ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 301

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
5 Lúnasa 2022


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Coiste na Réigiún

 

An 149ú seisiún iomlánach de CnaR, 27.4.2022-28.4.2022

2022/C 301/01

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún — Rún maidir le tacaíocht réigiúin agus chathracha an Aontais don Úcráin

1

2022/C 301/02

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún – Rún maidir le REPowerEU: dlús á chur ag na cathracha agus na réigiúin leis an aistriú fuinnimh

6

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste na Réigiún

 

An 149ú seisiún iomlánach de CnaR, 27.4.2022-28.4.2022

2022/C 301/03

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a neartú ar an leibhéal fonáisiúnta agus tionchar críochach tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a leigheas

11

2022/C 301/04

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Bauhaus Eorpach Nua Ealaíonta, Inbhuanaithe, Cuimsitheach

16

2022/C 301/05

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Na misin Eorpacha

22

2022/C 301/06

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte

33

2022/C 301/07

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Geilleagar an Aontais Eorpaigh tar éis COVID-19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch

40

2022/C 301/08

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Íosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas

45

2022/C 301/09

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Straitéis Eorpach d’Ollscoileanna

51

2022/C 301/10

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Státchabhair AE a thabharfar amach anseo in earnálacha na talmhaíochta, na foraoiseachta agus na limistéar tuaithe

56

2022/C 301/11

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Straitéis Foraoise an Aontais do 2030

61


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Coiste na Réigiún

 

An 149ú seisiún iomlánach de CnaR, 27.4.2022-28.4.2022

2022/C 301/12

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Comhaontú Glas a chur chun feidhme ar dhóigh atá cothrom ó thaobh na sochaí de

70

2022/C 301/13

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An daonlathas agus an tsláine a neartú le linn toghchán

102

2022/C 301/14

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An Córas Trádála Astaíochtaí agus Sásraí Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a chur ag obair do chathracha agus réigiúin an Aontais

116

2022/C 301/15

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a leasú chun na spriocanna aeráide nua do 2030 a bhaint amach

139

2022/C 301/16

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Treoir maidir le Fuinneamh In athnuaite a leasú chun na spriocanna aeráide nua do 2030 a bhaint amach

184

2022/C 301/17

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Athbhreithniú ar LULUCF agus ar na Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill

221


GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Coiste na Réigiún

An 149ú seisiún iomlánach de CnaR, 27.4.2022-28.4.2022

5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/1


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún — Rún maidir le tacaíocht réigiúin agus chathracha an Aontais don Úcráin

(2022/C 301/01)

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.   

Ag cáineadh go géar ionradh gan údar Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin ar cuireadh tús leis an 24 Feabhra 2022 agus a thacaigh an Bhealarúis leis;

2.   

Ag iarraidh go mbeadh sos comhraic neamhchoinníollach ann láithreach bonn agus go n-osclófaí conairí daonnúla sábháilte; á chur in iúl nach mór don Rúis deireadh a chur láithreach le gníomhaíocht mhíleata agus na fórsaí míleata agus paraimíleata uile agus na hoifigigh riaracháin ar fad a tharraingt siar ó chríocha ionghafa na hÚcráine;

3.   

Á chur i bhfios gur gníomh coiriúil é an t-ionradh sin i gcoinne mhuintir na hÚcráine agus cheannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine, agus gur sárú brúidiúil é ar phrionsabail an daonlathais agus ar an smacht reachta; á chur i dtreis gurb ionann na hionsaithe neamh-idirdhealaitheacha ar shibhialtaigh, lena n-áirítear méara cathracha agus sráidbhailte, agus coireanna cogaidh arna ndéanamh ag arm na Rúise agus go sáraíonn siad an dlí idirnáisiúnta, go háirithe Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras le haghaidh Eoraip Nua agus Meabhrán Bhúdaipeist; á chur in iúl nach mór gach sárú ar chearta an duine, gach coir chogaidh agus gach coir in aghaidh an chine dhaonna ar chríoch na hÚcráine a thaifeadadh, a imscrúdú agus a phróiseáil faoi dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta;

4.   

Ag seasamh i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine, atá ag cosaint a dtíre i gcoinne ionróirí na Rúise; Ag cur a bhrón in iúl maidir leis an mbás agus leis an bhfulaingt dhaonna atá tarlaithe de dheasca ainghníomhartha na Rúise;

5.   

Ag athdhearbhú a tacaíochta d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine agus á iarraidh go scaoilfí saor láithreach bonn méaraí agus státseirbhísigh na hÚcráine a d’fhuadaigh fórsaí forghabhála na Rúise iad de shárú ar Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Cosaint Daoine Sibhialta in Aimsir Chogaidh;

6.   

Ag rá nach féidir ach le muintir na hÚcráine a gceannairí a roghnú go daonlathach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus á dhearbhú nach n-aithneoidh sé ná nach gcomhoibreoidh sé le haon cheannaireacht réigiúnach nó áitiúil a bheidh curtha ar bun ag an Rúis san Úcráin;

Dlúthpháirtíocht nithiúil á cur ar fáil leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha

7.

Á chur i dtreis an dlúthpháirtíocht urghnách atá léirithe ag saoránaigh an Aontais le daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin; á chur in iúl gur cúis imní dó na hÚcránaigh a bheith á ndíbirt i gcoinne a dtola chuig críoch atá rialaithe ag an Rúis; ag moladh údaráis an Aontais Eorpaigh as a n-aontacht i bhfianaise chogadh na Rúise ar an Úcráin, as dlús a chur leis an dlúthpháirtíocht trí chabhair dhaonnúil dhíreach agus trí chúnamh éigeandála cosanta sibhialta a chur ar fáil, agus as an sásra cosanta láithreach a chur i ngníomh dóibh siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh; á chur i bhfios go láidir gur gá an chabhair sin a mhéadú go suntasach sna míonna amach romhainn d’fhonn géarchéim dhaonnúil a sheachaint i réigiúin teorann an Aontais;

8.

Á chur in iúl go bhfuil sé tiomanta do chathracha agus réigiúin a spreagadh tuilleadh chun cabhair a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin; á chur in iúl go háirithe go bhfuil riachtanais sna réigiúin teorann maidir le tacaíocht lóistíochta don ghlacadh tosaigh agus don idirthuras;

9.

Á iarraidh ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha ón Eoraip tacaíocht a iarraidh nó a thairiscint tríd an Mol Tacaíochta Faisnéise “Help Ukraine” (1) arna sheoladh ag Coiste Eorpach na Réigiún;

10.

Ag aontú leis an iarraidh ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine agus an Aontais comhpháirtíochtaí a athbheochan agus a chur ar bun, lena n-áirítear nascadh cathracha agus réigiún, i bhfianaise phróiseas na hatógála;

Peirspictíocht Eorpach na hÚcráine a neartú

11.

Á chur i bhfios go láidir gur chuir an dílárú agus na hathchóirithe forbartha réigiúnaí san Úcráin go mór le comhdhlúthú an daonlathais áitiúil, le féinrialachas neartaithe agus le hathléimneacht ghinearálta phobail áitiúla na tíre, ar gné thábhachtach é de fhrithbheartaíocht na hÚcráine i gcoinne ionróirí na Rúise. Cuireadh na hathchóirithe sin chun feidhme le tacaíocht shuntasach ó réigiúin agus ó chathracha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear tríd an gclár “U-LEAD with Europe”, agus le tacaíocht spriocdhírithe ó CnaR, laistigh dá Thascfhórsa don Úcráin agus trí ghníomhaíochtaí comhair idir piaraí. Tá rath na n-athchóirithe díláraithe sin tar éis an Úcráin a thabhairt níos gaire don Aontas Eorpach agus dá luachanna saoirse, daonlathais agus smachta reachta;

12.

Á iarraidh ar an gcomhphobal idirnáisiúnta plean cúnaimh agus téarnaimh a ullmhú don Úcráin chun tacú le geilleagar na hÚcráine, lena hinstitiúidí agus lena seirbhísí poiblí, agus lena bonneagar scriosta a atógáil; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, sa chomhthéacs sin, an cinneadh ón gComhairle Eorpach Ciste Iontaobhais Dlúthpháirtíochta don Úcráin a chur ar bun agus á iarraidh go mbeadh Comhdháil Idirnáisiúnta ann chun maoiniú a thiomsú i measc comhpháirtithe; á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh an Rúis, ós í atá freagrach as an scrios a tharla, rannchuidiú freisin le cúiteamh cogaidh chun an Úcráin a atógáil;

13.

Ag tacú leis an Úcráin stádas mar iarrthóir ar an Aontas a fháil i gcomhréir le hAirteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus faoin modheolaíocht athbhreithnithe chéanna idirbheartaíochta aontachais a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na Balcáin Thiar, agus béim níos láidre á cur ar an smacht reachta agus ar institiúidí daonlathacha; á chur i bhfios gur cheart caitheamh go dearfach freisin le hiarratais na Seoirsia agus na Moldóive a bheith ina dtíortha is iarrthóirí ar an Aontas. Idir an dá linn, ní mór comhtháthú na hÚcráine i margadh aonair an Aontais Eorpaigh a shaothrú gan mhoill, de réir mar atá leagtha amach sa Chomhaontú Comhlachais;

Bearta tacaíochta airgeadais

14.

Á chur in iúl gur díol sásaimh dó pacáistí CARE (Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip) agus CARE+ ón gCoimisiún Eorpach, agus na solúbthachtaí i gcreat REACT-EU, agus tá sé á chur i bhfios go láidir aige na tairbhí a bhaineann le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a rannpháirtiú go díreach i bpleanáil, i mbainistiú agus i gcur chun feidhme phacáistí CARE agus REACT-EU; á chur in iúl go láidir gur gá go mbeadh oiriúnuithe ar chláir an bheartais chomhtháthaithe comhsheasmhach leis an bprionsabal “gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú” a tugadh isteach le déanaí sa 8ú tuarascáil faoin gComhtháthú;

15.

Á chur i bhfios go láidir, go bhfuil sé léirithe le linn phaindéim COVID-19 agus mar fhreagra ar iarmhairtí an chogaidh san Úcráin, gur féidir leis an mbeartas comhtháthaithe torthaí gearrthéarmacha a bhaint amach nuair is gá; ag áitiú, áfach, nár cheart aidhm iarbhír an bheartais chomhtháthaithe, is é sin comhtháthú eacnamaíoch sóisialta agus críochach a neartú trí éagothromaíochtaí idir réigiúin a laghdú, a chur san iomaíocht leis na haidhmeanna sin;

16.

Á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur cuireadh ar fionraí na cláir um chomhar trasteorann a bhfuil comhpháirtithe na Rúise agus na Bealarúise páirteach iontu; á iarraidh go neartófaí na cláir atá ann cheana idir réigiúin AE (an Pholainn, an Ungáir, an Rómáin, an tSlóvaic) agus an Úcráin; á chur i bhfios go láidir nach leor ar chor ar bith an tacaíocht airgeadais a chuirtear ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin agus do na tíortha nach bhfuil ag an teorainn ach a ghlacann an líon is mó teifeach agus gur gá an tacaíocht sin a threisiú go mór i bhfianaise an róil atá acu foscadh a chur ar fáil do dhídeanaithe agus iad a lánpháirtiú ina gcórais oideachais, cúraim sláinte agus tithíochta freisin;

17.

Ag tacú le cúlchiste géarchéime buan a bhunú chun cásanna éigeandála a bheidh ann amach anseo a mhaolú, lena gcomhlánófar nó lena dtreiseofar na hionstraimí teagmhais agus solúbthachta atá ann cheana; ag iarraidh go gcruthófaí aon tSaoráid Áitiúil amháin do Dhídeanaithe idir an tAontas agus an Úcráin lena mbaileofaí an cistiúchán ar fad atá ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun dídean a thabhairt do dhídeanaithe, d’fhonn an úsáid a bhaintear as cistiúchán atá ar fáil dóibh a shimpliú, a phríomhshruthú agus a luathú;

18.

Ag tabhairt dá aire, i gcás na mBallstát agus na réigiún is mó atá buailte, go bhféadfadh sé go mbeadh gá lena bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a athbhreithniú, ar bhonn comhairliúchán cuí leis na húdaráis réigiúnacha, go háirithe i bhfianaise an tionchair eacnamaíoch atá ag dul i méid ar thíortha an Aontais;

Fáiltiú dídeanaithe atá ar a dteitheadh ón Úcráin

19.

Á chur i bhfáth go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar an líne thosaigh maidir leis na milliúin teifeach a óstáil sna tíortha comharsanachta, chomh maith leis na daoine atá easáitithe ina dtír féin san Úcráin (2), arb é sin an ghéarchéim dídeanaithe is mó san Eoraip ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda; á chur i bhfios gur cheart é a bheith de cheart ag gach dídeanaí, gan beann ar a dtionscnamh ná a gcleamhnacht pholaitiúil nó gnéasach, fáilte chomh dearfach céanna a fháil i ngach réigiún agus cathair san Aontas agus a fhaigheann na dídeanaithe ón Úcráin;

20.

Á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur gníomhachtaíodh an Treoir um Chosaint Shealadach, nach mór a chur chun feidhme go hiomlán anois ar bhealach dea-chomhordaithe, flaithiúil, cuimsitheach agus solúbtha, lena ráthófar rochtain ar mhargadh an tsaothair, tithíocht, cúram sláinte, oideachas agus tacaíocht leasa shóisialta dóibh siúd uile atá ar a dteitheadh ón Úcráin, agus béim á leagan ar ghrúpaí leochaileacha, go háirithe mná agus leanaí, agus gan beann ar a mbunús, tionscnamh eitneach, cleamhnacht pholaitiúil nó gnéaschlaonadh;

21.

Ag tarraingt aird ar ghnéithe sonracha na Treorach 2001/55/CE ón gComhairle (3) um Chosaint Shealadach, lena dtugtar an tsaoirse do dhídeanaithe an Ballstát inar mian leo socrú ar bhonn sealadach a roghnú (Airteagal 26), agus tá sé á chur i dtreis go láidir aige go laghdaítear an brú ar na córais náisiúnta tearmainn agus ar acmhainneacht ghlactha na réigiún teorann mar thoradh dearfach ar chearta saorghluaiseachta agus neamhspleáchas dídeanaithe a aithint;

22.

Á iarraidh go mbunófaí sásra Eorpach deonach um athshocrú, agus acmhainneacht ghlactha na n-údarás réigiúnach agus áitiúil á gcur san áireamh; ag iarraidh an athuair go dtabharfaí rochtain dhíreach do chathracha agus do réigiúin an Aontais ar chistiúchán AE don imirce agus don lánpháirtiú; á iarraidh ar an gCoimisiún scéim dáilte dídeanaithe a chur ar aghaidh le haghaidh géarchéimeanna dídeanaithe a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar Bhallstáit AE aitheantas a thabhairt do ghealltanais dheonacha den sórt sin agus obair leantach a dhéanamh ina leith;

23.

Á chur i dtreis go bhfuil cuid mhaith dídeanaithe ón Úcráin an-leochaileach agus gur mionaoisigh iad tuairim is leath díobh; á chur in iúl, i measc na gcéadta míle páiste atá ag teitheadh, go bhfuil roinnt mhaith ina n-aonar agus go dteastaíonn cosaint agus cúram speisialta uathu; ag tacú le pacáiste um chosaint leanaí (“Child Protection Package”) do leanaí ón Úcráin ar dídeanaithe iad, agus tús áite á thabhairt don ghá go bhfreastalóidís ar scoil;

24.

Á iarraidh go ndéanfaí bearta láidre chun an gháinneáil ar dhaoine a chosc, toisc gur mná agus leanaí iad formhór na ndaoine atá ag teitheadh ón Úcráin, agus léiríodh i dtuarascálacha ar chearta an duine go bhfuil méadú tagtha ar líon na ngrúpaí coireachta eagraithe atá dírithe ar na grúpaí sin agus a shaothraíonn iad, go háirithe chun críoch dúshaothraithe gnéis nó dúshaothraithe saothair;

25.

Á chur i dtreis an gá atá le cúrsaí teanga, oideachas agus oiliúint a chur ar fáil; á chur chun suntais, i ndáil leis sin, an acmhainneacht atá i líonra Choiste na Réigiún “Cathracha agus Réigiúin maidir le hImircigh a Lánpháirtiú”;

Tionchar ar bheartais an Aontais

26.

Ag moladh go láidir bearta a chur i bhfeidhm láithreach bonn i ngach réigiún Eorpach chun spleáchas an Aontais ar thríú tíortha a laghdú, agus go háirithe ar allmhairí fuinnimh na Rúise, agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tacú lena n-iarrachtaí;

27.

Ag tacú leis an iarraidh go gcuirfí toirmeasc iomlán ar allmhairiú gáis, ola agus guail na Rúise chun na hEorpa agus molann sé do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha tús a chur le pleananna éigeandála a dhréachtú chun ullmhú d’iarmhairtí smachtbhannaí den sórt sin;

28.

Den tuairim gur bealach é an plean atá ag REPowerEU (4) chun dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan, slándáil fuinnimh an Aontais a mhéadú, spleáchas an Aontais ar allmhairí breoslaí iontaise agus amhábhair ó thríú tíortha a laghdú, go háirithe ó Chónaidhm na Rúise, agus na rioscaí polaitiúla, eacnamaíocha agus slándála a eascraíonn as na hallmhairí sin a laghdú ar an gcaoi sin; á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí ollmhóra agus bearta nithiúla chun borradh a chur faoin bhfuinneamh in-athnuaite, faoi éifeachtúlacht agus spáráil fuinnimh, faoin gciorclaíocht, faoin leictriú, agus faoin taighde ar bhreoslaí inbhuanaithe malartacha a bheadh mar fhíor-réitigh shlána, inacmhainne, fhadtéarmacha;

29.

Ag áitiú nár cheart do thionchar an chogaidh dul chun dochair do ghníomhú ar son na haeráide ná don inbhuanaitheacht, dá bhforáiltear i gComhaontú Pháras agus i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe, agus ag athdhearbhú a thiomantais don Chomhaontú Glas don Eoraip, arb é an bealach é freisin chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a neartú;

30.

Den tuairim nach mór tionscadal Nord Stream agus tionscadal Nord Stream 2 a thréigean go hiomlán mar chuid d’iarrachtaí an Aontais a neamhspleáchas fuinnimh a mhéadú;

31.

Á chur in iúl gur díol sásaimh dó an sioncrónú a rinneadh le déanaí ar eangacha leictreachais na hÚcráine agus na Moldóive le Líonra Mhór-roinn na hEorpa;

32.

Ag athdhearbhú an iarraidh a rinne údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine ar an bpobal idirnáisiúnta cuidiú leo bainistiú a dhéanamh ar na héigeandálaí comhshaoil arbh é an t-ionradh ba chúis leo, lena n-áirítear ag láithreacha na stáisiún cumhachta núicléiche agus na monarchana ceimiceán;

33.

Á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach tús a chur le caibidlíocht leis an Úcráin go nglacfaidh an tír páirt sa chlár “LIFE” d’fhonn leas a bhaint as maoiniú chun a timpeallacht a athshlánú tar éis ionradh na Rúise, bíodh sin truailliú, scriosadh na n-éiceachóras nó éifeachtaí fadtéarmacha eile atá i gceist;

34.

Á chur i dtreis nach bhfuil aon amhras ach go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an gcoinbhleacht ar earnáil agraibhia an Aontais, ós rud é gur onnmhaireoirí suntasacha iad an Úcráin agus an Rúis de roinnt táirgí talmhaíochta (amhail grán agus olashíolta) chomh maith le leasacháin nítrigine; á chur i bhfios go láidir nach mór don Aontas a thiomantas maidir le córais inbhuanaithe bia a chur ar fáil a atreisiú agus, san am céanna, inacmhainneacht bia ar ardchaighdeán a ráthú do chách trí spleáchas ar phríomhtháirgí talmhaíochta agus ionchuir talmhaíochta allmhairithe a laghdú; á chur in iúl gur cúis mhór imní dó go bhfuil méadú ollmhór domhanda tagtha cheana féin ar phraghsanna tráchtearraí talmhaíochta mar thoradh ar chur isteach ar onnmhairí ón Úcráin agus ón Rúis agus go bhfuil na hiarmhairtí le brath go háirithe sna tíortha agus sna réigiúin is boichte ar domhan;

Tuilleadh barúlacha

35.

Ag tacú le cearta na ndaoine sa Rúis agus sa Bhealarúis a dhéanann agóid i gcoinne chogadh Putin agus ag cosaint a gceart chun toghcháin chóra, a saoirse chun a gcuid tuairimí a nochtadh agus saoirse comhthionóil, agus á éileamh go scaoilfear saor láithreach bonn agóideoirí atá á gcoinneáil go héagórach;

36.

Ag tacú le smachtbhannaí láidre níos comhordaithe i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise d’fhonn cur i gcoinne chumas na Rúise leanúint leis an ionsaí; ag moladh don Choimisún Eorpach treoirlínte a thíolacadh maidir leis na smachtbhannaí a fhorfheidhmiú agus a chur chun feidhme, ós rud é go bhfuil éagsúlacht fós ann, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, maidir leis na hionstraimí agus na nósanna imeachta atá á n-úsáid chun stádas úinéireachta cuideachtaí, sócmhainní agus réadmhaoine a fhíorú;

37.

Á chur i dtábhacht gur cheart gach tír is iarrthóir agus gach tír a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ar bhallraíocht AE a spreagadh chun na smachtbhannaí a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais a leanúint chun béim a leagan ar a dtiomantas don Aontas agus dá luachanna;

38.

Ag cáineadh bholscaireacht agus fhuathchaint na Rúise a chuireann leis an gcoinbhleacht agus a chabhraíonn leo siúd a bhfuil coireanna cogaidh déanta acu; ag iarraidh go ndéanfaí bearta éifeachtacha ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun an bholscaireacht sin a chomhrac agus a dhíbirt; á chur in iúl nach n-aontaíonn sé le léirsithe a thacaíonn le fogha na Rúise a bheith ar siúl i gcathracha na hEorpa;

39.

Á threorú dá Uachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig Parlaimint na hEorpa, Uachtaránacht na Fraince agus Uachtaránacht na Seicia ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus chuig Uachtarán, Rialtas agus chuig Parlaimint na hÚcráine.

An Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Mol Tacaíochta Faisnéise: “Help Ukraine” – comhar-ardán is ea é chun réigiúin idirthurais agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha a bhfuil ró-ualach orthu a nascadh le húdaráis ó Bhallstáit eile de chuid an Aontais a bhfuil sé d’acmhainn acu cúnamh a thabhairt.

(2)  Ukraine Refugee Situation (unhcr.org) (suíomh gréasáin an Ard-Choimisinéara do Dhídeanaithe maidir le staid dhídeanaithe na hÚcráine).

(3)  OJ L 212, 7.8.2001, p. 12.

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le REPowerEU: comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe, 8 Márta 2022.


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/6


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún – Rún maidir le REPowerEU: dlús á chur ag na cathracha agus na réigiúin leis an aistriú fuinnimh

(2022/C 301/02)

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

ag féachaint do phraghsanna arda agus méadaitheacha fuinnimh, a bhfuil an bonn á bhaint acu ó chumhacht ceannaigh na dteaghlach agus na bhfiontar ó shamhradh na bliana 2021, agus arb é an t-éileamh domhanda ar fhuinneamh, go háirithe gás, a d’eascair as paindéim COVID-19 is cúis leo;

ag féachaint don Teachtaireacht agus don bhosca uirlisí ón gCoimisiún Eorpach maidir le dul i ngleic le praghsanna fuinnimh atá ag ardú, an 13 Deireadh Fómhair 2021;

ag féachaint d’ionradh gan údar Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, ar cuireadh tús leis an 24 Feabhra 2022 agus a thacaigh an Bhealarúis leis;

ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe, an 8 Márta 2022;

ag féachaint do Dhearbhú Versailles a d’eisigh Cinn Stáit nó Rialtais an Aontais ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ar siúl an 10 agus an 11 Márta 2022;

ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le cinnteacht an tsoláthair agus praghsanna inacmhainne fuinnimh, don Togra le haghaidh Rialacháin maidir le stóráil gáis, agus don chreat sealadach géarchéime don tsolúbthacht faoi riail na státchabhrach, an 23 Márta 2022;

ag féachaint don Táscfhórsa Comhpháirteach um Shlándáil Fuinnimh atá le bunú láithreach ag an gCoimisiún Eorpach agus ag na Stáit Aontaithe;

ag féachaint do chonclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí an 24 agus an 25 Márta 2022;

ag féachaint don obair atá á déanamh aici faoi láthair ar an bpacáiste “Oiriúnach do 55” arna sholáthar trí thuairimí agus tríd an Mheitheal um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil;

Maidir le dul i ngleic le géarchéimeanna iomadúla

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na tionscnaimh atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar na praghsanna arda fuinnimh atá ann faoi láthair, praghsanna atá ag ardú ó shamhradh na bliana 2021 agus atá géaraithe mar gheall ar chogadh gan chúis gan údar agus neamhdhleathach Chónaidhm na Rúise san Úcráin; á chur i bhfios nach leor é deireadh a chur de réir a chéile ar ár spleáchas ar an soláthar breoslaí iontaise ó Chónaidhm na Rúise, ach measann sé gur bealach é REPowerEU chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh chun spleáchas an Aontais ar allmhairí fuinnimh agus amhábhar go ginearálta a laghdú agus, dá réir sin, na rioscaí polaitiúla, eacnamaíocha agus slándála a eascraíonn as na hallmhairí sin a laghdú; mar sin féin, is oth leis nach ndéantar tagairt shoiléir do ról na gcathracha agus na réigiún, a mhéid a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair agus réitigh fhadtéarmacha a chur ar fáil i dtaca léi;

2.

á chur in iúl freisin gur cúis imní dó an tionchar neamhshiméadrach réigiúnach a mheastar a bheidh ag an ngéarchéim fuinnimh ar chathracha agus réigiúin an Aontais, rud a léiríonn a gcumais éagsúla freagairt do shuaitheadh na soláthairtí fuinnimh agus praghsanna fuinnimh atá ag ardú; iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit na neamhshiméadrachtaí sin a chur san áireamh go cuí agus na bearta faoi seach á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu;

3.

á chur i bhfios gur cúis mhór imní dó na torthaí a cuireadh i láthair sa tuarascáil is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) dar teideal “Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht” (1), lena ndeimhnítear go bhfuil roinnt mhaith de thionchair an athraithe aeráide do-athraithe cheana féin; leagann sé béim ar a thábhachtaí atá sé gan tuilleadh moille a chur ar bhearta oiriúnaithe agus maolúcháin, arb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na príomhghníomhaithe ina leith;

4.

á chur in iúl gur cheart do chuspóir na slándála fuinnimh tacú leis an gcuspóir maidir le haeráidneodracht agus leis an aistriú fuinnimh. Is é fuinneamh slán, inacmhainne agus inbhuanaithe a bhaint amach an t-aon chur chuige amháin a sheasfaidh an aimsir i leith na géarchéime atá ann faoi láthair; sa chomhthéacs sin, iarrann sé ar chomhreachtóirí an Aontais a bheith níos uaillmhianaí agus dlús a chur le glacadh an phacáiste “Oiriúnach do 55”, ina dtugtar aird ar leith ar thuairimí Choiste na Réigiún maidir leis na hathbhreithnithe ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite (RED) agus ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (EED) agus ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (EPBD);

5.

á chur in iúl gur mór aige an t-aitheantas a thugtar don éifeachtúlacht fuinnimh mar chéad phrionsabal; athdhearbhaíonn sé an ról ríthábhachtach atá ag réigiúin agus cathracha an Aontais maidir le gnóthachain éifeachtúlachta fuinnimh a threisiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún an coincheap maidir le “leordhóthanacht fuinnimh” (2) a chur san áireamh ina straitéis chun go mbeidh rochtain ag cách ar na seirbhísí fuinnimh uile a bhfuil de dhíth orthu agus ar sciar cothrom de na seirbhisí fuinnimh ar mian leo, agus, ag an am céanna, chun nach sáróidh tionchar an chórais fuinnimh na teorainneacha comhshaoil;

6.

ag leagan béim ar an ról lárnach atá ag na huirlisí nuálacha rialachais atá ann cheana don chomhar agus d’fhothú acmhainneachta amhail Cúnant na Méaraí, an Mol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht, an Comhshocrú Aeráide Eorpach, an tionscnamh “Fuinneamh Glan d’Oileáin an Aontais” agus tionscnaimh chomhchosúla de chuid an Aontais chun feabhas a chur ar an aistriú chuig fuinneamh inacmhainne, inbhuanaithe agus slán;

7.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le hionaid ilfhreastail a chruthú chun plean REPowerEU a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, i ndlúthchomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta;

8.

ag iarraidh ar an gCoimisiún macasamhlú córasach na ndea-chleachtas atá ann faoi láthair a chur chun cinn trí thacaíocht thiomnaithe theicniúil agus airgeadais a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus é a bheith mar aidhm an t-ualach costais tosaigh a bhaineann le bearta éifeachtúlachta fuinnimh a laghdú, agus aird ar leith á tabhairt ar theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair agus fiontair bheaga agus tomhaltóirí;

9.

á mheas gurb éard atá sa “Bhosca Uirlisí (3) chun dul i ngleic le praghsanna fuinnimh” an chéad iarracht maidir le huirlisí a mholadh chun iarmhairtí sóisialta na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair a mhaolú, ach nár léiríodh go bhfuil sé chomh héifeachtach agus is gá, agus gur cheart é a atreisiú; den tuairim gur cheart béim a leagan ar réitigh fhadtéarmacha d’fhonn Eoraip a bheadh saor ó bhreosla iontaise agus a bheadh neamhspleách ar fhuinneamh a bhaint amach, agus athruithe claochlaitheacha a dhéanamh i ngach earnáil chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta;

10.

ag iarraidh ar an gCoimisiún na dúshláin atá roimh na réigiún atá ag brath ar bhreoslaí iontaise agus nach féidir iad a nascadh leis an ngréasán ilchríochach a chur san áireamh – amhail na réigiúin is forimeallaí – agus réitigh fhadtéarmacha á gcur ar fáil don leordhóthanacht fuinnimh;

Maidir le borradh a chur faoi fhuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh trí phlean REPowerEU

11.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar tús áite d’infheistíochtaí ollmhóra agus do bhearta nithiúla chun dlús a chur le húsáid an fhuinnimh inathnuaite agus chun borradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh, faoi choigilt fuinnimh agus faoi thaighde i mbreoslaí malartacha inbhuanaithe agus iad a cheangal go hiomlán le chéile;

12.

á chur in iúl gur fada leis an togra ón gCoimisiún atá ar na bacáin chun nós imeachta níos tapúla um dheonú ceadanna a áirithiú, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta i réimse an fhuinnimh inathnuaite; iarrann sé go gcuirfí gníomhaíocht chomhchosúil ar bun le haghaidh príomhthionscadal éifeachtúlachta fuinnimh; ag iarraidh ar an gCoimisiún na huirlisí atá ann cheana a chuireann tacaíocht theicniúil ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a neartú; dá bhrí sin, is díol sásaimh dó go ndéantar tagairt do thogra le haghaidh Tionscnamh Eorpach um Dhíonta Gréine sa teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le straitéis ghrianfhuinnimh atá beartaithe do mhí an Mheithimh; ag iarraidh ar na Ballstáit dreasachtaí airgid a chur ar bun, amhail cláir dheontais ghearrthéarmacha do thomhaltóirí;

13.

ag leagan béim ar a ríthábhachtaí atá sé go nglacfadh an pobal le tionscadail bhonneagair chun dlús a chur le nósanna imeachta pleanála agus um dheonú ceadanna; iarrann sé ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit scaipeadh dea-chleachtas sa réimse sin a spreagadh, amhail na cleachtais a luadh sa tuarascáil ar bhonneagar ó Líonra Mhoil Réigiúnacha Choiste na Réigiún a eisíodh le déanaí;

14.

den tuairim go bhfuil dícharbónú na bhfoirgneamh poiblí agus príobháideach ina chuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip agus den réiteach ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair maidir leis an éileamh ar ghás a laghdú; áitíonn sé ar an gCoimisiún dlús a chur le cur i bhfeidhm na dteaschaidéal (4) mar chuid de phlean REPowerEU agus leis an taighde maidir le réitigh nuálacha a fhágfaidh go mbeidh ár stoc foirgneamh chomh cliste agus chomh neodrach agus is féidir ó thaobh na haeráide de;

15.

ag iarraidh ar an gCoimisiún freisin cuibhreannais phoiblí phríobháideacha a chur ar fáil chun go mbeadh sé níos éasca foirgnimh na dtionscal éagsúil agus na n-údarás áitiúl agus réigiúnach a athchóiriú d’fhonn pacáistí athchóirithe comhtháite d’uasghrádúcháin maidir le téamh agus fuarú foirgneamh a thaispeáint, chun clár maidir le hinsliú tionsclaíoch a bhunú chun infheistíochtaí costéifeachtacha le tréimhsí amúchta gearra a shainaithint agus chun tacú le hoiliúint an lucht saothair athchóirithe;

16.

á thabhairt dá aire nach mbaintear dóthain leasa as acmhainneacht an choigiltis fuinnimh i dteachtaireacht REPowerEU; tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar bhearta amhail feachtais chun athrú iompraíochta a spreagadh;

17.

á chur in iúl gurb oth leis an mhoill ar ghlacadh Dhlí an Aontais maidir leis an athchóiriú dúlra; tá sé á chur i bhfios go láidir go bhfuil dlúthbhaint ag cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta leis an oiriúnú aeráide agus gur gá dóibh a bheith ina phríomhcholún den aistriú glas faoin gComhaontú Glas don Eoraip; tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a rannpháirtiú go hiomlán i sainaithint na réimsí “is fearr” chun tionscadail fuinnimh in-athnuaite a chur i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad go hiomlán prionsabal na neamhdhíobhála;

18.

den tuairim nach féidir an tslándáil fuinnimh ná an aeráidneodracht a bhaint amach gan margadh inmheánach láidir lán-idirnasctha leictreachais, mar aon le margadh carbóin dea-fheidhmiúil a bheith ag an Aontas; ag leagan béim ar nár cheart go gcruthófaí gaibhniú breise mar thoradh ar aon ghníomhaíochtaí sealadacha gearrthéarmacha, amhail stóráil fheabhsaithe gáis iontaise agus allmhairí GNL a mhéadú, agus gur cheart do na gníomhaíochtaí sin a bheith “réidh chun gás glas a áireamh iontu” chun an bealach a réiteach don aeráidneodracht trí úsáid a bhaint as hidrigin in-athnuaite agus breoslaí in-athnuaite eile; á áitiú go gcuirfí bailchríoch agus feabhas ar ár n-idirnaisc ar fud an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear sioncrónú iomlán na n-eangach cumhachta;

19.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé rannchuidiú na “dtáirgeoirí is tomhaltóirí” agus na bpobal áitiúil fuinnimh inathnuaite a chuimsiú go hiomlán agus leas iomlán a bhaint as an méid sin; molann sé sainmhíniú nach bhfuil chomh srianta céanna a leagan síos d’eangacha cliste laistigh de chreat agus de bhonneagar an Ghréasáin Fuinnimh Thras-Eorpaigh (GTE-F); á chur i bhfios go láidir gur gá táirgeoirí nua ar mionscála a cheangal leis na líonraí ísealvoltais agus meánvoltais; ag iarraidh ar an gCoimisiún creat a chur ar fáil do chomhiomlánú roinnt tionscadal níos lú, agus go mbeadh solúbthacht ann, go háirithe do réigiúin teorann, d’fhonn a bheith in ann tionscadail trasteorann chomhiomlánaithe áirithe a chur ar bun agus, b’fhéidir, maoiniú a fháil le haghaidh na n-iarrachtaí sin; á chur in iúl gur féidir le Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach (EGTC) ról suntasach a imirt sna tionscadail sin; ag leagan béim ar ról ríthábhachtach na limistéar tuaithe maidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite;

20.

á chur in iúl gur deis í an ghéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair chun an leictriú a mhéadú go suntasach agus chun hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh mar réitigh ghlana chun ár ngeilleagar a dhícharbónú; ag iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí uaillmhianacha nithiúla a chur ar aghaidh chun an Luasaire Hidrigine a chur chun feidhme, lena n-áirítear amlíne sheasta do gach gníomhaíocht; ag iarraidh ar an gCoimisiún, mar phríomhghníomhaíocht i ndáil leis sin, tionscamh de chuid an Aontais um ghleannta hidrigine a bhunú, lenar cheart gleannta hidrigine a neartú, tacaíocht struchtúrach a chur ar fáil don líonrú Eorpach agus don chomhar trasteorann agus cistiú ón gCiste don Nuálaíocht a chuimsiú ann, chomh maith le cistiú méadaithe tríd an gComhpháirtíocht Eorpach don Hidrigin Ghlan; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra maidir le Saoráid Hidrigine Eorpach Dhomhanda agus á iarraidh go mbeadh na réigiúin atá gníomhach cheana féin sa réimse sin rannpháirteach ar bhonn struchtúrach; ag iarraidh ar reachtóirí an Aontais tacú le glacadh níos tapúla de hidrigin ghlas ar bhonn seasmhach, agus an pacáiste “Oiriúnach do 55” á ghlacadh, lena n-áirítear an pacáiste reachtach maidir le dícharbónú an mhargaidh gáis;

21.

á iarraidh go ndéanfaí na rialacha atá ann faoi láthair maidir le Státchabhair a thabhairt cothrom le dáta chun iad a dhéanamh chomh hoiriúnach is féidir chun bonneagar athluchtaithe leictrigh poiblí a chómhaoiniú, a oibriú agus a fhorbairt tuilleadh; measann sé gur cheart na costais infheistíochta lena mbaineann a bheith incháilithe le haghaidh tacaíocht phoiblí, mar a cuireadh chun cinn sa tuarascáil ar bhonneagar ó Líonra Mhoil Réigiúnacha Choiste na Réigiún a eisíodh le déanaí;

I dtreo phlean REPowerEU i gcomhpháirtíocht le cathracha agus réigiúin

22.

á chur in iúl go láidir gur cheart plean maidir le maoiniú agus le maoiniú AE nua nó atá ann cheana a threorú chun tacú le cur chun feidhme na n-údarás áitiúil agus réigiúnach; ag iarraidh ar na Ballstáit na cistí nár úsáideadh a atreorú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun tacú leis an bpleanáil áitiúil don tslándáil fuinnimh agus d’infheistíochtaí i bhfoinsí inathnuaite;

23.

á iarraidh go gcuirfí an Coimisiún san áireamh mar chomhpháirtí institiúideach sa Ghrúpa Comhordúcháin nuabhunaithe um an mBochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha, d’fhonn malartú faisnéise agus comhordú a éascú idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le ceisteanna i ndáil le plean REPowerEU a bheidh ann amach anseo a cheapadh agus a chur chun feidhme, leis an reachtaíocht, agus le cláir agus beartais an Aontais lena dtugtar aghaidh ar theaghlaigh agus ar thomhaltóirí leochaileacha a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta difear dóibh ar gach leibhéal. Tá Coiste na Réigiún réidh chun cur leis an gcomhar idirinstitiúideach sin trína Mheitheal um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil, trí scrogaill, bealaí agus modhanna a shainaithint chun tús áite a thabhairt do bhearta an phacáiste “Oiriúnach do 55”, chun borradh a chur fúthu agus chun iad a chur i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, lena n-áirítear trí dhea-chleachtais, taithí agus saineolas a mhalartú;

24.

á thabhairt dá aire go gceanglaítear le rialachán Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) go mbeadh leibhéal íosta 30 % acmhainní ann i ngach catagóir réigiún a thiomnófar chun an Eoraip agus a réigiúin a dhéanamh níos glaise, ísealcharbóin agus athléimneach; ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar na réigiúin leas a bhaint as na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) chun tionscadail maidir leis an aistriú fuinnimh a mhaoiniú, lena n-áirítear maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh inathnuaite, agus córais chliste fuinnimh, eangacha agus stóráil a fhorbairt lasmuigh de chreat GTE-F;

25.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur seoladh iarraidh speisialta faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (TSI) chun tacú leis na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis; is oth leis, áfach, an spriocdháta gearr chun iarrataí a chur isteach ar an tacaíocht shonrach sin; ag iarraidh ar an gCoimisiún an ionstraim sin a chur ar fáil ar bhealach níos éasca chun tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, go háirithe iad siúd i réigiúin bheagfhorbartha a bhfuil an bhearna acmhainne is mó os a gcomhair, toisc go ndíspreagann sé sin iad an úsáid is fearr is féidir a bhaint as tacaíocht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus infheistíochtaí agus athchóirithe á gcur chun feidhme acu; á chur in iúl go bhfuil sé réidh chun tacú leis an gCoimisiún chun a áirithiú go nglacfaidh cathracha agus réigiúin an ionstraim sin ar bhealach éifeachtach;

26.

á aithint gur uirlis ríthábhachtach í an phraghsáil carbóin chun uaillmhianta méadaithe an Aontais i ndáil leis an aeráid a chur chun cinn; tacaíonn sé le cur chuige uile-earnála chun na huaillmhianta sin a fhíorú; á chur in iúl gur díol sásaimh dó go n-aithníonn an Coimisiún na rioscaí sin agus na tograí chun aghaidh a thabhairt orthu, amhail na Treoirlínte maidir leis an státchabhair de chuid Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais a leasú; ag leagan béim ar go bhféadfadh sé nach gcuirfí tacaíocht iontaofa ar fáil le roinnt de na bearta atá beartaithe, amhail an cánachas a ghearrtar ar bhrabúis amhantair a mhéadú; is eol dó go bhféadfadh tabhairt isteach na trádála astaíochtaí in earnáil an iompair de bhóthar agus na tógála (ETS II), in éineacht le hinfheistíocht neamhleor sna hearnálacha sin agus leis an méadú ar phraghsanna breosla, an baol maidir le bochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta a mhéadú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na comhreachtóirí oibleagáid a thabhairt isteach lena gceanglófar ar na Ballstáit íostairseach céatadáin 20 % a shocrú ar a laghad den ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltais ETS, ar tairseach é a bheidh le bainistiú go díreach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

27.

á chur in iúl gur mór aige gur glacadh an Creat Sealadach Géarchéime chun cur ar chumas na mBallstát leas a bhaint as an tsolúbthacht dá bhforáiltear faoi na rialacha maidir leis an státchabhair chun tacú leis an ngeilleagar i gcomhthéacs chogadh na Rúise san Úcráin; á chur i bhfios go láidir nach mór faireachán cúramach a dhéanamh ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann don iomaíocht agus ar shaobhadh an Mhargaidh Aonair. á thabhairt dá aire go ndéantar tagairt don státchabhair sa tuarascáil ar bhonneagar (5) ó Líonra Mhoil Réigiúnacha Choiste na Réigiún a eisíodh le déanaí; den tuairim nach bhfuil na rialacha atá ann faoi láthair maidir leis an státchabhair chomh hoiriúnach is féidir chun bonneagar athluchtaithe leictrigh poiblí a chómhaoiniú, a oibriú agus a fhorbairt tuilleadh; ba cheart an fhéidearthacht go ndéanfaí costais infheistíochta incháilithe do thacaíocht phoiblí a mheas in athbhreithniú a dhéanfar amach anseo;

28.

á thabhairt dá aire agus á chur in iúl gur cúis imní di go mbeidh tionchar mór ag an ngéarchéim reatha ar an airgeadas poiblí; dá bhrí sin iarrann sé ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm chlásal ginearálta éalaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a leathnú go dtí go dtiocfar ar chomhaontú maidir le creat nua rialachais eacnamaíoch, agus ar a laghad go dtí deireadh 2023; Maidir le hinfheistíochtaí poiblí a thacaíonn leis an aistriú comhshaoil, agus go háirithe le héifeachtúlacht fuinnimh agus le fuinneamh inathnuaite, níor cheart iad a áireamh mar chaiteachas struchtúrach sa chreat rialachais eacnamaíoch;

29.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 5 den Treoir maidir le Leictreachas i ndáil leis an margadh leictreachais, chomh maith leis na treoirlínte (6) a tugadh maidir leis an deis atá ag na Ballstáit idirghabháil a dhéanamh chun praghsanna a shocrú don soláthar leictreachais; á mheas, i bhfianaise na staide reatha geopholaitiúla agus a hiarmhairtí ar an margadh fuinnimh, lena n-áirítear praghsanna leictreachais ag dul i méid agus ag luaineacht, go mbeidh gá le hidirghabháil na mBallstát, agus é mar aidhm teaghlaigh leochaileacha agus micrifhiontair agus fiontair bheaga a chosaint agus feabhas a chur ar an iomaíocht san fhadtéarma chun leas na dtomhaltóirí. Mar sin féin, athdhearbhaíonn sé (7) nach mór fad na mbeart sin a bheith teoranta, agus iad a bheith nasctha le gné éigeandála na géarchéime fuinnimh agus nár cheart dóibh a bheith ina n-athrú struchtúrach riamh a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de léirscaoileadh bhainistiú an mhargaidh leictreachais; i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an gcostas íseal a bhaineann le giniúint cumhachta inathnuaite, molann sé go ndéanfaí breithniú ar ghás agus leictreachas a dhíchúpláil mar bheart chun nach mbeadh tionchar ag praghsanna arda gáis ar phraghsanna cumhachta;

30.

á chur in iúl gur mór aige an togra reachtach chun leibhéal leordhóthanach stórála fuinnimh a áirithiú san Aontas don chéad gheimhreadh eile agus ina dhiaidh sin; á chur i bhfios go láidir gur cheart measúnuithe riosca réigiúnacha a chur san áireamh agus na híosleibhéil sin á mbunú;

31.

ag leagan béim ar an ngá atá le tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais agus ar dheiseanna ar an leibhéal réigiúnach maidir le hathsciliú agus uas-sciliú; ag iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh amhail Erasmus+ agus Fís Eorpach a úsáid chun comhoibriú níos dlúithe a áirithiú idir an tionscal agus an saol acadúil agus chun an Comhshocrú um Scileanna a sheoladh i bpríomhéiceachórais thionsclaíocha amhail earnáil na hidrigine, na gréine, na dteaschaidéal agus na gaoithe; ag iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur leis an úsáid a bhaineann siad as Ciste Sóisialta na hEorpa+, as an gCiste um Aistriú Cóir agus as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun dlús a chur le hathoiliúint agus le huasoiliúint an lucht saothair, i gcomhréir leis an ngá atá le cleachtais ghairmiúla a chur in oiriúint don chiorclaíocht, d’úsáid ábhar ísealcharbóin agus do theicneolaíochtaí nua.

An Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  https://report.ipcc.ch/ar6wg2/pdf/IPCC_AR6_WGII_FinalDraft_FullReport.pdf

(2)  https://www.energysufficiency.org

(3)  Tackling rising energy prices: a toolbox for action and support [Ag dul i ngleic le praghsanna fuinnimh méadaitheacha: bosca uirlisí don ghníomhaíocht agus don tacaíocht], 13 Deireadh Fómhair 2021 (COM(2021) 660 final).

(4)  Tá teaschaidéil cosúil le haerchóiritheoirí agus cuirtear lasmuigh d’fhoirgnimh iad. Déanann siad tithe a théamh trí theas a bhogadh seachas é a tháirgeadh. Trí úsáid a bhaint as leictreachas, eastóscann agus dlúthaíonn siad an teas ó aer lasmuigh den teach, ón talamh nó ó uisce agus ansin caidéalaíonn siad an teas isteach sa teach.

(5)  https://cor.europa.eu/en/news/Pages/reghub-launches-consultation-on-21st-century-rules.aspx

(6)  Féach Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le REPower EU.

(7)  Féach an Tuairim ó Choiste na Réigiún Fuinneamh inathnuaite agus an margadh inmheánach don leictreachas, (níl leagan Gaeilge ann) (OJ C 342, 12.10.2017, p. 79), le D. Matoniene (LT/ECR), Airteagal 20.


TUAIRIMÍ

Coiste na Réigiún

An 149ú seisiún iomlánach de CnaR, 27.4.2022-28.4.2022

5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/11


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a neartú ar an leibhéal fonáisiúnta agus tionchar críochach tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a leigheas

(2022/C 301/03)

Rapóirtéir:

Michael MURPHY (IE/PPE), Comhalta de Chomhairle Contae Thiobraid Árann, Méara Cheantar Buirge Chluain Meala

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

Barúlacha ginearálta

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Comhaontú Trádála agus Comhair (CTC) idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (RA) a tháinig i bhfeidhm ina iomláine an 1 Bealtaine 2021 agus lena gcuirtear creat cobhsaí dlíthiúil ar fáil le haghaidh an chaidrimh dhéthaobhaigh. Tá CnaR i bhfách le cur chuige comhpháirteach freagrach maidir le CTC a chur chun feidhme, lena n-áirítear an Prótacal maidir le Tuaisceart Éireann agus aird a thabhairt ar an gcothroime iomaíochta, agus molann sé iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh teacht ar réitigh chruthaitheacha, go háirithe maidir leis na saincheisteanna a thagann chun cinn idir Tuaisceart Éireann agus an chuid eile de RA;

2.

á chur in iúl i gcás CTC (1) gur comhaontú saorthrádála (2) é a bhfuil forálacha ann maidir le saincheisteanna eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil agus iascaigh ach go bhfuil dlúth-chomhpháirtíocht maidir le slándáil na saoránach agus creat rialachais uileghabhálach mar chuid de freisin. Tá CnaR á thabhairt dá aire go n-áirítear in CTC réimsí ar réimsí inniúlachta na mBallstát iad, réimsí atá faoi shainchúram réigiún a bhfuil inniúlachtaí reachtacha acu i gcuid de Bhallstáit an Aontais;

3.

á chur in iúl gur oth leis, dá bhrí sin, nach bhfuil téagar in CTC ón taobh críochach de agus nach dtugtar aitheantas cuí ann do ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa chaidreamh idir an tAontas agus RA agus nach ndéantar tagairt do na húdaráis sin ach amháin maidir le gnéithe áirithe den chomhaontú a oiriúnú do chúinsí réigiúnacha (3) ar leith nó maidir le saincheisteanna an-sonrach amhail forálacha fioscacha (4). Tá CnaR á chur i dtreis go sainítear ról ar leith don tsochaí shibhialta in CTC, a mbreathnaítear uirthi mar chuid den chreat institiúideach inti féin (5);

4.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an comhar idir an tAontas agus RA ar freagairt ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin é agus go dteastaíonn uaidh a chur i bhfáth gurb iad na húdaráis áitiúla ar fud na hEorpa atá chun tosaigh san obair ó thaobh tacaíocht phraiticiúil agus dhaonnúil a chur ar fáil;

Aitheantas níos mó a bhaint amach don chaidreamh idir an tAontas agus RA ar an leibhéal fonáisiúnta

5.

á chur i bhfáth gurb é GT an t-aon bhealach institiúideach arb ann dó chun fóram a chur ar fáil le haghaidh idirphlé leanúnach agus comhpháirtíocht pholaitiúil idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus RA agus chun fios gnó a mhalartú, go háirithe i gcás comhar críochach agus saincheisteanna trasteorann; á aithint gur áis é GT chun leas an dá thaobh a chur chun cinn agus fadhbanna agus deiseanna a phlé, go háirithe maidir le réimsí téamacha nach mbaineann teorannacha leo (e.g. an t-athrú aeráide, an turasóireacht, na haistrithe digiteacha agus glasa agus an chomhoidhreacht chultúrtha) a eascraíonn as tarraingt siar RA as an Aontas. Bealach atá ann freisin d’ionadaithe ó CnaR na saincheisteanna céanna a phlé le hionadaithe ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha RA, rud a fhágann gur féidir le CnaR naisc fhónta a choimeád agus a chothú ar an leibhéal fonáisiúnta;

6.

á aithint, in ainneoin gur rud nach bhfacthas a leithéid riamh cheana í tarraingt siar RA as an Aontas, go mbeidh an caidreamh idir an tAontas agus RA fós ar an gcaidreamh is tréine iltoisí dá bhfuil ann le tríú tíortha agus gur chóir an caidreamh a aithint ar an leibhéal fonáisiúnta. Tá sé ag iarraidh, dá bhrí sin, go n-aithneofaí GT go foirmiúil mar idirghabhálaí fonáisiúnta oifigiúil idir rialtais áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus RA mar chuid de CTC chun measúnú a dhéanamh ar an ngné fhonáisiúnta de na príomh-shaincheisteanna beartais agus reachtaíochta a mbeidh tionchar acu ar an gcaidreamh déthaobhach idir RA agus an tAontas, mar a dhéanfaidh an Tionól Parlaiminteach, Fóram na Sochaí Sibhialta agus coistí speisialaithe AE-RA ina réimsí spéise faoi seach. Tá CnaR ag iarraidh freisin ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha RA leanúint de bheith ag obair le rialtas RA maidir le haitheantas foirmiúil a thabhairt do GT;

7.

á thathant ar an gCoimisiún Eorpach athscrúdú a dhéanamh ar struchtúir na Comhairle Comhpháirtíochta, a dhéanann maoirseacht ar chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm CTC, chun féachaint le haghaidh a thabhairt ar a laghad téagair atá ann ón taobh críochach de ach rannpháirt a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha san fhaireachán ar CTC agus ina rialú. Dá mbunófaí idirphlé áitiúil (comhbheartú teicniúil) chun aghaidh a thabhairt ar ábhair inniúlachtaí áitiúla (iascach, oiliúint, soghluaisteacht, comhar críochach, etc.), chuirfeadh sé sin feabhas ar an gcaidreamh idir an tAontas agus RA ar an mórchóir;

8.

á mholadh do Pharlaimint na hEorpa caidreamh foirmiúil a chur ar bun ar bhealach a rachadh chun tairbhe don dá thaobh maidir le pointí leasa choitinn idir CnaR agus Toscaireacht Pharlaimint na hEorpa chuig Tionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta AE-RA chun fianaise chríochbhunaithe a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme CTC;

9.

ar an eolas faoi na cainteanna leanúnacha atá ar bun ar an leibhéal polaitiúil agus teicniúil chun réiteach a fháil ar na saincheisteanna a eascraíonn as cur chun feidhme an Phrótacail maidir le Tuaisceart Éireann; á aithint go bhfuil obair ar siúl ag an gCoimisiún Eorpach i gcónaí chun Conradh ar Ghiobráltar a chur i gcrích, ach á chur i bhfáth, mar sin féin, nár cheart a bhfuil le socrú go fóill a bheith ina bhac ar chíocras na n-údarás áitiúil agus réigiúnach teacht ar mhodhanna chun comhair;

Drochthionchar críochach Brexit a leigheas

10.

den bharúil gur deacair ó thús 2020 i leith idirdhealú a dhéanamh idir ar thit amach de dheasca chaibidliú agus theacht i bhfeidhm CTC agus ar thit amach de dheasca phaindéim COVID-19 (6); á chur in iúl gur díol sásaimh dó an staidéar ó CnaR Caidreamh nua trádála agus eacnamaíoch idir an tAontas agus RA: an tionchar ar na réigiúin agus na cathracha ina ndearbhaítear nach ionann tionchar Brexit ó earnáil go hearnáil ná ó réigiún go réigiún san Aontas, gur mó an tionchar atá á imirt ar na cuideachtaí beaga, gur féidir go bhfuil soghluaisteacht an chaipitil dhaonna agus an comhar idir fiontair an Aontais agus RA á laghdú dá dheasca, agus go bhfuil drochthionchar á imirt aige ar réigiúin agus pobail atá páirteach i dtionscadail idir-réigiúnacha le RA; á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur dearbhaíodh sa staidéar gur gá buiséad Chúlchiste Coigeartaithe Brexit (CCB) a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí neamhshiméadracha sin san Eoraip;

11.

ar an eolas go bhfuil tionchar críochach Brexit le brath sna réigiúin ar fud an Aontais agus go mbaineann na saincheisteanna a bhfuiltear ag dul i ngleic leo, i measc nithe eile, le cúrsaí eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta, cultúrtha agus oideachais, cuir i gcás: an trádáil a dhéantar ag calafoirt mhóra (amhail Antuairp, Baile Átha Cliath, Calais, Corcaigh, Dover, Rotterdam agus Zeebrugge), a bhfuil i ndán do scéimeanna malartaithe na mac léinn, earnálacha ollscoile a bhfuil comhobair ar bun iontu ar an oiriúnú don athrú aeráide, gníomhaireachtaí trádála réigiúnacha a bhfuil margaí malartacha á lorg acu, agus saincheisteanna na saoránach amhail an tsoghluaisteacht agus an lánpháirtiú;

12.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá CCB ó thaobh na costais is práinní a mhaolú agus measúnú a dhéanamh ar na riachtanais mheasúnaithe fadtéarma a bhaineann le tionchar Brexit, agus tacaíocht á tabhairt do réigiúin agus earnálacha eacnamaíocha na mBallstát, lena n-áirítear cruthú agus cosaint fostaíochta, amhail scéimeanna oibre gearrthéarma, athsciliú agus oiliúint agus margaí nua a mheas;

13.

á éileamh, dá bhrí sin, go gcomhlíonfaí forálacha Rialachán CCB ina n-iomláine a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht na réigiún agus na bpobal áitiúil i gcur chun feidhme CCB agus i dtuairisciú ar leibhéal NUTS 2. Tá CnaR á mheabhrú freisin, d’fhonn cistí CCB a phleanáil, gur iarr sé go ndíreofaí ar FBManna, ar bhearta a dhíríonn ar ath-lánpháirtiú shaoránaigh an Aontais agus ar chúnamh teicniúil. Maidir le dáileadh na gcistí, mhol CnaR clúdach/tairseach íosta le haghaidh na réigiún arb iad na réigiúin teorann muirí nua le RA iad agus an t-imchlúdach don iascach a leithdháileadh gan innéacsú náisiúnta;

14.

á chur in iúl go bhfuil an imní chéanna air, i láthair na huaire, agus atá ar a mhacasamhlacha ar an leibhéal réigiúnach in RA a mhaíonn go bhfuil pleanáil straitéiseach an bheartais réigiúnaigh thíos leis ós rud é nach bhfuil fáil acu a thuilleadh ar chistí bheartas comhtháthaithe an Aontais agus nach ann a thuilleadh do shláine an chlársceidealaithe ilbhliantúil;

Sa tóir ar bhealaí nua comhair de bhreis ar CTC

15.

á chur i bhfáth a thoilteanaí agus atá gnáthbhaill na gcomhlachas rialtais áitiúil agus na n-údarás áitiúil ar fud RA agus go háirithe ar leibhéal na náisiún cineachta caidreamh leanúnach, nó fiú caidreamh níos treisithe fós, a bheith acu lena macasamhlacha san Aontas sa ré seo i ndiaidh Brexit;

16.

á chur in iúl gur mór is fiú an caidreamh fonáisiúnta a aithint agus a chothú, mar is rud tábhachtach é óir is féidir caidreamh níos fearr a chothú ar an mórchóir ach dea-chaidreamh a chothú ar an leibhéal áitiúil ar dtús, cuir i gcás dá gcuirfí comhbheartú áitiúil teicniúil maidir le hiascach ar bun an athuair i réigiún Oileáin Mhuir nIocht, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh feabhas ar an gcaidreamh idir an tAontas agus RA ar an mórchóir;

17.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó, fiú mura nglacann RA páirt a thuilleadh i gcláir chistiúcháin an Aontais, go bhfuil sé páirteach i gcónaí i gceithre chlár theicniúla de chuid an Aontais: Fís Eorpach, Copernicus agus seirbhísí faireachais satailíte, taighde agus oiliúint Euratom agus tionscadal an Imoibreora Trialaigh Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta. Tá baint ar leith ag an gcéad dá chlár a luadh le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Tá CnaR á thabhairt dá aire gur ann do roinnt tionscnamh a bhfuil réigiúin de chuid RA páirteach iontu go fóill, mar shampla tá Albain agus an Bhreatain Bheag páirteach i gcónaí i dTionscnamh Vanguard (7), arna chistiú ag Fís Eorpach, rud a ghabhann le claochlú tionsclaíoch de réir próiseas cuimsitheach idirghníomhach fiontraíoch arna thógáil ar Réigiúin RIS3/I3, agus tá Comhairle Contae Kent páirteach i dtionscnamh Choiste Limistéar Mhuir nIocht (8);

18.

á mheabhrú go bhfuil cuid de réigiúin RA páirteach go fóill sa chlárthréimhse atá ann faoi láthair (go dtí deireadh 2023), lena n-áirítear Interreg na Mara Thuaidh, Interreg Mhuir nIocht agus Interreg na hÉireann-na Breataine Bige; á thabhairt dá aire go bhfuil RA ar cheann de na ranníocóirí móra le buiséid na gclár trasteorann sin ar fiú suas leis an tríú cuid den chistiúchán an méid a íocann sé. Tá CnaR á thabhairt dá aire gurb é is dóichí nach mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha in ann cailleadh chistiúchán Interreg a chúiteamh le cistí réigiúnacha nó áitiúla;

19.

á aithint, maidir le deireadh a chur le cláir, go háirithe i gcás ina bhfuil na húdaráis bhainistíochta lonnaithe in RA (Interreg na Fraince-Shasana (Muir nIocht), Interreg na hÉireann-na Breataine Bige), nach mór deireadh a chur leo ar an mbealach is fearr is féidir ar mhaithe le tairbhithe na Breataine agus na hEorpa agus i gcomhréir le ceanglais an Aontais;

20.

á aithint nach dtiocfaidh aon chlár um chomhar trasteorann slán as Brexit i ndiaidh 2023 ach amháin Clár PEACE PLUS do thréimhse 2021-2027, arna chistiú ag an Aontas le tuairim is EUR 1 bhilliún. Is éard a dhéanfar i gcás PEACE PLUS comhpháirteanna cistiúcháin chlár PEACE agus chlár Interreg atá ann faoi láthair a chur le chéile in aon chlár comhtháite trasteorann amháin do Thuaisceart Éireann agus do chontaetha na teorann in Éirinn. Is cuid riachtanach de chur chun feidhme Chomhaontú Aoine an Chéasta an clár sin i gcónaí;

21.

á thabhairt dá aire gur féidir go bhféadfaidh RA páirt a ghlacadh i gcláir Interreg – ar cláir iad a bhfuil an-chuid tríú tíortha páirteach iontu cheana féin, amhail Clár an Fhorimill Thuaidh agus an Artaigh, Clár Réigiún na Mara Thuaidh agus Clár Iarthuaisceart na hEorpa – sa chás go dtoilíonn rialtas RA rannpháirtíocht a chistiú;

22.

á chur i bhfáth gur féidir go bhféadfaí Grúpáil Eorpach um Chomhar Críochach (GECC) a bhunú nach mbeadh inti ach comhpháirtí ó Bhallstát amháin de chuid an Aontais, réigiúin de chuid na réigiún is forimeallaí den Aontas san áireamh, agus údarás áitiúil nó réigiúnach amháin ó RA, agus tá sé á mholadh do Bhallstáit an Aontais an uirlis sin a chur san áireamh, i gcás go bhfuil sé sin ag teacht lena gcomhar críochach, agus comhoibriú á lorg acu le RA;

23.

á chur in iúl gur oth leis nár chuir an Coimisiún Eorpach tionchar Brexit san áireamh san 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú. I gcás líon áirithe réigiún de chuid an Aontais, chuir drochthionchar Brexit leis an gcur isteach ar an ngeilleagar, an comhar idir-réigiúnach, na héiceachórais taighde, na córais oiliúna agus an déimeagrafaíocht. Ba mhaith le CnaR dá gcuirfí forbairtí geopholaitiúla san áireamh ní b’fhearr sa chur chuige ionchasach le haghaidh na tréimhse i ndiaidh 2027;

24.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó rannpháirt ghníomhach a bheith á glacadh go fóill ag cathracha agus réigiúin de chuid RA in an-chuid líonraí agus comhlachais Eorpacha, amhail an Chomhdháil um Udaráis Áitiúla agus Réigiúnacha na hEorpa i gComhairle na hEorpa, agus go bhfuiltear ag súil go bhfanfaidh siad laistigh de chreataí áirithe comhlachais Eorpacha amhail Comhdháil Réigiúin Mhuirí Fhorimeallacha na hEorpa, Eurocities agus Comhairle Bhardais agus Réigiúin na hEorpa agus gur deis iontach atá sna sásraí sin d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha de chuid RA agus de chuid an Aontais taithí a mhalartú;

25.

á chur in iúl go gcreideann sé go leanfar den chomhar idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus RA trí bhíthin na gcomhchathracha, i bhfianaise tuairim is 100 baile agus cathair in RA (9) a bheith ina gcomhchathair le bailte agus cathracha i mBallstáit an Aontais; á mholadh do na comhpháirtíochtaí sin modhanna cistithe a d’fhéadfadh a bheith ann chun tacú leis an obair sin a lorg i gcónaí, ós rud é go gcothaítear leis na comhpháirtíochtaí sin malartú dea-chleachtais, comhthuiscint agus luachanna coiteanna agus gur cuid riachtanach den dóigh bheatha Eorpach iad;

26.

ar an eolas faoina thábhachtaí atá malartuithe oideachais ó thaobh shoghluaisteacht na mac léinn agus taighde comhpháirteach de, agus ó thaobh scileanna teanga agus naisc dhaonna a fhorbairt freisin agus tá sé i bhfách leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag údaráis chineachta RA bealaí nua comhair a chothú de bhreis ar chreat CCT;

27.

á chur in iúl go bhfuil ardmholadh ag dul do chlár “Taith” (10) na Breataine Bige agus gur díol sásaimh dó cláir idirnáisiúnta malartaithe foghlama de chuid na Breataine Bige agus na hAlban araon, cláir a chúiteoidh go pointe éigin tarraingt siar RA as Erasmus+ agus a líonfaidh na bearnaí a bhaineann le Clár Turing (11) (clár náisiúnta RA);

28.

á thabhairt dá aire gur ann do chlaonadh chun an caidreamh a dhéthaobhú ar an leibhéal fonáisiúnta, rud a léiríodh agus ionadaíochtaí de chuid réigiúin an Aontais á n-oscailt i Londain agus in áiteanna eile. Tá cláir oibre mar a bhíonn ag “náisiúin dhomhanda” á gcur chun cinn ag náisiúin chineachta RA, ina dtugtar tús áite don chaidreamh déthaobhach le réigiúin na hEorpa. Tá tionscadail comhair dhéthaobhaigh á dtionscnamh ag cathracha agus mórcheantair uirbeacha i Sasana freisin, cuir i gcás an chomhpháirtíocht idir Mórcheantar Mhanchain agus Nordrhein-Westfalen. Cé gur díol sásaimh do CnaR aon chaidreamh déthaobhach atá ann, tá sé á mholadh nár cheart é sin a bheith ina chúis le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtíortha nach bhfuil an acmhainneacht chéanna iontu ar an leibhéal fonáisiúnta a bheith thíos leis agus nár cheart a mheas go bhfuil an tacaíocht sin in iomaíocht le cuspóir CnaR aitheantas institiúideach a fháil don ghné fhonáisiúnta den chaidreamh idir an tAontas agus RA;

29.

á chur in iúl gur ann do dheiseanna comhair nár tapaíodh fós idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha de chuid RA agus an Aontais ó thaobh aghaidh a thabhairt i gcomhpháirt lena chéile ar dhúshláin choiteanna, amhail cabhair dhaonnúil a chur ar fáil, bainistiú inbhuanaithe na Mara Thuaidh, Mhuir nIocht agus Mhuir Éireann, agus an comhrac domhanda i gcoinne an athraithe aeráide, cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus an t-aistriú chuig turasóireacht inbhuanaithe dhigiteach. I dtaca leis sin, is geal leis an smaoineamh a chuir RA agus an Fhrainc chun tosaigh chun íosphá a áirithiú i gcás maraithe agus oibrithe a bhíonn ag obair ar naisc laistigh den Eoraip, is é sin le rá idir RA agus an tAontas Eorpach freisin;

30.

á chur i bhfáth gurb é is bunús freisin leis an gcaidreamh idir réigiúin de chuid RA agus an Aontais ná comhoidhreacht chultúrtha, teangacha – an nasc idir na teangacha Ceilteacha, cuir i gcás – agus luachanna agus stair choiteann Eorpach na saoránach;

31.

den bharúil go bhfuil dualgas ar institiúidí uile an Aontais tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaidreamh agus na comhpháirtíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir an tAontas agus RA ar an leibhéal fonáisiúnta agus na deiseanna atá ann chuige sin a thapú, agus ról riachtanach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach á aithint acu óir is é sin an leibhéal rialtais is gaire don saoránach;

32.

den bharúil gur uirlis úsáideach ó thaobh feabhas a chur ar an gcaidreamh idir RA agus an tAontas iad na struchtúir chuimsitheacha chomhairle arna gcruthú ag údaráis réigiúnacha nó áitiúla ar mhaithe le hullmhacht le haghaidh Brexit;

33.

á chur in iúl, mar fhocal scoir, agus gach a bhfuil i ndán don Aontas amach anseo á chur san áireamh, idir dhúshláin agus dul chun cinn, nach mór tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin atá roimh shaoránaigh an Aontais agus na tosaíochtaí atá acu agus, chuige sin, go gcreideann sé gur caoithiúil an sásra chun na críche sin í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  De réir Airteagal 217 CFAE

(2)  De réir Airteagal 207 CFAE

(3)  Leathanach 61

(4)  Leathanach 249

(5)  Leathanach 23

(6)  Féach Caibidil VI de Bharaiméadar 2021 CnaR: https://cor.europa.eu/en/our-work/Documents/barometer-fullreport%20web.pdf

(7)  http://www.s3vanguardinitiative.eu/members

(8)  Fóram iltaobhach le haghaidh idirphlé atá i gCoiste Limistéar Mhuir nIocht, lena gcuirtear creat solúbtha ar fáil dá chomhaltaí chun obair a dhéanamh i gcomhar le chéile laistigh de theorainneacha a gcuid freagrachtaí agus chun geallsealbhóirí áitiúla a dhéanamh páirteach sa chomhar sin, cuir i gcás ionadaithe ón earnáil dheonach, ó shaol an oideachais nó ó shaol an ghnó.

(9)  An Oifig um Staidreamh Náisiúnta, RA, 2018. Foilsíodh na sonraí i Meán Fómhair 2020: https://www.ons.gov.uk/peoplepopulationandcommunity/populationandmigration/populationestimates/datasets/twinnedtownsandsistercities

(10)  Clár cúig bliana (2022 go 2026) a seoladh i mí Feabhra 2022 le cistiúchán suas le EUR 65 mhilliún ó rialtas na Breataine Bige.

(11)  Clár nach mbaineann cómhalartacht leis, a mhaireann aon bhliain amháin, agus a dhíríonn ar fhoirne acadúla in áit na mac léinn.


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/16


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Bauhaus Eorpach Nua Ealaíonta, Inbhuanaithe, Cuimsitheach

(2022/C 301/04)

Rapóirtéir:

Kieran MCCARTHY (IE/EA), Comhalta de Thionól Áitiúil: Comhairle Cathrach Chorcaí

Doiciméad tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — New European Bauhaus – Beautiful, Sustainable, Together [Bauhaus Eorpach Nua: Ealaíonta, Inbhuanaithe, Cuimsitheach]

COM(2021) 573 (níl leagan Gaeilge ann)

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

Bauhaus Eorpach nua a thabhairt isteach

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó tionscnamh idirdhisciplíneach an Choimisiúin maidir le Bauhaus Eorpach Nua (NEB), rud a chabhraíonn leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach trí ghné chultúrtha ríthábhachtach a chur leis agus é a thabhairt níos gaire do na saoránaigh. Baintear an méid sin amach le NEB trí áiteanna, spásanna, táirgí agus modhanna maireachtála atá ealaíonta, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chruthú, lena gcuirtear le compháirtíochtaí agus leis na buntáistí a bhaineann leis an athchumrú agus an t-aistriú comhshaoil trí eispéiris inbhraite a chur ar fáil ar an leibhéal áitiúil;

2.

á chur in iúl go n-aithníonn sé an díograis agus an tacaíocht mhór maidir le NEB atá léirithe ag réimse leathan cairde, gníomhaithe, eagraíochtaí sochaí sibhialta, líonraí, grúpaí, mol agus ardán réigiúnach agus saotharlann beo, agus an spéis leanúnach atá á cur i spreagadh cruthaitheachta agus rannpháirtíochta agus an dul chun cinn atá á déanamh ina leith sin, d’fhonn an luach agus na prionsabail a bhaineann le NEB a nascadh agus a mhúnlú;

3.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go n-aithnítear ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir le prionsabail NEB a chur chun feidhme, ós rud é go bhfuil siad in ann rannchuidiú go maith le forbairt beartais agus le cur chun feidhme an tionscnaimh sin, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta;

4.

den tuairim go bhfuil cathracha agus réigiúin ar fud an Aontais i bhfad chun tosaigh a mhéid a bhaineann le forbairt chultúrbhunaithe, agus go bhfuil freagrachtaí ríthábhachtacha ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach maidir le beartais inbhuanaithe uirbeacha, réigiúnacha agus chultúrtha a chur i bhfeidhm; á chur in iúl, dá bhrí sin, go bhfuil ról ríthábhachtach ag ionadaithe tofa áitiúla agus réigiúnacha maidir le NEB a dhéanamh níos inrochtana agus le daoine sa phobal a spreagadh a bheith rannpháirteach sa phróiseas claochlaithe d’fhonn cur chun feidhme an tionscnaimh a chur chun cinn;

5.

ag tacú go láidir le NEB mar dheis ríthábhachtach chun leas a bhaint as acmhainneacht chruthaitheach na réigiún agus na mbardas, agus, ar an gcaoi sin, réitigh inbhuanaithe a mbeidh glacadh leo a chruthú chun go mbeidh rath ar an gComhaontú Glas don Eoraip;

6.

á aithint go bhfuil nádúr trasearnála in NEB atá fite i raon clár agus foinsí cistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais; á chur i bhfáth, áfach, go mbeidh gá le rannpháirtíocht leanúnach na gcomhpháirtithe reatha agus na gcomhpháirtithe a bheidh ann amach anseo;

7.

á chur in iúl go n-athdhearbhaíonn sé an chéad bhunphrionsabal a áirítear in NEB, lena bhformhuinítear cur chuige il-leibhéil agus áitbhunaithe. I ndáil leis an méid sin, tá CnaR á chur in iúl go bhfuil athrú ag tarlú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, leibhéal a bhfuil ómós áite ag baint leis chomh maith;

8.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún go ndéanfar ionadaíocht ar limistéir thuaithe in NEB. Cuireann na dearbhuithe éagsúla (1) agus an Comhshocrú Tuaithe creat ar fáil do thodhchaí an bheartais forbartha tuaithe agus na gníomhaíochta forbartha tuaithe san Eoraip agus is uirlis ríthábhachtach iad chun go bhféadfar NEB a nascadh le limistéir thuaithe, ar féidir iad a mheas freisin mar “ionaid tástála” do thionscadail bheaga chlaochlaitheacha;

9.

á chur i bhfáth go bhféadfadh NEB a bheith ina ionstraim thábhachtach maidir leis an téarnamh, trí phoist a chruthú go háitiúil agus athrú ar an meon ginearálta a chur chun cinn i dtreo pleanáil chríochach inbhuanaithe agus éifeachtúil, rud a dhéanfadh difear d’iompraíocht agus do shoghluaisteacht na sochaí agus a chuirfeadh feabhas ar an dá ghné sin;

Ábhair imní

10.

á chur in iúl gur cúis imní dó go bhfuil an Teachtaireacht fós doiléir maidir leis an gcaoi a n-áiritheofar rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach; á iarraidh go mbeadh tograí sonracha ann lena leagtar amach an chaoi a mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus CnaR rannpháirteach i gcur chun feidhme an tionscnaimh, agus prionsabal na cothromaíochta geografaí á chur san áireamh ag an am céanna chun ionadaíocht a dhéanamh ar na húdaráis sin ar fud an Aontais;

11.

á chur i bhfáth gur cheart do CnaR agus d’institiúidí eile an Aontais a bheith mar chuid den líonra cumasúcháin de phríomh-chomhpháirtithe NEB a dhéanfaidh ionstraimí beartais agus cistiúcháin a fhorbairt agus a thástáil;

12.

á iarraidh go mbeadh Coiste na Réigiún agus institiúidí eile de chuid an Aontais rannpháirteach sa chruinniú comhchéime ardleibhéil maidir le NEB;

13.

á chur in iúl go gcinnfear le prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta an leibhéal ar a mbainfidh an tAontas agus na Ballstáit úsáid as na huirlisí beartais agus as na bearta reachtacha atá beartaithe maidir le cur chun feidhme NEB;

14.

á chur i bhfáth go leanfaidh paindéim COVID-19 de thionchar a bheith aici sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus gur cheart é sin a aithint i gcur chun feidhme NEB; á thabhairt dá aire nach mór éifeachtaí diúltacha na paindéime ar an mbochtaineacht, ar shaincheisteanna sóisialta agus ar an bhfostaíocht a thabhairt faoi deara agus NEB á chur chun feidhme;

15.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcroílár na straitéise agus go gcuirfear cúnamh teicniúil, cistiú iomchuí agus solúbthacht ar fáil. Beidh rath NEB ag brath ar inbhuanaitheacht agus ar indéantacht, agus ní mór na difríochtaí idir na limistéir thuaithe agus na cathracha a chur san áireamh;

Bauhaus Eorpach Nua a mhaoiniú

16.

á iarraidh go ndéanfaí dóthain acmhainní ó bhuiséid stáit agus ó chláir beartais chomhtháthaithe an Aontais a leithdháileadh ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach; á iarraidh freisin, áfach, go mbainfí cothromaíocht amach idir sineirgí cruthaitheacha laistigh de ghluaiseacht chultúrtha NEB agus paraiméadair na gclár arna maoiniú ag an Aontas;

17.

den tuairim go bhféadfaí cistí breise a úsáid chun íoc as cúnamh seachtrach chun cuidiú leis an malartú eolais agus chun inniúlachtaí fhoireann na hearnála poiblí atá ann cheana a fhiosrú trí chaidreamh cómhalartach agus dea-fheidhmithe le gníomhaithe príobháideacha agus áitiúla agus le gníomhaithe sa tríú hearnáil;

18.

á mheas go bhféadfaí dreasachtaí a chur ar fáil d’infheisteoirí agus don lucht sluachistiúcháin leis an taithí, na duaiseanna agus na hacmhainní a bhí ann roimhe seo a dhírigh ar shaincheisteanna cáilíochta, aeistéitiúla agus pobail ar bhealach ciorclach;

19.

á iarraidh go ndéanfaí comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha agus infheistíochtaí i réimse leathan an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha, mar a iarradh sa ghlao a rinne Europa Nostra Venice Call to Action [Glao ar ghníomhaíocht na Veinéise] (2);

20.

á chur in iúl gur deis í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun tacú le NEB laistigh de na Ballstáit agus de na húdaráis áitiúla;

21.

á thabhairt le fios gur cheart NEB a ailíniú leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027 agus leis an Tionscnamh Uirbeach Eorpach agus gur cheart cistiú leordhóthanach a bheith ar fáil chun costais oibríochtúla na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a rannchuidíonn le NEB a chumhdach; á iarraidh go n-úsáidfí treochláir uaillmhianacha chun NEB a chur chun feidhme faoi chuimsiú na spriocanna forbartha inbhuanaithe;

22.

á iarraidh go gcuirfí an chothromaíocht gheografach agus éagsúlacht aeráide, eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha an Aontais san áireamh, mar aon le deiseanna cistiúcháin agus leithdháileadh cistí, agus straitéisí, tionscadail agus gníomhaíochtaí NEB á ndearadh agus á gcur chun feidhme; den tuairim gur cheart an comhtháthú críochach a bheith ar cheann de na príomhchuspóirí i gcónaí;

Táscairí

23.

á chur in iúl go láidir gur cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, laistigh de theorainneacha a n-inniúlachtaí, faireachán a dhéanamh ar a mhéid a úsáideann rialtais náisiúnta NEB sna cláir, sna huirlisí agus sna nósanna imeachta éagsúla agus tá sé ag súil go dtíolacfaidh an Coimisiún Eorpach táscairí soiléire don fhaireachán sin;

24.

á chur in iúl gur cúis imní dó nach bhfuil aon táscairí i dtimthriall cistiúcháin reatha an Aontais (2021-2027) agus gur deis chaillte é sin chun rath a thomhas;

25.

á mheas gur cheart croíphrionsabail NEB a fhorbairt i gcomhpháirtíocht le rialtais áitiúla agus réigiúnacha; den tuairim gur cheart na croíphrionsabail sin a phríomhshruthú mar chritéir cháilíochta do chláir chistiúcháin an Aontais a bhfuil tionchar díreach nó indíreach acu ar an timpeallacht thógtha, ar an bhforbairt uirbeach agus tuaithe, ar an oidhreacht chultúrtha agus ar an tírdhreach cultúrtha;

26.

á mholadh scórchlár réigiúnach NEB a chruthú chun beartas láidir maidir le faireachán réigiúnach a bhunú lena n-áiritheofar go gcuirfear NEB chun feidhme ar gach leibhéal agus go ndíreofar le hinfheistíochtaí réigiúnacha ar phrionsabail NEB;

27.

á thabhairt dá aire gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá freagrach as stoic mhóra náisiúnta foirgneamh agus spásanna poiblí uirbeacha agus go bhfuil ról tábhachtach acu maidir le rialáil agus cistiú a mhéid a bhaineann le hathchóiriú na bhfoirgneamh agus na limistéar uirbeach sin. Dá réir sin, ba cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha díriú ar scrogaill rialála a shainaithint agus rannchuidiú leis an rialáil a shimpliú agus cineálacha cur chuige rialála nua a cheapadh;

28.

á chur i bhfáth go raibh ról ag CnaR maidir le straitéisí aeráide, fuinnimh agus comhshaoil a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus sa tacaíocht do na straitéisí sin. D’fhéadfaí an Mheitheal um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil a úsáid chun prionsabail NEB a chur chun cinn agus chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn;

29.

á chur i bhfios go láidir gur gné ríthábhachtach é an t-idirphlé idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le coincheapa agus próisis nuálacha oscailte agus le cineálacha cur chuige agus inniúlachtaí idirdhisciplíneacha. I ndáil leis an méid sin, ba cheart NEB a áireamh ar Ardán um Malartú Faisnéise CnaR, sa chlár “An Eolaíocht sna Réigiúin” agus i dtionscadail chomhair a chistítear le cláir eile de chuid an Aontais;

30.

á chur i bhfáth gur cheart do NEB an comhionannas inscne a chur chun cinn. Ba cheart an comhionannas inscne a bheith ina chritéar trasearnálach agus is gné chumhachtach agus riachtanach é i bhforbairt inbhuanaithe agus chothrom an bheartais comhtháthaithe;

Féile, duaiseanna agus coincheap saotharlainne NEB

31.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an chéad duais a áirítear le NEB; á mholadh go sainaithneofaí sineirgí le duaiseanna atá ann cheana do thithíocht, don oidhreacht chultúrtha, don ailtireacht chomhaimseartha agus do thírdhreacha; á iarraidh freisin go ndéanfaí dea-chleachtais ó Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018 a roinnt;

32.

á aithint gur cruthaíodh an Séala Eorpach Barr Feabhais mar chéad chéim i dtreo choincheap lipéad NEB; á chur in iúl, mar sin féin, gur ábhar imní dó go bhféadfadh daoine a bheith ag súil leis go mbeadh sruth cistiúcháin ag lipéad NEB. D’fhéadfaí úsáid lipéid thiomnaithe a mheas mar rannchuidiú nithiúil ó CnaR le tionscnamh NEB a fhorbairt, rud a mhol CnaR in 2021;

33.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó Saotharlann NEB agus modheolaíocht an chomhchruthaithe atá i gceist inti; á iarraidh, áfach, go gcuirfí tuilleadh faisnéise ar fáil maidir leis an gcaoi a bhfeidhmeoidh sí agus go mbeadh CnaR ina chomhalta gníomhach di agus dá rialachas;

34.

á iarraidh go ndéanfadh an tSaotharlann na torthaí/gníomhaíochtaí a roghnaíodh don chéad duais a thástáil agus go bhféadfaí iad a chur chun cinn agus a fhréamhshamhaltú;

35.

réidh le hoibriú le rialtais náisiúnta trí mhoil réigiúnacha CnaR chun boscaí gainimh rialála a fhorbairt agus cineálacha nua cur chuige rialála a thástáil;

36.

á thabhairt dá aire gur cheart do NEB tógáil ar na dea-chleachtais atá ann cheana ar fud chathracha agus réigiúin an Aontais agus ardán acmhainní a bheidh ar fáil go poiblí a chruthú;

37.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó féile NEB mar bhealach inláimhsithe agus infheicthe chun rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chothú tuilleadh agus chun tionscadail a thaispeáint ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;

38.

ag leagan béim ar an obair rathúil a rinneadh leis an gClár um Líonrú maidir le Forbairt Uirbeach (URBACT), le tionscadail an chomhair chríochaigh Eorpaigh (CCE) agus leis an gclár Fís 2020 maidir le huirlisí idirghníomhacha éifeachtacha a fhorbairt ar cheart iad a úsáid nuair is ábhartha;

39.

á thabhairt le fios gur cheart NEB a nascadh le misin an chláir Fís 2020, go háirithe leis na misin a bhaineann leis an oiriúnú don athrú aeráide agus le cathracha aeráidneodracha agus cliste;

40.

á athdhearbhú go bhféadfadh buntáiste a bheith ann dá mbainfí úsáid as ionstraim na grúpála Eorpaí um chomhar críochach (Ardán GECC) le haghaidh tionscadail rialachais il-leibhéil a bhaineann le roinnt tíortha nó le réigiún an euro;

41.

á thabhairt dá aire go dtugtar le chéile le NEB trí cholún den Chlár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach (rialáil níos fearr, cistiú níos fearr agus eolas níos fearr (3)) agus go bhfuil sé mar aidhm aige na trí cholún sin a bhaint amach;

42.

á thabhairt dá aire na Gníomhaíochtaí Nuálacha Uirbeacha atá ar bun faoi láthair (saotharlann uirbeach na hEorpa) agus an Tionscnamh Uirbeach Eorpach atá ar na bacáin; á iarraidh go mbeadh NEB nasctha le comhpháirtíochtaí an Chláir Oibre Uirbigh don Aontas, ós rud é go bhfuil obair á déanamh le beagnach ceithre bliana anuas sa chlár oibre sin ar choincheapa a bhaineann leis an gComhaontú Glas agus le NEB;

43.

den tuairim go bhfuil ról ag NEB i gcur chun feidhme Chairt Leipzig 2021 agus Dhearbhú Liúibleána 2021, lena n-éilítear cur chuige comhtháite agus áitbhunaithe, mar aon le rialachas il-leibhéil, rannpháirtíocht agus modhanna an chomhchruthaithe;

44.

den tuairim gur féidir ról láidir a bheith ag Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, príomhchathracha nuálacha na hEorpa (iCapitals), Príomhchathracha Óige na hEorpa agus Príomhchathracha Glasa na hEorpa maidir le NEB a chur chun cinn;

45.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur bunaíodh pointí teagmhála náisiúnta NEB; á iarraidh ar na pointí sin oibriú i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le geallsealbhóirí eile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, chun a áirithiú gur féidir le gluaiseacht NEB leanúint de bheith ag fás ón mbun aníos;

46.

á mholadh go gcruthófaí clár oiliúna bunaithe ar phrionsabail NEB do 100 cathair ar spéis leo a leithéid. D’fhéadfaí úsáid a bhaint as modheolaíochtaí an chláir maidir le cathracha digiteacha nó an chláir maidir le 100 cathair chliste agus as an gcoincheap margaidh a bhaineann leo;

Coincheapa maidir leis an timpeallacht thógtha, le hailtireacht agus le hathchóiriú

47.

á chur i bhfios go láidir gur léiriú é an timpeallacht thógtha ar phobal, agus go bhfuil an fhreagracht as cáilíocht fhoriomlán na timpeallachta sin faoi chúram na gcomhlachtaí earnála poiblí agus na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, i ndlúthchomhar leis an bpobal;

48.

á chur in iúl gur tagarmharc tábhachtach í oidhreacht shaibhir agus éagsúil chultúrtha agus ailtireachta na hEorpa do cháilíocht na timpeallachta tógtha, a mhéid a bhaineann le heispéireas an úsáideora agus sócmhainní fisiciúla;

49.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go n-aithnítear le NEB ról ríthábhachtach na pleanála spásúlachta uirbí chun forbairt uirbeach inbhuanaithe a bhaint amach;

50.

á chur in iúl gur cúis áthais dó go n-aithnítear le NEB an gá atá le cultúr comhroinnte bunaithe ar ailtireacht ardcháilíochta. Chuige sin, beidh gá le feasacht a mhúscailt, faisnéis a scaipeadh agus ról an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha, na hailtireachta ardcháilíochta agus na timpeallachta tógtha a chur chun cinn;

51.

á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún cabhrú leis an earnáil tógála dul i ngleic le húsáid neamh-inbhuanaithe acmhainní agus le dramhaíl agus an chiorclaíocht a chur chun cinn, trí dhíriú ar athúsáid agus athchúrsáil ábhar. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí bhearnaí san eolas agus i scileanna a dhúnadh agus tríd an dearadh a dhigitiú;

52.

á thabhairt dá aire gur féidir le NEB bealaí a aimsiú chun an rómhaorlathas a laghdú d’fhonn an t-athchóiriú a dhéanamh níos éasca agus níos éifeachtaí ó thaobh costais de. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le foirgnimh atá an-sean agus an oidhreacht chultúrtha a aisfheistiú, tá gá le seirbhísí ailtirí agus saineolaithe eile, chomh maith le ceardaithe ardoilte (4);

53.

á dhearbhú go daingean go bhfuil ról ríthábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtaca le hathchóiriú foirgneamh lena áirithiú go gcloífear le rialacha úsáide talún agus pleanála baile, go gcuirfear beartais chun cinn chun an dídhaonrú a chomhrac agus go gcomhlíonfar na critéir maidir le ceartas sóisialta agus urraim don chomhshaol; á chur in iúl nár cheart do mhodheolaíochtaí na mBallstát don tionscnamh “rabharta athchóiriúcháin” an bonn a bhaint den ról bunúsach comhordúcháin sin;

54.

á iarraidh an athuair go gcuirfí saincheisteanna uirbeacha san áireamh ar bhealach níos fearr sa Seimeastar Eorpach: ní mór go gcumhdaítear le comhordú an bheartais eacnamaíoch agus shóisialta san Aontas tithíocht inacmhainne, neamhionannas agus infheistíochtaí fadtéarmacha;

55.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhféachfar le NEB teacht ar réitigh chun rochtain a chumasú ar thithíocht ar phraghas réasúnta agus ar thithíocht chuibhiúil, go háirithe do dhaoine óga agus do ghrúpaí sóisialta leochaileacha eile;

56.

á chur i bhfáth nach mór NEB a nascadh le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus le Dearbhú Chruinniú Mullaigh Sóisialta Porto 2021 d’fhonn cur leis an machnamh ar thithíocht shóisialta agus inacmhainne i ndiaidh phaindéim COVID-19 ar leibhéal an Aontais;

57.

á iarraidh go gcuirfí chun cinn sineirgí idir an ealaín, an ailtireacht, an tírdhreach agus an ailtireacht intí, an phleanáil spásúlachta, an dearadh agus an cheardaíocht, chomh maith le múnlaí nuálacha oiliúna d’ailtirí agus do ghairmithe eile;

58.

á iarraidh go gcruthófaí nasc freisin leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna Nua ionas go gcuirfidh NEB le cur chun cinn agus le tuiscint níos fearr ar riachtanais agus ar dheiseanna réigiúnacha a bhaineann le scileanna i réimse na pleanála uirbí, na tógála, úsáid inbhuanaithe ábhar acmhainní tógála, chomh maith le himirce lucht saothair oilte a laghdú, rud a bhféadfadh laghdú ar ghníomhaíochtaí monaraíochta an gheilleagair áitiúil a bheith mar thoradh air. I ndáil leis an méid sin, tá ról tábhachtach ag an gClár Oibre Digiteach don Eoraip toisc gur féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach deiseanna a chur ar fáil do shaoránaigh chun a dtimpeallacht a chomhchruthú agus toisc gur uirlis ríthábhachtach í i ngach céim d’fhorbairt thionscnaimh NEB;

59.

á iarraidh go ndéanfaí NEB a nascadh le comhpháirtíochtaí Chlár Oibre Uirbeach an Aontais a bhí ann roimhe seo, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcumas chun gníomhú ar son na haeráide, leis an togra maidir le cathracha glasa, agus le spásanna poiblí a úsáid. Tá ábharthacht ar leith ag baint leis na comhpháirtíochtaí maidir le húsáid inbhuanaithe talún agus le réitigh dhúlrabhunaithe, an geilleagar ciorclach, agus an cultúr agus an oidhreacht chultúrtha;

60.

á chur in iúl go bhfuil NEB ina uirlis láidir chun tionscnaimh an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn, ós rud é go bhfuil sé bunaithe ar chomhar agus ar rannpháirtíocht shibhialta. Cuireann tionscnaimh den chineál sin borradh faoin gcomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch, críochach agus cultúrtha agus méadaítear an leibhéal muiníne ar an leibhéal áitiúil ar fud an Aontais;

Prionsabail a bhaineann le cáilíocht na hoidhreachta cultúrtha

61.

ag tacú leis an bpáipéar Venice Call to Action, For a New European Renaissance de chuid Europa Nostra agus an dearbhú a áirítear leis maidir leis an oidhreacht agus an stair atá i gcoiteann ag muintir na hEorpa;

62.

á iarraidh go sainaithneofaí sineirgí idir Prionsabail Cháilíochta Davos Baukultur, prionsabail cháilíochta NEB agus na prionsabail cháilíochta Eorpacha le haghaidh tionscnaimh arna gcistiú ag an Aontas a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an oidhreacht chultúrtha, agus go ndéanfaí na sineirgí sin a phríomhshruthú i ngach clár beartais agus cistiúcháin Eorpach;

63.

den tuairim gur gné ríthábhachtach de NEB í an oidhreacht chultúrtha. Ní mór spiorad agus féiniúlacht a bheith ag an tionscnamh “rabharta athchóiriúcháin” agus dearcadh iomlánaíoch a chur chun cinn ag an am céanna maidir le conas is mian linn ár gcathracha agus ár réigiúin a fhorbairt;

64.

á iarraidh ar CnaR oibriú leis na geallsealbhóirí chun duais NEB agus “Méara Oidhreachta na Bliana” a chur chun cinn;

65.

á iarraidh go mbeadh an oidhreacht chultúrtha agus an Comhaontú Glas don Eoraip idirnasctha go dlúth, mar a léirítear sa Pháipéar Uaine maidir le hOidhreacht Chultúrtha an Aontais (5);

66.

ag aontú leis gur gá leas a bhaint as cistí poiblí le haghaidh straitéisí glasa atá bunaithe ar an gcultúr trí thionscadail agus tionscnaimh phíolótacha NEB lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe cultúrtha ríthábhachtacha an aistrithe ghlais agus trí chumais éagsúla na bpobal áitiúil agus na réigiún áitiúil a fhorbairt;

Conclúidí

67.

ag iarraidh ar an gCoimisiún naisc níos fearr a bhunú idir NEB agus creataí reatha coincheapúla atá dírithe ar an gcultúr, an aeistéitic agus an dearadh. Leis sin, d’iompófaí na prionsabail sin ina ngníomhaíochtaí agus chuirfeadh sé ar chumas NEB leas a bhaint as an acmhainneacht chruthaitheach, chultúrtha agus oidhreachta cultúrtha atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun comharsanachtaí ar fud an Aontais a athchóiriú agus a athbheochan; á mholadh, dá bhrí sin, go gcruthófaí scéim dearbhán maidir le Saotharlanna NEB trínarbh fhéidir le cathracha agus réigiúin ar spéis leo é dearbhán den sórt sin a fháil lena mbeidís i dteideal an tacaíocht is gá a fháil chun Saotharlann NEB a eagrú ina gcríoch. Níor mhór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh chun dearbhán a fháil: 1) ba cheart do Shaotharlann NEB na huirlisí, réitigh agus gníomhaíochtaí beartais lena n-éascófar an claochlú ar an talamh a chomhchruthú, a fhréamhshamhaltú agus a thástáil agus 2) torthaí Shaotharlann NEB a chur faoi bhráid na comhairle réigiúnaí nó cathrach;

68.

á iarraidh go n-aithneofaí sineirgí idir tionscnamh NEB agus próisis eile lena dtugtar páirt do mhuintir na hEorpa, amhail an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, chomh maith le straitéisí agus pleananna gníomhaíochta eile lena gcuirtear cáilíocht ailtireachta agus aeistéitiúil chun cinn, amhail tionscnamh “rabharta athchóiriúcháin” an Chláir Oibre Uirbigh don Aontas;

69.

á mheas nach mór do NEB a bheith ina fhíorghluaiseacht a mbeadh baint ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha léi agus nár cheart dó a bheith ina thionscadal eile ón mbarr anuas amháin. Tá sé ríthábhachtach do chathracha agus do shaoránaigh uile an Aontais slí bheatha atá comhfhiosach ó thaobh an chomhshaoil de a chruthú. Ba cheart don tionscadal tionchar a bheith aige ar chách, seachas ar mhionlach beag. Maidir leis an úinéireacht, ní mór tosú le daoine aonair ar leibhéal an phobail agus dul níos faide ná limistéir mhóra uirbeacha. Is gné dhearfach thábhachtach de thionscnamh NEB í an rochtain atá ag gnáthdhaoine agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta air. Chun go n-éireoidh leis, ní mór don tionscnamh a bheith cuimsitheach go sóisialta, go cultúrtha agus go críochach.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Mar shampla, Dearbhú Chorcaí 2.0: Saol Níos Fearr i gCeantair Thuaithe (2016).

(2)  Féachann Venice Call to Action, For a New European Renaissance [Glao ar ghníomhaíocht na Veinéise — Ar mhaithe le hathbheochan nua san Eoraip] le sineirgí níos dlúithe agus níos láidre a chothú idir an pobal gnó agus an t-éiceachóras leathan cultúrtha, oidhreachta agus cruthaitheach, i measc nithe eile, trí chomhaontas straitéiseach a neartú idir gluaiseacht oidhreachta na hEorpa agus institiúid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.

(3)  Mar a aithníodh i gComhshocrú Amstardam.

(4)  Mar atá leagtha amach sa pháipéar uaine “Oidhreacht na hEorpa” de chuid Europa Nostra.

(5)  Putting Europe’s Shared Heritage at the Heart of the European Green Deal [Oidhreacht chomhroinnte na hEorpa a chur i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip], arna fhoilsiú ag Europa Nostra.


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/22


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Na misin Eorpacha

(2022/C 301/05)

Rapóirtéir:

Markku MARKKULA (FI/EPP), Uachtarán Réigiún Heilsincí

Doiciméad tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – European Missions [Na misin Eorpacha]

COM(2021) 609 final (Níl leagan Gaeilge ann)

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó misin an Aontais Eorpaigh, mar iarracht chomhordaithe ón gCoimisiún na hacmhainní is gá a chomhthiomsú maidir le cláir chistiúcháin, beartais agus rialacháin, chomh maith le gníomhaíochtaí eile chun gníomhaithe poiblí agus príobháideacha a shlógadh agus a chur i mbun gnímh, ionas gur féidir leo fíorthionchar fadtéarmach a bheith acu, ag obair dóibh i gcomhar le chéile, d’fhonn borradh a chur faoin nglacadh ar leibhéal na sochaí atá le réitigh nua agus cineálacha cur chuige nua. Tá CESE ag leagan béim ar an ngá atá le cur chuige cuimsitheach trínar cheart úsáid a bhaint as misin an Aontais, in éineacht le beartas comhtháthaithe uile-Aontais agus gach ionstraim maoiniúcháin eile de chuid an Aontais, chun comhtháthú críochach a chur chun cinn agus chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach;

2.

á chur chun suntais (1), i bhfianaise na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, go gcuirfidh na misin Eorpacha, ós ionstraim nua ríthábhachtach iad chun dul i ngleic le mórdhúshláin na sochaí, féachaint cheart ar an Aontas Eorpach maidir lena thionchar agus a inchreidteacht sa réimse seo. Ní mór dlisteanacht a bheith acu agus glacadh a bheith leo go fada fairsing. Mar a thug an Coimisiún Eorpach chun suntais, tá ról mórthábhachtach ag na cathracha agus na réigiúin, faoi mar atá freisin ag a ngeallsealbhóirí agus a saoránaigh uile, chun spriocanna uaillmhianacha mhisin an Aontais a bhaint amach;

3.

ag athdhearbhú na tacaíochta a gheall CnaR (2) a thabhairt do chur chun feidhme mhisin an Aontais mar chéim shuntasach a ligfidh dó aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar leibhéal na sochaí agus ag leagan béim freisin ar an ngá atá le córas éifeachtach rialachais il-leibhéil lena gcomhcheanglaítear na misin sin le straitéisí forbartha áitiúla agus réigiúnacha, le straitéisí um speisialtóireacht chliste, le bearta téarnaimh COVID-19 agus le cistiú nuálaíochta trí na cistí struchtúracha;

4.

ag áiteamh ar na príomhchinnteoirí san Aontas agus sna Ballstáit freagairt go mear agus go cinntitheach don staid san Úcráin, lena n-áirítear trí mhisin an Aontais a sheoladh, go háirithe an ceann díobh atá dírithe ar chathracha. Ní mór na critéir chistiúcháin a chuirtear i bhfeidhm ar chistí “Next GenerationEU” agus ar fhoinsí maoiniúcháin poiblí eile a bheith solúbtha ionas gur féidir le cuid de ghníomhaíochtaí an mhisin atá dírithe ar chathracha dlús a chur leis an aistriú fuinnimh san Eoraip. Ba cheart do na cistí sin tacú le taighde poiblí-príobháideach atá dírithe ar réitigh nua ar chórais fuinnimh a aimsiú. Thar aon rud eile, is féidir le cathracha agus le gníomhaithe poiblí eile leas a bhaint as soláthar poiblí nuálach, i gcomhar le cuideachtaí, chun dlús a chur le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh agus chun réitigh fuinnimh inbhuanaithe nuálacha a chruthú le húsáid in ionad breoslaí iontaise atá á gceannach ag Ballstáit an Aontais ón Rúis go nuige seo;

5.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go n-aithnítear, mar is cuí, sa Teachtaireacht maidir leis na misin Eorpacha (3) a ábhartha atá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtaca le cur chun feidhme na misean Eorpach agus leis na céimeanna deartha agus cumarsáide a ghabhann leo;

6.

á chur i bhfáth nach mór cur chun feidhme mhisin an Aontais Eorpaigh a bheith fréamhaithe san obair laethúil a dhíríonn ar phróisis na gcathracha agus na réigiún a fhorbairt agus a athnuachan d’fhonn eolas agus saineolas a chruthú i gcomhpháirt le chéile. Leis sin, cruthófar sineirgí córasacha le beartas comhtháthaithe an Aontais, le húsáid Cistí Struchtúracha agus le hionstraimí tiomnaithe eile. Díreofar aird freisin ar an leibhéal domhanda, dá thairbhe sin, ar acmhainneacht na réigiún agus na bpobal áitiúil agus ar ról na mbardas maidir leis na hathruithe spriocdhírithe a dhéanamh;

Misin an Aontais mar ionstraim nua uaillmhianach chun dul i ngleic le mórdhúshláin ar leibhéal na sochaí

7.

á aithint go bhfuil sé beartaithe go mbeidh misin an Aontais ina n-ionstraim “nua” agus “ríthábhachtach”, mar atá ráite ag an gCoimisiún Eorpach a chuir in iúl gur bealach nua iad na misin sin chun réitigh nithiúla a fháil ar chuid de na dúshláin is mó atá romhainn trína chinntiú go mbeidh torthaí nithiúla orthu agus go mbeidh tionchar acu faoi 2030 trí ról nua a thabhairt don taighde agus don nuálaíocht, bonn ar bhonn le cineálacha nua rialachais agus comhair, agus trí pháirt a thabhairt do na saoránaigh freisin (4);

8.

á mheabhrú gur cheart do gach misean AE treochlár soiléir a shainiú maille le cur chuige nua córasach ilrialachais agus modheolaíochtaí nua córasacha ilrialachais a chruthú maidir le turgnamh, fréamhshamhaltú, faireachán agus méadú ar ghníomhaíochtaí ar gach leibhéal rialachais. Is gá aird ar leith a dhíriú ar phunanna gníomhaíochtaí a chruthú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal réigiúnach/áitiúil araon agus ar scaipeadh éifeachtach na bpunann sin ag gach céim den phleanáil agus den chur chun feidhme. Chuige sin, tá gá le rannpháirtíocht agus páirteachas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus na gcomhpháirtíochtaí áitiúla agus réigiúnacha chun an taithí éifeachtach nuálaíoch ar rialachas a chomhroinnt;

9.

á chur in iúl gur gá cistiú le haghaidh na misean a leithdháileadh ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach má táthar chun dul chun cinn neamhghnách a dhéanamh i gcomhar le chéile ina lán cásanna “sáinnithe”, ar cásanna iad a chuireann bac rómhinic ar dhul chun cinn leordhóthanach a dhéanamh chun réitigh nua a aimsiú agus tionchar nua a bheith acu. Chuige sin, tá gá le comhpháirtíochtaí Eorpacha nua atá bunaithe ar leasanna áitiúla agus réigiúnacha atá sainithe sna Straitéisí um Speisialtóireacht Chliste. Ba cheart do mhisin an Aontais leas a bhaint as an taithí a thiocfaidh as beart píolótach comhpháirteach CnaR agus an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) “Comhpháirtíocht le haghaidh Nuálaíocht Réigiúnach”;

10.

á mholadh do mhisin an Aontais béim a leagan ar an dul chun cinn i dtreo na daonnachta agus i dtreo cur chuige atá dírithe ar an duine, ráite gurb í an inbhuanaitheacht, sna réimsí uile lena mbaineann (éiceolaíoch, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha), is spreagadh don athrú d’fhonn spriocanna uaillmhianacha na misean Eorpach a bhaint amach. Ní féidir cáilíocht na beatha a mhéadú ach amháin ag oibriú dúinn go comhfhiosach inár n-eintitis chasta. I ndáil leis sin, ní mór dúinn cothromaíocht níos fearr a aimsiú idir folláine inláimhsithe agus dholáimhsithe san Eoraip agus ar fud an domhain. Is a bhuí leis an dúlra a thagann linn cónaí ar an bpláinéad seo. Ní mór dúinn meas a léiriú ar spleáchas seo an duine ar an dúlra;

11.

á chur i bhfáth gur gá do mhisin an Aontais bealaí nua oibriúcháin a chomhchruthú. Chuige sin, ní mór do na gníomhaithe go léir inniúlachtaí nua a fhoghlaim tríd an teicneolaíocht agus an taighde a chomhtháthú le cur chuige atá dírithe ar an duine, trí ghealltanais a thabhairt próisis chomhpháirteacha maidir leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach a chur chun feidhme, agus trí rochtain a áirithiú ar na hacmhainní is gá. Tá na riachtanais bunriachtanach d’fhonn éiceachórais áitiúla agus réigiúnacha taighde, forbartha agus nuálaíochta (TFN) a fheidhmíonn go maith a chruthú, a fhágann gur féidir droichid nuálacha eolais nua a thógáil lena nasctar cruthaitheoirí eolais Eorpacha barrleibhéil le saotharlanna beo réigiúnacha agus áitiúla agus le hionaid eile turgnamhaíochta, agus le gníomhaíochtaí taispeána amhail tithe solais. A bhuí leo sin, is féidir leis na cathracha agus na réigiúin uile próisis tagairfhoghlama a chruthú agus líonrú piaraí a chothú chun úsáid a bhaint as coincheapa agus réitigh na gceannródaithe i dtaca le cleachtais chliste inbhuanaithe;

12.

á chur in iúl go bhfuil rialachas réigiúnach agus áitiúil, fadbhreathnaitheacht, agus méadú ar infheistíochtaí TFN mar chlocha coirnéil phunanna mhisin an Aontais Eorpaigh, arb é atá iontu gníomhaíochtaí arna réamhbheartú ar bhonn gairmiúil ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Ach na misin sin a réamhbheartú, cuirfear leis an gcomhoibriú, an spreagadh agus na cumais: lena rá ar bhealach eile, cuirfear leis an iomaíochas trí phunanna agus gníomhaíochtaí nua a chruthú i gcomhar le chéile. Is de dhlúth agus d’inneach an réamhbheartaithe go leor céimeanna comhthreomhara agus gníomhaíochtaí ilrialachais ar fud córais éagsúla. Ní mór leas a bhaint as na hionstraimí airgeadais, idir ionstraimí poiblí agus príobháideacha, agus ní mór tacaíocht a chur ar fáil go háirithe do na réigiúin lagfhorbartha ionas gur féidir gach réigiún a spreagadh chun a gcórais TFN a fheabhsú agus chun cur le cur chun feidhme mhisin an Aontais;

13.

ag meabhrú an róil ríthábhachtaigh atá aige féin, bunaithe ar an taithí a fuair sé óna shé choimisiún agus ó fheachtais dá chuid amhail an Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil agus na Réigiúin Fiontraíochta Eorpacha (RFE), i gcur chun feidhme mhisin an Aontais agus ag tabhairt dá aire go gcuireann CnaR pointe rochtana nádúrtha ar fáil le haghaidh comhar leis an earnáil phoiblí agus phríobháideach, le hearnáil na tionsclaíochta agus le seirbhísí, agus leis na saoránaigh;

Ról na gcathracha agus na réigiún i misin an Aontais

14.

á chur chun suntais, i gcomhréir leis an bPlean Comhpháirteach Gníomhaíochta a shínigh an Coimisinéir Mariya Gabriel agus CnaR in 2020, go bhfuil CnaR, i gcomhar leis na Ballstáit agus le réigiúin agus cathracha na hEorpa, réidh le ról gníomhach a bheith acu chun córas rialachais il-leibhéil éifeachtach a chruthú i gcomhar le chéile d’fhonn spriocanna mhisin an Aontais a bhaint amach. Na bearta atá dírithe ar an bhforbairt riachtanach a áirithiú, beidh siad bunaithe ar éiceachórais nuálaíochta réigiúnacha áitbhunaithe agus ar Straitéisí um Speisialtóireacht Chliste (S3/S4);

15.

in ann tionchar a imirt ar phróisis fhoriomlána mhisin an Aontais Eorpaigh, lucht déanta cinntí a choimeád ar an eolas, agus na réigiúin agus cathracha a spreagadh chun bheith ina rannpháirtithe gníomhacha ar bhealaí éagsúla, etc. Tá gné láidir áitbhunaithe (idir áitiúil agus réigiúnach) ag roinnt le pleananna mhisin an Aontais, agus áirítear leis na sásraí cur chun feidhme tograí chun réigiúin agus cathracha – agus a n-éiceachórais TFN – a chur i lár na réigiún agus na gcathracha sin. Dá bhrí sin, is féidir le CnaR comhoibriú go forleathan leis na comhpháirtithe uile chun a áirithiú go mbeidh an tionchar inmhianaithe ag an ionstraim beartais nua ón mbun aníos seo;

16.

i bhfách – trí leas a bhaint as na coimisiúin CnaR uile a bhfreagraíonn a speisialtachtaí d’ábhair éagsúla na misean – cuidiú a thabhairt chun teagmháil a dhéanamh leis an méid is mó cathracha agus réigiún agus is féidir lena áirithiú go dtacófar le misin an Aontais ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

feachtais faisnéise, idirphlé díreach agus próisis chomhpháirteacha oscailte idirghníomhacha eile a chur chun feidhme atá dírithe ar ghrúpaí éagsúla lena n-áirítear freisin leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois,

b)

na pobail cheannródaíocha a spreagadh chun triail a bhaint as réitigh nuálacha ina gcleachtais san fhíorshaol,

c)

na pobail atá rannpháirteach sna tionscadail taispeána a spreagadh chun cur le próisis ar mhórscála lena gcuirtear réitigh nuálacha in úsáid agus chur cur leis na réitigh is fearr lena n-úsáid ar fud na hEorpa,

d)

a áirithiú go gcuirfear éagsúlacht na réigiún Eorpach, chomh maith lena bpobail éagsúla geallsealbhóirí agus saoránach, san áireamh den chuid is mó i ngníomhaíochtaí cur chun feidhme na misean;

17.

ag iarraidh ar na Ballstáit tacú le cur chun feidhme mhisin an Aontais trí shineirgí a chruthú le cláir náisiúnta agus réigiúnacha agus trí rochtain ar mhaoiniú AE agus náisiúnta a éascú;

18.

ag leagan béim ar an ngá atá lena áirithiú go mbeidh cumas agus scileanna a ndóthain ag gach ceantar agus réigiún, bídís uirbeach nó faoin tuath, (cibé acu a chruthaíonn siad go hiontach, go measartha nó go síléigeach) i dtreo gur féidir leo nuáil a dhéanamh laistigh dá bpobail agus a áirithiú go dtacófar leo trí phróisis ábhartha foghlama a chuireann ar a gcumas freisin gníomhú mar ardáin trínar féidir le gníomhaithe éagsúla seirbhísí a sholáthar a thacaíonn le gníomhaithe eile, lena n-áirítear gach grúpa gníomhaithe. Ní mór na próisis cruthaithe luacha áitiúla/réigiúnacha a bhainistiú ar leibhéal na slabhraí luacha comhoibríocha éifeachtúla agus na sruthanna luacha comhoibríocha éifeachtúla, lena ndéanfar tuilleadh forbartha ar na héiceachórais;

19.

á chur i bhfáth, má táthar chun na spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach, gur gá do chinnteoirí, státseirbhísigh agus gairmithe nuálaíochta, mar réamhchoinníoll ríthábhachtach, inniúlachtaí a shealbhú a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú mar ghníomhaithe don athrú chun eolas agus cumais nua a fháil. Is iad seo na trí phróiseas ríthábhachtacha atá i gceist:

a)

na próisis foghlama oibríochtúla i gcathracha agus i réigiúin, agus béim ar leith ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis na misin a chomhtháthú le gníomhaíochtaí áitiúla eile ionas go mbeidh siad mar chuid den ghnáthchinnteoireacht straitéiseach agus oibríochtúil;

b)

cuideachtaí agus institiúidí taighde, ollscoileanna, institiúidí gairmiúla, agus a n-éiceachórais áitbhunaithe agus théamacha a spreagadh, agus tacú leo, chun cur le réitigh cheannródaíocha nuálacha nua a chruthú i gcomhar le chéile, agus

c)

modhanna nua cuimsitheacha a úsáid sa nuálaíocht.

Ba cheart a áireamh ar na modhanna a ghabhann leis na próisis sin comhpháirtíochtaí ar scála leathan, soláthar nuálach poiblí, fréamhshamhlacha a forbraíodh go tapa agus tástáil ar réitigh nua;

20.

á mheabhrú go bhfuil próisis chruthaithe ar fáil, siúd is gur gá do chathracha aonair agus do réigiúin aonair a bheith tiomanta ina leith agus go bhfuil gá le sainchomhar arna shocrú ag foirne mhisin an Aontais. Má dhéantar cistiú le haghaidh comhpháirtíochtaí uile-Eorpacha a leithdháileadh, is fearr a fhéadfar na tosca ríthábhachtacha sin a chur i gcrích ar fud raidhse cathracha agus réigiún san Eoraip. Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag cuid d’ionstraimí an Aontais atá ann cheana, amhail JRC, Interreg, na Tionscnaimh Chomhphleanála, an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus a bpobail eolais agus nuálaíochta, ina leith sin;

21.

ag leagan béim ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais uile an Aontais Eorpaigh chun tacú le gníomhaíochtaí na misean, go háirithe ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach. Níl rochtain éasca ag na réigiúin agus na cathracha ar chistí an chláir Fís Eorpach agus níl siad i gcomhréir mar is ceart fós le cuspóirí straitéiseacha nua mhisin an Aontais. Bíonn deacrachtaí nach beag ag a lán réigiún rochtain a fháil ar mhaoiniú de thoradh glaonna iomadúla, critéir an-speisialaithe agus córais chasta. Cuir i gcás, tá roinnt mhaith réigiún ar a ndícheall ag iarraidh maoiniú a fháil chun a lucht saothair a uas-sciliú le gur féidir dlús a chur leis an aistriú glas atá riachtanach do mhisin an Aontais. Chuige sin, beidh gá le hathbhreithniú chun rochtain ar chistí an Aontais a shimpliú;

Treoirlínte maidir le misin an Aontais a chur chun feidhme ar dhóigh níos éifeachtaí

22.

á chur chun suntais a riachtanaí atá sé cabhrú le comhpháirtíochtaí dinimiciúla a chruthú, a chaithfidh a bheith i bhfoirm gealltanais chómhalartacha atá curtha ar bhonn foirmiúil go pointe áirithe, ach atá solúbtha go pointe áirithe freisin, ionas go gcuirfidh na conarthaí comhpháirtíochta idir misin an Aontais agus na cathracha agus réigiúin atá i mbun tionscadail taispeána le tionchar na dtascanna suntasacha agus obair na n-eintiteas taispeána fud fad na hEorpa;

23.

i bhfách leis an úsáid sholúbtha agus ag leagan béim ar fhorbairt choincheapúil ghníomhach conarthaí cathrach agus réigiúin a mholtar i bpleananna cur chun feidhme mhisin an Aontais;

24.

ag moladh go ndéanfaí coincheap an lipéid “Misean AE” a chruthú le bronnadh ar na cathracha agus na réigiúin sin a ghabhfaidh orthu féin ról taispeána a bheith acu mar cheannródaithe agus mar thacadóirí le haistriú glas agus aistriú digiteach na hEorpa chun spriocanna mhisin an Aontais a bhaint amach agus chun cur leis na torthaí a bheidh ar a réitigh nuálacha, agus ag iarraidh go bhfoghlaimeofaí óna bhfuil de chleachtais ann cheana féin, amhail Cúnant na Méaraí;

25.

ag moladh bealaí éagsúla chun úsáid a bhaint as an lipéad “Misean AE” chun sineirge a chruthú le tionscnaimh ábhartha eile de chuid an Aontais agus le tionscnaimh ghaolmhara eile chomh maith le hionstraimí maoiniúcháin a úsáid, amhail an Ciste InvestEU, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha I3, Interreg na hEorpa, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an Eoraip Dhigiteach, an clár EU4Health, an Banc Eorpach Infheistíochta agus EIT. Molann CnaR córas uile-Eorpach a chruthú trína mbainfidh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit araon úsáid as an lipéad “Misean AE” chun na próisis iarratais a shimpliú. Ba cheart don lipéad rochtain ar chistí AE agus náisiúnta a éascú d’fhonn tacú le gníomhaíochtaí áitiúla agus réigiúnacha atá dírithe ar spriocanna uaillmhianacha mhisin an Aontais a bhaint amach agus ag an am céanna nósanna imeachta áitiúla agus réigiúnacha a fheabhsú;

26.

á chur in iúl gur féidir le Moil an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) a bheith ar cheann de na huirlisí is éifeachtaí ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun straitéisí réigiúnacha taighde agus nuálaíochta (T&N), lena n-áirítear na Straitéisí um Speisialtóireacht Chliste (S3/S4), a thabhairt i gcomhréir le straitéisí náisiúnta agus Eorpacha, LET, Fís Eorpach agus misin an Aontais. Ar an gcaoi sin, féadfaidh Moil LET rannchuidiú le teacht chun cinn tionscadal struchtúraithe a chuirfidh, thar aon ní eile, le misin an Aontais agus a bhainfidh leas as na foinsí éagsúla cistiúcháin a ghabhann leo, rud a fhágann gurbh áiseach an ní é an lipéad “Misean AE” a nascadh le Moil LET, a mhéid is féidir;

27.

á thabhairt chun cuimhne an gá atá le nósanna imeachta éifeachtacha bainistithe eolais a chruthú agus a úsáid chun misin an Aontais a fhorfheidhmiú tríd an eolas domhanda agus réigiúnach is fearr a úsáid, agus critéir eiticiúla straitéis nua idirnáisiúnaithe an Choimisiúin don taighde agus don nuálaíocht á gcur san áireamh ag an am céanna. Chun gur féidir na torthaí a chur chun sochair agus cur leo, ní mór Fís Eorpach agus ionstraimí eile a bheith níos dinimiciúla ar mhaithe le turgnamh agus fréamhshamhaltú a dhéanamh san fhíorshaol;

28.

á chur i bhfáth gur cheart misin an Aontais a chur chun feidhme trí phróiseas oscailte rannpháirtíochta, a mbeadh páirt ag na geallsealbhóirí ábhartha uile ann ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, Eorpach agus domhanda (5). Beidh rannpháirtíocht na réigiún, na mbardas agus na saoránach ríthábhachtach go háirithe má táthar chun misin an Aontais a chur chun feidhme go rathúil. I ndáil leis sin, ní mór idirphlé díreach leis na geallsealbhóirí sin a áirithiú i ngach misean. Tá CnaR réidh le seasamh d’aon taobh le misin an Aontais;

29.

á chur chun suntais gur cheart do thurgnaimh agus tionscadail taispeána mhisin an Aontais díriú ar ghníomhaíochtaí beartúcháin chun teorainneacha na heolaíochta a bhrú amach, chun máistreacht a fháil ar theicneolaíochtaí doimhne, agus chun nuálaíochtaí digiteacha, fisiciúla, comhshaoil agus bitheolaíocha a thabhairt le chéile, chomh maith le hathbhreithniú rialta a dhéanamh ar na torthaí agus iad a chomhroinnt ar an leibhéal is airde. Ba cheart ardphróifíl a bheith ag na straitéisí um speisialtóireacht chliste i misin an Aontais mar choincheapa don chomhar réigiúnach le hearnáil na tionsclaíochta agus le hearnáil an taighde;

Ról tábhachtach na nuálaíochtaí fadbhreathnaitheachta agus sochaíocha do mhisin an Aontais, arna gcruthú acu siúd

30.

á athdhearbhú go bhfuil dúshláin chasta ag roinnt leo, agus nach bhfuil ach cuid den eolas eolaíoch agus teicneolaíoch is gá ar fáil. Is féidir na spriocanna a bhaint amach le gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta fairsinge, trí infheistíochtaí sa taighde agus san fhorbairt a mhéadú, le fréamhshamhaltú fíordhálaí domhanda, le turgnamh, agus le méadú ar na torthaí;

31.

á aithint a bhfuil d’acmhainneacht shuntasach ag an taighde le haghaidh gach cineáil nuálaíochta agus chun dul i ngleic le mórdhúshláin ar leibhéal na sochaí. Chuige sin, tá sé ag súil leis go mbeidh an chinnteoireacht pholaitiúil, i gcoitinne, bunaithe níos mó ar fhianaise, cóiriúil don taighde agus dírithe ar dhálaí fabhracha a chruthú do nuálaíochtaí ar leibhéal na sochaí agus ar na dálaí sin a chur chun feidhme sách tapa i gcleachtas agus i bpróisis san fhíorshaol;

32.

á mheabhrú nach féidir spriocanna uaillmhianacha mhisin an Aontais a bhaint amach ach amháin má thugtar tacaíocht do phróisis foghlama éifeachtacha atá dírithe ar cheannairí polaitiúla, bainisteoirí, saineolaithe agus saoránaigh ar leibhéal na réigiún agus na n-eagraíochtaí. Ní mór coincheapa atá dírithe ar chathracha agus ar réigiúin na hEorpa a chur in oiriúint do staid an réigiúin lena mbaineann trí fhorbairt shistéamach ghairmiúil fréamhaithe san fhoghlaim áitiúil do chách;

33.

á chur chun suntais gur cheart do mhisin an Aontais cromadh ar leas a bhaint as acmhainneacht na sócmhainní doláimhsithe agus an chaipitil intleachtúil. Má dhéantar an t-eolas sin a fhréamhú sa chinnteoireacht pholaitiúil, go háirithe ar mhaithe le cathracha cliste a chruthú atá dírithe ar an duine agus ina leagtar béim ar an inbhuanaitheacht, is féidir cabhrú le hinfheistíochtaí a spreagadh i gcaipiteal daonna, i gcaipiteal struchtúrach, i gcaipiteal coibhneasta, agus in TFN i gcoitinne;

34.

á chur chun suntais a thábhachtaí atá sé dul i mbun gnímh, bunaithe ar na príomhráitis i mbeartas taighde agus forbartha na hEorpa agus i mbeartas teicneolaíochta na hEorpa mar a shainítear i dTuarascáil 2021 an Aontais Eorpaigh maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach (6), go háirithe:

a)

Sna blianta atá amach romhainn, tabharfar faoi deara murab ionann is riamh athdháileadh na cumhachta domhanda, de réir mar a bheidh meáchanlár geo-eacnamaíoch na cumhachta sin ag aistriú soir.

b)

Tá an tAontas Eorpach i mbun iomaíocht dhomhanda d’fhonn “buntáiste an cheannródaí” a fháil i dtaca le socrú caighdeán.

c)

Ní mór don Aontas seasamh níos daingne a ghlacadh i leith forbairt agus táirgeadh teicneolaíochtaí cuimsitheacha den chéad ghlúin eile.

d)

Cé is moite de theicneolaíochtaí ar leith, is í an hipirnascacht atá ag tiomáint an chlaochlaithe chun cinn.

e)

Tá amhábhair chriticiúla ríthábhachtach d’aistriú glas agus aistriú digiteach an Aontais.

f)

Beidh ceannasacht dhigiteach an Aontais ag brath ar an acmhainneacht atá aige chun sonraí a stóráil, a asbhaint agus a phróiseáil, agus na ceanglais maidir le muinín, slándáil agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh aige ag an am céanna.

g)

Ní mór neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a chur chun cinn.

h)

D’fhéadfadh meascán cliste de bheartais thionsclaíocha, taighde agus trádála i gcomhar le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta soláthar inbhuanaithe éagsúil a áirithiú;

35.

á chur in iúl, agus an tAontas ag dul i mbun gnímh, gur cheart dó an fhorbairt teicneolaíochta a chur i gcomhréir, murab ionann is riamh, leis na forbairtí socheacnamaíocha agus gur cheart é sin a dhéanamh i gcomhthéacs dálaí san fhíorshaol, rud a áiritheoidh go ndéanfar na torthaí a chur chun sochair agus a mhéadú go pras;

36.

ag moladh go ndéanfaí comhar idirinstitiúideach an Aontais maidir le fadbhreathnaitheacht a mhéadú agus go mbeadh róil faoi leith ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde, ag Seirbhísí Taighde Pharlaimint na hEorpa agus ag CnaR. Molann CnaR go gcuirfí sa mheá gníomhaíochtaí rannpháirtíochta eolaíochta na saoránach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardais a shocrú i gcoitinne agus, thar dream ar bith eile, don aos óg, go háirithe mic léinn ollscoile agus daltaí meánscoile, d’fhiontraithe agus don chinnteoireacht pholaitiúil trí choistí a bhunú don todhchaí, ag díriú dóibh ar mheasúnú fadbhreathnaitheachta agus teicneolaíochta;

Cur chuige nua arna ghlacadh ag misin an Aontais i leith beartas teicneolaíochta agus beartas taighde agus forbartha

37.

á chur chun suntais gur gá don athrú sochaíoch agus iompraíochta atá mar thaca le spriocanna mhisin an Aontais a bheith cuimsitheach agus dearfach trí fhréamhshamhlacha a chur i bhfeidhm go forleathan agus trí thástáil a dhéanamh orthu mar chur chuige modheolaíochta;

38.

á mheabhrú go bhfuil an taighde agus an nuálaíocht i gcroílár mhisin an Aontais. Ní féidir dul i ngleic leis na dúshláin shochaíocha chasta atá ann ach amháin trí infheistíochtaí ar an taighde, forbairt agus nuálaíocht a mhéadú. Tá fianaise shoiléir (7) le fáil ó LET agus ó staidéir thionsclaíocha go bhfuil an tAontas Eorpach chun deiridh ar a phríomhiomaitheoirí domhanda maidir le déine T&F gnólachtaí, go háirithe in earnálacha ardteicneolaíochta, agus maidir le forbairt FBManna nuálaíochta, ag a mbíonn tionchar diúltach ar tháirgiúlacht, ar chruthú post agus ar iomaíochas;

39.

ag aontú le spriocanna LET (8) atá dírithe ar bhorradh a chur faoi théarnamh na hEorpa agus ar thacú leis an aistriú glas, leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú sóisialta trí threisiú le hiomaíochas atá bunaithe ar nuálaíocht agus trí cheannasacht theicneolaíoch a chothú i bpríomhréimsí straitéiseacha (e.g. an intleacht shaorga, róbataic, cibearshlándáil, éiceolaíochtaí sonraí, micrileictreonaic, ríomhaireacht chandamach, 5G, cadhnraí den chéad ghlúin eile, fuinneamh in-athnuaite, teicneolaíochtaí hidrigine, timpeallachtaí tógtha atá saor ó astaíochtaí, soghluaisteacht chliste, etc.) i gcomhréir le samhail an neamhspleáchais straitéisigh oscailte;

40.

ag iarraidh go mbeadh beartais maidir le neodracht carbóin ann atá bunaithe ar éileamh, lena gcumhdaítear loirg charbóin agus lámhloirg charbóin mar na critéir don soláthar poiblí inbhuanaithe. I dteannta an loirg carbóin, cuireann CnaR in iúl a thábhachtaí atá an lámhlorg carbóin, ar cur chuige nua atá ann chun tionchar a imirt ar an aeráid agus an tionchar sin a ríomh trí léiriú a thabhairt ar an dea-thionchar a bhíonn ag táirgí agus seirbhísí atá neamhdhíobhálach don aeráid (9);

41.

i bhfách leis na bearta taighde, forbartha agus nuálaíochta atá déanta ag earnáil na tionsclaíochta i dtaca le lámhlorg carbóin chun táirgí nua, córais leathnaithe agus réitigh nuálacha eile a chruthú a bhfuil ról ríthábhachtach acu chun na spriocanna aeráide a bhaint amach agus ag cur in iúl nach féidir spriocanna glana maidir le hastaíochtaí nialasacha a bhaint amach mura gcuirfear dlús suntasach leis an nuálaíocht san fhuinneamh glan;

42.

ag athdhearbhú an ghá atá le teicneolaíocht nua. Léirítear i dtuarascáil ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (10) fianaise anailíseach gur as teicneolaíochtaí seanbhunaithe a thiocfaidh 25 % den laghdú ar astaíochtaí carbóin is gá chun aeráid an Domhain a sheoladh ar chonair inbhuanaithe. I gcomparáid leis sin, tiocfaidh 41 % den teicneolaíocht riachtanach ó theicneolaíochtaí nua ag céim an luathghlactha, agus tiocfaidh 34 % ó theicneolaíocht ag céim na taispeána nó ag céim na fréamhshamhla, nó ó na teicneolaíochtaí nár ceapadh go fóill fiú;

43.

á chur in iúl a thábhachtaí agus a chasta atá sé astaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas. Úsáidtear raon feidhme 1 agus raon feidhme 2 chun buntomhas a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Trí raon feidhme 3 a úsáid, is féidir na spriocanna glan-nialasacha agus glandiúltacha a bhaint amach. Faoi raon feidhme 3, áirítear na hastaíochtaí indíreacha eile ar fad a tharlaíonn feadh an tslabhra luacha iomláin;

44.

ag leagan béim ar an ról lárnach atá ag misin an Aontais a fhad a bhaineann le tosaíochtaí an Aontais chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach. Sheol an Coimisiún Eorpach céim phíolótach an tionscnaimh maidir le Moil LET chun comhar réigiúnach i réimse an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta agus malartú dea-chleachtas a éascú, trí bhíthin dreasacht chun an luach a ghabhann le táirgeadh, cúrsaíocht agus úsáid eolais a uasmhéadú. Molann CnaR go rachfaí amach i misin an Aontais Eorpaigh ar an úsáid is féidir a bhaint as Moil LET mar uirlis chun éiceachórais T&N áitiúla agus réigiúnacha a nascadh le chéile agus chun páirt ghníomhach a ghlacadh, i gcomhar le cinnteoirí áitiúla agus réigiúnacha, agus na Moil LET á bpíolótú d’fhonn comhar nithiúil a fhorbairt;

45.

á chur chun suntais go bhféachtar, le córas na Mol LET, le gnéithe atá in easnamh ar thírdhreacha LET agus an Limistéir Eorpaigh Oideachais (LEO) a sholáthar d’fhonn sochaithe láidre eolais Eorpacha a chruthú ar fud na hEorpa le dlús a chur le claochlú na sochaithe ar mhaithe le fás glas, inbhuanaithe agus digiteach. Sa chás is fearr, áirithíonn líonra na Mol LET go mbeidh éiceachórais áitiúla agus réigiúnacha i réimse an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta ina ndlúthchuid den éiceachóras TFN ar fud na hEorpa;

46.

ag tacú le rannchuidiú gníomhach áitiúil a chumasú chun Moil LET a chur chun feidhme ar bhealach comhtháite, le turgnaimh eile a dhéanamh ar éiceachórais réigiúnacha, agus le misin an Aontais, agus turgnamh, fréamhshamhaltú tapa, tástáil, taispeáint agus méadú á ndéanamh ar éifeachtúlacht taighde agus nuálaíochta sna cathracha agus sna réigiúin;

47.

á aithint a ríthábhachtaí atá sé léargais, smaointe agus foghlaim éagsúil a thiomsú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun cur chuige uile-Eorpach a chruthú i leith gníomhaíocht nuálach. Is den mhórthábhacht an fhoghlaim a roinnt ar fud na gcathracha agus na réigiún, agus i ngach ceann de chúig mhisin an Aontais. Molann CnaR go gcruthófaí líonra comhfhoghlama go luath trínar féidir léargais riachtanacha ar an bpróiseas agus ar an ábhar araon a chomhroinnt agus a athrú ó thaobh méide de, cibé acu iad a ísliú go leibhéal na gcathracha agus réigiún eile nó a ardú go leibhéal misean eile de chuid an Aontais agus go leibhéal na hEorpa ina hiomláine;

48.

ag iarraidh go bhfoilseofaí na conclúidí ón gComhairle maidir le misin an Aontais le linn Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais d’fhonn is go mbeidh deis ann freisin coincheap na Mol LET a threisiú, a mbíonn brath ag na misin orthu chun iad a fhréamhú i gceart ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach. Leis na conclúidí sin, ba cheart béim a leagan freisin ar a thábhachtaí atá bonneagar taighde a bhfuil tacaíocht láidir ó chathracha agus ó réigiúin le fáil aige agus atá riachtanach chun misin an Aontais a chur chun feidhme;

49.

á dhearbhú, in ainneoin é a bheith de thosaíocht na misin a bhfuil cinneadh déanta ina leith cheana a chur chun feidhme, nach mór leanúint gan stad de mhachnamh a dhéanamh ar a fhéideartha a bheidh sé misin nua a chruthú nuair a thiocfaidh ann do dhúshláin mhóra chomhchoiteanna. Maidir lena riachtanaí atá sé sochaithe na hEorpa a réiteach le gur féidir leo tabhairt faoin ullmhacht i leith bagairtí agus géarchéimeanna sláinte agus iad a bhainistiú, ar saincheist mhórthábhachtach í, ba cheart, tar éis bhunú an Údaráis Eorpaigh um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA), earraíocht a bhaint as sin chun cur le machnamh ar mhisean nua a bheadh dírithe ar an dúshlán ceannann céanna sin, ós rud é gur de chineál córasach, trasearnálach agus il-gheallsealbhóra é;

Taithí CnaR: sineirgíocht idir misin an Aontais agus príomhionstraimí beartais eile

50.

á áitiú gur cheart do mhisin an Aontais tógáil ar an taithí agus ar an eolas a fuarthas ó na tionscnaimh AE agus na cláir AE atá ann cheana d’fhonn oibriú i sineirgíocht leo. Chun athrú sistéamach a dhéanamh, is gá éiceachórais chlaochlaitheacha a chruthú ar bhonn comhpháirteach bunaithe ar fhoghlaim agus ar TFN, fara sineirgí idirdhisciplíneacha eolaíochta agus oibríochtúla ar fud na hEorpa lena gcumhdaítear na cúig mhisean de chuid an Aontais;

51.

á athdhearbhú gur gá an meon atá ann oibriú go hoscailte le chéile a chothú tuilleadh agus cur leis an gcomhar áitiúil agus leis na comhpháirtíochtaí Eorpacha d’fhonn todhchaí inbhuanaithe nua bunaithe ar an duine a chumadh don Eoraip. Tá na hacmhainní féideartha ag brath go mór ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach i ngach cuid den Eoraip. Is den riachtanas cur chun gnímh go tapa. Ní mór dul i ngleic leis na mórdhúshláin ar leibhéal na sochaí sna blianta beaga atá amach romhainn. Is iad an t-eolas agus an fhoghlaim na nithe is mó tábhacht má táthar chun é sin a bhaint amach;

52.

ag moladh go dtabharfaí aird ar leith ar na céimeanna i gcur chun feidhme mhisin an Aontais ag na cathracha agus na réigiúin, le tacaíocht ó CnaR, lena n-áirítear rialachas il-leibhéil, cistiú, agus cur chun feidhme rathúil maidir leis an gcaoi ar féidir na spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach trína gcomhtháthú go héifeachtach le beartais taighde agus nuálaíochta an Aontais, go háirithe straitéisí um speisialtóireacht chliste (S3/S4), na Moil LET, Bauhaus Eorpach Nua, agus na tionscnaimh, na cláir agus na hionstraimí ábhartha eile a chuirtear ar fáil le beartais il-leibhéil AE;

53.

tiomanta gníomhaíochtaí foghlama a eagrú i gcomhar le JRC chun tacú le gníomhaíochtaí mhisin an Aontais faoi na tionscnaimh “An Eolaíocht sna Cathracha” agus “An Eolaíocht sna Réigiúin” trí ghníomhaíochtaí tionchair leathana a threisiú agus trí thorthaí mhisin an Aontais a chomhroinnt. Ní leor de fhreagairt iad bearta gearrthéarmacha d’fhonn freastal ar na riachtanais atá ann. Gníomhaíocht úsáideach is ea tacú le líonra na nIonad Réigiúnach don Todhchaí a chruthú chun cruthaitheacht agus meon fiontraíochta a spreagadh agus iad sin a nascadh le Bauhaus Eorpach Nua, le hobair na Náisiún Aontaithe ar na SDGanna agus le Saotharlanna Litearthachta Unesco don Todhchaí chun inbhuanaitheacht ghearrthéarmach agus fhadtéarmach na dtionscnamh arna ndéanamh a áirithiú;

54.

ag moladh go gcuirfí leis an gcomhar le líonraí Eorpacha atá gníomhach i bhfeabhsú an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta d’fhonn dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, amhail EUA, EARTO agus ERRIN. Ina theannta sin, ba cheart do mhisin uile an Aontais comhoibriú go héifeachtach leis na líonraí téama-shonracha a ghabhann leo, amhail Comhairle Bhardais agus Réigiúin na hEorpa (CEMR), Eurocities agus Comhdháil Réigiúin Mhuirí Fhorimeallacha na hEorpa (CPMR). Comhoibríonn CnaR go forleathan leis na líonraí geallsealbhóirí sin go léir chun a áirithiú go mbeidh an tionchar inmhianaithe ag misin an Aontais mar ionstraim beartais nua ón mbun aníos;

55.

á chur chun suntais a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar acmhainneacht na réigiún agus na gcathracha iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú mhisin an Aontais agus leas a bhaint as an taithí a fuarthas ó thionscnaimh ar mhórscála atá maoinithe ag an Aontas amhail Líonra Eorpach na Saotharlann Beo (ENoLL), Tionscnamh Vanguard, Digiteáil na gCathracha, agus Cathracha Cliste Oscailte Sofhreagrúla, An Eolaíocht sna Cathracha, agus Living-in.EU (an bealach Eorpach chun claochlú digiteach a dhéanamh i gcathracha agus i bpobail). Cuirfidh sé sin le teacht aniar, freagrúlacht agus rannpháirtíocht ghníomhach na gcathracha agus na réigiún sna hathchóirithe Eorpacha, agus cuirfear le cuimsiú na saoránach ar fud an Aontais. Dá réir sin, déanfaidh sin tionchar thionscnaimh an Aontais Eorpaigh a iolrú agus áiritheofar dáileadh acmhainní níos leithne agus níos cothroime, ionas go mbeidh na cúinsí i ngach áit níos oiriúnaí chun maoiniú a fháil ó fhoinsí AE agus ó fhoinsí nach foinsí de chuid an Aontais iad agus i dtreo go mbeidh siad ar thús cadhnaíochta san fhorbairt;

Moltaí a bhaineann go sonrach leis na misin

56.

á chur chun suntais a thábhachtaí atá comhar idir misin ar gach leibhéal rialachais. Cuireann CnaR i bhfios go láidir gurb é sprioc choiteann mhisin an Aontais, is léir, ar a dtógáil le chéile, todhchaí inbhuanaithe chliste a cheapadh. Is féidir é sin a bhaint amach a bhuí leis an gcomhchruthú agus trí bhíthin réitigh bunaithe ar TFN:

Oiriúnú don athrú aeráide: bainistiú tuilte, dóiteán foraoise agus tubaistí eile, réitigh dhúlrabhunaithe, bonneagar mórthábhachtach a dhíon ar an athrú aeráide; agus córais chun faireachán a dhéanamh ar aon tionchar ar an tsláinte phoiblí agus rabhadh a thabhairt ina leith;

An ailse: cúrsaí sláinte i gcoitinne, bearta coisctheacha a fheabhsú, go háirithe trí shlite maireachtála sláintiúla a chur chun cinn;

Na haigéin agus acmhainní uisce: éiceachórais uisceacha a chosaint agus a athchóiriú, truailliú a laghdú agus an geilleagar gorm a dhéanamh neodrach ó thaobh na haeráide de;

Cathracha atá neodrach ó thaobh na haeráide de: an dul chun cinn atá déanta de thoradh réitigh thrasearnálacha i réimsí an chomhshaoil, an bhonneagair agus na tionsclaíochta, lena gcuirtear le haeráidneodracht na gcathracha;

An ithir: cosc a chur ar thruailliú ó úsáid talún agus screamhuisce úr sláintiúil a chosaint i ngach uile chás;

57.

ag moladh na ngníomhaíochtaí misin-sonracha seo a leanas chun tionchar mhisin an Aontais a mhéadú:

a)   An t-oiriúnú don athrú aeráide

Cuireann CnaR i bhfios go láidir gur cheart ról riachtanach foriomlán a bheith ag an misean um oiriúnú don athrú aeráide, go háirithe maidir le fadbhreathnaitheacht agus le spreagadh na ngníomhaithe Eorpacha uile chun cur go gníomhach le misin an Aontais. Ba cheart don mhisean sin díriú ar an bhfeasacht shóisialta agus shochaíoch agus a chur faoi deara gealltanas ginearálta a fháil réitigh chórasacha ar mhórscála a chruthú. Thar aon rud eile, ba cheart dó aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le claochlú glas na tionsclaíochta, na tithíochta agus na soghluaisteachta. Is ionann na caillteanais de thoradh an athraithe aeráide, ar an meán, agus EUR 12 bhilliún in aghaidh na bliana agus ba cheart don Aontas Eorpach anailísí macra-fhioscacha a dhéanamh maidir leis an aeráid chun cás a dhéanamh ar son dlús a chur le bearta oiriúnaithe bonn ar bhonn leis an maolú. Ní mór gnéithe sóisialta agus saincheisteanna comhtháthaithe a áireamh sa chur chuige maidir le daoine a chosaint ar an athrú aeráide.

b)   An ailse

Cuireann CnaR chun suntais a thábhachtaí atá taighde domhanda den scoth agus spreagann sé taighdeoirí agus nuálaithe cur leis an gcomhar Eorpach agus trasearnála idir geallsealbhóirí chun go n-éireoidh leis an misean seo. Leagann CnaR béim, ar thaobh amháin, ar a thábhachtaí atá sé cur leis an vacsaíniú in aghaidh HPV (papalómaivíreas daonna) agus leis an mbithbhaincéireacht agus an rochtain ar na teiripí is nuálaí a leathnú, agus, ar an taobh eile, a thábhachtaí atá sé dea-chleachtais a scaipeadh i measc tíortha agus réigiún. Ar cheann de na dúshláin is mó tá na héagothromaíochtaí sa rochtain ar chóireáil ailse idir tíortha agus réigiúin an Aontais Eorpaigh agus laistigh díobh, chomh maith le caighdeán beatha na n-othar. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach cur leis an rochtain ar luath-scagthástáil, ar uirlisí diagnóiseacha nua agus ar chóireálacha nuálacha ailse i dtíortha agus i réigiúin na hEorpa agus ní mór infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar, i dtrealamh, i gclaochlú digiteach earnáil an chúraim sláinte, i lucht saothair na hearnála agus i samhlacha nua cúraim sláinte. Dúshlán eile is ea rochtain a fháil ar chóireáil inacmhainne agus ar tháirgí leighis, chomh maith le cáilíocht na tacaíochta aonair a thugtar d’othair agus an nuálaíocht shóisialta mar thaca le cúramóirí.

c)   Ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú faoi 2030

Cuireann CnaR i bhfios go láidir gur ceisteanna cinniúnacha don domhan, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon, iad na haigéin fholláine agus an saol uisceach a athbhunú agus sláine cúltaiscí fionnuisce a áirithiú. Ní féidir fadhbanna an truaillithe a réiteach ach amháin trí dhíriú ar ghné idirnáisiúnta na n-imchuach farraige amhail an Mheánmhuir, an tAtlantach, Muir Bhailt, an Mhuir Dhubh agus imchuach na Danóibe, agus trí chomhar idir réigiúin a neartú. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar an réigiún Artach. Iarrann CnaR go ndíreofaí ar an bhfarraige agus ar na hacmhainní uisce mar uaillmhian chomhchoiteann nua atá de dhlúth agus d’inneach athsheoladh an tionscadail Eorpaigh; á chur i bhfios go láidir a fhíorthábhachtaí atá sé sa mhisean sin go ndíreofaí go sonrach ar thaighde agus ar theicneolaíochtaí chun uisce glan a áirithiú, agus ar sholáthar níos éifeachtúla, gan dearmad a dhéanamh ar an ngeilleagar gorm (na haigéin), agus béim á leagan ar fhiontraíocht, ar thurasóireacht inbhuanaithe, ar dhícharbónú muiriompair agus ar fhuinneamh in-athnuaite muirí. Cruthófar, dá thairbhe sin, raidhse deiseanna nua chun tabhairt faoin gcomhoibriú trasteorann agus faoi chineálacha neamhghnácha comhair idir gnólachtaí. Leagann CnaR béim ar an ngá atá le cathracha agus réigiúin a spreagadh chun líonraí Eorpacha a thógáil lena dtabharfar éiceachórais nuálaíochta mhuirí áitiúla le chéile timpeall ar shlabhraí luacha agus lena gcruthófar nuálaíochtaí sna tionscail mhuirí.

d)   Cathracha atá Neodrach ó thaobh na hAeráide de agus Cathracha Cliste

Tá CnaR á áitiú a riachtanaí atá sé go mbeadh san Eoraip cathracha ceannródaíocha gníomhacha chun réitigh éigeandála nua a cheapadh i gcomhar le chéile agus torthaí a dturgnamh a roinnt le cathracha eile; is gá ról a thabhairt do chathracha agus réigiúin uile na hEorpa ina leith agus tacú leo sa phróiseas sin. Ba cheart leas a bhaint as na cathracha ceannródaíocha mar mhoil nuálaíochta ina gcruthófar ar bhonn comhpháirteach réitigh atá inmhacasamhlaithe agus infheidhme go díreach, ar réitigh iad is féidir le gach cathair eile san Eoraip a úsáid agus iad ar chonair an aistrithe i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. Ba cheart don Choimisiún Eorpach cathracha a rinne iarratas ach nár roghnaíodh a thabhairt le chéile i bhfoirm grúpa breisithe ionas gur féidir leo earraíocht a bhaint ar mhórán slite as dul chun cinn agus torthaí na gcathracha ceannródaíocha, lena n-áirítear réitigh in-atáirgthe a chur i bhfeidhm go díreach. Na cláir agus na tionscadail rathúla atá i bhfeidhm cheana nó na “tionscnaimh ghlasa” ghaolmhara, tá siad liostaithe san Aguisín a ghabhann le plean cur chun feidhme an mhisin seo. Cibé ceachtanna a foghlaimíodh, ba cheart iad a úsáid mar bhonn chun treochláir il-leibhéil a cheapadh ar son aeráidneodracht na gcathracha. Ba cheart comhphobail chlaochlaithe a thugann gníomhaithe iolracha le chéile agus ag a bhfuil ionstraimí comhpháirteacha a chur ar bun, rud a chinnteodh nach mbeadh gach comhphobal ag obair ar a shon féin. Leagann CnaR béim ar a thábhachtaí atá sé go n-ullmhódh na cathracha rannpháirteacha conarthaí uirbeacha don aeráid mar phróiseas atá bunaithe ar éileamh, próiseas ar cheart dó réitigh áitiúla a éascú ach a bhfuil tacaíocht láidir ina leith ag teastáil ar na leibhéil náisiúnta agus réigiúnacha.

e)   Socrú maidir le sláinte na hithreach san Eoraip

Leagann CnaR béim ar an ngá atá le smaointeoireacht chóras agus leis an gclaochlú ionstraimeach a bhainistiú, lena n-áirítear TFN agus foghlaim, d’fhonn cuspóirí an mhisin um shláinte na hithreach a bhaint amach, faoina gcumhdaítear gach cineál úsáide talún, agus bealaí nua a fhiosrú chun claochlú níos uaillmhianaí a dhéanamh ar chomhbheartas talmhaíochta (CBT) an Aontais Eorpaigh. I dtaca leis an bhfeirmeoireacht charbóin agus ceapadh carbóin i bhforaoisí a mhéadú, tá sé ríthábhachtach, má tá rath le bheith ar an misean, córais táirgthe talmhaíochta a athdhearadh agus braislí trasnáisiúnta de shaotharlanna beo a chur ar bun. Is gá tacú leis an mbithéagsúlacht agus saoránaigh a spreagadh le biththáirgí foraoise agus bia inbhuanaithe agus áitiúil a roghnú mar thosaíocht i dtimpeallachtaí tuaithe agus uirbeacha. Is den mhórthábhacht freisin a shainiú conas gníomhaíochtaí foraoise a dhéanamh tarraingteach agus inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de gan baint dá mbrabúsacht d’fhonn tacú le spriocanna an mhisin seo.

Ról CnaR maidir le tacú le claochlú Eorpach agus domhanda

58.

á chur chun suntais go gcónaíonn agus go n-oibríonn daoine sna cathracha agus sna réigiúin agus gur cheart go ndíreodh gníomhaíochtaí uile mhisin an Aontais ar dhaoine: cibé acu geallsealbhóirí gnó, acadúla nó rialtais iad nó saoránaigh aonair de gach aois agus cúlra. Tá CnaR, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus gníomhaithe ábhartha eile ar an eolas faoi theicneolaíochtaí éagsúla, éifeachtacha, cruthaithe le haghaidh rannpháirtíocht na saoránach, idir fhionnachtain fiontraíochta agus champaí nuálaíochtaí sochaíocha is féidir a úsáid chun rannpháirtíocht na saoránach a áirithiú;

59.

réidh chun teagmháil a dhéanamh le comhphobail áitiúla d’fhonn cur lena bhfeasacht ar mhisin an Aontais agus d’fhonn cabhrú leo dul i gcion ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí na hEorpa;

60.

á chur i bhfios go láidir nach n-éireoidh le misin an Aontais ach amháin má leagtar béim ar an deighilt eolais agus deighilt nuálaíochta san Eoraip a dhúnadh agus ar an mbearna nuálaíochta idir an Eoraip agus SAM a dhruidim. Ní mór díriú ar bhearta nithiúla, cuimsitheacha, uaillmhianacha san fhíorshaol trí thorthaí an taighde agus na nuálaíochta a úsáid;

61.

á chur chun suntais a riachtanaí atá forbairtí nua in TFN le go n-éireoidh le misin an Aontais. Chuige sin, ní foláir mór-réitigh nua a cheapadh chun comhlántacht a áirithiú agus chun sineirgí a chothú le cláir réime thaighde agus nuálaíochta an Aontais agus le cláir agus cistí Eorpacha agus domhanda eile. Céim nua is ea córas na Mol LET a stiúradh, ar cheart dó úsáid thionscnaimh ábhartha uile an Aontais maidir le TFN a chur chun cinn mar chuid bhunriachtanach de cheapadh beartas réigiúnach;

62.

á chur in iúl nach laistigh den Aontas amháin a chothófar ceannaireacht áitiúil agus réigiúnach de thoradh misin an Aontais a chur chun feidhme, ach ar fud an domhain freisin. Agus ról na gcathracha agus na réigiún i gCúnant na Méaraí agus i líonraí domhanda eile á bhfeabhsú aige, ba cheart do CnaR sineirge a chruthú idir misin an Aontais agus gníomhaíochtaí agus feachtais SDGanna na Náisiún Aontaithe, mar atá “Race to Zero” agus “Race to Resilience”. Trí cheannaireacht dhomhanda chathracha agus réigiúin an Aontais Eorpaigh a threisiú, is féidir tacú freisin le hiarrachtaí CnaR chun aitheantas foirmiúil a thabhairt do rialtais fhonáisiúnta i gcreat UNFCCC (Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide) agus in oirchill COP27;

Achoimre ar na cúinsí ratha mórthábhachtacha

63.

á mheabhrú nach mór don Eoraip cur lena hiomaíochas domhanda bunaithe ar eolas, ar chomhpháirtíochtaí uile-Eorpacha, ar chumais agus ar thallanna chun oibriú don todhchaí – cur chuige cuimsitheach chun gach uile ghníomhaí a chur san áireamh. Tá deis ag an Eoraip ról a ghlacadh chuici féin mar cheannaire domhanda a chuirfidh beartais chomhoibríocha chun feidhme chun na SDGanna a bhaint amach agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide;

64.

á chur chun suntais gurb é is tábhachtaí do mhisin an Aontais ná gníomhaíocht nithiúil san fhíorshaol. Tá an taighde riachtanach chun réitigh nua a chruthú agus chun na bealaí is fearr chun cinn a chinneadh; is den ríthábhacht iad a chur i bhfeidhm go hiomchuí d’fhonn torthaí a bhaint amach. Chun a gcuspóirí a bhaint amach, ní mór do mhisin an Aontais a bheith i gcleithiúnas éiceachórais áitiúil fhabhraigh. Ní leis an teicneolaíocht agus an taighde amháin a bhaineann sin; thar aon ní eile, is cur chuige atá dírithe ar an duine é lena dtógtar ar na scileanna atá ann, lena dtéitear i ngleic le rioscaí áitiúla agus lena dtugtar rochtain ar na hacmhainní is fearr ar an leibhéal Eorpach; Tá tábhacht thar na bearta ag na gnéithe daonna den nuálaíocht chun réitigh inbhuanaithe a chomhchruthú;

65.

á chur i in iúl go bhfuil misin an Aontais ríthábhachtach chun tacú le hilchríoch níos glaise, níos sláintiúla, níos cuimsithí agus níos athléimní a dhéanamh den Eoraip. D’fhonn na spriocanna uaillmhianacha sin a bhaint amach, ní mór do gach ceann de mhisin an Aontais feidhmiú mar a bheadh punann fhairsing gníomhaíochtaí ann. Ba cheart na punanna Eorpacha sin a bheith bunaithe ar phunanna cuimsitheacha gníomhaíochtaí, idir ghníomhaíochtaí réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirítear tionscadail taighde chomhtháite, bearta beartais agus reachtacha, agus gníomhaíochtaí cur chun feidhme áitiúla;

66.

á áitiú gur gá cómhaoiniú agus tacaíocht a thabhairt d’obair laethúil na gcathracha agus na réigiún agus iad i mbun luach a chruthú agus i mbun tagairfhoghlama chun cur leis na próisis agus leis na gníomhaíochtaí is fearr ar mhaithe le leas laethúil na saoránach. Is é ról na bpobal atá rannpháirteach sna tionscadail taispeána gníomhú mar cheannródaithe, forbróirí agus tástálaithe túslíne ar athrú sistéamach do na gníomhaithe eile go léir;

67.

réidh chun comhoibriú le misin an Aontais d’fhonn na próisis tagarmharcála agus tagairfhoghlama idir cathracha taispeána/réigiúin taispeána agus cathracha/réigiúin nach iad a dhéanamh tarraingteach. Caithfidh na hionstraimí maoiniúcháin a bheith solúbtha agus nuálach, agus caithfidh siad fíorleasanna na gcathracha agus na réigiún a spreagadh;

68.

á chur chun suntais gurb iad na príomhcheisteanna atá ann ná an chaoi a bhfoghlaimíonn na cathracha agus na réigiúin conas na gníomhaíochtaí riachtanacha a chur i gcrích agus an chaoi a meallann na gníomhaíochtaí sin infheistíochtaí príobháideacha tionsclaíocha agus infheistíochtaí de chineálacha eile. Sa chás is fearr, áirithíonn líonra na Mol LET go mbeidh éiceachórais áitiúla agus réigiúnacha i réimse an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta mar chuid chomhtháite den éiceachóras taighde, forbartha agus nuálaíochta ar fud na hEorpa;

69.

ag iarraidh go mbeadh intuarthacht níos fearr ann ó thaobh na sochaí agus na teicneolaíochta de chomh maith le comhoibriú méadaithe, agus gur fachtóirí ríthábhachtacha ratha a bheadh iontu chun infheistíochtaí tionsclaíocha agus infheistíochtaí eile a luathú d’fhonn neodracht carbóin agus spriocanna eile de chuid mhisin an Aontais a bhaint amach. Is maith a oireann an beartas misean-dhírithe chun an ghné ón mbun aníos i gcóras rialachais uathúil il-leibhéil an Aontais Eorpaigh a neartú: féadfar na ceachtanna a foghlaimíodh a chomhroinnt go gníomhach ar fud na mBallstát agus déanfar amhlaidh. Is gá breithniú agus comhtháthú níos suntasaí a dhéanamh ar chuspóirí mhisin an Aontais i dtaca le reachtaíocht a fhorbairt amach anseo; mar shampla praghsáil carbóin agus an pacáiste “Oiriúnach do 55”;

70.

á thabhairt le fios nach mór na treoirlínte agus na pleananna i réimsí na heolaíochta agus na teicneolaíochta ar leibhéal an Aontais, chomh maith leis an eolas nua eolaíochta agus teicneolaíochta is gá agus na nuálaíochtaí riachtanacha, a chomhtháthú i misin an Aontais agus iad a fhorbairt agus a iompú ina réitigh agus cleachtais fíorshaoil trí bhainistiú éifeachtach faisnéise ón mbun aníos agus trí ghníomhaíochtaí eile;

71.

tar éis a aithint go bhfuil gá le hardáin dhigiteacha mhisin an Aontais d’fhonn dlús a chur le scaipeadh agus bainistiú eolais, d’fhonn tacú le comhar fíorúil agus le comhpháirtíochtaí meaitseála, d’fhonn próisis mhaoiniúcháin a shimpliú, etc. Ba cheart na hardáin sin a chur ar bun i gcomhpháirt le hionadaithe ó na cathracha agus na réigiúin;

72.

á chur in iúl gurb é a thátal go bhfuil próisis oibre leordhóthanacha agus éifeachtacha nua riachtanach le go n-éireoidh le misin an Aontais. Ní mór a chur san áireamh sna próisis sin na ceachtanna a foghlaimíodh ó Nuálaíocht Oscailte 2.0, ó thionscnaimh éagsúla an Héilics Cheathrúil, agus óna lán eile nach iad, chun rialachas tarraingteach rannpháirteach den chéad ghlúin eile a chruthú. Ní mór réimse iomlán na saoránach a bheith rannpháirteach ann, ón aos óg go dtí daoine scothaosta. Ba cheart gnéithe éagsúla a bhaineann leis na glúnta uile a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí na misean agus ba cheart bealaí nuálacha freagracha a chruthú chun an tiomantas a bhaint amach is gá le todhchaí inbhuanaithe a chruthú don Eoraip.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Seisiún Iomlánach CnaR an 27 Eanáir 2022, Rún maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (IO C 270, 13.7.2022, lch. 1).

(2)  Seisiún Iomlánach CnaR an 1-2 Nollaig 2021, Rún maidir le Clár Oibre 2022 an Choimisiúin Eorpaigh (IO C 97, 28.2.2022, lch. 1).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – European Missions [Na misin Eorpacha] [COM(2021) 609 final] (Níl leagan Gaeilge ann).

(4)  Clár Oibre Beartais an Limistéir Eorpaigh Taighde – Forbhreathnú ar na gníomhaíochtaí don tréimhse 2022-2024, an Coimisiún Eorpach 2021.

(5)  Tuairim ó CnaR Fís Eorpach: An Naoú Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (COR-2018-03891) (IO C 461, 21.12.2018, lch. 79).

(6)  Tuarascáil 2021 an Aontais Eorpaigh maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach (COM(2021) 750 final).

(7)  LET nua le haghaidh Taighde agus Nuálaíochta (COM(2020) 628 final).

(8)  LET nua le haghaidh Taighde agus Nuálaíochta (COM(2020) 628 final).

(9)  Seisiún Iomlánach CnaR an 1 Iúil 2021, An tuairim Eoraip Aeráid-díonach a chruthú – Straitéis Nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don Athrú Aeráide (IO C 440, 29.10.2021, lch. 42).

(10)  Dearcadh na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh i leith na Teicneolaíochta Fuinnimh 2020.


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/33


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte

(2022/C 301/06)

Rapóirtéir:

Christophe CLERGEAU (PSE/FR), Comhalta de Chomhairle Réigiúnach Pays de la Loire

MOLTAÍ BEARTAIS

Barúlacha ginearálta

1.

Cuireann CnaR in iúl gur iarr a Uachtaránacht ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit i mí an Mhárta 2020 Sásra Eorpach Sláinte (1) a bhunú, agus gur fhorbair sé an smaoineamh sin sa tuairim uaidh a chuir sé amach ina dhiaidh sin, in 2020 freisin, maidir le Sásra AE um Éigeandáil Sláinte (2). Tá sé ag tarraingt aird ar an gcaoi ar foinse inspioráide don teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2021) 576 iad na pointí a rinneadh sa tuairim sin.

Tá an díospóireacht maidir le bunú HERA ar siúl fad atá eipidéim COVID-19 ann faoi láthair, rud a fhágann go bhfuiltear níos diongbháilte ná riamh an tsláinte a chur mar thosaíocht ar chlár oibre an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, an aidhm atá le bunú HERA is aidhm níos leithne í óir baineann sí le gach cineál riosca do shláinte an duine, cibé acu rioscaí ar mhórscála agus/nó ar bhonn trasteorann iad, agus le céimeanna na hullmhachta agus na bainistíochta faoi réir géarchéimeanna, chomh maith leis na dúshláin a eascraíonn as saincheisteanna an choisc agus na hacmhainneachta i sochaithe agus i réigiúin. Ina theannta sin, is gá an aidhm sin a thuiscint i gcomhthéacs eile, mar atá comhthéacs an chogaidh san Úcráin, a bhfuil rian nach beag fágtha aige ar sheirbhísí sláinte, ar bhonneagar, agus ar chomhar trasteorann, a bhí faoi bhrú agus á n-ídiú cheana féin le linn na tréimhse ba mheasa de phaindéim COVID-19.

2.

Tacaíonn CnaR le bunú HERA óir feidhmeoidh sé mar an t-údarás atá freagrach as ullmhú faoi réir géarchéimeanna sláinte agus as iad a bhainistiú, agus é á chur san áireamh, ar thaobh amháin, gurb iad na Ballstáit atá freagrach go príomha as réimsí an choisc, na sláinte poiblí agus an chúraim sláinte agus as ullmhacht faoi réir géarchéimeanna agus as iad a bhainistiú, agus, ar an taobh eile, an ról lárnach atá ag na réigiúin, ós rud é go bhfuil córais sláinte dhíláraithe ag dhá thrian de na Ballstáit san Eoraip, más ar bhealaí éagsúla é. Leagann sé béim ar an ngá atá le cur chuige foriomlán chun daoine a chosaint, cé go bhfuil gníomhaíocht an Choimisiúin ar scaradh gabhail go fóill ar an iliomad ionad cinnteoireachta agus ar an tacaíocht nach mór don Aontas Eorpach a thabhairt do stáit agus do réigiúin.

3.

Is baol iad na géarchéimeanna sláinte, gan beann ar an gcúis atá leo, do na pobail a mbíonn tionchar acu orthu, agus é sin ar bhealach an-éagothrom, ach is bagairt shuntasach iad anuas air sin do lánpháirtiú na hEorpa mura féidir leis an Aontas Eorpach freagairt dóibh ar bhealach tapa éifeachtach comhleanúnach atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht. De thoradh ghéarchéim COVID-19, cuireadh féachaint cheart ar an dlúthpháirtíocht idir Eorpaigh, ar shláine an mhargaidh inmheánaigh agus ar an gcomhar laistigh de limistéar Schengen. Measann CnaR freisin gur léirigh an ghéarchéim nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Aontais i réimsí na slándála sláinte agus chosaint an daonra a bhaint amach go leordhóthanach, bíodh sin ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, agus go bhfuil idirghabháil mhéadaithe an Aontais sna réimsí sin i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta (3).

4.

Cé gur inniúlacht náisiúnta é bainistiú na gcóras sláinte agus cúraim, tá ról tábhachtach ag an gCoimisiún Eorpach maidir le sláinte an phobail a chosaint agus maidir leis an margadh aonair a chaomhnú i gcomhréir leis na Conarthaí, lena n-áirítear sláinte an phobail a chosaint mar cheanglas bunriachtanach agus an ról maidir le acquis an Chomhphobail a chosaint a chur de chúram air. Caithfear é sin a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, agus a chúis sin ag an gCoimisiún ról a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa ina leith. Tá sé de rún ag CnaR a ghuth a chur in iúl sa díospóireacht seo ar na cúiseanna a leanas: ar an gcéad dul síos, toisc go bhfuil gníomhaíocht ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach ríthábhachtach chun daoine a chosaint i gcomhthéacs na géarchéime; ar an dara dul síos, toisc go bhfuil inniúlachtaí tábhachtacha ag go leor réigiún i réimse na sláinte agus, ar deireadh, toisc gur gné lárnach í tacaíocht na réigiún don nuálaíocht agus don tionscal chun frithbhearta a chur ar fáil d’fhonn dul i ngleic le géarchéimeanna.

Raon feidhme gníomhaíochta HERA, a rialachas agus a chonair fáis

5.

Tá CnaR á mholadh go dtabharfaí raon feidhme gníomhaíochta an-leathan do HERA, mar atá molta ag an gCoimisiún, agus sainchúram na gcomhlachtaí eile atá ann cheana á n-urramú ag an am céanna (4). Is é an aidhm atá ann cur i gcoinne bagairtí ar shláinte an duine, mar atá bagairtí nádúrtha, de thaisme nó d’aon turas, lena n-áirítear mar thoradh ar ghníomhartha sceimhlitheoireachta, cibé acu paindéim is cúis leis na bagairtí sin nó ar de bhunús bitheolaíoch, comhshaoil, núicléach nó anaithnid iad.

6.

Cuireann sé in iúl go láidir, de bhreis ar an raon feidhme gníomhaíochta atá ag HERA, go mbíonn raon an-leathan gníomhaíochtaí ar siúl aige freisin, óir baineann sé, i measc nithe eile, le rioscaí a shainaithint agus a anailísiú roimh ghéarchéimeanna, bearta réamhghníomhacha a spreagadh, cumas na sochaithe agus na réigiún chun déileáil le géarchéimeanna a neartú, cásanna bainistíochta a shainiú lena n-áirítear freagairtí iomchuí, éiceachóras an tionscail agus an taighde agus na nuálaíochta (T&N) a neartú chun frithbhearta iomchuí a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus, ar deireadh, infhaighteacht na bhfrithbheart sin a áirithiú i ngach cathair agus réigiún de chuid an Aontais agus don uile phobal.

7.

I bhfianaise na ndúshlán ollmhór sin, is ábhar imní do CnaR cumas HERA a chuid cúraimí a chomhlíonadh go rathúil.

8.

Cé gur gá bunú HERA mar sheirbhís inmheánach de chuid an Choimisiúin a thuiscint mar chinneadh pragmatach lena gceadaítear dul chun cinn a dhéanamh go tapa agus comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí éagsúla an Choimisiúin chomh maith agus is féidir sin, ní bheidh sa chinneadh sin ó cheart ach cinneadh sealadach nach foláir a athbhreithniú in am trátha. Is den riachtanas nach gcuirfidh a stádas mar sheirbhís inmheánach de chuid an Choimisiúin bac sa tslí roimhe agus baill foirne speisialaithe agus ardleibhéil á n-earcú aige a bhfuil gá leo chun ullmhú faoi réir ghéarchéimeanna sláinte agus iad a bhainistiú. Is den tábhacht neamhspleáchas cinnteoireachta a ráthú i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, rud atá riachtanach chun anailís neamhspleách a dhéanamh ar rioscaí agus chun na bearta a dhéanamh gan mhoill atá riachtanach chun beatha daoine a chosaint.

9.

Leis an bplean gníomhaíochta do 2022 a foilsíodh an 10 Feabhra, foráiltear do bhuiséad bliantúil EUR 1,3 billiún, ar comhartha dearfach é, cé nach bhfuil sin i gcomhréir leis an réamh-mheastachán buiséid, mar atá EUR 6 billiún thar thréimhse sé bliana. Má thugtar súil ghéar ar an mbuiséad bliantúil sin, is léir go bhfuil tábhacht á cur i gceannach frithbheart agus i stoic Eorpacha a bhunú agus a bhainistiú (EUR 675,5 milliún), ach nach luaitear an tionchar ar mhaoiniú beart cosanta sibhialta eile san Eoraip, an tacaíocht d’acmhainneachtaí táirgeachta nua (EUR 160 milliún) ná cláir thaighde Fhís Eorpach (EUR 350 milliún), ainneoin nach bhfuil an chuid is mó acu sin nua. Ar an gcuma sin, ní fhágtar ach EUR 100 milliún i gcomhair bearta chun rioscaí a réamh-mheas agus chun córais sláinte a oiriúnú;

10.

Is é an tríú laige atá ag HERA an chaoi a ndéantar é a rialú. Fágtar cúram an rialachais go hiomlán faoin gCoimisiún agus faoi na Ballstáit, rud a chiallaíonn nach bhfuil ag Parlaimint na hEorpa ach ról breathnóra agus nach n-áirítear na geallsealbhóirí, na cathracha agus na réigiúin, ná gníomhaithe na sochaí sibhialta ach oiread, ar bhuanchomhlachtaí HERA. Níl an leagan amach sin leordhóthanach ná éifeachtach, ós rud é go bhfuil gá le raon leathan gníomhaithe agus saineolais d’fhonn ullmhú faoi réir géarchéimeanna agus iad a bhainistiú. Is gníomhaithe fíor-riachtanacha iad na cathracha agus na réigiúin, gach cineál gairmí sláinte, na cumainn othar, príomhghníomhaithe eile eolaíochta agus taighde, agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha i réimsí na sláinte agus na dlúthpháirtíochta chun dul i ngleic go rathúil le géarchéimeanna agus ní mór iad a chur san áireamh go hiomlán. Ar a laghad ar bith, ba cheart na geallsealbhóirí éagsúla a bheith ina mbuanchomhaltaí den Fhóram Comhairleach agus ba cheart don Fhóram a bheith in ann moltaí a chur ar fáil do chomhlachtaí rialaithe HERA agus a bheith páirteach i ngnéithe éagsúla dá chuid oibre.

11.

Aithníonn CnaR príomhacht na n-inniúlachtaí náisiúnta agus a ríthábhachtaí atá obair chomhpháirteach an Choimisiúin agus na mBallstát, ach iarrann sé ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle filleadh ar mhodh oscailte cuimsitheach comhordúcháin leis na geallsealbhóirí agus a n-ionad féin a thabhairt d’ionadaithe na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus do Pharlaimint na hEorpa, gan beann ar shaincheisteanna dlíthiúla.

12.

Dealraíonn sé go bhfuil gníomhaíochtaí oibríochtúla HERA dírithe ar fhrithbhearta leighis a chur ar fáil. Mar sin féin, tá ról ag go leor gnéithe eile i mbainistiú géarchéimeanna, go háirithe i réimsí an choisc agus na cosanta sibhialta. Measann CnaR gur cheart a chumhdach leis an téarma “frithbhearta” na nithe seo a leanas: gach cógas agus druga (lena n-áirítear a gcomhábhair ghníomhacha), agus gach antaibheathach, vacsaín, tástáil agus diagnóisic, feiste agus soláthar leighis, trealamh cosanta pearsanta agus trealamh ospidéil agus áitiúil, chomh maith le córais faisnéise, agus córais lena ndéantar faireachán ar ghalair thógálacha agus ar éilleáin nua. Tá na hacmhainní sin go léir riachtanach má táthar chun déileáil le géarchéimeanna agus chun daoine agus a sláinte a chosaint.

13.

Tá sé ag iarraidh go dtabharfaí aird chomhionann ar shochaithe athléimneacha a chothú mar aon le comhchultúr bainistithe géarchéime agus tubaistí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta agus ba cheart a áirithiú nach rachadh bunú HERA chun dochair dá bhuiséad. Cé gur comhchuid de theideal HERA é an focal “éigeandáil”, níor cheart go mb’ábhar mearbhaill é sin ann féin ná go dtabharfadh sé ar HERA na socruithe bainistithe géarchéime atá forbartha cheana féin faoin Sásra um Chosaint Shibhialta a dhúbláil, arb é Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Choimisiúin (ERCC) a chloch choirnéil. Tá gá le comhordú an-dlúth agus le roinnt shoiléir a dhéanamh ar róil an dá ionstraim sin de chuid an Choimisiúin, ionstraimí a d’fhéadfaí a thabhairt le chéile amach anseo. Ina cheann sin, is gá idirdhealú a dhéanamh ar bhearta an ghnímh reachtaigh athbhreithnithe maidir le bagairtí sláinte trasteorann atá á gcaibidliú faoi láthair idir an Chomhairle agus an Pharlaimint, agus ar chúraimí na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) agus, go háirithe, an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC).

14.

Is príomhthosaíocht é plean straitéiseach ilbhliantúil HERA a ullmhú agus ní mór do Pharlaimint na hEorpa, do na cathracha agus na réigiúin agus do na geallsealbhóirí a bheith rannpháirteach ann freisin. Sa phlean sin, is gá leibhéal na n-acmhainní atá ag teastáil ó HERA chun an iliomad cúraimí atá air a chur i gcrích go héifeachtach a leagan síos, is gá cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a rachaidh HERA chun cinn agus is gá foráil a dhéanamh maidir le táscairí faireacháin. Ba cheart a shoiléiriú sa Phlean Straitéiseach freisin na sásraí comhair idir HERA agus ionstraimí idirghabhála eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus an Sásra um Chosaint Shibhialta, agus ba cheart a leagan amach conas is féidir iad a neartú freisin d’fhonn a ról a áirithiú go hiomlán i gcomhar le HERA.

An Eoraip a ullmhú faoi réir géarchéimeanna agus tubaistí, agus cosaint éifeachtach a thabhairt do gach duine i gcathracha agus i réigiúin uile an Aontais

15.

Is léir óna bhfuil foghlamtha ó COVID-19 nach gníomhaíocht éifeachtach go freagairt choiteann chomhleanúnach ar an leibhéal Eorpach, agus gur gá an ghníomhaíocht sin a chur in oiriúint do riachtanais agus staideanna éagsúla náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Ina theannta sin, ní mór do HERA uaillmhianta Eorpacha arda ailínithe a chur chun cinn a fhad a bhaineann le daoine a chosaint ar ghéarchéimeanna. Os a choinne sin, léiríonn COVID-19 dúinn inniu na neamhionannais atá ann ó réigiún go chéile chomh maith leis na héagothromaíochtaí sóisialta maidir le rochtain ar chúram agus ar vacsaíniú, rud a bhaineann an bonn den fhreagairt is féidir a thabhairt ar ghéarchéimeanna sláinte agus a chuireann an Eoraip ina hiomláine i mbaol.

16.

Ba mhian le CnaR go gcuirfí de chúram ar HERA anailís a dhéanamh ar leochaileachtaí na réigiún agus na bpobal i leith géarchéimeanna sláinte. Ní mór a chur san áireamh i ról sin na hanailíse ar leochaileachtaí infhaighteacht stoc ar fud na hEorpa agus an cumas oibríochtúil gach grúpa a shroicheadh, agus go háirithe iad siúd is mó atá i mbaol de dheasca a n-easláinte agus iad siúd atá i staid eisiaimh éiginnte. Ní mór a chuimsiú leis an ról sin freisin cumas na gcóras sláinte, na n-ospidéal agus na saoráidí cúraim sláinte eile cur lena n-acmhainneacht tráth géarchéime d’fhonn an cúram pleanáilte a choimeád ar bun chomh fada agus is féidir agus san am céanna freastal ar na hothair bhreise a thiocfaidh chucu de thoradh na géarchéime.

17.

Tá sé den tuairim, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach do HERA scórchlár leochaileachtaí sláinte agus sábháilteachta a fhorbairt i gcomhpháirtíocht le comhlachtaí ábhartha eile an Aontais chomh maith le cláir freagartha le haghaidh cineálacha éagsúla éigeandála agus cláir tástála struis le haghaidh córais sláinte a cheapadh i gcomhar leis na Ballstáit agus na réigiúin. Bunaithe ar thorthaí na dtástálacha sin, ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle moltaí a tharraingt suas do na Ballstáit agus do na réigiúin, a gcaithfí obair leantach a dhéanamh orthu, d’fhonn a gcórais sláinte a neartú agus cumais freagartha sláinte na réigiún agus comhionannas i gcosaint na bpobal éagsúil a chomhdhlúthú, nuair is gá.

18.

Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do HERA cuidiú a thabhairt cláir thaighde a cheapadh chun tacú leis na grúpaí is leochailí (daoine bochta nó daoine atá á n-eisiamh, mionlaigh, dídeanaithe, íospartaigh bhaineanna an fhoréigin, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas, daoine ar a bhfuil comhghalrachtaí, etc.) ar léirigh COVID-19 gurb iad na chéad íospartaigh go minic iad. Ba cheart do na cláir thaighde sin aghaidh a thabhairt go sonrach ar neamhionannais maidir le rochtain ar chúram sláinte do dhaoine scothaosta, meabhairshláinte leanaí agus daoine óga, comhlántacht idir cúram sláinte ospidéil agus pobalbhunaithe, agus nuálaíochtaí, lena n-áirítear nuálaíochtaí digiteacha, sa tslí ina n-eagraítear córais sláinte. Ní mór dóibh cur chuige buan atá íogair ó thaobh inscne de a ghlacadh chucu féin, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar freastal, mar is cuí, ar riachtanais na mban.

19.

Is dúshlán tábhachtach é daoine a ullmhú do thubaistí agus eipidéimí amach anseo agus ní foláir do HERA a chion féin a dhéanamh chun cuidiú leis sin. Ar an leibhéal Eorpach, is gá dúinn freisin treisiú agus comhordú a dhéanamh ar chláir um chosc i réimse na sláinte poiblí, ar chláir atá dírithe ar an tsláinte phoiblí a chur chun cinn agus ar chláir a théann i ngleic leis an mbearna dhigiteach agus leis an mbréagaisnéis. Ní mór na bearta coisc sin i réimse na sláinte a bheith infheidhme maidir le gach beartas poiblí. Ní mór gníomhaíochtaí HERA a bheith mar chuid de bheartas coisc Eorpach níos uaillmhianaí atá leagtha amach faoi chuimsiú an chláir EU4Health; ba cheart an clár sin a neartú agus dúshláin a bhaineann le meabhairshláinte, le míchumas agus le galair ainsealacha a chomhrac a chur san áireamh ann ar bhealach níos fearr.

20.

Is gá freisin ceachtanna nithiúla a fhoghlaim ó ghéarchéim COVID-19 agus ón gcogadh san Úcráin trí ghníomhaíochtaí taighde. Ba cheart, dá bhrí sin, tús a chur le gníomhaíochtaí atá dírithe ar mhearfhreagairt na gcóras sláinte agus ar fhrithbhearta a chur i bhfeidhm le luas breise ar an láthair (ospidéil mhodúlacha, gléasanna leighis soghluaiste agus simplithe, aonaid leighis shoghluaiste, ionaid vacsaínithe bheaga, foireann cháilithe leordhóthanach a liostáil, etc.).

21.

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na dúshláin shonracha a bhaineann leis na limistéir thuaithe iargúlta, na limistéir shléibhtiúla agus na réigiúin is forimeallaí. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach n-áirítear an tsraith beart sin den chuid is mó i gclár oibre HERA do 2022, rud is saoth le CnaR, agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí an t-ábhar sin a athbhreithniú ó 2023 ar aghaidh.

22.

Dar le CnaR, ní bagairt é an pacáiste beart seo ar inniúlachtaí na mBallstát ach, os a choinne sin, deis do gach stát is ea é, i gcomhar leis na réigiúin, chun a bpobail a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí.

23.

Dá dtabharfadh an Coimisiún Eorpach faoi anailís dhomhain ar an gcaiteachas sláinte a rinneadh faoi chuimsiú na gCistí Comhtháthaithe agus na Saoráide um Théarnamh agus um Athléimneacht le linn na paindéime, d’fhéadfadh sin a bheith úsáideach chun géarchéimeanna amach anseo a bhainistiú. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí dea-chleachtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a shainaithint a chuideodh le bearta a cheapadh amach anseo atá dírithe ar ghéarchéimeanna sláinte a chosc agus a bhainistiú.

24.

Tá CnaR ag iarraidh go mbeadh cur chuige sonrach ann faoin Seimeastar Eorpach maidir leis an gcaiteachas ar neartú an chórais sláinte agus ullmhacht le haghaidh géarchéimeanna, a dtiocfaidh méadú air gan dabht le himeacht ama, agus go bhfanfadh an caiteachas sin incháilithe faoin mbeartas comhtháthaithe tar éis an tionscnaimh infheistíochta freagartha don choróinvíreas. Is ábhar imní dó gur cuid an-bheag den phlean téarnaimh é an caiteachas ar shláinte go nuige seo agus tá sé ag iarraidh go gcuirfí tacaíocht bhreise ar fáil don athléimneacht agus go gcuirfí le hacmhainní na gcathracha agus na réigiún i réimsí na sláinte agus na hullmhachta do thubaistí.

25.

Tugann sé le fios gur cheart ról gníomhach a bheith ag na cathracha agus na réigiúin, i gcomhar leis an Aontas Eorpach agus na Ballstáit, i bhforbairt na gcineálacha cur chuige nua seo maidir le cosaint pobal. Is mó is gá sin nuair a bhíonn inniúlachtaí sonracha sláinte acu agus nuair a bhíonn córas na n-ospidéal agus an córas sláinte á mbainistiú acu. Ní mór an ról sin a aithint ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta gníomhaí.

Ceachtanna atá le foghlaim ón gcogadh san Úcráin

26.

Is díol sásaimh do CnaR rannpháirtíocht HERA san fheachtas vacsaínithe le haghaidh dídeanaithe ón Úcráin atá san Aontas Eorpach agus an tacaíocht atá tugtha aige do Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, lena gcuirtear vacsaíní ar fáil do leanaí chomh maith le soláthairtí leighis riachtanacha eile, a bhuí sin le tacaíocht ón tionscal cógaisíochta agus ó aireachtaí sláinte;

27.

Tá CnaR den tuairim gurb iontach mar a mheabhraíonn an cogadh san Úcráin dúinn nach mór don Eoraip í féin a ullmhú don uile chineál géarchéime: faoi mar a bhuail COVID-19 ár réigiúin gan choinne, ní raibh aon choinne ach oiread le coinbhleacht armtha i gcomharsanacht an Aontais féin. Tá tionchar an chogaidh ar chórais sláinte ag dul i méid i rith an ama, go háirithe i Lár agus in Oirthear na hEorpa, agus ní mór dlúthfhaireachán a dhéanamh air ionas nach mbainfear pointe claochlaithe amach. Is gá cumais anailíseacha agus thuarthacha HERA a fhorbairt go tapa chun a áirithiú nach dtiocfaidh an chéad tubaiste eile atá romhainn aniar aduaidh ar an Aontas Eorpach;

28.

Athdhearbhaíonn sé, dá bhrí sin, nach mór tús áite a thabhairt do chumas na gcóras sláinte i mBallstáit agus i réigiúin uile an Aontais dul in oiriúint go tapa d’imeachtaí a thagann orthu gan choinne. Ionas go dtarlóidh sin, is cosúil gur bearta tosaíochta iad an “scórchlár leochaileachtaí sláinte agus sábháilteachta” agus na cláir tástála struis le haghaidh córais sláinte, dá bhrí sin, murab ionann agus riamh.

29.

Tá aird á tarraingt ag CnaR ar an mbaol a bhaineann le nochtadh radaíochta mar thoradh ar dhamáiste féideartha do bhonneagar núicléach sibhialta agus ar na rioscaí a bhaineann le moilleanna a dhéantar ar chóireáil galar ainsealach, lena n-áirítear ailse agus VEID (tá ceann de na rátaí leitheadúlachta VEID is airde san Eoraip ag an Úcráin); is é is dóichí go mbeidh tionchar freisin ag na rioscaí sin ar chórais sláinte na dtíortha óstacha;

30.

De dheasca an chogaidh san Úcráin, a thionscain mórphlódú daoine neamhvacsaínithe (na milliúin díobh) isteach san Aontas Eorpach, táthar ag tabhairt orainn comhar idirnáisiúnta níos dlúithe a chothú maidir le rochtain ar fhrithbhearta, vacsaíní go háirithe, agus tús áite á thabhairt dár dtíortha comharsanachta. Dá bhrí sin, is cúis imní do CnaR a neamh-leordhóthanaí atá na bearta i gclár oibre HERA do 2022;

Beartas maidir le soláthar tionsclaíoch agus soláthar poiblí don tsláinte

31.

Is díol sásaimh do CnaR na tionscnaimh a glacadh ó thús na géarchéime chun frithbhearta a chur ar fáil níos tapúla agus is geal leis an dréacht-Rialachán ón gComhairle maidir le bearta bainistithe géarchéime. Mar sin féin, measann sé nach leor fós na tograí atá ann faoi láthair chun ullmhú go héifeachtach faoi réir géarchéimeanna sláinte.

32.

Cuireann sé i bhfáth gur gá beartas tionsclaíoch agus nuálaíochta a bheith ann in oirchill na ngéarchéimeanna agus gur den fhíor-riachtanas creat nua rialála agus tacaíochta a chruthú le go mbeidh an tAontas Eorpach in ann ceannasacht sláinte an Aontais a chinntiú agus in ann táirgí a thionsclú de thoradh Taighde agus Nuálaíochta

33.

Measann sé nach mór don Aontas Eorpach a chur ar a chumas féin na frithbhearta “riachtanacha” atá coiteann den chuid is mó do bhainistiú cineálacha éagsúla géarchéime a chur i gcrích ar a chríoch féin. Ní féidir na cógais leighis (lena n-áirítear a gcomhábhair ghníomhacha), feistí leighis, tástálacha, diagnóisic ná “buntrealamh” a tháirgeadh san Eoraip gan beartas réamhghníomhach ceannaigh phoiblí a bheith ann lena n-iompraítear costais soláthair a d’fhéadfadh a bheith ní b’airde. Ní léir faoi láthair cén chaoi ar féidir an cuspóir riachtanach sin a bhaint amach trí bhíthin na rialacha agus na bprionsabal Eorpach le haghaidh gníomhaíochta.

34.

Is cúis mhór imní dó na deacrachtaí a bhíonn ag go leor cuideachtaí a rinne infheistiú, ar iarratas ó údaráis phoiblí, ag tús na géarchéime d’fhonn aghaidh a thabhairt ar ghanntanais agus atá á dtréigean anois ar mhaithe le ceannacháin lasmuigh den Aontas. Tá sé den tuairim nár ceannaíodh aon chiall ónar mhúin an ghéarchéim de cheachtanna dúinn agus gur ghá aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin go práinneach. Tá sé ag iarraidh, go háirithe, go ndéanfaí stoic straitéiseacha náisiúnta agus Eorpacha a fhorbairt agus a athnuachan, nuair is féidir, le hearraí a tháirgtear san Eoraip.

35.

Dá bhrí sin, tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach taighde a dhéanamh ar chreat reachtach iomchuí agus creat a mholadh ansin lena gceadaítear díolúine ó rialacha maidir le státchabhair agus soláthar poiblí, go háirithe a mhéid a bhaineann le frithbhearta “bunriachtanacha”. I dtaca lena bhfuil ag tarlú faoi láthair i réimse na leathsheoltóirí (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna), ba cheart a leithéid chéanna a bheith insamhlaithe i réimse na sláinte.

36.

Leis an gcreat dlíthiúil nua seo, ba cheart na rialacha maidir le soláthar poiblí a mhaolú, go háirithe i réimse na nuálaíochta, dlús a chur le scagadh na hinfheistíochta coigríche agus dóthain tacaíocht dhíreach a cheadú chun gur féidir cur go héifeachtach le luathú nuálaíochtaí leighis amhail vacsaíní a thabhairt chun críche agus iad a chur ar an margadh. Faoi mar atá cúrsaí i láthair na huaire, ní féidir leis an Aontas Eorpach idirghabháil den chineál céanna a dhéanamh, ó thaobh an dlí de, agus a dhéanann an Ríocht Aontaithe nó na Stáit Aontaithe, rud a chuireann rochtain an Aontais ar vacsaíní i mbaol.

37.

Is ábhar imní do CnaR an méid ama a cuireadh amú; is oth leis nár foilsíodh tionscnamh gaolmhar bonn ar bhonn le foilsiú chlár oibre HERA do 2022, agus tá ag iarraidh sé ar an gCoimisiún togra a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle gan mhoill;

38.

Tugann CnaR dá aire an dul chun cinn a rinneadh le déanaí maidir le Taighde agus Nuálaíocht a struchtúrú i réimse na hullmhachta faoi réir géarchéimeanna sláinte. Is amhlaidh atá Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh go mór i bhfabhar tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI) chun beartas tionsclaíoch agus suíomh straitéiseach an Aontais a neartú in earnáil na sláinte trí nuálaíocht a chothú sna codanna éagsúla de thionscal an chúraim sláinte. Ina theannta sin, i mí Aibreáin 2021 chuir an Coimisiún tús le comhairliúcháin d’fhonn comhpháirtíocht phoiblí-phoiblí Eorpach maidir le hullmhacht faoi réir paindéimí a sheoladh faoi chuimsiú chlár oibre Fhís Eorpach 2023-2024 chun an taighde a dhéanann na Ballstáit a chomhordú. Mar sin féin, níl aon chreat ann faoi láthair chun comhsheasmhacht ghníomhaíochtaí uile an chláir Fís Eorpach a áirithiú a d’fhéadfadh rannchuidiú le cur i gcrích chúraimí HERA agus leis an mbuiséad beartaithe EUR 1,7 billiún, cé gur cuireadh EUR 4 bhilliún ar fáil faoin dá chreatchlár a bhí ann roimhe seo le haghaidh taighde ar phaindéimí agus ar vacsaíní. Dá bhrí sin, tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí an méid seo a leanas:

comhairle eolaíochta a chruthú do HERA, atá iolraíoch agus a bhfuil geallsealbhóirí páirteach inti, chun tosaíochtaí eolaíochta agus treochlár i réimse an taighde agus na nuálaíochta a bhunú ar cheart aghaidh a thabhairt orthu faoi chuimsiú an chláir Fís Eorpach;

iarracht mhéadaithe ar leas a bhaint as an mbuiséad faoin gclár Fís Eorpach ar mhaithe le riachtanais HERA i réimse an taighde agus na nuálaíochta a chomhlíonadh;

tús a chur le machnamh faoi “misean” amach anseo a chruthú a bheidh tiomnaithe don ullmhacht faoi réir géarchéimeanna sláinte agus dá mbainistiú, lena n-éascófaí bunú cur chuige trasearnála laistigh den chlár Fís Eorpach, comhordú eolaíoch agus oibríochtúil, agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile.

39.

Is cosúil gur príomhthosaíocht do HERA é an taighde ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha. Is fadhb ollmhór dhosheachanta é an ró-úsáid a bhaintear as ábhair fhrithmhiocróbacha i bhfeirmeoireacht beostoic agus i gcúram sláinte an duine araon. Mura dtiocfar ar réiteach go luath, is é is dóichí gurb é cás a bheidh romhainn sinn “ar díth leighis, ar díth cóireála”. Is éard atá i mbeagnach gach ceann de na hantaibheathaigh nua a cuireadh ar an margadh le blianta beaga anuas leaganacha nua de theaghlaigh antaibheathach ar thángthas orthu sna 1980idí. Go dtí seo, níor tháinig an Coimisiún ar aon torthaí cinntitheacha sa réimse seo, mar a léiríodh i dtuarascáil 2019 ón gCúirt Iniúchóirí (5). Is gá, dá bhrí sin, seirbhísí coisctheacha sláinte a atreisiú ionas gur féidir leo comhordú a dhéanamh orthu siúd go léir a bhfuil baint acu le rialuithe ar úsáid ábhar frithmhiocróbach go háitiúil, in ospidéil agus sa phobal, agus infheistíocht a dhéanamh i dtaighde ar antaibheathaigh nua agus ar mhodhanna coisctheacha malartacha.

40.

Le creat reachtach nua, d’fhéadfaí comhpháirtíocht straitéiseach a chothú idir an tAontas Eorpach agus an tionscal cógaisíochta, d’fhonn aird níos fearr a thabhairt ar chuspóirí na sláinte poiblí, ar cuspóirí leasa ghinearálta iad. In éiric na tacaíochta dírí ón Aontas Eorpach, ba cheart tionsclaíocht a bheith san Eoraip, rochtain phribhléideach ar tháirgí agus ceart grinnscrúdaithe ar fhrithbhearta praghsanna agus beartais cheadúnúcháin.

41.

Ba cheart aird a thabhairt freisin ar na bearta Taighde agus Nuálaíochta atá beartaithe agus ar an ról atá ag HERA ina leith. Ní mór cur chun feidhme na sraithe seo faoi chuimsiú Fhís na hEorpa a fheabhsú go tapa ionas gur féidir treochlár Taighde agus Nuálaíochta a chur ar fáil go gasta do HERA d’fhonn soiléiriú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le húsáid an chistiúcháin, lán EUR 1,8 billiún de, atá sa bhuiséad aige a thagann ón gclár.

42.

Leagann CnaR béim ar an ngá atá ann neartú a dhéanamh gan mhoill ar chreatlach FBManna nuálacha i réimse na bhfrithbheart leighis agus gach cineáil gléasanna agus trealaimh chun daoine a chosaint agus chun dul i ngleic le géarchéimeanna. Is é an chéad tosaíocht tacú le cruthú gnó agus le nuálaíocht, arb é sainchúram na gcathracha agus na réigiún é, agus ansin cuidiú leo fás agus cur lena gcumas trialacha cliniciúla a dhéanamh agus táirgí a mhonarú san Eoraip.

43.

Chuige sin, caithfear infheistíochtaí nach beag a dhéanamh agus cur le caipiteal na ngnólachtaí lena mbaineann. Dealraíonn sé, dá bhrí sin, gur gá dul ar iontaoibh na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (CNE), d’fhonn struchtúr níos fearr a chur ar éiceachóras nuálaíochta Eorpach maidir le frithbhearta a fhorbairt agus géarchéimeanna sláinte a bhainistiú, agus uirlisí idirghabhála caipitil a neartú i ndáil le riosca agus forbairt chun cur ar chumas cuideachtaí nuálacha fás agus a bhfréamhacha a choinneáil san Eoraip ag an am céanna. Ina theannta sin, ba cheart do na bearta sin a fhágáil go bhféadfaí an riosca tionsclaíoch a bhaineann le forbairt agus cur i gcrích frithbheart a chomhroinnt.

44.

Tá éifeachtacht na bhfrithbheart leighis fite fuaite le bainistiú níos solúbtha ar thrialacha cliniciúla, agus comhlíonadh na rialacha maidir le heitic agus cosaint sonraí pearsanta á n-áirithiú ag an am céanna. Ní mór do HERA creat níos láidre a mholadh le haghaidh comhar le EMA chun trialacha cliniciúla ar mheánscála agus ar mhórscála a chomhordú, rud a bhí go mór in easnamh nuair ba mheasa a bhí géarchéim COVID-19. Tús maith iad na tionscnaimh “Vaccelerate” agus “Gorlann HERA” chun an t-easnamh sin a chur ina cheart, ach ní mór naisc oibríochtúla níos soiléire a bhunú le húdaráis náisiúnta d’fhonn deireadh a chur ar dhóigh níos tapúla le haon bhacainní rialála nó prótacail. Leis an athbhreithniú ar Straitéis Chógaisíochta Eorpach nua, ba cheart é a bheith indéanta athruithe suntasacha a dhéanamh, go háirithe údaruithe trialacha cliniciúla a lárú le haghaidh leigheasanna a bhfuil údaruithe margaíochta AE ag teastáil ina leith.

45.

Tá an bonneagar taighde ríthábhachtach freisin. Ionas gur féidir dul i ngleic le mórsciúirsí sláinte trasteorann, tá saoráidí cuí anailíseacha, ríomhairí ardfheidhmíochta, stórtha sonraí ó staidéir eipidéimeolaíochta agus staidéir chuimsitheacha chohóirt fíor-riachtanach d’fhonn anailís a dhéanamh ar bhagairtí agus ar shamhailchásanna freagartha atá ag teacht chun cinn.

Gníomhaíocht idirnáisiúnta bunaithe ar chosc agus ar dhlúthpháirtíocht

46.

Measann CnaR gur chun leasa na hEorpa é gníomhú i gcás ina mbíonn rioscaí nua sláinte ag teacht chun cinn d’fhonn nochtadh an Aontais Eorpaigh do rioscaí a theorannú. Dá bhrí sin, caithfidh HERA a bheith in ann líonrú a dhéanamh le go leor comhpháirtithe (lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta, leis na Náisiúin Aontaithe agus le An Chomhairle Eorpach) agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht lasmuigh den Aontas Eorpach, i gcomhar leis na tíortha lena mbaineann, a luaithe a shainaithneofar rioscaí trí leas a bhaint as acmhainní suntasacha. Caithfidh an comhar sin an chéim ullmhúcháin a chuimsiú freisin agus, go háirithe, bearta chun géarchéimeanna a chosc, chun leochaileachtaí a laghdú agus chun sochaithe a ullmhú faoi réir géarchéimeanna a chumhdach. Chuige sin, ba cheart do HERA comhpháirtíochtaí a chothú le gníomhaithe na sochaí sibhialta, le heagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla agus idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí iltaobhacha a bhfuil baint acu le cláir maidir le rioscaí a chosc.

47.

Ní leor de réiteach é maoin intleachtúil a fhuascailt le haghaidh vacsaíní agus táirgí leighis eile mura mbeidh sé d’acmhainn ag na tíortha is lú forbairt táirgeadh a fhorbairt ar a gconlán féin. Tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí an praghas atá ar chógais áirithe a rialáil, nuair is gá, agus go gceanglófaí ar an tionscal cógaisíochta ceadúnais mhonaraíochta a dheonú mar atá molta ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Tá sé ag iarraidh go gcuirfidh beartais AE le forbairt táirgí atá curtha in oiriúint do chomhthéacs sonrach na dtíortha is lú forbairt. Tá sé ag iarraidh ar an Aontas Eorpach gealltanas a thabhairt tacú le beartas gníomhach maidir le teicneolaíocht a aistriú agus tacaíocht a thabhairt don táirgeadh áitiúil, chomh maith le cúnamh díreach iomchuí a chur ar fáil chun cuidiú a thabhairt cumhdach sláinte a áirithiú do phobail pé áit a bhfuil gá leis.

48.

Tugann CnaR dá aire go bhfuil súil in airde ag saoránaigh na hEorpa leis go dtabharfar ról níos mó don Aontas i réimse na sláinte agus tá sé ar cóimheon leo ina thaobh sin. Tugann sé dá aire gur bac sa tslí air sin is ea an fhoclaíocht reatha, an-sriantach atá in Airteagal 168 de na Conarthaí faoi láthair, agus measann sé gur cheart an tsaincheist maidir le hinniúlachtaí Eorpacha a neartú i réimse na sábháilteachta sláinte a bheith ar an gclár oibre tar éis na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa. Cheana féin, ba cheart go bhfágfadh inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh i réimse an mhargaidh inmheánaigh go bhféadfaí tuilleadh gníomhaíocht Chomhphobail a dhéanamh i réimse na sláinte; ba cheart é a bheith indéanta an clár sláinte EU4Health a neartú; agus ba cheart d’airí sláinte an Aontais teacht le chéile go rialta i bhfoirmíocht thiomnaithe de chuid na Comhairle, seachas faoi dhó sa bhliain ag an gComhairle um Fhostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO), mar a bheadh athsmaoineamh ann.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  https://cor.europa.eu/ga/news/Pages/COVID-19-CoR-President-calls-for-a-EU-Health-Emergency-Mechanism-to-support-regions-and-cities.aspx.

(2)  IO C 440, 18.12.2020, lch. 15.

(3)  https://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CELEX:12008M005:GA:HTML.

(4)  Go háirithe, an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC – Cosaint Shibhialta), an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) agus an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC).

(5)  https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did={8892C8C4-6776-4B27-BE36-C181456EED71}.


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/40


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Geilleagar an Aontais Eorpaigh tar éis COVID-19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch

(2022/C 301/07)

Rapóirtéir:

Elio DI RUPO (BE/PSE), Céad-Aire na Vallúine

Doiciméad tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Geilleagair an Aontais Eorpaigh tar éis COVID-19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch

COM(2021) 662 final (níl leagan Gaeilge ann)

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach The EU economy after COVID-19: implications for economic governance agus an toilteanas atá léirithe aige sa teachtaireacht sin na rialacha eacnamaíocha agus buiséadacha a leasú, lena n-áirítear an tionchar a bhí agus atá ag géarchéim COVID-19 a chur san áireamh; á chur in iúl gur díol sásaimh dó freisin an fógra maidir le togra reachtach a thíolacadh faoi lár 2022;

2.

den tuairim nach mór na tograí ó na saoránaigh a pléadh i gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa a chur san áireamh freisin san athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch na hEorpa;

3.

ag meabhrú na dtorthaí, go háirithe na torthaí sin a leagadh síos sna tuarascálacha ar Bharaiméadar 2020 agus ar Bharaiméadar 2021 (1), a léiríonn go bhfuil an tionchar iltaobhach a bhí agus atá ag géarchéim COVID-19 éagothrom agus go bhfuil gnéithe réigiúnacha i gceist leis. Cuireann an tionchar sin leis na difríochtaí a bhí ann cheana idir réigiúin sna Ballstáit agus san Aontas, toisc na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith fós i mbrollach an chatha, ní hamháin chun cur i gcoinne na paindéime agus na n-éifeachtaí atá aici, ach chun bearta a chur chun feidhme a thacóidh le daoine agus le gnólachtaí agus lena ndéanfar réidh le haghaidh téarnamh inbhuanaithe céim ar chéim;

4.

á thabhairt dá aire go bhfuil saoránaigh ann ar fud an Aontais atá ag iarraidh ar na húdaráis phoiblí, na Ballstáit, na réigiúin agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cabhrú leo agus iad ag tabhairt aghaidh ar iarmhairtí phaindéim COVID-19 agus ar an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach atá á éileamh ag an Aontas Eorpach agus freisin, faoi láthair, ar iarmhairtí an chogaidh san Úcráin;

5.

á chur i bhfáth go raibh easpa mór infheistíochta i roinnt Ballstát fiú sular tharla géarchéim COVID-19, mar shampla san athnuachan bonneagair agus foirgneamh, agus gur cuireadh infheistíochtaí poiblí ar athlá le go bhféadfaí iarrachtaí áirithe chun dul i ngleic leis an ngéarchéim a mhaoiniú. Dá fhaide a chuirfear na hinfheistíochtaí sin ar an méar fhada, áfach, is daoire a bheidh siad;

6.

á thabhairt dá aire go bhfuil tráth cinniúnach ann don Aontas Eorpach agus go mbeidh air teacht ar mhodhanna agus ar acmhainní lena bhféadfaidh sé comhtháthú agus rathúnas shaoránaigh na hEorpa a áirithiú;

Ag dul i ngleic leis an ngéarchéim

7.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an rath a bhí ar an gclár SURE, clár a mhaoinítear le bannaí arna n-eisiúint ag an gCoimisiún Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar an obair leantach chuí trí Pháipéar Bán a thíolacadh, ina gcuirfí i láthair, bunaithe ar mheasúnú ar an gclár SURE, na roghanna beartais le haghaidh scéim bhuan Eorpach athárachais dífhostaíochta;

8.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó freisin an rath a bhí ar na bannaí glasa a eisíodh faoin tionscnamh NextGenerationEU – an eisiúint bannaí glasa is mó ar domhan – lena gcuirtear leis an maoiniú a thugtar d’infheistíochtaí i ngníomhú ar son na haeráide tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

9.

á thabhairt le fios athuair go dtacaíonn sé le gníomhachtú an chlásail éalaithe ghinearálta atá sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, rud a tharla den chéad uair riamh i stair an limistéir euro. Bhí gníomhachtú an chlásail sin an-tábhachtach don chaoi ar éirigh leis na Ballstáit, na réigiúin agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha dul i ngleic leis an ngéarchéim trí bheith in ann leas iomlán a bhaint as na cistí poiblí chun iarmhairtí phaindéim COVID-19, iarmhairtí sóisialta go háirithe, a mhaolú;

10.

á chur i bhfáth go bhfuil sé léirithe ag an gcogadh san Úcráin go bhfuil tábhacht san Aontas Eorpach le neamhspleáchas fuinnimh agus nach mór dlús a chur leis an aistriú fuinnimh; imníoch, áfach, go bhfágfaidh aicmiú na cumhachta gáis agus núicléiche mar fhuinneamh inbhuanaithe sa Rialachán maidir le Tacsanamaíocht go dtabharfar dreasachtaí a thagann salach ar an méadú tapa atá faoin bhfuinneamh inbhuanaithe;

11.

á thabhairt le fios gur oth leis go bhfuil méadú tagtha ar an bhfiachas poiblí de thoradh na mbeart sin: d’ardaigh an fiachas poiblí 13 phointe céatadáin in 2020, agus baineadh amach 92 % den olltáirgteacht intíre (OTI) san Aontas, agus 100 % di sa limistéar euro (2);

12.

den tuairim go bhfágfadh sé, dá ndéanfaí an clásal éalaithe atá sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú faoi láthair, i bhfianaise an reachta ina bhfuil an creat rialachais eacnamaíoch agus na géarchéime fuinnimh, na héagobhsaíochta geopholaitiúla agus an téarnaimh ó phaindéim COVID-19, gurbh é an toradh a bheadh ar an laghdú fiachais a theastódh dá leithéid go mba ghá filleadh ar na beartais déine, agus go mbeadh costas mór eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil i gceist leis; á iarraidh, dá bhrí sin, go bhfanfadh an clásal éalaithe ginearálta i ngníomh go dtí go gcuirfear creat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe i bhfeidhm a luaithe is féidir;

13.

ag tacú leis an measúnú a rinne an Bord Fioscach Eorpach ar an ngá atá le hathchóiriú a dhéanamh ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis chun inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a bhaint amach, agus gan ach príomhriail oibríochtúil amháin a bheith ann, is é sin tagarmharc maidir leis an gcaiteachas poiblí, le go bhféadfaí an cóimheas fiachais a laghdú de réir a chéile go dtí leibhéal inmharthana ar luas a bheadh in oiriúint do na cúinsí náisiúnta (3);

Creat rialachais athbhreithnithe

14.

á chur i bhfáth go mbíonn tionchar nach beag ag creat rialachais eacnamaíoch na hEorpa ar gach leibhéal rialtais, agus go háirithe ar na rialtais áitiúla agus réigiúnacha ós rud é gur orthusan a thiteann sé aon trian den chaiteachas poiblí beagnach, agus níos mó ná leath na hinfheistíochta poiblí san Aontas ina iomláine, a riar, cé gurb ann d’éagsúlachtaí móra ó Bhallstát go chéile (4);

15.

á thabhairt le fios an athuair go bhfuil cúig mhórlocht ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus ar ghnéithe eile de chreat rialachais eacnamaíoch na hEorpa: drochéifeachtaí comh-thimthriallacha, róchastacht, easpa éifeachtúlachta agus éifeachtachta, nach leor an aird a thugtar ar tháscairí a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe agus an dea-bhail, agus, ar deireadh, easpa trédhearcachta agus dlisteanachta daonlathaí;

16.

den tuairim nach mór próiseas trédhearcach ceaptha beartas a áirithiú sa chreat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe trí pháirt a thabhairt do pharlaimintí Eorpacha agus náisiúnta agus, ag brath ar inniúlachtaí inmheánacha na mBallstát, do thionóil pharlaiminteacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu. Ní mór páirt a thabhairt freisin do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, na comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus lucht léinn;

17.

den tuairim nach mór a chur san áireamh sa chreat athbhreithnithe freisin an leibhéal an-ard fiachais phoiblí is gá a ísliú de réir a chéile, óir ní fhéadfaí é a laghdú go mór thar oíche ar na cúiseanna a leanas: géarchéim COVID-19, an costas a bhaineann le tubaistí nádúrtha agus cúinsí eisceachtúla eile, na difríochtaí móra idir na Ballstáit agus laistigh díobh, an socrú nua maicreacnamaíoch (rátaí bannaí an-íseal, beartas airgeadaíochta teoranta agus éiginnteacht mhór maidir le boilsciú, rátaí úis agus an margadh saothair), an gá le beartais déine a sheachaint, agus tosaíochtaí comhshaoil, fuinnimh, teicneolaíochta agus sóisialta;

18.

á thabhairt le fios an athuair go bhfuil sé i bhfabhar deireadh a chur leis an gcinnteoireacht d’aon toil i réimse an chánachais, ionas go bhféadfadh an tAontas Eorpach na cinntí is gá a dhéanamh trí thromlach cáilithe, mar a dhéantar i réimsí beartais eile, toisc go bhfágann sé gur féidir dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an troid i gcoinne mí-úsáid cánach agus maidir le comhroinnt faisnéise idir na Ballstáit. Leis an bhforáil sin, leantar de na hinniúlachtaí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a urramú maidir le cánacha a bhailiú nó rátaí cánach a shocrú;

19.

á áitiú an athuair go mbeadh na rialacha atá le cur i bhfeidhm sothuigthe ag na rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus ag an bpobal; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, ina leith sin, go dtacaíonn an Coimisiún le rialacha cánach níos simplí ina n-úsáidfí táscairí soiléire; á mheabhrú gur den ríthábhacht é cobhsaíocht fhritimthriallach a choigeartófaí go timthriallach a chur san áireamh;

20.

den tuairim nach ar chaiteachas cliste amháin ba cheart creat rialachais atá dírithe ar bhuiséid fhónta a áirithiú a bhunú, ach ar ioncam fónta agus cothrom freisin; á mheabhrú go bhfágann seachaint cánach agus calaois chánach go mbíonn na buiséid phoiblí gann sna céadta billiún euro gach bliain san Aontas agus go bhfuil an comhrac i gcoinne na calaoise cánach ar cheann de na príomhréimsí ar mhian le méid mór daoine san Eoraip beart níos láidre ón Aontas ina leith;

21.

den tuairim nach mór don rialachas eacnamaíoch cothromaíocht a aimsiú idir, ar thaobh amháin, táscairí a bhaineann leis an smacht buiséadach agus, ar an taobh eile, táscairí a bhaineann leis an gcomhtháthú sóisialta agus le soláthar bonneagair agus seirbhísí de leas ginearálta eacnamaíoch, amhail an tsláinte phoiblí agus an dea-bhail; den tuairim, dá bhrí sin, nach mór cuspóirí sóisialta agus eacnamaíocha eile a chur san áireamh i gcreat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe, i gcomhréir leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ina bhfuil níos mó táscairí éagsúla, lena n-áirítear rátaí dífhostaíochta. Níor cheart tosaíocht níos ísle a thabhairt do na hábhair imní sin i gcomparáid le táscairí a bhfuil baint acu leis an smacht buiséadach;

22.

á mholadh arís go leathnófaí an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha chun táscairí tánaisteacha a bhaineann le héagothromaíochtaí réigiúnacha a chur san áireamh ann; den tuairim go bhféadfaí a chur san áireamh ann freisin an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna), ar spriocanna iad a thacaíonn ní hamháin le cosaint an chomhshaoil ach le critéir shóisialta, eacnamaíocha agus rialachais freisin, agus a dtacaíonn 193 stát ar fud an domhain leo;

23.

á thabhairt le fios go mbíonn éifeachtaí difriúla i réigiúin éagsúla ag na bearta ceartaitheacha a dhéantar mar chuid de na nósanna imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sna Ballstáit agus go ndéanann na bearta sin dochar go háirithe do réigiúin ina bhfuil geilleagair nach bhfuil chomh héagsúlaithe sin, amhail na réigiúin is forimeallaí, a bhfuil srianta struchtúracha agus eisceachtúla orthu mar a shainítear in Airteagal 349 CFAE. Bíonn na réigiúin sin an-íogair do thurraingí eisginiúla agus bíonn tionchar níos mó ag beartais eacnamaíocha chrapthacha ar laghdú na hinfheistíochta agus na fostaíochta iontu;

Cur chun cinn ciallmhar na hinfheistíochta poiblí

24.

den tuairim fós gurb é creat rialachais eacnamaíoch na hEorpa is cúis, go pointe áirithe, leis an titim mhór san infheistíocht phoiblí a tharla tar éis ghéarchéim an limistéir euro toisc nach gcuirtear san áireamh ann go leormhaith an difríocht idir an caiteachas reatha agus caiteachas infheistíochta fadtéarmaí. Idir 2009 agus 2018, thit an infheistíocht phoiblí 20 % ar an iomlán san Aontas (mar sciar de OTI). Bhí titim beagnach 25 % ar an infheistíocht a rinne údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus bhí sin chomh híseal le 40 % i roinnt de na Ballstáit is measa a buaileadh le linn na géarchéime (5); den tuairim go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú nach dtarlódh a leithéid arís tar éis ghéarchéim COVID-19; á thabhairt dá aire go bhféadfadh ról cinniúnach a bheith ag infheistíocht an leibhéil áitiúil agus réigiúnaigh sa téarnamh eacnamaíoch;

25.

á chur i bhfáth gur shuígh an Bord Fioscach Eorpach go bhféadfadh na Ballstáit sin a bhfuil ráta ard infheistíochta poiblí acu laghdú suntasach a dhéanamh ar an infheistíocht sin le linn an nós imeachta um easnamh iomarcach (6), agus gur thug an Coimisiún féin faoi deara nár chuir an creat buiséadach cosc ar an laghdú infheistíochta sin (7);

26.

á chur i bhfáth go raibh CnaR den bharúil cheana féin sa tuairim uaidh maidir leis an teachtaireacht léirmhínitheach (2015) ón gCoimisiún faoin ábhar sin (8) go raibh an tsolúbthacht atá ann faoi láthair le haghaidh infheistíochtaí sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis róshriantach agus rótheoranta. Ina theannta sin, níor iarr ach dhá Bhallstát an tsolúbthacht sin agus, fiú sa dá chás sin, is an-bheag an tionchar a bhí aici;

27.

á chur i bhfáth go bhfuil ar an Aontas Eorpach, ag an am céanna, déileáil le héileamh mór ar mhaoiniú chun dul i ngleic leis na mórdhúshláin atá roimhe faoi láthair: EUR 600 billiún sa bhliain dar leis an gCoimisiún don aistriú glas agus don aistriú digiteach (9), agus beagnach EUR 200 billiún sa bhliain le haghaidh bonneagar sóisialta (10);

28.

den tuairim go bhféadfadh sé tarlú, sa chomhthéacs reatha ina bhfuil éileamh mór ar infheistíocht, go bhfágfadh díspreagadh an bhuiséadaithe easnaimh le haghaidh na hinfheistíochta poiblí mar a dhéantar sa chreat airgeadais reatha, lena n-áirítear infheistíochtaí ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha, go spreagfaí tearcinfheistíocht, rud a dhéanfadh dochar do na glúine atá le teacht agus spriocanna na todhchaí, amhail spriocanna aeráide an Aontais;

29.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur aithin an Coimisiún go soiléir go bhfuil gá leis an gcreat rialachais chun infheistíochtaí a spreagadh, go háirithe infheistíochtaí poiblí a chuireann leis an aistriú glas, an t-aistriú digiteach agus an athléimneacht;

30.

á iarraidh an athuair, mar atá iarrtha aige go minic cheana, i gcás chaiteachas poiblí na mBallstát agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ar chómhaoiniú na gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta i gcomhréir leis na huasteorainneacha comhfhreagracha do chómhaoiniú AE, nár cheart an caiteachas sin a áireamh mar chaiteachas poiblí nó struchtúrach comhionann mar atá sainithe sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis: “riail óir an chómhaoinithe”; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá infheistíochtaí poiblí, amhail infheistíocht san aistriú inbhuanaithe glas, digiteach agus sóisialta agus chun iomaíochas na hEorpa a áirithiú, do na glúine atá le teacht agus gur cheart caitheamh leo go hiomchuí;

31.

á chur i bhfáth, i ngeall ar an gcineál tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta, go dtacódh riail óir den chineál sin, go háirithe, leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun dul i ngleic leis na mórdhúshláin atá ann faoi láthair agus tosaíochtaí Eorpacha a chur chun feidhme. Orthu sin tá an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach; neartú na hathléimneachta; beartais shóisialta, chomhshaoil agus dhigiteacha a chur chun feidhme, etc. Trí thosaíocht a thabhairt dóibh sin sa chreat airgeadais, chuirfí le comhtháthú ginearálta na mbeartas Eorapch;

32.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis dó na tograí uaidh a athfhoirmliú chun an damáiste eacnamaíoch agus buiséadach de dheasca COVID-19 a chur san áireamh, Páipéar Bán a thíolacadh maidir le hathchóiriú an chreata rialachais eacnamaíoch trí, b’fhéidir, riail óir den chineál sin a bhunú i gcomhréir leis na huasteorainneacha comhfhreagracha do chómhaoiniú AE. Ba cheart don Choimisiún le linn an mheasúnaithe a dhéanfaidh sé uirlisí eile a mheas, amhail riail an chaiteachais, lena bhforchuirfí, ar bhonn an fháis eacnamaíoch treochta agus ar bhonn leibhéal an fhiachais, uasteorainn ar fhás bliantúil chaiteachas iomlán an rialtais. D’fhágfadh uasteorainn dá leithéid go gcuirfí le muinín an phobail tríd an trédhearcacht a spreagadh, ualaí riaracháin a laghdú agus cothromaíocht a bhaint amach idir an smacht buiséadach agus dóthain acmhainní don infheistíocht phoiblí;

33.

á mheabhrú gur infheistíocht ar son leas coiteann na hEorpa is ea an caiteachas sin agus go bhfuil cruthúnas ann ar an éifeacht ghiarála atá aige ó thaobh an fháis inbhuanaithe de agus maidir leis an gcomhtháthú críochach a chur chun cinn;

34.

ag iarraidh, ina theannta sin, “riail óir” maidir leis an gcomhtháthú glas agus sóisialta a thabhairt isteach, le nach n-áireofaí sna cuntais na hinfheistíochtaí poiblí i dtionscadail atá dírithe ar an aistriú chuig sochaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de, mar a shainmhínítear sna SDGanna agus sa Chomhaontú Glas, toisc go n-aithnítear go bhfuil na hinfheistíochtaí sin bunriachtanach ní hamháin i ndáil leis an téarnamh tar éis ghéarchéim COVID-19, ach i ndáil le rathúnas agus cáilíocht saoil na nglún atá le teacht freisin;

35.

á mholadh mar réiteach eile a d’fhéadfaí a úsáid na rialtais áitiúla agus réigiúnacha a dhíolmhú ón oibleagáid rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a chur i bhfeidhm. In 2019, bhí an infheistíocht phoiblí san earnáil sin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh cothrom le 49,2 % den infheistíocht phoiblí iomlán (11), agus níl san ollfhiachas in earnáil rialtais áitiúil an Aontais Eorpaigh ach 6,0 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais Eorpaigh (12), rud nach cúis, dá bhrí sin, le fiachas poiblí ard. Thairis sin, ní charnann na rialtais áitiúla fiachas ach chun infheistíocht a dhéanamh agus ní chun cobhsú maicreacnamaíoch a dhéanamh leis an gcaiteachas reatha, agus bíonn na rialtais áitiúla faoi réir fhormhaoirseacht an rialtais réigiúnaigh nó náisiúnta ar a mbuiséad inmheánach. Áitíonn an Coiste go láidir ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí údaráis áitiúla a dhíolmhú ón oibleagáid rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a chur i bhfeidhm;

36.

den tuairim gur gá, i gcoitinne, an prionsabal “gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú”, prionsabal atá luaite sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú, a chur san áireamh d’fhonn comhlántacht an bheartais comhtháthaithe agus beartais eile an Aontais agus na sineirgí eatarthu a áirithiú, agus a sheachaint, ar an gcaoi sin, go gcuirfí isteach ar phróiseas an chóineasaithe nó go méadófaí ar na héagothromaíochtaí réigiúnacha;

37.

ag iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh, idir seo agus deireadh 2022, chun athmhúnlú a dhéanamh ar an gcreat rialachais eacnamaíoch, athmhúnlú a bheadh bunaithe, go háirithe, ar chur chun feidhme na rialacha “óir” sin agus riail an chaiteachais, le go bhféadfaí cothromaíocht a bhaint amach idir an smacht buiséadach agus dóthain acmhainní don infheistíocht phoiblí;

38.

á mholadh, mar sin féin, d’fhonn a áirithiú go mbeadh an caiteachas arna shainaithint ag na rialtais mar chaiteachas a thagann faoi cheann de na rialacha “óir” sin i gcomhréir leis na rialacha, go mbeadh cur i bhfeidhm na rialacha sin faoi réir dianfhaireachais ar dhá leibhéal: na comhairlí náisiúnta neamhspleácha cánach agus an Bord Fioscach Eorpach, a chuirfeadh tuarascálacha bliantúla poiblí faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa;

Athbhreithniú suntasach ar an Seimeastar Eorpach

39.

á chur i bhfáth go bhfuil easpa éifeachtúlachta agus éifeachtachta ó thaobh athchóirithe a dhéanamh i gceist sa rialachas eacnamaíoch a chuirtear chun feidhme sa chleachtas trí thimthriall comhordaithe an tSeimeastair Eorpaigh;

40.

á chur i bhfáth freisin nár sainmhíníodh riamh i dtéacsanna dlí AE raon feidhme na n-athchóirithe a mheastar faoin Seimeastar Eorpach, go háirithe i ndáil lena n-ábharthacht agus lena mbreisluach ar leibhéal an Aontais. Fágann an easpa sainmhínithe sin go bhfuil teorainn leis an gcaidreamh a d’fhéadfadh a bheith ann idir na hathchóirithe a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta agus beartais an Aontais (reachtaíocht agus cláir airgeadais), rud a chruthaíonn fadhb maidir le prionsabal na coimhdeachta;

41.

den tuairim gur cheart na ceanglais maidir leis an gcomhshaol agus an comhtháthú sóisialta atá sainithe in SDGanna na Náisiún Aontaithe, spriocanna a gheall an tAontas Eorpach agus na Ballstáit a bhaint amach faoi 2030, a chur chun feidhme sa Seimeastar Eorpach ar bhonn cothrom agus i gcomhréir leis na spriocanna eacnamaíocha agus airgeadais;

42.

den tuairim láidir gur dócha go bhfágfaidh an togra le haghaidh cód iompair maidir le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa Seimeastar Eorpach (13) go leigheasfar easpa éifeachtúlachta agus éifeachtachta an tSeimeastair, toisc go gcuirfear an dearcadh áitiúil agus réigiúnach san áireamh ar bhealach níos fearr, agus go bhfuil cur chun feidhme an togra sin fós riachtanach, go háirithe ós rud é go bhfuil na pleananna náisiúnta i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta bunaithe, i bpáirt, ar mholtaí tír-shonracha an tSeimeastair Eorpaigh;

43.

den tuairim go bhfágfadh coigeartú dúbailte den sórt sin ar an Seimeastar Eorpach, maidir leis na cuspóirí agus leis na próisis oibriúcháin, go neartófaí dlisteanacht dhaonlathach an tSeimeastair agus chóras rialachais eacnamaíoch an Aontais ina iomláine, dlisteanacht atá i bhfad ró-lag faoi láthair.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2022

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Coiste Eorpach na Réigiún, Baraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil an Aontais, 2020, 12 Deireadh Fómhair 2020 agus Baraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil an Aontais, 2021, 12 Deireadh Fómhair 2021.

(2)  An Coimisiún Eorpach, European Economic Forecast for Autumn 2021, Páipéar Institiúideach 160, Samhain 2021.

(3)  Féach Tuarascáil Bhliantúil 2021 an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh: https://bit.ly/3HqqvIQ.

(4)  Figiúirí 2018. Foinse: Eurostat, cóid sonraí: TEC00023 agus TEC00022.

(5)  Eurostat, cód sonraí: TEC00022

(6)  An Bord Fioscach Eorpach, Assessment of EU fiscal rules with a focus on the six and two-pack legislation, lch. 76.

(7)  An Coimisiún Eorpach, Economic governance review [Athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch] (COM(2020) 55 final, 5 Feabhra 2020).

(8)  Tuairim ó CnaR An úsáid is fearr a bhaint as an tsolúbthacht laistigh de na rialacha sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (COR-2015-01185) (IO C 313, 22.9.2015, lgh. 22), rapóirtéir: Olga Zrihen (BE/PSE), a glacadh an 9 Iúil 2015 (níl leagan Gaeilge ann).

(9)  An Coimisiún Eorpach, The EU economy after COVID-19: implications for economic governance [Geilleagar an Aontais Eorpaigh tar éis COVID-19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch], COM(2021) 662 final, 19 Deireadh Fómhair 2020.

(10)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Identifying Europe’ s recovery needs [Riachtanais téarnaimh na hEorpa a shainaithint], SWD(2020) 98 final, 27 Bealtaine 2020.

(11)  Foinse: Cuntais náisiúnta Eurostat.

(12)  Foinse: Cuntais náisiúnta Eurostat.

(13)  Tuairim ó CnaR Feabhas a Chur ar Rialachas an tSeimeastair Eorpaigh: Cód Iompair maidir le Rannpháirtíocht na nÚdarás Áitiúil agus Réigiúnach (COR-2016-05386) (IO C 306, 15.9.2017, lch. 24) rapóirtéir: Rob Jonkman (NL/ECR), a glacadh an 11 Bealtaine 2017 (níl leagan Gaeilge ann).


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/45


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Íosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas

(2022/C 301/08)

Rapóirtéir ginearálta:

Federico BORGNA (IT/PSE)

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas

COM(2021) 823 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Leasú 1

Aithris 7

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Cé gur gá a áirithiú go ndíspreagfar cleachtais seachanta cánach, ba cheart drochthionchair ar MNEanna níos lú sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Chun na críche sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach maidir le heintitis atá lonnaithe san Aontas, eintitis ar comhaltaí iad de ghrúpaí MNE nó de ghrúpaí náisiúnta mórscála a bhfuil an tairseach bhliantúil EUR 750 000 000 ar a laghad d’ioncam comhdhlúite á comhlíonadh acu. Bheadh an tairseach sin comhsheasmhach le tairseach na rialacha idirnáisiúnta cánach atá ann cheana, mar atá na rialacha maidir le tuairisciú de réir tíre. Tagraítear d’eintitis a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo mar eintitis chomhdhéanaimh. Ba cheart eintitis áirithe a eisiamh ón raon feidhme bunaithe ar a gcuspóir agus ar a stádas ar leith. Na heintitis nach bhfuil dírithe ar bhrabús agus a dhéanann gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an leas coiteann agus nach dócha, ar na cúiseanna sin, go mbeidís faoi réir cánach sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe, sin iad na heintitis eisiata a bheadh ann. Chun na leasanna sonracha sin a chosaint, is gá eintitis rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus cistí pinsin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart cistí infheistíochta agus meáin infheistíochta eastáit réadaigh a eisiamh ón raon feidhme freisin nuair atá siad ag barr an tslabhra úinéireachta, ós rud é, i gcás na n-eintiteas sin ar a dtugtar sreabhadh tríothu, go ngearrtar cáin ar an ioncam a thuilltear ar leibhéal na n-úinéirí.

Is gá a áirithiú go ndíspreagfar cleachtais seachanta cánach. Ag an am céanna, ba cheart drochthionchair ar MNEnna níos lú sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Chun na críche sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach maidir le heintitis atá lonnaithe san Aontas, eintitis ar comhaltaí iad de ghrúpaí MNE nó de ghrúpaí náisiúnta mórscála a bhfuil an tairseach bhliantúil EUR 750 000 000 ar a laghad d’ioncam comhdhlúite á comhlíonadh acu. Bheadh an tairseach sin comhsheasmhach le tairseach na rialacha idirnáisiúnta cánach atá ann cheana, mar atá na rialacha maidir le tuairisciú de réir tíre. Tagraítear d’eintitis a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo mar eintitis chomhdhéanaimh. Ba cheart eintitis áirithe a eisiamh ón raon feidhme bunaithe ar a gcuspóir agus ar a stádas ar leith. Na heintitis nach bhfuil dírithe ar bhrabús agus a dhéanann gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an leas coiteann agus nach dócha, ar na cúiseanna sin, go mbeidís faoi réir cánach sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe, sin iad na heintitis eisiata a bheadh ann. Chun na leasanna sonracha sin a chosaint, is gá eintitis rialtais (lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus a gcomhlachais siúd) , eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí neamhbhrabúis agus cistí pinsin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 2

Airteagal 2(3)(a)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(a)

eintiteas rialtais, eagraíocht idirnáisiúnta, eagraíocht neamhbhrabúsach, ciste pinsin , eintiteas infheistíochta ar máthaireintiteas deiridh é agus meán infheistíochta réadmhaoine ar máthaireintiteas deiridh é ; nó

(a)

eintiteas rialtais (lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus a gcomhlachais siúd) , eagraíocht idirnáisiúnta, eagraíocht neamhbhrabúsach, ciste pinsin; nó

Cúis

Soiléiriú. Féinmhínitheach.

Leasú 3

Airteagal 3(31)(d)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(d)

soláthraítear an creidmheas d’eintiteas rialtais, d’eagraíocht idirnáisiúnta, d’eagraíocht neamhbhrabúsach, do chiste pinsin , d’eintiteas infheistíochta nach cuid den ghrúpa FIN é nó do chuideachta árachais saoil, a mhéid a fhaightear an díbhinn i ndáil le gníomhaíochtaí ciste pinsin atá faoi réir cáin ar an tslí chéanna atá ciste pinsin ;

(d)

soláthraítear an creidmheas d’eintiteas rialtais (lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus a gcomhlachais siúd) , d’eagraíocht idirnáisiúnta, d’eagraíocht neamhbhrabúsach, do chiste pinsin;

Cúis

Soiléiriú. Féinmhínitheach.

Leasú 4

Airteagal 11

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

RÍFTC a chur i bhfeidhm ar fud grúpa FIN

RÍFTC a chur i bhfeidhm ar fud grúpa FIN

I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh grúpa FIN lonnaithe i ndlínse tríú tír nach gcuirtear riail i bhfeidhm ann maidir le cuimsiú ioncaim, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a chomheintitis atá lonnaithe san Aontas faoi réir cáin bhreisiúcháin le haghaidh na bliana fioscaí (cáin bhreisiúcháin RÍFTC) sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe, ar cáin í a ghearrtar le haghaidh an mhéid a leithdháiltear ar an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 13.

Comheintitis ar eintitis infheistíochta agus cistí pinsin iad, ní bheidh siad faoi réir cháin bhreisiúcháin RÍFTC.

I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh grúpa FIN lonnaithe i ndlínse tríú tír nach gcuirtear riail i bhfeidhm ann maidir le cuimsiú ioncaim, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a chomheintitis atá lonnaithe san Aontas faoi réir cáin bhreisiúcháin le haghaidh na bliana fioscaí (cáin bhreisiúcháin RÍFTC) sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe, ar cáin í a ghearrtar le haghaidh an mhéid a leithdháiltear ar an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 13. Ní bheidh cistí pinsin faoi réir cháin bhreisiúcháin RÍFTC.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 5

Airteagal 12

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

RÍFTC a chur i bhfeidhm i ndlínse an mháthaireintitis deiridh

RÍFTC a chur i bhfeidhm i ndlínse an mháthaireintitis deiridh

I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh grúpa FIN lonnaithe i ndlínse ísealchánach, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a chomheintitis atá lonnaithe i mBallstát faoi réir cháin bhreisiúcháin RÍFTC le haghaidh na bliana fioscaí agus le haghaidh an mhéid a leithdháiltear ar an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 13 i leith na gcomheintiteas ísealchánach atá lonnaithe i ndlínse an mháthaireintitis deiridh, gan beann ar cé acu a chuirtear riail cháilithe i bhfeidhm sa dlínse sin maidir le cuimsiú ioncaim nó nach gcuirtear.

Comheintitis ar eintitis infheistíochta agus cistí pinsin iad, ní bheidh siad faoi réir cháin bhreisiúcháin RÍFTC.

I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh grúpa FIN lonnaithe i ndlínse ísealchánach, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a chomheintitis atá lonnaithe i mBallstát faoi réir cháin bhreisiúcháin RÍFTC le haghaidh na bliana fioscaí agus le haghaidh an mhéid a leithdháiltear ar an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 13 i leith na gcomheintiteas ísealchánach atá lonnaithe i ndlínse an mháthaireintitis deiridh, gan beann ar cé acu a chuirtear riail cháilithe i bhfeidhm sa dlínse sin maidir le cuimsiú ioncaim nó nach gcuirtear. Ní bheidh cistí pinsin faoi réir cháin bhreisiúcháin RÍFTC.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 6

Airteagal 36(2)(b)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

eintiteas rialtais, eagraíocht idirnáisiúnta, eagraíocht neamhbhrabúsach nó ciste pinsin seachas eintiteas seirbhísí pinsin ar a bhfuil cónaí chun críoch cánach sa dlínse ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe agus a bhfuil leasanna úinéireachta ar seilbh aige lena léirítear ceart ar 5 % de bhrabúis agus de shócmhainní an mháthaireintitis deiridh nó níos lú ná sin .

(b)

eintiteas rialtais (lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus a gcomhlachais siúd) , eagraíocht idirnáisiúnta, eagraíocht neamhbhrabúsach nó ciste pinsin.

Cúis

Soiléiriú. Féinmhínitheach.

Leasú 7

Airteagal 37(3)(c).

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(c)

eintiteas rialtais, eagraíocht idirnáisiúnta, eagraíocht neamhbhrabúsach nó ciste pinsin seachas eintiteas seirbhísí pinsin a bhfuil cónaí air chun críoch cánach sa dlínse ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe agus a bhfuil leasanna úinéireachta ar seilbh aige lena léirítear ceart ar 5 % de bhrabúis agus de shócmhainní an mháthaireintitis deiridh nó níos lú ná sin .

(c)

eintiteas rialtais (lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus a gcomhlachais siúd) , eagraíocht idirnáisiúnta, eagraíocht neamhbhrabúsach nó ciste pinsin.

Cúis

Soiléiriú. Féinmhínitheach.

Leasú 8

Airteagal 53a (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar na torthaí agus féadfaidh sé togra a ullmhú chun an Treoir a leasú, go háirithe maidir le hoiriúnú a dhéanamh ar na sainmhínithe a bhaineann leis an tairseach láimhdeachais agus an t-íosráta cánach, i gcomhréir le hathruithe ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Cúis

In éagmais measúnú tionchair ón gCoimisiún Eorpach agus an Treoir seo á dréachtú, tá sé níos tábhachtaí fós athbhreithniú a dhéanamh chun anailís a dhéanamh ar na torthaí agus ar iarmhairtí chur chun feidhme na Treorach.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

Barúlacha ginearálta

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas (1);

2.

á thabhairt le fios an athuair go sonraítear in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go n-oibreoidh an tAontas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa, arna fothú ar an bhfás eacnamaíoch cothromúil agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta, agus go bhforáiltear le hAirteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go nglacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil, forálacha chun bunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus chun saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint;

3.

den tuairim go bhféadfadh an obair atá déanta ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) go dtí seo maidir le bearta a ullmhú chun cur i gcoinne chreimeadh an bhoinn cánach agus aistriú brabúis lasmuigh den Aontas dea-thionchar a imirt ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, ní hamháin i ndáil le hioncam cánach níos airde a bheith ar fáil do na Ballstáit, ach freisin d’fhonn níos mó cothroime agus iomaíochais a áirithiú do FBManna, a bhfuil orthu, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, dul i ngleic faoi láthair le dálaí cánach atá níos neamhfhabhraí, rud a bhfuil éifeachtaí dearfacha aige don fhostaíocht agus d’oibrithe;

4.

suite de gurb é an chéad chéim i dtreo córas amháin cánachais a chruthú laistigh den Aontas ná an togra maidir le híosleibhéal cánachais a thabhairt isteach óir tá géarghá leis an gcóras sin murab ionann is riamh chun iomaíocht chuí a chruthú idir cuideachtaí ar mhargadh inmheánach na hEorpa, chun cur le hiomaíochas na hEorpa agus chun athlonnú nó dúnadh éagórach na n-ionad táirgeachta a sheachaint, toisc go gcuireann a leithéid isteach go mór ar oibrithe má bhíonn orthu post nua a lorg nó aistriú mór a dhéanamh le nach gcaillfidh siad a bpost;

5.

den tuairim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach nach gcruthóidh na rialacha rómhaorlathas breise do ghnólachtaí, rud a chuirfeadh bac ar a ndul chun cinn, go háirithe in earnálacha an taighde agus na nuálaíochta, agus na haeráidneodrachta, earnálacha a bhfuil ríthábhacht leo maidir leis an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas atá riachtanach a áirithiú;

Na rialacha a chomhchuibhiú go hiomlán san Aontas

6.

ag súil leis go gcuirfear an Treoir i bhfeidhm go córasach agus go comhsheasmhach i ngach Ballstát, agus i gcomhréir iomlán freisin le comhaontú ECFE. Dá mbeadh easpa comhchuibhithe ann idir na rialacha maidir leis an íosleibhéal cánach laistigh den Aontas, nó idir an tAontas agus tríú tíortha, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh díospóidí ann i dtaobh cánachas dúbailte, rud a mbeadh tionchar diúltach díreach aige ar líon mór príomhchuideachtaí domhanda agus iarmhairtí aige sin dá soláthraithe (ar FBManna iad go minic) maidir le hioncam cánach, an trádáil agus infheistíochtaí;

7.

den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí barúlacha ECFE agus tuilleadh mionsonraí teicniúla maidir leis na rialacha samhla a áireamh ar bhealach cuimsitheach sa Treoir agus nach ndéanfaí iad a thrasuí go róthapa, gan na bearta a d’fhéadfadh teacht as an rialáil a chur as an áireamh;

8.

á chur chun suntais a thábhachtaí atá sé téarmaíocht chomhroinnte lánsoiléir a úsáid sa leagan deiridh den Treoir. D’fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt de na sainmhínithe nua sa Treoir ag luí go hiomlán leis na sainmhínithe atá leagtha síos cheana sa dlí idirnáisiúnta cánach. D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a áirithiú, beidh sé ríthábhachtach na leaganacha aistrithe den Treoir a chros-seiceáil chun go mbeidh coincheapa an dlí cánach sna tíortha éagsúla ailínithe go beacht;

9.

á iarraidh, chomh fada agus a bhaineann sé le grúpaí móra náisiúnta, go ndéanfaí gach iarracht a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-íosleibhéal cánach nua dlí an Aontais Eorpaigh le go seachnófar éiginnteacht dhlíthiúil; go mór i bhfabhar bearta simpliúcháin a bhunú, nuair is féidir, maidir leis na grúpaí sin ar grúpaí náisiúnta amháin iad. Ní fios go beacht faoi láthair cá mhéad grúpa mór den chineál sin atá ann san Aontas agus cén costas fioscach agus riaracháin a bheadh i gceist le beart den sórt sin;

An caidreamh le tríú tíortha agus cothrom iomaíochta

10.

ag súil leis, nuair a bheidh íosráta cánach ECFE á thrasuí sa dlí, go n-oibreoidh an tAontas i gcónaí i gcomhar lena chomhpháirtithe domhanda agus go seasfaidh sé lena threoirlínte polaitiúla, ionas nach mbeidh rialacha níos déine le comhlíonadh ag cuideachtaí Eorpacha i gcomparáid lena n-iomaitheoirí díreacha, rud a chruthódh timpeallacht ghnó nach mbeadh chomh hoscailte sin san Aontas ina mbeadh fás eacnamaíoch níos lú, níos lú fostaíochta agus líon teoranta inniúlachtaí agus acmhainní chun freagairt do dhúshláin na nuálaíochta; den tuairim, go háirithe, go bhféadfadh neamhrannpháirteachas SAM i gColún 1 an bonn a bhaint den sprioc atá le comhaontú ECFE ina iomláine agus den chothromaíocht atá ann;

11.

á iarraidh ar an Aontas Eorpach dianfhaireachán a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag tabhairt isteach chóras Cholún 2 ar iompraíocht infheisteoirí agus cuideachtaí, le gur féidir tuiscint a fháil ar an tionchar a bheidh ag na rialacha nua ar infheistíocht, poist, fás, trádáil nó an luí cánach. Tá géarghá leis an bhfaireachán sin chun éifeachtaí diúltacha ar oibrithe (i bhfoirm pá níos ísle), ar thomhaltóirí (i bhfoirm praghsanna níos airde) nó ar scairshealbhóirí (i bhfoirm díbhinní níos ísle) a sheachaint. Ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfeadh príomhpháirtithe trádála uile an Aontais an t-íosleibhéal cánach i bhfeidhm, tá sé riachtanach go gcomhlíonfadh tríú tíortha na rialacha idirnáisiúnta, ionas nach gcuirfí cuideachtaí an Aontais faoi réir córais níos déine ná cuideachtaí eile agus le nach bhfágfaí iad faoi thoil córas domhanda neamh-chomhordaithe;

12.

á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh an Riail maidir le hÍocaíochtaí faoi Thearc-Cháin (RÍFTC) teorainn a chur, go pointe áirithe, leis an éagothroime iomaíochta idir cuideachtaí, ach nach réiteach iomlán ar an bhfadhb é sin, go háirithe toisc gur riail í is fíordheacair a chur i bhfeidhm sa chleachtas agus go bhfágfadh sí nach mbeadh an tAontas chomh tarraingteach céanna, mar shampla i gcás gníomhaíochtaí taighde agus forbartha nó infheistíochtaí san aistriú fuinnimh agus aeráide;

13.

den tuairim gur gá a sheachaint go mbeadh ar chuideachtaí an Aontais déileáil le cánachas dúbailte, de dheasca, mar shampla, easpa comhordaithe a bheith ann idir creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS) nó an Riail Eorpach maidir le Cuimsiú Ioncaim (RCI) agus BEAT nó GILTI sna Stáit Aontaithe;

Comhchuibhiú le dreasachtaí agus rialacha eile cánach an Aontais

14.

á mholadh go seolfaí, mar chuid den laghdú mór ar an gcáin a ghearrtar ar bhrabús corparáideach ar an leibhéal Eorpach (laghdú 50 % in 25 bliana), meastóireacht ar an iliomad beart frithsheachanta a rinneadh le deich mbliana anuas agus go ndéanfaí measúnú ar a n-éifeachtúlacht, a n-éifeachtacht, a gcomhleanúnachas agus a mbreisluach AE ó thaobh ioncam cánach de (lena n-áirítear an chaoi ar chuir na Ballstáit an reachtaíocht sin chun feidhme ina gcuid oibre iniúchóireachta);

15.

á iarraidh ar an gCoimisiún é a mheas an féidir sásra 2017 um réiteach díospóidí a úsáid do Cholún 2 nó an bhfuil gá le hathruithe a dhéanamh air;

16.

den tuairim gur cheart don Choimisiún agus d’údaráis chánach na mBallstát a gcórais chánach a thabhairt cothrom le dáta agus a athdhearadh sa chaoi is go mbeidh siad fós in ann an nuálaíocht (ghlas), an fás agus poist a spreagadh. Tá roinnt cánacha agus dreasachtaí náisiúnta ceaptha agus curtha chun feidhme ag tíortha áirithe le blianta beaga anuas chun an fhostaíocht agus an nuálaíocht a spreagadh sna geilleagair áitiúla. Is é an claonadh is déanaí agus is tábhachtaí atá ann ná an méadú ar dhreasachtaí cánach a ceapadh go sonrach chun cosaint an chomhshaoil, slándáil an tsoláthair fuinnimh agus T&F a spreagadh mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip. Cuid de na dreasachtaí cánach atá in úsáid sna Ballstáit faoi láthair, ní bheidh fáil orthu níos mó, sin nó ní bheidh siad chomh tarraingteach céanna ó thaobh na hinfheistíochta de nuair a bheidh an Treoir i bhfeidhm. B’úsáideach an rud é, dá bhrí sin, dá n-ullmhódh an Coimisiún treoirleabhar ina míneofaí an chaoi a gceapfar dreasachtaí cánach sa todhchaí i gcomhréir le ceanglais Cholún 2 (e.g. dreasachtaí lena dtugtar faoiseamh cánach ar thuarastail nó ranníocaíochtaí slándála sóisialta taighdeoirí, nó scéimeanna dímheasa luathaithe chun an infheistíocht a spreagadh);

17.

den tuairim gur den ríthábhacht é go leanfaidh na Ballstáit de dhreasachtaí cánach a chur ar fáil chun infheistíocht a mhealladh ón gcoigríoch, ar choinníoll go spreagfaidh siad gníomhaíochtaí an fhíorgheilleagair trí níos mó fostaithe a fhostú, níos mó a íoc le hoibrithe agus infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní inláimhsithe. Bíonn na fiontair ilnáisiúnta ag brath freisin ar na FBManna áitiúla maidir le táirgí ionchuir a fháil dá slabhraí luacha agus is féidir leo, agus láithreacht acu sna Ballstáit, éifeachtaí dearfacha breise a chruthú sa timpeallacht ghnó áitiúil;

18.

ag tacú leis an iarratas a rinne an pobal gnó maidir le céim thástála a thabhairt isteach chun na pionóis dá bhforáiltear a chur i bhfeidhm. D’fhéadfaí sin a dhéanamh, mar shampla, sa chéad bhliain den chur chun feidhme le go mbeadh deis ag gach cuideachta eolas a chur ar na rialacha nua, le go mbeadh na pionóis a ghearrfaí ar na heintitis sin nár chomhlíon na rialacha i gcomhréir leis an neamhchomhlíonadh agus nach ngearrfaí pionóis ar na heintitis sin nár chomhlíon na rialacha toisc moill a bheith orthu ag cur na nósanna imeachta in oiriúint seachas toisc sin a bheith beartaithe acu d’aon ghnó;

19.

á mholadh, i gcás na gceanglas maidir le taiscí, nár cheart faisnéis a bhaineann le gnólachtaí a nochtadh ach amháin trí mhalartú oifigiúil faisnéise idir na húdaráis chánach, faoi réir rúndacht dhocht agus coinníollacha iomchuí úsáide, d’fhonn sceitheadh neamhrialaithe faisnéise íogaire a chosc, agus gan baint de na ceanglais trédhearcachta mar a leagtar amach sa Mholadh ó Chomhairle ECFE um modhanna cur chuige coiteanna maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin a bhfuil tacaíocht oifigiúil ann dóibh agus maidir leis an dícheall cuí sóisialta agus comhshaoil;

20.

á iarraidh go dtabharfaí isteach simpliú riaracháin d’fhonn teorainn a chur leis na costais a bhaineann leis na rialacha nua a chur in oiriúint, i gcás cuideachtaí agus údaráis chánach. Ba cheart gach iarracht a dhéanamh an t-ualach riaracháin a choimeád chomh híseal agus is féidir. Cabhraíonn reachtaíocht nach bhfuil róchasta leis na cuideachtaí eolas a chur ar na rialacha nua, leis an idirthréimhse is gá a ghiorrú, agus leis na húdaráis chánach cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha nua a fhíorú.

An Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  COM(2021) 823 final.


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/51


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Straitéis Eorpach d’Ollscoileanna

(2022/C 301/09)

Rapóirtéir:

Emil BOC (RO/PPE), Méara Cluj-Napoca

Doiciméad tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún maidir le straitéis Eorpach d’ollscoileanna

COM(2022) 16

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

ag tacú le rannpháirtíocht an Aontais san oideachas agus lena thacaíocht chun barr feabhais san oideachas a chur chun cinn; ag leagan béim, i ndáil leis sin, ar an ról lárnach atá ag an straitéis Eorpach d’ollscoileanna, ar cuid den phacáiste ardoideachais í lena ndéanfar an Limistéar Eorpach Oideachais a chur ar fáil faoi 2025;

2.

á chur i bhfáth nach mairfidh an tsibhialtacht, lena neartaítear luachanna daonlathacha na hEorpa, ach amháin má infheistítear i gcaipiteal daonna. Bunchloch na foghlama ar feadh an tsaoil is ea córas oideachais den scoth a bhfuil ollscoileanna maithe ina chroílár;

3.

á chur in iúl go láidir an tábhacht a bhaineann le caighdeán oideachais agus taighde na hollscoile Eorpaí a ardú agus a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh an tacaíocht is gá ar fáil ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun na cuspóirí a aithnítear sa straitéis sin a bhaint amach;

4.

á aithint go bhfuil ról ríthábhachtach ag ollscoileanna sa tsochaí agus go rannchuidíonn siad le forbairt inbhuanaithe, athléimneach agus chuimsitheach na mBallstát, na bpobal áitiúil agus na réigiún araon, ar forbairt í atá bunaithe ar luachanna daonlathacha. Tá ollscoileanna níos tábhachtaí fós le linn géarchéimeanna, nuair is féidir leo cabhrú leis an ngéarchéim a shárú agus cur leis an téarnamh iar-ghéarchéime (1);

5.

á chur chun suntais an ról ríthábhachtach atá ag ollscoileanna chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Is fada béim á cur ag an Aontas ar an ngá atá leis an dlúthnasc idir an taighde, an teagasc, an fhoghlaim agus an nuálaíocht in ollscoileanna a neartú, agus maoiniú níos fearr á thabhairt d’ollscoileanna san am céanna chun an leibhéal cáilíochta is gá a dhaingniú. Tá ról na n-ollscoileanna maidir le heolas taighde nua a ghiniúint agus nuálaíocht nua a chur chun cinn ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shochaíocha phráinneacha arna sainaithint i misin an Aontais Eorpaigh;

6.

á chur in iúl nach mór féachaint ar ollscoileanna mar ghné bhunúsach de chultúr na hEorpa agus gur buntáiste straitéiseach é éagsúlacht na hearnála ollscoile, lena dtugtar le chéile comhlachtaí teagaisc, institiúidí taighde agus institiúidí gairmoiliúna, etc.;

7.

ag tabhairt dá aire gur minic a chuireann ionaid ardoideachais buntáiste iomaíoch tábhachtach ar fáil ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach (2). Mar shampla, tá suim ag infheisteoirí i bpobail a bhfuil lucht saothair ardcháilithe acu agus tá suim acu sna deiseanna chun dul i gcomhar le lucht acadúil agus chun aistriú teicneolaíochta agus feasa gnó a dhéanamh idir ollscoileanna agus an earnáil ghnó, agus mealltar chuig na háiteanna sin iad. Gintear ioncam suntasach áitiúil (3) freisin áit a mbíonn ollscoileanna toisc go gcaitheann mic léinn, léachtóirí agus baill foirne eile cuid mhór airgid i siopaí agus gnólachtaí áitiúla (tá éifeacht mhór iolraitheora ann maidir le tomhaltas ollscoile). Sa bhreis ar na buntáistí sin atá inchainníochtaithe ó thaobh an gheilleagair de, is gnách gur bailte ilchultúrtha iad na bailte ollscoile mar gheall ar mhic léinn agus foireann teagaisc ó thíortha éagsúla a bheith i láthair agus mar gheall ar luachanna amhail an chaoinfhulaingt agus éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus eitneach á gcur chun cinn (4);

8.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cur chuige il-leibhéil a glacadh leis an straitéis Eorpach d’ollscoileanna, lena bhféachtar le cuspóirí beartais a ailíniú le hinfheistíocht AE, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil; á chur in iúl, áfach, go mbeadh sé tairbhiúil gné áitiúil agus réigiúnach níos láidre a bheith i ndearadh agus i gcur chun feidhme na samhla idéalaí d’ollscoileanna amach anseo;

9.

ag tabhairt dá aire gur gá comhpháirtíochtaí straitéiseacha a thógáil idir LRAnna agus ollscoileanna, lena n-áirítear maidir le straitéisí forbartha áitiúla agus réigiúnacha a chumadh. Tá ról ríthábhachtach ag ollscoileanna maidir le héiceachórais áitbhunaithe a fhorbairt, a bhfuil straitéisí réigiúnacha um speisialtóireacht chliste mar bhunús maith dóibh;

10.

á aithint gur féidir le LRAnna tacú le hollscoileanna trí dhálaí áitiúla agus réigiúnacha a chruthú agus a fheabhsú (amhail rochtain ar gach cineál bonneagair agus seirbhíse, cáilíocht saoil, agus timpeallacht chuimsitheach) lenar féidir ollscoileanna a dhéanamh níos iomaíche ar an leibhéal domhanda;

11.

ag tabhairt dá aire go bhfuil seantraidisiún comhair ann cheana féin idir ollscoileanna ó Bhallstáit éagsúla trí chlár Erasmus+, agus ní mór sin a fhorbairt agus a neartú ar bhonn leanúnach;

12.

ag tabhairt dá aire go bhfuil athrú ag teacht ar ról na n-ollscoileanna sa tsochaí, agus go bhfuil siad ag glacadh le feidhmeanna nua mar aon lena bhfeidhmeanna traidisiúnta (a bhí dírithe den chuid is mó ar an teagasc agus ar thaighde) (5). Tá ról na n-ollscoileanna á athshainiú acu agus iad ag feidhmiú anois mar phríomhghníomhaithe i réimsí amhail nuálaíocht theicneolaíoch agus shóisialta, fiontraíocht agus aistriú teicneolaíochta chuig an ngeilleagar. Ní fhanann siad amach ó na pobail agus ón tsochaí a thuilleadh ach tá siad rannpháirteach sa phobal, iad ina bpáirtithe leasmhara atá in ann freagraí ar roinnt de na fadhbanna atá os comhair na sochaí a aithint (6);

13.

á chur in iúl go bhfuil ról lárnach ag ollscoileanna maidir le cuspóirí a chur chun cinn atá ríthábhachtach don Aontas Eorpach, amhail an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Tá neart saineolais ag ollscoileanna sna réimsí sin, ach is féidir leo dea-chleachtais ábhartha a chur chun feidhme agus a scaipeadh freisin sna pobail ina bhfuil siad lonnaithe;

14.

ag tabhairt dá aire gur féidir le hollscoileanna réitigh agus uirlisí a chur ar fáil chun dul i ngleic le cuid de mhórfhadhbanna an Aontais, amhail imirce daoine oilte (7) agus tréigean na tuaithe. Tá dlúthnasc idir na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le himirce daoine oilte agus an ról lárnach atá ag cúrsaíocht daoine oilte ar thaobh amháin agus comhar agus comhpháirtíochtaí idir ollscoileanna, LRAnna, an timpeallacht ghnó agus an tsochaí shibhialta ar an taobh eile; á chur i bhfáth gur cheart dlús suntasach a chur leis na hiarrachtaí chun an deighilt eolais agus an deighilt nuálaíochta san Eoraip a chúngú agus chun an bhearna nuálaíochta idir an Eoraip agus SAM a dhúnadh;

15.

á mholadh go bhfuil sé tábhachtach go n-aithneofaí agus go n-áiritheofaí go nglacfaí go buan, ar mhórscála, dea-chleachtais ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach maidir le comhar idir ollscoileanna agus LRAnna. Dá bhrí sin, is tosaíocht é do LRAnna na mBallstát líonraí trasnáisiúnta a chruthú atá dírithe ar dhea-chleachtais a scaipeadh, le rannpháirtíocht leathan geallsealbhóirí ardoideachais. D’fhéadfaí an líonra sin a áireamh sa straitéis Eorpach d’ollscoileanna;

16.

á thabhairt le fios go bhfuil aghaidh á tabhairt ag ollscoileanna ar fhadhbanna agus bacainní suntasacha de réir mar a athraíonn siad agus de réir mar a ghlacann siad freagrachtaí nua chucu féin. Is é is dóichí go dtiocfar ar dhúshláin airgeadais i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, molann sé go ndéanfaí straitéis infheistíochta a cheapadh ina gcuirfí maoiniú réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach san áireamh agus ina n-iarrfaí go gcuirfí san áireamh an comhar idir an earnáil phoiblí, an earnáil phríobháideach agus an earnáil neamhbhrabúis d’fhonn acmhainneachtaí na n-ollscoileanna Eorpacha a fhothú. Tá sé ag tabhairt dá aire freisin go bhfuil dúshláin ann a bhaineann le leibhéal an neamhspleáchais ollscoile agus/nó le hidirghabháil pholaitiúil i mórchinntí maidir le maoiniú ollscoile, earcú agus roghnú foirne teagaisc, saoirse chun tuairimí a nochtadh agus rogha ábhar agus treo an taighde, agus maidir le deiseanna le haghaidh cumarsáid shaor gan cinsireacht a dhéanamh ar thoradh an taighde;

17.

á chur in iúl go láidir gur gá do LRAnna na mBallstát tabhairt faoi raon leathan d’éiceachórais áitiúla agus réigiúnacha a chomhdhlúthú agus comhar agus muinín a chur chun cinn idir earnálacha éagsúla an chomhphobail. Tá sé á chur i bhfios ag CnaR nach mór ollscoileanna ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach a mheas mar chuid d’éiceachóras níos leithne ina bhfuil raon leathan geallsealbhóirí (8). Tá comhar idir ollscoileanna agus geallsealbhóirí pobail ábhartha ríthábhachtach chun cur ar chumas ollscoileanna scileanna nua a chur ar fáil lena ndíreofar ar réiteach cruthaitheach fadhbanna, ar úsáid teicneolaíochta agus ar chumarsáid éifeachtúil sa phobal;

18.

ag tabhairt dá aire gur tosaíochtaí bunúsacha den straitéis Eorpach d’ollscoileanna iad comhar trasnáisiúnta idir ollscoileanna a dhoimhniú agus gné Eorpach an ardoideachais a fhorbairt. Dá réir sin, tá sé den tuairim gur féidir le LRAnna gníomhú chun tacú le comhar trasnáisiúnta idir ollscoileanna nuair is féidir sin (is príomhshásra é Tionscnamh Erasmus+ na nOllscoileanna Eorpacha do chomhghuaillíochtaí ollscoile a bhfuil sé d’aidhm acu barr feabhais a bhaint amach). Is féidir le LRAnna dea-chleachtais a ghlacadh a leagtar amach sa straitéis, amhail an Cárta Mic Léinn Eorpach. Chomh maith le freastal ar chuspóirí acadúla, d’fhéadfadh mic léinn trasnáisiúnta, taighdeoirí trasnáisiúnta agus baill foirne teagaisc idirnáisiúnta an cárta a úsáid agus cumarsáid á déanamh acu le riaracháin áitiúla (mar shampla, le haghaidh ceadanna cónaithe, pasanna iompair phoiblí agus rochtain ar mhúsaeim);

19.

á chur in iúl, laistigh den straitéis Eorpach d’ollscoileanna, go gcaithfidh LRAnna na mBallstát gníomhú mar éascaitheoirí atá in ann geallsealbhóirí pobail éagsúla a thabhairt le chéile maidir le tionscnaimh agus tionscadail atá ábhartha d’ollscoileanna. Tá sé ag tabhairt dá aire freisin nach bhfuil freagracht dhíreach ar LRAnna maidir le maoiniú ollscoile i roinnt mhaith Ballstát. Mar sin féin, is féidir le LRAnna maoiniú a chur chun cinn ó raon foinsí d’ollscoileanna agus dá dtionscnaimh éagsúla, agus sineirgí á gcruthú acu ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;

20.

á aithint gur gá d’ollscoileanna na cláir staidéir a athmhúnlú chun freagairt chomh héifeachtach agus is féidir do dhul chun cinn tapa sa teicneolaíocht, don aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus d’athruithe struchtúracha ar mhargaí saothair na hEorpa a bhfuil scileanna nua ag teastáil ina leith (9). Tá sé á chur in iúl aige freisin gur féidir le LRAnna ról tábhachtach a imirt sa phróiseas chun cláir staidéir a athmhúnlú agus scileanna nua den sórt sin a fhorbairt. Tá sé á chur i dtábhacht aige, san am céanna, cé go gcuireann ollscoileanna go mór le hinfhostaitheacht agus iomaíochas eacnamaíoch laistigh de gheilleagar domhandaithe a fheabhsú, ní mór gné neamhspleách an oideachais threasaigh a chaomhnú;

21.

á chur in iúl go láidir an tábhacht a bhaineann le ról na LRAnna chun éiceachórais áitiúla agus réigiúnacha a chruthú agus a chomhdhlúthú lena gcuirfear comhar gníomhach agus líonrú chun cinn idir údaráis phoiblí fhonáisiúnta, gnólachtaí agus tionscal, agus ollscoileanna. Ní mór do LRAnna gníomhú mar thionscnóirí agus mar éascaitheoirí sna héiceachórais sin, agus deiseanna comhair á n-aithint, acmhainní á leithdháileadh (airgeadais agus eile) le haghaidh gníomhaíochtaí líonraithe agus comhair, agus tacaíocht á tabhairt do bhunú mol amhail braislí oideachais ar an leibhéal áitiúil agus/nó ar an leibhéal réigiúnach. Uirlisí den scoth is ea braislí oideachais, a cheaptar chun spás a chur ar fáil don idirphlé agus don chomhar idir na príomhpháirtithe leasmhara san oideachas foirmiúil d’fhonn tacú le daoine óga agus iad ag ullmhú le dul isteach i margadh an tsaothair. Trí bhraislí oideachais, is féidir le LRAnna oibriú le geallsealbhóirí eile san éiceachóras chun sásraí amhail cistí nuálaíochta agus miondeontais do ghnólachtaí nuathionscanta i bpríomhréimsí áirithe a chur chun feidhme;

22.

den tuairim gur gá do mhic léinn anois, agus iad i mbun foghlama, úsáid a bhaint as modhanna atá an-difriúil i gcásanna áirithe ó na cinn a úsáideadh roimhe seo. Teastaíonn deiseanna uathu chun coincheapa teoiriciúla a chur i bhfeidhm i gcásanna ón bhfíorshaol, agus iad a úsáid chun fadhbanna a réiteach ina bpobal áitiúil agus réigiúnach. I gcomhar le hollscoileanna agus le geallsealbhóirí eile éiceachórais áitiúla agus réigiúnacha, is féidir le LRAnna an taithí foghlama sin a chothú, cuir i gcás trí thacú le saotharlanna maireachtála, saincheisteanna beartais a chur ar aghaidh le haghaidh anailíse, comhthionscadail straitéiseacha a fhorbairt don phobal agus comhar le geallsealbhóirí áitiúla agus réigiúnacha eile a éascú;

23.

den tuairim gur féidir le LRAnna, i gcomhpháirtíocht le hollscoileanna agus le geallsealbhóirí eile éiceachórais áitiúla nó réigiúnacha, an-chuid a dhéanamh chun tacú le fiontraithe óga, lena n-áirítear mic léinn agus céimithe, trí chabhrú leo rochtain a fháil ar na príomhacmhainní is gá le haghaidh na nuálaíochta. Tá acmhainní de dhíth ar roinnt mhaith daoine óga agus mic léinn amhail saotharlanna, teicneolaíochtaí nua agus naisc nua chun smaointe gnó agus/nó táirgí agus seirbhísí a fhorbairt. In éineacht le comhlachtaí eile a bhfuil na hacmhainní sin acu, is féidir le LRAnna cur ar chumas fiontraithe óga rochtain a fháil ar na hacmhainní a theastaíonn uathu chun bheith nuálach (spás oifige, oiliúint, comhairle, etc.);

24.

á chur in iúl gur féidir le LRAnna caidrimh chliste a fhorbairt le hollscoileanna chun an pobal áitiúil agus réigiúnach a fhorbairt. Ní mór d’ollscoileanna eolas agus seirbhísí a chur ar fáil do na pobail sin ina bhfuil siad lonnaithe. Is féidir le LRAnna an caidreamh sin a éascú trí chláir a bhunú a mbíonn ollscoileanna páirteach iontu ar bhonn buan chun réitigh a fháil ar fhadhbanna áitiúla agus réigiúnacha, trí chomhairle agus saineolas a chur ar fáil agus trí dhea-chleachtais a scaipeadh nuair a thagann siad chun cinn ionas gur féidir le níos mó pobal agus údarás gníomhú ina leith chomh maith. Tá ról thar a bheith tábhachtach ag aitheantas poiblí agus ag dreasachtaí do rannpháirtíocht na n-ollscoileanna chun an tairbhe a ghabhann le bealaí éagsúla acadúla agus/nó gairmiúla a chruthú, agus spreagtar ollscoileanna chun rannpháirtíocht múinteoirí, taighdeoirí agus mac léinn ar an leibhéal áitiúil a chur chun cinn;

25.

á chur i dtábhacht gur féidir le pobail áitiúla agus réigiúnacha, idir bheag agus mhór, tairbhe chomhionann a bhaint as ollscoil a bheith acu. Is féidir le LRAnna cur go mór le hollscoileanna a fhorbairt agus iad a dhéanamh níos tarraingtí tríd an mbunobair a leagan síos ar mhaithe le cáilíocht ard saoil agus dearcaí agus iompraíocht a spreagadh atá dírithe ar an gcaoinfhulaingt, an cuimsiú, an ilchultúrthacht agus sábháilteacht an phobail. Is féidir le hollscoileanna cuid dá ngníomhaíochtaí agus dá struchtúir a lonnú i mbailte beaga, mar aon le cathracha. Is féidir le LRAnna cabhrú chun struchtúir ollscoile agus/nó institiúidí taighde a bhunú i mbailte beaga trí sheirbhísí a chur ar fáil amhail tithíocht inacmhainne do mhic léinn, trí úsáid a bhaint as foirgnimh phoiblí áirithe le haghaidh gníomhaíochtaí teagaisc, taighde agus cumarsáide, agus trí tháscairí iontaofa cáilíochta saoil a tháirgeadh, agus leas á baint as sochair áirithe nach gcuirtear ar fáil sna cathracha móra;

26.

den tuairim gur féidir dlús a chur leis an aistriú digiteach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach trí dhul i gcomhar le hollscoileanna agus tríd an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainní ollscoile ábhartha. In éineacht le LRAnna, is féidir le hollscoileanna comhairle a chur ar fáil nó straitéisí um aistriú digiteach a cheapadh atá dírithe ar imthosca áitiúla nó réigiúnacha. I gcomhpháirtíocht le LRAnna, is féidir le hollscoileanna cúrsaí gearrthéarmacha maidir le scileanna digiteacha nó seisiúin oiliúna a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, agus béim ar leith á leagan ar ghrúpaí atá i mbaol eisiaimh (amhail daoine scothaosta agus daoine ar bheagán oideachais);

27.

Is féidir le LRAnna tacú le forbairt campas hibrideach a chuirfidh an t-aistriú digiteach chun cinn i bpobail agus in ollscoileanna araon, lena n-áiritheofar comhionannas deiseanna, lena gcuirfear lánpháirtiú sóisialta chun cinn, lena gcuirfear feabhas ar iomaíochas daoine óga i margadh an tsaothair, lena neartófar an obair óige, an neamh-idirdhealú agus an tuiscint idirchultúrtha. Le campais hibrideacha, ba cheart aird a thabhairt ar an gcumarsáid chun comhionannas deiseanna a áirithiú agus ar leibhéal scaipthe faisnéise chun a áirithiú go mbeidh rochtain i ndáiríre ag gach duine óg incháilithe uirthi, go háirithe iad siúd a bhfuil cónaí orthu i réigiúin fhorimeallacha. Is féidir le LRAnna tacaíocht airgeadais agus eile a chur ar fáil do bhearta chun na campais hibrideacha sin a oscailt do gheallsealbhóirí pobail éagsúla, lena n-áirítear grúpaí atá i mbaol agus faoi mhíbhuntáiste, daoine óga leochaileacha agus daoine óga atá i mbaol amhail NEETanna, cuardaitheoirí poist óga, mná, dídeanaithe, daoine faoi mhíchumas agus daoine ar scor. Ní mór do bheartais an Aontais agus na mBallstát tosaíocht a thabhairt do chuimsiú daoine óga atá i mbaol;

28.

den tuairim go bhfuil lear mór eolais agus saineolais ag ollscoileanna maidir leis an aistriú glas. Is féidir le hollscoileanna a bheith ina samhail de dhea-chleachtais freisin — anuas ar an oideachas agus faisnéis — don aistriú glas. I gcomhpháirtíocht le LRAnna, is féidir le hollscoileanna campais ghlasa a fhorbairt agus páirt a ghlacadh san athnuachan uirbeach, agus campais ghlasa agus foirgnimh eiseamláireacha atá fuinneamhéifeachtúil agus a chomhlíonann prionsabail éicidhearthóireachta á gcur ar fáil don phobal;

29.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an treochlár soiléir, na táscairí bliantúla agus na tagarmharcanna chun an straitéis a chur i gcrích, mar a d’iarr Coiste na Réigiún cheana féin, agus a úsáidfear chun meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta chun cuspóirí an Limistéir Eorpaigh Oideachais a bhaint amach. Mar sin féin, tá sé á chur in iúl aige gur gá an ghné áitiúil agus réigiúnach a chur san áireamh san Fhaireachlann Eorpach um Earnáil an Ardoideachais, toisc go n-áiritheofaí leis sin go mbeadh an scórchlár atá beartaithe dírithe freisin ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;

30.

ag tabhairt dá aire gur féidir le LRAnna cabhrú le hollscoileanna Eorpacha dul ar aghaidh chuig leibhéal idirnáisiúnta agus an tAontas Eorpach a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda. Leis an gcúnamh sin, ba cheart a áireamh go gcuirfear tacaíocht ar fáil d’ollscoileanna Eorpacha chun dul isteach i gcomhghuaillíochtaí uaillmhianacha trasnáisiúnta agus comhar sistéamach fadtéarmach á fhorbairt maidir le hoideachas den scoth agus taighde agus nuálaíocht agus go gcuirfear deiseanna buana ar fáil i dtaca le soghluaisteacht acadúil do mhic léinn, do mhúinteoirí, do thaighdeoirí agus do bhaill foirne.

An Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Howard, G., Weinstein, R., Yang, Y. (2021), Do universities improve local economic resilience?, IZA DP Uimh. 14422, ar fáil ar líne ag https://docs.iza.org/dp14422.pdf.

(2)  Fonseca, L., Nieth, L. (2021), The role of universities in regional development strategies: A comparison across actors and policy stages, European Urban and Regional Studies, 22(3); Goddard, J, Puukka, J. (2008), The engagement of higher education institutions in regional development: an overview of the opportunities and challenges, Higher Education Management and Policy, 20(2): 11-41.

(3)  Chirca, A., Lazar, D.T. (2021), Cluj-Napoca without students: an estimation of the gap in the city’s economy, Transylvanian Review of Administrative Sciences, 66E: 44-59.

(4)  Goddard, J., Vallance, P. (2014), The university and the city, Higher Education, 68(2): 319-321.

(5)  Liddle J., Addidle G.D. (2022), The Changing Role of Universities in Society: Key Influences in The Role of Universities and HEIs in the Vulnerability Agenda. Rethinking University-Community Policy Connections. Palgrave Macmillan, Cham. https://doi.org/10.1007/978-3-030-89086-5_3.

(6)  Myklebust, J.P., Smidt, H. (2021), What is the role of universities in global upskilling?, University World News, ar líne ag https://www.universityworldnews.com/post.php?story=20210129110449887.

(7)  Hammerbauer, M., Pavletić, P., Vespa, M. (2021) Brain drain in higher education in European context, Tuarascáil chríochnaitheach — ESC41, ar líne ag https://www.esu-online.org/wp-content/uploads/2021/03/Brain-Drain-final-report-ESC41-Google-Docs.pdf.

(8)  Reichert, S. (2019), The Role of Universities in Regional Innovation Ecosystems, Staidéar EUA, ar líne ag https://www.eua.eu/downloads/publications/eua%20innovation%20ecosystem%20report_final_digital.pdf.

(9)  Jackson, N. J. (2011) Learning for a complex world: A lifewide concept of learning, education and personal development. Bloomington, IN: Author House; Williams, S., Dodd, L. J., Steele, C., & Randall, R. (2015), A systematic review of current understandings of employability, Journal of Education and Work, Imleabhar. 29, Uimh. 8, lgh 877-901.


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/56


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Státchabhair AE a thabharfar amach anseo in earnálacha na talmhaíochta, na foraoiseachta agus na limistéar tuaithe

(2022/C 301/10)

Rapóirtéir:

Guido MILANA (IT/PSE), Comhalta de Chomhairle Bardais Olevano Romano

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na tograí nua a rinne an Coimisiún Eorpach le déanaí chun státchabhair a dheonú sa talmhaíocht, tograí a mbeidh feidhm leo ón 1 Eanáir 2023;

2.

á mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go bhfuil státchabhair arna deonú do ghnóthais, sa chás ina bhféadfadh an chabhair sin an iomaíocht idir na Ballstáit a shaobhadh, ar neamhréir leis an margadh inmheánach, agus go dtugtar isteach maoluithe áirithe leis;

3.

á mheabhrú, i gcás earnálacha na talmhaíochta, na foraoiseachta agus na limistéar tuaithe, gurb é an Coimisiún a dhéanann a mheas an bhfuil saobhadh den chineál sin ann trína anailís a bhunú ar na treoirlínte maidir le státchabhair a dheonú in earnálacha na talmhaíochta, na foraoiseachta agus na limistéar tuaithe agus gurb í clárthréimhse 2014-2022 a chumhdaítear leis na treoirlínte sin;

4.

á chur i bhfios go láidir go sonraítear in Airteagal 81 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe nach mór cistiú do bhearta nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le CFAE a chur chun feidhme faoi na rialacha maidir le státchabhair;

5.

á chur i bhfáth go n-áirithítear le hailíniú an dá théacs sin go mbeidh an tréimhse a mhairfidh na rialacha maidir le státchabhair i gcomhréir leis an tréimhse a mhairfidh na rialacha forbartha tuaithe;

6.

á thabhairt dá aire gur sheol an Coimisiún, chun na críche sin, comhairliúchán in 2019 agus go leagtar amach torthaí an chomhairliúcháin sin sa doiciméad oibre SWD(2021) 107 final (2);

7.

á mheabhrú gur ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle, idir an dá linn, rialacháin maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) nua, go háirithe Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena leagtar síos rialacha maidir leis an tacaíocht a thugtar do phleananna straitéiseacha agus ina gcuirtear san áireamh an tuairim ó CnaR maidir le CBT nua;

8.

á chur i bhfáth nach mór do na tograí nua maidir le státchabhair a dheonú CBT nua a chur san áireamh agus leanúint de bheith i gcomhréir leis;

9.

á chur i bhfáth go mbeidh ar na feirmeacha na straitéisí maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme, go háirithe an Straitéis Bhithéagsúlachta agus an straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”;

10.

á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfaí tacaíocht do na feirmeacha agus na foraoisí agus an t-aistriú glas á chur i bhfeidhm, go háirithe na feirmeacha beaga atá lonnaithe i limistéir straitéiseacha de chuid na réigiún agus a bhfuil ról tábhachtach acu i gcosaint an tírdhreacha;

11.

ag áitiú ar an gCoimisiún caighdeáin táirgthe Eorpacha cheangailteacha agus clásail chómhalartachta nó comhuaineacha a leagan síos le haghaidh allmhairí, amhail na cinn a fhorchuirtear ar tháirgeoirí an Aontais;

12.

ag iarraidh ar an gCoimisiún líon na seiceálacha teorann a mhéadú agus nósanna imeachta amhail fuar-chóireáil ar tháirgí allmhairithe a fhorfheidhmiú;

13.

á mheabhrú go bhfuil a dhearcadh maidir leis an dá straitéis curtha in iúl cheana féin ag CnaR, sa tuairim Cathracha agus réigiúin a bheidh bithéagsúil tar éis 2020 in CBD COP 15 na Náisiún Aontaithe agus i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais 2030 (4) (níl leagan Gaeilge ann) agus sa tuairim Ón bhfeirm go dtí an forc: an ghné áitiúil agus réigiúnach (5) (níl leagan Gaeilge ann);

14.

ag leagan béim ar an ról tábhachtach atá ag na húdaráis áitiúla maidir le nósanna imeachta áirithe a shainiú agus a bhainistiú chun tacaíocht áirithe a chúiteamh, go háirithe tacaíocht atá nasctha leis an mbainistiú riosca sa talmhaíocht;

15.

á mheabhrú, maidir le sainiú na bpleananna straitéiseacha náisiúnta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/2115, nach chuige sin amháin atá na réigiúin, na cúigí agus na bardais páirteach sna pleananna sin ach go dtairbhíonn siad freisin den tacaíocht forbartha tuaithe agus go gcabhraíonn siad le sainiú an chur chuige ón mbun aníos atá leagtha amach sa tionscnamh LEADER;

16.

á chur in iúl gur thit an méid státchabhrach a deonaíodh in earnáil na talmhaíochta ar an leibhéal Eorpach ó 7,6 billiún in 2014 go 6 bhilliún in 2019, ach gur tharla méadú le linn thréimhse phaindéim COVID-19;

17.

á chur i bhfios, nár cuireadh deireadh riamh le táirgeadh na ngabháltas talmhaíochta agus agraibhia agus earnáil na foraoiseachta le linn na tréimhse sin, lena n-áirithítear cinnteacht an tsoláthair mar a cheanglaítear le hAirteagal 39 CFAE;

18.

á chur i bhfios go bhfuil éagobhsaíocht sa mhargadh tráchtearraí agus sa mhargadh soláthair bia de bharr an chogaidh idir an Rúis agus an Úcráin;

19.

ag leagan béim ar an ról ba cheart a bheith ag CBT i ndáil leis an méid sin, ó thaobh féinsoláthar de agus slándáil bia a ráthú;

20.

á mheabhrú gurbh fhéidir na soláthairtí sin a chur ar fáil a bhuí, freisin, leis an deis leas a bhaint as tacaíocht ad hoc arna leagan síos ag an gCoimisiún le haghaidh na géarchéime eacnamaíche a tháinig as COVID-19;

21.

á chur in iúl, ina theannta sin, gur faoi chuimsiú phleananna forbartha tuaithe go príomha a deonaíodh an chuid is mó den státchabhair, gan cabhair shonrach do ghéarchéim COVID-19 a áireamh, agus go háirithe maidir leis na bearta nach dtagann faoi chuspóirí Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE (táirgí talmhaíochta);

22.

á thabhairt dá aire gur nós imeachta casta atá sa nós imeachta maidir leis an státchabhair a chur san áireamh sna pleananna forbartha tuaithe;

23.

á thabhairt dá aire, ainneoin go bhfuil an-chosúlacht idir Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a bhaineann le tacaíocht CETFT a thabhairt chun cuspóirí forbartha tuaithe a bhaint amach agus treoirlínte 2014-2020 maidir le státchabhair a dheonú in earnálacha na talmhaíochta, na foraoiseachta agus na limistéar tuaithe, nach mbíonn na bearta forbartha tuaithe ag teacht go hiomlán leis an méid a fhoráiltear leis na rialacha maidir le státchabhair;

24.

á thabhairt dá aire gur tugadh le fios le linn an chomhairliúcháin a sheol an Coimisiún go bhfuil gnéithe áirithe de chuid na rialacha reatha maidir le státchabhair ann atá imithe i léig;

25.

á chur i bhfios go láidir gur príomhchuspóir i gcónaí é cothrom na Féinne a áirithiú do gach gnóthas san Aontas Eorpach;

26.

á thabhairt dá aire gur gá roinnt beart a choinneáil agus a oiriúnú, go háirithe na bearta maidir le bainistiú riosca;

27.

á thabhairt dá aire gur le haghaidh bearta forbartha tuaithe, den chuid is mó, a úsáideadh an chabhair in earnáil na foraoiseachta agus, i bhfianaise a thábhachtaí atá ról na bhforaoisí, gur gá é a dhéanamh níos éasca an chabhair sin a chur chun feidhme;

28.

den tuairim gur gá tacaíocht a thabhairt do ghabháltais talmhaíochta agus foraoise tríd an aistriú glas, go háirithe do mhicrifhiontair, feirmeoirí beaga agus áitiúla agus slabhraí gearra soláthair bia. I bhfianaise na bpraghsanna arda bia agus na gcostas ard ionchuir (amhail fuinneamh agus leasacháin), a bhfuil tionchar ag an gcogadh san Úcráin orthu, ní bheadh na gabháltais sin in ann dul i ngleic leis na hiarmhairtí sin ina n-aonair; i ndáil leis sin, is díol sásaimh dó Teachtaireacht an Choimisiúin maidir le “Slándáil bia a áirithiú agus athléimneacht na gcóras bia a neartú”;

29.

á mheas gur gá na critéir maidir le ceanglais faisnéise agus phoiblíochta a chomhchuibhiú, go háirithe maidir leis na spriocdhátaí chun sonraí na scéimeanna cabhrach a chumhdaítear leis an rialacháin blocdhíolúine a chur in iúl;

30.

á chur i bhfáth go bhfuil an t-athchóiriú ar CBT, athchóiriú atáthar tar éis a ghlacadh, bunaithe ar phrionsabal na coimhdeachta agus go bhfuil sé tábhachtach, dá bhrí sin, go n-urramódh na rialacha maidir le státchabhair an prionsabal sin freisin gan an bonn a bhaint, ag an am céanna, den iomaíocht idir na feirmeoirí sna Ballstáit éagsúla;

31.

den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach prionsabal sin na coimhdeachta a chaomhnú, go háirithe maidir leis an ról atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, arb iad is gaire do na heagraíochtaí pobail a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir leis na bearta cabhrach a bhainistiú ar an leibhéal áitiúil;

ag moladh, dá bhrí sin, an méid seo a leanas:

Simpliú

32.

gan ceangal a chur ar na Ballstáit fógraí a chur isteach ar bhonn bliantúil a bhaineann le teagmhais atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, galair ainmhithe nó plandaí nó inmhíolú, óir má aithníonn na húdaráis náisiúnta iad amhlaidh, ní gá fógra a thabhairt dóibh don Choimisiún freisin;

33.

gan ceangal a chur ar na Ballstáit faisnéis a fhoilsiú faoi thairbhithe aonair cabhrach faoi bhun EUR 75 000 i gcomhair táirgeadh talmhaíochta, agus faoi bhun EUR 500 000 chun táirgí talmhaíochta a phróiseáil agus a mhargú;

34.

gan nósanna imeachta atá nasctha leis an gcuid den chomhmheastóireacht don chabhair ar tugadh fógra ina leith a dhéanamh níos liopasta;

35.

foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht cabhair infheistíochta a dheonú tríd an Rialachán Blocdhíolúine Talmhaíochta (ABER) (6), fiú i gcás táirgí ó earnáil aonair, agus go háirithe i gcás ina mbeartaítear an chabhair chun iarmhairtí teagmhais atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a mhaolú nó cúiteamh a sholáthar i leith damáistí de dheasca galair ainmhithe, plandaí nó lotnaidí;

36.

foráil a dhéanamh maidir le cur chuige ionaid ilfhreastail i ndáil le fógra a thabhairt maidir le státchabhair sna pleananna straitéiseacha náisiúnta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115;

37.

lex specialis a shainiú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin de minimis sa talmhaíocht i bhfianaise na ndifríochtaí móra idir earnáil na talmhaíochta agus na hearnálacha eile. Táimid ag iarraidh, go háirithe, go n-ardófaí an uasteorainn cabhrach de minimis go EUR 50 000 thar thréimhse trí bliana, agus go socrófar suim (e.g. EUR 1 000) nach mbeadh feidhm ag an Rialachán De minimis faoina bhun (méideanna an-teoranta cabhrach);

38.

an Rialachán de minimis d’earnáil na talmhaíochta a leasú ionas go mbeidh sé níos simplí, go háirithe chun deireadh a chur le rialú an cheanglais maidir le “gnóthas aonair”;

39.

é a fhágáil faoi na Ballstáit gnóthas atá i gcruachás a shainiú;

40.

na nósanna imeachta riaracháin a shimpliú maidir le cabhair a dheonú do na húdaráis áitiúla, go háirithe nuair is tairbhithe de thacaíocht státchabhrach iad. Go háirithe, táimid ag iarraidh nach measfaí iad mar ghnóthais mhóra;

41.

nósanna imeachta níos simplí a leagan amach lena áirithiú go dtabharfar an deis, i dtosach, do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na riachtanais agus éigeandálaí áitiúla agus réigiúnacha a bhainistiú;

42.

na nósanna imeachta a shimpliú maidir le státchabhair a dheonú le haghaidh feachtais fógraíochta agus cur chun cinn, agus, go háirithe, i gcás gníomhaíochtaí cur chun cinn ginearálta institiúideacha nach dtagraíonn go sonrach do bhranda agus nach spreagann tomhaltóirí táirge a cheannach, GAN na gníomhaíochtaí sin a áireamh mar chabhair;

43.

meastar faoi láthair nach bhfuil costais shimplithe comhoiriúnach leis na rialacha maidir le státchabhair ach amháin i gcomhthéacs na cabhrach a bhaineann leas as cómhaoiniú ó fhoinsí an Aontais. Táimid ag iarraidh go mbeadh sé indéanta roghanna costais simplithe a úsáid gan beann ar chómhaoiniú Eorpach. Dealraíonn sé nach bhfuil aon bhonn cirt bailí ann chun leanúint de mhodhanna éagsúla a leagan síos chun costais incháilithe a ríomh ag brath ar an áit as a dtagann maoiniú na scéime cabhrach;

Glasú

44.

tacú leis na feirmeacha agus na foraoisí, go háirithe micrifhiontair, agus iad i mbun an aistrithe ghlais;

45.

solúbthacht leordhóthanach a áirithiú i gcur i bhfeidhm na rialacha maidir le státchabhair i gcás géarchéimeanna, amhail na cinn atá ann mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar an gcogadh san Úcráin, trí fhoráil a dhéanamh maidir le huasteorainneacha cabhrach iomchuí agus comhsheasmhacha ionas gur féidir le feirmeoirí leanúint de bhia a tháirgeadh agus le tomhaltóirí leanúint de bheith in ann leas a bhaint as praghsanna cothroma; is féidir é sin a bhaint amach freisin trí na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme agus deonú cabhrach a shimpliú, agus rómhaorlathas a laghdú, go háirithe i gcás tairbhithe deiridh;

46.

nósanna imeachta áirithe a shimpliú chun státchabhair a dheonú le haghaidh infheistíochtaí i dtáirgeadh fuinnimh in-athnuaite, go háirithe maidir le méid na dreasachta:

47.

rátaí infheistíochta níos airde a thabhairt isteach do FBManna talmhaíochta a bhfuil infheistíocht á déanamh acu san aistriú glas;

48.

cabhair ad hoc a chruthú don fheirmeoireacht charbóin chun na feirmeoirí a chúiteamh as an gcúram tábhachtach seo;

49.

den tuairim go bhfuil ilroinnt na ngabháltas ina thoisc dhiúltach nach dtacaíonn le feirmeacha a bheith gníomhach ar an margadh agus tús a chur leis an aistriú glas atá beartaithe sa talmhaíocht;

Comhtháthú críochach

50.

á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach coincheap na FBManna in earnáil na talmhaíochta a athshainiú, agus athbhreithniú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar mhicrifhiontair atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) Uimh. 702/2014, chun sainmhíniú ad hoc a chruthú d’earnáil na talmhaíochta, i bhfianaise chineál sonrach na hearnála, agus á mholadh, dá bhrí sin, cineál nua micrifhiontar sa talmhaíocht a shainiú;

51.

tacú le FBManna in earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta i gceantair shléibhe agus intíre agus sna réigiúin is forimeallaí a mhéid a bhaineann lena ról maidir leis an tírdhreach a chosaint;

52.

duaiseanna a bhronnadh as a ról i gcaomhnú agus i gcosaint na ngnáthóg ar FBManna in earnáil na talmhaíochta a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe 50 agus atá suite i limistéir shléibhe nó intíre nó i limistéir faoi mhíbhuntáiste mar atá sainithe ag na Ballstáit ina bpleananna straitéiseacha náisiúnta;

53.

á iarraidh freisin go dtabharfaí an deis do na feirmeacha sin i gceantair shléibhe arda talamh a cheannach ar mhéid is mó ná 10 % den chaiteachas incháilithe iomlán don oibríocht lena mbaineann, mar a leagtar amach in Airteagal 73(3)(c) de Rialachán (AE) 2021/2115, ionas go bhféadfar an comhdhlúthú talún is gá a dhéanamh le gur féidir leo a bheith gníomhach ó thaobh na heacnamaíochta de agus a gcúraimí a chur i gcrích maidir leis an tírdhreach a chosaint;

54.

cead a thabhairt d’earnáil na foraoiseachta leas a bhaint, anuas ar na bearta atá sna pleananna straitéiseacha náisiúnta, as an nós imeachta díolúine maidir le fógra a thabhairt;

55.

freisin i gcás earnáil na foraoiseachta, go bhféadfaí an tacaíocht bhonneagair a mheas mar chabhair NACH de chineál mainneachtana í i gcás ina mbaineann sí le hinfheistíochtaí neamhtháirgiúla;

56.

na rialacha bainistithe riosca atá ann faoi láthair a leasú, go háirithe trí thairseach an damáiste maidir leis an sainmhíniú ar theagmhais de dheasca tubaistí nádúrtha a ísliú go 20 % mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2021/2115;

57.

foráil a dhéanamh do mhéadú ar an tairseach cúitimh le haghaidh árachas ar tugadh fóirdheontas ina leith agus le haghaidh uirlisí bainistithe riosca eile dá bhforáiltear le hAirteagal 76 de Rialachán (AE) 2021/2115; ní mór é a bheith indéanta praghsanna árachais reatha do ghabháltais talmhaíochta a choimeád leis an tairseach sin;

58.

i gcás na cabhrach i leith cúiteamh maidir le damáiste a rinne ainmhithe faoi chosaint, go mbeadh sí díolmhaithe ó fhógra a thabhairt;

59.

go bhféadfaí, i gcás damáiste den sórt sin, cúiteamh a thabhairt i leith caillteanas ioncaim mar a fhoráiltear cheana féin i leith damáiste a mbeadh caillteanas trealaimh táirgthe mar thoradh air;

60.

go bhféadfaí, sa bhreis ar an damáiste a dhéanann ainmhithe faoi chosaint, cúiteamh a thabhairt i leith damáiste a dhéanann ainmhithe eile freisin, agus sainmhíniú na n-ainmhithe sin a fhágáil faoi na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, toisc go bhfuil impleachtaí an damáiste sin éagsúil ó thír go tír;

61.

nár cheart na feachtais cur chun cinn institiúideacha nach dtagraíonn go sonrach do bhranda a mheas mhar chabhair;

62.

ba cheart tacaíocht leordhóthanach a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta neamhthalmhaíochta i limistéir thuaithe, agus an uasteorainn don mhéid teoranta cabhrach a chur i gcomhréir leis an uasteorainn do ghnólachtaí nuathionscanta talmhaíochta (EUR 100 000). Níl aon chúis le hidirdhealú a dhéanamh lena gcuirfear pionós ar éagsúlú i ngnólachtaí neamhthalmhaíochta, ós rud é go bhfuil na méideanna atá i gceist an-bheag i gcás ar bith;

63.

chun cabhrú le FBManna a bhaineann tairbhe as tionscadail na forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (CLLD) nó as tionscadail ó ghrúpaí oibríochtúla, táimid ag iarraidh go ndéanfaí an méid seo a leanas:

an raon feidhme a leathnú chuig údaráis áitiúla, grúpaí gníomhaíochta áitiúla, ollscoileanna, agus comhlachtaí eile, gan beann ar a méid, i bhfianaise éagsúlacht mhór na dtionscadal sin ina bhfuil go leor eintitis éagsúla ag obair le chéile;

méid iomlán na cabhrach teoranta a dheonófar in aghaidh an tionscadail a mhéadú go dtí EUR 300 000 do thionscadail na forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail agus EUR 500 000 do thionscadail ó ghrúpaí oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (CEN).

An Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005. (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(2)  Féach Commission Staff Working Document: Evaluation of the instruments applicable to State aid in the agricultural and forestry sectors and in rural areas.

(3)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(4)  IO C 440, 18.12.2020, lch. 20.

(5)  IO C 37, 2.2.2021, lch. 22.

(6)  OJ L 193, 1.7.2014, p. 1.


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/61


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Straitéis Foraoise an Aontais do 2030

(2022/C 301/11)

Rapóirtéir:

Joan CALABUIG RULL (ES/PSE), An Rúnaí Réigiúnach don Aontas Eorpach agus don Chaidreamh Seachtrach de chuid réigiún Valencia

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

Barúlacha ginearálta

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go mbunaítear le Straitéis Foraoise an Aontais creat beartais chun foraoisí Eorpacha a bhainistiú agus a chosaint, d’fhonn a seirbhísí éiceachórais a fheabhsú, slite beatha a áirithiú, go háirithe i gceantair thuaithe, agus rannchuidiú le bithgheilleagar foraoise atá bunaithe ar bhainistiú inbhuanaithe foraoisí a úsáid mar uirlis ilfheidhmeach dúlrabhunaithe, agus a thugann bearta rialála agus airgeadais le chéile mar chuid de phlean le haghaidh 2030;

2.

den tuairim go mbunaítear le Straitéis Foraoise an Aontais do 2030, a chuirfear in ionad na Straitéise Foraoise a glacadh in 2013 (1) agus a ndearnadh meastóireacht uirthi in 2018 (2), creat le haghaidh comhar Eorpach maidir le foraoisí, lena gcuirtear béim ar an ról lárnach atá ag bainistiú inbhuanaithe foraoisí chun folláine agus slite beatha daoine a áirithiú, chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus chun éiceachórais atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chaomhnú;

3.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an measúnú agus an ceartú ar roinnt cleachtas foraoiseachta aonair i réigiúin áirithe d’fhonn an bhithéagsúlacht, cáilíocht na hithreach agus an uisce a chosaint agus athléimneacht a áirithiú in aghaidh suaití arb é an t-athrú aeráide is cúis leo (strus maidir le huisce, hairicíní, sneachta, lotnaidí agus dóiteáin foraoise);

4.

á aithint go bhfuil ról lárnach ag an éiceachóras foraoise sa Chomhaontú Glas (3), sa Chomhshocrú Aeráide Eorpach (4), sa Dlí Aeráide Eorpach (5) agus i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 (6); á chur i bhfios go láidir gur féidir leis na hearnálacha éagsúla atá bunaithe ar an bhforaoiseacht – lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leas as tairbhí neamh-eastóscacha foraoisí – rannchuidiú le bithgheilleagar ciorclach atá inbhuanaithe, aeráidneodrach agus iomaíoch ar bhonn socheacnamaíoch, agus gur cheart dóibh an méid sin a dhéanamh;

5.

á thabhairt dá aire nach luaitear earnáil na foraoiseachta sa chéad tuarascáil ón Ardán Saineolaithe maidir le Critéir Comhshaoil i ndáil le tacsanomaíocht Eorpach toisc gur earnáil íogair í an fhoraoiseacht ina bhfuil sé deacair cothromaíocht a aimsiú idir riachtanais agus leasanna éagsúla na ngeallsealbhóirí. á thabhairt dá aire freisin nach bhfuil tuairim na saineolaithe ceangailteach don Choimisiún Eorpach;

6.

ag iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú ar bhealach atá comhréireach agus cothrom ar bhonn comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch d’fhonn na cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta, agus na cuspóirí maidir leis an mbithgheilleagar foraoise, a chur chun cinn mar cheann de cholúin bhunúsacha an Comhaontaithe Ghlais don Eoraip;

7.

á chur in iúl go láidir go ndearna na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá freagrach as foraoisí straitéisí, beartais, cláir agus uirlisí maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus/nó réigiúnach; dá bhrí sin, leagann sé béim ar a thábhachtaí atá comhar agus idirphlé cuiditheach idir na Ballstáit, an Coimisiún, na geallsealbhóirí agus sochaí shibhialta na foraoiseachta;

8.

á chur i bhfios go gcuireann foraoisí tairbhí iomadúla ar fáil don tsochaí i gcoitinne trí raon iomlán de sheirbhísí éiceachórais, lena n-áirítear seirbhísí neamheastóscacha. Dá bhrí sin, tá cinntí a bhaineann le foraoisí tábhachtach do réimse leathan saoránach agus bainisteoirí foraoise;

An gá atá ann an t-idirphlé le geallsealbhóirí na foraoiseachta, leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún a neartú

9.

den tuairim gur smaoineamh an-mhaith é creat agus cuspóirí comhchoiteanna a leagan síos ar an leibhéal Eorpach; á iarraidh, áfach, go ndéanfaí aon lagú ar an gcoimhdeacht agus ar ról na mBallstát sa réimse seo a sheachaint, i bhfianaise éagsúlacht na bhforaoisí san Eoraip, agus go nglacfaí cur chuige réigiúnach atá níos saincheaptha; Tá Coiste na Réigiún den tuairim freisin, cé nach liostaítear “beartas foraoise” i measc inniúlachtaí sainráite an Aontais sna Conarthaí, go bhfuil raon leathan inniúlachtaí ag an Aontas maidir le hábhair ghaolmhara, ar inniúlachtaí iad a feidhmíodh i dtéacsanna dlíthiúla ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna foraoiseachta;

10.

á chur in iúl freisin go bhfuil tionchar suntasach ag bainistiú foraoisí, go háirithe i limistéir inar tearc an daonra agus i gceantair iargúlta ina bhfuil an geilleagar foraoise ríthábhachtach do shlí bheatha na ndaoine.

11.

á mholadh go gcuirfí dlús le cumarsáid, le hidirphlé agus le rannpháirtíocht na mBallstát, na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus gheallsealbhóirí na hearnála (úinéirí poiblí agus príobháideacha, comhlachais ghairmiúla, cuideachtaí foraoisbhunaithe, saineolaithe maidir le caomhnú an dúlra, taighdeoirí lena n-áirítear eolaithe aeráide, etc.) maidir le doiciméid a ullmhú. Measann sé go bhfuil teorainn leis an réamhphlé agus go bhféadfaí feabhas a chur ar an díospóireacht leis na comhlachtaí rannpháirtíochta atá ann cheana, mar a rinneadh i straitéisí roimhe seo, d’fhonn an comhthoil is mó is féidir a bhaint amach i measc na ngeallsealbhóirí uile ar spéis leo tairbhe a bhaint as foraoisí. Os a choinne sin, cuireadh isteach doiciméad deiridh ina n-áitítear go raibh cuid mhór de na hábhair a pléadh clúdaithe cheana féin sa Straitéis Bhithéagsúlachta do 2020;

12.

á mholadh go mbeadh na geallsealbhóirí a bhfuil tionchar sonrach ag bearta Straitéis Foraoise an Aontais orthu (údaráis réigiúnacha agus áitiúla, an tsochaí shibhialta agus gnólachtaí) rannpháirteach i gcur chun feidhme na mbeart sin, agus ualaí riaracháin á n-íoslaghdú, go háirithe d’úinéirí foraoise agus do ghnólachtaí, ach do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chomh maith;

An gá atá le teacht ar chomhthoil ar an leibhéal Eorpach

13.

á chur in iúl gurb oth leis an easpa comhthoil pholaitiúil san Aontas ó tháinig méadú ar an gcáineadh a rinneadh ar Straitéis Foraoise an Aontais mar atá sí faoi láthair. Is léir an méid sin ó ráitis a rinne comhlachtaí de chuid an Aontais, amhail Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta an hEorpa (Tuairim NAT/831 Straitéis foraoise nua an Aontais do 2030 (7)) rialtais éagsúla náisiúnta agus réigiúnacha agus na páirtithe polaitiúla a thacaíonn leo, e.g. Feisirí ó ghrúpaí polaitiúla éagsúla agus ó ionadaithe earnáil na foraoiseachta (comhlachais d’úinéirí foraoise poiblí agus príobháideacha, údaráis áitiúla agus réigiúnacha riaracháin foraoise, comhlachais ghnó agus ardáin earnála náisiúnta agus réigiúnacha);

14.

á chur in iúl gurb oth leis nár comhlíonadh na conclúidí ón gComhairle ar thángthas orthu faoi Uachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le comhar níos dlúithe amach anseo san Aontas, ina moltar cur chuige ó bharr anuas; á mheas, áfach, nach gcuirtear na struchtúir atá ann cheana (e.g. fardail foraoise réigiúnacha/náisiúnta) san áireamh go leordhóthanach, agus nach gcuirtear san áireamh ach sonraíochtaí agus bearta ón gCoimisiún, nach bhfuil freagrach as an mbeartas foraoise, agus nach dtugtar ról leordhóthanach don choiste comhairleach atá freagrach;

15.

ag aithint cuspóirí foriomlána Straitéis Foraoise an Aontais chun dea-chleachtais maidir le bainistiú foraoisí a áirithiú sna Ballstáit agus i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach; mar sin féin, tarraingíonn sé aird an Choimisiúin ar an ngá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir na feidhmeanna comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le bainistiú foraoisí, lena n-áirítear an chosaint mar rogha bainistíochta, agus leagann sé béim ar a thábhachtaí atá sé éagsúlacht na bhforaoisí agus na cleachtais maidir le pleanáil agus le bainistiú inbhuanaithe foraoisí agus tréimhsí uainíochta a urramú agus a chaomhnú sna Ballstáit agus sna húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

16.

á thabhairt dá aire go bhfuil príomh-gheallsealbhóirí na hearnála (úinéirí príobháideacha agus poiblí, gairmithe, cuideachtaí agus cuid mhór den phobal eolaíochta foraoiseachta) den tuairim nach bhfuil cur chuige Straitéis Foraoise an Aontais ag teacht go hiomlán leis an méid atá ag tarlú i ndáiríre ar an láthair, rud a thugann le tuiscint nach bhfuil na cleachtais maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí ag dul sa treo ceart agus gur cheart athruithe suntasacha a dhéanamh orthu;

17.

á aithint go léirítear sna sonraí go bhfuil meath ag teacht ar an mbithéagsúlacht i roinnt críoch agus nach leor an méid atá ar bun chun gnáthóga Natura 2000 a chaomhnú, i bpáirt mar gheall nach bhfuil creat dreasachta oiriúnach ann do bhainisteoirí na ngnáthóg sin maidir le praghsanna, luach saothair do sheachtrachtaí, agus creat rialála atá oiriúnaithe don leibhéal réigiúnach agus réasúnach a chur ar fáil, ar gnéithe ríthábhachtacha iad ar cheart aghaidh a thabhairt orthu i Straitéis Foraoise an Aontais trí acmhainní breise ó bhuiséad an Aontais agus ó bhuiséid na mBallstát a leithdháileadh; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann chun iarrachtaí a chur chun cinn maidir le hathbhunú éiceachórais, lena n-áirítear spriocanna chun éiceachórais foraoise a ndearnadh damáiste dóibh a athchóiriú;

18.

den tuairim gur uirlis an bhainistithe inbhuanaithe foraoisí í an fhoraoiseacht ilfheidhmeach atá fréamhaithe go domhain i bhformhór mór na réigiún (go háirithe sna réigiúin sin is mó atá thíos le tionchar an athraithe aeráide); den tuairim freisin go bhféachann úinéirí agus gairmithe foraoise le bithéagsúlacht agus seirbhísí eile éiceachórais na bhforaoisí a chosaint, agus leibhéal na contúirte agus minicíocht na ndóiteán foraoise a laghdú, agus go ndéanann siad iarracht chun na foraoisí a dhéanamh níos athléimní, chun iad a choinneáil i ndeisriocht agus chun tacú lena bhfás, rud a chuireann go gníomhach le geilleagair áitiúla agus le slite beatha i gceantair thuaithe;

19.

á mholadh go nglacfaí cur chuige i bhfad níos córasaí, lena n-ionchorpraítear éagsúlacht agus castacht an bhainistithe inbhuanaithe foraoisí le táscairí níos faide ná an cóimheas buainte agus incrimint, cearta maoine agus na réaltachtaí a mbíonn ar úinéirí, gairmithe, cuideachtaí poiblí agus príobháideacha agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha aghaidh a thabhairt orthu, chomh maith leis an méid atá bainte amach ag earnáil na foraoiseachta san fhorbairt inbhuanaithe. Creideann sé go gcaithfidh an chosaint foraoisí, i limistéir áirithe, a bheith fite fuaite le tacaíocht, lena n-áirítear tacaíocht eacnamaíoch, do bhainistiú gníomhach inbhuanaithe atá dírithe ar sheachtrachtaí dearfacha na seirbhísí éiceachórais a uasmhéadú agus an díghrádú a sheachaint mar thoradh ar limistéir a bhfuil faillí déanta orthu, lena n-áirítear an díghrádú comhshaoil;

20.

i gcomhthéacs na bithéagsúlachta, ba cheart a thabhairt chun suntais, a bhuí le réigiúin fhorimeallacha áirithe, tá foraoisí príomha, Amasónacha agus fothrópaiceacha san Aontas. Is saotharlann uathúil iad na foraoisí sin don taighde eolaíoch, don speisialtóireacht agus don nuálaíocht (amhail taighde cógaisíochta agus eastóscáin plandaí). 80 % de bhithéagsúlacht na hEorpa, is sna réigiúin sin atá sí, agus tá sí ríthábhachtach do chothromaíocht éiceolaíoch an phláinéid. Tá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ina gcaomhnóirí ar an tseoid an-luachmhar seo agus ba cheart tacaíocht leordhóthanach a thabhairt dóibh chun é a bhainistiú agus a chaomhnú;

21.

den tuairim, cé go bhfuil dlúthbhaint ag Straitéis Foraoise an Aontais leis an Straitéis Bhithéagsúlachta agus gur féidir léi comhleanúnachas a chruthú i leith na bithéagsúlachta, gur cheart di cur chuige difriúil, níos cuimsithí agus níos córasaí a ghlacadh d’fhonn a gníomhaíochtaí a ailíniú go héifeachtach agus go comhsheasmhach le cuspóirí na gcomhbheartas maidir leis an aistriú glas agus leis an athrú aeráide chun cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus fáis an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear poist ghlasa a chruthú, comhleanúnachas a chothú idir beartais ábhartha an Aontais a dhéanann difear do bhainistiú inbhuanaithe foraoisí agus atá ríthábhachtach do Straitéis Foraoise an Aontais, agus an acmhainneacht atá san earnáil a chothú chun rannchuidiú leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe a leagtar amach sa Chomhaontú Glas agus chun go mbainfear amach iad;

An gá atá le cur chuige níos cothrománaí i ranna an Choimisiúin

22.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó Straitéis Foraoise an Aontais mar thoradh ar obair chomhpháirteach Ard-Stiúrthóireachtaí AGRI, ENV agus CLIMA; molann sé, áfach, go mbeadh ranna éagsúla an Choimisiúin atá ag obair san earnáil foraoiseachta (Ard-Stiúrthóireachtaí GROW, ENER agus REGIO) rannpháirteach d’fhonn na gnéithe agus na himpleachtaí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil uile a bhaineann le cur chuige córasach agus cuimsitheach a chur san áireamh; mura ndéanfar an méid sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh an cur chuige a ghlacfaidh siad neamhiomlán agus claonta;

23.

á mholadh go saineofaí go soiléir ról an Bhuanchoiste Foraoiseachta mar phríomhghníomhaí i Straitéis Foraoise an Aontais, ionas go gcuirfear tuairimí na hearnála agus príomh-gheallsealbhóirí eile in iúl ar bhealach níos láidre, agus go mbeifear in ann úsáid ghníomhach na bhforaoisí a chumasú ar fud réigiúin éagsúla an Aontais;

24.

á mholadh go gcuirfí moirfeolaíocht an tírdhreacha san áireamh, ós rud é go bhfuil gá le nuálaíocht agus le hinfheistíocht sa bhonneagar chun lóistíocht a éascú agus chun an digiteáil a chumasú lena ndéantar nuachóiriú ar shlabhraí luacha foraoisbhunaithe mar luamháin chun caillteanas acmhainní agus an dídhaonrú a chomhrac, agus go gcruthófaí córas iomchuí dreasachtaí;

Ról na leibhéal réigiúnach agus áitiúil

25.

á mholadh go ndéanfaí gné chríochach na bhforaoisí a mheas, e.g. úsáid talún, ós rud é go bhfuil 43 % den talamh iomlán tógtha suas ag foraoisí, ar céatadán é atá ag dul i méid, agus ós rud é go mbaineann an méid sin go háirithe leis na réigiúin dhídhaonraithe (i.e. na cúlchríocha ina mbíonn sléibhte, aeráidí fuara, ardriosca tuilte agus droch-cháilíocht ithreach), trí bheartais na mBallstát agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir le bainistiú talún agus leis an dídhaonrú a chomhtháthú;

26.

á mheas gur gá aitheantas a thabhairt do phrionsabal na coimhdeachta agus don inniúlacht roinnte ar fhoraoisí, ós rud é go bhfuil tionchar ag reachtaíocht éagsúil maidir leis an gcomhshaol agus le caomhnú an tírdhreacha ar an mbeartas foraoise; ní mór na treoirlínte éagsúla atá ábhartha d’fhoraoisí a chur san áireamh, lena n-áirítear cleachtais foraoiseachta agus na difríochtaí atá ann i ngabháltais foraoise na mBallstát, mar gheall ar éagsúlacht bhitheolaíoch, shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha na bhforaoisí i réigiúin éagsúla an Aontais;

27.

ag leagan béim ar an ngá atá ann go leagfaí amach le príomhghnéithe Straitéis Foraoise an Aontais na prionsabail a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, ní mór don leibhéal náisiúnta a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis na modhanna is gá chun na cuspóirí a bhaint amach, ionas go mbeidh siad ag teacht le beartais agus le rialacháin na n-údarás áitiúil agus réigiúnach atá freagrach as foraoisí; á chur in iúl go láidir go bhfuil gá le bainistiú inbhuanaithe foraoisí, le hearnáil atá iomaíoch agus brabúsach i gcoitinne agus le comhsheasmhacht oiriúnach beartais chun foraoisí a chosaint;

An gá atá le comhoiriúnacht idir feidhmeanna comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha na bhforaoisí chun dul i ngleic leis na príomhdhúshláin atá roimh an Aontas

28.

den tuairim nach mór aird leordhóthanach a thabhairt i Straitéis Foraoise an Aontais ar an tábhacht a bhaineann le raon iomlán na dtáirgí agus na seirbhísí foraoise, agus gur cheart, dá bhrí sin, cothromaíocht idir feidhmeanna foraoise, lena n-áirítear seirbhísí éagsúla éiceachórais, a áirithiú leis an Straitéis Bhithgheilleagair agus le bainistiú inbhuanaithe foraoisí. Más rud é nach gcuirfear ach gné amháin chun cinn, chuirfí isteach ar an gcothromaíocht;

29.

á chur in iúl go láidir go raibh 2,1 milliún duine san Aontas fostaithe go díreach in earnáil na foraoiseachta (bainistiú, saothrú foraoiseachta agus próiseáil thionsclaíoch adhmaid agus páipéir) in 2018 agus gur gineadh oll-bhreisluach de EUR 109 855 i ngeall air sin. Thairis sin, d’oibrigh 1.2 milliún duine i monarú troscáin adhmaid agus i bpriontáil pháipéir, lenar gineadh oll-bhreisluach de EUR 25 000 milliún agus EUR 31 000 milliún faoi seach. In 2018, d’oibrigh 397 000 gcuideachta (15 % de chuideachtaí earnáil na monaraíochta) i dtionscail atá bunaithe ar fhoraoisí. Ar deireadh, cuireadh 4 mhilliún post breise ar fáil i réimse an bhithfhuinnimh, na tógála adhmaid agus na dtáirgí foraoise neamh-adhmaid.

30.

á thabhairt dá aire gurb iad caomhnú na bithéagsúlachta, athshlánú na n-éiceachóras agus méadú na linnte carbóin príomhghnéithe Straitéis Foraoise an Aontais, ach go bhfuil an easpa comhleanúnachais le cuspóirí aeráide agus leis an bhfás inbhuanaithe socheacnamaíoch ar cheann de na pointí is achrannaí;

31.

ag leagan béim ar ghné shóisialta na bhforaoisí san Aontas, ós rud é go bhfuil 16 mhilliún duine ina n-úinéirí príobháideacha ar 60 % den limistéar foraoise, agus gur úinéirí beaga iad formhór mór na n-úinéirí sin, atá lonnaithe ar fud na réigiún go léir agus ag a bhfuil trí heictéar déag acu in aghaidh an duine ar an meán;

32.

á áitiú go gcuirtear an inbhuanaitheacht san áireamh i bprionsabal an bhainistithe inbhuanaithe foraoise ar fud an domhain, i.e. an dearcadh comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta. Ciallaíonn sé sin gur cheart bainistiú inbhuanaithe foraoisí a mheas mar an bealach is fearr le bainistiú a dhéanamh trí chaomhnú nó le caomhnú a dhéanamh trí bhainistiú, agus dá bhrí sin, is é an bealach chun an t-idirdhealú a réiteach idir an caomhnú agus an bainistiú, atá níos fréamhaithe sa phlé a dhéanann lucht na polaitíochta ná sa chleachtas bainistíochta iarbhír ar an talamh;

33.

á thabhairt le fios go bhfuil údaráis áitiúla agus réigiúnacha ina n-úinéirí ar 14 % (22 mhilliún heicteár) den limistéar iomlán foraoise. Ní hamháin gur úinéirí foraoise iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ach déanann siad cur chun feidhme na mbeartas agus na mbuiséad foraoise a bhainistiú agus a riar, cuireann siad dlíthe i bhfeidhm agus cuireann siad tacaíocht maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí ar fáil d’úinéirí príobháideacha, ar úinéirí iad a bhíonn faoi réir beartais foraoise a thagann faoi shainchúram na mBallstát agus faoi réir thionscnaimh an Aontais a eascraíonn as beartais earnálacha éagsúla, agus féachann siad i gcónaí le feidhmeanna comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha na bhforaoisí a thabhairt le chéile;

34.

á chur in iúl go bhfuil na pléití faoin bpróiseas mar bhun le hidirdhealú bréige idir feidhmeanna comhshaoil agus feidhmeanna socheacnamaíocha na bhforaoisí, agus go bhfuil an méid sin ina chúis le pléití claonta lena n-atreoraítear an bhéim a chuirtear ar an gcuspóir bunúsach maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe: sláinte na bhforaoisí a chosaint san fhadtéarma, an cumas úsáid a bhaint as éiceachórais bhuanseasmhacha chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide, bainistiú inbhuanaithe acmhainní agus próiseáil fhreagrach agus éifeachtúil táirgí na n-acmhainní sin, d’fhonn folláine agus slite beatha na milliún saoránach Eorpach a áirithiú;

35.

á mholadh go neartófaí ábhar Straitéis Foraoise an Aontais maidir le roinnt cuspóirí comhshaoil (uisce, ithir, tírdhreach) agus béim níos mó á cur, ag an am céanna, ar an rannchuidiú tábhachtach a dhéanann táirgí foraoise a dhéantar a phróiseáil agus a bhainistiú ar bhonn tionsclaíoch agus inbhuanaithe leis an mbithgheilleagar, ar colún bunúsach den Chomhaontú Glas é. Maidir leis na táirgí foraoise sin, is gá próisis atá nuálach ó thaobh na teicneolaíochta de a mhaoiniú chun gnólachtaí éagsúla a fhorbairt, go háirithe gnólachtaí próiseála céadchéime arb iad pointe laige thionscail na foraoiseachta agus an adhmaid, ach ag a bhfuil an cumas is fearr acmhainní áitiúla a úsáid;

36.

á mholadh go gcuirfí níos mó béime ar shainmhínithe agus ar bhearta an bhainistithe inbhuanaithe foraoisí arb é is aidhm dóibh timthriallta uisce agus caomhnú ithreach a fheabhsú, go háirithe in éiceachórais na Meánmhara agus in éiceachórais sléibhe; á chur in iúl nach mór feabhas a chur ar tháscairí chun bainistiú inbhuanaithe foraoisí a fheabhsú, ar réamhriachtanas é chun na seirbhísí éiceachórais a chur ar fáil ar bhonn fadtéarma;

37.

á mholadh go n-athbhunófaí cuspóirí chun béim níos soiléire a leagan ar chothromaíocht agus comhoiriúnacht inbhuanaithe a áirithiú idir feidhmeanna comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha foraoisí atá bunaithe ar bhainistiú inbhuanaithe agus ilfheidhmeach na bhforaoisí sna réigiúin éagsúla foraoise (foraoisí tuaisceartacha, ilchríochacha, na Meánmhara, sléibhtiúla agus uirbeacha), gan deireadh a chur le cosaint na bithéagsúlachta agus seirbhísí eile comhshaoil;

38.

den tuairim gur cheart béim níos soiléire a leagan i Straitéis Foraoise an Aontais ar an tábhacht a bhaineann leis an gcuimsitheacht agus an comhionannas a chur chun cinn in earnáil na foraoiseachta; den tuairim freisin gur cheart do Straitéis Foraoise an Aontais oibriú i dtreo rannpháirtíocht níos cothroime idir fir agus mná a áirithiú sa mhargadh saothair, i gcomhréir le Straitéis an Aontais maidir le comhionannas inscne ó mhí an Mhárta 2020, ionas go mbeifear in ann leas iomlán a bhaint as earnáil na foraoiseachta;

39.

á mholadh go leagfaí béim ar ról na bhforaoisí sna limistéir is iargúlta, sna réigiúin shléibhtiúla agus sna réigiúin is mó atá faoi mhíbhuntáiste, áit a bhfuil céatadán na bhforaoisí níos airde agus ina bhfuil riosca níos mó dídhaonra ann agus, ina theannta sin, inarb iad slabhraí luacha foraoise na príomhfhoinsí fostaíochta agus gníomhaíochta eacnamaíche a bhaineann le leas a bhaint as acmhainní foraoise agus le claochlú tosaigh na n-acmhainní sin;

40.

á thabhairt dá aire go leagtar béim níos mó ar an riosca a bhaineann le ról na bhforaoisí maidir le bithgheilleagar ciorclach a fhorbairt ná mar a leagtar ar na deiseanna a bhaineann leis; ag leagan béim ar an ról tábhachtach atá ag táirgí bithbhunaithe i ndícharbónú trí laghdú a dhéanamh ar thomhaltas breoslaí iontaise agus ábhair iontaise, atá ar cheann de na príomhchuspóirí atá leagtha síos ag an gCoimisiún; mar sin féin, ní mór an measúnú ar shaolré na dtáirgí foraoisbhunaithe a chur san áireamh leis an dícharbónú agus ní mór tús áite a thabhairt do tháirgeadh táirgí fadsaoil;

41.

á mholadh go ndéanfaí próiseáil táirgí adhmaid agus táirgí foraoise neamhadhmaid a chur chun cinn go háitiúil chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú.

42.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an moladh ó phainéal saoránach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa lena n-iarrtar go ndíreofaí go háirithe ar athfhoraoisiú na bhforaoisí a bhfuil róshaothrú déanta orthu nó na bhforaoisí a scriosadh, agus ar fhoraoisiú na limistéar ina bhfuil ithir dhíghrádaithe, mar aon le réitigh níos freagraí a chur chun cinn chun úsáid níos fearr a bhaint as adhmad (8);

43.

á mholadh go ndéanfaí cuspóirí agus sineirgí Straitéis Foraoise an Aontais a athshainmhíniú i gcomhréir le Straitéis Bhithgheilleagair 2012 a athbhreithníodh in 2018 (9), agus go ndéanfaí táirgí foraoise a chomhtháthú agus a chur chun cinn, i.e. táirgí a dhéantar as adhmad (ní hamháin adhmad tógála ach ábhair bhith-chomhchodacha, bithbhreoslaí, adhmad le haghaidh bithscaglanna agus táirgí a bhfuil breisluach ard ag baint leo do thionscal na gceimiceán, an bhia, na gcosmaidí agus an chumhráin), amhail táirgí foraoise neamh-adhmaid (corc, fungais, caora, plandaí aramatacha agus íocshláinte, roisíní), agus an méid a rannchuidíonn na hábhair sin le maolú ar an athrú aeráide trí fheidhmiú mar linnte carbóin ina saolré iomlán agus an éifeacht a bheadh ann dá ndéanfaí iad a ionadú le hábhair eile atá ina nglanastaírí á chur san áireamh;

44.

á mholadh go ndéanfaí cuspóirí agus sineirgí a athshainiú i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta 2020 don Gheilleagar Ciorclach Nua (10), ar colún bunúsach é den Chomhaontú Glas, lena bhfeabhsófaí aisghabháil agus athchúrsáil táirgí foraoise a mhéid a bhaineann lena gcuid slabhraí próiseála dramhaíola agus luacha;

45.

á mholadh go mbunófaí córas chun dea-chleachtais atá in úsáid i bhformhór na gcuideachtaí a mhalartú ar fud earnáil thionsclaíoch na foraoiseachta (úsáid optamach, réasúnach agus fhreagrach acmhainní, deimhniú ar an líne chúraim, éicidhearthóireacht, éifeachtúlacht fuinnimh, aisghabháil dramhaíola mar bhunábhar nó mar fhoinse fuinnimh);

46.

á chur in iúl gur cheart a aithint le cuspóir Straitéis Foraoise an Aontais an tábhacht a bhaineann le foraoisí, ní hamháin mar linnte carbóin, ach freisin mar stoic charbóin, rud a d’fhéadfaí a mhéadú chun cur go mór le sprioc an Aontais maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050; á chur in iúl gur cheart saolré iomlán na dtáirgí a chur san áireamh agus táirgí iontaise a ionadú le táirgí foraoise, d’fhonn acmhainneacht iomlán earnáil na foraoiseachta a aithint a mhéid a bhaineann leis an athrú aeráide a mhaolú; á chur in iúl go dtagann laghdú freisin ar ghlanéifeacht foraoisí mar linnte carbóin de réir mar a théann foraoisí in aois;

47.

á mholadh go mbunófaí sainmhínithe soiléire ar fhoraoisí, lena ndéanfaí idirdhealú ar a laghad idir na foraoisí cianaosta nár bainistíodh riamh (0,7 % den iomlán) agus foraoisí a bainistíodh san am a chuaigh thart ach ar cuireadh deireadh lena mbainistiú le fiche nó tríocha bliain anuas, d’fhonn foraoisí cianaosta a chosaint go héifeachtach, go háirithe i roinnt réigiún i lár agus in oirthear na hEorpa agus chun na sléibhte a athbheochan inar cuireadh deireadh leis an mbainistiú, rud a d’fhágfadh go mbeadh baol ann maidir le dóiteáin foraoise, galair agus lotnaidí;

48.

á mheas gur cheart béim a chur ar na deiseanna a bhaineann le bithfhuinneamh a úsáid chun gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe foraoisí a chur i gcrích agus é a mheas mar fhoinse in-athnuaite, a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí próiseála táirgí tionsclaíocha agus leis an athchúrsáil, i gcomhréir le Treoir 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite (11) a chur chun cinn; den tuairim go bhfuil an bithfhuinneamh tábhachtach do shlándáil fuinnimh na hEorpa agus don neamhspleáchas ar bhreoslaí iontaise;

49.

á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar na leasuithe atá beartaithe ar na critéir inbhuanaitheachta le haghaidh an bhithfhuinnimh nó coiréalacha foraoiseachta, i ngeall go bhféadfadh na cleachtais sin cur leis an ualach ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla mar úinéirí foraoise agus mar institiúidí atá freagrach as an mbainistiú inbhuanaithe foraoisí i roinnt mhaith Ballstát, ós rud é go ndéanfar cúiteamh suntasach a ghiniúint le srianta a bhaineann le dianchosaint dhlíthiúil 10 % d’fhoraoisí, gan gealltanas soiléir airgeadais ón gCoimisiún; den tuairim gur cheart feidhm a bheith ag na critéir inbhuanaitheachta le haghaidh an bhithfhuinnimh a leagtar amach i dTreoir 2018 maidir le Fuinneamh In-athnuaite;

50.

á mheas go bhfuil ról socheacnamaíoch earnáil na foraoiseachta ríthábhachtach d’fhorbairt na gceantar tuaithe agus do gheilleagair áitiúla i roinnt mhaith réigiún; is oth leis nach gcuirtear san áireamh le tosaíochtaí Straitéis Foraoise an Aontais an úsáid a bhaintear as acmhainní adhmaid agus táirgí foraoise neamh-adhmaid a fhorbairt ar bhealach soiléir agus gan débhrí, maille leis an bpróiseáil thionsclaíoch a dhéanann cuideachtaí Eorpacha orthu (arb iad fiontair bheaga agus mheánmhéide atá lonnaithe i réigiúin thuaithe formhór na gcuideachtaí sin);

51.

den tuairim gur cheart do Straitéis Foraoise an Aontais oideachas maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí a chur chun cinn agus a neartú ar gach leibhéal, go háirithe i scoileanna agus in eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ach i bhfeachtais sna meáin freisin, mar bhealach chun an easpa eolais atá ag saoránaigh na hEorpa maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí a shárú agus maidir leis an ngné chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a bhaineann leis sin;

52.

á mheas gur cheart gné idirnáisiúnta a áireamh i Straitéis Foraoise an Aontais lena ndíreofar ar srian a chur le dífhoraoisiú domhanda agus cailliúint na bithéagsúlachta, agus ar úsáid a bhaint as an taithí a fuarthas agus as an gcomhroinnt eolais agus na dea-chleachtais a chuirtear i bhfeidhm maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí sna Ballstáit agus i bhformhór mór na n-údarás áitiúil agus réigiúnach; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, sa chomhthéacs sin, an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas mar aon leis sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (12), lena mbeartaítear srian a chur ar allmhairiú tráchtearraí atá nasctha le dífhoraoisiú agus le díghrádú foraoise ar fud an domhain. á chur in iúl freisin go bhfuil eangach choimhdeachta (13) ag gabháil leis an togra, a chuireann anailís shuntasach ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir leis an gcoimhdeacht;

An gá atá le teacht ar chomhthoil ar an leibhéal eolaíoch agus ar an leibhéal teicniúil

53.

á mholadh go léirítear i Straitéis Foraoise an Aontais dea-chleachtais foraoiseachta lenar baineadh amach torthaí dearfacha i bhforaoisí na hEorpa le fiche nó tríocha bliain anuas (a mhéid a bhaineann le fás leanúnach an limistéir foraoise, fás linnte carbóin, méadú ar limistéir agus éiceachórais faoi chosaint, méadú ar an saothrú foraoiseachta, gnólachtaí agus tionscail fhreagracha a fhorbairt agus feabhas a chur ar an oiliúint i ndáil le bainistiú inbhuanaithe foraoisí agus ar an oiliúint d’oibreoirí foraoise); á mholadh go n-aithneofaí an obair sin go sainráite i Straitéis Foraoise an Aontais, obair a chuireann an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir le dea-chleachtais dhomhanda foraoiseachta agus atá ina heiseamláir do na tíortha eile;

54.

á áitiú go n-úsáidfear na sainmhínithe ar bhainistiú inbhuanaithe foraoisí, go háirithe ar an bpróiseas FOREST EUROPE, a d’eascair as na gealltanais idirnáisiúnta a thug an tAontas agus a Bhallstáit;

55.

á mholadh go ndéanfaí staidéir bhreise ar chur chun feidhme féideartha d’fhonn forluí le córais atá ann cheana a sheachaint agus go soiléireofaí na sineirgí, an breisluach agus an cóimheas costais is tairbhe a d’fhéadfaí a chur ar fáil leis an deimhniú atá beartaithe maidir le foraoisí a bhainistiú bunaithe ar an gcoincheap “foraoiseacht gar don dúlra” agus le deimhniú neamhspleách de chuid an Aontais, chomh maith leis na pleananna straitéiseacha i ndáil le foraoisí, i gcomhthéacs na gcóras maidir le deimhniú foraoisí atá ann cheana [Clár um Fhormhuiniú na nDeimhnithe Foraoisí (PEFC) agus an Chomhairle um Maoirseacht Foraoisí (FSC)], ar dhá chlár iad a aithnítear agus a chuirtear chun feidhme ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus i ndáil leis na straitéisí, na pleananna agus na cláir maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí atá ar fáil cheana sna Ballstáit agus sna húdaráis áitiúla agus réigiúnacha; tá easpa soiléirithe ann freisin ar cheart stádas éigeantach nó deonach a bheith ag an scéim nua, chomh maith leis an mbunús dlí ar a ndéanfaí na gníomhaíochtaí sin;

56.

á iarraidh go ndéanfaí tagairt shoiléir do réimse iomlán na sochar neamh-eastóscach a bhaineann le foraoisí;

57.

á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú agus anailís ar na measúnuithe a rinne saineolaithe eolaíochta foraoise, lena n-áirítear éiceolaithe foraoise ar fud na hEorpa, lena dtugtar rabhadh go bhféadfadh sé nach gcuirfí san áireamh go leordhóth.anach sna beartais atá beartaithe an méadú a d’fhéadfadh a bheith ann ar na rioscaí a bhaineann le mórshuaitheadh (dóiteáin, hairicíní, sneachta trom agus lotnaidí), agus aird ar leith á tabhairt ar fhoraoisí atá an-leochaileach don ghéarchéim aeráide;

58.

á mholadh go dtiocfaí ar chomhthoil níos leithne maidir leis na toimhdí atá mar bhonn taca le Straitéis Foraoise an Aontais agus leis an Straitéis Bhithéagsúlachta, bunaithe ar dhianchur chuige eolaíoch agus teicniúil ina mbeidh painéal ionadaíoch de shaineolaithe eolaíocha rannpháirteach, ar saineolaithe iad atá mionchúiseach agus ag a bhfuil taithí léirithe acu maidir le gach gné den slabhra luacha foraoise ina iomláine agus leis na cineálacha éagsúla foraoise san Eoraip;

59.

á mheas, faoi choinníollacha áirithe a bhfuil anailísí eolaíocha ag teacht leo, gur féidir tacú le gnáthóga cosanta i roinnt láithreán de chuid Natura 2000 atá faoi bhagairt ag suaitheadh a bhaineann leis an athrú aeráide nó a bhfuil suaitheadh a bhaineann leis an athrú aeráide ag cur as dóibh, agus gur féidir tacú le héiceachórais níos athléimní a bheith ann;

60.

á chur in iúl go n-aithníonn sé agus gur díol sásaimh dó an togra maidir le bailiú iontaofa sonraí, agus béim á leagan aige ar a thábhachtaí atá sé togra reachtach nua a fhoilsiú maidir le breathnóireacht, tuairisciú agus bailiú sonraí foraoise an Aontais;

Tá soiléiriú tábhachtach de dhíth ar an straitéis sula gcuirfear chun feidhme í

61.

den tuairim nach leagtar amach i Straitéis Foraoise an Aontais cuspóir comhleanúnach agus cuimsitheach d’earnáil foraoiseachta na hEorpa don bhliain 2030, ach go gcumhdaítear roinnt gníomhaíochtaí agus tionscnamh léi, a bhfuil cuid mhór acu fós doiléir agus nach bhfuil ach clár ama táscach ag baint le roinnt eile acu;

62.

á mheas, maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise an Aontais, gurb é an chéad chéim atá ag teastáil ná coincheapa agus gníomhaíochtaí a shoiléiriú agus plean gníomhaíochta a tharraingt suas a thabharfaidh soiléireacht maidir le cuspóirí, raon feidhme, creat ama agus freagrachtaí; ba cheart a aithint sa phlean gníomhaíochta sin seasamh na mBallstát, na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus ghníomhaithe na hearnála maidir leis an Straitéis agus a mbreithnithe maidir leis an mbealach chun cinn atá beartaithe; ba cheart a chur san áireamh freisin breithnithe Choiste na Réigiún, Pharlaimint na hEorpa agus gheallsealbhóirí uile na hearnála foraoiseachta;

63.

á mholadh go ndéanfaí soiléiriú ar an gcaoi a ndéanfar táscairí, tairseacha agus raonta nua do bhainistiú inbhuanaithe foraoisí a nascadh le critéir agus le táscairí do bhainistiú inbhuanaithe foraoisí na Comhdhála Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (Forest Europe); á mheas freisin go bhfuil gá le faisnéis maidir leis an mbunús dlí lena dtabharfaí bonn cirt don ghníomhaíocht sin agus an méid a bheadh i gceist le tosú ar bhonn deonach a shoiléiriú a mhéid a bhaineann leis na céimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, chomh maith leis an nasc idir bainistiú inbhuanaithe foraoisí agus an coincheap “gar don dúlra”;

64.

á mholadh go ndéanfaí raon feidhme agus an fhéidearthacht maidir le híocaíocht a fhorbairt do sheirbhísí éiceachórais a phlé go mion leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí na hearnála, agus go ndéanfaí measúnuithe fírinneacha ina dhiaidh sin chun a mheas an bhféadfaí na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach leis na sásraí airgeadais dá bhforáiltear i Straitéis Foraoise an Aontais [an comhbheartas talmhaíochta (CBT), an fheirmeoireacht charbóin agus deimhniú carbóin];

65.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go dtabharfar isteach faireachán uile-Aontais agus comhordaithe ar fhoraoisí ach go measann sé go bhfuil gá le measúnú ar an mbreisluach agus ar an gcóimheas costais is tairbhe a bhaineann leis an togra nua maidir le breathnóireacht, tuairisciú agus bailiú sonraí foraoiseachta an Aontais, chomh maith leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis atá ann cheana agus atá in easnamh; ní mór sonraí cianda, lena n-áirítear faisnéis ó satailítí agus na meáin eile a aithint mar bhealach costéifeachtach chun an bonn eolais a fheabhsú i gcomhar le fardail náisiúnta foraoise atá ann cheana; i ndáil leis sin, is príomhghnéithe iad an choimhdeacht, costais agus ualaí riaracháin ar cheart aghaidh a thabhairt orthu. D’fhéadfadh faireachán ar fhoraoisí ar fud an Aontais breisluach a ghiniúint ar choinníoll go dtacóidh na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leis agus go mbeidh sé bunaithe ar shonraí ar an láthair arna mbailiú ag fardail foraoise náisiúnta agus réigiúnacha agus ar an taithí atá ag Forest Focus; Ina theannta sin, is gá cineál (deonach nó éigeantach), formáid agus cuspóir beacht na bpleananna straitéiseacha náisiúnta a shainiú go soiléir agus ní mór dreasachtaí cost-éifeachtúla a chruthú le go rannchuideoidh úinéirí foraoise le bailiú sonraí;

Is gá níos mó cistiú a chur ar fáil ar an leibhéal Eorpach don bhainistiú inbhuanaithe foraoisí

66.

á mholadh go ndéanfaí acmhainní airgeadais soiléire agus réalaíocha a thiomnú; cé go bhféadfadh sé go léirítear i Straitéis Foraoise an Aontais go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do bhainistiú inbhuanaithe foraoisí agus do chaomhnú na bithéagsúlachta, tá sé amhrasach an féidir an tearcmhaoiniú maidir le foraoiseacht agus bithéagsúlacht a aisiompú sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma, ós rud é gur gá brath go fóill ar chistí a bhfuil cuspóirí agus leithdháiltí acu cheana féin (amhail CBT) agus i bhfianaise an easpa ranníocaíochta ó chistí eile de chuid an Aontais i ngeall ar Brexit, ar an ngéarchéim eacnamaíoch i ndiaidh phaindéim COVID-19 agus ar an ardú ar an mboilsciú;

67.

á mholadh go gcabhródh an Coimisiún leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun a áirithiú gur féidir úsáid níos mó a bhaint as na cistí Eorpacha atá ar fáil (CETFT, CFRE agus NextGenerationEU) i mbainistiú inbhuanaithe foraoisí, trí phróisis riaracháin a shimpliú;

68.

á mholadh go gcuirfí tuilleadh acmhainní airgeadais ar fáil don oiliúint, don taighde agus don fhorbairt, don chomhroinnt eolais ar an leibhéal Eorpach agus idirnáisiúnta, d’fhonn an comhoibriú a éascú agus dea-chleachtais maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí agus le slabhraí luacha foraoisbhunaithe a mhalartú agus a chur chun feidhme i ngach réigiún den Eoraip agus ar fud an domhain;

69.

den tuairim gur cheart do Straitéis nua Foraoise an Aontais tionscnaimh a chur chun cinn chun ardáin a chruthú don chomhar idir-réigiúnach agus do chistiú idir-réigiúnach a bhaineann le foraoisí agus leis an ngeilleagar dícharbónaithe.

An Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  COM(2013) 659 final.

(2)  COM(2018) 811 final.

(3)  An Comhaontú Glas don Eoraip: https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/european-green-deal_ga

(4)  COM(2020) 788 final.

(5)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(6)  COM(2020) 380 final.

(7)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 169.

(8)  Moladh ó phainéal saoránach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa a bhí dírithe ar an athrú aeráide agus ar an gcomhshaol.

(9)  COM(2018) 673 final agus SWD(2018) 431 final.

(10)  COM(2020) 98 final.

(11)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(12)  COM(2021) 706 final.

(13)  SWD(2021) 325 final.


III Gníomhartha ullmhúcháin

Coiste na Réigiún

An 149ú seisiún iomlánach de CnaR, 27.4.2022-28.4.2022

5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/70


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Comhaontú Glas a chur chun feidhme ar dhóigh atá cothrom ó thaobh na sochaí de

(2022/C 301/12)

Rapóirtéir:

Csaba BORBOLY (RO/PPE), Uachtarán Chomhairle Contae, An Rómáin

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta

COM(2021) 568 final

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Aontais le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (athmhúnlú)

COM(2021) 563 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta

COM (2021) 568 final

Leasú 1

Aithris 7

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun gealltanais i leith aeráidneodrachta a chur chun feidhme, rinneadh athbhreithniú ar reachtaíocht aeráide agus fuinnimh an Aontais agus leasaíodh í d’fhonn dlús a chur faoi laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Chun gealltanais i leith aeráidneodrachta a chur chun feidhme, rinneadh athbhreithniú ar reachtaíocht aeráide agus fuinnimh an Aontais agus leasaíodh í d’fhonn dlús a chur faoi laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ba cheart na leasuithe sin a bheith i gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, rud a áiritheoidh gur féidir le gach duine tairbhe iomlán a bhaint as an aistriú cóir agus nach bhfágfar aon duine ar lár. Rannchuideodh Ciste Aeráide Sóisialta nua le cosaint agus cumhachtú na dteaghlach agus na n-úsáideoirí soghluaisteachta is leochailí d’fhonn deireadh a chur le bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht soghluaisteachta ar fud na hEorpa.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 2

Aithris 8

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Beidh tionchair eacnamaíocha agus shóisialta éagsúla ag na leasuithe sin ar earnálacha éagsúla an gheilleagair, ar na saoránaigh agus ar na Ballstáit. Go háirithe, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar á gcur san áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), ba cheart spreagadh eacnamaíoch breise a sholáthar chun infheistiú in ídiú breoslaí iontaise a laghdú agus dlús a chur leis an laghdú ar astaíochtaí gas ceaptha teasa dá réir sin. Agus é sin á chur chun feidhme in éineacht le bearta eile, ba cheart costais le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar a laghdú agus deiseanna nua a chur ar fáil chun poist a chruthú agus le haghaidh infheistíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

Beidh tionchair eacnamaíocha agus shóisialta éagsúla ag na leasuithe sin ar earnálacha éagsúla an gheilleagair, ar theaghlaigh, ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga, i measc réigiún agus cathracha, agus ar na Ballstáit. Go háirithe, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar á gcur san áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ba cheart spreagadh eacnamaíoch breise a sholáthar chun infheistiú in ídiú breoslaí iontaise a laghdú agus dlús a chur leis an laghdú ar astaíochtaí gas ceaptha teasa dá réir sin. Agus é sin á chur chun feidhme in éineacht le bearta eile, ba cheart costais le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar a laghdú agus deiseanna nua a chur ar fáil chun poist a chruthú agus le haghaidh infheistíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 3

Aithris 10

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar díréireach ag an méadú ar phraghas breoslaí iontaise ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí leochaileacha iompair a chaitheann cuid níos mó dá gcuid ioncaim ar fhuinneamh agus iompar agus, i gcás réigiún áirithe, nach mbíonn rochtain acu ar réitigh mhalartacha, inacmhainne um shoghluaisteacht agus iompar agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an cumas maoinithe acu le hinfheistiú chun a n-ídiú breosla iontaise a laghdú.

D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar díréireach ag an méadú ar phraghas breoslaí iontaise ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga leochaileacha agus ar úsáideoirí leochaileacha soghluaisteachta a chaitheann cuid níos mó dá gcuid ioncaim ar fhuinneamh agus iompar agus, i gcás réigiún áirithe, nach mbíonn rochtain acu ar réitigh mhalartacha, inacmhainne um shoghluaisteacht agus iompar agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an cumas maoinithe acu le hinfheistiú chun a n-ídiú breosla iontaise a laghdú . Is é is dóichí freisin go mbeidh tionchar an-difriúil ag na bearta sin ag brath ar choinníollacha sonracha agus ar chomhthéacs réigiúin éagsúla an Aontais agus ba cheart na difríochtaí sin a fhiosrú go sainráite.

Cúis

Tá sé ábhartha a thabhairt chun suntais gur cheart na difríochtaí réigiúnacha agus áitiúla a fhiosrú agus a anailísiú. Ba cheart don Chiste Aeráide Sóisialta a raon feidhme a leathnú go micrifhiontair agus fiontair bheaga leochaileacha seachas díriú ar mhicrifhiontair amháin.

Leasú 4

Aithris 11

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Dá bhrí sin, ba cheart cuid den ioncam a ghintear trí fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a chur san áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a eascraíonn as iad a chur san áireamh, ionas go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár.

Dá bhrí sin, ní mór an t-ioncam a ghintear trí fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a chur san áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta agus eacnamaíocha a eascraíonn as iad a chur san áireamh, ionas go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár.

Cúis

Úsáidfear an t-ioncam ar fad a ghintear leis an CTA d’fhoirgnimh agus d’iompar de bhóthar le haghaidh bearta chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a eascraíonn as praghas carbóin a shocrú.

Leasú 5

Aithris 12

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tá sé sin níos ábhartha fiú i bhfianaise na leibhéal bochtaineachta fuinnimh atá ann faoi láthair. Is éard atá i gceist leis an mbochtaineacht fuinnimh cás a fhágann nach féidir le teaghlaigh rochtain a fháil ar sheirbhísí fuinnimh fíor-riachtanacha, amhail fuarú de réir mar a théann teochtaí in airde, agus téamh. Tuairiscítear nach raibh sé de chumas ag thart ar 34 mhilliún Eorpach a dtithe a choinneáil te go leor in 2018, agus dúirt 6,9  % de dhaonra an Aontais nach raibh sé d’acmhainn acu a dteach a théamh go leordhóthanach i suirbhé a rinneadh ar fud an Aontais in 2019 (3). Ar an iomlán, measann an Fhaireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh go bhfuil níos mó ná 50 milliún teaghlach san Aontas Eorpach a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh. Dá bhrí sin, is dúshlán mór í an bhochtaineacht fuinnimh don Aontas. Cé gur féidir le taraifí sóisialta nó tacaíocht dhíreach ioncaim faoiseamh láithreach a sholáthar do theaghlaigh a bhfuil orthu dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh, ní féidir ach bearta struchtúraithe dírithe, go háirithe athchóirithe fuinnimh, réitigh bhuana a sholáthar.

Tá sé sin níos ábhartha fiú i bhfianaise na leibhéal bochtaineachta fuinnimh atá ann faoi láthair. Is éard atá i gceist leis an mbochtaineacht fuinnimh cás a fhágann nach bhfuil rochtain ag teaghlaigh ar sheirbhísí fuinnimh fíor-riachtanacha, is bunús le caighdeán cuibhiúil maireachtála agus leis an tsláinte, lena n-áirítear teas leormhaith, fuarú leormhaith, soilsiú leormhaith agus fuinneamh leormhaith chun gairis a chumhachtú, sa chomhthéacs ábhartha náisiúnta nó réigiúnach, agus sa bheartas sóisialta ábhartha atá ann cheana agus i mbeartais ábhartha eile, go minic toisc ioncam íseal a bheith acu agus sciar ard caiteachais fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh íseal le seasamh acu mar chuid dá n-ioncam indiúscartha. Tuairiscítear nach raibh sé de chumas ag thart ar 34 mhilliún Eorpach a dtithe a choinneáil te go leor in 2018, agus dúirt 6,9  % de dhaonra an Aontais nach raibh sé d’acmhainn acu a dteach a théamh go leordhóthanach i suirbhé a rinneadh ar fud an Aontais in 2019 (4). Ar an iomlán, measann an Fhaireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh go bhfuil níos mó ná 50 milliún teaghlach san Aontas Eorpach a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh. Dá bhrí sin, is dúshlán mór í an bhochtaineacht fuinnimh agus an bhochtaineacht soghluaisteachta don Aontas . Ainneoin go bhfuil tábhacht an dúshláin sin á haithint ar leibhéal an Aontais le breis agus deich mbliana trí thionscnaimh, reachtaíocht agus treoirlínte éagsúla, ní ann, ar leibhéal an Aontais, d’aon sainmhíniú caighdeánach ar an mbochtaineacht fuinnimh ná ar an mbochtaineacht soghluaisteachta, agus dá bhrí sin, ní mór na táscairí is gá a fhorbairt chun é a mheas agus aird iomlán á tabhairt ar an éagsúlacht réigiúnach agus áitiúil, ós rud é nach ndearna ach aon trian de na Ballstáit sainmhíniú náisiúnta ar an mbochtaineacht fuinnimh a chur i bhfeidhm. Dá thoradh sin, níl aon sonraí trédhearcacha agus inchomparáide maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh san Aontas ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart sainmhíniú ar leibhéal an Aontais a bhunú chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an mbochtaineacht fuinnimh agus chun an dul chun cinn sna Ballstáit uile a thomhas. Cé gur féidir le taraifí sóisialta nó tacaíocht dhíreach ioncaim faoiseamh láithreach a sholáthar do theaghlaigh a bhfuil orthu dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh, ní féidir ach bearta struchtúraithe dírithe , trí chéadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm, trí fhoinsí breise inathnuaite fuinnimh a shuiteáil, lena n-áirítear trí thionscadail faoi stiúir an phobail , go háirithe athchóiriú fuinnimh, réitigh bhuana a sholáthar agus cabhrú go héifeachtach le bochtaineacht fuinnimh a chomhrac .

Cúis

Ba cheart sainmhíniú agus coincheap soiléir caighdeánaithe a bhunú maidir le bochtaineacht fuinnimh, agus cur chuige comhpháirteach, trasearnálach, solúbtha agus comhordaithe á ghlacadh maidir leis na gnéithe éagsúla sóisialta, teicniúla, eacnamaíocha agus buiséadacha.

Leasú 6

Aithris 14

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun na críche sin, ba cheart do gach Ballstát Plean Aeráide Sóisialta (“an Plean”) a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart do na Pleananna sin dhá chuspóir a shaothrú. I dtosach báire, ba cheart dóibh na hacmhainní is gá a sholáthar do theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha chun infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh, dícharbónú téimh agus fuaraithe, i bhfeithiclí agus soghluaiseacht astaíochtaí nialasacha agus ísle a mhaoiniú agus a dhéanamh. Ar an dara dul síos, ba cheart dóibh an tionchar a bheidh ag an méadú i gcostas breoslaí iontaise ar na daoine is leochailí a mhaolú agus dá bhrí sin an bhochtaineacht fuinnimh agus iompair le linn na tréimhse aistrithe a chosc go dtí go gcuirfear infheistíochtaí den sórt sin chun feidhme. Ba cheart do na Pleananna comhpháirt infheistíochta a bheith acu ina gcuirtear réiteach fadtéarmach chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú chun cinn agus d’fhéadfaidís bearta eile a bheartú , lena n-áirítear tacaíocht dhíreach ioncaim chun éifeachtaí díobhálacha ioncaim a mhaolú sa ghearrthéarma.

Chun na críche sin, ba cheart do gach Ballstát Plean Aeráide Sóisialta (“an Plean”) a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart do na Pleananna sin dhá chuspóir a shaothrú. I dtosach báire, ba cheart dóibh teaghlaigh atá i staid na bochtaineachta fuinnimh agus na bochtaineachta soghluaisteachta nó atá i mbaol a bheith thíos le bochtaineacht fuinnimh, micrifhiontair leochaileacha agus fiontair bheaga leochaileacha a shainaithint agus a mhapáil agus anailís mhionsonraithe arna déanamh in éineacht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, le comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta a chur ar fáil, ar na príomhchúiseanna le bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht soghluaisteachta ina gcríocha faoi seach . Ba cheart spriocanna a leagan síos sna Pleananna freisin chun deireadh a chur de réir a chéile agus ar bhealach éifeachtach le bochtaineacht fuinnimh agus le bochtaineacht soghluaisteachta. Ar an dara dul síos, ba cheart dóibh na hacmhainní is gá a sholáthar do theaghlaigh atá i mbochtaineacht fuinnimh agus do dhaoine a bhfuil bochtaineacht soghluaisteachta i ndán dóibh, agus do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga, chun infheistíochtaí a mhaoiniú agus a dhéanamh san athchóiriú domhain ar fhoirgnimh, go háirithe na foirgnimh is measa feidhmíocht agus tithíocht shóisialta, in aon éileamh iarmharach ar théamh agus ar fhuarú le fuinneamh in-athnuaite a chumhachtú, agus i soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha. Go príomha, ba cheart do na Pleananna comhpháirt infheistíochta a bheith acu ina gcuirtear réitigh fhadtéarmacha chun deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas ar bhreoslaí iontaise chun cinn . Is féidir bearta eile a bheartú amhail tacaíocht dhíreach ach iad a bheith teoranta ó thaobh ama de agus ba cheart iad a oiriúnú d’infheistíochtaí fadtéarmacha a mbeadh tionchair fhadtéarmacha acu.

Cúis

Ba cheart a áireamh sa mhapáil freisin teaghlaigh nach bhfuil bochtaineacht fuinnimh mar shaintréith acu, ach a d’fhéadfadh sleamhnú go héasca isteach ann go luath amach anseo, mar gheall ar dhroch-insliú agus ardú ar phraghsanna fuinnimh.

Leasú 7

Aithris 15

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Is iad Ballstáit, agus iad ag dul i gcomhairle le húdaráis ar an leibhéal réigiúnach, is fearr chun Pleananna a dhearadh agus a chur chun feidhme agus na Pleananna sin oiriúnaithe agus dírithe ar a n-imthosca réigiúnacha agus náisiúnta ós rud é go bhfuil beartais acu cheana féin sna réimsí ábhartha agus go gcaithfidh siad úsáid cistí ábhartha eile an Aontais a phleanáil. Ar an dóigh sin, is féidir an urraim is fearr a thabhairt d’éagsúlacht leathan cásanna, saineolas sonrach rialtas áitiúil agus réigiúnach, taighde agus nuálaíocht agus caidreamh tionsclaíoch agus struchtúir idirphlé sóisialta, chomh maith le traidisiúin náisiúnta, agus rannchuidiú le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na tacaíochta foriomláine do dhaoine leochaileacha.

Is iad Ballstáit, agus iad ag dul i gcomhairle le húdaráis ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal uirbeach, le húdaráis phoiblí eile, leis an tsochaí shibhialta agus le comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, is fearr chun Pleananna a dhearadh agus a chur chun feidhme agus na Pleananna sin oiriúnaithe agus dírithe ar a n-imthosca réigiúnacha agus náisiúnta ós rud é go bhfuil beartais acu cheana féin sna réimsí ábhartha agus go gcaithfidh siad úsáid cistí ábhartha eile an Aontais a phleanáil. Ar an dóigh sin, is féidir an urraim is fearr a thabhairt d’éagsúlacht leathan cásanna, saineolas sonrach rialtas áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus eacnamaíocha agus na sochaí sibhialta, taighde agus nuálaíocht agus caidreamh tionsclaíoch agus struchtúir idirphlé sóisialta, chomh maith le traidisiúin náisiúnta, agus rannchuidiú le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na tacaíochta foriomláine do dhaoine leochaileacha.

Cúis

Ba cheart aitheantas a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar phríomhghníomhaithe i gcur chun feidhme agus i ndréachtú na bpleananna.

Tá ról le himirt ag an tsochaí shibhialta agus ag comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta freisin.

Leasú 8

Aithris 16

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndírítear na bearta agus na hinfheistíochtaí go háirithe ar theaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh nó ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha chun aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a bhaint amach. Ba cheart do bhearta tacaíochta chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa cuidiú le Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a eascraíonn as trádáil astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthar.

Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndírítear na bearta agus na hinfheistíochtaí go háirithe ar theaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh nó ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha , ar fhiontair bheaga leochaileacha , agus ar úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha chun aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a bhaint amach. Ba cheart do bhearta tacaíochta chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa cuidiú le Ballstáit , le réigiúin agus le cathracha aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a eascraíonn as trádáil astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthar.

Cúis

Tá rialtais fhonáisiúnta freagrach freisin as cosaint a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha, do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus d’úsáideoirí soghluaisteachta san aistriú cóir, ach tá scéimeanna tacaíochta de dhíth orthu freisin chun a n-inniúlachtaí a fheidhmiú go héifeachtach.

Leasú 9

Aithris 20

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart do Bhallstáit a bPleananna a chur isteach in éineacht leis an nuashonrú ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart na bearta atá le maoiniú, an costas measta a bhaineann leo agus an ranníocaíocht náisiúnta a chuimsiú sna Pleananna. Ba cheart príomh-gharspriocanna agus príomhspriocanna a bheith iontu freisin chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart.

Ba cheart do Bhallstáit a bPleananna a chur isteach in éineacht leis an nuashonrú ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , arna ndréachtú i ndlúthchomhar fóinteach le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, i gcomhréir le prionsabail an Chóid Iompair Eorpaigh maidir le comhpháirtíochtaí arna bhunú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1398/2014 ón gCoimisiún . Ba cheart meastachán ar na tionchair agus ar an maoiniú a bhfuiltear ag súil leo i réigiúin éagsúla, ar leibhéal NUTS 3 ar a laghad, na bearta atá le maoiniú, an costas measta a bhaineann leo agus an ranníocaíocht náisiúnta a chuimsiú sna Pleananna. Ba cheart príomh-gharspriocanna agus príomhspriocanna a bheith iontu freisin chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart agus córas faireacháin. Ba cheart deis a bheith ag na réigiúin a bpleananna féin a dhréachtú, go háirithe na réigiúin thuaithe, shléibhtiúla, fhorimeallacha agus oileánacha .

Cúis

Ba cheart meastachán ar na tionchair a bhfuiltear ag súil leo i réigiúin éagsúla a áireamh sna pleananna agus foráil a dhéanamh maidir le córas chun faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme, ós rud é go bhfuil tuiscint níos fearr ag rialtais áitiúla agus réigiúnacha ar chomhthéacs socheacnamaíoch a gceantar áitiúil féin. Tá rannpháirtíocht shuntasach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i ndearadh agus i gcur chun feidhme na bPleananna Aeráide Sóisialta ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an gCiste toisc nach mór cuid mhaith de na bearta a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil le go mbeidh rath orthu, agus tosca críochacha agus difríochtaí críochacha á gcur san áireamh.

Leasú 10

Aithris 21

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart don Chiste agus do na Pleananna a bheith comhleanúnach agus leagtha amach leis na hathchóirithe agus na tiomantais a bheartaíonn na Ballstáit faoina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, faoi Threoir [bbbb/uuu] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Togra le haghaidh athmhúnlú Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh], Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta  (5) , Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (6) , na Pleananna um Aistriú Cóir de bhun Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (7) agus straitéisí fadtéarmacha athchóirithe foirgneamh de bhun Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). D’fhonn éifeachtúlacht riaracháin a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, ba cheart don fhaisnéis atá sna Pleananna a bheith comhsheasmhach leis an reachtaíocht agus na pleananna a liostaítear thuas.

Chomh maith le bheith i gcomhréir leis na cistí struchtúracha agus aistrithe eile, eadhon CFRE, CSE+, CC agus CUAC, ba cheart don Chiste agus do na Pleananna a bheith comhleanúnach agus leagtha amach leis na hathchóirithe agus na tiomantais a bheartaíonn na Ballstáit faoina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, faoi Threoir [bbbb/uuu] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Togra le haghaidh athmhúnlú Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh], Treoir [bbbb/uuu] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus straitéisí fadtéarmacha athchóirithe foirgneamh de bhun Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). D’fhonn éifeachtúlacht riaracháin a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, ba cheart don fhaisnéis atá sna Pleananna a bheith comhsheasmhach leis an reachtaíocht agus na pleananna a liostaítear thuas.

Leasú 11

Aithris 22

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart don Aontas tacú le Ballstáit a bPleananna a chur chun feidhme trí bhíthin acmhainní airgeadais ón gCiste Aeráide Sóisialta. Ba cheart íocaíochtaí ón gCiste Aeráide Sóisialta a dhéanamh coinníollach ar na garspriocanna agus na spriocanna atá mar chuid de na Pleananna a bhaint amach. Ceadóidh sé sin coinníollacha agus tosaíochtaí náisiúnta a chur san áireamh a fhad agus a dhéanfar a chomhtháthú le cláir chaiteachais náisiúnta eile a mhaoiniú agus a éascú agus tionchar agus sláine chaiteachas an Aontais á ráthú.

Ba cheart don Aontas tacú le Ballstáit a bPleananna a chur chun feidhme trí bhíthin acmhainní airgeadais faoi bhainistíocht chomhroinnte ón gCiste Aeráide Sóisialta. D’fhonn an úsáid is éifeachtúla is féidir a bhaint as cistí an Aontais, ba cheart íocaíochtaí ón gCiste Aeráide Sóisialta a dhéanamh coinníollach ar na garspriocanna agus na spriocanna atá mar chuid de na Pleananna a bhaint amach agus ar spriocanna agus bearta atá ceangailteach ó thaobh dlí a bheith á nglacadh ag na Ballstáit chun deireadh a chur de réir a chéile leis na breoslaí iontaise uile laistigh de thréimhse ama a bheidh comhsheasmhach leis an gcuspóir an téamh domhanda a theorannú go 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, lena n-áirítear deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise soladacha faoi 2030 ar a dhéanaí agus le gás iontaise faoi 2040.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 12

Aithris 23

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart d’imchlúdach airgeadais an Chiste a bheith ag teacht , i bprionsabal le méideanna atá comhréireach le 25 % d’ioncaim ionchasacha ó chuimsiú foirgneamh agus iompar de bhóthar i raon feidhme Threoir 2003/87/CE le linn na tréimhse 2026-2032. De bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle, ba cheart do Bhallstáit na hioncaim sin a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais mar acmhainní dílse. Maoineoidh Ballstáit 50 % de chostais fhoriomlána a bPlean iad féin. Chun na críche sin, agus chun críche infheistíochta agus beart chun dlús a chur faoin aistriú is gá do shaoránaigh dá ndéantar difear go diúltach, agus an tionchar diúltach sin a mhaolú, ba cheart do Bhallstáit inter alia a n-ioncaim ionchasacha ó thrádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar faoi Threoir 2003/87/CE a úsáid chun na críche sin.

Ba cheart d’imchlúdach airgeadais an Chiste a bheith ag teacht le méideanna atá comhréireach le 25 % ar a laghad de na hioncaim ó chuimsiú foirgneamh agus iompar de bhóthar i raon feidhme Threoir 2003/87/CE le linn na tréimhse 2026-2032. De bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle, ba cheart do Bhallstáit na hioncaim sin a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais mar acmhainní dílse. Maoineoidh Ballstáit 35 % de chostais fhoriomlána a bPlean iad féin. Chun na críche sin, agus chun críche infheistíochta agus beart chun dlús a chur faoin aistriú is gá do shaoránaigh dá ndéantar difear go diúltach, agus an tionchar diúltach sin a mhaolú, ba cheart do Bhallstáit a n-ioncaim ionchasacha ó thrádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar faoi Threoir 2003/87/CE a úsáid chun na críche sin.

 

Bunóidh na Ballstáit íostairseach de 35 % den ioncam a leithdháilfear ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha, a bheidh le húsáid chun bearta cur chun feidhme a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bhaineann le hearnáil na tógála agus iompar de bhóthar a chur san áireamh sa chóras trádála astaíochtaí.

Ba cheart solúbthacht a phleanáil chun go bhféadfar sciar níos airde den Chiste a spriocdhíriú ar na réigiúin is leochailí.

Cúis

Ní féidir lánacmhainneacht imchlúdach an Chiste Aeráide Shóisialta a bhaint amach ach amháin le cómhaoiniú níos airde, toisc go bhféadfadh an ciste atá beartaithe pionós a ghearradh ar Bhallstáit agus ar réigiúin a bhfuil acmhainneacht fhioscach níos teoranta acu. Ba cheart rochtain dhíreach ar chistiú agus ar acmhainní a thabhairt do LRAnna freisin.

Leasú 13

Aithris 24

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Tabharfar leithdháileadh bonnlíne i mbuiséad an Aontais don Chiste Aeráide Sóisialta, rud a rachaidh athneartuithe bliantúla i gcomhréir le méadú phraghas an charbóin chun tairbhe dó freisin, trí choigeartú uathoibríoch a dhéanamh ar uasteorainneacha ábhartha CAI, d’fhonn tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do theaghlaigh agus d’úsáideoirí iompair chun an t-aistriú aeráide a bhaint amach. Ba chóir é a bheith ina dhlúthchuid de bhuiséad an Aontais chun aontacht agus sláine an bhuiséid a chaomhnú, chun modh an Chomhphobail a urramú agus chun a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás buiséadach, atá comhdhéanta den Pharlaimint agus den Chomhairle, rialú éifeachtach.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 14

Aithris 25

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun leithdháileadh éifeachtúil agus comhleanúnach cistí a áirithiú agus chun prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a urramú, ba cheart do na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin Rialachán seo a bheith comhsheasmhach leis na cláir leanúnacha de chuid an Aontais agus go mbeidís mar chomhlánú orthu, agus san am céanna, ba cheart cistiú dúbailte ón gCiste nó ó chláir eile de chuid an Aontais le haghaidh an chaiteachais chéanna a sheachaint. […]

Chun leithdháileadh éifeachtúil agus comhleanúnach cistí a áirithiú agus chun prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a urramú, ba cheart do na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin Rialachán seo a bheith comhsheasmhach le cláir leanúnacha de chuid an Aontais , le cláir náisiúnta leanúnacha agus, i gcás inarb iomchuí, le cláir réigiúnacha leanúnacha, agus freisin le hionstraimí agus cistí, teacht sa bhreis orthu agus go mbeidís mar chomhlánú orthu, agus san am céanna, ba cheart a áirithiú nach mbeidh aon chistiú dúbailte ann don chaiteachas céanna agus nach dtiocfaidh an Ciste in ionad cláir, ionstraimí agus cistí eile. […]

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 15

Airteagal 1

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Bunaítear an Ciste Aeráide Sóisialta (“an Ciste”).

Bunaítear an Ciste Aeráide Sóisialta (“an Ciste”).

Cuirfidh sé tacaíocht ar fáil do Bhallstáit chun na bearta agus na hinfheistíochtaí atá ina bPleananna Aeráide Sóisialta (“na Pleananna”) a mhaoiniú.

Cuirfidh sé tacaíocht faoi bhainistíocht chomhroinnte ar fáil do Bhallstáit , agus do réigiúin, chun na bearta agus na hinfheistíochtaí atá ina bPleananna Náisiúnta nó Réigiúnacha Aeráide Sóisialta (“na Pleananna”) a mhaoiniú mar chuid de na cistí struchtúracha .

Maidir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn an Ciste leo, bainfidh teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair, atá leochaileach agus a ndéanann cuimsiú astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear dóibh go háirithe leas astu, go háirithe teaghlaigh atá ag fulaingt ó bhochtaineacht fuinnimh agus saoránaigh nach bhfuil aon rogha mhalartach iompair phoiblí acu taobh amuigh de charranna aonair (i limistéir iargúlta agus tuaithe) .

Maidir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn an Ciste leo, bainfidh teaghlaigh, micrifhiontair , fiontair bheaga agus úsáideoirí iompair, atá leochaileach agus a ndéanann cuimsiú astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear dóibh go háirithe leas astu, go háirithe teaghlaigh atá ag fulaingt ó bhochtaineacht fuinnimh agus saoránaigh atá ag fulaingt ó bhochtaineacht iompair, lena n-áirítear tacaíocht a chur ar fáil don tsoghluaisteacht mhótaraithe aonair i limistéir iargúlta agus tuaithe a bhfuil dúshláin soghluaisteachta os a gcomhair gan iompar poiblí .

Is é cuspóir ginearálta an Chiste rannchuidiú leis an aistriú i dtreo aeráidneodrachta trí aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ón iompar de bhóthar a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE. Is é cuspóir shonrach an Chiste tacú le teaghlaigh leochaileacha, mionfhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha trí thacaíocht ioncaim dhíreach shealadach agus trí bhearta agus infheistíochtaí lena mbeartaítear éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a mhéadú, téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú, agus rochtain níos fearr a thabhairt ar shoghluaisteacht agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle a mhéadú .

Is é cuspóir ginearálta an Chiste rannchuidiú leis an aistriú i dtreo aeráidneodrachta trí aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ón iompar de bhóthar a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE.

Is é cuspóir shonrach an Chiste tacú le teaghlaigh leochaileacha, mionfhiontair leochaileacha , fiontair bheaga leochaileacha, agus úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha trí thacaíocht ioncaim dhíreach shealadach agus trí bhearta agus infheistíochtaí lena mbeartaítear éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a mhéadú, téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú, agus rochtain níos fearr a thabhairt ar réiteach soghluaisteachta inbhuanaithe astaíochtaí nialasacha agus isealastaíochtaí agus ar sheirbhísí comhtháite iompair, lena n-áirítear iompar poiblí inbhuanaithe, iompar comhroinnte, rothaíocht agus dearadh ar leas coisithe .

Cúis

Tá an Ciste dírithe ar dhaoine leochaileacha. Tá gné chríochach ag baint leis na cúinsí geografacha, aeráide, sóisialta agus eacnamaíocha a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar leochaileacht an duine aonair. Tá ról ríthábhachtach ag tosca réigiúnacha maidir le leochaileacht a shainiú. Ba cheart d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha freisin pleananna aeráide sóisialta a dhréachtú ina sonraítear na bearta nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais arb é an t-aistriú glas is Cúis leo, más mian leo sin a dhéanamh.

Ba cheart saoránaigh a bhfuil rogha mhalartach iompair phoiblí acu ach nach bhfuil acmhainní eacnamaíocha leordhóthanacha acu nó a bhfuil deacrachtaí sóisialta acu a áireamh sa sprioc freisin.

Ba cheart an Ciste a bheith mar chuid de na cistí struchtúracha.

Leasú 16

Airteagal 2

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

[…]

[…]

(2)

ciallaíonn “bochtaineacht fuinnimh” an bhochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe [(49) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) [bbbb/uuu] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [50];

(2)

ciallaíonn “bochtaineacht fuinnimh” bochtaineacht a dhéanann difear do theaghlaigh leochaileacha a chaitheann sciar suntasach dá n-ioncam indiúscartha ar chaiteachas fuinnimh nó a bhfuil rochtain theoranta acu ar sheirbhísí fuinnimh riachtanacha agus inacmhainne a thacaíonn le caighdeán maith maireachtála agus sláinte, lena n-áirítear téamh, fuarú agus soilsiú leormhaith agus fuinneamh leordhóthanach chun fearais a chumhachtú, mar gheall ar, inter alia, thithíocht ar chaighdeán íseal, chomh maith le hioncam ar leibhéal íseal.

[…]

[…]

 

9(a)

ciallaíonn “fiontar beag” fiontar ina bhfostaítear níos lú na 50 fostaí agus nach mó ná EUR 10 milliún a láimhdeachas bliantúil agus/nó iomlán a chláir comhardaithe bhliantúil;

(10)

ciallaíonn “úsáideoirí iompair ” teaghlaigh nó micrifhiontair a úsáideann roghanna éagsúla iompair agus soghluaisteachta;

(10)

ciallaíonn “úsáideoirí soghluaisteachta ” teaghlaigh , daoine aonair nó micrifhiontair agus fiontair bheaga a úsáideann roghanna éagsúla iompair agus soghluaisteachta;

(11)

ciallaíonn “teaghlaigh leochaileacha” teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh ar ioncam íseal agus meánioncaim, dá ndéanann na tionchair a bhíonn ag praghsanna de bharr foirgnimh a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear suntasach agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú;

(11)

ciallaíonn “teaghlaigh leochaileacha” teaghlaigh nó daoine aonair faoi bhochtaineacht fuinnimh nó soghluaisteachta nó i mbaol acu nó teaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh ar ioncam íseal agus meánioncaim, dá ndéanann na tionchair a bhíonn ag praghsanna de bharr foirgnimh agus iompar de bhóthar a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear suntasach atá i mbaol teacht faoi bhochtaineacht fuinnimh, mar gheall ar phraghsanna fuinnimh atá ag ardú agus feidhmíocht neamhéifeachtúil fuinnimh a dteaghlach agus nach bhfuil sé d’acmhainn nó de cheart acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú agus a d’fhéadfadh a bheith ag brath go minic ar thiarnaí talún, ar ceann de na bacainní is mó ar athchóiriú inbhuanaithe na bhfoirgneamh cónaithe san Eoraip iad ;

(12)

ciallaíonn “micrifhiontair leochaileacha” micrifhiontair dá ndéanann tionchair phraghsanna foirgnimh a chuimsiú i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear suntasach agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú;

(12)

ciallaíonn “micrifhiontair agus fiontair bheaga leochaileacha” micrifhiontair agus fiontair bheaga dá ndéanann tionchair phraghsanna foirgnimh agus iompar de bhóthar a chuimsiú i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear suntasach agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú ná aistriú chuig modhanna iompair inbhuanaithe ;

 

(13a)

ciallaíonn “bochtaineacht soghluaisteachta” teaghlaigh nó daoine aonair nach bhfuil sé d’acmhainn acu íoc as an iompar is gá chun freastal ar sheirbhísí fíor-riachtanacha nó riachtanais riachtanacha chultúrtha agus shocheacnamaíocha, go háirithe fostaíocht, oideachas agus oiliúint ar ardcháilíocht, i gcomhthéacs ar leith agus ar féidir ceann amháin de na tosca seo a leanas nó meascán díobh a bheith ina chúis leis: ioncaim íseal-leibhéil, caiteachas ard ar bhreosla agus/nó costais arda an iompair phoiblí, roghanna malartacha soghluaisteachta a bheith ar fáil agus a n-inrochtaineacht agus a suíomh, achair thaistil agus cleachtais iompair, go háirithe i gceantair thuaithe, oileánacha, shléibhtiúla agus iargúlta, lena n-áirítear ceantair pheirea-uirbeacha.

Cúis

Sainmhínithe a chur isteach chun na tairbhithe a shoiléiriú.

Leasú 17

Airteagal 3.1

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Cuirfidh gach Ballstát Plean Aeráide Sóisialta (“an Plean”) faoi bhráid an Choimisiúin in éineacht leis an nuashonrú ar an bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999 i gcomhréir leis an nós imeachta agus an amlíne a leagtar síos san Airteagal sin. Beidh sraith chomhleanúnach beart agus infheistíochtaí sa Phlean chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na praghsála carbóin ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha chun téamh, fuarú agus soghluaiseacht inacmhainne a áirithiú agus na bearta is gá ag gabháil leo agus dlús á chur leo chun spriocanna aeráide an Aontais a chomhlíonadh.

Mar chuid de na doiciméid chlársceidealaithe do na Cistí Struchtúracha, agus bunaithe ar phrionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil, cuirfidh gach Ballstát Plean Aeráide Sóisialta (“an Plean”) faoi bhráid an Choimisiúin in éineacht leis an nuashonrú ar an bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999 i gcomhréir leis an nós imeachta agus an amlíne a leagtar síos san Airteagal sin. Beidh sraith chomhleanúnach beart agus infheistíochtaí sa Phlean chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na praghsála carbóin ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha chun téamh, fuarú agus soghluaiseacht inacmhainne a áirithiú agus na bearta is gá ag gabháil leo agus dlús á chur leo chun spriocanna aeráide an Aontais a chomhlíonadh. Agus a bPleananna á mbunú acu, oibreoidh na Ballstáit i ndlúthchomhar leis na hÚdaráis Réigiúnacha agus Áitiúla ar cheart baint a bheith acu leis an bpróiseas dréachtaithe.

Cúis

Ba cheart Plean Aeráide Sóisialta a bheith mar chuid de na Cistí Struchtúracha agus ba cheart do gach Ballstát é a ullmhú, bunaithe ar phrionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil.

Leasú 18

Airteagal 3.2

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Féadfaidh bearta náisiúnta a sholáthraíonn tacaíocht dhíreach ioncaim shealadach do theaghlaigh leochaileacha agus do theaghlaigh ar úsáideoirí iompair leochaileacha iad a bheith mar chuid den Phlean chun an tionchar a bheidh ag an méadú ar phraghas breoslaí iontaise mar thoradh ar foirgnimh agus iompar de bhóthar a chuimsiú i raon feidhme Threoir 2003/87/CE.

Féadfaidh bearta náisiúnta agus/nó fonáisiúnta a sholáthraíonn tacaíocht dhíreach shealadach do theaghlaigh agus do dhaoine, ar choinníoll go léiríonn siad go bhfuil an tacaíocht sin comhréireach, agus go bhfuil sí mar chuid de straitéis iomlánaíoch chun na teaghlaigh sin agus na daoine sin a bhaint as bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht soghluaisteachta, agus aird ar leith á tabhairt ar mhná agus ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair iargúlta nach bhfuil rochtain mhaith orthu, lena n-áirítear ceantair pheirea-uirbeacha, chun cabhrú le costais fuinnimh agus soghluaisteachta a laghdú trí rochtain éascaithe ar réitigh ghlasa atá fuinneamhéifeachtúil agus ar sheirbhísí soghluaisteachta atá comhroinnte agus comhtháite a chur ar fáil.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 19

Airteagal 3.3

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Beidh tionscadail náisiúnta mar chuid den Phlean chun:

Beidh tionscadail náisiúnta , réigiúnacha agus áitiúla mar chuid den Phlean chun:

(a)

bearta agus infheistíochtaí a mhaoiniú chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú, chun bearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme, chun athchóiriú foirgneamh a dhéanamh, agus chun téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh a chomhtháthú;

(a)

bearta agus infheistíochtaí a mhaoiniú chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú, chun bearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme, chun athchóiriú foirgneamh a dhéanamh, agus chun téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh agus téamh nó fuarú ceantair a chomhtháthú;

(b)

bearta agus infheistíochtaí a mhaoiniú chun an glacadh atá le soghluaiseacht agus iompar astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a mhéadú.

(b)

tacaíocht airgeadais agus theicniúil a chur ar fáil do chomhphobail fuinnimh inathnuaite agus do thionscadail forbartha áitiúla atá faoi stiúir an phobail i gceantair uirbeacha, pheirea-uirbeacha agus tuaithe, lena n-áirítear córais fuinnimh atá faoi úinéireacht áitiúil, mar aon leis na socruithe chun dul i mbun caidrimh agus d’fhothú acmhainneachta ar an leibhéal áitiúil;

 

(c)

bearta agus infheistíochtaí a mhaoiniú chun rochtain ar thithíocht chuibhiúil, inacmhainne agus inbhuanaithe a áirithiú, lena n-áirítear trí athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh thréigthe;

 

(d)

bearta a mhaoiniú lena dtugtar aghaidh ar bhacainní neamhairgeadaíochta ar fheabhsúcháin maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus ar ghlacadh fuinnimh in-athnuaite mar aon le bacainní ar rochtain a fháil ar shoghluaisteacht inbhuanaithe agus ar sheirbhísí poiblí iompair, chun an bhochtaineacht fuinnimh agus an bhochtaineacht soghluaisteachta a chomhrac; féadfar a áireamh orthu sin bearta lena dtugtar aghaidh ar bhacainní riaracháin agus ar easnamh faisnéise amhail comhairliúcháin fuinnimh agus seirbhísí comhairle, lena n-áirítear ar leibhéal an phobail;

 

(e)

bearta agus infheistíochtaí a mhaoiniú a bhfuil tionchar marthanach acu chun dlús a chur leis an aistriú i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, agus tús áite a thabhairt do bhearta atá dírithe ar an éileamh agus “céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh” a chur i bhfeidhm, ag tosú le bearta agus infheistíochtaí as a dtiocfaidh aistriú módach ó shoghluaisteacht phríobháideach chuig soghluaisteacht phoiblí, chomhroinnte agus ghníomhach.

Cúis

Ní mór ról ríthábhachtach a bheith ag réigiúin agus cathracha na hEorpa i gcur chun feidhme na mbeartas agus na dtionscadal aonair faoin gCiste. Tá gné chríochach ag baint leis na cúinsí geografacha, aeráide, sóisialta agus eacnamaíocha a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar leochaileacht an duine aonair.

Leasú 20

Airteagal 4.1.b

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

na bearta coincréiteacha a ghabhann leo agus is gá chun na bearta agus infheistíochtaí atá sa Phlean a bhaint amach agus na héifeachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) a laghdú chomh maith le faisnéis maidir le maoiniú reatha nó beartaithe beart agus infheistíochtaí ó fhoinsí eile de chuid an Aontais, agus ó fhoinsí idirnáisiúnta, poiblí nó príobháideacha;

(b)

na bearta agus na hathchóirithe coincréiteacha a ghabhann leo agus is gá chun na bearta agus infheistíochtaí atá sa Phlean a bhaint amach chomh maith le faisnéis maidir le maoiniú reatha nó beartaithe beart agus infheistíochtaí ó fhoinsí eile de chuid an Aontais, agus ó fhoinsí idirnáisiúnta, poiblí nó príobháideacha; lena n-áirítear bearta atá dírithe ar a áirithiú nach mbeidh díshealbhú ná díshealbhú indíreach mar thoradh ar athchóiriú foirgneamh trí ardú a dhéanamh ar chíos daoine leochaileacha, agus lena neartaítear cosaint agus coimircí na dtionóntaí agus lena ndéantar an ceart chun tithíocht chuibhiúil, inacmhainne agus inbhuanaithe a chur chun cinn;

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 21

Airteagal 4.1.d

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(d)

measúnú tionchair inscne agus míniú ar an gcaoi a ndéantar na cuspóirí i dtaobh rannchuidiú a dhéanamh le comhionannas inscne agus comhdheiseanna do chách a chur i gcuntas sna bearta agus sna hinfheistíochtaí atá sa Phlean agus príomhshruthú na gcuspóirí sin, i gcomhréir le prionsabail 2 agus 3 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 5 na Náisiún Aontaithe agus, i gcás inarb ábhartha, leis an straitéis náisiúnta um chomhionannas inscne;

Cúis

Féinmhínitheach

Leasú 22

Airteagal 4.1.e

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

e)

bearta agus infheistíochtaí chun ioncam fheirmeoirí beaga na hEorpa a ráthú a bhfuil sé d’oibleagáid orthu caighdeáin dhúshlánacha táirgthe an Aontais a chomhlíonadh. Beidh gá le clásail chómhalartachta nó chomhuaineacha le haghaidh táirgí allmhairithe;

Cúis

Ní mór ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta bia a áirithiú, gan beann ar áit tionscnaimh na dtáirgí. Dá thairbhe sin, spreagfar tríú tíortha chun na caighdeáin sláinte, saothair agus shóisialta sin a ghlacadh, rud a chuirfeadh sochair dhomhanda chun cinn.

Leasú 23

Airteagal 4.1.i

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(i)

na socruithe don Bhallstáit lena mbaineann chun faireacháin éifeachtach a dhéanamh ar an bPlean agus é a chur chun feidhme go héifeachtach, go háirithe faireachán agus cur chun feidhme na ngarspriocanna agus na spriocanna, lena n-áirítear táscairí chun bearta agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus is iad na táscairí sin, i gcás inarb ábhartha, iad sin a bheidh ar fáil le hOifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh agus an Fhaireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh mar a shainaithnítear i Moladh 2020/1563 ón gCoimisiún (10) maidir le bochtaineacht fuinnimh;

(i)

na socruithe don Bhallstáit agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lena mbaineann , lena n-áirítear rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe eacnamaíocht agus sóisialta agus na sochaí sibhialta sa phróiseas, chun faireacháin éifeachtach a dhéanamh ar an bPlean agus é a chur chun feidhme go héifeachtach, go háirithe faireachán agus cur chun feidhme na ngarspriocanna agus na spriocanna, lena n-áirítear táscairí chun bearta agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus is iad na táscairí sin, i gcás inarb ábhartha, iad sin a bheidh ar fáil le hOifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh agus an Fhaireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh mar a shainaithnítear i Moladh 2020/1563 ón gCoimisiún (11) maidir le bochtaineacht fuinnimh;

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 24

Airteagal 4.1.j

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(j)

chun an Plean a ullmhú agus , i gcás ina mbeidh fáil air, ar mhaithe leis an bPlean a chur chun feidhme, achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin, arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sochaí sibhialta, eagraíochtaí don óige, agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus an chaoi a léirítear ionchur na bpáirtithe leasmhara sa Phlean;

(j)

chun an Plean a ullmhú agus a chur chun feidhme, tuairim scríofa ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin, arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sochaí sibhialta, eagraíochtaí don óige, agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, ina leagtar amach an chaoi a léirítear ionchur na bpáirtithe leasmhara sa Phlean agus an chaoi ar cuireadh leibhéil éagsúla leochaileachta na réigiún san áireamh agus aird ar leith á tabhairt ar staid réigiún atá thar a bheith leochaileach de dheasca míbhuntáistí nádúrtha, amhail réigiúin oileánacha agus shléibhtiúla ;

Cúis

Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is fearr a thuigeann céard atá de dhíth ar a réigiúin agus a gcathracha féin toisc iad a bheith ar an eolas faoi na fadhbanna agus na himthosca socheacnamaíocha a bhaineann lena gceantar áitiúil. Ní leor comhairliúchán chun a ndearcadh a chur san áireamh sna Pleananna Náisiúnta Aeráide Sóisialta. Ní mór do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh agus riachtanais a saoránach a chur in iúl agus ní mór an chumarsáid sin a mheas ar an leibhéal náisiúnta, lena gcuirfear i dtábhacht na difríochtaí agus na sainiúlachtaí i measc na réigiún.

Leasú 25

Airteagal 4.1.l

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

an cion den chiste a chuirtear i leataobh le haghaidh straitéisí áitiúla um aistriú aeráide faoi stiúir an phobail agus leithdháileadh 5 % ar a laghad den imchlúdach iomlán

Cúis

Tá sé léirithe ag Forbairt Áitiúil faoi Stiúir an Phobail gur uirlis shaincheaptha é don phleanáil straitéiseach áitiúil i bhformhór na mBallstát; ina theannta sin, d’fhéadfadh sé cur le comhordú agus le gníomhaíochtaí níos fearr i gceantair thuaithe agus i gcomharsanachtaí uirbeacha araon.

Leasú 26

Airteagal 4.3

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Nuair a bheidh a gcuid Pleananna á n-ullmhú acu, féadfaidh Ballstáit iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas a eagrú. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh freisin faoin tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh, a bhunaítear le Comhaontú an Choimisiúin leis an mBanc Eorpach Infheistíochta in 2009, nó faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Nuair a bheidh a gcuid Pleananna á n-ullmhú acu, féadfaidh Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas a eagrú. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh freisin faoin tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh, a bhunaítear le Comhaontú an Choimisiúin leis an mBanc Eorpach Infheistíochta in 2009, nó faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 27

Airteagal 5.1

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Soláthróidh an Ciste tacaíocht airgeadais do Bhallstáit chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach ina bPleananna a mhaoiniú.

Agus prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil á n-urramú, soláthróidh an Ciste tacaíocht airgeadais do Bhallstáit agus do réigiúin trí bhainistíocht chomhroinnte chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach ina bPleananna a mhaoiniú.

Ba cheart do gach Ballstát íostairseach a shocrú de 35 % ar a laghad de na cistí sin atá ar fáil lena bhainistiú go díreach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.

Cúis

Tá an ghné réigiúnach ríthábhachtach do chur chun feidhme agus do rath an Chiste Aeráide Shóisialta. Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is fearr a thuigeann fadhbanna agus cúinsí socheacnamaíocha na gcríoch, agus is fearr is féidir na daoine agus na hearnálacha is leochailí a shainaithint, mar sin ba cheart acmhainní ón gciste a chur ar fáil dóibh freisin. Ba cheart an Ciste a rialú trí bhainistíocht chomhroinnte, agus prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil á n-urramú.

Leasú 28

Airteagal 5.2

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Beidh íocaíocht na tacaíochta coinníollach ar na garspriocanna agus na spriocanna le haghaidh beart agus infheistíochtaí a leagtar amach sna Pleananna a bhaint amach. Beidh na garspriocanna agus na spriocanna sin comhoiriúnach le spriocanna aeráide an Aontais agus cumhdóidh siad cumhdófar leo go háirithe:

Beidh íocaíocht na tacaíochta coinníollach ar na garspriocanna agus na spriocanna le haghaidh beart agus infheistíochtaí a leagtar amach sna Pleananna a bhaint amach. Beidh na garspriocanna agus na spriocanna sin comhoiriúnach le spriocanna aeráide an Aontais agus cumhdóidh siad cumhdófar leo go háirithe:

(a)

éifeachtúlacht fuinnimh;

(a)

éifeachtúlacht fuinnimh;

(b)

athchóiriú foirgneamh;

(b)

athchóiriú fuinnimh foirgneamh;

(c)

soghluaiseacht agus iompar astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha;

(c)

foinsí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus a úsáid, lena n-áirítear trí chomhphobail fuinnimh in-athnuaite ;

(d)

laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(d)

soghluaiseacht astaíochtaí ísle astaíochtaí nialasacha (faoi thiomáint leictreach, hibrideach nó hidrigine), seirbhísí soghluaisteachta comhtháite agus iompar poiblí ;

(e)

laghduithe ar an líon teaghlach leochaileach, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha, lena n-áirítear i limistéir thuaithe agus iargúlta.

(e)

laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa;

 

(f)

laghduithe ar an líon teaghlach leochaileach, micrifhiontair agus fiontair bheaga leochaileacha agus úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha, lena n-áirítear i limistéir thuaithe agus iargúlta , atá dí-chomhiomlánaithe de réir inscne ;

(g)

oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide do theaghlaigh leochaileacha.

(h)

cosaint an dúlra, spriocanna bithéagsúlachta agus réitigh dhúlrabhunaithe.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 29

Airteagal 6.2

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Féadfaidh Ballstáit na costais a bhaineann leis na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas a chur san áireamh i gcostais mheasta iomlána na bPleananna, ar choinníoll go mbaineann teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha nó úsáideoirí iompair leochaileacha go príomha tairbhe astu agus go bhfuil siad beartaithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

Féadfaidh Ballstáit agus réigiúin na costais a bhaineann leis na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas a chur san áireamh i gcostais mheasta iomlána na bPleananna, ar choinníoll go mbaineann teaghlaigh leochaileacha, lena ndírítear ar shaoránaigh gan cuntas bainc agus ar theaghlaigh ar ioncam íseal, micrifhiontair leochaileacha , fiontair bheaga leochaileacha nó úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha go príomha tairbhe astu agus go bhfuil siad beartaithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

Cúis

Tá an ghné réigiúnach ríthábhachtach do chur chun feidhme agus do rath an Chiste Aeráide Shóisialta. Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is fearr a thuigeann na fadhbanna agus na cúinsí socheacnamaíocha ina gceantar áitiúil, agus is fearr is féidir na daoine agus na hearnálacha is leochailí a shainaithint. Ba cheart díriú freisin ar shaoránaigh a bhfuil méid an-teoranta acmhainní acu agus nach bhfuil ábalta nó toilteanach cuntas bainc a oscailt agus ba cheart tacaíocht a thabhairt dóibh le bearta an Chiste.

Leasú 30

Airteagal 6.2.d

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(d)

rochtain ar fheithiclí agus ar rothair astaíochtaí nialasacha agus ísle a chur ar fáil, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais nó dreasachtaí fioscacha chun iad a cheannach agus le haghaidh bhonneagar poiblí agus príobháideach iomchuí, lena n-áirítear le haghaidh athluchtú agus athbhreoslú; maidir le tacaíocht i dtaca le feithiclí astaíochtaí ísle, cuirfear tráthchlár ar fáil chun an tacaíocht a laghdú de réir a chéile;

(d)

rochtain ar fheithiclí agus ar rothair astaíochtaí nialasacha agus ísle a chur ar fáil, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais nó dreasachtaí fioscacha chun iad a cheannach agus le haghaidh bhonneagar poiblí agus príobháideach iomchuí, lena n-áirítear le haghaidh athluchtú agus athbhreoslú; maidir le tacaíocht i dtaca le feithiclí astaíochtaí ísle, cuirfear tráthchlár ar fáil chun an tacaíocht a laghdú de réir a chéile; , agus é á chur san áireamh gur cheart do na réitigh arna soláthar a bheith inacmhainne do theaghlaigh leochaileacha ó thaobh costais, cothabhála agus inbhuanaitheachta de, chun éifeachtacht na mbeart a áirithiú; ;

Cúis

Ní hé an tacaíocht eacnamaíoch a chuirtear ar fáil chun feithicil leictreach a fháil an réiteach is oiriúnaí do theaghlaigh leochaileacha, mar gheall ar na costais arda chothabhála. Ní mór a áirithiú go bhfuil na bearta réasúnta agus pragmatach chun dul i ngleic le fíorfhadhbanna na saoránach leochaileach (costas billí fuinnimh).

Leasú 31

Airteagal 6.2.e

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(e)

saor-rochtain ar iompar poiblí a dheonú nó taraifí oiriúnaithe le haghaidh rochtain ar iompar poiblí, chomh maith le soghluaisteacht inbhuanaithe ar éileamh agus seirbhísí comhroinnte soghluaisteachta;

(e)

saor-rochtain ar iompar poiblí a dheonú nó taraifí oiriúnaithe le haghaidh rochtain ar iompar poiblí, chomh maith le soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle ar éileamh agus seirbhísí soghluaisteachta a chomhroinnt, go háirithe i gceantair thuaithe, oileánacha, shléibhtiúla, iargúlta nach bhfuil rochtain mhaith orthu nó do réigiúin nó críocha lagfhorbartha, lena n-áirítear ceantair pheirea-uirbeacha bheagfhorbartha ;

Cúis

Ó thaobh saolré de, ba cheart don Rialachán a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Mura gcuirtear ach astuithe sceite díreacha san áireamh, tá an baol ann go méadófar astaíochtaí ó ghiniúint leictreachais agus go ndéanfar breoslaí in-athnuaite eile a eisiamh.

Leasú 32

Airteagal 6.2.g

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(g)

tacú le tionscnaimh de chuid an Chomhphobail Fuinnimh Inathnuaite, lena n-áirítear táirgeadh comhchoiteann agus féintomhaltas fuinnimh in-athnuaite mar bhealach chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 33

Airteagal 8

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Féadfaidh Ballstáit tacaíocht airgeadais a chuirtear ar fáil d’eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha a chur san áireamh sna costais mheasta iomlána, i gcás ina ndéanann na heintitis sin bearta agus infheistíochtaí a bhíonn chun leasa theaghlaigh leochaileacha, mhicrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha ar deireadh.

Féadfaidh Ballstáit agus réigiúin tacaíocht airgeadais a chuirtear ar fáil d’eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha , fiontair bheaga leochaileacha agus úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha a chur san áireamh sna costais mheasta iomlána, i gcás ina ndéanann na heintitis sin bearta agus infheistíochtaí a bhíonn chun leasa theaghlaigh leochaileacha, mhicrifhiontair leochaileacha , fhiontair bheaga leochaileacha agus úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha ar deireadh.

Déanfaidh Ballstát foráil maidir leis na cosaintí reachtúla agus conarthacha is gá lena áirithiú go gcuirtear an leas ar fad ar aghaidh chuig na teaghlaigh, na micrifhiontair agus na húsáideoirí iompair .

Déanfaidh Ballstát foráil maidir leis na cosaintí reachtúla agus conarthacha is gá lena áirithiú go gcuirtear an leas ar fad ar aghaidh chuig na teaghlaigh, na micrifhiontair , na fiontair bheaga agus na húsáideoirí soghluaisteachta, agus go mbeidh sé inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de san fhadtéarma .

Cúis

Tá an ghné réigiúnach ríthábhachtach do chur chun feidhme agus do rath an Chiste Aeráide Shóisialta. Ní hé an tacaíocht eacnamaíoch a chuirtear ar fáil chun feithicil leictreach a fháil an réiteach is oiriúnaí do theaghlaigh leochaileacha; is iad na fíor-réitigh atá de dhíth ná bealaí chun costas billí fuinnimh a chlúdach.

Leasú 34

Airteagal 10.2

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Féadfaidh Ballstáit cur chun feidhme beart agus infheistíochtaí a bhfuil an Ciste seo chun a leasa a chur ar iontaoibh údaráis bhainistíochta Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) arna bhunú ag Rialachán (AE) 2021/1057 agus na gclár oibríochtúil um an mbeartas comhtháthaithe faoi Rialachán (AE) 2021/1058 […]

Is féidir leis na Ballstáit cur chun feidhme na mbeart agus na n-infheistíochtaí a bhfuil an Ciste seo chun a leasa a chur ar iontaoibh údaráis bhainistíochta Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) arna bhunú ag Rialachán (AE) 2021/1057 agus na gclár oibríochtúil um an mbeartas comhtháthaithe faoi Rialachán (AE) 2021/1058 […]

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 35

Airteagal 11

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Is é an Coimisiún a chuirfidh an Ciste chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a glacadh de bhun […]

Is é an Coimisiún agus na Ballstáit a chuirfidh an Ciste chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil arna leagan síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a glacadh de bhun […]

Cúis

Ba cheart an Ciste a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, i gcomhréir le prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil.

Leasú 36

Airteagal 14.1

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfaidh Ballstáit 50 faoin gcéad ar a laghad de chostais mheasta iomlána a bPleananna a ranníoc.

Déanfaidh Ballstáit 50 faoin gcéad ar a laghad de chostais mheasta iomlána a bPleananna a ranníoc faoi bhainistíocht chomhroinnte .

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 37

Airteagal 14.2

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Bainfidh Ballstáit úsáid as, inter alia, ioncam óna lamháltais a chur ar ceant, i gcomhréir le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, dá ranníocaíocht náisiúnta le costais mheasta iomlána a bPleananna.

Bainfidh Ballstáit úsáid as, inter alia, ioncam óna lamháltais a chur ar ceant, i gcomhréir le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, dá ranníocaíocht náisiúnta le costais mheasta iomlána a bPleananna.

(a)

Ba cheart do gach Ballstát íostairseach céatadáin a shocrú de 20 % ar a laghad d’ioncam ceantála CTA a bheidh le bainistiú go díreach ag na rialtais áitiúla agus réigiúnacha. Ba cheart an t-ioncam atá á bhainistiú ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a úsáid go heisiach do na hiarrachtaí maidir le maolú agus oiriúnú don athrú aeráide, go háirithe na hiarrachtaí sin a thacaíonn leis an aistriú fuinnimh agus a thugann aghaidh ar na rioscaí do na críocha agus do na teaghlaigh is leochailí. I gcás ina mbeidh ioncam níos airde mar thoradh ar phraghas an charbóin ná mar a bhíothas ag súil leis, méadófar imchlúdach airgeadais SCF dá réir sin.

Cúis

Tá sé ríthábhachtach go bhféadfadh an Ciste Aeráide Sóisialta nua tacú go díreach le hinfheistíochtaí na rialtas áitiúil agus réigiúnach chun tithíocht shóisialta áitiúil agus inacmhainneacht an iompair phoiblí áitiúil a athchóiriú agus a fheabhsú.

Leasú 38

Airteagal 15.1

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bPlean agus, i gcás inarb infheidhme, ar aon leasú ar an bPlean sin arna chur ar aghaidh ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 17, maidir le comhlíontacht le forálacha an Rialacháin seo. Nuair a bheidh an measúnú sin á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt nó faisnéis bhreise a lorg. Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis bhreise a iarrtar, agus féadfaidh sé athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean más gá, lena n-áirítear tar éis don phlean a bheith tíolactha. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún a chomhaontú síneadh a mhairfidh tréimhse réasúnta a chur leis an sprioc-am don mheasúnú más gá.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bPlean agus, i gcás inarb infheidhme, ar aon leasú ar an bPlean sin arna chur ar aghaidh ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 17, maidir le comhlíontacht le forálacha an Rialacháin seo. Nuair a bheidh an measúnú sin á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt nó faisnéis bhreise a lorg. Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis bhreise a iarrtar, agus féadfaidh sé athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean más gá, lena n-áirítear tar éis don phlean a bheith tíolactha. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún a chomhaontú síneadh a mhairfidh tréimhse réasúnta a chur leis an sprioc-am don mheasúnú más gá. Déanfaidh an Ballstát measúnú ar na Pleananna Réigiúnacha Aeráide Sóisialta arna ndréachtú ag réigiúin atá toilteanach an t-imchlúdach breise a iarraidh, chun comhsheasmhacht leis an bPlean Náisiúnta Aeráide Sóisialta a áirithiú agus chun bearta forluiteacha a sheachaint.

Cúis

Tá an ghné réigiúnach ríthábhachtach do chur chun feidhme agus do rath an Chiste Aeráide Shóisialta. Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is fearr a thuigeann fadhbanna agus cúinsí socheacnamaíocha na gcríoch, agus is fearr is féidir na daoine agus na hearnálacha is leochailí a shainaithint.

Leasú 39

Airteagal 15.2

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, agus comhleanúnachas an phlean mar seo a leanas:

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, agus comhleanúnachas an phlean mar seo a leanas:

(a)

Chun críche measúnú a dhéanamh ar ábharthacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

Chun críche measúnú a dhéanamh ar ábharthacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

 

(i)

cibé an ionann nó nach ionann an Plean agus freagairt ar an tionchar sóisialta ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha agus ar na dúshláin atá rompu sa Bhallstát lena mbaineann, mar thoradh ar bhunú an chórais trádála astaíochtaí d’fhoirgnimh agus d’iompar de bhóthar arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, agus aird chuí ar na dúshláin a shainaithnítear i measúnuithe an Choimisiúin ar an nuashonrú ar phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann agus ar a dhul chun cinn de bhun Airteagal 9(3), agus Airteagail 13 agus 29 i Rialachán (AE) 2018/1999, chomh maith le i moltaí an Choimisiúin do Bhallstáit a eisítear de bhun Airteagal 34 i Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise an chuspóra fhadtéarmaigh d’aeráidneodracht san Aontas faoi 2050. Cuirfear san áireamh leis sin dúshláin shonracha agus leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann.

 

(i)

cibé an ionann nó nach ionann an Plean agus freagairt ar an tionchar sóisialta ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha agus ar na dúshláin atá rompu sa Bhallstát lena mbaineann, mar thoradh ar bhunú an chórais trádála astaíochtaí d’fhoirgnimh agus d’iompar de bhóthar arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, agus aird chuí ar na dúshláin a shainaithnítear i measúnuithe an Choimisiúin ar an nuashonrú ar phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann agus ar a dhul chun cinn de bhun Airteagal 9(3), agus Airteagail 13 agus 29 i Rialachán (AE) 2018/1999, chomh maith le i moltaí an Choimisiúin do Bhallstáit a eisítear de bhun Airteagal 34 i Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise an chuspóra fhadtéarmaigh d’aeráidneodracht san Aontas faoi 2050. Cuirfear san áireamh leis sin dúshláin shonracha agus leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann.

 

(ii)

cibé an meastar go n-áirithítear leis an bplean nach ndéanann aon infheistíocht ná beart atá mar chuid den Phlean díobháil shuntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852;

 

(ii)

cibé an meastar go n-áirithítear leis an bplean nach ndéanann aon infheistíocht ná beart atá mar chuid den Phlean díobháil shuntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852;

 

(iii)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil bearta agus infheistíochtaí sa Phlean a chuireann leis an aistriú glas, lena n-áirítear le dul i ngleic leis na dúshláin a eascraíonn as agus go háirithe a chuireann le gnóthú chuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 agus garspriocanna 2030 na Straitéise um an tSoghluaisteacht.

 

(iii)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil bearta agus infheistíochtaí sa Phlean a chuireann leis an aistriú glas, lena n-áirítear le dul i ngleic leis na dúshláin a eascraíonn as agus go háirithe a chuireann le gnóthú chuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 agus garspriocanna 2030 na Straitéise um an tSoghluaisteacht.

 

 

(iv)

cibé an ndearnadh an Plean a ullmhú agus a fhorbairt trí rannpháirtíocht fhóinteach chuimsitheach na ngeallsealbhóirí ábhartha ar fad;

 

 

(v)

cibé an bhfuil anailís tionchair inscne sa Phlean agus míniú ar an gcaoi a bhfuiltear ag dréim leis go dtabharfar aghaidh ar ghné inscne na bochtaineachta fuinnimh agus na bochtaineachta soghluaisteachta leis na bearta agus na hinfheistíochtaí atá sa Phlean agus go n-áiritheofar tionchar cothrom ó thaobh inscne de, agus rannchuidiú á dhéanamh le príomhshruthú an chomhionannais inscne, i gcomhréir leis an straitéis náisiúnta comhionannais inscne, le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe;

 

 

(vi)

cibé an bhfeabhsaíonn an plean na coinníollacha chun oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide do theaghlaigh agus do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga a bhfuil bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht soghluaisteachta orthu.

(b)

Chun críche measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(b)

Chun críche measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

 

(i)

cibé an meastar go mbeidh tionchar buan ag an bPlean ar na dúshláin a dtugann an Plean sin aghaidh orthu agus go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, sa Bhallstát lena mbaineann;

 

(i)

cibé an meastar go mbeidh tionchar buan ag an bPlean ar na dúshláin a dtugann an Plean sin aghaidh orthu agus go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, sa Bhallstát lena mbaineann;

 

(ii)

cibé an meastar go n-áiritheofar leis na socruithe atá beartaithe ag an mBallstát lena mbaineann go ndéanfar faireachán agus cur chun feidhme éifeachtach ar an bPlean, lena n-áirítear an tráthchlár a shamhlaítear, na garspriocanna agus na spriocanna atá beartaithe, agus na táscairí gaolmhara;

 

(ii)

cibé an meastar go n-áiritheofar leis na socruithe atá beartaithe ag an mBallstát lena mbaineann go ndéanfar faireachán agus cur chun feidhme éifeachtach ar an bPlean, lena n-áirítear an tráthchlár a shamhlaítear, na garspriocanna agus na spriocanna atá beartaithe, agus na táscairí gaolmhara;

 

(iii)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil na bearta agus infheistíochtaí atá beartaithe ag an mBallstát lena mbaineann comhsheasmhach agus i gcomhlíonadh leis na ceanglais faoi Threoir [bbbb/uuu] [Togra le haghaidh athmhúnlú 2012/27/AE], Treoir (AE) 2018/2001, Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [60], Treoir (AE) 2019/1161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2010/31/AE;

 

(iii)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil na bearta agus infheistíochtaí atá beartaithe ag an mBallstát lena mbaineann comhsheasmhach agus i gcomhlíonadh leis na ceanglais faoi Threoir [bbbb/uuu] [Togra le haghaidh athmhúnlú 2012/27/AE], Treoir (AE) 2018/2001, Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir (AE) 2019/1161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2010/31/AE;

(c)

Chun críocha measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(c)

Chun críocha measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

 

(i)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil an réasúnú arna sholáthar ag an mBallstát maidir le méid chostais mheasta iomlána an Phlean réasúnta agus inchreidte agus cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na cost-éifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta;

 

(i)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil an réasúnú arna sholáthar ag an mBallstát maidir le méid chostais mheasta iomlána an Phlean réasúnta agus inchreidte agus cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na cost-éifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta;

 

ii)

cibé a bhfuiltear nó nach bhfuiltear ag dréim leis go ndéanfaidh na socruithe atá molta ag an mBallstát lena mbaineann coinbhleachtaí leasa, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as na cistí a chuirtear ar fáil faoin gCiste, lena n-áirítear na socruithe sin a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile an Aontais a sheachaint leo;

 

ii)

cibé a bhfuiltear nó nach bhfuiltear ag dréim leis go ndéanfaidh na socruithe atá molta ag an mBallstát lena mbaineann coinbhleachtaí leasa, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as na cistí a chuirtear ar fáil faoin gCiste, lena n-áirítear na socruithe sin a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile an Aontais a sheachaint leo;

 

(iii)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil na garspriocanna agus spriocanna atá beartaithe ag an mBallstát éifeachtach i bhfianaise raon feidhme, cuspóirí agus gníomhaíochtaí incháilithe an Chiste;

 

(iii)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil na garspriocanna agus spriocanna atá beartaithe ag an mBallstát éifeachtach i bhfianaise raon feidhme, cuspóirí agus gníomhaíochtaí incháilithe an Chiste;

(d)

Chun críche measúnú a dhéanamh ar chomhleanúnachas, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil bearta agus infheistíochtaí sa Phlean a léiríonn gníomhaíochtaí comhleanúnacha.

(d)

Chun críche measúnú a dhéanamh ar chomhleanúnachas, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil bearta agus infheistíochtaí sa Phlean a léiríonn gníomhaíochtaí comhleanúnacha.

Cúis

Tá measúnuithe ríthábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt, ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtaí an Chiste. Mar a luadh, tá an ghné réigiúnach ríthábhachtach chun na difríochtaí agus na sainiúlachtaí atá ag gach saoránach leochaileach agus iad siúd is mó a ndéanann modhnú an chórais trádála astaíochtaí difear dóibh a chur san áireamh.

Leasú 40

Airteagal 21

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann, ar bhealach a bheidh i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí faoi seach, sineirgí a chothú agus comhordú éifeachtach a áirithiú idir an Ciste agus cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Clár InvestEU, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus na Cistí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1060. Chun na críche sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

Déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na réigiúin lena mbaineann, ar bhealach a bheidh i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí faoi seach, sineirgí a chothú agus comhordú éifeachtach a áirithiú idir an Ciste agus cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Clár InvestEU, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus na Cistí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1060. Chun na críche sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a)

a áirithiú go bhfuil comhlántacht, sineirge, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach, le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;

(a)

a áirithiú go bhfuil comhlántacht, sineirge, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil , le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;

(b)

sásraí comhordúcháin a bharrfheabhsú chun athobair a sheachaint; agus

(b)

sásraí comhordúcháin a bharrfheabhsú chun athobair a sheachaint; agus

(c)

dlúthchomhar a áirithiú idir iad siúd atá freagrach as an gcur chun feidhme agus an rialú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach chun cuspóirí an Chiste a ghnóthú.

(c)

dlúthchomhar a áirithiú idir iad siúd atá freagrach as an gcur chun feidhme agus an rialú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil chun cuspóirí an Chiste a ghnóthú.

Cúis

Tá measúnuithe ríthábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt, ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtaí an Chiste. Mar a luadh, tá an ghné réigiúnach ríthábhachtach chun na difríochtaí agus na sainiúlachtaí atá ag gach saoránach leochaileach agus iad siúd is mó a ndéanann modhnú an chórais trádála astaíochtaí difear dóibh a chur san áireamh.

Leasú 41

Airteagal 22

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Cuirfidh Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (d) (i), (ii) agus (iv) den Rialachán seo ar fáil go poiblí agus iad cothrom le dáta, ar shuíomh gréasáin amháin i bhformáidí oscailte meaisín-inléite, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lenar féidir sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint, a chur i gcomparáid agus a athúsáid. Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (d), (i) agus (ii) den Rialachán i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 38(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 nó i gcás gur lú ná EUR 15 000 í an tacaíocht dhíreach ioncaim a íoctar.

Cuirfidh Ballstáit agus réigiúin na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (d) (i), (ii) agus (iv) den Rialachán seo ar fáil go poiblí agus iad cothrom le dáta, ar shuíomh gréasáin amháin i bhformáidí oscailte meaisín-inléite, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lenar féidir sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint, a chur i gcomparáid agus a athúsáid. Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (d), (i) agus (ii) den Rialachán i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 38(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 nó i gcás gur lú ná EUR 15 000 í an tacaíocht dhíreach ioncaim a íoctar.

Cúis

Tá an ghné réigiúnach ríthábhachtach do chur chun feidhme agus do rath an Chiste Aeráide Shóisialta. Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is fearr a thuigeann fadhbanna agus cúinsí socheacnamaíocha na gcríoch, agus is fearr is féidir na daoine agus na hearnálacha is leochailí a shainaithint.

Leasú 42

Airteagal 23.1

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tuairisceoidh gach Ballstát lena mbaineann, ar bhonn débhliantúil, chuig an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme a Phlean mar chuid dá thuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán sin. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an méid seo a leanas san áireamh ina dtuarascáil ar an dul chun cinn:

Tuairisceoidh gach Ballstát agus réigiún lena mbaineann, ar bhonn débhliantúil, chuig an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme a Phlean mar chuid dá thuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán sin. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an méid seo a leanas san áireamh ina dtuarascáil ar an dul chun cinn:

(a)

faisnéis chainníochtúil mhionsonraithe maidir le líon na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh;

(a)

faisnéis chainníochtúil mhionsonraithe maidir le líon na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh;

(b)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis mhionsonraithe maidir le dul chun cinn i dtreo an chuspóra náisiúnta tháscaigh i dtaca le líon na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh a laghdú;

(b)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis mhionsonraithe maidir le dul chun cinn i dtreo an chuspóra náisiúnta tháscaigh i dtaca le líon na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh a laghdú;

(c)

faisnéis mhionsonraithe maidir le torthaí na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá san áireamh ina bPlean;

(c)

faisnéis mhionsonraithe maidir le torthaí na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá san áireamh ina bPlean;

(d)

faisnéis a thuairiscítear faoi bheartais agus bearta maidir le gáis cheaptha teasa agus faoi réamh-mheastacháin, chomh maith le faisnéis faoi bhochtaineacht fuinnimh a chuirtear ar fáil faoi Airteagal 18 agus Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1999;

(d)

faisnéis a thuairiscítear faoi bheartais agus bearta maidir le gáis cheaptha teasa agus faoi réamh-mheastacháin, chomh maith le faisnéis faoi bhochtaineacht fuinnimh a chuirtear ar fáil faoi Airteagal 18 agus Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1999;

(e)

faisnéis a thuairiscítear faoi straitéisí fadtéarmacha um athchóiriú foirgneamh de bhun Threoir 2010/31/AE;

(e)

faisnéis a thuairiscítear faoi straitéisí fadtéarmacha um athchóiriú foirgneamh de bhun Threoir 2010/31/AE;

(f)

in 2027, measúnú ar oiriúnacht an Phlean dá dtagraítear in Airteagal 17(5) i bhfianaise na bhfíorthionchar díreach a bheadh ag córas trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/087/CE.

(f)

in 2027, measúnú ar oiriúnacht an Phlean dá dtagraítear in Airteagal 17(5) i bhfianaise na bhfíorthionchar díreach a bheadh ag córas trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/087/CE.

(g)

faisnéis faoi athruithe ar a Phlean i gcomhréir le hAirteagal 17;

(g)

faisnéis faoi athruithe ar a Phlean i gcomhréir le hAirteagal 17;

 

(h)

athbhreithniú tréimhsiúil ar an measúnú leochaileachta sna críocha sna réigiúin, go háirithe críocha atá thar a bheith leochaileach de dheasca buan-mhíbhuntáistí nádúrtha a bheith acu, amhail réigiúin oileánacha agus shléibhtiúla, agus faireachán ar thionchar iarbhír na mbeart breise faoin gcóras trádála astaíochtaí ar leibhéal NUTS 2 nó ar leibhéal NUTS 3;

Cúis

Tá measúnuithe ríthábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt, ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtaí an Chiste. Mar a luadh, tá an ghné réigiúnach ríthábhachtach chun na difríochtaí agus na sainiúlachtaí atá ag gach saoránach leochaileach agus iad siúd is mó a ndéanann modhnú an chórais trádála astaíochtaí difear dóibh a chur san áireamh.

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Aontais le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (athmhúnlú)

COM (2021) 563 final

Leasú 43

Aithris 28

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le laghduithe spriocdhírithe ar an leibhéal cánach chun dul i ngleic le tionchar sóisialta cánacha fuinnimh. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le díolúine ó chánachas ar bhonn sealadach chun teaghlaigh leochaileacha a chosaint.

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le laghduithe spriocdhírithe ar an leibhéal cánach chun dul i ngleic le tionchar sóisialta cánacha fuinnimh. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le díolúine ó chánachas ar bhonn sealadach chun teaghlaigh leochaileacha , micrifhiontair leochaileacha, fiontair bheaga leochaileacha agus úsáideoirí leochaileacha soghluaisteachta a chosaint i réigiúin thuaithe, shléibhtiúla, fhorimeallacha nó oileánacha .

Cúis

An fhoclaíocht a chur in oiriúint don togra maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta, ós rud é go bhféadfar cánachas fuinnimh a úsáid chun na bearta sóisialta atá beartaithe a chomhlánú.

Leasú 44

Airteagal 17

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun críocha phointe (c), féadfar táirgí fuinnimh agus leictreachas arna n-úsáid ag teaghlaigh atá aitheanta mar theaghlaigh leochaileacha a dhíolmhú ar feadh uastréimhse 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo . Chun críocha na míre seo, ciallóidh “teaghlaigh leochaileacha” teaghlaigh a ndéanann tionchair na Treorach seo difear suntasach dóibh, rud a chiallaíonn, chun críche na Treorach seo, go bhfuil siad faoi bhun na tairsí “i mbaol bochtaineachta” a shainítear mar 60 % den mheánioncam indiúscartha coibhéisithe náisiúnta.

Chun críocha phointe (c), féadfar táirgí fuinnimh agus leictreachas arna n-úsáid ag teaghlaigh atá aitheanta ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach mar theaghlaigh leochaileacha a dhíolmhú. Chun críocha na míre seo, ciallóidh “teaghlaigh leochaileacha” teaghlaigh a ndéanann tionchair na Treorach seo difear suntasach dóibh, rud a chiallaíonn, chun críche na Treorach seo, go bhfuil siad faoi bhun na tairsí “i mbaol bochtaineachta” a shainítear mar 60 % den mheánioncam indiúscartha coibhéisithe náisiúnta agus nach sáraíonn a dtomhailt an t-íosmhéid atá riachtanach do dhálaí maireachtála cuibhiúla sa réigiún lena mbaineann . Ciallaíonn “teaghlaigh leochaileacha” freisin teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh ar ioncam íseal agus meánioncaim, dá ndéanann na tionchair a bhíonn ag praghsanna de bharr foirgnimh a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE .

Cúis

Níor cheart uastréimhse a bheith ann maidir leis an díolúine má tá an teaghlach i staid leochaileach go fóill. Tá an sainmhíniú ar “teaghlach leochaileach” oiriúnaithe don sainmhíniú atá ar áireamh sa Chiste.

Leasú 45

Airteagal 31

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

[…]. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, cúrsaí comhshaoil agus sóisialta, fíorluach na n-íosleibhéal cánachais agus cuspóirí na gConarthaí ar bhonn níos forleithne.

[…]. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, cúrsaí comhshaoil , réigiúnacha, áitiúla agus sóisialta, fíorluach na n-íosleibhéal cánachais agus cuspóirí na gConarthaí ar bhonn níos forleithne.

Cúis

Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an dearcadh réigiúnach.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an fógra maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta mar bhealach chun na héifeachtaí diúltacha ar na grúpaí agus ar na críocha is mó atá i mbaol a chothromú agus chun aistriú atá inbhuanaithe go sóisialta a áirithiú; á chur i dtábhacht nár cheart tionchar a bheith ag an mbeartas aeráide agus fuinnimh ná ag an margadh carbóin ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga, ná ar úsáideoirí soghluaisteachta, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus iargúlta, toisc go bhfuil fás ollmhór tagtha ar líon na ndaoine sin atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus leis an mbochtaineacht soghluaisteachta ó Shamhradh 2021 i leith mar gheall ar an ardú leanúnach as cuimse a tháinig ar phraghsanna fuinnimh;

2.

á chur i bhfáth gur gníomhaithe an-ábhartha iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i réimse an fhuinnimh agus na haeráide, óir is iadsan is fearr a thuigeann tréithe na gcríoch agus an comhthéacs sóisialta agus eacnamaíoch ina gcuirtear na beartais sin chun feidhme, agus tá inniúlachtaí acu ar an ábhar freisin, agus is féidir leo glacadh leis an gcur chuige is iomchuí chun an éifeachtacht a fheabhsú;

3.

á iarraidh, agus measúnú agus formheas á dhéanamh ar na pleananna, go ndíreofar go príomha ar a áirithiú go gcuirfear na bearta dá bhforáiltear in oiriúint do na spriocghrúpaí ionas go dtacófar go héifeachtach leis na grúpaí a shonraítear sa togra. Tá na hacmhainní a cuireadh i leataobh faoin gCiste Aeráide Sóisialta teoranta, mar sin ní mór cúram ar leith a ghlacadh chun a áirithiú go dtacaíonn siad leis na teaghlaigh, na micrifhiontair, na fiontair bheaga agus na húsáideoirí soghluaisteachta is leochailí, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus iargúlta;

4.

den tuairim gur cheart na beartais ar fad a dhéanann difear do ghnólachtaí agus do theaghlaigh a bheith fianaisebhunaithe, agus i ndáil leis sin ba cheart don Choimisiún, do Eurostat agus do LRAnna comhoibriú chun struchtúir bainistithe sonraí agus bailithe sonraí iontaofa a bhunú, agus saor-rochtain a bheith ag lucht déanta beartais agus na geallsealbhóirí uile;

5.

á chur chun suntais go bhfuil neamhspleáchas straitéiseach ríthábhachtach maidir le soláthar fuinnimh na hEorpa; á chur i bhfios go láidir nach leor deireadh a chur de réir a chéile lenár spleáchas ar sholáthar breoslaí iontaise ó Chónaidhm na Rúise amháin; den tuairim, áfach, gur bealach é REPowerEU chun dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan, chun spleáchas AE ar allmhairí fuinnimh agus amhábhar a laghdú agus, ar an gcaoi sin, na rioscaí polaitiúla, eacnamaíocha agus slándála a eascraíonn as na hallmhairí sin a laghdú. Fágann sin go gcuirtear le chéile agus go dtugtar tús áite d’infheistíochtaí ollmhóra agus bearta nithiúla chun dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite, borradh a chur faoi éifeachtúlacht fuinnimh, ciorclaíocht, leictreachas glan agus hidrigin, chomh maith le taighde i mbreoslaí inbhuanaithe malartacha;

6.

den tuairim go bhfuil sé tábhachtach deis a bheith ag na Ballstáit bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht soghluaisteachta a laghdú trí raon leathan uirlisí a úsáid. Uirlis amháin den sórt sin is ea an córas “cíos uilechuimsitheach”, trína bhfuil úinéir na maoine freagrach as teocht inghlactha faoi dhíon a chinntiú agus, dá bhrí sin, tá dreasacht shoiléir ann feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh. Mar atá cúrsaí faoi láthair, tá an méid sin ag teacht salach ar léirmhíniú an Choimisiúin ar chost-éifeachtúlacht sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, a dhíríonn ina ionad sin ar mhéadrú teasa agus billeáil teasa a dhéanamh ar bhonn aonair;

7.

ag iarraidh ar an gCoimisiún taighde agus comhairliúchán a thionscnamh leis na gníomhaithe ábhartha d’fhonn an t-íosmhéid fuinnimh atá de dhíth ar theaghlach le haghaidh caighdeán maith maireachtála a shainiú go soiléir, bunaithe ar shonraí iontaofa agus ar amshraitheanna, agus difríochtaí réigiúnacha á gcur san áireamh, bunaithe ar an gcoincheap nua san am céanna;

8.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le Tackling rising energy prices: a toolbox for action and support [Ag dul i ngleic le praghsanna fuinnimh méadaitheacha: bosca uirlisí don ghníomhaíocht agus don tacaíocht], lena spreagtar na Ballstáit chun na bearta a shainmhínítear sa “bhosca uirlisí” a úsáid; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú; á iarraidh ar na húdaráis náisiúnta na bearta sin a chur san áireamh go práinneach d’fhonn aistriú cóir a áirithiú gan aon duine a fhágáil ar lár agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha á rannpháirtiú ina gcur chun feidhme san am céanna agus na difríochtaí críochacha á n-urramú acu;

9.

á mheabhrú go bhfuil sé léirithe ag Cúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh a úsáidí atá sé ó thaobh rannchuidiú le héifeachtúlacht fuinnimh agus saincheisteanna aeráide, agus dá bhrí sin, gur cheart don Treoir athmhúnlaithe maidir le Cánachas Fuinnimh agus don Chiste Aeráide Sóisialta nua (dá ngairfear “an Ciste nua” anseo feasta) leas a bhaint as léargais agus saineolas chomhaltaí an Chúnaint, agus as na gníomhaíochtaí meara a áirítear sna pleananna gníomhaíochta um fhuinneamh inbhuanaithe ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal réigiúnach;

10.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur chuir an Coimisiún greille mheastóireachta i gceangal leis an togra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, cé gurb oth leis nach bhfuil a leithéid ann maidir le togra an Chiste Aeráide Shóisialta. An réasúnaíocht a cuireadh ar fáil maidir le breisluach Eorpach na dtograí agus cur i bhfeidhm na mbeart a eascraíonn as inniúlachtaí an Aontais i réimsí an iompair, an athraithe aeráide, an chomhshaoil agus an mhargaidh inmheánaigh, tá an réasúnaíocht sin i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta;

11.

á chur i bhfáth go bhfuil réigiúin ar fud na hEorpa ina bhféadfadh téamh agus fuarú ceantair a bheith ina réiteach níos iontaofa, níos éifeachtúla agus níos inacmhainne do shaoránaigh, agus dá bhrí sin, gur cheart an Ciste nua a chomhchuibhiú le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta eile na hEorpa chun tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil do na costais a bhaineann le hárasáin agus teaghaisí a athchóiriú ionas go mbeidh siad in ann nascadh leis na córais nua;

12.

á chur in iúl gur léir dó go bhfuil todhchaí na giniúna cumhachta níos díláraithe ná mar a bhí roimhe seo agus, mar gheall air sin, go mbeidh tacaíocht níos saincheaptha de dhíth ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí atá réidh chun páirt a ghlacadh i soláthar fuinnimh fhótavoltach nó gaoithe, chun líonraí cliste díláraithe a chruthú agus chun deireadh a chur leis an rómhaorlathas nach bhfuil gá leis; áirítear leis sin freisin tacaíocht thiomnaithe ón gCiste Aeráide Sóisialta do Chomhphobail Fuinnimh In-athnuaite;

13.

á thabhairt dá aire go bhfuil roinnt scéimeanna tacaíochta CSIE sna Ballstáit atá i bhfabhar bearta éifeachtúlachta fuinnimh atá dírithe ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí, mar sin d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach treoir shoiléir a fhorbairt agus tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil do na teaghlaigh, na micrifhiontair agus na fiontair bheaga is leochailí a bhfuil bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht soghluaisteachta ag bagairt orthu agus do na micrifhiontair is leochailí, chun nach mbeidh baol ar bith ann go bhfágfar ar lár iad siúd is mó a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu;

14.

á mholadh do na Ballstáit, do na réigiúin agus do na bardais pleananna uirbeacha agus úsáide talún a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith le rochtain ar chleachtais a bhaineann le ceadanna tógála, d’fhonn cánacha agus costais a laghdú agus chun an rómhaorlathas a sheachaint i gcás infheistíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de ag teaghlaigh agus ag gnólachtaí;

I ndáil leis an togra maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta

15.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra le haghaidh Ciste Aeráide Sóisialta mar ráiteas dlúthpháirtíochta agus tiomantais chun aistriú atá cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de a bhaint amach, mar phríomhuirlis chun tacú leis na saoránaigh is mó a ndéanann an t-aistriú i dtreo na haeráidneodrachta difear dóibh, agus mar fhreagra ar an iarraidh uainn sláine agus oibriú Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) a fheabhsú agus tacaíocht á cur ar fáil san am céanna do réigiúin agus do ghrúpaí leochaileacha;

16.

á éileamh gur cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha 35 % ar a laghad d’imchlúdach airgeadais an Chiste Aeráide Shóisialta a bhainistiú go díreach, ós rud é gur féidir leo mapáil níos cruinne ar leochaileachtaí a chur ar fáil agus go bhfuil siad freagrach as cur chun feidhme rathúil, spriocdhírithe agus éifeachtúil na mbeart a shainítear sna pleananna lenar féidir díriú agus aghaidh cheart a thabhairt ar riachtanais grúpaí ar ioncaim níos ísle, lena n-áirítear iad siúd atá i mbaol bochtaineachta;

17.

á chur in iúl gurb oth leis nach ndearnadh aon mheasúnú tionchair nithiúil sonrach sular cuireadh an togra maidir leis an gCiste Aeráid Sóisialta chun cinn. Le measúnú den sórt sin, d’fhéadfaí meastóireacht chruinn a dhéanamh ar thionchar dáileacháin shásra, fheidhmiú, bhainistiú agus bhearta an Chiste, lena ndírítear ar na hiarmhairtí agus na tairbhí do na saoránaigh is leochailí agus ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, agus lena bhféadfaí na grúpaí is laige ó thaobh an airgeadais de a shainaithint ar bhealach níos fearr, d’fhonn tacaíocht a dhíriú go cuí orthu siúd is mó a bhfuil gá acu léi;

18.

á mholadh go mbeadh ról éascaithe ag CnaR, ina cháil mar chomhlacht ionadaíoch na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, i gceapadh agus i gcur chun feidhme na bPleananna Aeráide Sóisialta, chun deis bhreise a thabhairt dul i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach lasmuigh de chreataí náisiúnta na mBallstát;

19.

á iarraidh go dtabharfaí aitheantas do ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach mar phríomh-rannchuiditheoirí leis na Pleananna Náisiúnta Aeráide Sóisialta, ós rud é gurb iad sin an leibhéal rialtais is gaire do na saoránaigh agus gur féidir leo an t-eolas agus an saineolas a fhorbraítear ar an láthair a chur ar fáil, agus é á áirithiú san am céanna nach gcuirfear ualach riaracháin ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le dréachtú na bPleananna Aeráide Sóisialta; á mholadh gur cheart an deis a bheith ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha Pleananna Réigiúnacha Aeráide Sóisialta a dhréachtú i gcomhréir leis na pleananna ar an leibhéal náisiúnta faoi phrionsabail na comhpháirtíochta, an rialachais il-leibhéil, na coimhdeachta agus na comhréireachta;

20.

á chur in iúl gurb é ceann de na hualaí a bhaineann le hathchóiriú fuinneamhéifeachtúil ar an stoc tithíochta ná an easpa rochtana ar eolas maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus ar réitigh úrscothacha a bhfuil rochtain orthu cheana ar an margadh; á mholadh na bearta sin a mhaoiniú ón gCiste nua freisin chun an fhadhb sin a réiteach;

21.

á chur i dtábhacht gur lag an nasc idir praghsanna fuinnimh agus an chumhacht ceannaigh ghinearálta, agus cé go bhfuil úsáid OTI nó OIN mar tháscaire foriomlán i dtaca le caighdeán cumhachta ceannaigh oiriúnach don bheartas comhtháthaithe ginearálta ó thaobh tomhaltas fuinnimh de, tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún táscaire a fháil atá chomh hiontaofa céanna le OTI agus OIN, ach a léiríonn ar bhealach níos cruinne iompar tomhaltais fuinnimh teaghlach agus gnólachtaí san Eoraip agus lena dtugtar níos mó solúbthachta do Bhallstáit chun neamhréireachtaí staidrimh i leithdháileadh cistí AE a chothromú;

22.

á chur i dtábhacht, cé gur céim dhearfach chun cinn í aidhm an Chiste Aeráide Shóisialta chun aistriú glas atá cóir a bhaint amach, gur cheart tuilleadh iarrachtaí a fhorbairt i dtéarmaí airgeadais. Ní leor an Ciste Aeráide Sóisialta ann féin chun dul i ngleic le héifeachtaí sóisialta neamh-inmhianaithe agus le heasnaimh eacnamaíocha na mbeart chun aeráidneodracht a bhaint amach. Tá sé á éileamh ag CnaR gur cheart an t-ioncam a fhaightear ó CTA II a leithdháileadh go páirteach ar an gCiste Aeráide Sóisialta agus ar bhearta atá dírithe lena áirithiú nach mbeidh aon duine thíos leis mar gheall ar aeráidneodracht a bhaint amach; á mholadh i gcás ina mbeadh ioncam níos airde mar thoradh ar phraghas an charbóin ná mar a bhíothas ag súil leis, méadófar imchlúdach airgeadais an Chiste Aeráide Shóisialta dá réir sin. Molann CnaR gur cheart níos mó cineálacha tacaíochta eacnamaíche a úsáid ar féidir leo sainiúlachtaí na gcríoch, na ndaonraí, na n-earnálacha, na gcathracha agus na réigiún a chur san áireamh. Cé go bhfuil siad toilteanach tacú leis na daoine is leochailí, ní mór aird ar leith a thabhairt ar a iomchuí atá na bearta agus an tacaíocht do dhaoine gan dídean, do mhná, do shaoránaigh gan acmhainní, don óige agus d’eintitis atá níos laige ó thaobh airgeadais de;

23.

ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle gan aon chineál soghluaisteachta mótaraithe aonair a chur chun cinn leis an gCiste nua, ach tacú le réitigh inbhuanaithe soghluaisteachta atá saor ó astaíochtaí nó a bhfuil astaíochtaí ísle acu (faoi thiomáint leictreach, hibrideach nó hidrigine) agus le seirbhísí soghluaisteachta comhtháite ina ionad sin;

I ndáil leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh

24.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra le haghaidh Treoir arb é is aidhm di cáin fuinnimh a ailíniú le luach fuinnimh iarbhír agus feidhmíocht chomhshaoil, agus ar an gcaoi sin dreasachtaí a chur ar fáil chun astaíochtaí CO2 a laghdú agus chun cuidiú le spriocanna nua aeráide an Aontais a bhaint amach. Mar atá cúrsaí faoi láthair, agus mar a chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (12) in iúl freisin, ní chomhlíonann an Treoir an aidhm sin;

25.

á chur in iúl gurb oth leis nach bhfuil greille shonrach choimhdeachta ann don togra maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta, cé gur díol sásaimh dó go bhfuil an togra reachtach bunaithe ar Airteagal 91(1)(d), ar Airteagal 192(1) agus ar Airteagal 194(1)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”), ina dtagraítear don iompar, don athrú aeráide agus don fhuinneamh agus go bhfuil sé den tuairim go dtugtar achoimre shoiléir sa togra ar a bhreisluach Eorpach agus go bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus le prionsabal na comhréireachta;

26.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil an deis ag na Ballstáit cúnamh a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha agus teaghlaigh a chosaint ar bhochtaineacht fuinnimh, rud a chuirfeadh i gcoinne na n-éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcáin;

27.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh ionas go ndéanfar a hinneachar a choigeartú agus a chur in oiriúint don ghá atá le gníomhú méadaithe ar son na haeráide agus le cosaint an chomhshaoil, agus san am céanna a bheith in ann tacú le forbairt agus le leathnú an fhuinnimh in-athnuaite, agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, agus cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas a ailíniú le beartais fuinnimh agus aeráide an Aontais;

28.

á mholadh go ndéanfaí anailís ar phatrúin chríochacha do na Ballstáit ar an leibhéal réigiúnach d’fhonn díolúintí nó leibhéil laghdaithe nó bearta cúitimh eile a cheadú ar bhonn réigiúnach nó áitiúil, fiú, in imthosca speisialta amhail baol bochtaineachta, do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is mó atá thíos leis;

29.

á chur in iúl go bhfuil réigiúin san Eoraip ina n-úsáidtear connadh le haghaidh téimh agus cócaireachta mar chomhartha soiléir bochtaineachta; in imthosca den sórt sin, beidh tionchar ag athmhúnlú na treorach cánach chomh maith le CTA2 ar na tomhaltóirí sin agus, mar thoradh air sin, is é atá á mholadh ag CnaR cláir bhreise a bhunú chun tacú leis an athrú breosla ó chonnadh go foinsí in-athnuaite fuinnimh atá glan agus éifeachtúil.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(2)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(3)  Sonraí ó 2018. Eurostat, SILC [ilc_mdes01])

(4)  Sonraí ó 2018. Eurostat, SILC [ilc_mdes01])

(5)   Arna fhormhuiniú ag an gComhairle Eorpach an 24 agus an 25 Meitheamh 2021.

(6)   Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(7)   Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(8)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(9)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(10)  OJ L 357, 27.10.2020, p. 35.

(11)  OJ L 357, 27.10.2020, p. 35.

(12)  Athbhreithniú Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 01/2022: Cánachas fuinnimh, praghsáil carbóin agus fóirdheontais fuinnimh.


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/102


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An daonlathas agus an tsláine a neartú le linn toghchán

(2022/C 301/13)

Rapóirtéir:

Vincenzo BIANCO (IT/PSE), Comhalta de Chomhairle Bardais Catania

Doiciméid tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Protecting election integrity and promoting democratic participation [Sláine toghchán a chosaint agus rannpháirtíocht dhaonlathach a chur chun cinn]

COM(2021) 730 final (níl leagan Gaeilge ann)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla

COM(2021) 731 final

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe sonracha a bhaineann le cearta chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú)

COM(2021) 732 final

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú)

COM(2021) 733 final

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (athmhúnlú)

COM(2021) 734 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Leasú 1

COM(2021) 731 final

Airteagal 7(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Áiritheofar an fógra trédhearcachta i ngach fógra polaitiúil nó beidh sé éasca teacht air tríd an bhfógra, agus beidh an fhaisnéis seo a leanas ann: (a) céannacht an urraitheora agus a shonraí teagmhála; (b) an tréimhse lena linn a bhfuil sé beartaithe an fógra polaitiúil a fhoilsiú agus a scaipeadh; (c) bunaithe, i measc nithe eile, ar fhaisnéis a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 6(3), faisnéis maidir leis na méideanna comhiomlána a caitheadh nó maidir le sochair eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an bhfógra lena mbaineann a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh, agus ar an bhfeachtas fógraíochta polaitiúla i gcás inarb ábhartha, agus a bhfoinsí; (d) i gcás inarb infheidhme, léiriú ar thoghcháin nó reifrinn a bhfuil baint ag an bhfógra leo; (e) i gcás inarb infheidhme, naisc chuig stórtha fógraí ar líne; (f) faisnéis maidir leis an gcaoi na sásraí dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) a úsáid. (g) Soláthrófar an fhaisnéis atá le háireamh san fhógra trédhearcachta agus úsáid á baint as na réimsí sonracha sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Áiritheofar an fógra trédhearcachta i ngach fógra polaitiúil ar líne agus as líne nó beidh sé éasca teacht air tríd an bhfógra, agus beidh an fhaisnéis seo a leanas ann: (a) céannacht an urraitheora agus a shonraí teagmhála; (b) an tréimhse lena linn a bhfuil sé beartaithe an fógra polaitiúil a fhoilsiú agus a scaipeadh; (c) bunaithe, i measc nithe eile, ar fhaisnéis a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 6(3), faisnéis maidir leis na méideanna comhiomlána a caitheadh nó maidir le sochair eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an bhfógra lena mbaineann a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh, agus ar an bhfeachtas fógraíochta polaitiúla i gcás inarb ábhartha, agus a bhfoinsí; (d) i gcás inarb infheidhme, léiriú ar thoghcháin nó reifrinn a bhfuil baint ag an bhfógra leo; (e) i gcás inarb infheidhme, naisc chuig stórtha fógraí ar líne; (f) faisnéis maidir leis an gcaoi na sásraí dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) a úsáid. (g) Soláthrófar an fhaisnéis atá le háireamh san fhógra trédhearcachta agus úsáid á baint as na réimsí sonracha sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Cúis

Leagtar amach in Airteagal 7(2) den dréachtrialachán an fhaisnéis ba cheart a bheith san fhógra trédhearcachta do gach fógra polaitiúil agus gur cheart go mbeadh sé éasca teacht air tríd an bhfógra sin. I bhfianaise chastacht na faisnéise ba cheart a sholáthar, ba cheart sainiúlachtaí na meán as líne agus na meán ar líne a chur san áireamh sna hoibleagáidí.

Leasú 2

COM(2021) 731 final

Airteagal 9

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Fógraí polaitiúla a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a shonrú

Fógraí polaitiúla a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a shonrú

1.   I gcás ina soláthraíonn siad seirbhísí fógraíochta polaitiúla, cuirfidh foilsitheoirí fógraíochta sásraí i bhfeidhm lena bhféadfaidh daoine aonair a chur in iúl dóibh, saor in aisce, nach gcomhlíonann fógra ar leith atá foilsithe acu an Rialachán seo.

1.   I gcás ina soláthraíonn siad seirbhísí fógraíochta polaitiúla, cuirfidh foilsitheoirí fógraíochta sásraí i bhfeidhm lena bhféadfaidh daoine aonair a chur in iúl dóibh, saor in aisce, nach gcomhlíonann fógra ar leith atá foilsithe acu an Rialachán seo.

2.   Faisnéis maidir le fógraí polaitiúla a thuairisciú, mar a thagraítear dó i mír 1, beidh sí soláimhsithe ag úsáideoirí agus beidh rochtain éasca uirthi, lena n-áirítear ón bhfógra trédhearcachta.

2.   Faisnéis maidir le fógraí polaitiúla a thuairisciú, mar a thagraítear dó i mír 1, beidh sí soláimhsithe ag úsáideoirí agus beidh rochtain éasca uirthi, lena n-áirítear ón bhfógra trédhearcachta.

3.   Ceadóidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach go leictreonach. Cuirfidh an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla daoine aonair ar an eolas maidir leis an obair leantach arna déanamh de thoradh an chur in iúl dá dtagraítear i mír 1.

3.   Ceadóidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach go leictreonach. Cuirfidh an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla daoine aonair ar an eolas maidir leis an obair leantach arna déanamh de thoradh an chur in iúl dá dtagraítear i mír 1.

4.   I ndáil le cur in iúl atriallach faoi mhír 1 maidir leis an bhfógra céanna nó leis an bhfeachtas fógraíochta céanna, féadfar freagra a thabhairt ar gach cur in iúl i dteannta a chéile, lena n-áirítear le tagairt do ráiteas ar shuíomh gréasáin an fhoilsitheora fógraíochta polaitiúla lena mbaineann.

4.   I ndáil le cur in iúl atriallach faoi mhír 1 maidir leis an bhfógra céanna nó leis an bhfeachtas fógraíochta céanna, féadfar freagra a thabhairt ar gach cur in iúl i dteannta a chéile, lena n-áirítear le tagairt do ráiteas ar shuíomh gréasáin an fhoilsitheora fógraíochta polaitiúla lena mbaineann.

 

5.     Bunófar bealaí sonracha freisin le go bhféadfaidh daoine aonair gearáin a thaisceadh leis na húdaráis inniúla mar a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán seo.

Cúis

In Airteagal 15, ceanglaítear ar na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú chun faireachán a dhéanamh ar na soláthraithe seirbhísí idirghabhála de réir bhrí an Rialacháin maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí. I bhfianaise an róil atá acu, ba cheart do na húdaráis inniúla sin a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar fhógraí maidir le neamhchomhlíonadh an Rialacháin. D’fhágfadh sin freisin go laghdófaí an seans go dteipfeadh ar chuideachtaí príobháideacha gníomhú i leith fógraí den sórt sin.

Leasú 3

COM(2021) 731 final

Airteagal 15(7)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ainmneoidh gach Ballstát aon údarás inniúil amháin mar phointe teagmhála ar leibhéal an Aontais chun críocha an Rialacháin seo.

Ainmneoidh gach Ballstát aon údarás inniúil amháin mar phointe teagmhála ar leibhéal an Aontais chun críocha an Rialacháin seo. Áiritheoidh gach Ballstát go mbunófar pointí teagmhála ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach.

Cúis

Is é atá i gceist leis an leasú seo a áirithiú go mbeidh láithreacht ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach ag an údarás náisiúnta agus go mbunófar pointí teagmhála ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach.

Leasú 4

COM(2021) 731 final

Airteagal 15(9)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tiocfaidh na pointí teagmhála le chéile go tráthrialta ar leibhéal an Aontais faoi chuimsiú an Líonra Eorpaigh Comhair maidir le Toghcháin chun malartú faisnéise tapa slán a éascú maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo.

Tiocfaidh na pointí teagmhála le chéile go tráthrialta ar leibhéal an Aontais faoi chuimsiú an Líonra Eorpaigh Comhair maidir le Toghcháin chun malartú faisnéise tapa slán a éascú maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo , agus chun comhfhogasú na rialacha maidir le smachtbhannaí lena n-áirítear fíneálacha riaracháin agus pionóis airgeadais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, mar a leagtar amach in Airteagal 16, a fhiosrú .

Cúis

D’fhonn sprioc an Rialacháin seo a áirithiú, is é sin go ndéanfaí comhchuibhiú ar an margadh inmheánach chun seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar, agus chun cothroime iomaíochta a áirithiú, d’fhéadfadh sé gurbh fhiú na smachtbhannaí maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a chomhfhogasú. D’fhágfadh cur chuige den sórt sin freisin go seachnófaí smachtbhannaí a bheadh ró-athchomhairleach i roinnt Ballstát le nach gcuirfí bac ar ghníomhaithe beart polaitiúil a dhéanamh.

Leasú 5

COM(2021) 732 final

Airteagal 12(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ainmneoidh na Ballstáit údarás náisiúnta a bheidh freagrach as na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirtear saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad ar an eolas go tráthúil faoi na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

Ainmneoidh na Ballstáit údarás náisiúnta a bheidh freagrach as na bearta is gá a ghlacadh , i gcomhar leis na húdaráis réigiúnacha, agus i gcás inarb infheidhme, leis na húdaráis áitiúla, chun a áirithiú go gcuirtear saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad ar an eolas go tráthúil faoi na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta breise uile is gá chun feasacht a ardú agus feidhmiú chearta vótála shaoránaigh an Aontais a chur chun cinn agus a éascú, lena n-áirítear trí údaráis réigiúnacha, agus i gcás inarb infheidhme, trí údaráis áitiúla.

Cúis

Ba cheart na struchtúir éagsúla chun toghcháin a riar sna Ballstáit a chur san áireamh. Is é atá i gceist freisin leis an leasú seo a áirithiú gur cheart don údarás náisiúnta comhoibriú leis an leibhéal réigiúnach, agus i gcás inarb infheidhme, leis an leibhéal áitiúil le go bhféadfar na saoránaigh a chur ar an eolas go cuimsitheach agus go forleathan i gcomhréir le prionsabal na gaireachta maidir leis na coinníollacha agus na socruithe chun clárú mar vótálaithe nó mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

Leasú 6

COM/2021/732 final

Airteagal 12(3)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

An fhaisnéis maidir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, cuirfear ar fáil í i dteanga ghlan shoiléir.

An fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír , cuirfear in iúl í i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, agus chomh maith leis sin beidh aistriúchán ag gabháil leis i gceann amháin eile de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch is féidir uirthi, i gcomhréir le ceanglais cháilíochta Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

An fhaisnéis maidir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, cuirfear ar fáil í i dteanga ghlan shoiléir.

Ar choinníoll go bhfuil na hacmhainní riaracháin is gá ag na húdaráis inniúla, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír in iúl i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, agus chomh maith leis sin beidh aistriúchán ag gabháil leis i gceann amháin eile de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch is féidir uirthi, i gcomhréir le ceanglais cháilíochta Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Cúis

Tugtar isteach leis an Airteagal seo oibleagáid a cheanglaítear ar na húdaráis inniúla réimse leathan faisnéise a chur in iúl do shaoránaigh shoghluaiste an Aontais, i dteangacha éagsúla, maidir le, inter alia, stádas a gcláraithe, na rialacha ábhartha maidir le cearta agus oibleagáidí na vótálaithe agus na n-iarrthóirí, agus bealaí chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le heagrú an toghcháin. Mar a tugadh faoi deara sa leasú ar Airteagal 12(1), níor cheart na húdaráis inniúla sin a ainmniú ar an leibhéal náisiúnta amháin. Toisc an oiread sin faisnéise a bheith le tabhairt, d’fhéadfadh oibleagáid den sórt sin ualach riaracháin a chur ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i roinnt Ballstát.

Leasú 7

COM(2021) 732 final

Airteagal 14

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ballstáit a dhéanann foráil maidir le féidearthachtaí na réamhvótála, na vótála poist agus na vótála leictreonaí agus idirlín, i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa , áireoidh na Ballstáit sin go mbeidh na modhanna vótála sin ar fáil faoi choinníollacha a bheidh cosúil leis na coinníollacha is infheidhme maidir lena gcuid náisiúnach féin .

Díreoidh na Ballstáit ar fhoráil a dhéanamh maidir le féidearthachtaí na réamhvótála, na vótála poist agus na vótála leictreonaí agus idirlín, i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun é a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad ar réamhvótáil, ar vóta poist, ar vótáil leictreonach agus ar vótáil idirlín faoi choinníollacha a bheidh cosúil leis na coinníollacha is infheidhme maidir lena gcuid náisiúnach féin, lena n-áirítear trí bhearta arna ndéanamh ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.

Cúis

Is é atá i gceist leis an leasú seo iarracht a dhéanamh béim a chur ar an méid is féidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh na modhanna vótála uile ar fáil do vótálaithe an Aontais. Ag an am céanna, ba cheart do na Ballstáit go léir leas a bhaint as modhanna glasa agus inbhuanaithe chun toghcháin a reáchtáil.

Leasú 8

COM(2021) 732 final

Airteagal 15

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as na sonraí staidrimh ábhartha a bhailiú agus a chur ar fáil don phobal agus don Choimisiún, sonraí maidir le rannpháirtíocht shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

Ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as na sonraí staidrimh ábhartha a bhailiú agus a chur ar fáil don phobal, don Choimisiún agus do Choiste Eorpach na Réigiún , sonraí maidir le rannpháirtíocht saoránach den Aontas nach náisiúnaigh iad i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

Cúis

Is é atá i gceist leis an leasú seo a áirithiú go mbeidh Coiste Eorpach na Réigiún rannpháirteach san fhaireachán a dhéantar ar shonraí staidrimh maidir le rannpháirtíocht saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

Leasú 9

COM(2021) 732 final

Airteagal 17(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Laistigh de 6 mhí tar éis gach toghchán do Pharlaimint na hEorpa seolfaidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo ina gcríoch. De bhreis ar bharúlacha ginearálta, beidh sonraí staidrimh sa tuarascáil ar rannpháirtíocht vótálaithe agus shaoránaigh den Aontas i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí agus achoimre de na bearta a glacadh chun tacú leis.

Laistigh de 6 mhí tar éis gach toghchán do Pharlaimint na hEorpa seolfaidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo ina gcríoch. De bhreis ar bharúlacha ginearálta, beidh sonraí staidrimh sa tuarascáil ar rannpháirtíocht vótálaithe agus saoránach den Aontas i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí agus achoimre de na bearta a glacadh chun tacú leis.

Cúis

Is é atá i gceist leis an leasú seo a áirithiú go mbeidh Coiste Eorpach na Réigiún rannpháirteach san fhaireachán a dhéantar ar shonraí staidrimh maidir le rannpháirtíocht saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

Leasú 10

COM(2021) 733 final

Airteagal 2(1)(b)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

ciallaíonn “toghcháin bhardasacha” toghcháin trí vótáil chomhchoiteann dhíreach chun baill na comhairle ionadaíochta a cheapadh agus , i gcás inarb iomchuí, faoi dhlíthe gach Ballstáit, chun ceann agus baill fheidhmeannas an bhunaonaid rialtais áitiúil a cheapadh;

ciallaíonn “toghcháin bhardasacha” toghcháin trí vótáil chomhchoiteann dhíreach chun baill na comhairle ionadaíochta a cheapadh agus chun ceann agus baill fheidhmeannas an bhunaonaid rialtais áitiúil a cheapadh;

Cúis

Is é atá i gceist leis an leasú seo cur le hincháilitheacht shaoránaigh na mBallstát seasamh i dtoghcháin do na hoifigí tofa go léir, lena n-áirítear poist i bhfeidhmeannas an bhunaonaid rialtais áitiúil.

Leasú 11

COM(2021) 733 final

Airteagal 5(3)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach bhféadfaidh ach a náisiúnaigh féin oifig an chinn, an ionadaí nó an bhaill thofa ar choláiste rialaithe fheidhmeannas an bhunaonaid rialtais áitiúil a shealbhú má thoghtar an duine chun oifige ar feadh thréimhse a sainordaithe.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh , i gcásanna teoranta, eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, nach bhféadfaidh ach a náisiúnaigh féin oifig an chinn, an ionadaí nó an bhaill thofa ar choláiste rialaithe fheidhmeannas an bhunaonaid rialtais áitiúil a shealbhú má thoghtar an duine chun oifige ar feadh thréimhse a sainordaithe.

Féadfaidh na Ballstáit a leagan síos freisin nach bhféadfaidh ach a náisiúnaigh féin feidhmeanna an chinn, an ionadaí nó an bhaill ar choláiste rialaithe fheidhmeannas an bhunaonaid rialtais áitiúil a chur i gcrích.

Féadfaidh na Ballstáit a leagan síos freisin , i gcásanna teoranta, eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe , nach bhféadfaidh ach a náisiúnaigh féin feidhmeanna an chinn, an ionadaí nó an bhaill ar choláiste rialaithe fheidhmeannas an bhunaonaid rialtais áitiúil a chur i gcrích.

Ag féachaint don Chonradh agus do phrionsabail dhlíthiúla ghinearálta, féadfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, riachtanacha agus comhréireacha a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir ach lena náisiúnaigh féin na hoifigí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shealbhú agus na feidhmeanna eatramhacha dá dtagraítear sa dara fomhír a chur i gcrích.

Ag féachaint don Chonradh agus do phrionsabail dhlíthiúla ghinearálta, féadfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, riachtanacha agus comhréireacha a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir ach lena náisiúnaigh féin na hoifigí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shealbhú agus na feidhmeanna eatramhacha dá dtagraítear sa dara fomhír a chur i gcrích.

Cúis

Maidir le srianta ar incháilitheacht shaoránaigh na mBallstát seasamh i dtoghcháin do na hoifigí tofa go léir, lena n-áirítear poist san fheidhmeannas, is i gcásanna teoranta, eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe ba cheart don Bhallstát iad a chur i bhfeidhm, d’fhonn cur i gcoinne gach idirdhealaithe maidir le seasamh i dtoghcháin d’oifigí tofa an bhunaonaid rialtais áitiúil.

Leasú 12

COM(2021) 733 final

Airteagal 10

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ballstáit a dhéanann foráil maidir le féidearthachtaí na réamhvótála, na vótála poist agus na vótála leictreonaí agus idirlín, i dtoghcháin bhardasacha , áireoidh na Ballstáit sin go mbeidh na modhanna vótála sin ar fáil faoi na coinníollacha céanna do vótálaithe de bhun Airteagal 3 .

Díreoidh na Ballstáit ar fhoráil a dhéanamh maidir le féidearthachtaí na réamhvótála, na vótála poist agus na vótála leictreonaí agus idirlín, i dtoghcháin bhardasacha.

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun é a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad ar réamhvótáil, ar vóta poist, ar vótáil leictreonach agus ar vótáil idirlín faoi na coinníollacha céanna agus na coinníollacha is infheidhme maidir lena gcuid náisiúnach féin, lena n-áirítear trí bhearta arna ndéanamh ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.

Cúis

Is é atá i gceist leis an leasú seo iarracht a dhéanamh béim a chur ar an méid is féidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh na modhanna vótála uile ar fáil do vótálaithe i dtoghcháin bhardais, is cuma an náisiúnaigh den Bhallstát nó saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin iad. Ag an am céanna, ba cheart do na Ballstáit go léir leas a bhaint as modhanna glasa agus inbhuanaithe chun toghcháin a reáchtáil.

Leasú 13

COM(2021) 733 final

Airteagal 12(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ainmneoidh na Ballstáit údarás náisiúnta a bheidh freagrach as na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirtear saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad ar an eolas go tráthúil faoi na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha.

Ainmneoidh na Ballstáit údarás náisiúnta , i gcomhar leis na húdaráis réigiúnacha, agus i gcás inarb infheidhme, leis na húdaráis áitiúla, a bheidh freagrach as na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirtear saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad ar an eolas go tráthúil faoi na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha.

Déanfaidh na Ballstáit agus a leibhéil ábhartha rialachais na bearta breise uile is gá chun feasacht a ardú agus feidhmiú ceart vótála saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad a chur chun cinn agus a éascú, lena n-áirítear trí údaráis réigiúnacha, agus i gcás inarb infheidhme, trí údaráis áitiúla.

Cúis

Ba cheart na struchtúir éagsúla chun toghcháin a riar sna Ballstáit a chur san áireamh. Is é atá i gceist leis an leasú seo rannpháirtíocht na n-údarás réigiúnach, agus i gcás inarb infheidhme, na n-údarás áitiúil, a áirithiú d’fhonn feasacht a ardú agus feidhmiú ceart vótála saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad a chur chun cinn agus a éascú nuair a bhíonn toghcháin á reáchtáil sa bhunaonad rialtais áitiúil.

Leasú 14

COM(2021) 733 final

Airteagal 14

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Laistigh de 3 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo ina gcríoch, lena n-áirítear cur i bhfeidhm Airteagal 5(3) agus (4). Sa tuarascáil sin beidh sonraí staidrimh maidir le rannpháirtíocht vótálaithe agus iarrthóirí de bhun Airteagal 3 i dtoghcháin bhardasacha chomh maith le hachoimre de na bearta a ghlactar ina leith sin.

1.   Laistigh de 3 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún agus do Choiste Eorpach na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo ina gcríoch, lena n-áirítear cur i bhfeidhm Airteagal 5(3) agus (4). Sa tuarascáil sin beidh sonraí staidrimh maidir le rannpháirtíocht vótálaithe agus iarrthóirí de bhun Airteagal 3 i dtoghcháin bhardasacha chomh maith le hachoimre de na bearta a ghlactar ina leith sin , mar aon le léargas ar na dúshláin riaracháin a tugadh faoi deara ar na leibhéil rialtais ábhartha .

2.   Laistigh de 5 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, lena n-áirítear ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

2.   Laistigh de 5 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eorpach na Réigiún, maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, lena n-áirítear ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

Cúis

Is é atá i gceist leis an leasú seo rannpháirtíocht Choiste Eorpach na Réigiún a chur chun cinn san fhaireachán a dhéantar ar chur chun feidhme na Treorach sna Ballstáit.

Is faoi na Ballstáit atá na saincheisteanna eagrúcháin a bhaineann le toghcháin, agus d’fhéadfadh na socruithe sonracha maidir le toghcháin a reáchtáil a bheith éagsúil ó Bhallstát go chéile. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh roinnt de na hoibleagáidí a tugadh isteach le hathmhúnlú Threoir 94/80/CE ón gComhairle (1) a bheith ina n-ualaí móra riaracháin ar na húdaráis áitiúla. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, súil a choinneáil ar na dúshláin a thugtar faoi deara a d’fhéadfadh cabhrú le réitigh iomchuí a fháil ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal áitiúil.

Leasú 15

COM(2021) 733 final

Airteagal 15

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Laistigh de 2 bhliain tar éis toghcháin 2029 do Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a chur i bhfeidhm agus cuirfidh sé tuarascáil mheastóireachta ar fáil maidir leis an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí atá ann a bhaint amach.

Laistigh de 2 bhliain tar éis thoghcháin 2029 do Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún , tar éis dó dul i gcomhairle le Coiste Eorpach na Réigiún, measúnú ar a chur i bhfeidhm agus cuirfidh sé tuarascáil mheastóireachta ar fáil maidir leis an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí atá ann a bhaint amach.

Cúis

Is é atá i gceist leis an leasú seo páirt a thabhairt do Choiste Eorpach na Réigiún i gcur chun feidhme na Treorach seo sa Choimisiún.

Leasú 16

COM(2021) 733 final

Airteagal 17(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 8(2), (3) agus (5), 9(1) agus (2), 10, 11(1) agus (3), 12, 14 agus Iarscríbhinní I, II agus III a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 8(2), (3) agus (5), 9(1) agus (2), 10, 11(1) agus (3), 12, 14 agus Iarscríbhinní I, II agus III a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún agus do Choiste Eorpach na Réigiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

Cúis

Is é atá i gceist leis an leasú seo rannpháirtíocht Choiste Eorpach na Réigiún a chur chun cinn san fhaireachán a dhéantar ar chur chun feidhme na Treorach sna Ballstáit.

Leasú 17

COM(2021) 733 final

Airteagal 17(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis agus na doiciméid a fhaightear ó na Ballstáit faoin Airteagal seo in iúl do Choiste Eorpach na Réigiún.

Cúis

Is é atá i gceist leis an leasú seo páirt a thabhairt do Choiste Eorpach na Réigiún i gcur chun feidhme na Treorach seo sa Choimisiún.

Leasú 18

COM(2021) 734 final

Airteagal 4(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Déanfaidh reachtanna páirtí pholaitiúil Eorpaigh an dlí is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh a chomhlíonadh agus áireofar sna reachtanna sin forálacha a chuimsíonn an méid seo a leanas ar a laghad:

1.   Déanfaidh reachtanna páirtí pholaitiúil Eorpaigh an dlí is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh a chomhlíonadh agus áireofar sna reachtanna sin forálacha a chuimsíonn an méid seo a leanas ar a laghad:

[…]

[…]

(j)

a rialacha inmheánacha maidir le cothromaíocht inscne.

(j)

rialacha inmheánacha soiléire agus beachta maidir le cothromaíocht inscne , lena sonraítear na bearta nithiúla a chuirfear i bhfeidhm d’fhonn an phaireacht inscne a bhaint amach maidir le ballraíocht, ionadaíocht pholaitiúil agus feidhmiú sainorduithe daonlathacha .

Cúis

Ba cheart do na páirtithe polaitiúla Eorpacha dea-shampla a thabhairt maidir leis an gcothromaíocht inscne. Ba cheart, dá bhrí sin, go n-áireofaí ina rialacha inmheánacha bearta sonracha atá dírithe ar an gcothromaíocht inscne a áirithiú freisin maidir le ballraíocht sna páirtithe, ionadaíocht pholaitiúil agus feidhmiú sainorduithe.

Leasú 19

COM(2021) 734 final

Airteagal 4(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Áireofar i reachtanna páirtí pholaitiúil Eorpaigh forálacha maidir le heagar inmheánach an pháirtí a chuimsíonn an méid seo a leanas ar a laghad:

2.   Áireofar i reachtanna páirtí pholaitiúil Eorpaigh forálacha maidir le heagar inmheánach an pháirtí a chuimsíonn an méid seo a leanas ar a laghad:

[…]

[…]

(e)

a chur chuige maidir le trédhearcacht, go sonrach i ndáil le leabharchoimeád, le cuntais agus deonacháin, le príobháideachas agus le cosaint sonraí pearsanta;

(e)

a chur chuige maidir le trédhearcacht, go sonrach i ndáil le leabharchoimeád, le cuntais agus deonacháin, le príobháideachas agus le cosaint sonraí pearsanta;

(f)

an nós imeachta inmheánach chun a reachtanna a leasú.

(f)

ráiteas lena dtugtar gealltanas na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe a shaothrú, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE, chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus staonadh ó fhaisnéis mhícheart agus mhíthreorach, fuathchaint agus teachtaireachtaí gríosaithe foréigin a scaipeadh;

 

(g)

an nós imeachta inmheánach chun a reachtanna a leasú.

Cúis

Tá ról tábhachtach ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha i neartú na féiniúlachta Eorpaí agus bhraistint an mhuintearais i spás polaitiúil coiteann Eorpach. Sa chomhthéacs sin, tá ról lárnach acu freisin maidir leis na cearta agus na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe a chur chun cinn, chomh maith le cur i gcoinne na bréagaisnéise agus staonadh ó aon ghníomhaíochtaí a ghríosaíonn fuath agus foréigean. Ba cheart an gealltanas sin a léiriú ina reachtanna.

Leasú 20

COM(2021) 734 final

Airteagal 23(9) agus (10)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Deonacháin, agus ranníocaíochtaí agus acmhainní dílse

Deonacháin, agus ranníocaíochtaí agus acmhainní dílse

9.    Ceadófar ranníocaíochtaí le páirtí polaitiúil Eorpach óna chomhaltaí arb i mBallstát atá a suíomh acu nó ar saoránaigh de Bhallstát iad , nó ó bhallpháirtithe arb i dtír a bhaineann le An Chomhairle Eorpach atá a suíomh acu . Ní rachaidh luach iomlán ranníocaíochtaí den sórt sin ó chomhaltaí thar 40 % de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh. Ní rachaidh luach na ranníocaíochtaí ó bhallpháirtithe a bhfuil a suíomh i dtír lasmuigh den Aontas thar 10 % d’iomlán ranníocaíochtaí na gcomhaltaí.

9.    Ní cheadófar ranníocaíochtaí le páirtí polaitiúil Eorpach ach óna chomhaltaí arb i mBallstát atá a suíomh acu nó ar saoránaigh de Bhallstát iad. Ní rachaidh luach iomlán ranníocaíochtaí den sórt sin ó chomhaltaí thar 40 % de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh. Ní rachaidh luach na ranníocaíochtaí ó bhallpháirtithe a bhfuil a suíomh i dtír lasmuigh den Aontas thar 10 % d’iomlán ranníocaíochtaí na gcomhaltaí.

10.    Ceadófar ranníocaíochtaí le fondúireacht pholaitiúil Eorpach óna comhaltaí arb i mBallstát atá a suíomh acu nó ar saoránaigh de Bhallstát iad , nó ó bhallpháirtithe arb i dtír a bhaineann le An Chomhairle Eorpach atá a suíomh acu , sin agus ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena bhfuil sí cleamhnaithe. Ní rachaidh luach iomlán ranníocaíochtaí den sórt sin ó chomhaltaí thar 40 % de bhuiséad bliantúil na fondúireachta polaitiúla Eorpaí sin agus ní dhéanfar iad a dhíorthú ó chistí a fuair páirtí polaitiúil Eorpach de bhun an Rialacháin seo ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ní rachaidh luach na ranníocaíochtaí ó bhalleagraíochtaí a bhfuil a suíomh i dtír lasmuigh den Aontas thar 10 % d’iomlán ranníocaíochtaí na gcomhaltaí.

10.    Ní cheadófar ranníocaíochtaí le fondúireacht pholaitiúil Eorpach ach óna comhaltaí arb i mBallstát atá a suíomh acu nó ar saoránaigh de Bhallstát iad, sin agus ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena bhfuil sí cleamhnaithe. Ní rachaidh luach iomlán ranníocaíochtaí den sórt sin ó chomhaltaí thar 40 % de bhuiséad bliantúil na fondúireachta polaitiúla Eorpaí sin agus ní dhéanfar iad a dhíorthú ó chistí a fuair páirtí polaitiúil Eorpach de bhun an Rialacháin seo ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ní rachaidh luach na ranníocaíochtaí ó bhalleagraíochtaí a bhfuil a suíomh i dtír lasmuigh den Aontas thar 10 % d’iomlán ranníocaíochtaí na gcomhaltaí.

Cúis

Maidir leis an bhforáil nua a tugadh isteach lena gceadaítear páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a mhaoiniú as tíortha atá i gComhairle na hEorpa, chomh maith le Ballstáit an Aontais, is ábhar imní í maidir le trédhearcacht na ranníocaíochtaí sin.

Leasú 21

COM(2021) 734 final

Airteagal 24(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Féadfar cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó ó aon fhoinse eile a úsáid chun feachtais reifrinn a mhaoiniú nuair a bhaineann na feachtais sin le cur chun feidhme Chonarthaí an Aontais.

Féadfar cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó ó aon fhoinse eile a úsáid chun feachtais reifrinn a mhaoiniú nuair a bhaineann na feachtais sin le cur chun feidhme Chonarthaí an Aontais , agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta .

Cúis

I roinnt Ballstát, tionóltar reifrinn ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach (nó stáit). Tarlaíonn sé sin nuair a bhíonn baint ag na reifrinn ar na leibhéil riaracháin sin le saincheisteanna atá ábhartha ó thaobh dlí de dá sainréimse inniúlachta. Ní mór cosaintí breise a thabhairt isteach d’fhonn a áirithiú nach maoineoidh páirtithe polaitiúla Eorpacha ná fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha feachtais reifrinn mura bhfuil gné shoiléir uile-Aontais i gceist sna reifrinn sin.

Leasú 22

COM(2021) 734 final

Airteagal 35

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Faisnéis a sholáthar do shaoránaigh

Faisnéis a sholáthar do shaoránaigh

Faoi réir Airteagal 24 agus Airteagal 25 agus a reachtanna agus a bpróiseas inmheánach féin, féadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha, i gcomhthéacs na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, na bearta uile is iomchuí a dhéanamh chun saoránaigh an Aontais a chur ar an eolas faoi na cleamhnachtaí idir páirtithe agus iarrthóirí polaitiúla náisiúnta agus na páirtithe polaitiúla Eorpacha lena mbaineann.

Faoi réir Airteagal 24 agus Airteagal 25 agus a reachtanna agus a bpróiseas inmheánach féin, déanfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha, i gcomhthéacs na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, na bearta uile is iomchuí chun saoránaigh an Aontais a chur ar an eolas faoi na cleamhnachtaí idir páirtithe agus iarrthóirí polaitiúla náisiúnta agus na páirtithe polaitiúla Eorpacha lena mbaineann.

Cúis

Is cosúil gur fearr atá aidhm ghinearálta an Rialacháin seo ag teacht le hoibleagáid chun cleamhnachtaí a chur chun cinn idir páirtithe polaitiúla agus iarrthóirí náisiúnta agus na páirtithe polaitiúla Eorpacha lena mbaineann, lena n-áirítear chun cur le hinfheictheacht na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha ar an leibhéal náisiúnta. Leagtar amach san fhoráil nua atá in Airteagal 4(1), mar shampla, an ceanglas go dtaispeánfadh na ballpháirtithe lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh ar bhealach atá soiléir agus soláimhsithe, le go mbeadh sé chomh feiceálach céanna le lógó an bhallpháirtí féin.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

Réamhrá

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an pacáiste beart ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an daonlathas agus an tsláine a neartú le linn toghchán agus go n-aontaíonn sé leis na spriocanna atá sna bearta sin; ag tacú go láidir le gach iarracht chun díospóireacht pholaitiúil oscailte, chothrom agus iolraíoch, agus rannpháirtíocht chothrom dhaonlathach, a áirithiú;

2.

á chur in iúl gur oth leis nach dtugann na bearta atá beartaithe sa phacáiste maidir leis an daonlathas agus an tsláine a neartú le linn toghchán léiriú leormhaith ar na himpleachtaí a bheidh acu ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; ag leagan béim ar an saineolas atá ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach maidir le bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláine na bpróiseas daonlathach a aithint;

Athléimneacht an daonlathais

3.

á chur in iúl go dtacaíonn sé leis an gcur chuige an comhar a neartú agus dea-chleachtas a mhalartú maidir le hathléimneacht an daonlathais agus na bpróiseas toghchánach agus gur díol sásaimh dó, sa chomhthéacs sin, an “sásra comhpháirteach um an athléimneacht thoghchánach” atá le bunú; den tuairim, thairis sin, gur cheart an ghné áitiúil agus réigiúnach a chuimsiú sa chomhar sin i bhfianaise an chuspóra atá leis, is é sin na toghcháin a chosaint ar gach leibhéal;

Rannpháirtíocht dhaonlathach

4.

ag seasamh go neamhbhalbh le prionsabal an neamh-idirdhealaithe, lena n-áirítear i ndáil le rannpháirtíocht thoghchánach agus rannpháirtíocht dhaonlathach go ginearálta; den tuairim gur dea-shampla den phrionsabal sin í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa; ag iarraidh go ndéanfaí na cleachtais sin a chur chun cinn ar gach leibhéal;

5.

ag leagan béim ar an ngá atá ann an tuirse atá ar dhaoine faoin daonlathas a shárú agus spéis na saoránach a bheith páirteach i bpróisis an daonlathais agus i réimsí polaitiúla áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha, a athnuachan; á aithint, ag an am céanna, a thábhachtaí atá sé nósanna imeachta riaracháin a shimpliú don rannpháirtíocht thoghchánach;

Cearta vótála saoránach soghluaiste den Aontas

6.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na bearta atá déanta ag an gCoimisiún go dtí seo chun cur leis an deimhneacht dhlíthiúil atá ag saoránaigh shoghluaiste den Aontas agus iad ag feidhmiú a gceart vótála; á chur i bhfáth, ina leith sin, nár cheart go bhfágfadh feidhmiú ceart saorghluaiseachta go mbainfí an bonn d’fheidhmiú ceart gaolmhar eile;

7.

ag tacú le saoránaigh shoghluaiste den Aontas a chuimsiú sa saol áitiúil; den tuairim gur mór an chabhair í rannpháirtíocht na saoránach sin maidir le sochaithe éagsúla a thógáil ar fud na mBallstát;

8.

ag súil leis go n-aithneofar sna tograí reachtacha an chaoi a gcuireann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le neartú an daonlathais Eorpaigh trí rannpháirtíocht shaoránaigh na hEorpa a chur chun cinn agus a éascú sna toghcháin Eorpacha agus sna toghcháin áitiúla, cúram nach féidir a fhágáil faoi na húdaráis stáit amháin ar leibhéal an Bhallstáit;

9.

ag súil leis go n-aithneoidh na Ballstáit cearta saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (saoránaigh shoghluaiste) chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha do gach post;

10.

á mholadh, chun dul i ngleic leis an laghdú ar an líon daoine a chaitheann vóta agus chun rannpháirtíocht daoine óga a spreagadh, gur cheart an ceart atá ag na saoránaigh ar réamhvótáil, vóta poist agus vótáil leictreonach agus idirlín a chur chun cinn;

11.

á aithint go bhfuil gá le faisnéis iomchuí, chuimsitheach agus spriocdhírithe i dtaobh na rannpháirtíochta toghchánaí a thabhairt do shaoránaigh shoghluaiste den Aontas; á chur in iúl, ina leith sin, gur díol sásaimh dó gur bunaíodh pointe teagmhála maidir le cearta vótála ar leibhéal an Choimisiúin; ag leagan béim ar an ngá atá ann, maidir leis sin, an fothú acmhainneachta agus maoiniú leordhóthanach a áirithiú do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

Trédhearcacht agus bréagaisnéis

12.

á iarraidh, agus é á admháil aige go bhfuil gá le cothroime iomaíochta do na gníomhaithe uile lena mbaineann, go dtabharfaí aird chuí ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, agus é á chur san áireamh, go háirithe, na héifeachtaí a bheidh ag an Rialachán atá beartaithe ar thoil pholaitiúil a chruthú go díreach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil sna Ballstáit;

13.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le hiarrachtaí seasmhacha chun cur i gcoinne na bréagaisnéise toisc gur féidir léi an bonn a bhaint dár sochaithe daonlathacha, de thoghcháin shaora agus chothroma, den mhuinín as na húdaráis phoiblí ar gach leibhéal agus den tsaoránacht eolach agus rannpháirteach; á mheabhrú an athuair na seasaimh a cuireadh in iúl sa tuairim (2)

Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach (3);

14.

á iarraidh go mbeadh fothú acmhainneachta na n-údarás poiblí ag gabháil le tionscnaimh ghaolmhara le go bhféadfar aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis ar gach leibhéal ar shlí spriocdhírithe; á thabhairt dá aire nach leor an tuiscint atá ann faoin acmhainn luachmhar atá sna húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ós iad is gaire do na saoránaigh, chun an bhréagaisnéis a chomhrac;

Conclúid

15.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach iarrachtaí breise a dhéanamh chun cearta agus luachanna na hEorpa a chosaint, lena n-áirítear trí na gealltanais eile a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach a shaothrú; ag leagan béim láidir ar an ngá atá le comhleanúnachas iomlán a áirithiú idir na hionstraimí éagsúla atá beartaithe; á chur chun suntais gur gné ríthábhachtach de struchtúr daonlathach na hEorpa iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.

An Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  OJ L 368, 31.12.1994, p. 38.

(2)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 31; https://cor.europa.eu/ga/our-work/Pages/OpinionTimeline.aspx?opId=CDR-1278-2021

(3)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 31; https://cor.europa.eu/ga/our-work/Pages/OpinionTimeline.aspx?opId=CDR-1278-2021


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/116


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An Córas Trádála Astaíochtaí agus Sásraí Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a chur ag obair do chathracha agus réigiúin an Aontais

(2022/C 301/14)

Rapóirtéir:

Peter KURZ (DE/PSE), Ardmhéara Mannheim

Doiciméid tagartha:

Togra lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa

COM(2021) 551 final

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE maidir le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais chun astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme go hiomchuí

COM(2021) 552 final

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

COM(2021) 564 final

Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann leis an bhfógra maidir le fritháireamh i leith beart domhanda margadhbhunaithe d’oibreoirí aerárthaigh atá bunaithe san Aontas

COM(2021) 567 final

Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 maidir le méid na lamháltas atá le cur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí 2030.

COM(2021) 571 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757

COM(2021) 551 final

Leasú 1

Aithris 7

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Is gá do gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart uaillmhian Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS), arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), chun glanlaghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach atá costéifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de a mhéadú ar bhealach atá i gcomhréir leis an sprioc chun glanlaghdú a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030.

Is gá do gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart uaillmhian Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS), arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), chun glanlaghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach atá costéifeachtach, éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de , freagrach ó thaobh na sochaí de agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a mhéadú ar bhealach atá i gcomhréir leis an sprioc chun glanlaghdú a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030 agus leis an gcuspóir foriomlán aeráidneodrachta, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 .

Leasú 2

Aithris 9

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Rinneadh Treoir 96/61/CE (3) ón gComhairle a aisghairm le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ba cheart na tagairtí do Threoir 96/61/CE in Airteagal 2 de Threoir 2003/87/CE agus in Iarscríbhinn IV inti a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin. I bhfianaise an ghá atá le laghduithe práinneacha ar astaíochtaí ar fud an gheilleagair, ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann gníomhú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa atá faoi raon feidhme EU ETS a laghdú trí bheartais eile seachas teorainneacha astaíochtaí a ghlactar de bhun Threoir 2010/75/AE.

Rinneadh Treoir 96/61/CE (5) ón gComhairle a aisghairm le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart na tagairtí do Threoir 96/61/CE in Airteagal 2 de Threoir 2003/87/CE agus in Iarscríbhinn IV inti a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin. I bhfianaise an ghá atá le laghduithe práinneacha ar astaíochtaí ar fud an gheilleagair, ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann gníomhú , agus tuairimí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach á gcur san áireamh acu trí chórais rannpháirtíochta gníomhaí, mar aon le prionsabail na coimhdeachta, na comhréireachta agus an cheartais shóisialta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa atá faoi raon feidhme EU ETS a laghdú trí bheartais eile seachas teorainneacha astaíochtaí a ghlactar de bhun Threoir 2010/75/AE.

Cúis

Is léir an chúis atá leis seo.

Leasú 3

Aithris 13

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Faoi EU ETS, ba cheart go measfaí gurb ionann astaíochtaí agus gáis cheaptha teasa nach scaoiltear go díreach san atmaisféar agus ba cheart lamháltais a thabhairt suas le haghaidh na n-astaíochtaí sin ach amháin má stóráiltear i láithreán stórála iad i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), nó má tá siad ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na coinníollacha a measfar go bhfuil gáis cheaptha teasa ceangailte go ceimiceach go buan iontu i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid, lena n-áirítear, teastas aistrithe dé-ocsaíde carbóin a fháil, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise forbairtí rialaitheacha maidir le haistrithe dé-ocsaíde carbóin a dheimhniú.

Faoi EU ETS, ba cheart go measfaí gurb ionann astaíochtaí agus gáis cheaptha teasa nach scaoiltear go díreach san atmaisféar agus ba cheart lamháltais a thabhairt suas le haghaidh na n-astaíochtaí sin ach amháin má stóráiltear iad i láithreán stórála atá sábháilte agus slán ó thaobh an chomhshaoil de, i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), nó má tá siad ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na coinníollacha a measfar go bhfuil gáis cheaptha teasa ceangailte go ceimiceach go buan iontu i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid, lena n-áirítear, teastas aistrithe dé-ocsaíde carbóin a fháil, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise forbairtí rialaitheacha maidir le haistrithe dé-ocsaíde carbóin a dheimhniú.

Cúis

Gineann gléasraí cumhachta a bhreoslaítear le breoslaí iontaise céatadán níos suntasaí d’astaíochtaí CO2 ná aon tionscal eile. Trí ghabháil agus stóráil gheolaíoch carbóin (CCS) a chur i bhfeidhm maidir leis an earnáil sin, d’fhéadfaí astaíochtaí CO2 a laghdú go suntasach.

Leasú 4

Pointe nua — Aithris 14.1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Tá sé ríthábhachtach a áirithiú nach mbeidh sceitheadh carbóin mar thoradh ar iompar muirí a áireamh in EU ETS, trí thrácht árthaí a atreorú chuig calafoirt i dtríú tíortha comharsanachta nach gcumhdaítear leis an gcóras.

Cúis

Is fíorbhaol é an sceitheadh carbóin chuig calafoirt i dtríú tíortha comharsanachta nach gcumhdaítear faoi EU ETS, ar féidir leis iarmhairt ar ionadú a bheith aige i leith calafoirt lasmuigh den Aontas, tearmainn chánach CO2 a chruthú gar don Aontas agus iomaíochas chóras calafoirt na hEorpa a chur i mbaol.

Leasú 5

Aithris 28

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide a bhaint amach, beidh gá le hacmhainní poiblí substaintiúla san Aontas chomh maith le buiséid náisiúnta a thiomnú don aistriú aeráide. Chun caiteachas substaintiúil a bhaineann leis an aeráid a chomhlánú agus a dhaingniú i mbuiséad an Aontais, ba cheart gach ioncam ceantála nach bhfuil sannta do bhuiséad an Aontais a úsáid chun críocha a bhaineann leis an aeráid. Áirítear leis sin úsáid na tacaíochta airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam trí chánacha saofa a laghdú. De bhreis air sin, chun dul i ngleic le héifeachtaí dáileacháin agus sóisialta an aistrithe i mBallstáit ar ioncam íseal, ba cheart méid breise 2,5  % den chainníocht lamháltas ar fud an Aontais ó [bliain theacht i bhfeidhm na Treorach] go dtí 2030 a úsáid chun aistriú fuinnimh na mBallstát sin arb ísle a n-olltáirgeacht intíre (OTI) per capita ná 65 % de mheán an Aontais in 2016-2018 a chistiú tríd an gCiste don Nuachóiriú dá dtagraítear in Airteagal 10d de Threoir 2003/87/CE.

Chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide a bhaint amach, beidh gá le hacmhainní poiblí substaintiúla san Aontas chomh maith le buiséid náisiúnta , réigiúnacha agus áitiúla a thiomnú don aistriú aeráide. Chun caiteachas substaintiúil a bhaineann leis an aeráid a chomhlánú agus a dhaingniú i mbuiséad an Aontais, ba cheart gach ioncam ceantála nach bhfuil sannta do bhuiséad an Aontais a úsáid chun críocha a bhaineann leis an aeráid agus a áirítear i bpleananna náisiúnta, réigiúnacha agus/nó áitiúla sa réimse sin . Áirítear leis sin úsáid na tacaíochta airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam trí chánacha saofa a laghdú. De bhreis air sin, chun dul i ngleic le héifeachtaí dáileacháin agus sóisialta an aistrithe i mBallstáit ar ioncam íseal, ba cheart méid breise 2,5  % ar a laghad den chainníocht lamháltas ar fud an Aontais ó [bliain theacht i bhfeidhm na Treorach] go dtí 2030 a úsáid chun aistriú fuinnimh na mBallstát sin arb ísle a n-olltáirgeacht intíre (OTI) per capita ná 65 % de mheán an Aontais in 2016-2018 agus réigiúin NUTS 3 i mBallstáit a bhfuil míchothromaíochtaí inmheánacha soiléire acu a chistiú tríd an gCiste don Nuachóiriú dá dtagraítear in Airteagal 10d de Threoir 2003/87/CE.

Cúis

Ba cheart luach OTI per capita na réigiún NUTS 2 a chur san áireamh freisin i leithdháileadh na lamháltas, ós rud é gur ró-shimpliú a bheadh ann dá ndéanfaí an OTI náisiúnta per capita a mheas i mBallstáit ina bhfuil míchothromaíochtaí suntasacha réigiúnacha.

Leasú 6

Aithris 30

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

[…] Ní mór an leithdháileadh saor in aisce nach soláthraítear d’earnálacha CBAM a thuilleadh bunaithe ar an ríomh seo (éileamh CBAM) a chur ar ceant agus fabhrófar na hioncaim chuig an gCiste don Nuálaíocht, d’fhonn tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, gabháil agus úsáid dé-ocsaíde carbóin (“CCU”), gabháil agus stóráil gheolaíoch carbóin (“CCS”), fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a rannchuidíonn leis an athrú aeráide a mhaolú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thionscadail in earnálacha CBAM. Chun cloí leis an sciar den leithdháileadh saor in aisce atá ar fáil le haghaidh earnálacha nach n-áirítear le CBAM, ba cheart an méid deiridh atá le baint ón leithdháileadh saor in aisce agus atá le cur ar ceant a ríomh bunaithe ar an sciar a léirítear le héileamh CBAM i leith riachtanais maidir le leithdháileadh saor in aisce gach earnála a fhaigheann leithdháileadh saor in aisce.

[…] Ní mór an leithdháileadh saor in aisce nach soláthraítear d’earnálacha CBAM a thuilleadh bunaithe ar an ríomh seo (éileamh CBAM) a chur ar ceant agus fabhrófar na hioncaim chuig an gCiste don Nuálaíocht agus an Ciste Aeráide Sóisialta , d’fhonn tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, gabháil agus úsáid dé-ocsaíde carbóin (“CCU”), gabháil agus stóráil gheolaíoch carbóin (“CCS”) d’astaíochtaí dosheachanta ó phróisis táirgthe thionsclaíocha nach toradh ar dhóchán breoslaí iontaise iad chun fuinneamh a ghiniúint mar phríomhchuspóir , fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a rannchuidíonn leis an athrú aeráide a mhaolú agus srian á chur san am céanna le héifeachtaí diúltacha ar na críocha agus ar na teaghlaigh is leochailí . Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thionscadail in earnálacha CBAM. Chun cloí leis an sciar den leithdháileadh saor in aisce atá ar fáil le haghaidh earnálacha nach n-áirítear le CBAM, ba cheart an méid deiridh atá le baint ón leithdháileadh saor in aisce agus atá le cur ar ceant a ríomh bunaithe ar an sciar a léirítear le héileamh CBAM i leith riachtanais maidir le leithdháileadh saor in aisce gach earnála a fhaigheann leithdháileadh saor in aisce.

Cúis

Ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis an leithdháileadh saor in aisce d’earnálacha a chumhdaítear le CBAM gan mhoill toisc go laghdaíonn an rogha maidir le leithdháileadh lamháltas saor in aisce an éifeacht a bhaineann le praghas comharthaíochta carbóin.

Leasú 7

Aithris 33

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart síneadh a chur le raon feidhme an Chiste don Nuálaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE chun tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí agus próisis ísealcharbóin a bhaineann le breoslaí a úsáidtear in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthair. Thairis sin, ba cheart don Chiste don Nuálaíocht tacú le hinfheistíochtaí chun earnáil an mhuiriompair a dhícharbónú, lena n-áirítear infheistíochtaí a dhéanamh i mbreoslaí malartacha inbhuanaithe, amhail hidrigin agus amóinia a tháirgtear ó athnuaiteáin, chomh maith le teicneolaíochtaí tiomána astaíochtaí nialasacha ar nós teicneolaíochtaí gaoithe. Toisc go leithdháiltear ioncaim a ghintear ó phionóis a ardaítear i Rialachán xxxx/xxxx [FuelEU Maritime] (9) ar an gCiste don Nuálaíocht mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go dtugtar aird chuí do thacaíocht le haghaidh tionscnamh nuálach atá ceaptha chun luas a chur faoi fhorbairt agus faoi chur chun feidhme breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí, mar a shonraítear in Airteagal 21(1) de Rialachán xxxx/xxxx [FuelEU Maritime]. Chun a áirithiú go bhfuil cistiú leordhóthanach ar fáil le haghaidh nuálaíochta laistigh den raon feidhme sínithe seo, ba cheart an Ciste don Nuálaíocht a fhorlíonadh le 50 milliún lamháltas, a eascraíonn go páirteach ó na lamháltais a d’fhéadfaí a chur ar ceant ar shlí eile, agus go páirteach ó na lamháltais a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce, i gcomhréir le sciar reatha an chistithe a sholáthraítear ó gach foinse don Chiste don Nuálaíocht.

Ba cheart síneadh a chur le raon feidhme an Chiste don Nuálaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE chun tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí agus próisis ísealcharbóin a bhaineann le breoslaí a úsáidtear in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthair chomh maith le bearta arb é is aidhm dóibh laghdú a dhéanamh ar mhéideanna móra astaíochtaí GCT nach bhfuil bunaithe ar thionscadail nó nach bhfuil nuálach . Thairis sin, ba cheart don Chiste don Nuálaíocht tacú le hinfheistíochtaí chun earnáil an mhuiriompair a dhícharbónú, lena n-áirítear infheistíochtaí a dhéanamh i mbreoslaí malartacha inbhuanaithe, amhail hidrigin agus amóinia a tháirgtear ó athnuaiteáin, chomh maith le teicneolaíochtaí tiomána astaíochtaí nialasacha ar nós teicneolaíochtaí gaoithe. Toisc go leithdháiltear ioncaim a ghintear ó phionóis a ardaítear i Rialachán xxxx/xxxx [FuelEU Maritime] (10) ar an gCiste don Nuálaíocht mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go dtugtar aird chuí do thacaíocht le haghaidh tionscnamh nuálach atá ceaptha chun luas a chur faoi fhorbairt agus faoi chur chun feidhme breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí, mar a shonraítear in Airteagal 21(1) de Rialachán xxxx/xxxx [FuelEU Maritime]. Chun a áirithiú go bhfuil cistiú leordhóthanach ar fáil le haghaidh nuálaíochta agus beart laistigh den raon feidhme sínithe seo, ba cheart an Ciste don Nuálaíocht a fhorlíonadh le 50 milliún lamháltas, a eascraíonn go páirteach ó na lamháltais a d’fhéadfaí a chur ar ceant ar shlí eile, agus go páirteach ó na lamháltais a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce, i gcomhréir le sciar reatha an chistithe a sholáthraítear ó gach foinse don Chiste don Nuálaíocht.

Cúis

Tá an Ciste Nuálaíochta ar cheann de na príomhfhoinsí cistithe don aeráid ach tá sé teoranta fós do theicneolaíochtaí nuálacha, cé nach í an easpa nuálaíochta an príomhbhac ar an dícharbónú. Moltar sa leasú an raon feidhme a leathnú chuig na bearta dícharbónaithe atá ann cheana.

Leasú 8

Aithris 38

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart raon feidhme an Chiste don Nuachóiriú a ailíniú le cuspóirí aeráide is déanaí an Aontais trína éileamh go bhfuil infheistíochtaí comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le Rialachán (AE) 2021/1119, agus trí dheireadh a chur leis an tacaíocht d’aon infheistíocht a bhaineann le breoslaí iontaise. Thairis sin, ba cheart an céatadán den Chiste don Nuachóiriú nach mór a dhíriú ar infheistíochtaí tosaíochta a mhéadú go dtí 80 % ; ba cheart díriú ar éifeachtúlacht fuinnimh mar réimse tosaíochta ar thaobh an éilimh; agus ba cheart tacaíocht le haghaidh teaghlach chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear i gceantair tuaithe agus iargúlta, a chur san áireamh laistigh de raon feidhme na n-infheistíochtaí tosaíochta.

Ba cheart raon feidhme an Chiste don Nuachóiriú a ailíniú le cuspóirí aeráide is déanaí an Aontais trína éileamh go bhfuil infheistíochtaí comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le Rialachán (AE) 2021/1119, agus trí dheireadh a chur leis an tacaíocht d’aon infheistíocht a bhaineann le breoslaí iontaise. Thairis sin, níor cheart an Ciste don Nuachóiriú a úsáid ach amháin d’infheistíochtaí tosaíochta; ba cheart díriú ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar úsáid foinsí inathnuaite mar réimse tosaíochta ar thaobh an éilimh; agus ba cheart tacaíocht le haghaidh críocha agus teaghlaigh leochaileacha chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar an mbochtaineacht soghluaisteachta , go háirithe iad siúd sna réigiúin is forimeallaí, i gceantair tuaithe agus iargúlta, a chur san áireamh laistigh de raon feidhme na n-infheistíochtaí tosaíochta. Ar an dóigh chéanna, ba cheart an Ciste don Nuachóiriú a oscailt do réigiúin NUTS 3 i mBallstáit ina bhfuil míchothromaíochtaí inmheánacha soiléire, chun borradh a chur faoi athbheochan agus nuachóiriú na hearnála fuinnimh.

Leasú 9

Aithris 43

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hUaillmhian aeráide 2030 na hEorpa a uaschéimniú (11), cuireadh i dtábhacht an dúshlán ar leith a bhaineann leis na hastaíochtaí a laghdú in earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh. Dá bhrí sin, d’fhógair an Coimisiún go bhféadfaí astaíochtaí ón iompar de bhóthar agus ó fhoirgnimh a chur san áireamh i bhforbairt bhreise ar thrádáil astaíochtaí. Bhunófaí trádáil astaíochtaí don dá earnáil nua sin le trádáil astaíochtaí ar leith ach fogasach. Ar an gcaoi sin, sheachnófaí aon chur isteach ar an trádáil astaíochtaí dea-fheidhmithe in earnáil na suiteálacha do-aistrithe agus earnáil na heitlíochta. Tá beartais agus bearta comhlántacha ag gabháil leis an gcóras nua, a thugann cosaint i gcoinne tionchar mhíchuí praghsanna, rud lena múnlaítear ionchais rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus arb é is aidhm dóibh comhartha faoi phraghas an charbóin a bhaint amach don gheilleagar iomlán. Léiríonn an taithí gur gá córas éifeachtach faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin a bhunú chun an margadh nua a fhorbairt. I bhfianaise sineirgí agus comhleanúnachas a áirithiú le bonneagar reatha an Aontais do EU ETS a chumhdaíonn na hastaíochtaí ó shuiteálacha do-aistrithe agus ón eitlíocht, is iomchuí trádáil astaíochtaí a bhunú le haghaidh earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh trí leasú ar Threoir 2003/87/CE.

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hUaillmhian aeráide 2030 na hEorpa a uaschéimniú (12), cuireadh i dtábhacht an dúshlán ar leith a bhaineann leis na hastaíochtaí a laghdú in earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh. Dá bhrí sin, d’fhógair an Coimisiún go bhféadfaí astaíochtaí ón iompar de bhóthar agus ó fhoirgnimh a chur san áireamh i bhforbairt bhreise ar thrádáil astaíochtaí. Bhunófaí trádáil astaíochtaí don dá earnáil nua sin le trádáil astaíochtaí ar leith ach fogasach. Ar an gcaoi sin, sheachnófaí aon chur isteach ar an trádáil astaíochtaí dea-fheidhmithe in earnáil na suiteálacha do-aistrithe agus earnáil na heitlíochta. Ós rud é gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is mó atá freagrach as na hearnálacha sin, ba cheart iad a bheith rannpháirteach i ndearadh an chórais nua ETS. Leithdháilfear cuid d’ioncam an chórais nua trádála astaíochtaí ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, toisc gurb iad seo na leibhéil rialtais is mó a ndéantar difear dóibh. Tá beartais agus bearta comhlántacha ag gabháil leis an gcóras nua, a thugann cosaint i gcoinne tionchar mhíchuí praghsanna , go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga leochaileacha agus ar úsáideoirí leochaileacha soghluaisteachta lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus iargúlta , rud lena múnlaítear ionchais rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus arb é is aidhm dóibh comhartha faoi phraghas an charbóin a bhaint amach don gheilleagar iomlán. Léiríonn an taithí gur gá córas éifeachtach faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin a bhunú chun an margadh nua a fhorbairt. I bhfianaise sineirgí agus comhleanúnachas a áirithiú le bonneagar reatha an Aontais do EU ETS a chumhdaíonn na hastaíochtaí ó shuiteálacha do-aistrithe agus ón eitlíocht, is iomchuí trádáil astaíochtaí a bhunú le haghaidh earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh trí leasú ar Threoir 2003/87/CE , i gcomhréir leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55” agus más gá, leis na rialacháin a dhéanann difear do na hearnálacha idirleata sin .

Cúis

Tá impleachtaí móra ag leathnú an ETS chuig earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Tá inniúlachtaí móra ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha ó thaobh na n-earnálacha sin de agus ba cheart iad a chur san áireamh agus an córas trádála nua á cheapadh.

Leasú 10

Aithris 51

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tá na rialacha dáileacháin maidir le sciartha ceantála thar a bheith ábhartha le haghaidh aon ioncaim ceantála a d’fhabhrófaí chuig na Ballstáit, go háirithe i bhfianaise an ghá le cumas na mBallstát a neartú le déileáil le tionchair shóisialta comhartha faoi phraghas ar charbón in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar. D’ainneoin go bhfuil saintréithe an-difriúla ag baint leis an dá earnáil, is cuí riail choiteann i gcomhair dáileacháin a shocrú atá cosúil leis an gceann a bhaineann le suiteálacha do-aistrithe. Ba cheart an phríomhchuid de na lamháltais a dháileadh i measc na mBallstát uile ar bhonn mheándháileadh na n-astaíochtaí sna hearnálacha arna gcumhdach le linn na tréimhse ó 2016 go 2018.

Tá na rialacha dáileacháin maidir le sciartha ceantála thar a bheith ábhartha le haghaidh aon ioncaim ceantála a d’fhabhrófaí chuig na Ballstáit, go háirithe i bhfianaise an ghá le cumas na mBallstát a neartú le déileáil le tionchair shóisialta comhartha faoi phraghas ar charbón in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar. D’ainneoin go bhfuil saintréithe an-difriúla ag baint leis an dá earnáil, is cuí riail choiteann i gcomhair dáileacháin a shocrú atá cosúil leis an gceann a bhaineann le suiteálacha do-aistrithe. Ba cheart an phríomhchuid de na lamháltais a dháileadh i measc na mBallstát uile ar bhonn mheándháileadh na n-astaíochtaí sna hearnálacha arna gcumhdach le linn na tréimhse ó 2016 go 2018. Ba cheart do gach Ballstát íostairseach céatadáin a shocrú de 20 % ar a laghad d’ioncam ceantála a bheidh le bainistiú go díreach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Ba cheart an t-ioncam atá á bhainistiú ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a úsáid go heisiach do na hiarrachtaí maidir le maolú agus oiriúnú don athrú aeráide, go háirithe na hiarrachtaí sin a thacaíonn leis an aistriú fuinnimh agus a thugann aghaidh ar na rioscaí do na críocha, na teaghlaigh, na micrifhiontair agus na fiontair bheaga agus na húsáideoirí soghluaisteachta is leochailí.

Cúis

Mar gheall ar éagsúlacht chríocha na hEorpa ó thaobh na tíreolaíochta, na sochaí agus na heacnamaíochta de, is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an leibhéal is fearr rialtais chun a áirithiú nach mbainfidh an t-aistriú ó chomhtháthú críochach na hEorpa, agus nach gcuirfidh sé na teaghlaigh is leochailí i mbaol.

Leasú 11

Aithris 52

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart cúiteamh sóisialta éifeachtach a bheith i gceist nuair atá praghas carbóin á thabhairt isteach i ndáil le hiompar de bhóthar agus foirgnimh, go háirithe i bhfianaise na leibhéil bochtaineachta fuinnimh atá ann cheana. Tuairiscítear nach raibh sé de chumas ag thart ar 34 milliún Eorpach a dtithe a choinneáil te go leor in 2018, agus dúirt 6,9  % de dhaonra an Aontais nach raibh sé d’acmhainn acu a dteach a théamh go leordhóthanach i suirbhé a rinneadh ar fud an Aontais in 2019 (13). Chun cúiteamh sóisialta agus dáileacháin éifeachtach a bhaint amach, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit na hioncaim cheantála a chaitheamh ar na cuspóirí a bhaineann le haeráid agus fuinneamh atá sonraithe cheana don trádáil reatha astaíochtaí, ach freisin le haghaidh beart arna thabhairt isteach go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní ghaolmhara na n-earnálacha nua mar atá earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh lena n-áirítear gníomhaíochtaí beartais gaolmhara faoi Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ba cheart ioncaim ceantála a úsáid le dul i ngleic leis na gnéithe sóisialta den trádáil astaíochtaí le haghaidh na n earnálacha nua agus béim faoi leith ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair agus ar úsáideoirí iompair . Chuige sin, cuirfidh Ciste Aeráide Sóisialta nua cistiú tiomnaithe ar fáil do Bhallstáit chun tacú leis na saoránaigh Eorpacha is mó atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh nó soghluaisteachta nó i mbaol aici. Cuirfidh an Ciste cothroime agus dlúthpháirtíocht chun cinn idir na Ballstáit agus laistigh díobh agus baol na bochtaineachta fuinnimh agus soghluaisteachta á maolú fad is atá an t-aistriú ar siúl. Cuirfidh sé le sásraí dlúthpháirtíochta atá ann cheana agus comhlánóidh sé iad. Comhfhreagróidh acmhainní an Chiste nua i bprionsabal do 25 % de na hioncaim ionchasacha ón trádáil astaíochtaí nua i gcaitheamh na tréimhse 2026-2032, agus cuirfear chun feidhme iad ar bhonn na bPleananna Aeráide Sóisialta ar cheart do Bhallstáit iad a chur ar aghaidh faoi Rialachán (AE) 20…/nn ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Ina theannta sin, ba cheart do gach Ballstát a gcuid ioncam ceantála a úsáid inter alia chun cuid de chostais a bPleananna Aeráide Sóisialta a mhaoiniú.

Ba cheart cúiteamh sóisialta éifeachtach a bheith i gceist nuair atá praghas carbóin á thabhairt isteach i ndáil le hiompar de bhóthar agus foirgnimh, go háirithe i bhfianaise na leibhéil bochtaineachta fuinnimh atá ann cheana. Tuairiscítear nach raibh sé de chumas ag thart ar 34 milliún Eorpach a dtithe a choinneáil te go leor in 2018, agus dúirt 6,9  % de dhaonra an Aontais nach raibh sé d’acmhainn acu a dteach a théamh go leordhóthanach i suirbhé a rinneadh ar fud an Aontais in 2019 (16) , agus gan an dara rogha a bheith ann i réigiúin áirithe ach foinsí fuinnimh neamhéifeachtúla a úsáid don téamh de dheasca na bochtaineachta . Chun cúiteamh sóisialta agus dáileacháin éifeachtach a bhaint amach, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na hioncaim cheantála a chaitheamh ar na cuspóirí a bhaineann le haeráid agus fuinneamh atá sonraithe cheana don trádáil reatha astaíochtaí, ach freisin le haghaidh beart arna thabhairt isteach go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní ghaolmhara na n-earnálacha nua mar atá earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh lena n–áirítear gníomhaíochtaí beartais gaolmhara faoi Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Ba cheart ioncaim ceantála a úsáid freisin le dul i ngleic leis na gnéithe sóisialta den trádáil astaíochtaí le haghaidh na n-earnálacha nua agus béim faoi leith ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair , ar fhiontair bheaga agus ar úsáideoirí soghluaisteachta . Chuige sin, cuirfidh Ciste Aeráide Sóisialta nua cistiú tiomnaithe ar fáil do Bhallstáit agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun tacú leis na saoránaigh Eorpacha is mó atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh nó soghluaisteachta nó i mbaol aici. Cuirfidh an Ciste cothroime agus dlúthpháirtíocht chun cinn idir na Ballstáit agus laistigh díobh agus baol na bochtaineachta fuinnimh agus soghluaisteachta á maolú fad is atá an t-aistriú ar siúl. Cuirfidh sé le sásraí dlúthpháirtíochta atá ann cheana agus comhlánóidh sé iad. Comhfhreagróidh acmhainní an Chiste nua do 25 % ar a laghad de na hioncaim ionchasacha ón trádáil astaíochtaí nua i gcaitheamh na tréimhse 2026-2032, agus cuirfear chun feidhme iad ar bhonn na bPleananna Aeráide Sóisialta ar cheart do Bhallstáit iad a chur ar aghaidh faoi Rialachán (AE) 20…/nn ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). I gcás ina mbeidh ioncam níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis mar thoradh ar an bpraghas carbóin, méadófar imchlúdach airgeadais an Chiste Aeráide Shóisialta dá réir sin. Ba cheart do gach Ballstát íostairseach a shocrú de 35 % ar a laghad d’imchlúdach airgeadais an Chiste Aeráide Shóisialta atá ar fáil dóibh lena bhainistiú go díreach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha . Ina theannta sin, ba cheart do gach Ballstát agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a gcuid ioncam ceantála a úsáid inter alia chun cuid de chostais a bPleananna Aeráide Sóisialta a mhaoiniú.

Cúis

Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is fearr atá in ann aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus mar sin ba cheart acmhainní ón gciste a chur ar fáil dóibh freisin.

Leasú 12

Aithris 54

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tá an nuálaíocht agus forbairt teicneolaíochtaí nua ísealcharbóin in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfaidh na hearnálacha sin rannchuidiú costéifeachtach leis na laghduithe ar astaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo. Dá bharr sin, ba cheart 150 milliún lamháltas ó thrádáil astaíochtaí in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar a chur ar fáil don Chiste Nuálaíochta chun an laghdú costéifeachtach ar astaíochtaí a spreagadh.

Tá an nuálaíocht agus forbairt teicneolaíochtaí agus bearta nua ísealcharbóin in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfaidh na hearnálacha sin rannchuidiú costéifeachtach leis na laghduithe ar astaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo. Dá bharr sin, ba cheart 150 milliún lamháltas ó thrádáil astaíochtaí in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar a chur ar fáil don Chiste Nuálaíochta chun an laghdú costéifeachtach ar astaíochtaí atá freagrach ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de a spreagadh.

Cúis

Is léir an chúis atá leis seo.

Leasú 13

Aithris 58

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na trádála astaíochtaí in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, lena n-áirítear céim an chóineasaithe praghsanna leis an gCóras Trádála Astaíochtaí reatha, agus, más gá, ba cheart athbhreithniú a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun éifeachtacht, riar agus cur i bhfeidhm praiticiúil na trádála astaíochtaí a fheabhsú le haghaidh na n-earnálacha sin ar bhonn eolais shealbhaithe chomh maith le cóineasú méadaithe praghsanna. Ba cheart ceangal a bheith ar an gCoimisiún an chéad tuarascáil faoi na hábhair sin a chur faoi bhráid faoin 1 Eanáir 2028.

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na trádála astaíochtaí in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, lena n-áirítear céim an chóineasaithe praghsanna leis an gCóras Trádála Astaíochtaí reatha, agus, más gá, ba cheart athbhreithniú a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun éifeachtacht, riar agus cur i bhfeidhm praiticiúil na trádála astaíochtaí a fheabhsú le haghaidh na n-earnálacha sin ar bhonn eolais shealbhaithe chomh maith le cóineasú méadaithe praghsanna. Ba cheart ceangal a bheith ar an gCoimisiún an chéad tuarascáil faoi na hábhair sin a chur faoi bhráid faoin 1 Eanáir 2028. Ba cheart tréimhse comhairliúcháin ón 1 Meán Fómhair 2027 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2027 a bheith ann roimh an tuarascáil. Ba cheart comhairliúchán spriocdhírithe leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a dhéanamh le linn na tréimhse sin.

Cúis

Tá inniúlachtaí suntasacha ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le hearnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh agus ba cheart dul i gcomhairle leo agus measúnú agus tuairisciú á ndéanamh ar éifeachtúlacht an chórais nua ETS.

Leasú 14

Airteagal 1.2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(2)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(2)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b) ciallaíonn ‘astaíochtaí’ gáis cheaptha teasa a bheith á scaoileadh san atmaisféar ó fhoinsí i suiteáil nó á scaoileadh ó aerárthach ag gabháil do ghníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I nó ó longa atá ag gabháil do ghníomhaíocht mhuiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I de na gáis a shonraítear i leith na gníomhaíochta sin, nó ciallaíonn sé gáis cheaptha teasa a chomhfhreagraíonn don ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a bheith á scaoileadh;”;

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b) ciallaíonn ‘astaíochtaí’ gáis cheaptha teasa a bheith á scaoileadh san atmaisféar ó fhoinsí i suiteáil nó á scaoileadh ó aerárthach ag gabháil do ghníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I nó ó longa atá ag gabháil do ghníomhaíocht mhuiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I de na gáis a shonraítear i leith na gníomhaíochta sin, nó ciallaíonn sé gáis cheaptha teasa a chomhfhreagraíonn don ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a bheith á scaoileadh;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

ciallaíonn ‘cead astaíochtaí gás ceaptha teasa’ an cead a eisítear i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 agus Airteagal 30b;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

ciallaíonn ‘cead astaíochtaí gás ceaptha teasa’ an cead a eisítear i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 agus Airteagal 30b;”;

(c)

scriostar pointe (u);

(c)

scriostar pointe (u);

(d)

cuirtear isteach pointí (v) go (z) mar a leanas:

“(v)

ciallaíonn ‘cuideachta loingseoireachta’ an longúinéir nó aon eagraíocht nó duine eile, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht as oibriú na loinge ón longúinéir; agus a chomhaontaigh, ar ghlacadh na freagrachta sin, dul i gceann na ndualgas agus na bhfreagrachtaí go léir arna bhforchur leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*);”;

(d)

cuirtear isteach pointí (v) go (z) mar a leanas:

“(v)

ciallaíonn ‘cuideachta loingseoireachta’ an longúinéir nó aon eagraíocht nó duine eile, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht as oibriú na loinge ón longúinéir; agus a chomhaontaigh, ar ghlacadh na freagrachta sin, dul i gceann na ndualgas agus na bhfreagrachtaí go léir arna bhforchur leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*);”;

“(aa)

ciallaíonn ‘calafort cuarda’ an calafort ina stopann soitheach chun lastas a luchtú nó a dhíluchtú nó chun paisinéirí a bhordáil nó a dhíbhordáil. Dá bhrí sin, chun críocha na Treorach seo, eisiatar an méid seo a leanas: stadanna calafoirt ar mhaithe le hathbhreoslú a dhéanamh, soláthairtí a fháil, criú a athrú, dul isteach i nduga tirim nó an soitheach nó an trealamh a dheisiú, agus stadanna calafoirt i gcás ina bhfuil cúnamh ag teastáil ó shoitheach nó ina bhfuil sé i mbaol. Eisiatar na cásanna seo a leanas freisin: aistrithe idir soithigh lasmuigh de chalafoirt, stadanna a dhéantar i gcalafort trasloingsithe i dtríú tír comharsanachta, chomh maith le stadanna a dhéantar ar mhaithe le dul ar foscadh ó dhrochaimsir nó chun críche oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála;”;

Cúis

Leis an athrú ar an sainmhíniú ar “calafort cuarda” áiritheofar ar bhealaí idir calafoirt na hEorpa agus an Áise nó Meiriceá a stopann i gcalafoirt Eorpacha, nach mbeidh aon bhuntáiste ag baint leis na hoibríochtaí sin a aistriú go tríú tíortha comharsanachta.

Leasú 15

Airteagal 1.5

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Raon feidhme an chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí muiriompair

Raon feidhme an chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí muiriompair

1.   Beidh feidhm ag leithdháileadh na lamháltas agus cur i bhfeidhm na gceanglas tabhairt suas i leith gníomhaíochtaí muiriompair i leith caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit, céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit agus céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa i mbeart i gcalafort faoin dhlínse Ballstáit.

1.   Beidh feidhm ag leithdháileadh na lamháltas agus cur i bhfeidhm na gceanglas tabhairt suas i leith gníomhaíochtaí muiriompair i leith caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit, céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit agus céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa i mbeart i gcalafort faoin dhlínse Ballstáit.

 

Glacfaidh leithdháileadh na lamháltas agus cur i bhfeidhm na gceanglas tabhairt suas i leith gníomhaíochtaí muiriompair an patrún seo a leanas sna cásanna seo a leanas:

 

(a)

le haghaidh longa atá ag seoladh ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit chuig calafort atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit nó longa atá ag taisteal ó chalafort atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit go calafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus a thugann cuairt ar chalafort trasloingsithe comharsanach atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit:

 

 

(i)

beidh feidhm aige maidir le céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ar an gcuid den turas idir an calafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus an calafort trasloingsithe comharsanach lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus;

(ii)

beidh feidhm aige maidir le caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí don chuid eile den turas;

 

(b)

le haghaidh longa a bheidh ag seoladh ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit go calafort eile atá faoi dhlínse Ballstáit agus a stopann ag calafort trasloingsithe comharsanach lasmuigh de dhlínse Ballstáit, beidh feidhm aige maidir le céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí don turas iomlán;

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 9, Airteagal 9a agus Airteagal 10 maidir le gníomhaíochtaí muiriompair ar an gcaoi chéanna agus atá feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí eile a chumhdaítear le EU ETS.”.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 9, Airteagal 9a agus Airteagal 10 maidir le gníomhaíochtaí muiriompair ar an gcaoi chéanna agus atá feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí eile a chumhdaítear le EU ETS.”.

Cúis

Leis an togra seo, ní féidir le longa coimeádáin a dhéanann turais fhada “a méadar CO2 a shocrú go nialas” nuair a stopann siad ag calafoirt lasmuigh den Aontas seachas ag calafoirt AE.

Leasú 16

Airteagal 1.11(a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(a)

i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Cuirfear 2 % de chainníocht iomlán na lamháltas idir 2021 agus 2030 ar ceant chun ciste a bhunú chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus chun córais fuinnimh de chuid Ballstáit áirithe a nuachóiriú (‘na Ballstáit is tairbhithe’), mar a leagtar amach in Airteagal 10d (an ‘Ciste don Nuachóiriú’). Is iad na Ballstáit is tairbhithe le haghaidh na cionranna sin lamháltas na Ballstáit sin a bhfuil OTI per capita acu de réir margadhphraghsanna faoi bhun 60 % de mheán an Aontais in 2013. Leithdháilfear na cistí a chomhfhreagraíonn don chainníocht sin lamháltas i gcomhréir le Cuid A d”Iarscríbhinn IIb.

Thairis sin, cuirfear 2,5  % de chainníocht iomlán na lamháltas idir [an bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach] agus 2030 ar ceant le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú. Is iad na Ballstáit is tairbhithe le haghaidh na cionranna sin lamháltas na mBallstát sin a bhfuil OTI per capita acu de réir margadhphraghsanna faoi bhun 65 % de mheán an Aontais sa tréimhse 2016 go 2018. Leithdháilfear na cistí a chomhfhreagraíonn don chainníocht sin lamháltas i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn IIb.”

(a)

i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Cuirfear 2 % de chainníocht iomlán na lamháltas idir 2021 agus 2030 ar ceant chun ciste a bhunú chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus chun córais fuinnimh de chuid Ballstáit áirithe a nuachóiriú (‘na Ballstáit is tairbhithe’), mar a leagtar amach in Airteagal 10d (an ‘Ciste don Nuachóiriú’). Is iad na Ballstáit is tairbhithe le haghaidh na cionranna sin lamháltas na Ballstáit sin a bhfuil OTI per capita acu de réir margadhphraghsanna faoi bhun 60 % de mheán an Aontais in 2013 agus réigiúin NUTS 3 i mBallstáit a bhfuil míchothromaíochtaí inmheánacha soiléire acu . Leithdháilfear na cistí a chomhfhreagraíonn don chainníocht sin lamháltas i gcomhréir le Cuid A d”Iarscríbhinn IIb.

Thairis sin, cuirfear 2,5  % ar a laghad de chainníocht iomlán na lamháltas idir [an bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach] agus 2030 ar ceant le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú. Is iad na Ballstáit is tairbhithe le haghaidh na cionranna sin lamháltas na Ballstáit sin a bhfuil OTI per capita acu de réir margadhphraghsanna faoi bhun 65 % de mheán an Aontais sa tréimhse 2016 go 2018 agus réigiúin NUTS 3 i mBallstáit a bhfuil míchothromaíochtaí inmheánacha soiléire acu . Leithdháilfear na cistí a chomhfhreagraíonn don chainníocht sin lamháltas i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn IIb.”

Leasú 17

Airteagal 1.11(b)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte agus an dara abairte:

“3.   Cinnfidh Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas, seachas le haghaidh na n-ioncam bunaithe mar acmhainní féin i gcomhréir le hAirteagal 311(3) de CFAE agus a iontráiltear i mbuiséad an Aontais. Úsáidfidh Ballstáit a n-ioncaim a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 2, seachas na hioncaim a úsáidtear chun costais charbóin indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 10a(6)a chúiteamh, le haghaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte agus an dara abairte:

“3.   Cinnfidh Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas, seachas le haghaidh na n-ioncam bunaithe mar acmhainní féin i gcomhréir le hAirteagal 311(3) de CFAE agus a iontráiltear i mbuiséad an Aontais , agus íostairseach de 20 % den ioncam a leithdháileadh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha . Úsáidfidh Ballstáit a n-ioncaim a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 2, seachas na hioncaim a úsáidtear chun costais charbóin indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 10a(6)a chúiteamh, le haghaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:”;

Leasú 18

Airteagal 1.12(g) an tríú mír

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Leasaítear Airteagal 10a mar a leanas:

Leasaítear Airteagal 10a mar a leanas:

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

 

“8.   Déanfar 365 milliún lamháltas, ón méid a d”fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce de bhun an Airteagail seo, agus 85 milliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a chur ar ceant de bhun Airteagal 10, chomh maith leis na lamháltais a leanann as an leithdháileadh saor in aisce a laghdú dá dtagraítear in Airteagal 10a(1a), a chur ar fáil do Chiste leis an gcuspóir tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí agus próisis ísealcharbóin agus chun rannchuidiú le cuspóirí maidir le truailliú nialasach (an ‘Ciste don Nuálaíocht’). […]”

 

“8.   Déanfar 365 milliún lamháltas, ón méid a d”fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce de bhun an Airteagail seo, agus 85 milliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a chur ar ceant de bhun Airteagal 10, chomh maith leis na lamháltais a leanann as an leithdháileadh saor in aisce a laghdú dá dtagraítear in Airteagal 10a(1a), a chur ar fáil do Chiste leis an gcuspóir tacú le hastaíochtaí a sheachaint agus leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí agus próisis ísealcharbóin agus chun rannchuidiú le cuspóirí maidir le truailliú nialasach (an ‘Ciste don Nuálaíocht’). […]”

 

Cumhdóidh an Ciste don Nuálaíocht na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I gus Iarscríbhinn III, lena n-áirítear gabháil agus úsáid dé-ocsaíde carbóin (“CCU”) atá sábháilte don chomhshaol agus a rannchuidíonn go suntasach le tionchair an athraithe aeráide a mhaolú, chomh maith le táirgí a úsáidtear in ionad cinn atá dian ó thaobh úsáid carbóin de a tháirgtear sna hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus chun cabhrú le spreagadh a thabhairt chun tionscadail a thógáil agus a oibriú arb é is aidhm dóibh CO2 a ghabháil agus a stóráil (“CCS”) go geolaíoch ar dhóigh atá sábháilte don chomhshaol, agus spreagadh a thabhairt freisin do theicneolaíochtaí nuálacha a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh; in áiteanna atá cothrom ó thaobh na geografaíochta de. Féadfaidh an Ciste don Nuálaíocht tacú freisin le teicneolaíochtaí nuálacha agus bonneagar nuálach ceannródaíoch chun an earnáil mhuirí a dhícharbónú agus chun breoslaí ísealcharbóin nó breoslaí saor ó charbón a tháirgeadh le haghaidh na heitlíochta, an iarnróid agus an iompair de bhóthar. Tabharfar aird ar leith ar thionscadail in earnálacha a chumhdaítear faoin [rialachán CBAM] d’fhonn tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, CCU, CCS, fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a rannchuidíonn leis an athrú aeráide a mhaolú.

 

Cumhdóidh an Ciste don Nuálaíocht na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I gus Iarscríbhinn III, lena n-áirítear tionscadail ar mhórscála chun astaíochtaí a laghdú ina n-úsáidtear teicneolaíochtaí aibí, tionscnaimh phoiblí agus phríobháideacha a thacaíonn leis an gciorclaíocht, cláir uile-AE chun astaíochtaí a laghdú, gabháil agus úsáid dé-ocsaíde carbóin (“CCU”) atá sábháilte don chomhshaol agus a rannchuidíonn go suntasach le tionchair an athraithe aeráide a mhaolú, chomh maith le táirgí a úsáidtear in ionad cinn atá dian ó thaobh úsáid carbóin de a tháirgtear sna hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus chun cabhrú le spreagadh a thabhairt chun tionscadail a thógáil agus a oibriú arb é is aidhm dóibh CO2 a ghabháil agus a stóráil (“CCS”) go geolaíoch ar dhóigh atá sábháilte agus slán don chomhshaol, agus spreagadh a thabhairt freisin do theicneolaíochtaí nuálacha a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh; in áiteanna atá cothrom ó thaobh na geografaíochta de. Féadfaidh an Ciste don Nuálaíocht tacú freisin le teicneolaíochtaí nuálacha agus bonneagar nuálach ceannródaíoch chun an earnáil mhuirí a dhícharbónú agus chun breoslaí ísealcharbóin nó breoslaí saor ó charbón a tháirgeadh le haghaidh na heitlíochta, an iarnróid agus an iompair de bhóthar. Tabharfar aird ar leith ar thionscadail in earnálacha a chumhdaítear faoin [rialachán CBAM] d’fhonn tacú le bearta ciorclaíochta, le hoiliúint ghairmiúil chun táirgí ísealcharbóin a úsáid, leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, CCU, CCS atá sábháilte agus slán ó thaobh an chomhshaoil de , fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a rannchuidíonn leis an athrú aeráide a mhaolú nó oiriúnú don athrú sin ar bhealach atá freagrach ó thaobh na sochaí de .

 

Beidh tionscadail i gcríoch gach Ballstáit, tionscadail ar mhionscála san áireamh, incháilithe. Teicneolaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht, beidh siad nuálach agus ní bheidh siad ar fáil ó thaobh tráchtála go fóill ar scála comhchosúil gan tacaíocht, ach beidh siad ina réitigh cheannródaíocha nó beidh siad aibí a ndóthain chun iad a chur i bhfeidhm ar scála réamhthráchtála. […]

 

Beidh tionscadail agus bearta i gcríoch gach Ballstáit, tionscadail ar mhionscála san áireamh, incháilithe. Teicneolaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht, rannchuideoidh siad leis an dícharbónú, beidh siad nuálach agus ní bheidh siad ar fáil ó thaobh tráchtála ar scála comhchosúil gan tacaíocht, ach beidh siad ina réitigh nó beidh siad aibí a ndóthain chun iad a chur i bhfeidhm ar scála réamhthráchtála. […]

 

Roghnófar tionscadail ar bhonn critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, agus aird á tabhairt, i gcás inarb ábhartha, ar a mhéid a rannchuidíonn tionscadail le laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach go mór faoi bhun na dtagarmharcanna dá dtagraítear i mír 2.

 

Roghnófar tionscadail agus bearta ar bhonn critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, agus aird á tabhairt, i gcás inarb ábhartha, ar a mhéid a rannchuidíonn tionscadail le laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach go mór faoi bhun na dtagarmharcanna dá dtagraítear i mír 2.

 

Cuirtear na pointí seo a leanas le mír 3:

 

(l)

foirmiú scileanna a chur chun cinn i gcomhréir leis an ngá atá le cleachtais ghairmiúla a chur in oiriúint don chiorclaíocht agus d’úsáid ábhar ísealcharbóin;

 

(m)

tacú le forbairt geilleagair chiorclaigh;

Cúis

Is léir an chúis atá leis seo.

Leasú 19

Airteagal 1.14(a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Leasaítear Airteagal 10d mar a leanas:

Leasaítear Airteagal 10d mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

 

“1.   Bunófar ciste chun tacú le hinfheistíochtaí atá beartaithe ag na Ballstáit is tairbhithe, lena n-áirítear tionscadail infheistíochta ar mhionscála a mhaoiniú, chun córais fuinnimh a nuachóiriú agus chun an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú don tréimhse ó 2021 go 2030 (an ‘Ciste don Nuachóiriú’). Maoineofar an Ciste don Nuachóiriú trí lamháltais a chur ar ceant mar a leagtar amach in Airteagal 10, le haghaidh na mBallstát is tairbhí a leagtar amach ann.

Beidh na hinfheistíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht ag teacht le haidhmeanna na Treorach seo, chomh maith le cuspóirí na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (*) agus Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar síos i gComhaontú Pháras. Ní chuirfear aon tacaíocht ón gCiste don Nuachóiriú ar fáil do shaoráidí giniúna fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise.”;

 

“1.   Bunófar ciste chun tacú le hinfheistíochtaí atá beartaithe ag na Ballstáit is tairbhithe agus réigiúin NUTS 3 , lena n-áirítear tionscadail infheistíochta ar mhionscála a mhaoiniú, chun córais fuinnimh a nuachóiriú agus chun an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú don tréimhse ó 2021 go 2030 (an ‘Ciste don Nuachóiriú’). Maoineofar an Ciste don Nuachóiriú trí lamháltais a chur ar ceant mar a leagtar amach in Airteagal 10, le haghaidh na mBallstát is tairbhí a leagtar amach ann.

Beidh na hinfheistíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht ag teacht le haidhmeanna na Treorach seo, chomh maith le cuspóirí na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (*) agus Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar síos i gComhaontú Pháras. Ní chuirfear aon tacaíocht ón gCiste don Nuachóiriú ar fáil do shaoráidí giniúna fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise.”;

Leasú 20

Airteagal 1.14(b)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Úsáidfear 80 % ar a laghad de na hacmhainní airgeadais ón gCiste don Nuachóiriú d’fhonn tacú le hinfheistíochtaí sna réimsí seo a leanas:

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Úsáidfear na hacmhainní airgeadais ar fad ón gCiste don Nuachóiriú d’fhonn tacú le hinfheistíochtaí sna réimsí seo a leanas:

(a)

leictreachas a ghiniúint agus a úsáid ó fhoinsí in-athnuaite;

(a)

leictreachas a ghiniúint agus a úsáid ó fhoinsí in-athnuaite;

(b)

téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite;

(b)

téamh agus fuarú , lena n-áirítear téamh agus fuarú ceantair, ó fhoinsí in-athnuaite;

(c)

feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh ar thaobh an éilimh, lena n-áirítear san iompar, i bhfoirgnimh, sa talmhaíocht agus i gcúrsaí dramhaíola;

(c)

feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh ar thaobh an éilimh, lena n-áirítear san iompar, i bhfoirgnimh, sa talmhaíocht agus i gcúrsaí dramhaíola;

(d)

stóráil fuinnimh agus nuachóiriú líonraí fuinnimh, lena n-áirítear píblínte téimh ceantair, eangacha le haghaidh traschur leictreachais agus méadú ar idirnaisc idir na Ballstáit;

(d)

stóráil fuinnimh agus nuachóiriú líonraí fuinnimh, lena n-áirítear píblínte téimh ceantair, eangacha le haghaidh traschur leictreachais agus méadú ar idirnaisc idir na Ballstáit;

(e)

tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus i gceantair iargúlta, chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus chun a gcórais téimh a nuachóiriú; agus

(e)

tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal , le micrifhiontair agus fiontair bheaga leochaileacha agus le húsáideoirí soghluaisteachta , lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus i gceantair iargúlta, chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar an mbochtaineacht soghluaisteachta agus chun a gcórais téimh agus fuaraithe a nuachóiriú; agus

(f)

aistriú cóir i réigiúin, sna Ballstáit is tairbhí, a bhíonn ag brath ar an gcarbón, chun tacú le hath-imlonnú, le hathoiliúint agus le breisoiliúint oibrithe, leis an oideachas, le tionscnaimh cuardaithe poist agus le gnólachtaí nuathionscanta, agus an t-agallamh ar bun leis na comhpháirtithe sóisialta.”;

(f)

aistriú cóir i réigiúin, sna Ballstáit is tairbhí agus i réigiúin NUTS 3 , a bhíonn ag brath ar an gcarbón, chun tacú le hath-imlonnú, le hathoiliúint agus le breisoiliúint oibrithe, leis an oideachas, le tionscnaimh cuardaithe poist agus le gnólachtaí nuathionscanta, agus an t-agallamh ar bun leis na comhpháirtithe sóisialta.’;

 

(g)

forbairt an gheilleagair chiorclaigh.”;

Leasú 21

Airteagal 1.21

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Cinnfidh Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 4, seachas le haghaidh na n-ioncam bunaithe mar acmhainní féin i gcomhréir le hAirteagal 311(3) de CFAE agus iontráilte i mbuiséad an Aontais. Úsáidfidh Ballstáit a n-ioncaim a ghintear ó cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(3) le haghaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

Cinnfidh Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 4, seachas le haghaidh na n-ioncam bunaithe mar acmhainní féin i gcomhréir le hAirteagal 311(3) de CFAE agus iontráilte i mbuiséad an Aontais. Úsáidfidh Ballstáit a n-ioncaim a ghintear ó cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(3) le haghaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

bearta atá beartaithe rannchuidiú le téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú nó le riachtanais fuinnimh foirgneamh a laghdú , lena n-áirítear fuinnimh inathnuaite agus bearta gaolmhara a chomhtháthú de réir Airteagal 7(11) agus Airteagail 12 agus 20 de Rialachán 2012/27/AE [tagairtí le tabhairt cothrom le dáta leis an Treoir athbhreithnithe’, chomh maith le bearta chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do theaghlaigh ar ioncam íseal sna foirgnimh is neamhfheidhmiúla;

(a)

bearta atá beartaithe rannchuidiú le téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú nó le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú , lena n-áirítear fuinnimh inathnuaite agus bearta gaolmhara a chomhtháthú de réir Airteagal 7(11) agus Airteagail 12 agus 20 de Rialachán 2012/27/AE [tagairtí le tabhairt cothrom le dáta leis an Treoir athbhreithnithe’, chomh maith le bearta chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do theaghlaigh ar ioncam íseal sna foirgnimh is neamhfheidhmiúla ó thaobh fuinnimh de ;

(b)

bearta atá beartaithe dlús a chur le glacadh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha nó chun tacaíocht airgeadais a sholáthar chun bonneagar athbhreoslaithe agus athluchtaithe iomlán idir-inoibritheach le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur chun feidhme nó bearta chun athrú chuig modhanna iompair phoiblí a spreagadh agus feabhas a chur ar an ilmhódúlacht , nó chun tacaíocht airgeadais a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta a bhaineann le húsáideoirí iompair ar ioncaim ísle agus ar mheánioncaim.

(b)

bearta atá beartaithe dlús a chur le glacadh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha nó chun tacaíocht airgeadais a sholáthar chun bonneagar athbhreoslaithe agus athluchtaithe iomlán idir-inoibritheach le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur chun feidhme nó bearta chun aistriú módach in iompar earraí agus daoine a spreagadh i dtreo modhanna atá níos éifeachtúla nó atá neodrach ó thaobh fuinnimh de, nó bearta chun bonneagair agus seirbhísí iompair a dhéanamh níos fuinneamhéifeachtúla , nó chun tacaíocht airgeadais a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta a bhaineann le húsáideoirí soghluaisteachta ar ioncaim ísle agus ar mheánioncaim.

Úsáidfidh na Ballstáit cuid dá n-ioncam ceantála a ghintear i gcomhréir leis an Airteagal seo chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta a bhaineann leis an trádáil astaíochtaí faoin gCaibidil seo agus cuirfear béim shonrach ar theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) 20…/nn [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta](*). I gcás ina gcuireann Ballstát [Plean Aeráide Sóisialta] faoi bhráid an Choimisiúin de bhun an Rialacháin sin, úsáidfidh an Ballstát na hioncaim sin inter alia chun an plean sin a mhaoiniú.

Úsáidfidh na Ballstáit cuid dá n-ioncam ceantála a ghintear i gcomhréir leis an Airteagal seo chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta a bhaineann leis an trádáil astaíochtaí faoin gCaibidil seo agus cuirfear béim shonrach ar theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair agus fiontair bheaga leochaileacha agus úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) 20…/nn [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta](*). I gcás ina gcuireann Ballstát [Plean Aeráide Sóisialta] faoi bhráid an Choimisiúin de bhun an Rialacháin sin, úsáidfidh an Ballstát na hioncaim sin inter alia chun an plean sin a mhaoiniú.

Measfar forálacha na míre seo a bheith comhlíonta ag na Ballstáit má tá beartais fhioscacha nó tacaíochta airgeadais nó beartais rialaitheacha, a dhéanann tacaíocht airgeadais a ghiaráil, a bhunaítear chun na críocha a leagtar amach sa chéad fhomhír agus arb ionann a luach agus na hioncaim a ghintear ó cheantáil na lamháltas dá dtagraítear sa Chaibidil seo, má tá na beartais sin i bhfeidhm acu agus má chuireann siad chun feidhme iad.

Bunóidh na Ballstáit íostairseach de 20 % d’ioncam a leithdháileadh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a bheidh le húsáid i gcás ceann amháin nó níos mó de na bearta a thuairiscítear sa mhír seo.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le húsáid na n-ioncam agus na ngníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na míre seo tríd an bhfaisnéis sin a áireamh ina gcuid tuarascálacha a dhéantar a thíolacadh faoi Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**).

Measfar forálacha na míre seo a bheith comhlíonta ag na Ballstáit agus ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha má tá beartais fhioscacha nó tacaíochta airgeadais nó beartais rialaitheacha, a dhéanann tacaíocht airgeadais a ghiaráil, a bhunaítear chun na críocha a leagtar amach sa chéad fhomhír agus arb ionann a luach agus na hioncaim a ghintear ó cheantáil na lamháltas dá dtagraítear sa Chaibidil seo, má tá na beartais sin i bhfeidhm acu agus má chuireann siad chun feidhme iad.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le húsáid na n-ioncam agus na ngníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na míre seo tríd an bhfaisnéis sin a áireamh ina gcuid tuarascálacha a dhéantar a thíolacadh faoi Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**).

Leasú 22

Airteagal 1.21 — 30i

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Faoin 1 Eanáir 2028, tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme fhorálacha na Caibidle seo maidir lena n-éifeachtacht, a riarachán agus a gcur i bhfeidhm praiticiúil, lena n-áirítear maidir le cur i bhfeidhm na rialacha faoi Threoir (AE) 2015/1814 agus úsáid lamháltais na Caibidle seo chun oibleagáidí comhlíonta na n-eintiteas comhlíonta a chumhdaítear i gCaibidil II, IIa agus III a chomhlíonadh. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra chun an Chaibidil seo a leasú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle in éineacht leis an tuarascáil sin. Faoin 31 Deireadh Fómhair 2031, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar fhéidearthacht na n-earnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn III sa Chóras Trádála Astaíochtaí a chumhdaíonn na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Threoir 2003/87/CE a chomhtháthú.”;

Faoin 1 Eanáir 2028, tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme fhorálacha na Caibidle seo maidir lena n-éifeachtacht, a riarachán agus a gcur i bhfeidhm praiticiúil, lena n-áirítear maidir le cur i bhfeidhm na rialacha faoi Threoir (AE) 2015/1814 agus úsáid lamháltais na Caibidle seo chun oibleagáidí comhlíonta na n-eintiteas comhlíonta a chumhdaítear i gCaibidil II, IIa agus III a chomhlíonadh. Sula ndéanfar an tuarascáil, beidh tréimhse comhairliúcháin ón 1 Meán Fómhair 2027 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2027. Déanfar comhairliúchán spriocdhírithe leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le linn na tréimhse sin. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra chun an Chaibidil seo a leasú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle in éineacht leis an tuarascáil sin. Faoin 31 Deireadh Fómhair 2031, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar fhéidearthacht na n-earnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn III sa Chóras Trádála Astaíochtaí a chumhdaíonn na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Threoir 2003/87/CE a chomhtháthú.”;

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

COM(2021) 564 final

Leasú 23

Aithris 10

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, le leithdháileadh saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh lagaítear an praghaschomhartha a thugann an córas do shuiteálacha a fhaigheann an leithdháileadh i gcomparáid leis an gceantáil iomlán agus, dá réir sin, cuireann sé isteach ar dhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i laghdú breise ar astaíochtaí.

Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, le leithdháileadh saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh lagaítear an praghaschomhartha a thugann an córas do shuiteálacha a fhaigheann an leithdháileadh i gcomparáid leis an gceantáil iomlán agus, dá réir sin, cuireann sé isteach ar dhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i laghdú breise ar astaíochtaí. Dá bhrí sin, ní mór deireadh a chur de réir a chéile le leithdháiltí saor in aisce ar bhealach éifeachtúil agus tráthúil, i gcomhréir le cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh, agus go sonrach leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55”.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

á mheabhrú gur gheall an tAontas, trí Chomhaontú Pháras a shíniú, an sprioc chun aeráidneodracht ghlan a bhaint amach go domhanda faoi 2050, sprioc a chumhdaítear anois sa Dlí Aeráide Eorpach; á chur in iúl gur díol sásaimh dó uaillmhianta agus tiomantas comhshaoil an Choimisiúin Eorpaigh, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, don aistriú i dtreo sochaí agus geilleagar níos inbhuanaithe agus measann sé gur léiriú ar neart an ghealltanais sin atá sa phacáiste “Oiriúnach do 55”; á chur i dtábhacht nach mór spriocanna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus le fuinneamh in-athnuaite a bheith ag gabháil leis na cuspóirí laghdaithe astaíochtaí, trí athmhachnamh a dhéanamh ar úsáid talún (chun ceapadh carbóin nádúrtha a mhéadú go soiléir), chomh maith le cuspóirí eile an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, d’fhonn aistriú cóir agus buan a áirithiú;

2.

á chur i dtábhacht gur cheart, le praghas carbóin atá láidir ach a tugadh isteach de réir a chéile, an comhartha riachtanach a thabhairt do ghnólachtaí agus an t-aistriú a chur chun cinn ar an mbealach is costéifeachtaí, agus cuireann sé i dtábhacht gur gá idirghníomhú éifeachtach a bheith idir ETS athbhreithnithe agus an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (CBAM), in éineacht b’fhéidir le bearta tacaíochta eile de chuid an Aontais chun geilleagar atá aeráidneodrach agus iomaíoch a áirithiú i réigiúin an Aontais, go háirithe i réigiúin atá i mbun aistriú inbhuanaithe i dtaca lena gcuid tionscal dianfhuinnimh;

3.

á aithint go bhféadfadh na neamhionannais sin éirí níos suntasaí fós i bhfianaise an ghéaraithe leanúnaigh atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh agus i bhfianaise na héagobhsaíochta geopholaitiúla atá ag dul in olcas mar gheall ar an gcogadh san Úcráin; á chur in iúl gur díol sásaimh dó na tograí ón gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le REPowerEU, ach á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh sé nach leor roinnt de na hionstraimí, amhail cánachas méadaithe ar bhrabúis amhantair, chun tacaíocht iontaofa a chur ar fáil agus, dá bhrí sin, go bhfuil réitigh níos fadtéarmaí á iarraidh aige;

4.

á aithint go dtreisíonn géarchéimeanna éiceolaíocha éagothromaíochtaí, díreach mar a dhéanann éagothromaíochtaí damáiste don chomhshaol. Dá bhrí sin, ní mór do bheartais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ceartas a athbhunú laistigh dár sochaithe agus dár gcríocha;

5.

ag tacú leis an bprionsabal nach mór do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta agus i dtreo laghdú astaíochtaí, agus d’fhéadfadh CTA an Aontais rannchuidiú go mór dá ndéanfaí an prionsabal “íoc mar a thruaillítear” a leathnú chuig gach earnáil a chumhdaítear leis; á chur i bhfios gurb í an tsoghluaisteacht is cúis le ceathrú cuid d’astaíochtaí CO2 laistigh den Aontas, agus gurb í earnáil na tógála is cúis le 40 % den tomhaltas fuinnimh san Eoraip; á chur in iúl, áfach, gur saincheist íogair í praghsáil carbóin a thabhairt isteach sna hearnálacha sin agus nár cheart ualaí a bheith ar na teaghlaigh, na micrifhiontair, na fiontair bheaga ná na húsáideoirí soghluaisteachta is leochailí dá bharr, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus iargúlta;

6.

ag áitiú go ndéanfar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, is é sin na leibhéil rialtais a bhfuil inniúlachtaí láidre acu sa dá earnáil a chumhdaítear, a mheas agus an córas trádála astaíochtaí nua maidir le hiompar de bhóthar agus foirgnimh (ETS II) á chur i bhfeidhm, á mheasúnú agus á athbhreithniú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil méadú seasta tagtha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnáil iompair an Aontais ó 2013 ar aghaidh agus, san am céanna, go bhfuil dícharbónú earnáil na bhfoirgneamh fós ar cheann de na príomhbhealaí chun astaíochtaí a laghdú; á chur i bhfáth, i gcás ina gcinnfidh na comhreachtóirí gan dul ar aghaidh le ETS II mar a fhoráiltear sa togra ón gCoimisiún, gur cheart an ETS atá ann faoi láthair a atreisiú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar iompar de bhóthar agus ar fhoirgnimh;

7.

á aithint go hiomlán an gá atá le huirlisí praghsála carbóin chun tacú le huaillmhianta méadaithe an Aontais maidir leis an aeráid, ach is cúis mhór imní dó na héifeachtaí dáileacháin a d’fhéadfadh a bheith acu agus cuireann sé i bhfios go láidir gur cheart gach gné den fhorbairt inbhuanaithe a chur san áireamh: inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil, shóisialta agus chultúrtha. I ndáil leis sin, iarrann sé go n-urramófar trí phrionsabal ar a laghad:

dlúthpháirtíocht agus cothroime idir Ballstáit an Aontais agus iad ag cur chun feidhme. Ba cheart aghaidh a thabhairt leis an bpraghsáil carbóin ar na difríochtaí atá eatarthu ó thaobh mhéid an dúshláin atá ann do na geilleagair áitiúla agus réigiúnacha,

dlúthpháirtíocht agus cothroime laistigh de na Ballstáit. Ba cheart dul i ngleic le tionchar na n-uirlisí praghsála carbóin ar ghrúpaí leochaileacha sa tsochaí agus ar theaghlaigh ar ioncam íseal, ní hamháin ó thaobh inacmhainneachta de ach ó thaobh rochtain a bheith acu freisin ar earraí/seirbhísí áirithe chun a riachtanais a chomhlíonadh (fuinneamh, fuarú agus téamh, iompar agus soghluaisteacht, etc.),

aghaidh a thabhairt ar thionchar críochach na mbeartas sin, ní hamháin ar limistéir iargúlta nó ar limistéir fhorimeallacha, ach ar bhonn níos ginearálta do na limistéir sin laistigh den Aontas a bhfuil athrú ó bhonn tagtha orthu cheana féin i ndáil lena bhforbairt shóisialta agus eacnamaíoch (“limistéir a fágadh ar lár”, limistéir thionsclaíocha a bhfuil an próiseas aistrithe is gá á ndéanamh acu), do na réigiúin is forimeallaí chomh maith le limistéir thuaithe;

8.

á chur in iúl gur cúis áthais dó an fógra maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta mar bhealach chun na héifeachtaí diúltacha ar na teaghlaigh, na micrifhiontair, na fiontair bheaga agus na húsáideoirí soghluaisteachta is leochailí a chothromú agus chun forbairt atá inbhuanaithe go sóisialta a áirithiú. Tá sé á chur i dtábhacht aige nach leor an cistiú atá beartaithe faoi láthair laistigh den athbhreithniú ar an CTA atá ann cheana chun aistriú fíorchóir a áirithiú agus á chur i dtreis gur cheart leithdháileadh ioncaim lasmuigh de CTA II don Chiste Aeráide Sóisialta a chur san áireamh. Molann sé gur chóir tús a chur le comhthiomsú ioncaim don Chiste Aeráide Sóisialta níos luaithe ná cur chun feidhme CTA II;

9.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé meastóireacht chruinn a dhéanamh ar thionchar dáileacháin shásra, fheidhmiú, bhainistiú agus bhearta an Chiste Aeráide Shóisialta, lena ndírítear ar na hiarmhairtí agus na tairbhí do na saoránaigh is leochailí ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, agus lena bhféadfaí na teaghlaigh is laige ó thaobh na heacnamaíochta de a shainaithint ar bhealach níos fearr, d’fhonn an tacaíocht ioncaim dhíreach atá sealadach agus spriocdhírithe a dhíriú go beacht orthu siúd is mó a bhfuil gá acu léi. I ndáil leis an méid sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag na bearta laistigh de phleananna aonair aeráide sóisialta agus le leithdháileadh an Chiste féin dlús a chur leis an aistriú glas, ach níor cheart cur isteach ar an gcomhtháthú sóisialta agus críochach, ná níor cheart cosaint na saoránach is leochailí a laghdú;

10.

á chur i dtábhacht gur cheart an Ciste don Nuachóiriú a úsáid chun tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe, agus tosaíocht á déanamh d’iarrachtaí chun feabhas a chur ar bheocht grúpaí agus críocha leochaileacha maidir le húsáid an chiste. Athdhearbhaíonn sé gur cheart don Chiste don Nuachóiriú ligean do réigiúin NUTS 3 a bhfuil míchothromaíochtaí suntasacha iontu laistigh de Bhallstát rochtain a fháil air, d’fhonn éagsúlacht eacnamaíoch, shóisialta agus gheografach ollmhór an Aontais a urramú;

11.

á iarraidh go gcuirfí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san áireamh i ndáileadh ioncaim CTA. Tá ról suntasach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcur chun feidhme na mbeartas maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide. Is nuálaithe móra iad réigiúin agus cathracha na hEorpa agus iad ina gcúis le hathrú sochaíoch, agus ba cheart iad a chumasú chun rannchuidiú leis an aistriú glas ar bhealach níos suntasaí. Tá an méid sin á chur i dtábhacht aige go háirithe i gcás CTA II nua;

12.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó cur chun feidhme Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh mar bhealach chun an barrachas agus an ganntanas lamháltas a bhainistiú, chomh maith leis an scéim tús-ualaithe chun tionchair chur i bhfeidhm CTA II nua ar phraghsanna agus ar leachtacht a mhaolú. Athdhearbhaíonn sé, áfach, gur cheart sásra breise a bheith ag gabháil leis an gcúlchiste chun liúntais a bhaint go buan d’fhonn bonnphraghas a chruthú a bheidh ag teacht le spriocanna aeráide 2030 agus 2050 an Aontais;

13.

á chur in iúl gurb oth leis nach gcuirtear san áireamh sa togra ón gCoimisiún an fíor-riosca sceite carbóin a tharlóidh sa mhuirthrácht domhanda chuig calafoirt tríú tíortha comharsanachta atá gar do chalafoirt Eorpacha. Beidh iarmhairtí díobhálacha ag an sceitheadh sin ar ghníomhaíochtaí calafoirt agus, dá bhrí sin, ar shlabhraí lóistíochta gaolmhara na mBallstát, lena n-áirítear caillteanas post, saobhadh ar an margadh agus saoriomaíocht, caillteanas nascachta i measc chalafoirt na hEorpa, agus ar iomaíochas foriomlán an tionscail. Bheadh tionchar ag an staid sin freisin ar phrionsabal an neamhspleáchais straitéisigh Eorpaigh agus ar shlándáil agus rialú na lóistíochta agus an tsoláthair earraí a thagann ón Aontas/chuig an Aontas mar spreagfadh sé go ndéanfaí earraí a thrasloingsiú i gcalafoirt tríú tíortha a bhfuil tosaíochtaí agus leasanna lóistíochta agus eacnamaíocha acu nach bhfuil ag teacht le tosaíochtaí agus leasanna an Aontais;

14.

á chur in iúl gur cúis áthais dó an togra le haghaidh sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (CBAM) a bhunú chun gníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide a spreagadh. Áitíonn sé go n-áiritheofar gur cuid de straitéis thionsclaíoch níos leithne de chuid an Aontais é an sásra sin lena gcuirfear infheistíocht atá aeráidneodrach chun cinn agus lena gcruthófar creat rialála cumasúcháin AE agus margaí tosaigh le haghaidh táirgí atá aeráidneodrach, lena n-áirítear conarthaí difríochta carbóin a chumasú ar mhaithe le dícharbónú na n-earnálacha a chumhdaítear agus go gcuirfear cleachtais nua i bhfeidhm a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur de réir a chéile le leithdháiltí CTA saor in aisce (19) i gcás earnálacha a chumhdaítear leis an CBAM, agus na lamháltas astaíochtaí ar fad a chur ar ceant ina ionad sin, ós rud é go n-áiritheofar leis sin comhoiriúnacht leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála;

15.

á chur i bhfáth an tábhacht ar leith a bhaineann le Ciste feabhsaithe don Nuálaíocht lena dtacófar leis an aistriú is gá chuig an aeráidneodracht maidir leis na tionscail dianfhuinnimh a chumhdaítear le CTA AE agus CBAM i réigiúin an Aontais, trí thacaíocht a chur ar fáil d’fhorbairt táirgí nuálacha atá aeráidneodrach, amhail cruach ghlas; á chur in iúl go láidir nach í an easpa nuálaíochta teicneolaíche amháin an príomhbhac ar an dícharbónú agus, dá bhrí sin, molann sé an raon feidhme a leathnú chuig bearta a bhfuil acmhainneacht ard laghdaithe acu i réimsí neamh-theicneolaíochta amhail modhanna comhair cruthaitheacha agus nuálacha, oiliúint ghairmiúil agus ciorclaíocht, atá faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar dhreasachtaí ETS atá dírithe ar aschur tionsclaíoch;

16.

á thabhairt dá aire go bhfuil sé ríthábhachtach freisin feabhas a chur ar na sásraí rialála agus faireacháin chun amhantraíocht ar phraghsanna CO2 a sheachaint, rud a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar phraghsanna fuinnimh agus ar na hearnálacha lena mbaineann;

17.

á chur in iúl gur geal leis go bhfuil an t-ioncam a ghintear leis an CTA athchóirithe le gníomhaíochtaí ar son na haeráidneodrachta a mhaoiniú (e.g. maoiniú an Chiste Nuálaíochta, an Chiste don Nuachóiriú agus an Chiste Aeráide Shóisialta a mhéadú agus dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite, agus le cur chun feidhme na héifeachtúlachta fuinnimh agus na ciorclaíochta), agus nach n-úsáidfear iad chun buiséad ginearálta an Aontais ina iomláine a mhaoiniú; ag áitiú go nglacfaí an cur chuige céanna i ndáil leis an ioncam arna ghiniúint ag CBAM;

18.

den tuairim gur cheart an CBAM a bheith dinimiciúil chun déileáil le hathruithe teicneolaíochta, rialála agus margaidh agus gur cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a raon feidhme earnála agus a chumhdach astaíochtaí, agus tionchar áitiúil agus réigiúnach an tsásra á chur san áireamh. Tá sé réidh chun tacú leis an measúnú ar thionchair chríochacha CBAM;

19.

á thabhairt dá aire go bhfuil sé ríthábhachtach freisin feabhas a chur ar na sásraí rialála agus faireacháin chun amhantraíocht ar phraghsanna CO2 a sheachaint, rud a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar phraghsanna fuinnimh agus ar na hearnálacha lena mbaineann;

20.

á chur in iúl gur cúis áthais dó go bhfuil greillí coimhdeachta curtha ag an gCoimisiún leis an togra le haghaidh scéim nua ETS agus leis an dréachtrialachán lena mbunaítear CBAM (20). An réasúnaíocht a cuireadh ar fáil maidir le breisluach Eorpach na dtograí agus cur i bhfeidhm na mbeart a eascraíonn as inniúlachtaí an Aontais i réimse an athraithe aeráide mar a shainítear in Airteagail 191 go 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) é, tagann an réasúnaíocht sin le measúnú Choiste Eorpach na Réigiún féin ar chomhoiriúnacht iomlán na dtograí le prionsabal na coimhdeachta.

An Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(2)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(3)  Treoir 96/61/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1996 maidir le cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú (IO L 257, 10.10.1996, lch. 26).

(4)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(5)  Treoir 96/61/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1996 maidir le cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú (IO L 257, 10.10.1996, lch. 26).

(6)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(7)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

(8)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

(9)  [cuir tagairt don Rialachán FuelEU Maritime isteach anseo].

(10)  [cuir tagairt don Rialachán FuelEU Maritime isteach anseo].

(11)  COM(2020) 562 final.

(12)  COM(2020) 562 final.

(13)  Sonraí ó 2018. Eurostat, SILC [ilc_mdes01]).

(14)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(15)  [Cuir tagairt isteach don Rialachán lena mbunaítear an Ciste Aeráide Sóisialta].

(16)  Sonraí ó 2018. Eurostat, SILC [ilc_mdes01]).

(17)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(18)  [Cuir tagairt isteach don Rialachán lena mbunaítear an Ciste Aeráide Sóisialta].

(19)  Faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais, ní mór do chuideachtaí lamháltais astaíochtaí a fháil a chumhdaíonn a n-astaíochtaí carbóin. Socraítear leithdháileadh saor in aisce mar mhodh idirthréimhseach chun lamháltais a leithdháileadh i gcodarsnacht le modh réamhshocraithe na ceantála. Mar sin féin, is iad na lamháltais a leithdháiltear saor in aisce a dhéanann breis agus 40 % de líon iomlán na liúntas atá ar fáil i gcónaí.

(20)  https://www.europarl.europa.eu/RegData/docs_autres_institutions/commission_europeenne/swd/2021/0552/COM_SWD(2021)0552_EN.pdf


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/139


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a leasú chun na spriocanna aeráide nua do 2030 a bhaint amach

(2022/C 301/15)

Rapóirtéir:

Rafał Kazimierz TRZASKOWSKI (PL/PPE), Uachtarán phríomhchathair Vársá

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú)

COM(2021) 558 – 2021/0203 (COD)

SEC(2021) 558 – 2021/0203 (COD)

SWD(2021) 623 – 2021/0203 (COD)

SWD(2021) 624 – 2021/0203 (COD)

SWD(2021) 625 – 2021/0203 (COD)

SWD(2021) 626 – 2021/0203 (COD)

SWD(2021) 627 – 2021/0203 (COD)

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Leasú 1

Aithris 16

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tá an t-aistriú cóir cothrom i dtreo Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050 ina chuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip. Is coincheap lárnach é an bhochtaineacht fuinnimh a chomhdhlúthaítear sa phacáiste reachtach dar teideal “Fuinneamh Glan do gach Eorpach” agus atá ceaptha chun aistriú fuinnimh cóir a éascú. De bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) chuir an Coimisiún treoir tháscach ar fáil maidir le táscairí iomchuí chun an bhochtaineacht fuinnimh a mheas agus chun “líon suntasach na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh” a shainiú (2). Le Treoir (AE) 2019/944 agus Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cuirtear de cheangal ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh i gcás ina sainaithnítear í, lena n-áirítear bearta a thugann aghaidh ar chomhthéacs níos leithne na bochtaineachta.

Tá an t-aistriú cóir cothrom i dtreo Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050 ina chuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip. Is coincheap lárnach é an bhochtaineacht fuinnimh a chomhdhlúthaítear sa phacáiste reachtach dar teideal “Fuinneamh Glan do gach Eorpach” agus atá ceaptha chun aistriú fuinnimh cóir a éascú. De bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), chuir an Coimisiún treoir tháscach ar fáil maidir le táscairí iomchuí chun an bhochtaineacht fuinnimh a mheas agus chun “líon suntasach na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh” a shainiú (5). Le Treoir (AE) 2019/944 agus Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), cuirtear de cheangal ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh i gcás ina sainaithnítear í, is cuma cé acu a dhéanann sí difear do theaghlaigh leochaileacha, do ghnólachtaí leochaileacha, go háirithe do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga nó d’úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha; ba cheart bearta a thugann aghaidh ar chomhthéacs níos leithne na bochtaineachta a chur san áireamh freisin .

Leasú 2

Aithris 17

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart go mbainfeadh teaghlaigh ísealioncaim agus meánioncaim, custaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, daoine atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta tairbhe as cur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh. Ba cheart bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme mar thosaíocht chun cásanna na ndaoine aonair agus na dteaghlach sin a fheabhsú nó chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Leis an gcur chuige iomlánaíoch i gceapadh beartais agus i gcur chun feidhme beartas agus beart, cuirtear ceangal ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ag beartais ná ag bearta eile ar na daoine aonair sin ná ar na teaghlaigh sin.

Ba cheart go mbainfeadh teaghlaigh ísealioncaim agus meánioncaim, micrifhiontair agus fiontair bheaga, custaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, daoine atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh agus na bochtaineachta soghluaisteachta nó daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta tairbhe as cur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh. Ba cheart bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme mar thosaíocht chun cásanna na ndaoine aonair agus na dteaghlach sin a fheabhsú nó chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Leis an gcur chuige iomlánaíoch i gceapadh beartais agus i gcur chun feidhme beartas agus beart, cuirtear ceangal ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach , cibé acu díreach nó indíreach, ag beartais ná ag bearta eile ar na daoine aonair sin ná ar na teaghlaigh sin.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 3

Aithris 25

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

B’fhearr an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach mar thoradh ar chur chun feidhme carnach beart sonrach náisiúnta agus Eorpach lena gcuirtear éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn i réimsí éagsúla. Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit beartais agus bearta náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a shocrú. Ba cheart don Choimisiún na beartais agus bearta sin agus iarrachtaí aonair gach Ballstáit a mheas, mar aon le sonraí maidir leis an dul chun cinn atá déanta, chun measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go mbainfear amach sprioc fhoriomlán an Aontais agus ar a mhéid is leor na hiarrachtaí aonair chun an sprioc choiteann a bhaint amach.

B’fhearr an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach mar thoradh ar chur chun feidhme carnach beart sonrach áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach lena gcuirtear éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn i réimsí éagsúla. Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit beartais agus bearta náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a shocrú. Ba cheart don Choimisiún na beartais agus bearta sin agus iarrachtaí aonair gach Ballstáit a mheas, mar aon le sonraí maidir leis an dul chun cinn atá déanta, chun measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go mbainfear amach sprioc fhoriomlán an Aontais agus ar a mhéid is leor na hiarrachtaí aonair chun an sprioc choiteann a bhaint amach.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 4

Aithris 28

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun a ndualgas a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit díriú ar ídiú deiridh fuinnimh na seirbhísí poiblí agus na suiteálacha uile de chuid comhlachtaí poiblí. Chun raon feidhme na seolaithe a chinneadh, ba cheart do na Ballstáit an sainmhíniú ar údaráis chonarthacha dá bhforáiltear i dTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm (7). Is féidir an oibleagáid a chomhlíonadh tríd an ídiú deiridh fuinnimh a laghdú in aon réimse den earnáil phoiblí, lena n-áirítear iompar, foirgnimh phoiblí, cúram sláinte, pleanáil spásúlachta, bainistiú uisce agus cóireáil fuíolluisce, séaracht agus íonú uisce, bainistiú dramhaíola, téamh agus fuarú ceantair, dáileadh, soláthar agus stóráil fuinnimh, soilsiú poiblí, pleanáil bonneagair. Chun an t-ualach riaracháin ar chomhlachtaí poiblí a laghdú, ba cheart do na Ballstáit ardáin dhigiteacha nó uirlisí digiteacha a bhunú chun na sonraí maidir leis an ídiú comhiomlánaithe ó chomhlachtaí poiblí a bhailiú, iad a chur ar fáil go poiblí, agus na sonraí a thuairisciú don Choimisiún.

Chun a ndualgas a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit díriú ar ídiú deiridh fuinnimh na seirbhísí poiblí agus na suiteálacha uile de chuid comhlachtaí poiblí. Chun raon feidhme na seolaithe a chinneadh, ba cheart do na Ballstáit an sainmhíniú ar údaráis chonarthacha dá bhforáiltear i dTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm (8). Is féidir an oibleagáid a chomhlíonadh tríd an ídiú deiridh fuinnimh a laghdú in aon réimse den earnáil phoiblí, lena n-áirítear iompar, foirgnimh phoiblí, cúram sláinte, pleanáil spásúlachta, bainistiú uisce agus cóireáil fuíolluisce, séaracht agus íonú uisce, bainistiú dramhaíola, téamh agus fuarú ceantair, dáileadh, soláthar agus stóráil fuinnimh, soilsiú poiblí, pleanáil bonneagair. Chun an t-ualach riaracháin ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ar chomhlachtaí poiblí eile a laghdú, ba cheart do na Ballstáit ardáin dhigiteacha nó uirlisí digiteacha a bhunú chun na sonraí maidir leis an ídiú comhiomlánaithe ó gach comhlacht poiblí a bhailiú, iad a chur ar fáil go poiblí, agus na sonraí a thuairisciú don Choimisiún. Beidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh a ndóthain acmhainní ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ag na comhlachtaí poiblí eile d’fhonn na sonraí sin a bhailiú.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 5

Aithris 29

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart do na Ballstáit ról eiseamláireach a fheidhmiú trína áirithiú go ndéantar gach conradh feidhmíochta fuinnimh agus gach córas bainistíochta fuinnimh san earnáil phoiblí i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta, nó go n-úsáidtear iniúchtaí fuinnimh den chuid is mó sna codanna den earnáil phoiblí atá an-dian ar fhuinneamh.

Ba cheart do na Ballstáit , do na réigiúin agus do na húdaráis áitiúla ról eiseamláireach a fheidhmiú trína áirithiú go ndéantar gach conradh feidhmíochta fuinnimh agus gach córas bainistíochta fuinnimh san earnáil phoiblí i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta, nó go n-úsáidtear iniúchtaí fuinnimh den chuid is mó sna codanna den earnáil phoiblí atá an-dian ar fhuinneamh. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, beidh ar na Ballstáit treoir shoiléir agus nósanna imeachta soiléire a chur ar fáil maidir le húsáid na n-ionstraimí sin.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 6

Aithris 30

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Moltar do na húdaráis phoiblí tacaíocht a fháil ó eintitis amhail gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe arna mbunú ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil i gcás inarb infheidhme. Is iondúil a léiríonn eagrú na ngníomhaireachtaí sin riachtanais aonair na n-údarás poiblí i réigiún áirithe nó atá ag feidhmiú i réimse áirithe den earnáil phoiblí. Is féidir le gníomhaireachtaí láraithe freastal ar bhealach níos fearr agus ar bhealach níos éifeachtaí ar bhealaí eile, mar shampla, i mBallstáit bheaga nó láraithe nó i ndáil le gnéithe casta nó trasréigiúnacha amhail téamh agus fuarú ceantair. Is féidir le gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe feidhmiú mar ionaid ilfhreastail de bhun Airteagal 21. Is minic a bhíonn na gníomhaireachtaí sin freagrach as pleananna dícharbónaithe áitiúla nó réigiúnacha a fhorbairt, lena bhféadfaí bearta eile dícharbónaithe a áireamh freisin, amhail coirí breoslaí iontaise a mhalartú, agus tacaíocht a thabhairt d’údaráis phoiblí beartais a bhaineann le fuinneamh a chur chun feidhme. Féadfaidh inniúlachtaí, cuspóirí agus acmhainní soiléire a bheith ag gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe nó eintitis eile i réimse an fhuinnimh inbhuanaithe chun cabhrú leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla. D’fhéadfaí gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe a spreagadh chun breithniú a dhéanamh ar thionscnaimh a glacadh faoi chuimsiú Chúnant na Méaraí, lena dtugtar le chéile rialtais áitiúla atá tiomanta dá ndeoin féin cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais a chur chun feidhme, agus tionscnaimh eile atá ann cheana chun na críche sin. Ba cheart na pleananna dícharbónaithe a nascadh le pleananna forbartha críochacha agus ba cheart an measúnú cuimsitheach ar cheart do na Ballstáit a dhéanamh a chur san áireamh iontu.

Moltar do na húdaráis phoiblí tacaíocht a fháil ó eintitis amhail gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe arna mbunú ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil i gcás inarb infheidhme. Is iondúil a léiríonn eagrú na ngníomhaireachtaí sin riachtanais aonair na n-údarás poiblí i réigiún áirithe nó atá ag feidhmiú i réimse áirithe den earnáil phoiblí. Is féidir le gníomhaireachtaí láraithe freastal ar bhealach níos fearr agus ar bhealach níos éifeachtaí ar bhealaí eile, mar shampla, i mBallstáit bheaga nó láraithe nó i ndáil le gnéithe casta nó trasréigiúnacha amhail téamh agus fuarú ceantair. Is féidir le gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe feidhmiú mar ionaid ilfhreastail de bhun Airteagal 21. Is minic a bhíonn na gníomhaireachtaí sin freagrach as pleananna dícharbónaithe áitiúla nó réigiúnacha a fhorbairt, lena bhféadfaí bearta eile dícharbónaithe a áireamh freisin, amhail coirí breoslaí iontaise a mhalartú, agus tacaíocht a thabhairt d’údaráis phoiblí beartais a bhaineann le fuinneamh a chur chun feidhme. Féadfaidh inniúlachtaí, cuspóirí agus acmhainní soiléire a bheith ag gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe nó eintitis eile i réimse an fhuinnimh inbhuanaithe chun cabhrú leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla. D’fhéadfaí gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe a spreagadh chun breithniú a dhéanamh ar thionscnaimh arna ndéanamh ag rialtais áitiúla agus réigiúnacha, ina gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, mar chuid de na pleananna atá dréachtaithe acu sa réimse seo ar bhonn sainordú dlíthiúil nó ar bhonn deonach lena n-áirítear faoi chuimsiú Chúnant na Méaraí, lena dtugtar le chéile rialtais áitiúla atá tiomanta dá ndeoin féin cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais a chur chun feidhme, agus tionscnaimh eile atá ann cheana chun na críche sin. Ba cheart na pleananna chun an t-athrú aeráide a chomhrac a nascadh le pleananna forbartha críochacha agus ba cheart an measúnú cuimsitheach ar cheart do na Ballstáit a dhéanamh a chur san áireamh iontu. Ba cheart do na pleananna sin cur leis an bpleanáil fuinnimh agus aeráide ar an leibhéal náisiúnta, ag tosú leis an athbhreithniú tréimhsiúil ar na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide: ba cheart Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide a athbhreithniú dá réir.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 7

Aithris 31

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart do na Ballstáit tacú le comhlachtaí poiblí chun bearta feabhsaithe éifeachtúlacht fuinnimh a phleanáil agus a dhéanamh, lena n-áirítear ag leibhéil áitiúla agus réigiúnacha, trí threoir a sholáthar, deiseanna oiliúna agus forbartha inniúlachta a chur chun cinn agus comhar i measc comhlachtaí poiblí a spreagadh, lena n-áirítear i measc gníomhaireachtaí. Chun na críche sin, d’fhéadfadh na Ballstáit lárionaid náisiúnta inniúlachta a bhunú maidir le saincheisteanna casta, amhail comhairle a chur ar ghníomhaireachtaí áitiúla nó réigiúnacha fuinnimh maidir le téamh nó fuarú ceantair.

Ba cheart do na Ballstáit tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chomh maith le comhlachtaí poiblí eile chun bearta feabhsaithe éifeachtúlacht fuinnimh a phleanáil agus a dhéanamh, lena n-áirítear ag leibhéil áitiúla agus réigiúnacha, trí thacaíocht airgeadais agus theicniúil a sholáthar agus trí phleananna a thíolacadh lena dtugtar aghaidh ar an easpa lucht saothair agus gairmithe cáilithe a bhfuil gá leo le haghaidh gach céime den aistriú glas, lena n-áirítear ceardaithe mar aon le saineolaithe ardoilte ar an teicneolaíocht ghlas, eolaithe feidhmeacha agus nuálaithe. Ba cheart do na Ballstáit tacú le comhlachtaí poiblí na tairbhí leathana lasmuigh den choigilteas fuinnimh a chur san áireamh, amhail aeráid shláintiúil laistigh a bhuí sin le cáilíocht fheabhsaithe aeir agus comhshaoil laistigh chomh maith le feabhas a chur ar cháilíocht na beatha, go háirithe i gcás scoileanna, ionad cúraim lae, sciath-thithíochta, tithe altranais agus ospidéal. Ba cheart do na Ballstáit treoir a sholáthar lena ndéantar deiseanna oiliúna agus forbartha inniúlachta a chur chun cinn agus comhar i measc comhlachtaí poiblí a spreagadh, lena n-áirítear i measc gníomhaireachtaí. Chun na críche sin, d’fhéadfadh na Ballstáit lárionaid inniúlachta náisiúnta agus réigiúnacha a bhunú maidir le saincheisteanna casta, amhail comhairle a chur ar ghníomhaireachtaí áitiúla nó réigiúnacha fuinnimh maidir le téamh nó fuarú ceantair.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 8

Aithris 32

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Is iad foirgnimh, an earnáil iompair mar aon leis an earnáil tionsclaíochta na hearnálacha is mó a úsáideann fuinneamh agus is iad na hearnálacha sin an phríomhfhoinse astaíochtaí (9). Tá foirgnimh freagrach as thart ar 40 % d’ídiú fuinnimh iomlán an Aontais agus as 36 % dá n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhuinneamh (10). Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Rabharta Athchóiriúcháin” (11), tugtar aghaidh ar dhúshlán na héifeachtúlachta acmhainní agus na héifeachtúlachta fuinnimh agus na hinacmhainneachta in earnáil na tógála agus is é is aidhm don teachtaireacht an ráta athchóirithe a mhéadú faoi dhó. Díríonn sé ar na foirgnimh is measa feidhmíocht, ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar fhoirgnimh phoiblí. Thairis sin, tá foirgnimh ríthábhachtach chun go mbainfear cuspóir de chuid an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Tá sciar mór den stoc foirgneamh i bhfoirgnimh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí agus tá ard-infheictheacht ag baint leo sa saol poiblí. Dá bhrí sin, is iomchuí ráta bliantúil athbhreithnithe a shocrú maidir leis na foirgnimh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí ar chríoch Ballstáit chun a bhfeidhmíocht fuinnimh a nuashonrú. Iarrtar ar na Ballstáit ráta athchóirithe níos airde a shocrú, nuair is costéifeachtach faoi chuimsiú an athchóirithe ar a stoc foirgneamh i gcomhréir lena Straitéisí fadtéarmacha athchóirithe nó le pleananna náisiúnta athchóirithe. Níor cheart gur dochar an ráta athchóirithe do na hoibleagáidí maidir le foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (NZEBanna) a leagtar amach i dTreoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Le linn an chéad athbhreithnithe eile a dhéanfar ar Threoir 2010/31/AE (12), ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir leis an athchóiriú ar fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí. Ba cheart don Choimisiún féachaint le togra reachtach a chur isteach chun an ráta athchóirithe a athbhreithniú, agus an dul chun cinn atá bainte amach ag na Ballstáit, forbairtí eacnamaíocha nó teicniúla suntasacha á gcur san áireamh nó i gcás ina bhfuil gá leis, gealltanais an Aontais maidir le dícharbónú agus truailliú nialasach. Déanann an oibleagáid foirgnimh na gcomhlachtaí poiblí a athchóiriú sa Treoir seo an Treoir sin a chomhlánú, lena gceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú agus athchóiriú mór á dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana, go ndéanfar uasghrádú ar fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh chun go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le NZEBanna.

Is iad foirgnimh, an earnáil iompair mar aon leis an earnáil tionsclaíochta na hearnálacha is mó a úsáideann fuinneamh agus is iad na hearnálacha sin an phríomhfhoinse astaíochtaí (13). Tá foirgnimh freagrach as thart ar 40 % d’ídiú fuinnimh iomlán an Aontais agus as 36 % dá n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhuinneamh (14). Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Rabharta Athchóiriúcháin” (15), tugtar aghaidh ar dhúshlán na héifeachtúlachta acmhainní agus na héifeachtúlachta fuinnimh agus na hinacmhainneachta in earnáil na tógála agus is é is aidhm don teachtaireacht an ráta athchóirithe a mhéadú faoi dhó. Díríonn sé ar na foirgnimh is measa feidhmíocht, ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar fhoirgnimh phoiblí. Thairis sin, tá foirgnimh ríthábhachtach chun go mbainfear cuspóir de chuid an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Tá sciar mór den stoc foirgneamh i bhfoirgnimh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí agus tá ard-infheictheacht ag baint leo sa saol poiblí. Dá bhrí sin, is iomchuí ráta bliantúil athbhreithnithe a shocrú maidir leis na foirgnimh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí ar chríoch Ballstáit chun a bhfeidhmíocht fuinnimh a nuashonrú. Iarrtar ar na Ballstáit ráta athchóirithe níos airde a shocrú, nuair is costéifeachtach faoi chuimsiú an athchóirithe ar a stoc foirgneamh i gcomhréir lena Straitéisí fadtéarmacha athchóirithe nó le pleananna náisiúnta athchóirithe. Níor cheart gur dochar an ráta athchóirithe do na hoibleagáidí maidir le foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (NZEBanna) a leagtar amach i dTreoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Le linn an chéad athbhreithnithe eile a dhéanfar ar Threoir 2010/31/AE (16), ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir leis an athchóiriú ar fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí. Ba cheart don Choimisiún féachaint le togra reachtach a chur isteach chun an ráta athchóirithe a athbhreithniú, agus an dul chun cinn atá bainte amach ag na Ballstáit, forbairtí eacnamaíocha nó teicniúla suntasacha á gcur san áireamh nó i gcás ina bhfuil gá leis, gealltanais an Aontais maidir le dícharbónú agus truailliú nialasach. Déanann an oibleagáid foirgnimh na gcomhlachtaí poiblí a athchóiriú sa Treoir seo an Treoir sin a chomhlánú, lena gceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú agus athchóiriú mór á dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana, go ndéanfar uasghrádú ar fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh chun go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le NZEBanna i gcás inarb infheidhme . Cuirfidh an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit treoir bhreise ar fáil maidir le hathchóiriú domhain a dhéanamh ar fhoirgnimh a bhfuil luach stairiúil ag baint leo: cuirfear tionscnaimh shonracha i bhfeidhm a bheidh dírithe ar thacú le foirgnimh den sórt sin a athchóiriú, lena n-áirítear cineálacha éagsúla idirghabhálacha feidhmíochta fuinnimh.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 9

Aithris 34

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Sa bhliain 2020, tá níos mó ná leath de dhaonra an domhain ina chónaí i gceantair uirbeacha. Meastar go sroichfidh an figiúr sin 68 % faoi 2050 (17). Ina theannta sin, tá leath de na bonneagair uirbeacha faoi 2050 fós le tógáil (18). Is ionaid atá tábhachtach ó thaobh na gníomhaíochta eacnamaíche, na giniúna, na nuálaíochta agus teicneolaíochtaí nua de iad cathracha agus ceantair uirbeacha. Tá tionchar ag cathracha ar chaighdeán saoil na saoránach atá ina gcónaí iontu nó atá ag obair iontu. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht theicniúil agus airgeadais a thabhairt do na bardais . Tá cuir chuige chomhtháite maidir le coigealtas agus soláthar fuinnimh curtha i bhfeidhm ag roinnt bardas agus ag comhlachtaí poiblí eile sna Ballstáit cheana féin, mar shampla, trí phleananna gníomhaíochta maidir le fuinneamh inbhuanaithe, amhail na pleananna a forbraíodh faoi thionscnamh Chúnant na Méaraí, agus cuir chuige chomhtháite uirbeacha a théann níos faide ná idirghabhálacha aonair i bhfoirgnimh nó modhanna iompair.

Sa bhliain 2020, tá níos mó ná leath de dhaonra an domhain ina chónaí i gceantair uirbeacha. Meastar go sroichfidh an figiúr sin 68 % faoi 2050 (19). Ina theannta sin, tá leath de na bonneagair uirbeacha faoi 2050 fós le tógáil (20). Is ionaid atá tábhachtach ó thaobh na gníomhaíochta eacnamaíche, na giniúna, na nuálaíochta agus teicneolaíochtaí nua de iad cathracha agus ceantair uirbeacha. Tá tionchar ag cathracha ar chaighdeán saoil na saoránach atá ina gcónaí iontu nó atá ag obair iontu. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht theicniúil agus airgeadais a thabhairt do na húdaráis áitiúla . Tá cuir chuige chomhtháite maidir le coigealtas, soláthar fuinnimh agus soghluaisteacht inbhuanaithe curtha i bhfeidhm ar bhonn sainordú dlíthiúil nó ar bhonn deonach ag roinnt údarás áitiúil agus réigiúnach agus ag comhlachtaí poiblí eile sna Ballstáit cheana féin, mar shampla, trí phleananna gníomhaíochta maidir le fuinneamh inbhuanaithe, amhail na pleananna a forbraíodh faoi chuimsiú Chúnant na Méaraí, agus cuir chuige chomhtháite uirbeacha amhail iad siúd a forbraíodh faoi na Pleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe, a théann níos faide ná idirghabhálacha aonair i bhfoirgnimh nó modhanna iompair. Is gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun éifeachtúlacht fuinnimh na soghluaisteachta uirbí a fheabhsú, idir iompar paisinéirí agus iompar lasta. I bhfianaise na n-iarrachtaí suntasacha breise a iarrtar ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá chun tosaigh san aistriú fuinnimh a dhéanamh, ní mór a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sin ar an tacaíocht airgeadais is gá a fháil ó na hionstraimí Eorpacha chun a bPleananna Fuinnimh Inbhuanaithe agus a bPleananna Aeráide agus Pleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe a chur chun feidhme mar chuid den aistriú glas. Chuige sin, tabharfar aird ar leith ar chur chun feidhme na mbeart atá ann cheana faoin gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair. Tá an méid sin ábhartha, mar shampla, le linn chur chun feidhme na gcistí Eorpacha amhail CAI agus “Next Generation EU” lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, na Cistí Struchtúracha agus Cistí an Bheartais Comhtháthaithe, an Ciste Forbartha Tuaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir, chomh maith leis na hionstraimí airgeadais agus an cúnamh teicniúil atá ar fáil faoi InvestEU. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh rannpháirtíocht ghníomhach ag na réigiúin agus, i gcás inarb infheidhme, ag na húdaráis áitiúla i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na gcomhaontuithe comhpháirtíochta agus na gClár Oibríochtúil, mar aon le tacaíocht dhíreach a sholáthar don fhorbairt uirbeach inbhuanaithe chomh maith le hacmhainní leordhóthanacha faoin gCuspóir Beartais chun aistriú níos glaise ísealcharbóin a bhaint amach i dtreo geilleagar carbóin glan-nialasach agus chun Eoraip athléimneach a bhaint amach.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 10

Aithris 36

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Gach eintiteas poiblí a dhéanann infheistíocht in acmhainní poiblí trí sholáthar, ba cheart dóibh dea-shampla a thabhairt agus conarthaí agus lamháltais á ndámhachtain, trí tháirgí, seirbhísí, oibríochtaí agus foirgnimh a bhfuil an fheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh is airde acu, agus i ndáil leis na soláthairtí sin nach bhfuil faoi réir ceanglas sonrach faoi Threoir 2009/30/CE. Sa chomhthéacs sin, ní mór do na nósanna imeachta dámhachtana uile maidir le conarthaí poiblí agus lamháltais ar mó a luach ná na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), agus Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, feidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh na dtáirgí, na bhfoirgneamh agus na seirbhísí a leagtar síos le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta a chur san áireamh, trí bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a mheas mar thosaíocht ina nósanna imeachta soláthair,

Gach eintiteas poiblí a dhéanann infheistíocht in acmhainní poiblí trí sholáthar, ba cheart dóibh dea-shampla a thabhairt agus conarthaí agus lamháltais á ndámhachtain, trí tháirgí, seirbhísí, oibríochtaí agus foirgnimh a bhfuil an fheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh is airde acu, agus i ndáil leis na soláthairtí sin nach bhfuil faoi réir ceanglas sonrach faoi Threoir 2009/30/CE ; ba cheart na critéir soláthair phoiblí ghlasa agus chiorclacha a úsáid mar threoir i ndáil leis sin . Sa chomhthéacs sin, ní mór do na nósanna imeachta dámhachtana uile maidir le conarthaí poiblí agus lamháltais ar mó a luach ná na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), agus Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, feidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh na dtáirgí, na bhfoirgneamh agus na seirbhísí a leagtar síos le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta a chur san áireamh, trí bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a mheas mar thosaíocht ina nósanna imeachta soláthair,

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 11

Aithris 39

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tá sé tábhachtach go dtabharfaidh na Ballstáit an tacaíocht is gá do chomhlachtaí poiblí maidir le glacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh sa soláthar poiblí agus, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as soláthar poiblí glas, trí na treoirlínte agus na modheolaíochtaí is gá a sholáthar maidir leis an measúnú ar chostais saolré, agus ar thionchair agus costais ar an gcomhshaol. Táthar ag súil go n-éascófar le uirlisí dea-cheaptha, go háirithe uirlisí digiteacha, na nósanna imeachta soláthair agus go laghdófar na costais riaracháin go háirithe i mBallstáit bheaga nach mbeadh acmhainneacht leordhóthanach acu chun tairiscintí a ullmhú. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid uirlisí digiteacha agus comhar i measc na n-údarás conarthach a chur chun cinn lena n-áirítear thar theorainneacha chun dea-chleachtas a roinnt.

Tá sé tábhachtach go dtabharfaidh na Ballstáit an tacaíocht is gá do na húdaráis áitiúla, do na húdaráis réigiúnacha agus do chomhlachtaí poiblí eile maidir le glacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh sa soláthar poiblí agus, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as soláthar poiblí glas, trí na treoirlínte agus na modheolaíochtaí is gá a sholáthar maidir leis an measúnú ar chostais saolré, agus ar thionchair agus costais ar an gcomhshaol. Táthar ag súil go n-éascófar le uirlisí dea-cheaptha, go háirithe uirlisí digiteacha, na nósanna imeachta soláthair agus go laghdófar na costais riaracháin go háirithe i mBallstáit bheaga nach mbeadh acmhainneacht leordhóthanach acu chun tairiscintí a ullmhú. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid uirlisí digiteacha agus comhar i measc na n-údarás conarthach a chur chun cinn lena n-áirítear thar theorainneacha chun dea-chleachtas a roinnt. Ar a mhuin sin, ba cheart gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta faoi leith a chur i gcrích chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag córais riaracháin de gach méid ar na huirlisí agus ar na deiseanna céanna, faoi chuimsiú Phlean RePowerEU freisin.

Ba cheart do na Ballstáit táirgeadh bithgháis ó dhramhaíl uirbeach orgánach i mbardais agus i ngrúpálacha bardas a chur chun cinn, chomh maith le painéil fhótavoltacha a shuiteáil ar fhoirgnimh phoiblí.

Ba cheart grúpálacha pobal uisciúcháin a chur chun cinn freisin mar tháirgeoirí agus mar insteallairí fuinnimh fhótavoltaigh san eangach leictreachais ginearálta.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 12

Aithris 61

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tagraítear sa Treoir seo do choincheap na gcustaiméirí leochaileacha, ar coincheap é atá le bunú ag na Ballstáit de bhun Threoir (AE) 2019/944. Ina theannta sin, de bhun Threoir 2012/27/AE, soiléirítear leis an gcoincheap “úsáideoirí deiridh” in éineacht leis an gcoincheap “custaiméir deiridh” go bhfuil feidhm freisin ag na cearta maidir le billeáil agus le faisnéis ídithe maidir le tomhaltóirí gan conarthaí aonair nó conarthaí díreacha leis an soláthraí fuinnimh a úsáidtear i gcomhchórais téimh, fuaraithe nó táirgthe uisce the tí i bhfoirgnimh il-áitritheoirí. Ní gá go n-áiritheofaí le coincheap na gcustaiméirí leochaileacha go ndíreofar ar na húsáideoirí deiridh. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go sroichfidh na bearta a leagtar amach sa Treoir seo gach duine aonair agus gach teaghlach i staid leochaileachta, ba cheart do na Ballstáit ní hamháin custaiméirí, sa chiall is cruinne, ach úsáideoirí deiridh a áireamh freisin, agus a sainmhíniú ar chustaiméirí leochaileacha á bhunú.

Tagraítear sa Treoir seo do choincheap na gcustaiméirí leochaileacha, ar coincheap é atá le bunú ag na Ballstáit de bhun Threoir (AE) 2019/944. Ina theannta sin, de bhun Threoir 2012/27/AE, soiléirítear leis an gcoincheap “úsáideoirí deiridh” in éineacht leis an gcoincheap “custaiméir deiridh” go bhfuil feidhm freisin ag na cearta maidir le billeáil agus le faisnéis ídithe maidir le tomhaltóirí gan conarthaí aonair nó conarthaí díreacha leis an soláthraí fuinnimh a úsáidtear i gcomhchórais téimh, fuaraithe nó táirgthe uisce the tí i bhfoirgnimh il-áitritheoirí. Ní gá go n-áiritheofaí le coincheap na gcustaiméirí leochaileacha go ndíreofar ar na húsáideoirí deiridh. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go sroichfidh na bearta a leagtar amach sa Treoir seo gach duine aonair agus gach teaghlach i staid leochaileachta, ba cheart do na Ballstáit ní hamháin custaiméirí, sa chiall is cruinne, ach úsáideoirí deiridh a áireamh freisin, agus a sainmhíniú ar chustaiméirí leochaileacha á bhunú. Tá coincheap na micrifhiontar leochaileach agus na bhfiontar beag leochaileach, mar a shainmhínítear é sa Chiste Aeráide Sóisialta, faoi raon feidhme na Treorach freisin.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 13

Aithris 69

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Is den ríthábhacht feasacht shaoránaigh uile an Aontais a ardú i leith na dtairbhí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe agus le faisnéis chruinn a sholáthar dóibh i dtaobh na slite is féidir an méid sin a bhaint amach. Ba cheart do shaoránaigh idir óg is aosta a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh tríd an gComhshocrú Aeráide Eorpach agus tríd an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tá éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe thar a bheith tábhachtach freisin i dtaca le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais trína spleáchas ar allmhairiú breoslaí ó thríú tíortha a laghdú.

Is den ríthábhacht feasacht shaoránaigh uile an Aontais a ardú i leith na dtairbhí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe agus le faisnéis chruinn a sholáthar dóibh i dtaobh na slite is féidir an méid sin a bhaint amach. Ba cheart do shaoránaigh idir óg is aosta a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh tríd an gComhshocrú Aeráide Eorpach , tríd an gclár Erasmus+ agus tríd an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tá éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe thar a bheith tábhachtach freisin i dtaca le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais trína spleáchas ar allmhairiú breoslaí ó thríú tíortha a laghdú.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 14

Aithris 71

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Nuair a bheidh an Treoir seo á cur chun feidhme ag na Ballstáit agus bearta eile i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu, ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt ar shineirgí idir bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus úsáid éifeachtúil acmhainní nádúrtha i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh.

Nuair a bheidh an Treoir seo á cur chun feidhme ag na Ballstáit agus bearta eile i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu, ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt ar shineirgí idir bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus úsáid éifeachtúil acmhainní nádúrtha i gcomhréir leis an uaillmhian maidir le truailliú nialasach agus le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus le cosaint an dúlra agus na bithéagsúlachta.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 15

Leasú 80 (pointe nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(80 a)

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag na Ballstáit ar an acmhainneacht maidir le téamh agus fuarú éifeachtúil, cuirfidh siad gnéithe comhshaoil, sláinte agus sábháilteachta níos leithne san áireamh. I ngeall ar ról na dteaschaidéal maidir le hacmhainneachtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach i dtaca le téamh agus fuarú, ba cheart an baol go mbeidh tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol ag cuisneáin atá marthanach, bithcharnach nó tocsaineach a íoslaghdú.

Leasú 16

Aithris 92

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart aitheantas a thabhairt don rannchuidiú a dhéanann pobail fuinnimh in-athnuaite, de bhun Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), agus pobail fuinnimh saoránach, de réir Threoir (AE) 2019/944, le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais do Eoraip agus le Plean um Sprioc Aeráide 2030. Ba cheart do na Ballstáit dá bharr sin, breithniú a dhéanamh ar ról na bpobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach agus iad a chur chun cinn. Féadfaidh na pobail sin cabhrú leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach a bhaint amach trí éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal teaghlaigh. Féadann siad grúpaí áirithe custaiméirí teaghlaigh a chumasú lena n-áirítear custaiméirí i gceantair thuaithe agus iargúlta agus iad a spreagadh chun páirt a ghlacadh i dtionscadail agus in idirghabhálaithe fuinnimh. Féadann pobail fuinnimh cabhrú leis an mbochtaineacht fuinnimh a chomhrac trí thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh, trí ídiú fuinnimh laghdaithe agus trí tharaifí soláthair níos ísle a éascú.

Ba cheart aitheantas a thabhairt don rannchuidiú a dhéanann pobail fuinnimh in-athnuaite, de bhun Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), agus pobail fuinnimh saoránach, de réir Threoir (AE) 2019/944, le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais do Eoraip agus le Plean um Sprioc Aeráide 2030. Ba cheart do na Ballstáit dá bharr sin, breithniú a dhéanamh ar ról na bpobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach agus iad a chur chun cinn. Féadfaidh na pobail sin cabhrú leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach a bhaint amach agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme trí éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal teaghlaigh agus i bhfoirgnimh phoiblí i gcomhar leis na húdaráis áitiúla . Féadann siad grúpaí áirithe custaiméirí teaghlaigh a chumasú lena n-áirítear custaiméirí i gceantair thuaithe agus iargúlta agus iad a spreagadh chun páirt a ghlacadh i dtionscadail agus in idirghabhálaithe fuinnimh. Féadann pobail fuinnimh cabhrú leis an mbochtaineacht fuinnimh a chomhrac trí thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh, trí ídiú fuinnimh laghdaithe agus trí tharaifí soláthair níos ísle a éascú. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht cur chun feidhme agus ar na nósanna imeachta cur chun feidhme d’fhonn fáil réidh le constaicí agus scrogaill nach bhfuil gá leo. Ba cheart oiliúint chuí a chur ar na riaracháin phoiblí ar gach leibhéal maidir leis an ábhar. Cuideoidh na hiarrachtaí sin freisin le slándáil fuinnimh an Aontais a fheabhsú.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 17

Aithris 97

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart an cistiú poiblí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a infheistiú go straitéiseach i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta, agus go háirithe ar mhaithe le custaiméirí leochaileacha, daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh agus daoine a bhfuil cónaí i dtithíocht shóisialta. Ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as aon ranníocaíocht airgeadais a d’fhéadfaidís a fháil ón gCiste Sóisialta Aeráide [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta] agus as an ioncam ó liúntais ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais. An oibleagáid atá ar na Ballstáit bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme agus bearta beartais faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh mar thosaíocht i measc custaiméirí leochaileacha agus daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh ar daoine iad a d’fhéadfadh a bheith ina gcónaí i gceantair thuaithe nó i gceantair iargúlta, tacóidh an t-ioncam sin leis na Ballstáit an-oibleagáid sin a chomhlíonadh.

Ba cheart an cistiú poiblí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a infheistiú go straitéiseach i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta, agus go háirithe ar mhaithe le custaiméirí leochaileacha, daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh agus daoine a bhfuil cónaí i dtithíocht shóisialta. Ba cheart do na Ballstáit , i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, leas a bhaint as aon ranníocaíocht airgeadais a d’fhéadfaidís a fháil ón gCiste Sóisialta Aeráide [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta] agus as an ioncam ó liúntais ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais. An oibleagáid atá ar na Ballstáit bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme agus bearta beartais faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh mar thosaíocht i measc custaiméirí leochaileacha agus daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh ar daoine iad a d’fhéadfadh a bheith ina gcónaí i gceantair thuaithe nó i gceantair iargúlta, tacóidh an t-ioncam sin leis na Ballstáit an-oibleagáid sin a chomhlíonadh.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 18

Leasú 98 (Pointe nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Is féidir athruithe iompraíochta fadtéarmacha san ídiú fuinnimh a bhaint amach ach na saoránaigh a chumhachtú. Is féidir le pobail fuinnimh coigilteas fuinnimh fadtéarmach a dhéanamh, go háirithe i measc teaghlach, agus cur leis na hinfheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanann saoránaigh agus gnólachtaí beaga. Ba cheart do na Ballstáit saoránaigh a chumhachtú chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh trí thacaíocht a thabhairt do thionscadail fuinnimh pobail agus d’eagraíochtaí fuinnimh pobail.

Leasú 19

Aithris 108

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart na Ballstáit agus na réigiúin a spreagadh chun úsáid iomlán a bhaint as na cistí | Eorpacha atá ar fáil sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus in Next Generation EU lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, C, Cist í an Bheartais Chomhtháthaithe, an Ciste um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir, chomh maith leis na hionstraimí airgeadais agus an cúnamh teicniúil atá ar fáil faoi InvestEU, chun infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a spreagadh i mbearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh. Tá acmhainneacht san infheistíocht san éifeachtúlacht fuinnimh chun rannchuidiú leis an bhfás eacnamaíoch, leis an bhfostaíocht, leis an nuálaíocht agus le laghdú ar an mbochtaineacht fuinnimh i dteaghlaigh, agus dá bharr sin rannchuidíonn sí go dearfach leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus leis an téarnamh glas. Ar na réimsí féideartha le haghaidh cistiúcháin tá bearta éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh agus i dtithíocht phoiblí, agus scileanna nua a sholáthar chun fostaíocht a spreagadh in earnáil na héifeachtúlachta fuinnimh. Áiritheoidh an Coimisiún sineirgíochtaí idir na hionstraimí cistiúcháin éagsúla, go háirithe na cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte agus na cistí faoi bhainistíocht dhíreach (amhail cláir a bhainistítear go lárnach: Fís Eorpach nó LIFE), chomh maith le deontais, iasachtaí eatramhacha agus cúnamh teicniúil chun a dtionchar giarála a uasmhéadú ar an maoiniú príobháideach agus a dtionchar ar chuspóirí beartais éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach.

Ba cheart na Ballstáit, na réigiúin , na cathracha agus na bardais a spreagadh chun úsáid iomlán a bhaint as na cistí | Eorpacha atá ar fáil sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus in NextGenerationEU lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, C, Cist í an Bheartais Chomhtháthaithe, an Ciste um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir, chomh maith leis na hionstraimí airgeadais agus an cúnamh teicniúil atá ar fáil faoi InvestEU, chun infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a spreagadh i mbearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh , go háirithe ar an leibhéal áitiúil. Ba cheart dóibh rannpháirtíocht ghníomhach na n-údarás áitiúil a áirithiú i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus na gClár Oibríochtúil agus tacaíocht dhíreach a thabhairt dóibh don fhorbairt uirbeach inbhuanaithe chomh maith le hacmhainní leordhóthanacha faoin gCuspóir Beartais chun aistriú níos glaise ísealcharbóin a bhaint amach i dtreo geilleagar carbóin glan-nialasach. Tá acmhainneacht san infheistíocht san éifeachtúlacht fuinnimh chun rannchuidiú leis an bhfás eacnamaíoch, leis an bhfostaíocht, leis an nuálaíocht agus le laghdú ar an mbochtaineacht fuinnimh i dteaghlaigh, agus dá bharr sin rannchuidíonn sí go dearfach leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus leis an téarnamh glas. Ar na réimsí féideartha le haghaidh cistiúcháin tá bearta éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh agus i dtithíocht phoiblí, agus oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú gairmithe, go háirithe i bpoist a bhaineann le hathchóiriú foirgneamh chun fostaíocht a spreagadh in earnáil na héifeachtúlachta fuinnimh. Chun na críche sin, ní foláir dlús a chur leis na hiarrachtaí atá ar siúl ar leibhéal na hEorpa agus ar leibhéal na mBallstát chun cur le cumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach déileáil le Cistí Eorpacha agus, dá bhrí sin, feabhas a chur ar chumas foriomlán réigiúin agus cathracha an Aontais Eorpaigh maidir le hionsú. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún rochtain éasca a chinntiú do na cathracha agus na réigiúin ar na cláir a bhainistítear go lárnach agus ar thuilleadh cistí is féidir a fháil go díreach. Áiritheoidh sineirgíochtaí idir na hionstraimí cistiúcháin éagsúla, go háirithe na cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte agus na cistí faoi bhainistíocht dhíreach (amhail cláir a bhainistítear go lárnach: Fís Eorpach nó LIFE), chomh maith le deontais, iasachtaí eatramhacha agus cúnamh teicniúil chun a dtionchar giarála a uasmhéadú ar an maoiniú príobháideach agus a dtionchar ar chuspóirí beartais éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 20

Aithris 109

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart do na Ballstáit úsáid saoráidí maoiniúcháin a spreagadh chun cuspóirí na Treorach seo a chur chun cinn a thuilleadh. D’fhéadfadh a bheith sna saoráidí maoiniúcháin sin ranníocaíochtaí airgeadais agus fíneálacha ar neamhchomhlíonadh forálacha áirithe den Treoir seo; acmhainní a leithdháiltear ar an éifeachtúlacht fuinnimh faoi Airteagal 10(3) de Threoir Uimh. 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27); acmhainní a leithdháiltear ar an éifeachtúlacht fuinnimh sna cistí agus sna cláir Eorpacha, agus ionstraimí airgeadais Eorpacha tiomnaithe, amhail an Ciste Eorpach um Éifeachtúlacht Fuinnimh.

Ba cheart do na Ballstáit úsáid saoráidí maoiniúcháin a spreagadh chun cuspóirí na Treorach seo a chur chun cinn a thuilleadh. D’fhéadfadh a bheith sna saoráidí maoiniúcháin sin ranníocaíochtaí airgeadais agus fíneálacha ar neamhchomhlíonadh forálacha áirithe den Treoir seo; acmhainní a leithdháiltear ar an éifeachtúlacht fuinnimh faoi Airteagal 10(3) de Threoir Uimh. 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28); acmhainní a leithdháiltear ar an éifeachtúlacht fuinnimh sna cistí agus sna cláir Eorpacha, agus ionstraimí airgeadais Eorpacha tiomnaithe, amhail an Ciste Eorpach um Éifeachtúlacht Fuinnimh.

Chuige sin, beidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit obair a dhéanamh ar na hardáin tógála atá dírithe ar thionscadail bheaga agus mheánmhéide a chomhiomlánú d’fhonn comhthiomsuithe tionscadal a chruthú a bheidh oiriúnach chun críoch maoiniúcháin.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 21

Aithris 113

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart úsáid a bhaint as cláir chistiúcháin, ionstraimí airgeadais agus sásraí nuálacha maoiniúcháin de chuid an Aontais atá ar fáil chun éifeacht phraiticiúil a thabhairt don chuspóir feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh ar le comhlachtaí poiblí iad. I ndáil leis an méid sin, féadfaidh na Ballstáit a n-ioncam ó leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE a úsáid chun na sásraí sin a fhorbairt ar bhonn deonach agus rialacha buiséadacha náisiúnta á gcur san áireamh.

Ba cheart úsáid a bhaint as cláir chistiúcháin, ionstraimí airgeadais agus sásraí nuálacha maoiniúcháin de chuid an Aontais atá ar fáil chun éifeacht phraiticiúil a thabhairt don chuspóir feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh ar le comhlachtaí poiblí iad. I ndáil leis an méid sin, féadfaidh na Ballstáit a n-ioncam ó leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE a úsáid chun na sásraí sin a fhorbairt ar bhonn deonach agus rialacha buiséadacha náisiúnta á gcur san áireamh.

Beidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit faisnéis leordhóthanach agus oiliúint leordhóthanach a chur ar fáil do na córais riaracháin réigiúnacha agus áitiúla maidir leis na cláir sin d’fhonn feabhas a chur ar a gcumas acmhainní airgeadais a mhealladh. D’fhéadfadh ardán Chúnant na Méaraí a bheith ar cheann de na huirlisí a bheidh dírithe ar ghníomhaíochtaí den sórt sin, faoi chuimsiú phlean RePowerEU freisin, in éineacht le huirlisí eile arna mbunú faoi na rialacháin atá ann faoi láthair maidir leis an athrú aeráide ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 22

Aithris 119

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart ról ceannasach a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha i ndáil leis na bearta a leagtar síos sa Treoir seo a fhorbairt, a cheapadh, a chur chun feidhme agus a mheasúnú, ionas gur féidir leo aghaidh a thabhairt mar is ceart ar ghnéithe sonracha a n-aeráide, a gcultúir agus a sochaí féin.

Ba cheart ról ceannasach a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha i ndáil leis na bearta a leagtar síos sa Treoir seo a fhorbairt, a cheapadh, a chur chun feidhme agus a mheasúnú, ionas gur féidir leo aghaidh a thabhairt mar is ceart ar ghnéithe sonracha a n-aeráide, a gcultúir agus a sochaí féin.

Oibreoidh an Coimisiún Eorpach i ndlúthchomhar le Coiste Eorpach na Réigiún chun tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san iarracht sin.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 23

Airteagal 2 – fo-cheannteideal 49

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(49)

ciallaíonn “bochtaineacht fuinnimh” easpa rochtana teaghlaigh ar sheirbhísí riachtanacha fuinnimh is cloch bhoinn faoi chaighdeán maith maireachtála agus sláinte, lena n-áirítear teas, fuarú agus soilsiú leormhaith agus an fuinneamh chun cumhacht a thabhairt d’fhearais leictreacha, sa chomhthéacs náisiúnta ábhartha, sa bheartas sóisialta atá ann cheana agus i mbeartais ábhartha eile.

(49)

ciallaíonn “bochtaineacht fuinnimh” easpa rochtana ar sheirbhísí riachtanacha fuinnimh is cloch bhoinn faoi chaighdeán maith maireachtála , dálaí oibre cuibhiúla agus caighdeán maith sláinte, lena n-áirítear teas, fuarú , uisce te tí, soilsiú agus soghluaisteacht leormhaith agus an fuinneamh chun cumhacht a thabhairt d’fhearais leictreacha, sa chomhthéacs náisiúnta ábhartha, sa bheartas sóisialta atá ann cheana agus i mbeartais ábhartha eile.

 

(49a)

ciallaíonn “teaghlaigh leochaileacha” teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh íseal-mheánioncaim, a ndéanann tionchar na bpraghsanna a eascraíonn as foirgnimh a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear nach beag dóibh, iad siúd atá i mbaol a bheith faoi bhochtaineacht fuinnimh, de dheasca praghsanna fuinnimh a bheith ag ardú agus feidhmíocht neamhéifeachtúil fuinnimh a dteaghlach agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh ina bhfuil siad;

 

(49b)

ciallaíonn “úsáideoirí soghluaisteachta” teaghlaigh nó gnólachtaí a úsáideann roghanna éagsúla iompair agus soghluaisteachta;

 

(49c)

ciallaíonn “úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha” úsáideoirí iompair, lena n-áirítear úsáideoirí ó theaghlaigh íseal-mheánioncaim, a ndéanann tionchar na bpraghsanna a eascraíonn as iompar de bhóthar a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear nach beag dóibh agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a cheannach nó aistriú chuig modhanna iompair inbhuanaithe eile, lena n-áirítear iompar poiblí, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta;

 

(49d)

ciallaíonn “micrifhiontar” fiontar a fhostaíonn níos lú ná 10 nduine agus nach sáraíonn a láimhdeachas bliantúil nó a gclár comhardaithe bliantúil EUR 2 mhilliún, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3 go 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún;

 

(49d bis)

ciallaíonn “fiontar beag” fiontar a fhostaíonn níos lú ná 50 fostaí agus nach sáraíonn a láimhdeachas bliantúil nó a gclár comhardaithe bliantúil EUR 10 milliún;

 

(49e)

ciallaíonn “micrifhiontair leochaileacha agus fiontair bheaga leochaileacha” micrifhiontair a ndéanann tionchar na bpraghsanna a eascraíonn as foirgnimh a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear nach beag dóibh agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh ina bhfuil siad;

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 24

Airteagal 4.1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Áiritheoidh na Ballstáit i dteannta a chéile laghdú 9 % ar a laghad ar ídiú críochnaitheach fuinnimh an Aontais in 2030 i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2020 ionas nach mó ná 787 Mtoe ídiú críochnaitheach fuinnimh an Aontais agus nach mó ná 1023 Mtoe ídiú fuinnimh phríomhúil an Aontais in 2030.

Áiritheoidh na Ballstáit i dteannta a chéile laghdú 9 % ar a laghad ar ídiú críochnaitheach fuinnimh an Aontais in 2030 i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2020 ionas nach mó ná 787 Mtoe ídiú críochnaitheach fuinnimh an Aontais agus nach mó ná 1023 Mtoe ídiú fuinnimh phríomhúil an Aontais nó a ídiú carnach fuinnimh in 2030.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 25

Airteagal 4.2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Leagfaidh gach Ballstát síos rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta d’ídiú críochnaitheach fuinnimh agus phríomhúil chun sprioc cheangailteach an Aontais a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach go comhpháirteach. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rannchuidithe sin mar aon le conair tháscach do na rannchuidithe sin mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear sa nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus i gcomhréir leis an nós imeachta sin. Agus é sin á dhéanamh acu, déanfaidh na Ballstáit an foirmle a sainmhíníodh in Iarscríbhinn I den Treoir seo a úsáid agus a mhíniú cén chaoi, agus ar bhonn cén sonraí, a ndearnadh na rannchuidithe a ríomh.

Leagfaidh gach Ballstát síos rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta táscacha d’ídiú críochnaitheach fuinnimh agus phríomhúil chun sprioc cheangailteach an Aontais a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach go comhpháirteach. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rannchuidithe sin mar aon le conair tháscach ina bhfuil garspriocanna do na rannchuidithe sin mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear sa nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus i gcomhréir leis an nós imeachta sin. Agus é sin á dhéanamh acu, déanfaidh na Ballstáit an foirmle a sainmhíníodh in Iarscríbhinn I den Treoir seo a úsáid agus a mhíniú cén chaoi, agus ar bhonn cén sonraí, a ndearnadh na rannchuidithe a ríomh.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 26

Airteagal 4.2(d)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

[…]

[…]

(iv a)

slándáil an tsoláthair fuinnimh;

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 27

Airteagal 5

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

An earnáil phoiblí chun tosaigh ar éifeachtúlacht fuinnimh

An earnáil phoiblí chun tosaigh ar éifeachtúlacht fuinnimh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar ídiú críochnaitheach fuinnimh iomlán na gcomhlachtaí poiblí go léir le chéile a laghdú 1,7  % ar a laghad gach bliain, i gcomparáid leis an mbliain X-2 (agus X an bhliain a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm).

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar ídiú críochnaitheach fuinnimh iomlán na gcomhlachtaí poiblí go léir le chéile a laghdú 1,7  % gach bliain, i gcomparáid leis an mbliain X-2 (agus X an bhliain a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm).

Féadfaidh na Ballstáit éagsúlachtaí aeráide laistigh den Bhallstát a chur san áireamh agus ídiú críochnaitheach fuinnimh a gcomhlachtaí poiblí á ríomh acu.

Féadfaidh na Ballstáit éagsúlachtaí aeráide laistigh den Bhallstát a chur san áireamh agus ídiú críochnaitheach fuinnimh a gcomhlachtaí poiblí á ríomh acu.

2.   Áireoidh na Ballstáit, ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ina nuashonrúcháin orthu de bhun Rialachán (AE) 2018/1999, liosta de chomhlachtaí poiblí a rannchuideoidh le comhlíonadh na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, leis an laghdú ar ídiú fuinnimh atá le baint amach ag gach ceann acu agus leis na bearta atá beartaithe acu chun é a bhaint amach. Mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún an laghdú ar ídiú críochnaitheach fuinnimh a baineadh amach go bliantúil.

2.   Áireoidh na Ballstáit, ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ina nuashonrúcháin orthu de bhun Rialachán (AE) 2018/1999, liosta de chomhlachtaí poiblí a rannchuideoidh le comhlíonadh na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, leis an laghdú ar ídiú fuinnimh atá le baint amach ag gach ceann acu agus leis na bearta atá beartaithe acu chun é a bhaint amach. Mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún an laghdú ar ídiú críochnaitheach fuinnimh a baineadh amach go bliantúil.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh údaráis réigiúnacha agus áitiúla bearta sonracha éifeachtúlachta fuinnimh ina bpleananna dícharbónaithe tar éis dóibh dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus leis an bpobal, lena n-áirítear na grúpaí áirithe atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó na grúpaí áirithe atá níos soghabhálaí i leith éifeachtaí na bochtaineachta fuinnimh, amhail mná, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, leanaí, agus daoine a bhfuil cúlra ciníoch nó eitneach mionlaigh acu.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh údaráis réigiúnacha agus áitiúla bearta sonracha éifeachtúlachta fuinnimh ina bpleananna dícharbónaithe tar éis dóibh dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus leis an bpobal, lena n-áirítear na grúpaí áirithe atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó na grúpaí áirithe atá níos soghabhálaí i leith éifeachtaí na bochtaineachta fuinnimh, amhail mná, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, leanaí, agus daoine a bhfuil cúlra ciníoch nó eitneach mionlaigh acu.

4.   Tacóidh Ballstáit le comhlachtaí poiblí chun bearta feabhsaithe éifeachtúlacht fuinnimh a dhéanamh, lena n-áirítear ar leibhéil áitiúla agus réigiúnacha, trí threoir a sholáthar, deiseanna oiliúna agus forbartha inniúlachta a chur chun cinn agus comhar i measc comhlachtaí poiblí a spreagadh.

4.   Tacóidh Ballstáit leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus le comhlachtaí poiblí eile chun bearta feabhsaithe éifeachtúlacht fuinnimh a dhéanamh, lena n-áirítear ar leibhéil áitiúla agus réigiúnacha, trí thacaíocht airgeadais agus theicniúil a sholáthar agus trí phleananna a thíolacadh lena dtugtar aghaidh ar an easpa lucht saothair agus gairmithe cáilithe a bhfuil gá leo le haghaidh gach céime den aistriú glas, lena n-áirítear ceardaithe mar aon le saineolaithe ardoilte ar an teicneolaíocht ghlas, eolaithe feidhmeacha agus nuálaithe. Spreagfaidh na Ballstáit na comhlachtaí poiblí chun na tairbhí leathana lasmuigh den choigilteas fuinnimh a chur san áireamh, amhail cáilíocht an aeir agus na timpeallachta laistigh chomh maith le feabhas a chur ar cháilíocht na beatha, go háirithe i gcás scoileanna, ionad cúraim lae, sciath-thithíochta, tithe altranais agus ospidéal. Déanfaidh na Ballstáit treoir a sholáthar, deiseanna oiliúna agus forbartha inniúlachta a chur chun cinn , lena n-áirítear maidir le hathchóiriú fuinnimh trí chonarthaí Feidhmíochta Fuinnimh agus comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a úsáid agus déanfaidh siad comhar i measc comhlachtaí poiblí a spreagadh.

5.   Spreagfaidh Ballstáit comhlachtaí poiblí chun breithniú a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin saolré gníomhaíochtaí infheistíochta agus beartais a gcomhlachtaí poiblí.

5.   Spreagfaidh Ballstáit comhlachtaí poiblí chun breithniú a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin saolré gníomhaíochtaí infheistíochta agus beartais a gcomhlachtaí poiblí agus soláthróidh siad treoir shonrach ina leith sin .

 

6.     Tacóidh na Ballstáit leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus le comhlachtaí poiblí eile acmhainní airgeadais leordhóthanacha a fháil le haghaidh chur chun feidhme na Treorach trí línte cistiúcháin tiomnaithe agus trí ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta i réimse an tiomsaithe airgid.

Cúis

Ní dhearnadh dóthain measúnuithe ar phoitéinseal agus ar thionchar an leibhéil 1,7 %. D’fhéadfaí glacadh leis an leibhéal 1,7 % mar thúsphointe, ach ní mór aird a thabhairt ar chomhthéacs na mBallstát agus ar an measúnú tionchair.

Leasú 28

Airteagal 5 nua

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Comhpháirtíochtaí um an aistriú fuinnimh

 

1.     Bunóidh an Coimisiún comhpháirtíochtaí Eorpacha earnáilsonracha um aistriú fuinnimh trí na príomhgheallsealbhóirí in earnálacha amhail TFC, earnáil an iompair, earnáil an airgeadais agus earnáil na tógála a thabhairt le chéile ar bhealach cuimsitheach ionadaíoch. Ceapfaidh an Coimisiún cathaoirleach do gach comhpháirtíocht Eorpach earnáilsonrach um an aistriú fuinnimh, agus ba cheart iad a chur ar bun laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

 

2.     Leis na comhpháirtíochtaí sin, éascófar idirphlé maidir leis an aeráid agus spreagfar earnálacha chun “treochláir um an aistriú fuinnimh” a tharraingt suas chun mapáil a dhéanamh ar bhearta atá ar fáil agus ar roghanna teicneolaíochta chun coigilteas éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach, ullmhú d’fhuinneamh in-athnuaite agus na hearnálacha i gceist a dhícharbónú. D’fhéadfadh na treochláir sin cuidiú go mór le hearnálacha chun pleanáil a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí is gá chun cuspóirí na treorach seo agus Phlean an Aontais Eorpaigh um Sprioc Aeráide a bhaint amach chomh maith le comhar trasteorann a éascú idir gníomhaithe d’fhonn margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh a neartú.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 29

Airteagal 5 nua

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Ionaid ilfhreastail le haghaidh na héifeachtúlachta fuinnimh

1.     Rachaidh na Ballstáit i dteagmháil leis na húdaráis ábhartha agus le geallsealbhóirí príobháideacha chun ionaid ilfhreastail thiomnaithe áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta a fhorbairt. Beidh na hionaid ilfhreastail sin trasearnálach agus idirdhisciplíneach agus tiocfaidh tionscadail arna bhforbairt go háitiúil díobh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

i.

comhairle a thabhairt maidir le féidearthachtaí teicniúla agus airgeadais agus réitigh do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga, d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus do chomhlachtaí poiblí eile agus do theaghlaigh, agus faisnéis chuíchóirithe ina leith sin a chur ar fáil dóibh;

ii.

tionscadail fhéideartha a nascadh le gníomhaithe sa mhargadh, go háirithe tionscadail ar scála níos lú;

iii.

borradh a chur faoi thomhaltóirí gníomhacha trí chomhairle a thabhairt dóibh maidir le hiompraíocht ídithe fuinnimh;

iv.

faisnéis a sholáthar maidir le cláir oiliúna agus oideachas chun cur le líon na ngairmithe i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh chomh maith leis na gairmithe sin a athsciliú agus a uas-sciliú d’fhonn freastal ar riachtanais an mhargaidh;

v.

samplaí den dea-chleachtas a chur chun cinn ó thíopeolaíochtaí éagsúla tógála, tithíochta agus fiontair;

vi.

sonraí comhiomlánaithe tíopeolaíochta ó thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a bhailiú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis sin a roinnt i dtuarascáil gach re bliain chun taithí a chomhroinnt agus chun cur leis an gcomhar trasteorann idir na Ballstáit;

 

2.     Cruthófar leis na hionaid ilfhreastail sin comhpháirtíochtaí láidre iontaofa le gníomhaithe príobháideacha áitiúla agus réigiúnacha amhail FBManna, cuideachtaí seirbhísí fuinnimh, suiteálaithe, gnólachtaí comhairliúcháin, forbróirí tionscadail, institiúidí airgeadais ar féidir leo seirbhísí a sholáthar amhail iniúchtaí fuinnimh, réitigh airgeadais agus athchóiriú fuinnimh a chur i gcrích;

 

3.     Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun na hionaid ilfhreastail sin a chur chun cinn;

 

4.     Cuirfidh an Coimisiún treoirlínte ar fáil do na Ballstáit chun na hionaid ilfhreastail sin a fhorbairt agus é mar aidhm aige cur chuige comhchuibhithe a chruthú ar fud na hEorpa.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 30

Airteagal 6

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ról eiseamláireach fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí

Ról eiseamláireach fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí

1.   Gan dochar d’Airteagal 7 de Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go ndéantar athchóiriú ar 3 % ar a laghad den achar urláir iomlán sna foirgnimh théite agus/nó fuaraithe ar le comhlachtaí poiblí iad gach bliain chun ar a laghad a athrú ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2010/31/AE.

1.   Gan dochar d’Airteagal 7 de Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go ndéantar athchóiriú ar 3 % ar a laghad den achar urláir iomlán sna foirgnimh théite agus/nó fuaraithe ar le comhlachtaí poiblí iad gach bliain chun ar a laghad a athrú ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2010/31/AE agus é mar aidhm an acmhainneacht iomlán maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh a mhéid atá sin indéanta ó thaobh costais de agus ar bhonn teicniúil agus eacnamaíoch. Díolmhóidh na Ballstáit an tithíocht shóisialta ón oibleagáid 3 % den achar urláir iomlán a athchóiriú más rud é nach bhfuil na hathchóirithe neodrach ó thaobh costais de agus go mbeidh arduithe suntasacha cíosa mar thoradh orthu dóibh siúd atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, agus arb airde iad ná an coigilteas eacnamaíoch ar an mbille fuinnimh.

I gcás ina n-áitíonn comhlachtaí poiblí foirgneamh nach leis na comhlachtaí poiblí é, feidhmeoidh siad a gcearta conarthacha a mhéid is féidir agus spreagfaidh siad úinéir an fhoirgnimh chun an foirgneamh a athchóiriú ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2010/31/AE. Agus conradh nua á thabhairt i gcrích acu chun foirgneamh a áitiú nach leo é, beidh sé d’aidhm ag comhlachtaí poiblí go dtiocfaidh an foirgneamh sin faoin dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is fearr ar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh.

I gcás ina n-áitríonn comhlachtaí poiblí foirgneamh nach leis na comhlachtaí poiblí é, spreagfaidh siad úinéir an fhoirgnimh chun athchóiriú domhain nó athchóiriú domhain céimneach a dhéanamh ar an bhfoirgneamh chuig foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2010/31/AE agus é mar aidhm an acmhainneacht iomlán maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh a mhéid atá sin indéanta ó thaobh costais de agus ar bhonn teicniúil . Agus conradh nua á thabhairt i gcrích acu chun foirgneamh a áitriú nach leo é, beidh sé d’aidhm ag comhlachtaí poiblí go dtiocfaidh an foirgneamh sin faoin dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is fearr ar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh nó na leibhéil feidhmíochta eile atá ábhartha don Bhallstát .

Déanfar an ráta de 3 % ar a laghad a ríomh ar achar urláir iomlán na bhfoirgneamh ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán os cionn 250m2 ar le comhlachtaí poiblí an Bhallstáit lena mbaineann iad agus, ar an 1 Eanáir 2024, nach foirgnimh iad atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh.

Déanfar an meánráta de 3 % ar a laghad , arna chomhaireamh gach cúig bliana, a ríomh ar achar urláir iomlán na bhfoirgneamh ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán os cionn 250 m2 ar le comhlachtaí poiblí an Bhallstáit lena mbaineann iad agus, ar an 1 Eanáir 2024, nach foirgnimh iad atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh.

2.   I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Ballstáit a chur san áireamh sa ráta athchóirithe foirgneamh bliantúil na foirgnimh nua sin a bhfuil úinéireacht orthu mar fhoirgnimh athsholáthair d’fhoirgnimh comhlachtaí poiblí a scartáladh in aon bhliain le dhá bhliain anuas. Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí sin ach amháin i gcás ina mbeidís níos costéifeachtaí agus níos inbhuanaithe ó thaobh astaíochtaí fuinnimh agus saolré CO2 a bhaintear amach i gcomparáid le hathchóiriú na bhfoirgneamh sin. Déanfaidh gach Ballstát na critéir ghinearálta, na modheolaíochtaí ginearálta agus na nósanna imeachta ginearálta chun na cásanna eisceachtúla sin a shainaithint a leagan amach go soiléir agus a fhoilsiú.

2.    Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ceanglais nach bhfuil chomh dian sin a chur i bhfeidhm maidir leis na catagóirí foirgneamh seo a leanas:

 

(a)

foirgnimh atá faoi chosaint oifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe, nó mar gheall ar a sainbhuanna ailtireachta nó staire, sa mhéid go n-athródh comhlíonadh ceanglas áirithe maidir le feidhmíocht fuinnimh a sainghné nó a gcuma ar shlí nach mbeadh glacadh léi;

(b)

foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí creidimh.

Sa dá chás sin, léireoidh na húdaráis fhreagracha neamh-chomhoiriúnacht cheanglais NZEB leis na foirgnimh a bhfuil sé i gceist iad a dhíolmhú.

3.    Chun críocha an Airteagail seo, cuirfidh Ballstáit ar fáil don phobal fardal d’fhoirgnimh théite agus/nó fuaraithe de chuid comhlachtaí poiblí ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán de níos mó ná 250m2. Déanfar an fardal seo a uasdátú ar a laghad uair sa bhliain. Beidh san fhardal ar a laghad na sonraí seo a leanas:

(a)

an t-achar urláir i m2;

(b)

deimhniú feidhmíochta fuinnimh gach foirgnimh a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2010/31/AE.

3.    I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Ballstáit a chur san áireamh sa ráta athchóirithe foirgneamh bliantúil na foirgnimh nua sin a bhfuil úinéireacht orthu mar fhoirgnimh athsholáthair d’fhoirgnimh comhlachtaí poiblí a scartáladh in aon bhliain le dhá bhliain anuas. Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí sin ach amháin i gcás ina mbeidís níos costéifeachtaí agus níos inbhuanaithe ó thaobh astaíochtaí fuinnimh agus saolré CO2 a bhaintear amach i gcomparáid le hathchóiriú na bhfoirgneamh sin. Déanfaidh gach Ballstát na critéir ghinearálta, na modheolaíochtaí ginearálta agus na nósanna imeachta ginearálta chun na cásanna eisceachtúla sin a shainaithint a leagan amach go soiléir agus a fhoilsiú.

4.    Chun críocha an Airteagail seo, cuirfidh Ballstáit ar fáil don phobal fardal d’fhoirgnimh théite agus/nó fuaraithe de chuid comhlachtaí poiblí ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán de níos mó ná 250 m2 roimh XX/XX/XXXX . Déanfar an fardal seo a uasdátú ar a laghad uair sa bhliain. Beidh san fhardal ar a laghad na sonraí seo a leanas:

(a)

an t-achar urláir i m2;

(b)

deimhniú feidhmíochta fuinnimh gach foirgnimh a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2010/31/AE.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 31

Airteagal 6 nua

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

1a.     Má dhéanann Ballstát athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán foirgneamh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí in aon bhliain ar leith, féadfaidh sé níos lú a dhéanamh na blianta ina dhiaidh sin chun an meán bliantúil arna chomhaireamh gach cúig bliana a bhaint amach. Má dhéanann Ballstát athchóiriú ar níos lú ná 3 % d’achar urláir iomlán foirgneamh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí in aon bhliain ar leith, féadfaidh sé níos mó a dhéanamh na blianta ina dhiaidh sin chun an meán bliantúil arna chomhaireamh gach cúig bliana a bhaint amach.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 32

Airteagal 6 nua

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

3 a.     Agus bearta cur chun feidhme á bpleanáil acu faoin Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit tacaíocht airgeadais agus theicniúil ar fáil agus tíolacfaidh siad pleananna lena dtugtar aghaidh ar an easpa lucht saothair agus gairmithe cáilithe a bhfuil gá leo le haghaidh gach céime den aistriú glas, lena n-áirítear ceardaithe mar aon le saineolaithe ardoilte ar an teicneolaíocht ghlas, eolaithe feidhmeacha agus nuálaithe. Tabharfaidh na Ballstáit tacaíocht do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus do chomhlachtaí poiblí eile na tairbhí leathana lasmuigh den choigilteas fuinnimh a chur san áireamh, amhail aeráid shláintiúil laistigh a bhuí sin le cáilíocht fheabhsaithe aeir agus comhshaoil laistigh chomh maith le feabhas a chur ar cháilíocht na beatha, go háirithe i gcás scoileanna, ionad cúraim lae, sciath-thithíochta, tithe altranais agus ospidéal.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 33

Airteagal 7

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nach gceannaíonn údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, agus conarthaí poiblí agus lamháltais lena ngabhann luach atá cothrom leis na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE ach táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus saothair ag a bhfuil ardfheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo.

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú i gcás údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, agus urraim chuí á tabhairt acu do phrionsabal an fhéinrialtais áitiúil a chumhdaítear in Airteagal 4 CAE, agus conarthaí poiblí agus lamháltais lena ngabhann luach atá cothrom leis na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE á dtabhairt chun críche acu, go gceannaíonn siad táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus saothair ag a bhfuil ardfheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh , a mhéid atá sin comhsheasmhach le héifeachtúlacht costais, le hindéantacht eacnamaíoch, le hinbhuanaitheacht níos leithne, le hoiriúnacht theicniúil, mar aon le hiomaíocht leordhóthanach, agus a ndícheall á dhéanamh acu cloí leis na critéir dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo.

5.    Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha san áireamh, i gcás inarb iomchuí, gnéithe níos leithne den inbhuanaitheacht, den gheilleagar sóisialta, comhshaoil agus ciorclach i gcleachtais soláthair d’fhonn cuspóirí an Aontais maidir le dícharbónú agus truailliú nialasach a bhaint amach. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, ceanglóidh na Ballstáit ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha critéir an Aontais maidir le soláthar poiblí glas a chur san áireamh.

5.    Éileoidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha san áireamh, i gcás inarb iomchuí, gnéithe níos leithne den inbhuanaitheacht, den gheilleagar sóisialta, comhshaoil agus ciorclach i gcleachtais soláthair d’fhonn cuspóirí an Aontais maidir le dícharbónú agus truailliú nialasach a bhaint amach. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, ceanglóidh na Ballstáit ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha critéir an Aontais maidir le soláthar poiblí glas agus ciorclach a chur san áireamh.

Chun trédhearcacht a áirithiú agus ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh á gcur i bhfeidhm sa phróiseas soláthair, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go poiblí maidir le tionchar éifeachtúlachta fuinnimh conarthaí lena ngabhann luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 nó níos mó. Féadfaidh na húdaráis chonarthacha a chinneadh go nochtfaidh tairgeoirí faisnéis maidir le poitéinseal téimh dhomhanda saolré foirgnimh nua agus féadfaidh siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí le haghaidh na gconarthaí, go háirithe i gcás foirgneamh nua a bhfuil achar urláir níos mó ná 2 000 méadar cearnach acu.

Chun trédhearcacht a áirithiú agus ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh á gcur i bhfeidhm sa phróiseas soláthair, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go poiblí maidir le tionchar éifeachtúlachta fuinnimh conarthaí lena ngabhann luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 nó níos mó. Féadfaidh na húdaráis chonarthacha a chinneadh go nochtfaidh tairgeoirí faisnéis maidir le poitéinseal téimh dhomhanda saolré foirgnimh nua agus féadfaidh siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí le haghaidh na gconarthaí, go háirithe i gcás foirgneamh nua a bhfuil achar urláir níos mó ná 2 000 méadar cearnach acu.

Tacóidh na Ballstáit le húdaráis chonarthacha agus le heintitis chonarthacha maidir le glacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, trí rialacha agus treoirlínte soiléire a sholáthar lena n-áirítear modheolaíochtaí maidir le measúnú a dhéanamh ar chostais saolré agus ar thionchair agus costais ar an gcomhshaol, lárionaid tacaíochta inniúlachta a chur ar bun, comhar a spreagadh i measc údaráis chonarthacha lena n-áirítear thar theorainneacha agus soláthar comhiomlánaithe agus soláthar digiteach a úsáid i gcás inar féidir.

Tacóidh na Ballstáit le húdaráis chonarthacha agus le heintitis chonarthacha maidir le glacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, trí rialacha agus treoirlínte soiléire a sholáthar lena n-áirítear modheolaíochtaí maidir le measúnú a dhéanamh ar chostais saolré agus ar thionchair agus costais ar an gcomhshaol, lárionaid tacaíochta inniúlachta a chur ar bun, comhar a spreagadh i measc údaráis chonarthacha lena n-áirítear thar theorainneacha agus soláthar comhiomlánaithe agus soláthar digiteach a úsáid i gcás inar féidir.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 34

Airteagal 8

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(3)   Déanfaidh na Ballstáit scéimeanna oibleagáide éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó meascán den dá rud, nó cláir nó bearta a mhaoinítear faoi Chiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh, a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ag bearta beartais a chuirfear chun feidhme de bhun an Airteagail seo ar na daoine sin. I gcás inarb infheidhme, bainfidh na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir as cistiú, lena n-áirítear cistiú poiblí, saoráidí cistiúcháin atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, agus ioncam ó liúntais de bhun Airteagal 22(3)(b) d’fhonn éifeachtaí díobhálacha a bhaint agus an t-aistriú chuig fuinneamh cóir agus cuimsitheach a áirithiú.

(3)   Déanfaidh na Ballstáit scéimeanna oibleagáide éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó meascán den dá rud, nó cláir nó bearta a mhaoinítear faoi Chiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh, a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta chomh maith le micrifhiontair leochaileacha agus fiontair bheaga leochaileacha, agus úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha . Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ag bearta beartais a chuirfear chun feidhme de bhun an Airteagail seo ar na daoine sin. I gcás inarb infheidhme, bainfidh na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir as cistiú, lena n-áirítear cistiú poiblí, saoráidí cistiúcháin atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, agus ioncam ó liúntais de bhun Airteagal 22(3)(b) d’fhonn éifeachtaí díobhálacha a bhaint agus an t-aistriú chuig fuinneamh cóir agus cuimsitheach a áirithiú.

Agus na bearta beartais sin á gceapadh acu, déanfaidh na Ballstáit ról na gcomhphobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach a mheas agus a chur chun cinn maidir leis an méid a rannchuidíonn siad leis an gcur chun feidhme i dtreo na mbeart beartais sin.

Agus na bearta beartais sin á gceapadh acu, déanfaidh na Ballstáit ról na gcomhphobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach a mheas agus a chur chun cinn maidir leis an méid a rannchuidíonn siad leis an gcur chun feidhme i dtreo na mbeart beartais sin.

Bainfidh Ballstáit amach sciar den mhéid is gá maidir leis an gcoigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Beidh an sciar sin ar a laghad comhionann le cion na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh, arna mheasúnú ina bPlean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3(3)(d) de Rialachán Rialachais (AE) 2018/1999. Más rud é nach bhfuil fógra tugtha ag Ballstát maidir le sciar na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh, mar a measadh ina bPlean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide é, beidh an sciar den choigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, cothrom, ar a laghad, leis an meánsciar uimhríochtúil de na táscairí seo a leanas don bhliain 2019 nó, mura bhfuil sé ar fáil do 2019, le haghaidh eachtarshuíomh líneach a gcuid luachanna do na 3 bliana deireanacha atá ar fáil:

Bainfidh Ballstáit amach sciar den mhéid is gá maidir leis an gcoigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta chomh maith le micrifhiontair leochaileacha agus fiontair bheaga leochaileacha, agus úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha . Beidh an sciar sin ar a laghad comhionann le cion na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh, arna mheasúnú ina bPlean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3(3)(d) de Rialachán Rialachais (AE) 2018/1999. Más rud é nach bhfuil fógra tugtha ag Ballstát maidir le sciar na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh, mar a measadh ina bPlean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide é, beidh an sciar den choigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, cothrom, ar a laghad, leis an meánsciar uimhríochtúil de na táscairí seo a leanas don bhliain 2019 nó, mura bhfuil sé ar fáil do 2019, le haghaidh eachtarshuíomh líneach a gcuid luachanna do na 3 bliana deireanacha atá ar fáil:

(a)

Gan bheith in ann an baile a choinneáil te go leor (Eurostat, SILC [ilc_mdes01]);

(b)

Riaráistí ar bhillí fóntais (Eurostat, SILC, [ilc_mdes07]); agus

(c)

Struchtúr an chaiteachais ídithe de réir cúigil ioncaim agus cuspóir ídithe COICOP (Eurostat, HBS, [hbs_str_t223], sonraí maidir le [CP045] Leictreachas, gás agus breoslaí eile).

(a)

Gan bheith in ann an baile a choinneáil te go leor (Eurostat, SILC [ilc_mdes01]);

(b)

Riaráistí ar bhillí fóntais (Eurostat, SILC, [ilc_mdes07]); agus

(c)

Struchtúr an chaiteachais ídithe de réir cúigil ioncaim agus cuspóir ídithe COICOP (Eurostat, HBS, [hbs_str_t223], sonraí maidir le [CP045] Leictreachas, gás agus breoslaí eile).

 

Eiseoidh an Coimisiún Eorpach treoir maidir le micrifhiontair leochaileacha, fiontair bheaga leochaileacha agus úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha a shainaithint trí chritéir shoiléire a mholadh. Áireoidh na Ballstáit anailís ar an mbochtaineacht fuinnimh i measc micrifhiontar agus fiontar beag agus úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha san athbhreithniú ar a bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.

Cúis

Is gá a bheith comhsheasmhach leis an togra maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta.

Leasú 35

Airteagal 8.14

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Mar chuid dá n-uasdátú faoina gcuid pleananna i leith fuinneamh náisiúnta agus na haeráide, agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin a bhaineann leis na pleananna sin agus a dtugtar fógra fúthu de bhun Rialachán (AE) 2018/1999, léireoidh na Ballstáit, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, fianaise agus ríomhanna:

Mar chuid dá n-uasdátú faoina gcuid pleananna i leith fuinneamh náisiúnta agus na haeráide, agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin a bhaineann leis na pleananna sin agus a dtugtar fógra fúthu de bhun Rialachán (AE) 2018/1999, léireoidh na Ballstáit, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, fianaise agus ríomhanna:

(a)

i gcás ina mbeidh forluí i dtionchar na ngníomhaíochtaí beartais nó na ngníomhaíochtaí aonair, nach mbeidh aon ríomh dúbailte coigiltis fuinnimh;

(a)

i gcás ina mbeidh forluí i dtionchar na ngníomhaíochtaí beartais nó na ngníomhaíochtaí aonair, nach mbeidh aon ríomh dúbailte coigiltis fuinnimh;

(b)

conas a rannchuidíonn an coigilteas fuinnimh a bhaintear amach de bhun phointí (b) agus (c) de mhír 1, an chéad fhomhír, lena rannchuidiú náisiúnta de bhun Airteagal 4 a bhaint amach.

(b)

conas a rannchuidíonn an coigilteas fuinnimh a bhaintear amach de bhun phointí (b) agus (c) de mhír 1, an chéad fhomhír, lena rannchuidiú náisiúnta de bhun Airteagal 4 a bhaint amach.

(c)

go mbunaítear na gníomhaíochtaí beartais sin chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh, ar gníomhaíochtaí iad a cheaptar i gcomhréir le ceanglais an Airteagail seo agus go bhfuil na gníomhaíochtaí beartais sin incháilithe agus iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide.

(c)

go mbunaítear na gníomhaíochtaí beartais sin chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh, ar gníomhaíochtaí iad a cheaptar i gcomhréir le ceanglais an Airteagail seo agus go bhfuil na gníomhaíochtaí beartais sin incháilithe agus iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide.

 

Sna ríomhanna sin, áireoidh na Ballstáit na coigiltis arna bhfáil ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil nach mbeidh ag forluí le bearta náisiúnta, mar rannchuidiú arna chinneadh go háitiúil leis an sprioc náisiúnta.

Cúis

Ós rud é go n-áirítear sa Treoir spriocanna agus oibleagáidí le haghaidh gníomhaíochtaí a dhéantar ar an leibhéal fonáisiúnta, mar is gá a dhéanamh, ba cheart cuntas cuí a thabhairt ar na gníomhaíochtaí sin agus ba cheart an leibhéal ar a ndéantar iad a léiriú, d’fhonn na beartais a mhionchoigeartú tar éis timthriall athbhreithnithe tosaigh.

Leasú 36

Airteagal 9.5

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(5)   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar pháirtithe faoi oibleagáid oibriú le húdaráis áitiúla nó le bardais chun bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn i measc daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Áirítear leis sin riachtanais shonracha grúpaí ar leith atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó atá níos so-ghabhálaí i leith éifeachtaí na bochtaineachta fuinnimh a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin na ngrúpaí sin. Chun cosaint a thabhairt do chustaiméirí atá leochaileach maidir le bochtaineacht fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, spreagfaidh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid chun gníomhaíochtaí a dhéanamh amhail athchóiriú foirgneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta, athsholáthar fearas, tacaíocht airgeadais agus dreasachtaí do bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le scéimeanna náisiúnta maoinithe agus tacaíochta, nó iniúchtaí fuinnimh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar pháirtithe faoi oibleagáid oibriú le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn i measc daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Áirítear leis sin riachtanais shonracha grúpaí ar leith atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó atá níos so-ghabhálaí i leith éifeachtaí na bochtaineachta fuinnimh a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin na ngrúpaí sin. Chun cosaint a thabhairt do chustaiméirí atá leochaileach maidir le bochtaineacht fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, spreagfaidh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid chun gníomhaíochtaí a dhéanamh amhail athchóiriú foirgneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta, athsholáthar fearas, tacaíocht airgeadais agus dreasachtaí do bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le scéimeanna náisiúnta maoinithe agus tacaíochta, nó iniúchtaí fuinnimh.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 37

Airteagal 11

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

11.     Déanfaidh na Ballstáit cur chun feidhme an chórais bainistithe fuinnimh laistigh den riarachán poiblí a chur chun cinn go gníomhach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Chuige sin, déanfaidh siad gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus dreasachtaí d’údaráis bheaga a chur chun cinn.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 38

Airteagal 21.1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis maidir leis na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil, gníomhaíochtaí aonair agus creataí airgeadais agus dlíthiúla trédhearcach agus scaipthe go forleathan ar na gníomhaithe ábhartha margaidh go léir, amhail custaiméirí deiridh, úsáideoirí deiridh, eagraíochtaí tomhaltóirí, ionadaithe na sochaí sibhialta, comhphobail fuinnimh inathnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, gníomhaireachtaí fuinnimh, soláthraithe seirbhísí sóisialta, tógálaithe, ailtirí, innealtóirí, iniúchóirí comhshaoil agus fuinnimh, agus suiteálaithe gnéithe foirgníochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(9) de Threoir 2010/31/AE.

1.   Áiritheoidh na Ballstáit , i ndlúthchomhar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla nuair is féidir sin, go mbeidh faisnéis maidir leis na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil, gníomhaíochtaí aonair agus creataí airgeadais agus dlíthiúla trédhearcach agus scaipthe go forleathan ar na gníomhaithe ábhartha margaidh go léir, amhail custaiméirí deiridh, úsáideoirí deiridh, eagraíochtaí tomhaltóirí, ionadaithe na sochaí sibhialta, comhphobail fuinnimh inathnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, gníomhaireachtaí fuinnimh, soláthraithe seirbhísí sóisialta, tógálaithe, ailtirí, innealtóirí, iniúchóirí comhshaoil agus fuinnimh, agus suiteálaithe gnéithe foirgníochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(9) de Threoir 2010/31/AE.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 39

Airteagal 21.5

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

5.   Gan dochar do bhunphrionsabail dhlí na maoine agus dlí na tionóntachta sna Ballstáit, glacfaidh siad na bearta is gá chun bacainní rialála agus neamhrialála ar an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint, a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas: roinnt dreasachtaí idir úinéirí agus tionóntaí nó i measc úinéirí foirgnimh nó aonaid foirgnimh, d’fhonn a áirithiú nach ndíspreagtar na páirtithe sin ó infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht a dhéanamh, ar infheistíochtaí iad a dhéanfadh siad murach sin toisc nach bhfaighidh siad na buntáistí iomlána nó nach bhfuil rialacha ann chun na costais agus na sochair a roinnt eatarthu; D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta chun deireadh a chur le bacainní den sórt sin dreasachtaí a sholáthar, forálacha dlíthiúla nó rialála a aisghairm nó a leasú, nó treoirlínte agus cumarsáid léirmhínitheach a ghlacadh, nó nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, lena n-áirítear rialacha náisiúnta agus bearta lena rialaítear próisis chinnteoireachta i maoin ilúinéirí. Féadfar na bearta a chomhcheangal le soláthar oideachais, oiliúna agus faisnéise sonraí agus cúnaimh theicniúil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do ghníomhaithe margaidh amhail na gníomhaithe dá dtagraítear i mír 1.

5.   Gan dochar do bhunphrionsabail dhlí na maoine agus dlí na tionóntachta sna Ballstáit, glacfaidh siad na bearta is gá chun bacainní rialála agus neamhrialála ar an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint, a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas: roinnt dreasachtaí idir úinéirí agus tionóntaí nó i measc úinéirí foirgnimh nó aonaid foirgnimh, d’fhonn a áirithiú nach ndíspreagtar na páirtithe sin ó infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht a dhéanamh, ar infheistíochtaí iad a dhéanfadh siad murach sin toisc nach bhfaighidh siad na buntáistí iomlána nó nach bhfuil rialacha ann chun na costais agus na sochair a roinnt eatarthu; D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta chun deireadh a chur le bacainní den sórt sin dreasachtaí a sholáthar, forálacha dlíthiúla nó rialála a aisghairm nó a leasú, e.g. ceadúnú tapa a thabhairt isteach nó treoirlínte agus cumarsáid léirmhínitheach a ghlacadh, nó nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, lena n-áirítear rialacha náisiúnta agus bearta lena rialaítear próisis chinnteoireachta i maoin ilúinéirí. Ceapfar na bearta sin i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus féadfar iad a chomhcheangal le soláthar oideachais, oiliúna agus faisnéise sonraí agus cúnaimh theicniúil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do ghníomhaithe margaidh amhail na gníomhaithe dá dtagraítear i mír 1.

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun tacú le hidirphlé iltaobhach le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe poiblí agus sóisialta ábhartha amhail úinéirí agus eagraíochtaí tionóntaí, eagraíochtaí tomhaltóirí, pobail fuinnimh inathnuaite, pobail fuinnimh saoránach údaráis áitiúla agus réigiúnacha, údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí ábhartha agus é d’aidhm aige tograí a leagan amach maidir le bearta, dreasachtaí agus treoirlínte a nglactar leo go comhpháirteach agus a bhaineann le dreasachtaí roinnte idir na húinéirí agus na tionóntaí nó idir úinéirí foirgnimh nó úinéirí aonaid foirgnimh.

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun tacú le hidirphlé iltaobhach le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ábhartha agus na gcomhpháirtithe poiblí agus sóisialta ábhartha amhail úinéirí agus eagraíochtaí tionóntaí, eagraíochtaí tomhaltóirí, pobail fuinnimh inathnuaite, pobail fuinnimh saoránach údaráis áitiúla agus réigiúnacha, údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí ábhartha agus é d’aidhm aige tograí a leagan amach maidir le bearta, dreasachtaí agus treoirlínte a nglactar leo go comhpháirteach agus a bhaineann le dreasachtaí roinnte idir na húinéirí agus na tionóntaí nó idir úinéirí foirgnimh nó úinéirí aonaid foirgnimh.

Déanfaidh gach Ballstát na bacainní sin agus na bearta arna nglacadh ina straitéis athchóirithe fhadtéarmach de bhun Airteagal 2a de Threoir 2010/31/AE agus Rialachán (AE) 2018/1999 a thuairisciú.

Déanfaidh gach Ballstát na bacainní sin agus na bearta arna nglacadh ina straitéis athchóirithe fhadtéarmach de bhun Airteagal 2a de Threoir 2010/31/AE agus Rialachán (AE) 2018/1999 a thuairisciú.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 40

Airteagal 22

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun daoine atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta a chumasú agus a chosaint.

Agus coincheap na gcustaiméirí leochaileacha á shainmhíniú acu de bhun Airteagal 28(1) agus Airteagal 29 de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE, cuirfidh na Ballstáit úsáideoirí deiridh san áireamh.

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun daoine atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh, úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus fiontair bheaga leochaileacha, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta a chumasú agus a chosaint , agus aird ar leith á tabhairt ar na réigiúin sin atá scoite amach ó thaobh fuinnimh de agus nach acmhainn dóibh nascadh leis an ngréasán Eorpach .

Agus coincheap na gcustaiméirí leochaileacha á shainmhíniú acu de bhun Airteagal 28(1) agus Airteagal 29 de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE, cuirfidh na Ballstáit úsáideoirí deiridh san áireamh.

Eiseoidh an Coimisiún Eorpach treoir chun úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha agus micrifhiontair leochaileacha agus fiontair bheaga leochaileacha a shainmhíniú, i gcomhréir leis na sainmhínithe a áirítear sa Rialachán maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 41

Airteagal 23.2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.    Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis don phobal páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna téimh agus fuaraithe, an measúnú cuimsitheach agus na beartais agus na bearta.

2.    Dréachtóidh na Ballstáit pleananna téimh agus fuaraithe i ndlúthchomhar leis na húdaráis ábhartha áitiúla agus réigiúnacha; ag obair dóibh le chéile, áiritheoidh siad go dtabharfar an deis don phobal páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna téimh agus fuaraithe, an measúnú cuimsitheach agus na beartais agus na bearta.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 42

Airteagal 23.3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun críche an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh Ballstáit anailís costais is tairbhe a chlúdaíonn a gcríoch agus a bheidh bunaithe ar choinníollacha a bhaineann leis an aeráid, le hindéantacht eacnamaíocht agus le hoiriúnacht theicniúil. Beidh sé de chumas ag an anailís costais is tairbhe na réitigh is éifeachtúla ó thaobh acmhainní agus costais de a shainaithint chun riachtanais téimh agus fuaraithe a chomhlíonadh. D’fhéadfadh sé go mbeidh an anailís costais is tairbhe mar chuid de mheasúnú comhshaoil faoi Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Chun críche an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh Ballstáit , nuair is infheidhme agus i ndlúthchomhar leis an údarás áitiúil agus réigiúnach ábhartha, anailís costais is tairbhe a chlúdaíonn a gcríoch agus a bheidh bunaithe ar choinníollacha a bhaineann leis an aeráid, le hindéantacht eacnamaíoch agus le hoiriúnacht theicniúil i gcomhréir le Cuid 1 d’Iarscríbhinn IX . Beidh sé de chumas ag an anailís costais is tairbhe na réitigh is éifeachtúla ó thaobh acmhainní agus costais de a shainaithint chun riachtanais téimh agus fuaraithe a chomhlíonadh. D’fhéadfadh sé go mbeidh an anailís costais is tairbhe mar chuid de mheasúnú comhshaoil faoi Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Cúis

Tá roinnt córais téimh agus fuaraithe, ar nós líonraí téimh ceantair, nasctha go domhain leis an gcríoch dá mbíonn siad ag soláthar. Ba cheart aon anailís ar na líonraí sin a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.

Leasú 43

Airteagal 23.4

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

4.   I gcás ina sainaithneofar leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus leis an anailís dá dtagraítear i mír 3 acmhainneacht maidir le comhghiniúint ardéifeachtach agus/nó téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a chur i bhfeidhm ar mó a thairbhí ná na costais, déanfaidh na Ballstáit bearta leordhóthanacha maidir le bonneagar éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair a bheidh le forbairt agus/nó chun freastal ar fhorbairt na comhghiniúna ardéifeachtúlachta agus ar úsáid téimh agus fuaraithe ó dhramhtheas agus ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh i gcomhréir le mír 1 agus Airteagal 24(4) agus (6).

4.   I gcás ina sainaithneofar leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus leis an anailís dá dtagraítear i mír 3 acmhainneacht maidir le comhghiniúint ardéifeachtach agus/nó téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a chur i bhfeidhm ar mó a thairbhí ná na costais, déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bhfuil dlínse acu sa réimse i dtrácht bearta leordhóthanacha maidir le bonneagar éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair a bheidh le forbairt agus/nó chun freastal ar fhorbairt na comhghiniúna ardéifeachtúlachta agus ar úsáid téimh agus fuaraithe ó dhramhtheas (lena n-áirítear ó dhramhaíl chathrach) agus ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh i gcomhréir le mír 1 agus Airteagal 24(4) agus (6).

I gcás nach sainaithnítear sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1 agus san anailís dá dtagraítear i mír 3 aon acmhainneacht ar mó a tairbhí ná na costais, lena n-áirítear na costais riaracháin a bhaineann leis an anailís costais is tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 24(4), féadfaidh an Ballstát lena mbaineann suiteálacha a eisiamh ó na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin.

I gcás nach sainaithnítear sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1 agus san anailís dá dtagraítear i mír 3 aon acmhainneacht ar mó a tairbhí ná na costais, lena n-áirítear na costais riaracháin a bhaineann leis an anailís costais is tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 24(4), féadfaidh an Ballstát , in éineacht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lena mbaineann, suiteálacha a eisiamh ó na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin.

5.   Glacfaidh na Ballstáit beartais agus bearta, lena n-áiritheofar go mbaintear amach an acmhainneacht a sainaithníodh sna measúnuithe cuimsitheacha a dhéanfar de bhun mhír 1. Áireofar sna beartais agus sna bearta sin ar a laghad na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IX. Tabharfaidh gach Ballstát fógra faoi na bearta agus na beartais sin mar chuid den nuashonrú ar a phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn a ghabhann leo agus ar tugadh fógra fúthu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.

5.   Glacfaidh na Ballstáit beartais agus bearta, lena n-áiritheofar go mbaintear amach an acmhainneacht a sainaithníodh sna measúnuithe cuimsitheacha a dhéanfar de bhun mhír 1. Áireofar sna beartais agus sna bearta sin ar a laghad na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IX. Tabharfaidh gach Ballstát fógra faoi na bearta agus na beartais sin mar chuid den nuashonrú ar a phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn a ghabhann leo agus ar tugadh fógra fúthu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.

6.   Spreagfaidh na Ballstáit na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla a ullmhú i mbardais ina bhfuil daonra atá ar a laghad níos airde ná 50 000 . Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, i gceist leis na pleananna sin:

6.   Spreagfaidh na Ballstáit na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla a ullmhú i mbardais ina bhfuil daonra atá ar a laghad níos airde ná 50 000 . Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, i gceist leis na pleananna sin:

(a)

beidh siad bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna soláthar sna measúnuithe cuimsitheacha arna ndéanamh de bhun mhír 1 lena soláthrófar meastachán agus mapáil ar an acmhainneacht chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, lena n-áirítear trí aisghabháil dramhaíola teasa, agus fuinneamh in-athnuaite i dtéamh agus i bhfuarú sa réimse áirithe sin;

(a)

beidh siad bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna soláthar sna measúnuithe cuimsitheacha arna ndéanamh de bhun mhír 1 lena soláthrófar meastachán agus mapáil ar an acmhainneacht chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, lena n-áirítear trí aisghabháil dramhaíola teasa, agus fuinneamh in-athnuaite i dtéamh agus i bhfuarú sa réimse áirithe sin;

(b)

beidh straitéis san áireamh ann chun an acmhainneacht a sainaithníodh de bhun mhír 6(a) a úsáid;

(b)

beidh straitéis san áireamh ann chun an acmhainneacht a sainaithníodh de bhun mhír 6(a) a úsáid;

(c)

ullmhófar iad le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí réigiúnacha nó áitiúla ábhartha uile agus áiritheoidh siad rannpháirtíocht an phobail i gcoitinne;

(c)

ullmhófar iad le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí réigiúnacha nó áitiúla ábhartha uile agus áiritheoidh siad rannpháirtíocht an phobail i gcoitinne;

(d)

déanfar machnamh iontu ar chomhriachtanais na bpobal áitiúil agus an iliomad aonad nó réigiún áitiúil nó réigiúnach riaracháin;

(d)

déanfar machnamh iontu ar chomhriachtanais na bpobal áitiúil agus an iliomad aonad nó réigiún áitiúil nó réigiúnach riaracháin;

(e)

áiritheofar iontu faireachán ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a sainaithníodh.

(e)

áiritheofar iontu faireachán ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a sainaithníodh.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis don phobal páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna téimh agus fuaraithe, an measúnú cuimsitheach agus na beartais agus na bearta.

Áiritheoidh na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ábhartha go dtabharfar an deis don phobal páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna téimh agus fuaraithe, an measúnú cuimsitheach agus na beartais agus na bearta.

Chun na críche sin, forbróidh na Ballstáit moltaí lena dtacófar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun beartais agus bearta a chur chun feidhme maidir le téamh agus fuarú fuinnimh éifeachtúil agus fuinnimh inathnuaite ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus leas á bhaint as an acmhainneacht a shainaithnítear. Tacóidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla trí aon mhodh lena n-áirítear tacaíocht airgeadais agus scéimeanna tacaíochta teicniúla.

Chun na críche sin, forbróidh na Ballstáit moltaí lena dtacófar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun beartais agus bearta a chur chun feidhme maidir le téamh agus fuarú fuinnimh éifeachtúil agus fuinnimh inathnuaite ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus leas á bhaint as an acmhainneacht a shainaithnítear. Tacóidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla trí aon mhodh lena n-áirítear tacaíocht airgeadais agus scéimeanna tacaíochta teicniúla.

Leasú 44

Airteagal 23.6

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun na críche sin, forbróidh na Ballstáit moltaí lena dtacófar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun beartais agus bearta a chur chun feidhme maidir le téamh agus fuarú fuinnimh éifeachtúil agus fuinnimh inathnuaite ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus leas á bhaint as an acmhainneacht a shainaithnítear. Tacóidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla trí aon mhodh lena n-áirítear tacaíocht airgeadais agus scéimeanna tacaíochta teicniúla.

Chun na críche sin, forbróidh na Ballstáit moltaí lena dtacófar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun beartais agus bearta a chur chun feidhme maidir le téamh agus fuarú fuinnimh éifeachtúil agus fuinnimh inathnuaite ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus leas á bhaint as an acmhainneacht a shainaithnítear. Tacóidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla trí aon mhodh lena n-áirítear tacaíocht airgeadais agus scéimeanna tacaíochta teicniúla. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na pleananna téimh agus fuaraithe a ailíniú le ceanglais pleanála áitiúla eile i réimsí na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil, ó thaobh inneachair agus dátaí de, chun dúbailt oibre agus ualach riaracháin ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a sheachaint agus chun cur chun feidhme éifeachtach na bpleananna a spreagadh.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 45

Airteagal 23.6a (pointe nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

6 a.     Féadfaidh grúpa d’údaráis áitiúla comharsanachta éagsúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla a chur i gcrích i gcomhar le chéile más iomchuí an comhthéacs geografach agus riaracháin mar aon leis an mbonneagar téimh agus fuaraithe.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 46

Airteagal 23.6

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(d bis 1)

measúnú a dhéanamh ar an ról tábhachtach atá ag na comhphobail fuinnimh in-athnuaite agus ag tionscnaimh eile atá á stiúradh ag tomhaltóirí a d’fhéadfadh rannchuidiú go gníomhach le tionscadail áitiúla téimh agus fuaraithe a chur chun feidhme;

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 47

Airteagal 23.6

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(d bis 2)

measúnú a dhéanamh ar conas cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a sainaithníodh a mhaoiniú agus foráil a dhéanamh maidir le sásraí airgeadais, lena n-áirítear maoiniú díreach AE, lena gceadaítear d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus do thomhaltóirí aonair aistriú chuig téamh agus fuarú inathnuaite;

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 48

Airteagal 24

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Chun éifeachtúlacht fuinnimh phríomhúil agus sciar an fhuinnimh in-athnuaite i soláthar téimh agus fuaraithe a mhéadú, is córas éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair é córas a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

1.   Chun éifeachtúlacht fuinnimh phríomhúil agus sciar an fhuinnimh in-athnuaite i soláthar téimh agus fuaraithe a mhéadú, is córas éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair é córas a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)

go dtí an 31 Nollaig 2025 , córas a úsáideann 50 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 %de dhramhtheas, 75 % de theas comhghinte nó 50 % de theaglaim d’fhuinneamh agus teas den sórt sin;

(a)

go dtí an 31 Nollaig 2029 , córas a úsáideann 50 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 %de dhramhtheas, 75 % de theas comhghinte nó 50 % de theaglaim d’fhuinneamh agus teas den sórt sin;

(b)

ón 1 Eanáir 2026 , córas a úsáideann ar a laghad 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas, 80 % de theas ardéifeachtach arna ghiniúint nó ar a laghad teaglaim d’fhuinneamh teirmeach den sórt sin a théann isteach sa líonra ina bhfuil sciar an fhuinnimh in-athnuaite 5 % ar a laghad agus sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite, na dramhaíolathe teasa nó an teasa ardéifeachtúlachta comhghiniúna 50 % ar a laghad;

(b)

ón 1 Eanáir 2030, córas a úsáideann ar a laghad 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas, 80 % de theas ardéifeachtach arna ghiniúint nó ar a laghad teaglaim d’fhuinneamh teirmeach den sórt sin a théann isteach sa líonra ina bhfuil sciar an fhuinnimh in-athnuaite 5 % ar a laghad agus sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite, na dramhaíolathe teasa nó an teasa ardéifeachtúlachta comhghiniúna 50 % ar a laghad;

(c)

ón 1 Eanáir 2035, córas a úsáideann ar a laghad 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, i gcás ina bhfuil sciar an fhuinnimh in-athnuaite 20 % ar a laghad;

(c)

ón 1 Eanáir 2035, córas a úsáideann ar a laghad 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, i gcás ina bhfuil sciar an fhuinnimh in-athnuaite 20 % ar a laghad;

(d)

ón 1 Eanáir 2045, córas a úsáideann ar a laghad 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, i gcás ina bhfuil sciar an fhuinnimh in-athnuaite 40 % ar a laghad;

(d)

ón 1 Eanáir 2045, córas a úsáideann ar a laghad 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, i gcás ina bhfuil sciar an fhuinnimh in-athnuaite 40 % ar a laghad;

(e)

ón 1 Eanáir 2050, córas nach n-úsáideann ach fuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas, i gcás ina bhfuil sciar an fhuinnimh in-athnuaite 60 % ar a laghad;

(e)

ón 1 Eanáir 2050, córas nach n-úsáideann ach fuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas, i gcás ina bhfuil sciar an fhuinnimh in-athnuaite 60 % ar a laghad;

Cúis

I dtaca le bearta feabhsaithe maidir le téamh ceantair, ba cheart tús áite a thabhairt do réitigh chomhghiniúna a chur chun cinn ós iad is éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de. Dá ndéanfaí athrú tapa den sórt sin ar an sainmhíniú ar chóras téimh ceantair éifeachtúil, d’fhágfadh sin nach gcomhlíonfadh cuid mhór de na haonaid agus de na líonraí atá á nuachóiriú faoi láthair na critéir laistigh den tréimhse ama faoinar cheart na réitigh a amúchadh agus ní fhéadfaí maoiniú a fháil le haghaidh nuachóiriú ná le haghaidh infheistíocht bhreise i bhfoinsí nua fuinnimh. Dá ndéanfaí athrú dinimiciúil sa réimse seo, d’fhéadfadh méadú neamhrialaithe a theacht ar an gcostas a bhaineann le fuinneamh a sholáthar ó líonraí téimh ceantair, rud a d’fhágfadh gur lú an fonn a bheadh ar thomhaltóirí na córais sin a úsáid agus go bhfillfidís ar fhoinsí teasa áitiúla a úsáid nach bhfuil chomh héifeachtúil agus nach féidir a rialú i dtéarmaí astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí deannaigh.

I gcoitinne, níor cheart do theicneolaíochtaí agus do bhreoslaí a úsáidtear i gcórais téimh ceantair deireadh a chur i bprionsabal leis an bhféidearthacht atá ann coigilteas a thagann ó bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a thuairisciú agus a mhaoiniú.

Leasú 49

Airteagal 26.1.1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm chun rannpháirtíocht i gcláir oiliúna den sórt sin a chur chun cinn, go háirithe rannpháirtíocht FBManna, micrifhiontar agus daoine féinfhostaithe.

Leasú 50

Airteagal 26.1b

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

1 b.     Bunóidh an Coimisiún ardán pointe aonair rochtana chun tacú le heolas agus é a roinnt lena áirithiú go mbeidh leibhéal iomchuí gairmithe cáilithe ann chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais Eorpaigh a bhaint amach laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo. A bhuí leis an ardán, tabharfar na Ballstáit, na comhpháirtithe sóisialta, na hinstitiúidí oideachais, an saol acadúil agus geallsealbhóirí ábhartha eile le chéile chun dea-chleachtais a chothú agus a chur chun cinn chun tuilleadh gairmithe éifeachtúlachta fuinnimh a áirithiú agus d’fhonn tuilleadh gairmithe a athsciliú agus a uas-sciliú chun freastal ar riachtanais an mhargaidh agus chun aird a tharraingt ar an dúshlán seo i gcomhthéacs tionscnaimh leanúnacha AE amhail an Ciste Aeráide Sóisialta, Erasmus+ agus Bauhaus Eorpach Nua.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 51

Airteagal 27, fo-cheannteidil 4 agus 5

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

4.   Spreagfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a úsáid le haghaidh athchóirithe ar fhoirgnimh mhóra. Le haghaidh athchóiriú ar fhoirgnimh mhóra neamhchónaithe a bhfuil achar urláir úsáideach os cionn 1 000 m2 acu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí measúnú ar a indéanta atá sé conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a úsáid.

4.   Spreagfaidh na Ballstáit na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus comhlachtaí poiblí eile le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a úsáid le haghaidh athchóirithe ar fhoirgnimh mhóra. Le haghaidh athchóiriú ar fhoirgnimh mhóra neamhchónaithe a bhfuil achar urláir úsáideach os cionn 1 000 m2 acu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach comhlacht poiblí measúnú ar a indéanta atá sé conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a úsáid.

Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí a spreagadh chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a chur le chéile le seirbhísí fuinnimh leathnaithe lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil.

Féadfaidh na Ballstáit na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus comhlachtaí poiblí eile a spreagadh chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a chur le chéile le seirbhísí fuinnimh leathnaithe lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit tacaíocht don earnáil phoiblí maidir le tairiscintí seirbhísí fuinnimh a ghlacadh chucu féin, go háirithe le haghaidh athchóiriú foirgneamh, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

5.   Tabharfaidh na Ballstáit tacaíocht don earnáil phoiblí , agus go háirithe do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, maidir le tairiscintí seirbhísí fuinnimh a ghlacadh chucu féin, go háirithe le haghaidh athchóiriú foirgneamh, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

samhailchonarthaí a sholáthar maidir le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh lena n-áirítear ar a laghad na hítimí a liostaítear in Iarscríbhinn XIII agus na caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ann cheana, na treoirlínte tairisceana atá ar fáil agus treoir Eurostat maidir le láimhseáil staidrimh na gconarthaí feidhmíochta fuinnimh i gcuntais rialtais a chur san áireamh;

(a)

samhailchonarthaí a sholáthar maidir le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh lena n-áirítear ar a laghad na hítimí a liostaítear in Iarscríbhinn XIII agus na caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ann cheana, na treoirlínte tairisceana atá ar fáil agus treoir Eurostat maidir le láimhseáil staidrimh na gconarthaí feidhmíochta fuinnimh i gcuntais rialtais a chur san áireamh;

(b)

faisnéis a sholáthar maidir leis na cleachtais is fearr i dtaca le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, lena n-áirítear, más ann di, anailís costais is tairbhe agus leas á bhaint as cur chuige saolré;

(b)

faisnéis a sholáthar maidir leis na cleachtais is fearr i dtaca le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, lena n-áirítear, más ann di, anailís costais is tairbhe agus leas á bhaint as cur chuige saolré;

(c)

bunachar sonraí a chur ar fáil go poiblí de na tionscadail conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh atá curtha chun feidhme agus leanúnach ina n-áirítear an coigilteas fuinnimh réamh-mheasta agus a baineadh amach.

(c)

bunachar sonraí a chur ar fáil go poiblí de na tionscadail conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh atá curtha chun feidhme agus leanúnach ina n-áirítear an coigilteas fuinnimh réamh-mheasta agus a baineadh amach.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 52

Airteagal 28

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, éascóidh na Ballstáit bunú saoráidí maoinithe, nó úsáid a bhaint a cinn atá ann cheana, le haghaidh bearta feabhsaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh chun na tairbhí a bhaineann le ilsreafaí maoinithe a uasmhéadú agus deontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh teicniúil a chur le chéile.

1.   Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, éascóidh na Ballstáit bunú saoráidí maoinithe, nó úsáid a bhaint a cinn atá ann cheana, le haghaidh bearta feabhsaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh chun na tairbhí a bhaineann le ilsreafaí maoinithe a uasmhéadú agus deontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh teicniúil a chur le chéile.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, go díreach nó trí na hinstitiúidí Eorpacha airgeadais, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit chun saoráidí maoinithe agus saoráidí forbartha cúnaimh theicniúil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil arb é is aidhm dóibh infheistíochtaí s an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú in earnálacha éagsúla, agus custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta a chosaint agus a chumhachtú lena n-áirítear trí ghné an chomhionannais a chomhtháthú ionas nach bhfágfar aon duine ar lár.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, go díreach nó trí na hinstitiúidí Eorpacha airgeadais, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit chun saoráidí maoinithe agus saoráidí forbartha cúnaimh theicniúil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil arb é is aidhm dóibh infheistíochtaí s an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú in earnálacha éagsúla, agus custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta a chosaint agus a chumhachtú lena n-áirítear trí ghné an chomhionannais a chomhtháthú ionas nach bhfágfar aon duine ar lár.

3.   Glacfaidh na Ballstáit bearta lena n-áiritheofar go ndéanfaidh institiúidí airgeadais táirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh, amhail morgáistí glasa agus iasachtaí glasa, urraithe agus neamhurraithe, a thairiscint go forleathan agus go neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe ag tomhaltóirí agus go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí orthu. Glacfaidh na Ballstáit bearta chun cur chun feidhme scéimeanna maoinithe inbhille agus inchánach a éascú. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh bainc agus institiúidí airgeadais eile faisnéis faoi dheiseanna chun a bheith rannpháirteach i maoiniú na mbeart um fheabhsú ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí phríobháideacha/phoiblí a chruthú.

3.   Glacfaidh na Ballstáit bearta lena n-áiritheofar go ndéanfaidh institiúidí airgeadais táirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh, amhail morgáistí glasa agus iasachtaí glasa, urraithe agus neamhurraithe, a thairiscint go forleathan agus go neamh-idirdhealaitheach , maille le tacaíocht airgeadais chun rochtain a fháil ar mhodhanna iompair phoiblí agus ar mhodhanna iompair astaíochtaí nialasacha, nó chun na modhanna sin a chur ar fáil, agus go mbeidh siad infheicthe ag tomhaltóirí agus go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí orthu. Glacfaidh na Ballstáit bearta chun cur chun feidhme scéimeanna maoinithe inbhille agus inchánach a éascú. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh bainc agus institiúidí airgeadais eile faisnéis faoi dheiseanna chun a bheith rannpháirteach i maoiniú na mbeart um fheabhsú ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí phríobháideacha/phoiblí a chruthú.

4.   Éascóidh an Coimisiún malartú dea-chleachtais idir na húdaráis nó comhlachtaí inniúla náisiúnta nó réigiúnacha , e.g. trí bhíthin cruinnithe bliantúla na gcomhlachtaí rialála, bunachair sonraí poiblí ina mbeidh faisnéis maidir le cur chun feidhme beart ag na Ballstáit, agus comparáidí idir tíortha.

4.   Éascóidh an Coimisiún malartú dea-chleachtais idir na húdaráis nó comhlachtaí inniúla náisiúnta , réigiúnacha nó áitiúla , e.g. trí bhíthin cruinnithe bliantúla na gcomhlachtaí rialála, bunachair sonraí poiblí ina mbeidh faisnéis maidir le cur chun feidhme beart ag na Ballstáit, agus comparáidí idir tíortha.

5.   Chun maoiniú príobháideach a shlógadh i gcomhar bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóiriú fuinnimh, i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE, beidh idirphlé ag an gCoimisiún le hinstitiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha araon chun gníomhaíochtaí a bhféadfaidh sé dul ina mbun a leagan amach.

5.   Chun maoiniú príobháideach a shlógadh i gcomhar bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóiriú fuinnimh, i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE, beidh idirphlé ag an gCoimisiún le hinstitiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha araon chun gníomhaíochtaí a bhféadfaidh sé dul ina mbun a leagan amach.

6.   Áireofar na heilimintí seo a leanas sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 4:

6.   Áireofar na heilimintí seo a leanas sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 4:

(a)

infheistíocht chaipitil a shlógadh in éifeachtúlacht fuinnimh trí thionchair níos leithne coigiltis fuinnimh a chur san áireamh;

(a)

infheistíocht chaipitil a shlógadh in éifeachtúlacht fuinnimh trí thionchair níos leithne coigiltis fuinnimh a chur san áireamh;

(b)

sonraí feidhmíochta fuinnimh agus airgeadais níos fearr a áirithiú tríd an méid seo a leanas:

(b)

sonraí feidhmíochta fuinnimh agus airgeadais níos fearr a áirithiú tríd an méid seo a leanas:

 

(i)

tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an mbealach a gcuireann infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh le luachanna sócmhainní bunúsacha;

 

(i)

tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an mbealach a gcuireann infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh le luachanna sócmhainní bunúsacha;

 

(ii)

tacú le staidéir chun measúnú a dhéanamh ar luach airgid a chur ar thairbhí neamhfhuinnimh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh.

 

(ii)

tacú le staidéir chun measúnú a dhéanamh ar luach airgid a chur ar thairbhí neamhfhuinnimh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh.

7.   Chun maoiniú príobháideach na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus an athchóirithe fuinnimh a shlógadh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu:

7.   Chun maoiniú príobháideach na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus an athchóirithe fuinnimh a shlógadh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu:

(a)

féachfaidh siad faoi bhealaí chun úsáid níos fearr a bhaint as iniúchtaí fuinnimh faoi Airteagal 11 chun tionchar a imirt ar chinnteoireacht;

(a)

féachfaidh siad faoi bhealaí chun úsáid níos fearr a bhaint as iniúchtaí fuinnimh faoi Airteagal 11 chun tionchar a imirt ar chinnteoireacht;

(b)

bainfidh siad an úsáid is fearr is féidir as na féidearthachtaí agus na huirlisí atá ar fáil as buiséad an Aontais, agus a mholtar sa tionscnamh dar teideal airgeadas cliste d’fhoirgnimh chliste agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Rabharta Athchóiriúcháin”.

(b)

bainfidh siad an úsáid is fearr is féidir as na féidearthachtaí agus na huirlisí atá ar fáil as buiséad an Aontais, agus a mholtar sa tionscnamh dar teideal airgeadas cliste d’fhoirgnimh chliste agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Rabharta Athchóiriúcháin”.

8.   Faoin 31 Nollaig 2024, cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil do na Ballstáit agus do ghníomhaithe sa mhargadh i ndáil leis an mbealach chun leas a bhaint as infheistíocht phríobháideach.

8.   Faoin 31 Nollaig 2024, cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil do na Ballstáit agus do ghníomhaithe sa mhargadh i ndáil leis an mbealach chun leas a bhaint as infheistíocht phríobháideach.

Is é an cuspóir a bheidh ag an treoir cabhrú leis na Ballstáit agus le gníomhaithe sa mhargadh a gcuid infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme sna cláir éagsúla de chuid an Aontais, agus molfaidh siad sásraí agus réitigh airgeadais leordhóthanacha, ina mbeidh meascán de dheontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh um fhorbairt tionscadal, chun tionscadail atá ann cheana a mhéadú agus an maoiniú ón Aontas a úsáid mar chatalaíoch chun maoiniú príobháideach a ghiaráil agus a spreagadh.

Is é an cuspóir a bheidh ag an treoir cabhrú leis na Ballstáit , leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus le gníomhaithe sa mhargadh a gcuid infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme sna cláir éagsúla de chuid an Aontais, agus molfaidh siad sásraí agus réitigh airgeadais leordhóthanacha, ina mbeidh meascán de dheontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh um fhorbairt tionscadal, chun tionscadail atá ann cheana a mhéadú agus an maoiniú ón Aontas a úsáid mar chatalaíoch chun maoiniú príobháideach a ghiaráil agus a spreagadh.

9.   Féadfaidh na Ballstáit Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh a bhunú. Is é an cuspóir a bheidh ag an gciste sin bearta um fheabhsú ar éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta de bhun Airteagal 8(3) agus Airteagal 22 mar thosaíocht i measc custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, agus chun bearta náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit a ranníocaíochtaí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus a gconairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a chomhlíonadh. Féadfar an Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta a mhaoiniú le hioncam ó cheantanna liúntais de bhun Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais ar fhoirgnimh agus ar earnálacha iompair.

9.   Féadfaidh na Ballstáit Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh a bhunú. Is é an cuspóir a bheidh ag an gciste sin bearta um fheabhsú ar éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta de bhun Airteagal 8(3) agus Airteagal 22 mar thosaíocht i measc custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, agus chun bearta náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit a ranníocaíochtaí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus a gconairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a chomhlíonadh. Féadfar an Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta a mhaoiniú le hioncam ó cheantanna liúntais de bhun Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais ar fhoirgnimh agus ar earnálacha iompair.

10.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhlachtaí poiblí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6(1) a chomhlíonadh trí bhíthin ranníocaíochtaí bliantúla a dhéanamh leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh atá coibhéiseach le méid na n-infheistíochtaí atá de dhíth chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.

10.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhlachtaí poiblí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6(1) a chomhlíonadh trí bhíthin ranníocaíochtaí bliantúla a dhéanamh leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh atá coibhéiseach le méid na n-infheistíochtaí atá de dhíth chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.

11.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le páirtithe faoi oibleagáid a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 4 a chomhlíonadh trí ranníocaíocht a dhéanamh go bliantúil leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh, ar méid é atá cothrom leis na hinfheistíochtaí a theastaíonn chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.

11.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le páirtithe faoi oibleagáid a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 4 a chomhlíonadh trí ranníocaíocht a dhéanamh go bliantúil leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh, ar méid é atá cothrom leis na hinfheistíochtaí a theastaíonn chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.

12.   Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as a n-ioncam ó na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE chun maoiniú nuálach a fhorbairt le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh.

12.   Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as a n-ioncam ó na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE chun maoiniú nuálach a fhorbairt le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 53

Iarscríbhinn IV

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

I nósanna imeachta dámhachtana le haghaidh conarthaí poiblí agus lamháltas, údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a cheannaíonn táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus oibreacha, a mhéid déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

I nósanna imeachta dámhachtana le haghaidh conarthaí poiblí agus lamháltas, údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a cheannaíonn táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus oibreacha, i gcomhréir le héifeachtúlacht costais, le hindéantacht eacnamaíoch, le hinbhuanaitheacht níos leithne, le hoiriúnacht theicniúil, mar aon le hiomaíocht leordhóthanach, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

[…]

[…]

(d)

ní cheannóidh siad ach na boinn a chomhlíonann an critéar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde ó thaobh breosla de a bheith acu, mar a shainítear le Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ní chuirfear bac ar chomhlachtaí poiblí leis an gceanglas sin boinn a cheannach ag a bhfuil an aicme fliuchghreime aicme torainn rollta sheachtraigh is airde acu i gcás ina bhfuil bonn cirt leis sin de bharr cúiseanna sábháilteachta nó sláinte poiblí.

(d)

ní cheannóidh siad ach na boinn a chomhlíonann an critéar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde ó thaobh breosla de a bheith acu, mar a shainítear le Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Leis an gceanglas sin , áfach, cuirfear san áireamh go cothrom gur gá faoi dhálaí geimhridh an aicme ard fliuchghreime agus aicme torainn sheachtraigh rollta a úsáid i gcás ina bhfuil bonn cirt leis sin de bharr cúiseanna sábháilteachta nó sláinte poiblí;

[…]

[…]

(f)

ceannóidh siad foirgnimh a chomhlíonann ar a laghad na híoscheanglais maidir le feidhmíocht fuinnimh dá dtagraítear Airteagal 4(1) de Threoir 2010/31/AE, nó déanfaidh siad comhaontuithe cíosa nua lena n-aghaidh, murab é ceann de na nithe seo a leanas cuspóir an cheannacháin:

(f)

ceannóidh siad foirgnimh a chomhlíonann ar a laghad na híoscheanglais maidir le feidhmíocht fuinnimh dá dtagraítear Airteagal 4(1) de Threoir 2010/31/AE, nó déanfaidh siad comhaontuithe cíosa nua lena n-aghaidh, nó ceanglais eile d’fhoirgnimh atá ann cheana nó athchóirithe níos fairsinge atá iomchuí do na Ballstáit, murab é ceann de na nithe seo a leanas cuspóir an cheannacháin:

[…]

[…]

Cúis

Ba cheart gach gné den inbhuanaitheacht a chur san áireamh, lena n-áirítear sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. Ba cheart dálaí geimhridh a chur san áireamh freisin i gcás bonn. Ní leibhéal iomchuí ceanglas le haghaidh athchóirithe iad na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh is infheidhme faoin Treoir Eorpach maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh, toisc go sainítear iad ar bhealaí éagsúla ó Bhallstát go chéile.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

ar cóimheon leis an gCoimisiún Eorpach go bhfuil ról ríthábhachtach ag an éifeachtúlacht fuinnimh maidir le aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh agus spleáchas an Aontais Eorpaigh ar bhreoslaí allmhairithe a laghdú, go háirithe i bhfianaise ghéarchéim na bpraghsanna fuinnimh atá ann faoi láthair a bhfuil tionchar as cuimse ag an gcogadh san Úcráin orthu;

2.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na leasuithe atá beartaithe ar na forálacha atá sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh cheana féin agus á chur i bhfios go láidir gur cheart go neartódh na hathruithe sin an creat dlíthiúil, rud a chuirfeadh níos mó deiseanna ar fáil chun leas a bhaint as a bhfuil d’acmhainneacht ann feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh i gcomhréir leis an Dlí Aeráide arna chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil;

3.

ag athdhearbhú an róil ríthábhachtaigh atá ag gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, rud atá riachtanach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach; á chur chun suntais nach mór an ghníomhaíocht sin a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil agus, dá bhrí sin, á chur in iúl gur díol sásaimh dó go dtugtar tuilleadh aitheantais do ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa togra;

4.

á chur i bhfios go láidir go bhfágann an t-aistriú leanúnach fuinnimh go bhfuiltear ag imeacht ó chóras fuinnimh atá bunaithe ar ghiniúint thraidisiúnta láraithe go córas atá níos díláraithe, níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de, níos solúbtha agus ag brath cuid mhaith ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, dá bhrí sin, an t-aitheantas atá á thabhairt do ról na saoránach san aistriú fuinnimh agus don ghá atá le feasacht a ardú i gcónaí, lena n-áirítear trí ionstraimí amhail an Comhshocrú Aeráide; i ndáil leis an méid sin, ag athdhearbhú an róil ríthábhachtaigh atá ag an ngníomhaíocht áitiúil agus réigiúnach san idirphlé leis na saoránaigh agus chun an t-aistriú glas a chur chun cinn trí dhea-chleachtais rathúla atá faoi stiúir an phobail;

5.

den tuairim gur cheart don aontas fuinnimh saoránaigh a chumhachtú chun a bhfuinneamh in-athnuaite féin a tháirgeadh, a ídiú, a stóráil nó a thrádáil ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann, chun bearta coigiltis fuinnimh a dhéanamh, chun bheith ina rannpháirtithe gníomhacha sa mhargadh fuinnimh de rogha an tomhaltóra, agus chun deis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh go sábháilte agus go muiníneach sa fhreagairt don éileamh; i ndáil leis sin, ag athdhearbhú a iarrata (29) agus iarraidh Pharlaimint na hEorpa gur cheart comhthuiscint phraiticiúil ar an sainmhíniú ar “táirgeoirí is tomhaltóirí” (30) a chomhaontú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, trí phróiseas rannpháirteach a bheidh á threorú ag an gCoimisiún;

6.

á chur in iúl gur d’fhonn tacú le gníomhaíochtaí reachtúla rialtais agus leasa go príomha a bhíonn na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ina n-úinéirí agus ina mbainisteoirí ar fhoirgnimh. Tá i bhfad níos mó i gceist le foirgnimh ná díreach uirlisí atá dírithe ar choigilteas fuinnimh a bhaint amach. Dá bhrí sin, le ceanglais dhochta maidir le hathchóiriú fuinnimh, bheadh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha tionscadail tógála chostasacha a dhéanamh nach gcuireann dearcadh iomlánaíoch ar an bhfoirgneamh san áireamh i gcónaí agus nach mbeadh inbhuanaithe sa mheántéarma ná san fhadtéarma, b’fhéidir. Ón taobh sin de, ba mhaith leis an gCoiste go ndíreofaí tuilleadh aitheantais agus airde sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh ar úsáid níos cliste agus níos éifeachtúla a bhaint as foirgnimh phoiblí atá ann cheana mar bhealach chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú.

7.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tagairt shainráite don ghá atá ann an bhochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta a chomhrac trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a úsáid agus don ghá a bheidh ann ina dhiaidh sin do na Ballstáit tacú leis an leibhéal áitiúil agus réigiúnach ina leith sin; á cheapadh go bhfuil sé ríthábhachtach, i ndáil leis sin, an t-ualach costais tosaigh a bhaineann le bearta éifeachtúlachta fuinnimh a laghdú, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha agus do ghrúpaí tomhaltóirí leochaileacha;

8.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tagairt do nascacht limistéar tuaithe agus iargúlta, áit ina bhféadfadh formhór na n-áitritheoirí a bheith ina n-úsáideoirí leochaileacha iompair le linn an aistrithe i dtreo na soghluaisteachta inbhuanaithe;

9.

á chur i bhfios go láidir gur dúshlán ollmhór don chuid is mó de na Ballstáit a bheidh sna dearbhlaghduithe faoi 1,7 % in aghaidh na bliana atá beartaithe ar úsáid fuinnimh agus ídiú deiridh fuinnimh na gcomhlachtaí poiblí uile. Beidh gá le fothú cuimsitheach acmhainneachta ó thaobh airgeadais, inniúlachta, treorach, sonraí, tuairisciú, etc. Tá gá le cur i bhfeidhm leathan teicnící agus cleachtas claochlaitheach atá ann cheana agus atá nua araon. Tá CnaR ag iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach go hiomlán sa phróiseas, in éineacht le geallsealbhóirí ábhartha eile;

10.

á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar na spriocanna maidir le hídiú fuinnimh chun an rogha a chur san áireamh maidir le coigilteas carnach fuinnimh agus spriocanna ídithe carnacha a shocrú in ionad ceanglais ar leith a bheith ann maidir le fuinneamh deiridh agus príomhúil. Cuirfidh sin feabhas ar an éifeachtúlacht fuinnimh ar fud an tslabhra ar fad – ó tháirgeadh go tarchur, dáileadh agus úsáid deiridh;

11.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra maidir le ceanglais reachtacha chun 3 % de stoc na bhfoirgneamh poiblí a athchóiriú ar bhonn bliantúil; á mheas go bhfuil gá le fothú fairsing acmhainneachta trí thacaíocht theicniúil, tacaíocht airgeadais agus tacaíocht beartais, agus trí dhea-chleachtas a mhalartú; á iarraidh go ndéanfaí soiléiriú breise agus sainmhíniú ar bhearta agus ar mhodhanna maidir le hathchóiriú foirgneamh, fachtóirí ceartúcháin is infheidhme do chineálacha éagsúla foirgneamh agus do shaintréithe éagsúla foirgneamh (31), chomh maith le socruithe airgeadais ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta;

12.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an fógra a rinneadh maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta a úsáid chun na héifeachtaí diúltacha ar na teaghlaigh is leochailí, ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus ar úsáideoirí soghluaisteachta a chothromú agus chun forbairt atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí de a áirithiú; á chur chun suntais nach leor an cistiú atá beartaithe faoi láthair laistigh den athbhreithniú ar an leagan den chóras trádála astaíochtaí (ETS) atá ann cheana chun aistriú cóir i ndáiríre a áirithiú agus á chur i bhfios go láidir gur cheart leithdháileadh ioncaim lasmuigh de ETS maidir le hiompar de bhóthar agus foirgnimh (ETS II) don Chiste Aeráide Sóisialta a chur sa mheá; á mholadh gur cheart tús a chur leis an gcomhthiomsú ioncaim don Chiste Aeráide Sóisialta sula gcuirfear ETS II chun feidhme; á chur in iúl go láidir, i gcás ina gcinnfidh na comhreachtóirí gan dul ar aghaidh le ETS II mar a fhoráiltear sa togra ón gCoimisiún, gur cheart an leagan reatha de ETS a atreisiú tuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar an iompar de bhóthar agus ar fhoirgnimh;

13.

i bhfách leis an bprionsabal a chumhdaítear sa Dlí Aeráide Eorpach nach mór do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta agus i dtreo laghduithe astaíochtaí, agus d’fhéadfadh ETS an Aontais rannchuidiú go mór leis sin dá ndéanfaí an prionsabal “íoc mar a thruaillítear” a leathnú chuig gach earnáil a chumhdaítear leis; á chur i bhfios gurb í earnáil na tógála is cúis le 40 % den ídiú fuinnimh san Eoraip; den tuairim, áfach, gur saincheist íogair í an phraghsáil carbóin a thabhairt isteach san earnáil sin agus nár cheart ualaí a chur ar na críocha is leochailí den Aontas ná ar na grúpaí saoránach is leochailí dá dheasca;

14.

á chur chun suntais gur cheart, le praghas carbóin atá láidir arna thabhairt isteach de réir a chéile, comhartha riachtanach a thabhairt do ghnólachtaí agus an t-aistriú a chur chun cinn ar an mbealach is costéifeachtaí, agus á chur i dtábhacht gur gá idirghníomhú éifeachtach a bheith idir an leagan athbhreithnithe de ETS agus an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (CBAM), in éineacht, b’fhéidir, le bearta tacaíochta eile de chuid an Aontais chun geilleagar atá aeráidneodrach agus iomaíoch a áirithiú i réigiúin an Aontais, go háirithe i réigiúin atá i mbun aistriú inbhuanaithe i dtaca lena gcuid tionscal dianfhuinnimh; á mholadh go láidir ionstraimí atá comhoiriúnach don mhargadh a úsáid a mhéid is féidir, lena n-áirítear ionstraimí airgeadais le tacaíocht ón gcreat airgeadais ilbhliantúil agus ón ionstraim NextGenerationEU;

15.

ag tacú leis an gCoimisiún a bhfuil sé ar intinn aige sineirgíochtaí a áirithiú idir na hionstraimí cistiúcháin éagsúla, go háirithe na cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte agus na cistí faoi bhainistíocht dhíreach (amhail cláir a bhainistítear go lárnach: Fís Eorpach nó LIFE), chomh maith le deontais, iasachtaí eatramhacha agus cúnamh teicniúil chun a dtionchar giarála a uasmhéadú ar an maoiniú príobháideach agus a dtionchar ar chuspóirí beartais éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach; ag iarraidh, i ndáil leis sin, go dtabharfaí faoi na chéad chéimeanna nithiúla eile a luaithe is féidir, ós rud é gur réamhchoinníoll iad sin chun athchóiriú iomlán a dhéanamh ar stoc na bhfoirgneamh;

16.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Pharlaimint na hEorpa Treoirthionscadal a bhunú lena ndéileálfar go sonrach le hathchóiriú dúshlánach agus le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh stairiúil agus/nó foirgneamh sainchomhartha ar leith a mhéadú. Chuirfeadh na réigiúin nó na cathracha atá rannpháirteach sa Treoirthionscadal seo coincheap mionsonraithe ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar a rogha foirgneamh stairiúil nó foirgneamh sainchomhartha eile. Nuair a roghnaítear iad chun cistiú a fháil agus nuair a bheidh an tionscadal athchóirithe críochnaithe, tharraingeodh torthaí an Treoirthionscadail seo aird bhreise ar thiomantas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach dul i dtreo todhchaí atá tíosach ar fhuinneamh agus d’fhéadfaidís a bheith ina eiseamláirí soiléire d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha eile maidir le conas foirgnimh chasta stairiúla agus/nó foirgnimh sainchomhartha a athchóiriú laistigh de réigiúin agus de chathracha.

17.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán na bearta atá cheana féin sna creataí dlíthiúla le haghaidh na gclár agus na n-ionstraimí cistiúcháin éagsúla atá ar fáil do chathracha agus do réigiúin. I bhfianaise na n-iarrachtaí breise maidir le héifeachtúlacht fuinnimh atá á n-iarraidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, tá sé ríthábhachtach go mbeidh rochtain éasca ag na cathracha agus ag na réigiúin ar na cláir éagsúla agus ar na hionstraimí éagsúla maoiniúcháin. D’fhéadfaí an brú méadaithe sin atá á chur ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur san áireamh, mar shampla, nuair a bheifear ag féachaint ar an scóráil incháilitheachta sa mheasúnú ar iarratais ar mhaoiniú;

18.

á chur in iúl gur oth leis an easpa uaillmhéine atá faoin athbhreithniú maidir le spriocanna soiléire a leagan síos don soláthar poiblí glas agus ciorclach; ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, nósanna imeachta soiléire, infheidhme go coitianta agus mionsonraithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus inbhuanaitheacht sa soláthar poiblí a fhorbairt i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun go seachnófaí an riail ina dtugtar tosaíocht don phraghas is ísle;

19.

á chur chun suntais gur cheart an éifeachtúlacht fuinnimh, go háirithe i dtaca leis an ngnó agus, thar aon rud eile, leis an earnáil déantúsaíochta, a chur san áireamh in éineacht leis an uasteorainn ídiúcháin, rud a bhaineann go mór mór le teaghlaigh;

20.

á chur chun suntais gurb é úsáid na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair atá bunaithe ar aonaid chomhghiniúna an bealach is éifeachtaí chun cáilíocht an aeir a fheabhsú agus chun éifeachtúlacht fuinnimh úsáid breoslaí a mhéadú; i bhfách, dá bhrí sin, le giniúint teasa agus cumhachta in éineacht a chur chun cinn agus le húsáid éifeachtúil dramhtheasa (lena n-áirítear dramhaíl chathrach), i gcás nach bhfuil aon dul uaidh, i gcomhréir le prionsabal na ciorclaitheachta; ag aithint na hacmhainneachta a bhaineann le dramhtheas chun réitigh gháis/in-athnuaite a chomhlánú agus á thabhairt dá aire, ag an am céanna, a thábhachtaí atá sé astaíocht an dramhtheasa a theorannú i bhfianaise an méid a chuireann sí leis an téamh domhanda; anuas air sin, ba cheart úsáid dramhtheasa ón tionsclaíocht, ó lárionaid sonraí agus ó ghníomhaíochtaí sochaíocha eile a bheith ina bheart comhlántach ós rud é nach bhfuil aon tionchar aige ar an gcomhshaol agus go bhfuil an fuinneamh in-athnuaite fós teoranta;

21.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó amlíne shoiléir a bheith ann le haghaidh córais éifeachtúla téimh agus fuaraithe ceantair a thabhairt isteach. Mar sin féin, ní mór solúbthacht leordhóthanach a áirithiú ionas gur féidir na córais téimh agus fuaraithe a chur in oiriúint do shonraíochtaí agus riachtanais réigiúnacha agus áitiúla na críche i gceist;

22.

ag aithint an róil atá ag gníomhaireachtaí áitiúla agus réigiúnacha fuinnimh mar uirlis chumhachtach chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn ar fud an Aontais Eorpaigh agus ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tacú lena gcuid gníomhaíochtaí trí bhíthin líonra tiomnaithe agus cistí tiomnaithe;

23.

ag aontú leis an mbunús dlí ar a bhfuil inniúlacht an Aontais Eorpaigh ina leith sin á bhunú ag an gCoimisiún Eorpach. I gcomhréir le hAirteagal 194 CFAE, tá an tAontas Eorpach inniúil chun bearta a dhéanamh, i measc nithe eile, d’fhonn éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn. Dá bhrí sin, measann sé go bhfuil an togra i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ar choinníoll go n-urramaíonn sé prionsabal an fhéinrialtais áitiúil atá cumhdaithe in Airteagal 4 CAE agus faoi réir na leasuithe thuas. Ba cheart do bhearta dírithe ar an mbochtaineacht fuinnimh a chomhrac a bheith cumhdaithe faoi Airteagal 151 CFAE. Measann CnaR go bhfuil gá le sprioc Eorpach maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhunú agus a choinneáil. Is toradh dearfach atá ar an measúnú ar chomhlíonadh phrionsabal na comhréireachta.

An Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(2)  Moladh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh, C(2020)9600 final.

(3)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(4)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(5)  Moladh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh, C(2020)9600 final.

(6)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(7)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, IO L 94 28.3.2014, lch. 65.

(8)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, IO L 94 28.3.2014, lch. 65.

(9)  COM/2020/562 final.

(10)  Féach IRP, Éifeachtúlacht Acmhainní agus an tAthrú Aeráide, 2020, agus Tuarascáil Bhearna Astaíochtaí 2019 na Náisiún Aontaithe. Tagraíonn na figiúirí sin d’úsáid agus d’oibriú foirgneamh, lena n-áirítear astaíochtaí indíreacha san earnáil cumhachta agus teasa, ní dá saolré iomlán. Meastar gurb ionann an carbón corpraithe i dtáirgí foirgníochta agus thart ar 10 % d’iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an domhain, féach IRP, Éifeachtúlacht Acmhainní agus an tAthrú Aeráide, 2020, agus Tuarascáil Bhearna Astaíochtaí 2019 na Náisiún Aontaithe.

(11)  COM/2020/662 final.

(12)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(13)  COM/2020/562 final.

(14)  Féach IRP, Éifeachtúlacht Acmhainní agus an tAthrú Aeráide, 2020, agus Tuarascáil Bhearna Astaíochtaí 2019 na Náisiún Aontaithe. Tagraíonn na figiúirí sin d’úsáid agus d’oibriú foirgneamh, lena n-áirítear astaíochtaí indíreacha san earnáil cumhachta agus teasa, ní dá saolré iomlán. Meastar gurb ionann an carbón corpraithe i dtáirgí foirgníochta agus thart ar 10 % d’iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an domhain, féach IRP, Éifeachtúlacht Acmhainní agus an tAthrú Aeráide, 2020, agus Tuarascáil Bhearna Astaíochtaí 2019 na Náisiún Aontaithe.

(15)  COM/2020/662 final.

(16)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(17)  https://www.unfpa.org/world-population-trends

(18)  https://www.un.org/en/ecosoc/integration/pdf/fact_sheet.pdf

(19)  https://www.unfpa.org/world-population-trends

(20)  https://www.un.org/en/ecosoc/integration/pdf/fact_sheet.pdf

(21)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain, IO L 94, 28.3.2014, lch. 1.

(22)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (OJ L 94, 28.3.2014, p. 65).

(23)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain, IO L 94, 28.3.2014, lch. 1.

(24)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (OJ L 94, 28.3.2014, p. 65).

(25)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(26)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(27)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(28)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(1)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(1)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(29)  “A Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving lives” [Rabharta athchóirithe don Eoraip: Glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil] (CDR-2786-2020) (IO C 175, 7.5.2021, lch. 23).

(30)  Is iomaí cineál “táirgeora is tomhaltóir” ann: táirgeoirí is tomhaltóirí cónaithe a tháirgeann a gcuid leictreachais féin sa bhaile – go príomha trí ghrianphainéil fhótavoltacha ar a ndíonta, comharchumainn fuinnimh faoi stiúir saoránach nó cumainn tithíochta, táirgeoirí is tomhaltóirí tráchtála nach é an táirgeadh leictreachais a bpríomhghníomhaíocht ghnó, agus institiúidí poiblí, cuir i gcás scoileanna nó ospidéil.

(31)  Saintréithe foirgneamh amhail aois, foirm, úsáid, dearadh stairiúil/ailtireachta, úinéireacht, cuspóir, margadh réadmhaoine áitiúil, luach malartach, costais fochonraitheoireachta agus aon obair athchóiriúcháin a rinneadh roimhe sin.


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/184


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Treoir maidir le Fuinneamh In athnuaite a leasú chun na spriocanna aeráide nua do 2030 a bhaint amach

(2022/C 301/16)

Rapóirtéir:

Andries GRYFFROY (BE/EA), Comhalta de Thionól Réigiúnach: Parlaimint Fhlóndras

Doiciméad tagartha:

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

COM(2021) 557

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Leasú 1

Togra le haghaidh Treorach

Aithris (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, eiseoidh an Coimisiún Eorpach treoraíocht do na Ballstáit agus do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir le nósanna imeachta agus sásraí maithe ceadaithe d’fhonn is go gcuirfear dlús leis na nósanna imeachta atá ann cheana agus go n- éascófar comhlíonadh na sprioc-amanna faoina gcaithfear ceadanna a eisiúint chun gléasraí a thógáil, a athchumhachtú agus a oibriú le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí i n- athnuaite agus na sócmhainní is gá chun iad a nascadh leis an eangach. Eiseofar an treoraíocht sin laistigh de 6 mhí tar éis ghlacadh na Treorach lena leastaítear Treoir (AE) 2018/2001 (2021/0218 (COD)).

Cúis

Fágfaidh moilleanna ar nósanna imeachta ceadaithe go gcuirfear bac ar thionscadail fuinnimh in-athnuaite a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus gur amhlaidh is deacra a bheidh sé na spriocanna fuinnimh in-athnuaite do 2030 a bhaint amach.

Leasú 2

Togra le haghaidh Treorach

Aithris (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Tá gné láidir áitiúil ag baint le táirgeadh fuinnimh i n- athnuaite.

Is den tábhacht é, ar an ábhar sin, go n-áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha go hiomlán rannpháirteach i bpleanáil agus i gcur chun feidhme beart náisiúnta aeráide, rud a ráthófar rochtain dhíreach ar chistiú agus faireachán ar dhul chun cinn na mbeart glactha; i gcás inarb infheidhme, ba cheart do na Ballstáit rannchuidithe áitiúla agus réigiúnacha a chomhtháthú sna pleananna náisiúnta don fuinnimh agus aeráide. Ba cheart Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide a athbhreithniú dá réir sin.

Cúis

Féinmhínitheach

Leasú 3

Togra le haghaidh Treorach

Aithris (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Ba cheart don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit tacú le gealltanais réigiúnacha agus áitiúla agus le cur chuige ón mbun aníos chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, go háirithe lena áirithiú go mbainfear leas níos mó as foinsí fuinnimh i n- athnuaite. Cuideoidh sé sin ní hamháin le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, ach tacóidh sé freisin le hiarrachtaí an Aontais tuilleadh slándáil soláthair a bhaint amach sa chóras fuinnimh.

Pleanáil réigiúnach agus áitiúil maidir leis an athrú aeráide atá ann cheana nó atá á forbairt mar a leagtar síos sa reachtaíocht, mar shampla líonraí amhail Cúnant na Méaraí agus tionscnaimh ábhartha AE amhail an Comhshocrú Aeráide, Misean an Aontais maidir le cathracha aeráidneodracha agus cliste, líonra C40 agus eile, is féidir leis an bpleanáil sin socruithe rialachais il-leibhéil a éascú agus ról ríthábhachtach a bheith aici maidir le huaillmhian agus gníomhaíocht a mhéadú ar an leibhéal áitiúil a mbeidh saoránaigh, gníomhaithe áitiúla agus earnálacha a bhfuil baint acu le beartais maidir leis an athrú aeráide nó a bhfuil tionchar ag na beartais sin orthu rannpháirteach inti.

Leasú 4

Togra le haghaidh Treorach

Aithris (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Is uirlis ríthábhachtach iad na Comhphobail Fuinnimh I n- athnuaite chun úsáid fhorleathan foinsí fuinnimh i n- athnuaite a chur chun cinn agus córas fuinnimh atá díláraithe agus slán a bhaint amach agus, san am céanna, tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta a áirithiú ar an leibhéal áitiúil.

Ba cheart tionscnaimh maidir le féinghiniúint (chomhchoiteann) agus féintomhaltas (comhchoiteann) a éascú i bhfoirgnimh agus ar leibhéal ceantair trína dhéanamh níos éasca ceadanna a fháil, trí thosca a chuireann cosc ar rochtain ar an eangach a laghdú, trí tháillí eangaí a ísliú agus trí chur le cur in úsáid teicneolaíochtaí amhail teicneolaíochtaí grianfhuinnimh theirmigh, fótavoltacha, gaoithe, agus geoiteirmeacha.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 5

Togra le haghaidh Treorach

Aithris (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar na bacainní ar fhorbairt pobal fuinnimh i n- athnuaite mar a cheanglaítear le hAirteagal 22 den Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh I n- athnuaite (AE) 2018/2001 (RED II).

Cuirfidh an Coimisiún Eorpach cúnamh ar fáil do na Ballstáit d’fhonn trasuí tráthúil na Treorach, comhleanúnachas le creataí dlíthiúla náisiúnta agus rannpháirtíocht na n- údarás réigiúnach agus áitiúil a áirithiú.

Cúis

Féinmhínitheach

Leasú 6

Togra le haghaidh Treorach

Aithris (3)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Leagtar síos le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) sprioc cheangailteach Aontais gur ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a thiocfaidh 32 % ar a laghad d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030. Faoin bPlean um Sprioc Aeráide, ba ghá an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh a mhéadú go dtí 40 % faoi 2030 chun sprioc laghdaithe an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach. Dá bhrí sin, is gá an sprioc a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin a mhéadú.

Leagtar síos le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) sprioc cheangailteach Aontais gur ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a thiocfaidh 32 % ar a laghad d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030. Faoin bPlean um Sprioc Aeráide, ba ghá an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh a mhéadú go dtí 40 % ar a laghad faoi 2030 chun sprioc laghdaithe an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach. Dá bhrí sin, is gá an sprioc a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin a mhéadú.

D’fhonn cur le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus aistriú níos gasta agus níos cost-éifeachtúla chuig an aeráidneodracht a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le Coiste Eorpach na Réigiún, togra chun na spriocanna maidir le hastaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir a mhéadú a thuilleadh, rud a bheidh faoi réir measúnú tionchair críochnúil ina n-áireofar an ghné chríochach, i measc nithe eile.

Leasú 7

Togra le haghaidh Treorach

Aithris (4)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Tá cur chuige spriocdhírithe de dhíth i gcás sonrach na réigiún agus na n- oileán is forimeallaí a aithnítear in Airteagal 349 agus in Airteagal 174 CFAE faoi seach. Na críocha sin, ar minic a mbíonn córais iargúlta acu agus a bhíonn ag brath ar bhreoslaí iontaise, bíonn costais níos airde táirgthe fuinnimh agus costais acmhainne stórála le híoc acu. Tá tacaíocht de dhíth orthu ionas gur féidir leo leas a bhaint as acmhainneacht an táirgthe áitiúil fuinnimh i n- athnuaite.

Cúis

Leasú 8

Togra le haghaidh Treorach

Aithris (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, eiseoidh an Coimisiún Eorpach treoraíocht do na Ballstáit agus do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir le nósanna imeachta agus sásraí maithe ceadaithe d’fhonn is go gcuirfear dlús leis na nósanna imeachta atá ann cheana agus go n- éascófar comhlíonadh na sprioc-amanna faoina gcaithfear ceadanna a eisiúint chun gléasraí a thógáil, a athchumhachtú agus a oibriú le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí i n- athnuaite agus na sócmhainní is gá chun iad a nascadh leis an ngréasán. Eiseofar an treoraíocht sin laistigh de 6 mhí tar éis ghlacadh na Treorach lena leastaítear Treoir (AE) 2018/2001 (2021/0218 (COD)).

Cúis

Féinmhínitheach

Leasú 9

Togra le haghaidh Treorach

Aithris (5)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(5)

Is féidir úsáid a bhaint as fás tapa agus as iomaíochas costais méadaitheach i dtáirgeadh leictreachais in-athnuaite chun sciar méadaitheach den éileamh ar fhuinneamh a chomhlíonadh, mar shampla teaschaidéil a úsáid le haghaidh téamh spáis nó próisis thionsclaíocha ísealteochta, feithiclí leictreacha a úsáid le haghaidh iompair, nó foirnéisí leictreacha a úsáid i dtionscail áirithe. Is féidir leictreachas in-athnuaite a úsáid freisin chun breoslaí sintéiseacha a tháirgeadh i gcomhair tomhaltais in earnálacha iompair ar deacair iad a dhícharbónú amhail eitlíocht agus iompar muirí. Ní mór do chreat leictriúcháin comhordú láidir agus éifeachtúil a chumasú agus sásraí margaidh a leathnú chun soláthar agus éileamh a mheaitseáil de réir spáis agus ama, infheistíochtaí i seirbhísí solúbthachta a spreagadh, agus cuidiú le sciartha móra de ghiniúint athraitheach fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú. Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú, mar sin, go leanfar den mhéadú ar úsáid leictreachais in-athnuaite ar luas atá leormhaith chun freastal ar an méadú san éileamh. Chuige sin, ba cheart do Bhallstáit creat a bhunú lena n-áirítear sásraí atá comhoiriúnach don mhargadh chun dul i ngleic le bacainní atá fós ann chun go mbeidh córais leictreachais shlána agus leormhaithe acu a bheidh oiriúnach le haghaidh ardleibhéal fuinnimh in-athnuaite, chomh maith le saoráidí stórála a bheidh ina ndlúthchuid den chóras leictreachais. Leis an gcreat seo, rachfar i ngleic, go háirithe, le bacainní atá fós ann, lena n-áirítear bacainní neamhairgeadais mar shampla acmhainní digiteacha agus daonna údarás nach leor iad chun an líon méadaitheach iarratais cheadaithe a phróiseáil.

(5)

Is féidir úsáid a bhaint as fás tapa agus as iomaíochas costais méadaitheach i dtáirgeadh leictreachais in-athnuaite chun sciar méadaitheach den éileamh ar fhuinneamh a chomhlíonadh, mar shampla teaschaidéil a úsáid le haghaidh téamh spáis nó próisis thionsclaíocha ísealteochta, feithiclí leictreacha a úsáid le haghaidh iompair, nó foirnéisí leictreacha a úsáid i dtionscail áirithe. Is féidir leictreachas in-athnuaite a úsáid freisin chun breoslaí sintéiseacha a tháirgeadh i gcomhair tomhaltais in earnálacha iompair ar deacair iad a dhícharbónú, amhail eitlíocht agus iompar muirí , agus i gcomhair RFNBOnna agus bithbhreoslaí . Ní mór do chreat leictriúcháin , maille le bonneagar soláthair i gcomhair RFNBOnna agus bithbhreoslaí, comhordú láidir agus éifeachtúil a chumasú agus sásraí margaidh a leathnú chun soláthar agus éileamh a mheaitseáil de réir spáis agus ama, infheistíochtaí i seirbhísí solúbthachta a spreagadh, agus cuidiú le sciartha móra de ghiniúint athraitheach fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú. Ba cheart do Bhallstáit agus do straitéisí allmhairiúcháin a chomhordaítear ar an leibhéal Eorpach a áirithiú, mar sin, go leanfar den mhéadú ar úsáid leictreachais in-athnuaite ar luas atá leormhaith chun freastal ar an méadú san éileamh. Chuige sin, ba cheart do Bhallstáit creat a bhunú lena n-áirítear sásraí atá comhoiriúnach don mhargadh chun dul i ngleic le bacainní atá fós ann chun go mbeidh córais leictreachais shlána agus leormhaithe agus bonneagar i gcomhair RFNBOnna agus bithbhreoslaí acu a bheidh oiriúnach le haghaidh ardleibhéal fuinnimh in-athnuaite, chomh maith le saoráidí stórála a bheidh ina ndlúthchuid den chóras leictreachais. Leis an gcreat seo, rachfar i ngleic, go háirithe, le bacainní atá fós ann, lena n-áirítear bacainní neamhairgeadais mar shampla acmhainní digiteacha agus daonna údarás nach leor iad chun an líon méadaitheach iarratais cheadaithe a phróiseáil.

Cúis

Is gá aird a tharraingt ar ról na mbithbhreoslaí agus na straitéisí allmhairiúcháin maidir le riachtanais dhícharbónaithe freisin.

Leasú 10

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

D’fhéadfadh aistrithe staidreamhacha, scéimeanna tacaíochta nó tionscadail chomhpháirteacha a bheith i gceist le comhar na mBallstát chun fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn. Fágann sé gur féidir fuinneamh in-athnuaite a úsáid ar bhealach costéifeachtúil ar fud na hEorpa agus cuireann sé le comhtháthú margaidh. In ainneoin na bhféidearthachtaí a bhaineann leis, ní raibh ach comhar an-teoranta ann, agus dá bhrí sin baineadh torthaí fo-optamacha amach i dtéarmaí éifeachtúlacht chun fuinneamh in-athnuaite a mhéadú.

D’fhéadfadh aistrithe staidreamhacha, scéimeanna tacaíochta nó tionscadail chomhpháirteacha a bheith i gceist le comhar na mBallstát chun fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn agus d’fhéadfadh baint a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leis sin freisin . Fágann sé gur féidir fuinneamh in-athnuaite a úsáid ar bhealach costéifeachtúil ar fud na hEorpa agus cuireann sé le comhtháthú margaidh. In ainneoin na bhféidearthachtaí a bhaineann leis, ní raibh ach comhar an-teoranta ann, go háirithe i réigiúin trasteorann, agus dá bhrí sin baineadh torthaí fo-optamacha amach i dtéarmaí costéifeachtúlachta agus éifeachtúlacht chun fuinneamh in-athnuaite a mhéadú.

A bhuí le tionscadail eangaí cliste i réigiúin teorann, lena n- áirítear malartuithe leictreachais trasteorann ar leibhéal meánvoltais, is féidir breisluach mór a chur leis an gcur chuige trasteorann ós rud é go bhfágann siad gur féidir cur le barrfheabhsú acmhainní, le nascacht, le solúbthacht agus le hathléimneacht córas fuinnimh leictreachais. Ar an dóigh sin, áiritheofar go mbeidh tairbhí sochaíocha níos leithne ann do na pobail áitiúla atá rannpháirteach sna tionscadail sin agus go gcuirfear le slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas.

Ba cheart, mar sin, go mbeadh oibleagáid ar Bhallstáit comhar a thástáil trí thionscadal píolótach a chur chun feidhme. Tionscadail atá maoinithe ag rannchuidithe náisiúnta faoi shásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite arna bhunú ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún, chomhlíonfaidís an oibleagáid sin ar son na mBallstát lena mbaineann.

Ba cheart, mar sin, go mbeadh oibleagáid ar Bhallstáit comhar a thástáil trí thionscadail phíolótacha a chur chun feidhme , sa bhreis ar na cinn atá beartaithe faoi chreat GTE-F . Ba cheart ceann a chur chun feidhme i réigiún trasteorann. Tionscadail atá maoinithe ag rannchuidithe náisiúnta faoi shásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite arna bhunú ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún, chomhlíonfaidís an oibleagáid sin ar son na mBallstát lena mbaineann.

Cúis

Féinmhínitheach

Leasú 11

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7a (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Tá ról a n- tábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcóras fuinnimh comhtháite díláraithe. Tacóidh an Coimisiún leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, lena n- áirítear i gcríocha oileánacha, maidir le hoibriú thar theorainneacha trí chuidiú leo sásraí comhair a bhunú, lena n- áirítear grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach. Ach comhar níos dlúithe a bheith ann idir an tAontas agus na Ballstáit agus infheistíocht i réimse na taighde, na forbartha agus na nuálaíochta a mhéadú, mar shampla chun misin AE a chur chun cinn, soláthrófar an breisluach suntasach atá ag teastáil chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach fud fad an Aontais.

Cúis

Féinmhínitheach

Leasú 12

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7b (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Le sásraí maoinithe Eorpacha amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus an Ciste don Nuálaíocht, maoineofar freisin tionscadail comhair trasteorann ar scála beag agus idirnaisc trasteorann idir na Ballstáit agus na réigiúin.

Cúis

Féinmhínitheach

Leasú 13

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7c (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Tá gá le sonraí agus faisnéis chruinn má tá rath le bheith ar an aistriú chuig córas fuinnimh a úsáideann teicneolaíochtaí i n- athnuaite ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Is féidir na sonraí sin a fháil trí fhoinsí éagsúla, ó ghléasanna cliste go córais um fhaire na cruinne amhail Copernicus.

Cúis

Féinmhínitheach

Leasú 14

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tugtar isteach leis an Straitéis um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta cuspóir uaillmhianach 300 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus 40 GW d’fhuinneamh aigéin thar imchuacha farraige uile an Aontais a bhaint amach faoi 2050. Chun an mórathrú sin a áirithiú, ní mór do Bhallstáit oibriú lena chéile thar theorainneacha ar leibhéal imchuach na farraige. Mar sin, ba cheart do Bhallstáit méid na giniúna in-athnuaite amach ón gcósta a úsáidfear laistigh de gach imchuach farraige faoi 2050 a shainiú go comhpháirteach, le céimeanna idirmheánacha in 2030 agus in 2040. Ba cheart na cuspóirí sin a léiriú sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe a chuirfear isteach in 2023 agus in 2024 de bhun Rialachán (AE) 2018/1999. Agus an méid á shainiú, ba cheart do Bhallstáit acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta gach imchuach farraige, cosaint an chomhshaoil, oiriúnú aeráide agus úsáidí eile na farraige a chur san áireamh, chomh maith le spriocanna dícharbónaithe an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart do Bhallstáit níos mó breithnithe a dhéanamh ar an bhféidearthacht giniúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chomhcheangal le línte tarchuir a dhéanfadh roinnt Ballstát a idirnascadh, i bhfoirm tionscadail hibrideacha nó, níos déanaí, in eangach níos comhcheangailte. D’fhágfadh sé sin go bhféadfadh leictreachas sreabhadh i dtreonna difriúla, rud a dhéanfadh uasmhéadú ar leas socheacnamaíoch, a dhéanfadh optamú ar chaiteachas bonneagair agus a chumasódh úsáid níos inbhuanaithe den fharraige.

Tugtar isteach leis an Straitéis um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta cuspóir uaillmhianach 300 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus 40 GW d’fhuinneamh aigéin thar imchuacha farraige uile an Aontais a bhaint amach faoi 2050. Chun an mórathrú sin a áirithiú, ní mór do Bhallstáit nó dá n- údaráis inniúla réigiúnacha agus áitiúla oibriú lena chéile thar theorainneacha ar leibhéal imchuach na farraige. Mar sin, ba cheart do Bhallstáit méid na giniúna in-athnuaite amach ón gcósta agus an bonneagar lena ngabhann a úsáidfear laistigh de gach imchuach farraige faoi 2050 a shainiú go comhpháirteach, le céimeanna idirmheánacha in 2030 agus in 2040 agus aird chuí a thabhairt air sin ina gcuid pleanála spásúla muirí . Ba cheart na cuspóirí sin a léiriú sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe a chuirfear isteach in 2023 agus in 2024 de bhun Rialachán (AE) 2018/1999. Agus an méid á shainiú, ba cheart do Bhallstáit acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta gach imchuach farraige, cosaint an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta , oiriúnú aeráide agus úsáidí eile na farraige a chur san áireamh, chomh maith le spriocanna dícharbónaithe an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart do Bhallstáit níos mó breithnithe a dhéanamh ar an bhféidearthacht giniúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chomhcheangal le córais stórála agus le línte tarchuir a dhéanfadh roinnt Ballstát a idirnascadh, i bhfoirm tionscadail hibrideacha nó, níos déanaí, in eangach níos comhcheangailte. D’fhágfadh sé sin go bhféadfadh leictreachas sreabhadh i dtreonna difriúla, rud a dhéanfadh uasmhéadú ar leas socheacnamaíoch, a dhéanfadh optamú ar chaiteachas bonneagair agus a chumasódh úsáid níos inbhuanaithe den fharraige.

Cúis

Féinmhínitheach

Leasú 15

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 19

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

D’fhéadfadh sócmhainní stórála dáilte, mar shampla ceallraí tí agus ceallraí feithiclí leictreacha, go leor seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a chur ar fáil don eangach trí chomhbhailiú. Chun forbairt seirbhísí den sórt sin a éascú, ba cheart na forálacha rialála a bhaineann le nascadh agus oibriú na sócmhainní stórála, mar shampla taraifí, amanna gealltanais agus sonraíochtaí nasctha, a dhearadh ar bhealach nach gcuireann isteach ar acmhainneacht na sócmhainní stórála go léir, lena n-áirítear cinn bheaga agus soghluaiste, chun seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a chur ar fáil don chóras agus chun cur le dul i bhfód breise leictreachas in-athnuaite, i gcomparáid le sócmhainní stórála do-aistrithe níos mó.

D’fhéadfadh sócmhainní stórála dáilte, mar shampla ceallraí pobail agus tí agus ceallraí feithiclí leictreacha, go leor seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a chur ar fáil don eangach trí chomhbhailiú. Chun forbairt seirbhísí den sórt sin a éascú, ba cheart na forálacha rialála a bhaineann le nascadh agus oibriú na sócmhainní stórála, mar shampla taraifí, amanna gealltanais agus sonraíochtaí nasctha, a dhearadh ar bhealach nach gcuireann isteach ar acmhainneacht na sócmhainní stórála go léir, lena n-áirítear cinn bheaga agus soghluaiste, chun seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a chur ar fáil don chóras agus chun cur le dul i bhfód breise leictreachas in-athnuaite, i gcomparáid le sócmhainní stórála do-aistrithe níos mó.

Cúis

Tá sé léirithe go bhfuil cadhnraí i gcóras comhphobail níos sábháilte agus gur lú an infheistíocht is gá a dhéanamh iontu i gcomparáid le cadhnraí tí.

Leasú 16

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 22

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Is féidir breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a úsáid chun críoch fuinnimh, ach is féidir iad a úsáid freisin chun críoch neamhfhuinnimh mar bhunábhar nó mar amhábhar i dtionscail amhail cruach nó ceimiceáin. Le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch chun an dá chríoch, baintear lánleas astu chun cur in ionad breoslaí iontaise a úsáid mar bhunábhar agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnáil na tionsclaíochta agus ba cheart, mar sin, iad a chur san áireamh i sprioc a bhaineann le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch. Níor cheart go mbeadh de thoradh ar bhearta náisiúnta a thacaíonn le glacadh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch in earnáil na tionsclaíochta glanmhéadú ar thruailliú mar gheall ar éileamh méadaithe ar ghiniúint leictreachais a shásaítear leis na breoslaí iontaise is mó a dhéanann truailliú, amhail gual, díosal, lignít, ola, móin agus scealla ola.

Is féidir breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a úsáid chun críoch fuinnimh, ach is féidir iad a úsáid freisin chun críoch neamhfhuinnimh mar bhunábhar nó mar amhábhar i dtionscail amhail cruach nó ceimiceáin sa chás gurb iad an t-aon rogha atá ann chun dícharbónú a dhéanamh agus sa chás ina gcruthaítear go bhfuil a n- úsáid a n- éifeachtach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a chosc. Le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch chun an dá chríoch, baintear lánleas astu chun cur in ionad breoslaí iontaise a úsáid mar bhunábhar agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnáil na tionsclaíochta agus ba cheart, mar sin, iad a chur san áireamh i sprioc a bhaineann le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch. Níor cheart go mbeadh de thoradh ar bhearta náisiúnta a thacaíonn le glacadh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch in earnáil na tionsclaíochta glanmhéadú ar thruailliú mar gheall ar éileamh méadaithe ar ghiniúint leictreachais a shásaítear leis na breoslaí iontaise is mó a dhéanann truailliú, amhail gual, díosal, lignít, ola, móin agus scealla ola.

Cúis

Ón taobh trasearnála de, má táthar chun dícharbónú a dhéanamh, tá tábhacht ar leith ag baint le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, amhail hidrigin in-athnuaite mar bhunábhar nó amhábhar i dtionscal na cruach nó na gceimiceán.

Leasú 17

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 29

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Is féidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus leictreachas in-athnuaite in earnáil an iompair cur le dícharbónú earnáil iompair an Aontais ar bhealach costéifeachtach, agus feabhas a chur éagsúlú fuinnimh san earnáil sin, i measc rudaí eile, agus san am céanna, nuálaíocht, fás agus fostaíocht a chur chun cinn i ngeilleagar an Aontais agus an spleáchas ar allmhairí fuinnimh a laghdú. D’fhonn an sprioc mhéadaithe le haghaidh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá sainithe ag an Aontas a bhaint amach, ba cheart an leibhéal fuinnimh in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair san Aontas a mhéadú. Tríd an sprioc iompair a léiriú mar sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, spreagfaí úsáid mhéadaithe na mbreoslaí is costéifeachtaí agus is fearr ó thaobh feidhmiúlachta de, i dtéarmaí gás ceaptha teasa a laghdú, in earnáil an iompair. Ina theannta sin, le sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, spreagfaí nuálaíocht agus leagfaí amach tagarmharc soiléir chun comparáid a dhéanamh idir cineálacha breoslaí agus leictreachas in-athnuaite, bunaithe ar dhéine a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa. Sa bhreis air sin, trí leibhéal na sprice fuinneamh-bhunaithe ar bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus ar bhithghás a mhéadú, agus trí sprioc le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a thabhairt isteach, d’áiritheofaí úsáid mhéadaithe breoslaí in-athnuaite chomh maith leis an tionchar comhshaoil is lú i modhanna iompair ar deacair iad a leictriú. Ba cheart a áirithiú go mbainfí amach na spriocanna sin trí oibleagáidí ar sholáthróirí breoslaí chomh maith le bearta eile a áirítear i [Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar – FuelEU Maritime agus Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú don aeriompar inbhuanaithe]. Níor cheart oibleagáidí tiomnaithe a leagan síos ar sholáthróirí breoslaí eitlíochta ach amháin de bhun [Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú don aeriompar inbhuanaithe].

Is féidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus leictreachas in-athnuaite in earnáil an iompair cur le dícharbónú earnáil iompair an Aontais ar bhealach costéifeachtach, agus feabhas a chur éagsúlú fuinnimh san earnáil sin, i measc rudaí eile, agus san am céanna, nuálaíocht, fás agus fostaíocht a chur chun cinn i ngeilleagar an Aontais agus an spleáchas ar allmhairí fuinnimh a laghdú. D’fhonn an sprioc mhéadaithe le haghaidh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá sainithe ag an Aontas a bhaint amach, ba cheart an leibhéal fuinnimh in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair san Aontas a mhéadú. Tríd an sprioc iompair a léiriú mar sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, spreagfaí úsáid mhéadaithe na mbreoslaí is costéifeachtaí agus is fearr ó thaobh feidhmiúlachta de, i dtéarmaí gás ceaptha teasa a laghdú, in earnáil an iompair. Ina theannta sin, le sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, spreagfaí nuálaíocht agus leagfaí amach tagarmharc soiléir chun comparáid a dhéanamh idir cineálacha breoslaí agus leictreachas in-athnuaite, bunaithe ar dhéine a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa. Sa bhreis air sin, trí leibhéal na sprice fuinneamh-bhunaithe ar bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus ar bhithghás a mhéadú, agus trí sprioc le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a thabhairt isteach, d’áiritheofaí úsáid mhéadaithe breoslaí in-athnuaite chomh maith leis an tionchar comhshaoil is lú i modhanna iompair agus réigiúin ar deacair iad a leictriú. Ba cheart a áirithiú go mbainfí amach na spriocanna sin trí oibleagáidí ar sholáthróirí breoslaí chomh maith le bearta eile a áirítear i [Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar – FuelEU Maritime agus Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú don aeriompar inbhuanaithe]. Níor cheart oibleagáidí tiomnaithe a leagan síos ar sholáthróirí breoslaí eitlíochta ach amháin de bhun [Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú don aeriompar inbhuanaithe].

Cúis

Féinmhínitheach

Leasú 18

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 33

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Cuireann leictriú díreach earnálacha críochúsáide, lena n-áirítear earnáil an iompair, leis an éifeachtúlacht, agus éascaíonn sé an t-aistriú go córas fuinnimh atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite. Is meán éifeachtach ann féin é, mar sin, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ní gá, mar sin, creat maidir le breisíocht a chruthú a bhainfeadh go sonrach le leictreachas in-athnuaite a sholáthraítear d’fheithiclí leictreacha in earnáil an iompair .

Cuireann leictriú díreach earnálacha críochúsáide, lena n-áirítear earnáil an iompair, leis an éifeachtúlacht, agus éascaíonn sé an t-aistriú go córas fuinnimh atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite. Is meán éifeachtach ann féin é, mar sin, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ní gá, mar sin, creat maidir le breisíocht a chruthú a bhainfeadh le leictreachas in-athnuaite a úsáidtear chun RFNBOnna a tháirgeadh .

Cúis

Tá tionchar díréireach ag prionsabal na breisíochta ar thíortha a bhfuil sciar mór leictreachas in-athnuaite acu ina gcóras fuinnimh cheana. Thairis sin, is amhlaidh is casta atá an tsamhail ghnó maidir le leictrealú agus uas-scálú na hidrigine glaise, ar samhail casta í cheana féin, de dheasca phrionsabail na breisíochta agus an chomhghaolaithe.

Leasú 19

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 34

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ós rud é gur mar fhuinneamh in-athnuaite a dhéanfar breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a áireamh, gan beann ar an earnáil ina n-ídítear iad, ba cheart leathnú a dhéanamh ar na rialacha lena gcinntear a nádúr in-athnuaite nuair is ó leictreachas a tháirgtear iad , ar rialacha iad nár bhain leis na breoslaí sin ach amháin nuair a ídítear in earnáil an iompair iad, chun gach breosla in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a chumhdach , gan beann ar an earnáil ina n-ídítear iad.

Ós rud é gur mar fhuinneamh in-athnuaite a dhéanfar breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a áireamh, gan beann ar an earnáil ina n-ídítear iad, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha lena gcinntear a nádúr in-athnuaite nuair is ó leictreachas a tháirgtear iad maidir le gach breosla in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, gan beann ar an earnáil ina n-ídítear iad.

Cúis

Ba cheart glacadh RFNBOnna tarlú gan beann ar úsáid deiridh an fhuinnimh agus ba cheart feidhm a bheith aige maidir le gach earnáil.

Leasú 20

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 36

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Le Treoir (AE) 2018/2001, neartaíodh an creat maidir le hinbhuanaitheacht bithfhuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa trí chritéir a leagan síos do gach earnáil chríochúsáide. Leagadh amach rialacha inti le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise, rialacha lenar éilíodh inbhuanaitheacht na n-oibríochtaí buainte agus áireamh astaíochtaí ón athrú ar an talamhúsáid. Chun cosaint feabhsaithe a bhaint amach do ghnáthóga ar mhórán carbóin a bhfuil an-bhithéagsúlacht iontu, amhail foraoisí príomhúla, foraoisí atá ar mhórán bithéagsúlachta, féarthailte agus tailte portaigh, ba cheart eisceachtaí agus teorainneacha ar bhithmhais foraoise a fhoinsiú ó na ceantair sin a thabhairt isteach, i gcomhréir leis an gcur chuige atá ann i dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta. Ina theannta sin, ba cheart na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur i bhfeidhm freisin maidir le suiteálacha bithmhais-bhunaithe atá ann cheana chun a áirithiú gur laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheidh mar thoradh ar tháirgeadh bithfhuinnimh i ngach suiteáil den sórt sin i gcomparáid le fuinneamh a ghintear as breoslaí iontaise.

Le Treoir (AE) 2018/2001, neartaíodh an creat maidir le hinbhuanaitheacht bithfhuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa trí chritéir a leagan síos do gach earnáil chríochúsáide. Leagadh amach rialacha inti le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise, rialacha lenar éilíodh inbhuanaitheacht na n-oibríochtaí buainte agus áireamh astaíochtaí ón athrú ar an talamhúsáid.

Ba cheart critéir inbhuanaitheachta den chineál sin a choinneáil, mar aon le reachtaíocht náisiúnta, chun dálaí éagsúla náisiúnta agus réigiúnacha a chur san áireamh.

Chun cosaint feabhsaithe a bhaint amach do ghnáthóga ar mhórán carbóin a bhfuil an-bhithéagsúlacht iontu, amhail foraoisí príomhúla, foraoisí atá ar mhórán bithéagsúlachta, féarthailte agus tailte portaigh, ba cheart eisceachtaí agus teorainneacha ar bhithmhais foraoise a fhoinsiú ó na ceantair sin a thabhairt isteach, i gcomhréir leis an gcur chuige atá ann i dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta.

Leasú 21

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.1

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 2 mír 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 mar a leanas:

Leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, leasaítear an dara mír mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, leasaítear an dara mír mar a leanas:

 

 

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (16):

“(16)

ciallaíonn ‘comhphobal fuinnimh inathnuaite’ eintiteas dlíthiúil:

(a)

atá bunaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, ar rannpháirtíocht oscailte dheonach, atá neamhspleách, agus a rialaíonn scairshealbhóirí nó comhaltaí atá lonnaithe i ngar do na tionscadail fuinnimh inathnuaite ar leis an eintiteas dlíthiúil sin iad agus atá á bhforbairt aige;

(b)

ar daoine nádúrtha, FBManna, údaráis áitiúla, bardais san áireamh, nó iad a scairshealbhóirí nó a chomhaltaí;

(c)

ar príomhchuspóir dó sochair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta – seachas brabús airgeadais – a sholáthar dá scairshealbhóirí nó dá bhallraíocht nó do na ceantair áitiúla ina bhfeidhmíonn sé;”

 

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (36):

“(36)

ciallaíonn ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ breoslaí leachtacha agus gásacha a ndíorthaítear a luach fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite seachas ó bhithmhais;”;

 

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (36):

“(36)

ciallaíonn ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ breoslaí leachtacha agus gásacha a ndíorthaítear a luach fuinnimh agus a n-amhábhar ó fhoinsí in-athnuaite seachas ó bhithmhais”;

 

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (47):

“(47)

ciallaíonn ‘luach réamhshocraithe’ luach a dhíorthaítear as luach tipiciúil trí fhachtóirí réamhchinntithe a chur i bhfeidhm agus ar féidir, in imthosca a shonraítear sa Treoir seo, é a úsáid seachas luach iarbhír;”;

 

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (47):

“(47)

ciallaíonn ‘luach réamhshocraithe’ luach a dhíorthaítear as luach tipiciúil trí fhachtóirí réamhchinntithe a chur i bhfeidhm agus ar féidir, in imthosca a shonraítear sa Treoir seo, é a úsáid seachas luach iarbhír”;

Cúis

Is féidir leis na húdaráis réigiúnacha rannchuidiú go mór freisin le táirgeadh díláraithe fuinnimh in-athnuaite.

D’fhéadfaí a áireamh i bhfoclaíocht reatha an tsainmhínithe (36) breoslaí a tháirgtear ó amhábhair neamh-in-athnuaite (ola, gás nádúrtha, etc.) a tháirgtear ó sholáthar fuinnimh in-athnuaite (leictreachas teirmeach nó in-athnuaite). Táthar á mholadh go leasófaí an fhoclaíocht ionas nach n-áireofaí sa sainmhíniú breoslaí a tháirgtear ó ola, gás nádúrtha agus breoslaí eile de thionscnamh iontaise. Measann CnaR nach bhfuil sé ar aon dul leis na hairteagail ina dtagraítear don sainmhíniú sin breoslaí in-athnuaite a thagann ó amhábhair neamh-in-athnuaite a áireamh iontu.

Leasú 22

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.1(c)

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 2 mír 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(14p)

ciallaíonn “ceallra pobail” ceallraí in-athluchtaithe neamhspleácha de thoilleadh ainmniúil ar mó é ná 50 kWh, atá oiriúnach lena shuiteáil agus lena úsáid i dtimpeallacht chónaithe, tráchtála nó thionsclaíoch agus atá faoi úinéireacht féintomhaltóirí in-athnuaite atá ag gníomhú i bpáirt le chéile nó comhphobail fuinnimh in-athnuaite;

(14q)

ciallaíonn “tionscadal comhpháirteach” aon chomhghnóthas trasnáisiúnta idir réigiúin, cathracha nó Ballstáit ar leibhéal dlíthiúil, teicniúil nó airgeadais chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, ar chomhghnóthas é nach mbeadh indéanta gan an comhar sin;

Cúis

Tá sé léirithe go bhfuil cadhnraí i gcóras comhphobail níos sábháilte agus gur lú an infheistíocht is gá a dhéanamh iontu i gcomparáid le cadhnraí tí.

Leasú 23

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.2(b)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go dtáirgfear fuinneamh ó bhithmhais ar bhealach ina n-íoslaghdófar iarmhairtí shaobhacha míchuí ar mhargadh na n-amhábhar bithmhaise agus tionchair dhíobhálacha ar an mbithéagsúlacht. Chuige sin, cuirfidh siad san áireamh ord na réiteach dramhaíola mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE agus prionsabal na húsáide cascáidí dá dtagraítear sa tríú fomhír.

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go dtáirgfear fuinneamh ó bhithmhais ar bhealach ina n-íoslaghdófar iarmhairtí shaobhacha míchuí ar mhargadh na n-amhábhar bithmhaise agus tionchair dhíobhálacha ar an mbithéagsúlacht. Chuige sin, cuirfidh siad san áireamh ord na réiteach dramhaíola mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE agus prionsabal na húsáide cascáidí dá dtagraítear sa tríú fomhír.

 

Seo a leanas cuid de na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

 

Seo a leanas cuid de na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

 

(a)

Ní thabharfaidh na Ballstáit tacaíocht ar bith maidir leis na nithe seo a leanas:

 

(a)

Ní thabharfaidh na Ballstáit tacaíocht ar bith maidir leis na nithe seo a leanas:

 

 

(i)

lomáin sáibh, lomáin veiníre, stumpaí nó fréamhacha a úsáid chun fuinneamh a tháirgeadh.

(ii)

táirgeacht fuinnimh in-athnuaite arna tháirgeadh ó dhramhaíl a loscadh mura gcomhlíontar na hoibleagáidí um bhailiú ar leithligh a leagtar síos le Treoir 2008/98/CE.

 

 

(i)

lomáin sáibh, lomáin veiníre, stumpaí nó fréamhacha a úsáid chun fuinneamh a tháirgeadh.

(ii)

táirgeacht fuinnimh in-athnuaite arna tháirgeadh ó dhramhaíl a loscadh mura gcomhlíontar na hoibleagáidí um bhailiú ar leithligh a leagtar síos le Treoir 2008/98/CE.

 

[…]

 

[…]

 

Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis [theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35 maidir le conas prionsabal na húsáide cascáidí a chur i bhfeidhm le haghaidh bithmhaise, go háirithe maidir le conas úsáid na lomán cruinn ardchaighdeáin i dtáirgeadh an fhuinnimh a íoslaghdú, le béim ar scéimeanna tacaíochta agus aird chuí á tabhairt ar shonraíochtaí náisiúnta.

 

Maidir le fuinneamh a ghintear ó dhramhaíl ó theaghlaigh agus ón tionscal i ngléasraí “dramhaíl go fuinneamh”, measfar gur dramhfhuinneamh é ar choinníoll go ndearnadh an dramhaíl a bhailiú, a shórtáil agus a aisghabháil i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

Cúis

Mír nua maidir le fuinneamh a ghintear ó dhramhaíl ó theaghlaigh agus ó thionscal.

Leasú 24

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.2(c)

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 3 mír 4

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

“4a.   Déanfaidh na Ballstáit creat a bhunú, a bhféadfaidh scéimeanna tacaíochta a áireamh ann agus lena n-éascófar comhaontaithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite a ghlacadh, lena gcumasófar leictreachas in-athnuaite a úsáid go leibhéal atá comhsheasmhach le ranníocaíocht náisiúnta an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 2 agus ar luas atá comhsheasmhach leis na conairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4(a)(2) de Rialachán (AE) 2018/1999. Go háirithe, ba cheart don chreat sin dul i ngleic leis na bacainní atá fós ann, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le nósanna imeachta ceadaithe, maidir le soláthar leictreachais ardchaighdeáin. Le linn dóibh an creat sin a dhearadh, ba cheart do na Ballstáit an leictreachas in-athnuaite breise a chur san áireamh is gá chun na riachtanais a chomhlíonadh sna hearnálacha iompair, tionsclaíochta, tógála, agus téimh agus fuaraithe agus maidir le táirgeacht breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch.”

“4a.   Déanfaidh na Ballstáit creat a bhunú, a bhféadfaidh scéimeanna tacaíochta a áireamh ann agus lena n-éascófar comhaontaithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite a ghlacadh, lena gcumasófar leictreachas in-athnuaite a úsáid go leibhéal atá comhsheasmhach le ranníocaíocht náisiúnta an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 2 agus ar luas atá comhsheasmhach leis na conairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4(a)(2) de Rialachán (AE) 2018/1999. Go háirithe, ba cheart don chreat sin dul i ngleic leis na bacainní atá fós ann, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le nósanna imeachta ceadaithe, maidir le soláthar leictreachais ardchaighdeáin. Le linn dóibh an creat sin a dhearadh, ba cheart do na Ballstáit an leictreachas in-athnuaite breise a chur san áireamh is gá chun na riachtanais a chomhlíonadh sna hearnálacha iompair, tionsclaíochta, tógála, agus téimh agus fuaraithe agus maidir le táirgeacht breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte. Bunófar an creat sin laistigh de dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis ghlacadh na Treorach lena leastaítear Treoir (AE) 2018/2001 (2021/0218 (COD)).;”

Cúis

Cosúil le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, beidh gá le fuinnimh in-athnuaite má táthar chun breoslaí carbóin athchúrsáilte a tháirgeadh ar dhóigh inbhuanaithe. Is den tábhacht feabhas a chur ar shamhlacha an gheilleagair chiorclaigh lenar féidir dramhaíl a laghdú agus a athchúrsáil, agus coigiltis mhóra ar gháis ceaptha teasa á n-áirithiú san am céanna, d’fhonn na spriocanna aeráide a bhaint amach.

Leasú 25

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.4(a)(b)

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 9 mír 1a

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

“1a.   Faoin 31 Nollaig 2025, comhaontóidh gach Ballstát ar a laghad tionscadal comhpháirteach amháin a bhunú le Ballstát amháin eile nó níos mó chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh. Tabharfar fógra don Choimisiún maidir le comhaontú den sórt, lena n-áirítear an dáta a mheasfar go mbeidh sé ag feidhmiú. Maidir le tionscadail a mhaoinítear le ranníocaíochtaí náisiúnta faoi shásra maoiniúcháin an Aontais a bhunaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún, measfar go sásóidh siad an oibleagáid sin le haghaidh na mBallstát lena mbaineann.”;

(a)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

“1a.   Faoin 31 Nollaig 2025, comhaontóidh gach Ballstát nó réigiún níos mó ná tionscadal comhpháirteach amháin a bhunú le Ballstát nó réigiún amháin eile nó níos mó chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh. Ba cheart na tionscadail chomhpháirteacha a bheith éagsúil ó na tionscadail leasa choitinn arna nglacadh cheana faoi chreat GTE-F D’fhéadfadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus oibreoirí príobháideacha a bheith páirteach sa chomhar sin. Tabharfar fógra don Choimisiún maidir le comhaontú den sórt, lena n-áirítear an dáta a mheasfar go mbeidh sé ag feidhmiú. Maidir le tionscadail a mhaoinítear le ranníocaíochtaí náisiúnta faoi shásra maoiniúcháin an Aontais a bhunaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún, measfar go sásóidh siad an oibleagáid sin le haghaidh na mBallstát lena mbaineann.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

7a .    Comhoibreoidh na Ballstáit a bhfuil teorainn acu le himchuach farraige chun a shainiú go comhpháirteach méid an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bhfuil sé i gceist acu a tháirgeadh san imchuach farraige sin faoi 2050 le céimeanna idirmheánacha in 2030 agus in 2040. Cuirfidh siad san áireamh na sainiúlachtaí agus an fhorbairt i ngach réigiún, acmhainneacht in-athnuaite an imchuach farraige agus an tábhacht pleanáil eangacha comhlachaithe comhtháite amach ón gcósta a áirithiú. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin méid sin sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur isteach de bhua Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.”;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“7.     Tá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá rannpháirteach i dtionscadail trasteorann, lena n-áirítear struchtúir chomhpháirteacha amhail Euro-réigiúin agus EGTCanna, incháilithe le haghaidh tacaíocht airgeadais agus cúnamh teicniúil”;

8 .    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus le geallsealbhóirí, comhoibreoidh na Ballstáit a bhfuil teorainn acu le himchuach farraige chun a shainiú go comhpháirteach méid an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bhfuil sé i gceist acu a tháirgeadh san imchuach farraige sin faoi 2050 le céimeanna idirmheánacha in 2030 agus in 2040. Cuirfidh siad san áireamh na hinniúlachtaí, na sainiúlachtaí agus an fhorbairt i ngach réigiún, acmhainneacht in-athnuaite an imchuach farraige agus an tábhacht pleanáil eangacha comhlachaithe comhtháite amach ón gcósta a áirithiú. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin méid sin sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur isteach de bhua Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.”;

“9.     Féadfaidh Ballstáit agus réigiúin teorann oibriú i gcomhar le chéile ar thionscadail chomhpháirteacha maidir le fuinneamh i n- athnuaite a tháirgeadh agus réitigh stórála”;

Cúis

Tá ról an-tábhachtach ag an leibhéal áitiúil agus an leibhéal réigiúnach i gcóras fuinnimh comhtháite díláraithe. Dá bhrí sin, tá an comhar leis an leibhéal áitiúil agus leis an leibhéal réigiúnach ríthábhachtach le go n-éireoidh leis na tionscadail sin. Ba cheart don Choimisiún tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus iad ag obair thar theorainneacha.

Leasú 26

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.6(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun an sciar tháscach d’athnuaiteáin a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, ceanglóidh na Ballstáit úsáid íosta leibhéil fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite i bhfoirgnimh ina rialacháin agus cóid tógála agus, i gcás inarb infheidhme, ina scéimeanna tacaíochta nó ar mhodhanna eile le héifeacht choibhéiseach, i gcomhréir le forálacha Threoir 2010/31/AE. Ceadóidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na leibhéil íosta seo, i measc nithe eile, trí théamh agus fhuarú ceantair éifeachtúil.

Chun an sciar tháscach d’athnuaiteáin a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, ceanglóidh na Ballstáit úsáid íosta leibhéil fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh atá le hathchóiriú ina rialacháin agus cóid tógála agus, i gcás inarb infheidhme, ina scéimeanna tacaíochta nó ar mhodhanna eile le héifeacht choibhéiseach, i gcomhréir le forálacha Threoir 2010/31/AE. Ceadóidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na leibhéil íosta seo, i measc nithe eile, trí théamh agus fhuarú ceantair éifeachtúil.

Cúis

Féinmhínitheach

Leasú 27

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.7

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 18 mír 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

“Chun líon leordhóthanach suiteálaithe agus dearthóirí a bhaint amach, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear cláir oiliúna leordhóthanacha ar fáil a mbeidh cáiliú nó deimhniú lena gcuimseofar teicneolaíochtaí téimh agus fuaraithe in-athnuaite mar thoradh orthu, agus na réitigh nuálacha is déanaí a bhaineann leo. Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm chun rannpháirtíocht i gcláir den sórt a chur chun cinn, go háirithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide agus iad siúd atá féinfhostaithe. Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe deonacha a chur i bhfeidhm leis na soláthróirí agus na díoltóirí teicneolaíochta iomchuí chun líon leordhóthanach suiteálaithe a chur faoi oiliúint, a fhéadfar a bhaint ar mheastacháin díolacháin, sna réitigh agus teicneolaíochtaí nuálacha is déanaí atá ar fáil ar an margadh. […]”

“Chun líon leordhóthanach suiteálaithe agus dearthóirí a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit nó a n-údaráis inniúla ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil cláir oiliúna leordhóthanacha chun cinn a mbeidh cáiliú nó deimhniú lena gcuimseofar teicneolaíochtaí téimh agus fuaraithe in-athnuaite agus teicneolaíochta stórála mar thoradh orthu, agus na réitigh nuálacha is déanaí a bhaineann leo , bunaithe ar bhonneagar úrscothach . Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm chun rannpháirtíocht i gcláir den sórt a chur chun cinn, go háirithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide agus iad siúd atá féinfhostaithe. Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe deonacha a chur i bhfeidhm leis na soláthróirí agus na díoltóirí teicneolaíochta iomchuí chun líon leordhóthanach suiteálaithe a chur faoi oiliúint, a fhéadfar a bhaint ar mheastacháin díolacháin, sna réitigh agus teicneolaíochtaí nuálacha is déanaí atá ar fáil ar an margadh. […]”

Cúis

Ba cheart oiliúint a chur ar fáil maidir le teicneolaíocht úrscothach ionas nach mbeidh an oiliúint dírithe ar chórais nach bhfuil chomh héifeachtúil ó thaobh fuinnimh de. Tá inniúlacht theoranta ag an Aontas i dtaca le beartais oideachais agus is ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal a bhainistítear cláir oiliúna.

Leasú 28

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.9

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 20 mír 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Faoi réir an mheasúnaithe a dhéanfaidh siad a bheidh ina chuid de na pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 maidir leis an ngá go dtógfaí bonneagar nua don téamh agus fuarú ceantair ó fhoinsí in-athnuaite chun cuspóir an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir seo a bhaint amach, glacfaidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, na céimeanna is gá d’fhonn bonneagar a fhorbairt don téamh agus don fhuarú ceantair ar mhaithe le forbairt téimh agus fuaraithe ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn, lena n-áirítear ó ghrianfhuinneamh, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh geoiteirmeach, bithmhais, bithghás, bithleachtanna agus dramhtheas agus dramhfhuacht, i gcomhar le teirmeastóráil.

Faoi réir an mheasúnaithe a dhéanfaidh siad a bheidh ina chuid de na pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 maidir leis an ngá go dtógfaí bonneagar nua don téamh agus fuarú ceantair ó fhoinsí in-athnuaite chun cuspóir an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir seo a bhaint amach, glacfaidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, na céimeanna is gá d’fhonn bonneagar a fhorbairt don téamh agus don fhuarú ceantair ar mhaithe le forbairt téimh agus fuaraithe ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn, lena n-áirítear ó ghrianfhuinneamh, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh geoiteirmeach, bithmhais, bithghás, bithleachtanna , breoslaí carbóin athchúrsáilte agus dramhtheas agus dramhfhuacht, i gcomhar le teaschaidéil agus teirmeastóráil.

Cúis

Féinmhínitheach

Leasú 29

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.10

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 20a

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

“1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na hoibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin ina ndlínse faisnéis a chur ar fáil maidir leis an sciar de leictreachas in-athnuaite agus an cion astaíochtaí gás ceaptha teasa den leictreachas arna sholáthar i ngach crios tairisceana, a chruinne is féidir agus chomh gar d’fhíor-am is féidir ach in eatraimh ama nach mó ná uair amháin, le réamhaisnéis i gcás inar féidir. Déanfar an fhaisnéis seo a chur ar fáil go digiteach ar bhealach lena n-áiritheofar gur féidir le rannpháirtí sa mhargadh leictreachais, comhiomlánóirí, tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh é a úsáid, agus gur féidir le gléasanna cumarsáide leictreonaí amhail córais méadraithe chliste, pointí athluchtaithe gluaisteán leictreach, córais téimh agus fuaraithe agus córais bhainistíochta fuinnimh foirgneamh é a léamh.

“1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na hoibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin ina ndlínse faisnéis a chur ar fáil maidir leis an sciar de leictreachas in-athnuaite agus an cion astaíochtaí gás ceaptha teasa den leictreachas arna sholáthar i ngach crios tairisceana, a chruinne is féidir agus ag taifeach ama a mheasann na Ballstáit a bheith ábhartha chun glacadh an fhuinnimh i n- athnuaite a spreagadh. Déanfar an fhaisnéis seo a chur ar fáil go digiteach ar bhealach lena n-áiritheofar gur féidir le rannpháirtí sa mhargadh leictreachais, comhiomlánóirí, tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh é a úsáid, agus gur féidir le gléasanna cumarsáide leictreonaí amhail córais méadraithe chliste, pointí athluchtaithe gluaisteán leictreach, córais téimh agus fuaraithe agus córais bhainistíochta fuinnimh foirgneamh é a léamh.

2.   I dteannta na gceanglas sa [togra le haghaidh Rialachán maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020], áiritheoidh na Ballstáit go gcuimseoidh monaróirí de cheallraí baile agus tionsclaíocha rochtain fíor-ama ar fhaisnéis maidir leis an gcóras bainistíochta ceallra bunúsaigh, lena n-áirítear toilleadh ceallra, staid sláinte, staid luchtaithe agus pointe socraithe cumhachta, chuig úinéirí agus úsáideoirí ceallraí chomh maith le tríú páirtithe ag feidhmiú ar a son, amhail cuideachtaí bainistíochta cumhachta foirgneamh agus rannpháirtí sa mhargadh leictreachais, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus gan aon chostas.

2.   I dteannta na gceanglas sa [togra le haghaidh Rialachán maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020], áiritheoidh na Ballstáit go gcuimseoidh monaróirí de cheallraí baile , pobail agus tionsclaíocha rochtain fíor-ama ar fhaisnéis maidir leis an gcóras bainistíochta ceallra bunúsaigh, lena n-áirítear toilleadh ceallra, staid sláinte, staid luchtaithe agus pointe socraithe cumhachta, chuig úinéirí agus úsáideoirí ceallraí chomh maith le tríú páirtithe ag feidhmiú ar a son, amhail cuideachtaí bainistíochta cumhachta foirgneamh agus rannpháirtí sa mhargadh leictreachais, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus gan aon chostas.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh monaróirí feithicle sonraí infheithicle ar fáil i bhfíor-am, sonraí infheithicle a bhaineann le staid sláinte ceallra, staid luchtaithe ceallra, pointe socraithe cumhachta ceallra, toilleadh ceallra, chomh maith le suíomh feithiclí leictreacha chuig úinéirí agus úsáideoirí feithiclí leictreacha, chomh maith le tríú páirtithe ag gníomhú thar ceann na n-úinéirí agus na n-úsáideoirí, amhail rannpháirtí sa mhargadh leictreachais agus soláthróirí seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus gan aon chostas, anuas air ceanglais bhreise maidir leis na rialacháin um chineálcheadú agus faireachas margaidh.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh monaróirí feithicle agus loinge sonraí infheithicle ar fáil i bhfíor-am, sonraí infheithicle a bhaineann le staid sláinte ceallra, staid luchtaithe ceallra, pointe socraithe cumhachta ceallra, toilleadh ceallra, chomh maith le suíomh feithiclí leictreacha agus long chuig úinéirí agus úsáideoirí feithiclí leictreacha agus long , chomh maith le tríú páirtithe ag gníomhú thar ceann na n-úinéirí agus na n-úsáideoirí, amhail rannpháirtí sa mhargadh leictreachais agus soláthróirí seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus gan aon chostas, anuas air ceanglais bhreise maidir leis na rialacháin um chineálcheadú agus faireachas margaidh.

3.   Chomh maith leis na ceanglais sa [togra le haghaidh Rialacháin maidir le leas a bhaint as bonneagar breosla ionadúil, lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE], áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar feidhmiúlachtaí luchtaithe cliste a thacú le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a shuiteálfar ina ndlínse ó [sprioc-am iompair na Treorach leasaithí seo] agus, i gcás inarb iomchuí agus bunaithe ar an údarás rialála, feidhmiúlachtaí luchtaithe déthreocha.

3.   Chomh maith leis na ceanglais sa [togra le haghaidh Rialacháin maidir le leas a bhaint as bonneagar breosla ionadúil, lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE], áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar feidhmiúlachtaí luchtaithe cliste a thacú le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a shuiteálfar ina ndlínse ó [sprioc-am iompair na Treorach leasaithí seo] agus, i gcás inarb iomchuí agus bunaithe ar an údarás rialála, feidhmiúlachtaí luchtaithe déthreocha.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an creat rialála náisiúnta idirdhealú i gcoinne rannpháirtíocht sna margaí leictreachais, lena n-áirítear bainistiú ar phlódú agus seirbhísí solúbthachta agus seirbhísí cothromúcháin agus córais bheaga nó mhóibíleacha amhail ceallraí baile nó feithiclí leictreacha a sholáthar, go díreach agus trí chomhiomlánú.”;

4.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an creat rialála náisiúnta idirdhealú i gcoinne rannpháirtíocht sna margaí leictreachais, lena n-áirítear bainistiú ar phlódú agus seirbhísí solúbthachta agus seirbhísí cothromúcháin agus córais bheaga nó mhóibíleacha amhail ceallraí baile, ceallraí pobail nó feithiclí leictreacha , lena n-áirítear trucailí agus longa, a sholáthar, go díreach agus trí chomhiomlánú”;

Cúis

Tá sé léirithe go bhfuil cadhnraí i gcóras comhphobail níos sábháilte agus gur lú an infheistíocht is gá a dhéanamh iontu i gcomparáid le cadhnraí tí; cuireann longa níos mó solúbthachta ar fáil agus níor cheart iad a fhágáil ar lár ón margadh seo.

Leasú 30

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.10

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 20a

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Leasaítear mír 6 mar a leanas:

Is féidir leis na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le comhphobail fuinnimh in-athnuaite a bheith oscailte do rannpháirtíocht trasteorann. D’fhéadfadh nasc trasteorann fisiciúil díreach a bheith i gceist leis sin chun críoch malartuithe leictreachais laistigh den Chomhphobal.

Leasú 31

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.11

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 22a

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Féachfaidh na Ballstáit le sciar na bhfoinsí in-athnuaite i méid na bhfoinsí fuinnimh a úsáidtear chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh san earnáil tionsclaíochta a mhéadú trí mheánmhéadú bliantúil táscach 1.1 pointe céatadáin faoi 2030.

1.   Féachfaidh na Ballstáit , i gcomhar leis na réigiúin agus leis na cathracha, le sciar na bhfoinsí in-athnuaite i méid na bhfoinsí fuinnimh a úsáidtear chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh san earnáil tionsclaíochta a mhéadú trí mheánmhéadú bliantúil táscach 1.1 pointe céatadáin faoi 2030.

Áireoidh na Ballstáit na bearta a bheartaítear agus a glacadh chun an méadú táscach sin a bhaint amach ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide agus ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 3, Airteagal 14 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Áireoidh na Ballstáit , i gcomhar leis na réigiúin agus cathracha, na bearta a bheartaítear agus a glacadh chun an méadú táscach sin a bhaint amach ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide agus ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 3, Airteagal 14 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtiocfaidh, faoi 2030, 50 % den hidrigin a úsáidfear chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh san earnáil tionsclaíochta ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna n-úsáid chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh. Chun na hastaíochtaí sin a ríomh, cuirfear na rialacha seo a leanas i bhfeidhm:

Féachfaidh na Ballstáit , i gcomhar leis na réigiúin agus leis na cathracha, lena áirithiú go dtiocfaidh, faoi 2030, 50 % den hidrigin a úsáidfear chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh san earnáil tionsclaíochta ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna n-úsáid chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh. Chun na hastaíochtaí sin a ríomh, cuirfear na rialacha seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

Chun an t-ainmneoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh hidrigine chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh, seachas hidrigin a úsáidtear mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair a tháirgeadh.

(a)

Chun an t-ainmneoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh hidrigine chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh, seachas hidrigin a úsáidtear mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair a tháirgeadh.

(b)

Chun an t-uimhreoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a ídítear san earnáil tionsclaíochta chun críocha fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh, cé is moite de bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna n-úsáid mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair a tháirgeadh.

(b)

Chun an t-uimhreoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus hidrigine ísealcharbóin a ídítear san earnáil tionsclaíochta chun críocha fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh, cé is moite de bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna n-úsáid mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair a tháirgeadh.

(c)

Chun an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir araon a ríomh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

(c)

Chun an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir araon a ríomh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

2.   Maidir le táirgí tionsclaíocha lena mbaineann lipéad nó maíomh go bhfuil siad á dtáirgeadh le fuinneamh in-athnuaite agus le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, áiritheoidh na Ballstáit go léireoidh siad an céatadán den fhuinneamh in-athnuaite a úsáideadh nó de bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a úsáideadh ag an gcéim a bhaineann le fáil, réamhphróiseáil, monaraíocht agus dáileadh an bhunábhair, arna ríomh ar bhonn na modheolaíochtaí a leagtar síos i Moladh 2013/179/AE (3) nó, de rogha air sin, in ISO 14067:2018.”;

2.   Maidir le táirgí tionsclaíocha lena mbaineann lipéad nó maíomh go bhfuil siad á dtáirgeadh le fuinneamh in-athnuaite agus le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, áiritheoidh na Ballstáit , i gcomhar leis na réigiúin agus na cathracha, go léireoidh siad an céatadán den fhuinneamh in-athnuaite a úsáideadh nó de bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a úsáideadh ag an gcéim a bhaineann le fáil, réamhphróiseáil, monaraíocht agus dáileadh an bhunábhair, arna ríomh ar bhonn na modheolaíochtaí a leagtar síos i Moladh 2013/179/AE (4) nó, de rogha air sin, in ISO 14067:2018.”;

Cúis

Ba cheart baint a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leis na hiarrachtaí chun an Treoir athbhreithnithe a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Ní mór iad a bheith rannpháirteach i sainiú na bpleananna agus na spriocanna náisiúnta, agus a rannchuidithe a chur san áireamh.

Leasú 32

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.12(d)

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 23 mír 4

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

“4.   Chun an meánardú bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur chun feidhme:

“4.   Chun an meánardú bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur chun feidhme:

(a)

fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a ionchorpú go fisiciúil sna foinsí fuinnimh agus sna breoslaí arna soláthar i gcomhar téimh agus fuaraithe;

(a)

fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a ionchorpú go fisiciúil sna foinsí fuinnimh agus sna breoslaí arna soláthar i gcomhar téimh agus fuaraithe;

(b)

córais téimh agus fuaraithe fuinnimh in-athnuaite ardéifeachtúla a shuiteáil i bhfoirgnimh, nó fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a úsáid sna próisis téimh agus fuaraithe thionsclaíocha;

(b)

córais téimh agus fuaraithe fuinnimh in-athnuaite ardéifeachtúla a shuiteáil i bhfoirgnimh, nó fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a úsáid sna próisis téimh agus fuaraithe thionsclaíocha;

(c)

bearta arna gcumhdach ag teastais intrádála lena bhfianaítear comhlíonadh na hoibleagáide arna leagan síos i mír 1, an chéad fhomhír, trí thacú le bearta suiteála faoi phointe (b) den mhír seo, arna ndéanamh ag oibreoir eacnamaíoch eile amhail suiteálaí neamhspleách teicneolaíochta in-athnuaite nó ag cuideachta seirbhíse fuinnimh a sholáthraíonn seirbhísí suiteála i leith fuinneamh in-athnuaite;

(c)

bearta arna gcumhdach ag teastais intrádála lena bhfianaítear comhlíonadh na hoibleagáide arna leagan síos i mír 1, an chéad fhomhír, trí thacú le bearta suiteála faoi phointe (b) den mhír seo, arna ndéanamh ag oibreoir eacnamaíoch eile amhail suiteálaí neamhspleách teicneolaíochta in-athnuaite nó ag cuideachta seirbhíse fuinnimh a sholáthraíonn seirbhísí suiteála i leith fuinneamh in-athnuaite;

(d)

forbairt acmhainní d’údaráis náisiúnta agus áitiúla chun tionscadail agus bonneagair in-athnuaite a phleanáil agus a chur chun feidhme;

(d)

forbairt acmhainní d’údaráis náisiúnta , réigiúnacha agus áitiúla chun tionscadail agus bonneagair in-athnuaite a phleanáil agus a chur chun feidhme;

(e)

creataí maolaithe riosca a chruthú chun costas an chaipitil do thionscadail in-athnuaite teasa agus fuaraithe a laghdú;

(e)

creataí maolaithe riosca a chruthú chun costas an chaipitil do thionscadail in-athnuaite teasa agus fuaraithe a laghdú;

(f)

comhaontuithe ceannacháin teasa a chur chun cinn do thomhaltóirí corparáideacha agus do thomhaltóirí beaga comhchoiteanna;

(f)

comhaontuithe ceannacháin teasa agus fuachta a chur chun cinn do thomhaltóirí corparáideacha agus do thomhaltóirí beaga comhchoiteanna , lena n-áirítear FBManna ;

(g)

scéimeanna athsholáthair atá beartaithe maidir le córais téimh iontaise nó scéimeanna chun deireadh a chur le céimniú amach iontaise lena ngabhann garspriocanna;

(g)

scéimeanna athsholáthair atá beartaithe maidir le córais téimh iontaise nó scéimeanna chun deireadh a chur le céimniú amach iontaise lena ngabhann garspriocanna;

(h)

pleanáil teasa in-athnuaite, lena gcuimsítear fuarú, ceanglais ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;

(h)

pleanáil teasa in-athnuaite, lena gcuimsítear fuarú, ceanglais ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;

(i)

bearta beartais eile, a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu, lena n-áirítear bearta fioscacha, scéimeanna tacaíochta nó dreasachtaí airgeadais eile.

(i)

córais téimh agus fuaraithe fuinnimh i n- athnuaite a chur chun cinn mar chuid de chomhphobail fuinnimh in-athnuaite;

 

(j)

bearta beartais eile, a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu, lena n-áirítear bearta fioscacha, scéimeanna tacaíochta nó dreasachtaí airgeadais eile.

Agus na bearta sin á nglacadh agus á gcur chun feidhme acu, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag gach tomhaltóir orthu, go háirithe iad siúd atá i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha, teaghlaigh nach mbeadh caipiteal tosaigh leordhóthanach acu chun tairbhe a bhaint as mura ndéanfaí sin.”;

Agus na bearta sin á nglacadh agus á gcur chun feidhme acu, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag gach tomhaltóir orthu, go háirithe iad siúd atá i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha agus micrifhiontair agus fiontair bheaga atá leochaileach , teaghlaigh agus fiontair nach mbeadh caipiteal tosaigh leordhóthanach acu chun tairbhe a bhaint as mura ndéanfaí sin.”;

Cúis

An leibhéal réigiúnach a chur san áireamh agus na critéir maidir le bochtaineacht fuinnimh a shainítear sa Chiste Aeráide Sóisialta a oiriúnú. Is féidir le comhphobail fuinnimh in-athnuaite dul chun cinn tábhachtach a dhéanamh ó thaobh an chomhshaoil de trí theas/fuarú a cheangal le córais leictreachais.

Leasú 33

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.13(e)

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 24 mír 8

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Gach 4 bliana ar a laghad, bunóidh na Ballstáit creat faoina ndéanfaidh na hoibreoirí córas dáileacháin leictreachais, i gcomhar le hoibreoirí na gcóras téimh nó fuaraithe ceantair ina réigiún féin, measúnú ar an acmhainn is féidir a bhaint as córais téimh agus fuaraithe ceantair chun seirbhísí cothromúcháin agus seirbhísí córais eile, lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil farasbarr leictreachais arna tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite agus measúnú a dhéanamh freisin ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé níos acmhainn-éifeachtúla agus níos costéifeachtúla, le hais réitigh mhalartacha, úsáid a bhaint as an acmhainn a sainaithníodh sa mheasúnú sin.

Gach 4 bliana ar a laghad, bunóidh na Ballstáit nó a n-údaráis inniúla réigiúnacha agus áitiúla creat faoina ndéanfaidh na hoibreoirí córas dáileacháin leictreachais, i gcomhar le hoibreoirí na gcóras téimh nó fuaraithe ceantair ina réigiún féin, measúnú ar an acmhainn is féidir a bhaint as córais téimh agus fuaraithe ceantair chun seirbhísí cothromúcháin agus seirbhísí córais eile, lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil farasbarr leictreachais arna tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite agus measúnú a dhéanamh freisin ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé níos acmhainn-éifeachtúla agus níos costéifeachtúla, le hais réitigh mhalartacha, úsáid a bhaint as an acmhainn a sainaithníodh sa mheasúnú sin. Leis an measúnú sin, cuimhneofar mar ábhar tosaíochta ar roghanna malartacha ar fhorbairt líonraí i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin leictreachais aird chuí ar thorthaí an mheasúnaithe a cheanglaítear faoin gcéad fhomhír i bpleanáil na heangaí, in infheistíocht san eangach agus i bhforbairt bonneagair ina gcríocha faoi seach.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin leictreachais aird chuí ar thorthaí an mheasúnaithe a cheanglaítear faoin gcéad fhomhír i bpleanáil na heangaí, in infheistíocht san eangach agus i bhforbairt bonneagair ina gcríocha faoi seach.

Éascóidh na Ballstáit comhordú idir oibreoirí córas téimh agus fuaraithe ceantair agus oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin leictreachais chun a áirithiú gur féidir le seirbhísí cothromúcháin, stórála agus solúbthachta eile, amhail freagairt don éileamh, a chuireann oibreoirí córais téimh ceantair agus oibreoirí córas fuaraithe ceantair ar fáil páirt a ghlacadh ina margaí leictreachais.

Éascóidh na Ballstáit comhordú idir oibreoirí córas téimh agus fuaraithe ceantair agus oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin leictreachais chun a áirithiú gur féidir le seirbhísí cothromúcháin, stórála agus solúbthachta eile, amhail freagairt don éileamh, a chuireann oibreoirí córais téimh ceantair agus oibreoirí córas fuaraithe ceantair ar fáil páirt a ghlacadh ina margaí leictreachais.

Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le measúnú agus comhordú faoin gcéad fhomhír agus faoin tríú fomhír a leathnú chuig oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin gáis, lena n-áirítear gréasáin hidrigine agus gréasáin eile fuinnimh.

Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le measúnú agus comhordú faoin gcéad fhomhír agus faoin tríú fomhír a leathnú chuig oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin gáis, lena n-áirítear gréasáin hidrigine agus gréasáin eile fuinnimh.

Oibreoidh na Ballstáit i bpáirt leis na réigiúin agus na cathracha chun cur chun feidhme an chreata sin agus oibriú an chreata tar éis dá chur chun feidhme a éascú.

Cúis

Ba cheart na leibhéil áitiúla agus réigiúnacha a bheith rannpháirteach le linn an phróisis chun go gcuirfear an Treoir chun feidhme go rianúil.

Leasú 34

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.14(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Bunóidh na Ballstáit sásra lena gceadófar do sholáthróirí breosla ina gcríoch creidmheasanna a mhalartú chun fuinneamh in-athnuaite a sholáthar d’earnáil an iompair. Gheobhaidh oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn leictreachas in-athnuaite d’fheithiclí leictreacha trí stáisiúin athluchtaithe phoiblí creidmheasanna, beag beann ar cé acu a bhfuil nó nach bhfuil na hoibreoirí eacnamaíocha faoi réir na hoibleagáide atá leagtha síos ag an mBallstát ar sholáthróirí breosla, agus féadfaidh siad na creidmheasanna sin a dhíol le soláthróirí breosla, ar féidir leo na creidmheasanna a úsáid chun an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 a chomhlíonadh.;

Bunóidh na Ballstáit sásra lena gceadófar do sholáthróirí breosla ina gcríoch creidmheasanna a mhalartú chun fuinneamh in-athnuaite agus hidrigin ísealcharbóin a sholáthar d’earnáil an iompair trí shásra difriúil . Gheobhaidh oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn leictreachas in-athnuaite d’fheithiclí leictreacha trí stáisiúin athluchtaithe phoiblí creidmheasanna , fuinnimh in-athnuaite, hidrigin ísealcharbóin nó RFNBOnna a dhíorthaítear ó hidrigin beag beann ar cé acu a bhfuil nó nach bhfuil na hoibreoirí eacnamaíocha faoi réir na hoibleagáide atá leagtha síos ag an mBallstát ar sholáthróirí breosla, agus féadfaidh siad na creidmheasanna sin a dhíol le soláthróirí breosla, ar féidir leo na creidmheasanna a úsáid chun an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 a chomhlíonadh.

Cúis

Ba cheart forbairt bhrostaithe foinsí nua fuinnimh in-athnuaite nua a chur san áireamh.

Leasú 35

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.16(b)(a)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(ii)

i gcás breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, trí mhéid na mbreoslaí sin a sholáthraítear do gach modh iompair a iolrú faoina gcoigilteas astaíochtaí arna chinneadh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 29a(3);

(ii)

i gcás breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch , hidrigin ísealcharbóin agus RFNBOnna a dhíortaítear ó hidrigin agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, trí mhéid na mbreoslaí sin a sholáthraítear do gach modh iompair a iolrú faoina gcoigilteas astaíochtaí arna chinneadh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 29a(3);

Cúis

Chun bheith ag luí le hionchorprú na hidrigine ísealcharbóin.

Leasú 36

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.16(b)(d)

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 27 mír 1(d)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(d)

cinntear an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa ó úsáid fuinnimh in-athnuaite tríd an gcoigilteas ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid bithbhreoslaí, bithgháis agus leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair a roinnt ar an mbonnlíne.

(d)

cinntear an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa ó úsáid fuinnimh in-athnuaite tríd an gcoigilteas ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid bithbhreoslaí, bithgháis , RFNBOnna, hidrigine ísealcharbóin, breoslaí carbóin athchúrsáilte agus leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair a roinnt ar an mbonnlíne.

Cúis

Féinmhínitheach

Leasú 37

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.16(d)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(d)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(d)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

 

(i)

scriostar an chéad, an dara agus an tríú fomhír;

 

(i)

scriostar an chéad, an dara agus an tríú fomhír;

 

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír: “Agus leictreachas á úsáid chun breoslaí iompair in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh, go díreach nó chun táirgí eatramhacha a tháirgeadh, féadfar úsáid a bhaint as an meánsciar leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh i dtír an táirgthe, faoi mar a tomhaiseadh dhá bhliain roimh an am atá i gceist, chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite a chinneadh.”;

 

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír: “Agus leictreachas á úsáid chun breoslaí iompair in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh, go díreach nó chun táirgí eatramhacha a tháirgeadh, féadfar úsáid a bhaint as an meánsciar leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh i dtír an táirgthe, faoi mar a tomhaiseadh dhá bhliain roimh an am atá i gceist, chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite a chinneadh.”;

 

(iii)

sa chúigiú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh :“Mar sin féin, féadfar leictreachas a fhaightear ó cheangal díreach le suiteáil lena ngintear leictreachas in-athnuaite a áireamh go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite i gcás ina n-úsáidtear é chun na breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh, ar an gcoinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith na suiteála:” ;

 

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cúigiú fomhír, lena n-áirítear pointe (a) agus pointe (b) : “Mar sin féin, féadfar leictreachas a fhaightear ó cheangal díreach le suiteáil lena ngintear leictreachas in-athnuaite a áireamh go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite i gcás ina n-úsáidtear é chun na breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh, ar choinníoll nach bhfuil an tsuiteáil nasctha leis an eangach nó go bhfuil sé ceangailte leis an eangach ach gur féidir fianaise a sholáthar lena gcruthaítear gur soláthraíodh an leictreachas lena mbaineann gan leictreachas a ghlacadh ón eangach .”;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fomhír: “D’fhéadfaí a mheas gur leictreachas iomlán in-athnuaite é leictreachas a ghlactar ón eangach ar choinníoll go dtáirgtear é ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite amháin agus do ndeimhnítear é sin le ráthaíochtaí tionscnaimh.”

(v)

scriostar an seachtú mír.

Cúis

Is amhlaidh is casta atá an tsamhail ghnó maidir le leictrealú agus uas-scálú na hidrigine glaise, ar samhail casta í cheana féin, de dheasca phrionsabail na breisíochta agus an chomhghaolaithe. Ba cheart tacaíocht phoiblí do tháirgeadh hidrigine glaise a bheith indéanta freisin le conradh le feirm ghrianfhuinnimh nó ghaoithe atá ann cheana, mar shampla trí ráthaíochtaí tionscnaimh.

Leasú 38

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.18(a)

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 29 mír 1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

 

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

rannchuidiú le sciartha fuinnimh in-athnuaite na mBallstát agus na spriocanna dá dtagraítear in Airteagail 3(1), 15a(1), 22a(1), 23(1), 24(4), agus 25(1) den Treoir seo;”;

 

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

rannchuidiú le sciartha fuinnimh in-athnuaite na mBallstát agus na spriocanna dá dtagraítear in Airteagail 3(1), 15a(1), 22a(1), 23(1), 24(4), agus 25(1) den Treoir seo;”;

 

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

‘Comhlíonfaidh breoslaí bithmhaise na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i mír 2 go mír 7 agus i mír 10 má úsáidtear iad,

 

 

 

– (a) i gcás breoslaí bithmhaise soladaí, i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú arb ionann iomlán a n-ionchur teirmeach rátaithe agus 5 MW nó ar mó ná sin é,

– (b) i gcás breoslaí bithmhaise gásacha, i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú arb ionann iomlán a n-ionchur teirmeach rátaithe agus 2 MW nó ar mó ná sin é,

– (c) i gcás suiteálacha a tháirgeann breoslaí bithmhaise gásacha ag a bhfuil an meánráta sreafa bithmheatáin seo a leanas:

 

 

 

(i)

os cionn 200 m3 meatán coibhéiseach/h arna thomhas ag coinníollacha caighdeánacha teochta agus brú (i.e. 0 oC agus 1 bhar de bhrú atmaisféarach);

(ii)

i gcás bithghás ina bhfuil meascán de mheatán agus de gháis neamhdhócháin eile, i gcás an ráta sreafa bithmheatáin, an tairseach a leagtar amach i bpointe (i), athríomhfar é i gcomhréireacht leis an sciar toirtmhéadrach meatáin atá sa mheascán;

(iii)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas tar éis an cheathrú fomhír:

 

 

“Féadfaidh na Ballstáit na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghduithe astaíochtaí gáis cheaptha teasa a chur i bhfeidhm maidir le suiteálacha a bhfuil ionchur teirmeach rátáilte iomlán nó ráta sreafa bithmheatáin níos ísle acu.”;

 

Cúis

Is é is aidhm don leasú cuid de théacs Threoir (AE) 2018/2001 atá i bhfeidhm faoi láthair agus a glacadh faoi láthair a athbhunú (Treoir nach bhfuil trasuite ag na Ballstáit go léir go fóill).

Dá mbeadh reachtaíocht neamhchobhsaí ann, chuirfí srian leis an infheistíocht agus chuirfí bac ar fhorbairt an mhargaidh.

Leasú 39

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.18(e) & (f)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(e)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, pointe (a), pointe (iv):

“(iv)

déantar an bhuaint agus cáilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach a choinneáil san áireamh agus é mar aidhm tionchair dhiúltacha a íoslaghdú, ar bhealach a sheachnaíonn saothrú stumpaí agus fréamhacha, díghrádú foraoisí príomhúla nó iad a thiontú ina bhforaoisí plandála, agus saothrú ar ithreacha leochaileacha; íoslaghdaítear glanleagan crann agus áirithítear leis tairseacha oiriúnacha maidir le heastóscadh adhmad marbh agus ceanglais ann chun úsáid a bhaint as córais logála lena n-íoslaghdaítear an tionchar ar cháilíocht na hithreach, balcadh ithreach san áireamh, agus ar ghnéithe agus ar ghnáthóga bithéagsúlachta:”;

(e)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, pointe (a), pointe (iv):

“(iv)

déantar an bhuaint agus cáilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach a choinneáil san áireamh agus é mar aidhm tionchair dhiúltacha a íoslaghdú, ar bhealach a sheachnaíonn díghrádú foraoisí príomhúla nó iad a thiontú ina bhforaoisí plandála, agus saothrú ar ithreacha leochaileacha; íoslaghdaítear glanleagan crann agus áirithítear leis tairseacha oiriúnacha maidir le heastóscadh adhmad marbh agus ceanglais ann chun úsáid a bhaint as córais logála lena n-íoslaghdaítear an tionchar ar cháilíocht na hithreach, balcadh ithreach san áireamh, agus ar ghnéithe agus ar ghnáthóga bithéagsúlachta:”;

(f)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 1, pointe b, pointe (iv):

“(iv)

déantar an bhuaint agus cáilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach a choinneáil san áireamh agus é mar aidhm tionchair dhiúltacha a íoslaghdú, ar bhealach a sheachnaíonn saothrú stumpaí agus fréamhacha, díghrádú foraoisí príomhúla nó iad a thiontú ina bhforaoisí plandála, agus saothrú ar ithreacha leochaileacha; íoslaghdaítear glanleagan crann agus áirithítear leis tairseacha oiriúnacha maidir le heastóscadh adhmad marbh agus ceanglais ann chun úsáid a bhaint as córais logála lena n-íoslaghdaítear an tionchar ar cháilíocht na hithreach, balcadh ithreach san áireamh, agus ar ghnéithe agus ar ghnáthóga bithéagsúlachta:”;

(f)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 1, pointe b, pointe (iv):

“(iv)

déantar an bhuaint agus cáilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach a choinneáil san áireamh agus é mar aidhm tionchair dhiúltacha a íoslaghdú, ar bhealach a sheachnaíonn díghrádú foraoisí príomhúla nó iad a thiontú ina bhforaoisí plandála, agus saothrú ar ithreacha leochaileacha; íoslaghdaítear glanleagan crann agus áirithítear leis tairseacha oiriúnacha maidir le heastóscadh adhmad marbh agus ceanglais ann chun úsáid a bhaint as córais logála lena n-íoslaghdaítear an tionchar ar cháilíocht na hithreach, balcadh ithreach san áireamh, agus ar ghnéithe agus ar ghnáthóga bithéagsúlachta:”;

Cúis

Léirítear le trialacha allamuigh fadtéarmacha san fhoraoiseolaíocht Nordach gur féidir stumpaí agus fréamhacha a bhuain go páirteach gan dochar a dhéanamh don bhithéagsúlacht. Ní mór dálaí áitiúla agus réigiúnacha maidir le hiarmhairtí éiceolaíocha i straitéisí éagsúla maidir le bainistíocht foraoisí a chur san áireamh.

Leasú 40

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.18(g)

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 29 mír 10

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(g)

i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, pointe (d):

“(d)

70 % ar a laghad le haghaidh leictreachas, téamh agus fuarú a tháirgtear ó bhreoslaí bithmhaise a úsáidfear i suiteálacha go dtí an 31 Nollaig 2025, agus 80 % ar a laghad ón 1 Eanáir 2026.”;

 

Cúis

Beidh feidhm ag rialacha RED II maidir le suiteálacha a chuireann tús le hoibríochtaí go dtí an 31 Nollaig 2025.

Dá dtabharfaí isteach critéir nua níos déine do shuiteálacha atá ann cheana (ar bhonn aisghníomhach), bhainfí an bonn de chobhsaíocht an chreata dhlíthiúil agus na n-infheistíochtaí. Bheadh tionchar diúltach aige sin ar limistéir thuaithe go sonrach.

Leasú 41

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.19

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 29a mír 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ní fhéadfar fuinneamh ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a áireamh sa chuspóir laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1) , an chéad fhomhír, pointe (a), ach amháin más 70 % ar a laghad na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa as siocair na breoslaí sin a úsáid.

Ní fhéadfar fuinneamh ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte agus ó hidrigin ísealcharbóin a áireamh sna cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 15a(1), 22a(1), 23(1), 24(4) agus 25(1) ach amháin más 70 % ar a laghad na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa as siocair na breoslaí sin a úsáid.

Cúis

Tá béim láidir á cur ag an gCoimisiún Eorpach air nach mór ról tábhachtach a bheith ag gabháil agus stóráil carbóin i dtionscal an dícharbónaithe agus ba cheart, dá réir sin, margadh a chruthú don bhreosla a bheadh mar thoradh air sin.

Leasú 42

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1.22

Treoir (AE) 2018/2001

Airteagal 31 – mír 2, mír 3 agus mír 4

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar bunachar sonraí de chuid an Aontais a chur ar bun chun go mbeifear in ann bun agus lorg breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur.

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar bunachar sonraí de chuid an Aontais a chur ar bun chun go mbeifear in ann bun agus lorg breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur.

2.   Ceanglóidh na Ballstáit ar na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha faisnéis chruinn a iontráil go tráthúil sa bhunachar sonraí sin maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus saintréithe inbhuanaitheachta na mbreoslaí atá faoi réir na n-idirbheart sin, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa a saolré, ag tosú ó phointe a dtáirgthe go dtí tráth a n-ídithe san Aontas. Cuirfear san áireamh freisin sa bhunachar sonraí faisnéis faoi cibé acu a cuireadh nó nár cuireadh tacaíocht ar fáil chun coinsíneacht shonrach bhreosla a tháirgeadh, agus má cuireadh, áireofar freisin faisnéis maidir leis an gcineál scéime tacaíochta.

2.   Ceanglóidh na Ballstáit ar na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha faisnéis chruinn a iontráil go tráthúil sa bhunachar sonraí sin maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus saintréithe inbhuanaitheachta na mbreoslaí atá faoi réir na n-idirbheart sin, lena n-áirítear a n-amhábhar agus bunús an amhábhair sin, astaíochtaí gás ceaptha teasa a saolré, ag tosú ó phointe a dtáirgthe go dtí tráth a n-ídithe san Aontas. Cuirfear san áireamh freisin sa bhunachar sonraí faisnéis faoi cibé acu a cuireadh nó nár cuireadh tacaíocht ar fáil chun coinsíneacht shonrach bhreosla a tháirgeadh, agus má cuireadh, áireofar freisin faisnéis maidir leis an gcineál scéime tacaíochta.

I gcás inarb iomchuí chun inrianaitheacht sonraí ó cheann ceann an tslabhra soláthair a fheabhsú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun raon feidhme na faisnéise atá le háireamh i mbunachar sonraí an Aontais a leathnú tuilleadh chun sonraí ábhartha a chumhdach ó phointe táirgthe nó bailithe an amhábhair a úsáidtear le haghaidh tháirgeadh an bhreosla.

I gcás inarb iomchuí chun inrianaitheacht sonraí ó cheann ceann an tslabhra soláthair a fheabhsú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 , i gcásanna eisceachtúla amháin, chun raon feidhme na faisnéise atá le háireamh i mbunachar sonraí an Aontais a leathnú tuilleadh chun sonraí ábhartha a chumhdach ó phointe táirgthe nó bailithe an amhábhair a úsáidtear le haghaidh tháirgeadh an bhreosla.

Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthróirí breosla an fhaisnéis is gá a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais chun a fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír.

Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthróirí breosla an fhaisnéis is gá a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais chun a fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír.

3.   Beidh rochtain ag na Ballstáit ar bhunachar sonraí an Aontais chun faireachán a dhéanamh agus sonraí a fhíorú.

3.   Beidh rochtain ag na Ballstáit agus ag na húdaráis áitiúla ar bhunachar sonraí an Aontais chun faireachán a dhéanamh agus sonraí a fhíorú.

4.   Más amhlaidh gur eisíodh ráthaíochtaí tionscnaimh i leith coinsíneacht gás in-athnuaite a tháirgeadh, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na ráthaíochtaí tionscnaimh sin ar ceal sular féidir coinsíneacht na ngás in-athnuaite a chlárú sa bhunachar sonraí.

4.   Más amhlaidh gur eisíodh ráthaíochtaí tionscnaimh i leith coinsíneacht gás in-athnuaite a tháirgeadh, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na ráthaíochtaí tionscnaimh sin ar ceal sular féidir coinsíneacht na ngás in-athnuaite a chlárú sa bhunachar sonraí.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíorófar cruinneas agus iomláine na faisnéise arna cur ag oibreoirí eacnamaíocha sa bhunachar sonraí, trí úsáid a bhaint as scéimeanna deonacha nó náisiúnta mar shampla.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíorófar cruinneas agus iomláine na faisnéise arna cur ag oibreoirí eacnamaíocha sa bhunachar sonraí, trí úsáid a bhaint as scéimeanna deonacha nó náisiúnta mar shampla.

Maidir le fíorú sonraí, féadfar úsáid a bhaint as córais faisnéise tríú páirtí mar idirghabhálaithe chun na sonraí a bhailiú i scéimeanna deonacha nó scéimeanna náisiúnta arna n-aithint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(4), (5) agus (6), ar choinníoll fógra a thabhairt don Choimisiún faoin úsáid sin.

Maidir le fíorú sonraí, féadfar úsáid a bhaint as córais faisnéise tríú páirtí mar idirghabhálaithe chun na sonraí a bhailiú i scéimeanna deonacha nó scéimeanna náisiúnta arna n-aithint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(4), (5) agus (6), ar choinníoll fógra a thabhairt don Choimisiún faoin úsáid sin.

 

6.     Le bunachar sonraí an Aontais déanfar sonraí a bhailiú agus a thaispeáint ar an leibhéal réigiúnach.

Cúis

A bhuí le gráinneacht sonraí, is féidir inrianaitheacht shreabhadh na mbreoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte agus an tuiscint ar an méid sin a fheabhsú. Ní fhéadfar gníomhartha tarmligthe a úsáid ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus le hurraim chuí do phrionsabal na coimhdeachta.

Leasú 43

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3.2(b)

Leasuithe ar Threoir 98/70/CE

Airteagal 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 8 agus 9:

“8.

ciallaíonn ‘soláthróir’‘soláthróir breosla’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (38) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

“9.

ciallaíonn ‘bithbhreoslaí’‘bithbhreoslaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (33) de Threoir (AE) 2018/2001;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 8 agus 9:

“8.

ciallaíonn ‘soláthróir’‘soláthróir breosla’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (38) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

“9.

ciallaíonn ‘bithbhreoslaí’‘bithbhreoslaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (33) de Threoir (AE) 2018/2001;”;

‘10.

ciallaíonn ‘hidrigin ísealcharbóin’ hidrigin iontaise-bhunaithe le hidrigin gabhála agus stórála carbóin nó hidrigin leictrealaíoch i gcás ina ndéantar, a bhuí leis an hidrigin sin, laghdú 73,4  % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sa tsaolré as a n-eascrófar astaíochtaí gás ceaptha teasa sa tsaolré faoi bhun 3 tCO2eq/tH2 i gcomparáid le táirge comparáide breoslaí iontaise de 94 g CO2e/MJ (2.256 tCO2eq/tH2). I dtaca leis an aonad giniúna imeallach sa chrios tairisceana ina bhfuil an leictreoir lonnaithe sna tréimhsí socraíochta éagothroime nuair a ídíonn an leictreoir leictreachas ón eangach, is é an t-aonad sin a chinnfidh an cion carbóin de hidrigin leictrealaíoch;”

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

á chur i bhfios, i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin, gur léire ná riamh an gá atá le haistriú práinneach fuinnimh agus le slándáil an tsoláthair fuinnimh;

2.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an t-athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, Treoir atá bunaithe ar uaillmhian fhoriomlán an Aontais a bheith ina ilchríoch aeráidneodrach faoi 2050;

3.

i bhfách leis an méadú ar sprioc 2030 maidir le fuinneamh in-athnuaite agus go bhfuiltear ag súil leis go ndéanfaidh gach earnáil a cion féin chun an sprioc sin a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an-tábhacht ag baint le leathnú ollmhór tapa na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, in éineacht le níos mó ceannasacht fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, má táthar chun cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach, maille le hinacmhainneacht agus slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas a neartú;

4.

á mholadh, mar sin féin, go nglacfaí cur chuige solúbtha cothrom i leith na gcuspóirí maidir le fuinnimh in-athnuaite lena spreagtar forbairt leanúnach na dteicneolaíochtaí, lena soláthraítear cinnteacht d’infheisteoirí agus lena ndéantar, san am céanna, iomaíochas an Aontais a chothabháil agus aistriú inbhuanaithe cóir a ráthú;

5.

á chur i bhfáth gur den fíorthábhacht go n-áiritheofaí comhleanúnachas sna téacsanna reachtacha faoin bpacáiste “Oiriúnach do 55” agus go gcloífear le “bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh” agus le coincheap na neodrachta teicneolaíche d’fhonn aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar an mbealach is inbhuanaithe agus is costéifeachtaí is féidir;

6.

á áitiú nach mór do na Ballstáit RED II a thrasuí ar an gcaoi atá beartaithe sa doiciméad;

Coimhdeacht agus Measúnú Tionchair

7.

á chur in iúl gur cúis áthais dó go bhfuil greille mheastóireachta ar choimhdeacht ag gabháil leis na tograí reachtacha, faoi mar a mhol sé; ar aon fhocal, san am céanna, leis an méid a dúirt an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála sular foilsíodh an togra, go háirithe maidir leis an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar bhonn córasach ar an imní atá ann faoi choimhdeacht agus comhréireacht agus leis an ngá tionchar na mbeart atá beartaithe ar fud na mBallstát agus na réigiún a léiriú ar dhóigh níos fearr, lena n-áirítear critéir inbhuanaitheachta bithfhuinnimh;

8.

á chur i bhfios nach bhfuil na hinniúlachtaí céanna ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais agus gur cheart cinntí a dhéanamh ar an leibhéal rialachais a sholáthróidh an réiteach is éifeachtaí; á thabhairt le fios go bhfuil sé tiomanta d’fhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus ar thionchar críochach na reachtaíochta atá beartaithe lena áirithiú go n-éireoidh le cur chun feidhme na spriocanna aeráide ar an mbealach is inbhuanaithe agus is costéifeachtúla is féidir;

9.

ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé don Aontas na héagothromaíochtaí réigiúnacha atá ann cheana agus gnéithe sonracha gach réigiúin a chur san áireamh, agus tacaíocht a thabhairt do réitigh atá costéifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus é á áirithiú, san am céanna, go mbeidh na costais fuinnimh inacmhainne i gcónaí do shaoránaigh agus do chuideachtaí;

10.

á chur i bhfios go láidir gur minic a tháirgtear fuinneamh in-athnuaite ar an leibhéal réigiúnach agus go mbraitheann sé ar FBManna réigiúnacha; ag iarraidh ar na Ballstáit féachaint chuige go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha go hiomlán rannpháirteach i sainiú agus i gcur chun feidhme na mbeart náisiúnta aeráide e.g. trí na rannchuidithe arna gcinneadh go réigiúnach agus go háitiúil mar chomhlánú ar na rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta a bhunaítear le Comhaontú Pháras;

Comhphobail Fuinnimh In-athnuaite

11.

á chur in iúl gur oth leis an cinneadh gan leasú a dhéanamh ar an Airteagal maidir le Comhphobail Fuinnimh In-athnuaite i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ón trasuí reatha agus an easpa forálacha nua chun a cheadú a éascú, deacrachtaí riaracháin agus tosca eile a chuireann bac ar rochtain ar an eangach a éascú, agus feabhas a chur ar chur in úsáid teicneolaíochtaí amhail teicneolaíochtaí grianfhuinnimh theirmigh, fótavoltacha, gaoithe, agus geoiteirmeacha;

12.

á chur i bhfáth gur gá rannchuidiú “táirgeoirí is tomhaltóirí”, pobal fuinnimh in-athnuaite agus teicneolaíochtaí nua, amhail stóráil fuinnimh, freagairt don éileamh, micrea-eangacha (trasteorann b’fhéidir) agus soghluaisteacht leictreach, a chur san áireamh ina iomláine agus leas a bhaint as an rannchuidiú sin;

13.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá an eangach leictreachais ísealvoltais agus meánvoltais, ina gcaithfear an bonneagar is gá don iliomad táirgeoirí díláraithe nua a chuireann leictreachas sa chóras a chruthú; á chur i bhfios go láidir gur gá freisin táirgeoirí nua ar mionscála a cheangal leis na héangacha ísealvoltais agus meánvoltais; ag iarraidh ar an gCoimisiún creat a chur ar fáil chun roinnt tionscadail níos lú a chomhiomlánú ionas go mbeidh siad in ann na critéir faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair a chomhlíonadh. Is den ríthábhacht a beith solúbtha i ndáil leis an méid sin chun go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha in ann tionscadail chomhiomlánaithe áirithe a chur ar bun agus chun maoiniú a fháil do na hiarrachtaí sin, más féidir;

14.

á chur in iúl go bhfuil sé léirithe go bhfuil córais stórála i gcóras comhphobail níos sábháilte agus gur lú an infheistíocht is gá a dhéanamh iontu i gcomparáid le córais stórála tí.

Comhar trasteorann

15.

á chur in iúl gur mór aige an togra maidir le comhar idir na Ballstáit a threisiú agus comhar réigiúnach agus áitiúil a chothú i dtaca le foinsí in-athnuaite fuinnimh chun feabhas a chur ar shineirgí sa mhargadh fuinnimh; ag leagan béim ar an ról ceannasach atá ag réigiúin i dtaca le táirgeadh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta agus fuinnimh aigéin a mhéadú;

16.

ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé tionscadail comhair trasteorann a chur chun cinn agus tacú leo (amhail tionscadail leasa choitinn) i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach chun córas fuinnimh atá costéifeachtach, comhtháite, dícharbónaithe agus díláraithe a áirithiú; ag leagan béim, ar an gcaoi chéanna, ar an tábhacht a bhaineann leis an idirnascthacht chun an eangach a chobhsú i bhfianaise na bhfoinsí éagsúla fuinnimh in-athnuaite atá ann agus bhrúnna comhshaoil an athraithe aeráide a bhfuil tionchar acu ar fheidhmiúlacht an bhonneagair leictreachais;

17.

á chur i bhfios go láidir gur gá cúnamh airgeadais agus teicniúil a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun feabhas a chur ar a gcumas infheistíochtaí a mhealladh agus a shlógadh;

Bithfhuinneamh

18.

den bharúil gur gá bithmhais a tháirgeadh ar dhóigh inbhuanaithe má táthar chun cosaint an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta a áirithiú; á chur i bhfáth, mar sin féin, go millfí faoi chobhsaíocht an chreata dhlíthiúil dá dtabharfaí isteach critéir nua agus níos déine a mbeadh feidhm acu maidir leis na suiteálacha uile bithmhaise, teasa agus cumhachta ar scála beag agus go mbeadh tionchar mór sóisialta aige sin ar thomhaltóirí leochaileacha, go háirithe i limistéir thuaite, agus ar ghnólachtaí agus nach féidir neamhaird a dhéanamh de na suiteálacha atá i bhfeidhm acu cheana agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe acu;

19.

á chur in iúl go gcuirfí ualach suntasach riaracháin ar roinnt mhaith gléasraí fuinnimh meánmhéide dá n-ísleofaí na ceanglais tuairiscithe ó 20 MW go 5 MW; á éileamh go gcoinneofaí critéir inbhuanaitheachta RED atá ann cheana, mar aon leis an reachtaíocht náisiúnta chun dálaí éagsúla náisiúnta agus réigiúnacha a chur san áireamh; á chur i bhfios nár cheart ceanglais nua a thabhairt isteach ach amháin má léirítear le measúnuithe go bhfuil na cinn atá ann faoi láthair ina gcúis le rioscaí comhshaoil a mbeadh cur chuige níos déine ag teastáil ina leith;

20.

á iarraidh go mbainfí leas as acmhainneacht an táirgthe bithmheatáin san Eoraip chun spleáchas an Aontais ar ghás na Rúise a éagsúlú agus a laghdú agus, san am céanna, dlús a chur leis an uaillmhian maidir leis na spriocanna aeráide; i bhfabhar na sprice chun 35 bhilliún méadar ciúbach (bcm) de bhithmheatán a tháirgeadh laistigh den Aontas faoi 2030 mar a mholtar sa phlean REPowerEU;

An geilleagar ciorclach agus éifeachtúlacht acmhainní

21.

á chur in iúl gur oth leis nach bhfuil aon tagairt do sholáthar poiblí glas agus ciorclach mar uirlis do riaracháin phoiblí chun fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn in earraí agus i seirbhísí a bhaineann le fuinneamh;

22.

á chur i bhfáth, d’fhonn éifeachtúlacht acmhainní níos fearr a bhaint amach ar bhealach atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, gur féidir breoslaí fuinnimh in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a úsáid ar feadh idirthréimhse má chuirtear critéir inbhuanaitheachta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i bhfeidhm agus a chuireann le dícharbónú an gheilleagair, lena n-áirítear an earnáil iompair;

23.

á mholadh go mbeadh gníomhaíocht chomhordaithe idir monaróirí feithiclí breosla ionadúil, táirgeoirí breoslaí malartacha agus soláthraithe bonneagair athbhreoslaithe d’fhonn dícharbónú na hearnála iompair a áirithiú;

Téamh agus fuarú

24.

á iarraidh go n-urramófaí prionsabal na coimhdeachta a bhaineann le téamh agus fuarú;

25.

i bhfách leis an aidhm sciar na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus na bhfoinsí dramhtheasa in earnáil an téimh agus an fhuaraithe agus i dtéamh agus fuarú ceantair a mhéadú; a chur in iúl, mar sin féin, gur gá na spriocanna a athmhúnlú chun dramhtheas agus fuinneamh in-athnuaite a chur ar bhonn cothrom, seachas spriocanna ar leith a leagan síos ina leith. Ba cheart aisghabháil dramhtheasa ón tionscal, ó ionaid sonraí etc. a bheith ina gníomhaíocht tosaíochta nuair atá siad ar fáil agus níor cheart idirdhealú a dhéanamh ina coinne chun sciar sonraithe d’fhoinsí in-athnuaite a bhaint amach;

26.

á thabhairt le fios gur cheart don údarás inniúil i ngach Ballstát uas-sciliú a áirithiú trí chláir oiliúna maidir le teicneolaíochtaí téimh, fuaraithe agus stórála a úsáideann foinsí fuinnimh in-athnuaite do shuiteálaithe agus do dhearthóirí. Ba cheart gníomhaíochtaí spriocdhírithe a ghlacadh faoi chuimsiú an phlean REPowerEU i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta;

Bochtaineacht fuinnimh

27.

á chur in iúl gur oth leis an easpa cur chun cinn maidir le húsáid fuinnimh in-athnuaite mar uirlis chun an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac i measc teaghlaigh leochaileacha, i measc micrifhiontar agus i measc fiontair bheaga agus úsáideoirí soghluaisteachta;

28.

á thabhairt dá aire nach leor straitéis an Aontais chun a sholáthairtí fuinnimh iontaise a éagsúlú; ag iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit borradh a chur faoina n-infheistíochtaí i bhfoinsí fuinneamh in-athnuaite; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá táirgeadh áitiúil fuinnimh in-athnuaite mar bhealach chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ó thríú tíortha a laghdú, maille leis na praghsanna arda luaineacha lena ngabhann, i gcomhréir le bunús an phlean REPowerEU;

29.

á iarraidh go dtabharfaí isteach sraith leanúnach beart agus infheistíochtaí a mbeadh iarracht chomhpháirteach láidir ar gach leibhéal mar bhonn taca léi chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh agus sinn ag féachaint le mór-roinn aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050; á mholadh, i ndáil leis sin, go gcuirfí le tionscnaimh amhail Cúnant na Méaraí agus an Mol Comhairleach maidir leis an mBochtaineacht Fuinnimh;

Hidrigin agus móilíní glasa

30.

ag leagan béim ar an bpríomhról atá ag “móilíní glasa” agus ag iompróirí nua inbhuanaithe eile san aistriú fuinnimh; i bhfabhar tuilleadh fianaise eolaíoch a bhailiú ina thaobh sin;

31.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá hidrigin in-athnuaite in earnálacha ina n-úsáidtear hidrigin mar bhunábhar nó in earnálacha nach réitigh inmharthana iad bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus leictriú díreach agus deiseanna iontacha á gcruthú don nuálaíocht, do chruthú luacha agus d’fhostaíocht i roinnt mhaith réigiúin Eorpacha;

32.

á thabhairt dá aire go mbeidh gá fós le sciar suntasach de hidrigin inathnuaite a allmhairiú sa ghearrthéarma chun cúiteamh a dhéanamh ar an táirgeadh teoranta san Aontas;

33.

á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht leis na ceanglais a mholtar san athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite i ndáil le hidrigin in-athnuaite agus gach a n-eascraíonn aisti (RFNBOnna), faoi mar a iarradh sa tuairim ó CnaR Treochlár don Hidrigin Ghlan (CDR 549/2020) (5), do ghlacadh hidrigine in-athnuaite sa mhargadh faoi straitéis hidrigine an Aontais; ag tacú, ar an ábhar sin, leis an deimhniú atá beartaithe maidir le hidrigin in-athnuaite, leis na fospriocanna nua do RFNBOnna in earnáil an iompair agus sa tionscal agus leis an lipéadú atá beartaithe ar tháirgí tionsclaíocha a tháirgtear le foinsí fuinnimh in-athnuaite agus le RFNBOnna, amhail cruach ghlas;

34.

á mheabhrú gur cheart tús áite a thabhairt do hidrigin in-athnuaite agus go bhféadfaí hidrigin ísealcharbóin a úsáid chun críoch dícharbónaithe mar réiteach idirthréimhseach gearrthéarmach go dtí go bhféadfar hidrigin in-athnuaite amháin a úsáid chun na gcríoch sin; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar institiúidí an Aontais, ar na Ballstáit agus ar an tionscal borradh a chur faoin leictreachas in-athnuaite agus faoin acmhainneacht hidrigine;

35.

ag iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar an nGníomh Tarmligthe maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a cuireadh le chéile ar bhonn Threoir (AE) 2018/2001 lena áirithiú go mbeidh sé i gcomhréir leis an athbhreithniú sin;

Grianfhuinneamh

36.

á chur in iúl gur geal leis gur fógraíodh seoladh straitéis an Aontais maidir le fuinneamh gréine atá ar na bacáin. Ba cheart a áireamh sa straitéis sin spriocanna agus bearta praiticiúla chun dlús a chur le cur in úsáid an ghrianfhuinnimh, lena n-áirítear chun tacú leis na ceanglais nua a leagtar amach in Airteagal 15a den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite atá dírithe ar fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú i bhfoirgnimh agus ar an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh. Ba cheart cur le córas iomaíoch grianfhuinnimh a chruthú a bhuí leis an Treoir sin;

Fuinneamh amach ón gcósta

37.

ag tacú go sainráite leis an gceanglas nua a mholtar sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite maidir le pleanáil chomhpháirteach fuinnimh amach ón gcósta agus spriocanna agus bearta a bhaineann le pleanáil eangacha comhlachaithe comhtháite amach ón gcósta sna Ballstáit a bhfuil teorainn acu le himchuacha farraige; á chur i bhfáth, má tá forbairt bhreise amach ón gcósta chun bheith ann, nach mór creataí rialála ar leibhéal an Aontais go háirithe maidir le tairiscintí, rialacháin an mhargaidh, gnéithe teicniúla agus sláinte agus sábháilteacht ag an obair, a chomhchuibhiú a thuilleadh chun an comhar atá ag teastáil a bhaint amach i measc na mBallstát agus na réigiún;

38.

á chur in iúl gur mór aige an Pacáiste le haghaidh Margadh Hidrigine agus Gáis Dícharbónaithe a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach le déanaí agus na rialacha lena gcuirtear chun cinn úsáid an bhonneagair gáis atá ann cheana chun glacadh le móilíní glasa eile mar chumaisc, maille le nuachóiriú bonneagair gáis atá ann cheana agus cruthú bonneagair nua chun hidrigin a iompar; ag tacú le creat infheistíochta chun margadh hidrigine in-athnuaite agus tionscadail atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de agus inmharthana ó thaobh an gheilleagair de maidir le gabháil, úsáid agus stóráil carbóin a fhorbairt;

39.

á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán seo ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a thábhachtaí atá sé go gcuirfidh na comhreachtóirí CnaR ar an eolas faoi na hathruithe uile ar an togra bunaidh ag gach céim den nós imeachta reachtach, lena n-áirítear caibidlíocht thríthaobhach, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis, le go bhféadfaidh CnaR a shainchumais de réir na gConarthaí (Airteagal 91 CFAE) a chomhlíonadh go cuí;

An Bhruiséil, an 28 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, IO L 328, 21.12.2018, lch. 82-209

(2)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, IO L 328, 21.12.2018, lch. 82-209

(3)  2013/179/AE: 210 Moladh ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl, IO L 124, 4.5.2013, lch. 1.

(4)  2013/179/AE: 210 Moladh ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl, OJ L 124, 4.5.2013, p. 1.

(5)  IO C 324, 1.10.2020, lch. 41.


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/221


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Athbhreithniú ar LULUCF agus ar na Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill

(2022/C 301/17)

Rapóirtéir:

Åsa ÅGREN WIKSTRÖM (SE/EPP), Comhalta de Chomhairle Contae Västerbotten

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú

COM(2021) 554

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh

COM(2021) 555

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú

COM(2021) 554

Leasú 1

Aithris 7

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(7)

Sa Teachtaireacht an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid 33 leagadh amach rogha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht nach astaíochtaí CO2 iad a chur le glanaistrithe na hearnála úsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta, agus earnáil talún nua-rialáilte a chruthú dá réir. Is féidir sineirgí a chur chun cinn ó chumasc mar sin idir gníomhartha maolaithe talamh-bhunaithe agus is féidir ceapadh beartas agus cur chun feidhme beartas níos comhtháite a chumasú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Chun na críche sin, ba cheart an oibleagáid do Bhallstáit pleananna maolaithe comhtháite a chur isteach i leith na hearnála talún a threisiú.

Scriosta

Cúis

Tá an baol ann go mbeidh cumasc an dá earnáil sin fritorthúil, neamhéifeachtúil agus éagórach. Ba cheart don Aontas díriú go príomha ar astaíochtaí a laghdú agus, ag an am céanna, acmhainneacht mhaolaithe earnáil LULUCF a bharrfheabhsú.

Leasú 2

Aithris 8a (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(8a)

Faoi láthair, is glanastaírí gás ceaptha teasa san Aontas iad talamh curaíochta, féarthalamh agus bogach, ach d’fhéadfadh siad a bheith ina bhfoinsí de ghlanaistrithe gás ceaptha teasa go háirithe trí bhogaigh agus tailte portaigh a athbhunú.

Leasú 3

Aithris 10

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun na haistrithe gás ceaptha teasa a fheabhsú, beidh dreasacht dhíreach de dhíth ar fheirmeoirí nó bainisteoirí foraoise aonair chun níos mó carbóin a stóráil ar a dtalamh agus ina bhforaoisí. […] […]Is leis na dreasachtaí agus na samhlacha gnó sin a chuirfear feabhas ar an maolú aeráide sa bhithgheilleagar, lena n-áirítear trí leas a bhaint as táirgí marthanacha adhmaid lománaithe, agus lánurraim á léiriú do phrionsabail éiceolaíocha lena gcothaítear an bhithéagsúlacht agus an geilleagar ciorclach. Is amhlaidh dá réir ba cheart catagóirí nua táirgí stórála carbóin a thabhairt isteach sa bhreis ar na táirgí adhmaid lománaithe. Na samhlacha gnó, na cleachtais feirmeoireachta agus bainistíochta talún atá ag teacht chun cinn chun feabhas a chur ar aistrithe; rannchuidíonn siad le forbairt chríochach agus fás eacnamaíoch cothrom sna ceantair thuaithe. […]

Chun na haistrithe gás ceaptha teasa a fheabhsú, beidh dreasacht dhíreach de dhíth ar fheirmeoirí nó bainisteoirí foraoise aonair chun níos mó carbóin a stóráil ar a dtalamh, ina bhforaoisí agus i dtáirgí stórála carbóin . […] […]Is leis na dreasachtaí agus na samhlacha gnó sin a chuirfear feabhas ar an maolú aeráide sa bhithgheilleagar, lena n-áirítear trí leas a bhaint as táirgí marthanacha adhmaid lománaithe agus trí ábhair iontaise agus ábhair atá dian ar charbón a ionadú , agus lánurraim á léiriú do phrionsabail éiceolaíocha lena gcothaítear an bhithéagsúlacht agus an geilleagar ciorclach. Is amhlaidh dá réir ba cheart catagóirí nua na dtáirgí stórála carbóin uile a thabhairt isteach , lena n-áirítear réitigh nuálacha nua agus bithfhuinneamh le gabháil agus stóráil carbóin, sa bhreis ar na táirgí adhmaid lománaithe. Ba cheart do na Ballstáit meastacháin a chur ar fáil freisin maidir leis an acmhainneacht mhaolaithe a bhaineann le hábhair iontaise nó ábhair atá dian ar charbón ábhair a bhfuil adhmad iontu a ionadú. Na samhlacha gnó nua, forbairt bhreise an bhithfhuinnimh a bhfuil teicneolaíochtaí maidir le gabháil agus stóráil carbóin ag gabháil leis , na cleachtais feirmeoireachta agus bainistíochta talún atá ag teacht chun cinn chun feabhas a chur ar aistrithe, agus infheistíochtaí fadtéarmacha sa bhithgheilleagar ; rannchuidíonn siad le forbairt chríochach agus fás eacnamaíoch cothrom sna ceantair thuaithe. […]

Cúis

Ba cheart an tionchar a bhíonn ag táirgí nuálacha bithbhunaithe ar an aeráid a chur san áireamh go hiomlán. Ba cheart gach catagóir ábhartha a áireamh amhail laíon, páipéar, clár páipéir, veinír, clár snáithíneach, slischlár, plainc, adhmad innealtóireachta, teicstílí, comhchodaigh, lignin, ceimiceáin, bithghualach agus táirgí bithghineacha carbóin eile.

Is é sprioc aeráide an Aontais a bheith neodrach ó thaobh carbóin de, agus go ndíothófar astaíochtaí breosla iontaise faoi 2050. Aontaíonn acadóirí agus samhaltóirí (e.g. de chuid na Náisiún Aontaithe agus an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide) gur beag an seans atá ann go mbainfear spriocanna Chomhaontú Pháras amach mura mbainfear leas as aistrithe carbóin atá bunaithe ar an teicneolaíocht. Is éard atá sa bhithfhuinneamh le gabháil agus stóráil carbóin (BECCS) an próiseas chun bithfhuinneamh a bhaint as bithmhais agus an carbón a ghabháil agus a stóráil, agus ar an gcaoi sin, é a bhaint ón atmaisféar.

Tá sé loighciúil BECCS a chur san áireamh sa Rialachán toisc gurb as foinsí inathnuaite fuinnimh a fhástar ar an talamh a thagann astaíochtaí bithghineacha. Ach an creat cuntasaíochta céanna a úsáid le haghaidh na dtáirgí stórála carbóin, na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe carbóin uile ón earnáil sin, beifear in ann comhaireamh dúbailte a sheachaint.

Leasú 4

Aithris 11a (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(11a)

Leis an mbainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, cuirtear feabhas ar cheapadh carbóin agus cuirtear i gcoinne aosú foraoisí agus tubaistí nádúrtha, atá ar cheann de na tosca a chuireann le laghdú na n-aistrithe carbóin san earnáil talún le blianta beaga anuas. Dá bhrí sin, ba cheart, leis an Rialachán seo, cleachtais inbhuanaithe a spreagadh i ngach cineál foraoise san Aontas maidir le bainistíocht foraoisí lena gcuirtear leis an athrú aeráide a mhaolú agus leis an oiriúnú don athrú aeráide, mar a leagtar amach i Straitéis Foraoise an Aontais do 2030.

Cúis

Dá gcuirfí srian rómhór ar na féidearthachtaí a bhaineann le bainistíocht ghníomhach foraoisí, D’fhéadfadh foraoisí a bheith níos leochailí i gcás suaití amhail dóiteáin agus ráigeanna lotnaidí, agus laghdófaí acmhainneacht fhadtéarmach na bhforaoisí maidir le ceapadh carbóin freisin.

Leasú 5

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 1 – mír 1 – pointe (e)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(e)

gealltanais na mBallstát chun na bearta riachtanacha a ghlacadh leis an aidhm chun aeráidneodracht a ghnóthú go comhchoiteann san Aontas faoi 2035 in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta lena n-áirítear astaíochtaí ón talmhaíocht neamh-CO2 ;

(e)

gealltanais na mBallstát chun na bearta riachtanacha a ghlacadh leis an aidhm chun aeráidneodracht a ghnóthú go comhchoiteann san Aontas faoi 2035 in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta;

Cúis

Tá imní ar CnaR go bhféadfadh earnáil ina dtugtar le chéile úsáid talún agus astaíochtaí talmhaíochta neamh-CO2 an dul chun cinn atá ag teastáil san earnáil talmhaíochta a lagú, ós rud é go bhféadfadh earnálacha eile, amhail earnáil na bhforaoisí, cúiteamh a dhéanamh ar na deacrachtaí atá ag an earnáil talmhaíochta maidir le hastaíochtaí a laghdú. Tá ról lárnach ag aistrithe carbóin earnáil LULUCF maidir le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach. Tá an baol ann go mbeidh cumasc an dá earnáil sin fritorthúil, neamhéifeachtúil agus éagórach. Ba cheart don Aontas díriú go príomha ar astaíochtaí a laghdú agus, ag an am céanna, acmhainneacht mhaolaithe earnáil LULUCF a bharrfheabhsú.

Leasú 6

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 2 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Baineann an Rialachán seo freisin le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa atá liostaithe in Alt A D’Iarscríbhinn I, mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus a tharlaíonn ar chríocha na mBallstát sa tréimhse idir 2026 agus 2030 in aon cheann de na catagóirí tuairiscithe talún agus/nó earnálacha seo a leanas:

2.   Baineann an Rialachán seo freisin le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa atá liostaithe in Alt A D’Iarscríbhinn I, mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus a tharlaíonn ar chríocha na mBallstát sa tréimhse ó 2026 ar aghaidh in aon cheann de na catagóirí tuairiscithe talún agus/nó earnálacha seo a leanas:

Cúis

Tá imní ar CnaR go bhféadfadh úsáid talún mheasctha agus earnáil talmhaíochta neamh-CO2 an dul chun cinn atá ag teastáil san earnáil talmhaíochta a lagú, ós rud é go bhféadfadh earnálacha eile, amhail earnáil na bhforaoisí, cúiteamh a dhéanamh ar na deacrachtaí atá ag an earnáil talmhaíochta maidir le hastaíochtaí a laghdú. Tá ról lárnach ag aistrithe carbóin earnáil LULUCF maidir le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach. Tá an baol ann go mbeidh cumasc an dá earnáil sin fritorthúil, neamhéifeachtúil agus éagórach. Ba cheart don Aontas díriú go príomha ar astaíochtaí a laghdú agus, ag an am céanna, acmhainneacht mhaolaithe earnáil LULUCF a bharrfheabhsú.

Leasú 7

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 2 – mír 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.     Baineann an Rialachán seo freisin le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa atá liostaithe in Alt A d’Iarscríbhinn I, mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus a tharlaíonn ar chríocha na mBallstát ó 2031 amach, in aon cheann de na catagóirí cuntasaíochta talún a liostaítear i mír 2, pointí (a) go (j) agus in aon cheann de na hearnálacha seo a leanas:

(a)

coipeadh eintreach;

(b)

bainistíocht aoiligh;

(c)

saothrú ríse;

(d)

ithreacha talmhaíochta;

(e)

loscadh machairí forordaithe;

(f)

loscadh páirceanna d’fhuíoll talmhaíochta;

(g)

aoladh;

(h)

úsáid úiré;

(i)

“leasacháin eile ina bhfuil carbón”;

(j)

“eile”.’;’.

Scriosta

Cúis

Tá imní ar CnaR go bhféadfadh earnáil ina dtugtar le chéile úsáid talún agus astaíochtaí talmhaíochta neamh-CO2 an dul chun cinn atá ag teastáil san earnáil talmhaíochta a lagú, ós rud é go bhféadfadh earnálacha eile, amhail earnáil na bhforaoisí, cúiteamh a dhéanamh ar na deacrachtaí atá ag an earnáil talmhaíochta maidir le hastaíochtaí a laghdú. Tá ról lárnach ag aistrithe carbóin earnáil LULUCF maidir le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach. Tá an baol ann go mbeidh cumasc an dá earnáil sin fritorthúil, neamhéifeachtúil agus éagórach. Ba cheart don Aontas díriú go príomha ar astaíochtaí a laghdú agus, ag an am céanna, acmhainneacht mhaolaithe earnáil LULUCF a bharrfheabhsú.

Leasú 8

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 4 – mír 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Is ionann sprioc 2030 an Aontais maidir le glan-aistrithe gás ceaptha teasa agus 310 milliún tona de choibhéis CO2 mar shuim de spriocanna na mBallstát a bhunaítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus beidh sí bunaithe ar an meán dá sonraí fardail gháis cheaptha teasa do na blianta 2016, 2017 agus 2018.

2.   Is ionann sprioc 2030 an Aontais maidir le glan-aistrithe gás ceaptha teasa agus 310 milliún tona de choibhéis CO2 mar shuim de spriocanna na mBallstát a bhunaítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus beidh sí bunaithe ar an meán dá sonraí fardail gháis cheaptha teasa do na blianta 2016, 2017 agus 2018.

[…]

[…]

 

Faoin 30 Meitheamh 2024, leagfaidh gach Ballstát rannchuidiú náisiúnta síos don sprioc do ghlan-aistrithe gás ceaptha teasa do 2030 dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, rannchuidiú a bheidh níos airde ná an sprioc náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa. Féadfar rannchuidiú den sórt sin a áireamh sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Áireofar sa rannchuidiú náisiúnta faisnéis agus spriocanna maidir le hastaíochtaí a laghdú nó maidir le méadú a dhéanamh ar aistrithe gás ceaptha teasa ó thalamh curaíochta, ó fhéarthailte agus ó bhogaigh i ndáil leis na sonraí tuairiscithe do 2016, 2017 agus 2018.

Cúis

Tacaíonn CnaR le sprioc LULUCF atá uaillmhianach, cothrom agus cuimsitheach, chun cuidiú le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach. Tá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar an eolas faoi iarmhairtí an athraithe aeráide ar an leibhéal áitiúil agus tacaíonn siad le gníomhaíochtaí aeráide atá uaillmhianach agus cothrom.

Leasú 9

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 4 – mír 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.   […] Beidh na treochtaí náisiúnta sin bunaithe ar mheán na sonraí fardail gás ceaptha teasa do na blianta 2021, 2022 agus 2023, arna dtuairisciú ag gach Ballstát. Féadfaidh luach na nglan-aistrithe 310 milliún tona de choibhéis CO2 mar shuim de na spriocanna le haghaidh Ballstát arna leagan amach in Iarscríbhinn IIa teacht faoi réir ceartú teicniúil de bharr athrú ar mhodheolaíocht na mBallstát. Is sna gníomhartha cur chun feidhme seo a leagfar amach an modh do chinneadh an cheartaithe theicniúil le cur le spriocanna na mBallstát. […]

3.   […] Beidh na treochtaí náisiúnta sin bunaithe ar mheán na sonraí fardail gás ceaptha teasa do na blianta 2021, 2022 agus 2023, arna dtuairisciú ag gach Ballstát. Féadfaidh luach sprioc an Bhallstáit a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa agus luach na nglan-aistrithe 310 milliún tona de choibhéis CO2 mar shuim de na spriocanna le haghaidh Ballstát arna leagan amach in Iarscríbhinn IIa teacht faoi réir ceartú teicniúil de bharr athrú ar mhodheolaíocht na mBallstát. Ba cheart an ceartú teicniúil atá le cur le sprioc Ballstáit a bheith ag teacht leis an éifeacht atá ag an athrú ar mhodheolaíocht agus ar fhoinsí sonraí na spriocanna agus a bheith leagtha amach sna gníomhartha cur chun feidhme seo. […]

Cúis

Tá sé tábhachtach go n-oibreodh na Ballstáit go leanúnach chun a modheolaíocht a fheabhsú, agus go léireofaí na feabhsuithe sin freisin sa mheasúnú ar na spriocanna, chun spriocanna atá ró-ard agus ró-íseal a sheachaint. Tá forbairt leanúnach ar mhodhanna chun sonraí gníomhaíochta agus fachtóirí maidir le hastaíochtaí scagtha a sholáthar ag teacht leis an gcleachtas tuairiscithe reatha. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh, dá bhrí sin, torthaí nua ó thaighde intíre a úsáid chomh maith le treoirlínte nuashonraithe ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) agus ó thaighde foilsithe idirnáisiúnta eile.

Leasú 10

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 4 – mír 4

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

4.     Beidh neodracht charbóin faoi 2035 mar aidhm do na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an Aontais sna hearnálacha atá leagtha amach in Airteagal 2(3), pointí (a) go (j); agus gnóthóidh an tAontas astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin. Glacfaidh an tAontas agus na Ballstáit na bearta is gá chun gnóthú comhchoiteann na sprice do 2035 a chumasú.

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025 agus ar bhonn pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtaisceadh ag gach Ballstát de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 faoin 30 Meitheamh 2024, tograí a cheapadh i ndáil le rannchuidiú gach Ballstáit leis an nglanlaghdú ar astaíochtaí.’;

Scriosta

Cúis

Tá imní ar CnaR go bhféadfadh earnáil ina dtugtar le chéile úsáid talún agus astaíochtaí talmhaíochta neamh-CO2 an dul chun cinn atá ag teastáil san earnáil talmhaíochta a lagú, ós rud é go bhféadfadh earnálacha eile, amhail earnáil na bhforaoisí, cúiteamh a dhéanamh ar na deacrachtaí atá ag an earnáil talmhaíochta maidir le hastaíochtaí a laghdú. Tá ról lárnach ag aistrithe carbóin earnáil LULUCF maidir le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach. Tá an baol ann go mbeidh cumasc an dá earnáil sin fritorthúil, neamhéifeachtúil agus éagórach. Ba cheart don Aontas díriú go príomha ar astaíochtaí a laghdú agus, ag an am céanna, acmhainneacht mhaolaithe earnáil LULUCF a bharrfheabhsú.

Leasú 11

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 9 – mír 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun mír 1 den Airteagal seo agus chun Iarscríbhinn V a leasú trí chatagóirí nua de tháirgí stórála carbóin a chur isteach, lena n-áirítear táirgí adhmaid lománaithe, a bhfuil éifeacht ceaptha carbóin acu, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, agus tríd an tsláine chomhshaoil a ráthú.”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Glacfaidh an Coimisiún , go luath amach anseo, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun mír 1 den Airteagal seo agus chun Iarscríbhinn V a leasú trí chatagóirí nua de tháirgí stórála carbóin a chur isteach, lena n-áirítear táirgí adhmaid lománaithe, bithfhuinneamh le gabháil agus stóráil carbóin agus na catagóirí uile eile de tháirgí bithbhunaithe , a bhfuil éifeacht ceaptha carbóin acu, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, agus tríd an tsláine chomhshaoil a ráthú.”.

Cúis

Ba cheart an tionchar a bhíonn ag táirgí nuálacha bithbhunaithe ar an aeráid a chur san áireamh go hiomlán. Ba cheart gach catagóir ábhartha a áireamh amhail laíon, páipéar, clár páipéir, veinír, clár snáithíneach, slischlár, plainc, adhmad innealtóireachta, teicstílí, comhchodaigh, lignin, ceimiceáin, bithghualach agus táirgí bithghineacha carbóin eile.

Leasú 12

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 13c – mír 1 – fomhír 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Méid arb ionann é agus méid an fharasbairr glanastaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, arna iolrú faoi fhachtóir 1,08 , cuirfear an méid sin leis an bhfigiúr astaíochtaí gás ceaptha teasa arna thuairisciú ag an mBallstát an bhliain dár gcionn, i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 15.’;

Scriosta

Cúis

Tá imní ar CnaR go bhféadfadh ceanglais tuairiscithe bhliantúla difear a dhéanamh do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha trí cheadú do na Ballstáit gníomhú in aghaidh athruithe bliantúla gan choinne, trí chinntí a dhéanamh maidir le mearathrú ar ghníomhaíochtaí bainistíochta agus ar úsáid talún. Is féidir leis sin dochar a dhéanamh do chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a mbithgheilleagar féin a fhorbairt.

Is saintréithe D’earnáil LULUCF iad luaineachtaí nádúrtha agus éiginnteachtaí maidir le sreafaí carbóin a thomhas. Ní féidir leis na Ballstáit sreafaí carbóin linnte na hearnála talún a rialú do gach bliain. Dá bhrí sin, ní féidir spriocanna bliantúla a shocrú agus sáruithe a fhorchur ar neamhchomhlíonadh ar bhonn bliantúil.

Leasú 13

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 14 – mír 1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

[…]

[…]

Áireofar measúnú sa tuarascáil chomhlíontachta ar an méid seo a leanas:

Áireofar measúnú sa tuarascáil chomhlíontachta ar an méid seo a leanas:

a)

na beartais agus na bearta maidir le comhbhabhtálacha;

a)

na beartais agus na bearta maidir le comhbhabhtálacha;

b)

na sineirgí idir maolú agus oiriúnú aeráide;

b)

na sineirgí idir maolú agus oiriúnú aeráide;

c)

sineirgí idir maolú aeráide agus bithéagsúlacht.

c)

sineirgí idir maolú aeráide agus bithéagsúlacht.

 

d)

sineirgí idir maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide agus forbairt an bhithgheilleagair, lena n-áirítear meastacháin ar choigiltí ar gháis ceaptha teasa a bhaineann le hábhair atá dian ar charbón agus ábhair iontaise a ionadú le hábhair atá bunaithe ar adhmad.

[…]

[…]

Cúis

Trí thacú le húsáid na dtáirgí foraoise uile, cuirfear dlús leis an aistriú i dtreo bithgheilleagar ciorclach a thiocfaidh in ionad ábhair agus astaíochtaí iontaise-bhunaithe. Ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann an sochar a bheadh ann a bhuí leis an ionadú sin (i.e. laghdú ar astaíochtaí a bhaineann le táirgeadh táirgí atá bunaithe ar adhmad i gcomparáid le hábhair agus táirgí eile atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de) le táirgí adhmaid fadshaolacha agus le táirgí atá bunaithe ar shnáithíní araon.

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh

COM(2021) 555

Leasú 14

Aithris 6 (a) (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

D’fhéadfadh dibhéirseacht iomarcach i Spriocanna na mBallstát maidir le Comhroinnt Díchill bac a chur ar chuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; i gcomhthéacs na tréimhse 2021-2027, ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh agus cistí an bheartais comhtháthaithe, eadhon Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir á leagan amach: cláir shaincheaptha, ais tosaíochta, straitéisí agus pleananna críochacha lena ndírítear freisin ar acmhainneacht na mBallstát a mhéadú a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí GCT a laghdú sna hearnálacha a rialaítear le Rialachán 2018/842 agus, dá bhrí sin, ar rannchuidiú le cóineasú níos fearr a bhaint amach idir na spriocanna atá leagtha amach acu cheana féin don chlárthréimhse seo.

Leasú 15

Aithris 18 (a) (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(18a)

Ní mór go ngabhfadh earnálacha uile an gheilleagair iarracht chomhpháirteach orthu féin, lena n-áirítear earnáil na talmhaíochta, chun go mbeidh sé níos éasca an sprioc 1,5  oC a bhaint amach agus an ceartas aeráide a áirithiú. San fhís straitéiseach fhadtéarmach atá aige ar mhaithe le geilleagar rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch atá aeráidneodrach  (1) , dhearbhaigh an Coimisiún go bhféadfaí astaíochtaí GCT neamh-CO2 ón talmhaíocht a laghdú go 211 mhilliún tona de choibhéis CO2 (MtCO2e) in 2050, rud a laghdódh an gá atá le teicneolaíochtaí diúltacha astaíochtaí neamh-inbhuanaithe chun astaíochtaí GCT glan-nialasacha a bhaint amach. Mar sin féin, is beag dul chun cinn atá déanta ag roinnt earnálacha faoin Rialachán sin le blianta beaga anuas. D’fhonn a áirithiú go rannchuideodh gach earnáil comhroinnte díchill le cuspóirí aeráide a bhaint amach go tráthúil, beidh gá le rannchuidithe íosta earnála i ndáil leis an sprioc maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú a leagtar síos leis an Rialachán sin don bhliain 2030 agus ina dhiaidh sin, maille le faireachán, tuairisciú agus bearta cuí ón gCoimisiún. Le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ceanglaítear ar na Ballstáit straitéisí fadtéarmacha a fhorbairt a chuirfidh le comhlíonadh ghealltanais na mBallstát maidir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí GCT a bhaint amach agus le feabhas a chur ar aistriú linnte i ngach earnáil i gcomhréir le cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht. Bainfidh an Coimisiún úsáid as na straitéisí sin, chomh maith le pleananna agus tuarascálacha eile na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/1999, chun baint amach comhchoiteann spriocanna na n-earnálacha comhroinnte díchill ar leibhéal Aontais a shocrú agus faireachán a dhéanamh orthu.

Leasú 16

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3a (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 4 – mír 3(a) nua

An téacs atá ann

Leasú ó CnaR

 

(3a)

in Airteagal 4, cuirtear mír 3(a) leis:

Spriocanna laghdaithe astaíochtaí na mBallstát do 2030 agus ina dhiaidh sin

Chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 (“an Dlí Aeráide Eorpach”) agus an sprioc aeráide uile-Aontais do 2040 a bhaint amach de bhun Rialachán (AE) 2021/1119, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach faoi dheireadh 2025, de réir mar is iomchuí, bunaithe ar mheasúnú tionchair mionsonraithe, chun an Rialachán sin a leasú chun rannchuidithe íosta earnála a thabhairt isteach chun an sprioc ar leibhéal an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, arna socrú leis an Rialachán sin do 2030 agus ina dhiaidh sin, maille le faireachán, tuairisciú agus bearta cuí chun a áirithiú go rannchuideoidh na hearnálacha uile faoin Rialachán sin le baint amach tráthúil na gcuspóirí aeráide.

Cúis

A áirithiú go rannchuideoidh gach earnáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Leasú 17

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3b (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 5– mír 1 agus mír 2

An téacs atá ann

Leasú ó CnaR

 

(3b)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

1.     I ndáil leis na blianta 2021 go 2025, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 10 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.

 

“1.     I ndáil leis na blianta 2021 go 2029, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.”

2.     I ndáil leis na blianta 2026 go 2029, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.

 

Cúis

D’fhonn cur chun feidhme an rialacháin a áirithiú, tá sé inmholta an tsolúbthacht a laghdú D’fhonn cosc a chur ar fhadhbanna cur chun feidhme meántéarmacha a bheith mar thoradh ar fhaoisimh ghearrthéarmacha i ngeall ar iasachtaí, agus ar mhaithe leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha nach mbíonn baint dhíreach acu go minic le cinntí náisiúnta maidir le solúbthacht.

Leasú 18

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3c (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 5 – mír 4

An téacs atá ann

Leasú ó CnaR

 

(3c)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4.   Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025, agus suas le 10 % i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

 

4.   Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

Cúis

Ba cheart aistrithe a theorannú chun cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú i ngach Ballstát. Ba cheart a chur in iúl go bhféadadh sé go mbeadh éagothromaíochtaí réigiúnacha i mBallstát amháin ag a bhfuil acmhainneacht maidir le haistrithe aige. Ba cheart dúshláin réigiúnacha a chur san áireamh sula mbreithneofar aistrithe chuig tíortha eile.

Leasú 19

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5a (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 8

An téacs atá ann

Leasú ó CnaR

 

(5a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

1.   Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus á thabhairt san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de thrí mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas:

1.   Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus á thabhairt san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de thrí mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas:

[…]

[…]

 

(c)

i gcás ina mbeidh éagothromaíochtaí réigiúnacha suntasacha ann maidir le feidhmíocht nó dúshláin struchtúracha thromchúiseacha ar an leibhéal réigiúnach, agus i gcás críocha oileánacha áirithe, ní mór forálacha sonracha le haghaidh na bhfadhbanna sin a bheith sa phlean gníomhaíochta ceartaithí.

[…]

2.   I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin.

2.   I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir.

3.   Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir. Foilseoidh an Ballstát tuairim an Choimisiúin agus áiritheoidh sé go scaipfear í i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach.

4.     Áiritheoidh an Ballstát go bhfoilseofar an plean gníomhaíochta ceartaithí agus aon athbhreithnithe a d’fhéadfadh a bheith ann, agus go scaipfear iad i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach.

Cúis

Ní mór bearta don leibhéal réigiúnach a chur san áireamh i bpleananna gníomhaíochta chun staideanna fadhbacha a réiteach, más rud é gur cúis shuntasach leis an staid iad fadhbanna réigiúnacha. Ní mór na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur ar an eolas maidir le pleananna gníomhaíochta ionas go mbeidh siad in ann rannchuidiú go hiomlán leis an mbeartas aeráide.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

ar an eolas maidir leis na héifeachtaí tubaisteacha atá ag an athrú aeráide ar phobail áitiúla; á chur in iúl go n-aithníonn sé go bhfuil gá le gníomhaíochtaí láidre chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach; Tacaíonn CnaR le gealltanas ardleibhéil maidir le LULUCF ach athdhearbhaíonn sé freisin go bhfuil gá le solúbthacht chun spriocanna a bhaint amach;

2.

den tuairim go bhfuil ról cinntitheach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán (2) maidir le Comhroinnt Díchill agus le Rialachán LULUCF (3), ós rud é go n-éilítear sna rialacháin sin go n-áireofaí an ghné chríochach. Is réimsí iad sin ina bhféadfadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith gníomhach, i bhfianaise a bhfreagrachtaí agus a gcumhachtaí dlíthiúla;

3.

á iarraidh go gcoinneofaí na bearta atá i Rialachán LULUCF i gcomhréir le cuspóirí na Straitéise Bithéagsúlachta agus Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Chun na spriocanna aeráide a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh gach Ballstát, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, creat dlíthiúil a chur chun feidhme maidir le foraoisí lena n-áiritheofar cothromaíocht idir an táirgeadh, an bhithéagsúlacht agus an chosaint;

4.

á chur in iúl go láidir nár cheart an comhtháthú críochach ná na grúpaí agus na críocha is leochailí a bheith thíos leis an aistriú. Cuidíonn na Ballstáit agus earnálacha uile an gheilleagair leis na laghduithe ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach, agus cothromaíocht agus dlúthpháirtíocht á gcur san áireamh; I ndáil leis sin, measann sé go bhféadfadh measúnuithe tionchair chríochaigh ar fheirmeoirí aonair agus ar fhoraoiseoirí léargas níos soiléire a thabhairt ar na fíorchostais agus na fíorthairbhe;

5.

á chur in iúl go bhfuil sé go mór i gcoinne an fhócais sa togra ar fhoraoisí mar linnte carbóin den chuid is mó agus an easpa airde a thugtar ann ar ról na bhforaoisí maidir le bunábhar inbhuanaithe a chur ar fáil chun roghanna malartacha iontaise a ionadú. Dá bhrí sin, ní aithnítear acmhainneacht iomlán earnáil na foraoiseachta maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus maidir leis an mbithgheilleagar áitiúil agus réigiúnach a fhorbairt;

6.

á chur in iúl gur gá an téarnamh fuinnimh ó bhithmhais adhmaid a laghdú chun na spriocanna in earnáil LULUCF a bhaint amach. Ba cheart tosaíocht a thabhairt D’úsáid chascáideach, trí bhithmhais a úsáid níos mó ná uair amháin mar ábhar den chaighdeán is airde is féidir sula n-úsáidtear í le haghaidh fuinnimh;

7.

á chur in iúl go láidir nár cheart é a bheith mar thoradh ar uaillmhianta méadaithe earnáil LULUCF go n-allmhairítear amhábhar de thionscnamh anaithnid ó áiteanna lasmuigh den Aontas. D’fhéadfadh sé go gciallódh sé sin nach dtiocfadh aon fhíorfheabhsuithe ar an aeráid ar fud an domhain as na bearta a rinneadh chun glanlinn earnáil LULUCF a fheabhsú. Tá gá le dearcadh córais níos leithne chun cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh maidir leis an gcaoi ar féidir an tionchar aeráide a laghdú trí cheapadh carbóin i bhforaoisí agus trí tháirgí agus bithfhuinneamh ó fhoraoisí a úsáid;

8.

á chur in iúl go n-aontaíonn sé le measúnú an Choimisiúin gur gá cur i gcoinne na treochta diúltaí maidir leis an laghdú atá ag teacht ar an linn charbóin san Aontas mar chuid den sprioc fhadtéarmach maidir le haeráidneodracht a bhaint amach; ar aon intinn maidir leis an sprioc de chuid an Aontais atá beartaithe glanúsáid 310 milliún tona de choibhéis CO2 a bhaint amach faoi 2030 agus molann sé go ndéanfaí rannchuidiú náisiúnta breise do ghlansprioc 2030 atá níos airde ná na spriocanna náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa. Tá éagsúlacht mhór idir na Ballstáit maidir leis an bhféidearthacht an glanúsáid carbóin a mhéadú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnáil LULUCF. Braitheann an méid sin ar chumas táirgthe nádúrtha na talún agus ar dháileadh an limistéir talún iomláin ar chatagóirí éagsúla talamhúsáide. Creideann CnaR gur cheart na huaillmhianta méadaithe a leagfar amach faoi 2030 a bheith ar leibhéal atá comhoiriúnach le creat beartais na mBallstát maidir leis an aeráid agus lenar féidir an bithgheilleagar a fhorbairt i ngach Ballstát;

9.

den tuairim go bhfuil baol ann go ndéanfadh earnáil choiteann don talmhaíocht agus don fhoraoiseacht an brú a ísliú maidir le hastaíochtaí a laghdú in earnáil na talmhaíochta agus go ndéanfadh tíortha ina bhfuil líon ard foraoisí agus ag a bhfuil glanúsáid ard i bhforaoisí astaíochtaí a “chúiteamh” le tíortha ag a bhfuil earnáil talmhaíochta mhór nó astaíochtaí iontaise arda. Ba cheart bearta a ghlacadh chun an t-athrú aeráide a mhaolú i ngach earnáil agus tír, bunaithe ar choinníollacha na hearnála nó na tíortha sin;

10.

á chur in iúl nár cheart Rialachán LULUCF a leathnú chuig faireachán agus tuairisciú réimsí beartais eile atá faoi réir reachtaíocht eile. Leis an togra ón gCoimisiún gur cheart go n-áireofaí i dtuairisciú LULUCF faisnéis maidir le caomhnú carbóin in ithreacha atá ar mhórán carbóin, réimsí ina bhfuil bithéagsúlacht ard, ithreacha athchóirithe agus ithreacha athchóirithe atá i mbaol suaitheadh nádúrtha, ní chuirtear feabhas ar cháilíocht an tuairiscithe in earnáil LULUCF;

11.

á chur i bhfios nár cheart do na réigiúin a bheith thíos leis an gcistiú a chuireann na Ballstáit ar fáil; á aithint gur gá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur ar an eolas faoi na féidearthachtaí cistiúcháin atá ann chun tacú le gníomhú ar son na haeráide;

12.

ag tabhairt rabhadh faoin mbaol a bhaineann le cur chun feidhme neamhéifeachtach; ag tacú leis an athbhreithniú atá beartaithe agus leis an ngá atá ann iarmhairtí phaindéim COVID-19 a chur san áireamh; á chur i bhfios, áfach, gur gá a áirithiú go gcloífear leis na conairí atá molta sa Rialachán maidir le comhroinnt díchill;

13.

ag áitiú ar an gCoimisiún modheolaíocht a leagan amach chun go mbeidh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla in ann a n-iarrachtaí maidir le hastaíochtaí a laghdú a ríomh ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis na spriocanna náisiúnta agus lena seachnófar saobhadh díréireach;

14.

ag leagan béim ar an mbaol a bhaineann le solúbthacht iomarcach maidir le hiasachtaí ó leithdháiltí agus aistrithe bliantúla idir na Ballstáit. Tá cinnteacht de dhíth ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun a mbeartais aeráide agus eacnamaíocha a phleanáil. D’fhéadfadh difríochtaí suntasacha réigiúnacha a bheith ann a mhéid a bhaineann le cásanna náisiúnta a cheadaíonn solúbthacht faoin rialachán;

15.

á aithint go bhfuil gá le réitigh, agus le dreasachtaí lena ngintear ioncam go háirithe, a chur ar fáil do na réigiúin sin a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu nó meath teacht ar an dul chun cinn atá déanta acu san aistriú is gá chuig geilleagar ísealcharbóin; á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach maidir le conairí forbartha inbhuanaithe a fhorbairt, conairí a D’fhéadfadh geilleagair na réigiún sin a spreagadh;

16.

ag tacú le forálacha níos láidre maidir le pleananna gníomhaíochta ceartaithí agus trédhearcacht, agus béim á leagan ar an ngné réigiúnach, lena n-éilítear sonraíochtaí maidir leis an mbealach chun dul i ngleic le héagothromaíochtaí réigiúnacha trí réitigh phraiticiúla ar dhúshláin réigiúnacha a chur chun cinn;

17.

ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le seiceálacha comhlíontachta; á mholadh go ndéanfaí measúnú ar an bhféidearthacht pionóis airgeadais a ghearradh i gcás easpa comhlíonta. Ba cheart aon ioncam ó phionóis a athinfheistiú i ngníomhú ar son na haeráide agus san aistriú cóir agus béim ar leith á leagan ar dhúshláin réigiúnacha;

18.

á mholadh go ndéanfaí machnamh ar an gCúlchiste sábháilteachta do na Ballstáit a bhfuil OTI íseal per capita acu. Déantar OTI a mheas cheana féin agus spriocanna náisiúnta á mbunú agus tá amhras ann gur luach aonair é toisc nach gcuirtear san áireamh leis léargas iomlán ar staid na réigiún agus nach léiriú i gcónaí é ar riachtanais forbartha chasta críche.

An Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta – “Pláinéad Glan do Chách – Fís uile-Eorpach straitéiseach fhadtéarmach ar mhaithe le geilleagar rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch atá aeráidneodrach”

(2)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(3)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).