|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí |
|
|
|
RÚIN |
|
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa |
|
|
|
569ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Interactio, 18.5.2022-19.5.2022 |
|
|
2022/C 323/01 |
||
|
|
TUAIRIMÍ |
|
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa |
|
|
|
569ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Interactio, 18.5.2022-19.5.2022 |
|
|
2022/C 323/02 |
||
|
2022/C 323/03 |
||
|
2022/C 323/04 |
|
|
III Gníomhartha ullmhúcháin |
|
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa |
|
|
|
569ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Interactio, 18.5.2022-19.5.2022 |
|
|
2022/C 323/05 |
||
|
2022/C 323/06 |
||
|
2022/C 323/07 |
||
|
2022/C 323/08 |
||
|
2022/C 323/09 |
||
|
2022/C 323/10 |
||
|
2022/C 323/11 |
||
|
2022/C 323/12 |
||
|
2022/C 323/13 |
||
|
2022/C 323/14 |
||
|
2022/C 323/15 |
||
|
2022/C 323/16 |
||
|
2022/C 323/17 |
||
|
2022/C 323/18 |
||
|
2022/C 323/19 |
||
|
2022/C 323/20 |
||
|
2022/C 323/21 |
||
|
2022/C 323/22 |
||
|
2022/C 323/23 |
||
|
2022/C 323/24 |
||
|
2022/C 323/25 |
|
GA |
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí
RÚIN
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
569ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Interactio, 18.5.2022-19.5.2022
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/1 |
Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le “Rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta – Cad a oibríonn agus cad nach n-oibríonn?”
(2022/C 323/01)
Ag an seisiún iomlánach a bhí aige an 18 agus 19 Bealtaine 2022 (cruinniú an 18 Bealtaine), ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an rún seo a leanas le 197 vóta ar a shon agus 4 staonadh.
1. Réamhrá
|
1.1. |
Sa rún a d’eisigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i mí Feabhra 2021 (1), rinne sé measúnú, i bhfoirm comhairliúcháin, ar rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta i gceapadh na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus ar cháilíocht na rannpháirtíochta sin. Chuir na Ballstáit na pleananna sin faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh le go bhféadfaidís tairbhiú de thacaíocht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, is é sin an chuid is tábhachtaí den ionstraim théarnaimh shealadach NextGenerationEU. Ainneoin Airteagal 18(4)(q) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (2), ba é príomhthátal CESE go raibh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe easnamhach, den chuid is mó, i bhformhór na mBallstát. Ina theannta sin, ba léir gur glacadh leis i gcoitinne nach raibh i gceist leis na comhairliúcháin, arbh iad na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí sochaí sibhialta a thionscain go minic iad, ach foirmeáltachtaí nach raibh d’acmhainn acu tionchar a imirt ar inneachar na bpleananna. D’áitigh an Coiste ar na hinstitiúidí Eorpacha agus ar na rialtais náisiúnta an cás sin a chur ina cheart agus na pleananna á gcur chun feidhme, á bhfaire agus á gcoigeartú. Ina theannta sin, leagann CESE béim i gcónaí ar an tábhacht a bhaineann leis go mbeadh an tsochaí shibhialta eagraithe níos ullmhaithe le go bhféadfaidh sí cur lena rannpháirtíocht sna pleananna. |
|
1.2. |
Tá sé curtha in iúl ag CESE freisin, sa rún thuasluaite agus i dtuairimí éagsúla eile, go n-aontaíonn sé leis na cuspóirí infheistíochta agus leis na treoirlínte maidir le hathchóiriú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, ar cheart dóibh díriú ar an tsamhail táirgeachta a athrú go geilleagar aeráidneodrach agus digitithe, a chuirfí i gcrích trí phróisis um aistriú cóir lena n-áiritheofaí cosaint oibrithe agus na réigiún lena mbaineann, ath-imlonnú oibrithe agus athghiniúint agus athnuachan na creatlaí táirgiúla. Dar leis an gCoiste, ba cheart, leis na hinfheistíochtaí agus leis na hathchóirithe atá leagtha amach sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, go gcuirfí an méid a leanas chun cinn: táirgiúlacht agus geilleagar gnó na mBallstát a fheabhsú, an chreatlach thionsclaíoch nuálach a neartú trí thacaíocht a thabhairt do FBManna agus d’fhiontair an gheilleagair shóisialta, agus an comhtháthú sóisialta a neartú, rud is féidir a bhaint amach freisin trí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhorbairt agus a chur chun feidhme. |
|
1.3. |
Agus geilleagar na hEorpa ar tí teacht ar ais chuige féin ón gcúlú eacnamaíochta a tharla de thoradh phaindéim COVID-19 agus na mbeart sláinte poiblí a glacadh chun dul i ngleic léi, agus iarracht á déanamh an saobhadh soláthair agus an brú boilscithe a d’eascair as an bpaindéim sa gheilleagar domhanda a leigheas, tharla suaitheadh seachtrach gan choinne a d’fhág go raibh tírdhreach nua polaitiúil agus eacnamaíoch ann a bhfuil neart deacrachtaí agus rioscaí ag baint leis: ionradh arm Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin. Tá an cás sin cáinte go géar ag CESE mar shárú tromchúiseach ar na rialacha agus na comhaontuithe idirnáisiúnta atá i bhfeidhm (3). Is bagairt é do shlándáil na hEorpa agus an domhain, tá sé ina chúis le fulaingt an duine, le scriosadh ábhair agus le dochar don chomhshaol, ar scála an-mhór, agus tá athrú ó bhonn tagtha ar an gcreat eacnamaíoch Eorpach agus domhanda dá dheasca. |
|
1.4. |
I mí an Mhárta, b”ionann boilsciú bliain ar bhliain sa limistéar euro agus 7,5 %, an ráta is airde ó glacadh an euro, agus bhí boilsciú phraghas an fhuinnimh cothrom le 44,7 %. Thairis sin, má mhaireann an cogadh san Úcráin go ceann i bhfad, d’fhéadfadh ganntanas breoslaí iontaise, a bhfuilimid fós ag brath orthu, agus amhábhar agus táirgí bia eile, a bheith ann, rud a d’fhágfadh nach bhféadfaí na praghsanna agus an fás a thuar agus a mbeadh tionchar ollmhór aige ar na tíortha is boichte, i.e. san Afraic agus sa Mheánoirthear. Is baol mór do gheilleagair na hEorpa agus do réigiúin eile an domhain an marbh-bhoilsciú. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí difear freisin do na cuspóirí atá le bearta agus ionstraimí an Chomhaontaithe Ghlais, a bhfuil sé d’aidhm aige an aeráidneodracht a bhaint amach san Eoraip faoi 2050. Beidh tionchar ag impleachtaí geopholaitiúla an chogaidh ar an slabhra luacha bia ina iomláine, ar an tionsclaíocht, ar an gcosaint agus ar an trádáil san Eoraip agus ar fud an domhain, ar bheartais chomhfhreagracha an Aontais sna réimsí sin agus i réimsí eile, agus ar an machnamh leanúnach ar Thodhchaí na hEorpa agus ar na leibhéil lánpháirtíochta is mian linn a bhaint amach le chéile mar náisiúin agus saoránaigh den Eoraip. Ba cheart, dá bhrí sin, i bhfianaise an tírdhreacha nua sin, athbhreithniú a dhéanamh ar uirlisí airgeadais an Aontais. Thairis sin, beidh tionchar ag an staid atá ann de thoradh an chogaidh san Úcráin ar chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a chaithfear a chur i gcrích ar bhealach a bheidh i gcomhréir le cuspóirí nua an bheartais eacnamaíoch a leagfar síos chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí agus ar na dúshláin a bhaineann leis an staid nua sin. De thoradh na gcásanna sin atá ag dul in olcas, beidh ar an Eoraip a bheith níos láidre agus níos aontaithe agus “Gach beart is gá a dhéanamh”. |
|
1.5. |
Tríd an rún seo, tá sé beartaithe ag CESE measúnú a dhéanamh ar an méid atá déanta ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh maidir le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta in ullmhú na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir lena rannpháirtiú i gcur chun feidhme na bpleananna. Chun na críche sin, bhailigh an Grúpa um an Seimeastar Eorpach in CESE aiseolas ón tsochaí shibhialta eagraithe as ceistneoirí a cuireadh chuig comhaltaí an ghrúpa. Is é a bhí sa cheistneoir 21 cheist maidir le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta in ullmhú agus cur chun feidhme na bpleananna agus maidir leis an tionchar a bheidh ag an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí sna Ballstáit. Fuarthas ceistneoirí ar ais as 21 Bhallstát ar an iomlán (4). Chomh maith leis sin, eagraíodh cruinnithe comhchéime, mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, i seacht mBallstát idir shéasúr an Fhómhair 2021 agus deireadh mhí an Mhárta 2022. Eagraíodh na cruinnithe sin i gcomhpháirt leis an tsochaí shibhialta eagraithe agus/nó leis na comhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta. |
2. Modh oibre
|
2.1. |
Na sonraí agus an fhaisnéis a bhí ag teastáil don tuarascáil seo, bailíodh iad idir mí Dheireadh Fómhair 2021 agus mí Aibreáin 2022. Fuarthas 23 aighneacht náisiúnta (freagraí ar na ceisteanna sa cheistneoir agus/nó aiseolas ó na cruinnithe comhchéime) ar an iomlán. Reáchtáladh na comhairliúcháin i bhfianaise an tsaineolais a bhí ag na comhaltaí féin, agus bhí baint ag na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí sochaí sibhialta leo. I dtíortha áirithe, bhí baint ag comhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta nó a macasamhlacha de chomhlachtaí leo, agus i dtíortha eile chuathas i gcomhairle le hionadaithe rialtais freisin. |
|
2.2. |
Ar chúiseanna éagsúla, níor fhormheas an Coimisiún Eorpach na pleananna náisiúnta go léir, agus i gcásanna áirithe, agus an comhairliúchán ar siúl, ní raibh Ballstáit áirithe críochnaithe fós le céim cur chun feidhme an phlean. D’fhág sin nach bhféadfadh roinnt Ballstát ach roinnt de na ceisteanna sa cheistneoir a fhreagairt agus Ballstáit eile nár fhreagair ceist ar bith. D’fhonn an fhaisnéis sin atá in easnamh a chomhlánú, tarraingítear as foinsí seachtracha freisin sa rún seo, mar shampla foilseacháin ó mheithleacha machnaimh, staidéir taighde chomparáidigh agus díospóireachtaí náisiúnta. Ina theannta sin, seoladh an ceistneoir chuig roinnt eagraíochtaí sochaí sibhialta Eorpacha, chuig codanna den Ghrúpa Idirchaidrimh in CESE (5) agus chuig ionadaithe eile as na trí ghrúpa in CESE. Tá an fhaisnéis bhreise sin lena bhfuil sé beartaithe léargas iomlán a thabhairt tugtha le fios go soiléir sa rún seo (6). |
|
2.3. |
Tá na 21 cheist a bhí mar bhonn leis an gcomhairliúchán grúpáilte sa cheithre roinn seo a leanas:
|
3. Rudaí a tugadh faoi deara sna torthaí ar an gcomhairliúchán
3.1. Roinn I: Cad é an dearcadh atá ag an tsochaí shibhialta eagraithe i dtaobh inneachar na bpleananna, na gcuspóirí infheistíochta atá leo agus na n-athchóirithe atá beartaithe leo?
|
3.1.1. |
Maidir le tograí ón tsochaí shibhialta eagraithe a áireamh in inneachar na bpleananna, leag an Coimisiún Eorpach béim, san anailís a rinne sé ar na pleananna, ar thograí sonracha a bhí curtha san áireamh go héifeachtach, mar shampla, i bpleananna na Seicia (7), na Gearmáine (8), na Cipire (9), na hOstaire (10), na Portaingéile (11) agus na Slóvaice (12). D’fhoilsigh an Laitvia, i gcomhthráth leis an bplean náisiúnta, na moltaí ó na comhpháirtithe sóisialta, agus cuireadh roinnt de na moltaí sin san áireamh sa phlean. Tugadh le fios sna comhairliúcháin a rinneadh maidir leis an rún seo go gcreideann tromlach na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta sna Ballstáit go n-éireoidh leis an bplean agus go dtacóidh sé leis na cuspóirí glasa, digiteacha agus sóisialta atá ann ach go bhfuil siad den tuairim, áfach, nach mórán forbartha a rinneadh ar ghné shóisialta an phlean. Thairis sin, cuireadh ábhair imní in iúl maidir leis na hacmhainní atá ag na Ballstáit chun cistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a bhainistiú nó é sin a dhéanamh laistigh de thréimhse ama iomchuí, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar rath an phlean. Is fíor sin go háirithe i gcás na mBallstát sin is mó a bhainfidh tairbhe as na cistí. Maidir leis an acmhainn atá sa phlean cur le hathléimneacht an gheilleagair, nochtadh tuairimí éagsúla. I gcás tíortha nach bhfaigheann mórán maoinithe, go háirithe, níl aon súil acu leis go gcuirfidh an plean le hathléimneacht fhadtéarmach a ngeilleagair. Ar deireadh, is oth leis an tsochaí shibhialta eagraithe, den chuid is mó, nár cuireadh san áireamh a ndóthain sa leagan deiridh na tuairimí a nocht siad maidir leis na tosaíochtaí ba cheart a chur san áireamh sa phlean. Tá sé curtha in iúl arís agus arís eile ag an tsochaí shibhialta eagraithe go bhfuil a lán de na hathchóirithe atá luaite sna pleananna san áireamh cheana féin i gcláir náisiúnta um athchóiriú a foilsíodh roimhe seo, gan aon bhaint acu leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ná na cuspóirí infheistíochta agus athchóirithe atá léi, rud a d’fhág gur beag an deis a bhí ag an tsochaí shibhialta eagraithe tionchar a imirt ar inneachar an phlean. |
3.2. Roinn II: Cén dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le cur chun feidhme na bpleananna agus maidir leis na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe?
|
3.2.1. |
An 15 Nollaig 2021, sheol an Coimisiún Scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (13), dá bhforáiltear sa Rialachán maidir leis an tSaoráid. Tugann an Scórchlár forléargas ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le cur chun feidhme na Saoráide agus na bpleananna náisiúnta, ach ní chuirtear san áireamh a éifeachtaí atá cistí á n-úsáid ag na Ballstáit chun a dtionscadail a mhaoiniú. Tugann roinnt Ballstát, amhail an Ostair, an Iodáil, an Laitvia, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an Spáinn, roinnt eolais ar a suíomhanna gréasáin maidir leis an gcaoi a gcaitear cistí agus a gcuirtear na bearta chun feidhme. |
|
3.2.2. |
Thug formhór na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo roimh thús mhí Aibreáin 2022 le fios go raibh sé fós róluath léargas cuimsitheach a thabhairt ar chur chun feidhme an phlean agus a rannpháirtíocht ann. Is é is cúis leis sin, i bpáirt, i roinnt Ballstát, an próiseas mall cur chun feidhme atá ann nó go raibh moill ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú an phlean. Mar sin féin, thug an tsochaí shibhialta eagraithe le fios go bhfuil sé curtha in iúl aici cheana féin an dearcadh atá aici i dtaobh na ndúshlán (féideartha) a thiocfadh chun cinn le linn chéim an chur chun feidhme. I ndáil leis sin, tá cumas riaracháin na mBallstát, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, ar cheann de na baic is mó a sainaithníodh (agus ar cuireadh béim air freisin i bpáipéar machnaimh de chuid CEPS a foilsíodh i mí an Mhárta 2022 (14)). Is fíor sin go háirithe i gcás na mBallstát sin is mó a bhainfidh tairbhe as na cistí. Ar an gcúis sin, tá a lán de na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí sochaí sibhialta ag éileamh go mbeadh na pobail áitiúla agus réigiúnacha níos rannpháirtí sna pleananna. Mar sin féin, creideann formhór na bpáirtithe leasmhara nach mbíonn aon éifeacht le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe i gcur chun feidhme na bpleananna ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Ar an dara bac a luaitear go minic tá an easpa malartaithe faisnéise idir an rialtas náisiúnta agus na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí sochaí sibhialta, rud a d’fhéadfadh cur isteach go mór ar a rannpháirtíocht i gcéimeanna an chur chun feidhme agus an fhaireacháin. |
|
3.2.3. |
Ainneoin na ndúshlán sin a sainaithníodh, tugadh le fios i mionanailís de chuid Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) a foilsíodh i mí an Mhárta 2022 (15), go bhfuil, ar thaobh amháin, gealltanas ginearálta tugtha ag roinnt Ballstát, mar shampla, an Bheilg, an Chipir, an Ghréig, an Eastóin agus an Fhionlainn, leanúint den idirghabháil leis na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí sochaí sibhialta le linn chéim cur chun feidhme an phlean agus go bhfuil, ar an taobh eile, tíortha eile ann, amhail an tSeicia, an Fhrainc, an Iodáil agus an Phortaingéil, a thagair do choiste/comhlacht ar leith a bheidh freagrach, i measc nithe eile, as faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar chomhlíonadh gharspriocanna agus chuspóirí na snáitheanna éagsúla, as gníomhaíochtaí poiblíochta agus as meastóireacht a dhéanamh ar na tuarascálacha cur chun feidhme. |
3.3. Roinn III: An tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta ar an ngeilleagar agus an tsochaí sna Ballstáit.
|
3.3.1. |
De réir staidéir a rinne Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (16), táthar ag súil leis go ndéanfaidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta borradh a chur faoi infheistíochtaí poiblí, agus an t-aschur iarbhír a mhéadú, agus spás fioscach breise a chur ar fáil, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí caiteachas náisiúnta atá beartaithe cheana féin de bhun phrionsabal na breisíochta a cheadú. D’fhágfadh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go dtiocfadh méadú suntasach ar OTI sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma tríd an éileamh ar infheistíocht phoiblí agus phríobháideach, rud a chuirfeadh leis an stoc caipitil atá riachtanach chun OTI níos airde a ghiniúint sa mheántéarma agus san fhadtéarma trí fhás ar fhostaíocht, trí tháirgiúlacht agus pá níos airde, agus trí éifeacht dhearfach ar an aschur. |
|
3.3.2. |
Tá roinnt éagsúlachtaí sna tuairimí a nocht na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí sochaí sibhialta faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na pleananna ar gheilleagar agus ar shochaí a dtíre. Níorbh ionann an dearcadh sin go háirithe maidir le méid na gcistí a leithdháiltear ar gach Ballstát ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Go deimhin, sna Ballstáit sin a fhaigheann a lán maoinithe, bíonn dearcadh níos dearfaí ann faoin tionchar sin ná i mBallstáit nach bhfaigheann ach suimeanna measartha beag i gcomparáid le méid a ngeilleagair. Ainneoin na n-éagsúlachtaí sin, feictear go bhfuil dearcadh dearfach i gcoitinne ag an tsochaí shibhialta eagraithe faoin tionchar a bhíonn ag cistí na Saoráide agus ag infheistíochtaí na bpleananna ar athchóirithe, toisc go dtugann siad spreagadh maidir le cuspóirí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach. |
3.4. Roinn IV: Rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta i gcur chun feidhme an phlean.
|
3.4.1. |
Maidir le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe i gcéim cur chun feidhme an phlean, tá éagsúlachtaí maidir an gcaoi a ndearnadh sin sa líon beag Ballstát ina bhfuil tús curtha leis i ndáiríre. San fhaisnéis a chuir na páirtithe leasmhara ar fáil, ba léir go raibh ceithre chatagóir rannpháirtíochta ann: (1) go reachtúil; (2) trí mheithleacha speisialta den phlean náisiúnta; (3) trí chruinnithe le páirtithe leasmhara; (4) gan aon rannpháirtíocht ar leith a bheith beartaithe. I gcomparáid leis na conclúidí a baineadh amach in 2021 maidir le heaspa rannpháirtíochta na sochaí sibhialta eagraithe i gcéim dréachtaithe an phlean, léirigh an measúnú seo go bhfuil cuma níos dearfaí anois ar a rannpháirtíocht i gcéim an chur chun feidhme, cé nach bhfuil an rannpháirtíocht sin sásúil go fóill i ngach Ballstát. Go deimhin, cuireadh in iúl go bhfuil tionscnaimh atá ceaptha go sonrach chun ról a thabhairt don tsochaí shibhialta eagraithe i gcur chun feidhme an phlean náisiúnta á gcur chun cinn i roinnt tíortha. Ina theannta sin, maidir leis an difríocht idir rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, ar thaobh amháin, agus rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta, ar an taobh eile, dealraíonn sé, i gcoitinne, sna Ballstáit nach mbíonn ceachtar den dá ghrúpa rannpháirteach nó go mbíonn an dá ghrúpa rannpháirteach, gan idirdhealú eatarthu. Mar sin féin, thug na páirtithe leasmhara i dtrí cinn (an Ostair, an Ghréig agus an Phortaingéil) de na fiche mBallstát a ndeachthas i gcomhairle leo le fios go ndéantar idirdhealú suntasach idir rannpháirtíocht an dá ghrúpa sin. Sna tíortha sin, bíonn na comhpháirtithe sóisialta níos rannpháirtí ná na heagraíochtaí sochaí sibhialta. |
|
3.4.2. |
I ndáil leis sin, tugadh le fios i suirbhé de chuid BusinessEurope (17) a rinneadh go luath in 2022 go mbíonn ról níos mó ag na comhpháirtithe sóisialta sna pleananna téarnaimh anois thairis mar a bhíodh, agus go bhfuil sin le tuiscint ón ráta míshástachta íseal 30 % maidir lena ról go dtí seo i gcur chun feidhme an phlean, i gcomparáid le ráta 71 % anuraidh maidir lena ról i ndearadh an phlean. Lena chois sin, cuireadh i bhfáth sa tuarascáil ó Eurofound i mí an Mhárta 2022 (18), tar éis na pleananna a bheith glactha, gur leag na comhpháirtithe sóisialta béim ar a thábhachtaí atá na tuarascálacha tíre a eisíonn an Coimisiún Eorpach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (19), ina leagtar amach an plé ar chur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí náisiúnta, agus a thugann deis do na comhpháirtithe sóisialta leas a bhaint as bonn láidir le smaointe a mhalartú agus ionchur a bheith acu sna pleananna téarnaimh. |
4. Conclúidí
|
4.1. |
Bhí toradh dearfach, go ginearálta, ar an measúnú a rinneadh ar inneachar deiridh na bpleananna. I gcásanna áirithe, cuireadh barúlacha na sochaí sibhialta eagraithe san áireamh sna leaganacha deiridh de na pleananna. Ar an iomlán, tacaíonn an tsochaí shibhialta eagraithe le cuspóirí glasa, digiteacha agus sóisialta na bpleananna. Maidir leis an méid a chuireann siad leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, cuireadh tuairimí dearfacha in iúl cé gurbh é toradh an mheasúnaithe nach mbeidh ach tionchar teoranta ag na pleananna ina leith sin ach amháin i gcás cúpla cás. Ar an drochuair, cuireadh in iúl go mion minic nach mórán forbartha a rinneadh ar ghné shóisialta an phlean ainneoin a thábhachtaí atá sin do ghné na hathléimneachta. Cuireadh in iúl go mbeidh gá le tuilleadh infheistíochta don dá aistriú, glas agus digiteach, go háirithe i bhfianaise na géarchéime atá ann faoi láthair. Ainneoin na bhfeabhsuithe a aithnítear a bheith ann i roinnt Ballstát, is deacair fós a mheas go críochnúil an bhfuil feabhas tagtha ar an rannpháirtíocht i gcéim an chur chun feidhme, go háirithe toisc go bhfuil moill shuntasach ar chur chun feidhme a lán de na pleananna i roinnt mhaith Ballstát. Mar sin féin, chuir na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí sochaí sibhialta i bhfios go láidir go bhfuil feabhas tagtha ar an idirphlé sóisialta institiúideach sa chéim sin. Go deimhin, sa Spáinn, mar shampla, aithníonn na comhpháirtithe sóisialta gur rannchuidigh creat na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus na bpleananna náisiúnta téarnaimh le comhaontuithe tábhachtacha a thabhairt i gcrích maidir le hathchóirithe saothair agus pinsin trí idirphlé sóisialta tríthaobhach. |
|
4.2. |
Ainneoin na moille ar chur chun feidhme a lán de na pleananna, sainaithníodh dea-chleachtais i roinnt Ballstát maidir le cur chun feidhme agus faireachán na bpleananna. San Ostair, sa Fhrainc, i Lucsamburg, sa Spáinn agus sa tSualainn, mar shampla, is uirlis thábhachtach é an dlúthchomhar éifeachtach idir na comhpháirtithe sóisialta, na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus an rialtas, maille leis an trédhearcacht agus an t-idirphlé leanúnach, le go mbeidh siad rannpháirteach sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Thairis sin, sa tSeicia, san Eastóin, san Fhionlainn, san Iodáil agus sa Spáinn, cuireadh suíomh gréasáin nó tairseach rialtais ar bun ar a bhfuil faisnéis thrédhearcach shothuigthe faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. San Iodáil, arb é an Ballstát is mó a thairbhíonn de chistí na Saoráide é, bunaíodh buanchruinniú comhchéime comhpháirtíochta (Tavolo permanente del partenariato) i mí na Samhna 2021 ar leibhéal an rialtais le meithleacha ar leith a dhéanann géarfhaireachán ar dhul chun cinn agus ar cháilíocht chur chun feidhme an phlean ó thaobh ionchais na saoránach de. Is é Príomh-Aire na hIodáile a dhéanann cathaoirleacht ar an gcomhlacht sin agus is é Uachtarán na Comhairle Náisiúnta maidir le Gnóthaí Eacnamaíocha agus Saothair (CNEL) a dhéanann é a chomhordú. Ina theannta sin, síníodh comhaontú struchtúrtha sonrach le Comhlachas Náisiúnta Bhardais na hIodáile (ANCI) chun idirphlé agus cúnamh struchtúrtha a fhorbairt sna céimeanna cur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil maidir le hábhair imní ar leith atá acu. Ar an gcaoi chéanna, tá rannpháirtíocht na mbardas agus gníomhaithe áitiúla eile á cur chun cinn san Iodáil maidir le hacmhainní riaracháin. Sa Chróit, tá baint ag an tsochaí shibhialta eagraithe leis na meithleacha atá ag ullmhú tairiscintí do chur chun feidhme an phlean, agus freisin le comhaontuithe a tugadh i gcrích leis an Aireacht Turasóireachta maidir le bearta faoin bplean d’earnáil na turasóireachta. Ar deireadh, sa Phortaingéil, tá baint ag an tsochaí shibhialta eagraithe le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean, go háirithe trí anailís a dhéanamh ar thorthaí an phlean agus na dtuarascálacha measúnaithe tionchair. Maidir leis sin, cruthaíodh comhlacht faireacháin, an Coiste Faireacháin Náisiúnta (CNA), agus cuimsíonn sé, i measc daoine eile, ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta, na n-ollscoileanna agus na hearnála sóisialta. Spreagtar malartuithe dea-chleachtas den chineál sin agus is dea-shampla iad do na Ballstáit eile. |
|
4.3. |
I roinnt mhaith Ballstát, tá sé á éileamh go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí sochaí sibhialta níos rannpháirtí i gcéim cur chun feidhme an phlean. Tá an tsochaí shibhialta eagraithe ag iarraidh níos mó trédhearcachta a bheith ann maidir leis na pleananna a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu agus go gcuirfí faisnéis ar fáil go poiblí agus go spreagfaí tuilleadh idirphlé leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile faoi na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Mura dtarlóidh sin, tá an baol ann nach dtabharfar aghaidh mar is ceart ar na príomhdhúshláin. Ar deireadh, i bhformhór na mBallstát, neosfaidh an aimsir an bhfeabhsófar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe go mór le linn chéimeanna cur chun feidhme agus faireacháin na bpleananna, céimeanna atá fós rómhall nó a bhfuil moill orthu. |
|
4.4. |
Tá an Coiste ag iarraidh ar rialtais náisiúnta na mBallstát sin nach leor fós rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta (20) iontu an cás sin a chur ina cheart mar ábhar práinne agus na rialacha a leagtar síos sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chomhlíonadh. Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Pharlaimint na hEorpa comhlíonadh na rialacha atá i bhfeidhm a fhorfheidhmiú. |
|
4.5. |
Ainneoin an méid thuas, creideann CESE nach ndéanfar an cás sin – gan an tsochaí shibhialta eagraithe a bheith rannpháirteach a dóthain go héifeachtach agus ar ardcháilíocht i gcóras rialachais eacnamaíoch an Aontais – a réiteach ar bhealach sásúil go dtí go ndéanfar athchóiriú ar an Seimeastar Eorpach agus go ráthófar an méid sin le treoir nó rialachán. Tá an Coiste ag tarraingt aird air go mbíonn rannpháirtíocht chuí ann nuair a tharlaíonn sé, le linn próisis fhoirmiúla chomhairliúcháin atá bunaithe ar rialacha dlí agus ar nósanna imeachta poiblí agus trédhearcacha, go gcuirtear na heagraíochtaí sochaí sibhialta ar an eolas go cuí i scríbhinn, go dtugtar a ndóthain ama dóibh chun anailís a dhéanamh ar thograí an rialtais agus a gcuid tograí féin a dhréachtú, agus, i gcás ina nglactar leis na tograí sin nó ina ndiúltaítear dóibh, go ndéantar an cinneadh sin a chosaint i miontuairiscí poiblí nó i ndoiciméid phoiblí. |
|
4.6. |
Ní fhágann an cogadh san Úcráin agus an baol atá ann don gheilleagar Eorpach agus domhanda go bhfuil amhras á chaitheamh ar chuspóirí na bpleananna ach, ina ionad sin, gur cheart don chás sin, dar leis an gCoiste, ugach a thabhairt do na hinstitiúidí Eorpacha agus na rialtais náisiúnta dlús a chur le cur chun feidhme agus forfheidhmiú na bpleananna, mar aon leis na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe gaolmhara, agus an Comhaontú Glas don Eoraip a bhrú chun cinn, d’fhonn an fás a chothú agus dlús a chur le dícharbónú an chórais fuinnimh agus le huathriail straitéiseach ghlas an Aontais Eorpaigh. Ag an am céanna, ní mór don Aontas gach beart is gá a dhéanamh chun cabhrú le rialtas agus le pobal na hÚcráine cúram cuí a chur ar fáil do na milliúin daoine a raibh orthu tearmann a lorg i mBallstáit an Aontais agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit sin is mó atá i gceist in earnálacha éagsúla dá ngeilleagair. |
|
4.7. |
Fiú sular bhris an cogadh amach, ba léir nár leor méid iomlán na gcistí náisiúnta agus chistí na hionstraime téarnaimh chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach agus an t-aistriú fuinnimh cóir agus cuimsitheach a theastaíonn a chur i gcrích, go háirithe an cuspóir maidir le foinsí táirgthe fuinnimh glana agus inathnuaite a chur in ionad breoslaí iontaise i gcomhréir le moltaí an Phaninéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC). Ina theannta sin, tá gá práinneach geopholaitiúil ann anois deireadh a chur le spleáchas fuinnimh an Aontais ar an Rúis. Lena chois sin, tiocfaidh méadú mór ar infheistíochtaí slándála agus cosanta, rud a chuirfidh brú mór ar na buiséid phoiblí. |
|
4.8. |
Tá an méid seo a leanas á mholadh ag CESE, dá bhrí sin:
|
|
4.9. |
Meabhraíonn conclúidí 2022 IPCC na Náisiún Aontaithe go bhfuil laigí sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Tá CESE ag iarraidh ar na húdaráis Eorpacha na conclúidí sin a chur san áireamh agus tionscnaimh maidir leis an mbeartas fuinnimh, an beartas tionsclaíochta agus an beartas eacnamaíoch á nglacadh acu. |
|
4.10. |
Tá a fhios ag CESE go bhfuil deacrachtaí móra ag baint, sna cúinsí reatha, le beartas eacnamaíoch a chur chun feidhme a bhfuil sé d’aidhm aige an boilsciú a laghdú, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, fás an gheilleagair, an fhostaíocht agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a áirithiú sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Ní mór do na húdaráis Eorpacha, na rialtais náisiúnta agus BCE gníomhú i ndlúthchomhar agus na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar tarraingt siar na mbeartas fáis airgeadaíochta agus cánach a chur i gcrích ar dhóigh nach gcruthóidh cúlú eacnamaíochta nua. Creideann CESE gur cheart tabhairt faoin athchóiriú ar rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis trí spriocanna réalaíocha maidir le heasnamh agus le fiachas a leagan síos. Ba cheart freisin riail óir an bhuiséid a chur san áireamh, maille le bealaí solúbtha a bhunú, de réir an cháis i ngach tír ar leith, chun na spriocanna a bhaint amach maidir le leibhéil an fhiachais phoiblí a laghdú. |
|
4.11. |
Is den riachtanas é iarrachtaí a dhéanamh i réimsí an oideachais agus na foghlama ar feadh an tsaoil maidir le hoibrithe agus an pobal i gcoitinne le go bhféadfar aistriú glas agus aistriú digiteach atá cóir agus cuimsitheach a bhaint amach. Ba cheart díriú mar thosaíocht ar an oiliúint agus an ghairmthreoir do na hoibrithe sin a gcuireann na próisis athstruchtúraithe isteach orthu, agus freisin ar na riachtanais a thiocfaidh chun cinn de thoradh na gcineálacha éagsúla athruithe teicneolaíochta sa chóras táirgiúil a thuar. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar an digitiú i gcás daoine a mbíonn níos mó deacrachtaí acu rochtain a fháil ar sheirbhísí digitithe mar gheall ar a n-aois nó ar chúinsí eile. Ní mór rochtain ar oiliúint agus ar sheirbhísí tacaíochta speisialta a ráthú don chuid sin den phobal chun cabhrú leo rochtain a fháil ar gach cineál sochair agus seirbhíse atá ann. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Rún ó CESE Rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta – Cad a oibríonn agus cad nach n-oibríonn? (IO C 155, 30.4.2021, lch. 1) (níl leagan Gaeilge ann).
(2) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(3) An cogadh san Úcráin agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige (IO C 290, 29.7.2022, lch. 1).
(4) N.B.: Roimh an 1 Aibreán 2022, bhí 23 phlean formhuinithe ag an gCoimisiún (lena n-áirítear plean na Sualainne ag deireadh mhí an Mhárta 2022 ach a bhfuil ar an gComhairle a fhormheas go fóill). Go luath i mí Aibreáin, d’fhormhuinigh an Coimisiún plean na Bulgáire freisin agus tá ar an gComhairle an plean sin a fhormheas freisin (i.e. 24 phlean a d’fhormhuinigh an Coimisiún go dtí seo agus 22 phlean a d’fhormheas an Chomhairle go dtí seo).
(5) An Grúpa Idirchaidrimh le hEagraíochtaí agus Líonraí Eorpacha na Sochaí Sibhialta.
(6) Tá anailís ar na tuarascálacha ó na Ballstáit éagsúla tugtha san iarscríbhinn a ghabhann leis an rún seo. Is féidir an t-ábhar sin go léir a fheiceáil ar shuíomh gréasáin an Choiste.
(7) SWD(2021) 211 final.
(8) SWD(2021) 163 final/2.
(9) SWD(2021) 196 final.
(10) SWD(2021) 160 final.
(11) SWD(2021) 146 final.
(12) SWD(2021) 161 final.
(13) Scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
(14) Comparing and assessing recovery and resilience plans – Second edition, An Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS).
(15) Recovery and Resilience Plans: stakeholders’views.
(16) Recovery and Resilience Dialogue with the European Commission, 7 Márta 2022.
(17) BusinessEurope Reform Barometer 2022.
(18) Involvement of social partners in the national recovery and resilience plans.
(19) Tuarascáil maidir leis an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch: an fhostaíocht agus gnéithe sóisialta i suirbhé bliantúil fáis inbhuanaithe 2022.
(20) Mar aon le geallsealbhóirí ábhartha eile, mar shampla eagraíochtaí don óige, rud a thug CESE le fios sa tuairim uaidh Obair chuibhiúil do dhaoine óga agus cuimsiú NEETanna sna Pleananna Téarnaimh Náisiúnta (IO C 152, 6.4.2022, lch. 27).
TUAIRIMÍ
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
569ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Interactio, 18.5.2022-19.5.2022
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/8 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Rialacha státchabhrach maidir leis na seirbhísí sláinte agus sóisialta – seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEI) tar éis paindéime. Smaointe agus tograí maidir leis an meastóireacht ón gCoimisiún chun pacáiste reachtach 2012 a leasú
(tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 323/02)
|
Rapóirtéir: |
Giuseppe GUERINI |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
20.1.2022 |
|
Bunús dlí |
Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
Tuairim féintionscnaimh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
5.5.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
19.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
221/0/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) den tuairim go bhfuil roinnt seirbhísí sláinte agus sóisialta amhail an cúram pearsanta (an cúram baile san áireamh), an chabhair a thugtar do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste agus daoine faoi mhíchumas le go bhféadfaidh siad iad féin a lánpháirtiú arís sa mhargadh saothair, seirbhísí cúraim leanaí agus seirbhísí tithíochta sóisialta ríthábhachtach chun an comhtháthú sóisialta a áirithiú sa tréimhse iar-phaindéime seo ina bhfuil géarchéim dhaonnúil agus teannas idirnáisiúnta. Tá an-tábhacht, dá bhrí sin, leis na rialacha Eorpacha maidir le státchabhair do na seirbhísí sin. |
|
1.2. |
Tacaíonn CESE go láidir leis an gcinneadh a rinne an Coimisiún, sa mheasúnú uaidh ar rialáil na hearnála (1), seirbhísí sláinte agus sóisialta a chur san áireamh mar “fochatagóir” ag a bhfuil saintréithe neamhspleácha laistigh de chomhthéacs níos leithne seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEInna). |
|
1.3. |
Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go bhfuil tábhacht le pacáiste Almunia (2012) maidir leis an státchabhair is infheidhme maidir le SGEInna toisc go ndearnadh an creat rialála a bhí ann roimhe sin, agus a formheasadh in 2005, a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú. Dá bhrí sin, ba cheart an cur chuige rialála atá sa phacáiste sin a choinneáil don todhchaí freisin, agus gnéithe áirithe a thabhairt cothrom le dáta dá mba rud é go gcinnfeadh an Coimisiún an creat reatha a leasú tar éis an mheasúnaithe atá ar siúl faoi láthair. |
|
1.4. |
Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gur minic, laistigh de na Ballstáit aonair, gur ar leibhéal an réigiúin, an chúige, an bhardais nó, fiú, i ngrúpa bardas i gcathracha níos forbartha, a eagraítear seirbhísí sláinte agus na seirbhísí cúraim shóisialta ar fad beagnach. Ciallaíonn sé sin gur go hannamh a bhíonn ar úsáideoirí na seirbhísí sin taisteal idir réigiúin agus cúigí i dtír, rud a fhágann nach bhfuil aon tábhacht le ceist na soghluaisteachta trasteorann sna cásanna sin. In éagmais tábhacht trasteorann, ní bheadh Airteagal 107 CFAE maidir le státchabhair infheidhme maidir leis na seirbhísí sláinte agus sóisialta. |
|
1.5. |
Cuireann CESE in iúl go mbíonn sé ag dul rite leis na rialtais náisiúnta saintaithí a fhorbairt maidir leis na gníomhartha iontaoibhe a tharraingt suas, ar gníomhartha iad atá ina réamhriachtanas chun Cinneadh 2012/21/AE ón gCoimisiún (2) (Cinneadh Díolúine maidir le cúiteamh as seirbhís phoiblí), agus Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún (3) maidir le cúnamh de minimis do SGEInna, a chur i bhfeidhm. Bheadh sé an-úsáideach, dá bhrí sin, dá bhféadfadh an Coimisiún tairseach a bhunú ina bhféadfaí teacht ar shamplaí de ghníomhartha iontaoibhe dlisteanacha maidir leis na cineálacha éagsúla seirbhísí sláinte agus sóisialta. |
|
1.6. |
Molann CESE do na Ballstáit a bhfuil na traidisiúin dlí chéanna acu dea-chleachtais a mhalartú maidir leis na rialacha státchabhrach a chur i bhfeidhm in earnáil na seirbhísí sláinte agus sóisialta, d’fhonn leas níos éifeachtaí a bhaint as an lánrogha atá ag na rialtais náisiúnta, de bhun Phrótacal 26 CFAE, maidir le SGEInna a bhunú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil. |
|
1.7. |
Tugann CESE dá aire, i gcás na rialach a leagtar síos i gCinneadh 2012/21/AE, is é sin nach féidir leis an gcúiteamh as seirbhís phoiblí dul thar an méid is gá chun na costais a chumhdach ach amháin ar mhaithe le “brabús réasúnach”, go bhfuil gá le tuilleadh soiléireachta: i) maidir leis an gcaoi a ndéantar an brabús réasúnach seo a chinneadh maidir leis an gcaipiteal a úsáidtear chun an tseirbhís a sholáthar, agus an riosca oibriúcháin á chur san áireamh; ii) maidir leis an gcaoi a ndéantar na costais sheasta agus struchtúracha a chinneadh, ar cuid de na costais a bhaineann le bainistiú SGEInna iad; agus iii) maidir leis an méid a d’fhéadfaí leas a bhaint as sainiúlacht na seirbhísí agus na samhlacha eagrúcháin is dual d’eintitis an gheilleagair shóisialta, agus SGEInna á mbainistiú agus á soláthar acu. |
|
1.8. |
Tá CESE den tuairim gur cheart do na seirbhísí sláinte agus sóisialta a bheith in ann tairbhiú d’uasteorainn de minimis thar thrí bliana fioscacha, rud atá níos airde ná an uasteorainn a cheadaítear go ginearálta do SGEInna faoi Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 (EUR 500 000), mar a tugadh le fios freisin sa chomhairliúchán poiblí a d’eagraigh an Coimisiún. I ngeall ar an ról atá ag na seirbhísí sláinte agus sóisialta ó thaobh an chomhtháthaithe shóisialta de, tá cúis mhaith le huasteorainn níos airde ná an ceann atá ann faoi láthair. |
2. Réamhrá agus cúlra
|
2.1. |
Tá an státchabhair a thugtar do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEInna) agus, a mhéid is ábhartha chun críocha na tuairime seo, d’eagraíochtaí atá gníomhach sa réimse is teoranta de na seirbhísí sláinte agus sóisialta, á rialú le pacáiste reachtach Almunia ó bhí 2012 ann. Ghlac an pacáiste sin ionad an chreata dhlíthiúil a bhí ann roimhe sin ó 2005 (“pacáiste Monti-Kroes”) agus thug an creat sin cothrom le dáta. |
|
2.2. |
Tá na gníomhartha reachtacha seo a leanas i bpacáiste Almunia:
|
|
2.3. |
Dá bhrí sin, tá an creat reachtach maidir leis an earnáil sin i bhfeidhm le beagnach deich mbliana anois agus, de réir mar atá tugtha le fios ag an gCoimisiún, bhain na Ballstáit an-úsáid as ó tháinig sé i bhfeidhm, ainneoin go bhfuil fadhbanna ann a bhaineann lena chur i bhfeidhm, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis mhaith ag an reachtóir Eorpach le bearta breise a dhéanamh, go háirithe agus méid mór ama imithe thart ó formheaseadh é. |
|
2.4. |
I ndáil leis sin, sheol an Coimisiún comhairliúchán leathan i measc na ngeallsealbhóirí chun a fhíorú an bhfuil an creat reatha éifeachtach agus éifeachtúil, cén breisluach a thugann sé agus an gcomhlíonann sé na cuspóirí a bhí leis ó thús, go háirithe i réimse na seirbhísí sláinte agus sóisialta. |
|
2.5. |
Bhí an comhairliúchán sin ar siúl idir an 31 Iúil 2019 agus an 14 Nollaig 2019, agus baineadh leas as ceistneoir a dhréachtaigh an Coimisiún. Fuarthas 51 fhreagra ó ghnólachtaí, ó chónaidhmeanna, ó cheardchumainn, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, ó dhaoine aonair agus ó na húdaráis phoiblí. |
|
2.6. |
Leis an tuairim féintionscnaimh seo, is mian le CESE, ina cháil mar chomhlacht a dhéanann ionadaíocht thar ceann gheilleagar agus shochaí shibhialta na hEorpa, aird an Choimisiúin a tharraingt ar shaincheisteanna áirithe a bhaineann leis na rialacha státchabhrach maidir le seirbhísí sláinte agus sóisialta a chur i bhfeidhm, d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh amach anseo, b”fhéidir, ar na rialacha maidir leis an státchabhair atá dírithe ar na hearnálacha sin. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Aithníonn CESE nach bhfuil sé éasca ag an reachtóir Eorpach an státchabhair a rialáil i réimse na seirbhísí sláinte agus sóisialta, ós rud é gur gá cothromaíocht chasta a bhaint amach idir tacaíocht an phobail do ghníomhaíochtaí a chuireann le cuspóirí leasa ghinearálta agus cosaint na saoriomaíochta gan bhac sa mhargadh inmheánach. Tríd an státchabhair a rialáil ar an leibhéal Eorpach, ba cheart go bhféadfaí freisin an infheistíocht phoiblí is gá a dhéanamh chun bonneagar seirbhísí sóisialta agus sláinte a fhorbairt, rud a chabhródh le cuspóirí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach. |
|
3.2. |
Tacaíonn CESE go láidir leis an gcinneadh a rinne an Coimisiún seirbhísí sláinte agus sóisialta a chur san áireamh mar fhochatagóir ag a bhfuil saintréithe neamhspleácha laistigh de chomhthéacs níos leithne na SGEInna, i bhfianaise shaintréithe sonracha na seirbhísí sin agus na gcuspóirí sonracha atá leo. Sa doiciméad ón gCoimisiún ina ndearna sé measúnú ar na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, tugadh le fios, ó thaobh na státchabhrach de, gur foghrúpa de na seirbhísí lena ngabhann leas (eacnamaíoch) ginearálta iad na seirbhísí sláinte agus sóisialta (6). |
|
3.3. |
Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go bhfuil tábhacht le pacáiste Almunia (2012) maidir leis na rialacha státchabhrach is infheidhme maidir le hearnáil na SGEInna toisc go ndearnadh an creat rialála a bhí ann roimhe sin, agus a formheasadh in 2005, a thabhairt cothrom le dáta, rud a laghdaigh an t-ualach riaracháin agus rialála ar na húdaráis náisiúnta a raibh sé beartaithe acu SGEInna a mhaoiniú. Ba cheart, dá bhrí sin, an cur chuige rialála atá sa phacáiste sin a choinneáil don todhchaí freisin, agus gnéithe áirithe a thabhairt cothrom le dáta agus a shoiléiriú de réir mar is gá. |
|
3.4. |
Tá CESE den tuairim go bhfuil roinnt seirbhísí sláinte agus sóisialta amhail an cúram pearsanta (an cúram baile san áireamh), an chabhair a thugtar do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste agus daoine faoi mhíchumas le go bhféadfaidh siad iad féin a lánpháirtiú arís sa mhargadh saothair, seirbhísí cúraim leanaí agus seirbhísí tithíochta sóisialta ríthábhachtach chun an comhtháthú sóisialta a áirithiú sa mhargadh inmheánach, agus gur “comhluachanna” iad ag na Ballstáit, de réir mar a leagtar síos i bPrótacal 26 CFAE. Tá na seirbhísí sin níos straitéisí agus níos tábhachtaí fós sa tréimhse iar-phaindéime atá ann faoi láthair, tréimhse ina bhfuil teannas idirnáisiúnta agus méadú ar an bpobalachas sna Ballstáit freisin. |
|
3.5. |
Tá sé á chur in iúl ag CESE go ndéantar, i gcásanna áirithe, seirbhísí sláinte agus sóisialta a sholáthar ar an leibhéal náisiúnta trí ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha nach bhfuil cumhdaithe faoi na rialacha Eorpacha maidir le státchabhair. Ag an am céanna, sna cásanna sin ina gcuirtear na seirbhísí sin ar fáil trí ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, is beag an tábhacht trasteorann a bhíonn leo: tábhacht áitiúil amháin a bhíonn leo agus bíonn tábhacht leo freisin maidir leis an gcomhtháthú sóisialta a áirithiú go náisiúnta. |
|
3.6. |
Tugann CESE dá aire gur minic a sholáthraítear seirbhísí sláinte agus sóisialta trí ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha, rud a d’fhágfadh nach gcuirfí na rialacha maidir le státchabhair i bhfeidhm (Airteagal 107 CFAE). Ina theannta sin, fiú nuair a sholáthraítear seirbhísí sláinte agus sóisialta i gcomhthéacs tráchtála, is tábhacht áitiúil amháin a bhíonn leo gan aon fhíorthábhacht trasteorann ar thaobh an éilimh. Bíonn an tábhacht áitiúil níos follasaí fós nuair a bhíonn seirbhísí sláinte agus sóisialta á mbainistiú ag eintitis an gheilleagair shóisialta agus páirt ag an bpobal áitiúil iontu ar mhaithe leis an gcomhtháthú sóisialta agus leas an phobail. |
|
3.7. |
Mar sin féin, de réir chleachtas an Choimisiúin agus de réir an chásdlí Eorpaigh, ní féidir tábhacht trasteorann na seirbhísí sláinte agus sóisialta a chur as an áireamh i bprionsabal toisc go bhféadfaí an infheistíocht trasteorann a shaobhadh. Cé go dtuigeann CESE na cúiseanna atá leis an gcur chuige sin lena ndéantar an tsaorghluaiseacht dá bhforáiltear sna Conarthaí a chosaint go hiomlán, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte iomchuí a chur ar fáil maidir le tábhacht trasteorann na seirbhísí sláinte agus sóisialta. Ba cheart, mar chuid den díospóireacht níos leithne ar choincheap na tábhachta trasteorann, ar gné í de choincheap na státchabhrach de réir bhrí Airteagal 107 CFAE, cur chuige sonrach solúbtha a leagan síos maidir leis na seirbhísí sin. |
|
3.8. |
Tugann CESE dá aire, fiú nuair a bhíonn tábhacht trasteorann le seirbhísí sláinte agus sóisialta, mar atá i gcás 37 limistéar uirbeacha trasteorann san Aontas dá dtagraítear sa Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann (7), gur ag brath ar an ngaireacht fhisiciúil idir críocha teorann agus i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta críochaí a tharlaíonn sin agus nach bhfágfadh breis státcabhrach, dá bhrí sin, go n-imreofaí tionchar mór ar an iomaíocht trasteorann idir gnólachtaí. |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Tá CESE á chur in iúl go bhfuil, ainneoin ghnéithe dearfacha na soiléireachta agus an tsimplithe a tháinig as pacáiste Almunia in 2012, na coincheapa dlíthiúla atá le cur i bhfeidhm i ndáil le SGEInna fós casta go hoibiachtúil, go háirithe i bhfianaise an ghaoil láidir idir na measúnuithe dlíthiúla agus na measúnuithe eacnamaíocha is gnách a dhéanamh in earnáil na SGEInna. |
|
4.2. |
Ar an gcúis sin, tá CESE á iarraidh ar an gCoimisiún treoirleabhar a fhoilsiú chun nuashonrú a dhéanamh ar an treoirleabhar Guide to the application of the European Union rules on state aid, public procurement and the internal market to services of general economic interest, and in particular to social services of general interest (8), treoirleabhar a chabhraigh go mór le hoibreoirí san earnáil le blianta beaga anuas. |
|
4.3. |
Tá CESE den tuairim go bhfuil an t-eolas atá ag na húdaráis náisiúnta maidir leis na rialacha sonracha atá dírithe ar SGEInna, i gcás an tsoláthair phoiblí agus na státchabhrach, easnamhach i gcomparáid leis an eolas atá acu ar na gnáthrialacha maidir leis an soláthar poiblí agus an státchabhair. D’fhéadfadh infheistíocht iomchuí chun oiliúint a chur ar fhoirne na n-údarás poiblí, agus leas á bhaint as acmhainní Eorpacha freisin, a bheith úsáideach, dá bhrí sin, d’fhonn cur le cáilíocht na seirbhísí sin agus le comhlíonadh dhlí an Aontais Eorpaigh. |
|
4.4. |
Cuireann CESE in iúl go mbíonn sé ag dul rite leis na rialtais náisiúnta, sna réimsí teicniúla agus oibriúcháin, saintaithí ardleibhéil a fhorbairt maidir leis na gníomhartha iontaoibhe a tharraingt suas, ar gníomhartha iad atá ina réamhriachtanas chun Cinneadh Díolúine 2012/21/AE maidir le cúiteamh as seirbhís phoiblí agus, cé gur i dtéarmaí níos simplí é, Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 maidir le státchabhair (an uasteorainn níos airde de minimis EUR 500 000 thar thréimhse trí bliana fioscacha), a chur i bhfeidhm. |
|
4.5. |
I ndáil leis sin, bheadh sé an-úsáideach, dá bhrí sin, dá bhféadfadh an Coimisiún tairseach a bhunú ina bhféadfaí teacht ar shamplaí de ghníomhartha iontaoibhe maidir leis na cineálacha éagsúla seirbhísí sláinte agus sóisialta a meastar gur gníomhartha dlisteanacha iad atá forbartha a ndóthain ag Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta sa Choimisiún. D’fhéadfadh sé a bheith an-úsáideach freisin, ina leith sin, dá ndéanfadh Ballstáit a bhfuil na traidisiúin dlí chéanna acu dea-chleachtais a mhalartú, d’fhonn leas níos éifeachtaí a bhaint as an lánrogha atá ag na rialtais náisiúnta, de bhun Phrótacal 26 CFAE, maidir le SGEInna a bhunú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil. |
|
4.6. |
Foráiltear leis an riail a leagtar síos i gCinneadh 2012/21/AE nach féidir leis an gcúiteamh atá dlite d’oibreoirí a bhfuil sé de chúram orthu seirbhís phoiblí a sholáthar dul thar an méid is gá chun na costais a chumhdach ach amháin ar mhaithe le “brabús réasúnach”. Bheadh gá forbairt bhreise a dhéanamh ar an gcoincheap sin le go mbeadh tuilleadh soiléireachta ann i dtaobh na bpointí a leanas: i) maidir leis an gcaoi a ndéantar an brabús réasúnach seo a chinneadh maidir leis an gcaipiteal a úsáidtear chun an tseirbhís a sholáthar, i bhfianaise an riosca oibriúcháin; ii) maidir leis an gcaoi a ndéantar na costais sheasta agus struchtúracha a chinneadh, ar cuid de na costais a bhaineann le bainistiú SGEInna iad; agus iii) maidir leis an méid a d’fhéadfaí leas a bhaint as sainiúlacht na seirbhísí agus na samhlacha eagrúcháin is dual d’eintitis an gheilleagair shóisialta, agus SGEInna á mbainistiú agus á soláthar acu. |
|
4.7. |
Cuireann CESE in iúl gur cheart, agus an coincheap “brabús réasúnach” á chinneadh, saintréithe an ghnóthais atá i gceist a chur san áireamh, go háirithe i gcás ina ndéanann an gnóthas sin a bhrabús a infheistiú ar ais arís ina ghnó féin, agus gur eintiteas nó fiontar de chuid an gheilleagair shóisialta atá ann. |
|
4.8. |
Tá CESE den tuairim gur cheart do na seirbhísí sláinte agus sóisialta a bheith in ann tairbhiú d’uasteorainn de minimis thar thrí bliana fioscacha, rud atá níos airde ná, agus difriúil leis, an uasteorainn a cheadaítear do SGEInna de réir Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 (EUR 500 000), mar a tugadh le fios go soiléir sa chomhairliúchán poiblí a d’eagraigh an Coimisiún. I bhfianaise an róil phoiblí agus leasa ghinearálta atá ag na seirbhísí sláinte agus sóisialta, agus thionchar teoranta na ngníomhaíochtaí sin ar an iomaíocht agus ar an trádáil idir na Ballstáit, tá cúis mhaith leis an uasteorainn níos airde. Tríd an tairseach de minimis do sheirbhísí sláinte agus sóisialta a ardú, bheadh raon feidhme níos leithne ag Rialachán (AE) Uimh. 360/2012, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé níos éasca an Rialachán sin agus na foirmeacha simplithe de a úsáid. |
|
4.9. |
I ngeall ar an ról atá ag na seirbhísí sláinte agus sóisialta ó thaobh an chomhtháthaithe shóisialta de, ba cheart dóibh a bheith in ann tairbhiú d’uasteorainn níos airde, rud ag a mbeadh trí bhuntáiste: i) a bheith in ann níos mó cabhrach a dheonú faoin gcreat simplithe agus níos tapa maidir le cabhair de minimis; ii) an boilsciú atá ag teacht ar ais ar an leibhéal maicreacnamaíoch a chur san áireamh, rud a thabharfadh le tuiscint go bhfuil gá le hathbhreithnithe níos rialta ar an uasteorainn thar thrí bliana fioscacha; iii) aitheantas a thabhairt don ról tacaíochta atá ag a lán d’eintitis an gheilleagair shóisialta. |
|
4.10. |
Aithníonn CESE an tábhacht agus an ról atá ag FBManna agus ag cuideachtaí príobháideacha a bhfuil baint acu le bainistiú SGEInna sóisialta agus sláinte ar bhonn conarthaí poiblí arna mbronnadh ag údaráis áitiúla. Ar tháscairí úsáideacha eile a d’fhéadfadh a bheith ann ina leith sin tá na sonraí agus an fhaisnéis a bhailíonn agus a scaipeann na húdaráis náisiúnta maidir le nósanna imeachta roghnúcháin le haghaidh soláthraithe seirbhíse, maidir leis an gcúiteamh a dheonaítear agus maidir le feidhmíocht. |
|
4.11. |
Ar deireadh, meabhraíonn CESE, mar a d’aithin an Coimisiún ina phlean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta (9), go bhféadfaí tacú go hindíreach le réimse na seirbhísí sláinte agus sóisialta trí rochtain níos fearr ar bhearta tacaíochta a éascaíonn an rochtain ar mhaoiniú agus ar chreidmheas a thabhairt d’eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta, atá an-ghníomhach sna hearnálacha sin, chomh maith le dreasachtaí sonracha a chruthú maidir le fostú daoine atá faoi mhíbhuntáiste nó daoine faoi mhíchumas de réir bhrí Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine i réimse na státchabhrach. I ndáil leis sin, b”fhiú go mór rialacha Eorpacha atá soiléir agus solúbtha a bheith ann lena gceadófaí dreasachtaí éagsúla a charnadh agus a mheascadh go ciallmhar i gcás gníomhaíochtaí ar den chineál céanna iad. |
An Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) ARES-2019-3858696.
(3) OJ L 114, 26.4.2012, p. 8.
(4) IO C 8, 11.1.2012, lch. 4.
(5) IO C 8, 11.1.2012, lch. 15.
(6) ARES-2019-3858696.
(8) SWD (2013) 53 final/2.
(9) COM(2021) 778 final.
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/13 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an ról atá ag Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta mar chaomhnóirí an leasa choitinn sa téarnamh iarphaindéimeach agus in atógáil sochaithe agus geilleagar san Aontas
(tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 323/03)
|
Rapóirtéir: |
Ioannis VARDAKASTANIS |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
28/4/2021 |
|
Bunús dlí |
Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
Tuairim féintionscnaimh |
|
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
3/5/2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18/5/2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
189/1/4 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is iad an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta a dhúnann an bhearna idir lucht ceaptha beartas agus gnáthshaol na ndaoine sin a ndéanann siad ionadaíocht dóibh. Dá bhrí sin, is bealach éifeachtach é an t-idirphlé leis na geallsealbhóirí sin do lucht ceaptha beartas tuiscint a fháil ar na riachtanais éagsúla atá ag daoine a bhaineann le grúpaí sóisialta éagsúla. De bhreis air sin, féachann an tsochaí shibhialta le gach duine a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa “daonlathas sibhialta” d’fhonn tionchar a imirt ar na saincheisteanna a dhéanann difear dóibh féin. |
|
1.2. |
San Aontas Eorpach, feictear an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta ag feidhmiú ar leibhéil éagsúla. Feidhmíonn eagraíochtaí áirithe ar leibhéal an Aontais, eagraíochtaí eile ar an leibhéal náisiúnta, agus eagraíochtaí eile arís ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil. Raon feidhme comhlántach atá ag an obair ar gach leibhéal. Maidir le hobair abhcóideachta, is minic gurb é is bunús le béim an Aontais i gcomparáid le béim na mBallstát ná an chaoi dá réir a roinntear na hinniúlachtaí beartais idir leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta. |
|
1.3. |
Is féidir leis an tsochaí shibhialta atá ag obair ar leibhéal an ghnáthphobail ról a bheith aici freisin san fhaireachán a dhéantar ar chur chun feidhme agus ar thionchar beartas agus tionscnamh nua. Mar sin féin, ní ar chinntí beartais amháin a imríonn an tsochaí shibhialta tionchar, ach is ann di freisin chun seirbhísí féin a sholáthar do na daoine a ndéanann siad ionadaíocht dóibh. |
|
1.4. |
Le linn phaindéim COVID-19 agus théarnamh mall na hEorpa ó dhuibheagán na géarchéime sin, bhí ar an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta dul in oiriúint don chomhthéacs nua. Cuireadh béim ní ba mhó ná riamh ar sheirbhísí riachtanacha a sholáthar, cearta an duine a chosaint agus beatha daoine a shábháil, agus aghaidh á tabhairt san am céanna ar na dúshláin a bhí roimh eagraíochtaí ó thaobh cistiú de agus ó thaobh tacaíocht a thabhairt dá bhfoireann féin. De bhreis air sin, leis an bpaindéim, tháinig roinnt tionscnaimh nua chistiúcháin ón Aontas, rud a d’fhág go raibh gá le habhchóideacht láidir lena áirithiú gur baineadh amach an dream ba mhó gá leis an infheistiú sin. |
|
1.5. |
Tá aistriú ar bun ag sochaí shibhialta na hEorpa i láthair na huaire, ó ghéarchéim COVID-19 chuig géarchéim eile ar fad. Tá an-chuid gníomhaithe sa tsochaí shibhialta ag díriú anois ar na hiarmhairtí a bhaineann le hionradh gan chúis na Rúise ar an Úcráin. Cuir i gcás, tá ar fhoghlaim go leor eagraíochtaí neamhrialtasacha faoi bhainistiú géarchéime aimsir na paindéime á chur chun tairbhe anois acu chun tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin, chun teacht ar chistí éigeandála agus chun cuidiú le daoine éalú ón ár atá ar bun ina dtírsean. Tá siad ag díriú freisin ar an dream siúd san Aontas is mó atá i mbaol na bochtaineachta, agus ardú as cuimse ag teacht ar phraghsanna agus boilsciú ag dul ó smacht. |
|
1.6. |
Tá rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa phróiseas ceaptha beartas fite fuaite i luachanna an Aontais, rud is léir ó Airteagal 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ina ndearbhaítear gur cheart cinntí a dhéanamh “ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir”. Níor cheart glacadh le cur faoi chois an idirphlé shóisialta ná cur faoi chois idirphlé na sochaí sibhialta ar chor ar bith san Aontas. Ba cheart urraim do na luachanna sin a bheith ina réamhriachtanas le go mbeadh Ballstáit incháilithe do chistiú an Aontais. |
|
1.7. |
Níor cheart glacadh ar bith a bheith leis an mBallstát a bhfuil spás na sochaí sibhialta ag dul i laghad ann. Córas ina bhfuil an tsochaí shibhialta á cur ina tost, go háirithe agus cur chuige an rialtais á cháineadh aici, is ionann sin agus córas a bhfuil an bonn á bhaint aige ón struchtúr ina bhfreastalaíonn an lucht ceaptha beartas ar leasanna na saoránach. Ina ionad sin, déantar córas de nach gcuimhníonn an lucht rialtais ann ach ar a leas féin agus air sin amháin. Bagairt ar an daonlathas san Aontas atá sa chur chuige sin agus ní thagann sé ar chor ar bith leis na luachanna Eorpacha a leagadh amach i gCritéir Chóbanhávan (1). |
|
1.8. |
Má táthar chun na luachanna Eorpacha a chosaint, ní leor na Ballstáit a bheith sásta caidreamh a bheith acu leis an tsochaí shibhialta, ní mór dóibh freisin a éascú don tsochaí shibhialta a bheith ann fiú amháin agus beartais an stáit á gcáineadh aici nó agus í ag cur i gcoinne an rialtais go polaitiúil. Ní mór saoirse agus neamhspleáchas a bheith ann d’eagraíochtaí uile na sochaí sibhialta san Aontas. Na Ballstáit siúd nach ndéanann idirphlé ach amháin le heagraíochtaí arna roghnú go speisialta atá i bhfách leis an rialtas, ar mhaithe leis an gcur i gcéill, tá siad chomh dona céanna ó thaobh cleachtas neamhdhaonlathach de leis na rialtais siúd nach ndéanann idirphlé ar bith leis an tsochaí shibhialta. |
|
1.9. |
Ba cheart do lucht ceaptha beartas rannpháirtíocht shuntasach na sochaí sibhialta a áirithiú, in ionad cuma na rannpháirtíochta a chur ar chúrsaí. Is éard is brí leis sin ná páirt a thabhairt don tsochaí shibhialta i ngach cuid den phróiseas cinnteoireachta. Is éard is brí leis ná go n-éistear le tuairimí na sochaí sibhialta agus reachtaíocht, tionscadail nó tionscnaimh nua á gceapadh, agus go dtéitear i gcomhairle léi go rialta agus iad ag teacht i gcruth, á nglacadh agus á gcur chun feidhme. Is rómhinic a iarrtar a tuairim ar an tsochaí shibhialta agus an píosa reachtaíochta nó an tionscadal lena mbaineann i mbéal a chríochnaithe. Fágann sé sin nach féidir le lucht ceaptha beartas aon mholtaí a chur san áireamh agus go mbunaítear an fasach nach bhfuiltear ag súil leis ón tsochaí shibhialta ach glacadh gan cheist lena gcuirtear faoina bráid. |
|
1.10. |
Ba cheart do lucht ceaptha beartas ar gach leibhéal a chuid próiseas comhairliúcháin a dhéanamh níos éasca le haimsiú agus le rochtain a fháil orthu. Molann CESE córas an Choimisiúin maidir le comhairliúchán poiblí sa mhéid is go bhfuil sé oscailte d’eagraíochtaí uile na sochaí sibhialta, agus do shaoránaigh aonair, agus sa mhéid is go bhfoilsítear go córasach na comhairliúcháin go léir ar an leathanach (2) céanna den suíomh gréasáin. Os a choinne sin, bíonn na comhairliúcháin ar leibhéal an Aontais sriantach uaireanta maidir leis an gcineal ionchuir a cheadaítear. |
|
1.11. |
D’fhéadfadh an tsochaí shibhialta cabhrú le lucht ceaptha beartas i gcúraimí ríthábhachtacha amhail an faireachán. Mar sin féin, má tá ról dáiríre le bheith ag an tsochaí shibhialta maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme beartas agus tionscnamh nua, ba cheart do na húdaráis Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla tacaíocht a thabhairt maidir le costais oibríochtúla na n-eagraíochtaí sin. Is tábhachtaí fós an méid sin i bhfianaise na n-údar éiginnteachta maidir le maoiniú agus cistiú tionscadail de dheasca COVID, agus na méaduithe ar chostais oibriúcháin. D’fhonn an caighdeán is fearr agus an tacaíocht is cuidithí is féidir a fháil ón tsochaí shibhialta, tá sé ríthábhachtach nach gcaithfear amhras ar neamhspleáchas na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta leis an maoiniú arna thairscint le haghaidh oibrithe agus fothú acmhainneachta. |
|
1.12. |
Tá roinnt beart ann a d’fhéadfadh an tAontas a dhéanamh chun glacadh le hionchur na sochaí sibhialta. D’fhéadfadh sé tús a chur leis trí stádas rannpháirtíochta a shainiú. D’fhéadfadh sé treoirlínte agus comhchaighdeáin a chomhaontú freisin, a bheadh le cur chun feidhme sna próisis ábhartha go léir, maidir leis an gceart chun dul i gcomhlachas agus maidir le hidirphlé sibhialta, agus d’fhéadfadh sé comhaontú idirinstitiúideach a ghlacadh maidir le hidirphlé sibhialta. Ba mhór ab fhiú é, ó thaobh feabhas a chur ar an gcomhpháirtíocht idir lucht ceaptha beartas agus an tsochaí shibhialta ar leibhéal an Aontais, ról na gcomhlachas agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a shainaithint agus a chur chun cinn i gcreat an Aontais Eorpaigh. |
|
1.13. |
Tá a gcuid dualgas féin ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta freisin, ar gá dóibh a chomhlíonadh ar mhaithe leis an dea-cheapadh beartas. Ar an gcéad dul síos, ba chóir d’eagraíochtaí a bheith freagrúil i gcónaí don saol mar atá sé do na daoine a ndéanann siad ionadaíocht dóibh, agus a chinntiú go mbíonn a gcuid abhcóideachta ag freagairt dá gcuid riachtanas. Tá tábhacht ar leith ag baint le rannpháirtíocht na hóige sa tsochaí shibhialta a chothú agus todhchaí na gluaiseachta a áirithiú. Tá sé ríthábhachtach freisin gur ionchur fiúntach a thugann an tsochaí shibhialta, agus gur soiléir na moltaí a dhéanann siad, má táthar chun cuidiú le beartais nua a mhúnlú ar an mbealach is fearr a rachadh chun tairbhe don phobal a ndéanann sin ionadaíocht dó. Ní hamháin gur cheart béim a leagan san ionchur ar a bhfuil á dhéanamh go dona ach ba cheart moltaí nithiúla a dhéanamh freisin maidir leis an gcaoi ar féidir feabhas a chur ar an scéal. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Sa doiciméad seo, is tagairt freisin do na compháirtithe sóisialta an téarma “sochaí shibhialta”, cé nach mór a thabhairt faoi deara go bhfuil modh oibre ar leith ag na comhpháirtithe sóisialta ó thaobh cearta a chosaint. Déanann eagraíochtaí na sochaí sibhialta obair abhcóideachta freisin thar ceann grúpaí nach bhfuil in ann tionchar a imirt ar bheartais trí mheán na vótála, cuir i gcás leanaí, daoine atá faoi mhíchumas ar séanadh a gceart vótála orthu, nó imircigh agus dídeanaithe, agus cothaíonn siad rannpháirtíocht na ndaoine sin sa daonlathas. Fágann sé sin go bhfuil an t-idirphlé idir an tsochaí shibhialta agus lucht ceaptha beartas ríthábhachtach má táthar chun riachtanais na sochaí a thuiscint agus freagairtí beartais éifeachtacha a cheapadh. |
|
2.2. |
Is féidir le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta arb eagraíochtaí neamhspleácha eolasacha iad ionchur tairbheach a chur leis an bpróiseas ceaptha beartas. Tá sé ar a gcumas freisin ról ríthábhachtach a imirt maidir le faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeartas agus na dtionscnamh atá ann cheana. Mar sin féin, is gá tacú leis an bhfothú acmhainneachta. |
|
2.3. |
Tá laghdú as cuimse ag teacht ar spás na sochaí sibhialta i gcodanna áirithe den Aontas, agus ní mór d’institiúidí an Aontais an scéal sin arb ábhar imní é a fhreagairt go láidir diongbháilte. Tá rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa phróiseas ceaptha beartas fite fuaite i luachanna an Aontais, rud is léir ó Airteagal 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ina ndearbhaítear gur cheart cinntí a dhéanamh “ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir”. Níor cheart glacadh lena cur faoi chois. |
|
2.4. |
Mar gheall ar na hinniúlachtaí beartais a bheith roinnte idir an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, déantar ionadaíocht don tsochaí shibhialta ar leibhéil éagsúla. Is ann d’eagraíochtaí sochaí sibhialta san Aontas a théann i ngleic go sonrach le réimsí beartais a ritheann an tAontas reachtaíocht lena n-aghaidh, agus is ann do chinn eile a fheidhmíonn ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. |
|
2.5. |
Is iondúil gur dhá cheann de na príomhchonstaicí a bhíonn roimh an tsochaí shibhialta ar na leibhéil uile ná an drogall a bhíonn ar an lucht ceaptha beartas idirphlé a dhéanamh agus a laghad rannpháirtíocht shuntasach a bhíonn ann ag aon chéim den phróiseas cinnteoireachta. Ba cheart rialacháin dlí a chur i bhfeidhm ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta araon chun deireadh a chur leis an meon sin. |
|
2.6. |
Tá ról ríthábhachtach á imirt ag an tsochaí shibhialta ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach i dtéarnamh an Aontais ón bpaindéim. Ceann de na réimsí ina bhfuil comhordú á dhéanamh idir an dá leibhéal ná an chaoi a ndéanann Ballstáit an Aontais airgead ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a infheistiú, rud a d’fhéadfadh athrú mór a chur ar an gcruth a bheidh ar shochaithe agus geilleagair an Aontais sna blianta fada atá amach romhainn. Mar sin féin, leis an bpróiseas sin, tugadh chun solais a laghad agus atá an-chuid Ballstát tiomanta do chomhairle shuntasach a lorg ón tsochaí shibhialta, agus go leor eagraíochtaí sochaí sibhialta fágtha ar leataobh nó, sa chás is fearr, cuma na rannpháirtíochta ar an mbaint atá acu le ceapadh na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Cuireadh an méid sin in iúl i rún ó CESE i mí Feabhra 2021 (3). De bhreis air sin, tugadh faoi deara a laghad a chuathas i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta cé gur ann don oibleagáid déanamh amhlaidh de réir Airteagal 18 den Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta . |
3. Mar is féidir próiseas ceaptha beartas níos cliste a bheith ina thoradh ar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta
|
3.1. |
Is ar mhaithe le freastal a dhéanamh ar leasanna na saoránach arb ann do lucht ceaptha beartas ar gach leibhéal, in áit a chontrárthachta. Ní féidir leis an daonlathas feidhmiú i gceart ach amháin má tá lucht ceaptha na ndlíthe agus lucht a gcur chun feidhme ar an eolas faoina bhfuil ag titim amach sa saol mar atá agus má thuigeann siad a bhfuil ag teastáil ón dream a ndéanann siad ionadaíocht dó. Is gá an tsochaí shibhialta a bheith ann agus rannpháirt ghníomhach shuntasach a bheith aici sa phróiseas cinnteoireachta ar gach leibhéal, má tá rialachas éifeachtach meabhrach le bheith ann. |
|
3.2. |
Tá sé de chúram ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta teachtaireachtaí a chur in iúl ó na daoine a ndéanann siad ionadaíocht dóibh, nó ábhair imní an phobail a chur chun cinn, agus teachtaireachtaí agus moltaí beartais soiléire comhleanúnacha a dhéanamh den mhéid sin. Dá bhrí sin, is bealach éifeachtach an t-idirphlé leis an tsochaí shibhialta do lucht ceaptha beartas tuiscint a fháil ar na riachtanais éagsúla atá ag daoine a bhaineann le grúpaí sóisialta éagsúla. Bealach atá ann an baol a laghdú a oiread agus is féidir go ndéanfar dearmad ar aon saincheist a d’fhéadfadh teacht chun cinn de thoradh beartais a chur chun feidhme agus is féidir go dtiocfaidh léargas nó saineolas as nach mbeadh ar fáil don lucht ceaptha beartas murach é. |
|
3.3. |
Cé go mbíonn lucht ceaptha beartas freagrach dá mbíonn ón lucht vótála, is ceann de na róil is tábhachtaí atá ag an tsochaí shibhialta ná ionadaíocht a dhéanamh do ghrúpaí nach bhfuil an ceart vótála acu. Is fíor sin go háirithe i gcás eagraíochtaí sochaí sibhialta a chosnaíonn cearta leanaí, cearta daoine atá faoi mhíchumas a séantar a gceart vótála dóibh, cearta daoine atá faoi chaomhnóireacht, agus cearta imirceach agus dídeanaithe nach bhfuil i dteideal vóta a chaitheamh sa tír ina bhfuil cónaí orthu. Is ann don tsochaí shibhialta chun an fód a sheasamh ar son leasanna a leithéidí sin de ghrúpaí nach féidir leo iad féin a chur in iúl trí mheán na vótála. Féachann siad freisin le gach duine a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa “daonlathas sibhialta” d’fhonn tionchar a imirt ar na saincheisteanna a dhéanann difear dóibh féin. Murach sochaí shibhialta láidir a bheith ann, ceann a bhfuil sé ar a chumas rannpháirtíocht daoine ó na grúpaí sin a chothú, bheadh baol ann go ndéanfadh lucht déanta na gcinntí tuilleadh dearmaid fós ar go leor acu. |
|
3.4. |
Is féidir leis na heagraíochtaí sochaí sibhialta a bhíonn ag obair ar leibhéal an ghnáthphobail, go háirithe eagraíochtaí náisiúnta nó áitiúla, ról a bheith acu freisin san fhaireachán a dhéantar ar chur chun feidhme agus ar thionchar beartas agus tionscnamh nua. Tá dianobair ag baint leis an bhfaireachán, áfach, agus is minic a bhíonn gá le heolas fíortheicniúil. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go dtacódh an tAontas agus na Ballstáit le heagraíochtaí na sochaí sibhialta trí chistiú agus trí thacaíocht theicniúil lena chur ar a gcumas fothú acmhainneachta a dhéanamh. De bhreis air sin, ba cheart don Choimisiún tús a chur le straitéis a fhorbairt maidir le faireachán a dhéanamh ar an leas a bhaintear as cistí an Aontais, óir is cosúil nach bhfuil sé in ann ag an gcúram sin as féin. Ba cheart a leagan amach go soiléir sa straitéis sin an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le comhpháirtithe a bhíonn ag obair ina theannta chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí. |
4. Ról na sochaí sibhialta ar leibhéal an Aontais sa téarnamh ón bpaindéim
|
4.1. |
Is éard atá i gceist leis an tsochaí shibhialta ar leibhéal an Aontais ná gníomhaithe a dhíríonn a gcuid abhcóideachta ar institiúidí an Aontais agus a dhéanann ionadaíocht do dhaoine a bhfuil cónaí orthu ar fud na 27 mBallstát go léir agus, go minic, níos faide i gcéin arís. Tá ról riachtanach acu maidir le saincheisteanna a chur chun cinn a bhaineann le réimsí inniúlachta an Aontais, i gcás inar gá idirphlé a dhéanamh le lucht ceaptha beartas ar leibhéal an Aontais. |
|
4.2. |
Is iad seo a leanas na réimsí ar a ndíríonn sochaí shibhialta an Aontais go minic. Is réimsí beartais iad ar féidir leis an Aontas reachtaíocht a mholadh iontu, nó nach féidir le Ballstát reachtaíocht a rith iontu ach amháin i gcás nach dtiocfaí salach ar reachtaíocht Eorpach arb ann di cheana féin: fostaíocht agus gnóthaí sóisialta; comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach; talmhaíocht; iascach; comhshaol; cosaint tomhaltóirí; iompar; gréasáin tras-Eorpacha; fuinneamh; ceartas agus cearta bunúsacha; imirce agus gnóthaí baile; sláinte phoiblí; comhar um fhorbairt agus cabhair daonnúil. Tá an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe sóisialta ag díriú freisin i láthair na huaire ar thionscnaimh bheartais ar leibhéal an Aontais, amhail Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (5) agus an Comhaontú Glas don Eoraip (6). |
|
4.3. |
Tá go leor bacainní ann go fóill i gcás obair abhcóideachta eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar leibhéal an Aontais. Mar a léiríodh i dtuarascáil faisnéise SOC/639 (7) ó CESE, murab ionann agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, níl stádas rannpháirtíochta cruthaithe ag an Aontas fós do chomhlachais Eorpacha ná eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha. Mar sin féin, ráthaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an ceart chun tionóil agus chun comhlachais, go háirithe maidir le hábhair shibhialta ar gach leibhéal, lena n-áirítear an leibhéal Eorpach (8).
I gcomhthéacs an téarnaimh ó COVID-19, tá tionchar á imirt ag sochaí shibhialta an Aontais ar an leas a bhaintear as cistí an Aontais chun daoine a thabhairt tríd an ngéarchéim seo agus tá faireachán á dhéanamh aici ar an leas sin freisin. |
|
4.4. |
Má úsáidtear cistí an Aontais i gceart, go háirithe EUR 723,8 billiún na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (9), is féidir go gcuirfear dlús leis an téarnamh sóisialta agus eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID-19. Mar sin féin, rogha pholaitiúil is ea an chaoi a n-infheistítear an t-airgead. Cé gurb iad na Ballstáit a tharraingíonn suas na pleananna náisiúnta maidir le caitheamh an airgid sin, is ar an gCoimisiún Eorpach atá an fhreagracht na pleananna sin a mheas agus a fhormheas. Tá dua caite ag sochaí shibhialta an Aontais ag iarraidh fainic a chur ar an gCoimisiún maidir le tograí le haghaidh cistiúcháin sna pleananna náisiúnta. Tharraing sí aird ar na fadhbanna sistéamacha atá ann cheana a nochtaíodh agus ar cuireadh leo de dheasca na paindéime, cuir i gcás tearcinfheistíocht sa tsláinte phoiblí, sa tslándáil shóisialta agus sna córais oideachais, agus tá sé á mholadh aici an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun tairbhe mar chuid den réiteach ar an scéal. |
|
4.5. |
Oiriúnaíodh roinnt pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta arna iarraidh sin don Choimisiún, diúltaíodh do roinnt eile agus cuireadh stop lena bhformheas i gcás roinnt eile arís (10). Bhí ról lárnach ag an tsochaí shibhialta ó thaobh aird a tharraingt ar na húdair imní sin (11). Ní mór cistí an Aontais a dhíriú ar na réimsí ina bhfacthas an brú is mó, an líon is mó básanna agus na sáruithe is mó arb údar imní iad ar chearta bunúsacha daoine le linn na paindéime. Áireofar leis sin an t-aistriú ó shaoráidí cúraim institiúidigh a chistiú, go háirithe do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine aosta, agus feabhas a chur ar ullmhacht agus athléimneacht an tsoláthair cúraim sláinte éigeandála ionas nach rachfaí i muinín an chórais triáise an athuair mar a gcuirtear grúpaí áirithe ó dhoras na n-ospidéal. |
|
4.6. |
Is ann do chistí an Aontais freisin chun tacú le téarnamh eacnamaíoch agus le filleadh ar an obair na ndaoine ar baineadh a slí bheatha dóibh le linn na paindéime. Meastar gur cailleadh 6 mhilliún post san Aontas amháin de dheasca COVID-19 (12). Mar sin féin, ó thaobh cúrsaí fostaíochta de, ní raibh gach duine thíos leis chomh dona céanna. Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta i múnlú na mbeartas eacnamaíoch, saothair agus sóisialta lena gcuirtear margaí saothair dea-fheidhmiúla chun cinn agus, dá réir sin, lena gcosnaítear oibrithe, lena n-áirítear iad siúd is mó atá i mbaol ioncam a chailleadh, agus fostóirí freisin. Rinne an tsochaí shibhialta ar leibhéal an Aontais obair freisin lena áirithiú gur orthu siúd is mó atá thíos leis a dhírítear an infheistíocht. Maidir leis an tsochaí shibhialta a ghníomhaíonn thar ceann na mban, na ndaoine óga, daoine atá faoi mhíchumas agus daoine de ghrúpaí mionlaigh eitneacha, tá tábhacht ar leith ag baint lena ról maidir lena áirithiú go ndírítear airgead ar athsciliú na ngrúpaí sin agus ar thacaíocht a thabhairt dóibh. Tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta ag déanamh amhlaidh trí thionchar a imirt ar na tosaíochtaí agus na moltaí arna leagan síos ag an gCoimisiún maidir le húsáid na gcistí, maidir leis an measúnú a dhéanann an tAontas ar na pleananna náisiúnta, agus maidir leis an bhfaireachán a dhéantar i gcomhar le heagraíochtaí sochaí sibhialta náisiúnta agus áitiúla ar an gcaoi a gcaitear na cistí sna Ballstáit. |
|
4.7. |
Tá an tAontas ag tabhairt faoi Aontas Sláinte a chruthú freisin, rud a chuirfidh lena ullmhaithe a bheidh sé agus aghaidh le tabhairt ar ghéarchéimeanna sláinte amach anseo. Leis an Aontas Sláinte, tiocfaidh athrú ar an gcomhordú ar leibhéal an Aontais i réimsí amhail suirbhéireacht a dhéanamh ar ghanntanais cógais leighis agus stórtha a thógail roimh ré, cógais nua a thástáil agus a cheadú, agus feistí ar féidir beatha daoine a shábháil leo a roinnt thar theorainneacha ar bhonn riachtanais. Arís, tá ról ag sochaí shibhialta an Aontais maidir lena áirithiú gur fearr an chosaint a thabharfar leis an bplean nua do na grúpaí siúd is lú a ndéanann freagairtí an Aontais agus na mBallstát don phaindéim freastal orthu. Leagadh amach na cuspóirí sin i dtuairim SOC/665 (13) ó CESE. Is é an aidhm atá ann a chinntiú go mbunóidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach samhail Eorpach maidir le praghas a chur ar chógais ar bhealach cothrom cuntasach trédhearcach. Is éard a bheidh i gceist leis freisin ná brú a chur leis an sainordú agus na hacmhainní a bheith ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú le haghaidh a thabhairt ar neamhionannais sláinte, lena chinntiú go ndíreofar freagairtí sláinte an Aontais orthu siúd is mó atá i mbaol, agus lena chinntiú gur inrochtaine agus intuigthe i bhfad na feachtais sláinte agus an fhaisnéis sláinte poiblí de chuid an Aontais do gach duine i rith na ngéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo. |
|
4.8. |
Is dócha nach iad na víris amháin a bheidh ina gcúis leis na géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo, ach freisin, nó den chuid is mó, b’fhéidir, na tubaistí nádúrtha arb í an t-athrú aeráide is cúis leo. Tá ról lárnach ag an Aontas maidir le cabhair a thabhairt do na Ballstáit lena n-astaíochtaí CO2 a laghdú, lena n-ullmhú féin le haghaidh fadhbanna a tháinig chun cinn le blianta beaga anuas agus atá ag dul in olcas, cuir i gcás tuilte agus falscaithe, agus le dul i ngleic ar bhonn comhpháirteach leis na fadhbanna céanna. Fágann sé sin go bhfuil ról ag eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil maidir le cúnamh a thabhairt do lucht ceaptha beartas na réimsí is mó a dteastaíonn infheistíocht uathu a shainaithint, agus réitigh a mholadh i dtaca le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar thubaistí comhshaoil ar bhealach nach bhfágann aon duine ar gcúl. |
5. Ról na sochaí sibhialta náisiúnta agus áitiúla san atógáil chun feabhais
|
5.1. |
I gcomhthéacs an Aontais, is ann do roinnt réimsí beartais ar faoi na heagraíochtaí sochaí sibhialta náisiúnta agus áitiúla atá sé an obair abhcóideachta a dhéanamh ina dtaobh. Mar atá i gcás na sochaí sibhialta ar leibhéal an Aontais, is mar gheall ar an gcaoi a roinntear na hinniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit gurb amhlaidh atá. Agus iad ag dul i gcomhar le sochaí shibhialta an Aontais, áirithíonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta go gcumhdaítear na réimsí beartais go léir. |
|
5.2. |
Dá bhrí sin, is iad seo a leanas na réimsí ar a ndíríonn eagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla na sochaí sibhialta: sláinte phoiblí; tionsclaíocht; cultúr; oideachas, óige agus spórt; cosaint shóisialta; cosaint an chomhshaoil; seirbhísí sóisialta, tacaíocht dlí d’íospartaigh, tearmann d’íospartaigh foréigin, etc. |
|
5.3. |
Is minic gur tháinig faoi chúram na sochaí sibhialta náisiúnta, réigiúnaí agus áitiúla saincheisteanna ar mheasa iad de dheasca COVID-19. Ba sa chomhthéacs náisiúnta a rinneadh cinntí maidir le rialacha chun deireadh a chur le scaipeadh an víris, maidir leis an gcaoi ar cuireadh cúram sláinte éigeandála ar fáil, maidir le beartú tosaíochta i dtaca le vacsaíniú, maidir leis an gcaoi ar coinníodh an córas oideachais ar bun d’fhoghlaimeoirí de gach aoisghrúpa, agus maidir leis an gcaoi ar cosnaíodh ioncam na n-oibrithe a chaill a bpost. I measc na ngníomhaíochtaí a bhí ar bun ag an tsochaí shibhialta, bhí an comhrac i gcoinne mífhaisnéis faoi vacsaíní, agus béim a leagan ar bhaol an idirdhealaithe agus ar dhul i méid na bochtaineachta i measc grúpaí áirithe daoine. |
|
5.4. |
B’fhéidir gur ag an tsochaí shibhialta náisiúnta agus áitiúil atá an ról is tábhachtaí maidir le cabhair a thabhairt don Aontas atógáil chun feabhais a dhéanamh, ós rud é gurb ise a mhúnlaíonn beartais náisiúnta agus réigiúnacha agus a chuireann seirbhísí riachtanacha ar fáil dá cuid pobal sna réimsí seo a leanas:
|
|
5.5. |
Tá difríochtaí ann ó Bhallstát go Ballstát maidir leis an gcreat inar féidir leis an tsochaí shibhialta páirt a ghlacadh sa phróiseas ceaptha beartas. Tá macasamhail náisiúnta de CESE i gcuid de na Ballstáit, cé nach ionann an chumhacht atá acu go léir agus bíonn an scéal ag athrú i gcónaí. Is struchtúr é struchtúr CESE, ina bhfuil comhaltaí a dhéanann ionadaíocht do thrí ghrúpa – fostóirí, oibrithe agus “Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta” – a d’fhéadfaí a athchruthú agus mbeadh rath air ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.
De bhreis ar an obair a rinneadh i gcomhar leis an tsochaí shibhialta ar leibhéal an Aontais, bhí ról lárnach ag eagraíochtaí náisiúnta na sochaí sibhialta freisin ó thaobh an leas a bhaintear as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a mhúnlú sna Ballstáit. |
|
5.6. |
I dtuarascáil faisnéise SOC/639 (14) agus sa rún maidir le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta náisiúnta sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (15), mhol CESE an comhaontú ar ar thángthas i mí na Nollag 2020 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir leis an Rialachán lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (16), ina leagtar amach in Airteagal 18 an gá atá le rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i bhfoirm comhairliúcháin, i ndréachtú agus i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. |
|
5.6.1. |
Mar sin féin, d’ainneoin na tagartha do rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ní raibh baint ag an tsochaí shibhialta leis an obair as ar tháinig an chuid den Rialachán a bhaineann le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa phróiseas, rud atá íorónta. De bhreis air sin, ní dhéantar tagairt shainráite ar bith sa Rialachán d’eagraíochtaí sochaí sibhialta a bheith ina dtairbhithe, murab ionann is a dhéantar i gcás FBManna, cuir i gcás. Chruthaigh sé sin roinnt fadhbanna maidir le rannpháirtíocht eagraíochtaí sochaí sibhialta sa chur i bhfeidhm. Is áiféiseach an méid sin, i bhfianaise a thábhachtaí a bheidh ról na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta sa téarnamh i ndiaidh COVID-19. |
|
5.6.2. |
De bhreis air sin, sa chleachtas, d’ainneoin na treorach ón gCoimisiún (17), is é fírinne an scéil go raibh an-deacracht ag eagraíochtaí náisiúnta na sochaí sibhialta tionchar a imirt ar thorthaí na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Bacainn amháin ab ea an drogall a bhí ar chuid de na rialtais náisiúnta, de réir cosúlachta, rannpháirt a thabhairt don tsochaí shibhialta i ndréachtú na bpleananna. Bhí an-chuid rialtas ann nach ndearna iarracht ghníomhach rannpháirt a thabhairt don tsochaí shibhialta, rud a d’fhág go raibh ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta impí ar na húdaráis náisiúnta rannpháirt a thabhairt dóibh. Sna cásanna inar tugadh rannpháirt dóibh fiú, níor leor, den chuid is mó, an t-achar ama a cuireadh i leataobh chun comhairliúchán a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta. Chuir sé sin bac ar dhíospóireacht agus machnamh substainteach a dhéanamh ar ionchur na sochaí sibhialta maidir leis na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Is é an toradh a bhí air sin, cé go raibh líon mór Ballstát in ann cruthúnas éigin a thaispeáint ar chomhairliúchán leis an tsochaí shibhialta, gur rímhinic nach raibh fíorbhaint ag an tsochaí shibhialta náisiúnta le ceapadh na bpleananna a d’eascair as an bpróiseas. |
An Bhruiséil, an 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Critéir aontachais (europa.eu). https://ec.europa.eu/neighbourhood-enlargement/enlargement-policy/glossary/accession-criteria_ga
(2) https://ec.europa.eu/info/consultations_ga
(3) https://www.eesc.europa.eu/en/documents/resolution/involvement-organised-civil-society-national-recovery-and-resilience-plans-what-works-and-what-does-not.
(4) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.
(5) Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, An Coimisiún Eorpach.
(6) Comhaontú Glas don Eoraip, An Coimisiún Eorpach.
(7) Reacht Eorpach do chomhlachais agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a chruthú ina gcuimsítear sainmhíniú beacht ar cad is eagraíocht neamhrialtasach nó comhlachas Eorpach ann (tuarascáil faisnéise), Coiste Eacnamaíocht agus Sóisialta na hEorpa.
(8) Airteagal 12.
(9) https://ec.europa.eu/info/business-economy-euro/recovery-coronavirus/recovery-and-resilience-facility_ga
(10) Níor formheasadh plean na Bulgáire agus cuireadh stop le formheas phlean na hUngáire.
(11) IO C 517, 22.12.2021, lch. 1.
(12) COVID-19 has already wiped out 6 million jobs, EU study finds [Cailleadh 6 mhilliún post cheana féin de dheasca COVID-19, de réir staidéar ón Aontas Eorpach], Coronavirus pandemic News, Al Jazeera.
(13) IO C 286, 16.7.2021, lch. 109.
(14) Reacht Eorpach do chomhlachais agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a chruthú ina gcuimsítear sainmhíniú beacht ar cad is eagraíocht neamhrialtasach nó comhlachas Eorpach ann (tuarascáil faisnéise), Coiste Eacnamaíocht agus Sóisialta na hEorpa. https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/information-reports/creation-european-statute-associations-and-ngos-incorporating-precise-definition-ngo-or-european-association-information
(15) IO C 155, 30.4.2021, lch. 1.
(16) IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.
(17) https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/document_travail_service_part1_v2_en.pdf
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/19 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hEarnáil atá sábháilte, inacmhainne agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh den tionscal pacáistíochta
(tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 323/04)
|
Rapóirtéir: |
Matteo Carlo BORSANI |
|
Comhrapóirtéir: |
Dirk JARRÉ |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
21.10.2021 |
|
Bunús dlí |
Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
Tuairim féintionscnaimh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
11.3.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
19.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
201/1/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is teicneolaíocht chumasúcháin í an phacáistíocht atá riachtanach sa chuid is mó de na slabhraí soláthair. Ina fhianaise sin, is i bhfad is faide a imríonn sí tionchar ná a héiceachóras féin. Is cuid riachtanach de gheilleagar agus margadh aonair na hEorpa í agus tá sí riachtanach ó thaobh an téarnamh a chothú agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe a spreagadh. Tá CESE á mholadh don Choimisiún agus na rialtais náisiúnta, i gcomhairle le geallsealbhóirí uile thionscal na pacáistíochta, dul i mbun tionscnamh feadh shaolré iomlán na dtáirgí chun próisis an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn, tomhaltas inbhuanaithe a spreagadh agus díriú ar an gcur amú a chosc agus acmhainní arna n-úsáid a choinneáil laistigh de gheilleagar an Aontais a fhad is féidir. |
|
1.2. |
I bhfianaise na ndúshlán atá roimh an tsochaí sa lá atá inniu ann, ba cheart d’eagraíochtaí ionadaíocha na dtionscal agus na n-oibrithe, rialtais, comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha réitigh nuálacha a aimsiú chun inbhuanaitheacht thionscal na pacáistíochta a mhéadú, ós rud é gur cuid riachtanach den obair chun an pláinéad a chosaint é an pacáistiú ciorclach. |
|
1.3. |
De bhreis air sin, ba cheart don Choimisiún a chur chun cinn go láidir idirphlé sóisialta Eorpach a chur ar bun idir cónaidhmeanna ceardchumainn agus cónaidhmeanna fostóirí in earnáil na pacáistíochta. A bhuí lena leithéid d’idirphlé Eorpach, arna chomhtháthú ar an leibhéal náisiúnta agus leibhéal na gcuideachtaí, bheadh an tacaíocht is gá ag an gCoimisiún Eorpach chun a chuid tionscnamh a cheapadh agus a chur chun feidhme agus bheadh ardán ag na comhpháirtithe sóisialta chun aistriú cóir a chur i gcrích. |
|
1.4. |
Tá CESE á mholadh pacáistíocht atá “oiriúnacht dá feidhm” a thabhairt isteach i gcás gach cineáil pacáistíochta, rud a chiallaíonn gur cheart gach pacáistíocht a fhorbairt de réir prionsabail “éicidhearthóireachta”: a bheith oiriúnach don táirge ó thaobh tomhais de leis an méid is lú spás agus meáchan breise agus is féidir, rud a chuirfeadh deireadh leis an róphacáistiú agus an gannphacáistiú agus an cur amú agus caillteanas lena mbaineann. D’fhágfadh sé sin freisin go mbeadh an lorg carbóin ba lú ab fhéidir ag baint le hiompar na n-earraí pacáistithe, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí na spriocanna a bhaint amach a leag an Coimisiún Eorpach síos maidir le hastaíochtaí. |
|
1.5. |
Níl a dhóthain de réimse leathan na n-athruithe le feiceáil ar leibhéal na ngeallsealbhóirí go fóill. Dá bhrí sin, tá CESE ag éileamh ar institiúidí an Aontais a thuilleadh freagrachta a ghlacadh agus a thuilleadh ceannaireachta a ghabháil i mbainistiú an phróisis sin.
Áirítear leis sin na codanna rialála atá ar iarraidh a chur in iúl ar bhealach atá éasca a thuiscint agus a chur chun feidhme, chomh maith le bearta tacaíochta a dhéanamh ar fud an éiceachórais ar fad, agus béim ar leith a leagan ar na heintitis is íogaire, amhail FBManna agus daoine príobháideacha. |
|
1.6. |
Tá cur chuige iomlánaíoch á mholadh ag CESE ó thaobh ról agus tionchar foriomlán na pacáistíochta a mheas. Má scrúdaítear an pacáistiú amháin is féidir go n-imreofar drochthionchar ar an gcreat rialála agus go spreagfar comhlachtaí chun straitéisí costasacha neamhéifeachtúla is lú atá inbhuanaithe sa deireadh. Is iad na gnéithe riachtanacha is gá a chur san áireamh ná sábháilteacht agus cosaint na dtáirgí pacáistithe, bia agus deochanna (1) go háirithe, ionas go mbeidh an pacáistiú inbhuanaithe agus éifeachtach araon. Chuige sin, ní mór nach gcuirfear isteach ar na feidhmiúlachtaí sin le cur chuige a dhíríonn ar an inbhuanaitheacht i gcás dhearadh na pacáistíochta. |
|
1.7. |
Ba cheart do na hinstitiúidí Eorpacha íoschaighdeáin a chur chun cinn chun tacú le cuideachtaí pacáistíochta na hEorpa agus iad ag déileáil le cuspóirí na n-aistrithe glasa agus córa, agus iad a chur i bhfeidhm freisin maidir le gach pacáistíocht a thagann isteach sa mhargadh inmheánach ó thríú tíortha. Tá CESE ag iarraidh ar lucht ceaptha na mbeartas forfheidhmiú na gcritéar inbhuanaitheachta sna comhaontuithe trádála a áirithiú agus a áirithiú gur ann do chritéir fíorúcháin i gcás na n-allmhairí i dtaca le coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le cearta an duine agus cearta na n-oibrithe feadh shlabhra luacha earnáil na pacáistíochta. Leis sin, d’fhéadfaí cothroime iomaíochta a chur ar bun sa mhargadh. |
|
1.8. |
Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún feachtais oideachais, faisnéise agus feasachta a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais chun feasacht a mhúscailt maidir le tábhacht na gcleachtas atá dírithe ar inbhuanaitheacht, ar gach leibhéal de shaolré na pacáistíochta, agus iompar comhchoiteann a threorú ó thaobh an táirgthe inbhuanaithe, roghanna ceannaigh inbhuanaithe, agus an dea-chleachtais maidir le pacáistíocht a dhiúscairt agus a athchúrsáil. |
|
1.9. |
Níor cheart reachtaíocht agus bearta an Aontais amach anseo a dhíriú ar an bpacáistíocht féin amháin ach ar an slabhra ina iomláine: táirgeadh, tomhaltas agus cóireáil dramhaíola. Tá CESE ag moladh infheistíochtaí a chothú sa nuálaíocht theicneolaíoch trí thacú leis an éileamh ar ábhair inathnuaite agus ábhair in-athchúrsáilte ardcháilíochta agus lena soláthar. |
|
1.10. |
Is gá go gcuirfidh an phacáistíocht leis an ngeilleagar ciorclach, agus béim á leagan ar an éicidhearthóireacht, teicneolaíochtaí athchúrsála seanbhunaithe agus scaipeadh a chosc. Tá CESE ag moladh straitéisí éifeachtúla bainistithe acmhainní a shainiú a chuirfear in oiriúint do chineál na n-acmhainní éagsúla agus a bhunófar ar phrionsabail choiteanna maidir le hacmhainní a bhainistiú, a chaomhnú agus a athchóiriú. |
|
1.11. |
Tá sé riachtanach pacáistíocht a bhailiú agus a athchúrsáil i gceart má táthar chun cur amú acmhainní a laghdú. I ndáil leis an méid sin, tá CESE ag moladh beartais phoiblí agus iompraíocht arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar phacáistiú agus ar shórtáil, bailiú agus diúscairt dramhaíola a chur chun cinn amach anseo i reachtaíocht an Aontais maidir le pacáistiú. Thacódh sé sin freisin le baint amach spriocanna inathchúrsáilteachta an Aontais i gcás na n-ábhar pacáistíochta go léir. Tá CESE ag moladh freisin meastóireacht a dhéanamh ar thionscnaimh na Scéime Aisíoca Éarlaise le feiceáil an bhféadfaí iad a úsáid chun gníomhaíochtaí athchúrsála pacáistíochta a mhéadú in earnálacha ar leith. |
|
1.12. |
Tá sé ag moladh critéir chomhchuibhithe a chur chun feidhme le haghaidh rialacha maidir le hathchúrsáil agus bailiú pacáistíochta arna n-úsáid ar an leibhéal áitiúil sna Ballstáit, lena n-áirítear modhnú na dtáillí freagrachta leathnaithe táirgeora, agus maidir le lipéadú na pacáistíochta in-athchúrsáilte. Ní mór rialacha an Aontais maidir le pacáistiú agus earraí pacáistithe a cheapadh i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh aonair agus ní mór tacú lena gcur chun feidhme comhchuibhithe ar fud an Aontais. Tá sé riachtanach go n-áiritheoidh an Coimisiún Eorpach infheidhmeacht agus forfheidhmiú comhionann na gceanglas rialála maidir le hinbhuanaitheacht ar fud chríoch iomlán an Aontais, agus ilroinnt agus bacainní teicniúla inmheánacha a sheachaint. |
|
1.13. |
Tá gá le bearta beartais fianaisebhunaithe má táthar chun an toradh comhshaoil is fearr is féidir a áirithiú. I ndáil leis an méid sin, tá CESE ag moladh an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht (2) atá ar na bacáin a úsáid chun a thuilleadh nuálaíochta a éascú ach spriocanna a leagan síos a bheadh ag teacht leis an smaointeoireacht saolré, a mbeadh bunús láidir sonraí agus fianaise eolaíochta leo agus lena mbainfí amach an toradh foriomlán ab fhearr don chomhshaol, ar spriocanna iad lena dtabharfaí aird freisin ar aon tionchar a d’imreofaí ar an táirge laistigh den phacáistíocht. |
|
1.14. |
Ní mór rannpháirt a thabhairt do na geallsealbhóirí uile sa phróiseas cinnteoireachta sa ghnáthchur chuige ba cheart do na hinstitiúidí náisiúnta agus institiúidí an Aontais a ghlacadh san earnáil seo. Tá sé riachtanach gur féidir brath ar an gcreat rialála atá i bhfeidhm agus go n-áirithítear an deimhneacht dhlíthiúil leis. Ina éagmais sin, is iondúil go gcuireann fiontair infheistíochtaí ar atráth nó go ndéanann siad infheistíochtaí nach luíonn leis na héilimh rialála. Is é an toradh a bheadh air sin, gan aon agó, go gcuirfí na cuspóirí foriomlána i mbaol, go gcuirfí acmhainní amú agus go gcaillfí poist san earnáil. |
|
1.15. |
Ba cheart taighde agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí nua a chothú agus oiliúint a chur ar oibrithe earnála. De bhreis air sin, ba cheart do na comhpháirtithe sóisialta obair a dhéanamh i gcomhar le chéile chun na scileanna nua atá ag teastáil ón earnáil a shainiú agus, i gcomhar leis na húdaráis phoiblí, oiliúint na bhfostaithe i dtáirgeadh agus diúscairt na pacáistíochta a fhorbairt agus a chur chun cinn. |
|
1.16. |
Tá CESE ag moladh go gcuirfí san áireamh sa reachtaíocht amach anseo a bhféadfaí a bhaint amach leis an digiteáil ó thaobh athrú ó bhonn a dhéanamh i dtionscal na pacáistíochta. |
|
1.17. |
Ós rud é go bhfuil ról speisialta ag an bpacáistíocht agus í i gcroílár earnáil uile an gheilleagair, ba cheart don Choimisiún Eorpach fóram bliantúil a chur ar bun maidir leis an bpacáistíocht agus an dramhaíl ó phacáistíocht, idir na geallsealbhóirí agus ionadaithe ó na hinstitiúidí Eorpacha, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach, chun faisnéis a mhalartú maidir le forbairt an tionscail agus chun an dea-chleachtas a shainaithint agus a chur chun cinn ó thaobh rialacháin maidir leis an bpacáistiú inbhuanaithe. |
|
1.18. |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach idirphlé a eagrú leis maidir le cur chun feidhme na moltaí a chuirtear chun cinn sa tuairim seo agus na deiseanna chun comhobair a dhéanamh ar bhearta leantacha iomchuí a phlé. |
2. Cúlra agus creat rialála éiceachóras na pacáistíochta
|
2.1. |
Tá baint ag tionscal na pacáistíocht le réimse leathan gnéithe de shaol laethúil an duine: an tomhaltóir agus an táirge a chosaint, an táirge a chur chun cinn, eolas a roinnt leis an tomhaltóir, an táirge a dhéanamh níos áisiúla, úsáid agus láimhseáil an táirge a éascú agus dramhaíl a laghdú. Is rud í an phacáistíocht, ar cuid ríthábhachtach de bhonneagar na sochaí agus an ghnó í, a éascaíonn folláine na sochaí agus an trádáil agus is gné riachtanach í den obair ar son an téarnaimh eacnamaíoch agus chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chothú. |
|
2.2. |
Feidhmíonn tionscal na pacáistíochta laistigh d’éiceachóras atá ag éirí níos casta i gcónaí, ceann a bhfuil an-chuid gníomhaithe ann, idir tháirgeoirí na n-amhábhar a úsáidtear sa phacáistiú, mhiondíoltóirí a dhíolann an táirge pacáistithe, oibrithe earnála, thomhaltóirí, chuideachtaí agus na húdaráis phoiblí a dhéileálann leis an bpacáistíocht a bhfuil a ré caite. |
|
2.3. |
Tá tionscal pacáistíochta an Aontais ar an dara tionscal pacáistíochta is mó ar domhan. Áirítear ann lucht déanta agus úsáidte táirgí pacáistíochta de bhunús gloine, miotal feiriúil agus alúmanaim, plaistigh, adhmaid agus páipéir agus tá os cionn 6,5 milliún duine fostaithe ann san Eoraip (3). Meastar gur 4 % an ráta fáis iolraithe bhliantúil a bheidh ag margadh pacáistíochta tomhaltais na hEorpa thar thréimhse réamhaisnéise 2021-2026. I measc na gcúiseanna leis an bhfás iontach atá á thuar don phacáistíocht tomhaltais, tá an nuálaíocht theicneolaíoch, an inbhuanaitheacht agus cúinsí eacnamaíocha fabhracha (4). |
|
2.4. |
Leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip (an Coimisiún Eorpach, 2019), de bhreis ar an sprioc fhoriomlán na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, cuspóirí beartais tábhachtacha chun a thuilleadh dul chun cinn a dhéanamh in aistriú inbhuanaithe shlabhra luacha an phacáistithe, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
|
2.5. |
Pléitear na spriocanna foriomlána sin ar bhonn níos mine i bPlean Gníomhaíochta 2.0 um an nGeilleagar Ciorclach (5), ina n-ullmhaítear chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht. Tá an treoir sin, a tháinig i bhfeidhm in 1994, ag croílár an chreata rialála atá ann faoi láthair. Tá an Coimisiún i mbun athbhreithniú ar an treoir sin i láthair na huaire – féach an comhairliúchán (6) ábhartha agus an measúnú tionchar (7) lena mbaineann – agus rún ginearálta aige an dramhaíl ó phacáistíocht a laghdú, agus sreafaí ciorclacha a chur in ionad sreafaí líneacha táirgí agus ábhar (i.e. táirgeadh – úsáid – diúscairt). |
3. An geilleagar ciorclach a chothú
|
3.1. |
Is cuid ríthábhachtach d’aistriú na hEorpa chuig geilleagar ciorclach í earnáil na pacáistíochta i bhfianaise na hacmhainne atá inti ábhair a athchúrsáil. Is minice ná riamh a athchúrsáiltear na hábhair phacáistíochta nó is ábhair athchúrsáilte ó earnálacha déantúsaíochta eile iad féin. Mar sin féin, d’fhéadfaí an lúb ar lár sa gheilleagar ciorclach a chur ina ceart agus cosc a chur ar ábhair dhramhaíola amhrasacha (8) a onnmhairiú agus rochtain ar mhargaí na hEorpa a dhiúltú d’allmhaireoirí pacáistíochta nach gcloíonn leis an dea-chleachtas comhshaoil. Is údar mór imní i gcónaí ceist na hiomaíochta éagóraí ó chuideachtaí nach cuideachtaí de chuid an Aontais iad, go háirithe i gcás FBManna, a bheadh ar an gcéad dream sa mhargadh a bheadh thíos léi. |
|
3.2. |
I gcomhréir le Plean Gníomhaíochta 2.0 um an nGeilleagar Ciorclach, ba cheart gach pacáistíocht a bheith á hathúsáid nó á hathchúrsáil faoi 2030. Dá bhrí sin, ba cheart caitheamh le gach ábhar pacáistíochta mar acmhainn thábhachtach san obair chun geilleagar ciorclach a bhaint amach, agus béim á leagan ar an éicidhearthóireacht, teicneolaíochtaí athchúrsála seanbhunaithe agus bearta a threisiú maidir leis an scaipeadh a chomhrac. Is ag dul in olcas atá an brú ar na hacmhainní atá ann cheana féin, mar gheall ar dhaonra an domhain a bheith ag dul i méid agus an tomhaltas per capita leis. |
|
3.3. |
Is féidir pacáistíocht atá bunaithe ar shnáithín nó ábhar nádúrtha eile tacú le fás atá díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Is as ábhair inathnuaite a dhéantar an snáithín ar rud é atá marthanach, tarraingteach, in-athchúrsáilte agus in-bhithdhíghrádaithe. Tugadh le fios i staidéir a rinneadh le déanaí gur féidir pacáistíocht snáithíní a athchúrsáil os cionn 25 huaire, rud a léiríonn gur cuid riachtanach den gheilleagar ciorclach í. |
|
3.4. |
Ar an gcaoi chéanna, is féidir go mbeidh alúmanam agus cruach, ar bunábhair uathúla iad, ina ngné shuntasach den gheilleagar ciorclach freisin. A bhuí leis an il-athchúrsáil, coinnítear i gcóras ciorclach na n-ábhar táirgí agus pacáistíocht arna déanamh as bunábhair amhail miotail nó gloine agus is féidir iad a bheith ina n-acmhainní le haghaidh táirgí agus pacáistíocht eile. |
|
3.5. |
Tá gá lena thuilleadh beart chun glacadh na bpolaiméirí bithbhunaithe a fhorbairt ós rud é nach bhfuil ach cúpla Ballstát sásta tacú leis an mbonneagar atá ag teastáil chun pacáistíocht inmhúirínithe a bhailiú agus a mhúiríniú. Maidir le plaistigh, is gá tacú le tionscadail agus le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nuálacha atá ag teacht chun cinn, amhail athchúrsáil plaisteach meicniúil nó ceimiceach, agus a áirithiú ag an am céanna go laghdófar leo an tionchar foriomlán a imrítear ar an gcomhshaol i gcomhthéacs na saolré iomláine. |
|
3.6. |
Tá athrú ag teacht freisin ar an gcaoi a mbraitheann tomhaltóirí ar an bpacáistíocht agus ar a gcaidreamh léi. De réir an Staidéir ar Dhearcadh an Tomhaltóra Eorpaigh ar an bPacáistíocht, taighde neamhspleách ó Perspectus Global ar choimisiúnaigh Pro Carton é in 2021, dúirt beagnach dhá thrian de na freagróirí gur athraigh siad ó tháirge amháin go táirge eile mar gheall ar imní a bhí orthu faoin bpacáistíocht, agus bhí líon ní ba mhó daoine fós sásta praghas ní ba mhó a íoc as pacáistíocht a bheadh ní ba neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Is féidir an claonadh sin a fheabhsú a thuilleadh le feachtais múscailte feasachta agus faisnéise. |
|
3.7. |
Is mór is féidir a dhéanamh chun bailiú, sórtáil agus athchúrsáil na n-ábhar pacáistíochta a mhéadú san Eoraip. Mar sin féin, is féidir go ndéanfar damáiste suntasach don chomhshaol le pacáistíocht inbhuanaithe mura ndéantar í a bhailiú, a dhiúscairt nó a athchúrsáil i gceart. Cé gur gá cleachtais níos inbhuanaithe a chothú i dtionscal na pacáistíochta, ba cheart dlúthbhaint a bheith ag na húdaráis phoiblí, eintitis bainistithe dramhaíola, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus na tomhaltóirí féin san obair chun bailiú, athúsáid agus athchúrsáil na dramhaíola a dhéanamh níos éifeachtúla. Ní mór an ghné sin a chur chun cinn go láidir sa reachtaíocht agus sna beartais phoiblí amach anseo chun spriocanna in-athchúrsáilteachta an Aontais a bhaint amach i gcás na n-ábhar pacáistíochta go léir, agus d’fhonn astaíochtaí CO2 a laghdú, rud a chabhródh le clár oibre aistrithe ghlais an Aontais. |
|
3.8. |
Beifear in ann cuid mhaith de na coigeartuithe atá ag teastáil a dhéanamh trí bhíthin na digiteála. A bhuí leis na teicneolaíochtaí digiteacha, is féidir dul chun cinn bunathraitheach a dhéanamh i dtionscal na pacáistíochta ós rud é gur féidir an inrianaitheacht, an áisiúlacht agus brath na crioscaíola a bharrfheabhsú. Is féidir feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht oibríochtúil freisin, rud a fhágann gur féidir freastal níos fearr a dhéanamh ar na custaiméirí agus cabhrú leis an dearadh ar son na ciorclaíochta leis an bpacáistiú cliste a bhfuil an inbhuanaitheacht ina chroílár. De bhreis air sin, éascaítear an athchúrsáil leis an bpacáistiú cliste ós rud é gur éasca teacht ar an bhfaisnéis maidir leis na hamhábhair arna n-úsáid sa phacáistíocht. |
4. Barúlacha ginearálta
|
4.1. |
Ní mór an inbhuanaitheacht a bheith ar cheann de phríomhthosaíochtaí thionscail phacáistíochta an Aontais i gcónaí. Ba cheart do thionscal na pacáistíochta, i gcomhréir le ceanglais an Phlean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach (9), dul i mbun tionscnamh feadh shaolré iomlán na dtáirgí. |
|
4.2. |
Dá bhrí sin, is mór an tionchar a bhíonn ag beartais a dhéanann difear don chreat reachtach a bhaineann le tionscal na pacáistíochta, lena n-áirítear rialacha maidir le dramhaíl ó phacáistíocht, ar na tionscail agus na gníomhaíochtaí sóisialta uile a mbíonn pacáistíocht á n-úsáid acu. Cuir i gcás, maidir le pacáistiú bia, áirithítear leis an gcreat sin sábháilteacht agus cosaint táirgí, coimeádtar bia inite go ceann tréimhse fhada, seachnaítear cur amú bia a oiread is féidir, agus cabhraítear go mór le soláthar bia inacmhainne a chothú agus a chinntiú do chách. |
|
4.3. |
I bhfianaise na ndúshlán atá roimh an tsochaí sa lá atá inniu ann, ní mór do na geallsealbhóirí go léir réitigh nuálacha a aimsiú chun inbhuanaitheacht thionscal na pacáistíochta a mhéadú, ós rud é gur cuid riachtanach den obair chun an pláinéad a chosaint é an pacáistiú ciorclach. Ní mór do na gníomhaithe sóisialta go léir idirphlé soiléir a chur ar bun de réir a ról agus inniúlachtaí féin ó thaobh na spriocanna thuas a bhaint amach. |
|
4.4. |
Tá sé riachtanach go n-áiritheofar laistigh de mhargadh inmheánach an Aontais infheidhmeacht agus forfheidhmiú comhionann na gceanglas rialála maidir le hinbhuanaitheacht ar fud chríoch iomlán an Aontais, agus ilroinnt agus bacainní teicniúla inmheánacha a sheachaint. Ba cheart rialacha an Aontais maidir le pacáistiú agus earraí pacáistithe a cheapadh i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh aonair agus ba cheart tacú lena gcur chun feidhme comhchuibhithe ar fud an Aontais. Chuige sin, is gá croíphrionsabail, spriocanna agus sainmhínithe soiléire a chumhdach i gcorp na reachtaíochta agus ina gníomhartha cur chun feidhme, rud a chuirfidh cosc ar éagsúlacht a theacht chun cinn idir na bearta náisiúnta an chéad lá riamh. I gcás na n-impleachtaí don mhargadh aonair a bhainfeadh le bearta náisiúnta ar bith, níor cheart srianta a thabhairt isteach ar shaorghluaiseacht na pacáistíochta ná na n-earraí pacáistithe, rud a bheadh díréireach agus/nó nach mbeadh gá leis ó thaobh chosaint an chomhshaoil de agus a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le saobhadh éagórach ar mhargadh an Aontais. |
|
4.5. |
Is cuid riachtanach d’inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta í an phacáistíocht. Sa chás nach ndírítear ach ar an bpacáistiú amháin is féidir drochthionchar a imirt ar an gcreat rialála. Go deimhin, is iondúil go mbíonn i bhfad níos mó acmhainní ag baint le táirgí agus go mbíonn luach intreach i bhfad níos airde acu ná mar atá i gceist leis an bpacáistíocht a úsáidtear lena gcosaint. Dá bhrí sin, is dócha gurb é an comhshaol is mó a bheidh thíos leis i gcás táirgí ar a bhfuil pacáistíocht tearcfheidhmíochta. Cuir i gcás, i dtionscal an bhia, imíonn 30 % (10) den bhia go léir a tháirgtear ar domhan amú nó cuirtear amú é áit éigin ar an slabhra soláthair; is féidir gur ceann de na réitigh lenar féidir an ráta sin a laghdú í an phacáistíocht bharrfheabhsaithe. Is ionann méid an chaillteanais agus chur amú bia – i slabhraí soláthair agus i lámha an tomhaltóra – agus thart ar an gceathrú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhia, is é sin 6 % d’iomlán na n-astaíochtaí domhanda (11). |
|
4.6. |
Tá sé tábhachtach, ar go leor cúiseanna, tacú le tionscal pacáistíochta na hEorpa. Mar shampla, cé gur ann do reachtaíocht chun a áirithiú go gcloíonn ábhair phacáistíochta leis na caighdeáin chomhshaoil, cloíonn lucht pacáistíochta na hEorpa ar bhonn deonach le roinnt treoirlínte eile freisin, amhail deimhniú ón gComhairle um Maoirseacht Foraoisí i gcás pacáistíocht páipéir, cláir nó adhmaid, chun astaíochtaí a laghdú agus dea-chleachtas comhshaoil a chur chun cinn. Cé gur gá d’iomaitheoirí nach de chuid an Aontais iad cloígh le reachtaíocht na hEorpa, is féidir nach gcloífidh siad leis na cóid dheonacha sin nó leis na caighdeáin a leanann cuideachtaí Eorpacha. |
Tá lucht saothair an-oilte de dhíth ar earnáil na pacáistíochta agus ní mór di a bheith níos tarraingtí don ghlúin óg. Ní mór don earnáil a bheith ar a dícheall i gcónaí ag iarraidh dálaí oibre a fheabhsú, deiseanna oiliúna a chruthú agus speisialtóirí digiteála ardoilte a mhealladh chun an tionscail.
|
4.7. |
Dá bhrí sin, tá oiliúint earnálach na n-oibrithe, agus uasdátú leanúnach phróiseas an díchill chuí, ríthábhachtach do thionscal na pacáistíochta agus ba cheart an méid sin a chur chun cinn. |
|
4.8. |
I gcás an dá aistriú a imreoidh tionchar ar gheilleagar an Aontais i rith na bliana atá le teacht, beidh siad ar cheann d’ábhair thosaíochta earnáil na pacáistíochta freisin. I ndáil leis sin, ba cheart an Sásra um Aistriú Cóir a chur san áireamh san athshainiú nua ar an gcreat rialála, chun a áirithiú nach bhfágfar aon dream ar an trá fholamh. |
5. Barúlacha sonracha
5.1. Má dhéantar dearadh na pacáistíochta a bharrfheabhsú, is féidir cuidiú le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc agus a laghdú.
Is gné shuntasach é dearadh na pacáistíochta ó thaobh na feidhmíochta comhshaoil a bheidh ag an táirge ar feadh a shaolré a shocrú. Is iomaí buntáiste a bhaineann le pacáistíocht dhea-cheaptha, de dhéantús foinsí arna n-aimsiú go freagrach, a mbaintear leas cuí aisti agus a athchúrsáiltear go héifeachtach, ina measc siúd tá laghdú ar an damáiste a dhéantar do tháirgí, saolré fhóinteach na dtáirgí a mhéadú, stóráil, iompar agus dáileadh éifeachtúil a éascú, rochtain shábháilte áisiúil ar earraí a sholáthar, an tomhaltóir a mhealladh agus faisnéis riachtanach a chur in iúl dó nó di. Dá bhrí sin, ní féidir an phacáistíocht a mheas gan an táirge a ghabhann léi a chur san áireamh léi, ós rud é go bhfuil dlúthbhaint idir ábhar, formáid agus a dearadh na pacáistíochta agus na feidhmiúlachtaí is gá di a chomhlíonadh i gcás an táirge lena mbaineann. Mar sin féin, cé go nglactar lena riachtanaí atá feidhmiúlacht na pacáistíochta, is léir gur cheart pacáistíocht inbhuanaithe a bheadh spárálach ar acmhainní a fhorbairt de réir phrionsabail na éicidhearthóireachta. Áirítear sa mhéid sin:
|
— |
úsáid na n-amhábhar a íoslaghdú; |
|
— |
úsáid na n-ábhar in-athchúrsáilte agus athchúrsáilte a uasmhéadú (agus ceanglais dhlíthiúla á gcomhlíonadh); |
|
— |
éifeachtúlacht na bpróiseas táirgthe a mhéadú; |
|
— |
bainistiú lóistíochta a bharrfheabhsú; |
|
— |
feasacht a mhúscailt maidir le luach agus ath-inúsáideacht na pacáistíochta; |
|
— |
feabhas a chur ar bhailiú, cóireáil agus athchúrsáil na pacáistíochta. |
Tá sé riachtanach inbhuanaitheacht agus feidhmiúlacht na pacáistíochta araon a chur san áireamh.
Is cuma cén cineál pacáistíochta a úsáidtear, ba cheart róphacáistiú a sheachaint i gcónaí, go háirithe i gcás na ríomhthráchtála agus táirgí a sheachadtar chun an bhaile, inarb é 1:1 An cóimheas idir an phacáistíocht agus an táirge. I ndáil leis sin, ba cheart aird a thabhairt freisin ar thaighde agus ar réitigh nuálacha a laghdódh an drochthionchar a imrítear ar an gcomhshaol de dheasca phacáistiú na n-earraí arna seachadadh.
5.2. Tá gá le bearta beartais fianaisebhunaithe má táthar chun an toradh is fearr is féidir a bhaint amach ó thaobh an chomhshaoil de.
Deis atá i ndúshláin an athraithe aeráide don Aontas Eorpach bonn tionsclaíoch inbhuanaithe a thógail a bheidh dírithe ar an todhchaí. A mhéid a bhaineann leis an bpacáistíocht, ba cheart gach tionscnamh beartais atá ar na bacáin a bhunú ar fhianaise eolaíoch agus tuiscint fhónta ar an tionchar iarbhír a bheidh acu ar an gcomhshaol. Is cabhair straitéiseach é úsáid mhodheolaíocht an Mheasúnaithe Saolré a mholadh mar uirlis chun athbhreithniú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn táirgí ar an gcomhshaol i rith a saolré iomláine.
5.3. De thoradh ábhair phacáistíochta atá go hiomlán in-athchúrsáilte agus inathnuaite a úsáid, cothaítear forbairt an gheilleagair chiorclaigh.
Ba cheart tacaíocht a thabhairt i reachtaíocht agus gníomhaíochtaí an Aontais amach anseo don éileamh ar ábhair in-athchúrsáilte inathnuaite ardcháilíochta, rud a chothódh a thuilleadh infheistíochta sa nuálaíocht phacáistíochta. Ar bhonn níos sonraí, níor cheart díriú ar an bpacáistíocht féin i reachtaíocht agus gníomhaíochtaí an Aontais ach ar an slabhra táirgthe ina iomláine: e.g. mar a aimsítear agus próiseáiltear na hábhair, na hacmhainní agus an fuinneamh atá ag teastáil ón bpróiseas táirgthe, agus a éasca atá sé i ndáiríre an t-ábhar nó an táirge a athchúrsáil. Ba cheart don Aontas infhaighteacht agus cáilíocht na n-ábhar athchúrsáilte a mhéadú, agus béim á leagan ar a mhéad a choinnítear airíonna bunúsacha an ábhair ann i ndiaidh a athchúrsála, agus ar a mhéad is féidir é úsáid in ionad amhábhair phríomhúla amach anseo (12).
5.4. Tá comhchuibhiú na scéimeanna áitiúla bailithe agus athchúrsála ríthábhachtach ó thaobh na spriocanna a bhaint amach maidir le hathchúrsáil na pacáistíochta.
Tá sé ar cheann de spriocanna an Aontais rátaí athchúrsála dramhaíola a mhéadú, ach tá a bhaint amach sin ag brath freisin ar mar a éiríonn leis na húdaráis áitiúla an bailiú a mhéadú agus a fheabhsú.
Maidir le hathchúrsáil dramhaíola cathrach, tá éagsúlacht mhór sna rátaí ó áit amháin go háit eile san Aontas, fiú idir tíortha a bhfuil rátaí athchúrsála acu atá mórán mar an gcéanna, tá éagsúlacht mhór ann ó thaobh rialacha agus modhanna bailiúcháin de. Tá gá lena thuilleadh comhchuibhithe ó thaobh na rialacha maidir le hábhair a athchúrsáil agus na scéimeanna bailiúcháin a úsáidtear go háitiúil sna Ballstáit. Tá gá freisin le critéir chomhchuibhithe maidir le modhnú táillí freagrachta leathnaithe táirgeora agus maidir le lipéadú na pacáistíochta in-athchúrsáilte.
Tá sé ríthábhachtach freisin measúnú a dhéanamh ar spriocanna sonracha maidir le bailiú agus athchúrsáil i gcás roinnt catagóirí táirge ar leith amhail pacáistíocht na seirbhísí bia i gcás béilí a itear ar an láthair agus iad siúd a thugtar abhaile araon. Ach spriocanna soiléire a shocrú maidir leis an mbailiú agus an athchúrsáil i gcás earnáil an mhiondíola, an fháilteachais, na lónadóireachta, etc., agus i gcás na mbardas freisin, is féidir bruscar ó phacáistíocht a laghdú, rud chuirfidh leis an ráta athchúrsála.
5.5. Córas na Scéimeanna Aisíoca Éarlaise
Is cinnte gur féidir na Scéimeanna Aisíoca Éarlaise a úsáid chun athchúrsáil a dhreasú agus éifeachtúlachtaí bailiúcháin a sholáthar do ghnólachtaí ar féidir leo bruscar a laghdú ar scála ollmhór, go háirithe i gcás cineálacha tomhaltais ar leith, amhail deochanna a dhíoltar i mbuidéil phlaisteacha agus ghloine.
5.6. Ach feabhas a chur ar cháilíocht an bhailithe pacáistíochta cuirtear borradh a chur faoi inbhuanaitheacht thionscal na hathchúrsála.
Chun tacú leis na húdaráis áitiúla, tá sé riachtanach treoirlínte soiléire athchúrsála agus cumarsáid spriocdhírithe a fhorbairt, i gcomhairle le tionscal na hathchúrsála, maidir leis an gcaoi ar cheart don ghnáthdhuine den phobal ábhair in-athchúrsáilte a dhealú agus a chur ar fáil go héifeachtúil lena mbailiú.
An Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) De bhreis air sin, tá ról tábhachtach ag an bpacáistiú i roinnt tionscal, cuir i gcás tionscal an agraibhia, ó thaobh traséilliú bia agus deochanna a chosc, rud a chuireann cosc ar na rioscaí sláinte a ghabhann leis.
(2) OJ L 365, 31.12.1994, p. 10.
(3) Eurostat.
(4) https://www.mordorintelligence.com/industry-reports/europe-consumer-packaging-market
(5) https://environment.ec.europa.eu/strategy/circular-economy-action-plan_en
(6) https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12263-Dramhail-o-phacaistiu-a-laghdu-athbhreithniu-ar-rialacha_ga
(7) https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say_ga
(8) Cuir i gcás, onnmhairíonn cuid de na tíortha san Eoraip a gcuid dramhaíola plaistigh as an Eoraip. Ba cheart an méid sin a sheachaint ach borradh a chur faoi scéim athchúrsála inmheánach an Aontais, lena dtiontófaí an dramhaíl sin ina hamhábhar luachmhar athchúrsáilte. (https://www.theguardian.com/environment/2021/jan/12/loophole-will-let-uk-continue-to-ship-plastic-waste-to-poorer-countries).
(9) https://environment.ec.europa.eu/strategy/circular-economy-action-plan_ga.
(10) Gerber, P.J., Steinfeld, H., Henderson, B., Mottet, A., Opio, C., Dijkman, J., Tempio, G. (2013). Tackling climate change through livestock – A global assessment of emissions and mitigation opportunities [An t-athrú aeráide a chomhrac trí bhíthin an bheostoic – Measúnacht dhomhanda ar astaíochtaí agus deiseanna maolaithe]. An Róimh: Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO).
(11) “Is é an cur amú bia is cúis le 6 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ar domhan” (https://ourworldindata.org/food-waste-emissions).
(12) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach (2020/2077(INI)) (IO C 465, 17.11.2021, lch. 11), mír 39.
III Gníomhartha ullmhúcháin
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
569ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Interactio, 18.5.2022-19.5.2022
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/27 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Tairseach Dhomhanda
(Tuairim féintionscnaimh)
(JOIN(2021) 30 final)
(2022/C 323/05)
|
Rapóirtéir: |
Dumitru FORNEA |
|
Comhrapóirtéir: |
Violeta JELIĆ |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
9.12.2021 |
|
Bunús dlí |
Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
|
|
Rannóg atá freagrach |
Caidreamh Seachtrach |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
12.4.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
19.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
206/1/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa é seoladh thionscnamh na Tairsí Domhanda, ós rud é go bhfuil sé suite de gur gá eolas níos fearr a chur ar thionscadail infheistíochta agus chomhair de chuid ghníomhaithe an Aontais agus gníomhaithe neamhstáit san Aontas ar an leibhéal domhanda agus gur gá iad a chur chun cinn níos fearr ar fud an domhain. |
|
1.2. |
Is eol do CESE go bhfuil géarghá le hacmhainní airgeadais chun an bonneagar criticiúil domhanda a idirnascadh agus, i ndáil leis sin, creideann sé go daingean gur chun leasa an Aontais é comhar infheistíochta agus forbartha a chomhordú tríd an Tairseach Dhomhanda le cláir den chineál céanna atá i bhfeidhm i dtíortha a roinnimid luachanna agus comhleasanna straitéiseacha leo. Ní mór sineirgí a chothú freisin le Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Comhar sa Réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach (1). |
|
1.3. |
Tugann CESE dá aire a thábhachtaí atá sé glaonna ar thairiscintí, nósanna imeachta riaracháin gaolmhara, céim cur chun feidhme na dtionscadal agus torthaí ghníomhaíocht an Aontais agus na mBallstát a chur in iúl agus, i ndáil leis sin, le gur féidir teacht ar thuiscint níos fearr ar chuspóirí agus ar bhreisluach an tionscnaimh sin, tá sé tábhachtach go n-ullmhódh an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh sraith uirlisí chun rochtain ar phríomhshonraí a chumasú, chomh maith le paraiméadrú ar tháscairí ábhartha chun tomhas a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na straitéise sin. |
|
1.4. |
Creideann CESE go mbeidh ar na hinstitiúidí ábhartha Eorpacha, i gcomhar leis na Ballstáit agus le tíortha comhpháirtíochta, anailís a dhéanamh ar na riachtanais tosaíochta le haghaidh infheistíochtaí sa bhonneagar domhanda, agus leasanna straitéiseacha agus eacnamaíocha an Aontais á gcur san áireamh, ach aird a thabhairt freisin ar ghealltanais shóisialta, aeráide agus éiceolaíochta an Aontais. |
|
1.5. |
Creideann CESE gur tábhachtach an rud é go ndíreodh an tAontas ar fheidhmiú agus forbairt na nasc fisiciúil idir an Eoraip agus áiteanna eile ar domhan a choinneáil ar bun. Is fíor-riachtanach é an bonneagar lena soláthraítear rochtain ar uisce, bia agus fuinneamh don phobal, agus ní mór tús áite a thabhairt, i ngníomhaíochtaí institiúidí an Aontais agus na mBallstát, don éiceachóras iomlán lenar féidir slándáil bia a bhaint amach ar an leibhéal domhanda. |
|
1.6. |
Tugann CESE dá aire, agus is cúis imní dó, go bhfágann staid shuntasach an chogaidh san Úcráin gur gá dúinn ionstraimí airgeadais an Aontais a oiriúnú ionas go mbeidh siad solúbtha agus cuimsitheach go leor le go bhféadfar úsáid i bhfad níos tapa a bhaint astu nuair a thagann géarchéimeanna domhanda chun cinn, go háirithe i gcomharsanacht an Aontais. |
|
1.7. |
Áitíonn CESE gur cheart infheistíochtaí i gconairí tosaíochta don bhonneagar iompair, fuinnimh agus cumarsáide leictreonaí a bhunú ar mheasúnuithe tionchair lena ndéantar measúnú ní hamháin ar shaincheisteanna straitéiseacha, lena n-áirítear na ceachtanna a foghlaimíodh ó choinbhleachtaí armtha san Úcráin, sa Nagarna-Carabaic, sa tSiria, san Oiséit, sa Libia, etc., ach freisin ar shaincheisteanna nach iad a bhaineann leis an athrú aeráide, le cosaint an chomhshaoil, le cearta an duine agus leis an bhfreagracht shóisialta. |
|
1.8. |
Molann CESE feabhas a chur ar an gcóras tuairiscithe i leith gníomhaíochtaí agus tionscadail arna gcur chun feidhme ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit an Aontais, trí thionscnóirí infheistíochta agus tionscadal a spreagadh chun clárú go deonach ar an Tairseach Dhomhanda, tairseach nach mór í a dhearadh ar bhonn na réiteach teicneolaíochta digití is déanaí le haghaidh próiseáil sonraí agus le haghaidh cumarsáide. |
|
1.9. |
Tá béim leagtha ag CESE sna tuairimí uaidh ar an tábhacht a bhaineann le comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta idir eagraíochtaí comhionanna, comhpháirtíochtaí lenar féidir spleáchas a theorannú, naisc a chruthú agus tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta marthanacha a sholáthar do phobail áitiúla i dtíortha comhpháirtíochta. Ní féidir an méid sin a dhéanamh ach amháin má úsáidtear an cur chuige ón mbun aníos chun slabhraí táirgeachta breisluacha áitiúla láidre a thógáil agus chun margaí intíre i dtíortha comhpháirtíochta a neartú trí phoist ardcháilíochta a chruthú agus trí aistrithe inbhuanaithe feasa gnó a chur ar bun. |
|
1.10. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé d’aidhm maoiniú cóir a chur ar fáil ar théarmaí fabhracha chun teorainn a chur leis an mbaol go dtarlódh anás de bharr fiachais. Chun an sprioc sin a bhaint amach ar bhealach inbhuanaithe, ní mór a áirithiú nach dtiocfaidh cineálacha eile spleáchais chun cinn. |
|
1.11. |
Iarrann CESE ar institiúidí Eorpacha agus ar rialtais na mBallstát a áirithiú go n-urramófar luachanna Eorpacha agus go gcuirfear chun cinn iad trí thionscadail arna gclárú faoi bhranda na Tairsí Domhanda a chur chun feidhme. Ní mór an urraim do chearta bunúsacha an duine, measúnú tionchair shóisialta agus comhshaoil agus comhlíonadh nósanna imeachta trédhearcachta agus díchill chuí a aimsiú sna coinníollachtaí sine qua non i leith seoladh aon tionscadail arna chistiú ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit an Aontais. |
|
1.12. |
Aontaíonn CESE leis an smaoineamh nach mór do chuideachtaí ar spéis leo a bheith páirteach sa Tairseach Dhomhanda comhoibriú go héifeachtach le cóir thaidhleoireachta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh, rochtain shimplithe a bheith acu ar acmhainní airgeadais agus ar fhaisnéis ábhartha ar an leibhéal réigiúnach, agus, nuair is féidir, oifigí ionaid ilfhreastail a bheith acu, d’fhonn infheistíochtaí earnáil phríobháideach an Aontais a éascú ar fud an domhain. |
|
1.13. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Eorpach bord a bhunú chun tionscnamh na Tairsí Domhanda a chomhordú. Tá an bainistiú gairmiúil riachtanach chun cuspóirí casta na straitéise infheistíochta seo atá beartaithe a bhaint amach; i ndáil leis sin, má táthar chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ábharthacht na gcinntí a dhéanfaidh an bord sin, ní mór comhaltaí eile a bheith rannpháirteach ann, ar comhaltaí iad a ionadaíonn d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, go háirithe na ceardchumainn, chomh maith le hionadaithe ó shaol an ghnó. |
|
1.14. |
Tugann CESE dá aire an gá atá le cur i láthair níos soiléire ar an iliomad ionstraimí cistiúcháin a chuirfear ar fáil do thairbhithe faoi 2027. Toisc go bhfuil an tuairisc ar na cistí a bheidh faoi bhranda na Tairsí Domhanda an-chasta, tuairisc a thugtar sa doiciméad a d’fhoilsigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, dealraíonn sé go bhfuil gá le léiriú scéimreach cuimsitheach cliste a dhéanamh orthu ionas gur féidir leis na páirtithe leasmhara go léir iad a thuiscint. |
2. Cúlra
|
2.1. |
In 2013, nuair a thug sé cuairteanna ar an gCasacstáin agus ar an Indinéis, sheol Uachtarán Dhaon-Phoblacht na Síne, Xi Jinping, dhá thionscnamh i gcomhair idirnaisc thras-ilchríochacha an bhonneagair talún agus farraige: Crios Eacnamaíoch Bhóthar an tSíoda agus Bóthar Muirí Síoda an 21ú hAois. Níos déanaí, in 2014, tar éis roinnt iarrachtaí branda comhtháite a chruthú, tugadh Tionscnamh an Chreasa agus an Bhóthair (BRI) air (2). Faoi mar a tugadh tuairisc air ar dtús, ní díreach lána iompair a bhí in BRI, ach ba réimse é freisin inar cuireadh infheistíocht ón tSín chun cinn sna stáit a bhí rannpháirteach sa tionscnamh sin. |
|
2.2. |
Is ón tSeapáin a tháinig an chéad fhreagairt ar thionscnamh na Síne, agus in 2015 mhol an tSeapáin an Chomhpháirtíocht le haghaidh Bonneagar Cáilíochta (3), tionscnamh a bhí dírithe ar thairbhithe san Áise agus a raibh buiséad 5 bliana USD 10 mbilliún aige. In 2016, leathnaíodh an Chomhpháirtíocht sin ar fud an domhain, agus ardaíodh an buiséad leithdháilte go USD 200 billiún. |
|
2.3. |
Le 7 mbliana anuas, tá an tAontas Eorpach agus na mórstáit dhaonlathacha thionsclaithe sa Ghrúpa Seacht ag féachaint go héidreorach éighníomhach ar an neartú leanúnach ar chaidreamh eacnamaíoch agus polaitiúil na Síne ar fud an domhain trí BRI. Faoin am ar reáchtáladh cruinniú an Ghrúpa Seacht i mí an Mheithimh 2021 i gCorn na Breataine (4), sa Ríocht Aontaithe, áit ar cinneadh rogha eile dhomhanda a bhunú – Build Back Better World Initiative (Atógáil chun Feabhais) – bhí an tSín tar éis níos mó ná leath dá cistí iomlána BRI a bhí curtha in áirithe don tréimhse idir seo agus 2027, i.e. USD 1,2-1,3 trilliún, a infheistiú, de réir an mheastacháin a rinne Morgan Stanley Research. |
|
2.4. |
I gcomhthéacs an 26ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP 26), a tionóladh i nGlaschú i mí na Samhna 2021, sheol Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe an tionscnamh Clean Green (5), lenar dúblaíodh na hinfheistíochtaí glasa a fuair cistí cabhrach ón Ríocht Aontaithe go dtí níos mó ná GBP 3 bhilliún thar 5 bliana, chomh maith le ráthaíochtaí nua a sholáthar chun tacú le tionscadail bonneagair ghlain, lena n-áirítear GBP 200 milliún le haghaidh Saoráid nua Nuálaíochta Aeráide. Tá pacáiste ráthaíochtaí fógartha ag an Ríocht Aontaithe do bhainc forbartha iltaobhacha atá ceaptha borradh mór a chur faoin infheistíocht i dtionscadail a bhaineann leis an aeráid san India agus ar fud na hAfraice. Faoi ráthaíocht nua dar teideal Room2Run do Bhanc Forbartha na hAfraice (6), meastar go soláthrófar suas le GBP 1,45 billiún de mhaoiniú nua do thionscadail ar fud na mór-roinne sin, agus cabhróidh leath na ráthaíochta sin le tíortha iad féin a chur in oiriúint do thionchar an athraithe aeráide. |
|
2.5. |
San Aontas, an 12 Iúil 2021, chinn an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha gníomhaíocht a dhéanamh tar éis chruinniú an Ghrúpa Seacht agus d’iarr sí ar an gCoimisiún Straitéis Nascachta Domhanda (7) a ullmhú, faoi mheirge de chuid Fhoireann na hEorpa, ina dtabharfaí le chéile in iarracht chomhpháirteach amháin na Ballstáit agus an tAontas, institiúidí an Aontais, agus institiúidí airgeadais náisiúnta. Foilsíodh an straitéis sin an 1 Nollaig 2021 faoin ainm An Tairseach Dhomhanda. |
|
2.6. |
Luaitear sa doiciméad ón gCoimisiún Eorpach go dtacaíonn an Tairseach Dhomhanda le hinfheistíocht i mbonneagar crua-earraí agus bogearraí lena n-urramaítear príomhphrionsabail an Aontais Eorpaigh: luachanna daonlathacha agus ardchaighdeáin; dea-rialachas agus trédhearcacht; comhpháirtíochtaí comhionanna; bonneagar glas agus glan; díriú ar an tslándáil; infheistíocht ón earnáil phríobháideach a spreagadh. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Rinne an tAontas Eorpach an cinneadh próifíl a chuid infheistíochta i Stáit nach Ballstáit den Aontas iad a ardú, ar fud an domhain, trí thionscnamh na Tairsí Domhanda a bhunú – ar straitéis eacnamaíoch agus infheistíochta í a ceapadh chun bheith ina huirlis taidhleoireachta agus chumarsáide. |
|
3.2. |
Is díol sásaimh d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Aontas aidhm an tionscnaimh sin maoiniú cóir a chur ar fáil ar théarmaí fabhracha chun teorainn a chur leis an mbaol a bhaineann le hanás de bharr fiachais. Chun an sprioc sin a bhaint amach ar bhealach inbhuanaithe, ní mór a áirithiú nach dtiocfaidh cineálacha eile spleáchais chun cinn. |
|
3.3. |
Ní struchtúr breise é sin agus ní struchtúr de chineál riaracháin ná airgeadais é. BRANDA atá ann nach mór do gach institiúid airgeadais Eorpach, gach gníomhaireacht forbartha agus gach cuideachta phríobháideach Eorpach sna Ballstáit glacadh leis agus tionscadail infheistíochta á gcruthú acu i dtíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach, agus ní mór dóibh córas ceanglas a chomhlíonadh atá bunaithe ar bhunluachanna an Aontais. Is gá coinníollacha úsáide an ainm branda, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil toirmeasc ar a úsáid, a leagan amach, agus tá CESE réidh le páirt a ghlacadh san obair sin. |
|
3.4. |
Murab ionann agus Tionscnamh an Chreasa agus an Bhóthair (BRI) de chuid na Síne, faoina gcuirtear chun feidhme plean bonneagair idirnáisiúnta Síneach le cistiú náisiúnta den chuid is mó, le gnólachtaí ón tSín agus faoi chuimsiú straitéis ón mbarr anuas, is cur chuige ón mbun aníos atá i gceist leis an Tairseach Dhomhanda. Dá bhrí sin, tá sí bunaithe ar na fíor-riachtanais infheistíochta atá ag tíortha comhpháirtíochta nach Ballstáit den Aontas iad agus atá toilteanach a mbonneagar a fhorbairt agus na príomhphrionsabail is bonn leis an straitéis sin á n-urramú acu an tráth céanna. |
|
3.5. |
Is tionscadail ardcháilíochta amháin a chuirtear chun cinn, tar éis measúnú tionchair comhshaoil agus shóisialta a dhéanamh, agus cuirtear san áireamh an tráth céanna leibhéal cáilíochta an trealaimh ar feadh shaolré an trealaimh. Cumhdaítear leis an gcoincheap cáilíochta sin an ghné ábhartha de gach tionscadal (comhpháirteanna crua-earraí, innealtóireacht, próiseas tógála, saothar oilte, etc.) agus an ghné airgeadais araon, trí nósanna imeachta trédhearcacha tairisceana agus trí phróiseas eiticiúil airgeadais mar aon leis na ráthaíochtaí iomchuí. |
|
3.6. |
Is í an Tairseach Dhomhanda coibhéis an tionscnaimh Build Back Better (8) de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tionscnaimh Clean Green de chuid na Breataine. Beidh le feiceáil ar cheart glacadh leis go bhfuil an dá thionscnamh sin in iomaíocht leis an Tairseach Dhomhanda, comhlántach leis an Tairseach nó i mbun comhair léi. Ó thaobh na sochaí sibhialta de, is ríléir gur cheart comhordú a chothú idir an Tairseach Dhomhanda agus comhar idirnáisiúnta eile le haghaidh straitéisí forbartha atá bunaithe ar na luachanna céanna. |
|
3.7. |
Le bheith incháilithe, ní mór tionscadail a bheith bunaithe ar smaoineamh na “nascachta” níos fearr idir an tír lena mbaineann agus an tAontas Eorpach, i measc mhuintir na tíre sin nó idir an tír lena mbaineann agus a comharsana. Is deimhin gur sprioc é sin a chomhlíonann na riachtanais nua-aimseartha, chomh maith le hacmhainneacht an Aontais. Ar thaobh amháin, is amhlaidh gur tábhachtaí de réir a chéile líonraí agus bealaí a rialú seachas limistéir. Ar an taobh eile, is féidir leis an Aontas féin príomhról a bheith aige maidir le comhpháirtíocht thrasnáisiúnta fhorchéimnitheach chothrom a áirithiú, agus maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) (9) a bhaint amach. Leis an nascacht sin, cumhdófar crua-earraí amháin – bóithre, iarnróid, calafoirt, aerfoirt, etc.; idir chrua-earraí agus bhogearraí – líonraí cábla cumarsáide; nó bogearraí den chuid is mó – oideachas, taighde agus forbairt. |
|
3.8. |
Cuimsítear le coincheap leathan na nascachta, mar shampla, gach cineál infheistíochta in acmhainní uisce – toibreacha nua, dáileadh uisce, uisciú talmhaíochta agus bainistíocht fuíolluisce. Beidh acmhainní uisce ríthábhachtach i níos mó agus níos mó tíortha, mar gheall ar thionchar fhás an daonra agus mar gheall ar thionchar na haeráide níos teo. Ní hamháin go nascann uisce daoine le chéile trí bhonneagair bainistíochta uisce, ach freisin, agus go deimhin den chuid is mó, trí uiscebhealaí a sholáthar don loingseoireacht mhuirí agus intíre. |
|
3.9. |
Ní fhágfaidh “branda” nó “tionscnamh” na Tairsí Domhanda go gcuirfear níos mó airgid le cistí agus struchtúir infheistíochta airgeadais Eorpacha atá ann cheana agus atá éagsúlaithe. Táthar ag súil go ndéanfaidh an tAontas, faoin meirge sin, leas a bhaint as infheistíocht suas le EUR 300 billiún san fhorbairt bonneagair sa tréimhse 2021-2027. |
|
3.10. |
Beidh an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) (10) ar an bpríomhuirlis airgeadais chun leas a bhaint as infheistíocht faoin Tairseach Dhomhanda, agus soláthrófar suas le EUR 135 bhilliún, lena n-áirítear tionscnamh nua leis an mBanc Eorpach Infheistíochta faoina bhféadfaí EUR 25 bhilliún d’infheistíocht bhreise a sholáthar, de bhreis ar dheontais suas le EUR 18 mbilliún faoi chláir cúnaimh sheachtraigh an Aontais. |
|
3.11. |
De bhreis ar na cistí sin, tá luach EUR 145 bhilliún infheistíochta beartaithe ag institiúidí Eorpacha airgeadais agus maoinithe forbartha. Úsáidfear na ráthaíochtaí a sholáthraítear le CEFI+ chun maolú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le gníomhaíochtaí agus chun infheistíocht phríobháideach a ghiaráil. Cuirfear an méid sin chun feidhme trí dhlúthchomhar idir an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha. |
|
3.12. |
Ag an séú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach (11) sa Bhruiséil an 17-18 Feabhra 2022, d’fhógair an Coimisiún go bhfuil suim EUR 150 billiún ó bhuiséad iomlán thionscnamh na Tairsí Domhanda tiomnaithe do phacáiste infheistíochta de chuid na hAfraice agus na hEorpa (12) lena dtacófar le huaillmhianta coiteanna i leith 2030 agus le Clár Oibre 2063 an Aontais Afracaigh (13), lena ngabhann na cuspóirí ginearálta geilleagair níos cuimsithí, níos éagsúlaithe agus níos athléimní a thógáil. |
|
3.13. |
Chun tuilleadh a chur leis an bpacáiste uirlisí airgeadais sin, tá an tAontas Eorpach ag féachaint an bhféadfaí Saoráid Eorpach um Chreidmheas Onnmhairiúcháin (14) a bhunú chun comhlánú a dhéanamh ar na socruithe creidmheasa onnmhairiúcháin atá ann cheana ar leibhéal na mBallstát. Leis an Tairseach Dhomhanda, ní thugtar tús áite do limistéir gheografacha infheistíochta. Dá ainneoin sin, is é an príomhlimistéar spéise comharsanacht an Aontais Eorpaigh – a chomharsana san oirthear, tíortha na Meánmhara agus an Afraic, agus réigiún na Mara Duibhe, Lár na hÁise agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach. |
|
3.14. |
Tabharfar tosaíocht do thionscadail ar bhonn fiúntais seachas ar bhonn suímh, lena n-áirítear a fhad a bhaineann leis an tSamhail um Measúnú Rioscaí PPP (PFRAM) (15) agus leis an Measúnú ar Bhainistiú Infheistíochta Poiblí (PIMA) (16) atá bunaithe ar chomhar institiúidí an Aontais leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus leis an mBanc Domhanda, agus ar dhúbláil a sheachaint agus na tionscnaimh éagsúla á gcur chun feidhme. |
|
3.15. |
Tionscnamh agus tosaíocht de chuid an Aontais is ea an Tairseach Dhomhanda, ach faoi dhálaí áirithe d’fhéadfaí comhpháirtíocht le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, amhail an Eilvéis, an Ríocht Aontaithe agus an India, a chur san áireamh. |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Aontaíonn CESE leis an réasúnaíocht ba bhun le cinneadh na Comhairle straitéis Eorpach a sheoladh chun cur le próifíl na n-infheistíochtaí sonracha arna ndéanamh ag gníomhaithe institiúideacha an Aontais, gníomhaithe na mBallstát agus gníomhaithe neamhstáit ar an leibhéal domhanda, agus próifíl na mbeart arna nglacadh acu. |
|
4.2. |
Tuigeann CESE an chúis a ndírítear ar phaindéimí a chosc agus a chomhrac sna caibidlí a bhaineann leis an tsláinte agus aithníonn sé go bhfuil na saincheisteanna sin ábhartha faoi láthair. Dá ainneoin sin, ní mór tús áite a thabhairt do thionchar fadtéarmach agus príomhghné sa réimse sin is ea bonneagair shoch-leighis atá athléimneach agus ar furasta iad a rochtain. |
|
4.3. |
Le staid shuntasach an chogaidh san Úcráin, léirítear dúinn nach mór na hionstraimí airgeadais sin a cheapadh le go mbeidh siad solúbtha agus cuimsitheach go leor ionas gur féidir iad a úsáid go tapa i ngéarchéimeanna a thagann chun cinn ar fud an domhain agus go háirithe i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh. Tugtar aghaidh ar ghéarchéimeanna sa gharchomharsanacht mar ábhar tosaíochta chun an bhagairt ar shlándáil na mBallstát a íoslaghdú, agus chuige sin, i measc nithe eile, ní mór acmhainní airgeadais a leithdháileadh go tráthúil le haghaidh idirghabhálacha práinneacha chun feidhmiúlacht an bhonneagair idirnaisc agus na seirbhísí poiblí riachtanacha don phobal a athbhunú. |
|
4.4. |
Measann CESE gur tábhachtach an rud é go ndíreodh an tAontas ar fheidhmiú agus forbairt na nasc fisiciúil idir an Eoraip agus áiteanna eile ar domhan a choinneáil ar bun. Is fíor-riachtanach freisin é an bonneagar lena soláthraítear rochtain ar uisce, bia agus fuinneamh don phobal, agus ní mór tús áite a thabhairt, i ngníomhaíochtaí institiúidí an Aontais agus na mBallstát, don éiceachóras iomlán lenar féidir slándáil bia a bhaint amach. |
|
4.5. |
Is mór agus is suaiteach an tionchar atá ag an gcogadh idir an Rúis agus an Úcráin ar shlabhraí soláthair gránach agus tráchtearraí talmhaíochta eile don tionscal agraibhia. Ba cheart an bonneagar a fhorbraítear trí infheistíocht na Tairsí Domhanda a chomhchuibhiú freisin le leasanna straitéiseacha an Aontais Eorpaigh i gcás coinbhleachtaí armtha nó tubaistí nádúrtha agus, ón taobh sin de, ní mór slándáil sholáthar na n-amhábhar riachtanach a áirithiú freisin trí líonraí dáileacháin, ionaid lóistíochta agus trádstórais a dhearadh go cliste. |
|
4.6. |
Tacaíonn CESE le hiarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh neartú a dhéanamh ar shásraí agus ionstraimí i gcomhair gníomhaíocht nithiúil ionas go mbeidh ról ceannródaíoch ag an Aontas Eorpach i dtaca le forbairtí socheacnamaíocha agus polaitiúla domhanda. I dtaca leis sin, áitíonn saineolaithe éagsúla go bhfuil gá le leathnú airgeadaíochta a bheadh comhordaithe go hidirnáisiúnta (go díreach agus go hindíreach) agus le húsáid an spáis fhioscaigh arna oscailt chun forbairt eacnamaíoch dhomhanda a sheoladh trí infheistíochtaí i mbonneagar poiblí agus infheistíochtaí táirgiúla poiblí nó príobháideacha a mhaoiniú, trí éagothromaíochtaí spásúla a fhrithchúiteamh agus trí fhreastal ar inbhuanaitheacht shocheacnamaíoch agus inbhuanaitheacht comhshaoil (17). |
|
4.7. |
Is fíordhúshlán é tuairisciú ceart, iomlán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí uile an Aontais i dtíortha éagsúla ar fud an domhain, fad is nach bhfuil dlúth-chomhordú buan ann idir na gníomhaithe ábhartha. I gcomhthéacs sheoladh agus chur chun feidhme BRI na Síne, tá gá le cumarsáid níos fearr maidir le rannchuidiú an Aontais le bonneagar idirnaisc domhanda a fhorbairt. |
|
4.8. |
Chun teacht ar thuiscint níos fearr ar chuspóirí agus ar bhreisluach an tionscnaimh sin, tá sé tábhachtach go molfaidh an Coimisiún Eorpach sa tréimhse atá romhainn sraith uirlisí chun rochtain ar phríomhshonraí a chumasú, chomh maith le paraiméadrú ar tháscairí ábhartha chun tomhas a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na straitéise sin. |
|
4.9. |
Tionscnamh is ea an Tairseach Dhomhanda lena gcuirfear ar chumas Fhoireann na hEorpa íomhá níos fearr agus níos cuimsithí a léiriú os comhair an domhain lasmuigh. Mar mhodh chun infheistíocht Eorpach i dtríú tíortha a chomhdhlúthú, ní mór bunachar sonraí a bheith ag an Tairseach Dhomhanda lena n-áiritheofar rochtain níos fearr ar fhaisnéis ábhartha maidir leis na tionscadail, na buiséid agus na comhpháirtithe uile lena mbaineann. Maidir leis sin, is é an chéad chéim suíomh gréasáin de chuid na Tairsí Domhanda a dhearadh agus a choinneáil ar bun chun fuinneog chuí a sholáthar chun na bearta, na torthaí agus an tionchar gaolmhar a léiriú. |
|
4.10. |
Chun an spleáchas a theorannú, naisc a chruthú agus, dá bhrí sin, tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta marthanacha a chur ar fáil do phobail áitiúla sna tíortha comhpháirtíochta, tá sé ríthábhachtach fíor-chomhpháirtíocht idir páirtithe comhionanna a bhunú. Ní féidir an méid sin a dhéanamh ach amháin má úsáidtear an cur chuige ón mbun aníos chun slabhraí táirgeachta breisluacha áitiúla athléimneacha a thógáil agus chun na margaí intíre sna tíortha comhpháirtíochta a neartú trí phoist ardcháilíochta a chruthú agus trí aistrithe inbhuanaithe feasa gnó a chur ar bun. I gcás na hAfraice, d’fhéadfadh sé gur chéim leordhóthanach é Limistéar Saorthrádála Ilchríoch na hAfraice (18) a bhunú. Lena áirithiú go n-urramófar luachanna Eorpacha, tá measúnuithe tionchair shóisialta bunriachtanach agus is féidir iad a thógáil ar bhonn na bpróiseas díchill chuí atá ann cheana. |
|
4.11. |
Aithníonn na hinstitiúidí Eorpacha ról na hearnála príobháidí maidir le hinfheistíochtaí na Tairsí Domhanda a chómhaoiniú. D’fhonn cur le tiomantas na n-eintiteas príobháideach a bheith níos rannpháirtí agus a gcion féin a dhéanamh chun cuspóirí sonracha na straitéise seo a bhaint amach, agus d’fhonn cur lena spéis sa mhéid sin, ba cheart sásraí a bhunú go tapa chun deimhniú agus aitheantas a éascú do na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag gníomhaithe príobháideacha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an tionscnaimh seo de chuid an Aontais. |
|
4.12. |
Cuideachtaí ar spéis leo páirt a ghlacadh sa Tairseach Dhomhanda, tá gá acu le faisnéis ábhartha ar an leibhéal réigiúnach, le comhar éifeachtach le cóir thaidhleoireachta na mBallstát éagsúil agus le cór taidhleoireachta an Aontais agus, nuair is féidir, tá gá acu freisin le hoifigí ionaid ilfhreastail, chun infheistíochtaí earnáil phríobháideach an Aontais ar fud an domhain a éascú. Ar a mhuin sin, ach a mbeidh toradh rathúil ar an measúnú tionchair ar an gcomhshaol agus ar an tionchar sóisialta, agus ar PFRAM agus PIMA, agus ach a léireofar luach dearfach inbhuanaithe eacnamaíoch, sóisialta agus éiceolaíoch don Aontas, agus go háirithe do na tíortha comhpháirtíochta agus i dtaca lena gcomhar leis na hinstitiúidí airgeadais lena mbaineann, ba cheart rochtain shimplithe a bheith ag an earnáil phríobháideach ar acmhainní airgeadais, agus fáil acu ar na coinníollacha is fabhraí. |
|
4.13. |
Tá sé fógartha ag an gCoimisiún Eorpach go bhfuil sé ar intinn aige bord a bhunú chun tionscnamh na Tairsí Domhanda a chomhordú. Is díol sásaimh do CESE an togra sin, agus creideann sé go daingean go bhfuil gá mór le rialachas comhtháite na straitéise sin chun torthaí a bhaint amach laistigh de thréimhse ama sách gearr. Chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ábharthacht na gcinntí a dhéanfaidh an bord sin, ní mór comhaltaí eile a bheith rannpháirteach ann, comhaltaí a ionadaíonn d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, go háirithe na ceardchumainn, chomh maith le hionadaithe ó shaol an ghnó. |
|
4.14. |
D’fhéadfadh an Grúpa Comhairleach Gnó a luaitear sa teachtaireacht chomhpháirteach cur chuige róchúng a leanúint trí shaineolaithe a fhágáil ar lár i réimsí na dtosaíochtaí infheistíochta sa chomhar um fhorbairt, sa chúram sláinte, i gcosaint an chomhshaoil agus san oideachas agus oiliúint. Chun cumhdach éifeachtach a áirithiú maidir le gach topaic de chuid chlár na Tairsí Domhanda, áireofar sa ghrúpa sin saineolaithe de chuid na réimsí ábhartha sin. |
An Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) https://www.eeas.europa.eu/eeas/eu-strategy-cooperation-indo-pacific-0_en
(2) https://www.ebrd.com/what-we-do/belt-and-road/overview.html
(3) https://www.mofa.go.jp/files/000117998.pdf
(4) https://www.g7uk.org/
(5) https://www.gov.uk/government/news/pm-launches-new-initiative-to-take-green-industrial-revolution-global
(6) https://www.afdb.org/en/news-and-events/african-development-bank-launches-landmark-us-500-million-credit-insurance-deal-with-african-trade-insurance-agency-and-uk-reinsurers-18600
(7) https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2021/07/12/a-globally-connected-europe-council-approves-conclusions/
(8) https://www.whitehouse.gov/build-back-better/.
(9) https://sdgs.un.org/goals
(10) https://ec.europa.eu/eu-external-investment-plan/about-plan/how-it-works-finance_en
(11) https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2022/02/18/sixth-european-union-african-union-summit-a-joint-vision-for-2030/
(12) https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/stronger-europe-world/global-gateway/eu-africa-global-gateway-investment-package_ga
(13) https://au.int/en/agenda2063
(14) https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2021/february/tradoc_159438.pdf
(15) https://www.imf.org/external/np/fad/publicinvestment/pdf/PFRAM.pdf
(16) https://www.imf.org/external/np/fad/publicinvestment/pdf/PIMA.pdf
(17) https://www.longdom.org/open-access/relieving-inflation-or-palliative-selfdestruction-2168-9458-3-133.pdf
(18) https://au.int/en/cfta
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/34 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Beartas iomaíochta atá oiriúnach do dhúshláin nua (níl leagan Gaeilge ann)
(COM(2021) 713 final)
(2022/C 323/06)
|
Rapóirtéir |
Émilie PROUZET |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 20.12.2021 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
5.5.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
19.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
223/1/6 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Leagtar béim air sa Teachtaireacht go bhféadfaí an beartais iomaíochta a chur in oiriúint do dhálaí nua sa mhargadh, do thosaíochtaí beartais agus do riachtanais na dtomhaltóirí. Is eol do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur chuidigh an beartas iomaíochta le rathúnas eacnamaíoch a chaomhnú agus a chur chun cinn san Aontas, Aontas atá fíorthiomanta do phrionsabail an gheilleagair margaidh shóisialta. |
|
1.2. |
Is díol sásaimh do CESE gur chinn an Coimisiún Eorpach síneadh a chur leis an gCreat Sealadach maidir le Bearta Státchabhrach i ndiaidh na paindéime. Tá sé á aithint, áfach, go bhfuil na bearta sin ró-eisceachtúil chun iad a leathnú chuig an gcreat ginearálta agus, dá réir sin, bearta buana a dhéanamh díobh. |
|
1.3. |
In 2022, cé gur éirigh leis an gCoimisiún creat sealadach maidir leis an gcoinbhleacht san Úcráin a ghlacadh go tapa, is den ríthábhacht a áirithiú go mbeidh cuideachtaí in ann fíorthairbhe a bhaint as. Ní mór Creat Sealadach Géarchéime a bheith ann a bheidh ina chomhlánú ar na hionstraimí státchabhrach atá ar fáil cheana féin do na Ballstáit, mar aon leis na socruithe atá ann cheana faoi na pleananna náisiúnta athléimneachta. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a sholáthar chun tacaíocht mhear ó rialtais na mBallstát a áirithiú d’earnálacha a mbíonn tionchar mór ag éigeandálaí orthu, mar shampla, trí bhearta tacaíochta náisiúnta amhail árachas creidmheasa trádála ráthaithe nó ionstraimí airgeadais eile. Tá sé á chur i bhfios go láidir aige freisin go bhfuil rochtain cuideachtaí Eorpacha ar na bearta sealadacha ag brath ar choinníollacha incháilitheachta atá inrochtana agus neamhshrianta do na cuideachtaí is mó atá buailte. |
|
1.4. |
I dtráth seo na héiginnteachta, tá CESE ag tacú le beartas iomaíochta a chur chun feidhme atá dírithe ar rath an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh agus beidh beartais uaillmhianacha trádála agus infheistíochta, infheistíocht urghnách phoiblí agus phríobháideach, nuálaíocht agus margadh aonair dea-fheidhmiúil ag teastáil chuige sin. Ní mór don Aontas agus do na Ballstáit creat dlíthiúil agus airgeadais a bhunú anois lena n-áiritheofar cothroime iomaíochta sa mhargadh do na gníomhaithe, na réigiúin agus na saoránaigh uile. I ndáil leis an méid sin, tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá ann cóir chomhionann dháiríre a áirithiú idir oibreoirí Eorpacha agus i leith oibreoirí domhanda. Is gnéithe tábhachtacha iad sláine an mhargaidh inmheánaigh agus neamh-ilroinnte an mhargaidh sin. |
|
1.5. |
Tá CESE den bharúil nach mór dlí na hiomaíochta a bhunú ar bhonn rialacha agus fíricí agus gur gá neamhspleáchas an Choimisiúin a ráthú. Bíodh sin mar atá, ba cheart treoirlínte straitéiseacha AE arb é is aidhm dóibh aistriú cóir a áirithiú a léiriú ar bhonn níos soiléire i gcreat dhlí na hiomaíochta agus le linn dá gcur i bhfeidhm ag na cás-láimhseálaithe cásanna ábhartha. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún beart a dhéanamh chun aistriú glas agus aistriú digiteach an gheilleagair agus iomaíochas na n-earnálacha a éascú i margadh domhanda atá thar a bheith míshochair. |
|
1.6. |
Sa chomhthéacs sin, tá sé níos tábhachtaí ná riamh ár n-uathriail straitéiseach a bhaint amach. Creideann CESE gur cheart measúnú a dhéanamh ar na leasuithe ar dhlí na hiomaíochta atá á mbreithniú faoi láthair de réir na riachtanas a sainaithníodh in obair an Choimisiúin ar na 14 éiceachóras straitéiseacha Eorpacha. |
|
1.7. |
Tá CESE den bharúil go bhfuil gá le tuilleadh athchóirithe chun saincheisteanna inbhuanaitheachta, digiteacha agus athléimneachta a chomhtháthú ar dhóigh níos fearr. Ba cheart príomhchoincheapa dhlí iomaíochta an Aontais (margadh ábhartha) agus na creataí sonracha (amhail de minimis nó Rialachán na Blocdhíolúine Ginearálta), maille le cur chun feidhme na rialacha sin, a chur in oiriúint do threoirlínte straitéiseacha AE. Ar a mhuin sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún na hionstraimí is gá a chur ar fáil dó féin sa chaoi go mbeidh gach cuid de gheilleagar na hEorpa, go háirithe FBManna agus seirbhísí, in ann an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a mhaoiniú. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Ar an ábhar sin, tá CESE agus na geallsealbhóirí go léir ar aon fhocal gur éirigh go maith le díolúintí ó chreat ginearálta dhlí na hiomaíochta ó thit géarchéim COVID-19 amach in 2019. Ba cheart béim a leagan freisin ar na cinntí a ghlac DG COMP go tapa chun saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint a mhéid is féidir. |
|
2.2. |
Tá CESE i bhfách freisin le cur chuige an Choimisiúin Eorpaigh chun cás tubaisteach a sheachaint do ghnólachtaí, go háirithe tríd an gcreat sealadach a leathnú chun bearta téarnaimh a chumhdach ann. |
|
2.3. |
Is díol sásaimh do CESE an creat sealadach nua a ghlac an Coimisiún chun aghaidh a thabhairt ar mhóriarmhairtí an chogaidh san Úcráin, cogadh arb é ionsaí na Rúise is cúis leis. Tá ceisteanna aige freisin faoi thionchar na géarchéime nua seo ar athbhreithniú an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus ar riachtanais plean téarnaimh nua. |
|
2.4. |
Aithníonn CESE freisin a ábhartha atá an teachtaireacht ón gCoimisiún ós rud é go leagtar amach inti an creat ginearálta chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha iomaíochta agus an bealach foriomlán straitéiseach chun cinn sa chleachtadh sin. |
|
2.5. |
Sa lá atá inniu ann, áfach, tá iarmhairtí a spleáchais straitéisigh ar thíortha nach Ballstáit iad os comhair an Aontais. Ní mór an margadh inmheánach a athmhúscailt tar éis ghéarchéim an choróinvíris agus é a chur ar chumas cuideachtaí Eorpacha a n-athléimneacht a neartú agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a thabhairt chun críche, tráth a mbeidh orainn dul i ngleic le hiarmhairtí iomadúla neamhchinnte an chogaidh san Úcráin, cogadh arb é ionsaí na Rúise is cúis leis. |
|
2.6. |
Ach margadh aonair agus beartas iomaíochta dea-fheidhmiúil a bheith ann, áirithítear rochtain ar mhargadh mór inar féidir le gach duine dul san iomaíocht ar bhonn cothrom. A bhuí leo siúd, spreagtar éifeachtúlacht agus nuálaíocht agus cuirtear timpeallacht ar fáil do chuideachtaí rathúla inar féidir leo dul chun cinn a dhéanamh agus a bheith ina gceannairí domhanda. Dá bhrí sin, tá CESE á athdhearbhú a thábhachtaí atá sláine an mhargaidh inmheánaigh sa phlean téarnaimh. I dtaca leis sin, leanfar den Mhargadh Aonair a chur chun feidhme i gcásanna éigeandála. |
|
2.7. |
Sa lá atá inniu ann, is cosúil go gcuireann córas rialaithe cumasc an Aontais bac ar chuideachtaí Eorpacha domhanda a chruthú a bheadh in ann dul in iomaíocht le cuideachtaí SAM agus le cuideachtaí Síneacha, ar chúinse gan an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a laghdú. Tá na coinníollacha maidir le cúnamh poiblí a thabhairt do chuideachtaí Eorpacha i bhfad níos déine ná na coinníollacha a bhfuil ár n-iomaitheoirí domhanda faoina réir, rud a chuireann bac ar fhíorbheartas tacaíochta d’earnálacha eacnamaíocha. Ar deireadh, is cosúil nach bhfuil forfheidhmiú in aghaidh trustaí ná cosc ar mhí-úsáid ceannasachta oiriúnach do na dúshláin nua a bhaineann leis an ngeilleagar digiteach agus leis an aistriú glas. |
|
2.8. |
Tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ag an gCoimisiún Eorpach ar ionstraimí beartais iomaíochta (rialú cumasc, cleachtais frithiomaíocha agus státchabhair) chun a áirithiú go bhfuil siad oiriúnach dá bhfeidhm agus ina gcomhlánú ar an mbosca uirlisí atá ann cheana. Sa tréimhse an-chorrach seo, ní mór an tacaíocht is mó is féidir a chur ar fáil anois do na huaillmhianta aeráide agus digiteacha atá againn. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún na huirlisí beartais iomaíochta uile a oiriúnú agus a chur in úsáid, níos mó ná riamh, chun tacú leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus chun na hionstraimí is gá a chur ar fáil dó féin chun dul san iomaíocht ar bhonn domhanda sa chomhthéacs sin. |
3. Na rialacha iomaíochta agus cur chun feidhme dhlí na hiomaíochta a oiriúnú chun na huaillmhianta atá againn a bhaint amach
|
3.1. |
Creideann CESE nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta san athbhreithniú ar an gcreat iomaíoch chun na treoirlínte straitéiseacha AE maidir leis an inbhuanaitheacht agus an digiteáil a chomhtháthú ann. Is é a mheas nach mór dlí na hiomaíochta a oiriúnú maidir le sainmhíniú na mbunphrionsabal agus maidir leis an measúnú oibríochtúil ar éifeachtaí sriantacha ar an iomaíocht agus ar na héifeachtaí tairbhiúla. |
|
3.2. |
Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar na príomhphrionsabail ar dtús. Dá bhrí sin, tá an measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil cleachtas nó comhaontú atá cumhdaithe ag dlí na hiomaíochta dleathach ag brath ar an sciar den mhargadh atá ag oibreoirí sa mhargadh ábhartha. Tá na coincheapa “scair den mhargadh” agus “margadh ábhartha” ríthábhachtach agus tá CESE ag iarraidh ar gheallsealbhóirí a bheith airdeallach agus athbhreithniú leanúnach á dhéanamh acu chun léargas a thabhairt ar dhálaí iarbhír oibríochtúla na n-earnálacha gnó. |
|
3.2.1 |
I ndáil leis sin, ní mór bealaí éagsúla a fhiosrú. Is coincheapa iad “idirmhalartacht an táirge/na seirbhíse” agus “aonchineálacht na gcoinníollacha iomaíochta” nach mór a chur in oiriúint do shaintréithe an mhargaidh dhigitigh agus dá ghníomhaithe. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfaí saintréithe comhshaoil táirge a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an “idirmhalartacht” sin. |
|
3.3. |
An dara réimse gníomhaíochta ab ea, raon feidhme an chúnaimh agus na gcleachtas atá comhoiriúnach nó nach bhfuil tionchar acu ar an dtrádáil a shoiléiriú agus a neartú agus atá díolmhaithe, dá bhrí sin, ó dhlí na hiomaíochta. Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe measúnaithe chun go mbeidh a oiread daoine agus is féidir in ann infheistiú agus comhordú a dhéanamh le deimhneacht dhlíthiúil iomlán agus nach mbeidh orthu tabhairt faoi nós imeachta Eorpach um fhógra a thabhairt. Dealraíonn sé mar sin gur gá an riail de minimis a athbhreithniú chun freastal ar dhóigh níos fearr ar shaintréithe gach earnála, amhail iompar de thalamh agus trádáil. |
|
3.3.1 |
Is díol sásaimh do CESE freisin na leasuithe a mhol an Coimisiún ar Rialachán na Blocdhíolúine Ginearálta, óir tugtar aghaidh leo ar lear mór riachtanas atá ag gnólachtaí, go háirithe FBManna, maidir le rochtain a fháil ar an tacaíocht airgeadais is gá chun go mbeidh rath ar an aistriú inbhuanaithe. |
|
3.4. |
Ar deireadh, a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú agus faireachán, ba cheart do DG COMP agus go háirithe do chás-láimhseálaithe a bheith go hiomlán ar an eolas faoi na conairí aistrithe a bunaíodh do na 14 éiceachóras straitéiseacha Eorpacha atá sainaitheanta ag an gCoimisiún Eorpach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a chinneadh an gcuireann cleachtas nó comhaontú srian le hiomaíocht agus an dócha go mbeidh éifeachtaí diúltacha aige ar phraghas, táirgeadh, nuálaíocht, cáilíocht nó éagsúlacht na n-earraí agus na seirbhísí ar an margadh ábhartha. |
|
3.4.1 |
Na paraiméadair mheasúnaithe as a dtagann tairbhí na díolúine nó na gcomhaontuithe cumaisc, ba cheart iad a chur in oiriúint do na cuspóirí sin chomh maith. Tá na coinníollacha sin dírithe go príomha ar an mbuntáiste eacnamaíoch agus ar an tairbhe don tomhaltóir ó thaobh praghsanna de, sa bhreis ar an mbaol go gcuirfí deireadh leis an iomaíocht. Ba cheart éifeachtaí dearfacha na srianta a dhíriú níos mó ar cháilíocht chomhshaoil táirgí agus ar ghnóthachain éifeachtúlachta aeráide ar choinníoll go sainítear na gnéithe sin go haonfhoirmeach ar an leibhéal Eorpach. |
|
3.4.2 |
Dá bhrí sin, ba cheart a léiriú leis an gcoincheap “cáilíocht” na cuspóirí inbhuanaitheachta atá againn agus é a shainiú dá réir sin ar an leibhéal Eorpach. Ba cheart an coincheap “táirge inbhuanaithe” a shainiú ar an leibhéal Eorpach freisin, rud a chuirfeadh le cóir chomhionann oibreoirí agus le deireadh a chur leis an snas glas. Ar an gcaoi sin, tacaíonn CESE le hobair an Choimisiúin ar mhodheolaíochtaí eolaíocha coiteanna agus trédhearcacha chun inbhuanaitheacht táirgí, seirbhísí, foirgneamh, etc. a shainmhíniú. |
|
3.4.3 |
Tá tuairimí éagsúla ag na geallsealbhóirí faoin gcaoi ar cheart an critéar “nuálaíocht” a chur san áireamh. De réir DG COMP, is príomhpharaiméadar den tástáil ar an margadh í an nuálaíocht. Dar le hoibreoirí eacnamaíocha, is beag a chuirtear an paraiméadar sin san áireamh agus diúltaíodh dó i gcuid mhór cásanna, fiú. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar cuireadh treoirlínte straitéiseacha AE san áireamh sna cinntí is déanaí uaidh. |
|
3.4.4 |
Ar deireadh, tá sé ríthábhachtach comhar a éascú agus a dhaingniú idir gnólachtaí maidir le tionscadail chomhshaoil agus, i gcuid mhór cásanna, bíonn comhtháthú an tslabhra luacha ina iomláine ag teastáil chuige sin. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún an maolú nua in CBT ó rialacha in aghaidh trustaí (Airteagal 210) a shoiléiriú, rud a chuireann ar chumas feirmeoirí teacht ar chomhaontú lena gcomhpháirtí maidir le saincheisteanna inbhuanaitheachta. |
|
3.4.5 |
Ar an gcaoi chéanna, ní mór na rialacha maidir le Rialachán Ingearach Blocdhíolúine agus Rialachán Cothrománach Blocdhíolúine araon a oiriúnú chun tuiscint a fháil ar a chasta atá sé éiceachóras a thógáil ar na cuspóirí inbhuanaitheachta sin. Ba cheart don Choimisiún a thabhairt le fios, a mhéid is féidir, cén cineál faisnéise inbhuanaitheachta is féidir a mhalartú go sábháilte idir iomaitheoirí. |
4. Na huirlisí is gá a chur ar fáil chun na haistrithe a ráthú agus dul san iomaíocht ar bhonn domhanda
|
4.1. |
Mar a d’áitigh CESE cheana féin (1), má táthar chun uathriail straitéiseach oscailte a neartú, is gá athléimneacht an mhargaidh aonair a neartú, infheistíocht a dhéanamh in inniúlachtaí agus cumais theicneolaíocha an Aontais Eorpaigh agus acmhainní T&D a mhéadú, slabhraí táirgeachta agus soláthair a ghlasú, ceannasacht dhigiteach a áirithiú, cur le stoic straitéiseacha, infheistíocht agus táirgeadh inbhuanaithe a chothú agus a mhealladh chuig an Eoraip trí fheabhas a chur ar na dálaí faoina bhfeidhmíonn cuideachtaí, iniúchadh a dhéanamh ar roghanna malartacha agus ar shamhlacha an gheilleagair chiorclaigh, comhar tionsclaíoch leathan idir na Ballstáit a chur chun cinn, agus ceannaireacht sa teicneolaíocht a shaothrú, faoi mar a luaigh an Chomhairle Iomaíochais i mí na Samhna 2020. |
|
4.2. |
Tá amhras ar CESE faoi na modhanna atá beartaithe chun na hinfheistíochtaí riachtanacha san aistriú aeráide agus san aistriú digiteach a éascú i margadh athléimneach le linn na tréimhse corraí seo. Má tá rath le bheith ar na haistrithe sin, tá gá le hinfheistíocht shuntasach, idir phoiblí agus phríobháideach, go háirithe i ngeall ar a mhíchobhsaí atá an staid eacnamaíoch agus pholaitiúil seo. Ní mór na hinfheistíochtaí móra atá os comhair na n-éiceachóras straitéiseach agus, i gcoitinne, na n-earnálacha gnó go léir a éascú. Ba cheart freisin féachaint le cuideachtaí a chruthú atá in ann fás ar an margadh domhanda. |
|
4.3. |
Cé gur tarraingíodh suas mórphleananna infheistíochta cheana féin in earnálacha áirithe, tá ceisteanna ag CESE faoi chur chun feidhme na mbeart d’earnálacha seirbhísí agus do gheilleagar na hEorpa i gcoitinne, atá comhdhéanta de FBManna den chuid is mó. Beidh ról tábhachtach ag rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair le go n-éireoidh leis na haistrithe sin. |
|
4.4. |
Is gá freisin tacú le gnólachtaí infheistíocht a dhéanamh sa digiteáil agus, go háirithe, chun córais faisnéise, an t-uathoibriú, an róbataic agus an intleacht shaorga a nuachóiriú. Tá tacaíocht de dhíth ar FBManna go háirithe chun cur lena láithreacht dhigiteach. Sampla eile is ea státchabhair le haghaidh cur chun feidhme leathanbhanda mar phríomhghné den bheartas comhtháthaithe críochach. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún leasuithe breise ar GBER a áireamh chun tacú le digiteáil saoráidí tráchtála agus oibríochtaí. |
|
4.5. |
Ar an gcuma chéanna, le tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI) maille le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha, bídís dírithe ar chadhnraí, ar leathsheoltóirí nó ar an tsláinte, ní mór cur le forbairt slabhraí luacha nuálacha san Eoraip. Is spéisiúil na chéad shamplaí de chur chun feidhme na huirlise sin. Tabharfaidh CESE aird faoi leith ar a oscailte a bheidh IPCEInna do FBManna mar a fhoráiltear sna dréacht-treoirlínte. |
|
4.6. |
Is den ríthábhacht freisin cothroime iomaíochta a áirithiú le gníomhaithe tríú tír; is dúshlán mór sa réimse seo é fóirdheontais eachtracha a rialú.
Faigheann cuideachtaí neamh-Eorpacha tacaíocht ollmhór stáit. Dá réir sin, measann CESE gur ionstraim úsáideach iomchuí é an togra ón gCoimisiún (2) a bhaineann le cistí eachtracha stáit do chuideachtaí atá ag feidhmiú i margadh an Aontais, cistí a d’fhéadfadh bac a chur ar fheidhmiú an mhargaidh sin. Mar sin féin, ní mór roinnt gnéithe den sásra reachtach atá fíorchasta agus forleathan a shonrú a thuilleadh. |
|
4.7. |
Ar a bharr sin, is díol sásaimh do CESE gur glacadh an Ionstraim um Margaí Digiteacha arb é is aidhm di margaí digiteacha inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú trí rialáil ex ante. Tá rialachas na hEorpa ríthábhachtach sa chomhthéacs sin chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha i bhfeidhm go haonfhoirmeach san Aontas Eorpach agus go mbeidh sé éifeachtach. Ina theannta sin, cé go bhfuil na saincheisteanna a bhaineann le comhroinnt sonraí agus rochtain geatóirí ar na sonraí sin á rialú leis an Ionstraim sin, tá áit na sonraí i measúnuithe iomaíochta fós le soiléiriú. |
|
4.8. |
Ar deireadh, sna comhghuaillíochtaí trasnáisiúnta agus domhanda atá cothaithe aige, ní mór don Aontas Eorpach a bheith in ann sáruithe ar chearta an duine, ar na saoirsí bunúsacha agus ar shláinte agus sábháilteacht na ndaoine agus an chomhshaoil araon a shainaithint ar fud na slabhraí luacha agus soláthair. Tá CESE ag tabhairt dá aire na dtionscnamh a rinneadh chuige sin, go háirithe maidir le clásail chomhuaineacha. |
An Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh: Conas a chuirfidh na héiceachórais thionsclaíocha shainaitheanta le huathriail straitéiseach an Aontais Eorpaigh agus le dea-bhail mhuintir na hEorpa?, arna glacadh an 19 Eanáir 2022 (IO C 194, 12.05.2022, lch. 34).
(2) Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach (COM(2021) 223 final – 2021/0114 (COD)).
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/38 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Building an economy that works for people: an action plan for the social economy [Geilleagar a thógáil a fhóireann do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta]
(COM(2021) 778 final) (níl leagan Gaeilge ann)
(2022/C 323/07)
|
Rapóirtéir: |
Giuseppe GUERINI |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 21.1.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
6.4.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
179/1/4 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol sásaimh do CESE an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta (“Plean Gníomhaíochta” anseo feasta), ina dtugtar aghaidh ar mhórán pointí ríthábhachtacha atá ardaithe ag an gCoiste in imeacht na mblianta, ó eisíodh tuairim INT/447 in 2009 (1) i leith. Tá sé aitheanta go soiléir sa Phlean Gníomhaíochta nach mór do na hinstitiúidí Eorpacha na foirmeacha dlíthiúla éagsúla ar saintréithe d’éiceachóras an gheilleagair shóisialta iad a chur chun cinn agus a aithint, go háirithe mar gheall ar an ról ar leith atá ag an ngeilleagar sóisialta tacú leis an ngeilleagar áitiúil agus mar gheall ar a ghaire atá sé do chríocha agus do phobail áitiúla. |
|
1.2. |
Leis an gcogadh foréigneach ionsaitheach i gcoinne na hÚcráine agus an slua mór dídeanaithe atá ag fágáil na tíre dá thoradh sin, tá aird á tarraingt ar an mórchlaonadh chun dlúthpháirtíochta atá i muintir na hEorpa agus in eintitis na sochaí sibhialta agus iad i mbun glacadh le dídeanaithe agus cabhair dhaonnúil a stiúradh, rud a dhearbhaíonn ról tábhachtach an gheilleagair shóisialta maidir le freagairtí dlúthpháirtíochta a eagrú le linn géarchéimeanna daonnúla. |
|
1.3. |
Níor baineadh leas as acmhainneacht an gheilleagair shóisialta i ngach Ballstát fós. Sin é an fáth ar gá an Plean Gníomhaíochta a chomhlánú le gníomhaíochtaí meántéarmacha agus fadtéarmacha, agus ar gá na bearta riachtanacha a threorú agus a chomhordú chomh maith leis an gcreat dlíthiúil ábhartha a neartú; i ndáil leis sin, tacaíonn CESE go hiomlán leis na bearta atá á ndéanamh le go bhféadfar moladh ar leith ón gComhairle Eorpach a eisiúint in 2023. |
|
1.4. |
Tá CESE á mholadh gur cheart an Plean Gníomhaíochta, má táthar chun é a dhéanamh níos éifeachtaí, a neartú le tograí spriocdhírithe i gceithre réimse spéise, mar atá: (i) comhar idir na húdaráis phoiblí agus eintitis an gheilleagair shóisialta; (ii) státchabhair; (iii) infheistíochtaí agus ionstraimí airgeadais; (iv) cánachas — an nasc idir an Plean Gníomhaíochta agus an “Straitéis Eorpach do 2030” a neartú, ag díriú go háirithe ar an ról is féidir leis an ngeilleagar sóisialta a imirt chun tacú leis na haistrithe glasa, digiteacha agus sóisialta. |
|
1.5. |
Ba mhaith le CESE go gcuideodh an Plean Gníomhaíochta leis na hacmhainní Eorpacha a leithdháiltear ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a infheistiú ar dhóigh níos spriocdhírithe ar mhaithe le cuspóirí an chuimsithe shóisialta, an oideachais agus an chur chun cinn fostaíochta, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine óga, ar theaghlaigh agus ar dhaoine leochaileacha, agus é á mholadh ann go ndíreofaí go háirithe ar an oiliúint sna scileanna digiteacha do dhaoine faoi mhíbhuntáiste. |
|
1.6. |
D’fhonn dea-chleachtais maidir le comhar idir údaráis phoiblí agus eintitis an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn, tá CESE á mholadh forbairt bhreise a dhéanamh ar na huirlisí rialachais chríochaigh chomhoibríoch agus ar uirlisí comhroinnte riaracháin, mar an bealach is fearr chun ról a chinntiú do raon geallsealbhóirí, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar an gcoimhdeacht. |
|
1.7. |
Is díol sásaimh do CESE an togra sa Phlean Gníomhaíochta dlús a chur leis na hiarrachtaí chun an soláthar poiblí agus lamháltais a stiúradh i dtreo cuspóirí sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach agus molann sé go neartófaí na comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí. |
|
1.8. |
I gcomhréir leis an méid atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta maidir le cánachas, molann CESE don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar fhorálacha cánach d’eintitis an gheilleagair shóisialta sa tionscnamh reachtach BEFIT (Business in Europe: Framework for Income Taxation), a thiocfaidh amach sna míonna amach romhainn. |
2. Barúlacha ginearálta agus cúlra
|
2.1. |
Tugtar léargas ilbhliantúil go dtí 2030 sa Phlean Gníomhaíochta agus tá dhá dhoiciméad oibre ag gabháil leis. Sa chéad cheann díobh seo, tugtar faisnéis bhreise a chuireann leis an Teachtaireacht i gceist, i gcomhréir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Os a choinne sin, tá an dara doiciméad, Scenarios towards co-creation of a transition pathway for a more resilient, sustainable and digital Proximity and Social Economy industrial ecosystem [Cásanna faoinar féidir bealach aistrithe a chruthú go comhpháirteach ar mhaithe le héiceachóras tionsclaíoch an gheilleagair shóisialta agus áitiúil a bheidh níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos digití] ag teacht leis an Straitéis Eorpach nua maidir le tionsclaíocht, ina bhféadfaidh an geilleagar sóisialta ról nuálach a bheith aige d’fhonn aistriú cóir agus cothrom a bhaint amach, in earnálacha straitéiseacha amhail an geilleagar digiteach agus an geilleagar glas. |
|
2.2. |
Is díol sásaimh do CESE an cinneadh an Plean Gníomhaíochta a ailíniú le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus leis an Straitéis Eorpach nua maidir le tionsclaíocht, ina ndírítear ar “éiceachóras” sonrach de chuid an gheilleagair shóisialta, rud is beart nuálach. I ndáil leis sin, is den tábhacht gur fearr a shonrófar na cuspóirí meántéarmacha agus fadtéarmacha don tréimhse tar éis 2023. D’fhéadfadh an geilleagar sóisialta cuidiú nach beag a thabhairt chun dul i ngleic leis na mórcheisteanna atá le réiteach ag an Eoraip: neamhionannais a laghdú, brú déimeagrafach, tacaíocht do na glúine óga, agus an chaoi ar féidir déileáil le teacht na ndídeanaithe agus na n-imirceach, le hinbhuanaitheacht na gcóras sláinte agus le samhail leasa shóisialta na hEorpa. |
|
2.3. |
Creideann CESE gur gá sa Phlean Gníomhaíochta bearta atá comhordaithe leis an bplean um “Margadh Aonair don Chaipiteal” a chur chun cinn freisin, mar a mholtar a dhéanamh i dtuairimí ECO/533 (2) agus INT/965 (3). Iarrtar sa dá thuairim sin go gcuirfeadh Aontas na Margaí Caipitil san áireamh gnéithe sonracha na n-ionstraimí airgeadais a theastaíonn le haghaidh earnáil an gheilleagair shóisialta. |
|
2.4. |
Siúd is nach dtugtar sainmhíniú dlíthiúil ar an rud is “geilleagar sóisialta” ann sa Phlean Gníomhaíochta, déantar sainghnéithe ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta a shainaithint: (i) tosaíocht daoine agus críoch sóisialta ar bhrabús; (ii) iomlán nó formhór na mbrabús a athinfheistiú i ngníomhaíochtaí atá dírithe ar an leas comhchoiteann nó ar tairbhe iad do bhaill agus d’úsáideoirí, i gcomhthéacs an leasa ghinearálta; (iii) rialachas daonlathach agus rannpháirteach. |
|
2.5. |
Tagann CESE leis na prionsabail sin agus molann sé don Choimisiún agus do na Ballstáit tabhairt faoi thionscnaimh níos uaillmhianaí agus níos comhordaithe ionas gur féidir creat coiteann comhordaithe dlíthiúil a leagan síos don gheilleagar sóisialta lena gcomhdhlúthaítear na trí phrionsabal a liostaítear thuas, chun deireadh a chur le haon débhríocht agus éiginnteachtaí. Le sainmhíniú ina n-áireofaí na modhanna éagsúla eagrúcháin agus na cineálacha éagsúla fiontraíochta atá tagtha chun cinn, d’fhéadfaí an sprioc a bhaint amach freisin maidir le reacht Eorpach a thabhairt isteach do chomhlachais, do chumainn fhrithpháirteacha agus d’fhondúireachtaí, go háirithe dóibh siúd atá ag gabháil d’oibríochtaí trasteorann. |
|
2.6. |
Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún treoir a thabhairt do na Ballstáit agus bearta á gceapadh acu ar mhaithe leis an ngeilleagar sóisialta, d’fhonn tacú le samhail níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos nuálaí don fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta. Go sonrach, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh go díreach nó in éineacht leis na Ballstáit i dtrí réimse tosaíochta: (i) na dálaí cearta a chruthú don gheilleagar sóisialta; (ii) deiseanna a thabhairt dóibh a ngníomhaíochtaí a thosú agus a leathnú; (iii) a áirithiú go dtabharfar aitheantas don gheilleagar sóisialta. |
|
2.7. |
Á chur sin san áireamh, is díol sásaimh do CESE go gcuirtear chun suntais sa Phlean Gníomhaíochta gur gá úsáid a bhaint as meascán de bhearta beartais, lena n-áirítear cánachas, rialáil an tsoláthair phoiblí, iomaíocht agus státchabhair, rialáil iomchuí ar dhálaí oibre, oideachas agus taighde. I ndáil leis an méid sin, cuireann sé chun suntais an gá atá ann cáilíocht na hoibre a chur chun cinn agus nósanna imeachta a fhorbairt chun oibrithe a chur ar an eolas faoi na cinntí straitéiseacha a dhéanann eintitis an gheilleagair shóisialta agus ról a thabhairt dóibh ina leith. |
|
2.8. |
Áirítear ar na hearnálacha ina bhfeidhmíonn eintitis an gheilleagair shóisialta seirbhísí sóisialta agus sláinte, cúram, oideachas agus oiliúint, cultúr agus cosaint an chomhshaoil, agus i dtéarmaí ginearálta roinnt mhaith de na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEInna) dá dtagraítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus is earnálacha iad seo lena mbítear ag cur i rith an ama le líon na luachanna eacnamaíocha agus na bpost. |
|
2.9. |
Bíonn eintitis an gheilleagair shóisialta gníomhach i ngach earnáil eacnamaíoch i roinnt mhaith tíortha Eorpacha: ón déantúsaíocht thionsclaíoch agus cheardaíochta go dtí an geilleagar ciorclach, ón turasóireacht inbhuanaithe go táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, ón iompar go seirbhísí cumarsáide agus faisnéise, a bhfuil ról tábhachtach acu sa nuálaíocht shóisialta agus san aistriú teicneolaíochta forleathan chuig pobail nó limistéir atá faoi mhíbhuntáiste. Toisc an oiread sin foirmeacha dlí agus eagrúcháin éagsúla a bheith ann, is gá cur chuige “a oireann do chách” a sheachaint; mar sin féin, is gá rogha éigin a choinneáil le go bhféadfaí comhordú a dhéanamh faoi scáth an Choimisiúin. |
|
2.10. |
Tá fiontair an gheilleagair shóisialta fréamhaithe cuid mhaith sa phobal áitiúil, mar ar féidir leo cur leis an gcomhtháthú sóisialta sna limistéir áitiúla, rud a fhágann na limistéir sin níos athléimní agus níos cuimsithí. Mar gheall ar an ngaireacht sin, bíonn fiontair an gheilleagair shóisialta thar a bheith éifeachtach a fhad a bhaineann le tacú leis na haistrithe glasa agus digiteacha, agus bíonn rochtain níos fearr ag gach duine, ina measc na daoine is leochailí agus iad siúd atá i mbaol an eisiaimh shóisialta, ar theicneolaíochtaí digiteacha, go háirithe teicneolaíochtaí cumasúcháin atá fabhrach do rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sa mhargadh saothair. |
|
2.11. |
Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar rannpháirtíocht agus ar fhorbairt an aosa óig, óir ba cheart tacú leo le bearta lena spreagtar fás na fiontraíochta i measc na nglún óg. |
|
2.12. |
Chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin, is gá rochtain ar chaipiteal infheistíochta a mhéadú d’eintitis an gheilleagair shóisialta, go háirithe ionas gur féidir le hinfheistíochtaí i mbonneagar sóisialta (tithíocht inacmhainne, cúram fadtéarmach sláinte agus tacaíocht fhadtéarmach, oideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil, laghdú bochtaineachta, inrochtaineacht fheabhsaithe) barr a gcumais a bhaint amach. Is gá na cineálacha bonneagair sin a threisiú chun neamhionannais agus eisiamh sóisialta a laghdú, neamhionannais a bhfuil méadú tagtha orthu san Eoraip de thoradh na paindéime. |
|
2.13. |
Deis atá sa Phlean Gníomhaíochta chun an geilleagar sóisialta a fhorbairt, trí fheabhas a chur ar an mbeartas tionsclaíoch agus aitheantas a thabhairt don ról atá ag na comharchumainn, go háirithe in earnálacha seirbhísí agus tionsclaíochta na hEorpa, áit a gcruthaíonn siad braislí táirgiúla tábhachtacha agus a mbaineann siad amach ardchumas nuálaíochta. |
|
2.14. |
Leagann CESE tábhacht nach beag ar thiomantas an Choimisiúin staidéir agus taighde a dhéanamh ar an ngeilleagar sóisialta le go mbeifear in ann moladh ón gComhairle Eorpach a eisiúint in 2023; is díol sásaimh dó freisin go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh in 2025 ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta. Chun go mbeidh éifeacht leis na staidéir agus na meastóireachtaí, áfach, ba cheart sa Phlean Gníomhaíochta spriocanna meántéarmacha agus fadtéarmacha níos soiléire a leagan síos ionas gur féidir na tionchair shóisialta a bhfuil súil leo a shonrú, lena n-áirítear i ndáil leis an Straitéis Eorpach do 2030. |
|
2.15. |
Is díol sásaimh do CESE cuspóirí an Choimisiúin maidir le caidreamh trasteorann agus le hidirnáisiúnú an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn, agus tugann sé a thacaíocht dóibh trí thacú le rannpháirtíocht fhiontair an gheilleagair shóisialta in ardáin chomhpháirtíochta Eorpacha agus í a spreagadh, lena n-áirítear trí Thairseach Aonair a bhunú don gheilleagar sóisialta. |
|
2.16. |
Mar chuid de thionscnaimh atá dírithe ar chultúr fiontraíochta a chur chun cinn agus, go háirithe, chun cur le rannpháirtíocht an aosa óig i mbunú fiontar nua, tá sé ríthábhachtach cur lena bhfuil d’eolas ar acmhainneacht an gheilleagair shóisialta i gcuraclaim na meánscoileanna agus na n-ollscoileanna. Sin é an fáth a dtacaímid leis an togra le haghaidh Acadamh nua do Bheartas Fiontraíochta na nÓg a bhunú, a mbeadh an geilleagar sóisialta áirithe ann. |
3. Barúlacha sonracha
3.1. Caidreamh idir na húdaráis phoiblí agus eintitis an gheilleagair shóisialta
|
3.1.1. |
Agus aitheantas á thabhairt aige d’acmhainneacht an gheilleagair shóisialta cur leis na beartais shóisialta agus thionsclaíocha amach anseo, dearbhaítear sa Phlean Gníomhaíochta a thábhachtaí atá na feidhmeanna leasa ghinearálta a rannchuidíonn an geilleagar sóisialta leo, agus tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, cuspóirí a shainiú chun feabhas a chur ar an gcomhar idir na húdaráis phoiblí, eintitis an gheilleagair shóisialta agus rannpháirtithe san idirphlé sóisialta. |
|
3.1.2. |
Á chur sin san áireamh, feictear do CESE gur gá dlús a chur leis an infheistíocht sa “riarachán comhroinnte” idir údaráis phoiblí agus fiontair shóisialta atá ag obair ar son chuspóirí an leasa choitinn laistigh dá réimsí freagrachta agus sainchúraimí féin. Dá bhrí sin, ba cheart foirmeacha pleanála agus deartha a spreagadh chun rialachas cuimsitheach a chur chun feidhme, agus aitheantas á thabhairt don ról atá ag eintitis an gheilleagair shóisialta, go háirithe i gcórais áitiúla agus réigiúnacha comhair idir an geilleagar sóisialta agus na húdaráis áitiúla. Ní mór do na bealaí nuálacha oibre sin na ceanglais maidir le trédhearcacht, cóir chomhionann, cost-éifeachtúlacht agus oscailteacht do gheallsealbhóirí éagsúla a chomhlíonadh, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta. |
|
3.1.3. |
Dealraíonn sé go bhfuil na cineálacha comhoibriúcháin sin an-éifeachtach ar fad agus seirbhísí leasa ghinearálta á soláthar toisc go bhfágann siad gur féidir an t-iomaíochas a bhainistiú ar bhealach níos fearr chomh maith le forbairt agus treisiú a dhéanamh ar an gcomhar agus ar an dea-thionchar sóisialta arna chruthú trí bhéim a leagan ar “seirbhísí coiteanna”. |
|
3.1.4. |
Dá bhrí sin, tagann CESE leis an rún atá ag an gCoimisiún oibriú chun rochtain ar mhargadh an tsoláthair phoiblí a fheabhsú d’eintitis an gheilleagair shóisialta. Tá go leor dul chun cinn déanta ina leith sin a bhuí leis an Treoir (4) maidir leis an soláthar poiblí a eisíodh in 2014. Mar sin féin, tá súil ag CESE leis go ndéanfaidh an Coimisiún idirdhealú níos soiléire idir saothrú an leasa ghinearálta agus cur i gcrích an Mhargaidh Aonair nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar an Treoir maidir leis an soláthar poiblí — agus go háirithe Airteagal 77 di maidir leis an gcóras níos éadroime do sheirbhísí sóisialta — d’fhonn bunús dlí níos láidre a chur ar fáil do chomhaontuithe comhair idir údaráis phoiblí agus fiontair an gheilleagair shóisialta. |
3.2. Státchabhair
|
3.2.1. |
Aithnítear go bhfuil tacaíocht airgeadais phoiblí leordhóthanach de dhíth ar chuid de na hearnálacha ina bhfeidhmíonn eintitis an gheilleagair shóisialta, go háirithe cúram sóisialta, cúram sláinte, oideachas agus cultúr, agus ba cheart, ar aon chaoi, an tacaíocht sin a thabhairt isteach gan rialacha margaidh a shaobhadh, i gcás ina soláthraíonn fiontair thráchtála na seirbhísí céanna a sholáthraíonn eintitis an gheilleagair shóisialta. |
|
3.2.2. |
Is éard is aidhm don rialú ar státchabhair cothromaíocht a choinneáil idir tacaíocht a chur ar fáil agus cothrom iomaíochta. Cuirtear chun suntais sa Phlean Gníomhaíochta gur minic nach mbaineann na húdaráis phoiblí ná na tairbhithe an leas is fearr is féidir as na féidearthachtaí atá ann cheana maidir le státchabhair. Sin é lomchlár na fírinne, gan aon agó, agus is intuigthe as sin go bhfuil gá le hinfheistíochtaí spriocdhírithe a dhéanamh in oiliúint speisialaithe le haghaidh na n-údarás poiblí ar rialacha Eorpacha maidir le státchabhair, go háirithe maidir le SGEInna. |
|
3.2.3. |
Mar sin féin, ní leor i gcónaí na rialacha iomaíochta chun dul i ngleic, mar is ceart, le saincheisteanna amhail bainistiú seirbhísí sóisialta, go háirithe cúram sláinte agus seirbhísí cúraim, atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht seachas a bheith dírithe ar an margadh. I dtuairim TEN/605 (5), thug CESE le fios go raibh an easpa cinnteachta nó na costais mhóra a bhaineann leis na ceanglais a chomhlíonadh ina bacainn nó ina mbacainní a chuireann cosc míchuí ar na húdaráis beartas SGEI a chur chun feidhme ina iomláine. Ní mór féachaint ar an bPlean Gníomhaíochta mar dheis chun an plé idir an Coimisiún, na Ballstáit, na húdaráis áitiúla agus ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta agus an gheilleagair shóisialta a fheabhsú. |
|
3.2.4. |
Áirithítear le rialacha an Aontais maidir le SGEInna go bhfuil dóthain solúbthachta ann maidir le rialacha státchabhrach. Ar a shon sin, ní bhacann roinnt mhaith údarás poiblí leis an gcreat dlíthiúil maidir le cúnamh poiblí a chur i bhfeidhm i leith SGEInna. |
|
3.2.5. |
Cé gur díol sásaimh é an togra ón gCoimisiún maidir le seimineáir ghréasáin agus ceardlanna a chur ar bun chun faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil maidir le bealaí inar féidir rochtain a fháil ar státchabhair, ní leor é. Tá gá le hidirghabháil rialála níos cinntithí, lena n-áirítear trí reachtaíocht bhog, chun ceanglais rochtana agus an méid státchabhrach atá ar fáil d’eintitis an gheilleagair shóisialta a shoiléiriú, go háirithe i réimse na SGEInna, ar thaobh amháin, agus i dtaca le cabhair chun daoine faoi mhíbhuntáiste a earcú de réir bhrí Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (GBER), ar an taobh eile. |
|
3.2.6. |
Na fóirdheontais a dheonaítear d’eintitis an gheilleagair shóisialta ina gcáil mar eintitis a chuidíonn le seirbhísí leasa ghinearálta a sholáthar, ba cheart iad a aithint mar fhóirdheontais atá comhoiriúnach don mhargadh inmheánach. Chuige sin, b’fhiú athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha de minimis maidir le cabhair a thugtar d’fhiontair an gheilleagair shóisialta le haghaidh gníomhaíochtaí sóisialta agus seirbhísí leasa ghinearálta. |
3.3. Infheistíochtaí agus ionstraimí airgeadais
|
3.3.1. |
De réir na meastachán a thugtar sa Phlean Gníomhaíochta, le linn na clárthréimhse 2014-2020 caitheadh ar a laghad EUR 2,5 billiún ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh ar mhaithe leis an ngeilleagar sóisialta, agus é sin trí bhíthin cláir Eorpacha agus cistí Eorpacha éagsúla. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún an leibhéal tacaíochta do 2021-2027 a mhéadú a thuilleadh trí na bacainní ar rochtain ar chistí Eorpacha atá roimh eintitis an gheilleagair shóisialta a laghdú. |
|
3.3.2. |
Ar an ábhar sin, is den tábhacht é go ndéanfaí táirgí airgeadais nua a sheoladh faoin gclár InvestEU cheana féin in 2022, d’fhonn maoiniú príobháideach a chur ar fáil atá curtha in oiriúint do riachtanais fhiontair an gheilleagair shóisialta. |
|
3.3.3. |
Chomh maith le hinfheistíochtaí agus ionstraimí airgeadais a chur chun cinn, is deacair fós do go leor eintiteas de chuid an gheilleagair shóisialta rochtain shaoráideach a fháil ar chreidmheas bainc. Ar an gcúis sin, measann CESE go bhfuil sé riachtanach go mbeadh ráthaíochtaí ar fáil dóibh chun rochtain a fháil ar chreidmheas. Ba cheart na deiseanna sin, a ndearnadh diantástáil orthu i measc FBManna, a leathnú ar bhonn córasach d’fhonn an geilleagar sóisialta a chuimsiú. |
|
3.3.4. |
Molann CESE go spreagfaí gach Ballstát, le cabhair ón gclár InvestEU, “ciste ráthaíochta” tiomnaithe d’eintitis an gheilleagair shóisialta a bhunú, a chomhlíonfadh critéir shonracha chun acmhainneacht creidmheasa a mheasúnú, lena dtacófaí le táscairí iomchuí a thabhairt isteach chun infheistíochtaí sa gheilleagar sóisialta a mheas, rud a chuideodh freisin le hionstraimí nuálacha airgeadais a chur chun cinn. |
|
3.3.5. |
Tagann CESE leis an seasamh a nochtar sa Phlean Gníomhaíochta faoin gceannach thar barr amach ag oibrithe, áit a leagtar béim ar ról na gcomharchumann arna mbunú ag oibrithe a ghlacann seilbh ar fhiontair atá i gcruachás agus a bhunaíonn comharchumann. Is gnách go n-eiríonn le ceannach thar barr amach den sórt sin, más féidir leis na hoibrithe atá sa chomharchumann brath ar shásraí cistiúcháin oiriúnacha agus ar bhunú cistí le haghaidh chaipitliú na bhfiontar sin. Mar sin féin, in éineacht leis na hionstraimí airgeadais sin, tá sé ríthábhachtach tacaíocht chuí a thabhairt d’oibrithe trí bhíthin gníomhaíochtaí oiliúna agus cothaithe scileanna. Áitíonn CESE ar an gCoimisiún leanúint de bheith ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun uirlisí agus réitigh a shainaithint lenar féidir bacainní a bhaint agus dlús a chur le nósanna imeachta dlíthiúla chun úinéireacht fiontair a aistriú chuig a fhostaithe tar éis dó dúnadh, trí chomharchumainn oibrithe nó trí chineálacha eile d’fhiontair an gheilleagair shóisialta atá faoi úinéireacht oibrithe. |
3.4. Beartas cánach a aithníonn feidhmeanna leasa ghinearálta
|
3.4.1. |
Feidhmíonn eintitis an gheilleagair shóisialta laistigh de chreat fioscach ilroinnte atá sainithe ag na Ballstáit den chuid is mó. Is díol sásaimh do CESE go leagtar béim sa Phlean Gníomhaíochta ar an ngá atá le forálacha cánach a bhaineann go sonrach leis an ngeilleagar sóisialta, á thabhairt dá aire ina leith sin gur beag Ballstát atá tar éis creat fioscach tiomnaithe comhleanúnach a fhorbairt d’fhiontair shóisialta go nuige seo. |
|
3.4.2. |
Bheadh comhchuibhiú fioscach comhordaithe, bunaithe ar dhea-chleachtais sna Ballstáit, úsáideach agus inmhianaithe, go háirithe i gcás díolúintí áirithe cánach ó bhrabúis neamhdháilte, laghduithe ar rátaí CBL, laghduithe ar chostais árachais shóisialta nó díolúintí uathu agus laghduithe cánach i gcás tabhartas. |
|
3.4.3. |
Is cúis áthais do CESE go moltar sa Phlean Gníomhaíochta treoirlínte a fhoilsiú lena soiléirítear na rialacha atá ann cheana maidir le cóireáil cánach a chur i bhfeidhm ar thabhartais trasteorann ar de leas an phobail iad agus go moltar ann freisin staidéar sonrach a fhoilsiú maidir le tabhartais dhaonchairdiúla san Aontas Eorpach. I ndáil leis an méid sin, creideann CESE gur cheart go n-áireofaí sna treoirlínte sin moltaí do na Ballstáit faoin gcaoi le heagraíochtaí cónaitheacha ar de leas an phobail iad atá inchomórtais le heagraíochtaí atá bunaithe i mBallstát eile a aithint. |
|
3.4.4. |
Ar deireadh, agus rud is tábhachtaí fós, ní mór an Plean Gníomhaíochta a bheith ina uirlis straitéiseach lena leagtar amach bearta fóinteacha ar mhaithe le heintitis an gheilleagair shóisialta agus le pobail áitiúla, in éineacht le beartais chánach atá dírithe ar na spriocanna sóisialta i gceist. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) IO C 318, 23.12.2009, lch. 22.
(2) IO C 155, 30.4.2021, lch. 20.
(3) IO C 194, 12.5.2022, lch. 39.
(4) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir leis an soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/43 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Straitéis AE um Chaighdeánú — Caighdeáin dhomhanda a leagan síos chun tacú le margadh aonair AE atá athléimneach, glas agus digiteach
(COM(2022) 31 final)
agus maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a mhéid a bhaineann le cinntí ó eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a bhaineann le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin
(COM(2022) 32 final — 2022/0021(COD))
(2022/C 323/08)
|
Rapóirtéir: |
Sandra PARTHIE |
|
Comhairliúchán |
|
||||||
|
Bunús dlí |
|
||||||
|
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
||||||
|
Dáta a glactha sa rannóg |
5.5.2022 |
||||||
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
||||||
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
||||||
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
186/1/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol sásaimh do CESE an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir lena bhfuil i ndán don chaighdeánú san Aontas sa chomhthéacs domhanda. Léiriú atá i dtogra an Choimisiúin Eorpaigh, mar is ceart, ar fhorbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta agus tugtar aghaidh ann ar athruithe atá tite amach. Maidir leis an moladh in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá CESE i bhfabhar athbhreithniú ar an rialachas. Ní mór a chur san áireamh i rialachas na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú (ESOnna) rannpháirtíocht thrédhearcach oscailte chuimsitheach chothrom na ngníomhaithe margaidh ábhartha uile, na dtomhaltóirí, na ngeallsealbhóirí sóisialta agus comhshaoil, na gceardchumann, na FBManna agus na gcuideachtaí móra. |
|
1.2. |
Chun a áirithiú gur ann do ghlacadh forleathan sa tsochaí, tá sé ríthábhachtach cur chuige cuimsitheach cothrom a chinntiú lena gcuirtear ar chumas na ngeallsealbhóirí leasmhara uile a ndéantar difear dóibh páirt a ghlacadh ann. Ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, tacaíonn eagraíochtaí polaitiúla agus eagraíochtaí um chaighdeánú lena chéile trí dhálaí creata a mhúnlú. An ceanglas maidir le Straitéis an Aontais um Chaighdeánú a bheith cuimsitheach, níl a mhacasamhail ar fáil aon áit eile ar domhan agus is mór is fiú é a atreisiú. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, is údar imní é nach bhfuil an chuimsitheacht ar cheann de bhunchlocha an chaighdeánaithe idirnáisiúnta. |
|
1.3. |
Is údar buartha é, dar le CESE, gur uirlis de chuid an bheartais thionsclaíoch nó ionstraim gheopholaitiúil atá sa chaighdeánú anois i réigiúin eile ar domhan. Ní mór don Aontas Eorpach a bheith réidh lena chur chuige a oiriúnú chun iomaíochas chuideachtaí na hEorpa agus cosaint na dtomhaltóirí a chinntiú agus a mhéadú. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE na 22 bheart atá beartaithe, lena n-áirítear fóram ardleibhéil a chur ar bun chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar leasanna na ngeallsealbhóirí, post “an Phríomhoifigigh um Chaighdeánú” a chruthú, athchóiriú ar rialachas na ESOnna a éileamh, tosaíochtaí maidir le caighdeánú a leagan síos le haghaidh an chlaochlaithe ghlais agus an chlaochlaithe dhigitigh araon, agus dlús a chur le próisis an chaighdeánaithe. |
|
1.4. |
Is gá an cur chuige ón mbun aníos a bhaineann le caighdeáin atá faoi thionchar an mhargaidh agus an cur chuige ón mbarr anuas a bhaineann leis an straitéis pholaitíochta a thabhairt le chéile trí chomhar níos dlúithe a dhéanamh idir rialtais/saol na polaitíochta, an lucht tionscail agus geallsealbhóirí eile chun comhstraitéisí Eorpacha a fhorbairt agus luachanna an daonlathais a chaomhnú. Chuige sin, ní mór malartú leanúnach a chur ar bun idir an Coimisiún Eorpach, ESOnna, comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú, an lucht tionscail agus geallsealbhóirí na sochaí sibhialta. |
|
1.5. |
Tá CESE i bhfabhar freisin iarraidh ar ESOnna a rialachas a nuachóiriú lena chur in oiriúint ina iomláine do leas an phobail Eorpaigh agus do luachanna an daonlathais, agus do leasanna na FBManna, na ngeallsealbhóirí comhshaoil agus sóisialta, na gceardchumann, na sochaí sibhialta agus na n-úsáideoirí, agus chun rochtain ar chaighdeáin a éascú. |
|
1.6. |
Luaitear sa straitéis Eorpach um chaighdeánú roinnt tionscnaimh oiliúna agus oideachais atá dírithe ar thaighdeoirí, ar ghairmithe óga agus ar chleachtóirí, a fhéachann le forbairt scileanna a chur chun cinn i réimse an chaighdeánaithe. Tá CESE den bharúil gur tograí ríthábhachtacha na tograí sin, go háirithe do FBManna agus micrifhiontair agus d’fhonn creat a leagan síos maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i dtallann, agus tá sé go mór i bhfabhar iad a thabhairt isteach go forleathan agus go pras. Tá sé á chur i bhfáth gur gá cur leis an gcistiú a chuireann údaráis Eorpacha agus náisiúnta ar fáil dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an gcaighdeánú, cuir i gcás ceardchumainn, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cuideachtaí, d’fhonn feabhas a chur ar a gcumas páirt a ghlacadh in obair an chaighdeánaithe. |
2. Comhthéacs na dtograí ón gCoimisiún
|
2.1. |
Is cuid chroílárnach de mhargadh aonair an Aontais na caighdeáin. Le 30 bliain anuas, tá breis agus 3 600 caighdeán comhchuibhithe socraithe ag an gcóras Eorpach um chaighdeánú, rud a ligeann do chuideachtaí a chur in iúl go bhfuil dlí an Aontais á chomhlíonadh acu. Tá tairbhí móra ag baint leis na caighdeáin Eorpacha: cuireadh cothroime iomaíochta ar fáil do na gnólachtaí sa mhargadh aonair agus cuireadh le muinín na dtomhaltóirí freisin. Sainítear ábhar na gcaighdeán sna coistí teicniúla, mar a bhfuil sé de cheart ag na stáit páirt a ghlacadh ann, ach nach bhfuil cearta idirghabhála acu de bhreis air sin. I gcuid de Bhallstáit an Aontais, is ann do rialacháin bhreise maidir le tionscadail a bhaineann le leas an phobail a phróiseáil. Ós rud é gur cuid de dhlí an Aontais iad na caighdeáin chomhchuibhithe (2), ní mór iad a scríobh de réir phrionsabail an daonlathais, agus na geallsealbhóirí uile a bheith páirteach ann (leasanna na sochaí sibhialta agus na dtomhaltóirí, leasanna sóisialta agus comhshaoil, leasanna na gceardchumann agus leasanna FBManna á gcur san áireamh), agus dá réir sin próiseas cinnteoireachta cothrom a áirithiú laistigh d’eagraíochtaí um chaighdeánú náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta. |
|
2.2. |
Tá an caighdeánú Eorpach ag feidhmiú laistigh de chomhthéacs domhanda atá ag éirí níos iomaíche. Beidh iomaíochas agus ceannasacht teicneolaíochta na hEorpa agus cumas an Aontais spleáchais a laghdú agus na luachanna Eorpacha a chosaint — na huaillmhianta sóisialta agus comhshaoil san áireamh — ag brath ar mar a éireoidh le gníomhaithe na hEorpa sa chaighdeánú ar an leibhéal idirnáisiúnta. Chuige sin, tá acmhainní/saineolas na ngeallsealbhóirí Eorpacha ag teastáil, rudaí nach féidir tús áite an Aontais sa chaighdeánú idirnáisiúnta a choinneáil dá n-uireasa. |
|
2.3. |
Ní féidir uaillmhianta an Aontais maidir le geilleagar aeráidneodrach athléimneach ciorclach a bhaint amach gan caighdeáin Eorpacha. Má theastaíonn ón Aontas a bheith ina cheannródaí domhanda i gcónaí, ní mór dó lorg láidir coise a bheith aige ar fud an domhain ó thaobh gníomhaíochtaí caighdeánúcháin de, agus a bheith chun tosaigh san obair sna fóraim agus sna hinstitiúidí idirnáisiúnta is tábhachtaí. |
|
2.4. |
I straitéis um chaighdeánú an Choimisiúin (3), leagtar amach cur chuige an Choimisiúin i leith na gcaighdeán, i gcás an Mhargaidh Aonair agus ar bhonn domhanda araon. Ag gabháil leis an straitéis, tá togra le haghaidh leasú ar an Rialachán maidir le caighdeánú (4), tuarascáil ar a chur chun feidhme (5), agus clár oibre bliantúil 2022 an Aontais maidir le caighdeánú Eorpach (6). Is é is aidhm leis an straitéis iomaíochas domhanda an Aontais a neartú chun geilleagar athléimneach glas digiteach a éascú, agus chun luachanna an daonlathais a chumhdach i gcur chun feidhme na teicneolaíochta. |
|
2.5. |
I gcás teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, is minic nach n-éiríonn leis an gcóras Eorpach um chaighdeánú an beart a dhéanamh go tráthúil agus, dá dheasca sin, cailltear “buntáiste an cheannródaí” trí chaighdeánú. Moltar sa straitéis sin tacar beart chun caighdeáin a chur ar ais i gcroílár mhargadh aonair an Aontais, margadh a bheadh athléimneach, glas agus digiteach, agus chun ról domhanda an chórais Eorpaigh um chaighdeánú a neartú. Ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta na mBallstát, tacaíonn eagraíochtaí polaitiúla agus eagraíochtaí um chaighdeánú lena chéile trí na dálaí creata sin a mhúnlú. Chruthaigh an comhar sin go maith go dtí seo agus bonn á chur aige faoin rath eacnamaíoch agus faoi rochtain chuideachtaí na hEorpa ar na margaí idirnáisiúnta. |
|
2.6. |
Tá leasú (7) ar Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le caighdeánú á mholadh ag an gCoimisiún freisin, chun feabhas a chur ar an rialachas sa chóras Eorpach um chaighdeánú. Cé go bhfágfar an córas Eorpach oscailte, trédhearcach, cuimsitheach agus neamhchlaonta, forordaítear sa togra nach mór do na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú déileáil le hiarrataí ar chaighdeánú arna ndéanamh ag an gCoimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú. |
|
2.7. |
I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht ina leagtar amach clár oibre 2022 an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcaighdeánú Eorpach. Leagtar amach ann na bearta atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh in 2022 chun feabhas a chur ar oscailteacht, trédhearcacht agus cuimsitheacht an chórais Eorpaigh um chaighdeánú. |
|
2.8. |
De réir Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar a chur chun feidhme gach cúig bliana. Thíolaic an Coimisiún tuarascáil eile (8), lena gcumhdaíodh 2016-2020, den chuid is mó, agus a raibh roinnt eolas agus staitisticí nuashonraithe ann a bhain leis an tréimhse suas go dtí 2021. Léiríodh ann gur tháinig feabhas ar ghnéithe áirithe den chóras Eorpach um chaighdeánú — e.g. maidir le huirlisí nua teicneolaíochta faisnéise — ach go bhféadfaí a thuilleadh feabhais a chur ar réimsí eile fós. Is fíor sin go háirithe i dtaca le cuimsitheacht, ról na gcomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú sa chóras Eorpach um chaighdeánú, agus aga seachadta na gcaighdeán comhuibhthe Eorpach chuig an gCoimisiún. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Is díol sásaimh do CESE an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir lena bhfuil i ndán don chaighdeánú san Aontas sa chomhthéacs domhanda. Léiriú atá i dtogra an Choimisiúin Eorpaigh, mar is ceart, ar fhorbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta agus tugtar aghaidh ann ar athruithe atá tite amach. Is é is aidhm dó glór láidir Eorpach a áirithiú agus leasanna Eorpacha a chosaint i dtaca leis na nósanna imeachta agus na struchtúir lena socraítear caighdeáin. Má bhaineann an Eoraip an leas cuí as fuinneamh an dá aistriú, beidh sí in ann a bheith ina “ceannródaí” i réimsí an chaighdeánúcháin ghlais agus dhigitigh. |
|
3.2. |
Maidir leis an moladh in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, tá CESE i bhfabhar athbhreithniú ar an rialachas. Ní mór a chur san áireamh i rialachas na ESOnna rannpháirtíocht thrédhearcach oscailte chuimsitheach chothrom na ngníomhaithe, na dtomhaltóirí, na ngeallsealbhóirí sóisialta agus comhshaoil, na gceardchumann, na FBManna agus na gcuideachtaí móra i margadh an Aontais go léir atá ábhartha. Ní mór dó raon feidhme dlisteanach an chaighdeánúcháin a léiriú, gan an bonn a bhaint ó phróisis reachtaíochta atá dlisteanach ó thaobh an daonlathais de agus gan éilimh iomarcacha a dhéanamh ar chaighdeánú. |
|
3.3. |
Is é an nós a bhíodh ann gurbh iad na tionscail a d’fhorbair na caighdeáin. Chun a áirithiú gur ann do ghlacadh forleathan sa tsochaí, tá sé ríthábhachtach cur chuige cothrom a chinntiú lena gcuirtear ar chumas na ngeallsealbhóirí leasmhara uile a ndéantar difear dóibh páirt a ghlacadh ann. Ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, tacaíonn eagraíochtaí polaitiúla agus eagraíochtaí um chaighdeánú lena chéile trí dhálaí creata a mhúnlú. An ceanglas maidir le Straitéis an Aontais um Chaighdeánú a bheith cuimsitheach, níl a mhacasamhail ar fáil aon áit eile ar domhan agus is mór is fiú é a atreisiú. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, is údar imní é nach bhfuil an chuimsitheacht ar cheann de bhunchlocha an chaighdeánaithe idirnáisiúnta. |
|
3.4. |
Ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar na buntáistí a bhaineann le Creat Reachtach Nua an Choimisiúin Eorpaigh maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a úsáid chun craiceann a chur ar cheanglais rialála. Is mian le CESE a chur in iúl nach bhfuil sé i gceist le caighdeáin an chumhacht rialála a aistriú chuig na hearnálacha príobháideacha. Níor cheart ceisteanna sochpholaitiúla a bhaineann le raon feidhme na gcomhpháirtithe sóisialta agus/nó an rialtóra a bheith idir lámha ag ESOnna. Tá CESE á chur i bhfáth gur gá aird cháiréiseach a thabhairt ar an dlisteanú daonlathach go háirithe i gcás seirbhísí a chaighdeánú. Tá an-éagsúlacht ag baint le hábhar agus castacht na seirbhísí, ó sheirbhísí poist go seirbhísí casta intleachtúla, agus ní féidir an méid sin a chur san áireamh go leordhóthanach le caighdeáin chothrománacha. |
|
3.5. |
Is údar buartha é, dar le CESE, gur uirlis de chuid an bheartais thionsclaíoch nó ionstraim gheopholaitiúil atá sa chaighdeánú anois i réigiúin eile ar domhan. Ní mór don Aontas Eorpach a bheith réidh lena chur chuige a oiriúnú chun iomaíochas chuideachtaí na hEorpa agus cosaint na dtomhaltóirí a chinntiú agus a mhéadú. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE na 22 bheart atá beartaithe, lena n-áirítear fóram ardleibhéil a chur ar bun chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar leasanna na ngeallsealbhóirí, post “an Phríomhoifigigh um Chaighdeánú” a chruthú, athchóiriú ar rialachas na ESOnna a éileamh, tosaíochtaí maidir le caighdeánú a shainiú le haghaidh an chlaochlaithe ghlais agus an chlaochlaithe dhigitigh araon, agus dlús a chur le próisis an chaighdeánaithe. Ba cheart go bhfágfadh na bearta sin níos láidre an córas Eorpach agus idirnáisiúnta um chaighdeánú. |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Cothaíonn caighdeáin margaí. Creideann CESE gur sócmhainn straitéiseach atá i Margadh Aonair an Aontais agus i gcead isteach a thabhairt do thríú páirtithe ar an margadh sin freisin. Chun idir-inoibritheacht táirgí agus seirbhísí a chinntiú ar fud an domhain agus ar fud córais eacnamaíocha agus shochaíocha dhifriúla, ní mór cloí leis an bprionsabal bunúsach gur cheart gur ann d’aon chaighdeán agus tástáil amháin a nglactar léi i ngach áit. Ní mór a áirithiú nach sárófar reachtaíocht arna hachtú go daonlathach de dheasca próisis chaighdeánúcháin atá bunaithe ar leasanna eacnamaíocha nó leasanna polaitiúla tríú páirtí. |
|
4.2. |
Maidir leis na caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe nuair a thrasuitear iad sna caighdeáin Eorpacha, creideann CESE nach mór luachanna sóisialta Eorpacha a chur san áireamh iontu trína áirithiú gur córas cuimsitheach i ndáiríre atá sa chóras idirnáisiúnta um chaighdeánú. Sa chomhthéacs sin, tá CESE ag iarraidh ar na comhlachtaí um chaighdeánú Comhaontú Vín (9) agus Comhaontú Frankfurt (10) a chur i bhfeidhm ar bhealach níos láidre, ar comhaontuithe iad arb é is aidhm leo iomaíocht idir na caighdeáin Eorpacha agus na caighdeáin idirnáisiúnta, nó fiú an cás ina mbeadh siad ag teacht salach ar a chéile, a sheachaint. |
|
4.3. |
Is cuid ríthábhachtach den obair é na gealltanais maidir le caighdeánú atá ann cheana i gcomhaontuithe trádála an Aontais a chur chun feidhme, agus comhar a dhéanamh maidir le caighdeánú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis an Aontas i réimsí straitéiseacha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú. Creideann CESE gur cheart an t-idirphlé leis na Stáit Aontaithe a neartú trí mheán na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta, agus go bhféadfadh sé go rachadh sé chun tairbhe don Aontas comhpháirtíochtaí digiteacha a bheith ann leis an tSeapáin, Singeapór, an Chóiré Theas agus tíortha eile atá ar aon intinn leis an Aontas. |
|
4.4. |
Is gá an cur chuige ón mbun aníos a bhaineann le caighdeáin atá faoi thionchar an mhargaidh agus an cur chuige ón mbarr anuas a bhaineann leis an straitéis pholaitíochta a thabhairt le chéile trí chomhar níos dlúithe a dhéanamh idir rialtais/saol na polaitíochta, an lucht tionscail agus geallsealbhóirí eile chun comhstraitéisí Eorpacha a fhorbairt. Chuige sin, ní mór malartú leanúnach a chur ar bun idir an Coimisiún Eorpach, ESOnna, comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú agus an lucht tionscail. |
|
4.5. |
Tá CESE i bhfabhar freisin iarraidh ar ESOnna agus ar a gcuid balleagraíochtaí a rialachas a nuachóiriú lena chur in oiriúint ina iomláine do leas an phobail agus do leasanna na FBManna, na ngeallsealbhóirí comhshaoil agus sóisialta, na gceardchumann, na sochaí sibhialta agus na n-úsáideoirí, agus chun rochtain ar chaighdeáin a éascú. Ní mór a áirithiú, áfach, nach gcuirfí an obair chaighdeánúcháin leanúnach ina stad ná nach gcuirfí moill ar tháirgí atá le chur ar an margadh de dheasca an athbhreithnithe sin. Ní mór an tsaincheist maidir le caighdeáin a chuirtear ar fáil saor in aisce a phlé leis na gníomhaithe uile atá rannpháirteach sa mhargadh. |
|
4.6. |
Is mian le CESE a chur in iúl nach amháin go rialaítear an taobh teicniúil den táirge le caighdeáin, ach gur féidir go n-imrítear tionchar ar dhaoine leo freisin. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, dá bhrí sin, a leagan amach ar bhealach níos sonraithe cén chaoi a gcoinneofar cuntasach Ballstáit den Aontas maidir lena áirithiú gur féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirt ghníomhach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí caighdeánúcháin. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a thuilleadh bearta tacaíochta airgeadais a chur ar fáil chun cabhrú le FBManna agus le geallsealbhóirí na sochaí (amhail eagraíochtaí tomhaltóirí) atá ar bheagán acmhainní rannpháirt a ghlacadh i bpróisis an chaighdeánaithe d’fhonn ionadaíocht chothrom a áirithiú. Cuireann na dreamanna sin raon leathan saineolas neamhspléach agus taithí ábhartha ar fáil maidir le próisis an chaighdeánaithe. Tá CESE á chur i bhfios freisin, d’ainneoin ghné dheonach na gcaighdeán, gur féidir go mbeadh éifeachtaí diúltacha tromchúiseacha ann sa chás nach gcuirtear iad i bhfeidhm, lena n-áirítear fadhbanna ó thaobh dlisteanais agus comhlíonta de. |
|
4.7. |
Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach go n-oibreodh na geallsealbhóirí, na ESOnna agus na comhpháirtithe eile go léir i gcomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt láithreach bonn ar na ceisteanna práinneacha a sainaithníodh maidir le caighdeánú, amhail vacsaíní agus cógais COVID-19 a tháirgeadh, amhábhair chriticiúla a athchúrsáil, an slabhra luacha hidrigine glaine, stroighin ísealcharbóin, micrishliseanna a dheimhniú agus caighdeáin sonraí. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, cainteanna a reáchtáil le Ballstáit an Aontais agus le geallsealbhóirí sula ndéanfaidh sé tosaíochtaí a shainiú maidir le caighdeánú ionas nach ndéanfar dearmad ar chaighdeáin thábhachtacha. Leis sin, d’áiritheofaí nach gcuirfeadh spriocanna nua isteach ar an obair atá ar siúl faoi láthair maidir le caighdeánú. |
|
4.8. |
Tá CESE go hiomlán i bhfách le dlús a chur le nósanna imeachta chun caighdeáin a leagan síos, agus tá sé ag moladh seiceáil dhlíthiúil ar chaighdeáin a ionchorprú ar leibhéal na gcoistí teicniúla agus go rachfaí i dlúthchomhar le sainchomhairleoirí na gcaighdeán comhchuibhithe ag an gcéim sin den phróiseas. |
|
4.9. |
Tá CESE ag tathant nár cheart athmhúnlú ollmhór ar chaighdeáin a bheith ina thoradh ar an athbhreithniú atá beartaithe ar na caighdeáin atá ann faoi láthair i bhfianaise chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an dá aistriú, óir chuirfeadh sé sin moill ar chaighdeáin a bhfuil géarghá leo. Beidh acmhainní ag teastáil leis an athbhreithniú sin a dhéanamh, acmhainní ba cheart a fháil ó na tionscail mhóra, agus freisin ó údaráis náisiúnta, institiúidí taighde, agus geallsealbhóirí comhshaoil agus sóisialta, lena n-áirítear ceardchumainn. |
|
4.10. |
Ina fhianaise sin, tá CESE ag tarraingt aird ar an rogha réitigh choibhéiseacha mhalartacha a chur i bhfeidhm. Tá fíorthábhacht ag baint leis an gcoincheap sin, go háirithe ó thaobh na nuálaíochta de, agus is gá é a neartú, a fhorfheidhmiú agus a chur in iúl ar bhealach níos fearr ionas nach gcuirfear bac ar an nuálaíocht de dheasca éilimh a d’fhéadfaí a dhéanamh i leith dliteanais. Is mian le CESE a chur i bhfáth, mar sin féin, nár cheart na réitigh sin a úsáid i réimse na sláinte agus na sábháilteachta. Ba cheart machnamh a dhéanamh ar réitigh choibhéiseacha mhalartacha a úsáid freisin i gcás an tsoláthair phoiblí mar uirlis chun an glacadh le caighdeáin a chur chun cinn. |
|
4.11. |
Tá CESE i bhfách leis an togra fóram ardleibhéil a chur ar bun chun cabhrú leis an gCoimisiún na tosaíochtaí atá le teacht a thuar maidir le caighdeánú agus dul i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle chun comhbheartú polaitiúil a áirithiú maidir leis na tosaíochtaí sin. Tá sé ríthábhachtach, áfach, foráil a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht na dtionscal agus na ngeallsealbhóirí ábhartha san fhóram ardleibhéil sin, agus maidir le comhsheasmhacht a bheith ann le hobair Fhóram Tionsclaíoch an Aontais agus na gComhghuaillíochtaí Tionsclaíocha. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún, áfach, soiléiriú a dhéanamh ar an ngaol a bheadh ann idir an Mol Barr Feabhais maidir le Caighdeáin arna moladh agus na fóraim eile. |
|
4.12. |
Luaitear sa straitéis roinnt tionscnaimh oiliúna agus oideachais atá dírithe ar thaighdeoirí, ar ghairmithe óga agus ar chleachtóirí, a fhéachann le forbairt scileanna a chur chun cinn i réimse an chaighdeánaithe. Áirítear orthu sin “treiseoir caighdeánúcháin”, “Laethanta Ollscoile maidir le Caighdeánú”, ábhair ábhartha a scaipeadh ar EU Academy, agus tionscadail um chaighdeánú thar lear a chistiú. Tá CESE den bharúil gur tograí ríthábhachtacha na tograí sin, go háirithe do FBManna agus micrifhiontair agus d’fhonn creat a leagan síos maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i dtallann, agus tá sé go mór i bhfabhar iad a thabhairt isteach go forleathan agus go pras. |
|
4.13. |
Thar aon rud eile, tá CESE ag moladh comhar idirnáisiúnta maidir le caighdeáin an Aontais trí úsáid a bhaint as cláir agus cistí de chuid an Aontais (amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus Fís Eorpach), agus tacaíocht a thabhairt maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí i gcaighdeánú idirnáisiúnta thar lear (FBManna, an tsochaí shibhialta, an lucht léinn), e.g. san Afraic chun freagra dearfach a thabhairt ar rannpháirtíochtaí réigiún eile ar mhór-roinn na hAfraice. Ba cheart neartú an chaighdeánaithe a bheith ar cheann de na phríomhghnéithe de Thionscnamh Tairsí Domhanda an Aontais. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le Caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12)
(2) Féach Teachtaireacht (2018) 764 ón gCoimisiún (níl leagan Gaeilge ann).
(3) COM(2022) 31.
(4) COM(2022) 32.
(5) COM(2022) 30.
(6) IO C 66, 8.2.2022, lch. 1.
(7) COM(2022) 32.
(8) COM(2022) 30.
(9) https://isotc.iso.org/livelink/livelink/fetch/2000/2122/3146825/4229629/4230450/4230458/01__Agreement_on_Technical_ Cooperation_between_ISO_and_CEN_(Vienna_Agreement).pdf?nodeid = 4230688&vernum=-2
(10) http://www.iec.ch/about/globalreach/partners/pdf/IEC-CENELEC_Frankfurt_Agreement%7B2016%7D.pdf
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/48 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An chéad ghlúin eile d’acmhainní dílse le haghaidh bhuiséad an Aontais
(COM(2021) 566 final)
Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027
(COM(2021) 569 final – 2021/0429 (APP)
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh
(COM(2021) 570 final – 2021/0430 (CNS)
(2022/C 323/09)
|
Rapóirtéir: |
Philip VON BROCKDORFF |
|
Comhrapóirtéir: |
Antonio GARCÍA DEL RIEGO |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 1.3.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
6.5.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
144/2/7 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tá CESE ag tabhairt dá aire go bhfuil gá le comhdhearcadh le go bhféadfaí acmhainní dílse nua a chur ar fáil chun na fiachais a eascraíonn as iasachtaíocht faoin tionscnamh Next Generation EU a aisíoc gan buiséid chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais a chur i mbaol ná ranníocaíocht acmhainne bunaithe ar Ollioncam Náisiúnta (OIN) a mhéadú go suntasach. Cé go meastar go bhfuil gá leis na tograí a rinne an Coimisiún sa teachtaireacht, creideann CESE gur cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar an córas nua a dhearadh sa chaoi is go mbainfear amach prionsabail na cothroime agus an chothromais, na héifeachtúlachta, na trédhearcachta, na simplíochta agus na cobhsaíochta, agus béim ar leith á leagan ar an iomaíochas agus i gcás inar gá, ar an dlúthpháirtíocht. Go háirithe, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach tacú le teaghlaigh agus le gnólachtaí, i gcás inar gá, agus molann sé go láidir measúnuithe tionchair níos spriocdhírithe a dhéanamh chun cinneadh a dhéanamh, de réir tíre agus le haghaidh tionscail shonracha, maidir le haon éifeachtaí diúltacha ar theaghlaigh agus ar iomaíochas foriomlán gheilleagar an Aontais. |
|
1.2. |
Ós rud é gur uirlis ríthábhachtach í an acmhainn dhílis atá bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí (CTA) chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, áitíonn CESE ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil cur chun feidhme na hacmhainne sin éifeachtach ó thaobh costais de agus déanta ar bhealach nach bhfuil suaiteach. Thairis sin, tá CESE ag tabhairt dá aire gur síneadh an CTA chuig an earnáil mhuirí, gur méadaíodh liúntais eitlíochta de réir a chéile, agus gur cuireadh san áireamh iompar de bhóthar agus foirgnimh. Measann CESE go bhféadfaí sciar teoranta d’ioncam CTA a aistriú isteach i mbuiséad an Aontais. Tar éis an tsaoil, is ionstraim uile-Eorpach aeráide í sin lena rannchuidítear le cuspóirí aeráide agus lena neartaítear an margadh inmheánach. I ndáil leis sin, ba cheart dóthain ioncaim a bheith ar fáil chun tacú le hearnálacha a bhfuil sé d’oibleagáid orthu bearta breise a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide. Ina theannta sin, athdhearbhaíonn CESE nach mór an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm i ngach tír. |
|
1.3. |
Ós rud é go bhfuil CTA AE agus an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) idirnasctha, creideann CESE gur cheart, dá bhrí sin, breathnú orthu leis an meon céanna. Cé gur féidir le CTA AE a bheith ina chúis le sceitheadh carbóin, rachadh SCCT in aghaidh sceitheadh den chineál sin trí phraghas a chur ar chion na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcás allmhairí. Mar sin féin, tá rabhadh á thabhairt ag CESE i gcoinne córas SCCT a dhearadh a chuirfeadh míbhuntáiste iomaíoch ar ghnólachtaí déantúsaíochta Eorpacha agus ar ghnólachtaí eile. |
|
1.4. |
Tá CESE den tuairim freisin, i bhfianaise luaineacht na n-ioncam ó CTA AE agus ó SCCT, gur cheart féachaint le hintuarthacht agus trédhearcacht a chosaint. |
|
1.5. |
Molann an Coimisiún freisin go mbeadh an tríú catagóir d’acmhainní dílse ann, ina gcuirfeadh na Ballstáit ranníocaíocht náisiúnta ar fáil do bhuiséad an Aontais bunaithe ar an sciar de bhrabúis iarmharacha ó fhiontair ilnáisiúnta a ath-leithdháileadh ar gach Ballstát. Creideann CESE gur bonn iomchuí é sin d’acmhainní dílse an Aontais, a chomhlíonann critéir na cothroime, ós rud é go n-íocfadh cuideachtaí cion dá mbrabúis iarmharacha cibé áit a n-oibríonn siad agus a ngineann siad brabús. Creideann CESE, áfach, go bhfuil gá le cothrom iomaíochta sa chóras cánach idirnáisiúnta nach gcuirfeadh gnólachtaí an Aontais faoi mhíbhuntáiste iomaíoch. Ba cheart na rialacha nua a chur chun feidhme ag an am céanna san Aontas le príomhnáisiúin trádála agus iomaitheora an Aontais. Thairis sin, ba cheart na rialacha nua a chur i bhfeidhm i gcomhréir le sainmhínithe agus caighdeáin chomhchuibhithe. Tá béim á leagan ag CESE freisin ar an luaineacht a bhaineann le hioncam ó cháin chorparáideach agus ar na deacrachtaí a bhaineann le hioncam na hacmhainne dílse a mheas amach anseo, agus tá sé á chur i bhfios go láidir aige go bhfuil sonraí deiridh chur chun feidhme an chomhaontaithe fós á bplé. I bhfianaise an méid sin, creideann CESE go bhfuil sé róluath na hacmhainní nua sin a mheas mar acmhainní buana de chuid an Aontais, go príomha nuair nach mór machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeidh ar Bhallstáit an Aontas Eorpaigh cion den ioncam cánach a íoc le tríú dlínsí. |
|
1.6. |
Tá rabhadh á thabhairt ag CESE go bhféadfadh sé go mbeadh gá le hathchóiriú cánach agus/nó sásraí cúitimh ar an leibhéal náisiúnta chun aon ualaí breise cánach a neodrú ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí. |
|
1.7. |
Ar deireadh, measann CESE go bhfuil gá le toil láidir pholaitiúil chun comhtháthú an Aontais a dhoimhniú agus go bhfuil gá le treochlár soiléir maidir le todhchaí na hEorpa chun córas nua acmhainní dílse a dhearadh agus a chur chun feidhme go rianúil. Is tábhachtaí fós an méid sin i bhfianaise an chogaidh san Úcráin, agus dá bhrí sin d’fhéadfaí go mbeadh gá féachaint an athuair ar an togra ón gCoimisiún. Tá CESE tiomanta d’athbhreithniú agus d’fhaireachán leanúnach a dhéanamh ar fhorbairt neamhchinnte thionchar daonna agus ábhartha an ionraidh mhillteanaigh sin, d’fhonn an beart is fearr a roghnú in am trátha. |
2. Cúlra
|
2.1. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach an chéad ghlúin eile d’acmhainní dílse a bhunú do bhuiséad an Aontais trí thrí fhoinse nua ioncaim a chur ar aghaidh: an chéad cheann, bunaithe ar ioncaim ón gCóras Trádála Astaíochtaí athbhreithnithe; an dara ceann, ag tarraingt ar na hacmhainní arna nginiúint ag an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha atá beartaithe; agus an tríú ceann, bunaithe ar an sciar de bhrabúis iarmharacha ó fhiontair ilnáisiúnta a athdháilfear ar Bhallstáit an Aontais faoi réamh-chomhaontú ECFE/G20 a rinneadh le déanaí maidir le cearta cánach a ath-leithdháileadh (“Colún 1”), ach nach mór a thabhairt chun críche fós. Ó 2026 go 2030, meastar go nginfidh na foinsí nua ioncaim sin suas le EUR 17 mbilliún in aghaidh na bliana do bhuiséad an Aontais. |
|
2.2. |
Beidh na hacmhainní dílse nua ina gcabhair chun na cistí a chruinnigh an tAontas Eorpach a aisíoc, cistí a úsáideadh chun an chomhpháirt deontais de Next Generation EU a mhaoiniú. Go sonrach, tá sé beartaithe leis an gCóras Trádála Astaíochtaí nua rannchuidiú le maoiniú an Chiste Aeráide Shóisialta, mar a mheastar faoin bpacáiste “Oiriúnach do 55”. Is cuspóir tábhachtach de chuid an togra é an Ciste Aeráide Sóisialta a mhaoiniú. Chuideodh an Ciste seo le haistriú atá cothrom ó thaobh na sochaí de agus thacódh sé le teaghlaigh leochaileacha, le húsáideoirí iompair agus le micrifhiontair trí mhaoiniú a chur ar fáil d’infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh, i gcórais nua téimh agus fuaraithe, agus i soghluaisteacht níos glaine, mar aon le tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach, i gcás inarb iomchuí. |
|
2.3. |
Is é is aidhm don phacáiste “Oiriúnach do 55” ó mhí Iúil 2021 glanastaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Is é an cuspóir atá ann aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Áirítear sa phacáiste sin go ndéanfaí athbhreithniú ar CTA AE, a mbeadh feidhm aige amach anseo maidir leis an earnáil mhuirí freisin, go bhféadfaí níos mó lamháltais eitlíochta a chur ar ceant, agus go dtabharfaí isteach scéim nua d’fhoirgnimh agus d’iompar de bhóthar. |
|
2.4. |
Chuideodh an Córas Trádála Astaíochtaí nua le haistriú rianúil chuig geilleagar dícharbónaithe a áirithiú, ina gcuirfí na daoine is leochailí sa tsochaí san áireamh. Faoi láthair, aistrítear an chuid is mó den ioncam ó lamháltais astaíochtaí a chur ar ceant chuig na buiséid náisiúnta. Leis an gcóras nua atá beartaithe, d’aistreofaí 25 % den ioncam ó thrádáil astaíochtaí an Aontais isteach i mbuiséad an Aontais, agus ghinfí thart ar EUR 12,5 billiún d’ioncam measta ar an meán in aghaidh na bliana do bhuiséad an Aontais don tréimhse 2026-2030. |
|
2.5. |
Tá SCCT á mholadh ag an gCoimisiún freisin a mbeadh sé d’aidhm aige an riosca maidir le sceitheadh carbóin isteach san Aontas a laghdú trí phraghas carbóin a shocrú d’allmhairí a chomhfhreagraíonn don mhéid a d’íocfaí dá dtáirgfí na hearraí san Aontas. Beidh feidhm ag an sásra sin maidir le rogha spriocdhírithe earnálacha agus measann an Coimisiún go bhfuil sé ag teacht go hiomlán le rialacha EDT. I gcomhréir leis an togra, déanfar SCCT a chéimniú isteach i gcomhthráth le deireadh a chur de réir a chéile le scéim ath-leithdháilte CTA, ar ceapadh é mar chóras sealadach an chéad lá. D’íocfaí táille ar earraí a allmhairítear isteach san Aontas a léireodh “an cion carbóin” – is é sin na hastaíochtaí CO2 arna nginiúint lena dtáirgeadh (is ionann an praghas foriomlán ar na hastaíochtaí CO2 sin agus praghas carbóin an Aontais). Ar an taobh eile, ní bheidh feidhm ag lacáiste (lena léirítear an difríocht idir an praghas carbóin a íoctar as a dtáirgeadh san Eoraip agus an praghas carbóin sa mhargadh ceann scríbe) ar earraí a onnmhairítear go tíortha eile. Chun an méid sin a chúiteamh, cabhrófar le tionscal na hEorpa oiriúnú don phróiseas dícharbónaithe leis an gCiste don Nuálaíocht (IF), arb ioncam é a eascraíonn as 450 milliún lamháltas CTA a chur ar ceant idir 2020 agus 2030. Don tréimhse idir 2020-2030, d’fhéadfadh tuairim is EUR 10 mbilliún a bheith sa Chiste, ag brath ar an bpraghas carbóin. Is príomhionstraim chistiúcháin í an Ciste don Nuálaíocht chun gealltanais uile-gheilleagair an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus chun tacú le fís straitéiseach an Choimisiúin Eorpaigh d’Eoraip atá aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, mar a aithnítear freisin i bPlean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. |
|
2.6. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún 75 % den ioncam a ghintear ó SCCT a leithdháileadh ar bhuiséad an Aontais, agus meastar gur EUR 1 bhilliún ar an meán an t-ioncam a ghinfear in aghaidh na bliana sna blianta 2026-2030. |
|
2.7. |
Ghinfí an tríú foinse ioncaim atá beartaithe trí cháin a ghearradh ar sciar de “bhrabúis iarmharacha” na bhfiontar ilnáisiúnta is mó ar domhan, faoi mar a d’aontaigh comhaltaí Chreat Cuimsitheach OECD/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis anuraidh, ar gá bailchríoch a chur ar na mionsonraí ina leith fós. Is éard atá i gceist leis sin réiteach dhá cholún chun dul i ngleic le haistrithe cánach ó thír amháin go tír eile, chun rialacha cánach idirnáisiúnta a dhéanamh níos comhsheasmhaí, agus chun a chinntiú go ngearrtar cáin ar bhrabúis nuair a tharlaíonn gníomhaíocht eacnamaíoch agus cruthú luacha. Molann an Coimisiún acmhainn dhílis arb ionann é agus 15 % den sciar de bhrabúis iarmharacha na gcuideachtaí laistigh den raon feidhme a athdháiltear ar Bhallstáit an Aontais. Mar sin féin, ní chuirtear san áireamh ath-leithdháileadh ioncaim chánach ar thríú tíortha. |
|
2.8. |
Is é an chéad chéim eile go ndéanfaidh an Coimisiún treoir de chuid an Aontais a dhréachtú a luaithe a chuirfear bailchríoch ar shonraí chomhaontú Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le Colún 1. Leis an bpróiseas sin, comhlánófar an Treoir maidir le Colún 2 ar ghlac an Coimisiún togra ar leith ina leith le déanaí (1). Go dtí go dtabharfar an comhaontú chun críche, meastar go mbeidh ioncam idir EUR 2,5 billiún agus EUR 4 bhilliún in aghaidh na bliana do bhuiséad an Aontais. |
|
2.9. |
Chun na hacmhainní dílse nua atá beartaithe a chomhtháthú i mbuiséad an Aontais, beidh ar an Aontas dhá phíosa thábhachtacha reachtaíochta a leasú. Ar an gcéad dul síos, molann an Coimisiún an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse a leasú chun na trí acmhainn nua atá beartaithe a chur leis na hacmhainní atá ann cheana. Ar an dara dul síos, molann an Coimisiún leasú sonrach a dhéanamh ar an Rialachán maidir le buiséad fadtéarmach reatha an Aontais don tréimhse 2021-2027, ar a dtugtar Rialachán an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) freisin. Tugann an modhnú sin an deis dhlíthiúil tús a chur cheana féin le hiasachtaí a aisíoc do Next Generation EU le linn an CAI reatha. Ag an am céanna, molann sé uasteorainneacha caiteachais ábhartha CAI a mhéadú do na blianta 2025-2027 d’fhonn an caiteachas breise a ailíniú leis an gCiste Aeráide Sóisialta. |
|
2.10. |
Ní mór an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse a fhormheas d’aon toil sa Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm nuair a bheidh sé formheasta ag na Ballstáit ar fad i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla. Ní mór don Chomhairle Rialachán CAI a ghlacadh d’aon toil, tar éis di formheas a fháil ó Pharlaimint na hEorpa. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Níl aon amhras ach go bhfuil gá le samhail airgeadais do na hacmhainní dílse chun na cistí a chruinnigh an tAontas a aisíoc, cistí a úsáideadh chun an chomhpháirt deontais de Next Generation EU agus den Chiste Aeráide Sóisialta a mhaoiniú. Mar sin féin, is dúshlán fós é cur chun feidhme na samhla airgeadais sin. Tugann CESE dá aire freisin go mbunaítear leis an togra ón gCoimisiún sraith rialacha faoina ndéanfaí ranníocaíochtaí náisiúnta breise ó na Ballstáit a leithdháileadh ar bhuiséad an Aontais. Dá mba rud é nach leor na hacmhainní sin, bheadh feidhm fós ag an gcóras reatha leithdháilte atá bunaithe ar OIN. Tá CESE ag tabhairt dá aire, áfach, go molfaidh an Coimisiún sraith nua acmhainní dílse in 2023. |
|
3.2. |
In aon chás, is é tuairim CESE go léirítear sa togra atá á bhreithniú an córas bailithe ioncaim atá ann faoi láthair, agus go leanfadh sé de bheith ag brath go mór ar ranníocaíochtaí na mBallstát. Tá CESE á aithint, áfach, dá leathnófaí an tsamhail acmhainní dílse sin, go gcuirfí na cistí ar fáil chun freagairt níos éifeachtaí a thabhairt ar shuaití eacnamaíocha agus chun tacú le tionscnaimh airgeadais le haghaidh fás inbhuanaithe agus téarnamh eacnamaíoch. |
|
3.3. |
Ar an iomlán, chuirfeadh samhail na n-acmhainní dílse borradh freisin faoi acmhainneacht fhioscach an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le cóineasú eacnamaíoch níos fearr agus le turraingí maicreacnamaíocha neamhshiméadracha a mhaolú. Dá mbainfí úsáid as acmhainní dílse, mhéadófaí a éifeachtaí a bheadh beartais, agus bheadh dlúthbhaint ag cistiú le cuspóirí an Aontais sa chomhrac in aghaidh athrú aeráide agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch, mar shampla. Tá an-tábhacht ag baint leis an nasc idir cuspóirí beartais an Aontais agus a fhoinsí maoinithe agus cineálacha acmhainní dílse á roghnú aige agus tacaíonn CESE leis. |
|
3.4. |
Aithníonn CESE gur dúshlánach an ní é acmhainní dílse nua a aithint agus go bhféadfadh míbhuntáistí sonracha a bheith ag baint leis na roghanna atá beartaithe (go háirithe ó thaobh leordhóthanachta, cobhsaíochta nó éifeachtúlachta de). Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, mar atá molta ag an gCoimisiún, córas a bheith ann lena gcomhcheanglaítear acmhainní dílse éagsúla chun, mar shampla, luaineachtaí in insreabhadh na n-acmhainní sin a íoslaghdú. Trí úsáid a bhaint as meascán d’acmhainní dílse, cabhraíonn sé leis an ualach airgeadais a dháileadh ar bhealach níos cothroime i measc na mBallstát. |
|
3.5. |
Tá CESE den tuairim freisin go bhfuil riar éifeachtúil na n-acmhainní dílse ríthábhachtach. Taobh leis sin, áfach, ní mór caiteachas éifeachtúil agus éifeachtach a bheith ann ag gach céim freisin. Baineann sé sin go háirithe le caiteachas ar an gCiste Aeráide Sóisialta (2), a bhfuil sé d’aidhm aige maolú a dhéanamh ar na drochéifeachtaí sóisialta a bhíonn ag ardú praghsanna carbóin in earnáil an iompair agus i gcórais téimh i bhfoirgnimh. Tá imní curtha in iúl cheana féin ag CESE ina leith sin, go háirithe gur mhó na costais a bhainfeadh le córas trádála astaíochtaí d’earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair ná na sochair inmhianaithe agus go bhféadfaidís a bheith ina gcúis le méadú gan smacht ar phraghsanna. Tá aird tarraingthe ag CESE freisin ar an dúshlán ollmhór a bhaineann le sásra cúitimh éifeachtach agus cothrom a dhearadh in Aontas ina bhfuil 27 mBallstát a mbíonn dálaí socheacnamaíocha agus aeráide an-difriúil acu go minic. |
|
3.6. |
Tá CESE ag tabhairt dá aire go mbaineann na Ballstáit úsáid faoi láthair as ioncam ceantála CTA do ghníomhú ar son na haeráide agus chun borradh a chur faoin infheistíocht in earnálacha trádála astaíochtaí agus dlús á chur ar an gcaoi sin le laghduithe ar astaíochtaí. Agus codanna d’ioncam CTA á n-úsáid chun comhpháirt deontais Next Generation EU a aisíoc, tá rabhadh á thabhairt ag CESE in aghaidh srianta airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann a chuirfeadh teorainn le tacaíocht bhreise do gheilleagar agus do dhaonra na hEorpa le linn an aistrithe i dtreo na neodrachta carbóin. |
|
3.7. |
Is díol sásaimh do CESE an Ciste don Nuálaíocht agus an cuspóir atá aige cabhrú le gnólachtaí infheistíocht a dhéanamh i bhfuinneamh glan agus i dtionscal glan. Tá sé curtha in iúl ag CESE, áfach, go bhfuil amhras air an ndéanfaidh an ciste seo seasamh iomaíoch thionscal an Aontais a chothabháil agus a neartú. |
|
3.8. |
Cé go n-aontaíonn CESE go ginearálta leis na trí fhoinse nua ioncaim arna moladh ag an gCoimisiún, tá rabhadh á thabhairt aige maidir leis na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an ioncam breise ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le haon ualach cánach breise a cheangal le hathchóiriú cánach nó sásraí cúitimh ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, tá rabhadh á thabhairt ag CESE faoin tionchar atá ag praghsanna fuinnimh níos airde ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin. D’fhéadfadh na costais bhreise sin agus a n-éifeachtaí sóisialta agus eacnamaíocha an togra ón gCoimisiún a chur i mbaol. Is tábhachtaí fós an méid sin i bhfianaise an chogaidh san Úcráin, agus dá bhrí sin d’fhéadfaí go mbeadh gá féachaint an athuair ar an togra ón gCoimisiún. Dá thoradh sin, tá CESE tiomanta d’athbhreithniú agus d’fhaireachán leanúnach a dhéanamh ar fhorbairt neamhchinnte thionchar daonna agus ábhartha an ionraidh mhillteanaigh sin, d’fhonn an beart is fearr a roghnú in am trátha. |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Cé go n-aontaíonn CESE go bhfuil foinsí cistiúcháin de dhíth chun Next Generation EU a aisíoc go héifeachtach, ní mór na foinsí cistiúcháin sin a bheith cobhsaí, cothrom ó thaobh na sochaí de agus fabhrach do ghnó. Is riachtanas daingean é an chobhsaíocht, mar an gcéanna leis an tsimplíocht agus an chinnteacht. Go sonrach, ba cheart a áirithiú go mbeidh na córais a tugadh isteach, go háirithe CTA agus SCCT, athléimneach i gcoinne turraingí eacnamaíocha. Ní mór ualaí breise ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí a sheachaint freisin, agus forchoimeádann CESE an ceart aige féin machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag na foinsí cistiúcháin ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí araon. Sa chomhthéacs sin, molann CESE measúnuithe tionchair níos spriocdhírithe a dhéanamh chun cinneadh a dhéanamh, de réir tíre agus i gcás earnálacha sonracha, ar aon tionchar diúltach ar theaghlaigh agus ar iomaíochas foriomlán ghnólachtaí an Aontais. Bheadh measúnú ar chistí a eisíocadh faoi Next Generation EU ábhartha freisin. |
|
4.2. |
Cé go n-aontaíonn CESE, tar éis athchóiriú cánach na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), gur cheart do na Ballstáit cion den ioncam ó cháin iarmharach a fhabhraíonn chucu a ath-leithdháileadh ar an gCoimisiún mar acmhainn dhílis, níor cheart d’aistriú den sórt sin a bheith ina chúis le hualaí nua ar theaghlaigh ná ar ghnólachtaí. Molann CESE, i gcás inar gá, gur cheart an t-aistriú sin a chomhcheangal le hathchóiriú cánach ar leibhéil eile ionas nach gcuirfear muirir bhreise ar theaghlaigh ná ar ghnólachtaí. |
|
4.3. |
Tá CESE den tuairim gur céim mhór chun cinn é réamh-chomhaontú idirnáisiúnta na cánach corparáide ó ECFE maidir lena áirithiú go ngearrfar cáin ar chuideachtaí corparáideacha domhanda i gcás ina mbíonn gníomhaíocht eacnamaíoch agus cruthú luacha i gceist. Creideann CESE freisin gur féidir leis na rialacha nua cobhsaíocht agus comhleanúnachas a chur ar fáil don chóras cánach idirnáisiúnta. Mar sin féin, creidimid gur cheart cothrom iomaíochta a choinneáil i gcónaí sa chóras idirnáisiúnta cánach. Ba cheart na rialacha nua a chur chun feidhme ag an am céanna san Aontas le príomhnáisiúin trádála agus iomaitheora an Aontais. Thairis sin, ba cheart na rialacha nua a chur i bhfeidhm i gcomhréir le sainmhínithe agus caighdeáin chomhchuibhithe. Tá béim á leagan ag CESE freisin ar an luaineacht a bhaineann le hioncam ó cháin chorparáideach agus ar na deacrachtaí a bhaineann le hioncam na hacmhainne dílse a mheas amach anseo, agus tá sé á chur i bhfios go láidir aige go bhfuil sonraí deiridh chur chun feidhme an chomhaontaithe fós á bplé. I bhfianaise an méid sin, creideann CESE go bhfuil sé róluath na hacmhainní nua sin a mheas mar acmhainní buana de chuid an Aontais, go háirithe nuair nach mór machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeidh ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh cion den ioncam cánach a íoc le tríú dlínsí. |
|
4.4. |
Measann CESE gur togra uaillmhianach an togra maidir le hioncam CTA a aistriú ó acmhainn náisiúnta go hacmhainn dhílis. Tá imní ar CESE, áfach, go bhféadfadh sé nach mbeadh dreasacht ann chun truailliú a laghdú go mór mura gcinnteofar gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Ina theannta sin, creideann CESE gur cheart an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm go cothrom i ngach Ballstát. Mar sin féin, tá an dúshlán fós ann maidir le conas na hioncaim sin a athinfheistiú ar bhealach a rachadh chun tairbhe do phobail. Ina theannta sin, ní mór tionchar an togra seo ar earnálacha amhail margadh na maoine a mheasúnú de réir tíre nó réigiúin, toisc go bhféadfadh rialacha pleanála a bheith éagsúil go minic ó dhlínse go dlínse agus d’fhéadfadh sé go dtiocfadh ardú ar phraghsanna tithíochta mar thoradh ar chostais éifeachtúlachta fuinnimh. Is díol sásaimh do CESE an sásra coigeartaithe dlúthpháirtíochta sealadach a chabhraíonn le rannchuidiú cóir acmhainní dílse ó na Ballstáit uile a áirithiú, agus uasteorainn agus íosteorainn curtha i bhfeidhm i ndáil leis an eochair OIN. Seachnófar leis sin cás ina rannchuideoidh roinnt Ballstát le buiséad an Aontais ar bhealach atá díréireach le méid a ngeilleagar le linn na hidirthréimhse chun geilleagair na mBallstát a dhéanamh níos inbhuanaithe. Os a choinne sin, is ábhar imní do CESE go gcuirfí an Ciste Aeráide Sóisialta i mbaol mura gcuirtear an CTA chun feidhme go hiomlán, agus go dtabharfadh sé sin leithscéal do na Ballstáit an milleán a chur ar an Eoraip as na bearta sin nach bhfuil tóir orthu. |
|
4.5. |
Creideann CESE freisin gur cheart do na hacmhainní dílse nua atá beartaithe tacú le cuspóirí beartais an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir leis an margadh aonair, iomaíochas agus fás inbhuanaithe, agus gur cheart dó leas shaoránaigh an Aontais a fheabhsú san am céanna. |
|
4.6. |
Ábhar imní eile nach mór a chur san áireamh is ea a áirithiú go ndáilfear ualach airgeadais na dtograí go cothrom ar na Ballstáit. Tá béim á leagan ag CESE ar dhifríochtaí struchtúracha na mBallstát, rud a fhágann go rachaidh na tograí ar fad i bhfeidhm ar Bhallstáit éagsúla ar bhealaí éagsúla. Is díol sásaimh do CESE an chaoi a leithdháilfear an Ciste Aeráide Sóisialta go náisiúnta bunaithe ar rachmas coibhneasta na dtíortha agus na réigiún. Mar sin féin, tá sé á chur i bhfios go láidir aige freisin go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfí na rialacha nua atá beartaithe i bhfeidhm go cothrom ar fud an Aontais. Rud atá chomh tábhachtach céanna is ea nach mbeidh ualach iomarcach riaracháin ar an gCoimisiún Eorpach, ar institiúidí an Aontais ná ar na húdaráis riaracháin náisiúnta de dheasca ríomh, aistriú agus rialú na n-acmhainní dílse nua. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas. (COM (2021) 823 final).
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/54 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú: Comhtháthú san Eoraip i dtreo 2050
(COM(2022) 34 final)
(2022/C 323/10)
|
Rapóirtéir: |
Krzysztof BALON |
|
Comhrapóirtéir: |
Gonçalo LOBO XAVIER |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
6.5.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
19.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
132/0/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tá sé á chur i bhfáth ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur cuspóir é an comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach atá cumhdaithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus, san fhadtéarma, go mbeidh sé ríthábhachtach an cuspóir sin a bhaint amach má táthar chun ilchríoch aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050. Ag an am céanna, is é an dúshlán is tromchúisí sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, lena n-áirítear don bheartas comhtháthaithe, ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar gníomh ionsaithe i gcoinne an Aontais Eorpaigh é freisin. |
|
1.2. |
Sa chomhthéacs sin, ós rud é go bhfuil iarratas déanta ag an Úcráin ar bhallraíocht san Aontas Eorpach agus go dtacaíonn sochaí shibhialta na hÚcráine go láidir lena lánpháirtiú Eorpach a luaithe is féidir, tá CESE ag iarraidh go n-aontófaí an Úcráin leis an Aontas a luaithe is féidir agus go ndéanfaí an beartas comhtháthaithe agus a cuid ionstraimí airgeadais a oiriúnú dá réir sna blianta atá le teacht chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le hatógáil iarchogaidh na tíre. Chun na críche sin, molann CESE go mbunófaí ciste ar leith de chuid an Aontais Eorpaigh go pras chun an Úcráin a atógáil agus a fhorbairt. |
|
1.3. |
San am céanna, tá CESE ag tathant ar na Ballstáit, ar réigiúin an Aontais agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta an leas is éifeachtaí agus is gasta is féidir a bhaint as na deiseanna atá ann tacú le dídeanaithe ón Úcráin a cruthaíodh leis an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE), a mhol an Coimisiún Eorpach an 8 Márta 2022 (1), i gcomhar leis an athbhreithniú ar Rialachán REACT-AE arna mholadh ag an gCoimisiún an 23 Márta 2022 (2). Ba cheart d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta go príomha, lena n-áirítear ENRanna speisialaithe, an tacaíocht sin a chur ar fáil. |
|
1.4. |
Dúshlán tábhachtach eile is ea éifeachtaí na géarchéime paindéime atá ann faoi láthair a shárú. Ní mór a chur san áireamh sa bheartas comhtháthaithe, go háirithe, gur mó tionchar diúltach a bhí ag an bpaindéim go ginearálta sna réigiúin bheagfhorbartha agus i measc grúpaí sóisialta faoi mhíbhuntáiste. Mar gheall air sin, tá údar leis an “idirdhealú dearfach” sna cinntí maidir le hinfheistíocht agus dáileadh cistí de chuid an Aontais Eorpaigh. |
|
1.5. |
Tá CESE ar aon intinn leis na conclúidí a leagtar amach i gCaibidil 5 den teachtaireacht ón gCoimisiún, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac i gcomhthéacs an bheartais aeráide, borradh a chur faoin infheistíocht san oideachas, agus sa taighde agus sa nuálaíocht, freagairt éifeachtach a thabhairt ar an athrú déimeagrafach, an comhar trasteorann a neartú, lena n-áirítear i réimse an bhonneagair, rochtain uilíoch ar sheirbhísí leasa ghinearálta a chur ar fáil i gceantair thuaithe freisin, riarachán simplí solúbtha cistí a áirithiú, agus prionsabal na comhpháirtíochta a chomhlíonadh go comhsheasmhach, go háirithe sa chaidreamh leis an tsochaí shibhialta eagraithe. |
|
1.6. |
Molann CESE go ndéanfaí prionsabal na breisíochta a chur i bhfeidhm go cúramach agus go gcuirfí coinníollachtaí ex ante chun feidhme ar bhealach nach ndéanfar leithcheal ar réigiúin nach bhfuil foinsí malartacha cistiúcháin acu; ba cheart cóineasú aníos a bheith i gceist leis an gcóineasú eacnamaíoch agus sóisialta. |
|
1.7. |
Measann CESE go bhfuil gá le cur chuige nua maidir le beartas fioscach, a chuirfear chun cinn ón leibhéal Eorpach, agus lena dtreiseofar na cuspóirí seanbhunaithe comhtháthaithe. Chun an méid sin a bhaint amach, ní mór beartas fioscach a chur chun cinn ina gcuirtear san áireamh deireadh a chur leis an iomaíocht atá ann cheana idir tíortha laistigh den Eoraip. Mura ndéanfar amhlaidh, d’fhéadfadh na héagothromaíochtaí atá ann faoi láthair idir beartais fhioscacha na mBallstát an baol a mhéadú go mbeadh “Eoraip an dá luas” ann. Thairis sin, tá gá le hathchóiriú domhain ar na rialacha fioscacha, lena ndírítear ar inbhuanaitheacht fhiachas poiblí na dtíortha, ar shásraí rialachais eacnamaíoch na hEorpa agus ar bhailiú cánach Eorpach a bheadh níos cothroime agus níos forásaí. |
|
1.8. |
Is léir ón ngéarchéim paindéime gur cheart comhtháthú polaitiúil a bheith ag gabháil le comhtháthú críochach, eacnamaíoch agus sóisialta. I gcásanna géarchéime, ní mór ról comhordúcháin institiúidí an Aontais a neartú, lena n-áirítear sna réimsí sin nach bhfuil aon fhoráil sna Conarthaí maidir le hinniúlachtaí an Aontais. Is saincheist lárnach í sin maidir le feidhmiú an chómhargaidh agus d’fhonn athléimneacht a athchothú agus a mhéadú, agus chun dlúthpháirtíocht agus féiniúlacht Eorpach a chothú freisin. |
|
1.9. |
Ba cheart an beartas comhtháthaithe a chur i gcrích sa chaoi is go n-áiritheofar gur féidir cuspóirí forbartha agus aeráide an Aontais a bhaint amach. San am céanna, áfach, ba cheart dó gach ceann de 20 prionsabal Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) a chur chun feidhme go hiomlán agus go comhsheasmhach. Chun cuspóirí an bheartais aeráide a bhaint amach, ní hamháin nach mór úsáid éifeachtach a bhaint as an Sásra um Aistriú Cóir, ach ní mór gníomhaíochtaí comhlántacha a dhéanamh ar an leibhéal réigiúnach freisin chun poist a chosaint agus chun a chinntiú gur poist ar ardchaighdeán atá ann, trí mhodhanna éagsúla amhail idirphlé sóisialta cuir i gcás. Ní mór córais chosanta shóisialta a chomhdhlúthú freisin mar ionstraimí chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh a chomhrac, agus feabhas á chur ar an gcomhtháthú sóisialta san am céanna. |
|
1.10. |
Braitheann rath an bheartais chomhtháthaithe ar pháirt a thabhairt don líon is mó agus is féidir d’eintitis den gheilleagar sóisialta agus é á chur chun feidhme, go háirithe iad siúd a sholáthraíonn seirbhísí leasa ghinearálta, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas agus do ghrúpaí eile atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta. Ba cheart do na heintitis sin, i gcomhar le fostaithe agus saorálaithe, ardleibhéal rannpháirtíochta sóisialta agus cothroime a áirithiú, agus tacú leis an aistriú digiteach agus le cosaint an chomhshaoil. Ba cheart coinníollacha fabhracha a chruthú do na heintitis sin lena bhforbairt trí thacaíocht airgeadais shonrach ó chistí Eorpacha, trí chóireáil fhabhrach a thabhairt dóibh maidir le rialacha soláthair phoiblí, mar aon le rialacha a shimpliú, trí laghdú suntasach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí rialaithe gan údar agus trí dheireadh a chur le ceanglais mhaorlathacha ar leibhéal an Bhallstáit. |
|
1.11. |
Is gné thábhachtach den bheartas comhtháthaithe é dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an digiteáil. Ba cheart don aistriú digiteach rannchuidiú ní hamháin le táirgiúlacht eacnamaíoch níos fearr a bhaint amach, ach le leibhéal oideachais níos fearr agus le rannpháirtíocht shóisialta níos fearr na ndaoine uile a bhfuil cónaí orthu san Aontas, lena n-áirítear grúpaí faoi mhíbhuntáiste. Chuige sin, ní mór rochtain uilíoch ar idirlíon leathanbhanda a áirithiú mar sheirbhís phoiblí saor in aisce. |
|
1.12. |
Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil codanna eile den bhonneagar de dhíth freisin chun úsáid éifeachtach a bhaint as teicneolaíochtaí ar fud na sochaí agus i measc fiontraithe. Ní mór do na Ballstáit aghaidh a thabhairt air sin agus cinntí infheistíochta á ndéanamh acu. |
|
1.13. |
Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar réigiúin an Aontais ról tábhachtach a thabhairt don líon is mó agus is féidir de na comhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta agus an beartas comhtháthaithe á mhúnlú agus faireachán á dhéanamh ar na héifeachtaí a bhaineann leis. Cuideoidh an cuimsiú sin freisin le tomhas a dhéanamh ar a mhéid a baineadh cuspóirí an bheartais chomhtháthaithe amach, ar cuspóirí iad nár cheart a bheith bunaithe ar tháscairí cainníochtúla amháin, ach ar tháscairí cáilíochta freisin (an fhorbairt a thomhas chomh maith leis an bhfás). Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach faireachán leanúnach ar chur chun feidhme phrionsabal na comhpháirtíochta sna Ballstáit, ós rud é go mbíonn tionchar dearfach ag cur i bhfeidhm iomlán agus trédhearcach an phrionsabail sin ar a áirithiú go mbainfear úsáid níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla as buiséad an Aontais. |
|
1.14. |
Gan beann ar rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta ná CESE féin sna Fóraim um Chomhtháthú a thionóltar go rialta, molann CESE imeacht bliantúil a eagrú maidir leis an mbeartas comhtháthaithe a chur chun feidhme le hionadaithe ó na comhpháirtithe sóisialta agus ó eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta in éineacht le cruinniú na Comhairle Eorpaí. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Is díol sásaimh do CESE an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú: Comhtháthú san Eoraip i dtreo 2050. Is foinse faisnéise í an tuarascáil a bhfuil géarghá léi maidir leis na hiarrachtaí a rinneadh i dtreo comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus maidir leis na fadhbanna a bhaineann leis an gcomhtháthú a bhaint amach. Is tábhachtaí fós an doiciméad nua ós rud é go bhfuil níos mó ná ceithre bliana caite ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach roimhe sin (an 7ú tuarascáil). I bhfianaise thráth a foilsithe, ní chuirtear san áireamh sa teachtaireacht ón gCoimisiún éifeachtaí ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar gníomh ionsaithe i gcoinne an Aontais Eorpaigh é go bunúsach agus an dúshlán is tromchúisí don bheartas comhtháthaithe sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, i gcomhthéacs ghéarchéim na ndídeanaithe agus atógáil iarchogaidh agus lánpháirtiú Eorpach na hÚcráine araon. |
|
2.2. |
Ós rud é gur chuir an Úcráin in iúl arís agus arís eile gur mian léi dul isteach san Aontas Eorpach, i bhfianaise sheasamh daingean shochaí shibhialta na hÚcráine ar son na hEorpa agus an iarratais fhoirmiúil ar bhallraíocht san Aontas Eorpach, tá CESE go mór i bhfabhar go dtiocfaidh an Úcráin isteach san Aontas Eorpach gan mhoill agus tá sé ag iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí an beartas comhtháthaithe agus na hionstraimí airgeadais a oiriúnú dá réir sna blianta atá le teacht lena n-áirítear ciste ar leith a bhunú go pras chun an Úcráin a atógáil agus a fhorbairt. |
|
2.3. |
San am céanna, tá CESE ag tathant ar na Ballstáit, ar réigiúin an Aontais agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta an leas is éifeachtaí agus is gasta is féidir a bhaint as na deiseanna atá ann tacú le dídeanaithe ón Úcráin a cruthaíodh leis an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) (3), a mhol an Coimisiún Eorpach an 8 Márta 2022. Tá gá le gníomhaíocht freisin ionas gur féidir coigiltis arna nginiúint i bpeirspictíocht airgeadais 2014-2021 agus san ionstraim REACT-EU a atreorú go tapa agus go solúbtha chun tacaíocht dhíreach a thabhairt do dhídeanaithe, go háirithe i dtíortha atá ar theorainn na hÚcráine, agus chun ciste ar leith a bhunú chun na críche sin i gcás nach leor na cistí atá ar fáil faoi láthair. Ba cheart a áirithiú, leis an ionstraim CARE, cistí a chuirfidh le cumas oibríochtúil na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta atá rannpháirteach chun ionadaíocht a dhéanamh ar dhídeanaithe na hÚcráine agus iad ag iarraidh dul isteach i margadh an tsaothair. |
|
2.4. |
Sa chomhthéacs sin, is díol mór sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún (4) chun rialachán REACT-EU a leasú ionas gur cheart sciar níos airde de na hacmhainní réamh-mhaoinithe méadaithe a leithdháileadh ar na Ballstáit sin a bhfuil an líon is mó daoine atá ag teitheadh ón Úcráin os a gcomhair, bíodh sin mar thíortha idirthurais nó mar thíortha cinn scríbe deiridh. |
|
2.5. |
I bhfianaise an méid ollmhór a rinne eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó Bhallstáit an Aontais atá ar theorainn na hÚcráine go dtí seo chun tacaíocht a chur ar fáil do dhídeanaithe ón Úcráin, cabhair ar mó i bhfad í ná an chabhair a thug na húdaráis phoiblí, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit dlús suntasach a chur lena dtacaíocht eagraíochtúil agus airgeadais do na heagraíochtaí sin, lena n-áirítear ó chistí de chuid an Aontais Eorpaigh. |
|
2.6. |
Is dúshlán tromchúiseach é freisin an ghéarchéim paindéime atá ann faoi láthair a shárú. Cuirtear i bhfios go láidir sa tuarascáil go bhfuil an cúlú is mó ó 1945 i leith ann de dheasca na paindéime, go háirithe in earnálacha a bhíonn ag brath ar idirghníomhaíocht phearsanta (amhail an turasóireacht), agus go bhfuil athrú ollmhór tagtha ar chineál na hoibre, ar an oideachas agus ar an saol sóisialta, agus ar an staid sna réigiúin teorann. Is mó tionchar diúltach a bhí ag an bpaindéim go ginearálta sna réigiúin bheagfhorbartha, rud a chuir moill ar luas an chóineasaithe. |
|
2.7. |
Measann CESE gur cheart na beartais bhunriachtanacha uile inter alia beartais fhioscacha a chumhdach leis an mBeartas Comhtháthaithe. Sa chomhthéacs sin, tugann CESE faoi deara go gcuireann na héagothromaíochtaí atá ann cheana idir beartais fhioscacha na mBallstát leis an dá luas forbartha san Eoraip. Le beartas cánach atá dírithe ar an gcomhtháthú, ní mór deireadh a chur leis an iomaíocht idir 27 gcóras cánach éagsúla na mBallstát lena gcuirtear ar chumas cuideachtaí ilnáisiúnta an brabús is mó is féidir a dhéanamh, rud a chuireann le héagothromaíochtaí ainsealacha. Dá bhrí sin, tá gá le hathchóiriú domhain ar na rialacha fioscacha, lena ndírítear ar inbhuanaitheacht fhiachas poiblí na dtíortha, ar shásraí rialachais eacnamaíoch na hEorpa agus ar bhailiú cánach Eorpach a bheadh níos cothroime agus níos forásaí. |
|
2.8. |
Thairis sin, is cúis imní don Choiste go mbeidh tionchar diúltach ar an gcomhtháthú ag tabhairt isteach an athuair príomhfhorálacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, atá beartaithe do 2023. |
|
2.9. |
Creideann CESE gur cur síos cuimsitheach cruinn atá sa teachtaireacht ón gCoimisiún ar na dúshláin atá roimh an mbeartas comhtháthaithe, agus aontaíonn sé leis na conclúidí a leagtar amach inti i gCaibidil 5. Measann CESE go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach an méid seo a leanas a dhéanamh: |
|
2.9.1. |
cur i gcoinne an bhrú ar an daonlathas agus ar a chuid luachanna trí dhaonlathas rannpháirteach agus rannpháirtíocht ghníomhach na ngníomhaithe áitiúla a fhorbairt, lena n-áirítear iad siúd ó earnáil an gheilleagair shóisialta, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta, agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta á pleanáil, agus prionsabail na comhpháirtíochta a chur i bhfeidhm go leanúnach sa bheartas comhtháthaithe; |
|
2.9.2. |
an Sásra um Aistriú Cóir a leathnú, go háirithe trí na costais shóisialta a bhaineann leis an athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó a chur san áireamh, tríd an mbochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac, cuir i gcás, trí dhlúthchomhar le comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí eile na sochaí sibhialta; |
|
2.9.3. |
tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i scileanna, cruthaitheacht agus fiontraíocht na ndaoine a spreagadh ar feadh a saoil, go háirithe trí oideachas, uas-sciliú agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá dírithe ar phróisis an chlaochlaithe teicneolaíochta, an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus feabhas suntasach a chur ar leibhéal an oideachais fhoirmiúil i réigiúin ina bhfuil sé fós míshásúil, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus i réigiúin imeallaithe. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fheabhas a chur ar staid na foghlama ar feadh an tsaoil i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide agus i gcás oibrithe neamhrialta; |
|
2.9.4. |
infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt a mhéadú mar thacú leis an nuálaíocht, rud a chuideoidh le réigiúin bheagfhorbartha dul i mbun fáis, chomh maith leis an gcóras foriomlán chun tacú leo ar leibhéal réigiúnach, mar atá faoi na straitéisí um speisialtóireacht chliste (5); |
|
2.9.5. |
freagairt go héifeachtach ar athruithe déimeagrafacha trí thacú le fostú daoine a bhaineann le grúpaí a bhfuil rátaí fostaíochta níos ísle acu, amhail daoine óga nach bhfuil taithí leordhóthanach oibre acu, daoine aosta, daoine a bhfuil scileanna gairmiúla níos ísle acu agus imircigh ó áiteanna lasmuigh den Aontas; |
|
2.9.6. |
comhar trasteorann agus idir-réigiúnach a neartú, go háirithe trí bhonneagar iarnróid atá neamhdhíobhálach don aeráid a fhorbairt i limistéir teorann agus teorainneacha idir na Ballstáit a choinneáil ar oscailt go comhsheasmhach, fiú in aimsir géarchéime; |
|
2.9.7. |
naisc idir ceantair uirbeacha agus thuaithe a neartú d’fhonn a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh uile an Aontais ar sheirbhísí leasa ghinearálta, ar seirbhísí iad a bhíonn dírithe go minic ar cheantair uirbeacha; |
|
2.9.8. |
a áirithiú go mbeidh úsáid na gcistí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go hiomlán comhoiriúnach le cur chun feidhme an bheartais chomhtháthaithe trí úsáid cheart a bhaint as acmhainní, lena n-áirítear trí dhlúthchomhordú a dhéanamh ar úsáid acmhainní ó chistí éagsúla; |
|
2.9.9. |
an beartas comhtháthaithe do thairbhithe a chuíchóiriú trí shimpliú agus solúbthacht a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na gcistí ar cheart iad a úsáid chun a chuspóirí a bhaint amach. Is gá freisin cur leis an taithí a fuarthas maidir le simplithe a chur i bhfeidhm faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus aird ar leith a thabhairt lena áirithiú go mbeidh sé níos éasca ag eagraíochtaí beaga na sochaí sibhialta tionscadail arna maoiniú ag an mbeartas comhtháthaithe a fháil, a chur chun feidhme agus cuntas a thabhairt orthu. |
|
2.10. |
Beidh tionchar díreach ag méadú limistéar Schengen go tíortha nach bhfuil páirteach ann go fóill ach a chomhlíonann na ceanglais dhlíthiúla uile ar chomhdhlúthú chomhlántacht, iomaíochas agus chomhtháthú fhorbairt an Aontais, go háirithe in Oirthear na hEorpa. |
3. Barúlacha sonracha
3.1. Dul chun cinn míchothrom an chóineasaithe: “Eoraip an dá luas”?
|
3.1.1. |
Tá sé fíor-riachtanach nach gcruthófar “Eoraip an dá luas” de dheasca na géarchéime paindéime a mhéid a bhaineann leis an gcóineasú. Ba cheart, dá bhrí sin, prionsabal na breisíochta a chur i bhfeidhm go cúramach. Ina theannta sin, níor cheart réigiúin nach mbeidh an deis acu maoiniú malartach a fháil le haghaidh fás eacnamaíoch, beartas aeráide ná forbairt shóisialta a eisiamh mar thoradh ar choinníollachtaí ex ante le linn na clárthréimhse 2021-2027, lena dtabharfar isteach roinnt imthosca a chaithfidh a bheith ann chun na cistí a shlógadh. |
|
3.1.2. |
Tá gá fós le hacmhainní a aistriú ó réigiúin shaibhre go réigiúin bhochta. Ba cheart cóineasú aníos a bheith i gceist leis an gcóineasú eacnamaíoch agus shóisialta. |
3.2. Rioscaí nua do bheartais chomhtháthaithe
|
3.2.1. |
Tá rabhadh tugtha ag na Náisiúin Aontaithe gur minice as seo amach a tharlóidh gluaiseachtaí dídeanaithe i ngeall ar an athrú aeráide. Ní mór creataí rialála nua agus beartais nua a bheith ann lena gceadófar socrú a dhéanamh i dtíortha óstacha agus lena ráthófar fostaíocht agus cosaint shóisialta. Leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le géarchéim agus force majeure (6) a rinneadh le déanaí, ní dhéantar machnamh ar na géarchéimeanna comhshaoil sin a thabharfaidh ar na milliúin daoine taisteal chuig an Aontas, agus fiú laistigh den Aontas Eorpach. |
|
3.2.2. |
Cruthóidh ráta ard na bpraghsanna bia riosca breise do réigiúin leochaileacha agus do dhaoine leochaileacha de chuid an Aontais agus, ar an gcaoi sin, beidh sé ina ábhar imní maidir leis an mBeartas Comhtháthaithe. |
3.3. An gá atá le ról comhordaithe institiúidí an Aontais Eorpaigh a neartú
|
3.3.1. |
Léiríodh le géarchéim na paindéime nach mór ról comhordúcháin institiúidí an Aontais a neartú, lena n-áirítear sna réimsí sin nach bhfuil aon fhoráil sna Conarthaí maidir le hinniúlachtaí an Aontais má táthar chun comhtháthú críochach, eacnamaíoch agus sóisialta a neartú. Baineann sé sin le géarchéimeanna go háirithe. Cé go raibh ról an-dearfach ag an gCoimisiún Eorpach maidir le vacsaíní COVID-19 a sholáthar do na Ballstáit, ba iad na Ballstáit iad féin, gan comhairliúcháin dhéthaobhacha ná ar leibhéal an Aontais go ginearálta, a thug isteach srianta ar ghluaiseacht laistigh de limistéar Schengen agus ar fud an Aontais. Leagadh síos na critéir do na srianta sin ar an leibhéal náisiúnta freisin. Tá na cleachtais sin cáinte cheana féin ag CESE (7), agus é á chur i bhfios go láidir aige gur saincheist lárnach é teorainneacha oscailte a choinneáil i limistéar Schengen maidir le feidhmiú an chómhargaidh agus maidir le hathléimneacht a athfhorbairt agus a mhéadú, chomh maith le dlúthpháirtíocht agus féiniúlacht Eorpach a chothú. Creideann CESE gur léir ón ngéarchéim paindéime gur cheart comhtháthú polaitiúil a bheith ag gabháil le comhtháthú críochach, eacnamaíoch agus sóisialta. |
3.4. Cuimsiú sóisialta mar réamhriachtanas le go mbeidh rath ar an mbeartas comhtháthaithe
|
3.4.1. |
Tháinig méadú cúig mhilliún in 2020 ar líon na ndaoine a bhí i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta san Aontas de dheasca ghéarchéim na paindéime. Is bagairt thromchúiseach é sin don chomhtháthú sóisialta agus, dá bhrí sin, do chuspóirí forbartha agus aeráide an Aontais a bhaint amach. Is léir gur cheart don bheartas comhtháthaithe leanúint de bheith ag freastal ar na cuspóirí sin agus é a bheith d’aidhm aige tacú leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an iomaíochas. San am céanna, áfach, ba cheart dó gach ceann de 20 prionsabal Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) a chur chun feidhme go hiomlán agus go comhsheasmhach. Ba cheart cur chun feidhme cholún Eorpach na gceart sóisialta a chomhcheangal le hidirphlé sóisialta agus sibhialta, chomh maith le rannpháirtíocht shóisialta fostóirí agus oibrithe. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thacaíocht a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga, lena n-áirítear i réimse an oideachais. |
|
3.4.2. |
Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá tionchar na gcóras slándála sóisialta, ar gné ríthábhachtach iad, in ainneoin na ndifríochtaí struchtúracha sna Ballstáit, chun comhtháthú sóisialta agus cuimsiú sóisialta na saoránach a bhaint amach. Ina theannta sin, tá neartú na slándála sóisialta mar chuid den chomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh agus tá sé bunaithe ar chomhluachanna an Aontais. |
3.5. Ról an gheilleagair shóisialta, saorálaithe agus seirbhísí leasa ghinearálta i gcur chun feidhme an bheartais chomhtháthaithe
|
3.5.1. |
Tá sé curtha i dtreis cheana féin ag CESE (8) go gcruthaíonn agus go gcothaíonn gníomhaithe an gheilleagair shóisialta poist ardcháilíochta, go gcuireann siad comhdheiseanna chun cinn, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas agus do ghrúpaí eile atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, go n-áirithíonn siad ardleibhéal rannpháirtíocht shóisialta agus cothroime agus go dtacaíonn siad leis an aistriú digiteach agus le cosaint an chomhshaoil. |
|
3.5.2. |
Tá sé tagtha chun solais go háirithe le linn ghéarchéim na paindéime gur comhghuaillí straitéiseach é an geilleagar sóisialta sa phróiseas chun an ghné shóisialta san Eoraip a neartú, agus ar an gcaoi sin chun cuspóirí an chomhtháthaithe shóisialta a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht shonrach ó chistí Eorpacha faoin mbeartas comhtháthaithe a bheith ag bearta a bhaineann leis an ngeilleagar sóisialta. |
|
3.5.3. |
Ba cheart fiontair shóisialta neamhbhrabúsacha agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha comhchosúla a atreisiú freisin trí chóireáil speisialta a chur ar fáil dóibh maidir le rialacha soláthair phoiblí i gcomparáid le tairgeoirí poiblí nó tráchtála. Ba cheart gurb amhlaidh a bheadh i gcás soláthar poiblí seirbhísí leasa ghinearálta, go háirithe seirbhísí sláinte, sóisialta agus oideachais, go háirithe ós rud é gurb é ceann de phríomhghnéithe na bhfiontar sóisialta agus na n-eagraíochtaí neamhbhrabúis rannpháirtíocht neamhíoctha na saorálaithe, ar fiú os cionn 2 % den OTI iad i roinnt Ballstát. |
|
3.5.4. |
Ó thaobh an chomhtháthaithe shóisialta de, ba cheart béim a leagan ar an luach a bhaineann leis an obair dheonach do dhaoine aonair, do phobail, don chomhshaol, don gheilleagar agus don tsochaí i gcoitinne agus é mar cheann de na léirithe dlúthpháirtíochta is feiceálaí dá bhfuil ann. Déanann sí cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus a éascú, cuireann sí leis an gcaipiteal sóisialta agus bíonn tionchar claochlaitheach aici ar an tsochaí (9). |
3.6. Beartas comhtháthaithe, an t-aistriú aeráide agus fostaíocht
|
3.6.1. |
I ndiaidh ghéarchéim phaindéim COVID-19, ní mór don Aontas Eorpach agus don chuid eile den domhan aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil. Murach géarchéim na paindéime, bheadh an comhrac i gcoinne na héigeandála comhshaoil mar phríomhchuspóir ag an Aontas Eorpach, faoi chuimsiú Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (10). I dtuairim féintionscnaimh a tugadh le déanaí (11), cé gur dhírigh sé ar réimse an oideachais, chuir CESE i gcuimhne don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit nach mór dóibh beartais chomhshaoil a nascadh níos fearr le beartais fostaíochta. |
|
3.6.2. |
Mar sin féin, i ngeall ar an aistriú chuig geilleagar dícharbónaithe, tá gá freisin le bearta lena n-éascófar aistriú cothrom do na grúpaí agus na limistéir gheografacha is leochailí, ós rud é go mbaineann ardriosca i dtéarmaí comhtháthaithe leis an éigeandáil aeráide, mar gheall ar an éifeacht mhíchothrom a bheidh aici ar limistéir gheografacha éagsúla na hEorpa. Ní bhainfear amach an t-aistriú i dtreo múnla táirgthe níos éiceolaíochta a rachaidh chun tairbhe na sochaí ach amháin trí aistriú éiceolaíoch cuideachtaí, modheolaíochtaí oibre agus mhargadh an tsaothair i gcoitinne a chur chun cinn. Leis na hiarrachtaí sin, cruthófar deiseanna cuibhiúla fostaíochta, méadófar éifeachtúlacht acmhainní, agus tógfar sochaithe inbhuanaithe, fadtéarmacha, ísealcharbóin. |
|
3.6.3. |
Ar na cúiseanna sin ar fad, is gá beartais, moltaí agus treoirlínte a chur san áireamh, ar beartais, moltaí agus treoirlínte iad ar féidir leo rannchuidiú le feabhas a chur ar chumas na mBallstát, ar a ndlíthe agus ar a mbeartais chun aghaidh a thabhairt ar na deiseanna agus ar na dúshláin a bhaineann leis an aistriú éiceolaíoch agus leis an dícharbónú trí Straitéis um Aistriú Cóir, a fheidhmíonn mar threoir ghníomhaíochta chun tairbhí a bharrfheabhsú agus rioscaí maidir le fostaíocht, dálaí oibre agus cosaint shóisialta a íoslaghdú. |
|
3.6.4. |
Tá rochtain ar thithíocht inacmhainne, an cumas chun saol maith a chinntiú don óige agus dá dteaghlaigh, cothromaíocht eiticiúil oibre is saoil a áirithiú, deiseanna fostaíochta cobhsaí, dálaí oibre leormhaithe agus cuimsitheacht airgeadais agus digiteach tábhachtach don óige agus d’fhorbairt inbhuanaithe an Aontais amach anseo. |
|
3.6.5. |
Mar sin féin, ní mór tuilleadh a dhéanamh chun an Ciste um Aistriú Cóir a chomhlánú, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach, chun poist ardcháilíochta a chosaint agus a ráthú. Tá ról an idirphlé shóisialta agus rannpháirtíocht iomlán na gcomhpháirtithe sóisialta thar a bheith tábhachtach i ndáil leis sin, lena n-áirítear trí chomhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích. Thairis sin, ba cheart don Bheartas Comhtháthaithe uirlisí amhail an chómhargáil a úsáid chun éagothromaíochtaí a laghdú agus chun tacú le forbairt inbhuanaithe. |
3.7. An claochlú digiteach agus oideachas digiteach
|
3.7.1. |
Beidh an beartas comhtháthaithe nasctha níos mó de réir a chéile leis an gclaochlú digiteach. Mar sin féin, mar a tugadh chun suntais i dtuarascáil an Choimisiúin, níl rochtain ach ag dhá thrian de chónaitheoirí uirbeacha agus aon séú de chónaitheoirí tuaithe ar naisc idirlín ar rí-ardluas. Tá sé curtha i bhfios go láidir cheana féin ag CESE (12) nach mór ní hamháin fás sa táirgiúlacht a bheith mar thoradh ar an gclaochlú digiteach, ach nach mór feabhas a chur freisin ar oideachas agus ar rannpháirtíocht sa saol polaitiúil, sóisialta agus cultúrtha do dhaonra uile an Aontais, lena n-áirítear daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine atá i mbaol eisiaimh shóisialta agus grúpaí eile atá faoi mhíbhuntáiste. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh arís rochtain ar idirlíon leathanbhanda ardluais a chur ar fáil saor in aisce do gach cónaitheoir san Aontas mar sheirbhís phoiblí, agus ba cheart a thabhairt faoi deara gur bealach amháin chun claochlú digiteach rathúil a ráthú ná rochtain uilíoch a áirithiú ar an idirlíon agus ar dheiseanna oideachais a bhaineann leis. Tá rochtain shaor in aisce ar an idirlíon thar a bheith tábhachtach chun dea-fheidhmiú an oideachais a áirithiú i gceantair thuaithe, rud nach bhfuil ar comhchéim le forais oideachais sna cathracha in a lán Ballstát. |
3.8. Beartas comhtháthaithe agus cáilíocht an rialachais agus an smachta reachta
|
3.8.1. |
Le blianta fada, tá sé tugtha faoi deara ag CESE go bhfuil gá i roinnt Ballstát feabhas a chur ar an gcomhordú ar an leibhéal réigiúnach, nó rialachas réigiúnach éifeachtach a bhunú mar dhroichead idir an rialtas náisiúnta agus an rialtas áitiúil, atá in ann straitéisí réigiúnacha a shonrú atá tábhachtach don fhorbairt réigiúnach agus don chóineasú. Is minic nach mbíonn tuiscint mhaith ag an rialtas láir ar riachtanais agus tosaíochtaí na réigiún, ach i gcásanna áirithe ní thugann sé na cumhachtaí leordhóthanacha do na húdaráis réigiúnacha, nach bhfuil iontu ach bonn braite don údarás polaitiúil náisiúnta, gan aon bhreisluach don réigiún (13). Sa chomhthéacs sin, ba cheart cistí de chuid an Aontais a úsáid ar bhealach níos fearr chun acmhainneacht na n-údarás poiblí áitiúil agus réigiúnach a fhorbairt. |
|
3.8.2. |
Ina theannta sin, is minic gur imeallach rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta sa chinnteoireacht: ní chuirtear tuairimí na n-eintiteas is fearr a thuigeann an cás agus na saincheisteanna mar atá i ndáiríre san áireamh le linn an chomhairliúcháin. |
|
3.8.3. |
Ábhar imní eile, atá ardaithe ag ionadaithe na sochaí sibhialta freisin, is ea meath an smachta reachta i roinnt Ballstát, rud a bhfuil tionchar diúltach aige go hindíreach ar cháilíocht agus ar éifeachtacht bhearta an bheartais chomhtháthaithe. |
|
3.8.4. |
Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar réigiúin an Aontais ról tábhachtach a thabhairt don líon is mó agus is féidir de na comhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta agus an beartas comhtháthaithe á mhúnlú agus faireachán á dhéanamh ar na héifeachtaí a bhaineann leis. Cuideoidh an cuimsiú sin freisin le tomhas a dhéanamh ar a mhéid a baineadh cuspóirí an bheartais chomhtháthaithe amach, ar cuspóirí iad nár cheart a bheith bunaithe ar tháscairí cainníochtúla amháin, ach ar tháscairí cáilíochta freisin a chabhróidh leis an bhforbairt a thomhas chomh maith leis an bhfás. |
3.9. Cistí agus tionscadail an bheartais chomhtháthaithe a bhainistiú
|
3.9.1. |
Tá feidhm ag na breithnithe thuas freisin maidir le pleanáil, cur chun feidhme agus faireachán clár atá nasctha le cur chun feidhme an bheartais chomhtháthaithe agus leis an bpróiseas chun tionscadail atá le cur chun feidhme a roghnú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird a thabhairt ar ilroinnt mhéadaitheach na mbeartas poiblí, rud a thagann salach ar chur chuige cuimsitheach, ón mbun aníos chun fadhbanna a réiteach trí thionscadail trastionscail. Ba cheart dóibh siúd atá páirteach san idirphlé sóisialta agus sibhialta ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil ról tábhachtach a bheith acu i bpleanáil agus i gcomhordú, toisc go bhfuil a fhios acu cad iad na fíor-riachtanais atá ann agus conas is féidir iad a chomhlíonadh. Ba cheart tionscadail a phleanáil sa chaoi is go n-áiritheofar solúbthacht maidir lena gcuspóirí a bhaint amach, agus ba cheart rochtain a bheith ag na daoine a bhainistíonn na tionscadail sin ar bhealaí cumarsáide éifeachtúla le sealbhóirí cistí de chuid an Aontais Eorpaigh. Chun ráta cuí ionsúcháin a chur ar fáil, ba cheart sineirge shoiléir a chruthú idir an tionscadal atá ar conradh agus na fíordhálaí eacnamaíocha nua a bhaineann le praghsanna méadaithe fuinnimh agus amhábhar. |
|
3.9.2. |
Ba cheart uirlisí amhail Infheistíochtaí Críochacha Comhtháite a chur chun cinn, ba cheart iad a mhaoiniú ar bhealach níos fearr agus síneadh a chur leo sa chlárthréimhse 2021-2027. |
|
3.9.3. |
Ba cheart beart a dhéanamh freisin chun an maorlathas a theorannú, go háirithe trí scrúdú a dhéanamh ar na torthaí a fuarthas agus ní ar an gcaoi a bhfuarthas iad, ós rud é go mbíonn nósanna imeachta casta riaracháin i gceist leis do thairbhithe agus do riaracháin phoiblí araon. Sa chomhthéacs sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go ndéanfar measúnú rialta ar na costais riaracháin a bhaineann le cistí AE a bhainistiú i mBallstáit shonracha agus go ndéanfar measúnuithe gaolmhara ar na ceanglais nach bhfuil údar leo maidir le húsáid na gcistí (rórialáil) ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach agus go mbeidh iarmhairtí do na Ballstáit agus do na réigiúin sin mar thoradh ar an méid sin. |
3.10. Prionsabal na comhpháirtíochta a chur chun feidhme
|
3.10.1. |
Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar chur chun feidhme phrionsabal na comhpháirtíochta sna Ballstáit. Is é Airteagal 8 den chreat-rialachán nua an bunús dlí don phrionsabal sin (14), agus déantar cur síos ar a chur chun feidhme sa Chód Iompair Eorpach i ndáil le Comhpháirtíocht, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún (15). Tá sé bunaithe ar dhlúthchomhar idir riaracháin phoiblí na mBallstát i bpleanáil agus i gcur chun feidhme na gclár arna gcómhaoiniú ag an Aontas Eorpach le raon leathan comhpháirtithe, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí eile a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí shibhialta. Tá tionchar dearfach ag cur i bhfeidhm iomlán agus trédhearcach an phrionsabail sin ar rannpháirtíocht mhéadaitheach an phobail agus ar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, agus ar phleanáil gníomhaíochtaí ábhartha agus comhlántacha, agus ar an gcaoi sin úsáid níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla de bhuiséad an Aontais a chur chun cinn. Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do CESE gur dhréachtaigh an Coimisiún Eorpach doiciméad maidir le prionsabal na comhpháirtíochta a chur chun feidhme sa chlárthréimhse 2021-2027 d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar an gCód Iompair Eorpach i ndáil le Comhpháirtíocht. |
3.11. Fóram um Chomhtháthú
|
3.11.1. |
Is díol sásaimh do CESE na torthaí a bhí ar an 8ú Fóram um Chomhtháthú, a bhí ar siúl an 17-18 Márta 2022, le rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus CESE é féin. |
|
3.11.2. |
Tá sé molta arís agus arís eile ag CESE (16) gur cheart an beartas comhtháthaithe agus na cistí Eorpacha a thacaíonn leis a scrúdú go bliantúil i gcomhthéacs Cruinniú Mullaigh Eorpach tiomnaithe. Sa chomhthéacs sin, tá CESE réidh chun imeacht bliantúil a eagrú a bheidh tiomnaithe don bheartas comhtháthaithe a chur chun feidhme, ina mbeidh ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta rannpháirteach in éineacht le cruinniú na Comhairle Eorpaí. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) COM(2022) 109 final.
(2) COM(2022) 145 final.
(3) COM(2022) 109 final.
(4) COM(2022) 145 final.
(5) https://ec.europa.eu/regional_policy/sources/docgener/informat/2014/smart_specialisation_en.pdf
(6) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéimeanna agus ar chásanna force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn (COM(2020) 613 final).
(7) IO C 155, 30.4.2021, lch. 45.
(8) IO C 429, 11.12.2020, lch. 131.
(9) Tuairim ó CESE Saorálaithe – Saoránaigh i mbun todhchaí na hEorpa a thógáil (tuairim féintionscnaimh) (IO C 152 6.4.2022, lch. 19).
(10) https://www.un.org/sustainabledevelopment/sustainable-development-goals/.
(11) Tuairim ó CESE I dtreo straitéis AE chun scileanna agus inniúlachtaí glasa a fheabhsú do chách (tuairim féintionscnaimh) (IO C 56, 16.2.2021, lch. 1).
(12) IO C 155, 30.4.2021, lch. 45.
(13) IO C 248, 25.8.2011, lch. 68.
(14) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(15) OJ L 74, 14.3.2014, p. 1.
(16) IO C 248, 25.8.2011, lch. 68 agus IO C 242, 23.7.2015, lch. 43.
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/62 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus d’infhostaitheacht
(COM(2021) 770 final)
Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cuntais foghlama phearsanta
(COM(2021) 773 final)
(2022/C 323/11)
|
Rapóirtéir: |
Tatjana BABRAUSKIENĖ |
|
Comhrapóirtéir: |
Mariya MINCHEVA |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 21.1.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
3.5.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
204/2/4 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit athuair na beartais um fhoghlaim aosach a neartú i dtreo go mbeidh sé de cheart ag gach duine fásta rochtain a bheith acu ar fhoghlaim aosach ardchaighdeáin chuimsitheach ar mhaithe le scileanna saoil a ghnóthú d’fhonn an spriocráta rannpháirtíochta 60 % san fhoghlaim aosach in aghaidh na bliana a bhaint amach agus a shárú. Chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme go héifeachtach, is gá aghaidh a thabhairt ar mímheaitseálacha scileanna agus feabhas a chur ar an rialachas agus ar an maoiniú le haghaidh na foghlama aosach, lena n-áirítear oiliúint a chur ar fhostaithe. Tá sé tábhachtach freisin i gcás infheistíochtaí, athchóirithe riachtanacha agus idirphlé sóisialta éifeachtach, atá dírithe ar fhorbairt scileanna a chothú i gcomhréir leis an gcéad phrionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (ceart chun oiliúna agus chun foghlama ar feadh an tsaoil), go mbeidís fite fuaite sa Seimeastar Eorpach. |
|
1.2. |
Tá CESE á thabhairt chun cuimhne a thábhachtaí atá na tuairimí a d’eisigh sé roimhe seo maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil agus foghlaim aosach a fhad a bhaineann leis na tionscnaimh maidir le cuntais foghlama phearsanta agus maidir le micridhintiúir. Thar aon ní eile, cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil uas-sciliú agus athoiliúint thar a bheith tábhachtach chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach in earnáil na tionsclaíochta agus gur gá iad a mheas mar fhreagracht shóisialta agus eacnamaíoch chun oiliúint chuimsitheach do phoist ar ardcháilíocht a áirithiú, agus chun aistriú cóir a áirithiú do chách. Tá gá le straitéisí tionsclaíochta réamhbhreathnaitheacha, lena n-áirítear beartais éifeachtacha scileanna, chun tacú le huas-sciliú agus le hathoiliúint an lucht saothair. A bhuí leo siúd, féadfar aistriú atá cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de chuig geilleagar atá aeráidneodrach a áirithiú tríd an margadh saothair a chuireann leis an digiteáil chuimsitheach agus le poist ar ardcháilíocht a chothromú. Ar mhaithe leis an nuálaíocht a spreagadh, tá tacaíocht éifeachtach de dhíth ar chuideachtaí chun a straitéisí maidir le huas-sciliú agus athoiliúint an lucht saothair a neartú agus a mhaoiniú. San am céanna, ba cheart an leas foriomlán eacnamaíoch agus sóisialta a urramú. Ba cheart do na comhaontuithe comhchoiteanna rochtain a chinneadh ar chineálacha éagsúla saoire oideachais íoctha bunaithe ar riachtanais phearsanta agus ghairmiúla oibrithe (1). I gcás nach dtiocfaidh na comhpháirtithe sóisialta ar chomhaontú faoi shaoire íoctha agus i gcás inar toradh í ar thionscnamh rialtais, ba cheart saoire íoctha a mhaoiniú le hacmhainní poiblí. |
|
1.3. |
Is gá uas-sciliú agus athoiliúint éifeachtach a bheith ag gabháil le mearcheapadh agus scaipeadh teicneolaíochtaí nua. Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag an infheistíocht san fhoghlaim aosach agus i bhforbairt scileanna maidir leis an téarnamh eacnamaíoch agus maidir le Eoraip shóisialta a chothú. Ba cheart do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus do na comhpháirtithe sóisialta cineálacha eile cur chuige agus ionstraimí airgeadais eile seachas cuntais foghlama phearsanta a chur san áireamh. Níor cheart na bearta atá beartaithe a chur in ionad na nithe seo a leanas: na cineálacha oiliúna a chuireann fostóirí agus seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha ar fáil cheana féin; tacaíocht phoiblí le haghaidh institiúidí oideachais agus oiliúna; nó cineálacha eile tacaíochta. Go háirithe, is bealach éifeachtach iad na cistí oiliúna arna mbainistiú ag comhpháirtithe sóisialta chun oiliúint a chur ar fáil d’fhonn freastal ar riachtanais arna sainaithint ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na hearnála. |
|
1.4. |
Príomhchoinníoll do ghnólachtaí agus don tsochaí chun go mbeidh rath orthu agus fás fúthu agus chun gur féidir leo daoine a fhostú agus cur leis na cuspóirí beartais arna leagan síos ag an Aontas Eorpach is ea lucht saothair atá oilte go leor a bheith ar fáil agus infhostaitheacht fheabhsaithe a bheith ann. Cheana féin sa lá atá inniu ann, tá mímheaitseálacha scileanna agus ganntanas lucht saothair i roinnt earnálacha agus réigiún agus leanfaidh siad sin de bheith ag dul i méid. Ón taobh sin de, tá ról tábhachtach ag na Ballstáit agus ag fostóirí maidir le rannpháirtíocht san oiliúint a mhaoiniú agus a dhreasú. Ní mór scileanna a fhorbairt ar chaoi a bheidh i dtiúin le riachtanais na margaí saothair má tá an Eoraip chun cur lena hiomaíochas san fhadtéarma agus lena cumas nuálaíocht a spreagadh, rud atá tábhachtach do ghnólachtaí agus d’fhostaithe araon. |
|
1.5. |
Bíonn go leor bacainní roimh oibrithe agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar oiliúint. Má thugtar breis smachta do dhaoine aonair ar a n-oiliúint féin, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfaighidh siad treoir agus tacaíocht éifeachtach maidir le conas cúrsaí oiliúna atá ábhartha dá riachtanais a roghnú agus conas rochtain a fháil orthu. Leis sin, d’áiritheofaí an infheistíocht is fearr is féidir san oiliúint toisc go mbeadh an oiliúint ag teacht go mór le riachtanais shainaitheanta gach duine aonair. I gcás oiliúint atá dírithe ar phoist, d’fhéadfadh cur chuige atá saincheaptha don duine aonair an nasc idir maoiniú agus ábhar na hoiliúna a lagú, rud a d’fhágfadh oiliúint á cur ar fáil nach mbeadh dírithe, mar is ceart, ar phoist, b’fhéidir, agus, ar an gcaoi sin, nach mbeadh curtha in oiriúint go leordhóthanach do riachtanais na bhfostóirí. |
|
1.6. |
Aontaíonn CESE leis an tuairim ón gCoiste Comhairleach trípháirteach um an nGairmoiliúint ina ndeir sé gur gá na coinníollacha maidir le rochtain agus teidlíocht ar oiliúint a chur in oiriúint do chásanna agus do réaltachtaí éagsúla trí mheascán iomchuí socruithe. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún roinnt na n-inniúlachtaí agus prionsabal na coimhdeachta a urramú, chomh maith le sainiúlachtaí náisiúnta agus creataí dlíthiúla náisiúnta gach Ballstáit a urramú. Agus na tograí le haghaidh cuntais foghlama phearsanta agus micridhintiúr á nglacadh agus á gcur chun feidhme, ní mór iad a bheith comhoiriúnach leis na córais um ghairmoiliúint agus gairmoideachas leanúnach atá ann cheana sna Ballstáit, le ról na cómhargála, le rialáil dálaí oibre agus le teidlíochtaí saoire d’fhostaithe. |
|
1.7. |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na hionstraimí agus scéimeanna cistiúcháin náisiúnta agus earnála atá ann cheana a urramú, agus idirdhealú a dhéanamh ar “teidlíochtaí oiliúna” agus “ceart rochtana ar oiliúint”, téarmaí nach sainítear fós sa dlí ná i gcomhaontuithe comhchoiteanna i roinnt tíortha agus earnálacha, ar thaobh amháin agus “cuntas oiliúna” ar an taobh eile. Tá CESE ag iarraidh go n-áiritheofar leis na tograí go mbeidh an ceart ag gach duine fásta, go háirithe na daoine is leochailí, chun rochtain a fháil ar oiliúint éifeachtach, ardcháilíochta agus chuimsitheach d’fhostaithe, ar shaoire oideachais íoctha, ar cháilíochtaí cuimsitheacha, ar bhailíochtú na foghlama neamhfhoirmiúla agus neamhfhoirmeálta, agus ar threoir agus comhairleoireacht. Táthar ag iarraidh ar na Ballstáit feabhas a chur ar a gcórais um fhoghlaim aosach agus um ghairmoiliúint agus gairmoideachas leanúnach i gcás inar gá, tar éis idirphlé sóisialta éifeachtach a dhéanamh agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha. Is díol sásaimh do CESE gur féidir cuntais foghlama phearsanta a úsáid le haghaidh oiliúna, bailíochtú agus gairmthreorach. |
|
1.8. |
Tá CESE á chur chun suntais a thábhachtaí atá caighdeáin cháilíochta sa mhargadh oiliúna, go háirithe maidir le micridhintiúir, agus na buntáistí agus na míbhuntáistí a d’fhéadfadh a bheith le cineálacha éagsúla cur chuige i leith mhaoiniú na foghlama aosach (e.g. cuntais foghlama phearsanta), lena n-áirítear an gaol idir costais agus sochair, an t-ualach riaracháin agus na costais, an t-athrú stádais a baineadh amach (leibhéal cáilíochta foirmiúla níos airde), dearbhú cáilíochta, toradh ábhartha an mhargaidh saothair, an breisluach don fhorbairt gairme agus ráta rannpháirtíochta an spriocghrúpa daoine ísealcháilithe is tábhachtaí. Is oth le CESE nár chuir an Coimisiún measúnú tionchair i gcrích maidir le micridhintiúir ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith ag an togra ar shocruithe náisiúnta atá ann cheana, go háirithe maidir le cáilíochtaí agus comhaontuithe comhchoiteanna. Maidir leis sin de, is gá idirphlé sóisialta éifeachtach agus comhairliúchán éifeachtach a áirithiú, lena n-áirítear leis an tsochaí shibhialta eagraithe, féachaint an mbeidh breisluach ag na tionscnaimh Eorpacha maidir le cuntais foghlama phearsanta agus micridhintiúir ó thaobh feabhas a chur ar chórais oiliúna náisiúnta agus earnála, agus, i gcás ina mbeidh, conas sin. |
|
1.9. |
Tá CESE á chur chun suntais go láidir gur cheart catalóg de mhicridhintiúir na soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna a bhunú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus na soláthraithe oideachais agus oiliúna bunaithe ar chaighdeáin cháilíochta an tsoláthair. Ba cheart a áireamh sa chatalóg torthaí foghlama na micridhintiúr agus an t-aitheantas a thugann soláthraithe oideachais agus oiliúna eile agus fostóirí dóibh. |
|
1.10. |
Meabhraíonn CESE an tábhacht a bhaineann le saoire oideachais íoctha (2), i gcomhréir freisin le Coinbhinsiún 140 de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (arna dhaingniú i 11 Bhallstát (3)), agus tugann sé dá aire gur cheart don togra maidir le cuntais foghlama phearsanta a bheith comhoiriúnach leis na córais náisiúnta nuair a iarrann sé ar na Ballstáit córais um chuntais foghlama phearsanta a dhearadh chun críocha an mhargaidh saothair amháin, toisc gur féidir saoire oideachais íoctha a úsáid i roinnt Ballstát freisin chun críoch forbartha pearsanta nó chun clár staidéir (e.g. céim ollscoile) a chríochnú. |
|
1.11. |
Meabhraíonn CESE don Choimisiún agus do na Ballstáit go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go héifeachtach i rialachas na foghlama aosach, na hoiliúna d’fhostaithe agus na gcóras um shaoire oideachais íoctha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur chun cinn i measc na gcomhpháirtithe sóisialta. Ina theannta sin, cuireann sé chun suntais a thábhachtaí atá sé dul i gcomhairle le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta maidir leis an bhfoghlaim aosach. |
|
1.12. |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú le malartú na ndea-chleachtas agus leis an bhfoghlaim fhrithpháirteach idir na Ballstáit, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart díriú ar an mbealach is fearr chun rochtain éifeachtach ar oiliúint a áirithiú agus ar an gcaoi le feabhas a chur go háirithe ar na córais um fhoghlaim aosach agus na straitéisí scileanna atá sna Ballstáit, agus ar na sásraí airgeadais agus cineálacha oiliúna atá acu, lena n-áirítear micridhintiúir. Tá CESE á iarraidh freisin go mbeadh an Coiste Comhairleach trípháirteach um an nGairmoiliúint rannpháirteach san obair leantach ar na tograí agus tá sé ag iarraidh ar an gCoiste sin ról gníomhach a ghlacadh maidir le tuairisciú ar chur chun feidhme na dtionscnamh agus maidir leis an gcreat faireacháin a bhunú i gcomhar leis an gCoiste Fostaíochta. |
|
1.13. |
Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit na tionscnaimh maidir le cuntais foghlama phearsanta agus maidir le micridhintiúir a nascadh le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Uas-Scilithe: Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta (4). D’áiritheofaí leis sin go bhféadfadh gach duine fásta ar bheagán oiliúna agus ar bheagán cáilíochtaí a scileanna bunúsacha agus a scileanna gairmiúla a fhorbairt agus go dtabharfaí treoir agus spreagadh dóibh chun tabhairt faoi oiliúint ar mhaithe lena saol agus a n-infhostaitheacht a fheabhsú agus chun a áirithiú go mbeidh bunscileanna digiteacha ag 80 % de dhaoine fásta. |
|
1.14. |
Athdhearbhaíonn CESE gur gá do chuntais foghlama phearsanta agus do chórais airgeadais dá samhail tacú le rochtain ar chúrsaí oiliúna aitheanta agus bailíochtaithe agus a chur ar a gcumas d’oibrithe páirt a ghlacadh i bpróisis chun a gcuid scileanna agus taithí oibre a bhailíochtú. Ní mór do na húdaráis ábhartha, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, aitheantas a thabhairt do na micridhintiúir. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí an Moladh ón gComhairle maidir le Bailíochtú na foghlama neamhfhoirmiúla agus neamhfhoirmeálta (5) a chur chun feidhme go héifeachtach agus go ndéanfaí maoiniú poiblí leordhóthanach a leithdháileadh ar na córais bhailíochtaithe i ngach tír san Aontas. Trína áirithiú go dtugtar aitheantas don oiliúint, féadfaidh fostóirí agus ceardchumainn cuidiú le hoibrithe a leibhéil cháilíochta a mhéadú agus féadfaidh siad cur le forbairt a ngairme agus le haistriú cóir sa mhargadh saothair. |
|
1.15. |
Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach, leis na tionscnaimh, aghaidh a thabhairt ar na riachtanais uas-scilithe agus athoiliúna atá ag daoine fásta agus ag an lucht saothair ina iomláine (oibrithe/fostaithe/daoine féinfhostaithe) agus ag spriocghrúpaí eile (e.g. daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, daoine neamhghníomhacha, agus go háirithe daoine a fhilleann ar an obair tar éis saoire tuismitheora (6), daoine faoi mhíchumas, daoine atá ar scor, mná, daoine óga faoi bhun 30 bliain d’aois agus NEETanna) ionas go mbeidh rochtain éifeachtach acu freisin ar oiliúint ardchaighdeáin chuimsitheach. Ní mór aghaidh a thabhairt go práinneach agus ar bhealach iomchuí ar chás sonrach na n-oibrithe neamhchaighdeánacha agus na ndaoine féinfhostaithe, agus príomhról na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le hoiliúint d’fhostaithe á urramú. Tá ról na gcuideachtaí chun tacú le hoiliúint a n-oibrithe riachtanach, faoi mar atá ról na mBallstát maidir le hacmhainní a chur ar fáil chun rochtain ar fhoghlaim aosach a áirithiú riachtanach freisin. Ós rud é gurb iad na fostóirí a mhaoiníonn 90 % den oiliúint a bhaineann leis an obair san Aontas (7), ní mór aitheantas iomlán agus tacaíocht iomlán a thabhairt dá dtiomantas agus dá ról dearfach i leith forbairt scileanna. |
|
1.16. |
Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit féachaint ar na hionstraimí féideartha maidir le hinaistritheacht cuntas foghlama pearsanta, mar shampla comhaontuithe déthaobhacha a bhunú. Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí córas rialachais a mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ann san áireamh i gcaighdeáin cháilíochta an Aontais Eorpaigh do mhicridhintiúir agus go ndéanfaí micridhintiúir a mheas in éineacht le cáilíochtaí iomlána agus oiliúint d’fhostaithe. Tá CESE ag iarraidh ar na soláthraithe oiliúna catalóga de na micridhintiúir a chuireann siad ar fáil a fhoilsiú, lena n-áirítear na torthaí foghlama, maille lena mbeartas maidir leis an aitheantas a thugann soláthraithe agus cuideachtaí eile do mhicridhintiúir. Chun a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ann ar chláir iomlána staidéir agus ar cháilíochtaí iomlána ag gach foghlaimeoir, lena n-áirítear grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí leochaileacha, tá sé tábhachtach cur leis an rochtain ar gach cineál oideachais agus oiliúna atá ar ardchaighdeán agus cuimsitheach (lena n-áirítear micridhintiúir). Ní mór tacaíocht éifeachtúil (idir thacaíocht airgeadais agus neamhairgeadais) a sholáthar do dhaoine i gcineálacha oibre neamhchaighdeánacha, ionas go mbeidh siad in ann cúrsaí a rochtain, micridhintiúir san áireamh, le haghaidh forbairt ghairmiúil agus soghluaisteachta, lena n-áirithítear inrochtaineacht agus inúsáidteacht ábhar agus uirlisí oiliúna, bídís fíorúil nó neamhfhíorúil de réir Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
An 10 Nollaig 2021 d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cuntais foghlama phearsanta (9) agus Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (10). Is éard is aidhm do na tionscnaimh sin tacú le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ina leagtar síos sprioc nua faoinar cheart do 60 % ar a laghad de na daoine fásta uile faoi 2030 tabhairt faoin oiliúint gach bliain. Ar an dóigh sin, áiritheofar go mbeidh an ceart ag gach duine chun oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán a fháil (prionsabal 1), beag beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun (prionsabal 5), lena n-áirítear an ceart chun teidlíochtaí oiliúna a aistriú le linn aistrithe gairmiúla (prionsabal 4). Tá sé tábhachtach freisin i gcás infheistíochtaí, athchóirithe riachtanacha agus idirphlé sóisialta éifeachtach, atá dírithe ar fhorbairt scileanna a chothú i gcomhréir leis an gcéad phrionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (ceart chun oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil), go mbeidís fite fuaite sa Seimeastar Eorpach. |
|
2.2. |
D’fhonn cur leis an togra maidir le cuntais foghlama phearsanta, ghlac an Coiste Comhairleach trípháirteach um an nGairmoiliúint, ar a bhfuil ionadaithe ón rialtas agus ó na comhpháirtithe sóisialta tuairim an 16 Lúnasa 2021 maidir le cuntais foghlama phearsanta agus conas cur le soláthar na hoiliúna ar fud na hEorpa (11). Athdhearbhaítear sa tuairim thrípháirteach sin go bhfuil tionchar ollmhór ag paindéim COVID-19, ag an digiteáil agus ag an dícharbónú ar gheilleagar na hEorpa, ar thionscail na hEorpa agus ar an lucht saothair Eorpach a bhfuil orthu iad féin a chur in oiriúint do ghníomhaíochtaí oibre atá ag athrú go tapa, rud is dúshlán dóibh. De thoradh na paindéime, cuireadh dlús le hathruithe struchtúracha i roinnt mhaith earnálacha, rud a chuir luas breise faoin aistriú glas agus faoin aistriú digiteach. Bonn ar bhonn leis sin, is gá na dúshláin leanúnacha a bhaineann leis an athrú déimeagrafach, le riachtanais oiliúna nua agus le mímheaitseálacha scileanna a chur san áireamh. Cuirtear an méid seo a leanas chun suntais sa tuairim thrípháirteach freisin: nuair a chuirtear réaltachtaí uile an mhargaidh saothair san áireamh […] is gá na coinníollacha maidir le rochtain agus teidlíocht ar oiliúint a chur in oiriúint do chásanna agus do réaltachtaí éagsúla trí mheascán iomchuí socruithe. |
|
2.3. |
I dtionscadal 2021 na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha maidir le scileanna, nuálaíocht agus oiliúint, aithnítear freisin ann, i measc torthaí eile, go bhfuil ról ríthábhachtach ag fiontair agus ag oibrithe sa nuálaíocht agus i bhforbairt scileanna agus inniúlachtaí nua a chuirtear ar fáil le hoiliúint d’fhostaithe, agus atá ríthábhachtach chun iad féin a chur in oiriúint do thimpeallacht atá ag athrú. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach oiliúint a chur ar fáil d’fhostaithe, ach, anuas air sin, iad a chumasú chun rochtain a fháil uirthi, agus ní mór don oiliúint sin freastal ar riachtanais na bhfostóirí agus na bhfostaithe chun teicneolaíochtaí nuálacha agus samhlacha gnó a fhorbairt agus chun a chur ar chumas fostaithe poist a aimsiú agus a choinneáil i gcomhréir lena scileanna, lena n-ionchais agus lena n-inniúlachtaí (12). Chuige sin, dúshlán nach beag atá ann na huirlisí éagsúla a chur ar fáil, lena n-áirítear dearbháin, saoire oideachais íoctha le haghaidh oiliúna (de réir an dlí nó trí chomhaontuithe comhchoiteanna), cuntais oiliúna phearsanta nó cistí oiliúna (trastionscail nó earnála), atá idir-oibrithe agus ailínithe leis an gcreat institiúideach tírshonrach (13). |
|
2.4. |
Le reachtaíocht náisiúnta agus/nó comhaontuithe comhchoiteanna, áirithítear an ceart chun oideachais agus oiliúna atá ag an duine aonair, lena n-áirítear foghlaim agus oiliúint aosach, agus saoire oideachais íoctha le haghaidh oiliúint a bhaineann leis an obair i roinnt Ballstát. Ar fud na hEorpa, tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta, ag an idirphlé sóisialta agus ag an gcómhargáil chun rochtain éifeachtach na bhfostaithe ar oiliúint a éascú ar bhealaí éagsúla i ngach tír. Féadfaidh siad a cheapadh gurb oiriúnaí cineálacha cur chuige bunaithe ar chuntais foghlama phearsanta ar an leibhéal náisiúnta agus/nó an leibhéal earnála atá ann cheana nó cineálacha cur chuige nach iad chun soláthar oiliúna a chothú laistigh den chomhthéacs náisiúnta. Ba cheart rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus earnála i ndáil leis an méid sin a urramú agus a áirithiú. |
|
2.5. |
Is léiriú iad na creataí éagsúla dlíthiúla agus/nó cómhargála ar an rogha a dhéanann gach Ballstát a bheartais oiliúna féin a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus cur leis na sásraí airgeadais atá ann cheana. Ar an gcaoi sin, ba cheart do Bhallstáit an Aontais agus do na comhpháirtithe sóisialta cineálacha eile cur chuige agus ionstraimí airgeadais eile seachas cuntais foghlama phearsanta a chur san áireamh. Ní fhónfaidh cur chuige a oireann do chách i ngach uile chás agus ní mór urraim a thabhairt do chórais oiliúna éagsúla na mBallstát agus do ghnéithe sainiúla na n-earnálacha. An cinneadh maidir le cuntais foghlama phearsanta a ghlacadh mar cheann de na sásraí faoin ndéantar oiliúint a chur ar fáil agus a mhaoiniú nó gan iad a ghlacadh, is gá an cinneadh sin a bheith go hiomlán laistigh d’inniúlacht na mBallstát ar an gcaoi chéanna a rialaítear an margadh oiliúna ar an leibhéal náisiúnta. Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil sé de shaoirse ag na Ballstáit, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, cinneadh a dhéanamh gan cur chuige bunaithe ar chuntais foghlama phearsanta a ghlacadh agus go bhféadfaidís, ina ionad sin, an cur chuige atá á leanúint acu faoi láthair maidir le soláthar oiliúna a oiriúnú nó tuilleadh forbartha a dhéanamh air. |
|
2.6. |
Tá CESE á mheabhrú nár cheart na bearta atá leagtha amach sa Mholadh seo a chur in ionad na nithe seo a leanas: oiliúint arna soláthar ag fostóirí, ag seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha, tacaíocht phoiblí le haghaidh institiúidí oideachais agus oiliúna nó cineálacha eile tacaíochta (14). Aontaíonn CESE nár cheart leis an Moladh cosc a chur ar na Ballstáit forálacha níos forbartha maidir le foghlaim aosach/oiliúint a choinneáil nó a bhunú ná iad sin a mholtar sa Mholadh (15) agus nár cheart ach oiread neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a theorannú i gcás ina mbíonn siad freagrach as scéimeanna oiliúna a bhunú agus a bhainistiú (16). |
|
2.7. |
Tagraíonn CESE arís don tuairim (17) a d’eisigh sé le déanaí ina léirítear gur gá an t-uas-sciliú agus an athoiliúint éifeachtach a bheith ag gabháil le mear-cheapadh agus scaipeadh teicneolaíochtaí nua. Cuireann CESE i bhfios go láidir gur léirigh an tionchar a bhí ag géarchéim COVID-19 ar shochaí agus geilleagar na hEorpa an tábhacht a bhaineann le beartais éifeachtacha oideachais agus oiliúna agus le poist ar ardcháilíocht chun tacú le téarnamh agus athléimneacht sóisialta agus eacnamaíoch atá inbhuanaithe agus cóir, nithe atá ríthábhachtach má táthar chun cuidiú leis an Eoraip iarmhairtí na paindéime a shárú. Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag an infheistíocht san fhoghlaim aosach agus i bhforbairt scileanna maidir leis an téarnamh eacnamaíoch agus maidir le hEoraip shóisialta a chothú. |
|
2.8. |
Meabhraíonn CESE gur iomaí bacainn a bhíonn le sárú ag daoine fásta agus ag oibrithe chun rochtain a fháil ar oiliúint, lena n-áirítear easpa ama, maoiniú neamhleordhóthanach, easpa spreagtha, treorach agus comhairleoireachta ardcháilíochta, uaireanta toisc nach bhfuil oiliúint ardcháilíochta ar fáil, easpa tacaíochta ón áit oibre (chun oibrithe ionaid a fháil), go háirithe in FBManna, agus toisc gur beag an beann atá ar chothromaíocht oibre is saoil. Tá sé tábhachtach daoine aonair a chur ar an stiúir le go mbeidh siad freagrach as a gcuid oiliúna féin nuair is deimhin go dtabharfar tacaíocht éifeachtach dóibh chun rochtain a fháil ar oiliúint atá ábhartha don mhargadh saothair agus chun tabhairt faoin oiliúint sin. Áirítear leis sin tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair trí chomhairle agus treoir a chur ar fáil maidir le cineálacha oiriúnacha oiliúna. Tá gá ag oibrithe le rochtain a fháil ar oiliúint i gcuideachta agus tá tacaíocht spriocdhírithe de dhíth ar oibrithe ar bheagán oiliúna, go háirithe maidir le hoiliúint ar líne. Is iomaí deis atá ann a bhuí leis an oiliúint ar líne chun an rochtain ar fhoghlaim aosach a leathnú, ach d’fhéadfadh sé nach mbeadh na scileanna ag oibrithe ar bheagán oiliúna chun leas iomlán a bhaint as an gcineál seo oiliúna, rud a d’fhágfadh tacaíocht bhreise de dhíth orthu, b’fhéidir (18). |
|
2.9. |
Chun dul i ngleic le bacainní éagsúla ar an rochtain ar oiliúint agus chun daoine fásta a spreagadh le páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna, ba cheart bacainní a mheas freisin ó thaobh stádas fostaíochta agus oideachais an duine aonair. Ba cheart tacú leis an ionstraim trí threoir agus comhairleoireacht éifeachtach a chur ar fáil. Ní mór feabhas a chur ar an straitéis for-rochtana. D’fhonn an mhímheaitseáil scileanna atá ann cheana a laghdú, ní mór riachtanais oiliúna a shainaithint roimh ré agus ní mór cúrsaí oiliúna a spriocdhíriú go cuí. Tá gá le córais chuimsitheacha um thacaíocht foghlama freisin chun sineirgí níos láidre a áirithiú idir dreasachtaí airgeadais, seirbhísí treorach, agus rochtain ar nósanna imeachta bailíochtaithe agus aitheantais (19). |
|
2.10. |
Is ábhar imní do CESE go bhféadfadh cur chuige atá saincheaptha don duine aonair an nasc idir maoiniú agus ábhar na hoiliúna a lagú, rud a d’fhágfadh oiliúint á cur ar fáil nach mbeadh dírithe, mar is ceart, ar phoist, b’fhéidir, agus, ar an gcaoi sin, nach mbeadh curtha in oiriúint go leordhóthanach do riachtanais na bhfostóirí. Ós rud é gurb iad na fostóirí a mhaoiníonn 90 % den oiliúint a bhaineann leis an obair san Aontas (20), ní mór aitheantas iomlán agus tacaíocht iomlán a thabhairt dá dtiomantas agus dá ról dearfach i leith forbairt scileanna. Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta, ag gníomhú dóibh i gcomhar le chéile, maidir le soláthar oiliúna agus rannpháirtíocht a chothú. Go háirithe, is bealach éifeachtach iad na cistí oiliúna arna mbainistiú ag comhpháirtithe sóisialta chun oiliúint a chur ar fáil d’fhonn freastal ar riachtanais arna sainaithint ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na hearnála. Ba cheart ranníocaíochtaí airgeadais agus neamhairgeadais daoine aonair a aithint agus tacú leo. |
|
2.11. |
Aithníonn CESE an ról comhlántach is féidir le micridhintiúir a imirt maidir leis an rochtain ar uas-sciliú agus athoiliúint a leathnú agus, ag an am céanna, riachtanais athraitheacha an mhargaidh saothair á gcur san áireamh. Is díol sásaimh do CESE freisin go moltar do na Ballstáit micridhintiúir a nascadh lena mbeartais fostaíochta, lena n-áirítear beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, d’fhonn cuidiú le mímheaitseálacha scileanna a laghdú in earnálacha agus i réigiúin, agus rochtain ar cháilíochtaí iomlána á hurramú ag an am céanna. Maidir le “inchruachtacht” na micridhintiúr, cuireann CESE i bhfios go láidir nár cheart a mheas go mbeadh a leithéid ar aon luach le cáilíochtaí iomlána. Ba cheart, dá bhrí sin, na Ballstáit a spreagadh chun micridhintiúir a áireamh ina gcreataí cáilíochtaí náisiúnta. Ba cheart na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach sa dearadh sin ar an leibhéal náisiúnta agus sa mhachnamh a dhéanfar faoi conas is féidir aitheantas a thabhairt do mhicridhintiúir agus iad a chur le cáilíochtaí páirteacha. |
|
2.12. |
Is féidir ról tábhachtach a bheith ag micridhintiúir chun cabhrú le daoine fásta tabhairt faoi uas-sciliú agus athoiliúint nó deiseanna nua fostaíochta a thapú nuair a dhéantar caighdeáin cháilíochta na micridhintiúr a shainiú go maith agus nuair a mhínítear iad do na foghlaimeoirí. Cé go bhféadfadh na micridhintiúir feidhmiú mar chineál oiliúna a fhaightear trí bhíthin cuntas foghlama pearsanta féideartha, ba cheart breathnú orthu mar rud atá éagsúil ó chuntas foghlama pearsanta agus ina chuid den bhosca uirlisí breise atá ar fáil don fhoghlaim leanúnach. Is díol sásaimh do CESE freisin go n-aithnítear sa dréachtmholadh na comhpháirtithe sóisialta ar lucht soláthair na micridhintiúr agus tá sé ag iarraidh ar na Ballstáit forbairt micridhintiúr a chur chun cinn arna ndearadh agus arna bhformheas ag ionadaithe na bhfostóirí agus na n-oibrithe trí idirphlé sóisialta. |
3. Barúlacha sonracha
|
3.1. |
A bhuí le saorghluaiseacht oibrithe, is féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le mímheaitseálacha scileanna agus ganntanas scileanna. Ní mór na rialacháin maidir le ceanglais cháilíochta a bheith ina n-inniúlacht náisiúnta i gcónaí, le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, mar shampla, i mbailíochtú scileanna, lena n-áirítear micridhintiúir, agus líon na ngairmeacha rialáilte á laghdú ag an am céanna. Tá sé tábhachtach freisin meaitseáil níos fearr a dhéanamh idir náisiúnaigh tríú tír oilte agus folúntais poist nach bhfuil líonta, agus é sin ar gach leibhéal cáilíochta agus beag beann ar líon blianta taithí oibre. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag pacáiste an Choimisiúin maidir le scileanna agus tallann (21), atá ar na bacáin, ina leith sin, lena n-áirítear cásanna féideartha do linn tallann an Aontais Eorpaigh. |
|
3.2. |
Is bealach tábhachtach iad na comhaontuithe comhchoiteanna lenar féidir rochtain oibrithe ar oiliúint atá ábhartha don mhargadh saothair a chothú trí shaoirí oideachais íoctha a chur ar fáil. Tá ról thar a bheith tábhachtach ag na comhaontuithe sin chun na bealaí trína féidir rochtain a fháil ar shaoire oideachais íoctha d’oibrithe in FBManna a shainaithint, óir is mó an caillteanas cumais táirgthe a tharlaíonn in FBManna, de ghnáth, nuair a bhíonn oibrithe as láthair de thoradh cúrsa oiliúna. Is den tábhacht a chur chun suntais nár cheart do thionscnaimh reachtacha ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta an bonn a bhaint den phróiseas cómhargála ná de neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus réitigh á lorg acu ar shaincheisteanna atá tábhachtach do mhargaí saothair náisiúnta dea-fheidhmiúla, lena n-áirítear réitigh le haghaidh forbairt scileanna agus aistrithe, agus poist ardcháilíochta d’oibrithe i gcomhthéacs an aistrithe chóir. |
|
3.3. |
Tá CESE á chur chun suntais a thábhachtaí atá caighdeáin cháilíochta sa mhargadh oiliúna, go háirithe maidir le micridhintiúir, agus na buntáistí agus na míbhuntáistí a d’fhéadfadh a bheith le cineálacha éagsúla cur chuige i leith mhaoiniú na foghlama aosach (e.g. cuntais foghlama phearsanta), lena n-áirítear an gaol idir costais agus sochair, an t-ualach riaracháin agus na costais, an t-athrú stádais a baineadh amach (leibhéal cáilíochta foirmiúla níos airde), dearbhú cáilíochta, toradh ábhartha an mhargaidh saothair, an breisluach d’fhorbairt gairme agus ráta rannpháirtíochta an spriocghrúpa daoine ísealcháilithe is tábhachtaí. Tá gá leis an méid sin chun idirphlé sóisialta éifeachtach agus comhairliúchán éifeachtach a áirithiú, lena n-áirítear leis an tsochaí shibhialta eagraithe, féachaint an mbeidh breisluach ag na tionscnaimh Eorpacha maidir le cuntais foghlama phearsanta agus micridhintiúir ó thaobh feabhas a chur ar chórais oiliúna náisiúnta agus earnála, agus, i gcás ina mbeidh, conas sin. Tá CESE á chur chun suntais go láidir gur cheart catalóg de mhicridhintiúir na soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna a bhunú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus na soláthraithe oideachais agus oiliúna bunaithe ar chaighdeáin cháilíochta an tsoláthair. Ba cheart a áireamh sa chatalóg torthaí foghlama na micridhintiúr agus an t-aitheantas a thugann soláthraithe oideachais agus oiliúna eile agus fostóirí dóibh. |
|
3.4. |
Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach, leis na tionscnaimh, aghaidh a thabhairt ar na riachtanais uas-scilithe agus athoiliúna atá ag daoine fásta agus ag an lucht saothair ina iomláine (oibrithe/fostaithe/daoine féinfhostaithe) agus ag spriocghrúpaí eile (e.g. daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, daoine neamhghníomhacha, daoine faoi mhíchumas, daoine atá ar scor agus NEETanna) ionas go mbeidh rochtain acu freisin ar oiliúint ardchaighdeáin, éifeachtach agus chuimsitheach a thacaíonn lena n-infhostaitheacht. Maidir leis sin, tá tacaíocht na mBallstát ríthábhachtach chun acmhainní a áirithiú lenar féidir rochtain a fháil ar an bhfoghlaim aosach. San am céanna, tá ról ríthábhachtach fós ag cuideachtaí maidir le tacaíocht a thabhairt dá n-oibrithe oiliúint a fháil san obair atá ar siúl acu. Ní mór aghaidh a thabhairt go práinneach agus ar bhealach iomchuí ar chás sonrach na n-oibrithe neamhchaighdeánacha agus na ndaoine féinfhostaithe, rud nach féidir a réiteach le cuntais foghlama phearsanta agus le micridhintiúir amháin, agus príomhról na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le hoiliúint d’fhostaithe á urramú. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) IO C 374, 16.9.2021, lch. 16 (níl leagan Gaeilge ann).
(2) IO C 374, 16.9.2021, lch. 16 (níl leagan Gaeilge ann).
(3) Tá sonraí oifigiúla na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair le fáil anseo: http://www.ilo.org/dyn/normlex/en/f?p=NORMLEXPUB:11300:0::NO::p11300_instrument_id:312285
(4) IO C 484, 24.12.2016, lch. 1 (níl leagan Gaeilge ann)..
(5) IO C 398, 22.12.2012, lch. 1 (níl leagan Gaeilge ann).
(6) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2020/658190/IPOL_STU(2020)658190_EN.pdf
(7) Adult learning statistical synthesis report [Tuarascáil Sintéise Staitistiúil maidir leis an bhFoghlaim Aosach], An Coimisiún Eorpach 2020/082020.
(8) IO L 327, 2.12.2016, lch. 1 (níl leagan Gaeilge ann).
(9) COM(2021) 773 final.
(10) COM(2021) 770 final.
(11) https://ec.europa.eu/social/main.jsp?langId=ga&catId=1223&furtherNews=yes&newsId=10081
(12) BusinessEurope: “Scileanna, nuálaíocht agus soláthar oiliúna agus rochtain ar oiliúint”.
(13) Bunachar sonraí Cedefop um fhoghlaim aosach.
(14) COM(2021) 773 final.
(15) COM(2021) 773 final.
(16) COM(2021) 773 final.
(17) IO C 374, 16.9.2021, lch. 16 (níl leagan Gaeilge ann).
(18) ECFE: “Atógáil ar bhealach níos fearr: Rochtain chothrom ar dheiseanna do chách a fheabhsú”.
(19) Cedefop (2020), Daoine a chumhachtú chun déileáil leis an athrú.
(20) Adult learning statistical synthesis report [Tuarascáil Sintéise Staitistiúil maidir leis an bhFoghlaim Aosach], An Coimisiún Eorpach 2020/082020.
(21) Beartaithe d’Aibreán 2022.
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/69 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dhlí na mBallstát, lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle
(COM(2021) 782 final — 2021/0411 (COD))
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhar póilíneachta (“Prüm II”), lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(COM(2021) 784 final — 2021/0410 (COD))
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn
(COM(2021) 890 final — 2021/0427 (COD))
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais i dtaca leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha
(COM(2021) 891 final — 2021/0428 (COD))
(2022/C 323/12)
|
Rapóirtéir: |
Krzysztof BALON |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
3.5.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
210/3/4 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Cor cinniúnach nach léir cén toradh a bheidh air is ea ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, i ngarchomharsanacht theorainneacha seachtracha an Aontais. I bhfianaise a fhairsinge is atá a thionchar cuimsitheach agus, más fíor, fadmharthanach ar gach leibhéal, a bhfuil líon dídeanaithe a leithéid nach bhfacthas cheana ina thoradh air freisin — an líon is mó dídeanaithe ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann — is éard atá ann ná an bhagairt is mó riamh ar fheidhmiú limistéar Schengen agus ar shlándáil an Aontais Eorpaigh ina iomláine. |
|
1.2. |
Is mór ag CESE gur gníomhachtaíodh den chéad uair Treoir 2001/55/CE ón gComhairle (1) (“an Treoir um Chosaint Shealadach”) i gcomhthéacs ionsaí na Rúise ar an Úcráin (2). De bhreis air sin, molann an Coiste don Choimisiún féachaint an bhféadfaí cur le húsáid agus gníomhachtú na Treorach ó thaobh náisiúnaigh tríú tír i gcás géarchéimeanna tromchúiseacha práinneacha amach anseo. D’fhéadfadh sé go bhféadfaí gníomhachtú na Treorach atá i bhfeidhm faoi láthair a úsáid chun sásraí dlúthpháirtíochta a fhorbairt idir na Ballstáit. |
|
1.3. |
Sa chomhthéacs sin, creideann CESE go bhfuil géarghá le comhrialacháin Eorpacha a bheadh éifeachtach, dáiríre, daonnachtúil agus daonnúil maidir le himirce, tearmann agus comhar slándála i limistéar Schengen ar limistéar oscailte ach slán freisin é, rialacháin a bheadh i gcomhréir iomlán leis an gCairt um Chearta Bunúsacha. Teastaíonn go mór ón gCoiste go gcuirfí dálaí níos fearr ar fáil do na dídeanaithe go léir. |
|
1.4. |
Bagairt is ea iarmhairtí an chogaidh freisin ar shamhail Eorpach an gheilleagair shóisialta mhargaidh agus ar shaoirse agus cearta shaoránaigh an Aontais agus daoine eile a bhfuil cónaí orthu san Aontas. Molann CESE limistéar Schengen a chaomhnú agus a choinneáil mar atá sé i láthair na huaire, ní hamháin chun saorghluaiseacht daoine daonna a áirithiú ach feidhmiú an Mhargaidh Aonair freisin. |
|
1.5. |
Le linn ghéarchéim COVID-19, thug go leor Ballstát rialuithe teorann agus srianta eile ar shaorghluaiseacht isteach gan aon iarracht an méid sin a chomhordú ná údar cuí a thabhairt leis ar an leibhéal Eorpach, cé go bhfuil sé ríthábhachtach, mar a luadh cheana i dtuairim roimhe seo, teorainneacha a choinneáil ar oscailt ar mhaithe le lánfheidhmiúlacht an Mhargaidh Aonair, ar mhaithe leis an teacht aniar a chur ar bun arís agus a fhorbairt a thuilleadh, agus ar mhaithe leis an dlúthpháirtíocht agus an fhéiniúlacht Eorpach a chothú. Léirítear leis sin freisin an gá atá le sásra cinnteoireachta “fíor-ama” ar an leibhéal idirinstitiúideach in aimsir ghéarchéime. Ar aon chuma, tá CESE go hiomlán i bhfách le seasamh an Choimisiúin teorainneacha inmheánacha a choinneáil ar oscailt, fiú amháin in aimsir ghéarchéime. Maidir le srianta taistil arna bhforchur idir stáit Schengen de dheasca cásanna géarchéime, ba cheart iad a bheith sealadach agus níor cheart iad a bheith ní ba dhéine ná na srianta arbh fhéidir a chur i bhfeidhm laistigh de na Ballstáit féin. |
|
1.6. |
Tá CESE ag teacht go hiomlán le seasamh an Choimisiúin go bhféadfadh sé go mbeadh an toradh céanna air dá rachfaí i muinín seiceálacha agus comhar póilíneachta, malartú faisnéise agus cumarsáid san áireamh, in áit rialuithe teorann inmheánaí sealadacha a thabhairt isteach, agus nach gcuirfeadh sé sin isteach an oiread céanna ar shaorghluaiseacht daoine, earraí ná seirbhísí. Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh don Choiste gur bunaíodh grúpa neamhfhoirmiúil saineolaithe ina mbeidh saineolaithe ó gach Ballstát chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Choimisiún maidir le faireachán agus cur i bhfeidhm na Treorach maidir le malartú faisnéise idir údaráis na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí; molann CESE go n-áireofaí eagraíochtaí ábhartha agus ionadaíocha na sochaí sibhialta, mar aon leis an gCoiste féin, in obair an tsainghrúpa neamhfhoirmiúil sin. |
|
1.7. |
Sa chomhthéacs sin freisin, tá béim á leagan ag CESE ar an ngéarghá atá le neamhspleáchas na mbreithiúna a choimeád, go háirithe i gcásanna ina mbíonn na comhlachtaí breithiúnacha i láthair go fisiciúil ag suíomh an Phointe Teagmhála Aonair. Thairis sin, ba cheart do Phointí Teagmhála Aonair cosaint speisialta a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (go háirithe eagraíochtaí maoirseachta nó iad siúd a bhíonn ag obair chun grúpaí leochaileacha, imircigh san áireamh, a chosaint) agus faisnéis á soláthar acu. |
|
1.8. |
Aithníonn CESE na gníomhaíochtaí uaillmhianacha bailithe sonraí atá le forbairt ag na Ballstáit faoi chuimsiú Prüm II. Téann Prüm II céim shuntasach níos faide ná Prüm I, agus ceangal á chur ar na Ballstáit ann suiteálacha teicniúla a thógáil le haghaidh próifíliú aghaidhe. Sa chomhthéacs sin, is údar imní don Choiste an baol a bhaineann le tionchar a imirt ar mhalartú sonraí digiteacha, go háirithe i bhfianaise an chogaidh is déanaí san Eoraip agus an easpa trédhearcachta a bhaineann leis. |
|
1.9. |
Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí isteach sásraí rialaithe níos críochnúla agus níos minice chun ardchaighdeáin eiticiúla a áirithiú agus sonraí á mbailiú agus á stóráil ag Europol, go háirithe i dtaca le tríú tíortha, agus go socrófaí teorainneacha ama soiléire maidir le stóráil na sonraí sin. Molann CESE go ndéanfadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe ábhartha eile a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh faireachán rialta ar ghníomhaíochtaí Europol. |
|
1.10. |
Aithníonn CESE go hiomlán cearta bunúsacha na ndaoine a shroicheann teorainneacha na hEorpa agus Schengen, agus an buncheart atá acu cead isteach a iarraidh agus iarratas a dhéanamh ar thearmann. Ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl arís gur gá aird a thabhairt ar phrionsabal an non-refoulement. |
|
1.11. |
Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit freagracht chomhroinnte a ghlacadh orthu féin, mar a tugadh isteach leis an sásra solúbtha dlúthpháirtíochta atá sa Chomhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Ba cheart dóibh a bheith réamhghníomhach ó thaobh cúnamh dlúthpháirtíochta a thairiscint do Bhallstáit eile, go háirithe i gcás géarchéime. |
|
1.12. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go háirithe ról dearfach riachtanach na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta siúd a chuireann cabhair dhaonnúil ar fáil d’imircigh a bhfuil tríú tíortha ag teacht i dtír orthu chun críoch leithleach agus, ina theannta sin, ról na n-eagraíochtaí siúd a thacaíonn le cearta na n-imirceach agus na n-iarrthóirí tearmainn agus a chuireann faisnéis ar fáil faoi na cearta céanna sin. Ba cheart a ráthú go mbeidh teacht i gcónaí ag na heagraíochtaí sin ar na himircigh agus na hiarrthóirí tearmainn sna limistéir theorann lena mbaineann. Ba cheart go mbeadh eagraíochtaí den sórt sin i dteideal tacaíocht airgeadais atá éifeachtach agus simplithe a fháil faoi chistiú Eorpach amhail Cúnamh Éigeandála don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF). |
|
1.13. |
Molann CESE cláir oideachais agus cláir mhúscailte feasachta mhóra a chur ar bun, a chomórdófaí go lárnach agus a chuirfeadh gach Ballstát chun feidhme, chun an pobal a chur ar an eolas gur rud atá dearfach ar an iomlán don phobal óstach í an imirce. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Dréachtaíodh an Tuairim seo le linn don bhagairt is mó riamh ar fheidhmiú limistéar Schengen agus ar shlándáil an Aontais Eorpaigh a bheith ann, bagairt arb é is cúis léi ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin i ngarchomharsanacht theorainneacha seachtracha an Aontais. Mar gheall ar an gcogadh sin, ar rud é a chruthaigh líon imirceach agus dídeanaithe a leithéid nach bhfacthas ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, is léir arís a thábhachtaí agus atá slándáil na teorann seachtraí agus seasmhacht limistéar Schengen mar réamhchoinníoll na slándála inmheánaí agus, thairis sin, an gá atá le comhrialacháin Eorpacha éifeachtacha dháiríre dhaonnachtúla dhaonnúla maidir le himirce agus tearmann. |
|
2.2. |
Tá níos mó ná 420 milliún duine ina gcónaí i limistéar Schengen, mar a bhfuil 26 thír. Cuid lárnach de dhóigh bheatha na nEorpach is ea rialuithe teorann inmheánaí a bheith ar lár: tá beagnach 1,7 milliún duine ann a bhfuil cónaí orthu i mballstát amháin de chuid limistéar Schengen ach a bhíonn ag obair i mballstát eile dá chuid. Tá saol na ndaoine bunaithe ar na saoirsí a chuireann limistéar Schengen ar fáil, agus 3,5 milliún duine ag dul ó bhallstát Schengen amháin go ballstát Schengen eile gach aon lá. |
|
2.3. |
Ghlac an Coiste a Thuairim maidir leis an Straitéis ón gCoimisiún i dtreo limistéar Schengen lánfheidhmiúil agus athléimneach (3) an 20 Deireadh Fómhair 2021. Chuir an Coiste in iúl gur dhíol sásaimh dó an Straitéis sin, óir tá sé den bharúil gur cheart don Choimisiún seasamh níos láidre a ghlacadh ar son an taistil gan teorainn san Eoraip. Chuir CESE i bhfáth gur fearr is féidir aghaidh a thabhairt ar ábhair imní slándála na mBallstát le comhar breise agus neartaithe idir údaráis forfheidhmithe an dlí, seachas rialuithe a thabhairt isteach athuair ar na teorainneacha inmheánacha. |
|
2.4. |
Mar sin féin, ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl arís gur údar imní dó go bhfuil an Rómáin, an Bhulgáir agus an Chróit á n-eisiamh i gcónaí ó acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine. Tá sé á éileamh ar an gComhairle ag CESE in éineacht leis an gCoimisiún, beart cinntitheach a dhéanamh ina thaobh sin gan mhoill. Thairis sin, tá an Coiste á mholadh don Choimisiún an mheastóireacht ar chur i bhfeidhm acquis Schengen ó thaobh na Cipire de a thabhairt chun críche freisin. Mheabhraigh an Coiste an athuair freisin, agus beartas an Aontais maidir le bainistiú teorainneacha, idir-inoibritheacht, imirce agus bainistiú tearmainn á chur chun feidhme agus i gcás comhar póilíneachta agus ceartais choiriúil, go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit faoi cheangal i gcónaí ag an gCairt um Chearta Bunúsacha. |
|
2.5. |
Faoi chuimsiú chur chun feidhme na Straitéise, mhol an Coimisiún Eorpach i mí na Nollag 2021 rialacha nuashonraithe chun rialachas limistéar Schengen a threisiú (4). De bharr na n-athruithe spriocdhírithe sin, déanfar comhordú níos mó san Aontas agus cuirfear ar chumas na mBallstát aghaidh níos fearr a thabhairt ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn agus comhtheorainn sheachtrach an Aontais agus teorainneacha inmheánacha laistigh de limistéar Schengen araon á mbainistiú acu. Féachtar leis an nuashonrú lena áirithiú gurb é an rogha dheiridh é rialuithe a chur ar bun an athuair ar na teorainneacha inmheánacha. Tugtar isteach leis na rialacha nua uirlisí coiteanna chun na teorainneacha seachtracha a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla i gcás géarchéim sláinte poiblí, uirlisí a ceapadh i bhfianaise ar foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19. Tá ionstraimiú na n-imirceach ar cheann de na hábhair a dtugtar aghaidh orthu freisin sa nuashonrú ar rialacha Schengen agus i dtogra comhthreomhar le haghaidh rialacháin ina dtugtar aghaidh ar bhearta is féidir leis na Ballstáit a dhéanamh i réimsí an tearmainn agus an fhillte i gcás den sórt sin (5). |
|
2.6. |
Foilsíodh na rialacha nuashonraithe i bhfoirm cúig thogra a bhaineann leis an Aontas Slándála agus le Comhaontú Schengen. I bhfianaise gur togra neamhreachtach ceann de na tograí, dírítear sa tuairim seo ar cheithre thogra, eadhon treoir maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dhlí na mBallstát (6), rialachán maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhar póilíneachta (7), rialachán lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn (8) agus maidir le rialachán lena leasaítear Cód an Aontais i dtaca leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (9). |
|
2.7. |
Mar sin féin, creideann CESE go láidir go n-urramófar leis na bearta agus na leasuithe breise, sonracha agus sealadacha a tugadh isteach i ngach cuid de phacáiste Schengen, agus atá dírithe ar theorainneacha a bhainistiú go héifeachtach, an ceart agus na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an tsaoirse gluaiseachta agus cónaithe (Airteagal 45), mar aon leis an gceart chun tearmainn (Airteagal 18) agus prionsabal an non-refoulement (Airteagal 19), mar a cuireadh béim shoiléir orthu sna tograí. |
|
2.8. |
Mar a luadh cheana (10), ní mór dearcadh an phobail i leith na himirce agus na slándála atá intuigthe sna doiciméid atá beartaithe a athstruchtúrú go cúramach. Nuair a chaitear leis an imirce mar bhagairt agus nuair a chuirtear imircigh i láthair mar a bheadh baol ann, níl á dhéanamh ach daoine daonna a dhídhaonnú agus níl tairbhe le baint as sin ach amháin acu siúd ar mian leo teacht i dtír ar na himircigh chun críoch geostraitéiseach nó chun críocha na polaitíochta náisiúnta. Ní mór a mheas gur gné dhearfach í an imirce. Tá inimircigh fíorthábhachtach anois agus tá an méid a rannchuidíonn siad lenár sochaithe agus lenár ngeilleagair ag teastáil níos mó ná riamh. |
3. Barúlacha sonracha maidir le Pacáiste an Aontais Slándála
3.1. Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dhlí na mBallstát (COM(2021) 782 final)
|
3.1.1. |
Is é cuspóir foriomlán an togra seo reachtaíocht a rith maidir le gnéithe eagraíochtúla agus nós imeachta den mhalartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí san Aontas d’fhonn rannchuidiú le malartú éifeachtach agus éifeachtúil na faisnéise sin, agus ar an gcaoi sin limistéar Schengen a fheidhmíonn go hiomlán agus a bhfuil teacht aniar ann a chosaint. |
|
3.1.2. |
Aontaíonn CESE go hiomlán le seasamh an Choimisiúin go bhféadfadh seiceálacha póilíneachta agus an comhar, lena n-áirítear malartú faisnéise agus cumarsáid, na torthaí céanna a bhaint amach agus rialuithe sealadacha ag teorainneacha inmheánacha, agus nach bhfuil an oiread cur isteach ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí ag baint leo. Ag an am céanna tacaíonn CESE le dearcadh an Choimisiúin nach mór do na bearta sin cearta bunúsacha a chomhlíonadh ina n-iomláine, lena n-áirítear ceanglais maidir le cosaint sonraí i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana. Mar a luadh cheana (11), ní mór cothromaíocht níos fearr a bheith ann idir cearta bunúsacha daoine aonair a chumhdaítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus an gá atá le forfheidhmiú níos fearr an dlí maidir leis an gcoireacht a chomhrac agus a ionchúiseamh, chun timpeallacht slándála agus ceartais a áirithiú ar fud an Aontais. Ba cheart do ghníomhaireachtaí AE agus do ghníomhaithe seachtracha faireachán agus tuairisciú cúramach a dhéanamh ar aon mhíchothromaíocht nó sárú ar chearta bunúsacha. |
|
3.1.3. |
Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE gur bunaíodh grúpa saineolaithe neamhfhoirmiúil a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe ó gach Ballstát, chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Choimisiún maidir le faireachán agus cur i bhfeidhm na Treorach, lena n-áirítear nuair a bheidh treoirpháipéir ón gCoimisiún á n-ullmhú. Sa chomhthéacs sin, molann CESE eagraíochtaí ábhartha agus ionadaíocha na sochaí sibhialta chomh maith le CESE féin a áireamh in obair an tsainghrúpa neamhfhoirmiúil. |
|
3.1.4. |
Is mian le CESE a athdhearbhú gur cheart bonnlíne na faisnéise atá le malartú a bhreithniú agus a áireamh san fhaireachán a dhéanfar ar mhalartú sonraí: na sainmhínithe ar chion coiriúil (tromchúiseach) (12) agus a áirithiú go leanfaidh gach taobh, iad siúd atá ag iarraidh, agus iad siúd atá ag freagairt, na sainmhínithe céanna agus na bonnlínte céanna ina leith. |
|
3.1.5. |
I gcomhthéacs chumas na bPointí Teagmhála Aonair, lena n-áirítear údaráis bhreithiúnacha atá inniúil chun údaruithe breithiúnacha riachtanacha a dheonú i gcónaí, leagann CESE béim ar an dearbhghá agus ar an oibleagáid atá ann neamhspleáchas na mbreithiúna a chothabháil. Go praiticiúil, d’fhéadfadh sé sin a bheith an-tábhachtach i gcásanna ina mbíonn comhlachtaí breithiúnacha nó a n-ionadaithe i láthair go fisiciúil ag suíomh an Phointe Teagmhála Aonair. |
|
3.1.6. |
Ba cheart cosaint speisialta a bheith ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe iad siúd amhail “forais faire” nó a oibríonn i réimse na cosanta ar ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear imircigh, i ndáil le faisnéis ó Phointí Teagmhála Aonair a chur ar fáil, mar gheall ar dhóchúlacht ard go ndéanfaí díobháil mhíchuí do leasanna ríthábhachtacha na ndaoine dlítheanacha sin. |
3.2. Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhar póilíneachta (“Prüm II”) (COM(2021) 784 final)
|
3.2.1. |
Ag tógáil ar chreat Prüm atá ann cheana (Cinntí 2008/615/CGB (13) agus 2008/616/CGB (14) ón gComhairle, lena n-áirítear Coinbhinsiún Prüm), is é is aidhm don togra maidir le Prüm II athchóiriú agus treisiú “an chreata lena bhféadfaí idir-inoibritheacht le córais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh a dhéanamh”. Sa deireadh, ba cheart go gcruthófaí leis an tionscnamh seo ailtireacht nua “lena bhféadfar sonraí a mhalartú ar bhealach níos éasca agus níos tapúla idir na Ballstáit agus lena n-áiritheofar ardleibhéal cosanta do chearta bunúsacha”. |
|
3.2.2. |
Aithníonn CESE na gníomhaíochtaí uaillmhianacha bailithe sonraí atá le forbairt ag na Ballstáit. Léirítear leis an taithí a fuarthas maidir le Prüm I a chur chun feidhme an méid ama a theastóidh ó na Ballstáit chun na huirlisí bailithe sonraí is gá a bhunú. Tá céim shuntasach bhreise á glacadh le Prüm II, ós rud é go gcuirtear de cheangal ar na Ballstáit suiteálacha teicniúla a thógáil le haghaidh próifíliú aghaidhe, rud nach bhfuil ann go dtí seo ach i bpáirt sna Ballstáit. D’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt mhaith ama ag teastáil chun leibhéal inchomparáide bailithe sonraí sna Ballstáit uile a bhaint amach, agus d’fhéadfadh an méid sin deacrachtaí a chruthú maidir le hidir-inoibritheacht a áirithiú, ar ábhar imní é a luadh cheana (15). Thairis sin, is cúis mhór imní don Choiste an baol a bhaineann leis an tionchar ar mhalartú sonraí digiteacha i bhfianaise staid phráinneach, anordúil agus neamhthrédhearcach an chogaidh san Eoraip le déanaí. |
|
3.2.3. |
Mar a luadh cheana (16), ní mór cosaint sonraí pearsanta, faoi na creata dlíthiúla iomchuí, a urramú gach tráth, go háirithe i gcás sonraí a mbaineann ardleibhéal íogaireachta leo, amhail faoi Chinntí Prüm. Rinne an tAontas agus CESE trácht ar achoimre ghinearálta chun sonraí laistigh den Eoraip atá íogair go leor a láimhseáil (17). |
|
3.2.4. |
Leagann CESE béim ar an ngá atá ann a bheith fíorchúramach maidir le dul i ngleic le cruthú éigeantach na mbanc sonraí maidir le próifíliú aghaidhe, fiú i bhfoirm cláruimhreacha agus formáidí criptithe. Ina Rún 2020/2016(INI) (18), mhol Parlaimint na hEorpa céim siar a ghlacadh agus a bheith cúramach le huirlisí próifílithe aghaidhe, go háirithe ós rud é go bhfuil baol go n-aithneofaí duine má dhéantar íomhánna d’aghaidh daoine aonair a thaifeadadh agus a chomhroinnt. Dá bhrí sin, is cúis mhór imní do CESE an togra maidir le bainc náisiúnta sonraí a bhunú le haghaidh íomhánna den aghaidh, chomh maith leis na híomhánna sin a mhalartú ar fud an Aontais idir na Ballstáit rannpháirteacha. Tá gá le grinnscrúdú ardleibhéil a dhéanamh ar chomhréireacht agus ar rúndacht ó thaobh sonraí pearsanta a chosaint. Cé go n-aithníonn CESE go hiomlán cuspóir ginearálta an togra seo a eascraíonn as sprioc atá bunaithe ar na Conarthaí, is é sin rannchuidiú leis an tslándáil inmheánach san Aontas, d’fhéadfaí a mheas gur rud neamhéigeantach é cur i bhfeidhm an phróifílithe aghaidhe. |
|
3.2.5. |
Thairis sin, tá imní ar CESE faoin togra maidir le taifid phóilíneachta a mhalartú idir na Ballstáit go léir, fiú más rud é go ndéantar iad a anaithnidiú i bpáirt ó thaobh líon na dtaifead de agus go bhfuil siad criptithe agus iad á n-aistriú. Dealraíonn sé go bhfuil caighdeáin éagsúla ag na gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí sna Ballstáit éagsúla chun amhrastaigh agus coirpigh a shainmhíniú agus a chlárú. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh malartú sonraí, arna iarraidh sin chun comhsheasmhacht na sonraí a áirithiú, a bheith ag brath ar mheasúnú a dhéanann oifigeach póilíneachta aonair. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh cásanna as sin ina bhféadfadh daoine ar amhrastaigh iad i mBallstát amháin, e.g. maidir le gníomhaíochtaí ar mhaithe le cearta dídeanaithe, a bheith cláraithe i dtaifead coiriúil Ballstáit eile. Sa chás sin, ní mór na cearta rochtana agus stórála a bheith faoi rún agus iad a shrianadh go soiléir ionas nach ndéanfar dochar do chearta bunúsacha ar bhealach díréireach. Thairis sin, ba cheart critéir dhaingne chomhroinnte a bheith ann chun coir (tromchúiseach) agus amhrastaigh choiriúla a shainmhíniú. Ní mór na rialacha a bunaíodh cheana a urramú agus a fhorfheidhmiú ina leith sin (19). |
|
3.2.6. |
Iarrann CESE sásraí rialaithe níos críochnúla agus níos minice a thabhairt isteach chun bailiú eiticiúil a áirithiú, thar aon ní eile i ndáil le tríú tíortha agus sonraí Europol a stóráil, chomh maith le teorainneacha soiléire ama a leagan síos maidir leis an stóráil sonraí sin. Mar a luadh roimhe seo, is díol sásaimh ról lárnach Europol san ailtireacht Eorpach maidir le cosc coiriúil trasteorann agus leis an gcoireacht a chomhrac, lena n-áirítear malartú sonraí; mar sin féin, ní mór athbhreithniú neamhspleách agus meastóireacht a dhéanamh ar an ról sin, lena n-áirítear ag an tsochaí shibhialta, ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag na geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe na grúpaí agus na daoine aonair sin a bhféadfadh gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí difear a dhéanamh dóibh ar bhealach mícheart nó dochosanta (20). Cuireadh i leith Europol arís agus arís eile gur chuir sé sonraí amhrastach agus sonraí coirpeach le chéile le sonraí daoine príobháideacha eile (21). Go háirithe, ní mór a áirithiú nach bhfuil aon fhorluí ann maidir le saincheisteanna imirce agus tearmainn. Molann CESE go ndéanfadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe ábhartha eile a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh monatóireacht rialta ar ghníomhaíochtaí Europol, agus molann sé go gcuirfí sásraí trédhearcachta i bhfeidhm. |
4. Barúlacha sonracha maidir le Pacáiste Schengen
4.1. Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais i dtaca leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (COM(2021) 891 final)
|
4.1.1. |
Is éard atá i limistéar Schengen limistéar inar féidir le saoránaigh den Aontas Eorpach agus saoránaigh neamh-AE atá ag fanacht go dleathach ar an gcríoch, chomh maith le hearraí agus seirbhísí, taisteal gan a bheith faoi réir rialuithe ag teorainneacha inmheánacha Is gné bhunriachtanach den limistéar saoirse, slándála agus ceartais é Schengen agus is príomhghné é d’fheidhmiú an Mhargaidh Aonair. De bharr a chruthaithe, tá buntáistí suntasacha sóisialta agus eacnamaíocha ag baint le sochaí na hEorpa. |
|
4.1.2. |
Cé gur féidir a mheas gur bagairt thromchúiseach don bheartas poiblí iad éigeandálaí sláinte poiblí mórscála, amhail paindéimí, níor cheart iad a mheas mar chúis le rialuithe teorann i limistéar Schengen a athbhunú. Ní cosúil gur beart cuiditheach atá i ngníomhaíocht den sórt sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid céanna maidir le feidhmiú cumhachtaí póilíneachta nó cumhachtaí poiblí eile i limistéir na teorann inmheánaí, atá coibhéiseach leis na rialuithe teorann sin. Níor cheart aon srianta taistil idir stáit Schengen ar bhonn éigeandálaí sláinte poiblí mórscála a bheith níos déine ná srianta taistil féideartha laistigh de na Ballstáit. Mura n-áirithítear an méid sin, bainfear an bonn den choincheap iomlán maidir le limistéar gan rialuithe ag a theorainneacha inmheánacha, ar cuid de “DNA na hEorpa” (22) é. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go lagófaí le rialacháin den sórt sin iarrachtaí chun comhbheartas sláinte Eorpach a áirithiú, go háirithe i réimse an rialaithe eipidéime. |
|
4.1.3. |
Is díol sásaimh do CESE an iarracht a rinne an Coimisiún coimircí nua nós imeachta a thabhairt isteach i gcás ina n-athbhunófaí rialuithe ag teorainneacha inmheánacha go haontaobhach. Is é is aidhm don togra soiléiriú agus leathnú a dhéanamh ar liosta na n-eilimintí nach mór do Bhallstát a mheasúnú agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le hathbhunú sealadach nó síneadh rialuithe teorann. Beidh ar an gCoimisiún tuairim a eisiúint maidir le comhréireacht agus riachtanas na gcinntí sin agus próiseas comhairliúcháin a sheoladh leis na Ballstáit. Áitíonn CESE go ndéanfaí tuilleadh soiléirithe ar na coimircí nós imeachta a thugtar isteach, go háirithe trí theorainn ama shoiléir a shainiú maidir le síntí a d’fhéadfaí a dhéanamh. |
|
4.1.4. |
Sa chomhthéacs sin, measann CESE go bhfuil an t-idirdhealú idir taisteal “riachtanach” agus taisteal “neamhriachtanach” i limistéar Schengen ina bhagairt thromchúiseach freisin do bhonn Schengen. |
|
4.1.5. |
Tacaíonn CESE go hiomlán leis an smaoineamh gur cheart cearta na náisiúnach tríú tír a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu a chur san áireamh go hiomlán i gcás teorannú na bpointí trasnaithe teorann nó a n-uaireanta oscailte, agus iarrann sé ar an gCoimisiún a sheasamh i ndáil leis an méid sin a chur in iúl. Ní mór rochtain éifeachtach ar phointí teorann a áirithiú, chomh maith le cosaint éifeachtach ar an gceart chun tearmainn. |
|
4.1.6. |
Baineann an méid sin leis an imní atá ar CESE gur cheart caitheamh le daoine a ghabhtar ag na teorainneacha inmheánacha le dínit agus iad a chur ar an eolas faoina gcearta seachas cineálacha brú siar inmheánach a dhlisteanú. Le cur chuige den sórt sin, tá riosca ard ann go réiteofaí an bealach do phróifíliú ciníoch neamhrialaithe. Ba cheart tús áite a thabhairt do shaorghluaiseacht daoine laistigh de limistéar Schengen a áirithiú. Ba cheart do phearsanra údaraithe atá oilte go leordhóthanach, agus an pearsanra sin amháin, rialuithe a dhéanamh. Ba cheart faireachán neamhspleách a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí go randamach. |
|
4.1.7. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar chomhréireacht na seiceálacha a dhéantar laistigh de réimsí inmheánacha agus ag limistéir teorann seachtraí lena n-úsáidtear teicneolaíochtaí faireacháin agus faireachais. D’fhéadfadh eagraíochtaí um chearta sibhialta tacú le gníomhaíochtaí athbhreithnithe agus faireacháin. |
|
4.1.8. |
Tuigeann an Coiste aidhm an Choimisiúin maidir le hAirteagal 13 i ndáil le nós imeachta coiteann a bhunú do na Ballstáit chun teorainneacha seachtracha an Aontais agus teorainneacha Schengen a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu. Ní luaitear, áfach, rochtain ar nós imeachta dlisteanach maidir le tearmann a lorg nó foirmeacha eile rochtana d’imircigh, ná aon chomhairleoireacht dhlíthiúil a bhaineann leis sin. Áitíonn CESE go n-urramófar i gcónaí cearta bunúsacha na ndaoine a shroicheann teorainneacha an Aontais agus Schengen, an ceart cead isteach a iarraidh agus an ceart chun iarratas a dhéanamh ar thearmann. Go háirithe, ní mór glacadh le daoine leochaileacha, le daoine atá tinn agus le mionaoisigh, agus iad a aistriú, ar bhealach cúramach. Mar a luadh cheana, tá an-imní ar CESE faoi na sáruithe a thuairiscítear ag na teorainneacha seachtracha (23); ag an am céanna, aithníonn sé gníomhaíochtaí faireacháin neartaithe an Choimisiúin (24). |
|
4.1.9. |
Molann an Coiste arís don Choimisiún a bheith gníomhach i mbun a chuid cumhachtaí forfheidhmiúcháin faoi na Conarthaí a fheidhmiú i gcásanna nach ndéantar obair leantach ar na heasnaimh a aithníodh le linn Mheastóireachtaí Schengen (25). Ba cheart tosaíocht a thabhairt do chleachtais shistéamacha faoina sáraítear noirm na gceart bunúsach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin ó thaobh imircigh leochaileacha de. Go háirithe, níor cheart don Choimisiún brath ar thorthaí Shásra Meastóireachta Schengen amháin, ach ba cheart dó freisin faireachán gníomhach a dhéanamh ar staid na gceart bunúsach féin i ndáil leis an dlí idirnáisiúnta agus le tacaíocht ó eagraíochtaí um chearta sibhialta. Thairis sin, ba cheart foireann thiomnaithe de chuid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), chomh maith le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) a bheith gníomhach ag na teorainneacha seachtracha chun maoirseacht a dhéanamh ar urramú na gceart bunúsach. |
4.2. Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn (COM(2021) 890 final) (26)
|
4.2.1. |
I bhfianaise na géarchéime a bhí ann in áiteanna áirithe ag teorainn sheachtrach an Aontais in 2021 agus roimhe sin, is é is aidhm don togra seo nós imeachta sonrach éigeandála i ndáil le bainistiú tearmainn a chur ar bun, agus i gcás inár gá, tacaíocht agus bearta dlúthpháirtíochta a chur ar fáil chun teacht isteach na ndaoine a ndearna tríú tíortha ionstraimiú orthu a bhainistiú ar bhealach atá daonnúil, ordúil agus díniteach, agus lánurraim á tabhairt dá gcearta bunúsacha. Aithníonn CESE na himthosca sonracha a d’fhág go raibh ar an gCoimisiún gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh; mar sin féin, athdhearbhaíonn sé gur údar imní dó bearta tapa a thabhairt isteach agus a normalú maidir leis an gcaoi a gcaitear le daoine imirceacha leochaileacha gan dóthain ama agus spáis a bheith ann chun a gcearta a áirithiú (27). |
|
4.2.2. |
Thairis sin, aithnítear i rialacha athbhreithnithe Schengen an ról tábhachtach atá ag na Ballstáit ag na teorainneacha seachtracha, thar ceann na mBallstát uile agus thar ceann an Aontais ina iomláine, i gcásanna ina ndéantar imircigh a ionstraimiú chun críoch polaitiúil. Aithníonn CESE an ról sin, ach cuireann sé i bhfios go láidir nach féidir leis na Ballstáit cosaint theorainneacha an Aontais nó theorainneacha Schengen a chomhlíonadh ag na teorainneacha seachtracha amháin. Iarrann sé ar na Ballstáit tacú go réamhghníomhach leis an sásra dlúthpháirtíochta a mholtar, ach thar aon ní eile, freagracht chomhroinnte a ghlacadh orthu féin, mar a tugadh isteach leis an sásra dlúthpháirtíochta solúbtha sa Chomhshocrú Nua um Thearmann agus Imirce. |
|
4.2.3. |
Cé go n-aithníonn an Coiste gur gá treoir shonrach a chur ar fáil le haghaidh cásanna de chineál ar leith, ní mór a chur in iúl go láidir go bhfuil an sainmhíniú atá beartaithe ar “ionstraimiú” sách doiléir. Áitíonn an Coiste go ndéanfaí grinnscrúdú ar an gcur chuige sin d’fhonn mí-úsáid fhéideartha an choincheapa a sheachaint ó thaobh cur i bhfeidhm rófhada de. Thairis sin, meabhraítear dó go bhforáiltear treoirlínte agus bearta bunúsacha sna conarthaí maidir le tearmann agus cásanna géarchéime. Leagann CESE béim ar a phráinní atá sé cearta bunúsacha daoine a áirithiú agus, thar aon ní eile, prionsabal an non-refoulement a urramú i ngach uile chás. |
|
4.2.4. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhféadfadh sé a bheith deacair faireachán a dhéanamh ar sheachtrú cuasach an nóis imeachta tearmainn chuig teorainn sheachtrach an Aontais ar bhealach ad hoc,mar aon le cur chun feidhme a dhéanamh air, trí ghrinnscrúdú leordhóthanach agus cur chuige atá dírithe ar chearta bunúsacha, go háirithe i bhfianaise acmhainní scagtha réamhiontrála na mBallstát, a cáineadh cheana féin (28). Ní mór a áirithiú go mbeidh an acmhainn agus na suiteálacha is gá ag an mBallstát atá buailte chun an staid éigeandála a bhainistiú ar bhealach leordhóthanach. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht ó Bhallstáit eile tríd an sásra dlúthpháirtíochta, ó ghníomhaireachtaí lárnacha AE, go háirithe EUAA, mar aon le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail UNHCR, a thairiscint agus a ghlacadh ar bhealach réamhghníomhach seachas ar iarratas a fháil ón mBallstát lena mbaineann amháin. |
|
4.2.5. |
Tugann CESE dá aire go háirithe an ról dearfach ríthábhachtach atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann cabhair dhaonnúil ar fáil d’imircigh a bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ag tríú tíortha orthu, lena n-áirítear maidir le bia, uisce, éadaí, cúram liachta leordhóthanach agus dídean shealadach a chur ar fáil, agus thairis sin, maidir le tacú le cearta na n-imirceach agus na n-iarrthóirí tearmainn agus faisnéis a chur ar fáil fúthu. Ba cheart a ráthú go mbeidh teacht i gcónaí ag na heagraíochtaí sin ar na himircigh agus na hiarrthóirí tearmainn sna limistéir theorann lena mbaineann. Ba cheart eagraíochtaí den sórt sin a bheith i dteideal tacaíocht airgeadais atá éifeachtach agus simplithe a fháil faoi chistiú Eorpach, amhail Cúnamh Éigeandála ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF). |
|
4.2.6. |
Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach gan an bonn a bhaint de phrionsabal an non-refoulement, ach cearta daoine agus rochtain ar thacaíocht dhlíthiúil a áirithiú, mar aon le nós imeachta cearta-bhunaithe arna chur chun feidhme ag pearsanra eolach agus cumasach faoi bhreathnóireacht UNHCR agus EUAA. Mar a luadh cheana, is cúis mhór imní don Choiste an aird atá á tabhairt ag an gCoimisiún ar an imirce neamhrialta agus ar fhilleadh deonach nó éigeantach, mar a thugtar air (29). |
|
4.2.7. |
Thairis sin, ba cheart a áirithiú go gcuirfear san áireamh cúiseanna malartacha maidir le cead isteach, amhail athaontú teaghlaigh. |
|
4.2.8. |
Tá imní ar leith ar CESE faoi chóiríocht na n-imirceach agus na n-iarrthóirí tearmainn le linn a bpróiseas clárúcháin. Ní mór a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann freastal ar dhaoine ar an mbealach is cuí agus is dínití gan iad a choinneáil mar ghnáthchleachtas. Ba cheart srian ollmhór ar shaorghluaiseacht na ndaoine lena mbaineann a sheachaint. Ba cheart rochtain a cheadú don tsochaí shibhialta agus d’eagraíochtaí daonnúla chun faireachán a dhéanamh. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) IO L 212, 7.8.2001, lch. 12.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).
(3) COM(2021) 277 final.
(4) COM(2021) 891 final.
(5) COM(2021) 890 final.
(6) COM(2021) 782 final.
(7) COM(2021) 784 final.
(8) COM(2021) 890 final.
(9) COM(2021) 891 final.
(10) Tuairim SOC/707 ó CESE (IO C 290, 29.7.2022, lch. 90).
(11) IO C 367, 10.10.2018, lch. 84.
(12) IO C 367, 10.10.2018, lch. 84, mír 4.3.
(13) IO L 210, 6.8.2008, lch. 1.
(14) IO L 210, 6.8.2008, lch. 12.
(15) IO C 105, 4.3.2022, lch. 108.
(16) IO C 105, 4.3.2022, lch. 108
(17) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. An Straitéis Eorpach maidir le Sonraí (COM(2020) 66 final) (níl leagan Gaeilge ann), a glacadh an 18 Meán Fómhair 2020; agus Tuairim ó CESE (IO C 429, 11.12.2020, lch. 290).
(18) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an intleacht shaorga sa dlí coiriúil agus a húsáid ag údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha in ábhair choiriúla (2020/2016(INI)) (IO C 132, 24.3.2022, lch. 17)..
(19) IO L 119, 4.5.2016, lch. 89 agus IO L 194, 19.7.2016, lch. 1.
(20) IO C 341, 24.8.2021, lch. 66.
(21) A data “black hole”: Europol ordered to delete vast store of personal data, Fotiadis, Apostolis et al., “The Guardian”, 10 Eanáir 2022, https://www.theguardian.com/world/2022/jan/10/a-data-black-hole-europol-ordered-to-delete-vast-store-of-personal-data
(22) Teachtaireacht A strategy towards a fully functioning and resilient Schengen area [Straitéis i dtreo limistéar Schengen lánfheidhmiúil agus athléimneach] (COM(2021) 277 final) (Níl leagan Gaeilge ann)
(23) IO C 105, 4.3.2022, lch. 108.
(24) IO C 105, 4.3.2022, lch. 108.
(25) IO C 105, 4.3.2022, lch. 108.
(26) Chun tuilleadh eolais a fháil ar an ábhar seo, féach Tuairim REX/554 ó CESE (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(27) IO C 123, 9.4.2021, lch. 15.
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/77 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhar breithiúnach agus rochtain ar cheartas a dhigitiú in ábhair shibhialta, tráchtála agus choiriúla trasteorann, agus lena leasaítear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh
(COM(2021) 759 final – 2021/0394 (COD))
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/8/CE ón gComhairle, Cinntí Réime 2002/465/CGB, 2002/584/CGB, 2003/577/CGB, 2005/214/CGB, 2006/783/CGB, 2008/909/CGB, 2008/947/CGB, 2009/829/CGB agus 2009/948/CGB ón gComhairle, agus Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le digiteáil an chomhair bhreithiúnaigh
(COM(2021) 760 final – 2021/0395 (COD))
(2022/C 323/13)
|
Rapóirtéir: |
Maurizio MENSI |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
3.5.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
19.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
198/0/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tacaíonn CESE le cur chuige an Choimisiúin agus leis na cuspóirí a bhainfear amach leis an togra le haghaidh Rialacháin. Tá sé den tuairim, mar sin féin, nach mór gealltanais chuí a thabhairt maidir leis na gnéithe seo a leanas: a) an tslándáil agus an rúndacht, i bhfianaise a íogaire atá na saincheisteanna a chlúdaítear sna héisteachtaí cúirte éagsúla; b) an ceartas oscailte, sin le rá nach mór don chóras atá beartaithe comhlíonadh phrionsabal an cheartais oscailte a áirithiú maidir le rannpháirtíocht, breathnóireacht agus inrochtaineacht; c) an bhearna dhigiteach, d’fhonn inrochtaineacht a áirithiú do chách ar na teicneolaíochtaí agus na bearta tacaíochta. Tríd an méid sin, seachnófar go bhfágfadh easpa scileanna digiteacha, rochtain theoranta ar an teicneolaíocht agus leibhéil ísle litearthachta agus eolais dhlíthiúil go méadófaí ar na bacainní ar an rochtain ar sheirbhísí digiteacha agus go gcuirfí na cuspóirí atá le baint amach de dhroim seoil. |
|
1.2. |
Tá slándáil na gcóras teicneolaíochta a úsáidtear agus rúndacht na sonraí – go háirithe sonraí pearsanta – a láimhseáiltear fíor-riachtanach i bhfianaise a íogaire a bhíonn cineálacha áirithe éisteachtaí cúirte. Tá sé ríthábhachtach freisin measúnú cruinn a dhéanamh ar an ardán ar líne atá le húsáid. |
|
1.3. |
Ní mór a áirithiú, ar thaobh amháin, nach bhfuil aon sonraí á bpróiseáil ag an eintiteas atá i gceannas ar bhainistiú oibríochtúil chomhpháirteanna an chórais agus, ar an taobh eile, go bhfuil bandaleithead leordhóthanach ar fáil, ós rud é go bhféadfadh an briseadh nó an neamhréireacht is lú a d’fhéadfadh tarlú bac a chur ar chumas an chórais seirbhís leormhaith a sholáthar. |
|
1.4. |
Tá sé ríthábhachtach na córais, na líonraí agus na sonraí a chosaint go cuí ar chibirionsaithe a d’fhéadfadh tarlú, agus sláine na sonraí a iompraítear agus a stóráiltear a ráthú ar bhonn na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta agus leis an gcibearshlándáil. Ní mór a bheith in ann na córais teicneolaíochta faisnéise agus na teicneolaíochtaí cumarsáide digití atá i gceist a rochtain i gcomhréir le ceanglais na Treorach Eorpaí um Inrochtaineacht (EAA) (1) agus na Treorach maidir le suíomhanna gréasáin na n-údarás poiblí (2) agus i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas an 13 Nollaig 2006. |
|
1.5. |
Ní mór don chóras atá beartaithe comhlíonadh phrionsabal an cheartais oscailte a áirithiú (maidir le rannpháirtíocht, breathnóireacht agus inrochtaineacht) i ndáil leis an rochtain ar an gcóras ceartais i gcoitinne, agus aird ar leith á tabhairt ar éisteachtaí poiblí. Ní mór, dá bhrí sin, a áirithiú go mbeidh rochtain ag cách ar na teicneolaíochtaí agus ar na bearta tacaíochta. |
|
1.6. |
Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh an rogha i gcónaí ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha cumarsáid a dhéanamh ar pháipéar agus go gcuirfí faisnéis ar fáil i bhformáid inrochtana sa chaoi is go n-áiritheofaí rochtain do chách ar an gceartas, lena n-áirítear daoine leochaileacha, mionaoisigh agus daoine a bhfuil cúnamh teicniúil de dhíth orthu, daoine a bhfuil cónaí orthu i limistéir iargúlta nó daoine atá gan rochtain ar na modhanna digiteacha nó nach bhfuil na scileanna cuí acu. |
|
1.7. |
Is uirlis riachtanach é oiliúint i ndlí an Aontais a chur ar na cleachtóirí dlí d’fhonn cur i bhfeidhm ceart éifeachtach an Rialacháin a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart gníomhaíochtaí oiliúna spriocdhírithe a eagrú go pras, a bheadh dírithe ar gach cleachtóir dlí a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa togra le haghaidh Rialacháin. Go háirithe, dealraíonn sé go bhfuil gá le sainoiliúint a bheadh dírithe ar riachtanais daoine atá faoi dhrochamhras, daoine atá cúisithe, finnéithe nó íospartaigh leochaileacha d’fhonn a áirithiú go mbeadh rochtain éifeachtach acu ar an gceartas trí mhodhanna digiteacha. |
|
1.8. |
Go bunúsach, tá sé i gceist leis na bearta atá beartaithe feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chórais ceartais maidir le hualaí riaracháin a laghdú agus a shimpliú, an t-am agus an costas a bhaineann le déileáil le cásanna a laghdú, agus ní mór rochtain níos fearr agus níos cothroime ar an gceartas a bheith mar thoradh air. I ndáil leis an méid sin, creideann CESE, mura mbaintear den mhéid thuas, gur féidir leis na bearta atá beartaithe buntáistí a chruthú don trádáil trasteorann agus d’iomaíochas chóras eacnamaíoch agus sóisialta na hEorpa. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. Inneachar an Rialacháin
|
2.1.1. |
Is é a bhunaítear leis an Rialachán atá beartaithe an creat dlíthiúil le haghaidh na cumarsáide leictreonaí maidir leis na nósanna imeachta um an gcomhar breithiúnach trasteorann in ábhair shibhialta, tráchtála agus choiriúla agus maidir leis an rochtain ar cheartas in ábhair shibhialta agus tráchtála a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, mar a fhoráiltear sa dlí atá i bhfeidhm faoi láthair. |
|
2.1.2. |
Leagtar síos leis freisin rialacha maidir le ríomhsheirbhísí iontaoibhe a úsáid agus a aithint, maidir le héifeachtaí dlíthiúla doiciméad leictreonach, agus maidir le físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile a úsáid chun daoine a éisteacht in ábhair shibhialta, tráchtála agus choiriúla. Ní chumhdaítear leis an Rialachán, áfach, na socruithe chun fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta agus tráchtála agus ní thugtar isteach nósanna imeachta nua leis. |
|
2.1.3. |
D’fhonn a bheith slán agus iontaofa, braitheann sé ar chóras TF díláraithe ina bhfuil córais TF agus pointí rochtana idir-inoibritheacha a oibríonn faoi fhreagracht agus faoi bhainistiú aonair gach Ballstáit, gníomhaireachta agus comhlachta de chuid an Aontais, lenar féidir faisnéis a mhalartú thar theorainneacha idir údaráis éagsúla na mBallstát. |
|
2.1.4. |
Tá sé beartaithe pointe rochtana leictreonach Eorpach a lonnú ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, a bheadh ina chuid den chóras TF díláraithe agus a d’fhéadfadh gach duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáid faoi na coinníollacha céanna chun cumarsáid leictreonach a dhéanamh leis na cúirteanna agus leis na húdaráis atá inniúil in ábhair shibhialta agus tráchtála a bhfuil impleachtaí trasteorann acu. |
|
2.1.5. |
Dá bhrí sin, ceanglaítear ar chúirteanna agus ar údaráis inniúla na mBallstát glacadh, in imeachtaí breithiúnacha, le cumarsáid leictreonach, a mheastar a bheith coibhéiseach le cumarsáid ar pháipéar. Mar sin féin, tá sé de shaoirse ag daoine nádúrtha rogha a dhéanamh idir modh cumarsáide leictreonaí agus modh cumarsáide ar pháipéar, agus ní féidir leis na húdaráis inniúla diúltú don rogha atá déanta ag duine nádúrtha. |
|
2.1.6. |
Leagtar síos leis an Rialachán freisin na coinníollacha maidir le húsáid físchomhdhála nó teicneolaíochta cianchumarsáide eile in imeachtaí sibhialta agus tráchtála trasteorann. Leagtar síos rialacha freisin maidir le héisteacht daoine atá faoi dhrochamhras, daoine atá cúisithe nó daoine atá ciontaithe, lena n-áirítear mionaoisigh, trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile. |
2.2. Cúlra
|
2.2.1. |
Tá an tionscnamh reachtach bunaithe ar an tuiscint nach mór do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bheith in ann a gcearta a fheidhmiú agus a n-oibleagáidí a chomhlíonadh go tapa, go héifeachtúil agus go trédhearcach, gan idirdhealú de chineál ar bith. Gné ríthábhachtach den cheart chun triail chóir a fháil, ceart atá cumhdaithe in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (3), is ea rochtain éifeachtach a fháil ar an gceartas laistigh de thréimhse réasúnach ama. |
|
2.2.2. |
Tá roinnt ionstraimí ann cheana ar leibhéal an Aontais chun an comhar breithiúnach agus an rochtain ar cheartas a neartú in ábhair shibhialta, tráchtála agus choiriúla trasteorann. Ina measc tá ionstraimí a bhaineann leis an gcumarsáid idir na húdaráis, lena n-áirítear, i gcásanna áirithe, an chumarsáid le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí Eorpacha a bhíonn ag déileáil leis an gceartas agus gnóthaí baile (CGB). Mar sin féin, níl aon fhoráil i bhformhór na n-ionstraimí sin maidir le húsáid na cumarsáide digití, agus, fiú i gcás ina gcuirtear a leithéid san áireamh, tá easpa bealaí slána iontaofa ann nó níl sé beartaithe doiciméid, sínithe agus séalaí leictreonacha a aithint. |
|
2.2.3. |
Léirigh an éigeandáil sláinte freisin go ndéanann teagmhais force majeure difear d’fheidhmiú rianúil na gcóras ceartais sna Ballstáit, agus go n-imríonn siad tionchar orthu, i ngeall ar an bpobal a bheith cuibhrithe go hiomlán sna cásanna sin. Rinne an éigeandáil sláinte dochar freisin don chomhar breithiúnach agus don rochtain ar cheartas i ndíospóidí trasteorann san Aontas Eorpach, rud a thug le fios go soiléir gur gá cumarsáid shábháilte, leanúnach agus athléimneach a áirithiú, le nach gcuirfear dea-fheidhmiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha i mbaol ach an oiread. |
|
2.2.4. |
I ndáil leis sin, is é is aidhm do na rialacha atá sa togra feabhas a chur ar an rochtain ar an gceartas faoi choinníollacha comhionanna agus ar éifeachtúlacht agus athléimneacht na sreabh cumarsáide a bhaineann le comhar breithiúnach an Aontais. Leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí digiteacha, laghdaítear an t-ualach riaracháin atá ar na córais bhreithiúnacha trí na hagaí próiseála cásanna a ghiorrú, an chumarsáid a dhéanamh níos sláine agus níos iontaofa agus láimhseáil cásanna a uathoibriú. |
|
2.2.5. |
Ceann eile de na cúiseanna atá leis an tionscnamh ón gCoimisiún is ea gur gá a sheachaint go bhfágfadh forbairt réiteach TF ar an leibhéal náisiúnta go mbeadh cur chuige ilroinnte ann nach bhfuil i gcomhréir leis an ngá le beart aonfhoirmeach a áirithiú ar leibhéal an Aontais. |
|
2.2.6. |
Sular tháinig ann don togra le haghaidh Rialacháin, foilsíodh i mí na Nollag 2020 an Teachtaireacht maidir le digitiú an cheartais san Aontas Eorpach, ina ndéantar nuachóiriú ar an gcreat rialála maidir le nósanna imeachta trasteorann an Aontais sa dlí sibhialta, tráchtála agus coiriúil, i gcomhréir leis an bprionsabal “digiteach mar réamhshocrú”, lena n-aithnítear an gá atá le gach cineál eisiaimh shóisialta a sheachaint. Comhlánaíonn an togra seo freisin an togra le haghaidh Rialacháin maidir le córas ríomhairithe le haghaidh cumarsáid in imeachtaí sibhialta agus coiriúla trasteorann (an córas e-CODEX mar a thugtar air) (4) agus tá sé comhsheasmhach le Rialachán eIDAS (5) trí fhorálacha a thabhairt isteach maidir le húsáid seirbhísí iontaoibhe. I mí an Mheithimh 2021, ghlac an Coimisiún an togra lena leasaítear Rialachán eIDAS chun creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí (6). |
2.3. Barúlacha sonracha
|
2.3.1. |
Tacaíonn CESE le cur chuige an Choimisiúin agus leis na cuspóirí atá le baint amach. Measann sé freisin, áfach, go bhfuil sé ríthábhachtach na réimsí seo a leanas a chosaint agus a ráthú. |
2.4. Próiseáil sonraí agus cibearshlándáil
|
2.4.1. |
Chun an Rialachán a chur chun feidhme, is gá córas TF díláraithe a bhunú agus a chothabháil, ina mbeidh líonra de chórais TF náisiúnta agus pointí rochtana idir-inoibritheacha, agus iad ag feidhmiú faoi fhreagracht agus faoi bhainistiú aonair gach Ballstáit, institiúide nó gníomhaireachta de chuid an Aontais, lenar féidir faisnéis a mhalartú thar theorainneacha ar bhealach slán iontaofa. Tá sé tábhachtach a áirithiú nach bhfuil aon sonraí á stóráil ná á bpróiseáil ag an eintiteas atá i gceannas ar bhainistiú oibríochtúil chomhpháirteanna an chórais agus go bhfuil na bogearraí atá in úsáid in ann tacú leis an gcóras TF. Is díol sásaimh do CESE an fhoráil go gcuirfidh an Coimisiún bogearraí cur chun feidhme tagartha ar fáil, bogearraí a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid, más rogha leo sin, i gcás nach bhfuil córais náisiúnta TF iomchuí forbartha ag na Ballstáit cheana féin. |
|
2.4.2. |
Tá sé tábhachtach go mbeadh bandaleithead iomchuí (comhpháirt chostasach le haghaidh na seirbhísí naisc físe) ar fáil. Is é an bandaleithead íosta a mholtar 1,5-2 mheigighiotán in aghaidh an tsoicind do líonraí IP (nó 384 chilighiotán in aghaidh an tsoicind do líonraí ISDN). Ba cheart an bandaleithead uasta a chur san áireamh agus na córais naisc físe á ndearadh, agus, fiú i gcás córais a bhfuil an toilleadh is airde iontu, ba cheart iontaofacht agus feidhmíocht an naisc líonra a chur san áireamh, ós rud é go bhféadfadh an briseadh nó an neamhréireacht is lú a d’fhéadfadh tarlú bac a chur ar chumas an chórais dea-sheirbhís a sholáthar. |
|
2.4.3. |
Tá CESE á thabhairt le fios, dá bhrí sin, nach mór oiriúnacht theicniúil a áirithiú maidir leis an gcumarsáid dhigiteach atá in úsáid agus maidir le córais, líonraí agus sonraí a chosaint ar chibirionsaithe, trína chur san áireamh go bhfuil leochaileachtaí an dá chóras atá beartaithe – córas ar pháipéar agus córas digiteach – go hiomlán difriúil agus nach mór córais agus líonraí a chosaint trí shláine na sonraí a stóráiltear iontu a áirithiú, ar bhonn na rialacha atá i bhfeidhm maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ní mór a bheith in ann na córais teicneolaíochta faisnéise agus na teicneolaíochtaí cumarsáide digití atá i gceist a rochtain i gcomhréir le ceanglais na Treorach Eorpaí um Inrochtaineacht (EAA) agus na Treorach maidir le suíomhanna gréasáin na n-údarás poiblí agus na gcuideachtaí leasa phoiblí. |
|
2.4.4. |
Mar a luaigh CESE cheana i tuairim SOC/573, An pacáiste idir-inoibritheachta, an 23 Bealtaine 2018 (7), tá sé ríthábhachtach, i bhfianaise a íogaire atá an fhaisnéis atá á malartú, go ndéanfar na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, agus na rialacha maidir le slándáil na sonraí agus na gcóras lena mbaineann, a chomhlíonadh. |
|
2.4.5. |
Ba cheart, le linn imeachtaí coiriúla agus in ábhair shibhialta agus tráchtála, na craoltaí físe a bheith cosanta ar idircheapadh neamhdhleathach ag tríú páirtithe, trí leas a bhaint as modhanna teicniúla atá i gcomhréir leis an gcás. I ndáil leis an méid sin, ba cheart na rialacha atá ann cheana maidir leis an gcibearshlándáil agus forálacha an togra le haghaidh Threoir NIS 2 (8) a chomhlíonadh. |
2.5. Oiliúint
|
2.5.1. |
Tá CESE á chur chun suntais gur uirlis riachtanach é oiliúint i ndlí an Aontais a chur ar na cleachtóirí dlí d’fhonn cur i bhfeidhm ceart éifeachtach an Rialacháin a áirithiú. D’fhonn na cleachtóirí dlí a ullmhú do na dúshláin a bheidh rompu, ghlac an Coimisiún straitéis Eorpach um oiliúint bhreithiúnach don tréimhse 2021-2024 (9) chun oiliúint a chur orthu maidir le huirlisí digiteacha a úsáid ina gcuid oibre. Chun na críche sin, ba cheart gníomhaíochtaí oiliúna spriocdhírithe a eagrú go pras, a bheadh dírithe ar gach cleachtóir dlí a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa togra le haghaidh Rialacháin. |
|
2.5.2. |
Go háirithe, dealraíonn sé go bhfuil gá le sainoiliúint a bheadh dírithe ar riachtanais daoine atá faoi dhrochamhras, daoine atá cúisithe, finnéithe nó íospartaigh leochaileacha d’fhonn a áirithiú go mbeadh rochtain éifeachtach acu ar an gceartas trí mhodhanna digiteacha. |
2.6. Uirlisí digiteacha agus páipéir
|
2.6.1. |
Is é is cuspóir don togra le haghaidh Rialacháin é a chur ar chumas daoine nádúrtha agus dlítheanacha cumarsáid a dhéanamh go digiteach, gan aon chineál idirdhealaithe, leis na cúirteanna agus leis na húdaráis inniúla agus páirt a ghlacadh in éisteachtaí trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile atá ar fáil gan aon chostais bhreise shonracha a íoc amach ó na costais sin a bhaineann le ríomhaire a úsáid agus rochtain a fháil ar an idirlíon. |
|
2.6.2. |
Tá CESE den tuairim go bhfuil sé fíor-riachtanach go mbeadh, mar sin féin, an rogha i gcónaí ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha cumarsáid a dhéanamh ar pháipéar agus go gcuirfí faisnéis ar fáil i bhformáidí inrochtana sa chaoi is go n-áiritheofaí rochtain do chách ar an gceartas, lena n-áirítear daoine leochaileacha, mionaoisigh agus daoine a bhfuil cúnamh teicniúil de dhíth orthu, daoine a bhfuil cónaí orthu i limistéir iargúlta nó daoine atá gan rochtain ar na modhanna digiteacha nó nach bhfuil na scileanna cuí acu. |
|
2.6.3. |
Maidir leis an bhfíschomhdháil go sonrach, rud a tugadh isteach de réir a chéile ina lán tíortha, lena n-áirítear don chomhar breithiúnach, ba cheart a thabhairt faoi deara gurb é tuairim na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECHR) nach mór cuspóir dlisteanach a bheith ag an úsáid sin, ainneoin nach dtagann rannpháirtíocht an chosantóra in imeachtaí físchomhdhála salach ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (10). Dá bhrí sin, ba cheart do na cúirteanna a úsáideann an fhíschomhdháil leanúint d’fheabhas a chur ar cháilíocht na físchomhdhála agus criptiú an fhíschomhartha a chur i bhfeidhm chun an t-idircheapadh a sheachaint. I dTuairim (2011)14 maidir leis an gceartas agus teicneolaíocht na faisnéise, cuireann Comhairle Chomhairleach na mBreithiúna Eorpacha (CCJE) i bhfios go láidir nár cheart go ndéanfadh tabhairt isteach TF sna cúirteanna san Eoraip dochar do luachanna daonna agus siombalacha an cheartais. Má mheasann úsáideoirí gur rud teicniúil amháin an ceartas, tá an baol ann go ndéanfar dídhaonnú air mura ndéantar an fhíorfheidhm ná an bhunfheidhm atá leis a chomhlíonadh. |
|
2.6.4. |
Sna Stáit Aontaithe, úsáidtear naisc físe den chuid is mó in éisteachtaí le haghaidh bannaí (bail hearings) chun costais a shábháil agus an baol a bhaineann le cosantóirí a iompar ón bpríosún go dtí an chúirt a sheachaint. Rinne taighdeoirí in Ollscoil Northwestern staidéar ar mhéideanna na gcúirtbhannaí a leagadh síos roimh agus i ndiaidh theacht na físchomhdhála, agus ba é toradh an staidéir sin gur tháinig méadú 51 % ar an meán ar mhéideanna na gcúirtbhannaí de thoradh na físchomhdhála (11). Tá éifeacht dídhaonnaithe ag an gcraoladh físe agus cuirtear na cosantóirí faoi mhíbhuntáiste radhairc agus míbhuntáiste éisteachta. Le linn éisteachtaí i réimse na hinimirce, is mó seans go ndíbreofar daoine a fuair éisteacht físe ná daoine a bhí i láthair go fisiciúil le linn na héisteachta, agus is amhlaidh an scéal i gcás iarrthóirí tearmainn. Tá tábhacht freisin leis an méid is féidir le duine a fheiceáil agus a chloisteáil sa chúirt. I roinnt teicneolaíochtaí físchomhdhála baineann an fheidhm fuaime leas as scagaire bandaleithid mheánaigh lena ngearrtar ardmhinicíochtaí agus ísealmhinicíochtaí gutha, rud a úsáidtear de ghnáth chun mothúcháin a chur in iúl, mar a tugadh le fios i dtuarascáil arna maoiniú ag Roinn Ceartais na Stát Aontaithe in 2015 maidir le héisteachtaí físe. |
|
2.6.5. |
Maidir leis na bogearraí a úsáidtear, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil sé de bhuntáiste ag infhaighteacht réiteach bogearraí foinse oscailte atá inchomparáide ó thaobh iontaofachta agus cruinnis leis na táirgí tionsclaíocha is fearr gur féidir leo dul i bhfeidhm go díreach ar na lárionaid sonraí agus na líonraí, nó ar bhonneagar arna bhainistiú go comhpháirteach ag na húdaráis phoiblí nó ina dteannta. D’fhágfadh an réiteach sin go seachnófaí na rioscaí a bhaineann le sreafaí trasteorann laistigh nó lasmuigh den Aontas a bhfuil nasc acu le réitigh néalríomhaireachta i ngnólachtaí lasmuigh den Eoraip (rud a sheachnódh cur i bhfeidhm an dlí maidir leis an néalríomhaireacht sna Stáit Aontaithe). |
2.7. Éifeachtúlacht agus iomaíochas a fheabhsú
|
2.7.1. |
Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoi gur féidir le húsáid na huirlise cumarsáide digití idir na cúirteanna agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit cur gan amhras le héifeachtúlacht níos fearr sa chóras ceartais, toisc go bhfuil sé beartaithe leis an úsáid sin moilleanna agus ualaí riaracháin a laghdú, an malartú faisnéise idir na húdaráis a shimpliú agus dlús a chur leis, agus an t-am agus na costais a bhaineann le láimhseáil cásanna a laghdú. Ba cheart a thabhairt faoi deara gurbh fhéidir, a bhuí leis an gcianchumarsáid le linn na héigeandála, leanúint de rochtain a thabhairt ar an gceartas, rud a chabhraigh le cáilíocht, éifeachtúlacht agus neamhspleáchas an cheartais a áirithiú, ar gnéithe riachtanacha iad atá mar bhonn leis an smacht reachta agus leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe. |
|
2.7.2. |
Tá CESE den tuairim freisin go bhfuil córais cheartais éifeachtúla ríthábhachtach chun dlí na hEorpa a chur chun feidhme, mar a tugadh le fios sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach an 26 Aibreán 2019 maidir le scórchlár ceartais 2019 an Aontais Eorpaigh ina dtugtar forléargas bliantúil ar tháscairí atá ábhartha maidir le neamhspleáchas, cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras ceartais, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún um Meastóireacht ar Éifeachtúlacht an Cheartais i gComhairle na hEorpa (CEPEJ). |
|
2.7.3. |
Glactar leis, i ndáil leis sin, go mbeidh buntáistí ann don trádáil trasteorann agus go dtiocfaidh feabhas, go ginearálta, ar iomaíochas an chórais eacnamaíoch níos leithne toisc deis a bheith ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil baint acu le hidirbhearta trasteorann leas a bhaint as rochtain níos fearr agus níos cothroime ar an gceartas, as costais níos ísle agus ar nósanna imeachta níos tapa maidir lena gcearta a fhorfheidhmiú. |
|
2.8. |
Mar fhocal scoir, tugann CESE dá aire gur cheart foráil a dhéanamh sa togra maidir le ráthaíochtaí oiriúnacha i ndáil leis na gnéithe seo a leanas:
|
An Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
(2) Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).
(3) Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (IO C 326, 26.10.2012, lch. 391).
(4) COM(2020) 712 final.
(5) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(6) COM(2021) 281 final.
(7) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, SOC/573 maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (teorainneacha agus víosaí) agus lena leasaítear Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Cinneadh 2008/633/CGB, Rialachán (AE) 2016/399 agus Rialachán (AE) 2017/2226 [COM(2017) 793 final – 2017/0351 (COD) – an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach, tearmann agus imirce) [COM(2017) 794 final – 2017/0352 (COD)] (níl leagan Gaeilge ann). (IO C 283, 10.8.2018, lch. 48)
(8) COM(2020) 823 final.
(9) COM(2020) 713 final.
(10) Breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine an 5 Deireadh Fómhair 2006, Marcello Viola vs. an Iodáil. An ceart chun triail chóir a fháil – An tábhacht a bhaineann le láithreacht an chosantóra sna himeachtaí.
(11) Kirchner, L., “How fair is Zoom-Justice”, The Markup, 9 Meitheamh 2020.
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/83 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Eoraip níos uilechuimsithí agus níos cosantaí: liosta choireanna an Aontais Eorpaigh a leathnú chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chur san áireamh ann
(COM(2021) 777 final)
(2022/C 323/14)
Rapóirtéir: Cristian PÎRVULESCU
Comhrapóirtéir: Milena ANGELOVA
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 1.3.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
3.5.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
211/1/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tá an-imní ar CESE faoi fhorbairt na fuathchainte agus na coireachta fuatha san Eoraip le deich mbliana anuas. Is léir ó roinnt mhaith staidéar agus comhairliúchán gur tháinig méadú tromchúiseach ar eachtraí, agus go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine aonair agus na ngrúpaí a nochtar d’ionsaithe fuathbhunaithe. Léirítear le hobair na sochaí sibhialta eagraithe san Eoraip freisin na treochtaí sin atá ag dul i méid. Dírítear ar na heagraíochtaí iad féin agus is gá dóibh níos mó ná riamh cúnamh agus cosaint a thabhairt do na daoine aonair agus do na pobail atá faoi bhagairt. |
|
1.2. |
Tacaíonn CESE le tionscnamh an Choimisiúin agus molann sé don Chomhairle agus don Pharlaimint comhoibriú go hiomlán chun bunluachanna an Aontais a chosaint. Creideann CESE gur réimse coireachta iad an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 83(1) CFAE. Dá nglacfadh an Chomhairle cinneadh chun iad a shainiú mar sin, bheifí in ann rialacha íosta a leagan síos ina dhiaidh sin maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú sa réimse coireachta sin. |
|
1.3. |
Go sonrach, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, measann CESE gur suntasach agus imníoch í an fhorbairt ar choireanna fuathbhunaithe, go bhfuil gné shoiléir trasteorann ann ar leibhéal na dtiománaithe, na gcumasóirí agus an tionchair, agus nach féidir na cineálacha coireanna sin a chosc ná a chomhrac go héifeachtúil in éagmais gníomhaíocht reachtach agus institiúideach ar leibhéal an Aontais. |
|
1.4. |
In éineacht leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, measann CESE, i gcás gníomhaíochtaí ar cionta tromchúiseacha iad a dhírítear ar shláine fhisiceach nó mheabhrach an duine, nach féidir cosaint leordhóthanach a áirithiú ach amháin le sásraí éifeachtúla um dhlí coiriúil agus nach mbeidh éifeacht dhíspreagthach ach ag na sásraí sin. |
|
1.5. |
Ní mór an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac gan beann ar an áit ina ndéantar an léiriú nó an ghníomhaíocht, i.e. i gcomhthéacs na hoibre, léirithe poiblí, caitheamh aimsire, seirbhísí príobháideacha nó poiblí, etc. Is féidir gníomhaíochtaí níos spriocdhírithe a mheas in áiteanna ina bhfuil seans níos airde go dtarlódh eachtra fhuathbhunaithe. Bheadh sé mar chuspóir níos ginearálta, arna saothrú trí mhodhanna agus trí ionstraimí éagsúla, spásanna poiblí san Eoraip a dhéanamh saor ón bhfuathchaint agus ón gcoireacht fuatha. |
|
1.6. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún aird a dhíriú ar an tionchar díreach agus indíreach a bhíonn ag an bhfuathchaint agus ag an gcoireacht fuatha ar na dálaí fiontraíochta agus fostaíochta, agus na himpleachtaí a bheadh acu ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta, agus féachaint orthu sin freisin. |
|
1.7. |
Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar fheasacht agus ar scileanna daoine i ngairmeacha a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le dul i ngleic leis an bhfuathchaint agus leis an gcoireacht fuatha, mar shampla múinteoirí, iriseoirí agus pearsanra forfheidhmithe dlí. Maidir le pearsanra forfheidhmithe dlí, agus dea-chleachtais ó Bhallstáit an Aontais á leanúint acu, ba cheart an fhaisnéis agus an oiliúint a bheith éigeantach agus iad a bheith mar chuid de straitéis fhoriomlán chun cumas na n-institiúidí lena mbaineann a neartú. |
|
1.8. |
Ba cheart rochtain na n-íospartach ar fhaisnéis agus ar na bearta cosanta speisialta a thugtar d’íospartaigh is leochailí na coireachta faoin Treoir maidir le Cearta Íospartach a ráthú go cuí. |
|
1.9. |
Tá ról ríthábhachtach freisin ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, maidir leis an bhfuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac, ós rud é go bhfeidhmíonn siad mar fhoras faire, ar thaobh amháin, agus go ndéanann siad gníomhaíocht atá bunaithe ar luach a chur chun cinn, ar an taobh eile. Ba cheart iad a chosaint agus tacú leo ina ról maidir le háiteanna, pobail, grúpaí, eagraíochtaí agus na meáin a dhéanamh sábháilte ó fhuath agus ó idirdhealú, lena n-áirítear trí chóid iompair dheonacha a chur chun cinn agus trí dhea-chleachtais a roinnt. Tá gá le tuilleadh maoinithe chun leas a bhaint as a gcumais agus as a saineolas i ndáil leis sin. |
|
1.10. |
Ba cheart béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le hidirghníomhaíochtaí sábháilte ar líne. Le forbairt ardáin na meán sóisialta agus na bhfóram ar líne, cruthaíodh spás ina gcreideann roinnt daoine gur féidir leo gníomhú gan baol pionóis. Tá géarghá le hoibriú le rialtóirí náisiúnta agus le hardáin na meán sóisialta chun a áirithiú go ndéanfar fuath ar líne a shainaithint, a dhíothú agus a imscrúdú go pras. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Aithníonn CESE gur cuid lárnach de dhearadh an Aontais agus de chórais dhaonlathacha na mBallstát é cosaint na dínite, na gceart bunúsach agus an chomhionannais. Ní mhairfidh an daonlathas ná an tAontas é féin má tá eagla nó náire ar dhaoine, nó má dhéantar ciapadh nó ionsaí orthu agus iad ina gcónaí, ag obair, ag staidéar nó ag glacadh páirt sa tsochaí agus sa pholaitíocht. Le scaipeadh na meán sóisialta, tá an méadú ar fhuath agus ar stiogmatú ag éirí níos éasca agus níos tapúla agus tá an baol do leanaí agus do dhaoine óga ag fás i gcónaí. Ní mór scaipeadh na fuathchainte agus na coireachta fuatha a chosc agus a chomhrac go láidir agus go gníomhach. |
|
2.2. |
I gcomhthéacs ionsaí míleata Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, gníomh a cháin Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go láidir, tá méadú tagtha ar an mbréagaisnéis agus ar scaipeadh na fuathchainte san Eoraip. Ní feiniméan nua é sin agus d’éirigh Ballstáit an Aontais níos eolaí agus níos athléimní ina aghaidh. Tá iarrachtaí á ndéanamh ag Cónaidhm na Rúise mearbhall a chruthú, bolscaireacht a scaipeadh agus an tacaíocht don daonlathas agus do chearta an duine a dhídhlisteanú. Tá sé de fhreagracht ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit, dá bhrí sin, an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chosc agus a chomhrac. |
|
2.3. |
Tá bonn coiteann fíor-riachtanach chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac go héifeachtach. Tá na sochaithe Eorpacha fite fuaite ina chéile, agus cruthaíonn an tsaoirse gluaiseachta réimse sóisialta agus poiblí atá ag éirí níos comhtháite. Tá na príomhuirlisí ag na Ballstáit chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac, ach ní éireoidh leo mura dtabharfaidh siad gealltanas soiléir agus mura mbeidh comhar agus sineirgíocht ann. Beidh gá chomh maith le hionstraimí reachtacha cuí de chuid an Aontais mar aon le sainmhínithe, cuir chuige agus deiseanna maidir le foghlaim agus aistriú beartais. Ba cheart do na hiarrachtaí uile chun na críche sin na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt an Aontais a urramú. |
|
2.4. |
Tá sé curtha in iúl ag CESE go minic nach mór don Aontas agus do na Ballstáit gníomhú ar bhealach níos cinntithí chun cearta bunúsacha a chosaint agus chun raon iomlán na n-iompraíochtaí idirdhealaitheacha agus fuathbhunaithe a chomhrac. Maidir leis sin, molann sé go ndéanfadh an Coimisiún an togra a ailíniú le príomhdhoiciméid bheartais eile amhail an Straitéis nua maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha a chur chun feidhme, plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le frithchiníochas 2020-2025, Straitéisí Comhionannais maidir le hInscne agus LGBTIQ, Creat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh, Straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú, an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas agus an Straitéis maidir le Cearta Íospartach. |
|
2.5. |
Aithnítear go cuimsitheach sa togra ón gCoimisiún na saintréithe coiteanna a d’fhéadfadh a bheith ag na daoine aonair agus na grúpaí atá i mbaol na fuathchainte agus na coireachta fuatha, amhail an cine, an eitneacht, an teanga, an reiligiún, an náisiúntacht, an aois, an gnéas, an claonadh gnéasach, an fhéiniúlacht inscne, léiriú na hinscne, na saintréithe gnéis, nó aon saintréith bhunúsach eile, nó comhcheangal de na saintréithe sin. Ba cheart dúinn freisin aon chúiseanna idé-eolaíocha agus polaitiúla a chur leis, mar aon le creidimh agus luachanna coinsiasa eile. Measann CESE gur cheart rioscaí agus bagairtí a mhapáil agus aghaidh a thabhairt orthu i ndáil lena gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha. D’fhéadfadh taighde atá ann cheana agus taighde nua léiriú a thabhairt ar cad iad na cásanna is coitianta ina dtarlaíonn an fhuathchaint agus an choireacht fuatha. |
|
2.6. |
D’fhéadfadh sé go ndíreofaí an fhuathchaint agus an choireacht fuatha ar fhiontraithe nó ar phearsanra fiontair, mar shampla iad siúd a fhreastalaíonn ar chustaiméirí. Tá tionchar díobhálach aige sin ar na daoine aonair agus ar an bhfiontar atá i gceist. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar diúltach indíreach ag an bhfuathchaint agus ag an gcoireacht fuatha ar an timpeallacht ghinearálta ghnó agus eacnamaíoch trí neamhchinnteacht, éagobhsaíocht agus coinbhleachtaí a mhéadú. |
|
2.7. |
Measann CESE go bhfuil géarghá le múscailt feasachta agus oideachas maidir le tionchair agus tromchúis na fuathchainte agus na coireachta fuatha a thuiscint agus maidir leis an dá ghné sin a shainaithint agus le dul i ngleic leo sa ghnáthshaol. Baineann an méid sin le daoine de gach aois: leanaí, daoine óga agus daoine fásta. Ba cheart an t-ardú feasachta agus an t-oideachas sin (ábhar faisnéise, oiliúint, táirgí) a sholáthar i bhformáidí inrochtana. |
|
2.8. |
Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar fheasacht agus ar scileanna daoine i ngairmeacha a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le dul i ngleic leis an bhfuathchaint agus leis an gcoireacht fuatha. Mar shampla, tá ról tábhachtach ag múinteoirí in oideachas iompraíochta leanaí scoile. Tá ról uathúil ag iriseoirí ó thaobh saoirse chun tuairimí a nochtadh. Tá ról lárnach ag pearsanra forfheidhmithe dlí, na póilíní, breithiúna ionchúisitheoirí agus státseirbhísigh maidir le cásanna a láimhseáil agus creat dlíthiúil coisctheach agus bearta eile a fhorbairt. |
|
2.9. |
Is freagracht lárnach de chuid polaiteoirí é córas foriomlán an smachta reachta agus na gceart bunúsach a áirithiú. Cuirtear tús lena bhfreagracht ón nóiméad a iarrann siad tacaíocht ó na saoránaigh, agus ar an drochuair, déanann roinnt polaiteoirí agus páirtithe an méid sin trí eagla a scaipeadh agus trí dhíriú ar ghrúpaí mionlaigh agus sóisialta. Tá an cineál seo slógadh toghcháin contúirteach agus ní mór dul i ngleic leis. Agus iad in oifig phoiblí, d’fhéadfadh sé go mbeadh cathú ar pholaiteoirí áirithe ionstraimí institiúideacha agus dlí a úsáid chun idirdhealú a chur chun cinn nó chun comhrac in aghaidh an idirdhealaithe a sheachaint, rud a bheadh níos tromchúisí fós. Áitíonn CESE ar na ceannairí polaitiúla agus ar na páirtithe polaitiúla uile gníomhú ar bhealach freagrach, bunaithe ar an gcreat agus de mheon an daonlathais chuimsithigh. |
|
2.10. |
I ndáil leis an méid sin, tá ceannairí páirtithe polaitiúla nó fiú ceannairí rialtais, atá ceaptha sibhialtacht an spáis phoiblí a ráthú, tar éis maslaí agus ionsaithe ó bhéal a dhéanamh in aghaidh iriseoirí, agus, dá bharr sin, tá baol ann go spreagfaí foréigean ina gcoinne. Áitíonn CESE ar cheannairí agus ar pháirtithe polaitiúla urraim a léiriú d’iriseoirí agus d’eagraíochtaí na meán agus tagraíonn sé don aitheantas oifigiúil ar thromchúis na saincheiste sin ó na ceithre Rapóirtéir Speisialta idirnáisiúnta maidir leis tsaoirse tuairimí a nochtadh. |
|
2.11. |
Tá ról ríthábhachtach freisin ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, maidir leis an bhfuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac, ós rud é go bhfeidhmíonn siad mar fhoras faire, ar thaobh amháin, agus go ndéanann siad gníomhaíocht atá bunaithe ar luach a chur chun cinn, ar an taobh eile. Ba cheart cóid iompair dheonacha agus comhroinnt dea-chleachtas a spreagadh agus a chur chun cinn. |
|
2.12. |
Leagann CESE béim ar an ról tábhachtach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le coireanna fuatha a chosc agus a chomhrac. Is iad is gaire do na pobail agus is féidir leo faireachán a dhéanamh, más rud é go bhfuil baol ann go mbeadh ann do rioscaí agus teagmhais den sórt sin ar an láthair. Ina theannta sin, is féidir leo leas a bhaint as cumhacht na dlúthpháirtíochta agus na hionbhá, trí chláir phobail agus oideachais, agus le tacaíocht ó rialtais láir, ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ó na comhpháirtithe sóisialta. |
|
2.13. |
Is ar na stáit atá an fhreagracht timpeallacht chumasúcháin a chruthú do na cearta maidir le tuairimí a nochtadh, le comhionannas agus le neamh-idirdhealú. Is féidir leis na Ballstáit bearta leordhóthanacha a dhéanamh chun dul i ngleic leis an idirdhealú, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an fhuatha. |
3. Barúlacha sonracha
|
3.1. |
Is cosúil go bhfuil na fíricí agus na hargóintí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún bailí chun a mheas go gcomhlíonann an fhuathchaint agus an choireacht fuatha na critéir atá leagtha síos do choireanna an Aontais, lena n-áirítear an tromchúis agus an scála a bhaineann leo, an chaoi ina bhfuil siad ag forbairt, agus an ghné thrasteorann atá i gceist leo. |
|
3.2. |
Déantar cur síos sa Teachtaireacht, mar is ceart, ar chineál tromchúiseach na fuathchainte agus na coireachta fuatha, mar go dtéann siad i gcoinne luachanna coiteanna agus cearta bunúsacha an Aontais, agus mar gheall ar an tionchar díobhálach a bhíonn acu ar dhaoine aonair, ar phobail agus ar an tsochaí i gcoitinne. Tá luachanna an Aontais Eorpaigh bunaithe ar shochaí oscailte, rud atá tábhachtach do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí. Tá an comhionannas fréamhaithe go mór i luachanna an Aontais, agus is é an comhionannas deiseanna is bunchloch don dul chun cinn sóisialta. Is gnéithe lárnacha de sin iad an éagsúlacht agus an t-iolrachas. Feidhmíonn an comhionannas mar fhoinse nuálaíochta agus gintear breisluach eacnamaíoch leis. |
|
3.3. |
I bhfianaise na n-iarrachtaí méadaitheacha atá á ndéanamh ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha ina ndlí coiriúil, agus i bhfianaise gur gá ilroinnt idir na Ballstáit a sheachaint agus cothrom iomaíochta a fheabhsú ar fud an Aontais, luíonn sé le réasún creat coiriúil coiteann de chuid an Aontais a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha, agus na córais náisiúnta bhreithiúnacha agus Airteagal 2 den Chonradh á n-urramú ag an am céanna. |
|
3.4. |
Ag an am céanna, ní mór inniúlachtaí an Aontais i réimse an dlí choiriúil a urramú, rud a fhágann gur féidir rialacha íosta a shocrú trí bhíthin treoracha a chuirfear chun feidhme sa reachtaíocht náisiúnta. |
|
3.5. |
Measann CESE gurb ábhartha an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a mheas mar réimse coireachta ina bhfuil “substaint” choiteann bunaithe ar thucaid laofachta fuatha a dhíríonn ar dhaoine nó ar ghrúpaí. Fágann sin gur gá an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a bhreithniú ar bhealach iomlánaíoch, agus go seachnófaí cur chuige neamhchomhtháite maidir le foirmeacha nó spriocanna éagsúla fuatha, go háirithe maidir le difríochtaí idir na Ballstáit. Iarrann sé freisin go mbreithneofaí an fhuathchaint agus an choireacht fuatha i ndáil le luachanna an Aontais agus cearta bunúsacha ina n-iomláine. Thairis sin, iarrann sé go n-aithneofaí na naisc idir an fhuathchaint agus an choireacht fuatha agus na coireanna atá ann cheana san Aontas. Sa chomhthéacs sin, ba cheart dlús a chur le comhroinnt faisnéise idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus rialtais. |
|
3.6. |
Tá CESE ag tnúth le sainmhíniú a thabhairt ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha mar chéad chéim eile agus tá sé toilteanach cur leis an gcomhairliúchán idirinstitiúideach. Tá an sainmhíniú sin ríthábhachtach ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, agus chun na cearta bunúsacha a chosaint agus cumarsáid ghinearálta láidir a áirithiú freisin. Leis an gCinneadh Réime ón gComhairle maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil, tugtar túsphointe ábhartha chun sainmhíniú a fhorbairt a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm sa chomhthéacs níos leithne sin, agus úsáid á baint as na sainmhínithe a úsáideann An Chomhairle Eorpach ag an am céanna. |
|
3.7. |
Leis na sainmhínithe ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha, ba cheart na saintréithe cosanta ábhartha uile atá bunaithe ar chearta bunúsacha an Aontais a chumhdach, lena n-áirítear gnéas/inscne, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois agus gnéaschlaonadh, mar aon le creidimh idé-eolaíocha agus coinsiasa. Cé go bhfuil na saintréithe cosanta éagsúil óna chéile, ba cheart aghaidh a thabhairt sa sainmhíniú ar na saintréithe éagsúla de réir na bprionsabal céanna. Ba cheart cur chuige ilroinnte a sheachaint freisin maidir le mionlaigh agus grúpaí éagsúla agus ba cheart, ina ionad sin, úsáid a bhaint as nathanna ginearálta is infheidhme maidir le speictream iomlán na saintréithe cosanta atá i gceist. Ina theannta sin, ba cheart an sainmhíniú a bheith cuimsitheach go leor chun freagairt do chineálacha nua feiniméin shochaíocha a thagann chun cinn le himeacht ama. |
|
3.8. |
Ba cheart a chumhdach leis na sainmhínithe sin aon chineál gníomhaíochta agus léirithe, gan beann ar an áit ina ndéantar an léiriú nó an ghníomhaíocht, e.g. i gcomhthéacs na hoibre, léirithe poiblí, nó seirbhísí príobháideacha nó poiblí. Ba cheart léirithe ar líne chomh maith le léirithe as líne a chumhdach. |
|
3.9. |
Cé gur cheart do na sainmhínithe a bheith cuimsitheach, níor cheart dóibh a bheith débhríoch. Ba cheart breithiúnas a dhéanamh orthu i gcónaí, bunaithe ar fhianaise sa chomhthéacs ábhartha nuair a chuirtear chun feidhme iad. Is féidir feabhas a chur ar chur chun feidhme aonfhoirmeach na sainmhínithe agus na rialacha trí threoir chomhchoiteann a bhunú maidir leis na gnéithe atá le cur san áireamh. |
|
3.10. |
Tá sé tábhachtach a áirithiú freisin nach n-oibreoidh na sainmhínithe agus na rialacha i gcoinne a n-aidhme. Mar shampla, níor cheart focail a úsáideadh go traidisiúnta ar bhealach neodrach a stiogmatú. Tá baint aige sin freisin leis an aidhm atá ann rialacha comhchoiteanna a fhorbairt chun grúpaí a chosaint seachas aird a tharraingt orthu. |
|
3.11. |
Agus an fhuathchaint agus an choireacht fuatha á sainmhíniú, mar aon leis na smachtbhannaí faoi seach, tá sé tábhachtach a gcaidreamh le cearta bunúsacha a shoiléiriú. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear na coinníollacha lena gcuirtear bonn cirt le teorainn a chur leis an tsaoirse atá ag daoine aonair chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le soiléiriú a thabhairt ar chearta bunúsacha eile chomh maith. |
|
3.12. |
Cé gur féidir an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a mheas mar réimse coireachta ann féin, bíonn forluí idir iad agus coireanna an Aontais atá ann cheana. Mar sin féin, ní chumhdaítear an fhuathchaint agus an choireacht fuatha ina n-iomláine i gcoireanna reatha an Aontais, mar gheall ar fhoirmeacha éagsúla agus ar éagsúlacht an réimse coireachta sin. Léirítear an méid sin le “pirimid fuatha” a thosaíonn amach mar chaint atá inspreagtha ag claonadh agus, i ngeall ar an idirdhealú, a mbíonn foréigean fisiceach nó fiú sceimhlitheoireacht mar thoradh uirthi. |
|
3.13. |
Mar a luaitear sa Teachtaireacht, ní hamháin gur ábhar substainte é aghaidh a thabhairt ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha, ach ábhar a bhaineann le nósanna imeachta freisin. Ní mór, dá bhrí sin, aird chuí a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis, leis an gceartas agus le leigheasanna. Cé go n-aithnítear agus go rialaítear an choireacht fuatha agus an fhuathchaint ar an leibhéal náisiúnta, tá roinnt mhaith bearnaí ag baint leis an gcur chun feidhme, an tuairisciú agus an imscrúdú. Mura ndéantar coireanna claonta a thuairisciú agus a imscrúdú i gceart, ní féidir brath ar shonraí faoi leitheadúlacht na gcoireanna sin ar leibhéal na mBallstát nó an Aontais. |
|
3.14. |
Tá sé fíorthábhachtach an choireacht fuatha agus an fhuathchaint a chur san áireamh ar liosta choireanna an Aontais d’fhonn cearta íospartach a chosaint. Mura n-aithnítear forais na n-eachtraí fuatha, mar shampla ar fhoras míchumais, ní bheadh feidhm ag Treoir an Aontais maidir le cearta íospartach (lena n-áirítear cearta íospartaigh na coireachta). Agus aghaidh á tabhairt ar líon na n-eachtraí atá ag dul i méid, ba cheart níos mó airde a dhíriú ar íospartaigh a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain na n-íospartach ar fhaisnéis agus ar na bearta cosanta speisialta a thugtar d’íospartaigh is leochailí na coireachta faoin Treoir maidir le Cearta Íospartach a ráthú go cuí. |
|
3.15. |
Mar a léirítear leis an gCinneadh Réime a ndearna na Ballstáit uile é a thrasuí sa dlí náisiúnta d’fhonn an fhuathchaint a choiriúlú, níl an dul chun cinn céanna á dhéanamh ag na tíortha uile. Ní raibh an trasuíomh agus an forfheidhmiú ceart nó iomlán i gcónaí, rud a d’áitigh ar an gCoimisiún tús a chur le gníomhaíochtaí um shárú i gcoinne roinnt Ballstát. D’fhéadfadh an méid sin tarlú arís. Is gá tuilleadh oibre a dhéanamh le rialtais, parlaimintí agus gníomhaithe na sochaí sibhialta chun comhar agus tiomantas a áirithiú. |
|
3.16. |
Ba cheart béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le hidirghníomhaíochtaí sábháilte ar líne. Le forbairt ardáin na meán sóisialta agus na bhfóram ar líne, cruthaíodh spás ina gcreideann roinnt daoine gur féidir leo gníomhú gan baol pionóis. Mar a léirítear i dtuarascálacha taighde éagsúla, tá nasc díreach idir an fhuathchaint ar líne agus leathadh iompraíocht fuathbhunaithe as líne. Tá géarghá le hoibriú le rialtóirí náisiúnta agus le hardáin na meán sóisialta chun a áirithiú go ndéanfar fuath ar líne a shainaithint, a dhíothú agus a imscrúdú go pras. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/88 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Dhrugaí
(COM(2022) 18 final – 2022/0009 (COD))
(2022/C 323/15)
|
Rapóirtéir: |
Milena ANGELOVA |
|
Comhrapóirtéir: |
Małgorzata BOGUSZ |
|
Comhairliúchán |
An Chomhairle, 11.3.2022 Parlaimint na hEorpa, 7.3.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
An rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
3.5.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
202/1/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol sásaimh do CESE an togra maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Dhrugaí (EUDA) a chruthú, mar atá leabaithe sa chreat straitéiseach, dá bhforáiltear i Straitéis Drugaí an Aontais Eorpaigh 2021-2025 (1) agus i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh chun Drugaí a Chomhrac (2). Tacaíonn an Coiste lena shainordú treisithe, arb é is aidhm dó freagairt thapa, chomhordaithe agus éifeachtúil a thabhairt ar na dúshláin atá ag dul i méid a bhaineann le scaipeadh drugaí agus substaintí aindleathacha – margadh a bhfuil athléimneacht dochreidte ann ina leith. Tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfaí gníomhaíochtaí cinntitheacha, ní hamháin chun deireadh a chur leis an trádáil i substaintí den sórt sin, ach freisin go ndéanfaí gach iarracht a n-úsáid a chosc, agus chomh tábhachtach céanna – chun cabhrú leo siúd atá thíos leis na substaintí sin nó atá gafa leo a leigheas agus a athimeascadh sa tsochaí, ionas nach bhfágfar aon duine ar lár. |
|
1.2. |
Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá rochtain chomhionann agus cuimsiú gníomhach do chách san oideachas, san oiliúint agus i bpoist ardcháilíochta, agus aithníonn sé gur furasta do gháinneálaithe drugaí díriú ar na daoine sin nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna, daoine dífhostaithe agus daoine imeallaithe. Tá béim á leagan aige ar an ról tábhachtach atá ag gníomhaíochtaí comhpháirteacha na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa phróiseas sin – ní hamháin ar an leibhéal náisiúnta, ach ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil freisin, agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí na gníomhaíochtaí sin a chur chun cinn, a chistiú agus tacú leo. |
|
1.3. |
Tá béim á leagan ag CESE ar ról na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta eagraithe ag gach céim den chomhrac i gcoinne scaipeadh agus úsáid drugaí agus substaintí aindleathacha, agus go háirithe sna feachtais faisnéise agus feasachta a chabhraíonn le daoine a bheith ar an eolas faoi na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le húsáid drugaí, faoi na rioscaí a bhaineann le baint a bheith acu leis na substaintí sin, agus faoin áit agus faoin gcaoi ar féidir cabhair agus tacaíocht a fháil má dhéantar difear dóibh nó má bhíonn siad ina n-andúiligh drugaí. |
|
1.4. |
Is díol sásaimh do CESE tiomantas EUDA a bheidh ann amach anseo do ról comhordaithe agus coisc níos mó a ghlacadh agus tá sé ag tabhairt dá aire go bhfuil ról fíor-riachtanach ag na Pointí Teagmhála Náisiúnta (NCPanna) san iarracht sin. Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh chun dóthain acmhainní eagraíochtúla, teicniúla agus airgeadais a thabhairt do na NCPanna chun a gcuid cúraimí leathnaithe a dhéanamh ar bhealach éifeachtach. Molann CESE modheolaíocht choiteann agus cur chuige coiteann a bhunú agus a ghlacadh chun a áirithiú gur féidir sonraí iontaofa tráthúla a bhailiú. |
|
1.5. |
Tá sé á chur chun suntais ag CESE an tábhacht a bhaineann le líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha a bhunú, rud a thabharfadh saotharlanna náisiúnta níos dlúithe le chéile. Chothódh an líonra malartú faisnéise maidir le forbairtí agus treochtaí nua agus comhroinnt sonraí agus thacódh sé le hoiliúint saineolaithe drugaí fóiréinseacha. D’fhonn barainneachtaí scála a bhaint amach, is díol sásaimh do CESE an coincheap líonra de shaotharlanna fíorúla a chur ar bun, líonra a d’fhéadfadh grúpaí de Bhallstáit a thógáil freisin, ar bhonn a ngaireachta geografaí, nó ar bhonn próifílí riosca comhchosúla maidir le hallmhairiú agus scaipeadh drugaí. |
2. Cúlra (3)
|
2.1. |
Is príomhfhoinse ioncaim do ghrúpaí coireachta eagraithe san Aontas é margadh na ndrugaí, agus meastar go bhfuil luach miondíola EUR 30 billiún ar a laghad aige in aghaidh na bliana. Anuas ar an tionchar eacnamaíoch, na básanna a bhaineann le drugaí agus díobháil eile a dhéantar don tsláinte phoiblí, tá iarmhairtí níos leithne ag margadh na ndrugaí, amhail naisc le gníomhaíochtaí coiriúla níos leithne agus sceimhlitheoireacht, an tionchar diúltach ar an ngeilleagar dleathach, foréigean i bpobail, damáiste don chomhshaol agus an tsaincheist atá níos tábhachtaí ná riamh maidir le conas is féidir le margadh na ndrugaí an t-éilliú a spreagadh agus an bonn a bhaint den rialachas. |
|
2.2. |
Cuimsíonn úsáid drugaí san Eoraip réimse leathan substaintí, mar shampla:
|
|
2.3. |
Meastar gur bhain níos mó ná 83 mhilliún duine fásta san Aontas triail as drugaí aindleathacha le linn a saolré. In 2019, tharla ar a laghad 5 150 bás mar gheall ar ródháileog san Aontas, agus an líon sin ag méadú go seasta gach bliain ó 2012 i leith, agus déagóirí idir 15-19 bliana d’aois ina measc. Tá éagsúlacht ann ó thír go tír maidir leis an méid a úsáidtear drugaí spreagthacha agus na cineálacha is coitianta – agus i roinnt Ballstát is féidir roinnt substaintí “boga” a cheannach gan srianta. Tá an fhianaise ag fás go bhféadfadh méadú teacht ar líon na ndaoine a bhaineann mí-úsáid as drugaí trí instealladh. Bíonn leibhéal úsáide drugaí de gach cineál níos airde go ginearálta i measc na bhfear, agus is minic a chuirtear leis an bhfadhb seo le húsáid níos déine nó níos rialta. |
|
2.4. |
Léirítear i dtuarascálacha gur lean saothrú cannabais agus táirgeadh drugaí sintéiseacha san Aontas de bheith ag an leibhéal céanna agus a bhí ann roimh an bpaindéim i rith 2020. Cothaíonn grúpaí coireachta eagraithe margadh na ndrugaí san Aontas. Tá nasc eatarthu ar fud an domhain agus cothaítear go mór é le táirgeadh drugaí i Meiriceá Theas, san Afraic, san Afganastáin, sa tSín, i Maracó, sa Tuirc agus i réigiún na mBalcán Thiar. Tá tábhacht ag baint leis an Afraic, mar gheall ar an ról méadaitheach atá aici mar limistéar gáinneála agus idirthurais, a bhféadfadh tionchar díchobhsaitheach agus tionchar diúltach a bheith aici ar shlándáil agus ar rialachas agus a bhféadfadh cur le fadhb na ndrugaí sa réigiún. Dá bhrí sin, tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé an iarracht idirnáisiúnta chomhordúcháin a neartú maidir le substaintí aindleathacha nua a bhrath agus cosc a chur le hiad a gháinneáil agus a scaipeadh. |
|
2.5. |
Léiríonn na sonraí go soiléir an méid athraithe atá tagtha ar staid na ndrugaí le 25 bliana anuas. Léiríonn na himeachtaí a tharla le blianta beaga anuas go bhfuil gá níos mó le mearfhreagairt, agus éilítear leis sin go dtabharfaí níos mó acmhainneachta don Aontas sainaithint luath na mbagairtí a eascraíonn as margadh drugaí atá ag éirí níos dinimiciúla agus níos oiriúnaitheacha a áirithiú. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
I gcomhréir leis na seasaimh a bhí luaite aige roimhe seo maidir leis an ábhar sin (4), is díol sásaimh do CESE Straitéis Drugaí an Aontais 2021-2025 a chur chun feidhme go pras, ar straitéis í lena ndírítear ar dhea-bhail na sochaí agus an duine aonair agus na sláinte poiblí a chosaint agus a fheabhsú, ar ardleibhéal slándála a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, agus ar fheasacht maidir leis an tsláinte a mhéadú. Molann CESE an cur chuige fianaise-bhunaithe atá comhtháite, cothrom agus ildisciplíneach i leith fheiniméan na ndrugaí ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a ghlactar sa Straitéis. Is mór ag CESE go n-ionchorpraítear ann dearcadh comhionannais inscne agus cothromais sláinte, atá tábhachtach nuair a bhíonn cúrsa nua á leagan síos sa chomhrac i gcoinne andúil i ndrugaí agus sna fadhbanna a bhaineann leis sin. |
|
3.2. |
Faoi 2025, ba cheart tionchar foriomlán a bheith ag na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí i réimse na ndrugaí aindleathacha, arna gcomhordú tríd an Straitéis (5), ar chuid de na príomhghnéithe de staid drugaí an Aontais. Ba cheart dhá rud a dhéanamh le cur chun feidhme comhleanúnach, éifeachtach agus éifeachtúil na mbeart: is iad sin ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine, don chobhsaíocht shóisialta agus don tslándáil, agus cabhrú le hardú feasachta. Ba cheart aon iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a laghdú, agus ba cheart cearta an duine agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus a urramú. Bunaithe ar na prionsabail sin, tacaíonn CESE leis an gcur chuige sainchúram ar leith a bhunú chun dul i ngleic le scaipeadh drugaí aindleathacha agus cosc a chur ar úsáid dheonach drugaí aindleathacha agus aon chineál andúile a ghabhann leo. |
|
3.3. |
Is cuid lárnach de na dúshláin sláinte agus slándála atá os comhair na hEorpa inniu é feiniméan na ndrugaí. Agus tírdhreach na ndrugaí ag forbairt i gcónaí agus substaintí nua neamhaicmithe ag teacht ar an margadh go rialta, tá feiniméan na ndrugaí ag éirí níos casta agus níos forleataí. De dheasca an ioncaim a ghintear freisin, spreagtar an t-éilliú, an foréigean agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha. I bhfianaise na staide sin, ní mór iarrachtaí níos mó a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. |
|
3.4. |
Tagann CESE leis an gconclúid (6) go raibh margadh na ndrugaí dochreidte athléimneach in ainneoin an chur isteach de dheasca phaindéim COVID-19. Chuaigh gáinneálaithe drugaí in oiriúint go gníomhach do shrianta taistil agus do dhúnadh teorann. Ar an leibhéal mórdhíola, tá sé le feiceáil sna hathruithe a rinneadh ar na bealaí agus ar na modhanna, agus spleáchas níos mó ar smuigleáil trí choimeádáin idirmhódúla agus slabhraí soláthair tráchtála agus spleáchas níos lú ar iompróirí daonna a úsáid. |
|
3.5. |
Cé gur cuireadh isteach ar mhargaí miondíola drugaí na sráide le linn na chéad tréimhse dianghlasála, agus go raibh roinnt ganntanais logánta ann, is cosúil go bhfuil gáinneálaithe drugaí agus ceannaitheoirí dulta in oiriúint dó sin agus níos mó úsáide á baint acu as seirbhísí teachtaireachtaí criptithe, as feidhmchláir na meán sóisialta, as foinsí ar líne agus as seirbhísí seachadta poist agus baile (7). Is ábhar imní é an baol atá anois ann de dheasca na paindéime go gcumasófar tuilleadh na margaí drugaí trí mhodhanna digiteacha. |
|
3.6. |
Chonacthas gur tháinig na margaí drugaí chun bisigh go tapa ag tús na paindéime, agus cuireadh dlús le roinnt dinimicí gáinneála le linn COVID-19, amhail lastais níos mó, úsáid níos minice á baint as aerárthaí príobháideacha, úsáid mhéadaithe á baint as uiscebhealaí agus modhanna éadadhaill chun drugaí a sheachadadh chuig tomhaltóirí deiridh. Tá dúshláin bhreise ann do chomhlachtaí forfheidhmithe agus tá bearta coisctheacha níos comhordaithe de dhíth de dheasca na bhforbairtí sin. D’fhéadfaí gníomhaíochtaí freagartha a dhearadh bunaithe ar na gnéithe seo a leanas (8): comhar idirnáisiúnta a chothú d’fhonn gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac, faisnéis i réimse fhorfheidhmiú an dlí, cineálacha cur chuige coisctheacha éifeachtacha agus dea-chleachtais a mhalartú agus a aistriú, cuntasacht idirnáisiúnta agus sásraí loingseoireachta a fhorbairt agus sonraí fíor-ama agus córais faireacháin a chur chun feidhme chun athruithe i margadh na ndrugaí a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu go pras. Is cúis áthais do CESE go bhfuil na gnéithe sin ar fad leabaithe sa togra maidir le síneadh a chur le sainordú athbhreithnithe EUDA a bheidh ann amach anseo. |
|
3.7. |
Measann CESE gur cheart sainordú EUDA a bheidh ann amach anseo a bheith níos sainráite chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
4. Úsáid drugaí agus substaintí neamhdhleathacha
|
4.1. |
Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go bhfuil hipitéisí éagsúla ann maidir le húsáid drugaí agus substaintí aindleathacha a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shláinte an duine – go háirithe nuair a ghlactar iad gan cúis leighis, gan maoirseacht leighis arís agus arís eile thar thréimhse fhada ama. Ós rud é go bhféadfadh andúil teacht as iompar den sórt sin, éiríonn sé an-deacair dóibh siúd lena mbaineann an cás a réiteach ina n-aonar agus, dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach tacaíocht a fháil ó chomhlachtaí speisialaithe agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta. |
|
4.2. |
I gcás roinnt cógas a fhorordaíonn dochtúirí chun dálaí sláinte áirithe agus galair áirithe a chóireáil, amhail beinsidé-asaipíní nó drugaí támhshuanacha nó codlaidíneacha, d’fhéadfadh an andúil eascairt as a n-úsáid mura nglactar iad mar a forordaíodh. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí calaois mar thoradh air sin, cuir i gcás trádáil neamhdhleathach in oidis nó i gcógais, agus cumhdaítear an méid sin freisin faoi shainordú EUDA nua. Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar líon agus ar infhaighteacht beinsidé-asaipíní nua ar mhargadh na ndrugaí san Eoraip agus is ag dul i méid atá siad i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe freisin. Ón 28 Feabhra 2021, bhí an EMCDDA ag déanamh faireacháin ar 30 beinsidé-asaipín nua trí Chóras Réamhrabhaidh an Aontais. Aimsíodh níos mó ná 80 % díobh sin den chéad uair idir 2014 agus 2020 (10). Is gnách go mbíonn grúpa eile cógas arna bhforordú ag dochtúirí mar phianmhúcháin, is iad sin drugaí codlaidíneacha, á meascadh le drugaí aindleathacha ag úsáideoirí, meascán a d’fhéadfadh an andúil a bheith mar thoradh air, ach a d’fhéadfadh a bheith contúirteach freisin don tsláinte agus deacrachtaí a chruthú fiú a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí calaois mar thoradh air sin freisin, cuir i gcás trádáil (trádáil dhleathach agus neamhdhleathach araon) in oidis nó i gcógais. |
|
4.3. |
I bhfianaise na dtrialacha cliniciúla reatha sna Stáit Aontaithe ar shubstaintí atá aicmithe faoi láthair mar dhrugaí faoi dhlí an Aontais (e.g. MDMA, silicíbin, LSD), ba cheart do EUDA aird ar leith a thabhairt ar chomhar leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) maidir le teacht chun cinn margadh san Aontas, laistigh de 2-3 bliana, do dhrugaí (drugaí per se agus ní a ndíorthaigh) atá cláraithe mar tháirgí íocshláinte. D’fhéadfadh déacht a bheith mar thoradh air sin, sa chás ina n-úsáidfidh grúpa áirithe othar druga atá ar fáil go dleathach agus atá cláraithe mar leigheas, fad agus a dhéanfaidh grúpa eile cion coiriúil trí úsáid neamhdhleathach a bhaint as an druga céanna. Mar thoradh air sin, tá an baol ann go gcruthófar cás ina ndéanfaidh daoine sláintiúla ar mian leo druga a fháil ó fhoinse dhlíthiúil a tháirgtear faoi rialacháin GMP, galair shíciatracha a ionsamhlú a bhfuil an táirge íocshláinte (an druga) cláraithe go hoifigiúil ina leith. |
|
4.4. |
Tá dúshláin mhóra os comhair an Aontais faoi láthair, dúshláin a eascraíonn as a éasca atá sé substaintí neamhaicmithe a cheapadh agus a thabhairt chun an mhargaidh, rud a d’fhéadfadh andúil a bheith mar thoradh air agus a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shláinte daoine, agus an méid sin anuas ar réimse iomlán na substaintí atá neamhdhleathach maidir le húsáid agus díol, mar shampla: cannabas, hearóin, cócaon agus amfataimíní. |
|
4.5. |
Tá gáinneálaithe drugaí an-nuálach, agus substaintí nua á gcumadh acu de shíor. Gné eile de shainordú EUDA is ea teacht chun cinn, scaipeadh agus úsáid na substaintí sin a shainaithint, a bhrath, a thuairisciú agus a chosc. Tá úsáid ilsubstainte forleathan anois san Aontas Eorpach freisin agus tá tionchar díobhálach aici ar an tsláinte phoiblí. Ba cheart don EUDA nua aghaidh a thabhairt ar an andúil atá bunaithe ar na substaintí eile ar fad nuair a thógtar na substaintí sin in éineacht le drugaí aindleathacha. |
|
4.6. |
Bíonn tionchar ag úsáid drugaí agus substaintí mídhleathacha ar gach duine, toisc go mbaineann baol na handúile leis, Is féidir sláinte an duine a scriosadh leis an andúil agus ní hamháin sin ach is féidir léi saol daoine a scriosadh freisin trí iad a sháinniú i bhfáinne fí na ndrugaí, rud nach bhfágann spás ar bith don saol sóisialta, don teaghlach, don oideachas, don obair ná do rud ar bith eile. Tá baol na handúile níos airde i measc na n-óg agus i measc na ndaoine sin ar lú an taithí saoil agus an t-oideachas atá acu, chomh maith le daoine atá neamhghníomhach agus dífhostaithe. |
|
4.7. |
D’fhonn cosc a chur ar andúiligh drugaí na siomptóim a bhaineann le meabhairghalair a fhoghlaim, siomptóimí a mbíonn táirgí íocshláinte (drugaí) mar leigheas orthu más ann dóibh, ba cheart monatóireacht níos déine a dhéanamh ar an idirlíon. Faoi láthair, trí úsáid a bhaint as an eolas atá ar fáil ar an idirlíon, is féidir oidis a fháil do dhrugaí a úsáidtear chun galair éagsúla a chóireáil, mar shampla ADHD agus dúlagar. Is ar agallaimh na n-othar agus tástálacha síceolaíochta, agus ar na trialacha sin amháin, atá dlisteanacht na n-oideas sin bunaithe, agus is féidir le duine ar bith iad féin a ullmhú chuige sin trí úsáid a bhaint as faisnéis atá ar fáil go poiblí. |
|
4.8. |
Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine a úsáideann táirgí íocshláinte a bhfuil substaintí andúile iontu, is léir go bhfuil údar maith le hinniúlachtaí EUDA a thabhairt isteach i raon feidhme gníomhaíochtaí níos leithne a bhaineann le maoiniú poiblí na dtáirgí íocshláinte den chineál sin. Mar thoradh ar chistiú poiblí do tháirgí íocshláinte támhshuanacha, nuair is féidir le duine ar bith treoir a fháil ó na meáin shóisialta maidir le conas tástálacha síceolaíocha a dhéanamh chun cógais den sórt sin a fháil, gan bearta faireachais breise, bainfear mí-úsáid as aisíocaíocht na dtáirgí íocshláinte (drugaí), mar go mbeadh sé sin níos inacmhainne ná iad a cheannach ó gháinneálaí. |
5. Barúlacha sonracha
|
5.1. |
Aontaíonn CESE leis an gcinneadh (11), arna dhearbhú trí theagmhálacha rialta leis an EMCDDA agus lena gheallsealbhóirí, go bhfuil dícheangal atá ag dul i méid idir castacht fheiniméan na ndrugaí agus forálacha shainordú reatha an EMCDDA. Ní léiríonn an Rialachán bunaidh staid reatha fheiniméan na ndrugaí agus níl sé ag teacht leis na tascanna atá le déanamh ag an EUDA chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin fheiniméan na ndrugaí agus ar na hiarrataí ó na príomhgheallsealbhóirí. |
5.2. Athbhreithniú a dhéanamh ar shainordú EUDA
|
5.2.1. |
I gcomhréir leis an tuairim roimhe seo uaidh, tacaíonn CESE leis an iarracht comhrac a dhéanamh i gcoinne scaipeadh agus úsáid neamhdhleathach drugaí aindleathacha agus tá sé réidh chun tacú le haon fheachtas coisctheach agus le gníomhaíochtaí coisctheacha chun na críche sin. Is oth le CESE nach bhfuil na moltaí a rinne sé roimhe seo maidir le dlúthpháirt a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta in obair EUDA curtha san áireamh sa togra. |
|
5.2.2. |
Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá ann síneadh a chur le sainordú EUDA, trí chineálacha cur chuige agus uirlisí níos comhaimseartha agus níos réamhbhreathnaitheacha a thabhairt dó, agus tacaíonn sé le gach ceann de na seacht réimse nua d’inniúlachtaí breise. Is oth le CESE nár cuireadh in iúl ar bhealach níos soiléire an soláthar faisnéise, na feachtais múscailte feasachta, na gníomhaíochtaí chun an andúil a réiteach agus na bearta coisctheacha agus nach n-áirítear sa togra rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena mbreisluach agus leis na sineirgí a chruthaíonn siad. |
|
5.2.3. |
Ba cheart leathnú a dhéanamh freisin ar inniúlachtaí EUDA a roinntear le EMA maidir le hoideas leighis i dtaca le dearadh na hoiliúna do lianna a fhorordaíonn catagóir táirgí íocshláinte a aicmítear mar dhrugaí aindleathacha faoi dhlí an Aontais. |
|
5.2.4. |
Molann CESE roinnt gnéithe a chur le gach ceann de na seacht gcuspóir shonracha, mar seo a leanas:
|
5.3. Conairí chun oibriú rianúil EUDA a áirithiú
|
5.3.1. |
Ní mór don EUDA nua athbhreithniú a dhéanamh ar leithdháileadh acmhainní buiséadacha na mBallstát, agus ba cheart iad sin a mheasúnú ar bhonn infhaighteacht agus acmhainneacht na seirbhísí aitheanta agus molta i réimse na ndrugaí. Chun go mbeifear in ann an sainordú sínte a chur i gcrích, ba cheart do na pointí teagmhála náisiúnta a bheith cinnte go bhfaighidh siad a ndóthain acmhainní airgeadais, ar bhealach intuartha agus cobhsaí, seachas iallach a bheith orthu dul san iomaíocht le haghaidh deontas. |
|
5.3.2. |
Ba cheart faisnéis agus cosc, mar a chuirtear béim orthu sa tríú fomhír d’Airteagal 168(1) CFAE, a leathnú chuig gníomhaíochtaí sonracha arna ndéanamh ag pobail áitiúla agus ba cheart dóibh cruthú timpeallachta a chur chun cinn ina dtugtar tacaíocht do dhaoine a úsáideann drugaí, ionas gur féidir leo cabhair a fháil ar an leibhéal áitiúil chun an andúil a shárú. Tá sé tábhachtach go bhfaigheadh pobail áitiúla pleananna oibre agus tacaíocht shubstainteach ó na húdaráis agus ó EUDA. |
|
5.3.3. |
Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go bhfuil baint láidir ag an andúil i ndrugaí le fadhbanna meabhairshláinte agus le tráma san am a chuaigh thart. Dá bhrí sin, sa chomhrac i gcoinne na handúile sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna agus ba cheart plean gníomhaíochta EUDA a bhunú ar bhonn obair shíceolaíoch i ngrúpaí atá i mbaol andúile. |
|
5.3.4. |
Chomh maith leis an bpobal a bhfuil tacaíocht shíceolaíoch ag teastáil uathu mar gheall ar eispéiris trámacha roimhe seo, léirítear leis na sonraí go bhfuil grúpa daoine ann freisin go bhfuil seans maith ann ina leith nach ngéillfidís don andúil murach go raibh siad ionfhabhtaithe le COVID-19. Dá bhrí sin, molann CESE go leathnófaí inniúlachtaí EUDA chun an méadú suntasach sin ar shoghabhálacht na ndaoine i leith andúile a chumhdach mar gheall ar éifeachtaí tromchúiseacha fadtéarmacha COVID-19. |
|
5.3.5. |
San am céanna, tá obair éifeachtúil ar bhunchlocha na sochaí de dhíth má táthar chun an toirmeasc ar dhrugaí aindleathacha a fhorfheidhmiú ar bhealach éifeachtach, ionas nach bhfágfar daoine a bhfuil andúil acu leo féin, ach go dtabharfar tacaíocht dóibh an rogha a dhéanamh gan dul i muinín drugaí arís. In ainneoin go bhfuil méadú ag teacht ar an gcistiú poiblí don chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí, is dúshlán mór fós é tacú le cleithiúnaithe a gcuid andúil a shárú. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh EUDA díriú níos mó ar na cúiseanna síceolaíocha a bhaineann le mí-úsáid drugaí agus dea-thaithí na mBallstát á cur san áireamh. |
|
5.3.6. |
Chun cur chuige domhanda agus réigiúnach a ghlacadh i leith mhargadh na ndrugaí san Aontas, ní mór rianú agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na forbairtí i dtáirgeadh drugaí agus substaintí aindleathacha i réigiúin a mbíonn rioscaí ag baint leo go traidisiúnta, amhail Meiriceá Theas, an Afganastáin, an Afraic, an tSín, an Tuirc agus na Balcáin Thiar. Má táthar chun an ról gníomhach, síorathraitheach atá ag grúpaí coireachta eagraithe maidir le dinimicí an tsoláthair drugaí agus na gáinneála a athrú, ní mór do na comhlachtaí ábhartha uile go háirithe iad siúd atá ag gabháil d’fhorfheidhmiú agus do rialú teorann ar an leibhéal idirnáisiúnta, iarrachtaí leanúnacha comhordaithe a dhéanamh. Is trí dhianchomhar amháin is féidir conairí drugaí a mhapáil chun iad a bhlocáil go héifeachtach. |
5.4. Pointí Teagmhála Náisiúnta
|
5.4.1. |
Ba cheart ról agus feidhmeanna na bpointí teagmhála náisiúnta a leathnú. Tá éagsúlacht mhór san obair a dhéanann siad sna Ballstáit éagsúla. Cuireann roinnt NCPanna taighde eolaíoch, anailíseach agus faisnéiseach ar fáil agus bíonn siad i mbun sainchomhairliúchán agus gníomhaíochtaí foilsitheoireachta. Ba cheart faireachán modheolaíoch feabhsaithe, bailiú caighdeánaithe sonraí, meastóireacht agus aicmiú, agus próiseáil, stóráil, anailís agus scaipeadh faisnéise maidir le héileamh agus soláthar drugaí san Aontas a áireamh ar phríomhchuspóirí ghníomhaíochtaí na NCPanna. Ba cheart do NCPanna beartas drugaí agus freagairtí gníomhacha a fhorbairt ar an staid sa réimse sin. Ba cheart dóibh obair a dhéanamh maidir le soláthar faisnéise, maidir le tacú le gníomhaíocht na rialtas náisiúnta agus le ceapadh beartas náisiúnta i dtaca le drugaí agus andúil i ndrugaí. |
|
5.4.2. |
Tá NCPanna ríthábhachtach chun sainordú nua EUDA a chur chun feidhme go héifeachtach agus go pras. Is le líonra níos láidre dea-chomhordaithe de NCPanna amháin a fhéadfar sonraí ábhartha a sholáthar – ní hamháin go cúlghabhálach, ach thar aon ní eile, faoi theacht chun cinn substaintí díobhálacha nua, faoi iad a bhrath agus a shainaithint, faoi bhealaí dáileacháin a d’fhéadfadh a bheith ann, etc. Ós rud é gur gá cumas suntasach saotharlainne a chruthú leis an tasc seo a chur i gcrích, ba cheart ceardchumainn agus braislí réigiúnacha a chur chun cinn agus ba cheart iad a chur chun cinn i limistéir ardriosca, e.g. ag teorainneacha seachtracha an Aontais, cóngarach do na gnáthbhealaí allmhairithe drugaí, etc. |
|
5.4.3. |
Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil do NCPanna agus a mhéid treoirlínte agus modheolaíochtaí coiteanna agus is féidir a thabhairt dóibh chun go mbeidh siad in ann sonraí agus táscairí inchomparáide a bhailiú, ar a mbunófar an t-aistriú i dtreo saincheisteanna sábháilteachta agus slándála seachas díreach dul i ngleic le scaipeadh drugaí agus substaintí aindleathacha amháin. |
|
5.4.4. |
Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun níos mó acmhainní a chur ar fáil do NCPanna – lena n-áirítear faisnéis, teicneolaíocht, cistiúchán, etc. Ba cheart gach iarracht a dhéanamh cabhrú le NCPanna a n-acmhainneacht a neartú chun an sainordú nua leathnaithe a bhaint amach agus ról níos mó a bheith acu. |
|
5.4.5. |
Chomh maith le sásraí comhphobail a chruthú chun an andúil a chomhrac, ba cheart cuimhneamh air gur cheart do EUDA, i gcomhar leis na Ballstáit, córais náisiúnta comhair a thógáil chun cláir thacaíochta chomhpháirteacha a chruthú do ghrúpaí a d’fhéadfadh a bheith i mbaol andúil i ndrugaí agus chun tacú leis na cláir sin. Ní thiocfaidh laghdú ar úsáid drugaí ach trí nasc láidir a fhorbairt le pobail áitiúla. Mar shampla de na réitigh sin a raibh torthaí dearfacha orthu cheana féin, d’fhéadfadh EUDA úsáid a bhaint as na réitigh atá curtha chun feidhme cheana féin ag Rialtas na Portaingéile. |
|
5.4.6. |
Is léir do CESE go bhfuil deis ann feabhas a chur ar chóras tuairiscithe na NCPanna, chun nach gcuirfear am agus acmhainní amú leis an tuairisciú dúbailte ó tharla nach mór dóibh tuarascáil a thabhairt don EUDA amach anseo agus do na Náisiúin Aontaithe araon faoi láthair. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) IO C 102 I, 24.3.2021, lch. 1.
(2) IO C 272, 8.7.2021, lch. 2.
(3) Bunaithe ar shonraí ón Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA), Tuarascáil Eorpach maidir le Drugaí 2021, www.emcdda.europa.eu
(4) IO C 56, 16.2.2021, lch. 47, IO C 34, 2.2.2017, lch. 182, IO C 177, 11.6.2014, lch. 52, IO C 229, 31.7.2012, lch. 85, IO C 69, 21.3.2006, lch. 22.
(5) Tá an Straitéis bunaithe, ar an gcéad dul síos, ar bhunphrionsabail dhlí an Aontais agus, ar gach aon bhealach, seasann sí le luachanna bunaidh an Aontais: meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an dlúthpháirtíocht, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine. Tá an Straitéis bunaithe freisin ar an dlí idirnáisiúnta, ar Choinbhinsiúin ábhartha na Náisiún Aontaithe lena soláthraítear an creat dlí idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na ndrugaí aindleathacha, agus ar Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine. Cuireann an Straitéis seo san áireamh forbairtí beartais ar an leibhéal iltaobhach agus rannchuidíonn sí le dlús a chur lena gcur chun feidhme.
(6) Ceann de phríomhchonclúidí na Tuarascála Eorpaí maidir le Drugaí 2021, https://www.emcdda.europa.eu/edr2021_en
(7) Tuarascáil Eorpach maidir le Drugaí 2021.
(8) Tuarascáil Eorpach maidir le Drugaí 2021.
(9) Ó 1988 i leith, tá réamhtheachtaithe drugaí rialaithe san áireamh i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha. Tá forálacha mionsonraithe agus ceanglais mhionsonraithe tugtha isteach ag na Náisiúin Aontaithe maidir le rialú réamhtheachtaithe a úsáidtear chun drugaí mí-úsáide a tháirgeadh. An 11 Feabhra 2004, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO L 47, 18.2.2004, lch. 1).
(10) Beinsidé-asaipíní nua san Eoraip – athbhreithniú, an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí, 2021. ISBN 978-92-9497-641-3.
(11) 2018/2019 Meastóireacht an Choimisiúin Eorpaigh de réir Mheasúnú Tionchair SWD de chuid an Choimisiúin.
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/95 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe
(COM(2021) 800 final)
(2022/C 323/16)
Rapóirtéir: Arnold PUECH d’ALISSAC
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 21.1.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
4.5.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
19.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
221/0/4 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Creideann CESE, má táthar chun ceist na haeráidneodrachta san Eoraip a réiteach, gur gá astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú, linnte carbóin a mhéadú agus roghanna malartacha ar charbón iontaise a aimsiú inár ngeilleagar. Dá bhrí sin, aontaíonn CESE leis an méid a dúirt an gCoimisiún sa teachtaireacht uaidh, is é sin nach mór gach modh agus réiteach a chomhcheangal chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
|
1.2. |
Tacaíonn CESE freisin leis an dá réiteach a mholtar sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chun carbón a bhaint agus a cheapadh: réitigh dhúlrabhunaithe (ar a dtugtar ceapadh carbóin) agus réitigh theicneolaíocha thionsclaíocha. |
|
1.3. |
Measann CESE gur féidir leis an earnáil talún (talmhaíocht, foraoiseacht, talamh portaigh, etc.) ról gníomhach a bheith aici sa chomhrac i gcoinne an téimh dhomhanda agus, san am céanna, go bhféadfadh sí cur le soláthar cothrom bia, lena n-áiritheofar méid leordhóthanach bia ardcháilíochta ar phraghsanna inacmhainne do chách agus luach saothair do tháirgeoirí. |
|
1.4. |
Tá CESE á chur i bhfios go láidir nach mór timthriallta carbóin inbhuanaithe a mheas ar bhonn níos leithne. Go deimhin, má táthar chun linnte carbóin a mhéadú agus roghanna malartacha ar charbón iontaise a aimsiú a oiread is féidir, is gá an bhithmhais a tháirgtear a mhéadú, rud a mbeidh tionchar aige ar an earnáil talún. |
|
1.5. |
Ós astaíre nádúrtha í earnáil na talmhaíochta, measann CESE go mbeidh ceangal díreach idir cur i bhfeidhm cleachtas ar lú a n-astaíochtaí agus forbairt rathúil timthrialla carbóin inbhuanaithe. Ar deireadh, chun freagairt don mhéadú ar an éileamh ar bhia agus chun timthriall carbóin inbhuanaithe an lae amárach a chur i bhfeidhm, beidh ar earnáil na talmhaíochta í féin a chur in oiriúint don athrú aeráide. |
|
1.6. |
Measann CESE, dá bhrí sin, nár cheart breathnú ar an gceapadh carbóin mar dheis tráchtála amháin, ach mar ghné bhunúsach de thodhchaí thalmhaíocht agus foraoiseacht na hEorpa agus mar ionstraim chun gníomhú i gcoinne an athraithe aeráide agus ag cur, ar an dóigh sin, le limistéir thuaithe níos athléimní i gcomhréir leis an bhfís fhadtéarmach do limistéir thuaithe an Aontais (1). |
|
1.7. |
Tá CESE den tuairim nach féidir cuspóirí na neodrachta carbóin a bhaint amach trí bhíthin an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) amháin. Ba cheart a leagan síos leis creat beartais lena réiteofar an bealach don aistriú ísealcharbóin in earnáil na talmhaíochta chun níos lú astaíochtaí a scaoileadh agus níos mó carbóin a cheapadh. Cé go bhféadfadh tacaíocht infheistíochta trí CBT a úsáid chun stóráil charbóin a chúiteamh mar sheirbhís éiceasheirbhíse agus mar thacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí, níor cheart an stóráil carbóin a bheith ina coinníoll de CBT. Níos tábhachtaí fós, is é a mheas gur gá forbairt an mhargaidh charbóin a chur chun cinn tuilleadh. |
|
1.8. |
Ní mór creidmheasanna carbóin a thabhairt mar chúiteamh ar sheirbhís arna soláthar, eadhon carbón an atmaisféir a cheapadh, ach ní mór freisin iad a bheith ina gcuid den aistriú ísealcharbóin in earnáil na talmhaíochta. Ar an ábhar sin, is gá infheistiú i gcreidmheasanna carbóin trí chóras trédhearcach iontaofa d’fhonn freastal ar riachtanais na hearnála maidir le ceapadh agus maolú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Beidh an iontaoibh bunaithe ar dheimhniú lena gcuirtear san áireamh dálaí náisiúnta agus a bheidh curtha in oiriúint do chur chuige críochach gach tíre. |
|
1.9. |
Chun ceapadh carbóin a fhorbairt, beidh creat dlíthiúil soiléir ag teastáil a bheidh roinnte ag na Ballstáit, agus na dúshláin a bhaineann le tionscadail dheimhnithe um cheapadh carbóin arna sainaithint sa teachtaireacht ón gCoimisiún á gcur san áireamh. |
|
1.10. |
Tá rabhadh á thabhairt ag CESE nach bhfuil sé d’acmhainn ag gach aon Bhallstát infheistíocht a dhéanamh sa cheapadh carbóin agus tacú leis agus go bhfuil acmhainneachtaí éagsúla airgeadais agus bainistíochta acu. |
|
1.11. |
Ós rud é nach bhfuil earnáil na talmhaíochta á cosaint go leordhóthanach leis na bearta coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, tá CESE á mholadh go mbreithneofaí freisin táirgí allmhairithe agus go n-áiritheofaí go gcuirfeadh comhaontaithe trádála, idir chomhaontuithe nua agus comhaontuithe atá ann cheana, iallach ar thíortha onnmhairithe a bheith tiomanta do thimthriallta carbóin inbhuanaithe. |
|
1.12. |
Dar le CESE, ba cheart réitigh thionsclaíocha, amhail CO2 a stóráil go buan i bhfoirmíochtaí geolaíocha nó carbóin a mhianrú i gcumascáin nuálacha, a bheith inbhuanaithe agus tionchar diúltach ar an mbithéagsúlacht, ar éiceachórais agus ar phobail a chosc. |
|
1.13. |
Ní mór an togra maidir leis an gceapadh carbóin a bheith mar chuid d’aistriú níos mó chuig córas bia inbhuanaithe. |
|
1.14. |
Ba cheart folláine oibrithe, intuarthacht gairme agus dálaí oibre in earnáil na talmhaíochta, mar aon leis an ngá atá le luach saothair cothrom, a chur san áireamh sa chaoi go mbeidh feirmeoirí agus oibrithe in ann a bheith rannpháirteach san aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin agus go n-éireoidh leo san aistriú sin. |
2. Barúlacha ginearálta
Neodracht carbóin faoi 2050: an réiteach chun cloí le Comhaontú Pháras
|
2.1. |
Tá méadú foriomlán tagtha ar an teocht dhomhanda i ngeall ar an méadú as cuimse atá tagtha ar thiúchan na ngás ceaptha teasa san atmaisféar ó bhí an réabhlóid thionsclaíoch ann. Tá eolaithe ar aon intinn faoina phráinní atá sé aeráidneodracht a bhaint amach ar bhonn domhanda faoi 2050 agus nach mór astaíochtaí domhanda a bheith ag an leibhéal is airde faoi 2025 má táthar chun an téamh domhanda a theorannú go 1,5 oC (2). |
|
2.2. |
Measann IPCC go bhféadfadh sé go mbeadh rioscaí móra ann don soláthar bia i gcodanna áirithe den domhan dá dtiocfadh ardú thar 2 oC ar an téamh domhanda. De réir Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, meastar go dtiocfaidh méadú 70 % ar riachtanais chothaithe idir 2009 agus 2050 agus go mbeidh gá le bia a sholáthar do 9 mbilliún duine. |
|
2.3. |
Ós rud é go bhfuil an táirgeadh bia ag brath ar an dúlra, fágann an éigeandáil aeráide agus bhia go mbeidh orainn muid féin a chur in oiriúint dá réir. |
|
2.4. |
Is é is aidhm do Chomhaontú Pháras an téamh domhanda a theorannú go 1,5 oC nó, ar a mhéad, 2 oC. Ina fhianaise sin, ghlac an tAontas Eorpach an Comhaontú Glas agus chumhdaigh sé an cuspóir neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050 sa dlí aeráide. Chuige sin, tá dhá phríomhthionscnamh glactha aige:
|
An gá le haistrithe carbóin a mhéadú
|
2.5. |
I bhfianaise na ndálaí iarbhír sin, aontaíonn CESE leis an dá réiteach a mholtar sa teachtaireacht ón gCoimisiún chun carbón a bhaint agus a cheapadh: réitigh dhúlrabhunaithe (ar a dtugtar ceapadh carbóin) agus réitigh theicneolaíocha thionsclaíocha atá bunaithe ar charbóin ón atmaisféar a ghabháil agus a stóráil trí theicnící amhail DACCS (Ceapadh agus Stóráil Carbóin ó Ghabháil ón Aer) nó BECCS (Ceapadh agus Stóráil Carbóin Bithfhuinnimh). |
|
2.6. |
Ó tharla gur in earnáil na talmhaíochta a astaítear 11 % d’astaíochtaí na hEorpa, cuireann sí le hastaíochtaí. Bíodh sin mar atá, rannchuidíonn sí le maolú astaíochtaí gás ceaptha teasa trí fheidhmiú mar linn charbóin agus cuireann sí leis an mbithgheilleagar trí charbón neamhiontaise a sholáthar. |
|
2.7. |
Is léir, dá bhrí sin, gur cheart é a bheith de chuspóir ag an earnáil talún ról a bheith aici sa chomhrac i gcoinne an téimh dhomhanda agus, san am céanna, cur le soláthar cothrom bia, lena n-áiritheofar méid leordhóthanach bia ardcháilíochta ar phraghas inacmhainne do chách agus lena gcruthófar poist chobhsaí ardcháilíochta a bhfuil brabús le déanamh orthu do tháirgeoirí (féach go háirithe an tuairim Slándáil an tsoláthair bia agus córais bhia inbhuanaithe (3) agus an tuairim I dtreo slabhra soláthair bia cothrom (4)). |
|
2.8. |
Dá bhrí sin, má táthar chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, beidh uirlisí cóir inrochtana de dhíth ar na Ballstáit uile agus ar na feirmeoirí uile don aistriú. |
3. Barúlacha sonracha
Cuspóirí na hearnála talún: maolú, ceapadh agus bia
|
3.1. |
Má táthar chun ceist na haeráidneodrachta san Eoraip a réiteach, is gá astaíochtaí a mhaolú, linnte carbóin a mhéadú agus roghanna malartacha ar charbón iontaise a aimsiú inár ngeilleagar. Dá bhrí sin, aontaíonn CESE leis an méid a dúirt an gCoimisiún sa teachtaireacht uaidh, is é sin nach mór gach modh agus réiteach a chomhcheangal chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
|
3.2. |
Faoi mar a léirítear sa togra chun Rialachán LULUCF (5) a leasú mar chuid den phacáiste “Oiriúnach do 55”, ba cheart an fheirmeoireacht carbóin tacú le gnóthú sprioc 2030 atá beartaithe maidir le haistrithe carbóin de 310 Mt CO2 san earnáil talún. Tá CESE á chur in iúl go bhfuil bealaí éagsúla ann chun ceapadh carbóin a mhéadú, lena n-áirítear bainistíocht talún, athghiniúint foraoise agus athchóiriú na n-éiceachóras nádúrtha (féach an tuairim uaidh ar an ábhar seo (6)). |
Réitigh dhúlrabhunaithe
|
3.3. |
Stóráiltear níos mó carbóin in ithreacha ná mar a stóráiltear i bplandaí nó san atmaisféar. Mar sin féin, tá astaíochtaí ó dhóchán breosla iontaise, ó phróisis thionsclaíocha agus ó athrú ar úsáid talún á gcarnadh sna haigéin agus tá siad ag cur go mór le tiúchan CO2 san atmaisféar agus is fadhb mhór é sin. |
|
3.4. |
Ach carbón ón aer a cheapadh in ábhar plandaí, ábhar orgánach a bhithbhailiú in ithreacha, bithábhair agus fuinneamh ó bhithmhais a tháirgtear go háitiúil a úsáid, déantar cuid den charbón a astaítear a athchúrsáil trí ghníomhaíochta talmhaíochta. |
|
3.5. |
Leis an bhfeirmeoireacht carbóin, dírítear go príomha ar CO2 san atmaisféar a laghdú ach tá astaíochtaí gás ceaptha teasa eile ann a bhfuil baint acu le hearnáil na talmhaíochta nach mór aghaidh a thabhairt orthu (mar shampla meatán agus astaíochta N2O, a ghineann níos mó teasa ná CO2 in aghaidh an kg). A bhuí le feirmeoireacht beostoic is féidir leasacháin orgánacha a sholáthar le haghaidh táirgeadh barr agus fad is go mbeathaítear eallach le féar a fhástar go háitiúil, cuirtear leis an gcóras bia ar bhealach ciorclach, rud a shonraítear sa tuarascáil faisnéise Buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht fhairsing beostoic agus leasacháin orgánacha i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (7). |
|
3.6. |
I bhfianaise na ndúshlán sin agus na réiteach éagsúil atá á gcur ar fáil ag an earnáil talún, dealraíonn sé nach mór timthriallta carbóin inbhuanaithe a mheas ar bhealach níos leithne agus aird á tabhairt san am céanna ar éagsúlacht na seirbhísí éiceachórais a chuirtear ar fáil le hithreacha talmhaíochta, mar aon le ceapadh carbóin, agus cumais éagsúla ceaptha carbóin ag brath ar dhálaí ithreacha agus bitheolaíocha. Go deimhin, má táthar chun linnte carbóin a mhéadú agus roghanna malartacha ar charbón iontaise a aimsiú a oiread is féidir, is gá an bhithmhais a tháirgtear a mhéadú. |
|
3.7. |
Ós astaíre nádúrtha í earnáil na talmhaíochta, dá mhéad cleachtais cur chun feidhme atá ann ar lú a n-astaíochtaí is ea is mó a chuirfear le maolú an athraithe aeráide agus le timthriall carbóin inbhuanaithe. Chomh maith leis sin, is iomaí dúshlán atá ag baint le hastaíochtaí a laghdú, ceapadh carbóin a fheabhsú agus freagairt don éileamh méadaitheach ar bhia agus sinn á gcur in oiriúint don athrú aeráide (e.g. tionchar diúltach an athraithe aeráide ar fhómhair), dúshláin a bhfuil nuálaíocht agus tacaíocht ag teastáil ina leith chun tacú leis an earnáil. |
|
3.8. |
Measann CESE, ar an ábhar sin, go mbeidh an togra maidir le Rialachán LULUCF a leasú ríthábhachtach don chothromaíocht aeráide san fhadtéarma agus nár cheart breathnú ar an gceapadh carbóin mar dheis tráchtála amháin, ach mar ghné bhunúsach de thodhchaí thalmhaíocht na hEorpa. |
|
3.9. |
Agus an tslándáil dhomhanda bia á háirithiú, tá trí dhúshlán éagsúla ag baint le luacháil carbóin:
|
|
3.10. |
Tá roinnt cleachtais bainistíochta talún ann a chuireann leis an gceapadh carbóin, ina measc:
|
|
3.11. |
Tá acmhainneacht nach beag ag baint leis an méid sin. De réir thionscnamh 4/1000 ó Institiúid Náisiúnta na Fraince um Thaighde ar Thalmhaíocht, ar Bhia agus ar an gComhshaol (INRAE), d’fhéadfaí, ar a mhéad, 8,43 milliún tona carbóin sa bhreis a cheapadh sa Fhrainc sa chéad 30 ceintiméadar den ithir in aghaidh na bliana in earnáil na talmhaíochta. |
|
3.12. |
Tá CESE á mholadh, in éineacht leis an gcuspóir maidir le glantógáil nialasach talún a bhaint amach faoi 2050 a leagtar amach i Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh (8), go mbainisteofaí talamh arúil agus go dtabharfaí cosaint leordhóthanach dó lena áirithiú gur féidir leis feidhmiú mar linn carbóin agus é a úsáid chun bithmhais a tháirgeadh. Tá sé á thabhairt dá aire agus is cúis áthais dó é go bhfuil roinnt Ballstát ag obair chuige sin (mar shampla, tá reachtaíocht á dréachtú san Eastóin maidir le húsáid talún). |
|
3.13. |
Sainaithnítear sa Teachtaireacht roinnt dúshlán a bhaineann le tionscadail dheimhnithe um cheapadh carbóin. Ní thugtar freagra inti, áfach, maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
3.14. |
Ar deireadh, níor cheart ligean i ndearmad gur féidir astaíochtaí ó earnáil na talmhaíochta a laghdú trí chleachtais iomchuí nó teicneolaíochtaí nua agus gur gá tús áite a thabhairt d’úsáid mheasartha foinsí fuinnimh agus do laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. |
Réitigh bunaithe ar ghabháil, úsáid agus stóráil thionsclaíoch carbóin
|
3.15. |
Moltar sa Teachtaireacht gur cheart, faoi 2028, gach tona CO2 arna ghabháil, arna iompar, arna úsáid agus arna stóráil ag tionscail a thuairisciú agus cuntas a thabhairt ina leith de réir a thionscnaimh iontaise, bhithghinigh nó atmaisféaraigh agus nach mór, ar a laghad, 20 % den charbón a úsáidtear i gceimiceáin agus i bplaistigh teacht ó fhoinsí inbhuanaithe neamhiontaise faoi 2030 agus gur cheart 5 milliún tona CO2 a bhaint as an atmaisféar in aghaidh na bliana agus a stóráil go buan trí threoirthionscadail faoi 2030. |
|
3.16. |
Ba cheart carbón iontaise a ionadú le sruthanna níos inbhuanaithe de charbón athchúrsáilte a fhaightear ó dhramhaíl, ó bhithmhais inbhuanaithe agus a fhaightear go díreach ón atmaisféar. |
|
3.17. |
Mínítear sa séú tuarascáil ó IPCC (9) gur gá 100-1 000 Gt CO2 a aistriú ón atmaisfeár faoi dheireadh an 21ú haois. D’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag formhór na mbeart aistrithe carbóin atá ann faoi láthair ar thalamh, ar fhuinneamh, ar uisce nó ar chothaithigh dá n-úsáidfí ar mhórscála iad. Creideann CESE go bhfuil gá le rialachas éifeachtach chun iomaíocht maidir le húsáidí talún a sheachaint, rud a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar an bhfeirmeoireacht agus ar chórais bia, ar an mbithéagsúlacht agus ar fheidhmeanna agus ar sheirbhísí eile éiceachórais. |
|
3.18. |
Tá teicneolaíochtaí éagsúla ann le haghaidh gabháil, úsáid agus stóráil thionsclaíoch carbóin (bithmhais a úsáid i bhfoirgnimh, BECCS, DACCS, gabháil agus úsáid carbóin nó CCU, etc.), ach baineann buntáistí agus míbhuntáistí le gach ceann díobh siúd. Ina cheann sin, tá CESE á thabhairt dá aire nach ann d’aon réiteach amháin ar leith ar an bhfadhb sin (10). |
|
3.19. |
Mar shampla, leis an teicneolaíocht BECCS baintear carbón ón atmaisféar agus, san am céanna, soláthraítear teas agus fuinneamh. Mar sin féin, ní mór na teorainneacha a bhaineann le hinbhuanaitheacht na bithmhaise a úsáidtear a chur san áireamh. Tá tionscadail a ghabhann carbóin díreach ón aer atá ar bun san Íoslainn agus in Albain costasach agus an-dian ar fhuinneamh i láthair na huaire. |
|
3.20. |
Is iad an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht na príomhghníomhaithe sa bhithgheilleagar. Léirítear go soiléir le “geilleagar na fótaisintéise” cumas uathúil plandaí carbón neamhiontaise a tháirgeadh ó charbón an atmaisféir. |
|
3.21. |
Is gá costais na dteicneolaíochtaí sin a laghdú agus a áirithiú go ndéanfar carbón a stóráil agus a bhaint ar bhonn leanúnach a bhuí leo. Is féidir teicneolaíochtaí gabhála CO2 a bheith an-dian ar fhuinneamh. Ní mór na teicneolaíochtaí sin fuinneamh inathnuaite a úsáid, a bheith inbhuanaithe agus cosc a chur ar thionchair dhiúltacha ar an mbithéagsúlacht, ar éiceachórais agus ar infhaighteacht talún. |
4. Uirlisí chun ceapadh carbóin a fhorbairt san Eoraip
An tAontas Eorpach: an bhonnlíne a leagan síos do thalmhaíocht ísealcharbóin
|
4.1. |
Luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún go mbeadh sé thar a bheith fóinteach leas a bhaint as ionstraimí náisiúnta CBT (pleananna straitéiseacha náisiúnta nó NSPanna) agus na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán LULUCF a bhaint amach. I bhfianaise na ndúshlán agus na gcuspóirí a bhaineann leis an Rialachán, is gá gach réiteach is féidir a chur in úsáid. |
|
4.2. |
Dá réir sin, le CBT, is féidir an bhonnlíne a leagan síos ar an leibhéal críochach iomchuí chun astaíochtaí a mhaolú, carbón a cheapadh agus an earnáil a oiriúnú, mar shampla, trí fhéarthailte buana nó bonneagar agrai-éiceolaíoch a chosaint. Le hathchóiriú 2023 ar CBT, beifear in ann dlús a chur leis an ngníomhú ar son na haeráide trí bhíthin éicea-chórais ós tharla go gcosnaítear an choinníollacht shóisialta leis. |
|
4.3. |
I bhfianaise na gcuspóirí iomadúla sin, áfach, creideann CESE nach mbeifear in ann na cuspóirí maidir le neodracht carbóin a bhaint amach trí CBT amháin. Ba cheart a leagan síos le CBT an creat beartais lena réiteofar an bealach don aistriú ísealcharbóin in earnáil na talmhaíochta chun níos lú astaíochtaí a scaoileadh agus níos mó carbóin a cheapadh. Dar le CESE, cé go bhféadfadh tacaíocht infheistíochta trí CBT a úsáid chun stóráil charbóin a chúiteamh mar sheirbhís éiceasheirbhíse agus mar thacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí, níor cheart an stóráil carbóin a bheith ina coinníoll de CBT. Níos tábhachtaí fós, is é a mheas gur gá forbairt an mhargaidh charbóin a chur chun cinn tuilleadh. |
Creidmheasanna carbóin: infheistíocht a bhfuil gá léi chun leas a bhaint as ithreacha talmhaíochta
|
4.4. |
Is ann do réitigh maidir le hoiriúnú agus maolú in earnáil na talmhaíochta, ach bíonn costas agus rioscaí ag baint leo agus, ar uairibh, bíonn tionchar acu ar bhrabúsacht fhadtéarmach. |
|
4.5. |
Measann CESE gur gá luach saothair cóir a áirithiú d’fheirmeoirí agus d’oibrithe san earnáil talmhaíochta, maille le rochtain fhadtéarmach ar úinéireacht talún nó ar léasanna talún, sa chaoi go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach san aistriú ísealcharbóin agus go n-éireoidh leo san aistriú sin. |
|
4.6. |
Measann CESE, ach na seachtrachtaí dearfacha a eascraíonn as cleachtais feirmeoireachta atá neamhdhíobhálach don aeráid a mheas, gur féidir luach a shannadh dóibh trí chonarthaí príobháideacha mar chuid de mhargadh deonach agus trí chreidmheasanna carbóin a eisiúint ar féidir iad a luacháil ar an margadh. |
|
4.7. |
Is gá comhoibriú ar bhonn níos mó le feirmeoirí chun creidmheasanna carbóin a eisiúint agus ní mór an comhthéacs idirnáisiúnta a chur san áireamh. Go deimhin, tá córais creidmheasanna carbóin cruthaithe ag tíortha eile cheana féin. In 2021, is é EUR 5,20 in aghaidh an tona an praghas a bhí ar lamháltais charbóin a eisíodh le déanaí sa tSín agus d’fhéadfadh EUR 20,5 in aghaidh an tona a bheith i gceist leo in 2030 (i gcomparáid leis an EUR 30 nó fiú EUR 40 in aghaidh an tona ar an meán atá beartaithe don cheapadh carbóin san Eoraip) (11). |
|
4.8. |
Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go mbeidh na creidmheasanna carbóin Eorpacha sin tarraingteach i margadh iomaíoch, agus sláine comhshaoil a áirithiú san am céanna. Gan teacht a bheith aige ar uirlis eacnamaíoch agus pholaitiúil, beidh sé deacair ar an Aontas carbón ceaptha níos costasaí agus níos áitiúla a mhaoiniú agus a dhíol. Caithfear luach a shannadh do sheachtrachtaí dearfacha, amhail seachtrachtaí a bhaineann le lipéad ísealcharbóin na Fraince (12). |
|
4.9. |
Le lipéad ísealcharbóin na Fraince, tugtar luach saothair do charbón ceaptha agus d’astaíochtaí carbóin seachanta (astaíochtaí carbóin CO2, CH4 agus N2O arna sloinneadh mar choibhéisí carbóin), rud a thugann deis do gach feirmeoir a bheith páirteach in aistriú ísealcharbóin agrai-éiceolaíoch. A bhuí leis, cúitítear an t-aistriú chuig cleachtais a laghdaíonn go mór úsáid leasachán nítrigine mianraí le creidmheas carbóin deimhnithe. Tá an méid sin éifeachtach, ós rud é gur féidir leas a bhaint as an gcreidmheas chun gníomhaíochtaí lena maolaítear astaíochtaí N2O a chúiteamh chomh maith. |
|
4.10. |
Tá CESE den bharúil nach mór creidmheasanna carbóin a thabhairt mar chúiteamh ar sheirbhís arna soláthar, eadhon ceapadh charbóin an atmaisféar, ach nach mór dóibh freisin a bheith ina gcuid den aistriú ísealcharbóin in earnáil na talmhaíochta agus folláine na n-oibrithe, intuarthacht gairme agus dálaí oibre in earnáil na talmhaíochta a áirithiú. |
|
4.11. |
Tá CESE á mholadh, ar an ábhar sin, go n-infheisteofaí i gcreidmheasanna carbóin trí chóras trédhearcach iontaofa chun freastal ar riachtanais na hearnála maidir le ceapadh agus maolú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ní mór neartú ról na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta a chur san áireamh, go háirithe maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchar sóisialta creidmheasanna carbóin. |
|
4.12. |
Ós rud é nach bhfuil earnáil na talmhaíochta á cosaint go leordhóthanach leis na bearta coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, tá CESE á mholadh go mbreithneofaí freisin táirgí allmhairithe agus go n-áiritheofaí go gcuirfeadh comhaontaithe trádála, idir chomhaontuithe nua agus chomhaontuithe atá ann cheana, iallach ar thíortha onnmhairithe a bheith tiomanta do thimthriallta carbóin inbhuanaithe. |
Aistriú ísealcharbóin atá cóir ó thaobh na sochaí de
|
4.13. |
Tá rabhadh á thabhairt ag CESE nach bhfuil sé d’acmhainn ag na Ballstáit agus na feirmeoirí uile infheistíocht a dhéanamh sa cheapadh carbóin agus tacú leis. Ina theannta sin, tá roinnt Ballstát thíos go mór leis an gcogadh san Úcráin, rud a chuirfidh isteach ar a gcumas tacú le hinfheistíochtaí i gceapadh carbóin amach anseo. |
|
4.14. |
Tá CESE á iarraidh go dtacófaí le cuideachtaí agus go dtabharfaí treoir dóibh agus oiliúint á cur ar a bhfostaithe acu chun é a chur ar chumas cuideachtaí aistriú chuig samhlacha nua ísealcharbóin na todhchaí. Ar an gcaoi sin, bheadh sé tábhachtach coinníollachtaí sóisialta a áireamh i státchabhair d’infheistíochtaí carbóin chun obair neamhchosanta, neamhbhuana a bhfuil pá íseal ag gabháil léi a sheachaint, i gcomhréir le coinbhinsiúin EIS. Ní mór rochtain ar an nuálaíocht agus aistriú dea-chleachtas a chur san áireamh freisin. |
|
4.15. |
Tá CESE á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé oiliúint a chur ar fheirmeoirí agus oibrithe in earnáil na talmhaíochta agus tacaíocht a thabhairt dóibh. |
An Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Féach go háirithe Climate action in peatland through carbon farming faoin réimse suaitheanta Resilient rural areas (https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/new-push-european-democracy/long-term-vision-rural-areas_en).
(2) An dara cuid den séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), arna foilsiú an 28 Feabhra 2022: https://www.ipcc.ch/report/sixth-assessment-report-cycle/
(3) IO C 194, 12.5.2022, lch. 72.
(4) IO C 517, 22.12.2021, lch. 38 (níl leagan Gaeilge ann).
(5) COM(2021) 554 final.
(6) Tuairim ó CESE Astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) a chur san áireamh (IO C 152, 6.4.2022, lch. 192).
(7) Tuarascáil faisnéise ó CESE Buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht fhairsing beostoic agus leasacháin orgánacha i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
(8) Tuairim ó CESE Straitéis Ithreach nua an Aontais Eorpaigh (IO C 290, 29.7.2022, lch. 131).
(9) https://www.ipcc.ch/report/sixth-assessment-report-working-group-ii/
(10) Chun tuilleadh eolais a fháil ar an ábhar seo, féach tuairim féintionscnaimh CCMI/190 Ról na dteicneolaíochtaí bainte carbóin i ndícharbónú thionscail na hEorpa (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(11) https://www.citepa.org/fr/2021_07_b05/
(12) https://www.ecologie.gouv.fr/label-bas-carbone
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/101 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942
(COM(2021) 805 final/2 – 2021/0423 (COD))
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus sa hidrigin (athmhúnlú)
(COM(2021) 804 final – 2021/0424 (COD))
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha do na margaí inmheánacha sa ghás in-athnuaite agus nádúrtha agus sa hidrigin
(COM(2021) 803 final – 2021/0425 (COD))
(2022/C 323/17)
|
Rapóirtéir: |
Udo HEMMERLING |
|
Comhairliúcháin |
Parlaimint na hEorpa, 17.2.2022 agus 7.3.2022 Comhairle an Aontais Eorpaigh, 23.2.2022 agus 3.3.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagail 114(1), 194(2) agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
2.5.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
19.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
184/2/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin agus na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise a tháinig ina dhiaidh sin, tá an tAontas ar a dhícheall a bheartas fuinnimh a oiriúnú a luaithe is féidir, go háirithe a mhéid a bhaineann le gás nádúrtha. Chuir an Coimisiún Eorpach i láthair an teachtaireacht “REPowerEU” maidir le bheith neamhspleách ar bhreoslaí iontaise ón Rúis faoi 2030 agus tá na chéad chéimeanna móra beartaithe aige cheana féin do 2022. Tacaíonn CESE go ginearálta leis an gcur chuige dúshlánach seo agus tá sé ag moladh don Choimisiún togra nuashonraithe a dhréachtú don phacáiste seo maidir leis an margadh gáis d’fhonn dálaí na staide nua a léiriú. |
|
1.2. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún dlús a chur leis an aistriú chuig gáis in-athnuaite, rud a bhfuil géarghá leis i bhfianaise an athraithe aeráide leanúnaigh. Ba cheart úsáid na ngás sin a dhíriú ar earnálacha ar deacair dícharbónú a dhéanamh orthu nó i gcás nach bhfuil aon réiteach teicneolaíochta malartach ar fáil cheana, amhail leictriú díreach úsáidí deiridh. |
|
1.3. |
Sainmhínítear sa togra an córas gáis agus an córas hidrigine mar dhá chóras ar leith. D’fhágfadh na rialacha a leagtar amach sa phacáiste gáis go mbeadh éagsúlacht mhór ann ó thaobh cheanglais an dá chóras. Creideann CESE go bhfuil na ceanglais dhifriúla shriantacha a bhaineann leis an dá chóras neamh-chomhréireach. Ba cheart na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann i bhforbairt, in oibriú agus i gcothabháil chomhpháirteach an dá chóras a chothú trí chomhrialú. |
|
1.4. |
Creideann CESE gur cheart gáis in-athnuaite a bheith intrádála go hiomlán sa chómhargadh. Ar an gcúis sin, ba cheart córas aonfhoirmeach uile-Aontais do chaighdeáin cáilíochta gáis agus inbhuanaitheachta a thabhairt isteach ón tús. |
|
1.5. |
Tá CESE ag leagan béim ar an ról speisialta atá ag an mbithmheatán chun cur le soláthar gáis in-athnuaite don gheilleagar ciorclach agus ó thaobh breisluach réigiúnach de. Rachadh sé sin chun tairbhe don talmhaíocht inbhuanaithe freisin trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. |
|
1.6. |
Déantar ganntuairisciú ar astaíochtaí meatáin iontaise. Is maith is eol do CESE go dtarlaíonn an chuid is mó de sceitheadh meatáin lasmuigh den Aontas agus, ar an gcúis sin, is gá caighdeán AE maidir le feidhmíocht meatáin allmhairí a áireamh sa rialachán. |
2. Forléargas ar na tograí ón gCoimisiún Eorpach
|
2.1. |
Tá na trí thogra ón gCoimisiún Eorpach ó mhí na Nollag 2021 mar chuid den chur chuige “Oiriúnach do 55” chun dlús a chur leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 agus leis an dul chun cinn i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. Is é an aidhm atá ann rialacha mhargadh gáis an Aontais a chur in oiriúint don aistriú chuig gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin agus na rialacha sin a leathnú chun margadh hidrigine an Aontais a chumhdach. |
|
2.2. |
Rinneadh an t-oiriúnú suntasach is déanaí ar an gcreat rialála do chómhargadh gáis in 2009. Go nuige seo, díríodh go príomha ar shaincheisteanna rialála a bhaineann le héifeachtúlacht, trádáil, gréasáin, iomaíocht agus faisnéis do thomhaltóirí. Tá leathnú suntasach á dhéanamh ar an méid sin anois chun rialacha a chur san áireamh lena rialaítear an t-aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite. |
|
2.3. |
Tugtar tús áite do gháis in-athnuaite, gáis charbóndiúltacha, gáis atá saor ó charbón agus/nó gáis ísealcharbóin ar an margadh. |
|
2.4. |
Bunófar agus forbrófar margadh agus gréasán inmheánach do hidrigin i gcomhréir leis na rialacha maidir le margadh gáis an Aontais. Tá sé á mholadh ag an gCoimisiún, áfach, nach bhféadfaidh aon oibreoir amháin an gréasán gáis atá ann faoi láthair ná an gréasáin hidrigine a bheidh ann amach anseo a reáchtáil. Beidh feidhm ag an togra seo fiú má fhorbraíonn oibreoir gréasáin gáis atá ann cheana gréasáin hidrigine (ar a dtugtar díchuachadh cothrománach). |
|
2.5. |
Thairis sin, tá rialachán maidir le hastaíochtaí meatáin a laghdú in earnáil an gháis á chur chun cinn den chéad uair riamh. Ar an dóigh sin, aistreofar cuspóirí Straitéis Meatáin an Aontais maidir le faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin na hearnála fuinnimh agus iad a laghdú ina rialacha sonracha. |
3. An gá atá le nuashonrú tar éis ionsaí na Rúise ar an Úcráin
|
3.1. |
Tá muintir na hÚcráine ag fulaingt go millteanach de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin. Ní mór tacú le frithbheartaíocht shibhialta agus mhíleata na hÚcráine. Mar thoradh ar na smachtbhannaí a cuireadh ar Chónaidhm na Rúise agus ar an mBealarúis, ba cheart beartas fuinnimh an Aontais Eorpaigh a athbhreithniú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hallmhairí gáis nádúrtha ón Rúis. |
|
3.2. |
I mí an Mhárta 2022, leag an Coimisiún Eorpach amach plean nua le bheith neamhspleách ar bhreoslaí iontaise ón Rúis faoi 2030, plean ar a dtugtar “REPowerEU”. Beidh dúshlán mór roimh gheilleagar agus sochaí na hEorpa an t-éileamh ar ghás ón Rúis a laghdú faoi dhá thrian faoi dheireadh na bliana seo. Tugtar aghaidh sa teachtaireacht ar chuid mhór tosaíochtaí nua maidir le slándáil fuinnimh, stóráil gáis, praghsanna fuinnimh agus bithmheatán a bhaineann le pacáiste an mhargaidh gáis ó mhí na Nollag 2021. Ba cheart plé a dhéanamh ar ionstraim éigeantach chun úsáid gáis in-athnuaite a mhéadú, lena n-áirítear bithmheatán. |
|
3.3. |
Ar mhaithe le beartas comhleanúnach maidir leis an margadh gáis a bheith ann, tá CESE ag moladh don Choimisiún togra nuashonraithe a dhréachtú don phacáiste seo maidir leis an margadh gáis. Ba cheart a áireamh ann togra chun dlús a chur le nósanna imeachta um údarú do bhonneagar gáis agus hidrigine. |
4. Barúlacha ginearálta
|
4.1. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún dlús a chur leis an aistriú chuig gáis in-athnuaite, rud a bhfuil géarghá leis i bhfianaise an athraithe aeráide leanúnaigh. Ní mór don earnáil gáis rannchuidiú go mór leis an dícharbónú agus le cúpláil earnálacha faoin gComhaontú Glas. Tá gá le gáis ísealcharbóin chun an t-aistriú sin a bhaint amach agus is gá ceanglais arda inbhuanaitheachta a chomhlíonadh. Ba cheart úsáid na ngás sin a dhíriú ar earnálacha ar deacair dícharbónú a dhéanamh orthu nó i gcás nach bhfuil aon réiteach teicneolaíochta malartach ar fáil cheana, amhail leictriú díreach úsáidí deiridh. |
|
4.2. |
Tá CESE ar an eolas faoin ngealltanas aeráidneodrachta atá cumhdaithe ag an Aontas sa Dlí Aeráide. Bunaithe ar an ngealltanas sin, ba cheart breithniú a dhéanamh i mbeartais an Aontais ar na buntáistí speisialta a bhaineann le córais leictreachais agus córais gáis. Is féidir le heangacha leictreachais grianfhuinneamh in-athnuaite agus fuinneamh gaoithe in-athnuaite a iompar le caillteanais ísle claochlaithe. Is féidir le heangacha gáis áiseanna móra stórála a úsáid agus iompar fad-achair a chur ar fáil. A mhéid a bhaineann le gás, is gá tús áite a thabhairt do gháis in-athnuaite agus, ar bhonn níos lú, do gháis ísealcharbóin ar an margadh. Ba cheart, go háirithe, díriú ar hidrigin in earnálacha ar deacair dícharbónú a dhéanamh orthu, amhail an earnáil cruach, an earnáil stroighine, an earnáil ceirmeachta nó earnáil an iompair fad-achair. |
|
4.3. |
Ós rud é go bhfanann CO2 san atmaisféar go gceann i bhfad, ní mór an sprioc cheangailteach maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 a áirithiú, sprioc atá cumhdaithe i nDlí Aeráide an Aontais. Caithfear bearta breise a ghlacadh mura mbainfear amach an sprioc sin sna blianta amach romhainn, go háirithe má thagann sé chun solais go bhfuil tionchar níos mó ag astaíochtaí meatáin ó earnáil an fhuinnimh ar an aeráid ná mar a mheastar faoi láthair. |
|
4.4. |
Tá gá le gréasáin éifeachtúla gáis agus stóráil éifeachtúil gáis – agus, amach anseo, gréasáin agus stóráil hidrigine – toisc gur gné thábhachtach iad de sholáthar fuinnimh atá slán agus inacmhainne. Ba cheart iad sin a fhorbairt ar bhealach a chomhlánaíonn an córas leictreachais. Ar an tslí sin, is féidir leis an earnáil gáis agus hidrigine spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú. |
|
4.5. |
Ach dlús a chur leis an aistriú chuig gáis in-athnuaite, is féidir an soláthar gáis san Aontas a éagsúlú. Le praghsanna carbóin ar bhreoslaí iontaise, cuirfear borradh faoin aistriú chuig gáis in-athnuaite. |
|
4.6. |
Is é is aidhm do na tograí ón gCoimisiún Eorpach rochtain ar an margadh a éascú agus a leathnú do gháis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin, lena n-áirítear hidrigin, sa chómhargadh. Is cur chuige úsáideach é sin, dar le CESE. Ach is é an cheist ná an leor de chur chuige é chun cabhrú le rath na ngás in-athnuaite. Dá bhrí sin, tá sé á mholadh ag CESE go ndéanfaí machnamh freisin ar thosaíocht shainráite dhlíthiúil a thabhairt d’instealladh gás in-athnuaite in eangacha. Tá rialacha tosaíochta comhchosúla i bhfeidhm i roinnt Ballstát d’earnáil an leictreachais agus d’fhéadfaí iad a úsáid mar shamhail don aistriú. |
|
4.7. |
Creideann CESE nach mór an bonneagar gáis atá ann cheana a úsáid agus a fhorbairt a thuilleadh de réir mar is gá má táthar chun cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach. Tacaíonn CESE leis go bhfuiltear ag díriú go sonrach ar mhargadh agus gréasán hidrigine a chur ar bun. I dtaca leis sin de, tá amhras ar CESE faoin ngá atá le deighilt dhocht a bheith idir gréasáin gáis nádúrtha agus gréasáin hidrigine faoi dhlí na hiomaíochta. |
|
4.8. |
Sainmhínítear dhá chóras ar leith sa togra: córas gáis, inar cheart gás in-athnuaite a úsáid seachas breoslaí iontaise, agus córas hidrigine. D’fhágfadh na rialacha a leagtar amach sa phacáiste gáis go mbeadh éagsúlacht mhór ann ó thaobh cheanglais an dá chóras. Chuirfeadh sé sin bac ar shineirgí teicniúla agus eacnamaíocha idir an dá chóras. Tá amhras ar CESE faoin ngá atá leis na ceanglais dhifriúla shriantacha a bhaineann leis an dá chóras agus faoina chomhréirí atá siad. Ba cheart na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann i bhforbairt, in oibriú agus i gcothabháil chomhpháirteach an dá chóras a chothú trí chomhrialú. Ní mór é a bheith indéanta codanna d’eangacha áitiúla ar leith a nascadh le chéile. |
|
4.9. |
Is é is cuspóir do na tograí ón gCoimisiún mearfhorbairt an mhargaidh a chumasú le haghaidh hidrigin ísealcharbóin, mar a thugtar uirthi, mar aon le fíor-hidrigin in-athnuaite. Tá sé d’aidhm ag an gcur chuige leathan seo leathnú tapa iomaíoch na hidrigine ar an margadh a áirithiú. Dar le CESE, ní mór a áirithiú go leanfar de thús áite a thabhairt d’fhíor-hidrigin in-athnuaite seachas hidrigin a tháirgtear as breoslaí iontaise. |
|
4.10. |
Tá leictrealú agus athfhoirmiú gaile ar na próisis cheimiceacha is mó a bhfuil eolas orthu agus is seanbhunaithe le haghaidh táirgeadh hidrigine. Féadfar próisis phirealaithe agus bhitheolaíocha (coipeadh) – chomh maith le CO2 bithghineach ó phróiseáil bithgháis a úsáid freisin. Ag brath ar an bpróiseas, is féidir foinsí éagsúla fuinnimh nó bunábhair éagsúla a úsáid chun hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh, amhail leictreachas in-athnuaite, gás in-athnuaite nó bithmhais inbhuanaithe, fiú. Dá bhrí sin, táthar ag súil go mbeidh meascán de theicneolaíochtaí agus de mhéideanna suiteála mar thoradh ar gheilleagar hidrigine a chruthú. Rogha eile nach mór aird a thabhairt air is ea hidrigin a bhaint ón spás. |
|
4.11. |
I bprionsabal, tá dearadh margaidh oscailte á mholadh ag CESE chun geilleagar hidrigine a fhorbairt, agus aird faoi leith á tabhairt ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Ar an dóigh sin, is féidir gás nó hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh go háitiúil ó leictreachas in-athnuaite eiseangach, ó iarmhar bithghineach agus ó dhramhaíl nó ó ábhair athchúrsáilte. Chuige sin, tá gá le rochtain chomhionann ar ghréasáin agus ar mhargaí. Ar a mhuin sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar oibreoirí níos lú agus ar iontrálaithe nua sa mhargadh (lena n-áirítear pobail fuinnimh) a tháirgeann gáis in-athnuaite, mar shampla, bithmheatán. Tá tacaíocht speisialta de dhíth ar iontrálaithe beaga agus iontrálaithe nua ar an margadh gáis toisc nach mór dóibh infheistíochtaí arda a dhéanamh le brabúsacht réasúnta íseal. Ba cheart rochtain ráthaithe a bheith ag na hoibreoirí sin, ar a laghad, ar ghréasáin dáileacháin. |
|
4.12. |
Tá CESE ag leagan béim ar an ról speisialta atá ag an mbithmheatán chun cur le soláthar gáis in-athnuaite. I mí an Mhárta 2022, shocraigh an Coimisiún Eorpach sprioc nua, mar atá, 35 bhilliún méadar ciúbach de bhithmheatán a tháirgeadh faoi 2030. Is iomaí foinse bhithmhaise nár úsáideadh go fóill agus nach bhfuil in iomaíocht le spriocanna maidir le táirgeadh bia inbhuanaithe agus caomhnú an dúlra. Ach fotháirgí agus iarmhar ó earnáil na talmhaíochta a úsáid le haghaidh bithmheatáin, tacófar leis an earnáil astaíochtaí aeráide a laghdú. Leis sin, cuirfear leasacháin bhreise ar fáil d’fheirmeoirí, ar céim eile é sin i dtreo an gheilleagair chiorclaigh agus an bhreisluacha réigiúnaigh. |
|
4.13. |
Tá ardchaighdeáin sábháilteachta leagtha síos cheana féin maidir le gás agus hidrigin chun fostaithe agus an comhshaol a chosaint. Agus úsáid níos mó á baint as hidrigin amach anseo, beidh ról na mbeart coisctheach níos tábhachtaí fós. |
5. Barúlacha sonracha
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus sa hidrigin
|
5.1. |
Tugtar sainmhíniú nua ar “hidrigin ísealcharbóin” in Airteagal 2 na Treorach. Tá na sainmhínithe ar “gás ísealcharbóin” agus “breoslaí ísealcharbóin” bunaithe ar na sainmhínithe atá sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite. Ní mór an tairseach 70 % um laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh. Ba cheart an sainmhíniú ar “hidrigin ísealcharbóin” a athscrúdú chun féachaint an bhfuil an t-athrú chuig gáis in-athnuaite á bhlocáil aige sin. Ar thaobh amháin, is cosúil go bhfuil gá le hidrigin ghorm (i.e. hidrigin a tháirgtear ó ghás nádúrtha trí ghabháil carbóin) má táthar chun méid shuntasach hidrigine a tháirgeadh go tapa. Ar an taobh eile, níor cheart bac ná moill a chur ar an ngá le táirgeadh hidrigine fíor-in-athnuaite a fhorbairt de thoradh tosaíocht a thabhairt do hidrigin ísealcharbóin. Ba cheart an dá ghné sin a áirithiú sa Treoir. Dá bhrí sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt do gháis in-athnuaite. |
|
5.2. |
Foráiltear in Airteagal 8 na Treorach do dheimhniú i ndáil leis an ngás in-athnuaite agus leis an ngás ísealcharbóin. I gcomhréir leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite, déanfar é sin trí úsáid a bhaint as an gcóras cothromúcháin maise a bunaíodh cheana do bhreoslaí in-athnuaite in earnáil an iompair. Dar leis an tionscal gáis, má tá córais éagsúla náisiúnta um fhíorú ann, cruthófar bacainní ar thrádáil trasteorann i ngás in-athnuaite. Creideann CESE gur gá gáis in-athnuaite a dheimhniú ó cheann go ceann agus tá sé á mholadh aige, ar an ábhar sin, córas aonfhoirmeach uile-AE do chaighdeáin cáilíochta gáis agus inbhuanaitheachta a thabhairt isteach ón tús. Ba cheart a áireamh ann Ráthaíochtaí Tionscnaimh nuashonraithe lena n-áirítear freisin faisnéis maidir le gáis cheaptha teasa agus critéir inbhuanaitheachta. Ar an gcaoi sin, cuirfear feabhas ar leachtacht an mhargaidh gáis agus é á dhícharbónú. |
|
5.3. |
In Airteagal 13 agus Airteagal 14 na Treorach, leagtar síos rialacha don chéad uair maidir le “custaiméirí gníomhacha” (táirgeoirí ar tomhaltóirí iad) agus maidir le pobail fuinnimh. Is díol sásaimh do CESE gur ghlac an Coimisiún seasamh an Choiste (1). Dá thoradh sin, cuirfear soláthar gáis éagsúlaithe agus tuilleadh iomaíochta ar fáil do chustaiméirí sa mhargadh gáis. Ina theannta sin, spreagann táirgeoirí ar tomhaltóirí iad agus pobail fuinnimh forbairt réigiúnach nó tuaithe agus cuireann siad borradh faoi dhigiteáil na hearnála fuinnimh. |
|
5.4. |
Sonraítear in Airteagal 27 den Treoir nach mór deireadh a chur le conarthaí i ndáil le soláthar gáis iontaise faoi 2049 nó nach bhféadfar fad na gconarthaí a reáchtáil tar éis 2049. Tá sé á cheistiú ag CESE an smaoineamh maith é dáta deiridh a leagan síos le dlí le haghaidh conarthaí soláthair áirithe de chuid na hearnála príobháidí mar go bhféadfadh sé sin a bheith ag teacht salach ar phrionsabal an tsoláthair agus an éilimh sa gheilleagar margaidh. Ar an taobh eile, le bheith i gcomhréir leis an sprioc cheangailteach maidir le haeráidneodracht a chumhdaítear i nDlí Aeráide an Aontais agus ós rud é go bhfanann gáis cheaptha teasa san atmaisféar go ceann i bhfad, is gá dáta níos luaithe ná 2049 a shonrú. Má chinneann an Coimisiún dáta a leagan síos faoina gcaithfear deireadh a chur leis na conarthaí, ba cheart an dáta deiridh a bheith thart ar aon deich mbliana níos luaithe chun ár ngealltanais chomhshaoil a chomhlíonadh, go háirithe i bhfianaise an tionscnaimh REPowerEU agus tús áite á thabhairt don aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, aistriú a bhfuil gá leis. |
|
5.5. |
Foráiltear freisin sa Treoir (Airteagal 62 et seq.) do tháirgeoirí, trádálaithe, oibreoirí gréasáin agus oibreoirí stórála i líonraí hidrigine a dhíchuachadh, i gcomhréir le rialacháin maidir le gréasáin gháis. Tacaíonn CESE leis an gcur chuige iomaíoch sin ach tá sé á chur in iúl aige go bhféadfadh sé sin bac a chur ar thionscnaimh chun gréasáin hidrigine a thógáil, tionscnaimh a bhfuil práinn ama ag baint leo. Foráiltear sa Treoir do rialacha eisceachtúla a mbeidh feidhm acu go dtí deireadh 2030. Ba cheart, mar sin, breithniú a dhéanamh ar shíneadh breise. Ach díchuachadh dlíthiúil idir oibreoirí gréasáin gáis agus oibreoirí gréasáin hidrigine a éileamh, bheadh sé ní ba dheacra an bonneagar is gá a thiontú agus a thógáil chun na cuspóirí aeráide a bhaint amach. Bealach amháin chun an earnáil gáis a dhícharbónú is ea an bonneagar gáis atá ann cheana a oiriúnú agus a thiontú chun hidrigin amháin a iompar. Measann CESE, dá bhrí sin, gurbh fhiú eisceachtaí ó rialacha díchuachta a phlé. Mar a tharlaíonn i gcás rialacháin maidir le gréasáin gháis, ba cheart idirdhealú a dhéanamh le rialacháin maidir le gréasáin hidrigine idir leibhéil an ghréasáin tarchurtha agus an ghréasáin dáileacháin agus ceanglais shonracha maidir le díchuachadh a leagan síos iontu. |
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus sa hidrigin (athmhúnlú)
|
5.6. |
Tá riail in Airteagal 4 den Rialachán athbhreithnithe maidir le Gás ina luaitear go bhféadfaidh Ballstát aistrithe airgeadais a cheadú idir seirbhísí rialáilte gáis agus seirbhísí rialáilte hidrigine. Tacaíonn CESE leis an gcur chuige sin. |
|
5.7. |
Déantar foráil sa Rialachán (Airteagal 6 et seq.) maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an margadh ar ghréasáin hidrigine agus ar shaoráidí stórála hidrigine i gcomhréir le rialacháin maidir le gréasáin gháis. Tacaíonn CESE leis an gcur chuige sin. |
|
5.8. |
Déantar foráil in Airteagal 16 den Rialachán maidir le lascainí taraife gréasáin le haghaidh gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin. Tá CESE i bhfách leis sin. |
|
5.9. |
Sonraítear in Airteagal 20 den Rialachán nach mór glacadh le sreafaí gáis idir Ballstáit ina bhfuil cion hidrigine suas le 5 %. Creideann CESE gur cheart athscrúdú a dhéanamh an féidir an chion hidrigine a chumasctar a bheith os cionn 5 % agus é á áirithiú san am céanna go mbeidh an gréasán ag feidhmiú go rianúil ó thaobh cúrsaí teicniúla de. D’éascódh sé sin fás gás in-athnuaite sa mhargadh trí chumasc. |
|
5.10. |
Déantar foráil sa Rialachán (Airteagal 39 et seq.) maidir le Líonra Eorpach d’Oibreoirí Gréasán Hidrigine a bhunú de réir a chéile. De bharr sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir gás agus hidrigin, ba cheart é a eagrú i ndlúthchomhar le Gréasán Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Ghás atá ann cheana. Leagann CESE béim ar an ról tábhachtach atá ag an líonra seo chun margadh inmheánach AE a bhunú do hidrigin. I ndáil leis sin, ní mór a áirithiú go mbeidh an líonra oscailte do gníomhaithe nua. Ní mór leasanna iomaíochta speisialta FBManna a urramú. |
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh
|
5.11. |
Is é an tAontas Eorpach is cúis le 5 % d’astaíochtaí meatáin ar fud an domhain (2). Tagann formhór na n-astaíochtaí meatáin ó allmhairí gáis nádúrtha ó áiteanna lasmuigh den Aontas. Tá cur chuige idirnáisiúnta lena n-áirítear allmhairí fuinnimh ríthábhachtach i gcónaí chun astaíochtaí meatáin a chomhrac in earnáil an fhuinnimh. |
|
5.12. |
Creideann CESE gur maith an smaoineamh é creat AE maidir le hastaíochtaí meatáin a theorannú nó a laghdú in earnáil an fhuinnimh a thabhairt isteach. Ba cheart a áirithiú go bhfuil na ceanglais faireacháin don earnáil gáis indéanta agus sonraí astaíochtaí á dtomhas, á dtuairisciú agus á bhfíorú, mar shampla. Mar chuid de sin, ba cheart spriocdhátaí iomchuí cigireachta a leagan síos do shaoráidí trí idirdhealú a dhéanamh idir a staid theicniúil agus a n-aois. Ba cheart na tionscnaimh tionscail atá ann cheana chun astaíochtaí a laghdú a chur san áireamh (an Comhpháirtíocht Ola agus Gáis Meatáin), maille leis an ngá atá le borradh a chur faoin gcomhar idirnáisiúnta faoi chuimsiú tionscnamh amhail an Gealltanas Meatáin agus an Chomhghuaillíocht Aeráide agus Aeir Ghlain. |
|
5.13. |
Déantar ganntuairisciú ar shonraí maidir le hastaíochtaí meatáin iontaise faoi láthair. Is díol sásaimh do CESE na tograí maidir le Faireachán, Tuairisciú agus Fíorú, go háirithe a mhéid a bhaineann le sceitheadh feadh píblínte gáis a chosc. Ba cheart tionscnaimh amhail an Fhaireachlann Idirnáisiúnta um Astaíochtaí Meatáin, mar aon le húsáid teicneolaíochtaí satailíte chun sceitheadh den sórt sin a bhrath, a chuíchóiriú agus tosaíocht a thabhairt dóibh. Ba cheart toirmeasc a chur san Aontas ar chleachtais maidir le scaoileadh agus bladhmadh gan chúis. Ba cheart díolúintí ón riail sin a bheith teoranta do chásanna éigeandála agus cásanna a bhaineann le sábháilteacht. Maidir le bithmheatán, tá bearta teicniúla agus rialála um fhaireachán agus seachaint curtha chun feidhme cheana féin ag roinnt Ballstát. D’fhéadfadh sé sin cabhrú le measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin le linn saothrú breoslaí iontaise. |
|
5.14. |
Is maith is eol do CESE go dtarlaíonn an chuid is mó de sceitheadh meatáin lasmuigh den Aontas agus, ar an gcúis sin, gur gá caighdeán AE maidir le feidhmíocht meatáin allmhairí gáis a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Le caighdeán den chineál sin maidir le hallmhairí, ba cheart tagarmharc a shocrú le haghaidh astaíochtaí réamhtheachtacha atá inghlactha. Ba cheart an caighdeán sin a cheapadh cheana féin faoin rialachán sin. Thairis sin, ba cheart breithniú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin réamhtheachtacha a áireamh sa chóras praghsála CO2. |
|
5.15. |
Dírítear ar earnáil an fhuinnimh sa togra maidir le hastaíochtaí meatáin a laghdú. Tá CESE ag athdhearbhú a thábhachtaí atá astaíochtaí meatáin ó earnáil na talmhaíochta. Faoi mar a luaitear i Straitéis Meatáin an Choimisiúin, ba cheart tacú le feirmeoirí astaíochtaí meatáin a laghdú. Mar chuid de sin, d’fhéadfaí a áireamh sa Chomhbheartas Talmhaíochta bearta chun feirmeoirí a chúiteamh ar laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin. |
An Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Féach Tuairim TEN/761 – Praghsanna fuinnimh (IO C 275, 18.7.2022, lch. 80).
(2) Féach Tuairim TEN/725 – Straitéis Meatái (IO C 220, 9.6.2021, lch. 47).
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/107 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Creat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí
(COM(2021) 811 final)
(2022/C 323/18)
Rapóirtéir: Mateusz SZYMAŃSKI
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 21.1.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
7.4.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
203/1/8 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol sásaimh do CESE an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le creat AE na soghluaisteachta uirbí. Is tráthúil foilsiú an doiciméid seo, i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann leis an ngá atá le cúram don chomhshaol agus na ndúshlán a d’eascair as paindéim COVID-19, rud atá ag athrú an chaoi a smaoinímid ar shoghluaisteacht agus, ar bhonn níos leithne, ar an saol uirbeach agus ar an obair. Is gá an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir cosaint an chomhshaoil agus cuimsitheacht na soghluaisteachta uirbí. Níor cheart soghluaisteacht laghdaithe agus eisiamh iompair a bheith mar thoradh ar an ngá atá le hastaíochtaí a laghdú. |
|
1.2. |
Tugann CESE dá aire gur cheart an ceart chun soghluaisteachta a aithint mar cheart bunúsach an duine, ceart atá san áireamh freisin i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta. Dá bhrí sin, iarrann sé go ndéanfadh an tAontas gníomhaíocht uaillmhianach chun iompar uirbeach a dhéanamh níos cuimsithí. Ba cheart an tsoghluaisteacht a mheas mar ghné lena bhféadfaí an comhionannas a chur chun cinn, go háirithe comhdheiseanna. |
|
1.3. |
Iarrann CESE ar ionadaithe na n-údarás poiblí ar leibhéil éagsúla oibriú le chéile chun feabhas a chur ar shoghluaisteacht, ní hamháin i gcathracha, ach i gceantair fheidhmiúla uirbeacha ar bhonn níos leithne (lena n-áirítear ceantair pheirea-uirbeacha agus tuaithe), agus go mbeadh ionadaithe na sochaí sibhialta agus saoránaigh rannpháirteach chomh maith. Thar aon ní eile, iarrann sé go gcruthófaí pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus pleananna lóistíochta uirbí inbhuanaithe, chomh maith le pleanáil spásúlachta a théann thar theorainneacha uirbeacha. Ba cheart é sin a léiriú san obair ar an athbhreithniú ar an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) a mhéid a bhaineann le nóid uirbeacha. Dar le CESE, ba cheart gur ionaid ilfhreastail a bheadh sna moil sin. |
|
1.4. |
Ina theannta sin, iarrann CESE go mbeadh cur chuige rannpháirteach ann maidir leis an bpróiseas pleanála. Measann CESE nach bhféadfar an t-athrú inmhianta a bhaint amach mura mbeadh na geallsealbhóirí uile ar spéis leo an t-iompar uirbeach rannpháirteach. Dá bhrí sin, is díol sásaimh dó an moladh go n-athrófaí comhdhéanamh an Ghrúpa Saineolaithe um an tSoghluaisteacht Uirbeach agus go dtabharfaí deis do dhaoine lasmuigh den riarachán poiblí a bheith páirteach ann. Molann CESE a bhallraíocht a leathnú chun ionadaithe ó ghrúpaí sóisialta agus ó chúlraí éagsúla, go háirithe daoine óga, a chur san áireamh. Cuireann sé in iúl freisin gur mian leis páirt a ghlacadh in obair an chomhlachta seo. Ag an am céanna, creideann sé go bhféadfadh cur chuige den sórt sin cuidiú leis na pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus na pleananna lóistíochta uirbí inbhuanaithe a chur chun cinn. Ba mhaith le CESE béim a leagan freisin ar a thábhachtaí atá sé an t-eolas a chuirtear ar fáil do phaisinéirí agus do gnólachtaí maidir le soghluaisteacht uirbeach a fheabhsú agus roghanna lóistíochta, go háirithe úsáid carranna, a bharrfheabhsú. Tá ról an oideachais agus an chomhair fhairsing idir institiúidí agus eagraíochtaí éagsúla thar a bheith tábhachtach. |
|
1.5. |
Tá sé ríthábhachtach cistiú fadtéarmach leordhóthanach a áirithiú le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta. Molann sé do na Ballstáit agus d’údaráis áitiúla a n-acmhainní féin a chur ar fáil. Tríd an méid sin a dhéanamh agus trí na pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus na pleananna lóistíochta uirbí inbhuanaithe a chruthú, is féidir an toil pholaitiúil a léiriú chun athrú a dhéanamh sa réimse sin. Ba cheart aird a thabhairt ar acmhainní sonracha a leithdháileadh ar fhorbairt an bhonneagair iompair faoi chuimsiú chistí an Aontais. |
|
1.6. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart bearta a dhéanamh chun an fhostaíocht i réimse na soghluaisteachta uirbí a dhéanamh níos tarraingtí, go háirithe i ndáil le hiompar poiblí, réimse ina bhfuil easpa foirne agus lucht saothair atá ag dul in aois. Ní mór réitigh a fhorbairt chun dálaí fostaíochta a fheabhsú trí idirphlé sóisialta. Tá feidhm aige sin freisin maidir le daoine a oibríonn trí ardáin dhigiteacha a thairgeann seirbhísí a bhaineann le soghluaisteacht. Leagann CESE béim ar an togra ón gCoimisiún maidir le feabhas a chur ar na dalaí oibre a bhaineann le hobair a dhéantar trí ardáin ar líne. Ba cheart cur chun feidhme éifeachtach na treorach a áirithiú. |
|
1.7. |
Aithníonn CESE an ról ar leith atá ag an iompar poiblí chun an tsoghluaisteacht uirbeach agus pheirea-uirbeach a fheabhsú. Ba cheart don iompar poiblí seirbhísí ardcháilíochta a sholáthar agus ní mór dó a bheith inrochtana. I bhfianaise na ndálaí sláinte atá ann faoi láthair, is gné ríthábhachtach í an tsábhailteacht. Sin é an fáth a bhfuil CESE ag iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht uaillmhianach chun borradh a chur faoin iompar poiblí, go háirithe ós rud é go bhfuil tionchar ar leith aige ar chomhionannas deiseanna a fheabhsú. |
|
1.8. |
Le forbairt na digiteála, cruthaítear deiseanna agus rioscaí nua. Aithníonn CESE an acmhainneacht a bhaineann le réitigh dhigiteacha agus tacaíonn sé réitigh den chineál sin a fhorbairt. Ní mór a áirithiú, áfach, nach gcuirfidh teacht chun cinn uirlisí nua soghluaisteachta srian ar rochtain ar shoghluaisteacht dóibh siúd nach bhfuil in ann na huirlisí sin a úsáid ar chúiseanna éagsúla. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint le feabhas a chur ar scileanna digiteacha agus ar an tslándáil sa timpeallacht dhigiteach. Ina theannta sin, iarrann CESE go n-urramófaí prionsabal na trédhearcachta agus prionsabal an rialachais dhaonlathaigh a mhéid a bhaineann le sonraí a fhaightear trí fheidhmchláir dhigiteacha. |
|
1.9. |
Tacaíonn CESE leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun táscairí soghluaisteachta iontaofa agus inchomparáide a fhorbairt. Molann sé na táscairí faoi Sprioc Forbartha Inbhuanaithe Uimh. 11 na Náisiún Aontaithe a úsáid i dtús báire. Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas go bhfuil iarracht shuntasach ag teastáil ó lucht riaracháin chun sonraí a bhailiú agus a thiomsú. Dá bhrí sin, spreagann CESE iarrachtaí chun tacú le riaracháin ar leibhéil éagsúla sa phróiseas sin. |
2. Cúlra
|
2.1. |
Léiríonn staidreamh maidir le soghluaisteacht uirbeach scála an dúshláin chun iompraíocht agus roghanna maidir leis an tsoghluaisteacht a athrú (1). Bíonn cónaitheoirí cathracha ag brath ar a gcarranna. Tá iarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil ag baint leis sin. Leag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa béim freisin ar scála an dúshláin a bhaineann le bogadh i dtreo soghluaisteacht inbhuanaithe. Léirigh sí ina tuarascáil nach bhfuil treocht shoiléir ann i dtreo modhanna iompair níos inbhuanaithe (2). |
|
2.2. |
Ina theachtaireacht, cuireann an Coimisiún tograí chun cinn maidir le gníomhaíochtaí níos cinntithí chun athrú a dhéanamh ar an gcur chuige maidir le soghluaisteacht uirbeach a eagrú. Mar atá léirithe ag an gCoimisiún, is é an aidhm atá ann aistriú ó chur chuige atá bunaithe ar shreabhadh tráchta gan uaim a áirithiú go cur chuige atá bunaithe ar dhaoine agus earraí a bhogadh ar bhealach níos inbhuanaithe. |
|
2.3. |
De réir an Choimisiúin, is éard a bheadh i gceist leis sin ná struchtúr an iompair chomhchoitinn a neartú, lena n-áirítear an t-iompar poiblí a fheabhsú agus deiseanna níos fearr maidir le soghluaisteacht ghníomhach agus lóistíocht uirbeach agus seachadadh míle deireanach atá éifeachtúil agus saor ó astaíochtaí a áirithiú. Ba cheart ról ríthábhachtach a bheith ag an ilmhódúlacht a chuirtear chun feidhme trí réitigh dhigiteacha. Ba cheart don ilmhódúlacht sin limistéir uirbeacha agus pheirea-uirbeacha a nascadh ar bhealach níos fearr agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht. |
|
2.4. |
Ba cheart an teachtaireacht a mheas i gcomhthéacs an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais. I gcomhthéacs an iompair, ba cheart do chur chuige neartaithe i ndáil le nóid uirbeacha TEN-T, lena n-áirítear an ilmhódúlacht a chur chun cinn san iompar paisinéirí agus lastais, rannchuidiú le cur chun feidhme na n-aistrithe sin. Ciallaíonn sé sin freisin nach mór leas iomlán a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an digiteáil. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Tacaíonn CESE le barúlacha agus moltaí an Choimisiúin. Ní mór cathracha agus an tsoghluaisteacht uirbeach a fhorbairt agus iad a chur in oiriúint do réaltachtaí nua. Meastar gur coincheap leathan í an tsoghluaisteacht uirbeach lena gcuimsítear an saol cathrach ina iomláine, agus gur cheart di cuidiú le cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach. Tá sé sin tábhachtach i bhfianaise na ndeacrachtaí atá os comhair earnáil an iompair i ngeall ar phaindéim COVID-19. Ag an am céanna, measann CESE go bhfeidhmíonn an t-iompar poiblí mar chuid de bheartais chun neamhionannas a laghdú, go háirithe neamhionannas deiseanna. |
|
3.2. |
Aithníonn CESE gur ceart bunúsach í an tsoghluaisteacht. Tá an méid sin ag teacht le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, ina luaitear go bhfuil ag gach duine an ceart chun saorghluaiseachta. Tá sé tábhachtach a mheabhrú go sonraítear i bprionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil “ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí riachtanacha ar ardchaighdeán, lena n-áirítear […] iompar […].” Mar sin féin, tugann CESE dá aire nach bhfuil an rochtain chéanna ag cách ar an mbonneagar soghluaisteachta uirbí atá ann faoi láthair. Ba cheart an t-iompar a bheith chomh cuimsitheach agus is féidir. |
|
3.3. |
Is mór ag CESE ról an Choimisiúin i ndáil leis an tsoghluaisteacht uirbeach a fheabhsú. Mar sin féin, tá sé ar an eolas gur ar na húdaráis áitiúla agus ar na Ballstáit go príomha atá an t-ualach cinnteoireachta. Iarrann sé, dá bhrí sin, go ndéanfaí bearta gan mhoill chun an tsoghluaisteacht a fhorbairt, lena n-áirítear obair chun na pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus na pleananna lóistíochta uirbí inbhuanaithe a fhorbairt. Tá an easpa tola polaitiúla ar cheann de na nithe a bhfuil cosc á chur aige ar bhunú na bpleananna sin. Leagann CESE béim ar an ngá atá ann go n-oibreodh lucht riaracháin ar leibhéil éagsúla cinnteoireachta i gcomhar le chéile, agus go mbeadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus saoránaigh rannpháirteach freisin. Ag an am céanna, iarrann sé ar na Ballstáit a n-acmhainní féin a shannadh chun an bonneagar soghluaisteachta uirbí a fhorbairt agus a chothabháil. Ba cheart aird a thabhairt ar acmhainní sonracha a leithdháileadh ar fhorbairt an bhonneagair iompair faoi chuimsiú chistí an Aontais. |
|
3.4. |
Aontaíonn CESE le dearcadh an Choimisiúin maidir leis na pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus na pleananna lóistíochta uirbí inbhuanaithe. Ar an drochuair, níl pleananna den sórt sin ag roinnt mhaith cathracha san Aontas go fóill, rud a d’fhéadfadh a thabhairt le fios go dteastaíonn acmhainní suntasacha airgeadais agus eagraíochtúla chun iad a bhunú. Is céim sa treo ceart iad tograí an Choimisiúin. Déanfaidh CESE bearta freisin chun na hionstraimí sin a chur chun cinn. Thairis sin, spreagann CESE cur chun cinn na bpleananna sin i ndáil le gnólachtaí. Tá sé tábhachtach go bhfreagróidh na pleananna do na treochtaí reatha. Mura dtagann feabhas suntasach ar chúrsaí san fhadtéarma, ba cheart machnamh a dhéanamh ar chruthú pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus pleananna lóistíochta uirbí inbhuanaithe a dhéanamh éigeantach, agus prionsabal na coimhdeachta á chur san áireamh ag an am céanna. |
|
3.5. |
Tugtar an-aird sa teachtaireacht ar fhadhb chosaint an chomhshaoil agus an t-iompar uirbeach á fhorbairt. Is gá an chothromaíocht cheart a bhaint amach i ndáil leis sin. Níor cheart soghluaisteacht laghdaithe agus eisiamh iompair a bheith mar thoradh ar an ngá atá le hastaíochtaí a laghdú. Molann CESE go dtabharfaí tús áite do réitigh a spreagfaidh úsáid feithiclí astaíochtaí ísle agus a thacóidh le gnólachtaí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus tomhaltóirí chun na feithiclí sin a cheannach. Ag an am céanna, ba cheart raon iomlán na ndeiseanna iompair a laghdóidh go hiomlán nó go páirteach an gá le gluaisteáin phríobháideacha a chur i láthair. |
|
3.6. |
Tá pleanáil spásúlachta iomchuí thar a bheith tábhachtach. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar threochtaí soghluaisteachta agus spásanna leordhóthanacha a chruthú le haghaidh spriocanna a bhaineann le cineálacha nua soghluaisteachta a fhorbairt agus le gréasáin iompair phoiblí a fhorbairt. Chun caighdeán maith saoil a chinntiú i gceantair atá i bhfad ó lár cathracha, ní mór bonneagar leordhóthanach a bheith ann do na daoine atá ina gcónaí sna ceantair sin. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí samhlacha gnó do chineálacha nua soghluaisteachta a chur in oiriúint don bhonneagar uirbeach. Mura bhfuil acmhainneacht leordhóthanach i gcathracha, ba cheart tacú le comhpháirtíochtaí chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí soghluaisteachta uirbí agus ar a gcur chun feidhme san Aontas agus ar an leibhéal domhanda. Tacóidh CESE le gníomhaíochtaí den sórt sin. |
|
3.7. |
Molann sé go n-oibreodh cathracha, ceantair pheirea-uirbeacha agus ceantair thuaithe le chéile chun pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus pleananna lóistíochta uirbí inbhuanaithe a chruthú do cheantair fheidhmiúla leathana. Ba cheart é a bheith mar aidhm cur i gcoinne an fho-uirbithe agus anord spásúlachta. |
|
3.8. |
Aontaíonn CESE leis an mbéim a leagtar sa teachtaireacht ar a thábhachtaí atá sé nóid uirbeacha TEN-T a neartú do phaisinéirí agus do lastas, agus gur cheart na gnéithe sin a bheith mar chuid den athbhreithniú ar Rialachán TEN-T (3). Sa chomhthéacs sin, ba mhaith le CESE a chur i bhfios nach féidir le cathracha forbairt a dhéanamh mura bhfuil siad nasctha lena gceantair máguaird. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh naisc iompair ann idir limistéir uirbeacha agus limistéir pheirea-uirbeacha, lena n-áirítear na limistéir sin i gceantair thuaithe ar naisc iad lena gceadaítear soghluaisteacht áisiúil agus leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na limistéar éagsúil agus a gcónaitheoirí. Dar le CESE, ba cheart gur ionaid ilfhreastail a bheadh sna moil sin. Ba cheart dóibh díriú ar athrú a dhéanamh ar an mbealach a thaistealaíonn daoine, ach chomh maith ar sheirbhís chuimsitheach iompair a sholáthar, ina mbeadh faisnéis ar fáil do phaisinéirí agus seirbhísí agus táirgí a bhaineann le hiompar, lena n-áirítear iompar lastais. Measann CESE go bhféadfadh ról ar leith a bheith ag stadanna iarnróid maidir leis sin. |
|
3.9. |
Aontaíonn CESE gur gá lóistíocht iompair lastais a dhícharbónú, mar shampla trí phleananna lóistíochta uirbí inbhuanaithe a chruthú agus trí dhíriú ar réitigh inbhuanaithe a fhorbairt agus ar ilmhódúlacht a fheabhsú le réitigh, teicneolaíochtaí agus feithiclí atá saor ó astaíochtaí. Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha rannpháirteach sa phróiseas sin agus go dtabharfaí aghaidh leordhóthanach ar fhadhbanna idirthréimhseacha. |
|
3.10. |
Is é an dúshlán a bheidh ann don earnáil ná oibrithe a mhealladh. Ceann de na fadhbanna a aithníodh is ea aois mhór na n-oibrithe. Ag an am céanna, is beag an spéis atá ag roinnt mhaith daoine a bheith ag obair san iompar poiblí uirbeach. I ndáil leis sin, tá ganntanas foirne á thabhairt faoi deara a mbíonn tionchar aige ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear. Ar an taobh eile, léiríodh le paindéim COVID-19 go bhfuil ról tábhachtach ag na hoibrithe san earnáil sin agus go bhfuil sé a bhuí leo gur féidir le pobail iomlána leanúint de bheith ag feidhmiú. Dá bhrí sin, ba cheart an obair san earnáil sin a dhéanamh níos tarraingtí trí dhálaí oibre cuibhiúla agus cothroma a ráthú. Ina theannta sin, tá sé thar a bheith tábhachtach go n-áireofaí an t-oideachas maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe i gcuraclaim scoile agus in obair don óige, agus go ndéanfaí cláir oideachais níos tarraingtí agus níos idirghníomhaí do dhaoine óga, lena n-áirítear trí chlár Erasmus+. Ba cheart réitigh a fhorbairt trí shásraí idirphlé sóisialta. |
|
3.11. |
Faoi chóras na gconarthaí poiblí maidir leis an iompar uirbeach, ba cheart roinnt critéar sóisialta agus comhshaoil a bhreithniú agus an tairiscint is fearr á roghnú, agus na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) á gcur san áireamh. |
|
3.12. |
Tá an t-iompar poiblí ríthábhachtach chun an tsoghluaisteacht a fhorbairt. Dá bhrí sin, ba cheart tacú lena fhorbairt, mar shampla trí spriocanna a leagan síos do na blianta atá le teacht. Níor cheart dearmad a dhéanamh ach oiread ar ghnéithe amhail inrochtaineacht, inacmhainneacht, sábháilteacht, iontaofacht agus poncúlacht. Ag an am céanna, ní mór an mhuinín atá ag daoine as iompar uirbeach a neartú mar rud atá sábháilte ó thaobh na sláinte de, go háirithe le linn géarchéimeanna sláinte amhail paindéim COVID-19. Tá sé tábhachtach freisin nach mbeidh baint ag an mbochtaineacht le húsáid an mhodha iompair sin. Ba cheart cuimhneamh air go bhfuil ról ag an iompar poiblí i dtaca le comhdheiseanna, lena n-áirítear comhionannas inscne. Iarrann CESE go mbeadh creat tacaíochta airgeadais fadtéarmach ann chun bonneagar an iompair phoiblí a mhaoiniú. |
|
3.13. |
Leagtar béim sa teachtaireacht ar shaincheisteanna a bhaineann le húsáid na soghluaisteachta mar sheirbhís. Bheadh sé inmhianaithe an réimse sin a fhorbairt, ós rud é go gcuirfeadh sé acmhainn ollmhór ar fáil chun lear mór sonraí a sholáthar. Tá imní ann, áfach, go bhféadfaí na sonraí arna bpróiseáil ag iarratais a úsáid ar bhealach neamhúdaraithe. Ba cheart creat rialála iomchuí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go n-urramófar prionsabail dhaonlathacha na trédhearcachta agus an t-iompar uirbeach á bhainistiú. Tá gá le grinnscrúdú poiblí i ndáil leis sin. Ina theannta sin, tá tacaíocht de dhíth ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun teicneolaíochtaí na hintleachta saorga a fhorbairt. Cuireann CESE i bhfios go láidir nár cheart forbairt uirlisí soghluaisteachta digití nua-aimseartha a fhágáil go n-eisiafar iad siúd nach bhfuil in ann na réitigh sin a úsáid. Is gá scileanna digiteacha na sochaí a fhorbairt. |
|
3.14. |
Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé feasacht a ardú agus oideachas a chur chun cinn maidir le soghluaisteacht nua-aimseartha. Ba cheart na buntáistí a bhaineann le modhanna taistil eile a roghnú in ionad feithiclí príobháideacha a thaispeáint do chónaitheoirí. Tá tábhacht ar leith leis an úsáid a bhaintear as carranna a bharrfheabhsú. Mar aon le comhlachtaí agus tionscnaimh de chuid an Aontais, tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí agus líonraí (5) na sochaí sibhialta maidir leis sin chomh maith. Sampla rathúil den mhéid sin is ea CIVITAS. Molann CESE freisin go gcuirfí chun cinn turasóireacht uirbeach ina gcuirtear úsáid modhanna inbhuanaithe soghluaisteachta san áireamh. |
|
3.15. |
Ba mhaith le CESE a chur in iúl gur spéis leis páirt a ghlacadh in obair an Ghrúpa Saineolaithe um an tSoghluaisteacht Uirbeach. Aontaíonn sé gur gá comhdhéanamh agus modhanna oibre na meithle sin a athbhreithniú. Is céim sa treo ceart é obair na meithle a leathnú chuig réimsí eile seachas an riarachán. Molann CESE go ndéanfaí comhdhéanamh an ghrúpa sin a éagsúlú ionas go ndéanfar ionadaíocht ar ghrúpaí sóisialta éagsúla agus ar chúlraí éagsúla. Is féidir na breithnithe thuas a chur i bhfeidhm maidir le comhlachtaí soghluaisteachta eile ar leibhéil éagsúla. |
|
3.16. |
Thairis sin, tacaíonn CESE leis na tograí ón gCoimisiún maidir le táscairí comhchuibhithe i ndáil le soghluaisteacht uirbeach a fheabhsú. Is fiú a thabhairt faoi deara go dtagraíonn an teachtaireacht do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe Uimh. 11, arb é is aidhm di cathracha agus lonnaíochtaí daonna a dhéanamh cuimsitheach, sábháilte, athléimneach agus inbhuanaithe faoi 2030. Tá sé tábhachtach a chur i bhfios gur féidir le cuspóirí sonracha treoirlínte a sholáthar do bheartas an Aontais sa réimse seo agus do dhearadh táscairí, ar cheart a ráthú go mbeidh siad inchomparáide agus cothrom le dáta. Dá bhrí sin, iarrann CESE go dtabharfaí tacaíocht do sheirbhísí atá freagrach as sonraí a bhailiú agus as staidreamh a tháirgeadh ar leibhéil éagsúla. Molann CESE úsáid a bhaint as na táscairí soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe (SUMI) (6) mar bhonn chun tuilleadh oibre a dhéanamh, agus iarrann sé go gcuirfí san áireamh an taithí a ghabhann leis an obair ar na táscairí seo. |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Cuireann CESE in iúl freisin gur cheart faisnéis paisinéirí a bhfuil rochtain ag gach paisinéir uirthi a bheith mar chuid lárnach den tseirbhís iompair phoiblí. Fágann iliomad na dtáillí, na gcriosanna agus na dticéad nach bhfuil sé éasca taisteal go réidh. Is fíor sin go háirithe dóibh siúd a thagann go cathracha le haghaidh tréimhsí gearrfhanachta. Molann CESE córais shimplí shoiléire maidir le táillí a chruthú. |
|
4.2. |
Measann roinnt mhaith daoine óga gur cheart é a bheith ina thosaíocht athrú cuimsitheach a dhéanamh ar an dearcadh atá againn ar an tsoghluaisteacht chun é a dhíriú ar shoghluaisteacht atá sláintiúil, neamhdhíobhálach don aeráid agus inbhuanaithe (7). Dá bhrí sin, spreagann CESE iarrachtaí chun rannpháirtíocht níos struchtúrtha na hóige a fhorbairt maidir leis an aeráid agus leis an inbhuanaitheacht i bpróiseas ceaptha beartais agus cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh (8), agus chun go mbeifear in ann leanúint ar aghaidh le tionscnaimh amhail DiscoverEU. |
|
4.3. |
Sa teachtaireacht, tagraíonn an Coimisiún, agus údar maith leis, d’obair trí ardáin dhigiteacha, lena n-áirítear i réimse na soghluaisteachta. Le blianta beaga anuas, sainaithníodh roinnt fadhbanna agus dúshlán ina leith sin, lena n-áirítear coinníollacha fostaíochta. Leagann CESE béim ar an togra ón gCoimisiún maidir le feabhas a chur ar na dalaí oibre a bhaineann le hobair a dhéantar trí ardáin ar líne. Ba cheart cur chun feidhme éifeachtach na treorach a áirithiú. |
|
4.4. |
Tarraingíonn CESE aird ar earnáil na trádála miondíola, earnáil ar féidir léi rannchuidiú go mór le cuspóirí na soghluaisteachta uirbí a bhaint amach, ar an gcoinníoll go gcuirtear na toimhdí maidir le samhail ghaireachta na trádála miondíola san áireamh, go háirithe i gcás táirgí riachtanacha. Ba cheart don trádáil áitiúil úsáid níos fearr a bhaint as réitigh inbhuanaithe a chur chun cinn. Ba cheart cloí le treochtaí nua freisin, amhail an tsoghluaisteacht aeir, a d’fhéadfadh a bheith ina cáilíocht nua do sheirbhísí soghluaisteachta. |
|
4.5. |
Luaitear sa teachtaireacht an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an iompar ar uiscebhealaí intíre chun rannchuidiú leis an iompar uirbeach agus le hiompar lastais an mhíle dheireanaigh a ghlasú. I ndáil leis sin, ba mhaith le CESE tagairt a dhéanamh dá thuairim maidir le NAIADES III (9), ina gcuirtear moltaí i láthair le haghaidh réiteach sa réimse seo. Luaitear inti, i measc nithe eile, gur cheart coinníollacha áirithe a chur i bhfeidhm chun an t-iompar ar uiscebhealaí intíre a fhorbairt i gcathracha. Áirítear ar na coinníollacha sin bonneagar iomchuí a chruthú agus an chóir fhabhrach chéanna a chur ar fáil don iompar poiblí ar uisce agus a chuirtear ar fáil don iompar poiblí de thalamh. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) https://www.eiturbanmobility.eu/
https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Passenger_mobility_statistics#Distance_covered
(2) Cúirt na nIniúchóirí, tuarascáil Speisialta Uimh. 06/2020: Sustainable Urban Mobility in the EU: No substantial improvement is possible without Member States’ commitment [Soghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe san Aontas Eorpach: ní féidir feabhas suntasach a chur ar an scéal gan gealltanas ó na Ballstáit].
(3) Rialacháin (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).
(5) Mar shampla, cumainn EIT maidir leis an tsoghluaisteacht uirbeach nó cumainn cathrach.
(6) https://civitas.eu/tool-inventory/sumi-sustainable-urban-mobility-indicators
(7) Páipéar maidir le seasamh na hóige, Vín 2021 https://www.klimaaktiv.at/service/publikationen/mobilitaet/the-pep.html
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/112 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún Staid an Aontais Fuinnimh 2021 — Rannchuidiú leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le téarnamh an Aontais (de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide)
(COM(2021) 950 final)
(2022/C 323/19)
|
Rapóirtéir: |
Alena MASTANTUONO |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 20.12.2021 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
19.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
184/4/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tugann an drochstaid atá ag teacht chun cinn faoi láthair de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin léiriú an-bheacht ar an ngannmheas a rinneadh go dtí seo ar na rioscaí do shlándáil agus sábháilteacht fuinnimh AE agus na saincheisteanna a bhaineann leis, ní i dtéacs an 6ú tuarascáil bhliantúil ar Staid an Aontais Fuinnimh amháin, ach sa saol thart orainn go háirithe. Léiríonn an pictiúr tragóideach atá ann faoi láthair gur botún tubaisteach a bhí sa bharúil go bhféadfaí dianchomhar eacnamaíoch a bhunú idir AE agus an Rúis i réimse an fhuinnimh, barúil a raibh neart iarpholaiteoirí ardchéimiúla ó roinnt Ballstát san Aontas Eorpach ag tacú léi. |
|
1.2. |
Is léir anois na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chóras fuinnimh an Aontais ag éirí as spleáchas ar allmhairí ámhábhar ón Rúis a bhfuil gá leo don earnáil fuinnimh, rioscaí ar cuireadh dlús leo tar éis ionghabháil na Crimé, agus ní mór don Aontas Eorpach gníomhú ina leith ar bhonn práinne. |
|
1.3. |
Tá CESE tiomanta do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus molann sé dlús a chur leis na hiarrachtaí chun na spriocanna atá leagtha síos a bhaint amach agus chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú a luaithe is féidir. Mar sin féin, ní mór cur chun feidhme Chomhaontú Glas don Eoraip i gcoitinne a oiriúnú chun a chinntiú go bhfuil sé indéanta agus réalaíoch faoi na cúinsí reatha. |
|
1.4. |
Maidir leis an Aontas Fuinnimh, tá CESE den tuairim láidir nár mhór aird ar leith a thabhairt anois ar an gcéad cholún maidir le slándáil, dlúthpháirtíocht agus iontaoibh. San am céanna, níor mhór sineirgí idir na colúin a neartú a thuilleadh, mar aon leis na hionstraimí tacaíochta ábhartha uile (rialacha maidir le maoiniú, cánachas, tacsanomaíocht, liúntais astaíochtaí agus rialáil). |
|
1.5. |
Cuireann CESE i bhfáth nach léiriú cothrom ar dhá thaobh an scéil atá sa 6ú tuarascáil bhliantúil ar Staid an Aontais Fuinnimh. Dírítear sa tuarascáil cuid mhór, faoi anáil éifeacht na dturraingí soláthair ar an margadh fuinnimh, ar phraghsanna fuinnimh agus na hionstraimí chun deireadh a chur le hastaíochtaí carbóin, ach níl ach lagiarracht déanta saincheisteanna amhail slándáil na soláthairtí nó an nuálaíocht agus taighde a chumhdach. Ba mhaith le CESE forléargas níos leithne agus níos struchtúrtha a fheiceáil ar fhoinsí maoinithe a neartódh an tAontas Eorpach, agus ar fheabhsuithe ar na bealaí a rannchuidíonn dul chun cinn an Aontais Eorpaigh le gníomhartha nuálacha agus leis an iomaíochas. |
|
1.6. |
Tá díomá ar leith ar CESE, mar a bhí i gcás tuarascálacha roimhe seo, nach dtugtar aghaidh sa tuarascáil seo ar phríomhchuspóirí an Aontais Fuinnimh Eorpaigh, nó nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach orthu. Ba cheart a mheabhrú gurb é an mian a bhí againn, i measc nithe eile, an spleáchas ar allmhairí a laghdú, saoránaigh a chur i gcroílár an Aontais Fuinnimh, agus an tAontas Eorpach a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le fuinneamh in-athnuaite ar an leibhéal domhanda. Bheadh ciall leis go ndéanfaí anailís go lárnach ar na príomh-shaincheisteanna sin sna tuarascálacha bliantúla ar Staid an Aontais Fuinnimh agus go sainaithneofaí na lochtanna a d’fhéadfadh a bheith ann go soiléir ionas go bhféadfaí tionscnaimh nua a fhorbairt nuair is gá sin. Theip ar an tuarascáil seo i dtaca leis sin. Cuir i gcás, déantar faillí thromchúiseach ar an tsaincheist maidir le fuinneamh sibhialta a fhorbairt, rud atá tábhachtach do CESE. Tá súil ag CESE go ndéanfaidh an Coimisiún ráitis shoiléire maidir leis sin i gcaibidlí ar leith i dtuarascáil 2022. |
|
1.7. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil foinsí inathnuaite fuinnimh ar an bpríomhfhoinse cumhachta AE anois, rud ríthábhachtach a chuidíonn chun an spleáchas ollmhór ar allmhairí fuinnimh AE a laghdú agus tacaíocht a thabhairt do shlándáil fuinnimh an Aontais. Tá CESE den tuairim, áfach, go bhfuil gá le gníomhaíochtaí inláimhsithe chun go mbeidh tomhaltóirí in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa mhargadh agus leas a bhaint as struchtúir soláthair níos díláraithe agus níos inbhuanaithe. |
|
1.8. |
Tá CESE ag teacht lena bhfuil sa tuarascáil faoi na féidearthachtaí maidir le margadh fuinnimh inmheánach a fhorbairt, margadh nár comhlánaíodh go fóill ó thaobh timpeallacht an mhargaidh, institiúidí, rialacha rialála agus nascacht idir na Ballstáit. Is tástáil ar an mbonneagar fuinnimh a bheidh san aistriú agus ní mór gach modh a úsáid chun an bonneagar a ullmhú don athrú agus chun go mbeidh sé níos athléimní in aghaidh suaití amach anseo. |
|
1.9. |
Leis an ardú ar phraghsanna fuinnimh i bhfómhar 2021, mar aon leis an staid reatha, is léire ná riamh a riachtanaí atá sé dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na hathruithe ar phraghsanna fuinnimh agus cur chuige níos comhtháite a fhorbairt chun déileáil go loighciúil le hiarmhairtí praghsanna arda fuinnimh ar an mbochtaineacht. |
|
1.10. |
Tá forbairt Aontas Fuinnimh AE ag pointe ama anois nuair is den riachtanas é iarrachtaí follasacha a dhéanamh feabhas a chur ar an tslándáil. Ní mór béim níos láidre a chur ar an dlúthpháirtíocht agus iontaoibh freisin. Tá an-seans ann gur tástáil ar bhainistiú géarchéime a bheidh romhainn an geimhreadh seo chugainn, agus go mbeidh gá le hullmhacht chun íoslaghdú a dhéanamh ar na hiarmhairtí diúltacha ar dháileadh fuinnimh agus, dá thoradh sin, ar an bhfeidhmíocht eacnamaíoch agus ar chaighdeáin mhaireachtála. |
|
1.11. |
Ba cheart a fhios a bheith ag an Aontas Eorpach freisin leis an gcóras reatha faoina dtagann soláthairtí fuinnimh chuig AE ón Rúis go ndéantar sreafaí maoinithe a choinneáil i lámha chóras stáit na Rúise agus an maoiniú sin in úsáid chun a hiarrachtaí míleata a chistiú. Ní mór teacht ar bhealaí eile a luaithe agus is féidir chun soláthairtí fuinnimh a áirithiú, trí leas a bhaint as éagsúlú soláthróirí ó thíortha éagsúla agus ó fhoinsí difriúla fuinnimh agus feabhas a chur ar an dlúthpháirtíocht laistigh den Aontas freisin. Baineann an méid sin le hamhábhair a allmhairítear isteach san Aontas freisin. |
|
1.12. |
Ba gheal le CESE seasamh beartais níos diongbháilte agus measúnú tionchair ar an ngaol idir fuinneamh agus an earnáil dhigiteach agus idir an tAontas Fuinnimh agus an straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip, chomh maith le tuar maidir le tionchar na staide contúirtí ina bhfuilimid agus a bhfuil i ndán d’earnálacha fuinnimh agus gnó AE agus don tsochaí. |
|
1.13. |
Ba cheart rannóg maidir le hiarrachtaí chun aistriú cóir a thabhairt i gcrích a bheith sa Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh, rannóg ina n-áirítear samplaí de na cásanna is fearr a cuireadh chun feidhme sna Ballstáit agus ar leibhéal na hEorpa, an chaoi a n-úsáidtear maoiniú ón Aontas chun borradh airgeadais a chur faoin athoiliúint agus faoin uasoiliúint is gá don aistriú glas. Tá CESE á chur i bhfios go láidir nach ceist maoinithe amháin atá i gceist leis an aistriú cóir. Áirítear leis freisin an sprioc oibriú leis na comhpháirtithe sóisialta chun obair chuibhiúil agus poist ardcháilíochta a chruthú, chomh maith le slándáil shóisialta, agus chuige sin, tá gá le gníomhaíocht shonrach ar an leibhéal réigiúnach. |
|
1.14. |
Tá easpa infheistíocht phoiblí sa taighde agus nuálaíocht maidir le fuinneamh glan san Aontas Eorpach agus dá bhrí sin tá sé ag titim chun deiridh ar a chomhpháirtithe domhanda. Anuas air sin tá an baol ann go dtitfidh sé chun deiridh i réimse na dteicneolaíochtaí agus na margaí tábhachtacha a bheidh ann amach anseo. Molann CESE go láidir don Choimisiún Eorpach plean straitéiseach a chur i láthair maidir le hearnálacha an fhuinnimh ghlain chun borradh a chur faoi fhorbairt thionscail an fhuinnimh ghlain san Aontas. |
2. Cúlra
|
2.1. |
Sa séú tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún Eorpach déantar cíoradh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme bheartais fuinnimh agus aeráide an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an tAontas Fuinnimh ar fud a chúig cholún. Tarraingítear aird inti freisin ar an tslí a ndearnadh spriocanna aeráide nua AE a aistriú ina dtograí fónta reachtaíochta leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55”. Breathnaítear ar an aistriú glas mar chuid den réiteach ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta agus mar fhreagairt ar thionchair ghéarchéim COVID-19. |
|
2.2. |
Deimhnítear treocht sa tuarascáil, treocht dhearfach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith á laghdú. Bhí laghdú 31 % ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa in 2020 i gcomparáid le 1990, mar thoradh ar thionchar na paindéime ar an ídiú fuinnimh agus mar thoradh ar na treochtaí leanúnacha dícharbónaithe freisin. Thug réamh-mheastacháin ó na Ballstáit in 2021 le fios go bhféadfaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 34 % faoi 2030 ach leanúint de na bearta reatha agus go bhféadfaí iad a laghdú 41 % le bearta breise ón Aontas, i gcomparáid leis an laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos sa Dlí Aeráide Eorpach. |
|
2.3. |
Chuaigh foinsí inathnuaite fuinnimh chun cinn ar bhreoslaí iontaise mar phríomhfhoinse cumhachta AE den chéad uair in 2020 (tháinig 38 % de leictreachas AE ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh, tháinig 37 % de ó bhreoslaí iontaise agus tháinig 25 % de ó fhuinneamh núicléach). Ceaptar go mbeidh sciar 22 % ar a laghad d’fhoinsí inathnuaite fuinnimh i meascán fuinnimh AE ar an iomlán cé go bhfuil an baol ann go mbeidh Ballstáit nach n-éireoidh leo a sprioc cheangailteach náisiúnta a chomhlionadh. Tacaíodh le glacadh na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh trí infheistíocht de EUR 48,8 billiún in 2920 i gcomparáid le EUR 32,9 billiún in 2019. Mar sin féin, ní mar a chéile a bhí ar fud na dteicneolaíochtaí difriúla. |
|
2.4. |
Agus an tuarascáil seo á foilsiú tá ardú géar tar éis teacht ar phraghsanna gáis agus leictreachais. Chuaigh méadú 230 % ar phraghsanna mórdhíola leictreachais ar bhonn bliantúil ach ní dheachaigh sé i bhfeidhm ar phraghsanna miondíola an oiread céanna go dtí Meán Fómhair 2021 (+11 % an meán don Aontas). Is ag éirí as praghsanna diúltacha ar leictreachas in 2020, praghsanna a bhí á mbrú síos mar gheall ar an gcúlú eacnamaíoch, is mó a braitheadh an turraing praghsanna. |
|
2.5. |
B’iad praghsanna gáis ag dul in airde ba mhó ba chúis leis, agus bhí a naoi n-oiread d’éifeacht acu siúd ar phraghsanna leictreachais thar mar a bhí ag éifeacht an mhéadaithe a chonacthas ar phraghas an charbóin sa tréimhse chéanna. Tá na leibhéil stórála gáis íseal agus an leibhéal is airde glanspleáchais fhoriomláin ar allmhairí fuinnimh le 30 bliain anuas á fhulaingt ag AE anois (60,6 % in 2019 i gcomparáid le 58,2 % in 2018 agus 56 % in 2000). Is amhlaidh atá d’ainneoin gur sprioc fhollasach de chuid an Aontais Fuinnimh é an spleáchas sin a laghdú agus gur sprioc fhollasach é sin i gcónaí. Ní hamháin gur cheart na figiúirí diúltacha sin a lua i dtuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh, ach ba cheart a mhíniú freisin cén fáth nár baineadh amach go páirteach fiú an cuspóir maidir le spleáchas ar allmhairí a laghdú. |
|
2.6. |
Leis an méadú ar phraghsanna fuinnimh tugadh spreagadh don Choimisiún Eorpach an bosca uirlisí maidir le gníomhaíocht agus tacaíocht a eisiúint d’fhonn teacht i gcabhair ar ghrúpaí leochaileacha. In 2019 bhí suas le 31 mhilliún duine san Aontas Eorpach a raibh bochtaineacht fuinnimh orthu. Is rud é a chuireann i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé grúpaí leochaileacha a chosaint ar an ardú tobann ar phraghsanna agus aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú. |
|
2.7. |
Sa tuarascáil sin, leag an Coimisiún mar chúram ar an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) measúnú a dhéanamh ar shochair agus míbhuntáistí leagan amach reatha an mhargaidh mórdhíola leictreachais, lena n-áirítear cumas an mhargaidh sin dul i ngleic le staideanna mórluaineachta praghsanna sna margaí gáis. |
|
2.8. |
Bhí na fóirdheontais fuinnimh inathnuaite chomh hard le EUR 78 billiún. Ach a mhalairt ar fad, bhí titim bheag ar na fóirdheontais breoslaí iontaise in 2020, síos go EUR 52 mhilliún. Mar sin féin, d’fhéadfaidís méadú agus an fás eacnamaíoch mar atá faoi láthair. De réir an 6ú tuarascáil, tá naoi gcinn de na Ballstáit tar éis gual a chéimniú amach, tá gealltanais náisiúnta tugtha ag 13 Bhallstát eile é a dhéanamh faoi dháta áirithe, tá dátaí féideartha á meas ag ceithre Bhallstát agus níl ach Ballstát amháin nach bhfuil na pléití náisiúnta tosaithe aige go fóill faoin gcéimniú amach. |
|
2.9. |
In 2019, is i gcás ídiú fuinnimh phríomhúil amháin a bhí ráta titime sásúil ann i dtreo spriocanna 2030. Laghdaigh ídiú fuinnimh phríomhúil AE 1,9 % agus laghdaigh an t-ídiú fuinnimh deiridh 0,6 % in 2019, i gcomparáid le 2018. Beidh iarrachtaí i bhfad níos mó le déanamh chun an sprioc reatha le haghaidh ídiú fuinnimh deiridh a laghdú, agus chun an uaillmhian níos mó a leagtar amach san athbhreithniú a moladh ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a bhaint amach. |
|
2.10. |
Cabhraíonn an tuarascáil chun réimsí le haghaidh gníomhaíocht agus iarrachtaí breise amach anseo a shainaithint. Taobh leis an ngá le hinfheistíocht, cuireann an tuarascáil i bhfáth freisin a riachtanaí a bheidh sé deireadh a chur le bacainní riaracháin ar imlonnú fhoinsí inathnuaite fuinnimh agus dlús a chur le nósanna imeachta ceadúnúcháin. |
|
2.11. |
Tá AE ag féachaint le sábháilteacht agus slándáil soláthairtí fuinnimh a mhéadú agus idirnascthacht níos fearr a áirithiú ar fud AE. Tar éis na géarchéime, is léir gur gá slándáil an tsoláthair a áirithiú agus soláthairtí a thagann ó fhoinsí neamhdhaingne a sheachaint. |
|
2.12. |
Níl caiteachas AE ar thaighde agus nuálaíocht maidir le fuinneamh glan poiblí sna Ballstáit chomh mór le caiteachas 2010 go fóill, ach d’fhéadfaí é a chúiteamh go páirteach le cistiú téarnaimh náisiúnta agus Aontais a dhírítear ar T&N fuinnimh ghlain. Tabharfaidh buiséad AE 2021-27 tacaíocht shuntasach maidir le Comhaontú Glas don Eoraip agus an t-aistriú fuinnimh a chur chun feidhme ar fud an Aontais. Go háirithe, déanfaidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe 30 % agus 37 % ar a laghad, faoi seach, den chistiú a mbeidh fáil air a leithdháileadh ar an gcuspóir sin. Thairis sin, déanfar an t-aistriú glas a chistiú leis an Sásra um Aistriú Cóir nó le InvestEU. |
|
2.13. |
Faoin 5 Deireadh Fómhair 2021, bhí EUR 177 mbilliún de chomhinfheistíocht bheartaithe a bhaineann le haeráid in 22 phlean téarnaimh agus athléimneachta (RRF) náisiúnta, rud ab ionann agus 40 % as méid iomlán EUR 445 bhilliún de chistí RRF arna leithdáileadh ar na Ballstáit sin. |
|
2.14. |
Tá na cúig thuarascáil seo a leanas ag gabháil leis an Teachtaireacht:
|
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Feictear do CESE gur bhain ionradh na Rúise ar an Úcráin croitheadh ollmhór as slándáil, feidhmiú agus feidhmíocht an Aontais Fuinnimh, agus é ina scéal uafáis don Úcráin agus dá pobal freisin. Is í an bhagairt slándála is mó í a mhéid a bhaineann le stair chomhtháthú na hEorpa. Éilíonn sé athshainiú agus coigeartú ar thosaíochtaí straitéiseacha agus slándála AE agus ionstraimí iomchuí a ullmhú a luaithe agus is féidir chun na tosaíochtaí sin a chur chun feidhme. |
|
3.2. |
Tá CESE ag tathant ar institiúidí AE a bheith níos fadcheannaí maidir le bagairtí slándála amach anseo agus a bheith níos cúramaí maidir le slándáil agus éagsúlú soláthairtí, agus dlúthpháirtíocht níos fearr a áirithiú i measc Bhallstáit AE. Léirigh an bhagairt slándála freisin a riachtanaí atá sé dlús a chur le leathadh amach na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh d’fhonn spleáchas AE ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais. |
|
3.3. |
Tugann CESE dá aire gur chuir an Coimisiún Eorpach tuarascáil mhionsonraithe ar fáil ina gcíortar an t-athrú agus dul chun cinn maidir le cur chun feidhme bheartais fuinnimh agus aeráide an Aontais Eorpaigh. Déantar measúnú dearfach inti ar an dul chun cinn a rinne AE maidir lena spriocanna aeráide a chomhlíonadh agus í ag cur fáilte roimh réimsí a shainaithint inar mhór a thuilleadh dul chun cinn a dhéanamh. In 2020, bhí tionchar sórt dearfach ag paindéim COVID-19 ar an laghdú ar astaíochtaí CO2 óir thug sí laghdú ar an ídiú fuinnimh, agus ar an táirgeadh dá réir. Ach leis an bhfás eacnamaíoch in 2021, mhéadaigh ar an éileamh agus chuaigh sé sin agus gnéithe eile i bhfeidhm ar an mborradh ar phraghsanna fuinnimh. Is geal le CESE gur thug an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le praghsanna fuinnimh (1) deis chun cabhair agus tacaíocht a thabhairt gan mhoill do dhaoine leochaileacha, chun díriú ar na drochthionchair a bhí ag gabháil leis an turraing de bharr praghsanna agus chun aird a tharraingt ar a thuairim TEN/761 (2). |
|
3.4. |
Molann CESE don Choimisiún Eorpach súil ghéar a choinneáil ar na hathruithe ar phraghsanna fuinnimh, agus na staitisticí maidir le hathruithe ar phraghsanna fuinnimh a chur sa chéad tuarascáil eile ar Staid an Aontais Fuinnimh. Tá sé á chur i bhfios, i ndáil leis sin, a riachtanaí atá sonraí níos comhsheasmhaí, sonraí a thabharfadh pictiúr cruinn den mhargadh. |
|
3.5. |
Amhail ina chuid tuarascálacha roimhe seo, tugann CESE chun suntais gur ar bhonn cóir a chaithfear an t-aistriú glas a dhéanamh, gan éinne a fhágáil ar deireadh. Ní aistriú teicniúil amháin atá ann ach aistriú eacnamaíoch agus sóisialta freisin. Ach idirphlé rialta a dhéanamh le saoránaigh agus leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, i réigiúin i mbun a gclaochlaithe go háirithe, áiritheofar go measfar go bhfuil na cuspóirí aeráide agus fuinnimh tarraingteach go sóisialta agus go ndéanfar iad a chur i gcrích ar an gcostas socheacnamaíoch is lú. Rud atá chomh tábhachtach céanna leis an idirphlé a dhoimhniú is ea an gealltanas chun saoránaigh a lánpháirtiú go gníomhach sa mhargadh a chomhlíonadh, “táirgeoirí is tomhaltóirí” a dhéanamh díobh agus iad a rannpháirtiú i ndeiseanna nua do chruthú luacha. Beidh ríthábhacht i ndáil leis sin le cáilíocht an oibríochtaithe agus cistiú ionstraimí indibhidiúla agus mar a chuirtear chun feidhme go sonrach iad ar an leibhéal náisiúnta. Ní mór cuimsiú dhearcthaí na gcomhpháirtithe sóisialta a bheith ina mhórchuspóir d’idirphléití amach anseo agus is réamhriachtanas lárnach é chun aistriú rathúil agus cóir a thabhairt i gcrích. |
|
3.6. |
Ba cheart rannóg maidir le hiarrachtaí chun aistriú cóir a thabhairt i gcrích a bheith sa Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh, rannóg ina ndéantar samplaí a ionchorprú de bhearta a cuireadh chun feidhme go rathúil sna Ballstáit agus ar leibhéal na hEorpa. Tá CESE á chur i bhfios go láidir nach ceist maoinithe amháin atá i gceist leis an aistriú cóir. Áirítear leis freisin an sprioc maidir le hobair chuibhiúil agus poist ardcháilíochta a chruthú, chomh maith le slándáil shóisialta, agus tá gá le gníomhaíochtaí sonracha ar an leibhéal réigiúnach. |
|
3.7. |
Ba mhaith le CESE a fheiceáil go mbeadh cur chuige níos cothromaithe ag an 6ú tuarascáil bhliantúil i leith réimsí áirithe den Aontas Fuinnimh. Dírítear inti go cuimsitheach ar réimsí amhail éifeachtúlacht fuinnimh agus an dícharbónú, arb iad na príomhthosaíochtaí beartais faoi láthair. Dealraíonn sé áfach nach dtugtar aird a dóthain ar na topaicí seo a leanas: slándáil, dlúthpháirtíocht agus iontaoibh ná ar thaighde, nuálaíocht agus iomaíochas, topaicí a bhaineann leis na réimsí sin. |
|
3.8. |
Tá díomá ar leith ar CESE, mar a bhí i gcás tuarascálacha roimhe seo, nach dtugtar aghaidh sa tuarascáil seo ar phríomhchuspóirí an Aontais Fuinnimh Eorpaigh, nó nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach orthu. Ba cheart a mheabhrú gurb é an mian a bhí againn, i measc nithe eile, an spleáchas ar allmhairí a laghdú, saoránaigh a chur i gcroílár an Aontais Fuinnimh, agus an tAontas Eorpach a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le fuinneamh in-athnuaite ar an leibhéal domhanda. Bheadh ciall leis go ndéanfaí anailís go lárnach ar na príomh-shaincheisteanna sin sna tuarascálacha bliantúla ar Staid an Aontais Fuinnimh agus go sainaithneofaí na lochtanna a d’fhéadfadh a bheith ann go soiléir ionas go bhféadfaí tionscnaimh nua a fhorbairt nuair is gá sin. Theip ar an tuarascáil seo i dtaca leis sin. Cuir i gcás, déantar faillí thromchúiseach ar an tsaincheist maidir le fuinneamh sibhialta a fhorbairt, rud atá tábhachtach do CESE. Tá súil ag CESE go ndéanfaidh an Coimisiún ráitis shoiléire maidir leis sin i gcaibidlí ar leith i dtuarascáil 2022. |
|
3.9. |
Is geal le CESE a fheiceáil gur chuir na Ballstáit lena n-uaillmhian maidir lena spriocanna reatha 2020 a bhaint amach le haghaidh fuinneamh inathnuaite, arb é an phríomhfhoinse chumhachta le haghaidh leictreachais as seo amach. Tugann sé uchtach do na Ballstáit sin a bhfuil ag teip orthu an sprioc sin a bhaint amach fócasú ar imlonnú níos fearr ar an tacaíocht d’fhoinsí inathnuaite fuinnimh agus/nó a bheith rannpháirteach i gcomhaontuithe le haghaidh aistrithe staitisticiúla. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba mhaith le CESE a chur in iúl, mar a léiríodh i staidéar a rinne an Coimisiún (3), go bhfuil laghdú suntasach ar chostais sheachtracha (amhail costais sláinte agus chomhshaoil) ag gabháil le deireadh a chur de réir a chéile le fuinneamh iontaise, rud a íocfaidh an tsochaí as. Cuir i gcás, maidir le giniúint leictreachais, is é EUR 68–EUR 177/MWh na costais sheachtracha is airde le haghaidh teicneolaíochtaí breoslaí iontaise do mheán AE-27. Tá costais sheachtracha ag baint le fuinneamh núicléach agus in-athnuaite idir EUR 3 agus EUR 17 in aghaidh an MWh agus fuinneamh gaoithe agus hidreafhuinneamh níos lú ná EUR 5 in aghaidh an Mwh. |
|
3.10. |
I gcomparáid leis na tuarascálacha go dtí seo, cuireann an Coiste fáilte roimh an bhfócas ar ról na dtáirgeoirí is tomhaltóirí. Meabhraítear ár n-impí dúinn, gurb é ról lárnach a thabhairt do na saoránaigh san Aontas Fuinnimh an príomhchuspóir (4). Ba cheart an deis a bheith ag tomhaltóirí rogha a dhéanamh agus a bheith páirteach go gníomhach sa mhargadh. Mar sin féin, ní miste bearta nithiúla i reachtaíocht AE a ghlacadh chun an coincheap sin a chur ag obair gan mhoill. |
|
3.11. |
Níor comhlánaíodh an margadh aonair fuinnimh go fóill. Ní thairgeann sé a dhóthain sochar do na táirgeoirí beaga fuinnimh inathnuaite. Ina theannta sin, ba léiriú é an borradh ar phraghas an fhuinnimh ar na laigí sa mhargadh fuinnimh. Léirigh sé maidir le roinnt de na soláthróirí fuinnimh nach bhfuil siad inniúil ar an ngníomhaíocht sin a fheidhmiú, agus nach bhfuil bonn caipitil leordhóthanach acu. Ba cheart treisiú a dhéanamh ar shaothrú an mhargaidh, ar an rialú ábhartha, ceanglais a chruthú atá riachtanach le haghaidh gníomhaithe indibhidiúla agus cosaint réasúnta do thomhaltóirí. |
|
3.12. |
Is oth leis an gCoiste nár chualathas an iarraidh uaidh ar son laghdú a dhéanamh ar an spleáchas straitéiseach ar thríú páirtithe, ach gurb amhlaidh gur tháinig méadú ar an spleáchas sin. In 2021 bhí AE ar a leibhéal is airde spleáchais ar allmhairí fuinnimh le tríocha bliain anuas. Bhí ról ag an teip sin sa bhorradh ar phraghsanna fuinnimh. Meabhraíonn sé dúinn sa chomhthéacs, an ráiteas uainn ina ndúramar gur cheart don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit aon mhéadú thairis sin ar allmhairí a sheachaint agus an topaic a ghlacadh dáiríre tráth a leagtar béim ar hidrigin nó foinsí fuinnimh eile mar ghníomhaí tábhachtach sa dícharbónú óir d’fhéadfadh sé sin na hallmhairí a mhéadú a thuilleadh. Agus cúrsaí mar atá, ní hamháin gur den tábhacht é straitéis a chur chun feidhme a dhéanfadh spleáchas fuinnimh AE, spleáchas atá ag dul i méid, a laghdú, ach níor mhór éagsúlú críochach indéanta a dhéanamh maidir leis na seachadtaí agus dáiltí fuinnimh, athbhogadh nach mbainfeadh rioscaí geopholaitiúla leis. |
|
3.13. |
Chruthaigh na Ballstáit go bhfuil siad toilteanach tacaíocht a thabhairt don aistriú glas, agus léiríonn an sciar den chaiteachas ar infheistíocht a bhaineann leis an aeráid ó 22 RRF, arb ionann í agus 40 % de na buiséid iomlána, a chostasaí atá agus a bheidh an t-aistriú glas. Mar sin féin, as na mórgheilleagair, is ag AE atá an ráta infheistíochta poiblí is ísle sna teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a bheadh ag teastáil le haghaidh dícharbónú agus é ina bhac ar ár n-iomaíochas i gcomparáid le comhpháirtithe domhanda. Is den riachtanas é freisin saoránaigh a chur i gcroílár an bheartais fuinnimh. Sa chás go mbeadh ar a gcumas infheistiú agus tairbhiú dá n-infheistíochtaí, d’fhéadfadh méid suntasach airgid phríobháidigh a bheith ag sreabhadh isteach san earnáil sin. |
|
3.14. |
Dealraíonn sé go mbeadh ríthábhacht le faomhadh tapa a dhéanamh ar an ngníomh tarmligthe agus ar na rialacha lena sainítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ar bhonn comhshaoil chun caiteachas poiblí ar fhuinneamh glan T&N a oscailt amach sna Ballstáit. Tá CESE ag súil go rannchuideoidh sé freisin le laghdú ar an infheistíocht sa chumas breosla iontaise agus na fóirdheontais a ghabhann leis. |
|
3.15. |
Tugtar cruthúnas i dTuarascáil 2021 ar an Margadh Carbóin ar rannchuidiú suntasach ó chóras trádála astaíochtaí AE leis an dícharbónú (EU ETS). Sa tréimhse 2013-2020 gineadh breis is EUR 68 billiún d’ioncam ceantála uaidh. Tugann CESE dá aire gur baineadh leas as 75 % d’ioncam EU ETS le haghaidh gníomhú ar son na haeráide agus cúrsaí fuinnimh, méid atá cuid mhaith níos airde ná an teorainn 50 % le haghaidh na mBallstát. Molann CESE do na Ballstáit i ndáil leis sin, an sciar sin a mhéadú a thuilleadh chun an t-athrú aeráide a chomhrac. |
|
3.16. |
Ní gníomhaí ar leithlis é an tAontas Eorpach, agus tá ríthábhacht leis an gcomhar a dhéanann sé sa chomhthéacs idirnáisiúnta agus leis an gcomhordú a dhéanann sé le comhpháirtithe domhanda maidir leis an mbeartas aeráide. Ba cheart don Aontas oibriú ar mhaithe le cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach, agus iomaíochas agus slándáil an tsoláthair fuinnimh ar chostas inacmhainne do ghnólachtaí agus do na saoránaigh a áirithiú san am céanna. |
|
3.17. |
Aithníonn sé go dtugtar na sonraí fostaíochta in earnáil an fhuinnimh ghlain, earnáil atá ag fás 2 % in aghaidh na bliana. Tá poist ghlasa gan líonadh ag cur isteach ar AE, rud a éireoidh níos suaithinsí fós de réir mar a chuirfear dlús leis an aistriú glas agus é faoi cheannas infheistíochtaí in athchóirithe. Ní mór dúinn a áirithiú go mbeidh ar chumas daoine a bhfuil na scileanna cearta acu dul isteach sa mhargadh saothair agus maidir leis na poist a chruthaítear gur poist mhaithe a bheidh iontu a mbeidh dea-dhálaí oibre ag gabháil leo agus luach saothair cuibhiúil. Tá sé tábhachtach an oiread iarrachta agus is féidir a infheistiú chun oiliúint agus cáilíochtaí a fhorbairt i réimse an athchóirithe fuinnimh. |
|
3.18. |
Léiríonn an staid reatha sa mhargadh fuinnimh gannmheastachán éigin ar iliomad gnéithe den tslándáil fuinnimh, go háirithe ó thaobh seachadtaí gáis go dtí AE, nó iarrachtaí neamhimleora chun deireadh a chur le hardleibhéal spleáchais AE ar allmhairí fuinnimh agus é a dhoimhniú fiú. Is léiriú é freisin ar dhlúthpháirtíocht an-teoranta i measc Bhallstáit AE chun an fhadhb a réiteach go héifeachtúil, lena n-áirítear easpa iontaoibhe, b’fhéidir, chun teacht ar chomhdhearcadh. |
|
3.19. |
Tá CESE an-bhuíoch go mbeidh líon mór acmhainní airgeadais ag teacht ó CAI AE 2021-2027 agus ó NextGenerationEU a dhéanfar a spriocdhíriú ar dhul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le spriocanna an Aontais Fuinnimh. |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Ainneoin gealltanais AE céimniú amach a dhéanamh ar fhóirdheontais bhreoslaí iontaise, níl siad ag laghdú a ndóthain. Léirítear san fhoscríbhinn leis an tuarascáil an laghdú bídeach ar fhóirdheontais bhreosla iontaise, ach leis an bhfás eacnamaíoch is féidir glacadh leis go méadófar orthu arís. Idir 2015 agus 2019, tháinig méadú 4 % ar fhóirdheontais bhreosla iontaise san Aontas agus tháinig laghdú suntasach orthu in 2020. Tháinig laghdú 10 % ar na fóirdheontais sin in earnáil an fhuinnimh agus laghdú 4 % in earnáil na tionsclaíochta. Mar sin féin, tháinig méadú 25 % orthu in earnáil an iompair agus méadú 13 % i gcás teaghlaigh a thairbhíonn d’fhóirdheontais ar ídiú ola téimh agus gáis nádúrtha. Tá ról tábhachtach ag fóirdheontais sa réimse sóisialta, toisc go n-áirithíonn siad gur ar bhealach cóir a dhéanfar an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach. |
|
4.2. |
Is oth le CESE nach ndéanann an tuarascáil anailís ar an ngaol idir an t-aistriú fuinnimh agus an t-aistriú digiteach. Osclaíonn an digiteáil deiseanna chun coigilteas i gcoitinne a dhéanamh, chun laghdú ar dhéine an fhuinnimh agus bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an mbonneagar fuinnimh. D’fhéadfadh an tuarascáil dul isteach go mion sna réitigh maidir leis an éileamh breise ar leictriú agus an gá le réitigh fuinnimh a bheidh cobhsaí agus inbhuanaithe. Is tástáil ar an mbonneagar fuinnimh a bheidh san aistriú agus ní mór gach modh a úsáid chun an bonneagar a ullmhú don athrú agus chun go mbeidh sé níos athléimní in aghaidh suaití amach anseo. |
|
4.3. |
Beidh ról tábhachtach ag an athsciliú agus ag an uas-sciliú sa chlaochlú glas. D’fhonn straitéisí nithiúla a fhorbairt chun na riachtanais maidir le hoiliúint, uas-sciliú agus athoiliúint oibrithe in earnáil an leictreachais a thuar agus faireachán a dhéanamh orthu, tá aird á tarraingt ag CESE ar thorthaí thionscadal na gcomhpháirtithe sóisialta The Skills2Power. D’fhéadfadh an tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh cíoradh a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as maoiniú AE amhail RRF, Erasmus+ nó as an gciste comhtháthaithe chun borradh maoinithe a chur faoin athsciliú agus uas-sciliú, borradh a bheidh riachtanach chun an claochlú glas a bhaint amach. |
|
4.4. |
Molann CESE faireachán an-ghéar a dhéanamh ar na scrogaill fhéideartha sna shlabhraí soláthair amhábhar le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh ar teicneolaíochtaí iad atá criticiúil maidir le slándáil fuinnimh agus an t-aistriú go dtí fuinneamh glan. Molann sé an soláthar amhábhar criticiúil a éagsúlú a oiread agus is féidir trí chaibidlíocht idirnáisiúnta a dhéanamh le comhpháirtithe domhanda agus cás gnó a ullmhú le haghaidh réitigh mhalartacha. |
|
4.5. |
Tá a thuilleadh infheistíochta sa taighde agus nuálaíocht maidir le fuinneamh glan ag teastáil ón Aontas. Ba é 0,027 % dá OTI ráta infheistíochta an Aontais i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain in 2019. Cé mar is féidir linn a bheith dáiríre faoi leathadh amach an fhuinnimh ghlain nuair is againne as measc na mórgheilleagar atá an ráta is lú? Cé go bhfuil seasamh láidir ag AE i gcónaí sa tionscal gaoithe, tá sé ag titim chun deiridh ar na comhpháirtithe domhanda san iliomad tionscal eile lena n-áirítear PV gréine, hidrigin inathnuaite, teaschaidéil nó breoslaí inathnuaite (5). Molann CESE don Choimisiún Eorpach plean straitéiseach a chur i láthair maidir le gach earnáil díobh chun borradh a chur faoi fhorbairt thionscail an fhuinnimh ghlain san Aontas. |
|
4.6. |
Chun faireachán a dhéanamh ar na Ballstáit is aclaí i réimsí an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta, molann CESE scórchlár a fhoilsiú ar bhonn rialta. D’fhéadfadh baint a bheith aige le cláir AE a dhéantar a bhainistiú, ach freisin leis an mbeartas comhtháthaithe agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ó tá scórchlár RRF againn cheana, agus leis na scórchláir atá ann le fada maidir leis an mbeartas comhtháthaithe (6). |
|
4.7. |
Tá CESE á mholadh go láidir an córas trádála astaíochtaí AE a dhéanamh níos trédhearcaí agus córas idirghabhálacha réasúnacha a chur i bhfeidhm chun go bhféadfaí praghas an lamháltais a choigeartú chun bheith ag teacht le cibé sprioc atá ag teastáil agus deireadh a chur leis an luaineacht praghsanna a chonacthas le bliain anuas (méadú ollmhór go dtí breis is EUR 100 ar dtús agus ansin titim ghéar go dtí thart ar EUR 55 laistigh de chúpla lá). |
|
4.8. |
Tá sé á mholadh ag CESE go mbreathnódh rialachas agus bainistíocht an Aontais Fuinnimh níos geire ar na sineirgí le straitéis thionsclaíoch nua AE (amhail a sainíodh i dteachtaireacht Mhárta 2020 ón gCoimisiún). |
|
4.9. |
Maidir leis na spriocanna a bhaineann leis an dícharbónú, tá CESE á chur i bhfáth go mbeidh comhordú agus comhchuibhiú le déanamh ar an uile chineál ionstraime, eadhon na rialacha rialála, córas trádála astaíochtaí AE, na cánacha comhshaoil, agus an tacsanomaíocht i gcóras atá oiriúnach agus dea-fheidhmiúil. |
An Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) COM(2021) 660 final.
(2) IO C 275, 18.7.2022, lch. 80.
(3) Staidéar thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh: Energy costs, taxes and the impact of government interventions on investments, EnergyVille.
(4) IO C 220, 9.6.2021, lch. 38 (níl leagan Gaeilge ann).
(5) COM(2021) 952 final.
(6) https://cohesiondata.ec.europa.eu/; https://ec.europa.eu/economy_finance/recovery-and-resilience-scoreboard/index.html#
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/119 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/25/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais chobhsaíochta fheabhsaithe a chur léi agus í a ailíniú le ceanglais chobhsaíochta atá sainmhínithe ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta
(COM(2022) 53 final – 2022/0036 (COD))
(2022/C 323/20)
|
Rapóirtéir: |
Mateusz SZYMAŃSKI |
|
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 7.3.2022 Comhairle an Aontais Eorpaigh, 1.3.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 100(2) agus Airteagal 304 CFAE |
|
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
2.5.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
182/1/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol sásaimh do CESE an togra chun na rialacha reatha maidir le sábháilteacht long paisinéirí róró a bhfuil bail dhamáistithe orthu a leasú. Molann sé go láidir na caighdeáin sábháilteachta is airde is féidir a choinneáil sa mhuiriompar. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin don chineál árthaí atá i gceist, atá níos leochailí ná cineálacha eile soithí mar gheall ar a saintréithe sonracha. |
|
1.2. |
Thairis sin, is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí a rinneadh chun rialacha idirnáisiúnta a chomhchuibhiú agus, sa chomhthéacs seo, chun iad a chur ar aon dul leis na rialacha idirnáisiúnta arna leagan síos ag IMO. Is mór aige freisin na hiarrachtaí a rinneadh chun an reachtaíocht a shimpliú lena n-éascaítear úsáid agus cur i bhfeidhm na rialacha sin. Is díol sásaimh do CESE an modh oibre atá in úsáid i dtaca leis an tionscadal, go háirithe an comhairliúchán domhain a dhéantar le saineolaithe sa réimse. |
|
1.3. |
Mar sin féin, ba mhaith le CESE a chur i bhfios go láidir go bhfuil sé thar a bheith deacair scrúdú a dhéanamh ar an togra seo mar gheall ar dhréachtú casta doiléir an téacs. Go deimhin, tá foirm reatha na bhforálacha agus na soiléirithe ar neamhréir le cuspóir an togra, arb é sin úsáid agus cur i bhfeidhm na bhforálacha dlí thuasluaite a éascú. Moltar trédhearcacht an chláir a mhéadú, lena n-áirítear trí chur i láthair a dhéanamh le graif ar na réitigh spriocdhírithe a mbeidh mínithe iomchuí ag gabháil leo. |
|
1.4. |
Is cúis imní do CESE na réitigh mhalartacha shealadacha a glacadh sa togra le haghaidh longa nuathógtha atá deimhnithe chun 1 350 duine nó níos lú a iompar agus an moladh go ndéanfaí meastóireacht ar an dá rogha sin deich mbliana tar éis chur chun feidhme an leasaithe, maille leis an athbhreithniú ar an Treoir a fógraíodh tar éis na meastóireachta. |
|
1.5. |
Tá CESE ag tabhairt dá aire go bhfágfadh tabhairt isteach dhá rogha mhalartacha ar longa nuathógtha nach mbainfí amach ina n-iomláine cuspóir an togra chun “an chastacht agus an t-ualach teicniúil agus riaracháin a laghdú, a eascraíonn go príomha as dhá chóras éagsúla chun meastóireacht a dhéanamh ar inmharthanacht long paisinéirí róró atá i riocht millte”. Tá dhá scéim mhalartacha á moladh ar feadh tréimhse shealadach deich mbliana. |
|
1.6. |
Dar le CESE, ach réitigh shealadacha den sórt sin a thabhairt isteach, cruthófar staid éiginnteachta agus fadhbanna breise amach anseo. Ba cheart a chur i bhfáth gur de chineál fadtéarmach iad na hinfheistíochtaí cabhlaigh san earnáil iompair seo. Dá bhrí sin, ba cheart dálaí iarbhír na hearnála a áireamh sa dearcadh a leagtar amach sa togra. |
|
1.7. |
Creideann CESE gur cheart aon réiteach amháin ar cheanglais chobhsaíochta a chur in ionad na forála lena léirítear cur i bhfeidhm sealadach na gceanglas cobhsaíochta malartach maidir le longa nuathógtha a deimhníodh chun 1 350 duine nó níos lú a iompar, ionas nach gcruthófar fadhbanna breise maidir le comhsheasmhacht agus soiléireacht na rialacha agus chun cineál sealadach a gcur i bhfeidhm a sheachaint. |
|
1.8. |
Tá sé á mholadh ag CESE go dtabharfaí isteach meastóireacht thréimhsiúil go tráthrialta, e.g. gach 10 mbliana. Níor cheart, áfach, réamhbhreith a dhéanamh ar ghníomhaíocht reachtach ar bhonn chonclúidí na meastóireachta. Moltar go rachfaí i gcomhairle ar bhonn leanúnach leis na comhlachtaí a rialaíonn na cúrsaí sin d’fhonn sábháilteacht a fheabhsú. |
|
1.9. |
Ina theannta sin, d’fhonn inléiteacht an togra a fheabhsú agus cur i bhfeidhm na rialacha nua a éascú, moltar ábhar an togra a leasú ionas go mbeidh na longa neamhdheimhnithe a tógadh roimhe seo in ann na caighdeáin atá ann cheana is infheidhme maidir le longa deimhnithe a tógadh roimhe seo (nó longa nua) a chomhlíonadh. Ba cheart longa eile a bheith faoi réir na réiteach nua. |
2. Achoimre ar an togra ón gCoimisiún agus cúlra na tuairime
|
2.1. |
Baineann an togra ón gCoimisiún le modhnú a dhéanamh ar Threoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le ceanglais chobhsaíochta shonracha le haghaidh longa paisinéirí róró. |
Tá baint ag an méid sin le seoladh athbhreithniú dlíthiúil a rinneadh in 2017 faoin gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT). An uair sin, leasaíodh Treoir (AE) 2017/2108, Treoir (AE) 2017/2109 agus Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).
|
2.2. |
Cumhdaíodh sa tseiceáil oiriúnachta freisin Treoir 2003/25/CE lena rialaítear ceanglais chobhsaíochta shonracha do longa paisinéirí róró. I bhfianaise an phlé chomhuainigh a bhí ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) maidir le caighdeáin chobhsaíochta le haghaidh longa a bhfuil damáiste déanta dóibh, cinneadh modhnú na Treorach a chur siar. Sa deireadh, le Rún MSC.421(98), ghlac IMO forálacha sonracha athbhreithnithe maidir le caighdeáin chobhsaíochta le haghaidh longa paisinéirí a bhfuil damáiste déanta dóibh, forálacha a bhfuil feidhm acu maidir le longa paisinéirí róró freisin. Is gá na forbairtí sin a chur san áireamh ar an leibhéal idirnáisiúnta agus rialacha agus ceanglais an Aontais a ailíniú leo siúd a bhunaítear sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (dá ngairtear “Coinbhinsiún SOLAS” anseo feasta) maidir le longa paisinéirí róró i mbun turais idirnáisiúnta. |
|
2.3. |
Dar leis an gCoimisiún Eorpach, is é cuspóir uileghabhálach an athbhreithnithe foráil a dhéanamh do chreat dlíthiúil atá soiléir, simplí agus cothrom le dáta a bheidh níos fusa a chur chun feidhme, faireachán a dhéanamh air agus a fhorfheidhmiú, rud a mhéadóidh an leibhéal foriomlán sábháilteachta. |
|
2.4. |
Sa bhreis air sin, is é is aidhm don athbhreithniú ar rialacha AE maidir le sábháilteacht loinge paisinéirí an creat rialála atá ann cheana a shimpliú agus a chuíchóiriú. Is é is cuspóir don ghníomhaíocht sin rialacha AE a choimeád i gcás inar gá agus inar comhréireach. Tá an Coimisiún ag féachaint lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme i gceart iad agus go gcuirfear deireadh le forluí féideartha agus neamhréireachtaí idir píosaí gaolmhara reachtaíochta. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin gurb é is aidhm don athbhreithniú an chastacht agus an t-ualach teicniúil agus riaracháin a laghdú, nithe a eascraíonn go príomha as dhá chóras éagsúla a bheith ann chun measúnú a dhéanamh ar inmharthanacht long paisinéirí róró i dtaca le caighdeáin chobhsaíochta le haghaidh long a bhfuil damáiste déanta dóibh agus chun an t-ualach ríofa ar chuideachtaí agus ar oibreoirí longthógála a chuíchóiriú. |
|
2.5. |
Maidir le longa atá i mbun turais idirnáisiúnta, lena n-áirítear bealaí idir dhá Bhallstát, tá feidhm ag coinbhinsiúin idirnáisiúnta (faoi chúram IMO, go háirithe Coinbhinsiún SOLAS) agus ag rialacha áirithe de chuid an Aontais. I dteannta na gceanglas idirnáisiúnta, tá longa paisinéirí, longa paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais faoi réir rialacha sonracha AE. |
|
2.6. |
Le Treoir 2003/25/CE, leagtar síos ceanglais chobhsaíochta do longa paisinéirí róró a bhfuil damáiste déanta dóibh le haghaidh gach long paisinéirí róró a oibrítear chuig calafort de chuid Ballstáit nó uaidh agus atá ar sheirbhís rialta, gan beann ar a mbratach, agus iad i mbun turais idirnáisiúnta. Tá sé mar aidhm aici a gcobhsaíocht a áirithiú tar éis damáiste agus, ar an dóigh sin, feabhas a chur ar inmharthanacht an chineáil sin soithigh i gcás damáiste de dheasca imbhuailte. Is toradh í an Treoir ar Chomhaontú Stócólm 1996. Tá ceanglais chobhsaíochta shonracha an Aontais ina gcomhlánú ar cheanglais SOLAS maidir le cobhsaíocht i gcás damáiste. |
|
2.7. |
Tá an t-athbhreithniú atá beartaithe mar thoradh ar mheasúnú ar an bhféidearthacht cur chuige rialála an Aontais maidir le ceanglais chobhsaíochta shonracha le haghaidh longa paisinéirí róró a ailíniú leis an reachtaíocht idirnáisiúnta, ar choinníoll go gcoinnítear ar a laghad an leibhéal sábháilteachta reatha arna chinneadh le Treoir 2003/25/CE. |
|
2.8. |
Comhairliúchán spriocdhírithe a bhí san obair ar an togra. Chuathas i gcomhairle le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú an tSainghrúpa um Shábháilteacht Long Paisinéirí. Mar thoradh ar an gcomhairliúchán, tarraingíodh suas struchtúr do na ceanglais maidir le cobhsaíocht damáiste, a sainíodh de réir thoilleadh na soithí. |
|
2.9. |
Tugtar isteach leis an togra réitigh mhalartacha shealadacha maidir le longa nuathógtha atá deimhnithe chun 1 350 duine nó níos lú a iompar. Tá na réitigh sin bunaithe ar na critéir seo a leanas: an dáta ar leagadh cíle long nó an dáta a raibh an long ag céim chomhchosúil déanmhais agus toilleadh na loinge paisinéirí a iompar ar bord. |
|
2.10. |
Beartaítear leis an togra sásraí faireacháin agus tuairiscithe a thabhairt isteach. Déanfar na príomhshonraí maidir le longa nuathógtha agus na ríomhanna cobhsaíochta damáiste a bhailiú agus a mheas le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA). Deich mbliana tar éis chur chun feidhme na gceanglas athbhreithnithe, déanfar meastóireacht agus déanfar athbhreithniú ar an Treoir. |
|
2.11. |
Leagtar síos leis an togra freisin rialacha maidir le deimhniú long róró i dtaca leis na ceanglais leasaithe. |
3. Barúlacha
|
3.1. |
Tá sábháilteacht an iompair ar cheann de phríomhdhúshláin an lae inniu agus is é an chaoi go bhfuil ionchais sábháilteachta ag dul i méid. Ó tharla gurb ann do rialacháin éagsúla, fágann sé gur deacair rialacha comhaontaithe a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. |
|
3.2. |
Meastar go bhfuil longa róró níos leochailí ná soithí eile. Is é is cúis leis sin cineál sonrach a dtógála, rud atá curtha in oiriúint d’iompar feithiclí agus paisinéirí. Is féidir le siorraí réasúnta beag agus meáchanlár ard a bheith ina gcúis le fadhbanna cobhsaíochta. I measc na rioscaí eile tá saorbhord ard, úsáid doirse lódála mar rampaí, easpa bulcaidí, láithreacha arda bád tarrthála agus raftaí tarrthála, earráidí stuála a d’fhéadfadh a bheith ann agus lódáil mhíchothrom. |
|
3.3. |
Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí a rinneadh chun rialacha idirnáisiúnta a chomhchuibhiú agus, sa chomhthéacs seo, chun iad a chur ar aon dul leis na rialacha idirnáisiúnta arna leagan síos ag IMO. Is mór aige freisin na hiarrachtaí a rinneadh chun an reachtaíocht a shimpliú lena n-éascaítear úsáid agus cur i bhfeidhm na rialacha sin. |
|
3.4. |
Mar sin féin, is cás le CESE inléiteacht agus trédhearcacht an doiciméid. Tá sé fíordheacair ag saineolaithe fiú scrúdú a dhéanamh ar an togra, i ngeall ar struchtúr an téacs agus ar an gcaoi a gcuirtear na réitigh a roghnaíodh i láthair. Go deimhin, tá foirm reatha na bhforálacha agus na soiléirithe ar neamhréir le cuspóir an togra, arb é sin úsáid agus cur i bhfeidhm na bhforálacha dlí thuasluaite a éascú. Moltar cur i láthair le graif a chur i gceangal leis an togra a cuireadh isteach, e.g. i bhfoirm tábla san iarscríbhinn, agus treoirlínte agus mínithe iomchuí a tharraingt suas. |
|
3.5. |
Ba mhian le CESE a chur in iúl gur díol sásaimh dó an modh oibre a úsáideadh in ullmhú an togra. Is iomchuí dearcadh na saineolaithe tionscail agus na ngeallsealbhóirí a chur san áireamh i dtaca le ceapadh na dréacht-reachtaíochta. Ar an gcaoi sin, is féidir cuspóirí aon tionscnamh reachtach a bhaint amach. San am céanna, is féidir a bheith ag dréim leis go ndéanfar na sainmhínithe teicniúla a chomhchuibhiú agus go gcuirfear an fhoclaíocht dhlíthiúil isteach mar is ceart. |
|
3.6. |
Is cúis imní do CESE na réitigh mhalartacha shealadacha a glacadh sa togra le haghaidh longa nuathógtha atá deimhnithe chun 1 350 duine nó níos lú a iompar agus an moladh go ndéanfaí meastóireacht ar an dá rogha sin deich mbliana tar éis chur chun feidhme an leasaithe, maille leis an athbhreithniú ar an Treoir a fógraíodh tar éis na meastóireachta. |
|
3.7. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go gciallaíonn tabhairt isteach dhá réiteach mhalartacha eile do longa nuathógtha nach mbainfear amach cuspóir an togra, i.e. an chastacht agus an t-ualach teicniúil agus riaracháin a laghdú. Freagairt atá sa togra, faoi mar atá curtha in iúl ag an gCoimisiún, do na réitigh nua a tugadh isteach i gCoinbhinsiún SOLAS agus féachtar leis dhá shraith comhthreomhara de rialacha a ailíniú. D’ainneoin na gcuspóirí sin, moltar réiteach sealadach a chur i bhfeidhm ina mbeidh dhá chóras mhalartacha ar feadh tréimhse 10 mbliana, agus go ndéanfar athbhreithniú tar éis na tréimhse sin. |
|
3.8. |
Dar le CESE, ach réitigh shealadacha den sórt sin a thabhairt isteach, cruthófar staid éiginnteachta agus fadhbanna breise amach anseo. Ba cheart a chur i bhfáth gur de chineál fadtéarmach iad na hinfheistíochtaí cabhlaigh san earnáil iompair seo. Tá CESE á thabhairt le fios gurb é 26 bliana meánaois na long Ro-Pax, agus go bhfuil meánaois na lastlong róró os cionn 15 bliana ar an meán (3). Dá bhrí sin, ba cheart dálaí iarbhír na hearnála a áireamh sa dearcadh a leagtar amach sa togra. |
|
3.9. |
Creideann CESE gur cheart aon réiteach amháin ar cheanglais chobhsaíochta a chur in ionad na forála lena léirítear cur i bhfeidhm sealadach na gceanglas cobhsaíochta malartach maidir le longa nuathógtha a deimhníodh chun 1 350 duine nó níos lú a iompar, ionas nach gcruthófar fadhbanna breise maidir le comhsheasmhacht agus soiléireacht na rialacha agus chun cineál sealadach a gcur i bhfeidhm a sheachaint. |
|
3.10. |
Tá CESE i bhfách le sásraí faireacháin agus meastóireachta tréimhsiúla, ach i bhfianaise a bhfuil thuas tá sé á mholadh go n-athrófaí foclaíocht agus loighic an réitigh sin. Moltar go dtabharfaí isteach meastóireacht thréimhsiúil go tráthrialta, e.g. gach 10 mbliana. Níor cheart, áfach, réamhbhreith a dhéanamh ar ghníomhaíocht reachtach ar bhonn chonclúidí na meastóireachta. Tá sé tábhachtach go ndéanfar an mheastóireacht le rannpháirtíocht na ndaoine sin is mó a bhfuil baint acu leis na rialacha a chur i bhfeidhm go hiarbhír. Mar sin, moltar freisin go rachfaí i gcomhairle ar bhonn leanúnach leis na comhlachtaí a rialaíonn na cúrsaí sin d’fhonn sábháilteacht a fheabhsú. Tá sé sin tábhachtach i bhfianaise an athraithe aeráide, rud is cúis le dálaí aimsire níos láidre agus, mar thoradh air sin, a nochtann an earnáil loingseoireachta d’eachtraí adhaimsire go rialta. |
|
3.11. |
Ina theannta sin, d’fhonn inléiteacht an togra a fheabhsú agus cur i bhfeidhm na rialacha nua a éascú, moltar ábhar an togra a leasú ionas go mbeidh longa a tógadh roimhe seo in ann na caighdeáin atá ann cheana a chomhlíonadh, gan beann ar dheimhniú. Ba cheart longa eile a bheith faoi réir na réiteach nua. Tar éis na hidirthréimhse, áfach, ba cheart na rialacha a chomhchuibhiú go hiomlán. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) OJ L 123, 17.5.2003, p. 22.
(2) Treoir (AE) 2017/2108 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairlan 15 Samhain 2017 lena leasaítear Treoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí (IO L 315, 30.11.2017, lch. 40); Treoir (AE) 2017/2109 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Treoir 98/41/CE ón gComhairle maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d'iompar paisinéirí a oibríonn trí dhul isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó trí dhul amach astu agus Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát (IO L 315, 30.11.2017, lch. 52); Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 maidir le córas cigireachtaí d'oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 61).
(3) EMSA, Earnáil Muiriompair na hEorpa, Tuarascáil Comhshaoil 2021, Lucsamburg, 2021.
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/123 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe
(COM(2022) 108 final)
(2022/C 323/21)
|
Rapóirtéir: |
Thomas KATTNIG Alena MASTANTUONO Simo TIAINEN |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
2.5.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
159/3/4 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
I bhfianaise na staide geopholaitiúla atá ann faoi láthair mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, leagtar béim ar a thábhachtaí atá slándáil an tsoláthair fuinnimh. Iarrann CESE go méadófaí neamhspleáchas, lena n-áirítear neamhspleáchas fuinnimh, an Aontais. Tacaíonn CESE go hiomlán leis an gcuspóir deireadh a chur leis an úsáid a bhaintear as fuinneamh ón Rúis, rud ar cheart a chur chun feidhme a luaithe is féidir. |
|
1.2. |
Le bliain anuas, níor mhór don Aontas aghaidh a thabhairt ar mhéadú nach bhfacthas riamh roimhe seo ar phraghsanna fuinnimh. Treisíodh an feiniméan sin tuilleadh i ngeall ar iarmhairtí ionsaithe na Rúise ar an Úcráin agus chuir sé ualach dofhulaingthe ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí na hEorpa. |
|
1.3. |
Dá bhrí sin, tá gá le bearta láithreacha chun slándáil na soláthairtí fuinnimh a áirithiú agus chun tionchar na bpraghsanna arda do theaghlaigh, d’fheirmeoirí, do ghnólachtaí agus don tionscal a mhaolú. Leis an teachtaireacht REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe, leagtar amach gníomhaíochtaí nua chun táirgeadh an fhuinnimh ghlais a mhéadú, chun soláthairtí a éagsúlú agus an t-éileamh ar ghás ón Rúis a laghdú, rud a d’fhág go raibh méaduithe suntasacha ar phraghsanna an mhargaidh leictreachais mar thoradh ar chúbláil mhargaidh. |
|
1.4. |
Is díol sásaimh do CESE teachtaireacht REPowerEU, ós rud é go gcuireann sé réitigh i láthair atá ar aon dul le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus an Aontais Fuinnimh Eorpaigh. Tugann CESE rabhadh nach mór don Eoraip a bheith an-chúramach i leith na n-acmhainní a thiocfaidh in ionad an gháis ón Rúis, a mhéid a bhaineann lena dtionchar ar an gcomhshaol agus le spleáchas nua ar thríú tíortha nach bhfuil luachanna Eorpacha acu. |
|
1.5. |
Tugann CESE dá aire agus is oth leis nach bhfuil gníomhaíocht déanta ag na ceannairí polaitiúla bunaithe ar a ghlao (1) maidir le spleáchas straitéiseach a laghdú ar thríú páirtithe neamhiontaofa, agus gur a mhalairt a tharla – tá méadú tagtha ar an spleáchas sin. Ní bheadh tionchar chomh dian sin ag an ngéarchéim reatha maidir le praghsanna fuinnimh ar shaoránaigh agus ar chuideachtaí na hEorpa mura mbeadh an Eoraip ag brath chomh mór sin ar allmhairí breoslaí iontaise ón Rúis. |
|
1.6. |
Ní mór don Aontas cloí go comhsheasmhach le bunchuspóirí uile a bheartais fuinnimh: slándáil an tsoláthair, costais réasúnta agus praghsanna réasúnta, agus neodracht charbóin. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, díriú ar bhearta lena mbaineann an tairbhe is mó chun na cuspóirí ina n-iomláine a bhaint amach, sa staid ghéar reatha agus san fhadtéarma araon. |
|
1.7. |
Cé go n-aontaíonn CESE leis an gCoimisiún Eorpach maidir leis an gcuspóir i ndáil le neamhspleáchas a bhaint amach ó ghás na Rúise, cuireann sé in iúl go mbeidh sé thar a bheith dúshlánach do gheilleagar agus do shochaí na hEorpa an t-éileamh ar ghás ón Rúis a laghdú faoi dhá thrian faoi dheireadh na bliana seo. Ciallaíonn sé sin go mbeidh gá le héagsúlú: trí ghás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus trí bhithmheatán, go príomha sa ghearrthéarma, ar thaobh amháin, agus trí éifeachtúlacht fuinnimh agus leathnú foinsí in-athnuaite fuinnimh, ar an taobh eile. Is saincheist chasta í an spleáchas ar sholáthróir amháin agus ar fhoinse fuinnimh a bhfuil sciar mór aici i meascán fuinnimh an Aontais a athrú agus ní féidir leis sin tarlú thar oíche. Sa ghearrthéarma, ciallaíonn sé sin gur cheart gach foinse fuinnimh atá ar fáil a úsáid gan dochar, agus tús áite á thabhairt d’fhoinsí inathnuaite atá ar fáil, d’fhonn lándorchuithe agus corraíl shóisialta a sheachaint. |
|
1.8. |
D’fhonn praghsanna fuinnimh atá inghlactha go sóisialta a áirithiú agus an tAontas á choinneáil ar an mbóthar ceart chun go bhfanfadh sé de bheith ina cheannaire maidir le húsáid fuinnimh in-athnuaite, iarrann CESE an méid seo a leanas:
|
|
1.9. |
Aithníonn CESE go mbeidh gá le hidirghabhálacha ó na Ballstáit, cibé acu idirghabhálacha fioscacha nó idirghabhálacha rialála iad, d’fhonn praghsanna inacmhainne a áirithiú do thomhaltóirí deiridh agus d’fhonn cosc a chur ar an mbochtaineacht fuinnimh. Ina theannta sin, áitíonn CESE ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh d’fhonn na praghsanna i gcóras fuinnimh an Aontais a chobhsú ionas gur féidir méaduithe tobanna gan choinne ar phraghsanna a sheachaint. Mar sin féin, ba cheart do lucht ceaptha beartas a áirithiú nach gcuirfidh na hidirghabhálacha sin isteach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, nach gcuirfidh siad iarrachtaí maidir le dícharbónú agus éifeachtúlacht fuinnimh i mbaol agus nach mbeidh siad ina gcúis le héiginnteacht infheistíochta i dtionscal an fhuinnimh. Ba cheart dul i ndlúthchomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, e.g. na comhpháirtithe sóisialta, maidir le gach beart, cibé acu an beart ar leibhéal na mBallstát nó ar an leibhéal Eorpach atá i gceist. |
|
1.10. |
Níl an margadh inmheánach fuinnimh curtha i gcrích agus tá gné na dlúthpháirtíochta thar a bheith tábhachtach le linn géarchéime. Ní mór an bonneagar a fheabhsú chun freastal ar an aistriú glas agus ar an aistriú chuig foinsí éagsúla gáis freisin, agus ag an am céanna, sreabhadh fuinnimh na mBallstát a áirithiú trí idirnaisc tarchurtha. |
|
1.11. |
Is díol sásaimh do CESE na fógraí ón gCoimisiún maidir leis na hamanna próiseála do chomhaid a bhaineann le Státchabhair (faoin samhradh). |
|
1.12. |
Tacaíonn CESE go láidir leis an togra ón gCoimisiún maidir le stóráil gáis agus áitíonn sé ar na hinstitiúidí an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
1.13. |
Is cuid de shlándáil an tsoláthair fuinnimh é meascán táirgthe fuinnimh éagsúil. Chomh maith leis an bhfuinneamh gaoithe agus an grianfhuinneamh, tá sé tábhachtach úsáid a bhaint as an raon leathan foinsí fuinnimh ísealcharbóin, foinsí atá oiriúnach don gheilleagar agus don éiceolaíocht laistigh de chóras fuinnimh. Go dtí go mbeidh éagsúlú fuinnimh an Aontais tugtha chun críche, ba dhíol sásaimh do CESE dá mbainfí úsáid phraiticiúil as foinsí fuinnimh cobhsaí agus inacmhainne a chomhlíonann na ceanglais ísealcharbóin. |
|
1.14. |
Is oth le CESE nach luaitear sa Teachtaireacht an ról atá ag foinsí cobhsaí ísealcharbóin i gcobhsaíocht an tsoláthair fuinnimh. |
2. Cúlra agus comhthéacs
|
2.1. |
Mar thoradh díreach ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus mar fhreagairt ar an ionradh sin, d’fhógair agus mhol an Coimisiún Eorpach i mí an Mhárta 2022 achoimre ar an bPlean agus é mar aidhm aige go mbeadh an tAontas neamhspleách ar bhreoslaí iontaise na Rúise i bhfad roimh 2030, agus go dtosófaí láithreach le gás. |
|
2.2. |
Is féidir an bhéim a leathnú chun go gcumhdófaí deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar ola agus gual na Rúise, ar breoslaí iad a bhfuil éagsúlacht níos leithne ag an Aontas ó thaobh soláthróirí eile féideartha de. Allmhairíonn an tAontas 90 % dá thomhaltas gáis, agus is í an Rúis a sholáthraíonn níos mó ná 40 % de thomhaltas gáis iomlán an Aontais. Is ón Rúis freisin a thagann 27 % d’allmhairí ola agus 46 % d’allmhairí guail. |
|
2.3. |
Déantar cur síos sa Phlean freisin ar shraith beart arb é is aidhm dó freagairt do mhéadú na bpraghsanna fuinnimh agus stoic gháis a athshlánú don gheimhreadh seo chugainn. Mar aon leis an mBosca Uirlisí do Phraghsanna Fuinnimh, tugtar treoir bhreise do na Ballstáit, ina ndearbhaítear gur féidir praghsanna a rialú i gcásanna eisceachtúla, agus ina leagtar amach conas is féidir leis na Ballstáit ioncam ó ardbhrabúis a dhéantar san earnáil fuinnimh agus i dtrádáil astaíochtaí a athdháileadh ar thomhaltóirí. Le rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair, tugtar roghanna do na Ballstáit freisin tacaíocht ghearrthéarmach a thabhairt do chuideachtaí a bhfuil tionchar ag na praghsanna arda fuinnimh orthu, agus an bealach a bhfuil siad gan chosaint ar luaineacht praghsanna fuinnimh a laghdú sa mheántéarma go dtí an fadtéarma. I ndáil leis sin, féachfaidh an Coimisiún ar na roghanna uile a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le bearta éigeandála chun éifeacht tógálachta na bpraghsanna gáis ar phraghsanna leictreachais a theorannú. |
|
2.4. |
Tá sé d’aidhm ag Plean REPowerEU seachadtaí agus soláthar gáis a éagsúlú, dlús a chur le giniúint gáis ó fhoinsí in-athnuaite agus foráil a dhéanamh freisin maidir le gás a athsholáthar chun críche téimh agus táirgthe leictreachais. Leis na bearta sin, tá sé beartaithe go mbainfear amach laghdú dhá thrian ar éileamh an Aontais ar ghás ón Rúis faoi dheireadh 2022. |
|
2.5. |
Bainfear amach an t-éagsúlú ar sholáthar fuinnimh foriomlán an Aontais tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Tuigeann CESE gur céim eisceachtúil agus phráinneach é REPowerEU mar gheall ar ghéarú ionsaí na Rúise agus ar a thionchar ar fheidhmiú mhargadh fuinnimh an Aontais agus ar a shlándáil amach anseo. Aontaíonn sé freisin nach mór an chéim sin a bheith láidir agus í a chur chun feidhme sa chleachtas a luaithe is féidir. Ní bhaineann an staid reatha le praghsanna allmhairíochta tráchtearraí straitéiseacha amháin, ach leis na soláthairtí is gá a fháil chun dea-fheidhmiú gheilleagar agus shochaí an Aontais a áirithiú. |
|
3.2. |
Is díol sásaimh do CESE teachtaireacht REPowerEU, ós rud é go gcuireann sé réitigh i láthair atá ar aon dul le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus an Aontais Fuinnimh Eorpaigh. Mar sin féin, tugann CESE rabhadh nach mór don Eoraip a bheith an-chúramach i leith na n-acmhainní a thiocfaidh in ionad an gháis ón Rúis, a mhéid a bhaineann lena dtionchar ar an gcomhshaol agus le spleáchas nua ar thríú tíortha nach bhfuil luachanna Eorpacha acu. |
|
3.3. |
I bhfianaise na ré nuaí, tá gá le dlús mór a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus neamhspleáchas, lena n-áirítear neamhspleáchas fuinnimh, an Aontais a mhéadú. Ní mór an bonneagar a fheabhsú chun freastal ar an aistriú glas d’fhonn spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, agus ar an aistriú chuig foinsí éagsúla gáis freisin, agus ag an am céanna, sreabhadh fuinnimh na mBallstát a áirithiú trí idirnaisc tarchurtha. Sa teachtaireacht uaidh, iarrann an Coimisiún go mbeadh comhoiriúnacht hidrigine ann, agus tacaíonn CESE leis sin. |
|
3.4. |
Ina theannta sin, tá nasc idir REPowerEU agus na bearta sriantacha cuimsitheacha a ghlac an tAontas agus tíortha eile den domhan Thiar i ndáil leis an Rúis. Is féidir REPowerEU a chomhordú agus a choigeartú dá réir sin, ós rud é go mbeifí ag súil go bhféadfaí raon agus déine na smachtbhannaí athrú le himeacht ama. Mar sin féin, ba cheart príomhchuspóir REPowerEU (i.e. a bheith neamhspleách ón Rúis ó thaobh tráchtearraí straitéiseacha a sheachadadh agus an chaoi a gcuireann sí isteach ar mhargadh fuinnimh na hEorpa) a bheith daingean agus gan athrú. |
|
3.5. |
Ag an am céanna, is oth le CESE nach bhfuil gníomhaíocht déanta ag na ceannairí polaitiúla bunaithe ar a ghlao maidir le spleáchas straitéiseach a laghdú ar thríú páirtithe neamhiontaofa, agus gur a mhalairt a tharla – tá méadú tagtha ar an spleáchas sin. Ní bheadh tionchar chomh dian sin ag an ngéarchéim reatha maidir le praghsanna fuinnimh ar shaoránaigh agus ar chuideachtaí na hEorpa mura mbeadh an Eoraip ag brath chomh mór sin ar allmhairí breoslaí iontaise ón Rúis, rud a d’eascair as cinntí gearrbhreathnaitheacha a glacadh maidir le fuinneamh i roinnt Ballstát le deich mbliana anuas. |
|
3.6. |
In aimsir géarchéime, is gá cuimhneamh ar na cuspóirí foriomlána in ionad iarracht a dhéanamh na fadhbanna is práinní a réiteach. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE go bhfuil an méid sin á dhéanamh ag an gCoimisiún ina Theachtaireacht. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas cloí go comhsheasmhach le bunchuspóirí a bheartais fuinnimh agus a chóras fuinnimh: slándáil an tsoláthair, costais réasúnta agus praghsanna réasúnta, agus neodracht charbóin. Ós rud é go bhfuil na bunchuspóirí sin go léir i mbaol faoi láthair, ba cheart don Aontas díriú ar bhearta lena mbaineann an tairbhe is mó chun na cuspóirí ina n-iomláine a bhaint amach agus a rannchuidíonn ar an mbealach is éifeachtúla le réiteach a fháil ar na dúshláin ghéara reatha agus le gnóthú na spriocanna fadtéarmacha. |
|
3.7. |
Is cuid de shlándáil an tsoláthair fuinnimh é meascán táirgthe fuinnimh éagsúil. Chomh maith leis an bhfuinneamh gaoithe agus an grianfhuinneamh, tá sé tábhachtach úsáid a bhaint as an raon leathan foinsí fuinnimh ísealcharbóin, foinsí atá oiriúnach don gheilleagar agus don éiceolaíocht laistigh de chóras fuinnimh. Ag an am céanna, tá gá le téamh ceantair agus teaschaidéil a úsáid. |
|
3.8. |
Is oth le CESE nach luaitear sa Teachtaireacht an ról atá ag foinsí cobhsaí ísealcharbóin i gcobhsaíocht an tsoláthair fuinnimh. |
|
3.9. |
Cé go n-aontaíonn CESE leis an gCoimisiún Eorpach maidir leis an gcuspóir i ndáil le neamhspleáchas a bhaint amach ó ghás na Rúise, cuireann sé in iúl go mbeidh sé thar a bheith dúshlánach do gheilleagar agus do shochaí na hEorpa an t-éileamh ar ghás ón Rúis a laghdú faoi dhá thrian faoi dheireadh na bliana seo. Ciallaíonn sé sin go mbeidh gá le héagsúlú: trí ghás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus trí bhithmheatán, go príomha sa ghearrthéarma, ar thaobh amháin, agus trí éifeachtúlacht fuinnimh agus leathnú foinsí in-athnuaite fuinnimh, ar an taobh eile. Is saincheist chasta í an spleáchas ar sholáthróir amháin agus ar fhoinse fuinnimh a bhfuil sciar mór aici i meascán fuinnimh an Aontais a athrú agus ní féidir leis sin tarlú thar oíche. Ní mór gach foinse fuinnimh a chur i ngníomh d’fhonn lándorchuithe agus corraíl shóisialta a sheachaint. |
|
3.10. |
Aithníonn CESE go mbeidh gá le hidirghabhálacha ó na Ballstáit, cibé acu idirghabhálacha fioscacha nó idirghabhálacha rialála iad, d’fhonn praghsanna inacmhainne a áirithiú do thomhaltóirí deiridh agus d’fhonn cosc a chur ar an mbochtaineacht fuinnimh. Ina theannta sin, áitíonn CESE ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh d’fhonn na praghsanna i gcóras fuinnimh an Aontais a chobhsú ionas gur féidir méaduithe tobanna gan choinne ar phraghsanna a sheachaint. Mar sin féin, ba cheart do lucht ceaptha beartas a áirithiú nach gcuirfidh na hidirghabhálacha sin isteach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, nach gcuirfidh siad iarrachtaí maidir le dícharbónú agus éifeachtúlacht fuinnimh i mbaol agus nach mbeidh siad ina gcúis le héiginnteacht infheistíochta i dtionscal an fhuinnimh. Ba cheart dul i ndlúthchomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, e.g. na comhpháirtithe sóisialta, agus na bearta uile á gcur chun feidhme, cibé acu an beart ar leibhéal na mBallstát nó ar an leibhéal Eorpach atá i gceist. |
|
3.11. |
Mar thoradh ar phraghsanna arda fuinnimh, déanann roinnt mhaith cuideachtaí ola brabúis arda, mar aon le roinnt soláthróirí fuinnimh agus trádálaithe. Measann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh gur fiú na “brabúis amhantair”, mar a thugtar orthu, thart ar 200 billiún euro in 2022 san Aontas. Molann sí go ndéanfaí cáin a ghearradh ar na brabúis sin agus go ndéanfaí iad a athdháileadh mar chúiteamh airgeadais ar thomhaltóirí fuinnimh, amhail teaghlaigh leochaileacha, cuideachtaí dianfhuinnimh, earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta, agus go n-úsáidfí iad chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus an bonneagar eangaí is gá a leathnú. Maidir le “cánacha amhantair”, cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór a bheith cúramach nach ndíspreagfaí cuideachtaí fuinnimh infheistíochtaí a dhéanamh i réitigh ísealcharbóin tráth a iarrtar ar an Eoraip dlús a chur leo chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach. |
|
3.12. |
Ba cheart aon bhearta tacaíochta atá dírithe ar an ngéarchéim a mhaolú a bheith sealadach agus dírithe go sonrach orthu siúd is mó atá thíos léi, cibé acu a bhaineann sé sin le saoránaigh, le FBManna nó le tionscail dianfhuinnimh. In ionad ionstraimí nua de chuid an Aontais a úsáid, ba cheart úsáid a bhaint as na cistí atá ann cheana amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Ciste um Aistriú Cóir agus an t-ioncam méadaithe ón gcóras trádála astaíochtaí. |
|
3.13. |
I gcás briseadh iomlán ar sholáthairtí na Rúise, ní bheadh an Eoraip in ann a éileamh gáis a chumhdach le linn an gheimhridh sa dara leath den bhliain. Is gá, dá bhrí sin, breithniú a dhéanamh ar bhealaí chun an t-éileamh a eagrú agus an soláthar a mhéadú. Ar an gcéad dul síos, ní mór an t-éileamh a eagrú, agus tá moltaí déanta ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh ina leith sin lena laghdófar spleáchas an Aontais ar ghás na Rúise (stuaim fuinnimh agus plean eagraithe maidir le scoitheadh lóid, etc.). Ar an dara dul síos, ba cheart na roghanna go léir a chur i ngníomh chun an soláthar gáis a éagsúlú trí GNL a allmhairiú (trí áiseanna stórála a líonadh a mhéid is féidir trí GNL a allmhairiú agus cumas allmhairiúcháin GNL a mhéadú ag an am céanna). |
|
3.14. |
Níl rochtain ag na Ballstáit go léir ar chríochfoirt GNL, agus tá gá le hiarracht urghnách dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát agus go gcuirfí dlús le hidirnaisc tarchurtha. Beidh costais bhreise ollmhóra mar thoradh ar na hathruithe uile seo, i ngeall ar na hinfheistíochtaí atá ag teastáil. Ba cheart sceideal ama a tharraingt suas maidir le praiticiúlacht na mbeart agus na n-infheistíochtaí sin. Tógfaidh sé roinnt ama, is dócha cúpla bliain, chun infheistíochtaí a chur i gcrích sa bhonneagar atá ag teastáil. |
|
3.15. |
Beidh gá freisin leis an mbonneagar a fheabhsú mar gheall ar an méadú ar úsáid fuinnimh in-athnuaite, agus ba cheart infheistíochtaí sa réimse sin a spreagadh in ionad bac a chur orthu. Tá líonraí dáileacháin ríthábhachtach chun méideanna móra leictreachais ghlais a chomhtháthú agus is gá iad a leathnú agus a dhigitiú dá réir sin. Chun costais thréigthe a sheachaint, ní mór breithniú maith a dhéanamh ar na cinntí infheistíochta sin agus iad a phleanáil ar bhealach a sheasfaidh an aimsir. |
|
3.16. |
Le dálaí reatha an mhargaidh, ní thugtar aon dreasacht chun gás a stóráil i rith an tsamhraidh. Is geal le CESE go n-ainmníonn an Coimisiún stóráil gáis mar “bhonneagar criticiúil”. Tacaíonn CESE go láidir le togra an Choimisiúin maidir le stóráil gáis. Áitíonn CESE ar na hinstitiúidí an méid seo a leanas a dhéanamh:
Mar gheall ar chórais éagsúla i mBallstáit éagsúla, ní mór é a bheith indéanta freisin oibleagáidí stórála gáis a chomhlíonadh le breoslaí malartacha. |
|
3.17. |
Is díol sásaimh do CESE gur fógraíodh go gcuirfear dlús le húsáid hidrigine agus na cuspóirí nua (+ 15 mhilliún tona faoi 2030). Mar sin féin, tá gá le cur chuige réalaíoch. Tá gá le solúbthacht maidir le húsáid (e.g. breisíocht), pragmatachas maidir le tacaíocht (agus le cinntí i ndáil le IPCEI/Státchabhair a luaithe is féidir), agus fáil réidh le srianta nach bhfuil gá leo a d’fhéadfadh bac a chur ar an infheistíocht. I bhfianaise an méid sin, is díol sásaimh do CESE na fógraí ón gCoimisiún maidir leis na hamanna próiseála do chomhaid a bhaineann le Státchabhair (faoin samhradh). |
|
3.18. |
Meabhraíonn CESE gur iarr sé go mbeadh na saoránaigh a chur i gcroílár an Aontais Fuinnimh (2) ina phríomhchuspóir. Mar sin féin, ní mór bearta nithiúla i reachtaíocht an Aontais a ghlacadh chun an coincheap sin a chur i bhfeidhm go tapa agus chun an tAontas a shaoradh óna spleáchas ar an Rúis. Cuireann rochtain chasta do thomhaltóirí ar a dtáirgeadh féin agus ar chomhroinnt fuinnimh in-athnuaite bac ar na custaiméirí sin a chosaint ar phraghsanna fuinnimh atá ag ardú. Iarrann CESE go ndéanfaí meastóireacht ar fhorálacha maorlathacha atá ann cheana maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh a shuiteáil agus a mhargú/féinúsáid a bhaint astu agus go mbainfí na bacainní uile nach bhfuil gá leo d’fhonn leas iomlán a bhaint as acmhainneacht fuinnimh na saoránach agus an phobail, trí dhíriú ar shuiteálacha níos lú agus ar roghanna solúbthachta. |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach tascfhórsa a chruthú a bheidh freagrach as faireachas buan a dhéanamh ar chur chun feidhme praiticiúil an phlean, ar mheastóireacht a dhéanamh ar a indéanta atá sé agus ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Is féidir athruithe suntasacha teacht ar na cúinsí, agus ní mór cuspóirí REPowerEU a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme go rathúil ar chúiseanna straitéiseacha tábhachtacha. |
|
4.2. |
In ainneoin go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach, tá sé ríthábhachtach freisin leanúint den infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá méadaithe atá ann teacht ar réitigh chun rioscaí agus dúshláin gheo-eacnamaíocha, shochaíocha agus chomhshaoil a bhaineann le fuinneamh a bhainistiú. |
|
4.3. |
Moltar i dteachtaireacht REPowerEU go gcuirfí dlús le táirgeadh bithmheatáin go 35 bcm faoi 2030. Cé gur díol sásaimh an sprioc sin, tá sé an-uaillmhianach, agus iarrann CESE go mbeadh bearta agus dreasachtaí nithiúla ann chun an sprioc sin a bhaint amach. |
|
4.4. |
Ba cheart an sprioc maidir le suiteáil teaschaidéil a dhúbailt go dhá mhilliún teaschaidéal a shuiteáil gach bliain. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le laghdú suntasach ar thomhaltas gáis i gcomhair téimh de thart ar 35 bcm faoi 2030. Ba cheart bealaí a fhiosrú chun teaschaidéil a chur in úsáid go tapa. Mar sin féin, ba cheart aire a thabhairt chun fadhbanna maidir le buaic-éileamh leictreachais a sheachaint ar fud na hEorpa. Ba cheart machnamh a dhéanamh freisin ar theaschaidéil hibrideacha. Ní mór an bonneagar atá ann faoi láthair a uasghrádú le heangacha cliste chun freagairt d’éileamh níos mó ar leictriú. |
|
4.5. |
Tá gá le timpeallacht fhabhrach shlán infheistíochta chun dlús a chur le hinfheistíochtaí. Is díol sásaimh é an togra chun dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna, ach tá sé tábhachtach nach mbainfear an bonn den chomhairliúchán cuí leis na geallsealbhóirí. Ag an am céanna, eascróidh roinnt mhaith dúshlán as infheistíochtaí a mhéadú go tapa, agus ní mór na dúshláin sin a bhainistiú chomh maith, lena n-áirítear maidir le saothar oilte agus na hábhair agus an trealamh is gá a bheith ar fáil. |
|
4.6. |
Ba cheart na Ballstáit a dhreasú chun “limistéir is fearr” oiriúnacha a shainiú chun méadú a dhéanamh ar ghlacadh na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh. Tá acmhainneacht sineirgíochta neamhshaothraithe ag baint le foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur in úsáid d’fhonn gníomhaíochtaí eile a bheidh chun tairbhe don tsochaí agus don gheilleagar a thabhairt i gcrích, amhail infheistíochtaí athfhorbraíochta a aistriú nó leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht a bhaineann le foinsí inathnuaite fuinnimh a chur in úsáid san earnáil chónaithe agus tráchtála. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Tuairim ó CESE Praghsanna fuinnimh (IO C 275, 18.7.2022, lch. 80).
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/129 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha
(COM(2022) 135 final – 2022/0090 (COD))
(2022/C 323/22)
|
Rapóirtéir ginearálta: |
Marcin NOWACKI |
|
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 4.4.2022 Comhairle an Aontais Eorpaigh, 4.4.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 194(2) agus Airteagal 304 CFAE |
|
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
160/1/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Cáineann CESE ionradh Rialtas na Rúise ar an Úcráin, ionradh atá gan údar agus gan chúis. Ba mhian leis a chur in iúl go bhfuil sé ag seasamh i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine agus ag éileamh bearta diongbháilte ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta de mheon na haontachta sa tréimhse shuntasach seo. Tá géarchéim gheopholaitiúil dhomhanda tar éis titim amach de dheasca ionsaí na Rúise, géarchéim a bhfuil tionchar as cuimse aici ar an Aontas Eorpach. Tá an spleáchas ar fhuinneamh príomhúil ó thríú tíortha ina bhagairt dhíreach do shlándáil agus cobhsaíocht an Aontais. |
|
1.2. |
Tacaíonn CESE go mór leis an togra le haghaidh an Rialacháin agus is díol sásaimh dó an cinneadh nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm. Is díol molta dó freagairt ghasta na n-institiúidí Eorpacha i ndáil leis sin (1) (2). Is den tábhacht saoráidí stórála gáis atá líonta go maith a bheith ann chun geimhreadh sábháilte a áirithiú in 2022/2023, cosaint a thabhairt ar shuaitheadh praghsanna, muintir na hEorpa a chosaint ar an mbochtaineacht fuinnimh agus iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa a dhaingniú. Tá CESE á thabhairt dá aire go mbeadh costas na neamhghníomhaíochta sna himthosca atá ann faoi láthair i bhfad níos mó ná costas na mbeart gearrthéarmach atá beartaithe ag an gCoimisiún. |
|
1.3. |
Tá CESE ag tathant ar na hinstitiúidí ionstraim um infheistíocht ghearrthéarmach a thabhairt isteach a chuirfidh feabhas ar neamhspleáchas fuinnimh an Aontais agus tá sé á chur i bhfáth aige nach leor dlús a chur leis na pleananna atá ann cheana chun slándáil fuinnimh na hEorpa a ráthú. |
|
1.4. |
Beart comhlántach is ea an comhar le tríú tíortha d’infheistíochtaí i mbonneagar nua, beart a chuirfidh le slándáil fuinnimh na hEorpa. Tá CESE ag tathant ar an gComhairle agus ar an bParlaimint féachaint ar úsáid a bhaint as saoráidí stórála gáis i dtríú tíortha atá ar theorainn an Aontais, rud a chuirfidh breisluach le cinnteacht an tsoláthair, go háirithe san Úcráin. |
|
1.5. |
Tacaíonn CESE leis an bplean chun stórais gáis a líonadh de réir mhéid na stórála, thomhaltas na tíre agus cumas na saoráidí stórála chun freastal ar thíortha eile sa réigiún agus is é is aidhm dó comhroinnt neamhchothrom dualgais a sheachaint ar an leibhéal réigiúnach. |
|
1.6. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go dtógfaidh sé roinnt blianta cinneadh deiridh a dhéanamh maidir le deimhniú éigeantach na n-oibreoirí stórála gáis ó tharla go bhféadfaí achomhairc a dhéanamh os comhair na gcúirteanna náisiúnta. Ar an ábhar sin, tá an Coiste á mholadh go dtabharfaí isteach sásra cur chun feidhme luath lena gceadófar do na húdaráis rialála náisiúnta tús a chur le hobair ullmhúcháin sula tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Le roinnt míonna anuas, “tá méadú mór tagtha ar phraghsanna gáis de bharr margadh gáis neamhchothrom a bheith ann” (3). Le linn an tséasúir téimh atá ag teacht chun deiridh gan mhoill, bhí leibhéal stórála an Aontais go mór faoi bhun leibhéal na mblianta roimhe seo, le difríocht de níos mó ná 20 pointe céatadáin i gcomparáid le 2020 agus beagnach 30 pointe céatadáin i gcomparáid le 2019.
Tábla Comparáid idir na leibhéil líonta san Eoraip.
Foinse: Reuters (4) |
|
2.2. |
Is é 101,1bcm acmhainn stórála iomlán an Aontais faoi thalamh agus tá 160 saoráid stórála lonnaithe in 18 mBallstát (5). Is le Gazprom thart ar 10 % d’acmhainn iomlán stórála gáis na hEorpa faoi thalamh (6) agus tá tionchar aige ar bheagnach aon trian den stóráil gáis sa Ghearmáin, san Ostair agus san Ísiltír (7). |
|
2.3. |
Tá sé tugtha faoi deara ag an gCoimisiún go bhfuil ráta líonta saoráidí stórála atá faoi úinéireacht Gazprom i bhfad níos ísle ná an meán (8). I mí Dheireadh Fómhair 2021, i dtíortha nach bhfuil saoráidí stórála dá chuid féin ag Gazprom iontu, amhail an Fhrainc agus an Iodáil, bhí an leibhéal gáis a bhí á stóráil ag gnáthleibhéil, nó geall leo, don am sin den bhliain. Mar sin féin, le déanaí, bhí an tsaoráid stórála gáis nádúrtha atá faoi úinéireacht Gazprom in Rehden na Gearmáine, saoráid ina stóráiltear aon chúigiú de ghás na tíre, líonta go dtí níos lú ná 10 % dá toilleadh, cé go raibh sí líonta go 100 % dá toilleadh i mí Dheireadh Fómhair 2019 de réir sonraí Bhonneagar Gáis na hEorpa. An tsaoráid in Haidach na hOstaire, atá á hoibriú freisin ag Gazprom agus atá ar cheann de na saoráidí stórála is mó i lár na hEorpa, ní raibh sí líonta ach go dtí 20 % dá toilleadh (9). |
|
2.4. |
I bhfianaise iompar Gazprom, is follas go bhféadfadh margadh fuinnimh na hEorpa a bheith faoi thionchar míchuí tríú tíortha agus is gá céimeanna cinntitheacha a ghlacadh ina choinne sin. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE leis an bplean chun stórais gáis a líonadh le gás ó thíortha eile seachas an Rúis. |
|
2.5. |
D’ainneoin na mbeart atá molta sa Rialachán, is féidir slándáil fuinnimh an Aontais a fheabhsú trí dheireadh a chur le srianta ar tharchur agus trádáil gáis idir na Ballstáit, maille le heastóscadh acmhainní neamhúsáidte (tréigthe) san Aontas a atosú ar bhonn sealadach. Is féidir slándáil fuinnimh agus cobhsaíocht praghsanna fuinnimh an Aontais a fheabhsú a thuilleadh trí ghás a cheannach i gcomhar le chéile. |
3. Barúlacha sonracha
3.1. Spriocanna líonta éigeantacha agus conair líonta éigeantach
|
3.1.1. |
Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún maidir le spriocanna líonta éigeantacha. Ní féidir breathnú ar na spriocanna a leagtar síos sa Rialachán mar bhearta iomarcacha. Mar sin féin, chun méaduithe breise ar phraghsanna fuinnimh a sheachaint, tá sé á mholadh go mór ag CESE gan na spriocanna a leagtar síos a mhéadú a thuilleadh. |
|
3.1.2. |
Gan dochar do cháilíocht an Rialacháin, ní fhéadfar beartas coiteann agus éifeachtach stórála gáis a chur i bhfeidhm i gcleachtas gan córais láidre tarchurtha gáis a bheith ann. De ghrá athléimneacht na hEorpa a mhéadú san fhadtéarma, is den ríthábhacht infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar, lena n-áirítear bonneagar atá réidh le hidrigin, agus go háirithe idirnascairí agus saoráidí stórála. Tá CESE ag tathant ar na hinstitiúidí ionstraim um infheistíocht ghearrthéarmach a thabhairt isteach a chuirfidh feabhas ar neamhspleáchas fuinnimh an Aontais agus tá sé á chur i bhfáth aige nach leor dlús a chur leis na pleananna atá ann cheana chun slándáil na hEorpa a ráthú. |
|
3.1.3. |
I gcás nach féidir le Ballstát an sprioc líonta a bhaint amach i ngeall ar shaintréithe teicniúla sonracha, cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas ina leith sin roimh an 1 Samhain, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an moill. Dar le CESE, tá spriocdháta mhí na Samhna maidir le fógra a thabhairt faoi mhoill ródhéanach. Faoi mhí na Samhna beidh an séasúr téimh faoi lán seoil cheana agus féadfaidh moilleanna in aon Bhallstát iarracht na hEorpa a chur i mbaol agus a bheith ina gcúis le suaitheadh praghsanna. Ar an gcúis sin, tá CESE á mholadh go n-aistreofaí an spriocdháta maidir le fógra a thabhairt faoi mhoill go mí Dheireadh Fómhair ar a dhéanaí. San am céanna, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun spriocanna éigeantacha a bhaint amach a luaithe is féidir go teicniúil, seachas faoi mhí na Nollag. |
|
3.1.4. |
San am céanna, tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá comhar leis an gComhphobal Fuinnimh agus tá sé ag tathant ar an gComhairle agus ar an bParlaimint féachaint ar úsáid a bhaint as saoráidí stórála gáis i dtríú tíortha atá ar theorainn an Aontais, rud a chuirfidh breisluach le cinnteacht an tsoláthair, go háirithe san Úcráin. |
|
3.1.5. |
Beart comhlántach is ea an comhar le tríú tíortha d’infheistíochtaí i mbonneagar nua chun leibhéil leordhóthanacha stórála gáis a áirithiú go tapa agus, dá bhrí sin, ba cheart ardtosaíocht a thabhairt dó. |
3.2. Cur chun feidhme, faireachán agus forfheidhmiú
|
3.2.1. |
Is díol molta do CESE é go bhfuil bearta éifeachtacha cur chun feidhme, faireacháin agus forfheidhmiúcháin á dtabhairt isteach sa bhreis ar spriocanna éigeantacha do na Ballstáit agus don Choimisiún. |
|
3.2.2. |
San am céanna, tá sé á thabhairt dá aire nach léir cé atá freagrach as neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos. Ós rud é nach bhfuil oibreoirí stórála gáis saor ó thionchar tríú tíortha, creideann CESE gur cheart an t-ualach dlíthiúil a bheith ar na Ballstáit. Thairis sin, tá CESE á iarraidh go gcomhlánófaí an Rialachán le sraith smachtbhannaí éifeachtacha a d’fhéadfadh an Coimisiún a fhorchur ar na Ballstáit nach gcomhlíonann na hoibleagáidí. |
|
3.2.3. |
Leasófar Airteagal 6ú (8) mar a leanas: “I gcás imeacht suntasach marthanach ó na conairí líonta nó ón sprioc líonta, déanfar na bearta seo a leanas”. Ba cheart an cuspóir maidir le líonadh a athbhreithniú sa phróiseas ina líontar saoráid stórála i ngeall ar imthosca oibiachtúla. Ba cheart Airteagal 6c maidir le comhroinnt chothrom dualgais a leasú i gcomhréir lena bhfuil thuas. |
|
3.2.4. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil inniúlachtaí an Choimisiúin á leathnú go mór. Dar leis, is maith an rud é go bhfuil teorainn ama leis an leathnú sin. |
3.3. Dreasachtaí airgeadais do rannpháirtithe sa mhargadh
Tacaíonn CESE leis na díolúintí ó tharaifí tarchurtha ag pointí iontrála agus pointí scoir na saoráidí stórála. Mar sin féin, tá CESE ag leagan béim ar an méadú ar an mboilsciú agus ar na héifeachtaí féideartha a bhaineann le dreasachtaí airgeadais breise agus státchabhair a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh. Tá sé á mholadh ag CESE go ndéanfaí athmheasúnú ar an úsáid a bhaintear as cistí AE atá ann cheana, go háirithe na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, d’fhonn iad a chur in oiriúint do na dálaí reatha agus cuid de na cistí a leithdháileadh chun na dreasachtaí airgeadais agus an státchabhair sin a chur ar fáil.
3.4. Sásra comhroinnte dualgais
|
3.4.1. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil deacrachtaí móra ag baint le roinnt neamhchothrom freagrachtaí i ndáil le líontaí stórála. Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún an Rialachán a fhorlíonadh le pleananna do Bhallstáit aonair lena gcuirfí san áireamh méid na stórála, tomhaltas na tíre agus cumas na saoráide stórála freastal ar thíortha eile sa réigiún d’fhonn comhroinnt neamhchothrom dualgais, rioscaí agus costas a sheachaint. Tá imní ar CESE go bhféadfaí tionchar ollmhór a imirt ar an margadh gáis réigiúnach de dheasca easpa dea-chomhordaithe. |
|
3.4.2. |
Mar shampla, is féidir cur chuige réigiúnach a ghlacadh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin. Rogha eile is ea go bhfhéadfaí saoráid Inčukalns sa Laitvia a mheas mar shaoráid stórála gáis nádúrtha i Réigiún Mhuir Bhailt agus san Fhionlainn. |
3.5. Deimhniú éigeantach oibreoirí córais stórála
|
3.5.1. |
Tá CESE i bhfách le deimhniú éigeantach na n-oibreoirí córas stórála. Mar sin féin, tá CESE á thabhairt dá aire, ós rud é go bhféadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh diúltach maidir le deimhniú, go dtógfadh sé roinnt blianta a chinneadh go críochnaitheach gan oibreoirí saoráidí stórála a dheimhniú, ag brath ar luas na n-imeachtaí breithiúnacha náisiúnta. Dá bhrí sin, is ionstraim é deimhniú éigeantach oibreoirí córais stórála a chuirfidh feabhas ar shlándáil fuinnimh an Aontais san fhadtéarma seachas sa ghearrthéarma. |
|
3.5.2. |
Ar an ábhar sin, tá an Coiste á mholadh go dtabharfaí isteach sásra cur chun feidhme luath lena gceadófar do na húdaráis rialála náisiúnta tús a chur le hobair ullmhúcháin sula tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. |
|
3.5.3. |
I bhfianaise an méid thuas, tá CESE ag áitiú ar an gCoimisiún treoirlínte maidir leis na nósanna imeachta deimhniúcháin a chur i láthair a luaithe is féidir sa chaoi is go mbeidh na húdaráis rialála náisiúnta in ann measúnú tráthúil a dhéanamh. San am céanna, tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá treoirlínte an Choimisiúin maidir leis an Rialachán a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na mBallstát, agus, i ndeireadh thiar thall, ar a thábhachtaí atá sé go n-éireodh leis an mbeartas stórála gáis. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) https://www.europarl.europa.eu/news/ga/press-room/20220405IPR26703/meps-back-urgency-procedure-to-refill-gas-reserves-before-next-winter
(2) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/QANDA_22_1937
(3) Meabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialacháin.
(4) https://www.reuters.com/business/energy/europe-would-struggle-refill-gas-storage-without-russian-supplies-2022-03-30/
(5) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/QANDA_22_1937
(6) https://www.martenscentre.eu/blog/how-gazprom-manipulated-the-eu-gas-market/
(7) https://www.ft.com/content/576a96f7-e41d-4068-a61b-f74f2b2d3b81
(8) https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/E-9-2021-004781-ASW_EN.html
(9) https://www.ft.com/content/576a96f7-e41d-4068-a61b-f74f2b2d3b81
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/133 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann le leathnú chumhacht an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh
(COM(2022) 113 final — 2022/0080 (COD))
(2022/C 323/23)
|
Comhairliúchán |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 24.3.2022 Parlaimint na hEorpa, 23.3.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
199/2/1 |
Ós rud é go bhformhuiníonn an Coiste ábhar an togra go huile agus go hiomlán agus go bhfuil a chuid barúlacha faoin ábhar leagtha amach cheana aige i dtuairim INT/763 (1), a glacadh an 18 Feabhra 2015, chinn an Coiste, ag an 569ú seisiún iomlánach a bhí aige an 18 agus an 19 Bealtaine 2022 (cruinniú an 18 Bealtaine), le 199 vóta ar son, 2 vóta in aghaidh agus staonadh amháin, tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe agus tagairt a dhéanamh don seasamh a ghlac sé sa doiciméad nó sna doiciméid thuasluaite.
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/134 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT-EU
(COM(2022) 145 final – 2022/0096 (COD))
Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT-EU
(COM(2022) 162 final – 2022/0096 (COD))
(2022/C 323/24)
|
Comhairliúchán |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 25.3.2022 agus 4.4.2022 Parlaimint na hEorpa, 4.4.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagail 175(3), 177 agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
179/0/4 |
Ós rud é go bhfuil ábhar an dá thogra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT-EU formhuinithe ag an gCoiste agus gurb é a mheas nach gá dó aon bharúil a thabhairt uaidh, chinn sé, ag an 569ú seisiún iomlánach an 18 agus an 19 Bealtaine 2022 (cruinniú an 18 Bealtaine), le 179 vóta ar son agus 4 staonadh, tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe.
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/135 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun iarmhairtí ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an ionsaithe mhíleata sin a mhaolú
(COM(2022) 179 – 2022/0118 COD)
(2022/C 323/25)
|
Comhairliúchán |
An Chomhairle, 25.4.2022 Parlaimint na hEorpa, 2.5.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 43(2), Airteagal 175 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
188/2/2 |
I bhfianaise na spriocdhátaí gearra agus a riachtanaí agus atá an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach, chinn an Coiste, ag an 569ú seisiún iomlánach an 18 agus an 19 Bealtaine 2022 (cruinniú an 18 Bealtaine), le 188 vóta i bhfábhar, 2 vóta in aghaidh agus 2 staonadh, gan tuairim shubstaintiúil a tharraingt suas ach an togra a fhormhuiniú go foirmiúil.
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG