ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 223A

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
8 Meitheamh 2022


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2022/C 223 A/01

Glao ar Iarratais — Stiúrthóir na nAcmhainní Daonna agus Riaracháin Pearsanra (Grád AD 14 nó AD 15)

1


GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

8.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CA 223/1


GLAO AR IARRATAIS — STIÚRTHÓIR NA NACMHAINNÍ DAONNA AGUS RIARACHÁIN PEARSANRA (GRÁD AD 14 NÓ AD 15)

(2022/C 223 A/01)

Beidh post Stiúrthóir na nAcmhainní Daonna agus Riaracháin pearsanra (grád AD 14 nó AD 15) folamh go luath i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Líonfar an post seo de bhun Airteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1).

I.   DUALGAIS

Is é is aidhm do Stiúrthóireacht na nAcmhainní Daonna agus Riaracháin Pearsanra beartas achmainní daonna na hInstitiúide a mholadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an dlí lena mbaineann dá bhforáiltear leis an Rialacháin Foirne Oifigigh agus le coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais.

I láthair na huaire, tá foireann tuairim agus 70 oifigeach agus gníomhaire, roinnte i gceithre aonad, mar chuid di, arna bhféadfaí achoimre a dhéanamh ar na príomhfhreagrachtaí mar seo a leanas:

Déanann an tAonad Earcaíochta agus Gairmeacha bainistíocht ar na próisis earcaíochta agus roghnúcháin chomh maith le soghluaisteacht inmheánach, comhairle gairmthreorach, , agus tá siad freagrach as nósanna imeachta measúnú foirne, deimhniúcháin agus arduithe céime, chomh maith leis na tréimhsí oiliúna;

Tá an tAonad um Dhálaí Oibre freagrach as sábháilteacht ceidre, cúnamh sóisialta, agus forbairt agus cur i bhfeidhm bearta chun sábháilteacht san áit oibre a chosaint agus folláine na foirne a chur chun; tá siad i gceannas freisin ar chur i bhfeidhm forálacha reachtúla agus inmheánacha maidir le huaireanta oibre, obair pháirtaimseartha, saoire do thuismitheoirí, saoire teaghlaigh, laethanta saoire bliantúla agus speisialta, chomh maith le hobair ón mbaile;

Déanann an tAonad Oiliúna agus Forbartha an clár gairmoiliúna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm lena gclúdaítear na réimsí teangeolaíochta, dlí, theicneolaíocht na faisnéise agus bainistíochta agus tugann siad tacaíocht do ranna sa phróiseas athraithe;

Déanann an tAonad um Áireamh agus Íoc Teidlíochtaí na teidlíochtaí airgid a shocrú agus cinntíonn siad go n-íocfar Comhaltaí, oifigigh agus gníomhairí na hInstitiúide, comh maith le saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus oiliúnaí.

Agus a cuid nó a chuid feidhmeanna á bhfeidhmiú aige nó aici faoi cheannas an Ard-Stiúrthóra Riaracháin, Is é is aidhm don Stiúrthóir dea-obair na Stiúrthóireachta a áirithiú.

Chuige sin, déanann sé nó sí spriocanna straitéiseacha a mholadh agus bearta eagraíochtúla agus bainistíochta a ghlacadh atá riachtanach d’fhonn na spriocanna sin a bhaint amach, déanann sé nó sí cáilíocht a dhearbhú agus bearta cuí um bainistíocht acmhainní daonna a chur faoi bhráid na n-údarás ar leibhéal níos airde, bíonn sé nó sí páirteach san idirphlé sóisialta agus tugann sé nó sí moladh agus tacaíocht do Chomhaltaí na hinstitiúide, do cheannasaí na n-aonad agus do bhaill foirne maidir le ceisteanna a mbaineann leis na réimsí inniúlachta atá aige nó aici. Bíonn an Stiurthóir seo mar ionadaí na hInstitiúide i bhfóraim idirinstitiúideacha ar ardleibhéal sna réimsí sin.

Ina theannta sin, feidhmíonn an Stiurthóir cumhachtaí cinnteoireachta i ndáil le cur i bhfeidhm Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, chomh maith le, ina ról mar oifigeach údarúcháin fo-tharmligthe, na caiteachas a dtagann faoina inniúlacht nó a hinniúlacht, ar na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.

II.   AN PHROIFIL ATÁ Á LORG AGAINN

Eolas maith ar chúraimí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

Tuiscint mhaith ar shaincheisteanna bainistíochta a bhaineann le hacmhainní i móreagraíocht ilchultúrtha amhail Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

Cumas aidhmeanna straitéiseacha maidir le hacmhainní daonna a fhorbairt, tograí ar bhearta nithiúla a dhéanamh astú agus iad a chur i bhfeidhm ag féachaint do riachtanais, do na hacmhainní atá ar fáil agus do na teorannacha atá ann;

Cumas i leith eintiteas mór a stiúradh, go háirithe cumas bheith mar cheannasaí dea-mhéiniúil;

Dea-scileanna cumarsáide agus caibidlíochta, scileanna maithe éisteachta agus idirphearsanta, cumas moltaí a thabhairt do chomhaltaí agus do cheannasaí na n-aonad maidir le hacmhainní daonna a bhainistiú;

Táithí chruthaithe ar acmhainní daonna agus airgid a phleanáil agus a eagrú;

sár-aithne ar Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, chomh maith le haithne mhaith ar na rialacha airgeadais a bhaineann le hinstitiúidí an Aontais, i réimse an tsoláthair phoiblí go háirithe;

breithneofar oiliúint sa dlí mar bhuntáiste.

III.   COINNÍOLLACHA RIACHTANACHA

Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha maidir le hoifigeach a cheapadh dá bhforáiltear i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh. Don phost seo, ní mór dóibh na bunchoinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

leibhéal oideachais arb ionann é agus staidéar ollscoile críochnaithe arna fhianú le dioplóma;

taithí ghairmiúil 10 mbliana ar a laghad;

eolas cuimsitheach ar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil ar theanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Ar chúiseanna oibríochtúla, ní foláir eolas maith ar an bhFraincis agus ar an mBéarla.

IV.   LUACH SAOTHAIR AGUS COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA

Foráiltear don luach saothair agus coinníollacha fostaíochta i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais de ghrád AD 14 nó AD 15. Mar léiriú, is é EUR 15,255 buntuarastal míosúil oifigigh i ngrád AD 14, Céim 1, agus is é EUR 17,226 an buntuarastal a fhreagraíonn do ghrád AD 15, Céim 1. Dírítear aird na n-iarrthóirí ar an oibleagáid a fhorchuirtear leis na Rialacháin Foirne ar aon bhall foirne nua tréimhse phromhaidh naoi mí a thabhairt chun críche go rathúil.

V.   BEARTAS EARCAÍOCHTA

Ráthaíonn an Chúirt comhdheiseanna, faoi réir measúnú comparáideach a dhéanamh ar thuillteanais na n-iarrthóirí, agus caitheamh comhionann le gach duine a léiríonn spéis i bpost folamh. Spreagann sí go gníomhach iarratais éagsúla ó iarrthóirí a bhfuil taithí agus scileanna agus eolas éagsúil acu, arb as an raon geografach is leithne is féidir dóibh as measc náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

I dtaca le faisnéis a bhaineann le cosaint sonraí, féach an fógra faisnéise (https://curia.europa.eu/jcms/jcms/P_95038/) a bhaineann le próiseáil i dtaca le hearcaíocht i seirbhisí riarachán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

VI.   IARRATAIS A CHUR ISTEACH

Ní foláir do dhaoine atá ag cur isteach ar an bpost seo a n-iarratas a sheoladh, trí ríomhphost, chuig an seoladh ríomhphoist DIR-DRHAP@curia.europa.eu amháin, tráth nach déanaí ná an 7 Iúil 2022.

Ní mór curriculum vitae mionsonraithe agus gach doiciméad úsáideach eile a chur le hiarratais. Ní mór d’iarratasóirí litir spreagtha chomh maith le tuairisc ghearr (5 leathanach ar a mhéad) ar a bhfís ar ghníomhaíochtaí agus ar bhainistíocht na Stiúrthóireachta a chur i gceangal lena n-iarratas.


(1)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20140501