ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 238

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
21 Meitheamh 2022


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

MOLTAÍ

 

An Chomhairle

2022/C 238/01

Moladh ó Chomhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu an 17 Meitheamh 2022 chuig an gComhairle maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023

1


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2022/C 238/02

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ag na bearta sriantacha maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1686 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a bhaineann leo

3

2022/C 238/03

Fógra le haghaidh na ndaoine agus an ghrúpa atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/950 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2016/1986 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/949 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo

5

2022/C 238/04

Fógra le haghaidh daoine áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

6

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 238/05

Rátaí malairte an euro — 20 Meitheamh 2022

7

 

An Chúirt Iniúchóirí

2022/C 238/06

Tuarascáil speisialta 12/2022 — Marthanacht san fhorbairt tuaithe – Tá formhór na dtionscadal fós oibríochtúil don tréimhse is gá, ach tá deiseanna ann chun torthaí níos buanfasaí a bhaint amach

8

 

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

2022/C 238/07

Cinneadh ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don bheartas Slándála an 29 Márta 2022 lena leasaítear ADMIN(2017) 10 an 19 Meán Fómhair 2017 maidir le rialacha slándála don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

9

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 238/08

Fógra de bhun Airteagal 13 de Threoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa a bhaineann le leachtú agus foirceannadh Cyprus Popular Bank Public CO LTD (Institiúid creidmheasa de chuid na Cipire atá faoi leachtú) (an Chuideachta) ina dhiaidh sin

13


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 238/09

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10789 – GOLDMAN SACHS / SOJITZ / JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

14

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 238/10

Foilsiú an doiciméid aonair leasaithe tar éis mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

16


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

MOLTAÍ

An Chomhairle

21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 238/1


MOLADH Ó CHOMHALTAÍ NA COMHAIRLE A DHÉANANN IONADAÍOCHT DO NA BALLSTÁIT A BHFUIL AN EURO MAR AIRGEADRA ACU

an 17 Meitheamh 2022

chuig an gComhairle maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023

(2022/C 238/01)

LEIS SEO, MOLANN COMHALTAÍ CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH A DHÉANANN IONADAÍOCHT DO NA BALLSTÁIT A BHFUIL AN EURO MAR AIRGEADRA ACU,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 140(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I bhfianaise a measúnaithe, tá Comhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu den tuairim chéanna leis an gCoimisiún go bhfuil comhoiriúnacht dhlíthiúil bainte amach ag an gCróit agus go n-urramaíonn sí na critéir um chóineasú agus, ag cur na dtosca breise san áireamh freisin, measann siad go gcomhlíonann an Chróit na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh.

(2)

Agus tagairt á déanamh acu freisin don mheasúnú ar chóineasú ón gCoimisiún agus ón mBanc Ceannais Eorpach, leagann Comhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu béim ar a thábhachtaí atá cur i gcrích rathúil na ngealltanas a rinneadh ar theacht isteach i Sásra Ráta Malairte II agus cuireann siad i bhfios go láidir gur gá beartais a dhíriú go hiomlán ar dhul i ngleic leis an dúshlán i ndáil le cóineasú inbhuanaithe gheilleagar na Cróite a choimeád ar bun, agus go háirithe cóineasú boilscithe, san fhadtéarma. Chuige sin, molann siad d’údaráis na Cróite leanúint de bheartas fioscach a shaothrú a bhfuil sé d’aidhm aige staid fhioscach mheántéarmach stuama a bhaint amach agus leanúint de phlean téarnaimh agus athléimneachta na Cróite, chun rannpháirtíocht rathúil sa limistéar euro a áirithiú.

(3)

Tá súil ag Comhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu go gcomhoibreoidh an Chróit ar bhealach cuiditheach i dtaca le hábhair a bhaineann le rialachas an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh, le bainistiú géarchéime sa limistéar euro agus le struchtúr an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a thabhairt chun críche,

DO CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH:

Ba cheart an maolú maidir leis an gCróit de réir bhrí Airteagal 139(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 5 d’Ionstraim Aontachais 2012 (1) a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Arna dhéanamh i Lucsamburg,17 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  IO L 112, 24.4.2012, lch. 21.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 238/3


Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ag na bearta sriantacha maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1686 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a bhaineann leo

(2022/C 238/02)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/950 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1686 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/949 ón gComhairle (5).

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh – agus Ard-Stiúrthóir RELEX (Gnóthaí Eachtracha) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag gníomhú ar a son – rialaitheoir na hoibríochta próiseála sin; is é RELEX.1.C an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí ARC ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2016/1693, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/950, agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1686, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/949.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2016/1693 agus i Rialachán (AE) Uimh. 2016/1686.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar do shrianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú na gceart ag na hábhair sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a dtéann bailíocht an bhirt in éag, nó go ceann ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 255, 21.9.2016, lch. 25.

(3)  IO L 164 I, 20.6.2022, lch. 4.

(4)  IO L 255, 21.9.2016, lch. 1.

(5)  IO L 164 I, 20.6.2022, lch. 1.


21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 238/5


Fógra le haghaidh na ndaoine agus an ghrúpa atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/950 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2016/1986 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/949 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo

(2022/C 238/03)

Tá an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh na ndaoine agus an ghrúpa a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/950 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/949 ón gComhairle (4) lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo.

Chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine agus an grúpa a luaitear sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh ar liosta na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 agus i Rialachán (AE) 2016/1686.

Cuirtear in iúl do na daoine agus don ghrúpa lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais riachtanacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Féadfaidh na daoine agus an grúpa lena mbaineann iarraidh a chur isteach go bhfaighidís ón gComhairle an ráiteas ar chúiseanna atá le hiad a áireamh ar an liosta thuasluaite. Ba cheart aon iarraidh den chineál sin a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Féadfaidh na daoine agus an grúpa lena mbaineann, tráth ar bith, iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, ag an seoladh thuasluaite. I ndáil leis sin, dírítear aird na ndaoine agus an ghrúpa lena mbaineann ar an athbhreithniú rialta a dhéanfaidh an Chomhairle ar an liosta de réir Airteagal 6(2) de Chinneadh (CBES) 2016/1693 agus Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2016/1686. Chun gur féidir iarrataí a mheas faoin gcéad athbhreithniú eile, ní mór iad a thíolacadh faoin 15 Iúil 2022.

Cuirtear in iúl do na daoine agus don ghrúpa lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 255, 21.9.2016, lch. 25.

(2)  IO L 164 I, 20.6.2022, lch. 4.

(3)  IO L 255, 21.9.2016, lch. 1.

(4)  IO L 164 I, 20.6.2022, lch. 1.


21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 238/6


Fógra le haghaidh daoine áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

(2022/C 238/04)

Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar Rustam Ilmirovich TEMIRGALIEV

(Uimh. 3), Viktor Alekseevich OZEROV (Uimh. 9), Vladimir Anatolievich SHAMANOV (Uimh.50), Vladimir Nikolaevich PLIGIN ( Uimh. 51), Igor Nikolaevich BEZLER (Uimh. 55), Aleksandr Yurevich BORODAI ( Uimh. 62), Alexander KHODAKOVSKY (Uimh. 63), Boris Vyacheslavovich GRYZLOV (Uimh. 77), Mikhail Vladimirovich DEGTYARYOV/DEGTYAREV (Uimh. 79), Pavel Yurievich GUBAREV (Uimh. 82), Sergey Vadimovich ABISOV (Uimh. 91), Yuriy Valentinovich KOVALCHUK (Uimh. 94), Mikhail Sergeyevifch SHEREMET (Uimh. 105), Vladimir Abdualiyevich VASILYEV (Uimh. 108), Viktor Petrovich VODOLATSKY (Uimh. 109), Alexander Mikhailovich BABAKOV (Uimh. 119), Oleg Konstantinovich AKIMOV (Uimh. 121), Lesya Mikhaylovna LAPTEVA (Uimh. 128), Vladyslav Mykolayovych DEYNEGO (Uimh.132), Viktor Vyacheslavovich YATSENKO (Uimh.144), Andrei Dmitrievich KOZENKO (Uimh. 155), Svetlana Borisovna SAVCHENKO (Uimh. 156), Miroslav Aleksandrovich POGORELOV (Uimh.165), Aleksei Yurievich CHERNIAK (Uimh. 204), Leonid Ivanovich BABASHOV (Uimh. 205), Tatiana Georgievna LOBACH (Uimh. 206) agus Oleg Anatolyevich MATVEYCHEV (Uimh. 604), daoine a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán 2014/145/CBES ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle (2) a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

Tá an Chomhairle ag smaoineamh ar na na bearta sriantacha a choinneáil ar bun i gcoinne na ndaoine thuasluaite, bunaithe ar ráitis nua ar chúiseanna. Cuirtear in iúl do na daoine sin, leis seo, go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun na ráitis ar chúiseanna lena n-ainmniú atá beartaithe a fháil, roimh an 28 Meitheamh 2022, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1.C

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

(2)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.


An Coimisiún Eorpach

21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 238/7


Rátaí malairte an euro (1)

20 Meitheamh 2022

(2022/C 238/05)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0517

JPY

yen na Seapáine

141,94

DKK

krone na Danmhairge

7,4387

GBP

punt steirling

0,85748

SEK

krona na Sualainne

10,6375

CHF

franc na hEilvéise

1,0162

ISK

króna na hÍoslainne

137,30

NOK

krone na hIorua

10,4085

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,728

HUF

forint na hUngáire

397,85

PLN

zloty na Polainne

4,6520

RON

leu na Rómáine

4,9453

TRY

lira na Tuirce

18,2239

AUD

dollar na hAstráile

1,5061

CAD

dollar Cheanada

1,3662

HKD

dollar Hong Cong

8,2558

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6549

SGD

dollar Shingeapór

1,4589

KRW

won na Cóiré Theas

1 357,54

ZAR

rand na hAfraice Theas

16,8603

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,0346

HRK

kuna na Cróite

7,5175

IDR

rupiah na hIndinéise

15 589,89

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6291

PHP

peso na nOileán Filipíneach

56,872

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,157

BRL

real na Brasaíle

5,4117

MXN

peso Mheicsiceo

21,3016

INR

rúipí na hIndia

81,9940


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


An Chúirt Iniúchóirí

21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 238/8


Tuarascáil speisialta 12/2022

“Marthanacht san fhorbairt tuaithe – Tá formhór na dtionscadal fós oibríochtúil don tréimhse is gá, ach tá deiseanna ann chun torthaí níos buanfasaí a bhaint amach”

(2022/C 238/06)

D’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a tuarascáil speisialta 12/2022: “Marthanacht san fhorbairt tuaithe – Tá formhór na dtionscadal fós oibríochtúil don tréimhse is gá, ach tá deiseanna ann chun torthaí níos buanfasaí a bhaint amach”.

Más maith leat an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=61262


An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 238/9


CINNEADH Ó ARDIONADAÍ AN AONTAIS DO GHNÓTHAÍ EACHTRACHA AGUS DON BHEARTAS SLÁNDÁLA

an 29 Márta 2022

lena leasaítear ADMIN(2017) 10 an 19 Meán Fómhair 2017 maidir le rialacha slándála don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

(2022/C 238/07)

TÁ ARDIONADAÍ AN AONTAIS DO GHNÓTHAÍ EACHTRACHA AGUS DON BHEARTAS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint do Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (“SEGS”) (1),

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 15 den Chinneadh ón Ardionadaí an 19 Meán Fómhair 2017 maidir leis na rialacha slándála don tSeirbhís Eorpach (2), agus go háirithe míreanna 4 agus 5 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I bhFoscríbhinn B a ghabhann le Cinneadh 2013/2017/AE ón Ardionadaí, tá tábla coibhéise maidir le haicmiúcháin slándála,

(2)

Tá fógra tugtha ag an bhFrainc do SEGS maidir le hathruithe ar a haicmiúcháin slándála. Leis na hathruithe sin, tugtar isteach dhá mharcáil nua aicmiúcháin le héifeacht ón 1 Iúil 2021: “TRÈS SECRET” agus “SECRET”. Maidir le faisnéis arna giniúint ag an bhFrainc roimh an 1 Iúil 2021 agus a aicmíodh mar “TRÈS SECRET DÉFENSE”, “SECRET DÉFENSE” nó “CONFIDENTIEL DÉFENSE”, ba cheart leanúint dá láimhseáil agus dá cosaint ar an leibhéal coibhéiseach “TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET”, “SECRET UE/EU SECRET” nó “CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL” faoi seach.

(3)

Tháinig deireadh an 31 Nollaig 2020 leis an idirthréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 126 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“Comhaontú um Tharraingt Siar”).

(4)

Thug an tSualainn fógra maidir le teacht i bhfeidhm, an 1 Aibreán 2019, an Achta um Shlándáil Chosantach (2018:585), lena leasaítear scéim aicmiúcháin na Sualainne.

(5)

Is gá Cinneadh ADMIN(2017) 10 a leasú chun na hathruithe sin a chur san áireamh

TAR ÉIS CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

An téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, cuirtear é in ionad Fhoscríbhinn B de Chinneadh ADMIN(2017) 10.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm an lá tar éis lá a shínithe.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Márta 2022.

Josep BORRELL FONTELLES

Ardionadaí an Aontais

do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála


(1)  IO L 201, 03.8.2010, lch. 30.

(2)  IO C 126, 10.4.2018, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

Foscríbhinn B

Coibhéis na n-aicmiúchán slándála

EU

TRES SECRET UE/EU TOP SECRET

SECRET UE/EU SECRET

CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL

RESTREINT UE/EU RESTRICTED

EURATOM

EURA TOP SECRET

EURA SECRET

EURA CONFIDENTIAL

EURA RESTRICTED

An Bheilg

Très Secret (Loi 11.12.1998)

Zeer Geheim (Wet 11.12.1998)

Secret (Loi 11.12.1998)

Geheim (Wet 11.12.1998)

Confidentiel (Loi 11.12.1998)

Vertrouwelijk (Wet 11.12.1998)

Nóta (1) thíos

An Bhulgáir

Cтpoгo ceкретно

Ceкретно

Поверително

За служебно ползване

Poblacht na Seice

Přísně tajné

Tajné

Důvěrné

Vyhrazené

An Danmhairg

YDERST HEMMELIGT

HEMMELIGT

FORTROLIGT

TIL TJENESTEBRUG

An Ghearmáin

STRENG GEHEIM

GEHEIM

VS (2) — VERTRAULICH

VS — NUR FÜR DEN DIENSTGEBRAUCH

An Eastóin

Täiesti salajane

Salajane

Konfidentsiaalne

Piiratud

Éire

Top Secret

Secret

Confidential

Restricted

An Ghréig

Άκρως Απόρρητο

Giorrúchán: ΑΑΠ

Απόρρητο

Giorrúchán: (ΑΠ)

Εμπιστευτικό

Giorrúchán: (ΕΜ)

Περιορισμένης Χρήσης

Giorrúchán: (ΠΧ)

An Spáinn

SECRETO

RESERVADO

CONFIDENCIAL

DIFUSIÓN LIMITADA

An Fhrainc

TRÈS SECRET

TRÈS SECRET DÉFENSE (3)

SECRET

SECRET DÉFENSE  (3)

CONFIDENTIEL DÉFENSE  (3) ,  (4)

Nóta (5) thíos

An Chróit

VRLO TAJNO

TAJNO

POVJERLJIVO

OGRANIČENO

An Iodáil

Segretissimo

Segreto

Riservatissimo

Riservato

An Chipir

Άκρως Απόρρητο

Giorrúchán: (AΑΠ)

Απόρρητο

Giorrúchán: (ΑΠ)

Εμπιστευτικό

Giorrúchán: (ΕΜ)

Περιορισμένης Χρήσης

Giorrúchán: (ΠΧ)

An Laitvia

Sevišķi slepeni

Slepeni

Konfidenciāli

Dienesta vajadzībām

An Liotuáin

Visiškai slaptai

Slaptai

Konfidencialiai

Riboto naudojimo

Lucsamburg

Très Secret Lux

Secret Lux

Confidentiel Lux

Restreint Lux

An Ungáir

“Szigorúan titkos!”

“Titkos!”

“Bizalmas!”

“Korlátozott terjesztésű!”

Málta

L-Ogħla Segretezza

Top Secret

Sigriet

Secret

Kunfidenzjali

Confidential

Ristrett

Restricted  (6)

An Ísiltír

Stg. ZEER GEHEIM

Stg. GEHEIM

Stg. CONFIDENTIEEL

Dep. VERTROUWELIJK

An Ostair

Streng Geheim

Geheim

Vertraulich

Eingeschränkt

An Pholainn

Ściśle Tajne

Tajne

Poufne

Zastrzeżone

An Phortaingéil

Muito Secreto

Secreto

Confidencial

Reservado

An Rómáin

Strict secret de importanță deosebită

Strict secret

Secret

Secret de serviciu

An tSlóivéin

STROGO TAJNO

TAJNO

ZAUPNO

INTERNO

An tSlóvaic

Prísne tajné

Tajné

Dôverné

Vyhradené

An Fhionlainn

ERITTÄIN SALAINEN

YTTERST HEMLIG

SALAINEN

HEMLIG

LUOTTAMUKSELLINEN

KONFIDENTIELL

KÄYTTÖ RAJOITETTU

BEGRÄNSAD TILLGÅNG

An tSualainn

Kvalificerat hemlig

Hemlig

Konfidentiell

Begränsat hemlig


(1)  Ní aicmiúchán slándála é “Diffusion Restreinte/Beperkte Verspreiding” sa Bheilg. Bíonn faisnéis “RESTREINT UE/EU RESTRICTED” á láimhseáil agus á cosaint ag an mBeilg ar dhóigh atá chomh docht leis na caighdeáin agus na nósanna imeachta a dtugtar tuairisc orthu i rialacha slándála Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

(2)  An Ghearmáin: VS = Verschlusssache.

(3)  Maidir le faisnéis arna giniúint ag an bhFrainc roimh an 1 Iúil 2021 agus a aicmítear mar “TRÈS SECRET DÉFENSE”, “SECRET DÉFENSE” agus “CONFIDENTIEL DÉFENSE”, táthar á láimhseáil agus á cosaint ar an leibhéal coibhéiseach “TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET”, “SECRET UE/EU SECRET” agus “CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL” faoi seach.

(4)  Déanann an Fhrainc faisnéis “CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL” a láimhseáil agus a chosaint i gcomhréir leis na bearta slándála de chuid na Fraince lena gcosnaítear faisnéis a aicmítear mar “SECRET”.

(5)  Ní úsáideann an Fhrainc an t-aicmiúchán “RESTREINT” ina córas náisiúnta. Bíonn faisnéis “RESTREINT UE/EU RESTRICTED” á láimhseáil agus á cosaint ag an bhFrainc ar dhóigh atá chomh docht leis na caighdeáin agus na nósanna imeachta a dtugtar tuairisc orthu i rialacha slándála Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

(6)  I gcás Mhálta, is féidir an leagan Máltaise nó Béarla a mhalartú le chéile.


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 238/13


Fógra de bhun Airteagal 13 de Threoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa a bhaineann le leachtú agus foirceannadh Cyprus Popular Bank Public CO LTD (Institiúid creidmheasa de chuid na Cipire atá faoi leachtú) (an “Chuideachta”) ina dhiaidh sin

(2022/C 238/08)

Oifig Chláraithe: 134 Limassol Avenue, 3rd Floor, 2015, Strovolos, Nicosia, An Chipir

De bhun an chinnidh ó Chúirt Dhúiche Nicosia arna eisiúint an 31 Bealtaine 2022 i ndáil le hiarratas uimh. 1/2021 arna chomhdú ag Banc Ceannais na Cipire faoi fhorálacha airteagal 33B den Dlí um Ghnó na nInstitiúidí Creidmheasa, 66(Ι)/97, arna leasú, eisíodh na horduithe cúirte chun an Chuideachta a leachtú agus mé a cheapadh mar leachtaitheoir, i gcomhréir le forálacha airteagal 33B den Dlí um Ghnó na nInstitiúidí Creidmheasa, 66(Ι)/97, arna leasú.

Déanfar gach fógrán ábhartha i ndáil leis an leachtú ar an suíomh gréasáin seo a leanas

https://www.ips-docs.com/case/22WUC009CYP/Gn8@pXmv

Avgoustinos PAPATHOMAS

Leachtaitheoir

Gníomhaíonn an leachtaitheoir mar ionadaí na Cuideachta, gan aon dliteanas pearsanta


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 238/14


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10789 – GOLDMAN SACHS / SOJITZ / JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 238/09)

1.   

An 6 Meitheamh 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

The Goldman Sachs Group, Inc. (“Goldman Sachs”, na Stáit Aontaithe),

Sojitz Corporation (“Sojitz”, an tSeapáin),

Cuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í (“JV”, an tSeapáin).

Gheobhaidh Sojitz agus Goldman Sachs rialú comhpháirteach ar JV de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Goldman Sachs: gnólacht domhanda um bhaincéireacht infheistíochta, um urrúis agus um bhainistíocht infheistíochtaí a sholáthraíonn réimse seirbhísí baincéireachta, urrús agus infheistíochta ar fud an domhain,

Sojitz: ilchuideachta dhomhanda atá gníomhach i réimse gnóthaí éagsúla, go príomha i réimse na trádála earraí agus seirbhísí,

JV: gníomhach i seirbhísí bainistíochta sócmhainní eastáit réadaigh agus i seirbhísí bainistíochta maoine sa tSeapáin, lena n-áirítear comhairle infheistíochta, anailís ar fheidhmíocht punainne, bainistíocht punainne agus seirbhísí cúloifige amhail doiciméid chánach agus ráitis airgeadais a ullmhú.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10789 – GOLDMAN SACHS / SOJITZ / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 238/16


Foilsiú an doiciméid aonair leasaithe tar éis mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

(2022/C 238/10)

Tá an mionleasú sin formheasta ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

Is féidir an t-iarratas ar fhormheas an mhionleasaithe seo a fheiceáil sa bhunachar sonraí eAmbrosia de chuid an Choimisiúin

DOICIMÉAD AONAIR

“TURRÓN DE AGRAMUNT / TORRÓ D’AGRAMUNT”

Uimh. AE: PGI-ES-0167-AM01 – 18.1.2022

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainmneacha [STFC nó TGFC]

“Turrón de Agramunt / Torró d’Agramunt”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Spáinn

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   Cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]

Aicme 2.3. Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Déantar “Turrón de Agramunt” / “Torró d’Agramunt” as mil, almóinní scafa rósta nó cnónna coill scafa rósta, siúcra agus/nó síoróip ghlúcóis, gealacáin uibhe, nó a gcomhionann triomaithe, agus sliseog.

Agus é ag brath ar an gcineál tráchtála ( supremaextra ), ní mór an céatadán íosta d’amhábhair bhunúsacha a bheith mar a leanas:

 

Suprema

Extra

Cnónna coill nó

60,00

46,00

Almóinní

60,00

46,00

Mil

10,00

10,00

Gealacán uibhe nó a chomhionann triomaithe

1,00

1,00

Caithfidh na saintréithe a shainítear sna rialacháin sláinte theicniúla ábhartha a bheith san eithneagán Suprema agus extra a chumhdaítear leis an tásc geografach faoi chosaint (TGFC) seo.

Léirítear sa tábla thíos an comhdhéanamh ceimiceach is gá i samplaí de “Turrón de Agramunt” (% den táirge críochnaithe):

 

Eithneagán almóinne

Eithneagán coill

 

Suprema

Extra

Suprema

Extra

Cion taise (uasmhéid)

5,0

6,0

5,0

6,0

Cion próitéine (íosmhéid)

11,0

9,0

7,0

5,5

Saillte (íosmhéid)

32,5

26,0

30,0

24,5

Luaith (uasmhéid)

2,2

2,2

2,0

2,0

Tá na saintréithe orgánaileipteacha seo a leanas in “Turrón de Agramunt”:

dath: órdhonn éadrom;

uigeacht: neamhrialta, garbh agus póiriúil. teann, ach briseann sé gan dua. Briosc, ach leánn sé sa bhéal;

milseacht: an-dian;

cruth: cácaí cruinne agus codanna nó barraí dronuilleogacha.

Na saintréithe sin, is toradh iad ar mheascán tomhaiste comhábhar agus am cócaireachta beacht.

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de bhunadh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

___

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór táirgeadh (lena n-áirítear róstadh na gcnónna coill agus na n-almóinní, cócaireacht an mheascáin, múnlú agus gearradh arna théachtadh) agus pacáistiú an eithneagáin araon a chumhdaítear leis an PGI “Turrón de Agramunt” / “Torró d’Agramunt” a dhéanamh sa limistéar geografach a dtugtar tuairisc air i bpointe 4.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Bíonn an t-eithneagán i bhfoirm barraí (bloic dhronuilleogacha nó cácaí cruinne) ina mbíonn meáchan ó 15 g go 1 kg.

Déantar an táirge a phacáistiú ag teocht chomhthimpeallach go luath tar éis a dhéanta.

3.6.   Rialacha sonracha i leith lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Caithfidh ainm an PGI “Turrón de Agramunt” / “Torró d’Agramunt”, lógó an PGI féin agus aon fhaisnéis eile a éilítear go ginearálta faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm a bheith le feiceáil ar na lipéid.

4.   Sainiú gonta an limistéir gheografaigh

Déantar eithneagán a chlúdaítear leis an PGI “Turrón de Agramunt” / “Torró d’Agramunt” a tháirgeadh agus a phacáistiú i mbardas Agramunt sa cheantar Catalónach Urgell i gcúige Lleida.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc idir “Turrón de Agramunt” agus an limistéar geografach táirgeachta bunaithe ar a cháil agus ar an saineolas áitiúil, a eascraíonn as traidisiún stairiúil fada. Ní féidir an bardas, a thugann a ainm don PGI agus arb ionann é agus an limistéar geografach táirgeachta, a scaradh leis an eithneagán.

Stair

Cosúil le gach dea-thraidisiún, baineann miotaseolaíocht le fíorbhunús “Turrón de Agramunt”. Tá gníomhaíocht na turronaires (déantóirí eithneagáin) á doiciméadú ó dheireadh an 18ú haois, uair a bhí sí ina traidisiún cheana féin, rud a chiallaíonn go gcaithfidh sí a bheith níos sine ná sin. Mar gheall ar scrios chartlann na cathrach le linn Chogaí Napoléon agus toisc go ndéantar an ghníomhaíocht in éineacht leis an bhfeirmeoireacht, is deacair dátaí níos luaithe a dheimhniú.

Bhí an oiread sin éilimh ar dhéantóirí eithneagáin Agramunt nach amháin go raibh siad páirteach i bhféilte traidisiúnta an phobail ach go raibh siad ina gcuid de shaol na litríochta freisin sa dráma La Dida (“An Mháthair Chíche”) le Serafí Pitarra. Is í Paula máthair chíche ó Agramunt, atá ina déantóir eithneagáin, laoch an dráma, atá suite in 1700.

Tháirgtí an t-eithneagán de láimh:

Doirteadh an mhil isteach i bpanna agus ansin meascadh í go leanúnach le hionstraim adhmaid ar a dtugtar remo (“maide rámha”) chomh luath agus a thosaigh sí ag beiriú, i dtreo nach ndófaí í.

San am atá caite, róstadh na déantóirí eithneagáin na cnónna coill 2 lá roimh iad a mheascadh leis an mil, ós rud go bhféadfadh an t-eithneagán briseadh go héasca mura raibh siad fuaraithe go leordhóthanach.

D’éireodh an meascán dorcha agus, chun é a ghealadh, chuirtí dhá dhosaen gealacán uibhe leis, arna mbualadh go dtí go raibh siad righin. Nuair a chinn an déantóir eithneagáin is mó taithí go raibh an meascán réidh, cuireadh spúnóg adhmaid isteach sa phanna ar dtús agus ansin isteach i mbuicéad uisce fhuair. Tar éis dó fuarú de bheagán, cuireadh meáchan cnónna coill a bhí cothrom le meáchan na meala leis agus leantaí den mheascán a chorraí go dtí go raibh sé aonchineálach.

Fágadh ansin é le ramhrú ar feadh leathuair an chloig sula ngearradh é le gearrthóir speisialta ar a dtugtar rajola (tíle). Tar éis a ghearrtha, rinneadh é a mheá agus a fhoirmiú i gcruthanna traidisiúnta a bhí cothrom agus cruinn nó fadaithe agus fáisceadh iad idir dhá shlis de pan de ángel (cineál sliseoige), arna gceangal den eithneagán agus úsáid á baint as uirlis adhmaid. Nuair a bhí siad go hiomlán fionnuar agus tirim, cuireadh na barraí i mbosca adhmaid a bhí líneáilte le sinc nó i mbosca stáin chun iad a chaomhnú go dtí gur díoladh iad.

Is beag athrú a tháinig ar mhonarú “Turrón de Agramunt” óna thús. Mar a tharla i ngach tionscal, d’eascair athruithe as an dul chun cinn teicniúil agus an nuachóiriú, agus tá cuid de na tascanna láimhe á gcur i gcrích anois le meaisín, ach tá na hamhábhair mar an gcéanna go bunúsach agus ní dhearnadh aon athrú ach chun a bpróiseáil a dhéanamh níos éasca.

Gnéithe sóisialta

Tháinig méadú beag ar an táirgeacht gach bliain, le hardú ó 45 325 kg de “Turrón de Agramunt” in 1995 go 71 980 kg in 1999.

Chomh maith le líon mór post a sholáthar, tá tionscal eithneagán Agramunt ina fhoinse mhór gníomhaíochta in earnáil na seirbhísí, go príomha san iompar agus sa turasóireacht:

toisc nach bhfuil nasc iarnróid le Agramunt ní mór an t-eithneagán ar fad a iompar de bhóthar;

tagann líon mór cuairteoirí chun féachaint ar an eithneagán agus é á dhéanamh. Ina theannta sin, ó bhí 1989 ann, cuireadh Feria del Turrón de Agramunt (aonach eithneagáin Agramunt) ar siúl i mí Dheireadh Fómhair gach bliain. Meallann sé sin go leor cuairteoirí agus tá sé ar cheann de na haontaí is mó in Lleida.

Tagairt foilseacháin na sonraíochta

Is féidir an tsonraíocht táirge cothrom le dáta a fháil ag http://agricultura.gencat.cat/web/.content/al_alimentacio/al02_qualitat_alimentaria/normativa-dop-igp/plecs-tramit/pliego-condiciones-igp-torro-agramunt-modificacion-menor-es.pdf fad atá an t-iarratas ar leasú á phróiseáil agus nuair a fhormheasfar an t-iarratas foilseofar an tsonraíocht ag http://agricultura.gencat.cat/ca/ambits/alimentacio/segells-qualitat-diferenciada/distintius-origen/dop-igp/normativa-dop-igp/plecs-condicions/.


(1)  IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.