ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 288

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
29 Iúil 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 288/01

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Rialachán (Euratom) Uimh. 1493/93 ón gComhairle maidir le loingsiú substaintí radaighníomhacha idir na Ballstáit

1

2022/C 288/02

Fógra ón gCoimisiún i dtaca le treoirlínte maidir leis an nós imeachta i ndáil le creidiúnú, formheas agus údarú oibreoirí neamhspleácha chun rochtain a fháil ar ghnéithe slándála feithicle a leagtar síos in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858

7

2022/C 288/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10624 — ENEL / INTESA / JV) ( 1 )

33


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 288/04

Rátaí malairte an euro — 28 Iúil 2022

34

 

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

2022/C 288/05

Achoimre ar an Tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faoin Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil in mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS website https://edps.europa.eu)

35


 

V   Fógairtí

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 288/06

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

38

2022/C 288/07

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

43

2022/C 288/08

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

46


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 288/1


Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Rialachán (Euratom) Uimh. 1493/93 ón gComhairle maidir le loingsiú substaintí radaighníomhacha idir na Ballstáit

(2022/C 288/01)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (Euratom) Uimh. 1493/93 ón gComhairle, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 iad, a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún mar aon leis an bhfaisnéis ar fad gá chun dul i dteagmháil go tapa leis na húdaráis sin. Cuirtear de cheangal ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon athrú ar na sonraí sin.

Cuirtear de cheangal ar an gCoimisiún an fhaisnéis sin agus aon athrú uirthi a chur in iúl do na húdaráis inniúla go léir

sa Chomhphobal agus í a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Cuirtear an Teachtaireacht seo ón gCoimisiún in ionad Theachtaireacht 2015/C 290/01 ón gCoimisiún maidir le Rialachán (Euratom) Uimh. 1493/93 ón gComhairle maidir le loingsiú substaintí radaighníomhacha idir na Ballstáit (IO C 290, 4.9.2015, lch 1).

Tugtar thíos liosta na n-údarás inniúil sna Ballstáit agus an fhaisnéis uile is gá chun cumarsáid a dhéanamh leo go tapa.

Údaráis inniúla dá dtagraítear i Rialachán (Euratom) Uimh. 1493/93 ón gComhairle maidir le loingsiú substaintí radaighníomhacha idir na Ballstáit

An Ostair

Zentrales Strahlenquellenregister

Bundesministerium für Klimaschutz, Umwelt, Energie, Mobilität, Innovation und Technologie

Abteilung V/8 — Strahlenschutz

Untere Donaustraße 11

1020 Wien

Teil. +43 171100614406

Rphost: strahlenregister@bmk.gv.at

An Bheilg

Federal Agency for Nuclear Control (FANC)

Security & Transport Department

Import & Transport Office

Rue Ravensteinstraat 36

1000 Bruxelles/Brussel

Teil. +32 22892181

Rphost: transport@fanc.fgov.be

Idirlíon: www.fanc.fgov.be

An Bhulgáir

Nuclear Regulatory Agency

Blvd. “Shipchenski Prohod” 69

1574 Sofia

Teil. +359 29406801

Facs +359 29406919

+359 29406889

Rphost: mail@bnra.bg

Idirlíon: www.bnra.bg

An Chróit

Ministry of the Interior

Civil Protection Directorate

Sector for Radiological and Nuclear Safety

Facs +385 13788599

Rphost: sector.rns@civilna-zastita.hr

https://civilna-zastita.gov.hr/podrucja-djelovanja/83

An Chipir

Radiation Inspection and Control Service

Department of Labour Inspection

Ministry of Labour, Welfare and Social Insurance

Apellis Street 12

1080 Nicosia

Teil. +357 22405623

Facs +357 22663788

Rphost: info@dli.mlsi.gov.cy

Idirlíon: www.mlsi.gov.cy/dli

Poblacht na Seice

State Office for Nuclear Safety

Register and Exposure Assessment Division

Senovážné náměstí 9

110 00 Praha 1

Teil. +420 221624255

Facs +420 221624817

Rphost: jan.vinklar@sujb.cz

Idirlíon: www.sujb.cz

An Danmhairg

Danish Health Authority

Radiation Protection

Knapholm 7

2730 Herlev

Teil. +45 44543454

Facs +45 72227417

Rphost: sis@sis.dk

Idirlíon: www.sis.dk

An Eastóin

Environmental Board

Climate and Radiation Department

Kopli 76

10416 Tallinn

Teil. +372 6625999

Facs +372 6807427

Rphost: info@keskkonnaamet.ee

Idirlíon: www.keskkonnaamet.ee

An Fhionlainn

Radiation and Nuclear Safety Authority (STUK)

P.O. Box 14

FI-00881 Helsinki

Teil. +358 9759881

Facs +358 975988500

Rphost:stuk@stuk.fi

Idirlíon: www.stuk.fi

An Fhrainc

Institut de Radioprotection et de Sûreté Nucléaire (IRSN)

Boîte postale 17

31 avenue de la Division Leclerc

BP 17

92260 Fontenay-aux-Roses

Teil. +331 58357754

Facs +331 58359536

Rphost: inventaire@irsn.fr

Idirlíon: www.irsn.fr

An Ghearmáin

Bundesamt für Wirtschaft und Ausfuhrkontrolle (BAFA)

Frankfurter Straße 29-35

65760 Eschborn

Teil. +49 61969080

Facs +49 6196908800

Rphost: radionuklide@bafa.bund.de

Idirlíon: www.bafa.de

An Ghréig

Greek Atomic Energy Commission (EEAE)

Patriarchou Grigoriou and

Neapoleos, P.O. Box 60092

Ag. Paraskevi

153 10 Attica

Τeil. +30 2106506803

Rphost: chairman@eeae.gr

Idirlíon: www.eeae.gr

An Ungáir

Hungarian Atomic Energy Authority

PO Box 676

Budapest 114

1539

Teil. +36 1 4364800

Facs +36 1 4364804

Rphost: haea@haea.gov.hu

Idirlíon: www.oah.hu

Éire

Foireann um Rialáil Cosanta ar Radaíocht

An Oifig Forfheidhmithe i leith cúrsaí Comhshaoil

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

Teach Mhic Chumascaigh

Dea-Radharc

Bóthar Chluain Sceach Baile Átha

Cliath 14

D14 YR62

Teil. +353 12680100

Facs +353 12680199

Rphost: RadRegulatory@epa.ie

Idirlíon: www.epa.ie

An Iodáil

Italian National Institute for Environmental Protection and Research (ISPRA)

Department for Nuclear, Technological and Industrial Risk

Via Vitaliano Brancati 48

00144 Roma

Teil. +39 0650072009

+39 0650072851

Facs +39 0650072941

Rphost: protocollo.ispra@ispra.legalmail.it

Idirlíon: www.isprambiente.gov.it

Ministero dello Sviluppo Economico

Direzione Generale per il Mercato Elettrico,

le Rinnovabili e l’Efficienza Energetica, il Nucleare

Divisione V – Impieghi pacifici dell’energia nucleare, ricerca e gestione di materiali e rifiuti nucleari

Via Molise 6

00187 Roma

Teil. +39 0647052531

+39 0647052639

Facs +39 0647053980

Rphost: dgmereen.segreteria@mise.gov.it

Idirlíon: www.mise.gov.it

An Laitvia

Radiation Safety Centre of

State Environmental Service of Latvia

Rupniecibas Street 23

Riga, LV-1045

Teil. +371 6708 4306

Rphost: pasts@vvd.gov.lv

Idirlíon: www.vvd.gov.lv

An Liotuáin

Radiation Protection Centre

Kalvarijų st. 153

LT-08352 Vilnius

Teil. +370 52361936

Facs +370 52763633

Rphost: rsc@rsc.lt

Idirlíon: www.rsc.lt

Lucsamburg

Directeur de la Santé

Division de la Radioprotection

Villa Louvigny

Allée Marconi

L-2120 Luxembourg

Teil. +352 24785670

Facs +352 467522

Rphost: secretariat.radioprotection@ms.etat.lu

Málta

Radiation Protection Board

OHSA Building

17, Triq Edgar Ferro

Pietà

PTA 3153

Teil. +356 21247677

Facs +356 21232909

Rphost: ohsa.rpb@gov.mt

An Ísiltír

Authority for Nuclear Safety and Radiation Protection (ANVS)

Koningskade 4

2596 EE Den Haag

PO Box 16001

2500 BA Den Haag

Teil. +31 (0) 884890500

Rphost: postbus.transportinfo@anvs.nl

Idirlíon: www.anvs.nl

An Pholainn

National Atomic Energy Agency of the Republic of Poland

Radiation Protection Department

Bonifraterska 17 st.

00-203 Warsaw

Teil. +48 225562800

Facs +48 226213786

Rphost: secretariat.dor@paa.gov.pl

Idirlíon: www.gov.pl/paa

An Phortaingéil

Agência Portuguesa do Ambiente

Rua da Murgueira 9

Zambujal - Alfragide

2610-124 Amadora

Teil. +351 214728200

Teil. +351 214728232

Rphost: geral@apambiente.pt

radiacao@apambiente.pt

Idirlíon: www.apambiente.pt

An Rómáin

National Commission for Nuclear Activities Control (CNCAN)

Blvd. Libertatii nr. 14, sector 5

050706 București

Teil. +40 213160572

Facs +40 213173887

Rphost: office@cncan.ro

Idirlíon: www.cncan.ro

Poblacht na Slóvaice

Public Health Authority of the Slovak Republic

Trnavská cesta 52

826 45 Bratislava

Teil. +421 249284253

+421 249284111

Facs +421 244372619

Rphost: uvzsr@uvzsr.sk

podatelna@uvzsr.sk

Idirlíon: www.uvzsr.sk

An tSlóivéin

Maidir le foinsí radaighníomhacha san earnáil tréidliachta agus in earnáil an leighis:

Ministry of Health

Slovenian Radiation Protection Administration

Ajdovščina 4

SI-1000 Ljubljana

Teil. +386 14788709

Facs +386 147 88715

Rphost: gp-ursvs.mz@gov.si

Idirlíon: www.uvps.gov.si/en/

Maidir le foinsí radaighníomhacha in earnálacha eile (tionscal, taighde):

Ministry of the Environment and Spatial Planning

Slovenian Nuclear Safety Administration

Litostrojska cesta 54

SI-1000 Ljubljana

Teil. +386 14721100

Facs +386 14721199

Rphost: gp.ursjv@gov.si

Idirlíon: www.ursjv.gov.si/en/

An Spáinn

Pointe teagmhála náisiúnta

Consejo de Seguridad Nuclear

C/ Pedro Justo Dorado Dellmans, 11

28040 Madrid

Madrid

Teil. +34 913460100

Facs +34 913460588

Javier Zarzuela

Rphost: jzj@csn.es

Maidir le loingsiú substaintí radaighníomhacha go saoráidí núicléacha, go saoráidí radaighníomhacha den chéad chatagóir nó den dara agus den tríú catagóir, agus na saoráidí radaighníomhacha sin suite i réigiúin Andalucía, Castilla-La Mancha agus Melilla:

Dirección General de Política Energética y Minas

Paseo de la Castellana, 160

28071 Madrid

Madrid

Teil. +34 913497418

Facs +34 913497529

Rphost: Bzn-sgenergianuclear@miteco.es

Maidir le loingsiú substaintí radaighníomhacha go saoráidí radaighníomhacha den dara agus den tríú catagóir agus iad suite sna réigiúin seo a leanas:

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE ASTURIAS

Dirección General de Industria

Plaza de España, 1, 3.a planta

33007 Oviedo

Asturias

Teil. +34 985106676

Facs +34 985106675

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE ARAGÓN

Departamento de Industria, Competitividad y Desarrollo Empresarial

Dirección general de Energía y Minas

Servició de Gestión Energética

Paseo de María Agustín, 36

50004 Zaragoza

Zaragoza

Tel. +34 976714747

Facs +34 976715360

R-phost: gestionenergetica@aragon.es

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE ILLES BALEARS

Consejería de Transición Energética, Sectores Productivos y Memoria Democrática

Dirección General de Política Industrial

Servicio de Actividades Radiactivas

C/ del Bastió d’en Sanoguera, 2

07002 Palma

Illes Balears

Teil. +34 971176570

+34 971177000 + 63550

Facs +34 971176828

Rphost: rx@caib.es

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE CANARIAS

Consejería de Turismo, Industria y Comercio

Dirección General de Industria

Avda. Francisco La Roche, 35, Edificio Usos Múltiples I, 7a planta

38071 Santa Cruz de Tenerife

Santa Cruz de Tenerife

Teil. +34 928899400 (Folíne 89288)

+34 922475000 (Folíne 25216)

Facs +34 922475354

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE CANTABRIA

Consejería de Innovación, Industria, Transporte y Comercio

Dirección General de Industria, Energía y Minas

C/ Albert Einstein, 2

39011 Santander

Cantabria

Teil. +34 942200044

Facs +34 94220 0030

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE CASTILLA Y LEÓN

Consejería de Empleo e Industria

Dirección General de Industria

C/ Jacinto Benavente, 2, pta. 2a, ala norte

47195 Arroyo de la Encomienda

Valladolid

Teil. +34 983324288

Facs +34 983411410

Teil. +34 9833242291

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE CATALUÑA

Departamento de Empresa y Trabajo

Dirección General de Energía, Seguridad Industrial y Seguridad Minera

Servicio de Coordinación de Actividades Radioactivas

C/ Foc, 57, edificio A

08038 Barcelona

Barcelona

Teil. +34 933226633

Facs +34 934393996

Rphost: scar@gencat.cat

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE EXTREMADURA

Consejería para la Transición Ecológica y Sostenibilidad

Dirección General de Industria, Energía y Minas

Paseo de Roma, s/n

06800 Mérida

Badajoz

Teil. +34 924012115

Facs +34 924005601

Rphost: jose.narvaez@juntaex.es

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE GALICIA

Vicepresidencia Segunda y Consejería de Economía, Empresa e Innovación

Dirección General de Planificación Energética y Recursos Naturales

Edificio administrativo San Caetano, s/n, bloque 5, puerta 4.a

15781 Santiago de Compostela

A Coruña

Teil. +34 981545587

Facs +34 981957192

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE LA RIOJA

Consejería de Desarrollo Autonómico Secretaría General Técnica

Servicio de Industria y Comercio

C/ Marqués de la Ensenada, 13-15 (entrada por c/ Albia de Castro)

26071 Logroño

La Rioja

Teil. +34 941291710 / 941291711

Facs +34 941291206

Rphost: dg.itic@larioja.org

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE MADRID

Consejería de Economía, Empleo y Competitividad

Dirección General de Industria, Energía y Minas

Ramírez de Prado, 5 bis, 2.a planta

28045 Madrid

Madrid

Teil. +34 914206498

Facs +34 915802194

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE MURCIA

Consejería de Empresa, Empleo, Universidades y Portavocía

Dirección General de Energía y Actividad Industrial y Minera

C/ Nuevas Tecnologías, s/n

30205 Murcia

Murcia

Teil. +34 968362002

Facs +34 968362003

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE NAVARRA

Departamento de Desarrollo Económico y Empresarial

Dirección General de Industria, Energía y Proyectos Estratégicos S3

Servicio de Ordenación Industrial, Infraestructuras Energéticas y Minas

Parque Tomas Caballero, 1

31005 Pamplona

Navarra

Teil. +34 848424499

Facs +34 848426468

Rphost: mlesdelg@navarra.es

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE PAÍS VASCO

Departamento de Desarrollo Económico, Sostenibilidad y Medio Ambiente

Viceconsejería de Industria

Dirección de Proyectos Estratégicos y Administración Industrial

C/ Donostia-San Sebastián, 1

01010 Vitoria-Gasteiz

Araba/Álava

Teil. +34 945019696

+34 945019935

Facs +34 945019978

José Miguel Muñoz San Martín

Rphost: josemi-munoz@euskadi.eus

COMUNIDAD AUTÓNOMA DE COMUNITAT VALENCIANA

Consejería de Economía Sostenible, Sectores Productivos, Comercio y Trabajo

Dirección General de Industria, Energía y Minas

C/ de la Democracia, 77, Ciudad Administrativa 9 de octubre, Torre 2

46018 València

València/Valencia

Teil. +34 961209576

Facs +34 961209564

CIUDAD AUTÓNOMA DE CEUTA

Consejería de Sanidad, Consumo y Gobernación

Servicio de Consumo

Plaza de África, 1, acceso C, 1.o A

51001 Ceuta

Ceuta

Teil. +34 956511658

+34 9956515627

+34 956528129

Facs +34 956515988

An tSualainn

Strålsäkerhetsmyndigheten

SE-171 16 Stockholm

Teil. +46 87994000

Facs +46 87994010

Rphost: registrator@ssm.se

Idirlíon: www.ssm.se


29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 288/7


Fógra ón gCoimisiún i dtaca le treoirlínte maidir leis an nós imeachta i ndáil le creidiúnú, formheas agus údarú oibreoirí neamhspleácha chun rochtain a fháil ar ghnéithe slándála feithicle a leagtar síos in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858

(2022/C 288/02)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1244 ón gCoimisiún (1) leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 (2) agus go háirithe cuirtear Foscríbhinn nua leis ina leagtar síos an nós imeachta maidir le formheas agus údarú oibreoirí neamhspleácha (IO) chun rochtain a fháil ar ghnéithe slándála feithicle.

Oibleagáidí dlíthiúla an nós imeachta maidir le ról agus freagrachtaí na gcomhlachtaí atá bainteach le formheas agus údarú oibreoirí neamhspleácha agus a bhfostaithe le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a bhaineann leis an tslándáil, is oibleagáidí iad a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/858, Iarscríbhinn X, Foscríbhinn 3. I gcomhréir le pointe 6.3 d’Iarscríbhinn X, soláthraítear ceanglais fheidhmiúla maidir leis an nós imeachta a chur i bhfeidhm chun tacú leis na hoibleagáidí dlíthiúla trí shamplaí agus úsáid a bhaint as cásanna san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo ón gCoimisiún.


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1244 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, agus leis na ceanglais agus na nósanna imeachta i ndáil le rochtain ar fhaisnéis slándála feithiclí (IO L 272, 30.7.2021, lch. 16).

(2)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Ceanglais feidhmíochta: cásanna úsáide

CÁS ÚSÁIDE SERMI 1. Iarratais ar athruithe ar an bpróiseas creidiúnúcháin agus faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme ar fud na mBallstát:

Gníomhaí

“Fóram um Rochtain ar RMI Feithicilí ar RMI é a bhaineann leis an tSlándáil” nó comhaltaí de “SERMI” agus an Coimisiún

Cuspóir

Féadfaidh gníomhaithe iarratas a dhéanamh chun an scéim a athrú.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Iarratas chun an scéim a athrú chun Faisnéis faoi Dheisiú agus faoi Chothabháil (RMI) a bhaineann leis an tSlándáil a fháil

Aschur maidir le Cás Úsáide

Scéim nuashonraithe chun RMI a fháil a bhaineann leis an tslándáil i gcás inarb iomchuí

Tuairisc

Láimhseálann SERMI iarratais ar athruithe ar an scéim. Déanann a chuid comhaltaí meastóireacht ar an scéim agus déanann siad nuashonrú uirthi. Cuireann SERMI comhairle ar an gCoimisiún maidir le hiarratais ar athruithe ar an bpróiseas creidiúnúcháin

CÁS ÚSÁIDE SERMI 2. An lárionad iontaoibhe/na lárionaid iontaoibhe a roghnú

Gníomhaí

Lárionad Iontaoibhe (TC)

Cuspóir

TC a ainmniú.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Iarratas an TC chuig SERMI ina ndéantar measúnú an bhfuil na ceanglais fheidhmiúla agus theicniúla go léir á gcomhlíonadh ag an TC.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Iarratas TC ar glacadh leis nó ar diúltaíodh dó.

Liosta nuashonraithe de na TCanna a roghnaítear.

Tuairisc

Próiseálann SERMI iarratais ó TCanna a bhfuil iarratas ar roghnú á dhéanamh acu de réir na gcritéar i bpointe 4.1.2. d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, cruthaíonn SERMI an liosta de na TCanna a roghnaítear agus nuashonraíonn sé é. Tugtar fógra don Choimisiún.

CÁS ÚSÁIDE SERMI 3. An treoir cur chun feidhme a leagan amach maidir leis an idirghníomhaíocht idir na heintitis lena mbaineann

Gníomhaí

SERMI agus an Coimisiún

Cuspóir

Úsáid na treorach cur chun feidhme ag monaróirí feithicle agus ag TC chun cur chun feidhme ceart na gcaighdeán cumarsáide is gá a bhaint amach i dtaca le Prótacal Stádais Deimhniúcháin Ar Líne (OCSP) agus Prótacal Rochtana ar Oibiacht Shimplí (SOAP).

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Faisnéis agus caighdeáin aitheanta.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Treoir cur chun feidhme ina soláthraítear an fhaisnéis uile is gá le haghaidh na gcomhéadan cumarsáide.

Tuairisc

Cuireann SERMI ionchur ar fáil don Choimisiún maidir leis an bhféidearthacht an cur chun feidhme a chruthú agus a choinneáil ar bun agus feabhsú na gceanglas slándála agus na dteicneolaíochtaí le himeacht ama a chur san áireamh.

CÁS ÚSÁIDE NAB 1. Comhlacht um Measúnú Comhréireachta a Chreidiúnú

Gníomhaí

An Comhlacht um Measúnú Comhréireachta (CAB)

Cuspóir

CAB creidiúnaithe.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Foirm iarratais arna soláthar ag CAB a bheidh le próiseáil ag an gComhlacht Náisiúnta um Chreidiúnú (NAB).

Aschur maidir le Cás Úsáide

Tugtar creidiúnú don CAB nó ní thugtar.

Tuarascáil chreidiúnúcháin NAB maidir le CAB.

Tuairisc

Foirm chreidiúnúcháin arna soláthar ag an NAB atá le comhlánú ag CAB.

Is í an eagraíocht atá ag déanamh iarratais ar bheith ina CAB a líonann isteach an fhoirm chreidiúnúcháin.

Measann an NAB go gcomhlíonann an eagraíocht na ceanglais go léir atá sonraithe.

Leis an gcreidiúnú áirithítear go ndéantar measúnú ar an CAB maidir le comhlíonadh an chaighdeáin “Measúnú comhréireachta – Ceanglais maidir le hoibriú cineálacha éagsúla comhlachtaí a dhéanann cigireacht” (ISO/IEC 17020:2012) mar chomhlacht cigireachta de chineál A.

Iarrann an CAB creidiúnú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

CÁS ÚSÁIDE NAB 2. Próiseáil gearán in aghaidh CABanna

I gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, chuir comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe na nósanna imeachta is gá i bhfeidhm chun déileáil le gearáin in aghaidh na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe acu.

Ar na freagrachtaí atá ar an NAB, tá na nithe seo a leanas:

(a)

breith a thabhairt maidir le hinghlacthacht an ghearáin,

(b)

a chinntiú go dtugann an CAB aghaidh ar an ngearán a bhaineann le CAB creidiúnaithe ar dtús

(c)

bearta ceartaitheacha cuí a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnach i gcás inar gá,

(d)

taifead a dhéanamh ar na gearáin agus ar na gníomhaíochtaí go léir a dhéantar, agus

(e)

freagra a thabhairt don ghearánach.

Le linn an phróisis gearáin tríd an NAB, gach formheas IO atá ann cheana agus gach údarú fostaithe, gach deimhniú cigireachta agus gach beart ceartaitheach a d’eisigh an CAB sin, beidh siad fós bailí.

I gcás ina gcinneann an NAB an creidiúnú CAB a tharraingt siar, ní bheidh aon cheann de na formheasanna IO agus na deimhnithe maidir le cigireacht formheasa agus na deimhnithe maidir le cigireacht údarúcháin fostaithe a d’eisigh an CAB seo bailí a thuilleadh. Cuirfidh an CAB an IO formheasta ar an eolas faoin gcinneadh sin ina dhiaidh sin. Cuireann an NAB SERMI agus an Coimisiún ar an eolas faoin gcinneadh sin.

Gníomhaí

IO, TC, monaróir feithicle, údaráis ábhartha.

Cuspóir

Déileáil le gearáin.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Gearán in aghaidh CAB.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Gearán in aghaidh CAB a réiteach.

Tuairisc

Is ar leibhéal áitiúil a réitítear gearáin idir an CAB agus an gearánach. Féadfar gearáin nach réitítear ar an leibhéal áitiúil a tharchur chuig an NAB lena mbreithniú a thuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

CÁS ÚSÁIDE NAB 3. Liosta NAB de na CABanna creidiúnaithe

Gníomhaí

NAB

Cuspóir

Liosta nuashonraithe de na CABanna creidiúnaithe go léir a choinneáil ag NAB.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

CABanna creidiúnaithe.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Liosta tírshonrach de na CABanna creidiúnaithe

Tuairisc

Cruthaíonn NAB liosta tírshonrach de na CABanna creidiúnaithe go léir, coinníonn sé ar bun é agus foilsíonn sé é.

CÁS ÚSÁIDE CAB 1. Caidreamh gnó a bhunú idir CAB agus Lárionad Iontaoibhe

Gníomhaí

CAB

Cuspóir

Cuireann CAB comhaontú conarthach ar bun le TC a roghnófar, ar TC é a fhoilsítear sa liosta TC roghnaithe de chuid SERMI.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Conradh idir an CAB agus TC a roghnófar ón liosta TCanna a bhfuil glacadh leo agus a d’fhoilsigh SERMI (féach CÁS ÚSÁIDE SE2).

Aschur maidir le Cás Úsáide

Eisítear conradh a síníodh idir CAB agus TC.

Tuairisc

Déanann CAB caidreamh gnó le TC amháin a roghnófar de réir an liosta SERMI a fhoilsítear chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

Deimhnithe digiteacha agus taifid údarúcháin a chruthú.

b)

Stádas formheasa agus údarúcháin a choinneáil ar bun (seol amach deimhnithe “nua” más gá).

c)

Seol an deimhniú digiteach agus an litir PIN atá le cur ar aghaidh ag an CAB chuig an bhfostaí de chuid IO.

Ní chuireann CAB ach comhaontú conarthach amháin ar bun le TC amháin.

CÁS ÚSÁIDE CAB 2. Déanann CAB cigireacht ar IO lena fhormheas

Gníomhaí

IO

Cuspóir

Formheas a dhéanamh ar IO, ionas gur féidir le IO fostaí (fostaithe) a ainmniú a dtabharfaí údarú dóibh rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Foirm iarratais chomhlánaithe de réir mar a iarrfaidh an CAB. San fhoirm iarratais beidh na critéir a liostaítear i bpointe 4.3.3 d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858

Aschur maidir le Cás Úsáide

Deimhniú páipéir ina bhfuil toradh chigireacht formheasa an OI.

Tuairisc

Seolann IO an fhoirm iarratais agus na doiciméid go léir is gá chuig an CAB trí mhodh in-iniúchta.

Déanann CAB na doiciméid a fhíorú agus seiceálann sé an bhfuil cigireacht déanta cheana féin ag CAB eile ar an IO.

Má chomhlíontar na critéir maidir le formheas IO (pointe 4.3.3 d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858) seolann an CAB an deimhniú páipéir maidir le cigireacht formheasa chuig an IO.

Tugann an CAB fógra, trí mhodh in-iniúchta, do na CABanna eile sa tír lena mbaineann mura n-éiríonn leis an IO sa chigireacht a dhéanann CAB.

Fíoraíonn CAB go bhfuil na sonraí a chuireann an IO ar fáil comhsheasmhach le linn an phróisis.

Gach fostaí de chuid IO a bheidh údaraithe chun rochtain a fháil ar fhaisnéis slándála clárófar iad in aon CAB agus TC amháin.

Féadfaidh gach IO formheasta a bheith faoi réir cigireachtaí randamacha gan réamhfhógra ar an láthair. Tarlóidh sé sin uair amháin le linn thréimhse bhailíochta fhormheas an IO.

CÁS ÚSÁIDE CAB 3. Cigireachtaí CAB ar an láthair

Gníomhaí

CAB

Cuspóir

Ar a laghad cigireacht randamach amháin gan réamhfhógra ar an láthair ar gach IO formheasta le linn na tréimhse bailíochta agus cigireacht ar an láthair arna hiarraidh ag IO le linn na 6 mhí dheireanacha den tréimhse bhailíochta chun a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis a tugadh le linn an iarratais ceart agus go gcuirtear na ceanglais nós imeachta chun feidhme agus go ndéantar iad a chleachtadh in oibríochtaí laethúla mar atá luaite ag an IO san iarratas ar fhormheas. Úsáidfear an chigireacht a rinneadh le 6 mhí anuas freisin chun cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan ar fhormheas IO. Ar bhonn gearán in aghaidh IO formheasta nó in aghaidh fhostaí údaraithe de chuid IO, déantar cinneadh cé acu atá gá le cigireacht ar an láthair a dhéanamh nó nach bhfuil.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Cuairt gan réamhfhógra ar áitreabh IO.

Cuairt ar áitreabh IO ar iarratas ó IO le linn na 6 mhí dheireanacha de bhailíocht fhormheas an IO

Ar bhonn gearáin.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Déantar formheas IO a dheimhniú nó a chúlghairm.

I gcás ina ndéantar formheas IO a chúlghairm, déantar údaruithe fostaithe de chuid an IO a chúlghairm agus tugtar treoir don TC na deimhnithe digiteacha comhfhreagracha a chúlghairm.

Déantar formheas IO a athnuachan (CÁS ÚSÁIDE CAB 4).

Tuairisc

Tugann CAB cuairt ar an IO agus déanann sé cigireacht ar an láthair trína fhíorú go gcomhlíontar na critéir i bpointe 4.3.3 d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.

Féadfaidh CAB cúnamh a iarraidh ar na húdaráis um fhaireachas margaidh ón mBallstát ina bhfuil sé bunaithe chun críoch cigireacht ar an láthair.

De réir na dtorthaí le linn na cigireachta, déantar formheas IO a dheimhniú nó a chúlghairm. Ceadaíonn an CAB don IO mioneaspaí a cheartú má fhaightear toradh diúltach ar chigireacht ar an láthair i gcomhréir le pointe 4.3.1. d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.

Má bhíonn toradh diúltach ar chigireacht deiridh, déanfaidh an TC an formheas IO, údaruithe fostaithe de chuid IO agus deimhnithe digiteacha fostaithe IO a chúlghairm.

CÁS ÚSÁIDE CAB 4. Déanann CAB cigireacht ar IO maidir le hathnuachan an fhormheasa

Gníomhaí

IO

Cuspóir

Formheas IO a athnuachan.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Iarratas comhlánaithe de réir mar a iarrfaidh an CAB. San fhoirm iarratais beidh na critéir a liostaítear i bpointe 4.3.2 d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858. Toradh dearfach ar chigireacht ar an láthair a d’iarr CAB sna 6 mhí roimh spriocdháta dhul in éag an fhormheasa.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Deimhniú páipéir ina bhfuil toradh na cigireachta maidir le formheas IO a athnuachan.

Dul in éag formheas IO, údarú fostaithe de chuid IOnna agus na deimhnithe digiteacha a chúlghairm i gcás ina bhfaightear toradh diúltach ar an gcigireacht nó i gcás ina ndiúltaítear an t-iarratas ar athnuachan.

Tuairisc

Tar éis tréimhse ama 60 mí, déanfar an formheas a athnuachan.

Sula rachaidh an formheas in éag, tabharfaidh an CAB fógra don IO maidir leis an dul in éag ar feitheamh. Sé mhí sula dtagann deireadh leis an bhformheas a bheidh sa tréimhse fógra sin.

Iarrann IO ar CAB cigireacht ar an láthair a dhéanamh.

Déanann an CAB an chigireacht ar an láthair. Má bhíonn toradh diúltach ar an gcigireacht cúlghairfidh an CAB an formheas IO agus údarú/údaruithe fostaithe de chuid IO. Tugann an CAB treoir don TC deimhniú/deimhnithe na bhfostaithe de chuid IO a chúlghairm.

Seolann IO na doiciméid go léir trí mhodh in-iniúchta chuig an CAB 2 mhí sula rachaidh an formheas in éag.

Déanann CAB na doiciméid a fhíorú agus seiceálann sé an bhfuil formheas nó cúlghairm déanta cheana féin ag CAB eile ar an IO.

Fíoraíonn CAB go bhfuiltear ag comhlíonadh an choincheapa maidir le gníomhaíocht dhlisteanach ghnó a leagtar amach sa dara mír de phointe 6.3. d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858. Féadfaidh an CAB cúnamh a fháil ó údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.

Má chomhlíontar na critéir maidir le formheas IO (féach pointe 4.3.3 d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858) seolann an CAB an deimhniú páipéir maidir le cigireacht formheasa chuig an IO.

Tugann CAB fógra, trí mhodh in-iniúchta, do na CABanna eile sa tír lena mbaineann mura n-éiríonn leis an IO sa chigireacht a dhéanann CAB.

Fíoraíonn CAB go bhfuil na sonraí a chuireann an IO ar fáil comhsheasmhach le linn an phróisis. Gach fostaí de chuid IO a bheidh údaraithe chun rochtain a fháil ar fhaisnéis slándála tar éis na cigireachta údarúcháin a bhfuil tuairisc uirthi i gcás úsáide CA6 beidh sé cláraithe in aon CAB agus TC amháin.

CÁS ÚSÁIDE CAB 5. Láimhseáil sonraí IO a dhéanann CAB

Gníomhaí

IO

Cuspóir

Sonraí IO atá le ceartú.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Iarrann IO ar an CAB lena mbaineann na sonraí IO a leasú.

Tugann IO bonn cirt iomchuí don leasú seo agus cuireann sé faoi bhráid an CAB é.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Sonraí nuashonraithe IO.

Tuairisc

Seolann IO na doiciméid go léir is gá chuig an CAB trí mhodh in-iniúchta.

Seiceálann an CAB na doiciméid. Má chinneann an CAB go bhfuil údar maith leis an iarratas, leasófar na sonraí agus eiseoidh CAB an deimhniú páipéir leasaithe don IO.

CÁS ÚSÁIDE CAB 6. Déanann CAB cigireacht ar fhostaí de chuid IO lena údarú

Gníomhaí

Fostaí de chuid IO

Cuspóir

Údarú fostaí/fostaithe de chuid IO.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Foirm iarratais chomhlánaithe de réir mar a iarrfaidh an CAB. Comhlíonann an fhoirm iarratais na critéir a liostaítear i bpointe 4.3.4 d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858

Aschur maidir le Cás Úsáide

Toradh cigireachta a chuirfidh CAB chuig an TC ionas go mbeidh an TC in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

(1)

deimhniú leictreonach a eisiúint don fhostaí de chuid IO,

(2)

taifead údarúcháin an fhostaí de chuid IO a chruthú sa bhunachar sonraí.

Tuairisc

Seolann an fostaí de chuid IO an fhoirm iarratais agus na doiciméid go léir is gá chuig an CAB trí mhodh in-iniúchta.

Seiceálann an CAB an ndearna an fostaí de chuid IO éileamh roimhe sin ar dhiúltaigh an CAB féin nó aon CAB eile ar leibhéal an Aontais dó.

Seiceálann an CAB na doiciméid.

Má chomhlíontar na critéir maidir le húdarú fostaithe de chuid IO (féach pointe 4.3.4 d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858) cuirfidh an CAB an TC ar an eolas chun deimhniú digiteach a eisiúint (cás úsáide TC1).

Déanann gach fostaí de chuid IO údarú a lorg ón CAB go bhfuil a IO deimhnithe.

Cumhdaítear fíorú ar chruinneas agus iomláine na faisnéise arna cur isteach ag an IO thar ceann a chuid fostaithe le clásal ISO 17020:2012 7.1.6

CÁS ÚSÁIDE CAB 7. Bréagainmniú Sonraí Pearsanta in CAB

Gníomhaí

CAB

Cuspóir

Bréagainmniú sonraí pearsanta fostaí/fostaithe de chuid IO.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Céadainm, sloinne an fhostaí de chuid IO.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Úsáidfear aitheantóir uathúil fostaí de chuid IO mar atá sa deimhniú digiteach.

Tuairisc

Aistrítear céadainm, sloinne an fhostaí de chuid IO go haitheantóir uathúil fostaí de chuid IO a úsáidfear le linn an phróisis chun rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil.

Cinntítear leis an gcás úsáide go gcomhlíonann próiseáil sonraí pearsanta rialacha an Aontais maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2016/679 agus i dTreoir 2002/58/CE.

CÁS ÚSÁIDE CAB 8. Cuireann CAB TC ar an eolas ionas go n-eiseofar deimhniú digiteach

Gníomhaí

CAB

Cuspóir

Deimhniú digiteach a chur ar fáil don fhostaí de chuid IO.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Toradh chigireacht CAB maidir le fostaí údaraithe a chur chuig an TC.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Ceadchomhartha fíordheimhniúcháin ina mbeidh deimhniú digiteach agus PIN ar leithligh don fhostaí de chuid IO curtha chuig an CAB.

Faigheann an fostaí de chuid IO an PIN a bhaineann leis an deimhniú digiteach a chuirfidh an CAB ar aghaidh trí mhodh in-iniúchta.

Tuairisc

Seolann an CAB na sonraí go léir is gá chuig an TC ionas gur féidir leis an TC an deimhniú digiteach, an ceadchomhartha fíordheimhniúcháin agus an PIN a ghiniúint.

CÁS ÚSÁIDE CAB 9. Cigireacht CAB ar fhostaí de chuid IO maidir le hathnuachan údaraithe

Gníomhaí

Fostaí de chuid IO

Cuspóir

Údarú fostaí a athnuachan

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Foirm iarratais chomhlánaithe de réir mar a iarrfaidh an CAB. San fhoirm iarratais beidh na critéir a liostaítear i bpointe 4.3.4 d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858

Aschur maidir le Cás Úsáide

Toradh cigireachta athnuachana ar údarú fostaí de chuid IO.

Tuairisc

Cuireann an CAB an IO ar an eolas maidir le dáta éaga údarú na bhfostaithe, 6 mhí roimh an dáta iarbhír a rachaidh an t-údarú in éag.

Seolann an fostaí de chuid IO na doiciméid go léir trí mhodh in-iniúchta chuig an CAB 2 mhí sula rachaidh an t-údarú in éag.

Déantar an próiseas cigireachta maidir le húdarú a bhfuil tuairisc air i gCÁS ÚSÁIDE CAB 6.

CÁS ÚSÁIDE CAB 10. Láimhseáil sonraí an fhostaí a dhéanann CAB

Gníomhaí

Fostaí de chuid IO

Cuspóir

Tá sonraí an fhostaí de chuid IO ceart.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Iarratas chuig an CAB lena mbaineann sonraí na bhfostaithe de chuid IO a nuashonrú.

Déanann an fostaí de chuid IO an fhoirm chuí a líonadh isteach agus a shíniú sula gcuirtear faoi bhráid an CAB í.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Sonraí nuashonraithe fostaithe de chuid IO.

Tuairisc

Seolann an fostaí de chuid IO na doiciméid go léir is gá chuig an CAB trí mhodh in-iniúchta.

Seiceálann an CAB na doiciméid.

Má dhéanann an t-iarratas ar nuashonrú difear do na sonraí atá stóráilte sa deimhniú digiteach, cuirfidh an CAB an TC ar an eolas chun deimhniú digiteach nua a eisiúint (CÁS ÚSÁIDE TC 1).

CÁS ÚSÁIDE CAB 11. Nós imeachta an CAB maidir leis an bpróiseas gearáin

Gníomhaí

CAB

Cuspóir

Tá próiseas doiciméadaithe ag an CAB chun gearáin a fháil, meastóireacht a dhéanamh orthu agus cinntí a dhéanamh ina leith; comhlíonann an próiseas sin na dlíthe náisiúnta faoi seach.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Rialacháin, caighdeáin agus scéim SERMI.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Próiseas doiciméadaithe le haghaidh gearán.

Tuairisc

Déanann an CAB próiseas a fhorbairt agus a dhoiciméadú chun gearáin a láimhseáil. Is ar leibhéal áitiúil a réitítear gearáin idir an CAB agus an gearánach.

Páirtithe ar mian leo ionadaíocht a dhéanamh maidir le saincheist a mheastar a bheith ann maidir le scéim, ba cheart dóibh a bheith in ann dul i dteagmháil leis an CAB lena mbaineann agus an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil.

Cuirfidh an CAB na nósanna imeachta agus na hacmhainní is gá i bhfeidhm chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh i gcás ina gcinnfidh sé gurb iomchuí sin chun measúnú a dhéanamh ar ghearán.

Féadfar gearáin nach réitítear ar an leibhéal áitiúil a tharchur chuig an NAB lena mbreithniú a thuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

CÁS ÚSÁIDE CAB 12. Próiseálann CAB gearán a bhaineann le formheas IO

Gníomhaí

An monaróir feithicle, TC, an t-údarás ábhartha

Cuspóir

Próiseálann CAB gearáin maidir le formheas IO.

Déantar formheas IO a chúlghairm nó a dheimhniú de réir thoradh an phróisis.

Coinnítear an bunachar sonraí formheasa cothrom le dáta.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Gearán ina bhfuil an fhaisnéis riachtanach de réir an phróisis i gCÁS ÚSÁIDE CAB 11.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Diúltú don ghearán.

Cinneadh maidir le formheas IO a chúlghairm mar thoradh ar phróiseas gearáin:

1)

Cúlghairm fhormheas IO doiciméadaithe agus formheas IO aicmithe mar fhormheas cúlghairthe sa bhunachar sonraí formheasa.

2)

Údaruithe fostaithe de chuid IO atá cúlghairthe.

Tuairisc

Déanann an CAB an gearán a imscrúdú trí mheasúnú a dhéanamh go háirithe cé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon an IO i gcónaí critéir phointe 4.3.3. d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 agus an coincheap maidir le gníomhaíocht dhlisteanach ghnó a leagtar amach sa dara mír de phointe 6.3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858. Féadfaidh an CAB cúnamh a fháil ó údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.

Mura féidir na cúiseanna leis an ngearán a dheimhniú diúltófar don ghearán.

Cinneann CAB cibé acu an gá cigireacht ar an láthair a dhéanamh nó nach gá. Déanann an CAB measúnú go háirithe cé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon an IO na pointí thuas i gcónaí.

I gcás ina ndeimhnítear na cúiseanna déanfar an formheas IO a chúlghairm.

I gcás ina ndéanfar cúlghairm, déanfaidh an CAB an méid seo a leanas:

1)

cuireann sé in iúl don IO go bhfuil an formheas cúlghairthe,

2)

cuireann sé an TC lena mbaineann ar an eolas chun an formheas a dhoiciméadú láithreach mar fhormheas cúlghairthe agus chun deimhnithe digiteacha agus údaruithe digiteacha uile na bhfostaithe de chuid an IO lena mbaineann a chúlghairm,

3)

na CABanna uile ina Bhallstát a chur ar an eolas faoin gcúlghairm.

CÁS ÚSÁIDE CAB 13. Próiseálann CAB gearán a bhaineann le húdarú fostaí de chuid IO

Gníomhaí

An monaróir feithicle, IO, TC, an t-údarás ábhartha

Cuspóir

Próiseálann CAB gearáin maidir le húdarú fostaí de chuid IO.

Déantar údarú fostaí de chuid IO a chúlghairm nó a dheimhniú de réir thoradh an phróisis.

Déantar nuashonrú ar liosta cúlghairme an deimhnithe dhigitigh agus ar an mbunachar sonraí údarúcháin.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Gearán ina bhfuil an fhaisnéis is gá de réir an phróisis i gCÁS ÚSÁIDE CAB11.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Diúltú don ghearán.

Faisnéis an TC chun údarú fostaí de chuid IO a chúlghairm i ndiaidh próiseas gearáin:

1)

Deimhniú digiteach fostaí de chuid IO a cláraíodh mar dheimhniú neamhbhailí.

2)

Stádas údarúcháin fostaí de chuid IO tugtha cothrom le dáta mar fhostaí neamhbhailí.

Tuairisc

Déanann an CAB an gearán a imscrúdú. Déanann an CAB imscrúdú go háirithe cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an fostaí de chuid IO critéir phointe 4.3.4. d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 nó an raibh sé rannpháirteach i ngníomhaíochtaí nach mbeadh i gcomhréir leis an gcoincheap maidir le gníomhaíocht dhlisteanach ghnó a leagtar amach sa dara mír de phointe 6.3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.

Cinneann CAB cibé acu an gá cigireacht ar an láthair a dhéanamh nó nach gá. Féadfaidh an CAB cúnamh a fháil ó údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.

Mura féidir na cúiseanna leis an ngearán a dheimhniú diúltófar don ghearán.

I gcás ina ndeimhnítear na cúiseanna déanfar údarú an fhostaí de chuid IO a chúlghairm.

Cuirfidh an CAB an TC lena mbaineann ar an eolas chun deimhniú digiteach an fhostaí agus údarú an fhostaí a chúlghairm láithreach.

Cuirfidh an CAB an IO ar an eolas faoi chúlghairm an fhostaí de chuid IO.

CÁS ÚSÁIDE CAB 14. Staidreamh a sholáthar ag CAB

Gníomhaí

CAB

Cuspóir

Déanann an CAB monatóireacht ar fhormheasanna agus ar údaruithe.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Toradh an fhormheasa, na n-údaruithe agus na gcigireachtaí ar an láthair.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Soláthraíonn an CAB tuarascáil ar bhonn ráithiúil do SERMI agus don Choimisiún (le foilsiú ar shuíomh gréasáin SERMI) sa chéad bhliain de ghníomhaíocht an CAB agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin.

Tuairisc

Déanann CAB anailís ar thorthaí an phróisis formheasta/cigireachta agus soláthraíonn sé tuarascáil ina mbeidh an méid seo a leanas:

An líon imscrúduithe.

Líon: formheasanna/iarratais

Líon: údaruithe/iarratais

Na cúiseanna is coitianta (3 i gcás inarb infheidhme) ar a ndéantar formheas a dhiúltú

Na cúiseanna is coitianta (3 i gcás inarb infheidhme) ar a ndéantar údarú a dhiúltú

An líon cigireachtaí ar an láthair sa tréimhse tuairiscithe

Na cúiseanna is coitianta (3 i gcás inarb infheidhme) ar a ndéantar formheas IO a chúlghairm

Ina theannta sin, is féidir le SERMI, i gcomhar leis an gCoimisiún, Príomhtháscairí Feidhmíochta eile (KPI) a chur leis

CÁS ÚSÁIDE IO 1. Iarratais IO ar fhormheas

Gníomhaí

IO

Cuspóir

Comhlíonann an IO na ceanglais go léir a leagtar amach i bhFoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 chun oibriú leis an RMI a bhaineann leis an tslándáil.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Na doiciméid go léir is gá agus an fhoirm iarratais (arna soláthar ag an CAB) i bhformáid in-iniúchta.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Formheas IO

neamh-fhormheas IO.

Tuairisc

Baineann IO úsáid as suíomh gréasáin NAB chun liosta de CABanna creidiúnaithe a fháil.

Téann an IO i dteagmháil leis an CAB lena mbaineann.

Faigheann an IO an fhoirm iarratais ón CAB.

Líonann an fostaí de chuid IO isteach an fhoirm iarratais agus seolann sé an fhoirm iarratais agus na doiciméid go léir is gá chuig an CAB trí mhodh in-iniúchta.

Nuair a dhéanann an CAB cigireacht ar an IO, déanfaidh an CAB toradh na cigireachta formheasa a thaifeadadh ina bhunachar sonraí ionas gur féidir leis an CAB a sheiceáil amach anseo an ndearnadh cigireacht ar iarratas IO roimhe sin.

Tá gach fostaí de chuid IO cláraithe sa CAB céanna.

Tabharfaidh an CAB fógra faoi neamh-fhormheas an IO do gach CAB eile laistigh dá ndlínse NAB féin.

CÁS ÚSÁIDE IO 2. Clárú IO leis an monaróir feithicle

(féach EN/ISO 18541-1:2014, cás úsáide 1.1)

CÁS ÚSÁIDE IO 3. Scor gnó IO de thrádáil

Gníomhaí

IO

Cuspóir

Nuashonraíonn an CAB an bunachar sonraí formheasa.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Eolas faoin IO agus a scor den trádáil

nó cuireann an IO an CAB ar an eolas faoi scor de thrádáil.

Aschur maidir le Cás Úsáide

An bunachar sonraí formheasa a thabhairt cothrom le dáta, mar aon le cúlghairm na ndeimhnithe agus na n-údaruithe uile lena mbaineann a eisítear d’fhostaithe de chuid an IO sin.

Tuairisc

Faigheann an CAB faisnéis faoi scor trádála an IO.

Cuireann an CAB an TC ar an eolas chun gach deimhniú agus údarú a eisíodh d’fhostaithe de chuid an IO sin a chúlghairm.

CÁS ÚSÁIDE IO 4. Comhpháirteanna a ordú

Gníomhaí

IO

Cuspóir

Comhpháirt a ordaíodh a sholáthar don IO.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

An fostaí de chuid IO a fhíordheimhniú.

Ordú le haghaidh comhpháirteanna a bhaineann leis an tslándáil.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Comhpháirt a bhaineann leis an tslándáil.

Tuairisc

Cuireann an monaróir feithicle saoráid maidir le hordaithe páirteanna a bhaineann leis an tslándáil ar fáil d’fhostaithe údaraithe de chuid IOnna.

Cuireann monaróirí saoráid ordaithe ar líne ar fáil le haghaidh comhpháirteanna a bhaineann leis an tslándáil trí úsáid a bhaint as an deimhniú digiteach chun céannacht an duine a bhfuil an chomhpháirt atá ag teastáil uaidh a dheimhniú. De rogha air sin, féadfaidh siad a éileamh go bhfaighfear comhpháirteanna a bhaineann leis an tslándáil ó dhéileálaithe údaraithe i gcás ina bhfuil nósanna imeachta fíordheimhnithe bunaithe i bhfeidhm faoi láthair.

Déanann monaróirí feithicle nó a ngníomhairí/déileálaithe údaraithe páirteanna slándála a sheachadadh go tráthúil do na IOnna.

CÁS ÚSÁIDE IO 5. Faigheann an IO ceadchomhartha fíordheimhniúcháin

Gníomhaí

CAB

Cuspóir

Faigheann an IO ceadchomhartha fíordheimhniúcháin agus deimhniú digiteach.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Ceadchomhartha fíordheimhniúcháin agus deimhniú digiteach curtha ar aghaidh ag an CAB.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Ceadchomhartha fíordheimhniúcháin agus deimhniú digiteach faighte ag an IO.

Tuairisc

Faigheann an IO deimhniú leictreonach ó TC.

Seachadann an IO an deimhniú leictreonach don fhostaí de chuid IO lena mbaineann (féach CÁS ÚSÁIDE EM 6).

CÁS ÚSÁIDE IO 6. Ceanglais IO maidir le taifid a choimeád

Gníomhaí

IO

Cuspóir

Taifead in-iniúchta ar idirbhearta a choimeádann an IO.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Doiciméid/Faisnéis a chuirtear ar fáil san ordú deisiúcháin.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Rian iniúchta agus sonraí na hoibre deisiúcháin.

Tuairisc

Stórálann an IO sonraí a d’fhéadfaí a éileamh i gcás iniúchta.

Sula n-eisítear ordú deisiúcháin, déanann an IO deimhin de go mbailítear an fhaisnéis seo a leanas:

1)

Sainaithint an chustaiméara

2)

Sainaithint na feithicle (Feithicil i láthair)

3)

Cruthúnas go bhfuil údarás ag an gcustaiméir an obair ar an bhfeithicil a iarraidh.

CÁS ÚSÁIDE IO 7. Scor fostaíochta fostaí de chuid IO in IO

Gníomhaí

IO

Cuspóir

Coinnítear sonraí maidir le Formheas/Údarú ag an CAB cothrom le dáta

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Eolas faoi dheireadh an chonartha le fostaí de chuid IO

Aschur maidir le Cás Úsáide

Bunachar sonraí údarúcháin nuashonraithe agus iarratas chuig TC an deimhniú digiteach lena mbaineann a chúlghairm.

Tuairisc

Cuireann an IO an CAB ar an eolas faoin athrú fostaíochta laistigh de 3 lá oibre.

Cuireann an CAB an TC ar an eolas chun an bunachar sonraí údarúcháin a thabhairt cothrom le dáta agus chun an deimhniú digiteach lena mbaineann a chúlghairm.

Cuirtear an IO ar an eolas faoi na hathruithe sin.

CÁS ÚSÁIDE IO 8. Ceanglais nós imeachta maidir le hoibríochtaí a bhaineann leis an tslándáil

1.   Iompraíocht ghinearálta

Ní bheidh rochtain ach ag fostaithe IO de chuid an IO formheasta, ar fostaithe iad a údaraíodh go rathúil agus a bhfuil deimhniú maidir le cigireacht údarúcháin agus deimhniú leictreonach bailí acu a d’eisigh an lárionad iontaoibhe comhfhreagrach, agus ag na fostaithe sin amháin ar RMI a bhaineann leis an tslándáil.

Tá an fostaí de chuid IO freagrach as an Deimhniú agus an PIN a úsáid mar is ceart.

Leanann na IOnna agus a bhfostaithe na nósanna imeachta chun déileáil leis an ngléas úsáideora deiridh (PC, Ríomhaire glúine, etc.) mar a shonraítear in ISO 18541-2:2014

2.   Nós imeachta maidir le hoibríocht a dhéanamh a bhaineann leis an tslándáil

Má dhéanann fostaí nuashonrú ar bhogearraí a bhaineann leis an tslándáil nó má bhíonn faisnéis eile faoi dheisiú agus faoi chothabháil a bhaineann leis an tslándáil de dhíth air le haghaidh oibríocht feithicle, leantar an nós imeachta a bhfuil tuairisc air i bpointí 3 go 5 agus a thaispeántar san fhigiúr 1 thíos.

Figiúr 1

Achoimre bhunúsach ar an nós imeachta chun oibríocht a bhaineann leis an tslándáil a dhéanamh

Image 1

3.   Fíorú custaiméara

Fíoraíonn an fostaí de chuid IO sainaithint an chustaiméara a thug isteach an fheithicil.

Foinsí sainaitheantais a d’fhéadfadh a bheith ann: Cárta aitheantais, pas, ceadúnas tiománaí, cárta ballraíochta cois bóthair.

Tá an IO freagrach as an bhfaisnéis chéannachta a thaifeadadh.

Féadfar an fhaisnéis a sholáthraítear i bhfigiúr 2 a úsáid don phróiseas sin.

Figiúr 2

Tagairt don réimse maidir le cigireacht custaiméara ón deimhniú clárúcháin feithicle

Deimhnithe clárúcháin feithiclí

Sonraí (Cuid I)

Réimse (Cuid I)

Sloinne (sloinnte) nó ainm gnó

C.1.1

Ainm(neacha) nó inisealacha eile (i gcás inarb iomchuí)

C.1.2

Seoladh sa Bhallstát clárúcháin ar dháta eisiúna an doiciméid

C.1.3

Sonraí (Cuid II)

Réimse (Cuid II)

Sloinne (sloinnte) nó ainm gnó

C.3.1 agus C.6.1

Ainm(neacha) nó iniseal(acha eile)..(i gcás inarb iomchuí)

C.3.2 agus C.6.2

Seoladh sa Bhallstát clárúcháin ar dháta eisiúna an doiciméid

C.3.3 agus C.6.3

Nuair is féidir, tugann an fostaí de chuid IO na sonraí seo a leanas dá aire:

(1)

Ainm agus sloinne an chustaiméara.

(2)

Cárta aitheantais/uimhir an phas agus/nó uimhir an chárta ballraíochta cois bóthair.

(3)

Ainm na cuideachta bainistithe flít nó ainm na cuideachta gluaisteán ar cíos.

(4)

Ainm teagmhála na cuideachta lena mbaineann.

(5)

Seoladh na cuideachta lena mbaineann.

(6)

Uimhir theileafóin na cuideachta lena mbaineann.

(7)

Sainaitheantas cuideachta an tiománaí.

Iarrtar an fhaisnéis bhreise sin i gcás nach mbeidh deimhnithe clárúcháin feithiclí ag an gcustaiméir

(8)

Bainistiú flít.

(9)

Gluaisteáin ar cíos.

(10)

Iasacht.

4.   Fíorú feithicle

Cinntíonn an fostaí de chuid IO gurb ionann uimhir aitheantais feithicle (VIN) na feithicle agus an Uimhir Aitheantais Feithicle (VIN) ar na doiciméid chlárúcháin (féach figiúr 3).

Figiúr 3

Cóid Chomhphobail ó na doiciméid chlárúcháin le haghaidh cigireacht ar fheithiclí

Deimhnithe clárúcháin feithiclí

Sonraí (Cuid I)

Réimse (Cuid I)

Uimhir aitheantais feithicle

E

5.   An t-ordú deisiúcháin a eisiúint

Is é an chéad chéim eile an t-ordú deisiúcháin a eisiúint trí úsáid a bhaint as córas bainistíochta déileálaí. San ordú deisiúcháin tá ar a laghad na sonraí ó fhigiúr 4 agus na sonraí a úsáidtear chun an custaiméir agus a údarás a shainaithint.

Figiúr 4

Cóid Chomhphobail ó na doiciméid chlárúcháin le haghaidh ordú deisiúcháin a eisiúint

Deimhnithe clárúcháin feithiclí

Sonraí

Réimse

Uimhir chlárúcháin

A

An déanamh

D.1

Cineál, malairt, leagan

D.2

Tugtar faoi deara léamh reatha an odaiméadair agus an chúis atá leis an deisiúchán agus ní mór don chustaiméir (úinéir agus/nó an duine a thugann an fheithicil chuig an IO) an t-ordú deisiúcháin a shíniú. Déantar cur síos i bhFigiúr 5 ar an nós imeachta le haghaidh IO agus le haghaidh an fhostaí.

Coinníonn an IO orduithe deisiúcháin a bhfuil síniú leo ar feadh 5 bliana ar a laghad.

Figiúr 5

Ceanglais nós imeachta le haghaidh IOnna

Image 2

CÁS ÚSÁIDE IO 1. Iarrann fostaí de chuid IO údarú

Gníomhaí

Fostaí de chuid IO

Cuspóir

Faigheann fostaí de chuid IO údarú oibriú le RMI a bhaineann leis an tslándáil.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Comhlíonann fostaí de chuid IO na ceanglais uile a shonraítear san Fhoscríbhinn.

Líonann fostaí de chuid IO isteach an fhoirm iarratais ón CAB.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Údarú fostaí de chuid IO, ionas gur féidir leis an bhfostaí de chuid IO deimhniú digiteach a fháil chun rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil.

Tuairisc

Faigheann an fostaí de chuid IO an fhoirm iarratais ón CAB má d’iarr an IO údarú an fhostaí lena mbaineann.

Líonann an fostaí de chuid IO isteach an fhoirm iarratais agus seolann sé an fhoirm iarratais agus na doiciméid go léir is gá chuig an CAB trí mhodh in-iniúchta.

Eisíonn an CAB deimhniú maidir le cigireacht údarúcháin don fhostaí de chuid IO agus cuireann sé toradh dearfach na cigireachta in iúl don TC ionas gur féidir taifead údarúcháin a chruthú agus deimhniú digiteach a eisiúint don fhostaí seo de chuid IO.

Coinníonn an CAB rian de dhiúltú fostaí de chuid IO freisin mura n-éiríonn leis an gcigireacht.

CÁS ÚSÁIDE EM 2. Clárú fostaí de chuid IO leis an monaróir feithicle

(féach EN/ISO 18541-1:2014, cás úsáide 1.2)

Gníomhaí

IO nó fostaí de chuid IO

Cuspóir

Fostaí de chuid IO a chlárú le haghaidh úsáid chóras RMI an mhonaróra feithicle mar a shainítear ag an IO.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

- Iarratas ón IO fostaí nua de chuid IO a chlárú. Tá aitheantas úsáideora agus pasfhocal an IO riachtanach.

- Iarratas ó fhostaí de chuid IO, ina gcuirtear in iúl go bhfuil baint aige leis an IO, agus go bhfuil sé ag iarraidh deimhniú ó ionadaí dlíthiúil an IO chun an clárúchán a chur i gcrích

Aschur maidir le Cás Úsáide

Fostaí de chuid IO atá cláraithe mar úsáideoir údaraithe sa chóras VM RMI.

Tuairisc

Iarrann an monaróir feithicle ar an IO bailíocht shonraí an IO a dheimhniú.

Glacann an monaróir feithicle le fostaí de chuid IO mar úsáideoir agus cuireann sé an t-úsáideoir ar an eolas dá réir.

Iarrann córas RMI an mhonaróra feithicle ar an úsáideoir aitheantas úsáideora a roghnú agus sannann sé pasfhocal tosaigh don úsáideoir nó ceadaíonn sé dó ceann a chur isteach a chomhlíonann ceanglais slándála mhonaróir na feithicle.

Féadfaidh an monaróir feithicle táille chlárúcháin réasúnta a ghearradh ar an IO.

CÁS ÚSÁIDE EM 3. Rochtain fostaithe ar RMI a bhaineann leis an tslándáil

(féach EN/ISO 18541-1:2014, gach cuid)

CÁS ÚSÁIDE EM 4. Fáil an PIN ón CAB

Gníomhaí

CAB

Cuspóir

An litir PIN a sholáthar don fhostaí de chuid IO, litir maidir leis an gceadchomhartha fíordheimhniúcháin agus an deimhniú digiteach.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

PIN ó TC.

Aschur maidir le Cás Úsáide

An litir PIN a sheachadadh chuig fostaí de chuid IO.

Tuairisc

Ullmhaíonn an CAB litir PIN ina mbeidh an PIN a chuirfidh an TC ar fáil maidir leis an gcéannacht seo agus seolann sé chuig seoladh baile an fhostaí de chuid IO í trí mhodh in-iniúchta.

CÁS ÚSÁIDE EM 5. Faigheann fostaí de chuid IO an deimhniú digiteach ón IO

Gníomhaí

IO, fostaí de chuid IO

Cuspóir

An deimhniú leictreonach a eisiúint don fhostaí de chuid IO.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Deimhniú leictreonach.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Faigheann fostaí de chuid IO an deimhniú leictreonach ón IO.

Tuairisc

Faigheann an fostaí de chuid IO an deimhniú leictreonach ón IO agus beidh an t-aitheantas comhfhreagrach ag gabháil leis.

CÁS ÚSÁIDE TC 1. Cruthaíonn an Lárionad Iontaoibhe an deimhniú agus seachadann sé é

Gníomhaí

CAB

Cuspóir

Faigheann CAB deimhnithe agus PIN lena ndáileadh ar fhostaithe de chuid IO

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Iarratas maidir le deimhniú digiteach a chruthú.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Deimhniú digiteach agus PIN.

Tuairisc

Téann an CAB i dteagmháil leis an TC (féach CÁS ÚSÁIDE CAB 11 le haghaidh nós imeachta).

Cruthaíonn an TC an deimhniú digiteach agus cuireann sé ar fáil don CAB é lena dháileadh ar fhostaí de chuid IO tríd an nós imeachta seo a leanas a úsáid:

(1)

Seolann TC an deimhniú pearsantaithe digiteach chuig an CAB trí mhodh in-iniúchta.

(2)

Seoltar an cód PIN ar leithligh ón deimhniú digiteach chuig an CAB trí mhodh in-iniúchta

CÁS ÚSÁIDE TC 2. Déanann an Lárionad Iontaoibhe measúnú ar bhailíocht an deimhnithe dhigitigh

Gníomhaí

Monaróir feithiclí

Cuspóir

Stádas an deimhnithe dhigitigh a bhailíochtú.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Sraithuimhir an deimhnithe dhigitigh.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Is é seo a leanas an stádas arna sholáthar ag TC:

 

0 → Curtha ar fionraí

 

1 → Ceart go leor

 

2 → Cúlghairthe

 

3 → Anaithnid

Tuairisc

Iarrann an monaróir feithicle stádas dheimhniú digiteach na bhfostaithe le haghaidh fíordheimhniúcháin trí úsáid a bhaint as an gcaighdeán cumarsáide a shainmhínítear i gcaighdeán OCSP. Freagraíonn an TC do stádas freagróra OCSP.

Chun na críche sin, coinníonn an TC bunachar sonraí cúlghairme de réir chaighdeán OCSP.

CÁS ÚSÁIDE TC 3. Soláthar an Lárionaid Iontaoibhe maidir le stádas údarúcháin fostaithe de chuid IO

Gníomhaí

Monaróir feithiclí

Cuspóir

Stádas údarúcháin a bhailíochtú trí úsáid a bhaint as SOAP/RESTful API.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Sraithuimhir agus saintréithe an deimhnithe dhigitigh.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Is é seo a leanas an stádas de réir an fhreagra ón TC:

 

Bailíocht

 

IOEUID

 

IOUID

 

CABUID

Tuairisc

Iarrann an monaróir feithicle stádas údarúcháin fostaithe de chuid IOnna.

Tugann an TC freagra maidir leis an stádas údarúcháin.

CÁS ÚSÁIDE TC 4. Deimhnithe a eisíodh a chur ar fionraí ag Lárionad Iontaoibhe

Gníomhaí

An monaróir feithicle, IO, CAB, an t-údarás ábhartha

Cuspóir

Deimhniú digiteach a chur ar fionraí chun cosc a chur le mí-úsáid amach anseo ag úinéir deimhnithe i gcás ina mbraitear mí-úsáid.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Arb é fostaí de chuid an ghníomhaí a thionscain é le sraithuimhir nó ar mhodh eile chun an deimhniú a shainaithint.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Deimhniú curtha ar fionraí, stádas OCSP tugtha cothrom le dáta.

Seolann TC faisnéis chuig an CAB.

Faisnéis a thabhairt d’fhostaí de chuid IO maidir leis an gcúis a bhí le fionraí an deimhnithe dhigitigh.

Tuairisc

Fostaí iomchuí de chuid an rannpháirtí lena mbaineann. Seolann an fostaí seo de chuid CAB teachtaireacht chuig an TC trí mhodh in-iniúchta.

Beidh an méid seo a leanas sa teachtaireacht:

Ceannlitreach an rannpháirtí lena mbaineann.

Sraithuimhir nó modh eile chun an deimhniú a shainaithint.

Uimhir idirbhirt an rannpháirtí lena mbaineann, más gá.

Na próisis fionraíochta a luaithe a fhaightear an t-iarratas ar fhionraí.

Déanann an TC iniúchadh ar thionscnamh na teachtaireachta:

Cuireann TC an deimhniú digiteach ar fionraí (OCSP tugtha cothrom le dáta).

Cuireann an TC an CAB ar an eolas faoin bhfionraí ionas gur féidir an próiseas gearáin a thionscnamh i bhfoirm scríofa nó i bhfoirm leictreonach.

CÁS ÚSÁIDE TC 5. Formheas IO a chur ar fionraí ag Lárionad Iontaoibhe

Gníomhaí

An monaróir feithicle, CAB, an t-údarás ábhartha

Cuspóir

Údarú fostaithe uile de chuid IO ar leith a chur ar fionraí (mar aon le gach údarú a bhaineann leis an IO sin) chun cosc a chur le mí-úsáidí amach anseo ag fostaithe de chuid IO i gcás ina mbraitear mí-úsáidí.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Arna iarraidh ag ionadaí fostaithe de chuid ghníomhaí fíordheimhnithe (i.e. a bhfuil deimhniú cuí aige) e.g. fostaí de chuid CAB atá freagrach as fionraí a bhfuil aitheantóir uathúil IO nó modhanna eile aige chun an IO a shainaithint.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Údarú/údaruithe atá curtha ar fionraí tugtha cothrom le dáta

Seolann an TC faisnéis chuig an CAB

Tuairisc

Seolann an fostaí fíordheimhnithe de chuid an ghníomhaí lena mbaineann teachtaireacht chuig an TC trí mhodh in-iniúchta.

Beidh an méid seo a leanas sa teachtaireacht:

Ceannlitreach an rannpháirtí lena mbaineann.

Aitheantóir uathúil IO nó modhanna eile chun an IO a shainaithint.

Uimhir idirbhirt an rannpháirtí lena mbaineann, más gá.

An chúis a bhí leis an bhfionraí.

Déanfar an fionraí a phróiseáil a luaithe a gheofar an t-iarratas ar fhionraí.

Déanann an TC tionscnamh na teachtaireachta a fhíorú.

Cuireann TC gach údarú a bhaineann leis an IO ar fionraí.

Cuireann an TC an CAB ar an eolas faoin bhfionraí ionas gur féidir an gearán agus an próiseas achomhairc a thionscnamh i bhfoirm scríofa nó i bhfoirm leictreonach.

CÁS ÚSÁIDE TC 6. Cuireann an Lárionad Iontaoibhe údarú an fhostaí de chuid IO ar fionraí

Gníomhaí

An monaróir feithicle, IO, CAB, na húdaráis ábhartha

Cuspóir

Údarú fostaí de chuid IO a chur ar fionraí chun cosc a chur le mí-úsáidí amach anseo i gcás ina mbraitear mí-úsáid.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Arna iarraidh ag ionadaí rannpháirtí fhíordheimhnithe é.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Údarú a chur ar fionraí, bunachar sonraí údarúcháin tugtha cothrom le dáta.

Fógra a thabhairt don CAB maidir leis an bhfionraí.

Faisnéis a thabhairt d’fhostaí de chuid IO maidir leis an gcúis a bhí le fionraí an údaraithe.

Tuairisc

Seolann fostaí fíordheimhnithe de chuid an rannpháirtí lena mbaineann (e.g. fostaí de chuid CAB atá freagrach as an bhfionraí), faisnéis chuig an TC (trí mhodh coiteann a úsáid).

Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis:

Ceannlitreach an rannpháirtí lena mbaineann.

Aitheantóir uathúil an IO.

Aitheantóir uathúil an fhostaí de chuid IO.

Uimhir idirbhirt an ghníomhaí lena mbaineann, más gá.

An chúis a bhí leis an bhfionraí.

Déanfar an fionraí a phróiseáil a luaithe a gheofar an t-iarratas ar fhionraí.

Déanann an TC tionscnamh na faisnéise a fhíorú.

Cuireann an TC údarú an fhostaí ar fionraí.

Cuireann an TC an CAB ar an eolas faoin bhfionraí ionas gur féidir an próiseas gearáin a thionscnamh i bhfoirm scríofa nó i bhfoirm leictreonach.

CÁS ÚSÁIDE TC 7. Déanann Lárionad Iontaoibhe formheas IO a chúlghairm

Gníomhaí

CAB

Cuspóir

Coinnítear an bunachar sonraí formheasa cothrom le dáta.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Tugann an CAB fógra maidir leis an gcinneadh an formheas IO a chúlghairm.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Aicmítear an formheas IO mar fhormheas cúlghairthe sa bhunachar sonraí.

Tuairisc

Déanfaidh an TC nuashonrú ar an mbunachar sonraí formheasa tar éis fógra an CAB a fháil maidir leis an gcinneadh chun IO ar leith a chúlghairm. Aicmítear an formheas IO mar fhormheas cúlghairthe.

Aicmítear deimhnithe digiteacha agus údaruithe fostaithe uile de chuid IOnna san IO sin mar dheimhnithe cúlghairthe sna bunachair sonraí chomhfhreagracha.

CÁS ÚSÁIDE TC 8. Cuireann an Lárionad Iontaoibhe údarú an fhostaí de chuid IO ar fionraí

Gníomhaí

CAB

Cuspóir

Coinnítear bunachair sonraí an deimhnithe dhigitigh agus an údaraithe cothrom le dáta.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Tugann an CAB fógra maidir leis an gcinneadh an údarú IO a chúlghairm.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Aicmítear deimhniú digiteach an fhostaí de chuid IO mar dheimhniú cúlghairthe.

Aicmítear údarú an fhostaí de chuid IO mar údarú cúlghairthe.

Tuairisc

Nuashonróidh an TC bunachar sonraí an deimhnithe dhigitigh agus bunachar sonraí an údarúcháin tar éis fógra a fháil ón CAB maidir leis an gcinneadh chun fostaí ar leith de chuid IO a chúlghairm.

Aicmítear deimhniú digiteach agus údarú na bhfostaithe uile de chuid IOnna san IO sin mar dheimhnithe cúlghairthe sna bunachair sonraí chomhfhreagracha.

CÁS ÚSÁIDE TC 9. Cuireann Lárionad Iontaoibhe timpeallacht ar fáil chun tástáil a dhéanamh ar ullmhacht teastais agus ar an modh Fíordheimhniúcháin Ilfhachtóirí curtha ar fáil ag an TC

Gníomhaí

Fostaí de chuid IO

Cuspóir

Deimhniú don fhostaí de chuid IO go n-oibríonn an deimhniú leictreonach.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Deimhniú leictreonach fostaí de chuid IO + PIN agus Fíordheimhniú Ilfhachtóirí ar ghléas(anna) cliaint.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Tástáil cgl / níl sé cgl.

Teachtaireacht ina mbeidh sonraí teipe i gcás nach mbeidh sé ceart go leor.

Tuairisc

Nascann an fostaí le suíomh gréasáin an TC.

Logálann an fostaí de chuid IO isteach ar shuíomh gréasáin tástála TC lena dheimhniú leictreonach.

Is é an fostaí de chuid IO a fheiceann toradh na tástála (cgl/níl sé cgl.)

Déanann an TC gníomhaíochtaí tacaíochta breise a leagan síos maidir le próiseas le haghaidh tacaíocht bhreise (e.g. monaróir feithicle).

CÁS ÚSÁIDE TC 10. Soláthraíonn TC comhéadan maidir le sonraíochtaí úsáide chás CA1

Gníomhaí

TC

Cuspóir

Tacaíocht TC don chomhéadan caighdeánach cumarsáide idir TC agus CAB (seirbhís gréasáin).

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Faisnéis agus caighdeáin aitheanta chun comhéadan cumarsáide a fhorbairt (seirbhís gréasáin).

Aschur maidir le Cás Úsáide

Comhéadan cumarsáide idir TC agus CAB.

Tuairisc

Forbraíonn agus ritheann an TC comhéadan caighdeánach cumarsáide don CAB. Úsáideann an CAB an comhéadan caighdeánach cumarsáide seo. Féadfar é a úsáid chun an deimhniú digiteach a ordú.

CÁS ÚSÁIDE TC 11. Cuireann TC deimhnithe tástála ar fáil d’úsáideoirí tástála chun an chumarsáid a bhailíochtú (OCSP & SOAP/RESTful API)

Gníomhaí

Monaróir feithiclí

Cuspóir

An chumarsáid fheidhmiúil idir monaróir feithicle agus TC.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Iarratas chuig an gcomhéadan TC.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Sonraí tástála: úsáideoirí tástála, deimhnithe tástála, ábhar an bhunachair sonraí um údarú tástála.

Tuairisc

Iarratais ó mhonaróir feithiclí ar shonraí tástála sna teangacha iomchuí uile le haghaidh gach margadh iomchuí.

Seolann an TC faisnéis (úsáideoirí tástála/deimhnithe tástála) lena gcumhdaítear na torthaí tástála uile a d’fhéadfadh a bheith ann, chuig an monaróir feithicle.

CÁS ÚSÁIDE VM 1. Imscrúdú ar fhormheas IO

Gníomhaí

Monaróir feithiclí (VM)

Cuspóir

A fhiosrú ar cheart formheas atá ann cheana a bheith fós bailí.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Tugann monaróir feithiclí faoi deara go bhféadfadh mí-úsáid/comhartha mí-úsáide a bheith ann.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Déantar an mhí-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann nó an comhartha mí-úsáide a dheimhniú nó a dhiúltú.

Tuairisc

I gcás neamhchomhlíonadh na gcritéar i bpointe 4.3.3 d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 nó an choincheapa maidir le gníomhaíocht dhlisteanach ghnó a leagtar amach sa dara mír de phointe 6.3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, tuairiscíonn an monaróir feithicle an neamhchomhlíonadh IO sin don CAB.

Cuireann an monaróir feithicle tús leis an bpróiseas gearáin tríd an CAB lena mbaineann a chur ar an eolas.

Tá cead ag an monaróir feithicle fógra a thabhairt do na húdaráis ábhartha, más infheidhme.

CÁS ÚSÁIDE VM 2. Imscrúdú ar údarú fostaí de chuid IO

Gníomhaí

Monaróir feithiclí

Cuspóir

A fhiosrú ar cheart formheas atá ann cheana a bheith fós bailí.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Tugann monaróir feithiclí faoi deara go bhféadfadh mí-úsáid/comhartha mí-úsáide a bheith ann.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Déantar an mhí-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann nó an comhartha mí-úsáide a dheimhniú nó a dhiúltú.

Tuairisc

I gcás neamhchomhlíonadh na gcritéar i bpointe 4.3.3 d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 nó an choincheapa maidir le gníomhaíocht dhlisteanach ghnó a leagtar amach sa dara mír de phointe 6.3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, tuairiscíonn an monaróir feithicle na comharthaí sin maidir le mí-úsáid don CAB. Féadfaidh an monaróir feithicle an fostaí de chuid IO a bhlocáil go hinmheánach i gcás inar gá.

Cuireann an monaróir feithicle tús leis an bpróiseas gearáin tríd an CAB lena mbaineann a chur ar an eolas.

Tá cead ag an monaróir feithicle fógra a thabhairt do na húdaráis ábhartha.

CÁS ÚSÁIDE VM 3. Déanann an monaróir feithicle rochtain an IO a bhlocáil

Gníomhaí

Monaróir feithiclí, (CAB)

Cuspóir

Diúltaítear rochtain IO (agus ina dhiaidh sin gach fostaí de chuid IO a bhaineann leis) ar fhaisnéis a bhaineann leis an tslándáil.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Cláraíonn monaróir feithiclí neamhchomhlíonadh IO maidir leis na téarmaí agus coinníollacha.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Blocáil ar rochtain an IO (agus rochtain na bhfostaithe uile de chuid an IO) ar fhaisnéis slándála.

Tuairisc

Tar éis dó imscrúdú a dhéanamh, chinn an CAB gur cheart an formheas a chúlghairm. Is féidir leis an monaróir feithicle rochtain an IO a bhlocáil go hinmheánach ina dhiaidh sin. Déanann an monaróir feithicle rochtain an IO ar fhaisnéis slándála a bhlocáil.

CÁS ÚSÁIDE VM 4. Déanann an monaróir feithicle rochtain an fhostaí de chuid IO a bhlocáil

Gníomhaí

monaróir feithiclí, (CAB)

Cuspóir

Tá an deis ag monaróirí feithicle fostaí de chuid IO a bhlocáil ó rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Cláraíonn an monaróir feithiclí an chúis atá le fostaí de chuid IO a bhlocáil.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Blocáil ar rochtain an fhostaí de chuid IO ar fhaisnéis slándála.

Tuairisc

Tar éis dó imscrúdú a dhéanamh, chinn an CAB gur cheart an formheas a chúlghairm. Is féidir leis an monaróir feithicle rochtain an fhostaí a bhlocáil go hinmheánach ina dhiaidh sin.

Déanann an monaróir feithicle rochtain an fhostaí sin de chuid IO ar fhaisnéis slándála a bhlocáil.

CÁS ÚSÁIDE VM 5. Stádas Déanann an monaróir feithicle cigireacht ar stádas údarúcháin an fhostaí de chuid IO

Gníomhaí

Monaróir feithiclí

Cuspóir

Fíoraíonn an monaróir feithicle an stádas údarúcháin i gcás ina n-úsáideann an fostaí an deimhniú fíordheimhniúcháin chun rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Sonraí inneachair dheimhniú leictreonach an fhostaí.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Stádas Údarúcháin

Tuairisc

Fíoraíonn an monaróir feithicle bailíocht an deimhnithe (TC, OCSP.)

Fíoraíonn an monaróir feithicle an bhfuil an fostaí blocáilte (an monaróir feithicle, inmheánach).

Fíoraíonn an monaróir feithicle bailíocht údarú an fhostaí:

Téann an monaróir feithicle i dteagmháil leis an TC trí úsáid a bhaint as sonraí inneachair dheimhniú leictreonach an fhostaí.

Tugann an TC freagra faoin stádas fíordheimhnithe reatha.

CÁS ÚSÁIDE VM 6. Íoslódálann an monaróir feithicle an treoir cur chun feidhme ó shuíomh gréasáin SERMI (OCSP & SOAP/API RESTful faoi láthair)

Gníomhaí

Monaróir feithiclí

Cuspóir

Deonaítear deimhniú údarúcháin leictreonach agus deimhniú maidir le cigireacht údarúcháin d’fhostaí de chuid IO a chomhlíonann an chigireacht.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Iarratas ar threoir cur chun feidhme.

Aschur maidir le Cás Úsáide

Treoir cur chun feidhme íoslódáilte.

Tuairisc

An treoir maidir le cur chun feidhme a íoslódáil ó shuíomh gréasáin SERMI. Déanann an monaróir feithicle cigireacht ar dheimhniú agus údarú leictreonach an fhostaí de chuid IO trí úsáid a bhaint as an treoir cur chun feidhme (OCSP, SOAP/RESTful API).

CÁS ÚSÁIDE VM 7. Soláthraíonn an monaróir feithicle faisnéis do na húdaráis áitiúla

Gníomhaí

Monaróir feithiclí

Cuspóir

Faisnéis a sholáthar don údarás ábhartha.

Ionchur maidir le Cás Úsáide

Téann custaiméirí i dteagmháil le húdaráis áitiúla.

Fiosrúchán ag na húdaráis ábhartha trí phróiseas láimhe (ní theastaíonn aon seirbhís bhreise TF).

Aschur maidir le Cás Úsáide

Faisnéis faoin bhfeithicil (e.g. stair na ngníomhaíochtaí a rinneadh ar VIN ar leith).

Tuairisc

Tuairiscíonn custaiméir cion is inphionóis le dlíthe náisiúnta. Tugtar VIN nó faisnéis maidir le hidirbheart.

Téann an t-údarás inniúil i dteagmháil leis an monaróir feithicle sonrach i ndáil le fiosrúchán maidir le VIN ar leith.

I gcás feithicil a goideadh, má dhéantar an fheithicil a aisghabháil, cuirfidh an t-údarás ábhartha an monaróir feithicle ar an eolas agus athchóirítear stádas na feithicle arís (beidh faisnéis sa rian iniúchóireachta faoin méid a tharla).

CÁS ÚSÁIDE. Ceanglais theicniúla

1.1.   Ceanglais maidir le cumarsáid shlán

Is trí mhodhanna slána a dhéantar aon chumarsáid dhigiteach nó aon aistriú sonraí aitheantais, formheasa agus údarúcháin idir an CAB, an TC agus an VM, i.e. trí https-ssl/tls agus fíordheimhniú frithpháirteach bunaithe ar dheimhnithe X.509.

1.2.   Tuairisc ar bhainistiú sonraí

Sa scéim SERMI, is é an CAB amháin a bhailíonn agus a úsáideann sonraí pearsanta: Cuireann an léaráid seo a leanas síos ar shraith íosta saintréithe atá le stóráil i ngach córas faisnéise eintiteas ionas go mbeifear in ann próisis sainithe agus cásanna úsáide a chur i bhfeidhm.

Figiúr 6

Sampla de stóráil sonraí de réir ISO 18541-1 Cás Úsáide Grúpa (Cluster) 1

CAB

TC

Monaróir feithiclí

Déanfaidh an CAB na sonraí a bhfuil tuairisc orthu i gcaibidil 6.3.3 a bhailiú agus a úsáid le haghaidh chigireacht formheasa an ionadaí dlíthiúil mar aon leis na sonraí a bhfuil tuairisc orthu i gcaibidil 6.3.5 le haghaidh chigireacht formheasa na bhfostaithe de chuid IO

Seolann an CAB na sonraí seo a leanas tríd an tseirbhís gréasáin:

IOEUID

IOUID

Pasfhocal gníomhachtúcháin

Faigheann an TC na sonraí seo a leanas ón CAB:

IOEUID

IOUID

Pasfhocal gníomhachtúcháin

Ina theannta sin, gineann an TC na sonraí seo a leanas agus úsáideann sé iad:

CABUID

Sraithuimhir an deimhnithe leictreonaigh

Bailíocht an deimhnithe leictreonaigh

Stádas Údarúcháin

Gineann an VM na sonraí seo a leanas agus úsáideann sé iad:

Sonraí de réir ISO 18541-1 cás úsáide grúpa (cluster) 1

Ainm úsáideora agus pasfhocal a bhaineann le IOEUID

IOEUID

IOUID

CABUID

Sraithuimhir an deimhnithe leictreonaigh

Tuairisc ar shaintréithe

1)

Aitheantóir uathúil an fhostaí de chuid IO (IOEUID):

An teaghrán a ghineann an CAB a aithníonn an fostaí de chuid IO go docht.

2)

Aitheantóir uathúil IO (IOUID):

An luach a ghineann an CAB a aithníonn an fostaí de chuid IO go docht mar eintiteas dlíthiúil.

3)

Aitheantóir uathúil CAB (UID):

An luach a ghineann an Lárionad Iontaobhais a aithníonn an CAB go docht.

4)

Sraithuimhir:

Tá sraithuimhir dheimhnithe X509 ann, uimhir atá uathúil do gach deimhniú agus a ghintear go huathoibríoch le linn eisiúint an deimhnithe.

Údarú X / Stádas Údarúcháin X:

Tuairisc ar an údarú/ar na húdaruithe agus ar stádas comhfhreagrach maidir le húsáideoir.

1.3.   Dearadh an deimhnithe

Sainíonn an caighdeán deimhniúcháin x509.V3 (RFC 5280 agus ISO 9594-8.2017) liosta de réimsí agus de luachanna coiteanna atá le líonadh isteach i ndeimhniú leictreonach.

Leis an deimhniú digiteach, comhlíonfar ceanglais slándála BSI (http://www.bsi.de) maidir le fad eochrach agus algartaim chripteagrafaíochta. Ní mór don Fhóram Slán RMI an pointe ama a bhunú chun na ceanglais BSI a chur i bhfeidhm.

Agus deimhniú digiteach á úsáid chun ceangal le freastalaí, seiceálann an freastalaí réimse caighdeánach dar teideal “Ábhar DN”, rud a ligeann dó nasc a dhéanamh le haitheantas an IO sa chóras inmheánach VM.

Léiríonn an figiúr seo a leanas sliocht de réimsí inneachair a bhfuil gá leo le haghaidh aitheantais ag córas VM. Níl struchtúr iomlán an deimhnithe-x509.V3 atá sainithe sa RFC 5280 léirithe anseo.

Figiúr 7

Réimsí inneachair an deimhnithe leictreonaigh

Réimse

Luach

Nótaí

Sraithuimhir

XXX

Sraithuimhir an deimhnithe.

Eisitheoir

XXX

Ainm cairdiúil an TC.

Bailíocht

X bliain (ón dáta/go dtí dáta)

Saolré an deimhnithe ó eisiúint an deimhnithe go dtí deireadh a bhailíochta.

Ábhar DN

IOEUID=<UserUniqueIdentifier>,

IOUID=<IOUniqueIdentifier>,

CABUID=<CABUniqueIdentifier>,

Faisnéis a sheiceáil ag an gcóras VM tar éis chéim an fhíordheimhniúcháin chun an t-úsáideoir a shainaithint.

Ábhar Eolais ar Eochair Phoiblí

Criptiú RSA 4 096 ghiotán

Algartam agus luach na heochrach poiblí atá sa deimhniú.

Rochtain ar Fhaisnéis an Údaráis

http://XXX

Suíomh an fhreastalaí OCSP a bheidh sainithe ag an TC.

Bailíocht

Tréimhse bhailíochta mar a shainmhínítear sa scéim seo. Tá gach deimhniú leictreonach bailí ar feadh uastréimhse 60 mí. Ní fhéadfaidh an tréimhse sin a bheith níos faide ná an méid atá fágtha de thréimhse bhailíochta fhormheas an IO is fostóir.

Ainm de réir an Ábhair (DN)

1)

IOEUID:

Ina bhfuil luach arna ghiniúint ag an CAB a dhéanann ionadaíocht ar chéannacht an fhostaí de chuid IO. Baineann an luach seo go huathúil le húsáideoir údaraithe: má iarrann úsáideoir deimhniú leictreonach nua ón CAB céanna nó ó CAB eile (tar éis athnuachana nó cúlghairme), beidh baint aige/aici leis an UID céanna.

Is mar seo a leanas a ghintear an IOEUID: < ISO-3166-1-CÓD-TÍRE SHUÍOMH AN CAB/AINM AN CAB/CÓD ALFA-UIMHRIÚIL DE CHARACTAIR>

Mar shampla: BE/CAB-CERT/1234567890A

Tá luach 64 ghiotán ar a mhéad ag an luach sin.

2)

IOUID:

Tá luach ann a ghineann an CAB arb ionann é agus ainm dlíthiúil an IO, an seoladh agus an uimhir CBL.

MAR SHAMPLA: <AINMDLÍTHIÚIL IO: JOHNS_GARAGE/SEOLADH:MAINSTREET1BRUSSELS12345/VAT:BE12345678910

3)

CABUID:

Tá luach ann a ghineann an TC atá uathúil do CAB creidiúnaithe. Tá luach 64 ghiotán ar a mhéad ag an luach sin.

Tá an CAB freagrach as aitheantóirí uathúla a bhainistiú d’úsáideoirí. Tá an TC freagrach as aitheantóirí uathúla eintitis dhlíthiúla IOnna agus CAB a bhainistiú.

Ábhar Eolais ar Eochair Phoiblí

Sainmhínítear ann algartam agus fad na heochrach poiblí atá sa deimhniú leictreonach. Chun muinín leordhóthanach a chinntiú i neart an algartaim, úsáidfear eochairfhad 4 096 ghiotán.

Rochtain ar Fhaisnéis an Údaráis

Tabharfaidh an Lárionad Iontaoibhe rochtain OCSP ar liosta cúlghairme an deimhnithe chun rochtain uathoibríoch ar stádas cúlghairme an deimhnithe a chur ar fáil. Tá an tseirbhís OCSP ar fáil 24/7.

1.4.   Seirbhís Gréasáin maidir le seiceáil údarúcháin bunaithe ar SOAP/RESTful API

Tá an córas VM in ann seiceáil a dhéanamh ar stádas údarúcháin an úsáideora a iarrann rochtain ar fhaisnéis slándála.

Soláthraíonn an tseiceáil seo seirbhís chaighdeánach SOAP XML/RESTful API ar fáil atá bunaithe ar phrótacal HTTPS. Ní mór deimhniú leictreonach a fhíordheimhniú chun an tseirbhís sin a rochtain. Tá iarratas ag an bhfreastalaí TC bunaithe ar an bhfaisnéis seo a leanas:

Figiúr 8

Sonraí ionchuir

Sonraí ionchuir

Réimse

Luach

Nótaí

Aitheantóir uathúil le haghaidh fostaí de chuid IO (IOEUID)

<UserUniqueIdentifier>

 

Aitheantóir uathúil IO (IOUID)

<IOUniqueIdentifier>

 

Aitheantas údarúcháin

<AuthorizationUniqueIdentifier>

 


Figiúr 9

Sonraí aschuirsonraí úsáideora sonraí aisghabháil le linn an chláraithe bunaithe ar SOAP/RESTful API

Sonraí aschuir

Réimse

Luach

Nótaí

Stádas Úsáideora

 

0 → Curtha ar fionraí

 

1 → Ceart go leor

 

2 → Cúlghairthe

 

3 → Anaithnid

 

Aitheantóir uathúil le haghaidh fostaí de chuid IO

<UserUniqueIdentifier>

 

Soláthraíonn an tseiceáil seo seirbhís chaighdeánach SOAP XML//RESTful API bunaithe ar phrótacal HTTPS. Tá gá le deimhniú leictreonach VM chun rochtain ar an tseirbhís sin a fhíordheimhniú.


29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 288/33


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10624 — ENEL / INTESA / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 288/03)

An 17 Meitheamh 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is in Iodáili amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10624. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 288/34


Rátaí malairte an euro (1)

28 Iúil 2022

(2022/C 288/04)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0122

JPY

yen na Seapáine

137,26

DKK

krone na Danmhairge

7,4442

GBP

punt steirling

0,83586

SEK

krona na Sualainne

10,4490

CHF

franc na hEilvéise

0,9745

ISK

króna na hÍoslainne

138,70

NOK

krone na hIorua

9,8983

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,609

HUF

forint na hUngáire

407,30

PLN

zloty na Polainne

4,7908

RON

leu na Rómáine

4,9342

TRY

lira na Tuirce

18,1417

AUD

dollar na hAstráile

1,4535

CAD

dollar Cheanada

1,2986

HKD

dollar Hong Cong

7,9456

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6172

SGD

dollar Shingeapór

1,4009

KRW

won na Cóiré Theas

1 320,45

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,0011

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,8325

HRK

kuna na Cróite

7,5200

IDR

rupiah na hIndinéise

15 107,59

MYR

ringgit na Malaeisia

4,5071

PHP

peso na nOileán Filipíneach

56,592

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,097

BRL

real na Brasaíle

5,3300

MXN

peso Mheicsiceo

20,6760

INR

rúipí na hIndia

80,6535


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 288/35


Achoimre ar an Tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faoin Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú)

(2022/C 288/05)

(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil in mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS website https://edps.europa.eu)

An 16 Bealtaine 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear an Rialachán Airgeadais. Sonraíonn MECS go bhfuil sé mar aidhm leis an Togra cáilíocht agus idir-inoibritheacht na sonraí maidir le faighteoirí cistí ón Aontas a fheabhsú agus maidir leo siúd a mbainfidh leas ar deireadh, go díreach nó go hindíreach, as cistí an Aontais chun calaois a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a cheartú nó neamhrialtachtaí a leigheas.

Tacaíonn MECS go hiomlán leis na spriocanna leis an Togra, lena n-áirítear úsáid mhéadaithe a bhaint as digitiú chun leasanna airgeadais AE a chosaint ar bhealach níos fearr agus chun calaois agus neamhrialtachtaí eile a chomhrac. Cé go bhféadfadh sé a bheith riachtanach sonraí pearsanta a phróiseáil chun an sprioc sin a bhaint amach, tá sé de dhualgas ar reachtóir AE a áirithiú go mbeidh aon chur isteach ar an gceart chun cosaint sonraí fós teoranta don mhéid a bheidh fíor-riachtanach agus comhréireach leis na cuspóirí a bhféachtar leo.

Tá MECS sásta go bhfuil sé mar aidhm leis an Togra na catagóirí sonraí a phróiseálfar chun cuspóirí an Togra a bhaint amach a bhunú. Tuigeann MECS, áfach, nach mbeidh an próiseas mianadóireachta sonraí agus scórála riosca teoranta do na sonraí atá sainaitheanta go sainráite sa Togra agus go gcuirfí na sonraí sin i gcomparáid le sonraí ó fhoinsí eile. Measann MECS go bhfuil sé riachtanach gach catagóir sonraí pearsanta atá le próiseáil a shainaithint go sainráite, chomh maith le foinsí na sonraí sin. Ba cheart cosaintí iomchuí a chur i bhfeidhm chomh maith chun cáilíocht agus cruinneas na sonraí sin a áirithiú, go háirithe i gcúinsí ina ndéanfaí na sonraí eile sin a bhailiú ó thríú páirtithe.

Tugann MECS faoi deara nach gcuirtear aon fhaisnéis bhreise ar fáil sa Togra maidir leis an gcóras TF féin. Dá réir sin, molann sé go ndéanfaí an cineál córais TF atá le húsáid a shoiléiriú, go háirithe an bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún an córas a bhunú ar an gcóras TF “Arachne” atá ann cheana nó córas TF iomlán nua a chruthú. Beag beann ar úsáid na struchtúr atá ann cheana, is mian le MECS a mheabhrú gur gá cosaintí iomchuí a bhunú agus a thabhairt isteach in ailtireacht an chórais TF sin, i gcomhréir leis na rialacha ginearálta maidir le cosanta sonraí is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta. Ba cheart go dtiocfadh sé sin go maith le céim um dhearadh agus um fhorbairt an chórais TF, i gcomhréir leis an gceanglas maidir le cosaint sonraí trí dhearadh.

Molann MECS go láidir don chomhreachtóir freisin an tréimhse uasta ar féidir na sonraí pearsanta dá dtagraítear a stóráil agus a chur ar fáil sa chóras TF comhtháite aonair le haghaidh mianadóireacht sonraí agus scóráil riosca a sholáthraíonn Coimisiún a shainiú go soiléir.

Maidir le faisnéis ábhartha a fhoilsiú maidir le gach faighteoir cistí a mhaoinítear ó bhuiséad AE, luann MECS go dearfach na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun prionsabal na trédhearcachta a chothromú i gcoinne an chur isteach ar cheart na bhfaighteoirí lena mbaineann chun meas a bheith ar a saol príobháideach go ginearálta agus chun go gcosnófar a sonraí pearsanta trí fhaighteoirí a dhíolmhú ó fhoilsiú a sonraí pearsanta dá gcomhlíonfaí coinníollacha áirithe (tairseach i gcomhthéacs mhéid na cabhrach a fuarthas, cineál an bhirt, rioscaí do chearta agus do shaoirsí etc.).

1.   RÉAMHRÁ

1.

An 16 Bealtaine 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais athmhúnlú (“an Togra”, lena leasaítear an Rialachán Airgeadais (1).

2.

Is é is cuspóir leis an Togra an Rialachán Airgeadais a ailíniú le pacáiste an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, chun “leabhar rialacha aonair” a choinneáil lena rialófar caiteachas an Aontais, rud a chiallaíonn go bhfuil na rialacha airgeadais ginearálta go léir cuimsithe sa Rialachán Airgeadais. Chomh maith leis sin, áirítear sa Togra feabhsuithe spriocdhírithe agus simplithe a sainaithníodh ó tháinig Rialachán Airgeadais 2018 i bhfeidhm. Tá sé mar aidhm leis an Togra freisin úsáid an digitithe a mhéadú chun leasanna airgeadais AE a chosaint ar bhealach níos fearr, chun cur ar bhealach níos fearr le cuspóirí beartais AE a bhaint amach agus chun simpliú breise a bhaint amach d’fhaighteoirí chistí an Aontais (2).

3.

Eisítear an Tuairim reatha ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán arna dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach ar an 16 Bealtaine 2022, de bhun Airteagal 42(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (3). Cuireann MECS fáilte roimh an tagairt don chomhairliúchán seo in Aithris 257 den Togra. Maidir leis sin, sonraíonn MECS go dearfach freisin go ndeachthas i gcomhairle leis ar bhonn neamhfhoirmiúil de bhun aithris 60 EUDPR.

5.   CONCLÚIDÍ

26.

I bhfianaise an mhéid thuasluaite, déanann MECS na príomh-mholtaí seo a leanas:

(1)

ról na n-eintiteas go léir a mbeadh sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag an gcóras TF comhtháite aonair le haghaidh mianadóireacht sonraí agus scóráil riosca á n-úsáid nó á rochtain acu a shoiléiriú.

(2)

go ndéanfaí an cineál córais TF atá le húsáid a shoiléiriú, go háirithe an bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún an córas a bhunú ar an gcóras TF “Arachne” atá ann cheana nó córas TF iomlán nua a chruthú.

(3)

na catagóirí sonraí go léir lena mbaineann a shainaithint go sainráite, i.e. na sonraí a phróiseálfar/a thabharfar i ndáil leis na sonraí aitheantais a luaitear in Airteagal 36 mír 6 den Togra, chomh maith le foinsí na sonraí sin

(4)

cosaintí iomchuí a thabhairt isteach chun cáilíocht agus cruinneas sonraí a áirithiú, go háirithe i gcúinsí ina ndéanfaí na sonraí eile sin a bhailiú ó thríú páirtithe.

(5)

beag beann ar an bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún úsáid a bhaint as struchtúir atá ann cheana, cur síos ardleibhéil ar an uirlis TF a chuimsiú sa Togra féin, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí cosanta sonraí agus cosaintí ábhartha is infheidhme.

(6)

cosaintí breise a chur i bhfeidhm maidir leis na cineálacha sonraí neamhfhoilsithe. Mar shampla, ba cheart ainm bréige sonraí a bhreithniú.

(7)

a shoiléiriú an ndéanfaí sonraí a thaifeadadh agus a stóráil go leictreonach laistigh den chóras TF le haghaidh mianadóireacht sonraí agus scóráil riosca nó nach mbeadh rochtain ag an gcóras TF ach ar shonraí atá stóráilte in áit éigin eile.

(8)

an tréimhse uasta faoina bhféadfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 36 den Togra a stóráil agus a chur ar fáil sa chóras TF comhtháite aonair le haghaidh mianadóireacht sonraí agus scóráil riosca a sholáthraíonn an Coimisiún a shainiú go soiléir.

An Bhruiséil, 7 Iúil 2022.

Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI


(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(2)  Féach COM(2022) 223 final, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


V Fógairtí

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 288/38


Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 288/06)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AR AN DOICIMÉAD AONAIR

“Verdicchio dei Castelli di Jesi”

PDO-IT-A0482-AM04

Dáta na teachtaireachta: 6.5.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA ATÁ LEIS

1.   Pacáistiú - coimeádáin agus toilleadh

Tuairisc: maidir le pacáistiú fhíon Verdicchio dei Castelli di Jesi, féadfar coimeádáin mhalartacha a úsáid a dhéantar as ábhar seachas gloine, mar atá pocáin fíona de phoileitiléin nó de phoileistear ilsrathach atá iata i mbosca atá déanta de chairtchlár nó d’aon ábhar dolúbtha eile, nach mbeidh a n-íostoilleadh níos lú ná an méid a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

Cúiseanna: is éard atá ann rogha pacáistithe eile le haghaidh fhíon Verdicchio dei Castelli di Jesi, mar atá é a chur i gcoimeádáin a dhéantar as ábhar seachas gloine, ar rogha é a theastaigh ó tháirgeoirí tar éis measúnuithe teicniúla agus tráchtála a dhéanamh go cúramach.

Baineann an leasú le hAirteagal 8 den tsonraíocht agus le Roinn 9 den doiciméad aonair.

2.   Tagairt don chomhlacht cigireachta - athrú seolta

Tuairisc: athraíodh seoladh Valoritalia società per la certificazione delle qualità e delle produzioni vitivinicole italiane S.r.l. ó Via Piave 24, 00187 an Róimh go Via Venti Settembre 98/G, 00187 an Róimh.

Cúiseanna: aistríodh an oifig chláraithe de chomhlacht cigireachta shonrúchán Verdicchio dei Castelli di Jesi.

Baineann an leasú le hAirteagal 10 den tsonraíocht ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Sonrúchán nó sonrúcháin

Verdicchio dei Castelli di Jesi

2.   Cineál an táisc gheografaigh

STFC - Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

4.   Tuairisc ar na fíonta

1.   Verdicchio dei Castelli di Jesi

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Bíonn dath gealbhuí éadrom ar fhíonta Verdicchio dei Castelli di Jesi (STFC); boladh séimh atá ina shaintréith d’almóinní; mar aon le blas tirim comhchuí a dtagann iarbhlas taitneamhach leath-shearbh sna sála air.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,50 gram in aghaidh an lítir a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir)

 

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   Verdicchio dei Castelli di Jesi Classico

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Bíonn dath gealbhuí éadrom ar fhíonta Verdicchio dei Castelli di Jesi Classico (STFC); boladh séimh ar leith; mar aon le blas tirim comhchuí a dtagann iarbhlas taitneamhach leath-shearbh sna sála air.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,50 gram in aghaidh an lítir a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir)

 

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.   Verdicchio dei Castelli di Jesi Classico Superiore

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Bíonn dath gealbhuí éadrom ar fhíonta Verdicchio dei Castelli di Jesi Classico (STFC); boladh séimh ar leith; mar aon le blas tirim comhchuí a dtagann iarbhlas taitneamhach leath-shearbh sna sála air.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,50 gram in aghaidh an lítir a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir)

 

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

4.   Verdicchio dei Castelli di Jesi Passito

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Bíonn dath ar fhíonta Verdicchio dei Castelli di Jesi Passito (STFC) atá idir gealbhuí gléineach agus ómra; boladh séimh ar leith; mar aon le blas comhchuí bog ar leith atá idir leath-mhilis agus milis.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,00 gram in aghaidh an lítir a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir)

25

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Verdicchio dei Castelli di Jesi spumante

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Bíonn cúr mín a mhaireann i bhfad ar fhíonta Verdicchio dei Castelli di Jesi spumante (STFC); dath gealbhuí de dhéine éagsúil, uaireanta le himireacha bánghlasa; boladh séimh ar leith atá mín leathan casta, mar aon le blas a théann ó extra-brut go tirim agus atá úr mín comhchuí.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,50 gram in aghaidh an lítir a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir)

 

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

5.2.   Táirgeacht uasta:

1.

Verdicchio dei Castelli di Jesi

14 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

2.

Verdicchio dei Castelli di Jesi Classico

14 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

3.

Verdicchio dei Castelli di Jesi Classico Superiore

11 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

4.

Verdicchio dei Castelli di Jesi Passito

14 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach sainithe

Tá an limistéar táirgthe atá oiriúnach chun fíonta Verdicchio dei Castelli di Jesi (STFC) a tháirgeadh suite i gcúigí Ancona agus Macerata.

Is cuid d’abhantrach geografach abhainn Esino é an limistéar sainithe, is é sin le rá i gcríocha 22 bhardas intíre de chuid chúige Ancona agus 2 bhardas intíre de chuid chúige Macerata.

7.   Cineál fíonchaoire

Verdicchio bianco B. - Verdicchio

8.   Tuairisc ar an nasc nó ar na naisc

Verdicchio dei Castelli di Jesi

Tá fíniúna á saothrú agus fíon á tháirgeadh i gcríoch fhíon Verdicchio dei Castelli di Jesi (STFC) ón ré ársa ar aghaidh.

Ar an gcuma chéanna, tá fréamhacha ársa doiciméadaithe ag táirgeadh fíona shúilínigh agus tá passito á shaothrú leis na céadta freisin.

An tionchar a bhí ag tosca daonna i gcaitheamh na gcéadta, bhí sé lárnach sa rogha a rinneadh an cineál fíniúna Verdicchio a shaothrú sa cheantar, i bhforbairt na modhanna traenála fíniúna agus sna cleachtais fíoneolaíocha. Is é an caidreamh idir tosca nádúrtha (oragrafaíocht, an aeráid agus anailís ithreach) agus na tosca daonna is cúis leis na saintréithe cáilíochta agus orgánaileipteacha faoi leith atá ag fíonta Verdicchio dei Castelli di Jesi (STFC), ar saintréithe iad nach féidir a atáirgeadh áit ar bith eile.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha eile (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Biain táirgthe na bhfíonchaor a léiriú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll eile:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór bliain táirgthe na bhfíonchaor a léiriú ar lipéadú fhíonta “Verdicchio dei Castelli di Jesi”, “Verdicchio dei Castelli di Jesi”Classico, “Verdicchio dei Castelli di Jesi”Classico Superiore, “Verdicchio dei Castelli di Jesi”Passito, agus “Verdicchio dei Castelli di Jesi”Spumante Riserva (STFC).

Pacáistiú, coimeádáin agus toirmisc ar chórais áirithe séalaithe

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll eile:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

I gcás an chineáil fíona “Verdicchio dei Castelli di Jesi”, is ceadmhach freisin coimeádáin mhalartacha a úsáid a dhéantar as ábhar seachas gloine, mar atá pocáin fíona de phoileitiléin nó de phoileistear ilsrathach atá iata i mbosca atá déanta de chairtchlár nó d’aon ábhar dolúbtha eile, nach mbeidh a n-íostoilleadh níos lú ná an méid a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

I gcás an chineáil fíona “Verdicchio dei Castelli di Jesi”Classico, ní féidir é a scaoileadh lena thomhailt ach amháin i gcoimeádáin ghloine nach mó a dtoilleadh ná 5 lítear.

I gcás an chineáil fíona “Verdicchio dei Castelli di Jesi”Classico Superiore, ní féidir é a scaoileadh lena thomhailt ach amháin i gcoimeádáin ghloine nach mó a dtoilleadh ná 3 lítear; i gcás na gcineálacha fíona sin, tá cosc ar dhúntáin in-stróicthe agus caipíní.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/18115


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 288/43


Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 288/07)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AR AN DOICIMÉAD AONAIR

“Rosso Cònero”

PDO-IT-A0428-AM03

Dáta na teachtaireachta: 06.05.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA ATÁ LEIS

1.   Pacáistiú - coimeádáin agus toilleadh

Tuairisc: maidir le pacáistiú an fhíona Rosso Cònero, féadfar coimeádáin mhalartacha a úsáid a dhéantar as ábhar seachas gloine, mar atá pocáin fíona de phoileitiléin nó de phoileistear ilsrathach atá iata i mbosca atá déanta de chairtchlár nó d’aon ábhar dolúbtha eile, nach mbeidh a n-íostoilleadh níos lú ná an méid a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

Cúiseanna: is éard atá ann rogha pacáistithe eile le haghaidh an fhíona Rosso Cònero, mar atá é a chur i gcoimeádáin a dhéantar as ábhar seachas gloine, ar rogha é a theastaigh ó tháirgeoirí tar éis measúnuithe teicniúla agus tráchtála a dhéanamh go cúramach.

Baineann an leasú le hAirteagal 8 den tsonraíocht agus le Roinn 9 den doiciméad aonair.

2.   Tagairt don chomhlacht cigireachta - athrú seolta

Tuairisc: Athraíodh seoladh Valoritalia società per la certificazione delle qualità e delle produzioni vitivinicole italiane S.r.l. ó Via Piave 24, go Via Venti Settembre 98/G – 00187 Roma.

Cúiseanna: baineann sé seo le haistriú oifig chláraithe an chomhlachta rialaithe le haghaidh an ainm Rosso Cònero.

Baineann an leasú le hAirteagal 10 den tsonraíocht ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Sonrúcháin nó sonrúcháin

Rosso Cònero

2.   Cineál an táisc gheografaigh

STFC - Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar na fionnta

Rosso Cònero

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Bíonn dath dearg an rúibín ar fhíonta Rosso Cònero (STFC) agus baineann dea-bholadh taitneamh fíniúnach leo. Ó thaobh blas de, bíonn siad tathagach comhchuí tirim.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,50 gram in aghaidh an lítir a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir)

 

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

5.2.   Táirgeacht uasta

1.   Rosso Cònero

13 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach sainithe

Is éard atá i limistéar táirgthe an fhíona Rosso Cònero críoch iomlán bhardais Ancona, Offagna, Camerano, Sirolo agus Numana agus cuid de bhardais Castelfidardo agus Osimo, ar bardais iad ar fad atá suite i réigiún Ancona.

7.   Cineál fíonchaoire

Montepulciano N.

8.   Tuairisc ar an nasc nó ar na naisc

Rosso Cònero

D’imir tosca daonna i limistéar táirgthe an fhíona Rosso Cònero tionchar ollmhór ar roghnú na gcineálacha fíonchaor a bhí le saothrú, ar fhorbairt teicnící saothraithe fíniúna agus ar chleachtais fhíoneolaíocha: is amhlaidh go bhfaightear rianta fíonsaothraithe agus fíoneolaíochta ann a théann siar go dtí an 10ú haois RC.

Mar gheall ar an gcaidreamh idir na tosca sin agus gnéithe nádúrtha an-sainiúla agus uathúla an cheantair, arb é Monte Cònero féin an saintréith is mó acu, áit atá foirfe chun an cineál fíniúna Montepulciano a shaothrú, is fíonta faoi leith iad fíonta Rosso Cònero (STFC) nach féidir a tháirgeadh áit ar bith eile.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha eile (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Bliain táirgthe na bhfíonchaor a léiriú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll eile:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór bliain táirgthe na bhfíonchaor a léiriú ar lipéadú fhíonta Rosso Cònero

Pacáistiú agus córais séalaithe

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll eile:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Maidir le fíon Rosso Cònero (STFC), is ceadmhach gach córas séalaithe a cheadaítear faoi reachtaíocht an Aontais agus faoin reachtaíocht náisiúnta.

Ina theannta sin, maidir leis an bpacáistiú, féadfar coimeádáin mhalartacha a úsáid a dhéantar as ábhar seachas gloine, mar atá pocáin fíona de phoileitiléin nó de phoileistear ilsrathach atá iata i mbosca atá déanta de chairtchlár nó d’aon ábhar dolúbtha eile, nach mbeidh a n-íostoilleadh níos lú ná an méid a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/18114


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 288/46


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2022/C 288/08)

Bronnann an foilseachán seo an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina”

Uimh. AE: PDO-HR+SI-2655 – 19.1.2021

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainmneacha [STFC nó TGFC]

“Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina”

2.   Ballstát nó Tríú Tír

 

Poblacht na Cróite

 

Poblacht na Slóivéine

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   Cineál táirge

Aicme 1.1 Feoil (agus cosamar feola) úr

3.2.   Tuairisc ar an táirge dá dtagraíonn an t-ainm in (1)

Is feoil úr é “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” a ndéantar aibiú rialaithe uirthi ar feadh 15 lá ar a laghad. Faightear an fheoil ó phór dúchasach ar a dtugtar eallach na hIstria (“istarsko govedo / istrsko govedo”), a beirtear sa limistéar geografach a shainítear i bpointe 4 agus atá faoi réir nós imeachta caighdeánach maidir le marú agus próiseáil an chonablaigh.

Cuirtear “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” ar an margadh mar tháirge úr nó reoite.

Bíonn dath bándearg éadrom go dath dearg dorcha ar “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina”, le cion measartha saille ionmhatánach (marmarú), agus bíonn sé aramatach, bíonn boladh taitneamhach uaidh, bíonn blas láidir air ar blas sainiúil mairteola é, bíonn sé mín agus súmhar, agus bíonn sé oiriúnach dá réir sin lena úsáid i miasa éagsúla feola.

Ag brath ar a n-aois agus ar a gcatagóir meáchain, ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith i gconablaigh phór eallaigh na hIstria:

laonna fireanna agus laonna baineanna arna marú agus iad 8 mí go 12 mhí d’aois – ó 100 kg go 250 kg i meáchan a leathchonablach ullmhaithe; bíonn dath bándearg éadrom ar a gcuid feola, agus í mín, súmhar, beagán aramatach, agus measartha marmaraithe; bíonn dath bán ar fhíochán na saille fo-chraicní;

laonna baineanna arna marú agus iad níos sine ná 12 mhí d’aois – ó 180 kg go 320 kg i meáchan a leathchonablach ullmhaithe; bíonn dath bándearg ar a gcuid feola, agus í mín, súmhar, beagán aramatach, agus measartha marmaraithe; bíonn dath bán ar fhíochán na saille fo-chraicní;

tairbh óga (fireannaigh arna marú agus iad 12 mí go 24 mhí d’aois) – ó 200 kg go 400 kg i meáchan a leathchonablach ullmhaithe; bíonn dath idir dath bándearg agus dath dian dearg ar a gcuid feola, agus í mín, súmhar, beagán aramatach, agus marmaraithe; bíonn dath idir dath bán agus dath beagán buí ar fhíochán na saille fo-chraicní;

ba (baineannaigh arna marú agus iad níos sine ná 24 mhí d’aois) – níos mó ná 220 kg i meáchan a leathchonablach ullmhaithe; bíonn dath idir dath bándearg agus dath deargchorcra ar a gcuid feola, agus í mín, súmhar, beagán aramatach, agus marmaraithe; bíonn dath idir dath beagán buí agus dath dian buí ar fhíochán na saille fo-chraicní;

tairbh (fireannaigh arna marú agus iad níos sine ná 24 mhí d’aois) – níos mó ná 280 kg i meáchan a leathchonablach ullmhaithe; bíonn dath idir dath bándearg agus dath deargchorcra ar a gcuid feola, agus í mín agus aramatach; bíonn dath idir dath beagán buí agus dath dian buí ar fhíochán na saille fo-chraicní;

bulláin (fireannaigh choillte arna marú agus iad níos sine ná 24 mhí d’aois) – níos mó ná 350 kg i meáchan a leathchonablach ullmhaithe; bíonn dath idir dath dearg agus dath dorcha dearg ar a gcuid feola, agus í aramatach agus marmaraithe; bíonn dath dian buí ar fhíochán na saille fo-chraicní.

Déantar conablaigh phór eallaigh na hIstria a aicmiú trí úsáid a bhaint as an gcóras eangaí EUROP. A mhéid a bhaineann le comhréireacht, ní mór do na conablaigh a bheith in aicmí E, U, R nó O, agus a mhéid a bhaineann le méid bhrat na saille, ní mór iad a bheith in aicmí 2, 3 nó 4.

Ní mór an luach pH, arna thomhas sa mhatán droma (musculus longissimus dorsi) 24 uair an chloig ar a luaithe tar éis mharú agus fhuarú an leathchonablaigh, a bheith níos lú ná nó cothrom le 5,8.

3.3.   Beatha (do tháirgí de bhunús ainmhíoch amháin) agus amhábhair (do tháirgí próiseáilte amháin)

Laonna lena ramhrú, déantar iad a scoitheadh ag 4 mhí d’aois ar a luaithe. Sula dtosaíonn an ramhrú, tugtar féar agus féarach isteach ina mbeatha de réir a chéile, in éineacht le bainne.

Is é an príomhbheatha le haghaidh eallaigh atá os cionn 8 mí d’aois farae garbh (féarach, féar tirim), agus ba cheart, i bprionsabal, an bheatha sin a tháirgeadh sa limistéar geografach a shainítear i bpointe 4.

Ceadaítear beatha thacúil (gránaigh) a chur léi go dtí uasmhéid 20 % den chandam laethúil iomlán (arna shloinneadh mar sciar de mheáchan an ábhair thirim atá sa bheatha thacúil). Féadfar an bheatha thacúil a sholáthar lasmuigh den limistéar geografach a shainítear i bpointe 4.

I gcás nach bhfuil go leor farae ghairbh ar fáil de dheasca drochaimsire, féadfaidh an t-eallach féar agus féarlas a ithe a tháirgtear lasmuigh den limistéar geografach sainithe, ach ní fhéadfar é sin a dhéanamh ach ar feadh 15 % ar a mhéad de mhéid iomlán bliantúil an fharae ghairbh arna shloinneadh in ábhar tirim.

D’fhéadfadh sé gur suas le 28 %, arna shloinneadh in ábhar tirim, cion iomlán an fharae (farae garbh, beatha thacúil) ar fad a tháirgtear lasmuigh den limistéar geografach sainithe inar féidir leis an eallach beathú le linn aon bhliana ar leith. Ós rud é nach bhfaightear é ach i gcúinsí eisceachtúla lasmuigh den limistéar geografach sainithe, ní bhíonn tionchar mór ag úsáid farae den sórt sin i méideanna teoranta mar sin ar airíonna an táirge a dtugtar tuairisc air i bpointe 3.2.

Ní cheadaítear úsáid a bhaint as bainne púdrach ná as meascáin réamhdhéanta beatha tacúla ina bhfuil fotháirgí de chuid thionscal an bhia agus an t-eallach á bheathú. Tá cosc freisin sadhlas a úsáid sa bheathú.

Ceadaítear féarlas agus meascán de sheamair agus féar a úsáid i mbeathú go dtí uasmhéid 40 % den chandam laethúil arna shloinneadh in ábhar tirim.....

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a thógáil sa limistéar geografach sainithe

Gach céim de tháirgeadh “Meso istarskog goveda – boškarina” / “Meso istrskega goveda – boškarina”, ó bhreith lao, trí eallach a mharú, príomhphróiseáil agus búistéireacht, go dtí aibiú na feola, ní mór í a dhéanamh laistigh den limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe 4.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Tar éis don phróiseas aibithe a bheith críochnaithe, féadfar “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” a reo go mear nó a chur ar an margadh mar tháirge úr. Ní mór an fheoil a fholúsphacáil sula reoitear í.

Má aibíodh an fheoil ina leathchonablaigh nó ina ceathrúna, ní mór búistéireacht a dhéanamh ar na conablaigh de réir na ngearrthacha caighdeánacha i dtionscal an mharaithe sula ndéantar iad a reo nó a chur ar an margadh.

Féadfar an fheoil úr a chur ar an margadh neamhphacáilte, folúsphacáilte nó tar éis í a phacáil in atmaisféar modhnaithe. Ní fhéadfar an fheoil úr a chur ar an margadh gan í a bheith folúsphacáilte.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

I gcás ina ndíoltar “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” leis an tomhaltóir deiridh in ionad miondíola agus í neamhphacáilte, ní mór an inscríbhinn “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” agus an tsiombail choiteann “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” (féach an léaráid thíos) a bheith ar taispeáint go soiléir. Ní fhéadfaidh an tsiombail choiteann ar an inscríbhinn a bheith níos lú ná 7 x 7 cm.

I gcás ina gcuirtear “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” ar an margadh agus é pacáilte, ní mór an inscríbhinn “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” agus an tsiombail choiteann “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” a bheith ar gach pacáiste. Ní mór don inscríbhinn “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” seasamh amach níos soiléire ná aon inscríbhinn eile trí litreoireacht níos mó a úsáid. Ní fhéadfaidh an tsiombail choiteann ar an bpacáiste a bheith níos lú ná 2,5 x 2,5 cm.

De bhreis ar an bhfaisnéis a leagtar síos sna rialacháin atá i bhfeidhm maidir le mairteoil a lipéadú, ní mór an dáta maraithe, an catagóir eallaigh dá dtagraítear sa tsonraíocht agus an inscríbhinn “Feoil aibí” a bheith ar an bpacáiste nó ar an inscríbhinn (i gcás feoil neamhphacáilte).

Image 3

Léaráid den tsiombail choiteann

Tá dhá leagan den tsiombail choiteann “Meso istarskog goveda — boškarina”/“Meso istrskega goveda — boškarina”, a fhreagraíonn don dá leagan (Cróitis agus Slóivéinis) d’ainm an táirge.

Is iondúil gurb é an leagan ildaite a úsáidtear den tsiombail choiteann. Mura féidir an leagan ildaite den tsiombail choiteann a úsáid, féadfar an leagan a úsáid nach bhfuil ann ach aon dath amháin, agus dath dubh air nó ceann de na príomhdhathanna atá sa tsiombail ildaite.

4.   Sainiú gonta ar an limistéar geografach

Déantar “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” a tháirgeadh i gcríoch leithinis na hIstria, in oileánra Kvarner, in ardchláir Karst agus Čičarija, agus i ngleann Podgrad lena n-áirítear fánaí theas chnoic Brkini.

Sa Chróit, féadfar an táirgeacht a dhéanamh i gcríoch na mbailte agus na mbardas seo a leanas: Buje, Buzet, Labin, Novigrad, Pazin, Poreč, Pula, Rovinj, Umag, Vodnjan, Bale, Barban, Brtonigla, Cerovlje, Fažana, Funtana, Gračišće, Grožnjan, Kanfanar, Karojba, Kaštelir-Labinci, Kršan, Lanišće, Ližnjan, Lupoglav, Marčana, Medulin, Motovun, Oprtalj, Pićan, Raša, Sveta Nedjelja, Sveti Lovreč, Sveti Petar u Šumi, Svetvinčenat, Tar-Vabriga, Tinjan, Višnjan, Vižinada, Vrsar, Žminj, Mošćenička Draga, Lovran, Opatija, Matulji agus Kastav, Cres, Mali Lošinj, Krk, Baška, Dobrinj, Malinska-Dubašnica, Omišalj, Punat agus Vrbnik.

Sa tSlóivéin, féadfar an táirgeacht a dhéanamh i gcríoch na mbardas seo a leanas: Piran, Izola, Koper, Ankaran, Hrpelje-Kozina, Ilirska Bistrica, Sežana, Komen agus Divača.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Mar thoradh ar éagsúlacht agus castacht struchtúr geolaíoch agus geomhoirfeolaíoch limistéar táirgthe “Meso istarskog goveda - boškarina” / “Meso istrskega goveda – boškarina”, forbraíodh cineálacha éagsúla ithreach. Aeráid Mheánmhuirí atá in aeráid an limistéir gheografaigh ina iomláine, a athraíonn de réir a chéile sa limistéar intíre agus i dtreo thuaisceart na leithinse, áit a n-éiríonn sí measartha ilchríochach. Mar thoradh ar an éagsúlacht sa topagrafaíocht, sa chré agus san aeráid agus ar an idirghníomhaíocht eatarthu, tá cumhdach saibhir agus éagsúil fásra ann. Flóra Dinearach, Alpach agus Meánmhuirí, faightear iad ar fad anseo, le foraoisí síorghlasa darach toilm agus scrobarnaí, agus foraoisí duillsilteacha darach clúmhaí, crainn shleamhain agus feá. Clúdaíonn coillearnach an tríú cuid den talamh, agus is éard atá i gcuid mhaith den limistéar talamh féaraigh agus scrobarnach ina bhfuil os cionn 300 cineál plandaí.

Go dtí an lá atá inniu ann, tógtar ar an mbealach traidisiúnta pór dúchasach eallach na hIstria a eascraíonn as an limistéar geografach. San am a chuaigh thart, tógadh an t-eallach le córas feirmeoireachta an-fhairsing. Bhí an beathú bunaithe ar fhéarach, agus, go pointe níos lú, ar fhéar móinéir, meidic na mbó, tuí cruithneachta agus tuí eorna, gais arbhair agus bruscar. Agus é ag brath ar chumhdach fásra agus ar dhálaí aeráide an limistéir pórúcháin, bhí innilt ar an eallach ar feadh 6 go 9 mí den bhliain, nó i roinnt áiteanna i rith na bliana ar fad. In go leor codanna den limistéar táirgthe, go háirithe iad siúd a bhfuil an carst ann níos mó ná aon ní eile, ní bhíodh mórán talún féaraigh ann, rud a chuireann iallach ar an eallach saor-innilte dul níos faide ná an féarach sin sa tóir ar bheatha. I míonna an tsamhraidh, nuair a bhíodh an talamh féaraigh tirim cheana féin, tiomáineadh an t-eallach isteach sa choillearnach, áit nach raibh go leor féaraigh ann, agus bhíodh orthu den chuid is mó innilt ar dhuilleoga crann amhail dair thoilm, fuinseog mhanna, acaicia, crann maoildeirge, silíní coirnéilin, crann sleamhain oirthearach, caithne, cuileann, miortal agus crann ológ fiáin, nó bhíodh orthu leas a bhaint as flóra síorghlas dá mba ghá. Ba é an modh feirmeoireachta agus beathaithe céanna seo a thug ar go leor úinéirí “Boškarin” a thabhairt ar a dtréad (as boška = coillearnach, scrobarnach ard), téarma a úsáidtear mar chomhchiallach do phór eallach na hIstria.

Níl mórán difríochta idir modh an lae inniu chun feirmeoireacht a dhéanamh ar eallach na hIstria agus an modh traidisiúnta. Cé nach n-úsáidtear eallach na hIstria a thuilleadh mar ainmhithe tarraingthe, bíonn rochtain rialta acu go léir ar thalamh féaraigh, ar scrobarnach agus ar choillearnach, agus cothaítear iad ar an mbealach traidisiúnta den chuid is mó.

San am atá caite, ní dhearnadh eallach na hIstria a ramhrú go córasach le haghaidh táirgeadh feola. Bhain eisceacht le ramhrú i gcomhair riachtanais an airm, mar a meabhraíodh i ndoiciméad ó 1631 ina dtagraítear d’fheirmeoireacht eallaigh in oileán Unije. I ndeireadh an 19ú haois, díoladh feoil eallach na hIstria sna bailte agus sna cathracha, go háirithe in Pula agus Trieste.

Chun an t-ábhar géiniteach a chaomhnú agus i dtreo nach rachadh an pór in éag, sna 1980í déanacha cuireadh feachtas ar bun chun pórú eallach na hIstria a athbheochan, feachtas inar díríodh ar leas a bhaint as luach gastranómach shaintréithe sonracha “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” agus a chur chun cinn córasach mar shólaiste sómasach. Mar gheall ar an meáchan iomlán níos ísle atá iontu, a bhfás mall nádúrtha agus táirgeacht atá níos ísle, agus cáilíocht fhoriomlán a gcuid feola, tá acmhainneacht an-teoranta ag eallach na hIstria maidir le táirgeadh mairteola, agus dá bhrí sin is sa limistéar a ndéantar cur síos air i bpointe 4 den chuid is mó a dhéantar feirmeoireacht ar an bpór. Lasmuigh den limistéar geografach, déantar eallach a phórú ar bhealach níos déine, rud a mbíonn tionchar diúltach aige ar shaintréithe orgánaileipteacha na feola, rud a fhágann go mbíonn níos mó saille inti agus nach mbíonn sí chomh haramatach.

Téann an nasc idir “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” agus an limistéar táirgthe i bhfad siar, go dtí am a rinneadh feirmeoireacht ar fhoirm ársa eallaigh ar leithinis na hIstria a mheastar a bheith ina sinsear ag eallach na hIstria, is é sin Bos primigenius. Léiríonn taighde géiniteach go mbaineann eallach na hIstria le grúpa géiniteach ar leith, rud a léirítear i gcruth saintréitheach an chonablaigh i gcomparáid le pórtha eile feola. Tá cliabhrach sách láidir agus cosa beaga cúil ina saintréithe i gconablach eallach na hIstria. Tá cion measartha matáin agus saille ann, agus tá toradh catagóirí aoise áirithe níos ísle ná mar a fhaightear i bpórtha feola eallaigh eile de chuid na hEorpa. Bíonn tionchar díreach ag saintréithe an chonablaigh freisin ar shaintréithe na feola.

Saintréith shonrach amháin in “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” is ea go bhfuil sé níos righne ná feoil pórtha eile, mar thoradh ar an gcion níos airde collaigine san fhíochán matáin. Gné oidhreachtúil is ea an méid collaigine sna matáin, agus tá níos mó di in eallach na hIstria, mar go raibh sé ina phór tarraingthe a raibh neart ag teastáil uaidh agus a d’fhorbair fíochán matáin ina raibh collaigin an-bhroganta. Teastaíonn cóireáil teasa níos faide ó fheoil righin, rud a bhriseann síos an chollaigin agus a thugann a súmhaireacht agus a blas saibhir don fheoil ar deireadh. Chun laghdú ar a righne agus chun a cumhracht shonrach a neartú agus a fhorbairt, cuirtear próiseas aibithe i bhfeidhm ar an bhfeoil tar éis an mharaithe, próiseas ina mbristear síos na snáithíní collaigine agus ina scaoiltear cuid de na haimínaigéid.

Ceann d’airíonna “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina” is ea an leibhéal níos ísle marmaraithe atá ann, mar thoradh ar chion measartha na saille ionmhatánach, déine mheasartha an ramhraithe agus an cion íseal farae ardfhuinnimh sa chandam. An dath dian buí a bhíonn ar fhíochán saille an eallaigh níos sine, is toradh é ar an gcomhdhéanamh saille, nó i bhfocail eile ar an mbeatha a itheann an t-ainmhí. An cóimheas idir aigéid shailleacha sháithithe agus aigéid shailleacha neamhsháithithe i gcomhdhéanamh lipidí feola eallach na hIstria, léirigh staidéir eolaíocha gur i bhfabhar aigéid shailleacha sháithithe atá sé (thart ar 60:40 %), rud a chabhraíonn le laghdú ar an uathocsaídiúchán nuair a stóráiltear an fheoil ar feadh tréimhse fhada. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an tsaintréith sin chun cáilíocht na feola a chaomhnú ag céim an aibithe. Nuair a ligtear d’fheoil úr eallach na hIstria aibiú spreagtar próisis phróitéalaíocha san fheoil, rud a chuireann lena hairíonna orgánaileipteacha (boige, súmhaireacht, uigeacht, boladh, agus cumhra iomlán na feola aibí) agus a chuireann feabhas ar a poitéinseal gastranómach.

Thar aon ní eile, d’fhorbair feirmeoirí eallach na hIstria saintréithe sonracha eallach na hIstria agus na feola a tháirgeann siad, feirmeoirí a rinne feirmeoireacht fhairsing ar an bpór agus a d’úsáid iad mar ainmhithe tarraingthe le linn na staire. A bhuíochas leis na céadta bliain de roghnú, tá eallach na hIstria oiriúnaithe go hiomlán don aeráid agus do choinníollacha éiceolaíocha eile ina maireann siad, go háirithe an ganntanas beatha. Murab ionann agus pórtha déiríochta tráchtála nó feola atá an-táirgiúil, a dteastaíonn farae ardfhuinnimh uathu, is féidir le heallach na hIstria beathú, in éagmais talamh féaraigh, trí innilt a dhéanamh ar phéacáin agus duilleoga go leor speiceas plandaí adhmadacha.

Ós rud é go bhfuil nasc soiléir bunaithe ag an taighde ábhartha go dtí seo idir próifíl luibheolaíoch na beatha agus saintréithe orgánaileipteacha agus aramatacha na feola, is cóir a rá go bhfuil tionchar suntasach díreach ag an limistéar geografach ar shaintréithe cáilíochtúla (saintréithe cothaitheacha agus orgánaileipteacha) “Meso istarskog goveda – boškarina / Meso istrskega goveda – boškarina”.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://poljoprivreda.gov.hr/UserDocsImages/dokumenti/hrana/proizvodi_u_postupku_zastite-zoi-zozp-zts/Specifikacija_meso_istarskog_goveda_boskarin.pdf

https://www.gov.si/assets/ministrstva/MKGP/PODROCJA/HRANA/SHEME-KAKOVOSTI/SPECIFIKACIJE-EVROPSKA-KOMISIJA/Boskarin.pdf


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.