ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 304 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
Clár |
Leathanach |
|
|
II Faisnéis |
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 304/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10757 – MUTARES / CIMOS) ( 1 ) |
|
2022/C 304/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10747 – BHC / DUSSUR / BAKER PETROLITE SAUDI COMPANY JV) ( 1 ) |
|
2022/C 304/03 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10828 – CVC / NORDIC CAPITAL / CARY GROUP) ( 1 ) |
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 304/04 |
||
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
2022/C 304/05 |
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 304/06 |
Réamhfhógra maidir le comhchruinniú (Cás M.10681 – RTL Deutschland/Seven.One Entertainment Group/Addressable TV Technology JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 304/07 |
||
2022/C 304/08 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
9.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 304/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10757 – MUTARES / CIMOS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 304/01)
An 28 Iúil 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10757. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
9.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 304/2 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10747 – BHC / DUSSUR / BAKER PETROLITE SAUDI COMPANY JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 304/02)
An 3 Lúnasa 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10747. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
9.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 304/3 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10828 – CVC / NORDIC CAPITAL / CARY GROUP)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 304/03)
An 5 Lúnasa 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10828. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
9.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 304/4 |
Rátaí malairte an euro (1)
8 Lúnasa 2022
(2022/C 304/04)
1 euro =
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0199 |
JPY |
yen na Seapáine |
137,62 |
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4405 |
GBP |
punt steirling |
0,84165 |
SEK |
krona na Sualainne |
10,3650 |
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9763 |
ISK |
króna na hÍoslainne |
140,10 |
NOK |
krone na hIorua |
9,9405 |
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,515 |
HUF |
forint na hUngáire |
394,27 |
PLN |
zloty na Polainne |
4,7043 |
RON |
leu na Rómáine |
4,9163 |
TRY |
lira na Tuirce |
18,3175 |
AUD |
dollar na hAstráile |
1,4607 |
CAD |
dollar Cheanada |
1,3134 |
HKD |
dollar Hong Cong |
8,0061 |
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6202 |
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4058 |
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 329,93 |
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
16,9694 |
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
6,8931 |
HRK |
kuna na Cróite |
7,5123 |
IDR |
rupiah na hIndinéise |
15 147,65 |
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,5477 |
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
56,554 |
RUB |
rúbal na Rúise |
|
THB |
baht na Téalainne |
36,380 |
BRL |
real na Brasaíle |
5,2380 |
MXN |
peso Mheicsiceo |
20,6810 |
INR |
rúipí na hIndia |
81,1660 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
9.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 304/5 |
Nuashonrú ar an liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (1)
(2022/C 304/05)
An liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (2), foilsítear an liosta sin ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39 de Chód Teorainneacha Schengen.
Chomh maith lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tá nuashonrú rialta ar fáil ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile.
LIOSTA DE CHEADANNA CÓNAITHE ARNA nEISIÚINT AG NA BALLSTÁIT
AN PHOLAINN
Le cur in ionad an liosta a foilsíodh in IO C 126, 12.4.2021, lch. 1.
I. |
An liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16)(a) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)
|
II. |
Nuashonrú ar an liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16)(b) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)
|
Liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo
IO C 271, 14.11.2007, lch. 14.
IO C 331, 31.12.2008, lch. 13.
IO C 308, 18.12.2009, lch. 20.
IO C 343, 13.10.2017, lch. 12.
IO C 509, 17.12.2021, lch. 10.
(1) Féach liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo ag deireadh an nuashonraithe seo.
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
9.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 304/9 |
Réamhfhógra maidir le comhchruinniú
(Cás M.10681 – RTL Deutschland/Seven.One Entertainment Group/Addressable TV Technology JV)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 304/06)
1.
An 1 Lúnasa 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
— |
RTL Deutschland GmbH (“RTL Deutschland”, AN GHEARMÁIN), |
— |
Seven.One Entertainment Group GmbH (“Seven.One Entertainment Group”, AN GHEARMÁIN), |
— |
The Addressable TV GmbH (“Addressable TV Technology JV”, AN GHEARMÁIN), |
Gheobhaidh RTL agus Seven.One Entertainment Group comhrialú ar Addressable TV Technology JV de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Is trí cheannach scaireanna i gcuideachta nuabhunaithe, cuideachta atá ina comhfhiontar, atá an comhchruinniú á dhéanamh.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Tá RTL Deutschland gníomhach i réimsí na teilifíse, na siamsaíochta ar líne, agus na seirbhísí léiriúcháin agus craoltóireachta, |
— |
Tá Seven.One Entertainment Group gníomhach i réimsí na teilifíse, na siamsaíochta ar líne agus na seirbhísí léiriúcháin agus craoltóireachta. |
3.
Déanfaidh Addressable TV Technology JV seirbhísí a fhorbairt a bheidh dírithe ar inrochtaineacht optamaithe a chothú agus ar chaighdeáin theicniúla neamhdhílseánaigh atá ann cheana maidir le teicneolaíocht na teilifíse indírithe (“ATV”) a chur chun feidhme. Déanfaidh sé na nithe seo a leas go háirithe – feidhmiúlachtaí na teicneolaíochta ATV a shainiú agus uirlisí aip-bhunaithe a chur ar fáil do chraoltóirí agus do mhonaróirí leictreonaice tomhaltóirí, uirlisí a chuirfidh ar a gcumas a dteicneolaíochtaí ATV féin a thástáil, agus a dheimhniú go bhfuil na teicneolaíochtaí sin ag teacht leis na ceanglais theicniúla bheachtaithe cur chun feidhme arna sainiú ag Addressable TV Technology JV.
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10681 – RTL Deutschland/Seven.One Entertainment Group/Addressable TV Technology JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
9.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 304/11 |
Foilsiú cumarsáide maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 304/07)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AG ATHRÚ AN DOICIMÉID AONAIR
“Verdicchio di Matelica”
PDO-IT-A0481-AM03
Dáta teachtaireachta: 27.5.2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA ATÁ LEIS
1. Pacáistíocht - coimeádáin agus toilleadh
Tuairisc: maidir le fíon Verdicchio di Matelica nach bhfuil aon sonraíocht bhreise aige, is féidir úsáid a bhaint as pacáistíocht neamhghloine atá comhdhéanta de mhála plaisteach ilsrathach poileitiléine nó poileistir a chuirtear isteach i mbosca de dhéantús cairtchláir nó aon ábhar docht eile ag a bhfuil an toilleadh íosta a leagtar amach sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais ar a laghad. Ní mór fíon den chineál passito a chur ar an margadh i mbuidéil ghloine ag a bhfuil toilleadh nach mó ná 1.50 lítear, agus sna buidéil sin amháin.
Cúiseanna: is rogha bhreise é sin maidir le fíon Verdicchio di Matelica a phacáistiú i gcoimeádáin neamhghloine. D’iarr táirgeoirí an rogha sin tar éis measúnuithe teicniúla agus tráchtála cúramacha a dhéanamh, mar atá i gceist freisin leis an toilleadh íosta a shonraítear le haghaidh buidéil fíonta passito.
Baineann an leasú le hAirteagal 7 den tsonraíocht agus le roinn 9 den doiciméad aonair.
2. An bhliain fhíona
Tuairisc: ní móran bhliain fíona a shonrú i gcás fíonta Verdicchio di Matelica, ach amháin i gcás fíonta súilíneacha nach bhfuil lipéadaithe mar fhíonta sárbhliana.
Cúiseanna: is fearr é sin mar shonraíocht maidir leis an mbealach inar ceart na táirgí ag a bhfuil an tsonraíocht sin a lipéadú.
Baineann an leasú le hAirteagal 7 den tsonraíocht agus le roinn 9 den doiciméad aonair.
3. Tagairt don chomhlacht cigireachta – athrú seolta
Tuairisc: athraíodh seoladh Valoritalia società per la certificazione delle qualità e delle produzioni vitivinicole italiane S.r.l. ó Via Piave 24, 00187 an Róimh go Via Venti Settembre 98/G, 00187 an Róimh.
Cúiseanna: d’athraigh an comhlacht rialúcháin le haghaidh Verdicchio di Matelica a oifig chláraithe.
Baineann an leasú seo le hAirteagal 10 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm an táirge
Verdicchio di Matelica
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint
3. Catagóirí táirgí fíniúna
1. |
Fíon |
5. |
Fíon súilíneach ar ardchaighdeán |
4. Tuairisc ar na fíonta
1. Verdicchio di Matelica
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Bíonn dath gealbhuí éadrom ar fhíonta STFC Verdicchio di Matelica. Bíonn boladh sainiúil agus éadrom agus blas tirim comhchuí orthu le hathbhlas atá beagán searbh.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Neart alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,50 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Aigéadacht luaineach uasta (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Verdicchio di Matelica passito
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Bíonn idir dath buí agus agus dath ómrach ar fhíonta STFC Verdicchio di Matelica passito. Bíonn boladh sainiúil domhain uathu atá cosúil le héitir, mar aon le blas idir leath-mhilis agus milis, uigeacht veilbhitiúil agus athbhlas sainiúil atá beagán searbh.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,00 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Aigéadacht luaineach íosta (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
25 |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
3. Verdicchio di Matelica spumante
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Bíonn dath buí amhail tuí le himreacha glasa éadroma ar fhíonta súilíneacha STFC Verdicchio di Matelica spumante Bíonn boladh sainiúil, éadrom, breá, flaithiúil agus comhchodach uathu, mar aon le cúr fíneálta agus marthanach agus blas idir an-brut agus tirim. Bíonn siad blasta, úr, breá agus comhchuí.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,50 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Aigéadacht luaineach (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Dé-ocsaíde sulfar iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta shonracha
—
5.2. Uastáirgeacht
1. Verdicchio di Matelica
13 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
2. Verdicchio di Matelica passito
13 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
3. Verdicchio di Matelica spumante
13 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
I limistéar saothrúcháin na bhfíonchaor a úsáidtear chun fíonta STFC Verdicchio di Matelica a dhéanamh, tá cuid de chríoch bhardais Matelica, Esanatoglia, Gagliole, Castelraimondo, Camerino agus Pioraco i gcúige Macerata agus cuid de chríoch bhardais Cerreto d’Esi agus Fabriano i gcúige Ancona.
7. Cineálacha fíonchaoire
Verdicchio bianco B. - Trebbiano di Soave B.
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
Verdicchio di Matelica
Bhí ról ríthábhachtach ag tosca daonna ó thaobh na dteicnící saothraithe agus fíonóireachta i gcás fíonta STFC Verdicchio di Matelica a fhorbairt. Traidisiún sa limistéar is ea fíonta súilíneacha agus fíonta passito a tháirgeadh agus a ól, agus is fíonta iad a théann siar na céadta bliain agus atá doiciméadaithe go dóthanach. Leis an idirghníomhú idir na tosca daonna agus tosca nádúrtha uathúla an limistéir saothrúcháin, amhail an aeráid agus cineál na n-ithreacha, tugadh d’fhíonta STFC Verdicchio di Matelica a saintréithe anailíseacha, aramatacha agus orgánaileipteacha uathúla nach bhfuil fáil orthu in aon áit eile, saintréithe a bhfuil dlúthcheangal acu leis an gcineál dúchasach a úsáidtear mar an phríomhfhíonchaor.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistíocht, lipéad, ceanglais eile)
Sonrú ar an mbliain fíona
Creat dlíthiúil:
I reachtaíocht an Aontais
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Ní mór an bhliain fíona a shonrú ar lipéad fhíonta STFC Verdicchio di Matelica, ach amháin i gcás fíonta súilíneacha nach bhfuil lipéadaithe mar fhíonta sárbhliana.
Pacáistíocht agus coimeádáin
Creat dlíthiúil:
I reachtaíocht an Aontais
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Maidir le fíonta Verdicchio di Matelica nach bhfuil aon sonraíocht bhreise acu, is féidir úsáid a bhaint as pacáistíocht neamhghloine atá comhdhéanta de mhála plaisteach ilsrathach poileitiléine nó poileistir a chuirtear isteach i mbosca de dhéantús cairtchláir nó as aon ábhar docht eile ag a bhfuil an toilleadh íosta a leagtar amach sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais ar a laghad.
Is féidir an cineál fíona Verdicchio di Matelica passito a scaoileadh lena ól i mbuidéil ghloine ag a bhfuil toilleadh nach mó ná 1.50 lítear, agus sna buidéil sin amháin.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/18198
9.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 304/15 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 304/08)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH LENA MODHNAÍTEAR AN DOICIMÉID AONAIR
“Pla de Bages”
PDO-ES-A1557-AM06
Dáta teachtaireachta: 21.6.2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Laghdú ar an neart alcóil le haghaidh fíonta rosé áirithe
Tuairisc:
Tá an t-íosneart alcóil a cheanglaítear le haghaidh fíonta rosé a dhéantar trí úsáid a bhaint as fíonchaora de chineálacha Mandó agus Picapoll Negro á laghdú ó 12.5 % de réir toirte go 11.5 % de réir toirte.
Luadh freisin nuair atá cineálacha á meascadh le haghaidh rosé, go mbeidh an neart alcóil is infheidhme ag brath ar chion an dá chineáil.
Baineann an leasú seo le pointe 2 den tsonraíocht táirge agus le pointe 4 den doiciméad aonair.
Is leasú caighdeánach é sin mar ní chomhlíontar leis aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.
Cúiseanna:
Is cineálacha iad Picapoll Negra agus Mandó a rinneadh a athbheochan (ó bhí 2014 agus 2016 ann, faoi seach) sa limistéar ina ndéantar STFC “Pla de Bages” agus áirítear iad leis an tsonraíocht táirge.
Mar gheall ar shaintréithe na bhfíonchaor sin, mar aon le roinnt cineálacha Vitis vinifera eile, tá sé deacair neart alcóil ard a bhaint amach. Measadh go bhfuil sé iomchuí íosneart alcóil fíonta rosé a dhéantar as fíonchaora Mandó agus Picapoll Negro a laghdú ó 12.5o go 11.5o alcól.
2. Leasú ar an tuairisc orgánaileipteach
Tuairisc:
Bogadh cuid den téacs ina dtugtar tuairisc ar na fíonta agus cuireadh tábla ina hionad ina leagtar amach na saintréithe orgánaileipteacha.
Baineann an leasú seo le pointe 2.1 den tsonraíocht táirge agus le pointe 4 den doiciméad aonair.
Is leasú caighdeánach é sin mar ní chomhlíontar leis aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.
Cúiseanna:
Is í an chúis leis an leasú sin go bhfuil an tsonraíocht táirge ag éirí níos teicniúla agus go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil sé chomh soiléir agus cuspóireach agus is féidir chun léamh agus léirmhíniú a éascú.
3. Athaicmiú cineálacha
Tuairisc:
Athrú ar dháileadh cineálacha údaraithe agus molta. Tá na cineálacha mar a chéile, leis an difríocht gur athraíodh Chardonnay, Merlot agus Cabernet Sauvignon ó “molta” go “údaraithe”. Athraíodh an cineál Mandó/Garró ó “údaraithe” go “molta”, áfach.
Baineann an leasú seo le roinn 6 den tsonraíocht táirge agus ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.
Is leasú caighdeánach é sin mar ní chomhlíontar leis aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.
Cúiseanna:
Is é an rún atá leis na hathruithe beartaithe sin liosta cineálacha a eagrú chun na cineálacha sin a mheastar a bheith áitiúil agus níos oiriúnaithe don limistéar a léiriú mar chineálacha “molta” i gcomhréir leis an gcur chuige straitéiseach arna ghlacadh ag an STFC.
4. Feabhsuithe ar fhoclaíocht an naisc
Tuairisc:
Cuireadh feabhas freisin ar fhoclaíocht na catagóire “fíon”.
Baineann an leasú seo le pointe 7 den tsonraíocht táirge agus le pointe 8.1 den doiciméad aonair.
Ós rud é nach bhfuil i gceist leis ach feabhsúchán seachas athrú ar fhoclaíocht an naisc, is leasú caighdeánach é toisc nach gcomhlíontar leis aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.
Cúiseanna:
Is í an chúis leis an leasú sin go bhfuil an tsonraíocht táirge ag éirí níos teicniúla agus go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil sé chomh soiléir agus cuspóireach agus is féidir chun léamh agus léirmhíniú a éascú.
I bhfianaise a bhfuil thuas, athscríobhadh saintréithe sainiúla an táirge sa chuid maidir leis an Nasc.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainmneacha
Pla de Bages
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí táirgí fíniúna
1. |
Fíon |
3. |
Fíon licéir |
5. |
Fíon súilíneach ar ardchaighdeán |
8. |
Fíon leathshúilíneach |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1. Fíonta geala agus rosé
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
GEAL: Idir dath buí éadrom agus dorcha (órga) air. Cuma shoiléir gan aon mhoirtiúlacht. Tá dea-bholaithe torthaíocha air. I gcásanna áirithe féadfaidh dea-bholaithe adhmaid a bheith air de bharr aosaithe. Is iondúil go mbíonn siad éadrom.
ROSÉ: Dath dearg idir bándearg éadrom agus/nó dath craicinn oinniúin agus caordhearg air. Cuma shoiléir gan aon mhoirtiúlacht. Tá dea-bholaithe torthaíocha air. I gcásanna áirithe féadfaidh dea-bholaithe adhmaid a bheith air de bharr aosaithe. Is iondúil go mbíonn siad éadrom.
* |
Is é an t-íosneart alcóil sealbhaithe le haghaidh fíonta rosé a dhéantar as Sumoll, Ull de Llebre, Garró/Mandó agus Picapoll Negro amháin 11,5 % de réir toirte agus 12,5 % de réir toirte le haghaidh cineálacha eile. I gcás fíonta ina bhfuil cumaisc a dhéantar as cineálacha a bhfuil luachanna íosnirt alcóil difriúla iontu, beidh luach íosta an chumaisc comhréireach go díreach le híosneart alcóil gach ceann de na cineálacha agus le céatadán na gcineálacha sin sa chumasc. |
* |
Fíonta a aosaítear níos faide ná 1 bhliain amháin agus fíonta a tháirgtear i mbairillí adhmaid le linn na bliana céanna, cibé acu trí choipeadh agus/nó trí aosú, ní mór uas-aigéadacht luaineach 0,9 g/l a bheith iontu. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
11 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
11,67 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
180 |
2. Fíon dearg
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Dath dearg le fordhathanna athraitheacha idir corcairghorm agus ócar ag brath ar na próisis táirgthe agus aosaithe. Cuma shoiléir gan aon mhoirtiúlacht. Tá dea-bholaithe torthaíocha air. I gcásanna áirithe, féadfaidh dea-bholaithe adhmaid a bheith air de bharr aosaithe. Athraitheach ag brath ar na próisis táirgthe agus aosaithe. Idir éadrom agus úr agus níos struchtúrtha agus comhdhlúite.
* |
Is é 11,5 % de réir toirte an neart alcóil iarbhír íosta i gcás fíonta a dhéantar as fíonchaora Sumoll, Ull de Llebre, Picapoll Negro agus Garró/Mandó, agus as na fíonchaora sin amháin. |
* |
Fíonta a aosaítear níos faide ná 1 bhliain amháin agus fíonta a tháirgtear i mbairillí adhmaid le linn na bliana céanna, cibé acu trí choipeadh agus/nó trí aosú, ní mór uas-aigéadacht luaineach 1,1 g/l a bheith iontu. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
12,5 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,3 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
150 |
3. Fíon leathshúilíneach
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Mar a thuairiscítear thuas, i gcomhréir leis an dath ábhartha. Tá boilgeoga ann. Tá dea-bholaithe torthaíocha air. I gcásanna áirithe féadfaidh dea-bholaithe a bheith air de bharr aosaithe. Fíonta úra mar thoradh ar láithreacht dé-ocsaíd charbóin, lena méadaítear freisin mothú struchtúrtha agus iomláine sa bhéal.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
10,5 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,3 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
200 |
4. Fíon súilíneach ar ardchaighdeán
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Mar a thuairiscítear thuas, i gcomhréir leis an dath ábhartha. Tá boilgeoga ann. Tá dea-bholaithe torthaíocha air. I gcásanna áirithe féadfaidh dea-bholaithe a bheith air de bharr aosaithe. Fíonta úra mar thoradh ar láithreacht dé-ocsaíd charbóin, lena méadaítear freisin mothú struchtúrtha agus iomláine sa bhéal.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
10,5 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,3 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
185 |
5. Fíonta licéir
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Buí, ómra, órga, dearg, rósta. Láithreacht dea-bholaithe torthaí úra nó torthaí aibí ag brath ar na próisis táirgthe/ aosaithe. Olartha agus marthanach.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
15 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
180 |
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta shonracha
1.
Ní mór cleachtais saothraithe thraidisiúnta a úsáid chun na cáilíochtaí is fearr a bhaint amach. Leis na cleachtais fíonsaothraithe uile, ní mór an comhshaol agus cothromaíocht fhiseolaíoch na bhfíniúnacha a urramú. Ní mór saineolas agranamaíoch a úsáid chun fíonchaora a fháil sa riocht is fearr is féidir le haghaidh na fíonóireachta
Ní mór an fhíniúin a threorú i gcomhréir le cleachtais agus modhanna fíonsaothraithe a bhfuil glacadh ginearálta leo.
Na fíonchaora a bhaintear, ní mór iad a iompar chomh tapa is féidir agus leas á bhaint as modhanna lena n-áirithítear go gcoimeádtar cáilíocht na bhfíonchaor.
2.
Ní mór na fíonchaora a bhaint go han-chúramach. Fíonta a chumhdaítear leis an STFC, ní fhéadfar iad a dhéanamh ach amháin as fíonchaora sláintiúla atá aibí a ndóthain chun fíonta a bhfuil neart alcóil nádúrtha 9.5 % de réir toirte ar a laghad iontu i gcás fíonta geala agus neart alcóil nádúrtha 11 % de réir toirte i gcás fíonta dearga. Ní mór neart alcóil nádúrtha íosta 9.5 % de réir toirte ar a laghad a bheith i bhfíonta leathshúilíneacha nó i bhfíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a dhéantar trí úsáid a bhaint as na fíonchaora.
5.2. Uastáirgeacht
1. |
10 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
2. |
70 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
3. |
9 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
4. |
63 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Fíonta a bhfuil an STFC “Pla de Bages” orthu, táirgtear iad sna bardais a leanas:
|
Aguilar de Segarra |
|
Artés |
|
Avinyó |
|
Balsareny |
|
Calders |
|
Callús |
|
Cardona |
|
Castellbell i el Vilar |
|
Castellfollit del Boix |
|
Castellgalí |
|
Castellnou de Bages |
|
El Pont de Vilomara i Rocafort |
|
L’Estany |
|
Fonollosa |
|
Gaià |
|
Manresa |
|
Marganell |
|
Moià |
|
Monistrol de Calders |
|
Monistrol de Monserrat |
|
Mura |
|
Navarcles |
|
Navàs |
|
Rajadell |
|
Sallent |
|
Sant Feliu Sasserra |
|
Sant Fruitós de Bages |
|
Sant Joan de Vilatorrada |
|
Sant Mateu de Bages |
|
Sant Salvador de Guardiola |
|
Sant Vicenç de Castellet |
|
Santpedor |
|
Santa Maria d’Oló |
|
Suria |
|
Talamanca |
7. Cineál/cineálacha fíniúna
|
PICAPOLL BLANCO |
|
SUMOLL TINTO |
|
TEMPRANILLO – ULL DE LLEBRE |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
8.1. Fíon
Maidir leis na dálaí talmhaíochta agus aeráide a shainítear le haghaidh an cheantair, is dálaí iad a bhfuil a dteochtaí agus a leibhéal báistí an-difriúil le teochtaí agus leibhéal báistí na gceantar máguaird. Buntáiste freisin is ea an mheán-airde sa cheantar le haghaidh fíonta STFC “Pla de Bages”. Mar gheall ar an bhfad ón bhfarraige agus an bhacainn réamhchósta, tá an aeráid inár STFC leath bealaigh idir aeráid Mheánmhara agus aeráid intíre ilchríochach.
Mar gheall ar thionchar suntasach na bPiréiní, is iondúil go mbíonn dea-bholaithe na bhfíonta bána (go háirithe na fíonta geala sin a dhéantar as cineál Picapoll) ar thaobh níos úire na dtuairiscí le haghaidh gach cineál. Tá an aeráid sin fabhrach freisin do tháirgeadh fíonta éadroma, a bhfuil croí aigéadach maith acu. Baintear amach toirt níos iomláine sa bhéal trí bhíthin cleachtais fíonóireachta amhail aosú ar na moirt nó aosú i mbairillí.
Mar thoradh ar na foraoisí flúirseacha sa cheantar, atá mórthimpeall ar fhormhór na bhfíniúnacha, agus ar an líon mór luibheanna aramatacha a fhásann ar fud cheantar Bages, tá terroir an-sainiúil aige, terroir a bhfuil tionchar láidir sonrach aige ar na táirgí fíona uile a bhfuil STFC “Pla de Bages” orthu. Tá dea-bholaithe príomha na bhfíonta lán le bolaithe na luibheanna sin. Tá maróis, labhandar agus tím ar roinnt samplaí.
Tá an aeráid fhuar fabhrach d’aibiú mall san fhómhar, lena n-éascaítear dath maith i ngach cineál. Mar sin féin, ba cheart láithreacht cineálacha dúchasacha amhail Mandó, Sumoll agus Picapoll Negro a chur i dtábhacht, toisc go bhféadfar dath níos ísle a bheith acu de réir a sainmhínithe.
Tá an phróifíl aramatach sainiúil toisc go bhfuil an-mheas ar airíonna tipiciúla fhormhór na gcineálacha sa limistéar. Toisc gur limistéar é ina n-éiríonn fíonchaora aibí níos déanaí ná mar is gnách sa stát, is iondúil go gcoimeádtar na dea-bholaithe príomha. Ós rud é go bhfuil go leor foraoisí mórthimpeall ar na fíonghoirt sa réigiún, bíonn blasanna balsamacha ag roinnt de na fíonta dearga, rud a chuireann leis an mothú úr.
8.2. Fíon leathshúilíneach
Na barúlacha a tugadh sa roinn roimhe seo maidir le fíonta, tá feidhm acu anseo freisin.
8.3. Fíon súilíneach ar ardchaighdeán
Tá traidisiún fada ag ceantar Bages maidir le fíonta súilíneacha a dhéanamh. Cumhdaítear bardas Artés le STFC “Cava” ós rud é go bhfuil fíonta den chineál sin á dtáirgeadh ann ó rinneadh na chéad turgnaimh go luath san fhichiú haois. I bhfocail eile, bhí sé ina cheannródaí i dtaca le táirgeadh fíonta súilíneacha.
8.4. Fíon licéir
Is rífhada fíonta licéir a bheith á dtáirgeadh i gceantar Bages. Fíon rancio, mistela agus fíon milis nádúrtha, is deochanna iad a bhí coitianta i dtithe an cheantair le blianta fada. An teaglaim de mhodh táirgthe traidisiúnta agus cineálacha fíniúna an cheantair, ar nithe iad atá faoi thionchar ag na dálaí agra-aeráide dá dtagraítear thuas, tugtar saintréithe orgánaileipteacha áirithe do na fíonta sin leo.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Creat dlíthiúil:
|
Sa reachtaíocht náisiúnta |
An cineál coinníll bhreise:
|
Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe |
Tuairisc ar an gcoinníoll:
|
Fíonta a bhfuil an STFC “Pla de Bages” orthu, ní mór iad a phacáistiú sa limistéar a shonraítear sna rialacháin lena rialaítear an STFC. Rinne an Bord Rialála an cinneadh sin toisc go measann sé, i bhfianaise an limistéir bhig a chumhdaítear leis an STFC, go bhféadfaí tionchar diúltach a bheith ag aon chur isteach seachtrach ar an gcáilíocht toisc go rachadh sé thar smacht an Bhoird agus go bhféadfaí dochar a dhéanamh do na caighdeáin sheanbhunaithe leis. |
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://incavi.gencat.cat/.content/005-normativa/plecs-condicions-do-catalanes/Arxius-plecs/DO-Pla-de-Bages-Crtl-canvis-v-gener2022.pdf