ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 218

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
2 Meitheamh 2022

Clár

Leathanach

II   Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

2022/C 218/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10684 – SWISS LIFE / VAUBAN / WASCOSA) ( 1 )

1

III   Gníomhartha ullmhúcháin

AN BANC CEANNAIS EORPACH

2022/C 218/02

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 25 Márta 2022 maidir le togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 maidir le córas Eorpach na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (CON/2022/12)

2

IV   Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

2022/C 218/03

Ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin: — 0,00 % an 1 Meitheamh 2022 — Rátaí malairte an euro

5

An Chúirt Iniúchóirí

2022/C 218/04

Tuarascáil speisialta Uimh. 8/2022 — Tacaíocht ó CFRE le haghaidh iomaíochas FBManna – Laghdaíonn laigí sa dearadh cé chomh héifeachtach atá an maoiniú

6

V   Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

2022/C 218/05

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10765 – KKR / OTPP / HIGHWAYS TRUST) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

7

2022/C 218/06

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10653 – ESTAVAYER LAIT / GIVAUDAN / BÜHLER / JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

9

2022/C 218/07

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10788– UTUM / SCHWARZ GROUP / APPLIEDAI) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

11

2022/C 218/08

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10635 - CVC / HTB / FL) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

13

2022/C 218/09

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10717 – KKR / PAI PARTNERS / BCI / REFRESCO) ( 1 )

15

2022/C 218/10

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10660 – MONTAGU / HG / WAYSTONE / KB ASSOCIATES) ( 1 )

17

2022/C 218/11

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10729 – FOWI / MOL / TOHO / HOKURIKU / ORSTED / JERA / SWANCOR) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

19

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 218/1

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10684 – SWISS LIFE / VAUBAN / WASCOSA)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 218/01)

An 13 Bealtaine 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10684. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.

III Gníomhartha ullmhúcháin

AN BANC CEANNAIS EORPACH

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 218/2

TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 25 Márta 2022

maidir le togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 maidir le córas Eorpach na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach

(CON/2022/12)

(2022/C 218/02)

Réamhrá agus bunús dlí

An 3 agus an 28 Eanáir 2022 fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, faoi seach, ar thuairim maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 agus lena n-aisghairtear 11 ghníomh dlí i réimse na gcuntas náisiúnta (1) (dá ngairtear an “rialachán beartaithe” anseo feasta).

Tá inniúlacht BCE maidir le tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le hAirteagal 127(2) den Chonradh agus le hAirteagal 3 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (dá ngairtear “Reacht CEBC” anseo feasta), ós rud é go mbaineann an rialachán beartaithe le hinniúlacht BCE de bhun Airteagal 5 de Reacht CEBC chun an fhaisnéis staidrimh is gá a bhailiú chun cúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais a ghabháil de láimh agus chun rannchuidiú le comhchuibhiú, i gcás inar gá, na rialacha agus na gcleachtas lena rialaítear bailiú, tiomsú agus dáileadh staidrimh sna réimsí a áirítear ar a réimsí inniúlachta. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim sin.

1.   Barúlacha ginearálta

1.1.

Oibríonn CEBC agus an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) i ndlúthchomhar le chéile chun an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú agus chun an comhleanúnachas is gá chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh a ráthú (2). Tá an comhar idir CEBC agus CSE á rialú tuilleadh le comhaontuithe ábhartha idir CEBC agus CSE, amhail an Meabhrán Tuisceana maidir leis an gComhar idir Comhaltaí CEBC agus CSE (3), lena gcumhdaítear réimsí freagrachta comhroinnte nó leasa choitinn, i.e. comhardú íocaíochtaí, staidreamh airgeadais, staidreamh airgeadais rialtais, staidreamh maicreacnamaíoch agus cuntais náisiúnta. Cé go gcomhlíonann comhaltaí CEBC agus CSE a bhfreagrachtaí staidrimh féin faoi chreataí dlíthiúla ar leithligh (4), i bhfianaise idirspleáchais chreat staidrimh CEBC agus CSE, tá leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (“Rialachán CCE 2010” anseo feasta) ábhartha do cheanglais tuairiscithe staidrimh CEBC, go háirithe i réimsí a gcomhfhreagrachta nó a leasa choitinn (6). Ina theannta sin, úsáidtear Rialachán CCE 2010 mar thagairt i ngníomhartha dlí éagsúla de chreat dlíthiúil staidrimh BCE. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh impleachtaí a bheith ag leasuithe ar Rialachán CCE 2010 ar chreat dlíthiúil staidrimh BCE.

1.2.

Mar tháirgeoir agus úsáideoir staidrimh Eorpaigh, is geal le BCE i gcoitinne an leasú a dhéantar ar Rialachán CCE 2010 leis an rialachán beartaithe mar chéim i dtreo cáilíocht na gcuntas náisiúnta a fheabhsú tuilleadh. Ós rud é gurb é Rialachán CCE 2010 croílár an staidrimh mhaicreacnamaíoch Eorpaigh, tá ról ríthábhachtach aige i ndáil le cúraimí éagsúla de chuid BCE agus de chuid an Eurochórais, amhail anailís ar an mbeartas airgeadaíochta agus ullmhú réamh-mheastachán eacnamaíoch agus fioscach (7).

1.3.

Is geal le BCE neartú na comhsheasmhachta sonraí, a thugtar isteach leis an rialachán beartaithe, trasna táblaí éagsúla a thuairiscítear faoi chlár tarchuir CCE 2010. Ag an am céanna, tá sonraí cuntas náisiúnta atá iomlán agus tráthúil, go háirithe i ndáil le Ballstáit an limistéir euro, bunriachtanach do BCE. I ndáil leis sin, áirithítear le clár tarchuir CCE 2010 atá beartaithe cothromaíocht mhaith idir tráthúlacht, iomláine agus comhsheasmhacht na sonraí náisiúnta arna dtuairisciú (8).

1.4.

Thairis sin, is geal le BCE go ndéantar leis an rialachán beartaithe Rialachán CCE 2010 a ailíniú le hAicmiú athbhreithnithe an Tomhaltais Aonair de réir Cuspóra (9), toisc go n-áirithítear leis sin inchomparáideacht sonraí idir tíortha agus go gcoimeádtar leis a ábharthacht le haghaidh úsáideoirí.

2.   Barúlacha sonracha: Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an rialachán beartaithe

2.1.

Go ginearálta, aontaíonn BCE leis na leasuithe ar chlár tarchuir CCE 2010 atá ar áireamh in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an rialachán beartaithe, faoi réir na mbarúlacha sonracha seo a leanas.

2.2.

Is geal le BCE gur cuireadh isteach tarchur deonach tobmheastachán ar an olltáirgeacht intíre (OTI) ráithiúil agus ar fhostaíocht (Tábla 1F), a úsáidtear chun comhiomláin an limistéir euro a fhoilsiú tar éis dheireadh na ráithe tagartha (10). Tá na tobmheastacháin sin an-tábhachtach do BCE agus anailís á déanamh aige ar an bhfás eacnamaíoch sa limistéar euro agus ar bhundinimic an fháis sin.

2.3.

Maidir le hatarchur phríomh-chomhiomláin na gcuntas náisiúnta ráithiúil (Tábla 1Q) trí mhí tar éis na ráithe tagartha, is féidir leis sin comhsheasmhacht trasna táblaí agus minicíochtaí a chur chun cinn. Maidir leis sin, molann BCE don Choimisiún (Eurostat) athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar atarchur sonraí náisiúnta den sórt sin ar mhinicíocht agus ar fhéilire fhoilsiú phríomh-chomhiomláin ráithiúla OTI an limistéir euro. D’fhéadfaí, go háirithe, leis an bhforáil nua, bearta a dhéanamh chun tráthúlacht fhoilsiú shonraí deiridh an limistéir euro a fheabhsú tráth nach déanaí ná 100 lá tar éis dheireadh na ráithe tagartha.

2.4.

Is geal le BCE tarchur sonraí nua maidir le hidirbhearta le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh (Tábla 2 maidir le príomh-chomhiomláin bhliantúla an rialtais ghinearálta agus a fho-earnálacha) agus molann sé don Choimisiún (Eurostat) cuntais na n-institiúidí Eorpacha arna n-aicmiú san earnáil rialtais a thiomsú, i gcomhar iomlán idir an nós imeachta um easnamh iomarcach agus an staidreamh cuntas náisiúnta. Le seoladh NextGenerationEU táthar ag cur freisin ar son athfhéachaint ar chuntais na n-institiúidí Eorpacha agus iad a thiomsú chun creat fónta staidrimh agus anailíseach a áirithiú.

2.5.

Le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an rialachán beartaithe tugtar isteach ceanglas nua ar na Ballstáit cuntais airgeadais bhliantúla de réir earnála (Tábla 6) agus cláir chomhardaithe bhliantúla i ndáil le sócmhainní agus dliteanais airgeadais (Tábla 7) a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) cheana féin ceithre mhí tar éis dheireadh na bliana. Tá na hítimí thuasluaite, a thuairisceofar faoin rialachán beartaithe don Choimisiún (Eurostat) ar mhinicíocht bhliantúil, ar áireamh freisin i dTreoirlíne 2014/3/AE ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2013/24) (11), a gceanglaítear dá réir ar bhainc cheannais an Eurochórais cuntais airgeadais ráithiúla a thuairisciú do BCE. Déanann BCE na sonraí ráithiúla tráthúla sin a tharchur gach ráithe chuig an gCoimisiún (Eurostat), agus tá siad, cé is moite de chúpla eisceacht, comhsheasmhach leis na sonraí bliantúla a cheanglaítear faoin rialachán beartaithe.

2.6.

Gach ráithe, tiomsaíonn agus eisíonn BCE agus an Coimisiún (Eurostat) i gcomhpháirt lena chéile cuntais chomhtháite an limistéir euro lena gcumhdaítear cuntais airgeadais agus neamhairgeadais i ndáil le hearnálacha institiúideacha an limistéir euro. Is foinse staidrimh riachtanach é clár tarchuir CCE 2010 chun an cúram sin a chur i gcrích. Dá bhrí sin, is geal le BCE go háirithe go gcaomhnaítear leis an rialachán beartaithe go mbeidh na cuntais ráithiúla neamhairgeadais de réir earnála (Tábla 801) agus cuntais airgeadais agus cláir chomhardaithe ráithiúla an rialtais ghinearálta (Tábla 27) i ndáil le Ballstáit an limistéir euro le fáil 85 lá tar éis dheireadh na ráithe tagartha. Tá sé mar ardtosaíocht ag BCE go ndéanfar na sonraí ráithiúla tráthúla iontaofa sin a sholáthar.

2.7.

Aithníonn BCE gur den tábhacht é staidreamh an Chórais Eorpaigh Cuntas a oiriúnú d’fhorbairtí eacnamaíocha agus d’éilimh úsáideoirí atá ag teacht chun cinn. Dá bhrí sin molann BCE, chun críocha na hanailíse beartais, go ndéanfaí tuairisciú níos iomláine agus éigeantach i ndáil le staidreamh ar infheistíocht agus ar shócmhainní seasta na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, ina mbeidh miondealú de réir gníomhaíocht eacnamaíoch i gcás inarb infheidhme. Baineann sé sin le príomh-chomhiomláin na gcuntas náisiúnta bliantúil (Tábla 1A) agus ráithiúil (Tábla 1Q), le trasaicmiú ar shócmhainní seasta de réir gníomhaíocht eacnamaíoch agus de réir sócmhainne (Tábla 20) agus le trasaicmiú ar ollfhoirmiú caipitil sheasta de réir gníomhaíocht eacnamaíoch agus sócmhainne (Tábla 22). Thairis sin, molann BCE go n-áireofaí tuairisciú éigeantach ar earraí leathmharthanacha agus neamh-mharthanacha, agus ar na seirbhísí atá i dTábla 1Q, chomh maith le tuairisciú deonach ar thalamh atá faoi bhun na bhfoirgneamh agus na struchtúr atá sna cláir chomhardaithe i ndáil le sócmhainní neamhairgeadais i dTábla 26.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 25 Márta 2022.

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE

(1)  COM(2021) 776 final.

(2)  Féach Airteagal 2a de Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le bailiú faisnéise staidrimh ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lch. 8).

(3)  Meabhrán Tuisceana maidir leis an gComhar idir Comhaltaí an Chórais Staidrimh Eorpaigh agus Comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais, 24 Aibreán 2013, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu.

(4)  Féach mír 3 de Thuairim CON/2011/44 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Bealtaine 2011 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO C 203, 9.7.2011, lch. 3). Foilsítear tuairimí uile BCE ar EUR-Lex.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach, (IO L 174 26.06.2013, lch. 1).

(6)  Féach mír 7 de Thuairim CON/2011/44.

(7)  Féach mír 1 de Thuairim CON/2011/44.

(8)  Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an rialachán beartaithe lena leasaítear Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán CCE 2010.

(9)  Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an rialachán beartaithe lena leasaítear Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán CCE 2010.

(10)  Foilsítear na tobmheastacháin OTI 30 agus 45 lá tar éis dheireadh na ráithe tagartha. Foilsítear na tobmheastacháin fostaíochta 45 lá tar éis dheireadh na ráithe tagartha.

(11)  Treoir 2014/3/AE ón mBanc Ceannais Eorpach an 25 Iúil 2013 maidir le ceanglais tuairiscithe staidrimh an Bhainc Cheannais Eorpaigh i réimse na gcuntas airgeadais ráithiúil (BCE/2013/24) (IO L 2, 7.1.2014, lch. 34).

IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 218/5

Ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (1):

0,00 % an 1 Meitheamh 2022

Rátaí malairte an euro (2)

1 Meitheamh 2022

(2022/C 218/03)

1 euro =

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0712

JPY

yen na Seapáine

138,68

DKK

krone na Danmhairge

7,4393

GBP

punt steirling

0,85158

SEK

krona na Sualainne

10,4758

CHF

franc na hEilvéise

1,0305

ISK

króna na hÍoslainne

137,10

NOK

krone na hIorua

10,0438

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,748

HUF

forint na hUngáire

395,03

PLN

zloty na Polainne

4,5913

RON

leu na Rómáine

4,9428

TRY

lira na Tuirce

17,6223

AUD

dollar na hAstráile

1,4861

CAD

dollar Cheanada

1,3536

HKD

dollar Hong Cong

8,4057

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6442

SGD

dollar Shingeapór

1,4700

KRW

won na Cóiré Theas

1 331,44

ZAR

rand na hAfraice Theas

16,6090

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,1586

HRK

kuna na Cróite

7,5345

IDR

rupiah na hIndinéise

15 574,33

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6951

PHP

peso na nOileán Filipíneach

56,182

RUB

rúbal na Rúise

THB

baht na Téalainne

36,801

BRL

real na Brasaíle

5,0646

MXN

peso Mheicsiceo

21,0678

INR

rúipí na hIndia

83,0510

(1)  Ráta arna chur i bhfeidhm ar an oibríocht is déanaí a rinneadh roimh an lá léirithe. I gcás tairiscint a mbaineann ráta athraitheach léi, is ionann an ráta úis agus an ráta imeallach.

(2)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).

An Chúirt Iniúchóirí

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 218/6

Tuarascáil speisialta Uimh. 8/2022

Tacaíocht ó CFRE le haghaidh iomaíochas FBManna – Laghdaíonn laigí sa dearadh cé chomh héifeachtach atá an maoiniú

(2022/C 218/04)

D’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na a Tuarascáil speisialta Uimh. 8/2022: “Tacaíocht ó CFRE le haghaidh iomaíochas FBManna – Laghdaíonn laigí sa dearadh cé chomh héifeachtach atá an maoiniú”.

Más maith leat an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=61108

V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 218/7

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10765 – KKR / OTPP / HIGHWAYS TRUST)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 218/05)

1.   

An 18 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

KKR & Co. Inc. (“KKR”, na Stáit Aontaithe),

Ontario Teachers’ Pension Plan Board (“OTPP”, Ceanada),

Highways Infrastructure Trust (“Highways Trust”, an India), faoi rialú ag KKR.

Gheobhaidh KKR agus OTPP comhrialú ar Highways Trust ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is gnólacht infheistíochta domhanda é KKR a thairgeann bainistíocht mhalartach sócmhainní agus réitigh margaí caipitil agus árachais ar fud an domhain.

Déanann OTPP sochair phinsin a riar agus sócmhainní plean pinsin a infheistiú thar ceann múinteoirí gníomhacha agus múinteoirí ar scor in Ontario Ceanada ar fud an domhain.

Is cuideachta infheistíochta bonneagair é Highways Trust, cuideachta a bhfuil cuideachtaí faoina seilbh atá gníomhach i mbóithre a dhearadh, a mhaoiniú, a thógáil, a oibriú agus a chothabháil san India.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10765 – KKR / OTPP / HIGHWAYS TRUST

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 218/9

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10653 – ESTAVAYER LAIT / GIVAUDAN / BÜHLER / JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 218/06)

1.   

An 19 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Estavayer Lait SA (“Estavayer Lait”, an Eilvéis), cuid de Migros Group,

Givaudan SA (“Givaudan”, an Eilvéis),

Bühler AG (“Bühler”, an Eilvéis),

Cultured Food Innovation Hub (an Eilvéis).

Gheobhaidh Estavayer Lait, Givaudan agus Bühler comhrialú ar Cultured Food Innovation Hub, cuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Estavayer Lait gníomhach i dtáirgí déiríochta a tháirgeadh agus a phacáistiú, i gcáiseanna a tháirgeadh agus a aibiú, in anlainn fhuara a tháirgeadh agus i dtáirgí malartacha déiríochta, cáise agus feola phlandabhunaithe a mhonarú,

Is monaróir agus soláthróir domhanda táirgí cumhráin agus blais le haghaidh thionscail an bhia, na dí agus na dtáirgí tomhaltóra é Givaudan. Déanann sé ceimiceáin dea-bholaidh a tháirgeadh freisin, ceimiceáin is féidir a úsáid mar chomhábhair i dtáirgeadh comhdhúl blais nó cumhráin.

Is cuideachta teicneolaíochta atá gníomhach ar fud an domhain é Bühler, cuideachta a sholáthraíonn réitigh teicneolaíochta le haghaidh gléasra agus trealaimh agus seirbhísí gaolmhara a bhaineann le bia a phróiseáil agus ardábhair a mhonarú. Baineann a phríomhghníomhaíochtaí le teicneolaíochtaí chun grán a athrú ina phlúr agus ina bheatha le haghaidh ainmhithe, pasta agus seacláid a tháirgeadh, agus comhpháirteanna dísletheilgthe a mhonarú.

3.   

Soláthróidh Cultured Food Innovation Hub saoráidí agus acmhainní chun dlús a chur le hobair R&D tríú cuideachtaí ar suim leo a bheith gníomhach i réimse na feola, na n-éisc agus an bhia mara saothraithe, agus i mbeachtchoipeadh. Is éard is feoil, iasc nó bia mara saothraithe ann feoil, iasc nó bia mara a tháirgtear le saothrán cille in vitro ceall ainmhí.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10653 – ESTAVAYER LAIT / GIVAUDAN / BÜHLER / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 218/11

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10788– UTUM / SCHWARZ GROUP / APPLIEDAI)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 218/07)

1.   

An 23 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

UnternehmerTUM Group ( “UTUM”, AN GHEARMÁIN), faoi rialú deiridh Ms. Susanne Klatten,

Schwarz Dienstleistung KG (AN GHEARMÁIN), faoi rialú deiridh Schwarz Group,

UnternehmerTUM Solutions GmbH ( “appliedAI”, AN GHEARMÁIN), atá á rialú ag UTUM faoi láthair.

Gheobhaidh UTUM agus Schwarz Group rialú comhpháirteach ar appliedAI de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá lárionad nuálaíochta agus cruthaithe gnó á oibriú ag UTUM san Eoraip agus cuireann sé réimse leathan clár cáilíochta fiontraíche ar fáil do mhic léinn, d’eolaithe agus do ghairmithe chomh maith le seirbhísí comhairleoireachta do ghnólachtaí nuathionscanta, seirbhísí taighde agus seirbhísí cáilíochta, mar aon le gréasán láidir bunaitheora,

Tá Schwarz Group gníomhach go príomha i miondíol bia trína slabhraí miondíola Lidl agus Kaufland, i dtáirgeadh bia dá gcuideachtaí miondíola agus i mbailiú, sórtáil, próiseáil agus athchúrsáil dramhaíola mar sholáthróir comhtháite seirbhísí i réimse an bhainistithe dramhaíola.

3.   

Áireofar in appliedAI gníomhaíochtaí taighde agus comhairleachta UTUM maidir leis an intleacht saorga atá i bhfeidhm faoi láthair, agus cuirfidh sé seirbhísí taighde, bogearraí agus comhairleachta ar fáil do ghnólachtaí na hEorpa. Thairis sin, beidh appliedAI ina fhochuideachta neamhbhrabúis ar lánúinéireacht, a dhéanfaidh ionad Eorpach taighde agus oideachais i réimse IS a fhorbairt.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10788 – UTUM / SCHWARZ GROUP / APPLIEDAI

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 218/13

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10635 - CVC / HTB / FL)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 218/08)

1.   

An 20 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

CVC Capital Partners SICAV-FIS S.A. (“CVC”, Lucsamburg),

Hartenberg Holding, s.r.o. (“HTB”, Poblacht na Seice),

FutureLife, a.s. (“FL”, Poblacht na Seice), atá á rialú ag HTB.

Gheobhaidh CVC agus HTB rialú comhpháirteach ar FL de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

CVC, a chuid fochuideachtaí agus a chuid cuideachtaí cleamhnaithe, is eintitis faoi úinéireacht phríobháideach iad, eintitis a n-áirítear ar a gcuid gníomhaíochtaí comhairle infheistíochta a chur ar fáil do chistí agus ardáin infheistíochta áirithe, agus/nó infheistíochtaí a bhainistiú thar ceann na gcistí agus na n-ardán sin. Cuireann ceann de chuideachtaí punainne CVC, Mehiläinen, cóireálacha toirchithe in vitro (“IVF”) ar fáil i gclinicí san Fhionlainn.

Is cuideachta é HTB atá dírithe ar infheistíochtaí i sócmhainní i Réigiún Lár na hEorpa, go háirithe i bPoblacht na Seice, sa tSlóvaic agus sa Pholainn, agus is é an t-aon scairshealbhóir rialaithe reatha de chuid FL é.

Tá FL gníomhach i soláthar leighis atáirgthe i dtíortha éagsúla ar fud na hEorpa, go háirithe cóireáil IVF agus seirbhísí coimhdeacha. Ní bheidh gnó FL san Fhionlainn ná san Eastóin mar chuid den chomhchruinniú atá beartaithe, agus aistreofar chuig HTB é, agus fanfaidh sé faoi rialú HTB amháin.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10635 – CVC / HTB / FL

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 218/15

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10717 – KKR / PAI PARTNERS / BCI / REFRESCO)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 218/09)

1.   

An 23 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

KKR & Co. Inc. (“KKR”, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

PAI Partners S.à.r.l. (PAI Partners, an Fhrainc), atá á rialú ag PAI Partners S.A.S.,

British Columbia Investment Management Corporation (“BCI”, Ceanada),

Refresco Deutschland Holding GmbH (“Refresco”, an Ísiltír), atá á rialú ag PAI Partners agus ag BCI.

Gheobhaidh KKR, PAI Partners agus BCI comhrialú iomlán ar Refresco de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is gnólacht infheistíochta domhanda é KKR a thairgeann bainistíocht mhalartach sócmhainní agus réitigh margaí caipitil agus árachais,

Tá PAI Partners gníomhach i mbainistiú roinnt cistí a infheistíonn sna hearnálacha seirbhísí gnó, dáileacháin, bia agus tomhaltóirí, tionscal ginearálta, agus cúraim sláinte,

Is gníomhaire de chuid Rialtas British Columbia é BCI, a dhéanann infheistiú thar ceann chliaint san earnáil phoiblí ar fud raon aicmí sócmhainní, lena n-áirítear ioncam seasta, cothromas poiblí, cothromas príobháideach, bonneagar, acmhainní in-athnuaite, eastát réadach agus morgáistí tráchtála,

Is gníomhaí domhanda é Refresco atá gníomhach i dtáirgeadh agus buidéalú réimse leathan deochanna neamhalcólacha le haghaidh lipéid phríobháideacha ar leis na miondíoltóirí iad agus le haghaidh úinéirí branda faoi mhonaraíocht chonartha.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10717 – KKR / PAI PARTNERS / BCI / REFRESCO

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 218/17

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10660 – MONTAGU / HG / WAYSTONE / KB ASSOCIATES)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 218/10)

1.   

An 24 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Montagu Private Equity LLP (“Montagu”, an Ríocht Aontaithe),

Hg Capital LLP (“Hg”, an Ríocht Aontaithe),

Sigma Luxco 2 S.à r.l. (in éineacht lena chuid fochuideachtaí “Waystone”, Éire),

King TopCo Limited (in éineacht lena chuid fochuideachtaí “KB Associates”, Éire).

Gheobhaidh Montagu agus Hg rialú comhpháirteach ar Waystone (Idirbheart 1) agus ar KB Associates (trí Waystone, Idirbheart 2) de réir bhrí Airteagal 3(1)(b).

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta cothromas phríobháideach é Montagu a dhéanann bainistiú ar chistí agus atá gníomhach ar fud an domhain;

Is cuideachta cothromas phríobháideach é HG atá gníomhach ar fud an domhain;

Is soláthróir seirbhísí bainistíochta cuideachta (“ManCo”) agus seirbhísí coimhdeacha é Waystone (2), le béim ar earnáil chistí infheistíochta na hÉireann;

Is soláthróir seirbhísí comhairleoireachta agus ManCo é KB Associates, le béim ar earnáil na gcistí infheistíochta.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10660 – MONTAGU / HG / WAYSTONE / KB ASSOCIATES

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  Is éard atá i gceist le seirbhísí bainistíochta cuideachta an méid seo a leanas a áirithiú (i) comhlíontacht rialála; (ii) bainistíocht infheistíochta; (iii) bainistíocht riosca infheistíochta; (iv) bainistíocht riosca oibríochtúil; (v) bainistíocht caipitil agus airgeadais; agus, (vi) dáileadh.

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 218/19

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10729 – FOWI / MOL / TOHO / HOKURIKU / ORSTED / JERA / SWANCOR)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 218/11)

1.   

An 20 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Mitsui O.S.K. Lines, Ltd. (“MOL”, an tSeapáin),

Toho Gas Co., Ltd. (“Toho”, an tSeapáin),

Hokuriku Electric Power Company (“Hokuriku”, an tSeapáin),

Orsted InvestCo Ltd. (“Orsted”, an Téaváin), a bhaineann le Ørsted A/S (an Danmhairg),

JERA Power International B.V. (“JERA”, an tSeapáin), a bhaineann le JERA Co. Inc. (an tSeapáin),

Swancor Holding Co. Ltd. (“Swancor”, an Téaváin),

Formosa I International Investment Co., Ltd. (“FOWI”, an Téaváin).

Gheobhaidh MOL, Toho, Hokuriku, Orsted, JERA agus Swancor rialú comhpháirteach ar FOWI de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is comhlacht iompair é MOL atá gníomhach sa loingseoireacht, i ngnó bulcearraí tirim, i bhfuinneamh agus i ngnó amach ón gcósta, i ngnó iompair táirgí agus i ngnóthaí gaolmhara,

Is cuideachta gáis é Toho atá gníomhach i ngnó soláthair teasa, i ngnó leictreachais, i ndíol trealamh agus áiseanna gáis, agus i suiteáil píobaireachta gáis,

Soláthraíonn Hokuriku leictreachas trí chórais chomhtháite giniúna cumhachta, tarchurtha agus dáileacháin,

Tá Orsted gníomhach i bhforbairt, tógáil agus oibriú feirmeacha gaoithe amach ón gcósta, gléasraí bithfhuinnimh agus réitigh nuálacha dramhaíola go fuinneamh agus táirgí cliste fuinnimh. Ina theannta sin, déanann sé fuinneamh agus táirgí gaolmhara a sholáthar, a tháirgeadh, a dháileadh agus a thrádáil san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe;

Tá Jera gníomhach in infheistíocht breosla réamhtheachtach, i soláthar breosla, sa trádáil, agus i ngníomhaíochtaí iompair. Tá sé ag gabháil freisin do ghléasraí giniúna cumhachta a fhorbairt agus a oibriú,

Is táirgeoir agus dáileoir ábhar ceimiceach speisialtachta é Swancor, a phléann le leithéidí roisín in aghaidh creimeadh lena n-úsáid in umair agus i bpíblínte i dtionscail éagsúla, simléir do ghléasraí cumhachta agus roisín córais eapocsach do lanna tuirbíní gaoithe.

3.   

Oibríonn FOWI feirm ghaoithe amach ón gcósta sa Téaváin.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10729 – FOWI / MOL / TOHO / HOKURIKU / ORSTED / JERA / SWANCOR