ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 270

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
13 Iúil 2022


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Coiste na Réigiún

 

Interactio – cianchruinniú – an 148ú seisiún iomlánach de CnaR, 26.1.2022-27.1.2022

2022/C 270/01

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún — Rún maidir le hionchur na núdarás áitiúil agus réigiúnach sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

1

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste na Réigiún

 

Interactio – cianchruinniú – an 148ú seisiún iomlánach de CnaR, 26.1.2022-27.1.2022

2022/C 270/02

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027

8

2022/C 270/03

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Dlús á chur ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le cur chun feidhme Thionscnamh an Aontais Eorpaigh um Pailneoirí

13

2022/C 270/04

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Fís fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe an Aontais

18

2022/C 270/05

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An comhionannas inscne agus an t-athrú aeráide: gné na hinscne a phríomhshruthú sa Chomhaontú Glas don Eoraip

25

2022/C 270/06

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú

31


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Coiste na Réigiún

 

Interactio – cianchruinniú – an 148ú seisiún iomlánach de CnaR, 26.1.2022-27.1.2022

2022/C 270/07

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Iompar de bhóthar atá saor ó astaíochtaí: Bonneagar breoslaí ionadúla a imscaradh agus na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú

38


GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Coiste na Réigiún

Interactio – cianchruinniú – an 148ú seisiún iomlánach de CnaR, 26.1.2022-27.1.2022

13.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 270/1


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún — Rún maidir le hionchur na núdarás áitiúil agus réigiúnach sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

(2022/C 270/01)

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

Ag féachaint don mhéid seo a leanas:

Rún ó CnaR maidir lena Thosaíochtaí Polaitiúla do 2020-2025 (1),

Rúin ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an 12 Feabhra 2020 (2) agus an 7 Bealtaine 2021 (3),

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Clár Oibre 2022 an Choimisiúin Eorpaigh an 2 Nollaig 2021 (4),

Tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil um an Daonlathas Eorpach i gCoiste Eorpach na Réigiún;

De bharr an mhéid seo a leanas:

a.

tá an tAontas Eorpach comhdhéanta de 27 mBallstát, 280 réigiún agus beagnach 90 000 bardas. Ní mór an prionsabal “aontaithe san éagsúlacht” a bheith ina threoirphrionsabal d’fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

b.

is éard atá saoránaigh agus a dtoscairí réigiúnacha agus áitiúla chuig an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ag súil leis ná torthaí inbhraite a chuirfidh le feidhmiú institiúidí an Aontais agus as a dtiocfaidh rialachas athchóirithe AE lena ndíreofar ar ghaireacht agus ar rannpháirtíocht d’fhonn muinín na ndaoine as an Aontas agus a dhlisteanacht dhaonlathach a mhéadú;

c.

a bhuí leis an toscaireacht láidir d’ionadaithe polaitiúla réigiúnacha agus áitiúla a ghlac páirt i seisiún iomlánach na Comhdhála, díríodh sna díospóireachtaí ar ábhair imní na saoránach d’fhonn gné chríochach a chur le torthaí na Comhdhála amach anseo;

d.

aontaíodh go forleathan i seisiún iomlánach na Comhdhála, sna meithleacha, i gcácais na bpáirtithe polaitiúla agus san ardán digiteach ilteangach leis na príomhthograí arna gcur chun tosaigh ag na toscairí áitiúla agus réigiúnacha chuig an gComhdháil;

An daonlathas Eorpach

1.

den tuairim gur bunluach de chuid an Aontais é an daonlathas a bhfuil an smacht reachta mar bhonn taca leis agus a léirítear le muinín na saoránach as toghcháin Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla; den bharúil go bhfuil daonlathais Eorpacha, náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha, atá bunaithe ar pharlaimintí réigiúnacha, rialtais, comhairlí agus méaraí réigiúnacha agus a dhlisteanaítear le toghcháin, go hiomlán comhlántach agus go dtreisíonn siad a chéile agus, ar an ábhar sin, gur cheart urraim a thabhairt don daonlathas mar luach uilíoch fud fad an Aontais;

2.

den bharúil, má táthar chun aghaidh a thabhairt ar éileamh méadaitheach na saoránach go rachfar i ngleic leis an easnamh daonlathach, nach mór don Aontas an tsamhail “Teach an Daonlathais Eorpaigh” a chur chun cinn, ar samhail í atá bunaithe ar dhlisteanacht thríthoiseach – is é sin dlisteanacht Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil – agus atá ar aon dul le vóta na saoránach ar gach leibhéal; á chur in iúl go mbeidh ról faoi leith ag parlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu i ndáil leis sin, ós idirghabhálaithe idir na saoránaigh agus an leibhéal fornáisiúnta iad;

3.

suite de gur cheart an daonlathas Eorpach ionadaíoch agus an daonlathas Eorpach rannpháirteach a thabhairt le chéile ar bhealach comhlántach lena áirithiú go ndéanfaidh an daonlathas difear do na saoránaigh sna háiteanna ina gcónaíonn siad;

4.

á thabhairt le fios go bhfuil an daonlathas dírithe ar rannpháirtíocht an uile dhuine agus, i gcás na hEorpa, go n-eascraíonn an dlisteanacht as fíorthaithí na ndaoine i leith na coimhdeachta go príomha; á chur in iúl go bhfeictear dó, dá bhrí sin, gur léir go bhfuil todhchaí mhaith i ndán d’Eoraip na saoránach; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, go mbeidh tábhacht ar leith ag baint le rannpháirtíocht ghníomhach na n-ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha ar an leibhéal Eorpach;

5.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le rannpháirtíocht agus rannpháirteachas na saoránach i mbeartais an Aontais trí ionadaíocht thoghchánach níos láidre ar gach leibhéal rialachais; den bharúil go gcuirfidh sé sin leis an spás poiblí a “Eorpú”; á iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle borradh a chur faoin daonlathas ionadaíoch tríd an gcistiú atá ar fáil do pháirtithe polaitiúla, do ghrúpaí polaitiúla agus d’fhondúireachtaí polaitiúla a oibríonn ar leibhéal an Aontais a mhéadú, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;

6.

den tuairim gurbh fhéidir leas níos fearr a bhaint as creat an Chonartha atá ann faoi láthair ach sineirgí níos fearr a bheith ann idir na leibhéil éagsúla rialachais; á chur in iúl, áfach, nár cheart athruithe ar an gConradh a chur as an áireamh má tá údar cuí leo;

7.

á iarraidh go gcuirfí leis an taithí a fuarthas ón gComhdháil ar mhaithe le hidirphlé buan áitbhunaithe a fhorbairt leis na saoránaigh a bheadh mar shásra rannpháirtíochta lena bhféadfaí an tAontas a nascadh ar dhóigh níos fearr leis na dálaí iarbhír ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal contae, ar an leibhéal réigiúnach, agus ar an leibhéal náisiúnta; den bharúil go léireodh an t-idirphlé buan sin leis na saoránaigh an fiúntas breise atá leis i gcomhthéacs toghcháin Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha/chontae/áitiúla; á chur i bhfios, i dtaca leis sin de, gur cuid suntais í obair na n-ionad ar cuid de líonra Europe Direct iad, dála obair na struchtúr tacaíochta a fheidhmíonn mar thiománaithe do scaipeadh luachanna Eorpacha agus don díospóireacht faoin tionscadal Eorpach. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha buanfhóraim um idirphlé agus díospóireacht Eorpach leis na gníomhaithe éagsúla ina réigiúin féin a spreagadh d’fhonn tionscadal lánpháirtíochta na hEorpa a thabhairt níos gaire do na saoránaigh;

8.

á iarraidh go ndéanfaí cineálacha nua rannpháirtíochta sibhialta a institiúidiú ar leibhéal an Aontais trí bhíthin comhphlé leis na saoránaigh maidir le hábhair ar leith a bhunú le saoránaigh a roghnófar go randamach;

9.

ag tarraingt aird air go bhfuil fios gnó follasach ag réigiúin, contaetha agus cathracha an Aontais i dtaca le rannpháirtíocht na saoránach; á mheabhrú gurb iadsan a d’eagraigh formhór na 5 000 idirphlé agus imeacht leis na saoránaigh, nó nach mór, a tionóladh i gcomhthéacs na Comhdhála; ag athdhearbhú go bhfuil sé faoi réir chun leanúint d’idirphlé áitiúil a eagrú arb é is aidhm dó an bhearna idir na hinstitiúidí Eorpacha agus na saoránaigh a laghdú trí dhul i mbun plé leo ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal contae agus ar an leibhéal réigiúnach;

Coimhdeacht ghníomhach agus comhréireacht sa phróiseas cinnteoireachta Eorpach

10.

á mholadh go gcuirfí le prionsabail an rialachais il-leibhéil agus na comhpháirtíochta agus go n-ionchorprófaí iad i bhforálacha reachtacha agus rialála bheartais uile an Aontais a bhfuil tionchar réigiúnach nó áitiúil acu; á iarraidh an athuair go gcódófaí prionsabail an rialachais il-leibhéil agus na comhpháirtíochta thar chistí SIE i gCód Iompair idirinstitiúideach agus go n-áireofaí iad sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr;

11.

á chur i bhfáth go gcuirfidh misin AE, ar ionstraim nua ríthábhachtach iad chun dul i ngleic le mórdhúshláin shochaíocha an Aontais, féachaint dháiríre ar thionchar agus inchreidteacht an Aontais. Ní mór gur misin dhlisteanacha a bheidh iontu agus go nglacfar leo go forleathan. Dála mar a thug an Coimisiún Eorpach chun léire, tá ról na gcathracha agus na réigiún, i dteannta a ngeallsealbhóirí agus a saoránach uile, ríthábhachtach má táthar chun spriocanna uaillmhianacha mhisin an Aontais a bhaint amach. á iarraidh ar na misin AE treochláir shoiléire a shainiú maille le cur chuige nua sistéamach ilrialachais agus modheolaíochtaí nua sistéamacha ilrialachais a chruthú maidir le turgnamh, fréamhshamhaltú, faireachán, agus méadú ar ghníomhaíochtaí ar gach leibhéal rialachais;

12.

á iarraidh go neartófaí prionsabal na coimhdeachta gníomhaí trí leasuithe a dhéanamh ar Phrótacal 2 de Chonradh Liospóin maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm; á éileamh go ndéanfaí, leis na leasuithe sin, an sprioc chun mionscrúdú a dhéanamh ar an gcoimhdeacht faoin sásra luathrabhaidh a shíneadh go 12 sheachtain, úsáid chórasach na “greille” meastóireachta ar choimhdeacht atá forbartha ag CnaR a thabhairt isteach agus nós imeachta “cárta glas” a thabhairt isteach lena gceadófaí do líon suntasach parlaimintí náisiúnta nó réigiúnacha reachtaíocht AE a mholadh;

13.

á mholadh go mbeadh gné chríochach i gceist leis na measúnuithe tionchair agus go dtabharfaí an aird dlí chéanna ar phrionsabal na comhréireachta agus a thugtar ar phrionsabal na coimhdeachta;

14.

á iarraidh go ndéanfaí CnaR a ardú de réir a chéile ó chomhlacht comhairleach go comhlacht comhchinnteoireachta de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le príomhréimsí beartas a bhfuil tionchar críochach acu;

15.

Ní mór béim a leagan ar a thábhachtaí atá na tionscnaimh arna seoladh ag CnaR maidir le coimhdeacht agus feabhsú na reachtaíochta Eorpaí, ní hamháin an líonra coimhdeachta ach RegHub freisin, a bhfuil ról níos mó ná riamh aige agus atá an-úsáideach don Choimisiún Eorpach;

16.

á thabhairt le fios gur féidir le CnaR gné den bheartas Eorpach a léiriú nach féidir le comhlachtaí eile de chuid an Aontais a léiriú agus, ar an ábhar sin, go gcuireann dearcadh réigiúnach agus áitiúil CnaR le ceapadh beartas agus le dlisteanacht laistigh den Aontas Eorpach ar bhealach ríthábhachtach;

17.

den bharúil gur den ríthábhacht é go ndíreodh CnaR a chuid oibre ar bheartais a bhfuil tionchar críochach acu, agus dá bhrí sin, den chuid is mó, ar ábhair a bhfuil baint ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leo ar an leibhéal cur chun feidhme nó a ndéantar difear suntasach dóibh;

18.

á iarraidh go mbeadh sé d’oibleagáid ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh plé a dhéanamh ar thuairimí ó CnaR arna nglacadh tar éis comhairliúchán éigeantach, agus cúiseanna réasúnaithe a thabhairt mura gcuirtear na tuairimí sin san áireamh;

19.

á iarraidh go mbeadh rochtain ag CnaR ar chruinnithe tríthaobhacha agus ar dhoiciméid ghaolmhara, ar choinníoll go bhfuil tuairim éisithe aige maidir leis an togra i dtrácht faoi Airteagal 307 CFAE; á éileamh go gcuirfí ar chumas CnaR comhréitigh a mholadh do na comhreachtóirí, rud a ligfidh dóibh ionchur luachmhar a fháil maidir le dálaí iarbhír an chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil;

20.

á iarraidh go mbeadh sineirgí idirinstitiúideacha níos fearr ann, cuir i gcás trí pháirt a thabhairt do CnaR san obair a dhéanann struchtúir Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh (e.g. coimisiúin, coistí agus meithleacha) agus sa nós imeachta coiste;

21.

á mheabhrú go gcuirtear 70 % den reachtaíocht chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil; á iarraidh go rachfaí i gcomhairle leis i bpróisis phleanála, chláir oibre agus socraithe tosaíochtaí bliantúla agus ilbhliantúla an Aontais, amhail iad siúd dá bhforáiltear faoin gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr; ag leagan béim, i dtaca leis sin, ar bhreisluach líonra RegHub; á iarraidh go neartófaí é;

22.

deimhin de go mbeidh rialáil níos fearr san Aontas Eorpach mar thoradh ar thuilleadh breithnithe a dhéanamh ar thaithí shonrach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir le dlí an Aontais a chur chun feidhme;

23.

á chur i bhfáth nach mór aon éabhlóid ar dhlí toghcháin na hEorpa, lena n-áirítear tabhairt isteach féideartha liostaí trasnáisiúnta a bheith comhsheasmhach le prionsabal na hionadaíochta críochaí agus a áirithiú go mbeidh nasc idir gnéithe áitiúla agus gnéithe réigiúnacha bheartais an Aontais, agus go mbeidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa gar do na saoránaigh

Luachanna Eorpacha agus an smacht reachta

24.

á thabhairt le fios go bhfuil ról tábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an smacht reachta a neartú; á cháineadh, dá bhrí sin, aon iarracht ionsaí a dhéanamh ar an smacht reachta, an córas breithiúnach a ionstraimiú agus an bonn a bhaint de luachanna agus cearta Eorpacha nó d’fhorlámhas dhlí AE ar an dlí náisiúnta; á chur in iúl go láidir nach mór do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith rannpháirteach san fhaireachán agus sa mheasúnú ar an smacht reachta bunaithe ar na critéir atá forbartha ag Coimisiún na Veinéise;

25.

ag athdhearbhú a achainí go ndéanfaí bearta chun údarás an Aontais agus na mBallstát a neartú, mar aon le hinchreidteacht institiúidí an smachta reachta agus ról na n-údarás réigiúnach mar institiúidí a chothaíonn an daonlathas;

26.

den bharúil nach mór íocaíochtaí a chur ar fionraí nó ceartuithe airgeadais a dhéanamh má sháraítear prionsabal an smachta reachta agus, i gcás bearta den chineál sin a ghlacadh, gur cheart don Bhallstát lena mbaineann leanúint de thacaíocht airgeadais a thabhairt do thairbhithe de chistí an Aontais, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, nach bhfuil freagrach as sáruithe ar an smacht reachta;

27.

á chur in iúl gur feasach dó gur measa anois na héagothromaíochtaí a bhí ann roimhe seo i réigiúin na hEorpa de dheasca na paindéime; á iarraidh, ar an gcúis sin, ar chomhpháirteanna na Comhdhála an dlúthpháirtíocht Eorpach a threisiú agus an comhtháthú a aithint mar bhunluach Eorpach;

28.

á mholadh go mbunófaí clár Erasmus do pholaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha chun cur lena gcuid eolais ar an Aontas, soláthar cistí a mhéadú agus feabhas a chur ar cháilíocht chur chun feidhme na mbeartas;

An óige, an t-oideachas agus an cultúr

29.

á thabhairt le fios gur cheart an deis atá sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a thapú chun bheith ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí chun Aontas an Chomhionannais a bhaint amach, agus aghaidh á tabhairt go héifeachtach ar gach cineál idirdhealaithe; den tuairim gur den riachtanas a áirithiú, ar dhóigh níos fearr, go ndéanfar prionsabail an chomhionannais inscne a phríomhshruthú ar fud reachtaíocht an Aontais agus go dtabharfar isteach “measúnuithe tionchair inscne” le haghaidh gach píosa nua reachtaíochta AE a bheartófar;

30.

den bharúil gur cheart, faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa tograí a dhéanamh maidir le mionlaigh san Aontas a chosaint agus a chur chun cinn ar bhealach inbhuanaithe, ag tógáil ar na tograí atá mar chuid den Tionscnamh ó na Saoránaigh “Minority Safepack”, ar éirigh go maith leis;

31.

ag leagan béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar bhagairtí na bréagaisnéise san Eoraip; á iarraidh go ndéanfaí curaclam uile-Eorpach don oideachas sibhialta a thabhairt isteach, luachanna daonlathacha na hEorpa a chur chun cinn, an smaointeoireacht chriticiúil, scileanna digiteacha agus litearthacht sna meáin a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhpháirt leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

32.

á iarraidh go ndéanfaí an-ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun éagothromaíochtaí réigiúnacha san oideachas a laghdú, go háirithe i limistéir iargúlta, trasteorann, thuaithe agus uirbeacha bochta; á éileamh go dtacódh an tAontas leis na hiarrachtaí atá ar bun ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach lena áirithiú go mbeidh an t-oideachas slán i bhfad na haimsire trí uirlisí nua teagaisc a fhorbairt amhail ardáin dhigiteacha ilteangacha uile-Eorpacha chun ábhar oideachais a scaipeadh go forleathan;

33.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé leanúint d’fhaighteoirí, de dheiseanna agus de chistí an chláir Erasmus+ a leathnú, arb é an ionstraim is tábhachtaí é dá bhfuil ag an Aontas Eorpach chun feasacht Eorpach chomhroinnte a chruthú. Go háirithe, ba cheart borradh a chur faoi na hacmhainní agus na deiseanna reatha a chuireann sé ar fáil ar leibhéal na scoile, mar aon leis na hacmhainní agus na deiseanna a leithdháiltear ar réimsí éagsúla an riaracháin phoiblí. Ar an dóigh sin, féadfar clár a bhunú do mhalartú dea-chleachtas chun raon feidhme an chláir Erasmus do Riaracháin Phoiblí atá ann faoi láthair a leathnú;

34.

den bharúil gur cheart tús áite a thabhairt don dífhostaíocht i measc na hóige, don bhochtaineacht i measc na hóige agus don bhochtaineacht leanaí a chomhrac i réigiúin, i gcathracha agus i limistéir thuaithe uile na hEorpa;

35.

den tuairim go bhfuil rochtain uilíoch ar ghníomhaíochtaí cultúir agus spóirt barrthábhachtach chun forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chumasú agus líon iomlán na ndaoine, go háirithe daoine óga, a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí sin a mhéadú agus, ar an dóigh sin, cur chun cinn luachanna coiteanna Eorpacha a éascú;

An aeráid, an comhshaol agus athléimneacht

36.

á mheabhrú go bhfuil ról cinntitheach ag na réigiúin agus na cathracha maidir le formhór na ngníomhaíochtaí maolúcháin agus oiriúnúcháin a chur chun feidhme, maidir le freagairt ar thubaistí aeráide agus maidir le rannpháirtíocht ghníomhach na bpobal áitiúil san aistriú glas a áirithiú; á éileamh, dá bhrí sin, go mbeadh baint shoiléir institiúideach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le beartais aeráide, fuinnimh agus chomhshaoil a cheapadh agus a chur chun feidhme, go mbeadh rochtain dhíreach ar chistiú ón Aontas, go n-íoslaghdófaí bacainní maorlathacha agus go mbeadh cláir chomhordaithe ar gach leibhéal rialachais agus, go háirithe, pleananna infheistíochta chun tacú leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta; á chur i bhfios go láidir gur réamhchoinníoll atá sa chistiú díreach i dtreo go mbeidh na cathracha agus na réigiúin faoi réir chun glacadh leis na spriocanna uaillmhianacha atá á gcaibidliú faoin bpacáiste “Oiriúnach do 55”;

37.

ag tarraingt aird ar ghné chríochach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus ar na naisc leis an gclaochlú digiteach agus le beartais shóisialta; á éileamh go gcuirfí san áireamh, agus faireachán á dhéanamh ar na bearta aeráide sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, na Comhaontaithe Glasa Áitiúla; á mholadh go gcruthófaí Scórchlár Réigiúnach Eorpach a mbeadh táscairí soiléire, spriocdhírithe, soláimhsithe don úsáideoir ag gabháil leis chun tomhas agus faireachán a dhéanamh ar thionchair an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ar leibhéal réigiúin NUTS 2;

38.

á éileamh athuair go n-eagrófaí ardáin agus idirphlé il-leibhéil ar bhonn córasach d’fhonn rannpháirtíocht struchtúrtha agus chuimsitheach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a áirithiú i bpleanáil agus i gcur chun feidhme thionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais, rud a chuirfidh le pobail áitiúla athléimneacha a chothú freisin; ag leagan béim air go bhfuil gá le mear-athrú chuig córais fuinnimh inathnuaite agus chuig a dteicneolaíochtaí agus an bonneagar lena mbaineann a oiriúnú chun go mbeidh rath ar an gComhaontú Glas;

39.

á chur i bhfios go láidir an ról méadaitheach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar an leibhéal domhanda agus ar an leibhéal Eorpach maidir le haistriú aeráide cóir a áirithiú; á thabhairt dá aire go n-aithnítear i gComhaontú Pháras agus i nDearbhú Dhún Éideann maidir leis an gCreat Domhanda Bithéagsúlachta iar-2020 a thábhachtaí atá an rialachas il-leibhéil chun aeráidneodracht, bithéagsúlacht agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe; ag athdhearbhú a thacaíochta do chóras um rannchuidithe arna gcinneadh go háitiúil agus go réigiúnach (RLDCanna), trína bhféadfadh astaíochtaí gás ceaptha teasa a aithint go foirmiúil, faireachán a dhéanamh orthu agus spreagadh a thabhairt dá laghdú;

40.

á mholadh go dtabharfaí aird ar chlaochlú inbhuanaithe na hearnála iompair, claochlú nach mór a bheith cóir agus cothrom agus a áiritheofar nach bhfágfar aon réigiún ar lár agus go mbeidh an tsoghluaisteacht inbhuanaithe a bhreoslaítear ar dhóigh mhalartach inacmhainne agus inrochtana do gach saoránach i ngach réigiún; á mholadh Sásra um Aistriú Cóir a thabhairt isteach do na réigiúin atá spleách ar an earnáil mótarfheithiclí d’fhonn na hathruithe san earnáil a bhainistiú, agus é á chur san áireamh go bhfuil an earnáil mótarfheithiclí (ina gcuirtear poist dhíreacha agus indíreacha ar fáil do 13,8 milliún Eorpach, mar atá, 6,1 % d’fhostaíocht iomlán an Aontais) ag dul faoi phróiseas chlaochlaithe bhunúsaigh san aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha, rud a mbeidh tionchar ollmhór aige ar fhás réigiúnach agus ar phoist;

Aontas Sláinte

41.

á chur in iúl athuair a thiomanta atá sé oibriú chun Aontas Sláinte Eorpach lánfheidhme a bhunú lena n-urramaítear prionsabal na coimhdeachta agus inniúlachtaí dlí i réimse na sláinte; á iarraidh go mbeadh ról níos soiléire ag na húdaráis réigiúnacha, go háirithe sna réigiúin a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu i réimse na sláinte, agus ag na húdaráis áitiúla san Údarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte a bheidh ann amach anseo, i dteannta na n-údarás náisiúnta agus institiúidí an Aontais;

42.

i bhfabhar rochtain a bheith ag gach saoránach den Aontas ar r-shláinte; á iarraidh go ndéanfaí inniúlachtaí an Aontais a dhoimhniú i réimse na sláinte, lena n-áirítear trí athruithe ar na Conarthaí, go háirithe chun a chur ar chumas an Choimisiúin éigeandáil sláinte phoiblí a aithint go foirmiúil ar leibhéal an Aontais; ag tacú leis an iarraidh go ndéanfaí cosaint do chúram sláinte agus acmhainneachtaí monaraíochta an Aontais a neartú, agus an comhar i réimse na gcógas a mhéadú;

43.

á mholadh go bhforbrófaí comhar trasteorann i réimse an chúraim sláinte, lena n-áirítear cistiú fadtéarmach AE agus go gceadófaí do phearsanra agus d’fheithiclí de chuid na seirbhísí éigeandála agus cúraim sláinte na teorainneacha a thrasnú saor ó bhac. Ar mhaithe leis na saoránaigh, ba cheart bacainní maorlathacha atá fós ag cur isteach ar chúram sláinte trasteorann agus ar sheirbhísí éigeandála a bhaint go pras agus gan rómhaorlathas;

An geilleagar, ceartas sóisialta agus an fhostaíocht

44.

suite de go gcuireann an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa borradh dáiríre faoi Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta sa dóigh gur féidir leis a bheith ina “leabhar rialacha sóisialta” nua lena n-éascófar an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus rochtain ar phoist, agus an comhtháthú sóisialta á fheabhsú san am céanna;

45.

á iarraidh go ndéanfaí athrú ó bhonn ar rialachas eacnamaíoch na hEorpa, lena gcaithfear tacaíocht níos fearr a thabhairt d’infheistíocht ardcháilíochta, phoiblí, fhadtéarmach agus inbhuanaithe ar gach leibhéal rialtais trí rialacha buiséadacha athbhreithnithe agus cuntasacht agus éifeachtúlacht dhaonlathach a fheabhsú trí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith níos rannpháirtí sa Seimeastar Eorpach trí Chód Iompair atá bunaithe ar chomhpháirtíocht; á athdhearbhú go mbeadh sé i bhfách leis dá gcuirfí deireadh leis an gcinnteoireacht d’aon toil i ndáil leis an gcánachas chun go bhféadfadh an tAontas Eorpach na cinntí is gá a dhéanamh trí thromlach cáilithe, amhail i réimsí eile gníomhaíochta;

46.

á iarraidh an cistiú atá ar fáil don téarnamh agus don aistriú glas agus don aistriú digiteach a úsáid chun aistriú, athsciliú agus uas-sciliú i margadh an tsaothair a éascú agus, san am céanna, an leibhéal céanna cosanta a áirithiú do dhaoine a oibríonn ar ardáin dhigiteacha nó sa gheilleagar poistíneachta agus a áirithítear dóibh siúd a oibríonn sa gheilleagar as líne;

47.

ag cur béim ar ról na nuálaíochta maidir le geilleagar níos láidre a fhorbairt agus fás iomaíoch inbhuanaithe a áirithiú; den tuairim gur gá infheistíocht a dhéanamh sna cumais is gá (bonneagar taighde, líonraí leathanbhanda, an tsár-ríomhaireacht, intleacht shaorga agus tacair sonraí oscailte) ar mhaithe leis an nuálaíocht Eorpach agus gur gá scoláirí agus speisialtóirí a mhealladh i ngach críoch Eorpach chuige sin;

An claochlú digiteach

48.

den bharúil nach mór a áirithiú leis an gclaochlú digiteach go mbainfear leas iomlán as an teicneolaíocht ar dhóigh a bheidh chun tairbhe do gach earnáil den tsochaí (laistigh de chreat eiticiúil lena n-urramófar cearta na saoránach, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí suaiteacha agus, go sonrach, teicneolaíochtaí intleachta saorga), go ndúnfar an bhearna dhigiteach agus go n-áiritheofar go mbeidh an litearthacht dhigiteach agus an nascacht dhigiteach ar fáil i ngach áit san Eoraip;

49.

ag leagan béim ar an ngá atá le slándáil sonraí, le hidir-inoibritheacht sonraí agus le stóráil sonraí; á chur in iúl go bhfuil sé ag tnúth leis an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Gníomh Cibear-athléimneachta Eorpach nua; den tuairim nach mór infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar slán ardtoillte d’fhonn rochtain idirlín a sholáthar do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí araon má táthar chun rochtain ar sheirbhísí digiteacha agus ar fhaisnéis dhigiteach a áirithiú, lena n-áirítear seirbhísí poiblí a chur ar fáil go héifeachtúil;

50.

á thabhairt le fios go bhfuil an claochlú digiteach ag brath ar fhís fhadtéarmach don oideachas, don taighde agus do mhalartú maidir le saincheisteanna digiteacha; á chur in iúl nach mór don Aontas a bheith ina nuálaí agus ina cheann feadhna sa mhéid sin chun teicneolaíochtaí digiteacha nua agus seirbhísí digiteacha nua a aimsiú agus gur cheart dó caighdeáin dhigiteacha iomchuí chomhleanúnacha a leagan síos;

51.

den bharúil, dá bhrí sin, gur gá an comhtháthú digiteach a áireamh sa phlé ar thodhchaí na hEorpa ós gné thábhachtach bhreise é de choincheap traidisiúnta an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh a shainmhínítear i gConradh an Aontais Eorpaigh;

52.

á iarraidh go ndéanfaí beart ar bhonn práinne chun aghaidh a thabhairt ar na deighiltí digiteacha sna Ballstáit agus idir limistéir uirbeacha agus thuaithe a mhéid a bhaineann leis an nascacht agus leis an mbonneagar digiteach, le scileanna digiteacha, le rochtain ar ríomhsheirbhísí rialtais agus úsáid na seirbhísí sin; á iarraidh, ar an gcúis sin, go dtabharfaí isteach “Ríomhchárta Eorpach Seirbhísí Trasteorann” chun rochtain ar sheirbhísí poiblí agus éigeandála a shimpliú do na saoránaigh agus do ghnólachtaí i réigiúin trasteorann;

An imirce

53.

á iarraidh go nglacfaí cur chuige Eorpach agus aghaidh á tabhairt ar bhunchúiseanna na himirce mar fheiniméan atá bunaithe ar an éagobhsaíocht dhomhanda agus ar choinbhleachtaí domhanda, ar leochaileacht stáit agus ar an imirce aeráide; ag áitiú go dtabharfaí faoi fhothú éifeachtach acmhainneachta d’fhonn cur le bainistiú éifeachtach éifeachtúil na himirce ar gach leibhéal rialachais;

54.

á thabhairt dá aire go n-aithníonn saoránaigh agus toscairí an ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le himircigh agus dídeanaithe a lánpháirtiú agus a chuimsiú sna limistéir atá buailte go dona; á iarraidh, ar an gcúis sin, go mbeadh páirt ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le ceapadh beartas lánpháirtithe; á iarraidh go gcuirfí le chéile bosca uirlisí beartais níos solúbtha lena gcuirfear ar chumas na n-údarás fonáisiúnta an lánpháirtiú a stiúradh agus rath na mbeartas maidir le lánpháirtiú agus cuimsiú a thomhas ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil; á iarraidh go mbainfí leas as an acmhainneacht mhór atá sa dlúthpháirtíocht dheonach inár mbardais agus inár réigiúin d’fhonn coincheap na hacmhainneachta glactha dheonaigh a chomhtháthú i mbeartas cuimsitheach agus fadtéarmach maidir leis an imirce;

55.

á mholadh go mbunófaí modheolaíochtaí chun samhlacha maidir le glacadh agus lánpháirtiú inbhuanaithe a mhacasamhlú, amhail urraíocht phobail;

Torthaí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus obair leantach

56.

á chur in iúl go bhfeictear dó gur túsphointe atá sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa le haghaidh próiseas daonlathach atá iomlán cumhachtaithe ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil; ag athdhearbhú go bhfuil gá le díospóireacht leanúnach, fhíorchuimsitheach, thrédhearcach, dhíláraithe, atá cothrom ó thaobh na geografaíochta agus na polaitíochta de ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh; den bharúil gur cheart an Chomhdháil a bhunú ar chur chuige oscailte, lena n-áirítear i dtaca le beartais agus institiúidí a athchóiriú, agus gur chóir go réiteofar an bealach leis d’athchóirithe marthanacha a bheidh ann fiú tar éis na Comhdhála;

57.

á chur in iúl athuair a lántiomanta atá sé rannchuidiú le hobair leantach na Comhdhála trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh de thionscnaimh agus de thograí polaitiúla lena gcomhlíonfar ionchais na saoránach; á thabhairt le fios go bhfuil rath na Comhdhála ag brath freisin ar mholtaí na saoránach a bheith á léiriú i dtorthaí praiticiúla. Mura nglacfar a gcuid moltaí, nó má ghlactar i bhfoirm mhodhnaithe iad, ba cheart na cúiseanna leis sin a leagan amach go soiléir trédhearcach;

58.

á chur i bhfios go láidir, agus tús á chur le gníomhaíochtaí leantacha, amhail tograí reachtacha nua chun torthaí na Comhdhála a chur chun feidhme, go gcaithfear roinnt na n-inniúlachtaí agus, go háirithe, prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chumhdaítear sna Conarthaí a urramú;

59.

á threorú dá Uachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig cathaoirleacht na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Uachtaránacht na Fraince, Uachtaránacht na Seicia agus Uachtaránacht na Sualainne ar Chomhairle an Aontais, chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh;

60.

i bhfabhar lánúsáid a bhaint as an dá bhliain a bhí beartaithe i dtosach don Chomhdháil, ag tosú an 9 Bealtaine 2021, chun plé iomchuí cuimsitheach a éascú faoi smaointe agus tograí na saoránach. Ba cheart tuarascáil eatramhach a fhoilsiú in earrach 2022.

An Bhruiséil, 27 Eanáir 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  IO C 324, 1.10.2020, lch. 8.

(2)  IO C 141, 29.4.2020, lch. 5.

(3)  IO C 300, 27.7.2021, lch. 1.

(4)  IO C 97, 28.2.2022, lch. 1.


TUAIRIMÍ

Coiste na Réigiún

Interactio – cianchruinniú – an 148ú seisiún iomlánach de CnaR, 26.1.2022-27.1.2022

13.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 270/8


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027

(2022/C 270/02)

Rapóirtéir:

Sergio Caci (IT/PPE), Méara Montalto di Castro

Doiciméad tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – EU strategic framework on health and safety at work 2021-2027 – Occupational safety and health in a changing world of work [Creat straitéiseach AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 – Sábháilteacht agus sláinte cheirde i ndomhan athraitheach oibre]

COM(2021) 323 final (níl leagan Gaeilge ann)

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 (creat straitéiseach nua an Aontais) atá dírithe ar shláinte oibrithe a chosaint agus líon na mbásanna a tharlaíonn ag an obair a laghdú faoi 2030 (an cuspóir “Fís Nialais”, is é sin nach mbeadh aon bhásanna den chineál sin ann), agus, ag an am céanna, timpeallacht oibre níos sábháilte a ráthú, timpeallacht a bheadh i gcomhréir leis na riachtanais nua atá anois ann, go háirithe mar thoradh ar phaindéim COVID-19, ach ní dá thoradh sin amháin; den tuairim, ar an gcuma chéanna, go mba chomhartha polaitiúil níos láidre maidir leis na spriocanna atá beartaithe agus na gníomhaíochtaí chun iad a bhaint amach é dul i muinín straitéise seachas creat straitéiseach;

2.

suite de go bhfuil dul chun cinn mór déanta go dtí seo maidir le caighdeáin na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair (OSH) a ardú ar fud an Aontais, sin mar thoradh ar an gcreat straitéiseach a chuir an tAontas Eorpach ar fáil sa réimse sin. Chomh maith leis an gcuspóir “Fís Nialais”, cuirtear i bhfios go láidir sa chreat straitéiseach sin go bhfuil uaillmhianta an Aontais ag dul sa treo ceart, agus gur gá gach catagóir oibrí a chur san áireamh níos fearr, rud nach bhfuil déanta go fóill sa togra atá i gceist anseo;

3.

á chur i bhfáth go bhfuil an-tábhacht leis an ról atá ag an Aontas maidir le treoir straitéiseach aontaithe a thabhairt sa réimse seo. Tá an tábhacht sin tugtha le fios go soiléir sna staidéir a rinneadh agus sna torthaí praiticiúla a fuarthas le scór nó tríocha bliain anuas. Is é an pointe is tábhachtaí a tugadh chun solais sa reachtaíocht maidir le OSH ná gur féidir le bearta sin an Aontais agus na mBallstát a dhéantar i gcomhar le páirtithe eile (e.g. comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí éagsúla ar na leibhéil éagsúla rialachais) tionchar dearfach díreach a bheith acu ar an saol oibre maidir le gnéithe sláinte agus gnéithe sábháilteachta araon;

4.

ag aontú go huile is go hiomlán leis na trí chuspóir trasearnála atá leis an gcreat straitéiseach atá leagtha síos ag an gCoimisiún Eorpach maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh a dhréachtú don tréimhse cúig bliana atá romhainn, eadhon na hathruithe ar shaol na hoibre tar éis na paindéime a thuar agus a bhainistiú le linn an aistrithe dhigitigh, an aistrithe ghlais agus an athraithe dhéimeagrafaigh, dul chun cinn a dhéanamh maidir le tionóiscí ag an obair agus galair cheirde a chosc agus cur leis an ullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo;

5.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún, d’fhonn a chuspóirí a bhaint amach, athbhreithniú a dhéanamh ar théarmaí na Treorach maidir leis an Áit Oibre agus na Treorach maidir le Trealamh Scáileán Taispeána, agus rialacha an Aontais maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a thabhairt cothrom le dáta le gur féidir an ailse, galair atáirgthe agus galair riospráide a chomhrac, chomh maith le nuashonrú a dhéanamh ar na teorainneacha cosanta maidir le haispeist agus luaidhe;

6.

á mholadh, thairis sin, don Choimisiún tús a chur láithreach, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, le tionscnamh uile-AE a dhearadh agus a chur chun feidhme maidir leis an meabhairshláinte ag an obair le go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar na saincheisteanna atá ag teacht chun cinn sa réimse sin. Ní mór don tionscnamh a bheith ina fhoinse inspioráide, nuair is gá sin, sa Bhallstát, san earnáil nó san ionad oibre;

7.

den tuairim láidir, maidir leis an dá phointe thuas, gur cheart feidhm a bheith acu sin maidir le gach catagóir oibrí, lena n-áirítear na catagóirí sin nach bhfuil san áireamh faoi láthair sa chreat straitéiseach;

8.

ag leagan béim ar an dúshlán a bhaineann le haosú an lucht saothair don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair. Ní mór urraim a thabhairt don phrionsabal maidir leis an ionad oibre a chur in oiriúint do riachtanais an duine ionas gur féidir dul chun cinn a dhéanamh i dtreo saol oibre cuimsitheach d’oibrithe de gach aois;

9.

á thabhairt dá aire go fonnmhar go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Eorpach, agus ceachtanna á bhfoghlaim aige ó phaindéim COVID-19, nósanna imeachta éigeandála agus treoirlínte a fhorbairt le go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme go pras, agus faireachán a dhéanamh orthu gan mhoill, i gcás géarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, i ndlúthchomhar le gairmithe na sláinte poiblí;

10.

á chur in iúl gur oth leis, ainneoin go ndearna na Ballstáit go léir go dtí seo fuarlitir agus spiorad chreat straitéiseach an Aontais a chomhtháthú go páirteach, ar a laghad, ina gcórais náisiúnta, nach bhfuil aon Bhallstát ann atá á leanúint ina iomláine. Is é is cúis leis sin nach bhfuil athbhreithniú ná nuashonrú déanta ag roinnt Ballstát ar a straitéisí náisiúnta maidir le OSH chun iad a chur in oiriúint go hiomlán do chreat straitéiseach AE 2014-2020, sin mar gheall ar dhrochphleanáil ama nó easpa dul chun cinn maidir le príomhchuspóirí a bhaint amach, rud ar tharraing an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) aird air. Ar shamplaí de na príomhchuspóirí sin tá aosú an daonra fostaithe, simpliú na nósanna imeachta agus cur chun feidhme níos éifeachtaí agus níos tráthúla na reachtaíochta;

OSH agus cultúr coisc

11.

á chur i bhfáth go bhfuil titim ar líon na dtionóiscí ag an obair le dhá scór bliain anuas de thoradh trí rud: dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch, reachtaíocht i réimse OSH agus córais bainistithe OSH; den tuairim, mar sin féin, gur gá don reachtóir Eorpach agus náisiúnta, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, le linn chéimeanna dréachtaithe, glactha agus cur chun feidhme na straitéise, tagairt a dhéanamh do chultúr láidir coisc, óir is é sin an rud is tábhachtaí a chabhróidh chun an cuspóir “Fís Nialais”, i measc cuspóirí eile, a bhaint amach le leas coiteann oibrithe agus gnólachtaí araon; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an t-idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht agus comhar na ngeallsealbhóirí uile, na rialtas agus na n-údarás ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach, agus na bhfostóirí agus na n-oibrithe, sna beartais um chosc;

12.

ag tarraingt aird ar an staidéar a d’fhoilsigh an Cumann Idirnáisiúnta Slándála Sóisialta (ISSA) (1), staidéar ina dtugtar le fios go bhféadfadh gnólachtaí, dá n-infheisteoidís i ndea-straitéis maidir le OSH agus i gcosc ar rioscaí san ionad oibre, EUR 2,2 a fháil ar ais in aghaidh gach euro a chaithfidís ar gach fostaí gach bliain, gan trácht ar fhadhbanna eile a réiteofaí dóibh, e.g. an líon mór uaireanta oibre a chuirtear amú, an méadú ar an lagmhisneach san ionad oibre agus ar an tionchar a bhíonn aige sin ar tháirgiúlacht agus iomaíochas gnólachtaí;

13.

ar aon fhocal leis an gCoimisiún Eorpach faoi go bhfágann faillí i gcomhlíonadh na bprionsabal maidir le cosc gur drochphoiblíocht a bhíonn i ndán do ghnólachtaí ina dtarlaíonn tionóiscí ag an obair, rud ag a mbíonn impleachtaí tromchúiseacha dá gclú agus do dheiseanna fostaíochta na bhfostaithe;

14.

á mholadh do na fostóirí beartas coisc maidir le rioscaí ag an obair a chuimsiú ina ngnó trí shamhlacha inmheánacha bainistíochta riosca, trí oibrithe ainmnithe a cheapadh agus seirbhísí coisc inmheánacha a chruthú, agus tríd an oiliúint sa chosc a chur chun cinn i measc na n-oibrithe;

OSH agus an t-aistriú glas, an t-aistriú digiteach agus an t-athrú déimeagrafach

15.

den tuairim go bhfuil síorathrú ag teacht ar thimpeallacht an ionaid oibre de thoradh an dul chun cinn theicneolaíoch. Is rud dearfach é, dá bhrí sin, go bhfuil an tAontas ag ullmhú tograí atá bord ar bhord leis an teicneolaíocht san ionad oibre, mar atá leagtha amach ag an gCoimisiún sa chéad chuspóir i gcreat straitéiseach nua an Aontais;

16.

den tuairim, ainneoin gur beart dearfach é an togra chun rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir leis an intleacht shaorga, gur cheart aghaidh a thabhairt ann freisin ar na fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir leis an tsláinte agus an tsábháilteacht san ionad oibre;

17.

ag aontú leis na barúlacha i dtaobh an Pháipéir Bháin maidir leis an intleacht shaorga (2), ar dá réir a bheidh tionchar díreach ag pleanáil agus úsáid na gcóras intleachta saorga san ionad oibre ar oibrithe agus ar fhostóirí; den tuairim go mbeidh rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta ina gné ríthábhachtach maidir le cur chuige duinelárnach i leith na hintleachta saorga a áirithiú san ionad oibre;

18.

á athdhearbhú, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí maidir le OSH atá an méid a tugadh le fios cheana sa tuairim ó CnaR Páipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga – Cur Chuige Eorpach i leith an Bhairr Feabhais agus na hIontaoibhe (3), is é sin go bhfuil úsáid teicneolaíochtaí na hintleachta saorga an-tábhachtach freisin maidir le dálaí oibre agus folláine oibrithe. Chun na críche sin, agus d’fhonn a áirithiú go n-urramófar dínit an duine, tacaíonn CnaR leis an achainí a rinne na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha an líon sonraí a úsáidfear a laghdú a mhéid is féidir agus iad a bheith trédhearcach, mar aon le rialacha soiléire a bheith ann maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun cosc a chur ar an mbaol go ndéanfaí faireachán sáiteach agus go mbainfí mí-úsáid as sonraí pearsanta;

19.

á athdhearbhú freisin a ríthábhachtaí atá sé go gcuirfear ar chumas ionadaithe na n-oibrithe aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le sonraí, toiliú, cosaint príobháideachais agus faireachas, trí nasc a chruthú idir bailiú na sonraí agus cuspóir sonrach trédhearcach agus trí thrédhearcacht a áirithiú i gcásanna ina n-úsáidtear córais intleachta saorga i nósanna imeachta acmhainní daonna (4);

20.

ag leagan béim ar an dúshlán a bhaineann leis an athrú déimeagrafach don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair. Tá gá le beartais chun bainistiú aoise a chur chun cinn i ngnólachtaí agus in eagraíochtaí agus le próisis nuálacha chun poist a chur in oiriúint don chás sin, ag cur san áireamh éagsúlacht na n-aoisghrúpaí agus nach grúpa aonchineálach iad na hoibrithe scothaosta;

Tábhacht réigiúnach agus áitiúil na straitéise

21.

á chur i bhfáth go mbeidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, de réir chreat straitéiseach an Aontais 2021-2027, lena n-áirítear an cur chuige “Fís Nialais” atá ann, aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann leis an straitéis agus cuspóirí an chreata a chur chun feidhme go díreach ar an leibhéal áitiúil. Is é an chaoi a ndéanfaidh siad sin ná trí mhaoirseacht, oiliúint, cur chun cinn cultúir coisc agus cosanta oibrithe, comhar sonrach trí mhalartú taithí agus dea-chleachtais, sainaithint bhreise fadhbanna agus meastóireacht – móide aiseolas ina dhiaidh sin – ar na réitigh is oiriúnaí ar na fadhbanna sin;

22.

den tuairim gur féidir leis na réigiúin agus na cathracha príomhról a bheith acu maidir le cuspóirí uaillmhianacha na straitéise a bhaint amach trí mhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta maidir le OSH agus ar bhaint amach na gcuspóirí maidir le OSH;

23.

den tuairim gur cheart do na réigiúin agus na cathracha leanúint d’oiliúint agus oideachas a chur chun cinn agus a chur ar fáil do chigirí saothair, d’fhostóirí agus d’oibrithe le gur féidir leo iad féin a chur in oiriúint do na hathruithe móra sa timpeallacht oibre de thoradh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus freisin de thoradh na ndálaí nua atá ann mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus ar aosú an lucht saothair;

24.

den tuairim go bhfágfaidh an comhar – a dhéanfar a luaithe is féidir – idir na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus an tAontas agus na húdaráis náisiúnta ábhartha, agus cathracha agus réigiúin eile freisin, mar aon leis an malartú taithí agus dea-chleachtais, go gcuirfear leis an dul chun cinn i réimse OSH agus go gcabhrófar le cultúr coisc a fhorbairt;

25.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá an taighde agus malartú eolais agus dea-chleachtas ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach d’fhonn rioscaí nua a bhrath agus a mheas agus iad a chosc, trí na húdaráis phoiblí a chur ag obair le chéile chun beartais cheannródaíocha a fhorbairt sa réimse sin;

26.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le rannpháirtíocht chuí na réigiún agus na gcathracha chun an straitéis maidir le OSH a fhorbairt tuilleadh; den tuairim, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidís páirteach sa mheastóireacht ar OSH san ionad oibre. Ní mór dóibh a bheith in ann aiseolas a thabhairt don Aontas freisin chun cabhrú leis léargas soiléir a thabhairt ar an gcás mar atá sé ar an leibhéal áitiúil le gur féidir an cás sin a leasú agus an straitéis fós á cur chun feidhme, agus chun cabhrú leis an gcéad straitéis eile don tréimhse i ndiaidh 2030 a mhúnlú;

27.

ag iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún uirlis dhigiteach ar leith (e.g. tairseach) a chruthú a bheadh ina chomhlánú ar an suirbhé a rinne EU-OSHA maidir le rioscaí nua agus rioscaí atá ag teacht chun cinn i bhfiontair (ESENER) agus a d’fhéadfadh na réigiúin agus na cathracha a úsáid mar áis tagartha i gcás ina measann siad gurb iomchuí nó gur gá treoir a chur ar fáil don reachtóir Eorpach maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair;

Moltaí beartais cinnte:

28.

den tuairim láidir gur cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ina gcáil mar fhostóirí, dea-shampla a thabhairt maidir le cur chun feidhme iomlán na mbeart atá beartaithe sa chreat beartais;

29.

á thabhairt le fios an athuair go gcreideann sé gur féidir leis an soláthar poiblí cabhrú leis an dumpáil chomhshaoil agus shóisialta a chosc trí ghnéithe cáilíochtúla, comhshaoil agus/nó sóisialta a chur san áireamh sna critéir dhámhachtana (5); ag iarraidh, dá bhrí sin, ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus conarthaí poiblí á ndámhachtain acu, aird ar leith a thabhairt ar na dálaí oibre, lena n-áirítear an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair, a thairgeann na conraitheoirí agus a slabhraí fochonraitheoireachta;

30.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó cruthú “Fís Nialais” agus an cuspóir a ghabhann leis sin, is é sin líon na mbásanna a tharlaíonn ag an obair a laghdú faoin mbliain 2030; den tuairim go bhfuil sé tábhachtach cur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh san ionad oibre chun tionóiscí ag an obair agus galair cheirde a chosc; den tuairim freisin, áfach, gur cheart an cuspóir “Fís Nialais” a chur i bhfeidhm freisin maidir le tionóiscí ag an obair agus galair cheirde, agus ní hamháin maidir le básanna, rud atá i gcomhréir le prionsabail na Treorach Réime (6);

31.

á thabhairt le fios go bhfuil tábhacht leis an obair inti féin maidir le cur chun cinn na sláinte; den tuairim go bhfuil sé tábhachtach, d’fhonn an éifeacht is fearr is féidir a bheith ag an straitéis maidir le OSH, go nglacfaí cur chuige iomlánaíoch a thugann aghaidh ar an nasc idir dea-thimpeallacht oibre, an tsláinte mheabhrach agus choirp, an éifeachtúlacht, an cháilíocht agus cé chomh húsáideach agus atá beart; á chur chun suntais, maidir leis sin, an tairbhe a bhaineann le beartais um chur chun cinn na sláinte a chur chun feidhme san ionad oibre agus le stíleanna maireachtála sábháilte agus sláintiúla a chur chun cinn, lena n-áirítear gnéithe ar nós an chothaithe agus na gníomhaíochta coirp;

32.

á chur in iúl go dtacaíonn sé leis an gcreat tagartha straitéiseach maidir le foréigean, ciapadh agus idirdhealú ag an obair agus gur díol sásaimh dó an bhéim atá curtha ar ghné na hinscne. B’fhearr leis an gCoiste, áfach, dá mbeadh an creat sin i gcomhréir le Coinbhinsiún 190 de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le foréigean agus ciapadh a dhíothú i saol na hoibre, ina dtugtar sainmhíniú cuimsitheach ar fhoréigean agus ar chiapadh agus a bhfuil raon feidhme níos leithne aige, lena gcumhdaítear oibrithe agus daoine eile i saol na hoibre (7);

33.

á chur i bhfáth go dtacaíonn sé leis an dul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh ar an Treoir maidir le Carcanaiginí agus Só-ghineacha agus leis na trí nuashonrú as a chéile a rinneadh uirthi; ag tacú leis an togra ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na substaintí agus ar na teorainneacha nochta atá liostaithe sa Treoir sin agus cur leis an liosta sin a forbraíodh trí phróiseas seanbhunaithe agus trí chomhar trípháirteach (oibrithe, fostóirí agus ionadaithe rialtais) ina raibh páirt ag gach Ballstát; á thabhairt dá aire gur i gCoiste Comhairleach an Choimisiúin um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH) a tharlaíonn an comhar trípháirteach sin. Agus an méid sin á chur san áireamh, tá súil in airde ag an gCoiste go ndéanfar tuilleadh oibre chun teorainneacha ceangailteacha nochta ceirde atá fianaisebhunaithe agus cothrom le dáta ó thaobh na heolaíochta de a leagan síos a chuimseoidh na 50 carcanaigin tosaíochta (i gcomórtas leis na 27 gcinn atá ann faoi láthair) agus go ndéanfar substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh agus táirgí íocshláinte guaiseacha a chuimsiú faoina raon feidhme freisin;

34.

i bhfabhar nochtadh do cheimiceáin ghuaiseacha éagsúla le chéile agus do shuaiteoirí inchríneacha, mar aon leis an athbhreithniú ar an teorainnluach ceangailteach nochta ceirde (BOEL) le haghaidh silice chriostalta inanálaithe, a chuimsiú sa roinn sin den chreat straitéiseach maidir le OSH a bhaineann le nochtadh do cheimiceáin;

35.

ag tacú leis an ngá atá le treoirlínte a chur ar fáil i ndáil leis an gcreat maidir le rioscaí síceasóisialta a bhainistiú, treoirlínte a rachadh níos faide ná díreach cur chuige indibhidiúlach nach gcuirtear éifeachtaí eagrú na hoibre ar an meabhairshláinte san áireamh ann; ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, leanúint den chomhar leis na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le rioscaí síceasóisialta a chosc san ionad oibre agus féachaint an bhfuil gá le teachtaireacht maidir leis na rioscaí sin mar ullmhúchán do thíolacadh treorach faoin ábhar sin;

36.

ag súil leis go gcomhlíonfaidh na Ballstáit an moladh ó EIS cigire saothair amháin a bheith ann in aghaidh gach 10 000 oibrí; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá tacú leis an ngá atá ann na sásraí pionóis, mar aon leis an mbailiú sonraí a dhéanann na cigirí saothair agus scaipeadh na sonraí sin, a neartú tuilleadh;

37.

á iarraidh go gcuimseofaí OSH sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga ós rud é go bhfuil measúnú cuimsitheach ar eagrú na hoibre, agus ar an tsláinte choirp agus mheabhrach agus ar shábháilteacht oibrithe, sna staidéir a rinneadh ar leibhéal na mBallstát;

38.

den tuairim gur cheart gach duine i saol na hoibre a chuimsiú faoin gcreat straitéiseach maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair; á thabhairt dá aire nach bhfuil oibrithe féinfhostaithe (lena n-áirítear oibrithe neamhthipiciúla agus oibrithe ardáin) cuimsithe faoi raon feidhme an chreata straitéisigh maidir le OSH; den tuairim gurbh fhiú tagairt do réimse OSH a chur isteach sa tionscnamh Eorpach lena bhfuil sé beartaithe feabhas a chur ar dhálaí oibre oibrithe na n-ardán;

39.

á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar an gcreat sin; ag iarraidh ar an reachtóir Eorpach cuspóirí níos uaillmhianaí agus fís níos fadtéarmaí a bheith aige maidir leis sin;

40.

á mholadh don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha oibre le haghaidh na teilea-oibre, agus an tsláinte choirp agus mheabhrach, agus an tsábháilteacht, a chur san áireamh. Ba cheart an méid sin a dhéanamh i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha, atá rannpháirteach faoi láthair sa chaibidlíocht faoi dhigitiú na hoibre. Is ábhar práinne é sin i bhfianaise an mhéadaithe as cuimse ar an gcineál sin oibre sa “gnáthshaol nua”;

41.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an moladh daingean atá tugtha ag an gCoimisiún Eorpach do na Ballstáit COVID-19 a aithint mar ghalar ceirde; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá oibleagáidí na bhfostóirí maidir le dálaí maireachtála agus oibre cuibhiúla a áirithiú d’oibrithe taistil agus imirceacha, lena n-áirítear oibrithe séasúracha;

42.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil an Coimisiún, tríd an togra uaidh, á ullmhú féin roimh ré do na hathruithe a tharlóidh sa saol nua oibre de thoradh an aistrithe ghlais, an aistrithe dhigitigh agus, ar bhonn níos ginearálta, chun galair cheirde a chosc.

An Bhruiséil, 26 Eanáir 2022

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  The return on prevention: Calculating the costs and benefits of investments in occupational safety and health in companies, ISSA, An Ghinéiv, 2011.

(2)  COM(2020) 65 final.

(3)  IO C 440, 18.12.2020, lch. 79.

(4)  Ibid.

(5)  IO C 440, 18.12.2020, lch. 42.

(6)  Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).

(7)  Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Choinbhinsiún 190 – An Coinbhinsiún maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 190).


13.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 270/13


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Dlús á chur ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le cur chun feidhme Thionscnamh an Aontais Eorpaigh um Pailneoirí

(2022/C 270/03)

Rapóirtéir:

Frida NILSSON (SE/Renew Europe), Comhalta de Thionól Áitiúil: Comhairle Bardais Lidköping

Doiciméad tagartha:

COM(2021) 261 final

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á chur chun suntais a thábhachtaí atá pailneoirí d’inbhuanaitheacht ár sochaithe agus an dúlra. Tá ról lárnach ag pailneoirí maidir le córais bhia agus maidir le caomhnú na bithéagsúlachta agus na dtírdhreach. Dá bhrí sin, ní hamháin gur gá tacaíocht a thabhairt do phailneoirí ceansaithe ach is gá freisin gnáthóga inmharthana do phailneoirí fiáine a chur ar fáil óir is cuid de bhithéagsúlacht an dúlra iad. Ba cheart féachaint ar ról na bpailneoirí ceansaithe mar ról atá comhlántach ar a ndéanann na pailneoirí fiáine, seachas ar an gcuma eile thart;

2.

imníoch faoin easpa feasachta atá ann faoin rud is pailneoirí ann, faoina ríthábhachtaí atá siad d’fheidhmiú ár n-éiceachóras agus faoi na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag a meath agus a ndíothú ar ár saol;

3.

á chur chun suntais an nasc tábhachtach idir an bhithéagsúlacht agus an t-athrú aeráide, agus an chaoi a mbaineann an dá ní sin le chéile agus a dtéann siad i bhfeidhm ar a chéile. Tá tionchar díreach ag difríochtaí sa teocht, ag dálaí athraitheacha aimsire, ag cailliúint gnáthóg agus ag tosca eile arb é an t-athrú aeráide faoi deara iad ar mheath na bpailneoirí. Óna dtaobh féin de, tá ról tábhachtach ag cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta i dtaca leis an oiriúnú don athrú aeráide;

4.

á chur in iúl gur mór aige an deis a fháil rannchuidiú le creat an Aontais Eorpaigh chun pobail phailneoirí inmharthana agus éagsúla a chothú agus tacú leo, agus gur díol sásaimh dó, dá bhrí sin, an t-athbhreithniú atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach ar an Tionscnamh um Pailneoirí, chomh maith leis an Rún ó Pharlaimint na hEorpa agus na Conclúidí ón gComhairle ar an ábhar sin (1);

5.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an fuadar fuaimintiúil a bhí faoi Thionscnamh an Aontais um Pailneoirí nuair a cuireadh chun feidhme é in 2018, ach tá sé ag déanamh imní den chaoi nach ndeachaigh aon lagú, ó shin i leith, ar dhul i léig na bpobal pailneoirí; á chur in iúl go bhfuil sé buíoch de gurb é seo conclúid Thuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda IPBES maidir le Seirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais: in ainneoin nach leor na bearta a rinneadh, níor baineadh deireadh dúile go fóill den aeráid ná den bhithéagsúlacht agus tá gá le gníomh claochlaitheach ar an uile leibhéal;

6.

i bhfách, dá bhrí sin, le conclúidí Thuarascáil Speisialta Uimh. 15/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (2) agus an-dóchasach as an athbhreithniú ar Thionscnamh an Aontais Eorpaigh um Pailneoirí atá beartaithe;

7.

á chur in iúl gur mór aige cuspóirí le haghaidh na bithéagsúlachta agus pailneoirí a bheith ar áireamh i roinnt straitéisí agus beartas de chuid an Aontais Eorpaigh, amhail an Comhbheartas Talmhaíochta nua, Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh agus an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc”;

8.

ag iarraidh go mbeadh spriocanna ann atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena gcumhdófaí pailneoirí faoina raon feidhme, mar chuid de thionscnamh an Choimisiúin Eorpaigh atá le teacht maidir le spriocanna athbhunaithe dúlra faoi straitéis bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh; ag tabhairt a thacaíochta, ina fhianaise sin, do chur chun feidhme Tionscnaimh nua AE um Pailneoirí, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu;

9.

Ba cheart é a bheith d’aidhm freisin ag na cuspóirí atá leagtha amach chun tacaíocht a thabhairt do phailneoirí cuidiú a thabhairt don Aontas Eorpach na spriocanna atá leagtha amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (3) a bhaint amach, go háirithe na spriocanna atá dírithe ar an mbithéagsúlacht agus gnáthóga atá tábhachtach do phailneoirí fiáine a chothú;

10.

suite de, má táthar chun an meath ar phailneoirí a chur ina cheart, go bhfuil gá le comhordú agus le straitéisí comhtháite a mbeidh gach earnáil agus gach réimse polaitiúil páirteach iontu. Is den tábhacht páirt a thabhairt do na gníomhaithe ábhartha uile ina leith sin agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht na n-iarrachtaí atá ar siúl cheana, dá ilroinnte iad. Leis an Tionscnamh um Pailneoirí atá ann faoi láthair leagadh an dúshraith ach is gá leanúint den obair anois;

11.

á mholadh gur cheart gach ceann de thrí cholún na hinbhuanaitheachta a chur sa mheá agus pobail inbhuanaithe de phailneoirí fiáine á n-áirithiú. Fágann sin nach mór aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar an inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch agus bhitheolaíoch sna bearta cur chun feidhme;

Pailneoirí mar chuid den deighilt tuaithe/uirbeach

12.

á chur chun suntais a thábhachtaí atá sé amharc lastall de na beartais talmhaíochta má táthar ag iarraidh deireadh a chur le meath na bpailneoirí, ós rud é go bhfuil earnáil na talmhaíochta, agus an méid a chuireann sí le daonraí pailneoirí fiáine atá ar meathlú, á rialáil agus á gcur chun feidhme ar go leor bealaí cheana féin i roinnt mhaith beartas de chuid an Aontais;

13.

ag iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar fheirmeoirí traidisiúnta agus iarrachtaí ar siúl acu chun a dtionchar ar phailneoirí a laghdú, ráite go ndéanann an talmhaíocht orgánach agus cleachtais agrai-éiceolaíocha pailneoirí a chosaint agus a chothú ar go leor bealaí cheana féin. Tá ríthábhacht le taighde, nuálaíocht agus córas solúbtha cur chun feidhme ionas gur féidir na dúshláin a réiteach agus earnáil talmhaíochta éagsúil a chumasú ina theannta sin;

14.

ag leagan béim ar an ngá atá le scrúdú a dhéanamh ar a fhairsinge atá truaillitheoirí comhshaoil, agus dul i ngleic leo, gan lotnaidicídí amháin a bhacadh ach féachaint, cuir i gcás, ar thruailliú solais, a bhfuil cruthúnas ann a léiríonn an tionchar mór a bhíonn aige ar phailneoirí, rud nach dtugtar aghaidh air fós;

15.

ag cur in iúl gur féidir le limistéir uirbeacha cur le forbairt dhearfach na bithéagsúlachta a bhuí le gairdíní lusanna, le cuibhrinn agus gairdíní cónaithe agus le paistí talmhan folmha uirbeacha, a bhféadfadh tionchar díreach a bheith acu ar dhaonraí speicis na mbeach fiáin (4);

16.

ag tabhairt rabhaidh gur gá, i ndomhan ina bhfuil méadú ag teacht ar chathracha, caomhnú na bithéagsúlachta agus na seirbhísí éiceachórais a chuimsiú sa phleanáil uirbeach agus i gcleachtais uirbeacha chun pobail na bpailneoirí a chosaint, cur lena n-éagsúlacht agus gnáthóga nua a chruthú;

17.

ag iarraidh ar na húdaráis ábhartha measúnuithe tionchair a dhéanamh ina gcuirfí san áireamh athruithe a chuirfeadh teorainn le cearta úinéireachta agus a d’athródh ar bhealaí eile féidearthacht na slite beatha inbhuanaithe. Ní mór do na measúnuithe tionchair sin breithniú a dhéanamh ní hamháin ar na gnóthachain bhitheolaíocha, ach ar an iarmhairt dhiúltach a d’fhéadfaí a bheith ann do shlite beatha agus do shaol na gcónaitheoirí freisin;

Gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh

18.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, ar Pharlaimint na hEorpa agus ar Bhallstáit an Aontais a áirithiú go gcuirfidh na beartais, cláir agus pleananna téarnaimh iarphaindéime le bainistiú inbhuanaithe na bithéagsúlachta, lena n-áirítear deireadh a chur le meath na bpailneoirí fiáine agus intíre, ar ábhar mór imní é;

19.

ag iarraidh go gcuirfí ar bun éiciscéim do phailneoirí lena n-áireofaí: barra bliantúla atá meallacach do phailneoirí a úsáid i gcás 10 % ar a laghad den talamh talmhaíochta; de bhreis ar thréimhse bhláthúcháin na mbarr ilbhliantúil, dhá speiceas plandaí, ar a laghad, a chur ar spéis le pailneoirí iad idir rónna plandaí atá á dtáirgeadh, ach iad a bheith faoi bhláth ag tráthanna éagsúla den bhliain chun a ráthú oiread is féidir go mbeidh acmhainní ar fáil do phailneoirí; oiliúint d’fheirmeoirí maidir le feithidí tairbhiúla agus cleachtais chomhtháite bainistithe lotnaidí; agus bearta a ghlacfar ar mhaithe le feirmeacha lena n-áiritheofar go mbeidh pailneoirí i láthair i limistéir atá ar díth bithéagsúlachta;

20.

ag iarraidh go gcuirfí cúinsí comhshaoil san áireamh ar gach leibhéal den chinnteoireacht phoiblí agus san uile bheartas, toisc go mbíonn tionchar éigin de ghnáth ag an teagmháil dhaonna leis an dúlra ar éiceachórais. Maidir le pailneoirí, ba cheart aird ar leith a thabhairt air sin agus limistéir uirbeacha, bonneagar agus tiontuithe talamhúsáide eile á bhforbairt;

21.

ag tabhairt rabhaidh, cé go bhfeidhmíonn na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla mar naisc dhíreacha le saoránaigh na hEorpa, nach ar na húdaráis sin amháin atá an fhreagracht cuspóirí maidir le pailneoirí a chur chun feidhme agus a fhorbairt. Ní mór do na rialtais náisiúnta agus don Aontas Eorpach a gcion féin a dhéanamh trí thacú le réitigh a fhéadfar a chur chun feidhme go héasca ar scála áitiúil agus réigiúnach, trí iad a chothú agus trí chomhordú a dhéanamh orthu;

22.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tacú go gníomhach le feachtais múscailte feasachta ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, i measc earnálacha an tionscail agus i measc an phobail trí bhealaí atá ann cheana agus trí bhealaí nua;

23.

in aiféala nach raibh ar chumas na n-ardán a tógadh chun eolas a fhorbairt agus dea-chleachtais a chomhroinnt mar chuid den Tionscnamh um Pailneoirí, cuir i gcás coirceog faisnéise faoi phailneoirí AE, na gníomhaithe uile a shroicheadh agus nach leor an t-eolas atá orthu go fóill; ag iarraidh, dá bhrí sin, go n-áireodh an Coimisiún sna tionscnaimh ábhartha atá beartaithe aige cistiú, forbairt eolais agus fothú acmhainneachta, chomh maith le dea-chleachtais, agus go ndéanfaí iad a dhearadh agus a chur in iúl ar bhealach trédhearcach ionas go mbeidh lón inspioráide ag na saoránaigh ach go dtuigfidh siad, ar a mhuin sin, conas is féidir cur le cruthú gnáthóg inbhuanaithe do phailneoirí;

24.

á thathant go ndéanfaí iniúchadh sa Tionscnamh athbhreithnithe um Pailneoirí conas is féidir na líonraí agus na heagraíochtaí atá ann cheana a úsáid d’fhonn eolas agus dea-chleachtais a roinnt le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha laistigh den Aontas agus lasmuigh de;

25.

á mholadh, dá thairbhe sin, go n-oibreodh sé i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach d’fhonn an Tionscnamh um Pailneoirí a chomhtháthú le tionscnaimh AE atá ann cheana, amhail an tArdán um Ghlasú Uirbeach agus Comhaontú na gCathracha Glasa;

26.

á athdhearbhú go bhfuil tábhacht leis an bhfaireachán agus an tuairisciú ar fhorbairt pailneoirí agus anailís á déanamh ar éifeachtúlacht aon bheart a chuirtear chun feidhme; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, dá bhrí sin, creat tuairisciúcháin agus faireacháin a chomhroinnt a d’fhéadfadh na húdaráis fhonáisiúnta a úsáid chun na críche sin. Chun cur chun feidhme díreach agus tacaíocht a áirithiú maidir le cláir chaighdeánaithe um fhaireachán ar phailneoirí a bhunú ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart leanúint de na dea-chleachtais atá i bhfeidhm cheana;

27.

á thabhairt dá aire an dlúthnasc idir speicis dhúchasacha bláthanna agus speicis dhúchasacha phailneoirí nó éagsúlachtaí pailneoirí agus ag iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí infheistiú ar mhaithe le heolas a chur ar na speicis sin, ar mhaithe lena gcaomhnú agus lena dtáirgeadh mar bhealach chun tacú le pailneoirí;

28.

ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún Eorpach meastóireacht a dhéanamh ar conas a d’fhéadfaí leathnú a dhéanamh ar an ngealltanas trí bhilliún crann breise ar a laghad a chur i gceantair uirbeacha san Aontas Eorpach faoi 2030, agus é a nascadh leis an ngealltanas breis speiceas de bhláthanna dúchasacha a chur;

29.

á chur in iúl gur mhaith leis, d’fhonn tuilleadh gníomhaíochta a éileamh, go ndéanfaí iarrachtaí chun pobail shláintiúla de phailneoirí fiáine a ráthú maille le bearta bithshlándála éifeachtacha atá ábhartha do phailneoirí, agus go dtabharfaí spreagadh chun plandaí áitiúla a úsáid, agus go mbeidís sin uile mar chuspóir sna pleananna straitéiseacha náisiúnta CBT atá le formheas in 2022. Ba cheart an fhreagracht a bheith ar na Ballstáit má táthar chun an cur chun feidhme a dhéanamh go héasca agus i gceart;

Gníomhaíocht ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus rannpháirtíocht CnaR

30.

ag tarraingt aird ar na deiseanna atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus ar na freagrachtaí atá orthu, maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an Tionscnaimh um Pailneoirí faoi láthair agus, rud is tábhachtaí, amach anseo;

31.

den tuairim go bhfuil gá le comhar idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ar bhonn náisiúnta agus trasteorann araon, agus bearta comhshaoil á nglacadh agus á gcur chun feidhme acu. I gcás pailneoirí, tá ríthábhacht le conairí bitheolaíocha chun tacú le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht daonraí. Tá na cineálacha cúraimí sin oiriúnach go maith do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar féidir leo, trí bhíthin comhair, bearta a chur chun feidhme go héasca a chuirfidh le pobail inbhuanaithe phailneoirí;

32.

á thabhairt dá aire, ina theannta sin, a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, na sochaí sibhialta, na n-institiúidí eolais, na bhfeirmeoirí áitiúla agus na hearnála príobháidí. Chun leas iomlán a bhaint as na gníomhaithe sin, as a gcuid oibre agus as a gcuid nuálaíochta laistigh dá n-earnálacha féin, ní mór don Tionscnamh nua um Pailneoirí creat éifeachtúil a chruthú do thionscnaimh dheonacha, d’eolas, do chomhspriocanna agus do thuarascálacha. Ní hamháin go gcuirfeadh sin ar chumas na ngníomhaithe réamhráite cuidiú a thabhairt na spriocanna a leagtar amach faoi chuimsiú an Tionscnaimh a bhaint amach ach, chomh maith leis sin, ligfeadh sé dóibh dul níos faide ná sin;

33.

á ghealladh, agus é ag obair ar shaincheisteanna comhshaoil, go háirithe saincheisteanna a bhaineann leis an mbithéagsúlacht, go músclóidh sé feasacht agus go leagfaidh sé béim ar thábhacht na gcuspóirí a thacaíonn le pailneoirí, agus go n-oibreoidh sé le róil shoiléire a leagan amach do na rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a chuideoidh le cailliúint pailneoirí a aisiompú agus a thacóidh le forbairt pleananna gníomhaíochta um pailneoirí náisiúnta agus áitiúla, mar chuid den fheachtas “an Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil” freisin;

34.

á chur chun suntais a thábhachtaí atá sé aitheantas a thabhairt do na sochair shocheacnamaíocha a bhaineann le cláir phailneoirí chomh maith. Tiocfaidh ann do dheiseanna eacnamaíocha agus deiseanna don chuimsiú sóisialta ach díriú ar na cláir sin;

35.

á chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aige leanúint dá dhlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach, go háirithe maidir le hathbhreithniú ar na cuspóirí bithéagsúlachta i ndáil le pailneoirí agus maidir lena gcur chun feidhme;

36.

sásta Líonra Pailneoirí a sheoladh mar threoirthionscadal, inar féidir le húdaráis áitiúla eolas agus dea-chleachtais a roinnt le chéile, a bheidh dírithe go háirithe ar ionaid uirbeacha;

37.

ag iarraidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhálaí pailneoirí, mar go bhfuil eolas ar speicis dhúchasacha agus flóra agus fána áitiúil ríthábhachtach chun tuiscint a fháil ar dhálaí áitiúla na bpailneoirí fiáine agus ceansaithe araon, agus mar go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha eolach cheana féin ar a ndálaí áitiúla agus réigiúnacha;

38.

ag iarraidh ar chomhaltaí CnaR dea-shampla a thabhairt maille le hidirphlé agus cruinnithe oscailte a eagrú ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, lena áirithiú go gcuirfear an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha san áireamh, ós rud é gur ceann de na gnéithe is tábhachtaí de Thionscnamh na bPailneoirí é bearnaí eolais a aimsiú agus a dhúnadh;

39.

ag iarraidh ar ionadaithe na bpobal áitiúil agus réigiúnach meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid athshlánaithe is féidir a dhéanamh ar a suíomhanna tionsclaíocha agus stairiúla i gcomhar le réitigh dhúlrabhunaithe atá dírithe ar dhaonra na bpailneoirí a mhéadú;

40.

den tuairim láidir go bhfuil sé ríthábhachtach na glúine óga a áireamh sa díospóireacht agus sa tóraíocht ar réitigh, ós rud é gur in imeacht roinnt glúine a rithfidh linn na cuspóirí comhshaoil a chur chun feidhme agus pobail fhiáine phailneoirí a neartú go háirithe; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, i ndáil leis sin, na samplaí atá ann cheana, amhail rannpháirtíocht daoine óga sa tionscadal STING (5), ach iarrann sé ar chomhaltaí CnaR agus, ar bhonn níos leithne, ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cur leis an sampla sin agus gníomhaíochtaí rannpháirtíochta i measc na saoránach a mholadh ina gcathracha agus ina réigiúin, atá dírithe go háirithe ar leanaí agus ar dhaoine óga. D’fhéadfadh gníomhaíochtaí múscailte feasachta faoi phailneoirí a bheith mar chuid de ghníomhaíochtaí Bhliain Eorpach na hÓige 2022;

Rannpháirtíocht Eorpach ar an leibhéal domhanda

41.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an teachtaireacht dhearfach a tugadh ag COP15 Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht agus an gealltanas a rinneadh lena linn cailliúint speiceas ainmhithe agus plandaí a aisiompú faoi 2030;

42.

á chur chun suntais a ríthábhachtaí atá Dearbhú Dhún Éideann do rialtais fhonáisiúnta, do chathracha agus d’údaráis áitiúla maidir leis an gcreat domhanda bithéagsúlachta iar-2020 (6) agus geallann sé freisin é a chur chun cinn i réimse an phlé ar phailneoirí ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

43.

ag iarraidh ar an gCoimisiún dul i ngleic leis an meath atá ag teacht ar phailneoirí ar an leibhéal idirnáisiúnta agus tacú le bearta láidre chun pailneoirí agus a ngnáthóga a chosaint le linn an dara cuid de COP15 Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht, a bheidh ar siúl ón 25 Aibreán go dtí an 8 Bealtaine 2022 in Kunming na Síne;

44.

faoi réir le bheith rannpháirteach i dtoscaireacht an Aontais chuig COP15 Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe agus chuig COPanna eile de chuid an Choinbhinsiúin amach anseo d’fhonn tuairimí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach san Aontas Eorpach agus na bearta atá curtha chun feidhme acu cheana a roinnt le chéile agus chun cur le rath Dhearbhú Dhún Éideann i réimse chosaint na bpailneoirí agus a ngnáthóg.

An Bhruiséil, 26 Eanáir 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  2019/2803(RSP) agus na Conclúidí ón gComhairle a ghlac an Chomhairle ag an 3782ú cruinniú a bhí aici ar an 17 Nollaig 2020 (14168/20).

(2)  https://op.europa.eu/webpub/eca/special-reports/pollinators-15-2020/en/

(3)  Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe. https://sdgs.un.org/2030agenda

(4)  Baldock, K. C. R. et al. Where is the UK’s pollinator biodiversity? The importance of urban areas for flower-visiting insects. Proc. R. Soc. B Biol. Sci. 282, 20142849 (2015), Theodorou, P. et al. The structure of flower visitor networks in relation to pollination across an agricultural to urban gradient. Funct. Ecol. 31, 838–847 (2017).

(5)  Tionscnamh STING (Eolaíocht agus Teicneolaíocht le haghaidh Feithidí Pailnitheacha) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

(6)  https://www.gov.scot/publications/edinburgh-declaration-on-post-2020-biodiversity-framework/


13.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 270/18


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Fís fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe an Aontais

(2022/C 270/04)

Rapóirtéir:

Juan Manuel MORENO BONILLA (ES/PPE), Uachtarán Réigiún na hAndalúise

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an fhís fhadtéarmach mar chéim ríthábhachtach i dtreo fhorbairt inbhuanaithe na gceantar tuaithe agus i dtreo fíor-chomhtháthú críochach ar fud an Aontais agus gurb oth leis gur foilsíodh an fhís fhadtéarmach sin tar éis don chaibidlíocht maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) 2021-2027 a bheith tugtha chun críche, ós rud é go bhféadfadh an beartas sin cuidiú leis an straitéis sin a chur chun feidhme, go háirithe trí chothromaíocht airgeadais níos fearr a chothú idir an chéad cholún agus an dara colún de CBT;

2.

á chur in iúl gurb oth leis, i ndáil leis sin, gur cuireadh na hionstraimí cóineasúcháin idir an beartas comhtháthaithe agus an beartas forbartha tuaithe as an áireamh le linn an athchóirithe a rinneadh le déanaí ar CBT; á chur in iúl go bhfuil díomá ar leith air gur cuireadh deireadh leis an iarracht chun an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) a chomhtháthú i Rialachán na bhForálacha Coiteanna maidir leis an mBeartas Comhtháthaithe do 2021-2027;

3.

á chur i dtábhacht nach mór don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa daoine i gceantair thuaithe a chur san áireamh d’fhonn a gcuid smaointe, a gcuid riachtanas agus a n-acmhainneacht a léiriú agus chun a áirithiú go mbeidh úinéireacht acu ar an tionscadal Eorpach. Is é atá á mholadh ag CnaR go n-ionchorprófaí teicnící cumarsáide agus fógraíochta lena ndíreofar ar an íomhá chomhchoiteann de bhealaí maireachtála tuaithe a fheabhsú, trí aird a tharraingt ar na buntáistí cultúrtha agus sóisialta a bhaineann le saol na tuaithe;

4.

á chur i dtábhacht nach mór a áirithiú go ndéanfar naisc idir ceantair thuaithe agus ceantair uirbeacha a bheidh chun tairbhe don dá thaobh a chomhtháthú i mbeartais uile an Aontais i gcomhréir le cuspóirí an chomhtháthaithe chríochaigh, tríd an leas is fearr is féidir a bhaint as a idirspleáiche ar a chéile atá na ceantair thuaithe agus na ceantair uirbeacha;

5.

á mholadh go ndéanfaí an tsamhail chríochach reatha atá bunaithe ar réigiúin agus cathracha a athrú go samhail atá bunaithe ar chaidreamh cothrom comhroinnte idir ceantair uirbeacha agus tuaithe. Ba cheart sásraí cúitimh a bheith san áireamh sa tsamhail sin chun sineirgí frithpháirteacha a cheadú agus chun an caidreamh tuaithe-uirbeach a athchothromú. Le samhail choiteann uirbeach-thuaithe, cuirfear feabhas freisin ar chosaint na bithéagsúlachta agus cuirfear chun cinn éagsúlacht bhithchultúrtha na gceantar tuaithe;

6.

á chur in iúl gurb oth leis nach n-ullmhófar treoirlínte maidir le gníomhaíochtaí feabhsaithe tacaíochta agus le maoiniú feabhsaithe do cheantair thuaithe ar leibhéal an Aontais ach don chlárthréimhse 2028-2034 amháin;

7.

á chur i dtábhacht a phráinní atá sé Clár Oibre Eorpach Tuaithe a chur ar bun ina leagtar amach tograí nithiúla le haghaidh gníomhaíocht láithreach chun tacú leis an bhfís fhadtéarmach agus á mholadh go mbeadh acmhainní, ionstraimí airgeadais agus spriocanna cainníochtúla ag gabháil leis na tograí nithiúla sin chun cur chun feidhme éifeachtach na físe fadtéarmaí a áirithiú;

8.

á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí cistí Eorpacha a chur i leataobh ar a laghad do thionscadail neamhthalmhaíochta i gceantair thuaithe, go dtabharfaí isteach iad i gcláir oibríochtúla an bheartais comhtháthaithe agus i gcláir idirghabhála dírí eile de chuid na hEorpa (Fís Eorpach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa nó Eoraip na Cruthaitheachta);

9.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó uaillmhian an Choimisiúin dearcadh na tuaithe a phríomhshruthú i mbeartais uile an Aontais. Réitítear an bealach le haghaidh beartais níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí mar thoradh ar na measúnuithe tionchair chríochaigh i dtaca le gníomhaíocht chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais. I ndáil leis sin, cuireann an Coiste i dtábhacht nach mór do na measúnuithe tionchair an bhithéagsúlacht agus tréithe bithchultúrtha a chur san áireamh freisin;

10.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cistiú leordhóthanach a áirithiú chun an fhís do cheantair thuaithe an Aontais a chur chun feidhme. Ba cheart, a mhéid is féidir, beartas tuaithe an Aontais a chomhtháthú sa bheartas comhtháthaithe d’fhonn beartas comhleanúnach forbartha a bhaint amach. Tá tionchar ag an bhforbairt tuaithe ar níos mó ná tionscal na talmhaíochta amháin, agus dá bhrí sin, níor cheart don chistiú a bheith teoranta don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe. Ba cheart cúinsí agus riachtanais áitiúla shonracha a bheith mar thúsphointe do bheartas tuaithe an Aontais, díreach mar atá sa bheartas comhtháthaithe;

11.

á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cur chuige a bheidh chun leas na tuaithe a chur i bhfeidhm maidir lena straitéisí agus a n-infheistíochtaí faoin gclárthréimhse reatha 2021-2027, maidir le CBT, cistí comhtháthaithe agus na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta;

12.

á chur i dtábhacht nach féidir fuinneamh inathnuaite ná an bonneagar agus na teicneolaíochtaí a bhaineann leis a fhorbairt go tapa agus go costéifeachtach, de réir mar is gá faoin gComhaontú Glas, ach amháin i gceantair thuaithe agus in éineacht leo. Ba cheart díriú anseo ar na srianta a bhaineann leis an eangach fuinnimh agus le stóráil fuinnimh, go háirithe thar theorainneacha. Tá an eangach ardvoltais ar lánacmhainneacht (in áiteanna áirithe) agus tá gá le hinfheistíochtaí chun a áirithiú go leanfar den fhuinneamh inathnuaite a tharchur. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach go mbeidh rath eacnamaíoch ar cheantair thuaithe;

13.

á athdhearbhú a thábhachtaí atá an t-idirphlé idir na páirtithe uile a bhfuil baint acu le todhchaí na gceantar tuaithe, idir na leibhéil éagsúla rialtais agus riaracháin go dtí na príomhearnálacha eacnamaíocha, cuideachtaí, saoránaigh agus an saol acadúil; á chur in iúl gur uirlisí den scoth iad na tionscnaimh amhail fóraim, comhairlí nó cruinnithe comhchéime a nglacann na gníomhaithe uile páirt iontu, chun plé a dhéanamh ar na príomhdhúshláin atá os comhair na gceantar tuaithe agus chun teacht ar réitigh a chuireann guth an uile dhuine san áireamh;

14.

á dheimhniú go bhfuil CnaR tiomanta d’oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach chun an Comhshocrú Tuaithe a sheoladh i mbliana agus do shamhail rialachais a fhorbairt lena gcuirfear ar chumas na ngeallsealbhóirí uile lena mbaineann an fhís fhadtéarmach a chur chun feidhme go rathúil. Athdhearbhaíonn CnaR go mbeidh rannpháirtíocht na ngníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha sa struchtúr rialachais sin ríthábhachtach chun gníomhaíochtaí a chur in oiriúint do riachtanais agus ceanglais na limistéar tuaithe, agus aird ar leith á tabhairt orthu siúd atá bánaithe nó a bhfuil rioscaí déimeagrafacha ag bagairt orthu;

15.

den tuairim, i bhfianaise a gcumas srian a chur le bánú na tuaithe agus deiseanna sóisialta agus eacnamaíocha a chruthú a bhaineann leis an gComhaontú Glas, gurb iad seo a leanas na réimsí is straitéisí inar cheart comhar áitiúil agus réigiúnach a fhorbairt faoin gComhshocrú Tuaithe: an bithgheilleagar agus go háirithe an talmhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, córais bhia réigiúnacha, an tsoghluaisteacht, nascacht dhigiteach, beocht shóisialta agus chultúrtha chomh maith le nuálaíocht i seirbhísí sóisialta chun leasa cách agus i bhfuinneamh inathnuaite. Measann CnaR go bhfuil ceantair thuaithe in ann dlús a chur leis an aistriú inbhuanaithe glas Eorpach a bhfuil gá leis;

16.

den tuairim go bhfuil gá le tuilleadh dul chun cinn maidir le leas a bhaint as seirbhísí éiceachórais nádúrtha (uisce, cothaithigh, uiscígh, rialú teochta, bithéagsúlacht, etc.), a bhféadfaí na tairbhí a bhaineann leo a leithdháileadh go páirteach ar bhardais tuaithe chun tacú le heagrú agus le forbairt a gceantar áitiúil;

17.

ag tathant ar an gCoimisiún é a dhéanamh níos éasca do chistiú poiblí do cheantair thuaithe tionscnaimh phríobháideacha a fhorlíonadh i gcás nach bhfuil soláthar earraí poiblí inmharthana ó thaobh na tráchtála de, agus a mhachnamh a dhéanamh ar státchabhair agus dreasachtaí cánach i gcás inarb iomchuí;

18.

á thabhairt dá aire go n-aithnítear sa Teachtaireacht stádas sonrach na réigiún is forimeallaí, mar a leagtar síos in Airteagal 349 CFAE; á aontú freisin gur gá seirbhísí leasa ghinearálta a chur ar fáil i gceantair thuaithe na réigiún is forimeallaí, ar seirbhísí iad atá ar cháilíocht inchomparáide leis na seirbhísí i limistéir uirbeacha;

19.

ag tarraingt aird ar na dúshláin ar leith atá os comhair na réigiún tuaithe a bhfuil tionchar ag athrú struchtúrach orthu nó ag na próisis chlaochlaithe is gá don aistriú glas, amhail i dtáirgeadh fuinnimh nó i dtionscal na ngluaisteán; áirítear orthu sin réigiúin turasóireachta tuaithe nach mór dóibh déileáil le patrúin taistil atá ag athrú i ngeall ar phaindéim COVID-19 agus athrú aeráide;

20.

á mholadh critéir thrédhearcacha, tagarmharcanna agus spriocanna a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na ngníomhaíochtaí agus an dul chun cinn a dhéantar maidir leis an bhfís a chur chun feidhme;

21.

á iarraidh, ar deireadh, go mbunófaí táscairí a bhaineann go háirithe le ceantair thuaithe — mar shampla, maidir le céatadán an daonra a bhfuil rochtain acu ar iompar poiblí, agus ar sheirbhísí digiteacha, fostaíochta, sláinte agus cultúrtha — i gcomhthéacs an tseimeastair Eorpaigh, chun a áirithiú go mbeidh an fhís do thodhchaí ceantair thuaithe an Aontais, go háirithe i limistéir atá tearc i ndaonra, mar chuid de na hionstraimí uile a bhunaíonn an tAontas chun athbhreithniú eacnamaíoch tréimhsiúil a dhéanamh ar chuspóirí agus ar spriocanna;

22.

á chur i dtábhacht nach féidir cur chuige a oireann do chách a bheith mar bhonn don chlár oibre tuaithe má tá rath le bheith air. Tá sé den tuairim, dá bhrí sin, go bhfuil gá le haicmiú beacht na limistéar áitiúil agus aitheantas a thabhairt do shainiúlachtaí áitiúla, a bhfuil paraiméadair agus táscairí trédhearcacha oibiachtúla lena dtugtar fíorluach d’fhorbairt tuaithe mar bhonn taca leo;

23.

á thabhairt dá aire go n-áirítear ar chuspóirí Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (1) tacaíocht a thabhairt do cheantair uirbeacha agus tuaithe atá faoi mhíbhuntáistí geografacha nó déimeagrafacha. Foráiltear leis freisin go leithdháilfidh na Ballstáit tacaíocht airgeadais AE ar thionscadail a chuireann chun cinn forbairt eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus atá cuimsitheach go sóisialta sna réigiúin lena mbaineann;

24.

á chur i dtábhacht, i ndáil leis sin, gur cheart tacaíocht speisialta a thabhairt do limistéir leibhéal NUTS 3 nó limistéir atá an-tearc i ndaonra, nó limistéir inar tháinig meánlaghdú os cionn 1 % ar a ndaonra idir 2007 agus 2017;

25.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, i gcomhaontú leis na Ballstáit agus leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a ráthú go n-áireofar sa tionscnamh maidir leis an bhfís fhadtéarmach do cheantair thuaithe réitigh phraiticiúla agus modhanna tacaíochta chun dul i ngleic le hathruithe déimeagrafacha atá os comhair ceantair thuaithe, agus athdhearbhaíonn sé nach mór tionscadail chomhtháite a chur chun feidhme bunaithe ar na cláir oibríochtúla faoin mbeartas comhtháthaithe agus pleananna agus ionstraimí straitéiseacha náisiúnta CBT a leagtar síos sna pleananna náisiúnta téarnaimh straitéiseacha. Ar deireadh, tá dea-chleachtais thrasteorann á bhforbairt ag tionscadail an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh (Interreg) chun cur chuige nuálach agus tionscadail phíolótacha a cheapadh d’fhorbairt chríochach chomhtháite na gceantar feidhmiúil uirbeach-tuaithe;

26.

á iarraidh go mbeidh rialacha cur chun feidhme níos simplí ann maidir le cistí Eorpacha agus státchabhair i gceantair thuaithe, go dtiocfaidh feabhas ar an gcaoi a gcomhcheanglaítear iad agus go ndéanfar aistriú chuig samhail ilchiste lena n-áiritheofar go gcomhtháthófar ceantair thuaithe i ngach beartas;

27.

den tuairim maidir leis na treoirlínte chun feabhas a chur ar an tacaíocht agus ar an maoiniú do cheantair thuaithe, atá le foilsiú ag an gCoimisiún ina thuarascáil in 2024, gur cheart clárthréimhse níos faide a bheith san áireamh leo agus nár cheart iad a bheith teoranta do chreat 2028-2034;

28.

ag tarraingt aird an Choimisiúin ar an ngá modheolaíochtaí córais a ionchorprú i ndearadh ceantar tuaithe amach anseo, chun físeanna forbartha atá córasach a áirithiú seachas físeanna páirteacha nó líneacha;

29.

á thabhairt dá aire a thábhachtaí atá sé anailís chuimsitheach a dhéanamh ón tús ar na fadhbanna a bhaineann le ceantair thuaithe, ós rud é gur b’in a bheidh mar bhonn do na réimsí le haghaidh gníomhaíochta sa Phlean a bheidh ann amach anseo. I ndáil leis sin, ba cheart tuilleadh fadhbanna eacnamaíocha a chur leis na fadhbanna sin a ndearnadh scrúdú orthu cheana féin, amhail iomaíocht sheachtrach, éagobhsaíocht praghsanna agus dáileadh oll-bhreisluacha idir na gníomhaithe éagsúla sa slabhra táirgthe agus margaíochta san earnáil talmhaíochta agus agraibhia;

30.

den tuairim, ó thaobh deiseanna de, nach luaitear go leordhóthanach earnálacha amhail turasóireacht tuaithe inbhuanaithe nó gníomhaíochtaí fóillíochta agus cultúrtha, agus nach ndéantar ach tagairt indíreach dóibh, in ainneoin go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le geilleagair thuaithe éagsúlaithe atá láidir agus inbhuanaithe a thógáil. Tá neart gníomhaíochtaí breise a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le ceantair thuaithe ach atá lasmuigh den earnáil talmhaíochta, amhail an turasóireacht rothaíochta, fiach, fánaíocht, an mhíceolaíocht, an turasóireacht folláine, an gastranómachas, ealaín phobalbhunaithe nó ceardlanna ealaíon pobalbhunaithe agus ionaid taispeántais, etc.;

31.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá forbairt eacnamaíoch atá fónta agus cothrom agus í dírithe ar shamhlacha nua gnó. Tá roinnt ceantair thuaithe, go háirithe limistéir theorann ina bhfuil an daonra ag titim agus ina bhfuil tithe agus áitribh fholmha, níos mó i mbaol an díchobhsaithe mar gheall ar ghníomhaíocht choiriúil. Mar thoradh air sin, déantar na gnáthchaighdeáin a dhoiléiriú agus laghdaítear an mothú sábháilteachta agus an cháilíocht saoil;

32.

á athdhearbhú, i ndáil leis sin, go bhfuil todhchaí na gceantar tuaithe ag brath ar dhaoine óga a choinneáil agus a mhealladh chun a spriocanna saoil a shaothrú iontu; agus réitigh á lorg ar na dúshláin atá os comhair ceantair thuaithe, tá sé ríthábhachtach daoine óga a rannpháirtiú go gníomhach, fóraim a fhorbairt inar féidir leo a smaointe a roinnt agus tacú le tionscnaimh don aos óg i gceantair thuaithe;

33.

á chur i dtábhacht, sa chomhthéacs reatha le haosú an daonra, go bhfuil géarghá le geilleagar seirbhísí riachtanacha a fhorbairt lena n-áiritheofar inrochtaineacht uilíoch ar gach earra agus seirbhís i dtimpeallachtaí tuaithe, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine scothaosta. Is díol sásaimh do CnaR freisin Bliain Eorpach na hÓige 2022 mar dheis chun deiseanna a chur ar fáil agus tacú le daoine óga na tuaithe chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus ina ngníomhaithe chun athrú dearfach a bhaint amach;

34.

ag tathant ar an gCoimisiún a mhachnamh a dhéanamh, i measc a chuid tograí sa réimse seo, ar an rannchuidiú is féidir le córais sheachadta seirbhíse dáilte a dhéanamh, i réimsí amhail cúram leanaí, ionaid chúraim do dhaoine scothaosta, scoileanna agus cúram iarscoile, siopaí, agus cúram sláinte agus sóisialta (réimse inar féidir le teicneolaíochtaí ar nós teilileighis agus teileachúraim rannchuidiú go mór) agus á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach i ndáil leis sin, spriocanna a leagan síos do na Ballstáit d’fhonn rochtain ar sheirbhísí i gcoitinne agus ar sheirbhísí bunúsacha poiblí go háirithe i gceantair thuaithe a fheabhsú;

35.

á chur i dtábhacht a riachtanaí atá sé na sonraí uile ar na córais, idir chórais shóisialta, sláinte agus shochshláinte, a chur san áireamh sa chur chuige comhchuibhithe atá beartaithe maidir le córais faisnéise geospásúla a úsáid, chomh maith leis an ngá idir-inoibritheacht an chórais seirbhísí sóisialta a threisiú, lena n-áirítear le córais chosanta sóisialta eile;

36.

á chur i bhfáth, ar an gcaoi chéanna, a thábhachtaí atá sé táscairí a ionchorprú maidir le héascaíocht rochtana ar sheirbhísí cúraim shóisialta agus ar sheirbhísí áitiúla cosanta sóisialta;

37.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an leas is fearr is féidir a bhaint as a idirspleáiche ar a chéile atá na ceantair thuaithe agus na ceantair uirbeacha faoi chreat cothromais chríochaigh. Ba cheart do gach údarás áitiúil agus réigiúnach tairbhe a bhaint as infheistíochtaí idirbhardasacha ionas go mbeidh an tairbhe chéanna le fáil ag ceantair uirbeacha agus ag ceantair thuaithe araon sa chás is fearr;

38.

ag tathant go léireofaí an éifeacht dhearfach sin mar is ceart sna ríomhanna infheistíochta per capita de réir an chineáil réigiúin (uirbeach, eatramhach, tuaithe) agus iarrann sé, dá bhrí sin, go ndéanfaí athbhreithniú ar na sásraí chun táscairí brabúis a bhunú do na hinfheistíochtaí sin, agus béim ar leith á leagan ar bhailte beaga agus ar shráidbhailte i gceantair thuaithe;

39.

á chur i bhfáth gur deis é táirgeadh fuinnimh inathnuaite do cheantair thuaithe dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh agus neamhthuilleamaíocht fuinnimh a ghiniúint i limistéir fheidhmiúla (lena n-áirítear limistéir thuaithe-uirbeacha ina réimse tionchair). Ina theannta sin, cuireann an Coiste i dtreis gur féidir glacadh níos mó le saoráidí táirgthe fuinnimh inathnuaite a bheith ann trí chuid den ioncam a ghintear a choinneáil laistigh de na pobail tuaithe;

40.

á mholadh féachaint, i gcás inarb iomchuí, ar na deiseanna atá ann an t-athbhunú sa bhaile a chur chun cinn, rud a chruthódh deiseanna do shineirgí tuaithe idir an talmhaíocht, an mhonaraíocht agus an tráchtáil. Chabhródh sin leis an ngeilleagar áitiúil a neartú trí phoist a chruthú agus tríd an dífhostaíocht a laghdú.

41.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an creat a chuirtear ar fáil leis an bhfís chun bonneagar fisiciúil a fhorbairt chun feabhas a chur ar nascacht na gceantar tuaithe, agus chun a n-athbheochan shocheacnamaíoch a éascú, agus molann sé go gcuirfí cláir oibre uirbeacha san áireamh ann;

42.

á thabhairt dá aire a thábhachtaí atá sé naisc iompair le ceantair fho-uirbeacha agus le ceantair thuaithe a fheabhsú, go príomha trí na húdaráis réigiúnacha agus trína gcláir oibríochtúla, d’fhonn gníomhaíocht chomhordaithe, éifeachtach agus éifeachtúil a ráthú. Chuige sin, ba cheart ceantair thuaithe agus pheirea-uirbeacha a bheith fite fuaite go hiomlán i straitéisí iompair uirbeacha (2);

43.

á chur in iúl go mbaineann fíorthábhacht le láithreáin tráchtála a bheith ar fáil i bhforbairt fhónta agus inbhuanaithe an gheilleagair réigiúnaigh agus i mbunú nó i leathnú gnólachtaí tuaithe; á chur in iúl gur fíor sin go háirithe i gcás na réigiún a bhfuil athrú struchtúrach ag teacht orthu; den tuairim go bhfuil tacaíocht de dhíth ar údaráis áitiúla chun láithreáin oiriúnacha a shainaithint, a ainmniú nó a oiriúnú le haghaidh feidhm eile ar bhealach réamhghníomhach; den tuairim gur minic gur saincheisteanna iad raon feidhme agus costas na seirbhísí pleanála atá le soláthar;

44.

á chur in iúl gur cheart aird ar leith a thabhairt ar bhonneagar agus ar chomhar trasteorann i réigiúin teorann tuaithe; á chur i dtábhacht nach mór feabhas a chur ar an mbonneagar iompair phoiblí agus ar an gcóras seirbhísí i gceantair thuaithe, lena n-áiritheofar go bhforbrófar réitigh shoghluaisteachta inbhuanaithe lena laghdófar amanna taistil agus líon na nasc idir ceantair uirbeacha, pheirea-uirbeacha agus tuaithe;

45.

á chur i dtábhacht gur cheart é a bheith mar phríomhchuspóir ag an mbeartas spásúil agus iompair go mbainfí an leas is fearr is féidir as na féidearthachtaí atá ann chun freastal ar riachtanais, agus riachtanais iompair a laghdú a mhéid is féidir; tá sé tábhachtach cuíchóiriú a dhéanamh i ndáil leis seo;

46.

á mholadh go gcuirfí san áireamh i réitigh shoghluaisteachta ilmhódúla an méid is féidir le samhlacha “soghluaisteacht ar éileamh” rannchuidiú le haistriú chuig nascacht fhisiciúil atá inbhuanaithe ó thaobh na haeráide agus ó thaobh fuinnimh de; mar shampla, is féidir le seirbhísí ar éileamh agus soghluaisteacht chomhroinnte lena nasctar pobail tuaithe le moil iompair, go háirithe stáisiúin iarnróid agus bus, borradh a chur faoi úsáid iompair inbhuanaithe;

47.

ar aon fhocal leis an gCoimisiún go bhfuil ról lárnach ag an digiteáil maidir le ceantair thuaithe a fhorbairt, lena gcuirtear ar a gcumas réitigh nuálacha a úsáid chun a n-athléimneacht a fheabhsú agus chun leas a bhaint as a n-acmhainneacht. Iarrann CnaR, dá bhrí sin, go dtabharfaí aird ar leith ar chreataí a chur chun cinn lenar féidir gníomhaíocht phoiblí a fhorlíonadh le maoiniú príobháideach don bhonneagar digiteach. Cé nach bhfuil na bonneagair dhigiteacha sin iomaíoch go leor ó thaobh na hinfheistíochta príobháidí de, tá siad thar a bheith iomaíoch ó thaobh cúrsaí sóisialta agus réigiúnacha de. Tá an leathanbhanda ríthábhachtach chun rochtain a fháil ar sheirbhísí éagsúla i gceantair thuaithe agus chun na saincheisteanna a eascraíonn as na bearnaí digiteacha atá os comhair roinnt pobal a réiteach;

48.

á chur i bhfáth nach leor infheistíocht i mbonneagar digiteach mura bhfuil oiliúint dhigiteach leordhóthanach agus uas-sciliú ag gabháil léi, go háirithe i gceantair thuaithe. Tá an méid sin an-tábhachtach freisin i bhfianaise na cibearchoireachta domhanda atá ag dul i méid agus, go háirithe, i bhfianaise nach mór a áirithiú go bhfuil gnólachtaí áitiúla atá mar chuid den bhiashlabhra sách sábháilte ó thaobh na cibearshlándála de;

49.

á thabhairt dá aire go raibh leochaileacht faoi leith ag ceantair thuaithe do phaindéim COVID-19, toisc nach bhfuil a ngeilleagair chomh héagsúlaithe sin; is príomhoibrithe iad roinnt mhaith de na hoibrithe sna ceantair sin agus tá drochbhonneagar idirlín acu. Mar sin féin, mar thoradh ar an méadú ar líon na ndaoine atá i mbun teilea-oibre de dheasca na paindéime, cuirtear deiseanna ar fáil chun cur i gcoinne bhánú na tuaithe agus chun gníomhaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha tuaithe nuálacha a ghiniúint san fhadtéarma. Molann sé, dá bhrí sin, i measc bearta eile, spásanna comhoibre ardcháilíochta a chur chun cinn i bpobail tuaithe, nó dreasachtaí cánach a chruthú, d’fhonn cuideachtaí príobháideacha a spreagadh chun ligean d’fhostaithe oibriú i suíomhanna geografacha dá rogha féin;

50.

den tuairim, de réir mheon an Uachtaráin von der Leyen, “gan aon duine a fhágáil ar lár”, go bhfuil gá le huirlisí chun a áirithiú go mbeidh “éiceachórais nuálaíochta” i ngach críoch ina gcuirfear deiseanna ar fáil do na fiontraithe uile agus do mhicrifhiontair agus FBManna uile na tuaithe, lena gcuirfear borradh faoi na gnólachtaí beaga tuaithe sin. Ní mór soláthar leordhóthanach oiliúna a bheith ann freisin, lena n-áirítear scileanna digiteacha agus bogscileanna eile a bhaineann leis an nuálaíocht oscailte, an comhar idir-réigiúnach agus idirnáisiúnta, agus an chumarsáid idirchultúrtha;

51.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tacaíocht mhéadaithe do thionscnaimh ón mbun aníos amhail LEADER (tionscnamh Comhphobail um fhorbairt na tuaithe)/CLLD (forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail) — lena sainítear ról na ngrúpaí áitiúla gníomhaíochta — agus “sráidbhailte cliste”, agus spreagann sé tuilleadh úsáide a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh ó na cláir agus ó na cineálacha cur chuige sin; ag tarraingt aird, sa chomhthéacs sin, ar na tairbhí a bhaineann le forbairt réigiúnach nuálaíocht-bhunaithe, atá dírithe ar scileanna áitiúla agus ar rannpháirtíocht áitiúil; den tuairim gur cheart comhlachtaí inniúla ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta a bheith ar an airdeall maidir le smaointe nuálacha ó gheallsealbhóirí áitiúla agus gur cheart dóibh tacú leo nuair is féidir;

52.

á iarraidh go gcuirfí san áireamh rannchuidiú na hoidhreachta cultúrtha agus gairmithe cultúrtha, ealaíonta agus cruthaitheacha chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúil a thógáil agus chun na ceantair thuaithe a dhéanamh níos tarraingtí ó thaobh na turasóireachta de, rud a chuirfidh feabhas ar leas eacnamaíoch na gceantar sin freisin;

53.

den tuairim gur mór an luach é an t-aitheantas a tugadh sa Teachtaireacht don ról atá ag bainistiú inbhuanaithe talmhaíochta agus foraoiseachta maidir le hathléimneacht i leith éigeandáil na haeráide agus na rioscaí a bhaineann léi, agus maidir le cosaint na bithéagsúlachta;

54.

á chur i dtábhacht gur cheart, leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, sochaithe níos athléimní agus níos cothroime a áirithiú ina gcuirtear san áireamh riachtanais gach ball den phobal tuaithe, lena n-áirítear riachtanais na ngrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus na ndaoine sin a bhfuil cónaí orthu i gceantair bheagfhorbartha agus atá i ndlúthbhochtaineacht. Ba cheart béim a leagan, dá bhrí sin, ar an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a dhéanamh cóir agus cuimsitheach;

55.

den tuairim gur cheart ról lárnach a bheith ag an talmhaíocht i gcónaí i gceantair thuaithe. Iarrann CnaR ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar na pleananna straitéiseacha a bheidh ar gach Ballstát a fhorbairt faoin gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) nua a tharraingt suas i gceart, agus é d’aidhm aige sin a áirithiú go mbeidh earnáil phríomhúil na hEorpa ag teacht lena bhfuil sa Chomhaontú Glas, sa Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus sa Straitéis Bhithéagsúlachta, agus go gceadófar leo straitéisí áitiúla bunaithe ar shaintréithe gach réigiúin agus cur chun cinn gnáth-tháirgí áitiúla;

56.

á chur i dtábhacht nach mór na próisis neamhthuilleamaíochta agus slándála bia a chur chun cinn bunaithe ar tháirgí áitiúla, ardcháilíochta, orgánacha, mar chuid de shlabhraí luacha nuálacha lena spreagtar eagrú ar an leibhéal réigiúnach. Tugann CnaR dá aire go dtabharfar isteach sciar 25 % den fheirmeoireacht orgánach sna blianta atá le teacht. Measann sé, i ndáil leis sin, go mbeidh gá le tacaíocht agus le bearta tionlacain, chomh maith le beartais dreasachta tomhaltóirí i gcomhréir leis an gcuspóir sin;

57.

á chur i dtábhacht go bhfuil athnuachan glúine na talmhaíochta fós práinneach agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé tábhachtach tacú le daoine óga agus mná na tuaithe a chuimsiú sa talmhaíocht agus in úinéireacht feirme. Dá bhrí sin, aontaíonn CnaR leis an gCoimisiún gur cheart aird ar leith a thabhairt ar riachtanais daoine óga, d’fhonn iad a spreagadh chun fanacht sna ceantair thuaithe. Measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach borradh a chur faoi bheartais phoiblí lena gcuirtear nuachóiriú feirmeacha chun cinn lena spreagtar feirmeoirí óga dul isteach sa ghairm d’fhonn dul i ngleic le fadhb na hathnuachana glúine. Chuige sin, ní mór a rochtain ar chláir um lánpháirtiú sóisialta agus um lánpháirtiú i margadh an tsaothair mar aon lena rochtain ar oideachas agus ar roghanna uas-scilithe agus athoiliúna a chuirtear ar fáil ar an leibhéal áitiúil agus ar ghníomhaíochtaí cultúrtha a éascú. Aontaíonn CnaR freisin faoina thábhachtaí atá sé díriú go sonrach ar mhná, trí dheiseanna saothair agus oiliúna a leathnú agus trí bhearta a chur ar aghaidh lena gcuirfear cothromaíocht oibre is saoil chun cinn;

58.

á chur i bhfios go láidir go raibh ar líon suntasach oibrithe oilte aghaidh a thabhairt ar dhálaí oibre athraithe agus ar rialacháin athraithe ó tharla Brexit agus gur cheart don Aontas machnamh a dhéanamh ar chreataí tacaíochta a chur ar fáil do na catagóirí sin d’oibrithe imirceacha. Chomh maith leis sin, thar aon rud eile, ba cheart don Aontas breathnú ar chláir a sheoladh a chabhródh agus a spreagfadh an lucht saothair oilte atá ar imirce chun filleadh abhaile, ar a dtír dhúchais;

59.

den tuairim go bhfuil praghsanna agus ioncaim chóra dóibh siúd atá ag obair in earnáil na talmhaíochta ríthábhachtach. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i gcoinne aon fhorbairt margaidh atá dochrach do ghnólachtaí. Ba cheart do chomhbheartas talmhaíochta an Aontais (CBT) gníomhú ina choinne sin tráth géarchéime trí úsáid a bhaint as uirlisí, amhail méideanna táirgeachta a chur in oiriúint go ginearálta do riachtanais an mhargaidh agus rialacha maidir le rochtain cháilithe ar an margadh;

60.

á thabhairt dá aire gurb iad oibrithe imirceacha a chuireann sciar suntasach den obair in earnáil talmhaíochta agus bia an Aontais i gcrích. Is minic a bhíonn cónaí ar an ngrúpa sin den daonra i ndálaí leochaileacha. Dá bhrí sin, ní mór clár oibre sóisialta an Aontais a neartú chun pá íosta níos airde, dálaí maithe oibre agus lánpháirtiú sóisialta a bhaint amach;

61.

á chur i dtábhacht go mbeidh an t-aistriú glas ina chúis le neart dúshlán d’fheirmeoirí agus do phóraitheoirí na hEorpa. D’fhonn leas rathúil a bhaint as na deiseanna a thiocfaidh chun cinn, tá gá le hiarracht speisialta maidir le cumarsáid, ardú feasachta agus oiliúint chun an scéal a scaipeadh maidir leis an talmhaíocht ghlas nua atá inbhuanaithe agus chun na scileanna nua a thabhairt freisin chun an talmhaíocht nua sin a chur i bhfeidhm;

62.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tréigean talún a chosc agus rochtain ar thalamh a éascú. Chuige sin, is gá creat rialála iomchuí a fhorbairt, uirlisí nua bainistíochta talún a chruthú agus dreasachtaí fioscacha riachtanacha agus cistiú riachtanach a sholáthar;

63.

á thabhairt dá aire go bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcreachadóirí móra agus ar an méadú gaolmhar atá ag teacht ar mharú ainmhithe feirme ar fhéaraigh sléibhe, rud a chruthaíonn fadhbanna méadaitheacha don fheirmeoireacht sléibhe agus tugann sé dá aire go bhfuil an fheirmeoireacht féaraigh sléibhe á tréigean in a lán cásanna. Tá ról tábhachtach ag an gcineál sin feirmeoireachta i réigiúin shléibhtiúla chun a áirithiú nach ngabhann foraoisí forlámhas ar réigiúin iomlána agus ar an gcaoi sin, cuireann sí go mór le cosaint an chomhshaoil, le rialú creimthe agus le cosaint ríluachmhar an tírdhreacha i gceantair thuaithe. Dá bhrí sin, iarrann CnaR ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

comhchóras Eorpach bainistíochta a bhunú i dtaca le mic tíre agus feoiliteoirí móra, go háirithe béir;

féachaint ar leasú ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga d’fhonn oiriúnú níos gasta a dhéanamh d’fhorbairt daonraí ar leith agus chun stádas cosanta a mhaolú nó a neartú de réir tíre nó de réir aonad críochach i gcás ina mbeidh údar maith leis sin mar gheall ar fhorbairt dhearfach nó dhiúltach ar dhaonraí na speiceas cosanta agus ar an mbagairt ar ghníomhaíochtaí tréadacha;

an raon feidhme chun reachtaíocht Eorpach agus na bearta is gá a oiriúnú chuig dálaí áitiúla ionas gur féidir bainistiú níos fearr a dhéanamh ar dhaonraí creachadóirí, go háirithe mic tíre agus béir;

64.

á chur i bhfáth an ról tábhachtach atá ag an mbonneagar talmhaíochta maidir le heagrú agus comhtháthú ceantar tuaithe. Iarrann sé ar an gCoimisiún bearta a áireamh ina thograí chun a áirithiú go gcaomhnófar an bonneagar sin agus go bhfanfaidh sé mar bhóithre tréscaoilteacha (gan phábháil) den chuid is mó;

65.

á iarraidh go n-áireofaí limistéir thuilte i ndáil le tionscnaimh shuaitheanta maidir le limistéir athléimneacha, ós rud é go gcuireann siad go mór le hathléimneacht aeráide a mhéadú, le talmhaíocht ísealcharbóin a fhorbairt agus le tacú le cosaint ar thuilte agus le bainistiú tuilte. Is iomaí abhainn agus limistéar tuile a thrasnaíonn teorainneacha (ar dúshlán é sin) agus is cuid de cheist níos leithne iad a bhaineann leis an uisce. Dá bhrí sin, tá gá le comhar idirnáisiúnta;

66.

á chur i dtábhacht gur cheart ról na réigiún a neartú maidir lena dtosaíochtaí a shainaithint le fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe. Tá CnaR den tuairim, i ndáil leis sin, agus an reachtaíocht maidir le CBT, a bpleananna straitéiseacha náisiúnta agus a bpleananna téarnaimh náisiúnta á dtarraingt suas, nár tapaíodh an deis chun a áirithiú go mbeadh tionscadail infheistíochta amach anseo i gceantair thuaithe bunaithe i ndáiríre ar riachtanais na gceantar áitiúil ar leith, arna sainaithint ag a ngeallsealbhóirí féin;

67.

á iarraidh go gcuirfí san áireamh níos fearr amach anseo na straitéisí réigiúnacha um speisialtóireacht chliste atá ann cheana i ngach réigiún AE, a fhorbrófar trí phróiseas rannpháirtíochta il-gheallsealbhóra, agus próisis phleanála á bhforbairt a mbeidh tionchar acu ar cheantair thuaithe;

68.

á iarraidh go ndéanfaí machnamh ar thacaíocht theicniúil leordhóthanach le haghaidh fothú acmhainneachta do na húdaráis tuaithe, atá níos laige ó thaobh a n-inniúlachtaí pleanála de — go háirithe maidir le straitéisí fadtéarmacha — agus i ndáil le cistí an Aontais a chaitheamh; á iarraidh freisin go mbeadh tacaíocht, coinníollacha níos simplí nó tionscnaimh shonracha ann chun go mbeadh bardais a bhfuil daonraí níos lú acu agus níos lú foirne riaracháin acu in ann páirt a ghlacadh i dtionscadail Eorpacha;

69.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an geilleagar sóisialta mar uirlis bhunriachtanach chun ceantair thuaithe an Aontais a fhorbairt anois agus amach anseo, agus ról straitéiseach aige in aghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach agus aosú an daonra — trí chuideachtaí a chruthú atá níos athléimní agus a bhfuil naisc láidre acu lena bpobail, tríd an daonra a dhaingniú sa cheantar áitiúil — agus i gcruthú post ar ardchaighdeán a spreagadh, in oiliúint a chur ar a lucht saothair, i bhfiontraíocht na mban, i ndaoine óga a lánpháirtiú sa mhargadh saothair agus in athnuachan glúine.

An Bhruiséil, 26 Eanáir 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  IO L 231, 30.6.2021, lch. 60.

(2)  COM(2021) 811 — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Creat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí”.


13.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 270/25


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An comhionannas inscne agus an t-athrú aeráide: gné na hinscne a phríomhshruthú sa Chomhaontú Glas don Eoraip

(2022/C 270/05)

Rapóirtéir:

Kata TÜTTŐ (HU/PES), Comhalta de Thionól Ginearálta Áitiúil Bhúdaipeist, an Ungáir

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á athdhearbhú go bhfuil an comhionannas inscne ar cheann de bhunluachanna an Aontais Eorpaigh agus gur bunphrionsabal é atá cumhdaithe sna Conarthaí agus atá aitheanta in Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. De réir Airteagal 8 CFAE, ceanglaítear ar an Aontas, ina chuid gníomhaíochtaí uile, é a bheith mar aidhm aige deireadh a chur leis an neamhionannas idir mná agus fir agus an comhionannas a chur chun cinn;

2.

á chur i gcuimhne go ndearbhaítear an comhionannas inscne, fostaíocht shlán inoiriúnaithe agus cothromaíocht oibre is saoil i bPrionsabail 2, 5 agus 9 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 17 Samhain 2017;

3.

á aithint go mbíonn iarmhairtí difreáilte ó thaobh inscne de ag beartais aeráide agus gur gá an chothromaíocht inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn má táthar chun beart éifeachtach a dhéanamh ar son na haeráide (1); á chur i bhfáth, i dtaca leis sin, a ríthábhachtaí agus atá sé a áirithiú go bhfuil mná páirteach i gceapadh na straitéisí um fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus na ngíomhaíochtaí chun Eoraip níos daonlathaí agus níos cuimsithí a bhaint amach;

Gné na hinscne den athrú aeráide

4.

á thabhairt dá aire gurb í an chuid is boichte agus is leochailí de shochaí an Domhain Theas agus an Aontais is mó a bhíonn thíos leis na contúirtí arb ann dóibh de dheasca an athraithe aeráide, an téimh dhomhanda, chailliúint na bithéagsúlachta agus dhíghrádú an chomhshaoil; á chur in iúl go bhfuil baol carnach i gceist leis an athrú aeráide a dhéanann níos measa na héagothromaíochtaí seanbhunaithe socheacnamaíocha agus na neamhionannais atá ann cheana féin, cuir i gcás gach a mbaineann leis an neamh-chomhionannas inscne; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur dócha go gcuirfear leis an éagothroime shóisialta má bhíonn beartais agus bearta aeráide ann ina ndéantar neamhshuim de ghné na hinscne;

5.

á aithint gurb iad na mná agus na cailíní is mó atá i mbaol, ar bhonn domhanda, maidir le hiarmhairtí an athraithe aeráide agus dhíghrádú an chomhshaoil agus, san am céanna, gur gníomhaithe cumhachtacha iad ar féidir leo ról ríthábhachtach a bheith acu san iarracht an aeráidneodracht a bhaint amach agus an saol a chur in oiriúint do thionchar an athraithe aeráide; á chur i bhfáth, i bhfianaise an taithí saoil agus an dearcaidh ar leith atá acu faoi seach, gur minic a bhíonn smaointe nuálacha agus moltaí cruthaitheacha na mban agus na bhfear ag cur lena chéile, agus go leathnaítear amach cur i bhfeidhm an bheartais aeráide ar fud na sochaí ina hiomláine nuair a chomhtháthaítear an anailís inscne leis agus nuair a aithnítear féiniúlachtaí éagsúla inscne. Sa chomhthéacs sin, tá a thacaíocht á léiriú ag CnaR don ráiteas comhpháirteach a d’eisigh Rialtas na hAlban agus Eintiteas na Náisiún Aontaithe um Chomhionannas Inscne agus um Chumhachtú na mBan le linn COP26, ráiteas ina n-éilítear ról na mban agus na gcailíní a chur chun cinn agus aghaidh á tabhairt ar an athrú aeráide (2);

6.

den tuairim gur cheart mná a chumhachtú a thuilleadh i dtaca le cúrsaí athraithe aeráide trí fheabhas a chur ar an oideachas a chuirtear orthu agus ar a bhfeasacht ar theicneolaíochtaí a bhaineann leis an aeráid, trí bhíthin beart agus gníomhaíochtaí agus tríd an ról atá acu sa phróiseas cinnteoireachta sna réimsí sin a chothú a thuilleadh;

7.

á chur i bhfios gur ann do naisc thábhachtacha idir saincheisteanna inscne, athraithe aeráide agus comhshaoil; á chur in iúl gur dócha go gcuirfidh iarmhairtí an athraithe aeráide isteach ar mhná ar bhealach difriúil ná mar a chuirfidh siad isteach ar fhir agus, ag brath ar a gcúinsí pearsanta saoil agus a gcumas an t-athrú aeráide a mhaolú agus iad féin a chur in oiriúint dó ar leibhéal an duine aonair, gur dócha go mbeadh dearcadh difriúil ag an dá dhream ar an maolú ar an athrú aeráide agus nárbh ionann an difear a dhéanfadh tionchar socheacnamaíoch an bheartais aeráide dóibh; den tuairim gur féidir le mná agus cailíní athrú iompraíocha a chur faoi deara;

Gné na hinscne a phríomhshruthú

8.

á chur i bhfáth gur uirlis luachmhar chun comhionannas inscne a bhaint amach é an príomhshruthú inscne, arb é is ciall leis gné na hinscne a chomhtháthú le hullmhú, ceapadh, agus cur chun feidhme na mbeartas, na mbeart rialála agus na gclár caiteachais agus leis an bhfaireachán agus an mheastóireacht a dhéantar orthu agus gur mór is oth leis nuair a dhéantar neamhshuim di;

9.

á thabhairt dá aire, cé go n-aithnítear i Straitéis 2020-2025 maidir le Comhionannas Inscne (3) gur féidir go ndéanfaidh beartais agus cláir de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (CGE) difear do mhná ar bhealach difriúil ná mar a dhéanfar d’fhir, níl comhtháthú ghné na hinscne le gach mórthogra de chuid an Choimisiúin a fógraíodh á dhéanamh go follasach láidir (4); ag tarraingt aird ar an rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le CGE ina leagtar béim ar an ngá atá le gné na hinscne i gcás ghníomhaíochtaí agus spriocanna CGE, lena n-áirítear gné na hinscne a phríomhshruthú agus gníomhaíochtaí atá íogair ó thaobh inscne de (5);

10.

á chur i bhfáth gur gné ríthábhachtach de thacar straitéisí um príomhshruthú inscne an Aontais na measúnuithe tionchair, rudaí nár forbraíodh go hiomlán go fóill, ós rud gur rómhinic a fhágtar ar lár bailiú agus úsáid na sonraí, na staitisticí agus na faisnéise trasnaí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de; á iarraidh ar an gCoimisiún an Treoir maidir le Measúnú Tionchair Inscne ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (6) a chur i bhfeidhm; á chur i bhfáth gur cheart a áireamh ar na sonraí a bhailítear ar fud Bhallstáit an Aontais táscairí inscne níos cuimsithí gan cur le hualach riaracháin na n-údarás áitiúil agus réigiúnach;

11.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur cruthaíodh Tascfhórsa um Chomhionannas (7) chun príomhshruthú an chomhionannais a áirithiú, lena n-áirítear an comhionannas inscne agus an éagsúlacht inscne, i mbeartais uile an Aontais, ón gceapadh go dtí an cur chun feidhme, agus tá sé ag iarraidh ar an Aontas malartú an dea-chleachtais a éascú i measc na n-údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus cur chuige ón mbarr anuas á sheachaint;

12.

á mhaíomh gur gné thábhachtach eile de bheartais agus cláir um athrú aeráide níos éifeachtaí agus níos íogaire ó thaobh inscne de í rannpháirtíocht na mban sa phróiseas cinnteoireachta i dtaca le cúrsaí aeráide; á éileamh go gcuirfí borradh faoi rannpháirtíocht na mban i ngíomhaíochtaí ar fud institiúidí an Aontais, comhlachtaí rialtais agus údaráis phoiblí ar gach leibhéal; á iarraidh ar an gComhairle an bac a bhaint den Treoir maidir le Mná ar Bhoird (8);

13.

á chur i bhfáth gur deis atá sa téarnamh ón bpaindéim gnáthshaol nua a thógáil agus acmhainní a dhíriú ar shochaí a chothú a bheadh aeráidneodrach agus cothrom ó thaobh inscne de; á mholadh uirlisí um príomhshruthú inscne a úsáid chun pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme, ós rud é gur cheart iad a bheith ní hamháin ina mbunús leis an téarnamh ach le sochaí inbhuanaithe chóir agus chomhionann freisin;

14.

ag éileamh taighde feabhsaithe chun bacainní ar rannpháirtíocht sa phróiseas cinnteoireachta a aimsiú, agus chun tionchar na steiréitíopaí inscne ar thomhaltas agus stíl mhaireachtála an duine a chíoradh; á mholadh leas a bhaint as samhlacha mar an Modh Measúnaithe Inscne le haghaidh Maolaithe agus Oiriúnaithe (GAMMA) chun sonraí níos fearr a fháil;

15.

den tuairim gur féidir freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais agus acmhainn na saoránach uile le cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de. Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is fearr ar féidir leo saincheisteanna sóisialta a chomhtháthú leis an ngníomhú ar son na haeráide, ós rud é gurb iad an leibhéal rialtais is gaire don phobal iad agus go bhfuil ról lárnach acu i gcur chun feidhme na reachtaíochta. Mar sin féin, tá CnaR á chur i bhfáth gur gá rannpháirtíocht na mban a chur chun cinn ar gach leibhéal institiúideach, agus ar leibhéal an Aontais i dtosach báire;

16.

á iarraidh go léireofaí sa Chomhshocrú Aeráide Eorpach cur chuige sin na hinscne chun tionchar a imirt ar ghníomhaíochtaí agus beartais aeráide, trí ghníomhaíochtaí for-rochtana ar leith a chur san áireamh a dhíreofar ar an bhfeasacht a ardú, oideachas agus eolas a roinnt i dtaca le gné na hinscne;

17.

ag leagan béim ar a thábhachtaí agus atá an comhar traspháirtí idir eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil baint acu le saincheisteanna hinscne agus comhshaoil, eagraíochtaí sibhialta, agus go gcruthófaí feachtas coiteann feasachta agus cláir oiliúna;

Fostaíocht ghlas

18.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go gcuirfear ar fáil le téarnamh glas digiteach cuimsitheach deiseanna poist nua a chruthú nó mná atá dífhostaithe go fadtéarmach a thabhairt ar ais ag obair sa gheilleagar digiteach; á áitiú gur féidir gné na hinscne a chur san áireamh san obair ar son geilleagar inbhuanaithe ísealcharbóin ionas nach leanfar den éagothroime atá ann faoi láthair;

19.

á chur i bhfáth nach mbainfear forbairt inbhuanaithe chothromasach amach gan rannchuidiú na mban agus gur cheart a thábhacht sin a aithint; á chur i bhfios gur féidir le mná agus cailíní tairbhe a bhaint as na deiseanna i réimse na fiontraíochta glaise agus nach gá gur fostaithe glasa a bheidh iontu ach gur féidir leo a bheith ina bhfostóirí glasa freisin, ar choinníoll nach mbeadh éiginnteacht fostaíochta ann dá thoradh sin agus brú curtha ar dhaoine a bheith féinfhostaithe;

20.

á aithint go mbeidh ról níos tábhachtaí fós ag an teicneolaíocht i saol na ndaoine uile agus gur gá gur léiriú a bheidh san earnáil teicneolaíochta ar an tsochaí ar a bhfreastalaíonn sí; ag éileamh go gcruthófaí cláir oiliúna speisialaithe i dtaca le cúrsaí digiteála agus teicneolaíochta a dhíreofaí ar mhná agus cailíní agus go dtacófaí leis na cláir sin ó thaobh airgeadais de, ós rud é gur deis mhór atá ann dlús a chur leis an nuálaíocht i réimse an aistrithe aeráide agus fuinnimh trí chótaí inscne a fheabhsú sna hearnálacha sin agus rochtain chomhionann ar dheiseanna gairmiúla a áirithiú (9);

21.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an comhionannas inscne a chur san áireamh mar ghné thábhachtach den aistriú digiteach, lena n-áirítear gné na hinscne i bhforbairt na mbeartas um an oideachas digiteach, scéimeanna meantóireachta a chur chun cinn a bhfuil eiseamláirí ban in TFC acu, deireadh a chur leis an gclaontacht idirdhealaitheach ó thaobh inscne de in algartaim, idir an chlaontacht chomhfhiosach agus neamh-chomhfhiosach araon, an cibearfhoréigean a chosc, leas a bhaint as cláir Erasmus+, borradh a chur faoin bhfoghlaim ar feadh an tsaoil san oideachas aosach, go háirithe i gceantair iargúlta, agus an t-eisiamh digiteach a chosc;

22.

den tuairim gur féidir go mbeidh cothromaíocht níos fearr oibre is saoil ann de thoradh na teilea-oibre, fad is atá rochtain ag teaghlaigh ar chúram leanaí ardchaighdeáin i rith na n-uaireanta oibre, lena n-áirítear gníomhaíochtaí fóillíochta do leanaí atá níos sine, agus fad is a chuirtear san áireamh gur mó fós a neamhchosanta atá na mná ar an bhforéigean teaghlaigh (10); á chur i bhfáth a thábhachtaí agus atá sé na crua-earraí teicneolaíochta is déanaí agus idirlíon ardluais a fháil ar chostas réasúnta ar mhaithe leis an teilea-obair agus clár WIFI4EU a leathnú amach go limistéir iarghúlta; á mholadh go leanfaí ar aghaidh go tapa le cur chun feidhme uaillmhianach Threoir 2019 maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil;

Iompar poiblí agus soghluaisteacht inbhuanaithe

23.

á chur i dtreis gur cheart a thuilleadh airde a thabhairt i ndearadh agus pleanáil chórais iompair na gcathracha ar an míchothromaíocht inscne, ós rud é gurb iad na mná is minice a bhaineann leas as an iompar poiblí; á chur i bhfáth gurb iad an tsábháilteacht agus an muinín as an tsábháilteacht dhá mhórphointe ar cheart feabhas a chur orthu; á chur in iúl gur gá a chur san áireamh sna pátrúin soghluaisteachta (amhchláir san áireamh) agus sna cinntí a ghlactar maidir le háisiúlacht na mbealaí an úsáid dhifriúil a bhaintear as an gcóras de réir na n-inscní (is mó fear a thaistealaíonn idir an áit chónaithe agus an ionad oibre, is mó ban a thugann faoi thurais a bhfuil níos mó ná ceann scríbe amháin ag baint leo), agus roinnt na ról sa mhargadh saothair agus an geilleagar cúraim; á chur i bhfáth gur gá toilleadh seachbhuaice, iontaofacht agus solúbthacht na seirbhísí iompair phoiblí freastal níos fearr a dhéanamh ar phatrúin soghluaisteachta daoine as gach aoisghrúpa agus grúpa inscne agus é á choinneáil i gcuimhne i gcónaí gur cheart do gach bardas, réigiún agus tír a cuid seirbhísí iompair phoiblí a eagrú de réir a riachtanas agus cúinsí difriúla féin, i dtimpeallachtaí uirbeacha agus tuaithe araon;

24.

den tuairim go bhféadfaí cur leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe shábháilte chuimsitheach ach tionscnaimh shimplí chostéifeachtacha a chur ar bun is féidir a chur ar bun in áit eile go héasca, cuir i gcás busanna oíche a stadann ach a iarraidh nó lánaí rothar agus bealaí coisithe ar a bhfuil a dhóthain soilse agus atá scoite go hiomlán ón trácht;

25.

den tuairim gur foinse chabhrach na tionscnaimh amhail Mná in Earnáil an Iompair — Ardán an Aontais le haghaidh Athrú chun cur le fostaíocht na mban in earnáil an iompair agus gur fóram maith atá iontu chun dea-chleachtas a mhalartú, agus tá obair leantach á hiarraidh ag CnaR trí bhíthin na n-ambasadóirí éagsúlachta in earnáil an iompair;

26.

á thathant ar an gCoimisiún an chaoi lenar féidir cathracha a nascadh le limistéir iarghúlta a phleanáil, chomh maith leis an gcaoi lenar féidir inrochtaineacht agus nascacht a áirithiú agus leas níos mó a bhaint as feithiclí glana, traenacha agus busanna leictreacha hibrideacha le haghaidh achair níos faide; i bhfabhar réitigh dhigiteacha a úsáid chun ticéadú na mbealaí taistil a láimhseáil ar aipeanna difriúla; ag aithint iarrachtaí Chlár Oibre Nua an Aontais;

Bochtaineacht fuinnimh

27.

á chur in iúl gur údar ollmhór imní dó gurb airde ná mar a bhí leis na blianta fada na praghsanna leictreachais agus gáis sna Ballstáit go léir, rud a fhágann an-chuid ban agus fear i mbochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta; á iarraidh ar an Aontas frithbhearta fadtéarmacha a dhéanamh, lena n-áirítear cúiseanna an ardaithe ar phraghsanna fuinnimh a fhiosrú;

28.

á aithint go mbíonn tionchar díréireach ag an mbochtaineacht fuinnimh ar mhná mar gheall ar neamhionannais struchtúracha i ndáileadh ioncaim, a stádas socheacnamaíoch agus an bhearna chúraim idir na hinscní;

29.

ag lua an Rúin ó Pharlaimint na hEorpa (11) ina n-iarrtar ar an Aontas gné na hinscne a chur san áireamh ina bheartais agus cláir fuinnimh uile agus díriú go háirithe ar mhná agus cailíní ar gá dóibh dul i ngleic leis an mbochtaineacht, an t-eisiamh sóisialta agus an t-imeallú;

30.

á mholadh do Mhol Comhairleach an Aontais maidir leis an mBochtaineacht Fuinnimh gné na hinscne a chur i bhfeidhm ina tháscairí agus fad is a bhíonn sonraí á n-úsáid agus á mbailiú aige;

31.

á chur in iúl arís gur dúshlán ollmhór don tsochaí is ea an bhochtaineacht fuinnimh a bhfuil iarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil ag baint leis ar gá aghaidh a thabhairt air ar bhonn práinne ar gach leibhéal rialachais; á chur i dtreis, dá bhrí sin, gur gá, agus aghaidh á tabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh, leas a bhaint as ionstraimí beartais phoiblí éagsúla lena gcuirtear san áireamh an éifeachtúlacht fuinnimh agus saincheisteanna cosanta sóisialta araon;

32.

á chur i bhfios gur díol sásaimh dó tionscnaimh amhail Ardán an Aontais le haghaidh Athrú agus Price of Women in Energy [Praghas na mBan san Fhuinneamh] mar mheán chun an comhionannas inscne a chur chun cinn agus togra an Chiste Aeráide Shóisialta chun iarmhairtí an scéim trádála astaíochta a bheith á cur chun feidhme i gcás iompair agus foirgneamh a chúiteamh, ar iarmhairtí iad atá éagothrom ó thaobh na socheacnamaíochta de, ina luaitear an gá atá le dearcadh na mban a chur san áireamh; á chur i bhfáth gur gá an Ciste Aeráide Sóisialta agus an Ciste um Aistriú Cóir a chur chun feidhme faoi stiúir cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de; á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil Ardán Comhionannais na hEarnála Iompair le seoladh ag Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh sa Choimisiún;

Buiséadú inscne

33.

á mheabhrú gurb é atá i gceist le buiséadú inscne ná príomhshruthú inscne a dhéanamh ar an bpróiseas buiséideach ina iomláine d’fhonn gné an chomhionannais inscne a chomhtháthú leis na cinntí uile a bhaineann le hioncam agus caiteachas;

34.

á aithint gur ábhar imní na conclúidí ón dá staidéar a rinne Parlaimint na hEorpa in 2015 agus 2017, inar léiríodh nach leor an méid atá an buiséadú inscne á chur i bhfeidhm i gcleachtas agus a laghad dul chun cinn a rinneadh maidir leis an mbuiséadú inscne idir 2015 agus 2017 (12);

35.

á chur in iúl gur ábhar imní dó nach luaitear an príomhshruthú inscne i measc an 11 chritéar measúnachta a leagtar amach sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Athléimneachta; á thabhairt le fios, ar bhonn níos ginearálta, go bhfuil Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (13) den tuairim nach gcomhtháitítear gné na hinscne le buiséad an Aontais, ós rud é go bhfuil gnéithe ríthábhachtacha, amhail an t-anailísiú inscne, cuspóirí a bhaineann leis an inscne, táscairí agus freagracht trí bhíthin tuairisciú, ar an iomlán, in easnamh;

36.

ag cur in iúl gur oth leis nach n-áirítear gné na hinscne sa teachtaireacht a seoladh le déanaí faoin straitéis maidir leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a mhaoiniú (14), go háirithe ós rud é go bhfuil an chuimsitheacht ar cheann de na ceithre phríomhréimse a sainaithníodh a bhfuil gá le gníomhaíochtaí breise ina dtaobh le go mbeidh an córas airgeadais in ann tacú ina iomláine leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe;

37.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an buiséadú inscne a chur de cheangal orthu féin, lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm é maidir le buiséad iomlán an Aontais agus go gcuirfear na moltaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun feidhme ina n-iomláine, lena n-áirítear san athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi láthair agus i gcur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta;

38.

ag déanamh tagairt don tuairim ó CnaR maidir le hAontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Comhionannais Inscne 2020-2025 (15), lena n-éilítear nasc níos soiléire idir an straitéis agus príomhthosaíochtaí agus príomhstraitéisí pháirtithe polaitiúla an Aontais, go háirithe an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach; á chur in iúl gur díol sásaimh dó a thuairim féin dar teideal “Gné inscne chistí struchtúracha agus comhtháthaithe 2021-2027, ag díriú ar ullmhú na gclár oibríochtúil” (16), ina chuirtear i bhfáth gur gá an comhionannas inscne a mheas mar chritéar cothrománach ar mhaithe le cláir um bheartas comhtháthaithe a tharraingt suas, ar sprioc é ar cheart do na cláir a bheith ag tabhairt faoi agus ar cheart a bheith ina thosca mór ó thaobh cuidiú le spriocanna inbhuanaithe cothroma an bheartais chomhtháthaithe a bhaint amach;

An leibhéal idirnáisiúnta

39.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cinneadh ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide a Bheartas Inscne (17) agus a Phlean Cur Chun Feidhme a ghlacadh maidir leis an inscne a phríomhshruthú ina chuid oibre;

40.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur bunaíodh clár oibre ar leith laistigh de phróiseas UNFCCC — Clár Oibre Feabhsaithe Lima maidir le hInscne agus an Plean Gníomhaíochta maidir le hInscne — chun aghaidh a thabhairt ar a laghad a cuireadh beartais aeráide chun feidhme ar bhonn inscne-fhreagrúil agus inscne-íogair agus chun a áirithiú go n-áireofar glórtha na mban sa phlé domhanda agus san idirbheartaíocht idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide, agus gur díol sásaimh dó go háirithe gur ceapadh pointí fócasacha náisiúnta maidir leis an inscne agus an t-athrú aeráide do gach páirtí;

41.

á thabhairt dá aire go n-aithnítear i gCoinbhinsiúin Rio (18) a thábhachtaí agus atá na naisc idir na saincheisteanna inscne; ag déanamh tagairt do Dhearbhú Bhéising agus do Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising arb iad na foinsí is cuimsithí treorach iad agus ar údar spreagtha iad maidir leis an gcomhionannas inscne a bhaint amach, mar a leagtar béim, go háirithe i Réimse K (19), ar na contúirtí atá ann do mhná agus cailíní, arb iadsan an dream is mó atá i mbaol, maidir le héiceachórais leochaileacha agus díghrádú an tsaoil nádúrtha, rud atá ag dul in olcas de dheasca iarmhairtí antrapaigineacha an athraithe aeráide;

42.

á iarraidh go n-áiritheofaí go gcuirfear tosca sóisialta agus gné na hinscne san áireamh sna rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta agus sna rannchuidithe arna gcinneadh go réigiúnach agus go háitiúil;

43.

á chur i bhfios gur díol sásaimh dó a bhfuil i mbrollach Chomhaontú Pháras, ina n-éilítear an comhionannas inscne a bhaint amach agus leas a bhaint as cumhachtú na mban chun cuidiú le srian a chur leis an téamh domhanda; á thabhairt le fios gur mór aige gur aithníodh i gComhaontú Pháras an gá atá le cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de sna hiarrachtaí oiriúnú a dhéanamh (Airteagal 7.5) agus acmhainneacht a fhothú (Airteagal 11.2), ach gur oth leis a laghad atá déanta ina leith sin agus nach ann do phlean cur chun feidhme chun na críche sin.

An Bhruiséil, 27 Eanáir 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Conclúidí ón gComhairle — Ullmhúcháin do chruinnithe de Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC), (Glaschú, ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 12 Samhain 2021).

(2)  https://www.gov.scot/publications/glasgow-womens-leadership-statement-gender-equality-climate-change/.

(3)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52020DC0152&from=EN

(4)  An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final), an Plean um Sprioc Aeráide 2030 (COM(2020) 562 final) agus an Creat Aeráide agus Fuinnimh 2030 (COM(2014) 15 final); Ní dhéantar tagairt ar bith do chúrsaí inscne in Pláinéad Glan do Chách (COM(2018) 773 final); Déantar tagairt amháin do mhná torracha a bheith ina ngrúpa leochaileach sa Chlár Gníomhaíochta don Chomhshaol (1386/2014/AE). Is amhlaidh atá sé in ainneoin gur oibleagáid de réir an Chonartha gné na hinscne a phríomhshruthú, gur leagadh amach creat maidir le beartas um chomhionannas inscne an Aontais agus gné na hinscne a phríomhshruthú sa Straitéis maidir le Comhionannas Inscne (COM(2020) 152) agus gur thug an tAontas gealltanas maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (2015) agus Plean Gníomhaíochta Inscne (2019) UNFCCC. https://onlinelibrary.wiley.com/doi/full/10.1111/jcms.13082

(5)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.

(6)  https://eige.europa.eu/gender-mainstreaming/toolkits/gender-impact-assessment/guide-gender-impact-assessment

(7)  Aontas an Chomhionannais: céad bhliain na ngníomhaíochtaí agus na n-éachtaí | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)

(8)  Leis sin, áiritheofaí gur mhná a bheadh in 40 % ar a laghad de na comhaltaí ar bhoird comhlachtaí nach boird feidhmiúcháin iad.

(9)  Dea-shamplaí: Women and Girls in STEM Forum [Fóram na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht, an Teicneolaíocht, an Innealtóireacht agus an Mhatamaitic], Girls go Circular (eit.girlsgocircular.eu); an scórchlár maidir le mná san earnáil dhigiteach a chur ar bun mar chuid lárnach den Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach.

(10)  https://www.unwomen.org/en/news/in-focus/in-focus-gender-equality-in-covid-19-response/violence-against-women-during-covid-19

(11)  IO C 76, 28.2.2018, lch. 93.

(12)  https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/BRIE/2020/660058/IPOL_BRI(2020)660058_EN.pdf.

(13)  https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR21_10/SR_Gender_mainstreaming_EN.pdf

(14)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:52021DC0390&qid=1635262292392&from=EN

(15)  CnaR 2016/2020.

(16)  CnaR 2503/2021.

(17)  https://www.ipcc.ch/site/assets/uploads/2020/05/IPCC_Gender_Policy_and_Implementation_Plan.pdf

(18)  Mar atá Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht, Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac.

(19)  https://urldefense.com/v3/__https:/beijing20.unwomen.org/sites/default/files/Headquarters/Attachments/Sections/CSW/PFA_E_Final_WEB.pdf__;!!DOxrgLBm!CAn21kpG6-aw8ORD9bMPfeacIqPcDC6tSEQRPj8xBhiyekINHs8gB6F2R-yK0e86ilckzxV6t-lTj9hmM64LHie-NcW3UuBl-XZ4wS8pbuFgEw$


13.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 270/31


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú

(2022/C 270/06)

Rapóirtéir:

Marieke SCHOUTEN (NL/Na Glasaigh), Leasmhéara Bhardas Nieuwegein

Doiciméad tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: “Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil” [Conair i dtreo pláinéad sláintiúil do chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú]

COM(2021) 400 final (níl leagan Gaeilge ann)

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

Barúlacha ginearálta

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú agus an bhéim a leagtar inti ar an tsláinte agus ar chur chuige trasearnála; á chur in iúl go bhfuil sé ag tnúth leis na gníomhaíochtaí agus na tograí a leagtar amach inti; á iarraidh go mbeidís comhleanúnach agus i gcomhréir le chéile agus le tionscnaimh eile faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Ghlais;

2.

á chur i bhfáth gur gá reachtaíocht AE a chur chun feidhme ina hiomláine i gcomhréir le prionsabail CFAE a leagtar amach in Airteagal 191(2) (na prionsabail gur cóir bearta coisctheacha a ghlacadh, go dtabharfar tosaíocht do bhearta chun damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse agus gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as);

3.

ag leagan béim air gur fadhb mhór atá sa truailliú nach mór dul i ngleic léi trí rialachas éifeachtach il-leibhéil agus trí chur chuige trasteorann; á thabhairt le fios go bhfuil a ról féin ag gach geallsealbhóir agus gur gá dul i mbun gnímh ar gach uile leibhéal ionas nach iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheidh thíos le héifeachtaí diúltacha an truaillithe toisc iad a bheith ag deireadh an tslabhra;

4.

den tuairim láidir gurb é is cúis leis an truailliú córas táirgthe agus tomhaltais neamh-inbhuanaithe atá bunaithe ar fhás gan teorainn agus saothrú acmhainní; á chur i bhfios gurb é an t-aon bhealach chun dul i ngleic leis ná aistriú chuig geilleagar ciorclach;

5.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na sé phríomhsprioc atá le baint amach faoi 2030 mar thúsphointe; á thabhairt le fios, áfach, gur oth leis nach spriocanna nua iad formhór na spriocanna sin; den bharúil gur gá a bheith níos uaillmhianaí agus tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh; á mholadh don Choimisiún tús a chur le próiseas leanúnach chun athbhreithniú agus coigeartú a dhéanamh ar na spriocanna sin chun iad a chur ag luí le fís 2050 agus páirt a thabhairt do CnaR sa phróiseas sin;

6.

á chur i bhfáth, má táthar chun na spriocanna sin a bhaint amach ar an leibhéal Eorpach, go mbeidh cur chuige uaillmhianach comhtháite ag teastáil lena dtabharfar aghaidh ar bhonn córasach ar shaincheisteanna comhshaoil thar réimsí beartais agus lena nasctar uaillmhianta, amlínte, nósanna imeachta agus uirlisí a bhaineann le beartais éagsúla chomhshaoil;

7.

á chur in iúl gur mór an sásamh dó é go bhfuil an tsláinte ar cheann de na príomhghnéithe den Phlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú; á chur i bhfios gur den bhunriachtanas aird a thabhairt ar ábhair imní maidir le sláinte chomhshaoil chun féachaint chuige go ndéanfar na hathruithe is gá chun an nochtadh do strusairí comhshaoil a laghdú, go háirithe i gcás daoine atá ina gcónaí faoi dhálaí leochaileacha (1), ráite gurb é an truailliú an phríomhchúis chomhshaoil le galair agus le bás anabaí ar fud an domhain;

8.

ag athdhearbhú nach mór don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún aird a thabhairt ar na moltaí a rinne na saoránaigh i dtaobh an truaillithe nialasaigh faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa d’fhonn a áirithiú go gcuirfear rialacha nua uaillmhianacha chun feidhme ina leith sin;

9.

á thabhairt le fios gur cheart, agus muid ag téarnamh ón bpaindéim, díriú ar an gcur chuige “Aon Sláinte Amháin” agus a idirnasctha atá sláinte an duine, sláinte an chomhshaoil agus sláinte ainmhithe a aithint; á chur i bhfios go láidir nach mór ról ceannasach a bheith ag an gcur chuige “Aon Sláinte Amháin” maidir leis na spriocanna agus an reachtaíocht má táthar chun inbhuanaitheacht agus dea-bhail na réigiún a áirithiú;

Cur le bearta chun damáiste a chosc ag an bhfoinse

10.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó ordlathas nua an truaillithe nialasaigh atá bunaithe ar “pirimid aisiompaithe”; á thabhairt le fios, áfach, gur oth leis gur beag aird a thugtar ann ar dhamáiste a bhaineann le truailliú a leigheas agus a fhritháireamh;

11.

á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an bplean gníomhaíochta faoi chaibidil a chur i ngníomh ar an leibhéal áitiúil; ag cur béim air, áfach, nach féidir leo a ról a chomhlíonadh ach amháin má ghlactar cur chuige coisctheach ar leibhéal an Aontais a mbeidh beartais éifeachtacha foinsebhunaithe ag gabháil leis;

12.

á chur in iúl gur mór aige an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha agus an cur chuige níos uaillmhianaí a leagtar amach inti atá dírithe ar astaíochtaí a laghdú ag an bhfoinse; á chur i bhfios gur cheart go mbeadh an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha ina rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an gheilleagair chiorclaigh;

13.

ag athdhearbhú gur cur chuige an-éifeachtach atá sna rialacha maidir le hastaíochtaí; á mholadh, ar an gcúis sin, go dtabharfaí aird bhreise ar na rialacha sin a dhéanamh níos déine, ó tharla go mbeadh sé sin ina dhóigh níos fearr chun astaíochtaí a laghdú ag an bhfoinse;

14.

ag tabhairt a thacaíochta don obair idirnáisiúnta atá ar bun ar na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, chun astaíochtaí tionsclaíocha a laghdú agus raon na leibhéal astaíochtaí a theorannú sa chaoi go gcruthófar cothrom na Féinne ar an leibhéal idirnáisiúnta;

15.

á iarraidh go gcuirfí dlús leis na ceanglais maidir le doiciméad tagartha BAT a athbhreithniú agus a fhorfheidhmiú i gcás truaillitheoirí tionsclaíocha éagsúla agus go gcuirfí ceanglais níos déine i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí mar chuid den athbhreithniú ar an bpróiseas um cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú (IPPC);

16.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an tionscnamh um tháirgí inbhuanaithe a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach a mhéid a bhaineann le truailliú comhshaoil ó tháirgí le linn saolré iomlán táirgí – ó eastóscadh agus táirgeadh ábhar go dtí úsáid agus athchúrsáil na dtairgí; den bharúil go bhféadfaí an méid a d’fhéadfadh an tionscnamh um tháirgí inbhuanaithe cur leis an bplean gníomhaíochta a shonrú ar bhonn níos praiticiúla;

An prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a neartú

17.

á chur i bhfáth nár cheart na rialtais a fhágáil ar a gconlán féin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag gach aon earnáil maidir leis an truailliú a rialú agus maidir le damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse;

18.

á iarraidh go mbeadh táirgí agus earraí a thagann isteach san Aontas faoi réir na gcaighdeán comhshaoil atá i bhfeidhm san Aontas, agus, ina éagmais sin, gur cheart an prionsabal Eorpach gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm;

19.

ag cur béim air go bhfuil an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as mar bhonn agus mar thaca ag beartas comhshaoil an Aontais agus go n-éilítear ar na truaillitheoirí leis íoc as costais na mbeart a dhéantar chun an truailliú a chosc, a rialú agus a leigheas;

20.

ag leagan béim ar thuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (2) inar cinneadh go bhfuil cumhdach agus cur i bhfeidhm an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as neamhleor agus, níos minice ná a mhalairt, gurb iad na rialtais a íocann na costais a bhaineann leis an truailliú a ghlanadh;

21.

á iarraidh go ndéanfaí an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chomhtháthú ar bhealach níos fearr sa reachtaíocht chomhshaoil, go háirithe trí theorainneacha astaíochta a ísliú a thuilleadh ar mhaithe le laghdú breise a dhéanamh ar thruailliú iarmharach agus trí aghaidh a thabhairt ar thruailliú idirleata ó gach foinse, lena n-áirítear ó earnáil na talmhaíochta;

22.

á chur i bhfáth nach mór, mar chuid den fhreagracht leathnaithe táirgeora maidir le costais chomhshaoil agus diúscartha na n-earraí tomhaltais agus na n-ábhar pacáistíochta uile, é a chur de fhreagracht ar tháirgeoirí, ó thaobh dlí agus airgeadais de, na bearta maolaithe is gá a dhéanamh chun dul i ngleic leis an truailliú feadh an tslabhra luacha;

Cur chun feidhme níos fearr agus faireachán

23.

á thabhairt le fios go bhfuil tuairim is EUR 55 bhilliún in aghaidh na bliana i gceist leis na costais agus na sochair tharscaoilte atá ann don Aontas nuair nach mbaintear amach na spriocanna comhshaoil a shonraítear i reachtaíocht chomhshaoil an Aontais (3);

24.

á chur i bhfáth nach ndéanann gach truailleán an dochar céanna do shláinte an duine agus don chomhshaol agus, dá bhrí sin, go bhféadfaí, a bhuí le hanailís rioscabhunaithe, comhordú níos fearr a dhéanamh ar ghnéithe éiceolaíocha agus eacnamaíocha;

25.

á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le beartais chomhshaoil agus thionsclaíocha a chur chun feidhme agus go bhfuil inniúlachtaí leathana acu maidir le rialú truaillithe a fhorfheidhmiú; á chur in iúl gur geal leis, ina fhianaise sin, tionscnamh suaitheanta 5: Enforcing zero pollution together [An truailliú nialasach á chur i bhfeidhm i bpáirt le chéile];

26.

ag tarraingt aird ar anailís (4) a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) ina léirítear gur comhordú neamhéifeachtach idir na húdaráis, easpa acmhainn riaracháin, cistiú easnamhach, ganntanas faisnéise agus sonraí, sásraí comhlíontachta neamhleora agus easpa comhtháthú beartais is minice is cionsiocair le cur chun feidhme fo-optamach reachtaíochta comhshaoil; á chur i bhfios gur cheart d’Ardán Gheallsealbhóirí na Straitéise maidir le truailliú nialasach comhordú níos fearr a chothú i measc gach leibhéal rialtais agus thar réimsí beartais; á chur in iúl go bhfuil sé go mór i bhfách leis an ardán nua agus gur díol sásaimh dó an ról atá aige ann ós aitheantas é ar an tábhacht mhór atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i ngnóthú na huaillmhéine maidir le truailliú nialasach;

27.

á chur in iúl gur oth leis nach luaitear an ghné áitiúil agus réigiúnach i roinn 3.1 den phlean gníomhaíochta; á iarraidh go n-áireofaí ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ar bhealach níos feiceálaí ann; ag athdhearbhú go bhfuil tacaíocht airgeadais agus tacaíocht theicniúil de dhíth ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun na cuspóirí a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil;

28.

ag leagan béim air nach leor de réiteach ar na fadhbanna cur chun feidhme níos mó reachtaíochta a thabhairt isteach; á thabhairt le fios go bhfuil sásraí tacaíochta, forbairt acmhainní do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhroinnt eolais agus an nuálaíocht ríthábhachtach chun spriocluachanna agus caighdeáin a chomhlíonadh;

29.

á chur i bhfáth gur féidir leas a bhaint as tionscnaimh de chuid an Aontais amhail comhpháirtíochtaí an Chláir Oibre Uirbigh; á chur i bhfios gur cheart machnamh a dhéanamh ar chomhpháirtíochtaí nua comhshaoil a bhunú chun tacú leis an gcur chun feidhme;

30.

á chur in iúl gur mór an sásamh dó go bhfuil creat comhtháite faireacháin agus forbhreathnúcháin maidir le truailliú nialasach á fhorbairt; á iarraidh go ndéanfaí na sonraí ábhartha uile a bhailiú, a chomhchuibhiú agus a chur ar fáil do chách; á chur i bhfios go láidir gur den tábhacht é go mbeadh an creat thuasluaite ag teacht leis an gcreat faireacháin nua atá beartaithe faoin gClár Gníomhaíochta don Chomhshaol;

Ag tacú le bearta maidir le truailliú nialasach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach

31.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na hiarrachtaí atá déanta ag an gCoimisiún chun oibriú i gcomhar leis na cathracha agus na réigiúin faoi chuimsiú Chomhaontú na Cathrach Glaise, na duaise um Phríomhchathair Ghlas na hEorpa, dhuais na Duilleoige Glaise Eorpaí agus Bhliain Eorpach na gCathracha Níos Glaise ós dreasachtaí iad siúd lena spreagtar feabhsuithe;

32.

á thabhairt le fios go bhfuil gá le cur chuige áitbhunaithe. Ní do phobail uirbeacha amháin ba cheart beartais shonracha a phleanáil, ach do chineálacha eile pobail freisin, ag brath ar imthosca geografacha sonracha;

33.

ag leagan béim air, ach feabhas a chur ar an gcomhshaol trí bhíthin na pleanála spásúlachta, cuir i gcás trí spásanna ardcháilíochta glasa agus gorma a fhorbairt i limistéir uirbeacha, go bhféadfadh na buntáistí seo a leanas a bheith ann: maolú ar thruailliú an chomhshaoil, tacaíocht don bhithéagsúlacht, feabhas ar shláinte agus dea-bhail na bpobal uirbeach agus cothú an chomhtháthaithe shóisialta agus an lánpháirtithe (5);

34.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá réitigh dhúlrabhunaithe ós rud é gur féidir leo a bheith ina réitigh inbhuanaithe chost-éifeachtacha lena gcruthaítear deiseanna eacnamaíocha, fostaíocht agus tairbhí don tsláinte phoiblí agus don dea-bhail; á chur in iúl gur cheart tacaíocht theicniúil, malartú eolais agus forbairt acmhainní a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun é a chur ar a gcumas machnamh a dhéanamh ar na comhthairbhí a bhaineann lena soláthar poiblí;

35.

ag leagan béim athuair ar an gcur chuige uileghabhálach maidir le pleananna gníomhaíochta maidir le torann agus maidir le cáilíocht an aeir a chomhcheangal ar dhóigh níos fearr le pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe i mbardais d’fhonn feabhas a chur ar an gcosaint i gcoinne torainn agus ar cháilíocht an aeir trí iompar poiblí tarraingteach agus tríd an rothaíocht agus an siúl a chur chun cinn go héifeachtach;

36.

i bhfách le saotharlanna beo um réitigh dhigiteacha ghlasa agus um thruailliú nialasach cliste a sheoladh agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Is féidir le cúplaí digiteacha áitiúla a bheith ina gcuidiú chun gníomhaíochtaí áitiúla agus réigiúnacha a fhorbairt ar mhaithe leis an gclaochlú glas agus digiteach. Tá rialú rialtais ar an digiteáil fíor-riachtanach toisc go bhfuil dlúthnasc idir an fhorbairt inbhuanaithe agus an saol digiteach sa lá atá inniu ann;

37.

á iarraidh go n-áireofaí sa spás sonraí Eorpach malartú sonraí a bhaineann leis an inbhuanaitheacht ionas gur féidir le slabhraí luacha cur le glasú na n-earnálacha tionsclaíochta. Thairis sin, ach caighdeáin a leagan síos ar leibhéal an Aontais maidir le stóráil agus malartú sonraí, áiritheofar go mbeidh fáil ar shonraí a fhéadfar a úsáid sna haistrithe chuig truailliú nialasach;

38.

á chur in iúl gur geal leis an comhar atá beartaithe idir an Coimisiún Eorpach agus CnaR maidir le Scórchlár d’fheidhmíocht ghlas réigiúin an Aontais a bhunú a bheidh mar bhunús do dhuais nua, duais um Réigiún Glas na Bliana;

Saincheisteanna sonracha

Aer

39.

á thabhairt dá aire gurb é an truailliú aeir an baol is mó don tsláinte ón gcomhshaol san Aontas agus gurb é is cúis le beagnach 400 000 bás anabaí gach bliain (6);

40.

ag athdhearbhú (7) go bhfuil gá le gníomhaíocht agus comhar ar an leibhéal domhanda, ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil má tá beartais maidir le cáilíocht an aeir chun bheith éifeachtach. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, tá cur chun feidhme na mbeartas sin ag brath den chuid is mó ar bhearta náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá curtha in oiriúint do chúinsí sonracha;

41.

á chur in iúl gur mór aige uaillmhian an Choimisiúin caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a chur ag luí ar dhóigh níos dlúithe leis na moltaí is déanaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus forálacha a bhaineann le faireachán, samhaltú agus pleananna maidir le cáilíocht an aeir a neartú chun cabhrú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha; á chur i bhfios gur gá, go háirithe, na forálacha maidir le faireachán, samhaltú agus pleananna maidir le cáilíocht an aeir a chur ag luí le chéile ar bhealach níos fearr;

42.

á mholadh go mbreathnófaí ar spriocluachanna 2021 na hEagraíochta Domhanda Sláinte mar sprioc atá le baint amach faoi 2050, ach gan na luachanna molta a úsáid mar theorainnluachanna ós rud é nach gcomhlíonann cuid mhór Ballstát na cinn atá ann cheana go fóill, fiú;

43.

á mholadh go gcuirfí san áireamh na conclúidí ó chomhairliúchán CnaR lena Mhoil Réigiúnacha inar imscrúdaíodh cur chun feidhme na dTreoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh agus na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, mar aon le tuarascáil cur chun feidhme Pharlaimint na hEorpa (8) ina ndéantar cur síos ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh mar “uirlis atá éifeachtach i bpáirt agus nach mór a fheabhsú”;

44.

á thabhairt le fios gur cruthaíodh leis an bpaindéim na dálaí chun aistriú córacha iompair a spreagadh agus níos mó spás bóthair a chur ar fáil don siúl agus don rothaíocht, maille le breis spás glaise a chur ar fáil, agus á áirithiú, ar an gcaoi sin, nach bhfillfear ar chathracha ina dtugtar tús áite don ghluaisteán agus a bhfuil ardleibhéil truaillithe aeir iontu;

45.

á thabhairt le fios gur gá iarrachtaí breise a dhéanamh má táthar chun leibhéil an truaillithe bolaidh a laghdú; á chur in iúl gurb é a mheas gurb í an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha an phríomhuirlis ba cheart a úsáid chun truailliú bolaidh a chomhrac ós rud é go gcumhdaíonn sí gach cineál astaíochta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá eolaíocht na saoránach agus rannpháirtíocht an phobail chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le truailliú bolaidh. Ach cur chuige il-leibhéil a ghlacadh lena n-áirítear dearcthaí difriúla ó gheallsealbhóirí éagsúla, féadfar é a chur ar chumas na saoránach a bheith rannpháirteach i gcinntí a dhéantar faoina dtimpeallacht agus, ar a mhuin sin, is féidir tacú le lucht ceaptha beartas agus le cuideachtaí a astaíonn bolaithe cinntí feasacha a dhéanamh agus fadhb an truaillithe bolaidh a bhainistiú ar dhóigh níos fearr;

Uisce

46.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an sprioc atá ann go ndéanfaí laghdú 30 % ar mhicreaphlaistigh a scaoiltear isteach sa chomhshaol; ag moladh don Choimisiún Eorpach sainmhínithe soiléire a leagan síos ar mhicreaphlaistigh agus iarracht a dhéanamh cosc a chur ar scaoileadh micreaphlaisteach agus ábhar neamhfhite ag an bhfoinse trí bhearta níos déine a mholadh maidir le micreaphlaistigh a scaoiltear isteach sa chomhshaol d’aon ghnó;

47.

á chur in iúl gur mór aige an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh; ag tacú leis an tionscnamh chun an Treoir sin a úsáid chun cothaithigh luachmhara a aisghabháil agus leis an tionscnamh chun breathnú ar shubstaintí atá ag teacht chun cinn amhail iarmhair chógaisíochta agus micreaphlaistigh;

48.

á mholadh go ndéanfaí measúnú ar éifeachtacht na mbeart sin agus machnamh a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh i dtaca le cógaisíocht agus micreaphlaistigh, agus aird á díriú ar na háiteanna is measa ó thaobh truaillithe de ina bhfuil rioscaí don éiceolaíocht nó d’fhoinsí uisce óil;

49.

á mholadh go ndéanfaí faireachán ar shubstaintí in uisce dromchla agus i screamhuisce trí leas a bhaint as teicnící faireacháin agus meastóireachta nuálacha agus an méid sin a chur san áireamh san athbhreithniú ar an Treoir maidir le Substaintí Tosaíochta agus ar an Treoir Screamhuisce; á thabhairt le fios go bhfuil gá le malartuithe faisnéise maidir le sceitheadh i ndobharcheantair óir tá éifeacht ag astaíochtaí truailleán níos faide síos sa slabhra;

50.

á chur in iúl gur ábhar imní dó gur teoranta fós an athúsáid uisce san Aontas; den bharúil go bhféadfaí tacú léi trí raon feidhme rialachán AE maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce a leathnú d’fhonn úsáid uisce le haghaidh uisciú spásanna glasa i limistéir uirbeacha, i bpáirceanna, i ngairdíní agus i limistéir phoiblí (e.g. páirceanna caitheamh aimsire, faichí spórt) a chumhdach ann;

Torann

51.

á thabhairt le fios go gcailltear milliún bliain shláintiúil gach bliain i ngeall ar éifeachtaí torainn ar an tsláinte (9); á chur i bhfios gur den ríthábhacht truailliú torainn ó bhóithre a laghdú chun dul i ngleic leis an ábhar imní don tsláinte phoiblí sin atá ag dul i méid;

52.

á áitiú gur gá beart a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach chun tacú le hiarrachtaí áitiúla agus réigiúnacha truailliú torainn ó bhóithre, ó iarnród agus ó aerfoirt a laghdú trí chur chun feidhme agus forfheidhmiú níos fearr na gceanglas mapála agus tuairiscithe faoin Treoir maidir le Torann Timpeallachta a áirithiú;

53.

ag moladh don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Torann Timpeallachta a athbhreithniú ar mhaithe le spriocanna éigeantacha uaillmhianacha a leagan síos maidir le torann a laghdú chun bheith i gcomhréir níos mó leis na teorainneacha atá molta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte; á iarraidh go gcuirfeadh gach geallsealbhóir treochlár gníomhaíochta le chéile chuige sin;

54.

á áitiú gur gá go n-aistreofaí ó bheith ag díriú ar bhearta lena maolaítear torann iomarcach go dtí bearta lena gcuirtear cosc iomlán ar thorann, amhail tacú le modhanna inbhuanaithe iompair amhail siúl agus rothaíocht, chun laghdú suntasach fadtéarmach a dhéanamh ar thorann;

Ithir

55.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go bhféadfar reachtaíocht maidir le cáilíocht agus tionscnamh na hithreach a fhorfeidhmiú go héifeachtach; á chur i bhfios, ina fhianaise sin, go bhfuil cruthúnas aonfhoirmeach ar thionscnamh agus cháilíocht na hithreach ar fud na mBallstát ríthábhachtach do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha má táthar chun stop a chur le hiompar agus úsáid ithreach éillithe thar réigiúin, ó tharla go bhfágann cleachtais den chineál sin nach féidir an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm;

56.

á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá ithir shláintiúil don dea-bhail agus don rathúnas; i bhfabhar cur chuige coisctheach riosca-bhunaithe maidir le héilliú ithreach. Ní hamháin ar cháilíocht cheimiceach na hithreach ba cheart díriú, ach ar bhail fhisiceach agus bhitheolaíoch na hithreach freisin;

57.

á thabhairt dá aire go láisteann ceimiceáin thocsaineacha ó phlaistigh isteach san ithir agus sa screamhuisce nuair a dhiúscraítear iad i láithreacha líonta talún. Nuair nach ndéantar iad a bhainistiú mar is ceart, truaillíonn plaistigh an talamh, na huiscebhealaí agus na haigéin. Ní féidir breiseáin thocsaineacha agus micreaphlaistigh a fhaightear sa bháisteach, san ithir, in uiscebhealaí, in aigéin ná ar bharra sléibhe a dhíothú trína n-athchúrsáil, trína gcur i láithreacha líonta talún nó trína loscadh. Is é an t-aon bhealach chun difríocht a dhéanamh teorainneacha a thabhairt isteach atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le táirgeadh domhanda plaisteach le haghaidh úsáidí riachtanacha;

58.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Straitéis Ithreach AE nua, maille leis an dlí AE maidir le sláinte ithreach atá fógartha, ós rud é gur céim ríthábhachtach é tacú le cosaint ithreach trí bhíthin creat Eorpach i dtreo na haeráidneodrachta, athshlánú na bithéagsúlachta, truailliú nialasach, chomh maith le córas bia sláintiúil agus inbhuanaithe; á éileamh, san am céanna, go mbeadh solúbthacht ann i gcur chun feidhme náisiúnta na ngníomhaíochtaí faoin bplean gníomhaíochta agus faoin straitéis ithreach nua toisc go bhfuil difríochtaí móra ann ó réigiún go chéile maidir le pleanáil spásúlachta, tírdhreach, ithir (comhdhéanamh na hithreach) agus úsáid ithreach;

59.

á chur in iúl gur geal leis iarrachtaí an Choimisiúin comhairle a chur ar fheirmeoirí cleachtais nach bhfuil chomh truaillitheach céanna a ghlacadh, rud a laghdódh astaíochtaí amóinia agus astaíochtaí níotráite; á thabhairt le fios go dtagann astaíochtaí suntasacha ón earnáil talmhaíochta, amhail fosfáití, miotail, lotnaidicídí agus táirgí cógaisíochta;

60.

á iarraidh go dtabharfaí aird faoi leith ar astaíochtaí idirleata stairiúla. I gcásanna áirithe, ní féidir caighdeáin nua a bhaint amach, rud a chuireann srianta ar úsáid limistéar truaillithe. Dá bhrí sin, ní mór cur chuige foinsebhunaithe a chomhcheangal le straitéis chun deireadh a chur le foinsí truaillithe atá ann cheana;

Substaintí guaiseacha

61.

á mholadh go nglacfaí bearta chun teorainn a chur le ceimiceáin sula dtéann siad isteach sa slabhra, lena n-áirítear rialacháin maidir le húsáid shábháilte substaintí a chuirtear ar an margadh. Ba cheart don Aontas rialáil a dhéanamh ar shubstaintí ceimiceacha bunaithe ar na hairíonna intreacha atá díobhálach don duine agus don chomhshaol, fiú i gcás éiginnteacht eolaíoch, agus an riosca nochta agus na tairbhí lena mbaineann don tsochaí á gcur san áireamh, agus rioscaí sonracha do-ghlactha a shainaithint agus a eisiamh;

62.

den tuairim gurb é Rialachán REACH an phríomhionstraim le substaintí guaiseacha a thagann isteach sa chomhshaol a rialú; á chur in iúl go bhfuil sé fíor-riachtanach úsáid níos mó a bhaint as na próisis údaraithe agus shriantacha faoi Rialachán REACH agus tuilleadh substaintí ar ábhar mór imní iad a shainaithint lena gcur ar an liosta substaintí inbhreithnithe;

63.

á iarraidh go dtabharfaí isteach srianta ar leibhéal an Aontais maidir le húsáidí fadhbacha substaintí contúirteacha sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFASanna) agus a n-astaíochtaí; á thabhairt le fios gur ábhar mór imní iad roinnt mhaith díobh sin ós substaintí an-mharthanach iad a bhfuil tionchar díobhálach acu ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;

64.

á chur in iúl gur beag an t-eolas atá ann faoi na héifeachtaí (éicea)-tocsaineolaíochta atá ag roinnt mhaith substaintí guaiseacha ar an gcomhshaol nó trí bhíthin an chomhshaoil; ag leagan béim air gur cheart fianaise eolaíoch ar an tionchar éiceolaíoch agus sláinte atá ag substaintí ceimiceacha a thabhairt cothrom le dáta agus athbhreithniú a dhéanamh air ar bhonn leanúnach; á chur in iúl gur cheart an fhianaise sin a chur ar fáil, go háirithe a mhéid a bhaineann le rioscaí don duine agus don chomhshaol.

An Bhruiséil, 27 Eanáir 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Tuarascáil EEA Uimh. 22/2018: Unequal exposure and unequal impacts.

(2)  Tuarascáil Speisialta Uimh. 12/2021: The Polluter Pays Principle: Inconsistent application across EU environmental policies and actions.

(3)  Staidéar 2019: The costs of not implementing EU environmental law.

(4)  Tuarascáil EEA Uimh. 21/2017: Environmental indicator report 2017.

(5)  Tuarascáil EEA Uimh. 21/2019: Healthy environment, healthy lives: how the environment influences health and well-being in Europe.

(6)  Tuarascáil EEA Uimh. 9/2020: Air Quality in Europe – 2020 report.

(7)  Tuairim ó CnaR Todhchaí Bheartas AE d’Aer Glan faoi chuimsiú na hUaillmhéine maidir le Truailliú Nialasach.

(8)  Rún ón bParlaimint an 25 Márta 2021 maidir le cur chun feidhme na dTreoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh (2020/2091(INI)) (IO C 494, 8.12.2021, lch. 64)..

(9)  https://www.eea.europa.eu/publications/health-risks-caused-by-environmental


III Gníomhartha ullmhúcháin

Coiste na Réigiún

Interactio – cianchruinniú – an 148ú seisiún iomlánach de CnaR, 26.1.2022-27.1.2022

13.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 270/38


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Iompar de bhóthar atá saor ó astaíochtaí: Bonneagar breoslaí ionadúla a imscaradh agus na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú

(2022/C 270/07)

Rapóirtéir:

Adrian TEBAN (RO/PPE), Méara Chathair Cugir, Contae Alba

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

COM(2021) 559 final

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais

COM(2021) 556 final

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: A strategic rollout plan to outline a set of supplementary actions to support the rapid deployment of alternative fuels infrastructure [Plean straitéiseach um leathadh amach chun sraith gníomhaíochtaí forlíontacha a leagan amach chun tacú le bonneagar breoslaí ionadúla a imscaradh go tapa]

COM(2021) 560 final (níl leagan Gaeilge ann)

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais

COM(2021) 556 final

Leasú 1

Aithris 9

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

(9)

[…] Tá na caighdeáin láidrithe i ndáil le laghduithe ar astaíochtaí CO2 neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, maidir leis na spriocanna flíte uile atá le baint amach a shocraíonn siad. Tá teicneolaíochtaí difriúla ar fáil agus ar fáil fós chun sprioc na n-astaíochtaí nialasacha le haghaidh na flíte uile a bhaint amach. Maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha, áirítear leo faoi láthair feithiclí ceallra-leictreacha, breosla-chille agus feithiclí eile faoi thiomáint hidrigine, agus tá na nuálaíochtaí teicneolaíochta ag leanúint ar aghaidh. Maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, lena n-áirítear feithiclí leictreacha hibride inluchtaithe a fheidhmíonn go maith freisin, is féidir leo leanúint le ról a imirt sa chonair i dtreo an aistrithe.

(9)

[…] Níl na caighdeáin láidrithe i ndáil le laghduithe ar astaíochtaí CO2 neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, maidir leis na spriocanna flíte uile atá le baint amach a shocraíonn siad, ach amháin má chuirtear san áireamh na hastaíochtaí CO2 den bhreosla a úsáideann siad, lena n-áirítear le linn a dtáirgthe . Tá teicneolaíochtaí difriúla ar fáil agus ar fáil fós chun sprioc na n-astaíochtaí nialasacha le haghaidh na flíte uile a bhaint amach. Maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha, áirítear leo faoi láthair feithiclí ceallra-leictreacha, breosla-chille agus feithiclí eile faoi thiomáint hidrigine, agus tá na nuálaíochtaí teicneolaíochta ag leanúint ar aghaidh. Maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, lena n-áirítear feithiclí leictreacha hibride inluchtaithe a fheidhmíonn go maith freisin, agus feithiclí faoi thiomáint leitribhreoslaí in-athnuaite, bithbhreoslaí forbartha agus bithghás , is féidir leo leanúint le ról a imirt sa chonair i dtreo an aistrithe.

Cúis

Ní mór feithiclí astaíochtaí ísle agus breoslaí amhail bithbhreoslaí forbartha a mheas i gcomhthéacs réigiúnach ina bhfuil sé deacair feithiclí leictreacha astaíochtaí nialasacha a úsáid. Féach an leasú thíos.

Leasú 2

Aithris nua le cur isteach i ndiaidh aithris 9

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

 

(9a)

De bharr saintréithe sonracha réigiún áirithe (amhail suíomh geografach, dálaí aeráide), d’fhéadfadh sé a bheith deacair gluaisteáin agus feithiclí éadroma iompair de bhóthar a leictriú go hiomlán. I réigiúin den sórt sin, d’fhéadfadh an fheidhmíocht maidir le hastaíochtaí CO2 i gcás feithiclí faoi thiomáint leitribhreoslaí in-athnuaite nó bithbhreoslaí, nó feithiclí hibride, ainneoin nach gcomhlíonann siad an sainmhíniú ar fheithiclí nach scaoiltear aon astaíochtaí óna sceithphíopaí, a bheith níos solúbtha agus níos buntáistí ar an iomlán ná feithiclí nach scaoiltear aon astaíochtaí óna sceithphíopaí, agus níor cheart, dá bhrí sin, iad a bhaint den mhargadh aonair ó 2035 ar aghaidh. Ba cheart don Choimisiún Eorpach, dá bhrí sin, féachaint le conas feithiclí faoi thiomáint leictribhreolsaí in-athnuaite nó bithbhreoslaí, nó feithiclí hibride, a chur san áireamh agus na spriocanna á sainiú le haghaidh fhlít uile an Aontais, spriocanna nach mór do mhonaróirí feithiclí a bhaint amach in am trátha sula gcuirfear na spriocanna sin i bhfeidhm. Ba cheart treoir shonrach a chur ar fáil do na cineálacha réigiún thuasluaite maidir le conas cuspóir na soghluaisteachta aeráidneodraí a bhaint amach. Ina theannta sin, ba cheart tacaíocht spriocdhírithe ó chistí éagsúla an Aontais a thabhairt dóibh.

Cúis

Ba cheart tacaíocht a thabhairt do na réigiúin sin ina bhfuil sé deacair feithiclí iompair de bhóthar a leictriú go hiomlán de dheasca dálaí geografacha nó aeráide.

Leasú 3

Aithris 11

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

(11)

Ba cheart straitéis Eorpach a bheith ag gabháil leis na spriocanna sna caighdeáin feidhmíochta athbhreithnithe maidir le CO2 chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le forbairt mhonarú na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara, mar aon leis an ngá oibrithe san earnáil a uas-sciliú agus a athsciliú agus leis an éagsúlú eacnamaíoch agus le gníomhaíochtaí a athfhorbairt. I gcás inarb iomchuí, ba cheart tacaíocht airgeadais a bhreithniú ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát chun infheistíocht phríobháideach a chomhchruinniú , lena n-áirítear trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste um Aistriú Cóir, an Ciste Nuálaíochta, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ionstraimí eile an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil agus Plean an Aontais Eorpaigh don Chéad Ghlúin Eile, i gcomhréir le rialacha Státchabhrach. Leis na rialacha státchabhrach athbhreithnithe maidir leis an gcomhshaol agus le fuinneamh, cumasófar do na Ballstáit tacú le gnólachtaí a gcuid próiseas táirgeachta a dhícharbónú agus teicneolaíochtaí níos glaise a ghlacadh i gcomhthéacs na Straitéise Nua Tionsclaíche.

(11)

Ba cheart sásra Eorpach le haghaidh aistriú cóir san earnáil mótarfheithiclí agus sna réigiúin a bheith ag gabháil leis na spriocanna sna caighdeáin feidhmíochta athbhreithnithe maidir le CO2 chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le forbairt mhonarú na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha, leis an aistriú glas sa tionscal mótarfheithiclí, lena n-áirítear sa slabhra soláthair , agus le himscaradh na dteicneolaíochtaí gaolmhara, mar aon leis an ngá oibrithe san earnáil a uas-sciliú agus a athsciliú agus leis an éagsúlú eacnamaíoch agus le gníomhaíochtaí a athfhorbairt. Ba cheart don sásra Eorpach sin le haghaidh aistriú cóir san earnáil mótarfheithiclí agus sna réigiúin tacaíocht airgeadais a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais, trí leas a bhaint as cistí breise sa todhchaí nó trí úsáid chomhordaithe a bhaint faoi láthair as cistí amhail an Ciste Aeráide Sóisialta , Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste um Aistriú Cóir, an Ciste Nuálaíochta, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ionstraimí eile an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil agus Plean an Aontais Eorpaigh don Chéad Ghlúin Eile nó scéim InvestEU um aistriú cóir , i gcomhréir le rialacha Státchabhrach agus arna chomhlánú le cláir sna Ballstáit . Leis na rialacha státchabhrach athbhreithnithe maidir leis an gcomhshaol agus le fuinneamh, cumasófar do na Ballstáit tacú le gnólachtaí a gcuid próiseas táirgeachta a dhícharbónú agus teicneolaíochtaí níos glaise a ghlacadh i gcomhthéacs na Straitéise Nua Tionsclaíche.

Cúis

Is gá i gcás togra reachtach a mbeidh tionchar an-mhór aige ar oibrithe, ar an tionsclaíocht agus ar na réigiúin go ndéanfaí foráil maidir le “sásra nithiúil um aistriú cóir” le haghaidh thionscal mótarfheithiclí na hEorpa agus shlabhra soláthair an tionscail sin, chomh maith leis na réigiúin ina bhfuil na tionscail sin lonnaithe. Thar aon ní eile, is ar an leibhéal réigiúnach a bheidh an tionchar sin le brath i gcás inar gá athoiliúint a eagrú i gcomhar leis an tionscal. Ní mór an sásra sin a bheith cuimsitheach don earnáil mótarfheithiclí ina hiomláine agus é a bhunú ar shonraí a thugann léargas soiléir ar thionchar na reachtaíochta sin ar na réigiúin.

Tá nasc idir an leasú seo agus leasú 4 agus leasú 6.

Leasú 4

Aithris 24

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

(24)

Tá meastóireacht déanta ar an bhféidearthacht an t-ioncam ó na préimheanna astaíochtaí iomarcacha a shannadh do chiste sonrach nó do chlár ábhartha mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) 2019/631, leis an gconclúid go ndéanfaí an t-ualach riaracháin a mhéadú go suntasach leis sin, agus nach rachadh sé chun tairbhe na hearnála mótarfheithiclí go díreach le linn a haistrithe. Maidir leis an ioncam ó na préimheanna astaíochtaí iomarcacha, leanfar lena bhreithniú mar ioncam dá bhrí sin le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2019/631.

(24)

Tá meastóireacht déanta ar an bhféidearthacht an t-ioncam ó na préimheanna astaíochtaí iomarcacha a shannadh do chiste sonrach nó do chlár ábhartha mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) 2019/631, leis an gconclúid go ndéanfaí an t-ualach riaracháin a mhéadú go suntasach leis sin, agus nach rachadh sé chun tairbhe na hearnála mótarfheithiclí go díreach le linn a haistrithe. Maidir leis an ioncam ó na préimheanna astaíochtaí iomarcacha, leanfar lena bhreithniú mar ioncam dá bhrí sin le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2019/631. Mar sin féin, ní mór don sásra Eorpach le haghaidh aistriú cóir san earnáil mótarfheithiclí agus sna réigiúin maoiniú spriocdhírithe a chur ar fáil do na réigiúin as na cistí atá ann cheana (dá dtagraítear in aithris 11), bunaithe ar chleachtadh mapála an-mhionsonraithe ar an tionchar a bheadh ag an reachtaíocht seo ar na réigiúin éagsúla. San athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, fiosrófar mar thosaíocht an féidir na cistí atá ar fáil ó na foinsí thuasluaite a chuachadh i gceann a chéile sa sásra Eorpach le haghaidh aistriú cóir san earnáil mótarfheithiclí agus sna réigiúin.

Cúis

Tá gá le “Sásra Eorpach le haghaidh aistriú cóir san earnáil mótarfheithiclí agus sna réigiúin” chun tacú le slabhra soláthair an tionscail mótarfheithiclí ar earnáil thábhachtach eacnamaíoch í i roinnt mhaith réigiún san Eoraip. Cé go bhféadfadh sé go mbeadh na déantúsóirí buntrealaimh níos ullmhaithe do na hathruithe atá le teacht, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na hinniúlachtaí straitéiseacha agus inmheánacha airgeadais ag tionscal an tslabhra soláthair ina iomláine, ar FBManna atá ann den chuid is mó, chun a gcuid scileanna agus a bpróisis táirgthe a oiriúnú do na hathruithe ar shlabhra luacha an tionscail mótarfheithiclí. D’fhéadfadh gá a bheith le cistí breise don Chiste um Aistriú Cóir i gcomparáid leis an EUR 17,5 billiún a bhfuiltear ar aon fhocal faoi faoi láthair le go bhféadfar aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar na hathruithe móra a thiocfaidh as an bpacáiste “Oiriúnach do 55”.

Tá nasc idir an leasú seo agus leasú 3 agus leasú 6.

Leasú 5

Airteagal 1, pointe (9)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

(9)

cuirtear an tAirteagal 14a seo a leanas isteach:

“Airteagal 14a

Tuarascáil ar dhul chun cinn

Faoin 31 Nollaig 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar an dul chun cinn i dtreo na soghluaiseachta astaíochtaí nialasacha de bhóthar. Déanfar faireachán agus measúnú leis an tuarascáil go háirithe ar an ngá le bearta breise féideartha chun éascú leis an aistriú, lena n-áirítear trí mhodhanna airgeadais.

(9)

cuirtear an tAirteagal 14a seo a leanas isteach:

“Airteagal 14a

Tuarascáil ar dhul chun cinn

Faoin 31 Nollaig 2023 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar an dul chun cinn i dtreo na soghluaiseachta astaíochtaí nialasacha de bhóthar. Déanfar faireachán agus measúnú leis an tuarascáil go háirithe ar an ngá le bearta breise féideartha chun éascú leis an aistriú, lena n-áirítear trí mhodhanna airgeadais. Beidh an measúnú sin bunaithe ar mheasúnú tionchair chríochaigh ina sainaithnítear ar leibhéal NUTS 2 na dúshláin do gach réigiún agus conas na rioscaí a bhaineann leis na dúshláin sin a mhaolú.

 

Sa tuairisciú, breithneoidh an Coimisiún gach fachtóir a rannchuidíonn le dul chun cinn cost-éifeachtúil i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. Áirítear leis sin feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a chur in úsáid, dul chun cinn maidir leis na spriocanna a bhaint amach i leith an bonneagar luchtaithe agus athbhreoslaithe a chur chun feidhme go céimneach mar a cheanglaítear faoin Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, rannchuidiú féideartha na dteicneolaíochtaí nuálaíochta agus na mbreoslaí malartacha inbhuanaithe chun an tsoghluaisteacht aeráidneodrach a shroicheadh, tionchar ar thomhaltóirí, dul chun cinn san idirphlé sóisialta mar aon le gnéithe lena n-éascófar a thuilleadh le haistriú i dtreo na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha de bhóthar a bheidh inmharthana ar bhonn eacnamaíoch agus cóir ar bhonn sóisialta.”;

 

Sa tuairisciú, breithneoidh an Coimisiún gach fachtóir a rannchuidíonn le dul chun cinn cost-éifeachtúil i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. Áirítear leis sin feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a chur in úsáid, dul chun cinn maidir leis na spriocanna a bhaint amach i leith an bonneagar luchtaithe agus athbhreoslaithe a chur chun feidhme go céimneach mar a cheanglaítear faoin Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, rannchuidiú féideartha na dteicneolaíochtaí nuálaíochta agus na mbreoslaí malartacha inbhuanaithe chun an tsoghluaisteacht aeráidneodrach a shroicheadh, dul chun cinn agus tionchar ar leibhéal réigiúnach (NUTS II) , tionchar ar thomhaltóirí, lena n-áirítear tomhaltóirí as grúpaí leochaileacha , dul chun cinn san idirphlé sóisialta mar aon le gnéithe lena n-éascófar a thuilleadh le haistriú i dtreo na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha de bhóthar a bheidh inmharthana ar bhonn eacnamaíoch agus cóir ar bhonn sóisialta.”;

Cúis

Is ar an leibhéal réigiúnach a bheidh tionchar na reachtaíochta seo le brath den chuid is mó agus tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar na dúshláin agus na rioscaí a bhaineann leis an aistriú cóir seo trí mhapáil an-mhionsonraithe ar an tionchar ar na réigiúin.

Leasú 6

Airteagal 1, pointe (10)(b)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

(10)

Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(b)

scriostar míreanna 2 go 5 ;

(10)

Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(b)

scriostar míreanna 2 go 4 ;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

D’fhonn a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár agus go mbeidh an t-aistriú seo cothrom ó thaobh na sochaí de, ullmhóidh an Coimisiún togra le haghaidh “sásra um aistriú cóir” don earnáil mótarfheithiclí, lena n-áirítear idirphlé il-leibhéil leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lena mbaineann, agus tionchar críochach an Rialacháin seo á chur san áireamh maidir le claochlú an tionscail táirgthe agus soláthair mótarfheithiclí agus an tionchar ar na struchtúir eacnamaíocha réigiúnacha agus ar lucht saothair na hearnála mótarfheithiclí.

Cúis

Cé go bhforáiltear sa Rialachán atá i bhfeidhm go bhféadfaí clár um chúnamh airgeadais don aistriú cóir a thabhairt isteach, ba cheart sin a scriosadh leis an togra reachtach. B’fhéidir nach leor an smaoineamh bunaidh an t-aistriú cóir a mhaoiniú le hioncam ó phréimheanna astaíochtaí iomarcacha chun aistriú cóir gach réigiúin a áirithiú agus b’fhéidir nach n-áiritheofaí leis, ach an oiread, go mbeadh acmhainní airgeadais ar fáil i gcónaí sa bhuiséad.

D’fhéadfadh sé nach leor an t-aistriú um aistriú cóir amháin, agus an EUR 17,5 billiún a bhfuil comhaontú ann faoi faoi láthair, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a thiocfaidh as an bpacáiste “Oiriúnach do 55”. Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, sásra comhordaithe a chruthú le haghaidh aistriú cóir san earnáil mótarfheithiclí agus sna réigiúin, agus leas á bhaint as acmhainneacht na gcistí atá ann cheana.

Tá nasc idir an leasú seo agus leasú 3 agus leasú 4.

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

COM(2021) 559 final

Leasú 7

Aithris 9

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

[…] Le spriocanna acharbhunaithe le haghaidh an ghréasáin TEN-T ba cheart a áirithiú go gcumhdaítear go hiomlán na pointí athluchtaithe leictreacha feadh phríomhghréasáin bóithre an Aontais agus ar an gcaoi sin, taisteal éasca rianúil ar fud an Aontais a áirithiú.

[…] Le spriocanna acharbhunaithe le haghaidh an ghréasáin TEN-T ba cheart a áirithiú go gcumhdaítear go hiomlán na pointí athluchtaithe leictreacha feadh phríomhghréasáin bóithre an Aontais agus ar an gcaoi sin, taisteal éasca rianúil ar fud an Aontais a áirithiú. I gcás ina bhfágann tosca réigiúnacha amhail an suíomh geografach nó an dlús daonra go bhfuil sé deacair infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar atá inrochtana go poiblí, ba cheart an deis a bheith ag an Aontas Eorpach tacaíocht airgeadais a chur ar fáil.

Cúis

Le bheith i gcomhréir le nádúr tras-réigiúnach an ghréasáin TEN-T, agus le nach gcuirfear bac ar an gcomhtháthú Eorpach, ba cheart an cur chuige acharbhunaithe a choinneáil, ach an tacaíocht airgeadais chuí a fháil ó cibé ciste AE atá ar fáil; is é sin le haghaidh pointí athluchtaithe príobháideacha nó poiblí.

Leasú 8

Aithris 10

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

(10)

Ba cheart spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta a bhunú ar bhonn líon iomlán na bhfeithiclí leictreacha a cláraíodh sa Bhallstát sin trí mhodheolaíocht choiteann a leanúint lena gcuirtear forbairtí teicneolaíochta san áireamh, forbairtí amhail raon méadaithe tiomána feithiclí leictreacha nó dul i bhfód na bpointí mearluchtaithe ar an margadh ar pointí iad ar féidir leo líon níos mó feithiclí a athluchtú in aghaidh an phointe athluchtaithe ná gnáthphointe athluchtaithe. Leis an modheolaíocht sin ní mór na patrúin dhifriúla athluchtaithe a bhaineann le feithiclí ceallra-leictreacha agus feithiclí hibride inluchtaithe a chur san áireamh freisin. Maidir le modheolaíocht lena normaítear spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta maidir le haschur uasta cumhachta an bhonneagair athluchtaithe atá inrochtana don phobal, ba cheart solúbthacht a bheith sa mhodheolaíocht sin chun teicneolaíochtaí athluchtaithe difriúla a chur chun feidhme sna Ballstáit.

(10)

Ba cheart spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta a bhunú ar bhonn líon iomlán na bhfeithiclí leictreacha a cláraíodh sa Bhallstát sin , móide lamháil idir 10 % agus 20 % atá le leagan síos , trí mhodheolaíocht choiteann a leanúint lena gcuirtear forbairtí teicneolaíochta san áireamh, forbairtí amhail raon méadaithe tiomána feithiclí leictreacha nó dul i bhfód na bpointí mearluchtaithe ar an margadh ar pointí iad ar féidir leo líon níos mó feithiclí a athluchtú in aghaidh an phointe athluchtaithe ná gnáthphointe athluchtaithe. Leis an modheolaíocht sin ní mór na patrúin dhifriúla athluchtaithe a bhaineann le feithiclí ceallra-leictreacha agus feithiclí hibride inluchtaithe a chur san áireamh freisin. Maidir le modheolaíocht lena normaítear spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta maidir le haschur uasta cumhachta an bhonneagair athluchtaithe atá inrochtana don phobal, ba cheart solúbthacht a bheith sa mhodheolaíocht sin chun teicneolaíochtaí athluchtaithe difriúla a chur chun feidhme sna Ballstáit.

Cúis

Ní leor líon iomlán na bhfeithiclí leictreacha atá cláraithe i mBallstát amháin a úsáid toisc nach gcuirtear san áireamh sa líon sin, mar shampla, feithiclí a thagann ó thíortha eile, go háirithe le linn tréimhsí saoire, ach freisin ar ócáidí eile amhail imeachtaí móra, aontaí, etc.

Leasú 9

Aithris 34

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

(34)

Ba cheart do na spriocanna sin na cineálacha soithí a bhfreastalaítear orthu agus na méideanna tráchta féin a chur san áireamh. Ba cheart calafoirt mhuirí ina mbíonn méideanna ísle tráchta de chatagóirí áirithe soithí a dhíolmhú ó na ceanglais shainordaitheacha le haghaidh na gcatagóirí comhfhreagracha soithí bunaithe ar leibhéal íosta méid tráchta, ionas nach suiteálfar acmhainn tearcúsáidte. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart é a bheith d’aidhm ag na spriocanna sainordaitheacha an t-éileamh uasta a bhaint amach ach méid atá ard a dhóthain, chun acmhainn tearcúsáidte a sheachaint agus chun tréithe oibrithe calafoirt a chur san áireamh. Is nasc tábhachtach é an t-iompar muirí le haghaidh chomhtháthú agus fhorbairt eacnamaíoch na n-oileán san Aontas. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an acmhainn táirgthe fuinnimh ar na hoileáin sin leordhóthanach i gcónaí chun freastal ar an éileamh cumhachta is gá chun tacú le soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar. I gcás den sórt sin, ba cheart oileáin a dhíolmhú ón gceanglas sin ach amháin má dhéantar nasc leictreach leis an mórthír agus go dtí go ndéantar an nasc sin nó má tá acmhainn leordhóthanach ann a ghintear go háitiúil ó fhoinsí fuinnimh ghlain.

(34)

Ba cheart do na spriocanna sin na cineálacha soithí a bhfreastalaítear orthu agus na méideanna tráchta féin a chur san áireamh. Ba cheart calafoirt mhuirí ina mbíonn méideanna ísle tráchta de chatagóirí áirithe soithí a dhíolmhú ó na ceanglais shainordaitheacha le haghaidh na gcatagóirí comhfhreagracha soithí bunaithe ar leibhéal íosta méid tráchta, ionas nach suiteálfar acmhainn tearcúsáidte. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart é a bheith d’aidhm ag na spriocanna sainordaitheacha an t-éileamh uasta a bhaint amach ach méid atá ard a dhóthain, chun acmhainn tearcúsáidte a sheachaint agus chun tréithe oibrithe calafoirt a chur san áireamh. Is nasc tábhachtach é an t-iompar muirí le haghaidh chomhtháthú agus fhorbairt eacnamaíoch na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí san Aontas. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an acmhainn táirgthe fuinnimh ar na hoileáin ná sna réigiúin is forimeallaí sin leordhóthanach i gcónaí chun freastal ar an éileamh cumhachta is gá chun tacú le soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar. I gcás den sórt sin, ba cheart oileáin agus na réigiúin is forimeallaí a dhíolmhú ón gceanglas sin ach amháin má dhéantar nasc leictreach leis an mórthír nó le tíortha comharsanacha agus go dtí go ndéantar an nasc sin nó má tá acmhainn leordhóthanach ann a ghintear go háitiúil ó fhoinsí fuinnimh ghlain.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 10

Aithris 37

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

[…] Ba cheart na Creataí Beartais Náisiúnta atá ann faoi láthair a athbhreithniú chun tuairisc shoiléir a thabhairt ar an gcaoi a bhfreastalóidh na Ballstáit ar an ngá an-mhór a bheidh le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal, faoi mar a chuirtear in iúl sna spriocanna sainordaitheacha. Ba cheart do na creataí athbhreithnithe aghaidh a thabhairt, ar bhealach cothrom, ar na modhanna iompair ar fad, lena n-áirítear na modhanna sin nach bhfuil spriocanna sainordaitheacha imscartha ann lena n-aghaidh.

[…] Ba cheart na Creataí Beartais Náisiúnta atá ann faoi láthair a athbhreithniú chun tuairisc shoiléir a thabhairt ar an gcaoi a bhfreastalóidh na Ballstáit ar an ngá an-mhór a bheidh le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal, faoi mar a chuirtear in iúl sna spriocanna sainordaitheacha. Ba cheart an t-athbhreithniú a bheith bunaithe ar anailís chríochach, ina sainaithneofar na riachtanais éagsúla atá ag eintitis fhonáisiúnta éagsúla agus ba cheart a chur san áireamh saineolas áitiúil agus réigiúnach agus na straitéisí le haghaidh imscaradh bonneagair athbhreoslaithe atá forbartha cheana féin ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha. Ba cheart do na creataí athbhreithnithe aghaidh a thabhairt, ar bhealach cothrom, ar na modhanna iompair ar fad, lena n-áirítear na modhanna sin nach bhfuil spriocanna sainordaitheacha imscartha ann lena n-aghaidh.

Cúis

Ní mór an sainmhíniú ar chreataí beartais náisiúnta le haghaidh imscaradh breoslaí ionadúla a bhunú ar chur chuige dáiríre il-leibhéil rialachais d’fhonn leasanna na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chur san áireamh go hiomlán mar aon lena straitéisí imscartha bonneagair breoslaí ionadúla atá ann cheana féin i bPleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe éagsúla nó i straitéisí réigiúnacha eile maidir leis an tsoghluaisteacht.

Leasú 11

Aithris 39

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

(39)

Ba cheart don Choimisiún forbairt agus cur chun feidhme chreataí beartais náisiúnta athbhreithnithe na mBallstát a éascú trí bhíthin malartuithe faisnéise agus dea-chleachtas i measc na mBallstát.

(39)

Ba cheart don Choimisiún forbairt agus cur chun feidhme chreataí beartais náisiúnta athbhreithnithe na mBallstát a éascú trí bhíthin malartuithe faisnéise agus dea-chleachtas i measc na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil .

Cúis

Ní mór creat rialachais il-leibhéil a ionchorprú sa togra maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla. D’fhéadfadh creat den sórt sin cabhrú leis an imscaradh a chomhordú sna Ballstáit agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Leasú 12

Aithris 42

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

[…] Ba cheart do na Ballstáit ionstraimí iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun chun imscaradh bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh flíteanna faoi chuing a chur chun cinn freisin, go háirithe le haghaidh busanna glana agus busanna astaíochtaí nialasacha ar an leibhéal áitiúil.

[…] Ba cheart do na Ballstáit ionstraimí iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun chun imscaradh bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh flíteanna faoi chuing a chur chun cinn freisin, go háirithe le haghaidh busanna glana agus busanna astaíochtaí nialasacha ar an leibhéal áitiúil agus le haghaidh mearluchtú agus deiseanna luchtaithe thar oíche atá ar fáil do gach oibreoir iompair phoiblí .

Cúis

Is gá deiseanna athbhreoslaithe a bheith ag gach oibreoir iompair phoiblí dá fhlít, le haghaidh luchtú thar oíche agus mearluchtú don chianiompar. Ba cheart rochtain a bheith ag an bpobal orthu. Tá gá le beartais áirithe a bhrú chun cinn agus le dreasachtaí le go bhféadfar bonneagar den sórt sin atá inrochtana go poiblí a chur ar fáil.

Leasú 13

Aithris nua le cur isteach i ndiaidh aithris 45

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

 

(45a)

Ba cheart na treoracha oibriúcháin do phointí athluchtaithe a bheith chomh haonfhoirmeach agus is féidir do thomhaltóirí, ba cheart na próisis a chaighdeánú agus na pointí athluchtaithe a bheith sothuigthe agus éasca le húsáid le cabhair deilbhíní; ba cheart rogha teangacha a chur ar fáil. Ní mór comhoiriúnacht le córais oibriúcháin gléasanna leictreonacha a úsáidtear go coitianta (e.g. fóin chliste, táibléid) a áirithiú.

Cúis

Chun pointí athluchtaithe a dhéanamh chomh héasca agus chomh tapa agus is féidir le go bhféadfaidh tomhaltóirí úsáid a bhaint astu, ba cheart an próiseas a bheith simplí agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart é a bheith caighdeánaithe agus, mar shampla, ba cheart úsáideoirí nach bhfuil teanga nó teangacha na tíre i gceist ar eolas acu a chur san áireamh.

Leasú 14

Aithris 47

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

(47)

Tá sé ríthábhachtach gur féidir leis na gníomhaithe ar fad san éiceachóras soghluaisteachta leictrí idirghníomhú go héasca trí mheáin dhigiteacha chun an tseirbhís ar an gcáilíocht is fearr a sholáthar don úsáideoir deiridh. Chuige sin teastaíonn aitheantóirí uathúla na ngníomhaithe ábhartha sa luachshlabhra. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit Eagraíocht um Chlárú Aitheantais (“IDRO”) a cheapadh chun cóid aitheantais uathúla a eisiúint agus a bhainistiú chun oibreoirí pointí athluchtaithe agus cuideachtaí líonra iompair a shainaithint ar a laghad. Ba cheart do IDRO faisnéis faoi na cóid aitheantais leictrea-shoghluaisteachta atá in úsáid cheana sa Bhallstát féin a bhailiú; cóid nua leictrea-shoghluaisteachta a eisiúint, i gcás inar gá, le haghaidh oibreoirí pointí athluchtaithe agus cuideachtaí líonra iompair faoi loighic choiteann chomhaontaithe uile-Aontais lena ndéantar cóid aitheantais leictrea-shoghluaisteachta a fhormáidiú; malartú agus fíorú uathúlacht na gcód leictrea-shoghluaisteachta sin a cheadú trí Stóras Clárúcháin Aitheantais coiteann (“IDRR”) a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ba cheart don Choimisiún treoir theicniúil a eisiúint maidir le heagraíocht den sórt sin a bhunú, treoir ina dtarraingeofaí ar an nGníomhaíocht Tacaíochta Cláir maidir le “Bailiú sonraí a bhaineann le pointí athluchtaithe/athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí ionadúla agus na cóid uathúla aitheantais a bhaineann le gníomhaithe leictrea-shoghluaisteachta” (“IDCAS”).

(47)

Tá sé ríthábhachtach gur féidir leis na gníomhaithe ar fad san éiceachóras soghluaisteachta leictrí idirghníomhú go héasca trí mheáin dhigiteacha chun an tseirbhís ar an gcáilíocht is fearr a sholáthar don úsáideoir deiridh. Chuige sin teastaíonn aitheantóirí uathúla na ngníomhaithe ábhartha sa luachshlabhra. Ba cheart an réimse gníomhaithe a bheith chomh leathan agus is féidir, lena n-áirítear go háirithe táirgeoirí agus dáileoirí fuinnimh. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit Eagraíocht um Chlárú Aitheantais (“IDRO”) a cheapadh chun cóid aitheantais uathúla a eisiúint agus a bhainistiú chun oibreoirí pointí athluchtaithe agus cuideachtaí líonra iompair a shainaithint ar a laghad. Ba cheart do IDRO faisnéis faoi na cóid aitheantais leictrea-shoghluaisteachta atá in úsáid cheana sa Bhallstát féin a bhailiú; cóid nua leictrea-shoghluaisteachta a eisiúint, i gcás inar gá, le haghaidh oibreoirí pointí athluchtaithe agus cuideachtaí líonra iompair faoi loighic choiteann chomhaontaithe uile-Aontais lena ndéantar cóid aitheantais leictrea-shoghluaisteachta a fhormáidiú; malartú agus fíorú uathúlacht na gcód leictrea-shoghluaisteachta sin a cheadú trí Stóras Clárúcháin Aitheantais coiteann (“IDRR”) a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ba cheart don Choimisiún treoir theicniúil a eisiúint maidir le heagraíocht den sórt sin a bhunú, treoir ina dtarraingeofaí ar an nGníomhaíocht Tacaíochta Cláir maidir le “Bailiú sonraí a bhaineann le pointí athluchtaithe/athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí ionadúla agus na cóid uathúla aitheantais a bhaineann le gníomhaithe leictrea-shoghluaisteachta” (“IDCAS”). D’fhonn an oiread sineirgí agus is féidir a chruthú, comhar trasearnála an príomhchuspóir ba cheart a bheith ann.

Cúis

Ba cheart a áirithiú go mbeidh comhar idir na gníomhaithe uile lena mbaineann agus go nglacfaidh siad páirt sa phróiseas foriomlán seirbhíse do chustaiméirí agus in oibriú pointí athluchtaithe.

Leasú 15

Aithris 54

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

[…] Ba cheart don Choimisiún , dá bhrí sin, an Rialachán seo a athbhreithniú faoi dheireadh 2026 go háirithe a mhéid a bhaineann le spriocanna a shocrú maidir le pointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí tromshaothair mar aon le spriocanna a shocrú maidir le bonneagar le haghaidh breoslaí ionadúla i gcomhair soithí agus aerárthaí astaíochtaí nialasacha in earnáil an uisce-iompair agus in earnáil na heitlíochta.

[…] Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus cuspóirí sonracha atá leagtha síos á n-úsáid aige, agus saolré iomlán na n-astaíochtaí ó fheithiclí á gcur san áireamh maidir le gach teicneolaíocht agus maidir le tionchar gach teicneolaíochta ar astaíochtaí CO2 ón iompar de bhóthar agus ar an tomhaltóir (an costas iomlán úinéireachta). Ba cheart don Choimisiún freisin an Rialachán seo a athbhreithniú faoi dheireadh 2026 go háirithe a mhéid a bhaineann le spriocanna a shocrú maidir le pointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí tromshaothair mar aon le spriocanna a shocrú maidir le bonneagar le haghaidh breoslaí ionadúla i gcomhair soithí agus aerárthaí astaíochtaí nialasacha in earnáil an uisce-iompair agus in earnáil na heitlíochta.

Cúis

Ba cheart don mheasúnú ar an Rialachán a bheith bunaithe ar chritéir shonracha agus ba cheart, dá bhrí sin, tagairt a dhéanamh do chuspóirí sonracha atá leagtha síos.

Leasú 16

Airteagal 1(3)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

3.   Bunaítear leis an Rialachán seo sásra tuairiscithe chun comhar a spreagadh agus áirithítear leis go ndéanfar dul chun cinn a rianú go géar. Is éard a bheidh sa sásra próiseas struchtúrtha, trédhearcach, atriallach idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun na creataí beartais náisiúnta a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme ina dhiaidh sin agus chun críche gnímh chomhfhreagraigh ón gCoimisiún.

3.   Bunaítear leis an Rialachán seo sásra tuairiscithe chun comhar a spreagadh agus áirithítear leis go ndéanfar dul chun cinn a rianú go géar. Is éard a bheidh sa sásra próiseas rialachais il-leibhéil struchtúrtha, trédhearcach agus atriallach idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun na creataí beartais náisiúnta a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme ina dhiaidh sin agus chun críche gnímh chomhfhreagraigh ón gCoimisiún , agus straitéisí áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh imscaradh bonneagair breoslaí iomadúla atá forbartha cheana ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha á gcur san áireamh .

Cúis

Ní mór an sainmhíniú ar chreataí beartais náisiúnta le haghaidh imscaradh breoslaí ionadúla a bhunú ar chur chuige dáiríre il-leibhéil rialachais d’fhonn leasanna na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chur san áireamh go hiomlán mar aon lena straitéisí imscartha bonneagair breoslaí ionadúla atá ann cheana féin i bPleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe éagsúla nó i straitéisí réigiúnacha eile maidir leis an tsoghluaisteacht.

Leasú 17

Airteagal 3

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

1.   Áiritheoidh na Ballstáit:

1.   Áiritheoidh na Ballstáit:

go n-imscarfar stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal d’fheithiclí saothair éadroim i gcomhréir le glacadh feithiclí leictreacha saothair éadroim;

go n-imscarfar stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal d’fheithiclí saothair éadroim i gcomhréir le glacadh feithiclí leictreacha saothair éadroim;

go n-imscarfar ina gcríoch stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim, ar stáisiúin athluchtaithe iad ina soláthrófar cumhacht aschurtha leordhóthanach do na feithiclí sin.

go n-imscarfar go cothrom ina gcríoch stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim, ar stáisiúin athluchtaithe iad ina soláthrófar cumhacht aschurtha leordhóthanach do na feithiclí sin.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit, ag deireadh gach bliana, ag tosú ón mbliain dá dtagraítear in Airteagal 24, go gcomhlíonfar na spriocanna cumhachta aschurtha seo a leanas go carnach:

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit, ag deireadh gach bliana, ag tosú ón mbliain dá dtagraítear in Airteagal 24, go gcomhlíonfar na spriocanna cumhachta aschurtha seo a leanas go carnach:

(a)

go soláthrófar 1 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil cheallra-leictreach saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch; agus

(a)

go soláthrófar 1 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil cheallra-leictreach saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch; agus

(b)

go soláthrófar 0,66  kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil hibrideach inluchtaithe saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch.

(b)

go soláthrófar 0,66  kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil hibrideach inluchtaithe saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch.

2.   […]

2.   […]

3.   Áiritheoidh na Ballstáit chomharsanachta nach sárófar na hachair uasta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T.

3.    Agus bonneagar athluchtaithe á imscaradh agus á chur chun cinn acu i gcomhréir le pointe 2, cuirfidh na Ballstáit cuspóirí Airteagal 174 CFAE san áireamh freisin agus áiritheoidh siad go mbeidh an bonneagar sin ar fáil i limistéir nach bhfuil an daonra chomh dlúth sin iontu.

 

4.    Áiritheoidh na Ballstáit chomharsanachta nach sárófar na hachair uasta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T.

Cúis

Chun córais tiomána ionadúla a chur chun cinn, ní mór an bonneagar athluchtaithe riachtanach a bheith ar fáil lasmuigh den ghréasán TEN-T i limistéir ina bhfuil líon níos lú úsáideoirí mar gheall ar dhlús daonra níos ísle agus nach bhfuil an brabús céanna i gceist le himscaradh an bhonneagair sin don earnáil phríobháideach.

Leasú 18

Airteagal 3(2)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

2.   Áiritheoidh na Ballstáit cumhdach íosta maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim ar an ngréasán bóithre ina gcríoch. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit:

2.   Áiritheoidh na Ballstáit cumhdach íosta maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim ar an ngréasán bóithre ina gcríoch. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)

go n-imscarfar i ngach treo taistil, agus achar uasta 60 km eatarthu feadh an chroíghréasáin TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

go n-imscarfar i ngach treo taistil, agus achar uasta 60 km eatarthu feadh an chroíghréasáin TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

 

(i)

faoin 31 Nollaig 2025, 300  kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150  kW ar a laghad;

 

(i)

faoin 31 Nollaig 2025, 500  kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 250  kW ar a laghad;

 

(ii)

faoin 31 Nollaig 2030, 600  kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150  kW ar a laghad;

 

(ii)

faoin 31 Nollaig 2030, 900  kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 250  kW ar a laghad;

(b)

go n-imscarfar i ngach treo taistil, agus achar uasta 60 km eatarthu, feadh an ghréasáin chuimsithigh TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(b)

go n-imscarfar i ngach treo taistil, agus achar uasta 60 km eatarthu, feadh an ghréasáin chuimsithigh TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

 

(i)

faoin 31 Nollaig 2030, 300  kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150  kW ar a laghad;

 

(i)

faoin 31 Nollaig 2030, 500  kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh aon stáisiún amháin athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 250  kW ar a laghad;

 

(ii)

faoin 31 Nollaig 2035, 600  kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150  kW ar a laghad.

 

(ii)

faoin 31 Nollaig 2035, 900  kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 250  kW ar a laghad.

 

(c)

i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, i réigiúin a bhfuil saintréithe sonracha áirithe acu (amhail suíomh geografach, topagrafaíocht achrannach nó dlús daonra) agus ina bhfuil sé deacair ceanglas acharbhunaithe a chosaint ó thaobh costas/sochar socheacnamaíoch de, is féidir cumhachtaí aschurtha níos ísle a shocrú, ach tairgfear cumhacht aschurtha 300 kW ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus áireofar stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad ann ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150 kW ar a laghad. Cuirfidh na Ballstáit na díolúintí sin in iúl don Choimisiún Eorpach.

Cúis

Baineadh de thátal as staidéar a rinne Parlaimint na hEorpa (1) le déanaí go bhfuil an chumhacht luchtaithe do na pointí luchtaithe sa ghréasán TEN-T agus sna nóid uirbeacha ró-íseal. D’fhéadfadh sin bac a chur ar an nglacadh a bheadh le feithiclí leictreacha.

Maidir leis na díolúintí, tá gá leo toisc nach mbeadh cur chuige atá ina chur chuige acharbhunaithe amháin i leith shuíomh an bhonneagair luchtaithe i gcomhréir leis an ngá atá le bonneagar athbhreoslaithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Níl na difríochtaí réigiúnacha (dlús daonra, suíomh geografach) san áireamh sna spriocanna acharbhunaithe agus sna spriocanna luchtaithe atá socraithe don Aontas ina iomláine.

Leasú 19

Airteagal 4(1)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

[…]

[…]

(d)

faoin 31 Nollaig 2025, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair lena soláthrófar 600  kW de chumhacht aschurtha comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150  kW ar a laghad;

(d)

faoin 31 Nollaig 2025, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair lena soláthrófar 900  kW de chumhacht aschurtha comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 300  kW ar a laghad;

(e)

faoin 31 Nollaig 2030, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair lena soláthrófar 1 200  kW de chumhacht aschurtha comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150  kW ar a laghad.

(e)

faoin 31 Nollaig 2030, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair lena soláthrófar 2 000  kW de chumhacht aschurtha comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 300  kW ar a laghad.

 

(f)

i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, i réigiúin a bhfuil saintréithe sonracha áirithe acu (amhail suíomh geografach, topagrafaíocht achrannach nó dlús daonra) agus ina bhfuil sé deacair ceanglas acharbhunaithe a chosaint ó thaobh costas/sochar socheacnamaíoch de, is féidir cumhachtaí aschurtha níos ísle a shocrú, ach tairgfear cumhacht aschurtha comhiomlánaithe 600 kW ar a laghad d’fheithiclí tromshaothair agus cumhacht aschurtha aonair 150 kW ar a laghad. Cuirfidh na Ballstáit na díolúintí sin in iúl don Choimisiún Eorpach.

Cúis

An chúis chéanna le leasú 18.

Leasú 20

Airteagal 6(1)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar bun ina gcríoch líon íosta pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal faoin 31 Nollaig 2030 .

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar bun ina gcríoch líon íosta pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal faoin 31 Nollaig 2027 .

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2030 maidir le stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal agus a bhfuil toilleadh íosta 2 t/lá acu agus atá feistithe le dáileoir 700 bar ar a laghad go n-imscarfar na stáisiúin sin ar achar uasta 150 km eatarthu feadh an chroíghréasáin TEN-T agus feadh an ghréasáin chuimsithigh TEN-T. […]

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2027 maidir le stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal agus a bhfuil toilleadh íosta 4 t/lá acu agus atá feistithe le dáileoir 700 bar ar a laghad go n-imscarfar na stáisiúin sin ar achar uasta 150 km eatarthu feadh an chroíghréasáin TEN-T agus feadh an ghréasáin chuimsithigh TEN-T. […]

Cúis

Tá tionscadail trucailí hidrigine ann cheana ina lán Ballstát agus réigiún. Tá práinn le pleanáil na dtionscadal sin a chobhsú. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le teorainn ama níos luaithe agus acmhainn níos airde.

Leasú 21

Airteagal 13(3)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh sna creataí beartais náisiúnta , de réir mar is iomchuí, leasanna na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, go háirithe nuair a bheidh bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe don iompar poiblí i gceist, chomh maith le leasanna na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh sna creataí beartais náisiúnta leasanna na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, go háirithe nuair a bheidh bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe don iompar poiblí i gceist, chomh maith le leasanna na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann. Áireofar sna creataí beartais náisiúnta sásra comhairliúcháin ar an leibhéal fo-náisiúnta chun lúb buan aiseolais ar an leibhéal áitiúil a chuimsiú i straitéisí na mBallstát faoi seach maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla. Ní mór bonneagar breoslaí ionadúla a bheith ar fáil i ngach réigiún. Ba cheart, dá bhrí sin, spriocanna maidir le himscaradh breoslaí ionadúla ar bhonn réigiúnach (NUTS 2) a chur san áireamh d’fhonn comhtháthú an Aontais a áirithiú.

Cúis

Cé go dtugtar le fios in aithris 16 agus in aithris 38 go bhfuil gá le cur chuige il-leibhéil a chur san áireamh sna creataí beartais náisiúnta, ní dhéantar aon sainiú breise air sin san airteagal comhfhreagrach. Ar an gcaoi sin, tá deis á scaoileadh tharainn chun sásra comhairliúcháin d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha a chuimsiú sna creataí beartais náisiúnta, rud a thabharfadh caoi don leibhéal réigiúnach aiseolas luachmhar a chur ar fáil do straitéisí na mBallstát maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla agus rud a chuirfeadh le comhtháthú foriomlán an bhonneagair sin.

Leasú 22

Airteagal 13(4)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

4.    I gcás inar gá, r achaidh Ballstáit i gcomhar, trí bhíthin comhairliúchán nó comhchreataí beartais, chun a áirithiú go mbeidh na bearta is gá chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach ina mbearta comhleanúnacha, comhordaithe. […]

4.    R achaidh Ballstáit i gcomhar, trí bhíthin comhairliúchán nó comhchreataí beartais, chun a áirithiú go mbeidh na bearta is gá chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach ina mbearta comhleanúnacha, comhordaithe i gcomhar leis an leibhéal fo-náisiúnta agus go n-urramóidh siad prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal an rialachais il-leibhéil . […]

Cúis

An chúis chéanna le leasú 21.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

An t-aistriú cóir

1.

á chur i bhfios go láidir nach mór taighde agus mapáil a dhéanamh ar na hiarmhairtí agus na treochtaí fostaíochta a bhaineann leis an athrú go tionscal mótarfheithiclí atá aeráidneodrach. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar críochach a bheidh ag an Rialachán seo ar an tionscal mótarfheithiclí, ar a lucht saothair agus ar na réigiúin ina bhfuil an tionscal sin;

2.

á chur i bhfáth gurb é claochlú earnáil mótarfheithiclí na hEorpa go feithiclí astaíochtaí nialasacha an t-athrú struchtúrach is cuimsithí san earnáil go dtí seo agus go mbeidh a lán impleachtaí éagsúla ag an athrú sin d’oibrithe, do sholáthróirí agus do ghrúpaí monaraíochta gluaisteán san Eoraip. I bhfianaise an athraithe mhóir sin ar cheann de na príomhearnálacha Eorpacha, tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tús a chur le hidirphlé straitéiseach iomlánaíoch agus fadtéarmach leis na geallsealbhóirí ábhartha uile (déantúsóirí buntrealaimh, soláthróirí, ceardchumainn, lucht léinn, comhlachais chomhshaoil, eagraíochtaí neamhrialtasacha, an tsochaí shibhialta, réigiúin agus cathracha, etc.) maidir le claochlú na hearnála mótarfheithiclí san Aontas, d’fhonn tacaíocht pholaitiúil a chur ar fáil d’athrú struchtúrach na hearnála agus chun anailís a dhéanamh ar riachtanais na hearnála agus tacaíocht a thabhairt chun na riachtanais sin a shásamh; ag tacú leis na cineálacha éagsúla comhair atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, ina mbeidh páirt ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, amhail Automotive Skills Alliance [Comhaontas Scileanna in Earnáil na nGluaisteán], lena ndírítear ar ath-sciliú agus uas-sciliú oibrithe san earnáil mótarfheithiclí, ar fhaisnéis a fhorbairt agus ar idirphlé a chothú i measc na gcomhpháirtithe agus na ngeallsealbhóirí ábhartha uile san earnáil;

3.

ag tacú le pleananna sonracha a fhorbairt le haghaidh ath-sciliú, uas-sciliú, oiliúint agus ath-imscaradh oibrithe in earnáil mótarfheithiclí an Aontais, go háirithe sna réigiúin sin is mó a ndéanfaidh an claochlú difear dóibh;

4.

ag tacú le hacmhainní poiblí a chur ar fáil le haghaidh Clár um Aistriú Cóir don éiceachóras mótarfheithiclí. Is é an tArdán um Aistriú Cóir atá ann faoi láthair ba cheart a úsáid mar mhúnla chuige sin. Tá an maoiniú do phleananna réigiúnacha tríd an Sásra um Aistriú Cóir ag cabhrú leis na milliúin oibrithe i limistéir thionsclaíocha atá dian ar charbón ar nós limistéir na mianadóireachta guail, lena n-áirítear Ciste ar leith um Aistriú Cóir;

5.

á áitiú ar an gCoimisiún “sásra Eorpach le haghaidh aistriú cóir san earnáil mótarfheithiclí agus sna réigiúin” a bhunú, sásra ar cheart dó leas a bhaint as na cistí Eorpacha, agus a áirithiú go dtabharfar aghaidh sa sásra sin ar na dúshláin atá sna réigiúin sin is mó a ndéanfaidh an claochlú difear dóibh agus go mbeidh fáil ag gach FBM sa slabhra soláthair air le go bhféadfaidh siad oiriúnú do na hathruithe ar shlabhra luacha an tionscail mótarfheithiclí;

6.

á chur in iúl gur cheart an Sásra um Aistriú Cóir a bhunú ar na prionsabail seo a leanas:

a)

Leordhóthain acmhainní

b)

Tacaíocht bheartais agus malartú dea-chleachtas

c)

Pleanáil don aistriú agus an t-idirphlé sóisialta.

Cistí a leithdháiltear faoin sásra, ní mór iad a dhíriú go díreach ar an lucht saothair a ndéanfaidh an t-aistriú difear dóibh agus a dháileadh go trédhearcach trí réigiúin agus trí chathracha i ndlúthchomhar leis na húdaráis phoiblí atá inniúil ar an oiliúint agus ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil. Ní tarrtháil do chuideachtaí mótarfheithiclí ba cheart a bheith iontu, ach infheistíocht phoiblí in uas-sciliú, in éagsúlú agus in oiliúint an lucht saothair;

7.

i bhfabhar an tionscnaimh maidir le “Comhghuaillíocht na réigiún le haghaidh aistriú cóir thionscal mótarfheithiclí na hEorpa agus shlabhra soláthair an tionscail sin”. Is mian leis na réigiúin sin, ina bhfuil earnáil láidir mótarfheithiclí, ról gníomhach a imirt chun a áirithiú nach bhfágfar aon réigiún ar lár agus go mbeidh an córas soghluaisteachta nua inbhuanaithe faoi thiomáint breoslaí ionadúla inacmhainne agus inrochtana do gach saoránach i ngach réigiún. Tacaíonn CnaR go hiomlán leis an iarraidh ón gComhghuaillíocht sásra um aistriú cóir a bhunú do na réigiúin, sásra a bhraithfeadh ar an tionscal mótarfheithiclí d’fhonn na hathruithe san earnáil a bhainistiú;

8.

á chur i bhfios go láidir gur cheart na hinfheistíochtaí sa ghairmoideachas agus san oideachas ardteicneolaíochta a theastaíonn do na scileanna nua sa leictrea-shoghluaisteacht a chur ar fáil ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;

9.

i bhfabhar oibríochtaí nua maidir le roghanna malartacha iompair sa chuideachta chéanna mótarfheithiclí a choimeád sa chríoch chéanna, agus tosaíocht á tabhairt do na gléasraí atá ann cheana;

Bonneagar breoslaí ionadúla

10.

den tuairim gur príomhchoinníoll é chun na spriocanna aeráide a bhaint amach ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach an bonneagar luchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh córais faoi thiomáint breoslaí ionadúla, mar aon leis na caighdeáin nua maidir le hastaíochtaí CO2, a chur i bhfeidhm agus, go háirithe, borradh a chur faoin leictrea-shoghluaisteacht. Ní leor chun na críche sin na hoibleagáidí atá ar an Aontas Eorpach faoi láthair maidir leis na ceanglais le haghaidh bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe;

11.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil sé á bheartú ag an gCoimisiún den chéad uair riamh, trí rialachán a dhéanamh den Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFID), íoscheanglais éigeantacha a bheidh aonfhoirmeach agus, thar aon rud eile, trasmhódach a thabhairt isteach ar fud an Aontais don bhonneagar seo sna Ballstáit;

12.

ag tacú le dícharbónú iomlán na hearnála iompair de bhóthar faoi 2050;

13.

á chur i bhfáth, i bprionsabal, gur cheart do na monaróirí a bheith solúbtha maidir le cineálacha éagsúla tiomána agus le réitigh theicniúla d’fhonn an cuspóir a bhaint amach nach gclárófaí ach feithiclí astaíochtaí nialasacha san Aontas ó 2035 ar aghaidh;

14.

á chur in iúl nach mór don Choimisiún, de réir phrionsabal na neodrachta teicneolaíche, iomaíocht teicneolaíochta a áirithiú, chomh maith le roghanna malartacha do limistéir thuaithe agus iargúlta, amhail bithbhreoslaí forbartha (féach na critéir inbhuanaitheachta le haghaidh bithbhreoslaí in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite);

15.

á iarraidh go ndéanfaí measúnú ar dhéine astaíochtaí bithbhreoslaí (2). Ba cheart timthriall iomlán an bhithbhreosla agus an tionchar aige ar an athrú ar thalamhúsáid, ar thosca indíreacha a bhaineann leis an athrú ar thalamhúsáid, ar an mbithéagsúlacht, agus ar an tslándáil bia, a mheas sa mheasúnú sin;

16.

á chur in iúl gur cheart aird ar leith a thabhairt ar na nithe a leanas:

pointí luchtaithe poiblí sna limistéir uirbeacha sin nach bhfuil rochtain ag líon mór feithiclí leictreacha ar pháirceáil phríobháideach iontu

pointí luchtaithe poiblí i limistéir iargúlta agus thuaithe;

17.

á iarraidh go ndéanfaí bearta chun cur le húsáid na teicneolaíochta hidrigine san iompar, teicneolaíocht a bhfuil an-bhorradh fúithi faoi láthair, agus go gcuirfí dálaí i bhfearas le go bhféadfaí gréasán sách cuimsitheach de phointí athbhreoslaithe hidrigine a chur ar fáil a luaithe a bheadh na réitigh theicneolaíocha is gá agus an t-eolas ar an éileamh ar fáil. Is céimeanna nádúrtha i dtreochlár ina bhfuil bearta comhfhreagracha iad na blianta 2027 agus 2035. Áirítear ar na bearta sin freisin na gníomhartha dlíthiúla agus na cinntí gaolmhara is gá a ullmhú. Mar sin féin, ní mór é a bheith indéanta maoluithe a dheonú i gcásanna a bhfuil údar cuí leo nuair a fhágann saintréithe sonracha réigiún áirithe (amhail an suíomh geografach nó dlús daonra) go bhfuil sé deacair na ceanglais atá leagtha síos a chosaint ón taobh socheacnamaíoch de;

18.

ag leagan béim ar an ngá atá le bonneagar ar leith d’fheithiclí tromshaothair, go háirithe san iompar poiblí;

19.

á chur in iúl go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain éasca ar sheirbhís luchtaithe chliste agus ghasta agus ar fhaisnéis faoi infhaighteacht stáisiún luchtaithe, réiteach íocaíochta, taraifí luchtaithe (trédhearcacht praghsanna), etc.;

20.

á iarraidh, nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar infheistíochtaí i gcórais ionadúla tiomána de bhóthar, go dtabharfaí tosaíocht do bhearta lena bhféadfaí an t-iompar lasta a aistriú chuig an iarnród;

Barúlacha ginearálta

21.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an rún atá ag an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na caighdeáin maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí d’fhonn cuspóir na neodrachta carbóin a bhaint amach. Is ó ghluaisteáin agus veaineanna a thagann an sciar is mó, i ndearbhthéarmaí, d’astaíochtaí CO2 ón iompar, agus tá an meánlíon astaíochtaí ó ghluaisteáin ina bhfuil innill dócháin inmheánaigh ag ardú;

22.

ag leagan béim ar fhadhb na margaí carranna athláimhe a sholáthraíonn carranna truaillitheacha i mBallstáit Oirthear agus Lár na hEorpa, lena n-aistrítear fadhbanna an truaillithe thocsainigh agus na bhfadhbanna sceite carbóin chuig réigiúin bheagfhorbartha. Tá an méid sin ag cur bac ar chomhtháthú an Aontais agus tá sé ag teacht salach ar an mbunluach Eorpach go bhfuil an ceart ag gach saoránach den Aontas ar aer glan. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuirfear srianta i bhfeidhm maidir leis an sreabhadh de sheanfheithiclí truaillitheacha, srianta a chosnóidh an comhshaol agus an tsláinte phoiblí, agus a bheidh i gcomhréir leis an Margadh Aonair;

23.

á mholadh go gceapfaí norm Euro 7/VII nua trí leas a bhaint as modh atá in oiriúint do na féidearthachtaí teicniúla atá ann cheana maidir leis an truailliú a laghdú. Níor cheart, i bprionsabal, do cheanglais an noirm Euro 7/VII cur isteach ar bhaint amach na gcuspóirí aeráide, ainneoin na gcostas ard dosheachanta a bhaineann le córais tiomána nua a fhorbairt san earnáil sin;

24.

á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán seo ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a thábhachtaí atá sé go gcuirfidh na comhreachtóirí CnaR ar an eolas faoi na hathruithe uile ar an togra bunaidh ag gach céim den nós imeachta reachtach, lena n-áirítear caibidlíocht thríthaobhach, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis, le go bhféadfaidh CnaR a shainchumais de réir na gConarthaí (Airteagal 91 CFAE) a chomhlíonadh go cuí;

25.

den tuairim go gcomhlíonann an dá dhréachtrialachán ceanglais phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Tá an breisluach a bhaineann le gníomhaíocht an Aontais sa réimse seo agus oiriúnacht na mbunús dlí a roghnaigh an Coimisiún soiléir agus comhsheasmhach. Is oth le CnaR, áfach, nach raibh greille mheastóireachta ar choimhdeacht ag gabháil leis an dréachtrialachán maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla (COM(2021) 559), murab ionann agus na tograí eile atá sa phacáiste “Oiriúnach do 55”, agus tugann sé dá aire gur eisigh dhá pharlaimint náisiúnta tuairim réasúnaithe maidir le neamhchomhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta faoin spriocdháta le haghaidh aighneachtaí, an 8 Samhain 2021.

An Bhruiséil, 26 Eanáir 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  https://www.europarl.europa.eu/thinktank/en/document.html?reference=IPOL_STU(2021)690901

(2)  The land use change impact of biofuels consumed in the EU Quantification of area and greenhouse gas impacts https://ec.europa.eu/energy/sites/ener/files/documents/Final%20Report_GLOBIOM_publication.pdf.