ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 214

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
31 Bealtaine 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 214/01

Fógra ón gCoimisiún — Treoraíocht maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhthéacs REPowerEU

1


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2022/C 214/02

Fógra le haghaidh na ndaoine agus an ghrúpa atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/837 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2016/1986 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/836 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise in aghaidh ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus in aghaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo

34

2022/C 214/03

Fógra le haghaidh aird na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ag na bearta sriantacha maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1686 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise in aghaidh ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus in aghaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a bhaineann leo

36

2022/C 214/04

Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

38

2022/C 214/05

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ina leith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/849 ón gComhairle, agus le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/840 ón gComhairle, maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

39

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 214/06

Rátaí malairte an euro — 30 Bealtaine 2022

41

 

An Chúirt Iniúchóirí

2022/C 214/07

Tuarascáil speisialta 9/2022 — An caiteachas aeráide i mbuiséad AE 2014-2020 – níl sé chomh hard agus a thuairiscítear

42

 

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

2022/C 214/08

Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí ar an Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le bailiú, caomhnú agus anailísiú fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh ag Eurojust (Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin an MECS www.edps.europa.eu)

43


GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

31.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 214/1


Fógra ón gCoimisiún

Treoraíocht maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhthéacs REPowerEU

(2022/C 214/01)

Ó glacadh an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (“RRF”) (1), tá athrú suntasach tagtha ar an gcomhthéacs geopholaitiúil. Ionradh na Rúise ar an Úcráin, bhí tionchar ollmhór aige ar shochaí agus ar gheilleagar an Aontais. Leis na dúshláin gheopholaitiúla sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, tá sé níos tábhachtaí agus níos práinní fós spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú, go háirithe a spleáchas ar na breoslaí iontaise a allmhairítear ón Rúis, lena n-áirítear trí na tograí maidir le “Oiriúnach do 55” a chur chun feidhme ina n-iomláine, chomh maith le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú a thuilleadh. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, agus arna iarraidh sin don Chomhairle Eorpach, d’fhoilsigh an Coimisiún an 18 Bealtaine 2022 plean REPowerEU ina leagtar amach gníomhaíochtaí comhpháirteacha Eorpacha sa réimse seo lena bhforlíontar na bearta a rinneadh i ndáil le cinnteacht sholáthar agus stóráil an fhuinnimh. Go háirithe, i bplean REPowerEU, moltar sraith gníomhaíochtaí chun fuinneamh a shábháil, soláthairtí a éagsúlú agus dlús a chur le haistriú na hEorpa i dtreo fuinneamh glan.

Is féidir coigilteas fuinnimh a fháil ar leibhéal na dteaghlach, na bhfoirgneamh, an iompair, agus an tionscail, agus ar leibhéal an chórais chumhachta tríd an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú.

Is féidir éagsúlú a dhéanamh ar sholáthairtí gáis trí líon na n-allmhairí GNL agus na n-allmhairí píblíne ó sholáthraithe nach soláthróirí Rúiseacha iad a mhéadú agus trí leibhéil an bhithmheatáin agus na hidrigine in-athnuaite nó saor ó iontaise a mhéadú.

Chun dlús a chur faoi aistriú na hEorpa i dtreo fuinneamh glan, ní mór an sciar foinsí in-athnuaite sa mheascán fuinnimh a mhéadú agus ní mór bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar scrogaill bhonneagair agus scrogaill rialála chomh maith le ganntanais saothair agus scileanna.

Tacaítear leis na trí shraith idirghabhálacha sin trí infheistíochtaí agus athchóirithe a chomhcheangal go cliste.

Féadfaidh ról tábhachtach a bheith ag RRF maidir leis na hacmhainní atá ar fáil a shlógadh agus a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun cuspóirí phlean REPowerEU a bhaint amach. Chun gur fearr a bheidh an creat RRF in ann aghaidh a thabhairt ar chuspóirí phlean REPowerEU, mhol an Coimisiún togra spriocdhírithe chun Rialachán RRF a leasú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar chuspóir REPowerEU (an “togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta”). Is é is aidhm dó sin an creat riachtanach a chur ar bun gan mhoill chun a áirithiú go slógfar infheistíochtaí agus athchóirithe lena neartófar athléimneacht fuinnimh an Aontais a luaithe is féidir. Sainítear sa togra tacar sonrach cuspóirí REPowerEU ar cheart dóibh a bheith mar bhonn taca leis na hinfheistíochtaí agus leis na hathchóirithe atá le cur san áireamh sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta atá ann cheana (“RRPanna”) mar chuid de chaibidlí tiomnaithe REPowerEU. Ina theannta sin, foráiltear maidir le foinsí tiomnaithe cistithe chun na bearta ábhartha a mhaoiniú.

Mínítear na rialacha mionsonraithe maidir le caibidlí REPowerEU a cheapadh sa Treoraíocht seo. Tá an Treoraíocht seo dírithe ar an bpróiseas chun pleananna atá ann cheana a mhodhnú, ach tá treoraíocht Eanáir 2021 (2) bailí fós maidir le RRPanna a ullmhú ar an iomlán.

Mínítear i gCuid 1 den Treoraíocht seo na forais dhlíthiúla atá ar fáil le haghaidh modhnú a dhéanamh ar RRPanna a glacadh cheana. Baineann Cuid 2 le hullmhú agus le hinneachar chaibidil REPowerEU. Sonraítear ann freisin an fhaisnéis ar cheart do na Ballstáit a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cúiseanna, cuspóirí agus cineál na n-athruithe ar a RRPanna.

Agus athruithe ar a RRPanna á n-ullmhú acu chun na caibidlí REPowerEU a chur san áireamh, tá sé tábhachtach béim a leagan ar na prionsabail seo a leanas:

Ba cheart do na Ballstáit leanúint de bheith ag díriú ar chur chun feidhme na RRPanna atá ann cheana, chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le garspriocanna agus spriocanna, agus a n-ábharthacht maidir le téarnamh níos tapúla ó thionchar eacnamaíoch na paindéime agus athléimneacht níos fearr á meas.

Dá bhrí sin, ba cheart údar maith a bheith le modhnú ar na RRPanna agus é a bheith teoranta do raon na gcásanna a leagtar amach sa Treoraíocht seo ionas go bhféadfar na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe breise a ghlacadh agus a shlógadh go pras.

Ní féidir uaillmhian na RRPanna a laghdú, go háirithe maidir le hathchóirithe lena dtugtar aghaidh ar mholtaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith. Ba cheart go ndíreofaí na hinfheistíochtaí breise agus na hathchóirithe breise atá beartaithe don RRP athbhreithnithe ar chuspóirí REPowerEU.

Clár

CUID I:

AN CREAT GINEARÁLTA CHUN PLEANANNA TÉARNAIMH AGUS ATHLÉIMNEACHTA A MHODHNÚ 3
Réamhrá 3

I.

Cistiú eisiach le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí a áireofar sna caibidlí REPowerEU 4

1.

Airteagal 21a – acmhainní nua le haghaidh REPowerEU 4

A)

Aistrithe ó chistí Eorpacha faoi Airteagal 26a de Rialachán na bhForálacha Coiteanna (AE) 2021/1060 (“RFC”) 4

B)

Leithdháileadh ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe 6

II.

Forais chun RRPanna a mhodhnú 7

1.

Airteagal 14(2) de Rialachán RRF: athbhreithniú ar an bplean chun iasacht a iarraidh 7

2.

Airteagal 18(2) de Rialachán RRF: nuashonrú ar an bplean 9

3.

Airteagal 21 de Rialachán RRF. nach féidir an plean a leasú nó plean eile a chur ina ionad toisc nach féidir an plean nó cuid de a bhaint amach a thuilleadh de bharr imthosca oibiachtúla. 11

4.

Forbhreathnú ar nósanna imeachta 13

5.

Forbhreathnú ar na modhnuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na pleananna 13

CUID II:

TREOIR MAIDIR LE FORBAIRT AGUS CUR I LÁTHAIR AGUISÍNÍ 14

I.

An chaibidil REPowerEU 14

1.

Bunús dlí agus cuspóirí REPowerEU 14

2.

Inneachar na gCaibidlí REPowerEU 15

3.

Measúnú ar an gcaibidil REPowerEU 19

II.

Treoraíocht ghinearálta maidir le RRPanna a mhodhnú 21

1.

Cuspóirí na modhnuithe 21

A)

Freagairt chuimsitheach agus cothromaithe go leordhóthanach ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta/ an rannchuidiú leis na 6 cholún 22

B)

Nasc le moltaí tírshonracha agus leis an Seimeastar Eorpach 22

C)

Tionchar foriomlán an RRP 23

D)

An Comhleanúnachas 23

E)

Comhionannas inscne agus comhdheiseanna do chách 23

F)

Tionscadail trasteorann agus ilnáisiúnta 23

G)

Státchabhair 24

2.

Tuairisc ar na hathruithe 24

A)

Tuairisc ar leasuithe agus infheistíochtaí 24

B)

Gnéithe glasa agus digiteacha 25

C)

Rianú aeráide agus clibeáil dhigiteach 26

D)

Gan dochar suntasach a dhéanamh (DNSH) 26

E)

Neamhspleáchas straitéiseach oscailte 27

F)

Garspriocanna, spriocanna agus amlíne 28

G)

Maoiniú agus costais 28

3.

Comhlántacht agus cur chun feidhme na RRPanna 29

A)

Comhsheasmhacht le tionscnaimh eile 29

B)

Comhlántacht an chistithe 29

C)

Cistiú dúbailte a sheachaint 29

D)

Cur chun feidhme 30

E)

An próiseas comhairliúcháin 30

F)

Rialú agus iniúchóireacht 31

G)

Cumarsáid 31

IARSCRÍBHINN:

IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS 32

CUID I

AN CREAT GINEARÁLTA CHUN PLEANANNA TÉARNAIMH AGUS ATHLÉIMNEACHTA A MHODHNÚ

Réamhrá

I gcomhréir le Rialachán RRF agus leis an togra ón gCoimisiún chun Rialachán RRF a leasú, d’fhéadfadh na Ballstáit athruithe a mholadh ar RRP a glacadh roimhe sin chun na gcríoch seo a leanas:

Airteagal 21a chun tairbhe a bhaint as an gcatagóir nua tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha do REPowerEU,

Airteagal 21b chun leas a bhaint as acmhainní as cláir faoi bhainistíocht roinnte (Cistí faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna, agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe) le haghaidh REPowerEU,

Airteagal 14(2): athbhreithniú ar an bplean a ghabhann le hiarraidh ar iasachtaí,

Airteagal 18(2): An plean a thabhairt cothrom le dáta chun an ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe a chur san áireamh tar éis an ríofa dá dtagraítear in Airteagal 11(2),

Airteagal 21: leasú nó plean nua a chur isteach i ngeall ar gharspriocanna agus spriocanna ábhartha a bheith sa phlean nach féidir a bhaint amach a thuilleadh mar gheall ar imthosca oibiachtúla.

Agus a gcuid RRPanna á modhnú acu, moltar do na Ballstáit é sin a dhéanamh ar bhonn leagan comhdhlúite dá gcéad phlean a chuimsíonn na hathruithe a tugadh isteach le linn chéim an mheasúnaithe a léiriú agus a bheidh go hiomlán comhsheasmhach leis na cinntí cur chun feidhme ábhartha ón gComhairle. Na Ballstáit nár chomhdhlúthaigh a bplean tosaigh, iarrtar orthu é sin a dhéanamh sula ndéanfaidh siad an plean a mhodhnú. Ba cheart do na Ballstáit pleananna modhnaithe a chur isteach i bhfoirm aguisín a ghabhann lena bpleananna comhdhlúite.

Beidh measúnú nua i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán RRF i gceist maidir le haon mhodhnú ar na pleananna a glacadh. Cuirfidh an Coimisiún na critéir mheasúnaithe ábhartha i bhfeidhm maidir leis an RRP iomlán, eadhon an RRP a glacadh roimhe seo móide na hathruithe a mholtar.

Ní mór ina dhiaidh sin measúnú dearfach an Choimisiúin ar phlean modhnaithe a fhormheas trí chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a ghlacfaidh an Chomhairle ar mholadh ón gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán RRF. Ina dhiaidh sin, i gcás inar gá, síneofar comhaontú maoinithe agus/nó iasachta nua nó leasaithe idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann agus, sula ndéanfar aon íocaíocht, síneofar socruithe oibríochtúla.

Agus RRP modhnaithe á chur isteach, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann an bunús dlí atá leis na hathruithe atá beartaithe ar a phlean a shonrú go soiléir, mar aon leis an údar a éilítear san airteagal comhfhreagrach nó sna hairteagail chomhfhreagracha de Rialachán RRF. Is féidir an t-iarratas ar an bplean a mhodhnú a bheith bunaithe ar aon cheann de na forálacha dlíthiúla thuasluaite nó ar mheascán díobh.

Chun an próiseas chun pleananna a mhodhnú a bharrfheabhsú, iarrtar ar gach Ballstát na modhnuithe uile a bheartaítear ar a phlean a chur le chéile in aon iarraidh amháin a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. Is féidir an comhaontú/comhaontuithe maoinithe agus/nó iasachta a dhéanfar tar éis modhnuithe ar phlean atá bunaithe ar mheascán de bhunúis dlí (a mhéid atá Airteagal 18(2) san áireamh) a shíniú ó Eanáir 2023.

Iarrtar ar na Ballstáit dul i mbun idirphlé neamhfhoirmiúil le seirbhísí an Choimisiúin ar dtús sula gcuire siad RRPanna modhnaithe isteach. Is é is aidhm don idirphlé sin, ar aon dul leis an gceann a rinneadh sular cuireadh na RRPanna tosaigh isteach, cabhrú leis na Ballstáit na modhnuithe RRP a ullmhú.

I.   Cistiú eisiach le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí a áireofar sna caibidlí REPowerEU

1.   Airteagal 21a – acmhainní nua le haghaidh REPowerEU

Leis an Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha. Ní fhéadfar na hacmhainní sin a úsáid ach amháin chun athchóirithe agus infheistíochtaí a áirítear sa chaibidil REPowerEU dá dtagraítear in Airteagal 21c(1) de Rialachán RRF, arna leasú leis an togra ón gCoimisiún, a mhaoiniú (féach an roinn ar leith i gCuid II).

Na Ballstáit sin ar mian leo leas a bhaint as na hacmhainní breise sin, cuirfidh siad RRPanna (dóibh siúd nach bhfuil pleananna glactha acu) nó RRPanna modhnaithe isteach i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta (“an Togra ón gCoimisiún”). Moltar do na Ballstáit na bpleananna sin a chur isteach chomh luath agus is féidir tar éis an 30 Meitheamh 2022 ionas go bhféadfar na hacmhainní a bheidh ar fáil chun cuspóirí práinneacha REPowerEU a chur chun feidhme a ghlacadh go tapa, agus chun eisíoc na tacaíochta airgeadais breise sin a éascú. Comhtháthófar sceidil thráthchodanna ranníocaíocht REPowerEU le sceidil thráthchodanna na mBallstát le haghaidh na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus na n-iasachtaí neamh-inaisíoctha a glacadh cheana féin.

A)   Aistrithe ó chistí Eorpacha faoi Airteagal 26a de Rialachán na bhForálacha Coiteanna (AE) 2021/1060 (“RFC”)

I gcomhthéacs an togra ón gCoimisiún, moladh leasú a dhéanamh ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna chun féidearthacht nua a thabhairt isteach le haghaidh aistrithe chuig RRF. Faoin Airteagal 26a a moladh le déanaí le haghaidh RFC, tá an deis ag na Ballstáit suas le 7,5 % de leithdháileadh náisiúnta chistí RFC a aistriú chuig RRF (de bhreis ar an 5 % dá bhforáiltear cheana féin le hAirteagal 7 de Rialachán RRF). Tá na haistrithe sin sa bhreis ar an bhféidearthacht dá bhforáiltear faoi Airteagal 26 RFC chun hacmhainní a aistriú.

Tá an cuspóir coiteann ag an gcaibidil REPowerEU agus ag cistí an bheartais chomhtháthaithe tacú leis an aistriú fuinnimh, rud a chiallaíonn gur féidir tacú le hinfheistíochtaí chun éifeachtúlacht fuinnimh bhreise agus forbairt bhreise ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chothú faoin dá chineál ionstraime. D’fhonn na sineirgí idir na beartais sin a fheabhsú, moltar do na Ballstáit infheistíochtaí níos luaithe a mhaoiniú faoi RRF, a mbeidh a chreat ama i bhfeidhm go dtí 2026, agus infheistíochtaí níos déanaí a mhaoiniú faoi chistí an bheartais chomhtháthaithe, lena bhféadfar, i bhfianaise riail N+ 3, tacú le hinfheistíochtaí go dtí 2029. Leagtar amach sa leasú a moladh ar Airteagal 21b de Rialachán RRF go maoineofar bearta nua a áirítear sa caibidil REPowerEU leis na haistrithe. Chun na críche sin, beidh sé de cheangal ar na Ballstáit RRP (modhnaithe) a chur isteach agus caibidil REPowerEU san áireamh ina leagfar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a bheidh le tacú. Ní fhéadfaidh an Ballstát ach an méid is gá chun costais na n-athchóirithe nua agus na n-infheistíochtaí nua a mhaoiniú a aistriú faoi Airteagal 26ú, chun a áirithiú go dtacóidh na cistí ó thacaíocht faoi bhainistíocht chomhroinnte le bearta breise, agus ní fhéadfar sin ach amháin i gcás inar iarr an Ballstát aistrithe ón gCiste sonrach sin cheana suas leis an uasteorainn 5 % a leagtar amach in Airteagal 26.

Ní leor infheistíochtaí i mbonneagar agus i dteicneolaíochtaí amháin chun a áirithiú go laghdófar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise. Ba cheart acmhainní a thiomnú d’athsciliú agus d’uas-sciliú daoine, chun tuilleadh scileanna glasa a thabhairt don lucht saothair. Tá sé sin i gcomhréir le cuspóir Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, a bhfuil sé d’aidhm aige tacú leis na Ballstáit fórsa saothair oilte athléimneach a bhaint amach a bheidh réidh don saol oibre a bheidh ann amach anseo. I bhfianaise an méid sin, ba cheart go gcuideodh acmhainní a aistrítear ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus le bearta tacaíochta chun an lucht saothair a athsciliú agus a uas-sciliú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú an rannchuidiú mór iad na bearta sna caibidlí REPowerEU le hathcháiliú an lucht saothair i dtreo na scileanna glasa.

Féadfaidh na Ballstáit aistrithe den sórt sin a iarraidh, mar chuid dá gComhaontú Comhpháirtíochta nó trí leasuithe ar chláir. I gcás iarrataí ar aistriú a dhéantar trí leasuithe ar chláir, ní fhéadfar ach acmhainní le haghaidh na mblianta féilire atá le teacht a aistriú. Níl aon tionchar aige sin, áfach, ar an tsuim iomlán is féidir a aistriú, suim atá suas le 7.5 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh.

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún an rogha is fearr a phlé ar bhonn staid curtha chun cinn a gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus a gcláir faoi seach.

Más rud é gur glacadh Comhaontú Comhpháirtíochta cheana, agus nár glacadh clár nó cláir go fóill, féadfar aistriú aonair a iarraidh trí fhógra a thabhairt don Choimisiún faoi athbhreithniú ar thacar teoranta den fhaisnéis maidir le comhaontú comhpháirtíochta (is iad pointí (c), (e) agus (h) d’Airteagal 11(1) RFC na méideanna atá le haistriú agus an bonn cirt, miondealú ar na hacmhainní de réir chatagóir an réigiúin, agus liosta na gclár atá beartaithe mar aon leis na leithdháiltí airgeadais de réir ciste agus an ranníocaíocht náisiúnta chomhfhreagrach de réir chatagóir an réigiúin).

I gcás ina bhfuil clár glactha cheana féin agus inar gá é a leasú chun bheith ar aon dul le haistriú den sórt sin, leanfar nós imeachta glactha simplithe. Go deimhin, d’ainneoin an ghnáthnóis imeachta a leagtar amach in Airteagal 40(2) RFC, rachfar i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin maidir leis an leasú, ach ní bheidh gá le réamhthoiliú uaidh.

Thairis sin, formheasfaidh an Coimisiún an leasú ar an gclár laistigh de mhí amháin ó chuirtear faoina bhráid é.

Acmhainní in aghaidh an Bhallstáit don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 - 31 Nollaig 2027

Ballstát

Leithdháileadh tosaigh 2021-2027 (EUR m)

Leithdháileadh náisiúnta iomlán

Airteagal 26a – Aistriú uasta (7,5 %)

EDRF

CSE+

Comhtháthú

CEMID

 

 

BE

1 152

1 168

0

40

2 361

202

BG

5 741

2 625

1 266

85

9 718

732

CZ

10 426

2 701

6 365

30

19 523

1 485

DK

141

120

0

201

462

38

DE

10 913

6 527

0

212

17 652

1 384

EE

1 693

503

820

97

3 113

230

IE

396

508

0

142

1 046

89

EL

11 452

5 845

3 023

375

20 695

1 533

ES

23 540

11 153

0

1 120

35 814

2 654

FR

9 070

6 675

0

567

16 312

1 263

HR

5 356

1 983

1 182

244

8 764

653

IT

26 615

14 535

0

518

41 668

3 157

CY

467

222

178

38

906

67

LV

2 493

711

1 039

135

4 378

321

LT

3 464

1 136

1 419

61

6 081

457

LU

15

15

0

0

30

4

HU

13 360

5 507

2 602

38

21 507

1 629

MT

474

124

165

22

786

59

NL

506

414

0

98

1 018

97

AT

537

394

0

7

938

86

PL

47 417

14 913

9 283

512

72 125

5 413

PT

11 497

7 497

3 399

379

22 771

1 689

RO

17 070

8 239

3 538

162

29 009

2 191

SI

1 538

727

718

24

3 007

229

SK

8 117

2 404

1 613

15

12 150

926

FI

888

605

0

72

1 564

124

SE

863

707

0

116

1 685

144

AE27

215 021

97 958

36 610

5 310

355 083

26 869

B)   Leithdháileadh ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe

De réir an togra ón gCoimisiún maidir le Rialachán REPowerEU, féadfaidh na Ballstáit cuid de leithdháileadh an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Cuirfear airteagal tiomnaithe leis an Rialachán maidir leis an bPlean Straitéiseach faoin gComhbheartas Talmhaíochta (AE) 2021/2115 chun féidearthacht nua a thabhairt isteach le haghaidh aistrithe chuig RRF. Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh suas le 12,5 % den chéad leithdháileadh CETFT a leithdháileadh i leith na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a áirítear i gcaibidil REPowerEU. Ba cheart do na Ballstáit an leithdháileadh sin a úsáid i gcomhréir leis an leasú atá beartaithe ar Rialachán RRF chun tacú le bearta d’infheistíochtaí feirme chun leasa feirmeoirí nó grúpaí feirmeoirí, chun táirgeadh an fhuinnimh in-athnuaite agus an bhithmheatáin inbhuanaithe a mhéadú, i.e. bithmheatán a tháirgtear ó dhramhaíl orgánach agus ó iarmhair talmhaíochta agus foraoise, agus chun an éifeachtúlacht fuinnimh a threisiú trí úsáid na leasachán sintéiseach a laghdú.

Chun leas a bhaint as na cistí a leithdháiltear ó CETFT, tá sé de cheangal ar na Ballstáit RRP (modhnaithe) a chur isteach, lena n-áirítear caibidil REPowerEU ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a dtacaítear leo ó na cistí leithdháilte.

Féadfaidh na Ballstáit an leithdháileadh sin a iarraidh, mar chuid dá bPleananna Straitéiseacha faoi CBT nó trína leasuithe. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún an rogha is fearr a phlé ar bhonn an dul chun cinn atá déanta maidir leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT. Ní chuirfear leasú den sórt sin san áireamh san uaslíon iarrataí ar leasú dá bhforáiltear in Airteagal 119(7).

Ba cheart na cistí a leithdháiltear faoi Airteagal 81d den Rialachán maidir leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT a chaitheamh ar bhearta atá comhoiriúnach agus i sineirgíocht leis an gcreat straitéiseach arna bhunú ag an mBallstát chun tacaíocht a thabhairt don talmhaíocht agus do limistéir thuaithe, ar bhealach a bheidh comhleanúnach le cuspóirí na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT. Ba cheart dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara atá páirteach i bpróiseas na bpleananna straitéiseacha faoi CBT agus an caibidil REPowerEU á hullmhú faoin RRF. Moltar go nglacfaidh na hAireachtaí Talmhaíochta agus/nó na húdaráis bhainistíochta atá i gceannas ar chur chun feidhme CETFT páirt sa phróiseas toisc go bhfuil taithí dhíreach acu ar na tionscadail sin faoi CETFT.

I gcás inar glacadh Plean Straitéiseach faoi CBT cheana féin agus inar gá é a leasú chun bheith ar aon dul le haistriú den sórt sin, leanfar nós imeachta glactha simplithe. Go háirithe, d’ainneoin an gnáthnóis imeachta a leagtar amach in Airteagal 119(6) de Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT, déanfaidh an Coimisiún an Plean Straitéiseach CBT leasaithe a ghlacadh nó a dhiúltú tráth nach déanaí ná mí amháin ó chuirtear faoina bhráid é. Is é is aidhm do na sprioc-amanna gearra sin maidir le glacadh an phlean ag an gCoimisiún a áirithiú go leanfar de phróiseas chur chun feidhme na pleanála straitéisí CBT de réir mar atá beartaithe, agus a áirithiú go dtabharfar tacaíocht thapa do na feirmeoirí faoi CBT agus faoin gcaibidil REPowerEU den RRF araon.

Ina theannta sin, déanfar an cistiú arna leithdháileadh ar RRF a áireamh i leithdháileadh an leithdháilte íosta airgeadais le haghaidh idirghabhálacha lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí sonracha comhshaoil agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 93 den Rialachán maidir leis an bPlean Straitéiseach CBT.

 

Leithdháileadh tosaigh CETFT (2023-2027)

Airt 81a – aistriú uasta 12,5 %

BE

414

51

BG

1 410

176

CZ

1 296

161

DK

380

47

DE

5 461

682

EE

440

55

IE

1 558

194

EL

2 785

348

ES

5 402

675

FR

7 297

912

HR

1 486

185

IT

6 750

843

CY

119

14

LV

587

73

LT

977

122

LU

62

7

HU

2 084

260

MT

100

12

NL

366

45

AT

2 600

325

PL

6 600

825

PT

2 703

337

RO

4 835

604

SI

551

68

SK

1 295

161

FI

1 772

221

SE

1 059

132

AE27

60 393

7 549

II.   Forais chun RRPanna a mhodhnú

1.   Airteagal 14(2) de Rialachán RRF: athbhreithniú ar an bplean chun iasacht a iarraidh

Chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí nua a mholtar sna pleananna modhnaithe, is féidir leis na Ballstáit leas a bhaint fós as cistiú faoi choinníollacha maoinithe iasachtaí RRF atá thar a bheith fabhrach. Moltar go háirithe do na Ballstáit dul i muinín an fhoinse shuntasach cistithe sin a fhéadfaidh an Coimisiún a dheonú faoi dheireadh 2023 chun maoiniú a dhéanamh ar athchóirithe agus infheistíochtaí breise a chuireann dlús le cur chun feidhme chuspóirí REPowerEU.

Is é an 31 Lúnasa 2023, mar a leagtar amach in Airteagal 14(2) de Rialachán RRF, an sprioc-am deiridh chun gach iarraidh iasachta a chur isteach, lena n-áirítear na hiarrataí sin a leithdháiltear faoi Airteagal 14(6) de Rialachán RRF.

A)   Measúnú ar iarrataí ar thacaíocht iasachta

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán RRF, féadfar tacaíocht iasachta a dheonú go dtí an 31 Nollaig 2023. Dá réir sin, ba cheart go dtiocfadh gach comhaontú iasachta i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2023. Dá bhrí sin, roimh an dáta sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit lena mbaineann na comhaontuithe iasachta a shíniú agus ba cheart go bhfaigheadh an Coimisiún na tuairimí dlíthiúla lena ndeimhneofar gur comhlíonadh gach ceanglas bunreachtúil agus dlíthiúil a bhaineann le teacht i bhfeidhm na gcomhaontuithe sin.

Ba cheart údar a thabhairt go cúramach le hiarraidh ar thacaíocht iasachta agus ba cheart an méid seo a leanas, go háirithe, a bheith san áireamh ann:

údar le riachtanais airgeadais níos mó;

liosta d’athchóirithe breise agus d’infheistíochtaí breise, mar aon leis na garspriocanna agus na spriocanna comhfhreagracha;

meastacháin chostais don RRP athbhreithnithe.

Is féidir riachtanais airgeadais níos mó a bheith mar thoradh ar na nithe seo a leanas:

Athchóirithe breise agus infheistíochtaí breise a bheith molta ag an mBallstát lena mbaineann.

Laghdú ar ranníocaíocht uasta airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann, agus modhnú dá réir ar a RRP chun cuid de na bearta a aistriú ó dheontais go hiasachtaí, ionas nach n-ísleofar uaillmhian fhoriomlán a phlean.

Más chun bearta lena gcuirtear cuspóirí REPowerEU chun feidhme a mhaoiniú, agus chuige sin amháin, a iarrann Ballstát iasacht, ba cheart an fhaisnéis a leagtar amach thuas a chomhtháthú sa chaibidil REPowerEU (féach Cuid II, Roinn I maidir leis an gcaibidil REPowerEU).

Ar bhonn na faisnéise sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú faoi leith ar na hiarrataí ar iasachtaí i ndáil le gach Ballstát. Agus an measúnú sin á dhéanamh ag an gCoimisiún, breathnóidh sé ar an méid a chuirfidh an cistiú breise le cuspóirí RRF agus, go háirithe, an dtugtar aghaidh, leis na bearta breise dá lorgaítear tacaíocht iasachtaí, ar na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tír-shonracha 2022 (“CSRanna”) agus ar aidhmeanna REPowerEU.

B)   Imthosca eisceachtúla faoi airteagal 14 (6) de Rialachán RRF

In imthosca eisceachtúla, agus ar an gcoinníoll go mbeidh acmhainní ar fáil, féadfar méid na tacaíochta iasachta a mhéadú thar 6,8 % de OIN, i gcomhréir le hAirteagal 14(6) de Rialachán RRF. Ar bhonn an togra ón gCoimisiún, breithneoidh an Coimisiún agus an Chomhairle, agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm acu, riachtanais an Bhallstáit iarrthaigh, mar aon le hiarrataí ar thacaíocht iasachta de bhun an Rialacháin seo atá curtha isteach cheana féin ag Ballstáit eile nó atá beartaithe acu a gcur isteach, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm acu – ar aon dul leis an gcleachtas a leanann an Coimisiún nuair a leithdháiltear an t-imchlúdach iasachta atá ar fáil faoi SURE ar Bhallstáit.

Chun láimhseáil dea-eagraithe na n-iarrataí iasachta os cionn 6,8 % a éascú, iarrtar ar na Ballstáit a chur in iúl go bhfuil sé ar intinn acu iasachtaí a thógáil a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.

C)   Faisnéis bhreise maidir le hiasachtaí

Tá coinníollacha maoinithe na n-iasachtaí RRF an-bhuntáisteach mar gheall ar eisiúintí ardrátáilte AE agus éileamh láidir ó infheisteoirí. Sonraítear sna comhaontuithe iasachta a thugtar i gcrích idir na Ballstáit agus an Coimisiún nach dtosófar ar aisíocaíochtaí amúchta na príomhshuime a dhéanamh ach amháin tar éis tréimhse cairde 10 mbliana, ionas go gceadófar do na Ballstáit leas a bhaint as an bhfás a spreagann na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sula dtosaíonn siad an aisíocaíocht. Tar éis na tréimhse cairde tosaigh, beidh ar na Ballstáit aisíocaíochtaí bliantúla a dhéanamh arb ionann iad agus 5 % de na méideanna a eisíocadh. Cuirfear na coinníollacha sin chun feidhme ar an mbealach céanna i gcás na mBallstát uile a fhaigheann iasachtaí RRF.

I mí Iúil 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Cinneadh lena leagtar amach an chaoi a leithdháiltear na costais arna dtabhú le haghaidh chistiú comhthiomsaithe NextGenerationEU ar na Ballstáit a fhaigheann iasachtaí RRF (3). Leithdháiltear na costais ábhartha ar Bhallstáit a fhaigheann iasachtaí ar bhonn an sciar choibhneasta den tacaíocht airgeadais a fhaigheann siad. Leis an modheolaíocht sin maidir le leithdháileadh costas agus lena cur chun feidhme, áiritheofar bonn atá oibiachtúil, cothrom agus atá doiciméadaithe go soiléir le haghaidh an sciar faoi seach de na costais uile a ríomh agus a leithdháileadh ar na Ballstáit a fhaigheann iasachtaí RRF. Bainfidh na Ballstáit a ghlacfaidh iasachtaí RRP leas as na coinníollacha cistithe buntáisteacha sin (4).

2.   Airteagal 18(2) de Rialachán RRF: nuashonrú ar an bplean

Faoi Airteagal 18(2) de Rialachán RRF, is féidir leis na Ballstáit a RRPanna a thabhairt cothrom le dáta freisin chun an ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe a chur san áireamh tar éis an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Nuashonróidh an Coimisiún an ranníocaíocht uasta deiridh cothrom faoin 30 Meitheamh 2022. Tar éis an nuashonraithe, beidh an deis ag Ballstáit plean cothrom le dáta a chur isteach, i gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán RRF. Braitheann an cur chuige chun na pleananna a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith le méid na modhnuithe a bhfuil coinne leo, ar chineál an athraithe sa leithdháileadh deiridh (i.e. athbhreithniú suas nó síos).

Chun nuashonrú na ranníocaíochta uasta airgeadais a chur san áireamh agus chun an méid a chomhfhreagraíonn do 30 % den ranníocaíocht airgeadais arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn III de Rialachán RRF a chur in áirithe go dlíthiúil, ba cheart an comhaontú maoinithe a leasú in 2023. Rud atá tábhachtach, ní mór na cistí uile a chur in áirithe roimh an 31 Nollaig 2023. Dá bhrí sin, agus iarrataí á n-ullmhú ag na Ballstáit chun a bpleananna a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart dóibh dóthain ama a ligean le haghaidh mheasúnú an Choimisiúin agus nós imeachta formheasta na Comhairle araon.

Is cuma an gcinneann Ballstát a RRPanna a mhodhnú, caithfear an ranníocaíocht uasta airgeadais nua a léiriú i gcinneadh nua cur chun feidhme ón gComhairle, agus an phróifíl íocaíochta á coigeartú chun athruithe ar an ranníocaíocht uasta airgeadais a chur san áireamh. Caithfidh an Ballstát agus an Coimisiún aghaidh a thabhairt go déthaobhach ar an gcur chuige beacht chun an phróifíl thráthchoda a choigeartú.

A)   Athbhreithniú suas

Na Ballstáit sin a mbaineann ranníocaíocht uasta airgeadais níos airde leo, moltar go láidir dóibh leas iomlán a bhaint as na cistí breise atá ar fáil trí athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha nua a mholadh nó trí na cinn atá beartaithe cheana a mhéadú. Rud atá tábhachtach, ba cheart cur le cuspóirí REPowerEU leis na bearta nua a mholtar. Chun tairbhe a bhaint as an ranníocaíocht uasta airgeadais iomlán, ba cheart costais mheasta na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí nua sin, a mbeidh garspriocanna agus spriocanna breise comhfhreagracha ag baint leo, a chomhfhreagairt ar a laghad don difríocht idir costais mheasta an RRP a glacadh roimhe agus an ranníocaíocht uasta airgeadais nua.

Rud atá tábhachtach, i bhfianaise go bhfuil RRF bunaithe ar an bhfeidhmíocht, ní féidir an méid breise a thiocfaidh as an athbhreithniú suas ar an ranníocaíocht airgeadais a úsáid chun méadú ar chostais mheasta na mbeart a áirítear sna RRPanna a glacadh cheana féin. Rinneadh an measúnú ar na meastacháin ar chostais mar chuid den mheasúnú ar na RRPanna tosaigh. Ina theannta sin, má roghnaíonn Ballstát gan tairbhe a bhaint as an méadú ar an ranníocaíocht uasta airgeadais, ní gá plean nuashonraithe a chur isteach ná an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a thabhairt cothrom le dáta.

Ar deireadh, chuir roinnt Ballstát costas iomlán ní ba airde costas iomlán measta ná an ranníocaíocht uasta airgeadais tosaigh lena RRPanna bunaidh, toisc go raibh siad ag súil le hathbhreithniú suas ar an ranníocaíocht sin. Má bhíonn a gcuid ranníocaíochtaí nuashonraithe fós laistigh de na costais iomlána mheasta a bhaineann lena RRPanna atá formheasta cheana féin, is féidir leis na Ballstáit sin tairbhe a bhaint as na cistí breise gan a gcuid RRPanna a thabhairt cothrom le dáta.

B)   Athbhreithniú síos

Fiú má laghdaítear a ranníocaíocht uasta airgeadais deiridh, moltar do na Ballstáit leanúint de na RRPanna a ghlac siad a chur chun feidhme, ag brath dóibh ar fhoinsí eile cistiúcháin. I bhfianaise a thábhachtaí atá na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sna RRPanna chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair na mBallstát, ba cheart a gcur chun feidhme a bheith ina phríomhthosaíocht i gcónaí. Dá mba mhian le Ballstát, dá ainneoin sin, clár oibre infheistíochta nó athchóirithe a RRP a choigeartú, níor mhór dó plean nuashonraithe a chur isteach.

Ní thugann athbhreithniú síos ar an ranníocaíocht airgeadais uasta deiridh údar le hathchóirithe a íosghrádú ná a bhaint de na pleananna. Is amhlaidh gur beag na costais - más ann dóibh in aon chor - a bhaineann leis na hathchóirithe, agus, dá bhrí sin, níl baint acu le le méid na ranníocaíochta uasta airgeadais. Thairis sin, ní mór don phlean athbhreithnithe na critéir mheasúnaithe uile a chomhlíonadh, agus go háirithe ní mór aghaidh a thabhairt ann ar na moltaí tír-shonracha uile nó ar chuid shuntasach acu.

Chun laghdú na ranníocaíochta uasta airgeadais a chúiteamh agus chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí REPowerEU, moltar do na Ballstáit ar a ndéantar athbhreithniú síos feidhm a bhaint as na roghanna seo a leanas, i dteannta úsáid na gcistí náisiúnta:

Iasacht RRF a iarraidh,

Aistrithe ón mbeartas comhtháthaithe mar a leagtar amach faoi Airteagal 26 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus faoi Airteagal 7(1) de Rialachán RRF,

Infheistíochtaí a bheidh tugtha chun críche faoi dheireadh 2023 a aistriú ó RRF go Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa le haghaidh chlárthréimhse 2014-2020, lena n-áirítear trí REACT-AE, i gcomhréir le riail N+3,

Roinnt infheistíochtaí atá beartaithe faoi RRF a aistriú chuig cláir an bheartais chomhtháthaithe 2021-2027,

Iasachtaí lena gcúitítear an t-athbhreithniú síos

Mar a luaitear thuas, is féidir leis na Ballstáit iasachtaí a iarraidh go dtí an 31 Lúnasa 2023. Rogha amháin do Bhallstát chun laghdú a ranníocaíochta uasta airgeadais a chúiteamh agus chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí nua REPowerEU ab ea iasacht a ghlacadh. Sa chás sin, beidh feidhm ag coinníollacha Airteagal 14 de Rialachán RRF. Ba cheart don Bhallstát a chur in iúl go soiléir sa RRP athbhreithnithe cé na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a aistrítear ón ranníocaíocht airgeadais (i.e. deontais) go hiasachtaí.

Aistrithe ó chistí RFC chuig RRF faoi Airteagal 26 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna

Le hAirteagal 7(1) de Rialachán RRF, ceadaítear do na Ballstáit acmhainní arna leithdháileadh faoi bhainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig RRF, go háirithe trí chistí a chumhdaítear le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. De réir Airteagal 26 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC, Rialachán (AE) 2021/1060), is féidir suas le 5 % de chistí RFC don tréimhse bhuiséadach 2021-2027 a aistriú chuig ionstraimí eile de chuid an Aontais, le leas eisiach an Bhallstáit lena mbaineann, rud a chiallaíonn go laghdaítear an t-uasmhéid is féidir a aistriú chuig RRF más rud é go ndearnadh aistrithe cheana chuig ionstraimí eile (e.g. Erasmus+). Leis an bhforáil sin, bheadh sé ar chumas an Bhallstáit na hacmhainní a bheidh ar fáil dó faoi RRF a mhéadú, rud a d’fhéadfadh an t-athbhreithniú síos ar an ranníocaíocht airgeadais uasta deiridh a chúiteamh.

Féadfaidh na Ballstáit aistrithe den sórt sin a iarraidh mar chuid dá gcomhaontú comhpháirtíochta nó mar chuid de leasuithe ar chláir nó, i gcás inar formheasadh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus gurb ann do chlár nó do chláir nár glacadh go fóill, trí fhógra a thabhairt maidir le hathbhreithniú ar fhaisnéis theoranta áirithe laistigh den Chomhaontú Comhpháirtíochta. Na Ballstáit ar mian leo úsáid a bhaint as ceann de na roghanna sin, ba cheart dóibh plé a dhéanamh leis an gCoimisiún maidir leis an rogha is fearr i bhfianaise staid dul chun cinn a gcomhaontaithe comhpháirtíochta agus a gcuid clár. Faoi Airteagal 26(3) RFC, tabharfar údar cuí le hiarrataí ar aistriú den sórt sin trí leasú ar chláir, ag féachaint do na comhlántachtaí agus don tionchar a bheidh le baint amach.

Mar chuid den údar a bheidh le tabhairt don aistriú siúd, féadfaidh na Ballstáit dul i muinín an fhíorais gur cheart, go ginearálta, go mbeadh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí faoin RRP a a bhféadfar a dhéanamh de bhua na n-aistrithe sin ina rannchuidiú dearfach chun na spriocanna a lorgaítear faoin mbeartas comhtháthaithe a bhaint amach. Mar shampla, áirítear ar go leor RRPanna athchóirithe chun éifeachtacht an riaracháin phoiblí a fheabhsú, nó athchóirithe soláthair phoiblí lena gcuirfear le héifeachtacht infheistíochtaí na mBallstát faoi chistí an bheartais chomhtháthaithe.

An deis sin suas le 5 % a aistriú faoi Airteagal 26 RFC, féadfar í a úsáid chun laghdú a chúiteamh ar an leithdháileadh i ndáil le haon bheart a áirítear sa RRP atá ann cheana. Is féidir í a úsáid freisin le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí a áirítear sa chaibidil REPowerEU. Ní mór é sin a idirdhealú ón bhféidearthacht suas le 7,5 % a aistriú faoin Airteagal 26a nua a mholtar le haghaidh RFC, airteagal faoinar féidir na hacmhainní aistrithe a úsáid go heisiach le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí a liostaítear sa chaibidil REPowerEU, rud nach féidir a iarraidh ach amháin i gcás inar iarr an Ballstát aistrithe ón gCiste sonrach sin cheana féin suas go dtí an uasteorainn 5 % a leagtar amach in Airteagal 26 RFC.

Roinnt infheistíochtaí atá beartaithe faoi RRF a aistriú go dtí cláir 2014-2020

Maidir leis na Ballstáit a laghdófar a n-uas-ranníocaíocht airgeadais RRF agus a bhfuil acmhainní comhtháthaithe neamhúsáidte acu, féadfaidh siad cuid dá n-infheistíochtaí RRP a aistriú chuig cláir chomhtháthaithe 2014-20. Go háirithe, i bhfianaise na n-acmhainní breise a chuirtear ar fáil faoi REACT-EU, beidh roinnt mhaith Ballstát in ann tionscadail nua a chur leis na cláir a mhéid a thagann siad le tosaíochtaí na gclár atá ann cheana d’fhonn ionsú iomlán a áirithiú. Ina theannta sin, ní mór do na hinfheistíochtaí sin rialacha an bheartais chomhtháthaithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear na rialacha incháilitheachta a bhaineann leis an dlíthiúlacht agus an rialtacht. Ní mór na tionscadail a bheith curtha i gcrích agus i mbun feidhme tráth dúnta na gclár, is é sin, an 15 Feabhra 2025. Rud atá tábhachtach, níor cheart baint a bheith ag na hinfheistíochtaí a aistrítear ó RRP chuig na cláir chomhtháthaithe le garspriocanna ná spriocanna a cuireadh san áireamh in iarraidh ar íocaíocht a cuireadh isteach roimhe sin.

Ní mór cloí leis an dáta deiridh le haghaidh caiteachas incháilithe faoi chláir chomhtháthaithe 2014-20, mar atá, an 31 Nollaig 2023. Ciallaíonn sé sin go praiticiúil go n-aisíocfar infheistíochtaí faoi chláir 2014-20 ar an gcoinníoll gur tabhaíodh an caiteachas incháilithe roimh dheireadh 2023. Sa chomhthéacs sin, aon iarratas ar íocaíocht a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin faoi na cláir, féadfar é a bheith ag baint le haon chéim cur chun feidhme a bhaineann le hinfheistíocht ar leith, an chéim thosaigh san áireamh. Mar sin féin, ní mór na hoibríochtaí a bheith curtha i gcrích tráth an chlabhsúir, mura ndéantar iad a chéimniú isteach sa bheartas comhtháthaithe 2021-27. Infheistíochtaí faoi RRF atá ag céim thosaigh den chur chun feidhme (e.g. seoladh glaonna ar thograí nó roghnú tairbhithe) ní dócha go mbeidh siad aibí a ndóthain le go n-aistreofar iad go cláir 2014-20. Iarrtar ar na Ballstáit díriú ar na hinfheistíochtaí sin dár críochnaíodh céimeanna tosaigh an chur chun feidhme agus dár tosaíodh ar an gcur chun feidhme coincréiteach, agus íocaíochtaí á ndéanamh leis na tairbhithe nó na conraitheoirí ábhartha.

Roinnt infheistíochtaí atá beartaithe faoi RRF a aistriú go dtí na cláir chomhtháthaithe le haghaidh 2021-27

Le cláir an bheartais chomhtháthaithe le haghaidh 2021-2027, cuirtear neart spáis ar fáil ó thaobh airgeadais agus ama de chun freastal ar infheistíochtaí a bhí beartaithe ar dtús faoi RRF. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na rialacha seo a leanas a chur san áireamh:

Ní mór go leanfadh na tionscadail aistrithe incháilitheacht an bheartais chomhtháthaithe 2021-2027 agus rialacha eile agus ní mór dóibh a bheith oiriúnach do raon feidhme an chláir faoina ndéanfar iad a chistiú.

Ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh ar na haistrithe sin nach gcomhlíonfar na ceanglais maidir le díriú téamach nó spriocanna aeráide faoin mbeartas comhtháthaithe.

Faoi Airteagal 63(6) de Rialachán 2021/1060 (Rialachán na bhForálacha Coiteann, CPR), ní roghnófar oibríochtaí le haghaidh tacaíocht ó na Cistí i gcás ina ndearnadh iad a chríochnú go fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear an t-iarratas ar chistiú faoin gclár isteach, is cuma má rinneadh na híocaíochtaí gaolmhara go léir.

3.   Airteagal 21 de Rialachán RRF. nach féidir an plean a leasú nó plean eile a chur ina ionad toisc nach féidir an plean nó cuid de a bhaint amach a thuilleadh de bharr imthosca oibiachtúla

I gcás nach féidir ceann amháin nó níos mó de na clocha míle agus de na spriocanna a áirítear san RRP glactha a bhaint amach a thuilleadh i ngeall ar imthosca oibiachtúla, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun a RRP a leasú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hiarratais réasúnaithe de réir an cháis. Sula ndéanfar aighneacht fhoirmiúil, iarrtar ar na Ballstáit dul i mbun idirphlé neamhfhoirmiúil le seirbhísí an Choimisiúin, chun, go háirithe, teacht ar chomhthuiscint maidir le módúlachtaí praiticiúla le haghaidh an nós imeachta seo.

Agus leasú á chur ar aghaidh acu nó plean nua á thíolacadh acu ar bhonn Airteagal 21, ba cheart do na Ballstáit bonn cirt a thabhairt i leith na dtrí ghné seo a leanas:

1)

Na bearta sonracha nach féidir a bhaint amach a thuilleadh;

2)

Na himthosca oibiachtúla;

3)

An nasc díreach idir na hathruithe atá beartaithe agus na himthosca oibiachtúla.

Ar an gcéad dul síos, ba cheart do Bhallstát údar a thabhairt lena léiriú nach féidir an RRF glactha a chur chun feidhme a thuilleadh:

Go páirteach nó go hiomlán;

Laistigh d’amlíne an RRF (go dtí 2026) nó i gcás ar bith, fiú le moill.

Ar an dara dul síos, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann a léiriú nach féidir an plean a chur chun feidhme (nó cuid de) mar gheall ar imthosca oibiachtúla. Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh fianaise agus doiciméadú maith ar na cúinsí ábhartha oibiachtúla. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an mbonn cirt a thug an Ballstát lena mbaineann, cuirfidh sé na nithe seo a leanas, go háirithe, san áireamh:

Réamhaíocht maidir leis na himthosca: An raibh na himthosca oibiachtúla i láthair nó arbh fhéidir a bheith ag súil leo le réasún ag an am a glacadh an RRP;

Infhaighteacht réiteach malartach: An bhfuil gníomhaíochtaí malartacha ann a d’fhéadfadh an Ballstát lena mbaineann a shaothrú go réasúnta chun na bearta ábhartha a chur chun feidhme gan iad a mhodhnú.

Cuntasacht an Bhallstáit: An bhfuil an Ballstát lena mbaineann freagrach go príomha as na himthosca oibiachtúla a agraítear a bheith ann.

Ar an tríú dul síos, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann liosta de na bearta atá le leasú a chur ar fáil, tuairisc ar na hathruithe beachta atá beartaithe agus míniú ar an nasc díreach idir na hathruithe atá beartaithe agus tionchar na n-imthosca oibiachtúla a agraíodh chun údar a thabhairt leis an leasú.

Níor cheart go ndéanfadh na hathruithe atá beartaithe difear do leibhéal uaillmhéine an phlean tosaigh. Thairis sin, ba cheart bearta a chuirtear in ionad na mbeart sin a mheastar a bheith do-ghnóthaithe a bheith ina gcuidiú, a mhéid is féidir, le cuspóirí REPowerEU (e.g. aistriú ó choirí gáis go teaschaidéil).

Iarraidh a bhaineann le méadú ar phraghsanna infheistíochtaí sonracha

Ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú gur ionstraim feidhmíochtbhunaithe é an RRF. Rinne na Ballstáit costas an phlean a mheas agus fuair na Ballstáit an leithdháileadh uasta tacaíochta neamh-inaisíoctha a fhad agus a bhí na costais sin comhionann leis an uasmhéid sin nó níos airde ná é.

Ar an dara dul síos, ba cheart a chur in iúl freisin go ndearna na Ballstáit boilsciú agus a n-ionchais maidir le boilsciú amach anseo a chomhtháthú ina gcostas go pointe áirithe.. Baineadh úsáid as toimhdí boilscithe, nuair a shonraigh na Ballstáit iad, de réir an bhirt de ghnáth. Rinne an Coimisiún measúnú ar na toimhdí sin mar chuid den mheasúnú inchreidteachta agus réasúntachta ar chostais mheasta, tar éis malartuithe an-mhionsonraithe leis na Ballstáit maidir leis na toimhdí a úsáideadh le haghaidh gach athchóirithe agus infheistíochta.

Mar sin féin, tá tionchar ollmhór ag ionsaí na Rúise ar an Úcráin ar phraghsanna fuinnimh agus ábhar tógála agus fuinnimh. Chuir sé brú breise ar na slabhraí soláthair domhanda freisin. Ní fhéadfaí a bheith ag súil le déine na bhforbairtí sin tráth a raibh an tSaoráid bunaithe, agus tráth a thíolaic formhór na mBallstát a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta. D’fhéadfadh tionchar díreach a bheith ag na forbairtí sin ar sheachadadh roinnt infheistíochtaí a áirítear sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta agus is féidir iad a agairt mar imthosca oibiachtúla, mar thaca le hiarraidh faoi Airteagal 21.

Más rud é, mar thoradh ar mhórmhéadú ar na costais a bhaineann le beart ar leith, nach féidir an chloch mhíle nó an sprioc a bhaineann leis a bhaint amach a thuilleadh, féadfaidh an Ballstát a iarraidh go modhnófaí an chloch mhíle nó an sprioc ghaolmhar. Ba cheart an iarraidh a bheith bunaithe ar réasúnú críochnúil. Bheadh ar na Ballstáit fianaise a sholáthar maidir leis an tionchar díreach ar an mbeart/na bearta a bhfuil siad ag iarraidh a athbhreithniú. Ní fhéadfadh na méaduithe sin údar a thabhairt ach oiread le leasú a dhéanamh ar infheistíochtaí nach mbaineann go díreach le praghsanna amhábhar (e.g. trealamh leighis a cheannach, nó deontais taighde le haghaidh staidéir ar thithíocht shóisialta) ná le srianta tábhachtacha ar shlabhra an tsoláthair.

Ní fhéadfaidh na méaduithe sin ar phraghsanna a bheith ina n-imthosca oibiachtúla le haghaidh athchóirithe athbhreithniúcháin toisc nach bhfuil na hathchóirithe ag brath ar chostais de ghnáth. Ina theannta sin, níor cheart go mbainfeadh aon iarraidh ar leasuithe an bonn de chur chun feidhme foriomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.

4.   Forbhreathnú ar nósanna imeachta

Tugtar forbhreathnú sa tábla thíos ar na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis na cásanna uile faoi seach a bhfuil tuairisc orthu sna ranna roimhe seo.

 

Cás

An gá RRP/aguisín modhnaithe

Cistiú breise REPowerEU

Déanann Ballstát aistriú i gcomhréir le hAirteagal 26 agus le hAirteagal 26ú de Rialachán na bhForálacha Coiteanna nó le hAirteagal 81a de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT.

Is gá

Is mian leis an mBallstát tairbhiú den ranníocaíocht REPowerEU dá dtagraítear in Airteagal 21d de Rialachán RRF.

Is gá

Nuashonrú aníos ar an ranníocaíocht uasta airgeadais

Méadú ar an ranníocaíocht uasta airgeadais thar chostais mheasta an RRP a glacadh roimhe seo, is mian leis an mBallstát tairbhiú de.

Is gá

Méadú ar an ranníocaíocht uasta airgeadais laistigh de chostais mheasta an RRP a glacadh roimhe seo, is mian leis an mBallstát tairbhiú de.

Ní gá

Ní mian leis an mBallstát tairbhiú den mhéadú.

Ní gá

Nuashonrú anuas ar an ranníocaíocht uasta airgeadais

Cúitíonn na Ballstáit an laghdú le cistí náisiúnta.

Ní gá

Is mian leis an mBallstát an plean a thabhairt cothrom le dáta chun ranníocaíocht uasta airgeadais níos ísle a léiriú.

Is gá

Glacann an Ballstát iasacht chun an laghdú a chúiteamh.

Is gá

Cúitíonn na Ballstáit an laghdú le haistriú (5 % ar a mhéad) ó chistí RFC 2021-27 (Airteagal 26 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna).

Is gá

Cúitíonn na Ballstáit an laghdú trí roinnt infheistíochtaí faoi chláir chomhtháthaithe 2014-2020 a bhogadh.

Is gá

5.   Forbhreathnú ar na modhnuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na pleananna

Táthar ag súil go mbeidh na modhnuithe ar na pleananna tosaigh bunaithe i gcásanna áirithe ar dhá bhunús dlí ar a laghad agus ar thrí bhunús dlí uaireanta, a chuirfear isteach in aon aguisín amháin. Tugtar achoimre sa tábla thíos ar an bpróiseas is infheidhme. Ba cheart a thabhairt faoi deara, i ngach cás a chuirtear i láthair thíos, go mbeidh feidhm freisin ag an oibleagáid caibidil REPowerEU a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 21c den togra ón gCoimisiún.

Cás

Bunús dlí RRF

Molann an Ballstát bearta breise chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí REPowerEU agus chun tairbhiú den rannchuidiú dá dtagraítear in Airteagal 21d de Rialachán RRF.

Airteagal 18

Molann an Ballstát bearta breise chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí REPowerEU agus chun tairbhiú de thacaíocht iasachta bhreise.

Airteagal 14

Molann an Ballstát bearta breise chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí REPowerEU agus déanann sé cistí de chuid an Aontais a aistriú i gcomhréir le hAirteagal 26 agus le hAirteagal 26ú de Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus le hAirteagal 81d de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT.

Airteagal 18

Molann an Ballstát bearta breise chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí REPowerEU agus chun tairbhiú d’athbhreithniú aníos ar an ranníocaíocht uasta airgeadais agus de thacaíocht iasachta bhreise.

Airteagail 14, 18

Modhnaíonn an Ballstát an RRP chun iasacht a iarraidh chun:

athbhreithniú anuas ar a ranníocaíocht uasta airgeadais a chúiteamh,

agus bearta breise a chistiú chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí REPowerEU.

Airteagail 14, 18

Modhnaíonn an Ballstát an RRP trí bhearta breise a mholadh lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí REPowerEU agus ar an gcaoi sin:

tairbhíonn sé d’athbhreithniú aníos ar an ranníocaíocht uasta airgeadais,

freagairt d’athrú oibiachtúil cúinsí a chuireann cosc ar chur chun feidhme roinnt beart.

Airteagail 18, 21

Modhnaíonn an Ballstát an RRP trí bhearta breise a mholadh lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí REPowerEU agus a chuirtear in ionad bearta atá ann faoi láthair chun:

tairbhiú de thacaíocht iasachta bhreise,

freastal ar athrú oibiachtúil cúinsí a chuireann cosc ar chur chun feidhme roinnt beart.

Airteagail 14, 21

Modhnaíonn an Ballstát an RRP trí bhearta breise a mholadh lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí REPowerEU agus a chuirtear in ionad bearta atá ann faoi láthair chun:

tairbhiú den athbhreithniú aníos ar an ranníocaíocht uasta airgeadais,

tairbhiú de thacaíocht iasachta bhreise,

freagairt d’athrú oibiachtúil cúinsí a chuireann cosc ar chur chun feidhme roinnt beart.

Airteagail 14, 18, 21

Modhnaíonn na Ballstáit an RRP chun aird a thabhairt ar athrú oibiachtúil ar chúinsí a chuireann cosc ar chur chun feidhme roinnt beart trí na bearta lena mbaineann a oiriúnú chun freastal ar na dúshláin nua.

Airteagal 21

CUID II

TREOIR MAIDIR LE FORBAIRT AGUS CUR I LÁTHAIR AGUISÍNÍ

Tugtar treoraíocht fhoriomlán sa roinn seo maidir le forbairt agus cur i láthair an aguisín a ghabhann le RRP a glacadh, lena n-áirítear an chaibidil REPowerEU a ullmhú. Ar fud na Coda seo, úsáidtear an téarma “modhnú” chun gach athrú ar RRP a glacadh a chumhdach, beag beann ar an mbunús dlí. Agus a bpleananna á modhnú acu, ba cheart do na Ballstáit fianaise a sholáthar a bhaineann leis na critéir mheasúnaithe a leagtar amach sa Rialachán RRF chomh maith le faisnéis nuashonraithe dá dtagraítear in Airteagal 18 agus in Airteagal 21c de Rialachán RRF.

Ba cheart méid na faisnéise nua a chuirfear ar fáil a bheith comhréireach leis na hathruithe a mholtar san aguisín. Mura mbeidh aon tionchar ag na hathruithe atá beartaithe ar roinn, ní gá an chuid ghaolmhar den teimpléad a líonadh isteach. Is féidir cur isteach na caibidle REPowerEU a chur i gcomparáid le gné bhreise i gcás na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí tiomnaithe sin. Ní bheidh aon ghá athstruchtúrú a dhéanamh ar an bplean a glacadh cheana féin agus ba cheart aon athrá a sheachaint. Is féidir mínithe maidir le bearta atá ann cheana a dtacaíonn RRF leo chomh maith le bearta neamh-RRF a theorannú go dtí an t-íosmhéid is gá mar a leagtar amach tuilleadh thíos.

Tá an Chuid II seo roinnte ina dhá phríomhroinn: sa chéad roinn, treoraíocht maidir le caibidlí REPowerEU a ullmhú agus sa dara roinn treoraíocht maidir leis an bhfaisnéis ba cheart a chur isteach mar chuid den mhodhnú ginearálta ar na RRPanna.

I.   An chaibidil REPowerEU

1.   Bunús dlí agus cuspóirí REPowerEU

Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta an creat dlíthiúil comhfhreagrach a oiriúnú níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí REPowerEU. Le pointe 1 d’Airteagal 21c, mar a mholtar, sainítear sraith de na cuspóirí REPowerEU.

Chun cuspóirí REPowerEU a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit a chinneann a RRPanna a mhodhnú caibidil REPowerEU a chur isteach ag an am céanna. Is féidir cur isteach chaibidil REPowerEU a chomhcheangal le cineálacha eile modhnuithe RRP, mar a mhínítear faoi Chuid I.

Leis an gcaibidil REPowerEU, ba cheart forbhreathnú gearr a thabhairt ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí ar fad atá le cur chun feidhme ag Ballstát chun cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Sa chleachtas, is féidir leis an gcaibidil REPowerEU a bheith i bhfoirm chomhpháirt thiomnaithe RRP. Chomh maith leis an gcaibidil REPowerEU a áireamh mar chomhpháirt thiomnaithe RRP, ba cheart faisnéis eile a iarrtar le hAirteagal 18 agus le hAirteagal 21c, mar a mholtar, agus a chuirtear i láthair i Ranna I.2 agus II thíos, a bheith ag gabháil leis an modhnú ar RRP.

2.   Inneachar na gCaibidlí REPowerEU

A)   Athchóirithe agus infheistíochtaí a mhaoiníonn an RRF a áirítear sna caibidlí REPowerEU

Ba cheart do na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a chuireann le cuspóirí REPowerEU a chur chun cinn ina gcaibidil REPowerEU. I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú gur cheart do na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí rannchuidiú le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin ar fad nó ar an bhfothacar suntasach de na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tír-shonracha ábhartha, lena n-áirítear na moltaí tír-shonracha atá le glacadh faoi thimthriall Sheimeastar 2022 ina dtagraítear inter alia do na dúshláin fuinnimh atá roimh na Ballstáit.

Ní bheidh incháilithe le haghaidh cistiú dá bhforáiltear faoi Airteagal 21d agus Airteagal 21b ach athchóirithe agus infheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí REPowerEU. Spreagtar na Ballstáit freisin tacú leis na bearta sin le hiasachtaí RRF faoi Airteagal 14. Leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa chaibidil REPowerEU, mar a luaitear in Airteagal 21c(1) den togra ón gCoimisiún í, tagraítear d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí nach raibh san áireamh roimhe seo in RRP an Bhallstáit (dá dtagraítear in Airteagal 21c(2)(a)), agus a ceapadh chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí REPowerEU.

Is féidir leis an gcaibidil REPowerEU, i gcúinsí teoranta, bearta a dhéanamh a bhí in RRPanna roimhe seo ach ba cheart na bearta sin a mhéadú a mhéid is féidir iad a mheas mar bhearta “nua”. Ní bheidh incháilithe le haghaidh cistiú breise ach amháin na hinfheistíochtaí sin lena mbaineann feabhas substainteach mar thoradh ar na hathruithe, feabhas a léirítear i ndearadh agus i leibhéal na ngarspriocanna agus na spriocanna, as a n-eascraíonn feidhmíocht mhéadaithe nuair atáthar ag féachaint ar chainníochtú na gcoigilteas fuinnimh nó an choigiltis i dtomhaltas breoslaí iontaise. Mar shampla, d’fhéadfadh Ballstát beart a choinneáil i gcomhpháirt atá ann cheana ach an sprioc a mhéadú go suntasach faoin gCaibidil REPowerEU d’fhonn tairbhiú den mhaoiniú nua atá ar fáil (e.g. méadú ar an acmhainneacht giniúna leictreachais foinsí in-athnuaite fuinnimh ó 1 000 MW go 1 300 MW, chuirfí sin i láthair mar mhéadú 300 MW).

Agus a gcaibidlí REPowerEU á ndréachtú acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sraith chomhfhreagrach garspriocanna agus spriocanna ag gabháil leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear sna caibidlí REPowerEU.

Na hinfheistíochtaí agus athchóirithe i gcaibidlí REPowerEU chun an soláthar a éagsúlú ón Rúis agus an t-éileamh ar ghás a laghdú sa ghearrthéarma, ba cheart iad a bhunú agus meon na dlúthpháirtíochta a léiriú maidir le cinnteacht an tsoláthair. Chun na críche sin, ba cheart iad a shocrú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais réigiúnacha agus náisiúnta ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de agus chun forbhreathnú an Aontais ar ullmhacht ghearrthéarmach do bhriseadh sa soláthar gáis a scaoiltear chuig na Ballstáit a chur san áireamh.

Samplaí d’infheistíochtaí is féidir a áireamh sna caibidlí REPowerEU

Roinnt cineálacha infheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí REPowerEU agus a bhféadfaí tacú leo faoin RRF. Maidir le hinfheistíochtaí sa bhonneagar gáis, tá sé tábhachtach go mbeidh siad comhsheasmhach le torthaí an mheasúnaithe ar riachtanais bhreise bonneagair fuinnimh mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le REPowerEU an 8 Márta 2022 (COM(2022) 108 final) agus leis an bplé leis na Ballstáit sna Grúpaí Ardleibhéil réigiúnacha atá ag feidhmiú i gcomhthéacs an bheartais GTE-F. Go háirithe, féadfaidh baint a bheith ag na hinfheistíochtaí sin leis an méid seo a leanas:

Acmhainneacht táirgeachta bithmheatáin inbhuanaithe agus hidrigine in-athnuaite a mhéadú;

Iarracht a dhéanamh an tomhaltas fuinnimh agus an t-ídiú breosla iontaise a laghdú (úsáid mheasartha fuinnimh);

Dlús a chur le glacadh hidrigine in-athnuaite sna hearnálacha atá deacair a dhícharbónú, trí aistriú teicneolaíochta chuig próisis agus feidhmeanna hidrigin-bhunaithe a éascú;

Bonneagar hidrigine, lena n-áirítear píblínte, saoráidí stórála agus calafoirt.

Bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus dícharbónaithe in earnálacha tionsclaíochta, go háirithe i bpróisis teasa, i gcórais bhainistíochta ó thaobh an éilimh de agus i bhfreagairt don éileamh;

Scéimeanna athchóirithe agus teicneolaíochtaí lena méadaítear éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh agus dícharbónú teasa, amhail feidhmiú céimneach teaschaidéil, téamh ceantair in-athnuaite, díonta fótavoltacha (PV), stóráil fuinnimh, teirmeastait chliste, agus insliú ardghrád;

Cláir chun iniúchtaí ar éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus comhairle do theaghlaigh agus do ghnólachtaí.

Próisis thionsclaíocha a leictriú agus teicneolaíochtaí ionadaíochta maidir le húsáidí gáis i dteas tionsclaíoch (go háirithe teas teochta ísle), gal agus feidhmeanna bunábhair;

Saoráidí stórála fuinnimh agus saoráidí stórála gáis;

Acmhainneacht táirgeachta foinsí fuinnimh in-athnuaite;

An córas náisiúnta dáileacháin agus tarchurtha leictreachais a fhorbairt;

Idirnascairí leictreachais a thógáil;

Bonneagar agus saoráidí lena gcumasaítear éagsúlú sholáthar gáis na mBallstát lena n-áirítear críochfoirt GNL (amhail aonaid snámha stórála agus athghásaithe GNL), píblínte gáis agus stóráil agus a gcibearshlándáil.

Slabhraí luacha a fhorbairt maidir le príomhábhair, comhpháirteanna teicneolaíocha agus trealamh atá nasctha leis an aistriú glas.

Athsciliú agus uas-sciliú chun an t-athleithdháileadh i leith poist nua a éascú, go háirithe i dtáirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus in earnálacha eile den gheilleagar glas

Tacú le leictriú an bhonneagair iompair, lena n-áirítear iarnróid, agus le húsáid bonneagar athbhreoslaithe agus athluchtaithe mhalartaigh a sholáthraíonn leictreachas nó hidrigin chun críocha iompair d’fheithiclí

Feithiclí iompair phoiblí astaíochtaí nialasacha, a bhfuil éifeacht shuntasach agus dhíreach acu ó thaobh an éileamh ar bhreoslaí iontaise a laghdú.

I gcás bearta a rannchuidíonn le slándáil an tsoláthair, amhail bonneagar agus saoráidí fuinnimh, idirnascairí nó acmhainneachtaí táirgeachta, iarrtar ar na Ballstáit aird a thabhairt ar ghné chibearshlándála na dtionscadal, chun na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le suaitheadh fuinnimh a laghdú a mhéid is féidir.

Samplaí d’athchóirithe is féidir a áireamh sna caibidlí REPowerEU

Thairis sin, tá cineálacha éagsúla athchóirithe ann a d’fhéadfadh na Ballstáit a mheas chun tionchar na n-infheistíochtaí a chuirtear chun feidhme i gcomhthéacs REPowerEU a uasmhéadú. Áirítear leo sin:

Athchóirithe lena gcuirtear dlús leis na nósanna imeachta deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail bhreoslaí in-athnuaite agus lena n-íoslaghdaítear an tréimhse chun iad a chur i bhfeidhm chomh maith le hathchóirithe a bhaineann le feabhsuithe ar bhonneagar na heangaí, mar aon leis na treisithe is gá ar an riarachán chun déileáil leis an dlús leis na hiarrataí ar cheadú agus le líon méadaithe na n-iarrataí sin;

Sceidil thrédhearcacha le haghaidh nuashonruithe ar eangacha dáileacháin agus ar cheantanna fuinnimh in-athnuaite;

Scéimeanna árachas agus maolaithe riosca d’infheistíochtaí i dtionscadail téimh in-athnuaite agus i dtionscadail forbartha/nuachóirithe téimh ceantair, scéimeanna um athsholáthar beartaithe do chórais téimh iontaise le teicneolaíochtaí in-athnuaite, dreasachtaí cánach do chuideachtaí agus do thomhaltóirí chun aistriú ó théamh breoslaí iontaise-bhunaithe i dtreo roghanna ísealcharbóin (teas in-athnuaite, téamh ceantair bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite, úsáid líonraí teasa agus fuaraithe dramhaíola tionsclaíche) agus an acmhainn in-athnuaite áitiúil a úsáid (5);

Dreasachtaí chun cruthú post ardcháilíochta i dtáirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus in earnálacha eile den gheilleagar glas a chur chun cinn , lena n-áirítear dreasachtaí spriocdhírithe agus dea-dheartha agus earcaíochta agus aistrithe (6)

Athchóirithe chun solúbthacht an chórais cumhachta a fheabhsú, chun acmhainní ó thaobh an éilimh de a chumasú chun páirt a ghlacadh i margaí leictreachais agus dreasachtaí a fhorbairt le haghaidh freagairt don éileamh, lena n-áirítear stóráil fuinnimh

Dreasachtaí chun breisoiliúint a chur ar an lucht saothair atá ann cheana agus oiliúint a chur ar ghairmithe oilte in earnáil na tógála, amhail suiteálaithe téimh atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite;

Creat reachtach iomchuí a cheapadh maidir le hidrigin, iompar agus stóráil in-athnuaite;

Dreasachtaí le haghaidh bonneagair athbhreoslaithe agus athluchtaithe mhalartaigh a sholáthraíonn leictreachas nó hidrigin chun críocha iompair d’fheithiclí a chur in úsáid;

Forbairt a dhéanamh ar faisnéis agus fadbhreathnaitheacht maidir leis an margadh saothair agus le scileanna, agus curaclaim oideachais agus oiliúna a chur in oiriúint do riachtanais an aistrithe ghlais.

Tionscadail trasteorann agus ilnáisiúnta a thacaíonn le cuspóirí REPowerEU

Moltar go láidir do na Ballstáit tionscnaimh trasteorann a fhorbairt agus a neartú. Tá Tionscadail Leasa Choitinn (TLCanna), arna roghnú faoin mBeartas maidir le Gréasáin Thras-Eorpacha Fuinnimh (GTE-F), incháilithe do thacaíocht ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. I gcomhthráth leis na tionscadail leasa choitinn, tacaíonn an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le tionscadail trasteorann fuinnimh in-athnuaite freisin, tionscadail arna bhforbairt ag níos mó ná Ballstát amháin ar bhonn na sásraí comhair a leagtar síos sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite. Cuidíonn na tionscadail sin cheana féin le cuspóirí REPowerEU trí fhuinneamh in-athnuaite malartach ar bhreoslaí iontaise a chur ar fáil, spleáchas ar iompórtálacha a laghdú agus leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht na hEorpa maidir le fuinneamh in-athnuaite.

Ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do thionscadail nach maoinítear le SCE, agus bearta á mbreithniú acu atá beartaithe le haghaidh tacaíocht airgeadais bhreise ó fhoinsí maoinithe REPowerEU laistigh den RRF. Moltar go háirithe do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí maoiniú RRF a thabhairt do thionscadail bhreise gáis arna sainaithint sa mheasúnú ar riachtanais bhonneagair a dhéantar chun críoch phlean REPowerEU. Mar shampla, is féidir ról lárnach a bheith ag RRF maidir le huaillmhian na mBallstát a bhaint amach chun príomhshlabhraí luacha a fhorbairt tuilleadh, go háirithe i dtarchur fuinnimh trasteorann, i hidrigin in-athnuaite agus i soláthar amhábhar criticiúil.

B)   Bearta a chuireann le REPowerEU atá san áireamh cheana féin sna RRPanna

Chun go mbeidh na caibidlí REPowerEU uileghabhálach agus neamhspleách, ba cheart a áireamh sna caibidlí sin freisin tuairisc ar an gcaoi a gcuireann na bearta atá sna RRPanna a glacadh cheana féin le cuspóirí REPowerEU (Airteagal 21c (2)(a) de Rialachán RRF arna leasú leis an togra ón gCoimisiún).

Ba cheart liosta de na bearta sin a áireamh sna caibidlí REPowerEU, mar aon le míniú gearr ar a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí REPowerEU. Ní hé an cuspóir bearta i gcomhchodanna atá ann cheana a bhogadh chuig na gcaibidil REPowerEU, chun athstruchtúrú an RRP ina iomláine agus difear dá chothromaíocht agus dá comhleanúnachas a sheachaint, ach is é an cuspóir míniú a thabhairt ar an rannchuidiú a thugann bearta atá ann cheana do chuspóirí REPowerEU.

Ba cheart an tábla seo a leanas a úsáid chuige sin:

Uimhir thagartha na foirme

Ainm an bhirt

Rannchuidiú le cuspóirí REPowerEU

Na laghduithe a bhfuiltear ag súil leo ar iompórtálacha breosla iontaise

CX.RX

Athchóiriú ar an gcánachas glas

Ach dreasachtaí a thabhairt d’fhiontair agus do dhaoine aonair aistriú go feithiclí astaíochtaí nialasacha agus feithiclí astaíochtaí ísle, áiritheofar tomhaltas breoslaí iontaise níos ísle agus, ar an gcaoi sin, laghdófar an spleáchas ar iompórtálacha eachtracha na mbreoslaí sin.

 

CY.IY

Athchóiriú foirgneamh

Athchóiriú X milliún méadar cearnach, agus é mar chuspóir ar a méadú 30 % ar a laghad a bhaint amach maidir le coigilteas fuinnimh

 

CZ.IZ

Gaoth ón talamh

Suiteáil 500 MW gaoithe ón talamh

 

C)   Bearta REPowerEU arna gcistiú ag foinsí seachas an RRF

D’fhonn léargas cuimsitheach a thabhairt sa chaibidil REPowerEU ar na bearta uile a rannchuideoidh le cuspóirí REPowerEU, ba cheart a áireamh sa chaibidil seo bearta tábhachtacha a mhaoinítear le foinsí eile, cibé acu ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, lena gcuirtear freisin le cuspóirí REPowerEU. Rud tábhachtach, ní chuirfear na bearta sin san áireamh agus an cistiú atá ar fáil faoin RRP á chinneadh. Ní chumhdaítear na bearta sin ach oiread le ceanglais iniúchóireachta agus rialaithe a leagtar amach le Rialachán RRF.

Is laistigh de chreat an tSeimeastair Eorpaigh go príomha a dhéanfar faireachán ar bhearta REPowerEU nach maoinítear le RRF. Le haghaidh gach birt REPowerEU arna chistiú ó fhoinsí eile seachas an RRF, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a chur sa chaibidil REPowerEU:

Ainm an bhirt;

Costas measta agus faoine/foinsí maoinithe;

Cuspóir an bhirt agus nasc le cuspóirí REPowerEU;

Módúlachtaí cur chun feidhme;

Na príomhchéimeanna agus an féilire gaolmhar cur chun feidhme;

Tionchar measta an bhirt, e.g. coigilteas/éagsúlú foinsí iompórtálacha gáis, coigilteas fuinnimh foriomlán, acmhainneacht táirgeachta suiteáilte don fhuinneamh in-athnuaite, laghdú ionchasach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Tagairt do bhearta RRP a chomhlánaíonn sé nó a lena gcomhlánaítear é (más ann dó)

Ba cheart do na Ballstáit léiriú a thabhairt ar chomhlántacht idir na bearta a áirítear ina gcaibidil REPowerEU. Ba cheart dóibh a mhíniú go háirithe conas a threisíonn bearta a chéile.

I dteannta na tuairisce ar na bearta uile dá dtagraítear sna ranna thuas, ba cheart a mhíniú sna caibidlí REPowerEU conas atá teaglaim na mbeart sin uile comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach chun cuspóirí REPowerEU a bhaint amach (Airteagal 21c (2)(c) den Togra ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán RRF).

Mar fhreagairt ar an gceanglas “comhleanúnachais”, táthar ag súil go leagfaidh na Ballstáit amach an réasúnú a bhí acu leis na bearta a áirítear sa Chaibidil REPowerEU a chur leis na bearta atá ann cheana nó atá beartaithe. Ba cheart dóibh a mhíniú cén fáth a líonann na bearta sin na bearnaí atá fós ann ar an leibhéal náisiúnta agus/nó ar leibhéal an Aontais, bearnaí nach dtugann bearta roimhe seo aghaidh orthu go fóill.

Maidir leis an gcritéar “éifeachtúlachta”, ba cheart é a bheith réasúnaithe cén fáth agus cén chaoi a n-oireann bearta REPowerEU don chuid is mó do na críocha thuasluaite.

Chun argóint “comhréireachta” shásúil a chur ar fáil, ba cheart do na Ballstáit cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil na bearta a áirítear sa Chaibidil REPowerEU i gcomhréir lena bhfuil riachtanach chun cuspóirí REPowerEU a bhaint amach, agus ar an gcaoi a dtacaíonn cothromaíocht leasanna dlisteanacha leis na bearta atá i gceist.

Ba cheart do na Ballstáit anailís chainníochtúil a chur ar fáil maidir leis an méid a chuireann a mbearta REPowerEU leis an sprioc a leagtar síos le plean REPowerEU.

3.   Measúnú ar an gcaibidil REPowerEU

Mar a leagtar amach in Airteagal 21c(4) den togra le haghaidh Rialachán RRF a leasú, beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha eile an Rialacháin RRF maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí na caibidle REPowerEU, mura bhforáiltear a mhalairt. Dá réir sin, beidh na hathchóirithe agus an infheistíocht a áirítear sa chaibidil REPowerEU agus a mhaoinítear leis an RRF ina gcuid dhílis de na RRPanna. Ba cheart dóibh coinníollacha uile Airteagal 18 a chomhlíonadh agus a bheith faoi réir na gcritéar measúnaithe a leagtar amach in Airteagal 19 agus in Iarscríbhinn V, mura sonraítear a mhalairt, go háirithe maidir leis an gclibeáil dhigiteach faoi Airteagal 19(3)(f) agus faoi Roinn 2.6 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán RRF.

A)   Díolúine ón oibleagáid cur leis an sprioc dhigiteach 20 %

Gan dochar don mhéid sin thuas, i gcomhréir le hAirteagal 21c(3) den togra chun Rialachán RRF a leasú, beidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear i gcaibidlí REPowerEU atá le maoiniú faoi RRF faoi réir na modheolaíochta clibeála digití a leagtar amach in Airteagal 19(3)(f) agus in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán RRF, ach ní dhéanfar an tacaíocht do bhearta faoi chaibidil REPowerEU a mheas agus é á ríomh ar baineadh amach an sprioc dhigiteach 20 %. I bhfianaise phráinn agus thábhacht na ndúshlán fuinnimh atá roimh an Aontas, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, tá gá le díolúine den sórt sin chun a áirithiú nach laghdófar leis an gclibeáil dhigiteach cumas na mBallstát na bearta lena gcuirtear le cuspóirí REPowerEU a chistiú.

Cé go bhfuil na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a chuirtear chun cinn i gcaibidil REPowerEU díolmhaithe ó ríomh na sprice digití, iarrtar ar na Ballstáit infheistíochtaí digiteacha a chur ar aghaidh atá ábhartha do chuspóirí REPowerEU. D’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh ar infheistíochtaí den sórt sin, mar shampla:

Digiteáil na ngréasán fuinnimh, lena n-áirítear eangach chliste;

Leas a bhaint as méadair chliste, córais bainistithe cliste agus córais luchtaithe cliste, mar aon le hoibreacha athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh;

Aeráidneodracht na lárionad sonraí agus na líonraí agus athúsáid a dramhtheasa;

Cibearshlándáil don chóras fuinnimh, rud atá ríthábhachtach ó thaobh shlándáil an tsoláthair de;

Bonneagair sonraí chun gur féidir an fhreagairt don éileamh (e.g. leis an spás coiteann Eorpach sonraí fuinnimh) agus stóráil fuinnimh a fhorbairt go forleathan;

Bearta chun an t-iompar a dhigiteáil, ar bearta iad atá tiomnaithe go páirteach do laghdú astaíochtaí gáis ceaptha teasa (GCT);

Scileanna digiteacha nó feidhmchláir chun tomhaltóirí fuinnimh a chumhachtú.

Ar deireadh, chun tacú le huaillmhianta digiteacha an RRF, leanfaidh an chlibeáil dhigiteach de bheith infheidhme maidir le gach tacaíocht do na bearta uile a chuirtear chun cinn sna hathbhreithnithe ar RRPanna nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 21c(1) de Rialachán RRF.

B)   Critéar measúnaithe breise a bhaineann le cuspóirí REPowerEU

Ina theannta sin, déanfar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear i gcaibidlí REPowerEU agus a mhaoinítear faoin RRF a mheasúnú faoin 12ú critéar measúnaithe breise, arna leagan amach in Iarscríbhinn V“ Roinn 2.12 d” den leasú atá beartaithe ar an Rialachán RRF, i ndáil lena rannchuidiú éifeachtach le cuspóirí REPowerEU. I gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún, is féidir a mheas go bhfuil an critéar seo comhlíonta má chomhlíonann na bearta sin ceann de na cuspóirí sin:

feabhas a chur ar an mbonneagar fuinnimh agus ar shaoráidí fuinnimh chun freastal ar riachtanais láithreacha shlándáil an tsoláthair ola agus gáis, go háirithe ionas go mbeifear in ann an soláthar a éagsúlú ar mhaithe leis an Aontas ina iomláine;

borradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh, an tionscal a dhícharbónú, táirgeadh agus glacadh bithmheatáin inbhuanaithe, hidrigine inathnuaite nó hidrigine atá saor ó fhoinsí iontaise a mhéadú, agus sciar an fhuinnimh inathnuaite a mhéadú,

aghaidh a thabhairt ar scrogaill tarchurtha fuinnimh inmheánacha agus trasteorann, go háirithe trí naisc a thógáil le Ballstáit eile, nó tacú le hiompar astaíochtaí nialasacha agus lena bhonneagar, lena n-áirítear iarnróid;

tacú leis na cuspóirí thuas trí bhorradh a chur faoi athcháiliú an lucht saothair i dtreo scileanna glasa, chomh maith le tacú le slabhraí luacha in bpríomhábhair agus i bpríomhtheicneolaíochtaí atá nasctha leis an aistriú glas,

agus an coinníoll seo a chomhlíonadh freisin:

Comhlántacht agus rannchuidiú suntasach na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a áirítear i gcaibidil REPowerEU (Airteagal 21c(1)), mar aon leis na bearta eile a dtugtar tuairisc orthu (21c (2) (a) agus (b)), chun éagsúlú soláthair fuinnimh an Aontais a bhaint amach nó chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú roimh 2030.

C)   Tionchar a thomhas

Ba cheart do na Ballstáit a léiriú go mbainfear amach cuspóirí REPowerEU leis na hinfheistíochtaí agus leis na hathchóirithe trí na nithe seo a leanas a thomhas:

An laghdú ar allmhairí breoslaí iontaise ón Rúis;

I gcás allmhairí gáis, meastachán ar an laghdú i mbilliúin méadar ciúbach a shábhálfar ón Rúis le bearta coibhéiseacha;

An laghdú measta ar ídiú fuinnimh;

Nuachóiriú an bhonneagair eangaí i dtreo an díláraithe, comhtháthú an mhargaidh nó feabhsú shlándáil an tsoláthair.

Ba cheart tábla a bheith sa chaibidil REPowerEU ina léirítear cineál gach birt (i.e. beart nua nó modhnaithe, bearta RRP atá ann cheana, bearta arna gcistiú ó fhoinsí eile), an tionchar a mheastar a bheidh acu ar an laghdú ar allmhairí gáis nádúrtha ón Rúis, arna shloinneadh i mbilliúin méadar ciúbach.

Ainm an bhirt

An laghdú a bhfuil coinne leis in 2027 ar allmhairí gáis nádúrtha ón Rúis i gcomparáid le 2019 (i mbilliúin méadar ciúbach)

Athchóiriú X

 

Infheistíocht Y

 

Iomlán

 

D)   An prionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh (DNSH)

De réir an togra ón gCoimisiún, bearta lena gcuirtear feabhas ar an mbonneagar fuinnimh agus ar shaoráidí fuinnimh chun freastal ar riachtanais láithreacha shlándáil an tsoláthair ola agus gáis, go háirithe ionas go mbeifear in ann an soláthar a éagsúlú ar mhaithe leis an Aontas ina iomláine, ní mór na bearta sin an prionsabal DNSH a chomhlíonadh. Baineann sé sin go háirithe leis na hinfheistíochtaí in acmhainní gáis agus ola atá ríthábhachtach chun a áirithiú go laghdófar an spleáchas ar sholáthróirí Rúiseacha go han-tapa. Baineann an maolú seo le bearta atá riachtanach chun slándáil an tsoláthair a ráthú sa ghearrthéarma, agus níor cheart an maolú sin bac a chur ar an dul chun cinn foriomlán i dtreo spriocanna aeráide 2050, agus na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide á gcur san áireamh.

Ní mór do gach beart eile a bhaineann le cuspóirí REPowerEU an prionsabal DNSH a chomhlíonadh, i gcomhréir leis an Rialachán RRF. Go ginearálta, má chomhlíontar DNSH tacaítear le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach i gcomhréir leis na treoirphrionsabail seo a leanas:

Na bearta a bhfuil rogha mhalartach ann ina leith atá indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de agus a bhfuil tionchar íseal comhshaoil acu, bíonn siad i gcomhréir le prionsabal DNSH i gcoitinne, go háirithe na bearta sin nach bhfuil bunaithe ar bhreoslaí iontaise amhail foinsí fuinnimh inathnuaite. Ní hamháin go laghdaíonn sé sin an spleáchas ar allmhairí de bhreoslaí iontaise ón Rúis, ach feabhsaíonn sé cáilíocht an chomhshaoil freisin.

I gcás bearta nach bhfuil aon rogha eile ann ina leith atá indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de agus a bhfuil tionchar íseal acu ar an gcomhshaol, féadfaidh na Ballstáit a léiriú go gcomhlíontar an prionsabal DNSH trí na leibhéil feidhmíochta comhshaoil is fearr atá ar fáil san earnáil a mholadh. Féadfar a áireamh air sin gníomhaíochtaí agus sócmhainní a úsáideann níos lú breoslaí iontaise nó nach n-úsáideann breosla iontaise ar bith. Dá bhrí sin, tacaíonn an prionsabal DNSH leis an spleáchas ar allmhairí a laghdú, rud a chuireann le cuspóirí REPowerEU.

Leis na prionsabail sin, tacaítear go háirithe leis an dara colún de REPowerEU ina n-iarrtar infheistíocht i gcóras fuinnimh comhtháite ar fud an Aontais atá bunaithe den chuid is mó ar fhuinneamh inathnuaite agus ar éifeachtúlacht fuinnimh i bhfad níos airde chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú.

Tá go leor beart a thacaíonn le cuspóirí REPowerEU curtha san áireamh cheana féin sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a glacadh, agus fuair siad go raibh siad i gcomhréir le prionsabal DNSH. Áirítear orthu sin bearta chun fuinneamh inathnuaite a chur chun cinn, chun bonneagar solúbtha fuinnimh atá slán i bhfad na haimsire a úsáid agus chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Chun ullmhú na bpleananna modhnaithe a éascú, léirítear sna samplaí thíos conas is féidir a áirithiú go gcomhlíonfar an prionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh le haghaidh an chuspóra maidir le maolú ar an athrú aeráide le haghaidh bhearta breise REPowerEU.

An tionscal a dhícharbónú Faoin RRF, i gcomhréir le Fonóta 27 den Treoir Theicniúil, ní mór do shuiteálacha tacaithe beart atá cumhdaithe ag Córas an Aontais i ndáil le Trádála Astaíochtaí (CTA) astaíochtaí gás ceaptha teasa réamh-mheasta atá i bhfad níos ísle ná na tagarmharcanna ábhartha a bhaint amach (7) . Cé nach bhfuil aon rogha eile atá indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de agus nach bhfuil aon tionchar comhshaoil aici ar fáil faoi láthair nó nach bhfuil ach tionchar íseal aige sin ar an gcomhshaol ar fáil i gcás roinnt de na gníomhaíochtaí sin, tacóidh an cur chuige sin le laghdú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as breoslaí iontaise, rud a laghdóidh spleáchas an Aontais ar allmhairí. Maidir le táirgeadh hidrigine, moltar foinsí fuinnimh inathnuaite a úsáid.

Leictriú níos mó : Luaitear sa Treoir Theicniúil maidir le DNSH go meastar go bhfuil bearta chun leictriú níos fearr a chur chun cinn (e.g. tionscal, iompar, foirgnimh) i gcomhréir leis an gcritéar DNSH maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, ar choinníoll go dtugann na Ballstáit údar go mbeidh acmhainn mhéadaithe giniúna foinsí inathnuaite ag gabháil leis an leictriú níos mó ar an leibhéal náisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit bearta (breise) a áireamh ina bpleananna modhnaithe chun tacú le tuilleadh leictrithe na bpríomhearnálacha, rud a bhfuil coinne leis – in éineacht leis an leictreachas ó fhoinsí inathnuaite – go dtacóidh siad go díreach le cuspóirí REPowerEU.

II.   Treoraíocht ghinearálta maidir le RRPanna a mhodhnú

Tugtar forléargas sna ranna thíos ar na heilimintí ba cheart do na Ballstáit a léiriú ina RRP modhnaithe. Tugtar aghaidh sa treoraíocht seo ar na ceisteanna is minice a tharraing na Ballstáit anuas agus cuirtear treoirlínte praiticiúla ar fáil maidir le conas an aguisín a ghabhann leis an RRP a struchtúrú i gcomhréir le ceanglais Airteagal 18 de Rialachán RRF.

Chun comhsheasmhacht a áirithiú i gcur i láthair an aguisín agus an RRP, leanann an struchtúr seo thíos Treoraíocht RRP ó Eanáir 2021. Moltar do na Ballstáit leanúint ar aghaidh ag baint úsáide as an struchtúr céanna dá gcuid RRPanna agus na hathruithe ar na codanna de na RRPanna atá ann cheana a theorannú.

1.   Cuspóirí na modhnuithe

Sa roinn seo, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt ar na cúiseanna atá mar bhonn taca leis na hathruithe atá beartaithe dá RRP ar glacadh leo roimhe seo.

Beidh an t-údar atá le soláthar ag brath ar chineál agus ar chuspóir na n-athruithe sin, mar a leagtar amach i gCuid I den doiciméad seo. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, an bunús dlí atá le gach athrú a shonrú, is é sin, an mbaineann sé le hiarratas ar iasacht, nuashonrú faoi Airteagal 18(2) chun an ranníocaíocht airgeadais athbhreithnithe a chur san áireamh, agus/nó leasú faoi Airteagal 21 i ngeall ar imthosca oibiachtúla. I bhfianaise an ama agus na n-acmhainní nach mór don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta a úsáid don phróiseas sin, iarrtar ar gach Ballstát na modhnuithe uile atá beartaithe ar an bplean a chur le chéile in aon iarraidh amháin. Beidh tionchar ag rogha an bhunúis dlí ar leibhéal na n-athruithe is féidir leis na Ballstáit a dhéanamh agus ar na coinníollacha is gá dóibh a chomhlíonadh chun go bhfaighidh RRP modhnaithe measúnú dearfach. Má bhíonn níos mó ná cúis amháin i gceist leis an athbhreithniú, beidh ar an mBallstát a chur in iúl go soiléir conas a chomhlíonann sé na coinníollacha agus na cúiseanna a thabhairt a ghabhann le gach ceann acu (e.g. riachtanais airgeadais bhreise chun iasacht a iarraidh faoi Airteagal 14 agus cúinsí oibiachtúla lena gcoisctear cur chun feidhme an phlean *cuid den phlean) faoi Airteagal 21).

A)   Freagairt chuimsitheach agus cothromaithe go leordhóthanach ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta / an rannchuidiú leis na 6 cholún

Ba cheart an RRP modhnaithe leanúint de bheith ina fhreagairt chuimsitheach agus cothromaithe go leordhóthanach ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta agus ba cheart dó rannchuidiú go hiomchuí le gach ceann de na sé cholún in Airteagal 3 de Rialachán RRF. Ba cheart na hathruithe ar an bplean tosaigh an chothromaíocht sin a choinneáil, nó, i gcás ina modhnófaí é, ba cheart údar a bheith leo trína léiriú go bhfuil sé sin i gcomhréir leis na dúshláin nua atá roimh an mBallstát agus/nó le leithdháileadh airgeadais nua an Bhallstáit. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil an RRP modhnaithe fós ina fhreagairt chuimsitheach agus cothromaithe go leordhóthanach ar staid eacnamaíoch agus shóisialta an Bhallstáit lena mbaineann. Más athruithe imeallacha iad na hathruithe ar an bplean, is féidir leis na Ballstáit glacadh leis go leanfar den rannchuidiú leis na sé cholún a bheith cothromaithe gan gá mínithe breise mionsonraithe a thabhairt.

Ba cheart do na Ballstáit na bearta nua a nascadh leis na colúin ábhartha, trí mhíniú a thabhairt ar an gcaoi a rannchuideoidh siad leo. Má bhaintear bearta áirithe ón bplean modhnaithe nó má laghdaítear iad, ba cheart a mhíniú conas a leanfaidh an rannchuidiú foriomlán ón bplean leis na colúin lena mbaineann de bheith leordhóthanach. I gcás inarb ábhartha, ba cheart nasc a tharraingt leis an míniú sin idir na bearta a baineadh agus aon bheart nua a mholtar mar ionadú ar an gcéad bheart eile, agus tagairt á déanamh do na colúin a ndéantar difear dóibh.

Ba cheart aird chuí a thabhairt sna míniúcháin a thugtar ar aon fhorbairt nua i mbeartais an Bhallstáit nó i mbeartais an Aontais a dhéanann difear do na sé cholún. Moltar do na Ballstáit go háirithe machnamh a dhéanamh ar thionchar na bhforbairtí geopholaitiúla is déanaí ar rannchuidiú an phlean leis an gcolún aistrithe glas, i bhfianaise chuspóirí REPowerEU. Sa chomhthéacs sin, tá na haguisíní ina bhfuil bearta breise nach gcumhdaíonn ach ceann amháin nó dhá cheann de na colúin inghlactha, sa mhéid is go bhfuil údar leis sin i ngeall ar na dúshláin nua atá os comhair na mBallstát.

B)   Nasc le moltaí tírshonracha agus leis an Seimeastar Eorpach

Ba cheart a chur san áireamh sa RRP leasaithe na dúshláin ar fad a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, lena gcuimsítear na dúshláin sin a thugtar i dtimthriallta Sheimeastar Eorpach 2019 agus i dtimthriallta Seimeastair níos déanaí suas go dtí an dáta ar cuireadh isteach an RRP modhnaithe (8). Beidh ábharthacht ar leith ag baint leis na moltaí tírshonracha a eisíodh i dtimthriall 2022. Déantar cur chun feidhme na mbeart atá san áireamh sna RRPanna a mheas i dtuarascálacha tíre 2022 agus sainaithnítear na príomhdhúshláin atá fós gan íoc nó na dúshláin nua atá ag teacht chun cinn nach bhfuil clúdaithe go leordhóthanach sna RRPanna, rudaí atá mar bhonn do na moltaí tírshonracha 2022.

Mar a cuireadh in iúl i Roinn I, ní dhéanann athbhreithnithe síos ar an ranníocaíocht uasta airgeadais difear don ghá atá ann aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha ar fad nó ar fhothacar suntasach díobh. Dá bhrí sin, níor mhór an leibhéal céanna uaillmhéine a choimeád leis an RRP modhnaithe, mar atá sa phlean a glacadh roimhe seo,

I gcás na mBallstát sin a iarrann iasacht nó a fheiceann méadú (substaintiúil) ar a ranníocaíocht uasta airgeadais RRF, ní mór tacar iomlán na moltaí tírshonracha ó 2019, 2020 agus 2022 a chur san áireamh nuair a chuirtear leis an bplean tosaigh. Tá feidhm ag an méid sin, go háirithe ag na riachtanais bhreise athchóirithe agus infheistíochta a sainaithníodh i gcleachtadh Sheimeastar Eorpach 2022, lena n-áirítear na riachtanais a bhaineann leis an ngá atá le spleáchais fuinnimh a laghdú. Is deis é cur i láthair na n-aguisíní freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a sainaithníodh i dtimthriallta de chuid an tSeimeastair Eorpaigh roimhe seo nach dtugtar aghaidh orthu nó nach dtugtar aghaidh orthu ach i bpáirt nó nach dtugtar aghaidh orthu sa RRP a glacadh.

Agus a n-aguisín á ullmhú acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh tionchar na n-athruithe atá beartaithe ar inbhuanaitheacht fhioscach i gcomhréir le moltaí tírshonracha 2022 a bhaineann le hábhair fhioscacha agus bhuiséadacha, mar a d’fhormheas an Chomhairle. Agus tionchar fioscach na modhnuithe a mholtar ar a RRP á mheas agus á chur i láthair acu, ba cheart do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu a áirithiú go bhfuil na bearta nuashonraithe sa RRP comhsheasmhach leis na tosaíochtaí a sainaithníodh sa mholadh is déanaí maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, mar a ghlac an Chomhairle iad.

C)   Tionchar foriomlán an RRP

I gcomhréir le treoraíocht RRP 2021, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt ar a mhéid a mheastar go n-athróidh na hathruithe atá beartaithe tionchar foriomlán a gcuid RRPanna. Ba cheart a léiriú leis an míniú sin an tionchar a mheastar a bheidh ag an RRP modhnaithe ina iomláine, agus na bearta a cuireadh leo nó a baineadh de á gcur san áireamh. Agus treoraíocht 2021 RRP á cur i bhfeidhm, ba cheart na heilimintí seo a leanas a léiriú:

Ionchas maicreacnamaíoch agus sóisialta;

Tionchar maicreacnamaíoch agus sóisialta an RRP;

Inbhuanaitheacht;

Comhtháthú.

Iarrtar ar na Ballstáit figiúirí cothrom le dáta a chur ar fáil maidir le tionchar a gcuid RRPanna modhnaithe, sa mhéid go bhfuil athrú suntasach tagtha orthu i gcomparáid leis na cinn a cuireadh isteach mar chuid den RRP a glacadh roimhe seo. Agus é sin á dhéanamh acu, is féidir leis na Ballstáit a bheith ag brath ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ina gCláir Náisiúnta um Athchóiriú agus féadfaidh siad crostagairtí a úsáid más gá. Ba cheart méid na faisnéise nua a chuirfear ar fáil a bheith comhréireach leis na hathruithe a mholtar san aguisín.

D)   An Comhleanúnachas

Ba cheart tionchar na n-athruithe atá beartaithe ar chomhleanúnachas an RRP modhnaithe a chur in iúl trí mhíniú a thabhairt ar na hidirghníomhaíochtaí idir bearta nua nó bearta modhnaithe agus iad siúd a áirítear sa RRP a glacadh roimhe sin, trí thagairt a dhéanamh do na bearta a choimeádtar agus do na bearta a tarraingíodh siar sa phlean modhnaithe. Iarrtar ar na Ballstáit a mhíniú freisin conas a choimeádtar an chothromaíocht fhoriomlán idir athchóirithe agus infheistíochtaí. Níor cheart go gcruthódh bearta nua nó modhnaithe neamhréireachtaí agus níor cheart go rachadh siad in olcas ó thaobh chomhleanúnachas foriomlán an RRP de.

E)   Comhionannas inscne agus comhdheiseanna do chách

Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a ndéanann na hathruithe difear do rannchuidiú a RRPanna modhnaithe le cuspóirí an chomhionannais inscne agus comhdheiseanna do chách. I gcomhthéacs na bhforbairtí a tharla le déanaí, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar rioscaí na bochtaineachta fuinnimh a mhaolú.

Ba cheart do na Ballstáit treoraíocht 2021 maidir le RRP a leanúint chun na críche sin agus, an tráth céanna, na forbairtí is déanaí a léiriú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh, mar shampla:

Féachaint ar an mbealach is fearr chun na cuspóirí sin a chur san áireamh sa phróiseas cur chun feidhme agus faireacháin, agus an taithí a fuarthas go dtí seo maidir le cur chun feidhme a bpleananna á cur san áireamh.

Foráil a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht comhlachtaí comhionannais agus neamh-idirdhealaithe i gcur chun feidhme na RRPanna, mar shampla mar chuid de na comhlachtaí ábhartha faireacháin.

Na cuspóirí sin a léiriú ar bhealach níos fearr sna garspriocanna agus sna spriocanna athbhreithnithe, mar shampla trí iad a dhí-chomhiomlánú de réir inscne, aoise, míchumais, nó de réir bunadh ciníoch nó eitneach, nuair is féidir.

Ba cheart méid na faisnéise nua a chuirfear ar fáil a bheith comhréireach leis na hathruithe a mholtar san aguisín.

F)   Tionscadail trasteorann agus ilnáisiúnta

Áirítear sa chuid is mó de na RRPanna arna nglacadh tionscnaimh ilnáisiúnta nó trasteorann. Áirítear leis sin go háirithe rannpháirtíocht i dTionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna) i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le Státchabhair. I gcomhthéacs an athbhreithnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar a RRPanna, moltar go láidir do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar an tacaíocht a thugtar do thionscnaimh trasteorann nó iltíre a neartú, go háirithe na tionscnaimh sin atá ailínithe le cuspóirí REPowerEU.

G)   Státchabhair

Tá feidhm iomlán ag na rialacha a bhaineann le Státchabhair maidir leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí breise nó athbhreithnithe. Tá sé de fhreagracht ar gach Ballstát a áirithiú go gcomhlíonann na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin rialacha an Aontais maidir le Státchabhair agus go leanfaidh siad na nósanna imeachta Státchabhrach is infheidhme. Ní mór do na Ballstáit an creat rialála státchabhrach a chur san áireamh, lena n-áirítear na Treoirlínte 2022 maidir le Cabhair le haghaidh na hAeráide, an Fhuinnimh agus an Chomhshaoil (“CEEAG”) (9) agus a gClár um Athchóiriú a ndearadh. Thairis sin, dearbhaítear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (“GBER”) catagóirí sonracha Státchabhrach atá comhoiriúnach leis an gConradh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha soiléire, agus díolmhaítear ann na catagóirí sin ón gceanglas fógra a thabhairt roimh ré don Choimisiún agus formheas a fháil ón gCoimisiún. Mar shampla, maidir le bearta a chuireann le cuspóirí REPowerEU, moltar do na Ballstáit forálacha Roinn 4 de GBER maidir le cabhair le haghaidh taighde, forbartha agus na nuálaíochta agus Roinn 7 maidir le cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil a mheas.

An Creat Géarchéime Sealadach um Státchabhair a ghlac an Coimisiún an 23 Márta 2022 chun tacú le geilleagar an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin, d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha freisin maidir leis an measúnú ar státchabhair a bhaineann le bearta RRF i gcásanna aonair, i gcás ina leigheasann an chabhair na héifeachtaí eacnamaíocha a bhí ann tar éis ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

De réir threoir agus theimpléad 2021 maidir le RRP, iarrtar ar na Ballstáit a shonrú ina RRPanna nuashonraithe do gach athchóiriú agus infheistíocht nua nó athbhreithnithe cibé acu an measann siad go bhfuil gá le fógra maidir le Státchabhair de réir an bhirt, agus más amhlaidh go bhfuil, iarrtar orthu léiriú a thabhairt ar uainiú an réamhfhógra agus an fhógra. Má mheasann an Ballstát nach bhfuil gá le fógra a thabhairt faoin mbeart, ba cheart don Bhallstát tagairt a áireamh don chinneadh reatha um údarú státchabhrach nó d’fhorálacha in GBER nó i rialacháin bhlocdhíolúine eile a measadh a bheith infheidhme maidir leis an mbeart, mar aon leis na húdair bhunúsacha, nó cur síos ar na cúiseanna nach gcáilíonn an beart mar státchabhair. Agus an amlíne á réamh-mheas acu chun na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a chomhlíonadh, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh dóthain ama ag an gCoimisiún aon státchabhair a d’fhéadfadh a bheith sna bearta infheistíochta ábhartha agus a mbeadh fógra Státchabhrach de dhíth ina leith a imréiteach. Tá an Coimisiún réidh chun réamhthreoir a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le comhlíonadh gach infheistíochta dá bhforáiltear ina RRPanna modhnaithe leis an gcreat rialála státchabhrach. Moltar do na Ballstáit a sceideal (réamhfhógartha) a roinnt leis an gCoimisiún chun réamhaíocht leordhóthanach a áirithiú.

Bunaithe ar an taithí a fuarthas roimhe seo maidir le bearta a áirítear sna RRPanna agus a ndearnadh athbhreithniú orthu ó thaobh na státchabhrach de, tá sé ríthábhachtach cumarsáid a dhéanamh go luath le seirbhísí an Choimisiúin agus RRPanna á n-ullmhú, chun measúnú pras a dhéanamh ar státchabhair ar na bearta ar tugadh fógra ina leith. Iarrtar ar na Ballstáit dul i mbun plé le seirbhísí an Choimisiúin chun lántairbhe a bhaint as na deiseanna a thugtar leis na creataí éagsúla státchabhrach d’fhonn bearta a dhearadh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

2.   Tuairisc ar na hathruithe

De réir an treoir agus teimpléad RRP 2021 ba chóir an chuid seo a struchtúrú in aghaidh na comhpháirte. Níor cheart an roinn a chur ar fáil ach amháin i gcás na gcomhpháirteanna sin a ndéantar athruithe ina leith. Níor cheart an fhaisnéis a chuirtear ar fáil i ranna eile a thabhairt arís ach a léiriú cé na hathruithe a rinneadh i gcomparáid leis an RRP a glacadh roimhe seo (le tagairtí beachta do na ranna agus na bearta ábhartha).

Is féidir leis na Ballstáit brath ar na comhpháirteanna atá ann cheana chun roinnt athchóirithe agus infheistíochtaí den ábhar céanna a chur leis (e.g. féadfar beart nua athchóirithe foirgneamh a chur le comhpháirt atá ann cheana maidir le hathchóiriú fuinnimh). Is féidir leis na Ballstáit gnéithe nua ar fad a chur leis i gcás infheistíochtaí agus athchóirithe nua a bhfuil tosaíochtaí éagsúla acu.

A)   Tuairisc ar leasuithe agus infheistíochtaí

I gcás gach comhpháirte ina bhfuil athruithe ar na bearta bunúsacha, ba cheart do na Ballstáit a léiriú cé na hinfheistíochtaí nó na hathchóirithe atá “curtha leo”, “aistrithe” nó “modhnaithe” i gcomparáid leis an RRP ar ar a bhonn a glacadh an Cinneadh Cur Chun Feidhme (CID) roimhe sin ón gComhairle.

Ionstraimí airgeadais a úsáid

D’fhéadfadh úsáid ionstraimí airgeadais, arna gcistiú nó arna dtacú ag cistí RRF, lena n-áirítear iasachtaí, a bheith ina réiteach tarraingteach chun na hinfheistíochtaí dá bhforáiltear sna RRPanna a sholáthar ar roinnt cúiseanna:

Is féidir le hionstraimí airgeadais aisíocaíocht an bhunairgid a fhaigheann na tairbhithe a leabú ar ais chuig an mBallstát, rud a chuireann srian ar chruthú an fhiachais phoiblí san fhadtéarma.

Ní mór dóibh athúsáid na sreafaí a cheadú, lena n-áirítear aisíoc na príomhshuime, le haghaidh na gcuspóirí beartais céanna lena n-áirítear tar éis 2026 agus/nó iasachtaí RRF a aisíoc.

Is féidir leo a lán infheistíochtaí beaga a mhaoiniú laistigh de chreat comhleanúnach agus for-rochtain a éascú do thairbhithe féideartha trí struchtúir chomhpháirtíochta díláraithe.

Is féidir leo cabhrú le leas a bhaint as acmhainní airgeadais breise nó as comhinfheistíocht, go háirithe ó chuideachtaí príobháideacha agus ó institiúidí airgeadais príobháideacha.

As na 22 RRPanna a glacadh faoi dheireadh mhí Feabhra 2022, tá 53 ionstraim airgeadais ina n-iomláine i 15 plean a bhfuil méid de thart ar EUR 22,4 billiún acu, agus tá EUR 19,9 billiún de sin á mhaoiniú le hiasachtaí RRF. Tacaíonn siad le téamaí, atá an-ábhartha i gcomhthéacs na ndúshlán geopholaitiúil is déanaí, amhail aistriú glas agus digiteach gnólachtaí, éifeachtúlacht fuinnimh, nuálaíocht, tithíocht shóisialta nó talmhaíocht. Cuimsíonn siad ionstraimí cistithe (iasachtaí, cothromas, cuasachothromas/mezzanine, caipiteal fiontair) agus ionstraimí neamhchistithe (ráthaíochtaí agus fóirdheontais ráta úis). Is ionann na hionstraimí maoinithe agus thart ar EUR 19,2 billiún. Áirítear ar na comhpháirtithe cur chun feidhme BEI, CEI, BEAF, bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, gníomhaireachtaí nó cistí stáit, aireachtaí, agus bainc thráchtála.

Bunaithe ar phleananna atá ann cheana, d’fhéadfaí an cineál ionstraimí airgeadais seo a leanas a úsáid:

Ionstraimí ráthaíochta chun scéimeanna athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhí-riosca

PPAnna le haghaidh infheistíochtaí i bhfoinsí inathnuaite fuinnimh

Infheistíochtaí cothromais i gcuideachtaí nó i gcistí cothromais a thacaíonn leis an aistriú glas

Tá tuilleadh faisnéise san Iarscríbhinn maidir le húsáid ionstraimí airgeadais faoi RRF, bunaithe ar an taithí a fuarthas agus na RRPanna tosaigh á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme.

B)   Gnéithe glasa agus digiteacha

Ba cheart do na Ballstáit a mhíniú a mhéid a chuirfidh a gcuid Clár Oibre modhnaithe leis an aistriú glas agus le spleáchas fuinnimh an Aontais a laghdú, chomh maith le haistriú digiteach a sheasfaidh an aimsir agus Margadh Aonair Digiteach láidir a bhaint amach nó aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as. D’fhéadfadh bearta taighde agus nuálaíochta agus amlíne ábhartha a bheith i gceist leis sin. Measfar go bhfuil an dá aistriú ag treisiú a chéile, i gcomhréir le coincheap na n-athruithe cúplacha, agus breathnóidh an Coimisiún orthu gan stad.

Leanfar de ghné ghlas bhearta RRP a mheasúnú faoi chur chuige cáilíochtúil (an nasc idir na bearta sin agus na dúshláin fuinnimh, aeráide agus chomhshaoil atá ag gach Ballstát) agus cur chuige cainníochtúil (ní mór 37 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na RRPanna modhnaithe le cuspóirí aeráide – féach roinn X maidir leis an aeráid a rianú).

Iarrtar ar na Ballstáit a mhíniú conas a rannchuideoidh a RRP modhnaithe le baint amach spriocanna aeráide an AE atá cumhdaithe sa Dlí Aeráide agus lena gcuirtear san áireamh na pacáistí Oiriúnach do 55 a moladh i mí Iúil agus i mí na Nollag 2021 (10) Leagtar amach sa phacáiste Oiriúnach do 55 gníomhaíochtaí reachtacha chun beartais aeráide, fuinnimh, úsáide talún, iompair agus chánachais a chur in oiriúint do laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, agus chun neodracht aeráide atá cumhdaithe i nDlí Eorpach na hAeráide a bhaint amach.

Leanfar de mheasúnú a dhéanamh ar an ngné dhigiteach de bhearta RRP faoi chur chuige cáilíochtúil agus faoi chur chuige cainníochtúil araon. An 9 Márta 2021, thíolaic an Coimisiún Eorpach “Compás Digiteach 2030: the European way for digital decade [Compás Digiteach 2030: Bealach chuig Deich mBliana Digiteacha na hEorpa]”, bunaithe ar cheithre phointe chardánacha: scileanna, bonneagair dhigiteacha slán agus inbhuanaithe, claochlú digiteach gnóthas, agus digitiú na seirbhísí poiblí. Sainítear ann spriocanna uaillmhianacha ar leibhéal an Aontais do gach ceann de na pointí sin, agus sprioc 2030 ag gabháil leo. Ina dhiaidh sin, bhí togra le haghaidh Cinnidh maidir le Clár Beartais 2030 “An Conair go dtí an Deich mBliana Digiteach”, a mheastar a thiocfaidh i bhfeidhm faoi dheireadh 2022. Bhunófaí leis an gClár struchtúr rialachais faoina gcomhoibreodh na Ballstáit agus an Coimisiún ar bhealach struchtúrtha chun na spriocanna a bhaint amach agus ina n-éascófaí cur chun feidhme tionscadal iltíre. Iarrtar ar na Ballstáit a léiriú conas a rannchuideodh aon bhearta breise nó modhnaithe lena dtabharfaí aghaidh ar an aistriú digiteach, nó ar na dúshláin a eascraíonn as, leis na ceithre phointe charda agus le spriocanna 2030 a bhaint amach.

Maidir leis an gcur chuige cainníochtúil, ní mór do 20 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean a bheith i rannchuidiú iomlán na RRPanna modhnaithe le cuspóirí digiteacha.

C)   Rianú aeráide agus clibeáil dhigiteach

Tá an sprioc aeráide 37 % agus an sprioc dhigiteach 20 % a leagtar amach in Airteagal 19(3) pointe (e) agus (f) de Rialachán RRF fós éigeantach i gcás athruithe ar RRP, beag beann ar na forais as a dtagann na hathruithe sin (cé is moite de chostas na mbeart a áirítear i gcaibidil REPowerEU i ndáil le clib dhigiteach). Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, do na Ballstáit leithdháileadh iomlán RRPanna a chur san áireamh agus athbhreithnithe á dtabhairt isteach acu dá RRPanna, lena n-áirítear tráth ar tháinig méadú nó laghdú ar an ranníocaíocht airgeadais athbhreithnithe.

Tá treoir 2021 maidir le RRP fós bailí agus ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, an rannchuidiú leis na spriocanna aeráide agus digiteacha a mhíniú i gcás gach birt nua nó modhnaithe. Beidh gá le measúnú nua ar an gclibeáil chun a fhíorú gur baineadh amach an dá sprioc ar bhonn leanúnach i gcás ina n-athraítear costas iomlán measta an RRP, nó costas aon bheart a bhfuil clib aeráide nó chlib dhigiteach ag gabháil leo. Ní mór measúnú clibeála a dhéanamh freisin i gcás aon athruithe ar raon feidhme tosaigh, ar chineál tosaigh nó ar dhearadh tosaigh birt atá ann cheana.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go ndéantar an dá sprioc a ríomh don RRP modhnaithe ina n-iomláine, ina bhfuil an RRP a glacadh roimhe seo agus an t-aguisín araon, gan costais na mbeart a áirítear i gcaibidil REPowerEU i leith na clibe digití a áireamh. Beidh na ranníocaíochtaí aeráide agus digiteach a athríomh don RRP modhnaithe ag cur san áireamh na hathruithe a thugtar ar na bearta sa RRP agus an costas measta a mhodhnú. Cuirfear an rannchuidiú aeráide i gcomparáid le leithdháileadh iomlán RRP, lena n-áirítear caibidil REPowerEU. Cuirfear an ranníocaíocht dhigiteach i gcomparáid le leithdháileadh iomlán RRP, seachas na méideanna le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí i gcaibidil REPowerEU.

Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó na 24 bplean a ndearnadh measúnú dearfach orthu faoi dheireadh mhí Aibreáin 2022, maidir le bearta lena gcumhdaítear réimsí éagsúla amhail i gcás beart cothrománach, is gá rianú aeráide agus clibeáil dhigiteach a chur i bhfeidhm i gcás inarb ábhartha ar fhobheart (cuid ar leith de bheart a bhaineann le réimse sonrach idirghabhála) agus úsáid á baint as réimsí idirghabhála éagsúla (faoi Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn VII de Rialachán RRF).

Thairis sin, is fiú a mheabhrú go ndéantar, le hAirteagal 19(3) pointe (e) agus pointe (f) de Rialachán RRF agus Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn VII, comhéifeachtaí infheidhme a leagan amach chun an tacaíocht do na spriocanna aeráide agus digiteacha a ríomh. De réir na bhforálacha sin, féadfar na comhéifeachtaí chun tacaíocht a thabhairt do na cuspóirí aeráide a mhéadú (suas le 3 % ar an iomlán le haghaidh na clibeála aeráide), ar choinníoll go bhfuil bearta ag gabháil leo a mhéadaíonn a dtionchar. Ba cheart do na Ballstáit údar leordhóthanach a thabhairt le húsáid na bhforálacha sin i gcás inarb ábhartha.

Ba cheart do na Ballstáit cur síos a dhéanamh ar an gcur chuige sonrach a mholann siad chun bearta den sórt sin a chlibeáil. Is féidir leis an gCoimisiún cabhrú leis na Ballstáit samplaí den chaoi a ndearnadh bearta comhchosúla a chlibeáil sna RRPanna a ghlac an Chomhairle roimhe seo a aisghabháil.

D)   Gan dochar suntasach a dhéanamh (DNSH)

Leanfaidh Treoir Theicniúil DNSH (2021/C 58/01) ina leagtar amach na treoirphrionsabail agus na modúlachtaí le haghaidh chur i bhfeidhm phrionsabal DNSH i gcomhthéacs RRF de bheith infheidhme go hiomlán, agus a saintréithe sonracha á gcur san áireamh. Soláthraíonn sé freisin “seicliosta” a leanúint sa féinmheasúnú DNSH a bheidh le cur san áireamh sa RRP modhnaithe do gach beart. Sa roinn seo déantar achoimre ar phríomheilimintí na Treorach agus mínítear an cur i bhfeidhm a rinne siad ar bhearta nua nó leasaithe. Tugtar soiléiriú breise ann freisin bunaithe ar an taithí a fuarthas ó na RRPanna a glacadh roimhe seo.

Conas ba chóir prionsabal DNSH a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs leasuithe RRPanna?

Ní mór do Bhallstáit féinmheasúnú DNSH a chur ar fáil do gach beart nua nó modhnaithe atá san áireamh sa RRP modhnaithe, ach amháin sna cásanna sin, nuair nach bhfuil feidhm ag an DNSH (féach freisin Alt 2.1 agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir Theicniúil DNSH). Ba cheart na breithnithe trasghearrtha seo a leanas a chur san áireamh (féach freisin Iarscríbhinn le faisnéis bhreise ar conas is féidir DNSH a chomhlíonadh):

Roghanna malartacha ar thionchar íseal atá ar fáil le déanaí: Tá na prionsabail i Roinn 2.4, lena n-áirítear Fonóta 25 de Threoir Theicniúil DNSH fós infheidhme maidir le measúnú a dhéanamh ar bhearta nua nó leasaithe. Ba cheart go léireodh an measúnú DNSH do na bearta sin an fhaisnéis maidir le roghanna eile ísealtionchair atá ar fáil ag an am a chuirtear isteach an RRP modhnaithe.

Gan aon mhéadú ar an tionchar ar an gcomhshaol i gcomparáid leis an mbeart tosaigh: I gcás modhnú ar bheart atá ann cheana, níor cheart go méadódh an modhnú a thionchar coibhneasta ar an gcomhshaol i gcomparáid le tionchar an bhirt tosaigh. Ba cheart don Bhallstát an méid sin a léiriú. Nuair atá tionchar méadaithe ann, ba cheart don Bhallstát a léiriú go bhfuil prionsabal DNSH fós á chomhlíonadh ag an mbeart in ainneoin a thionchair níos mó ar an gcomhshaol.

Bearta REPowerEU: Tá bearta atá tiomnaithe do ghiniúint fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear bithfhuinneamh lena gcomhlíontar na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (AE) 2018/2001 (REDII), líonraí leictreachais agus stóráil, éifeachtúlacht fuinnimh, bonneagar atá réidh le hidrigin, curtha san áireamh cheana sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a glacadh i gcomhréir le prionsabal DNSH. Tríd is tríd tugadh comhéifeacht aeráide 100 % dóibh agus dá bhrí sin bhain siad leas as measúnú simplithe DNSH don chuspóir maidir le maolú ar an athrú aeráide. Tá an fhéidearthacht sin fós bailí i gcás bearta comhchosúla lena gcomhlíontar na coinníollacha do chomhéifeacht aeráide 100 % i RRPanna modhnaithe. Ar an gcaoi chéanna, meastar go ginearálta go bhfuil bearta lena gcuirtear dícharbónú tionsclaíoch chun cinn agus leictriú níos fearr i gcomhréir le DNSH don chuspóir maidir le maolú ar an athrú aeráide ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i gCuid II, Roinn I(3)(D) den treoir seo.

Conas ba chóir do na Ballstáit a thaispeáint ina RRPanna go gcomhlíonann na bearta le DNSH?

I gcás athruithe, d’fhéadfaí dhá phríomhchás a bheartú a mbeadh tionchar éagsúil acu ar an bpróiseas measúnaithe DNSH:

Beart nua a thabhairt isteach: Má roghnaíonn Ballstát beart nua a chur lena RRP, ba cheart an próiseas céanna a leanúint maidir le tíolacadh tosaigh an RRP. Ba cheart don Bhallstát an seicliosta atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir Theicniúil DNSH a líonadh isteach chun tacú lena gcuid anailíse i dtaobh an bhfuil tionchar ag an mbeart nua ar chuspóirí comhshaoil agus a mhéid a imríonn sé sin.

Athrú ar bheart atá ann cheana: D’fhéadfadh sé gur mhian leis na Ballstáit dearadh, nádúr nó raon feidhme birt atá ann cheana a athrú. Ba cheart do na Ballstáit an measúnú DNSH comhfhreagrach a chur isteach, agus é á leasú de réir mar is gá chun na hathruithe sa bheart a léiriú. Ba cheart don Bhallstát an tagairt don roinn den RRP a glacadh roimhe seo a chur in iúl, áit a bhfuil an measúnú tosaigh DNSH le feiceáil.

E)   Neamhspleáchas straitéiseach oscailte

Is é treoir 2021 maidir le RRP fós an pointe tagartha maidir le measúnú a dhéanamh ar an neamhspleáchas straitéiseach. Leis na Pleananna maidir le Téarnamh agus Athléimneacht, ba cheart go neartófaí teacht aniar agus uathriail straitéiseach an Aontais. I gcomhréir le Dearbhú Versailles, ba cheart go gcomhlánódh leibhéal an AE agus an leibhéal náisiúnta araon a chéile agus bearta á mbaint amach chun bonn eacnamaíoch níos láidre a bhaint amach trí spleáchas straitéiseach a laghdú.

Iarrtar ar na Ballstáit díriú freisin ar na slabhraí luacha ríthábhachtacha sna príomhábhair agus sna príomhtheicneolaíochtaí a bhaineann leis an aistriú glas. Áirítear leis sin, go háirithe, trealamh agus teicneolaíochtaí fuinnimh ísealcharbóin a tháirgeadh. I bhfianaise na staide geopholaitiúla atá ann faoi láthair, ar dócha go leanfaidh sí de bheith ann sna blianta atá le teacht, ní mór do na Ballstáit a mhachnamh a dhéanamh ar thacaíocht a thabhairt do shlabhraí luacha tionsclaíocha a fhorbairt agus a leathnú chun na comhpháirteanna agus an trealamh teicneolaíoch ísealcharbóin is gá chun a gcuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach a mhonarú agus a athchúrsáil. D’fhéadfadh sé go gcumhdódh tacaíocht don tionscal i ndáil leis sin cumas monaraíochta trealaimh teicneolaíochta ghlain, go háirithe an ghrian, an ghaoth, teaschaidéil, leictreoirí, agus teicneolaíochtaí ísealcharbóin eile. Áirítear leis sin bearta maidir leis an ngeilleagar ciorclach, chun soláthar amhábhar in earnálacha criticiúla a áirithiú

Ba cheart do na Ballstáit féinmheasúnú slándála a chur ar fáil le haghaidh infheistíochtaí in acmhainní digiteacha agus nascacht i gcás inarb ábhartha. Ba cheart don fhéinmheasúnú slándála aon saincheisteanna slándála a shainaithint agus conas a rachfar i ngleic leo. Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil an méid sin déanta acu cheana féin, féinmheasúnú den sórt sin a dhéanamh agus tuilleadh mínithe a thabhairt ina dtabharfar tuairisc ar an gcaoi a rannchuideoidh na bearta le huathriail straitéiseach agus saincheisteanna slándála an Aontais. Ba cheart a shainaithint go soiléir sna mínithe breise na rioscaí gaolmhara agus na cineálacha beart atá beartaithe chun iad a mhaolú.

F)   Garspriocanna, spriocanna agus amlíne

Agus a gcuid RRPanna á modhnú acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sraith chomhfhreagrach garspriocanna agus spriocanna ag gabháil le gach beart nua nó modhnaithe a fhaigheann tacaíocht faoin RRF. Agus garspriocanna agus spriocanna nua á sainiú acu, nó nuair a bheidh aon mhodhnuithe ar na cinn atá ann cheana á moladh acu, ba cheart do na Ballstáit na prionsabail a leagtar amach i dtreoir 2021 maidir le RRP a leanúint, lena n-áirítear maidir lena sainiúlacht agus a stóinseacht.

Leanann an togra maidir le garspriocanna nó spriocanna nua nó modhnaithe go docht ó áireamh beart nua nó modhnaithe sa RRP modhnaithe. Tá siad faoi réir na gceanglas céanna a bhaineann leis an mbunús dlí lena dtugtar údar le hathbhreithniú a dhéanamh ar RRP a glacadh roimhe seo, mar a shainaithnítear i Roinn I den doiciméad seo. Mar shampla, ní féidir nuashonrú faoi Airteagal 18 chun an ranníocaíocht airgeadais athbhreithnithe a léiriú a úsáid chun athbhreithniú a dhéanamh ar shubstaint na ngarspriocanna nó na spriocanna beart nach ndéanfaidh nuashonrú den sórt sin difear dóibh. Is é an príomhphrionsabal nár cheart leibhéal uaillmhéine na mbeart bunúsach a ísliú. I measc na mbeart lena n-áirítear caibidil REPowerEU, nach bhfaigheann tacaíocht airgeadais ón RRF, ní éilítear garspriocanna ná spriocanna.

Ós rud é go spreagtar na Ballstáit chun páirt a ghlacadh i dtionscadail trasteorann nó iltíre a thacaíonn le cuspóirí REPowerEU, ba cheart cúram sonrach a ghlacadh chun dearadh fónta garspriocanna agus spriocanna gaolmhara a áirithiú. Ar thaobh amháin, ba cheart iad sin a roinnt go soiléir idir na Ballstáit éagsúla atá rannpháirteach i dtionscadail den sórt sin chun forluí agus moilleanna maidir le measúnú agus cur chun feidhme a sheachaint. Ba cheart go mbeadh cur i gcrích rathúil plean téarnaimh agus athléimneachta amháin neamhspleách ar phlean Ballstáit eile. Ar an taobh eile, ba cheart na garspriocanna agus na spriocanna a cheapadh ar bhealach dea-chomhordaithe, lena áirithiú go ndéanfar idirspleáchas dosheachanta idir na Ballstáit a mheasúnú i gceart agus amlínte stuama cur chun feidhme a leagan síos. Tá an Coimisiún réidh chun cúnamh a thabhairt do ghrúpaí Ballstát a bhfuil baint acu le tionscadail trasteorann nó iltíortha chun a áirithiú go ndéanfar a ngarspriocanna agus a spriocanna a dhearadh ar bhealach leordhóthanach.

Chun moilleanna a sheachaint maidir le hiarrataí ar íocaíocht a chur faoi bhráid an Choimisiúin, féadfaidh na Ballstáit amlíne athbhreithnithe a mholadh le haghaidh garspriocanna nó spriocanna áirithe, ar choinníoll nach laghdófar uaillmhian na mbeart ábhartha mar gheall ar na hathruithe sin.

D’fhéadfadh sé go mairfeadh tréimhse cur chun feidhme roinnt infheistíochtaí a áirítear sa chaibidil maidir le REPowerEU sa chomhthéacs tar éis 2026. I gcásanna den sórt sin, ba cheart na garspriocanna agus na spriocanna gaolmhara a cheapadh ar bhealach nach n-áireofar ach gníomhaíochtaí a dtacaíonn an RRF leo laistigh de shaolré na Saoráide, agus ba cheart go saineofaí go soiléir le dearadh na mbeart na céimeanna cur chun feidhme a dtacóidh cistí náisiúnta nó cistí eile an AE leo tar éis 2026.I gcás ina molann Ballstát a RRP a leasú bunaithe ar Airteagal 21, ní féidir athruithe a dhéanamh ar gharspriocanna agus ar spriocanna atá ann cheana ach a mhéid a bhaineann siad leis na himthosca oibiachtúla a chuirtear ar aghaidh chun an leasú a dhlisteanú. Mar a mhínítear faoi Chuid 1 den Treoir seo, ba cheart go mbeadh nasc cúisíoch idir na himthosca oibiachtúla agus na hathruithe atá beartaithe.

Is féidir earráidí cléireachais atá sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a lua leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle tráth ar bith le linn chur chun feidhme RRPanna. Cuirfear san áireamh iad sa togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh nua/athbhreithnithe ón gComhairle lena gcuirfear chun feidhme iad nó i gceartúchán tiomnaithe.

G)   Maoiniú agus costais

Bearta nua: Soláthróidh na Ballstáit costais mheasta iomlána na n-athchóirithe nua agus na n-infheistíochtaí nua arna gcur ar aghaidh in aguisín. Baineann an oibleagáid sin freisin le hathchóirithe agus infheistíochtaí a áirítear i gcaibidlí REPowerEU. Níl gá le faisnéis chosála i gcás athchóirithe agus infheistíochtaí nár maoiníodh faoin RRF.

Bearta athbhreithnithe: I gcás gach birt athbhreithnithe, i gcás ina ndéanfaidh na hathruithe difear do na meastacháin costála, cuirfidh an Ballstát meastacháin chostála nuashonraithe ar fáil. Mura mbaineann an t-athrú ach le scála an bhirt, ba cheart an t-athbhreithniú ar na costais mheasta a dhéanamh ar bhonn comhréireach.

Modheolaíocht: Agus na meastacháin costais seo á n-ullmhú acu, ba cheart do na Ballstáit na treoracha sonracha a chuirtear ar fáil i dtreoir 2021 maidir le RRP a leanúint. De ghnáth, ní mheastar go gcuirfidh na Ballstáit meastacháin costais athbhreithnithe ar fáil le haghaidh beart nach bhfuil nua ná modhnaithe. Féadfaidh na Ballstáit bailíochtú a dhéanamh ar mheastacháin chostála arna ndéanamh ag comhlacht poiblí neamhspleách, a d’fhéadfadh cur le stóinseacht na meastachán a neartú.

3.   Comhlántacht agus cur chun feidhme na RRPanna

A)   Comhsheasmhacht le tionscnaimh eile

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán RRF, beidh na RRPanna uile, lena n-áirítear na haguisíní, comhsheasmhach leis na CSRanna ábhartha (go ginearálta, iad siúd ó 2019, 2020 agus 2022) chomh maith leis an bhfaisnéis a áirítear sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú, sna Pleananna Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid (NECPanna) agus sna nuashonruithe orthu faoi Rialachán (AE) 2018/1999, pleananna aistrithe córa críochacha, pleananna cur chun feidhme Ráthaíocht don Aos Óg, comhaontuithe comhpháirtíochta agus cláir oibríochtúla.

Chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na CSRanna agus leis na Cláir Náisiúnta um Athchóiriú, féach an chuid den Treoir seo maidir leis an Seimeastar Eorpach.

Ní mór do na haguisíní a bheith comhsheasmhach freisin leis na gníomhaíochtaí i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus a bheidh ceaptha sna pleananna idirthréimhseacha córa críochacha.

Ar deireadh, ní mór don aguisín a bheith i gcomhréir leis na comhaontuithe comhpháirtíochta agus leis na cláir oibríochtúla a ghlacfar ó glacadh na RRPanna tosaigh. Ós rud é go bhfuil na Ballstáit uile i mbun a gcomhaontuithe comhpháirtíochta a thabhairt chun críche (nó a bheith tugtha chun críche), ba cheart dóibh a mhíniú conas atá bearta nua nó modhnaithe RRP comhlántach le cur chun feidhme na gclár faoin tréimhse 2021-2027 (11), agus an fhéidearthacht cistí a aistriú i gcomhréir le hAirteagal 26 agus le hAirteagal 26ú de Rialachán RFC á cur san áireamh.

B)   Comhlántacht an chistithe

I gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán RRF, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar maidir le comhlántacht agus (féideartha) cistiú eile de chuid AE arna sholáthar nó arna bheartú do gach beart nua nó modhnaithe. Féach caibidil II (1) REPowerEU chun treoir thiomnaithe a fháil maidir le comhlántacht na mbeart ábhartha. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát beart a bhaint nó a laghdú nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe aige an beart seo a chistiú/a chur chun feidhme trí chlár cistiúcháin eile, ba cheart é sin a léiriú freisin. Ina theannta sin, ba cheart don Bhallstát aon athruithe ar na modhanna cistiúcháin eile a chur in iúl don Choimisiún freisin maidir le bearta a bhí mar chuid den RRP a glacadh roimhe seo.

Agus comhlántacht á léiriú idir bearta éagsúla RRF- agus neamh-RRF REPowerEU, ba cheart do na Ballstáit na foinsí cistiúcháin a léiriú go soiléir, e.g. na bearta a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a shonrú, ar choinníoll go bhfuil stádas PCI acu, nó an Ciste don Nuachóiriú. Má thacaíonn an RRF agus foinsí cistiúcháin eile AE araon leis an mbeart céanna, ba cheart do na Ballstáit na costais a chumhdaítear le gach ionstraim chistiúcháin a leagan amach go soiléir chun cistiú dúbailte a sheachaint.

C)   Cistiú dúbailte a sheachaint

Ba cheart do na Ballstáit a shonrú ina RRP modhnaithe an bhfuil athrú tagtha ar na módúlachtaí a cuireadh ar bun chun comhlántacht cistiúcháin agus comhlíonadh Airteagal 9 de Rialachán RRF a áirithiú. I ndáil leis sin, tá an treoir 2021 maidir le RRP infheidhme go hiomlán. Mar a leagtar amach i dtreoir 2021 maidir le RRP agus i gcomhréir le hAirteagal 18(4)(r) de Rialachán RRF, ba cheart go léireofaí i roinn chomhlántacht RRP na socruithe arb é is aidhm dóibh cistiú dúbailte ó RRF agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint. Ní féidir le bearta a fhaigheann tacaíocht ón RRF tacaíocht bhreise a fháil ó chistí eile de chuid an Aontais ach amháin i gcás nach gcumhdaíonn tacaíocht den sórt sin an costas céanna. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh an choinníll sin, ní mór don Bhallstát dhá shainghné den RRF a chur san áireamh i gcomparáid le formhór na gclár eile de chuid an Aontais:

Is ionstraim fheidhmíocht-bhunaithe é an RRF nach bhfuil maoiniú nasctha le costas ach ina ionad sin íoctha i dtráthchodanna ar gharspriocanna agus spriocanna a chomhlíonadh go sásúil. Mar sin féin, tá meastachán costais i ngach RRP, ina sainaithnítear go soiléir cén chuid de bheart agus na costais ghaolmhara a dtacaíonn an RRF leo. Dá bhrí sin, níor cheart do na garspriocanna agus na spriocanna ach gníomhaíochtaí a dtacaíonn RRF leo a léiriú. An tuiscint bhunúsach go gcumhdaíonn cistí RRF na costais sin, is cabhair í chun a sheachaint go n-úsáidtear tacaíocht ó chistí eile de chuid an Aontais chun na costais chéanna a chlúdach.

De réir Airteagal 22(1) de Rialachán RRF, is Ballstáit iad tairbhithe RRF seachas faighteoirí deiridh cistí amhail daoine aonair nó gnólachtaí. Mar sin féin, is faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú nach bhfaighidh aon fhaighteoir deiridh cistiú thar a chostais iarbhír agus nach bhfaighidh aon fhaighteoir deiridh maoiniú éagsúil ón Aontas lena gcumhdófar na costais chéanna.

D)   Cur chun feidhme

Rinneadh measúnú ar an gcreat cur chun feidhme mar chuid de na RRPanna tosaigh agus glactar leis go leanfaidh na Ballstáit de bheith ag brath ar na socruithe céanna chun a RRP modhnaithe a chur chun feidhme. Ba cheart, áfach, aon athruithe atá beartaithe ar an gcreat cur chun feidhme a mhíniú.

Sa chás go raibh deacrachtaí ag na Ballstáit i gcur chun feidhme a gcuid RRPanna go dtí seo (mar shampla, deacrachtaí a bhaineann le heaspa cumais riaracháin, córas TF neamhfhorbartha nó sainordú nach bhfuil soiléir go leor do na húdaráis atá i gceannas), spreagtar iad chun na socruithe atá acu faoi láthair a athmhachnamh go réamhghníomhach chun iad a dhéanamh níos éifeachtúla. Iarrtar ar na Ballstáit freisin plé a dhéanamh leis an gCoimisiún ar an taithí a fuarthas go dtí seo chun a chinneadh an bhféadfadh aon athruithe ar an gcreat cur chun feidhme cuidiú le feabhas a chur ar sheachadadh na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí.

I gcás ina modhnaíonn Ballstát a RRP chun tairbhe a bhaint as ranníocaíocht uasta airgeadais níos mó nó as iarraidh ar iasacht, ba cheart dó a léiriú go bhfuil cumas riaracháin leordhóthanach agus an sainordú iomchuí ag na húdaráis atá i gceannas ar an bplean a chomhordú agus a chur chun feidhme.

Tá treoir 2021 maidir le RRP fós bailí maidir leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (TSI) a úsáid sa RRF. Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint freisin as STI le haghaidh infheistíochtaí agus athchóirithe a chur chun feidhme i gcaibidil REPowerEU. Iarrtar ar na Ballstáit a chur in iúl gur mian leo Airteagal 7(2) de Rialachán RRF a úsáid mar chuid den athchóiriú sonrach nó den infheistíocht shonrach lena mbainfeadh an tacaíocht theicniúil. I gcás ina n-iarrfaidh an Ballstát tacaíocht chothrománach faoin STI maidir le cur chun feidhme RRP, nó ina mbeidh sé beartaithe aige an tacaíocht sin a iarraidh, e.g. maidir le bearta cumarsáide, iarrtar air an tacaíocht sin a chur in iúl sa roinn seo.

E)   An próiseas comhairliúcháin

Ba cheart do na Ballstáit achoimre a sholáthar ar an bpróiseas comhairliúcháin a rinneadh i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta, as a dtiocfaidh tíolacadh an RRP/aguisín modhnaithe. Ba cheart go mbeadh an próiseas comhairliúcháin i gcomhréir le méid na n-athruithe a thugtar isteach sna RRPanna. Mar shampla, ní bheadh an cineál céanna próisis chomhairliúcháin ag teastáil chun leithdháileadh airgeadais a bhfuil leasú beag déanta air a léiriú agus a d’iarr suim shuntasach iasachta.

Ós rud é go raibh méid na gcomhairliúchán agus na RRPanna tosaigh á n-ullmhú éagsúil, i bhfianaise na héigeandála COVID-19 go háirithe, moltar do na Ballstáit an próiseas sin a fheabhsú má mhodhnaíonn siad a RRPanna. Ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh baint ag geallsealbhóirí, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus, i gcás inarb ábhartha, geallsealbhóirí ón earnáil talmhaíochta, le dearadh, cur chun feidhme agus faireachán aon bhearta nua nó leasaithe, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta, ar bhealach tráthúil fóinteach.

Chun bearta ábhartha a chur chun feidhme, d’fhéadfadh sé gurb iomchuí do na Ballstáit coinníollacha atá nasctha le cúinsí réigiúnacha nó áitiúla a chur san áireamh i ngarspriocanna nó i spriocanna a bhfuil gné gheografach ag baint leo (mar shampla trí choinníollacha sonracha a chur leis a bhaineann le comhairliúchán le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha). Féadfaidh coinníollacha comhchosúla a bheith ar áireamh iontu freisin maidir le dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus, i gcás inarb ábhartha, le geallsealbhóirí ón earnáil talmhaíochta, ar coinníollacha iad a bhaineann le hathchóirithe nó infheistíochtaí ábhartha a chur chun feidhme.

Ina theannta sin, beidh an Seimeastar Eorpach ina chreat tábhachtach chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na RRPanna a chur chun feidhme le geallsealbhóirí, i gcomhréir le cleachtais agus traidisiúin gach Ballstáit. Ina theannta sin, is féidir leis na Ballstáit a gCláir Náisiúnta um Athchóiriú a úsáid freisin chun cur síos a dhéanamh ar na comhairliúcháin a rinneadh go dtí seo agus chun na comhairliúcháin atá beartaithe don todhchaí a leagan amach.

Ní éireoidh le cur chun feidhme na RRPanna ach amháin le húinéireacht láidir réigiúnach agus áitiúil, chomh maith le tacaíocht ó na comhpháirtithe sóisialta agus ón tsochaí shibhialta.

F)   Rialú agus iniúchóireacht

Tá córais rialaithe inmheánaigh riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonann RRPanna go hiomlán Airteagal 22 de Rialachán RRF. Sa chomhthéacs sin agus i bhfianaise na n-athruithe a eascraíonn as athbhreithniú ar RRP, tá sé riachtanach go dtabharfadh na Ballstáit údar beacht leis an gcaoi a bhfuil na struchtúir rialaithe a chuirtear ar bun fós iomchuí agus, i gcás inarb infheidhme, conas a dhéanfar iad a atreisiú chun acmhainní agus struchtúir iomchuí a áirithiú. Go háirithe, i gcás ina mbeidh bearta nua nó athbhreithnithe sa RRP modhnaithe, ba cheart don Bhallstát a mhíniú agus a léiriú go bhfuil na struchtúir rialaithe fós leordhóthanach agus/nó conas a dhéanfar a n-acmhainneacht, lena n-áirítear soláthar foirne agus próisis, a fheabhsú i gcomhréir leis an méadú ar mhéid an RRP.

Nuair nach ndéantar méadú suntasach ar an ranníocaíocht uasta airgeadais leis an aguisín ach go ndéantar athruithe fós ann i gcomparáid leis an gclár tosaigh RRP, iarrtar ar na Ballstáit míniú cothrom le dáta a thabhairt ar na socruithe agus ar na córais rialaithe, lena n-áirítear an stórchóras maidir le sonraí faighteoirí deiridh.

G)   Cumarsáid

Ba cheart do na Ballstáit leanúint dá straitéis cumarsáide a chur chun feidhme, í a thabhairt cothrom le dáta más gá na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí nua-tugtha a chur san áireamh, d’fhonn feasacht an phobail ar chistiú an Aontais a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán RRF agus le hAirteagal 10 de na Comhaontuithe Maoinithe. Agus RRPanna modhnaithe á gcur isteach, iarrtar ar na Ballstáit cur síos a dhéanamh ar na bearta atá déanta acu chun na hoibleagáidí sin a chur chun feidhme, chun faireachán an Choimisiúin ar chomhlíonadh na bhforálacha atá luaite a éascú.

Ba cheart go ndíreodh feachtais chumarsáide ar fheasacht a mhúscailt faoi na príomh-athchóirithe agus na hinfheistíochtaí; Agus feabhas a chur ar an eolas ar RRPanna agus ar a gcuspóir don phobal i gcoitinne. Moltar do na Ballstáit a ngníomhaíochtaí cumarsáide RRF a dhíriú ar na réimsí seo a leanas:

Spriocanna a RRP agus na buntáistí a bhaineann leis don Bhallstát a mhíniú agus a mheabhrú.

Léiriú a thabhairt ar an bhfáth a dtéann athchóirithe agus infheistíochtaí chun tairbhe don tsochaí, le fianaise phraiticiúil.

A áirithiú go mbeidh formhuiniú polaitiúil ardleibhéil an RRP le feiceáil go leordhóthanach.

Cumarsáid a dhéanamh faoi thionscadail sainchomharthaí agus réadú na dtionscadal sin a shannadh don RRF.

Tairbhithe féideartha a spreagadh chun cur isteach ar chistiú faoi chuimsiú RRP.

An dul chun cinn foriomlán a léiriú maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí araon, lena n-áirítear i malartuithe rialta leis na comhpháirtithe sóisialta, leis na pobail lena mbaineann agus leis an tsochaí shibhialta i gcoitinne.

Tá an Coimisiún ar fáil freisin trí líonra an Aontais a chur ar an eolas chun cabhrú leis na Ballstáit a gcuid straitéisí cumarsáide náisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear dá RRPanna modhnaithe.


(1)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(2)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin (2021) 12 final.

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le straitéis cistiúcháin nua chun an Chéad Ghlas Eile a mhaoiniú, COM(2021) 250 final, chomh maith le Cinntí C(2021)2501 agus C(2021)2502 ón gCoimisiún

(4)  Tá tuilleadh eolais maidir le hoibríochtaí cistiúcháin NextGenerationEU le fáil sa Tuarascáil a foilsíodh an 22 Feabhra 2022, COM(2022) 43 final

(5)  Maidir le samplaí dea-chleachtais agus faisnéis chuimsitheach agus anailís tionchair ar theicneolaíochtaí in-athnuaite téimh agus fuaraithe, roghanna dícharbónaithe, cásanna agus bearta féideartha, lena n-áirítear bileoga eolais, sonraí agus measúnú tionchair a bhaineann go sonrach le tír ar leith, moltar do na Ballstáit breathnú ar shraith staidéar maidir leis an earnáil téimh agus fuaraithe atá ar fáil ag: https://energy.ec.europa.eu/topics/energy-efficiency/heating-and-cooling_en

(6)  Féach freisin COM(2021) 801 final an 14 Nollaig 2021.

(7)  I gcás ina mbaintear amach astaíochtaí réamh-mheasta GCT nach bhfuil i bhfad níos ísle ná na tagarmharcanna ábhartha (ach atá níos ísle go fóill) leis an ngníomhaíocht dá dtabharfar tacaíocht, ba cheart míniú a thabhairt ar na cúiseanna nach bhfuil baint amach na dtagarmharcanna sin indéanta. Tagarmharcanna arna mbunú i leith saorleithdháileadh le haghaidh gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Chórais Trádála Astaíochtaí, mar atá leagtha amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún.

(8)  Mar chuid de thimthriall rialta an tSeimeastair Eorpaigh, is iondúil gurb é an Coimisiún a mholann moltaí tírshonracha i dtreo dheireadh mhí na Bealtaine/tús mhí an Mheithimh, arna bhformhuiniú ag an gComhairle Eorpach agus arna nglacadh faoi dheireadh ag an gComhairle go luath i mí Iúil.

(9)  SEC(2022) 70 final - SWD(2022) 19 final - SWD(2022) 20 final.

(10)  COM(2021) 550 final; COM(2021) 801 final.

(11)  Féach Cuid 1 maidir leis na rialacha mionsonraithe a bhaineann le haistrithe idir an RRF agus cistí an bheartais chomhtháthaithe a iarraidh


IARSCRÍBHINN

IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcineál ionstraime airgeadais, lena leagan amach agus maidir le roghnú na n-eintiteas cur chun feidhme/na n-eintiteas iontaofa agus moltar dóibh an modh seachadta is fearr le haghaidh úsáid bheartaithe na n-ionstraimí airgeadais a phlé le seirbhísí an Choimisiúin, agus cuspóirí na mbeart, na struchtúir atá ann cheana agus na naisc le hobair na gcomhpháirtithe á gcur san áireamh.

I dtéarmaí ginearálta, tá dhá rogha ag na Ballstáit ionstraimí airgeadais a úsáid, trí airgead a aistriú ó RRF go hurrann an Bhallstáit InvestEU nó trí struchtúir eile a úsáid, mar shampla struchtúir náisiúnta. Déantar cur síos ar na coinníollacha a ghabhann leis an dá rogha sa Treoir RRP Eanáir 2021 agus déantar iad a mhionsaothrú tuilleadh thíos.

An chéad chéim: An beart a ullmhú: A áirithiú go rannchuideoidh na hionstraimí airgeadais le cuspóirí RRP, eadhon tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

Cur síos a dhéanamh ar an mbeartas infheistíochta a bhfuil tacaíocht le tabhairt dó (e.g. éifeachtúlacht fuinnimh, leathanbhanda, digitiú FBManna), lena gcinntear conas a úsáidfear cistí RRF san ionstraim airgeadais agus an chaoi a bhfuil sé sin i gcomhréir le raon feidhme agus critéir mheasúnaithe RRF, lena n-áirítear cur síos ar an gcliseadh margaidh bunúsach a fhágann gur gá cistí poiblí a úsáid le haghaidh infheistíochtaí príobháideacha.

An ionstraim airgeadais a shainiú (agus an beartas maidir le riosca/cur ar ais idir an RRF agus foinsí eile cistí laistigh den ionstraim airgeadais a shainiú go háirithe) agus conas a rannchuideoidh sé le cuspóirí RRP a bhaint amach.

Ag soláthar féinmheasúnú DNSH mionsonraithe agus na cosaintí is gá chun a chinntiú go gcomhlíonfar prionsabal DNSH le linn chur chun feidhme an bhirt.

Na forálacha ábhartha maidir le státchabhair agus cur i bhfeidhm féideartha Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine agus na gcritéar gaolmhar atá le comhlíonadh ag na táirgí maoinithe a shainaithint.

Garspriocanna soiléire a shainiú (nasctha le bunú agus cur chun feidhme na hionstraime) agus spriocanna (nasctha le haschur/torthaí na dtionscadal bunúsach arna maoiniú ag an ionstraim).

Sainiú a dhéanamh ar an gcineál tacaíochta atá le húsáid (e.g. iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromas), na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu (e.g. FBManna, corparáidí móra, CPPanna) agus infheistíochtaí (e.g. nuálaíocht, leathanbhanda, bonneagar) chun na sócmhainní in-infheistithe a chinneadh.

Lena leagtar amach an tráthchlár d’úsáid na hionstraime airgeadais (lena mbunaítear ionstraim airgeadais is féidir suas le dhá bhliain a thógáil ar an meán), lena n-áirítear infheistíochtaí san fhíorgheilleagar agus tionchar gaolmhar.

Cur síos a dhéanamh ar an gcóras faireacháin chun tuairisciú a dhéanamh ar spriocanna agus ar gharspriocanna i gcomhréir le RRP.

An dara céim: Comhaontú cur chun feidhme leis an eintiteas ar cuireadh cúram air atá i bhfeighil na hionstraime airgeadais

Chun an ionstraim airgeadais a chur chun feidhme, ní mór comhaontú leis an gcomhpháirtí cur chun feidhme/an t-eintiteas iontaofa (i gcás cistí, bheadh sé sin ina bhainisteoir ciste thar ceann na gcomhpháirtithe) a thabhairt chun críche agus na hoibleagáidí ón RRP á n-aistriú. Ba cheart go n-aistreofaí leis an gcreat-chomhaontú idir an Ballstát agus na heintitis cur chun feidhme/na heintitis iontaofa na hoibleagáidí uile faoi Rialachán RRF agus faoi chinneadh cur chun feidhme RRP na mBallstát – agus aird ar leith á tabhairt ar na hoibleagáidí atá ar na tairbhithe maidir le Státchabhair, DNSH, agus iniúchóireacht agus rialú, na srianta a d’fhéadfadh a bheith ar na tairbhithe.

Ní mór na rialacha ábhartha maidir le státchabhair agus soláthar poiblí a urramú.

Is féidir ceann de na chéad gharspriocanna sa RRP a nascadh le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe cur chun feidhme lena mbunaítear an ionstraim airgeadais nó lena gcoigeartaítear ionstraim atá ann cheana (i gcomhréir leis an mbeartas infheistíochta arna chomhaontú sa RRP) idir an Ballstát agus an t-eintiteas a gcuirfear cúram air.

Mar chuid den chéad chloch mhíle sa RRP, agus an chéad iarraidh ar eisíoc á cur isteach aige, cuirfidh an Ballstát rialacha agus beartas infheistíochta na hionstraime airgeadais ar fáil don Choimisiún ionas gur féidir a fhíorú go gcomhlíonann sé an RRP.

Infheistíochtaí a imlonnú san fhíorgheilleagar ag an eintiteas ar cuireadh cúram air nó ag idirghabhálaithe airgeadais (e.g. bainc thráchtála, cistí infheistíochta):

Beidh na garspriocanna uile ina dhiaidh sin nasctha le himscaradh infheistíochtaí chuig an bhfíorgheilleagar ag an eintiteas a gcuirfear cúram air nó ag na hidirghabhálaithe airgeadais.

Nuair a bheidh an ionstraim airgeadais curtha i gcrích, fillfidh forálacha agus athshreabha nár ídíodh i gcomhair caillteanas ar an mBallstát i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach sa bheartas infheistíochta agus i straitéis scoir na hionstraime. Freastalóidh oibleagáid ar an bhfíric gur cheart fáltais agus athshreabhadh a úsáid chun críocha coibhéiseacha.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

31.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 214/34


Fógra le haghaidh na ndaoine agus an ghrúpa atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/837 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2016/1986 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/836 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise in aghaidh ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus in aghaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo

(2022/C 214/02)

Tá an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh na ndaoine agus an ghrúpa a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/837 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/836 ón gComhairle (4) lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise in aghaidh ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus in aghaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo.

Chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine agus an grúpa a luaitear sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh ar liosta na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 agus i Rialachán (AE) 2016/1686.

Cuirtear faoi bhráid na ndaoine agus an ghrúpa lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais riachtanacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Féadfaidh na daoine agus an grúpa lena mbaineann iarraidh a chur isteach go bhfaighidís ón gComhairle an ráiteas ar chúiseanna atá le hiad a áireamh ar an liosta thuasluaite. Ba cheart aon iarraidh den chineál sin a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

Conseil de l’Union européenne

Secrétariat général

RELEX.1.C

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË Teil.

Rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Féadfaidh na daoine agus an grúpa lena mbaineann, tráth ar bith, iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, ag an seoladh thuasluaite. I ndáil leis sin, cuirtear faoi bhráid na ndaoine agus an ghrúpa lena mbaineann an t-athbhreithniú rialta a dhéanfaidh an Chomhairle ar an liosta de réir Airteagal 6(2) de Chinneadh (CBES) 2016/1693 agus Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2016/1686. Chun gur féidir iarrataí a mheas faoin gcéad athbhreithniú eile, ní mór iad a thíolacadh faoin 15 Iúil 2022.

Cuirtear faoi bhráid na ndaoine agus an ghrúpa lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 255, 21.9.2016, lch. 25.

(2)  IO L 147 I, 31.5.2022, lch. 3.

(3)  IO L 255, 21.9.2016, lch. 1.

(4)  IO L 147 I, 31.5.2022, lch. 1.


31.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 214/36


Fógra le haghaidh aird na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ag na bearta sriantacha maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1686 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise in aghaidh ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus in aghaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a bhaineann leo

(2022/C 214/03)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird na n-ábhar sonraí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/837 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1686 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/836 ón gComhairle (5).

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh – agus Ard-Stiúrthóir RELEX (Gnóthaí Eachtracha) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag gníomhú ar a son – rialaitheoir na hoibríochta próiseála sin; is é RELEX.1.C an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1.C

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí ARC ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2016/1693, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/837, agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1686, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/836.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2016/1693 agus i Rialachán (AE) Uimh. 2016/1686.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar do shrianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú na gceart ag na hábhair sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a dtéann bailíocht an bhirt in éag, nó go ceann ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725(edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 255, 21.9.2016, lch. 25.

(3)  IO L 147 I, 30.5.2022, lch. 3.

(4)  IO L 255, 21.9.2016, lch. 1.

(5)  IO L 147 I, 30.5.2022, lch. 1.


31.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 214/38


Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

(2022/C 214/04)

Tá an fhaisnéis seo a leanas le cur faoi bhráid na ndaoine agus na n-eintiteas a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/849 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/840 ón gComhairle (4), maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria.

Tar éis di athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas arna n-ainmniú sna hiarscríbhinní thuasluaite, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh, gur cheart go leanfadh na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/255/CBES agus i Rialachán (AE) 36/2012 d’fheidhm a bheith acu maidir leis na daoine sin agus na heintitis sin.

Cuirtear faoi bhráid na ndaoine agus na n-eintiteas lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 36/2012 , chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 16 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 1 Márta 2023, in éineacht le doiciméadacht tacaíochta, gur cheart breathnú arís ar an gcinneadh iad a chur ar an liosta thuasluaite. Ba cheart an iarraidh sin a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

Conseil de l’Union européenne

Secrétariat général

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críche an chéad athbhreithnithe eile a dhéanfaidh an Chomhairle, de bhun Airteagal 34 de Chinneadh 2013/255/CBES agus Airteagal 32(4) de Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe.


(1)  IO L 147, 1.6.2013, lch. 14.

(2)  IO L 148, 31.5.2022, lch. 52.

(3)  IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.

(4)  IO L 148, 31.5.2022, lch. 8.


31.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 214/39


Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ina leith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/849 ón gComhairle, agus le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/840 ón gComhairle, maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

(2022/C 214/05)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/849 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/840 ón gComhairle (5).

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh – agus Ard-Stiúrthóir RELEX (Gnóthaí Eachtracha) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag gníomhú ar a son – rialaitheoir na hoibríochta próiseála sin; agus is é RELEX.1 an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, roinn ar féidir dul i dteagmháil léi ag:

Conseil de l’Union européenne

Secrétariat général

RELEX.1

Rue de la Loi 175

1048 Bruxelles

BELGIQUE

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2013/255/CBES, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/849, agus Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/840.

Is daoine nádúrtha a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2013/255/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 iad na hábhair sonraí.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar d’aon srianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag, nó ar feadh fhad na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh na daoine lena mbaineann gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 147, 1.6.2013, lch. 14.

(3)  IO L 148, 31.5.2022, lch. 52.

(4)  IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.

(5)  IO L 148, 31.5.2022, lch. 8.


An Coimisiún Eorpach

31.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 214/41


Rátaí malairte an euro (1)

30 Bealtaine 2022

(2022/C 214/06)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0764

JPY

yen na Seapáine

137,25

DKK

krone na Danmhairge

7,4391

GBP

punt steirling

0,85150

SEK

krona na Sualainne

10,5180

CHF

franc na hEilvéise

1,0327

ISK

króna na hÍoslainne

136,90

NOK

krone na hIorua

10,1256

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,712

HUF

forint na hUngáire

392,18

PLN

zloty na Polainne

4,5855

RON

leu na Rómáine

4,9441

TRY

lira na Tuirce

17,6416

AUD

dollar na hAstráile

1,4982

CAD

dollar Cheanada

1,3647

HKD

dollar Hong Cong

8,4490

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6439

SGD

dollar Shingeapór

1,4719

KRW

won na Cóiré Theas

1 331,66

ZAR

rand na hAfraice Theas

16,6480

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,1735

HRK

kuna na Cróite

7,5305

IDR

rupiah na hIndinéise

15 682,41

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6998

PHP

peso na nOileán Filipíneach

56,322

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,700

BRL

real na Brasaíle

5,0629

MXN

peso Mheicsiceo

20,8994

INR

rúipí na hIndia

83,4750


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


An Chúirt Iniúchóirí

31.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 214/42


Tuarascáil speisialta 9/2022

“An caiteachas aeráide i mbuiséad AE 2014-2020 – níl sé chomh hard agus a thuairiscítear”

(2022/C 214/07)

Leis an bhfógra seo, cuireann an Cúirt Iniúchóirí in iúl duit go bhfuil an Tuarascáil speisialta 9/2022 “An caiteachas aeráide i mbuiséad AE 2014-2020 – níl sé chomh hard agus a thuairiscítear” díreach foilsithe againn.

Is féidir breathnú ar an tuarascáil nó í a íoslódáil ar shuíomh gréasáin an Chúirt Iniúchóirí: http://eca.europa.eu


An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

31.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 214/43


Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí ar an Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le bailiú, caomhnú agus anailísiú fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh ag Eurojust

(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin an MECS www.edps.europa.eu)

(2022/C 214/08)

Ar an 25 Aibreán 2022 d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Eurojust, maidir le bailiú, caomhnú agus anailís ar fhianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh ag Eurojust.

Aithníonn an MECS go bhfuil géarghá le dul i ngleic leis na teorainneacha atá le córas bainistíochta cásanna (CBC) Eurojust faoi láthair go bhfuil tionchar acu ar chumas Eurojust comhordú agus comhar idir údaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh a thacú agus a neartú maidir le príomhchoireanna idirnáisiúnta, lena n-áirítear iad siúd a d’fhéadfaí a dhéanamh tar éis ionsaí míleata na Rúise in aghaidh na hÚcráine an 24 Feabhra 2022. Chuige sin tugann an MECS dá aire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún cheana féin cur le bunú reatha CBC Eurojust maidir le gníomhaíochtaí Eurojust le himscrúduithe agus ionchúisimh i gcionta sceimhlitheoireachta. Mar chuid den togra sin, tá nuachóiriú an CBC agus digitiú an mhalartaithe eolais idir údaráis inniúla náisiúnta agus Eurojust beartaithe freisin.

Tugann an MECS ar aird gur de chineál sealadach a bheadh sa mhaolú atá beartaithe faoin Togra chun sonraí a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh lasmuigh de CBC Eurojust a stóráil agus dhéanfaí an tsaoráid um bainistiú agus stóráil sonraí uathoibrithe a chomhtháthú sa CBC nua a bhfuiltear ag súil lena bhunú faoi thogra níos luaithe. Mar gheall ar nádúr eisceachtúil na gcúinsí reatha agus úrnuacht an réitigh atá beartaithe, beidh an MECS ag tabhairt aird ar leith air le linn a ghníomhaíochtaí maoirseachta maidir le Eurojust.

Tá sé mar aidhm ag an Tuairim seo comhairle chuiditheach a sholáthar do reachtóir an AE d’fhonn a áirithiú nach mbaintear an bonn den leibhéal cosanta sonraí a ráthaítear cheana le Rialachán Eurojust. Sa chúlra seo, déanann an MECS roinnt moltaí maidir le:

bailiú agus malartú fianaise ag Eurojust;

slándáil na saoráide um uathoibrithe bainistíochta sonraí agus stórála;

teorainneacha ama do na sonraí atá stóráilte sa tsaoráid um uathoibrithe bainistíochta sonraí agus stórála;

cur chuige maidir le hAirteagal 90 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

1.   RÉAMHRÁ AGUS CÚLRA

1.

Tacaíonn an Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) le húdaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh i ndáil le coireacht thromchúiseach a bhfuil Eurojust inniúil ag déileáil le, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1727 (1) (“Rialachán Eurojust”). I measc na gcoireanna seo tá cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh.

2.

Ar an 25 Aibreán 2022 d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Eurojust, maidir le bailiú, caomhnú agus anailísiú fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh ag Eurojust (“an Togra”).

3.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún roimhe seo feabhas a chur ar leagan amach reatha chóras bainistíochta cásanna Eurojust (“CBC”) maidir le gníomhaíochtaí Eurojust himscrúduithe agus ionchúisimh i leith cionta sceimhlitheoireachta agus feabhas a chur ar fheidhmiú Chlár Breithiúnach Frithsceimhlitheoireachta Eurojust (2). Sa chomhthéacs sin, tá nuachóiriú an CBC agus digitiú an mhalartaithe eolais idir údaráis inniúla náisiúnta agus Eurojust beartaithe freisin (3).

4.

Is é cuspóir an Togra ligean do Eurojust fianaise a bhailiú, a chaomhnú agus a anailísiú i ndáil le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara agus, agus nuair is gá agus is iomchuí, a mhalartú a chumasú nó é a chur ar fáil ar shlí eile do na húdaráis bhreithiúnacha inniúla, náisiúnta nó idirnáisiúnta, go háirithe tar éis ionsaí míleata gan fasach a rinne an Rúis i gcoinne na hÚcráine ar an 24 Feabhra 2022 (4).

5.

Eisítear an Tuairim reatha ón MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a dhein an Coimisiún Eorpach ar an 6 Bealtaine 2022, de bhun Airteagal 42(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Fáiltíonn an MECS roimh an tagairt don chomhairliúchán seo in Aithris 18 den Togra.

7.   CINNTÍ

17.

I bhfianaise na méide thuasluaite, déanann an MECS na príomh-mholtaí seo a leanas:

(1)

Ráiteas a chur leis sa bhrollach nach bhfuil sé d’aidhm ag an Togra aon oibleagáid a thabhairt isteach ar údaráis náisiúnta eolais agus fianaise a roinnt le Eurojust.

(2)

Treoir a chur san áireamh sa Togra maidir le léirmhíniú na bhfoclaíocht “nuair is gá agus nuair is cuí”.

(3)

Tagairt d’fhorálacha slándála Airteagal 91 de Chaibidil IX den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a áireamh in aithris 13 den Togra.

(4)

Na teorainneacha ama maidir le stóráil sonraí a nascadh leis na teorainneacha stórála dá bhforáiltear cheana in Airteagal 29 den Rialachán Eurojust.

(5)

Chun an gaol idir mír 8 d’Airteagal 80 de Rialachán Eurojust agus Airteagal 90 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a tugadh isteach le déanaí a shoiléiriú.

An Bhruiséil, 13 Bealtaine 2022.

Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI


(1)  Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann in ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).

(2)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2005/671/JHA ón gComhairle, maidir le malartú eolais digiteach i gcásanna sceimhlitheoireachta, COM(2021) 757 final, 1 Nollaig 2021.

(3)  Maidir leis an Togra sin, d’eisigh an MECS a Bharúlacha Foirmiúla ar an 26 Eanáir 2022.

(4)  Breathnaigh ar Mheabhrán Míniúcháin ar an Togra COM(2022) 187 final, lch. 2.