ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 305

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
10 Lúnasa 2022


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

TUAIRIMÍ

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 305/01

Tuairim ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2022 maidir leis an bplean chun dramhaíl radaighníomhach a bhíonn mar thoradh ar shuíomh stáisiún núicléach Paks II (dhá imoibreoir VVER-1200), atá suite i gcontae Tolna, an Ungáir, a dhiúscairt

1


 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 305/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10829 – KKR / HITACHI TRANSPORT SYSTEM) ( 1 )

3


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 305/03

An Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na Gcóras Slándala Sóisialta Cinneadh Uimh. H13 an 30 Márta 2022 maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta ( 1 )

4

2022/C 305/04

Rátaí malairte an euro — 9 Lúnasa 2022

8


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 305/05

Réamhfhógra maidir le comhchruinniú (Cás M.10861 — HG / TEAM.BLUE) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

9

2022/C 305/06

Réamhfhógra maidir le comhchruinniú (Cás M.10797 – PCG / PERSTORP) ( 1 )

11

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 305/07

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

12

2022/C 305/08

Foilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na tagartha d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona

18


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

TUAIRIMÍ

An Coimisiún Eorpach

10.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 305/1


TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Lúnasa 2022

maidir leis an bplean chun dramhaíl radaighníomhach a bhíonn mar thoradh ar shuíomh stáisiún núicléach Paks II (dhá imoibreoir VVER-1200), atá suite i gcontae Tolna, an Ungáir, a dhiúscairt

(is é an téacs Ungáirise amháin atá barántúil)

(2022/C 305/01)

Déantar an measúnú thíos faoi fhorálacha Chonradh Euratom, gan dochar d’aon mheasúnú breise atá le déanamh faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ná do na hoibleagáidí a eascraíonn as agus as an reachtaíocht thánaisteach (1).

An 9 Feabhra 2021, fuair an Coimisiún Eorpach ó Bhuanionadaíocht na hUngáire, i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chonradh Euratom, na sonraí ginearálta maidir leis an bplean chun dramhaíl radaighníomhach a bhíonn mar thoradh ar shuíomh stáisiún núicléach Paks II a dhiúscairt (2).

D’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise faoin bplean an 30 Márta, an 9 Meitheamh agus an 12 Iúil, agus sholáthair Buanionadaíocht na hUngáire an fhaisnéis sin an 27 Aibreán, an 17 Meitheamh agus an 23 Iúil. Thairis sin, sholáthair ionadaithe Rialtas na hUngáire faisnéis chomhlántach ag cruinniú iomlánach an Ghrúpa Saineolaithe, a tionóladh an 9 agus 10 Meitheamh 2021 (trí fhíschomhdháil). Bunaithe ar na sonraí ginearálta agus ar fhaisnéis bhreise a soláthraíodh, rinne an Coimisiún an tuairim seo a leanas a tharraingt suas:

1.

Is é 75 km an t-achar idir an suíomh agus an Ballstát is gaire, mar atá an Chróit. Tá an teorainn leis an tSeirbia, atá ina tír chomharsanachta, 66 km uaidh.

2.

Faoi ghnáthchoinníollacha oibriúcháin, ní dócha go mbeadh sceitheadh eisilteach radaighníomhach gásach agus leachtach ina chúis nochta don daonra i mBallstát eile nó i dtríú tír a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte de, i ndáil leis na teorainneacha dáileoige a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta (Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle) (3).

3.

Déanfar dramhaíl radaighníomhach sholadach ar leibhéal íseal agus idirmheánach a dhiúscairt sa Stór Dramhaíola Radaighníomhaí faoi thalamh in Bátaapáti. Stórálfar eilimintí breosla spíonta ar an láthair go sealadach (i saoráid nua atá le tógáil, nach n-áirítear san aighneacht seo). Is é an cás tagartha atá beartaithe go ndéanfar na heilimintí breosla a dhiúscairt ina dhiaidh sin i stór geolaíoch domhain san Ungáir. D’fhéadfadh athphróiseáil breosla spíonta a bheith ina rogha. I gcás ina seolfar breosla spíonta chuig tríú tír le haghaidh athphróiseála, ní mór é a thabhairt ar ais go dtí an Ungáir lena dhiúscairt i gcur i bhfeidhm Airteagal 4, mír 2 den Treoir maidir le Dramhaíl Radaighníomhach (Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle (4)), ar dá réir i gcás ina seoltar breosla spíonta chuig tríú tír lena athphróiseáil, is faoin mBallstát tionscnaimh a bheidh an fhreagracht deiridh as an ábhar sin a dhiúscairt go sábháilte agus go freagrach, lena n-áirítear aon dramhaíl atá ina sheachtháirge. I gcás ina seolfar breosla spíonta chuig tríú tír lena dhiúscairt, ba cheart na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh: (i) ní mór d’údarás rialála inniúil na hUngáire breosla spíonta a mheas mar “dhramhaíl radaighníomhach”, i gcomhréir leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 3(7) den Treoir, (ii) tráth an loingsithe, ní mór comhaontú maidir le saoráid diúscartha a úsáid sa tríú tír is ceann scríbe a bheith tagtha i bhfeidhm idir an tríú tír sin agus an Ungáir; (iii) ní mór na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 4(4) den Treoir a chomhlíonadh, go háirithe an coinníoll faoi litir c) di, ar dá réir nach mór saoráid diúscartha atá ag oibriú a bheith ag an tríú tír is ceann scríbe. Ar deireadh, ba cheart a chur i dtábhacht gur gá do na húdaráis inniúla chuspóir loingsiú an bhreosla spíonta (bíodh athphróiseáil nó diúscairt i gceist) a shuí go soiléir agus a chur in iúl roimh ré.

4.

I gcás tionóiscí den chineál agus den mhéid a bhaineann le scaoileadh neamhphleanáilte eisilteach radaighníomhach, mar a mheastar sna sonraí ginearálta, ní dócha go mbeadh dáileoga a gheobhadh an daonra i mBallstát eile nó i dtríú tír suntasach ó thaobh na sláinte de, i ndáil leis na leibhéil tagartha a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Sábháilteachta Bhunúsacha (Treoir 2013/59/Euratom).

5.

Leis na sonraí ginearálta agus an fhaisnéis bhreise a cuireadh isteach soláthraíodh sonraí maidir leis an anailís ar sheismíocht an réigiúin timpeall ar shuíomh an stáisiúin núicléach (atá aicmithe mar réigiún atá meánghníomhach go seismeach) agus maidir leis an uasghníomhaíocht sheismeach dhóchúil (Iarscríbhinn I a ghabhann le Moladh 2010/635/Euratom ón gCoimisiún). Spreagann an Coimisiún údaráis na hUngáire chun leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairt an eolais eolaíoch ar sheismeolaíocht an réigiúin timpeall ar shuíomh an Stáisiúin Núicléach, chun obair leantach iomchuí a dhéanamh ar aon torthaí, agus chun na Ballstáit chomharsanachta agus an Coimisiún a chur ar an eolas.

Mar fhocal scoir, tá an Coimisiún den tuairim, maidir le cur chun feidhme an phlean chun dramhaíl radaighníomhach a dhiúscairt in cibé foirm, ar dramhaíl í a bhíonn mar thoradh ar an dá imoibreoir VVER de shuíomh stáisiún núicléach Paks II atá suite i gcontae Tolna, san Ungáir, sa ghnáthoibriú agus i gcás tionóiscí den chineál agus den mhéid a bhaineann leis an scaoileadh neamhphleanáilte eisilteach radaighníomhach, mar a mheastar sna sonraí ginearálta, nach dócha go mbeidh sé ina chúis le héilliú radaighníomhach a bheadh suntasach ó thaobh sláinte, uisce, ithreach ná aerspáis Ballstáit eile nó tríú tír, i ndáil leis na forálacha a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Sábháilteachta Bhunúsacha (Treoir 2013/59/Euratom).

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Kadri SIMSON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Mar shampla, faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart measúnú breise a dhéanamh ar ghnéithe comhshaoil. Mar sin de, ba mhaith leis an gCoimisiún aird a tharraingt ar fhorálacha Threoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE; ar Threoir 2001/42/CE maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol agus ar Threoir 92/43/CEE maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú agus ar Threoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce.

(2)  Diúscairt dramhaíola radaighníomhaí de réir bhrí phointe 1 de Mholadh 2010/635/Euratom ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 37 de Chonradh Euratom (IO L 279, 23.10.2010, lch. 36).

(3)  Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos na caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a eascraíonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1).

(4)  Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach (IO L 199, 2.8.2011, lgh. 48-56).


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

10.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 305/3


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10829 – KKR / HITACHI TRANSPORT SYSTEM)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 305/02)

An 19 Iúil 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10829. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

10.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 305/4


AN COIMISIÚN RIARACHÁIN UM CHOMHORDÚ NA GCÓRAS SLÁNDALA SÓISIALTA CINNEADH UIMH. H13

an 30 Márta 2022

maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus maidir le Comhaontú na hEilvéise/CE)

(2022/C 305/03)

TÁ AN COIMISIÚN RIARACHÁIN UM CHOMHORDÚ NA gCÓRAS SLÁNDALA SÓISIALTA,

Ag féachaint d’Airteagal 72 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (1), faoina suífidh an Coimisiún Riaracháin na tosca a bheidh le cur san áireamh chun cuntais a tharraingt suas a bhaineann leis na costais a bheidh le híoc ag institiúidí na mBallstát faoin Rialachán sin agus chun na cuntais bhliantúla idir na hinstitiúidí sin a ghlacadh, bunaithe ar thuarascáil an Bhoird Iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 74,

Ag féachaint d’Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 faoina gcinnfidh an Coimisiún Riaracháin comhdhéanamh agus modhanna oibre an Bhoird Iniúchóireachta, Bord a chuirfidh tuarascálacha ar fáil mar aon le tuairim réasúnaithe maidir le cinntí atá le glacadh ag an gCoimisiún Riaracháin de bhun Airteagal 72(g),

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

1.   Maidir leis an mBord Iniúchóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na scéimeanna slándála sóisialta, tá sé ceangailte leis an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta.

2.   Agus a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige mar a leagtar síos in Airteagal 74(a) go (f) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, oibreoidh an Bord Iniúchóireachta faoi údarás an Choimisiúin Riaracháin, Coimisiún óna bhfaighidh sé treoracha. Laistigh den chreat sin, cuirfidh an Bord Iniúchóireachta clár oibre fadtéarmach faoi bhráid an Choimisiúin Riaracháin lena fhormheas.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh an Bord Iniúchóireachta a chinntí ar bhonn fianaise dhoiciméadach i bprionsabal. Aon fhaisnéis nó aon fhiosrúcháin a mheasann sé a bheith riachtanach chun imscrúdú a dhéanamh ar na hábhair a chuirtear faoina bhráid lena scrúdú, féadfaidh sé an fhaisnéis nó an fiosrúchán sin a iarraidh ar na húdaráis inniúla. I gcás inar gá, faoi réir formheas a fháil roimh ré ó Chathaoirleach an Choimisiúin Riaracháin, féadfaidh an Bord Iniúchóireachta comhalta den Rúnaíocht nó comhaltaí áirithe den Bhord Iniúchóireachta a tharmligean chun aon imscrúdú a dhéanamh ar imscrúdú é a bhfuil gá leis chun a chuid oibre a dhéanamh ar an láthair. Tabharfaidh Cathaoirleach an Choimisiúin Riaracháin fógra don ionadaí ar Choimisiún Riaracháin an Bhallstáit lena mbaineann go bhfuil an t-imscrúdú sin á dhéanamh.

2.   Éascóidh an Bord Iniúchóireachta dúnadh críochnaitheach na gcuntas i gcásanna nach féidir teacht ar shocrú laistigh den tréimhse a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (2). Déanfaidh ceann de na páirtithe an iarraidh réasúnaithe ar thuairim an Bhoird Iniúchóireachta maidir le díospóid faoi Airteagal 67(7) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a tharchur chuig an mBord Iniúchóireachta laistigh de thréimhse nach lú ná 25 lá oibre roimh thús cruinnithe.

3.   Féadfaidh an Bord Iniúchóireachta Painéal Idir-réitigh a bhunú ar mhaithe le cabhrú leis an obair atá ar bun aige chun déileáil le hiarraidh réasúnaithe ar thuairim an Bhoird Iniúchóireachta, arna tíolacadh ag ceann de na páirtithe, i gcomhréir le pointe 2 den Airteagal seo.

Beidh mionsonraí maidir le comhdhéanamh, téarma oifige, cúraimí, modhanna oibre agus córas Chathaoirleacht an Phainéil Idir-réitigh i sainordú a chinnfidh an Bord Iniúchóireachta.

Airteagal 3

1.   Beidh beirt ionadaithe ó gach ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, arna gceapadh ag údaráis inniúla na Stát sin, ar an mBord Iniúchóireachta.

Aon chomhalta den Bhord Iniúchóireachta nach féidir leis a bheith i láthair, is féidir ionadaí a chur ina ionad arna cheapadh chun na críche sin ag na húdaráis inniúla.

2.   Is i gcáil chomhairleach laistigh den Bhord Iniúchóireachta a ghníomhóidh ionadaí an Choimisiúin Eorpaigh nó a chomhalta malartach ar an gCoimisiún Riaracháin.

3.   Tabharfaidh saineolaí neamhspleách nó foireann saineolaithe cúnamh don Bhord Iniúchóireachta a bhfuil oiliúint ghairmiúil agus taithí acu ar chúrsaí a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird Iniúchóireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann lena chúraimí faoi Airteagail 64, 65 agus 69 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.

Airteagal 4

1.   Is é an duine a shealbhóidh oifig Chathaoirleach an Bhoird Iniúchóireachta, comhalta ón mBallstát arb é a ionadaí ar an gCoimisiún Riaracháin a shealbhaíonn oifig Chathaoirleach an Choimisiúin sin.

2.   Féadfaidh Cathaoirleach an Bhoird Iniúchóireachta, i gcomhar leis an Rúnaíocht, gach beart is gá a dhéanamh chun gach fadhb a thagann faoi inniúlacht an Bhoird Iniúchóireachta a réiteach gan mhoill.

3.   De ghnáth, is é Cathaoirleach an Bhoird Iniúchóireachta a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe meithleacha arna mbunú chun fadhbanna a scrúdú a bhfuil an Bord Iniúchóireachta inniúil ina leith; más rud é, áfach, go bhfuil sé éagumasaithe nó má tá fadhbanna sonracha áirithe á scrúdú, féadfaidh duine eile arna ainmniú ag an gCathaoirleach ionadaíocht a dhéanamh thar a cheann.

Airteagal 5

1.   Is trí thromlach simplí a ghlacfar cinntí, agus ní bheidh ach vóta amháin ag gach Ballstát.

Na cinntí agus na tuairimí ón mBord Iniúchóireachta maidir le díospóid faoi Airteagal 67(7) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, ní mór a léiriú iontu ar d’aon toil nó trí thromlach a thángthas orthu. Ní mór conclúidí nó forchoimeádais an mhionlaigh a leagan amach iontu, i gcás inarb iomchuí.

Maidir le honadaithe na dtíortha a bhfuil baint acu leis an díospóid, ní ghlacfaidh siad páirt i bhformheas thuairim an Bhoird Iniúchóireachta maidir le díospóid de bhun Airteagal 67(7) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009. Aon uair nach dtagtar ar thuairim maidir le díospóid faoi Airteagal 67(7) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 d’aon toil, cuirfidh an Bord Iniúchóireachta faoi bhráid an Choimisiúin Riaracháin í mar aon le tuarascáil ina mbeidh, go háirithe, ráiteas ar na barúlacha nach bhfuil ag teacht leis an tuairim agus na cúiseanna leis na barúlacha sin. Ina theannta sin, ceapfaidh sé rapóirtéir a bheidh freagrach as an bhfaisnéis uile a sholáthar don Choimisiún Riaracháin ar faisnéis í a mheasann an Coimisiún a bheith iomchuí chun go mbeidh sé in ann an díospóid i dtrácht a réiteach. Ní ó ionadaithe na dtíortha a bhfuil baint acu leis an díospóid a roghnófar an rapóirtéir.

2.   Féadfaidh an Bord Iniúchóireachta cinneadh a dhéanamh cinntí agus tuairimí a ghlacadh maidir le díospóid faoi Airteagal 67(7) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn más rud é gur comhaontaíodh nós imeachta den sórt sin ag cruinniú den Bhord Iniúchóireachta roimhe sin.

Chuige sin, cuirfidh an Cathaoirleach an téacs a bheidh le glacadh in iúl do chomhaltaí an Bhoird Iniúchóireachta. Tabharfar teorainn ama shocraithe deich lá oibre ar a laghad do na Comhaltaí, ar lena linn a bheidh an deis ag na Comhaltaí a chur in iúl go ndiúltaíonn siad don téacs atá beartaithe nó go bhfuil siad ag staonadh ón vótáil. Mura dtugtar aon fhreagra laistigh den teorainn ama atá socraithe, measfar gur vóta dearfach é sin.

Féadfaidh an Cathaoirleach cinneadh a dhéanamh freisin nós imeachta i scríbhinn a sheoladh i gcás nár thángthas ar chomhaontú roimh ré ag cruinniú den Bhord Iniúchóireachta. I gcás den sórt sin, ní dhéanfar ach comhaontuithe i scríbhinn leis an téacs atá beartaithe a chomhaireamh mar vótaí dearfacha agus tabharfar teorainn ama shocraithe 15 lá oibre ar a laghad.

Nuair a rachaidh an teorainn ama shocraithe in éag, cuirfidh an Cathaoirleach na comhaltaí ar an eolas faoi thoradh na vótála. Maidir le cinneadh a fuair an líon vótaí dearfacha is gá, measfar é a bheith glactha ar an lá deiridh a socraíodh don tréimhse ar lena linn a iarradh ar chomhaltaí freagra a thabhairt.

3.   Má mholann comhalta den Bhord Iniúchóireachta, le linn an nós imeachta i scríbhinn, go leasófar an téacs, déanfaidh an Cathaoirleach ceachtar de na rudaí seo a leanas:

(a)

tús a chur leis an nós imeachta i scríbhinn arís tríd an leasú atá beartaithe a chur in iúl do na comhaltaí de réir an nós imeachta i mír 2; nó

(b)

an nós imeachta i scríbhinn a chur ar ceal chun go bpléifear an t-ábhar ag an gcéad chruinniú eile,

ag brath ar an nós imeachta a mheasann an Cathaoirleach a bheith iomchuí don ábhar i dtrácht.

4.   Má iarrann comhalta den Bhord Iniúchóireachta, sula dtéann an teorainn ama atá socraithe chun freagra a thabhairt in éag, go ndéanfar an téacs atá beartaithe a scrúdú ag cruinniú den Bhord Iniúchóireachta, déanfar an nós imeachta i scríbhinn a chur ar ceal.

Déanfar an t-ábhar a scrúdú ansin ag an gcéad chruinniú eile den Bhord Iniúchóireachta.

Airteagal 6

Féadfaidh an Bord Iniúchóireachta grúpaí ad hoc a bhunú ar a mbeidh líon teoranta daoine chun tograí lena nglacadh ar shaincheisteanna sonracha a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Iniúchóireachta.

Maidir le gach grúpa ad hoc, cinnfidh an Bord Iniúchóireachta an duine atá le bheith ina rapóirtéir, na cúraimí a bheidh le déanamh agus an teorainn ama ar laistigh di a chaithfidh an grúpa toradh a chuid oibre a chur faoi bhráid an Bhoird Iniúchóireachta. Leagfar síos na sonraí sin i sainordú i scríbhinn a chinnfidh an Bord Iniúchóireachta.

Airteagal 7

1.   Ullmhóidh agus eagróidh Rúnaíocht an Choimisiúin Riaracháin cruinnithe an Bhoird Iniúchóireachta agus tarraingeoidh sí suas miontuairiscí na gcruinnithe sin. Déanfaidh sí an obair is gá d’fheidhmiú an Bhoird Iniúchóireachta. Déanfar an clár oibre, dáta agus fad chruinnithe an Bhoird Iniúchóireachta a chomhaontú leis an gCathaoirleach.

2.   Cuirfidh Rúnaíocht an Choimisiúin Riaracháin an clár oibre ar aghaidh chuig comhaltaí an Bhoird Iniúchóireachta agus chuig comhaltaí an Choimisiúin Riaracháin laistigh de thréimhse nach lú ná 15 lá oibre roimh thús gach cruinnithe. Ba cheart na doiciméid a bhaineann leis na hítimí ar an gclár oibre a chur ar fáil 10 lá oibre ar a laghad roimh thús an chruinnithe. Níl feidhm ag an méid sin maidir le doiciméid ina bhfuil faisnéis ghinearálta nach gá a fhormheas.

3.   Maidir le nótaí a bhaineann le cruinniú an Bhoird Iniúchóireachta atá le teacht, ba cheart iad a sheoladh chuig Rúnaíocht an Choimisiúin Riaracháin 20 lá oibre ar a laghad roimh thús an chruinnithe. Níl feidhm ag an méid sin maidir le doiciméid ina bhfuil faisnéis ghinearálta nach gá a fhormheas.

Maidir leis na nótaí ina mbeidh ionchur i ndáil le ráiteas na gcuntas bliantúil a leagtar síos in Airteagal 69(1) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, leanfaidh siad an fhormáid arna sonrú ag an saineolaí neamhspleách nó ag an bhfoireann saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh seo agus áireofar sna nótaí na mionsonraí arna sonrú ag an saineolaí nó ag an bhfoireann saineolaithe sin. Cuirfidh gach toscaireacht an nóta sin chuig an Rúnaíocht faoin 31 Iúil den bhliain tar éis na bliana atá i dtrácht.

Airteagal 8

A mhéid is gá, beidh feidhm ag rialacha an Choimisiúin Riaracháin maidir leis an mBord Iniúchóireachta.

Airteagal 9

1.   Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ó dháta a fhoilsithe.

2.   Tagann an Cinneadh seo in ionad Chinneadh Uimh. H4 an 22 Nollaig 2009 (3).

Cathaoirleach an Choimisiúin Riaracháin

Claire JEAN


(1)  IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.

(2)  IO L 284, 30.10.2009, lch. 1.

(3)  Cinneadh Uimh. H4 an 22 Nollaig 2009 maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta an Choimisiúin Riaracháin maidir le Comhordú na gCóras Slándála Sóisialta (IO C 107, 27.4.2010, lch. 3).


10.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 305/8


Rátaí malairte an euro (1)

9 Lúnasa 2022

(2022/C 305/04)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0234

JPY

yen na Seapáine

138,26

DKK

krone na Danmhairge

7,4407

GBP

punt steirling

0,84520

SEK

krona na Sualainne

10,3875

CHF

franc na hEilvéise

0,9763

ISK

króna na hÍoslainne

140,10

NOK

krone na hIorua

9,9365

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,532

HUF

forint na hUngáire

397,35

PLN

zloty na Polainne

4,7085

RON

leu na Rómáine

4,9038

TRY

lira na Tuirce

18,3342

AUD

dollar na hAstráile

1,4687

CAD

dollar Cheanada

1,3163

HKD

dollar Hong Cong

8,0334

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6304

SGD

dollar Shingeapór

1,4110

KRW

won na Cóiré Theas

1 336,74

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,0500

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,9106

HRK

kuna na Cróite

7,5140

IDR

rupiah na hIndinéise

15 197,09

MYR

ringgit na Malaeisia

4,5592

PHP

peso na nOileán Filipíneach

56,939

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,264

BRL

real na Brasaíle

5,2478

MXN

peso Mheicsiceo

20,7145

INR

rúipí na hIndia

81,4060


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

10.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 305/9


Réamhfhógra maidir le comhchruinniú

(Cás M.10861 — HG / TEAM.BLUE)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 305/05)

1.   

An 3 Lúnasa 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

HGCapital LLP (“Hg”, an Ríocht Aontaithe), trína fhochuideachta, Hg Pooled Management Limited (an Ríocht Aontaithe),

team.blue Topco SARL (“team.blue”, Lucsamburg), atá á rialú go comhpháirteach faoi láthair ag Hg agus ag Jonas Dhaenens, infheisteoir príobháideach.

Gheobhaidh Hg rialú aonair ar team.blue ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atá an comhchruinniú á dhéanamh.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is infheisteoir bogearraí agus seirbhísí é Hg a bhainistíonn cistí infheistíochta san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh den chuid is mó ;

déanann Team.blue uirlisí éagsúla um láithreacht dhigiteach agus cumasú digiteach a chur ar fáil, bonneagar suíomhanna gréasáin agus seirbhísí óstála gréasáin cuir i gcás, rud a dhéanann sé san Eoraip den chuid is mó.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10861 – HG / TEAM.BLUE

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


10.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 305/11


Réamhfhógra maidir le comhchruinniú

(Cás M.10797 – PCG / PERSTORP)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 305/06)

1.   

An 3 Lúnasa 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

PETRONAS Chemicals Group Berhad (“PCG”, an Mhalaeisia);

PERSTORP HOLDING AB (publ.) (“Perstorp” nó “an sprioc”, an tSualainn).

Gheobhaidh PCG rialú aonair ar Perstorp ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atá an comhchruinniú á dhéanamh.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta é PCG atá liostaithe go poiblí, atá inchorpraithe go cuí, agus arb ann di faoi dhlíthe na Malaeisia. Is é an príomhréimse a bhfuil PCG gníomhach ann monarú agus díol raon éagsúlaithe de tháirgí peitriceimiceacha, na nithe seo a leanas cuir i gcás – olaifíní, polaiméirí, leasacháin, meatánól, agus ceimiceáin bhunúsacha agus táirgí díorthacha eile. Tá PCG faoi rialú aonair Petroliam Nasional Berhad (“Petronas”), agus sin é príomh-scairshealbhóir PCG.

Cuideachta is ea Perstorp a bhfuil a cheanncheathrú in Malmö (an tSualainn), agus arb é sárchuideachta shealbhaíochta ghrúpa cuideachtaí Perstorp é. Is soláthraí táirgí ceimiceacha atá in Perstorp, agus is é rud ar a ndíríonn sé réitigh inbhuanaithe a sholáthar do chustaiméirí i dtionscail na roisíní, na mbratuithe, na sreabhán tionsclaíochta agus an chothaithe ainmhithe. Tá láithreacht dhomhanda ag Perstorp agus seacht bplanda táirgthe aige san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh agus san Áise.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10797 – PCG / PERSTORP

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

10.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 305/12


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 305/07)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH LENA MODHNAÍTEAR AN DOICIMÉID AONAIR

“Vin Santo del Chianti Classico”

PDO-IT-A1514-AM02

Dáta teachtaireachta: 27.5.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Meascán cineálacha - liosta cineálacha

Tuairisc: Liostaítear cineálacha Malvasia (Malvasia Bianca Lunga, Malvasia Bianca di Candia). Anuas ar Trebbiano Toscano, is iad 60 % den mheascán cineálacha.

Cúiseanna: Rinneadh an leasú sin chun sonrú a thabhairt ar chineálacha fíonchaor Malvasia a cheadaítear sa mheascán cineálacha a úsáidtear chun an táirge a dhéanamh, i gcomhréir leis an liosta de na cineálacha fíonchaor a mheastar a bheith oiriúnach lena saothrú i Réigiún na Tuscáine.

Baineann an leasú le hAirteagal 2 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 7 [Príomhchineálacha fíonchaor] den doiciméad aonair.

2.   Rialacha maidir le fíonsaothrú - suíomh na bhfíonghort

Tuairisc: Baineadh an aidiacht “cnocach” den roinn ina dtugtar tuairisc ar shuíomh na bhfíonghort agus cuireadh an focal “nochtadh” in ionad an fhocail “treoíocht”.

Cúiseanna: Is ag airde 150/200 m ar a laghad atá limistéar Chianti ina iomláine agus, dá bhrí sin, tá sé oiriúnach go nádúrtha chun fíonchaora a tháirgeadh atá beartaithe lena rísíniú. Is amhlaidh an cás freisin maidir leis na fíonghoirt atá lonnaithe i gcodanna níos ísle den chríoch, ós rud é go bhfuil a n-airde fós comhoiriúnach leis an gcineál táirgthe atá i gceist. Cúis eile leis an leasú sin is ea measúnuithe suibiachtúla a sheachaint ar chríoch atá cnocach ina hiomláine agus, dá bhrí sin, atá oiriúnach chun fíonta a tháirgeadh dá mbíonn próisis rísínithe ag teastáil.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 4.2 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

3.   Cleachtais saothraithe –– uisciú éigeandála

Tuairisc: Rinneadh foráil maidir le huisciú éigeandála féideartha.

Cúiseanna: Tá dochar á dhéanamh don séasúr fáis fíniúnacha mar gheall ar thionchar an athraithe aeráide ar fud na críche le níos mó ná 10 mbliana anuas, le teochtaí a bhíonn ag dul in airde go síoraí agus báisteach íseal. Ráthaítear leis an gcleachtas saothraithe seo go mairfidh na fíonghoirt agus go gcaomhnófar cáilíocht na bhfíonchaor. Go deimhin, laghdaítear paraiméadair cháilíochta go suntasach maidir le fíonchaora a bhaintear ó fhíonghoirt a ndéantar dochar dóibh mar gheall ar bhrú uisce.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 4.5 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

4.   Cleachtais saothraithe - tagairt do shórtáil chúramach na bhfíonchaor

Tuairisc: I gcomhthéacs na teorann maidir le huastoradh fíonchaor in aghaidh an heicteáir, scriosadh an tagairt do “shórtáil chúramach na bhfíonchaor”.

Cúiseanna: Scriosadh an tagairt don oibríocht sin toisc go bhfuil na paraiméadair toraidh leagtha síos sa tsonraíocht táirge cheana.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 4.6 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

5.   Cleachtais saothraithe - tagairt do réamhshórtáil na bhfíonchaor

Tuairisc: A mhéid a bhaineann leis an íosneart alcóil nádúrtha de réir toirte a fháil, scriosadh an tagairt do “réamhshórtáil na bhfíonchaor” a chur i bhfeidhm.

Cúiseanna: Scriosadh an tagairt don oibríocht sin toisc go bhfuil na saintréithe táirgeachta agus cáilíochta teicniúla atá le comhlíonadh ag na fíniúnacha leagtha síos sa tsonraíocht táirge cheana.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 4.8 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

6.   Tagairt do bhuidéalú laistigh den limistéar geografach críochaithe - coigeartú ar fhoirm an choinníll atá ann cheana

Tuairisc: Áiríodh an tagairt do bhuidéalú nó pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe sa doiciméad aonair, ós rud é go bhfuil sí ceadaithe cheana ó aithníodh an sonrúchán agus go raibh sí á háireamh in Airteagal 5(1) den tsonraíocht táirge cheana, dá bhrí sin.

Cúiseanna: Is coigeartú é seo ar an bhfoirm, toisc nár áiríodh an coinníoll sin sa doiciméad aonair mar gheall ar easnamh tráth a rinneadh í a tharraingt suas.

Leis an nuashonrú seo, ní dhéantar an nasc dá dtagraítear in Airteagal 93(1)(a)(i) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 neamhbhailí agus baineann sé le Roinn 9 [Coinníollacha fíor-riachtanacha breise] den doiciméad aonair.

7.   Toirmeasc ar chleachtas an tsaibhrithe

Tuairisc: Áiríodh an toirmeasc ar shaibhriú.

Cúiseanna: Ní úsáideann táirgeoirí Vin Santo del Chianti Classico an cleachtas sin; ní mór an t-íosmhéid siúcra a bhaint amach trí rísíniú nádúrtha. Is é is aidhm leis an gcinneadh/rogha maidir le toirmeasc a chur ar an gcleachtas saibhrithe, dá bhrí sin, a áirithiú go mbítear i gcónaí ag cur feabhas ar an gcáilíocht táirge, atá le baint amach trí bhainistiú cúramach a dhéanamh ar na fíonghoirt agus cloí le próiseas fíonóireachta nádúrtha.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 5.4 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 5.1 [Cleachtais fíoneolaíochta shonracha] den doiciméad aonair.

8.   Saintréithe orgánaileipteacha

Tuairisc: Maidir le cineál “Vin Santo del Chianti Classico”, cuireadh na focail “go donn” leis an bparaiméadar datha “dath ómra domhain”; Maidir le cineál “Occhio di Pernice”, leasaíodh an dath “idir dath bándearg domhain agus bándearg éadrom” agus tugtar an tuairisc a leanas air: “idir dath órga rósach agus ómra go donn”;

Cúiseanna: Tá sé beartaithe leis na leasuithe sin dathanna níos doimhne a chur in iúl leis an tuairisc, ós rud é go mbíonn saothraithe fíona i limistéar Chianti, ina mbaineann tábhacht ar leith le fíonghoirt Sangiovese agus fíonchaor dearg, ag díriú níos mó ná riamh ar an gcineál fíonchaor sin, rud a mbíonn tionchar aige ar dhath fhíon Vin Santo.

Tuairisc: Maidir leis an dá chineál, ó thaobh an bhlais de, luadh na paraiméadair “idir tirim agus milis”.

Cúiseanna: Is é is cuspóir leis an leasú sin an raon blais a leathnú i gcomhréir leis na sonraí anailíseacha maidir leis na táirgí. Sainaithnítear fíon Vin Santo níos mó ná riamh mar fhíon milis agus, dá bhrí sin, is fearr blas milis a bheith air. Maidir le cineál Occhio di Pernice, is táirge Tuscánach tipiciúil é sin a úsáidtear go háirithe agus gnáth-oidis feola agus géim á n-ullmhú, a mbíonn táirge ina bhfuil méid íseal siúcra (i.e. tirim) ag teastáil ina leith.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 6 den tsonraíocht agus Roinn 4 den doiciméad aonair.

9.   Saintréithe ceimi-fhisiceacha

Tuairisc: Maidir leis an dá chineál, laghdaíodh an t-íosneart alcóil iomlán de réir toirte, maidir le luach an “nirt alcóil iarbhír”, ó 12,00 % go 10,50 % de réir toirte.

Cúiseanna: Tá an leasú sin i gcomhréir leis an gcinneadh maidir leis an táirge a dhéanamh níos milse, rud a mhéadódh an leibhéal siúcra iarmharaigh, dá réir sin.

Tuairisc: Maidir le “Vin Santo del Chianti Classico”, méadaíodh an aigéadacht iomlán íosta ó 4,0 g/l go 4,5 g/l.

Cúiseanna: Úsáidtear cineálacha fíonchaor dearg sa mheascán cineálacha, go háirithe Sangiovese, a mbíonn sé de nós aige go háirithe aigéadacht na bhfíonta ina n-úsáidtear é a mhéadú. Tá na leasuithe sin go hiomlán i gcomhréir le treochtaí margaidh freisin.

Baineann na leasuithe sin le hAirteagal 6 den tsonraíocht agus le Roinn 4 den doiciméad aonair.

10.   Coigeartuithe ar an bhfoirm

Tuairisc: Luaitear na cineálacha fíonchaor atá ionadaíoch ar an gcríoch: Trebbiano Toscano, Malvasia Bianca Lunga, Malvasia Bianca di Candia, Sangiovese agus Canaiolo (geal agus dubh), agus rinneadh roinnt tagairtí d’fhíonta.

Cúiseanna: Rinneadh oiriúnú ar an téacs i bhfianaise na leasuithe a bhaineann leis na cineálacha fíonchaor atá liostaithe sa mheascán cineálacha cheana agus saintréithe ceimi-fhisiceacha agus orgánaileipteacha na dtáirgí.

Baineann an coigeartú seo ar an bhfoirm le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

11.   An raon teochtaí - athrú ar an aidiacht

Tuairisc: A mhéid a bhaineann leis an áitreabh ina ndéantar rísíniú ar na fíonchaora, maidir leis an ngá le raon teochtaí “maith” (seachas raon teochtaí “suntasach”) agus leis an timpeallacht a bheith dea-aeráilte, meastar é a bheith leordhóthanach na nithe sin a lua.

Cúiseanna: Meastar go bhfuil an sainmhíniú sin níos cruinne agus níos ábhartha i leith an phróisis rísínithe.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm an táirge

Vin Santo del Chianti Classico

2.   Cineál an táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhFíon nó ar na fíonta

1.   Vin Santo del Chianti Classico

Tuairisc théacsúil ghairid

Dath: idir dath buí amhail tuí agus buí órga, agus ómra domhain agus donn;

Boladh: boladh d’éitir, domhain, suaithinseach;

Blas: comhchuibheach, veilbhitiúil, dea-struchtúrtha, idir tirim agus milis;

Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 16.00 %, le neart iarbhír alcóil 10.5 % ar a laghad;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 23.0 g/l.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4.5 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

30

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   Vin Santo del Chianti Classico Occhio di Pernice

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Dath: idir dath órga rósach agus ómra agus donn;

Boladh: boladh d’éitir, domhain;

Blas: bog, veilbhitiúil agus lán, idir tirim agus milis;

Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 16.00 %, le neart iarbhír alcóil 10.5 % ar a laghad;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 26.0 g/l.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4.5 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

30

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   STFC Vin Santo del Chianti Classico, lena n-áirítear leis an tásc Occhio di Pernice

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Is mar a leanas atá an modh fíonóireachta traidisiúnta:

tar éis réamhshórtáil chúramach a dhéanamh orthu, ní mór na fíonchaora a chur faoi phróiseas rísínithe nádúrtha; ní mór rísíniú a dhéanamh ar na fíonchaora in áitreabh oiriúnach; ceadaítear díhiodráitiú páirteach le haer aeráilte agus ní mór méid siúcra suntasach a bheith sna fíonchaora sula mbrúitear iad; ní cheadaítear aon chleachtas saibhrithe. Fíonóireacht, leasú agus aosú Vin Santo del Chianti Classico, ní mór dóibh tarlú i gcoimeádáin adhmaid (a dtugtar “caratelli” orthu).

5.2.   Uastáirgeacht

1.

STFC Vin Santo del Chianti Classico, lena n-áirítear leis an tásc Occhio di Pernice

 

8 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

2.

STFC Vin Santo del Chianti Classico, lena n-áirítear leis an tásc Occhio di Pernice

 

28 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Tá an limistéar ina dtáirgtear STFC “Vin Santo del Chianti Classico” comhdhéanta de 71 800 heicteár i lár Réigiún na Tuscáine, lena n-áirítear cuid de chríoch chúigí Fhlórans (30 400 heicteár) agus Siena (41 400 heicteár). Go sonrach, áirítear bardais Greve in Chianti, Castellina in Chianti, Radda in Chianti agus Gaiole in Chianti sa limistéar sin. Áirítear bardais San Casciano in Val di Pesa, Barberino Tavarnelle, Castelnuovo Berardenga agus Poggibonsi go pointe áirithe.

7.   Cineálacha fíonchaoire

Malvasia Bianca Lunga B. - Malvasia

Malvasia Bianca di Candia B. - Malvasia

Sangiovese N. - Sangioveto

Trebbiano Toscano B. - Trebbiano

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

STFC Chianti Classico, lena n-áirítear leis an tásc Occhio di Pernice

Tá fíon Vin Santo ina ghné thábhachtach i limistéar Chianti Classico ó na Meánaoiseanna ar aghaidh. Cuireadh tús leis chomh fada siar le 1400. Is ceird ar leith é Vin Santo a tháirgeadh agus is gá taithí a bheith air. Is é an chéad chéim sa phróiseas na fíonchaora is oiriúnaí a bhaint, amhail Trebbiano Toscano, Malvasia Bianca Lunga, Malvasia Bianca di Candia, Sangiovese agus Canaiolo (geal agus dubh), a threoraítear trí úsáid a bhaint as teicnící traidisiúnta sa limistéar (“áirse Thuscánach”). Is nádúrtha an próiseas rísínithe mar thoradh ar an raon teochtaí sa limistéar. Tá amanna coipthe, aistrithe agus modhanna aosaithe nasctha le taithí na saothróirí fíona áitiúla. Le linn na fíonóireachta, úsáidtear an gnáthmhodh áitiúil “madre” [máthair]. Is éard atá i gceist leis sin síolú le giostaí a roghnaíonn gnóthais aonair le himeacht ama.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Vin Santo del Chianti Classico - buidéalú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht an Aontais

An cineál coinníll bhreise:

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór oibríochtaí fíonóireachta, leasaithe, aosaithe agus buidéalaithe a dhéanamh laistigh de limistéar Vin Santo del Chianti Classico dá dtagraítear in Airteagal 3 den tsonraíocht táirge.

I gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus reachtaíocht an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair, ní mór buidéalú nó pacáistiú a dhéanamh laistigh den limistéar geografach críochaithe chun cáilíocht agus cáil fhíon Vin Santo del Chianti Classico a chosaint agus chun éifeachtacht na seiceálacha ábhartha a ráthú.

Vin Santo del Chianti Classico - fíonóireacht

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht an Aontais

An cineál coinníll bhreise:

Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Faoi réir údarú ón Aireacht um Bheartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta agus i ndiaidh breithmheasa ó Réigiún na Tuscáine, ceadaítear oibríochtaí fíonóireachta, leasaithe, aosaithe agus buidéalaithe ag fíonlanna atá lonnaithe lasmuigh den limistéar geografach críochaithe, ach nach bhfuil níos faide ná 10 km óna theorainn. Is iad na coinníollacha nach mór go raibh na fíonlanna ann cheana féin tráth a tháinig an tsonraíocht táirge i bhfeidhm agus nach mór iad a bheith faoi úinéireacht gnóthas a tháirgeann fíonchaora go haonarach nó i dteannta a chéile atá oiriúnach chun “Vin Santo del Chianti Classico” a tháirgeadh agus a bhaintear ó fhíonghoirt atá faoi úinéireacht nó faoi bhainistiú na ngnóthas sin.

Nasc chuig an tSonraíocht táirge

https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/18197


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


10.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 305/18


Foilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na tagartha d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona

(2022/C 305/08)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“Rosalia”

PDO-AT-02594

Dáta an iarratais: 21.2.2020

1.   Ainm le clárú

Rosalia

2.   Cineál an táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon/ar na fíonta

Is as na cineálacha Zweigelt agus Blaufränkisch a tháirgtear fíona dearga an limistéir. Is féidir a rá go mbíonn dath an-dearg dorcha ar na fíonta dearga. Cuireann dea-bholadh na bhfíonta dearga silíní searbha agus plumaí i gcuimhne. Bíonn blas torthaí orthu, agus tainniní measartha ina saintréith den bhlas sin. Ní bheidh an cion siúcra neamhchoipthe níos mó ná 4.0 g/l. Is féidir na fíonta a aosú in umair cruach nó i gcascaí adhmaid. Is féidir na fíonta dearga a tháirgeadh i bhfoirm fíona “taisce” freisin. Sa chás sin, bíonn neart alcóil níos airde (13 % de réir toirte ar a laghad) agus tainniní níos aibí ina shaintréithe den bhlas.

Is as na cineálacha Zweigelt agus Blaufränkisch a tháirgtear fíona rosé an limistéir freisin. Maidir le dath na bhfíonta rosé, bíonn sé idir dath an bhradáin agus caordhearg éadrom. Is iad caora dearga (cuiríní dearga agus sútha craobh) a bhíonn ina saintréith de dhea-bholadh agus de bhlas na bhfíonta rosé; ní bhíonn tainnin ar bith iontu. Ní mór an cion siúcra iarmharaigh na ceanglais maidir leis an sonrúchán “tirim” a chomhlíonadh. Is cuid fhíor-riachtanach de phróifíl bhlais fhíonta rosé“Rosalia” (STFC) í an aigéadacht bhríomhar. Is iondúil go ndéantar na fíonta a aosú in umair cruach, agus i gcascaí adhmaid, ach ní a oiread céanna.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

15

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

12

Aigéadacht iomlán íosta

4 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

150

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

a.   Cleachtais fhíoneolaíocha fhíor-riachtanacha

-

b.   Táirgeacht uasta

10 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Is é atá i limistéar fíonsaothraithe “Rosalia” ceantar polaitiúil Mattersburg.

7.   Príomhchineál(acha) fíonchaor

Blaufränkisch – Frankovka

Zweigelt – Blauer Zweigelt

Zweigelt – Rotburger

8.   Tuairisc ar an nasc/ar na naisc

Tá limistéar “Rosalia” (STFC) suite ar fhánaí thoir Shléibhte Rosalia, a shíneann taobh leis an teorainn idir cúige na hOstaire Íochtaraí agus cúige Burgenland in Oirthear na hOstaire.

Aeráid: tá limistéar “Rosalia” (STFC) ina chuid de Mhachaire Panónach (machaire íseal fairsing i ndeisceart na hEorpa Thoir-lár, a dtéann lárchúrsa na Danóibe agus cúrsa íochtair Abhainn Tisza tríd). Bíonn an samhradh tirim te agus an geimhreadh tirim fuar ar Mhachaire Panónach.

Ithir: is é atá sa chuid thiar theas de limistéar “Rosalia” (STFC) carraig chriostalta atá suite in aice le dríodair Neoigineacha atá ag éirí níos óige de réir a chéile san oirthuaisceart in Abhantrach Vín. Is fosuithe iad na dríodair sin ón iar-mhuir a bhíodh ag lapadáil i gcoinne bhun Sléibhte Rosalia idir 12 agus 16 milliún bliain ó shin. Sa tuaisceart agus san oirthuaisceart, faightear stráice in aice leis na dríodair sin, arb é atá ann fosuithe gainmheacha go príomha.

Nasc: murab ionann agus na dálaí ithreach, a bhfuil tionchar réasúnta beag acu ar bhlas agus tréithe na bhfíonta, tá an aeráid lárnach i saintréitheacht na bhfíonta “Rosalia” (STFC). Bíonn na fíonchaora in ann aibiú i gceart i dteas an lae, rud a fhágann gur féidir leis an mblas silíní searbha agus plumaí a fhorbairt, ar blas é atá ina shaintréith de na cineálacha fíniúna. Ar an taobh eile den scéal, bíonn na hoícheanta úra ina gcúis le forbairt na bpríomh-dea-bholaithe den chuid is mó (seachas siúcra), rud a fhágann an blas tipiciúil torthaí agus na tainniní measartha ar na fíonta.

Is córas traenála ardsaothraithe é an gnáthmhodh saothraithe fíonghort san Ostair, ar córas é ina dtugtar aire do na fíniúna de láimh den chuid is mó (prúnáil, bainistíocht ceannbhrat, tanú braislí, etc.), agus úsáidtear an modh saothraithe sin i limistéar “Rosalia” (STFC) freisin. An bealach ina dtáirgtear agus ina n-aosaítear na fíonta, tagann sé freisin le bearta a chuirtear i bhfeidhm ar fhormhór mór na ngabháltas san Ostair. Dá bharr sin, is lú ar fad an tionchar a bhíonn ag na modhanna saothraithe agus ag an teicneolaíocht siléir ar thréith agus blas na bhfíonta ná mar a bhíonn ag tosca geografacha agus, thar aon rud eile, tosca aeráide.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór an sonrúchán tionscnaimh “Rosalia” a úsáid i dteannta an tsonrúcháin thraidisiúnta “DAC” nó “Districtus Austriae Controllatus”.

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

I gcás gach fíon STFC, foráiltear le hAcht na hOstaire um an bhFíon nach mór fíon STFC a tháirgeadh sa réigiún fíonsaothraithe (réigiún tionscnaimh TGFC) ina bhfuil an limistéar STFC lonnaithe nó i réigiún fíonsaothraithe atá taobh leis. Dá bhrí sin, baineann an Ostair úsáid ghinearálta as an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/33.

Leagadh síos coinníollacha breise maidir le fíonta “Rosalia” (STFC) a tháirgeadh: ní ceadmhach an táirgeadh a dhéanamh lasmuigh den limistéar tionscnaimh gan formheas a fháil ó Choiste Fíon Réigiúnach Burgenland. Féadfar formheas den sórt sin a dheonú, go háirithe, má tá fíonghoirt an táirgeora lonnaithe i limistéar “Rosalia” agus má tháirgtear an fíon in áitreabh an táirgeora lasmuigh den limistéar sin nó má tá conarthaí beartán ann idir táirgeoir a bhfuil áitreabh aige atá lasmuigh de limistéar “Rosalia” agus úinéirí fíonghort laistigh den limistéar sin.

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise:

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní leagtar síos rialacha ginearálta maidir le buidéalú fhíonta STFC in Acht na hOstaire um an bhFíon.

Chun cáilíocht agus tréithe tipiciúla fhíonta “Rosalia” (STFC) a áirithiú, leagtar síos na coinníollacha seo a leanas maidir le buidéalú fhíonta “Rosalia” (STFC): Ní ceadmhach buidéalú a dhéanamh lasmuigh den limistéar gan formheas a fháil ó Choiste Fíon Réigiúnach Burgenland. Féadfar formheas den sórt sin a dheonú, go háirithe, má tá áitreabh ag an mbuidéalóir laistigh agus lasmuigh de limistéar “Rosalia” (STFC).

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.bmlrt.gv.at/themen/landwirtschaft/landwirtschaft-in-oesterreich/pflanzliche-produktion/wein/Weinherkunft.html


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.