ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 257

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
4 Iúil 2022


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2022/C 257/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2022/C 257/02

Cás C-573/19: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na hIodáile (Mainneachtain bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Comhshaol – Treoir 2008/50/CE – Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh – Airteagal 13(1) agus Iarscríbhinn XI – Sárú córasach agus leanúnach ar theorainnluachanna a leagadh síos do dhé-ocsaíd nítrigine (NO2) i limistéir agus ceirtleáin Iodálacha ar leith – Airteagal 23(1) – Iarscríbhinn XV – Tréimhse sáraithe is giorra is féidir – Bearta iomchuí)

2

2022/C 257/03

Cás C-730/19: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Bulgáire (Mainneachtain bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Comhshaol – Treoir 2008/50/CE – Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh – Airteagal 13(1) agus Iarscríbhinn XI – Sárú córasach agus leanúnach ar theorainnluachanna a leagadh síos do dhé-ocsaíd sulfair (SO2) i limistéar BG0006 (Oirdheisceart), an Bhulgáir – Airteagal 23(1) agus Iarscríbhinn XV – Tréimhse sáraithe is giorra is féidir – Bearta iomchuí)

3

2022/C 257/04

Cás C-260/20 P: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 – an Coimisiún Eorpach v Hansol Paper Co. Ltd, European Thermal Paper Association (ETPA) (Achomharc – Dumpáil – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/763 – Allmhairí páipéir theirmeach éadrom ar leith de thionscnamh Poblacht na Cóiré – Dleacht frithdhumpála chinntitheach – Rialachán (AE) 2016/1036 – Airteagail 6, 16 agus 18 – Fianaise – Faisnéis a tugadh lasmuigh de fhreagra ar cheistneoir frithdhumpála – Ualú díolacháin a théann i bhfeidhm ar an ríomh dumpála – Airteagal 2(1) agus (3) – Ríomh an ghnáthluacha – Ordlathas na modhanna ríomha – Airteagal 3(2) agus (3) – Díobháil – Ríomh an chorrlaigh gearrdhíola – Cros-achomharc – Airteagal 2(11) – Fíor-mhéid na dumpála – Airteagal 18 – Díolúine ó fhreagra a thabhairt ar cheistneoir frithdhumpála – Easnamh neamh-chomhoibrithe)

3

2022/C 257/05

Cás C-377/20: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Servizio Elettrico Nazionale SpA, ENEL SpA, Enel Energia SpA v Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato agus páirtithe eile (Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – Ceannasacht – Mí-úsáid – Airteagal 102 CFAE – Tionchar cleachtais ar leas tomhaltóirí agus struchtúr an mhargaidh – Cleachtas eisiatach mí-úsáideach – Cumas cleachtais chun éifeacht eisiatach a imirt – Dul i muinín modhanna seachas iadsan atá bainte le hiomaíocht ar bhonn buanna – Dodhéantacht d’iomaitheoir féideartha atá chomh éifeachtach an cleachtas a athchruthú – Láithreacht rúin fhrithiomaíoch – Oscailt an mhargaidh le haghaidh díol leictreachais don iomaíocht – Aistriú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála idir grúpa cuideachtaí d’fhonn ceannasacht ar mhargadh a fuarthas ó mhonaplacht dhlíthiúil a choinneáil – Iompraíocht na fochuideachta a chur i leith na máthairchuideachta)

4

2022/C 257/06

Cás C-426/20: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Judicial da Comarca de Braga – Juízo do Trabalho de Barcelos – an Phortaingéil) – GD, ES v Luso Temp – Empresa de Trabalho Temporário SA (Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Treoir 2008/104/CE – Obair ghníomhaireachta shealadach – Airteagal 5(1) – Prionsabal na córa comhionainne – Airteagal 3(1)(f) – Coincheap de coinníollacha riachtanacha oibre agus fostaíochta d’oibrithe gníomhaireachta sealadacha – Liúntas le híoc as na laethanta saoire bliantúla le pá nár glacadh agus i leith na préimhe saoire comhfhreagraí i gcás go gcuirtear deireadh leis an gcaidreamh oibre)

5

2022/C 257/07

Cás C-430/20 P: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 – Christoph Klein v an Coimisiún Eorpach (Achomharc – Airteagal 265 CFAE – Caingean maidir le mainneachtain gníomhú – Treoir 93/42/CÉ – Feistí Leighis – Airteagal 8(1) agus (2) – Nós imeachta um chlásal coimirce – Fógra ó Bhallstát maidir le cinneadh lena gcoisctear feiste leighis a chur ar an margadh – Easpa freagartha ar feadh tréimhse fada ón gCoimisiún Eorpach – Easnamh cinnidh – Inghlacthacht – Locus standi – Teorainn ama chun caingean a thionscnamh – Glao ar ghníomhú laistigh de theorainn ama réasúnta – Prionsabal an dea-riaracháin – An oibleagáid chun cúiseanna a thabhairt atá ar Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh)

6

2022/C 257/08

Cás C-505/20: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad – an Bhulgáir) – Imeachtaí arna dtionscnamh ag RR, JG (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Ionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach – Treoir 2014/42/UE – Airteagal 4 – Coigistiú – Airteagal 7 – Reo – Airteagal 8 – Ráthaíochtaí nós imeachta – Maoin a bhaineann le tríú duine sna himeachtaí cóiriúla a reo agus a choigistiú – Rialacha náisiúnta nach bhforálann do chaingean do thríú páirtithe le linn na n-imeachtaí breithiúnacha agus nach gceadaíonn aon tabhairt ar ais na maoine sin roimh chlabhsúr na n-imeachtaí coiriúla)

6

2022/C 257/09

Cás C-556/20: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Fhrainc) – Schneider Electric SE agus páirtithe eile v Premier ministre, Ministre de l’Economie, des Finances et de la Relance (Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dlíthe – Treoir 90/435/CE – Córas comhchoiteann cánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí de chuid Ballstát éagsúil – Airteagail 4 agus 7(2) – Cánachas eacnamaíoch dúbailte ar dhíbhinní a chosc)

7

2022/C 257/10

Cás C-570/20: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – imeachtaí cóiriúla i gcoinne BV (Tarchur chun réamhrialú – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Cáin atá dlite a cheilt ar shlí chalaoiseach – Pionóis – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do phionós riaracháin agus do phionós cóiriúil i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 49 – Airteagal 50 – An prionsabal ne bis in idem – Airteagal 52(1) – Teorainneacha ar an bprionsabal ne bis in idem – Ceanglas chun rialacha soiléire agus beachta a leagadh síos – Féidearthacht chun léirmhíniú na gcúirteanna náisiúnta ar an reachtaíocht náisiúnta a chur san áireamh – Riachtanas chun rialacha a leagadh síos lena n-áirithítear comhréireacht na bpionós go léir a ghearrtar – Pionóis de chineál difriúil)

8

2022/C 257/11

Cás C-644/20: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Poznaniu – an Pholainn) – W. J. v L. J. agus J. J., arna n-ionadú go dlíthiúil ag A. P., (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Dlínse, dlí is infheidhme, aithint agus cur chun feidhme cinntí maidir le hoibleagáidí cothabhála – Cinneadh an dlí is infheidhme – Prótacal na Háige ar an Dlí is Infheidhme maidir le hOibleagáidí Cothabhála – Airteagal 3 – Gnáthchónaí an chreidiúnaí – Am chun gnáthchónaí a chinneadh – Coimeád linbh éagóraigh)

8

2022/C 257/12

Cás C-718/20 P: Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 – Zhejiang Jiuli Hi-Tech Metals Co. Ltd v an Coimisiún Eorpach (Achomharc – Dumpáil – Allmhairí de phíobáin agus d'fheadáin chruach dosmálta áirithe gan uaim arb í Daon-Phoblacht na Síne a dtír tionscnaimh – Dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur)

9

2022/C 257/13

Cás C-719/20: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Comune di Lerici v Provincia di La Spezia (Tarchur chun réamhrialú – Soláthar poiblí – Bainistiú dramhaíola – Dámhachtain inmheánach – Treoir 2014/24/AE – Airteagail 12 agus 72 – Cailleadh coinníollacha de rialú comhchosúil i ndiaidh chomhcheangail gnóthas – Féidearthacht d’oibreoir a thagann i ndiaidh leanúint le cur ar fáil na seirbhíse)

9

2022/C 257/14

Cás C-101/21: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud – Poblacht na Seice) – HJ v Ministerstvo práce a sociálních věcí (Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Treoir 2008/94/CE – Cosaint fostaithe i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra – Airteagal 2(2) – Coincheap de fhostaí – Airteagal 12(a) agus (c) – Teorainneacha ar fhreagracht na n-institiúidí is ráthóirí – Duine a chuireann feidhmeanna comhalta de bhord bainistíochta agus feidhmeanna stiúrthóra de chuideachta tráchtála i gcrích, ar bhonn conradh oibre leis an gcuideachta sin – Carnadh feidhmeanna – Cásdlí náisiúnta lena ndiúltaítear don duine sin tairbhe a bhaint as na ráthaíochtaí dá bhforáiltear leis an Treoir sin)

10

2022/C 257/15

Cás C-179/21: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – absoluts-bikes and more- GmbH & Co. KG v the-trading-company GmbH (Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 2011/83/UE – Airteagal 6(1)(m) – Cianchonradh idir tomhaltóir agus gairmí – Oibleagáid an ghairmí an tomhaltóír a chur ar an eolas faoi láithreacht ráthaíocht tráchtála an táirgeora agus na coinníollacha lena mbaineann – Coinníollacha ina dtagann ceanglas den sórt sin chun cinn – Ábhar na faisnéise le cur in iúl don tomhaltóir maidir le ráthaíocht tráchtála an táirgeora – Tionchar Airteagal 6(2) de Threoir 1999/44/CE)

11

2022/C 257/16

Cás C-189/21: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón College van Beroep voor het bedrijfsleven – an Ísiltír) – R. en R. v Minister van Landbouw, Natuur en Voedselkwaliteit (Tarchur chun réamhrialú – An comhbheartas talmhaíochta (CBT) – Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 – Iarscríbhinn II – Ceanglas reachtúil bainistithe 10 – Rialachán (AE) Uimh. 1107/2009 – An chéad abairt den chéad agus dara fomhír d’Airteagal 55 – Scéimeanna tacaíochta dírí – Rialacha comhchoiteanna – Tacaíocht a fuarthas faoi CBT a laghdú nó a eisiamh go hiomlán nó i bpáirt – Neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le coinníollacht – Úsáid táirge cosanta plandaí nach bhfuil ceadaithe nó nach bhfuil ceadaithe a thuilleadh sa bhallstát i dtrácht agus, sa chás deireanach sin, a bhfuil an spriocdháta úsáide imithe thart)

12

2022/C 257/17

Cás C-218/21: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Autoridade Tributária e Aduaneira v DSR – Montagem e Manutenção de Ascensores e Escadas Rolantes SA (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Rátaí – Forálacha sealadacha le haghaidh seirbhísí dlúthfhostaíochta ar leith – Pointe 2 d’Iarscríbhinn IV – Athchóiriú agus deisiú tithe príobháideacha – Cur i bhfeidhm ráta laghdaithe CBL i leith seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála ardaitheoirí i bhfoirgnimh chónaithe)

12

2022/C 257/18

Cás C-242/21 P: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 – Évariste Boshab v Comhairle an Aontais Eorpaigh (Achomharc – An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha a glacadh i gcoinne daoine agus eintiteas áirithe i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 – Airteagal 2b agus Airteagal 9(2) – Cinneadh 2010/788/CBES – Airteagal 3(2) agus Airteagal 9(2) – Coinneáil chlárú an iarratasóra ar na liostaí de dhaoine agus d’eintitis dá dtagraítear – Cinneadh (CBES) 2018/1940 – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1931 – An ceart chun éisteacht a fháil)

13

2022/C 257/19

Cás C-787/21: Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 17 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Estaleiros Navais de Peniche SA v Município de Aveiro, Navaltagus – Reparação e Construção Naval SA, Navalrocha – Sociedade de Construção e Reparações Navais SA (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí – Treoir 89/665/CEE – Airteagal 1(3) – Leas chun imeachtaí a thionscnamh – Rochtain ar na nósanna imeachta athbhreithnithe – Tairgeoir curtha as an áireamh le cinneadh cinntitheach ón údarás conarthach, toisc nár chuir sé i gcoinne na forais go léir lenar diúltaíodh dá thairiscint – Easnamh leasa chun imeachtaí a thionscnamh)

14

2022/C 257/20

Cás C-468/20: Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 29 Meán Fómhair 2020 – Fastweb agus páirtithe eile v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni

14

2022/C 257/21

Cás C-517/20: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Ascoli Piceno (an Iodáil) a taisceadh an 13 Deireadh Fómhair 2020 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne OL

14

2022/C 257/22

Cás C-705/20: Iarraidh ar réamhrialú ó Income Tax Tribunal of Gibraltar (an Ríocht Aontaithe) a taisceadh an 21 Nollaig 2020 – Fossil (Gibraltar) Limited v Commissioner of Income Tax

15

2022/C 257/23

Cásanna Uamtha C-529/21, C-530/21, C-531/21, C-532/21, C-533/21, C-534/21, C-535/21 agus C-536/21: Iarraidh ar réamhrialú ón Rayonen sad Kula (an Bhulgáir) a taisceadh an 25 Lúnasa 2021 – OP, MN, KL, IJ, GH, EF, CD agus AB v Glavna Direktsia Pozharna bezopasnost i zashtita na naselenieto kam Ministerstvo na vatreshnite raboti

15

2022/C 257/24

Cásanna Uamtha C-732/21, C-733/21, C-734/21, C-735/21, C-736/21, C-737/21 agus C-738/21: Iarraidh ar réamhrialú ón Rayonen sad Kula (an Bhulgáir) a taisceadh an 30 Samhain 2021 – AB, BC, CD, DE, EF, FG agus GH v Glavna direktsia Pozharna bezopasnost i zashtita na naselenieto kam Ministerstvo na vatreshnite raboti

15

2022/C 257/25

Cás C-764/21 P: Achomharc arna thabhairt an 10 Nollaig 2021 ag TUIfly GmbH i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 29 Meán Fomhair 2021 i gCás T-619/18 TUIfly GmbH v an Coimisiún Eorpach

15

2022/C 257/26

Cás C-55/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Landesverwaltungsgericht Vorarlberg (an Ostair) a taisceadh an 28 Eanáir 2022 – NK

16

2022/C 257/27

Cás C-190/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Ufficio del Giudice di pace di Rimini (an Iodáil), arna taisceadh an 7 Márta 2022 – BL v Presidenza del Consiglio dei Ministri

16

2022/C 257/28

Cás C-208/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ’s-Hertogenbosch (an Ísiltír) a taisceadh an 18 Márta 2022 – F v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

18

2022/C 257/29

Cás C-210/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Hamburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 18 Márta 2022 – Stappert Deutschland GmbH v Hauptzollamt Hanover (an Ghearmáin)

19

2022/C 257/30

Cás T-220/22: Caingean arna tabhairt an 25 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile

20

2022/C 257/31

Cás C-226/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil), arna taisceadh an 31 Márta 2022 – Nexive Commerce Srl agus páirtithe eile v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni agus páirtithe eile

20

2022/C 257/32

Cás C-231/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Chúirt Achomhairc na Bruiséile (an Bheilg) a taisceadh an 1 Aibreán 2022 – Stát na Beilge v an tÚdarás um Chosaint Sonraí

21

2022/C 257/33

Cás C-239/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de Cassation (an Bheilg) a taisceadh an 5 Aibreán 2022 – Stát na Beilge agus Promo 54 v Promo 54 agus Stát na Beilge

22

2022/C 257/34

Cás C-242/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Évora (an Phortaingéal) a taisceadh an 6 Aibreán 2022 — TL

22

2022/C 257/35

Cás C-277/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 22 Aibreán 2022 – Global NRG Kereskedelmi és Tanácsadó Zrt. v Magyar Energetikai és Közmű-szabályozási Hivatal

23

2022/C 257/36

Cás C-285/22 P: Achomharc arna thabhairt an 22 Aibreán 2022 ag an tUasal Michaël Julien i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a fógraíodh an 24 Feabhra 2022 i gCás T- 442/21 Rhiannon Thomas agus Michaël Julien v Comhairle an Aontais Eorpaigh

24

2022/C 257/37

Cás C-328/22: Caingean arna tabhairt an 16 Bealtaine 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Slóivéine

25

 

Chúirt Ghinearálta

2022/C 257/38

Cás T-423/14 RENV: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Larko v an Coimisiún [Státchabhair – Státchabhair ón nGréig – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an státchabhair neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach – Coincheap na Státchabhrach – Buntáiste – Prionsabal oibreora phríobháidigh – Táille ráthaíochta – Gnóthas i gcruachás – Eolas údaráis na Gréige – Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí – Earráid mheasúnaithe follasach]

26

2022/C 257/39

Cás T-384/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – OC v an Coimisiún [Dliteanas neamhchonarthach – Imscrúdú OLAF – Preasráiteas – Próiseáil sonraí pearsanta – Toimhde na neamhchiontachta – Rúndacht imscrúduithe OLAF – Ceart chun dea-riaracháin – Comhréireacht – Sárú tromchúiseach leordhóthanach ar riail na dleachta a thugann cearta do dhaoine aonair]

26

2022/C 257/40

Cás T-4/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Advanced Superabrasives v EUIPO – Adi (ASI ADVANCED SUPERABRASIVES) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ASI ADVANCED SUPERABRASIVES – Marc fíortha agus focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ADI roimhe seo – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001) – An cás a tharchur chuig an Rannán Freasúra – Airteagal 71(1) de Rialachán 2017/1001 – Airteagal 27(3)(b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625)

27

2022/C 257/41

Cás T-117/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Deichmann v EUIPO – Munich (Léiriú ar dhá stríoc chrosáilte ar thaobh bróige) [Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhnithe – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ina léirítear crois ar thaobh bróg spóirt – Airteagail 7(1)(b) agus 51(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 [Airteagail 7(1)(b) agus 59(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] – Airteagal 94(1) den Rialachán 2017/1001]

28

2022/C 257/42

Cás T-237/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Fidelity National Information Services v EUIPO – IFIS (FIS) [Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh FIS – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe IFIS – Foras coibhneasta le diúltú – Riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois]]

28

2022/C 257/43

Cás T-298/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Bodegas Beronia v EUIPO – Bodegas Carlos Serres (ALEGRA DE BERONIA) [Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ALEGRA DE BERONIA – Focalmharc náisiúnta níos luaithe ALEGRO – Foras coibhneasta le diúltú – Easpa riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001]

29

2022/C 257/44

Cás T-237/22: Caingean arna tabhairt an 29 Aibreán 2022 – Usmanov v an Chomhairle

29

2022/C 257/45

Cás T-238/22: Caingean arna tabhairt an 29 Aibreán 2022 – Narzieva v an Chomhairle

30

2022/C 257/46

Cás T-256/22: Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – Yanukovych v an Chomhairle

31

2022/C 257/47

Cás T-257/22: Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – Yanukovych v an Chomhairle

32

2022/C 257/48

Cás T-258/22: Caingean arna tabhairt an 12 Bealtaine 2022 – BSW – management company of BMC holding v an Chomhairle

33

2022/C 257/49

Cás T-259/22: Caingean arna tabhairt an 12 Bealtaine 2022 – Mostovdrev v an Chomhairle

34

2022/C 257/50

Cás T-261/22: Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – mBank v EUIPO – European Merchant Bank (EMBANK European Merchant Bank)

34

2022/C 257/51

Cás T-263/22: Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – CCCME agus páirtithe eile v an Coimisiún

35

2022/C 257/52

Cás T-265/22: Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – PSCC 2012 v EUIPO – Starwood Hotels & Resorts Worldwide (LA BOTTEGA W)

36

2022/C 257/53

Cás T-267/22: Caingean arna tabhairt an 16 Bealtaine 2022 – Consulta v EUIPO – Karlinger (ACASA)

37

2022/C 257/54

Cás T-270/22: Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Pumpyansky v an Chomhairle

37

2022/C 257/55

Cás T-271/22: Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Melnichenko v an Chomhairle

38

2022/C 257/56

Cás T-272/22: Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Pumpyanskaya v an Chomhairle

39

2022/C 257/57

Cás T-276/22: Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Groz-Beckert v EUIPO (Suíomh-mharc comhdhéanta den dath bán, den dath meándearg agus den dath dúghlas ar phacáistiú ciúbóideach)

40

2022/C 257/58

Cás T-277/22: Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Groz-Beckert v EUIPO (Suíomh-mharc comhdhéanta den dath dearg agus den dath bán ar phacáistiú ciúbóideach)

41

2022/C 257/59

Cás T-282/22: Caingean arna tabhairt an 18 Bealtaine 2022 – Mazepin v an Chomhairle

41

2022/C 257/60

Cás T-283/22: Caingean arna tabhairt an 19 Bealtaine 2022 – Moshkovich v an Chomhairle

42

2022/C 257/61

Cás T-291/22: Caingean arna tabhairt an 18 Bealtaine 2022 – Pumpyanskiy v an Chomhairle

43

2022/C 257/62

Cás T-293/22: Caingean arna tabhairt an 19 Bealtaine 2022 – PB v BRA

44

2022/C 257/63

Cás T-295/22: Caingean arna tabhairt an 20 Bealtaine 2022 – Crush Series Publishing v EUIPO – Mediaproduccion (The Crush Series)

44

2022/C 257/64

Cás T-297/22: Caingean arna tabhairt an 20 Bealtaine 2022 – BB Services v EUIPO – Lego Juris (Cruth figiúr bréagán le cnap ar a cheann)

45

2022/C 257/65

Cás T-298/22: Caingean arna tabhairt an 20 Bealtaine 2022 – BB Services v EUIPO – Lego Juris (Cruth figiúir bréagáin)

46

2022/C 257/66

Cás T-301/22: Caingean arna tabhairt an 23 Bealtaine 2022 – Aven v an Chomhairle

47

2022/C 257/67

Cás T-304/22: Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2022 – Fridman v an Chomhairle

48


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2022/C 257/01)

Foilseachán deiridh

IO C 244, 27.6.2022

Foilseacháin stairiúla

IO C 237, 20.6.2022

IO C 222, 7.6.2022

IO C 213, 30.5.2022

IO C 207, 23.5.2022

IO C 198, 16.5.2022

IO C 191, 10.5.2022

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/2


Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na hIodáile

(Cás C-573/19) (1)

(Mainneachtain bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh - Comhshaol - Treoir 2008/50/CE - Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh - Airteagal 13(1) agus Iarscríbhinn XI - Sárú córasach agus leanúnach ar theorainnluachanna a leagadh síos do dhé-ocsaíd nítrigine (NO2) i limistéir agus ceirtleáin Iodálacha ar leith - Airteagal 23(1) - Iarscríbhinn XV - Tréimhse sáraithe “is giorra is féidir” - Bearta iomchuí)

(2022/C 257/02)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Gattinara agus E. Manhaeve, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na hIodáile (ionadaithe: G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó G. Palatiello agus P. Pucciariello, avvocati dello Stato)

An chuid oibríochtúil

1)

Rinne Poblacht na hIodáile, toisc nár áirithigh sí nár sáraíodh, ar bhealach córasach agus leanúnach, an teorainnluach bliantúil a leagadh síos do dhé-ocsaíd nítrigine (NO2),

ón mbliain 2010 go dtí an bhliain 2018, a chuirtear san áireamh, sna limistéir IT0118 (ceirtleán Turin), IT0306 (ceirtleán Milano), IT0307 (ceirtleán Bergamo), IT0308 (ceirtleán Brescia), IT0711 (bardas Genova), IT0906 (ceirtleán Flórans) agus IT1215 (ceirtleán na Róimhe);

ón mbliain 2010 go dtí an bhliain 2017, a chuirtear san áireamh, i limistéar IT0309 (limistéar A – machaire uirbithe go mór);

ón mbliain 2010 go dtí an bhliain 2012 agus ón mbliain 2014 go dtí an bhliain 2018, a chuirtear san áireamh, i limistéar IT1912 (ceirtleán Catania),

ón mbliain 2010 go dtí an bhliain 2012 agus ón mbliain 2014 go dtí an bhliain 2017, a chuirtear san áireamh, i limistéar IT1914 (limistéir thionsclaíocha),

mainneachtain ina cuid oibleagáidí faoi Airteagal 13(1) i gcomhar le hIarscríbhinn XI de Threoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip a chomhlíonadh, agus toisc nár ghlac sí, ón 11 Meitheamh 2010, bearta iomchuí chun a áirithiú go n-urramófaí an teorainnluach bliantúil a leagadh síos le haghaidh NO2 sna limistéir sin go léir agus, go háirithe, toisc nár áirithigh sí go bhforáladh leis na pleananna maidir le cáilíocht an aeir do bhearta iomchuí chun go mbeadh an tréimhse sáraithe den teorainnluach sin chomh gearr is gur féidir, go ndearna sí mainneachtain ina cuid oibleagáidí faoi Airteagal 23(1) den Treoir sin, arna léamh ina aonar agus i gcomhar le Cuid A d’Iarscríbhinn XV den Treoir sin.

2)

Ordaítear do Phoblacht na hIodáile na costais a íoc.


(1)  IO C 305, 09.09.2019


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/3


Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Bulgáire

(Cás C-730/19) (1)

(Mainneachtain bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh - Comhshaol - Treoir 2008/50/CE - Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh - Airteagal 13(1) agus Iarscríbhinn XI - Sárú córasach agus leanúnach ar theorainnluachanna a leagadh síos do dhé-ocsaíd sulfair (SO2) i limistéar BG0006 (Oirdheisceart), an Bhulgáir - Airteagal 23(1) agus Iarscríbhinn XV - Tréimhse sáraithe “is giorra is féidir” - Bearta iomchuí)

(2022/C 257/03)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: Y. Marinova agus E. Manhaeve, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Bulgáire (ionadaithe: E. Petranova agus T. Mitova, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Rinne Poblacht na Bulgáire,

toisc nár áirithigh sí nár sáraíodh, ar bhealach córasach agus leanúnach, i limistéar BG0006 (Oirdheisceart), ar thaobh amháin, ón mbliain 2007 go dtí an bhliain 2018, a chuirtear san áireamh, an teorainnluach in aghaidh na huaire a leagadh síos do dhé-ocsaíd sulfair (S02), agus, ar an taobh eile, ón mbliain 2007 go dtí an bhliain 2018, a chuirtear san áireamh, gan na blianta 2010 agus 2012 a áireamh, an teorainnluach laethúil a leagadh síos don truailleán sin, mainneachtain ina cuid oibleagáidí faoi Airteagal 13(1) i gcomhar le hIarscríbhinn XI de Threoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip, agus

toisc nár ghlac sí, ón 11 Meitheamh 2010, bearta iomchuí chun a áirithiú go n-urramófaí na teorainnluachanna a leagadh síos do S02 sa limistéar sin agus, go háirithe, toisc nár áirithigh sí go bhforáladh leis na pleananna maidir le cáilíocht an aeir do bhearta iomchuí chun go mbeadh an tréimhse sáraithe de na teorainnluachanna sin chomh gearr is gur féidir, go ndearna sí mainneachtain ina cuid oibleagáidí faoi Airteagal 23(1) i gcomhar le Cuid A d’Iarscríbhinn XV den Treoir sin.

2)

Ordaítear do Phoblacht na Bulgáire na costais a íoc.


(1)  IO C 399, 25.11.2019


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/3


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 – an Coimisiún Eorpach v Hansol Paper Co. Ltd, European Thermal Paper Association (ETPA)

(Cás C-260/20 P) (1)

(Achomharc - Dumpáil - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/763 - Allmhairí páipéir theirmeach éadrom ar leith de thionscnamh Poblacht na Cóiré - Dleacht frithdhumpála chinntitheach - Rialachán (AE) 2016/1036 - Airteagail 6, 16 agus 18 - Fianaise - Faisnéis a tugadh lasmuigh de fhreagra ar cheistneoir frithdhumpála - Ualú díolacháin a théann i bhfeidhm ar an ríomh dumpála - Airteagal 2(1) agus (3) - Ríomh an ghnáthluacha - Ordlathas na modhanna ríomha - Airteagal 3(2) agus (3) - Díobháil - Ríomh an chorrlaigh gearrdhíola - Cros-achomharc - Airteagal 2(11) - Fíor-mhéid na dumpála - Airteagal 18 - Díolúine ó fhreagra a thabhairt ar cheistneoir frithdhumpála - Easnamh neamh-chomhoibrithe)

(2022/C 257/04)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: ar dtús ag J.-F. Brakeland agus A. Demeneix, agus ina dhiaidh sin ag J.-F. Brakeland agus G. Luengo, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Hansol Paper Co. Ltd (ionadaithe: J.-F. Bellis, B. Servais agus V. Crochet, avocats), European Thermal Paper Association (ETPA) (ionadaithe: H. Hobbelen, B. Vleeshouwers, K. Huyghebaert, advocaten, agus J. Rivas, abogado)

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don phríomh-achomharc agus don chros-achomharc.

2)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a bhaineann leis an bpríomh-achomharc a íoc.

3)

Ordaítear do European Thermal Paper Association (ETPA) na costais a bhaineann leis an gcros-achomharc a íoc.


(1)  IO C 271, 17.08.2020


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/4


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Servizio Elettrico Nazionale SpA, ENEL SpA, Enel Energia SpA v Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato agus páirtithe eile

(Cás C-377/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Iomaíocht - Ceannasacht - Mí-úsáid - Airteagal 102 CFAE - Tionchar cleachtais ar leas tomhaltóirí agus struchtúr an mhargaidh - Cleachtas eisiatach mí-úsáideach - Cumas cleachtais chun éifeacht eisiatach a imirt - Dul i muinín modhanna seachas iadsan atá bainte le hiomaíocht ar bhonn buanna - Dodhéantacht d’iomaitheoir féideartha atá chomh éifeachtach an cleachtas a athchruthú - Láithreacht rúin fhrithiomaíoch - Oscailt an mhargaidh le haghaidh díol leictreachais don iomaíocht - Aistriú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála idir grúpa cuideachtaí d’fhonn ceannasacht ar mhargadh a fuarthas ó mhonaplacht dhlíthiúil a choinneáil - Iompraíocht na fochuideachta a chur i leith na máthairchuideachta)

(2022/C 257/05)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Servizio Elettrico Nazionale SpA, ENEL SpA, Enel Energia SpA

Cosantóirí: Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato, ENEL SpA, Servizio Elettrico Nazionale SpA, Eni Gas e Luce Spa, Eni SpA, Axpo Italia SpA, Gala SpA, E.Ja SpA, Green Network SpA, Ass.ne Codici – Centro per i Diritti del Cittadino

Idiragraithe: Green Network SpA, Associazione Italiana di Grossisti di Energia e Trader – AIGET, Ass.ne Codici – Centro per i Diritti del Cittadino, Associazione Energia Libera, Metaenergia SpA

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 102 CFAE a léirmhíniú sa chaoi, d’fhonn cleachtas mí-úsáid ceannasachta a shuí, gur leor, d’údarás iomaíochta, a chruthú go bhféadfadh an cleachtas sin dochar a dhéanamh don struchtúr iomaíochta éifeachtaí atá i bhfeidhm ar an margadh i dtrácht, ach amháin má léiríonn an chuideachta cheannasach lena mbaineann go ndéantar frithchothromú, nó fiú sárú, ar na héifeachtaí frithiomaíocha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcleachtas sin le héifeachtaí dearfacha do thomhaltóirí, go háirithe maidir leis an bpraghas, leis an rogha, leis an gcaighdeán agus leis an nuálaíocht.

2)

Ní mór Airteagal 102 CFAE a léirmhíniú sa chaoi, d’fhonn nádúr mí-úsáideach d’iompraíocht cuideachta le ceannasacht a chur as an áireamh, nach bhféadfaí a mheas go bhfuil an fhianaise, ina haonar, arna tabhairt ar aird ag an gcuideachta i dtrácht, nach raibh éifeachtaí sriantacha nithiúla ag an iompraíocht sin leordhóthanach. D’fhéadfadh an fhianaise sin a bheith ina comhartha nach bhféadfadh an iompraíocht i dtrácht a bheith in ann éifeachtaí frithiomaíocha a imirt, ach ní mór é sin a shlánú, áfach, le heilimintí eile fianaise d’fhonn an t-éagumas sin a shuí.

3)

Ní mór Airteagal 102 CFAE a léirmhíniú sa chaoi nach mór a mheas gurb ann do chleachtas eisiatach mí-úsáideach ag cuideachta le ceannasacht ar bhonn cumas an chleachtais sin éifeachtaí frithiomaíocha a imirt. Ní cheanglaítear ar údarás iomaíochta rún na cuideachta i dtrácht chun fáil réidh lena hiomaitheoirí trí mhodhanna nó trí dhul i muinín acmhainní seachas iadsan lena rialaítear iomaíocht ar bhonn buanna a shuí. Is cúinse fíorasach fianaise de rún den sórt sin, áfach, a d’fhéadfaí a chur san áireamh d’fhonn mí-úsáid ceannasachta a chinneadh.

4)

Ní mór Airteagal 102 CFAE a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfadh cleachtas dleathach lasmuigh de dhlí na hiomaíochta, nuair a chuireann cuideachta le ceannasacht i bhfeidhm é, a bheith cáilithe mar “mhíúsáideach”, de réir bhrí na forála sin, dá mba rud é go bhféadfadh sé éifeacht eisiatach a imirt agus go bhfuil sé bunaithe ar úsáid modhanna seachas iadsan atá baint le hiomaíocht ar bhonn buanna. Nuair a chomhlíontar an dá choinníoll sin, is féidir leis an gcuideachta cheannasach lena mbaineann éalú ón gcosc dá bhforáiltear in Airteagal 102 CFAE trína suí go raibh údar oibiachtúil leis an gcleachtas i dtrácht agus agus go raibh sé comhréireach leis an údar sin nó go ndearnadh frithchothromú, nó fiú sárú, air le buntáistí maidir le héifeachtacht a théann chun thairbhe na dtomhaltóirí freisin.

5)

Ní mór Airteagal 102 CFAE a léirmhíniú sa chaoi, i gcás ina dtugann fochuideachta amháin nó níos mó a bhaineann le haonad eacnamaíoch faoi mhí-úsáid ceannasachta, gur leor gurb ann don aonad sin chun a mheas go bhfuil an mháthairchuideachta í féin freagrach as an mí-úsáid sin freisin. Ní mór glacadh leis gurb ann d’aonad den sórt sin má tá, an tráth ábhartha, nach mór an caipiteal go léir, ar a laghad, de na fochuideachtaí sin i seilbh, go díreach nó go hindíreach, na máthairchuideachta. Ní cheanglaítear ar an údarás iomaíochta aon fhianaise breise a thabhairt, ach amháin má shuíonn an mháthairchuideachta nach raibh sé de chumhacht aici iompraíocht a fochuideachtaí a shainiú, agus go raibh siadsan ag gníomhú ar bhealach neamhspleách.


(1)  IO C 348, 19.10.2020


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/5


Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Judicial da Comarca de Braga – Juízo do Trabalho de Barcelos – an Phortaingéil) – GD, ES v Luso Temp – Empresa de Trabalho Temporário SA

(Cás C-426/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Treoir 2008/104/CE - Obair ghníomhaireachta shealadach - Airteagal 5(1) - Prionsabal na córa comhionainne - Airteagal 3(1)(f) - Coincheap de “coinníollacha riachtanacha oibre agus fostaíochta d’oibrithe gníomhaireachta sealadacha” - Liúntas le híoc as na laethanta saoire bliantúla le pá nár glacadh agus i leith na préimhe saoire comhfhreagraí i gcás go gcuirtear deireadh leis an gcaidreamh oibre)

(2022/C 257/06)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Judicial da Comarca de Braga – Juízo do Trabalho de Barcelos

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: GD, ES

Cosantóir: Luso Temp – Empresa de Trabalho Temporário SA

An chuid oibríochtúil

Ní mór an chéad fhomhír d’Airteagal 5(1) de Threoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach i gcomhar le hAirteagal 3(1)(f) den Treoir chéanna a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar rialacha náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil an liúntas is féidir le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha a éileamh, i gcás go gcuirtear deireadh lena gcaidreamh oibre le gnóthas úsáideora, as na laethanta saoire bliantúla le pá nár glacadh agus i leith na préimhe saoire comhfhreagraí, níos ísle ná an liúntas a bhféadfadh oibrithe a éileamh, sna dálaí céanna agus ar an mbonn céanna, dá mba rud é gur earcaigh an gnóthas úsáideora iad go díreach chun an post céanna a ghlacadh le linn na tréimhse céanna.


(1)  IO C 423, 07.12.2020


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/6


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 – Christoph Klein v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-430/20 P) (1)

(Achomharc - Airteagal 265 CFAE - Caingean maidir le mainneachtain gníomhú - Treoir 93/42/CÉ - Feistí Leighis - Airteagal 8(1) agus (2) - Nós imeachta um chlásal coimirce - Fógra ó Bhallstát maidir le cinneadh lena gcoisctear feiste leighis a chur ar an margadh - Easpa freagartha ar feadh tréimhse fada ón gCoimisiún Eorpach - Easnamh cinnidh - Inghlacthacht - Locus standi - Teorainn ama chun caingean a thionscnamh - Glao ar ghníomhú laistigh de theorainn ama réasúnta - Prionsabal an dea-riaracháin - An oibleagáid chun cúiseanna a thabhairt atá ar Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh)

(2022/C 257/07)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: Christoph Klein (ionadaí: H.-J. Ahlt, Rechtsanwalt)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: ar dtús C. Hermes, F. Thiran agus M. Jáuregui Gómez, agus ina dhiaidh sin C. Hermes agus F. Thiran, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear ordú Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 2 Iúil 2020, Klein v an Coimisiún (T-562/19, EU:T:2020:300) ar neamhní a mhéid a rinne an Chúirt Ghinearálta caingean Christoph Klein a dhíbhe toisc é a bheith do-ghlactha, caingean a bhí bunaithe ar Airteagal 265 CFAE agus lenar iarr sé go n-aithneofaí gur theip ar an gCoimisiún Eorpach, go neamhdhleathach, gníomhú i gcomhthéacs an nós imeachta um chlásal coimirce a bhunaigh Poblacht Chónaidhme na Gearmáine an 7 Eanáir 1998 agus gur theip air cinneadh a ghlacadh i gcomhréir le Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí leighis, i leith na feiste Inhaler Broncho Air®.

2)

Cuirtear an cás ar ais chun na Cúirte Ginearálta ionas go ndéanfar breithniú ar shubstaint an cháis.

3)

Forchoimeádtar na costais.


(1)  IO C 371, 03.11.2020


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/6


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad – an Bhulgáir) – Imeachtaí arna dtionscnamh ag RR, JG

(Cás C-505/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Ionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach - Treoir 2014/42/UE - Airteagal 4 - Coigistiú - Airteagal 7 - Reo - Airteagal 8 - Ráthaíochtaí nós imeachta - Maoin a bhaineann le tríú duine sna himeachtaí cóiriúla a reo agus a choigistiú - Rialacha náisiúnta nach bhforálann do chaingean do thríú páirtithe le linn na n-imeachtaí breithiúnacha agus nach gceadaíonn aon tabhairt ar ais na maoine sin roimh chlabhsúr na n-imeachtaí coiriúla)

(2022/C 257/08)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Spetsializiran nakazatelen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: RR, JG

Tríú páirtí: Spetsializirana prokuratura

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 8(1) de Threoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás ina reoitear maoin a mheastar gur ionstraimeacht nó fáltas ciona í, nach bhfuil aon cheart ag úinéir na maoine sin, mar thríú páirtí bona fide, le linn céim bhreithiúnach na n-imeachtaí coiriúla, dul os comhair na cúirte inniúla chun a iarraidh go dtabharfaí an mhaoin sin ar ais.

2)

Ní mór Airteagal 4(1) de Threoir 2014/42 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha náisiúnta lena n-eisiatar coigistiú maoine ar le tríú páirtí bona fide í agus a úsáideadh mar ionstraimeacht ciona, lena n-áirítear sa chás inar chuir an tríú páirtí sin an mhaoin sin ar fáil go buan don duine a ionchúisítear.


(1)  IO C 9, 11.01.2021


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/7


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Fhrainc) – Schneider Electric SE agus páirtithe eile v Premier ministre, Ministre de l’Economie, des Finances et de la Relance

(Cás C-556/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhfhogasú dlíthe - Treoir 90/435/CE - Córas comhchoiteann cánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí de chuid Ballstát éagsúil - Airteagail 4 agus 7(2) - Cánachas eacnamaíoch dúbailte ar dhíbhinní a chosc)

(2022/C 257/09)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Conseil d’État

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Schneider Electric SE, Axa SA, BNP Paribas SA, Engie SA, Orange SA,

L’Air Liquide, société anonyme pour l’étude et l’exploitation des procédés Georges Claude

Cosantóirí: Premier ministre, Ministre de l’Economie, des Finances et de la Relance

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 4(1) de Threoir 90/435/CEE ón gComhairle an 23 Iúil 1990 maidir le córas comhchoiteann cánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí de chuid Ballstát éagsúil a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis le rialacha náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil máthairchuideachta faoi dhliteanas cáin iarchoimeádta a íoc i gcás athdháileadh brabús a d’íoc a fochuideachta dá scairsealbhóirí, ag a bhfuil bronnadh creidmheasa cánach mar thoradh air sin, nuair nár gearradh cáin chorparáide ar na brabúis sin ar an ngnáth-ráta, toisc go dtéann na suimeanna dlite de bhun na cánach iarchoimeádta sin thar an uasteorainn de 5 % dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) den Treoir sin. Ní chumhdaítear rialacha den sórt sin le hAirteagal 7(2) den Treoir sin.


(1)  IO C 9, 11.01.2021


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/8


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – imeachtaí cóiriúla i gcoinne BV

(Cás C-570/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Cáin atá dlite a cheilt ar shlí chalaoiseach - Pionóis - Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do phionós riaracháin agus do phionós cóiriúil i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 49 - Airteagal 50 - An prionsabal ne bis in idem - Airteagal 52(1) - Teorainneacha ar an bprionsabal ne bis in idem - Ceanglas chun rialacha soiléire agus beachta a leagadh síos - Féidearthacht chun léirmhíniú na gcúirteanna náisiúnta ar an reachtaíocht náisiúnta a chur san áireamh - Riachtanas chun rialacha a leagadh síos lena n-áirithítear comhréireacht na bpionós go léir a ghearrtar - Pionóis de chineál difriúil)

(2022/C 257/10)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí cóiriúla

BV

i láthair: Direction départementale des finances publiques de la Haute-Savoie

An chuid oibríochtúil

Ní mór an ceart bunúsach a ráthaítear in Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le hAirteagal 52(1) den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi

nach gcuirtear cosc leis, nach n-eascraíonn an teorannú ar charnadh ionchúiseamh agus sáruithe de chineál cóiriúil i gcásanna de cheilt ar shlí chalaoiseach nó neamhghníomhaíochtaí dearbhaithe maidir le cáin bhreisluacha (CBL) dá bhforáiltear le rialacha náisiúnta sna cásanna is tromchúisí ach as cásdlí bunaithe lena léirmhínítear, ar bhealach sriantach, na forálacha dlíthiúla lena sainmhínítear na coinníollacha faoina gcuirtear an carnadh sin i bhfeidhm, ar chuntar go bhfuil sé intuartha go réasúnta, nuair a dhéantar an sárú, go bhféadfadh an sárú sin a bheith ina ábhar do charnadh ionchúiseamh agus pionós de chineál cóiriúil, ach

go gcuirtear cosc leis, le rialacha náisiúnta nach n-áirithíonn, i gcás carnadh phionós airgeadais agus pianbhreith choimeádta, ag rialacha soiléire agus beachta, más iomchuí, mar a rinne na cúirteanna náisiúnta léirmhíniú orthu, nach dtéann na pionóis go léir a ghearrtar thar thromchúis an tsáraithe a aithníodh.


(1)  IO C 28, 25.01.2021


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/8


Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Poznaniu – an Pholainn) – W. J. v L. J. agus J. J., arna n-ionadú go dlíthiúil ag A. P.,

(Cás C-644/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Dlínse, dlí is infheidhme, aithint agus cur chun feidhme cinntí maidir le hoibleagáidí cothabhála - Cinneadh an dlí is infheidhme - Prótacal na Háige ar an Dlí is Infheidhme maidir le hOibleagáidí Cothabhála - Airteagal 3 - Gnáthchónaí an chreidiúnaí - Am chun gnáthchónaí a chinneadh - Coimeád linbh éagóraigh)

(2022/C 257/11)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Poznaniu

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: W. J.

Cosantóirí: L. J. agus J. J., arna n-ionadú go dlíthiúil ag A. P.,

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 3 de Phrótacal na Háige an 23 Samhain 2007 ar an Dlí is Infheidhme maidir le hOibleagáidí Cothabhála, arna fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2009/941/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 a léirmhíniú sa chaoi, d’fhonn an dlí is infheidhme a chinneadh maidir le héileamh ar chothabháil le haghaidh leanbh mionaoiseach ar aistrigh duine dá thuismitheoirí é chuig críoch Bhallstáit, nach leor chun go gcuirfear bac ar an leanbh gnáthchónaí a fháil ar chríoch an Bhallstáit sin, gur ordaigh cúirt den Bhallstát sin, i gcomhthéacs imeachtaí ar leithligh, an leanbh sin a chur ar ais go dtí an Ballstát ina raibh gnáthchónaí air lena thuismitheoirí díreach i ndiaidh a aistrithe.


(1)  IO C 53, 15.02.2021


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/9


Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 – Zhejiang Jiuli Hi-Tech Metals Co. Ltd v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-718/20 P) (1)

(Achomharc - Dumpáil - Allmhairí de phíobáin agus d'fheadáin chruach dosmálta áirithe gan uaim arb í Daon-Phoblacht na Síne a dtír tionscnaimh - Dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur)

(2022/C 257/12)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Zhejiang Jiuli Hi-Tech Metals Co. Ltd (ionadaithe: K. Adamantopoulos agus P. Billiet, avocats)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Gustafsson, P. Němečková agus E. Schmidt, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do Zhejiang Jiuli Hi-Tech Metals Co. Ltd, chomh maith lena costais féin, costais an Choimisiúin Eorpaigh a íoc.


(1)  IO C 98, 22.03.2021


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/9


Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Comune di Lerici v Provincia di La Spezia

(Cás C-719/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Soláthar poiblí - Bainistiú dramhaíola - Dámhachtain inmheánach - Treoir 2014/24/AE - Airteagail 12 agus 72 - Cailleadh coinníollacha de “rialú comhchosúil” i ndiaidh chomhcheangail gnóthas - Féidearthacht d’oibreoir a thagann i ndiaidh leanúint le cur ar fáil na seirbhíse)

(2022/C 257/13)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Comune di Lerici

Cosantóir: Provincia di La Spezia

Tríú páirtí: IREN SpA, ACAM Ambiente SpA

An chuid oibríochtúil

Ní mór Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar rialacha nó cleachtas náisiúnta faoinar féidir leis an oibreoir eacnamaíoch a fhaigheann eintiteas inmheánach, trí nós imeachta tairisceana, ar eintiteas é ar a dámhadh comhlíonadh conartha phoiblí ar dtús, gan glaoch ar iomaíocht, agus ar rialaigh an t-údarás conarthach é, ar bhealach comhpháirteach, ar chaoi a bhí comhchosúil leis an rialú a rinne sé ar a sheirbhísí féin, leanúint ar aghaidh, go huathoibríoch, leis an gcomhlíonadh sin, i gcás nach ndéanann an t-údarás conarthach rialú den sórt sin ar an oibreoir sin agus nach bhfuil aon chuid dá chaipiteal ina sheilbh aige.


(1)  IO C 79, 08.03.2021


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/10


Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud – Poblacht na Seice) – HJ v Ministerstvo práce a sociálních věcí

(Cás C-101/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Treoir 2008/94/CE - Cosaint fostaithe i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra - Airteagal 2(2) - Coincheap de “fhostaí” - Airteagal 12(a) agus (c) - Teorainneacha ar fhreagracht na n-institiúidí is ráthóirí - Duine a chuireann feidhmeanna comhalta de bhord bainistíochta agus feidhmeanna stiúrthóra de chuideachta tráchtála i gcrích, ar bhonn conradh oibre leis an gcuideachta sin - Carnadh feidhmeanna - Cásdlí náisiúnta lena ndiúltaítear don duine sin tairbhe a bhaint as na ráthaíochtaí dá bhforáiltear leis an Treoir sin)

(2022/C 257/14)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší správní soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HJ

Cosantóir: Ministerstvo práce a sociálních věcí

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 2(2) agus Airteagal 12(a) agus (c) de Threoir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra, arna leasú ag Treoir (AE) 2015/1794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leo le cásdlí náisiúnta lena bhforáiltear nach féidir le duine a chuireann feidhmeanna stiúrthóra agus feidhmeanna comhalta de chomhlacht reachtúil de chuideachta tráchtála i gcrích go carnach, ar bhonn conradh oibre bailí de réir an dlí náisiúnta, a cháiliú mar fhostaí, de réir bhrí na Treorach sin, agus, dá bharr, nach féidir leis tairbhe a bhaint as na ráthaíochtaí dá bhforáiltear leis an Treoir sin.


(1)  IO C 148, 26.04.2021


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/11


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – absoluts-bikes and more- GmbH & Co. KG v the-trading-company GmbH

(Cás C-179/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 2011/83/UE - Airteagal 6(1)(m) - Cianchonradh idir tomhaltóir agus gairmí - Oibleagáid an ghairmí an tomhaltóír a chur ar an eolas faoi láithreacht ráthaíocht tráchtála an táirgeora agus na coinníollacha lena mbaineann - Coinníollacha ina dtagann ceanglas den sórt sin chun cinn - Ábhar na faisnéise le cur in iúl don tomhaltóir maidir le ráthaíocht tráchtála an táirgeora - Tionchar Airteagal 6(2) de Threoir 1999/44/CE)

(2022/C 257/15)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: absoluts-bikes and more- GmbH & Co. KG

Cosantóir: the-trading-company GmbH

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 6(1)(m) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léirmhíniú sa chaoi, maidir leis an ráthaíocht tráchtála curtha ar fáil ag an táirgeoir, go dtagann an ceanglas faisnéise atá ar an ngairmí de bhun na forála sin chun chinn, ní ar bhonn an fíorais loim gurb ann don ráthaíocht sin, ach nuair atá leas dlisteanach ag an tomhaltóir faisnéis a fháil maidir leis an ráthaíocht sin d’fhonn cinneadh a dhéanamh é féin a cheangail go conarthach leis an ngairmí. Bunaítear leas dlisteanach den sórt sin go háirithe nuair a dhéanann an gairmí eilimint lárnach nó chinntitheach dá thairiscint as ráthaíocht tráchtála an táirgeora. D’fhonn a chinneadh an bhfuil an ráthaíocht mar eilimint lárnach nó chinntitheach den sórt sin, ní mór a chur san áireamh, ábhar agus leagan amach ginearálta na tairisceana i leith an earra lena mbaineann, tábhacht, i dtéarmaí na gné díolacháin nó na gné fógraíochta, den tagairt do ráthaíocht tráchtála an táirgeora, an suíomh a ghlacann an tagairt sin sa thairiscint, an riosca earráide nó baol mearbhaill a d’fhéadfadh teacht as an tagairt sin in intinn gnáth-thomhaltóra atá réasúnta eolach agus réasúnta géarintinneach agus airdeallach maidir leis na cearta éagsúla ráthaíochta go bhféadfadh sé dul i muinín nó maidir le féiniúlacht fíortha an ráthóra, láithreacht nó neamhláithreacht, sa thairiscint, míniúchán maidir le ráthaíochtaí eile bainte leis an earra agus aon eilimint eile a d’fhéadfadh riachtanas oibiachtúil a chruthú chun an tomhaltóir a chosaint.

2)

Ní mór Airteagal 6(1)(m) de Threoir 2011/83 i gcomhar leis an dara fleasc d’Airteagal 6(2) de Threoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara a léirmhíniú sa chaoi go gcumhdaítear leis an bhfaisnéis a bhfuil gá a chur ar fáil don tomhaltóir maidir leis na coinníollacha a bhaineann le ráthaíocht tráchtála an táirgeora gach píosa faisnéise bainte leis na coinníollacha cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme ráthaíocht den sórt sin, lena gceadaítear don tomhaltóir cinneadh a dhéanamh chun é féin a cheangail, nó gan é féin a cheangail, go conarthach, leis an ngairmí.


(1)  IO C 242, 21.06.2021


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/12


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón College van Beroep voor het bedrijfsleven – an Ísiltír) – R. en R. v Minister van Landbouw, Natuur en Voedselkwaliteit

(Cás C-189/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - An comhbheartas talmhaíochta (CBT) - Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 - Iarscríbhinn II - Ceanglas reachtúil bainistithe 10 - Rialachán (AE) Uimh. 1107/2009 - An chéad abairt den chéad agus dara fomhír d’Airteagal 55 - Scéimeanna tacaíochta dírí - Rialacha comhchoiteanna - Tacaíocht a fuarthas faoi CBT a laghdú nó a eisiamh go hiomlán nó i bpáirt - Neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le coinníollacht - Úsáid táirge cosanta plandaí nach bhfuil ceadaithe nó nach bhfuil ceadaithe a thuilleadh sa bhallstát i dtrácht agus, sa chás deireanach sin, a bhfuil an spriocdháta úsáide imithe thart)

(2022/C 257/16)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

College van Beroep voor het bedrijfsleven

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: R. en R.

Cosantóir: Minister van Landbouw, Natuur en Voedselkwaliteit

An chuid oibríochtúil

Ní mór an ceanglas reachtúil bainistithe 10, mar a leagtar amach é in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle, lena ndéantar tagairt don chéad abairt den chéad agus dara fomhír d’Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle, a léirmhíniú sa chaoi go gcumhdaítear leis freisin úsáid táirge cosanta plandaí nach bhfuil ceadaithe nó nach bhfuil ceadaithe a thuilleadh sa bhallstát i dtrácht agus, sa chás deireanach sin, a bhfuil an spriocdháta úsáide imithe thart.


(1)  IO C 228, 14.06.2021


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/12


Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Autoridade Tributária e Aduaneira v DSR – Montagem e Manutenção de Ascensores e Escadas Rolantes SA

(Cás C-218/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Rátaí - Forálacha sealadacha le haghaidh seirbhísí dlúthfhostaíochta ar leith - Pointe 2 d’Iarscríbhinn IV - Athchóiriú agus deisiú tithe príobháideacha - Cur i bhfeidhm ráta laghdaithe CBL i leith seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála ardaitheoirí i bhfoirgnimh chónaithe)

(2022/C 257/17)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal Administrativo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

Cosantóir: DSR – Montagem e Manutenção de Ascensores e Escadas Rolantes SA

An chuid oibríochtúil

Ní mór pointe 2 d’Iarscríbhinn IV de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a léirmhíniú sa chaoi go gcumhdaítear leis an gcoincheap de “athchóiriú agus deisiú tithe príobháideacha”, de réir bhrí na forála sin, seirbhísí deisiúcháin agus athchóirithe ardaitheoirí i bhfoirgnimh chónaithe, gan seirbhísí cothabhála d’ardaitheoirí den sórt sin a áireamh.


(1)  IO C 252, 28.06.2021


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/13


Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 – Évariste Boshab v Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-242/21 P) (1)

(Achomharc - An comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha a glacadh i gcoinne daoine agus eintiteas áirithe i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 - Airteagal 2b agus Airteagal 9(2) - Cinneadh 2010/788/CBES - Airteagal 3(2) agus Airteagal 9(2) - Coinneáil chlárú an iarratasóra ar na liostaí de dhaoine agus d’eintitis dá dtagraítear - Cinneadh (CBES) 2018/1940 - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1931 - An ceart chun éisteacht a fháil)

(2022/C 257/18)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Évariste Boshab (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, T. Payan agus A. Guillerme, avocats)

Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: ar dtús ag J.-P. Hix, S. Lejeune, agus ina dhiaidh S. Lejeune, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do Évariste Boshab, chomh maith lena chostais féin, costais Chomhairle an Aontais Eorpaigh a íoc.


(1)  IO C 217, 07.06.2021


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/14


Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 17 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Estaleiros Navais de Peniche SA v Município de Aveiro, Navaltagus – Reparação e Construção Naval SA, Navalrocha – Sociedade de Construção e Reparações Navais SA

(Cás C-787/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí - Treoir 89/665/CEE - Airteagal 1(3) - Leas chun imeachtaí a thionscnamh - Rochtain ar na nósanna imeachta athbhreithnithe - Tairgeoir curtha as an áireamh le cinneadh cinntitheach ón údarás conarthach, toisc nár chuir sé i gcoinne na forais go léir lenar diúltaíodh dá thairiscint - Easnamh leasa chun imeachtaí a thionscnamh)

(2022/C 257/19)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal Administrativo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Estaleiros Navais de Peniche SA

Cosantóirí: Município de Aveiro, Navaltagus – Reparação e Construção Naval SA, Navalrocha – Sociedade de Construção e Reparações Navais SA

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 1(3) de Threoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí, arna leasú le Treoir 2007/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear bac léi, ar thairgeoir, a cuireadh as an áireamh i nós imeachta soláthair phoiblí le cinneadh cinntitheach ón údarás conarthach, agóid a dhéanamh in aghaidh an chinnidh lena bhronntar an conradh sin. Chuige sin, is cuma má mhaíonn an tairgeoir nár éirigh leis go bhféadfaí an conradh a bhronnadh air ar deireadh, i gcás, i ndiaidh an chinnte sin a chur ar neamhní, go gcinneann an t-údarás conarthach nós imeachta nua bronnta a thionscnamh.


(1)  Dáta taiscthe: 16.12.2021


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/14


Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 29 Meán Fómhair 2020 – Fastweb agus páirtithe eile v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni

(Cás C-468/20)

(2022/C 257/20)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/14


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Ascoli Piceno (an Iodáil) a taisceadh an 13 Deireadh Fómhair 2020 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne OL

(Cás C-517/20)

(2022/C 257/21)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/15


Iarraidh ar réamhrialú ó Income Tax Tribunal of Gibraltar (an Ríocht Aontaithe) a taisceadh an 21 Nollaig 2020 – Fossil (Gibraltar) Limited v Commissioner of Income Tax

(Cás C-705/20)

(2022/C 257/22)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/15


Iarraidh ar réamhrialú ón Rayonen sad Kula (an Bhulgáir) a taisceadh an 25 Lúnasa 2021 – OP, MN, KL, IJ, GH, EF, CD agus AB v Glavna Direktsia “Pozharna bezopasnost i zashtita na naselenieto” kam Ministerstvo na vatreshnite raboti

(Cásanna Uamtha C-529/21, C-530/21, C-531/21, C-532/21, C-533/21, C-534/21, C-535/21 agus C-536/21)

(2022/C 257/23)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/15


Iarraidh ar réamhrialú ón Rayonen sad Kula (an Bhulgáir) a taisceadh an 30 Samhain 2021 – AB, BC, CD, DE, EF, FG agus GH v Glavna direktsia “Pozharna bezopasnost i zashtita na naselenieto” kam Ministerstvo na vatreshnite raboti

(Cásanna Uamtha C-732/21, C-733/21, C-734/21, C-735/21, C-736/21, C-737/21 agus C-738/21)

(2022/C 257/24)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/15


Achomharc arna thabhairt an 10 Nollaig 2021 ag TUIfly GmbH i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 29 Meán Fomhair 2021 i gCás T-619/18 TUIfly GmbH v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-764/21 P)

(2022/C 257/25)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: TUIfly GmbH (ionadaithe: L. Giesberts agus D. Westarp, Rechtsanwälte)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

Le hordú 19 Bealtaine 2022, rinne Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Deichiú Dlísheomra) an t-achomharc a dhíbhe toisc é a bheith, i bpáirt, do-ghlactha go follasach agus, i bpáirt, go follasach gan bhunús agus d’ordaigh sí don achomharcóir íoc as a chostais féin.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/16


Iarraidh ar réamhrialú ón Landesverwaltungsgericht Vorarlberg (an Ostair) a taisceadh an 28 Eanáir 2022 – NK

(Cás C-55/22)

(2022/C 257/26)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesverwaltungsgericht Vorarlberg

Páirtithe sna Príomhimeachtaí

Iarratasóir: NK

Údarás cosantóra: Bezirkshauptmannschaft Feldkirch

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil an prionsabal [ne] bis in idem, mar a ráthaítear le hAirteagal 50 den Chairt, le léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc ar údarás inniúil riaracháin pionósach Ballstáit fíneáil a fhorchur ar dhuine mar gheall ar fhoráil den reachtaíocht maidir le cluichí áidh a shárú sa chás gur tionscnaíodh imeachaí píonósacha riaracháin roimhe sin i gcoinne an duine chéanna mar gheall ar shárú ar fhoráil eile den reachtaíocht maidir le cluichí áidh (nó, ar bhonn níos ginearálta, rialacha ón réimse dlí céanna), a bhí bunaithe ar na firicí céanna, agus gur cuireadh clabhsúr leis na himeachtaí sin go críochnaitheach tar éis éisteacht ó bhéal mar aon le fianaise a ghlacadh?


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/16


Iarraidh ar réamhrialú ón Ufficio del Giudice di pace di Rimini (an Iodáil), arna taisceadh an 7 Márta 2022 – BL v Presidenza del Consiglio dei Ministri

(Cás C-190/22)

(2022/C 257/27)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Ufficio del Giudice di pace di Rimini

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: BL

Cosantóirí: Presidenza del Consiglio dei Ministri

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 15, 20, 30 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, clásail 2 agus 4 den chomhaontú réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP agus a leagtar síos i dTreoir 1999/70/CE an 28 Meitheamh 1999, (1) agus le prionsabal bunúsach neamhspleáchas agus do-inaistritheacht na mbreithiúna Eorpacha, mar a léirmhínítear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais in UX (EU:C:2020:572) ar fhoráil náisiúnta amhail Airteagal 29 de Foraithne Reachtach Uimh. 116 an 13 Iúil 2017 (“Foraithne Reachtach Uimh. 116/2017”), lena ndéantar idirdhealú, gan údar oibiachtúil, i gcoinne an iarratasóra, giúistís, maidir le coinníollacha oibre breithiúna gairmiúil in chomparáide, sa chomhthéacs seo a leanas:

níl an t-iarratasóir, a bhí ina giúistís, gan bhriseadh ó 2002, 70 bliain d’aois fós (ach beidh 70 bliain bainte amach acu in 2022), agus amhail an 15 Lúnasa 2017 ní raibh níos mó ná 16 bliana de sheirbhís ghlan mar bhreitheamh tuata críochnaithe aici;

dá bhrí sin, cé go gceadaítear leis an bhforáil náisiúnta (Airteagal 29(1) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 116/2017 leanúint i seilbh na hoifige go dtí 70 bliain d’aois, ní féidir leis an iarratasóir a bheith rannpháirteach sa chéad nós imeachta meastóireachta le haghaidh deimhniú ar an ngearrliosta (ruolo ad esaurimento) mar bhreithiúna tuata, a fhógróidh an Consiglio superiore della magistratura (Ardchomhairle Bhreithiúnach, an Iodáil) in 2022, dá bhforáiltear le hAirteagal 29(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 116/2017;

Mar thoradh eile ar an méid sin, toisc nach bhfuil sí in ann an t-iarratas ar pháirt a ghlacadh sa nós imeachta measúnaithe le haghaidh deimhniú ar an ngearrliosta a bheartaítear in 2022, níorbh fhéidir an t-iarratasóir, a d’éirigh as oifig bhreithiúnach cheana faoin 31 Nollaig 2021 mar bhí an uasaois 68 bliana bainte amach aici faoi na rialacha a bhí i bhfeidhm roimhe seo, a athcheapadh a thuilleadh le héifeacht ón 1 Eanáir 2022, mar cé go bhforáiltear leis an reachtaíocht nua go bhféadfadh aon duine a bhí i seirbhís an 15 Lúnasa 2017 fanacht sa phost go dtí 70 bliain d’aois, foráiltear freisin gur cheart do dhaoine nach bhfuil in ann an t-iarratas ar dheimhniú sa phost a thíolacadh an tseirbhís a fhágáil (Airteagal 29(9) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 116/2017);

ar bhonn na reachtaíochta náisiúnta sin, ní bhfaighidh an t-iarratasóir ó Rialtas na hIodáile ach cúiteamh idir EUR 1,500 go EUR 2,500 in aghaidh na bliana le haghaidh gach bliana seirbhíse, maidir le líon na n-éisteachtaí a rinneadh i rith na bliana, faoi réir uasmhéid EUR 50,000, lena scaradh óna gcearta luach saothair, normatacha agus ranníocacha atá á lorg sna himeachtaí atá ar feitheamh os comhair an Tribunale Amministrativo Regionale (TAR) Emilia Romagna (an Chúirt Riaracháin Réigiúnach, Emilia Romagna, an Iodáil) agus a ráthaítear le dlí an Aontais don tseirbhís bhreithiúnach a chomhlíontar mar fhostaí ach nach bhfuil aitheanta amhlaidh ag Rialtas na hIodáile, lena n-áirítear ranníocaíochtaí a chumhdach maidir leis an gcaidreamh fostaíochta agus na sochair slándála sóisialta a thagann as;

d’ordaigh an Chúirt Riaracháin Réigiúnach, Emilia Romagna, le beart cosanta an 9 Feabhra 2022, i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais in UX agus ag dul i gcoinne reachtaíocht na hIodáile agus Thuairim an 16-17 Feabhra 2022 ón Ardchomhairle Bhreithiúnach, an t-iarratasóir a athcheapadh mar ghiúistís go dtí 70 bliain d’aois;

d’ordaigh Uachtarán an Tribunale di Rimini (an Chúirt Dúiche, Rimini) an 1 Márta 2022, i gcomhlíonadh an bhirt cosanta a d’eisigh an Chúirt Riaracháin Réigiúnach, Emilia Romagna, go bhfillfeadh an t-iarratasóir ar an tseirbhís láithreach;

mar chúiteamh ar an sárú soiléir agus leanúnach ag Rialtas na hIodáile ar dhlí an Aontais maidir le stádas dlíthiúil agus cearta giúistísí tuata, iarrtar ar an gCúirt a rinne an tarchur suim a dheonú a bheidh ar comhréir leis an luach saothair ar cheart a bheith faighte ag an iarratasóir ón 10 go dtí an 28 Feabhra 2022, arb ionann é agus suim arna fáil ag breitheamh gairmiúil inchomparáide a bhfuil a bhunús dlí aige sa bheart cosanta chun filleadh ar sheirbhís a d’eisigh an Chúirt Riaracháin Réigiúnach, Emilia Romagna, rud a thagann salach ar reachtaíocht na hIodáile, cé go n-admhaíonn sí sárú dhlí an Aontais, ar thaobh amháin, cuirtear cosc ar aon fhéidearthacht go bhfillfeadh an t-iarratasóir ar sheirbhís go dtí 70 bliain d’aois – cuireadh iallach ar an iarratasóir a hoifig a fhágáil faoin 31 Nollaig 2021 tar éis beart cosanta a d’eisigh an Consiglio di Stato (Comhairle Stáit, an Iodáil) de shárú ar bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais in UX – agus, ar an taobh eile, cuirtear teorainn leis an gcúiteamh as an damáiste a bhaineann don iarratasóir go méid seasta arna chinneadh ag an dlí, atá i bhfad níos lú ná an damáiste iarbhír a rinneadh mar thoradh ar shárú ar chearta arna ráthú ag an Aontais?

2)

I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist, an gcuirtear cosc le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le hAirteagal 267 CFAE, clásail 2 agus 4 den chomhaontú réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP agus a leagtar síos i dTreoir 1999/70/CE an 28 Meitheamh 1999, agus le prionsabal bunúsach neamhspleáchas agus do-inaistritheacht na mbreithiúna Eorpacha, ar fhoráil náisiúnta amhail Airteagal 21 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 116 an 13 Iúil 2017 a nochtann an Chúirt a rinne an tarchur (giúistís freisin) gan cosaintí éifeachtacha dlí, eacnamaíocha agus slándála sóisialta ann, a bheartaíonn dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, arna léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas UX, ag dífheidhmiú na rialacha náisiúnta lena gcuirtear cosc ar aitheantas na cosanta a iarrtar, d’fhoirceannadh uathoibríoch ar oifig bhreithiúnach ag comhlachtaí Stát na hIodáile ar cuid de na príomhimeachtaí iad, amhail Ardchomhairle Bhreithiúnach agus an Aireacht Dlí agus Cirt, gan nós imeachta inter partes agus gan imeachtaí araíonachta roimh theacht i bhfeidhm Fhoraithne Reachtach Uimh. 116/2017?

3)

I gcás freagra dearfach ar an gcéad dá cheist, an bhfuil sárú ar an “an smacht reachta”, de réir an choincheapa a shainmhínítear in Airteagal 2(a) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, (2) i gcás san Iodáil:

ina mbaintear cosaintí normatacha, eacnamaíocha agus slándála sóisialta ón iarratasóir agus ó 4 769 mbreitheamh thuata eile lena n-áirítear an breitheamh a rinne an tarchur, a bhí fostaithe cheana an 15 Lúnasa 2017, sna coinníollacha oibre dá bhforáiltear do bhreithiúna gairmiúla inchomparáide, agus dá bhrí sin nach féidir leo oifig bhreithiúnach a shealbhú go neamhspleách agus ar bhonn do-inaistritheach;

diúltaíonn Rialtas na hIodáile agus an “fostóir”, an Aireacht Dlí agus Cirt, chomh maith le Parlaimint na hIodáile, Ardchomhairle Bhreithiúnach, an Corte di Cassazione (Cúirt Uachtarach um Achomharc, an Iodáil) agus an Chomhairle Stáit aitheantas a thabhairt go córasach do thosaíocht dhlí an Aontais agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir leis an stádas dlíthiúil agus na cearta a ráthaítear le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar an iarratasóir agus ar na 4769 mbreitheamh thuata a chomhlíonann feidhmeanna breithiúnacha faoi na coinníollacha céanna le breithiúna gairmiúla;

Beidh ar 4 769 mbreitheamh thuata lena n-áirítear an breitheamh sa chúirt a rinne an tarchur agus an t-iarratasóir a bhí fostaithe cheana féin an 15 Lúnasa 2017 aon cheart a eisiamh a ráthaítear le dlí an Aontais a tharscaoileadh má tá sé ar intinn acu, chun fanacht sa phost, dul faoi nós imeachta measúnaithe nua ionas gur féidir, má éiríonn leo, a leanúint i seilbh na hoifige breithiúnaí go dtí 70 bliain d’aois, cé gur dheimhnigh an Ardchomhairle Bhreithiúnach agus an Aireacht Dlí agus Cirt na breithiúna tuata go léir a bheith ina bpost go dtí an 31 Bealtaine 2024, faoin reachtaíocht a bhí i bhfeidhm go dtí 31 Nollaig 2021, ar a laghad go dtí go gcaithfidh siad an oifig a fhágáil toisc go bhfuil an aois uasta bainte amach acu, agus cé go raibh, tar éis don phost a bheith buan, na coinníollacha a bhainfeadh an bonn de neamhspleáchas agus do-inaistritheacht na mbreithiúna tuata ar tugadh poist bhuana dóibh fós ann de bheith ann;

ní áirítear leis an gcabhair airgeadais a chumhdaítear le buiséad an Aontais le haghaidh athchóiriú an chórais ceartais shibhialta agus choiriúil san Iodáil chun triail phras agus chóir a áirithiú, mar a shainítear sa Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (NRRP), aon bheart chun tacú leis na breithiúna tuata agus atá dírithe go príomha ar fhostaíocht ar théarma seasta 16 500 cúntóir riaracháin a earcaítear don “oifig le haghaidh imeachtaí” (ufficio del processo), atá fostaithe ag an Aireacht Dlí agus Cirt ar na téarmaí eacnamaíocha céanna leis na breithiúna tuata ar tugadh poist bhuana dóibh, ach faoi réir coinníollacha do-aistritheachta ar leibhéal araíonachta ar feadh na tréimhse fostaíochta, nach n-aithnítear do na breithiúna tuata, fiú tar éis poist bhuana a thabhairt dóibh?

4)

I gcás freagra dearfach ar an gcéad trí cheist, an bhfuil Airteagal 278 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 160 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais neamhdhleathach, le bheith contrártha d’Airteagail 2, 6 agus 19 den Chonradh [ar an Aontas Eorpach], a mhéid nach gceadaítear don Chúirt Bhreithiúnais, i gcomhthéacs iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, na bearta eatramhacha is gá a ghlacadh, lena n-áirítear gníomhartha reachtacha náisiúnta a fhionraí lena mbainfear an bonn den smacht reachta agus lena ndéantar dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais de réir na bprionsabal agus na gcoinníollacha a leagtar síos i Rialachán 2020/2092?


(1)  Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gcomhaontú réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP (IO 1999 L 175, lch. 43).

(2)  IO 2020 L 433I, lch. 1.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/18


Iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ’s-Hertogenbosch (an Ísiltír) a taisceadh an 18 Márta 2022 – F v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-208/22)

(2022/C 257/28)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ’s-Hertogenbosch

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: F

Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

Ar chóir Rialachán Bhaile Átha Cliath, (1) ag féachaint d’aithrisí 3, 32 agus 39 de, agus arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1, 4, 18, 19 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontas Eorpaigh, a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcaoi nach bhfuil prionsabal an iontaoibhe idirstáit inroinnte, sa chaoi gurbh é an toradh a bheadh ar sháruithe dáiríre agus córasacha ar dhlí an Aontais arna dhéanamh ag Ballstáit a d’fhéadfadh a bheith freagrach astu, roimh aistrithe, maidir le náisiúnaigh de thríú tír nach fillithe de bhrí Rialachán Bhaile Átha Cliath (go fóill) iad, ná bac iomlán ar a n-aistriú chuig an Ballstáit sin?

2.

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist roimhe seo, ar chóir Airteagal 3(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1, 4, 18, 19 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontas Eorpaigh, a léiriú sa chaoi gurb é is ciall leis ná, má dhéanann an Ballstáit a d’fhéadfadh a bheith freagrach as sárú ar dhlí an Aontais i gcaoi dháiríre agus chórasach, nach féidir leis an mBallstáit a dhéanann an t-aistriú, de réir chreat Rialachán Bhaile Átha Cliath, brath go dall ar phrionsabal an iontaoibhe idirstáit agus nach mór dó gach amhras a dhíbhe nó a léiriú nach gcuirfear an t-iarratasóir i ndálaí atá i gcontrárthacht le hAirteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i ndiaidh an aistrithe?

3.

Cén fhianaise ar féidir leis an iarratasóir a úsáid mar thaca lena áitimh go gcuireann Airteagal 3(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath bac ar a aistriú, agus cén caighdeán cruthúnais ar chóir a chur i bhfeidhm? I bhfianaise na dtagairtí do acquis an Aontais in aithrisí Rialachán Bhaile Átha Cliath, an bhfuil dualgas comhair nó fíoraithe ar an mBallstát a dhéanann an t-aistriú, nó, i gcás sáruithe dáiríre nó córasacha ar chearta bunúsacha de chuid náisiúnaigh tríú tír, an bhfuil sé riachtanach go bhfaighfí ráthaíochtaí ón mBallstáit a bheadh freagrach go léireofar meas (go cinnte) ar chearta bunúsacha an iarratasóra i ndiaidh a aistrithe? An bhfuil freagra éagsúil ar an gceist seo má tá easpa fianaise ag an iarratasóir a mhéid nach bhfuil sé in iúl tacú lena ráitis sheasmhacha agus mhionshonraithe le doiciméid, nuair nach féidir a bheith ag súil go ndéanfadh sé amhlaidh, i bhfianaise chineál na ráiteas?

4.

An bhfuil freagra éagsúil ar na ceisteanna seo romhainn faoi III éagsúil má léiríonn an t-iarratasóir nach mbeidh gearán chuig na húdaráis agus/nó dul i muinín leigheasanna dlí sa Bhallstáit freagrach indéanta agus/nó nach mbeidh éifeacht acu sin?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO 2013 L 180, lch. 31).


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/19


Iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Hamburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 18 Márta 2022 – Stappert Deutschland GmbH v Hauptzollamt Hanover (an Ghearmáin)

(Cás C-210/22)

(2022/C 257/29)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Finanzgericht Hamburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Stappert Deutschland GmbH

Cosantóir: Hauptzollamt Hanover

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcuimsítear leis an téarma “próifílí tolla” sa riail tionscnaimh i bhfo-cheannteideal 7304 41 den chóras comhchuibhithe d’Iarscríbhinn 22-01 den Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir le Cód Custaim an Aontais, (1) ina leagtar síos mar choinníoll le haghaidh éadáil tionscnaimh “athrú ó phróifílí tolla i bhfo-cheannteideal 7304 49” (Riail tionscnaimh le haghaidh próifílí tolla), ábhar príomha teofhoirmithe faoi fho-cheannteideal 7304 49 HS, atá díreach agus a bhfuil a dtiús balla aonfhoirmeach, nach gcomhlíonann na ceanglais a bhaineann le caighdeán teicniúil le haghaidh píopaí teofhoirmithe cruach dosmálta gan uaim agus óna dtáirgtear píopaí ag a bhfuil trasghearradh agus tiús balla difriúil trí obair fhuar?

2.

Más freagra diúltach a thabharfar ar an gcéad cheist nó mura gá í a fhreagairt: an sáraítear Airteagail 60(2) agus 284 de Chód Custaim an Aontais (2) agus Airteagal 290 CFAE leis an riail tionscnaimh le haghaidh próifílí tolla de bharr

(a)

easpa cúiseanna,

(b)

go bhfuil sé ró-dhoiléir nó

(c)

go gcuirtear próisis mheaisínithe as an áireamh ón gcinneadh maidir le tionscnamh, lena ndeonófaí tionscnamh faoi Airteagal 60(2) de Chód Custaim an Aontais?

3.

Más freagra dearfach a thabharfar ar an dara ceist: an gcinntear éadáil tionscnaimh na n-earraí i bhfo-cheannteideal 7304 41 den chóras comhchuibhithe sna príomhimeachtaí i gcomhréir leis an riail tionscnaimh le haghaidh fho-cheannteideal 7304 41 den chóras comhchuibhithe d’Iarscríbhinn 22-01 den Rialachán Tarmligthe maidir le Cód Custaim an Aontais “Athrú ar an gceannteideal taraife” an riail fuílligh i gCaibidil 73 den chóras comhchuibithe in Iarscríbhinn 22-01 den Rialachán Tarmligthe maidir le Cód Custaim an Aontais nó i gcomhréir le hAirteagal 60(2) de Chód Custaim an Aontais?


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO 2015 L 343, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1).


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/20


Caingean arna tabhairt an 25 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile

(Cás T-220/22)

(2022/C 257/30)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: I. Melo Sampaio agus M. Noll-Ehlers, i gcáil Ghníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Portaingéile

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú gur mhainnigh an Phortaingéil a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 13(1) i dtaobh Iarscríbhinn XI, cuid B, de Threoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip, (1) tríd an luach teorann bliantúil NO2 a shárú go córasach agus go leanúnach, ón 1 Eanáir 2010 i leith, sna criosanna PT-3001 Lisboa Norte, PT 1004 Porto Litoral agus PT 1009 Entre Douro e Minho (PT 1001 Braga, roimhe seo).

a dhearbhú gur mhainnigh an Phortaingéil a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 23(1) de Threoir 2008/50/CE, go haonarach agus i dtaobh iarscríbhinn XV, cuid A, den Treoir atá luaite, maidir leis na limistéirí sin go léir, go háirithe a hoibleagáid faoin dara fomhír d'Airteagal 23(1), maidir le bearta iomchuí a ghlacadh, ionas go mbeadh an tréimhse sáraithe chomh gearr agus is féidir.

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Léiríonn na sonraí a sheol an Phortaingéil go bhfuil an Ballstát seo, ón 1 Eanáir 2010 i leith, ag sárú a hoibleagáidí faoi Airteagal 13(1) i dtaobh Iarscríbhinn XI, cuid B, de Threoir 2008/50, maidir leis na criosanna Porto Litoral (PT-1004), Entre Douro e Minho (PT 1009) agus Lisboa Norte (PT-3001).

Ina theannta sin, níor ghlac údaráis na Portaingéile na bearta cuí agus riachtanacha go léir nó níor chuir siad i bhfeidhm iad chun a áirithiú go mbeadh tréimhsí an tsáraithe, in Lisboa Norte (PT-3001), Porto Litoral (PT-1004) agus Entre Douro e Minho (PT) . - 1009), ar luach teorann bliantúil NO2 dá bhforáiltear in Airteagal 13(1), i ndáil le hIarscríbhinn XI, cuid B, de Threoir 2008/50, chomh gearr agus is féidir, mar a cheanglaítear le hAirteagal 23(1) den Treoir thuasluaite.


(1)  IO L 152, 11.6.2008, lch. 1


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/20


Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil), arna taisceadh an 31 Márta 2022 – Nexive Commerce Srl agus páirtithe eile v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni agus páirtithe eile

(Cás C-226/22)

(2022/C 257/31)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Nexive Commerce Srl, Nexive Scarl, Nexive Services Srl, Nexive Network Srl, Nexive SpA, Brt SpA, A.I.C.A.I. Associazione Italiana Corrieri Aerei Internazionali, DHL Express (Italy) Srl, TNT Global Express Srl, Fedex Express Italy Srl, United Parcel Service Italia Srl, General Logistics Systems Enterprise Srl, General Logistics Systems Italy SpA, Febbggderal Express Europe Inc. Filiale Italiana

Cosantóirí: Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni, Presidenza del Consiglio dei Ministri, Ministero dell'Economia e delle Finanze, Ministero dello Sviluppo Economico

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gá an ceathrú fleasc den dara fomhír d'Airteagal 9(2), Airteagal 9(3) agus Airteagal 22 de Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir leis na comhrialacha chun margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (1) arna leasú le Treoir 2008/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008, lena leasaítear Treoir 97/67/CE maidir le margadh inmheánach sheirbhísí poist an Chomhphobail a ghnóthú go hiomlán, (2) a léirmhíniú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht a leagtar síos i ndlí na hIodáile (in Airteagal 1(65) agus (66)) de legge 23 dicembre 2005, n. 266 (Dlí Uimh. 266 an 23 Nollaig 2005) agus Airteagal 65 de decreto legge aprile 2017 n. 24 aprile 2017, n. 50 convertito, con modificazioni, dalla Legge 21 giugno 2017, n. 96 (Dlí Foraithne Uimh. 50 an 24 Aibreán 2017, a tiontaíodh maille le leasuithe le Dlí Uimh. 96 an 21 Meitheamh 2017), lena gceadaítear an oibleagáid rannchuidiú airgeadais a dhéanamh le costais oibriúcháin an údaráis rialála le haghaidh seirbhísí poist ar sholáthróirí seirbhísí poist go heisiach, lena n-áirítear iad siúd nach soláthraíonn seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche, rud a fhágann gur féidir aon chineál cómhaoinithe phoiblí a eisiamh ón mbuiséad náisiúnta?

2)

An gá an ceathrú fleasc den dara fomhír d'Airteagal 9(2), Airteagal 9(3) agus Airteagal 22 de Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir leis na comhrialacha chun margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú arna leasú le Treoir 2008/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008, lena leasaítear Treoir 97/67/CE maidir le margadh inmheánach sheirbhísí poist an Chomhphobail a ghnóthú go hiomlán, a léirmhíniú sa chiall go bhféadfar a áireamh sna costais ar féidir a mhaoiniú le hoibreoirí seirbhísí poist, costais a thabhófar as gníomhaíochtaí rialála a bhaineann le seirbhísí poist lasmuigh de raon feidhme na seirbhíse uilíche, agus costais riaracháin agus struchtúir ceapadh (struchtúir “thrasearnála”) cé nach bhfuil sé dírithe go díreach ar mhargaí na seirbhísí poist a rialáil, a rannchuidíonn a ngníomhaíocht, mar sin féin, le comhlíonadh chúraimí institiúideacha uile an Údaráis, agus an fhéidearthacht iarmhartach a bheith ann go bhféadfadh siad a bheith go hindíreach agus go páirteach (pro rata) a leithdháileadh ar an earnáil seirbhísí poist?

3)

An gcuirtear cosc le prionsabal na comhréireachta, prionsabal an neamh-idirdhealaithe, an ceathrú fleasc den dara fomhír d'Airteagal 9(2), Airteagal 9(3) agus Airteagal 22 de Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir leis na comhrialacha chun margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú arna leasú le Treoir 2008/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008, lena leasaítear Treoir 97/67/CE maidir le margadh inmheánach sheirbhísí poist an Chomhphobail a ghnóthú go hiomlán ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht i ndlí na hIodáile (in Airteagal 1(65) agus (66) de legge 23 dicembre 2005, n. 266 agus Airteagal 65 de decreto legge aprile 2017 n. 24 aprile 2017, n. 50 convertito, con modificazioni, dalla Legge 21 giugno 2017, n. 96) lena gceanglaítear go mbeidh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe earnála poist rannchuidiú le maoiniú an údaráis rialála don earnáil poist, gan an fhéidearthacht seasamh na soláthraithe seirbhísí mearsheachadta cúiréireachta a idirdhealú ó sheasamh na soláthraithe seirbhísí uilíche, agus, dá bhrí sin, gan an fhéidearthacht ann déine éagsúil na ngníomhaíochtaí rialála a dhéanann an t-údarás rialála náisiúnta a thuiscint maidir leis na cineálacha éagsúla seirbhísí poist?


(1)  IO 1998, L 15, lch. 14.

(2)  IO 2008, L 52, lch. 3.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/21


Iarraidh ar réamhrialú ó Chúirt Achomhairc na Bruiséile (an Bheilg) a taisceadh an 1 Aibreán 2022 – Stát na Beilge v an tÚdarás um Chosaint Sonraí

(Cás C-231/22)

(2022/C 257/32)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cúirt Achomhairc na Bruiséile

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Stát na Beilge

Cosantóir: an tÚdarás um Chosaint Sonraí

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An bhfuil Airteagal 4(7) den Rialachán Ginearálta maidir le cosaint sonraí pearsanta, (1) le léiriú mar ní a chiallaíonn go bhfuil Iris Oifigiúil Ballstáit — a bhfuil sé de chúram seirbhíse poiblí doiciméid oifigiúla a fhoilsiú agus a chartlannú, atá freagrach as, faoin reachtaíocht náisiúnta is infheidhme, gníomhartha oifigiúla agus doiciméid oifigiúla a n-ordaíonn tríú comhlachtaí poiblí a fhoilsiú, mar a chuireann na comhlachtaí sin in iúl tar éis dóibh féin sonraí pearsanta atá sna gníomhartha agus sna doiciméid sin a phróiseáil, gan iad a bheith dílsithe ag an reachtas náisiúnta le rogha maidir le hábhar na ndoiciméad atá le foilsiú, agus maidir le cuspóir agus modhanna an fhoilsithe – an rialaitheoir é?

2.

Sa chás go bhfuil freagra na chéad cheiste dearfach, an bhfuil Airteagal 5(2) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí Pearsanta le léiriú mar ní a chiallaíonn nach mór don Iris Oifigiúil i dtrácht a bheith faoi cheangal ag comhlíonadh na n-oibleagáidí atá ar an rialaitheoir faoin bhforáil sin, cé is moite de chomhlachtaí poiblí tríú páirtí a phróiseáil na sonraí atá sna gníomhartha oifigiúla agus sna doiciméid oifigiúla a iarrann siad air a fhoilsiú roimhe sin, nó an bhfuil na hoibleagáidí sin ar gach ceann de na rialaitheoirí comhleanúnacha?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/22


Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de Cassation (an Bheilg) a taisceadh an 5 Aibreán 2022 – Stát na Beilge agus Promo 54 v Promo 54 agus Stát na Beilge

(Cás C-239/22)

(2022/C 257/33)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Stát na Beilge agus Promo 54

Cosantóirí: Promo 54 agus Stát na Beilge

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil Airteagail 12(1) agus (2) agus 135(1)(j) de Threoir 2006/112/CE (1) le léiriú mar ní a chiallaíonn, in éagmais Ballstát a bhfuil rialacha mionsonraithe leagtha síos aige maidir le critéar na chéad ghairme a chur i bhfeidhm i leith maoin dhochorraithe a chomhshó, go soláthrófar, tar éis athchóiriú a dhéanamh, foirgneamh a bhí, roimh an gcomhshó, ar an gcéad slí bheatha de réir bhrí Airteagal 12(1)(a), nó an tríú fomhír d’Airteagal 12(2) den Treoir fós díolmhaithe ó cháin bhreisluacha?


(1)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/22


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Évora (an Phortaingéal) a taisceadh an 6 Aibreán 2022 — TL

(Cás C-242/22)

(2022/C 257/34)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal da Relação de Évora

Páirtithe sna príomhimeachtaí

TL

Páirtí eile sna príomhimeachtaí: Ministério Público

An cheist a tharchuirtear:

An féidir Airteagail 1 go 3 de Threoir 2010/63/AE (1) agus Airteagal 3 de Threoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (2) a léiriú, ina n-aonar nó i gcomhar le hAirteagal 6 den CEDH, sa chaoi nach gcoisctear foráil den Dlí náisiúnta leo lena bhfágtar gurb é an t-iarmhairt ar gan ateangaire a chur ar fáil agus gan aistriúchán na ngníomhartha nóis imeachta riachtanacha a sholáthar do chosantóir nach dtuigeann teanga an nós imeachta ná neamhniú coibhneasta an cháis, a chaithfear a agairt, agus lena gceadaítear neamhniú dá leithéid a leigheas le himeacht aimsire?


(1)  Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, lch. 1).

(2)  Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO L 142, lch. 1).


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/23


Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 22 Aibreán 2022 – Global NRG Kereskedelmi és Tanácsadó Zrt. v Magyar Energetikai és Közmű-szabályozási Hivatal

(Cás C-277/22)

(2022/C 257/35)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Global NRG Kereskedelmi és Tanácsadó Zrt.

Cosantóir: Magyar Energetikai és Közmű-szabályozási Hivatal

Páirtí leasmhar atá ag idiragairt mar thaca leis an gcosantóir: FGSZ Földgázszállító Zrt.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An gcaithfear Airteagal 41(17) de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (1) an 13 Iúil 2009, maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (“an Treoir”) a léiriú, i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, sa chaoi go bhfuil sé i gcontrárthacht le riail náisiúnta go ndéantar dá réir, i nósanna imeachta de chuid údaráis rialála an Bhallstáit sin a shocraíonn taraifí úsáide an chórais, taraifí do na seirbhísí a d’fhéadfadh oibreoirí córais a chur ar fáil ar bhonn taraifí speisialta agus taraifí nasctha, gurb é oibreoir an chórais amháin a aithnítear mar pháirtí a dhéantar difear go díreach dó, agus dá réir a bhfuil an ceart eisiach chun achomhairc i gcoinne cinneadh a glacadh sa nós imeachta aige?

2.

I gcás go dtugann an Chúirt Bhreithiúnais freagra dearfach ar an gcéad cheist: An gcaithfear Airteagal 41(17) den Treoir a léiriú i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, sa chaoi, le cur i bhfeidhm na forála luaite ar chás amhail a bhfuil sna príomhimeachtaí, go mbeadh gníomhaire de chuid an mhargaidh gháis nádúrtha sa chás céanna leis an iarratasóir, áit a ghearann an t-oibreoir córais, de bhua cinneadh ó údarás rialála an Bhallstáit lena socraítear taraifí úsáide an chórais, taraifí do na seirbhísí a d’fhéadfadh oibreoirí córais a chur ar fáil ar bhonn taraifí speisialta agus taraifí nasctha agus taraif ar sheirbhís ar féidir í a chur ar fáil ar bhonn taraif speisialta, aitheanta mar pháirtí a ndéantar difear go díreach dó leis an gcinneadh sin, agus dá réir, a bhfuil an ceart eisiach chun achomhairc i gcoinne an mhéid sin aige?


(1)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/24


Achomharc arna thabhairt an 22 Aibreán 2022 ag an tUasal Michaël Julien i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a fógraíodh an 24 Feabhra 2022 i gCás T- 442/21 Rhiannon Thomas agus Michaël Julien v Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-285/22 P)

(2022/C 257/36)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Michaël Julien (ionadaithe: J. Fouchet agus J.-N. Caubet-Hilloutou, avocats)

Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t- achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

ordú an 24 Feabhra 2022 ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh i gcás T-442/21 a neamhniú;

cinneadh 2021/689 (1) arna ghlacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh an 29 Aibreán 2021 a neamhniú, a mhéid a fhormheasann sí Airteagal Comprov16 den Chomhaontú Trádála a shínigh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe an 30 Nollaig 2020 agus a mhéid nach gcoinníonn an comhaontú sin saorghluaiseacht do dhaoine Briotanacha a bhfuil dlúthchaidreamh teaghlaigh agus maoine acu laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh;

a ordú don Aontas Eorpach costais iomlána na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear táillí dlíodóirí de EUR 5 000.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc, maíonn an t-iarratasóir go bhfuil eagrú Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, maidir le cearta daoine aonair, ceaptha go cúng, agus go dtéann neamhshuim an Chomhaontaithe Tráchtála ar chearta daoine aonair i bhfeidhm ar a chás mar shaoránach Briotanach de bhunadh na Fraince, a bhfuil teaghlach agus úinéir Francach aige sa Fhrainc ar fhoirgneamh ina gcónaíonn sé go rialta ar feadh tréimhse níos faide ná 90 lá.

Dá bhrí sin, tá leas ag an iarratasóir locus standi a thabhairt i gcoinne an Chinnidh an Comhaontú Trádála agus Comhair a thabhairt i gcrích, agus sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 263 CFAE toisc nár aithin sé é, rud nach mór don Chúirt a ordú a chur ar ceal agus rialú a dhéanamh ar fhiúntas an cháis.

Go háirithe, d'éirigh an Chúirt Ghinearálta sa dlí ina measúnú ar na critéir maidir le hinghlacthacht an achomhairc dá dtagraítear sa cheathrú mír d'Airteagal 263 CFAE. Ar lámh amháin, is gníomhartha reachtacha iad na gníomhartha a chonspóidtear, mar ghníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus nach bhfuil faoi réir an nós imeachta reachtaigh; ar an lámh eile, ós rud é nach bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála do shaoránaigh na Breataine a choinnigh dlúthnaisc phearsanta, theaghlaigh nó maoine leis an Aontas Eorpach, níl aon bhearta cur chun feidhme i gceist leo.

Thairis sin, fiú más deimhin leis an gcritéar a bhaineann go díreach le hábhar cás aonair an iarratasóra, a mhéid agus a dhiúltaítear dó leis an gComhaontú Tráchtála an ceart chun saol príobháideach agus saol teaghlaigh, an ceart chun deimhneachta dlíthiúla a fháil, agus chun úsáid shíochánta agus shaor a bhaint as a cheart chun maoine, atá ag brath ar a shaorghluaiseacht, níl aon fhoráil déanta acu maidir leis an gciorcal srianta daoine atá sa chás céanna.

Dá réir sin, tá tionchar ar bhealach sách díreach ag easnaimh an Chomhaontaithe Trádála ar an iarratasóir maidir le saorghluaiseacht na Breataine a choinnigh dlúthchaidreamh pearsanta, theaghlaigh agus maoine laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh.


(1)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, ar lámh amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, ar an lámh eile, agus an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú faisnéise rúnaicmithe agus cosaint na faisnéise sin (IO 2021 L 149, lch. 2)


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/25


Caingean arna tabhairt an 16 Bealtaine 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Slóivéine

(Cás C-328/22)

(2022/C 257/37)

Teanga an cháis: an tSlóivéinis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaí: B. Rous Demiri, E. Sanfrutos Cano)

Cosantóir: Poblacht na Slóivéine

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt:

1.

a dhearbhú, toisc nár deimhníodh tógáil líonraí séarachais cuí le haghaidh fuíolluisce uirbeach;

i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 91/271/CEE (1) laistigh de cheirtleáin Kočevje, Trbovlje, Loka agus Liúibleána;

i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 91/271/CEE laistigh de cheirtleáin Kočevje, Trbovlje, Loka; agus;

i gcomhréir le hAirteagal 15 agus Iarscríbhinn I(B) agus (D) a ghabhann le Treoir 91/271/CEE laistigh de cheirtleáin Liúibleána agus Ptuj;

gur mhainnigh Poblacht na Slóivéine a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagail 4, 5 agus 15, chomh maith le hIarscríbhinn I(B) agus (D) a ghabhann le Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991, a bhaineann le cóireáil fuíolluisce uirbigh;

2.

a ordú do Phoblacht na Slóivéine na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Baineann an cás seo le cur chun feidhme sa tSlóivéin Threoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh. Ar bhonn na díospóide seo tá nós imeachta fada agus casta atá dírithe ar mhainneachtain oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh a fhionnadh, a thosaigh in 2014 agus a bhfuil roinnt sáruithe aimsithe ag an gCoimisiún.

Is é ábhar an tsáraithe ná neamhchomhlíonadh fuíolluisce ó roinnt ceirtleán leis an Treoir agus faireachán neamhleor ar sceitheadh ó ionaid cóireála fuíolluisce uirbigh. Tháinig athrú ar líon na gceirtleán neamh-chomhlíonta le linn an nós imeachta de bharr gur réitíodh roinnt sáruithe le linn na tréimhse sin ach tá sárú á dhéanamh i gcónaí ar roinnt de na ceirtleáin agus is dá bharr sin gurb ann don chaingean seo.


(1)  Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO 1991 L 135, lch. 40).


Chúirt Ghinearálta

4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/26


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Larko v an Coimisiún

(Cás T-423/14 RENV) (1)

(Státchabhair - Státchabhair ón nGréig - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an státchabhair neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach - Coincheap na Státchabhrach - Buntáiste - Prionsabal oibreora phríobháidigh - Táille ráthaíochta - Gnóthas i gcruachás - Eolas údaráis na Gréige - Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí - Earráid mheasúnaithe follasach)

(2022/C 257/38)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: Larko Geniki Metalleftiki kai Metallourgiki AE (an Aithin, an Ghréig) (ionadaithe: I. Drillerakis, E. Rantos agus N. Korogiannakis, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaí: A. Bouchagiar, i gcáil Gníomhaire)

Ábhar

Iarratas bunaithe ar Airteagal 263 CFAE chun Cinneadh 2014/539/AE ón gCoimisiún an 27 mars 2014 maidir le státchabhair SA.34572 (13/C) (ex 13/NN) arna deonú ag an nGréig do Larco General Mining & Metallurgical Company SA (IO 2014, L 254, lch. 24) a chur ar neamhní go páirteach.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Larko Geniki Metalleftiki kai Metallourgiki AE a chostais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún i gCásanna T-423/14 agus T-423/14 RENV, agus C-244/18 P freisin, a íoc.


(1)  IO C 292, 1.9.2014.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/26


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – OC v an Coimisiún

(Cás T-384/20) (1)

(Dliteanas neamhchonarthach - Imscrúdú OLAF - Preasráiteas - Próiseáil sonraí pearsanta - Toimhde na neamhchiontachta - Rúndacht imscrúduithe OLAF - Ceart chun dea-riaracháin - Comhréireacht - Sárú tromchúiseach leordhóthanach ar riail na dleachta a thugann cearta do dhaoine aonair)

(2022/C 257/39)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: OC (ionadaithe: P. Yatagantzidis agus V. Cheirdaris, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz agus T. Adamopoulos, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Iarratas bunaithe ar Airteagal 268 CFAE agus ag lorg cúiteamh as an díobháil a líomhnaítear a rinneadh don iarratasóir mar thoradh ar fhoilsiú phreaseisiúint OLAF Uimh. 13/2020 an 5 Bealtaine 2020, a mhéid a bhaineann an phreaseisiúint le próiseáil sonraí pearsanta go mídhleathach agus sonraí bréagacha faoin iarratasóir.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do OC na costais a íoc.


(1)  IO C 279, 24.8.2020.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/27


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Advanced Superabrasives v EUIPO – Adi (ASI ADVANCED SUPERABRASIVES)

(Cás T-4/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ASI ADVANCED SUPERABRASIVES - Marc fíortha agus focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ADI roimhe seo - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001) - An cás a tharchur chuig an Rannán Freasúra - Airteagal 71(1) de Rialachán 2017/1001 - Airteagal 27(3)(b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625)

(2022/C 257/40)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Advanced Superabrasives, Inc. (Mars Hill, North Carolina, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: D. Piróg agus A. Rytel, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: V. Ruzek, Gníomhaire)

Páirtí/Páirtithe eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Adi Srl (Thiene, an Iodáil) (ionadaí: B. Saguatti, Dlíodóir)

Ábhar

Caingean arna tabhairt i gcoinne an chinnidh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 23 Deireadh Fómhair 2020 (Cás R 2713/2019-2), maidir le himeachtaí freasúra idir Adi agus Advanced Superabrasives.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Advanced Superabrasives, Inc. na costais a íoc.


(1)  IO C 62, 22.2.2021.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/28


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Deichmann v EUIPO – Munich (Léiriú ar dhá stríoc chrosáilte ar thaobh bróige)

(Cás T-117/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhnithe - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ina léirítear crois ar thaobh bróg spóirt - Airteagail 7(1)(b) agus 51(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 [Airteagail 7(1)(b) agus 59(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] - Airteagal 94(1) den Rialachán 2017/1001)

(2022/C 257/41)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Deichmann SE (Essen, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Onken, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Gája agus V. Ruzek, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Munich, SL (La Torre de Claramunt, an Spáinn) (ionadaithe: J. Güell Serra agus M. Guix Vilanova, Dlíodóirí)

Ábhar

Caingean arna tabhairt i gcoinne an chinnidh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 7 Nollaig 2020 (Cás R 2882/2019-4), maidir le himeachtaí neamhnithe idir Deichmann agus Munich.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Deichmann SE na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus ag Munich, SL a íoc.


(1)  IO C 128, 12.4.2021.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/28


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Fidelity National Information Services v EUIPO – IFIS (FIS)

(Cás T-237/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh FIS - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe IFIS - Foras coibhneasta le diúltú - Riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois])

(2022/C 257/42)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Fidelity National Information Services, Inc. (Jacksonville, Florida, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: P. Wilhelm, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Frydendahl agus V. Ruzek, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO: Banca IFIS SpA (Mestre, an Iodáil)

Ábhar

Caingean arna tabhairt i gcoinne an chinnidh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 26 Feabhra 2021 (Cás R 1460/2020-1), maidir le himeachtaí freasúra idir Banca IFIS agus Fidelity National Information Services.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Fidelity National Information Services, Inc. na costais a íoc.


(1)  IO C 252 28.6.2021.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/29


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Bodegas Beronia v EUIPO – Bodegas Carlos Serres (ALEGRA DE BERONIA)

(Cás T-298/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ALEGRA DE BERONIA - Focalmharc náisiúnta níos luaithe ALEGRO - Foras coibhneasta le diúltú - Easpa riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2022/C 257/43)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Bodegas Beronia, SA (Ollauri, an Spáinn) (ionadaí: J. Mora Cortés, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: R. Raponi agus J. Ivanauskas, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Bodegas Carlos Serres, SL (Haro, an Spáinn) (ionadaithe: F. Pérez Álvarez agus J. Pérez Itarte, Dlíodóirí)

Ábhar

Caingean arna tabhairt i gcoinne an chinnidh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 12 Márta 2021 (Cás R 2013/2020-1), maidir le himeachtaí freasúra idir Bodegas Carlos Serres agus Bodegas Beronia.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear cinneadh an Chéad Bhoird Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 12 Márta 2021, (Cás R 2013/2020-1) ar neamhní.

2)

Ordaítear do EUIPO a chostais féin chomh maith le leath na gcostas arna dtabhú ag Bodegas Beronia, SA, lena n-áirítear leath na gcostas riachtanach arna dtabhú acu chun críocha na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO a íoc.

3)

Ordaítear do Bodegas Carlos Serres, SL a chostais féin chomh maith le leath na gcostas arna dtabhú ag Bodegas Beronia, lena n-áirítear leath na gcostas riachtanach arna dtabhú acu chun críocha na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO a íoc.


(1)  IO C 278, 12.7.2021.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/29


Caingean arna tabhairt an 29 Aibreán 2022 – Usmanov v an Chomhairle

(Cás T-237/22)

(2022/C 257/44)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Alisher Usmanov (Tashkent, Úisbéiceastáin) (ionadaí: J. Grand d’Esnon, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

mar phríomh-shaincheist,

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 (1) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé le Usmanov;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 (2) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann le Usmanov;

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 (3) a chur ar neamhní;

Rialachán (UE) Uimh. 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 (4) a chur ar neamhní;

Mar mhalairt rogha,

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann le Usmanov;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann le Usmanov;

Airteagal 1(2)(f) agus (g) de Chinneadh (CBES) Uimh. 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 a chur ar neamhní;

Airteagal 1(1)(f) agus (g) de Chinneadh (CBES) Uimh. 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 a chur ar neamhní, agus;

In aon chás,

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh 20,000 euro a íoc le Usmanov de bhun Airteagal 140(b) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta i leith na gcostas a bhí air a thabhú chun a leasanna a chosaint.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí atá comhionann nó cosúil leis na saincheisteanna dá dtagraítear i gCás T-234/22 Ismailova v An Chomhairle.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 59, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 58, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an Dé hAoine 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 50, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 51, lch. 1).


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/30


Caingean arna tabhairt an 29 Aibreán 2022 – Narzieva v an Chomhairle

(Cás T-238/22)

(2022/C 257/45)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Saodat Narzieva (Tashkent, Úisbéiceastáin) (ionadaí: J. Grand d’Esnon, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

mar phríomh-shaincheist:

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 (1) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann le Narzieva;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 (2) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann le Narzieva;

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 (3) a chur ar neamhní;

Rialachán (UE) Uimh. 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 (4) a chur ar neamhní.

mar mhalairt rogha,

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann le Narzieva;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann le Narzieva;

Airteagal 1(2)(f) agus (g) de Chinneadh (CBES) Uimh. 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 a chur ar neamhní;

Airteagal 1(1)(f) agus (g) de Chinneadh (CBES) Uimh. 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 a chur ar neamhní agus;

In aon chás, a ordú do do Chomhairle an Aontais Eorpaigh 20,000 euro a íoc le Narzieva de bhun Airteagal 140(b) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta i leith na gcostas a bhí air a thabhú chun a leasanna a chosaint.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ocht saincheist dlí atá comhionann nó cosúil leis na cinn dá dtagraítear i gCás T-234/22 Ismailova v An Chomhairle.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an Dé hAoine Dé hAoine 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 110, lch. 55).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 ón gComhairle an Dé hAoine 8 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 110, lch. 3).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an Dé hAoine Dé hAoine Dé hAoine 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 50, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 51, lch. 1).


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/31


Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – Yanukovych v an Chomhairle

(Cás T-256/22)

(2022/C 257/46)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Viktor Fedorovych Yanukovych (Rostov-on-Don, an Rúis) (ionadaí: B. Kennelly, Abhcóide Sinsearach)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/376 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/375 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (2) a chur ar neamhní sa mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir; agus

a ordú don Chomhairle costais an iarratasóra sa chaingean seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nár dhearbhaigh an Chomhairle, ná nárbh fhéidir léi, cinneadh (cinntí) na n-údarás Úcránach ar a raibh sí ag brath agus í ag glacadh le háireamh an iarratasóra, i gcomhréir lena chearta bunúsacha AE chun cearta na cosanta agus chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle earráidí measúnaithe follasacha agus í ag meas ar sásaíodh critéar an ainmnithe. Go háirithe, ghlac an Chomhairle le hábhair arna gcur ar fáil ag Údaráis na hÚcráine gan scrúdú cuí agus/nó gan na míchruinnis arna aithint ag an iarratasóir a chur san áireamh. Ba chóir don Chomhairle seiceálacha breise a dhéanamh agus tuilleadh fianaise a iarraidh ó Údaráis na hÚcráine i bhfianaise na mbarúlacha arna dtíolacadh ag an iarratasóir agus an fhianaise shaorthach dár sholáthar sé, ach bhí fiosrúcháin teoranta na Comhairle easnamhach ar an méid a bhí ag teastáil. Mar thoradh ar sin, ní ann d’aon bhunús fíorasach daingean do Smachtbhannaí 2022.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh cearta maoine an iarratasóra faoi Airteagal 17(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha AE, sa mhéid, i measc nithe eile, gur srian gan údar, neamhriachtanach agus neamhréireach iad na bearta sriantacha ar na cearta úd, mar gheall ar an méid seo a leanas: (i) níl rud ar bith ann a thabharfadh le fios go meastar gur aistríodh aon chiste a líomhnaítear go ndearna an t-iarratasóir mí-leithghabháil orthu lasmuigh den Úcráin; (ii) ba leormhaith agus leordhóthanach go soiléir bearta inmheánacha na hÚcráine, agus (iii) tá bearta sriantacha tar éis a bheith i bhfeidhm le hocht mbliana agus tá siad, athuair, dá bhforchur ar bhonn imscrúdú réamh-thrialach atá, déanta na fírinne soiléire, dulta in éag agus/nó a bhfuil marbhántacht iomlán air ar a laghad, agus, maidir le ceann acu, nach bhfuil an Chomhairle tar éis féachaint le brath ar aon cheann acu le linn ceachtar den dá bhliain roimhe sin.


(1)  IO 2022, L 70, lch. 7.

(2)  IO 2022, L 70, lch. 4.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/32


Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – Yanukovych v an Chomhairle

(Cás T-257/22)

(2022/C 257/47)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Oleksandr Viktorovych Yanukovych (Cathair Pheadair, an Rúis) (ionadaí: B. Kennelly, Abhcóide Sinsearach)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/376 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/375 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (2) a chur ar neamhní sa mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir; agus

a ordú don Chomhairle costais an iarratasóra sa chaingean seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nár dhearbhaigh an Chomhairle, ná nárbh fhéidir léi, cinneadh (cinntí) na n-údarás Úcránach ar a raibh sí ag brath agus í ag glacadh le háireamh an iarratasóra, i gcomhréir lena chearta bunúsacha AE chun cearta na cosanta agus chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle earráidí measúnaithe follasacha agus í ag meas ar sásaíodh critéar an ainmnithe. Go háirithe, ghlac an Chomhairle le hábhair arna gcur ar fáil ag Údaráis na hÚcráine gan scrúdú cuí agus/nó gan na míchruinnis arna aithint ag an iarratasóir a chur san áireamh. Ba chóir don Chomhairle seiceálacha breise a dhéanamh agus tuilleadh fianaise a iarraidh ó Údaráis na hÚcráine i bhfianaise na mbarúlacha arna dtíolacadh ag an iarratasóir agus an fhianaise shaorthach dár sholáthar sé, ach bhí fiosrúcháin teoranta na Comhairle easnamhach ar an méid a bhí ag teastáil. Mar thoradh ar sin, ní ann d’aon bhunús fíorasach daingean do Smachtbhannaí 2022.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh cearta maoine an iarratasóra faoi Airteagal 17(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha AE, sa mhéid, i measc nithe eile, gur srian gan údar, neamhriachtanach agus neamhréireach iad na bearta sriantacha ar na cearta úd, mar gheall ar an méid seo a leanas: (i) níl rud ar bith ann a thabharfadh le fios go meastar gur aistríodh aon chiste a líomhnaítear go ndearna an t-iarratasóir mí-leithghabháil orthu lasmuigh den Úcráin; (ii) ba leormhaith agus leordhóthanach go soiléir bearta inmheánacha na hÚcráine, agus (iii) tá bearta sriantacha tar éis a bheith i bhfeidhm le hocht mbliana agus tá siad, athuair, dá bhforchur ar bhonn imscrúdú réamh-thrialach atá, déanta na fírinne soiléire, dulta in éag agus/nó a bhfuil marbhántacht iomlán air ar a laghad, agus, maidir le ceann acu, nach bhfuil an Chomhairle tar éis féachaint le brath ar aon cheann acu le linn ceachtar den dá bhliain roimhe sin.


(1)  IO 2022, L 70, lch. 7.

(2)  IO 2022, L 70, lch. 4.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/33


Caingean arna tabhairt an 12 Bealtaine 2022 – BSW – management company of “BMC” holding v an Chomhairle

(Cás T-258/22)

(2022/C 257/48)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: AAT Byelorussian Steel Works – management company of “Byelorussian Metallurgical Company” holding (BSW – management company of “BMC” holding) (Zhlobin, an Bhealarúis) (ionadaithe: N. Tuominen agus L. Engelen, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (1), agus Rialachán (AE) 2022/355 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 (2) a chur ar neamhní ina n-iomláine sa mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir; agus

a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear leis na bearta atá faoi chonspóid an dualgas cúiseanna a lua, an ceart chun éisteacht chóir a fháil agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear leis na bearta atá faoi chonspóid prionsabal na córa comhionainne agus mí-úsáid cumhachtaí.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil na bearta atá faoi chonspóid dhíréireach, go sáraítear inniúlachtaí reachtúla an Aontais agus cearta bunúsacha an Iarratasóra leo.


(1)  IO 2022, L 67, lch. 103.

(2)  IO 2022, L 67, lch. 1.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/34


Caingean arna tabhairt an 12 Bealtaine 2022 – Mostovdrev v an Chomhairle

(Cás T-259/22)

(2022/C 257/49)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: AAT Mostovdrev (Mosty, an Bhealarúis) (ionadaithe: N. Tuominen agus L. Engelen, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/356 an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (1), agus Rialachán (AE) 2022/355 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 765/2006 (2), a chur ar neamhní ina n-iomláine, a mhéid a dhéantar difear leo don iarratasóir; agus

a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear go bhfuil na bearta atá faoi chonspóid ina sárú ar an dualgas cúiseanna a thabhairt, ar an gceart chun éisteacht chóir a fháil agus ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil.

2.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear go bhfuil na bearta atá faoi cheist ina sárú ar phrionsabal na córa comhionainne agus ina mí-úsáid cumhachtaí.

3.

An tríú saincheist dlí lena líomhnaítear go bhfuil na bearta atá faoi cheist díréireach, go gcúngaíonn siad inniúlachtaí reachtacha an Aontais agus go saraíonn siad cearta bunúsacha an iarratasóra.


(1)  IO 2022, L 67, l. 103.

(2)  IO 2022, L 67, l. 1.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/34


Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – mBank v EUIPO – European Merchant Bank (EMBANK European Merchant Bank)

(Cás T-261/22)

(2022/C 257/50)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: mBank S.A. (Vársá, an Pholainn) (ionadaithe: E. Skrzydło-Tefelska agus M. Stępkowski, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: European Merchant Bank UAB (Vilnias, an Liotuáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ina bhfuil an ghné focail “EMBANK European Merchant Bank”– Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 048 966

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 22 Feabhra 2022 i gCás R 1845/2020-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a leasú agus seasamh leis an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí a gcostais féin a iompar agus na costais arna dtabhú ag an iarratasóir, lena n-áirítear iad sin arna dtabhú sna himeachtaí os comhair EUIPO, a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) agus ar Airteagal 60(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Sárú ar Airteagal 95(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/35


Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – CCCME agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-263/22)

(2022/C 257/51)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: China Chamber of Commerce for Import and Export of Machinery and Electronic Products (CCCME) (Béising, an tSín) agus ocht bpáirtí eile (ionadaithe: R. Antonini, E. Monard agus B. Maniatis, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ÓN gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (1), sa mhéid a bhaineann sé le CCCME, na cuideachtaí aonair, agus na baill lena mbaineann; agus

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí naoi shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán agus prionsabal an dea-riaracháin agus an gnáthluach á chinneadh aige.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún comparáid chóir a áirithiú ina chinneadh maidir leis an dumpáil, mar shárú ar Airteagal 2(10) den Bhunrialachán.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 18 den Bhunrialachán agus Airteagal 6.8 agus Iarscríbhinn II de Chomhaontú frithdhumpála WTO lena úsáid fíorais atá ar fáil do shaothair.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 9(6) den Bhunrialachán ina chinneadh maidir le corrlach dumpála cinntitheach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún scrúdú oibiachtúil a dhéanamh ar dhíobháil agus ar chúisíocht bunaithe ar fhianaise dhearfach mar shárú ar Airteagail 3(2), 3(3), 3(5), agus 3(6), i gcomhar le hAirteagal 4(1), den Bhunrialachán.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur sárú é anailís ar shladghearradh an Choimisiúin ar Airteagail 3(2), 3(3), agus 9(4) den Bhunrialachán.

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún comparáid chóir a dhéanamh ina chinneadh ar éifeachtaí na bpraghsanna mar shárú ar Airteagail 3(2), 3(3), 3(6) agus 9(4) den Bhunrialachán.

8.

An t-ochtú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún scrúdú oibiachtúil bunaithe ar fhianaise dhearfach a dhéanamh i leith táscairí díobhála mar shárú ar Airteagail 3(2) agus 3(5) den Bhunrialachán.

9.

An naoú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 6(7), Airteagail 19(1), (2), agus (3) agus Airteagal 20(2) agus 20(4) den Bhunrialachán, agus an ceart chun cosanta.


(1)  IO 2022, L 36, lch. 1.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/36


Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – PSCC 2012 v EUIPO – Starwood Hotels & Resorts Worldwide (LA BOTTEGA W)

(Cás T-265/22)

(2022/C 257/52)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: PSCC 2012 Srl (an Róimh, an Iodáil) (ionadaithe: P. Alessandrini agus E. Montelione, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Starwood Hotels & Resorts Worldwide LLC (Bethesda, Maryland, Stáit Aontaithe Mheiriceá)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta a

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “LA BOTTEGA W” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 11 592 581

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí le haghaidh neamhniú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 24 Feabhra 2022 i gCás R 621/2019-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an iarraidh ar neamhbhailíocht don trádmharc “LA BOTTEGA W” a dhiúltú;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 60 agus 8 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Sárú ar Airteagal 42 de Rialacha Nós Imeachta na mBord Achomhairc.

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/37


Caingean arna tabhairt an 16 Bealtaine 2022 – Consulta v EUIPO – Karlinger (ACASA)

(Cás T-267/22)

(2022/C 257/53)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Consulta GmbH (Cham, an Eilvéis) (ionadaithe: M. Kinkeldey agus S. Brandstätter, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Mario Karlinger (Sölden, an Ostair)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “ACASA” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 7 587 165

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomharc de EUIPO an 24 Eanáir 2022 i gCás R 487/2021-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 59(1)(a) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 72(2) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar na prionsabail arna bhforbairt i gcásdlí Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh maidir le léirimhíniú na bhforálacha sin de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/37


Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Pumpyansky v an Chomhairle

(Cás T-270/22)

(2022/C 257/54)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Dmitry Alexandrovich Pumpyansky (Ekaterinburg, an Rúis) (ionadaithe: G. Lansky, P. Goeth agus A. Egger, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/397 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/396 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (2) (“na Gníomhartha atá faoi chonspóid”) a chur ar neamhní de bhun Airteagal 263 CFAE, sa mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir; agus

a ordú don Chomhairle na costais a íoc de bhun Airteagal 134 de na Rialacha Nós Imeachta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear sárú mídhleathach ar chearta bunúsacha an iarratasóra, lena n-áirítear a cheart chun saol príobháideach agus saol teaghlaigh, a cheart chun a chónaí agus a chumarsáidí chomh maith lena cheart chun maoine.

Tríd an t-iarratasóir a chur san áireamh leis na Gníomhartha atá faoi chonspóid, ghníomhaigh an Chomhairle ar chaoi inár sáraíodh prionsabal na comhréireachta faoi Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

2.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear earráid measúnaithe de chuid na Comhairle agus ainm an iarratasóra á chur san áireamh in iarscríbhinní na nGníomhartha atá faoi chonspóid.

Tá cúiseanna na Comhairle le háireamh an iarratasóra lochtach go hábhartha.

Teipeann ar an gComhairle na cúiseanna aonair, sainiúla agus nithiúla atá le forchur na mbeartanna sriantacha ar an iarratasóir a shainiú, agus níl na cúiseanna ar a bhfuiltear ag brath sách mionsonraithe, rud atá i gcontrárthacht le hoibleagáidí na Comhairle.

Is neamhleor an fhianaise arna soláthar le tacú le háireamh an iarratasóra leis na Gníomhartha atá faoi chonspóid.


(1)  IO 2022 L 80, lch. 31.

(2)  IO 2022 L 80, lch. 1.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/38


Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Melnichenko v an Chomhairle

(Cás T-271/22)

(2022/C 257/55)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Andrey Melnichenko (St. Moritz, an Eilvéis) (ionadaithe: G. Lansky, P. Goeth agus A. Egger, Dlíodóirí)

Cosantóir:

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/397 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/396 ón gComhairle an 9 Marta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (2) (“na Gníomhartha atá faoi chonspóid”) a chur ar neamhní de bhun Airteagal 263 CFAE, sa mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir; agus

a ordú don Chomhairle na costais a íoc de bhun Airteagal 134 de na Rialacha Nós Imeachta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear sárú mídhleathach ar chearta bunúsacha an iarratasóra, lena n-áirítear a cheart chun saol príobháideach agus saol teaghlaigh, a cheart chun a chónaí agus a chumarsáidí chomh maith lena cheart chun maoine.

Tríd an t-iarratasóir a chur san áireamh leis na Gníomhartha atá faoi chonspóid, ghníomhaigh an Chomhairle ar chaoi inár sáraíodh prionsabal na comhréireachta faoi Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

2.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear earráid measúnaithe de chuid na Comhairle agus ainm an iarratasóra á chur san áireamh in iarscríbhinní na nGníomhartha atá faoi chonspóid.

Tá cúiseanna na Comhairle le háireamh an iarratasóra lochtach go hábhartha.

Teipeann ar an gComhairle na cúiseanna aonair, sainiúla agus nithiúla atá le forchur na mbeartanna sriantacha ar an iarratasóir a shainiú, agus níl na cúiseanna ar a bhfuiltear ag brath sách mionsonraithe, rud atá i gcontrárthacht le hoibleagáidí na Comhairle.

Is neamhleor an fhianaise arna soláthar le tacú le háireamh an iarratasóra leis na Gníomhartha atá faoi chonspóid.


(1)  IO 2022 L 80, lch. 31.

(2)  IO 2022 L 80, lch. 1.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/39


Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Pumpyanskaya v an Chomhairle

(Cás T-272/22)

(2022/C 257/56)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Galina Evgenyevna Pumpyanskaya (Ekaterinburg, an Rúis) (ionadaithe: G. Lansky, P. Goeth agus A. Egger, Dlíodóirí)

Cosantóir:

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/397 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/396 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (2) (“na Gníomhartha atá faoi chonspóid”) a chur ar neamhní de bhun Airteagal 263 CFAE, sa mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir; agus

a ordú don Chomhairle na costais a íoc de bhun Airteagal 134 de na Rialacha Nós Imeachta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear earráid measúnaithe de chuid na Comhairle agus ainm an iarratasóra á chur san áireamh in iarscríbhinní na nGníomhartha atá faoi chonspóid.

Tá cúiseanna na Comhairle le háireamh an iarratasóra lochtach go hábhartha.

Teipeann ar an gComhairle na cúiseanna aonair, sainiúla agus nithiúla atá le forchur na mbeartanna sriantacha ar an iarratasóir a shainiú, agus níl na cúiseanna ar a bhfuiltear ag brath sách mionsonraithe, rud atá i gcontrárthacht le hoibleagáidí na Comhairle.

Is neamhleor an fhianaise arna soláthar le nasc cháilithe a chruthú idir an t-iarratasóir agus fear céile an iarratasóra, agus nasc atá níos treise ná caidreamh teaghlaigh de dhíth don ghné maidir le “baint” faoi na Gníomhartha atá faoi chonspóid.

2.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear sárú mídhleathach ar chearta bunúsacha an iarratasóra, lena n-áirítear a ceart chun saol príobháideach agus saol teaghlaigh, a ceart chun a cónaí agus a cumarsáidí, chomh maith lena ceart chun maoine.

Tríd an t-iarratasóir a chur san áireamh leis na Gníomhartha atá faoi chonspóid, ghníomhaigh an Chomhairle ar chaoi inár sáraíodh prionsabal na comhréireachta faoi Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

Is ionann an beart dírialta dá bhforchuirtear ar an iarratasóir agus cóir mhíchothrom agus idirdhealaitheach i leith an iarratasóra.


(1)  IO 2022, L 80, lch. 31.

(2)  IO 2022 ,L 80, lch. 1.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/40


Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Groz-Beckert v EUIPO (Suíomh-mharc comhdhéanta den dath bán, den dath meándearg agus den dath dúghlas ar phacáistiú ciúbóideach)

(Cás T-276/22)

(2022/C 257/57)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Groz-Beckert KG (Albstadt, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Nielen agus U. Kaufmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar chlárú suíomh-mhairc atá comhdhéanta den dath bán, den dath meándearg agus den dath dúghlas ar phacáistiú ciúbóideach – Iarratas Uimh. 18 243 039

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 2 Márta 2022 i gCás R 1447/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO íoc as na costais.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar an gcéad abairt d’Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/41


Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Groz-Beckert v EUIPO (Suíomh-mharc comhdhéanta den dath dearg agus den dath bán ar phacáistiú ciúbóideach)

(Cás T-277/22)

(2022/C 257/58)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Groz-Beckert KG (Albstadt, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Nielen agus U. Kaufmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar chlárú suíomh-mhairc atá comhdhéanta den dath dearg agus den dath bán ar phacáistiú ciúbóideach – Iarratas Uimh. 18 243 038

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 2 Márta 2022 i gCás R 1444/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO íoc as na costais.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar an gcéad abairt d’Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/41


Caingean arna tabhairt an 18 Bealtaine 2022 – Mazepin v an Chomhairle

(Cás T-282/22)

(2022/C 257/59)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Dmitry Arkadievich Mazepin (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto agus V. Villante, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/397 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1) chomh maith le Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/396 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (2) a chur ar neamhní; agus

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheisteanna dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, ar Airteagal 296 CFAE agus ar Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha, chomh maith le sárú ar an gceart chun cosaint breithiúnach éifeachtach a fháil agus ar Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh earráid fhollasach mheasúnaithe, mainneachtain an dualgas cruthúnais a shásamh, sárú ar an gcritéar liostála a leagtar amach in Airteagail 1(1)(a) agus (e) agus 2(1)(a) agus (g) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3(1)(a), agus (g) de Rialachán (AE Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chearta bunúsacha an iarratasóra chun maoine agus a shaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagail 16 agus 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh).

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar bhunphrionsabal an neamh-idirdhealaithe.


(1)  IO 2022, L 80, lch. 31.

(2)  IO 2022 ,L 80, lch. 1.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/42


Caingean arna tabhairt an 19 Bealtaine 2022 – Moshkovich v an Chomhairle

(Cás T-283/22)

(2022/C 257/60)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Vadim Nikolaevich Moshkovich (Tambov, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, T. Bontinck, A. Guillerme, L. Burguin, M. Moretto, V. Villante agus M. Pirovano, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/397 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/396 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (2) a chur ar neamhní; agus

a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus ar Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chomh maith le sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua agus ar Airteagal 296 CFAE.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe agus sárú ar na critéir a leagtar amach in Airteagail 1(1) agus 2(1) de Chinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus sárú ar chearta bunúsacha an Iarratasóra chun maoine agus a shaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagail 16 agus 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh).

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal bunúsach an neamh-idirdhealaithe.


(1)  IO 2022, L 80, lch. 31.

(2)  IO 2022, L 80, lch. 1.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/43


Caingean arna tabhairt an 18 Bealtaine 2022 – Pumpyanskiy v an Chomhairle

(Cás T-291/22)

(2022/C 257/61)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Alexander Dmitrievich Pumpyanskiy (an Ghinéiv, an Eilvéis) (ionadaithe: T. Bontinck, A. Guillerme et L. Burguin, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/397 (1) ón gComhairle an 9 Márta 2022, a mhéid is go bhfuil an t-iarratasóir ar áireamh in Uimh. 719 den iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, a chur ar neamhní;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/396 (2) an 9 Márta 2022, a mhéid is go bhfuil an t-iarratasóir ar áireamh in Uimh. 719 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, a chur ar neamhní;

a ordú don Chomhairle suim EUR 100 000 a íoc, ar bhonn sealadach, mar chúiteamh ar an damáiste neamhábhartha a bhain don iarratasóir;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear gur sáraíodh an ceart chun chosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus oibleagáid an riaracháin cúiseanna a lua.

2.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear earráid fhollasach measúnaithe maidir leis na forais ar a bhfuil an Chomhairle ag brath.

3.

An tríú saincheist dlí lena líomhnaítear gur sáraíodh prionsabal na comhréireachta agus cearta bunúsacha, maidir leis na bearta sriantacha a ghlacadh i gcoinne an iarratasóra agus maidir le cur isteach gan údar cuí ar na cearta bunúsacha dá bhforáiltear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh atá aige.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena líomhnaítear gur sáraíodh prionsabal na córa comhionainne agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, maidir le cur i bhfeidhm an chritéir lena gcumhdaítear na daoine a bhfuil “baint” acu leis an liosta daoine atá faoi réir bearta sriantacha.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/397 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 80, lch. 31).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/396 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 80, lch. 1).


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/44


Caingean arna tabhairt an 19 Bealtaine 2022 – PB v BRA

(Cás T-293/22)

(2022/C 257/62)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: PB (ionadaí: N. de Montigny, avocate)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh Uachtarán SRB an 16 Iúil 2021 gan an t-iarratasóir a athaicmiú ag deireadh athaicmiú 2021 a chur ar neamhní;

a mhéid is gá, cinneadh SRB an 14 Feabhra 2022 lena ndiúltaítear don ghearán a thaisc an t-iarratasóir an 15 Deireadh Fómhair 2021 i gcoinne an chinnidh gan é a athaicmiú;

ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh na rialacha nóis imeachta is infheidhme maidir le cur chun feidhme an athaicmithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 de na forálacha ginearálta cur chun feidhme in Airteagal 54 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (“DGE”).

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear anailís earráideach ar Airteagal 4 de DGE agus measúnú earráideach ar na leibhéil freagrachta i ndáil le feidhm agus ní i ndáil le grád.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh rialacha nóis imeachta an chomhchoiste um athaicmiú agus an oibleagáid tuarascáil a tharraingt suas maidir le gach measúnú foirne.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh an ceart rochtana ar dhoiciméid agus prionsabail na trédhearcachta, na hintuarthachta agus na deimhneachta dlíthiúla agus go bhfuil claonadh ann, atá oibiachtúil ar a laghad, mar gheall ar an easpa faisnéise ag céimeanna éagsúla den nós imeachta.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh an oibleagáid cúiseanna a thabhairt agus go ndearnadh earráidí i liosta na bhfachtóirí a ndearnadh measúnú orthu.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Iarscríbhinn II de DGE agus an meán sprice atá socraithe.

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach sa measúnú ar chomhad an iarratasóra, ar a thuillteanas agus ar a shinsearacht i gcomparáid leis nacomhghleacaithe sa roinn chéanna.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/44


Caingean arna tabhairt an 20 Bealtaine 2022 – Crush Series Publishing v EUIPO – Mediaproduccion (The Crush Series)

(Cás T-295/22)

(2022/C 257/63)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Crush Series Publishing s.r.o. (Prág, Poblacht na Seice) (ionadaí: D.-M. Belciu, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Mediaproduccion SLU (Barcelona, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: an t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh The Crush Series – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 119 385

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi cheist: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc EUIPO an 15 Márta 2022 i gCás R 1303/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi cheist a chur ar neamhní;

an freasúra a dhiúltú agus an t-iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “The Crush Series”, Uimh. 18 119 385 a cheadú chun dul ar aghaidh le clárú;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí na costais arna dtabhú sna himeachtaí seo agus sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/45


Caingean arna tabhairt an 20 Bealtaine 2022 – BB Services v EUIPO – Lego Juris (Cruth figiúr bréagán le cnap ar a cheann)

(Cás T-297/22)

(2022/C 257/64)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: BB Services GmbH (Flörsheim am Main, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Krogmann, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Lego Juris A/S (Billund, an Danmhairg)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Marc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh (Cruth figiúr bréagán le cnap ar a cheann) – Marc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 50 450

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 16 Márta 2022 i gcás R 1355/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid chomh maith le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 50 450 a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(e)(i) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(e)(ii) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/46


Caingean arna tabhairt an 20 Bealtaine 2022 – BB Services v EUIPO – Lego Juris (Cruth figiúir bréagáin)

(Cás T-298/22)

(2022/C 257/65)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: BB Services GmbH (Flörsheim am Main, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Krogmann, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Lego Juris A/S (Billund, an Danmhairg)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Marc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh (Cruth figiúir bréagáin) – Marc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 50 518

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 16 Márta 2022 i gcás R 1354/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid chomh maith le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 50 518 a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(e)(i) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(e)(ii) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/47


Caingean arna tabhairt an 23 Bealtaine 2022 – Aven v an Chomhairle

(Cás T-301/22)

(2022/C 257/66)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Petr Aven (Virginia Water, An Ríocht-Aontaithe) (ionadaithe: T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh 2022/337 (1) ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 (2) ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid measúnaithe. Maíonn an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, nach gcomhlíonann aon chuid den fhianaise a thug an Chomhairle ar aird ceanglais chásdlí na hEorpa i dtaobh chaighdeán agus cháilíocht na fianaise agus, ar an dara dul síos, nach bhfuil aon cheann de dhearbhuithe chúiseanna na Comhairle dea-bhunaithe agus dá bhrí sin nach féidir leo critéir a) agus d) de Chinneadh 2014/145/CBES sa leagan atá i bhfeidhm faoi láthair a shásamh, critéir dá dtagraítear an Chomhairle go sainráite ina ráiteas ar na cúiseanna.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear pléadáil mhídhleathach an chritéir sin mar gheall ar shárú dúbailte ar phrionsabal na comhréireachta. Measann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an critéar ar a raibh an Chomhairle ag brath go follasach míchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú agus, ar an dara dul síos, go raibh an fhéidearthacht ann chun úsáid a bhaint as modhanna nach bhfuil chomh sriantach sin.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear easpa bunúis dlí, ar an bhforas nach bhfuil nasc leordhóthanach bunaithe idir an chatagóir daoine aonair a chumhdaítear leis an gcritéar sin agus Cónaidhm na Rúise.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear earráid mheasúnaithe, ar an bhforas nár chruthaigh an Chomhairle gur fear gnó tábhachtach é an t-iarratasóir, ná go bhfuil tionchar aige, ná go bhfuil sé gníomhach in earnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shubstaintiúil ioncaim do rialtas Chónaidhm na Rúise.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 59, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 58, lch. 1).


4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/48


Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2022 – Fridman v an Chomhairle

(Cás T-304/22)

(2022/C 257/67)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Mikhail Fridman (Londain, An Ríocht-Aontaithe) (ionadaithe: T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh 2022/337 (1) ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir, a chur ar neamhní;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 (2) ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir, a chur ar neamhní;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre saincheisteanna dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid measúnaithe. Maíonn an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, nach gcomhlíonann aon chuid den fhianaise a thug an Chomhairle ar aird ceanglais chásdlí na hEorpa I dtaobh chaighdeán agus cháilíocht na fianaise agus, ar an dara dul síos, nach bhfuil aon cheann de dhearbhuithe chúiseanna na Comhairle dea-bhunaithe agus dá bhrí sin nach féidir leo critéir a) agus d) de Chinneadh 2014/145/CBES sa leagan atá i bhfeidhm an tráth sin a shásamh, critéir dá dtagraítear go sainráite ag an gComhairle ina réasúnaíocht.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear pléadáil mhídhleathach an chritéir sin mar gheall ar shárú dúbailte ar phrionsabal na comhréireachta. Measann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an critéar ar a raibh an Chomhairle ag brath go follasach míchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú agus, ar an dara dul síos, go raibh an fhéidearthacht ann úsáid a bhaint as modhanna nach bhfuil chomh sriantach sin.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear easpa bunúis dlí, ar an bhforas nach bhfuil nasc leordhóthanach bunaithe idir an chatagóir daoine aonair a chumhdaítear leis an gcritéar sin agus Cónaidhm na Rúise.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear earráid mheasúnaithe, ar an bhforas nár bhunaigh an Chomhairle gur fear gnó tábhachtach an t-iarratasóir, ná go bhfuil tionchar aige, ná go bhfuil sé gníomhach in earnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shubstaintiúil ioncaim do rialtas Chónaidhm na Rúise.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 59, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 58, lch. 1).