ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 266

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
11 Iúil 2022


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2022/C 266/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2022/C 266/02

Cás C-600/19: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 17 Bealtaine 2022. (iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Provincial de Zaragoza, an Spáinn) – MA v Ibercaja Banco, SA (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Prionsabal na coibhéise – Prionsabal na héifeachtachta – Imeachtaí forfheidhmithe morgáiste – Nádúr éagórach an téarma lena socraítear an ráta ainmniúil úis mainneachtana agus an téarma um luathíocaíocht atá sa chomhaontú iasachta – Údarás res judicata agus toirmeasc – Cailleadh na féidearthachta chun nádúr éagórach théarma an chonartha a agairt os comhair cúirte – Cumhacht athbhreithnithe na cúirte náisiúnta chun gníomhú uaithi féin)

2

2022/C 266/03

Cásanna Uamtha C-693/19 agus C-831/19: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 17 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale di Milano – an Iodáil) – SPV Project 1503 Srl, Dobank SpA v YB (C-693/19), Banco di Desio e della Brianza SpA agus páirtithe eile v YX, ZW (C-831/19) (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Prionsabal na coibhéise – Prionsabal na héifeachtachta – Nósanna imeachta maidir le hordú íocaíochta agus astuithe tríú páirtí – Res judicata lena gcumhdaítear go hintuigthe bailíocht théarmaí infhorfheidhmithe – Cumhacht na cúirte forfheidhmithe chun scrúdú a dhéanamh uaithi féin an bhfuil téarma conarthach éagórach)

3

2022/C 266/04

Cás C-725/19: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 17 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Judecătoria Sectorului 2 Bucureşti (Cúirt chéadchéime an 2ú ceantar de Bhúcairist, an Rómáin) – IO v Impuls Leasing România IFN SA (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Prionsabal na coibhéise – Prionsabal na héifeachtachta – Nós imeachta um fhorfheidhmiú conartha léasaithe ar ionstraim infhorfheidhmithe é – Agóid i gcoinne an fhorfheidhmithe – Reachtaíocht náisiúnta nach gceadaítear léi don chúirt ar tugadh an agóid sin os a comhair a sheiceáil an bhfuil téarmaí ionstraime infhorfheidhmithe éagórach – Cumhacht na cúirte atá freagrach as forfheidhmiú a chinneadh scrúdú a dhéanamh uaithi féin i dtaobh nádúr éagórach féideartha téarma – Leigheas faoin dlí coiteann a bheith ann lenar féidir athbhreithniú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na téarmaí sin éagórach – Ceanglas urrúis maidir le himeachtaí forfheidhmiúcháin a chur ar fionraí)

4

2022/C 266/05

Cás C-869/19: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 17 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn) – L v Unicaja Banco SA, ar a dtugtaí Banco de Caja España de Inversiones, Salamanca y Soria SAU (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Prionsabal na coibhéise – Prionsabal na héifeachtachta – Conradh morgáiste – Nádúr éagórach an chlásail íosráta dá bhforáiltear sa chonradh sin – Rialacha náisiúnta maidir leis an nós imeachta achomhairc – Teorainn ama leis an dearbhú go bhfuil téarma éagórach ar neamhní – Aisíoc – Cumhachtaí athbhreithnithe na cúirte achomhairc náisiúnta chun gníomhú uaithi féin)

4

2022/C 266/06

Cás C-466/20: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 19 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – HEITEC AG v HEITECH Promotion GmbH, RW (Iarraidh ar réamhrialú – Trádmharcanna – Treoir 2008/95/CE – Airteagal 9 – Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 – Airteagail 54, 110 agus 111 – Teorainn ama toilithe – Coincheap an toilithe – Idirbhriseadh na teorann ama – Fógra foirmiúil – Dáta briseadh na teorann ama i gcás go gcuirfear tús le himeachtaí dlí – Éifeachtaí na teorann ama – Iarratais ar dhámhachtain damáistí, ar sholáthar faisnéise agus ar dhíothú earraí)

5

2022/C 266/07

Cás C-569/20: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 19 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad – an Bhulgáir) – Imeachtaí coiriúla i gcoinne IR (Iarraidh ar réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Treoir (AE) 2016/343 – Airteagal 8 – an Ceart a bheith i láthair ag an triail – Faisnéis maidir le reáchtáil an cháis – Dodhéantacht teacht ar an té atá cúisithe d’ainneoin iarrachtaí réasúnta na n-údarás inniúil – Féidearthacht trialach agus ciontaithe in absentia – Airteagal 9 – Ceart chun trialach nua, nó chun fála ar leigheas dlí comhionann a cheadódh d’imscrúdú nua ar thuillteanais an cháis)

6

2022/C 266/08

Cás C-33/21: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 19 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione, an Iodáil) – Istituto nazionale per l'assicurazione contro gli infortuni sul lavoro (INAIL), Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS) v Ryanair DAC (Iarraidh ar réamhrialú – Oibrithe Imirceacha – Slándáil shóisialach – Reachtaíocht infheidhme – Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 – Airteagal 14(2)(a)(i) agus (ii) – Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 – Airteagal 11(5) – Airteagal 13(1)(a) agus (b) – Coincheap na bunáite – Foireann eitilte – Oibrithe a thugann faoina ngníomhaíocht fostaíochta ar chríocha dhá Bhallstáit nó níos mó – Nascfhachtóirí)

7

2022/C 266/09

Cás C-85/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 15 Márta 2022 (Iarraidh ar réamhrialú ón Landesverwaltungsgericht Steiermark – an Ostair) – WY v Steiermärkische Landesregierung (Iarraidh ar réamhrialú – Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Saoránacht an Aontais – Airteagail 20 agus 21 CFAE – Raon feidhme – Cailliúint uathoibríoch náisiúntacht Ballstáit roimh aontachas an Stáit sin leis an Aontas – Easpa dlínse na Cúirte Breithiúnais)

7

2022/C 266/10

Cás C-724/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 16 Bealtaine 2022 (Iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Köln – an Ghearmáin) – RV (Iarraidh ar réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Saoránacht an Aontais – Airteagal 21 CFAE – Gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse i gcríocha na mBallstát – Cion coiriúil a dhíríonn go sonrach ar fhuadach idirnáisiúnta mionaoiseach – Srianadh – Cosaint leanaí – Comhréireacht)

8

2022/C 266/11

Cás C-211/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Lisboa (an Phortaingéil) a taisceadh an 17 Márta 2022 – Super Bock Bebidas, S.A., AN, BQ v Autoridade da Concorrência

8

2022/C 266/12

Cás C-213/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) arna taisceadh an 22 Márta 2022 – Instituto de Financiamento de Agricultura e Pescas, IP v CS

10

2022/C 266/13

Cás C-219/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Rayonen sad Nesebar (an Bhulgáir) an 28 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh QS.

11

2022/C 266/14

Cás C-238/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 5 Aibreán 2022 – FW v LATAM Airlines Group SA

11

2022/C 266/15

Cás C-250/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 11 Aibreán 2022 – Fallimento Villa di Campo Srl v Agenzia delle Entrate

12

2022/C 266/16

Cás C-255/22 P: Achomharc arna thabhairt an 8 Aibreán 2022 ag Polskie Górnictwo Naftowe i Gazownictwo S.A. i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta a tugadh an 2 Feabhra 2022 i gCás T-616/18, Polskie Górnictwo Naftowe i Gazownictwo v an Coimisiún

13

2022/C 266/17

Cás C-257/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Krajský soud v Brně (Poblacht na Seice) a taisceadh an 14 Aibreán 2022 – CD v Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky

14

2022/C 266/18

Cás C-270/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale ordinario di Ravenna (an Iodáil) a taisceadh an 22 Aibreán 2022 – G.D., A.R., C.M. v Ministero dell’Istruzione, Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS)

14

2022/C 266/19

Cás C-276/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 22 Aibreán 2022 – Edil Work 2 S.r.l., S.T. S.r.l v STE S.a.r.l.

16

2022/C 266/20

Cás C-289/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 3 Bealtaine 2022 – A.T.S. 2003 Vagyonvédelmi és Szolgáltató Zrt. (faoi leachtú) v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

16

2022/C 266/21

Cás C-292/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Varna (an Bhulgáir) a taisceadh an 4 Bealtaine 2022 – Teritorialna direktsia Mitnitsa –Varna v NOVA TARGOVSKA KOMPANIA 2004 AD

17

 

Chúirt Ghinearálta

2022/C 266/22

Cás T-913/16: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 11 Bealtaine 2022 – Fininvest agus Berlusconi v BCE (Beartas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta – Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa – Maoirseachta stuamachta sonracha a chuirtear ar an BCE – Measúnú ar éadálacha sealúchas cáilitheach – Agóid i gcoinne éadálacha sealúchas cáilitheach – Neamh-aisghníomhaíocht – Res judicata – Cur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta trasuite – Cearta cosanta – Ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad – Ceart chun éisteacht a fháil – Foras nua – Tosaíocht dhlí an Aontais – Ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil)

19

2022/C 266/23

Cásanna T-30/19 agus T-72/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – CRIA agus CCCMC v an Coimisiún (Dumpáil – Deontais – Allmhairí aerbhonn áirithe, nua nó atráchtaithe, rubair, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe agus a bhfuil innéacs ualaigh atá níos mó ná 121 acu de thionscnamh na Síne – Dleacht frithdhumpála chinntitheach – Dleacht frithchúitimh chinntitheach – Caingean le haghaidh neamhniú – Locus standi – Cúram díreach – Cúram leithleach – Gníomh rialála gan bearta cur chun feidhme – Leas i gcaingean a thionscnamh – Díobháil do thionscal an Aontais – Scrúdú oibiachtúil – Nasc cúisíoch – Ríomh maidir le sladghearradh praghsanna agus an corrlach díobhála – Comparáid chothrom ar phraghsanna – Praghsanna allmhairithe ríofa – Praghsanna do na chéad chustaiméirí neamhspleácha – Difríocht an leibhéil trádála – Measúnuithe eacnamaíocha casta – Déine an fhaireacháin bhreithiúnaigh – Táscairí díobhála – Ualú na sonraí – Rochtain ar shonraí neamhrúnda na n-imscrúduithe – Cearta cosanta)

20

2022/C 266/24

Cás T-718/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Wizz Air Hungary v an Coimisiún (TAROM; cúnamh tarrthála) (Státchabhair – Aeriompar – Beart tacaíochta arna ghlacadh ag an Rómáin – Cúnamh tarrthála TAROM – Cinneadh gan agóid a dhéanamh – Caingean le haghaidh neamhniú – Cáilíocht páirtí leasmhar – Cosaint na gceart nóis imeachta – Inghlacthacht – Treoirlínte maidir le cabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu – Beart atá dírithe ar dheacrachtaí sóisialta a sheachaint nó ar chliseadh an mhargaidh a leigheas – Prionsabal neamh-atarlaithe na cabhrach – Tionchar na cabhrach a deonaíodh roimhe seo roimh aontachas na Rómáine leis an Aontas – Mórdheacrachtaí – An oibleagáid cúiseanna a lua)

22

2022/C 266/25

Cás T-93/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 11 Bealtaine 2022 – Creaticon v EUIPO – Paul Hartmann (SK SKINTEGRA THE RARE MOLECULE) (Trádmharc de chuid AE – Imeachtaí freasúra – Clárú idirnáisiúnta lena n – ainmnítear an tAontas – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh SK SKINTEGRA THE RARE MOLECULE – Focalmharc náisiúnta SKINTEGRITY roimhe sin – Foras coibhneasta le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois])

22

2022/C 266/26

Cás T-261/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Sturz v EUIPO – Clatronic International (STEAKER) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh STEAKER – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Sainiúlacht – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(c) anois), de Rialachán (AE) 2017/1001) – Easpa sainiúlachta – Airteagal 52(1)(a) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 59(1)(a) de Rialachán 2017/1001 anois) – Ceart éisteachta – Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)

23

2022/C 266/27

Cás T-436/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Veen v Europol (Dliteanas neamhchonarthach – Comhair idir údaráis phóilíneachta agus seirbhísí forfheidhmithe dlí eile na mBallstát – Comhrac i gcoinne na coireachta – Faisnéis a chur in iúl do Bhallstát ag Europol – Líomhain maidir le próiseáil neamhdhleathach sonraí – Rialachán (AE) 2016/794 – Airteagal 50(1) – Dochar neamhábhartha)

24

2022/C 266/28

Cás T-619/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – PricewaterhouseCoopers Belastingadviseurs v EUIPO – Haufe-Lexware (TAXMARC) (Trádmharc de chuid AE – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh TAXMARC – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh TAXMAN roimhe sin – An t-iarratas a chur ar fionraí – Airteagal 71(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625)

24

2022/C 266/29

Cásanna Uamtha T-710/21, T-722/21 agus T-723/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Roos agus páirtithe eile v Parlaimint na hEorpa (Sláinte poiblí – Gá le Deimhniú Digiteach COVID-19 AE bailí chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh na Parlaiminte – Bunús dlí – Saoire agus neamhspleáchas na bhfeisirí – Oibleagáid chun sláinte an fhoireann i seirbhís an Aontais a chinntiú – Díolúine pharlaiminteach – Próiseáil sonraí pearsanta – An ceart chun príobháideachais – An ceart chun iomláine coirp – An ceart chun slándála – Prionsabal na córa comhionainne – Comhréireacht)

25

2022/C 266/30

Cás T-154/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Saure v an Coimisiún (Caingean le haghaidh neamhniú – Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Iarratas daingniúchán róluath – Airteagal 7 de Rialachán Uimh. 1049/2001 – Easpa gníomh le díospóid – Diúltú sainráite do rochtain a thabhairt – Modhnú ar an iarratas – Do-ghlacthacht fhollasach)

26

2022/C 266/31

Cás T-282/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Aibreán 2022 – SS agus ST v Frontex (Imeachtaí maidir le mainneachtain gníomhú – Ceart tearmainn – Iarraidh ar ghníomhú – Seasamh Frontex – Neamh-inghlacthacht)

26

2022/C 266/32

Cás T-336/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Aibreán 2022 – Mendus v EUIPO (CENSOR.NET) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Cúlghairm an chinnidh atá faoi chonspóid – Caingean in éagmais aon chuspóra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

27

2022/C 266/33

Cás T-364/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Aibreán 2022 – Essity Hygiene and Health v EUIPO (Léiriú ar dhuilleog) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Cúlghairm an chinnidh atá faoi chonspóid – Imeachtaí atá tagtha chun bheith in éagmais aon chuspóra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

27

2022/C 266/34

Cás T-375/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Leinfelder Uhren München v EUIPO – Schafft (Léiriú ar fhigiúr geoiméadrach) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Tarraingt siar na hiarrata cúlghairme – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

28

2022/C 266/35

Cás T-645/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Aibreán 2022 – Bloom v an Pharlaimint agus an Chomhairle (Caingean le haghaidh neamhniú – An comhbheartas iascaigh – Rialachán (AE) 2021/1139 – An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe – Tacaíocht airgeadais i mbainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit – Oibríochtaí nó caiteachas neamh-incháilithe – Maoluithe ó neamh-incháilitheacht – Comhlachas a chosnaíonn an comhshaol muirí – Gníomh reachtach – Easpa cúraim leithligh – Easpa cúraim dhírigh – Ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil – Neamh-inghlacthacht)

28

2022/C 266/36

Cás T-59/22 R: Ordú Uachtaráin na Cúirte Ginearálta an 13 Bealtaine 2022 – Conserve Italia agus Conserves France v an Coimisiún (Bearta idirlinne – Iomaíocht – Comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe – Margadh Eorpach na nglasraí stánaithe – Cinneadh lena bhforchuirtear fíneáil – Iarratas ar bhac ar fhorghníomhú – Easpa práinne)

29

2022/C 266/37

Cás T-101/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – OG agus páirtithe eile v an Coimisiún (Iarratas ar bhearta eatramhacha – Rialachán (AE) 2021/953 – Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 – Deimhniú Digiteach COVID an Aontais – Iarratas ar bhac ar fhorghníomhú – Easpa práinne)

30

2022/C 266/38

Cás T-211/22: Caingean arna tabhairt an 21 Aibreán 2022 – an Ghréig v an Coimisiún

30

2022/C 266/39

Cás T-308/22: Caingean arna tabhairt an 25 Bealtaine 2022 – celotec v EUIPO – Decotec Printing (DECOTEC)

31

2022/C 266/40

Cás T-313/22: Caingean arna tabhairt an 25 Bealtaine 2022 – Abramovich v an Chomhairle

32


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2022/C 266/01)

Foilseachán deiridh

IO C 257, 4.7.2022

Foilseacháin stairiúla

IO C 244, 27.6.2022

IO C 237, 20.6.2022

IO C 222, 7.6.2022

IO C 213, 30.5.2022

IO C 207, 23.5.2022

IO C 198, 16.5.2022

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/2


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 17 Bealtaine 2022. (iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Provincial de Zaragoza, an Spáinn) – MA v Ibercaja Banco, SA

(Cás C-600/19) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 93/13/CEE - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Prionsabal na coibhéise - Prionsabal na héifeachtachta - Imeachtaí forfheidhmithe morgáiste - Nádúr éagórach an téarma lena socraítear an ráta ainmniúil úis mainneachtana agus an téarma um luathíocaíocht atá sa chomhaontú iasachta - Údarás res judicata agus toirmeasc - Cailleadh na féidearthachta chun nádúr éagórach théarma an chonartha a agairt os comhair cúirte - Cumhacht athbhreithnithe na cúirte náisiúnta chun gníomhú uaithi féin)

(2022/C 266/02)

Teanga an cháis: an Spáinnis.

An chúirt a rinne an tarchur

Audiencia Provincial de Zaragoza

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: MA

Cosantóir: Ibercaja Banco, SA

Triú páirtí: PO

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaíonn, mar gheall ar éifeacht údaráis res judicata agus cosc ama, don chúirt nádúr éagórach na dtéarmaí conarthacha i gcomhthéacs imeachtaí forfheidhmithe morgáiste a scrúdú uaithi féin, ná don tomhaltóir, tar éis dhul in éag na teorann ama chun agóid a thaisceadh, nádúr éagórach na dtéarmaí sin a agairt sna himeachtaí sin nó in imeachtaí dearbhaithe ina dhiaidh sin, sa chás ina ndearna an chúirt scrúdú ar nádúr éagórach féideartha na dtéarmaí sin cheana, le linn na n-imeachtaí forfheidhmithe morgáiste a thosú, ach nach luaitear sa chinneadh breithiúnach lena n-údaraítear an forfheidhmiú morgáiste aon chúis, fiú go hachomair, lena bhfianaítear gurb ann don scrúdú sin agus nach luaitear nach bhféadfar an measúnú arna dhéanamh ag an gcúirt sin mar thoradh ar an scrúdú sin a chur faoi cheist a thuilleadh in éagmais agóid a dhéanamh laistigh den tréimhse sin.

2.

Ní mór Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13 a léirmhíniú sa chiall nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaíonn do chúirt náisiúnta, ag gníomhú uaithi féin nó ar iarratas ón tomhaltóir, scrúdú a dhéanamh ar nádúr éagórach féideartha téarmaí conarthacha nuair a bheidh an ráthaíocht mhorgáiste réadaithe, an réadmhaoin mhorgáistithe díolta agus na cearta úinéireachta i leith na réadmhaoine is ábhar don chonradh atá i gceist aistrithe chuig tríú páirtí, ar an gcoinníoll go bhféadfaidh an tomhaltóir a bhfuil a réadmhaoin ina hábhar d’imeachtaí forfheidhmithe morgáiste a chearta a dhearbhú le linn imeachtaí ina dhiaidh sin maidir le cúiteamh faoin Treoir sin i leith na n-iarmhairtí airgeadais atá mar thoradh ar théarmaí éagóracha a chur i bhfeidhm.


(1)  IO C 357, an 21.10.2019.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/3


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 17 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale di Milano – an Iodáil) – SPV Project 1503 Srl, Dobank SpA v YB (C-693/19), Banco di Desio e della Brianza SpA agus páirtithe eile v YX, ZW (C-831/19)

(Cásanna Uamtha C-693/19 agus C-831/19) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 93/13/CEE - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Prionsabal na coibhéise - Prionsabal na héifeachtachta - Nósanna imeachta maidir le hordú íocaíochta agus astuithe tríú páirtí - Res judicata lena gcumhdaítear go hintuigthe bailíocht théarmaí infhorfheidhmithe - Cumhacht na cúirte forfheidhmithe chun scrúdú a dhéanamh uaithi féin an bhfuil téarma conarthach éagórach)

(2022/C 266/03)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale di Milano

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: SPV Project 1503 Srl, SpA Dobank SpA (C-693/19), Banco di Desio e della Brianza SpA, Banca di Credito Cooperativo di Carugate e Inzago sc, Intesa Sanpaolo SpA, Banca Popolare di Sondrio s.c.p.a, Cerved Credit Management (C-831/19)

Cosantóirí: YB (C-693/19), YX, ZW (C-831/19)

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13 ón gComhairle an 5 Aibreán 1993, maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, a léirmhíniú ar chaoi a gciallaíonn go dtoirmisctear reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás nach raibh ordú íocaíochta arna eisiúint ag cúirt arna iarraidh sin ag creidiúnaí ina ábhar agóide arna thaisceadh ag an bhféichiúnaí, ní fhéadfaidh an chúirt forfheidhmithe, ar an bhforas go bhfuil sé intuigthe go gclúdaítear le res judicata bailíocht na dtéarmaí seo, lena n-eisiatar aon rialú ar bhailíocht na dtéarmaí, rialú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar a éagóraí atá téarmaí conarthacha ar a raibh an t-ordú sin bunaithe. Níl sé ábhartha, i ndáil leis sin, tráth a tháinig an t-ordú chun bheith críochnaitheach, nach raibh an féichiúnaí ar an eolas go bhféadfaí é a aicmiú mar “thomhaltóir” de réir bhrí na Treorach sin.


(1)  IO C 432 an 23.12.2019

IO C 36 an 03.02.2020


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/4


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 17 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Judecătoria Sectorului 2 Bucureşti (Cúirt chéadchéime an 2ú ceantar de Bhúcairist, an Rómáin) – IO v Impuls Leasing România IFN SA

(Cás C-725/19) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 93/13/CEE - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Prionsabal na coibhéise - Prionsabal na héifeachtachta - Nós imeachta um fhorfheidhmiú conartha léasaithe ar ionstraim infhorfheidhmithe é - Agóid i gcoinne an fhorfheidhmithe - Reachtaíocht náisiúnta nach gceadaítear léi don chúirt ar tugadh an agóid sin os a comhair a sheiceáil an bhfuil téarmaí ionstraime infhorfheidhmithe éagórach - Cumhacht na cúirte atá freagrach as forfheidhmiú a chinneadh scrúdú a dhéanamh uaithi féin i dtaobh nádúr éagórach féideartha téarma - Leigheas faoin dlí coiteann a bheith ann lenar féidir athbhreithniú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na téarmaí sin éagórach - Ceanglas urrúis maidir le himeachtaí forfheidhmiúcháin a chur ar fionraí)

(2022/C 266/04)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Judecătoria Sector 2 Bucureşti

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: IO

Cosantóir: Impuls Leasing România IFN SA

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear bac leo ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaíonn don chúirt atá freagrach as forfheidhmiú fiachais a chinneadh, a bhfuil agóid os a comhair i gcoinne an fhorfheidhmithe sin, measúnú a dhéanamh, uaithi féin nó arna iarraidh sin ag an tomhaltóir, ar nádúr éagórach na dtéarmaí i gconradh arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus díoltóir nó soláthróir ar ionstraim infhorfheidhmithe é, sa chás nach féidir leis an gcúirt a thugann breith ar shubstaint an cháis, ar féidir caingean ar leith faoin dlí coiteann a chur faoina bráid, d’fhonn scrúdú a fháil ar nádúr éagórach féideartha téarmaí den sórt sin, na himeachtaí forfheidhmiúcháin a chur ar fionraí go dtí go dtabharfaidh sí breith ar na tuillteanais ach amháin má íoctar urrús ar leibhéal ar dóigh dó an tomhaltóir a dhíspreagadh ó chaingean den sórt sin a thabhairt agus a choinneáil ar bun.


(1)  IO C 54, an 17.02.2020.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/4


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 17 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn) – L v Unicaja Banco SA, ar a dtugtaí Banco de Caja España de Inversiones, Salamanca y Soria SAU

(Cás C-869/19) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 93/13/CEE - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Prionsabal na coibhéise - Prionsabal na héifeachtachta - Conradh morgáiste - Nádúr éagórach an “chlásail íosráta” dá bhforáiltear sa chonradh sin - Rialacha náisiúnta maidir leis an nós imeachta achomhairc - Teorainn ama leis an dearbhú go bhfuil téarma éagórach ar neamhní - Aisíoc - Cumhachtaí athbhreithnithe na cúirte achomhairc náisiúnta chun gníomhú uaithi féin)

(2022/C 266/05)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Supremo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: L

Cosantóir: Unicaja Banco SA, ar a dtugtaí Banco de Caja España de Inversiones, Salamanca y Soria SAU

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 6(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, arna léamh i bhfianaise phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear bac leis ar chur i bhfeidhm phrionsabail nós imeachta na cúirte náisiúnta faoi nach féidir le cúirt náisiúnta atá ag éisteacht achomhairc i gcoinne breithiúnas a chuireann teorainn ama le haisíoc na suimeanna a d’íoc an tomhaltóir go míchuí faoi théarma a dearbhaíodh a bheith éagórach, saincheist ina líomhnaítear sárú ar an bhforáil sin a ardú, uaithi féin, agus aisíoc iomlán na suimeanna sin a ordú, i gcás nach féidir mainneachtain an tomhaltóra lena mbaineann an teorainn ama sin a chonspóid a chur i leith éighníomhaíocht iomlán an tomhaltóra.


(1)  IO C 87, an 16.03.2020.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/5


Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 19 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – HEITEC AG v HEITECH Promotion GmbH, RW

(Cás C-466/20) (1)

(Iarraidh ar réamhrialú - Trádmharcanna - Treoir 2008/95/CE - Airteagal 9 - Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 - Airteagail 54, 110 agus 111 - Teorainn ama toilithe - Coincheap an toilithe - Idirbhriseadh na teorann ama - Fógra foirmiúil - Dáta briseadh na teorann ama i gcás go gcuirfear tús le himeachtaí dlí - Éifeachtaí na teorann ama - Iarratais ar dhámhachtain damáistí, ar sholáthar faisnéise agus ar dhíothú earraí)

(2022/C 266/06)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HEITEC AG

Cosantóir: HEITECH Promotion GmbH, RW

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 9 de Threoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna agus Airteagail 54, 110 agus 111 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail a léiriú sa chaoi nach gcuireann gníomh, ar nós fógra foirmiúil lena gcuireann dílseánach trádmhairc ní ba luaithe nó cirt ní ba luaithe i gcoinne úsáid trádmhairc ní ba dhéanaí gan na bearta is gá a dhéanamh le teacht ar réiteach faoi cheangal an dlí, foirceann ar an toiliú agus, dá réir, ní dhéantar idirbhriseadh ar an tréimhse theorann dá dtagraítear sna forálacha úd.

2)

Ní mór Airteagal 9 de Threoir 2008/95 agus Airteagail 54, 110 agus 111 de Rialachán Uimh. 207/2009 a léiriú sa chaoi gurb é is brí leo nach bhféadfaí caingean arna tabhairt ag dílseánach trádmhairc ní ba luaithe nó ceart eile ní ba luaithe a fhéachann le neamhbhailíocht trádmhairc ní ba dhéanaí a dhearbhú nó le cur i gcoinne a úsáidte a mheas mar chosc ar na cearta dá dtagraítear sna forálacha sin, nuair a taisceadh na doiciméid a bhaineann le tabhairt na caingne, i gcás nár chomhlíon an doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí, cé gur comhdaíodh é roimh dháta éaga na tréimhse teorann, de bharr easpa díchill ar thaobh an iarratasóra, ceanglais an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le seirbheáil agus nár tugadh chun rialtachta é go dtí i ndiaidh an dáta sin ar chúiseanna is inchurtha i leith an iarratasóra.

3)

Ní mór Airteagal 9 de Threoir 2008/95 agus Airteagail 54, 110 agus 111 de Rialachán Uimh. 207/2009 a léiriú sa chaoi gurb é is brí leo ná nuair a chuirtear cosc ar dhílseánach thrádmhairc ní ba luaithe nó chirt ní ba luaithe iarratas neamhbhailíochta maidir le trádmharc ní ba dhéanaí a dhéanamh nó ar iarratas ar chealú úsáide an trádmhairc sin a dhéanamh, coisctear chomh maith leis an gcosc sin ar dhílseánach an trádmhairc ní ba luaithe nó ceart eile ní ba luaithe éilimh choimhdeacha nó éilimh lena mbaineann a dhéanamh cosúil le héileamh ar dhámhachtain damáistí, ar sholáthar faisnéise nó ar dhíothú earraí.


(1)  IO C 443, an 21.12.2020


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/6


Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 19 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad – an Bhulgáir) – Imeachtaí coiriúla i gcoinne IR

(Cás C-569/20) (1)

(Iarraidh ar réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Treoir (AE) 2016/343 - Airteagal 8 - an Ceart a bheith i láthair ag an triail - Faisnéis maidir le reáchtáil an cháis - Dodhéantacht teacht ar an té atá cúisithe d’ainneoin iarrachtaí réasúnta na n-údarás inniúil - Féidearthacht trialach agus ciontaithe in absentia - Airteagal 9 - Ceart chun trialach nua, nó chun fála ar leigheas dlí comhionann a cheadódh d’imscrúdú nua ar thuillteanais an cháis)

(2022/C 266/07)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Spetsializiran nakazatelen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

IR,

i láthair: Spetsializirana prokuratura

An chuid oibríochtúil

Ba chóir Airteagail 8 agus 9 de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla a léiriú sa chaoi go bhféadfaí duine cúisithe ar theip ar na húdaráis náisiúnta inniúla teacht air d’ainneoin a gcuid iarrachtaí réasúnta agus ar theip ar na húdaráis sin faisnéis maidir leis an gcúis ina choinne a chur ar aghaidh chuige dá réir sin, a thriaileadh, agus nuair is cuí, a chiontú in absentia, ach go gcaithfear, i bprionsabal, sa chás sin, go mbeadh sé de rogha aige, i ndiaidh fógairt an chiontaithe, leas a bhaint go díreach as an gceart a bhronntar leis an Treoir sin, an cás a athoscailt nó fáil a bheith aige ar leigheas dlí comhionann a chuirfeadh tús le himscrúdú nua, ina láthair, ar thuillteanais an cháis. Féadfar an ceart seo a shéanadh, áfach, má tá fianaise chruinn agus oibiachtúil ann go bhfuair an duine thuasluaite dóthain faisnéise chun a bheith ar an eolas faoin gcúis ina choinne, agus le gníomhartha de bhun tola agus le hintinn cúrsa na córa a imghabháil, gur cuireadh bac ar na húdaráis é a chur ar an eolas faoi reáchtáil an cháis.


(1)  IO C 28 an 25.01.2021


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/7


Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 19 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione, an Iodáil) – Istituto nazionale per l'assicurazione contro gli infortuni sul lavoro (INAIL), Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS) v Ryanair DAC

(Cás C-33/21) (1)

(Iarraidh ar réamhrialú - Oibrithe Imirceacha - Slándáil shóisialach - Reachtaíocht infheidhme - Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 - Airteagal 14(2)(a)(i) agus (ii) - Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 - Airteagal 11(5) - Airteagal 13(1)(a) agus (b) - Coincheap na “bunáite” - Foireann eitilte - Oibrithe a thugann faoina ngníomhaíocht fostaíochta ar chríocha dhá Bhallstáit nó níos mó - Nascfhachtóirí)

(2022/C 266/08)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Istituto nazionale per l'assicurazione contro gli infortuni sul lavoro (INAIL), Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS)

Cosantóir: Ryanair DAC

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 14(2)(a)(i) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle an 14 Meitheamh 1971 maidir le cur i bhfeidhm na scéimeanna slándála sóisialta maidir le daoine fostaithe, daoine féinfhostaithe agus daoine dá dteaghlach atá ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal arna leasú ag Rialachán (CE) Uimh. 118/97 ón gComhairle an 2 Nollaig 1996 sa leagan arna leasú agus arna tabhairt suas chun dáta le Rialachán (CE) Uimh. 631/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004, Airteagal 13(1)(a), agus Airteagal 87(a)(8) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 988/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009, agus ina dhiaidh sin le Rialachán (AE) Uimh. 465/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012, mar aon le hAirteagal 11(5) de Rialachán Uimh. 465/2012 a léiriú sa chaoi gurb é an reachtaíocht slándála sóisialta is infheidhme maidir le foireann eitilte aerlíne, atá bunaithe i mBallstát, nach gcumhdaítear le teastais E101 agus a oibríonn ar feadh 45 nóiméad in aghaidh an lae i seomra criú (dá ngairtear “crew room”) atá ar fáil don aerlíne sin i gcríoch Bhallstáit eile ina bhfuil cónaí ar an bhfoireann eitilte sin, agus a chaitheann an t-am oibre atá fágtha ar bord aerárthaigh na haerlíne sin, ná reachtaíocht an Bhallstáit deiridh sin.


(1)  IO C 110, an 29.03.2021.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/7


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 15 Márta 2022 (Iarraidh ar réamhrialú ón Landesverwaltungsgericht Steiermark – an Ostair) – WY v Steiermärkische Landesregierung

(Cás C-85/21) (1)

(Iarraidh ar réamhrialú - Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Saoránacht an Aontais - Airteagail 20 agus 21 CFAE - Raon feidhme - Cailliúint uathoibríoch náisiúntacht Ballstáit roimh aontachas an Stáit sin leis an Aontas - Easpa dlínse na Cúirte Breithiúnais)

(2022/C 266/09)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesverwaltungsgericht Steiermark

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: WY

Cosantóir: Steiermärkische Landesregierung

An chuid oibríochtúil

Is follas nach bhfuil dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun an cheist arna tharchur ag Landesverwaltungsgericht Steiermark (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, Steiermark, an Ostair) a fhreagairt, le cinneadh an 3 Feabhra 2021.


(1)  IO C 148 an 26.04.2021


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/8


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 16 Bealtaine 2022 (Iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Köln – an Ghearmáin) – RV

(Cás C-724/21) (1)

(Iarraidh ar réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Saoránacht an Aontais - Airteagal 21 CFAE - Gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse i gcríocha na mBallstát - Cion coiriúil a dhíríonn go sonrach ar fhuadach idirnáisiúnta mionaoiseach - Srianadh - Cosaint leanaí - Comhréireacht)

(2022/C 266/10)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Köln

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Cosantóir: RV

I láthair: Staatsanwaltschaft Köln

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 21 CFAE a léiriú sa chaoi gur cosc é ar reachtaíocht Ballstát lenar féidir pionós coiriúil a ghearradh ar bhaint linbh ag tuismitheoir ón gcaomhnóir, a bhfuil an ceart dílsithe don chaomhnóir sin áit chónaithe an linbh a chinneadh, d’fhonn an leanbh a thabhairt thar lear, fiú amháin mura mbaintear úsáid as foréigean, as bagairt díobhála thromchúisí nó as calaois, ach, nuair atá an leanbh i gcríoch an chéad Bhallstát, nach ngabhann pionós leis an ngníomh céanna sin ach amháin i gcás go mbaintear úsáid as foréigean, as bagairt díobhála thromchúisí nó as calaois.


(1)  Dáta an taiscthe: 30 Samhain 2021


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/8


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Lisboa (an Phortaingéil) a taisceadh an 17 Márta 2022 – Super Bock Bebidas, S.A., AN, BQ v Autoridade da Concorrência

(Cás C-211/22)

(2022/C 266/11)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal da Relação de Lisboa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Super Bock Bebidas, S.A., AN, BQ

Cosantóir: Autoridade da Concorrência

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

An sárú mar gheall ar chuspóir é socrú íosphraghsanna ingearach ina aonar, nach gá réamhanailís a dhéanamh ar leibhéal leordhóthanachta dhíobháil an chomhaontaithe?

2)

D’fhonn a shuíomh go bhfuil eilimint an “chomhaontaithe” den sárú trí íosphraghsanna a shocrú (faoi thost) do dháileoirí, an gá sa chás sonrach a chruthú gur chuir na dáileoirí na praghsanna seasta i bhfeidhm i ndáiríre, go háirithe le fianaise dhíreach?

3)

An bhfuil a dhóthain gné sa mhéid seo chun a mheas go ndearnadh sárú (faoi thost) trí íosphraghsanna a shocrú do dháileoirí: (i) seoladh liostaí ina bhfuil íosphraghsanna agus lamhálacha dáileacháin; (ii) iarratas ó dháileoirí ar fhaisnéis faoi phraghsanna díolacháin; (iii) gearáin ó dháileoirí (i gcás go measann siad go bhfuil na praghsanna athdhíola a fhorchuirtear orthu neamhiomaíoch nó nuair a thagann siad ar an tuairim nach léiríonn dáileoirí iomaíocha urraim orthu); (iv) sásraí faireacháin praghsanna a bheith ann (an modh is éasca); agus (v) bearta frithbheartaíochta a bheith ann (gan chruthúnas gur cuireadh chun feidhme i ndáiríre iad)?

4)

I bhfianaise Airteagal 101(1)(a) den CFAE, Airteagal 4(a) de Rialachán Uimh. 330/2010 (1) de Threoirlínte an Choimisiúin Eorpaigh maidir le srianta ingearacha agus chásdlí an Aontais, an féidir a thoimhdiú go ndéanfaidh comhaontú idir soláthróir agus a dháileoirí lena socraítear (go hingearach) íosphraghsanna agus coinníollacha tráchtála eile is infheidhme maidir le hathdhíol dochar leordhóthanach don iomaíocht, gan dochar don anailís ar na héifeachtaí eacnamaíocha dearfacha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcleachtas a luadh, de réir bhrí Airteagal 101(3) CFAE?

5)

An bhfuil cinneadh breithiúnach i gcomhoiriúnacht le hAirteagal 101(1)(a) CFAE agus le cásdlí an Aontais Eorpaigh, lena gcinntear gurb ann do ghné “an chomhaontais” de shórt oibiachtúil idir sholáthróir agus dáileoirí ar na boinn seo a leanas:

i)

socrú agus forchur, ag an gcéad cheann acu thuas ar an dara ceann, go rialta agus go forleathan agus gan athruithe le linn tréimhse an chleachtais, na gcoinníollacha tráchtála a gcaithfeadh siadsan cloí leo agus na táirgí a fhaigheann siad ón soláthróir á ndíol acu, go háirithe na praghsanna a ghearrann siad ar a gcustaiméirí, go príomha maidir le híosphraghsanna nó mean-íosphraghsanna;

ii)

tuairisciú na bpraghsanna athdhíola arna bhforchur, ó bhéal nó i scríbhinn (trí mheán an ríomhphoist);

iii)

easpa inniúlachta na ndáileoirí a bpraghsanna athdhíola a shocrú go neamhspleách;

iv)

an cleachtas rialta agus forleathan lena n-iarrann fostaithe an soláthróra (le linn comhrá teileafóin nó tul i dtul) ar na dáileoirí cloí leis na praghsanna a sonraíodh;

v)

Comhlíonadh na ndáileoirí leis na praghsanna athdhíola arna socrú ag an soláthróir (cé is moite de chorr-easaontas) agus an dearbhú go bhfuil iompar an dáileora ar an margadh i gcomhoiriúint leis téarmaí arna socrú ag an soláthróir.

vi)

an fíoras féin gur minic do dháileoirí, ionas nach sárófaí na téarmaí a socraíodh, iarraidh ar an soláthróir praghsanna athdhíola a chur in iúl;

vii)

an dearbhú go ndéanann dáileoirí gearán go minic faoi phraghsanna an tsoláthróra seachas díreach praghsanna eile a ghearradh;

viii)

socrú corrlaigh dáileacháin (ísle) ag an soláthraí agus an toimhde na ndáileoirí go gcomhfhreagraíonn na corrlaigh sin do leibhéal luach saothair a ngnó;

ix)

an dearbhú go bhforchuireann an soláthróir, trí chorrlaigh ísle a fhorchur, íosphraghas athdhíola faoi phian go mbeadh caillteanas corrlach comhlán ann;

x)

an polasaí lascaine a dheonú do dháileoirí bunaithe ar na praghsanna athdhíola arna ngearradh acu i ndáiríre — arbh é an t-íosphraghas a shocraigh an soláthróir roimhe seo an leibhéal athsholáthair in “sell out”—;

xi)

an riachtanas atá ann – go minic, ag féachaint don chaillteanas corrlach comhlán – go gcloífeadh na dáileoirí leis na leibhéil praghsanna athdhíola arna bhforchur ag an soláthróir; ní tharlaíonn cleachtas na bpraghsanna athdhíola ní ba ísle ach i ndálaí fíor-shainiúla agus nuair a iarrann dáileoirí lascaine “sell out” eile ón soláthróir;

xii)

an socrú, ag an soláthróir, agus an comhlíonadh á dhéanamh ag na dáileoirí, i dtaobh na huaslascainí a chaithfear a chur i bhfeidhm ar na custaiméirí acu, rud a chuireann bonn faoi íosphraghas athdhíola, faoi phian an chaillteanais corrlaigh chomhlán;

xiii)

teagmháil dhíreach an soláthróra le custaiméirí an dáileora agus socrú na gcoinníollacha athdhíola a forcuireadh orthu ina dhaidh sin;

xiv)

idirghabháil an tsoláthraí, ar thionscnamh ó na dáileoirí, sa chiall go gcinnfidh an soláthróir lascainí tráchtála áirithe a chur i bhfeidhm nó go ndéanann sé ath-idirbheartaíocht ar na coinníollacha tráchtála athdhíola; agus

xv)

iarratas ó na dáileoirí chuig an soláthraí chun go bhféadfar idirbheart áirithe a dhéanamh faoi choinníollacha áirithe chun a gcorrlach dáileacháin a áirithiú?

6)

An féidir le comhaontú íosphraghsanna athdhíola den sórt sin a chumhdaíonn an chríoch náisiúnta iomlán nach mór, tionchar a imirt ar thrádáil idir Ballstáit?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe (IO L 102, 23.4.2010, lch. 1).


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/10


Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) arna taisceadh an 22 Márta 2022 – Instituto de Financiamento de Agricultura e Pescas, IP v CS

(Cás C-213/22)

(2022/C 266/12)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal Administrativo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Instituto de Financiamento de Agricultura e Pescas, IP

Cosantóir: CS

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An bhféadtar aisíoc na gcostas cothabhála agus na bpréimheanna le haghaidh caillteanas ioncaim dá bhforáiltear, faoi seach, in Airteagal 3(b) agus (c) de Rialachán Uimh. 2080/92 (1) an 30 Meitheamh 1992 a cheangal nuair a chruthaíonn an tairbhí nár comhlíonadh na coinníollacha foraoisithe a éilítear leis an gclár cabhrach náisiúnta ar chúiseanna nach raibh smacht aige orthu agus go ndearna sé gach iarracht iad a chomhlíonadh?

2.

An bhfuil an réiteach a leanann as na rialacha lena léirmhínítear Airteagal 7(b) d’Ordú ón Aire Uimh. 199/94 i gcomhar le hAirteagal 26 den ordú sin, lena bhforáiltear go n-aisíoctar na préimheanna go páirteach más ann do dhálaí drochaimsire sna blianta i ndiaidh na bliana meastóireachta (sin an bhliain i ndiaidh na bliana athfhoraoisithe), cé go gcailltear an teidlíocht i leith préimheanna go hiomlán, más rud é gurb ann do na torthaí céanna, a tháinig chun cinn de bharr na ndálaí drochaimsire céanna, sa bhliain i ndiaidh an athfhoraoisithe, i gcomhréir le rialacha dhlí an Aontais?

3.

An gcaitear an réiteach dá bhforáiltear in Airteagal 7(1)(b) d’Ordú ón Aire Uimh. 199/94, faoina gcailleann an tairbhí a theidlíocht maidir le préimheanna le haghaidh cothabhála agus caillteanas ioncaim go hiomlán nuair nach mbaintear amach an dlús athfhoraoisithe a leagtar síos in Iarscríbhinn C, gan aon fhéidearthacht chun íoc na bpréimheanna thuasluaite a laghdú go comhréireach nuair is féidir an toradh a chur i leith cúrsaí seachtracha ar nós na haimsire, a thuiscint mar neamhréireach le prionsabal na comhréireachta, mar phrionsabal ginearálta den Aontas Eorpach, mar is cosúil go leanann sé (a contrario sensu) as breithiúnas József Lingurâr (C-315/16, míreanna 29 agus 35)?


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2080/92 ón gComhairle an 30 Meitheamh 1992 lena gcuirtear scéim cabhrach comhphobail i gcrích le haghaidh beart foraoiseachta sa talmhaíocht (IO 1922 L 215, lch. 96).


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/11


Iarraidh ar réamhrialú ón Rayonen sad Nesebar (an Bhulgáir) an 28 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh QS.

(Cás C-219/22)

(2022/C 266/13)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Rayonen sad Nesebar

Páirtithe sna príomhimeachtaí

QS

An cheist a tharchuirtear:

Ar cheart Airteagal 3(3) de Chinneadh Réime 2008/675/CGB (1) an 24 Iúil 2008 maidir le ciontuithe i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh le linn imeachtaí coiriúla nua a léirmhíniú mar bhac ar rialachán náisiúnta amhail Airteagal 68(1), i gcomhar le hAirteagal 8(2), den Nakazatelen Kodeks (Cód Coiriúil na Bulgáire) lena bhforáiltear go bhféadfaidh cúirt náisiúnta, má thabharfar os comhair na cúirte sin iarratas ar fhorghníomhú na pianbhreithe arna forchur i gcomhthéacs ciontú roimhe sin a thug cúirt de chuid Ballstát eile, modhanna forghníomhaithe na pianbhreithe sin a mhodhnú trína ordú go ndéanfar í a fhorghníomhú go héifeachtach?


(1)  IO 2008 L 220, lch. 32.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/11


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 5 Aibreán 2022 – FW v LATAM Airlines Group SA

(Cás C-238/22)

(2022/C 266/14)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Frankfurt am Main

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: FW

Cosantóir: LATAM Airlines Group SA

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

Ar gcaithfear Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 (1) a léiriú sa chaoi, le teacht faoi raon feidhme an Rialacháin sin agus chun diúltú bordála lena mbaineann cúiteamh de bhun Airteagal 4(3) in éineacht le hAirteagal 7 den Rialachán sin a chruthú, nach mór chomh maith don phaisinéir, mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(2) nó Airteagal (2)(j), a bheith i láthair le seiceáil isteach ag an am a sonraíodh nó tráth nach déanaí ná 45 nóiméad roimh an am imeachta a foilsíodh nó i láthair ag an mbordáil, cé go raibh an t-aeriompróir áirithe sin tar éis a fhógairt cheana nár mhian leis an paisinéir a iompar?

2)

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist:

Ar gcaithfear Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 a léiriú sa chaoi, agus Airteagal 5(1)(c)(i) den Rialachán sin á chur i bhfeidhm mutatis mutandis, go n-eisiafar na cearta cúitimh maidir le diúltú bordála dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 7 nuair a chuirtear an paisinéir ar an eolas coicís ar a laghad roimh am imeachta sceidealaithe na heitilte nach bhfuiltear chun é a iompar?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadaítear dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó ina bhfuil moill mhór ar eitiltí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/12


Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 11 Aibreán 2022 – Fallimento Villa di Campo Srl v Agenzia delle Entrate

(Cás C-250/22)

(2022/C 266/15)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Fallimento Villa di Campo Srl

Cros-achomharcóir: Agenzia delle Entrate

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagal 5(8) de Threoir 77/388/CEE (1) agus Airteagal 19 de Threoir 2006/112/CE (2) ar reachtaíocht náisiúnta amhail Airteagal 20 de Fhoraithne an Uachtaráin Uimh. 131 an 26 Aibreán 1986, a leasaítear le pointí (1) agus (2) d’Airteagal 1(87)(a) de Dhlí Uimh. 205 an 27 Nollaig 2017 agus le hAirteagal 1(1084) de Dhlí Uimh. 145 an 30 Nollaig 2018, lena gceanglaítear ar na húdaráis chánach idirbhearta idir páirtithe a aicmiú ar bhonn faisnéis théacsúil atá sa chonradh ábhartha sin amháin agus lena gcuirtear cosc ar úsáid faisnéise eistrí (seachthéacsúla) (fiú má tá sí ann go hoibiachtúil agus má tá sí cruthaithe), agus mar thoradh air sin go bhfuil cosc iomlán ar na húdaráis chánach a chruthú go bhfuil soláthar eacnamaíoch, arb ionann é agus aistriú gnó, atá dosháraithe ann féin, briste síos go saorga i roinnt soláthairtí éagsúla – soláthairtí iolracha earraí – agus dá bhrí sin as a dtagann ceart chun CBL a asbhaint i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i ndlí an Aontais?


(1)  Séú Treoir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cánacha láimhdeachais – Comhchóras cánach breisluacha: aonbhonn measúnachta (IO L 145, 13.6.1977, lch. 1).

(2)  Treoir an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/13


Achomharc arna thabhairt an 8 Aibreán 2022 ag Polskie Górnictwo Naftowe i Gazownictwo S.A. i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta a tugadh an 2 Feabhra 2022 i gCás T-616/18, Polskie Górnictwo Naftowe i Gazownictwo v an Coimisiún

(Cás C-255/22 P)

(2022/C 266/16)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Polskie Górnictwo Naftowe i Gazownictwo S.A. (ionadaithe: K. Karasiewicz, radca prawny, T. Kaźmierczak, adwokat)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Polainne, Gazprom PJSC, Gazprom export LLC, Overgas Inc.

An t-ordú atá á lorg

Maíonn an t-iarratasóir gur cheart don Chúirt:

an breithiúnas a chur ar neamhní ina iomláine;

an cinneadh atá faoi chonspóid ón gCoimisiún Eorpach a neamhniú ina iomláine;

mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí seo agus na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

1)

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, ag sárú Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha maidir le hiomaíocht a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (1) (“Rialachán 1/2003”):

a)

tríd an bhforáil sin a léirmhíniú go mícheart, arna léamh i gcomhar le mír 127 den fhógra ón gCoimisiún maidir le dea-chleachtais maidir le seoladh imeachtaí a bhaineann le hAirteagal 101 agus 102 CFAE, rud a thug ar an gcúirt sin teacht ar an gconclúid go mícheart nach raibh earráid fhollasach déanta ag an gCoimisiún maidir le leordhóthanacht na ngealltanas;

b)

trí mhíthuiscint fhollasach a dhéanamh ar na himthosca fíorasacha roinnt uaireanta, rud a thug ar an gcúirt sin Airteagal 9 de Rialachán 1/2003 a chur i bhfeidhm go mícheart agus, mar thoradh ar an gcur i bhfeidhm mícheart sin sin, teacht ar an gcinneadh go mícheart nach raibh earráid fhollasach déanta ag an gCoimisiún maidir le leordhóthanacht na ngealltanas;

c)

trí mhainneachtain na Cúirte Ginearálta aird a thabhairt, i gcomhthéacs fheidhmiú a lánrogha a thugtar le dlí maidir le measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna casta eacnamaíocha agus teicniúla, ar oibleagáid a bhí ar an gCoimisiún gníomhú ar bhealach ina gcomhlíonfaí forálacha CFAE agus prionsabail bhunúsacha dhlíchóras AE, ós rud é nach bhféadfadh a ghníomhartha a bheith contrártha d'fhorálacha CFAE agus bhunphrionsabail dhlíchóras AE agus ní fhéadfadh toradh a bheadh contrártha leis na forálacha nó na prionsabail sin a bheith mar thoradh orthu;

2)

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, ag sárú Airteagal 194 CFAE tríd an bhforáil sin a léirmhíniú go mícheart agus, mar thoradh air sin, mhainnigh sí go mícheart í a chur i bhfeidhm, agus dá dheasca sin baineadh an éifeacht d’Airteagal 9 de Rialachán 1/2003 agus d’Airteagal 194 CFAE;

3)

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, ag sárú Airteagal 9(1) de Rialachán 1/2003 trí léirmhíniú mícheart a dhéanamh ar an gcoincheap “earráid fhollasach measúnaithe” agus scrúdú á dhéanamh aici ar an modh ina ndearna an Coimisiún measúnú ar shaincheisteanna casta eacnamaíocha agus teicniúla agus leordhóthanacht na ngealltanas á scrúdú aige, rud a thug ar an gcúirt sin teacht ar an gconclúid go mícheart nach raibh earráid shoiléir measúnaithe déanta ag an gCoimisiún maidir le leordhóthanacht na ngealltanas;

4)

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, ag sárú Airteagal 9(2) de Rialachán 1/2003 tríd an bhforáil sin a léirmhíniú go mícheart:

a)

maidir leis an méid a chuir sí in iúl, mar fhoras chun na himeachtaí a athoscailt, i dtaobh sáraithe ar ghealltanas nach dtagann a inneachar as ábhar na coda oibríochtúla, is é sin le rá, an chuid den chinneadh atá ceangailteach ó thaobh dlí de, i gCás AT.39816 – Soláthairtí gáis réamhtheachtacha i Lár agus in Oirthear na hEorpa;

b)

maidir leis an méid a chuir sí in iúl, mar fhoras chun na himeachtaí a athoscailt, I dtaobh imthosca nach raibh mar bhunús leis an gcinneadh sin thuasluaite agus nach raibh baint acu lena ábhar, a thug ar an gcúirt sin teacht ar an gconclúid go mícheart nach raibh earráid fhollasach measúnaithe déanta ag an gCoimisiún maidir le leordhóthanacht na ngealltanas; áitíonn an t-iarratasóir freisin go raibh tionchar cinntitheach ag na sáruithe thuasluaite go léir, i gcomhpháirt agus go leithleach, ar ábhar an bhreithiúnais agus, dá bhrí sin, gur cheart go gcuirfí an breithiúnas ar neamhní mar thoradh ar gach ceann de na sáruithe a luaitear ann féin.


(1)  IO 2003 L 1, lch. 1.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/14


Iarraidh ar réamhrialú ón Krajský soud v Brně (Poblacht na Seice) a taisceadh an 14 Aibreán 2022 – CD v Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky

(Cás C-257/22)

(2022/C 266/17)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Krajský soud v Brně

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CD

Cosantóir: Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky

An cheist a tharchuirtear:

Ar cheart Airteagal 4(2) agus (3) agus Airteagal 5 in fine de Threoir 2008/115/CE (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais i gcomhar le hAirteagail 2, 4, agus 19(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léirmhíniú sa chiall is go gcuirtear bac leo, agus measúnú á dhéanamh an bhfuil sárú ar phrionsabal an non-refoulement mar thoradh ar chinneadh um chur ar ais faoi Airteagal 6 de Threoir 2008/115/CE, ar chur i bhfeidhm choincheap na tíre tionscnaimh sábháilte faoi Airteagail 36 agus 37 de Threoir 2013/32/AE (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta comhchoiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar in éineacht leis an sainmhíniú cúngaithe ar phrionsabal an non-refoulement dírithe go hiomlán ar thoirmeasc ar dhrochíde faoi Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint?


(1)  IO 2008 L 348, lch. 98.

(2)  IO 2013 L 180, lch. 60.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/14


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale ordinario di Ravenna (an Iodáil) a taisceadh an 22 Aibreán 2022 – G.D., A.R., C.M. v Ministero dell’Istruzione, Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS)

(Cás C-270/22)

(2022/C 266/18)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale ordinario di Ravenna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: G.D., A.R., C.M.

Cosantóirí: Ministero dell’Istruzione, Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS)

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gceanglaítear le breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Motter gan rialacha náisiúnta maidir le hathchruthú gairmréimeanna múinteoirí a chur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil siad, “in concreto”, níos fabhraí, do mhúinteoir a bhí fostaithe roimhe sin ar bhonn neamhbhuan, ná an t-athchruthú gairmréime a dhéantar de bhun Airteagal 485 de decreto legislativo n. 297/1994 (Foraithne Reachtaíochta Uimh. 297/1994) agus na rialacha gaolmhara? Nó an bhfuil sé socraithe le Motter i dtéarmaí ginearálta agus teibí – agus mar sin ar bhealach a bhaineann le gach cás ar leith – go bhfuil an t-athchruthú gairmréime sin faoi na rialacha náisiúnta ag luí le clásal 4 agus, mar thoradh air sin, nach gceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta gan Airteagal 485 de Fhoraithne Reachtaíochta Uimh. 297/1994 agus na rialacha gaolmhara a chur i bhfeidhm ós rud é go bhfuil siad ag luí le dlí [an Aontais] ina leith sin?

2)

Mar mhalairt air sin i leith na ceiste roimhe seo (is é sin le rá, sa chás amháin go gcinnfear go gceanglaítear faoi dhlí an Aontais gan Airteagal 485 a chur i bhfeidhm ar bhonn roghnach, nach mór a mheas, dá bhrí sin, gur riail “níos tairbhí” é), an gcaithfear clásal 4 den chomhaontú réime maidir le hobair ar théarma seasta a tugadh i gcrích an 18 Márta 1999, atá i gceangal le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir leis an gcomhaontú réime i ndáil le hobair ar théarma seasta a thug ETUC, UNICE agus CEEP i gcrích (IO 1999 L 175, lch. 43), a léirmhíniú sa chaoi go n-éilítear go n-aithneofar faoin reachtaíocht náisiúnta – chun críoch an fad seirbhíse a fhabhraíonn chuig múinteoir, a fhaigheann post buan ina dhiaidh sin, faoi chonarthaí téarma seasta a ríomh – an obair shealadach a rinne an múinteoir faoi chonarthaí téarmaí seasta gan aon íostairseach a bheith ann maidir leis an líon laethanta a bhí le hoibriú i ngach bliain acadúil? Nó, os a choinne sin, an riail náisiúnta é atá ag luí le clásal 4 má thugtar neamhaird léi ar an obair shealadach a dhéanann múinteoirí ar théarmaí seasta (ionadaíocht ghearrthéarmach agus ad hoc), mura rinneadh an obair sin, i ngach bliain acadúil, ar feadh 180 lá ar a laghad nó don tréimhse ón 1 Feabhra go dtí deireadh phróiseas meastóireachta na ndaltaí (Airteagal 11(14) de legge n. 124/1999 (Dlí Uimh. 124/1999), de réir a bhfuil “mír 1 d’Airteagal 489 den dlí comhdhlúite le tuiscint sa chaoi go ndéileáiltear le seirbhís teagaisc a rinneadh ar bhonn sealadach ón mbliain acadúil 1974-1975 mar bhliain acadúil iomlán má rinneadh í ar feadh 180 lá ar a laghad nó ar bhonn leanúnach ón 1 Feabhra go dtí deireadh phróiseas meastóireachta deireanaí na ndaltaí”)?

3)

Mar mhalairt eile i leith na chéad cheiste (is é sin le rá, sa chás amháin go gcinnfear go gceanglaítear faoi dhlí an Aontais gan Airteagal 485 a chur i bhfeidhm ar bhonn roghnach, nach mór a mheas, dá bhrí sin, gur riail “níos tairbhí” é), an n-éilítear leis an gclásal 4 sin thuasluaite go dtabharfar, tar éis don mhúinteoir post buan a fháil, luach comhionann d’obair ar théarma seasta a rinneadh ar feadh líon uaireanta atá faoin líon uaireanta dá bhforáiltear do phoist bhuana agus fad seirbhíse á ríomh? Mura n-éilítear, cad é an t-íosmhéid uaireanta (mar shampla, páirtaimseartha i bpost buan) nach mór, os a chionn, faoi chlásal 4 aitheantas den sórt sin a thabhairt dó faoin dlí náisiúnta.

Ó thaobh eile de, ach go siméadrach, an dlí náisiúnta é atá ag luí leis an gclásal 4 sin thuasluaite má dhéantar neamhaird leis, chun críoch aitheantas a thabhairt maidir le tréimhsí sealadacha seirbhíse a rinne múinteoir a fuair post buan ina dhiaidh sin, ar obair a dhéantar in aghaidh na huaire atá faoin íostairseach sheachtainiúil don líon uaireanta a oibríonn múinteoir go páirtaimseartha i gcás inchomparáide.

Mar mhalairt eile ar an bhfocheist dheireanach, an bhfuil dlí náisiúnta ag luí leis an gclásal 4 sin thuasluaite más rud é, chun críoch aitheantas a thabhairt maidir le tréimhsí sealadacha seirbhíse a rinne múinteoir a fuair post buan ina dhiaidh sin – go ndéantar foráil ann go gcuirfear san áireamh ar bhonn pro rata obair a dhéantar in aghaidh na huaire atá faoin íostairseach sheachtainiúil don líon uaireanta a oibríonn múinteoir go páirtaimseartha i gcás inchomparáide?


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/16


Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 22 Aibreán 2022 – Edil Work 2 S.r.l., S.T. S.r.l v STE S.a.r.l.

(Cás C-276/22)

(2022/C 266/19)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóirí: Edil Work 2 S.r.l., S.T. S.r.l

Cros-achomharcóir: STE S.a.r.l.

An cheist a tharcuirtear

An gcuireann Airteagail 49 agus 54 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh cosc ar Bhallstát inar bunaíodh cuideachta (cuideachta faoi dhliteanas teoranta) ar dtús forálacha a dhlí náisiúnta a bhaineann le hoibriú agus le bainistiú na cuideachta a chur i bhfeidhm ar an gcuideachta sin i gcás ina gcoimeádann an chuideachta sin, tar éis a hoifig chláraithe a aistriú agus a bheith athchorpraithe faoi dhlí an Bhallstáit cinn scríbe, a lárionad gníomhaíochtaí sa Bhallstát tionscnaimh agus ina bhfuil éifeacht chinntitheach ag an ngníomh bainistíochta i dtrácht ar ghníomhaíochtaí na cuideachta?


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/16


Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 3 Bealtaine 2022 – A.T.S. 2003 Vagyonvédelmi és Szolgáltató Zrt. (faoi leachtú) v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-289/22)

(2022/C 266/20)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A.T.S. 2003 Vagyonvédelmi és Szolgáltató Zrt. (faoi leachtú)

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

Ar chóir Airteagail 167, 168(a) agus 178(a) den Treoir CBL (1) a léiriú sa chaoi gurb é is brí leo, má thagann an t-údarás cánach, maidir le haon bhall de shlabhra soláthair, ar shárú ar rialacháin speisialta maidir leis na seirbhísí arna gcur ar fáil faoin gconradh arna shíniú leis an gcáiníocóir nó faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir bhaill an tslabhra, nó ar shárú ar aon chineál rialacháin eile, gur fíoras ann féin é neamhchomhlíonadh dá leithéid, mar dhála oibiachtúil, lena léiriú gurb ann do chalaois chánach, fiú amháin dá mbeadh gníomhaíochtaí de chuid bhaill an tslabhra dleathach ar gach slí, nó an mbeadh ar an údarás cánach a shainiú chomh maith sa chás sin cad atá sa chalaois chánach, chomh maith lena déanamh ag cé acu de na baill agus le cén gníomh a rinneadh í? Sa chomhthéacs seo, i gcás go dtagtar ar neamhchomhlíonadh, an bhfuil sé riachtanach don údarás cánach an nasc cúisíoch idir neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí reachtúla lena rialaítear an ghníomhaíocht eacnamaíoch agus ceart an cháiníocóra chun asbhainte a scrúdú, sa chaoi nach bhféadfaí ceart an cháiníocóra chun CBL a asbhaint a shéanadh air ach amháin má thagtar ar nasc dá leithéid?

2)

I bhfianaise na n-airteagal thuasluaite den Treoir CBL, chomh maith leis an gceart chun nós imeachta cóir a chumhdaítear mar phrionsabal ginearálta den dlí le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus prionsabail bhunúsacha na comhréireachta agus na deimhneachta dlíthiúla, an bhféadfaí a chur ar an gcáiníocóir, laistigh de raon feidhme a oibleagáid rialála ginearálta, a fhíorú ar chomhlíon iarbhaill an tslabhra na hoibleagáidí arna leagan síos le rialacháin speisialta maidir le comhlíonadh na seirbhísí ar cuireadh sonrasc ina leith agus comhlíonadh na rialachán chun feidhmiú go dleathach? I gcás go dtugtar freagra dearfach, an oibleagáid leantach é sin ar an gcáiníocóir do thréimhse an chaidrimh dlí nó, más ea, cá mhinice is gá é a chomhlíonadh?

3)

Ar chóir Airteagail 167, 168(a) agus 178(a) den Treoir CBL a léiriú sa chaoi gurb é is brí leo, má bhraitheann an cáiníocóir gur mhainnigh aon iarbhall den tslabhra a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh, go gcothaítear dualgas don cháiníocóir gan a cheart a fheidhmiú chun CBL ar ionchur a asbhaint sa chás sin, faoi phian go rangófaí an t-iarratas ar asbhaint CBL mar imghabháil cánach?

4)

Ar chóir na hairteagal thuasluaite den Treoir CBL a léiriú, i gcomhar le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus na neodrachta fioscaí, sa chaoi gurb é is brí leo, ar imscrúdú agus rangú chineál chalaoiseach an tslabhra, chomh maith le dearbhú na bhfíoras ábhartha agus measúnú na fianaise is taca don mhéid sin, nach bhféadfaidh an t-údarás cánach neamhaird a thabhairt ar fhorálacha na rialachán speisialta maidir le seirbhísí ar cuireadh sonrasc maidir leo, go háirithe ar na rialacha lena ndéantar rialáil ar chearta agus ar oibleagáidí na bpáirtithe?

5)

An bhfuil sé i gcomhoiriúnacht leis na hairteagail thuasluaite den Treoir CBL, leis an gceart chun nós imeachta cóir a chumhdaítear mar phrionsabal ginearálta den dlí le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus prionsabail na deimhneachta dlíthiúla, go ndéantar frisnéis mar chleachtas de chuid an údaráis chánach, i ndiaidh imscrúdú a dhéanamh ar an gceart asbhainte maidir le hidirbheart eacnamaíoch arna thabhairt i gcrích le linn gníomhaíocht lena soláthraítear seirbhísí, a bhfuil taifead ann don ghníomhaíocht eacnamaíoch sin le sonraisc, conarthaí agus doiciméid eile cuntasaíochta, ar bhonn na faisnéise arna fáil ag an údarás cigireachta le linn na cigireachta, na ráitis a thug na daoine a ndearnadh measúnú orthu le linn na cigireachta, chomh maith leis na ráitis finné arna dtabhairt ag oibrithe arna bhfostú ag gníomhaireachtaí fostaíochta sealadaigh maidir lena dtuairim ar a gcaidreamh fostaíochta, cén cháilíocht dlí a chuireann siad ina leith agus cé a mheasann siad atá mar fhostóir acu?

6)

An bhfuil sé i gcomhoiriúnacht leis na hairteagail thuasluaite den Treoir CBL, leis an gceart chun nós imeachta cóir a chumhdaítear mar phrionsabal ginearálta den dlí le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus prionsabail na deimhneachta dlíthiúla, mar chleachtas de chuid an údaráis chánach, le rogha an cháiníocóra a ghníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh i gcaoi a chumasaítear dó a chostais a laghdú a mhéid is féidir, go gcáilítear an méid sin mar fheidhmiú neamhrialta a chirt agus, ar an mbonn sin, go bhfeidhmíonn an t-údarás cánach a cheart chun conarthaí a athrangú i gcaoi go gcruthófaí conradh idir páirtithe nach raibh faoi cheangal conartha roimhe sin?


(1)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006, L 347, lch. 1).


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/17


Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Varna (an Bhulgáir) a taisceadh an 4 Bealtaine 2022 – Teritorialna direktsia Mitnitsa –Varna v “NOVA TARGOVSKA KOMPANIA 2004” AD

(Cás C-292/22)

(2022/C 266/21)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Varna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: Teritorialna direktsia Mitnitsa -Varna

Freagróir ar an achomharc:“NOVA TARGOVSKA KOMPANIA 2004” AD

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

Cad iad na critéir a bhaineann le hearra amhail an t-earra sna príomhimeachtaí, eadhon ola pailme scagtha, tuartha agus díbholaithe a bhfuil an trádainm PALM FAT MP 36-39 air, a dhéantar, le linn a mhonaraithe teicneolaíochta, “a shuaitheadh, a scagadh, a fhuarú, a fhaghairt agus a phacáil” ag baint úsáid as próisis fhisiciúla amháin nach ndéanann modhnú ceimiceach air, a aicmiú faoi cheannteideal 1511 nó faoi cheannteideal 1517 de Chaibidil 15 den [Ainmníocht Chomhcheangailte]?

2.

Cad is brí leis an téarma “uigiú”, a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas lena ndéantar na táirgí ar a nglaotar “shortenings” faoi cheannteideal 1517 i Nótaí Míniúcháin an Chórais Tuairiscithe agus Códaithe Tráchtearraí?

3.

Más rud é go bhfuil “ola pailme agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach” tar éis dul trí “phróiseas uigithe”, an leor é sin chun aicmiú an táirge sin faoi cheannteideal 1517 a eisiamh?

4.

In éagmais caighdeán, modhanna, critéar agus táscairí cruthaithe san [Ainmníocht Chomhcheangailte], sna Nótaí Míniúcháin leis an Ainmníocht Chomhcheangailte agus sna Nótaí Míniúcháin leis an gCóras Comhchuibhithe chun comhcháilíocht ola pailme a thástáil agus chun a chruthú go ndearnadh próiseáil uirthi trí “uigiú”, an bhféadfaidh na húdaráis chustaim inniúla, d’fhonn aicmiú taraife earraí faoi cheannteideal 1511 nó faoi cheannteideal 1517, nósanna imeachta anailíseacha amhail, mar a cuireadh i bhfeidhm sa chás seo, RAP 66, leagan 02/17.11.2020 chun uigiú saille trí threá a chruthú, agus an modh sin bunaithe ar an modh AOCS Cc 16-60 a foilsíodh go hoifigiúil, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm go neamhspleách?

Mura bhféadfaí é sin a dhéanamh, cad iad na caighdeáin, na modhanna, na critéir agus na táscairí faoina bhféadfaí an táirge a thástáil chun a chruthú gur cuireadh faoi “phróiseas uigithe” é, is é sin le rá, gurb ionann é agus “brioscóir pailme”?

5.

An gcaithfear an Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2658/87 ón gCoimisiún an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (1), arna leasú le Rialachán Cur Cun Feidhme (AE) 2018/1602 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 (2), a léirmhíniú sa chaoi nach mór táirgí ar a nglaotar “brioscóirí”, a dhéantar as ola pailme scagtha trí uigiú, a aicmiú faoi cheannteideal 1517 den Ainmníocht sin agus, go háirithe, faoi fho-cheannteideal 1517 90 99?


(1)  IO 1987 L 256, lch. 1.

(2)  IO 2018 L 273, lch. 1.


Chúirt Ghinearálta

11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/19


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 11 Bealtaine 2022 – Fininvest agus Berlusconi v BCE

(Cás T-913/16) (1)

(Beartas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta - Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa - Maoirseachta stuamachta sonracha a chuirtear ar an BCE - Measúnú ar éadálacha sealúchas cáilitheach - Agóid i gcoinne éadálacha sealúchas cáilitheach - Neamh-aisghníomhaíocht - Res judicata - Cur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta trasuite - Cearta cosanta - Ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad - Ceart chun éisteacht a fháil - Foras nua - Tosaíocht dhlí an Aontais - Ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil)

(2022/C 266/22)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóirí: Finanziaria d’investimento Fininvest SpA (Fininvest) (an Róimh, an Iodáil), Silvio Berlusconi (an Róimh) (ionadaithe: R. Vaccarella, A. Di Porto, M. Carpinelli, A. Saccucci, B. Nascimbene, N. Ghedini agus A. Baldaccini, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: C. Hernández Saseta agus G. Buono, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó M. Lamandini, Dlíodóir)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: V. Di Bucci agus A. Steiblytė, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Iarratas bunaithe ar Airteagal 263 CFAE lena n-iarrtar go ndéanfaí cinneadh ECB/SSM/2016 – 7LVZJ6XRIE7VNZ4UBX81/4 ó BCE an 25 Deireadh Fómhair 2016, lenar dhiúltaigh an BCE do Fininvest agus M. Silvio Berlusconi éadálacha sealúchas a bheith acu san institiúid creidmheasa Banca Mediolanum SpA a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Iompróidh Finanziaria d’investimento Fininvest SpA (Fininvest) agus M. Silvio Berlusconi, a gcostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).

3)

Iompróidh an Coimisiún Eorpach a chostais féin.


(1)  IO C 63 an 27.2.2017.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/20


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – CRIA agus CCCMC v an Coimisiún

(Cásanna T-30/19 agus T-72/19) (1)

(Dumpáil - Deontais - Allmhairí aerbhonn áirithe, nua nó atráchtaithe, rubair, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe agus a bhfuil innéacs ualaigh atá níos mó ná 121 acu de thionscnamh na Síne - Dleacht frithdhumpála chinntitheach - Dleacht frithchúitimh chinntitheach - Caingean le haghaidh neamhniú - Locus standi - Cúram díreach - Cúram leithleach - Gníomh rialála gan bearta cur chun feidhme - Leas i gcaingean a thionscnamh - Díobháil do thionscal an Aontais - Scrúdú oibiachtúil - Nasc cúisíoch - Ríomh maidir le sladghearradh praghsanna agus an corrlach díobhála - Comparáid chothrom ar phraghsanna - Praghsanna allmhairithe ríofa - Praghsanna do na chéad chustaiméirí neamhspleácha - Difríocht an leibhéil trádála - Measúnuithe eacnamaíocha casta - Déine an fhaireacháin bhreithiúnaigh - Táscairí díobhála - Ualú na sonraí - Rochtain ar shonraí neamhrúnda na n-imscrúduithe - Cearta cosanta)

(2022/C 266/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: China Rubber Industry Association (CRIA) (Béising, an tSín), China Chamber of Commerce of Metals, Minerals & Chemicals Importers & Exporters (CCCMC) (Pékin) (ionadaithe: R. Antonini, B. Maniatis agus E. Monard, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Gustafsson agus G. Luengo, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Marangoni SpA (Rovereto, an Iodáil) (ionadaithe: C. Bouvarel, A. Coelho Dias agus O. Prost, Dlíodóirí)

Ábhar

Sa chás T-30/19, iarratas bunaithe ar Airteagal 263 CFAE go ndéanfaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1579 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2018, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a fhorchuirtear ar allmhairí aerbhonn áirithe, nua nó atráchtaithe, rubair, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe agus a bhfuil innéacs ualaigh atá níos mó ná 121 acu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/163 (IO 2018 L 263, lch. 3) a neamhniú go páirteach agus, sa chás T-72/19, iarratas bunaithe ar Airteagal 263 CFAE go ndéanfaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1690 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2018, lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí aerbhonn áirithe, nua nó atráchtaithe, rubair, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe agus a bhfuil innéacs ualaigh atá níos mó ná 121 acu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/1579 (IO 2018 L 283, lch. 1) a neamhniú go páirteach.

An chuid oibríochtúil

1)

Tá cásanna T-30/19 agus T-72/19 uamtha chun críocha an bhreithiúnais.

2)

Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1579 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2018, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a fhorchuirtear ar allmhairí aerbhonn áirithe, nua nó atráchtaithe, rubair, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe agus a bhfuil innéacs ualaigh atá níos mó ná 121 acu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/163, ar neamhní, a mhéid a fhorchuirtear leis dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí táirgí arna monarú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin seo a leanas:

Chaoyang Long March Tyre Co. Ltd;

Triangle Tyre Co. Ltd;

Shandong Wanda Boto Tyre Co. Ltd;

Qingdao Doublestar Tire Industrial Co. Ltd;

Ningxia Shenzhou Tire Co. Ltd;

Guizhou Tyre Co. Ltd;

Aeolus Tyre Co. Ltd;

Shandong Huasheng Rubber Co. Ltd;

Chongqing Hankook Tire Co. Ltd;

Prinx Chengshan (Shandong) Tire Co. Ltd;

Jiangsu Hankook Tire Co. Ltd;

Shandong Linglong Tire Co. Ltd;

Shandong Jinyu Tire Co., Ltd;

Sailun Jinyu Group Co. Ltd;

Shandong Kaixuan Rubber Co. Ltd;

Weifang Yuelong Rubber Co. Ltd;

Weifang Shunfuchang Rubber And Plastic Products Co. Ltd;

Shandong Hengyu Science & Technology Co. Ltd;

Jiangsu General Science Technology Co. Ltd;

Double Coin Group (Jiang Su) Tyre Co. Ltd;

Hefei Wanli Tire Co. Ltd;

Giti Tire (Anhui) Company Ltd;

Giti Tire (Fujian) Company Ltd;

Giti Tire (Hualin) Company Ltd;

Giti Tire (Yinchuan) Company Ltd;

Qingdao GRT Rubber Co. Ltd.

3)

Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1690 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2018, lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí aerbhonn áirithe, nua nó atráchtaithe, rubair, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe agus a bhfuil innéacs ualaigh atá níos mó ná 121 acu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/1579, ar neamhní, a mhéid a fhorchuirtear leis dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí arna monarú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin a liostaítear i mír 2 de chuid oibríochtúil an bhreithiúnais seo, ar thaobh amháin, agus ag Zhongce Rubber Group Co., Ltd, ar an taobh eile.

4)

Diúltaítear don chuid eile den ordú atá á lorg leis an achomharc.

5)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach, a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag China Rubber Industry Association (CRIA) agus China Chamber of Commerce of Metals, Minerals & Chemicals Importers & Exporters (CCCMC) a iompar, cé is moite dóibh siúd a bhaineann leis an idiragairt.

6)

Ordaítear do Marangoni SpA, a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag CRIA agus CCCMC a iompar mar gheall ar an idiragairt.


(1)  IO C 82 an 4.3.2019.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/22


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Wizz Air Hungary v an Coimisiún (TAROM; cúnamh tarrthála)

(Cás T-718/20) (1)

(Státchabhair - Aeriompar - Beart tacaíochta arna ghlacadh ag an Rómáin - Cúnamh tarrthála TAROM - Cinneadh gan agóid a dhéanamh - Caingean le haghaidh neamhniú - Cáilíocht páirtí leasmhar - Cosaint na gceart nóis imeachta - Inghlacthacht - Treoirlínte maidir le cabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu - Beart atá dírithe ar dheacrachtaí sóisialta a sheachaint nó ar chliseadh an mhargaidh a leigheas - Prionsabal neamh-atarlaithe na cabhrach - Tionchar na cabhrach a deonaíodh roimhe seo roimh aontachas na Rómáine leis an Aontas - Mórdheacrachtaí - An oibleagáid cúiseanna a lua)

(2022/C 266/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.) (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaithe: E. Vahida, S. Rating agus I. G. Metaxas Maranghidis, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, V. Bottka agus I. Barcew, i gcáil Ghníomhairí)

Maidir le:

De réir a chaingean arna bunú ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Cinneadh C(2020) 1160 final an 24 Feabhra 2020 maidir le Státchabhair SA.56244 (2020/N) – an Rómáin – Cúnamh tarrthála TAROM (IO 2020, C 310, lch. 3) a chur ar neamhní, mar nach ndearna an Coimisiún, ar thaobh amháin, aon agóid i gcoinne beart cabhrach arna dheonú ag an Rómáin do Compania Nationala de Transporturi Aeriene Romane “TAROM SA” agus arb é suim na hiasachta sin 175 952 000 Lei Rómánach (RON) (thart ar EUR 36 660 000), a bhí in-aisíoctha ag deireadh thréimhse sé mhí, agus, ar thaobh eile, dearbhaíodh go bhfuil an chabhair sin i gcomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.) a chuid costais féin agus iad sin arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.


(1)  IO C 53 an 15.2.2021.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/22


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 11 Bealtaine 2022 – Creaticon v EUIPO – Paul Hartmann (SK SKINTEGRA THE RARE MOLECULE)

(Cás T-93/21) (1)

(Trádmharc de chuid AE - Imeachtaí freasúra - Clárú idirnáisiúnta lena n – ainmnítear an tAontas - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh SK SKINTEGRA THE RARE MOLECULE - Focalmharc náisiúnta SKINTEGRITY roimhe sin - Foras coibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois])

(2022/C 266/25)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Creaticon d.o.o. (Zagreb, an Chróit) (ionadaí: P. Krmpotić, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: R. Raponi agus V. Ruzek, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Paul Hartmann AG (Heidenheim, an Ghearmáin)

Maidir le:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar cinneadh an chúigiú Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 2 Nollaig 2020 (Cás R 847/2020-5) a chur ar neamhní agus a leasú.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Creaticon d.o.o. na costais a íoc.


(1)  IO C 138, 19.4.2021.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/23


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Sturz v EUIPO – Clatronic International (STEAKER)

(Cás T-261/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh STEAKER - Dearbhfhorais neamhbhailíochta - Sainiúlacht - Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(c) anois), de Rialachán (AE) 2017/1001) - Easpa sainiúlachta - Airteagal 52(1)(a) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 59(1)(a) de Rialachán 2017/1001 anois) - Ceart éisteachta - Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)

(2022/C 266/26)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Manfred Sturz (Schorndorf, an Ghearmáin) (ionadaí: B. Bittner, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus D. Hanf, i gcáil Ghníomhairí)

Páirtí eile os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Clatronic International GmbH (Kempen, an Ghearmáin) (ionadaí: V. Herbort, Dlíodóir)

Maidir le:

Caingean arna tabhairt ag an iarratasóir de bhun Airteagal 263 CFAE i gcoinne chinneadh an Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 4 Márta 2021 (Cás R 214/2020-2) maidir leis an bhfocalmharc STEAKER a chlárú mar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh, inar chinn an Bord Achomhairc go raibh an marc a iarradh oiriúnach le sainiúlacht na n-earraí faoi chaibidil a léiriú.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Manfred Sturz na costais a íoc.


(1)  IO C 289, 19.7.2021.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/24


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Veen v Europol

(Cás T-436/21) (1)

(Dliteanas neamhchonarthach - Comhair idir údaráis phóilíneachta agus seirbhísí forfheidhmithe dlí eile na mBallstát - Comhrac i gcoinne na coireachta - Faisnéis a chur in iúl do Bhallstát ag Europol - Líomhain maidir le próiseáil neamhdhleathach sonraí - Rialachán (AE) 2016/794 - Airteagal 50(1) - Dochar neamhábhartha)

(2022/C 266/27)

Teanga an cháis: an tSlóvaicis

Páirtithe

Iarratasóir: Leon Leonard Johan Veen (Oss, an Ísiltír) (ionadaí: T. Lysina, Dlíodóir)

Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (ionadaithe: A. Nunzi, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó G. Ziegenhorn agus M. Kottmann, Dlíodóirí)

Maidir le:

Trína chaingean de bhun Airteagal 268 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cúiteamh ar an damáiste a bhain dó mar thoradh ar phróiseáil neamhdhleathach ar shonraí pearsanta ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol).

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Leon Leonard Johan Veen na costais a íoc.


(1)  IO C 431, 25.10.2021.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/24


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – PricewaterhouseCoopers Belastingadviseurs v EUIPO – Haufe-Lexware (TAXMARC)

(Cás T-619/21) (1)

(Trádmharc de chuid AE - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh TAXMARC - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh TAXMAN roimhe sin - An t-iarratas a chur ar fionraí - Airteagal 71(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625)

(2022/C 266/28)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: PricewaterhouseCoopers Belastingadviseurs NV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaí: R. Stoop, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Haufe-Lexware GmbH & Co. KG (Freiberg im Breisgau, an Ghearmáin) (ionadaí: N. Hebeis, Dlíodóir)

Maidir le:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear cinneadh an cheathrú Bhord Achomhairc de EUIPO an 21 Iúil 2021 (Cás R 131/2021-4), i ndáil le himeachtaí freasúra idir an t-iarratasóir agus Haufe-Lexware GmbH & Co. KG, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Déantar cinneadh an cheathrú Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Iúil 2021 (Cás R 131/2021-4) a chur ar neamhní.

2.

Ordaítear do EUIPO a chostais féin a íoc chomh maith le costais PricewaterhouseCoopers Belastingadviseurs NV chun críocha na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta.

3.

Íocfaidh Haufe-Lexware GmbH & Co. KG a chostais féin maidir leis na himeachtaí ós comhair na Cúirte Ginearálta.


(1)  IO C 471, 22.11.2021.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/25


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Roos agus páirtithe eile v Parlaimint na hEorpa

(Cásanna Uamtha T-710/21, T-722/21 agus T-723/21) (1)

(Sláinte poiblí - Gá le Deimhniú Digiteach COVID-19 AE bailí chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh na Parlaiminte - Bunús dlí - Saoire agus neamhspleáchas na bhfeisirí - Oibleagáid chun sláinte an fhoireann i seirbhís an Aontais a chinntiú - Díolúine pharlaiminteach - Próiseáil sonraí pearsanta - An ceart chun príobháideachais - An ceart chun iomláine coirp - An ceart chun slándála - Prionsabal na córa comhionainne - Comhréireacht)

(2022/C 266/29)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Robert Roos agus 17 n-iarratasóir eile a n-ainmnítear san iarscríbhinn leis an mBreithiúnas (ionadaithe: P. de Bandt, M. Gherghinaru, L. Panepinto agus V. Heinen, Dlíodóirí)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: S. Alves agus A.-M. Dumbrăvan, i gcáil Gníomhairí)

Maidir le:

Lena n-iarratais de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, ar feisirí iad uilig a toghadh do Pharlaimint na hEorpa don téarma parlaiminteach 2019-2024, go gcuirfear an cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 27 Deireadh Fómhair 2021 maidir le rialacha eisceachtúla sláinte agus slándála lena rialaítear rochtain ar fhoirgnimh na Parlaiminte ar a trí áit oibre ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear do na caingne.

2.

Ordaítear do Robert Roos agus do na hiarratasóirí eile a n-ainmnítear san iarscríbhinn na costais a íoc, lena n-áirítear costais na nósanna imeachta eatramhacha.


(1)  IO C 11, 10.1.2022.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/26


Ordú na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Saure v an Coimisiún

(Cás T-154/21) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Iarratas daingniúchán róluath - Airteagal 7 de Rialachán Uimh. 1049/2001 - Easpa gníomh le díospóid - Diúltú sainráite do rochtain a thabhairt - Modhnú ar an iarratas - Do-ghlacthacht fhollasach)

(2022/C 266/30)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Hans-Wilhelm Saure (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Partsch, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Spina, K. Herrmann agus G. Gattinara, i gcáil Gníomhairí)

Maidir le:

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear an cinneadh toimhdithe maidir le diúltú rochtain ar dhoiciméid áirithe a thabhairt dó, a tharla go hindíreach an 19 Márta 2022 mar gheall ar easpa freagra ón gCoimisiún Eorpach laistigh den teorainn ama a bhain lena iarraidh daingniúcháin agus, i ndiaidh modhnú ar an ordú atá á lorg, cinneadh sainráite an Choimisiúin an 9 Meitheamh 2021, lena ndiúltaigh sé, go páirteach, dó rochtain ar dhoiciméid áirithe, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean toisc é a bheith do-ghlactha go follasach.

2.

Íocfaidh Hans-Wilhelm Saure, chomh maith lena chostais féin, na costais a thabhaigh an Coimisiún Eorpach maidir leis an iarraidh chun an t-iarratas a mhodhnú agus íocfaidh an Coimisiún Eorpach as a chostais féin maidir leis an iarratas.


(1)  IO C 189, 17.5.2021.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/26


Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Aibreán 2022 – SS agus ST v Frontex

(Cás T-282/21) (1)

(Imeachtaí maidir le mainneachtain gníomhú - Ceart tearmainn - Iarraidh ar ghníomhú - Seasamh Frontex - Neamh-inghlacthacht)

(2022/C 266/31)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: SS, ST (ionadaithe: M. Van den Broeck agus L. Lambert, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (ionadaithe: H. Caniard, S. Drew agus W. Szmidt, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)

Ábhar

Iarratas bunaithe ar Airteagal 265 CFAE lena ndearbhaítear gur mhainnigh Frontex go neamhdhleathach cinneadh a ghlacadh lena bhfionrófaí nó lena bhfoirceannófaí a ghníomhaíochtaí i réigiún na Mara Aeigéiche, agus Airteagal 46(4) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO 2019 L 295, lch. 1) á chur i bhfeidhm.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc toisc é a bheith neamh-inghlactha.

2)

Iompróidh SS, ST agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) a gcostais féin.


(1)  IO C 289 an 19.7.2021.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/27


Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Aibreán 2022 – Mendus v EUIPO (CENSOR.NET)

(Cás T-336/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Cúlghairm an chinnidh atá faoi chonspóid - Caingean in éagmais aon chuspóra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 266/32)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Iaroslav Mendus (Cív, an Úcráin) (ionadaí: P. Kurcman, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Walicka, i gcáil Gníomhaire)

Maidir le:

Le doiciméad a cumhdaíodh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 15 Meitheamh 2021, thug an t-iarratasóir an t-achomharc seo d’fhonn Chinneadh an Chéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Aibreán 2021 (Cás R 1225/2020-1) maidir le hiarratas ar chlárú an focalchomhartha “CENSOR.NET” mar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Ní gá rialú a dhéanamh a thuilleadh ar an achomharc.

2.

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Iaroslav Mendus.


(1)  IO C 320, 9.8.2021.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/27


Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Aibreán 2022 – Essity Hygiene and Health v EUIPO (Léiriú ar dhuilleog)

(Cás T-364/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Cúlghairm an chinnidh atá faoi chonspóid - Imeachtaí atá tagtha chun bheith in éagmais aon chuspóra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 266/33)

Teanga an cháis: an tSualainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Essity Hygiene and Health AB (Göteborg, an tSualainn) (ionadaí: U. Wennermark, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Hanf agus A. Bosse, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an chéad Bhoird Achomhairc EUIPO an 31 Márta 2021 (Cás R 2196/2017-1), maidir le hiarratas ar chlárú an chomhartha fíortha lena léirítear duilleog mar thrádmharc an Aontais Eorpaigh.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá rialú a dhéanamh ar an achomharc a thuilleadh.

2)

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) na costais a íoc.


(1)  IO C 320 an 9.8.2021.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/28


Ordú na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Leinfelder Uhren München v EUIPO – Schafft (Léiriú ar fhigiúr geoiméadrach)

(Cás T-375/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Tarraingt siar na hiarrata cúlghairme - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 266/34)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Leinfelder Uhren München GmbH & Co. KG (München, an Ghearmáin) (ionadaí: S. Lüft, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus D. Hanf, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Thomas Schafft (München, an Ghearmáin) (ionadaí: V. Sandulache, Dlíodóir)

Ábhar

Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh ón dara Bord Achomhairc EUIPO an 29 Márta 2021 (cásanna uamtha R 1931/2018-2 agus R 1936/2018-2), maidir le himeachtaí cúlghairme idir Thomas Schafft agus Leinfelder Uhren München.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá rialú a dhéanamh ar an achomharc a thuilleadh.

2)

Ordaítear do Thomas Schafft na costais a íoc.


(1)  IO C 329 an 16.8.2021.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/28


Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Aibreán 2022 – Bloom v an Pharlaimint agus an Chomhairle

(Cás T-645/21) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - An comhbheartas iascaigh - Rialachán (AE) 2021/1139 - An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe - Tacaíocht airgeadais i mbainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit - Oibríochtaí nó caiteachas neamh-incháilithe - Maoluithe ó neamh-incháilitheacht - Comhlachas a chosnaíonn an comhshaol muirí - Gníomh reachtach - Easpa cúraim leithligh - Easpa cúraim dhírigh - Ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil - Neamh-inghlacthacht)

(2022/C 266/35)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Bloom (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: C. Saynac agus L. Chovet-Ballester, Dlíodóirí)

Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: G. Ricci agus I. Terwinghe, i gcáil Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: F. Naert agus A. Nowak-Salles, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Iarratas bunaithe ar Airteagal 263 CFAE agus lena n-iarrtar go ndéanfaí Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (IO 2021 L 247, lch. 1) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc toisc é a bheith neamh-inghlactha.

2)

Ní gá rialú a dhéanamh ar iarratas ar idiragairt an Choimisiúin Eorpaigh a thuilleadh.

3)

Iompróidh Bloom a chostais féin agus iad siúd arna dtabhú ag Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.

4)

Iompróidh an Coimisiún a chostais féin a bhaineann lena iarratas ar idiragairt.


(1)  IO C 481 an 29.11.2021.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/29


Ordú Uachtaráin na Cúirte Ginearálta an 13 Bealtaine 2022 – Conserve Italia agus Conserves France v an Coimisiún

(Cás T-59/22 R)

(Bearta idirlinne - Iomaíocht - Comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe - Margadh Eorpach na nglasraí stánaithe - Cinneadh lena bhforchuirtear fíneáil - Iarratas ar bhac ar fhorghníomhú - Easpa práinne)

(2022/C 266/36)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóirí: Conserve Italia – Consorzio Italiano fra cooperative agricole Soc. coop. agr. (San Lazzaro di Savena, an Iodáil), Conserves France (Tarascon, an Fhrainc) (ionadaithe: L. Di Via, M. Petite, L. Tresoldi agus E. Belli, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: S. Baches Opi, F. Jimeno Fernández agus C. Sjödin, i gcáil Gníomhairí)

Maidir le:

Iarratas bunaithe ar Airteagal 278 agus Airteagal 279 CFAE ag lorg bac a chur ar fhorghníomhú Chinneadh C(2021) 8259 final ón gCoimisiún an 19 Samhain 2021 maidir le himeachtaí faoi Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE a chur ar fionraí.

An chuid oibríochtúil

1.

Déantar an t-iarratas ar bhearta idirlinne a dhíbhe.

2.

Déantar na costais a fhorchoimeád.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/30


Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – OG agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-101/22 R)

(Iarratas ar bhearta eatramhacha - Rialachán (AE) 2021/953 - Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 - Deimhniú Digiteach COVID an Aontais - Iarratas ar bhac ar fhorghníomhú - Easpa práinne)

(2022/C 266/37)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóirí: OG, OH, OI, OJ (ionadaí: D. Gómez Fernández, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: E. Montaguti agus J. Baquero Cruz, i gcáil Gníomhairí)

Maidir le:

Trína n-iarrataí, bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfear ar fionraí feidhmiú Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tréimhse inghlacthachta na ndeimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint i bhformáid Deimhniú Digiteach COVID AE lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil (IO 2021 L 458, lch. 459).

An chuid oibríochtúil den breithiúnas:

1)

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

2)

Formchoimeádtar na costais.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/30


Caingean arna tabhairt an 21 Aibreán 2022 – an Ghréig v an Coimisiún

(Cás T-211/22)

(2022/C 266/38)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: An Phoblacht Heilléanach (ionadaithe: E. Leftheriotou, A.-E. Vasilopoulou agus K. Konsta, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, (1) a mhéid a fhorchuirtear ceartúcháin airgeadais ar an bPoblacht Heilléanach de mhéid comhlán EUR 43 525 011,74 agus de ghlanmhéid, tar éis asbhaintí, EUR 43 156 228,16, tar éis imscrúdú XC/2018/001/GR maidir le cur i bhfeidhm na gcoinníollachta le haghaidh blianta éilimh 2016/2017 (blianta airgeadais 2016 agus 2017, leathanaigh 72 go 124 den tuarascáil achomair);

mar mhalairt rogha, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an ráta ceartúcháin a fhorchuirtear leis a theorannú do 5 % agus,

in aon chás, laghdú EUR 12 225 532,12 a dhéanamh ar mhéid an ghlanceartúcháin airgeadais a fhorchuirtear leis an gcinneadh sin;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí sé shaincheist dlí. Baineann na chéad cheithre shaincheist dlí leis na cinntí ar a mbunaíonn an Coimisiún an cinneadh atá faoi chonspóid, agus baineann an cúigiú agus an séú saincheist le ríomh an cheartúcháin atá faoi chonspóid.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nach bhfuil aon bhunús dlí le cinntí an Choimisiúin a aicmiú mar phríomhrialuithe agus, ina theannta sin, gur sáraíodh prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus nár luadh cúiseanna.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear, sa chéad chuid, easpa inniúlachta de chuid sheirbhís an Choimisiúin a d’fhorchuir an ceartúchán airgeadais agus, sa dara cuid, sárú ar phrionsabal na comhréireachta, ós rud é go bhforchuirtear na ceartúcháin ar bhonn cinntí nach n-eascraíonn astu i gcás ar bith smachtbhannaí arna bhforchur ar thairbhithe na cabhrach.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear léirmhíniú mícheart agus cur i bhfeidhm mícheart fhorálacha dhlí an Aontais agus go ndearna an Coimisiún earráid fhíorasach le linn dó a chinntí eile a dhéanamh.

4.

An ceathrú saincheist dlí, a bhaineann le cinntí an Choimisiúin maidir leis an bpríomhrialú “Cur i láthair na dtuarascálacha ar chinntí le linn na seiceálacha”, lena n-éilítear gur glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid de shárú ar phrionsabal an chomhair dhílis agus na deimhneachta dlíthiúla (an chéad chuid) agus go raibh earráid fhíorasach sna conclúidí arna dtarraingt ag an gCoimisiún (an dara cuid).

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún an ceartúchán trí léirmhíniú mícheart agus cur i bhfeidhm mícheart Airteagal 12(6) agus (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 (IO 2014 L 255, lch. 18) (an chéad chuid den saincheist dlí) agus sárú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 34(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 (IO 2014 L 255, lch. 59) agus ar phrionsabal an toirmisc ar ghéarú na ngearán a seoladh chuig an mBallstát le linn an nós imeachta imréitigh (an dara cuid).

6.

Ar deireadh, an séú saincheist dlí lena n-éilítear neamhdhleathacht agus an glancheartúchán airgeadais atá faoi chonspóid á ríomh agus nár cuireadh asbhaintí i bhfeidhm, mar gheall ar cheartúcháin airgeadais a bheith curtha i bhfeidhm roimhe sin ar an gcaiteachas céanna leis an gcaiteachas is ábhar don cheartúchán airgeadais atá á chonspóid, de shárú ar threoirlínte an Choimisiúin.


(1)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/222 gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 830) (IO 2022 L 37, lch. 63).


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/31


Caingean arna tabhairt an 25 Bealtaine 2022 – celotec v EUIPO – Decotec Printing (DECOTEC)

(Cás T-308/22)

(2022/C 266/39)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: celotec GmbH & Co. KG (Sendenhorst, an Ghearmáin) (ionadaithe: E. Warnke agus J. Römelt, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Decotec Printing, SA (Barcelona, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “DECOTEC” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 10 948 032

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Márta 2022 i gCás R 1025/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

A ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/32


Caingean arna tabhairt an 25 Bealtaine 2022 – Abramovich v an Chomhairle

(Cás T-313/22)

(2022/C 266/40)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Roman Arkadyevich Abramovich (Nemchinovo, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/429 (1) ón gComhairle an 15 Márta 2022 a chur ar neamhní, a mhéid a chuimsíonn sé ainm an iarratasóra san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 (2) ón gComhairle an 15 Márta 2022 a chur ar neamhní, a mhéid a chuimsíonn sé ainm an iarratasóra san iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán (AE) Uimh. 2014/269 ón gComhairle an 17 Márta 2014;

a ordú don Chomhairle EUR 1 000 000 a íoc ar bhonn sealadach don fhoras charthanachta atá á bhunú mar chuid de dhíolachán Chelsea FC chun leasa íospartaigh coinbhleachtaí, maidir leis an damáiste morálta a rinneadh don ghearánaí;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus ar oibleagáid an riaracháin cúiseanna a lua.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe ar chúiseanna na Comhairle.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar phrionsabal na córa comhionainne maidir le bearta sriantacha a ghlacadh i gcoinne an iarratasóra.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha agus cur isteach gan údar ar chearta bunúsacha an iarratasóra arna ráthú le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 87 I, lch. 44).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 ón gComhairle an 15 Márta 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 87 I, lch. 1).