|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271A |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
|
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) |
|
|
2022/C 271 A/01 |
|
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)
|
14.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CA 271/1 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
EPSO/AST/153/22 — Cinn riaracháin (AST 4) i dToscaireachtaí an Aontais Eorpaigh
(2022/C 271 A/01)
An sprioc-am le hiarratas a dhéanamh: An 27 Meán Fómhair 2022 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile
ÁBHAR
|
1. |
FORÁLACHA GINEARÁLTA | 3 |
|
2. |
DUALGAIS AN PHOIST | 3 |
|
3. |
NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA | 3 |
|
3.1 |
Coinníollacha ginearálta | 3 |
|
3.2. |
Coinníollacha sonracha — teangacha | 3 |
|
3.3. |
Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre | 3 |
|
4. |
CONAS A EAGRÓFAR AN COMÓRTAS? | 4 |
|
4.1 |
Forléargas ar nósanna imeachta an chomórtais | 4 |
|
4.2. |
Teangacha a úsáidtear sa chomórtas seo | 4 |
|
4.2.1. |
Riachtanais teanga | 4 |
|
4.2.2. |
Iarratas agus teangacha na dtrialacha | 5 |
|
4.2.3. |
Teangacha cumarsáide | 5 |
|
4.3 |
Céimeanna an chomórtais | 6 |
|
4.31 |
Iarratas | 6 |
|
4.3.2. |
Réamhroghnú: trialacha réasúnaíochta | 6 |
|
4.3.3. |
Seiceáil incháilitheachta | 6 |
|
4.3.4. |
An “Talent Screener” | 6 |
|
4.3.5. |
An t-ionad measúnaithe | 7 |
|
4.3.6. |
Doiciméid tacaíochta a sheiceáil agus painéal a bhunú | 7 |
|
5. |
COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA | 8 |
|
IARSCRÍBHINN I |
— Na príomhdhualgais | 9 |
|
IARSCRÍBHINN II |
— Rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte | 10 |
|
IARSCRÍBHINN III |
— Samplaí d’íoscháilíochtaí | 17 |
|
IARSCRÍBHINN IV |
— an “Talent Screener”: critéir agus próiseas roghnúcháin | 26 |
1. FORÁLACHA GINEARÁLTA
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéal a thiomsú as a bhféadfaidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú ina “gcinn riaracháin” (grúpa feidhme AST).
Is iad an fógra comórtais seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach an chomórtais seo.
An líon iarrthóirí is féidir a chur ar an bpainéal: 40
2. DUALGAIS AN PHOIST
Tugann na cinn riaracháin cúnamh do chinn Thoscaireachtaí an Aontais chun a sainordú a chomhlíonadh i ndáil le riar laethúil na Toscaireachta i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacháin atá i bhfeidhm, go háirithe maidir le bainistiú buiséid riaracháin, leis na hacmhainní daonna, leis an lóistíocht, agus le sábháilteacht agus slándáil na Toscaireachta. Is post rí-thábhachtach d’aon Toscaireacht Aontais post an chinn riaracháin. Déanann an ceann riaracháin deimhin de go ndéantar gnó laethúil na Toscaireachta go sásúil agus déanann deimhin den chaidreamh riaracháin leis an tír óstach. Dá bhrí sin, bíonn raon leathan de chúraimí i gceist, cúraimí is ábhar sásaimh agus trína mbeifear i dteagmháil le raon leathan páirtithe. Féach Iarscríbhinn I le haghaidh tuilleadh eolais faoi phríomhdhualgais an phoist.
De réir Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagraíocht agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, rachaidh gach ball foirne de chuid SEGS ag obair ó am go chéile i dToscaireachtaí an Aontais. I gcaitheamh a ngairmré, bíonn oifigigh ag malartú idir réigiún gheografacha éagsúla agus an ceanncheathrú agus/nó idir feidhmeanna poist éagsúla. Tá roinnt Toscaireachtaí i dtíortha ina bhféadfadh na dálaí maireachtála agus slándála a bheith ina ndúshlán. I dteannta an bhuntuarastail, íoctar liúntas atá nasctha leis na dálaí maireachtála san áit oibre. Nuair a bhíonn oifigeach fostaithe i dtír ina meastar go bhfuil na dálaí maireachtála coibhéiseach leis na dálaí maireachtála san Aontas, ní bhíonn liúntas den sórt sin iníoctha.
Is gá imréiteach slándála pearsanta le haghaidh gach poist mar cheann riaracháin i dToscaireacht Aontais. Ní mór nósanna imeachta imréitigh slándála a dhéanamh i leith na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo agus a earcófar, trína mBallstát féin, mura mbeidh imréiteach slándála bailí acu cheana ar leibhéal EU SECRET nó ar leibhéal níos airde (féach freisin roinn 5 de na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bhfógra seo). Tá gá le himréiteach slándála pearsanta le linn thréimhse iomlán aon phostaithe i dToscaireacht.
3. NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA
Le bheith incháilithe, ní mór d’iarrthóirí gach ceann de na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh ar an dáta deiridh atá leagtha síos don iarratas.
3.1 Coinníollacha ginearálta
Ní mór don iarrthóir:
|
a) |
a chearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh, |
|
b) |
aon oibleagáid i dtaca le seirbhís mhíleata atá air de réir an dlí náisiúnta a bheith comhlíonta aige, |
|
c) |
na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh. |
3.2. Coinníollacha sonracha — teangacha
Ní mór don iarrthóir eolas a bheith aige ar dhá theanga ar a laghad de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, mar a fhoráiltear i roinn 4.2.1 thíos.
3.3. Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre
Ní mór don iarrthóir ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
a) |
Leibhéal oideachais iar-mheánscoile 2 bhliain ar a laghad ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann amháin de na réimsí seo a leanas: an dlí, riarachán gnó, bainistíocht acmhainní daonna, airgeadas, cuntasaíocht, lóistíocht, bainistíocht foirgneamh, nó innealtóireacht, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin, nó |
|
b) |
leibhéal oideachais meánscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile, agus 9 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin. |
Measfar gur taithí oibre ábhartha an taithí oibre dá dtagraítear i bpointí a) agus b) thuas má bhaineann sé leis na dualgais a bhfuil cur síos orthu in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bhfógra seo.
Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN III.
4. CONAS A EAGRÓFAR AN COMÓRTAS?
4.1 Forléargas ar nósanna imeachta an chomórtais
Eagrófar an comórtas seo sna céimeanna seo a leanas:
|
— |
Iarratas (féach roinn 4.3.1.) |
|
— |
Réamhroghnú: trialacha réasúnaíochta (féach roinn 4.3.2.). |
|
— |
Seiceáil incháilitheachta (féach roinn 4.3.3.). |
|
— |
An “Talent Screener” (Scagaire na dTallann) (féach roinn 4.3.4.). |
|
— |
An tIonad Measúnaithe: dhá thriail chun na hinniúlachtaí ginearálta a thástáil (cás-staidéar agus agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí), agus triail amháin chun inniúlachtaí réimse-shonracha a thástáil (agallamh réimse-shonrach) (féach roinn 4.3.5 thíos). |
|
— |
Seiceáil na ndoiciméad tacaíochta agus tiomsú painéil (féach roinn 4.3.6.). |
Déanfar modh seachadta na dtrialacha (go cianda/go fisiceach) mar aon leis na sonraí agus na treoracha riachtanacha eile a shonrú sna litreacha ina mbeidh an cuireadh chun na dtrialacha.
Má dhéantar na trialacha go fisiceach, cinnteoidh EPSO go mbeidh na dálaí faoina ndéanfaidh na hiarrthóirí na trialacha i gcomhréir leis na moltaí atá leagtha síos ag na hÚdaráis Sláinte Phoiblí ábhartha (an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú/údaráis eile, idir Eorpach agus náisiúnta).
I gcás na dtrialacha réasúnaíochta agus an chás-staidéir, ní mór do na hiarrthóirí coinne a dhéanamh de réir na dtreoracha a gheobhaidh siad ó EPSO. Go hiondúil, tairgfidh EPSO roinnt dátaí d'iarrthóirí ar a bhféadfaidh siad na trialacha réasúnaíochta a dhéanamh agus dáta amháin ar a bhféadfaidh siad an cás-staidéar a dhéanamh. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.
4.2. Teangacha a úsáidtear sa chomórtas seo
4.2.1. Riachtanais teanga
Ní mór don iarrthóir sa chomórtas seo an dá cheann díobh seo a leanas a bheith aige:
|
a) |
eolas cuimsitheach (leibhéal C1 ar a laghad) ar cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Déanfar tagairt don teanga sin mar “theanga 1” as seo amach; |
|
b) |
eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis. Déanfar tagairt don teanga sin mar “theanga 2” as seo amach. An teanga a roghnófar mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin. |
Ní mór na híosleibhéil thuasluaite a bheith agat i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha.
Tá riachtanais an chomórtais seo maidir le teanga 2 bunaithe ar shainiúlacht na ndualgas atá ar fhoireann SEGS, agus go háirithe ar na cinn riaracháin i dToscaireachtaí an Aontais ar fud an domhain.
Tugann SEGS tacaíocht don Ard-Ionadaí agus comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais Eorpaigh á shaothrú ag an Ard-Ionadaí. Is iad an Béarla agus an Fhraincis teangacha oibre de facto CBES. Is mar gheall air sin a éilíonn SEGS go mbeidh an cumas ag a fhoireann a bheith ag obair i mBéarla nó i bhFraincis. Luaitear an riachtanas sin go córasach mar chritéar incháilitheachta i ngach fógra folúntais inmheánach agus seachtrach dá bhfoilsíonn SEGS.
Siúd agus go bhféadfadh eolas ar theangacha eile a bheith ina bhuntáiste, is i mBéarla nó i bhFraincis, nó sa dá theanga, a dhéanann foireann Thoscaireachtaí an Aontais bunús a gcuid oibre. Is é an Béarla an príomhtheanga ina lán Toscaireachtaí, ach tá an dara háit ag an bhFraincis nó is í is príomhtheanga oibre i 26 % de Toscaireachtaí an Aontais.
Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh ceann amháin ar a laghad den dá theanga sin ag na cinn riaracháin nua-earcaithe le go bhféadfaidh siad dul i mbun oibre láithreach agus na dualgais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bhfógra seo a chomhlíonadh i gceann de Thoscaireachtaí an Aontais. Ní féidir na dualgais sin a chomhlíonadh mar is ceart gan chumarsáid inmheánach agus sheachtrach éifeachtach. Bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh, tá tábhacht faoi leith ag baint leis i gcás na gceann riaracháin nó tá príomhról acu i ngnáthfheidhmiú laethúil na Toscaireachta, chun an lóistíocht a dheimhniú, na soláthairtí agus na seirbhísí is gá a fháil, agus slándáil agus sábháilteacht na mball foirne agus na sócmhainní a chinntiú.
Maidir leis an gcumarsáid seachtrach, tá sé tábhachtach gur as Béarla agus as Fraincis a dhéantar an chumarsáid taidhleoireachta idirnáisiúnta (an caidreamh taidhleoireachta le Ballstáit agus le tríú tíortha). Beidh ar na cinn riaracháin nua-earcaithe an caidreamh a chothú — don chuid is mó as Béarla nó as Fraincis — leis an tír óstach (faoi chúrsaí prótacail, mar shampla) agus leis an bpobal taidhleoireachta, na Ballstáit den Aontas a bhfuil ionadaíocht acu sa tír óstach san áireamh (faoi chúrsaí slándála nó ceisteanna consalachta, mar shampla).
Maidir leis an gcumarsáid inmheánach, chun a gcuid dualgas a dhéanamh beidh na cinn riaracháin ag brath go mór ar an bhfoireann áitiúil arb iondúil gurb iad an Béarla nó an Fhraincis an dara teanga a bhíonn acu (de réir na Toscaireachta, cuirtear an cumas ceann den dá theanga sin a labhairt san áireamh agus baill foirne áitiúla á roghnú). Beidh na cinn riaracháin nua-earcaithe ag brath freisin ar an tacaíocht ó cheanncheathrú SEGS agus óna bpiaraí, na cinn riaracháin allamuigh eile. Ós rud é gurb iad an Béarla agus an Fhraincis príomhtheangacha oibre SEGS, is riachtanach, arís, go mbeidh na cinn riaracháin a roghnófar in ann obair i gceann amháin ar a laghad den dá theanga sin chun leas a bhaint as an tacaíocht sin. Is as Béarla agus as Fraincis amháin atá na huirlisí ríomhaireachta a úsáidfidh na hoifigigh a earcófar go laethúil ina gcuid oibre, agus is amhlaidh maidir leis na cúrsaí oiliúna a chuirtear ar fáil do bhaill foirne nua-earcaithe freisin.
Ar na cúiseanna atá luaite thuas, ní mór máistreacht a bheith ag na hiarrthóirí ar an mBéarla nó ar an bhFraincis le go mbeidh siad in ann dul i mbun oibre láithreach. Is ar an mbonn céanna a roghnaíodh na teangacha ina ndéanfar na trialacha maidir leis na hinniúlachtaí ginearálta agus na hinniúlachtaí réimse-shonracha (féach roinn 4.2.2 thíos).
4.2.2. Iarratas agus teangacha na dtrialacha
Sna céimeanna éagsúla den chomórtas, is mar seo a leanas a úsáidfear na teangacha:
|
Céim an chomórtais |
Trialacha |
Teanga |
|
Iarratas |
— |
Aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh seachas an roinn “Talent Screener” nach mór a líonadh isteach sa teanga a roghnaigh an t-iarrthóir mar theanga 2 |
|
Réamhroghnú: |
Trialacha réasúnaíochta |
Teanga 1 |
|
An tIonad Measúnaithe |
Agallamh a bhaineann leis an réimse |
Teanga 2 |
|
Cás-staidéar |
Teanga 2 |
|
|
Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí |
Teanga 2 |
Iarrtar ar na hiarrthóirí an roinn den fhoirm faoin “Talent Screener” a líonadh isteach as Béarla nó as Fraincis, i.e. as ceann de na teangacha a gcaithfidh na hiarrthóirí dul i mbun oibre tríthi láithreach nuair a earcófar iad.
4.2.3. Teangacha cumarsáide
Sa chumarsáid idir na hiarrthóirí agus EPSO, beidh an méid seo a leanas i bhfeidhm:
|
a) |
I gcumarsáid — tríd an gcuntas EPSO nó le ríomhphost — idir EPSO agus iarrthóir a chuir iarratas bailí isteach, déanfaidh EPSO cumarsáid leis an iarrthóir lena mbaineann i gceann amháin de na teangacha ar dhearbhaigh an t-iarrthóir eolas a bheith aige orthu ar leibhéal B2 nó níos airde sa roinn “Cumas léitheoireachta” san fhoirm iarratais. |
|
b) |
I gcás iarrataí agus gearáin dá dtagraítear i bpointí 4.2.1, agus 4.2.2 de na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte (in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bhFógra seo), moltar d’iarrthóirí a n-iarrataí nó a ngearáin a chur isteach sa teanga a roghnaigh siad mar theanga 2. Freagróidh EPSO mar a luaitear faoi phointe a). |
|
c) |
Maidir le haon cheist eile ag iarrthóirí ar EPSO tríd an bhfoirm theagmhála ar líne, is féidir leo cumarsáid a dhéanamh le EPSO in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus freagróidh EPSO na hiarrthóirí i gceann de na teangacha inar thug siad le fios go mbeadh siad toilteanach freagra a fháil. |
4.3 Céimeanna an chomórtais
4.31 Iarratas
Chun iarratas a dhéanamh ní mór cuntas EPSO a bheith ag iarrthóir. Iarrthóirí nach bhfuil cuntas EPSO acu fós, beidh orthu cuntas a chruthú. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a chruthú agus ní mór an cuntas sin a úsáid le haghaidh gach iarratais.
Ní mór d’iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar líne ar shuíomh gréasáin EPSO https://epso.europa.eu/job-opportunities faoin sprioc-am seo:
An 27 Meán Fómhair 2022 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile
Is ionann bailíochtú iarratais agus dearbhú ar a fhocal ón iarrthóir go gcomhlíonann siad na coinníollacha ar fad atá luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”. Nuair a bheidh an fhoirm iarratais bailíochtaithe acu, ní fhéadfaidh siad aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Fúthu atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am.
Ach amháin má deirtear a mhalairt leo, ní mór d'iarrthóirí cóipeanna scanta de na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne siad ina bhfoirm iarratais, an roinn “Talent Screener” san áireamh, a uaslódáil chuig a gcuntas EPSO. Cuirfidh EPSO sonraí breise agus treoracha breise ar fáil.
4.3.2. Réamhroghnú: trialacha réasúnaíochta
Tabharfar cuireadh do gach iarrthóir a bhailíochtaigh an fhoirm iarratais faoin sprioc-am sraith de thrialacha réasúnaíochta a dhéanamh a bheidh eagraithe mar seo a leanas:
|
Trialacha |
Teanga |
Líon ceisteanna |
Fad ama |
Marcáil |
Pasmharc |
|
Réasúnaíocht bhriathartha |
Teanga 1 |
20 ceist |
35 nóiméad |
0 go 20 |
20/40 |
|
Réasúnaíocht uimhriúil |
10 gceist |
20 nóiméad |
0 go 10 |
||
|
Réasúnaíocht theibí |
10 gceist |
10 nóiméad |
0 go 10 |
Na hiarrthóirí a ghnóthóidh an pasmharc is gá, déanfar seiceáil incháilitheachta ar a n-iarratas mar atá sonraithe i roinn 4.3.3.
An marc a ghnóthófar sna trialacha sin, ní chuirfear iad leis an marc deiridh foriomlán.
4.3.3. Seiceáil incháilitheachta
Is ar chomhaid na n-iarrthóirí a ghnóthaigh an pasmharc is gá sna trialacha réasúnaíochta réamhroghnaithe, agus orthu sin amháin, a dhéanfar an tseiceáil incháilitheachta. Ní sheiceálfar comhaid na n-iarrthóirí eile.
Is éard atá i gceist leis an tseiceáil incháilitheachta, fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta a leagtar amach i roinn 3 (“Na Coinníollacha Incháilitheachta”) den fhógra seo. Déanfar é sin ar bhonn na ndearbhuithe a rinne na hiarrthóirí san fhoirm iarratais. Na doiciméid a thacaíonn le dearbhuithe na n-iarrthóirí maidir leis an incháilitheacht, déanfaidh an Bord Roghnúcháin iad a fhíorú ag céim níos déanaí den chomórtas (féach roinn 4.3.6).
4.3.4. An “Talent Screener”
I gcás na n-iarrthóirí a mheasfar a bheith incháilithe, déanfaidh an Bord Roghnúcháin roghnú ar bhonn a gcuid cáilíochtaí. Chuige sin, déanfaidh an Bord Roghnúcháin measúnú comparáideach ar bhuanna na n-iarrthóirí incháilithe ar fad mar a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an bhfógra seo.
Ar bhonn an mheasúnaithe sin, tiomsóidh an Bord Roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí in ord na marcanna foriomlána. Na hiarrthóirí a mbeidh na marcanna is airde acu, tabharfar cuireadh dóibh chuig an ionad measúnaithe.
An marc a shanntar don iarrthóir ag céim an “Talent Screener”, ní chuirfear é leis an marc deiridh foriomlán.
Na doiciméid a thacaíonn le freagraí na n-iarrthóirí ar cheisteanna an “Talent Screener”, déanfaidh an Bord Roghnúcháin iad a fhíorú ag céim níos déanaí den chomórtas (féach roinn 4.3.6).
4.3.5. An t-ionad measúnaithe
Tabharfar cuireadh chuig céim an ionaid measúnaithe d’uasmhéid trí oiread an lín iarrthóirí atá á lorg le haghaidh gach teanga.
Is éard atá i gceist leis an ionad measúnaithe inniúlachtaí ginearálta agus inniúlachtaí réimse-shonracha na n-iarrthóirí a mheasúnú.
a)
Déanfar na hinniúlachtaí ginearálta a mheasúnú le dhá thriail, a dhéanfar sa teanga a roghnaigh an t-iarrthóir mar theanga 2, mar atá sonraithe sa tábla seo a leanas:
|
Inniúlacht |
Tástáil |
Marcáil |
Pasmharc |
||
|
Cás-staidéar |
0 go 10 |
An pasmharc foriomlán: 35/70 |
||
|
Cás-staidéar |
0 go 10 |
|||
|
Cás-staidéar |
0 go 10 |
|||
|
Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí |
0 go 10 |
|||
|
Cás-staidéar |
0 go 10 |
|||
|
Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí |
0 go 10 |
|||
|
Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí |
0 go 10 |
Níl aon phasmharc ann in aghaidh na hinniúlachta. Mar sin féin, ní mór d’iarrthóirí pasmharc 35/70 ar a laghad a ghnóthú san iomlán, na hinniúlachtaí uile le chéile. An marc a ghnóthófar sna trialacha sin beidh sé ina chuid den mharc deiridh foriomlán.
b)
Déanfar inniúlachtaí réimse-shonracha na n-iarrthóirí a mheasúnú le hagallamh a eagrófar mar a leanas:
|
Tástáil |
Teanga |
Marcáil |
Pasmharc |
|
Agallamh réimse-shonrach |
Teanga 2 |
0 go 100 |
50/100 |
An marc a ghnóthófar sna trialacha sin beidh sé ina chuid den mharc deiridh foriomlán.
Na hiarrthóirí a ghnóthóidh na pasmharcanna riachtanacha uile agus a mbeidh ceann de na marcanna foriomlána is airde acu sna trialacha chun inniúlachtaí réimse-shonracha agus inniúlachtaí ginearálta a mheasúnú, déanfar a gcuid doiciméad tacaíochta a sheiceáil mar atá sonraithe i roinn 4.3.6.
4.3.6. Doiciméid tacaíochta a sheiceáil agus painéal a bhunú
Déanfaidh an Bord Roghnúcháin doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a sheiceáil tar éis chéim an ionaid measúnaithe agus sula mbunóidh sé an painéal. Glacfaidh sé an seasamh deiridh maidir le hincháilitheacht na n-iarrthóirí trí scrúdú a dhéanamh (i) ar na doiciméid a d’uaslódáil na hiarrthóirí chuig a gcuntas EPSO agus (ii) ar na dearbhuithe atá déanta acu san fhoirm iarratais (na ranna “Oideachas agus Oiliúint”, “Taithí Oibre” agus “Talent Screener” san áireamh).
Chun an painéal a thiomsú, déanfaidh an Bord Roghnúcháin comhaid na n-iarrthóirí a bhfuil na marcanna is airde acu a sheiceáil, in ord íslitheach na marcanna, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg. Ní sheiceálfar comhaid na n-iarrthóirí eile.
Ar an bpainéal sin, ní bheidh ach ainmneacha na n-iarrthóirí incháilithe sin a ghnóthaigh na pasmharcanna riachtanacha i ngach triail, agus a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu, as 170, sna trialacha lena ndéantar inniúlachtaí ginearálta agus inniúlachtaí réimse-shonracha a mheasúnú.
Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal. Cuirfear an painéal ar fáil do na seirbhísí earcaíochta.
Na hiarrthóirí uile a rinne na trialacha san ionad measúnaithe, gheobhaidh siad pas inniúlachtaí ina mbeidh aiseolas cáilíochtúil ón mBord Roghnúcháin. Pasanna inniúlachtaí na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo, cuirfear ar fáil don tseirbhís earcaíochta iad freisin.
Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus aon cheart ar phost ná ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post.
5. COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA
Déanann EPSO a dhícheall a chinntiú go bhfuil comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile.
Na hiarrthóirí atá faoi mhíchumas nó ar rud é go bhféadfadh an riocht sláinte ina bhfuil siad bac a chur orthu na trialacha a dhéanamh, ba cheart dóibh é sin a lua san fhoirm iarratais agus na céimeanna a leanúint chun socruithe réasúnta a iarraidh, de réir an chur síos sna Rialacha Ginearálta atá i gceangal leis an bhfógra seo (féach Iarscríbhinn II, faoi roinn 1.3.). Tar éis dó iarraidh na n-iarrthóirí agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a scrúdú, féadfaidh EPSO socruithe réasúnta a thabhairt má mheastar go bhfuil gá leis.
Tá tuilleadh eolais faoi bheartas comhdheiseanna EPSO agus faoi conas socruithe réasúnta a iarraidh anseo suíomh gréasáin EPSO.
IARSCRÍBHINN I
Na príomhdhualgais
San Iarscríbhinn seo tugtar samplaí de na príomhdhualgais a d’fhéadfaí a iarraidh ar iarrthóirí a n-éireoidh leo sa chomórtas seo a dhéanamh.
Faoi mhaoirseacht an Chinn Toscaireachta, bainistíonn an ceann riaracháin obair na roinne riaracháin. Ar an mbeirt sin le chéile tá cúram chur chun feidhme bhuiséad na Toscaireachta ó thaobh riaracháin agus airgeadais de, agus mar chuid de sin tá nósanna imeachta soláthair, cúrsaí na foirne easaoránaí agus na foirne áitiúla araon, cúram áitreabh na Toscaireachta, áit chónaithe Ambasadóir an Aontais Eorpaigh, agus lóistín na foirne easaoránaí. Déanann siad maoirseacht ar lóistíocht, ar sholáthairtí agus ar sheirbhísí agus cinntíonn siad slándáil agus sábháilteacht na foirne agus na sócmhainní. Oibríonn an ceann riaracháin i gcomhar le foireann bainistíochta na Toscaireachta chun deimhin a dhéanamh de go reáchtáiltear cúrsaí na Toscaireachta go réidh.
Ar na dualgais a d'fhéadfadh a bheith ann, tá an méid seo a leanas, go háirithe:
1. Buiséad agus airgeadas
Na meastacháin bhuiséadacha a ullmhú le haghaidh bhuiséad bliantúil na Toscaireachta; obair leantach, coigeartú agus fíorú a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid; fíorú cuntasaíochta ar chomhlíonadh na riachtanas dlíthiúil agus rialála; an cisteán a bhainistiú.
2. Acmhainní daonna (HR)
Cúrsaí acmhainní daonna a bhainistiú sa rannóg riaracháin (tuairiscí poist, monatóireacht ar fheidhmíocht, meastóireacht, etc.), riachtanais acmhainní a mheas, nósanna imeachta roghnúcháin agus/nó earcaíochta a eagrú, oiliúint a eagrú don fhoireann i gcomhar leis an mbainisteoir líne. Na baill foirne áitiúla a bhainistiú i gcomhar leis an gceanncheathrú, agus áirítear air sin athbhreithnithe ar thuarastail, íocaíochtaí tuarastail agus ríomh na ranníocaíochtaí agus na sochar bunaithe ar an dlí áitiúil.
3. Tacaíocht lóistíochta
Sócmhainní fisiciúla na Toscaireachta (oifigí, áit chónaithe, lóistín, feithiclí, troscán, trealamh oifige agus tí, trealamh ríomhaireachta, etc.) a rialú; riarachán bhonneagar slándála na Toscaireachta (córais aláraim, cumarsáid shlán, etc.), maoirseacht ar chur chun feidhme conarthaí slándála (i gcomhar le comhordaitheoir slándála na Toscaireachta); nósanna imeachta soláthair a eagrú.
4. Riarachán ginearálta
Pleanáil agus comhordú a dhéanamh ar reáchtáil laethúil na rannóige riaracháin, tuarascálacha a ullmhú, pleanáil misean d’fhoireann uile na Toscaireachta; maoirseacht a dhéanamh ar bhaill foirne TF agus ar bhaill foirne teicniúla/tacaíochta eile agus ar sholáthraithe seirbhísí; faisnéis íogair nó rúnaicmithe agus doiciméid atá le haistriú a láimhseáil agus áirítear air sin trealamh atá in úsáid a chothabháil agus féachaint chuige go láimhseáiltear málaí taidhleoireachta go cuí.
5. Ionadaíocht agus caibidlíocht
Freastal ar chruinnithe le húdaráis na tíre óstaí, le heagraíochtaí príobháideacha agus poiblí agus misin taidhleoireachta thar ceann an Chinn Toscaireachta; go háirithe, freastal ar chruinnithe mhisin taidhleoireachta an Aontais sa tír óstach maidir le cúrsaí riaracháin, consalacha nó Schengen, nó cathaoirleacht a dhéanamh ar na cruinnithe sin; cumarsáid le húdaráis áitiúla maidir le cúrsaí riaracháin a bhaineann leis an Toscaireacht agus le baill foirne taidhleoireachta.
Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs
IARSCRÍBHINN II
Rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
Gach áit a ndéantar tagairt do dhaoine d’inscne ar leith i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt do dhaoine d’aon inscne eile atáthar freisin.
Maidir leis an áit dheireanach le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, rachaidh siad ar fad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis, tabharfar cuireadh chun na chéad chéime eile den phróiseas dó.
Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad go léir ar an bpainéal. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis ag an gcéim seo den chomórtas, cuirfear ar an bpainéal é.
1. NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH
1.1. Coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha
Tá coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha gach réimse nó próifíle (eolas ar theangacha san áireamh), tá siad luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”.
Maidir le cáilíochtaí, taithí oibre agus eolas ar theangacha, bíonn na coinníollacha sonracha ina leith éagsúil ó phróifíl go chéile. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt, a bhaineann le dualgais an phoist , i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin) de réir an méid atá ráite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” thuas.
|
(a) |
Dioplómaí agus/nó teastais: Caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir córais oideachais. Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann. |
|
(b) |
Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin i gcás ina mbaineann sí le dualgais an phoist agus más rud é:
|
1.2. Doiciméid tacaíochta
Ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin, iarrfar ort doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn do náisiúntacht (e.g. pas, cárta aitheantais), agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh (i gcás iarratas ina bhfuil dhá chuid, is é dáta deiridh na chéad choda den iarratas an dáta sin).
Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil i leith gach tréimhse oibre:
|
— |
doiciméid ó iarfhostóir(í) agus ó fhostóir(í) reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó |
|
— |
conradh/conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh; |
|
— |
(i gcás taithí oibre gan tuarastal, e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe agus na dualgais a rinneadh sonraithe iontu, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar; |
|
— |
(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad, agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála. |
Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméad tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe agus sainphróifílí áirithe.
Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil. Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil.
1.3. Comhdheiseanna agus cóirithe réasúnta
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cén bealach is féidir freastal go réasúnta ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh duit an t-iarratas a bhailíochtú, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.
Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.
Má bhíonn aon fhadhb rochtana agat, nó má bhíonn tuilleadh eolais de dhíth ort, is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:
|
— |
trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu); nó |
|
— |
tríd an bpost:
|
2. CÉ A DHÉANFAIDH MEASÚNÚ ORM?
Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais seo. Is é an bord roghnúcháin sin a chinneann leibhéal deacrachta thrialacha an chomórtais agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.
Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach ball den bhord é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn trialacha ós rud é gur cuid díobh plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.
Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mbord. Tá toirmeasc ar na hiarrthóirí aon chumarsáid dhíreach nó indíreach nach gcomhlíonann na nósanna imeachta sin a dhéanamh, agus is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas iad dá bharr
Meastar gur coinbhleacht leasa é cóngas gaoil nó nasc ordlathach a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach 4.4).
Foilsítear ainmneacha bhaill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) roimh thosach an ionaid measúnaithe/roimh thosach chéim an mheasúnaithe.
3. CUMARSÁID
3.1. Cumarsáid a dhéanamh le EPSO
Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn atá déanta agat sa chomórtas. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach agus sin a dhéanamh trí shuíomh gréasáin EPSO, agus ar an dóigh sin amháin (https://epso.europa.eu/help_ga).
Forchoimeádann EPSO an ceart gan eolas a thabhairt atá tugtha go soiléir san fhógra comórtais seo, in iarscríbhinní an fhógra comórtais seo, nó ar shuíomh gréasáin EPSO, an roinn “ceisteanna coitianta” san áireamh.
I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).
3.2. Rochtain ar fhaisnéis
Tá cearta sonracha ag iarrthóirí sonraí áirithe a bhaineann leo go pearsanta a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí diúltúcháin.
Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas an bhoird agus oibiachtúlacht an roghnaithe. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin i leith measúnuithe ar iarrthóirí aonair ná i leith measúnuithe comparáideacha, ní féidir sin a nochtadh.
Na cearta rochtana sin, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus is féidir nach mbeidh aon cheart ag iarrthóirí sa bhreis ar na cearta a luaitear sa roinn seo faoin reachtaíocht atá ann maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.
3.2.1. Faisnéis a nochtar go huathoibríoch
Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim de phróiseas roghnúcháin an chomórtais:
|
— |
na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna; |
|
— |
incháilitheacht: deirtear cé acu ar tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas nó nár tugadh; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh, |
|
— |
Talent Screener: do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór iomlán, |
|
— |
na réamhthrialacha: do thorthaí, |
|
— |
na trialacha idirmheánacha: do thorthaí, mura bhfuil tú ar na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na chéad chéime eile dóibh, |
|
— |
an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: mura bhfuil tú dícháilithe, do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú i ngach inniúlacht agus ráiteas an bhoird roghnúcháin ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh tú san ionad measúnaithe/i gcéim an mheasúnaithe. |
Is é is gnáiche nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás trialacha áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:
|
— |
go bhfuil na trialacha thart, |
|
— |
go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad, agus |
|
— |
nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile. |
3.2.2. Faisnéis a iarraidh
Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí chleachtaí an bhosca isteach ríomhphoist ná freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.
Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.
Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar fhaisnéis.
Is tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.
4. GEARÁIN AGUS DEACRACHTAÍ
4.1. Saincheisteanna teicniúla agus eagraíochtúla
Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh sa chaoi go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).
Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha nó le linn trialacha cianda iarrtar ort:
|
— |
na feitheoirí a chur ar an eolas láithreach sa chaoi gur féidir réiteach a aimsiú. I gcás ar bith, iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn, agus |
|
— |
teagmháil a dhéanamh le EPSO tráth nach déanaí ná 3 lá féilire i ndiaidh na trialach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga) agus cur síos gairid a thabhairt dóibh ar an bhfadhb. |
I gcás fadhb lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le coinne a dhéanamh le haghaidh trialach, nó fadhb theicniúil le linn trialacha cianda sula nasctar le feitheoir thú), lean na treoracha i do chuntas EPSO agus ar shuíomh gréasáin EPSO agus déan teagmháil le EPSO láithreach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).
I gcás fadhbanna a bhaineann le d’iarratas, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le EPSO láithreach agus go cinnte roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga). Má chuirtear ceist isteach níos lú ná 5 lá oibre roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, is féidir nach bhfreagrófar roimh an sprioc-am iad.
4.2. Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach
4.2.1. Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Déanann EPSO agus na boird roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.
Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).
Faoin nós imeachta sin féadfaidh an bord roghnúcháin cinneadh ar an gceist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha a leagtar amach sna codanna ábhartha den fhógra comórtais seo.
Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh faoi thriail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
|
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga), |
|
— |
sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 3 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire, |
|
— |
faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann. |
Gearáin a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama nó gearáin nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist/ar na ceisteanna atá á conspóid/á gconspóid agus ar an earráid/na hearráidí a deirtear a bheith ann, ní chuirfear san áireamh iad.
Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní chuirfear san áireamh iad.
Is é an nós imeachta athbhreithniúcháin céanna atá i bhfeidhm maidir le hearráidí i gcleachtadh an bhosca isteach ríomhphoist.
4.2.2. Iarrataí ar athbhreithniú
Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.
Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:
|
— |
míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais, agus/nó |
|
— |
an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh. |
Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnú a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do chuid cáilíochtaí agus taithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarraidh ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.
Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:
|
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga), |
|
— |
sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh atá á chonspóid, |
|
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. An comhlacht a rinne an cinneadh atá á chonspóid, déanfaidh sé anailís air agus déanfaidh sé cinneadh i leith d’iarrata, agus a luaithe is féidir é cuirfear freagra réasúnaithe chugat.
Más toradh dearfach a bhíonn ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a raibh tú dulta a fhad leis nuair a díbríodh thú, is cuma cén chéim atá sroichte sa chomórtas faoin tráth sin.
4.3. Modhanna eile le conspóid a dhéanamh
4.3.1. Gearáin riaracháin
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.
Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 4.2.2).
Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:
|
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga), |
|
— |
sprioc-am: laistigh de 3 mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh atá á chonspóid nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe, |
|
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Gearáin a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
4.3.2. Achomhairc bhreithiúnacha
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.
Tabhair do d’aire nach mbeidh achomhairc i gcoinne cinntí a rinne EPSO seachas an bord roghnúcháin, nach mbeidh siad inghlactha os comhair na Cúirte Ginearálta mura ndearnadh achomharc riaracháin roimhe sin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (féach roinn 4.3.1). Go háirithe, is amhlaidh atá i gcás cinntí a bhaineann leis na critéir incháilitheachta ghinearálta, arb é EPSO a dhéanann iad seachas an bord roghnúcháin.
Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:
|
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/). |
4.3.3. An tOmbudsman Eorpach
Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.
Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 4.1–4.3).
Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.
Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:
|
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (http://www.ombudsman.europa.eu/). |
4.4. Dícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin
Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:
|
— |
gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin, |
|
— |
go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe, |
|
— |
nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad, |
|
— |
go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhú nach raibh na doiciméid chuí mar thaca leis, |
|
— |
nár fhreagair tú na ceisteanna sa Talent Screener; |
|
— |
nár chomhlíon tú téarmaí agus coinníollacha na dtástálacha a eagraítear go cianda; |
|
— |
nach ndearna tú coinne chun ceann amháin nó níos mó de na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú ceann amháin nó níos mó de na trialacha féin, |
|
— |
go ndearna tú séitéireacht i dtriail, |
|
— |
nár dhearbhaigh tú san fhoirm iarratais na teangacha nach mór a bheith agat, de réir an fhógra comórtais seo, nó nár dhearbhaigh tú na híosleibhéil a theastaíonn sna teangacha sin, |
|
— |
gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe, |
|
— |
nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin, |
|
— |
gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha a leagadh síos san fhógra comórtais seo a líon tú isteach d’iarratas (cuirfear san áireamh go bhféadfadh údar a bheith le teanga eile a úsáid i gcásanna áirithe, e.g. ainmneacha dílse, teidil oifigiúla, teidil poist sna doiciméid tacaíochta agus in ainmneacha/teidil dioplómaí); agus/nó |
|
— |
go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc i dtrialacha scríofa a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo nó i dtrialacha praiticiúla. |
Ina theannta sin, mura ghlac tú páirt i dtriail nascachta ach go ndearna tú trialacha cianda ina dhiaidh sin agus go raibh fadhbanna nascachta agat, forchoimeádann EPSO an ceart gan an triail a athsceidealú.
Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile ina dhiaidh sin.
5. IMRÉITEACH SLÁNDÁLA
Ní mór leibhéal iomchuí an údaraithe slándála a bheith ag gach ball foirne den Choimisiún Eorpach a bhíonn ag láimhseáil faisnéis íogair agus faisnéis rúnaicmithe lena mbaineann ardleibhéal rúndachta (faisnéis rúnaicmithe AE).
Dá bhrí sin, is féidir go n-iarrfar ar na hiarrthóirí ar éirigh leo i gcomórtas, i gcás poist áirithe, deimhniú bailí ar imréiteach slándála pearsanra a bheith acu, nó a bheith in inmhe ceann a fháil in am trátha.
D'fhéadfadh sé, mar sin, mar réamhchoinníoll earcaíochta i gcás poist áirithe, go n-iarrfaí ar na hiarrthóirí ar éirigh leo an nós imeachta imréitigh slándála a dhéanann údarás inniúil náisiúnta Bhallstát a náisiúntachta a ghlacadh orthu féin.
Moltar do na hiarrthóirí iad féin a chur ar an eolas faoin bpróiseas roghnúcháin sula ndéanfaidh siad iarratas ar an gcomórtas seo.
Beidh na riachtanais sin sonraithe go soiléir san fhógra folúntais le haghaidh an phoist lena mbaineann.
6. COSAINT SONRAÍ
Déanfar do shonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Féach freisin an ráiteas príobháideachais sonrach maidir le cosaint sonraí pearsanta mar chuid de chomórtas oscailte (2).
Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)
(2) https://epso.europa.eu/content/specific-privacy-statement-personal-data-protection-within-framework-open-competition_ga.
IARSCRÍBHINN III
Samplaí d’íoscháilíochtaí de réir an Bhallstáit agus na Ríochta Aontaithe agus de réir an ghráid, a fhreagraíonn, i bprionsabal, do na cinn a iarrtar sna fógraí comórtais
Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí uait
|
TÍR |
AST-SC 1 go AST-SC 6 AST 1 go AST 7 |
AST 3 go AST 11 |
AD 5 go AD 16 |
|||||||||||||
|
Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile) |
Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 3 bliana ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (4 bliana nó níos mó) |
|||||||||||||
|
Belgique — België — Belgien |
Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs Diplôme d'aptitude à accéder à l'enseignement supérieur (DAES)/Getuigschrift van hoger secundair onderwijs Diplôme d'enseignement professionnel/Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs |
Candidature/Kandidaat Graduat/Gegradueerde Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor |
Bachelor académique (180 crédits) Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS) |
Licence/Licentiaat Master Diplôme d'études approfondies (DEA) Diplôme d'études spécialisées (DES) Diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS) Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS) Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS) Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS) Agrégation/Aggregaat Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur Doctorat/Doctoraal diploma |
||||||||||||
|
България |
Диплома за завършено средно образование |
Специалист по … |
|
Диплома за висше образование Бакалавър Магистър |
||||||||||||
|
Česko |
Vysvědčení o maturitní zkoušce |
Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.) |
Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář) |
Diplom o ukončení vysokoškolského studia Magistr Doktor |
||||||||||||
|
Danmark |
Bevis for: Studentereksamen Højere Forberedelseseksamen (HF) Højere Handelseksamen (HHX) Højere Afgangseksamen (HA) Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX) |
Videregående uddannelser = Bevis for = Eksamensbevis som (erhvervsakademiuddannelse AK) |
Bachelorgrad (BA eller BS) Professionsbachelorgrad Diplomingeniør |
Kandidatgrad/Candidatus Master/Magistergrad (mag.art) Licenciatgrad ph.d.-grad |
||||||||||||
|
Deutschland |
Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife |
|
Fachhochschulabschluss Bachelor |
Hochschulabschluss/Fachhochschulabschluss/Master Magister Artium/Magistra Artium Staatsexamen/Diplom Erstes Juristisches Staatsexamen Doktorgrad |
||||||||||||
|
Eesti |
Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti) Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti) |
Rakenduskõrghariduse diplom Bakalaureusekraad (160 ainepunkti) Magistrikraad Arstikraad Hambaarstikraad Loomaarstikraad Filosoofiadoktor Doktorikraad (120–160 ainepunkti) |
||||||||||||
|
Éire/Ireland |
Ardteistiméireacht, Grád D3, I 5 ábhar/Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)/Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP) |
Teastas Náisiúnta/National Certificate Gnáthchéim bhaitsiléara/Ordinary bachelor degree Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.)/National diploma (ND, Dip.) Ardteastas (120 ECTS)/Higher Certificate (120 ECTS) |
Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)/Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng) |
Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)/Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS) Céim ollscoile/University degree Céim mháistir (60-120 ECTS)/Master’s degree (60-120 ECTS) Dochtúireacht/Doctorate |
||||||||||||
|
Ελλάδα |
Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου |
Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (IΕΚ) |
|
Πτυχίο ΑΕI (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕI) Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος) Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος) |
||||||||||||
|
España |
Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU) Bachillerato BUP Diploma de Técnico especialista |
FP grado superior (Técnico superior) |
Diplomado/Ingeniero técnico |
Licenciatura Máster Ingeniero Título de Doctor |
||||||||||||
|
France |
Baccalauréat Diplôme d'accès aux études universitaires (DAEU) Brevet de technicien |
Diplôme d'études universitaires générales (DEUG) Brevet de technicien supérieur (BTS) Diplôme universitaire de technologie (DUT) Diplôme d'études universitaires scientifiques et techniques (DEUST) |
Licence |
Maîtrise Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d'études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d'études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche Diplôme des grandes écoles Diplôme d'ingénieur Doctorat |
||||||||||||
|
Hrvatska |
Svjedodžba o državnoj maturi Svjedodžba o završnom ispitu |
Stručni pristupnik/pristupnica |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) Stručni specijalist Magistar struke Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing) Doktor struke Doktor umjetnosti |
||||||||||||
|
Italia |
Diploma di maturità (vecchio ordinamento) Perito ragioniere Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore |
Diploma universitario (DU) Certificato di specializzazione tecnica superiore Attestato di competenza (4 semestri) |
Diploma di laurea — L (breve) |
Diploma di laurea (DL) Laurea specialistica (LS) Master di I livello Dottorato di ricerca (DR) |
||||||||||||
|
Κύπρος |
Απολυτήριο |
Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory) Higher Diploma |
|
Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor Master Doctorat |
||||||||||||
|
Latvija |
Atestāts par vispārējo vidējo izglītību Diploms par profesionālo vidējo izglītību |
Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību |
Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu) |
Bakalaura diploms (160 kredītpunktu) Profesionālā bakalaura diploms Maģistra diploms Profesionālā maģistra diploms Doktora grāds |
||||||||||||
|
Lietuva |
Brandos atestatas |
Aukštojo mokslo diplomas Aukštesniojo mokslo diplomas |
Profesinio bakalauro diplomas Aukštojo mokslo diplomas |
Aukštojo mokslo diplomas Bakalauro diplomas Magistro diplomas Daktaro diplomas Meno licenciato diplomas |
||||||||||||
|
Luxembourg |
Diplôme de fin d’études secondaires et techniques |
BTS Brevet de maîtrise Brevet de technicien supérieur Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU) Diplôme universitaire de technologie (DUT) |
Bachelor Diplôme d'ingénieur technicien |
Master Diplôme d'ingénieur industriel DESS en droit européen |
||||||||||||
|
Magyarország |
Gimnáziumi érettségi bizonyítvány Szakközépiskolai érettségi-képesítő bizonyítvány |
Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme) |
Főiskolai oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits) |
Egyetemi oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits) Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés) Doktori fokozat |
||||||||||||
|
Malta |
Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher) Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5 2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent |
MCAST diplomas/certificates Higher National Diploma |
Bachelor’s degree |
Bachelor’s degree Master of Arts Doctorate |
||||||||||||
|
Nederland |
Diploma VWO Diploma staatsexamen (2 diploma's) Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO) Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO) |
Kandidaatsexamen Associate degree (AD) |
Bachelor (WO) HBO bachelor degree Baccalaureus of «Ingenieur» |
HBO/WO Master's degree Doctoraal examen/Doctoraat |
||||||||||||
|
Österreich |
Matura/Reifeprüfung Reife- und Diplomprüfung Berufsreifeprüfung |
Kollegdiplom/Akademiediplom |
Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea |
Universitätsdiplom Fachhochschuldiplom Magister/Magistra Master Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis Doktortitel |
||||||||||||
|
Polska |
Świadectwo dojrzałości Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego |
Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego Świadectwo ukończenia szkoły policealnej |
Licencjat/Inżynier |
Magister/Magister inżynier Dyplom doktora |
||||||||||||
|
Portugal |
Diploma de Ensino Secundário Certificado de Habilitações do Ensino Secundário |
|
Bacharel Licenciado |
Licenciado Mestre Doutorado |
||||||||||||
|
România |
Diplomă de bacalaureat |
Diplomă de absolvire (colegiu universitar) Învățământ preuniversitar |
Diplomă de licenţă |
Diplomă de licenţă Diplomă de inginer Diplomă de urbanist Diplomă de master Certificat de atestare (studii academice postuniversitare) Diplomă de doctor |
||||||||||||
|
Slovenija |
Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu) |
Diploma višje strokovne šole |
Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi |
Univerzitetna diploma Magisterij Specializacija Doktorat |
||||||||||||
|
Slovensko |
Vysvedčenie o maturitnej skúške |
Absolventský diplom |
Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár) |
Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia Bakalár (Bc.) Magister Magister/Inžinier ArtD. |
||||||||||||
|
Suomi/Finland |
Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus – Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier) |
Ammatillinen opistoasteen tutkinto – Yrkesexamen på institutnivå |
Kandidaatin tutkinto – Kandidatexamen/Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa – studieveckor) |
Maisterin tutkinto – Magisterexamen/Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa – studieveckor) Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen – antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen Lisensiaatti/Licentiat |
||||||||||||
|
Sverige |
Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning) |
Högskoleexamen (80 poäng) Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år |
Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng) Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor) |
Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)
Meriter på avancerad nivå:
Meriter på forskarnivå:
|
||||||||||||
|
United Kingdom |
General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E) BTEC National Diploma General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level) |
Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC Diploma of Higher Education (DipHE) National Vocational Qualifications (NVQ) Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4 |
(Honours) Bachelor degree NB: Master’s degree in Scotland |
Honours Bachelor degree Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc) Doctorate |
||||||||||||
|
NOTE: UK diplomas awarded in 2020 (until 31 December 2020) are accepted without an equivalence. UK diplomas awarded as from 1 January 2021 must be accompanied by an equivalence issued by a competent authority of an EU Member State. |
||||||||||||||||
Deireadh IARSCRÍBHINN III, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs
IARSCRÍBHINN IV
An “Talent Screener”: critéir agus próiseas roghnúcháin
A. Critéir roghnúcháin an “Talent Screener”
Déanfaidh an Bord Roghnúcháin na critéir roghnúcháin seo a leanas a chur i bhfeidhm ag céim an “Talent Screener” sa chomórtas:
|
1. |
Taithí oibre ar mhaoirseacht a dhéanamh ar bhaill foirne i gcomhthéacs taidhleoireachta/consalachta, in eagraíocht idirnáisiúnta, nó in eagraíocht neamhrialtasach (ENR). |
|
2. |
Taithí oibre ar fhoireann nó oifig a bhunú nó ar athrú mór eagrúcháin a bhainistiú. |
|
3. |
Taithí oibre ar bhuiséad riaracháin bliantúil a chur chun feidhme, agus ullmhú, coigeartú nó monatóireacht a leithéide san áireamh. |
|
4. |
Taithí oibre ar réadmhaoin a bhainistiú, oibreacha cothabhála san earnáil tógála san áireamh (obair leictreachais, sláintíocht agus pluiméireacht, tithíocht agus struchtúir oifigí, suiteálacha slándála, etc.). |
|
5. |
Taithí oibre (seachas an taithí dá dtagraítear i bpointe 4) ar lóistíocht a bhainistiú, cothabháil agus deisiú trealaimh tithíochta a eagrú (gineadóirí, inbhéartóirí, aerchóiritheoirí, etc.) nó trealamh oifige (scanóirí, cóipeálaithe, Malartán Brainseach Príobháideach Uathoibríoch (PABX), stialltóirí, suiteálacha slándála, etc.) nó ar bhainistiú soláthairtí (toiliú, soláthairtí oifige, páirteanna spártha, etc.) san áireamh. |
|
6. |
Taithí oibre (seachas an taithí dá dtagraítear i bpointe 5) ar an soláthar poiblí, ar nósanna imeachta tairisceana a láimhseáil agus ar ullmhú agus cur chun feidhme conarthaí. |
|
7. |
Taithí oibre ar ionadaíocht/caibidlíocht (le tiarnaí talún, sholáthraithe, údaráis áitiúla, baill foirne. etc.). |
|
8. |
Taithí oibre ar bheith ag obair i réimse íogair ó thaobh na slándála agus/nó ag obair le faisnéis rúnaicmithe a raibh imréiteach slándála ag teastáil lena aghaidh. |
|
9. |
Oiliúint shonrach ar baineadh dioplóma/teastas amach dá bharr i réimse na nósanna imeachta tairisceana agus/nó ullmhú agus cur chun feidhme conarthaí. |
|
10. |
Eolas ar cheann amháin nó níos mó de na teangacha seo a leanas: Béarla, Fraincis, Portaingéilis, Spáinnis, Rúisis, Araibis nó Sínis. Chun go gcuirfear an t-eolas sin san áireamh, ní mór:
|
B. Nós imeachta
B.1. An t-ord ina ndéanfar measúnú ar na hiarratais a chinneadh
|
1. |
Agus an roinn “Taithí Oibre” dá n-iarratas á líonadh isteach acu, beidh ar na hiarrthóirí, i ngach iontráil, an céatadán den am a caitheadh le ceann amháin nó níos mó de na “cúraimí” ó liosta ar leith a chur in iúl, ar liosta é a fhreagraíonn den chuid is mó do na critéir roghnúcháin atá sa liosta i Roinn A thuas. Ar an gcaoi sin, beifear in ann fad foriomlán na taithí (i laethanta) a ríomh i dtaca le cúram ar leith. |
|
2. |
Tabharfaidh an Bord Roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach cúram agus do gach ceist sa “Talent Screener” (féach mír 1 i roinn B.2 thíos), a léiríonn a dtábhacht choibhneasta. |
|
3. |
Déanfar líon foriomlán na laethanta a caitheadh ar chúram ar leith (féach mír 1 thuas) a iolrú faoin ualú a thugann an Bord Roghnúcháin don chúram sin. Leis sin — i gcás gach iarrthóra — cuirfear marc in aghaidh an chúraim ar fáil mar aon leis an marc comhiomlán le haghaidh na gcúraimí ar fad. |
|
4. |
Déanfar an rangú a tharraingt suas in ord íslitheach de réir mharcanna comhiomlána na n-iarrthóirí. |
|
5. |
Na marcanna agus an rangú a leagtar síos i gcomhréir leis an roinn seo, ní chuirfear san áireamh iad chun a chinneadh cé na hiarrthóirí ar féidir leo dul ar aghaidh chun na chéad chéime eile den chomórtas. Is é an Bord Roghnúcháin amháin a dhéanfaidh an cinneadh maidir leis na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chun na chéad chéime eile den chomórtas, ar bhonn na marcanna ualaithe a bronnadh i gcomhréir le Roinn B.2. |
B.2. Iarrthóirí a roghnú tríd an “Talent Screener”
|
1. |
Agus an roinn “Talent Screener” den fhoirm iarratais á líonadh isteach, ní mór do na hiarrthóirí uile aon tacar amháin ceisteanna a fhreagairt agus an t-eolas a iarrtar a thabhairt. Beidh na ceisteanna sin bunaithe ar na critéir roghnúcháin a liostaítear i roinn A thuas. Is ar bhonn na bhfreagraí a thug na hiarrthóirí ar cheisteanna an “Talent Screener”, agus ar a bhonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí. Ní mór do na hiarrthóirí gach eolas ábhartha a thabhairt sna freagraí ar cheisteanna an “Talent Screener”, fiú má cuireadh an t-eolas céanna isteach cheana i ranna eile den fhoirm iarratais. Déanfar neamhshuim d’aon tagairtí do dhoiciméid a uaslódáladh chuig cuntas EPSO an iarrthóra ná d’aon tagairtí eile (amhail naisc chuig suíomhanna gréasáin). Ní chuirfear san áireamh ach an téacs a líon an t-iarrthóir isteach sna réimsí cuí, mar fhreagra ar na ceisteanna a bhaineann leis an “Talent Screener”. |
|
2. |
Is in ord íslitheach an rangaithe a leagadh síos i gcomhréir le roinn B.1 a rachaidh an Bord Roghnúcháin ar aghaidh go dtí an measúnú ar fhreagraí na n-iarrthóirí sa roinn “Talent Screener” san fhoirm iarratais. |
|
3. |
Scrúdóidh an Bord Roghnúcháin na freagraí a thug na hiarrthóirí ar fad sa “Talent Screener” agus bronnfaidh sé marc ó 0 go dtí 4 do gach freagra. Iolrófar na pointí sin faoin ualú a shocróidh an Bord Roghnúcháin i dtaca le gach ceist sa “Talent Screener” (féach roinn B.1, mír 2 thuas). Ar deireadh, déanfar pointí ualaithe gach ceiste sa “Talent Screener” a shuimiú chun marc foriomlán a fháil. |
|
4. |
Déanfaidh an Bord Roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí in ord na marcanna foriomlána a bronnadh de réir mhír 3. |
|
5. |
Na hiarrthóirí a ghnóthóidh na marcanna is airde, tabharfar cuireadh dóibh chun na chéad chéime eile den chomórtas. |
Deireadh IARSCRÍBHINN IV, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.