ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
Clár |
Leathanach |
|
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
|
2022/C 284/01 |
||
|
Chúirt Ghinearálta |
|
2022/C 284/02 |
Comhdhéanamh na nDlísheomraí agus sannadh Breithiúna ar na Dlísheomraí |
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/1 |
Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
(2022/C 284/01)
Foilseachán deiridh
Foilseacháin stairiúla
Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:
EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu
Chúirt Ghinearálta
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/2 |
Comhdhéanamh na nDlísheomraí agus sannadh Breithiúna ar na Dlísheomraí
(2022/C 284/02)
An 6 Meitheamh 2022, chinn an Chúirt Ghinearálta, ar Tóth, Uasal agus Ricziová, Uasal dul i mbun a ndualgas mar Bhreithiúna den Chúirt Ghinearálta, an cinneadh maidir le comhdhéanamh na nDlísheomraí dar dáta an 30 Meán Fómhair 2019 (1), arna leasú (2), agus an cinneadh maidir le sannadh Breithiúna ar na Dlísheomraí dar dáta an 4 Deireadh Fómhair 2019 (3), arna leasú (4), don tréimhse ón 6 Iúil 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2022, a leasú agus na breithiúna a shannadh ar na Dlísheomraí mar a leanas:
An chéad Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear breithiúna:
Kanninen, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Jaeger, Uasal, Półtorak, Uasal, Porchia, Uasal, agus Stancu, Uasal, Breithiúna.
An chéad Dlísheomra méadaithe, ina shuí le triúr Breithiúna:
Kanninen, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;
FoirmíochtFoirmíocht A: Jaeger, Uasal, agus Półtorak, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht B: Jaeger, Uasal, agus Porchia, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht C: Jaeger, Uasal, agus Stancu, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht D: Półtorak, Uasal, agus Porchia, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht E: Półtorak, Uasal, agus Stancu, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht F: Porchia, Uasal, agus Stancu, Uasal, Breithiúna
An dara Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:
Tomljenović, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Schalin, Uasal, Škvařilová-Pelzl, Uasal, Nõmm, Uasal, agus Kukovec, Uasal, Breithiúna
An dara Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:
Tomljenović, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;
Foirmíocht A: Schalin, Uasal, agus Škvařilová-Pelzl, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht B: Schalin, Uasal, agus Nõmm, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht C: Schalin, Uasal, agus Kukovec, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht D: Škvařilová-Pelzl, Uasal, agus Nõmm, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht E: Škvařilová-Pelzl, Uasal, agus Kukovec, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht F: Nõmm, Uasal, agus Kukovec, Uasal, Breithiúna.
An tríú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:
De Baere, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Kreuschitz, Uasal, Steinfatt, Uasal, Kecsmár, Uasal, agus Kingston, Uasal, Breithiúna.
An tríú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:
De Baere, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;
Foirmíocht A: Kreuschitz, Uasal, agus Steinfatt, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht B: Kreuschitz, Uasal agus Kecsmár, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht C: Kreuschitz, Uasal, agus Kingston, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht D: Steinfatt, Uasal, agus Kecsmár, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht E: Steinfatt, Uasal, agus Kingston, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht F: Kecsmár, Uasal, agus Kingston, Uasal, Breithiúna.
An ceathrú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:
Gervasoni, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Madise, Uasal, Nihoul, Uasal, Frendo, Uasal, agus Martín y Pérez de Nanclares, Uasal, Breithiúna.
An ceathrú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:
Gervasoni, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;
Foirmíocht A: Madise, Uasal, agus Nihoul, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht B: Madise, Uasal, agus Frendo, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht C: Madise, Uasal, agus Martín y Pérez de Nanclares, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht D: Nihoul, Uasal, agus Frendo, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht E: Nihoul, Uasal, agus Martín y Pérez de Nanclares, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht F: Frendo, Uasal, agus Martín y Pérez de Nanclares, Uasal, Breithiúna.
An cúigiú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:
Beidh an Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna, comhdhéanta de Bhreithiúna na foirmíochta de thriúr Breithiúna ar tugadh an cás os a gcomhair i dtosach agus de bheirt Breithiúna a ainmnítear as measc an triúir Breithiúna eile ón gcúigiú Dlísheomra ar bhonn idirmhalartach.
An cúigiú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:
Spielmann, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;
Foirmíocht A: Öberg, Uasal, agus Mastroianni, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht B: Öberg, Uasal, agus Brkan, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht C: Öberg, Uasal, agus Gâlea, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht D: Öberg, Uasal, agus Tóth, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht E: Mastroianni, Uasal, agus Brkan, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht F: Mastroianni, Uasal, agus Gâlea, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht G: Mastroianni, Uasal, agus Tóth, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht H: Brkan, Uasal, agus Gâlea, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht I: Brkan, Uasal, agus Tóth, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht J: Gâlea, Uasal, agus Tóth, Uasal, Breithiúna.
An séú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:
Marcoulli, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Frimodt Nielsen, Uasal, Schwarcz, Uasal, Iliopoulos, Uasal, agus Norkus, Uasal, Breithiúna.
An séú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:
Marcoulli, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;
Foirmíocht A: Frimodt Nielsen, Uasal, agus Schwarcz, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht B: Frimodt Nielsen, Uasal, agus Iliopoulos, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht C: Frimodt Nielsen, Uasal, agus Norkus, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht D: Schwarcz, Uasal, agus Iliopoulos, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht E: Schwarcz, Uasal, agus Norkus, Uasal Breithiúna;
Foirmíocht F: Iliopoulos, Uasal, agus Norkus, Uasal, Breithiúna.
An seachtú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:
da Silva Passos, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Valančius, Uasal, Reine, Uasal, Truchot, Uasal, agus Sampol Pucurull, Uasal, Breithiúna.
An seachtú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:
da Silva Passos, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;
Foirmíocht A: Valančius, Uasal, agus Reine, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht B: Valančius, Uasal, agus Truchot, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht C: Valančius, Uasal, agus Sampol Pucurull, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht D: Reine, Uasal, agus Truchot, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht E: Reine, Uasal, agus Sampol Pucurull, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht F: Truchot, Uasal, agus Sampol Pucurull, Uasal, Breithiúna.
An t-ochtú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:
Svenningsen, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Barents, Uasal, Mac Eochaidh, Uasal, Pynnä, Uasal, agus Laitenberger, Uasal, Breithiúna.
An t-ochtú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:
Svenningsen, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;
Foirmíocht A: Barents, Uasal, agus Mac Eochaidh, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht B: Barents, Uasal, agus Pynnä, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht C: Barents, Uasal, agus Laitenberger, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht D: Mac Eochaidh, Uasal, agus Pynnä, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht E: Mac Eochaidh, Uasal, agus Laitenberger, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht F: Pynnä, Uasal, agus Laitenberger, Uasal, Breithiúna.
An naoú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:
Costeira, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Kancheva, Uasal, Perišin, Uasal, Zilgalvis, Uasal, agus Dimitrakopoulos, Uasal, Breithiúna.
An naoú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:
Costeira, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;
Foirmíocht A: Kancheva, Uasal, agus Perišin, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht B: Kancheva, Uasal, agus Zilgalvis, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht C: Kancheva, Uasal, agus Dimitrakopoulos, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht D: Perišin, Uasal, agus Zilgalvis, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht E: Perišin, Uasal, agus Dimitrakopoulos, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht F: Zilgalvis, Uasal, agus Dimitrakopoulos, Uasal, Breithiúna
An 10ú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:
Beidh an Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna, comhdhéanta de Bhreithiúna na foirmíochta de thriúr Breithiúna ar tugadh an cás os a gcomhair i dtosach agus de bheirt Breithiúna a ainmnítear as measc an triúir Breithiúna eile ón 10ú Dlísheomra ar bhonn idirmhalartach.
An 10ú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:
Kornezov, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;
Foirmíocht A: Buttigieg, Uasal, agus Kowalik-Bańczyk, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht B: Buttigieg, Uasal, agus Hesse, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht C: Buttigieg, Uasal, agus Petrlík, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht D:Buttigieg, Uasal agus Ricziová, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht E: Kowalik-Bańczyk, Uasal agus Hesse, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht F: Kowalik-Bańczyk, Uasal, agus Petrlík, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht G: Kowalik-Bańczyk, Uasal agus Ricziová, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht H: Hesse, Uasal, agus Petrlík, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht I: Hesse, Uasal agus Ricziová, Uasal, Breithiúna;
Foirmíocht J:Petrlík, Uasal agus Ricziová, Uasal, Breithiúna.
Dearbhaíonn an Chúirt Ghinearálta a cinneadh dar dáta an 4 Deireadh Fómhair 2019 go leagfar cúram na gcásanna arna dtabhairt de bhun Airteagal 270 CFAE ar an gcéad Dlísheomra, ar an gceathrú Dlísheomra, ar an seachtú Dlísheomra agus ar an ochtú Dlísheomra agus, i gcás inarb iomchuí, de bhun Airteagal 50a den Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus go leagfar cúram na gcásanna maidir le cearta maoine intleachtúla dá dtagraítear i dTeideal IV de na Rialacha Nós Imeachta ar an dara, ar an triú, ar an gcúigiú, ar an séú, ar an naoú agus ar an deichiú Dlísheomra.
Dearbhaíonn sí chomh maith an méid seo a leanas:
— |
Ní shannfar an tUachtarán agus an Leas-Uachtarán ar dhlísheomra ar bhonn buan; |
— |
Le linn gach bliana breithiúnaí, suífidh an Leas-Uachtarán i ngach ceann de na deich nDlísheomra ina shuí le cúigear Breithiúna, ar bhonn cás amháin in aghaidh an Dlísheomra san ord seo a leanas:
|
I gcás ina suífidh an Leas-Uachtarán i nDlísheomra de chúigear Breithiúna, beidh an dlísheomra méadaithe comhdhéanta den Leas-Uachtarán, de Bhreithiúna na foirmíochta de thriúr Breithiúna ar tugadh an cás os a gcomhair i dtosach agus duine de Bhreithiúna eile an Dlísheomra lena mbaineann, arna chinntiú ar bhonn an oird tosaíochta droim ar aos a leagtar síos in Airteagal 8 de na Rialacha Nós Imeachta.
(2) IO 2020, C 68, lch. 2, IO 2020, C 114, lch. 2, IO 2020, C 371, lch. 2, IO 2021, C 110, lch. 2, IO 2021, C 297, lch. 2, IO 2021, C 368, lch. 2, IO 2021, C 412, lch. 2, IO 2021, C 431, lch. 2, IO 2021, C 462, lch. 2, agus IO 2022, C 52, lch. 1.
(4) IO 2020, C 68, lch. 2, IO 2020, C 114, lch. 2, IO 2020, C 371, lch. 2, IO 2021, C 110, lch. 2, IO 2021, C 297, lch. 2, IO 2021, C 368, lch. 2, IO 2021, C 412, lch. 2, IO 2021, C 431, lch. 2, IO 2021, C 462, lch. 2, agus IO 2022, C 52, lch. 1.
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE
Cúirt Bhreithiúnais
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/6 |
Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal de l’Entreprise du Hainaut, division de Charleroi, (Charleroi, An Bheilg)) – Skeyes v Ryanair DAC
(Cás C-353/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Aeriompar - Rialachán (CE) Uimh 549/2004 - Rialachán (CE) Uimh 550/2004 - Soláthraí seirbhísí aerthráchta - Cinneadh an t-aerspás a dhúnadh - Cumhachtaí poiblí a fheidhmiú - Úsáideoir an aerspáis - Aerlínte - An ceart achomhairc i gcoinne cinnidh an t-aerspás a dhúnadh - Airteagal 58 CFAE - Saorghluaiseacht seirbhísí iompair - Airteagail 16 agus 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Saoirse chun gnó a sheoladh - An ceart chun leigheas éifeachtach a fháil)
(2022/C 284/03)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal de l’Entreprise du Hainaut, division de Charleroi (Charleroi, An Bheilg)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Skeyes
Cosantóir: Ryanair DAC
An chuid oibríochtúil
1. |
Ní mór Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san aerspás Eorpach aonair, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2, pointe 4 de Rialachán (CE) Uimh 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004, lena leagtar síos an creat chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán), arna leasú le Rialachán Uimh. 1070/2009 agus i bhfianaise Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léirmhíniú ar chaoi go dtugtar ceart chun leigheas éifeachtach a fháil d'úsáideoirí aerspáis leis, amhail aerlínte, os comhair na gcúirteanna náisiúnta, i gcoinne an tsoláthraí seirbhísí aerthráchta ar mhaithe le haon mhainneachtain atá líomhnaithe maidir leis an oibleagáid seirbhísí a sholáthar atá ar an soláthraí sin a chur faoi réir athbhreithniú breithiúnach. |
2. |
Ní mór Rialachán Uimh 550/2004, arna leasú le Rialachán Uimh 1070/2009, arna léamh i bhfianaise aithris 5 de, agus Airteagal 58(1) CFAE agus Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léirmhíniú ar chaoi go gcuirtear cosc leis ar chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta a leagtar síos le Conradh CFAE maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta a bhaineann le feidhmiú cumhachtaí poiblí, amhail na rialacha sin a leagtar síos sa rialachán sin, ach nach gcuirtear bac leis ar chur i bhfeidhm rialacha Chonradh FEU agus na Cairte sin a bhaineann le cearta agus saoirsí úsáideoirí aerspáis, amhail na cinn sin a bhaineann leis an tsaoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar agus leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/7 |
Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Østre Landsret – an Danmhairg) – Ligebehandlingsnævnet ag gníomhú thar ceann A v HK/Danmark, HK/Privat
(Cás C-587/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Cóir chomhionann san fhostaíocht agus sa tslí bheatha - Toirmeasc ar idirdhealú bunaithe ar aois - Treoir 2000/78/CE - Airteagal 3(1)(a) agus (d) - Raon feidhme - Post mar uachtarán tofa ar eagraíocht oibrithe - Reachtanna na heagraíochta seo lena bhforáiltear gurb iad na comhaltaí atá incháilithe don uachtaránacht na comhaltaí nach bhfuil 60 nó 61 bliain d’aois slánaithe acu ar lá an toghcháin agus iad siúd amháin)
(2022/C 284/04)
Teanga an cháis: an Danmhairgis
An chúirt a rinne an tarchur
Østre Landsret
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Ligebehandlingsnævnet ag gníomhú thar ceann A
Cosantóirí: HK/Danmark, HK/Privat
Idiragraí: Fagbevægelsens Hovedorganisation
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 3(1)(a) agus (d) de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, a léirmhíniú sa chaoi go dtagann teorainn aoise atá leagtha síos i reachtanna eagraíocht oibrithe le haghaidh incháilitheacht d’oifig uachtarán na heagraíochta sin faoi raon feidhme na treorach sin.
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/7 |
Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landesgericht Korneuburg – An Ostair) – JR v Austrian Airlines AG
(Cás C-589/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Aeriompair - Coinbhinsiún Montréal - Airteagal 17(1) - Dliteanas aeriompróirí i gcás báis nó díobhála a bhain do phaisinéir - Coincheap “tionóisc” is cúis le bás nó díobháil - Díobháil choirp a rinnead le linn díbhordála - Airteagal 20 - Díolúine ó dhliteanas an aeriompróra - Coincheap “faillí, gníomh nó neamhghníomh éagórach eile an phaisinéara gortaithe is cúis leis an damáiste nó a chuir leis” - Titim paisinéir nár bheir greim ar lámh-ráille staighre díbhordála soghluaiste)
(2022/C 284/05)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landesgericht Korneuburg
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: JR
Cosantóir: Austrian Airlines AG
An chuid oibríochtúil
1. |
Ní mór Airteagal 17(1) den Choinbhinsiún maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer, a rinneadh in Montréal an 28 Bealtaine 1999, a shínigh an Comhphobal Eorpach an 9 Nollaig 1999 agus a formheasadh thar a cheann le Cinneadh 2001/539/CE ón gComhairle an 5 Aibreán 2001, a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn go bhfuil cás ina dtiteann paisinéir, ar chúis neamhchinntithe, síos staighre soghluaiste a bunaíodh chun paisinéirí a dhíbhordáil ó aerárthach agus ina ngortaítear é nó í, ag teacht faoi réim an choincheapa “tionóisc” de réir bhrí na forála sin, lena n-áirítear i gcás nár mhainnigh an t-aeriompróir lena mbaineann a oibleagáidí cúraim agus sábháilteachta a chomhlíonadh ina leith sin. |
2. |
Ní foláir an chéad abairt d'Airteagal 20 den Choinbhinsiún maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a rinneadh in Montréal an 28 Bealtaine 1999, a léirmhíniú mar abairt a chiallaíonn, i gcás inarb éard í tionóisc a rinne damáiste do phaisinéir, paisinéir a thiteann, ar chúis neamhchinntithe, i staighre soghluaiste a bunaíodh chun paisinéirí a dhíbhordáil ó aerárthach, nach féidir an t-aeriompróir lena mbaineann a dhíolmhú óna dhliteanas i leith an phaisinéara sin ach amháin a mhéid a chruthaíonn an t-iompróir sin, ag féachaint do na himthosca go léir inar tharla an damáiste sin, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme den dlí náisiúnta agus faoi réir chomhlíonadh phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, gurb é faillí, gníomh eile nó neamhghníomh eile an phaisinéara sin a bhí mar chúis leis an damáiste a bhain don phaisinéir sin nó a rannchuidigh leis de réir bhrí na forála sin. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/8 |
Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Hanseatisches Oberlandesgericht in Bremen – an Ghearmáin) – sna himeachtaí a thionscain T.N., N.N.
(Cás C-617/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Bearta dhlí comharbais - Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 - Airteagail 13 agus 28 - Bailíocht an dearbhaithe maidir le tarscaoileadh an chomharbais - Oidhre a chónaíonn i mBallstát seachas Ballstát na cúirte a bhfuil dlínse aici cinneadh a dhéanamh ar an gcomharbas - Dearbhú arna thabhairt os comhair chúirt an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an oidhre)
(2022/C 284/06)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Hanseatisches Oberlandesgericht in Bremen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: T.N., N.N.
Idiragraí: E.G.
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagail 13 agus 28 de Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú, a léirmhíniú sa chaoi a chiallaíonn go measfar go bhfuil dearbhú maidir le tarscaoileadh an chomharbais arna dhéanamh ag oidhre os comhair cúirte de chuid an Bhallstáit ina bhfuil a ghnáthchónaí bailí maidir lena fhoirm más rud é gur comhlíonadh na ceanglais fhoirmiúla is infheidhme os comhair na cúirte sin, gan é a bheith riachtanach, chun críocha na bailíochta sin, go gcomhlíonfadh sé na ceanglais fhoirmiúla a cheanglaítear leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/9 |
Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud – Poblacht na Seice) – FCC Česká republika, s.r.o. v Ministerstvo životního prostředí, Městská část Ďáblice, Spolek pro Ďáblice
(Cás C-43/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2010/75/AE - Airteagal 3(9) - Cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú - Nós imeachta chun cead a leasú - Rannpháirtíocht an phobail lena mbaineann - Coincheap maidir le “athrú suntasach” ar an tsuiteáil - Saol oibriúcháin líonadh talún a fhadú)
(2022/C 284/07)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Nejvyšší správní soud
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: FCC Česká republika, s.r.o.
Cosantóirí: Ministerstvo životního prostředí, Městská část Ďáblice, Spolek pro Ďáblice
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 3(9) de Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) a léirmhíniú sa chiall, i gcás síneadh aonair a chuirtear leis an tréimhse líonta talún le haghaidh dramhaíola, gan toisí uasta formheasta na suiteála ná a hacmhainneacht iomlán a bheith athruithe, nach ionann an síneadh sin agus a “athrú suntasach” de réir bhrí na forála sin.
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/9 |
Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden – an Isiltír) – X BV v Classic Coach Company vof, Y, Z
(Cás C-112/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhfhogasú dlíthe - Trádmharcanna - Treoir 2008/95/CE - Airteagal 5 - Cearta a thugtar faoin trádmharc - Airteagal 6(2) - Teorainn ar éifeachtaí an trádmhairc - Neamhfhéidearthacht do dhílseánach trádmhairc cosc a chur ar thríú páirtí úsáid a bhaint le linn trádála as ceart níos luaithe le raon feidhme áitiúil - Coinníollacha - Coincheap “ceart níos luaithe” - Trádainm - Dílseánach trádmhairc níos déanaí a bhfuil ceart níos luaithe fós aige - Ábharthacht)
(2022/C 284/08)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Hoge Raad der Nederlanden
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: X BV
Cosantóir: Classic Coach Company vof, Y, Z
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní mór Airteagal 6(2) de Threoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna, a léirmhíniú sa chaoi, chun a shuíomh go bhfuil “ceart níos luaithe” ann de réir bhrí na forála seo, nach gá go mbeadh dílseánach an chirt sin in ann úsáid an trádmhairc níos déanaí ag dílseánach an trádmhairc sin a thoirmeasc. |
2) |
Ní mór Airteagal 6(2) de Threoir 2008/95 a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfar “ceart níos luaithe”, de réir bhrí na forála sin, a aithint do thríú páirtí i gcás ina bhfuil ceart níos luaithe fós ag dílseánach an trádmhairc níos déanaí, arna aithint i ndlí an Bhallstáit lena mbaineann, sa chomhartha a bheidh cláraithe mar thrádmharc, ar choinníoll, de bhua an dlí sin, nach féidir le dílseánach an trádmhairc agus an chirt is luaithe a thoirmeasc a thuilleadh, ar bhonn a chirt is luaithe, ar úsáid an chirt is déanaí ag an tríú páirtí. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/10 |
Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas – An Liotuáin) – Get Fresh Cosmetics Limited v Valstybinė vartotojų teisių apsaugos tarnyba
(Cás C-122/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 87/357/CEE - Airteagal 1(2) - Raon feidhme - Táirgí neamhbhia a d'fhéadfaí a thógáil in amhlachas bhia - Coincheap - Baol maidir le tachtadh, nimhiú, polladh nó bac ar chonair an díleá - Toimhde contúirte - Easpa - Cruthúnas)
(2022/C 284/09)
Teanga an cháis: an Liotuáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Get Fresh Cosmetics Limited
Cosantóir: Valstybinė vartotojų teisių apsaugos tarnyba
Tríú Páirtí: V. U.
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 1(2) de Threoir 87/357/CEE ón gComhairle an 25 Meitheamh 1987 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le táirgí a bhfuil cuma mhíthreorach orthu agus ar baol do shláinte nó do shábháilteacht tomhaltóirí iad dá bharr sin, a léirmhíniú sa chiall nach gá a léiriú le sonraí oibiachtúla agus réasúnaithe gur féidir, mar thoradh ar tháirgí a chaitheamh sa bhéal, a shú nó a ionghabháil, agus cé nach táirgí bia iad, a bhfuil cruth, boladh, dath, cuma, pacáistiú, lipéadú, toirt nó méid orthu, lena mbeadh sé intuartha go dtógfadh tomhaltóirí, go háirithe leanaí, iad in amhlachas earraí bia, agus ar an gcaoi sin go gcuirfeadh siad iad ina mbéal, go súfadh nó go n-ionghabhfadh siad iad, baol a bheith ag gabháil leo amhail tachtadh, nimhiú, polladh nó bac ar chonair an díleá. Mar sin féin, ní mór do na húdaráis náisiúnta inniúla a mheas de réir an cháis an gcomhlíonann táirge na coinníollacha a liostaítear san fhoráil sin agus údar cuí a thabhairt gurb amhlaidh atá.
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/11 |
Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunalul Ilfov – an Rómáin) – SR v EW
(Cás C-196/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil - Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 - Airteagal 5 - Doiciméid a aistriú - An t-iarratasóir ag íoc costais an aistriúcháin - An coincheap “iarratasóir” - Doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil, ar thionscnamh ón gcúirt a bhfuiltear os a comhair, ar rannpháirtithe sna himeachtaí)
(2022/C 284/10)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunalul Ilfov
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: SR
Cosantóir: EW
Idiragraithe: FB, CX, IK
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 5(2) Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (“doiciméid a sheirbheáil”), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle, a léirmhíniú sa chaoi, i gcás ina n-ordaíonn cúirt doiciméid bhreithiúnacha a tharchur chuig tríú páirtithe a iarrann idirghabháil a dhéanamh sna himeachtaí, nach féidir an chúirt sin a mheas mar an “iarratasóir” de réir bhrí na forála seo.
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/11 |
Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 – EM v Parlaimint na hEorpa
(Cás C-299/21 P) (1)
(Achomharc - Seirbhís shibhialta - Parlaimint na hEorpa - Gníomhaire sealadach i seirbhís do ghrúpa polaitíochta - Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh - Airteagal 7 - Aistriú - Airteagal 12 agus Airteagal 12(a)(3) - Coincheap “ciapadh síceolaíoch” - Easpa leithdháileadh cúraimí - Coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh - Iarraidh ar chúnamh - Díobháil - Cúiteamh)
(2022/C 284/11)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóir: EM (ionadaí: M. Casado García-Hirschfeld, avocate)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: D. Boytha, L. Darie agus C. González Argüelles, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
1) |
Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 3 Márta 2021EM v an Pharlaimint (T-599/19 nár foilsíodh, EU:T:2021:111) ar neamhní, sa mhéid is gur dhíbh an Chúirt Ghinearálta na héilimh ar chúiteamh a mhéid a d’iarr siad cúiteamh as an damáiste a d’fhulaing an t-achomharcóir de bharr gur baineadh de na cúraimí a bhí le comhlíonadh aige le linn na tréimhse ón 8 Nollaig 2016 go dtí an 1 Meitheamh 2018, dáta a scoir. |
2) |
Diúltaítear don achomharc den chuid eile. |
3) |
Ordaítear don Pharlaimint cúiteamh de € 7 500 a íoc le EM. |
4) |
Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa, de bhreis ar a costais féin a íoc a bhaineann leis na himeachtaí céadchéime i gCás T-599/19 agus leis na himeachtaí achomhairc, leath na gcostas arna dtabhú ag EM i ndáil leis na himeachtaí sin a íoc chomh maith. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/12 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 12 Eanáir 2022 – TL, WE v Getin Noble Bank S.A.
(Cás C-28/22)
(2022/C 284/12)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Okręgowy w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: TL, WE
Cosantóir: Getin Noble Bank S.A.
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
An gcaithfear Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE an 5 Aibréan 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29) (1) a fhorléiriú sa chiall is go gcoisctear léirmhíniú ar an dlí náisiúnta a fhágann, i gcás nach féidir le conradh leanúint de bheith ann a thuilleadh tar éis clásail mhí-úsáideacha a dhíchur, go mbeidh tús na tréimhse theorann maidir le héilimh an díoltóra nó an tsoláthróra ar aiseag ag brath ar aon cheann de na teagmhais seo a leanas a bheith ann:
|
2. |
An gcaithfear Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/EEC an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a fhorléiriú sa chiall is go gcoisctear léirmhíniú ar an dlí náisiúnta nach gcuireann, i gcás nach féidir le conradh leanúint de bheith ann a thuilleadh tar éis clásail mhí-úsáideacha a dhíchur, aon oibleagáid ar an díoltóir nó ar an soláthróir a bhfuil éileamh déanta ag tomhaltóir ina choinne a bhaineann le clásail mhí-úsáideacha a bheith sa chonradh chun céimeanna a ghlacadh as a stuaim féin chun a shuíomh an bhfuil an tomhaltóir ar an eolas faoi na hiarmhairtí a bhaineann le clásail mhí-úsáideacha a dhíchur nó nach bhfuil an conradh in ann leanúint ar aghaidh ann a thuilleadh? |
3. |
An gcaithfear Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/EEC an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a fhorléiriú sa chiall is go gcoisctear léirmhíniú ar an dlí náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás nach féidir le conradh leanúint de bheith ann a thuilleadh tar éis clásail mhí-úsáideacha a dhíchur, go dtosóidh an tréimhse theorann d’éilimh an tomhaltóra ar aisíocaíocht roimh an tréimhse theorann d’éilimh an díoltóra nó an tsoláthróra ar aiseag? |
4. |
An gcaithfear Airteagail 7(1) de Threoir 93/13/EEC an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a fhorléiriú sa chiall is go gcoisctear léirmhíniú ar an dlí náisiúnta faoina bhfuil, i gcás nach féidir le conradh leanúint de bheith ann a thuilleadh tar éis clásail mhí-úsáideacha a dhíchur, an díoltóir nó an soláthróir i dteideal aisíocaíocht a dhéanamh ar na suimeanna a fuarthas ón tomhaltóir ar an gcoinníoll go ndéanann an tomhaltóir tairiscint ag an am céanna na suimeanna a fuarthas ón díoltóir nó ón soláthróir a aisíoc nó urrús a sholáthar chun na suimeanna sin a aisíoc, sa chaoi nach n-áirítear sa mhéid atá le híoc ag an tomhaltóir na suimeanna a bhfuil cosc ama orthu? |
5. |
An gcaithfear Airteagail 7(1) de Threoir 93/13/EEC an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a fhorléiriú sa chiall is go gcoisctear léirmhíniú ar an dlí náisiúnta ar dá réir, i gcás nach féidir le conradh leanúint de bheith ann a thuilleadh tar éis clásail mhí-úsáideacha a dhíchur, nach mbeidh an tomhaltóir i dteideal go hiomlán nó go páirteach ús ar íocaíocht dhéanach i leith na tréimhse ón tráth a fhaightear an t-éileamh ar aiseag ón díoltóir nó ón soláthróir i gcás go bhfeidhmíonn an díoltóir nó an soláthróir an ceart dá dtagraítear i gCeist 4? |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/13 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 16 Feabhra 2022 – C. Sp. z o.o. (faoi leachtú faoi láthair) v Direktor Krajowej Informacji Skarbowej
(Cás C-108/22)
(2022/C 284/13)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Naczelny Sąd Administracyjny
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: C. Sp. z o.o. (faoi leachtú faoi láthair)
Cosantóir: Direktor Krajowej Informacji Skarbowej
An cheist a tharchuirtear:
An gcaithfear Airteagal 306 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1) a léirmhíniú sa chiall is go bhféadfaidh feidhm a bheith aige maidir le duine inchánach a cheannaíonn agus a athdhíolann seirbhísí lóistín le hoibreoirí eacnamaíocha eile mar chomhbhailitheoir seirbhísí óstlainne, i gcás nach bhfuil aon seirbhís bhreise eile ag gabháil leis na hoibríochtaí sin?
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/13 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 18 Feabhra 2022 – Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Warszawie v W. Sp. z o.o.
(Cás C-114/22)
(2022/C 284/14)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Naczelny Sąd Administracyjny
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Warszawie
Cosantóir: W. Sp. z o.o.
An cheist a tharchuirtear:
An gcaithfear forálacha Airteagail 167, 168(a), 178(a) agus 273 de Threoir 2006/112/EC an 28 Samhain 2006 ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1) (1) agus prionsabail na neodrachta agus na comhréireachta a léirmhíniú sa chiall is go gcuirtear cosc ar fhoráil náisiúnta, amhail Airteagal 88(3a)(4)(c) den Ustawa z dnia 11 marca 2004 r. o podatku od towarów i usług (Dlí an 11 Márta 2004 maidir le cáin ar earraí nó ar sheirbhísí, Dziennik Ustaw (Iris Dlíthe) 2011, Uimh. 177, mír 1054, arna leasú), lena mbaintear do dhuine inchánach an ceart CBL a asbhaint ar fháil cirt (sócmhainn) a mheastar a bheith déanta faoi chúinsí bréagacha de réir bhrí fhorálacha an dlí shibhialta náisiúnta, is cuma ar buntáiste cánach é an toradh a bhí á lorg, a mbeadh a dheonú contrártha le ceann amháin nó níos mó de chuspóirí na Treorach agus arbh é príomhaidhm an chur chuige chonarthaigh a glacadh é?
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/14 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla Warszawy-Śródmieścia w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 25 Feabhra 2022 – SM, KM v mBank S.A.
(Cás C-140/22)
(2022/C 284/15)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy dla Warszawy-Śródmieścia w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: SM, KM
Cosantóir: mBank S.A.
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An gcaithfear Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (1), chomh maith le prionsabal na héifeachtachta agus prionsabal an chomhionannais, a léirmhíniú amhail go gcuirtear bac ar bhreithiúna reachtaíocht náisiúnta a léirmhíniú sa chaoi, i gcás go bhfuil téarma éagórach i gconradh agus nach féidir an conradh a fhorlíonadh gan an téarma sin:
1. |
nach n-éirionn an conradh neamhéifeachtach go cinnte (neamhbhailí) ar bhonn cúlghabhálach ón uair a tugadh é i gcrích, ach tar éis don tomhaltóir dearbhú intinne a dhéanamh lena gcuirtear in iúl go bhfuil nó nach bhfuil sé nó sí sásta go mbeidh feidhm ag an téarma éagórach, go bhfuil nó nach bhfuil sé nó sí ar an eolas maidir le himthosca neamhbhailíocht an chonartha, agus go bhfuil sé nó sí sásta an conradh a neamhbhailiú; |
2. |
nach dtosnaíonn an tréimhse theorann i leith éileamh díoltóra nó soláthróra ar íocaíocht neamhdhlite faoin gconradh roimh an dáta a rinne an tomhaltóir an dearbhú intinne thuasluaite ag pointe 1, fiú más rud é go ndearna an tomhaltóir éileamh cheana ar airgead ón ndíoltóir nó ón soláthróir agus fiú má tá seans ann go raibh a fhios ag an ndíoltóir nó an soláthróir cheana go raibh téarmaí éagóracha sa chonradh a dhréachtaigh sé; |
3. |
nach bhféidir leis an tomhaltóir éileamh a dhéanamh ar ús reachtúil ar íocaíocht dhéanach roimh an dáta a rinne an tomhaltóir an dearbhú intinne thuasluaite ag pointe 1, fiú más rud é go ndearna an tomhaltóir éileamh cheana ar airgead ón ndíoltóir nó ón soláthróir; |
4. |
go gcaithfidh éileamh an tomhaltóra ar íocaíochtaí a rinne sé nó sí faoin gcomhaontú neamhbhailí iasachta (tráthchuid iasachta, táillí, coimisiúin, agus préimheanna árachais) a laghdú i gcomhréir le méid an úis ar an bpríomhshuim a bheadh tuillte ag an mbanc más rud é go raibh an comhaontú iasachta bailí, ach is féidir leis an mbanc éileamh a dhéanamh ar na híocaíochtaí a rinne sé faoin gcomhaontú neamhbhailí iasachta céanna (príomhshuim iasachta) ina n-iomláine? |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu (an Pholainn) a taisceadh an 1 Márta 2022 – YD v Dyrektor Krajowej informacji Skarbowej
(Cás C-146/22)
(2022/C 284/16)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: YD
Cosantóir: Dyrektor Krajowej informacji Skarbowej
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
Le hAirteagail 2(1)(a) agus (c), 14(1), 24(1), 98(1), (2) agus (3) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1; “Treoir CBL”), (1) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (athmhúnlú) (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1) (2), agus i gcomhar le pointí 1 agus 12a d’Iarscríbhinn III leis an Treoir sin, leis an gceathrú agus an seachtú haithris i mbrollach Threoir CBL, le prionsabal an chomhair dhílis, prionsabal na neodrachta fioscaí, prionsabal na dlíthiúlachta fioscaí, agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, an gcuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá i gceist anseo lena bhforáiltear do ráta laghdaithe CBL ar 5 % i leith táirgí bia lena n-áirítear deochanna ina bhfuil bainne, faoi threoir CN 2202, amhail nach féidir a fhágáil as an áireamh, i leith an ráta sin, deochanna ina bhfuil bainne, ar aicmíodh iad mar ghníomhaíochtaí freastalaithe bia agus dí de bhonn aicmiú staidrimh de chuid na Polainne (PKWiU 56) agus amhail nach féidir, i leith a leithéid de tháirgí (soláthar nó seirbhísí na dtáirgí), ráta laghdaithe CBL ar 8 % a chur i bhfeidhm orthu, má mheasann gnáth-thomhaltóirí, agus táirgí nó seirbhísí dá leithéid á gceannach acu, go bhfreastalaítear ar aon ghá amháin leo? |
2. |
An bhfuil cleachtas riaracháin, agus é do thoradh air go gcuirfear dhá ráta laghdaithe éagsúla i bhfeidhm ar tháirgí a bhfuil na saintréithe agus hairíonna oibiachtúla céanna acu, agus go ndéanfar, mar sin, tairgí a fhágáil as áireamh ar fhorais oibiachtúla seachas ar fhorais shuibiachtúla, ag teacht le prionsabal na neodrachta fioscaí agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla? |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Apelacyjny w Krakowie (an Pholainn) a taisceadh an 31 Márta 2022 – R’ S.A. v AW “T” sp. z o.o.
(Cás C-225/22)
(2022/C 284/17)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Apelacyjny w Krakowie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir:“R” S.A.
Cosantóir: AW “T” sp. z o.o.
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1), Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus Airteagal 6(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”), i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”’) agus Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus prionsabal tosaíochta dhlí AE, a léirmhíniú amhail go gceadaítear do chúirt náisiúnta neamhaird a thabhairt ar chinneadh ó chúirt bhunreachtúil atá éigeantach de réir an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an dlí bunreachtúil, a mhéid a chuireann an cinneadh sin bac ar iniúchadh ag an gcúirt náisiúnta ar stádas an chomhlachta bhreithiúnaigh, ag féachaint don chaoi ina gceapadh na breithiúna, mar chúirt neamhspleách agus neamhchlaonta arna bhunú roimhe sin le dlí de réir bhrí dhlí an Aontais Eorpaigh? |
2. |
An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1), Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus Airteagal 6(3) CAE, i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt agus Airteagal 267 CFAE, a léirmhíniú amhail go gcuirtear bac ar rialacha náisiúnta, arna nglacadh ag an mBallstát: (a) lena gcuirtear bac ar an gcúirt náisiúnta dlíthiúlacht ceapacháin breithimh a mheas agus, dá bharr sin, scrúdú a dhéanamh an cúirt de réir bhrí dhlí AE í an comhlacht breithiúnach, agus (b) lena bhforáiltear do dhliteanas araíonachta do bhreitheamh i leith gníomhaíochtaí breithiúnacha i dtaca leis an scrúdú sin? |
3. |
An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1), Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus Airteagal 6(3) CAE, i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt agus Airteagal 267 CFAE, a léirmhíniú amhail nach bhfuil gnáthchúirt, a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos maidir le cúirt de réir bhrí dhlí AE, faoi cheangal ag breithiúnas ó chúirt céime deiridh – agus í ag suí le comhaltaí a ceapadh mar bhreithiúna, agus sárú soiléir á dhéanamh ar an dlí náisiúnta lena rialaítear an próiseas ainmniúchán de bhreithiúna chuig an Sad Najwyższy (an Chúirt Uachtarach, an Pholainn), nach gcomhlíonann, dá thoradh sin, an ceanglas maidir le cúirt neamhspleách agus neamhchlaonta arna bhunú roimhe sin le dlí agus maidir le cosaint dhlíthiúil éifeachtach a chinntiú do dhaoine aonair – a tugadh mar thoradh ar nós imeachta achomhairc eisceachtúil (achomharc eisceachtúil), lena gcuirtear breithiúnas deireanach ar ceal agus lena dtarchuirtear an cás ar ais chuig an ngnáthchúirt i gcomhair athbhreithniú? |
4. |
I gcás freagra dearfach ar an triú ceist, an gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1), Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus Airteagal 6(3) CAE, i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt agus Airteagal 267 CFAE, a léirmhíniú amhail go gciallaíonn “neamhcheangailteach”
|
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/16 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof (an Ghearmáin) a taisceadh an 14 Aibreán 2022 – Finanzamt Hannover-Nord v H Lebensversicherung
(Cás C-258/22)
(2022/C 284/18)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesfinanzhof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: Finanzamt Hannover-Nord
Freagróir ar an achomharc: H Lebensversicherung
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 56(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Airteagal 63(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh anois) a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar fhoráil de Bhallstát lena bhforáiltear, agus méid inchánach na cánach trádála de chorparáid á chinneadh, nach mór díbhinní arna ndíorthú ó shealúchais de níos lú ná 10 % i gcuideachtaí coigríche (sealúchais shaor-chomhlúthachta) a aischur leis an méid inchánach a mhéid go ndearnadh na díbhinní sin a asbhaint ón méid inchánach ag céim roimhe sin sa ríomh, más rud é go ndearnadh é sin, cé nach ndéantar, maidir le díbhinní arna ndíorthú ó shealúchais shaor-chomhlúthachta i gcuideachtaí ag a bhfuil a n-oifig chláraithe sa Bhallstát lena mbaineann, aon asbhaint agus, dá bhrí sin, aon (ath-)aischur de na díbhinní ach an oiread, agus méid inchánach na cánach trádála á ríomh?
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/17 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Erfurt (an Ghearmáin) a taisceadh an 19 Aibreán 2022 – Seven.One Entertainment Group GmbH v Corint Media GmbH
(Cás C-260/22)
(2022/C 284/19)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Erfurt
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Seven.One Entertainment Group GmbH
Cosantóir: Corint Media GmbH
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
An gcaithfear Treoir 2001/29/CE (1) a léirmhíniú amhail gur tairbhithe díreacha agus bunaidh iad eagraíochtaí craoltóireachta den cheart i dtaca leis an gcúiteamh cóir dá bhforáiltear leis an eisceacht maidir le “cóipeáil phríobháideach”, i gcomhréir le hAirteagal 5(2)(b) de Threoir 2001/29/CE? |
2. |
Ag féachaint don cheart atá acu faoi Airteagal 2(e) de Threoir 2001/29/CE, an féidir eagraíochtaí craoltóireachta a eisiamh ón gceart um chúiteamh cóir faoi Airteagal 5(2)(b) de Threoir 2001/29/CE mar d’fhéadfaidís bheith i dteideal cúiteamh cóir i gcáil táirgeoirí scannán faoin bhforáil sin? |
3. |
I gcás freagra dearfach ar Cheist 2: |
An bhfuil sé incheadaithe eagraíochtaí craoltóireachta a eisiamh go ginearálta cé nach bhfaigheann siad, uaireanta, ag brath ar an gclársceidealú sonrach atá acu, ach cearta táirgeoirí scannán atá fíortheoranta (go háirithe i gcás cainéal teilifíse ag a bhfuil líon mór clár arna gceadú ó thriú páirtithe) agus cé nach bhfaigheann siad, uaireanta eile, cearta táirgeoirí scannán ar bith (go háirithe i gcás craoltóirí raidió)?
(1) Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO 2001 L 167, lch. 10).
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/18 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Lisboa a taisceadh an 20 Aibreán 2022 – Fonds de Garantie des Victimes des Actes de Terrorisme et d’Autres Infractions (FGTI) v Victoria Seguros S.A.
(Cás C-264/22)
(2022/C 284/20)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal da Relação de Lisboa
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Fonds de Garantie des Victimes des Actes de Terrorisme et d’Autres Infractions (FGTI)
Cosantóir: Victoria Seguros S.A.
An cheist a tharchuirtear:
An é an dlí is infheidhme maidir leis na rialacha maidir le teorannú an chirt chun cúiteamh a éileamh dlí na háite inar tharla an tionóisc (Dlí na Portaingéile), i gcomhréir le hAirteagail 4(1) agus 15(h) de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 (an Róimh II) nó, i gcás seachaíochta ina nglactar áit an duine dhíobhálaithe, an bhfuil “dlí an tríú duine” seachaithe infheidhme (Dlí na Fraince), i gcomhar le hAirteagal 19 den Rialachán thuasluaite?
(1) Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) (IO 2007 L 199, lch. 40).
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/18 |
Achomharc arna thabhairt an 3 Bealtaine 2022 ag United Parcel Service Inc. i gcoinne Bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an seachtú dlísheomra, comhdhéanamh méadaithe)a tugadh an 23 Feabhra 2022 i gCás T-834/17, United Parcel Service v an Coimisiún
(Cás C-297/22 P)
(2022/C 284/21)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóirí: United Parcel Service, Inc. (ionadaithe: A. Ryan, Solicitor, W. Knibbeler, F. Roscam Abbing, A. Pliego Selie agus T. C. van Helfteren, advocaten, agus F. Hoseinian, Advokat)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt Breithiúnais:
— |
breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chur ar neamhní de réir mar a iarrtar san achomharc seo; |
— |
breithiúnas críochnaitheach a thabhairt agus an tAchomharcóir a chúiteamh as na damáistí a tabhaíodh agus an t-ús is infheidhme de réir mar a iarrtar ag an gcéad chéim mar chuid de na himeachtaí seo maidir le hAirteagal 340 CFAE nó, mar mhalairt rogha, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta lena socrú i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais; agus |
— |
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí seo agus costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Lena chéad fhoras achomhairc, áitíonn an tAchomharcóir go bhfuil earráidí dlí déanta ag an gCúirt Ghinearálta le cinneadh nár sháraigh an Coimisiún an nós imeachta maidir leis an samhail staidrimh eacnaiméadrach (agus na neamhrialtachtaí substainteacha a ghlactar leo) go tromchúiseach a dhóthain le cúisíocht a chruthú agus gan caitheamh mar shárú tromchúiseach a dhóthain lena gcruthaítear dliteanas leis na neamhrialtachtaí substainteacha i ndáil leis an tsamhail eacnaiméadrach.
Lena dara foras achomhairc, áitíonn an tAchomharcóir go bhfuil earráidí dlí déanta ag an gCúirt Ghinearálta le cinneadh go bhfuil an táille sháraithe neamh-inghnóthaithe toisc go dtabhaítear “de shaorthoil” í.
Lena tríú foras achomhairc, áitíonn an tAchomharcóir go bhfuil earráidí dlí déanta ag an gCúirt Ghinearálta le cinneadh go bhfuil na sineirgí a bhí ann neamh-inghnóthaithe.
Lena cheathrú foras achomhairc, áitíonn an tAchomharcóir go bhfuil earráidí dlí déanta ag an gCúirt Ghinearálta le cinneadh go bhfuil lánrogha ag an gCoimisiún bearta éifeachtúlachta a ghlacadh agus nach ndearna an Coimisiún earráid thromchúiseach maidir leis an measúnú ar éifeachtúlacht a dhóthain uime sin.
Lena cúigiú foras achomhairc, áitíonn an tAchomharcóir go bhfuil earráidí dlí déanta ag an gCúirt Ghinearálta le cinneadh nach ndearna UPS na hiarratais riachtanacha ar dhoiciméid FedEx don oifigeach éisteachta.
Lena séú foras achomhairc, áitíonn an tAchomharcóir go bhfuil earráid dlí déanta ag an gCúirt Ghinearálta le cinneadh gur cuntar nua damáiste a bheadh inghlactha í an damáiste as siocair na deise a chailleadh.
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/19 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 16 Bealtaine 2022 – Friends of the Irish Environment CLG v An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire agus an tArd-Aighne
(Cás C-330/22)
(2022/C 284/22)
Teanga an cháis: an Béarla
An chúirt a rinne an tarchur
An tArd-Chúirt (Éire)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Friends of the Irish Environment CLG
Cosantóirí: An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire agus an tArd-Aighne
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
An bhfuil gá leis an iarraidh seo ar réamhrialú i gcás gur cuireadh an Rialachán 2020 (1) as ionad agus/nó go bhfuil na bearta cur chun feidhme náisiúnta i ndiaidh dul in éag? |
2. |
An bhfuil Iarscríbhinn IA de Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle neamhbhailí, ag féachaint do na haidhmeanna agus do chuspóirí de chuid Rialachán (AE) 1380/2013 (2) (“an Rialachán CBI”) agus ag féachaint go háirithe d’Airteagal 2(1) agus d’Airteagal 2(2) den Rialachán CBI lena n-áirítear cuspóir an dara habairt d’Airteagal 2(2) agus do phrionsabail an dea-rialachais a leagtar amach in Airteagal 3(c) agus (d) den Rialachán CBI (lena n-áirítear cé chomh infheidhme sin is atá sé maidir le stoic a gceanglaítear cur chuige réamhchúraim ina leith), arna léamh i gcomhar le hAirteagail 9, 10, 15 agus 16 den Rialachán CBI agus a chuid Aithrisí agus in éineacht le hAirteagail 1, 2, 3, 4, 5, 8 agus 10 de Rialachán 2019/472 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic éisc in Uiscí an Iarthair (“Rialachán maidir le hUiscí an Iarthair”) a mhéid nach gcloíonn an ghabháil iomlán incheadaithe (“TAC”) arna socrú le Rialachán 2020 leis an gcomhairle arna heisiúint ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (“CITM”) faoi uastáirgeacht inbhuanaithe (“MSY”) lena moltar gabháil nialasach maidir le speicis áirithe? |
(1) Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO 2020 L 25, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle.
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/20 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Svea hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 24 Bealtaine 2022 – BSH Hausgeräte GmbH v Aktiebolaget Electrolux
(Cás C-339/22)
(2022/C 284/23)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Svea hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: BSH Hausgeräte GmbH
Cosantóir: Aktiebolaget Electrolux
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
An gcaithfear Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 1215/2012 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé go dtugann an teilgean “…imeachtaí a bhaineann le clárú nó le bailíocht paitinní … cuma an ndúisítear an cheist ar mhodh caingne nó mar chosaint” le fios nach bhfuil dlínse a thuilleadh ag cúirt náisiúnta, a dhearbhaíonn, de bhun Airteagal 4(1) den Rialachán sin, go bhfuil dlínse aici le díospóid maidir le sárú paitinne a éisteacht, chun an tsaincheist maidir le sárú a mheas má ardaítear cosaint go bhfuil an phaitinn faoi cheist neamhbhailí, nó an é gur chóir é a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé nach bhfuil easpa dlínse ag an gcúirt náisiúnta ach amháin maidir le cosaint neamhbhailíochta a éisteacht? |
2. |
An imrítear tionchar ar an bhfreagra ar Cheist 1 má tá forálacha den dlí náisiúnta ann atá cosúil leo sin arna leagan síos sa dara fomhír de Mhír 61 den Patentlagen (Dlí na bPaitinní), a chiallaíonn, ionas go n-éistfear cosaint neamhbhailíochta i gcás maidir le sárú, nach mór don chosantóir caingean ar leith le haghaidh dearbhú neamhbhailíochta a thabhairt? |
3. |
An bhfuil Airteagal 24(4) de Rialachán an Bhruiséil I (2) le léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige i gcúirt tríú tír, is é sin le rá, sa chás áirithe seo, go mbronntar dlínse eisiach ar chúirt sa Tuirc maidir leis an gcuid den phaitinn Eorpach a bailíochtaíodh ansin? |
(2) Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus aitheantas agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2012 L 351, lch. 1).
Chúirt Ghinearálta
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/21 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus SFL v BRA
(Cás T-481/17) (1)
(“Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta - An tAontas Baincéireachta - An Sásra Réitigh Aonair d'Institiúidí Creidmheasa agus do Ghnólachtaí Infheistíochta Áirithe (SRA) - Nós imeachta réitigh is infheidhme i gcás ina bhfuil ag cliseadh ar eintiteas nó gur dócha go gclisfear air - Glacadh scéime réitigh maidir le Banco Popular Español arna dhéanamh ag BRA - Caingean le haghaidh neamhniú - Doiciméad atá faoi réir achomhairc - Inghlacthacht - An ceart chun éisteacht a fháil - An ceart chun maoine - Oibleagáid cúiseanna a lua - Airteagail 18, 20 agus 24 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014”)
(2022/C 284/24)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóirí: Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno (Madrid, an Spáinn), Stiftung für Forschung und Lehre (SFL) (Zürich, an Eilvéis) (ionadaithe: R. Pelayo Jiménez, A. Muñoz Aranguren agus R. Pelayo Torrent, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. King agus M. Fernández Rupérez, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Meyring, S. Schelo, F. Fernández de Trocóniz Robles, T. Klupsch agus S. Ianc, Dlíodóirí)
Idirghabhálaithe mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: S. Centeno Huerta, L. Aguilera Ruiz, S. Jiménez García agus J. Rodríguez de la Rúa Puig, Gníomhairí), Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: P. López-Carceller, M. Martínez Iglesias, L. Visaggio, J. Etienne, M. Menegatti agus M. Sammut, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. de Gregorio Merino, J. Bauerschmidt, A. Westerhof Löfflerová agus H. Marcos Fraile, Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn agus A. Steiblytė, Gníomhairí), Banco Santander, SA (Santander, an Spáinn) (ionadaithe: J. Rodríguez Cárcamo, A. Rodríguez Conde, D. Sarmiento Ramírez-Escudero agus J. Remón Peñalver, Dlíodóirí)
Ábhar
Iarratas faoi Airteagal 263 CFAE maidir le Neamhniú Chinneadh BRA/EES/2017/08 ó Sheisiún Feidhmiúcháin BRA an 7 Meitheamh 2017 maidir le scéim réitigh a ghlacadh i leith Banco Popular Español, SA.
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar an chaingean a dhíbhe. |
2. |
Ordaítear do Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus Stiftung für Forschung und Lehre (SFL) a gcostais féin agus na costais a thabhaigh an Bord Réitigh Aonair (BRA) agus Banco Santander, SA a íoc. |
3. |
Ordaítear do Ríocht na Spáinne, do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/22 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Del Valle Ruíz agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BRA
(Cás T-510/17) (1)
(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Aontas Baincéireachta - Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) - Imeachtaí réitigh infheidhme i gcás ina bhfuil eintiteas i mbéal cliseadh nó ar dóigh dó cliseadh - Scéim réitigh a ghlacadh ag BRA i ndáil le Banco Popular Español - An ceart chun éisteacht a fháil - Tarmligean cumhachtaí - An ceart chun maoine - Oibleagáid cúiseanna a lua - Airteagail 18 agus 20 agus Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014)
(2022/C 284/25)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Antonio Del Valle Ruíz (Meicsiceo, Meicsiceo) agus 41 iarratasóir eile a bhfuil a n-ainmneacha liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an mbreithiúnas (ionadaithe: J. Pobjoy, Barrister, B. Kennelly QC, agus S. Walker, Solicitor)
Cosantóirí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn agus A. Steiblytė, i gcáil Gníomhairí), an Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. King agus M. Fernández Rupérez, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó B. Meyring, S. Schelo, F. Fernández de Trocóniz Robles, T. Klupsch agus S. Ianc, Dlíodóirí)
Idiragraithe, mar thaca leis na Cosantóirí: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: L. Aguilera Ruiz agus J. Rodríguez de la Rúa Puig, i gcáil Gníomhairí), Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: L. Visaggio, J. Etienne, M. Menegatti, M. Sammut, L. Stefani agus M. Martínez Iglesias, i gcáil Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. de Gregorio Merino, J. Bauerschmidt, A. Westerhof Löfflerová agus H. Marcos Fraile, i gcáil Gníomhairí), Banco Santander, SA (Santander, an Spáinn) (ionadaithe: J. Rodríguez Cárcamo, A. Rodríguez Conde, D. Sarmiento Ramírez-Escudero, Dlíodóirí, agus G. Cahill, Abhcóide)
Maidir le:
Iarratas de bhun Airteagal 263 CFAE go ndéanfar Cinneadh SRB/EES/2017/08 ó Sheisiún Feidhmiúcháin BRA an 7 Meitheamh 2017 maidir le scéim réitigh a ghlacadh le haghaidh Banco Popular Español, SA agus Cinneadh (AE) 2017/1246 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena bhformhuinítear an scéim réitigh le haghaidh Banco Popular Español (IO 2017 L 178, lch. 15) a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Déantar an chaingean a dhíbhe. |
2) |
Ordaítear do Antonio Del Valle Ruíz agus na hiarratasóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, ag an Bord Réitigh Aonair (BRA) agus ag Banco Santander, SA a íoc; |
3) |
Íocfaidh Ríocht na Spáinne, Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh as a gcostais féin. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/23 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Uzina Metalurgica Moldoveneasca v an Coimisiún
(Cás T-245/19) (1)
(Bearta coimirce - Margadh na dtáirgí iarainn agus cruach - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 - Caingean le haghaidh neamhniú - Leas i gcaingean a thionscnamh - Locus standi - Inghlacthacht - Cóir chomhionann - Prionsabal an ionchais dhlisteanaigh - Prionsabal an dea-riaracháin - Dualgas díchill - Bagairt mhórdhíobhála - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Tionscain imscrúdú coimirce - Dlínse an Choimisiúin - Cearta na cosanta)
(2022/C 284/26)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Uzina Metalurgica Moldoveneasca OAO (Rîbniţa, an Mholdóiv) (ionadaithe: P. Vander Schueren agus E. Gergondet, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Luengo agus P. Němečková, Gníomhairí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhua Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí cruach áirithe (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Uzina Metalurgica Moldoveneasca OAO na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/23 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Wieland Werke v an Coimisiún
(Cás T-251/19) (1)
(Iomaíocht - Comhchruinnithe - Margadh na dtáirgí rollta agus stiallacha copair agus cóimhiotail copair réamhrollta - Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil an comhchruinniu ag luí leis an margadh inmheánach agus Comhaontú LEE - Gealltanais - Margadh ábhartha - Measúnú ar éifeachtaí cothrománacha agus ingearacha an idirbhirt ar an iomaíocht - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Prionsabal an dea-riaracháin - Cearta na cosanta)
(2022/C 284/27)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Wieland Werke AG (Ulm, an Ghearmáin) (ionadaithe: U. Soltész, C. von Köckritz agus K. Winkelmann, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Berghe, A. Cleenewerck de Crayencour, M. Farley agus F. Jimeno Fernández, Gníomhairí)
Maidir le:
Iarratas de bhua Airteagal 263 CFAE maidir le Cinneadh C(2019) 922 final an 5 Feabhra 2019 a chur ar neamhní, ar iarratas é lena ndearbhaítear nach bhfuil comhchruinniú ag luí leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE (Cás M.8900 – Wieland/Aurubis Rolled Products/Schwermetall)
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Wieland-Werke AG na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/24 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Foz v an Chomhairle
(Cás T-296/20) (1)
(An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha i gcoinne na Siria - Reo cistí - Earráid measúnaithe - Comhréireacht - An ceart chun maoine - An ceart chun gníomhaíocht eacnamaíoch a fheidhmiú - Mí-úsáid cumhachtaí - An oibleagáid cúiseanna a thabhairt - Cearta na cosanta - An ceart chun triail chóir a fháil - Cinneadh na gcritéir maidir le liostú)
(2022/C 284/28)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Amer Foz (Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha) (ionadaí: L. Cloquet, avocat)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Haas agus M. Bishop, gníomhairí)
Ábhar
Trína gcaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go ndéanfar Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/212 ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO 2020 L 43 I, lch. 6), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/211 ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO 2020 L 43 I, lch 1), Cinneadh (CBES) 2020/719 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO 2020 L 168, lch. 66), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/716 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO 2020, L 168, lch 1), Cinneadh (CBES) 2021/855 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO 2021 L 188, lch. 90) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/848 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO 2021 L 188, lch. 18) a chur ar neamhní, a mhéid a dhéantar leis na gníomhartha sin a ainm a chlárú agus a choimeád ar na liostaí atá i gceangal leo.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Amer Foz na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/25 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Eurobolt agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cás T-479/20) (1)
(Dumpáil - Síneadh ar an dleacht frith-dhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí de cheanglóirí áirithe iarainn nó cruach ar de thionscnamh na Síne iad go hallmhairí arna seoladh ón Malaeisia - Forfheidhmiú bhreithiúnas na Cúirte - Airteagal 266 CFAE - Ath-fhorchur dleacht frithdhumpála chinntitheach - Neamh-aisghníomhaíocht - Cosaint dlí éifeachtach - Prionsabal an dea-riaracháin - Inniúlacht údar an ghnímh)
(2022/C 284/29)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Eurobolt BV (’s-Heerenberg, an Ísiltír), Fabory Nederland BV (Tilburg, an Ísiltír), ASF Fischer BV (Lelystad, an Ísiltír), Stafa Group BV (Maarheeze, an Ísiltír) (ionadaithe: S. De Knop, B. Natens agus A. Willems, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Maxian Rusche agus G. Luengo, Gníomhairí)
Maidir le:
Iarratas bunaithe ar Airteagal 263 CFAE maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/611 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 lena n-athfhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach a forchuireadh le Rialachán (CE) Uimh. 91/2009 ón gComhairle maidir le hallmhairí de cheanglóirí áirithe iarainn nó cruach ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad ar allmhairí arna seoladh ón Malaeisia, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na tíre sin iad nó ná bíodh (IO 2020, L 141, lch. 1).
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Eurobolt BV, Fabory Nederland BV, ASF Fischer BV agus Stafa Group BV na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/25 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Ryanair v an Coimisiún
(Condor; cúnamh tarrthála)
(Cás T-577/20) (1)
(Státchabhair - Margadh aeriompair na Gearmáine - Iasacht arna deonú ag an nGearmáin do Condor Flugdienst - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach - Airteagal 107(3)(c) CFAE - Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu - Deacrachtaí sonracha nach de thoradh ar leithdháileadh treallach costas laistigh den ghrúpa iad - Deacrachtaí atá róthromchúiseach chun go ndéileálfadh an grúpa féin leo - Baol ann go gcuirfí isteach ar sheirbhís thábhachtach)
(2022/C 284/30)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Ryanair DAC (Sord, Éire) (ionadaithe: E. Vahida, F.-C. Laprévote, V. Blanc, S. Rating agus I.-G. Metaxas-Maranghidis, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn agus V. Bottka, i gcáil Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gCosantóir: Condor Flugdienst GmbH (Neu-Isenburg, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Birnstiel agus S. Blazek, Dlíodóirí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar Cinneadh C(2019) 7429 final ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir le Státchabhair SA.55394 (2019/N) – An Ghearmáin – Cabhair tarrthála do Condor (IO 2020 C 294, lch. 3) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar an chaingean a dhíbhe; |
2. |
Ordaítear do Ryanair DAC a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an Coimisiún Eorpach a íoc. |
3. |
Íocfaidh Condor Flugdienst GmbH as a chostais féin. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/26 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Tirrenia di navigazione v An Coimisiún
(Cás T-593/20) (1)
(“Státchabhair - Muiriompar - Seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta - Cinneadh ag dearbhú go bhfuil an chabhair neamhdhleathach - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil cuid den chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach bhfuil cuid eile de comhoiriúnach leis agus lena n-ordaítear go ndéanfar í a aisghabháil - Cúnamh tarrthála - Comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach - Teorainn ama sé mhí - Fadú - Oibleagáid plean athstruchtúraithe nó leachtaithe a thíolacadh - Treoirlínte maidir le Státchabhair chun gnólachtaí atá i gcruachás a tharrtháil agus a athstruchtúrú - Díolúine ó cháin - Buntáiste - Cineál roghnaitheach - Éifeacht ar thrádáil idir na Ballstáit - Sárú ar an iomaíocht - Fad iomarcach an nós imeachta - Ionchas dlisteanach - Deimhneacht dhlíthiúil - Prionsabal an dea-riaracháin”)
(2022/C 284/31)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Tirrenia di navigazione SpA (an Róimh, an Iodáil) (ionadaithe: B. Nascimbene agus F. Rossi Dal Pozzo, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Braga da Cruz agus D. Recchia, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE iarann an t-iarratasóir go ndeanfaí Cinneadh (AE) 2020/1412 ón gComisiún an 2 Márta 2020, maidir leis na bearta cabhrach SA.32014, SA.32015, SA.32016 (11/C) (ex 11/NN) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil maidir le Tirrenia di Navigazione agus a ceannaitheoir Compagnia Italiana di Navigazione (IO 2020 L 332, lch. 45) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Tirrenia di navigazione SpA na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/27 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Tirrenia di navigazione v an Coimisiún
(Cás T-601/20) (1)
(Státchabhair - Loingseoireacht - Seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta - Cabhair a deonaíodh do Adriatica don tréimhse ó Eanáir 1992 go dtí Iúil 1994 maidir leis an mbealach Brindisi/Corfu/Igoumenítsa/Patras - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair sin neamhdhleathach - Cinneadh lena ndearbhaítear gur státchabhair í an íocaíocht seo atá neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear go ndéanfaí í a aisghabháil - Ús dlite - Tréimhse theorann - Státchabhair nua - Neamh-chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach - Éifeachtaí cairtéil ar an margadh - Fad iomarcach an nós imeachta - Ionchas dlisteanach - Deimhneacht dhlíthiúil - Prionsabal an dea-riaracháin)
(2022/C 284/32)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Tirrenia di navigazione SpA (an Róimh, an Iodáil) (ionadaithe: B. Nascimbene agus F. Rossi Dal Pozzo, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Braga da Cruz agus D. Recchia, Gníomhairí)
Maidir le:
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndeanfar Cinneadh (AE) 2020/1411 ón gCoimisiún an 2 Márta 2020, maidir le státchabhair C 64/99 (ex NN 68/99) arna chur i bhfeidhm ag an Iodáil do na cuideachtaí loingseoireachta Adriatica, Caremar, Siremar, Saremar agus Toremar (grúpa Tirrenia) (IO 2020 L 332, lch. 1), a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann leis.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Tirrenia di navigazione SpA na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/27 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – OG v AED
(Cás T-632/20) (1)
(“Seirbhís shibhialta - Foireann shealadach - Foireann GEC - Fógra folúntais - Post mar Cheann Aonaid - Iarratas a dhiúltú - An oibleagáid cúiseanna a thabhairt - Cóir chomhionann - Trédhearcacht - Oibiachtúlacht - Prionsabal an dea-riaracháin - Sárú ar an bhfógra folúntais - Earráid fhollasach measúnaithe - Freagracht - Damáiste neamhábhartha”)
(2022/C 284/33)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: OG (ionadaithe: S. Pappas agus N. Kyriazopoulou, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (ionadaithe: C. Ribeiro, Gníomhaire, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarann an t-iarratasóir go ndeanfar, ar an gcéad dul síos, Cinneadh na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) an 13 Nollaig 2019 lenar fágadh í as an bpainéal don phost mar Cheann Aonaid an Aonaid um Theicneolaíocht Faisnéise sa Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Comhtháite a chur ar neamhní agus, ar an dara dul síos, cúiteamh as an damáiste a d’fhulaing sí mar thoradh ar an gcinneadh sin.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do OG na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/28 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Prigozhin v an Chomhairle
(Cás T-723/20) (1)
(An comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Libia - Cistí a reo - Liosta de dhaoine agus d’eintitis lena mbaineann reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha - Srianta maidir le teacht isteach ar chríoch an Aontais Eorpaigh nó idirthuras a dhéanamh tríd - Liosta de dhaoine atá faoi réir srianta maidir le teacht isteach ar chríoch an Aontais Eorpaigh nó idirthuras a dhéanamh tríd - Cead liostú agus coinneáil ainm an iarratasóra ar liostaí na ndaoine lena mbaineann - Oibleagáid cúiseanna a lua - Earráidí measúnaithe - Cearta cosanta - Comhréireacht - Intuarthacht na ngníomhartha de chuid an Aontais Eorpaigh)
(2022/C 284/34)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Yevgeniy Viktorovich Prigozhin (Cathair Pheadair, an Rúis) (ionadaí: M. Cessieux, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M.C. Cadilhac agus V. Piessevaux, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, Yevgeniy Viktorovich Prigozhin, Rúiseach, go ndéanfar, ar an gcéad dul síos, Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1483 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO 2020 L 341, lch. 16) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1481 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO 2020 L 341, lch. 7), a mhéid is go bhfuil an t-iarratasóir ar áireamh sna liostaí de dhaoine agus eintitis in Iarscríbhinn II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (IO 2015 L 206, lch. 34), agus in Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (IO 2016 L 12, lch. 1) (“na liostaí atá i gceist”) agus, ar an dara dul síos, tar éis an t-iarratas a mhodhnú, Cinneadh (CBES) 2021/1251 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh 2015/1333 (IO 2021 L 272, lch. 71) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1241 an 29 Iúil 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 (IO 2021 L 272, lch. 1), sa mhéid gur coinníodh a ainm ar na liostaí atá i gceist, a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
2) |
Iocfaidh Yevgeniy Viktorovich Prigozhin as na costais. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/29 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Cristescu v an Coimisiún
(Cás T-754/20) (1)
(Seirbhís Shibhialta - Oifigigh - Imeachtaí araíonachta - Gníomhartha atá contrártha le dínit na hoifige - Réamhmheasúnú - Imscrúdú riaracháin - Sainordú arna chur de chúram ar IDOC - Cosaint sonraí - Prionsabal na neamhchlaontachta - Prionsabal an dea-riaracháin - Nós imeachta araíonachta - Cearta cosanta - Iomardú mar phionós araíonachta - Neamhrialtacht nós imeachta - Tréimhse ama réasúnta - Imthoisc mhaolaitheacha)
(2022/C 284/35)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Adrian Sorin Cristescu (Lucsamburg, Lucsamburg) (ionadaí: S. Orlandi, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Brauhoff agus A.-C. Simon, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 27 Feabhra 2020 lenar forchuireadh iomardú mar phionós araíonachta air de bhun Airteagal 9(1)(b) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar an cinneadh ón gCoimisiúin Eorpach an 27 Feabhra 2020 lenar forchuireadh iomardú ar Adrian Sorin Cristescu a chur ar neamhní. |
2. |
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/29 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Aquino v an Pharlaimint
(Cás T-253/21) (1)
(Seirbhís shibhialta - Oifigigh - Coiste Foirne na Parlaiminte - Cathaoirleach an Choiste Foirne a thoghadh - An toghchán a chealú - Dliteanas)
(2022/C 284/36)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Roberto Aquino (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: L. Levi, Avocate)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: S. Bukšek Tomac, R. Ignătescu agus T. Lazian, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, cinneadh Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2020, lenar cuireadh a toghadh mar chathaoirleach ar Choiste Foirne na Parlaiminte (“CdP”) ar neamhní, agus ar an dara dul síos, go substaintiúil, an cruinniú bunaitheach CdP an 14 Meán Fómhair 2020 a chur ar neamhní chomh maith, go háirithe maidir le toghadh a chathaoirleach, agus, ina theannta sin, cúiteamh as an damáiste a líomhnaítear gur fhulaing sé.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Roberto Aquino na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/30 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Domator24.com Paweł Nowak v EUIPO
(Cás T-256/21) (1)
(Dearadh comhphobail - Imeachtaí neamhbhailíochta - Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear cathaoir - Dearadh Comhphobail a bhí ann cheana - Fianaise faoin nochtadh - Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 - Foras neamhbhailíochta - Easpa saincháilíochta - Airteagal 25(1)(b) agus Airteagal 6(1)(b) de Rialachán Uimh. 6/2002)
(2022/C 284/37)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Domator24.com Paweł Nowak (Zielona Góra, an Pholainn) (ionadaí: T. Gawliczek, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Ivanauskas agus E. Śliwińska, Gníomhairí)
Páirtithe eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Piotr Siwek (Gdańsk, an Pholainn), Sebastian Didyk (Gdańsk) (ionadaí: W. Gierszewski, Dlíodóir)
Maidir le:
Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 15 Márta 2021 (Cás R-1275/2020 3), maidir le imeachtaí maidir le neamhbhailíocht idir Piotr Siwek agus Sebastian Didyk i bpáirt, agus i bpáirt eile, Domator24.com Paweł Nowak.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Domator24.com Paweł Nowak na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/30 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Worldwide Machinery v EUIPO – Scaip (SUPERIOR MANUFACTURING)
(Cás T-316/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Trádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “SUPERIOR MANUFACTURING” - Úsáid dháiríre an trádmhairc - Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2022/C 284/38)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Worldwide Machinery Ltd (Channelview, Texas, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: B. Woltering, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Frydendahl agus D. Gája, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Scaip SpA (Parma, an Iodáil) (ionadaithe: B. Saguatti agus A. Guareschi. Dlíodóirí)
Maidir le:
Caingean arna tabhairt i gcoinne an chinnidh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 25 Márta 2022 (Cás R 873/202-5), maidir le himeachtaí cúlghairme idir Worldwide Machinery agus Scaip.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Worldwide Machinery na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/31 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – TK v an Coimisiún
(Cás T-435/21) (1)
(Seirbhís Shibhialta - Oifigigh - Ardú céime - Cleachtadh um ardú céime 2020 - Cinneadh gan ardú céime a thabhairt don iarratasóir go grád AD 15 - Comparáid idir tuillteanais - Cóir chomhionann - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Oibleagáid cúiseanna a lua)
(2022/C 284/39)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: TK (ionadaí: S. Orlandi, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Brauhoff agus L. Hohenecker, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar, ar an gcéad dul síos, an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 18 Samhain 2020 gan a ainm a chur ar liosta na n-oifigeach ar tugadh ardú céime go grád AD 15 dóibh faoin gcleachtadh um ardú céime de 2020 agus, ar an dara dul síos, na cinntí chun ardú céime go grád AD 15 a thabhairt d’oifigigh a bhaineann leis an mbaill foirne ardbhainistíochta arna tugadh ardú céime dóibh faoin gcleachtadh um ardú céime de 2020 a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Déantar an chaingean a dhíbhe. |
2. |
Íocfaidh TK agus an Coimisiún Eorpach as a gcostais féin. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/32 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Del Valle Ruiz agus páirtithe eile v BRA
(Cás T-512/19) (1)
(“Caingean le haghaidh neamhniú - Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - An Sásra Réitigh Aonair d'Institiúidí Creidmheasa agus do Ghnólachtaí Infheistíochta Áirithe (SRA) - Scéim réitigh i leith Banco Popular Español - Gan luacháil ex post deifnídeach ar Banco Popular Español - Easpa cúraim dhírigh - Neamh-inghlacthacht fhollasach”)
(2022/C 284/40)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóirí: Antonio Del Valle Ruíz (Cathair Mheicsiceo, Meicsiceo) agus na 36 iarratasóir eile a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn a ghabhann leis an Ordú (ionadaí: B. Fernández García, Avocate)
Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. King agus E. Muratori, Gníomhairí, le cúnamh ó H. G. Kamann, F. Louis, C. Schwedler, P. Gey, V. Del Pozo Espinosa De Los Monteros, G. Barthet agus J. Krämer, Avocats)
Ábhar
De réir a gcaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go ndéanfaí “cinneadh ón mBord Réitigh Aonair (BRA) a neamhniú gan luacháil chinntitheach ex post a dhéanamh ar Banco Popular Español, SA, a cuireadh in iúl do na hiarratasóirí i litir dar dáta an 20 Bealtaine 2019”.
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar an chaingean a dhíbhe mar chaingean neamh-inghlactha. |
2. |
Ordaítear don Uasal Antonio Del Valle Ruíz agus do na hiarratasóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/32 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Bealtaine 2022 – Groschopp v EUIPO (Sustainability through Quality)
(Cás T-212/21) (1)
(“Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Cúlghairm an chinnidh atá faoi chonspóid - Díospóid atá tagtha chun bheith in éagmais cuspóra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais”)
(2022/C 284/41)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Groschopp AG Drives & More (Viersen, an Ghearmáin) (ionadaí: R. Schiffer, Avocate)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, Gníomhaire)
Ábhar
Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 11 Feabhra 2021 (Cás R 1076/2020-1), maidir le hiarratas ar chlárú i ndáil leis an bhfocalmharc Sustainability through Quality mar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh.
An chuid oibríochtúil
1. |
Ní gá a thuilleadh rialú a thabhairt ar an gcaingean. |
2. |
Ordaítear d'Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/33 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Bealtaine 2022 – Fibrecycle v EUIPO (BACK-2-NATURE)
(Cás T-248/21) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Cúlghairm an chinnidh a chonspóidtear - Imeachtaí nach bhfuil gá leo a thuilleadh - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
(2022/C 284/42)
Teanga an cháis: an Bhéarla
Páirtithe
Iarratasóir: Fibrecycle Pty Ltd (Helensvale, an Astráil) (ionadaí: T. Stein, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, i gcáil Gníomhaire)
Maidir le:
Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an dara Bord Achomhairc de EUIPO an 3 Márta 2021 (Cás R 1699/2020-2), maidir leis an gclárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach den fhocalmharc BACK-2-NATURE.
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní gá breithiúnas a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh. |
2) |
Ordaítear do Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/33 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 2 Bealtaine 2022 – Airoldi Metalli v an Coimisiún
(Cás T-328/21) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - Dumpáil - Allmhairí easbhrúite alúmanaim de thionscnamh na Síne - Cinneadh lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach - Allmhaireoir - Gníomh rialaitheach lena bhforáiltear bearta cur chun feidhme - Easpa cúraim aonair - Do-ghlacthacht)
(2022/C 284/43)
Teanga an cháis: an Bhéarla
Páirtithe
Iarratasóir: Airoldi Metalli SpA (Molteno, an Iodáil) (ionadaithe: M. Campa, M. Pirovano, D. Rovetta, G. Pandey, P. Gjørtler agus V. Villante, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Luengo agus P. Němečková, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Trína gcaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/546 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí d’easbhrúnna alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 109, 30.3.2021, lch. 1) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean as bheith do-ghlactha. |
2) |
Ordaítear do Airoldi Metalli SpA na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/34 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Bealtaine 2022 – mBank v EUIPO – European Merchant Bank (EMBANK European Merchant Bank)
(Cás T-331/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Cúlghairm an chinnidh a ndearnadh achomharc ina choinne - Imtharraingt ábhar na díospóide - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
(2022/C 284/44)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: mBank S.A. (Vársá, an Pholainn) (ionadaithe: E. Skrzydło-Tefelska agus K. Gajek, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe T. Frydendahl agus E. Markakis, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: European Merchant Bank UAB (Vilnias, an Liotuáin) (ionadaí: G. Pranevičius, Dlíodóir)
Maidir le:
Lena caingean arna tabhairt de bhun Airteagal 263 CFAE iarrann an t-iarratasóir, mBank S.A., an cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Márta 2021 (Cás R 1845/2020-5), maidir le himeachtaí neamhbhailíochta idir an t-iarratasóir agus an t-idiragraí, European Merchant Bank (“an cinneadh atá faoi chonspóid”), a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh. |
2. |
Ordaítear do EUIPO na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/34 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 6 Bealtaine 2022 – documentus Deutschland v EUIPO – Reisswolf (REISSWOLF)
(Cás T-374/21) (1)
(“Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht - An t-iarratas ar neamhniú a tharraingt siar - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais”)
(2022/C 284/45)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: documentus Deutschland GmbH (Hamburg, An Ghearmáin) (ionadaithe: D. Weller, V. Wolf, A. Wulff agus K. Schmidt-Hern, dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Klee agus D. Hanf, gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Reisswolf Akten- und Datenvernichtung GmbH & Co. KG (Hamburg) (ionadaithe: A. Ebert-Weidenfeller agus H. Förster, dlíodóirí)
Ábhar
Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an chéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 25 Márta 2021 (Cás R 2354/2019-1), maidir le himeachtaí maidir le neamhbhailíocht idir documentus Deutschland agus Reisswolf Akten- und Datenvernichtung.
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní gá breithiúnas a thabhairt ar an achomharc a thuilleadh. |
2) |
Ordaítear do documentus Deutschland GmbH agus Reisswolf Akten- und Datenvernichtung GmbH & Co. KG a gcostais féin a íoc agus, do gach ceann acu faoi seach, leath de na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/35 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Bealtaine 2022 – Thomas Henry v EUIPO (MATE MATE)
(Cás T-452/21) (1)
(“Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Cúlghairm an chinnidh atá faoi chonspóid - Díospóid atá tagtha chun bheith in éagmais cuspóra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
(2022/C 284/46)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Thomas Henry GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: O. Spieker, A. Schönfleisch agus N. Willich, Avocats)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, Gníomhaire)
Ábhar
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh an Chéad Bhoird Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 28 Bealtaine 2021 a neamhniú (Cás R 406/2021 1).
An chuid oibríochtúil
1. |
Ní gá rialú a thabhairt a thuilleadh ar an gcaingean. |
2. |
Ordaítear d'Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin agus na costais a thabhaigh Thomas Henry GmbH a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/36 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2022 — Girardi v EUIPO
(Cás T-497/21) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Ionadaíocht os comhair EUIPO - Fógra maidir le heasnamh sa chumhacht chun gníomhú mar ionadaí os comhair EUIPO - Gníomh neamh-ionchonspóidthe - Gníomh ullmhúcháin - Do-ghlacthacht)
(2022/C 284/47)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Giovanna Paola Girardi (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: A. Pomares Caballero agus M. Pomares Caballero, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: G. Predonzani agus A. Söder, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndéanfar an gníomh lenar chuir Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) in iúl di, an 14 Meitheamh 2021, go raibh easnamh in iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a thaisc sí faoi Uimh. 000050057 C agus i ngach aon chomhad eile ina bhfuil buanchónaí ar an iarratasóir nó ar an dílseánach dá ionadaíonn sí lasmuigh den Aontas Eorpach a neamhniú agus, ar an dara dul síos, go ndearbhófar go bhfuil Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Roinn 5 de Chuid A de na Treoirlínte de EUIPO maidir le scrúdú ar thrádmharcanna an Aontais Eorpaigh neamhdhleathach sa mhéid go mbaineann an iarscríbhinn sin le hionadaíocht ghairmiúil ag dlíodóirí na Spáinne as comhair na hOifige.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean as bheith do-ghlactha. |
2) |
Íocfaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin agus costais Giovanna Paola Girardi, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha i gCás T-497/21 R. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/36 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 29 Aibreán 2022 – Abenante agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle
(Cás T-527/21) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - Rialachán (AE) 2021/953 - Deimhniú Digiteach COVID an Aontais - Saorghluaiseacht daoine - Srianta - Easpa locus standi - Easpa cúraim dhírigh - Easpa cúraim aonair - Neamh-inghlacthacht)
(2022/C 284/48)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóirí: Stefania Abenante (Ferrare, an Iodáil) agus na 423 iarratasóir eile atá ainmnithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an ordú (ionadaí: M. Sandri, dlíodóir)
Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: L. Visaggio, P. López-Carceller agus J. Rodrigues, gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Moore agus S. Scarpa Ferraglio, gníomhairí)
Maidir le:
Trína gcaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go ndéanfar Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (IO 2021 L 211, lch. 1) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don achomharc as bheith neamh-inghlactha. |
2) |
Ní gá a thuilleadh rialú a dhéanamh ar an iarratas ar idiragairt arna gcur isteach ag an gCoimisiún Eorpach. |
3) |
Ordaítear do Stefania Abenante agus do na hiarratasóirí eile atá ainmnithe san iarscríbhinn a gcostais féin a íoc chomh maith leis na costais a thabhaigh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha os comhair na Cúirte Ginearálta. |
4) |
Ordaítear don Choimisiún a chostais féin maidir leis an iarratas ar idiragairt a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/37 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 20 Bealtaine 2022 – VP v Cedefop
(Cás T-534/21)
(2022/C 284/49)
Teanga an cháis: an Béarla
Níl san Iris Oifigiúil seo ach na fógraí maidir le cásanna ar cuireadh clabhsúr leo roimh an 1 Eanáir 2022 agus mar sin níl leagan Gaeilge ar fáil.
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/37 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022– Zásilkovna v an Coimisiún
(Cás T-585/21) (1)
(“Státchabhair - Cúiteamh arna dheonú i gcomaoin chomhlíonadh na hoibleagáide seirbhíse uilíche san earnáil poist - Gearán - Caingean le haghaidh neamhniú - Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc - Neamh-inghlacthacht”)
(2022/C 284/50)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Zásilkovna s. r. o (Prág, Poblacht na Seice) (ionadaí: R. Kubáč, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Carpi Badía agus L. Nicolae, Gníomhairí)
Maidir le:
Iarratas bunaithe ar Airteagal 263 CFAE maidir le neamhniú, ar thaobh amháin, na litreach ón gCoimisiún an 9 Iúil 2021 maidir leis an gcúiteamh a deonaíodh do Česká pošta i gcomaoin chomhlíonadh na hoibleagáide seirbhíse uilíche don tréimhse ó 2018 go 2022 agus maidir leis an gcinneadh chun nós imeachta foirmiúil um imscrúdú a thionscnamh an 23 Meitheamh 2020 [SA.55208 (2020/C), SA.55497 (2019/FC) agus SA.55686 (2019/FC)] agus, ar an taobh eile, neamhniú na litreach ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2021 maidir leis an gcúiteamh a deonaíodh do Česká pošta i gcomaoin chomhlíonadh na hoibleagáide seirbhíse uilíche don tréimhse ó 2018 go 2022 [(SA.55208 (2020/C)].
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar an chaingean a dhíbhe mar chaingean neamh-inghlactha. |
2. |
Ní gá rialú a dhéanamh ar na hiarratais ar chead chun idirghabháil a dhéanamh ó Phoblacht na Seice agus ó Česká pósta. |
3. |
Ordaítear do Zásilkovna s. r. o. a chostais féin agus na costais sin arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc, cé is moite díobh sin a bhaineann leis na hiarratais ar idirghabháil. |
4. |
Ordaítear do Zásilkovna, Poblacht na Seice agus Česká pošta faoi seach a gcostais féin a bhaineann leis na hiarratais ar idirghabháil a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/38 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 13 Bealtaine 2022 – Swords v an Coimisiún
(Cás T-586/21) (1)
(“Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Diúltú rochtana ar dhoiciméid ar bhonn chosaint chuspóirí na ngníomhaíochtaí imscrúdaithe - Iarratas dearbhúcháin - Diúltú rochtana intuigthe - Cinneadh sainráite a glacadh tar éis thaisceadh an achomhairc - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais”)
(2022/C 284/51)
Teanga an cháis: an Bhéarla
Páirtithe
Iarratasóir: Patrick Swords (Baile Átha Cliath, Éire) (iondadaí: G. Byrne, abhcóide)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Spina agus C. Ehrbar, gníomhairí)
Maidir le:
Trína gcaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt cinneadh intuigthe an Choimisiúin Eorpaigh an 13 Iúil 2021, lenar dhiúltaigh an Choimisiún Eorpach, de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43), dá iarratas ar rochtain ar gach doiciméad a bhaineann le faisnéis a fuair sé ó Éirinn maidir leis na tairbhí sláinte poiblí a bhaineann le srianta taistil idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh bunaithe ó thús na paindéime COVID-19, a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní gá breithiúnas a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh. |
2) |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc chomh maith leis na costais a thabhaigh Patrick Swords. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/38 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2022 – Target Brands v EUIPO – The a.r.t. company b&s (ART CLASS)
(Cás T-637/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Tarraingt siar an fhreasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
(2022/C 284/52)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Target Brands, Inc. (Minneapolis, Minnesota, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: R. Kunze, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Śliwińska agus D. Gája, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: The a.r.t. company b&s, SA (Quel, an Spáinn)
Maidir le:
Caingean arna tabhairt i gcoinne an chinnidh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 22 Meitheamh 2021 (Cás R 1597/2019-5), maidir le himeachtaí freasúra idir The a.r.t. company b&s agus Target Brands.
An chuid oibríochtúil
1. |
Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean seo a thuilleadh. |
2. |
Ordaítear do Target Brands, Inc. na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/39 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 2 Meitheamh 2022 – Eurecna v an Coimisiún
(Cás T-654/21) (1)
(“Caingean le haghaidh neamhniú - Conarthaí seirbhíse poiblí - CEF - Conradh ‘Straitéisí críochacha don nuálaíocht (ITS)’ - Imscrúdú OLAF - Iontráil i mbunachar sonraí an Chórais Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) - Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc - Neamh-inghlacthacht”)
(2022/C 284/53)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Eurecna SpA (An Veinéis, An Iodáil) (ionadaí: R. Sciaudone, Avocat)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Rossi agus F. Moro, Gníomhairí)
Ábhar
Iarratas bunaithe ar Airteagal 263 CFAE maidir le neamhniú an chinnidh ón gCoimisiún an 28 Iúil 2021 chun an t-iarratasóir a chlárú i mbunachar sonraí an Chórais Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) faoi Airteagal 135(1) go (3) agus Airteagal 142(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 18 Iúil 2018, maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh 1304/2013, (AE) Uimh 1309/2013, (AE) Uimh 1309/2013, (AE) Uimh 1316/2013, (AE) Uimh 223/2014, Uimh 283/2014 agus Cinneadh Uimh 541/2014, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO 2018 L 193, lch. 1).
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar an chaingean a dhíbhe mar chaingean neamh-inghlactha. |
2. |
Ordaítear do Eurecna SpA na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/40 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 12 Bealtaine 2022 – ClientEarth v an Coimisiún
(Cás T-661/21) (1)
(Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Coinbhinsiún Aarhus - Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 - Tuarascáil ar an measúnú tionchair agus doiciméid eile a bhaineann le tionscnamh reachtach i réimse an chomhshaoil - Diúltú intuigthe rochtana - Cinneadh sainráite a glacadh tar éis thaisceadh an achomhairc - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
(2022/C 284/54)
Teanga an cháis: an Bhéarla
Páirtithe
Iarratasóir: ClientEarth AISBL (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: O. Brouwer, B. Verheijen agus T. van Helfteren, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Ehrbar agus K. Herrmann, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Trína gcaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh intuigthe an Choimisiúin Eorpaigh an 30 Iúil 2021 lena ndiúltaítear don iarratas dearbhúcháin ar rochtain ar roinnt doiciméad a bhaineann le dífhoraoisiú agus le díghrádú foraoise a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní gá breithiúnas a thabhairt ar an achomharc a thuilleadh. |
2) |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/40 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2022 – Target Brands v EUIPO – The a.r.t. company b&s (art class)
(Cás T-676/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Tarraingt siar an fhreasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
(2022/C 284/55)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Target Brands, Inc. (Minneapolis, Minnesota, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: R. Kunze, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Śliwińska agus D. Gája, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: The a.r.t. company b&s, SA (Quel, an Spáinn)
Maidir le:
Caingean arna tabhairt i gcoinne an chinnidh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Lúnasa 2021 (Cás R 1596/2019-5), maidir le himeachtaí freasúra idir The a.r.t. company b&s agus Target Brands.
An chuid oibríochtúil
1. |
Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh. |
2. |
Ordaítear do Target Brands, Inc. na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/41 |
aOrdú na Cúirte Ginearálta an 13 Aibreán 2022 – Alauzun agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cás T-695/21) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú nó mar gheall ar mhainneachtain gníomhú - Sláinte phoiblí - Táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine - Údarú margaíochta coinníollach do vacsaíní mRNA - Easpa staidéir ar charcanaigineacht agus géineatocsaineacht - Tréimhse achomhairc - Moille - Easpa glao ar ghníomhaíocht - Seasamh - Easpa locus standi - Easpa cúraim dhírigh - Easpa cúraim aonair - Do-ghlacthacht - Iarratas ar urghair - Easpa dlínse)
(2022/C 284/56)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: Virginie Alauzun (Saint-Cannat, an Fhrainc) agus na 773 iarratasóir eile atá ainmnithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an ordú (ionadaí: F. Di Vizio, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Gattinara agus L. Haasbeek, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Trína gcaingean atá bunaithe ar Airteagail 263, 265 agus 266 CFAE, iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt a chinneadh gur staon an Coimisiún Eorpach go neamhdhleathach ó thástálacha carcanaigineachta agus géineatocsaineachta a chur san áireamh sa chéim réamhchliniciúil le linn an nós imeachta chun údarú margaíochta coinníollach a thabhairt do vacsaíní a úsáideann teicneolaíocht aigéad ribeanúicléasach teachtaire, treoir a thabhairt don Choimisiún trialacha den sórt sin a chur san áireamh i nósanna imeachta an EMA san am a chuaigh thart agus a bheidh ann amach anseo agus iarraidh ar an EMA faisnéis áirithe a bhaineann leis na tástálacha sin a chur in iúl.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don achomharc as bheith do-ghlactha. |
2) |
Ní gá a thuilleadh rialú a dhéanamh ar an iarratas ar idiragairt arna gcur isteach ag Moderna Biotech Spain SL. |
3) |
Ordaítear do Virginie Alauzun agus na hiarratasóirí eile atá ainmnithe san iarscríbhinn a gcostais féin a íoc chomh maith leis na costais a thabhaigh an Coimisiún Eorpach. |
4) |
Ordaítear do Moderna Biotech Spain a chostais féin maidir leis an iarratas ar idiragairt a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/41 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 2 Meitheamh 2022 – Tóth v an Coimisiún
(Cás T-17/22) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Imscrúdú OLAF maidir le gníomhaíochtaí soilsiú poiblí Élios Innovatív - Iarratas rochtana ar thuairisc dheireanach an imscrúdaithe - Diúltú intuigthe don rochtain - Glacadh cinneadh sainráite i ndiaidh caingean a thabhairt - Gan gá breith a thabhairt ar an gcaingean)
(2022/C 284/57)
Teanga an cháis: an Ungáiris
Páirtithe
Iarratasóir: Bertalan Tóth (Pécs, an Ungáir) (ionadaithe: Á. Baratta agus B. Czudar, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Béres agus A. Spina, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cinneadh intuigthe ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) an 10 Samhain 2021 lenar diúltaíodh go hintuigthe dá iarratas rochtana daingniúcháin ar dhoiciméid dar teideal “Tuarascáil chríochnaitheach OLAF OF/2015/0034/B4 maidir le gníomhaíochtaí soilsiú poiblí Élios Innovatív Zrt” a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh. |
2. |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a íoc. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/42 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 30 Bealtaine 2022 –OT v an Chomhairle
(Cás T-193/22 R)
(Bearta idirlinne - An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí de chuid na Rúise lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochta sin ar an méid sin - Reo cistí - Iarratas ar bhearta idirlinne - Easpa bunús dlí - Easpa práinne)
(2022/C 284/58)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: OT (ionadaithe: J.-P. Hordies agus C. Sand, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: V. Piessevaux, A. Boggio-Tomasaz agus M.-C. Cadilhac, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Lena iarratas de bhun Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta, inter alia, cur chun feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 871, lch. 1) agus Chinneadh (CBES) 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 871 lch. 44) a fhionraí, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis an iarratasóir.
An chuid oibríochtúil
1) |
Díbhtear don iarratas ar bhearta idirlinne. |
2) |
Forchoimeádtar na costais. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/42 |
Ordú Uachtaráin na Cúirte Ginearálta an 3 Meitheamh 2022 – Mariani v an Pharlaimint
(Cás T-196/22 R)
(Bearta idirlinne - Dlí institiúideach - Comhalta Parlaiminte - Eisiamh ó pháirt a ghlacadh i dtoscaireachtaí breathnóireachta toghcháin na Parlaiminte - Iarratas ar bhac forghníomhaithe - Easpa práinne)
(2022/C 284/59)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Thierry Mariani (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: F.-P. Vos, Dlíodóir)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: N. Görlitz agus T. Lukácsi, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Lena iarratas an 14 Aibreán 2022 de bhun Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí bac ar fhorghníomhú Cinnidh D- 301939 ó Chomhchathaoirligh an Ghrúpa um Thacaíocht do Thoghcháin agus don Daonlathas an 3 Márta 2022, lenar rinneadh é a eisiamh ó pháirt ar bith a ghlacadh i dtoscaireachtaí breathnóireachta toghcháin na Parlaiminte go dtí deireadh a théarma oifige mar fheisire (2019 – 2024).
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don iarratas ar bhearta idirlinne. |
2. |
Forchoimeádtar na costais. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/43 |
Caingean arna tabhairt an 16 Bealtaine 2022 – Biogen Netherlands v an Coimisiún
(Cás T-268/22)
(2022/C 284/60)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Biogen Netherlands BV (Badhoevedorp, an Ísiltír) (ionadaí: C. Schoonderbeek, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 13 Bealtaine 2022 C(2022) 3251 (final) lena leasaítear an t-údarú margaíochta arna dheonú ag Cinneadh C(2014)601(final) do “T[h]ecfidera – fúmáráit dé-mheitil”, ar táirge íocshláinte lena n-úsáid ag an duine í; agus |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur mainníodh córas na Treorach 2001/83/CE (1) i ndáil leis na rialacha maidir le cosaint rialála sonraí, lena n-áirítear Airteagal 6(1) den Treoir sin agus na hoibleagáidí atá ag iarratasóirí ar údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte cineálacha faoi Airteagal 10(1) den Treoir sin a chomhlíonadh. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur mainníodh iarmhairtí Tuairim an Choiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine an 11 Samhain 2021 a aithint maidir le cibé an bhfuil tús inchurtha ag an táirge íocsláinte Fumaderm le húdarú idirnáisiúnta margaíochta don táirge íocsláinte Tecfidera i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 6(1) de Threoir 2001/83/CE. |
(1) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte le húsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67).
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/44 |
Caingean arna tabhairt an 16 Bealtaine 2022 – Biogen Netherlands v an Coimisiún
(Cás T-269/22)
(2022/C 284/61)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Biogen Netherlands BV (Badhoevedorp, an Ísiltír) (ionadaí: C. Schoonderbeek, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
cinneadh C(2022)3253 (final) ón gCoimisiún Eorpach an 13 Bealtaine 2022 lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (1)“[d”]f[h]úmaráit démheitil Polpharma – fúmáráit dé-mheitil”, ar táirge íocshláinte lena n-úsáid ag an duine í; agus |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur mainníodh córas na Treorach 2001/83/CE (2) i ndáil leis na rialacha maidir le cosaint rialála sonraí, lena n-áirítear Airteagal 6(1) den Treoir sin agus na hoibleagáidí atá ag iarratasóirí ar údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte cineálacha faoi Airteagal 10(1) den Treoir sin a chomhlíonadh. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur mainníodh iarmhairtí Tuairim an Choiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine an 11 Samhain 2021 a aithint maidir le cibé an bhfuil tús inchurtha ag an táirge íocsláinte Fumaderm le húdarú idirnáisiúnta margaíochta don táirge íocsláinte Tecfidera i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 6(1) de Threoir 2001/83/CE. |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).
(2) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte le húsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67).
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/44 |
Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Biogen Netherlands v an Coimisiún
(Cás T-278/22)
(2022/C 284/62)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Biogen Netherlands BV (Badhoevedorp, an Ísiltír) (ionadaí: C. Schoonderbeek, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 13 Bealtaine 2022 C(2022) 3254 (final) lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (1)“[d’]f[h]úmaráit dé-mheitil Neuraxpharm – fúmáráit dé-mheitil”, ar táirge íocshláinte lena n-úsáid ag an duine í; agus |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur mainníodh córas na Treorach 2001/83/CE (2) i ndáil leis na rialacha maidir le cosaint rialála sonraí, lena n-áirítear Airteagal 6(1) den Treoir sin agus na hoibleagáidí atá ag iarratasóirí ar údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte cineálacha faoi Airteagal 10(1) den Treoir sin a chomhlíonadh. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur mainníodh iarmhairtí Tuairim an Choiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine an 11 Samhain 2021 a aithint maidir le cibé an bhfuil tús inchurtha ag an táirge íocsláinte Fumaderm le húdarú idirnáisiúnta margaíochta don táirge íocsláinte Tecfidera i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 6(1) de Threoir 2001/83/CE. |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).
(2) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte le húsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67).
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/45 |
Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Biogen Netherlands v an Coimisiún
(Cás T-279/22)
(2022/C 284/63)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Biogen Netherlands BV (Badhoevedorp, an Ísiltír) (ionadaí: C. Schoonderbeek, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 13 Bealtaine 2022 C(2022)3253 (final) lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (1)“[d’]f[h]úmaráit démheitil Mylan – fúmáráit dé-mheitil”, ar táirge íocshláinte lena n úsáid ag an duine í; agus |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n éilítear gur mainníodh córas na Treorach 2001/83/CE (2) i ndáil leis na rialacha maidir le cosaint rialála sonraí, lena n áirítear Airteagal 6(1) den Treoir sin agus na oibleagáidí atá ag iarratasóirí ar údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte cineálach faoi Airteagal 10(1) den Treoir sin a chomhlíonadh. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n éilítear gur mainníodh iarmhairtí Tuairim an Choiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine an 11 Samhain 2021 a aithint maidir le cibé an bhfuil tús inchurtha ag an táirge íocsláinte Fumaderm le húdarú idirnáisiúnta margaíochta don táirge íocsláinte Tecfidera i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 6(1) de Threoir 2001/83/CE. |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).
(2) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte le húsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67).
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/46 |
Caingean arna tabhairt an 23 Bealtaine 2022 – Sattvica v EUIPO – Herederos de Diego Armando Maradona (DIEGO MARADONA)
(Cás T-299/22)
(2022/C 284/64)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Sattvica SA (Buenos Aires, an Airgintín) (ionadaí: S. Sánchez Quiles, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtithe eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Herederos de Diego Armando Maradona (Buenos Aires)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtithe eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc faoi cheist: Trádmharc DIEGO MARADONA de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 2 243 947 – Clárú Uimh. T 019 473 761
Nós imeachta os comhair EUIPO: Clarú sna comhaid agus sa chlár
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Márta 2022 sa Chás R 755/2021-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chúlghairm agus cinneadh eile a rith ina ionad lena gcláraítear sannadh an trádmhairc Uimh. 2 243 947 DIEGO MARADONA de gheall ar SATTVICA SA. |
— |
a ordú don chosantóir na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú os comhair an Chéad Dlísheomra de EUIPO. |
Saincheist dlí
— |
Cur i bhfeidhm mícheart Airteagail 20 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/46 |
Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2022 – Fun Factory v EUIPO – I Love You (love you so much)
(Cás T-306/22)
(2022/C 284/65)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Fun Factory GmbH (Bremen, an Ghearmáin) (ionadaí: K.-D. Franzen, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: I Love You, Inc. (Lewes, Delaware, na Stáit Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “love you so much” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 157 726
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 22 Márta 2022 i gCás R 1464/2021 – 4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú agus achomharc an iarratasóra a dheonú; |
— |
a ordú don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc na costais arna dtabhú a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/47 |
Caingean arna tabhairt an 25 Bealtaine 2022 – QC a.e. v EUIPO – Przedsiębiorstwo Drobiarskie Grzegorz Wyrębski (RED BRAND CHICKEN)
(Cás T-312/22)
(2022/C 284/66)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóirí: QC, QD, QE (ionadaí: A. Suskiewicz, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Przedsiębiorstwo Drobiarskie Grzegorz Wyrębski (Wróblew, an Pholainn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóirí os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “RED BRAND CHICKEN” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 13 068 861
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 16 Márta 2022 i gCás R 1165/2020-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí, arb ionann na costais sin agus na caiteachais arna dtabhú ag na hiarratasóirí de riachtanas chun críocha na n-imeachtaí, a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Neamhréir idir torthaí EUIPO agus dlíchoras na Polainne; |
— |
Stádas an pháirtí is idiragraí mar “triú pháirtí” de réir bhrí Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Rinneadh neamhaird ar phrionsabail aonfhoirmeacht an chásdlí, agus sárú ar Airteagal 63(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Cinneadh earráideach i leith an dáta a taisceadh trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh atá faoi chonspóid, eadhon, sárú ar Airteagail 36 agus 37 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Eisíodh cinntí do pháirtí sna himeachtaí, ar ainmníodh mar pháirtí trí earráid, i bhfianaise scriosadh Przedsiębiorstwo Drobiarskie Grzegorz Wyrębski ó chlárú na gcuideachtaí an 2 Eanáir 2020. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/48 |
Caingean arna tabhairt an 27 Bealtaine 2022 – QC a.e. v EUIPO – Przedsiębiorstwo Drobiarskie Grzegorz Wyrębski (BLUE BRAND CHICKEN)
(Cás T-316/22)
(2022/C 284/67)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóirí: QC, QD, QE (ionadaí: A. Suskiewicz, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Przedsiębiorstwo Drobiarskie Grzegorz Wyrębski (Wróblew, an Pholainn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóirí os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “BLUE BRAND CHICKEN” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 13 071 378
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 16 Márta 2022 i gCás R 1165/2020-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO na costais, arb ionann iad agus na caiteachais arna dtabhú ag na hiarratasóirí de riachtanas chun críocha na n-imeachtaí, a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Neamhréir idir torthaí EUIPO agus dlíchoras na Polainne; |
— |
Stádas an pháirtí is idiragraí mar “triú pháirtí” de réir bhrí Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Rinneadh neamhaird ar phrionsabail aonfhoirmeacht an chásdlí, agus sárú ar Airteagal 63(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Cinneadh earráideach i leith an dáta a taisceadh trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh atá faoi chonspóid, eadhon, sárú ar Airteagail 36 agus 37 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Eisíodh an dá chinneadh do pháirtí sna himeachtaí, ar ainmníodh mar pháirtí trí earráid, i bhfianaise scriosadh Przedsiębiorstwo Drobiarskie Grzegorz Wyrębski ó chlárú na gcuideachtaí an 2 Eanáir 2020. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/49 |
Caingean arna tabhairt an 30 Bealtaine 2022 – PF v an Pharlaimint
(Cás T-317/22)
(2022/C 284/68)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: PF (ionadaithe: L. Levi agus P. Baudoux, Dlíodóirí)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi; dá bhrí sin: |
— |
cinneadh an 18 Feabhra 2022, lena ndiúltaítear d’éileamh an iarratasóra i leith athbhreithniú ar chinneadh an ghiúiré i gcomórtas PE/AD/260/2021 an 20 Nollaig 2021, ina gcinneadh gan ligean di dul ar aghaidh chuig na tástálacha ó bhéal, agus, de réir mar is gá, cinneadh an 20 Nollaig 2021 a neamhniú; |
— |
a ordú don chosantóir na costais ina n-iomláine a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar na rialacha maidir le hobair an ghiúiré, ar phrionsabal na neamhchlaontachta agus ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe . |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/49 |
Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2022 – Scania CV v EUIPO (V8)
(Cás T-320/22)
(2022/C 284/69)
Teanga an cháis: an tSualainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Scania CV AB (Södertälje, An tSualainn) (ionadaithe: C. Langenius, P. Sundin agus S. Falkner, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (V8) – Iarratas ar chlárú uimh. 18 120 085
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 23 Márta 2022 i gCás R 1868/2020-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh a chonspóidtear a chur ar neamhní de bhun Airteagal 72 de Rialachán maidir le Trádmharc an Aontais Eorpaigh agus, trí chinneadh EUIPO a leasú, iarratas Scania ar chlárú an mhairc fíortha do na hearraí agus na seirbhísí go léir ar dhiúltaigh EUIPO don iarratas ina leith a fhormheas; |
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc de bhun Airteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta. |
Saincheisteanna dlí
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Sárú ar Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/50 |
Caingean arna tabhairt an 30 Bealtaine 2022 – Unsa Énergie v an Coimisiún
(Cás T-322/22)
(2022/C 284/70)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Unsa Énergie (Bagnolet, an Fhrainc) (ionadaí: M.-P. Ogel, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
litir ón gCoimisiún Eorpach COMP B.2/NP/mm *comp(2022)2975325, an 8 Aibreán 2022, lena ndiúltaíonn an Coimisiún don ghearán toisc é a bheith doghlactha, a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dá shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 1(h) de Rialachán 2015/1589 (1), ar an bhforas gur thug an Coimisiún neamhaird ar choincheap an pháirtí leasmhair. Maíonn an t-iarratasóir nach dtugann an Coimisiún aird chuí ar an gcásdlí lena ndearbhaítear gur féidir ceardchumann a aithint mar pháirtí leasmhar i gcás ina léirítear go bhfeadfaí cur isteach ar a chuid leasa agus Státchabhair á deonú. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 24 de Rialachán 2015/1589 agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Maíonn an t-iarratasóir gur mhainnigh an Coimisiún a ghearán a fhiosrú nó soiléiriú a lorg ina leith, agus go sáraíodh Airteagal 24 de Rialachán 2015/1589, lena mbronntar cearta éagsúla ar pháirtithe leasmhara, dá bharr. |
(1) Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO 2015 L 248, lch. 9).
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/51 |
Caingean arna tabhairt an 27 Bealtaine 2022 – Ecoalf Recycled Fabrics v EUIPO (BECAUSE THERE IS NO PLANET B)
(Cás T-324/22)
(2022/C 284/71)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Ecoalf Recycled Fabrics, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: D. Gómez Sánchez agus J. Gracia Albero, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “BECAUSE THERE IS NO PLANET B” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 354 287
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 29 Márta 2022 i gcás R 1925/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus a ordú go leanfaí de phróiseáil fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh a iarradh “BECAUSE THERE IS NO PLANET B” chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí in Aicmí 3, 16, 18 agus 21; |
— |
a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí reachta agus costais an achomhairc os comhair EUIPO a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
— |
Sárú ar phrionsabail ghinearálta an Aontais Eorpaigh: cóir chomhionann agus dea-riarachán. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/51 |
Caingean arna tabhairt an 30 Bealtaine 2022 – Nurel v EUIPO – FKuR Property (Terylene)
(Cás T-325/22)
(2022/C 284/72)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Nurel, SA (Zaragoza, an Spáinn) (ionadaithe: M. Anadón Giménez agus J. Learte Álvarez, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: FKuR Property GmbH (Willich, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc Terylene de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 088 348
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 30 Márta 2022 sa Chás R 1544/2021 – 4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú sna himeachtaí achomhairc. |
Saincheist dlí
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Níor cheart don chruthúnas maidir le húsáid arna thíolacadh ag an gcéile comhraic le linn na n-imeachtaí achomhairc a bheith glactha riamh agus, uime sin, ba cheart don chruthúnas arna thíolacadh le linn na n-imeachtaí freasúra agus an cruthúnas sin amháin a bheith curtha san áireamh sa chinneadh atá faoi chonspóid; |
— |
Ní leor an cruthúnas arna thíolacadh ag an gcéile comhraic maidir le fíorúsáid na n-earraí “plaistigh neamhphróiseáilte” in Aicme 1 a bhí ann roimhe sin a chruthú, ar a mbunaítear an freasúra agus ba cheart don fhreasúra a bheith diúltaithe le linn na n-imeachtaí freasúra, uime sin. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/52 |
Caingean arna tabhairt an 31 Bealtaine 2022 – PS v SEGS
(Cás T-327/22)
(2022/C 284/73)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: PS (ionadaithe: S. Rodrigues agus A. Champetier, Dlíodóirí)
Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh an 23 Iúil 2021 ón gCosantóir lena mbunaítear aguisín le conradh an Iarratasóra agus trína modhnaíodh a áit fostaíochta ó Washington go dtí an Bhruiséil amhail an 1 Meán Fómhair 2021 a chur ar neamhní agus, a mhéid is gá, Cinneadh an 22 Feabhra 2022 ón gCosantóir, ag diúltú do ghearán an Iarratasóra a comhdaíodh an 20 Deireadh Fómhair 2021, faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne an Aontais a chur ar neamhní; |
— |
a ordú go ndéanfar na costais go léir a thabhaigh dlíodóirí an Iarratasóra maidir leis an achomharc a aisíoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Chun tacú leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
— |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal chun leas na seirbhíse |
— |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal sannachán do phost coibhéiseach. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/53 |
Caingean arna tabhairt an 7 Meitheamh 2022 – Khudaverdyan v an Chomhairle
(Cás T-335/22)
(2022/C 284/74)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Tigran Khudaverdyan (Moscó, an Rúis) (ionadaí: F. Bélot, avocat)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
cinneadh ón gComhairle (CBES) 2022/429 (1) an 15 Márta 2022 a chur ar neamhní sa mhéid a chláraítear ainm an iarratasóra ar liosta in Iarscríbhinn I den Chinneadh ón gComhairle (CBES) 2014/145 an 17 Márta 2014 leis; |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 (2) ón gComhairle an 15 Márta 2022 a chur ar neamhní sa mhéid a chláraítear ainm an iarratasóra ar liosta in Iarscríbhinn I den Rialachán 269/2014 an 17 Márta 2014 leis; |
— |
a ordú don Chomhairle na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus an dualgas na cúiseanna a lua á sárú. Ar an gcéad dul síos, áitíonn an t-iarratasóir nach bhfuil forais aonair, sainiúla agus nithiúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcomhartha leordhóthanach ar fhiúntas na mbeart sriantach a ndearnadh ina leith á leagan amach ag an gComhairle. Tá sí den tuairim nach láidir a dhóthain an bonn fíorasach ar a mbunaítear na gníomhartha atá faoi chonspóid agus go bhfuil na forais gan aon fhianaise agus gan ach dealramh atá teibí amháin. Ansin, measann an t-iarratasóir go bhfuil an dualgas cruthúnais á aistriú toisc go gceanglaíonn an Chomhairle air a chruthú nach bhfuil an méid ginearálta a líomhnaítear ina leith fíor, rud a thagann salach ar chearta bunúsacha na cosanta. Faoi dheireadh, agraíonn an t-iarratasóir nach leor na forais a líomhnaítear agus nach bhfuil fianaise atá inchreidte agus fuaimintiúil chun tacú leis na forais sin agus measann sé go gcuirtear doic in athbhreithniú breithiúnach maith go leor a dhéanamh ar dhleathacht a chláraithe agus a choimeádta ar liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach lena mbaineann. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach breithmheasa, ar an bhforas, inter alia, nach dtacódh an t-iarratasóir le gníomhartha Rialtas Cónaidhme na Rúise maidir leis na hidirghabhálacha san Úcráin. Áitíonn an t-iarratasóir chomh maith nach raibh “baint riachtanach” ag an gcuideachta Yandex “le faisnéis maidir leis an gcogadh san Úcráin a cheilt ar mhuintir na Rúise” agus nach raibh sí “ina príomhfhoinse ioncaim do Rialtas na Rúise”. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil prionsabal na comhréireachta agus prionsabal na córa comhionainne á sárú. Tá an t-iarratasóir den tuairim go raibh na forais, lenar ceapadh go rabhthas in ann údar a thabhairt leis na bearta sriantacha ina leith, idirdhealaitheach agus díréireach ag féachaint don chuspóir faoina dtugann an Chomhairle. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil cearta bunúsacha an iarratasóra á sárú, eadhon an ceart maidir le meas ar mhaoin, an ceart go dtabharfaí urraim dá shaol príobháideach agus teaghlaigh, an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus an ceart um thoimhde na neamhchiontachta. |
(1) Cinneadh (CBES) 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 87 I, p. 44).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 87 I, lch. 1).
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/54 |
Caingean arna tabhairt an 7 Meitheamh 2022 – PN v Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
(Cás T-336/22)
(2022/C 284/75)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: PN (ionadaí: D. Giabbani, Dlíodóir)
Cosantóir: Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas seo i bhfoirm chuí agus inghlactha; |
— |
a dhearbhú go bhfuil cúiseanna agus bunús maith leis an gcaingean; |
— |
a chinneadh, trí leasú, go gcoimeádfar na luachanna don mheasúnú do 2019, eadhon B maidir le hInniúlachtaí, C maidir le Feidhmíocht agus B maidir le hIompar sa tseirbhis; |
— |
de rogha air sin, an measúnú do 2019 a neamhniú. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nár luadh cúiseanna leordhóthanacha i leith na luachanna a fuair an t-iarratasóir i ngach réimse measúnaithe. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar spioraid an téacs sna treoracha don mheasúnú agus ar na cuspóirí ina leith sin. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/54 |
Caingean arna tabhairt an 7 Meitheamh 2022 – Chocolates Lacasa Internacional v EUIPO – Esquitino Madrid (Conguitos)
(Cás T-339/22)
(2022/C 284/76)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Chocolates Lacasa Internacional, SA (Utebo, an Spáinn) (ionadaithe: J.-B. Devaureix agus J. Vicente Martínez, abogados)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Mariano Esquitino Madrid (Elche, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc faoi cheist: Marc fíortha Conguitos – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 10 546 836
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Márta 2022 sa Chás R 601/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
An cinneadh atá faoi chonspóid a chur i leataobh agus ar neamhní, lena ndeonaítear an t-iarratas ar neamhbhailíocht iomlán an trádmhairc Uimh. 10 546 836 Conguitos (fíortha) de chuid an Aontais Eorpaigh, Aicmí 3, 14 agus 18; |
— |
a ordú don chosantóir agus do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí
Sárú ar Airteagal 53(1)(a), in éineacht le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Sárú ar Airteagal 53(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/55 |
Caingean arna tabhairt an 8 Meitheamh 2022 – Etablissements Nicolas v EUIPO – St. Nicolaus (NICOLAS)
(Cás T-340/22)
(2022/C 284/77)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Etablissements Nicolas (Thiais, an Fhrainc) (ionadaí: T. de Haan, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: St. Nicolaus a.s. (Liptovský Mikuláš, an tSlóvaic)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “NICOLAS” – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 228 435
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 28 Márta 2022 i gCás R 1780/2020-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO agus don idiragraí na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an iarratasóir sna himeachtaí ós comhair an ceathrú Bord Achomhairc de EUIPO. |
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle.
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/56 |
Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2022 – Oxyzoglou v an Coimisiún
(Cás T-342/22)
(2022/C 284/78)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Despina Oxyzoglou (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: D. Grisay agus A. Ansay, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
glacadh leis an iarratas seo maidir le neamhniú/dliteanas neamhchonarthach; |
— |
a dhearbhú go bhfuil sé inghlactha agus, mar thoradh air sin, |
— |
i dtosach báire
|
— |
mar mhalairt air sin
|
— |
mar mhalairt eile air sin
|
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear neamhdhleathacht Airteagal 77(1) agus Airteagal 11(2) d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”). Mar thaca leis an éileamh neamhdhleathachta maidir leis na forálacha thuasluaite, áitíonn an t-iarratasóir gur cheart go mbeadh oifigeach nó seirbhíseach eile in ann rogha feasach a dhéanamh maidir le haistriú a chearta pinsin náisiúnta chuig an gcóras Eorpach tráth a ghlacfaidh sé a phinsean agus ní roimh ré. Tugann cur i bhfeidhm na rialach reatha le tuiscint go bhfuil difríocht sa chaoi a phléitear le hoifigeach a bhfuil a ghairm bheatha iomlán caite aige sa chóras Eorpach nó a chuaigh isteach i seirbhís na n-institiúidí Eorpacha gan cearta pinsin a fuarthas roimhe sin i gcóras pinsin Ballstáit a aistriú. Measann an t-iarratasóir mar sin gur sáraíodh prionsabal an neamh-idirdhealaithe, a fhágann go bhfuil na forálacha a chonspóidtear mídhleathach. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an dualgas cabhair agus cúnamh a thabhairt faoi Airteagal 24 de na Rialacháin Foirne. Líomhnaíonn an t-iarratasóir nach bhfuair sí, nuair a aistríodh a cearta pinsin, aon tábla ina sonraíodh go raibh sí i dteideal aisíocaíocht ar choibhéis achtúireach neamhlaghdaithe na méideanna arna n-íoc lena scéim náisiúnta bunaidh agus nach bhfuil cuntas orthu i gcóras pinsin an Aontais. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe. Dar leis an iarratasóir, is sárú ar phrionsabal na córa comhionainne agus idirdhealú gan údar é go mbronntar aisíocaíocht ar roinnt oifigeach nuair a aistrítear a gcearta pinsin agus nach mbronntar ar oifigigh eile. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur tharla saibhriú éagórach chun aimhleas an iarratasóra. Áitíonn an t-iarratasóir, tráth aistrithe a cearta náisiúnta chuig scéim phinsin institiúidí an Aontais Eorpaigh, nach ndearnadh aon aisíocaíocht ar bharrachas na coibhéise achtúire nár cuireadh san áireamh chun a bónas sinsearachta a ríomh. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/57 |
Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2022 – Mozelsio v an Coimisiún
(Cás T-343/22)
(2022/C 284/79)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Muriel Mozelsio (Enghien, an Bheilg) (ionadaithe:: D. Grisay agus A. Ansay, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an t-iarratas seo maidir le cealú/ dliteanas seach-chonarthach/ measúnú teagmhasach ar bhailíochta a ghlacadh; |
— |
a dhearbhú go bhfuil sé inghlactha agus, uime sin, |
— |
go príomha
|
— |
mar mhalairt rogha
|
— |
mar phointe is tánaistí
|
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil Airteagal 77(1) agus Airteagal 11(2) d’Iarscríbhinn VII den Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“an rialachán”) neamhdhleathach. Chun teacht le neamhdhleathacht na bhforálacha thuasluaite, áitíonn an t-iarratasóir nach mór d’oifigeach nó do ghníomhaire a bheith in ann rogha fheasach a dhéanamh maidir lena chuid cearta pinsin náisiúnta a aistriú go córas na hEorpa agus a phinsean á thógáil aige agus ní roimhe sin. Tá éagsúlacht sa bhealach a gcaitear le hoifigeach ar chaith a ghairm ar fad sa chóras Eorpach nó oifigeach a tháinig i mbun gairme sna hinstitiúidí Eorpacha gan a chuid chearta a fhuair sé cheana féin i gcóras pinsin Ballstáit a aistriú faoi mar a chuirtear an riail i bhfeidhm i láthair na huaire. Mar sin, tá an t-iarratasóir den tuairim go bhfuil prionsabal an neamh-idirdhealaithe á shárú, rud a fhágfadh go bhfuil na forálacha atá faoi chonspóid neamhdhleathach. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an dualgas cúraim atá ann i leith leas na foirne agus an dualgas cúnaimh dá dtagraítear in Airteagal 24 den rialachán á sárú. Agraíonn an t-iarratasóir nár tugadh aon tábla dó lena soiléirítear go ndlitear di a gcomhionann achtúireach neamhlaghdaithe de na suimeanna arna n-íoc isteach ina córas náisiúnta bunaidh nár cláraíodh i gcóras pinsin an Aontais a aisíoc di agus a chuid cearta pinsin á n-aistriú. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil prionsabal na córa comhionainne agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe á sárú. Dar leis an iarratasóir, tá prionsabal na córa comhionainne á shárú agus idirdhealú gan údar á dhéanamh ó tharla go n-aisíoctar d’oifigigh áirithe agus a gcuid cearta pinsin á n-aistriú agus nach n-aisíoctar oifigigh eile. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gurb ann do shaibhriú éagórach chun dochar an iarratasóra. Áitíonn an t-iarratasóir nach ndearnadh breis agus a chomhionann achtúireach den mhéid nach gcuirtear san áireamh agus an bónas sinsearachta a aisíoc ar aistriú a gcuid cearta náisiúnta go córas pinsin de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/58 |
Caingean arna tabhairt an 10 Meitheamh 2022 – Hacker-Pschorr Bräu v EUIPO – Vandělíková (HACKER SPACE)
(Cás T-349/22)
(2022/C 284/80)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Hacker-Pschorr Bräu GmbH (München, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Tenkhoff agus T. Herzog, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Jana Vandělíková (Prág, Poblacht na Seice)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “HACKER SPACE” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 144 157
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 1 Aibreán 2022 i gCás R 1268/2021-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 47(5) agus Airteagal 46 i gcomhar le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa; |
— |
Sárú ar Airteagal 2(c) agus 7(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún; |
— |
Sárú ar phrionsabal na córa comhionainne agus ar an dea-riaracháin, lena n-áirítear an prionsabal maidir le gontacht nós imeachta, agus ar Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/59 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 20 Bealtaine 2022 –NJ v an Coimisiún
(Cás T-693/21) (1)
(2022/C 284/81)
Teanga an cháis: an Béarla
D’ordaigh Uachtarán an Chéad Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/59 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – NQ v an Chomhairle agus páirtithe eile
(Cás T-803/21) (1)
(2022/C 284/82)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
D’ordaigh Uachtarán an Seachtú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/59 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – OF v an Coimisiún
(Cás T-80/22) (1)
(2022/C 284/83)
Teanga an cháis: an Fhraincis
D’ordaigh Uachtarán an Chéad Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.