|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 321 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 321/01 |
||
|
|
FÓGRAÍ A bhAineAnn LEIS An LimistéAr EorpAch EAcnAmAíoch |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 321/02 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 321/03 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10848 – PERMIRA / H&F / ZENDESK) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
2022/C 321/04 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M. 10819 – OMERS / APG / GROENDUS) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
2022/C 321/05 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10850 – ASMENT DE TEMARA / VEOM / JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
2022/C 321/06 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10844 – INFRAVIA / P4 / FIBERFORCE) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 321/07 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
25.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 321/1 |
Rátaí malairte an euro (1)
24 Lúnasa 2022
(2022/C 321/01)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
0,9934 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
135,74 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4381 |
|
GBP |
punt steirling |
0,84283 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
10,5860 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9576 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
139,50 |
|
NOK |
krone na hIorua |
9,6360 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,629 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
410,93 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,7668 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,8800 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
18,0362 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,4389 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,2908 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
7,7950 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6065 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,3857 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 332,84 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
16,8976 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
6,8220 |
|
HRK |
kuna na Cróite |
7,5125 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
14 757,60 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,4559 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
55,700 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
35,906 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,0606 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
19,7781 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
79,3006 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
FÓGRAÍ A bhAineAnn LEIS An LimistéAr EorpAch EAcnAmAíoch
An Coimisiún Eorpach
|
25.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 321/2 |
Fógra ó Údarás Faireacháin CSTE maidir le rátaí úis aisghabhála státchabhrach maille le rátaí tagartha/lascaine i gcás Stáit CSTE is infheidhme ón 1 Bealtaine 2022
(Arna fhoilsiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le rátaí tagartha agus lascaine a leagtar amach i gCuid VII de Threoirlínte Údarás Faireacháin CSTE maidir le Státchabhair agus Airteagal 10 de Chinneadh CSTE Uimh. 195/04/COL an 14 Iúil 2004 (1) )
(2022/C 321/02)
I gcomhréir leis an gCaibidil ar an modh le rátaí tagartha agus rátaí lascaine Threoirlínte CSTE um Státchabhair a bhunú, sin mar a ríomhtar na bunrátaí, treoirlínte arna leasú le Cinneadh Uimh. 788/08/COL an 17 Nollaig 2008. Chun na rátaí tagartha is infheidhme a fháil, cuirfear corrlaigh iomchuí leis an mbunráta i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair.
Cinneadh na bunrátaí mar a leanas:
|
|
An Íoslainn |
Lichtinstéin |
An Iorua |
|
1.5.2022 – |
3,12 |
-0,57 |
1,17 |
(1) IO L 139, 25.5.2006, lch. 37 agus Forlíonadh LEE le IO Uimh. 26/2006, 25.5.2006, lch. 1.
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
25.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 321/3 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10848 – PERMIRA / H&F / ZENDESK)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 321/03)
1.
An 17 Lúnasa 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Permira Holdings Limited (“Permira”, Geansaí), |
|
— |
Hellman & Friedman LLC (“H&F”, SAM), |
|
— |
Zendesk, Inc. (“Zendesk”, SAM). |
Faigheann Permira agus H&F rialú comhpháirteach ar Zendesk de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is gnólacht cothromais phríobháidigh é Permira a bhíonn ag soláthair seirbhísí bainistíochta infheistíochta do chistí infheistíochta. Tá roinnt cuideachtaí punainne á rialú ag Permira, cuideachtaí atá gníomhach in earnálacha éagsúla ar fud réimse dlínsí, |
|
— |
Is gnólacht infheistíochta cothromais phríobháidigh é H&F a dhíríonn ar infheistiú i saincheadúnais ghnó agus a fheidhmíonn mar chomhpháirtí bainistíochta i dtionscail roghnaithe lena n-áirítear bogearraí & teicneolaíocht, seirbhísí airgeadais, cúram sláinte, tomhaltóirí & miondíol, agus seirbhísí gnó eile, |
|
— |
Is cuideachta bogearraí é Zendesk a sholáthraíonn bogearra “bogearraí mar sheirbhís” bainistíochta caidreamh custaiméirí (“CRM”) atá ceaptha chun feabhas a chur ar chaidreamh custaiméirí. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10848 – PERMIRA / H&F / ZENDESK
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
25.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 321/5 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M. 10819 – OMERS / APG / GROENDUS)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 321/04)
1.
An 17 Lúnasa 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
OMERS Infrastructure European Holdings 2 B.V. (“OMERS Infrastructure”, an Ísiltír), á rialú ag OMERS Administration Corporation (“OMERS”, Ceanada), |
|
— |
APG Asset Management N.V. (“APG”, an Ísiltír), á rialú ag Stichting Pensioenfonds ABP (“ABP”, an Ísiltír), |
|
— |
Groendus Groep B.V. (“Groendus”, an Ísiltír), á rialú ag NPM Capital N.V. (an Ísiltír). |
Gheobhaidh OMERS agus APG rialú comhpháirteach ar Groendus ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is ardán infheistíochta é OMERS Infrastructure atá á rialú ag OMERS agus a bhainistíonn punann éagsúlaithe infheistíochtaí i margaí poiblí, cothromas príobháideach, bonneagar agus réadmhaoin ar an leibhéal domhanda. |
|
— |
Tá APG á rialú ag ABP a bhainistíonn punann éagsúlaithe infheistíochtaí i mbonneagar agus réadmhaoin ar an leibhéal domhanda. |
|
— |
Soláthraíonn Groendus seirbhísí do chustaiméirí fiontair san Ísiltír chun cúnamh a thabhairt leis an aistriú go dtí tomhaltas fuinnimh inbhuanaithe. Ar na seirbhísí áirítear méadair agus grianphainéil a ligean ar cíos, a dhíol, a shuiteáil agus a chothabháil, comhairle a sholáthar, sreabha fuinnimh a thomhais, agus fuinnimh in-athnuaite a sholáthar, agus EnergyMarketPlace (ardán lena n-éascaítear ceannach agus díol cumhachta glaise go díreach ó tháirgeoirí). |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M. 10819 – OMERS / APG / GROENDUS
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
25.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 321/7 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10850 – ASMENT DE TEMARA / VEOM / JV)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 321/05)
1.
An 16 Lúnasa 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
Asment de Temara (“AdT”, Maracó), faoi rialú Votorantim S.A. (“Votorantim”, an Bhrasaíl), |
|
— |
Veolia Services à l’Environnement Maroc (“VEOM”, Maracó), faoi rialú Veolia Environnement S.A. (“Veolia”, an Fhrainc), |
|
— |
comhfhiontar nuachruthaithe chun críocha na hoibríochta comhchruinnithe (“an comhfhiontar”, Maracó), |
Gheobhaidh AdT agus VEOM rialú comhpháirteach ar chomhfhiontar de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus (4) den Rialachán um Chumaisc. Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe arb í an comhfhiontar í.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Tá AdT gníomhach i dtáirgeadh na stroighne, na coincréite, agus na gcumascán i Maracó, |
|
— |
Cuideachta sealbhaíochta is ea VEOM a shealbhaíonn cuideachtaí Maracacha ghrúpa Veolia, grúpa atá gníomhach i soláthar seirbhísí fuinnimh agus seirbhísí a bhaineann leis an uisce (astarraingt, dáileadh agus cóireáil uisce óil, bailiú agus cóireáil fuíolluisce, etc.) agus leis an dramhaíl (bailiú agus cóireáil gnáthdhramhaíola, dramhaíola guaisí, agus dramhaíola rialaithe), |
|
— |
forbróidh agus oibreoidh an comhfhiontar ardán réamhchóireála dramhaíola neamhghuaisí agus guaisí i Maracó. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10850 – ASMENT DE TEMARA / VEOM / JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
Commission européenne |
|
Direction générale de la concurrence |
|
Greffe des concentrations |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
25.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 321/9 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10844 – INFRAVIA / P4 / FIBERFORCE)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 321/06)
1.
An 17 Lúnasa 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
InfraVia V Invest S.à r.l. (Lucsamburg), eintiteas sainchuspóireach á rialú ag Infravia Capital Partners SAS (Infravia, an Fhrainc), |
|
— |
P4 sp. zo. o (P4, an Pholainn), |
|
— |
FiberForce sp z o.o. (Fiberforce, an Pholainn). |
Faigheann Infravia agus P4 rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) de EUMR, ar Fiberforce.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
maidir le Infravia: bainisteoir infheistíochta thar ceann cistí infheistíochta InfraVia, tiomnaithe d’earnáil an bhonneagair agus d’earnáil na teicneolaíochta, lena n-áirítear bonneagar iompair, comhshaoil, fuinnimh agus sóisialta; |
|
— |
maidir le P4: ceann de na ceithre Oibreoir Líonraí Móibíleacha atá ar mhargadh miondíola móibílí na Polainne; |
|
— |
maidir le Fiberforce: soláthair seirbhísí rochtana teileachumarsáide mórdhíola sa Pholainn trína líonra rochtana féin sa teicneolaíocht “Hybrid Fiber-Coaxial” [Snáithín-Comhaiseach Hibrideach] (“HFC”) agus sa teicneolaíocht “Fiber-to-the-Home” [Snáithín isteach sa Teach] (“FTTH”). |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10844 – INFRAVIA / P4 / FIBERFORCE
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
25.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 321/11 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2022/C 321/07)
Leis an bhfoilsiúchán seo, tugtar an ceart freasúra a thaisceadh de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
“Nuez de Pedroso”
Uimh. AE: PDO-ES-02643 — 14.10.2020
STFC ( X ) TGFC ( )
1. Ainm(neacha) [STFC nó TGFC]
“Nuez de Pedroso”
2. Ballstát nó Tríú Tír
An Spáinn
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. Cineál an táirge
Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Le “Nuez de Pedroso”, tagraítear do ghallchnónna a bhuantar ó phlandálacha agus ó chrainn aonair den speiceas Juglans regia L. agus a chuirtear i láthair lena dtomhailt mar ghallchnónna triomaithe ina mblaosc (nach gá ach iad a scilligeadh sular féidir iad a ithe) nó eithní gallchnó (ónar baineadh an bhlaosc agus na landairí inmheánacha).
Buantar na gallchnónna ó chineálacha dúchasacha agus andúchasacha araon. Is é an crann gallchnó dúchasach “Rioja Alta” an cineál dúchasach agus is iad “Chandler”, “Lara”, “Franquette”, “Hartley”, “Fernor”, “Ferbel” agus “Fernette” na cineálacha neamhdhúchasacha, a tugadh isteach agus a cuireadh in oiriúint do shléibhte meán-arda agus d’aeráid Atlantach na timpeallachta geografaí i gcaitheamh na mblianta. I dteannta a chéile, is tacar éicitíopaí de bhunadh áitiúil iad atá roghnaithe ag feirmeoirí i gcaitheamh na gcéadta blianta chun borradh a chur faoin táirgeacht agus faoin gcáilíocht go háirithe. De thoradh air sin, bíonn cion frithocsaídeoirí níos airde ag na gallchnónna sin ná gallchnónna i limistéir eile, lena n-áirithítear íosleibhéal gníomhaíochta frithocsaídeoirí mar atá 115 μmol Trolox/g de réir an mhodh tástála DDPH (± 10 %).
Is é atá i “Nuez de Pedroso” drúp a bhíonn idir meánach agus mór, a mbíonn dath tláith agus cruth cruinn air, a mbíonn ioncharp adhmadach ann a mbíonn idir meánach agus tiubh agus a bhíonn an-fhrithsheasmhach in aghaidh cnagtha, as ar féidir an síol a bhaint go héasca gan é a scoilteadh.
Bíonn an síol – arb é atá ann dhá chotailéadón rocacha a mbíonn cruth inchinne orthu nach mór (cumraíocht féileacáin), a mbíonn landaire ingearach agus dhá nó ceithre landaire bhréagacha neamhiomlána eatarthu – idir meánach agus mór, bíonn dath idir éadrom agus meánach air mar aon le himireacha ómra ar an gcúitineach, bíonn dea-bholadh ard-déine agus “gnáthbhlas gallchnónna” air mar aon le dea-bhlastacht, blas tóstáilte, beagáinín géire gan aon ghairbhe agus gan drochbhlas ná drochbholadh ar bith mar gheall de bharr na hardchobhsaíochta ocsaídiúcháin agus na “heaspa bréine” a bhaineann leis.
Tá ardchobhsaíocht ocsaídiúcháin ag gallchnónna “Nuez de Pedroso”, rud a chiallaíonn go bhfuil seilfré is faide ná 1 bhliain amháin acu sula n-imíonn siad ó mhaith.
Tráth an phacáistithe, ní mór go bhfuil na gallchnónna triomaithe ina mblaosc 28 mm ar trastomhas ar a laghad, ní mór go mbaineann bogthaise nádúrtha nach mó ná 12 % leo, agus ní mór dea-bhail a bheith orthu. Féadfar gallchnónna triomaithe ina mblaosc a phacáistiú suas le huasteorainn 15 kg.
Maidir le heithní gallchnó, féadfar iad a chur i láthair lena ndíol i bhfoirm “iomlán” nó “scoilte”, agus ní mór iad a bheith ar 8 mm ar mhéid ar a laghad agus go bhfuil cion taise nádúrtha nach mó ná 5 % iontu. Ní mór nach bhfuil aon chuid acu briosc nó tirim ná aon limistéar orthu a bhfuil drochdhath air ná a bhfuil smáil mhóra air atá an-éagsúil leis an gcuid eile den eithne. Más amhlaidh atá, ní fhéadfar go ndéantar difear do níos mó ná 25 % den síol. Féadfar eithní gallchnó a phacáistiú suas le huasteorainn 5 kg.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
—
3.4. Bearta sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Ní mór an próiseas táirgthe ar fad, lena n-áirítear triomú agus scilligeadh i gcás inarb infheidhme, a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.
3.5. Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Tar éis an 15 Bealtaine, sonraítear nach mór aon táirge nár cuireadh ar an margadh a stóráil ag teocht nach mó ná 8 °C agus ag bogthaise idir 60 % agus 75 %. Tá an uastréimhse stórála socraithe ag an 31 Nollaig den bhliain tar éis bhliain na buainte.
Beart tábhachtach eile is ea an pacáistiú agus an lipéadú chun a áirithiú go mbíonn riocht foirfe ar ghallchnónna “Nuez de Pedroso” nuair a chuirtear iad ar fáil lena dtomhailt agus nach measctar iad sa phacáistíocht chéanna le gallchnónna ó fhoinsí eile ná le gallchnónna nár triomaíodh trí mhodhanna nádúrtha ná nár stóráladh i gceart iad.
Cuidíonn na dea-dhálaí stórála (teocht agus bogthaise rialaithe) ina gcoinnítear an táirge sula gcuirtear ar an margadh é leis na frithocsaídeoirí an-intuaslagtha agus an-teirmealabach i ngallchnónna “Nuez de Pedroso” a chaomhnú, agus ar an mbealach sin, cuirtear moill leis an bpróiseas millte agus cuirtear síneadh lena seilfré.
Chun comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú, lena rialaítear milleadh na lipidí tar éis an triomaithe agus lena ráthaítear tionscnamh agus inrianaitheacht an táirge, ní mór fógra a thabhairt don eintiteas bainistíochta nó, in éagmais an eintitis sin, don údarás inniúil faoi na cleachtais seo a leanas: stóráil, pacáistiú agus lipéadú.
3.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
I gcás gach formáid táirge, ní mór uimhir a chur ar na lipéid aonair agus an fhaisnéis seo a leanas a bheith orthu:
|
1. |
Ainm agus lógó shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Nuez de Pedroso”, |
|
2. |
I gcás inarb infheidhme, na focail nueces en grano (eithní gallchnó) agus an bhliain inar buanadh iad. |
Tá rochtain ag táirgeoirí agus próiseálaithe uile an táirge a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa tsonraíocht ar an lógó sonrach lena sainaithneofar an táirge (cibé acu an cuid den ghrúpa táirgeoirí iarrthach iad nó nach ea).
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Is limistéar leanúnach aonchineálach é an limistéar geografach sainithe, a gcumhdaítear ann achar iomlán 1 163 km2 agus lena n-áirítear 38 mbardas ar cuid de Phobal Féinrialaitheach Rioja iad, eadhon na bardais seo a leanas, le bheith sonrach:
21 bhardas ar cuid de cheantar Rioja Alta iad; Santurde, Santurdejo, Berceo, San Millán de la Cogolla, Manzanares de Rioja, Villar de Torre, Villarejo, Estollo, Villaverde Rioja, Arenzana de Abajo, Arenzana de Arriba, Badarán, Baños de Río Tobía, Bezares, Bobadilla, Camprovín, Cárdenas, Ledesma de la Cogolla, Manjarrés, Santa Coloma agus Tricio, agus 17 mbardas ar cuid de cheantar Sierra Rioja Alta iad; Anguiano, Brieva de Cameros, Canales de la Sierra, Castroviejo, Mansilla, Matute, Tobía, Ventrosa, Villavelayo, Viniegra de Abajo, Viniegra de Arriba, Ezcaray, Zorraquín, Valgañón, Pazuengos, Ojacastro agus Pedroso (agus is é an bardas deireanach seo an áit óna bhfaigheann an sonrúchán a ainm).
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá baint ag cáilíocht agus saintréithe ghallchnónna “Nuez de Pedroso” le tosca nádúrtha agus daonna araon sa timpeallacht gheografach ina ndéantar iad a shaothrú, a stóráil agus a phacáistiú.
5.1. Cáilíocht nó saintréithe an táirge
Léiríonn gallchnónna a shaothraítear, a thriomaítear agus a stóráiltear sa limistéar geografach sainithe ardchobhsaíocht ocsaídiúcháin mar gheall ar an gcion frithocsaídí nádúrtha níos airde (41,75 μmol Trolox/g níos mó ná cineálacha eile a tháirgtear go tionsclaíoch, de réir staidéir chomparáideacha a rinne Institiúid Saillte agus Olaí Sevilla), lena mbaintear meánghníomhaíocht frithocsaídeoirí 124,672 μmol Trolox/g amach de réir an mhodh tástála DDPH. Cuidíonn sin go mór le moill a chur ar phróiseas ocsaídiú “Nuez de Pedroso”, agus ar an mbealach sin, le síneadh níos faide a chur leis an tréimhse inar féidir é a thomhailt agus riocht foirfe air i gcomparáid le cnónna eile den chineál céanna (i.e. suas le bliain amháin, cé go bhfuil sin idir 3 agus 6 mhí i gcás cnónna eile).
I measc na substaintí nádúrtha a mbaineann gníomhaíocht frithocsaídí leo a fhaightear i gcion chomh ard sin, is as na tócaifearóil, stéaróil agus feanóil intuaslagtha, cuir i gcás flavonóidigh agus tainniní inhidrealaithe, a thagann an dea-bholadh ard-déine agus an “gnáthbhlas gallchnónna” a bhíonn ar ghallchnónna “Nuez de Pedroso”, mar aon leis an dea-bhlastacht, an blas tóstáilte, an beagáinín géire, an ghairbhe íseal, an easpa iomlán drochbhlais ná drochbholaidh agus na himireacha ócair-ómra ar an gcúitineach, eadhon ar chraicne na n-eithní. Is é sin an fáth a bhfuil na bithmhóilíní sin chomh ríthábhachtach sin maidir le cáilíocht an táirge, agus is iadsan a dhéanann an difear le gallchnónna a shaothraítear i limistéir in aice láimhe.
Is mar gheall ar an acmhainneacht fhrithocsaídeach níos airde atá ag “Nuez de Pedroso” i gcomparáid le gallchnónna eile, in éineacht leis an bpróiseas triomaithe nádúrtha, is féidir na bithmhóilíní a theacht slán ina n-iomláine nach mór agus a bhíonn ardchobhsaíocht ocsaídiúcháin ag an táirge. Ciallaíonn sé sin go bhfuil seilfré níos faide aige (fanann riocht foirfe air ar feadh níos mó ná bliain) agus gur lú ar fad an seans go n-imeoidh sé ó mhaith agus é á stóráil, is féidir dul ar aghaidh go dtí 31 Nollaig den bhliain tar éis bliain na buainte gan drochbhlas ná drochbholadh a theacht chun cinn.
Ní éiríonn blaoscanna ghallchnónna “Nuez de Pedroso” níos laige mar gheall ar an bpróiseas triomaithe. Ní chuirtear isteach ar a gcuid uiscedhíonachta, rud a fhágann go seasann siad agus go gcaomhnaítear a gcuid cruais, rud a chiallaíonn gurb éasca an síol a bhaint, mar ní imíonn siad ina mbrus agus iad á scilligeadh.
5.2. Nasc cúisíoch_Tosca nádúrtha
Is limistéar leanúnach aonchineálach é an limistéar geografach sainithe atá suite i gceantar Rioja Alta agus i gceantar Sierra de Rioja Alta, agus atá sléibhtiúil ó thaobh rilífe de. Áirithítear leis na dálaí sonracha ithreach agus aeráide ar fud an limistéir go bhforbraíonn an barr go leordhóthanach, a tharlaíonn go príomha i limistéir úra ghleannta an iarthair atá lonnaithe sna codanna láir/uachtaracha d’aibhneacha Oja agus Najerilla agus craobh-aibhneacha díobh.
Níl an aeráid Mheánmhara atá ag an gcuid eile den Phobal Féinrialaitheach ag ceantar Rioja Alta mar gheall ar thionchar follasach an Atlantaigh (aeráid ilchríochach ar léir a bheith geall le haeráid idir measartha agus úr, go háirithe sna sléibhte), rud a fhágann stráice tais leathan a dtiteann an bháisteach go rialta flúirseach ann.
Is é an chúis atá leis an tionchar Atlantach sin go gcosnaíonn rilíf shaintréitheach an limistéir é ar na gaotha tirime teo aneas. Tá an mheánbháisteach charnach bhliantúil níos airde ná mar atá sa chuid eile den Phobal Féinrialaitheach (502,55 L/m2) agus tarlaíonn sé go dtiteann níos mó ná a dhá oiread báistí san earrach le limistéir eile. Is mór an tairbhe a bhaineann an barr as an méid sin mar d’ainneoin a chuid cruais, cuireann an triomach isteach go mór air, go háirithe sa samhradh. Bíonn an bháisteach i mí an Mheithimh ag teacht le céim an bhláthaithe, rud a bhíonn ina chuidiú freisin chun a áirithiú go mbíonn na gallchnónna a shaothraítear sa cheantar de mhéid leordhóthanach.
Ní hamháin gur mó an méid báistí sa limistéar mar gheall ar an mbogthaise ón Aigéan Atlantach, ach éiríonn léi an teocht a rialú freisin, rud a fhágann nach bhfuil an difríocht sa teocht idir an samhradh agus an geimhreadh chomh suntasach agus atá sa chuid eile den Phobal Féinrialaitheach.
Ní bhíonn sé chomh te i rith an tsamhraidh agus a bhíonn sa chuid eile den Phobal Féinrialaitheach, tráth a bhíonn stoirmeacha samhraidh agus leibhéal ard bogthaise coibhneasta mar gheall ar na mórdhifríochtaí idir teochtaí i rith an lae agus i rith na hoíche. Is chun leas fhorbairt an bharra sin na saintréithe ar leith sin, ar barr é a gcuireann teochtaí arda an tsamhraidh isteach chomh mór sin air. Ós rud é nach ndónn an ghrian na gallchnónna, ní éiríonn na blaoscanna folamh ná freangtha agus ní chuireann na heithní dath dorcha ar an taobh istigh den bhlaosc ná ní ghreamaíonn na heithní de, lena ráthaítear an dath tláith, an méid agus an bhaint éasca síolta atá ina saintréithe de ghallchnónna “Nuez de Pedroso”.
An tráth céanna, le cruas an gheimhridh agus séimhe an tsamhraidh, ráthaítear na riachtanais go mbíonn 4 mhí ar a laghad d’aimsir fhuar agus 4 mhí ar a laghad de theochtaí measartha os cionn 16 °C, lena n-áirithítear go mbláthóidh an crann an bhliain dár gcionn agus go n-aibeoidh an toradh go hiomlán agus go cothrom in am le buaint an fhómhair. Tá sé sin ríthábhachtach le haghaidh an phróisis triomaithe nádúrtha ina dhiaidh sin agus cumasaítear leis freisin an cion ard comhdhúl feanólach agus frithocsaídeach a bhíonn aige. Tá sé cruthaithe i staidéir eolaíocha go bhfuil baint idir an aibíocht agus an cion feanóil.
Tá sé deimhnithe freisin i staidéir shonracha ar an gcion feanóil i ngallchnónna go mbíonn tionchar diúltach ag teas iomarcach, triomaigh agus airde íseal. Ní tharlaíonn na nithe sin sa limistéar atá ag teacht leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (STFC) seo, ós rud é go mbíonn tionchar suntasach ar leith ag airde rilíf na sléibhte arda agus na dálaí aeráide sonracha sa limistéar – go háirithe na samhraí úra báisteacha – ar na cineálacha a shaothraítear atá curtha go hiomlán in oiriúint dó. Bíonn tionchar dearfach aige sin, rud a fhágann go mbíonn an cion iomlán feanól agus frithocsaídeoirí nádúrtha níos airde ná mar a bhíonn i ngallchnónna a shaothraítear i réigiúin eile.
Ciallaíonn na coinníollacha tirime fuara sa cheantar i rith an fhómhair agus an gheimhridh gurb iomchuí an próiseas triomaithe nádúrtha a úsáidtear chun a áirithiú go dtagann laghdú mall ar chion taise na gallchnónna de réir a chéile gan teacht chun cinn fungas nó aflatocsainí, agus ar an mbealach sin cuirtear feabhas ar a seilfré. Cé go maireann an próiseas triomaithe tionsclaíoch a úsáidtear i gceantair eile 18 n-uair an chloig ar an meán, maireann an próiseas nádúrtha a úsáidtear sa limistéar sainithe i bhfad níos mó ná sin, is é sin ar feadh roinnt laethanta. Bíonn éagsúlacht sa fad sin, de réir na haimsire ag an am, rud a chruthaíonn an nasc idir an próiseas triomaithe nádúrtha agus an timpeallacht gheografach.
5.3. Nasc cúisíoch_Tosca daonna
Tá an saineolas maidir leis na síolta agus na cleachtais saothraithe is fearr a roghnú, cathain go díreach is ceart na gallchnónna a bhuaint agus conas próiseas triomaithe nádúrtha agus stóráil cheart a áirithiú, is teicnící iad sin ar fad a fuarthas agus a cuireadh ar aghaidh i gcaitheamh na mblianta. Is toisc thábhachtach é sin freisin maidir le gallchnónna ardcháilíochta a tháirgeadh agus na saintréithe ar fad iontu a chaomhnú a fhad agus is féidir, rud a fhágann gur lú ar fad an seans go n-imeoidh siad ó mhaith agus go mbeidh praghas níos airde orthu ar an margadh.
Ós rud é go bhfuil síolta á roghnú ó na cineálacha faoi chosaint ag na feirmeoirí sa limistéar geografach a chumhdaítear leis an STFC ó thús an tsaoil chun feabhas a chur ar a dtáirgiúlacht, a saintréithe cáilíochta agus a gcumas oiriúnaithe don limistéar geografach sainithe, tá siad éagsúil leis na cineálacha céanna a shaothraítear in áiteanna eile, fiú i limistéir máguaird.
Ní dhéantar damáiste do na cineálacha a shaothraítear anseo toisc go mbláthaíonn siad go déanach agus go dtiteann a gcuid duilleog go luath. Seachas sin, bheidís i mbaol ubhlonnú an speicis Lepidoptera mar atá Cydia pomonella, rud a d’fhágfadh gallchnónna lán le péisteanna. Ní tharlaíonn an éifeacht dhíobhálach sin sa limistéar a chumhdaítear leis an STFC, ach is minic gur a mhalairt atá fíor i limistéir máguaird atá níos ísle ó thaobh airde de, áit a gcuireann sé teorainn le haschur agus le cáilíocht an bharr araon.
Déantar na gallchnónna a bhuaint nuair a bhaineann siad an aibíocht is fearr is féidir amach, rud atá cinntitheach chun a áirithiú go mbeidh cion ard comhdhúl feanólach agus frithocsaídeach sa toradh agus go mbeidh sé réidh le haghaidh an phróisis triomaithe nádúrtha a thiocfaidh ina dhiaidh sin. Chun dath tláith na blaoisce a chaomhnú agus chun a áirithiú nach dtiocfaidh dath dorcha uirthi, ní mór nach bhfágtar na gallchnónna i dteagmháil leis an talamh ar feadh i bhfad.
Is é an próiseas triomaithe nádúrtha traidisiúnta stairiúil an próiseas triomaithe a úsáidtear sa limistéar, a dhéantar a luaithe a bhuantar na gallchnónna (laistigh de 48 n-uair an chloig i gcónaí) chun a áirithiú go mbeidh an tionchar diúltach is lú ar shaintréithe cothaitheacha agus orgánaileipteacha an toraidh. Scaiptear na gallchnónna amach ar dhromchla atá go hiomlán glan agus tirim (trí shraith gallchnónna ar airde ar a mhéad) in áiteanna a bhfuil dea-aeráil nádúrtha iontu. Ní fhéadfar aon fhoinse teasa saorga a úsáid agus ní mór iad a bhogadh agus a ghlanadh go tráthrialta chun cosc a chur ar theacht chun cinn múscáin.
Leis an teicníc triomaithe thionsclaíoch a úsáidtear i limistéir eile chun an próiseas a ghiorrú, déantar na gallchnónna a thriomú trí úsáid a bhaint as aer forsáilte ag teocht ard. Bíonn leathnú agus comhbhrú ina dtorthaí air sin, rud a fhágann go gcailleann an bhlaosc a séala agus go gcuirtear dlús leis na próisis ocsaídithe, rud a fhágann nach bhfuil na gallchnónna chomh oiriúnach céanna don stóráil agus go n-imíonn siad ó mhaith i bhfad níos luaithe.
Os a choinne sin, leis an bpróiseas triomaithe nádúrtha a úsáidtear sa limistéar sainithe, is moille agus de réir a chéile a chailleann gallchnónna “Nuez de Pedroso” a gcuid taise, agus mar sin coinníonn na blaoscanna a séala agus is lú an seans go n-éireoidh siad briosc. Ós rud é go gcoinníonn an bhlaosc atá thart timpeall ar an síol a séala, ní féidir le haer dul isteach inti agus coinnítear na hairíonna intreacha geall le slán. Leis sin, cuirtear cosc ar dhath dorcha a theacht ar na síolta, ar mhilleadh a gcuid lipidí, (teacht chun cinn drochbhlais nó drochbholaidh), agus cuirtear síneadh lena seilfré.
Ciallaíonn an próiseas triomaithe nádúrtha go mbíonn gallchnónna “Nuez de Pedroso” an-fhrithsheasmhach in aghaidh cnagtha freisin, rud a fhágann gurb éasca é an síol a bhaint. Éiríonn gallchnónna a ndéantar próiseas triomaithe thionsclaíoch orthu briosc, rud a chiallaíonn gur mó an seans go n-imeoidh siad ina mbrus agus iad á scilligeadh agus gur deacra é an síol a bhaint.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
I roinn na sonraíochtaí táirge ar an suíomh gréasáin seo a leanas:
https://www.larioja.org/agricultura/es/calidad-agroalimentaria