ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 298

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
5 Lúnasa 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 298/01

Fógra ón gCoimisiún — Treoirlínte chun tacú le cur i bhfeidhm Rialachán 2020/741 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce

1

2022/C 298/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10777 – PLASTIC OMNIUM / VARROC (LIGHTING DIVISION)) ( 1 )

56

2022/C 298/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10748 – MACQUARIE / BCI / NATIONAL GRID / NATIONAL GRID GAS) ( 1 )

57


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 298/04

Rátaí malairte an euro — 4 Lúnasa 2022

58

2022/C 298/05

Tuairim ón gCoiste comhairleach maidir le Cumaisc ag a chruinniú an 14 Feabhra 2022 maidir le Cinneadh i gcás M.10078 – Cargotec/Konecranes — Cruinniú trí Ghlao Closchomhdhála – trí Skype for Business — Rapóirtéir: An Ungáir ( 1 )

59

2022/C 298/06

Tuarascáil Deiridh an Oifigigh Éisteachta — Cás M.10078 – Cargotec / Konecranes ( 1 )

61

2022/C 298/07

Achoimre ar chinneadh ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2022 lena ndearbhaítear comhchruinniú atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE (Cás M.10078 – Cargotec/Konecranes) (dá dtugtar fógra faoi dhoiciméad uimhir C(2022) 1070)  ( 1 )

63


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 298/08

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10814 – HEDIN / MOTOR-CAR) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

70

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 298/09

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

72


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 298/1


FÓGRA ÓN gCOIMISIÚN

Treoirlínte chun tacú le cur i bhfeidhm Rialachán 2020/741 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce

(2022/C 298/01)

Clár Ábhar

1.

Réamhrá 3

2.

Oibleagáidí ginearálta agus riaracháin 3

2.1.

Raon feidhme 4

2.1.1.

Critéir 4

2.1.2.

An cinneadh a chur isteach agus a athbhreithniú 5

2.2.

Údarás inniúil 5

2.3.

Pointí teagmhála 6

2.4.

Páirtithe freagracha 6

2.4.1.

Freagracht an oibreora saoráide athshlánúcháin le haghaidh cháilíocht an uisce 7

2.4.2.

Freagracht gníomhaithe eile 7

2.5.

Ceadanna 8

2.5.1.

Údaráis a dheonaíonn an cead 8

2.5.2.

Iarratas ar chead 9

2.5.3.

Ábhar an cheada 9

2.5.4.

Díolúintí le haghaidh tionscadail taighde agus phíolótacha 10

2.6.

Seiceálacha maidir le comhlíonadh 10

2.7.

Pionóis 10

2.8.

Múscailt feasachta agus comhroinnt faisnéise 11

3.

Gnéithe teicniúla 12

3.1.

Bainistíocht riosca 12

3.1.1.

Príomheilimintí bainistíochta riosca 13

3.1.2.

Tuairisc ar an gcóras 15

3.1.3.

Gníomhaithe agus róil 15

3.1.4.

Sainaithint guaiseacha agus comhshaoil agus daonraí i mbaol 15

3.1.5.

Modhanna maidir le measúnuithe riosca comhshaoil agus sláinte 18

3.1.6.

Coinníollacha i ndáil leis na ceanglais bhreise 20

3.1.7.

Bearta coisctheacha 20

3.1.8.

Rialú cáilíochta agus córais faireacháin comhshaoil 20

3.1.9.

Bainistíocht éigeandála agus comhordú 21

3.2.

Cineálacha barr agus aicmí uisce athshlánaithe 21

3.2.1.

Samplaí de mhodhanna uisciúcháin agus cineálacha barr 22

3.2.2.

Samplaí de bhacainní a chur i bhfeidhm chun an aicme cáilíochta uisce a cheanglaítear a bhaint amach 24

3.3.

Faireachán bailíochtaithe 26

3.3.1.

Prionsabail ghinearálta 26

3.3.2.

Prótacail maidir le faireachán bailíochtaithe 27

3.3.3.

Samplaí d’fhaireachán bailíochtaithe 28

3.3.4.

Acmhainní breise 29

1.   Réamhrá

Tá brú méadaitheach ag teacht ar acmhainní uisce an Aontais. Tá strus maidir le huisce ag teacht as sin, nuair atá acmhainní uisce neamh-leordhóthanach chun freastal ar na riachtanais, agus tá meath ag teacht ar cháilíocht an uisce dá dheasca sin freisin. Ina theannta sin, tá athrú aeráide, patrúin aimsire athraitheacha agus triomach ag cur go suntasach leis an mbrú ar infhaighteacht fionnuisce. Aithnítear athúsáid uisce athshlánaithe go forleathan mar chleachtas atá ina chuidiú chun acmhainní uisce a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla agus chun ár gcórais a oiriúnú don athrú aeráide, i gcomhréir le straitéis an Aontais a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip (1).

Le Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce) (2) féachtar leis an gcleachtas a bhaineann le hathúsáid uisce a éascú agus a spreagadh le haghaidh uisciú sa talmhaíocht, earnáil is féidir a bheith an-leochaileach maidir le hacmhainní uisce tearca nó uaineacha, rud a fhágann go bhfuil córas bia an Aontais níos inbhuanaithe agus níos athléimní (3), agus an tsláinte phoiblí agus an comhshaol á gcosaint san am céanna.

Leis an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce, rud atá infheidhme ón 26 Meitheamh 2023, leagtar síos íoscheanglais aonfhoirmeacha maidir le cáilíocht an uisce le haghaidh athúsáid shlán fuíolluisce uirbigh chóireáilte in uisciú talmhaíochta. Le híoscheanglais chomhchuibhithe áiritheofar freisin go n-oibreoidh an margadh aonair le haghaidh táirgí talmhaíochta go cuí agus ba cheart muinín tomhaltóirí a chothú leo freisin.

Faoin Rialachán seo, fuíolluisce uirbeach a chóireáiltear i gcomhréir le ceanglais Threoir 91/271/CEE lena rialaítear cóireáil fuíolluisce uirbigh (an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh) (4), ní mór cóireáil bhreise a dhéanamh air chun na híospharaiméadair cháilíochta nua a chomhlíonadh agus teacht chun bheith oiriúnach lena úsáid i dtalmhaíocht.

I dteannta na n-íoscheanglas aonfhoirmeach maidir le cáilíocht uisce, leagtar amach leis an Rialachán freisin íoscheanglais faireacháin aonfhoirmeacha, rialacha maidir le bainistíocht riosca chun measúnú a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar rioscaí sláinte agus comhshaoil ionchasacha breise, lena gceadaítear oibleagáidí, agus rialacha maidir le trédhearcacht, ar fúthu nach mór príomhfhaisnéis maidir le gach tionscadal athúsáide uisce a chur ar fáil go poiblí.

Le hAirteagal 11(5) den Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce ceanglaítear ar an gCoimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, treoirlínte a tharraingt suas chun an Rialachán a chur i bhfeidhm. Leis an bhFógra seo leagtar amach na treoirlínte. Ullmhaíodh é i ndlúthchomhar leis an Meitheal um Athúsáid Uisce (5) – a bunaíodh faoin nGrúpa Comhordúcháin Straitéiseach maidir le Beartas Uisce (6) – a bhfuil údaráis na mBallstát agus eagraíochtaí ar páirtithe leasmhara iad san áireamh ina ballraíocht. Phléigh an Mheitheal um Athúsáid Uisce an doiciméad go mion ag dhá chruinniú an 21-22 Deireadh Fómhair 2021 agus an 18 Feabhra 2022 agus sholáthair sí barúlacha i scríbhinn.

Le Roinn 2 de na treoirlínte seo cumhdaítear na hoibleagáidí ginearálta agus riaracháin a leagtar síos leis an Rialachán, lena n-áirítear a raon feidhme. Le Roinn 3 cumhdaítear na gnéithe níos teicniúla.

2.   Oibleagáidí ginearálta agus riaracháin

Leis an Roinn seo cumhdaítear na gnéithe seo a leanas: raon feidhme an Rialacháin, agus go háirithe cur i bhfeidhm Airteagal 2(2); an t-údarás inniúil (na húdaráis inniúla); na pointí teagmhála agus comhar trasteorann; freagrachtaí gníomhaithe éagsúla; ceadanna; seiceálacha maidir le comhlíonadh; pionóis; múscailt feasachta agus comhroinnt faisnéise.

2.1.    Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo aon uair a athúsáidtear fuíolluisce uirbeach cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta. Mar sin féin, de réir Airteagal 2(2), féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach iomchuí uisce a athúsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta i gceann amháin nó níos mó dá gceantair abhantraí nó i gcodanna díobh.

Le cinntí Airteagal 2(2) cuirtear toirmeasc go héifeachtach ar athúsáid uisce i gcríoch (nó i gcuid di) agus dá thoradh sin, níl feidhm ag an Rialachán sna limistéir sin. I bhfocail eile, má mheasann Ballstát nach bhfuil athúsáid uisce míchuí ach i gcuid dá chríoch, bheadh feidhm iomlán fós ag an Rialachán i limistéir atá fágtha inar féidir uisce a athúsáid.

D’fhéadfadh cuid de na hoibleagáidí níos ginearálta sa Rialachán a bheith infheidhme fós fiú má chuirtear toirmeasc ar athúsáid uisce ar fud Ballstáit. Mar shampla:

Airteagal 2(3) maidir le díolúintí le haghaidh tionscadail taighde: má cheadaíonn Ballstáit na tionscadail sin, ba cheart dó na húdaráis inniúla ábhartha a ainmniú, ar údaráis inniúla iad a bheidh freagrach as comhlíontacht leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(3) a sheiceáil;

Airteagal 8 maidir le pointe teagmhála a ainmniú chun dul i gcomhar le Ballstáit eile;

Airteagal 10(1) maidir leis an bpobal a chur ar an eolas maidir leis an bpointe teagmhála;

Airteagal 15 maidir le pionóis lena áirithiú, má dhéantar cinneadh gan athúsáid uisce a cheadú, go gcomhlíonfar é, i.e. nach n-athúsáidtear uisce agus go gcomhlíontar na coinníollacha is infheidhme maidir le haon tionscadal taighde díolmhaithe.

In éagmais cinneadh ó Airteagal 2(2), faoin dáta a thosaíonn feidhm an Rialacháin (an 26 Meitheamh 2023), ní mór d’aon pháirtí freagrach i gcóras athúsáide uisce a bheith in ann cur isteach ar chead.

I bhfocail eile, is é an gnáthstaid é (in éagmais cinneadh náisiúnta lena sonraítear a mhalairt) go gceadaítear athúsáid uisce faoi réir cead a dheonaítear faoin Rialachán. Ciallaíonn sin nach mór na rioscaí féideartha uile a chumhdach leis an bplean bainistíochta riosca agus nach mór an tionscadal a bheith i gcomhréir iomlán le reachtaíocht sláinte agus chomhshaoil uile an Aontais.

2.1.1.   Critéir

Is féidir tionchar a bheith ag roinnt imthosca agus saintréithe aeráide éagsúla sna Ballstáit ar chinneadh i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil ról ag athúsáid uisce i mbainistíocht uisce chomhtháite.

Is féidir go bhfágfaidh dálaí aeráide Ballstát áirithe nach gá nó nach tíosach uisce a athúsáid, mar gheall ar dhéine na báistí. Mar sin féin, is féidir gurb ann d’imthosca freisin fiú sna Ballstáit sin a bhfuil ganntanais uisce agus triomach athfhillteach rompu a fhágann nach iomchuí an cleachtas é athúsáid uisce a bheartaítear go ginearálta chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas uisce.

Is féidir go mbeidh an cás amhlaidh, mar shampla, má bhíonn triomach fada agus faidréiseach i limistéir áirithe, agus má bhíonn dobharlaigh dhromchla spleách ar sceitheadh fuíolluisce chóireáilte le haghaidh a sreabhaidh éiceolaíoch agus a dea-stádais uisce. Dá ndéanfaí fuíolluisce cóireáilte a atreorú chuig gléasra athshlánúcháin agus chuig talmhaíocht ina dhiaidh sin, d’fhéadfadh sé go gceilfí ar chlais uisce dromchla de thoirteanna uisce fíor-riachtanacha íos-sreabhadh éiceolaíoch a ráthú.

Sna cásanna sin, is gá measúnú a dhéanamh freisin ar an tionchar a bhaineann le foinsí malartacha a úsáid, i.e. eastóscadh as dobharlaigh dhromchla agus/nó dobharlaigh screamhuisce (eile), ós rud é gur féidir go mbeidh tionchar acu sin ar chainníocht/cáilíocht an uisce freisin. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag brú amhail astarraingt uisce ar stádas cainníochtúil dobharlach dromchla, agus sa chás sin d’fhéadfadh sé go dtairgfí foinse uisce mhalartach le hathúsáid uisce. D’fhéadfadh sé go mbeadh staideanna ann freisin nach ann d’aon bhrú ó astarraingt agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an costas a bhaineann le hathúsáid uisce iomaíoch le foinsí uisce eile.

Le haon chinneadh, dá bhrí sin, ba cheart buntáistí agus míbhuntáistí athúsáide uisce a mheas. Ba cheart na breithnithe sin uile a chur san áireamh in aon chinneadh gan uisce a athúsáid i limistéar ar leith mar chuid de bhainistíocht uisce chomhtháite.

Le hAirteagal 2(2) den Rialachán leagtar amach na critéir nach mór do na Ballstáit a chur san áireamh chun a chinneadh cé acu is iomchuí nó nach iomchuí athúsáid uisce i gceantair abhantraí áirithe (nó i gcuid (nó i gcodanna) díobh).

Na Ballstáit a dhéanann aon chinneadh den sórt sin faoi Airteagal 2(2) den Rialachán, ní mór dóibh údar cuí a thabhairt leis an gcinneadh agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Má thagann an toirmeasc de bharr brú ar cháilíocht dobharlach dromchla atá spleách ar an bhfuíolluisce sceite le haghaidh a sreabhaidh agus a stádais éiceolaíoch, bheadh údar cuí leis an gcinneadh ar choinníoll go luaitear an méid seo a leanas leis:

na dobharlaigh dá ndéantar difear;

a stádas reatha:

na bearta costéifeachtacha eile a rinneadh agus is féidir a dhéanamh chun an bhearna a dhruidim maidir le dea-stádas agus/nó meathlú a sheachaint;

na foinsí malartacha uisce le haghaidh uisciú talmhaíochta; agus

cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh ró-astarraingt ó dhobharlaigh dhromchla nó screamhuisce eile teacht as na foinsí eile sin, lena ndéanfaí difear, b’fhéidir, dá stádas cainníochtúil nó cáilíochtúil.

Má bhíonn an cinneadh bunaithe ar na critéir le haghaidh costéifeachtachta, tá sé tábhachtach na costais uile a chur san áireamh, costais chomhshaoil agus acmhainní araon (a bhaineann leis an uisce athshlánaithe, agus leis an bhfoinse mhalartach (nó leis na foinsí malartacha) a mheas an Ballstát a bheith níos iomchuí). Leis an anailís eacnamaíoch a rinneadh faoi Airteagal 5 de Threoir 2000/60/CE agus faoi Iarscríbhinn III a ghabhann léi, is féidir go soláthrófar faisnéis chúlra úsáideach.

2.1.2.   An cinneadh a chur isteach agus a athbhreithniú

Aon chinneadh a bhfuil údar cuí leis agus atá áitithe go soiléir, bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(2) den Rialachán, ní mór é a chur faoi bhráid an Choimisiúin i scríbhinn, trí na gnáthbhealaí cumarsáide (e.g. trí Bhuanionadaíocht an Bhallstáit chuig an Aontas). Ní mór don Bhallstát aon chinneadh den sórt sin a chur ar fáil don phobal freisin, i gcomhréir le hAirteagal 10(3).

Le hAirteagal 2(2) den Rialachán sonraítear nach mór aon chinneadh den sórt sin a athbhreithniú aon uair is gá, chun imthosca athraitheacha a léiriú. Go háirithe, ní mór na cinntí sin a athbhreithniú chun réamh-mheastacháin ar an athrú aeráide agus straitéisí náisiúnta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a chur san áireamh (a thugtar cothrom le dáta ar bhonn leathbhliantúil) (7), agus gach 6 bliana ar a laghad, agus pleananna bainistíochta abhantraí a tarraingíodh suas faoi Threoir 2000/60/CE á gcur san áireamh.

Ba cheart, dá bhrí sin, údar a thabhairt le haon chinneadh chun toirmeasc a chur ar athúsáid uisce sa chomhthéacs níos leithne maidir le bainistíocht uisce chomhtháite. Ba cheart é a bheith comhoiriúnach go hiomlán leis an gcur chuige bainistíochta a leagtar amach sna pleananna bainistíochta abhantraí ábhartha, agus le beartais maidir le maolú ar an athrú aeráide agus maidir leis an oiriúnú dó chomh maith.

Ciallaíonn sin nach mór an cinneadh chun toirmeasc a chur ar athúsáid uisce a bheith bunaithe ar fhaisnéis maidir le stádas an uisce, brú agus ar na tionchair agus na bearta a bhailítear agus a leagtar amach sna pleananna sin. Bheadh measúnú ar chostais chomhshaoil agus acmhainní an uisce athshlánaithe agus acmhainní uisce eile i gceist leis sin freisin, agus an anailís eacnamaíoch arna déanamh faoi Airteagal 5 de Threoir 2000/60/CE á cur san áireamh freisin.

2.2.    Údarás inniúil

Tá na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1) freagrach as an méid seo a leanas:

ceadanna a dheonú chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh agus a sholáthar, lena n-áirítear a áirithiú go mbunófar plean bainistíochta riosca um athúsáid uisce;

a shuí cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na critéir chun tionscadail taighde nó phíolótacha a dhíolmhú ón Rialachán (i gcás inarb infheidhme);

comhlíontacht leis na coinníollacha a leagtar amach sna ceadanna a fhíorú agus gníomhaíocht leantach a dhéanamh i gcás sáruithe.

Is féidir go mbeidh an méid seo a leanas, mar shampla, i gceist leis na freagrachtaí sin: an plean bainistíochta riosca um athúsáid uisce a athbhreithniú agus a áirithiú go gcumhdaítear na gnéithe uile leis; comhlíontacht leis na bearta agus na cúraimí sna pleananna a fhíorú go tráthrialta; cumarsáid idir gníomhartha éagsúla i scéim athúsáide uisce a éascú; an malartú faisnéise le húdaráis eile a chomhordú. De réir a leagan amach riaracháin, na struchtúir a úsáidtear chun abhantracha a bhainistiú mar shampla, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh níos mó ná údarás inniúil amháin a ainmniú.

Má chinneann Ballstát nach iomchuí uisce athshlánaithe a tháirgeadh agus a athúsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta in aon cheantar abhantraí (ar a chríoch ina hiomláine go héifeachtach), i gcomhréir le hAirteagal 2, níor ghá údarás inniúil a chur ar bun ach dá ndéanfaí tionscadail taighde agus phíolótacha maidir le hathúsáid uisce le haghaidh uisciú talmhaíochta. Ar an mbealach céanna, má dhéanann Ballstát táirgeadh uisce athshlánaithe cé is moite dá úsáid a údarú, cheanglófaí ar údarás inniúil freisin ceadanna le haghaidh táirgeadh a bhainistiú.

2.3.    Pointí teagmhála

Le hAirteagal 8 den Rialachán ceanglaítear ar na Ballstáit pointe teagmhála a ainmniú chun dul i gcomhar le pointí teagmhála Ballstát eile.

Is é an ról atá ag na pointí teagmhála: (a) iarrataí ar chúnamh a fháil agus a sheoladh; (b) cúnamh a sholáthar arna iarraidh sin; agus (c) cumarsáid a chomhordú idir údaráis inniúla i mBallstáit éagsúla. Mar shampla, roimh chead a dheonú chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh nó a sholáthar, ní mór d’údaráis inniúla faisnéis maidir leis na coinníollacha a leagtar amach sna pleananna ceada agus bainistíochta riosca gaolmhara a mhalartú leis an bpointe teagmhála sa Bhallstát ina mbeartaítear uisce athshlánaithe a úsáid. Ba cheart do na pointí teagmhála iarrataí ar chúnamh a fhreagairt gan moill mhíchuí.

Is féidir nach gá pointí teagmhála a chruthú má chinneann Ballstát, ar bhonn Airteagal 2(2), nach iomchuí uisce athshlánaithe a athúsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta in aon cheantar abhantraí (ar a chríoch ina hiomláine go héifeachtach).

Mar sin féin, mura n-údaraíonn Ballstát uisce athshlánaithe a úsáid ar a chríoch, ach go n-onnmhairíonn sé uisce athshlánaithe chuig tír chomharsanach, ní mór fós pointe teagmhála a bheith aige. Ar an mbealach céanna, tá gá le pointe teagmhála i mBallstáit nach dtáirgeann uisce athshlánaithe ar a gcríoch, ach ar mian leo é a allmhairiú, lena úsáid in uisciú, ó thír chomharsanach.

Ina theannta sin, tionscadail a dhéantar i mBallstát comharsanach, is féidir go ndéanfar difear ar bhealach éigin leo do dhobharcheantar comhroinnte agus dá bhrí sin ceanglaítear leo comhairliúchán idir údaráis inniúla na mBallstát trí na pointí teagmhála.

2.4.    Páirtithe freagracha

Leis an Rialachán sainaithnítear sraith “páirtithe freagracha” i.e. gníomhaithe a dhéanann ról nó gníomhaíocht i gcóras athúsáide uisce. Leis an gcóras athúsáide uisce, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(15), cuimsítear an bonneagar agus páirteanna teicniúla eile, ón bpointe iontrála sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh go dtí an pointe ina n-úsáidtear uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta, lena n-áirítear bonneagar dáileacháin agus stórála, i gcás inarb ábhartha.

Le hAirteagal 3(14) sonraítear go n-áirítear iad seo a leanas leis na páirtithe freagracha:

an t-oibreoir saoráide athshlánúcháin;

an t-oibreoir gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, má tá sé éagsúil leis an oibreoir saoráide athshlánúcháin;

na húdaráis ábhartha, seachas an t-údarás inniúil ainmnithe; agus

an t-oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe nó an t-oibreoir stórála uisce athshlánaithe, i gcás inarb ábhartha.

Leis an Rialachán tugtar tuairisc ar na híosfhreagrachtaí le haghaidh an oibreora saoráide athshlánúcháin (féach Roinn 2.4.1).

Leis an gcead a eisíonn an t-údarás inniúil leagfar amach na freagrachtaí le haghaidh na bpáirtithe freagracha eile, agus na freagrachtaí a shainaithnítear sa phlean bainistíochta riosca á gcur san áireamh.

Le ról údarás eile, atá éagsúil leis an údarás inniúil, d’fhéadfaí a áireamh na pleananna bainistíochta riosca a athbhreithniú chun comhlíontacht leis na rialacháin is infheidhme a fhíorú (e.g. maidir le sláinte, leis an gcomhshaol, le talmhaíocht), ceanglais shonracha a leagan síos ina réimse saineolais agus tuairim maidir leis an bplean bainistíochta riosca a eisiúint.

Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, agus i gcomhréir le dlíthe náisiúnta, róil agus freagrachtaí a shainmhíniú a thuilleadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na híosrialacha leo.

2.4.1.   Freagracht an oibreora saoráide athshlánúcháin le haghaidh cháilíocht an uisce

Oibríonn nó bainistíonn an t-oibreoir saoráide athshlánúcháin saoráid athshlánúcháin agus féadfaidh sé a bheith ina chomhlacht príobháideach nó poiblí. Is féidir gur eintiteas atá éagsúil le hoibreoir an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh a bheidh ann, agus sin faoin Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh.

Le hAirteagal 4(1) den Rialachán soiléirítear go bhfuil an t-oibreoir saoráide athshlánúcháin freagrach as cáilíocht an uisce athshlánaithe ag an bpointe comhlíontachta.

Is é atá sa phointe comhlíontachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(11), an pointe ina ndéanann an t-oibreoir saoráide athshlánúcháin an t-uisce athshlánaithe a sheachadadh ar an gcéad ghníomhaí eile sa slabhra. De réir leagan amach sonrach córais athúsáide uisce i mBallstát, is féidir gurb é an t-úsáideoir deiridh an chéad ghníomhaí eile, nó, má dhéantar uisce a iompar, a dháileadh nó a stóráil lena úsáid amach anseo, d’fhéadfadh gníomhaithe eile a bheith ann.

Ag an bpointe comhlíontachta, rud a shonrófar sa chead chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh agus a sholáthar (féach Roinn 2.5 maidir le ceadanna), ní mór don oibreoir saoráide athshlánúcháin a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-uisce athshlánaithe na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I chomh maith le haon choinníoll ábhartha breise eile a leagann an t-údarás inniúil síos sa chead gaolmhar, agus mar a thuairiscítear sa phlean bainistíochta riosca.

2.4.2.   Freagracht gníomhaithe eile

I ndiaidh an phointe comhlíontachta, cuirtear freagracht as cáilíocht uisce ar aghaidh chuig an gcéad ghníomhaí eile sa slabhra, is é sin an t-úsáideoir deiridh nó aon ghníomhaí idirmheánach atá i gceannas ar dháileadh nó stóráil.

Leis an bplean bainistíochta riosca ní mór na coinníollacha a bhaineann le dáileadh, stóráil agus úsáid a leagan amach, i gcás inarb ábhartha, agus a shainaithint cé na páirtithe sa chóras athúsáide uisce atá freagrach as na ceanglais sin a chomhlíonadh.

I gcás ina leagtar síos coinníollacha úsáide le haghaidh an úsáideora deiridh leis an bplean bainistíochta riosca, ní mór reachtaíocht an Aontais maidir le sláinteachas bia (agus beatha) agus doiciméid ghaolmhara a chomhlíonadh leo, go háirithe iad sin a luaitear sa Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce. Áirítear orthu sin:

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 (8): “Dlí ginearálta an bhia”, lena leagtar síos (in Airteagal 17) príomhfhreagracht gach oibreora gnó bia (lena n-áirítear príomhtháirgeoirí, i.e. feirmeoirí).

Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 (9) maidir le sláinteachas bia: Le hAirteagal 4(1) athluaitear an fhreagracht atá ar phíomhtháirgeoirí forálacha sláinteachais ghinearálta (dea-chleachtais sláinteachais) a chomhlíonadh, ar forálacha iad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Le hIarscríbhinn I, Cuid A, II 5(c) sonraítear nach mór d’oibreoirí gnó bia a tháirgeann nó a bhuanann táirgí planda bearta leordhóthanacha a dhéanamh, agus uisce óil, nó uisce glan, de réir mar is iomchuí, a úsáid aon uair is gá chun éilliú a chosc.

Rialachán (CE) 2073/2005 (10) lena leagtar síos critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia, lena n-áirítear critéir E. coli i mbia áirithe nach bhfuil de bhunadh ainmhíoch (iarbhuaint).

Rialachán (AE) 2017/625 (11) (lena n-ionadaítear Rialachán (CE) Uimh. 882/2004) lena soláthraítear creat dlíthiúil le haghaidh rialuithe oifigiúla ar bhia agus sábháilteacht bia ag aon chéim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh. Ní mór do na húdaráis inniúla a fhorfheidhmiú agus a fhíorú go gcomhlíonann an t-oibreoir gnó bia na ceanglais maidir le sábháilteacht bia.

Fógra ón gCoimisiún lena n-eisítear treoraíocht maidir le haghaidh a thabhairt ar rioscaí micribhitheolaíocha i dtorthaí agus glasraí úra sa táirgeadh príomhúil trí shláinteachas bia (12).

Leis an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce, lena sainmhínítear cáilíocht an uisce le haghaidh foinse uisce shonrach ag céim roimh an táirgeadh príomhúil (sula n-úsáidtear le haghaidh uiscithe é), comhlánaítear na rialacha maidir le sláinteachas bia. Tá feidhm ag na rialacha maidir le sláinteachas bia (agus beatha) ó chéim an táirgthe phríomhúil, lena n-áirítear uisciú, agus cumhdaítear gach gné d’uisciú, le haghaidh gach foinse uisce.

2.5.    Ceadanna

Le hAirteagal 6(1) den Rialachán ceanglaítear go mbeidh táirgeadh agus soláthar uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta faoi réir ceada. Ní mór na ceadanna uile a bheith bunaithe ar an bplean bainistíochta riosca um athúsáid uisce agus ní mór oibleagáidí an oibreora saoráide athshlánúcháin agus, i gcás inarb ábhartha, oibleagáid aon pháirtí fhreagraigh eile, a leagan amach leo, i gcomhréir le hAirteagal 6(3).

Leis an Rialachán tugtar tuairisc ar an bhfaisnéis nach mór a chumhdach le ceadanna, ach is faoi na Ballstáit atá sé na mionsonraí maidir leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a shonrú, amhail ainmniú údarás inniúil agus sprioc-amanna.

Dá bhrí sin, ní chumhdaítear leis an Roinn seo saincheisteanna a bhaineann leis an nós imeachta, ach amháin go gceadaítear go sainráite leis an Rialachán do na Ballstáit na nósanna imeachta um dheonú ceadanna atá ann cheana a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go ndéantar iad a oiriúnú chun na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán a chomhlíonadh.

2.5.1.   Údaráis a dheonaíonn an cead

Ní féidir ach leis na húdaráis inniúla atá ainmnithe ag na Ballstáit ceadanna athúsáide uisce a dheonú. Níor cheart aon choinbhleacht leasa a bheith ann idir na páirtithe atá freagrach as an dréachtphlean bainistíochta riosca um athúsáid uisce agus as an iarratas ar chead a tharraingt suas, agus an t-údarás a dheonaíonn an cead chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh agus a sholáthar.

Chun measúnú a dhéanamh ar iarratas, ní mór don údarás inniúil dul i gcomhairle le haon údarás ábhartha eile agus faisnéis a mhalartú leis, go háirithe na húdaráis uisce agus sláinte (má tá siad éagsúil leis an údarás inniúil) agus aon pháirtí eile a mheasann an t-údarás inniúil a bheith ábhartha.

Samplaí

Tá leaganacha amach éagsúla féideartha ar an leibhéal náisiúnta, mar a léirítear leis na samplaí thíos.

Sampla 1 – Má tá an gléasra athshlánúcháin, agus a oibreoir dá réir sin, mar an gcéanna leis an ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, d’fhéadfadh an t-údarás inniúil a bheith mar an t-údarás ceadaitheach le haghaidh na cóireála fuíolluisce uirbigh, agus dá réir sin d’fhéadfadh sé go mbeadh sé éagsúil leis na húdaráis uisce nó sláinte.

Sna cásanna sin, is gá dlúthchomhar idir na húdaráis éagsúla chun a áirithiú (i) go gcomhlíonfar na caighdeáin uisce is infheidhme agus nach sárófar uasleibhéil nuair a sceitear toirteanna laghdaithe uisce i ndobharlach dromchla, agus (ii) go gcomhlíonfar na caighdeáin sláinte nuair a úsáidtear an t-uisce le haghaidh uiscithe.

Sna cásanna sin, is féidir leis na húdaráis uisce nó sláinte ionchur a sholáthar sa phróiseas a bhaineann leis an bplean bainistíochta riosca agus leis an iarratas ar chead a ullmhú, ós rud é nach mbeadh aon choinbhleacht leasa ann leis an údarás a dheonaíonn an cead.

Sampla 2 – Má tá an gléasra athshlánúcháin, agus a oibreoir dá réir sin, éagsúil leis an ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, d’fhéadfadh sé go mbeadh an t-údarás inniúil le haghaidh an cheada athúsáide uisce éagsúil leis an údarás ceadaitheach le haghaidh an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh.

D’fhéadfadh na húdaráis uisce nó sláinte a bheith i gceist, mar shampla. Sa chás sin, ní féidir leis na húdaráis sin a bheith rannpháirteach san iarratas ar an gcead ná an plean bainistíochta riosca a dhréachtú, ós rud é gur choinbhleacht leasa a bheadh ann sin idir an t-údarás ceadaitheach agus na páirtithe a tharraingíonn suas an t-iarratas ar chead agus an plean bainistíochta riosca.

Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar na húdaráis sin sonraí nó faisnéis eile a sholáthar mar ionchur sa phróiseas, amhail sonraí faireacháin acmhainní uisce nó sonraí comhshaoil eile, lena soláthraítear treoraíocht maidir leis na nósanna imeachta atá le leanúint nó maidir le nósanna imeachta comhchosúla.

Sampla 3 – Más leis an údarás inniúil an gléasra athshlánúcháin, ba cheart nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, chun a áirithiú go n-ullmhóidh na páirtithe freagracha uile an t-iarratas ar chead agus an plean bainistíochta riosca de réir mar is iomchuí, agus nach mbeidh aon trasnaíocht ann leis an duine ná leis an rannán atá i gceannas ar an gcead a dheonú.

Má chomhlíontar na ceanglais uile le haghaidh an cheada, ba cheart don údarás inniúil sa Bhallstát (i gcomhréir le hAirteagal 6(5)) cead a dheonú ina bhfuil na coinníollacha agus na bearta uile is gá agus a leagtar amach sa phlean bainistíochta riosca um athúsáid uisce, agus gan moill mhíchuí. Is é is aidhm dó sin deimhneacht rialála a áirithiú le haghaidh na bpáirtithe uile lena mbaineann.

Más rud é, de dheasca castacht iarratais, go bhfuil gá ag an údarás inniúil le níos mó ná 12 mhí ón dáta a fuair sé iarratas iomlán chun a chinneadh cé acu ar cheart nó nár cheart cead a dheonú, ní mór dó an dáta a bhfuil coinne lena chinneadh a chur in iúl don iarratasóir nó do na hiarratasóirí.

2.5.2.   Iarratas ar chead

Faoi Airteagal 6(2), aon pháirtí atá freagrach sa chóras athúsáide uisce, lena n-áirítear an t-úsáideoir deiridh i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, is féidir leis iarratas a dhéanamh ar chead, nó ar athruithe ar chead atá ann cheana. Ní mór dóibh a n-iarratas a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ina n-oibríonn an tsaoráid athshlánúcháin nó ina mbeartaítear í a oibriú.

I dtionscadail athúsáide uisce áirithe, aistríonn an t-oibreoir gléasra athshlánúcháin an t-uisce athshlánaithe go díreach chuig an úsáideoir deiridh. I dtionscadail eile, áfach, tagann páirtithe eile i gceist agus is féidir go mbeidh gá le hoibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe agus le hoibreoir stórála uisce athshlánaithe.

Sna cásanna sin, féadfaidh na Ballstáit a roghnú a cheangal ar na hoibreoirí agus na húsáideoirí deiridh sin cead sonrach a bheith acu, i gcomhréir le hAirteagal 6(7). Leis na ceadanna sonracha sin ní mór na hoibleagáidí a leagan amach ansin, lena n-áirítear aon cheanglas agus aon bhacainn bhreise a shainaithnítear sa phlean bainistíochta riosca um athúsáid uisce a forbraíodh le haghaidh na scéime sin, dá dtagraítear in Airteagal 5(4).

2.5.3.   Ábhar an cheada

Mar a leagtar amach in Airteagal 6(3), ní mór an cead – nó na ceadanna, i gcás ina gceanglaítear ar pháirtithe freagracha seachas an t-oibreoir gléasra athshlánúcháin cead sonrach a bheith acu (Airteagal 6(7)) – a bheith bunaithe ar an bplean bainistíochta riosca um athúsáid uisce.

Ní mór an plean bainistíochta riosca um athúsáid uisce a tharraingt suas i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán. Ní mór a leagan amach leis na coinníollacha atá le comhlíonadh chun go n-áiritheofar comhlíontacht leis na ceanglais maidir le cáilíocht, úsáid agus faireachán an uisce in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán.

Ní mór a shonrú leis an gcead:

Aicme (nó aicmí) cháilíocht an uisce athshlánaithe agus an úsáid talmhaíochta ar lena haghaidh a cheadaítear an t-uisce athshlánaithe.

An áit nó na háiteanna a n-údaraítear an úsáid.

Na saoráidí athshlánúcháin, lena n-áirítear mar shampla suíomh na saoráide (nó na saoráidí), mionsonraí teagmhála an oibreora, agus toirt bhliantúil mheasta an uisce athshlánaithe atá le táirgeadh.

Coinníollacha maidir leis na híoscheanglais le haghaidh cháilíocht agus fhaireachán an uisce a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, lena bhféadfaí sonraíochtaí a áireamh maidir leis an gcineál cóireála.

Aon choinníoll i ndáil le ceanglais bhreise don oibreoir saoráide athshlánaithe a leagtar amach sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce.

Aon choinníoll eile is gá chun aon riosca do-ghlactha maidir leis an gcomhshaol nó le sláinte an duine nó sláinte ainmhithe a dhíothú. D’fhéadfaí a áireamh leo sin faisnéis maidir le ról, cúraimí, gníomhaíochtaí agus freagrachtaí beachta na bpáirtithe freagracha eile sa chóras; nó oibleagáidí a bhaineann le córais faireacháin comhshaoil, de réir thorthaí an phlean bainistíochta riosca, agus nósanna imeachta leantacha má thagann iarmhairtí comhshaoil diúltacha chun cinn.

Tréimhse bhailíochta an cheada.

An pointe comhlíontachta ina ndéanfar seiceálacha chun a fhíorú gur chomhlíon an t-oibreoir a oibleagáidí a mhéid a bhaineann le cáilíocht an uisce athshlánaithe.

Mar a leagtar amach in Airteagal 6(6), ní mór ceadanna a athbhreithniú go tráthrialta agus a thabhairt cothrom le dáta aon uair is gá. Ní mór ceadanna a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair a thagann na hathruithe seo a leanas chun cinn ar a laghad:

athrú substaintiúil i dtoilleadh an ghléasra;

déantar trealamh a uasghrádú nó cuirtear trealamh nó próisis nua isteach, as a dtagann an gá le haghaidh faireachán bailíochtaithe roimh oibriú (le haghaidh uisce aicme A);

athruithe ar dhálaí aeráide nó dálaí eile ag a bhfuil éifeacht shuntasach ar stádas éiceolaíoch dobharlach dromchla.

2.5.4.   Díolúintí le haghaidh tionscadail taighde agus phíolótacha

Faoi Airteagal 2(1), tá feidhm ag an Rialachán aon uair a úsáidtear uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta. Mar sin féin, faoi Airteagal 2(3) is féidir tionscadail taighde nó phíolótacha a dhíolmhú ón riail sin, má chomhlíontar coinníollacha áirithe. Ní mór don údarás inniúil a fhionnadh go gcomhlíontar na critéir seo a leanas chun an díolúine sin a dheonú:

ní dhéanfar an tionscadal taighde ná píolótach laistigh de dhobharlach a úsáidtear le haghaidh astarraingt uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine ná laistigh de chrios coimirce a ainmnítear faoi Threoir 2000/60/CE;

beidh an tionscadal taighde nó an tionscadal píolótach faoi réir faireachán iomchuí.

Is faoin údarás inniúil atá sé na coinníollacha agus na minicíochtaí faireacháin a leagan síos, ar bhonn cás ar chás, ar coinníollacha agus minicíochtaí iad is gá chun comhlíontacht leis an Treoir Réime maidir le hUisce agus le reachtaíocht eile is infheidhme a áirithiú.

Is féidir go mairfidh díolúintí tréimhse is faide ná 5 bliana. Ina theannta sin, ní féidir aon bharr a fhástar i dtionscadal taighde nó píolótach a dhíolmhaítear ón Rialachán seo a chur ar an margadh.

2.6.    Seiceálacha maidir le comhlíonadh

Ní mór do na húdaráis inniúla seiceálacha maidir le comhlíonadh a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na páirtithe éagsúla sa chóras athúsáide uisce na ceanglais a leagtar amach sna ceadanna.

Is féidir go mbeidh na ceanglais sin dírithe ar an oibreoir saoráide athshlánúcháin, ag an bpointe comhlíontachta, nó ar aon pháirtí freagrach nó úsáideoir eile, de réir an phlean bainistíochta riosca um athúsáid uisce.

Má oibríonn na gníomhaithe sin i mBallstáit éagsúla – i dtionscadal trasteorann mar shampla mar a thuairiscítear i Roinn 2.3 – is gá do na húdaráis inniúla ag a bhfuil dlínse le haghaidh na ngníomhaithe ábhartha na seiceálacha sin a dhéanamh.

2.7.    Pionóis

I gcomhréir le hAirteagal 15, ní mór do na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus ba cheart dóibh na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

D’fhéadfaí na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus pionóis á leagan síos:

a)

cineál, tromchúis, méid agus fad an tsáraithe;

b)

cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí;

c)

na limistéir dá ndéantar difear leis an sárú, go háirithe limistéir íogaire;

d)

na sochair a ndéanann siad sin atá freagrach a dhíorthú as an sárú (chun a áirithiú go mbainfear na sochair sin díobh sin atá freagrach);

e)

cineál atriallach an tsáraithe (chun cionta breise den chineál céanna a dhíspreagadh).

Ba cheart do na Ballstáit bearta dearbhaithe comhlíontachta a chur i bhfeidhm chun sáruithe a chosc agus a bhrath agus na pionóis a chur i bhfeidhm. Le comhlíontacht dearbhaithe áirítear na bealaí uile ina ndéanann údaráis phoiblí idirghabháil chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnólachtaí agus daoine eile (“cúramaithe”) a n-oibleagáidí comhshaoil lena n-áirítear, mar shampla, cigireachtaí agus bearta forfheidhmiúcháin.

Ar bhonn níos leithne, d’fhéadfaí trí chatagóir ghníomhaíochta a mheas:

faireachán ar chomhlíontacht:

ciallaíonn sin anailís, measúnuithe, faireachas, cigireachtaí, imscrúduithe, iniúchtaí nó seiceálacha agus idirghabhálacha eile arna ndéanamh ag údarás inniúil, nó thar a cheann, nó faoina mhaoirseacht, chun a scrúdú cé acu atá nó nach bhfuil oibleagáidí in-fhorfheidhmithe á gcomhlíonadh ag cúramaithe;

obair leantach agus forfheidhmiú:

ciallaíonn sin gníomhaíocht de chuid údarás inniúil faoin dlí riaracháin, sibhialta nó coiriúil mar fhreagairt ar neamhchomhlíonadh nó neamhchomhlíonadh amhrasta oibleagáide in-fhorfheidhmithe; agus

comhlíontacht a chur chun cinn agus neamhchomhlíonadh a chosc:

ciallaíonn sin gníomhaíocht chun comhlíontacht le hoibleagáidí in-fhorfheidhmithe a spreagadh seachas trí fhaireachán ar chomhlíontacht nó bearta leantacha agus forfheidhmiú.

Tá feidhm ag an riail sin maidir leis na gnéithe uile den Rialachán, lena n-áirítear na rialacha a bhféadfaidh na Ballstáit a chinneadh iad a thabhairt isteach maidir le limistéir a gcríoch ina meastar nach bhfuil athúsáid uisce iomchuí nó maidir le tionscadail eolaíocha nó taighde phíolótacha.

2.8.    Múscailt feasachta agus comhroinnt faisnéise

De réir Airteagal 9, ceanglaítear ar na Ballstáit a chleachtann athúsáid uisce le haghaidh uisciú talmhaíochta feachtais múscailte feasachta ghinearálta a eagrú, agus d’fhéadfadh cur chun cinn na sochar a bhaineann le hathúsáid uisce shlán a bheith san áireamh iontu sin.

Tá saoirse ag na Ballstáit méid agus cuma na bhfeachtas sin a oiriúnú dá n-imthosca sonracha, lena n-áirítear do scála na hathúsáide uisce. Féadfaidh siad feachtais faisnéise shonracha a chur ar bun freisin le haghaidh úsáideoirí deiridh, chun, i gcás inarb iomchuí, úsáid uisce athshlánaithe a spreagadh mar rogha mhalartach shlán agus inbhuanaithe ar uisciú agus a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr agus úsáid shlán as, agus ardleibhéal cosanta á thabhairt don chomhshaol agus do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe.

Is féidir leis na feachtais faisnéise sin a bheith úsáideach chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní fhéideartha ón bpobal maidir le hathúsáid uisce agus is féidir leo a bheith ina gcuidiú chun tacaíocht leathan a áirithiú chun scéim um athúsáid uisce a chur ar bun. Sa chomhthéacs sin, chun iontaobhas agus glacadh a chruthú, moltar páirt a thabhairt do pháirtithe leasmhara ag céim luath agus teachtaireachtaí a chur in oiriúint go cúramach, agus leas á bhaint as taithí phearsanta agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin shuíomhshonracha.

Tugtar le fios le dea-chleachtas gur féidir le leibhéil iomadúla rannpháirtíochta ón bpobal agus ó na páirtithe leasmhara a bheith éifeachtach chun dul i gcomhairle le pobal leathan, idir fheachtais múscailte feasachta spriocdhírithe agus chomhairliúchán agus leibhéil níos airde rannpháirtíochta páirtithe leasmhara i bpleanáil agus i gcinnteoireacht.

Mar léiriú ginearálta, le Treoirlínte CIS 2016 maidir le hathúsáid uisce a chomhtháthú i bpleanáil agus bainistíocht uisce i gcomhthéacs na Treorach Réime maidir le hUisce (13) moltar an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú mar ionchur i bhfeachtais faisnéise agus feasachta:

an réasúnú leis an ngá atá le hathúsáid uisce, e.g. comhthéacs an ghanntanais uisce, lena n-áirítear faoi dhálaí aeráide amach anseo;

na costais a bhaineann le córais chóireála agus dáileacháin a shuiteáil;

na sochair chomhshaoil agus na míbhuntáistí/na rioscaí;

na sochair shóisialta agus eacnamaíocha agus na míbhuntáistí/na rioscaí: trédhearcacht maidir le rioscaí nochta don phobal, conas a thabharfar aghaidh orthu agus na caighdeáin chóireála is infheidhme.

Tá sé tábhachtach a chur san áireamh freisin an costas a bhaineann le caillteanais barr de dheasca na heaspa uisce le haghaidh uiscithe, rud a d’fhéadfaí a íoslaghdú trí fhoinse uisce atá níos iontaofa agus níos intuartha a úsáid, amhail uisce athshlánaithe.

Le hAirteagail 10 agus 11 den Rialachán leagtar amach rialacha maidir le faisnéis atá le cur ar fáil don phobal agus faisnéis maidir le conas a chuirtear na rialacha chun feidhme. Ní mór an fhaisnéis sin a bheith inrochtana ag an gCoimisiún Eorpach, ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

Ar an bhfaisnéis nach mór a chur ar fáil go tráthrialta don phobal tá:

cainníocht agus cáilíocht an uisce athshlánaithe a sholáthraítear;

céatadán mhéid iomlán an fhuíolluisce chóireáilte uirbigh atá i gceist leis an uisce athshlánaithe, i gcás ina bhfuil na sonraí sin ar fáil;

torthaí na seiceálacha maidir le comhlíonadh;

na pointí teagmhála ainmnithe; agus

agus aon chinneadh ó Airteagal 2(2).

Thairis sin, beidh ar na Ballstáit tacair sonraí a fhoilsiú lena ngabhann faisnéis bhreise faoin toradh ar sheiceálacha maidir le comhlíonadh, chomh maith le faisnéis bhreise faoi chásanna neamhchomhlíonta, lena n-áirítear faoi bhearta a rinneadh chun comhlíontacht a athbhunú.

Féadfaidh na Ballstáit an fhormáid agus an modh is iomchuí a roghnú chun faisnéis Airteagal 10 a chomhroinnt leis an bpobal, agus iad oiriúnaithe dá n-imthosca sonracha féin.

Maidir le hAirteagal 11, lena mionsonraítear an fhaisnéis maidir le cur chun feidhme nach mór do na Ballstáit a chur ar fáil, féadfar formáid agus cur i láthair na sonraí sin a leagan amach i ngníomhartha cur chun feidhme a fhéadfaidh an Coimisiún a fhorbairt, agus cúnamh á thabhairt ag an gCoiste arna bhunú le Treoir 2000/60/CE dó agus i gcomhréir leis an nós imeachta a mhionsonraítear in Airteagal 14.

3.   Gnéithe teicniúla

Tugtar aghaidh ar an méid seo a leanas sa roinn seo: na gnéithe uile a bhaineann le bainistíocht riosca; cineálacha barr agus aicmí uisce athshlánaithe; agus faireachán bailíochtaithe.

3.1.    Bainistíocht riosca

Mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) den Rialachán, is é an t-údarás inniúil atá freagrach ar deireadh as a áirithiú go mbunófar plean bainistíochta riosca lena dtugtar aghaidh ar na gnéithe féideartha uile de thionscadal athúsáide uisce, lena n-áirítear táirgeadh, soláthar agus úsáid uisce athshlánaithe, agus lena sanntar freagracht le haghaidh gach gné den bhainistíocht ar thionscadal athúsáide.

Cé go bhfuil an t-údarás inniúil freagrach as a áirithiú go mbunófar plean bainistíochta riosca, áirítear ar na páirtithe nach mór an plean a tharraingt suas iarbhír an t-oibreoir saoráide athshlánúcháin, páirtithe freagracha eile agus úsáideoirí deiridh, de réir mar is iomchuí.

An duine/na daoine/an t-eintiteas a fhorbraíonn agus a dhréachtaíonn an plean bainistíochta riosca iarbhír, is féidir le haon duine de na “páirtithe freagracha” atá rannpháirteach i gcóras athúsáide uisce nó an t-úsáideoir deiridh a bheith i gceist, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta. Chun an Rialachán a chur chun feidhme i gceart is cuma cé atá ag ullmhú nó ag tiomsú an phlean iarbhír, fad a théitear i gcomhairle leis na páirtithe freagracha ábhartha agus na húsáideoirí deiridh uile de réir mar is iomchuí agus mar a cheanglaítear le cineál, suíomh agus saintréithe na scéime athúsáide uisce.

Leis an bplean bainistíochta riosca is féidir córas athúsáide uisce amháin nó níos mó a chumhdach, ar choinníoll go dtugtar aghaidh go sonrach leis ar na gnéithe uile a cheanglaítear leis an Rialachán. D’fhéadfadh córas teacht as sin ina mbunaítear roinnt buneilimintí caighdeánacha – mar shampla i gcásanna ina bhfuil cleachtais barr agus uisciúcháin chomhchosúla sa limistéar dá bhfóntar nó i gcód dea-chleachtais – is féidir a bheith mar bhonn le plean bainistíochta riosca atá níos saincheaptha le haghaidh córais athúsáide uisce shonracha.

Is é atá sna gnéithe nach mór aghaidh a thabhairt orthu leis an bplean bainistíochta riosca (mar a cheanglaítear leis an Rialachán) aon cheanglas breise le haghaidh an oibreora gléasra, atá le comhlíonadh sula ndéantar an t-uisce a sheachadadh ar an gcéad ghníomhaí eile sa slabhra. Agus bearta agus bacainní coisctheacha/ceartaitheacha iomchuí, faireachán iomchuí nó aon cheanglas eile atá le cur i bhfeidhm sa chóras athúsáide uisce, chun a shábháilteacht a áirithiú, tar éis an phointe comhlíontachta, ag gníomhaithe eile sa chóras.

Leis an bplean bainistíochta riosca tugtar tuairisc ar na cúraimí agus na ceanglais, agus sainaithnítear go soiléir freagrachtaí na ngníomhartha ábhartha sa scéim.

Is féidir go mbeidh cásanna ann inarb amhlaidh nár sainaithníodh úsáideoir deiridh sonrach fós. Sna cásanna sin, d’fhéadfaí an plean bainistíochta riosca a fhorbairt ar bhonn úsáid bheartaithe uisce athshlánaithe sa limistéar sonrach (e.g. bunaithe ar na cleachtais talmhaíochta agus na barra is coitinne).

Nuair a shainaithnítear úsáideoir deiridh nua tar éis an plean bainistíochta riosca a thabhairt chun críche, ba cheart meastóireacht a dhéanamh chun a shuí cé acu is gá nó nach gá oiriúnuithe a dhéanamh don phlean: mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh cleachtas uisciúcháin agus barra an úsáideora deiridh nua éagsúil leo sin dá bhfónann an gléasra saoráide athshlánúcháin cheana (lena gceanglaítear, mar shampla, aicme níos airde de cháilíocht uisce).

Sa chás sin, leis an bplean bainistíochta riosca, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí athmheasúnú a dhéanamh ar aon riosca, beart nó bacainn choisctheach le haghaidh na n-úsáideoirí nua. D’fhéadfadh sé go gceanglófaí leis sin oiriúnuithe áirithe sa scéim athúsáide uisce (chomh maith le hoiriúnuithe don chead, atá bunaithe ar an bplean bainistíochta riosca, i gcás inarb ábhartha). D’fhéadfadh aon duine de na páirtithe freagracha nó an t-úsáideoir deiridh an t-athmheasúnú sin a dhéanamh, de réir mar is iomchuí.

3.1.1.   Príomheilimintí bainistíochta riosca

Ní mór an plean bainistíochta riosca a bheith bunaithe ar na heilimintí bainistíochta riosca a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán. Ní mór cur chuige córasach a leanúint leis lena n-áirítear anailís struchtúrtha a dhéanamh ar an gcóras athúsáide uisce, guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus teagmhais a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint (maille leis na daonraí agus na comhshaoil atá i mbaol agus na bealaí nochta gaolmhara), agus bearta agus bacainní coisctheacha féideartha a phleanáil, i gcás inarb iomchuí, chun na rioscaí measúnaithe a bhainistiú agus a mhaolú.

Ba cheart forálacha a áireamh leis freisin chun cumarsáid agus comhar a dhéanamh i measc na bpáirtithe lena mbaineann, chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht cheartaitheach agus go dtabharfar fógra fúithi i gcás ina gceanglaítear sin. Tá príomheilimintí an phlean bainistíochta riosca (RKManna) mar an bonn lena áirithiú go ndéanfar an t-uisce athshlánaithe a úsáid agus a bhainistiú go slán chun sláinte an duine agus ainmhithe agus an comhshaol a chosaint.

Le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sainaithnítear 11 phríomheilimint (KRM), a roinntear i gCodanna A, B agus C agus atá mar bhonn leis an gcur chuige foriomlán a mholtar le haghaidh plean bainistíochta riosca.

Is iad sin:

 

Cuid (A) – Príomheilimintí bainistíochta riosca

1.

Tuairisc ar an gcóras (KRM1) – tabhair tuairisc ar an gcóras athúsáide uisce ina iomláine, ón bpointe iontrála go dtí an gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, go dtí an pointe úsáide.

2.

Gníomhaithe agus róil (KRM2) – sainaithin na páirtithe uile atá rannpháirteach sa chóras athúsáide uisce, i dteannta a róil agus a bhfreagrachtaí.

3.

Sainaithint guaiseacha (KRM3) – sainaithin guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann (pataiginí agus truailleáin) agus teagmhais ghuaiseacha (e.g. teipeanna cóireála) atá bainteach leis an gcóras athúsáide uisce.

4.

Comhshaoil agus daonraí atá i mbaol agus bealaí nochta (KRM4) - sainaithin daonraí agus comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith nochta do gach guais shainaitheanta.

5.

Measúnuithe riosca comhshaoil agus sláinte (KRM5) – le haghaidh gach guaise a sainaithníodh roimhe sin, sainaithin rioscaí gaolmhara ionchasacha le haghaidh gach gabhdóra (daoine, ainmhithe, barra nó plandaí, bithraí talún eile, bithraí uisceacha, ithreacha nó an comhshaol go ginearálta), le haghaidh gach bealaigh nochta.

Féadfar measúnú riosca a dhéanamh agus modhanna cáilíochtúla agus leathchainníochtúla á n-úsáid; cheanglófaí sonraí tacaíochta leordhóthanacha chun measúnú riosca cainníochtúil a dhéanamh. Leis an measúnú riosca sin ba cheart aon oibleagáid agus ceanglas a leagtar amach leis an reachtaíocht de chuid an Aontais agus a léirítear sa Rialachán a chur san áireamh freisin, chomh maith le haon reachtaíocht náisiúnta nó áitiúil ábhartha.

 

Cuid (B) – Coinníollacha a bhaineann leis na ceanglais bhreise

6.

Ceanglais bhreise (KRM6) – le torthaí an mheasúnaithe riosca d’fhéadfaí ceanglais cáilíochta agus faireacháin uisce atá sa bhreis orthu sin ó Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán, nó atá níos déine ná iad, a shainaithint.

Má áirítear paraiméadair nó teorainneacha breise, ba cheart an méid sin a bheith bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe riosca agus ba cheart fianaise bhreise a thabhairt chun tacú leis an bhfíoras go dtagann siad ón gcóras athúsáide uisce seachas ó fhoinsí eile.

Is féidir go n-áireofar na truailleáin seo a leanas sna paraiméadair bhreise sin freisin: miotail throma, lotnaidicídí, seachtháirgí dífhabhtúcháin, cógaisíocht, substaintí ar ábhar imní iad atá ag teacht chun cinn, baictéir a léiríonn frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach.

 

Cuid (C) – Bearta coisctheacha

7.

Bearta coisctheacha (KRM7) – sainaithin bearta nó bacainní coisctheacha (atá sa bhreis nó i bhfeidhm cheana) ba cheart a chur i bhfeidhm maidir le codanna den chóras athúsáide uisce, chun aon riosca sainaitheanta a theorannú nó a mhaolú. Mar shampla, modhanna rialúcháin rochtana, cóireálacha uisce breise nó teicneolaíochtaí uisciúcháin nó bacainní sonracha.

8.

Córais rialúcháin cáilíochta (KRM8) – cinn bearta rialúcháin cáilíochta, lena n-áirítear prótacail chun faireachán a dhéanamh ar an uisce athshlánaithe le haghaidh na bparaiméadar agus na gclár cothabhála ábhartha le haghaidh an trealaimh, chun go n-áiritheofar éifeachtacht an tslabhra cóireála agus na mbeart coisctheach arna nglacadh.

9.

Córas faireacháin comhshaoil (KRM9) – cuir córas faireacháin comhshaoil ar bun chun scaoileadh na dtruailleán sainaitheanta sna gabhdóirí comhshaoil nochta a rialú (e.g. fionnuisce, screamhuisce, ithir). D’fhéadfaí a áireamh sa chóras faireacháin nósanna imeachta doiciméadaithe atá i bhfeidhm cheana chun cosaint comhshaoil leanúnach a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, nó d’fhéadfaí iad sin a fhorbairt nó a shaincheapadh a thuilleadh, de réir thorthaí an mheasúnaithe riosca comhshaoil.

10.

Bainistíocht éigeandála (KRM10) – cuir prótacail ar bun chun teagmhais agus éigeandálaí a bhainistiú.

11.

Comhordú (KRM11) – cinn sásraí comhordúcháin agus cumarsáide idir na gníomhartha éagsúla atá rannpháirteach sa chóras athúsáide uisce.

I dtuarascáil theicniúil an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) Technical Guidance – Water Reuse Risk Management for Agricultural Irrigation Schemes in Europe [Treoraíocht Theicniúil – Bainistíocht Riosca Athúsáide Uisce le haghaidh Scéimeanna Uisciúcháin Talmhaíochta san Eoraip] (14), tugtar tuairisc ar struchtúr féideartha amháin chun cuidiú leis an anailís ar eilimintí KRM a eagrú. Le tuarascáil JRC moltar struchtúr modúlach (féach Fíor 1), trína dtugtar aghaidh le gach modúl ar ghné shonrach de phlean bainistíochta riosca agus trína n-áirítear roinnt de na KRManna leis:

Modúl I – Ullmhú (KRManna 1 agus 2);

Modúl II – Measúnú Riosca (KRManna 3, 4, 5 agus 6);

Modúl III – Faireachán (KRManna 6 agus 9);

Modúl IV – Rialachas, Bainistíocht agus Cumarsáid (KRManna 7, 8, 9, 10 agus 11).

Fíor 1

Príomheilimintí bainistíochta riosca maidir le hathúsáid uisce (KRManna) eagraithe i gceithre mhodúl, chun cabhair a thabhairt le foirmliú plean bainistíochta riosca

Image 1

3.1.2.   Tuairisc ar an gcóras

Tá tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras (KRM1) mar an túsphointe chun an córas athúsáide uisce ina iomláine a shaintréithriú go hiomlán – ón bpointe ionraoin le haghaidh an fhuíolluisce amh sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh (UWWTP), go húsáidí críochnaitheacha an uisce athshlánaithe. Ba cheart tuairisc mhionsonraithe a áireamh ann, tuairisc mhionsonraithe ar UWWTP agus/nó an tsaoráid athshlánúcháin, aon bhonneagar a bhaineann le pumpáil, stóráil agus dáileadh, córais uisciúcháin, agus úsáidí críochnaitheacha, laistigh de theorainneacha sainaitheanta an chórais (féach an sampla i bhFíor 2).

Chun na sonraí is gá a bhailiú le haghaidh an mheasúnaithe riosca, ba cheart saintréithriú ar cháilíocht an uisce a áireamh sa tuairisc ar an gcóras freisin, agus sin le haghaidh na bhfoinsí fuíolluisce a théann isteach in UWWTP, sonraí toirte uisce, aon teagmhas athraitheachta agus aimsire, agus tuairisc ar na maitrísí comhshaoil máguaird (ithir, screamhuisce agus uisce dromchla, éiceachórais).

Fíor 2

Na príomheilimintí de chóras athúsáide uisce, lena sainaithnítear gabhdóirí sa mheasúnú riosca

Image 2

3.1.3.   Gníomhaithe agus róil

Na gníomhaithe uile atá rannpháirteach agus a róil agus a bhfreagrachtaí, ba cheart iad a shainaithint le haghaidh gach eiliminte den chóras athúsáide uisce (KRM2).

Mar chuid de sin ba cheart a áireamh na gníomhaithe atá freagrach as (i) na gléasraí a oibriú (oibreoirí UWWTP agus saoráide athshlánúcháin), (ii) iompar agus stóráil, i gcás inarb ábhartha, agus (iii) na goirt uiscithe (feirmeoirí). Ba cheart a áireamh ann freisin aon údarás nó comhlacht ábhartha (e.g. údaráis uisce, údaráis sláinte poiblí, údaráis chomhshaoil), nó páirtithe eile amhail comhlachais d’fheirmeoirí agus cuibhreannais d’uiscitheoirí.

3.1.4.   Sainaithint guaiseacha agus comhshaoil agus daonraí i mbaol

Ar eilimintí KRM3 agus KRM4 tá:

1.

Sainaithint a dhéanamh ar aon ghuais a d’fhéadfadh a bheith ann (truailleáin agus pataiginí) nó teagmhas guaiseach (teip cóireálacha, sceitheadh tionóisceach, éilliú) a thagann ón gcóras athúsáide uisce agus a bhféadfadh sé go mbeadh riosca ag baint leis sin le haghaidh na sláinte poiblí agus/nó an chomhshaoil;

2.

Bealaí nochta ionchasacha go dtí na gabhdóirí daonna, ainmhithe nó comhshaoil (na daonraí agus na comhshaoil nochta) a shaintréithriú le haghaidh gach guaise. Is gá na heilimintí sin chun bheith in ann measúnú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar na rioscaí sláinte agus comhshaoil (KRM5).

Ar shainaithint guaiseacha (KRM3) ba cheart aon phataigin agus truailleán san uisce athshlánaithe a áireamh a bhféadfadh riosca a bheith ag baint leo maidir le sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus maidir leis an gcomhshaol.

Pataiginí miocróbacha in uisce athshlánaithe (e.g. E. coli agus baictéir, víris, paraisítí eile) a úsáidtear le haghaidh uisciú talmhaíochta, d’fhéadfaidís a bheith freagrach as ráigeanna galair uisce-iompartha (e.g. gaistreintríteas) agus géaréifeachtaí eile (15).

Truailleáin cheimiceacha a d’fhéadfadh a bheith fós i láthair in uisce athshlánaithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh riosca ag baint leo freisin maidir le sláinte an duine. Mar sin féin, is iondúil go mbíonn tiúchain ísle d’éilleáin cheimiceacha i láthair in eisiltigh UWWTP ó fhuíolluisce tí, agus is iondúil go mbíonn gá le nochtadh níos faide acu chun bheith ina gcúis le tinnis nó géar-fhrithghníomh, mar sin tá an riosca a bhaineann leis na truailleáin sin ar an bhforiomlán níos ísle ná an riosca a bhaineann le pataiginí.

Tá sé tábhachtach aon tionscal a shainaithint atá lonnaithe sa limistéar dá bhfónann UWWTP agus a bhféadfadh sé go rannchuideodh a sceitheadh sa chóras bailiúcháin uirbeach le tiúchain arda truailleán ceimiceach sonrach san fhuíolluisce uirbeach (e.g. tionscail chógaisíochta, tionscail ghalbhánúcháin).

D’fhéadfadh sé go dtarlódh tiúchain neamhrialaithe de ghuaiseacha ceimiceacha in eisiltigh UWWTP de dheasca teagmhais ghuaiseacha, amhail sceitheadh tionóisceach nó míchuí. Is féidir dealraitheacht an mhéid sin a íoslaghdú le bearta coisctheacha iomchuí (16).

Le comhlíontacht iomlán an uisce athshlánaithe le haon reachtaíocht is infheidhme maidir leis an gcóras athúsáide uisce, lena rialáiltear truailleáin mhicribhitheolaíocha agus cheimiceacha, i dteannta na gceanglas maidir le huisciú talmhaíochta a leagtar síos le reachtaíocht maidir le sláinteachas beatha agus earraí bia, d’áiritheofaí cosaint an chomhshaoil, chomh maith le sláinte an duine agus ainmhithe.

Leis an gcóras bainistíochta riosca ba cheart a áirithiú, dá bhrí sin, nach é a thagann as úsáid uisce athshlánaithe tiúchan dhíobhálach éilleán i maitrís chomhshaoil shonrach (e.g. screamhuisce) agus go ndéanfar bearta coisctheacha iomchuí chun é sin a chosc (e.g. trí chóireálacha iomchuí chun truailleáin a laghdú laistigh de theorainneacha a bheidh curtha ar bun, trí aon scaoileadh tionóisceach sa cheantar máguaird a íoslaghdú).

I dteannta shaintréithriú an uisce athshlánaithe, d’fhéadfadh sé go sainaithneofaí scagliosta tosaigh de ghuaiseacha ábhartha (pataiginí agus truailleáin cheimiceacha) tríd an reachtaíocht ábhartha uile de chuid an Aontais agus an reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus áitiúil uile a chur san áireamh freisin, chomh maith leis na ceanglais sa reachtaíocht (a liostaítear in Iarscríbhinn II, pointe 5 den Rialachán) maidir le hacmhainní uisce dromchla agus screamhuisce a chosaint. Leis an reachtaíocht sin áirítear: Treoir Réime 2000/60/CE maidir le hUisce (WFD), Treoir 2006/118/CE maidir le Screamhuisce (GWD), Treoir 2008/105/CE maidir le Caighdeáin Cáilíochta Comhshaoil (EQSD), Treoir 91/676/CEE maidir le Níotráití (ND) agus, i gcás inarb infheidhme, Treoir 2006/7/CE um Uisce Snámha (BWD) agus Treoir 2020/2184 maidir le hUisce Óil (DWD).

Na ceanglais ar cheart an t-uisce athshlánaithe a bheith i gcomhréir leo, beidh siad ag brath ar na coinníollacha suíomhshonracha le haghaidh an chórais athúsáide uisce agus ar an measúnú ar an difear a fhéadfar a dhéanamh le húsáid uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta don chomhshaol máguaird trí chonairí ionchasacha (e.g. rith uisce uisciúcháin, insíothlú i screamhuisce, etc.).

Go háirithe, dá n-aistreodh uisce athshlánaithe i dtreo dobharlach (dromchla nó screamhuisce) sa réimse a chumhdaítear leis an gcóras athúsáide uisce, ba cheart a mheas leis an measúnú cé acu a chomhlíonfadh nó nach gcomhlíonfadh na dobharlaigh ghlactha cuspóirí comhshaoil Airteagal 4 de WFD fós (i.e. dea-stádas éiceolaíoch agus ceimiceach uisce dromchla agus dea-stádas ceimiceach screamhuisce – agus an stádas ceimiceach sonraithe a thuilleadh in EQSD agus GWD).

Tugtar le tuiscint le dea-stádas éiceolaíoch agus ceimiceach le haghaidh uisce dromchla comhlíontacht le caighdeáin cáilíochta comhshaoil (EQSanna) de chuid an Aontais agus de chineál náisiúnta. Leagtar caighdeáin cáilíochta comhshaoil an Aontais síos faoi Threoir EQS, cé gur féidir go dtabharfar aghaidh ar thruailleáin ar ábhar imní náisiúnta iad le caighdeáin náisiúnta, is iad sin truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantrach, atá mar chuid de dhea-stádas dromchla éiceolaíoch.

Le Treoir EQS déantar foráil freisin maidir le sásra “Liosta Faire” chun sonraí faireacháin a bhailiú ar leibhéal an Aontais maidir le truailleáin ar ábhar imní iad atá ag teacht chun cinn agus substaintí a fhéadfaidh a bheith ina riosca maidir leis an gcomhshaol uisceach nó tríthi, agus ar lena n-aghaidh atá sonraí maidir le riosca neamh-leordhóthanach chun caighdeán cáilíochta comhshaoil a leagan síos.

Stádas ceimiceach fionnuiscí atá sainaitheanta ag na Ballstáit laistigh dá bpleananna bainistíochta abhantraí, is féidir é a cheadú tríd an gcóras WISE (17).

Is féidir tuilleadh faisnéise maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil le haghaidh substaintí tosaíochta a cheadú trí bhunachar sonraí ECHA (18).

Faisnéis ábhartha maidir le hastaíochtaí truailleán sonrach, is féidir teacht uirthi sa Chlár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (is infheidhme maidir le UWWTP ina bhfuil toilleadh 100 000 C.D.) (19).

Féadfaidh feidhm a bheith ag coinníollacha suíomhshonracha eile freisin maidir le huisce dromchla agus screamhuisce a chosaint: mar shampla, má tá an córas athúsáide uisce agus na limistéir uiscithe lonnaithe gar do Limistéar Leochaileach Níotráite a ainmnítear faoin Treoir maidir le Níotráití.

Cé go bhféadfadh athúsáid uisce sa talmhaíocht a bheith ina bealach chun cothaithigh a aisghabháil le haghaidh uiscithe, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thruailliú níotráití in acmhainní uisce a sheachaint, tríd an gcion níotráite san uisce athshlánaithe a laghdú faoi bhun leibhéil dhíobhálacha.

Ar an mbealach céanna, más dealraitheach go n-aistreoidh an t-uisce athshlánaithe chuig dobharlaigh a aicmítear mar Limistéir Uisce Óil faoi Chosaint (DWPAnna), tá sé tábhachtach (i) aon riosca éilliúcháin a shainaithint le haghaidh foinsí uisce óil ó thruailleáin rialáilte atá i láthair san uisce athshlánaithe agus (ii) aon chóireáil is gá a phleanáil chun iad a laghdú chuig leibhéil inghlactha.

Thairis sin, má ritheann uisce athshlánaithe chun srutha chuig uiscí dromchla a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí snámha áineasa, is féidir go n-áireofar ceanglais bhreise le haghaidh pataigíní, a dhíorthaítear ón Treoir um Uisce Snámha. Is é is aidhm do na dlíthe sin an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint trí chaighdeáin agus/nó oibleagáidí faireacháin a leagan síos le haghaidh pataigíní nó ceimiceán, lena n-áirítear miotail throma, seachtháirgí dífhabhtúcháin, cógaisíocht agus substaintí eile a aicmítear mar thruailleáin tosaíochta.

Toisc go n-úsáidtear uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta, leis an Rialachán sainaithnítear reachtaíocht bhreise in Iarscríbhinn II pointe 5 lena gcosnaítear bia agus beatha, an ithir, barra agus ainmhithe. Beidh ábharthacht na gceanglas sa reachtaíocht seo maidir le córas athúsáide uisce sonrach ag brath ar na cineálacha saothrúcháin (e.g. táirgeadh earraí bia nó beatha ainmhithe) agus cleachtas (e.g. úsáid lotnaidicídí, úsáid sloda séarachais) maidir leis an ngort talmhaíochta a uiscítear le huisce athshlánaithe.

Áirítear ar na ceanglais sin: ceanglais maidir le sláinteachas earraí bia (Rialachán (CE) Uimh. 852/2004), sláinteachas beatha (Rialachán (CE) Uimh. 183/2005), critéir mhicribhitheolaíocha (Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005), uaséilleáin in earraí bia (Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006), leibhéil lotnaidicídí i mbia agus beatha (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005), úsáid sloda séarachais (Treoir 86/278/CEE), agus cosaint sláinte ainmhithe (Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 agus (AE) Uimh. 142/2011).

Le Fíor 3 léirítear sampla grafach de conas is féidir an Treoir nó an Rialachán lena bhfuil feidhm maidir le córas athúsáide uisce a chinneadh, agus conairí ionchasacha den uisce athshlánaithe chuig na maitrísí comhshaoil (acmhainní fionnuisce) de dheasca sceitheadh tionóisceach nó trí rith chun srutha ón ngort uiscithe á dtoimhdiú.

Leis an bhfíor léirítear freisin na rialacháin agus na treoracha a liostaítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II agus a bhféadfadh feidhm a bheith acu, de réir na gcleachtas talmhaíochta. In Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bhFógra seo cuirtear tábla i láthair freisin lena sainaithnítear infheidhmeacht na gceanglas sin maidir le córas athúsáide uisce.

Fíor 3

Sampla de (i) conas treoracha agus rialacháin is infheidhme a shainaithint i gcóras athúsáide uisce, bunaithe ar chonairí ionchasacha arna nglacadh ag uisce athshlánaithe chuig na comhshaoil máguaird (uisce dromchla agus screamhuisce) agus (ii) rialacháin agus treoracha a bhféadfadh feidhm a bheith acu maidir le huisciú talmhaíochta, de réir cleachtais talmhaíochta shonracha

Image 3

Gnéithe sonracha eile atá nasctha leis an éifeacht atá ag paraiméadair cáilíochta uisce athshlánaithe ar shaintréithe agranamaíocha, lena n-áirítear guaiseacha ar ithir agus barra/plandaí, ba cheart iad a mheas freisin. De réir ISO 16075-1:2020, seo a leanas guaiseacha agranamaíocha ó uisce athshlánaithe lena bhféadfaí damáiste a dhéanamh don ithir agus barra uiscithe: (i) substaintí ceimiceacha, amhail salandacht, bórón, tocsaineacht iain shonrach; (ii) eilimintí ceimiceacha eile; agus (iii) cothaithigh.

Pataiginí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le plandaí nó barra, ní hiondúil go dtagtar orthu in uisce athshlánaithe ó eisiltigh UWWTP. Mar sin féin, d’fhéadfaí measúnú a dhéanamh ar a láithreacht i gcoinníollacha suíomhshonracha (e.g. rith chun srutha uisce uisciúcháin atá ionfhabhtaithe le pataiginí plandaí).

In Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bhFógra seo tugtar samplaí agus táblaí faisnéiseacha le haghaidh pataigíní agus truailleáin a bhíonn i láthair de ghnáth in eisiltigh UWWTP agus a rialáiltear le cuid de na treoracha agus de na rialacháin a luaitear thuas, agus tugtar samplaí chomh maith leis sin de ghuaiseacha agranamaíocha lena bhféadfaí difear a dhéanamh d’ithreacha, barra, fionnuisce agus screamhuisce le linn uisciú talmhaíochta.

Tugtar samplaí inti freisin de theagmhais ghuaiseacha agus bealaí nochta le haghaidh measúnú riosca sláinte agus comhshaoil, agus samplaí de dhaonraí agus comhshaoil atá i mbaol.

Tabhair faoi deara, áfach, nach meastar gur liostaí cuimsitheacha iad na liostaí acmhainní san Iarscríbhinn agus gur chun críoch faisnéise amháin a mholtar iad. Ba cheart na guaiseacha a shainaithint go cruinn le haghaidh gach córais athúsáide uisce shonraigh, i bhfianaise shaintréithriú an uisce athshlánaithe agus aon cheanglas is infheidhme.

Truailleáin áirithe eile nach rialáiltear fós ná nach féidir teacht orthu sna treoracha agus sna rialacháin liostaithe (e.g. micreaphlaistigh nó comhdhúile áirithe ar ábhar imní iad atá ag teacht chun cinn), d’fhéadfaí iad a chur leis an liosta guaiseacha, dá mbeadh fianaise eolaíoch ina taca ag an riosca maidir le sláinte an duine agus ainmhithe nó leis an gcomhshaol agus dá gcruthófaí go dtagann na héilleáin sin ón gcóras athúsáide uisce seachas ó fhoinsí eile. Leis an measúnú riosca d’fhéadfaí foinse na n-éilleán sin a shainaithint freisin, e.g. de dheasca tionscail ar leith a bheith ann, agus aon bheart coisctheach a phleanáil.

3.1.5.   Modhanna maidir le measúnuithe riosca comhshaoil agus sláinte

Ba cheart measúnú riosca comhshaoil agus sláinte (KRM5) a dhéanamh trí ghuaiseacha a sainaithníodh roimhe sin (go haonarach nó i ngrúpaí) agus teagmhais ghuaiseacha, bealaí nochta ionchasacha agus na gabhdóirí a sainaithníodh laistigh den chóras athúsáide uisce a chur san áireamh.

Féadfar measúnú riosca a dhéanamh agus modhanna cáilíochtúla nó leathchainníochtúla á n-úsáid. Cuirtear measúnú riosca cáilíochtúil chun tosaigh mar an mhodheolaíocht is iomchuí agus is indéanta go heacnamaíoch. D’fhéadfaí measúnú riosca cainníochtúil a úsáid le haghaidh tionscadail ardriosca agus nuair atá go leor sonraí tacaíochta ar fáil lena gcur chun feidhme.

A mhéid a bhaineann le modheolaíochtaí, is féidir modheolaíochtaí cáilíochtúla, leathchainníochtúla agus cainníochtúla a úsáid le haghaidh na measúnuithe sin. Leis an measúnú riosca sláinte déantar meastóireacht ar aon riosca do shláinte an duine agus ainmhithe, cé gurb é is aidhm don mheasúnú riosca comhshaoil a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar difear do stádas cáilíochta maitrísí comhshaoil leis na héilleáin a sainaithníodh san uisce athshlánaithe.

Is féidir measúnuithe riosca cáilíochtúla agus leathchainníochtúla a fhorbairt trí chineálacha éagsúla cuir chuige, amhail crainn teagmhais, maitrísí nó táscairí. Gnáthmhodheolaíocht is ea an mhodheolaíocht atá bunaithe ar mheastóireacht chomhcheangailte ar dhealraitheacht agus ollmhéid/déine an tionchair atá ag guais ar an ngabhdóir nochta.

Is féidir anailís ar dhealraitheacht a dhéanamh trí athbhreithniú sonraí stairiúla nó measúnú ar earráid dhaonna, crainn fabhtanna agus crainn teagmhais. Is iondúil go ndéantar an anailís ar na tionchair trí aicmiú i gcatagóirí, agus leibhéil mhéadaitheacha ann le haghaidh an tionchair.

Tá modhanna éagsúla maidir le measúnú riosca cáilíochtúil agus leathchainníochtúil le fáil i dtreoirlínte agus caighdeáin fhoilsithe is féidir a leanúint (e.g. Treoirlínte EDS, 2006; ISO 20426 (2018); FAO agus EDS, 2019) (20).

Le hIarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bhFógra seo léirítear modhanna cáilíochtúla agus leathchainníochtúla chun measúnú a dhéanamh ar an riosca sláinte trí mhaitrísí a úsáid chun dealraitheacht agus déine an tionchair a shainaithint. Léirítear léi freisin modheolaíocht leathchainníochtúil is infheidhme maidir le hacmhainní uisce. Le Tuarascáil Theicniúil JRC (21) soláthraítear tuilleadh samplaí praiticiúla freisin.

Le measúnuithe riosca cainníochtúla is féidir meastachán uimhriúil ar an riosca a sholáthar – an tionchar atá ag ionfhabhtú miocróbach sonrach in 1 bhliain amháin faoi chás sonrach, mar shampla.

Bíonn saintréithriú na rioscaí do shláinte an duine agus ainmhithe bunaithe go hiondúil ar ghaolmhaireachtaí idir dáileog agus freagairt chun a shainaithint cé acu a d’fhéadfadh sé nó nach bhféadfadh sé go mbeadh éifeacht ag guais nó teagmhas guaiseach ar shláinte.

Is féidir measúnú riosca sláinte le guais mhiocróbach a dhéanamh agus measúnú riosca mhiocróbaigh cainníochtúil (QMRA) a dhéanamh, bunaithe ar mheastóireacht a dhéanamh ar ghaolmhaireachtaí idir dáileog agus freagairt idir tiúchan na nguaiseacha agus an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar ghabhdóirí. Seasann na haschuir ón modh sin do na luachanna dóchúlachta le haghaidh éifeachtaí sláinte díobhálacha agus sloinntear iad de réir dóchúlacht ionfhabhtúcháin nó an táscaire maidir le blianta saoil a choigeartaítear ó thaobh an mhíchumais de (DALY).

Leis an gcur chuige sin is féidir ceisteanna sonracha a fhreagairt ag a bhfuil feidhm maidir le pointe áirithe. Dá bhrí sin, chun an tionscadal iomlán a chumhdach agus an leibhéal slándála a mhéadú, is féidir é a chomhcheangal le modhanna cáilíochtúla nó leathchainníochtúla.

Modheolaíochtaí agus critéir le haghaidh QMRA agus DALY is féidir iad a cheadú i dTreoirlínte EDS (2006) agus Treoirlínte ESD maidir le QMRA (2016) (22).

Is iondúil go mbíonn cur chuige cainníochtúil chun measúnú a dhéanamh ar an riosca comhshaoil (Measúnú Riosca Cainníochtúil Ceimiceach, QCRA) bunaithe ar an méid seo a leanas:

cóimheas na tiúchana comhshaoil intuartha, arna ríomh le samhlacha casta le haghaidh cinniúna agus aistrithe truailleáin shonraigh chuig meáin chomhthimpeallacha; agus

na tiúchain thuartha gan éifeacht, nó uastiúchan incheadaithe an truailleáin, mar a leagtar síos leis an reachtaíocht is infheidhme (e.g. caighdeáin cáilíochta comhshaoil is infheidhme maidir le dobharlaigh de réir a stádais cáilíochta).

Leis an gcineál cur chuige sin ceanglaítear méid suntasach sonraí faireacháin ó na tionscadail athúsáide uisce agus saintréithrithe mionsonraithe ar an gcomhshaol máguaird. Ciallaíonn sin nach bhfuil sé infheidhme ach maidir le tionscadail ina bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil agus ina bhfuil fianaise eolaíoch mar thaca ag toimhdí.

3.1.6.   Coinníollacha i ndáil leis na ceanglais bhreise

Beidh toradh an mheasúnaithe riosca sláinte agus comhshaoil ina chuidiú chun a bhunú cé acu ar cheart nó nár cheart aon cheanglas sonrach breise (KRM6) le haghaidh paraiméadar (sa bhreis orthu sin a shonraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I nó atá níos déine ná iad) a chur isteach le haghaidh cáilíocht agus faireachán uisce.

Mar chuid de sin d’fhéadfaí pataiginí nó truailleáin bhreise a sainaithníodh leis an measúnú riosca sláinte agus comhshaoil a áireamh, agus na coinníollacha suíomhshonracha, chomh maith leis na treoracha agus na rialacháin is infheidhme mar a tuairiscíodh roimhe sin, á gcur san áireamh.

Mar shampla, d’fhéadfaí a shainaithint leis an measúnú riosca go bhféadfaí dochar a dhéanamh le truailleán sonrach in uisce athshlánaithe (e.g. níotráití) do dhobharlach cóngarach (e.g. trí eotrófú), dá mbeadh sé i láthair san uisce athshlánaithe de réir tiúchan níos airde ná an uastiúchan incheadaithe tuartha.

Dá bhrí sin, d’fhéadfaí teorainn bunaithe ar an uastiúchan incheadaithe, agus a eascraíonn as an measúnú riosca, a bhunú le haghaidh cháilíocht an uisce athshlánaithe, agus d’fhéadfaí an paraiméadar sin a áireamh i measc na bparaiméadar a bhfuil faireachán le déanamh orthu.

D’fhéadfadh na huastiúchain incheadaithe a bheith cothrom leis na teorainneacha a cheanglaítear freisin, mar shampla, le haghaidh na haicme cáilíochta sonraí (e.g. caighdeáin cáilíochta comhshaoil, EQS) de chuid an dobharlaigh nochta. D’fhéadfaí liosta de pharaiméadair bhreise, i dteannta na dteorainneacha sainaitheanta, a chur isteach le haghaidh cháilíocht agus fhaireachán an uisce, dá mba léir go dtagann siad ón gcóras athúsáide uisce agus dá mbeadh an measúnú riosca agus méid leordhóthanach eolais eolaíoch mar thaca ag na luachanna tagartha lena n-aghaidh.

3.1.7.   Bearta coisctheacha

Le KRM7 ba cheart sainaithint beart agus bacainní coisctheacha is infheidhme maidir leis an gcóras athúsáide uisce a áireamh, chun na guaiseacha a sainaithníodh agus a bhféadfadh sé go dtiocfadh riosca astu a bhaint nó a laghdú go dtí leibhéal inghlactha.

Is é atá i gceist le bearta coisctheacha aon chóireáil, gníomhaíocht nó nós imeachta a cuireadh chun feidhme cheana nó a sainaithníodh le linn an mheasúnaithe riosca is féidir a chur i bhfeidhm ag codanna éagsúla den chóras athúsáide uisce. Mar shampla: (i) ag UWWTP (i.e. trí mheastóireacht a dhéanamh ar an bpróiseas atá i bhfeidhm agus/nó trí chóireálacha breise a shainaithint); (ii) ag an tsaoráid athshlánúcháin (e.g. trí bhreithniú a dhéanamh ar chur isteach cóireálacha forbartha); (iii) ag na goirt uiscithe (e.g. trí bhreithniú a dhéanamh ar mhodhanna malartacha uisciúcháin lena laghdaítear rioscaí maidir le nochtadh, trí chriosanna maolánacha a sholáthar, etc.), oibrithe agus feirmeoirí a chosaint (e.g. prótacail TCP nó sláinteachais shonracha a shainaithint, i dteannta bearta féideartha a rinneadh cheana chun rialacha maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair a chomhlíonadh).

Sainaithint bacainní nó modhnuithe ar an gcóras uisciúcháin atá ann cheana, d’fhéadfadh sí a bheith bunaithe ar an meastóireacht ar na modhanna atá ann cheana, ar an gcineál barr agus ar an aicme uisce, agus ba cheart í a chinneadh i gcomhairle leis na feirmeoirí, agus gníomhaithe eile sa chóras athúsáide uisce. Tagair d’Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an doiciméad seo chun samplaí de bhearta agus bacainní coisctheacha a fháil.

3.1.8.   Rialú cáilíochta agus córais faireacháin comhshaoil

Le heilimintí KRM8 agus KRM9 áirítear na gníomhaíochtaí faireacháin uile a bheartaítear le haghaidh an chórais athúsáide uisce: sainaithint nósanna imeachta agus prótacal le haghaidh rialú cáilíochta an chórais agus le haghaidh an chórais faireacháin comhshaoil (EMS).

Le cláir faireacháin oibriúcháin agus chomhshaoil, soláthraítear dearbhuithe d’oibrithe, don phobal agus d’údaráis maidir le feidhmíocht leordhóthanach an chórais. Orthu sin ba cheart a áireamh prótacail, cláir (e.g. suíomh, paraiméadair, minicíocht) agus nósanna imeachta le haghaidh na gceanglas maidir le faireachán ródúcháin ar a laghad chomh maith le haon pharaiméadar agus teorainn bhreise a sainaithníodh mar cheanglais bhreise leis an measúnú riosca (KRM6).

Aon uair is iomchuí féadfaidh na hoibreoirí gléasra córas bainistíochta cáilíochta, a forbraíodh de réir chaighdeáin ISO 9001 nó caighdeáin choibhéiseacha, a ullmhú freisin.

Ba cheart prótacail EMS a bheith bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe riosca comhshaoil, chun a áirithiú go leanfar den chomhshaol a chosaint agus uisce athshlánaithe á úsáid. Ba cheart na prótacail a bheith i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana, e.g. leis an bhfaireachán ar acmhainní uisce ba cheart Treoir 90/2009/CE (23) a chomhlíonadh chun a áirithiú go mbeidh na torthaí inchomparáide leis na torthaí a fuarthas trí fhaireachán faoin Treoir Réime maidir le hUisce.

3.1.9.   Bainistíocht éigeandála agus comhordú

Le KRM10 agus KRM11 áirítear prótacail bhainistíochta, éigeandálaí agus chumarsáide atá nasctha le heilimintí KRM10 (Bainistíocht Éigeandála), agus KRM11 (Comhordú).

Is é atá sna cláir sin an bonn le haghaidh cumarsáid éifeachtach idir an páirtí (nó na páirtithe) atá freagrach as plean bainistíochta riosca agus na gníomhaithe lena mbaineann.

Le KRM11 ba cheart prótacail a áireamh maidir le conas a chuirfear an fhaisnéis in iúl idir gníomhaithe, formáidí agus nós imeachta chun timpistí agus éigeandálaí a thuairisciú, nósanna imeachta um fhógra a thabhairt, foinsí faisnéise agus próisis chomhairliúcháin.

Is féidir Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an bhFógra seo a cheadú le haghaidh samplaí de (i) prótacail chun teagmhais agus éigeandálaí a bhainistiú agus (ii) prótacail bhainistíochta.

3.2.    Cineálacha barr agus aicmí uisce athshlánaithe

Le haghaidh úsáid shábháilte uisce athshlánaithe, le Tábla 1 – Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán leagtar amach aicmí ceadaithe de cháilíocht uisce athshlánaithe (Aicmí A, B, C, D) nach mór a úsáid chun catagóir barr ar leith a uisciú, bunaithe ar an modh uisciúcháin roghnaithe.

Tá na híoscheanglais cáilíochta uisce le haghaidh gach aicme i dTábla 2 – Iarscríbhinn I éagsúil le chéile ó thaobh na tiúchana de E. coli, chomh maith le paraiméadair chomhiomlána eile.

Leis an teaglaim de chineálacha barr agus le líon agus cineál na mbacainní creidiúnaithe, amhail modhanna uisciúcháin, is féidir rioscaí a íoslaghdú trí aon teagmháil a sheachaint idir an t-uisce athshlánaithe agus na codanna inite de tháirgeacht uiscithe (féach Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an bhFógra seo le haghaidh samplaí).

Chun é sin a dhéanamh, tá sé tábhachtach a shuí ar dtús cé acu is dealraitheach nó nach dealraitheach go mbeidh an chuid inite de na barra i dteagmháil leis an uisce athshlánaithe. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an riosca teagmhála le haghaidh gach córais athúsáide uisce shonraigh, trí mheastóireacht a dhéanamh ar achar toimhdithe na coda inite de na barra chuig an ithir uiscithe agus na conairí ionchasacha d’uisce athshlánaithe nuair a dhéantar é a spraeáil, a sheachadadh i mbraonta nó nuair a thagann sé de bharr tuilte.

Má dhéantar cóireálacha breise ar na barra (e.g. cócaireacht nó próisis thionsclaíocha) lena laghdaítear éilliú ionchasach, ba cheart iad sin a mheas freisin.

De réir an Rialacháin, is féidir uisce athshlánaithe a úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta an mhéid seo a leanas:

Barra bia a thomhlaítear amh: barra a shaothraítear lena dtomhailt ag an duine, nach rachaidh trí phróisis bhreise. De réir achar (24) na coda inite den bharr ón talamh, áirítear le haicme bhreise:

Barra fréimhe: a fhásann faoin talamh san ithir agus a bhfuil cuid na fréimhe inite (e.g. cairéid, oinniúin, meacain bhiatais)

Barra ísealfháis os cionn talún: barra a fhásann os cionn talún i dteagmháil pháirteach leis an ithir. Is féidir na barra sin a roinnt a thuilleadh ina mbarra a fhásann ar dhromchla na hithreach, amhail barra duilleacha (e.g. leitís) agus barra a fhásann os cionn talún agus an chuid inite ag < 25 cm os cionn dhromchla na hithreach (e.g. trátaí, piobair)

Barra ardfháis os cionn talún: barra a fhásann os cionn talún, agus na codanna inite ag > 50 cm os cionn dhromchla na talún, agus nach dteagmhaíonn dá bhrí sin leis an ithir go hiondúil (e.g. crainn torthaí)

Barra bia phróiseáilte: barra a shaothraítear lena dtomhailt ag an duine agus a rachaidh trí phróisis bhreise (i.e. cócaráilte nó próiseáilte go tionsclaíoch) agus nach íosfar amh (e.g. rís, cruithneacht)

Barra neamhbhia (farae): barra nach saothraítear lena dtomhailt ag an duine ach le haghaidh féaraigh agus foráiste nó in earnálacha eile (barra tionsclaíocha, fuinnimh agus síolaithe)

Is féidir go mbeidh modhanna uisciúcháin aicmithe sna córais seo a leanas go ginearálta:

Córais uisciúcháin oscailte nó sreabhaidh domhantarraingthe: cuirtear uisce go díreach ar dhromchla na hithreach agus níl sé faoi réir brú. Áirítear leis sin uisciú tuile agus claise.

Córais uisciúcháin spréite: spraeáiltear uisce san aer agus titeann sé ar dhromchla na hithreach cosúil le báisteach.

Córais mhiocruisciúcháin: cuirtear uisce i bhfeidhm go háitiúil trí chóras silte nó silchóras (dromchla nó fodhromchla) nó le huisciú micreasprae.

Ba cheart measúnú a dhéanamh ar mhodhanna uisciúcháin mar chonairí lena gceadaítear go hionchasach d’éilleáin na barra a shroicheadh. Mar shampla, maidir le córais spraeáilte, d’fhéadfaí barra ardfháis os cionn talún (e.g. crainn torthaí) a bheith nochta d’éilliú de dheasca titim braonta, mar sin ba cheart cáilíocht níos airde uisce a roghnú go ginearálta.

Tá córais logánta (e.g. uisciú silte) bainteach le riosca éilleáin níos ísle, ós rud é go ndéantar uisce a threorú chuig an gcuid inite de na barra. D’fhéadfadh sé go gcuirfí bacainní iomchuí agus creidiúnaithe breise i bhfeidhm chun an aicme cáilíochta uisce a cheanglaítear a bhaint amach (féach Roinn 3.2.2 agus Iarscríbhinn 4).

Aon riosca maidir le sláinte oibrithe nó daoine a chónaíonn gar don limistéar uiscithe, ba cheart measúnú a dhéanamh air sin freisin. Mar shampla, le haerasóil ó chórais uisciúcháin spréite d’fhéadfaí gabhdóirí a chónaíonn gar do limistéir uiscithe a bhaint amach. Tá rioscaí a bhaineann le haerasóil ag brath go háirithe ar cháilíocht an uisce uisciúcháin agus ar luas na gaoithe (atá freagrach as aerasóil a scaipeadh timpeall an limistéir uiscithe).

Tabhair faoi deara gurb é atá sna modhanna uisciúcháin agus sna bearta nó sna bacainní coisctheacha a léirítear sa roinn seo a leanas samplaí de chur chuige molta maidir le conas Tábla 1 – Iarscríbhinn I a léirmhíniú. Níl siad beartaithe a bheith ina liosta cuimsitheach.

Na córais uisciúcháin agus na bearta nó na bacainní coisctheacha atá i bhfeidhm nó pleanáilte cheana, ba cheart measúnú a dhéanamh orthu chun a shainaithint cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh gá a bheith ann le ceanglais bhreise (e.g. cóireálacha nó bacainní breise, athruithe ar an gcóras uisciúcháin), chun éilliú barr ionchasach a íoslaghdú, de réir aicme an uisce athshlánaithe.

3.2.1.   Samplaí de mhodhanna uisciúcháin agus cineálacha barr

Le Fíor 4 léirítear dhá shampla de scéimléaráidí lena bhféadfaí cuidiú le sainaithint a dhéanamh ar na haicmí uisce athshlánaithe lena soláthraítear cosaint leordhóthanach do thomhaltóirí agus oibrithe ar E.coli agus uisciú á dhéanamh le (a) modhanna sreabhaidh domhantarraingthe nó brúchóirithe nó (b) córais logánta.

Gan beann ar an aicme uisce, leis na scéimléaráidí cuirtear ceanglais mhiocróbacha bhreise san áireamh nuair a úsáidtear uisce athshlánaithe chun féarach nó foráistí a athshlánú (néimeatóidí stéigeacha, Nóta 3 d’Fhíor 4) agus i gcás inarb ann do riosca aerasól (Legionella spp, Nóta 1 d’Fhíor 4).

Fíor 4

Samplaí de scéimléaráidí chun an aicme uisce athshlánaithe a roghnú (de réir an Rialacháin) le haghaidh (a) modhanna uisciúcháin oscailte nó (b) modhanna uisciúcháin logánta

Image 4

Image 5

Rinneadh an sampla seo a leanas ó Threoirlínte EDS maidir le Plean Sábháilteachta (Sampla Oibrithe: SSP in Newtown – hipitéiseach) a oiriúnú do cheanglais an Rialacháin, chun a léiriú conas a d’fhéadfaí na scéimléaráidí thuas a chur i bhfeidhm sa chleachtas.

Ní dhearnadh ach na heilimintí den sampla seo a cheadaítear leis an Rialachán a mheas. Úsáideadh uisce athshlánaithe chun cineálacha éagsúla barr a fhás, agus modhanna uisciúcháin éagsúla á n-úsáid (Tábla 1).

Tábla 1

Cineálacha barr agus modhanna uisciúcháin a úsáidtear sa sampla

Catagóirí barr

Modhanna uiscithe

Ceann scríbe na mbarr (*1)

Barra fréimhe a thomhlaítear amh (oinniúin, cairéid)

Barra duilleacha talún ísle a thomhlaítear amh (leitís, piobair)

Barra talún airde a thomhlaítear amh (torthaí)

Tuile

Claiseanna oscailte

Úsáidí láimhe (e.g. scúip, cannaí spréite)

Sprae-uisciú

Tomhlaíonn feirmeoirí agus a dteaghlaigh iad

Díoltar leis an bpobal áitiúil iad lena dtomhailt

Díoltar le cathracha mórthimpeall iad lena dtomhailt

Sa chás sin, de réir Tháblaí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán, i bhfianaise na gconairí ionchasacha trína bhféadfadh uisce athshlánaithe na barra a shroicheadh, ba cheart na haicmí seo a leanas a roghnú:

Le haghaidh barra fréimhe agus barra duilleacha a thomhlaítear amh, nuair a chuirtear uisciú tuile, uisciú claise nó sprae-uisciú i bhfeidhm Aicme A (E. coli líon ≤ 10/100 mL)

Le haghaidh barra bia a fhásann os cionn talún, a thomhlaítear amh (e.g. piobar): nuair a chuirtear uisciú tuile, uisciú claise nó sprae-uisciú i bhfeidhm Aicme A (E. coli líon ≤ 10/100 mL); nuair a úsáidtear córais uisciúcháin silte nó fodhromchla Aicme B (E. coli líon ≤ 100/100 mL).

Le haghaidh barra a fhásann go hard os cionn talún agus nach dteagmhaíonn go díreach le huisce athshlánaithe (i.e. crainn torthaí) ach amháin nuair a chuirtear uisciú claise nó tuile i bhfeidhm Aicme B (E. coli líon ≤ 100/100 mL).

De réir meastóireacht riosca bhreise, i láthair torthaí ar a bhfuil craiceann inite, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí Aicme A nuair a úsáidtear sprae-uisciú, chun éilliú ionchasach ar na torthaí ón uisce spraeáilte a sheachaint. Le haghaidh torthaí ar a bhfuil craiceann inite, d’fhéadfadh Aicme B a bheith iomchuí, ach ba cheart an roghnúchán críochnaitheach de cháilíocht uisce a bheith bunaithe ar an measúnú riosca.

3.2.2.   Samplaí de bhacainní a chur i bhfeidhm chun an aicme cáilíochta uisce a cheanglaítear a bhaint amach

Le hAirteagal 2(4) den Rialachán sonraítear gur féidir le hoibreoirí gnó bia an cháilíocht uisce a cheanglaítear a bhaint amach chun Rialachán 852/2004 a chomhlíonadh trí roghanna cóireála uisce éagsúla a úsáid tar éis an phointe comhlíontachta, is é sin ina n-aonar nó i dteannta roghanna neamhchóireála.

De réir an chur chuige ilbhacainne, na laghduithe logartaim chun an aicme cáilíochta uisce a cheanglaítear a bhaint amach, is amhlaidh is féidir iad a bhaint amach le bearta cóireála agus neamhchóireála éagsúla i dteannta a chéile (bacainní).

De réir Airteagal 3(12) den Rialachán, nuair a úsáidtear uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú, sainmhínítear bacainn mar a leanas:

aon mheán, lena n-áirítear céimeanna fisiceacha nó céimeanna a bhaineann le próiseas nó coinníollacha úsáide, lena ndéantar riosca ionfhabhtúcháin le haghaidh an duine a laghdú nó a chosc trí theagmháil a chosc idir uisce athshlánaithe agus (i) táirge a ionghabhfar, nó (ii) agus na daoine atá nochta go díreach, nó

meán eile lena laghdaítear, mar shampla, tiúchan miocrorgánach san uisce athshlánaithe nó lena gcoisctear orthu maireachtáil ar na táirgí a ionghabhfar.

I bhfocail eile, agus i gcomhréir le hIarscríbhinn I Roinn 2 a ghabhann leis an Rialachán, ba cheart a mheas gurb é atá i mbacainn meán chun íoslaghdú a dhéanamh ar na rioscaí chuig leibhéil atá coibhéiseach le leibhéil na haicme cáilíochta uisce a cheanglaítear le haghaidh na mbarr roghnaithe.

D’fhéadfadh sé go mbainfí laghduithe logartaim éagsúla amach le bacainní éagsúla agus is féidir teaglaim díobh a chur i bhfeidhm maidir leis an uisce athshlánaithe chun an laghdú logartaim foriomlán is gá agus a cheanglaítear a bhaint amach chun aon riosca a íoslaghdú, bunaithe ar an aicme cáilíochta uisce roghnaithe.

Le Tábla 2 moltar an líon bacainní ba cheart a chur i bhfeidhm maidir leis an aicme cáilíochta uisce athshlánaithe chun an leibhéal coibhéiseach d’aicme níos airde a cheanglaítear a bhaint amach, bunaithe ar an gcineál barr.

Le Tábla 3 moltar cineálacha bacainní creidiúnaithe, chomh maith lena laghdú logartaim gaolmhar.

Le hIarscríbhinn 4 a ghabhann leis an bhFógra seo tá samplaí de conas cineál agus líon na mbacainní a chinneadh, bunaithe ar an gcineál barr agus ar an aicme cáilíochta uisce.

Tábla 2

An líon molta bacainní is gá le haghaidh uisciú le huisce athshlánaithe, de réir a gcáilíochta (oiriúnaithe ó Thábla 3 de ISO 16075:2020)

NB – ní dhearnadh athruithe ar thábla ISO ach chun aicmí cáilíochta uisce agus cineálacha barr nach dtugtar aghaidh orthu sa Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce a eisiamh. Féach thíos an tábla chun tuilleadh míniúcháin a fháil ar conas an tábla seo a léirmhíniú i ndáil leis an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce.

Catagóir(1)

Uisciú glasraí a thomhlaítear amh(2)

Uisciú glasraí tar éis próiseála agus féaraigh(3)

Uisciú barr bia seachas glasraí (úlloird, fíonghoirt) agus gairneoireacht(4)

Uisciú farae agus barr síolaithe(5)

Uisciú barr tionsclaíoch agus fuinnimh(6)

A

0

0

0

0

0

B

1

0

0

0

0

C

3

1

1

0

0

D

toirmiscthe

toirmiscthe

3

1 (*)

0

Tá na sainmhínithe seo a leanas le haghaidh gach colúin sa tábla i gcomhréir le Tábla 1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce agus tá siad beartaithe chun cuidiú leis an léitheoir teacht ar an gcatagóir barr a chomhfhreagraíonn go ginearálta do chatagóiriú ISO, agus dá réir sin na bacainní breise a bhféadfaidh gá a bheith leo a shainaithint:

(1)

Aicme de cháilíocht íosta uisce athshlánaithe.

(2)

Na barra bia ar fad a thomhlaítear amh a bhfuil an chuid inite díobh i dteagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe agus barra fréimhe a thomhlaítear amh.

(3)

Barra bia próiseáilte agus barra neamhbhia, lena n-áirítear barra a úsáidtear chun ainmhithe a tháirgeann bainne nó feoil a bheathú.

(4)

Barra bia a thomhlaítear amh, i gcás ina dtáirgtear an chuid inite os cionn talún agus nach bhfuil sí i dteagmháil dhíreach leis an uisce athshlánaithe.

(5)

Barra bia a thomhlaítear amh, i gcás ina dtáirgtear an chuid inite os cionn talún agus nach bhfuil sí i dteagmháil dhíreach leis an uisce athshlánaithe; barra bia próiseáilte, agus barra neamhbhia, lena n-áirítear barra a úsáidtear chun ainmhithe a tháirgeann bainne nó feoil a tháirgeadh (sa dá chás, nuair a úsáidtear uisciú silte nó modh uisciúcháin eile lena seachnaítear teagmháil dhíreach leis an gcuid inite den bharr). NB. Is féidir gur síolta lena dtomhailt ag an duine nó síolta lena n-úsáid mar fharae ainmhithe atá sna barra síolaithe a luaitear anseo.

(6)

Barra tionsclaíocha, fuinnimh agus síolaithe (a bheartaítear chun síolta a tháirgeadh lena gcur).

(*)

Nóta ó ISO 16075:2020: Síolta inite nó síolta lena gcur agus a uiscíodh ar feadh tréimhse is gairide ná 30 lá roimh bhuaint. Má mhaireann an tréimhse roimh bhuaint 30 lá nó tréimhse níos faide ná sin, is féidir le haicme D a bheith infheidhme go díreach gan srianta (i.e. gan gá a bheith le bacainní breise).


Tábla 3

Cineálacha bacainní creidiúnaithe agus laghduithe logartaim pataigine faoi seach (oiriúnaithe ó Thábla 2 de ISO 16075:2020)

Ní dhearnadh athruithe ach chun aicmí cáilíochta uisce agus cineálacha barr nach dtugtar aghaidh orthu sa Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce a eisiamh.

Cineál bacainne

Iarratas

Laghdú logartaim pataigine

An líon bacainní

UISCIÚ BARR BIA

Uisciú silte

Uisciú silte barr ísealfháis amhail 25 cm ní níos mó os cionn na talún

2

1

Uisciú silte barr ardfháis amhail 50 cm nó níos mó os cionn na talún

4

2

Uisciú silte fodhromchla i gcás nach n-ardaíonn uisce le gníomhaíocht ribeach chuig dromchla na talún

6

3

Sprae-uisciú agus uisciú spréite

Uisciú spréite agus micrispréite barr ísealfháis amhail 25 cm nó níos mó ón scaird uisce

2

1

Uisciú spréite agus micrispréite crann torthaí amhail 50 cm nó níos mó ón scaird uisce

4

2

Dífhabhtú breise sa ghort

Dífhabhtú íseal-leibhéil (< 1 mg/L de chlóirín iomlán, tar éis 30 nóiméad de chlóiríniú)

2

1

Dífhabhtú ardleibhéil (≥ 1 mg/L de chlóirín iomlán, tar éis 30 nóiméad de chlóiríniú)

4

2

Leathán cumhdaigh griandhíonach

In uisciú silte, ina scarann an leathán an t-uisciú ó na glasraí

2 go 4

1

Bású pataiginí

Tacaíocht bhásaithe trí scor nó cur isteach uisciúcháin roimh bhuaint

0,5 go 2 in aghaidh an lae

1 go 2

Níochán táirgí sula ndíoltar leis na custaiméirí iad

Barra sailéid, glasraí agus torthaí a ní le huisce óil

1

1

Dífhabhtú táirgí sula ndíoltar leis na custaiméirí iad

Barra sailéid, glasraí agus torthaí a ní le tuaslagán infhabhtúcháin lag agus a shruthlú le huisce óil

1

1

Scamhadh táirgí

Torthaí agus barra fréimhe a scamhadh

2

1

UISCIÚ FARAE AGUS BARR SÍOLAITHE

Rialú rochtana

Iontráil sa ghort uiscithe a shrianadh ar feadh 24 uair an chloig agus ar feadh tréimhse níos faide ná sin tar éis uisciú, mar shampla, ainmhí ag teacht isteach san fhéarach nó oibrithe ag teacht isteach i ngoirt

0,5 go 2

1

Iontráil sa ghort uiscithe a shrianadh ar feadh 5 lá agus ar feadh tréimhse níos faide ná sin tar éis uiscithe

2 go 4

2

Triomú gréine barr farae

Barra farae agus barra eile atá triomaithe ag an ngrian agus buainte roimh thomhaltas

2 go 4

2

Nóta: d’fhéadfadh bacainní a bheith i bhfeidhm cheana sa ghort uiscithe; tá srianta barr agus modhanna uisciúcháin mar bhacainní san áireamh sa Rialachán cheana agus an aicme cáilíochta uisce athshlánaithe agus an cineál barr á roghnú.

3.3.    Faireachán bailíochtaithe

3.3.1.   Prionsabail ghinearálta

Tá gá le faireachán bailíochtaithe chun a léiriú gurb amhlaidh le dearadh córas athúsáide uisce nua nó le haon athrú ar na línte cóireála atá ann cheana a bhainfear amach go hiontaofa agus go comhsheasmhach leibhéil díghníomhúcháin áirithe de tháscairí miocróbacha le haghaidh Aicme A de cháilíocht uisce athshlánaithe (Tábla 4 – Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán). Sloinntear díghníomhú táscairí miocróbacha i laghdú logartaim10 (25).

Tá faireachán bailíochtaithe éagsúil leis an ngnáthfhaireachán tráthrialta a dhéanann an t-oibreoir (Tábla 3 – Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán) chun a áirithiú go mbeidh ceanglais an Rialacháin á mbaint amach leis an bpróiseas cóireála. Ba cheart breathnú air mar ghníomhaíocht dhian ghearrthéarmach atá le déanamh roimh choimisiúnú nó le linn na céime tionscnaimh de shraitheanna nó próisis chóireála nua, nó nuair a dhéantar iad a uasghrádú.

Athruithe sa chóras athúsáide uisce arb é atá i gceist leo na próisis a thabhairt cothrom le dáta, d’fhéadfadh sé go n-eascraíonn siad, mar shampla, as athruithe struchtúracha ar an méid seo a leanas:

1.

sreabhadh agus/nó cáilíocht fuíolluisce de dheasca ceadanna urscaoilte nua sa chóras séarachais;

2.

coibhéisí daonra (C.D.) arna soláthar leis an nGléasra Cóireála Fuíolluisce Uirbigh (UWWTP);

3.

dálaí aeráide (méadú ar bháisteach shéasúrach nó teagmhais triomaigh);

4.

coinníollacha eile nach dtugtar aghaidh orthu leis an bplean bainistíochta riosca, lena gceanglaítear an teicneolaíocht/na próisis a úsáidtear a thabhairt cothrom le dáta.

Ós rud é go gceanglófar cead atá ann cheana a athbhreithniú nó a thabhairt cothrom le dáta le haon athrú substaintiúil ar thoilleadh UWWTP nó uasghrádú i líne chóireála an chórais athúsáide (Airteagal 6(6)), moltar faireachán bailíochtaithe a thabhairt i gcrích sula dtionscnaítear nós imeachta um údarú.

In aon chás, le linn gníomhaíochtaí bailíochtúcháin, d’fhéadfadh sé nach seachadfaí uisce athshlánaithe le haghaidh a úsáide deiridh go dtí go dtabharfar faireachán i gcrích. Le linn na tréimhse sin, d’fhéadfaí uisce athshlánaithe a chur ar ais chuig ionraon UWWTP nó chuig pointe sceite sainaitheanta, go dtí go gcomhlíonfar ceanglais cháilíochta mhiocróbacha an bhailíochtaithe.

Nuair a dheimhnítear leis an bhfaireachán bailíochtaithe go gcomhlíontar na ceanglais le haghaidh táscairí miocróbacha leis an gcóras nó leis na teicneolaíochtaí nua, beidh sé leordhóthanach leanúint de cheanglais an ghnáthfhaireacháin.

Chun tacú leis na gníomhaíochtaí bailíochtaithe, is féidir tuarascáil a ullmhú lena léirítear an cur chuige faireacháin bailíochtaithe, an dearadh turgnamhach, agus anailís ar shamplaí ionraoin agus asraoin le haghaidh na dtáscairí miocróbacha a cheanglaítear. Ba cheart do ghairmí fuíolluisce cáilithe an tuarascáil a ullmhú.

Saoráidí athshlánúcháin a bhí i bhfeidhm cheana agus a leanann de na ceanglais cáilíochta uisce athshlánaithe a leagtar amach i dTábla 2(a) a chomhlíonadh an 25 Meitheamh 2020, níl aon oibleagáid orthu faireachán bailíochtaithe a dhéanamh.

3.3.2.   Prótacail maidir le faireachán bailíochtaithe

Tábla 4 – le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sonraítear na laghduithe logartaim10 atá le comhlíonadh trí fhaireachán bailíochtaithe ar an slabhra cóireála (i.e. idir an pointe ionraoin le haghaidh fuíolluisce amh in UWWTP agus an pointe comhlíontachta) le haghaidh baictéar, víreas agus táscairí protozoa (E. coli, Campylobacter, iomlán na mbaictéarafagach drólannach/baictéarafagaigh dhrólannacha F-shonracha/baictéarafagaigh shómatacha dhrólannacha/baictéarafagaigh dhrólannacha, rótaivíreas, spóir de Clostridium perfringens/ baictéir sulfáitlaghdaithe spórdhéanta agus Cripteaspóiridiam).

Ós rud é gurb amhlaidh in aon saoráid athshlánúcháin ar leith go bhféadfaí an laghdú logartaim10 a cheanglaítear a dhéanamh trí phróisis éagsúla a chomhcheangal, ní féidir aon phrótacal aonair comhchuibhithe maidir le faireachán bailíochtaithe a shainaithint. Ina ionad sin, ba cheart do ghairmithe fuíolluisce an méid sin a shainmhíniú agus a chur chun feidhme le haghaidh gach cáis shonraigh.

Agus prótacal bailíochtúcháin á bhunú le haghaidh córas athúsáide uisce, leis an difríocht idir na tiúchain i bhfuíolluisce amh agus in aicme cháilíochta an spriocuisce, cinnfear an líon agus an leibhéal cóireálacha is gá (Fíor 5).

Le haghaidh próisis sheanbhunaithe, is minic a bhíonn luachanna réamhshocraithe le haghaidh baint logartaim10 ar fáil ó threoirlínte teicniúla, téacsleabhair agus sonraí foilsithe; le haghaidh próisis nuálacha, ba cheart prótacal tástála a dhearadh chun sonraí laghdúcháin logartaim10 a bhailiú.

Le Fíor 5 léirítear sampla de conas is féidir an sprioclaghdú logartaim10 ar E. coli a bhaint amach trí shuim cóireálacha iolracha. Is fiú a lua, cé go bhféadfadh sé go laghdófaí baictéir phataigineacha logartam áirithe le cóireálacha príomhúla agus tánaisteacha, is éard is cóireálacha dífhabhtúcháin agus threasacha ann na cinn atá bainteach leis an laghdú logartaim is airde agus ba cheart iad a shaintréithriú go cúramach.

Nuair a chuimsítear cóireálacha iolracha le córas, d’fhéadfaí luachanna bainte logartam a chinneadh le luachanna teicniúla nó le prótacail réamhthástála a dhéanamh ar an láthair nó lasmuigh den láthair. D’fhéadfaí anailís bhailíochtúcháin ar an láthair a dhéanamh ag an tsaoráid (nó na saoráidí) ansin, ar shamplaí ionraoin agus asraoin. Féadfar treoirlínte nó caighdeáin a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal eile, chun faireachán bailíochtaithe a chaighdeánú.

Fíor 5

Meastóireacht ar chóras athúsáide uisce ilbhacainne treallach chun E.coli a laghdú chuig an laghdú logartaim10 a cheanglaítear le haghaidh uisciú Aicme A (toimhdítear i dTábla 3.4 de Threoirlínte na hAstráile gurb ann do raonta laghdúcháin logartaim10 – féach Roinn 3.3.4)

Image 6

Nuair a bheidh na cóireálacha ag an tsaoráid athshlánúcháin sainaitheanta, is ann do straitéisí éagsúla chun faireachán bailíochtaithe a dhéanamh, lena mbaineann réamhthástálacha a dhéanamh go príomha lasmuigh den láthair agus ar an láthair. Is féidir aon cheann de na cuir chuige sin a úsáid le haghaidh bailíochtú. Mar sin féin, i gcás nach leor tástálacha lasmuigh den láthair, is féidir le tástáil ar an láthair a bheith ina gcomhlánú orthu. Chun ceanglais bhailíochtúcháin an Rialacháin a chomhlíonadh, ba leor ansin samplaí eisiltigh ionraoin agus asraoin a thástáil.

Leis na céimeanna seo a leanas léirítear conas prótacal réamhthástála a dhéanamh:

D’fhéadfaí sonraí feidhmíochta atá ar fáil maidir le cóireálacha in aghaidh táscairí miocróbacha a bhailiú ar dtús trí bhileoga sonraí teicniúla ó sholáthróirí, litríocht eolaíoch agus theicniúil fhoilsithe, treoirlínte ó údaráis reachtacha nó comhlachtaí gairmiúla, agus sonraí stairiúla a cheadú. Ar an mbealach sin chinnfí cé acu atá nó nach bhfuil aon phróiseas seanbhunaithe nó an gá nó nach gá réamhthástáil.

Má tá go leor sonraí teicniúla ar fáil chun a chruthú go gcomhlíonfar na ceanglais bhailíochtúcháin leis na cóireálacha, d’fhéadfadh sé nár ghá prótacal réamhthástála.

Mar sin féin, is gá fós an anailís a cheanglaítear le Tábla 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán a dhéanamh, le haghaidh faireachán bailíochtaithe le linn na céime tionscnaimh san eisilteach ionraoin agus asraoin, chun a chruthú go bhfuil laghduithe logartaim10 miocróbacha á mbaint amach.

D’fhéadfaí réamhthástálacha a dhéanamh le haghaidh an phróisis/na teicneolaíochta sonraí ar na horgánaigh is dúshlánaí le haghaidh gach grúpa táscairí miocróbacha (baictéir, víris agus protozoa), agus d’fhéadfaí iad a bhailíochtú ansin le haghaidh na ngrúpaí uile.

D’fhéadfadh sé go ndéanfaí tástálacha saotharlainne (lasmuigh den láthair) nó tástálacha píolótacha (lasmuigh den láthair nó ar an láthair) a chur chun feidhme le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha, chun paraiméadair dhearaidh shonracha a bhailiú nó nuair atá easpa sonraí ann maidir le feidhmíocht na teicneolaíochta.

Is féidir dearadh turgnamhach a fhorbairt bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil agus saineolas gairmithe fuíolluisce. D’fhéadfaí tástálacha saotharlainne a dhéanamh ar fhíor-fhuíolluisce nó, mura mbeidh an méid sin indéanta, is féidir tuaslagán a ullmhú le spriocorgánaigh spíceáilte. D’fhéadfaí tuilleadh anailíse a dhéanamh ar an láthair ansin chun barúlacha saotharlainne a dheimhniú.

Le haghaidh tástálacha ar an láthair, d’fhéadfadh na hoibreoirí saoráide athshlánúcháin faireachán bailíochtaithe a dhéanamh, tar éis an prótacal a bhunú. I gcás inar gá, d’fhéadfadh gairmithe neamhspleácha agus cáilithe tacaíocht a thabhairt dóibh freisin, chun formhaoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí. Ba cheart saotharlann neamhspleách agus dheimhnithe anailís a dhéanamh ar fhaireachán bailíochtaithe.

Le haghaidh faireachán miocróbach, tá sé tábhachtach anailís a dhéanamh ar líon samplaí atá bailí ó thaobh staidrimh de – trí cinn de shamplaí ar a laghad, mar sin, ag gach pointe sampla chun go bhféadfar meáin agus dialltaí caighdeánacha a ríomh.

Moltar gur cheart an diall caighdeánach a bheith níos ísle ná 1 logartam10 i measc na samplaí. Ba cheart na spriocanna feidhmíochta a chomhlíonadh le 90 % ar a laghad de na samplaí. Ba cheart minicíocht agus fad an fhaireacháin bailíochtaithe a bhunú ar bhonn an phrótacail a fhorbraítear le haghaidh an cháis shonraigh.

Murab ann d’aon táscaire bitheolaíoch san uisce athshlánaithe, níl gá leis na ceanglais bhailíochtúcháin. Go háirithe, mura bhfuil an táscaire miocróbach i láthair san fhuíolluisce amh, nó má tá sé i láthair ach ag tiúchan íseal, meastar go mbeidh an táscaire sin formheasta le faireachán bailíochtaithe.

3.3.3.   Samplaí d’fhaireachán bailíochtaithe

Roghnaíodh an cás seo a leanas ó Threoirlínte na hAstráile mar shampla de conas a d’fhéadfadh sé go ndéanfaí prótacal maidir le faireachán bailíochtaithe faoi cheanglais an Rialacháin.

Sa chás sin, beartaíodh barra sailéid a sprae-uisciú le huisce athshlánaithe ó UWWTP. Ceanglaíodh faireachán bailíochtaithe le linn choimisiúnú an ghléasra nua agus sular formheasadh an córas athúsáide uisce (ó thaobh an Rialacháin de, roimh chead a dheonú).

Sa sampla sin, níor dearadh an córas ar bhonn na gcaighdeán teicniúil atá ar fáil, dá réir sin ní raibh luachanna réamhshocraithe le haghaidh laghdú logartaim ar fáil. Dá bhrí sin, bhí gá le plean tástála ar scála saotharlainne agus píolótach chun sonraí feidhmíochta a fháil maidir le díghníomhú miocrób roghnaithe.

Leis an slabhra cóireála le haghaidh an chórais athúsáide uisce áiríodh: cóireáil thánaisteach, murlach, téachtadh, snámhacht agus scagachán aerthuaslagtha agus clóiríniú. Le Tábla 2 tuairiscítear na tiúchain tosaigh agus chríochnaitheacha ón anailís a rinneadh. Mar thagairt, leis an gcolún deireanach tuairiscítear na híoscheanglais faoin Rialachán.

Tábla 2

Torthaí faireacháin bailíochtaithe de réir sampla atá le fáil i dTreoirlínte na hAstráile

Miocrorgánaigh tháscacha (*2)

Tiúchan tosaigh i bhfuíolluisce amh

Tiúchan tosaigh i bhfuíolluisce cóireáilte

Laghdú logartaim iomlán

Sprioc feidhmíochta ón Rialachán

(Tábla 4 d’Iarscríbhinn I)

Cripteaspóiridiam

2 000 /lítear

< 1 /50  lítear

5  logartam

≥ 5  logartam

Giardia

20 000 /lítear

< 1 /50  lítear

N/B

N/B

Adanaivíris, reoviridae, eintrivíris, heipitíteas A

8 000 /lítear

< 1 /50  lítear

5,5  logartam

N/B

E. coli

N/B

< 1  CFU/100  mL

> 6  logartam

≥ 5  logartam

3.3.4.   Acmhainní breise

Toisc gur cheart nós imeachta um faireachán bailíochtaithe a dhearadh chun cóireálacha sonracha a chumhdach, tuairiscítear acmhainní seachtracha áirithe anseo chun go mbreathnóidh cleachtóirí fuíolluisce iad, chun cuidiú leo prótacal sonrach a chur chun feidhme.

Gné bhailíochtúcháin

Tagairt

Gnáthraonta laghdúcháin logartaim10 le haghaidh táscairí miocróbacha i bpróisis cóireála fuíolluisce thraidisiúnta (26)

Tábla 3.4, Caibidil 3, Australian Guidelines for Water recycling: Managing Health and Environmental Risks, 2006.

Tábla 1 - Global water pathogen project part four. Management of risk from excreta and waste water pathogen reduction and survival in complete treatment works, 2019

Metcalf & Eddy Inc., et al. Waste Water Engineering: Treatment and Resource Recovery. An 5ú heagrán, McGraw-Hill Professional, 2013.

Prótacail bhailíochtúcháin le haghaidh córais dífhabhtúcháin

ISO 20468-4 Guidelines for performance evaluation of treatment technologies for water reuse systems Part -4: UV Disinfection

USEPA. 2006. Ultraviolet Disinfection Guidance Manual for the Final Long Term 2 Enhanced Surface Water Treatment Rule. EPA 815-R-06-007. Gníomhaireacht na Stát Aontaitheum Chaomhnú an Chomhshaoil, Oifig an Uisce, Washington, DC. Gníomhaireacht na Stát Aontaitheum Chaomhnú an Chomhshaoil, Oifig an Uisce, Washington, DC. USEPA, 2005. Membrane Filtration Guidance Manual. EPA 815-R-06-009.Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um Chaomhnú an Chomhshaoil, Oifig an Uisce, Washington, DC.

Metcalf & Eddy Inc., et al. Waste Water Engineering: Treatment and Resource Recovery. An 5ú heagrán, McGraw-Hill Professional, 2013.W


(1)  Le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um an nGeilleagar Ciorclach (COM/2020/98 final) agus le straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide (COM/2021/82 final) tagraítear d’athúsáid uisce, ós rud é go bhféadfaí feabhas a chur ar chumas an Aontais freagairt do na brúnna méadaitheacha ar acmhainní uisce trí fhuíolluisce cóireáilte a athúsáid ar bhealach níos forleithne. I dteannta le huisciú, is féidir athúsáid uisce a chur i bhfeidhm go húsáideach san earnáil tionsclaíochta freisin, rud a rannchuidíonn leis na spriocanna a leagtar síos sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir athbhreithnithe maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (COM(2022) 156 final/2).

(2)  IO L 177, 5.6.2020, lch. 32.

(3)  D’fhéadfadh athúsáid uisce a bheith ina rannchuidiú leis an sprioc a bhaineann le lorg comhshaoil agus aeráide chóras bia an Aontais a laghdú, rud a leagtar amach sa Straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc” (COM/2020/381 final).

(4)  IO L 135, 30.5.1991, lch. 40, leis an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh ceanglaítear go n-athúsáidfí fuíolluisce cóireáilte aon uair is iomchuí. Tá an Treoir sin á hathbhreithniú faoi láthair ach leis an reachtaíocht a bheartaítear le haghaidh na todhchaí, tá coinne leis go dtreiseofar an nasc le cleachtas na hathúsáide uisce. Dá réir sin, le haon tagairt don Treoir seo san Fhógra seo amach anseo tagrófar don reachtaíocht athbhreithnithe a bheartaítear maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh.

(5)  Dá ngairtí roimhe seo Tascghrúpa Ad Hoc maidir le hAthúsáid Uisce, rud a cuireadh ar bun mar Mheitheal bhuan in 2022.

(6)  Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an ngrúpa sin: https://circabc.europa.eu/ui/group/9ab5926d-bed4-4322-9aa7-9964bbe8312d/library/3644e20b-f5c5-46de-9d2f-3d9efb965fac?p=1&n=10&sort=modified_DESC

(7)  Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2021/1119 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (IO L 243, 9.7.2021 lch. 1), Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia (IO L 338, 22.12.2005, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2017/625 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

(12)  Commission notice on guidance document on addressing microbiological risks in fresh fruits and vegetables at primary production through good hygiene [Fógra ón gCoimisiún maidir le treoirdhoiciméad i ndáil le haghaidh a thabhairt ar rioscaí micribhitheolaíocha i dtorthaí agus glasraí úra sa táirgeadh príomhúil trí dhea-shláinteachas] (IO C 163, 23.5.2017, lch. 1).

(13)  https://ec.europa.eu/environment/water/pdf/Guidelines_on_water_reuse.pdf.

(14)  R. Maffettone agus B. M. Gawlik (2022), Technical Guidance: Water Reuse Risk Management for Agricultural Irrigation Schemes in Europe [Treoraíocht Theicniúil: Bainistíocht Riosca Athúsáide Uisce le haghaidh Scéimeanna Uisciúcháin Talmhaíochta san Eoraip] An Coimisiún Eorpach, Lucsamburg, JRC 129596.

(15)  Géaréifeachtaí: éifeachtaí sláinte a tharlaíonn go mear de ghnáth, de dheasca nochtadh gearrthéarmach. Éifeacht ainsealach: éifeacht sláinte dhíobhálach de dheasca nochtadh fadtéarmach do shubstaint.

(16)  WHO Guidelines for the Safe Use of Wastewater, Excreta agus Greywater (EDS, 2006).

(17)  Catalóg acmhainne fionnuisce WISE – https://water.europa.eu/freshwater/data-maps-and-tools/metadata#surface-water-bodies-priority-substances-2nd-rbmp-overview-chart.

(18)  Caighdeáin Cáilíochta Comhshaoil – ECHA – https://echa.europa.eu/environmental-quality-standards.

(19)  An Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán – https://ec.europa.eu/environment/industry/stationary/e-prtr/legislation.htm.

(20)  FAO agus EDS, 2019. Safety and Quality of Water Used in Food Production and Processing – Meeting report. Microbiological Risk Assessment Sraith Uimh. 33 An Róimh – https://www.fao.org/3/ca6062en/CA6062EN.pdf.

(21)  R. Maffettone agus B. M. Gawlik (2022), Technical Guidance: Water Reuse Risk Management for Agricultural Irrigation Schemes in Europe [Treoraíocht Theicniúil: Bainistíocht Riosca Athúsáide Uisce le haghaidh Scéimeanna Uisciúcháin Talmhaíochta san Eoraip] An Coimisiún Eorpach, Lucsamburg, JRC 129596.

(22)  EDS, 2016. Quantitative Microbial Risk Assessment: Application for Water Safety Management. An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Ginéiv, an Eilvéis – https://apps.who.int/iris/handle/10665/246195.

(23)  Treoir 2009/90/CE lena leagtar síos, de bhun Threoir 2000/60/CE, sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce (IO L 201, 1.8.2009, lch. 36).

(24)  Féach Iarscríbhinn 4 le haghaidh samplaí d’achair idir codanna inite de na barra agus an talamh uiscithe.

(*1)  Gan dochar don reachtaíocht reatha agus do na treoirdhoiciméid atá i bhfeidhm cheana le haghaidh sábháilteacht bia agus sláinteachais. Tabhair faoi deara, de réir theorainneacha Fhíor 2, go dtiocfaidh deireadh leis an measúnú riosca ag an bpointe ag a dtáirgtear an barr.

(25)  baint 1-logartam = laghdú 90 % ar dhlús an spriocorgánaigh, baint 2-logartam = laghdú 99 %, baint 3-logartam = laghdú 99.9 %, etc.

(*2)  arna mbrath ag úsáid saothrán cille seachas i gcás heipitíteas A, rud a braitheadh ag úsáid an imoibrithe shlabhrúil polaiméaráise

(26)  Braitheann rátaí laghdúcháin ar dhálaí oibríochta sonracha, amhail tréimhsí coinneála, tréimhsí teagmhála, agus tiúchain na gceimiceán a úsáidtear, méid phóire, doimhneachtaí scagaire, réamhchóireáil agus fachtóirí eile. Níor cheart na raonta a thugtar a úsáid mar bhonn le haghaidh dearaidh nó rialála – tá siad ceaptha chun comparáidí coibhneasta a léiriú le linn dhearadh an phrótacail maidir le faireachán bailíochtúcháin.


IARSCRÍBHINN 1

Gluais

Úsáidtear na téarmaí seo a leanas go minic sa doiciméad seo agus tá siad le tuiscint mar a mhínítear thíos. Ní sainmhínithe dlíthiúla iad seo, cé is moite díobh sin dá dtagraítear faoi Airteagal 3 de Rialachán 2020/741 maidir le hathúsáid uisce, nó faoi Airteagal 2 de Threoir 91/271/CEE maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh.

Géarthocsaineacht: éifeacht dhíobhálach mhear (e.g. bás) a tharlaíonn de dheasca substaint in orgánach beo. Is féidir í a úsáid chun an nochtadh nó an fhreagairt ar nochtadh (éifeacht) a shainmhíniú [NRMMC–EPHC–AHMC, 2006].

Bacainn: aon mheán, lena n-áirítear céimeanna fisiceacha nó céimeanna a bhaineann le próiseas nó coinníollacha úsáide, lena ndéantar riosca ionfhabhtaithe don duine a laghdú nó a chosc trí theagmháil a chosc idir uisce athshlánaithe agus táirge atá le hionghabháil agus na daoine atá nochta go díreach, nó meáin eile lena laghdaítear, mar shampla, dlús na miocrorgánach san uisce athshlánaithe nó lena gcuirtear cosc orthu maireachtáil den táirge atá le hionghabháil [Airteagal 3 (12), Rialachán (AE) 2020/741].

Údarás inniúil: údarás nó comhlacht atá ainmnithe ag Ballstát chun a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh i dtaca le ceadanna a dheonú i ndáil le táirgeadh agus/nó soláthar uisce athshlánaithe, i dtaca le díolúintí do thionscadail taighde nó tionscadail phíolótacha, agus i dtaca le seiceálacha maidir le comhlíonadh [Airteagal 3 (1), Rialachán (AE) 2020/741].

Éilleán: substaint nó ábhar fisiciúil, ceimiceach, bitheolaíoch nó raideolaíoch in uisce. Le láithreacht éilleán, ní gá go léirítear go bhfuil riosca sláinte ag baint leis an uisce [ISO 20670:2018].

Blianta saoil a choigeartaítear ó thaobh an mhíchumais de (DALY): méadrach daonra de bhlianta saoil a chailltear de dheasca galair, arna shloinneadh mar an líon blianta a chailltear de dheasca drochshláinte, míchumais nó bás luath. I dTreoirlínte EDS 2006, is é an sprioc sláintebhunaithe mholta DALY 10-6 in aghaidh an duine in aghaidh na bliana [EDS, 2006a].

Dífhabhtú: próiseas lena ndéantar miocrorgánaigh a scriosadh, a dhíghníomhú nó a bhaint go sroichfear leibhéal iomchuí [ISO 20670:2018].

Measúnú ar dháileog agus freagairt: cinneadh an chaidrimh idir ollmhéid an nochta (dáileog) do ghníomhaí ceimiceach, bitheolaíoch nó fisiceach agus déine agus/nó minicíocht éifeachtaí sláinte díobhálacha comhlachaithe (freagairt) [EDS, 2006a].

Úsáideoir deiridh: duine nádúrtha nó duine dlítheanach, cibé acu eintiteas poiblí nó príobháideach, a úsáideann uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta [Airteagal 3 (2), Rialachán (AE) 2020/741].

Timpeallacht: an timpeallacht ina n-oibrítear córas athúsáide uisce, lena n-áirítear aer, uisce, talamh, acmhainní nádúrtha, flóra, fána, daoine agus a n-idirchaidrimh [ISO 20670:2018].

Nochtadh: teagmháil gníomhaí cheimicigh, fhisicigh nó bhitheolaíoch le teorainn sheachtrach orgánaigh (e.g. trí ionanálú, ionghabháil nó teagmháil dheirmeach) [EDS, 2016a]

Measúnú nochta: meastachán (cáilíochtúil nó cainníochtúil) ar ollmhéid, minicíocht, fad, bealach agus méid an nochta do mheán éillithe amháin nó níos mó [EDS, 2016a].

Barra farae: barra nach bhfuil lena dtomhailt ag an duine. Sampla: féarach agus foráiste, barra snáithín, ornáideacha, síl, foraoise agus féarthalamh nádúrtha [ISO 20670:2018]

Barra bia: barra lena dtomhailt ag an duine. Is minic a aicmítear barra bia a thuilleadh de réir cé acu atá nó nach bhfuil an barr bia le cócaráil, le próiseáil nó le tomhailt amh [ISO 20670:2018].

Guais: oibreán bitheolaíoch, cheimiceach, fhisiceach nó raideolaíoch a bhfuil d’acmhainn aici dochar a dhéanamh do dhaoine, d’ainmhithe, do bharra nó do phlandaí, do bhithraí talún eile, do bhithraí uisceacha, d’ithreacha nó don chomhshaol i gcoitinne [Airteagal 3 (7), Rialachán (AE) 2020/741].

Teagmhas guaiseach: teagmhas ina nochtar daoine do ghuais laistigh den chóras. Is féidir gurb é a bheidh ann teagmhas nó staid lena ndéantar an ghuais a thabhairt isteach nó a scaoileadh sa chomhshaol ina bhfuil daoine ina gcónaí nó ag obair; lena méadaítear tiúchan ghuaise; nó nach ndéantar guais a bhaint ón timpeallacht dhaonna leis ná léi [EDS, 2016a].

Riosca sláinte: teaglaim den dealraitheacht go dtarlódh díobháil don tsláinte agus déine na díobhála sin [ISO 20670:2018].

Measúnú riosca sláinte: faisnéis atá ar fáil a úsáid chun guaiseacha sláinte a shainaithint agus chun meastachán a dhéanamh ar an riosca sláinte [ISO 20670:2018 (modhnaithe chun críocha an Fhógra seo)].

Córas uisciúcháin: cóimeáil píopaí, comhpháirteanna, agus gaireas a shuiteáiltear sa ghort chun limistéar sonrach a uisciú [ISO 20670:2018].

Laghdú logartaim: éifeachtúlachtaí laghdúcháin orgánaigh: 1 aonad logartaim = 90 %;2 aonad logartaim = 99 %;3 aonad logartaim = 99.9 %; agus araile [EDS, 2016a].

Leibhéal nó tiúchan nach mbreathnaítear aon iarmhairt ina leith: an tiúchan nó an méid is mó de shubstaint, a aimsítear trí bhreathnú nó turgnamh a dhéanamh, nach gcruthaíonn aon éifeacht inbhraite[Gluais EEA, foinse: EDS, 2004)].

Pataigin:orgánaigh a chruthaíonn galair (e.g. baictéir, heilmintí, protozoa nó víris) [EDS, 2016a].

Truailleán: substaint ar féidir éifeacht dhíobhálach a bheith aici, aisti féin nó i dteannta substaintí eile nó trína táirgí díghrádúcháin nó trína hastaíochtaí, ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol [ISO 20670:2018].

Beart coisctheach: gníomh nó gníomhaíocht iomchuí lena féidir riosca sláinte nó comhshaoil a chosc nó a dhíothú, nó lena féidir riosca den sórt sin a laghdú chuig leibhéal inghlactha [Airteagal 3 (10) de Rialachán (AE) 2020/741].

Gabhdóir: eintiteas sainmhínithe atá leochaileach maidir le héifeacht dhíobhálach (nó éifeachtaí díobhálacha) substainte nó gníomhaí ghuaisigh.Sampla: seirbhísí daonna, ainmhithe, uisce, fásra, foirgnimh [ISO 20670:2018].

Uisce athshlánaithe: fuíolluisce uirbeach a cóireáladh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 91/271/CEE agus a thagann ó chóireáil bhreise i saoráid athshlánúcháin i gcomhréir le Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741 [Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) 2020/741].

Saoráid athshlánúcháin: gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó saoráid eile a dhéanann cóireáil bhreise ar fhuíolluisce uirbeach i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 91/271/CEE chun uisce a tháirgeadh atá oiriúnach le haghaidh úsáid a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741 [Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) 2020/741].

Oibreoir saoráide athshlánúcháin: duine nádúrtha nó duine dlítheanach, a dhéanann ionadaíocht d’eintiteas príobháideach nó údarás poiblí, a oibríonn nó a rialaíonn saoráid athshlánúcháin [Airteagal 3(6) de Rialachán (AE) 2020/741].

1 C.D. (coibhéis daonra): éileamh ocsaigine bithcheimicí 5 lá (BOD5) de 60 g ocsaigin in aghaidh an lae a bheith ag an lód in-bhithdhíghrádaithe orgánach[Airteagal 2(6), Treoir 91/271/CEE].

Pointe comhlíontachta: an pointe ina ndéanann oibreoir saoráide athshlánúcháin an t-uisce athshlánaithe a sheachadadh ar an gcéad ghníomhaí eile sa slabhra [Airteagal 3(11), Rialachán (AE) 2020/741].

Córas athúsáide uisce: an bonneagar agus eilimintí teicniúla eile is gá chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh, a sholáthar agus a úsáid; is é atá ann na heilimintí uile ó phointe iontrála an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh go dtí an pointe ina n-úsáidtear uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta, lena n-áirítear bonneagar dáileacháin agus stórála, i gcás inarb ábhartha [Airteagal 3(15), Rialachán (AE) 2020/741].

Riosca: an dealraitheacht go mbeadh guaiseacha sainaitheanta ina gcúis le díobháil i dtráthchlár sonraithe, lena n-áirítear déine na n-iarmhairtí [Airteagal 3(8), Rialachán (AE) 2020/741].

Measúnú riosca: próiseas chun an cineál riosca a thuiscint agus chun an leibhéal riosca a chinneadh [ISO 20670:2018].

Bainistíocht riosca: bainistíocht chórasach lena n-áirithítear go comhsheasmhach go bhfuil athúsáid uisce slán i gcomhthéacs sonrach [Airteagal 3(9), Rialachán (AE) 2020/741].

Páirtithe leasmhara: daoine aonair, grúpaí, eagraíochtaí nó gníomhaireachtaí, a bhfuil leas acu i ngníomhaíochtaí, forbairtí agus/nó cinntí maidir le hathúsáid uisce, a bhfuil baint acu iontu nó a ndéantar difear dóibh leo[ISO 20670:2018].

Teorainn an chórais: an teorainn ar laistigh di a dhéantar plean bainistíochta riosca a sheoladh [EDS, 2016b (arna mhodhnú chun críocha an Fhógra seo)].

Próiseas cóireála: próiseas aonaid a dheartar chun cáilíocht an uisce a chlaochlú trí mheán fisiceach, bitheolaíoch agus/nó ceimiceach [ISO 20670:2018].

Córas cóireála: tacar de phróisis cóireála aonaid idirghaolmhara nó idirghníomhacha [ISO 20670:2018].

Teicneolaíocht chóireála: próiseas aonaid cóireála fuíolluisce nó grúpa de phróisis aonaid chomhtháite a dheartar chun cáilíocht an uisce a chlaochlú trí mheán fisiceach, bitheolaíoch agus/nó cheimiceach [ISO 20670:2018].

Fuíolluisce uirbeach: fuíolluisce tí nó an meascán d’fhuíolluisce tí le fuíolluisce tionsclaíoch agus/nó uisce báistí a ritheann chun srutha [Airteagal 2(1), Treoir 91/271/CEE].

Gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh: saoráid a dheartar chun fuíolluisce uirbeach a chóireáil trí theaglaim de phróisis fhisiceacha, cheimiceacha agus bhitheolaíocha, chun uisce a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 91/271/CEE [Rialachán (AE) 2020/741] a tháirgeadh.

Cóireáil phríomhúil: fuíolluisce uirbeach a chóireáil trí phróiseas fisiceach agus/nó ceimiceach lena mbaineann solaid atá ar fuaidreamh a shocrú, nó trí phróisis eile ina laghdaítear BOD 5 an fhuíolluisce isteach 20 % ar a laghad roimh an sceitheadh agus ina laghdaítear iomlán na solad atá ar fuaidreamh san fhuíolluisce atá ag teacht isteach 50 % ar a laghad [Airteagal 2 (7), Treoir 91/271/CEE].

Cóireáil thánaisteach: cóireáil fuíolluisce uirbigh le próiseas lena mbaineann cóireáil bhitheolaíoch go ginearálta i dteannta socraíocht thánaisteach nó próiseas eile ina ndéantar na ceanglais a bhunaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/271/CEE a urramú [Airteagal 2(8), Treoir 91/271/CEE].

Cead: údarú i scríbhinn arna eisiúint ag údarás inniúil chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh nó a sholáthar le haghaidh uisciú talmhaíochta i gcomhréir leis an Rialachán seo [Airteagal 3(13), Rialachán (AE) 2020/741].

Páirtí freagrach: páirtí a dhéanann ról nó gníomhaíocht sa chóras athúsáide uisce, lena n-áirítear an t-oibreoir saoráide athshlánaithe, an t-oibreoir gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh i gcás nach ionann é agus an t-oibreoir saoráide athshlánaithe, an t-údarás ábhartha seachas an t-údarás inniúil ainmnithe, an t-oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe nó an t-oibreoir stórála uisce athshlánaithe [Airteagal 3(14), Rialachán (AE) 2020/741].

Tagairtí:

 

EDS, 1994. Assessing human health risks of chemicals: derivation of guidance values for health-based exposure limits (Environmental health criteria 170). An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Ginéiv, an Eilvéis.

 

EDS, 2016a. Quantitative Microbial Risk Assessment: Application for Water Safety Management. An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Ginéiv, an Eilvéis.

 

EDS, 2016b. Sanitation safety planning: manual for safe use and disposal of wastewater, greywater and excreta. An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Ginéiv, an Eilvéis.

 

ISO 20670, 2018. Water Reuse – Vocabulary. An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú, Ginéiv, an Eilvéis. Ar fáil lena cheadú.

 

Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce.

 

Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh.

 

NRMMC–EPHC–AHMC, 2006. Australian guidelines for water recycling: managing health and environmental risks (phase 1). National Water Quality Management Strategy. An Chomhairle Aireachta um Bainistíocht Acmhainní Nádúrtha, an Chomhairle Caomhnúcháin Comhshaoil agus Oidhreachta, Comhdháil Airí Sláinte na hAstráile. Canberra (an Astráil).


IARSCRÍBHINN 2

Sampla de ghuaiseacha sláinte agus comhshaoil agus bealaí nochta

Leis an Iarscríbhinn seo soláthraítear samplaí de ghuaiseacha coiteanna agus teagmhais ghuaiseacha, bealaí nochta agus gabhdóirí a fhéadfaidh a bheith i láthair i gcóras athúsáide uisce in uisciú talmhaíochta. Soláthraítear seicliosta léi freisin chun meastóireacht a dhéanamh ar an infheidhmeacht maidir le córas athúsáide uisce sonrach de threoracha agus rialacháin a liostaítear sa Rialachán. Roghnaítear na heilimintí sin ó threoracha agus rialacháin ábhartha de chuid an Aontais, agus ó chaighdeáin agus treoirlínte foilsithe (i.e. ISO 20426 (2018) (1), ISO 16075-1 (2020) (2), Treoirlínte EDS (2006) (3), Lámhleabhar EDS maidir le Pleanáil Sábháilteachta Sláinteachais (2016) (4), Treoirlínte na hAstráile (2006) (5)). Is é is aidhm dó sin samplaí a mholadh chun cúnamh a thabhairt le sainaithint na n-eilimintí sin a cheanglaítear chun measúnú riosca a fhorbairt. Níl sna heilimintí a thuairiscítear anseo ach samplaí: ní mór a sainaithint agus a measúnú ceart a bheith bunaithe ar an gcóras athúsáide uisce sonrach.

Treoracha agus rialacháin a liostaítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán

Tábla 2.1

Treoracha agus rialacháin a liostaítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II agus meastóireacht ar a gcur i bhfeidhm maidir le córas athúsáide uisce

Treoir/Rialachán

Ceanglais faoi Iarscríbhinn II, pointe 5

Infheidhmeacht

TREOIR 91/676/CEE MAIDIR LE NÍOTRÁITÍ

maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de dheasca níotráití ó fhoinsí talmhaíochta.

Truailliú uisce ó níotráití a laghdú agus a chosc.

Má shainaithnítear leis an measúnú riosca aon uisce dromchla agus screamhuisce a rialáiltear faoin Treoir seo (e.g. a shainaithnítear mar limistéar leochaileach maidir le níotráití) agus a d’fhéadfadh a bheith nochta de dheasca athúsáid uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta (e.g. trí rith chun srutha nó insíothlú, faoi seach).

TREOIR 2020/2184 MAIDIR LE hUISCE ÓIL

maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.

Na ceanglais maidir le limistéir faoi chosaint a chomhlíonadh le haghaidh uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, is iad sin limistéir faoi chosaint le haghaidh táirgeacht uisce óil (DWPAnna).

Má shainaithnítear leis an measúnú riosca uisce dromchla agus screamhuisce a aicmítear mar DWPAnna agus a d’fhéadfadh a bheith nochta de dheasca úsáid uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta (e.g. trí rith chun srutha nó insíothlú, faoi seach).

AN TREOIR RÉIME MAIDIR LE hUISCE 2000/60/CE

lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce.

Na cuspóirí comhshaoil maidir le huisce dromchla agus screamhuisce agus na caighdeáin cáilíochta comhshaoil le haghaidh truailleáin ar ábhair imní náisiúnta iad a chomhlíonadh (truailleáin shonracha in abhantracha) le haghaidh uisce dromchla

Má shainaithnítear leis an measúnú riosca rioscaí ionchasacha maidir le huisce dromchla agus screamhuisce (e.g. trí rith chun srutha nó insíothlú, faoi seach) ar sainaithníodh stádas ceimiceacha lena n-aghaidh (Stádas ceimiceach maith le haghaidh uisce dromchla agus Stádas ceimiceach maith le haghaidh screamhuisce).

TREOIR 2006/118/CE MAIDIR LE SCREAMHUISCE

maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath

Truailliú screamhuisce a chosaint.

Má shainaithnítear leis an measúnú riosca acmhainní screamhuisce a rialáiltear faoin Treoir seo a d’fhéadfadh a bheith nochta de dheasca úsáid uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta.

AN TREOIR MAIDIR LE CAIGHDEÁIN CÁILÍOCHTA COMHSHAOIL

2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce

Na caighdeáin cáilíochta comhshaoil a chomhlíonadh le haghaidh substaintí tosaíochta agus truailleáin áirithe eile.

Má shainaithnítear leis an measúnú riosca uiscí dromchla (nó dríodair agus bithraí) a d’fhéadfadh a bheith nochta d’úsáid uisce athshlánaithe (e.g. trí rith chun srutha) ar lena n-aghaidh a bhunaítear substaintí tosaíochta agus caighdeáin cáilíochta comhshaoil (EQS) laistigh de phlean bainistíochta abhantraí (RBMP).

TREOIR 2006/7/CE UM UISCE SNÁMHA

maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú

Na caighdeáin maidir le cáilíocht uisce snámha a chomhlíonadh

Má shainaithnítear leis an measúnú riosca dobharlaigh a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí snámha agus a d’fhéadfadh a bheith nochta d’úsáid uisce athshlánaithe (e.g. trí rith chun srutha).

TREOIR 86/278/CEE MAIDIR LE SLODA SÉARACHAIS

maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, nuair a úsáidtear sloda séarachais sa talmhaíocht

An comhshaol agus an ithir a chosaint.

Má úsáidtear sloda séarachais i ngort talmhaíochta an chórais athúsáide uisce.

Rialachán (CE) Uimh. 852/2004

maidir le sláinteachas earraí bia

Aghaidh a thabhairt ar rioscaí micribhitheolaíocha i dtorthaí agus glasraí úra sa táirgeadh príomhúil trí dhea-chleachtais sláinteachais.

Má bhaintear úsáid as an ngort talmhaíochta a uiscítear le huisce athshlánaithe chun torthaí agus glasraí úra a tháirgeadh.

Rialachán (CE) Uimh. 183/2005

lena leagtar síos ceanglais le haghaidh sláinteachas beatha ainmhithe

Na ceanglais maidir le sláinteachas beatha ainmhithe a chomhlíonadh.

Má úsáidtear an gort talmhaíochta a uiscítear le huisce athshlánaithe chun beatha a tháirgeadh (e.g. barra neamhbhia lena n-áirítear barra a úsáidtear chun ainmhithe a tháirgeann bainne nó feoil a bheathú).

Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005

maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia

Na critéir mhicribhitheolaíocha ábhartha a chomhlíonadh.

Má úsáidtear an gort talmhaíochta a uiscítear le huisce athshlánaithe chun earraí bia a tháirgeadh.

Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006

lena socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia

Na ceanglais a chomhlíonadh maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia.

Má úsáidtear an gort talmhaíochta a uiscítear le huisce athshlánaithe chun earraí bia a tháirgeadh.

Rialachán (CE) Uimh. 396/2005

maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin

Na ceanglais maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin a chomhlíonadh.

Má úsáidtear an gort talmhaíochta a uiscítear le huisce athshlánaithe chun go dtáirgfear earraí bia agus beatha ainmhithe ar a gcuirtear lotnaidicídí.

Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 agus (AE) Uimh. 142/2011

lena leagtar síos ceanglais maidir le sláinte ainmhithe

Na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a chomhlíonadh

Dá bhféadfaí difear a dhéanamh do shláinte ainmhithe (beatha nó nochtadh sa ghort) le húsáid uisce athshlánaithe.

Teagmhais ghuaiseacha agus bealaí nochta

Teagmhais ghuaiseacha agus bealaí nochta le haghaidh gach gabhdóra a d’fhéadfadh a bheith nochta (an duine nó an comhshaol i mbaol), ba cheart iad a shainaithint ag gach céim de chóras athúsáide uisce. D’fhéadfadh sé go dtarlódh teagmhais ghuaiseacha le linn gnáthoibríochtaí córais (e.g. bonneagar lochtach, rólódáil an chórais, easpa cothabhála, iompraíocht neamhshábháilte), de dheasca teip córais nó timpiste, nó is féidir go mbeidh baint acu le dálaí séasúracha nó aeráide. Le Tábla 2.2 soláthraítear roinnt samplaí de theagmhais ghuaiseacha i dteannta gabhdóirí a d’fhéadfadh a bheith nochta agus bealaí nochta. Tugtar tuairisc ar shamplaí breise sna caighdeáin agus sna treoirlínte molta.

Tábla 2.2

Samplaí de theagmhais ghuaiseacha, gabhdóirí a d’fhéadfadh a bheith nochta agus bealach nochtaí i gcóras athúsáide uisce (Foinse: Treoirlínte na hAstráile (2006), ISO 20426, (2018))

Teagmhas guaiseach

Gabhdóir nochta

Bealach nochta

Teipeanna cóireála

Sceití tionóisceacha nó neamhdhleathacha

Oibrithe (oibreoirí saoráide athshlánúcháin)

Úsáideoirí deiridh (feirmeoirí)

Seallaigh

Comhshaol (fionnuiscí, uisce mara, ithir agus bithraí gaolmhara)

Barra

Teagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe

Ionghabháil thionóisceach

Ionsú chuig barra

Neamhchomhlíonadh uisce athshlánaithe de dheasca teip cóireála

Éilliú an chórais stórála agus dáileacháin

Oibrithe (oibreoirí saoráide athshlánúcháin)

Úsáideoirí deiridh (feirmeoirí)

Comhshaol (fionnuiscí, uisce mara, ithir agus bithraí gaolmhara)

Teagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe

Ionghabháil thionóisceach

Insíothlú chuig screamhuisce

Rith chun srutha chuig uisce dromchla

Nochtadh tionóisceach d’uisce athshlánaithe de dheasca an dearaidh agus timpistí oibriúcháin: pléascadh píopaí nó sceití, uainiú uisciúcháin neamh-leordhóthanach

Oibrithe (oibreoirí saoráide athshlánúcháin)

Úsáideoirí deiridh (feirmeoirí)

Seallaigh - Comhshaol (fionnuiscí, uisce mara, ithir agus bithraí gaolmhara)

Teagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe

Ionghabháil thionóisceach

Sceití ó phíblínte uisce athshlánaithe nó córais dáileacháin

Comhshaol (fionnuiscí, uisce mara, ithir agus bithraí gaolmhara)

Insíothlú chuig screamhuisce

Rith chun srutha chuig uisce dromchla

Nochtadh tionóisceach d’uisce athshlánaithe de dheasca teipeanna córais úsáide deiridh

Úsáideoirí deiridh (feirmeoirí)

Seallaigh

Barra

Teagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe

Ionghabháil thionóisceach

Ionanálú (aerasóil)

Earráidí daonna de dheasca oiliúint agus faisnéis neamh-leordhóthanach maidir le húsáid cheadaithe

Úsáideoirí deiridh (feirmeoirí)

Seallaigh

Barra

Teagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe

Ionghabháil thionóisceach

Éilliú barr

Guaiseacha sláinte agus comhshaoil in uisce athshlánaithe

D’fhéadfadh sé gurbh é a thiocfadh as teagmhais ghuaiseacha scaoileadh uisce athshlánaithe ina bhfuil substaintí miocróbacha agus ceimiceacha a d’fhéadfadh a bheith ina nguaiseacha le haghaidh na ngabhdóirí daonna agus comhshaoil nochta. Ba cheart sainaithint guaiseacha in uisce athshlánaithe a bheith bunaithe ar an gcóras athúsáide uisce sonrach, i bhfianaise shaintréithriú an eisiltigh fuíolluisce uirbigh agus aon cheanglas dlíthiúil is infheidhme sa chomhthéacs ina bhfuil an córas athúsáide uisce lonnaithe (féach Fíor 3 den Fhógra seo). D’fhéadfadh céim scagleibhéil a bheith ina cuidiú chun guaiseacha a shainaithint trí na héilleáin a aimsítear san uisce athshlánaithe sonrach a mheaitseáil leis na luachanna tairsí le haghaidh na n-éilleán sin a leagtar amach sna treoracha, sna rialacháin agus sna treoirlínte is infheidhme. Leis na táblaí thíos soláthraítear samplaí ar conas scagadh a dhéanamh ar ghuaiseacha ionchasacha: tá an liosta substaintí de chineál táscach amháin, agus níor cheart a mheas gur liosta uileghabhálach é. Is iad forbróirí an phlean bainistíochta riosca atá freagrach as aon ghuais a shainaithint le haghaidh an chórais athúsáide uisce shonraigh.

Le Tábla 2.3 tuairiscítear liosta pataiginí miocróbacha agus a bpataiginí tagartha a mholtar le haghaidh measúnú riosca sláinte ó chaighdeáin agus treoirlínte ábhartha, a fhéadfaidh a bheith ábhartha de réir an chomhthéacs áitiúil. D’fhéadfadh sé go mbeadh na guaiseacha sin eagraithe i ngrúpaí agus go mbeadh an measúnú riosca bunaithe ar an bpataigin tagartha. Leagtar amach ceanglais mhiocróbacha eile sna rialacháin is infheidhme maidir le sláinteachas beatha agus bia (Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, Rialachán (CE) Uimh. 183/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005, agus Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006).

Tábla 2.3

Liosta de ghuaiseacha miocróbacha a bhraitear go hiondúil i bhfuíolluisce amh agus a n-éifeacht ar an tsláinte agus ar phataiginí tagartha (Tábla A.1 de ISO 20426:2018)  (7)

Pataigin

Samplaí

Galar

Pataigin tagartha  (6)

Baictéir

Shigella

Sigeallóis (dinnireacht bhachaillíneach)

E. coli O157:H7

Campalabaictéar

Salmonella

Salmanallóis, gaistreintríteas (buinneach, urlacan, fiabhras), airtríteas frithghníomhach, fiabhras tíofóideach

Vibrio cholera

Calar

E.coli pataigineach

Gaistreintríteas agus seipticéime, siondróm úiréimeach haemalaíoch

Campalabaictéar

Gaistreintríteas, airtríteas frithghníomhach, siondróm Guillain-Baré

Protozoa

Entamoeba

Aiméibiáis (dinnireacht aiméibeach)

Cripteaspóiridiam

Giardia

Giairdiáis (gaistreintríteas)

Cripteaspóiridiam

Cripteaspóiriodóis, buinneach, fiabhras

Heilmintí

Ascaras

Ascariasis (ionfhabhtú cruinnphéiste)

Néimeatóidí stéigeacha (uibheacha heilminte)

Ancylostoma

Ancylostomiasis (ionfhabhtú péiste crúcaí)

Necator

Necatoriasis (ionfhabhtú cruinnphéiste)

Trichuris

Trichuriasis (ionfhabhtú fuip-phéiste)

Víris

Eintrivíris

Gaistreintríteas, aimhrialtachtaí croí, meiningíteas, tinneas riospráide, néar-neamhoird, eile

Rótaivíreas

Adanaivíreas

Galar riospráide, ionfhabhtú súl, gaistreintríteas

Rótaivíreas

Gaistreintríteas

Le húsáid uisce athshlánaithe ó eisiltigh gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh le haghaidh úsáid talmhaíochta, d’fhéadfaí difear a dhéanamh do cháilíocht uiscí lena n-úsáid ag an duine agus stádas éiceachóras uisceach (féach Fíor 3 den Fhógra seo ón gCoimisiún). Sainmhínítear cuspóirí cáilíochta dobharlach i reachtaíocht an Aontais chun sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus an comhshaol a chosaint. Cinntear caighdeáin cháilíochta, mar shampla, le haghaidh táscairí drólannacha in uisce snámha, le haghaidh cothaithigh (nítrigin, fosfar), éileamh ocsaigine bithcheimicí (BOD) agus substaintí ceimiceacha sna héiceachórais uisceacha, agus le haghaidh níotráití agus ceimiceáin i bhfoinsí uisce a úsáidtear chun uisce óil a tháirgeadh.

Le Tábla 2.4 tugtar forbhreathnú ar theorainneacha miocróbacha ón Treoir maidir le hUisce Snámha. D’fhéadfadh sé go gceadófaí na paraiméadair sin dá sainaithneofaí le measúnú riosca ionchasach maidir le héilliú dobharlaigh a chosnaítear faoin Treoir seo.

Tábla 2.4

Caighdeáin cháilíochta le haghaidh eintreacocas stéigeach agus E. coli a leagtar síos sa Treoir maidir le hUisce Snámha (2006/7/CE)

 

Eintreacocas stéigeach (CFU/100 ml)

E. coli (CFU/100 ml)

Aicme cháilíochta

Uiscí intíre

Uiscí cósta agus trasdultacha

Uiscí intíre

Uiscí cósta agus trasdultacha

Den scoth

200  (8)

100  (8)

500  (8)

250  (8)

Go maith

400  (8)

200  (8)

1 000  (8)

500  (8)

Sásúil

330  (9)

185  (9)

900  (9)

500  (9)

Foinse: Treoir 2006/7/CE; roghnaithe in JRC (2019) ()

Má tá an córas athúsáide uisce lonnaithe gar do limistéir faoi chosaint le haghaidh uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, ní mór anailís chúramach a dhéanamh ar aon riosca de dheasca insíothlú agus rith chun srutha. Ní mór gach beart is gá a dhéanamh freisin chun oibleagáidí na Treorach Réime maidir le hUisce agus ceanglais Threoir 2020/2184 maidir le hUisce Óil a chomhlíonadh. Cleachtais bhainistíochta chun foinsí uisce óil a chosaint, is féidir teacht orthu in ISO 16075–3, Roinn 6.6.

Le Tábla 2.5 cuirtear i láthair liosta paraiméadar a roghnaítear ón Treoir maidir le hUisce Óil a d’fhéadfadh a bheith i láthair in eisilteach ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh. Is liosta táscach é sin de thruailleáin a d’fhéadfaí a úsáid chun scagadh a dhéanamh ar aon ghuais a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh acmhainní uisce óil, i dteannta shaintréithriú na bhfoinsí fuíolluisce agus, mar shampla, láithreacht gléasraí tionscail sa limistéar. D’fhéadfaí cur chuige comhchosúil a úsáid chun scagadh a dhéanamh ar aon ghuais a d’fhéadfadh a bheith ann eile atá i láthair san uisce athshlánaithe agus lena bhféadfaí difear a dhéanamh do mheáin chomhthimpeallacha eile. Mar shampla, is féidir liosta truailleán na Treorach maidir le Caighdeáin Cáilíochta Comhshaoil (EQS) a cheadú freisin. Déantar sampla de thruailleáin ó Threoir EQS ar a bhféadfaí teacht in eisiltigh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a leagan amach i dTábla 2.6.

Tábla 2.5

Samplaí de pharaiméadair cheimiceacha áirithe a liostaítear sa Treoir maidir le hUisce Óil agus a d’fhéadfadh a bheith i láthair i bhfuíolluisce uirbeach

Paraiméadar

Luach

Níotráit (NO3)

50  mg/L

Copar

2,0  mg/L

Úráiniam

30  μg/L

Cróimiam

25  μg/L

Nicil

20  μg/L

Arsanaic, Tríchlóireitiléin agus Teitreaclóireitéin

10  μg/L

Seiléiniam

20  μg/L

Caidmiam, Luaidhe

5  μg/L

Antamón

10  μg/L

1, 2 - déchlóireatán

3  μg/L

Mearcair, Beinséin

1,0  μg/L

Clóiríd vinile

0,50  μg/L

Iomlán PFAS (iomlán na substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile)

0,50  μg/L

Suim PFAS (suim na substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile a mheastar gur ábhar imní iad a mhéid a bhaineann le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine)

0,10  μg/L

Aicriolaimíd, hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna), Eipeaclóraihidrin

0,10  μg/L

Beinsi[a]piréin

10  ng/L

Bisfeanól A,

2,5  μg/L

Iomlán Tríhalaimeatán

100  μg/L

Aigéid halaicéiteacha (HAAnna)

60  μg/L

Foinse: Iarscríbhinn I, Cuid B de Threoir 2020/2184 (Íoscheanglais maidir leis na luachanna paraiméadracha a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine). Roghnaithe in JRC (2019) agus oiriúnaithe i bhfianaise athbhreithnithe ar an Treoir nua maidir le hUisce Óil agus substaintí a bhféadfaí teacht orthu tar éis dífhabhtú.

Le Treoir 2020/2184 soláthraítear sásra liosta faire chun aghaidh a thabhairt ar chomhdhúile ar ábhair imní iad atá ag teacht chun cinn, amhail comhdhúile lena suaitear an córas inchríneach, cógaisíocht agus micreaphlaistigh. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 19 Eanáir 2022 bunaítear, le haghaidh an liosta faire substaintí agus comhdhúile ar ábhair imní iad le haghaidh uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, na comhdhúile seo a leanas lena suaitear an córas inchríneach:

17-béite-éastraidé-ól ≤ 1 ng/L

naoinilfeanól: ≤ 300 ng/L


Tábla 2.6

Sampla de thruailleáin tosaíochta a liostaítear sa Treoir maidir le Caighdeáin Cáilíochta Comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith i láthair i bhfuíolluisce uirbeach (11)

Paraiméadar

Meánluach bliantúil (μg/L)

Uastiúchain incheadaithe (μg/L)

fliuchmheáchan μg/kg

 

Uiscí dromchla intíre (12)

Uiscí dromchla eile

Uiscí dromchla intíre (12)

Uiscí dromchla eile

Bithraí

Antraicéin

0,1

0,1

0,1

0,1

-

Beinséin

10

8

50

50

-

Éitir dhéfheinile bhróimínithe

(suim na dtiúchan d’uimhreacha comhaicmeacha 28, 47, 99, 100, 153 agus 154)

-

-

0,14

0,14

0,0085

Caidmiam agus a chomhdhúile (de réir na n-aicmí cruais uisce)

0,08 go 0,25

0,2

0,45 go 1,5

0,45 go 1,5

-

Clóralcáin C10-13

(Ní sholáthraítear aon pharaiméadar táscach le haghaidh an ghrúpa substaintí sin. Ní mór an paraiméadar táscach (nó na paraiméadair tháscacha) a shainmhíniú tríd an modh anailíseach)

0,4

0,4

1,4

1,4

-

1,2-Déchlóireatán

10

10

neamhbhainteach

neamhbhainteach

-

Déchlóraimeatán

20

20

neamhbhainteach

neamhbhainteach

-

Dé(2-eitilheicsil)-thaláit (DEHP)

1,3

1,3

neamhbhainteach

neamhbhainteach

-

Fluaraintéin

0,0063

0,0063

0,12

0,12

30

Heicseaclóraibeinséin

-

-

0,05

0,05

10

Heicseaclóra-bútaidh-éin

-

-

0,6

0,6

55

Luaidhe agus a comhdhúile

1,2  (tiúchain bhith-infhaighte de na substaintí)

1,3

14

14

-

Mearcair agus a chomhdhúile

-

-

0,07

0,07

20

Naftailéin

2

2

130

130

-

Nicil agus a comhdhúile

4

(tiúchain bhith-infhaighte de na substaintí)

8,6

34

34

-

Naoinilfeanóil (4-Naoinilfeanól)

0,3

0,3

2,0

2,0

-

Ochtailfeanóil ((4-(1,1′,3,3′-teitrimeitilbúitil)-feanól))

0,1

0,01

neamhbhainteach

neamhbhainteach

-

Peinteaclóraibeinséin

0,007

0,0007

neamhbhainteach

neamhbhainteach

-

Beinsi(a)piréin HIA (13)

1,7 × 10–4

1,7 × 10–4

0,27

0,027

-

Comhdhúile tríbhúitiltine (caitian tríbhúitiltine)

0,0002

0,0002

0,0015

0,0015

-

Tríchlóraibeinséiní

0,4

0,4

neamhbhainteach

neamhbhainteach

-

Tríchlóraimeatán

2,5

2,5

neamhbhainteach

neamhbhainteach

-

Aigéad sulfónach sárfhluarochtáin agus a dhíorthaigh (PFOS)

6,5 × 10–4

1,3 × 10–4

36

7,2

9,1

Heicseabrómaiciogladóideacáin (HBCDD)

0,0016

0,0008

0,5

0,05

167

Foinse: Treoir EQS 2013/39/AE; arna roghnú in JRC, 2019.

Le measúnú guaise d’fhéadfaí a áireamh an mheastóireacht ar stádas cáilíochta ceimiceach screamhuisce agus uisce dromchla, na Limistéir Leochaileacha Níotráite ainmnithe, agus na truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantrach (RBSPanna).

Leis na hacmhainní a thuairiscítear i dTábla 2.7 d’fhéadfaí cabhair a thabhairt dóibh sin atá freagrach as an bplean bainistíochta riosca chun faisnéis a bhailiú atá ábhartha leis an gcóras athúsáide uisce sonracha agus leis an gcomhthéacs áitiúil.

Tábla 2.7

Foinsí sonraí ar líne

Foinse

Faisnéis atá ar fáil

Nasc

Tacar Sonraí Spásúil de Limistéir faoi Chosaint WISE maidir leis an Treoir Réime maidir le hUisce

Limistéir uisce óil faoi chosaint

Limistéir ainmnithe, amhail limistéir éisc faoi chosaint agus limistéir sliogéisc faoi chosaint.

Limistéir leochaileacha níotráití

Limistéir íogaire fuíolluisce uirbigh

Limistéir uisce snámha faoi chosaint

https://sdi.eea.europa.eu/catalogue/water/eng/catalog.search#/home

Tacar Sonraí Spásúil WISE maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol

Faisnéis maidir le ceantair abhantraí Eorpacha, fo-aonaid ceantar abhantraí, dobharlaigh dhromchla, dobharlaigh screamhuisce agus stáisiúin faireacháin.

https://www.eea.europa.eu/data-and-maps/data/wise-eionet-spatial-3

Léarscáil Eilimintí Cáilíochta WISE maidir leis an Treoir Réime maidir le hUisce

Faisnéis ón dara Plean Bainistíochta Abhantraí (RBMP) arna tuairisciú ag Ballstáit an Aontais agus ag an Iorua de réir Airteagal 13 den Treoir Réime maidir le hUisce (WFD). Leis an léarscáil léirítear stádas éiceolaíoch nó poitéinseal dobharlach dromchla bunaithe ar luach a stádais eilimintí cáilíochta.

https://www.eea.europa.eu/data-and-maps/explore-interactive-maps/water-framework-directive-quality-elements

Bunachar sonraí WISE maidir le Stádas Ceimiceach Screamhuisce

Faisnéis maidir le stádas ceimiceach screamhuisce (maith, anaithnid, lag) de réir RBMP agus na tíre.

https://water.europa.eu/freshwater/data-maps-and-tools/water-framework-directive-groundwater-data-products/groundwater-chemical-status

Córas Faisnéise Fionnuisce WISE

Faisnéis agus sonraí maidir le staid aibhneacha, lochanna, screamhuisce na hEorpa, maidir leis na brúnna lena ndéantar difear dóibh, maidir leis na bearta agus na gníomhaíochtaí a rinneadh chun an comhshaol uisceach a chosaint agus a chaomhnú.

https://water.europa.eu/freshwater

Mol Eolais maidir le hUisce agus Talmhaíocht

Uirlis Faisnéise maidir le hUisce agus Talmhaíocht:

Cáilíocht Uisce Dromchla

Cáilíocht Screamhuisce

Stádas éiceolaíoch dobharlach

Stádas ceimiceach dobharlach

https://water.jrc.ec.europa.eu/

Bunachar sonraí na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) maidir le Caighdeáin Cáilíochta Comhshaoil

Caighdeáin cáilíochta comhshaoil (EQS), lena n-áirítear meáin bhliantúla agus uastiúchain incheadaithe, le haghaidh substaintí tosaíochta agus truailleáin áirithe eile, mar a fhoráiltear in Airteagal 16 de Threoir 2000/60/CE

https://echa.europa.eu/environmental-quality-standards

An Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (E-PRTR)

Sonraí comhshaoil ó shaoráidí tionsclaíocha i mBallstáit an Aontais

https://ec.europa.eu/environment/industry/stationary/e-prtr/legislation.htm

An Bunachar Sonraí Guaiseacha Ceimiceacha OpenFoodTox de chuid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (ÚESB)

Sonraí foinse oscailte le haghaidh saintréithriú substaintí, reachtaíocht chúlra Eorpach, agus achoimre ar na críochphointí agus luachanna tagartha tocsaineolaíocha criticiúla.

https://www.efsa.europa.eu/en/data-report/chemical-hazards-database-openfoodtox

Guaiseacha agranamaíocha in uisce athshlánaithe

Le Tábla 2.8 léirítear roinnt guaiseacha agranamaíocha a d’fhéadfadh a bheith i láthair in uisce athshlánaithe lena bhféadfaí difear a dhéanamh d’ithir, acmhainní fionnuisce agus barra le linn uisciú. Tá na guaiseacha sin bainteach le substaintí ceimiceacha in uisce athshlánaithe.

Tábla 2.8

Príomhghuaiseacha comhshaoil, gabhdóirí comhshaoil agus éifeacht dhiúltach ionchasach uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta (foinse: Treoirlínte na hAstráile, 2006, ISO 16075-1: 2020)

Guais

Gabhdóir comhshaoil

Éifeacht ionchasach

Nítrigin

Ithir

Screamhuisce (láisteadh)

Uisce dromchla (rith chun srutha)

Barr

Éagothroime cothaitheach i mbarra; eotrófú; éifeacht thocsaineach ar bhithraí talún

Éilliú

Eotrófú

Fosfar

Ithir

Uisce dromchla

Eotrófú/éifeacht thocsaineach ar bhithraí

Eotrófú

Iarmharaigh dífhabhtúcháin clóirín

Uisce dromchla

Barr

Tocsaineacht maidir le bithraí uisceacha

Tocsaineacht barr

Salandacht (solaid thuaslagtha iomlána, seoltacht leictreach)

Ithir (salannú)

Uisce dromchla

Screamhuisce

Damáiste ithreach; strus barr; tógáil caidmiam na mbarr

Méadú ar shalandacht

Bórón

Ithir (carnadh)

Tocsaineacht barr

Clóiríd

Barr

Ithir

Uisce dromchla

Screamhuisce (láisteadh)

Tocsaineacht barr (spraeáilte ar dhuilleoga)

Tocsaineacht barr trí thógáil fréamhacha

Tocsaineacht maidir le bithraí uisceacha

Sóidiam

Barr

Ithir

Tocsaineacht barr (spraeáilte ar dhuilleoga)

Damáiste ithreach (tocsaineacht barr)

Truailleáin inasúite neamhorgánacha (e.g. miotail throma)

Carnadh ithreach

Tocsaineacht barr

Tá luachanna tagartha na bparaiméadar sin ag brath ar an gcomhthéacs áitiúil (e.g. an cineál ithreach, aigéadacht na hithreach, dálaí aeráide, an cineál barr uiscithe agus a bhfulaingt). D’fhéadfadh reachtaíocht agus caighdeáin tagartha is infheidhme a bheith ina gcuidiú chun aon uastiúchan incheadaithe ar na guaiseacha sainaitheanta sonracha a shainaithint. Is féidir teacht ar shamplaí de rioscaí comhshaoil agus agranamaíocha a bhaineann le barra agus ithreacha in ISO 16075-1 (2020). Is féidir Iarscríbhinní B agus C de ISO 16075-1 (2020) a cheadú le haghaidh léiriú ar chaighdeáin ghuaiseacha chomhshaoil agus bainistíocht riosca in uisciú talmhaíochta ag úsáid uisce athshlánaithe. Ar an bhfaisnéis atá ar fáil tá:

Forbhreathnú ar rioscaí a bhaineann le hithir (Tábla B.2) – e.g. slógadh truailleán inasúite neamhorgánach, salannú ithreach, teilgean an chisil ithreach uachtaraigh, slógadh bóróin, carnadh agus soghluaisteacht fosfair.

Samplaí d’uasleibhéil cothaitheach i bhfuíolluisce cóireáilte a úsáidtear le haghaidh uisciú (Tábla C.1); sampla d’uas-seoltacht leictreach uisce uisciúcháin, de réir fulaingt plandaí, nuair a dhéantar é a uisciú le spraeáil lastuas (Tábla C.2); sampla d’fhulaingt choibhneasta barr roghnaithe ar ghortú duilleach ó uisce sailíne arna chur le spréirí lastuas (Tábla C.3); éifeacht chomhcheangailte seoltachta leictrí uisce uisciúcháin agus cóimheasa asúcháin sóidiam (SAR) ar dhealraitheacht fadhbanna uisce insíothlúcháin (tréscaoilteacht) (Tábla C.4); sampla d’uasleibhéil fachtóirí salandachta i bhfuíolluisce cóireáilte a úsáidtear le haghaidh uisciú de réir íogaireacht barr (Tábla C.5).

Sampla de mheánluach agus uasluach eilimintí ceimiceacha eile i bhfuíolluisce cóireáilte (Tábla C.6.): tuairiscítear ann luachanna molta in uisce athshlánaithe ar dhealraitheacht go mbeadh sé ina chúis le tocsaineacht chuig na plandaí, ionsú farasbairr na mbarr agus carnadh leibhéal tocsaineach eilimintí ceimiceacha eile i bhfíocháin phlanda, agus gluaiseacht eilimintí ceimiceacha eile sa screamhuisce.


(1)  ISO 20426:2018. Guidelines for health risk assessment and management for non-potable water reuse.

(2)  ISO 16075-1, 2020. Guidelines for treated wastewater use for irrigation projects. Part 1: the basis of a reuse project for irrigation.

(3)  EDS, 2006. WHO Guidelines for the safe use of wastewater, excreta agus greywater – Vol II: Wastewater use in agriculture.

(4)  EDS, 2016. Sanitation safety planning: manual for safe use and disposal of wastewater, greywater and excreta.

(5)  NRMMC–EPHC–AHMC, 2006. Australian guidelines for water recycling: managing health and environmental risks (phase 1). National Water Quality Management Strategy.

(6)  Foinse: Minimum quality requirements for water reuse in agricultural irrigation and aquifer recharge, JRC (2017)

(7)  JRC, 2017. Minimum quality requirements for water reuse in agricultural irrigation and aquifer recharge. JRC Science for Policy Report.

(8)  An 95ú peircintíl de thiúchain thomhaiste.

(9)  An 90ú peircintíl de thiúchain thomhaiste.

(10)  JRC, 2019. Water quality in Europe: effects of the Urban Wastewater Treatment Directive. JRC Science for Policy Report.

(11)  Arna roghnú i measc na 45 shubstaint tosaíochta a leagtar síos le Treoir EQS lena n-áirítear lotnaidicídí agus ceimiceáin tí agus thionsclaíocha.

(12)  Le huiscí dromchla intíre cuimsítear aibhneacha agus lochanna agus dobharlaigh ghaolmhara atá saorga nó an-mhodhnaithe

(13)  Le haghaidh an ghrúpa substaintí tosaíochta de hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIA) (Uimh. 28), tagraíonn bithraí EQS agus AA-EQS comhfhreagrach in uisce don tiúchan de bheinsi(a)piréin, a bhfuil siad bunaithe ar a dtocsaineacht. Is féidir a mheas gur marcóir le haghaidh na HIAnna eile í beinsi(a)piréin, dá réir sin ní gá faireachán a dhéanamh ar bheinsi(a)piréin ach chun comparáid a dhéanamh le bithraí EQS nó AA-EQS comhfhreagrach in uisce.


IARSCRÍBHINN 3

Samplaí de mhodheolaíochtaí measúnúcháin riosca

Is féidir measúnú a dhéanamh ar rioscaí sláinte agus comhshaoil agus cineálacha éagsúla cuir chuige á n-úsáid lena mbaineann leibhéil athraitheacha castachta agus ceanglas sonraí, de réir an chórais athúsáide uisce shonraigh. Mar shampla, leis an Iarscríbhinn seo cuirtear i láthair roinnt modhanna agus uirlisí measúnúcháin riosca cáilíochtúla agus leathchainníochtúla a roghnaíodh as measc iad sin a mholtar i gcleachtais agus caighdeáin fhoilsithe: ISO 20426 (2018) (1), Lámhleabhar EDS maidir le Pleanáil na Sábháilteachta Sláinteachais (PSS) (2) (2016), ISO 16075-1 go 2 (2020) (3), agus Treoirlínte na hAstráile (2006) (4).

Tá dea-chleachtais agus samplaí ó na córais athúsáide uisce a chuirtear i bhfeidhm i roinnt Ballstát le fáil freisin i dTuarascáil Theicniúil JRC (5).

Measúnú riosca sláinte

I measúnú riosca cáilíochtúil nó leathchainníochtúil, tagann an leibhéal riosca le haghaidh gach guaise sainaitheanta ó mheastóireacht chomhcheangailte ar an leibhéal dealraitheachta go dtarlódh teagmhas agus leibhéal a iarmhairtí nó a dhéine, mar atá sa slonn seo a leanas:

An leibhéal riosca = an dealraitheacht x an iarmhairt (nó an déine)

Le dealraitheacht léirítear, i dtráthchlár áirithe, an dóchúlacht go dtarlódh teagmhas guaise a bhfuil éifeachtaí díobhálacha ionchasacha aige. Is féidir meastóireacht a dhéanamh ar dhóchúlacht tarlaithe trí athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí stairiúla atá ar fáil nó measúnú a dhéanamh ar earráid dhaonna, trí chrainn fabhtanna nó crainn teagmhais a úsáid. I gcóras athúsáide uisce, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh an dealraitheacht sin as teaglaim de dhóchúlacht nochta dhaonna (e.g. trí ionghabháil) don uisce athshlánaithe ina bhfuil eilimint ghuaiseach (e.g. E.coli) agus an dóchúlacht gurb ann don ghuais in uisce athshlánaithe (e.g. a thagann ó theagmhas guaiseach amhail scaoileadh tionóisceach).

Le hIarmhairt nó Déine léirítear éifeacht sláinte dhíobhálach ionchasach a thagann ó nochtadh do ghuais. Is féidir leibhéil iarmharta a chinneadh trí mheastóireacht cháilíochtúil bunaithe ar léiriú tuairisciúil ar na torthaí nó trí uirlisí eile a úsáid (e.g. crainn chinnteoireachta) agus guaiseacha agus teagmhais ghuaiseacha á gcur san áireamh.

I measúnú riosca cáilíochtúil agus leathchainníochtúil, tá guaiseacha/teagmhais ghuaiseacha agus sannacháin a leibhéal dealraitheachta agus iarmhairtí bunaithe ar bhreithiúnas agus taithí na foirne measúnúcháin riosca. Is féidir an leibhéal riosca a shloinneadh mar an-íseal, íseal, measartha, ard, nó an-ard trí na leibhéil dealraitheachta agus iarmhairtí a chur le chéile (Tábla 3.1).

Tábla 3.1

Maitrís shamplach le haghaidh measúnú riosca cáilíochtúil (foinse: Tábla 4 ISO 20426: 2018)

DEALRAITHEACHT

IARMHAIRTÍ

1 – Neamhshuntasach

2 – Mion

3 – Measartha

4 – Mór

5 – Tubaisteach

A – Annamh

An-íseal

An-íseal

Íseal

Íseal

Measartha

B – Neamhdhealraitheach

An-íseal

Íseal

Íseal

Measartha

Ard

C – Féideartha

Íseal

Íseal

Measartha

Ard

Ard

D – Dealraitheach

Íseal

Measartha

Ard

Ard

An-ard

E – Beagnach cinnte

Measartha

Ard

Ard

An-ard

An-ard

Tá maitrís riosca mhalartach, arna moladh i Lámhleabhar EDS maidir le Pleanáil na Sábháilteachta Sláinteachais (2016), bunaithe ar mhodh leathchainníochtúil ar lena aghaidh a cheanglaítear cur chuige níos déine (e.g. trí fhoirmlí a úsáid) chun go sannfar, le haghaidh gach guaise nó teagmhais ghuaisigh shainaitheanta, luach uimhriúil sonrach le haghaidh dealraitheachta agus déine, ionas go sroichfear leibhéal nó scór riosca (Tábla 3.2).

Tábla 3.2

Maitrís measúnúcháin riosca leathchainníochtúil (foinse: Uirlis 3.4 de Lámhleabhar EDS maidir le Pleanáil na Sábháilteachta Sláinteachais, 2016)

DEALRAITHEACHT

DÉINE

1 – Neamhshuntasach

2 – Mion

4 – Measartha

8 – Mór

16 – Tubaisteach

Annamh (an-neamhdhealraitheach) - 1

1

2

4

8

16

Neamhdhealraitheach – 2

2

4

8

16

32

Féideartha – 3

3

6

12

24

48

Dealraitheach – 4

4

8

16

32

64

Beagnach cinnte – 5

5

10

20

40

80

Scór Riosca R = L x S

< 6

7 -12

13 -32

> 32

Leibhéal riosca

Riosca íseal

Meánriosca

Riosca ard

Riosca an-ard

I gcur chuige leathchainníochtúil, is gá leibhéil dealraitheachta/dóchúlachta a shainmhíniú, bunaithe ar ghuaiseacha nó teagmhais ghuaiseacha, agus leibhéil iarmharta/déine, i bhfianaise, mar shampla, sáruithe ar thairseacha cosantacha de shubstaintí guaiseacha in uisce athshlánaithe agus méid na dtorthaí sláinte atá bainteach leis. Ba cheart na sainmhínithe sin a fhorbairt ar bhonn an chórais athúsáide uisce shonraigh agus an chomhthéacs áitiúil agus ba cheart prionsabal na cosanta sláinte poiblí agus aon tionchar rialála is infheidhme a chur san áireamh leo i gcónaí. Le Táblaí 3.3 agus 3.4 soláthraítear sainmhínithe áirithe arna dtógáil ó ISO 20426 (2018) agus Lámhleabhar EDS maidir le Pleanáil na Sábháilteachta Sláinteachais (2016).

Tábla 3.3

Bearta molta d’iarmhairt nó déine an tionchair (Tábla 2 de ISO 20426:2018; agus Uirlis 3.3 de EDS, 2016)

IARMHAIRTÍ (NÓ DÉINE)

Leibhéal – Tuairisceoir

Tuairisc shamplach

1 – NEAMHSHUNTASACH

Guais nó teagmhas guaiseach nach dtagann aon éifeacht sláinte aisti ná as nó as a dtagann éifeachtaí sláinte diomaibhseacha (6) i gcomparáid le leibhéil chúlra.

2 – MION

Guais nó teagmhas guaiseach as a bhféadfadh éifeachtaí sláinte miona teacht (7)

3 – MEASARTHA

Guais nó teagmhas guaiseach as a bhféadfadh éifeachtaí sláinte a thugann a seal nó miontinneas teacht (8).

4 – MÓR

Guais nó teagmhas guaiseach as a bhféadfadh tinneas nó gortú teacht (9); agus/nó as a bhféadfaidh gearán nó ábhar imní dlíthiúil leanúint.

5 – TUBAISTEACH

Guais nó teagmhas guaiseach as a bhféadfadh tinneas nó gortú tromchúiseach (10), nó an bás, fiú, teacht; agus/nó as a leanfaidh imscrúdú mór ó rialtóir, agus ionchúiseamh dealraitheach.


Tábla 3.4

Bearta molta den dealraitheacht gur féidir le teagmhais nochta tarlú (Tábla 3 de ISO 20426:2018, agus Uirlis 3.3 de EDS, 2016)

DEALRAITHEACHT

Leibhéal – Tuairisceoir

Tuairisc shamplach

A – ANNAMH

Níor tharla an teagmhas san am a chuaigh thart agus tá sé fíor-neamhdhóchúil go dtarlóidh sé i dtréimhse réasúnach  (11).

B – NEAMHDHEALRAITHEACH

Níor tharla an teagmhas san am a chuaigh thart ach is féidir go dtarlóidh sé in imthosca eisceachtúla i dtréimhse réasúnach.

C – FÉIDEARTHA

Is féidir gur tharla an teagmhas san am a chuaigh thart agus/nó is féidir go dtarlóidh sé faoi imthosca tráthrialta sa tréimhse réasúnach.

D – DEALRAITHEACH

San am a chuaigh thart breathnaíodh an teagmhas agus/nó is dealraitheach go dtarlóidh sé faoi imthosca tráthrialta i dtréimhse réasúnach.

E – BEAGNACH CINNTE

San am a chuaigh thart breathnaíodh an teagmhas agus/nó tá sé beagnach cinnte go dtarlóidh sé i bhformhór na n-imthosca i dtréimhse réasúnach.

Leis na leibhéil riosca shainaitheanta atá bainteach le guaiseacha/teagmhais ghuaiseacha in aghaidh an bhealaí nochta agus an ghabhdóra, cinnfear tosaíochtaí le haghaidh bainistíocht riosca agus aon bheart coisctheach lena laghdófar an riosca (nó na rioscaí). Mar shampla, más é atá sa leibhéal riosca meánleibhéal nó leibhéal níos airde ná sin, le beart coisctheach ba cheart an leibhéal riosca a ísliú. D’fhéadfaí a áireamh leis an meastóireacht sin an measúnú ar aon bheart coisctheach atá i bhfeidhm cheana agus sainaithint beart/gníomhaíochtaí breise le haghaidh na nguaiseacha sin nach bhfuil aon bheart ann cheana ina leith nó nach bhfuil aon bheart éifeachtach i bhfeidhm ina leith. Más féidir an riosca a rialú go leordhóthanach le beart coisctheach, is féidir a cheangal le gníomhaíochtaí cur ar bun modhanna faireacháin agus rialúcháin oibriúcháin eile chun a fheidhmiúlacht a áirithiú. Leis an gcur chuige ilbhacainne, agus bearta agus bacainní coisctheacha iolracha i bhfeidhm, soláthraítear bainistíocht riosca níos iontaofa ná beart nó bacainn aonair. Ba cheart athmheasúnú a dhéanamh ansin ar na bearta agus na bacainní coisctheacha roghnaithe chun a fhíorú cé acu a laghdaigh nó nár laghdaigh leibhéil riosca, mar atá sa sampla i dTábla 3.5.

Tábla 3.5

Sampla de mheasúnú agus bainistíocht riosca le haghaidh teagmháil ionchasach le baictéir phataigineacha in uisce athshlánaithe ag an bpointe úsáide deiridh, oiriúnaithe ó Thábla 5 de ISO 20426:2018

Guais

An fhoinse fuíolluisce

An úsáid deiridh bheartaithe

Teagmhas guaiseach

Uasriosca

Beart coisctheach

Riosca iarmharach

Iarmhairt

Dealraitheacht

Riosca

Iarmhairt

Dealraitheacht

Riosca

Baictéir phataigineacha (e.g. E.coli)

Fuíolluisce uirbeach

Úsáid talmhaíochta

Ionfhabhtú trí theagmháil nó ionghabháil uisce athshlánaithe (e.g. le linn cleachtais uisciúcháin)

Mór

Dóchúil

Ard (bunaithe ar Thábla 3.1)

Rialú foinse

Mór (12)

Annamh (13)

Íseal

Rialú cóireála (e.g. dífhabhtú)

Rialú úsáide deiridh (e.g. úsáid bacainní agus trealaimh cosanta phearsanta)

NB - Cuirtear samplaí de bhearta agus bacainní coisctheacha i láthair in Iarscríbhinn 4.

Measúnú riosca comhshaoil ar acmhainní fionnuisce

Cé go ndírítear ar ghabhdóirí daonna leis an measúnú riosca sláinte, leis an measúnú riosca comhshaoil déantar meastóireacht ar aon bhrú ar mheáin chomhthimpeallacha dá bhféadfaí difear a dhéanamh trí uisce athshlánaithe a úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta. Ceanglaítear leis sin saintréithriú mionsonraithe ar na dálaí geoihidrigeolaíocha áitiúla ina bhfuil an córas athúsáide uisce lonnaithe. Tacar sonraí spásúil WISE maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (14), lena n-áirítear faisnéis maidir le ceantair abhantraí Eorpacha, fo-aonaid ceantar abhantraí, dobharlaigh dhromchla, dobharlaigh screamhuisce agus stáisiúin faireacháin, is féidir é a cheadú chun na críche sin. Is é is aidhm don nós imeachta a mholtar anseo, arna fhorbairt i gcomhréir le Roinn 6.3 de ISO 16075-1 (2020), agus mír 4.2 de Threoirlínte na hAstráile (2006), cleachtóirí uisce a threorú chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na nguaiseacha atá i láthair in uisce athshlánaithe ar acmhainní fionnuisce (uisce dromchla agus screamhuisce).

Céim 1 - Scagadh guaiseacha

Guaiseacha in uisce athshlánaithe a chur i gcomparáid le luachanna aitheanta ó rialacháin, treoracha, caighdeáin agus treoirlínte ag brath ar an meán comhthimpeallach lena bhféadfaí difear a dhéanamh dó (féach Fíor 3 den Fhógra seo). Air sin d’fhéadfaí uastiúchain incheadaithe nó caighdeáin cáilíochta comhshaoil (EQS) a áireamh le haghaidh éilleáin rialáilte sna meáin chomhthimpeallacha a d’fhéadfadh a bheith nochta a áiritheofar lena gcomhlíontacht, i bhformhór na gcásanna, cosaint comhshaol nochta. Is féidir an cás is measa a úsáid, ina ndéantar an 95ú peircintíl nó an uastiúchan thaifeadta a chur i gcomparáid lena luach treoirlínte is ísle (e.g. EQS). Ba cheart teagmhais ghuaiseacha atá nasctha le scaoileadh na nguaiseacha sin a shainaithint freisin (e.g. sceití ó phíblínte nó córais dáileacháin uisce athshlánaithe).

Céim 2 - An dóchúlacht go sroichfeadh substaintí an gabhdóir comhshaoil

D’fhéadfaí dealraitheacht a mheas trí mheasúnú a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh na guaiseacha an gabhdóir comhshaoil a shroicheadh agus i bhfianaise aon bheart agus bacainn choisctheach atá i bhfeidhm. Le haghaidh screamhuisce agus uiscí dromchla, beidh an dealraitheacht ag brath ar dhálaí hidrigeolaíocha an tsuímh (e.g. láithreacht uiscígh), an dóchúlacht go ngluaisfeadh an tsubstaint sa chrios neamhsháithithe le haghaidh insíothlú (e.g. an cineál ithreach agus saintréithe guaise), agus cineál na ndálaí uisciúcháin (e.g. cleachtais talmhaíochta, riachtanais na mbarr, an cineál ithreach, an dóchúlacht go bhforsceithfeadh uisce athshlánaithe ó chórais draenála).

Céim 3 - Iarmhairt/déine an damáiste

Beidh leibhéil iarmharta nó déine an damáiste ag brath ar stádas cáilíochta tosaigh an uisce dromchla nó an screamhuisce. Leis na leibhéil déine d’fhéadfaí a shainmhíniú a mhéid a bheidh nó nach mbeidh tiúchan na guaise ina cúis le héifeacht dhíobhálach ar an meán comhthimpeallach. Mar shampla, beidh leibhéal déine an damáiste ag brath ar a mhéid a rannchuideodh an ghuais le meathlú stádas an dobharlaigh atá á mheas. D’fhéadfaí fachtóirí eile a áireamh le leibhéil iarmharta, mar shampla má úsáidtear an fhoinse uisce chun uisce óil a tháirgeadh.

Céim 4 - measúnú ar leibhéil riosca

Nuair a bheidh na guaiseacha uile agus a ndealraitheacht agus a leibhéil déine sainaitheanta (trí leibhéal cáilíochtúil nó luach uimhriúil a shannadh), is féidir maitrís cháilíochtúil nó leathchainníochtúil a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar leibhéil riosca, amhail iad sin a mholtar le haghaidh an mheasúnaithe riosca sláinte (Táblaí 3.1 agus 3.2).

Is féidir an dóchúlacht go sroichfeadh substaint áirithe dobharlach a mheas trí na huirlisí seo ó ISO 16075-1 (2020) a úsáid, lena ndéantar measúnú ar leochaileacht screamhuisce agus uisce dromchla maidir le hinsíothlú nó rith chun srutha uisce athshlánaithe, faoi seach. Leis an uirlis sin, aicmítear uisce dromchla agus screamhuisce i gceithre ghrúpa íogaireachta, atá bunaithe ar dhálaí hidrigeolaíocha le haghaidh screamhuisce, agus ar láithreacht córais draenála chun rith chun srutha chuig uisce dromchla a rialú (Tábla 3.6).

Tábla 3.6

Sainmhíniú ar ghrúpaí íogaireachta le haghaidh uisce dromchla agus screamhuisce (foinse: Roinn 6.3.3 agus Iarscríbhinn D a ghabhann le ISO 16075-1:2020)

Grúpa íogaireachta

Uisce dromchla

Screamhuisce

Ard (I)

Láithreacht reatha chun srutha dromchla le linn uisciú nó láithreacht carntha dromchla, ar dealraitheach go sruthlóidh sé le linn teagmhais bháistí.

Láithreacht uiscígh neamhghaibhnithe faoin limistéar uiscithe ina bhfuil cion cré (16) < 5 % laistigh den 2 m uachtair den ithir.

Láithreacht uiscígh ag doimhneacht is lú ná 5 m.

Meánach (II)

Le dearadh agus oibriú córais uisciúcháin coisctear rith chun srutha dromchla.

Láithreacht córais draenála éadomhain faoi thalamh (ag doimhneacht 80 cm nó níos lú).

Láithreacht uiscígh ag doimhneacht is mó ná 5 m ón dromchla ina bhfuil cion cré 15 go 40 % laistigh den 2 m uachtair den ithir.

Íseal (III)

Le dearadh agus oibriú córais uisciúcháin coisctear rith chun srutha dromchla.

Láithreacht córais draenála dhomhain (os cionn 80 cm).

Láithreacht uiscígh ag doimhneacht is mó ná 5 m ina bhfuil cion cré > 40 % laistigh den 2 m uachtair den ithir.

(Nialas) IV

Le dearadh agus oibriú córais uisciúcháin coisctear rith chun srutha dromchla.

Ní áirítear draenáil leis an gcóras uisciúcháin (15).

Ní ann d’aon uiscíoch faoin limistéar uiscithe ná d’aon leanúnachas hidrigeolaíoch ar dealraitheach go n-aistreofar an t-uisce leis chuig uiscíoch cóngarach (17)

Leis an teaglaim de na grúpaí íogaireachta le haghaidh screamhuisce agus uisce dromchla leis an leibhéal insíothlúcháin chuig screamhuisce nó rith chun srutha dromchla, faoi seach, is féidir leibhéal leochaileachta maidir leis an dobharlach a léiriú (Tábla 3.7).

Tábla 3.7

Sampla de leibhéal leochaileachta (18) screamhuisce agus uisce dromchla (foinse: Tábla D.1 ISO 16075-1:2020)

RÁTA INSÍOTHLÚCHÁIN

Gan insíothlú chuig screamhuisce

Insíothlú íseal chuig screamhuisce

Meán-insíothlú chuig screamhuisce

Insíothlú ard chuig screamhuisce

I

II

III

IV

Íogaireacht maidir le screamhuisce

Uiscíoch éadomhain nó gan cosaint cré

I

1

2

3

3

Uiscíoch domhain ag a bhfuil cosaint cré

II

1

2

2

3

Uiscíoch domhain ag a bhfuil cosaint cré shuntasach

III

1

1

2

2

Gan uiscíoch ag a bhfuil leanúnachas hidreolaíoch chuig an limistéar

IV

1

1

2

2

Íogaireacht maidir le huisce dromchla

3

3

2

1

IV

III

II

I

Rith chun srutha dromchla ard

Rith chun srutha dromchla meánach

Rith chun srutha dromchla íseal

Gan rith chun srutha dromchla

RITH CHUN SRUTHA DROMCHLA


(1)  ISO 20426: 2018. Guidelines for health risk assessment and management for non-potable water reuse.

(2)  EDS, 2016. Sanitation safety planning: manual for safe use and disposal of wastewater, greywater and excreta.

(3)  ISO 16075-1:2020 Guidelines for treated wastewater use for irrigation projects — Part 1:The basis of a reuse project for irrigation; ISO 16075-2:2020 Guidelines for treated wastewater use for irrigation projects — Part 2: Development of the project.

(4)  NRMMC–EPHC–AHMC, 2006. Australian guidelines for water recycling: managing health and environmental risks (phase 1). National Water Quality Management Strategy.

(5)  R. Maffettone agus B. M. Gawlik (2022), Technical Guidance:Water Reuse Risk Management for Agricultural Irrigation Schemes in Europe [Treoraíocht Theicniúil: Bainistíocht Riosca Athúsáide Uisce le haghaidh Scéimeanna Uisciúcháin Talmhaíochta san Eoraip], An Coimisiún Eorpach, Lucsamburg, JRC 129596, 81 leathanach

(6)  Gan éifeacht sláinte nó éifeacht sláinte dhiomaibhseach: ní bhreathnaítear aon éifeacht sláinte.

(7)  Mionéifeacht sláinte: e.g. siomptóim shealadacha amhail greannú, masmas agus tinneas cinn.

(8)  Éifeachtaí sláinte a thugann a seal nó miontinneas: e.g. buinneach ghéar, urlacan, ionfhabhtú sa chonair riospráide uachtarach, miontráma.

(9)  Tinneas nó gortú: e.g. maláire, sisteasóimiáis, treimeatóidiáisí bia-iompartha, buinneach ainsealach, fadhbanna riospráide ainsealacha, neamhoird néareolaíocha, briseadh.

(10)  Tinneas nó gortú tromchúiseach: e.g. géarnimhniú, caillteanas na mball forimeallach, dónna tromchúiseacha, bá.

(11)  Tá an tréimhse réasúnach ag brath ar an leibhéal riosca agus an dlínse áitiúil.

(12)  Braitheann an iarmhairt (an déine) ar an éifeacht sláinte dhíobhálach ó nochtadh an ghabhdóra do na baictéir phataigineacha agus ní athraíonn sí trí bheart coisctheach a chur i bhfeidhm.

(13)  Le húsáid beart coisctheach (e.g. cóireáil dífhabhtúcháin, úsáid bacainní agus trealaimh cosanta phearsanta) laghdaítear an dealraitheacht go nochtfar an gabhdóir don ghuais.

(14)  Le fáil ag: https://www.eea.europa.eu/data-and-maps/data/wise-eionet-spatial-3

(15)  Leis an bpasáiste sa chuid faoi thalamh soláthraítear scagadh éilleán. Le láithreacht draenála talún éifeachtaí laghdaítear cion uisce na hithreach, ach d’fhéadfadh sé go leanfadh lóid mhéadaithe ar chórais uisce dromchla as sin.

(16)  Is féidir an cion cré a chinneadh le hanailís le criatharanailís.

(17)  Níl grúpa le roghnú ach nuair a bheidh anailís hidrigeolaíoch chríochnúil déanta. In éagmais eolas soiléir ar an ngeoihidrigeolaíocht faoi thalamh, ba cheart an suíomh a mheas amhail is go raibh uiscíoch faoi bhun an limistéir uiscithe.

(18)  Cuirtear an téarma leochaileacht in ionad an téarma bunaidh riosca a úsáidtear i dTábla C1 de ISO 16075-1 (2020) agus is é is cúis leis sin míléiriú a sheachaint leis an téarma leibhéil riosca a úsáidtear san Fhógra seo chun go léireofar teaglaim na dealraitheachta le déine an damáiste i gcomhréir le Táblaí 3.1 agus 3.2.


IARSCRÍBHINN 4

Bearta agus bacainní coisctheacha – samplaí léiriúcháin

Leis an Iarscríbhinn seo soláthraítear samplaí de bhearta agus bacainní coisctheacha a d’fhéadfaí a úsáid i gcóras athúsáide uisce, i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 agus Iarscríbhinn I Roinn 2 a ghabhann leis an Rialachán. Is é is aidhm do na samplaí léiriú a thabhairt ar an gcineál anailíse a cheanglaítear chun cineál agus líon na mbeart agus na mbacainní coisctheacha a shainaithint, de réir an chineáil barr agus na haicme cáilíochta uisce, ar bhonn caighdeáin agus cleachtais idirnáisiúnta. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur gá an anailís a dhéanamh ar bhonn cás ar chás, agus an comhthéacs sonrach á chur san áireamh. Dá bhrí sin, níor cheart a thuiscint go bhfuil na samplaí a chuirtear i láthair thíos infheidhme go huathoibríoch maidir leis na cásanna uile agus i ngach imthoisc fhéideartha.

Forbraíodh na samplaí ar bhonn cheanglais an Rialacháin, agus ar na caighdeáin agus na cleachtais idirnáisiúnta atá ann cheana: Treoirlínte na hAstráile (2006), Treoirlínte EDS (2006) agus ISO 16075-2:2020. Le Tábla 4.1 liostaítear bearta coisctheacha a d’fhéadfaí a mheas ag codanna éagsúla de chóras athúsáide uisce.

Tábla 4.1

Samplaí de bhearta coisctheacha le haghaidh córas athúsáide uisce (ní liosta uileghabhálach é). Foinsí: Pointe 7 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán, Bosca 2.6 agus Foscríbhinn 3 de Threoirlínte na hAstráile (2006)  (2) , Treoirlínte EDS (2006)  (3)

An cineál birt choiscthigh

Samplaí

Nóta

Foinsí fuíolluisce uirbigh a chosaint

sceití tionsclaíocha i bhfuíolluisce uirbeach a chosc nó a bhainistiú trína n-áirithiú go gcomhlíonfar aon cheanglas faoin reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais agus faoin reachtaíocht áitiúil is infheidhme

uisce stoirme a chosaint ar dhramhaíl ainmhithe agus dhaonna

an cineál uisce a sceitear sa chóras séarachais a rialú (e.g. teorainneacha a shocrú)

-

Cóireáil bhreise ar eisilteach ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh

próisis chóireála chun truailleáin mhicribhitheolaíocha agus cheimiceacha san eisilteach a laghdú (e.g. dífhabhtú breise nó bearta bainte truailleán)

-

Cosaint agus cothabháil córais stórála le haghaidh uisce athshlánaithe

criosanna maolánacha a úsáid

fás algach a sheachaint trí sholas a íoslaghdú (e.g. tríd an gcóras stórála a chumhdach)

draenáil agus suíomhanna a chothabháil (e.g. cumhdach talún, cothromú cothaitheach)

cosc cúlsreabhaidh agus rialú trasnaisc ar phluiméireacht nasctha

cóireáil cheimiceach chun calcadh nó athfhás baictéarach a sheachaint

Tagair do ISO 20419:2018 (1) le haghaidh breis samplaí

Rialú agus cothabháil córas dáileacháin agus pluiméireachta

cóid chleachtais maidir le pluiméireacht uisce athshlánaithe a ghlacadh (e.g. dathchódú)

nascadh pluiméireachta uisce óil le pluiméireacht uisce athshlánaithe a sheachaint (e.g. gairis aerbhearna nó coisc cúlsreabhaidh a shuiteáil)

Tagair do ISO 20419:2018 le haghaidh breis samplaí

Ceanglais shonracha maidir le córais uisciúcháin (e.g. córas silte nó fodhromchla, spraechóras, córas micreasprae) agus leis an ngort talmhaíochta

achair íosta shábháilteachta a bhunú chun nochtadh daonna agus comhshaoil a laghdú (e.g. ó uisce dromchla, lena n-áirítear foinsí le haghaidh beostoic, nó gníomhaíochtaí amhail dobharshaothrú, feirmeoireacht éisc, dobharshaothrú sliogéisc, snámh agus gníomhaíochtaí uisceacha eile)

claonadh fána, sáithiúchán uisce páirce agus limistéir charstacha a rialú

calcadh astaírí i gcórais uisciúcháin silte a rialú

an ráta riartha a rialú chun an tionchar ar chomhshaoil ghlactha a íoslaghdú, lena n-áirítear ithreacha, screamhuisce agus uisce dromchla (e.g. braiteoirí taise in ithir, cinneadh cothromaíochta uisce agus cothaitheach, sásraí chun tionchair ó shalandacht agus tomhas sóidiam a laghdú)

an tráth riartha a rialú (e.g. uisciú a theorannú chuig an oíche agus chuige sin amháin)

lódáil hiodrálach agus draenacha idircheaptha a rialú

ceanglais shonracha le haghaidh spré-uiscithe (e.g. uasluas gaoithe, na hachair idir an t-aisréadóir agus limistéir íogaire; córais a shuiteáil chun táirgeadh aerasól i gcórais uisciúcháin silte agus i spraechórais uisciúcháin a íoslaghdú)

-

Ceanglais shonracha maidir le huisciú barr

bacainní breise a úsáid*

*Tagair do Thábla 4.2 den Iarscríbhinn seo agus do Thábla 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Rialú rochtana agus úsáid comharthaíochta

fálta a úsáid (e.g. ráillí simplí, mogalra slándála de réir cháilíocht an uisce athshlánaithe)

comharthaíocht a úsáid lena léirítear nach bhfuil uisce oiriúnach lena ól (e.g. uisce athshlánaithe – ná hól) nó cineálacha eile comharthaíochta (e.g. uisce athshlánaithe in úsáid – ná tar isteach nuair atá uisciú ar bun)

rialú rochtana: modhanna, rátaí agus tráthanna riartha

 

Cosaint oibrithe agus feirmeoirí

trealamh cosanta pearsanta (TCP) a úsáid

oideachas agus oiliúint maidir le sláinteachas (e.g. níochán lámh rialta)

oideachas agus oiliúint maidir le rialú trealaimh (e.g. maidir le cosc cúlsreabhaidh agus rialú trasnaisc, maidir le suiteáil cheart pluiméireachta agus fearas, bainistíocht dea-chleachtas)

 

I gcomhréir le hIarscríbhinn I, Roinn 2 a ghabhann leis an Rialachán, tá catagóir barr shonrach le huisciú leis na híosaicmí cáilíochta uisce comhfhreagracha a léirítear i dTábla 1. Is féidir aicme cáilíochta uisce níos ísle a úsáid má úsáidtear bacainní breise iomchuí, arb é a thagann as sin ceanglais cháilíochta na haicme a bhaint amach le haghaidh na catagóire barr ar leith. Le Tábla 4.2 tugtar samplaí de conas aicmí cáilíochta uisce athshlánaithe agus bacainní creidiúnaithe a chur le chéile chun catagóir aicme shonrach a uisciú i gcomhréir le moltaí ISO 16075-2 (2020).

Tábla 4.2

Samplaí de conas líon agus cineálacha na mbacainní a ríomh bunaithe ar an gcineál barr agus na haicmí cáilíochta uisce athshlánaithe a cheanglaítear amhail le haghaidh Thábla 1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán, trí Tháblaí 3 agus 2 de ISO 16075-2:2020 (a thuairiscítear san Fhógra seo mar Tháblaí 2 agus 3, faoi seach) agus Tábla A.1 de ISO 16075-2:2020 a mheas. Tá na bacainní cáilithe ar choinníoll go gcuirfear dea-chleachtais chun feidhme

Catagóir barr

(Iarscríbhinn 1 Tábla 1 a ghabhann leis an Rialachán)  (4)

Barra samplacha

(Tábla A.1 ISO 16075-2:2020)  (5)

Aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe

(Iarscríbhinn 1 Tábla 1 a ghabhann leis an Rialachán)17

An líon bacainní a cheanglaítear

(Tábla 3 ISO 16075-2:2020 (6) = Tábla 2 den Fhógra seo)

Bacainní creidiúnaithe féideartha

(Tábla A.1 ISO 16075-2:2020 agus Tábla 2 ISO 16075-2:2020 (7) = Tábla 3 den Fhógra seo)

An líon bacainní (Tábla 2 ISO 16075-2:2020 = Tábla 3 den Fhógra seo)

Nóta

Na barra bia ar fad a thomhlaítear amh a bhfuil an chuid inite díobh i dteagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe agus barra fréimhe a thomhlaítear amh

Barra duilleacha a fhástar ar dhromchla na hithreach agus a itear amh (e.g. leitís, spionáiste, cabáiste Áiseach, soilire).

Barra bia a ionghabhtar amh agus a fhásann os cionn talún agus a bhfuil a gcuid inite < 25 cm os cionn dhromchla na hithreach (e.g. piobair, trátaí, cúcamair, cúirséid, pónairí óga).

A

0

-

0

-

B

1

Leathán cumhdaigh griandhíonach

Dífhabhtú breise sa ghort (íseal-leibhéal)

1

-

C

3

Dífhabhtú ardleibhéil +

Leathán cumhdaigh griandhíonach

2+1

-

Uisciú silte fodhromchla i gcás nach n-ardaíonn uisce le gníomhaíocht ribeach chuig dromchla na talún +

Leathán cumhdaigh griandhíonach*

3 (+1)

*Is é is leathán cumhdaigh griandhíonach ann bacainn bhreise chun teagmháil le gníomhaíocht ribeach uisciúcháin silte a chosc.

-

D

Toirmiscthe*

-

-

*I gcomhréir le Tábla 3 ISO 16075:2020, agus NÓTA 3 de Thábla A.1: Níor cheart eisiltigh ar mheáncháilíocht (D) a úsáid chun glasraí a uisciú.

Barra bia is féidir a ionghabháil amh agus a fhásann san ithir (e.g. cairéid, raidisí, oinniúin)

A

0

-

-

-

B

1

Dífhabhtú íseal-leibhéil

1

-

C

3

Is cosúil nach bhfuil aon teaglaim de bhacainní creidiúnaithe indéanta

-

-

D

Toirmiscthe*

-

-

*I gcomhréir le Tábla 3 ISO 16075:2020, agus NÓTA 3 de Thábla A.1: Níor cheart eisiltigh ar mheáncháilíocht (D) a úsáid chun glasraí a uisciú.

Barra bia a ionghabhtar amh agus a fhásann os cionn talún agus a bhfuil a gcuid inite > 25 cm os cionn dhromchla na hithreach*

*ar a bhfuil craiceann inite

A

0

-

-

-

B

1

Leathán cumhdaigh griandhíonach

Dífhabhtú breise sa ghort (íseal-leibhéal)

1

-

C

3

Dífhabhtú íseal-leibhéil +

Uisciú silte barr ísealfháis amhail 25 cm nó níos mó os cionn na talún +

Leathán cumhdaigh griandhíonach

1+1+1

-

C

3

Dífhabhtú ardleibhéil

+ Uisciú silte barr ísealfháis amhail 25 cm nó níos mó os cionn na talún

2+1

-

Barra bia a thomhlaítear amh a dtáirgtear an chuid inite díobh os cionn talún agus nach bhfuil i dteagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe, barra bia próiseáilte agus barra neamhbhia, lena n-áirítear barra a úsáidtear chun ainmhithe a tháirgeann bainne nó feoil a bheathú

Barra bia a fhástar ar an ithir is féidir a ithe amh tar éis scamhadh (e.g. mealbhacáin uisce, mealbhacáin, piseanna)

A

0

-

-

-

B

0

-

-

Áirítear craiceann do-ite (nó scamhadh) mar bhacainn amháin

C

2

Uisciú silte barr ísealfháis amhail 25 cm nó níos mó os cionn na talún

Uisciú spréite agus micrspréite barr ísealfháis amhail 25 cm nó níos mó ón scaird uisce +

Leathán cumhdaigh griandhíonach (in uisciú silte, ina scarann an leathán an t-uisciú ó na glasraí)

1+1

-

Dífhabhtú íseal-leibhéil +

Uisciú silte barr ísealfháis amhail 25 cm nó níos mó os cionn na talún

1+1

-

Barra bia a fhástar os cionn talún ina bhfuil an chuid inite < 25 cm os cionn dhromchla na hithreach, a itear cócaráilte nó próiseáilte (e.g. ubhthorthaí, puimcíní, pónairí glasa, bliosáin)

A

0

-

-

-

B

0

-

-

-

C

2

Dífhabhtú íseal +

Leathán cumhdaigh griandhíonach

1+1

-

Uisciú silte fodhromchla i gcás nach n-ardaíonn uisce le gníomhaíocht ribeach chuig dromchla na talún +

Leathán cumhdaigh griandhíonach le haghaidh cosaint bhreise)

3+1

-

Barra bia a itear cócaráilte agus a fhásann san ithir (e.g. prátaí)

B

0

--

-

-

C

2

Dífhabhtú ardleibhéil

2

-

Barra bia a fhástar os cionn talún is féidir a ithe tar éis triomú agus cócarála (pónairí tirime, lintilí)

B

0

--

-

-

C

2

Dífhabhtú ardleibhéil

Aerthriomú fada*

2

*De réir barr agus dálaí aimsire

Barra bia a fhásann os cionn talún amhail > 50 cm nó níos mó os cionn na talún ar a bhfuil craiceann inite (úllord le haghaidh torthaí ar a bhfuil craiceann inite: úlla, plumaí, piorraí, péitseoga, aibreoga, dátphlumaí, silíní, torthaí citris, dátaí; nó úllord le haghaidh torthaí a itear tar éis scamhadh: mangónna, abhacáid, papánna, pomagránaití).

Úllord le haghaidh torthaí a itear tar éis próiseála (e.g. ológa)

B

0

-

-

Leis an achar nádúrtha ó thorthaí (barra ardfháis amhail 50 cm nó níos mó os cionn na talún) chuig an gcóras uisciúcháin seachnaítear teagmháil dhíreach leis an gcuid inite den bharr.

C

0

-

-

D

3

Uisciú silte barr ardfháis amhail 50 cm nó níos mó os cionn na talún +

Tacaíocht bhásaithe trí scor nó cur isteach uisciúcháin roimh bhuaint*

1 + 2

*Stop an t-uisciú ar feadh tréimhse is faide ná 24 uair an chloig roimh an mbuaint.

Úllord le haghaidh cnónna (e.g. almóinní, piostáisí)

C

1

Barra griantriomaithe*

2

*De réir barr agus dálaí aimsire.

D

3

Tacaíocht bhásaithe trí scor nó cur isteach uisciúcháin roimh bhuaint +

Barra griantriomaithe*

1(2)*+2

*De réir barr agus dálaí aimsire.

Barra farae le haghaidh ainmhithe a tháirgeann bainne nó feoil (e.g. alfalfa)

C

1

Tacaíocht bhásaithe trí scor nó cur isteach uisciúcháin* roimh theacht isteach ainmhithe sa ghort

1

*Stop an t-uisciú ar feadh 24 uair an chloig ar a laghad roimh theacht isteach na n-ainmhithe.

Ní mór nach nochtfar muca d’fharae a uiscítear le huisce athshlánaithe ach amháin más ann do shonraí leordhóthanacha a léireodh gur féidir na rioscaí do chás sonrach a bhainistiú.

Ní mór farae a thriomú nó sadhlas a dhéanamh de sula ndéanfar é a phacáistiú.

D

3

Tacaíocht bhásaithe trí scor nó cur isteach uisciúcháin* roimh theacht isteach na n-ainmhithe sa ghort

+

Dífhabhtú íseal-leibhéil

2+1

Coinnigh ainmhithe féaraigh amach ó fhéarach ar feadh 5 lá tar éis an uiscithe deiridh.

Ní mór nach nochtfar muca d’fharae a uiscítear le huisce athshlánaithe ach amháin más ann do shonraí leordhóthanacha a léireodh gur féidir na rioscaí do chás sonrach a bhainistiú.

Ní mór farae a thriomú nó sadhlas a dhéanamh de sula ndéanfar é a phacáistiú.


(1)  ISO 20419:2018 Treated wastewater reuse for irrigation —Guidelines for the adaptation of irrigation systems and practices to treated wastewater.

(2)  NRMMC–EPHC–AHMC, 2006. Australian guidelines for water recycling: managing health and environmental risks (phase 1). National Water Quality Management Strategy.

(3)  EDS, 2006.WHO Guidelines for the safe use of wastewater, excreta and greywater. Volume II: Wastewater use in agriculture.

(4)  Tábla 1 — Aicmí de cháilíocht uisce athshlánaithe agus an úsáid talmhaíochta cheadaithe agus an modh uiscithe. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 741/2020.

(5)  Tábla A.1 – Sampla de conas líon agus cineál na mbacainní a ríomh. ISO 16075-2:2020.

(6)  Tábla 3 – An líon molta bacainní is gá le haghaidh uisciú le fuíolluisce athshlánaithe, de réir a gcáilíochta. ISO 16075-2:2020.

(7)  Tábla 2 – Cineálacha agus líon creidiúnaithe bacainní molta. ISO 16075-2:2020.


IARSCRÍBHINN 5

Bainistíocht ar éigeandálaí agus prótacail – samplaí

Leis an Iarscríbhinn seo soláthraítear samplaí de theagmhais agus gníomhaíochtaí ar féidir aghaidh a thabhairt orthu i bprótacail éigeandála. Ba cheart na prótacail sin a fhorbairt ar bhonn an mheasúnaithe riosca le haghaidh córas athúsáide uisce sonrach. Ba cheart prótacail chumarsáide inmheánacha agus sheachtracha a bhunú freisin agus gníomhaireachtaí ábhartha rannpháirteach ann sin (e.g. gníomhaireachtaí sláinte, comhshaoil agus rialála eile), ós rud é go bhfuil ról tábhachtach ag cumarsáid éifeachtach agus teagmhais agus éigeandálaí á mbainistiú. Le Tábla 5.1 cuirtear i láthair liosta teagmhas ar féidir éigeandálaí leanúint astu, i dteannta gníomhaíochtaí is gá chun déileáil leo.

Tábla 5.1

Samplaí de theagmhais ar féidir éigeandálaí agus gníomhaíochtaí leanúint astu agus ar a bhféadfaí aghaidh a thabhairt i bprótacail éigeandálaí agus chumarsáide (foinse: Roinn 2.6. Treoirlínte na hAstráile, 2006)  (1)

Teagmhais

Gníomhaíochtaí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu i bprótacail

Nóta

Neamhchomhlíontacht le teorainneacha, luachanna treoirlíne agus ceanglais eile

Teip córas cóireála (e.g. teip córais, dáileog mhícheart ceimiceán, cliseadh trealaimh, teip mheicniúil)

Sceitheadh tionóisceach nó neamhdhleathach (e.g. doirteadh i ndobharcheantair, sceitheadh neamhdhleathach i gcórais bhailiúcháin)

Gearrthacha cumhachta fada

Imeachtaí adhaimsire

Tubaistí nádúrtha (e.g. dóiteán, creathanna talún, damáiste tintrí do threalamh leictreach)

Gníomhaíochtaí daonna (e.g. earráid thromchúiseach, sabaitéireacht, stailceanna)

Ráigeanna tinnis as a leanann pataigin mhéadaithe ar chórais chóireála

Bithsceo nó algaí nó athfhás miocróbach i stórais nó in uiscebhealaí

Marú éisc nó beathra uiscigh eile

Damáiste nó scrios déanta ar bharra de dheasca uisciú le huisce athshlánaithe (amhrasta)

Sainmhínigh teagmhais agus éigeandálaí ionchasacha agus doiciméadaigh nósanna imeachta agus pleananna freagartha agus gníomhaireachtaí ábhartha rannpháirteach ann sin

Sainmhínigh gníomhaíochtaí freagartha, lena n-áirítear faireachán méadaithe

Sainmhínigh freagrachtaí agus údaráis i measc gníomhaithe inmheánacha agus seachtracha

Sainaithin soláthar uisce malartach i gcás éigeandálaí

Cuir oiliúint ar fhostaithe agus déan pleananna práinnfhreagartha a thástáil go tráthrialta

Sainmhínigh prótacal chun aon teagmhas nó éigeandáil a imscrúdú agus athbhreithnigh iad mar is gá

Sainaithin prótacail agus straitéisí cumarsáide (lena n-áirítear cumarsáid inmheánach agus sheachtrach)

Áirigh liosta teagmhálaithe de phríomhpháirtithe agus príomhúdaráis fhreagracha ar a bhfuil freagrachtaí sainmhínithe, lena n-áirítear meithleacha oíche agus deireadh seachtaine éigeandála

Ba cheart oiliúint a chur ar fhostaithe i bprótacail phráinnfhreagartha teagmhais

Ba cheart oiliúint a chur ar fheirmeoirí agus páirtithe leasmhara eile i ndea-chleachtais sa chomhthéacs athúsáide uisce, go háirithe i bprótacail phráinnfhreagartha agus teagmhais

Pleananna práinnfhreagartha a athbhreithniú agus a chleachtadh go tráthrialta lena n-áirítear lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre (san oíche agus ag an deireadh seachtaine). Leis na gníomhaíochtaí sin cuirtear feabhas ar ullmhacht agus soláthraítear deiseanna chun feabhas a chur ar éifeachtacht pleananna sula dtarlaíonn éigeandáil

Tar éis aon teagmhas nó éigeandáil, ba cheart imscrúdú a dhéanamh agus ba cheart an fhoireann uile atá rannpháirteach a mhioncheistiú, chun feidhmíocht a phlé agus aghaidh a thabhairt ar aon saincheist nó ábhar imní chun géarchéimeanna nua a chosc nó a n-éifeacht a laghdú


(1)  NRMMC–EPHC–AHMC, 2006. Australian guidelines for water recycling: managing health and environmental risks: Phase 1. National Water Quality Management Strategy.


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 298/56


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10777 – PLASTIC OMNIUM / VARROC (LIGHTING DIVISION))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 298/02)

An 1 Lúnasa 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10777. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 298/57


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10748 – MACQUARIE / BCI / NATIONAL GRID / NATIONAL GRID GAS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 298/03)

An 30 Meitheamh 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10748. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 298/58


Rátaí malairte an euro (1)

4 Lúnasa 2022

(2022/C 298/04)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0181

JPY

yen na Seapáine

135,81

DKK

krone na Danmhairge

7,4425

GBP

punt steirling

0,84231

SEK

krona na Sualainne

10,3740

CHF

franc na hEilvéise

0,9765

ISK

króna na hÍoslainne

138,70

NOK

krone na hIorua

9,9065

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,659

HUF

forint na hUngáire

395,98

PLN

zloty na Polainne

4,7233

RON

leu na Rómáine

4,9261

TRY

lira na Tuirce

18,2922

AUD

dollar na hAstráile

1,4607

CAD

dollar Cheanada

1,3070

HKD

dollar Hong Cong

7,9919

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6172

SGD

dollar Shingeapór

1,4037

KRW

won na Cóiré Theas

1 333,70

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,0352

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,8769

HRK

kuna na Cróite

7,5150

IDR

rupiah na hIndinéise

15 200,94

MYR

ringgit na Malaeisia

4,5387

PHP

peso na nOileán Filipíneach

56,633

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,606

BRL

real na Brasaíle

5,3614

MXN

peso Mheicsiceo

20,7560

INR

rúipí na hIndia

80,7715


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 298/59


Tuairim ón gCoiste comhairleach maidir le Cumaisc ag a chruinniú an 14 Feabhra 2022 maidir le Cinneadh i gcás M.10078 – Cargotec/Konecranes

Cruinniú trí Ghlao Closchomhdhála – trí “Skype for Business”

Rapóirtéir: An Ungáir

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 298/05)

Oibriú

1.

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 11 Bhallstát) leis an gCoimisiún gur comhchruinniú de réir bhrí Airteagal 3(1)(a) den Rialachán um Chumaisc é an tIdirbheart.

Gné an Aontais

2.

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 11 Bhallstát) leis an gCoimisiún go mbaineann gné Aontais de réir bhrí Airteagal 1(2) den Rialachán um Chumaisc leis an Idirbheart.

Margaí Táirgí

3.

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 11 Bhallstát) le sainmhínithe an Choimisiúin maidir leis na margaí táirgí ábhartha sa chás seo agus go háirithe:

3.1.

Is éard atá i gcraenacha droichid faoi bhoinn rubair (RTGanna) agus i gcraenacha cruachta uathoibrithe (ASCanna) margaí táirgí ar leithligh;

3.2.

Is éard atá in iompróirí scaradh gabhail, iompróirí tointeála, tarracóirí críochfoirt agus feithiclí treoraithe uathoibrithe (AGVanna) margaí táirgí ar leithligh;

3.3.

Is éard atá i gcruachadóirí rochtana, láimhseálaithe coimeádán folamh agus forcardaitheoirí tromshaothair (> acmhainneacht 10 dtona) margaí táirgí ar leithligh;

3.4.

Is éard atá i leatóirí trealaimh shoghluaiste agus leatóirí trealaimh eile (lena n-áirítear leatóirí craenach) margaí táirgí ar leithligh.

Margaí geografacha

4.

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 11 Bhallstát) le sainmhínithe an Choimisiúin maidir leis na margaí geografacha ábhartha sa chás seo agus go háirithe:

4.1.

Tá margaí RTG agus ASC ar fud LEE ó thaobh raoin de;

4.2.

Is féidir an sainiú beacht margaidh gheografaigh ar iompróirí scaradh gabhail agus iompróirí tointeála a fhágáil oscailte;

4.3.

Tá margaí cruachadóirí rochtana, láimhseálaithe comhéadan folamh agus forcardaitheoirí tromshaothair (> acmhainneacht 10 dtona) ar fud LEE ó thaobh raoin de;

4.4.

Tá na margaí leatóirí trealaimh shoghluaiste ar fud LEE ó thaobh raoin de.

Measúnú Iomaíoch

5.

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 11 Bhallstát) le measúnú an Choimisiúin go gcuirfeadh an tIdirbheart bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach de thoradh cruthú ceannasachta i ndáil le táirgeadh agus soláthar:

5.1.

RTGanna;

5.2.

Iompróirí scaradh gabhail agus iompróirí tointeála; agus

5.3.

Cruachadóirí rochtana agus forcardaitheoirí tromshaothair (> acmhainneacht 10 dtona).

6.

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 11 Bhallstát) le measúnú an Choimisiúin go gcuirfeadh an tIdirbheart bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach trí dheireadh a chur le bacainní tábhachtacha iomaíocha i ndáil le táirgeadh agus soláthar láimhseálaithe coimeádán folamh agus forcardaitheoirí tromshaothair (> acmhainneacht 10 dtona).

7.

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 11 Bhallstát) le measúnú an Choimisiúin go gcuirfeadh an tIdirbheart bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach de thoradh éifeachtaí ingearacha (foriamh custaiméara) sa mhargadh leatóirí trealaimh shoghluaiste.

8.

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 11 Bhallstát) le measúnú an Choimisiúin nach gcuirfeadh an tIdirbheart bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, i ndáil le táirgeadh agus soláthar:

8.1.

ASCanna;

8.2.

Tarracóirí críochfoirt agus AGVanna; agus

8.3.

Leatóirí craenach.

Gealltanais

9.

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 11 Bhallstát) leis an gCoimisiún go dtugann Gealltanais KAS an 6 Eanáir 2022 a ghabhann leis an aguisín an 20 Eanáir 2022 aghaidh ar an imní i ndáil le hiomaíocht maidir le táirgeadh agus soláthar:

9.1.

RTGanna agus

9.2.

Iompróirí scaradh gabhail agus tointeála.

10.

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 11 Bhallstát) leis an gCoimisiún go dtugann Gealltanais MEQ an 6 Eanáir 2022 aghaidh ar an imní i ndáil le hiomaíocht maidir le táirgeadh agus soláthar:

10.1.

Cruachadóirí rochtana;

10.2.

Láimhseálaithe coimeádán folamh;

10.3.

Forcardaitheoirí tromshaothair (> acmhainneacht 10 dtona); agus

10.4.

Leatóirí trealaimh shoghluaiste.

11.

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 11 Bhallstát) leis an gCoimisiún, faoi réir comhlíontacht iomlán le Gealltanais KAS agus MEQ, nach gcuirfeadh an tIdirbheart bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach nó ar chuid shubstaintiúil de.

Comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach

12.

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 11 Bhallstát) leis an gCoimisiún gur cheart dá bhrí sin an tIdirbheart a dhearbhú mar Idirbheart atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE i gcomhréir le hAirteagal 2(2) agus Airteagal 8(2) den Rialachán um Chumaisc agus le hAirteagal 57 de Chomhaontú LEE.

5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 298/61


Tuarascáil Deiridh an Oifigigh Éisteachta (1)

Cás M.10078 – Cargotec / Konecranes

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 298/06)

1.   

An 28 Bealtaine 2021, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú beartaithe faoina bhfuil sé beartaithe ag Cargotec Corporation (“Cargotec”) cumasc iomlán a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 3(1)(a) den Rialachán um Chumaisc (2) le Konecranes Plc (“Konecranes”) (an tIdirbheart Beartaithe’). Chun críoch na tuarascála seo, tagraítear do Cargotec agus Konecranes le chéile mar “na Páirtithe”.

2.   

An 2 Iúil 2021, ghlac an Coimisiún cinneadh chun imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 6(1)(c) den Rialachán um Chumaisc, toisc gur ardaíodh amhrais thromchúiseacha sa chéad chéim d’imscrúdú an Choimisiúin maidir le comhoiriúnacht an Idirbhirt Bheartaithe leis an margadh inmheánach.

3.   

An 20 Iúil 2021, ghlac an Coimisiún dhá chinneadh de bhun Airteagal 11(3) den Rialachán um Chumaisc inar cheangail sé ar gach ceann de na Páirtithe faoi seach faisnéis a sholáthar arbh ábhar í d’iarraidh ar fhaisnéis roimhe sin. Cuireadh an teorainn ama is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Rialachán um Chumaisc ar fionraí ón 20 Iúil 2021 go dtí an 13 Meán Fómhair 2021.

4.   

An 22 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Coimisiún ráiteas agóidí a cuireadh faoi bhráid na bPáirtithe (“RA”). Tugadh fógra do na Páirtithe maidir le ráiteas agóidí an 25 Deireadh Fómhair 2021 (3) agus deonaíodh sprioc-am go dtí an 9 Samhain 2021 do na Páirtithe chun a gcuid barúlacha a chur isteach.

5.   

Soláthraíodh rochtain do na Páirtithe ar an gcomhad an 25 Deireadh Fómhair 2021 trí bhíthin DVD, agus trí sheomra sonraí arna eagrú idir an 25 Deireadh Fómhair 2021 agus 29 Deireadh Fómhair 2021. Tar éis iarraidh ó na Páirtithe chuig Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta an 29 Deireadh Fómhair 2021, inar iarradh rochtain ar fhaisnéis áirithe arna meas mar fhaisnéis rúnda ag soláthraithe faisnéise tríú páirtí, soláthraíodh rochtain do na Páirtithe ar sé dhoiciméad bhreise idir an 29 Deireadh Fómhair agus an 5 Samhain 2021. Tugadh rochtain bhreise ar chomhad freisin an 3 (4) agus an 21 Nollaig 2021, agus freisin an 17 Eanáir 2022. Ar iarraidh uathu an 22 Nollaig 2021, fuair na Páirtithe leaganacha nach raibh chomh folaithe de dhá dhoiciméad, arna soláthar dóibh an 22 Nollaig 2021 agus an 10 Eanáir 2022 faoi seach.

6.   

Ní bhfuair mé aon ghearán ná aon iarraidh ó na Páirtithe maidir le rochtain ar an gcomhad.

7.   

Idir an 21 Deireadh Fómhair agus an 11 Samhain 2021, cheadaigh mé ocht ngnóthas (iomaitheoirí, soláthróirí agus/nó custaiméirí de chuid na bPáirtithe) mar thríú daoine leasmhara sa chás seo. Soláthraíodh leagan neamhrúnda den ráiteas agóidí do na tríú daoine leasmhara agus tugadh teorainn ama dóibh faoina gcaithfidís a gcuid barúlacha a chur isteach. Chuir beirt tríú daoine leasmhara barúlacha isteach. D’iarr duine díobh freisin freastal ar an éisteacht ó bhéal agus tugadh cead dó.

8.   

An 9 Samhain 2021, chuir na Páirtithe a bhfreagra isteach maidir leis an ráiteas agóidí, i gcomhréir leis an sprioc-am freagartha faoin dáta sin.

9.   

Ina bhfreagra maidir leis an ráiteas agóidí, d’iarr na Páirtithe go dtionólfaí éisteacht fhoirmiúil ó bhéal, rud a bhí ar bun an 16 Samhain 2021. Chuaigh an éisteacht ar aghaidh gan uaim. Níor ardaíodh aon fhadhb ná aon ghearán nós imeachta i ndáil leis an éisteacht.

10.   

An 23 Samhain 2021, chuir an Coimisiún síneadh 20 lá oibre leis an sprioc-am le haghaidh imscrúdú an Choimisiúin, i gcomhréir le hairteagal 10(3) an dara fomhír den Rialachán um Chumaisc.

11.   

An 2 Nollaig 2021, sheol an Coimisiún litir fíoras chuig na Páirtithe, chun gnéithe fíorasacha breise agus/nó cothrom le dáta arna meas ag an gCoimisiún mar ghnéithe a thabharfadh tacaíocht do na réamhchonclúidí ar thángthas orthu sa ráiteas agóidí agus a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun bunús a thabhairt lena chinneadh críochnaitheach.

12.   

An 9 Nollaig 2021, chuir na Páirtithe gealltanais isteach, d’fhonn an tIdirbheart Beartaithe a dhéanamh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE, de bhua Airteagal 8(2) den Rialachán um Chumaisc (na “Gealltanais Tosaigh”). Sheol an Coimisiún tástáil mhargaidh de na Gealltanais Tosaigh sin an lá céanna.

13.   

An 10 Nollaig 2021, chuir na Páirtithe a mbarúlacha i scríbhinn isteach maidir leis an litir fíoras.

14.   

An 6 Eanáir 2022, tar éis dóibh aiseolas a fháil ón gCoimisiún maidir lena nGealltanais Tosaigh, chuir na Páirtithe a ngealltanais athbhreithnithe isteach, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus 10(2) den Rialachán um Chumaisc, d’fhonn an tIdirbheart Beartaithe a dhéanamh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE. An lá céanna, sheol an Coimisiún tástáil mhargaidh ar chuid de na gealltanais athbhreithnithe sin. Tar éis aguisín breise leis an gcuid shonrach sin de na gealltanais athbhreithnithe, arna gcur isteach ag na Páirtithe an 20 Eanáir 2022, tháinig an tacar athbhreithnithe gealltanas chun bheith críochnaitheach (na “Gealltanais Chríochnaitheacha”).

15.   

Leis an dréachtchinneadh dearbhaítear gur comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE atá an tIdirbheart beartaithe, faoi réir chomhlíonadh iomlán na nGealltanas Críochnaitheach.

16.   

Rinne mé athbhreithniú ar an dréachtchinneadh de bhun Airteagal 16(1) de Chinneadh 2011/695/AE agus bainim de thátal as nach ndéileáiltear ann ach amháin le hagóidí ar ina leith a tugadh an deis do na Páirtithe a gcuid tuairimí a chur in iúl.

17.   

Mar gheall ar an méid thuas, measaim gur urramaíodh feidhmiú éifeachtach na gceart nós imeachta sna himeachtaí reatha.

An Bhruiséil, 15 Feabhra 2022.

Dorothe DALHEIMER


(1)  De bhun Airteagail 16 agus 17 de Chinneadh 2011/695/AE ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 13 Deireadh Fómhair 2011 maidir le feidhm agus téarmaí tagartha an oifigigh éisteachta in imeachtaí iomaíochta áirithe, (IO L 275, 20.10.2011, lch. 29) (“Cinneadh 2011/695/AE”).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(3)  Soláthraíodh réamhchóip faisnéise neamhfhoirmiúil den ráiteas agóidí do na Páirtithe an 22 Deireadh Fómhair 2021.

(4)  Eagraíodh seomra sonraí eile freisin an 6 Nollaig 2021.


5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 298/63


Achoimre ar chinneadh ón gCoimisiún

an 24 Feabhra 2022

lena ndearbhaítear comhchruinniú atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE

(Cás M.10078 – Cargotec/Konecranes)

(dá dtugtar fógra faoi dhoiciméad uimhir C(2022) 1070)

(Is é an leagan Béarla an t-aon leagan barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 298/07)

An 24 Feabhra 2022, ghlac an Coimisiún Cinneadh i gcás cumaisc faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (1) , agus go háirithe Airteagal 8(2) den Rialachán sin. Is féidir leagan neamh-rúnda den Chinneadh iomlán a fháil i mBéarla ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, ag an seoladh a leanas: http://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/index.cfm?clear=1&policy_area_id=2

I.   NA PÁIRTITHE

(1)

Tairgeann Cargotec, a bhfuil a cheanncheathrú i Heilsincí, an Fhionlainn, trealamh agus seirbhísí go háirithe le haghaidh láimhseáil lasta i gcalafoirt, i gcríochfoirt, agus le haghaidh iompar long agus iompar ar bóthar. Eagraítear príomhghníomhaíochtaí Cargotec (i) i ngnó Kalmar, a thairgeann trealamh láimhseála coimeádán agus réitigh uathoibrithe críochfoirt; (ii) Hiab, a thairgeann trealamh láimhseála lód ar bóthar; agus (iii) MacGregor, a sholáthraíonn réitigh agus seirbhísí innealtóireachta don tionscal muirí.

(2)

Tairgeann Konecranes, a bhfuil a cheanncheathrú in Hyvinkää, an Fhionlainn trealamh agus seirbhísí go háirithe le haghaidh ardú agus láimhseáil lasta i longchlóis, i gcalafoirt agus i gcríochfoirt. Eagraítear príomhghníomhaíochtaí Konecranes (i) sa ghnó Réitigh Calafoirt, a thairgeann trealamh láimhseála coimeádán agus teicneolaíocht uathoibrithe; (ii) Trealamh Tionsclaíoch, a thairgeann ardaitheoirí, craenacha agus réitigh láimhseála ábhar le haghaidh tionscail mhonaraíochta agus phróiseála.

II.   AN OIBRÍOCHT

(3)

An 28 Bealtaine 2021, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh 139/2004 ón gComhairle (an “Rialachán um Chumaisc”) faoina bhfuil sé beartaithe ag Cargotec Corporation (“Cargotec, an Fhionlainn”) cumasc iomlán a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 3(1)(a) den Rialachán um Chumaisc le Konecranes Plc (“Konecranes, an Fhionlainn”) trí bhíthin cumaisc reachtúil cleachtais ionsúite faoi dhlí na Fionlainne (an “tIdirbheart” agus an “tIdirbheart Beartaithe”) (2). Déantar tagairt do Cargotec agus Konecranes le chéile mar na “Páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu” nó na “Páirtithe”.

(4)

An 2 Iúil 2021, bunaithe ar an imscrúdú tosaigh ar an margadh, d’ardaigh an Coimisiún amhrais thromchúiseacha maidir le comhoiriúnacht an Idirbhirt leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE, agus ghlac sé cinneadh chun imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 6(1)(c) den Rialachán um Chumaisc.

(5)

An 22 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Coimisiún Ráiteas Agóidí (“RA”). Sa Ráiteas Agóidí, leag an Coimisiún amach an réamhthuairim maidir leis an dóigh go gcuirfeadh an tIdirbheart bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach, de réir bhrí Airteagal 2 den Rialachán um Chumaisc. Go háirithe, d’ardaigh an Coimisiún agóidí sa mhargadh craenacha droichid faoi bhoinn rubair (RTGanna), sna margaí iompróirí scaradh gabhail agus tointeála agus sna margaí trealaimh shoghluaiste a leanas: cruachadóirí rochtana, láimhseálaí coimeádán folamh agus forcardaitheoirí tromshaothair (> acmhainneacht 10 dtona). D’ardaigh an Coimisiún ábhar imní freisin maidir le foriamh custaiméara maidir le soláthar leatóirí trealaimh shoghluaiste.

(6)

An 9 Samhain 2021, chuir na Páirtithe a bhfuil Fógra á Thabhairt Acu a bhfreagra isteach ar an Ráiteas Agóidí agus an 16 Samhain 2021, tionóladh an éisteacht ó Bhéal. De réir mar a choinnigh an Coimisiún a chuid agóidí ar bun, an 9 Nollaig 2021, chuir na Páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu gealltanais isteach de bhun Airteagal 8(2) den Rialachán um Chumaisc d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an imní i ndáil le hiomaíocht a sainaithníodh sa Ráiteas Agóidí. I bhfianaise thorthaí na tástála margaidh, chuir na Páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu gealltanais athbhreithnithe isteach an 6 Eanáir 2022. I bhfianaise thorthaí an dara tástáil margaidh, chuir na Páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu aguisín sínithe isteach leis na Gealltanais an 20 Eanáir 2022.

III.   ACHOIMRE

(7)

D’ardaigh an Coimisiún imní i ndáil le hiomaíocht maidir le comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach i ndáil le craenacha droichid faoi bhoinn rubair (RTGanna), iompróirí scaradh gabhail/tointeála, cruachadóirí rochtana, láimhseálaithe coimeádán folamh agus forcardaitheoirí tromshaothair (acmhainneacht > 10 dtona). Ina theannta sin, d’ardaigh an Coimisiún ábhar imní maidir le foriamh custaiméara maidir le soláthar leatóirí trealaimh shoghluaiste.

(8)

Bunaithe ar thorthaí na tástála margaidh, agus ar an measúnú ar na gealltanais, cuireann na gealltanais athbhreithnithe deireadh leis an imní i ndáil le hiomaíocht arna sainaithint ag an gCoimisiún ag eascairt ón Idirbheart beartaithe.

(9)

Dá bhrí sin, tá cinneadh coinníollach ar imréiteach de bhun Airteagal 8(2) den Rialachán um Chumaisc beartaithe lena ghlacadh.

IV.   MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.1.   NA MARGAÍ ÁBHARTHA TÁIRGÍ

(10)

Cuirtear i láthair sa Roinn seo na margaí ábhartha i gcás inar ghlac an Coimisiún an réamhthuairim go gcuirfí bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach mar thoradh ar an Idirbheart. Shainigh agus d’imscrúdaigh an Coimisiún margaí ábhartha eile freisin i gcás ina bhfuil forluí idir gníomhaíochtaí na bPáirtithe, nó i gcás inarbh ann do naisc ingearacha ach nár ardaíodh aon ábhar imní (3).

1.1.1.   An Margadh Craenacha Droichid faoi Bhoinn Rubair

(11)

Is iad na craenacha droichid faoi bhoinn rubair (“RTGanna”) an córas láimhseála clóis is coitianta i gcríochfoirt ina bhfuil coimeádáin mhóra agus clóis stórála coimeádán speisialaithe. Cé go n-oibrítear tromlach mór na RTGanna de láimh, díolann an dá Pháirtí RTGanna uathoibrithe freisin, a rialaítear trí réiteach bogearraí.

(12)

Tá an Coimisiún den tuairim gur dóigh go gcuimsítear leis na margaí i gcomhair RTGanna (arna dtiomáint de láimh nó uathoibrithe) margaí ar leithligh ó chraenacha droichid eile amhail craenacha droichid suite ar iarnród (“RMGanna”) nó craenacha cruachta uathoibrithe (“ASCanna”).

(13)

Baineann an Coimisiún de thátal as freisin nach gcuimsítear le soláthróirí atá gníomhach lasmuigh de LEE bac iomaíoch éifeachtach ar sholáthróirí LEE agus dá bhrí sin tá sé den tuairim gurb ar fud LEE atá an margadh geografach ábhartha chun RTGanna a sholáthar.

1.1.2.   An Margadh Iompróirí Scaradh Gabhail agus Tointeála

(14)

Tá iompróirí scaradh gabhail agus tointeála araon feistithe ar rothaí agus tá struchtúr ardaithe orthu a fhágann go bhfuil siad in ann coimeádáin a ardú. Tá iompróirí scaradh gabhail in ann ceithre choimeádán a ardú agus a chruachadh os cionn a chéile. Úsáidtear iad freisin chun coimeádáin a iompar ón gclós agus chuig an gclós, agus freisin chun trucailí ardáin agus carranna iarnróid a luchtú/dhíluchtú. Tá iompróirí tointeála mar an gcéanna a bheag nó a mhór le hiompróirí scaradh gabhail ach tá a gcosa níos giorra, agus úsáidtear iad go príomha dá bhrí sin chun coimeádáin a iompar (gan iad a chruachadh).

(15)

Tá an Coimisiún den tuairim gurb éard atá in iompróirí scaradh gabhail agus tointeála margadh táirgí ar leith ó chineálacha eile trealaimh cothrománaigh agus trealaimh cruachta amhail craenacha droichid. Is féidir fo-dheighilt eile, is í sin, go hiompróirí scaradh gabhail agus iompróirí tointeála a fhágáil oscailte sa deireadh thiar, toisc go n-ardaítear imní san Idirbheart Beartaithe faoi gach ceann de na deighiltí sin agus maidir leis an margadh foriomlán.

(16)

Measann an Coimisiún gur féidir treoirmharcáil bheacht an mhargaidh gheografaigh a fhágáil oscailte chun críocha an Chinnidh seo toisc go n-ardaítear imní san Idirbheart Beartaithe faoi na margaí ar fud LEE nó na margaí geografacha domhanda araon.

1.1.3.   Margaí Trealaimh Shoghluaiste

(17)

Úsáidtear trealamh soghluaiste go príomha chun coimeádáin, lastas eile agus racaí cothroma a iompar agus a ardú i gcríochfoirt. Áirítear leis de ghnáth láimhseálaithe coimeádán (folamh nó lán) agus forcardaitheoirí in éineacht le cruachadóirí rochtana. Úsáideann cuideachtaí tionsclaíocha agus lóistíochta an trealamh sin freisin.

(18)

Tá búm le leatóir ar na cruachadóirí rochtana a bheireann greim ar an gcoimeádán ón mbarr, rud a ligeann dó oibriú cúpla ró ar domhain (i.e. tá siad in ann coimeádáin atá suite sa dara nó sa tríú ró de chruach coimeádán a shroicheadh).

(19)

Is forcardaitheoirí feistithe iad na láimhseálaithe coimeádán folamh nach bhfuil in ann coimeádáin a chruachadh ach sa chéad ró amháin. Tá acmhainneacht ardaithe níos ísle acu ná mar atá ag láimhseálaithe coimeádán lán agus úsáidtear iad chun coimeádáin gan lucht a chruachadh, suas le hocht gcoimeádán os cionn a chéile de ghnáth.

(20)

Is forcardaitheoirí feistithe iad na forcardaitheoirí tromshaothair (acmhainneacht > 10 dtona) a bhfuil forc orthu. Úsáidtear iad le haghaidh raon feidhmeanna ardaithe tromshaothair, lena n-áirítear earraí agus lastas nach mbíonn i gcoimeádáin.

(21)

Measann an Coimisiún gurb éard atá i gcruachadóirí rochtana, láimhseálaithe coimeádán folamh agus forcardaitheoirí tromshaothair (acmhainneacht > 10 dtona) margadh táirgí ar leith, i ngeall go príomha ar inionadaitheacht an-teoranta ó thaobh an éilimh de agus inionadaitheacht theoranta ó thaobh an tsoláthair de.

(22)

Measann an Coimisiún freisin go bhfuil gach ceann de na trí mhargadh táirgí sin ar fud LEE, i ngeall ar shaintréithe a bhaineann le héileamh agus roinnt tosca a bhaineann le soláthar amhail an gá atá le láithreacht réigiúnach.

1.1.4.   Leatóirí

(23)

Is gairis iad leatóirí a úsáidtear chun greim a bhreith ar choimeádáin agus ar lastas aonadaithe, agus sásra glasála acu go hiondúil ag gach cúinne den leatóir a ghreamaíonn de cheithre chúinne an choimeádáin. Úsáidtear iad i ngach cineál craein calafoirt, i roinnt trealamh iompair cothrománach agus i roinnt trealamh soghluaiste.

(24)

Tá an Coimisiún den tuairim gurb éard atá i leatóirí trealaimh shoghluaiste margadh ar leithligh ó chineál eile leatóirí, lena n-áirítear leatóirí craenach, i ngeall nach bhfuil aon inionadaitheacht acu ó thaobh an éilimh de agus inionadaitheacht theoranta acu ó thaobh an tsoláthair de.

(25)

Measann an Coimisiún go bhfuil an margadh geografach ábhartha ar fud LEE ar a laghad.

1.2.   MEASÚNÚ IOMAÍOCH

(26)

Dírítear sa Roinn seo freisin ar na margaí ábhartha inar mheas an Coimisiún go bhféadfadh an tIdirbheart bac suntasach a chur ar iomaíocht éifeachtach.

1.2.1.   Éifeachtaí neamhchomhordaithe cothrománacha sa mhargadh le haghaidh RTG

(27)

Sa mhargadh le haghaidh RTGanna, bheadh scair chomhcheangailte [70-80] % in LEE ag an eintiteas cumaiscthe, rud a bheadh trí huaire ní ba mhó ná an chéad iomaitheoir eile, ZPMC. Fad agus a bhí Cargotec ag laghdú ó thaobh scaire de, bhí Konecranes fós ar an gceannaire margaidh gan cheist. Cé gur fhás scair ZPMC le déanaí anuas, tá sé sin bunaithe go príomha ar thairiscint amháin, an ceann is mó riamh a dámhadh in LEE. Thairis sin, mínítear le sainiúlacht éileamh LEE, agus na bacainní arda ar iontráil an chúis nár dhíol imreoirí eile nach bhfuil bunaithe in LEE píosa amháin trealamh RTG le haon chustaiméir le 10 mbliana anuas. Tá soláthróirí LEE eile róbheag le bheith mar rogha mhalartach i ndáiríre ar na Páirtithe. A mhéid a bhaineann le brabúsacht ghnó Cargotec atá ag titim, ní leor an fhianaise a sholáthair na Páirtithe chun a mhaíomh go bhfágfadh Cargotec an margadh d’uireasa an chumaisc.

(28)

Sa dréacht, baineann an Coimisiún de thátal as dá bhrí sin go gcuireann an tIdirbheart mar a fhógraítear é bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach trí cheannasacht a chruthú i margadh LEE le haghaidh RTGanna.

1.2.2.   Éifeachtaí neamhchomhordaithe cothrománacha sa mhargadh iompróirí scaradh gabhail/tointeála

(29)

Sna hiompróirí scaradh gabhail agus tointeála, tharlódh monaplacht as cumasc go bunúsach mar thoradh ar an Idirbheart, le scaireanna [90-100] % ar leibhéal LEE agus ar leibhéal domhanda araon. Cé gur tháinig ZPMC de chuid na Síne isteach sa mhargadh le déanaí, bheadh sé ar an aon iomaitheoir (an-bheag) a bheadh fágtha sa mhargadh. Deimhníodh leis an imscrúdú margaidh nach dóigh go bhfaighidh ZPMC orduithe ar scála mór as seo go ceann 5 bliana.

(30)

Baineann an Coimisiún de thátal as dá bhrí sin go gcuireann an tIdirbheart mar a fhógraítear é bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach trí cheannasacht a chruthú.

1.2.3.   Éifeachtaí neamhchomhordaithe cothrománacha sna margaí trealaimh shoghluaiste

(31)

Sa mhargadh cruachadóirí rochtana, bheadh sciar an-mhór den mhargadh ag an Eintiteas Cumaiscthe (os cionn 70 %) i margadh atá comhchruinnithe go mór cheana féin, mar thoradh ar an Idirbheart. Chuirfeadh sé deireadh freisin le hiomaíocht idir na Páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, a bhíonn i ndlúth-iomaíocht lena chéile agus a bhfuil pleananna acu an scair a fhás. Ina theannta sin, níl dóthain roghanna malartacha ann chun an t-eintiteas cumaiscthe a shrianadh.

(32)

Baineann an Coimisiún de thátal as dá bhrí sin go gcuireann an tIdirbheart mar a fhógraítear é bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach trí cheannasacht a chruthú.

(33)

Sa mhargadh láimhseálaithe coimeádán folamh, chruthódh an tIdirbheart staid cuasa-débheartais ina mbeadh an tEintiteas Cumaiscthe ar an gceannaire margaidh agus sciar mór den mhargadh ([40-50] %) aige agus díreach iomaitheoir mór amháin aige (Hyster). Chuirfeadh an tIdirbheart deireadh le hiomaíocht idir na Páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, a bhí in iomaíocht dhlúth agus ghéar roimh an Idirbheart. Ina theannta sin, níl dóthain roghanna malartacha ann chun an t-eintiteas cumaiscthe a shrianadh. I gcodarsnacht leis sin, is dóigh go laghdódh an tIdirbheart an brú iomaíoch ar iomaitheoirí a bheadh fágtha, rud is dóigh a chruthódh ardú praghsanna den dara hord.

(34)

Baineann an Coimisiún de thátal as dá bhrí sin go gcuirfeadh an tIdirbheart bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, trí dheireadh a chur le bacainní tábhachtacha iomaíocha arna gcur ag na Páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu ar a chéile agus tríd an mbrú iomaíoch a laghdú ar na hiomaitheoirí a bheadh fágtha.

(35)

Sa mhargadh le haghaidh forcardaitheoirí tromshaothair (acmhainneacht > 10 dtona), bheadh sciar an-mhór den mhargadh ag an Eintiteas Cumaiscthe (os cionn 50 %) i margadh atá comhchruinnithe go mór cheana féin, mar thoradh ar an Idirbheart. Chuirfeadh sé deireadh freisin le hiomaíocht idir na Páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, a bhíonn i ndlúth-iomaíocht lena chéile. Ina theannta sin, níl dóthain roghanna malartacha ann chun an t-eintiteas cumaiscthe a shrianadh.

(36)

Measann an Coimisiún dá bhrí sin go gcuirfeadh an tIdirbheart bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach i margadh forcardaitheoirí tromshaothair LEE (acmhainneacht > 10 dtona), trí cheannasacht a chruthú agus trí dheireadh a chur le bacainní tábhachtacha iomaíocha.

1.2.4.   Éifeachtaí foriata ar chustaiméirí sa mhargadh leatóirí trealaimh shoghluaiste

(37)

A mhéid a bhaineann le naisc ingearacha, tá Cargotec gníomhach faoi láthair trí fhochuideachta Bromma i soláthar réamhtheachtach leatóirí trealaimh shoghluaiste. Faigheann Konecranes leatóirí trealaimh shoghluaiste ón monaróir neamhspleách amháin atá ann, Elme. Dá bhrí sin, an t-athrú ar éileamh suntasach Konecranes go Bromma, bheadh tionchar aige sin ar Elme, agus bheadh tionchar aige ar an margadh. Ag glacadh le staid Cargotec sa mhargadh réamhtheachtach, tábhacht Konecranes sa mhargadh iartheachtach, chomh maith le seasamh an dá dhream sa mhargadh réamhtheachtach trealaimh shoghluaiste, bheadh sé de chumas agus de dhreasacht ag an Eintiteas Cumaiscthe Elme a fhoriamh óna chustaiméir tábhachtach.

1.2.5.   Conclúid

(38)

Baintear de thátal sa chinneadh, dá bhrí sin, go n-ardaíonn an comhchruinniú dá dtugtar fógra amhrais thromchúiseacha maidir lena chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach i dtaca le RTGanna, iompróirí scaradh gabhail/tointeála, cruachadóirí rochtana, láimhseálaithe coimeádán folamh agus forcardaitheoirí tromshaothair (acmhainneacht > 10 dtona). Ina theannta sin, ardaíonn an Coimisiún imní maidir le foriamh custaiméara i dtaca le soláthar leatóirí trealaimh shoghluaiste.

1.2.6.   Gnóthais arna gcur isteach ag na Páirtithe

(39)

Chun aghaidh a thabhairt ar an imní réamhluaite i ndáil le hiomaíocht, chuir na Páirtithe na gnóthais ar a dtugtar tuairisc thíos isteach.

(40)

Chun aghaidh a thabhairt ar an imní i margaí RTGanna agus i margaí iompróirí scaradh gabhail agus tointeála, geallann Cargotec a chraenacha calafoirt agus aonad gnó a iompróirí scaradh gabhail/tointeála, ar a dtugtar “Kalmar Automation Solutions” nó “KAS”, a dhífheistiú. Áirítear le Dífheistiú KAS gach sócmhainn inláimhsithe agus doláimhsithe agus an pearsanra ar a dtugtar tuairisc sa Sceideal agus sna Foscríbhinní a ghabhann leis na Gealltanais (“Pacáiste KAS”), i measc nithe eile:

(a)

Gach líne táirgí, fardal gaolmhar d’earraí críochnaithe, comhpháirteanna, amhábhair agus páirteanna spártha, chomh maith leis na huirlisí agus an trealamh a úsáideadh chun an tionscadal arna sheachadadh a shuiteáil ar an láthair.

(b)

Tionscadail forbartha táirgí.

(c)

Comhaontuithe le custaiméirí agus arna iarraidh sin don Cheannaitheoir, comhaontuithe soláthair agus díoltóirí/gníomhaireachta.

(d)

Paitinní, agus cearta maoine intleachtúla eile agus fios gnó atá in úsáid faoi láthair go heisiach nó den chuid is mó ag gnó KAS. Ina theannta sin, arna iarraidh sin don cheannaitheoir, ceadúnas leis na cearta maoine intleachtúla atá in úsáid faoi láthair i dtáirgí atá lasmuigh de raon feidhme an Ghnó Dífheistiúcháin, ach a úsáidtear freisin sa ghnó KAS.

(e)

Tá dífheistiú an bhranda “Kalmar” le húsáid i ndáil le soláthar agus seirbhísiú Craenacha Calafoirt agus trealamh iompair cothrománach, i gcás nach bhfuil branda aitheanta ag an gCeannaitheoir sa tionscal láimhseála ábhar nó sa tionscal trealaimh tromshaothair. Coinníonn na Páirtithe an ceart branda Kalmar a úsáid i ndáil le haon trealamh eile, ach déanfaidh siad idirdhealú air.

(f)

I gcás ina bhfuil branda aitheanta cheana féin ag an gceannaitheoir sa tionscal sin, féadfaidh sé iarraidh nach n-úsáidfidh na Páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu branda Kalmar chun aon chraein calafoirt agus/nó trealamh cothrománach a dhíol ar feadh tréimhse 10 mbliana ón gCur i gCrích. Faoi rogha an cheannaitheora freisin, déanfaidh na Páirtithe agus an ceannaitheoir comhshocruithe chun ligean don cheannaitheoir craenacha calafoirt agus trealamh cothrománach a dhíol ag úsáid bhranda Kalmar ar feadh tréimhse 5 bliana.

(g)

Arna iarraidh sin don cheannaitheoir, aistriú an chonartha cóimeála atá ag Cargotec leis an bhfochonraitheoir Síneach faoi láthair agus an conradh seirbhíse cóimeála críochnaitheach ag PTZ sa Pholainn.

(41)

Réamh-mheastar freisin leis an bpacáiste go ndéanfar dífheistiú ar shuíomh cóimeála Cargotec in Stargard, cé is moite den phearsanra agus na sócmhainní uile arna n-úsáid ag aonad gnó lódálaí-craenach Cargotec, Hiab. Bainfidh Cargotec amach gach sócmhainn agus pearsanra freisin a úsáidtear go heisiach do ghnó threalamh soghluaiste Cargotec faoi réir thuairim an Iontaobhaí Faireacháin agus fhormheas ag an gCoimisiún. Tabharfar aistriú na sócmhainní sin i gcrích laistigh de 24-mhí ón gCur i gCrích. Idir an dá linn, déanfaidh Cargotec agus an ceannaitheoir comhaontú léasa agus seirbhísí idirthréimhseach.

(42)

Ina theannta sin, áirítear leis an bpacáiste clásal láithreach don cheannaitheoir agus critéir shonracha don cheannaitheoir.

(43)

Chun aghaidh a thabhairt ar an imní sna margaí trealaimh shoghluaiste, geallann Konecranes a ghnó a dhífheistiú chun cruachadóirí rochtana, láimhseálaithe coimeádán iomlána, láimhseálaithe coimeádán folamh, chomh maith le forcardaitheoirí agus páirteanna spártha agus tacaíocht theicniúil (an “Pacáiste MEQ”) a mhonarú, agus a thráchtálú. I measc na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe agus an pearsanra atá le dífheistiú tá an méid a leanas:

(a)

Taighde agus forbairt maidir le trealamh soghluaiste Konecranes, suíomh monaraíochta agus lárionad dáileacháin le haghaidh páirteanna spártha lonnaithe sa tSualainn agus an suíomh monaraíochta agus lárionad dáileacháin páirteanna spártha sa tSín;

(b)

Gach líne táirgí do threalamh soghluaiste; an fardal reatha uile d’earraí críochnaithe, comhpháirteanna, amhábhair agus páirteanna spártha, lena n-áirítear comhaontuithe seirbhíse idirthréimhseacha le haghaidh stóráil páirteanna spártha, chomh maith leis an trealamh monaraíochta, tástála agus seirbhísithe.

(c)

Tionscadail T&F agus tionscadail phíblíne agus faisnéis ghaolmhar.

(d)

Comhaontuithe le custaiméirí, dáileoirí, gníomhairí agus comhaontuithe soláthair arna ndéanamh ag an gcuid eintiteas dlítheanach den Ghnó Dífheistiúcháin.

(e)

Úsáidfidh Konecranes a dhícheall réasúnach chun comhaontuithe a aistriú maidir le soláthar trealaimh shoghluaiste, nach ndearna an chuid eintiteas dlítheanach den Ghnó Dífheistiúcháin. I gcás nach n-aontódh custaiméirí leis an aistriú, úsáidfidh Konecranes a dhícheall chun réiteach eile a fháil chun an gnó ábhartha a aistriú.

(f)

Brandaí, paitinní, cearta deartha agus teicneolaíocht agus fios gnó maoine intleachtúla eile a úsáidtear faoi láthair go heisiach nó den chuid is mó i ngnó trealaimh shoghluaiste.

(g)

Arna iarraidh sin don Cheannaitheoir, ceadúnas chun branda Konecranes a úsáid chun an fardal atá ann cheana agus páirteanna spártha táirgí trealaimh shoghluaiste a dhíol agus tréimhse “múchta” nach mbeidh cead ag ceachtar de na Páirtithe ná ag an gCeannaitheoir táirgí trealaimh shoghluaiste a dhíol lena linn faoi bhranda Konecranes.

(h)

Arna iarraidh sin don cheannaitheoir, soláthróidh Konecranes ceadúnas a bheidh ag gabháil leis na paitinní sin agus le maoin intleachtúil, teicneolaíocht agus fios gnó eile arna n-úsáid ag Konecranes go príomha i dtáirgí atá lasmuigh de raon feidhme Ghnó Dífheistiúcháin MEQ ach a úsáidtear freisin sa ghnó trealaimh shoghluaiste;

(i)

Arna iarraidh sin don Cheannaitheoir tairgfidh Konecranes comhaontuithe seirbhísí idirthréimhseacha freisin, lena n-áirítear: cianfhaireachán leictreonach agus ardáin bainistíochta cothabhála. Maidir le TruConnect, faoi rogha an cheannaitheora, féadfaidh Konecranes in ionad sin dúbláil de TruConnect a sholáthar don trealamh soghluaiste.

(44)

Áirítear clásal láithreach don cheannaitheoir freisin leis an bpacáiste seo.

1.2.7.   Measúnú ar na gnóthais arna gcur isteach

(45)

Measann an Coimisiún go mbaineann pacáiste KAS an forluí cothrománach iomlán a cruthaíodh leis an Idirbheart in RTGanna agus sna margaí iompróirí scaradh gabhail agus tointeála freisin. Tá gnó inmharthana neamhspleách i bpacáiste KAS freisin ar féidir leis dul in iomaíocht go héifeachtach leis an Eintiteas Cumaiscthe ar bhonn marthanach. Go háirithe, fágann baint amach droim ar ais ghléasra Stargard agus an cheadúnais agus tréimhse múchta bhranda Kalmar ina dhiaidh sin, go háirithe, go rannchuidíonn siad sin le tarraingteacht agus le hinmharthanacht an ghnó dífheistiúcháin. Ina theannta sin, leis an gclásal láithreach don cheannaitheoir mar aon le cead an Choimisiúin a éilítear chun aon sócmhainn a choinneáil i ngléasra Stargard, maolaítear cur chun feidhme na rioscaí a bhaineann le dífheistiú den sórt sin.

(46)

Measann an Coimisiún go mbaineann pacáiste MEQ na forluití cothrománacha sna margaí trealaimh shoghluaiste agus an riosca a bhaineann le foriamh custaiméara sa mhargadh leatóirí trealaimh shoghluaiste. Áirítear le pacáiste MEQ freisin gnó inmharthana agus iomaíoch ar féidir leis dul in iomaíocht go héifeachtach leis an Eintiteas Cumaiscthe ar bhonn marthanach. Ina theannta sin, áirithítear leis an gclásal láithreach don cheannaitheoir nach gcuirfear an tIdirbheart chun feidhme ach amháin nuair a bheadh ceannaitheoir formheasta ag an gCoimisiún, rud a chuirfidh teorainn le haon riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcur chun feidhme.

(47)

Ina dhréachtchinneadh, bhain an Coimisiún, dá bhrí sin, de thátal as, ar bhonn na ngnóthas arna gcur isteach ag na Páirtithe, nach gcuirfear bac suntasach ar iomaíocht sna margaí seo a leanas mar thoradh ar an gcomhchruinniú dá dtugtar fógra: RTGanna, iompróirí scaradh gabhail agus tointeála, cruachadóirí rochtana, láimhseálaithe coimeádán folamh, forcardaitheoirí tromshaothair agus leatóirí trealaimh shoghluaiste.

V.   CONCLÚID

(48)

Ar na cúiseanna thuasluaite, is é conclúid an chinnidh sin, an comhchruinniú beartaithe faoi réir comhlíontacht iomlán leis na gnóthais arna dtabhairt ag na Páirtithe, ní cuirfidh sé bac suntasach ar an iomaíocht éifeachtach sa Mhargadh Inmheánach nó i gcuid shubstaintiúil de.

(49)

Ba cheart dá bhrí sin an tIdirbheart a dhearbhú mar Idirbheart atá comhoiriúnach leis an Margadh Inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) agus Airteagal 8(2) den Rialachán um Chumaisc agus le hAirteagal 57 de Chomhaontú LEE, faoi na coinníollacha agus na hoibleagáidí atá beartaithe chun a áirithiú go gcomhlíonann na gnóthais lena mbaineann na gealltanais a rinne siad vis-à-vis leis an gCoimisiún.

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lgh. 1.

(2)  Foilseachán in IO C 215, 7.6.2021, lch. 8.

(3)  Baineann na margaí seo leis an bhforluí cothrománach sa mhargadh craenacha long go cladach, sa mhargadh craenach droichid suite ar iarnród agus sa mhargadh craenacha cruachta uathoibríocha, an forluí a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh feithiclí treoraithe uathoibrithe agus sa mhargadh tarracóirí críochfoirt, chomh maith leis an nasc ingearach idir margadh na leatóirí craenach (réamhtheachtacha) agus craenacha cuain shoghluaiste (iartheachtacha).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 298/70


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10814 – HEDIN / MOTOR-CAR)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 298/08)

1.   

An 28 Iúil 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Hedin Group (an tSualainn),

Oibríochtaí Wiesenthal Autohandels AG sa tSlóvaic, lena gcuimsítear Motor-Car Bratislava spol s.r.o (“Motor-Car”, an tSlóvaic) agus Mercedes-Benz Financial Services Slovakia s.r.o. (“MBFSS”, an tSlóvaic).

Gheobhaidh Hedin Group rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Motor-Car ina iomláine, chomh maith le leasanna neamh-urlámhais in MBFSS.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Hedin Group gníomhach i mórdhíol agus miondíol mótarfheithiclí nua agus páirt spártha buntrealaimh, in imdháileadh miondíola mótarfheithiclí agus páirt spártha athláimhe agus i ndeisiú agus cothabháil mótarfheithiclí sa tSualainn, sa Bheilg, sa Ghearmáin, san Ísiltír, san Iorua, san Eilvéis agus san Fhionlainn,

Tá Motor-Car gníomhach in imdháileadh miondíola mótarfheithiclí agus páirt spártha agus i ndeisiú agus cothabháil mótarfheithiclí sa tSeicia, san Ungáir agus sa tSlóvaic den chuid is mó,

Tá MBFSS gníomhach i soláthar seirbhísí maoinithe agus léasaithe a bhaineann le himdháileadh feithiclí de chuid bhrandaí Daimler sa tSlóvaic.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10814 – HEDIN / MOTOR-CAR

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 298/72


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 298/09)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AR AN DOICIMÉAD AONAIR

“Coteaux Varois en Provence”

PDO-FR-A0725-AM02

Dáta teachtaireachta: 18 Bealtaine 2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Ainm an tsonrúcháin

Rinneadh litriú an tsonrúcháin “Coteaux Varois en Provence” a chomhchuibhiú síos tríd an tsonraíocht trí cheannlitir a úsáid don “V” in “Varois”.

Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

2.   Limistéir ina dtugtar faoi na hoibríochtaí éagsúla

Leasaíodh Caibidil I den tsonraíocht táirge don sonrúchán “Coteaux Varois en Provence”, cuireadh le pointe “IV – Criosanna agus limistéir ina dtugtar faoi na hoibríochtaí éagsúla” trí thagairt don Chód Geografach Oifigiúil, ina n-aithnítear agus ina liostaítear na bardais de réir roinne ar an leibhéal náisiúnta. Leis an leasú eagarthóireachta sin, ligtear don limistéar geografach a bheith aitheanta le tagairt do leagan 2020 den Chód Tíreolaíoch Oifigiúil, a choinníonn an Institiúid Náisiúnta Staidrimh agus Staidéar Eacnamaíoch (INSEE) cothrom le dáta agus a thugann deimhneacht dhlíthiúil don sainiú ar an limistéar geografach.

Cuireadh an tagairt chéanna leis an doiciméad aonair faoi na ceannteidil “Limistéar geografach” agus “Limistéar díreach in aice láimhe”.

3.   Bainistíocht fíonghort

Leasaíodh Caibidil I den tsonraíocht táirge don sonrúchán “Coteaux Varois en Provence”, rinneadh pointe “VI – Bainistíocht fíonghort” a thabhairt cothrom le dáta a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le dlús plandaithe. Baineadh an líon íosta plandaí in aghaidh an heicteáir. Ríomhtar an dlús plandaithe i ndáil le hachar uasta in aghaidh an phlanda de 2,5 méadar cearnach. Faightear an t-achar dromchla sin tríd an spásáil idir na línte a iolrú faoin spásáil idir na fíniúnacha. Níor cheart don achar idir línte a bheith níos mó ná 2,5 méadar, agus ba cheart don achar idir fíniúnacha sa líne chéanna a bheith 0,80 méadar ar a laghad.

Leasaíodh an doiciméad aonair faoin bpointe “Cleachtais fíonóireachta”.

4.   Bearta a bhaineann le margaíocht fíona

Leasaíodh Caibidil I den tsonraíocht táirge le haghaidh an tsonrúcháin “Coteaux Varois en Provence” faoi phointe “IX. 4 – Forálacha a bhaineann leis an bhfíon a chur ar an margadh lena dhíol le tomhaltóirí” chun deireadh a chur leis an dáta ónar féidir na fíonta a bheith i gcúrsaíocht idir na trádálaithe éagsúla. Agus deireadh á chur leis an dáta sin, ligtear d’fhíonta gluaiseacht faoi shaoirse idir trádálaithe a luaithe agus a thagann deireadh leis an bhfíonóireacht.

Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

5.   Ceanglais maidir le dearbhú

Leasaíodh Caibidil II den tsonraíocht táirge don sonrúchán “Coteaux Varois en Provence” faoi phointe 3. “Dearbhú roimh an mbuidéalú/an bpacáistiú” chun a shonrú go simplí nach mór d’aon oibreoir ar mian leis fíon atá cumhdaithe faoin sonrúchán a bhuidéalú/a phacáistiú dearbhú buidéalaithe/pacáistithe don bhaisc lena mbaineann a chur faoi bhráid an chomhlachta cigireachta fhormheasta. Sainítear an bhaisc mar aonad aonfhoirmeach ó choimeádán amháin nó níos mó ná coimeádán amháin. Beidh na nósanna imeachta dearbhaithe a éilítear ar oibreoirí san áireamh sa phlean rialaithe don sonrúchán.

Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

6.   Príomhphointí na sonraíochtaí atá le seiceáil

Leasaíodh Caibidil III den tsonraíocht táirge don sonrúchán “Coteaux Varois en Provence” chun an liosta de phríomhphointí na sonraíochta táirge a úsáidtear chun an fíon a sheiceáil a thabhairt cothrom le dáta.

Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

Tugadh sonraí teagmhála an údaráis rialaithe i gCaibidil III cothrom le dáta freisin. Rinneadh an nuashonrú sin don doiciméad aonair faoi “Shonraí teagmhála” freisin.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Coteaux Varois en Provence

2.   An cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   Tuairisc anailíseach

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Is fíonta dearga, rosé agus geala socra iad na fíonta ag a bhfuil an sonrúchán “Coteaux Varois en Provence”.

Tráth an phacáistithe, níor cheart do mhéid aigéid mhalaigh fíonta dearga a bheith níos airde ná 0,4 gram in aghaidh an lítir.

I ndiaidh an choipthe, bíonn méid siúcra choipigh (glúcós + fruchtós) nach mó ná nó cothrom le 4 g/l ag na fíonta geala agus rosé, agus 3 g/l i gcás na bhfíonta dearga.

Tá neart alcóil nádúrtha íosta de 11 % de réir toirte ag na fíonta.

Tá na critéir anailíseacha eile i gcomhréir le rialacha an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   Tuairisc orgánaileipteach

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Tá na trí chineál ó Provence, is iad sin, Cinsaut N, Grenache N agus Syrah N, le fáil sna fíonta rosé, atá tirim agus dath bándearg domhain beoga orthu, agus iad sainiúil mar gheall ar na dea-bholaithe de thorthaí úra agus dearga go minic a bhíonn orthu. Cuireann roinnt bolaithe spíosracha nó “garrigue”, atá cosúil le tím, marós, giolcach shléibhe, aiteal, etc., le castacht na próifíle aramataí a bhíonn orthu uaireanta. Bíonn cothromaíocht mhaith idir úire agus struchtúr sa bhéal ag na fíonta sin.

Tagann na fíonta dearga as cumasc comhchuí cineálacha Grenache N, Syrah N agus Mourvèdre N den chuid is mó. Is fíonta flaithiúla agus dea-struchtúrtha atá iontu agus éiríonn go maith leo agus iad á gcoimeád, bíonn tainniní saibhre agus síodúla acu, agus baineann na bolaithe torthaíocha atá orthu le bolaithe de spíosraí agus scrobarnac garrigue.

Is as cineál Vermentino B a dhéantar na fíonta geala tirime go príomha, agus iad measctha le cineálacha Grenache B, Clairette B, Sémillon B nó Ugni blanc B go minic, cineálacha a mbaineann cumhrán mín leo. Bíonn cothromaíocht mhaith idir úire agus maothlachas acu.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíon oireachta

5.1.   Cleachtais fhíon eolaíocha shonracha

An modh saothraithe

Dlús plandaithe:

Níor cheart don limistéar atá ar fáil le haghaidh gach planda a bheith níos mó ná 2.5 mhéadar cearnach. Faightear an t-achar dromchla sin tríd an spásáil idir na línte a iolrú faoin spásáil idir na fíniúnacha.

Níor cheart don achar idir na línte a bheith níos mó ná 2,5 méadar, agus ba cheart don achar idir fíniúnacha sa líne chéanna a bheith 0,80 méadar ar a laghad.

Déantar prúnáil mheasctha (cuach nó cordon de Royat) ar na fíniúnacha;

Tá uasmhéid de 6 spor ar a bhfuil uasmhéid de 2 bhachlóg ag gach fíniúin, nó uasmhéid de 12 bhachlóg in aghaidh na fíniúna.

Is féidir prúnáil cána (modh “Guyot”) a dhéanamh ar chineálacha Cabernet-Sauvignon N agus Syrah N, le huasmhéid de 10 mblachlóg in aghaidh na fíniúna, lena n-áirítear 8 mblachlóg ar an adhmad fada.

Ní cheadaítear uisciú le linn shéasúr fáis na bhfíniúnacha ach amháin má chuireann triomach leanúnach isteach ar fhorbairt fhiseolaíoch cheart na bhfíniúnacha agus ar aibiú na bhfíonchaor.

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Agus fíonta rosé á dtáirgeadh, ceadaítear úsáid a bhaint as gualach fíoneolaíoch le haghaidh úrfhíonta agus fíonta óga atá fós faoi choipeadh tar éis iad a fháisceadh. Tá sé sin teoranta do 20 % de thoirt na bhfíonta rosé arna dtáirgeadh ag an déantóir fíona aonair le haghaidh gach buainte.

Leis na cleachtais fíonóireachta a ndéantar dá réir, ní mór rialacha an Aontais agus an Chóid Tuaithe agus Iascaireachta Muirí a chomhlíonadh mar aon leis na forálacha thuas.

5.2.   Uastáirgeacht

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh agus a fhorbairt sna bardais a leanas de roinn Var, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2020: Barjols, Bras, Brignoles, Brue-Auriac, Camps-la-Source, La Celle, Châteauvert, Forcalqueiret, Garéoult, Méounes-lès-Montrieux, Nans-les-Pins, Néoules, Ollières, Pontevès, Rocbaron, La Roquebrussanne, Rougiers, Saint-Maximin-la-Sainte-Baume, Saint-Zacharie, Sainte-Anastasie-sur-Issole, Salernes, Seillons-Source-d’Argens, Signes, Tavernes, Tourves, Le Val, Varages agus Villecroze.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Cabernet-Sauvignon N

Carignan N

Cinsaut N – Cinsault

Clairette B

Grenache N

Grenache blanc B

Mourvèdre N – Monastrell

Sémillon B

Syrah N – Shiraz

Tibouren N

Ugni blanc B

Vermentino B – Rolle

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.   Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc

Tá an limistéar geografach mar chuid de réigiún nádúrtha “aolchloch Provence”. Agus sléibhte réigiún Toulon agus Sainte-Baume ag an teorainn ó dheas, Barre de Saint-Quinis, agus ardchlár Canjuers sa tuaisceart agus Mount Aurélien agus aill Sainte-Victoire san iarthar, is féidir an réigiún a aithint ó na rilífí suntasacha ag airde idir 600 m agus os cionn 1 000 méadar os cionn leibhéal na mara ar mhasaíf Saint-Baume. Cumhdaítear 28 mbardas leis i roinn Var agus iad grúpáilte timpeall Brignoles.

Laistigh den limistéar geografach, rinneadh na dáileachtaí le haghaidh buaint fíonchaor a críochú go beacht i gcomhréir leis na gnáthchleachtais chun cinneadh a dhéanamh faoin áit is fearr le fíonghoirt a chur.

Tá a gheolaíocht agus a thopagrafaíocht saintréitheach, ar thaobh amháin, mar gheall ar shraith de mhachairí cré-aolchloiche a bhfuil a dtreoshuíomh anoir siar, ag athrú idir limistéir de “gravettes” (téarma áitiúil a chuireann sil-leagan carraigeach glárach agus snaíochair in iúl) agus breochloch, agus ar an taobh eile, mar gheall ar ardchlár ard ina bhfuil foirmíochtaí Triasacha áit a dtionscnaíonn príomh-aibhneacha Var.

Mar gheall ar airde an limistéir fíonsaothrúcháin, idir 350 méadar agus 500 méadar le haghaidh na gceapacha is airde, agus masaífí carraigeacha cailcreacha atá ann a chuireann cosc ar thionchair mhuirí, baineann saintréithe ilchríochacha leis an aeráid Mheánmhara atá sa limistéar geografach, mar a léirítear i leathadh na darach cuilinn i réigiún Brignoles agus na darach gallda sa tuaisceart. Bíonn an bháisteach bhliantúil idir 700 mm agus 900 mm agus na meánteochtaí thart ar13 °C. Bíonn an fómhar agus an t-earrach an-séimh go minic. Bíonn teochtaí arda i gcaitheamh an lae uaireanta sa samhradh, agus iad maolaithe ag oícheanta níos fuaire. Bíonn an geimhreadh an-fhuar agus crua, agus níos géire dá an chuid eile de réigiún Provençale.

Tá an limistéar fíonsaothrúcháin, atá neadaithe idir masaífí aolchloiche ar a bhfuil coilltí, ar chré breochloiche agus ag bunchnoic fánaí aolchloiche atá cumhdaithe le gairbhéal carraigeach. Tá na gleannta caol agus imchuacha ag airdí éagsúla acu. Is éard atá le fáil mórthimpeall an limistéir an limistéar geografach a chumhdaíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Côtes de Provence” agus “Coteaux d’Aix-en-Provence”, ach tá sé sainiúil mar gheall ar an nádúr a bhaineann leis na hithreacha aolchloiche (nó ithreacha cré-aolchloiche) ar fad agus an aeráid níos fuaire atá le fáil ann.

8.2.   Tuairisc ar na tosca daonna is ábhartha don nasc

Cé gur cuireadh fíniúnacha san áit seo ó ré na Rómhánach, cuireadh stop le scaipeadh na bhfíonghort i ndiaidh ionraí na mbarbarach sa 5ú agus sa 6ú haois. Bhí fíonghoirt faoi rath arís níos deireanaí, tráth a spreag na manaigh i Mainistir Victor, agus na Teamplóirí agus Cuntaí Provence ina dhiaidh sin, agus cónaí orthu in Brignoles, iad. Is sa cheantar áitiúil go príomha a d’óltaí an fíon a dhéantaí, go háirithe ag Cuntaí Provence nó ag Parlaimint Aix, ó na Meánaoiseanna go dtí deireadh an 19ú haois.

Bhíodh na feirmeoirí in ann maireachtáil ann go neamhthuilleamaíoch mar gheall ar an suíomh ilchríochach, ag saothrú fíniúnacha, gránach agus crann ológ ar aon dáileacht amháin, rud a chruthaigh tírdhreach coillearnach tipiciúil.

Mar is amhlaidh an cás do limistéar fíonsaothrúcháin iomlán Provence, tá an raon cineálacha an-éagsúil mar thoradh ar mhalartuithe thar chainéil cumarsáide idir an Spáinn, an Iodáil agus gleann Rhône, cainéil a thrasnaíonn an limistéar geografach. Roghnaíodh dosaen cineálacha fíonchaoire de réir a chéile mar gheall gur oiriúnaigh siad do shaintréithe an limistéir agus ar an acmhainneacht a bhain leo chun fíonta ar ardchaighdeán a tháirgeadh, lena n-áirítear Cinsaut N, Grenache N agus Grenache blanc B, Mourvèdre N, Syrah N, Tibouren N, Carignan N, Clairette B, Ugni B agus Vermentino B (ar a dtugtar “Rolle” go háitiúil).

Forbraíodh mianaigh báicsíte timpeall Brignoles ag deireadh an 19ú haois agus chuidigh sé sin le forbairt fíonsaothrúcháin a spreagadh i measc mianadóirí ar theastaigh uathu ioncam breise a thuilleadh. Mhéadaigh an fhorbairt sin i saothrú fíonghort an tionchar a bhí ag comharchumainn fíonsaothraithe, a tháinig chun cinn ag tús an 20ú haois agus a bhí bunaithe go han-mhaith i lár Roinn Var.

Chonacthas an t-ainm “Coteaux varois” den chéad uair in 1945 i rialachán inar socraíodh praghsanna fíonta. Sainíodh in Ordú an 29 Eanáir 1975, arna forlíonadh le hOrdú eile an 18 Nollaig 1978, an limistéar táirgthe le haghaidh “Vin de Pays des Coteaux varois”. Aithníodh in Ordú an 28 Meitheamh 1984 an sonrúchán tionscnaimh “Coteaux varois” mar “vin délimité de qualité supérieure” (fíon ag a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh d’ardchaighdeán). Aithníodh an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint an 26 Márta 1993 faoin ainm “Coteaux varois” agus mar “Coteaux varois en Provence” an 2 Lúnasa 2005.

In 2009, tháirg 81 fhíonghort phríobháideacha agus 10 bhfíonghort chomhoibritheacha 117 500 heictilítear ar 2 560 heicteár.

Bhí fíonta rosé mar 85 % den táirgeadh, fíonta dearga mar 12,5 % agus fíonta geala mar 2,5 %.

8.3.   Idirghníomhaíochtaí cúisíocha

An aeráid Mheánmhara agus an tionchar ilchríochach uirthi, aeráid atá níos fuaire ná limistéir mhuirí, agus é sin i dteannta ithreacha carraigeacha cré-aolchloiche agus córas uisce cothrom a théann go héasca, cuireann na gnéithe sin aibiú na bhfíonchaor agus na bpolaifeanól chun cinn trí strus maidir le huisce a theorannú. An tsealaíocht idir oícheanta fuara agus laethanta teo, agus an tsealaíocht sin sonrach don limistéar geografach le linn an tsamhraidh, cuidíonn sé sin le cáilíocht agus aibiú polaifeanól, go háirithe le linn na tréimhse díreach roimh an mbuaint. Tá an tsaintréith pholaifeanóil sin ar cheann de na cúiseanna a mbíonn tainniní saibhre agus míne ag na fíonta dearga.

Bíonn tionchar ag an Mistral, gaoth crua aduaidh a bhíonn fuar agus tirim, ar na fíonghoirt, agus glanann an ghaoth sin na fíonghoirt i rith an timthriall fáis trí fhorbairt galair chrioptagamacha a chosc, go háirithe i ndiaidh na stoirmeacha a bhíonn ann go minic i mí Lúnasa.

Spreagann na saintréithe sin uile táirgeadh buainte aibí agus tiubhaithe atá sláintiúil agus a tháirgeann fíonta torthaíocha agus casta ag a mbíonn cothromaíocht dheas agus shainiúil idir maothlachas agus beocht.

Tá méadú ag teacht ar an tóir agus ar an gcáil atá ar fhíonta ag a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Coteaux Varois en Provence”, fíonta ó chroí Provence, a bhuí le spleodracht na dtáirgeoirí a thairbhíonn de “Theach Fíonta” atá bunaithe in iarmhainistir La Celle, áit suaimhnis agus tearmainn. Agus í taobh le caolsráid cufróige, athraíodh an garraí daingean a bhíodh sa mhainistir go fíonghort Francach, áit a bhfuil bailiúchán de níos mó ná 80 cineál fíonchaoire le fáil.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú ag maolú maidir le táirgeadh fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2020:

Roinn Var: Besse-sur-Issole, Carcès, Correns, Cotignac, Cuers, Entrecasteaux, Flassans-sur-Issole, Montfort-sur-Argens, Pierrefeu-du-Var agus Pourcieux;

Roinn Bouches-du-Rhône: Auriol.

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

a)

D’fhéadfaí an t-aonad geografach níos mó “Vin de Provence” a shonrú ar lipéad an fhíona.

Níor cheart do mhéid na litreacha don aonad geografach sin a bheith níos mó, in airde ná ar leithead, ná an méid a úsáidtear le haghaidh na litreacha lena ndéantar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint.

Ní mór don aonad geografach níos mó “Vin de Provence” a bheith le feiceáil sa réimse radhairc céanna le hainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

b)

Féadfar aonad geografach níos lú a shonrú ar lipéid na bhfíonta, ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas:

ainm áite is ea é atá liostaithe i gclárlann na talún;

bíonn sé le feiceáil ar an dearbhú buainte.

Na litreacha a úsáidfear chun ainm na háite a phriontáil, ní bheidh siad níos mó ná leath de mhéid na litreacha ina scríobhtar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, ó thaobh airde ná leithid de.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-56db90a9-1adb-44fb-806d-d89e584cfdf9


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.