ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 314

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
18 Lúnasa 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 314/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10801 – INFRAFIBRE / DG FIBRE / DGN) ( 1 )

1

2022/C 314/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10758 – EIM / BROOKFIELD / NIELSEN) ( 1 )

2


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 314/03

Rátaí malairte an euro — 17 Lúnasa 2022

3

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 314/04

Foilsiú, i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal, chinntí na mBallstát ceadúnais oibríochta a dheonú, a fhionraí nó a chúlghairm ( 1 )

4


 

V   Fógairtí

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 314/05

An doiciméad aonair leasaithe a fhoilsiú i ndiaidh mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

16


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

18.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10801 – INFRAFIBRE / DG FIBRE / DGN)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 314/01)

An 10 Lúnasa 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10801. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


18.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10758 – EIM / BROOKFIELD / NIELSEN)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 314/02)

An 13 Iúil 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10758. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

18.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/3


Rátaí malairte an euro (1)

17 Lúnasa 2022

(2022/C 314/03)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0164

JPY

yen na Seapáine

137,36

DKK

krone na Danmhairge

7,4377

GBP

punt steirling

0,84208

SEK

krona na Sualainne

10,5617

CHF

franc na hEilvéise

0,9686

ISK

króna na hÍoslainne

140,30

NOK

krone na hIorua

9,8428

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,566

HUF

forint na hUngáire

404,28

PLN

zloty na Polainne

4,7078

RON

leu na Rómáine

4,8825

TRY

lira na Tuirce

18,2568

AUD

dollar na hAstráile

1,4655

CAD

dollar Cheanada

1,3117

HKD

dollar Hong Cong

7,9705

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6165

SGD

dollar Shingeapór

1,4051

KRW

won na Cóiré Theas

1 337,02

ZAR

rand na hAfraice Theas

16,9125

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,8917

HRK

kuna na Cróite

7,5071

IDR

rupiah na hIndinéise

15 015,81

MYR

ringgit na Malaeisia

4,5413

PHP

peso na nOileán Filipíneach

56,772

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,052

BRL

real na Brasaíle

5,2838

MXN

peso Mheicsiceo

20,3825

INR

rúipí na hIndia

80,7555


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

18.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/4


Foilsiú, i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal, chinntí na mBallstát ceadúnais oibríochta a dheonú, a fhionraí nó a chúlghairm

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 314/04)

I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú) (1), foilsíonn an Coimisiún Eorpach na cinntí a rinne na Ballstáit chun ceadúnais oibríochta a dheonú, a fhionraí nó a chúlghairm sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollag 2021 (2).

Ceadúnais oibríochta arna ndeonú

An Ballstát

Ainm an aeriompróra

Seoladh an aeriompróra

Cead iompair

Catagóir (*1)

Cinneadh atá in éifeacht ó

An Ostair

Alpi Jets GmbH

Tegetthoffgasse 7, 1010 Wien

paisinéirí, lasta, post

A

10.3.2021

An Ostair

DHL Air (Austria) GmbH

Office Park 1, Objekt 680, Top B06/05, 1300 Flughafen Wien

paisinéirí, lasta, post

A

18.10.2021

An Ostair

Jetology GmbH

Porzellangasse 7 / Top 2, 1090 Wien

paisinéirí, lasta, post

A

3.12.2021

An Chróit

ETF Airways d.o.o.

HR-10255 STUPNIČKI OBREŽ, Ulica Javora 2

paisinéirí, lasta, post

A

28.5.2021

An Chróit

FLY AIR41 AIRWAYS d.o.o.

HR-10000 ZAGREB, Crvenog križa 33

paisinéirí, lasta, post

A

18.8.2021

An Chipir

TUS Airways Ltd

23 Artemidos Ave., 6025 Larnaca, Tel. No. +357 24 200300

paisinéirí, lasta, post

A

12.5.2021

An Danmhairg

Skycopter ApS

Lufthavnsvej 7C, 6580 Vamdrup

paisinéirí, lasta, post

B

16.6.2021

An Eastóin

SkyStream Airlines AS

Lõõtsa tn 8, 11415, Tallinn, Estonia

paisinéirí, lasta, post

A

13.7.2021

An Fhionlainn

Nordic Jet Charter Oy

Öljytie 10, 01530 Vantaa

paisinéirí

B

17.3.2021

An Fhionlainn

WeFly Oy

Ridalintie 3, 03100 Nummela

paisinéirí

B

25.5.2021

An Fhrainc

SPARFELL FRANCE

12 RUE ROGER MAILLARD 33510 ANDERNOS-LES-BAINS - France

paisinéirí

B

16.2.2021

An Ghearmáin

CASEair GmbH & Co. KG

Altstadtstraße 5, 97422 Schweinfurt

paisinéirí, lasta

B

29.1.2021

An Ghearmáin

EW Discover GmbH

Hugo-Eckener-Ring 1, FAC, Building 234, D7.01, 60549 Frankfurt am Main

paisinéirí, lasta

A

16.6.2021

An Ghearmáin

Fly away GmbH & Co. KG

Rudolf-Breitscheid-Straße 16, 90762 Fürth

paisinéirí, lasta

B

16.4.2021

An Ghréig

MARATHON AIRLINES S.A

14 LONTOU ST. 16675 GLYFADA ATHENS GREECE

paisinéirí, lasta, post

A

19.1.2021

An Ghréig

NORTHERN WINGS S.A

22 ANDRIANOUPOLEOS ST. 55133 THESSALONIKI GREECE

paisinéirí, lasta, post

B

14.7.2021

An Ghréig

PANELLENIC AIRLINES

KAZANTZIDI AVENUE & 2A VOSPOROU STR

paisinéirí, lasta, post

B

14.5.2021

An Ungáir

Jet Stream Charter Kft.

2345 Apaj, Kiskunlacházai repülőtér 0146.

paisinéirí, lasta

B

19.11.2021

Éire

Emerald Airlines Ireland Limited

Cian House, 1 Cian Park, Drumcondra, Dublin, D09 K7F8, Ireland.

paisinéirí, lasta, post

A

3.9.2021

An Iodáil

Aliscargo Airlines S.p.A.

Corso Magenta n. 74 Milano (MI)

lasta

A

21.7.2021

An Iodáil

Helica S.r.l.

Via Fratelli Solari n. 10 - 33020 Amaro (UD)

paisinéirí, lasta

B

7.12.2021

An Iodáil

Italia Trasporto Aereo S.p.A.

Via Venti Settembre n. 97

paisinéirí, lasta, post

A

18.8.2021

An Iodáil

Leisure One Fly

Via Alfredo Catalani n. 39 - Roma

paisinéirí

B

6.10.2021

An Iodáil

Mycopter S.r.l.

Via Santa Tecla n.5 Milano (MI)

paisinéirí

B

16.6.2021

An Laitvia

Union Aviation

Riga Airport, 4 Ziemelu Street, Marupe district LV-1053, Latvia

paisinéirí

A

3.11.2021

An Liotuáin

Heston Airlines, UAB

Vytenio str. 46, LT-03229 Vilnius, Lithuania

paisinéirí, lasta, post

A

27.6.2021

Málta

Air Atlanta Europe Ltd

Vision Exchange, Territorials Street, Zone 1, Central Business District CDB 1070, Malta

paisinéirí, lasta

A

30.9.2021

Málta

Airhub Airlines Limited

Aragon House Business Centre, Dragonara Road, St Julians STJ3140, Malta

paisinéirí, lasta

A

1.7.2021

Málta

Av8jet Charter Ltd

Flat 3, Azure Block, Milner Grove, Milner Street, Sliema SLM1570, Malta

paisinéirí, lasta

B

22.7.2021

Málta

Flexjet Operations Malta Ltd

Office 18B, Locker Street, Sliema SLM3123, Malta

paisinéirí, lasta

A

22.7.2021

Málta

Helicopterflights Ltd

The Hub, Suite 102, Triq San Andrija, San Ġwann SĠN1612

paisinéirí

B

27.8.2021

Málta

Luxaviation Malta Ltd

Flat 23, No. 57, Marina Court, Triq Abate Rigord, ta’ Xbiex, Malta

paisinéirí, lasta

A

30.7.2021

Málta

Private Jet Company Malta Limited

Junction Business Centre 1st Floor, Lourdes Lane, Swieqi, St Julians SWQ3334, Malta

paisinéirí, lasta

A

1.6.2021

Málta

Titan Airways Malta Ltd

St Angelo Mansions, Unit 8, Block 6, Ground Floor, Birgu Waterfront, Vittoriosa BRG1738

paisinéirí, lasta

A

29.7.2021

An Phortaingéil

WORLD 2 FLY PORTUGAL, S.A.

Rua General Firmino Miguel, n.o 3 Torre 2, 2.o B, São Domingos de Benfica, 1600-100 Lisboa

paisinéirí, lasta, post

A

3.12./2021

An Rómáin

HISKY EUROPE SRL

Romania, Bucuresti, Sector 1, Soseaua Odai nr. 207, Birou, etaj 1

paisinéirí

A

27.1.2021

An Rómáin

SC AERRO DIREKT SRL

Romania, judetul Ilfov, oras Otopeni, str. Zborului nr.7, Corp A, etaj2

paisinéirí

A

18.7.2021

An Rómáin

SC FLY LILI SRL

Romania, Bucuresti, sector 1, str. Benjamin Franklin nr. 16, etaj 1

paisinéirí, lasta

A

31.10.2021

An Rómáin

SC JUST US AIR SRL

Romania, Bucuresti, strada Garlei nr. 190A, etaj 2, sector 1

paisinéirí, lasta, post

A

1.7.2021

An Rómáin

SC LEGEND AIRLINES SRL

Romania, judetul Ilfov, comuna Corbeanca, Sat Petresti, str. Socului nr. 1

paisinéirí

B

6.10.2021

An Rómáin

SC ROMCARGO AIRLINES SRL

Romania, judetul Ilfov, oras Otopeni, str. Zborului nr.7, Corp A, etaj1

lasta

A

10.11.2021

An Rómáin

SC VEGA OFFSHORE SRL

Romania, judet Ilfov, oras Voluntari, soseaua Pipera-Tunari nr.97, Corp Cladire C9, etaj1, cam.6

paisinéirí, lasta, seirbhísí éigeandála

B

1.12.2021

An Spáinn

Aerodynamics Málaga, S.L.

Parque Tecnoalimentario Costa del Sol. Parcela C-5.1. Carretera de Benamargosa Km 0.6. El Trapiche. 29719 - Velez-Málaga, Málaga

paisinéirí, lasta, post

B

23.12.2021

An Spáinn

Euroairlines, S.L.

Paseo de La Habana 26, Planta 3, Puerta 4. 28036 Madrid (Madrid)

paisinéirí, lasta, post

B

27.8.2021

An Spáinn

One Airways, S.A.U.

Avenida Sur del Aeropuerto de Barajas 28, Piso 4, Oficina 1, 28042 - Madrid

paisinéirí, lasta, post

A

24.6.2021

An Spáinn

WORLD 2 FLY, S.L.

Calle General Riera 154. 07010 - Palma de Mallorca, Baleares

paisinéirí, lasta, post

A

22.4.2021

An tSualainn

AB Skogsflyg Cassel Aero

Berge 102, SE-872 98 Noraström

paisinéirí, lasta, post, aeroibreacha

B

15.3.2021

An tSualainn

Kommunalförbundet Svenskt Ambulansflyg

c/o Regionens hus, SE-901 89 Umeå

paisinéirí, lasta, post, seirbhísí éigeandála

B

28.10.2021

An tSualainn

North East West South Airlines AB

Åbogatan 8, SE-122 37 Enskede

paisinéirí, lasta, post

B

1.7.2021

An tSualainn

Norwegian Air Sweden AOC AB

Tornvägen 17 A, SE190 60 Stockholm-Arlanda

paisinéirí, lasta, post

A

5.5.2021

An Eilvéis

Heliswiss International AG

Haltikon 32, 6403 Küssnacht am Rigi

paisinéirí, lasta, post

B

15.9.2021

Ceadúnais oibríochta shealadacha arna ndeonú

An Ballstát

Ainm an aeriompróra

Seoladh an aeriompróra

Cead iompair

Catagóir

Cinneadh atá in éifeacht ó

Ceadúnas sealadach go dtí

Ceadúnais oibríochta arna dtabhairt suas go deonach

An Ballstát

Ainm an aeriompróra

Seoladh

Á Iompar

Catagóir

Dáta Tosaigh

An Danmhairg

Great Dane Airlines A/S

Ny Lufthavnsvej 100, 9400 Nørresundby

paisinéirí, lasta, post

A

11.10.2021

An Fhrainc

HELITEAM

Aéroport de Montpellier-Mediterrannée - Aviation Générale - 34130 Mauguio - France

paisinéirí, lasta, post

B

7.6.2021

An Fhrainc

Openskies

3 rue Le Corbusier - CS 50046 - 94150 Rungis Cedex 1 - France

paisinéirí, lasta, post

A

1.1.2021

Éire

Babcock Mission Critical Services (Ireland) Limited

Upper Ballygarvan, Kinsale Road, Co. Cork.

paisinéirí, lasta, post

B

7.9.2021

Éire

Norwegian Air Intl Lmtd

Ground Floor, Imbus House, Dublin Airport, Co. Dublin.

paisinéirí, lasta, post

A

16.11.2021

Éire

Stobart Air Unlimited Company T/A Stobart Air, Aer Lingus Regional

1 Northwood Avenue, Santry, Dublin 9.

paisinéirí, lasta, post

A

12.7.2021

Málta

KERMAS AVIATION Ltd

Ground Floor, Europa Centre, St Anne Str, Floriana, FRN 9011, Malta

paisinéirí, lasta, post

B

1.3.2021

An Phortaingéil

MADJET – Transporte Aéreos, S.A

Impasse do Estaleiro, n.o 11, 9370-071 Arco da Calheta

paisinéirí, lasta, post

B

13.9.2021

An tSlóvaic

EHC service s.r.o.

Sibírska 2, 080 01 Prešov, Slovak Republic

paisinéirí, lasta, post

B

1.7.2021

An Spáinn

One Airways, S.A.U.

Avda. Sur del Aeropuerto de Barajas, 28 Edificio 1 - 4o - 1, 28042 MADRID

paisinéirí, lasta, post

B

24.6.2021

An Eilvéis

Air-Glaciers SA

Aerodrome civil, Case Postale 27, 1951 Sion

paisinéirí, lasta

B

30.4.2021

Ceadúnais oibríochta arna gcur ar fionraí

An Ballstát

Ainm an aeriompróra

Seoladh an aeriompróra

Cead iompair

Catagóir

Cinneadh atá in éifeacht ó

Barúlacha

An Bheilg

AIR ANTWERP B.V.

Luchthavenlei 7A, Unit 8 - 2100 Deurne

paisinéirí

A

11.5.2021

cúlghairthe an 6.7.2021

An Bhulgáir

HOLIDAY EUROPE Ltd.

13 Prof. Assen Zlatarov, 1504, floor 2, Sofia, Republic of Bulgaria; Contact addres: 11, Arsenalski blvd., floor 7, office 11, Sofia 1421, Republic of Bulgaria

paisinéirí, lasta, post

A

29.10.2021

 

An Bhulgáir

JET OPS EUROPE Ltd.

App.2, 14 Karnigradska str., Sofia 1000, Bulgaria

paisinéirí, lasta, post

B

9.12.2021

Ceadúnas oibríochta curtha ar fionraí go dtí an 16.3.2022

An Bhulgáir

TAYARAN JET Jsc.

9-13, Hristo Tsenov str., 1407, Sofia, Bulgaria

paisinéirí, lasta, post

A

15.12.2021

 

An Danmhairg

NEWCOPTER ApS

Rådmandsgade 39, DK-2200 København N, Denmark

paisinéirí, lasta, post, aeroibreacha

B

15.12.2021

cúlghairthe an 2.2.2022

An Iodáil

Alitalia CityLiner S.p.A.

Piazza Almerico da Schio - Pal. Bravo - 00054 Fiumicino (RM)

paisinéirí, lasta

A

15.10.2021

cúlghairthe an 6.6.2022

An Iodáil

Alitalia - Società Aerea Italiana S.p.A.

Via A. Nassetti - Pal. Alfa s.n.c. – 00054 Fiumicino (RM)

paisinéirí, lasta, post

A

15.10.2021

cúlghairthe an 6.6.2022

An Iodáil

Helica S.r.l.

Via Fratelli Solari n. 10 - 33020 Amaro (UD)

paisinéirí, lasta

B

13.10.2021

Ceadúnas oibríochta curtha ar fionraí go dtí an 7.12.2021

Málta

Helicopter Services Malta Ltd

Coral House Triq Dun Karm, Birkirkara, BKR9034 Malta

paisinéirí

B

21.6.2021

 

Málta

PRIVATE JET COMPANY MALTA Ltd

Level 2 Lara Building Triq Giuseppi Calleja, Iklin Malta IKL1261

paisinéirí, lasta

B

.1.2.2021

 

An Rómáin

COBREX TRANS S.R.L.

Brasov, str. Cristianului, nr. 26, jud. Brasov, ROMANIA

paisinéirí, aeroibreacha

A

21.10.2021

cúlghairthe an 25.4.2022

An Rómáin

SC JUST US AIR SRL

Romania, Bucuresti, strada Garlei nr. 190A, etaj 2, sector 1

paisinéirí, lasta, post

A

1.3.2021

Ceadúnas oibríochta curtha ar fionraí go dtí an 1.7.2021

An tSlóivéin

Helitours, d.o.o.

Cesta v Železnik 8, 3215 Loče

paisinéirí

B

14.6.2021

 

An Spáinn

Aerodynamics Málaga, S.L.

Parque Tecnoalimentario Costa del Sol. Parcela C-5.1. Carretera de Benamargosa Km 0.6. El Trapiche. 29719 - Velez-Málaga, Málaga

paisinéirí, lasta, post

B

28.5.2021

 

An Spáinn

One Airways, S.A.U.

Avda. Sur del Aeropuerto de Barajas, 28 Edificio 1 - 4o - 1, 28042 MADRID

paisinéirí, lasta, post

B

22.3.2021

 

An Spáinn

Serair Transworld Press, S.L.

Aeropuerto de Gran Canaria - Apartado de Correos 49 - 35230 Las Palmas (Gran Canaria)

paisinéirí, lasta, post

B

20.5.2021

 

An Eilvéis

Swiss Jet AG

Postfach 303, 8058 Zürich

paisinéirí, lasta

B

27.4.2021

cúlghairthe an 27.4.2021

Ceadúnais oibríochta arna gcúlghairm

An Ballstát

Ainm an aeriompróra

Seoladh an aeriompróra

Cead iompair

Catagóir

Cinneadh atá in éifeacht ó

Barúlacha

An Ostair

HUBY-FLY Helikopter GmbH

Parkring 12, 1010 Wien

paisinéirí, lasta, post

B

31.5.2021

 

An Bheilg

AIR ANTWERP B.V.

Luchthavenlei 7A, Unit 8 - 2100 Deurne

paisinéirí

A

6.7.2021

curtha ar fionraí ó bhí an 11.5.2021 ann

An Bhulgáir

AVIO BRAVO Ltd.

2E, Akad. Ivan Geshov blvd., 1379, Sofia, Republic of Bulgaria

paisinéirí

B

13.1.2021

curtha ar fionraí ó bhí an 20.10.2020 ann

An Ghearmáin

Air X Charter (Germany) GmbH & Co. KG

Hans-Fleissner-Str. 80, 63329 Egelsbach

paisinéirí

A

5.7.2021

 

An Ghearmáin

BHF Bodensee-Helicopter GmbH

Am Flugplatz 64, 88074 Meckenbeuren

paisinéirí, lasta, post

B

30.12.2021

 

An Ghréig

ORANGE2FLY

64, KIFISIAS AV., 15125 ATHENS

paisinéirí, lasta, post

A

20.10.2021

 

An Iodáil

Air Italy S.p.A.

Centro Direzionale Aeroporto Costa Smeralda – 07026 Olbia (SS)

paisinéirí, lasta

A

13.12.2021

curtha ar fionraí ó bhí an 25.8.2020 ann

An Iodáil

Aliparma S.r.l.

Via A. M. Adorni n. 1 - 43100 Parma (PR)

paisinéirí

B

17.2.2021

curtha ar fionraí ó bhí an 27.9.2020 ann

An Iodáil

Ernest S.p.A.

Via Giuseppe Garibaldi n. 86 - 20121 Milano (MI)

paisinéirí, lasta

A

1.2.2021

curtha ar fionraí ó bhí an 13.1.2020 ann

An Iodáil

GMH S.r.l.

Frazione Tschaval n. 5 - 11020 Gressoney La Trinité (AO)

paisinéirí, lasta

B

2.2.2021

 

An Iodáil

Rotor Italia Sas

Via Boccaccio n. 120 - 20099 Sesto San Giovanni (MI)

paisinéirí, lasta

B

29.9.2021

curtha ar fionraí ó bhí an 26.9.2019 ann

An Iodáil

Winfly s.r.l. Unipersonale

Via Raffaele Siniscalchi n. 33/A - 84084 Fisciano (SA)

paisinéirí

B

8.6.2021

curtha ar fionraí ó bhí an 16.10.2019 ann

An Liotuáin

Grand Cru Airlines, UAB

Dariaus ir Gireno str. 81-1, LT-02189 Vilnius

paisinéirí, lasta, post

A

4.1.2021

curtha ar fionraí ó bhí an 18.12.2019 ann

An Phortaingéil

HELITOURS DOURO - Transportes Aéreos, S.A.

Lugar da Rede, Santa Cristina, 5040-331 Mesão Frio

paisinéirí, lasta, post

B

14.6.2021

curtha ar fionraí ó bhí an 14.12.2020 ann

An Phortaingéil

LFAS - Lease Fly Aviation Services, S.A.

Rua Bartolomeu de Gusmão, n.o 118, 2785-269 São Domingos de Rana

paisinéirí, lasta, post

A

30.3.2021

curtha ar fionraí ó bhí an 30.9.2020 ann

An tSualainn

Norwegian Air Sweden AB

Tornvägen 17A SE-190 60 Stockholm-Arlanda

paisinéirí, lasta, post

A

31.5.2021

 

An Eilvéis

Swiss Jet AG

Postfach 303, 8058 Zürich

paisinéirí, lasta

B

27.4.2021

curtha ar fionraí ó bhí an 27.4.2021 ann

Athrú ar ainm shealbhóir an cheadúnais

An Ballstát

Ainm an aeriompróra roimhe

Ainm an aeriompróra

Seoladh

Cead iompair

Catagóir

Cinneadh atá in éifeacht ó:

An Bhulgáir

Avio Delta Ltd

COMPASS CARGO AIRLINES Ltd.

fl.5, Jessika Office Center, 229, Botevgradsko shosse Blvd. 1517, Sofia, Bulgaria

lasta, post

A

19.8.2021

An Bhulgáir

Bulgarian Air Charter Jsc.

EUROPEAN AIR CHARTER Jsc.

35, Pavel Krasov Street, Gorubliane, 1138 Sofia, Bulgaria

paisinéirí, lasta, post

A

29.4.2021

An Fhionlainn

Hendell Aviation Oy

Fly 7 Finland Oy

Kyyrölänkuja 1 B, 02140 ESPOO

paisinéirí, lasta, post

B

10.3.2021

An Fhionlainn

Skärgårdshavets Helikoptertjänst Ab

FinnHEMS Lentopalvelut Oy

c/o FinnHEMS Lentäjäntie 3, 01530 Vantaa

paisinéirí, lasta, post, seirbhísí éigeandála

B

28.10.2021

An Ghearmáin

AVANTI AIR GmbH & Co. KG

AVANTI AIR GmbH & Co.KG

Allendorfer Straße 58, 35708 Haiger

paisinéirí, lasta, post

A

21.4.2021

An Ghearmáin

FAI rent-a-jet Aktiengesellschaft

FAI rent-a-jet GmbH

Flughafenstr. 124, 90411 Nürnberg

paisinéirí, lasta, post

A

22.1.2021

An Iodáil

Elifriulia S.r.l.

Elifriulia S.p.A

Piazzetta Luigi Coloatto n. 1 - 34077 Ronchi dei Legionari (GO)

paisinéirí, lasta

B

30.11.2021

An Phortaingéil

HI FLY - Transportes Aéreos, S.A.

Springjet, S.A.

Avenida Engenheiro Arantes e Oliveira, n.o 3, r/c, sala 31, 1900-221 Lisboa

paisinéirí, lasta, post

A

9.8.2021

An Phortaingéil

MASTERJET - Aviação Executiva, S.A.

LUXAVIATION E.A., S.A.

Rua Latino Coelho, n.o 13, 6.o, 1050-132 Lisboa

paisinéirí, lasta, post

A

14.6.2021

An tSlóivéin

Batagon Air, d.o.o

AlpAvia, d.o.o

Leskoškova cesta 9E, 1000 Ljubljana

paisinéirí

B

1.7.2021

An tSlóivéin

Batagon, Air Services, d.o.o

Batagon Air, d.o.o

Leskoškova cesta 9E, 1000 Ljubljana

paisinéirí

B

16.2.2021

An tSualainn

Air Large European Aviation Project AB

Air Leap Aviation AB

Box 240, SE-190 47 Stockholm-Arlanda

paisinéirí, lasta, post

A

16.4.2021

An Eilvéis

ExecuJet Europe AG

Jet Aviation Zurich-Airport AG

Bimenzältenstrasse 75, 8058 Zurich

paisinéirí

B

25.9.2021

Athrú ar sheoladh shealbhóir an cheadúnais

An Ballstát

Ainm an aeriompróra

Seoladh an aeriompróra roimhe

Seoladh

Cead iompair

Catagóir

Cinneadh atá in éifeacht ó:

An Ostair

AVAG AIR GmbH für Luftfahrt

5020 Salzburg-Flughafen - Innsbrucker Bundesstraße 111

5020 Salzburg-Flughafen - Innsbrucker Bundesstraße 83a

paisinéirí, lasta, post

B

22.7.2021

An Bhulgáir

TAYARAN JET Jsc.

fl.4, Astral Business Center, 80, Hristofor Kolumb Blvd., 1540 Sofia, Bulgaria

9-13, Hristo Tsenov str., 1407, Sofia, Bulgaria

paisinéirí, lasta, post

A

17.2.2021

An tSeicia

ČSA, a.s. (České aerolinie,a.s.)

Praha 6, Vokovice, Evropská 846/176a, PSČ 160 00

Praha 6, K letišti 1068/30, PSČ 161 00

paisinéirí, lasta, post

A

19.5.2021

An Fhionlainn

FinnHEMS Lentopalvelut Oy

Torggatan 14, 22100 MARIEHAMN

c/o FinnHEMS Lentäjäntie 3, 01530 Vantaa

paisinéirí, lasta, post, seirbhísí éigeandála

B

28.10.2021

An Ghearmáin

Aerowest GmbH

Nordstr. 18, 30669 Hannover

Nordstraße 18, 30855 Langenhagen

paisinéirí, lasta, post

A

9.12.2021

An Ghearmáin

air-taxi europe (a-te) GmbH

Petzvalstr. 43 a, 38104 Braunschweig

Petzvalstraße 49, 38104 Braunschweig

paisinéirí, lasta, post

B

28.5.2021

An Ghearmáin

AVANTI AIR GmbH & Co.KG

Flughafenstraße, 57299 Burbach

Allendorfer Straße 58, 35708 Haiger

paisinéirí, lasta, post

A

21.4.2021

An Ghearmáin

Classic Wings GmbH

Flughafenstraße 48, 40474 Düsseldorf

Flughafen Ring 1, 47652 Weeze

paisinéirí, lasta, post

B

7.6.2021

An Ghearmáin

Global Helicopter Service GmbH

Industriestr. 4, 83404 Ainring

Watzmannstr. 1, 83417 Kirchanschöring

paisinéirí, lasta, post

A

21.4.2021

Éire

Emerald Airlines Ireland Limited

Cian House, 1 Cian Park, Drumcondra, Dublin, D09 K7F8, Ireland.

Hangar 5, Dublin Airport, Co. Dublin, K67 XK66, Ireland.

paisinéirí, lasta, post

A

1.12.2021

Lucsamburg

LUXAVIATION S.A.

4A, rue Albert Borschette L-1246 Luxembourg

50, route de Trèves L-2633 Senningerberg

paisinéirí, lasta

A

4.1.2021

An Phortaingéil

EUROATLANTIC AIRWAYS, Transportes Aéreos, S.A.

Rua das Sesmarias n.o 3, Quinta da Beloura - Estrada de Albarraque - 2710-692 Sintra

Rua Salgueiro Maia, n.o 16, 2685-374 Prior Velho, Loures

paisinéirí, lasta, post

A

19.1.2021

An Phortaingéil

PORTUGÁLIA - Companhia Portuguesa de Transportes Aéreos, S.A.

Aeroporto de Lisboa, Rua C, Edifício 70 - 1749-078 Lisboa

Aeroporto de Lisboa, Rua B, Edifício 10, 1.o Piso - 1700-008 Lisboa

paisinéirí, lasta, post

A

4.2.2021

An Phortaingéil

Springjet, S.A.

Rua Latino Coelho n.o 1, Edifício Hi Fly Building 7.o Andar, 1050-132 Lisboa

Avenida Engenheiro Arantes e Oliveira, n.o 3, r/c, sala 31, 1900-221 Lisboa

paisinéirí, lasta, post

A

9.8.2021

An Phortaingéil

TAESPEJO PORTUGAL, LDA

Rua C, Edifício 124, Piso 3, Gabinete 15, Aeroporto de Lisboa, 1749-031 Lisboa

Rua C, Edifício 124, Piso 2, Gabinete 15, Aeroporto Humberto Delgado, 1749-031 Lisboa

paisinéirí, lasta

B

7.1.2021

An Rómáin

SC ANIMA WINGS AVIATION SA

Romania, Bucuresti, Sector 1, Soseaua Bucuresti - Ploiesti nr. 42-44, Cladirea B, Aripa B1, etaj 2

Romania, Bucuresti, Sector 2, Strada Gara Herastrau nr. 4C, Biroul 22

paisinéirí

A

27.1.2021

An Spáinn

Euroairlines, S.L.

Urbanización El Bosque 414Q - 46370 Chiva (Valencia)

Paseo de La Habana 26, Planta 3, Puerta 4. 28036 Madrid (Madrid)

paisinéirí, lasta, post

B

27.8.2021

An Spáinn

Initium Aviation, S.L.U.

C/ Manchester no 12 Escalera A, 2oB 28022 - Madrid

Avenida Sur del Aeropuerto de Barajas 28, Oficina 1-2, 28042 - Madrid, Madrid

paisinéirí, lasta, post

B

26.7.2021

An tSualainn

Air Leap Aviation AB

Box 240, 190 47 Stockholm-Arlanda

Box 240, SE-190 47 Stockholm-Arlanda

paisinéirí, lasta, post

A

16.4.2021

An tSualainn

Babcock Scandinavian Air Ambulance AB

Lugnviksvägen 3 SE-831 52 ÖSTERSUND

Stockvägen 68, SE-832 56 Frösön

paisinéirí, lasta, post, seirbhísí éigeandála, aeroibreacha

B

9.11.2021

An tSualainn

Royalair AB

Skeppsdalsvägen 92 SE-184 91 Åkersberga

Royal Park Stockholm, Frösundaviks allé 15, SE-169 70 Solna

paisinéirí, lasta, post

B

16.4.2021

An Eilvéis

Jet Aviation Zurich-Airport AG

ExecuJet Aviation Center, Postfach 1, 8058 Zürich

Bimenzältenstrasse 75, 8058 Zurich

paisinéirí

B

25.9.2021

Athrú catagóire

An Ballstát

Ainm an aeriompróra

Seoladh

An chatagóir roimhe

Catagóir

Cead iompair

Cinneadh atá in éifeacht ó:

An Bhulgáir

COMPASS CARGO AIRLINES Ltd.

fl.5, Jessika Office Center, 229, Botevgradsko shosse Blvd. 1517, Sofia, Bulgaria

B

A

lasta, post

19.8.2021

An Fhionlainn

Scanwings Oy

Tullimiehentie 4-6 B, 01530 VANTAA

B

A

paisinéirí, lasta, post

20.1.2021

An Ghearmáin

Exxaero GmbH

Flughafenring 1, 47652 Weeze

B

A

paisinéirí

5.10.2021

An Ghréig

Swiftair Hellas S.A

Ell.Dimokratias Ave. 24 A. Koumpi Str. & 1, Ch. Giannaki Str, 19003 Markopoulo Attikis

B

A

lasta, post

28.9.2021

Athrú ar chead iompair

An Ballstát

Ainm an aeriompróra

Seoladh

Cead iompair roimhe

Cead iompair

Catagóir

Cinneadh atá in éifeacht ó:

An Bheilg

ASL Airlines Belgium S.A.

Aéroport de Liège Rue de l’Aéroport 101 - 4460 Grace-Hollogne

paisinéirí, lasta, post

lasta, post

A

28.10.2021

An Bheilg

Noordzee Helikopters Vlaanderen N.V.

Kalkaertstraat 101 - 8400 Oostende

paisinéirí, lasta, post, seirbhísí éigeandála

paisinéirí, lasta, post

B

21.10.2021

An Bhulgáir

COMPASS CARGO AIRLINES Ltd.

fl.5, Jessika Office Center, 229, Botevgradsko shosse Blvd. 1517, Sofia, Bulgaria

paisinéirí, lasta, post

lasta, post

A

19.8.2021

An Fhionlainn

FinnHEMS Lentopalvelut Oy

c/o FinnHEMS Lentäjäntie 3, 01530 Vantaa

paisinéirí, lasta, post

paisinéirí, lasta, post, seirbhísí éigeandála

B

28.10.2021

An Ghearmáin

Volkswagen AirService GmbH

Hermann-Blenk-Straße 8, 38108 Braunschweig

paisinéirí

paisinéirí, lasta

A

22.3.2021

An Ungáir

Wizz Air Hungary Zrt.

H-1103 Budapest, Kőér utca 2/A. B. ép. II-V

paisinéirí

paisinéirí, lasta

A

3.8.2021

Lucsamburg

LUXAVIATION S.A.

50, route de Trèves L-2633 Senningerberg

paisinéirí

paisinéirí, lasta

A

4.1.2021

An Eilvéis

Swiss Air-Ambulance Ltd

Postfach 1414, 8058 Zürich

paisinéirí, lasta, seirbhísí éigeandála

paisinéirí, seirbhísí éigeandála

B

11.3.2021


(1)  IO L 293, 31.10.2008, lch. 3.

(2)  Sa tábla léirítear na cinntí agus na hathruithe eile ar thug na Ballstáit fógra don Choimisiún Eorpach ina leith faoin 20 Iúil 2022 ar a dhéanaí.

(*1)  Catagóir: A= Ceadúnais oibríochta Gan / B= Ceadúnais oibríochta Lena n-áirítear srianta Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.


V Fógairtí

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

18.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/16


An doiciméad aonair leasaithe a fhoilsiú i ndiaidh mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

(2022/C 314/05)

D’fhormheas an Coimisiún an mionleasú seo i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

Is féidir dul i gcomhairle leis an iarratas ar an mionleasú seo a fhormheas i mbunachar sonraí eAmbrosia an Choimisiúin.

DOICIMÉAD AONAIR

“PAN DE ALFACAR”

Uimh. AE: PGI-ES-0890-AM01 - 29.9.2021

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm

“Pan de Alfacar”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Spáinn

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   An cineál táirge

Aicme 2.3. Arán, pastaetha, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Tagraíonn an téarma “Pan de Alfacar” d’arán a dhéantar de lámh ag céim amháin ar a laghad den phróiseas déanta aráin agus ar a mbíonn ceann amháin de na cruthanna seo a leanas: borróg, rolla, fáinne, cruinn (déanta ón taos céanna).

Bíonn cruth fadaithe ar bhorróga agus cinn bhioracha orthu agus déantar fad-ghearradh singil sa bhorróg; is iad seo a leanas na meáchain a dhíoltar:

 

80 g, 20 ± 3,0 cm ar fad agus 7,5 ± 2,0 cm ar leithead

 

125 g, 24 ± 3,0 cm ar fad agus 9 ± 2,0 cm ar leithead

 

agus 250 g, 38 ± 4,0 cm ar fad agus 10 ± 2,0 cm ar leithead

Bíonn cruth éilipseach ar rollaí agus trasghearradh feadánach leacaithe acu chomh maith le neamhshiméadracht aiseach. Déantar fad-ghearradh ingearach sa chuid is tiubha den rolla. Bíonn an chuid den rolla a cheanglaítear de lámh níos tanaí agus ní dhéantar aon ghearradh. Ní thagann rollaí ach i méid amháin, 250 g, agus bíonn siad: 34 ± 3,0 cm ar fad, 14 ± 2,0 cm ar leithead, agus trastomhas inmheánach uasta de 24 ± 3,0 cm acu.

Bíonn cruth éilipseach ar fháinní agus trasghearradh feadánach leacaithe acu chomh maith le neamhshiméadracht aiseach a bheag nó a mhór. Déantar iad a shainaithint le ceangal de lámh. Déantar gearradh ingearach timpeall bharr an fháinne ón áit a bhfuil an ceangal. Ní thagann rollaí ach i méid amháin, 500 g, agus seo a leanas a bhíonn acu: trastomhas seachtrach ar bharr de 28 ± 3,0 cm agus trastomhas inmheánach de 14 ± 2,0 cm.

Bíonn na cruthanna cruinne go hiomlán cruinn agus beagán curtha ag an mbarr. Bíonn pátrún gearrtha isteach sa bharr (nó “péinteáilte” air) i bhfoirm eangaí laistigh de fhráma de cheithre ghearradh cheartingearacha. Is iad na trí mheáchan a dhíoltar: 250 g (17 ± 2,0 cm trastomhas níos ísle), 500 g (24 ± 2,0 cm trastomhas níos ísle) agus 1 000 g (32 ± 3,0 cm trastomhas níos ísle).

Is éard atá san arán 65 % go 80 % d’ábhar tirim. Bíonn dath bánbhuí ar ghrabhróg an aráin, bíonn sé solúbtha agus bog. Bíonn go leor poll ann a bhíonn scaipthe go mírialta agus iad ar mhéideanna difriúla. Bíonn boladh fínéagair agus/nó bainne choipthe mar shaintréith aige, féadann an boladh sin a bheith séimh nó réasúnta láidir. Bíonn an crústa measartha-tiubh go tiubh, níos mó ná 1,5 mm, órga, gan bhrat plúir, beagán lonrach agus sách mín.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Déantar “Pan de Alfacar” de phlúr cruithneachta ag a mbíonn acmhainn íseal báicéireachta (W=110-150 x 10-4 giúl) agus cóimheas fhrithsheasmhacht-sínte agus ínsínteacht-taois (P/L) idir 0.3 agus 0,6, giosta nádúrtha agus pH idir 4 agus 6 (idir 10 % agus 25 % den phlúr a úsáidtear chun an taos a dhéanamh) a dhéantar le próiseas coipthe níos luaithe agus an t-arán á dhéanamh, fíoruisce Alfacar (idir 55 lítear agus 62 lítear in aghaidh 100 kg de phlúr), saothrán giosta (Saccharomyces cerevisiae L.) (uasmhéid 3 % de mheáchan an phlúir sa taos) agus salann inite laistigh den teorainn a shocraítear leis na sonraíochtaí teicniúla sláinte atá i bhfeidhm.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Tarlaíonn an próiseas iomlán déanta aráin laistigh den limistéar geografach atá sainithe i Roinn 4.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc., an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an t-arán a mhargú agus marc dearbhaithe air a dhéantar le stampáil the. Ní mór an litir “A” agus uimhir lena sainaithnítear an bácús a rinne an t-arán a bheith le feiceáil ar an marc.

Má dhéantar an t-arán a phacáistiú, ní mór dó ceanglais na reachtaíochta reatha a chomhlíonadh. Thairis sin, ní mór an t-ainm “Pan de Alfacar” agus lógó an Aontais a bheith le feiceáil ar an bpacáistíocht sa réimse radhairc céanna.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Gabhann na tréithe céanna timpeallachta leis na limistéir bhardasacha Alfacar agus Víznar, dhá limistéir atá lonnaithe sa chúinne thoir thuaidh de mhachaire torthúil Granada: Fíoruisce Alfacar, aeráid ilchríochach fho-thais Mheánmhuirí, a fhaightear de ghnáth i limistéir sléibhe Meánmhuirí, agus micrithimpeallacht, a mbíonn tionchar ag Anaclann Dúlra Sierra de Huétor air. Tá achar dromchla de 29,4 km2 san iomlán ag an dá limistéar bhardasacha sin, agus meán-airde de 980 m os cionn leibhéal na farraige le haghaidh lonnaíochtaí tuaithe.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc idir an táirge agus an t-ainm “Pan de Alfacar” bunaithe go príomha, ach ní go hiomlán, ar a gcáil stairiúil agus gnó, a bhain sé amach le linn an 20ú céad. Nasc níos mó ná nasc geografach atá i gceist, áfach, mar go bhfuil saintréithe an táirge seo inchurtha i leith a thionscnaimh, thar aon rud eile.

5.1.   Cineál sonrach an limistéir gheografaigh

Tosca nádúrtha

Limistéar geografach áitiúil agus saintréithe sonracha timpeallachta ag gabháil leis:

Tá micrithimpeallacht shonrach ag an limistéar déanta aráin, atá i mbunchnoic Sierra de Alfaguara in aice le hAnaclann Dúlra Sierra de Huétor agus gar do Pháirc Náisiúnta Sierra Nevada, a mbíonn tionchar aici ar an arán a dhéantar. Ar an gcéad dul síos, bíonn micreaflóra dúchasach, a dhéantar i saothráin giosta le baictéir lachtacha agus aicéiteacha, a mbíonn éifeacht aige ar chothrom micribhitheolaíoch an ghiosta nádúrtha a úsáidtear chun arán a dhéanamh. Ar an dara dul síos, tá an aeráid sonrach do limistéir sléibhe Meánmhuirí (aeráid ilchríochach fho-thais Mheánmhuirí) agus, in éineacht leis an micribhitheolaíocht dhúchasach, bíonn éifeacht aici ar na próisis choipthe bhitheolaíocha.

Acmhainní hidrigeolaíocha áitiúla sonracha:

I limistéar déanta aráin “Pan de Alfacar”, tá córas mór uiscíoch a ardaíonn go nádúrtha i bhfuarán Alfacar a bhfuil an-cháil air. Taispeánann sé i gcónaí na saintréithe céanna hidriteirmeacha, hidriceimiceacha agus iseatópacha, gan beann ar na dálaí aeráide. Tá trí phríomhthréith fhisiceacha agus cheimiceacha ag an uisce ón bhfuarán seo:

 

méanmhianrú

 

alcaileacht idir measartha agus ard

 

cruas idir measartha agus ard

Tosca daonna

Is féidir achoimre mar a leanas a dhéanamh ar na modhanna traidisiúnta a úsáidtear chun “Pan de Alfacar” a dhéanamh:

Taos an-hiodráitithe a úsáid (idir 55 % agus 62 %) chun arán a dhéanamh, rud a mbíonn taos leathbhog mar thoradh air.

Teocht chríochnaitheach idir 21 oC agus 27 oC chun an taos a mheascadh agus a fhuineadh.

Réamhchoipeadh a úsáid a coipeadh cheana i dtráidirí adhmaid.

Ligean do bhloic thaois nó liathróidí taois suí faoi dhálaí nádúrtha:

Fágtar bloic thaois le suí ar feadh tréimhse 5 go 20 nóiméad tar éis iad a mheascadh agus a fhuineadh. Fágtar liathróidí taois le suí ar feadh 15 nóiméad ar a laghad.

Cruthaithe de lámh.

Coipeadh singil agus leanúnach i ndálaí nádúrtha ar feadh 1 go 2 uair an chloig.

Fadghearradh ingearach na bpíosaí aonair aráin.

Báicéireacht in oighinn ina bhfuil urlár athraonta.

Bácáil “Pan de Alfacar” in oigheann ón dara hualach ar aghaidh.

5.2.   Sainiúlacht an táirge

Ábhar tirim in “Pan de Alfacar”: idir 65 % agus 80 %.

Dea-bholadh sainiúil: ar a mbíonn tionchar ag na dea-bholaithe a dhéantar agus taos á choipeadh (coipeadh aicéiteach agus/nó lachtach), séimh go réasúnta láidir.

Grabhróg “Pan de Alfacar”:

Uigeacht: solúbtha agus bog.

Dath: dath bánbhuí.

Ailbheolais: go leor poll a bhíonn scaipthe go mírialta agus iad ar mhéideanna difriúla.

Crústa “Pan de Alfacar”:

Tiús: measartha go tiubh, níos mó ná 1,5 mm.

Dath: órga, gan bhrat plúir, beagán lonrach agus sách mín.

Meáchan na gcruthanna difriúla a bhíonn ar “Pan de Alfacar”:

Bíonn cóimheas sainiúil meáchan-toirte ag na cruthanna difriúla aráin i gcomhréir lena méid agus is comhartha é sin de dhlús an táirge.

5.3.   Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht nó saintréithe an táirge (maidir le STFC) nó cáilíocht shonrach an táirge, an cháil atá air nó saintréith eile atá aige (maidir le TGFC)

Ábhar tirim in “Pan de Alfacar”: idir 65 % agus 80 %.

Braitheann an t-ábhar tirim iarmharach in “Pan de Alfacar” ar thosca nádúrtha agus daonna. Baineann sé go díreach leis an uisce a úsáidtear, le leibhéal an hiodráitithe agus leis an am báicéireachta.

Dea-bholadh sainiúil “Pan de Alfacar”:

Tagann dea-bholadh sainiúil “Pan de Alfacar” chun cinn mar thoradh ar na próisis choipthe agus baineann sé go díreach le tosca nádúrtha agus daonna.

Is iad seo a leanas na príomhthosca nádúrtha:

Bíonn éifeacht dhearfach ag fíoruisce Alfacar, ag a bhfuil comhdhéanamh uathúil fisiceach agus ceimiceach, ar na próisis choipthe sa ghiosta nádúrtha agus sa taos aráin.

Bíonn éifeacht ag an réigiún sléibhe Meánmuirí (Anaclann Dúlra Sierra de Huétor) lena dhálaí foircneacha aeráide (teocht agus bogthaise) ar na próisis choipthe. Leis an bhfásra nádúrtha sa limistéar, cothaítear forbairt micribhitheolaíochta fiáine a thagann chun a bheith mar chuid de na próisis choipthe tríd an ngiosta nádúrtha.

Is iad na tosca daonna a mbíonn an tionchar is mó acu:

Ligean do bhloic thaois suí.

Trí thráidirí adhmaid a úsáid chun saothráin ghiosta a tháirgeadh, cruthaítear na dálaí is fearr chun an próiseas coipthe a bheachtú, daonraí micribhitheolaíocha a fhorbairt agus chun a bheith in ann na próisis choipthe a athchruthú.

An timpeallacht (teocht agus bogthaise) thart air sa bhácús a rialú agus an t-am is gá agus na dálaí a rialú chun an giosta a choipeadh.

Grabhróg “Pan de Alfacar”:

Bíonn tionchar ag tosca nádúrtha agus daonna ar an dath, na poill agus an uigeacht.

Is í an toisc nádúrtha is mó a mbíonn tionchar aici ar na saintréithe thuas:

Fíoruisce Alfacar. Lena shaintréithe uathúla fisiceacha agus ceimiceacha, atreisítear an struchtúr glútain sa phlúr le hacmhainn íseal báicéireachta agus méadaítear a chumas CO2 a choinneáil.

Is iad na príomhthosca daonna:

Is ríthábhachtach leibhéal an hiodráitithe, in éineacht leis an gcineál plúir a úsáidtear, agus acmhainn an taois gás a choinneáil.

Trí ligean do na bloic thaois suí, déantar comhsheasmhacht grabhróige atá níos lú aonfhoirmí agus a chuidíonn leis an struchtúr próitéine a atreisiú a fhorbraítear le linn an mheasctha agus an fhuinte, rud a mhéadaíonn faoi seach a chumas gás a choinneáil.

Liathróidí móra taois chun cailliúint gáis a chosc.

Is fíor-riachtanach ligean do na liathróidí taois suí, mar a dhéantar leis na bloic thaois, chun struchtúr maith a thabhairt don arán sula gcuirtear cruth air.

Cruth a chur ar na píosaí aráin de lámh.

Bíonn éifeacht ag gearrthacha ingearacha ar thoirt gach cruth aráin, agus bíonn éifeacht acu freisin ar an uigeacht agus ar phoill sa ghrabhróg, mar go gcailltear níos mó gáis leo ná mar a chailltear i gcás gearrthacha trasnánacha, agus an toradh a bhíonn air sin toirt níos lú taois san oigheann agus arán atá beagán níos tibhe.

Bíonn éifeacht ag cruth an aráin freisin ar chailliúint gáis agus dá bhrí sin, ar uigeacht na grabhróige.

Bíonn éifeacht ag úsáid plúir chruithneachta agus an próiseas iomlán déanta aráin ar dhath na grabhróige sa táirge deiridh.

Crústa “Pan de Alfacar”:

Bíonn crústa níos tibhe ná 1,5 mm mar shaintréith ag “Pan de Alfacar” agus baintear amach é tríd an bpróiseas coipthe a úsáidtear, trí leibhéal hiodráitithe an taois agus an cineál oighinn, in éineacht leis na hamanna báicéireachta is fearr.

Baintear amach loinnir éadrom an chrústa trí “Pan de Alfacar” a bhácáil ón dara hualach oighinn ar aghaidh, mar go mbeidh an teocht agus an bhogthaise san oigheann cobhsaithe faoin am sin.

Bíonn dath órga an chrústa mar shaintréith áit a n-úsáidtear plúr cruithneachta agus tarlaíonn sé freisin mar thoradh ar an gcineál báicéireachta, an teocht agus an t-am báicéireachta.

Is iad leibhéal an hiodráitithe agus an próiseas coipthe a chuireann le míne an chrústa.

Meáchan na gcruthanna difriúla a bhíonn ar “Pan de Alfacar”:

Comhartha ar dhlús an aráin atá sa mheáchan; bíonn tionchar ag comhábhair “Pan de Alfacar” agus an modh déanta aráin a úsáidtear air, agus bíonn tionchar orthu siúd faoi seach ag na tosca nádúrtha agus daonna céanna a bhfuil tuairisc orthu thuas maidir le saintréithe na grabhróige.

Cáil an ainm “Pan de Alfacar”:

Feictear i bhfoinsí éagsúla tráchtála, fógraíochta, sóisialta, eacnamaíocha agus stairiúla go bhfuil an t-ainm “Pan de Alfacar” in úsáid mar bhranda tráchtála ó bhí an 16ú céad ann.

Na focail “Pan de Alfacar” a úsáid san fhógraíocht:

Tá na focail “Pan de Alfacar” á n-úsáid mar mharc idirdhealaithe sa phoiblíocht agus in ionaid díolacháin ó bhí 1970 ann. Le suirbhé ar cháil an ainm “Pan de Alfacar”, léirítear go bhfuil sé fréamhaithe go daingean i dteanga laethúil an daonra i gcúige Granada.

Tagairt do cháil tráchtála an trádmhairc “Pan de Alfacar” sa phreas:

Ó 1982 ar aghaidh, tá go leor alt i nuachtáin áitiúla agus náisiúnta, in irisí gairmiúla agus i bhfoilseacháin idirnáisiúnta ar an idirlíon lena léirítear dea-cháil “Pan de Alfacar” i ndáil le traidisiún déanta aráin Alfacar ó bhí an 16ú céad ann, an saineolas áitiúil, saintréithe an táirge agus na duaiseanna a bronnadh air.

Tagairt do shaintréithe sonracha “Pan de Alfacar”:

I dteannta le foilseacháin theicniúla i sainirisí agus in irisí gairmiúla maidir le cáilíochtaí “Pan de Alfacar”, luann José Carlos Capel rolla Alfacar, ceann d’fhoirmeacha “Pan de Alfacar”, ina leabhar in 1991: “El pan: elaboración, formas, mitos, ritos y gastronomía. Glosario de los panes de España” (Arán: ullmhú, cruthanna, miotais, gnáis agus gastranómachas. Gluais d’aráin na Spáinne).

Figiúir táirgthe:

Mar a thug an geografaí Bosque Lorel le fios, bhí Alfacar agus Víznar chun tosaigh cheana agus arán á tháirgeadh i limistéar Granada in 1950, agus iad mar phríomhsholáthróirí Granada mar sin. Thart ar 1950, dhíoltaí 7 000 kg de “Pan de Alfacar” den chéad scoth, a mbíodh an-éileamh ag tomhaltóirí air, i gcathair Granada gach lá.

Tagairtí stairiúla i dtéacsanna do thábhacht shocheacnamaíoch “Pan de Alfacar”:

In 2008, i monagraf ar “Pan de Alfacar”, “El pan de Alfacar”: tahonas y hornos tradicionales (“El Pan de Alfacar”: bácúis agus oighinn thraidisiúnta, J. M. Reyes Mesa et al., 2008) tugtar cuntas ar stair an táirge seo ón 16ú céad suas leis an lá atá inniu ann.

Cuirtear tábhacht “Pan de Alfacar” i dtábhacht in go leor foilseachán stairiúil agus geografach agus suirbhéanna cadastracha, go háirithe ag: Libro de Apeo y Repartimiento de Alfacar de 1571 y de Víznar en 1572 tras la reconquista de Granada (Suirbhé agus Roinnt Alfacar in 1571 agus Víznar in 1572 tar éis Granada a Fháil ar Ais), Tomás López agus Vargas Machuca in Diccionario Geográfico de Málaga y Granada (Foclóir Geografach Málaga agus Granada, lámhscríbhinn ó 1795, An Leabharlann Náisiúnta i Maidrid), Catastro del Marqués de la Ensenada (Clárlann Talún Mharcas Ensenada, 1752), Anales de Granada: descripción del reino de Granada y ciudad de Granada, crónica de la Reconquista (1482-1492) sucesos de los años 1588-1646 (Annálacha Granada: Tuairisc ar Ríocht agus Chathair Granada, Cuntais ar Fháil ar Ais Granada (1482-1492), Eachtraí ó 1588-1646, 1987) le F. Henríquez de Jonquera agus Diccionario Geográfico, Estadístico e Histórico de España y sus posesiones de Ultramar (Foclóir Geografach, Staitistiúil agus Stairiúil na Spáinne agus a Críocha Thar Lear, 1845-1850) le Pascual Madoz.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

Tá téacs iomlán na sonraíochta táirge ar fáil ag:

 

https://juntadeandalucia.es/export/drupaljda/Pliego_Pan_Alfacar_mod.pdf

nó trí leathanach baile na hAireachta Réigiúnaí Talmhaíochta, Iascaigh agus Forbartha Inbhuanaithe (https://www.juntadeandalucia.es/organismos/agriculturaganaderiapescaydesarrollosostenible.html), ach an bealach a leanas a leanúint:

 

“Temas” / “Industrias, Innovación y Cadena Agroalimentaria” / “Calidad” / “Denominaciones de Calidad” / “Productos de panadería y repostería”. Tá an tsonraíocht táirge le feiceáil faoi ainm an tsonrúcháin cháilíochta


(1)  IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.