ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 243

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
27 Meitheamh 2022


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

MOLTAÍ

 

An Chomhairle

2022/C 243/01

Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe ( 1 )

1

2022/C 243/02

Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht

10

2022/C 243/03

Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair

26

2022/C 243/04

Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú

35


 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 243/05

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10251 – INVIVO GROUP / ETABLISSEMENTS J SOUFFLET) ( 1 )

52


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 243/06

Rátaí malairte an euro — 24 Meitheamh 2022

53

2022/C 243/07

Achoimre ar chinntí an Aontais Eorpaigh maidir le húdaruithe margaíochta i ndáil le táirgí íocshláinte ó 24 Meitheamh 2022 go dtí 24 Meitheamh 2022 (Arna fhoilsiú de bhun Airteagal 13 nó Airteagal 38 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)

54


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 243/08

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10764 – SAGARD / BPIFRANCE / ADIT JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

55

2022/C 243/09

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10785 – ICG / KONECTA / COMDATA) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

57

2022/C 243/10

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10749 — PAI PARTNERS / THE CARLYLE GROUP / THERAMEX) ( 1 )

59

2022/C 243/11

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10758 – EIM / BROOKFIELD / NIELSEN) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

61


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

MOLTAÍ

An Chomhairle

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 243/1


MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meitheamh 2022

maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe

(2022/C 243/01)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 165 agus 166 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.

In ainneoin go bhfuil dul chun cinn maith déanta ag a lán Ballstát ar fud an Aontais maidir le beartais agus cláir foghlama a chur chun feidhme chun tacú leis an aistriú glas agus chun an fhoghlaim don fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, ní mór, mar sin féin, leanúint de na hiarrachtaí agus dlús a chur leo i ndáil leis an méid sin. Ba cheart tuilleadh spreagtha agus tacaíochta a thabhairt do bheartas agus cleachtas don chineál seo foghlama. Ní mór a aithint go bhfuil gá le foghlaim idirnasctha ar fud cholúin chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta na forbartha inbhuanaithe, agus béim shonrach a leagan ar an gcolún comhshaoil.

2.

Sa Chomhaontú Glas don Eoraip (1), i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh do 2030 (2), straitéis na hEagraíochta Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) maidir le hOideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe do 2030 agus obair ghaolmhar Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) (3), cuirtear chun suntais ról tábhachtach na scoileanna, an ardoideachais agus na n-institiúidí oideachais agus oiliúna eile chun dul i gcion ar fhoghlaimeoirí, tuismitheoirí, oideachasóirí (4) agus an pobal i gcoitinne maidir leis na hathruithe is gá le haghaidh aistriú glas rathúil, cóir agus cuimsitheach. Sna conclúidí uaithi maidir le “Bithéagsúlacht – an gá le gníomh práinneach” (5), chuir an Chomhairle i bhfios go láidir go bhfuil an infheistíocht san oideachas, i measc réimsí eile, ríthábhachtach chun na sonraí is fearr a bhailiú agus chun teacht ar na réitigh is fearr i ndáil leis sin. I Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, sainaithnítear Eoraip ghlas inbhuanaithe mar sprioc agus iarrtar go mbeadh gach duine óg gníomhach ó thaobh an chomhshaoil de agus go mbeadh oideachas orthu ina leith.

3.

Leis an aistriú glas agus an fhorbairt inbhuanaithe, tacaítear le foghlaimeoirí, gan beann ar aois, ionas go mbeidh siad in ann an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí is gá a shealbhú chun maireachtáil ar bhealach níos inbhuanaithe, patrúin tomhaltais agus táirgeachta a athrú, slite maireachtála níos sláintiúla a ghlacadh chucu féin agus rannchuidiú – ar bhonn aonair agus ar bhonn comhchoiteann – le geilleagar agus sochaí níos inbhuanaithe a bhaint amach. Rannchuidíonn an fhoghlaim sin freisin le scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt atá ag teastáil níos mó ná riamh sa mhargadh saothair. Cuirtear chun cinn léi freisin tuiscint ar na dúshláin dhomhanda idirnasctha atá romhainn, lena n-áirítear an ghéarchéim aeráide, díghrádú an chomhshaoil agus cailliúint na bithéagsúlachta, a bhfuil gnéithe comhshaoil, sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha ag baint leo go léir.

4.

Le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe NA, go háirithe Sprioc 4.7, iarrtar ar gach foghlaimeoir eolas agus scileanna a shealbhú faoi 2030 ar eolas agus scileanna iad is gá chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear tríd an oideachas don fhorbairt inbhuanaithe agus stíleanna maireachtála inbhuanaithe, cearta an duine, an comhionannas inscne, cultúr na síochána agus an neamhfhoréigin a chur chun cinn, an tsaoránacht dhomhanda agus meas a léiriú ar an éagsúlacht chultúrtha agus ar an gcaoi a gcuireann an cultúr leis an bhforbairt inbhuanaithe, mar aon le nithe eile nach iad (6).

5.

Leis an Teachtaireacht maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais (7), Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (8), an creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo Limistéar Eorpach Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (9) agus an Teachtaireacht maidir le LET nua um Taighde agus um Nuálaíocht (10), iarrtar go ndíreofaí beartais agus infheistíochtaí oideachais agus oiliúna ar aistriú glas agus ar aistriú digiteach cuimsitheach don athléimneacht agus rathúnas san am atá le teacht.

6.

Is é is aidhm do na heochair-inniúlachtaí, a shainítear sa Chreat Tagartha Eorpach Eochair-inniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil (11), tacú le daoine ar fud na hEorpa an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí is gá a shealbhú le haghaidh sásamh agus forbairt phearsanta, infhostaitheachta, cuimsiú sóisialta, stíl mhaireachtála inbhuanaithe, saol rathúil i sochaí shíochánta, bainistiú saoil atá airdeallach ar an tsláinte, saoránacht ghníomhach i ré ina bhfuil athruithe ó bhonn ag teacht go tapa.

7.

Leis an gClár Oibre Nua Scileanna don Eoraip (12), fógraíodh tacaíocht chun tacar croíscileanna glasa a fhorbairt le haghaidh an mhargaidh saothair chun glúin gairmithe atá feasach ar an gcomhshaol agus oibreoirí eacnamaíocha glasa a chruthú agus fógraíodh tacaíocht chun saincheisteanna comhshaoil agus aeráide a chomhtháthú san oideachas ginearálta, san ardoideachas, sa ghairmoideachas, sa ghairmoiliúint agus sa taighde a dhéantar. Tá gairmithe rí-inniúla ag teastáil san Eoraip chun tacú leis an aistriú glas agus chun go mbeidh an Eoraip ina ceannaire domhanda i réimse na dteicneolaíochtaí inbhuanaithe.

8.

Leis an Moladh ón gComhairle maidir leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint (VET) le haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta (13), agus le Dearbhú Osnabrück, aithnítear go bhfuil earnáil an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna ríthábhachtach le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh.

9.

Leis an gComhshocrú Aeráide Eorpach, iarrtar ar dhaoine aonair, ar phobail agus ar eagraíochtaí a bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht ar son na haeráide agus Eoraip atá níos glaise a fhorbairt trí dheiseanna a thairiscint chun foghlaim faoin athrú aeráide, réitigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus nasc a dhéanamh le daoine eile chun tionchar na réiteach sin a iolrú. Tá sé d’aidhm ag an Oideachas le haghaidh Comhghuaillíocht Aeráide pobal a chruthú a bheidh á stiúradh ag mic léinn agus múinteoirí, in éineacht lena scoileanna agus lena líonraí agus le gníomhaithe oideachais eile, ceachtanna a fhoghlaim ón oiread eispéireas ábhartha is féidir, agus dul i ngleic leis an ilroinnt idir earnálacha oideachais, fearainn oideachais agus an pobal oideachais.

10.

Leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (14), soláthraítear fís le haghaidh oideachas agus oiliúint dhigiteach atá ar ardcháilíocht, cuimsitheach agus inrochtana agus cuirtear i dtábhacht arís leis a thábhachtaí atá teicneolaíochtaí digiteacha mar chumasóirí cumhachtacha le haghaidh an aistrithe ghlais agus, san am céanna, éascaítear leis an t-aistriú i dtreo iompar inbhuanaithe maidir le táirgí digiteacha a fhorbairt agus a úsáid araon.

11.

Leis an Bauhaus Eorpach Nua, cuirtear gné chultúrtha chruthaitheach leis an gComhaontú Glas don Eoraip, gné darb aidhm léiriú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an nuálaíocht inbhuanaithe athruithe dearfacha follasacha a dhéanamh sa saol laethúil, lena n-áirítear i bhfoirgnimh scoile agus i dtimpeallachtaí foghlama eile.

12.

Trína chlár um Oideachas le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe, tá UNESCO ag oibriú ar an oideachas agus an oiliúint a dhéanamh níos lárnaí agus níos feiceálaí sa fhreagairt idirnáisiúnta ar an ngéarchéim aeráide agus chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe uile a bhaint amach, go háirithe Sprioc 4.7 maidir leis an oideachas le haghaidh na forbartha inbhuanaithe. Faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus faoi Chomhaontú Pháras, geallann na páirtithe go gcuirfidh siad, i gcomhthéacs gach gné den fhorbairt inbhuanaithe, go háirithe an t-oideachas, an oiliúint, feasacht an phobail, rannpháirtíocht an phobail agus rochtain an phobail ar fhaisnéis maidir leis an athrú aeráide chun cinn agus go ndéanfaidh siad comhar i dtaobh na nithe sin.

13.

Tá méadú ag teacht ar an bhfeasacht agus ar an mian i measc daoine óga i ndáil le dul i ngleic le saincheisteanna na forbartha inbhuanaithe, go háirithe saincheisteanna comhshaoil agus aeráide. Léiríonn torthaí suirbhé Eorabharaiméadair a eisíodh i mí na Bealtaine 2022 go gceapann daoine óga san Aontas go bhfuil “an comhshaol a chosaint agus an t-athrú aeráide a chomhrac” ar cheann de na príomhthosaíochtaí ar cheart díriú orthu le linn Bhliain Eorpach na hÓige (2022). Léiríonn sonraí ECFE (15) ó 2018 go raibh daoine óga d’aois 15 bliana an-fheasach ar an athrú aeráide agus ar an ngéarchéim chomhshaoil agus gur gá aghaidh a thabhairt orthu. Léiríonn na sonraí céanna, áfach, go mbraitheann líon i bhfad níos lú scoláirí go bhfuil sé de chumhacht acu aon difear ar fiú trácht air a dhéanamh. Le géarchéim aeráide agus chomhshaoil chomh mór sin, ráineodh go mbraithfeadh foghlaimeoirí sáraithe ag an bhfadhb nó go mbraithfidís nach bhfuil aon chumhacht acu, agus is amhlaidh a chuireann faisnéis mhíchruinn nó mífhaisnéis leis sin.

14.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-éistfeadh na córais agus na hinstitiúidí oideachais agus oiliúna lena bhfuil á rá anois ag daoine óga maidir leis na géarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta agus go mbeadh daoine óga rannpháirteach i mbun réitigh a dhearadh a bhaineann leis an bhfoghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe agus go rachaidís i mbun gníomhaíochta ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe. Tá ról tábhachtach ag Bliain Eorpach na hÓige 2022 chun rannpháirtíocht na n-óg a spreagadh a thuilleadh.

15.

Le paindéim COVID-19, cuireadh i dtábhacht na dlúthnaisc atá againn leis an dúlra agus cuireadh béim an athuair ar chórais oideachais agus oiliúna. Foghlaimíodh ceachtanna freisin faoi na féidearthachtaí nua oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear cur chuige foghlama cumaisc i suíomhanna difriúla (lena n-áirítear ar líne), rannpháirtíocht agus féinriar foghlaimeoirí agus naisc idir an fhoghlaim fhoirmiúil agus an pobal i gcoitinne. Mhéadaigh an phaindéim an imní atá ann le fada an lá freisin faoi dhea-bhail fhisiceach, mheabhrach agus mhothúchánach leanaí, daoine óga agus daoine fásta.

16.

Tá ionaid aonair oideachais agus cúraim luath-óige, scoileanna, institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna ag éirí níos gníomhaí an t-am ar fad maidir leis an ngéarchéim aeráide agus an ghéarchéim bhithéagsúlachta. Ní gné shistéamach den oideachas ná den oiliúint ar fud an Aontais go fóill í an inbhuanaitheacht.

17.

I dtíortha go leor, glacadh le foghlaim ar mhaithe le hinbhuanaitheacht agus le coincheapa eile atá chomh inoibrithe céanna, amhail oideachas don fhorbairt inbhuanaithe agus oideachas don tsaoránacht dhomhanda i mbeartais, i straitéisí agus i gcuraclaim. Mar sin féin, tá tuilleadh den tacaíocht spriocdhírithe, den saineolas, agus deiseanna oiliúna ag teastáil ó oideachasóirí chun prionsabail an aistrithe ghlais agus na forbartha inbhuanaithe a ionchorprú ina gcleachtais teagaisc agus oiliúna. Braitheann siad nach bhfuil na scileanna cuí acu chun déileáil leis an imní faoin gcomhshaol ná leis an doirbhíochas faoin gcomhshaol ná chun cabhrú le foghlaimeoirí dul i ngleic le saincheisteanna aeráide agus comhshaoil ar bhealach dearfach.

18.

Ní ann i gcónaí do chur chuige uile-institiúide maidir le hinbhuanaitheacht ina dtugtar isteach na réimsí uile gníomhaíochta. Áirítear leis na cuir chuige sin an teagasc agus an fhoghlaim; rialachas; an taighde agus an nuálaíocht; bonneagar, saoráidí agus oibríochtaí, agus ba cheart dóibh suim a mhúscailt i measc foghlaimeoirí, foirne, tuismitheoirí agus pobail áitiúla agus an phobail i gcoitinne.

19.

Ní mór féachaint arís ar an bpoitéinseal agus na deiseanna atá ann chun na cláir oideachais agus oiliúna a chomhlánú agus a láidriú a thuilleadh. Leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe, féadfar tacú go hiomlán le beartais agus le cláir don tsláinte, an fholláine agus an chuimsiú; an tsaoránacht ghníomhach agus dhomhanda; an dlúthpháirtíocht; an fhoghlaim mhac léinn-lárnach; an taighde agus an nuálaíocht; agus an claochlú digiteach, lena n-áirítear an intleacht shaorga (16)..

20.

Trí ghné an oideachais agus na hoiliúna a chomhtháthú go córasach i mbeartais eile a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an bhforbairt inbhuanaithe, agus i ndearcadh feadh an tsaoil, is féidir tacú le cur chun feidhme na mbeartas sin. Leis an gcomhtháthú sin freisin, is féidir earnálacha éagsúla den tsochaí agus den gheilleagar a nascadh agus an inbhuanaitheacht a dhaingniú go héifeachtach san oideachas agus san oiliúint.

21.

Tugtar lán-urraim leis an Moladh seo do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Aithnítear ann go bhfuil difríochtaí móra ann ó thaobh an leibhéil neamhspleáchais atá ag na hinstitiúidí oideachais agus oiliúna i measc na mBallstát. I roinnt Ballstát, tá leibhéal ard neamhspleáchais ag institiúidí oideachais agus oiliúna, ag institiúidí oideachais múinteoirí, agus ag múinteoirí agus oiliúnóirí. Cuirfear an Moladh chun feidhme i gcomhréir le himthosca náisiúnta agus i gcomhar leis na Ballstáit.

AG MOLADH, LEIS SEO, DO NA BALLSTÁIT, agus lánurraim á tabhairt aici do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, agus á admháil di leibhéil éagsúla neamhspleáchais na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, i gcomhréir le himthosca náisiúnta,

1.

Dlús agus neart a chur le hiarrachtaí chun tacú le córais oideachais agus oiliúna gníomhú le haghaidh an aistrithe ghlais agus na forbartha inbhuanaithe ionas gur féidir le foghlaimeoirí, gan beann ar aois nó ar chúlra, rochtain a fháil ar oideachas agus ar oiliúint chuimsitheach atá ar ardchaighdeán, cothrom agus cuimsitheach maidir le hinbhuanaitheacht, an t-athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta agus aird chuí á tabhairt ar cúrsaí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha.

2.

An fhoghlaim don aistriú glas agus d’fhorbairt inbhuanaithe a bhunú mar cheann de na réimsí tosaíochta i mbeartais agus i gcláir oideachais agus oiliúna chun tacú leis an earnáil agus í a chumasú chun rannchuidiú le todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach, a bheidh leabaithe i dtuiscint iomlánaíoch ar an oideachas. Cineálacha cur chuige cuimsitheacha agus comhoibríocha maidir leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim a chur chun feidhme agus a fhorbairt a thuilleadh don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe, a mbeidh na páirtithe ábhartha uile sa chóras oideachais agus oiliúna rannpháirteach iontu, chomh maith le geallsealbhóirí ó earnálacha ábhartha eile.

3.

Raon deiseanna foghlama a sholáthar i suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla ionas gur féidir le daoine de gach aois ullmhú don aistriú glas agus cur go gníomhach leis agus gníomhú le haghaidh geilleagar atá slán ó thaobh an chomhshaoil de, inbhuanaithe, ciorclach, agus aeráidneodrach agus sochaithe atá cóir, cuimsitheach agus síochánta.

4.

Na bearta seo a leanas ar leibhéal an chórais a mheas:

a)

Straitéisí agus pleananna san oideachas agus san oiliúint a ailíniú, i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, leis an aistriú glas agus leis an bhforbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear na cinn sin a bhaineann le curaclaim agus measúnú, agus oiliúint tosaigh agus forbairt ghairmiúil leanúnach na n-oideachasóirí. Tacaíocht a thabhairt do straitéisí agus beartais náisiúnta agus eile a chur chun feidhme, lena n-áirítear straitéisí agus beartais maidir le coincheapa gaolmhara amhail an t-oideachas le haghaidh na forbartha inbhuanaithe, trí shásraí le haghaidh obair leanúnach agus faireacháin.

b)

Infheistíocht a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, i dtrealamh, in acmhainní agus i mbonneagar (foirgnimh, tailte agus teicneolaíocht) glas inbhuanaithe le haghaidh na foghlama, an tsóisialaithe agus an áineasa, agus oiliúint a chur ar fáil ina leith, chun timpeallachtaí foghlama sláintiúla, sábháilte, cuimsitheacha agus athléimneacha a áirithiú.

c)

Feasacht a mhúscailt maidir leis na tairbhí agus na deiseanna a bhaineann leis an bhfoghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe, agus tacú le hinstitiúidí foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear oideachas agus cúram na luath-óige, chun go mbeidh an t-athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil, an bhithéagsúlacht agus saincheisteanna inbhuanaitheachta ábhartha do shaol laethúil a bhfoghlaimeoirí agus chun cultúr na hinbhuanaitheachta a chothú.

d)

Eolas, scileanna agus dearcthaí foghlaimeoirí de gach aois a fhorbairt ionas go mbeidh siad in ann maireachtáil ar bhealach níos inbhuanaithe, patrúin tomhaltais agus táirgthe inbhuanaithe a chur chun cinn, stíleanna maireachtála níos sláintiúla agus níos airdeallaí ar an gcomhshaol a ghlacadh chucu féin agus rannchuidiú, ina n-aonar agus i dteannta a chéile, le claochlú ár sochaithe.

e)

Tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe trí bhonneagar, uirlisí digiteacha agus acmhainní digiteacha a chur ar fáil agus tacú le hinniúlachtaí digiteacha oideachasóirí.

f)

Ról a thabhairt do na foghlaimeoirí uile ar bhealach fiúntach comhordaithe maidir le cuir chuige a mholadh agus a chomhchruthú i ndáil leis an méid ar cheart dóibh a fhoghlaim faoin aistriú glas agus forbairt inbhuanaithe, an chaoi ar cheart dóibh an fhoghlaim sin a dhéanamh agus an áit ar cheart dóibh an fhoghlaim sin a dhéanamh. Rannpháirtíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a spreagadh i measc foghlaimeoirí ó gach cúlra, lena n-áirítear iad siúd ar lú iad na deiseanna a bhíonn acu. Cumhacht a thabhairt do gach foghlaimeoir a bheith rannpháirteach sa chinnteoireacht agus dul i ngleic léi ar leibhéal a n-institiúide agus a bpobal áitiúil agus níos leithne.

g)

Cláir agus creataí curaclaim a fhorbairt agus tacú leo, i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena gceadófar am agus spás d’fhoghlaimeoirí inniúlachtaí inbhuanaitheachta (17) a fhorbairt ó aois óg. Féadfaidh an fhoghlaim idirghlúine – mar aon le samplaí, fadhbanna agus freagairtí áitiúla – an curaclam a dhéanamh níos ábhartha le haghaidh foghlaimeoirí agus a léiriú go bhfuil an t-athrú aeráide, an bhithéagsúlacht, cosaint an chomhshaoil agus an inbhuaine le feiceáil go háitiúil agus gur féidir gníomhú ina leith.

h)

Tacú le comhar agus líonrú maidir le hinbhuanaitheacht, cosaint an chomhshaoil agus bithéagsúlacht, agus rannpháirtíocht a bheith ann ó, mar shampla, údaráis áitiúla, obair don óige agus eagraíochtaí don óige, ionaid oideachais agus oiliúna comhshaoil, ionaid foghlama domhanda, foraoisí, páirceanna, feirmeacha, músaeim, leabharlanna, eagraíochtaí neamhrialtasacha, taighde, eagraíochtaí tomhaltóirí agus gnólachtaí, agus ar an gcaoi sin na naisc idir foghlaim fhoirmiúil, neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúil a neartú.

i)

Tacú le méadú ar dhea-chleachtais agus ar thaighde oideolaíoch ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe ar gach leibhéal agus ar gach cineál oideachais agus oiliúna.

5.

Tacaíocht a thabhairt d’fhoghlaimeoirí trí na bearta seo a leanas a chur san áireamh:

a)

Deiseanna a thabhairt d’fhoghlaimeoirí, ón uair a bhíonn siad ar réamhscoil, an domhan nádúrtha agus an bhithéagsúlacht a thuiscint, suim a chur iontu agus meas a léiriú orthu, fiosracht a mhúscailt sna foghlaimeoirí agus deiseanna a thabhairt dóibh foghlaim conas gníomhú ar son na hinbhuaine, ar bhonn aonair agus i gcomhar le chéile.

b)

Foghlaim ar ardcháilíocht ar feadh an tsaoil a neartú, lena n-áirítear trí thacaíocht airgeadais, i gcomhréir le scéimeanna náisiúnta tacaíochta airgeadais, don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear cúrsaí oiliúna, printíseachtaí, obair dheonach, gníomhaíochtaí seach-churaclaim, gníomhaíochtaí oibre óige agus cineálacha eile foghlama foirmiúla, neamhfhoirmiúla agus neamhfhoirmeálta agus na naisc eatarthu. Gníomhaíochtaí agus cláir rannpháirtíochta saoránach a spreagadh agus a aithint ina leith sin.

c)

Modhanna foghlama agus cineálacha cur chuige foghlama a éascú atá comhoibríoch, eispéireasach, dírithe ar chleachtas, atá ábhartha maidir le comhthéacsanna agus traidisiúin áitiúla, agus a thacaíonn le gníomhaíochtaí idirdhisciplíneacha agus traschuraclaim. Áirítear leis sin deiseanna gníomhacha a thabhairt d’fhoghlaimeoirí breathnú ar an dúlra agus aire a thabhairt dó agus laghdú, deisiú, ath-úsáid agus athchúrsáil a dhéanamh, agus ar an gcaoi sin, cabhrófar leo an tábhacht a bhaineann le stíleanna maireachtála inbhuanaithe agus an geilleagar ciorclach a thuiscint.

d)

Faisnéis atá bunaithe ar fhíorais agus atá inrochtana a sholáthar faoi ghéarchéim na haeráide, an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta, agus faoi na cúiseanna atá léi, mar a comhaontaíodh faoi Choinbhinsiún Aarhus (18).

e)

Scileanna maidir le réiteach fadhbanna agus comhoibriú a fhorbairt; smaointeoireacht chriticiúil, scileanna litearthachta sna meáin agus smaointeoireacht chórais a chothú; agus tacú le gníomhaíocht dhearfach, lena n-áirítear obair dheonach, chun aghaidh a thabhairt ar an eagla agus an díchumhachtú a d‘fhéadfadh a bheith ann d’fhoghlaimeoirí agus aghaidh á tabhairt acu ar ghéarchéimeanna pláinéadacha agus an eagla sin a laghdú.

6.

Tuileadh tacaíochta a thabhairt d’oideachasóirí an fhoghlaim le haghaidh an aistrithe ghlais agus na forbartha inbhuanaithe a éascú trí na bearta seo a leanas a chur san áireamh:

a)

A aithint gur oideachasóirí inbhuaine iad na hoideachasóirí uile, gan beann ar an disciplín nó an earnáil oideachais ina bhfuil siad ag feidhmiú, agus gur gá dóibh tacaíocht a thabhairt do na foghlaimeoirí ullmhú don aistriú glas. A chur ar chumas na bhfoghlaimeoirí a bhfeasacht a mhéadú maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Ról a thabhairt d’oideachasóirí agus comhairliúchán a dhéanamh leo agus tacú leo maidir le curaclaim agus cláir a fhorbairt agus athchóirithe oideachais eile a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an bhforbairt inbhuanaithe agus maidir le forbairt ghairmiúil iomchuí a cheapadh.

b)

Tacú leis an aistriú glas agus leis an bhforbairt inbhuanaithe a chomhtháthú i gcláir thosaigh oideachais do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí; i gcláir forbartha gairmiúla leanúnaí ; agus i gcaighdeáin agus creataí gairmiúla múinteoirí chun tacú le hinniúlacht oideachasóirí a fhorbairt maidir leis an inbhuaine.

c)

Tacú le scéimeanna meantóireachta agus cláir forbartha gairmiúla ar leibhéal na n-institiúidí. Tacú le hoideachasóirí uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid ina gcleachtas chun an teagasc agus an fhoghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe a fheabhsú.

d)

Deiseanna agus dreasachtaí a fhorbairt a thuilleadh agus a fhiosrú chun gur féidir le hoideachasóirí páirt a ghlacadh i gcláir forbartha gairmiúla a bhaineann leis an inbhuaine, mar shampla, trí na cláir a chur san áireamh i ndul chun cinn gairme agus forbairt gairme agus róil a chruthú le haghaidh oideachasóirí amhail comhordaitheoir inbhuaine.

e)

Tacú le hoideachasóirí, lena n-áirítear tríd an am agus an spás is gá a chur ar fáil, chun oideolaíochtaí a ghlacadh lena bhfeabhsófar an teagasc agus an fhoghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe ar bhealaí idirdhisciplíneacha agus lena bhforbraítear gnéithe soch-mhothúla na foghlama, ionas gur féidir leis na foghlaimeoirí uile a bheith ina ngníomhaithe don athrú agus go bhfoghlaimeoidh siad chun machnamh agus gníomhú, ar bhonn aonair agus i dteannta a chéile, go háitiúil agus ar fud an domhain, ar mhaithe le domhan níos inbhuanaithe.

f)

An teagasc agus an fhoghlaim chlaochlaitheach idirdhisciplíneach a spreagadh agus a chumasú, i gcás inarb iomchuí, trí chuir chuige thraidisiúnta agus nuálacha a úsáid, lena n-áirítear an fhoghlaim ghníomhach, an cur chuige ETIEM (19), haiceatóin, foghlaim seirbhíse agus cluichiú.

g)

Acmhainní a fhorbairt agus a chur ar fáil chun tacaíocht a thabhairt d’oideachasóirí, go háirithe maidir leis an measúnú. Tacaíocht a thabhairt d’oideachasóirí uirlisí traidisiúnta agus nua agus ábhair thraidisiúnta agus nua a úsáid chun a bheith ag teagasc agus ag oiliúint don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe i réimse suíomhanna laistigh agus lasmuigh agus suíomhanna digiteacha agus neamhdhigiteacha. Rochtain ar ionaid saineolais a sholáthar, lena n-áirítear ionaid um oideachas agus oiliúint comhshaoil.

h)

An pobal taighde agus nuálaíochta a spreagadh chun comhrá a dhéanamh le soláthraithe oiliúna agus oideachais fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil chun tacaíocht a thabhairt d’oideachasóirí i réimse an aistrithe ghlais agus na forbartha inbhuanaithe. Tacaíocht a thabhairt do rannpháirtíocht i dtionscadail agus i dtaighde turgnamhach a bhaineann leis an ngéarchéim aeráide, leis an ngéarchéim chomhshaoil, agus leis an inbhuaine.

7.

Leanúint de thacaíocht a thabhairt d’institiúidí oideachais agus oiliúna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla chun an t-aistriú glas agus an fhorbairt inbhuanaithe a chomhtháthú go héifeachtach, i gcás inarb iomchuí, ar fud a ngníomhaíochtaí agus a n-oibríochtaí uile trí na bearta seo a leanas a mheas:

a)

Bealaí cur chuige éifeachtacha uile-institiúideach i leith na hinbhuanaitheachta a spreagadh agus a éascú ina gcuimsítear an teagasc agus an fhoghlaim;; fís, pleanáil agus rialachas; rannpháirtíocht ghníomhach foghlaimeora agus foirne; rannpháirtíocht teaghlach; bainistiú foirgneamh agus acmhainní; comhpháirtíochtaí le pobail áitiúla agus leis an bpobal i gcoitinne; agus an taighde agus an nuálaíocht. Tacaíocht a thabhairt do cheannairí oideachais an t-athrú eagraíochtúil a bhainistiú trí fhorbairt agus trí threoir ghairmiúil thiomanta a thabhairt dóibh ina ról.

b)

Tacaíocht a thabhairt d’institiúidí oideachais agus oiliúna a straitéisí inbhuaine a cheapadh, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus/nó an inbhuaine a leabú i bpróisis agus i mbearta atá ann cheana (e.g. pleananna forbartha scoile, ráitis misin agus straitéisí ardoideachais). A aithint gur próiseas fadtéarmach é lena n-éilítear céimeanna beaga intomhaiste ar a ndéantar faireachán agus meastóireacht ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear tríd an bhféinmheastóireacht a dhéanann an institiúid.

c)

I gcomhréir lena neamhspleáchas institiúideach, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt d’ionaid cúraim agus oideachais luath-óige, scoileanna, institiúidí ardoideachais, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, institiúidí foghlama aosach agus soláthraithe oideachais eile chun páirt a ghlacadh i dtionscnaimh éicilipéid ar féidir leo tairbhí comhshaoil, sóisialta, oideachais agus eacnamaíocha a thabhairt. Struchtúir thacaíochta a sholáthar le haghaidh scéimeanna den sórt sin, e.g. gníomhaireachtaí nó comhlachtaí chun tacú le cuir chuige uile-institiúide, an mheantóireacht agus an líonrú, teimpléid agus treoir, agus tacaíocht airgeadais.

d)

Cuid de na sásraí athbhreithnithe inmheánaigh agus/nó sheachtraigh agus dearbhaithe cáilíochta a bhíonn ag eagraíochtaí oideachais agus oiliúna a dhíriú ar an inbhuaine. Rannpháirtíocht éifeachtach na n-institiúidí ardoideachais a aithint trí mhodhanna iomchuí, lena n-áirítear, mar shampla, sásraí maoiniúcháin.

e)

An t-aistriú glas agus an fhorbairt inbhuanaithe a neadú a thuilleadh i gcláir, siollabais agus modúil gairmoideachais agus gairmoiliúna agus san ardoideachas (i gcomhréir le neamhspleáchas institiúideach agus saoirse acadúil), thar réimse disciplíní, lena n-áirítear staidéir ghnó, eolaíochtaí sóisialta, eolaíochtaí oideolaíocha, daonnachtaí, na dána, ailtireacht agus innealtóireacht, pleanáil agus bainistiú úsáide talún. Úsáid a bhaint as acmhainní agus as ábhair a fhorbraíonn eagraíochtaí comhshaoil agus oideachais neamhrialtasacha agus comhlachtaí ábhartha eile.

f)

Tacaíocht a thabhairt don ardoideachas, d’institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus foghlama aosach agus cúrsaí foghlama beaga agus saincheaptha a fhorbairt maidir leis an aistriú glas agus leis an bhforbairt inbhuanaithe, lena bhféadfar micridhintiúir, i measc nithe eile, a bheith de thoradh orthu, chun inniúlachtaí gairmiúla a dhoimhniú, a leathnú agus a thabhairt cothrom le dáta.

g)

Comhpháirtíochtaí leis na disciplíní agus na gníomhaithe uile, lena n-áirítear gnólachtaí, na healaíona, feirmeacha, an oidhreacht chultúrtha, an spórt, an óige, institiúidí taighde, eagraíochtaí na sochaí sibhialtach, tionscal na n-acmhainní oideachais (lena n-áirítear an teicneolaíocht, an fhoilsitheoireacht agus trealamh curaclaim eile) agus an taighde oideachais. Tacú le cláir sheach-churaclaim, cláir shamhraidh agus cláir eile a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt do shocrúcháin oibre i suíomhanna éagsúla, mar shampla, saotharlanna, gnólachtaí, institiúidí taighde agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.

h)

Tacú le cláir lena gcuirtear an nuálaíocht inbhuanaitheachta agus an fhiontraíocht chun cinn. Institiúidí ardoideachais agus gairmoideachais agus gairmoiliúna a neartú chun moil inbhuanaitheachta a bhunú nó a threisiú lena gcuirfear feabhas ar an nuálaíocht agus ar an bhfiontraíocht don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe, don gheilleagar ciorclach agus don bhithéagsúlacht.

8.

Cistí náisiúnta agus cistí an Aontais a shlógadh, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh infheistíocht, oiliúint, uirlisí agus acmhainní chun athléimneacht agus ullmhacht an oideachais fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil agus na hoiliúna le haghaidh an aistrithe ghlais a mhéadú, go háirithe Erasmus+, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, an clár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach agus an Clár InvestEU.

9.

Infheistíocht a dhéanamh san fhaireachán, sa taighde agus sa mheastóireacht a dhéantar maidir leis na dúshláin bheartais agus tionchar na dtionscnamh sin chun cur leis na ceachtanna a foghlaimíodh cheana agus mar bhonn eolais leis an gceapadh beartas. Féadfar cur chun feidhme na dtáscairí agus na spriocanna atá ann cheana a áireamh leis sin, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta.

IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN, AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT AICI AR AN gCOIMHDEACHT AGUS AR NA hIMTHOSCA NÁISIÚNTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

Comhar agus piarfhoghlaim a éascú idir na Ballstáit agus na geallsealbhóirí maidir leis an bhfoghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe, trí na nithe seo a leanas:

a)

An creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo Limistéar Eorpach Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (20), ina bhfuil an t-oideachas agus an oiliúint le haghaidh an aistrithe ghlais ina phríomhréimse tosaíochta.

b)

Deiseanna chun scaipeadh agus spreagadh a dhéanamh ar úsáid an oideachais agus na hoiliúna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla le haghaidh an aistrithe ghlais agus na forbartha inbhuanaithe laistigh de chláir mhaoinithe an Aontais, amhail Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, LIFE, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, Fís Eorpach lena n-áirítear gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie agus an Clár um Fhorbairt Oideachais agus Ardú Feasachta, agus ionstraim um thacaíocht theicniúil, na deiseanna sin a chur chun cinn agus a chumasú agus tacú leis na deiseanna sin.

c)

Dea-chleachtais ó mhalartuithe foirne, ó thionscadail agus ó líonraí Erasmus+ a chomhroinnt, lena n-áirítear trí chomhghuaillíocht na nOllscoileanna Eorpacha, an pobal r-Nasctha ar líne, na hAcadaimh Múinteoirí Erasmus+, mar aon le hIonaid Barr Feabhais Gairme, gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie agus an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht.

d)

Na dea-chleachtais a shainaithint, a dhoiciméadú agus a chomhroinnt, lena n-áirítear trí na hardáin ar líne atá ann cheana (21) agus tacaíocht a thabhairt do líonrú eagraíochtaí náisiúnta agus eagraíochtaí eile atá gníomhach san oideachas agus i réimse an aistrithe ghlais agus na forbartha inbhuanaithe san oideachas agus san oiliúint fhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil.

e)

Ról a thabhairt do dhaoine óga maidir leis an Moladh a chur chun feidhme, go háirithe trí Bhliain Eorpach na hÓige 2022 agus trí Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, chun a áirithiú go gcuirtear tuairimí, dearcthaí agus riachtanais daoine óga agus eagraíochtaí óige san áireamh go hiomlán.

f)

Sineirgí a chruthú leis an gComhghuaillíocht “Oideachas ar mhaithe leis an Aeráid” agus an Bauhaus Eorpach Nua.

2.

Acmhainní, ábhair agus taighde maidir leis an bhfoghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe a fhorbairt, a roinnt agus a chur ar fáil, i gcomhar leis na Ballstáit, lena n-áirítear maidir le GreenComp, an creat nua Eorpach um inniúlacht inbhuanaitheachta.

3.

Tacú le hoideachasóirí teagasc a dhéanamh don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

acmhainní agus ábhair thacaíochta a sholáthar lena n-úsáid ar bhonn deonach ar an Ardán ar líne na hEorpa don Oideachas Scoile, EPALE agus Tairseach Eorpach na hÓige;

b)

aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí sármhaithe sa teagasc agus san fhoghlaim le haghaidh an aistrithe ghlais agus na forbartha inbhuanaithe trí scéimeanna dámhachtana de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Gradam Eorpach don Teagasc Nuálach, an Duais Eorpach um r-Nascadh agus na Dámhachtainí Eorpacha um Ghairmscileanna.

4.

Faireachán a dhéanamh ar fhorbairt scileanna glasa nó dearcthaí a bhíonn i réimse an ardoideachais, ag céimithe gairmoideachais agus gairmoiliúna agus ag taighdeoirí luathghairme i leith inbhuanaitheacht chomhshaoil, gan oibleagáidí tuairiscithe nua a chruthú ná aon ualach breise a chur ar na Ballstáit, trí shuirbhéanna Eorpacha atá ann cheana, amhail an tionscnamh Eorpach um rianú céimithe, mar shampla trí cheisteanna faoi na dearcthaí sin a chur san áireamh sna suirbhéanna sin.

5.

Faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir leis an oideachas don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe faoi chuimsiú na dtuarascálacha atá ann cheana ar an Limistéar Eorpach Oideachais agus ar an Margadh Glas Eorpach, gan oibleagáidí nua tuairiscithe a chruthú ná aon ualach breise a chur ar na Ballstáit. Áirítear leis sin tacú le forbairt táscairí a d’fhéadfadh a bheith ann nó spriocanna maidir le hinbhuanaitheacht ar leibhéal an Aontais mar a leagtar amach sa Rún ón gComhairle maidir leis an gcreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide i gcéin (2021-2030).

6.

An comhar atá ann cheana le heagraíochtaí idirnáisiúnta a láidriú, go háirithe UNESCO agus comhlachtaí eile NA, lena n-áirítear UNECE, chun cur chuige i leith an oideachais agus na hoiliúna le haghaidh an aistrithe ghlais agus na forbartha inbhuanaithe a chothú le lucht ceaptha beartas, cleachtóirí agus geallsealbhóirí sna Ballstáit agus eatarthu, lena gcuimsítear an cothromas, an t-ionchuimsiú agus an ceartas, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Treochlár 2030 UNESCO maidir leis an Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe.

7.

Leanúint den ghné ghlas atá sna cláir Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a threisiú, sa dá chás trí na soghluaisteachta glaise, comhar ar líne, cleachtas glas i dtionscnaimh agus fócas láidir ar an aistriú glas agus ar an bhforbairt inbhuanaithe sa chomhar idir geallsealbhóirí éagsúla i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 16 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. DUSSOPT


(1)  COM(2019) 640 final.

(2)  COM(2020) 380 final.

(3)  Lena n-áirítear an creat nua le haghaidh cur chun feidhme Straitéis UNECE don Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe ó 2021 go 2030.

(4)  Chun críocha an Mholta seo, áirítear leis an téarma “oideachasóir” múinteoirí, oiliúnóirí, oibrithe óige, oideoirí múinteoirí agus gach gairmí san oideachas foirmiúil, seachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil.

(5)  12210/20.

(6)  UNESCO, Education for sustainable development: a roadmap, 2020. [Oideachas ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe: treochlár, 2020].

(7)  COM(2020) 625 final.

(8)  IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.

(9)  IO C 66, 26.2.2021, lch. 1.

(10)  COM(2020) 628 final.

(11)  Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le hinniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 189, 4.6.2018, lch. 1).

(12)  COM(2020) 274 final.

(13)  IO C 417, 2.12.2020, lch. 1.

(14)  COM(2020) 624 final.

(15)  ECFE (2020), Are Students Ready to Thrive in an Interconnected World? PISA 2018, Eagrán VI.

(16)  Is é an Lárionad Taighde Idirnáisiúnta maidir leis an Intleacht Shaorga (IRCAI), faoi choimirce UNESCO, an chéad lárionad domhanda a thugann aghaidh ina chuid gníomhaíochtaí ar an intleacht shaorga, ar an oideachas agus ar an bhforbairt inbhuanaithe.

(17)  Leis an gcoincheap “inniúlachtaí inbhuanaitheachta” a bhfuil tuairisc air in GreenComp, an creat inniúlachta inbhuanaitheachta Eorpach, cumhdaítear an t-eolas, na scileanna agus an meon atá ag teastáil ó fhoghlaimeoirí de gach aois chun maireachtáil, oibriú agus gníomhú ar bhealach inbhuanaithe (lena n-áirítear smaointeoireacht chriticiúil, smaointeoireacht chórais agus nasc leis an dúlra). Baineann “scileanna glasa” leis na scileanna gairmiúla atá ag teastáil ó gach earnáil agus ar gach leibhéal sa mhargadh saothair don aistriú glas, lena n-áirítear poist ghlasa nua a chruthú.

(18)  Coinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil.

(19)  Leis an gcur chuige ETIEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, na hEalaíona agus Matamaitic), baintear leas as an bhféidearthacht chruthaitheach atá ann nuair a nasctar oideachas ETIM leis na healaíona, na dána agus na heolaíochtaí sóisialta.

(20)  Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030), IO C 66, 26.2.2021, lch. 1.

(21)  D’fhéadfadh sé go n-áireofaí air sin an Chomhghuaillíocht um an Athrú Aeráide, an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile, Cúinne na Foghlama, Science is Wonderful! Tairseach Eorpach na hÓige, Ríomh-Ardán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip (EPALE), Scientix, an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí, agus an Comhaontú um Scileanna.


27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 243/10


MOLADH ÓN GCOMHAIRLE

an 16 Meitheamh 2022

maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht

(2022/C 243/02)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 149 agus 292, 165 agus 166 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.

Laistigh den Eoraip, tá méadú ag teacht ar an líon daoine ar gá dóibh a gcuid eolais, scileanna agus inniúlachtaí a thabhairt cothrom le dáta agus a fheabhsú chun an bhearna a líonadh idir an t-oideachas agus an oiliúint fhoirmiúil agus na riachtanais atá ag sochaí agus margadh saothair atá ag athrú go tapa. Chuir an téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus na haistrithe digiteacha agus glasa dlús leis an athrú ar an gcaoi a mairimid, a bhfoghlaimímid agus a n-oibrímid. Chuir siad chun suntais freisin gur gá go mbeidh daoine in ann déileáil níos fearr le dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Rinne an phaindéim difear d’ionchais ghairme daoine óga agus daoine fásta araon. Tháinig méadú ar an dífhostaíocht freisin agus rinneadh dochar do dhea-bhail fhisiciúil, mheabhrach agus mhothúchánach na gcéadta milliún duine san Eoraip.

2.

Tá soláthar easpach na scileanna ábhartha i margadh saothair an Aontais ar cheann de na príomhdhúshláin roimh ghnólachtaí agus roimh fhostóirí Eorpacha. Ag an am céanna, tá aghaidh á tabhairt ag oibrithe ar athruithe dífhasaigh ar an gcaoi a n-eagraítear an obair. Ina theannta sin, tá athruithe bunúsacha ag teacht ar phróifílí tascanna agus ar riachtanais scileanna mar gheall ar na haistrithe digiteacha agus glasa. Mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2021/1868 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2021 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (1), “Oibreoidh na Ballstáit agus an tAontas i dtreo straitéis chomhordaithe le haghaidh fostaíocht a fhorbairt, go háirithe chun lucht saothair sciliúil oilte solúbtha a chur chun cinn, chomh maith le margaí saothair atá in ann a bheith freagrúil i leith athruithe eacnamaíocha”. Tá uas-sciliú agus athsciliú leanúnach fíor-riachtanach d’oibrithe le go mbeidh siad in ann freagairt ar riachtanais a bpoist reatha nó aistriú chuig poist nua agus earnálacha atá ag leathnú, amhail an earnáil ghlas agus an earnáil dhigiteach, go háirithe i gcomhthéacs an aosaithe dhéimeagrafaigh.

3.

Tá rochtain ar theagasc agus ar fhoghlaim ar ardchaighdeán a sholáthraítear ar bhealaí agus i suíomhanna éagsúla de dhíth ar dhaoine chun a n-eolas, scileanna agus inniúlachtaí pearsanta, sóisialta, cultúrtha agus gairmiúla a fhorbairt. Iarradh go mbeadh córais oideachais agus oiliúna níos solúbtha agus go dtiocfaidís ar réitigh chun foghlaim níos dírithe ar an bhfoghlaimeoir, níos inrochtana agus níos cuimsithí a sholáthar do raon níos leithne próifílí. Tá aghaidh á tabhairt ag soláthraithe seachfhoirmiúla oideachais agus oiliúna ar an riachtanas sin freisin trí dheiseanna nua agus nuálacha maidir le huas-sciliú agus athsciliú a sholáthar.

4.

Tá cultúr éifeachtach na foghlama ar feadh an tsaoil ríthábhachtach chun a áirithiú go bhfuil an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá ag gach duine le go mbeidh rath orthu sa tsochaí, sa mhargadh saothair agus ina saol pearsanta. Tá sé fíor-riachtanach gur féidir le daoine rochtain a fháil ar oideachas agus oiliúint ábhartha ar ardchaighdeán, ar uas-sciliú agus ar athsciliú ar feadh a saoil. Ba cheart do dheiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a bheith mar chuid de straitéis fhadtéarmach na n-institiúidí oideachais agus oiliúna chun feabhas a chur ar a bhfreagrúlacht ar riachtanais na bhfostaithe agus na bhfoghlaimeoirí atá ag athrú go tapa. Cuirfidh sé sin ar a gcumas do phobal foghlama níos éagsúla (lena n-áirítear céimithe na n-institiúidí sin agus foghlaimeoirí fásta eile) uas-sciliú agus athsciliú. Moltar d’institiúidí ardoideachais, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET), soláthraithe na foghlama d’aosaigh agus soláthraithe eile micridhintiúr oibriú i gcomhar le chéile agus na torthaí taighde is déanaí a chur i bhfeidhm maidir le deiseanna foghlama a dhearadh agus a thabhairt cothrom le dáta.

5.

D’fhéadfadh micridhintiúir a bheith ina gcuidiú chun torthaí na n-eispéireas saincheaptha beag a dheimhniú. Le micridhintiúir, bítear in ann eolas, scileanna agus inniúlachtaí a fháil ar bhealach spriocdhírithe solúbtha chun freastal ar riachtanais nua atá ag teacht chun cinn sa tsochaí agus sa mhargadh saothair, agus bíonn daoine aonair in ann na bearnaí scileanna is gá dóibh a líonadh le go mbeidh rath air i dtimpeallacht atá ag athrú go tapa, ach ní thiocfaidh siad in ionad cáilíochtaí traidisiúnta. Is féidir le micridhintiúir, i gcás inarb iomchuí, na cáilíochtaí atá ag daoine cheana a chomhlánú, breisluach a thabhairt dóibh ach gan an bonn a bhaint ó chroíphrionsabal clár iomlán céime san oideachas agus oiliúint tosaigh. D’fhéadfadh soláthraithe éagsúla micridhintiúir a dhearadh agus a eisiúint i suíomhanna foghlama éagsúla (suíomhanna foghlama foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla).

6.

D’ainneoin go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear astu, níl aon sainmhíniú nó caighdeán comhchoiteann ann maidir le micridhintiúir san Eoraip. Cuireann sin srian leis an tuiscint ar mhicridhintiúir agus le glacadh na micridhintiúr agus, dá bhrí sin, déantar dochar d’acmhainneacht na micridhintiúr conairí solúbtha foghlama agus gairme a éascú. Is é is aidhm don mholadh seo tacú le muinín a chothú sna micridhintiúir ar fud na hEorpa i measc na ndaoine uile lena mbaineann, bídís ina soláthraithe nó ina dtairbhithe.

7.

Leagtar síos sa chéad phrionsabal i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta (2) go bhfuil an ceart ag gach duine ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán a fháil chun scileanna a choinneáil agus a fháil, scileanna a chuirfidh ar a gcumas do dhaoine a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus aistrithe sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil, ar fud an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos sa cheathrú prionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil an ceart ag gach duine cúnamh tráthúil saincheaptha a fháil chun feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta nó féinfhostaíochta. Áirítear leis an gceart chun cúnaimh an ceart chun tacaíocht a fháil don oiliúint agus don athcháiliú. Luaitear sa Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta gurb é atá i micridhintiúir ionstraim nuálach lena bhféadfaí “conairí solúbtha foghlama a éascú agus tacú le hoibrithe lena bpost nó le linn aistrithe gairmiúla”. Féadfaidh ról a bheith ag micridhintiúir i bpríomhspriocanna an Aontais atá le baint amach faoi 2030 ghnóthú, lena n-áirítear sprioc 60 % de dhaoine fásta a bheith ag tabhairt faoi chúrsaí oiliúna gach bliain agus ráta fostaíochta 78 % ar a laghad. Chuir ceannairí an Aontais, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta in iúl gur dhíol sásaimh dóibh an dá sprioc sin, ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto agus rinne an Chomhairle Eorpach amhlaidh ag an gcruinniú a bhí aici an 24 go dtí an 25 Meitheamh 2021 (3).

8.

I gcomhthreo leis an bPlean Gníomhaíochta, ghlac an Coimisiún Moladh maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19’ (Moladh “EASE”) (4). Tá treoir nithiúil maidir le beartais le haghaidh na mBallstát sa Mholadh seo i dtaca le pacáistí beartais comhleanúnacha a fhorbairt chun aistrithe post a éascú agus téarnamh ó COVID-19 lena gcruthófar poist a chothú. Clúdaítear leis an treoir maidir le beartais deiseanna uas-scilithe agus athscilithe agus bearta tacaíochta.

9.

Fógraíodh sa Chlár Oibre Scileanna don Eoraip (5), i measc an 12 bheart shuaitheanta atá aige, tionscnamh nua maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh nua tacú le cáilíocht, trédhearcacht agus glacadh na micridhintiúr ar fud an Aontais. Fógraíodh tionscnamh maidir le cuntais foghlama aonair sa Chlár Oibre Scileanna freisin a d’fhéadfadh cuidiú chun bearnaí sa rochtain atá ag daoine atá in aois oibre ar oideachas agus oiliúint a dhúnadh agus chun é a chur ar a gcumas do dhaoine aistrithe sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil. Féadfar micridhintiúir a úsáid mar chuid den oideachas agus oiliúint a chuirtear ar fáil do dhaoine chun bheith mar bhonn taca le hoibriú na gcuntas foghlama aonair sin.

10.

Fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 (6) go n-oibreodh an Coimisiún chun cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr a fhorbairt le deiseanna foghlama a leathnú agus ról na n-institiúidí ardoideachais agus na n-institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna san fhoghlaim ar feadh an tsaoil a neartú.

11.

Leis an Moladh ón gComhairle maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint le haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta (7), iarrtar ar an gCoimisiún “féachaint ar choincheap agus ar úsáid na micridhintiúr”.

12.

Sa Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (8) déantar iniúchadh ar choincheap agus ar úsáid na micridhintiúr agus mar cheann de na saincheisteanna agus na gníomhaíochtaí nithiúla do réimse tosaíochta 2 den chreat straitéiseach (Foghlaim ar feadh an tsaoil agus soghluaisteacht).

13.

Cuirtear I bhfáth sna conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh na n-Ollscoileanna Eorpacha - An t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: An bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach (9), “gan imeacht ón gcroíphrionsabal gur clár de chéimeanna iomlána atá i gceist agus gan baint de bhonn an chroíphrionsabail sin, d’fhéadfadh micreachreidiúnachtaí cabhrú le deiseanna foghlama a leathnú chun freastal ar fhoghlaimeoirí neamhthraidisiúnta agus ar an éileamh ar scileanna nua i margadh an tsaothair; an fhoghlaim a dhéanamh níos solúbtha agus níos modúlaí; tacú leis an rochtain ar an ardoideachas; agus agus plé ar bhealach fóinteach le foghlaimeoirí, gan beann ar na cáilíochtaí atá acu cheana ná ar a gcúlra, deiseanna athscilithe agus uas-scilithe á gcur chun cinn, agus oideachas ardchaighdeáin á áirithiú”.

14.

Thug Airí Oideachais Limistéar Eorpach an Ardoideachais gealltanas in Communiqué na Róimhe de chuid Phróiseas idir-rialtasach Bologna (10) cuidiú le hinstitiúidí ardoideachais an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) a soláthar foghlama a éagsúlú; agus (ii) nuálaíocht a dhéanamh san ábhar oideachais agus sna modhanna seachadta. Chomh maith le cláir iomlána chéime, agus a gceart chun cláir staidéir a dhearadh agus ceisteanna maidir le haistriú creidmheasa a rialú go neamhspleách á chaomhnú ag an am céanna, tá aonaid foghlama níos lú á gcur ar fáil ag a lán institiúidí ardoideachais nó tá sé beartaithe acu iad a thairiscint. Is féidir leis na haonaid níos lú sin cuidiú le foghlaimeoirí a gcuid scileanna agus inniúlachtaí cultúrtha, gairmiúla, agus idirdhisciplíneacha a fhorbairt nó a thabhairt cothrom le dáta ag céimeanna éagsúla dá saol. Sa chomhar faoi chuimsiú Phróiseas Bologna déanfar iniúchadh ar an gcaoi ar féidir agus ar a mhéid is féidir na haonaid foghlama solúbtha níos lú – lena n-áirítear na haonaid a mbronntar micridhintiúir ina leith – a shainiú, a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a aithint trí uirlisí comhchoiteanna a úsáid.

15.

Ba cheart do chórais oideachais agus oiliúna freastal ar riachtanais, ar chumais agus ar inniúlachtaí éagsúla gach foghlaimeora. Ba cheart dóibh freisin deiseanna foghlama a thairiscint do chách, lena n-áirítear i suíomhanna seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla mar a chuirtear i dtreis sna conclúidí ón gComhairle maidir le cothromas agus cuimsiú san oideachas agus san oiliúint chun rath san oideachas do chách a chur chun cinn (11). Féadfar micridhintiúir dhea-cheaptha a úsáid mar chuid de bhearta spriocdhírithe chun tacú le cuimsiú agus rochtain ar oideachas agus ar oiliúint a bheith ag raon níos leithne foghlaimeoirí. Áirítear leis an raon níos leithne foghlaimeoirí sin grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí leochaileacha (amhail daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, daoine ar bheagán cáilíochtaí/scileanna, mionlaigh, daoine de bhunadh imirceach, dídeanaithe agus daoine ar lú na deiseanna atá acu mar gheall ar a suíomh geografach agus/nó ar an gcás iad a bheith faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch). Is féidir micridhintiúir a úsáid freisin ionas gur fearrde a threoraítear mic léinn agus chun rochtain ar an bhfoghlaim agus ar an oiliúint chomh maith le rath iontu a éascú agus chun tacú leis an aistriú ón scoil go dtí an obair. Leis an bhfás a bhfuil coinne leis ar líon na ndídeanaithe agus na n-iarratasóirí tearmainn, éileofar go bhforbrófar straitéisí chun na grúpaí sin a chomhtháthú go héifeachtach laistigh de chórais oideachais, oiliúna agus saothair. Le treoir agus foghlaim fhrithpháirteach ar fud an Aontais i ndáil le dearadh agus eisiúint na micridhintiúr, féadfar cuimsiú a chothú agus a áirithiú gur féidir le foghlaimeoirí ó gach grúpa den tsochaí leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann leo.

16.

Is féidir le micridhintiúir tacú freisin le forbairt ghairmiúil agus soghluaisteacht oibrithe, lena n-áirítear daoine i gcineálacha neamhchaighdeánacha oibre, amhail iad siúd i ngeilleagar an ardáin (12), a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu rochtain a fháil ar oiliúint ag brath ar a stádas fostaíochta (13).

17.

D’fhéadfadh ról gníomhach a bheith ag micridhintiúir maidir le tionscnaimh bheartais an Aontais a bhaint amach chun an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a chur chun cinn. D’fhéadfaí, le micridhintiúir, an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) a bheith mar bhonn taca le spriocanna an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 (14) chun deiseanna foghlama solúbtha agus inrochtana maidir le scileanna digiteacha a sholáthar; agus (ii) spriocanna phlean an Choimisiúin “Compás Digiteach 2030” a bhaint amach chun daonra a bhfuil scileanna digiteacha aige agus gairmithe digiteacha ardoilte a fhorbairt san Eoraip faoi 2030. D’fhéadfadh ról a bheith ag micridhintiúir freisin maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach (15), comhaontú arb é straitéis fáis na hEorpa é agus a bhfuil sé d’aidhm aige geilleagar agus sochaí na hEorpa a athrú ó bhonn agus iad a chur ar bhealach níos inbhuanaithe.

18.

Leis an Moladh ón gComhairle maidir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus lena n-aisghairtear moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí ar feadh an tsaoil a bhunú (16), cuirtear creat tagartha comhchoiteann ar fáil chun cuidiú le daoine agus le heagraíochtaí comparáid a dhéanamh idir an dá chóras cáilíochta éagsúla agus leibhéil na gcáilíochtaí ó na córais sin. Mar chreat tagartha Eorpach, tá an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF) oscailte do gach cineál agus gach leibhéal cáilíochtaí agus is é an tagairt chaighdeánach choiteann don trédhearcacht, don inaistritheacht agus don inchomparáideacht. Tá EQF oscailte freisin do mhicridhintiúir más rud é go n-áirítear ar dtús iad i gcreataí náisiúnta um cháilíochtaí.

19.

Leis an Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú (17), iarradh ar na Ballstáit socruithe a chur i bhfeidhm faoi 2018 – de réir imthosca agus sainiúlachtaí náisiúnta agus de réir mar a mheasann siad a bheith iomchuí – , chun foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú. Leis na socruithe sin maidir le bailíochtú, féadfaidh daoine an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a fuair siad tríd an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú. Féadfaidh na socruithe sin maidir le bailíochtú cur ar a gcumas do dhaoine freisin cáilíocht iomlán a bhaint amach nó, i gcás inarb infheidhme, páirtcháilíocht. I meastóireacht 2020 ar an Moladh (18), iarradh go ndéanfaí forbairt níos fearr ar na naisc idir bailíochtú agus micridhintiúir.

20.

I gCinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (Europass), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE (19), leagtar amach an bonn le huirlisí gréasánbhunaithe a sholáthar lena gcumasaítear do dhaoine a ngairm agus a bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a bhainistiú le seirbhísí fíordheimhniúcháin le haghaidh micridhintiúr, seirbhísí a fhágann go bhfuil micridhintiúir inaistrithe.

21.

Braitheann ábharthacht, forbairt agus nuashonrú na micridhintiúr ar na nithe seo a leanas:

(i)

comhar agus comhoibriú idir údaráis réigiúnacha agus náisiúnta, eagraíochtaí oideachais agus eagraíochtaí oiliúna agus;

(ii)

idirphlé sóisialta earnála agus trastionscail (ba cheart eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe agus ar fhostóirí ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus foireann ghairmiúil agus bainistíochta a bheith rannpháirteach san idirphlé sóisialta sin).

22.

Leis an Moladh seo, urramaítear go hiomlán prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, prionsabail an neamhspleáchais institiúidigh agus na saoirse acadúla, agus an fhreagracht atá ar na Ballstáit as ábhar agus eagrú an oideachais agus na gairmoiliúna i gcomhréir le himthosca náisiúnta, agus i ndlúthchomhar le gach geallsealbhóir ábhartha.

23.

Tá an Moladh seo gan dochar do Threoir 2005/36/CE arna leasú le Treoir 2013/55/AE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint agus leis an gcóras aitheantais uathoibríoch dá bhforáiltear inti,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH atá le cur chun feidhme i gcomhréir le reachtaíocht agus tosaíochtaí réigiúnacha agus náisiúnta agus le reachtaíocht agus tosaíochtaí an Aontais, le himthosca náisiúnta agus leis na hacmhainní atá ar fáil, lena n-áirítear an staid shocheacnamaíoch agus saintréithe an oideachais náisiúnta, na hoiliúna náisiúnta, na foghlama ar feadh an tsaoil agus na gcóras fostaíochta náisiúnta, agus i ndlúthchomhar le gach geallsealbhóir ábhartha:

Cuspóirí

1.

Moltar do na Ballstáit cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr a ghlacadh arb é is cuspóir dó:

(a)

cur ar a gcumas do dhaoine aonair an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a fháil, a thabhairt cothrom le dáta agus a fheabhsú ionas go mbeidh rath orthu i margadh saothair agus i sochaí atá ag síorathrú, chun tairbhe iomlán a bhaint as téarnamh atá cothrom go sóisialta agus as aistrithe córa chuig an ngeilleagar glas agus chuig an ngeilleagar digiteach, agus ionas go mbeidh siad níos ullmhaithe chun dul i ngleic le dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo;

(b)

tacú le hullmhacht sholáthraithe na micridhintiúr chun feabhas a chur ar cháilíocht, trédhearcacht, inrochtaineacht agus solúbthacht an tsoláthair foghlama chun daoine aonair a chumhachtú le conairí pearsantaithe foghlama agus gairme a chothú;

(c)

an chuimsitheacht, inrochtaineacht agus comhionannas deiseanna a chothú, agus rannchuidiú leis an athléimneacht, leis an gcothroime shóisialta agus leis an rathúnas a bhaint amach do chách, i gcomhthéacs athruithe déimeagrafacha agus athruithe sa tsochaí agus le linn gach céime de thimthriallta eacnamaíocha.

2.

Moltar do na Ballstáit micridhintiúir a úsáid, i gcás inarb iomchuí, mar uirlis chun na deiseanna foghlama reatha a neartú agus a chomhlánú, chun rannpháirtíocht san fhoghlaim ar feadh an tsaoil a mhéadú, agus mar chúnamh chun an sprioc go mbeadh 60 % den phobal lánfhásta páirteach i gcúrsaí oiliúna gach bliain a bhaint amach, mar a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus mar a d’fháiltigh ceannairí an Aontais roimhe agus arna fhormheas sa Rún ón gComhairle maidir le clár oibre nua Eorpach don fhoghlaim aosach 2021-2030 (20).

Raon feidhme

3.

Clúdaítear leis an Moladh seo micridhintiúir, chomh maith le beartais lena bhféadfar tacú le dearadh, le heisiúint agus le húsáid éifeachtach na micridhintiúr sin.

4.

Féadfar micridhintiúir a úsáid chun oideachas, oiliúint, foghlaim ar feadh an tsaoil agus éiceachórais infhostaitheachta a chomhlánú agus a fheabhsú. Is é is aidhm do na bearta a leagtar amach sa Mholadh seo deiseanna foghlama agus infhostaitheachta a neartú gan cur isteach ar na córais oideachais – oideachas tosaigh, ardoideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint (VET), agus gan an bonn a bhaint de cháilíochtaí agus céimeanna reatha ná iad a ionadú. Moltar sna bearta go mbunófaí cur chuige comhchoiteann Eorpach i leith sholáthar leanúnach na micridhintiúr san Aontas Eorpach agus i leith sholáthar na micridhintiúr atá ag teacht chun cinn agus leagtar amach ann sainiú agus treoir maidir le dearadh agus eisiúint micridhintiúr agus tuairisc orthu chun a gcáilíocht agus a dtrédhearcacht a fheabhsú, agus a nglacadh a éascú.

Sainmhínithe

5.

Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

Ciallaíonn “micridhintiúr” taifead na dtorthaí foghlama a fhaigheann foghlaimeoir tar éis méid beag foghlama. Beidh measúnú déanta ar na torthaí foghlama de réir caighdeáin thrédhearcacha atá sainithe go soiléir. Tá eispéiris foghlama ann a mbronntar micridhintiúir ina leith ceaptha chun eolas sonrach agus scileanna agus inniúlachtaí sonracha a fhreagraíonn ar riachtanais shochaíocha, phearsanta, chultúrtha nó an mhargaidh saothair a sholáthar don fhoghlaimeoir. Is leis an bhfoghlaimeoir na micridhintiúir, is féidir iad a roinnt agus tá siad inaistrithe. Féadfaidh siad a bheith ina micridhintiúir iontu féin nó féadfar iad a thabhairt le chéile i ndintiúir níos mó. Tá dearbhú cáilíochta mar bhonn taca leo i gcomhréir le caighdeáin arna gcomhaontú san earnáil nó sa réimse gníomhaíochta ábhartha.

(b)

Ciallaíonn “soláthraithe micridhintiúr” institiúidí agus eagraíochtaí oideachais agus oiliúna, comhpháirtithe sóisialta (i.e. eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’oibrithe agus d’fhostóirí), fostóirí agus earnáil na tionsclaíochta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, seirbhísí poiblí fostaíochta (SPF), mar aon le húdaráis réigiúnacha agus náisiúnta, agus gníomhaithe eile a dhearann, a sholáthraíonn agus a eisíonn micridhintiúir le haghaidh na foghlama foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla. Tá an méid sin gan dochar don reachtaíocht réigiúnach agus náisiúnta agus do na himthosca réigiúnacha agus náisiúnta.

(c)

Ciallaíonn “suíomhanna foghlama” na háiteanna, na comhthéacsanna fisiceacha, ar líne, cumaisc (21), fíorúla agus digiteacha agus na cultúir éagsúla ina bhfoghlaimíonn daoine, lena gcuimsítear gach suíomh ina bhféadfaidh foghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil tarlú.

(d)

Ciallaíonn “foghlaim fhoirmiúil” foghlaim a bhíonn ar siúl i dtimpeallacht eagraithe agus struchtúrtha, atá dírithe go sonrach ar an bhfoghlaim, agus bronntar cáilíocht mar thoradh uirthi go hiondúil, agus bíonn an cháilíocht sin i bhfoirm teastais nó dioplóma de ghnáth; áirítear leis an bhfoghlaim fhoirmiúil oideachas ginearálta, gairmoiliúint tosaigh, leanúnach, agus threasach, agus ardoideachas (22).

(e)

Ciallaíonn “foghlaim sheachfhoirmiúil” foghlaim a bhíonn ar siúl lasmuigh den oideachas agus den oiliúint fhoirmiúil trí ghníomhaíochtaí pleanáilte i dtéarmaí cuspóirí foghlama agus ama foghlama agus i gcás ina mbíonn cineál éigin tacaíochta foghlama ann (23).

(f)

Ciallaíonn “foghlaim neamhfhoirmiúil” foghlaim a eascraíonn as gníomhaíochtaí agus eispéiris laethúla nach bhfuil eagraithe ná struchtúraithe i dtéarmaí cuspóirí, ama nó tacaíochta foghlama; d’fhéadfadh sé a bheith neamhbheartaithe ó thaobh an fhoghlaimeora de (24). Ní chruthaíonn sin micridhintiúr go huathoibríoch ach is féidir é a mheas i gcomhthéacs socruithe bailíochtaithe a d’fhéadfadh torthaí foghlama an duine aonair a shainaithint, a dhoiciméadú, a mheasúnú agus/nó a dheimhniú.

(g)

Ciallaíonn “inaistritheacht” cumas sealbhóra dintiúir a mhicridhintiúir a stóráil ina rogha córais féin agus an dintiúr a roinnt lena rogha páirtí féin (bíodh sé náisiúnta nó trasnáisiúnta), agus go bhfuil gach páirtí sa mhalartú in ann ábhar na ndintiúr a thuiscint agus barántúlacht na ndintiúr a fhíorú. Ar an gcaoi sin, is féidir inaistritheacht a bheith ann idir na hearnálacha oideachais agus oiliúna agus laistigh díobh, i margadh an tsaothair agus i dtíortha éagsúla.

(h)

Ciallaíonn “inchruachtacht” an fhéidearthacht micridhintiúir éagsúla a chur le chéile agus tógáil go loighciúil ar a chéile. Is faoin eagraíocht is faighteoir (e.g. institiúidí oideachais agus oiliúna, fostóirí, etc.) atá sé cinntí a dhéanamh maidir le dintiúir a “chruachadh” nó a chomhcheangal i gcomhréir le cleachtais na heagraíochta agus ba cheart do na cinntí tacú le spriocanna agus le riachtanais an fhoghlaimeora. Ní chruthaíonn cruachadh teidlíocht uathoibríoch ar cháilíocht ná ar chéim. Is iad na húdaráis nó na hinstitiúidí réigiúnacha agus náisiúnta a dhéanann na cinntí sin i gcomhréir lena bpróisis dámhachtana.

(i)

Ciallaíonn “measúnú” an próiseas nó an modh a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí foghlama a fhaigheann daoine trí shuíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, agus chun na scileanna sin a thomhas agus tuairisc a thabhairt orthu. Is é an soláthraí nó soláthraithe measúnaithe aitheanta eile a dhéanfaidh an measúnú.

Sainmhíniú agus Eilimintí Caighdeánacha Eorpacha le haghaidh tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúr

6.

Moltar do na Ballstáit na nithe seo a leanas a ghlacadh agus a chur chun cinn:

(a)

an sainmhíniú ar mhicridhintiúir a leagtar amach i mír 5(a);

(b)

na heilimintí caighdeánacha Eorpacha le haghaidh tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúr (mar a thuairiscítear orthu in Iarscríbhinn I), lena n-áirítear na heilimintí sainordaitheacha seo a leanas:

(i)

sainaithint an fhoghlaimeora

(ii)

teideal an mhicridhintiúir

(iii)

tír nó tíortha/réigiún nó réigiúin an eisitheora

(iv)

comhlacht/comhlachtaí dámhachtana

(v)

dáta eisiúna

(vi)

torthaí foghlama

(vii)

an t-ualach oibre barúlach is gá chun na torthaí foghlama a bhaint amach (sa Chóras Eorpach Aistrithe Creidiúna, i gcás inar féidir)

(viii)

leibhéal (agus timthriall, más infheidhme) an eispéiris foghlama a mbronntar an micridhintiúr ina leith (an Creat Eorpach um Cháilíochtaí, Creataí Cáilíochtaí le haghaidh an Réimse Ardoideachais Eorpaigh), más infheidhme

(ix)

an cineál measúnaithe

(x)

an cineál rannpháirtíochta sa ghníomhaíocht foghlama

(xi)

an cineál dearbhaithe cáilíochta a úsáidtear mar bhonn taca leis an micridhintiúr

(c)

na prionsabail Eorpacha maidir le micridhintiúir a dhearadh agus a eisiúint (mar a thuairiscítear orthu in Iarscríbhinn II).

An t-éiceachóras le haghaidh micridhintiúr a fhorbairt

7.

Moltar do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, forbairt leanúnach na micridhintiúr agus forbairt na micridhintiúr atá ag teacht chun cinn laistigh de shuíomhanna foghlama foirmiúla a éascú, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tacú le hiniúchadh na n-institiúidí ardoideachais ar ról na micridhintiúr chun deiseanna foghlama a thabhairt d’fhoghlaimeoirí éagsúla, go háirithe trí ghníomhaíochtaí foghlama ar feadh an tsaoil atá tarraingteach, inrochtana, cuimsitheach agus dírithe ar an bhfoghlaimeoir a leathnú, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí chomhghuaillíochtaí na “Ollscoileanna Eorpacha” (25), i gcás inarb infheidhme;

(b)

tacú leis na hinstitiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, agus le soláthraithe eile gairmoideachais agus gairmoiliúna, iniúchadh a dhéanamh ar ról na micridhintiúr sa tacaíocht a thugtar don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint leanúnach chun tacú le huas-sciliú agus le hathsciliú daoine fásta, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí na nIonad Barr Feabhais Gairme VET, i gcás inarb infheidhme;

(c)

a marana a dhéanamh maidir le cistiú poiblí a chur ar fáil de réir dála gach Ballstáit, chun imeachtaí beaga oideachais agus oiliúna a mbronntar micridhintiúir ina leith a fhorbairt agus a sholáthar ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna, agus an neamhspleáchas institiúideach á chur san áireamh chun go mbeidh an éagsúlacht agus an chruthaitheacht ann.

8.

Moltar do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tacú le forbairt leanúnach na micridhintiúr agus forbairt na micridhintiúr atá ag teacht chun cinn laistigh de shuíomhanna foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tacú le dearadh agus le heisiúint micridhintiúr ag soláthraithe seachas na soláthraithe a luaitear faoi mhír 7 (d’fhéadfaí a áireamh ar na soláthraithe sin: cuideachtaí, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, údaráis áitiúla, ionaid phobail, comhlachais ghairmiúla, eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta agus soláthraithe príobháideacha), lena n-áirítear éagsúlacht na bhfoinsí maoinithe a chur chun cinn;

(b)

forbairt na micridhintiúr a dhearann agus a chomhaontaíonn ionadaithe na bhfostóirí agus na n-oibrithe a chur chun cinn trí idirphlé sóisialta, i gcás inarb iomchuí;

(c)

a marana a dhéanamh ar nósanna imeachta maidir leis an réamhfhoghlaim a aithint agus maidir leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, na nósanna sin a oiriúnú chun go bhféadfar micridhintiúir a dhámhachtain.

9.

Moltar do na Ballstáit tacú le cáilíocht agus le trédhearcacht na micridhintiúr, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

sásraí dearbhaithe cáilíochta a chur i bhfeidhm, a oiriúnú agus a fhorbairt do mhicridhintiúir arna n-eisiúint ag cineálacha éagsúla soláthraithe, agus úsáid á baint as na sásraí atá ann cheana, nuair is féidir (féach Iarscríbhinn 2);

(b)

tacú le córais “faisnéise scileanna” a úsáid chun anailís a dhéanamh ar riachtanais an mhargaidh saothair agus ar athruithe déimeagrafacha ionas gur féidir leo a shainaithint an gá micridhintiúir a fhorbairt nó a thabhairt cothrom le dáta;

(c)

soláthraithe a spreagadh chun catalóga na micridhintiúr a sholáthraíonn siad a fhoilsiú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, a mbeartas maidir le haitheantas a thabhairt do mhicridhintiúir a eisíonn soláthraithe eile;

(d)

micridhintiúir a chomhtháthú i gcreataí agus i gcórais náisiúnta cáilíochtaí. Is iad na húdaráis nó na hinstitiúidí náisiúnta a dhéanann na cinntí maidir le micridhintiúir a chomhtháthú i gcreataí nó i gcórais réigiúnacha agus náisiúnta i gcomhréir leis na himthosca náisiúnta.

10.

Moltar do na Ballstáit comhar, rialachas agus comhpháirtíochtaí éifeachtacha ina measc seo a leanas a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí, agus tacú leo:

(i)

institiúidí oideachais agus oiliúna;

(ii)

comhpháirtithe sóisialta;

(iii)

fostóirí agus earnáil na tionsclaíochta;

(iv)

eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta;

(v)

eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

(vi)

seirbhísí fostaíochta agus seirbhísí cuimsithe shóisialta agus;

(vii)

údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta.

Tá an turgnamh, an comhar, an rialachas agus an chomhpháirtíocht sin tábhachtach chun riachtanais a shainaithint maidir le micridhintiúir, chun micridhintiúir a fhorbairt i gcomhar, agus chun micridhintiúir a thabhairt cothrom le dáta, agus chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar uas-sciliú agus athoiliúint, ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar fhorbairt gairmréime.

Acmhainneacht na micridhintiúr a bhaint amach

11.

Moltar do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, micridhintiúir a chomhtháthú i gcórais oideachais agus oiliúna agus i mbeartais scileanna, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cuimsiú tairiscintí oideachais agus oiliúna a spreagadh as a dtagann micridhintiúir i gcatalóg deiseanna oideachais agus oiliúna atá ar fáil;

(b)

micridhintiúir a úsáid chun feabhas a chur ar rochtain ar oideachas agus ar oiliúint le haghaidh gach foghlaimeora, lena n-áirítear grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí leochaileacha (amhail daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, daoine ar bheagán cáilíochtaí/scileanna, mionlaigh, daoine de bhunadh imirceach, dídeanaithe agus daoine ar lú na deiseanna atá acu mar gheall ar a suíomh geografach agus/nó iad a bheith faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch), i gcás inarb iomchuí;

(c)

micridhintiúir a úsáid chun tacú le conairí solúbtha foghlama agus an t-aistriú ón meánoideachas sinsearach nó ón ngairmoideachas tríú leibhéal go dtí an t-oideachas treasach agus oideachas aosach i gcás inarb ábhartha;

(d)

micridhintiúir a úsáid ar féidir iad a chomhtháthú i gcláir chéime nó a chomhlánú, i gcás inarb ábhartha;

(e)

micridhintiúir a úsáid mar mhodh eile chun feabhas a chur ar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha bunúsacha agus ar ardscileanna agus ar ardinniúlachtaí digiteacha le haghaidh raon níos leithne foghlaimeoirí, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach agus le Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta;

(f)

micridhintiúir a úsáid chun tacú leis an aistriú glas agus leis an bhforbairt inbhuanaithe mar chuid de chur chun feidhme náisiúnta an Mholta ón gComhairle maidir leis an bhfoghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe;

(g)

an úsáid a bhaineann institiúidí oideachais agus oiliúna agus soláthraithe eile – i gcomhar leis an éiceachóras eolais agus nuálaíochta máguaird – as micridhintiúir a chur chun cinn chun borradh a chur faoi ábharthacht na micridhintiúr agus tionchar féideartha dearfach na micridhintiúr ar an ngeilleagar ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

(h)

an tuiscint ar mhicridhintiúir agus an úsáid a bhaintear astu a chur chun cinn trí bhíthin forbairt ghairmiúil leanúnach le haghaidh múinteoirí agus oiliúnóirí, treoirchomhairleoirí (e.g. i gcomhthéacs Acadaimh Múinteoirí Erasmus+), chomh maith le hacadóirí, taighdeoirí, agus foireann ghaolmhar eile;

(i)

an úsáid a bhaintear as micridhintiúir chun na torthaí taighde is déanaí a aistriú go pras ina ndeiseanna foghlama a chur chun cinn, rud a neartaíonn sineirgí idir an Limistéar Eorpach Oideachas agus an Limistéar Eorpach Taighde;

(j)

iniúchadh a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as micridhintiúir sa Limistéar Eorpach Oideachais chun dul i ngleic le steiréitíopaí inscne agus le steiréitíopaí idirdhealaitheacha eile a bhaineann le roghanna staidéir agus laistigh de chleachtais agus d’ábhair oideachais.

12.

Moltar do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, micridhintiúir a chomhtháthú ina mbeartais fostaíochta agus ina mbeartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair (i.e. seirbhísí fostaíochta, tacaíocht oiliúna agus dreasachtaí fostaíochta), lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

micridhintiúir a úsáid, mar is ábhartha, chun:

(i)

aghaidh a thabhairt ar neamhréireanna agus ar scrogaill scileanna in earnálacha agus i réigiúin eacnamaíocha ar leith agus

(ii)

oibrithe a uas-sciliú agus a athsciliú le haghaidh scileanna agus poist a bhfuil éileamh orthu ar an margadh saothair, go háirithe i gcomhthéacs an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais.

(b)

lena n-áirítear oiliúint a mbronntar micridhintiúir ina leith as a dtagann deiseanna oiliúna aitheanta a d’fhéadfadh a bheith nasctha le cuntais foghlama aonair, ach a bheith ann dá leithéidí, agus le córais eile le haghaidh na tacaíochta oiliúna;

(c)

an úsáid a bhaintear as micridhintiúir mar mhodh chun scileanna na n-oibrithe féinfhostaithe agus neamhchaighdeánacha, lena n-áirítear daoine a oibríonn trí ardáin agus FBManna a thabhairt cothrom le dáta agus a uasghrádú, a chur chun cinn;

(d)

iniúchadh a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as micridhintiúir i dtionscnaimh spriocdhírithe chun tacú le grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus le grúpaí leochaileacha agus iad a spreagadh (amhail faighteoirí ioncaim íosta, iad siúd atá faoi mhíchumas, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus daoine ar bheagán cáilíochtaí) le filleadh ar an margadh saothair nó fanacht ag obair;

(e)

iniúchadh a dhéanamh ar ról na micridhintiúr laistigh de chórais chun leagan treisithe de Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme chun tacú le daoine óga, go háirithe in oiliúint ullmhúcháin agus i soláthairtí maithe oideachais leanúnaigh nó oiliúna leanúnaí;

(f)

iniúchadh a dhéanamh ar ról na micridhintiúr mar chuid de chur chun feidhme náisiúnta an Mholta maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE);

(g)

iniúchadh a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as micridhintiúir chun tacú le forbairt ghairmiúil oibrithe agus ceanglais rialála maidir le huas-sciliú agus le hathsciliú i bpoist áirithe agus i gcineálacha áirithe oibre a chomhlíonadh (e.g. le haghaidh ceadúnas, oiliúint riachtanach agus ceadanna).

13.

Moltar do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do Líonra Eorpach na Lárionad Náisiúnta Faisnéise agus do na Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil (líonraí ENIC-NARIC) nó do chomhlachtaí leordhóthanacha chun nósanna imeachta aitheantais trédhearcacha a fhorbairt, i gcás inarb ábhartha, do mhicridhintiúir arna n-eisiúint ag cineálacha éagsúla soláthraithe. Ba cheart é sin a dhéanamh i gcomhar le geallsealbhóirí ábhartha a luaitear i mír 10, lena n-áirítear trí fhéachaint ar an bhféidearthacht a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le aithint uathoibríoch micridhintiúir (26).

14.

Moltar do na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, a áirithiú go n-ionchorprófar faisnéis agus comhairle maidir le micridhintiúir a aithint agus a roghnú laistigh de sheirbhísí treorach i dtaca leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil. Áirítear leis sin seirbhísí treorach i lárionaid ghairme na n-institiúidí ardoideachais, SPF, seirbhísí príobháideacha fostaíochta, seirbhísí sóisialta agus seirbhísí treorach eile (fostaíocht, gairm, oideachas agus oiliúint, cóitseáil). Ba cheart freastal ar riachtanais gach foghlaimeora, lena n-áirítear foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste agus foghlaimeoirí leochaileacha, tríd an treoir maidir le micridhintiúir a ionchorprú sna seirbhísí sin.

15.

Moltardo na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

bearta a shainiú trí shocruithe náisiúnta ábhartha agus creataí airgeadais atá ann cheana a fhorbairt chun an Moladh seo a chur chun feidhme. D’fhéadfaí a áireamh leis sin naisc le cuntais foghlama aonair, nuair is ann dóibh (agus aird chuí á tabhairt ar fhreagracht agus ar neamhspleáchas na n-eagraíochtaí oideachais agus oiliúna, agus eagraíochtaí an mhargaidh saothair sa chomhthéacs náisiúnta).

(b)

an úsáid is fearr a bhaint as cistí agus as ionstraimí an Aontais chun tacú leis na hathchóirithe is gá, idir an creat cumasúcháin agus micridhintiúir a fhorbairt agus a úsáid.

Tacaíocht ón gCoimisiún

Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún, agus aird chuí á tabhairt aige ar an gcoimhdeacht agus ar imthosca náisiúnta agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, an méid seo a leanas a dhéanamh:

16.

uirlisí agus seirbhísí an Aontais atá ann cheana a fhorbairt agus a oiriúnú, i gcás inarb ábhartha, chun tacú le forbairt micridhintiúr ag gach cineál soláthraí, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tacú le forbairt na dtreoirlínte i dtaca le conas trédhearcacht a chothú agus ionstraimí an Aontais agus Bologna atá ann faoi láthair i réimse an ardoideachais a chur i bhfeidhm maidir le dearbhú cáilíochta inmheánach agus seachtrach na micridhintiúr;

(b)

iniúchadh a dhéanamh ar conas treoir úsáideora an Chórais Eorpaigh Aistrithe Creidiúna i réimse an ardoideachais a oiriúnú chun micridhintiúir a chomhtháthú;

(c)

iniúchadh a dhéanamh ar conas uirlisí an Aontais maidir le scileanna agus cáilíochtaí a oiriúnú agus a fhorbairt chun micridhintiúir a chomhtháthú i gcórais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna;

(d)

ról ENIC-NARIC agus comhlachtaí inniúla eile maidir le micridhintiúir a aithint le haghaidh staidéir bhreise agus/nó chun críocha fostaíochta a chothú, lena n-áirítear trí threoir agus oiliúint a fhorbairt;

(e)

tacú le hidirphlé struchtúrtha maidir leis an bhféidearthacht micridhintiúir a áireamh i gCreataí Náisiúnta um Cháilíochtaí;

(f)

féachaint ar thionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh a fhorbairt chun cur ar a gcumas do mhic léinn torthaí na micridhintiúr a fuarthas thar lear le linn a gcuid staidéir a roinnt ar bhealach slán le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna eile.

17.

tacú le comhar idir na Ballstáit agus geallsealbhóirí, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tacú le faisnéis a chomhroinnt idir údaráis réigiúnacha agus náisiúnta maidir le tionscnaimh bheartais ábhartha réigiúnacha agus náisiúnta agus fianaise maidir lena dtionchar, agus an úsáid is fearr á baint as an gcreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn;

(b)

comhar Eorpach maidir le dearbhú cáilíochta na micridhintiúr a chur chun cinn, rud a chuirfidh leis an muinín fhrithpháirteach;

(c)

tástáil le micridhintiúir agus úsáid na micridhintiúr a dhreasú in institiúidí ardoideachais agus institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, lena n-áirítear na comhghuaillíochtaí “Ollscoileanna Eorpacha” agus na hIonaid barr Feabhais Gairme a spreagadh chun glacadh na micridhintiúr a chur chun cinn agus a mholadh i measc an chomhphobail oideachais agus oiliúna níos leithne;

(d)

rannpháirtíocht maidir le micridhintiúir a chur chun cinn in Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ agus i soláthraithe eile oideachais agus oiliúna múinteoirí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na múinteoirí i dtaca le forbairt ghairmiúil leanúnach, i gcás inarb iomchuí;

(e)

féachaint ar rannpháirtíocht i dtaca le micridhintiúir ag comhpháirtithe sóisialta, fostóirí agus earnáil na tionsclaíochta, lena n-áirítear tríd an gComhshocrú um Scileanna agus tionscnaimh nasctha chomhair, amhail an Treoirphlean um chomhar earnála maidir le scileanna, an Comhaontas Eorpach neartaithe do Phrintíseachtaí agus an Chomhghuaillíocht Scileanna Digiteacha agus Post;

(f)

tacú le comhar agus le malartú dea-chleachtas idir SPFanna agus fostóirí maidir leis an gcaoi a mbaintear úsáid as micridhintiúir chun tacú le hinfhostaitheacht i gcomhthéacs Líonra na SPFanna;

(g)

tionscadail chomhair a éascú i measc na gcomhpháirtithe sóisialta agus institiúidí oideachais agus oiliúna maidir le conas micridhintiúir a úsáid agus a chur chun feidhme chun freastal ar riachtanais scileanna ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, áitiúil agus réigiúnach, agus ar fud earnálacha éagsúla.

18.

tacú le cur chun feidhme teicniúil an Mholta trí iniúchadh a dhéanamh ar fhorbairtí breise in ardán Europass chun an méid seo a leanas a sholáthar, i gcás inarb ábhartha:

(a)

faisnéis maidir le deiseanna foghlama a mbronntar micridhintiúir ina leith agus maidir le soláthraithe a chloíonn leis an gcur chuige Eorpach i leith micridhintiúr;

(b)

tacaíocht d’fhíordheimhniú na micridhintiúr trí dhintiúir dhigiteacha Eorpacha na foghlama;

(c)

tacaíocht d’inaistritheacht, inchruachtacht, idir-inoibritheacht, malartú agus roinnt na faisnéise maidir le micridhintiúir trí bhíthin caighdeán oscailte Eorpach lena sonraítear formáid choiteann le haghaidh micridhintiúr.

19.

tacú le tuilleadh taighde ar na nithe seo a leanas:

(i)

glacadh an chur chuige Eorpaigh i leith micridhintiúr, lena n-áirítear maidir leis an úsáid a bhaineann soláthraithe oideachais agus oiliúna, fostóirí agus comhpháirtithe sóisialta astu;

(ii)

torthaí agus tairbhí áirithe d’fhoghlaimeoirí;

(iii)

a mbreisluach i gcomparáid le céimeanna nó cáilíochtaí iomlána agus mar chomhlánú orthu agus;

(iv)

fianaise bhreise ar na tosca a mbíonn tionchar acu ar dhreasachtaí agus ar inspreagadh daoine dul i mbun oiliúna.

20.

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún oibriú i gcomhar le chéile chun feabhas a chur ar raon feidhme agus ar ábharthacht an bhailithe sonraí atá ar siúl cheana maidir le micridhintiúir ar leibhéal an Aontais.

Tuairisciú

21.

Moltar do na Ballstáit an Moladh seo a chur chun feidhme a luaithe is féidir. Iarrtar orthu na bearta comhfhreagracha atá le déanamh ar an leibhéal iomchuí chun tacú le cuspóirí an Mholta seo a chur in iúl don Choimisiún faoi mhí na Nollag 2023.

22.

Iarrtar ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an Mholta seo trí chreataí ábhartha faireacháin agus tuairiscithe an Aontais, gan aon ualach breise do na Ballstáit, i gcomhar leo agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí lena mbaineann, agus iarrtar air tuairisciú don Chomhairle laistigh de 5 bliana ó dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 16 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. DUSSOPT


(1)  IO L 379, 26.10.2021, lch. 1.

(2)  IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.

(3)  “[...] is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach, i gcomhréir le Dearbhú Porto, príomhspriocanna sin an Aontais atá i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta”, conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 24 agus an 25 Meitheamh 2021, EUCO 7/21.

(4)  C(2021) 1372 final.

(5)  COM(2020) 274 final.

(6)  COM(2020) 625 final.

(7)  IO C 417, 2.12.2020, lch. 1.

(8)  IO C 66, 26.2.2021, lch. 1.

(9)  IO C 221, 10.6.2021, lch. 14.

(10)  Communiqué Aireachta na Róimhe an 19 Samhain 2020.

(11)  IO C 221, 10.6.2021, lch. 3.

(12)  “[...] ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear le coincheap an gheilleagair ardán ar líne gach gníomhaíocht eacnamaíoch a eascraíonn as idirbhearta tráchtála iarbhír nó beartaithe sa mhargadh inmheánach agus a éascaítear go díreach nó go hindíreach le hardáin ar líne, go háirithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus innill chuardaigh ar líne”, Cinneadh ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2018 maidir leis an ngrúpa saineolaithe a chur ar bun don Fhaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne C(2018) 2393 final, 26 Aibreán 2018, lch. 1.

(13)  Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le dálaí oibre cothroma, cearta agus cosaint shóisialta d’oibrithe ardáin – cineálacha nua fostaíochta atá nasctha leis an bhforbairt dhigiteach (2019/2186(INI)), iarradh go dtabharfaí aghaidh ar oideachas agus oiliúint oibrithe ardáin i gcomhthéacs chur chuige an Aontais i leith micridhintiúr.

(14)  COM(2020) 624 final.

(15)  COM(2019) 640 final.

(16)  IO C 189, 15.6.2017, lch. 15.

(17)  IO C 398, 22.12.2012, lch. 1.

(18)  SWD (2020) 121 final.

(19)  IO L 112, 2.5.2018, lch. 42.

(20)  IO C 504, 14.12.2021, lch. 9.

(21)  Is é “foghlaim chumaisc” san oideachas agus san oiliúint fhoirmiúil an téarma a úsáidtear chun tuairisc a thabhairt ar an gcás ina nglacann scoil, oideoir nó mac léinn níos mó ná cur chuige amháin i leith an phróisis foghlama.

(22)  Sainmhíniú bunaithe ar an Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú IO C 398, 22.12.2012, lth. 1.

(23)  Sainmhíniú a fuarthas i Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, IO L 189, 28.5.2021, lch. 1.

(24)  Sainmhíniú a fuarthas i Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, IO L 189, 28.5.2021, lch. 1.

(25)  IO C 221, 10.6.2021, lch. 14.

(26)  Mar a sainíodh i Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haithint fhrithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear IO C 444, 10.12.2018, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

Eilimintí caighdeánacha Eorpacha le haghaidh tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúr

Áirítear san iarscríbhinn seo liosta eilimintí comhchoiteanna caighdeánacha Eorpacha le haghaidh tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúir a mholtar mar acmhainn chun tacú le cur chun feidhme (1).

Eilimintí éigeantacha:

Sainaithint an fhoghlaimeora

Teideal an mhicridhintiúir

Tír nó tíortha/Réigiún nó réigiúin an eisitheora

Comhlacht/comhlachtaí dámhachtana

Dáta eisiúna

Torthaí foghlama

Ualach oibre barúlach is gá chun na torthaí foghlama a bhaint amach (i gcreidiúint ECTS, i gcás inar féidir)

Leibhéal (agus timthriall, más infheidhme) an eispéiris foghlama a mbronntar an micridhintiúr ina leith (EQF, QF-EHEA), más infheidhme

An cineál measúnaithe

An cineál rannpháirtíochta sa ghníomhaíocht foghlama

An cineál dearbhaithe cáilíochta a úsáidtear chun bonn taca a chur leis an micridhintiúr

Eilimintí roghnacha, i gcás inarb ábhartha (liosta neamh-uileghabhálach)

Réamhriachtanais is gá chun clárú sa ghníomhaíocht foghlama

Maoirseacht agus fíorú céannachta le linn an mheasúnaithe (neamh-mhaoirsithe gan fíorú céannachta, faoi mhaoirseacht gan fíorú céannachta, faoi mhaoirseacht ar líne, nó ar an láthair le fíorú céannachta)

An grád a baineadh amach

Roghanna comhtháthaithe/inchruachtachta (ina micridhintiúir iontu féin, micridhintiúr neamhspleách/comhtháite, inchruachta i dtreo micridhintiúir eile)

Tuilleadh faisnéise

Áireofar na heilimintí caighdeánacha seo i samhail sonraí de chuid an Aontais (2) lena sonraítear formáid chomhchoiteann chun tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúir. Beidh an tsamhail sonraí ar fáil mar chaighdeán oscailte a bheidh le húsáid ag soláthraithe micridhintiúr, i gcás inarb ábhartha, agus d’fhéadfadh sí tacú le hidir-inoibritheacht agus le malartú níos éasca sonraí maidir le micridhintiúir.

Forbróidh an Coimisiún an tsamhail sonraí bunaithe ar na heilimintí caighdeánacha comhchoiteanna a liostaítear thuas. Forbróidh sé an tsamhail sonraí i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(i)

i gcomhairle leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí;

(ii)

riachtanais úsáideoirí agus dul chun cinn teicneolaíoch;

(iii)

athruithe ar mhargaí saothair agus;

(iv)

cuir chuige atá ann cheana i leith oideachas agus oiliúint a sholáthar.

Is é is aidhm don tsamhail sonraí seo tacú le comhsheasmhacht na faisnéise agus breisluach soiléir a léiriú. Rialófar an tsamhail sonraí le haghaidh micridhintiúr de réir Chinneadh Europass, go háirithe Airteagail 6(1)(b), 6(1)(d), agus 6(2)(b), ina n-iarrtar cheana féin ar an gCoimisiún caighdeáin oscailte a fhorbairt, a thástáil agus a thabhairt cothrom le dáta.


(1)  Le húsáid eilimintí caighdeánacha Eorpacha chun tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúir, ní thugtar le tuiscint go ndéantar iad a bhailíochtú go hoifigiúil ná go dtugtar aitheantas oifigiúil dóibh, ach is príomhchumasóir é don bhailíochtú nó aitheantas sin.

(2)  Is léirithe grafacha agus/nó foclóireachta ar shonraí iad samhlacha sonraí, lena sonraítear a n-airíonna, a struchtúr agus a n-idirghaoil. Úsáidtear iad mar chaighdeáin oscailte, tá siad saor in aisce agus trédhearcach, agus tá siad bunaithe ar chomhthoil.


IARSCRÍBHINN II

Prionsabail Eorpacha maidir le ceapadh agus eisiúint micridhintiúr

Leis an 10 bprionsabal a chuirtear i láthair thíos, sonraítear cineál na micridhintiúr agus tugtar comhairle do na Ballstáit, d’údaráis phoiblí agus do sholáthraithe maidir le ceapadh agus eisiúint micridhintiúr agus maidir le córais i dtaca le micridhintiúir. Cuirtear i dtábhacht sna prionsabail príomh-shaintréithe an chur chuige Eorpaigh i leith micridhintiúir lenar féidir iontaoibh agus cáilíocht na micridhintiúr a chumasú. Tá na prionsabail uilíoch agus féadfar iad a chur i bhfeidhm in aon réimse nó earnáil, más iomchuí.

1

Cáilíocht

Tá micridhintiúir faoi réir dearbhú cáilíochta inmheánach agus seachtrach ag an gcóras a tháirgeann iad (e.g. comhthéacs an oideachais, na hoiliúna nó an mhargaidh saothair ina bhforbraítear agus ina soláthraítear an micridhintiúr). Ní mór do phróisis dearbhaithe cáilíochta a bheith oiriúnach don fheidhm, doiciméadaithe go soiléir agus inrochtana, agus ní mór dóibh freastal ar riachtanais agus ar ionchais na bhfoghlaimeoirí agus na ngeallsealbhóirí.

Soláthraithe: Tá dearbhú cáilíochta seachtrach bunaithe go príomha ar an measúnú ar sholáthraithe (seachas cúrsaí aonair) agus ar éifeachtacht na nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta inmheánaigh.

Ba cheart do na soláthraithe a áirithiú go gcumhdófar leis an dearbhú cáilíochta inmheánach na heilimintí uile seo a leanas:

cáilíocht fhoriomlán an mhicridhintiúir féin, bunaithe ar na caighdeáin dá dtagraítear thíos;

cáilíocht an chúrsa, i gcás inarb infheidhme, a mbronntar an micridhintiúr ina leith;

aiseolas na bhfoghlaimeoirí ar an eispéireas foghlama a mbronntar an micridhintiúr ina leith agus;

aiseolas piaraí, lena n-áirítear soláthraithe agus geallsealbhóirí eile, ar an eispéireas foghlama a mbronntar an micridhintiúr ina leith.

Caighdeáin: Déantar dearbhú cáilíochta seachtrach i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:

Iarscríbhinn IV de Mholadh an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí, i gcás inarb infheidhme;

Caighdeáin agus Treoirlínte um Dhearbhú Cáilíochta i Limistéar Eorpach an Ardoideachais, i gcás inarb infheidhme;

an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta (Creat EQAVET) i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, i gcás inarb infheidhme;

ionstraimí dearbhaithe cáilíochta eile, lena n-áirítear clárlanna agus lipéid, chun muinín an phobail i micridhintiúir a chothú, i gcás inarb infheidhme.

2

Trédhearcacht

Tá micridhintiúir intomhaiste, inchomparáide agus sothuigthe agus tá faisnéis shoiléir iontu maidir le torthaí foghlama, ualach oibre, ábhar, leibhéal agus an soláthar foghlama, de réir mar is ábhartha.

Ualach oibre

Ba cheart d’institiúidí ardoideachais an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS) a úsáid agus na prionsabail in Iarscríbhinn V a ghabhann le Moladh EQF a chomhlíonadh, i gcás inar féidir, chun an t-ualach oibre barúlach is gá chun torthaí foghlama an mhicridhintiúir a bhaint amach a léiriú.

Féadfaidh soláthraithe nach n-úsáideann ECTS córais nó cineálacha eile faisnéise a úsáid a fhéadfaidh tuairisc éifeachtach a thabhairt ar thorthaí foghlama agus ar an ualach oibre, i gcomhréir leis na prionsabail in Iarscríbhinn V a ghabhann le Moladh EQF.

Creataí/córais cáilíochtaí

Féadfar micridhintiúir a áireamh i gcreataí nó i gcórais náisiúnta cáilíochtaí, i gcás inarb ábhartha agus i gcomhréir le tosaíochtaí agus le cinntí náisiúnta. Tagraítear do chreataí nó do chórais náisiúnta cáilíochtaí sa Chreat Eorpach um Cháilíochtaí agus, i gcás cáilíochtaí ardoideachais, féindeimhnítear iad i gcreat cáilíochtaí Limistéar Eorpach an Ardoideachais, rud a fhéadfaidh tuilleadh tacaíochta a thabhairt do thrédhearcacht na micridhintiúr agus don mhuinín iontu.

Faisnéis maidir le soláthar na micridhintiúr

Ba cheart do chórais le haghaidh micridhintiúr faisnéis thrédhearcach agus shoiléir a sholáthar, chun bheith mar bhonn taca le córais treorach le haghaidh foghlaimeoirí, i gcomhréir le cleachtais náisiúnta agus riachtanais na ngeallsealbhóirí:

Déantar faisnéis faoi sholáthraithe micridhintiúr a fhoilsiú, i gcás inar féidir, i gcláir ábhartha atá ann cheana. Ba cheart soláthraithe ardoideachais (agus soláthraithe ábhartha eile) a áireamh, i gcás inar féidir, i mBunachar Sonraí Thorthaí an Dearbhaithe Cáilíochta Sheachtraigh, bunaithe ar dhearbhú cáilíochta i gcomhréir leis na Caighdeáin agus na Treoirlínte um Dhearbhú Cáilíochta i Limistéar Eorpach an Ardoideachais (ESG);

Ba cheart faisnéis maidir le deiseanna foghlama a mbronntar micridhintiúir ina leith a bheith inrochtana agus ba cheart í a bheith inmhalartaithe go héasca trí ardáin ábhartha, lena n-áirítear Europass.

3

Ábharthacht

Ba cheart micridhintiúir a cheapadh agus a eisiúint mar ghnóthachtálacha foghlama spriocdhírithe ar leith agus tugtar na deiseanna foghlama as a dtagann siad suas chun dáta de réir mar is gá, chun freastal ar riachtanais foghlama shainaitheanta.

Spreagtar comhar idir eagraíochtaí oideachais agus oiliúna, fostóirí, comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe agus úsáideoirí micridhintiúr eile chun ábharthacht na micridhintiúr don mhargadh saothair a mhéadú.

4

Measúnú bailí

Déantar measúnú ar thorthaí foghlama micridhintiúr de réir critéir thrédhearcacha.

5

Conairí foghlama

Déantar micridhintiúir a cheapadh agus a eisiúint chun tacú le conairí solúbtha foghlama, lena n-áirítear an fhéidearthacht micridhintiúir ó chórais éagsúla a aithint, a bhailíochtú agus a “chruachadh”.

Inchruachtacht

Tá micridhintiúir ceaptha le bheith modúlach ionas gur féidir micridhintiúir eile a chur leo chun micridhintiúir níos mó a chruthú. Is faoin eagraíocht is faighteoir (e.g. institiúidí oideachais agus oiliúna, fostóirí, etc.) atá sé cinntí a dhéanamh maidir le dintiúir a “chruachadh” nó a chomhcheangal i gcomhréir le cleachtais na heagraíochta agus ba cheart do na cinntí tacú le spriocanna agus le riachtanais an fhoghlaimeora. Ní chruthaíonn cruachadh teidlíocht uathoibríoch ar cháilíocht ná ar chéim. Is iad na húdaráis nó na hinstitiúidí réigiúnacha agus náisiúnta a dhéanann na cinntí sin i gcomhréir lena bpróisis dámhachtana.

Foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú

Is féidir micridhintiúir a fháil tar éis measúnú a bheith déanta ar thorthaí foghlama, a fhaightear trí chúrsa sonrach a mbronntar micridhintiúr ina leith, nó ar bhonn measúnaithe ar thorthaí foghlama a eascraíonn as an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil.

6

Aitheantas

Tugann na micridhintiúir luach soiléir comharthaíochta do thorthaí foghlama modúl foghlama níos lú. Réitíonn an t-aitheantas an bealach do sholáthar níos leithne d’eispéiris foghlama den sórt sin ar bhealach inchomparáide ar fud an Aontais.

Aithníonn na húdaráis inniúla na micridhintiúir, i gcás inar féidir, chun críoch acadúil, oiliúna nó fostaíochta bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil de réir na n-eilimintí caighdeánacha Eorpacha (Iarscríbhinn I) agus na bprionsabal maidir le ceapadh agus eisiúint na micridhintiúr (Iarscríbhinn II).

Nuair a eisíonn soláthraithe oideachais fhoirmiúil micridhintiúir, aithnítear iad, i gcás inar féidir, bunaithe ar nósanna imeachta caighdeánacha aitheantais a úsáidtear chun cáilíochtaí eachtracha agus tréimhsí foghlama thar lear a aithint.

Tá an méid sin gan dochar do cheart na n-údarás inniúil nósanna imeachta aitheantais a cheapadh nó chun barántúlacht doiciméad a fhíorú.

7

Inaistrithe

Is leis an sealbhóir dintiúir (an foghlaimeoir) na micridhintiúir agus féadfaidh sé iad a stóráil agus a chomhroinnt go héasca, lena n-áirítear trí thiachóga digiteacha slána (e.g. Europass), i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá an bonneagar chun sonraí a stóráil bunaithe ar chaighdeáin oscailte agus ar shamhlacha sonraí. Áirithítear leis sin idir-inoibritheacht agus malartú faisnéise gan uaim, agus féadtar seiceálacha rianúla a dhéanamh ar bharántúlacht sonraí freisin.

8

Dírithe ar an bhfoghlaimeoir

Tá micridhintiúir ceaptha freastal ar riachtanais spriocghrúpa na bhfoghlaimeoirí. Tá foghlaimeoirí páirteach sna próisis dearbhaithe cáilíochta inmheánacha agus sheachtracha agus cuirtear a n-aiseolas san áireamh mar chuid den fheabhas leanúnach ar an micridhintiúr.

9

Barántúil

Tá faisnéis leordhóthanach i micridhintiúir chun céannacht an tsealbhóra dintiúir (an foghlaimeoir), céannacht dhlíthiúil an eisitheora, agus dáta agus áit eisiúna an mhicridhintiúir a sheiceáil.

10

Faisnéis agus treoir

Ba cheart faisnéis agus comhairle maidir le micridhintiúir a ionchorprú i seirbhísí treorach i dtaca leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus ba cheart go sroichfidís na grúpaí foghlaimeoirí is leithne is féidir, ar bhealach cuimsitheach, agus tacaíocht á tabhairt don oideachas, don oiliúint agus do roghanna gairme.


27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 243/26


MOLADH ÓN GCOMHAIRLE

an 16 Meitheamh 2022

maidir le cuntais foghlama aonair

(2022/C 243/03)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292, i gcomhar le hAirteagal 149 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá lucht saothair oilte ríthábhachtach chun iomaíochas inbhuanaithe an Aontais a neartú, chun tacú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19 sa chaoi go gcruthófar poist agus chun aistriú digiteach agus aistriú glas a áirithiú a bheidh cothrom ó thaobh na sochaí de. De réir mar a thagann athrú ar na margaí saothair, ní mór do dhaoine coinneáil suas agus na scileanna atá acu a uasghrádú. Má tá scileanna nua agus scileanna níos fearr ag daoine, is amhlaidh is mó deiseanna atá ann agus tugtar deis do dhaoine ról gníomhach a ghlacadh i mbainistiú aistrithe i margadh an tsaothair agus páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí, i gcomhthéacs an athraithe dhéimeagrafaigh. Ina theannta sin, féadfaidh uas-sciliú agus athsciliú daoine fásta a bheith ina n-uirlisí cumhachtacha chun cothroime shóisialta agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn le haghaidh aistriú cóir.

(2)

In Airteagal 14(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (1), sonraítear go bhfuil ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach a bheith acu. Sonraítear sa chéad phrionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (“an Colún”) arna fhógairt ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún go comhpháirteach an 17 Samhain 2017 (2) go bhfuil an ceart ag cách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil agus ar ardchaighdeán cuimsitheach chun na scileanna atá acu a choinneáil agus chun scileanna nua a fháil a chuirfidh ar a gcumas bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus athruithe ó phost go post sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil. Baineann an ceathrú prionsabal den Cholún le tacaíocht ghníomhach don fhostaíocht, chun seasamh leis an gceart atá ag cách cúnamh tráthúil saincheaptha a fháil chun feabhas a chur ar ionchais fostaíochta nó féinfhostaíochta. I bprionsabal a cúig den Cholún maidir le fostaíocht shlán inoiriúnaithe, cuirtear i bhfáth go bhfuil an ceart ag oibrithe, gan beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, an ceart a bheith acu cóir chothrom chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint.

(3)

An 25 Meitheamh 2021, ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach príomhspriocanna Aontais de Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gcomhréir le Dearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021, rud a thacaíonn leis an sprioc a áirithiú, faoi 2030, go mbeidh ar a laghad 60 % de na daoine fásta uile rannpháirteach san oiliúint gach bliain. Mar sin féin, níl borradh ar bith tagtha ar rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach le deich mbliana anuas san Aontas agus theip ar 21 Bhallstát sprioc 2020 ar leibhéal an Aontais a bhaint amach. Agus an méid sin á chur san áireamh, ghlac an Chomhairle Rún maidir le clár oibre nua Eorpach don fhoghlaim aosach 2021-2030 (3) chun tacú leis an dul chun cinn i dtreo phríomhsprioc an Aontais i leith na foghlama aosaí. I gcás go leor daoine fásta, amhail iad siúd atá i gcineálacha oibre neamhthipiciúla, fostaithe fiontar beag agus meánmhéide (FBManna), daoine dífhostaithe, daoine neamhghníomhacha agus daoine ar bheagán scileanna, is rómhinic a bhíonn deiseanna forbartha scileanna le fáil acu.

(4)

Sa Chlár Oibre Scileanna don Eoraip, a ghlac an Coimisiún an 1 Iúil 2020, iarrtar go mbeidh réabhlóid scileanna ann chun deiseanna a thapú san aistriú éiceolaíoch agus digiteach chun téarnamh pras cothrom a bhaint amach. Fógraíonn sé, inter alia, go bhféachfaidh an Coimisiún ar chuntais foghlama aonair mar uirlis chun tacú le daoine fásta atá in aois oibre a uas-sciliú agus a athsciliú, lena gcomhlánófar gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar fhostóirí agus ar sholáthraithe oideachais agus oiliúna.

(5)

Beidh scileanna don aistriú glas agus uas-sciliú agus athsciliú an lucht saothair ag teastáil i gcomhthéacs an aistrithe chuig geilleagar atá comhaimseartha, tíosach ó thaobh acmhainní de agus iomaíoch, mar a leagtar amach faoin gComhaontú Glas don Eoraip, a bhfuil sé d’aidhm aige aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Aithnítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún ón 14 Iúil 2021“Oiriúnach do 55” nach n-éireoidh leis an aistriú glas ach amháin má tá an lucht saothair oilte is gá ag an Aontas chun bheith iomaíoch i rith an ama agus tugann sé aird ar ghníomhaíochtaí suaitheanta an Chláir Oibre Scileanna don Eoraip chun na scileanna is gá do na haistrithe glasa agus digiteacha a thabhairt do dhaoine.

(6)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 maidir le Deacáid Dhigiteach na hEorpa, aithnítear go bhfuil easpa foirne ann ag a bhfuil scileanna leordhóthanacha digiteacha, agus aithnítear freisin an éagothroime inscne i measc speisialtóirí teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus céimithe Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (ETIM). Athdhearbhaítear sa Teachtaireacht an cuspóir go mbeadh scileanna digiteacha bunúsacha ag 80 %, ar a laghad, de dhaonra an Aontais faoi 2030, agus moltar mar sprioc go mbeadh 20 milliún speisialtóir TFC fostaithe faoi 2030, agus go mbeadh cóineasú ann idir líon na bhfear agus líon na mban. Moltar sa togra ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2021 maidir leis an gconair don Deacáid Dhigiteach lena mbunaítear creat chun na cuspóirí sin a thabhairt ar aghaidh. Leagtar béim sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 an 30 Meán Fómhair 2020 ar an ngá atá le modhanna teicneolaíochta a úsáid chun inrochtaineacht deiseanna foghlama a éascú agus chun solúbthacht na ndeiseanna foghlama a neartú, lena n-áirítear uas-sciliú agus athsciliú.

(7)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip], iarrtar go ngníomhófaí go cinntitheach chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chur i gcrích do chách agus chun a áirithiú go mbeidh an t-oideachas agus an oiliúint bord ar bhord leis an dá aistriú agus go gcuideoidh siad leis na hathruithe sin a bhaint amach.

(8)

Sna conclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 (4), iarrtar ar na Ballstáit “tacú le seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha agus, i gcás inar gá, a n-acmhainneachtaí a mhéadú ó tharlaíonn go bhfuil ról lárnach acu maidir le héileamh scileanna agus soláthar scileanna a mheaitseáil, i gcomhar le hearnáil an oideachais agus na hoiliúna, agus go mbeidh ról ríthábhachtach acu sa téarnamh” agus cúinsí náisiúnta á gcur san áireamh acu agus urraim á tabhairt acu do ról agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, agus iarrtar ar an gCoimisiún, i gcomhréir lena inniúlachtaí, tacú leis na Ballstáit sna hiarrachtaí sin.

(9)

Tá easpa tacaíochta airgeadais do dhaoine aonair ar cheann de na príomhbhacainní a chuirtear ar an rannpháirtíocht san fhoghlaim. Ar an iomlán, ní leor infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha. San Aontas Eorpach, is é an fostóir den chuid is mó a íocann as oiliúint a bhaineann leis an obair. Mar sin féin, ní chuireann a lán cuideachtaí, go háirithe FBManna, oiliúint ar fáil dá bhfoireann ná ní dhéanann na cuideachtaí oiliúint a chistiú dóibh, agus is lú an rochtain ag daoine aonair a bhfuil obair neamhthipiciúil ar oiliúint arna hurrú ag an bhfostóir nó níl rochtain ag na daoine sin ar an oiliúint sin. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh neamhionannais den sórt sin an bonn ó leas agus sláinte daoine aonair, go laghdódh siad iomaíochas eacnamaíoch, go gcaillfí deiseanna dá ndeasca agus go gcuirfí bacainní ar an nuálaíocht mar gheall orthu agus d’fhéadfadh sé go bhfágfaí daoine chun deiridh san aistriú chuig gníomhaíochtaí eacnamaíocha níos inbhuanaithe.

(10)

Chomh maith le costais dhíreacha, is gné thábhachtach iad srianta ama a chuireann cosc ar dhaoine fásta dul i mbun oiliúna. Cé go bhfuil socruithe ann i bhformhór na mBallstát maidir le saoire oiliúna íoctha (5), is minic nach mbíonn mórán feasachta ann, mar sin féin, faoi shaoire oiliúna agus nach mbíonn glacadh mórán le saoire oiliúna i measc daoine atá in aois oibre, agus is minic nach gcumhdaítear oibrithe neamhthipiciúla leis na socruithe sin nó nach gceadaítear do dhaoine fásta oideachas agus oiliúint a lorg le linn tréimhsí dífhostaíochta nó gníomhaíochta eacnamaíche íseal.

(11)

Ní spreagtar go leor daoine fásta, go háirithe i measc na ndaoine sin atá ar bheagán scileanna is faide ón margadh saothair, le dul i mbun oiliúna. D’fhéadfadh sé nach mbeidís ar an eolas faoina riachtanais scileanna féin, agus b’fhéidir nach mbeadh a fhios acu an bhfuil tacaíocht agus oiliúint ar fáil, nó an bhfuil siad ar ardchaighdeán agus go bhfuil siad aitheanta i margadh an tsaothair. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh daoine spreagtha chun dul i mbun oiliúna a roghnaíodh gan dul i gcomhairle leo roimh ré ná dul i mbun oiliúna nach bhfuil curtha in oiriúint dá riachtanais.

(12)

Tá gá le cur chuige nua san Aontas maidir le huas-sciliú agus athsciliú. Ba cheart leis an gcur chuige sin na hionstraimí atá ann cheana a chomhlánú agus obair leantach a dhéanamh ar ghealltanais pholaitiúla trí dhaoine aonair a chumhachtú agus tríd an tacaíocht agus na huirlisí a theastaíonn a thabhairt dóibh chun uas-sciliú nó athsciliú a fháil, ar gach leibhéal scile.

(13)

Sa tuairim uaidh an 16 Lúnasa 2021 i ndáil le tionscnamh an Aontais maidir le cuntais foghlama aonair agus an soláthar oiliúna san Eoraip a neartú, áitíonn an Coiste Comhairleach um an nGairmoiliúint gur cheart go gcuirfeadh tionscnamh den sórt sin le rannpháirteachas, spreagadh agus rannpháirtíocht daoine fásta san oideachas agus san oiliúint. Is é an príomhdhúshlán feabhas a chur ar mheaitseáil scileanna agus poist agus rochtain ar roghanna éagsúlaithe oiliúna ar ardchaighdeán a áirithiú trí sholáthar atá níos ábhartha agus níos spriocdhírithe. Cuireann an Coiste Comhairleach um an nGairmoiliúint chun suntais ina thuairim gur cheart go leanfadh roghnú na sásraí maoiniúcháin agus na dreasachtaí saincheaptha de réir spriocghrúpa ar an leibhéal náisiúnta riachtanais agus tosaíochtaí náisiúnta.

(14)

Cur chuige amháin a d’fhéadfaí a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a leagtar amach thuas is ea tacaíocht dhíreach a chur ar fáil do dhaoine trí theidlíochtaí oiliúna i gcuntais foghlama aonair. Is éard atá i gceist leis freisin creat cumasúcháin leathan a bhunú lena dtabharfar rochtain do dhaoine aonair ar dheiseanna oiliúna, faisnéis, treoir agus saoire oiliúna íoctha, chomh maith le torthaí oiliúna a aithint. Féadfaidh an cur chuige sin tionscnaimh atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta a chomhlánú.

(15)

Moltar teidlíocht oiliúna phearsanta a shainiú ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le riachtanais oiliúna daoine (6), agus ionstraimí eile atá ann cheana á gcur san áireamh. Is féidir éifeachtúlacht an tionscnaimh a mhéadú trí chistiú a mhodhnú de réir na riachtanas. Féadfaidh na Ballstáit teidlíochtaí breise oiliúna a bhunú do na daoine is mó atá i ngátar, ag brath ar an gcomhthéacs náisiúnta agus ar an margadh saothair atá ag athrú. Mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit cur le cuntais foghlama aonair in earnálacha straitéiseacha (7), chun tacú leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Chomh maith le teidlíochtaí airgeadais, is príomhthosca a ndéanann difear don rannpháirtíocht san uas-sciliú agus san athsciliú iad ábharthacht, úsáideacht agus aithint na hoiliúna. Moltar freisin go rachfaí i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí ábhartha maidir leis na saincheisteanna sin.

(16)

Le cuntais foghlama aonair, ba cheart go mbeadh daoine in ann teidlíochtaí oiliúna a charnadh agus a úsáid thar thréimhse shocraithe, a bheidh le sainiú ar an leibhéal náisiúnta, ionas gur féidir leo dul i mbun oiliúint níos faide nó níos costasaí le linn cora chun donais eacnamaíocha, mar fhreagairt ar riachtanais scileanna atá ag teacht chun cinn. Ba cheart go mbeadh daoine aonair in ann a dteidlíochtaí oiliúna aonair a chaomhnú, agus iad neamhspleách ar a stádas saothair nó gairmiúil agus ar fud athruithe gairme. Iarrtar ar na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le dul in éag teidlíochtaí lena dtugtar dreasacht d’fhoghlaimeoirí úsáid iomlán a bhaint as a dteidlíochtaí.

(17)

Ba cheart a chur chun cinn an fhéidearthacht go gceadófaí teidlíochtaí oiliúna pearsanta a chaomhnú le linn tréimhsí ina mbíonn cónaí ar an duine aonair i mBallstát eile, nó teidlíochtaí oiliúna pearsanta a úsáid chun rochtain a fháil ar oiliúint aitheanta agus ar oiliúint de cháilíocht dearbhaithe ó chlárlann náisiúnta a gcuntais foghlama ón gcoigríoch. Gné inmhianaithe is ea inaistritheacht teidlíochtaí idir na Ballstáit san fhadtéarma, agus ní mór tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh uirthi, agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aici ar mhargaí saothair náisiúnta á gcur san áireamh.

(18)

Chun cabhrú le daoine aonair conair oiliúna oiriúnach a shainaithint, agus ar an gcaoi sin iad a inspreagadh níos mó chun foghlama, ní mór go mbeadh rochtain ar dheiseanna gairmthreorach agus bailíochtaithe ar fáil. Tá gá ann freisin clárlanna poiblí cothrom le dáta le haghaidh oiliúint aitheanta a chur ar fáil trí thairseacha aonair digiteacha náisiúnta tiomnaithe atá inrochtana do chách, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus idirnasctha leis an ardán Europass, más féidir.

(19)

Moltar go n-úsáidfear cuntais foghlama aonair chun rochtain a fháil ar bhailíochtú, lena n-áirítear deiseanna measúnaithe scileanna. Sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún le déanaí ar an obair a rinneadh faoin Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú (8), léirítear dul chun cinn suntasach, ach aithnítear freisin dúshláin leanúnacha agus freagairtí atá beartaithe. Go háirithe, is gá tacaíocht oiriúnaithe a chur ar fáil do dhaoine aonair, agus comhordú níos dlúithe le seirbhísí treorach a áirithiú agus tionscnaimh bailíochtaithe a oiriúnú go héifeachtach do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus do ghrúpaí leochaileacha. Iarrtar ar na Ballstáit a mholadh micridhintiúir a sholáthar, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn riachtanais shainaitheanta i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le micrichreidimh d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus d’infhostaitheacht (9).

(20)

Tacaíonn an Moladh seo le cur chun feidhme saoire oiliúna íoctha. Dá gcuirfí saoire oiliúna íoctha ar fáil mar is cuí, cheadófaí d’oibrithe a dtuarastal nó athsholáthar ioncaim a choinneáil le linn tréimhsí oiliúna. Iarrtar ar na Ballstáit dul i mbun idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le socruithe a chuirfidh ar chumas fostaithe páirt a ghlacadh in oiliúint le linn uaireanta oibre agus a gcuntais foghlama aonair á n-úsáid acu, agus féidearthachtaí agus scéimeanna oiliúna náisiúnta á gcur san áireamh. I ndáil leis an méid sin, ba cheart cás FBManna agus micrifhiontair a chur san áireamh.

(21)

Tá gníomhaíochtaí agus feachtais for-rochtana agus múscailte feasachta níos leithne ríthábhachtach chun rátaí arda rannpháirtíochta a mhéadú go suntasach do dhaoine fásta i ndeiseanna foghlama, go háirithe i measc grúpaí nach bhfuil mórán feasachta acu ar uas-sciliú agus athsciliú, amhail iad siúd is faide ó mhargadh an tsaothair. Leis an gcomhar idir údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí eile, bunaithe ar an gcomhthuiscint gur modh infheistíochta iad uas-sciliú agus athsciliú, féadfar éifeachtacht gníomhaíochtaí for-rochtana agus múscailte feasachta a mhéadú. Trí aird a thabhairt ar inrochtaineacht, ba cheart go n-éascófaí rannpháirtíocht daoine fásta atá faoi mhíchumas.

(22)

Tá faireachán ar an leibhéal náisiúnta agus feabhas leanúnach ar na cuntais foghlama aonair agus an creat cumasúcháin ríthábhachtach chun tacú le cur chun feidhme an Mholta seo. D’fhéadfadh sé go mbeadh coigeartuithe ina dhiaidh sin ag baint leis an méid teidlíochtaí oiliúna aonair, leis na grúpaí tosaíochta nó le comhtháthú soláimhsithe na n-eilimintí éagsúla den chreat cumasúcháin.

(23)

Gné lárnach de scéimeanna rathúla do chuntais foghlama aonair is ea cistiú leordhóthanach. D’fhéadfadh scéim náisiúnta de chuntais foghlama aonair cionroinnt costas a éascú idir foinsí cistiúcháin éagsúla, amhail údaráis phoiblí, fostóirí agus cistí arna mbainistiú ag comhpháirtithe sóisialta, trí chead a thabhairt d’fhoinsí cistiúcháin éagsúla rannchuidiú leis an gcuntas foghlama aonair. Le meascán d’fhoinsí cistiúcháin, idir phoiblí agus phríobháideach, ba cheart inbhuanaitheacht an tionscnaimh a áirithiú sna Ballstáit, rud atá ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis. Éascaítear leis an meascán den sórt sin d’fhoinsí cistiúcháin modhnú a dhéanamh ar thacaíocht agus ar bhreiseanna ó fhostóirí dá bhfostaithe, ar bhonn deonach nó mar thoradh ar chomhaontuithe cómhargála.

(24)

Maidir le cistí an Aontais a thacaíonn le scéimeanna foghlama aosach, amhail Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (10), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (11), agus an Ciste um Aistriú Cóir (12), agus, i gcás inarb ábhartha, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (13) faoin gClár Next Generation EU, agus saineolas oiriúnaithe tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (14), is féidir leo tacú le cuntais foghlama aonair a bhunú agus lena gcreat cumasúcháin. Is féidir leis an bhfoghlaim fhrithpháirteach, arna éascú ag an gCoimisiún, tacú leis an bpróiseas freisin.

(25)

Tá an Moladh seo gan dochar d’inniúlacht eisiach na mBallstát agus do dháileadh na n-inniúlachtaí laistigh de gach Ballstát ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil i ndáil le maoiniú, chomh maith le heagrú agus ábhar a gcóras foghlama agus oiliúna aosach. Ní chuireann sé cosc ar na Ballstáit forálacha a choinneáil nó a bhunú maidir le foghlaim agus oiliúint aosach, forálacha níos airde nó forálacha eile ná na forálacha a mholtar sa Mholadh seo.

(26)

Ba cheart do na Ballstáit ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i ndearadh na n-athchóirithe. Urramaíonn an Moladh seo go hiomlán neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh siad freagrach as scéimeanna oiliúna a bhunú agus a bhainistiú.

(27)

Maidir leis na bearta a leagtar amach sa Mholadh seo, ní thagann siad in ionad oiliúint arna soláthar ag fostóirí, seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha nó soláthraithe oideachais agus oiliúna eile, agus níl siad ceaptha cur isteach ar sholáthar na hoiliúna sin, ná níor cheart dóibh teacht in ionad na tacaíochta poiblí d’institiúidí oideachais agus oiliúna nó do chineálacha eile tacaíochta. Ba cheart ualach riaracháin breise a íoslaghdú.

AG MOLADH LEIS SEO:

Cuspóirí

1.

Tá sé d’aidhm ag an Moladh seo tacú le tionscnaimh ó na Ballstáit chun níos mó daoine fásta atá in aois oibre a chumhachtú le dul i mbun oiliúna, ar mhaithe le rátaí rannpháirtíochta a mhéadú agus le bearnaí scileanna a laghdú. Mar sin, tacóidh sé leis an gcuspóir atá ag an Aontas geilleagar margaidh sóisialta a chur chun cinn atá an-iomaíoch agus a bhfuil sé mar sprioc aige lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach. Go sonrach, tá sé d’aidhm aige:

(a)

tacú le gach duine fásta in aois oibre rochtain a fháil ar oiliúint, lena n-áirítear le haghaidh aistrithe gairmiúla agus gan beann ar a stádas saothair ná gairmiúil;

(b)

cur leis na dreasachtaí agus leis an spreagadh atá ag daoine le hoiliúint a lorg.

2.

Chun na cuspóirí a leagtar amach in mír 1 a bhaint amach, moltar do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chuntais foghlama aonair a bhunú mar bhealach lena bhféadfaí daoine aonair a chumasú chun páirt a ghlacadh in oiliúint atá ábhartha don mhargadh saothair. A mhéid a chinneann siad cuntais foghlama aonair a bhunú, moltar do na Ballstáit creat cumasúcháin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear deiseanna treorach agus bailíochtaithe, chun glacadh éifeachtach na hoiliúna sin a chur chun cinn, mar a leagtar síos sa Mholadh seo.

Raon feidhme

3.

Cumhdaítear leis an Moladh seo daoine fásta in aois oibre a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i mBallstát, neamhspleách ar a leibhéal oideachais agus ar a stádas reatha saothair nó gairmiúil. Moltar do na Ballstáit cuntas foghlama aonair a bhunú do gach duine a bhaineann leis an ngrúpa seo, i gcomhréir lena riachtanais agus lena gcúinsí náisiúnta.

Moltar go gcumhdófar oibrithe teorann agus daoine féinfhostaithe a oibríonn i mBallstát seachas an Stát ina bhfuil cónaí orthu go dleathach sa Bhallstát ina bhfuil siad ag obair.

Sainmhínithe

4.

Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “teidlíocht oiliúna phearsanta” an ceart rochtain a fháil ar bhuiséad pearsanta atá ar fáil don duine aonair chun na costais dhíreacha a bhaineann le hoiliúint, treoir agus comhairleoireacht, measúnú scileanna nó bailíochtú a bhaineann le margadh an tsaothair, atá incháilithe do chistiú, a chumhdach;

(b)

Is modh seachadta teidlíochtaí oiliúna pearsanta é “cuntas foghlama aonair”. Is cuntas pearsanta é a ligeann do dhaoine aonair a dteidlíochtaí a charnadh agus a chaomhnú le himeacht ama, le haghaidh cibé deis oiliúna, treorach nó bailíochtaithe incháilithe a mheasann siad is úsáidí agus aon uair is mian leo, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta. Deonaítear leis úinéireacht iomlán na dteidlíochtaí, gan beann ar fhoinse an chistiúcháin;

(c)

Ciallaíonn “inaistritheacht” teidlíochtaí oiliúna aonair, a luaithe a thugtar iad, go bhfanann na teidlíochtaí sin i seilbh an duine aonair lena mbaineann, lena n-áirítear le linn aistrithe, amhail idir poist, ó phost go foghlaim, ó fhostaíocht go dífhostaíocht, agus idir gníomhaíocht agus neamhghníomhaíocht;

(d)

Is éard atá i gceist le “creat cumasúcháin” tacaíocht a chuireann chun cinn glacadh éifeachtach teidlíochtaí oiliúna aonair. Áirítear leis sin deiseanna gairmthreorach agus bailíochtaithe, clár náisiúnta deiseanna atá incháilithe do chistiú ó theidlíochtaí oiliúna aonair, tairseach náisiúnta dhigiteach aonair chun rochtain a fháil ar an gcuntas foghlama aonair agus ar an gclárlann náisiúnta, agus saoire oiliúna íoctha.

Cuntas foghlama aonair

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas, i gcomhréir le cleachtais agus riachtanais náisiúnta:

5.

cuntas foghlama aonair a bhunú, a d’fhéadfadh bearta eile atá i bhfeidhm cheana a chomhlánú, le haghaidh gach duine aonair a chumhdaítear faoi raon feidhme an Mholta seo tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus le geallsealbhóirí ábhartha;

6.

soláthar leordhóthanach bliantúil a áirithiú do gach cuntas foghlama aonair is féidir a charnadh agus a úsáid thar thréimhse shocraithe, chun oiliúint níos substaintiúla a cheadú;

7.

teidlíochtaí breise oiliúna aonair a chur ar fáil do chuntais na ndaoine aonair is mó a bhfuil uas-sciliú agus athsciliú de dhíth orthu, ar bhonn riachtanas náisiúnta nó earnála, lucht saothair nó stádas conartha nó leibhéal cáilíochta an duine aonair, agus aon chúinse ábhartha eile, agus i gcomhréir le critéir shoiléire thrédhearcacha, tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na geallsealbhóirí ábhartha;

8.

a iarraidh ar fhostóirí teidlíochtaí oiliúna pearsanta breise a chur ar fáil do chuntais foghlama aonair a gcuid oibrithe agus daoine eile atá ag obair ina slabhra luacha, go háirithe iad siúd atá ag obair in FBManna, gan cur isteach ar oiliúint inchuideachta;

9.

a iarraidh ar sheirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha chun teidlíochtaí breise oiliúna pearsanta a sholáthar do chuntais foghlama phearsanta aonair na ndaoine aonair is mó atá i ngátar uas-sciliú agus athsciliú;

10.

na coinníollacha a shocrú faoina bhféadfar teidlíochtaí oiliúna aonair a charnadh agus a stóráil, d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir ligean do dhaoine aonair a dteidlíochtaí a charnadh chun cúrsaí oiliúna níos faide a mhaoiniú agus iad a spreagadh úsáid rialta a bhaint as a dteidlíochtaí ar feadh a saoil oibre; mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit teorainn ama agus méid uachtarach a bhunú le haghaidh carntha agus stórála;

11.

an deis a chur chun cinn go bhféadfaí teidlíochtaí oiliúna aonair atá i gcuntas i mBallstát a úsáid le haghaidh deiseanna oiliúna incháilithe, gairmthreorach agus deiseanna bailíochtaithe sa Bhallstát sin, fiú le linn tréimhsí ina bhfuil cónaí ar an duine go dleathach i mBallstát eile.

Creat cumasúcháin

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit a thugann cuntais foghlama aonair isteach iad a leabú i gcreat cumasúcháin lena n-áirítear an méid seo a leanas:

Gairmthreoir agus bailíochtú

12.

Moltar do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh seirbhísí gairmthreorach agus deiseanna bailíochtaithe, lena n-áirítear deiseanna measúnaithe scileanna, go pearsanta nó ar líne, ar fáil agus go mbeidh rochtain ag gach úinéir ar chuntas foghlama aonair, saor in aisce nó trína dteidlíochtaí oiliúna pearsanta a úsáid, i gcomhréir le Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta a bhailíochtú (15).

Clár náisiúnta le haghaidh oiliúint, gairmthreoir agus deiseanna bailíochtaithe cáilíochta incháilithe

13.

Moltar do na Ballstáit clár phoiblí oiliúna, gairmthreorach agus deiseanna bailíochtaithe atá incháilithe do chistiú ó theidlíochtaí oiliúna aonair a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta (16). Ba cheart seirbhísí gairmthreorach agus deiseanna bailíochtaithe a sholáthraíonn na Ballstáit saor in aisce do dhaoine aonair a áireamh sa chlár sin freisin.

14.

Moltar do na Ballstáit rialacha soiléire a bhunú agus a fhoilsiú maidir le foirmeacha éagsúla d’oiliúint, de ghairmthreoir agus de dheiseanna bailíochtaithe ábhartha i margadh an tsaothair a áireamh sa chlár, bunaithe ar cheanglais thrédhearcacha maidir le cáilíocht agus bunaithe ar fhaisnéis scileanna agus i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na geallsealbhóirí ábhartha. Ba cheart dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha go rialta chun freagrúlacht do riachtanais mhargadh an tsaothair a chur chun cinn.

15.

I gcás inarb iomchuí, moltar do na Ballstáit soláthraithe deiseanna foghlama foirmiúla agus neamhfhoirmiúla a spreagadh chun a dtairiscint a fhorbairt agus a leathnú ar bhonn riachtanais shainaitheanta, lena n-áirítear, mar shampla, trí mhicridhintiúir a sholáthar, i gcomhréir leis an Moladh maidir le micrifhiontair d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus d’infhostaitheacht, agus trí leas a bhaint as creataí inniúlachta náisiúnta agus an Aontais.

16.

Moltar do na Ballstáit cuireadh a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta, don earnáil oideachais agus oiliúna agus do na geallsealbhóirí ábhartha páirt a ghlacadh sa phróiseas chun na critéir incháilitheachta don oiliúint a áirítear sa chlár a shainiú.

17.

I gcás inarb iomchuí, moltar do na Ballstáit a gclár náisiúnta a oscailt ar bhealach trédhearcach chun deiseanna oiliúna a chuireann soláthraithe i dtíortha eile ar fáil a chur ar fáil.

Tairseach dhigiteach náisiúnta aonair a thacaíonn le cuntais foghlama aonair

18.

Iarrtar ar na Ballstáit ligean do dhaoine aonair rochtain a fháil ar a gcuntas foghlama aonair agus cabhrú leo agus an chlár a nascleanúint go héasca trí fhíordheimhniú leictreonach slán ar thairseach aonair dhigiteach náisiúnta (17) inrochtana (18) ar féidir rochtain a fháil uirthi go héasca ó ghléasanna móibíleacha agus ba cheart í a idirnascadh leis an ardán Europass.

Saoire oiliúna íoctha

19.

Moltar do na Ballstáit dul i mbun idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le socruithe a chuirfidh ar chumas fostaithe páirt a ghlacadh in oiliúint le linn uaireanta oibre agus a gcuntais foghlama aonair á n-úsáid acu.

20.

Moltar do na Ballstáit saoire oiliúna íoctha nó forálacha athsholáthair ioncaim a thabhairt isteach nó athbhreithniú a dhéanamh ar leordhóthanacht na bhforálacha atá ann cheana, ag féachaint don mhéid seo a leanas:

(a)

an cumhdach atá acu ar gach cineál caidrimh fostaíochta, agus na daoine féinfhostaithe;

(b)

tacaíocht airgeadais agus neamhairgeadais d’fhostóirí (go háirithe FBManna) a mbaineann a bhfostaithe úsáid as saoire oiliúna íoctha;

(c)

an gá atá le cur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha sin a áirithiú.

For-rochtain agus múscailt feasachta

21.

Moltar do na Ballstáit, i gcomhpháirt leis na comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí réigiúnacha agus áitiúla agus gníomhaithe ábhartha eile, tabhairt faoi ghníomhaíochtaí agus feachtais fhor-rochtana agus ardaithe feasachta atá oiriúnaithe do riachtanais thairbhithe ionchasacha na scéime le haghaidh cuntais foghlama aonair. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine aonair siúd is mó a bhfuil uas-sciliú agus athsciliú de dhíth orthu mar a shainítear ar an leibhéal náisiúnta, chun daoine aonair incháilithe a chur ar an eolas agus a spreagadh i ndáil lena gcearta agus lena sochair a bhaineann le cuntais foghlama aonair agus leis an gcreat cumasúcháin. Ba cheart go dtabharfaí aghaidh ar oibrithe in FBManna freisin, i measc oibrithe eile, agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta á gcur i gcrích.

Faireachán agus feabhsú leanúnach

22.

Moltar do na Ballstáit a thugann cuntais foghlama aonair isteach faireachán agus meastóireacht chórasach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta ar oibriú na gcuntas den sórt sin agus ar an gcreat cumasúcháin, agus coigeartuithe a dhéanamh de réir mar is gá chun cuspóirí an Mholta seo a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla, mar shampla maidir le líon na dteidlíochtaí oiliúna, sainmhíniú na ndaoine is mó a bhfuil uas-sciliú agus athsciliú de dhíth orthu agus comhtháthú soláimhsithe na ngnéithe éagsúla den chreat cumasúcháin. Ba cheart dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na geallsealbhóirí ábhartha le linn an phróisis sin.

Cistiú

23.

Moltar do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun cistiú leordhóthanach agus inbhuanaithe na gcuntas foghlama aonair a áirithiú, agus imthosca náisiúnta agus bearta eile atá i bhfeidhm cheana á gcur san áireamh, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna.

24.

Moltar do na Ballstáit éascaíocht a dhéanamh d’fhoinsí éagsúla cistiúcháin poiblí agus príobháideacha a chomhcheangal chun ranníocaíochtaí a chur leis na teidlíochtaí oiliúna aonair, lena n-áirítear mar thoradh ar chómhargáil.

25.

Moltar do na Ballstáit cistiú inbhuanaithe a áirithiú don chreat cumasúcháin agus do na gníomhaíochtaí for-rochtana agus múscailte feasachta dá dtagraítear sa Mholadh seo.

26.

Iarrtar ar na Ballstáit an úsáid is mó agus is éifeachtúla is féidir a bhaint as cistí agus ionstraimí an Aontais, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste um Aistriú Cóir, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cuntais náisiúnta foghlama aonair a bhunú, a bheidh leabaithe i gcreat cumasúcháin, lena n-áirítear trí thairseach dhigiteach náisiúnta aonair a fhorbairt le haghaidh na gcuntas foghlama aonair agus na seirbhísí aitheanta gaolmhara, agus trí chláir náisiúnta oiliúna aitheanta a chruthú;

(b)

teidlíochtaí oiliúna aonair breise a chur ar fáil do chuntais na ndaoine aonair is mó atá i ngátar uas-sciliú agus athsciliú, lena léirítear imthosca náisiúnta agus tosaíochtaí an Aontais lena n-áirítear le haghaidh na n-aistrithe glasa agus digiteacha;

(c)

gairmthreoir agus deiseanna bailíochtaithe a bhunú agus a chur ar fáil;

(d)

gníomhaíochtaí for-rochtana agus múscailte feasachta a eagrú.

Tacaíocht ón Aontas

27.

Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hinniúlacht an Choimisiúin agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta, tacú le cur chun feidhme an Mholta seo, agus leas á bhaint as saineolas atá ag an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), ag an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF), ag an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) agus as saineolas atá ag an Údarás Eorpach Saothair (ELA), trí:

(a)

fhoghlaim fhrithpháirteach a éascú i measc na mBallstát chun tacú le bearta iomchuí a cheapadh agus a chur i gcrích chun an Moladh seo a chur chun feidhme;

(b)

an bonn eolais ar chuntais foghlama aonair agus ar shaincheisteanna gaolmhara a mhéadú agus ábhar treorach ábhartha a fhorbairt;

(c)

thuilleadh forbairtí ar an ardán Europass a fhiosrú, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, go háirithe chun idir-inoibritheacht a áirithiú leis na tairseacha náisiúnta aonair digiteacha le haghaidh na gcuntas foghlama aonair, agus na deiseanna foghlama, gairmthreorach agus bailíochtaithe ar féidir na teidlíochtaí difriúla náisiúnta oiliúna aonair a úsáid ina leith a dhéanamh sofheicthe.

Tuairisciú agus meastóireacht

28.

Iarrtar ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 den Mholadh seo a bhaint amach. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar an dul chun i dtreo na gcuspóirí sin i gcomhthéacs an fhaireachais iltaobhaigh mar chuid de thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go n-úsáidfidh an faireachán an fhaisnéis a bailíodh cheana trí chreataí faireacháin eile agus go seachnófar dúbláil, chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin.

29.

Tar éis dó dul i gcomhairle le páirtithe sóisialta, leis na geallsealbhóirí lena mbaineann agus i gcomhréir leis na Ballstáit lena mbaineann, ba cheart don Choimisiún measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Mholta agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Comhairle faoi 17 Meitheamh 2027.

Arna dhéanamh in Lucsamburg, 16 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. DUSSOPT


(1)  IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.

(2)  IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.

(3)  IO C 504, 14.12.2021, lch. 9.

(4)  Conclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 maidir le hathsciliú agus uas-sciliú mar bhonn chun an inbhuanaitheacht agus an infhostaitheacht a mhéadú, i gcomhthéacs tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus leis an gcomhtháthú sóisialta (ST 8682/20).

(5)  Tá socruithe saoire oiliúna ag 24 Bhallstát agus is sínitheoirí le Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ar Shaoire Oideachais Íoctha iad 12 Bhallstát (amhail ó Mhárta 2022).

(6)  D’fhéadfadh teidlíochtaí oiliúna, mar shampla, gníomhaíochtaí oiliúna aitheanta a cheadú do gach duine aonair ar fiú 30 uair an chloig iad agus 50 uair an chloig i gcás na ndaoine is mó atá i ngátar.

(7)  Sa teachtaireacht ón gCoimisiún ón 5 Bealtaine 2021 dar teideal “Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery” [An straitéis nua tionsclaíochta don Eoraip a nuashonrú: Margadh aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa], tagraítear do 14 éiceachóras tionsclaíocha le haghaidh tacaíocht thiomnaithe, lena n-áirítear forbairt scileanna a lucht saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

(8)  IO C 398, 22.12.2012, lch. 1.

(9)  Féach leathanach 10 den Iris Oifigiúil seo.

(10)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(12)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(14)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

(15)  IO C 398, 22.12.2012, lch. 1.

(16)  Iarrtar ar na Ballstáit an clár seo a chur i gcomhréir leis an tSamhail Foghlama Eorpach, samhail sonraí a bhfuil sé d’aidhm aige caighdeánú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar sonraí ar fhoghlaim a chomhroinnt agus a chur i láthair. Féadfar an tSamhail Foghlama Eorpach a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla foghlama, mar shampla chun cur síos a dhéanamh ar dheiseanna foghlama, ar cháilíochtaí, ar dhintiúir agus ar chreidiúnú. Cuireann sé leis na réimsí sonraí a thuairiscítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 maidir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 189, 15.6.2017, lch. 15).

(17)  I gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(18)  Ba cheart tairseacha den sórt sin a bhunú i gcomhréir le prionsabail na teachtaireachta ón gCoimisiún an 23 Márta 2017 maidir le Creat Eorpach Idir-inoibritheachta.


27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 243/35


MOLADH ÓN GCOMHAIRLE

an 16 Meitheamh 2022

maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú

(2022/C 243/04)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 166(4), agus Airteagal 292, i gcomhar le hAirteagal 149 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá géarghá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, go háirithe ardú leibhéal na mara agus dóchúlacht na n-imeachtaí aimsire foircneacha, a bhfuil gach réigiún ar fud an domhain thíos leo cheana féin (1) agus chun costais eacnamaíocha agus shóisialta éifeachtaí an téite domhanda a laghdú (2). Is Páirtithe i gComhaontú Pháras arna ghlacadh an 15 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (“Comhaontú Pháras”) (3), iad an tAontas agus a Bhallstáit, ar Comhaontú é lena gcuirtear de cheangal ar a Pháirtithe an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú go 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

(2)

Tá an t-athrú aeráide agus an díghrádú comhshaoil ina mbagairtí tromchúiseacha, dá n-éilítear beart práinneach, mar a athdhearbhaíodh le déanaí leis an Séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir leis an mBunús Eolaíochta Fisicí. Is ag éirí níos coitianta atá fulaingt an duine agus caillteanais eacnamaíocha de bharr imeachtaí foircneacha aeráide ar minice anois ná riamh cheana iad, mar shampla tuilte, tonnta teasa, triomaigh agus dóiteán foraoise. San Aontas, is ionann na caillteanais sin cheana féin agus breis agus EUR 12 bhilliún in aghaidh na bliana (4).

D’fhéadfadh na caillteanais sin a bheith chomh hard le EUR 175 billiún, is é sin 1.38 % de OTI an Aontais, in aghaidh na bliana má shroicheann an téamh domhanda 3 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, seachas EUR 65 billiún le haghaidh 2°C agus EUR 36 billiún in aghaidh na bliana le haghaidh 1.5°C. D’fhágfadh sin go ndéanfaí dochar díréireach do ghrúpaí áirithe, go háirithe do dhaoine atá i gcásanna leochaileacha cheana féin agus do réigiúin a bhfuil dúshláin rompu cheana féin.

(3)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal “an Comhaontú Glas don Eoraip” (an “Comhaontú Glas don Eoraip”) leagtar amach an straitéis chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach agus chun sochaí níos inbhuanaithe, níos cothroime agus níos rathúla a dhéanamh den Aontas, ar sochaí é ina ndéanfaí teorainneacha an phláinéid a urramú. Tá an gá le haistriú cóir mar chuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip, inar cuireadh i dtábhacht nár cheart aon duine nó aon áit a fhágáil ar lár. Leagtar amach leis an Dlí Aeráide Eorpach (5) cuspóir ceangailteach uile-Aontais go mbeifí aeráidneodrach faoi 2050, mar aon le sprioc idirmheánach cheangailteach chun laghdú glan intíre 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, i gcomparáid le leibhéil 1990, a bhaint amach faoi 2030. Is é is aidhm don 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol go 2030 (6) dlús a chur leis an aistriú glas chuig geilleagar ciorclach aeráidneodrach, inbhuanaithe, neamhthocsaineach, tíosach ar acmhainní, bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite, athléimneach agus iomaíoch, aistriú a dhéanfaí ar bhealach cóir cothrom cuimsitheach, agus chun staid an chomhshaoil a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú.

(4)

I bhfianaise chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal “Plean REPowerEU” (“Plean REPowerEU”), i gcomhréir le Dearbhú Versailles an 10 agus 11 Márta 2022, leagtar amach na bearta chun deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise ón Rúis trí sholáthairtí gáis a éagsúlú agus tríd an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú ar bhealach níos gasta, lena n-áirítear trí chaidéil gréine, gaoithe agus teasa a rolladh amach , tríd an tionscal a dhícharbónú agus trí thionscadail fuinnimh inathnuaite a cheadú ar bhealach níos gasta.

(5)

Leis an aistriú go geilleagar agus sochaí aeráidneodrach, ceanglaítear gníomh beartais cuimsitheach agus infheistíocht shuntasach i roinnt mhór réimsí, amhail gníomhú ar son na haeráide, fuinneamh, iompar, comhshaol, tionscal, taighde agus nuálaíocht (7). Chun an sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais le haghaidh 2030 a bhaint amach, an 14 Iúil 2021 d’eisigh an Coimisiún teachtaireacht dar teideal “Oiriúnach do 55” sprioc Aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta chomh maith le roinnt tograí reachtacha gaolta (“an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’”) . Áirítear sa phacáiste “Oiriúnach do 55” tograí chun reachtaíocht ábhartha a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS) (8) , na treoracha maidir le cánachas fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite, an Rialachán lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna, an Rialachán maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh, an Treoir maidir le bonneagar breoslaí malartacha, agus an Rialachán maidir le comhroinnt díchill (ESR) i ndáil le hearnálacha lasmuigh de EU ETS, eadhon earnáil an iompair agus earnáil na tógála.

Áirítear ann freisin tograí le haghaidh reachtaíochta nua, go háirithe chun tacú le breoslaí níos glaine a úsáid in earnálacha na heitlíochta agus an iompair muirí, mar aon le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bhunú agus Ciste Sóisialta nua ar son na hAeráide a bhunú, a mbeidh baint dhíreach aige leis an gcóras trádála astaíochtaí atáthar le tabhairt isteach le haghaidh breoslaí a úsáidtear i bhfoirgnimh agus in iompar de bhóthar. I dteannta leis na bearta a ghlactar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun tacú leis na hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha is gá agus chun iad a dhreasú, is é is aidhm don phacáiste “Oiriúnach do 55” cuidiú a thabhairt chun tacú le fás margaí nua agus chun dlús a chur lena bhfás, mar shampla margaí le haghaidh breoslaí glana agus feithiclí íseal-astaíochtaí, agus laghdófar leis sin costais an aistrithe inbhuanaithe le haghaidh gnólachtaí agus saoránach araon.

(6)

Ag an gcruinniú a bhí aici an 20 Meitheamh 2019, gheall an Chomhairle Eorpach, ina “Clár Oibre Straitéiseach Nua 2019-2024”, go n-áiritheofar aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta, aistriú a bheidh cuimsitheach agus nach bhfágfaidh aon duine ar lár. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe formhuinithe ag na Ballstáit agus Comhaontú Pháras daingnithe acu, a ndéantar tagairt iontu araon do na dianriachtanais a bhaineann le haistriú cóir an lucht saothair agus obair chuibhiúil agus poist ardcháilíochta a chruthú, chomh maith leis an ngá go mbeadh an t-oiriúnú agus an fothú acmhainneachta inscne-fhreagrúil. Le treoirlínte na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair tugtar creat beartais atá bunaithe go hidirnáisiúnta le haghaidh aistriú cóir i dtreo geilleagair agus sochaithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de do gach duine (9). Thairis sin, d’fhormhuinigh 54 shínitheoir (tíortha agus comhpháirtithe sóisialta) “Dearbhú na Siléise maidir le Dlúthpháirtíocht agus Aistriú Cóir” (10) arna ghlacadh ag 24ú Comhdháil na bPáirtithe (COP) ag UNFCCC in Katowice, lena n-áirítear an Coimisiún, thar ceann an Aontais agus 21 Ballstát aonair. Shínigh an tAontas agus 10 mBallstát an Dearbhú “Tacú leis na Coinníollacha le haghaidh Aistriú Cóir go hIdirnáisiúnta”, arna ghlacadh ag an 26ú COP ag UNFCCC i nGlaschú, agus leis sin gheall siad go n-áireoidh siad faisnéis maidir le haistriú cóir i dTuarascálacha Trédhearcachta Dhébhliantúla i gcomhthéacs tuairisciú ar a mbeartais agus a mbearta chun a Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta a bhaint amach.

(7)

Is prionsabail shainitheacha de bheartais an Aontais i leith an aistrithe ghlais iad an chothroime agus an dlúthpháirtíocht agus is riachtanais iad le haghaidh na tacaíochta leithne leanúnaí a fhaigheann sé ón bpobal. Cuirtear i dtábhacht sa Chomhaontú Glas don Eoraip gur gá don aistriú a bheith cóir agus cuimsitheach, gur gá dó tús áite a thabhairt do dhaoine agus gur gá dó aird ar leith a thabhairt ar thacú leis na réigiúin, na tionscail, na hoibrithe, na teaghlaigh agus na tomhaltóirí sin is mó a bheidh dúshlán acu. Thairis sin, cuirtear béim sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020, dar teideal “Eoraip Shóisialta Láidir d’Aistrithe Córa” go dtabharfar na huirlisí don Eoraip le go bhféadfaidh sí níos mó a bhaint amach maidir le cóineasú aníos, an chothroime shóisialta agus rathúnas do chách, tríd an gComhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain le haghaidh aistriú cóir domhanda agus téarnamh inbhuanaithe, leagtar amach go bhfuil cur chun cinn obair chuibhiúil ar fud an domhain i gcroílár an aistrithe chóir agus i gcroílár téarnaimh uilechuimsithigh, inbhuanaithe agus athléimnigh ón bpaindéim.

(8)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021, dar teideal “Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta”, (11) cuirtear i dtábhacht go bhfuil gá le haontacht, comhordú agus dlúthpháirtíocht chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo deacáid níos glaise agus níos digití ina mbeidh rath ar mhuintir na hEorpa. Sa phlean moltar trí phríomhsprioc don Aontas le haghaidh 2030, eadhon: gur cheart 78 % ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith fostaithe faoi 2030 (12); gur cheart 60 % ar a laghad de na daoine fásta go léir a bheith páirteach i gcúrsa oiliúna gach bliain (13); agus gur cheart líon na ndaoine i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta a laghdú 15 mhilliún ar a laghad faoi 2030 (14). Chuir ceannairí an Aontais fáilte roimh na príomhspriocanna sin le haghaidh 2030 i nDearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021 ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit nó rialtais in Porto an 7-8 Bealtaine 2021 agus ag an gComhairle Eorpach sna conclúidí uaithi an 24-25 Meitheamh 2021.

(9)

Agus na beartais tionlacain chearta i bhfeidhm (15), d’fhéadfadh an t-aistriú glas thart ar 1 mhilliún post ardcháilíochta sa bhreis a chruthú go comhiomlán (16) san Aontas faoi 2030 agus 2 mhilliún post eile a chruthú faoi 2050 (17), in earnálacha amhail an tógáil, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (“TFC”) nó fuinneamh inathnuaite, agus an meath fadtéarmach ar phoist mheánoiliúna de dheasca an uathoibrithe agus an digitithe á mhaolú an tráth céanna. Mar sin féin, ar an taobh diúltach, mura bhfuiltear chun tacú leis an aistriú glas i dtreo na haeráidneodrachta le meascán beartas leordhóthanach, d’fhéadfaí caillteanais OTI suas le 0.39 % a bheith ann san Aontas, agus caillteanais post suas le 0.26 % (18).

(10)

Beidh tionchair an aistrithe ghlais ar ghnólachtaí agus ar fhostaíocht éagsúil ag brath ar an earnáil, an ghairm bheatha, an réigiún agus an tír, agus beidh athrú i gceist do phoist laistigh de na hearnálacha agus na héiceachórais thionsclaíocha, mar aon le hath-leithdháiltí móra lucht saothair ar a bhfud (19). Chun athstruchtúrú agus coigeartú a dhéanamh sna cuideachtaí, earnálacha agus éiceachórais lena mbaineann, ní mór samhlacha nua gnó a fhorbairt agus ath-leithdháiltí móra lucht saothair a dhéanamh ar fud earnálacha agus réigiún. Mar shampla, meastar go dtarlóidh caillteanais post i roinnt gníomhaíochtaí mianadóireachta nó i dtáirgeadh fuinnimh atá bunaithe ar bhreosla iontaise, agus i gcodanna d’earnáil na mótarfheithiclí. Os a choinne sin, meastar go mbeidh deiseanna fostaíochta nua ann i ngníomhaíochtaí luach-choinneála ciorclacha agus in iompar inbhuanaithe agus i dtáirgeadh fuinnimh inbhuanaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit cuir chuige ghráinneacha a ghlacadh, agus díriú ar na réigiúin agus an héiceachórais aonair lena mbaineann, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus/nó na húdaráis áitiúla, na húdaráis réigiúnacha agus na geallsealbhóirí.

(11)

Trí dheiseanna le haghaidh poist ardcháilíochta a chruthú do chách agus bearta á nglacadh chun bochtaineacht fuinnimh agus iompair a mhaolú agus a chosc, is féidir leis an aistriú glas rannchuidiú le hioncaim a ardú agus neamh-chomhionannais agus an bhochtaineacht trí chéile a laghdú (20). Ar an gcaoi sin, is féidir leis cuidiú le dul i ngleic le neamh-chomhionannais shocheacnamaíocha agus an eisiamh sóisialta atá ann cheana, an tsláinte agus an fholláine a fheabhsú, agus an comhionannas – lena n-áirítear an comhionannas inscne – a chur chun cinn. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí áirithe sa daonra, go háirithe iad siúd atá i gcásanna leochaileacha cheana féin. Áirítear orthu siúd go háirithe teaghlaigh ísealioncaim agus teaghlaigh íseal-mheánioncaim, ar teaghlaigh iad a chaitheann sciar ard dá n-ioncam ar sheirbhísí fíor-riachtanacha amhail fuinneamh, iompar agus tithíocht, maille le micrifhiontair, agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Léirítear le torthaí samhaltaithe go mbraithfidh cánacha comhshaoil a bheith forchéimnitheach nó cúlchéimnitheach go mór ar dhearadh na hionstraime, lena n-áirítear, mar shampla, an méid a bheidh laghduithe cánach ioncaim nó roghanna athchúrsála ioncaim eile spriocdhírithe ar dhaoine ag a bhfuil ioncam níos ísle (21).

(12)

Is féidir le gníomhaíochtaí luach-choinneála ciorclacha lena n-áirítear samhailtí gnó bunaithe ar dheisiúchán, athúsáid, athdhéantúsaíocht agus seirbhísíocht, rochtain inacmhainne inbhuanaithe ar earraí agus seirbhísí a chothú. Cruthaíonn siad poist agus deiseanna ag leibhéil éagsúla scileanna chomh maith, lena n-áirítear poist agus deiseanna le haghaidh ban, daoine faoi mhíchumas agus grúpaí atá i gcásanna leochaileacha, tríd eintitis shóisialta gníomhach sna réimsí sin. Trí chiorclaíocht táirgí a chur chun cinn, laghdaítear astaíochtaí carbóin go mór, agus tá na poist a chruthaítear i ngar do na táirge is gá a chothabháil, a athchóiriú nó a roinnt.

(13)

De réir na sonraí is déanaí atá ar fáil i staidreamh AE maidir le hioncam agus dálaí maireachtála le haghaidh 2019/2020, bhí tionchar ag bochtaineacht fuinnimh ar thart ar 8 % de dhaonra an Aontas, sin breis agus 35 mhilliún duine, daoine nach raibh in ann a dtithe a théamh go leordhóthanach, agus bhí difríochtaí nach beag ann idir na Ballstáit agus idir grúpaí ioncaim (22). Ar an iomlán, measann an Fhaireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh go bhfuil níos mó ná 50 milliún teaghlach san Aontas atá thíos le bochtaineacht fuinnimh (23). Tá bochtaineacht fuinnimh, a eascraíonn as meascán d’ioncam íseal, sciar ard d’ioncam indiúscartha a bheith á chaitheamh ar fhuinneamh agus droch-éifeachtúlacht fuinnimh, ina dúshlán mór don Aontas le tamall anuas. Ina theannta sin, méadaíonn riosca na bochtaineachta fuinnimh le hardphraghsanna luaineacha fuinnimh, atá á spreagadh ag roinnt tosca lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus freagairt bheartais an Aontais ina dhiaidh sin. Ní ar theaghlaigh ísealioncaim amháin a mbíonn tionchar ag an gcineál bochtaineachta seo orthu, ach bíonn tionchar aige freisin ar theaghlaigh íseal-mheánioncaim i roinnt Ballstát freisin.

Teaghlaigh a bhfuil riachtanais fuinnimh atá os cionn an mheáin acu, lena n-áirítear teaghlaigh a bhfuil leanaí acu agus teaghlaigh dar ceann teaghlaigh duine aonair, daoine faoi mhíchumas, agus daoine scothaosta, tá siad níos so-ghabhálach i leith bochtaineacht fuinnimh (24) agus na héifeachtaí a bhíonn aici. Bíonn mná, go mór mór agus go háirithe mná ar tuismitheoirí aonair iad nó mná scothaosta iad, thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh freisin (25). De bhreis ar bhochtaineacht fuinnimh, aithnítear níos mó ná riamh coincheap na bochtaineachta iompair, faoi nach mbíonn catagóirí áirithe den daonra in ann leibhéal seirbhísí iompair is gá go sóisialta agus go hábhartha a bhaint amach. Gan na bearta tionlacain cearta chun bochtaineacht fuinnimh agus iompair a mhaolú agus a chosc, is baolach go gcuirfí leis na cineálacha bochtaineachta sin go háirithe mar gheall ar inmheánú costas astaíochtaí i bpraghasmhúnlú nó mar gheall ar chostais an oiriúnaithe do roghanna malartacha ar mó a éifeachtúlacht agus ar lú a n-astaíochtaí.

(14)

Tá prionsabail na cothroime sóisialta, an chomhtháthaithe, agus na dlúthpháirtíochta fite fuaite go daingean i ndearadh creataí ábhartha aeráide, fuinnimh agus comhshaoil ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear tríd an “bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as” agus tríd an gcomhroinnt díchill idir na Ballstáit mar aon le trí roinnt lamháltais EU ETS a ath-leithdháileadh chun críoch dlúthpháirtíochta, fáis agus idirnasc laistigh den Aontas agus chun críoch a n-úsáide le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú, a rannchuidíonn le riachtanais infheistíochta mhóra na Ballstát ar ioncam íseal chun a gcuid córais fuinnimh a nuachóiriú. Thairis sin, le creat reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir leis an bhfuinnimh cuirtear uirlisí ar fáil do na Ballstáit chun cosaint na gcustaiméirí teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh agus atá leochaileach a áirithiú agus saobhadh margaidh á sheachaint. Cé go gcuidíonn na huirlisí sin leis an aistriú glas a éascú, tá siad beartaithe chun na modhanna a sholáthar chun an chosaint is gá a áirithiú ar bhealach níos ginearálta, mar a léirítear, mar shampla, sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fomhair 2021, dar teideal “Tackling rising energy prices: a toolbox for action and support” [Ag dul i ngleic le praghsanna fuinnimh méadaitheacha: bosca uirlisí don ghníomhaíocht] agus sa Plean REPowerEU.

(15)

Tá réimse uirlisí ar fáil do na Ballstáit chun a gcuid gníomhartha le haghaidh aistriú cothrom a leagan amach agus a chomhordú. Sna Pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECPanna) arna n-ullmhú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), ba cheart measúnú a dhéanamh ar líon na dteaghlach atá thíos le bochtaineacht fuinnimh agus na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar impleachtaí sóisialta agus críochacha an aistrithe fuinnimh a leagan amach Ba cheart a shainaithint sna Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir (TJTPanna) arna n-ullmhú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) na críocha atá incháilithe le haghaidh tacaíocht faoin gCiste um Aistriú Cóir suas go dtí 2027. Agus iad á maoiniú ag NextGenerationEU, leagtar amach sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna) arna n-ullmhú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) athchóirithe agus infheistíochtaí chun an t-aistriú glas, fás cuimsitheach, comhtháthú sóisialta agus críochach, athléimneacht agus ionchais don chéad ghlúin eile a chothú, agus cuirfear na rudaí sin chun feidhme thar thréimhse suas le 2026. Roinnt gníomhaíochtaí le haghaidh aistriú cóir, cuirtear chun feidhme iad i gcomhthéacs cláir agus tionscnaimh eile, go háirithe cistí an Bheartais Comhtháthaithe.

(16)

Ag cur le prionsabail agus beartais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go háirithe, tá scóip ann feabhas a chur ar dhearadh na mbeartas ar bhealach cuimsitheach leathan, agus comhleanúnachas na n-iarrachtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a áirithiú. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal “Measúnú uile-AE ar na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide: an t-aistriú glas agus an téarnamh eacnamaíoch a chur chun cinn trí phleanáil chomhtháite fuinnimh agus aeráide”, cé go n-aithníonn sé go soláthraítear leis na NECPanna deiridh roinnt táscairí agus beartas maidir le bochtaineacht fuinnimh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbíonn beartú tosaíochta soiléir iontu i gcónaí i leith riachtanais chistiúcháin le haghaidh aistriú cóir, ná le haghaidh athscilithe agus uas-scilithe ná le haghaidh tacú le coigeartuithe ar mhargadh an tsaothair. Ba cheart a dhíriú sna TJTPanna ar chríocha áirithe agus dá bhrí sin, ní mheastar go leagfaí amach iontu straitéis agus beartais fhoriomlána le haghaidh aistriú cóir ar an leibhéal náisiúnta. Cé go ndeartar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn siad leo agus a gcuidíonn siad lena maoiniú chun go mbeidh tionchar fadtéarmach acu, tá TJTPanna agus RRPanna araon teoranta ó thaobh ama de.

(17)

Le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta san Aontas faoi 2050, áiritheofar nach bhfágfar aon duine ar lár, go háirithe na hoibrithe agus na teaghlaigh ar mó an difear a dhéanann an t-aistriú glas dóibh, agus go háirithe iad siúd atá i gcásanna leochaileacha cheana féin. Chuige sin, mar a leagtar amach sa Mholadh seo, ba cheart do na Ballstáit pacáistí beartais cuimsitheacha (29) a chur i bhfeidhm, gnéithe trasearnálacha a chuireann aistriú glas cóir chun cinn a neartú, agus an úsáid is fearr a bhaint as cistiú poiblí agus príobháideach. Ba cheart do na pacáistí beartais na daoine agus na teaghlaigh ar mó an difear a dhéanann an t-aistriú glas dóibh a chur san áireamh, go háirithe iad siúd a d’fhéadfadh a bheith thíos le caillteanais post agus athruithe ar choinníollacha oibre agus/nó ceanglais nua taisc ag an obair, mar aon leo siúd atá faoi réir drochthionchair ar ioncaim indiúscartha, ar chaiteachas agus ar rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha. Mar chuid de na grúpaí ar mó an difear a ndéantar dóibh, ba cheart do phacáistí beartais aird ar leith a thabhairt ar dhaoine agus teaghlaigh atá i gcásanna leochaileacha, go háirithe na daoine is faide ón margadh saothair, mar shampla mar gheall ar a scileanna, ar choinníollacha mhargadh an tsaothair chríochaigh, nó ar shaintréithe eile, amhail gnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, ach níor cheart do na pacáistí beartais na daoine agus na teaghlaigh sin amháin a chur san áireamh. Thairis sin, d’fhéadfaí a áireamh ar na daoine agus na teaghlaigh i gcásanna leochaileacha iad siúd atá ina gcónaí i mbochtaineacht agus/nó i mbochtaineacht fuinnimh nó atá i mbaol na bochtaineachta agus/nó na bochtaineachta fuinnimh, iad siúd a bhfuil bacainní ar an tsoghluaisteacht acu, nó iad siúd a bhfuil ró-ualach maidir le costas tithíochta orthu, lena n-áirítear teaghlaigh a bhfuil tuismitheoir aonair i gceannas orthu, ar mná iad níos minice ná fir. Ba cheart pacáistí beartais a oiriúnú d’imthosca áitiúla, agus riachtanais na gcodanna is leochailí agus is iargúlta san Aontas, lena n-áirítear na réigiúin agus oileáin is forimeallaí, á gcur san áireamh.

(18)

Le tacaíocht ghníomhach d’fhostaíocht ardcháilíochta, ba cheart díriú ar chuidiú le hoibrithe, cuardaitheoirí poist, daoine nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) agus daoine féinfhostaithe is mó atá thíos leis an aistriú glas. Daoine tearcionadaithe go háirithe, amhail mná, oibrithe íseal-oiliúna, daoine faoi mhíchumas, iad siúd atá níos aosta, nó daoine ag a bhfuil acmhainneacht oiriúnaitheachta réasúnta íseal maidir le hathruithe ar an margadh saothair, teastaíonn tacaíocht uathu chun feabhas a chur ar a n-infhostaitheacht agus chun fostaíocht a aimsiú, i gcomhréir leis an Moladh (AE) 2021/402 ón gCoimisiún (30). Ag cur leis an treoraíocht bheartais a bhí ann roimhe seo, go háirithe an Moladh sin agus Cinntí (AE) 2020/1512 (31) agus (AE) 2021/1868 (32) ón gComhairle, ba cheart bearta saincheaptha a bheith sna pacáistí beartais dá réir sin chun tacú le tionscnaimh earcaíochta agus aistrithe, leis an bhfiontraíocht, go háirithe do mhná agus do dhaoine faoi mhíchumas, agus le bearta chun poist ardcháilíochta a chruthú, go háirithe le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus sna críocha is mó atá buailte. D’fhéadfadh bearta den sórt sin, mar aon le tacaíocht leordhóthanach ón Aontas, a bheith ríthábhachtach freisin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann do mhargadh an tsaothair, amhail na cinn siúd a eascraíonn as insreabhadh na ndídeanaithe ón Úcráin, go háirithe sna Ballstáit is mó atá buailte. Leis na pacáistí beartais sin, ba cheart freisin cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach rialacha atá ann cheana maidir le coinníollacha oibre a chothú agus tacú le hathstruchtúrú atá freagrach ar bhonn sóisialta i gcomhréir leis na rialacha agus caighdeáin atá ann cheana. Is ríthábhachtach an ról atá ag comhpháirtithe sóisialta i ndáil le rannchuidiú le haghaidh a thabhairt, trí idirphlé, ar iarmhairtí fostaíochta agus sóisialta na ndúshlán a bhaineann leis an aistriú glas.

(19)

Tá rochtain ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach do chách fíor-riachtanach chun a áirithiú go bhfuil na scileanna ag an lucht saothair is gá chun an t-aistriú glas a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart gnéithe a bhaineann le haistriú cóir a chomhtháthú i bhforbairt agus cur chun feidhme straitéisí scileanna náisiúnta, agus na moltaí ón gCoimisiún sa “Clár Oibre Eorpach do Scileanna” (33) agus “Straitéis Nua Tionsclaíochta Nuashonraithe (34) á gcur san áireamh. Uirlis thábhachtach a bheidh i gcomhpháirtíochtaí scileanna faoin gComhshocrú do Scileanna freisin. Le faisnéis agus fadbhreathnaitheacht cothrom le dáta maidir leis an margadh saothair agus le scileanna, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, earnálach agus ar leibhéal na ceirde, is féidir riachtanais a bhaineann le scileanna gairmshonracha agus idirdhisciplíneacha ábhartha a aithint agus a thuar, lena n-áirítear mar bhonn chun curaclaim a oiriúnú chun riachtanais scileanna le haghaidh an aistrithe ghlais a chomhlíonadh. Leis an ngairmoideachas agus gairmoiliúint, ba cheart scileanna a thabhairt do dhaoine óga agus daoine fásta, le béim ar leith ar mhná agus ar oibrithe ar bheagán oiliúna, ar scileanna iad a bhfuil gá leo chun an t-aistriú glas a bhaint amach, i gcomhréir le Moladh 2020/C 417/01 ón gComhairle (35).

Maidir le printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna ar íocaíocht, ina bhfuil gnéithe oiliúna láidre, go háirithe le haghaidh daoine óga, rannchuidíonn siad le haistrithe sa mhargadh saothair, go háirithe aistrithe i dtreo gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide agus comhshaoil, agus in earnálacha a bhfuil ganntanais scileanna ar leith iontu. Ba cheart rannpháirtíocht mhéadaithe daoine fásta san fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn chun riachtanais uas-scilithe agus athscilithe a chomhlíonadh, inter alia trína chur ar a gcumas do dhaoine oiliúint a lorg atá saincheaptha dá riachtanais agus nuair is iomchuí trí chúrsaí gearra a ndéantar dearbhú cáilíochta orthu maidir le scileanna le haghaidh an aistrithe ghlais, agus Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 (36) atá beartaithe á chur san áireamh, darb aidhm go mbeidh sé níos éasca torthaí na gcúrsaí sin a luacháil agus a aithint.

(20)

Ba cheart comhdhéanamh córas sochair cánach agus córas cosanta sóisialta a scrúdú i gcomhthéacs na riachtanas sonrach a eascraíonn as an aistriú glas, chun go léireofaí iontu freisin an ‘prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ agus an gá nach dtugann na beartais a ghabhann leo isteach fóirdheontais le haghaidh úsáid breoslaí iontaise, nach gcuireann siad de cheangal ar thomhaltóirí teicneolaíocht shonrach a úsáid, nach laghdaíonn siad dreasachtaí le haghaidh athchóiriú foirgneamh agus ionadú córas fuinnimh theirmigh agus nach laghdaíonn siad na dreasachtaí faoi chuimsiú bearta éifeachtúlachta fuinnimh i gcoitinne. Féadfar meascán de bheartais éagsúla tacú leis na teaghlaigh is leochailí agus leis na hoibrithe is mó atá thíos leis an aistriú glas. Ag brath ar an gcás náisiúnta agus ar an gcás aonair, d’fhéadfadh sé go mbeadh i gceist leis sin, mar shampla, cánachas a aistriú ó chánachas saothair go cuspóirí aeráide agus comhshaoil mar a bheartaítear leis an togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh (37), athbhreithniú ar scéimeanna dífhostaíochta agus/nó tacaíocht spriocdhírithe dhíreach ioncaim, i gcás inar gá. Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar chórais chosanta sóisialta, lena n-áirítear beartais maidir leis an gcuimsiú sóisialta agus, i gcás inarb infheidhme, féadfar iad a oiriúnú i bhfianaise an aistrithe ghlais, go háirithe chun foráil do shlándáil ioncaim, go háirithe le linn aistrithe ó phost go post, agus chun seirbhísí leormhaithe sóisialta, sláinte agus cúraim a sholáthar trí bhonneagar sóisialta leormhaith, go háirithe sna críocha is mó atá buailte, cuir i gcás ceantair thuaithe agus ceantair iargúlta, amhail na réigiúin is forimeallaí chun an t-eisiamh sóisialta a chosc, agus aghaidh a thabhairt ar rioscaí don tsláinte. Chun eisiamh sóisialta leanaí a chosc agus a chomhrac, tá sé mar aidhm le hinfheistíochtaí i mbonneagar sóisialta do leanaí rochtain ar phríomhsheirbhísí a áirithiú do leanaí atá i ngátar, mar a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle (38).

(21)

Chun athléimneacht fhisiciúil agus athléimneacht airgeadais maidir le tionchair dho-athraithe an athraithe aeráide a fhorbairt ar bhealach cuimsitheach, is gá réitigh a chur chun cinn i ndáil le feasacht, laghdú agus aistriú riosca, go háirithe trí chur le hinfhaighteacht réiteach árachais agus trí infheistíocht a dhéanamh i mbainistiú riosca tubaistí agus in oiriúnú chun tionchair fhisiciúla an athraithe aeráide a laghdú, ar an gcaoi sin, caillteanas agus an bhearna i gcosaint na haeráide a laghdú, agus micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide, chomh maith le ceantair thuaithe agus ceantair iargúlta, mar shampla na réigiún is forimeallaí agus oileáin, á gcur san áireamh. Ba cheart bainistiú riosca tubaistí, lena n-áirítear córais cosanta sibhialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a atreisiú chun gurbh fhearr a bheifí in ann suaití a bhaineann leis an aeráid a chosc, ullmhú ina leith agus freagra a thabhairt orthu.

(22)

Tá sé de cheart ag cách teacht a bheith aige ar sheirbhísí bunriachtanacha ar dhea-chaighdeán, lena n-áirítear seirbhísí fuinnimh, iompair, uisce, sláintíochta, airgeadais agus cumarsáide digití, agus ba cheart tacaíocht le haghaidh rochtain chomhionann ar na seirbhísí sin a chur ar fáil dóibh siúd atá i ngátar (39). Ina theannta sin, ba cheart rochtain ar thithíocht shóisialta nó ar chúnamh tithíochta ar dhea-chaighdeán a sholáthar dóibh siúd atá i ngátar (40). De bhreis air sin, is féidir le teaghlaigh ísealioncaim agus meánioncaim, custaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, daoine atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, tairbhe a bhaint as cur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh. Chomh maith le tomhaltóirí fuinnimh a chosaint agus a chumhachtú, tá gá le bearta sonracha chun bunchúiseanna na bochtaineachta fuinnimh a chosc agus chun dul i ngleic leo, go háirithe trí infheistíochtaí a chur chun cinn atá dírithe ar fheabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh, go háirithe san earnáil tithíochta sóisialta. Tá sé i gceist freisin, leis an nuashonrú atá beartaithe ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (41) agus ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (42) aghaidh a thabhairt ar na príomhbhacainní neamheacnamaíocha atá ar an athchóiriú, amhail dreasachtaí deighilte, lena n-áirítear cásanna úinéara-tionónta agus struchtúir chomhúinéireachta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhná agus ar ghrúpaí áirithe atá go mór i mbaol na bochtaineachta fuinnimh, amhail daoine faoi mhíchumas, tuismitheoirí aonair, daoine scothaosta, leanaí agus daoine a bhfuil cúlra cine mionlaigh nó eitnigh mionlaigh acu.

Féadfar dul i ngleic le dúshláin soghluaisteachta atá ann cheanna féin nó atá ag teacht chun cinn trí bhearta tacaíochta agus tríd an mbonneagar is gá a fhorbairt, amhail iompar poiblí. Tá inacmhainneacht, inrochtaineacht agus sábháilteacht na soghluaisteachta inbhuanaithe agus modhanna éagsúla iompair, lena n-áirítear iompar príobháideach agus iompair poiblí, an-tábhachtach chun a áirithiú go mbaineann gach duine tairbhe as an aistriú glas agus go bhfuil siad rannpháirteach ann. Tá ról tábhachtach ag an tsoghluaisteacht uirbeach sa chomhthéacs sin, mar a léirítear freisin leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 dar teideal ‘Creat Nua AE don tSoghluaisteacht Uirbeach’

(23)

Le cur chuige uile-shochaí i leith an aistrithe chóir, ba cheart tacú le gníomhaíocht beartais, bunaithe ar chomhordú an cheaptha beartas agus acmhainní oibríochtúla neartaithe ar gach leibhéal agus ar fud gach réimse beartais ábhartha, lena dtabharfaí freisin ról gníomhach do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla. Ba cheart é a bheith bunaithe ar rannpháirtíocht ag comhpháirtithe sóisialta ar gach leibhéal agus ag gach céim, agus rannpháirtíocht éifeachtach a mbeadh tionchar aici, ag an tsochaí shibhialta agus ag páirtithe leasmhara. Le comhordú agus rannpháirtíocht mar sin, d’fhéadfaí a áirithiú go ndéanfaí prionsabail na cothroime agus na dlúthpháirtíochta atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip a chomhtháthú i ndearadh, cur chun feidhme agus faireachán beartais ón tús, trí bhonn a sholáthar do thacaíocht leathan fadtéarmach le haghaidh beartais chuimsitheacha a dhéanann dul chun cinn maidir leis an aistriú glas.

(24)

Tá bunús láidir fianaise an-tábhachtach chun beartais fhónta shóisialta agus margaidh saothair a chur i bhfeidhm lena n-áirithítear aistriú cóir cuimsitheach. Chuige sin, má dhéantar sainmhínithe, coincheapa, aicmithe agus modheolaíochtaí a chomhchuibhiú agus a dhéanamh comhsheasmhach, de réir a chéile, bunaithe go háirithe ar an Moladh ón gCoimisiún (AE) 2020/1563 (43) éascófar measúnuithe agus inchomparáideacht na measúnuithe. Féadfar tuilleadh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta cur leis an mbonn eolais a d’fhéadfaí a úsáid ar mhaithe leis an mbeartas agus leis an dioscúrsa poiblí. Ar a seal, féadfar malartuithe leis an bpobal ina éagsúlacht ar fad agus leis na príomhpháirtithe leasmhara, mar shampla malartuithe maidir le torthaí meastóireachtaí, torthaí beart fadbhreathnaitheachta agus beart faireacháin, cur le ceapadh beartas agus leis an úinéireacht.

(25)

Ní mór sonraí agus táscairí inscne-dhíchomhiomlánaithe iomchuí gráinneacha ardcháilíochta go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair fostaíochta, shóisialta agus dháileacháin a bhíonn ag beartais i leith an athraithe aeráide. Níl na sonraí agus táscairí sin ar fáil go hiomlán faoi láthair. Mar shampla, cé go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta maidir le bochtaineacht fuinnimh a thomhas, d’fhéadfaí táscairí chun measúnú a dhéanamh ar bhochtaineacht iompair a fhorbairt i gcomhréir le cúinsí náisiúnta. Féadfar faireachán agus meastóireacht a neartú le roinnt beart, lena ndíreofaí ar tháscairí agus scórchláir, mar aon le treoirthionscadail mhionscála agus beartais thrialacha. Ba cheart do na gníomhaíochtaí sin chur le scórchláir atá ann cheana féin, nó tarraingt uathu, amhail an Scórchlár Sóisialta agus clár eolais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, a bhfuil faisnéis ábhartha iontu maidir le gnéithe sonracha de bheartais i leith an aistrithe chóir.

(26)

I bhfianaise na riachtanas suntasacha infheistíochta a eascraíonn as an aistriú glas, tá tábhacht ar leith ag baint leis an úsáid is fearr agus úsáid éifeachtúil a bhaint as cistiú poiblí agus príobháideach agus le slógadh na n-acmhainní ar fad atá ar fáil agus a gcur chun feidhme éifeachtúil. Ar leibhéal an Aontais, cuirtear tacaíocht ar fáil do bhearta ábhartha trí bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus trí NextGenerationEU. Cuirfear chun feidhme iad faoi iad seo a leanas: an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), an Sásra um Aistriú Cóir (JTM), lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Comhtháthaithe, Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU), ERASMUS+ agus an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), clár LIFE, an clár Fís Eorpach, an Ciste don Nuachóiriú (44), agus na cistí faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT). De bhreis air sin, tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, trí shaineolas teicniúil saincheaptha a sholáthar chun athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear na hathchóirithe sin a chuireann aistriú cóir i dtreo na neodrachta carbóin chun cinn.

(27)

Is é an Seimeastar Eorpach creat comhordúcháin bheartais eacnamaíoch agus fostaíochta an Aontais Eorpaigh. Leanfaidh sé den ról sin a bheith aige sa chéim téarnaimh agus ó thaobh na n-aistrithe glasa agus digiteacha a chur chun cinn, agus sin bunaithe thart timpeall ar cheithre ghné na hinbhuanaitheachta iomaíche, mar thaca leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Faoin Seimeastar Eorpach, déanfaidh an Coimisiún faireachán géar ar thorthaí agus tionchair shocheacnamaíocha agus i gcás inarb ábhartha, molfaidh sé moltaí tírshonracha spriocdhírithe chun a áirithiú nach bhfágtar aon duine ar lár. Beidh an chomhlántacht leis na bearta a dtacaítear leo faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ina tosaíocht. Dá bhrí sin, déanfar faireachán ar an Moladh seo, de réir mar is iomchuí, i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, lena n-áirítear faoi chuimsiú na gcoistí ábhartha, laistigh dá réimsí inniúlachtaí faoi seach, bunaithe ar mheasúnuithe leormhaithe, meastóireachtaí ar thionchar beartais, agus staid cur chun feidhme na treoraíochta a sholáthraítear sa Mholadh seo. Ní chuirfidh an socrú faireacháin ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo ar na Ballstáit.

(28)

Thairis sin, mar chuid den dréacht agus den nuashonrú deiridh ar a NECPanna in 2023 agus 2024, faoi seach, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, ba cheart do na Ballstáit an Moladh seo a úsáid chun féachaint an bhféadfaí measúnuithe ar thionchair fostaíochta, shóisialta agus dháileacháin agus gnéithe den aistriú cóir a phríomhshruthú ar feadh na cúig ghné den Aontas Fuinnimh agus tuilleadh feabhais a chur ar bhearta chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair sin, agus aird ar leith á tabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh.

(29)

Thairis sin, leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme an Mholta seo, féadfar cur leis an bhfianaise atá ann cheana féin i gcomhthéacs na bpróiseas faireachais iltaobhaigh atá bunaithe, amhail an Seimeastar Eorpach. Féadfaidh an Chomhairle nó an Coimisiún a iarraidh ar an gCoiste Fostaíochta agus ar an gCoiste um Chosaint Shóisialta, i gcomhréir le hAirteagail 150 agus 160 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, faoi seach, agus i gcomhar le coistí ábhartha eile, go háirithe an Coiste um Beartas Eacnamaíoch, scrúdú a dhéanamh ina réimsí inniúlachta féin ar chur chun feidhme an Mholta seo ar bhonn tuairisciú leordhóthanach arna dhéanamh ag an gCoimisiún agus ag uirlisí iltaobhacha eile faireachais. Sa chomhthéacs sin freisin, tá an Coimisiún ag oibriú chun feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí – sonraí inscne-dhíchomhiomlánaithe – chun creataí agus treoraíocht mhodheolaíochta atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta agus a úsáid, lena n-áirítear creataí agus treoraíocht chun bochtaineacht fuinnimh, bochtaineacht iompair agus neamh-chomhionannais chomhshaoil a thomhas, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar thionchar iarbhír na mbeart,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

CUSPÓIR

(1)

I gcomhréir le prionsabail an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, is é is aidhm don Mholadh seo a áirithiú gur aistriú cóir é aistriú an Aontais i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi 2050 agus nach bhfágfar aon duine ar lár leis an aistriú sin.

(2)

Iarrtar ar na Ballstáit, chun na críche sin, pacáistí beartas cuimsitheacha agus comhleanúnacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme i ndlúthchomhar le comhpháirtithe sóisialta de réir mar is ábhartha, agus ar an mbealach sin aghaidh a thabhairt ar ghnéithe fostaíochta agus sóisialta chun aistriú cóir a chur chun cinn sna beartais uile, go háirithe beartais aeráide, fuinnimh agus chomhshaoil, agus an úsáid is fearr a bhaint as cistiú poiblí agus príobháideach freisin.

SAINMHÍNITHE

(3)

Chun críche an Mholta seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

Ciallaíonn ‘aistriú glas’ an t-aistriú a dhéanfaidh geilleagar agus sochaí an Aontais i dtreo cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, trí bheartais agus trí infheistíochtaí go príomha, i gcomhréir leis an an Dlí Aeráide Eorpach lena leagtar síos an oibleagáid neodracht ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050, agus i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le gealltanais idirnáisiúnta, lena n-áirítear Comhaontú Pháras, Comhaontuithe Iltaobhacha eile maidir leis an gComhshaol agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.

(b)

Ciallaíonn ‘cuspóirí aeráide agus comhshaoil’ na sé chuspóir a leagtar síos le Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45), is iad sin: maolú ar an athrú aeráide; oiriúnú don athrú aeráide; úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní muirí agus iad a chosaint; an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach; cosc agus rialú ar thruailliú; agus bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú.

(c)

Ciallaíonn ‘na daoine agus na teaghlaigh is mó atá thíos leis an aistriú glas’ iad siúd a bhfuil a rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta, lena n-áirítear féinfhostaíocht, agus/nó ar oideachas agus ar oiliúint agus/nó ar chaighdeán maith maireachtála agus ar sheirbhísí riachtanacha, teoranta ar bhealach suntasach nó i mbaol a bheith teoranta ar bhealach suntasach mar thoradh díreach nó indíreach ar an aistriú glas.

(d)

Ciallaíonn ‘daoine agus teaghlaigh i gcásanna leochaileacha’ iad siúd a bhfuil a rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta, lena n-áirítear féinfhostaíocht, agus/nó ar oideachas agus ar oiliúint agus/nó ar chaighdeán maith maireachtála agus ar sheirbhísí riachtanacha, teoranta nó i mbaol a bheith teoranta, beag beann ar an aistriú glas, rud a fhágann gur beag a n-acmhainn iad féin a chur in oiriúint d’iarmhairtí an aistrithe ghlais.

(e)

Ciallaíonn ‘micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide’ fiontair a fhostaíonn níos lú ná 250 duine, lena n-áirítear daoine aonair féinfhostaithe, agus nach mó ná EUR 50 milliún a láimhdeachas bliantúil, agus/nó nach mó ná EUR 43 milliún a gclár comhardaithe bliantúil, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (46).

(f)

ciallaíonn ‘bochtaineacht fuinnimh’ easpa rochtana a bheith ag teaghlach ar sheirbhísí riachtanacha fuinnimh is cloch bhoinn faoi chaighdeán maith maireachtála agus sláinte, lena n-áirítear teas, fuarú agus soilsiú leormhaith agus an fuinneamh chun cumhacht a thabhairt d’fhearais leictreacha, sa chomhthéacs náisiúnta ábhartha, sa bheartas sóisialta reatha agus i mbeartais ábhartha eile” (47); beidh feidhm ag an sainmhíniú ar “bochtaineacht fuinnimh” atá sa Mholadh seo, mura rud é go mbeidh sainmhíniú eile ar an gcoincheap sin i dTreoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48), mar a leasaítear í nó mar a d’fhéadfaí a ionadú mar thoradh ar an togra ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 (49), agus sa chás sin, beidh feidhm ag an sainmhíniú sin chun críocha an Mholta seo.

(g)

Ciallaíonn “seirbhísí riachtanacha” seirbhísí ardchaighdeáin, lena n-áirítear uisce, sláintíocht, fuinneamh, iompar agus soghluaisteacht, seirbhísí airgeadais agus cumarsáid dhigiteach; ba cheart tacaíocht do rochtain ar sheirbhísí den sórt sin a chur ar fáil dóibh siúd atá i ngátar, de réir phrionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus ba cheart freisin deiseanna a chur ar fáil chun airgead a shábháil, lena n-áirítear trí athúsáid, athchóiriú, deonú agus trí sheirbhísí a chomhroinnt.

(h)

Ciallaíonn “pacáiste beartais” tacar cuimsitheach comhleanúnach de bhearta ina gcomhtháthaítear beartais fostaíochta, scileanna agus shóisialta le beartais aeráide, fuinnimh, iompair, chomhshaoil agus beartais eile um aistriú glas, trí chur chuige tras-earnálach dea-chomhordaithe bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de straitéisí agus/nó pleananna gníomhaíochta náisiúnta, agus a bhaineann tairbhe as sásraí comhordúcháin agus rialachais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta de réir mar is cuí.

PACÁISTÍ BEARTAIS LE hAGHAIDH AISTRIÚ GLAS CÓIR

(4)

Chun tacaíocht ghníomhach a chur ar fáil d’fhostaíocht ardcháilíochta le haghaidh aistriú cóir agus chun forbairt a dhéanamh ar Mholadh (AE) 2021/402, moltar do na Ballstáit, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, féachaint an bhféadfaí na bearta seo a leanas a úsáid chun tacú leis na daoine is mó atá thíos leis an aistriú glas, go háirithe iad siúd atá i gcásanna leochaileacha agus, i gcás inar leormhaith, tacú leo an t-aistriú a dhéanamh, trí fhostaíocht nó trí fhéinfhostaíocht, i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuidíonn le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach:

(a)

tacú go héifeachtach le rochtain agus caomhnú ar fhostaíocht ardcháilíochta, go háirithe trí sheirbhísí fostaíochta, lena n-áirítear cúnamh saincheaptha cuardaigh post agus trí chúrsaí foghlama lena ndírítear freisin ar scileanna glasa agus digiteacha i gcás inarb iomchuí; féachaint an bhféadfaí cláir fostaíochta atá dea-cheaptha, spriocdhírithe agus faoi cheangal ama a úsáid freisin, cláir lena n-ullmhófaí tairbhithe trí oiliúint, go háirithe daoine ó na grúpaí faoi ghannionadaíocht agus daoine i gcásanna leochaileacha, chun páirt leanúnach a ghlacadh sa mhargadh saothair;

(b)

úsáid éifeachtach a bhaint as dreasachtaí earcaíochta agus aistrithe atá spriocdhírithe agus dea-cheaptha, lena n-áirítear trí fhéachaint an bhféadfaí úsáid leordhóthanach a bhaint as fóirdheontais pá agus earcaíochta agus as dreasachtaí atá nasctha le ranníocaíochtaí slándála sóisialta, chun cuidiú le haistrithe sa mhargadh saothair sna hearnálacha ar fad agus le soghluaisteacht an lucht saothair ar fud réigiún agus tíortha, i bhfianaise na ndeiseanna agus na ndúshlán a bhaineann leis an aistriú glas;

(c)

an fhiontraíocht a chur chun cinn, lena n-áirítear fiontair agus gach aon eintiteas eile sa gheilleagar sóisialta (50), go háirithe i réigiúin a bhfuil dúshláin a bhaineann leis an aistriú acu agus, i gcás inarb iomchuí, in earnálacha ina gcuirtear cuspóirí aeráide agus comhshaoil chun cinn, amhail an geilleagar ciorclach, agus aird ar leith á tabhairt ar fhiontraíocht na mban. Ba cheart bearta airgeadais, lena n-áirítear deontais, iasachtaí nó cothromas, agus bearta eile, lena n-áirítear seirbhísí oiliúna agus comhairleacha, agus aird ar leith ar ghníomhaíochtaí múscailte feasachta, a bheith san áireamh sa tacaíocht, agus iad saincheaptha do gach céim de shaolré an ghnó; ba cheart an tacaíocht a bheith cuimsitheach agus ba cheart rochtain a bheith uirthi ag grúpaí atá faoi ghannionadaíocht agus atá faoi mhíbhuntáiste;

(d)

cruthú post ardcháilíochta a spreagadh, go háirithe sna dlínsí is mó atá thíos leis an aistriú glas agus, i gcás inarb iomchuí, in earnálacha a chuireann cuspóirí aeráide agus comhshaoil chun cinn, amhail an geilleagar ciorclach, trí éascaíocht a dhéanamh ar rochtain ar mhaoiniú agus ar mhargaí ag micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide, go háirithe iad siúd a chuidíonn le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, d’fhonn iomaíochas, nuálaíocht agus fostaíocht ardcháilíochta a chur chun cinn ar fud an mhargaidh aonair, lena n-áirítear sna hearnálacha agus sna héiceachórais a bhfuil ábharthacht straitéiseach ag baint leo i gcomhthéacsanna náisiúnta agus áitiúla;

(e)

anailís a dhéanamh ar thionchar an aistrithe ghlais ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht ag an obair agus, dá réir sin, bearta a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí nua nó ar an ngéarú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na rioscaí atá ann cheana, agus Teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 dar teideal “Creat straitéiseach AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 - Sábháilteacht agus sláinte cheirde i saol oibre atá ag athrúá chur san áireamh;

(f)

a áirithiú go ndéanfar na rialacha atá ann cheana maidir le coinníollacha oibre a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach, go háirithe maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair, maidir le heagrú oibre agus rannpháirtíocht oibrithe, d’fhonn coinníollacha oibre cothroma agus cáilíocht post a chosaint le linn an aistrithe, lena n-áirítear i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuidíonn le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach;

(g)

úsáid cleachtas soláthair phoiblí atá freagrach ar bhonn sóisialta a chothú (51), lena n-áirítear trí chritéir dhámhachtana shóisialta, lena gcruthaítear deiseanna do na daoine is mó atá thíos leis an aistriú glas, agus critéir dhámhachtana ghlasa á gcur chun cinn freisin;

(h)

foráil a dhéanamh do rannpháirtíocht iomlán agus fhóinteach na n-oibrithe ag gach leibhéal agus a n-ionadaithe, lena n-áirítear faisnéis agus comhairliúchán, a mhéid a bhaineann le hathrú a thuar agus le próisis athstruchtúraithe a bhainistiú, lena n-áirítear iad siúd atá nasctha leis an aistriú glas, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2013 maidir le ‘Creat Cáilíochta AE um réamhaíocht ar athrú agus athstruchtúrú’”.

(5)

Chun rochtain chomhionann a áirithiú ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar fad an tsaoil atá cuimsitheach, inacmhainne agus ar ardcháilíocht, agus ar chomhdheiseanna, agus d’fhonn comhionannas inscne a neartú, moltar do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm i ndlúthchomhar le comhpháirtithe sóisialta, agus a neamhspleáchas siúd á urramú ag an am céanna, go háirithe mar thaca le daoine agus le teaghlaigh is mó atá thíos leis an aistriú glas, go sonrach iad siúd atá i gcásanna leochaileacha:

(a)

gnéithe fostaíochta agus sóisialta an aistrithe ghlais, lena n-áirítear ganntanais lucht saothair a d’fhéadfadh a bheith ann, a chomhtháthú i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na straitéisí náisiúnta ábhartha trína ndírítear ar dhúshláin scileanna, mar shampla, faoin gClár Oibre Eorpach do Scileanna, agus tacú le comhpháirtíochtaí geallsealbhóirí a chur ar bun agus a chomhordú, lena n-áirítear faoin gComhshocrú do Scileanna, rud a áiritheoidh go háirithe go mbeidh na scileanna i gcroílár na gconairí aistrithe arna gcomhchruthú do na héiceachórais thionsclaíocha ábhartha a chuidíonn le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach;

(b)

faisnéis agus fadbhreathnaitheacht cothrom le dáta a fhorbairt maidir leis an margadh saothair agus le scileanna, agus na riachtanais a bhaineann le scileanna gairmshonracha agus idirdhisciplíneacha a aithint agus a thuar. Forbairt a dhéanamh ar na huirlisí agus ar na tionscnaimh atá ann faoi láthair, lena n-áirítear saineolas agus comhar na gcomhpháirtithe sóisialta agus na ngeallsealbhóirí ábhartha;féachaint an bhféadfaí curaclaim oideachais agus oiliúna a chur in oiriúint do riachtanais an aistrithe ghlais, i gcomhréir le himthosca náisiúnta agus réigiúnacha, agus treoraíocht scoile agus gairme a chur ar fáil dá réir sin;

(c)

oideachas agus oiliúint tosaigh atá inacmhainne, inrochtana, cuimsitheach agus ar ardcháilíocht a sholáthar, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint lena dtugtar d’fhoghlaimeoirí scileanna agus inniúlachtaí atá ábhartha maidir leis an aistriú glas. Ba cheart foghlaim ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht – lena n-áirítear an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic (ETIM), cuir chuige idirdhisciplíneacha agus scileanna digiteacha – a mheas mar dhlúthchuid de na curaclaim náisiúnta agus na cláir oideachais agus oiliúna agus iad a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí; gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh chun daoine faoi mhíchumas, mná, daoine ar bheagán scileanna agus grúpaí eile atá faoi ghannionadaíocht sna réimsí gairme lena mbaineann i láthair na huaire a mhealladh agus chun a ngairmréimeanna a chur chun cinn;

(d)

scéimeanna tacaíochta do phrintíseachtaí agus, i gcás inar féidir, do thréimhsí oiliúna ardcháilíochta ar íocaíocht a thabhairt isteach nó a neartú, chomh maith le scéimeanna scáthfhoghlama ina bhfuil gné láidir oiliúna, go háirithe i micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear iad siúd a chuidíonn le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, agus iad siúd in earnálacha a bhfuil ganntanais scileanna ar leith iontu, amhail an fhoirgníocht agus TFC. Ba cheart do na scéimeanna sin a bheith faoi réir faireachán agus meastóireacht náisiúnta nó réigiúnach, agus ba cheart dóibh cáilíocht post a chosaint agus Moltaí 2018/C 153/01 (52) agus 2014/C 88/01 (53) ón gComhairle á gcur san áireamh;

(e)

rannpháirtíocht daoine fásta in oiliúint a mhéadú le linn an tsaoil oibre, i gcomhréir le riachtanais uas-scilithe agus athoiliúna an aistrithe ghlais, trína áirithiú go mbíonn tacaíocht ar fáil d’oiliúint le linn na hoibre, d’aistrithe gairmiúla agus do scileanna idirdhisciplíneacha, go háirithe chun an t-aistriú a éascú i dtreo earnálacha agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a meastar go dtiocfaidh méadú orthu; cumhacht a thabhairt do dhaoine oiliúint a lorg atá saincheaptha dá riachtanais, inter alia, trí chúrsaí gearra a bhfuil a gcáilíocht dearbhaithe maidir le scileanna don aistriú glas; chuige sin, machnamh a dhéanamh ar rochtain ar shaoire oiliúna ar íocaíocht agus gairmthreoir a chur ar fáil, chomh maith leis an rogha cuntais foghlama aonair a chur ar bun, agus an Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 (54) á chur san áireamh, agus tacú le cúrsaí gearra a bhfuil a gcáilíocht dearbhaithe agus iad aitheanta go forleathan a cheapadh, agus Moladh an 16 Meitheamh 2022 (55) á gcur san áireamh.

(6)

Chun a áirithiú go leanann córais sochair chánach agus córais cosanta sóisialta, lena n-áirítear beartais um chuimsiú sóisialta, de bheith cóir i gcomhthéacs an aistrithe ghlais, agus Moladh 2014/C 88/01 ón gComhairle (56) á chur san áireamh, moltar do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí, i gcás inarb infheidhme, na bearta seo a leanas a úsáid mar thaca leis na daoine agus leis na teaghlaigh is mó atá thíos leis an aistriú glas, go háirithe iad siúd atá i gcás leochaileach, d’fhonn tacú le haistrithe sa mhargadh saothair, lena n-áirítear aistrithe i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuidíonn le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, a choisceann agus a mhaolaíonn bochtaineacht fuinnimh agus iompair i gcomhréir le himthosca náisiúnta, agus a laghdaíonn tionchair chúlchéimnitheacha na mbeartas:

(a)

córais chánachais a mheasúnú agus, i gcás inar gá, a oiriúnú i bhfianaise na ndúshlán a thiocfaidh chun cinn de bharr an aistrithe i dtreo neodracht ó thaobh na haeráide de, go sonrach tríd an t-ualach cánach a aistriú ón saothar agus tríd an ding chánach do ghrúpaí ísealioncaim agus meánioncaim a laghdú agus a aistriú i dtreo foinsí eile a chuidíonn le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, trí thionchair chúlchéimnitheacha a chosc agus a mhaolú, trí chineál forásach na cánach dírí a chaomhnú agus trí mhaoiniú a chosaint do bhearta leormhaithe cosanta sóisialta agus infheistíochta, go háirithe iad siúd atá dírithe ar an aistriú glas;

(b)

córais cosanta sóisialta, lena n-áirítear beartais maidir le cuimsiú sóisialta, a athbhreithniú agus, i gcás inarb infheidhme, a oiriúnú i bhfianaise na ndúshlán fostaíochta, sóisialta agus sláinte a bheidh ann de bharr an aistrithe ghlais; chuige sin, féachaint cén chaoi is fearr is féidir le slándáil ioncaim leormhaith a áirithiú agus a oiriúnú do na riachtanais a thiocfaidh chun cinn de bharr an aistrithe ghlais, lena n-áirítear trí scéimeanna nuálacha um aistriú ó phost go post, trí shochair dhífhostaíochta agus trí chórais ioncaim íosta; soláthar seirbhísí cúraim shóisialta, sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh atá inacmhainne, inrochtana agus ar chaighdeán maith a áirithiú freisin, go háirithe do dhaoine agus do theaghlaigh is mó atá thíos leis an aistriú glas, go háirithe trí infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar sóisialta le haghaidh cúram leanaí, cúram fadtéarmach agus cúram sláinte;

(c)

i gcás inar gá, agus mar chomhlánú do na bearta a leagtar amach i bpointe 7(a) má tá siad in úsáid, tacaíocht dhíreach spriocdhírithe agus shealadach ioncaim a sholáthar, go háirithe do dhaoine agus do theaghlaigh atá i gcás leochaileach, chun forbairtí díobhálacha maidir le hioncam agus praghsanna a mhaolú, agus é sin nasctha freisin le dreasachtaí feabhsaithe chun cuspóirí riachtanacha aeráide agus comhshaoil a bhaint amach ar bhonn práinne, agus comharthaí praghais a thacaíonn leis an aistriú glas á gcaomhnú ag an am céanna; chuige sin, a áirithiú go mbíonn maoiniú ceart ar fáil do na bearta sin, lena n-áirítear trí cháilíocht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú, tríd an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cistí ábhartha an Aontais, agus trí leas a bhaint as na hacmhainní buiséadacha a chruthaítear le cánacha fuinnimh agus comhshaoil agus le EU ETS, i measc nithe eile;

(d)

feabhas a chur ar réitigh feasachta riosca, ar réitigh laghdaithe riosca agus ar réitigh aistrithe riosca a mhéid a bhaineann le teaghlaigh agus le fiontair, go háirithe micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide, go sonrach trína áirithiú go mbíonn réitigh árachais ar fáil agus inacmhainne, go háirithe do dhaoine agus do theaghlaigh atá i gcásanna leochaileacha.

(7)

Chun rochtain ar sheirbhísí riachtanacha inacmhainne agus ar thithíocht inacmhainne a áirithiú do dhaoine agus do theaghlaigh is mó atá thíos leis an aistriú glas, go háirithe dóibh siúd atá i gcásanna leochaileacha agus dóibh siúd i réigiúin a bhfuil dúshláin acu ó thaobh an aistrithe de, moltar do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tacaíocht airgeadais phoiblí agus phríobháideach a úsáid agus dreasachtaí a chur ar fáil chun go ndéanfaí infheistíocht phríobháideach i bhfoinsí fuinnimh inathnuaite agus in éifeachtúlacht fuinnimh, agus é sin á chomhlánú le comhairle do thomhaltóirí maidir lena n-úsáid fuinnimh a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus le cinntí eolacha a dhéanamh i dtaca le fuinneamh a spáráil, chun a mbillí fuinnimh a laghdú, agus é sin dírithe ar theaghlaigh agus ar phobail leochaileacha go háirithe; chuige sin, a áirithiú go mbíonn maoiniú ceart ar fáil do na bearta sin, lena n-áirítear trí cháilíocht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú, tríd an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cistí ábhartha an Aontais, agus trí leas a bhaint as na hacmhainní buiséadacha a chruthaítear le cánacha agus ioncam fuinnimh agus comhshaoil ón EU ETS, i measc nithe eile;

(b)

bochtaineacht fuinnimh a chosc agus a mhaolú trí bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i dteaghaisí chun athchóirithe a spreagadh, lena n-áirítear san earnáil tithíochta sóisialta (57); chuige sin, dreasachtaí, deontais agus iasachtaí atá dea-cheaptha a chur ar fáil, in éineacht le comhairle ghaolmhar, do mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide freisin, agus aird chuí á tabhairt ag an am céanna ar dhreasachtaí, go háirithe d’úinéirí agus do thionóntaí, agus ar fhorbairt na gcostas tithíochta, go háirithe do theaghlaigh atá i gcásanna leochaileacha;

(c)

tomhaltóirí fuinnimh a chumhachtú, lena n-áirítear teaghlaigh atá i gcásanna leochaileacha, trí fhorbairt bhreise a dhéanamh ar fhéinsoláthar trí shocruithe aonair fuinnimh inathnuaite agus seirbhísí eile ó phobail saoránach agus ó phobail fuinnimh inathnuaite (58), a mbeidh bearta agus feachtais oideachais ag gabháil leo, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine atá i gcásanna leochaileacha agus ar thomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus iargúlta, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, agus ar oileáin;

(d)

dúshláin agus bacainní iompair agus soghluaisteachta atá ag teaghlaigh i gcásanna leochaileacha a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu, go háirithe i réigiúin iargúlta, tuaithe agus ísealioncaim, lean n-áirítear na réigiúin, na hoileáin agus na cathracha is forimeallaí, trí bheartais leordhóthanach agus trí bhearta tacaíochta leordhóthanacha agus tríd an mbonneagar riachtanach a fhorbairt, chun feabhas a chur ar an nascacht bhunriachtanach, ar mhaithe le daoine a chumasú le go mbeadh rochtain acu ar an mbealach sin ar oideachas, oiliúint, sláinte, fostaíocht ardcháilíochta agus ar rannpháirtíocht shóisialta; infhaighteacht iompair phoiblí íseal-astaíochtaí, lena n-áirítear a mhinicíocht, a áirithiú, go háirithe, agus i gcás inarb iomchuí, úsáid modhanna inbhuanaithe soghluaisteachta príobháidí (59) a chur chun cinn, agus béim á leagan ar inacmhainneacht, inrochtaineacht agus sábháilteacht;

(e)

an rochtain ar thomhaltas inbhuanaithe a éascú, lena n-áirítear cothú, go háirithe do dhaoine agus do theaghlaigh i gcásana leochaileacha, agus leanaí go háirithe, agus deiseanna sábhála costais a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach a chur chun cinn; chuige sin, foráil a dhéanamh do dhreasachtaí agus uirlisí éifeachtacha, amhail gníomhaíochtaí nuála sóisialta agus tionscnaimh áitiúla, tacú le scéimeanna athúsáide, athchóirithe, athchúrsála, deonaithe agus comhroinnte, lena n-áirítear trí eintitis an gheilleagair shóisialta, agus oideachas agus múscailt feasachta a chur chun cinn maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil le haghaidh foghlaimeoirí de gach aois agus ag gach leibhéal agus cineál oideachais agus oiliúna.

GNÉITHE TRASGHEARRTHACHA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ BEARTAIS LENA dTACAÍTEAR LE hAISTRIÚ GLAS CÓIR

(8)

Chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an aistriú glas ar bhealach cuimsitheach daonlathach, agus cuspóirí aistrithe chóir á gcomhtháthú sa phróiseas ceaptha beartas ar gach leibhéal ón tús agus cur chuige uile-shochaí éifeachtach i leith beartais um aistriú cóir á áirithiú, iarrtar ar na Ballstáit:

(a)

ceapadh beartas a chomhordú ar gach leibhéal agus ar fud na réimsí beartais ábhartha uile, lena n-áirítear taighde agus nuálaíocht d’fhonn creat comhtháite agus cumasúcháin beartais a fhorbairt lena dtabharfar aird chuí ar thionchair dháileacháin agus ar iarmhairtí dearfacha agus diúltacha freisin, lena n-áirítear i réigiúin trasteorann, agus, i gcás inár féidir, lena gcomhtháthaítear straitéisí meastóireachta leormhaithe agus córasacha, measúnuithe ex ante agus ex post san áireamh;

(b)

údaráis réigiúnacha agus áitiúla a spreagadh chun ról gníomhach a imirt i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán bheartais an aistrithe chóir, i bhfianaise a ngaireacht do shaoránaigh agus do ghnólachtaí áitiúla;

(c)

páirt ghníomhach a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus a neamhspleáchas á urramú ag an am céanna, i ngach céim den cheapadh beartais agus den chur chun feidhme dá bhforáiltear faoin Moladh seo, lena n-áirítear trí idirphlé sóisialta agus cómhargáil i gcás inarb iomchuí; ina theannta sin, maidir le dearadh agus le cur chun feidhme na gconairí aistrithe le haghaidh éiceachórais thionsclaíocha faoi Straitéis Nua Tionsclaíochta Nuashonraithe, rannpháirtíocht iomlán na gcomhpháirtithe sóisialta ann a chur chun cinn a thuilleadh;

(d)

daoine, go háirithe mná, chomh maith leis an tsochaí shibhialta agus geallsealbhóirí a chumhachtú agus a chumasú, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine i gcásanna leochaileacha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, daoine óga agus leanaí a bhfuil gníomhaíocht phráinneach ar son na haeráide á héileamh acu, agus gníomhaithe an gheilleagair shóisialta, lena n-áirítear tríd an “Comhshocrú Aeráide Eorpach” (60), d’fhonn go mbeidís rannpháirteach i gcinnteoireacht, i gceapadh agus i gcur chun feidhme beartas, agus trí úsáid a bhaint freisin as modhanna rannpháirtíochta nua ina bhfuil páirt ag daoine i gcásanna leochaileacha;

(e)

acmhainní oibríochtúla na seirbhísí poiblí ábhartha a neartú chun treoir agus tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil maidir le beartais i leith an aistrithe chóir a chur chun feidhme go háirithe, seirbhísí fostaíochta poiblí a neartú chun tacú le haistrithe sa mhargadh saothair agus le faisnéis maidir le scileanna, mar aon le cigireachtaí saothair chun dálaí oibre a chosaint; ina theannta sin, seirbhísí sóisialta agus sláinte a úsáid i gcás inarb iomchuí, go háirithe chun tacú le haistrithe sa mhargadh saothair agus chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh;

(f)

tacú le haistriú glas cóir i dtríú tíortha freisin i gcomhthéacs na forbartha inbhuanaithe agus na n-iarrachtaí chun an bhochtaineacht a dhíothú, mar shampla trí bheartais um aistriú a ghlacadh ina gcuirtear a dtionchar ar thríú tíortha san áireamh, agus trí rannpháirtíocht a shaothrú le geallsealbhóirí agus le comhpháirtíochtaí domhanda.

(9)

Chun infhaighteacht agus cáilíocht na sonraí agus na fianaise, atá ag teastáil chun beartais shóisialta agus margaidh saothair fhónta a chur ar bun le go mbeidh aistriú cóir ann i dtreo neodracht ó thaobh na haeráide de, iarrtar ar na Ballstáit:

(a)

an fhianaise is bonn le beartais i leith an aistrithe chóir a neartú trí, inter alia, i gcás inarb ábhartha, dul chun cinn a dhéanamh maidir le sainmhínithe, coincheapa agus modheolaíochtaí a chomhchuibhiú agus a dhéanamh comhsheasmhach de réir a chéile, lena n-áirítear ar bhonn Mholadh (AE) 2020/1563 agus ar bhonn ghníomhaíochtaí leantacha an Ghrúpa Comhordaithe maidir le Bochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha, agus trí úsáid a bhaint as modhanna atá ar fáil le haghaidh meastóireachtaí ar thionchar beartas; straitéisí meastóireachta agus bailithe sonraí a áireamh freisin, go háirithe maidir le scileanna, cúraimí agus poist lena gcuirtear leis an aistriú glas, agus sonraí inscne-dhíchomhiomlánaithe á n-úsáid agus bearta agus tionscnaimh reachtacha ábhartha á n-ullmhú agus á gceapadh;

(b)

measúnuithe tionchair fostaíochta, shóisialta agus dháileacháin (ex ante) atá láidir agus trédhearcach a fhorbairt agus a phríomhshruthú mar chuid d’athchóirithe agus beartais náisiúnta i leith na haeráide, fuinnimh agus an chomhshaoil;

(c)

a áirithiú go ndéantar faireachán agus meastóireacht neamhspleách (ex post) atá éifeachtach agus trédhearcach ar éifeachtaí fostaíochta, sóisialta agus dáileacháin na n-athchóirithe agus na mbeart náisiúnta a chuidíonn le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, agus páirt a thabhairt do chomhpháirtithe agus do gheallsealbhóirí eile i sainaithint na gceisteanna don mheastóireacht agus, de réir mar is ábhartha, i ndearadh agus i gcur chun feidhme na straitéisí meastóireachta agus comhairliúcháin;

(d)

gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a neartú ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear trí chistiú ón gclár Fís Eorpach agus trí ghníomhaíochtaí faoi chlár oibre polaitiúil an Limistéir Eorpaigh Taighde (61), chun feabhas a chur ar shamhaltú agus ar mheasúnú ghnéithe maicreacnamaíocha, fostaíochta agus sóisialta na mbeartas lena dtugtar aghaidh ar an athrú aeráide; rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i gcur chun feidhme na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ábhartha a chur chun cinn, go háirithe misin de chuid Fís Eorpach maidir le “Oiriúnú don Athrú Aeráide”, agus maidir le “Cathracha Cliste agus Aeráidneodracha”, rud a d’fhéadfadh cabhrú le réitigh phraiticiúla a fhorbairt chun tacú leis an aistriú glas ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil; úsáid níos fearr a bhaint as na táscairí atá ann cheana agus as na creataí faireacháin atá ann cheana agus ceapadh táscairí a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais, i gcás inar gá, le haghaidh scileanna, cúraimí agus post lena gcuirtear leis an aistriú glas;

(e)

torthaí na gcleachtas meastóireachta, fadbhreathnaitheachta agus monatóireachta a chur faoi bhráid an phobail go tráthrialta, agus malartuithe le comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí eile a eagrú maidir leis na príomhthorthaí agus na coigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh.

AN ÚSÁID IS FEARR IS FÉIDIR A BHAINT AS CISTIÚ POIBLÍ AGUS PRÍOBHÁIDEACH

(10)

Chun infheistíocht chostéifeachtach agus tacaíocht airgeadais a chur ar fáil, lena n-áirítear d’fiontair bheaga agus mheánmhéide, i gcomhréir leis an gcreat státchabhrach chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe sóisialta agus margaidh saothair a bhaineann le haistriú glas cóir, agus leas á bhaint as sineirgí ar fud na gclár agus na n-ionstraimí atá ar fáil, agus é sin á dhíriú ar na réigiúin agus ar na héiceachórais thionsclaíocha is mó atá buailte, iarrtar ar na Ballstáit:

(a)

na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí ábhartha a chur chun feidhme ina n-iomláine faoi na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, agus comhlántacht le cistí eile á háirithiú;

(b)

na hionstraimí agus na roghanna cistiúcháin ábhartha uile atá ann a úsáid, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, agus a áirithiú go n-úsáidtear iad go comhleanúnach agus ar an mbealach is fearr is féidir, ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, chun tacú le gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí ábhartha; cuimsíonn ionstraimí cistiúcháin an Aontais, go háirithe, cistí an Bheartais Comhtháthaithe, an Sásra um Aistriú Cóir, an Clár InvestEU, an clár Fís Eorpach, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, ERASMUS+, an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED), an clár LIFE, an Ciste don Nuálaíocht, agus an Ciste don Nuachóiriú;

(c)

acmhainní leordhóthanacha náisiúnta a ghealladh agus a úsáid chun cuidiú le tacar cuimsitheach beart a chur chun feidhme lena mbainfear amach aistriú glas cóir; ba cheart na bearta sin a mhaoiniú go leordhóthanach, lena n-áirítear trí cháilíocht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú, trí úsáid a bhaint as maoiniú príobháideach breise, agus/nó trí úsáid a bhaint as ioncam poiblí breise; go háirithe, d’fhéadfaí an t-ioncam ón EU ETS a úsáid freisin chun bearta a mhaoiniú lena maolófaí tionchair dhiúltacha shóisialta an aistrithe ghlais; gnéithe fostaíochta, sóisialta agus dáileacháin a chur san áireamh i bhforbairt na gcleachtas maidir le buiséadú glas;

(d)

dea-chleachtais a chomhroinnt le Ballstáit eile, mar shampla, maidir le doiciméid clársceidealaithe a cheapadh do chistí aonair ón Aontas, nó straitéisí agus tionscadail ábhartha náisiúnta a cheapadh;

GNIOMHAÍOCHTAÍ AMACH ANSEO LE hAGHAIDH AISTRIÚ GLAS CÓIR

(11)

Chun go dtabharfar faoi ghníomhaíochtaí leantacha fiúntacha bunaithe ar an Moladh seo, is díol sásaimh don Chomhairle é a bheith de rún ag an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

feabhas breise a chur ar na malartuithe leis na príomh-gheallsealbhóirí, na príomhdhaoine agus na príomhphobail lena mbaineann, chomh maith le malartuithe dea-chleachtas, lena n-áirítear i gcomhthéacs chonairí aistrithe na n-éiceachóras tionsclaíoch (62), go háirithe i gcomhthéacs trasteorann agus béim á leagan ar na réigiúin agus ar na hearnálacha is mó atá buailte;

(b)

tacaíocht a thabhairt don fheabhsú ar leormhaitheas, comhsheasmhacht agus éifeachtacht bheartais na mBallstát i leith an aistrithe chóir, lena n-áirítear na gnéithe fostaíochta, sóisialta agus dáileacháin atá le cur san áireamh i ndearadh, cur chun feidhme, faireachán agus measúnú na bpleananna náisiúnta agus na straitéisí fadtéarmacha, agus, b’fhéidir, i gcomhthéacs an athbhreithnithe a dhéanfar ar Rialachán (AE) 2018/1999 amach anseo freisin, de réir mar is iomchuí;

(c)

a mheas, agus athbhreithniú á dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (63), a dhéanfar i bhfianaise a dhul in éag ag deireadh 2023, an bhfuil bonn cirt leis an bhfianaise atá ar fáil chun maolú a dhéanamh ar na rialacha i ndáil le cabhair d’fhiontair shóisialta chun rochtain a fháil ar mhaoiniú agus cúnamh chun oibrithe atá faoi mhíbhuntáiste nó atá faoi mhíbhuntáiste mór a fhostú (64)

(d)

an bunachar sonraí a neartú, go háirithe trí rochtain a fháil ar fhoinsí sonraí riaracháin agus, i gcás inarb ábhartha, sonraí ó chomhpháirtithe sóisialta, ó thionscail, ón tsochaí shibhialta (65), agus ó shuirbhéanna ar thuairimí an phobail, agus nuashonrú a dhéanamh ar an treoir mhodheolaíoch maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchair fostaíochta, shóisialta agus dháileacháin an aistrithe chóir agus na mbeartas aeráide agus fuinnimh, lena n-áirítear le gné inscne agus i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, de réir mar is iomchuí; an t-eolas agus an in-bhithmhillteacht maidir le príomhchoincheapa an gheilleagair ghlais, go háirithe “poist ghlas” agus “poist inbhuanaithe” de réir mar is ábhartha, a neartú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus cuir chuige agus próisis ar gach leibhéal á gcur san áireamh, chun athruithe i margadh an tsaothair a réamh-mheas agus chun aghaidh a thabhairt ar bhealach foriomlán ar phróisis athstruchtúraithe lena gceanglófar beartais spriocdhírithe agus éifeachtacha uas-scilithe agus athscilithe;

(e)

feabhas a chur, i gcás inarb ábhartha, ar a fhaireachán rialta agus ar a anailís fhadbhreathnaitheach ar fhorbairtí agus rioscaí a bhaineann le bochtaineacht fuinnimh san Aontas, lena n-áirítear gnéithe sóisialta agus dáileacháin, agus treoir a thabhairt d’obair an Ghrúpa Comhordaithe maidir le Bochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileach agus d’obair grúpaí saineolaithe ábhartha eile;

(f)

tuilleadh taighde a fhorbairt agus fianaise a neartú maidir le sainiú, faireachán agus meastóireacht ar an dul chun cinn i dtreo rochtain leordhóthanach a sholáthar ar sheirbhísí riachtanacha, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus cuir chuige náisiúnta á gcur san áireamh, trí choincheap na “bochtaineachta iompair” a fhorbairt freisin i gcás inarb iomchuí, go háirithe i gcomhthéacs an aistrithe ghlais i dtreo gheilleagar inbhuanaithe na dea-bhaile.

(g)

athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme an Mholta seo, de réir mar is iomchuí, i gcomhthéacs an fhaireachais iltaobhaigh sa Seimeastar Eorpach, lena n-áirítear sa Choiste Fostaíochta agus sa Choiste um Chosaint Shóisialta i gcomhar le coistí ábhartha eile ina réimsí inniúlachtaí faoi seach, go háirithe an Coiste um Beartas Eacnamaíoch, ag cur leis na scórchláir agus ar na creataí faireacháin atá ann cheana, arna leathnú le táscairí breise i gcás inar gá i ndlúthchomhar leis na Ballstáit; treoir a thugtar sa Mholadh seo maidir le Rialachán 2018/1999a mheas, go háirithe mar chuid dá mheasúnuithe le linn an nuashonraithe atá le teacht ar NECPanna in 2023-2024.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 16 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. DUSSOPT


(1)  IPCC, 2021: Climate Change 2021: The Physical Science Basis. Contribution of Working Group I to the Sixth Assessment Report of the Intergovernmental Panel on Climate Change [An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), 2021: An tAthrú Aeráide 2021: An Bunús Eolaíochta Fisicí, Ábhar a chuir Meitheal I ar fáil don Séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide].

(2)  Szewczyk, W., Feyen. L., Matei, A., Ciscar, J.C., Mulholland, E., Soria, A. (2020), Economic analysis of selected climate impacts, Publications Office of the European Union, Luxembourg, [Anailís eacnamaíoch ar thionchair aeráide roghnaithe, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg] doi:10.2760/845605.

(3)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(4)  An Coimisiún Eorpach (2021), staidéar PESETA IV, Climate change impacts and adaptation in Europe [Tionchair an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide san Eoraip], an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Sevilla, http://ec.europa.eu/jrc/en/peseta-iv.

(5)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(6)  Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).

(7)  A mhéid a bhaineann le bonneagar mar shampla, meastar go dteastóidh EUR 350 billiún d’infheistíocht bhreise in aghaidh na bliana ón Aontas sna deich mbliana atá romhainn chun a sprioc le haghaidh 2030 maidir le laghdú astaíochtaí a bhaint amach i gcás córais fuinnimh astu féin, de bhreis ar EUR 130 billiún a bheidh ag teastáil le haghaidh spriocanna comhshaoil eile.

(8)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757, COM(2021) 551 final.

(9)  Sna treoirlínte, sainmhínítear coincheap an aistrithe chóir agus iarrtar ar lucht ceaptha beartas agus ar chomhpháirtithe sóisialta aistriú cóir a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda.

(10)  Féach doiciméad ST 14545/2018 REV 1.

(11)  Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a d’fhógair agus a shínigh an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún ag an gCruinniú Mullaigh in Göteborg i mí na Samhna 2017, is é uirlis threorach an Aontais é i dtreo Eoraip shóisialta láidir.

(12)  Chun an sprioc fhoriomlán sin a bhaint amach, ní mór don Eoraip tréaniarracht a dhéanamh an bhearna fostaíochta idir na hinscní a laghdú faoina leath i gcomparáid le 2019; sciar na ndaoine óga (15-29 mbliana d’aois) nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) a laghdú go 9 %; agus soláthar oideachas agus cúram foirmiúil na luath-óige (ECEC) a mhéadú.

(13)  Go háirithe, ba cheart scileanna digiteacha bunúsacha a bheith ag 80 % ar a laghad de dhaoine idir 16-74 bliana d’aois, agus ba cheart luathfhágáil na scoile a laghdú tuilleadh agus rannpháirtíocht in oideachas meánscoile uachtaraí a mhéadú.

(14)  As an 15 mhilliún duine atá le tabhairt slán as an mbochtaineacht nó as an eisiamh sóisialta, ba cheart 5 mhilliún díobh a bheith ina leanaí.

(15)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal “Fit for 55”: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality [“Oiriúnach do 55”: Sprioc Aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta].

(16)  Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún, Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Teachtaireacht Stepping up Europe’s 2030 climate ambition - Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa 2030 - Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach ar son leas ár muintire], SWD(2020) 176 final. Tá na réamh-mheastacháin bunaithe ar E-QUEST, ag baint úsáid as cás “cánachais níos ísle lucht saothair ar bheagán oiliúna”.

(17)  An Coimisiún Eorpach (2019), Sustainable growth for all: choices for the future of Social Europe, Employment and Social Developments in Europe, 2019 [Fás inbhuanaithe do chách: roghanna do thodhchaí na hEorpa Sóisialta, Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip, 2019], an 4 Iúil 2019. Bunaithe ar an mionanailís a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún, COM(2018) 773.

(18)  SWD(2020) 176 final.

(19)  SWD(2020) 176 final.

(20)  An Coimisiún Eorpach (2019), Sustainable growth for all: choices for the future of Social Europe, Employment and Social Developments in Europe 2019 [Fás inbhuanaithe do chách: roghanna do thodhchaí na hEorpa Sóisialta, Forbairtí Fostaíochta agus Sóisialta san Eoraip 2019], caibidil 5, 4 Iúil 2019, agus an Coimisiún Eorpach (2020), Leaving no one behind and striving for more: fairness and solidarity in the European social market economy, Employment and Social Developments in Europe 2020, [Gan aon duine a fhágáil ar lár agus iarracht a dhéanamh níos mó a bhaint amach: an cothroime agus an dlúthpháirtíocht i ngeilleagar sóisialta margaidh na hEorpa, Forbairtí Fostaíochta agus Sóisialta san Eoraip 2020], caibidil 4.2.2, 15 Meán Fómhair 2020. Sa chomhthéacs seo, tomhaistear an bhochtaineacht fhoriomlán agus úsáid á baint as an táscaire comhaontaithe le haghaidh ráta riosca na bochtaineachta, i gcomhréir le táscairí an Scórchláir Shóisialta agus an phríomhsprioc ghaolmhar le haghaidh 2030 faoi Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(21)  IEEP (2021), Green taxation and other economic instruments: internalising environmental costs to make the polluter pay [Cánachas Glas agus ionstraimí eacnamaíocha eile: costais chomhshaoil a inmheánú chun gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as].

(22)  Thairis sin, tá suas le 6,2 % de dhaoine atá ina gcónaí san Aontas , i.e. breis agus 27 milliún duine, i riaráiste maidir lena mbillí fóntais a íoc.

(23)  An Coimisiún Eorpach, EPOV – Tuarascáil Bhliantúil: Addressing Energy Poverty in the European Union: State of Play and Action [Aghaidh a thabhairt ar an mBochtaineacht Fuinnimh san Aontas Eorpach: Staid na hImeartha agus Gníomhaíocht], 2019, lch. 6.

(24)  Féach tuarascáil na ceardlainne maidir le “Bochtaineacht Fuinnimh”, a eagraíodh an 9 Samhain 2016 le haghaidh Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (ITRE) Pharlaimint na hEorpa.

(25)  Féach Gender perspective on access to energy in the EU (europa.eu), Gender and energy| European Institute for Gender Equality (europa.eu), GFE-Gender-Issues-Note-Session-6.2.pdf (oecd.org) [An Pheirspictíocht Inscne maidir le rochtain ar fhuinneamh san Aontas Eorpach (europa.eu), Inscne agus Fuinneamh, an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne].

(26)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(28)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (OJ L 57, 18.2.2021, p. 17).

(29)  Go háirithe, Straitéisí Bliantúla um Fhás Inbhuanaithe (ASGS) 2021 agus 2022, moltaí maidir leis an limistéar euro 2021 agus Moltaí Tírshonracha.

(30)  Commission Recommendation (AE) 2021/402 of 4 March 2021 on an effective active support to employment following the COVID-19 crisis [Moladh ón gCoimisiún (2021) 402 an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19] (EASE) (IO L 80, 8.3.2021, lch. 1).

(31)  Cinneadh (AE) 2021/1512 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 344, 19.10.2020, lch. 22).

(32)  Cinneadh (AE) 2020/1868 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2021 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (OJ L 379, 26.10.2021, p. 1).

(33)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience [Clár Oibre Eorpach do Scileanna ar mhaithe le hiomaíochas inbhuanaithe, cothroime shóisialta agus athléimneacht].

(34)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 dar teideal Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Straitéis Nua Thionsclaíochta 2020 a Nuashonrú: Margadh aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa].

(35)  Moladh 2020/C 417/01 ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus gairmoiliúint (VET) don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (IO C 417, 2.12.2020, lch 1).

(36)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micri-creideamh don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus d’infhostaitheacht (Féach leathanach 10 den Iris Oifigiúil seo).

(37)  Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Aontais le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (athmhúnlú), COM(2021) 563 final, beartaítear aistriú den sórt sin sa chánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas i dtreo cuspóirí aeráide agus comhshaoil.

(38)  Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).

(39)  ‘Colún Eorpach na gCeart Sóisialta’, arna fhógairt go sollúnta ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún, 17 Samhain 2017, prionsabal 20.

(40)  ‘Colún Eorpach na gCeart Sóisialta’, arna fhógairt go sollúnta ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún, 17 Samhain 2017, prionsabal 19 (a).

(41)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú), COM(2021) 558 final.

(42)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú), COM(2021) 802 final.

(43)  Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L 357, 27.10.2020, lch. 35).

(44)  Lasmuigh de bhuiséad an Aontais agus NextGenerationEU.

(45)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13) (‘an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht’) soláthraítear córas coiteann aicmiúcháin maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe.

(46)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

(47)  Cé gur faoi na Ballstáit atá sé an coincheap “custaiméirí leochaileacha” a shainmhíniú, cuimsíonn sé teaghlaigh nach bhfuil in ann a dtithe a théamh nó a fhuarú go leormhaith agus/nó a bhfuil a mbillí fóntais i riaráiste, i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh, C/2020/9600 final (IO L 357, 27.10.2020, lch. 35).

(48)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(49)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú), COM(2021) 558 final.

(50)  Teachtaireacht ón gCoimisiún: Building an economy that works for the people: an action plan for the social economy [Geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta’], COM(2021) 778 final.

(51)  I gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ceanglais inrochtana i leith táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70), agus Fógra ón gCoimisiún ‘Ceannach Sóisialta - Treoir maidir le dálaí sóisialta sa soláthar poiblí a chur san áireamh - an Dara heagrán’ (IO C 237, 18.6.2021, lch. 1).

(52)  Moladh 2018/C 153/01 ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha (IO C 153, 2.5.2018, lch. 1).

(53)  Moladh 2014/C 88/01 ón gComhairle an 10 Márta 2014 maidir le Creat Ardchaighdeáin do Chúrsaí Oiliúna (IO C 88, 27.3.2014, lch. 1).

(54)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (Féach leathanach 26 den Iris Oifigiúil seo).

(55)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus d’infhostaitheacht (Féach leathanach 10 den Iris Oifigiúil seo).

(56)  Moladh 2019/C 387/01 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).

(57)  I gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2022 dar teideal “Treoirlínte maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2022”, de réir mar is infheidhme.

(58)  Sainmhínítear “pobal fuinnimh saoránach” in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(59)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste – an córas iompair Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí].

(60)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal “Comhshocrú Aeráide Eorpach”.

(61)  Féach na conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2021 maidir le rialachas amach anseo ar an Limistéar Eorpach Taighde (LET), ina leagtar amach Clár Oibre Beartais an Limistéir Eorpaigh Taighde 2022 go dtí 2024, lena n-áirítear gníomhaíocht 4 le haghaidh gairmeacha tarraingteacha agus inbhuanaithe sa taighde, gníomhaíocht 7 chun luachshocrú níos fearr a dhéanamh ar eolas, gníomhaíocht 12 chun dlús a chur leis an aistriú glas/digiteach, chomh maith le gníomhaíocht 20 le haghaidh infheistíochtaí agus athchóirithe T&I.

(62)  Mar a fógraíodh sa straitéis tionsclaíochta nuashonraithe, amhail an tionscal tógála, tionscail eile atá dian ó thaobh fuinnimh de, nó soghluaisteacht.

(63)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1) (“Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine”).

(64)  I gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal “Building an economy that works for the people: an action plan for the social economy” [Geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta’].

(65)  Arna dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí agus rochtain ar fhaisnéis na hearnála poiblí, amhail Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1) agus Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 243/52


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10251 – INVIVO GROUP / ETABLISSEMENTS J SOUFFLET)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 243/05)

An 19 Samhain 2021, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i bhFraincis amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32021M10251. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 243/53


Rátaí malairte an euro (1)

24 Meitheamh 2022

(2022/C 243/06)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0524

JPY

yen na Seapáine

142,19

DKK

krone na Danmhairge

7,4398

GBP

punt steirling

0,85773

SEK

krona na Sualainne

10,6940

CHF

franc na hEilvéise

1,0072

ISK

króna na hÍoslainne

139,70

NOK

krone na hIorua

10,4345

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,731

HUF

forint na hUngáire

401,34

PLN

zloty na Polainne

4,7023

RON

leu na Rómáine

4,9463

TRY

lira na Tuirce

18,2856

AUD

dollar na hAstráile

1,5248

CAD

dollar Cheanada

1,3657

HKD

dollar Hong Cong

8,2609

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6731

SGD

dollar Shingeapór

1,4620

KRW

won na Cóiré Theas

1 364,09

ZAR

rand na hAfraice Theas

16,7137

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,0478

HRK

kuna na Cróite

7,5295

IDR

rupiah na hIndinéise

15 633,96

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6327

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,830

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,360

BRL

real na Brasaíle

5,4851

MXN

peso Mheicsiceo

20,9901

INR

rúipí na hIndia

82,3985


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 243/54


Achoimre ar chinntí an Aontais Eorpaigh maidir le húdaruithe margaíochta i ndáil le táirgí íocshláinte ó 24 Meitheamh 2022 go dtí 24 Meitheamh 2022

(Arna fhoilsiú de bhun Airteagal 13 nó Airteagal 38 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) nó Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2))

(2022/C 243/07)

Údarú margaíochta a eisiúint (Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle): Glactha

Dáta an chinnidh

 

Ainm an táirge íocshláinte

ANI (an tAinm Neamhdhílseánaigh Idirnáisiúnta)

Sealbhóir an údaraithe margaíochta

Uimhir na hiontrála sa Chlár Comhphobail

Foirm chógaisíochta

An Cód CAT (an Cód Ceimiceach Teiripeach Anatamaíoch)

Dáta an fhógra

24.6.2022

COVID-19 Vaccine (inactivated, adjuvanted) Valneva

Vacsaín COVID-19 (díghníomhaithe, aidiúvaithe, asúite)

Valneva Austria GmbH Campus Vienna Biocenter 3, 1030 Wien, Österreich

EU/1/21/1624

Fuaidreán le haghaidh insteallta

J07BX03

24.6.2022


(1)  IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.

(2)  IO L 4, 7.1.2019, lch. 43.


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 243/55


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10764 – SAGARD / BPIFRANCE / ADIT JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 243/08)

1.   

An 16 Meitheamh 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Sagard SAS (“Sagard”, an Fhrainc),

Bpifrance Investissement (“Bpifrance”, an Fhrainc),

Grúpa ADIT (an Fhrainc).

Gheobhaidh Sagard agus Bpifrance rialú comhpháirteach ar ghrúpa ADIT de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna a dhéanfar an comhchruinniú.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Sagard: cuideachta bainistíochta cistí infheistíochta atá gníomhach go príomha sa Fhrainc. Tá sé faoi rialú an ghrúpa Power Corporation i gCeanada, cuideachta idirnáisiúnta bainistíochta agus sealbhaíochta atá dírithe ar sheirbhísí airgeadais i Meiriceá Thuaidh, san Eoraip agus san Áise,

Bpifrance: cuideachta bainistíochta cistí infheistíochta atá gníomhach sa Fhrainc. Tá Bpifrance faoi chomhrialú deiridh ag Stát na Fraince agus ag Caisse des Dépôts et des Consignations, comhlacht poiblí atá gníomhach i mbainistiú cistí príobháideacha,

Tá an grúpa ADIT gníomhach in earnálacha na comhairle straitéisí agus na slándála gnó, san Aontas Eorpach go príomha.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10764 – SAGARD / BPIFRANCE / ADIT JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

Commission européenne

Direction générale de la concurrence

Greffe des concentrations

1049 Bruxelles

BELGIQUE


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 243/57


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10785 – ICG / KONECTA / COMDATA)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 243/09)

1.   

An 17 Meitheamh 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Intermediate Capital Group, plc (“ICG”, an Ríocht Aontaithe),

Grupo Konectanet, S.L.U (“Konecta”, an Spáinn),

Comdata, S.p.A (“Comdata”, an Iodáil).

Gheobhaidh ICG rialú aonair ar Konecta agus Comdata, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is gnólachta infheistíochta agus bainisteoir sócmhainní é ICG a oibríonn san Eoraip, an Aigéin Chiúin agus an Áise, agus sna Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is soláthraí seirbhísí seachfhoinsithe próiseas gnó é Konecta san Eoraip agus i Meiriceá Laidineach. Tá Konecta faoi rialú comhpháirteach ag ICG faoi láthair,

Is soláthraí seirbhísí seachfhoinsithe próiseas gnó é Comdata atá gníomhach san Afraic, san Eoraip agus i Meiriceá Laidineach.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10785 – ICG / KONECTA / COMDATA

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 243/59


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10749 — PAI PARTNERS / THE CARLYLE GROUP / THERAMEX)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 243/10)

1.   

An 20 Meitheamh 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

PAI Partners SAS (“PAI Partners”, an Fhrainc),

The Carlyle Group, Inc. (“Carlyle”, na Stáit Aontaithe),

Theramex Healthcare Topco Limited (“Theramex”, an Ríocht Aontaithe).

Gheobhaidh PAI Partners agus Carlyle rialú comhpháirteach ar Theramex ina iomláine de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is gnólacht cothromais phríobháidigh é PAI Partners a dhéanann bainistíocht ar roinnt cistí a infheistíonn sna hearnálacha gnó, bia agus tomhaltóirí, tionscal ginearálta, agus cúraim sláinte,

Is bainisteoir malartach sócmhainní domhanda é Carlyle a bhainistíonn cistí lena ndéantar infheistíocht go domhanda sna trí smacht infheistíochta seo a leanas: (i) Cothromas Príobháideach Domhanda (lena n-áirítear cothromas príobháideach corparáideach, réadmhaoin agus cistí acmhainní nádúrtha); (ii) Creidmheas Domhanda (lena n-áirítear creidmheas leachtach, creidmheas neamhleachtach agus creidmheas sócmhainní réadacha); agus (iii) Réitigh Infheistíochta (clár ciste cistí cothromais phríobháidigh, lena n-áirítear ciste príomha, gníomhaíochtaí comh-infheistíochta tánaisteacha agus gaolmhara),

Is cuideachta cógaisíochta speisialtachta domhanda é Theramex atá gníomhach in earnáil shláinte na mban, agus díríonn sé ar fhrithghiniúint, torthúlacht, meanapás agus oistéapóróis. Cuireann an chuideachta raon leathan táirgí brandáilte agus táirgí cineálacha brandáilte ar an margadh ar fud roinnt tíortha sa LEE agus ar fud an domhain.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10749 — PAI PARTNERS / THE CARLYLE GROUP / THERAMEX

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 243/61


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10758 – EIM / BROOKFIELD / NIELSEN)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 243/11)

1.   

An 20 Meitheamh 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Elliott Investment Management L.P. (“EIM”, SAM),

Brookfield Private Equity Holdings LLC (“BPEH”), faoi rialú Brookfield Asset Management Inc. (“Brookfield”, Ceanada sa dá chás),

Nielsen Holdings Plc (“Nielsen”, SAM).

Gheobhaidh EIM agus BPEH rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Nielsen ina iomláine.

Is trí scaireanna a fháil nó ar mhodh eile atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

BPEH: fochuideachta de chuid Brookfield, a sholáthraíonn seirbhísí bainistíochta sócmhainní, agus é dírithe ar réadmhaoin, bonneagar, cumhacht inathnuaite, agus cothromas príobháideach,

EIM: gnólacht infheistíochta atá dírithe ar ghníomhaíochtaí infheistíochta agus ar ghníomhaíochtaí um bainistíocht riosca,

Nielsen: cuideachta dhomhanda um léargais, um shonraí agus um anailísíocht i ndáil leis an lucht spéise, ar cuideachta í a sholáthraíonn tomhas lucht spéise, pleanáil na meán, barrfheabhsú margaíochta, agus réitigh meiteashonraí ábhair.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10758 – EIM / BROOKFIELD / NIELSEN

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.