|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 226 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 226/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10667 – VESA / POSTNL) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 226/02 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 226/03 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10737 – HP / POLY) ( 1 ) |
|
|
2022/C 226/04 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10780 – WATERLAND / KIDSFOUNDATION / PARTOU) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
2022/C 226/05 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10775 — GBL / AFFIDEA) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
2022/C 226/06 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10732 – EQT / BPEA) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 226/07 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
10.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 226/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10667 – VESA / POSTNL)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 226/01)
An 3 Meitheamh 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10667. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
10.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 226/2 |
Rátaí malairte an euro (1)
9 Meitheamh 2022
(2022/C 226/02)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0743 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
143,93 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4391 |
|
GBP |
punt steirling |
0,85653 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
10,5045 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
1,0495 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
138,70 |
|
NOK |
krone na hIorua |
10,1818 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,689 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
396,45 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,5925 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9453 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
18,5104 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,4985 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,3506 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,4317 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6673 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4779 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 348,99 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
16,4132 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,1722 |
|
HRK |
kuna na Cróite |
7,5223 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
15 646,25 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,7199 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
56,872 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
37,079 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,2506 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
21,0248 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
83,5260 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
10.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 226/3 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10737 – HP / POLY)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 226/03)
1.
An 2 Meitheamh 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
HP Inc. (“HP”, SAM), |
|
— |
Plantronics, Inc. (“Poly”, SAM). |
Gheobhaidh HP urlámhas aonair ar Poly ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
maidir le HP: gairis ríomhaireachta pearsanta agus rochtana eile, táirgí íomháithe agus priontála, agus teicneolaíochtaí, réitigh agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar, |
|
— |
maidir le Poly: cuideachta domhanda teicneolaíochta cumarsáide a dhéanann réitigh chomhtháite cumarsáide agus comhair le haghaidh gairmithe a dhearadh, a mhonarú agus a chur ar an margadh. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10737 – HP / POLY
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
10.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 226/5 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10780 – WATERLAND / KIDSFOUNDATION / PARTOU)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 226/04)
1.
An 2 Meitheamh 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
Waterland Private Equity Investments B.V. (“Waterland”, an Ísiltír), |
|
— |
Orange TopCo B.V. (“KidsFoundation/Partou”, an Ísiltír), faoi chomhrialú ag Waterland agus Onex Corporation. |
Gheobhaidh Waterland urlámhas aonair ar KidsFoundation/Partou ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Waterland: grúpa neamhspleách infheistíochta cothromais phríobháidigh atá dírithe ar cheithre théama infheistíochta: aosú an daonra, seachfhoinsiú agus éifeachtúlacht, fóillíocht agus sócúlacht, agus inbhuanaitheacht. Is sa Bheilg, sa Danmhairg, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Ísiltír, sa Pholainn agus sa Ríocht Aontaithe go príomha atá Waterland gníomhach, |
|
— |
KidsFoundation/Partou: gníomhach in eagrú agus oibriú cúraim leanaí san Ísiltír agus sa Ríocht Aontaithe. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10780 – WATERLAND / KIDSFOUNDATION / PARTOU
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
10.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 226/6 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10775 — GBL / AFFIDEA)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 226/05)
1.
An 2 Meitheamh 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
Groupe Bruxelles Lambert SA (“GBL”, an Bheilg), |
|
— |
Affidea Group B.V. (“Affidea”, an Ísiltír). |
Gheobhaidh GBL urlámhas aonair ar Affidea ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is cuideachta sealbhaíochta infheistíochta poiblí liostaithe é GBL agus infheistíonn sé i gcuideachtaí domhanda a oibríonn in earnálacha éagsúla, amhail réadmhaoin agus Seirbhísí TF, |
|
— |
Is cuideachta íomháithe dhiagnóisigh Eorpach é Affidea, cuideachta ag a bhfuil 320 ionad a oibríonn in 15 thír, lena n-áirítear an Iodáil, an Pholainn, an Phortaingéil agus an Rómáin. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10775 — GBL / AFFIDEA
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
10.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 226/7 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10732 – EQT / BPEA)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 226/06)
1.
An 2 Meitheamh 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
EQT AB (“EQT”, an tSualainn), |
|
— |
Baring Private Equity Asia Group Limited (“BPEA”, Hong Cong agus Singeapór). |
Gheobhaidh EQT rialú ar BPEA ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is eagraíocht infheistíochta dhomhanda atá dírithe ar straitéisí úinéireachta gníomhaí é EQT. Faoi láthair, tá EUR 73.4 billiún ag EQT i sócmhainní faoi bhainistíocht in 28 gciste ghníomhacha laistigh de dhá dheighleog gnólachta – Caipiteal Príobháideach agus Sócmhainn Réadach. Tá cuideachtaí punainne chistí EQT gníomhach i réimse tionscal agus earnálacha, amhail tomhaltóirí; earraí tomhaltóra; fuinneamh agus comhshaol; teicneolaíocht airgeadais; cúram sláinte; teicneolaíocht tionsclaíochta; árachas; réadmhaoin; seirbhísí; sóisialta; teicneolaíocht, na meáin agus teileachumarsáid; agus iompar agus lóistíocht, |
|
— |
Is gnólacht margaí príobháideacha uile-Áiseach é BPEA. Bainistíonn BPEA clár infheistíochta cothromais phríobháidigh, clár a dhéanann urraíocht ar cheannaigh thar barr amach agus a sholáthraíonn caipiteal fáis do chuideachtaí le haghaidh leathnaithe nó éadálacha agus béim ar leith á cur ar réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise, chomh maith le cistí tiomnaithe atá dírithe ar réadmhaoin phríobháideach agus creidmheas príobháideach. Cuireann BPEA comhairle ar chistí cothromais phríobháidigh atá gníomhach i roinnt margaí éagsúla, lena n-áirítear in earnálacha oideachais, seirbhísí gnó, monaraíochta, lóistíochta, cúraim sláinte agus tomhaltóirí. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10732 – EQT / BPEA
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
10.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 226/9 |
Foilsiú iarratais ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge maidir le hainm in earnáil an fhíona de bhun Airteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(2022/C 226/07)
Leis an bhfoilseachán seo tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
IARRATAS AR LEASÚ AONTAIS AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE
“Colli di Rimini”
PDO-IT-A0297-AM03
Dáta an iarratais: 11.2.2021
1. Iarratasóir agus leas dlisteanach
Consorzio vini di Romagna [Comhlachais Fíona Romagna]
Comhlachais táirgeoirí le haghaidh STFC
2. Teideal sa tsonraíocht táirge a ndéanfaidh na leasuithe difear di
|
☒ |
Ainm an táirge |
|
☐ |
Catagóir an táirge fíniúna |
|
☐ |
Nasc |
|
☒ |
Srianta margaíochta |
3. Tuairisc ar an leasú agus na cúiseanna leis
3.1. Athrú ar ainm an ainmniúcháin ó “Colli di Rimini” go “Rimini”
Iarradh an t-athrú ón ainm “Colli di Rimini” a úsáid go dtí “Rimini” as féin toisc go sainaithnítear níos cruinne leis an limistéar geografach táirgeachta laistigh de chúige Rimini, críoch a théann ó na limistéir cnocacha síos go leibhéal na farraige. Chomh maith le bheith níos láithrí agus níos dírí, dá bhrí sin, tá an tagairt gheografach don ainm “Rimini” as féin níos comhsheasmhaí agus tá sí nasctha níos fearr leis an gcríoch a ndéanann an STFC ionadaíocht uirthi. Éascófar leis sin cumarsáid agus margaíocht á déanamh ar an limistéar agus é á chur chun cinn i sineirgíocht le branda seanbhunaithe turasóireachta Rimini, mol eacnamaíoch agus cultúrtha an limistéir táirgeachta.
Dá bhrí sin, is leasú páirteach é sin ar ainm an STFC nach ndéanann difear do chéannacht gheografach an ainmniúcháin ná do chríochú a limistéir táirgeachta, ach is fearr a aithnítear ainm na bhfíonta mar gheall ar an ainm geografach “Rimini”.
Baineann an leasú le gach roinn den doiciméad aonair ina luaitear ainm an ainmniúcháin.
3.2. Forálacha maidir le pacáistiú laistigh den limistéar críochaithe
Baineann an leasú leis an bhforáil maidir le buidéalú sa limistéar táirgeachta críochaithe. Agus an leasú seo á dhéanamh, tá sé d’aidhm ag táirgeoirí an STFC “Rimini” ceartú a dhéanamh ar easnamh i dtéacs bunaidh na sonraíochta táirge a formheasadh ag deireadh 1996, tráth nár sonraíodh sna rialacha ginearálta maidir le hainmniúcháin tionscnaimh náisiúnta nó de chuid an Aontais cé acu ba ghá nó nár ghá buidéalú agus pacáistiú a dhéanamh sa limistéar críochaithe. Tugadh an riail ghinearálta sin isteach tar éis Bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Bealtaine 2000, i gcás C-388/95.
Is é is cúis leis an leasú gur gá cáilíocht na bhfíonta leis an STFC “Rimini” a chaomhnú, a dtionscnamh a ráthú agus a áirithiú go mbeidh na rialuithe éifeachtach agus tráthúil.
Dealraíonn sé gur féidir le hiompar agus buidéalú lasmuigh den limistéar táirgeachta cur isteach ar cháilíocht fhíon “Rimini”, mar d’fhéadfadh sé a bheith nochta ar imoibriú ocsaídiúcháin agus dí-ocsaídiúcháin, athruithe tobanna ar theocht agus éilliú micribhitheolaíoch. Is féidir leis na feiniméin sin, go háirithe, éifeachtaí diúltacha a bheith acu ar na saintréithe fisiciceimiceacha (aigéadacht iomlán íosta, eastóscán íosta saor ó shiúcra, etc.) agus orgánaileipteacha (dath, dea-bholadh agus blas).
Éiríonn na rioscaí sin níos tromchúisí de réir an achair a chumhdaítear. Mar sin féin, tá buidéalú sa limistéar tionscnaimh ina chuidiú le saintréithe agus cáilíocht an táirge a chaomhnú, ós rud é nach n-iompraítear na coinsíneachtaí fíona ar chor ar bith nó nach n-iompraítear iad ach achar gairid.
Leis na gnéithe sin, mar aon leis an taithí agus leis an eolas teicniúil-eolaíoch domhain ar cháilíochtaí áirithe na bhfíonta a fuair táirgeoirí an ainmniúcháin tionscnaimh “Rimini” i gcaitheamh na mblianta, beifear in ann an buidéalú a chur i gcrích sa réimse tionscnaimh leis na réamhchúraimí teicneolaíocha is fearr d’fhonn saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha uile na bhfíonta a chumhdaítear leis an tsonraíocht a chaomhnú.
Cuspóir eile a bhaineann le buidéalú sa limistéar táirgeachta is ea seiceálacha an chomhlachta inniúil a éascú a mhéid is féidir agus, dá bhrí sin, an éifeachtúlacht uasta, an éifeachtúlacht uasta agus an chost-éifeachtúlacht uasta a ráthú. Ní féidir na ceanglais sin a áirithiú an oiread céanna lasmuigh den limistéar táirgeachta.
Is féidir leis an gcomhlacht rialaithe na cuairteanna cigireachta ar na gnóthais uile a bhfuil baint acu leis an limistéar táirgeachta a sceidealú go han-tapa tráth a mbeidh fíon “Rimini” á bhuidéalú, i gcomhréir leis an bplean cigireachta sonrach.
Is é an sprioc atá ann a áirithiú go córasach nach féidir ach coinsíneachtaí d’fhíon leis an STFC “Rimini” a bhuidéalú. Fágann sin gur féidir torthaí níos fearr a bhaint amach i dtéarmaí éifeachtúlacht na seiceálacha, ar chostas teoranta do na táirgeoirí, d’fhonn na ráthaíochtaí uasta maidir le barántúlacht an fhíona a thairiscint do thomhaltóirí.
Thairis sin, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm agus chun cearta atá ann cheana a chosaint, is féidir le cuideachtaí buidéalaithe iarratas a dhéanamh ar mhaolú chun leanúint de bhuidéalú a dhéanamh ina n-áitreabh atá suite lasmuigh den limistéar críochaithe, ar an gcoinníoll go gcuirfidh siad an t-iarratas ábhartha faoi bhráid na hAireachta Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta agus go soláthróidh siad doiciméadacht a chruthaíonn go ndearna siad fíonta leis an STFC “Rimini” a bhuidéalú le linn 2 bhliain ar a laghad de na 5 bliana roimh theacht i bhfeidhm an leasaithe lena dtugtar isteach an ceanglas maidir leis an mbuidéalú a dhéanamh sa limistéar (ní gá tréimhse 2 bhliain gan bhriseadh a bheith i gceist). Baineann an leasú seo le roinn 1.9 “Coinníollacha breise” den doiciméad aonair.
3.3. Maolú ar an bhfíonóireacht sa limistéar críochaithe
Féadfar an limistéar fíonóireachta a chríochú ionas go n-áireofar ann cúige iomlán Rimini, de mhaolú ar limistéar táirgeachta na bhfíonchaor. Rinneadh foráil maidir leis an maolú sin sa tsonraíocht a luaithe a aithníodh an STFC in 1996 agus measadh, dá bhrí sin, go raibh sé tráthúil an coinníoll sin a chur isteach go sainráite i roinn 1.9 “Coinníollacha breise” den doiciméad aonair. Dá bhrí sin, is leasú é ar an bhfoirm d’fhonn faisnéis a bhaineann le ceanglas a bhí mar chuid den tsonraíocht riamh a chuimsiú sa doiciméad aonair, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme.
Baineann an leasú seo le Roinn 1.9 “Coinníollacha breise” den doiciméad aonair.
3.4. Nasc leis an limistéar geografach
Cuireadh leis an tuairisc ar an nasc chun catagóirí sonracha na dtáirgí fíniúna, na fachtóirí nádúrtha agus daonna agus an nasc cúisíoch idir na fachtóirí sin agus saintréithe an táirge deiridh a chur san áireamh.
Baineann na leasuithe le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 8 “Nasc leis an limistéar geografach” den doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm an táirge
Rimini
2. Cineál an táisc gheografaigh
STFC — Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
|
15. |
Fíon ó fhíonchaora rí sínithe |
4. Tuairisc ar na fionnta
1. “Rimini” Bianco
CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA
Bíonn dath buí ar dhath na tuí, a bhfuil éagsúlacht i ndéine an datha, ar fhíonta leis an STFC “Rimini” Bianco, bíonn dea-bholadh íogair uathu i raon ó thorthaíoch go bláthach, agus bíonn blas blasta comhchuí orthu i raon ó ghéar go leath-ghéar.
Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11 %.
Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15 g/l
Aon pharaiméadar anailíseach nach luaitear, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
2. “Rimini” Rosso
CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA
Bíonn dath ar fhíonta leis an STFC “Rimini” Rosso i raon ó dhearg ar dhath an rúibín go dearg ar dhath an ghairnéid agus bíonn blas comhchuí orthu, a bhíonn tainneach uaireanta, agus ar blas é a bhféadfadh iarracht de bhlas torthaí dearga a bheith air agus ar féidir leis a bheith ábhairín luibheach, spíosrach nó mianrach.
Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,50 %.
Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 20 g/l
Aon pharaiméadar anailíseach nach luaitear, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
3. “Rimini” Rosso Riserva
CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA
Bíonn dath ar fhíonta leis an STFC “Rimini” Rosso Riserva i raon ó dhearg ar dhath glé an rúibín go dearg ar dhath an ghairnéid, bíonn dea-bholadh saibhir fíonmhar uathu, a bhíonn ábhairín luibheach nó mianrach uaireanta le hiarracht de bholadh an adhmaid, agus bíonn blas mór láidir comhchuí orthu, le struchtúr galánta agus roinnt tainniní, b’fhéidir, i raon ó ghéar go leath-ghéar.
Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 12,50 %.
Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 22 g/l
Aon pharaiméadar anailíseach nach luaitear, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,5 |
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
4. “Rimini” Cabernet Sauvignon
CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA
Bíonn dath dearg ar dhath an rúibín nó ar dhath dorcha an rúibín ar fhíonta leis an STFC “Rimini” Cabernet Sauvignon, bíonn dea-bholadh sainiúil neamhshaolta uathu, a bhíonn spíosrach nó luibheach uaireanta, agus bíonn blas mór comhchuí orthu, a bhíonn ábhairín tainneach uaireanta, i raon ó ghéar go leath-ghéar.
Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,5 %.
Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 20 g/l
Aon pharaiméadar anailíseach nach luaitear, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
5. “Rimini” Cabernet Sauvignon Riserva
CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA
Bíonn dath dearg ar dhath dorcha an rúibín, le himireacha de dhath an ghairnéid, ar fhíonta leis an STFC “Rimini” Cabernet Sauvignon Riserva, bíonn dea-bholadh sainiúil neamhshaolta luibheach uathu, agus bíonn blas mór comhchuí orthu, a bhíonn ábhairín tainneach uaireanta.
Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 12,00 %.
Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 26 g/l
Aon pharaiméadar anailíseach nach luaitear, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
6. “Rimini” Biancame
CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA
Bíonn dath buí ar dhath éadrom na tuí le himireacha scothghlasa ar fhíonta leis an STFC “Rimini” Biancame, bíonn dea-bholadh sainiúil uathu ar féidir leis a bheith ábhairín bláthach, agus bíonn blas úr cothromaithe orthu i raon ó ghéar go leath-ghéar.
Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 10,50 %.
Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15 g/l
Aon pharaiméadar anailíseach nach luaitear, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
7. “Rimini” Sangiovese
CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA
Bíonn dath dearg ar dhath an rúibín ar fhíonta leis an STFC “Rimini” Sangiovese, le himireacha corcairghorma uaireanta, bíonn dea-bholadh fíonmhar uathu, a bhíonn bláthach nó mianrach uaireanta, agus bíonn blas comhchuí agus ábhairín tainneach orthu, i raon ó ghéar go leath-ghéar.
Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,50 %.
Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 20 g/l
Aon pharaiméadar anailíseach nach luaitear, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
8. “Rimini” Sangiovese Superiore
CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA
Bíonn dath dearg ar dhath an rúibín ar fhíonta leis an STFC “Rimini” Sangiovese Superiore, le himireacha corcairghorma uaireanta, d’fhéadfadh dea-bholadh bláthach a bheith uathu, agus bíonn blas comhchuí géar orthu, a bhíonn tainneach uaireanta.
Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 12,50 %.
Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 24 g/l
Aon pharaiméadar anailíseach nach luaitear, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
9. “Rimini” Sangiovese Riserva
CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA
Bíonn dath dearg ar dhath an rúibín ar fhíonta leis an STFC “Rimini” Sangiovese Riserva, bíonn siad glé, agus bláthach uaireanta, agus bíonn blas comhchuí géar orthu, a bhíonn tainneach uaireanta. Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 13,00 %.
Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 26 g/l
Aon pharaiméadar anailíseach nach luaitear, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
10. “Rimini” Rebola Secco
CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA
Bíonn dath ar fhíonta leis an STFC “Rimini” Rebola Secco i raon ó dhath buí ar dhath éadrom na tuí go buí órga, bíonn dea-bholadh sainiúil íogair torthaíoch uathu, agus bíonn blas comhchuí orthu a bhíonn séimh tathagach.
Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 12,00 %.
Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 17 g/l
Aon pharaiméadar anailíseach nach luaitear, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
11. “Rimini” Rebola Passito
CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA
Bíonn dath ar fhíonta leis an STFC “Rimini” Rebola Passito i raon ó dhath buí órga go dath ómrach, bíonn dea-bholadh sainiúil glé torthaíoch uathu, a bhíonn ábhairín créúil uaireanta, agus bíonn blas mór milis ar nós veilbhite orthu, arna chothromú le haigéadacht.
Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 17,00 %.
Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 24 g/l
Aon pharaiméadar anailíseach nach luaitear, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
12,5 |
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,0 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíon oireachta
a. Cleachtais fhíon eolaíocha shonracha
—
b. Táirgeacht uasta
|
1. |
“Rimini” Bianco, lena n-áirítear Riserva 84 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
2. |
“Rimini” Rosso 77 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
3. |
“Rimini” Biancame 84 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
4. |
“Rimini” Cabernet Sauvignon 77 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
5. |
“Rimini” Cabernet Sangiovese 77 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
6. |
“Rimini” Rebola 77 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
7. |
“Rimini” Rebola Passito 55 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Fíonchaora atá ceaptha lena n-úsáid chun fíonta a tháirgeadh leis an ainmniúchán tionscnaimh cláraithe “Rimini”, ní mór na fíonchaora sin a tháirgeadh laistigh de theorainneacha riaracháin chúige Rimini, cé is moite de na limistéir laistíos de mhórbhealach náisiúnta Uimh. 16 (mhórbhealach Adriatica) agus de bhardas iomlán Bellaria Igea Marina.
7. Cineálacha fíniúna
Alicante N.
Biancame B.
Bombino Bianco B.
Cabernet Franc N. - Cabernet
Cabernet Sauvignon N. - Cabernet
Merlot N.
Montepulciano N.
Petit Verdot N.
Pignoletto B. - Grechetto Gentile
Rebo N.
Sangiovese N.
Syrah N.
Trebbiano Romagnolo B. - Trebbiano
8. Tuairisc ar na naisc
8.1. Mionsonraí faoin limistéar geografach nó faoi na tosca nádúrtha is ábhartha maidir leis an nasc
Tá an limistéar geografach le haghaidh an STFC “Rimini” teorannaithe ag an gcuid is faide ó dheas de Ghleann Po agus leithinis na hIodáile ó cheart, i dtimpeallacht a bhfuil tionchar láidir ag an bhfarraige uirthi dá bhrí sin.
Tá an chríoch ingearach leis an gcósta agus tá sí roinnte ina trí phríomh-imchuach hidreagrafacha: Marecchia, Conca agus Marano, agus ina ceithre cinn tánaisteacha: Uso, Rio Melo, Ventena agus Tavollo.
Go comhthreomhar leis an bhfarraige agus conairí na dtrí imchuach hidreagrafacha á leanúint, ardaíonn an airde ó limistéar an ghleanna (faoi bhun 60 m os cionn leibhéal na farraige) go dtí tírdhreach na mbunchnoc atá níos sainiúla agus níos fairsinge (60-250 m os cionn leibhéal na farraige), agus go dtí an tír-raon níos faide intíre atá níos airde agus níos cnocaí (200-400 m os cionn leibhéal na farraige) ina bhfuil lomáin dhlútha chloiche freisin.
Tá an chuid is mó de na fíonghoirt suite i limistéar na gcnoc, arb é an limistéar is fearr a dhéanann ionadaíocht ar an gcríoch seo go sainiúil, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an athrú de réir a chéile ó thírdhreacha tipiciúla an ghleanna agus limistéar an chósta go dtí tírdhreacha na bhfánaí níos míne sna hAipiníní lár-theas.
Ithireolaíocht
Tá críoch cnocach an STFC “Rimini” sách aonfhoirmeach i dtéarmaí geolaíocha. Is é atá sa tírdhreach den chuid is mó cnoic atá leathan agus droimneach go réidh (grádán meánach 5-25 %). Is féidir trí phríomhlimistéar a shainiú ina bhfuil saintréithe ithireolaíocha aonchineálacha.
|
— |
Tagann an chéad limistéar le críoch ghleann láir agus uachtarach Marecchia, a bhfuil cur amach uirthi mar gheall ar an gcion ard cré atá inti; pH fo-alcaileach; leibhéil arda aolchloiche gníomhaí, go háirithe ar bhruach dheis abhainn Marecchia; agus cion íseal nó meánchion an ábhair orgánaigh in ithir na gcnoc níos airde. |
|
— |
Sa stráice cnocach atá suite sa lár, ina bhfuil gleannta Marana agus Conca, is gnách go mbíonn na hithreacha dúrabhánach, agus bíonn cion siolta, agus créúil uaireanta, an-choitianta; pH fo-alcaileach; leibhéil arda aolchloiche gníomhaí; agus cion íseal ábhair orgánaigh. |
|
— |
Ar deireadh, sna limistéir intíre, a fhreagraíonn do na cnoic is airde i ngleann Conca, is gnách go mbíonn uigeacht na n-ithreacha scaoilte, agus bíonn cion siolta, agus créúil uaireanta, an-choitianta (i limistéir áirithe, go háirithe ar urlár an ghleanna); pH fo-alcaileach nó alcaileach; cion ard aolchloiche de ghnáth; agus cion íseal ábhair orgánaigh. |
Ithreacha
Tá grádán fána na n-ithreacha mín nó measartha (idir 5 agus 25 % de ghnáth). Is as carraigeacha a bhí créúil nó peilíteach den chuid is mó, le hidirsáite gainimh, a foirmíodh iad, a théann siar go dtí an Ré Phléicéineach agus ar de bhunadh muirí iad (foirmíocht cré goirme agus foirmíocht ghaineamhchloch Borello).
|
— |
Tá an uigeacht mín nó measartha mín agus tá an infhaighteacht ocsaigine i raon ó mheasartha maith go dtí go maith. |
|
— |
Is gnách go mbíonn na hithreacha cailcreach, le leibhéil aolchloiche atá íseal nó nach ann dóibh sna sraitheanna ísle sa talamh. Tá na hithreacha measartha alcaileach. |
Saintréithe na haeráide:
|
— |
Is é 13,2 °C an mheánteocht bhliantúil - Is é 3,4 °C an mheánteocht sa mhí is fuaire – Tá 3 mhí inarb é 20 °C nó níos airde an mheánteocht – Is é 18,8 °C an raon teirmeach bliantúil. |
|
— |
Aicmiú aeráide atá idir measartha fochóstach agus measartha fo-ilchríochach. |
|
— |
Innéacs bithaeráide Winkler i raon idir 2 100 agus 2 200 lá céime. |
|
— |
Is é 754 mm an meándeascadh iomlán bliantúil, arna dháileadh go measartha cothrom i rith na bliana, le huasmhéid 229 mm san fhómhar agus íosmhéid 164 mm sa gheimhreadh; 188 mm ar an meán sa samhradh agus 173 mm san earrach. |
8.2. Sonraí maidir le cáilíocht nó saintréithe an táirge atá inchurtha go bunúsach nó go heisiach i leith na timpeallachta geografaí
Tagann saintréithe na timpeallachta, na haeráide agus na hithreach i gcríoch an STFC “Rimini” le chéile chun saintréithe sonracha na bhfíonta a tháirgtear do Chatagóir (1) Fíon agus do Chatagóir (15) Fíon ó fhíonchaora rísínithe a chinneadh.
Catagóir (1) Fíon
Maitrís chailcreach-chréúil shonrach na n-ithreacha, le torthúlacht mheán-íseal, tugann sí cion ábhair thirim a d’fhéadfadh a bheith ard agus neart alcóil a d’fhéadfadh a bheith ard, déine mhaith datha agus cion ard polaifeanóil do na fíonta seo (agus do na fíonta dearga go háirithe). Ciallaíonn sé sin go n-oireann na fíonta a bhíonn ann mar thoradh air sin go maith don aosú. Thairis sin, bíonn tionchar dearfach ag an gcóngaracht don fharraige ar thimthriall fáis na fíniúna, a bhaineann tairbhe as timpeallacht fheothanach dhea-aeráilte agus báisteach mheasartha shamhraidh, le teochtaí nach mbíonn ró-íseal sa gheimhreadh ná ró-ard sa samhradh. Tá na coinníollacha sin an-oiriúnach i gcomhair aibiú cothrom agus chun saintréithe na gcineálacha fíniúna a thabhairt amach a fhástar i limistéar geografach an STFC, amhail Sangiovese (arb é an cineál fíniúna is mó a bhfuil tóir air sa limistéar) agus Cabernet Sauvignon, astu féin nó arna gcumasc le cineálacha fíniúna eile amhail Cabernet Franc, Merlot agus Syrah chun fíonta Rimini a tháirgeadh sa chatagóir rosé. Bíonn dath ar na fíonta seo i raon ó dhearg ar dhath an rúibín go dearg ar dhath an ghairnéid, le himireacha corcairghorma uaireanta. Tá siad i raon ó ghéar go leath-ghéar, agus iad ábhairín luibheach nó mianrach ag brath ar chumasc na gcineálacha a úsáidtear.
Déantar na fíonta geala agus úsáid á baint as fíonchaora ó na cineálacha fíniúna Grechetto Gentile, Trebbiano, Bombino Bianco agus Biancame, chomh maith le Sangiovese a ndearnadh fíonóireacht air le haghaidh fíon geal. Bíonn na fíonta seo úr agus blasta, de bharr na gcoinníollacha aeráide fabhracha freisin. Ag brath ar na cineálacha a úsáidtear, bíonn a ndath i raon ó dhath buí ar dhath éadrom na tuí le déine éagsúil go dath órga. Bíonn dea-bholadh torthaíoch go bláthach uathu agus bíonn siad géar go leath-ghéar.
Catagóir (15) Fíon ó fhíonchaora rísínithe
Na saintréithe sonracha comhshaoil céanna, agus an chóngaracht don fharraige go háirithe, áirithíonn siad aerú maith, rud atá foirfe chun fíonchaora sláintiúla a áirithiú. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na coinníollacha an-oiriúnach chun na fíonchaora a fhágáil lena rísíniú ar an bhfíniúin, ar scáileáin nó i saoráidí le coinníollacha a rialaítear go cuí. Leis an bpróiseas rísínithe tugtar amach saintréithe na gcineálacha fíniúna a fhástar go traidisiúnta sa limistéar geografach seo, amhail Grechetto Gentile as a ndéantar “Rimini” Rebola Passito. Bíonn na fíonta seo milis comhchuí dea-chothromaithe, bíonn dath orthu i raon ó dhath buí órga go dath ómrach, bíonn siad saibhir a mhéid a bhaineann le húsc, agus bíonn siad ábhairín créúil uaireanta.
8.3. Na tosca daonna atá ábhartha maidir leis an nasc leis an gcríoch agus leis na mionsonraí stairiúla
Bíonn tionchar mór ag tosca daonna ar an nasc idir an STFC “Rimini” agus an chríoch. I gcaitheamh na mblianta, tá na saothraithe fíniúna tar éis leibhéal ard gairmiúlachta agus saineolais a bhaint amach i mbainistíocht na bhfíonghort, sna háiteanna is fearr i dtéarmaí treoshuímh agus nochta a roghnú agus sa leas is fearr a bhaint as na fíniúnacha a fhástar go traidisiúnta sa limistéar táirgeachta, mar shampla Sangiovese agus Cabernet Sauvignon i gcás fíonta dearga, agus Grechetto Gentile, Trebbiano agus Biancame i gcás fíonta bána. Le himeacht ama, d’oiriúnaigh siad raon na gcineálacha óna dtáirgtear na fíonta, rud a chomhdhlúthaigh úsáid na bhfíniúnacha níos suimiúla a raibh láithreacht níos airde acu sa limistéar geografach, d’fhonn an nasc leis an gcríoch a neartú, agus a bhain cineálacha níos lú suime nó iad siúd a bhí gann nó a theorannaigh iad le go mbeadh céatadán níos lú acu i gcomhdhéanamh na bhfíonta.
Roghnaigh saothróirí fíniúna táirgeacht bheag fíonchaor a ghlacadh ina raibh idir 11 agus 12 thonna in aghaidh an heicteáir, d’fhonn a áirithiú go mbeadh na fíonta a dhéanfaí ar chaighdeán níos airde.
Is sampla amháin de na cleachtais thraidisiúnta fíonsaothraithe é na fíonchaora a fhágáil lena rísíniú ar an bhfíniúin, ar scáileáin nó i saoráidí le coinníollacha teochta rialaithe. Chun a bheith níos sonraí, déantar fíon “Rimini” Rebola Passito ó fhíonchaora Grechetto Gentile lena mbaineann táirgeacht an-íseal fíona ó na fíonchaora, táirgeacht nach mó ná 50 %.
Cleachtas eile is ea fíonóireacht fhíonchaora Sangiovese le haghaidh fíon geal, ionas gur féidir iad a úsáid i gcumasc le cineálacha eile fíonchaor geal chun fíonta geala “Rimini” a dhéanamh, fiú amháin más ionann iad agus suas le 60 % den chumasc.
Tá saineolas suntasach ag saothróirí fíniúna freisin a mhéid a bhaineann le haosú na bhfíonta dearga a chumhdaítear faoin STFC, a bhféadfadh an téarma “Riserva” a bheith orthu má aosaítear iad 24 mhí ar a laghad ag comhaireamh ón 1 Nollaig i mbliain an fhíona. Is fíonta comhchuí iad seo a struchtúraíodh go han-mhaith, fíonta a d’éirigh an-cháiliúil ar an margadh le himeacht ama. Is iad na fíonta geala úra blasta a bhfuil na turasóirí an-tógtha leo agus a bhfuil tóir acu orthu in ionaid agus ar thránna Rimini, mar a gcaitear iad mar ghreadóg chomh maith lena bpéireáil le miasa áitiúla.
Mionsonraí stairiúla
Tá traidisiún an fhíona agus an fhíonsaothraithe ársa sa chríoch ina dtáirgtear an STFC “Rimini”. An chéad chruthúnas deimhnithe ar fhíniúnacha a bheith á bhfás, téann sé chomh fada siar leis an 7ú/8ú haois A.C., i.e. pailin agus síolta Vitis vinifera a fuarthas i dtuamaí Villanovacha-Éatrúscacha in Verucchio. Tá cuntas ar an bhfíonsaothrú a bheith ann gan bhriseadh ó shin i leith in Rimini:
|
— |
thug na hÉatrúscaigh isteach an fhadphrúnáil agus an cleachtas sostegno vivo maidir leis an bhfíniúin a thraenáil le go bhfásfadh sí le tacaíocht ó na crainn; |
|
— |
leis na Rómhánaigh, faoin 3ú haois A.C., tháinig fás suntasach ar an bhfíonsaothrú agus ar tháirgeadh fíona agus bhí siad ina gcolún lárnach sa gheilleagar; |
|
— |
i roinnt cuntas fáthchiallach agus tuarascálacha fáthchiallacha a d’fhág staraithe na Laidine, moltar táirgeacht ard na bhfíonghort áitiúil, ina raibh go leor chun onnmhairiúchán mór chuig an Róimh a choinneáil ar bun le linn tréimhse fhada. |
|
— |
thángthas freisin ar amfaraí fíona a bácáladh in áitheanna Rómhánach in Rimini, a bhaineann leis an tréimhse idir an 3ú haois A.C. agus an 3ú haois A.D. |
Tá méid mór doiciméadachta i Reachtanna Meánaoiseacha Rimini freisin, inar leagadh síos rialacha mionchúiseacha maidir leis an saol sa chathair agus sa cheantar, le tásca iomadúla ar an bhfíonsaothrú agus ar an bhfíonóireacht (stóráil, iompar, trádáil agus tomhaltas fíona). Is ionann iad sin agus oidhreacht an eolais a tháinig aníos, ar féidir a mheas mar bhunús leis an eolas agus leis an taithí san fhíonsaothrú, a raibh tionchar chomh mór sin aige ar na tosca daonna agus ar an nasc le críoch an STFC “Rimini” atá ann faoi láthair.
9. Ceanglais shonracha bhreise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Limistéar fíonóireachta
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht an Aontais
Cineál an choinníll bhreise:
Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Sa bhreis ar an limistéar ina bhfástar na fíonchaora a leagtar amach sa roinn a bhaineann leis an limistéar geografach críochaithe, féadfar fíonóireacht na bhfíonchaor atá ceaptha lena n-úsáid chun fíonta “Rimini” a tháirgeadh a dhéanamh áit ar bith in aonad riaracháin chúige Rimini, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.
Pacáistiú laistigh den limistéar críochaithe
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht an Aontais
Cineál an choinníll bhreise:
Buidéalú laistigh den limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Ní mór na fíonta a chumhdaítear leis an STFC “Rimini” a bhuidéalú i limistéar críochaithe chríoch riaracháin chúige Rimini.
Is é is cúis leis an leasú gur gá cáilíocht na bhfíonta leis an STFC “Rimini” a chaomhnú, a dtionscnamh a ráthú agus a áirithiú go mbeidh na rialuithe éifeachtach agus tráthúil.
D’fhéadfadh iompar agus buidéalú lasmuigh den limistéar táirgeachta cur isteach ar cháilíocht fhíon “Rimini”, mar d’fhéadfadh sé a bheith nochta ar imoibriú féideartha ocsaídiúcháin agus dí-ocsaídiúcháin, athruithe tobanna ar theocht agus éilliú micribhitheolaíoch. Is féidir leis na feiniméin sin, go háirithe, éifeachtaí diúltacha a bheith acu ar na saintréithe fisiciceimiceacha (aigéadacht iomlán íosta, eastóscán íosta saor ó shiúcra, etc.) agus orgánaileipteacha (dath, dea-bholadh agus blas).
Éiríonn na rioscaí sin níos tromchúisí de réir an achair a chumhdaítear. Mar sin féin, tá buidéalú sa limistéar tionscnaimh ina chuidiú le ráthú níos fearr a sholáthar go gcaomhnófar saintréithe agus cáilíocht an táirge, ós rud é nach n-iompraítear na coinsíneachtaí fíona ar chor ar bith nó nach n-iompraítear iad ach achar gairid.
Leis na gnéithe sin, mar aon leis an taithí agus leis an eolas teicniúil-eolaíoch domhain ar cháilíochtaí áirithe na bhfíonta a fuair táirgeoirí an ainmniúcháin tionscnaimh “Rimini” i gcaitheamh na mblianta, beifear in ann an buidéalú a chur i gcrích sa réimse tionscnaimh leis na réamhchúraimí teicneolaíocha is fearr d’fhonn saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha uile na bhfíonta a chumhdaítear leis an tsonraíocht a chaomhnú.
Cuspóir eile a bhaineann le buidéalú sa limistéar táirgeachta críochaithe is ea seiceálacha an chomhlachta inniúil a éascú a mhéid is féidir agus, dá bhrí sin, an éifeachtúlacht uasta, an éifeachtúlacht uasta agus an chost-éifeachtúlacht uasta a ráthú. Ní féidir na ceanglais sin a áirithiú an oiread céanna lasmuigh den limistéar táirgeachta.
Is féidir leis an gcomhlacht rialaithe a dhéanann an tseiceáil bhliantúil ar chomhlíonadh fhorálacha na sonraíochta na cuairteanna cigireachta ar na gnóthais uile a bhfuil baint acu leis an limistéar táirgeachta a sceidealú go han-tapa tráth a mbeidh fíon “Rimini” á bhuidéalú, i gcomhréir leis an bplean cigireachta sonrach. Is é an sprioc atá ann a áirithiú go córasach nach féidir a bhuidéalú ach coinsíneachtaí d’fhíon “Rimini” ar deimhníodh ar dtús gur éirigh leo sna tástálacha fisiceimiceacha agus orgánaileipteacha a rinne an comhlacht cigireachta. Fágann sin gur féidir torthaí níos fearr a bhaint amach i dtéarmaí éifeachtúlacht na seiceálacha, ar chostas teoranta do na táirgeoirí, d’fhonn na ráthaíochtaí uasta maidir le barántúlacht an fhíona a thairiscint do thomhaltóirí.
Thairis sin, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm agus chun cearta atá ann cheana a chosaint, is féidir le cuideachtaí buidéalaithe iarratas a dhéanamh ar mhaolú chun leanúint de bhuidéalú a dhéanamh ina n-áitreabh atá suite lasmuigh den limistéar críochaithe, ar an gcoinníoll go gcuirfidh siad an t-iarratas ábhartha faoi bhráid na hAireachta Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta agus go soláthróidh siad doiciméadacht a chruthaíonn go ndearna siad fíonta leis an STFC “Rimini” a bhuidéalú le linn 2 bhliain ar a laghad de na 5 bliana roimh theacht i bhfeidhm an leasaithe lena dtugtar isteach an ceanglas maidir leis an mbuidéalú a dhéanamh sa limistéar (ní gá tréimhse 2 bhliain gan bhriseadh a bheith i gceist).
Nasc leis an tsonraíocht táirge
http://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/16522