ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 327

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
30 Lúnasa 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 327/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10341 – PRINCE / FERRO) ( 1 )

1

2022/C 327/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10301 – CVC / ETHNIKI) ( 1 )

2

2022/C 327/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10814 — HEDIN / MOTOR-CAR) ( 1 )

3


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 327/04

Rátaí malairte an euro — 29 Lúnasa 2022

4


 

V   Fógairtí

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 327/05

Foilsiú iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú nach mion ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus táirgí bia

5

2022/C 327/06

Foilsiú iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge, de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do tháirgí bia

20


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

30.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 327/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10341 – PRINCE / FERRO)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 327/01)

An 25 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b), i gcomhar le hAirteagal 6(2), de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10341. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


30.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 327/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10301 – CVC / ETHNIKI)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 327/02)

An 24 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10301. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


30.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 327/3


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10814 — HEDIN / MOTOR-CAR)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 327/03)

An 22 Lúnasa 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:(2022/C .../...)

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10814. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

30.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 327/4


Rátaí malairte an euro (1)

29 Lúnasa 2022

(2022/C 327/04)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

0,9986

JPY

yen na Seapáine

138,49

DKK

krone na Danmhairge

7,4379

GBP

punt steirling

0,85420

SEK

krona na Sualainne

10,6280

CHF

franc na hEilvéise

0,9670

ISK

króna na hÍoslainne

141,10

NOK

krone na hIorua

9,7675

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,592

HUF

forint na hUngáire

409,90

PLN

zloty na Polainne

4,7450

RON

leu na Rómáine

4,8699

TRY

lira na Tuirce

18,1605

AUD

dollar na hAstráile

1,4529

CAD

dollar Cheanada

1,3026

HKD

dollar Hong Cong

7,8368

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6305

SGD

dollar Shingeapór

1,3950

KRW

won na Cóiré Theas

1 347,47

ZAR

rand na hAfraice Theas

16,8891

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,9044

HRK

kuna na Cróite

7,5119

IDR

rupiah na hIndinéise

14 871,09

MYR

ringgit na Malaeisia

4,4837

PHP

peso na nOileán Filipíneach

56,187

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,399

BRL

real na Brasaíle

5,0663

MXN

peso Mheicsiceo

19,9876

INR

rúipí na hIndia

79,8295


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

30.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 327/5


Foilsiú iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú nach mion ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus táirgí bia

(2022/C 327/05)

Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MIONLEASÚ É AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE SONRÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁISC GHEOGRAFAIGH FAOI CHOSAINT

Iarratas ar cheadú ar leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

“Steirisches Kürbiskernöl”

Uimh. AE: PGI-AT-1460-AM02 – 9.12.2019

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

Gemeinschaft der Arbeitsgemeinschaft Steirischer Kürbisbauern Gen.m.b.H. [Cumann feirmeoirí puimcíní Styria],

Landesinnung Steiermark des Lebensmittelgewerbes Berufszweig Ölpresser [Brainse brúire ola chuallacht thionscal bia Styria].

c/o Gemeinschaft Steirisches Kürbiskernöl g.g.A. [Cumann le haghaidh an TGFC “Steirisches Kürbiskernöl”]

Julius Strauß Weg 1a

8430 Leibnitz

ÖSTERREICH

Fón +43 3452 72151

Facs +43 34527215115

R-phost: office@steirisches-kuerbiskernoel-gga.at

2.   Ballstát nó tríú tír

An Ostair

3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó

Ainm an táirge

Tuairisc ar an táirge

Limistéar geografach

Cruthúnas ar thionscnamh

An modh táirgthe

Nasc

Lipéadú

Eile [ceanglais náisiúnta]

4.   Cineál an leasú nó na leasuithe

Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cáilithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC nár foilsíodh Doiciméad Aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

5.   Leasú nó leasuithe

Rinneadh an tsonraíocht a bhí infheidhme go dáta, ina bhfuil roinnt doiciméad aonair, a chumasc in aon doiciméad amháin agus a athbhreithniú, go príomha chun na ceanglais a chur san áireamh lena rialaítear an próiseas táirgthe agus an cruthúnas ar thionscnamh agus chun an limistéar geografach a cheartú, a léiríodh i gceart ar dtús ar léarscáil ach a sainmhíníodh ar bhealach ró-chúng sa téacs, agus chun é a shainmhíniú agus a cheartú i gcomhréir leis na hathruithe le hainmneacha na gceantar polaitiúil. Tugtar tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras rialaithe chun críche soiléirithe agus chun aon saobhadh iomaíochta a sheachaint agus cabhraíonn sé chun cáilíocht agus sainiúlacht “Steirisches Kürbiskernöl” a áirithiú.

Na mionsonraí:

Tuairisc ar an táirge:

Pointe 5b den tsonraíocht táirge reatha – Tuairisc

“Ola inite shlaodach a bhfuil dath dorcha uirthi, a úsáidtear go príomha mar ola shailéid. Arna táirgeadh trí shíolta puimcín ó Styria (Cucurbita pepo var. styriaca) atá gan chrotal go nádúrtha a bhrú go bog. Cion ard saillte polai-neamhsháithithe inti agus í an-chothaitheach.”

agus an míniú

“Ola inite dhorcha shlaodach a bhfuil blas cnónna uirthi is ea ‘Steirisches Kürbiskernöl’. Cáilíocht áirithe amháin is ea go ngreamaíonn sí go maith de dhuilleoga sailéid. Mar gheall go bhfuil cion ard saillte polai-neamhsháithithe inti, tá sí an-chothaitheach.

Anailís:

Meáchan sonrach: 0,90–0,92 kg/l

Cion saille 90 %,

arb ionann aigéad líonoiléach agus 40–60 % agus aigéad oiléach agus 25–40 % timpeall 80 % le chéile; aigéad pailmítéileach 10–25 %, aigéad stéarach 3–6 %, aigéid shailleacha eile 1–2 %

Is é ‘ola puimcín Styria’Cucurbita pepo var. styriaca buntáirge na hola (ar a dtugtar ola puimcín gan chrotal freisin), cineál sóite nach n-éiríonn a cheithre shraith is forimeallaí (crotail shíolta) adhmadach agus tiubh. Is as sin a fhaigheann na síolta a ndath tipiciúil atá idir glas olóige agus glas dorcha. De réir an ghéineolaí Ostarach Erich Tschermak von Seysnegg, is dócha gur tháinig puimcín Styria chun cinn go spontáineach mar gheall ar shóchain chaillteanas feidhme le céad bliain anuas.

Tá an comhdhéanamh cothaitheach a leanas ag na síolta:

Athraíonn an comhdhéanamh ag brath ar an mbliain bairr:

Saill: 45–53 %

Próitéin: 32–38 %

Carbaihiodráití: 3–5 %

Garbhshnáithín: 2–4 %

Mianraí: 4–6 % (potaisiam, fosfar, cailciam, maignéisiam, iarann, copar, mangainéis, seiléiniam, sinc)

Vitimíní: E, B1, B2, B6, C, A, D.

Timpeall 615 kcal in aghaidh an sciar 100 g.

Cothaithigh tábhachtacha eile:

Fíteastaról agus citrillín (éifeacht cógaseolaíochta ar neamhoird próstataigh)

Scáilín (leibhéil cholaistéaról)

Mar gheall ar na cothaithigh atá iontu, tá síolta puimcín Styria an-difriúil ó ghnáthshíolta ar baineadh an crotal díobh. Léirítear thíos (Eduard von Boguslawski) an difríocht idir puimcíní ‘ar baineadh an crotal díobh’ agus ‘gan chrotal’ i dtéarmaí luach cothaitheach:

Síolta

dearbh-ghlanmheáchan

mar % den mheáchan tirim

Amhshaill

Amhphróitéin

Garbhshnáithín

Puimcíní scilligthe

90,0

39,6

27,7

19,6

Ola phuimcíní Styria

90,0

48,6

36,3

4,4

Dá bhrí sin, tá ‘Steirisches Kürbiskernöl’ difriúil ó olaí inite eile ar dhá chúis thábhachtacha: bunús an táirge atá tipiciúil don réigiún (síolta puimcín atá gan chrotal go nádúrtha) agus an próiseas brúite uathúil (ní dhéantar í a scagadh).”

le hionadú, chun an tuairisc a fheabhsú agus a shoiléiriú, trí:

“5b)   Tuairisc:

Faightear ‘Steirisches Kürbiskernöl’ ó ola síolta puimcín ó Styria atá gan chrotal go nádúrtha (Cucurbita pepo var. styriaca).

Is gá go mbeadh na síolta deimhnithe ó chineál ola puimcín ó Styria atá údaraithe san Ostair agus a liostaítear ar liosta cineálacha na hOstaire.

Róstar síolta puimcín i gcónaí sula mbrúitear iad. Cruthaíonn sé sin ola dhéchrómach a bhfuil dath dorcha uirthi, a mbíonn an chuma uirthi go bhfuil dath glas dorcha/dearg uirthi agus í in aghaidh an tsolais.

Ola shlaodach a bhfuil boladh sainiúil uaithi is ea ‘Steirisches Kürbiskernöl’.

Tá blas cnónna aici a bheag nó a mhór ag brath ar dhéine an phróisis rósta.

Níl an ola scagtha ná mínghlanta. Ní bhaintear an slam di, agus ní dhéantar í a dhí-aigéadú (i bpáirt), a thuar, an boladh a bhaint di agus/ná í a chodánú.

100 % ola ghlan atá in ‘Steirisches Kürbiskernöl’ a fhaightear ón gcéad bhrú de shíolta ola puimcín gan chrotal ó Styria ón limistéar fáis sainithe agus a bhrúitear sa limistéar sainithe.

Ní ceadaítear í a mheascadh le holaí ná le síolta eile.

Tá cion ard saillte polai-neamhsháithithe san ola agus tá sí an-chothaitheach.

Meánpharaiméadair le haghaidh ‘Steirisches Kürbiskernöl’:

D’fhéadfadh cion ola, meáchan sonrach agus próifíl aigéad sailleach na síolta puimcín gan chrotal go nádúrtha ó phuimcíní ola Styria a bheith difriúil, ag brath ar an ithir agus ar choinníollacha aimsire ag an áit ina bhfástar na puimcíní agus a gcéim aibíochta.

Meáchan sonrach: 0,90–0,92 kg/l

Cion saille 99 % ar a laghad,

arb ionann aigéad líonoiléach agus 37–60 % agus aigéad oiléach agus 25–44 % de, timpeall 80 % le chéile,

aigéad pailmíteach 10–20 %,

aigéad stéarach 3–7 %,

aigéid shailleacha eile 1–2 %.

Tá ‘Steirisches Kürbiskernöl’ difriúil le holaí inite eile ar roinnt cúiseanna tábhachtacha. I dtosach, mar gheall ar an mbonntáirge tipiciúil don réigiún (síolta ola puimcín ó Styria gan chrotal go nádúrtha) sa limistéar fáis atá sainithe go geografach agus, ansin, de bharr an ghnáthphróisis brú (meicniúil/hiodrálach) tar éis na síolta a róstadh.”

Cúiseanna:

Feictear cáilíocht agus cuma áirithe “Stearisches Kürbiskernöl” i gcónaí mar tháirge den aeráid réigiúnach sa limistéar fáis sainithe, saineolas na bhfeirmeoirí maidir leis an mbarr a fhás, aire a thabhairt dó agus é a bhuaint agus maidir leis an modh traidisiúnta táirgthe chun ola a bhrú. Dá réir sin, ní dtugtar tuairisc ach ar ola a fhaightear ó ola síolta puimcín ó Styria atá gan chrotal go nádúrtha (Cucurbita pepo var. styriaca) amháin mar “Steirisches Kürbiskernöl” a bhfuil a thionscnaimh faoi chosaint lena blas agus lena boladh inchomparáide. Tá sé i gceist leis an bhfoclaíocht, a raibh cuid di sa tsonraíocht bhunaidh agus cuid di atá curtha anois leis, go gcuirfear in iúl léi go soiléir nach bhféadfar ach ola atá 100 % glan agus a fhaightear ón gcéad bhrú de shíolta ola puimcín gan chrotal ó Styria ón limistéar fáis sainithe agus a bhrúitear sa limistéar sainithe a lipéadú mar “Steirisches Kürbiskernöl”. Mar nach bhfástar ach síol deimhnithe ó chineálacha ola puimcín ó Styria atá údaraithe san Ostair agus atá liostaithe ar liosta cineálacha na hOstaire, ráthaíonn sé seo nach n-iomadaítear ach cineálacha barr atá oiriúnach do limistéar fáis na hOstaire agus dá bhrí sin cáilíocht na síolta puimcín a choinneáil ar bun a bhfuil gá leis chun cáilíocht agus blas sainiúil “Stearisches Kürbiskernöl” a áirithiú.

Tugadh an chion saille ag 90 % sa tsonraíocht táirge a úsáideadh go dáta; ceartaíodh é sin anois chuig “íosmhéid 99 %”, mar gur iondúil go mbíonn sí idir 99 % agus 100 %. Rinneadh coigeartú ar na haigéid shailleacha a liostaítear dá réir.

Scriosadh an liosta roimhe seo de chomhdhéanamh cothaitheach na síolta puimcín, mar nach bhfuil feidhm ag na luachanna sin ar an gcaoi céanna maidir leis an ola a fhaightear ó na síolta, agus dá bhrí sin d'fhéadfadh mearbhall a chur ar na tomhaltóirí cé go mbíonn siad ábhartha chun críocha faireacháin. Ar an mbealach céanna, na luachanna a chinn Eduard von Boguslawski agus a leagtar amach sa tábla a cuireadh i láthair roimhe seo maidir leis na difríochtaí ó thaobh cothaithigh de idir puimcíní ola ó Styria agus puimcíní scilligthe, ní dhéanann siad tagairt shoiléir do chuid inite an tsíl, ar cáineadh iad mar gheall air sin, agus scriosadh an tábla sin freisin mar sin.

Fónann an t-athbhreithniú ar an tuairisc an fhaisnéis a dhéanamh níos beaichte agus muinín tomhaltóirí i gcáilíocht, in uathúlacht agus i gcáil “Stearisches Kürbiskernöl” a choinneáil ar bun. Ní dhéanann sé seo difear do cháilíocht an táirge ola ná dá shaintréithe orgánaileipteacha, amhail dath, dea-bholadh agus blas, go háirithe.

Limistéar geografach:

Pointe 5c den tsonraíocht táirge reatha – limistéar geografach

“Brúitear ‘Steirisches Kürbiskernöl’ go heisiach i gceantar traidisiúnta i ndeisceart Styria (ceantair pholaitiúla Deutschlandsberg, Feldbach, Fürstenfeld, Graz-Umgebung, Hartberg, Leibnitz, Radkersburg, Voitsberg agus Weiz) agus i ndeisceart Burgenland (ceantair Jenners, Güssing agus Oberwart). Is de thionscnamh an cheantair traidisiúnta thuas agus codanna san Ostair Íochtarach é an bonntáirge (síolta puimcín ó Styria atá gan chrotal go nádúrtha) (ceantair pholaitiúla Hollabrunn, Horn, Mistelbach, Melk, Gänserndorf, teoranta do cheantar cúirte Zistersdorf, agus Korneuburg-Stockerau, teoranta do cheantar cúirte Stockerau).”

agus an míniú

“Tagann cáilíocht speisialta an táirge ó dhá chomhpháirt. Ar an gcéad dul síos, an aeráid speisialta Illyria agus fho-Alpach sa limistéar fás-síolta – limistéar fáis traidisiúnta, féach Iarscríbhinn 1a) léarscáil lena dtaispeántar an limistéar i ndeisceart Styria (ceantair pholaitiúla Deutschlandsberg, Feldbach, Fürstenfeld, Graz-Umgebung, Hartberg, Leibnitz, Radkersburg, Voitsberg agus Weiz), limistéar i ndeisceart Burgenland (ceantair Jennersdorf, Güssing agus Oberwart), an Ostair Íochtarach (ceantair pholaitiúla Melk, Horn agus Mistelbach) – agus, ar an dara dul síos, an modh traidisiúnta táirgthe a forbraíodh i gceantar Styria go háirithe, féach léarscáil 1b) léarscáil – limistéar i ndeisceart Styria (ceantair pholaitiúla Bad Radkersburg, Deutschlandsberg, Feldbach, Fürstenfeld, Graz-Umgebung, Hartberg, Leibnitz, Voitsberg agus Weiz, (féach léarscáil Styria) agus i ndeisceart Burgenland (ceantair pholaitiúla Güssing, Jennersdorf agus Oberwart).”

tá an méid seo a leanas le cur ina n-ionad sin:

“5c)   Limistéar geografach

Brúitear ‘Steirisches Kürbiskernöl’ go heisiach i gceantar traidisiúnta i ndeisceart Styria (ceantair pholaitiúla Deutschlandsberg, Graz, Graz-Umwelt, Hartberg-Fürstenfeld, Leibnitz, Südweststeiermark, Voitsberg agus Weiz) agus i ndeisceart Burgenland (ceantair Jenners, Güssing agus Oberwart).

Is de thionscnamh an cheantair traidisiúnta thuas i ndeisceart Styria agus i ndeisceart Burgenland agus na gceantar polaitiúla seo a leanas san Ostair Íochtarach amháin é an bonntáirge (síolta ola puimcín ó Styria gan chrotal go nádúrtha): Hollabrunn, Horn, Mistelbach, Melk, Gänserndorf, teoranta do cheantar cúirte Zistersdorf, agus Korneuburg-Stockerau, teoranta do cheantar cúirte Stockerau.”

Cúiseanna:

Chun botún a rinneadh i gcuid den téacs bunaidh den tsonraíocht a cheartú, soiléiríonn sé seo go n-áirítear ceantar polaitiúil Graz i gceantair pholaitiúla an limistéir thraidisiúnta inar féidir “Steirisches Kürbiskernöl” a bhrú, agus ceantar polaitiúil Graz suite i lár an cheantair a léirítear go dtí seo ag léarscáil sa tsonraíocht bhunaidh. Dá réir sin, is ceartúchán é seo de réir na léarscáile atá san áireamh san iarratas bunaidh ar chlárú.

Cuireadh ceantar nua Südoststeiermark, arna fhoirmiú trí cheantair Radkersburg agus Feldbach a chumasc agus ceantar nua Hartberg-Fürstenfeld, arna fhoirmiú trí na ceantair Fürstenfeld agus Hartberg a chumasc, san áireamh go simplí chun críche soiléirithe agus ceartúcháin.

Cruthúnas ar thionscnamh:

Bogadh na ráitis sa tsonraíocht táirge atá i bhfeidhm faoi láthair ar stair an táirge, arbh éigean a mhíniú faoi phointe 5d (“Tionscnaimh”) nuair a aithníodh an sonrúchán, chomh maith leis an míniú, go pointe 5f (“Nasc leis an limistéar geografach”) (féach an téacs faoin bpointe sin). Ina n-ionad sin, tá na forálacha seo a leanas maidir le hinrianaitheacht a ráthú le cur san áireamh faoi phointe 5d (“Cruthúnas ar thionscnamh”) sa tsonraíocht nua:

“5d)   Cruthúnas ar thionscnamh:

Chun an sreabhadh iomlán idir saothrú agus próiseáil a rianú, ní mór gluaiseachtaí na síolta ola puimcín ó Styria atá gan chrotal go nádúrtha (Cucurbita pepo var. styriaca) a dhoiciméadú go dtí táirge deiridh an TGFC ‘Steirisches Kürbiskernöl’. Chun a bheith in ann limistéir faoi bharr, buaint bhliantúil, cineál úsáide na síolta puimcín agus cainníochtaí na hola a tháirgtear a rianú go soiléir, ní mór do tháirgeoirí na pointí uile seo a leanas a dhoiciméadú i scríbhinn nó i bhformáid leictreonach:

Ní mór conradh rialaithe bailí a bheith ag gach táirgeoir (d'fhéadfadh sé a bheith comhtháite sa chonradh barr) agus ní mór dó cruthúnas ar thionscnaimh a sholáthar i gcomhréir le pointe d) ag brath ar an áit atá aige sa phróiseas táirgthe.

I gcás inar cumascadh roinnt oibreoirí margaidh mar chomharchumann táirgthe, ní mór don chomharchumann conradh bailí a thabhairt i gcrích le gníomhaireacht rialaithe agus ní mór dó conarthaí inmheánacha maidir le tascanna rialaithe sonraíochta a thabhairt i gcrích lena chomhaltaí, i.e. le táirgeoirí aonair (feirmeoirí, muilleoirí ola).

5d1)   Limistéir faoi bharr

Ní mór do na táirgeoirí síolta cruthúnas bliantúil go bhfuil na limistéir faoi bharr suite sa limistéar fáis TGFC sainithe a sholáthar do ghníomhaireacht atá údaraithe sa chóras rialaithe, i gcomhréir leis an gconradh rialaithe (d’fhéadfadh sé a bheith comhtháite sa chonradh barr) i scríbhinn nó i bhformáid leictreonach. Féadfaidh an ghníomhaireacht a bheith ina gníomhaireacht um rialú atá creidiúnaithe nó ina comhlachas táirgeoirí a ndéanann gníomhaireacht um rialú atá creidiúnaithe faireachán orthu. Ní mór liosta a bheith sa tuarascáil d’achair dhromchla faoi réir na rialuithe forordaithe (e.g. iarratas iolrach AMA nó doiciméad comhchosúil). Cuireann an tuarascáil seo ar an gcumas do gach limistéar fáis ola puimcín a bhaineann le táirgeadh ‘Stearisches Kürbiskernöl’ sa bhliain táirgthe faoi seach a thaifeadadh.

5d2)   Buaint

Ní mór do gach táirgeoir síolta aonair cainníocht na síolta puimcín a dhéantar a bhuain díreach ón bpáirc, a thriomú agus a ghlanadh (i.e. as a baineadh laíon agus píosaí crotal) a dhoiciméadú i scríbhinn nó go leictreonach agus é a thuairisciú do ghníomhaireacht atá údaraithe sa chóras rialaithe i gcomhréir leis an gconradh rialaithe (d’fhéadfadh sé a bheith comhtháite sa chonradh barr) faoin 31 Nollaig den bhliain bairr. Féadfaidh an ghníomhaireacht a bheith ina gníomhaireacht um rialú atá creidiúnaithe nó ina comhlachas táirgeoirí a ndéanann gníomhaireacht um rialú atá creidiúnaithe faireachán orthu.

Cuireann an tuarascáil seo ar an gcumas do chainníocht iomlán a bhuaintear gach bliain ag gach táirgeoir síolta sa chóras rialaithe a thaifeadadh. Cruthaítear leis sin bealach chun meántoradh in aghaidh an heicteáir agus an táirgeora a ríomh. Is féidir an bhuaint bhliantúil iomlán a chinneadh ansin; is réamhchoinníoll bunúsach í seo, dá réir sin, i dtéarmaí an tsreafa iomlán a rialú.

Ní mór sreabhadh na síolta puimcín a dhéantar a bhuain, díreach ón bpáirc, ó bhliain buainte XY ón táirgeoir síolta go dtí na conraitheoirí éagsúla (suiteálacha níocháin, triomúcháin agus glantacháin) a dhoiciméadú freisin i scríbhinn (e.g. meáigh nóta a dhéanamh de fliuch/tirim in kg nó sonrasc) nó go leictreonach agus a thuairisciú do ghníomhaireacht atá údaraithe sa chóras rialaithe i gcomhréir leis an gconradh rialaithe (d’fhéadfadh sé a bheith comhtháite sa chonradh barr).

5d3)   Úsáid síolta

Má dhíoltar na síolta puimcín ón limistéar fáis sainithe, a dhéantar a bhuain díreach ón bpáirc, a thriomú agus a ghlanadh (i.e. as a baineadh laíon agus píosaí crotail) ó bhliain bairr XY, ní mór don táirgeoir síolta agus do gach gnóthas eile a bhaineann leis an slabhra táirgeachta suas leis an muileann ola (mórdhíoltóirí, coimeádaithe stórais, muilte ola, etc.) nó gníomhaireacht a mbeidh treoir faighte acu uathu tionscnamh na síolta a dheimhniú i scríbhinn nó i bhformáid leictreonach. Féadfaidh an ghníomhaireacht a bheith ina gníomhaireacht um rialú atá creidiúnaithe nó ina comhlachas táirgeoirí a ndéanann gníomhaireacht um rialú atá creidiúnaithe faireachán orthu. Ní mór an fhaisnéis thábhachtach seo a leanas a dhoiciméadú i scríbhinn nó i bhformáid leictreonach chun inrianaitheacht an tsreafa a ráthú, fiú i gcás ina ndéantar an táirge a sheachadadh chuig tríú páirtithe: an táirgeoir síolta, cainníocht na síolta [in kg] a tháirgtear i gcomhréir leis an tsonraíocht ó bhliain bairr XY agus an coinsíní.

Ní mór an doiciméad a theastaíonn maidir leis an méid sin (e.g. nóta cainníochta, doiciméad tionlacain, taifead leictreonach, etc.) a uimhriú go seicheamhach. Má athdhíoltar na síolta, cuirtear an doiciméad seo ar aghaidh chuig an gcéad duine eile atá i seilbh na síolta.

Thairis sin, ní mór don táirgeoir (muilleoir ola, feirmeoir) an cliant (feirmeoir, ceannaí) an méid a leanas a dhoiciméadú, cainníocht na síolta [in kg], an dáta táirgthe, an fachtóir brúite agus méid an choimeádáin gach uair a bhrúitear na síolta chun an TGFC ‘Steirisches Kürbiskernöl’ a tháirgeadh. Déanann sé seo doiciméadú go comhuaineach ar an suíomh brúite / ar na muilte ola.

Má úsáideann rannpháirtí i gcóras na TGFCanna síolta le haghaidh críche seachas brú chun ‘Stearisches Kürbiskernöl’ a fháil agus a tháirgtear i gcomhréir leis an tsonraíocht (e.g. le haghaidh sneaiceanna, síolta, táirgí bácúis, an tionscal cógaisíochta, a mheascadh le holaí nó bianna eile, etc.), ní mór don duine a bhfuil na síolta a tháirgtear i gcomhréir leis an tsonraíocht ina sheilbh aige nó comhlachas táirgeoirí é seo a dhoiciméadú i scríbhinn nó i bhformáid leictreonach agus an chainníocht [in kg] agus an úsáid atá beartaithe a thaifeadadh.

Ní mór an doiciméadacht seo a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach agus ní mór achoimre a dhéanamh uirthi agus í a tharchur chuig comhlachas na dtáirgeoirí gach 6 mhí (faoin 30 Meitheamh de chéad seimeastar na bliana reatha agus faoi dheireadh na bliana reatha don dara seimeastar). Ní mór na síolta a úsáidtear seachas brú chun an TGFC ‘Stearisches Kürbiskernöl’ a fháil a bhaint den chainníocht iomlán agus an sreabhadh á ríomh. Ní mór do na gnólachtaí/próiseálaithe atá faoi réir rialuithe a n-uimhreacha táirge/airteagail uathúla inrianaithe féin a chruthú (e.g. sneaicshíolta le TGFC agus sneaicshíolta go ginearálta) agus ní mór dóibh taifid a chur isteach.

Ní mór do gach gnólacht próiseála a ghlacann páirt i gcóras na TGFCanna agus a phróiseálann síolta i gcomhréir leis an tsonraíocht (e.g. agus sneaicshíolta, earraí bácúis, etc. á dtáirgeadh) na sreafaí comhfhreagracha a fhíorú; ní mór síolta a tháirgtear i gcomhréir leis an tsonraíocht a phróiseáil, a stóráil agus a lipéadú ar leithligh ó shíolta eile puimcín.

5d4)   Sraithuimhreacha rialúcháin ar coimeádáin:

Ní mór sraithuimhir rialúcháin a leithdháileadh ar gach coimeádán (seachas le haghaidh tomhaltas dílis) ónar féidir ainm an mhargóra dhírigh nó an táirgeora ola síolta puimcín (baisceanna táirgthe) nó ainm an chonraitheora (feirmeoir nó ceannaí nó muileann ola nó dáileoir) a shainaithint. Ní mór don uimhir rialúcháin seo a chur ar chumas don dáta táirgthe (brú ola) a shainaithint freisin.

Ní mór an uimhir rialacháin agus na sonraí cainníochta (i lítir nó in kg) a bheith infheicthe ar an lipéad táirge ar an TGFC ‘Stearisches Kürbiskernöl’.

Leis an gcóras uimhir rialúcháin seo is féidir an sreabhadh i ngach gnólacht agus sreabhadh iomlán na dtáirgeoirí uile a rianú agus a fhíorú.

Ní mór a chumhdach leis na rialuithe na pointí seo a leanas:

suíomh geografach saothróra (na síolta puimcín) agus suíomh geografach an phróiseálaí (tuilleadh próiseála, go háirithe brú) i gcomhréir leis an tsonraíocht;

mí-úsáid doiciméad (e.g. deimhnithe) nó uimhreacha rialúcháin e.g. trí earraí agus sreabha earraí ar leithligh a cheannach nó a mheascadh;

sreabhadh idir táirgeoirí síolta, próiseálaithe nó conraitheoirí, táirgeoirí ola agus ceannaithe;

saintréithe an táirge i gcomhréir leis an tsonraíocht (e.g. ón gcéad bhrú de phuimcíní ola gan chrotal ó Styria [pepo var. styriaca], ola atá 100 % glan);

lipéadú táirge ceart.”

Cúiseanna:

Ós rud é nach bhfuil aon fhaisnéis ar an gcruthúnas ar thionscnamh sa tsonraíocht go dtí seo, measadh go mbeadh sé ciallmhar faisnéis a áireamh chun feabhas a chur ar inrianaitheacht an táirge agus í a ráthú faoi phointe 5d) den tsonraíocht táirge. Chun limistéir faoi bharr, buaint bhliantúil, úsáid na síolta agus cainníocht na hola a tháirgtear a rianú go soiléir, fiú i gcás ina ndíoltar síolta/ola le tríú páirtí, éilítear leis an tsonraíocht córas cruthúnais agus rialaithe ilchéimneach a chur i bhfeidhm anois, lena n-áirítear córas uimhir rialúcháin chomh maith le tuarascálacha ar limistéar faoi bharr agus tuarascálacha buainte.

An modh táirgthe:

Pointe 5e den tsonraíocht táirge atá i bhfeidhm faoi láthair – próiseas eastósctha:

“Déantar na síolta puimcín gan chrotal go nádúrtha nite agus triomaithe a mheilt, a oscailt go bog agus a bhrú ansin. Áirithítear leis an bpróiseas bog sin go gcoinnítear an chuid is mó de na cothaithigh tábhachtacha sna síolta puimcín ó Styria.”

agus an míniú:

“Triomaítear na síolta puimcín (Cucurbita pepo var. styriaca) atá gan chrotal go nádúrtha go cuimsitheach. Déantar na síolta triomaithe a mheilt go mín i muileann oiriúnach, a mheascadh le huisce agus a fhuineadh chun laíon a dhéanamh. Is féidir roinnt salainn a chur leis ansin chun an blas a thabhairt amach. Chun ‘Stearisches Kürbiskernöl’ a tháirgeadh, ní mór an laíon a théamh go mall i bpanna le córas suaite sula mbrúitear é; laghdaíonn sé sin an cion uisce go mór agus tugann sé a bhlas sainiúil dó. Brúitear an laíon síolta rósta go bog go meicniúil chun an ola síolta puimcín a thabhairt gan aon bhreiseán ceimiceach.”

tá an méid seo a leanas le cur ina n-ionad sin:

“5e)   Próiseas táirgthe:

‘Is sóchán iad na síolta ola puimcín ó Styria atá gan chrotal go nádúrtha (Cucurbita pepo var. styriaca), agus ní éiríonn na ceithre shraith is forimeallaí (crotail shíolta) adhmadach agus tiubh. Is as sin a fhaigheann na síolta a ndath tipiciúil atá idir glas olóige agus glas dorcha.

Ní fhéadfar ach síolta ó phuimcíní ola Styria de na cineálacha atá údaraithe san Ostair agus a liostaítear ar liosta cineálacha na hOstaire a deimhníodh ar bhonn modhanna oibre allamuigh na hOstaire nó modhanna oibre allamuigh na mBallstát eile atá cosúil ó thaobh ábhair a úsáid le haghaidh saothraithe.

Ráthaítear leis sin nach n-iomadaítear ach cineálacha barr atá oiriúnach do limistéar fáis na hOstaire. Tá sé riachtanach chun cáilíocht na síolta puimcín a choinneáil ar bun, agus tá gá leis sin chun cáilíocht agus blas sainiúil 'Steirisches Kürbiskernöl' a áirithiú’.

Ós rud é go n-éiríonn go maith leis na síolta puimcín nite agus triomaithe agus iad á stóráil, is iondúil go ndéantar iad a bhrú ar éileamh, d'fhonn a áirithiú go bhfuil an ola síolta puimcín a mhargaítear chomh úr agus chomh blasta agus is féidir.

Is é an próiseas táirgthe traidisiúnta go ndéantar na síolta puimcín nite agus triomaithe atá gan chrotal go nádúrtha a mheilt go mín i muileann oiriúnach. Déantar na síolta triomaithe a mheascadh le huisce agus salann agus a fhuineadh chun laíon a dhéanamh.

Chun cuidiú leis an mbrú agus, go príomha, chun ardleibhéal próitéine i síolta puimcín atá gan chrotal (pepo var. styriaca) a dhínádúrú, is gnách agus is incheadaithe salann mín a chur leis. Ó rud é go bhfaightear ‘Stearisches Kürbiskernöl’ gan aon bhreiseán ceimiceach eile, coinnítear ann an chuid is mó de na cothaithigh luachmhara.

Téitear an laíon go mall i bpanna le córas suaite sula mbrúitear é; laghdaíonn sé seo an cion uisce go mór agus tugann sé a bhlas sainiúil dó.

D'fhéadfadh blas rósta a bheag nó a mhór a bheith ag an ola ag brath ar dhéine an phróisis rósta.

Faightear an ola ón laíon rósta i bpróiseas meicniúil/hiodrálach amháin gan tuilleadh téimh.

Faightear ‘Steirisches Kürbiskernöl’ ón gcéad bhrú amháin.

Tógann sé cúpla lá sula socraíonn na solaid ar fuaidreamh san ola nádúrtha, agus ina dhiaidh sin déantar an ola a bhuidéalú i gcoimeádáin a chosnaíonn í ón solas (buidéil ghloine dhorcha go hiondúil). Is gá é sin a dhéanamh mar go bhfuil an ola síolta puimcín íogair i leith an tsolais.”

Cúiseanna:

Braitheann cáilíocht shainiúil “Stearisches Kürbiskernöl” i bpáirt ar shaineolas na bhfeirmeoirí i bpróiseas traidisiúnta táirgthe an bhairr agus sa phróiseas brúite ola. Tugtar tuairisc i bhfoclaíocht na sonraíochta bunaidh, ar cuireadh léi anois, ar an bpróiseas táirgthe traidisiúnta seo ar bhealach níos mionsonraithe; go háirithe, sainmhínítear an próiseas brúite ar bhealach níos cruinne trí mhíniú a thabhairt ar an mbealach ina bhfaightear an ola ón laíon rósta i bpróiseas meicniúil/hiodrálach amháin gan tuilleadh téimh.

Ós rud é go bhfuil “Stearisches Kürbiskernöl” íogair i leith an tsolais, áirítear leis an tsonraíocht táirge nach mór an ola a bhuidéalú i gcoimeádáin a chosnaíonn í ón solas, i mbuidéil ghloine dhorcha go hiondúil. Cosnaíonn é seo cáilíocht “Steirisches Kürbiskernöl”.

Lena n-áirítear an ceanglas nach bhféadfar ach síolta ó phuimcíní ola Styria de na cineálacha atá údaraithe san Ostair agus atá liostaithe ar liosta cineálacha na hOstaire a deimhníodh ar bhonn modhanna oibre allamuigh na hOstaire nó modhanna oibre allamuigh na mBallstát eile atá cosúil ó thaobh ábhair a úsáid, agus ba cheart go ráthóidh leis sin nach ndéanfar ach cineálacha barr atá oiriúnach do limistéar fáis na hOstaire agus a fhéadfaidh cáilíocht na síolta puimcín is gá a ráthú dá bhrí sin chun a áirithiú go ndéantar cáilíocht agus blas sainiúil “Stearisches Kürbiskernöl” a iomadú agus a úsáid mar shíol.

Tá údar leis na ceanglais shonracha seo maidir leis an amhábhar ar dhá bhealach:

1.

Údarú cineálacha áirithe:

Tá cineálacha ola puimcín ó Styria údaraithe san Ostair. Ceanglaítear le húdarú Ostaire síolta puimcín tástáil ar luach saothraithe an chineáil (Roinn 46(2) de Dhlí an tSíl) de bhreis ar cheanglais Threoir 2002/55/CE maidir le síol glasraí a chur ar an margadh. Le linn na tástála, bunaítear na hairíonna a chinneann luach saothraithe trí chomparáid a dhéanamh le cineálacha údaraithe comhchosúla (e.g. seasmhacht in aghaidh orgánach díobhálach, táirgeacht, etc.), chun oiriúnacht ar leith na gcineálacha puimcín atá údaraithe san Ostair do limistéir fáis na hOstaire a léiriú. Tá rochtain ar nós imeachta maidir le glacadh cineálacha na hOstaire oscailte do gach cineál gan beann ar a n-áit tionscnaimh.

2.

Iomadú síolta

Faoi Rialachán Síolta 2006, ní féidir ola síolta puimcín a mhargú ach san Ostair mar shíol iomadaithe agus mar shíol deimhnithe. Ceadaíonn Treoir 2002/55/CE (Airteagal 20(2)) síol caighdeánach freisin, áfach. Níl síol caighdeánach ach faoi réir rialuithe margaíochta síolta amháin. Ní ann d’aon fhoráil maidir le faireachán oifigiúil ar an bpróiseas táirgthe (lena n-áirítear faireachán le linn iomadaithe). Dá réir sin, níl aon seiceáil allamuigh chun a áirithiú gur úsáideadh an cineál luaite (ní féidir é sin a fháil amach ach sa chleachtas allamuigh). Le síol deimhnithe, ar an taobh eile, déantar barántúlacht an chineáil a fhíorú i seiceálacha oifigiúla allamuigh.

Tá na seiceálacha seo ar na limistéir iomadaithe bunaithe ar na modhanna oibre allamuigh le haghaidh ola phuimcíní Styria foilsithe ag an Oifig Chónaidhme um Shábháilteacht Bia in Sorten und Saatgutblatt iris cineálacha agus síolta na hOstaire, ina bhfuil ceanglais shonracha maidir le limistéir iomadaithe agus barra. Ba cheart na modhanna oibre allamuigh sin a chur i bhfeidhm ar bhealach comhchosúil freisin i gcomhthéacs aon deimhniú síl i mBallstáit eile chun a áirithiú go mbeidh na puimcíní ola a tháirgtear i gcomhréir leis an gcáilíocht a bhfuiltear ag súil leo.

Tá dlí na hOstaire, maidir le haitheantas cineálacha (scrúdú ar luach saothraithe) agus maidir le hiomadú síolta (síol deimhnithe), níos doichte ná rialacháin an Aontais nó rialacháin Ballstát eile. Dá réir sin, na ceanglais feabhsaithe maidir le haitheantas cineálacha agus iomadú síolta i gcomparáid le dlí an Aontais Eorpaigh, ráthaítear leo oiriúnacht an chineáil go sonrach do na limistéir fáis na hOstaire agus áirithítear leo go ndéantar síolta na n-olaí puimcíní Styria a iomadú i ndáiríre.

Nasc leis an limistéar geografach:

Na ráitis a rinneadh faoi phointe 5d den tsonraíocht táirge atá i bhfeidhm faoi láthair (“Stair”):

“Tá dlúthcheangal idir forbairt ‘Steirisches Kürbiskernöl’ agus Styria. Tá fianaise ann go raibh ola á brú ó shíolta puimcín cheana féin san 18ú haois. Tugadh faoin bpróiseas brúite traidisiúnta agus cuireadh tús le síolta puimcín gan chrotal a shaothrú in Styria. Spreagadh meicniú na buainte agus na próiseála as an áit seo freisin.”

agus an míniú:

“Faightear ‘Steirisches Kürbiskernöl’ a dhéantar a mhonarú san Ostair, go háirithe in Styria, ó ola síolta puimcín ó Styria atá gan chrotal go nádúrtha (Cucurbita pepo var. styriaca).

Tá dlúthcheangal idir foirmiú agus forbairt ‘Steirisches Kürbiskernöl’ agus Styria. Cruthaíonn an iliomad tagairtí liteartha go raibh ola síolta puimcín á mbrú cheana ag ár ndomhanleithid go luath san 18ú haois (féach dréachtaí an Ollaimh Teppner in ‘Die Koralpe’, lch. 57-63, 1982).

Tá muilte ola seana fós ag Styria ar cuireadh tús leo chomh fada siar leis an 18ú haois a bhí á n-úsáid cheana an tráth sin chun ola síolta puimcín a tháirgeadh ó shíolta scilligthe. Sampla amháin le tabhairt faoi deara is ea ‘seanmhuileann ola Pechmann’, a cheannaigh teaghlach Egger (sinsear an úinéara atá ann faoi láthair, Irmgard Schober, Uas.) ó rialóirí Brunnsee in 1774 agus atá á oibriú mar mhuileann ola ó shin. Sinsear eile a bhí i seilbh an mhuilinn ola i ndiaidh mhuintir Egger ab ea Georg Friedl, Josef Pechmann, Friedrich Pechmann agus tá Irmgard Schober ina sheilbh anois. Tá cruthúnas breise ar mhonarú ola síolta puimcín i gceangal i bhfoirm fianuithe ar shaothrú síolta puimcín ag muileann ola Karl Hartlieb in 1910.

D'fhorbair brúiteoirí a bhfuil taithí acu próiseas brúite bog chun an ola síolta puimcín luachmhar a tháirgeadh. I gcomparáid le tíortha táirgthe Eorpacha eile (oirdheisceart na hEorpa), scilligeadh na síolta, ar baineadh an crotal díobh de ghnáth an tráth sin, sula mbrúití iad. D’aimsigh feirmeoirí Styria na ‘sócháin crotail bhoig’ agus thosaigh siad ag saothrú na síolta puimcín luachmhara seo. Saothraíodh ‘síolta puimcín atá gan chrotal go nádúrtha’ go heisiach in Styria ina dhiaidh sin. De réir mar a tháinig dlús ar an talmhaíocht, ní raibh baint láimhe na síolta ó na puimcíní inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de a thuilleadh. Mhéadaigh barraí ó 1970 ar aghaidh, de réir mar a rinneadh meicniú ar bhuaint agus ar phróiseáil ar thionscnamh fheirmeoirí Styria. Ghlac cumann feirmeoirí puimcíní Styria a bunaíodh in 1978 freagracht as síolta puimcín a mhargú le haghaidh feirmeoirí iomadúla. Tá na limistéir faoi bharr tar éis dul i méid i ar bhonn leanúnach ó shin i leith.”

bogadh na habairtí thuas go dtí an pointe seo agus, chomh maith leis na ráitis go dáta i bpointe 5f) den tsonraíocht táirge reatha (“Nasc leis an limistéar geografach”):

“Mar a bhíonn aimsir te, bogthais i réim sna limistéir fáis (aeráid fho-Alpach-Illyria in Styria), ní aibíonn puimcíní ola Styria go dtí an fómhar. Tá cion ard saillte neamhsháithithe mar thoradh air sin. Tá ról tábhachtach eacnamaíoch ag an mbarr seo sna limistéir sin maidir le gabháltais feirme ar mhionscála a choinneáil ar bun (limistéar reatha faoi bharr thart ar 10 000 ha). Soláthraíonn táirgeadh ‘Stearisches Kürbiskernöl’ poist tábhachtacha agus ioncam do thart ar 70 fáisceán ola tráchtála i limistéir is lú fabhar atá i mbaol na himirce amach. Tá éileamh ar leith ó thomhaltóirí ar ‘Stearisches Kürbiskernöl’.”

agus an míniú:

“Dálaí aeráide:

Mar gheall ar aeráid fho-Alpach-Illyria (aimsir te agus bogthais), ní aibíonn puimcíní ola Styria go dtí an fómhar. Méadaíonn sé seo cion ard na saillte neamhsháithithe atá luachmhar ó thaobh cothaitheachta de. Aibíonn puimcíní ola a fhástar in aeráid Panónach, ar an taobh eile, níos luaithe (mar thoradh air sin bíonn an bhuaint le linn tréimhse te na bliana) agus dá bhrí sin tá saillte neamhsháithithe níos ísle acu.

Tábhacht eacnamaíoch:

‘Tá forbairt ‘Steirisches Kürbiskernöl’ nasctha go dlúth le Styria (féach 5d). Tá idir 8 000 agus 9 000 ha san iomlán faoi bharr in Styria faoi láthair. Soláthraítear le barraí puimcín rogha mhalartach shuimiúil ar fheirmeoireacht gránaigh atá ag éirí níos lú brabúsaí le haghaidh thart ar 2 000 gabháltas sna réigiúin teorann atá lag ó thaobh struchtúir de.

Soláthraítear le táirgeadh ola síolta puimcín 70 muileann ola tráchtála agus roinnt brúiteoirí talmhaíochta (margaíocht dhíreach) rogha mhalartach ar mhuilleoireacht gránach atá ag éirí níos lú brabúsaí freisin. Saothrú shíolta puimcín a chosaint, is ábhar imní réigiúnach polaitiúil ar leith é sin de réir bhrí an bhrollaigh a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92. Mar speisialtacht réigiúnach, soláthraítear le hola síolta puimcín go leor post san fheirmeoireacht agus sa tráchtáil sa limistéar fáis seanbhunaithe, a chabhraíonn leis an daonra fanacht sa limistéar seo atá i mbaol na himirce amach agus ioncam a thuilleamh. Tugann an speisialtacht réigiúnach seo foinse ioncaim tharraingteach eile do ghabháltais feirme ar mhionscála agus do ghnólachtaí tráchtála.”

tá leasú le déanamh ar na habairtí réamhluaite agus iad a thabhairt cothrom le dáta mar a leanas:

“5f)   Nasc leis an limistéar geografach:

Saintréithe aeráide:

Mar gheall ar an aimsir atá i réim sna limistéir fáis (e.g. aeráid fho-Alpach-Illyria in Styria), ní aibíonn puimcíní ola Styria go dtí deireadh an tsamhraidh nó an fómhar. Áirithíonn sé seo go mbaintear amach (go méadaítear) cion ard na saillte neamhsháithithe atá luachmhar ó thaobh cothaitheachta de.

Tábhacht eacnamaíoch agus cáil:

Is gné thábhachtach den tírdhreach sa limistéar sainithe iad na páirceanna puimcíní ola agus ionannaíonn na háitritheoirí go láidir le ‘Stearisches Kürbiskernöl’ mar cheann de phríomhtháirgí an réigiúin.

Tá sé sin an-tábhachtach don turasóireacht freisin. Tá saothrú an bhairr seo nasctha go dlúth le Styria agus tá ról tábhachtach eacnamaíoch aige sna limistéir shonraithe maidir le gabháltais feirme ar mhionscála a choinneáil ar bun. Soláthraítear le barraí puimcín rogha mhalartach shuimiúil ar bharra eile atá ag éirí níos lú brabúsaí le haghaidh thart ar 3 000 gabháltas sna réigiúin atá lag ó thaobh struchtúir de.

Ó cláraíodh ‘Stearisches Kürbiskernöl’ i gclár an Aontais um chosaint tionscnaimh in 1996, tháinig méadú beagnach faoi dhó ar an limistéar faoi bharr laistigh den limistéar arna shainiú go geografach. Tá sé seo mar gheall ar an tsainchomhairle chomhsheasmhach a tugadh d’fheirmeoirí agus mar gheall ar chosaint an chórais tionscnaimh, a bhfuil an táirge traidisiúnta seo suite agus a leag béim níos mó air mar tháirge den scoth.

Soláthraítear le táirgeadh ola síolta puimcín rogha mhalartach ar mhuilleoireacht gránach atá ag éirí níos lú brabúsaí freisin do 50 muileann ola tráchtála agus roinnt brúiteoirí talmhaíochta (margaíocht dhíreach). Saothrú na bpuimcíní a chosaint, is ábhar imní réigiúnach polaitiúil ar leith é sin de réir bhrí an bhrollaigh a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 agus a rialacháin leantacha. Mar speisialtacht réigiúnach, soláthraítear le hola síolta puimcín go leor post san fheirmeoireacht agus sa tráchtáil sa limistéar fáis seanbhunaithe, a chabhraíonn leis an daonra fanacht sa limistéar seo atá i mbaol na himirce amach agus ioncam a thuilleamh. Tugann an speisialtacht réigiúnach seo foinse ioncaim tarraingteach eile do ghabháltais feirme ar mhionscála agus do ghnólachtaí tráchtála.

D’ardaigh infheistíochtaí de roinnt milliún euro i margaíocht agus i dtáirgeadh le blianta beaga anuas próifíl ‘Stearisches Kürbiskernöl’ i measc tomhaltóirí.

Tugann cáilíocht na síolta atá gan chrotal go nádúrtha ón ola phuimcíní Styria sa limistéar fáis arna shainiú go geografach, saineolas na bhfeirmeoirí maidir le fás, cúram agus buaint an bhairr, agus modh táirgthe an bhrú ola, cáilíocht speisialta do ‘Stearisches Kürbiskernöl’.

Leathnaíodh clú ‘Steirisches Kürbiskernöl’, atá bunaithe ar cháilíocht ar leith an táirge, thar theorainneacha na hOstaire dá bhrí sin.

Cúlra stairiúil:

Tá dlúthcheangal idir foirmiú agus forbairt ‘Steirisches Kürbiskernöl’ agus Styria.

Cruthaíonn an iliomad tagairtí liteartha go raibh ola síolta puimcín á mbrú cheana sa réigiún san 18ú haois (an tOllamh Teppner, ‘Die Koralpe’, lch. 57–63, 1982).

Tá muilte ola seana fós ag Styria ar cuireadh tús leo chomh fada siar leis an 18ú haois a bhí á n-úsáid cheana an tráth sin chun ola síolta puimcín a tháirgeadh ó shíolta scilligthe. Sampla amháin le tabhairt faoi deara is ea ‘seanmhuileann ola Pechmann’, a cheannaigh teaghlach Egger (sinsear an úinéara atá ann faoi láthair, Irmgard Schober, Uas.) ó rialóirí Brunnsee in 1774 agus atá á oibriú mar mhuileann ola ó shin. Sinsear eile a bhí i seilbh an mhuilinn ola i ndiaidh mhuintir Egger ab ea Georg Friedl, Josef Pechmann, Friedrich Pechmann agus tá Irmgard Schober ina sheilbh anois. Tá cruthúnas breise ar mhonarú ola síolta puimcín i ndearbhuithe ar shaothrú síolta puimcín ag muileann ola Karl Hartlieb in 1910.

Tosaíodh ag saothrú síolta puimcín gan chrotal in Styria. Spreagadh meicniú na buainte agus na próiseála as an áit seo freisin. De réir an ghéineolaí Ostarach Erich Tschermak von Seysnegg, is dócha gur tháinig puimcín Styria chun cinn go spontáineach mar gheall ar shóchain chaillteanas feidhme le céad bliain anuas.

Tá próiseas brúite atá bog forbartha ag brúiteoirí a bhfuil taithí acu chun an ola síolta puimcín luachmhar a tháirgeadh ón 18ú haois. I gcomparáid le tíortha táirgthe Eorpacha eile (oirdheisceart na hEorpa), scilligeadh na síolta, ar baineadh an crotal díobh de ghnáth an tráth sin, sula mbrúití iad. D’aimsigh feirmeoirí Styria na ‘sócháin crotail bhoig’ agus thosaigh siad ag saothrú na síolta puimcín luachmhara seo. Saothraíodh ‘síolta puimcín atá gan chrotal go nádúrtha’ go heisiach in Styria ina dhiaidh sin. De réir mar a tháinig dlús ar an talmhaíocht, ní raibh baint láimhe na síolta ó na puimcíní inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de a thuilleadh. Mhéadaigh barraí ó 1970 ar aghaidh, de réir mar a rinneadh meicniú ar bhuaint agus ar phróiseáil ar thionscnamh fheirmeoirí Styria. Ghlac cumann feirmeoirí puimcíní Styria a bunaíodh in 1978 freagracht as síolta puimcín a mhargú le haghaidh feirmeoirí iomadúla. Tá na limistéir faoi bharr tar éis dul i méid i ar bhonn leanúnach ó shin i leith.”

Cúiseanna:

Bogadh na ráitis sa tsonraíocht táirge atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le stair an táirge faoi phointe 5d (“Stair”), ar cheart iad a mhíniú faoin bpointe “Cruthúnas ar thionscnamh” nuair a aithníodh an sonrúchán, chomh maith leis an míniú, go pointe 5f (“Nasc leis an limistéar geografach”) agus grúpáladh iad in éineacht leis na ráitis sa tsonraíocht táirge atá i bhfeidhm faoi láthair faoi phointe 5f (“Nasc leis an limistéar geografach”) agus níor cuireadh in eagar ach go struchtúrtha iad. Níor tharla aon athrú substainteach mar thoradh air sin.

Lipéadú:

Na ráitis go dtí seo sa tsonraíocht táirge reatha faoi phointe 5h (“Lipéadú”):

“‘Steirisches Kürbiskernöl’”

agus an míniú:

“Is de réir bhrí ár n-iarratais a dhéantar ‘Stearisches Kürbiskernöl’ a bhrú go heisiach sna limistéir a ainmnítear faoi phointe 5e ó shíolta puimcín leis an ainmniúchán ‘Cucurbita pepo var. styriaca’ nach dtagann ach oiread ach ó na limistéir a ainmnítear faoi phointe 5e. Ciallaíonn ‘Stearisches Kürbiskernöl’ an ola síolta puimcín ón gcéad bhrú.”

tá an méid seo a leanas le cur ina n-ionad sin:

“Ní mór an TGFC ‘Steirisches Kürbiskernöl’ a lipéadú i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Féadfar lógónna agus trádmharcanna na dtáirgeoirí féin a thaispeáint ar an táirge freisin in éineacht leis an lipéadú a éilítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus a fhorálacha cur chun feidhme.

Ní mór an t-ainm cláraithe ‘Steirisches Kürbiskernöl’ a bheith ar gach earra ola síolta puimcín a áirítear i gcóras rialaithe an TGFC ‘Stearisches Kürbiskernöl’ a chuirtear ar an margadh agus a lipéadú mar TGFC i gcomhréir leis an dlí.

Ní mór sraithuimhir rialúcháin (féach 5d4)) agus an chainníocht (i lítear nó in kg) agus ainm na gníomhaireachta um rialú a mharcáil ar gach coimeádán aonair atá ar díol. Ní mór do bhrandaí uimhir rialúcháin a úsáid freisin mar a shonraítear i bpointe 5d4).”

Cúiseanna:

Tacaíonn na míreanna breise leis na bearta rialaithe forordaithe agus cuireann siad feabhas ar thrédhearcacht agus ar fhaisnéis do thomhaltóirí.

Eile:

Reachtaíocht náisiúnta

Fágadh an tagairt a bhí ann go dtí seo do “Codex Alimentarius” mar cheanglas náisiúnta atá bailí go ginearálta faoi “reachtaíocht náisiúnta” ar lár, mar nach bhfuil an pointe seo éigeantach i sonraíocht a thuilleadh.

DOICIMÉAD AONAIR

“Steirisches Kürbiskernöl”

Uimh. AE: PGI-AT-1460-AM02 – 9.12.2019

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

“Steirisches Kürbiskernöl”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Ostair

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.5. Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.)

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is ola dhéchrómach shlaodach atá 100 % glan, a mbíonn dath dorcha uirthi, é “Steirisches Kürbiskernöl”, a mbíonn an chuma uirthi go bhfuil dath glas dorcha/dearg uirthi agus í in aghaidh an tsolais. Faightear í ón gcéad bhrú de shíolta atá gan chrotal go nádúrtha ó shíolta deimhnithe ó chineál ola puimcín ó Styria (Cucurbita pepo var. styriaca) atá údaraithe san Ostair agus a áirítear ar liosta cineálacha na hOstaire.

Tá blas cnónna agus boladh sainiúil ag an ola. Tá cion ard saillte polai-neamhsháithithe inti agus tá sí an-chothaitheach.

Seo a leanas na paraiméadair le haghaidh “Steirisches Kürbiskernöl”:

Meáchan sonrach: 0,90–0,92 kg/l

Cion saille 99 % ar a laghad,

arb ionann aigéad líonoiléach agus 37–60 % agus aigéad oiléach agus 25–44 % de, timpeall 80 % le chéile,

aigéad pailmíteach 10–20 %,

aigéad stéarach 3–7 %,

aigéid shailleacha eile 1–2 %.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Ní féidir “Steirisches Kürbiskernöl” a fháil ach ó ola síolta puimcín ó Styria atá gan chrotal go nádúrtha (Cucurbita pepo var. styriaca) ón limistéar sainithe. Ní fhéadfar ach síolta phuimcíní ola Styria ó chineál atá údaraithe san Ostair agus a deimhníodh ar bhonn modhanna oibre allamuigh na hOstaire do phuimcíní ola Styria nó modhanna oibre allamuigh na mBallstát eile atá cosúil ó thaobh ábhair a úsáid.

Is gá an srian maidir le cineálacha údaraithe san Ostair agus maidir le síol a deimhníodh ar bhonn modhanna oibre allamuigh áirithe chun cáilíocht “Stearisches Kurbiskernöl” a áirithiú. Áirithíonn sé seo nach n-iomadaítear ach cineálacha atá oiriúnach do limistéir fáis na hOstaire. Rinneadh tástáil ar chineálacha puimcíní ola údaraithe san Ostair sna limistéir fáis ainmnithe agus léirigh torthaí na dtástálacha sin gur oiriúnaigh siad do na dálaí aeráide agus dálaí ithreach atá i réim sna limistéir fáis. Tá sé seo riachtanach do cháilíocht an táirge deiridh (bíonn cineálacha puimcíní ola nach bhfuil oiriúnach don limistéar an-leochaileach i leith galair) agus laghdaíonn sé an riosca airgeadais d'fheirmeoirí puimcín freisin. Bíonn an rud céanna i bhfeidhm leis an deimhniú, trína ndéantar iniúchadh ar bharra sna limistéir fáis ag baint úsáide as modhanna oibre allamuigh le haghaidh ola phuimcíní Styria, a dhíríonn go háirithe ar cheanglais a bhaineann le céannacht chineáil, eisíontais agus sláinte plandaí (go háirithe a mhéid a bhaineann le víris). Ós rud é gur crosphailneoir é an puimcín ola, ba cheart íosfhaid a urramú chun crosphailniú eachtracha le hibridí agus le línte ionphóraithe a chosc.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Caithfear “Steirisches Kürbiskernöl” a bhrú de réir an phróisis táirgthe traidisiúnta sa limistéar geografach sainithe.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Caithfear “Steirisches Kürbiskernöl” a bhuidéalú i gcoimeádáin a chosnaíonn í ón solas (buidéil ghloine dhorcha go hiondúil). Déantar é sin chun cáilíocht an táirge, atá íogair i leith an tsolais, a choinneáil ar bun.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór sraithuimhir rialúcháin a bheith ag gach coimeádán ónar féidir ainm an mhargóra dhírigh nó an táirgeora ola síolta puimcín nó ainm an chonraitheora agus an dáta (brúite) táirgthe a shainaithint. Ní mór an chainníocht (in lítear nó in kg) agus ainm na gníomhaireachta um rialú a chur san áireamh freisin. Ní mór do bhrandaí uimhir rialúcháin a úsáid freisin.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Brúitear “Steirisches Kürbiskernöl” i réigiún i ndeisceart Styria (ceantair pholaitiúla Deutschlandsberg, Graz, Graz-Umwelt, Hartberg-Fürstenfeld, Leibnitz, Südweststeiermark, Voitsberg agus Weiz) agus i réigiún i ndeisceart Burgenland (ceantair Jenners, Güssing agus Oberwart). Is de thionscnamh an cheantair traidisiúnta thuas i ndeisceart Styria agus i ndeisceart Burgenland agus na gceantar seo a leanas san Ostair Íochtarach é an t-amhábhar (síolta puimcín atá gan chrotal go nádúrtha ó Styria): ceantair pholaitiúla Hollabrunn, Horn, Mistelbach, Melk, Gänserndorf, teoranta do cheantar cúirte Zistersdorf, agus Korneuburg-Stockerau, teoranta do cheantar cúirte Stockerau.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá clárú an TGFC “Stearisches Kürbiskernöl” bunaithe ar cháilíocht an táirge a thagann as an meascán de bhuntáirge speisialta, an ola phuimcíní Styria (Cucurbita pepo var. styriaca), agus próiseas brúite bog a forbraíodh in Styria, agus ar cháil “Steirisches Kürbiskernöl” (atá beagnach bunúsach le haghaidh féiniúlacht an phobail Styria) agus ar mheas mór atá ag daoine ar “Steirisches Kürbiskernöl”.

Sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus tosca daonna

Tá fianaise ann go bhfuil puimcíní á saothrú in Styria ar feadh thart ar 300 bliain. Tháinig an fhréamhshamhail ola phuimcíní Styria den chéad uair ó shóchán sa 19ú haois, bhí an puimcín sin sainiúil mar nár éirigh a chrotail shíolta adhmadach, leanadh lena chothú go cúramach in Styria agus saothraíodh ar dtús é go heisiach in Styria. Leathnaíodh an saothrú ina dhiaidh sin chuig limistéir a raibh a ndálaí aeráide fabhrach d’aibíocht an phuimcín go déanach sa samhradh nó san fhómhar.

Is planda é an puimcín ola a dteastaíonn teas uaidh, tá sé sách frithsheasmhach in aghaidh triomaigh, agus téann sé in oiriúint go maith do thréimhsí tirime. Teastaíonn go leor frasaíochta uaidh go luath sa samhradh (deireadh mhí an Mheithimh go lár mhí Lúnasa) le haghaidh táirgeacht ard síolta, áfach. Ní mór don mheánteocht bhliantúil a bheith 8 °C ar a laghad. Ní mór nach mbeadh aon sioc déanach san earrach nó go luath san fhómhar. Tá tábhacht ar leith le haimsir te an fhómhair ionas go n-aibeoidh na puimcíní ola go maith. Féadann aimsir fhliuch, fhuar agus gaotha láidre an-damáiste a dhéanamh dóibh.

Dá bhrí sin, tá limistéar aeráide Illyria (oirdheisceart Styria, Burgenland Theas) an-oiriúnach do shaothrú puimcíní. Tá sé sainiúil mar gheall ar na teochtaí arda, an fhrasaíocht leordhóthanach atá scaipthe go cothrom (thart ar 600-800 mm in aghaidh na bliana) agus an taise ard. I measc na limistéir saothraithe puimcín traidisiúnta tá na limistéir san Ostair Íochtarach dá dtagraítear thuas, a bhaineann leis an gcrios aeráide Panónach réamh-Alpach atá chomh grianmhar céanna (thart ar 1 850–2 100 uair an chloig gréine) ach beagán níos tirime (meánmhéid bliantúil báistí idir 500 agus 750 mm in aghaidh na bliana).

Trí shaineolas na saothróirí puimcín maidir le saothrú agus bainistiú barr, bhí Styria in ann dul chun cinn teicneolaíochta a chur ar aghaidh sa phróiseas saothraithe agus buainte agus i bpróiseáil síl. D’fhorbair an próiseas brúite bog tipiciúil do Styria mar gheall ar na síolta gan chrotal, ina raibh ról lárnach ag eolas na dtáirgeoirí áitiúla ar an tréimhse ama agus ar an teocht chun síolta a róstadh chun a cháilíocht, a bhlas cnónna agus go háirithe a dhath idir dúghlas agus scothdhearg a thabhairt don ola dá thoradh. Déantar an laíon a tháirgtear trí na síolta a mheilt go mín agus iad a mheascadh le huisce agus salann agus téitear é go mall i bpanna le córas corraigh sula mbrúitear é; laghdaíonn sé seo an cion uisce go mór agus tugann sé a bhlas sainiúil dó. D’fhéadfadh blas rósta a bheag nó a mhór a bheith aici ag brath ar dhéine an phróisis rósta. Faightear an ola ón laíon rósta ansin i bpróiseas meicniúil/hiodrálach amháin gan tuilleadh téimh.

Sainiúlacht an táirge

Ola dhéchrómach shlaodach atá 100 % glan, a mbíonn dath dorcha uirthi, a mbíonn an chuma uirthi go bhfuil dath glas dorcha/dearg uirthi agus í in aghaidh an tsolais agus a fhaightear ón gcéad bhrú de shíolta atá gan chrotal go nádúrtha ó phuimcíní ola deimhnithe ó Styria (Cucurbita pepo var. styriaca) a tháirgtear ag baint úsáide as phróiseas brúite a forbraíodh sa réigiún.

Tá blas cnónna agus boladh sainiúil ag an ola. Tá cion ard saillte polai-neamhsháithithe inti agus tá sí an-chothaitheach.

Nasc cúisíoch

Ciallaíonn na dálaí aeráide sna limistéir fáis nach n-aibíonn ola phuimcíní Styria ach san fhómhar nó go déanach sa samhradh, agus mar thoradh air sin tá leibhéal ard d’aigéid shailleacha neamhsháithithe acu atá luachmhar ó thaobh cothaitheachta de. Tugann síolta gan chrotal, taithí agus saineolas na bhfeirmeoirí agus na mbrúiteoirí ola maidir le fás, cúram agus buaint an bhairr agus an próiseas brúite traidisiúnta a forbraíodh sa limistéar geografach sainithe, ráthaíocht do bhlas tipiciúil agus do cháilíocht speisialta “Steirisches Kürbiskernöl” réamhluaite. Tugtar ard-thosaíocht do cháilíocht a choinneáil ar bun. Cuidíonn ceardlanna céadfacha agus comhdhálacha puimcíní fáis le saineolas traidisiúnta a chaomhnú agus é a chur in oiriúint do thorthaí nua-aimseartha.

Léirítear tábhacht agus meas an táirge ina bhunús láidir agus san ardleibhéal eolais air agus ionannú daonra Styria le “Steirisches Kürbiskernöl”. Tá ola síolta puimcín ó Styria ar cheann d’ambasadóirí cócaireachta an réigiúin, in éineacht le húlla ó Styria, raidis fhiáin ó Styria agus fíon ó Styria, agus tugtar “ór dubh” nó “ór glas” Styria uirthi. De réir an bhéaloidis áitiúil, is é ola síolta puimcín ó Styria a thugann a neart uathúil agus a bhflosc chun na beatha do mhuintir Styria. Tuairiscíonn na meáin go leitheadach ar conas atá an barr ag fás, ar an táirgeacht don bhliain, agus ar thús bhuaint na bpuimcíní (mar shampla, san airteagal “Kürbisernte: In den nächsten Tagen geht es los” le Karlheinz Lind ar bhuaint na bpuimcíní atá ar tí a thosú in Neues Land, iris sheachtainiúil Styrian Farmers’ Federation [Cónaidhm Feirmeoirí Styria] an 25 Lúnasa 2021. Tá muintir Styria bródúil as “a gcuid” ola; tuairiscítear go forleathan sna meáin imní maidir le neamhrialtachtaí nó tuairiscí faoi shíolta a líomhnaítear de thionscnamh lasmuigh den limistéar ceadaithe (e.g. airteagal Verena Kainrath “Krieg der Kerne in der Steiermark” ar na cogaí síl in Styria in Der Standard an 20 Bealtaine 2015).

Is fógra í “Steirisches Kürbiskernöl” do chócaireacht Styria a aithnítear go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá úsáid beagnach ilfheidhmeach aige maidir le cúrsaí tosaigh, príomhchúrsaí agus milseoga a ullmhú, agus maidir le mínghlanadh milseogra. Dá réir sin, le cuardach idirlín ar an ola seo aimsítear go leor moltaí oideas.

Léiríodh an t-ionannú le “Stearisches Kürbiskernöl” a bhfuil bunús láidir aige leis an réigiún in iliomad imeachtaí traidisiúnta a d’fhorbair bunaithe ar an táirge seo (amhail an t-aonach ola phuimcíní Styria) agus cruthaíodh raon gúnaí tíre ar théama ola phuimcíní Styria (drindil, culaith agus “hata olashíl” speisialta) fiú mar thoradh air sin.

Tá tábhacht ar leith ag baint le dámhachtainí mór le rá don ola a bhronnann giúiréithe speisialtóra a bhfuil taithí acu, agus a mbíonn a gcuid pléití bunaithe ar thástálacha beachta saotharlainne, ag searmanais duaise leis na céadta aíonna, chun an ola a mhargú. Le cuardach idirlín ar na dámhachtainí sin, aimsítear tuairiscí iomadúla ar an ndámhachtain réigiúnach bliantúil oifigiúil, ar chruthú saorstíle méise lena mbaineann an ola agus beacáin, agus ar roghnú bliantúil an ola síolta puimcíní Styria is fearr ag an bpríomhthreoirleabhar gourmet“Gault & Millau” (féach freisin, mar shampla, airteagal Michael Saria ar thástálacha Gault & Millau in Kleine Zeitung an 16 Meitheamh 2021).

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://www.patentamt.at/herkunftsangaben/steirischeskuerbiskernoel/


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


30.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 327/20


Foilsiú iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge, de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do tháirgí bia

(2022/C 327/06)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart cur in aghaidh an iarratais ar leasú de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

IARRATAS AR CHEADÚ LEASAITHE AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE AINMNIÚCHÁN TIONSCNAIMH/TÁSCA GEOGRAFACHA FAOI CHOSAINT NACH MIONLEASÚ É

Iarratas ar leasú a fhaomhadh i gcomhréir le hAirteagal 53(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

“Miele della Lunigiana”

Uimh. AE: PDO-IT-0195-AM01 – 8.7.2021

STFC (X) TGFC ( )

1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

Consorzio Miele della Lunigiana DOP [Comhlachas Cosanta STFC Miele della Lunigiana], c/o Unione dei Comuni - Piazza delle Libertà, 17 - 54013 Fivizzano

R-phost: mieledellalunigiandop@yahoo.it

Ríomhphost deimhnithe: mieledellalunigiandop@arubapec.it

Comhlíonann an comhlachas réamhluaite na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 13(1) d’Fhoraithne Uimh. 12511 ón Aireacht an 14 Deireadh Fómhair 2013.

2.   Ballstát nó tríú tír

An Iodáil

3.   CEANNTEIDEAL SA tsonraíocht TÁIRGE A mbaineann AN LEASÚ NÓ NA LEASUITHE LEIS

Ainm an táirge

Tuairisc ar an táirge

Limistéar geografach

Cruthúnas ar thionscnamh

An modh táirgthe

Nasc

Lipéadú

Eile: Pacáistiú, faisnéis maidir leis an gcomhlacht iniúchta

4.   Cineál an leasaithe nó na leasuithe

Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe nár foilsíodh Doiciméad Aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53 (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

5.   Leasú nó leasuithe

Tuairisc an táirge

Baineann an leasú le hAirteagal 2 den tsonraíocht, pointe 4.2 den achoimre fhoilsithe agus pointe 3.2 den doiciméad aonair. Go sonrach, athraíodh an cion hiodrocsaimeitiolfúrfúrail (HMF) le haghaidh na gcineálacha acáise agus cnó capaill de Miele della Lunigiana.

An leagan reatha:

“Cion hiodrocsaimeitiolfúrfúrail (HMF): 10 mg/kg ar a mhéad agus é a phacáil i bprócaí”

Leagan nua:

“Cion hiodrocsaimeitiolfúrfúrail (HMF): 10 mg/kg ar a mhéad laistigh de 4 mhí ón mil a úscadh”

Tá athrú tagtha ar an dinimic a bhaineann leis na bunaíochtaí beachadóireachta ó aithníodh an STFC. B’oibríochtaí an-bheag a bhíodh sna bunaíochtaí a d’úsáidtí chun cur le hioncam eile, ach sa lá atá inniu ann, is feirmeoirí gairmiúla iad cuid mhór acu a cuireann an táirge ar an margadh trí phacálaithe chomh maith, rud a mhéadaíonn am láimhseála an táirge. Thairis sin, tá athrú tagtha freisin ar na bealaí dáileacháin a úsáidtear agus ar dhinimic an mhargaidh. Roimhe seo, chuirtí an táirge ar díol agus rithtí as i gcaitheadh na bliana, sa lá atá inniu ann, mar gheall ar bheith ag obair le miondíoltóirí móra tá sé riachtanach soláthar leanúnach den táirge a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide agus a áirithiú go mbeidh sé i stoc i gcónaí in ollmhargaí, ionas nach gcaillfí suíomhanna ar an margadh atá deacair a fháil ar ais.

Mar gheall ar an síneadh seo leis an tréimhse chun an táirge a phacáistiú lena scaoileadh lena chaitheamh tá sé deacair an paraiméadar hiodrocsaimeitiolfúrfúrail (HMF) a choinneáil laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos sa tsonraíocht, toisc gur luach atá ann a mhéadaíonn le himeacht ama agus i ndiaidh an mhil a théamh, rud atá riachtanach uaireanta le bheith ábalta é a phacáistiú i gcásanna nuair a bhíonn sé tiubhaithe.

Ní chiallaíonn aistriú na tréimhse chun an paraiméadar a dheimhniú nach bhfuil aon smacht ar chaighdeán an táirge, ós rud é gurb é luach an pharaiméadair sin de réir an dlí 40 mg/kg, méid atá i bhfad níos airde ná an méid atá leagtha síos sa tsonraíocht.

Is é cuspóir an leasaithe ar an tsonraíocht a áirithiú go ndéanfar HMF a thomhas sna 4 mhí i ndiaidh an úsctha, nuair a bheidh an mhil léirghlanta. In aon chás, cloítear leis na paraiméadair atá leagtha síos le dlí ag céim na margaíochta.

Limistéar geografach

Baineann an leasú seo le pointe 4.3 den achoimre fhoilsithe, pointe 4 den doiciméad aonair anois.

An leagan reatha:

“Cuimsítear sa limistéar táirgthe, próiseála, ullmhúcháin agus pacáistithe le haghaidh ‘Miele della Lunigiana’ Acáise agus Cnó Capaill an chuid de chúige Massa Carrara, i Réigiún na Tuscáine, a chomhfhreagraíonn do limistéar Chomhphobal Sléibhe Lunigiana, ina bhfuil thart ar 97 000 ha .”

Leagan nua:

“Cuimsítear sa limistéar táirgthe le haghaidh ‘Miele della Lunigiana’ Acáise agus Cnó Capaill na bardais seo a leanas i gCúige Massa Carrara: Pontremoli, Zeri, Mulazzo, Tresana, Podenzana, Aulla, Fosdinovo, Filattiera, Bagnone, Villafranca in Lunigiana, Licciana Nardi, Comano, Fivizzano agus Casola in Lunigiana.

Is fairsinge talún amháin é an limistéar seo ina bhfuil thart ar 97 000 ha, agus comhfhreagraíonn sé do limistéar Phobal Sléibhe Lunigiana. ”

Níor athraíodh an limistéar táirgthe, ach níor cuireadh liosta na mbardas san áireamh ach amháin sa tsonraíocht táirge agus ní san achoimre fhoilsithe. Dá bhrí sin, cuireadh liosta na mbardas leis an doiciméad aonair.

Modh táirgthe

Baineann an leasú le hAirteagal 5 den tsonraíocht, pointe 5.3 - Úscadh agus próiseáil, agus pointe 4.5 den achoimre fhoilsithe. Cuireadh an chéim dhíthaisiúcháin leis.

Cuireadh an frása seo a leanas leis:

“Féadfar díthaisiú a dhéanamh ag baint úsáid as díthaisirí comhthimpeallacha lena gcruthaítear sruth aeir thirim, nó ag baint úsáid as meaisíní atá oiriúnach do dhíthaisiú meala, amhail díthaisirí diosca.”

Tá sé riachtanach go ndéanfaí an cion taise meala a sheiceáil lena cáilíochtaí agus tréithe a chaomhnú. Le blianta beaga anuas, braitheadh taise iomarcach i mil roinnt uaireanta mar gheall ar bháisteach rialta le linn na tréimhse bláthaithe, rud a fhágann gur gá céim dhíthaisiúcháin a chur san áireamh chun an mhil a thabhairt laistigh de pharaiméadair chobhsaíochta. Is é sna séasúir bhlátaithe úra ina mbíonn taise leordhóthanach, ach gan an iomarca taisce, a fhaightear na dálaí is fearr chun mil ardchaighdeáin a bhailiú agus bíonn na dálaí neamhfhabhrach nuair a bhíonn báisteach ann níos minice. Is é a bheadh i gceist le díthaisiú a thabhairt isteach ná nach gcuirfí bailiú meala i mbaol go beacht sna séasúir neamhfhabhracha sin nach mbíonn an oiread meala ar fáil iontu. D’fhéadfadh cion taise iomarcach na meala agus na teochtaí arda féideartha i ndiaidh í a chur ar an margadh leathadh giostaí osmaifileacha a spreagadh, rud a bhíonn ina chúis le coipeadh, agus dá bhrí sin chaillfeadh “Miele della Lunigiana” a shaintréithe cáilíochta agus barr feabhais.

Lipéadú

Baineann an leasú le hAirteagal 8 den tsonraíocht, pointe 4.8 den achoimre fhoilsithe agus pointe 3.6 den doiciméad aonair.

An leagan reatha:

“(1)

‘Miele della Lunigiana’ Acáise nó Cnó Capaill;

(2)

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint;

(3)

Lógó STFC de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 1726/98: féadfar an lógó seo a chur ar an lipéad nó ar an séala atá le greamú den phacáistiú;

(4)

Ní mór an dáta íosmharthanachta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 9 de Threoir 2000/13/CE a léiriú leis na focail seo a leanas ‘is fearr roimh dheireadh’, agus an mhí agus an bhliain ina dhiaidh sin; níor cheart, in aon chás, don dáta sin a bheith níos déanaí ná 2 bhliain ó dháta an phacáistithe.”

Leagan nua:

“(1)

‘Miele della Lunigiana’ Acáise nó Cnó Capaill;

(2)

Tá an t-acrainm ‘DOP’ [STFC], nó ‘Denominazione di Origine Protetta’ [Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint] scríofa amach ina iomláine;

(3)

lógó an Aontais: féadfar an lógó seo a chur ar an lipéad nó ar an séala atá le greamú den phacáistíocht;

(4)

An dáta íosmharthanachta de réir an dlí, nár cheart, in aon chás, a bheith níos déanaí ná 2 bhliain ó dháta an phacáistithe;

(5)

Ní mór ainm an tsonrúcháin agus lógó an Aontais a bheith ar an lipéad nó ar an bpacáistíocht i litreacha soiléire doscriosta i ndath atá i gcodarsnacht mhór le dath an lipéid; caithfidh gach téarma eile a bheith ina charachtair níos lú ná mar atá sa sonrúchán faoi chosaint;”

Leis an leasú, beifear ábalta an t-acrainm “STFC” a úsáid mar mhalairt ar an bhfoclaíocht iomlán, rud a chiallaíonn go mbeifear ábalta é a chur in oiriúint do mhéideanna éagsúla na pacáistíochta.

Ina theannta sin, scriosadh tagairtí atá as dáta don reachtaíocht agus rinneadh tagairt do na rialacha atá i bhfeidhm.

Tugadh isteach an fhéidearthacht go ndéanfaí cur i láthair grafach an ainm agus an lógó a oiriúnú ag brath ar an bpacáistíocht a úsáidfear.

Eile

Pacáistiú

Baineann an leasú le hAirteagal 5, pointe 5.4, den tsonraíocht, pointe 4.5 den achoimre fhoilsithe agus pointe 3.5 den doiciméad [aonair] maidir le cineálacha an phacáistithe. Chomh maith leis sin, scriosadh tagairtí atá as dáta don reachtaíocht.

An leagan reatha:

“Ní cheadaítear ach pacáistíocht ghloine ar a bhfuil caschlaibín, sna formáidí seo a leanas: 30 go 1 000 g”

Leagan nua:

“Féadfar an táirge a phacáistiú in aon choimeádáin ag a bhfuil acmhainn agus ábhar de ghrád bia a cheadaítear faoi na dlíthe atá i bhfeidhm, agus más féidir na cinn atá déanta go hiomlán as ábhar in-athchúrsáilte nó inmhúirínithe. Ní fhéadfar ach STFC Miele della Lunigiana nach bhfuil beartaithe do thomhaltóirí deiridh a phacáistiú i gcoimeádáin mhór-acmhainne de ghrád bia”.

Fuarthas go bhfuil na modhanna pacáistithe atá leagtha síos sa tsonraíocht reatha ina dteorainn mhór don chéim dhíolacháin agus do chur chun cinn an táirge araon. Leis an rogha aon chineál coimeádáin a úsáid le haghaidh pacáistíochta, is féidir freastal ar éilimh an mhargaidh ar bhealach níos fearr.

Ina theannta sin, más féidir mil nach bhfuil beartaithe do thomhaltóirí deiridh a phacáistiú i gcoimeádáin mhór-acmhainne, beifear ábalta STFC “Miele della Lunigiana” a úsáid mar chomhábhar i dtáirgí próiseáilte. Má léirítear gur fearr ábhair phacáistíochta atá go hiomlán in-athchúrsáilte nó inmhúirínithe a roghnú, beidh sé ina spreagadh níos mó d’oibreoirí na hábhair sin a roghnú.

An leagan reatha:

“(b)

rialú agus inrianaitheacht an táirge a ráthú chun éifeachtacht na seiceálacha éigeantacha arna ndéanamh ag an gcomhlacht údaraithe ag gach céim den táirgeadh dá bhforáiltear in Airteagal 7 den tsonraíocht seo (de réir bhrí Airteagal 10 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92).”

Leagan nua:

“(b)

rialú agus inrianaitheacht an táirge a ráthú chun éifeachtacht na seiceálacha éigeantacha arna ndéanamh ag an gcomhlacht údaraithe ag gach céim den táirgeadh dá bhforáiltear sa reachtaíocht atá i bhfeidhm a áirithiú.”

Scriosadh an tagairt don reachtaíocht aisghairthe;

Baineann an leasú seo le hAirteagal 7 den tsonraíocht táirge.

An leagan reatha:

“De bhun Airteagal 10 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081 an 14 Iúil 1992, deimhníonn comhlacht príobháideach ceadaithe go bhfuil forálacha na sonraíochta táirge seo á gcomhlíonadh”.

Leagan nua:

“Déanann comhlacht cigireachta comhlíonadh an táirge maidir leis an tsonraíocht a dheimhniú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012. Is é an comhlacht cigireachta: Bioagricert srl, Via dei Macabraccia n.8/3-4-5, Casalecchio di Reno (Cúige Bologna); Teileafón: 051 562158; Ríomhphost deimhnithe: Bioagricert@pec.bioagricert.org;; Ríomhphost: info@bioagricert.org”

Tugadh an mhír maidir le seiceálacha cothrom le dáta trí shonraí an chomhlachta cigireachta a iontráil agus na tagairtí dlí a thabhairt cothrom le dáta.

DOICIMÉAD AONAIR

“Miele della Lunigiana”

Uimh. AE: PDO-IT-0195-AM01 – 8.7.2021

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm(neacha) [STFC nó TGFC]

“Miele della Lunigiana”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Iodáil

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   Cineál táirge [mar atá in Iarscríbhinn XI]

Aicme 1.4. Táirgí eile de thionscnamh ainmhíoch (uibheacha, mil, táirgí déiríochta éagsúla seachas im, etc.)

3.2.   Tuairisc ar an táirge a bhfuil an t-ainm in (1) ag tagairt dó

Forchoimeádtar an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Miele della Lunigiana” don dá chineál meala seo a leanas: mil acáise agus mil cnó capaill.

Sainítear “Miele della Lunigiana” Acáise mar mhil a tháirgtear ó bhláthanna Robinia pseudoacacia L. Sainítear “Miele della Lunigiana” Cnó Capaill mar mhil a tháirgtear ó bhláthanna Castanea sativa M.

Saintréithe an táirge

“Miele della Lunigiana” Acáise

Saintréithe orgánaileipteacha:

Baineann na saintréithe seo a leanas le “Miele della Lunigiana” Acáise:

Bíonn sé geal agus leachtach ar feadh tamall fada. I dtreo dheireadh na tréimhse margaíochta, d’fhéadfadh criostalú páirteach tarlú, ach gan criostalú iomlán a bheith mar thoradh air;

Téagar: slaodach i gcónaí, ag brath ar an gcion uisce;

Dath: an-éadrom, ó beagnach bheith gan dath go buí ar dhath an tuí;

Boladh: éadrom, neamhbhuan, torthaíoch agus milis, cosúil le dea-bholadh bláthanna;

Blas: thar a bheith milis, beagán aigéadach ach ní searbh. Tá an blas an-íogair, le blas fanaile, neamhbhuan agus gan iarbhlas de ghnáth.

Saintréithe ceimiceacha, fisiceacha agus micreascópacha

De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm, ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith ag “Miele della Lunigiana” Acáise:

Cion uisce: 18 % ar a mhéad;

Cion hiodrocsaimeitiolfúrfúrail (HMF): 10 mg/kg ar a mhéad laistigh de 4 mhí ón mil a úscadh.

Saintréithe meileasapailineolaíochta

Bíonn méid íseal pailine sa dríodar meala go ginearálta, le níos lú ná 20 000 grán de phailine acáise in aghaidh an 10 g meala.

“Miele della Lunigiana” Cnó Capaill

Saintréithe orgánaileipteacha:

Tá na saintréithe seo a leanas ag “Miele della Lunigiana” Cnó Capaill:

Bíonn sé leachtach ar feadh tamall fada. I dtreo dheireadh na tréimhse margaíochta, d’fhéadfadh criostalú páirteach agus neamhrialta tarlú;

Dath: ómra dorcha, le dathanna cineál dearg go minic;

Boladh: measartha láidir agus géar;

Blas: buan, agus méid éigin géire.

Saintréithe ceimiceacha, fisiceacha agus micreascópacha

De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm, ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith ag “Miele della Lunigiana” Cnó Capaill:

Cion uisce: 18 % ar a mhéad;

Cion hiodrocsaimeitiolfúrfúrail (HMF): 10 mg/kg ar a mhéad laistigh de 4 mhí ón mil a úscadh.

Saintréithe meileasapailineolaíochta

Bíonn an dríodar meala ar mhórán pailine go ginearálta, le níos lú ná 100 000 grán de phailine cnó capaill in aghaidh an 10 g meala.

3.3.   Beatha (do tháirgí de bhunús ainmhíoch amháin) agus amhábhair (do tháirgí próiseáilte amháin)

Ní mór aon bheathú saorga a chur ar fionraí sula gcuirfear na frámaí isteach agus ní mór, in aon chás, nach mbeidh ann ach siúcra agus uisce.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a thógáil sa limistéar geografach sainithe

Ní mór gach céim táirgthe, próiseála agus ullmhúcháin a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Féadfar an táirge a phacáistiú in aon choimeádáin ag a bhfuil acmhainn agus ábhar de ghrád bia a cheadaítear faoi na dlíthe atá i bhfeidhm, agus más féidir na cinn atá déanta go hiomlán as ábhar in-athchúrsáilte nó inmhúirínithe. Ní fhéadfar ach STFC “Miele della Lunigiana” nach bhfuil beartaithe do thomhaltóirí deiridh a phacáistiú i gcoimeádáin mhór-acmhainne de ghrád bia. Ní mór an táirge a phacáistiú laistigh den limistéar geografach sainithe. Cleachtas traidisiúnta sa limistéar is ea pacáistiú laistigh den limistéar geografach sainithe, mar aon leis na céimeanna eile den táirgeadh, agus tá údar leis sin maidir leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cáilíocht an táirge a chosaint, sa mhéid is go seachnófar leis an bpacáistiú sin laistigh den limistéar sainithe aon bhaol go dtiocfaidh meath ar shaintréithe ceimiceacha/fisiceacha agus orgánaileipteacha na meala a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar na gluaiseachtaí dosheachanta agus na difríochtaí sna dálaí fisiceacha agus comhshaoil a bhíonn ann le linn iompair go dtí limistéar eile;

(b)

rialú agus inrianaitheacht an táirge a ráthú chun éifeachtacht na seiceálacha éigeantacha arna ndéanamh ag an gcomhlacht údaraithe ag gach céim den táirgeadh dá bhforáiltear sa reachtaíocht atá i bhfeidhm a áirithiú.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Rialaítear faisnéis a bhaineann le hainmniú agus le cur i láthair an táirge pacáistithe leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm. Chomh maith leis an bhfaisnéis a theastaíonn de réir an dlí, ní foláir nó go mbeidh an méid seo a leanas san fhaisnéis:

(1)

“Miele della Lunigiana” acáise nó cnó capaill;

(2)

Tá an t-acrainm “DOP” [STFC], nó “Denominazione di Origine Protetta” [Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint] scríofa amach ina iomláine;

(3)

lógó an Aontais: féadfar an lógó seo a chur ar an lipéad nó ar an séala atá le greamú den phacáistiú;

(4)

An dáta íosmharthanachta, nár cheart, in aon chás, a bheith níos déanaí ná 2 bhliain ó dháta an phacáistithe;

(5)

Ní mór ainm an tsonrúcháin agus lógó a bheith ar an lipéad nó ar an bpacáistíocht i litreacha soiléire doscriosta i ndath atá i gcodarsnacht mhór le dath an lipéid; caithfidh gach téarma eile a bheith ina charachtair níos lú ná mar atá sa sonrúchán faoi chosaint.

D’fhéadfadh faisnéis roghnach eile chun cuidiú leis an tomhaltóir agus/nó faisnéis chothaitheach a bheith ar an lipéad freisin.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Cuimsítear sa limistéar táirgthe le haghaidh “Miele della Lunigiana” Acáise agus Cnó Capaill na bardais seo a leanas i gCúige Massa Carrara: Pontremoli, Zeri, Mulazzo, Tresana, Podenzana, Aulla, Fosdinovo, Filattiera, Bagnone, Villafranca in Lunigiana, Licciana Nardi, Comano, Fivizzano agus Casola in Lunigiana.

Is fairsinge talún amháin é an limistéar seo ina bhfuil thart ar 97 000 ha, agus comhfhreagraíonn sé do limistéar Phobal Sléibhe Lunigiana.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Is limistéar sléibhtiúil é an limistéar táirgthe go ginearálta. Ar an taobh thuaidh agus an taobh thoir, tá sé scartha ó Ghleann na Pó ag iomaire Aipiníní na Tuscáine/Emilia, agus Lunigiana á roinnt ó ghleannta máguaird eile ag slabhra aolchloiche Alpi Apuane ó dheas agus deireadh Aipiníní na Mara Liogúraí ar an taobh thiar.

I lár an limistéir tá imchuach leathan, glárach, idirshléibhe lena mbaineann córas casta aibhneacha, arb é an ceann is tábhachtaí Abhainn Magra, a sreabhann na cúrsaí uisce go léir sa limistéir isteach inti.

Mar gheall ar ghaireacht Lunigiana don fharraige agus ar chastacht an tírdhreacha sléibhte cruthaítear réimse leathan grádán mionaeráideach, agus tarlaíonn éifeachtaí inbhéartaithe theirmigh sna limistéir níos ísle, rud a chruthaíonn ceo san oíche go minic a mhaireann go dtí mall ar maidin go minic, agus tá aeráid níos séimhe i limistéar na gcnoc.

Chiallaigh ithreacha agus cineál sléibhtiúil Lunigiana nach ndearnadh diansaothrú ar an limistéar; mar gheall air sin, mar aon le heaspa forbairt thionsclaíoch, caomhnaíodh sláine na timpeallachta lena coillearnach fhlúirseach. Tá thart ar 65 000 heicteár de choillearnach in Lunigiana faoi láthair, arb ionann é agus 67 % dá limistéar. Is iad na speicis is coitianta acáise (Robinia pseudoacacacia) agus cnó capaill (Castanea sativa). Fásann acáise, speiceas crainn a úsáidtear chun fánaí a chomhdhlúthú, go nádúrtha anois agus tá sé forleathan i limistéir thréigthe. Le linn na tréimhse bláthaithe gairide ach an-dian i mí Aibreáin/na Bealtaine, táirgeann beacha cainníochtaí móra neachtair ón mbláth.

Tá crainn cnó capaill, a bhfuiltear á bhfás ó aimsir na Rómhánach, ina n-acmhainn thábhachtach d’fheirmeoireacht teaghlach in Lunigiana, mar fhoinse bia agus d’úsáidí eile (gualach, adhmad agus tainnin), agus le linn na tréimhse bláthaithe i mí an Mheithimh agus mí Iúil tugann beacha cuairt orthu. Dá bhrí sin, le himeacht ama, spreag flúirse an dá speiceas sin beachairí leis an dá chineál meala a tháirgeadh.

Tá beachaireacht á déanamh sa timpeallacht go traidisiúnta mar gheall ar an daonra beag, agus tá an ghníomhaíocht forleathan ar fud an limistéir. Mar gheall ar fhlúirse an dá speiceas, ascáise agus cnónna capaill, agus seicheamh fabhrach an bhláthaithe is féidir fíor-mhil a tháirgeadh.

Bhíothas i mbun na beachaireachta i gcónaí in Lunigiana agus deimhnítear é sin agus cáil an táirge i roinnt doiciméid stairiúla. I ndoiciméad ó ré Napoléon sonraítear líon na gcoirceog a bhíodh á n-oibriú agus táirgeadh na meala agus díol na meala le réimse trádálaithe. Sa doiciméad céanna sonraítear go raibh monarcha coinnle ann a bhí ag táirgeadh coinnle don mhargadh áitiúil. Tá traidisiún leanúnach ag baint leis an limistéar maidir le táirgí meala agus coirceoige a tháirgeadh a théann siar na céadta bliain, agus is léiriú soiléir é bunú Chumann na mBeachairí in 1873, arbh é a phríomhaidhm cleachtais réasúnacha beachaireachta a scaipeadh, ar fhréamhacha doimhne na gníomhaíochta in Lunigiana.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

Tá fáil ar théacs iomlán na sonraíochta táirge ar an suíomh gréasáin seo a leanas: http://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/3335

Nó, de rogha air sin:

trí dhul go díreach chuig leathanach baile na hAireachta um Beartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta (www.politicheagricole.it) agus cliceáil ar “Qualità” (ar thaobh na láimhe deise ar bharr an scáileáin), agus ansin ar “Prodotti DOP IGP STG” (ar thaobh na láimhe clé den scáileán) agus ar deireadh ar “Disciplinari di Produzione all’esame dell’UE”.


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.