ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 207

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
23 Bealtaine 2022


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2022/C 207/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2022/C 207/02

Cás C-132/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 29 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy– an Pholainn) – BN, DM, EN v Getin Noble Bank S.A. (Tarchur chun réamhrialú – Inghlacthacht – Airteagal 267 CFAE – Coincheap cúirt nó binse – Airteagal 19(1) CAE – Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An smacht reachta – Cosaint dlí éifeachtach – Prionsabal neamhspleáchas na mbreithiúna – Cúirt arna bunú roimhe ré le dlí – Comhlacht breithiúnach a raibh comhalta de ceaptha mar bhreitheamh den chéad uair ag comhlacht polaitiúil de chuid an fheidhmeannais réimeas neamhdhaonlathach – Modh oibríochta de Krajowa Rada Sądownictwa (Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna, an Pholainn) – Míbhunreachtúlacht an dlí a bhfuil an Chomhairle sin comhdhéanta ar a bhonn – An fhéidearthacht an comhlacht sin a cháiliú mar chúirt nó binse neamhchlaon agus neamhspleách de réir bhrí dhlí an Aontais)

2

2022/C 207/03

Cás C-139/20: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 31 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne (Mainneachtain Stáit – Cánachas ar tháirgí fuinnimh a úsáideann gnóthaí dianfhuinnimh – Treoir 2003/96/CE – Airteagal 17(1)(b) agus (4) – Cuideachtaí atá clúdaithe ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh – Díolúine ó dhleacht mháil)

3

2022/C 207/04

Cás C-472/20: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 31 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – Lombard Pénzügyi és Lízing Zrt. v PN (Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha – Comhaontuithe creidmheasa – Iasacht ainmnithe in airgeadra eachtrach inaisíoctha san airgeadra náisiúnta – Téarma conartha a chuireann an riosca athraithe ráta malairte ar an tomhaltóir – Éagóir téarma a bhaineann le príomhábhar an chonartha – Éifeachtaí – Neamhbhailíocht conartha – Dochar tromchúiseach don tomhaltóir – Éifeacht úsáideach Threoir 93/13 – Tuairim neamhcheangailteach den chúirt uachtarach – Féidearthacht na páirtithe a thabhairt ar ais sa staid a bheadh mar fhéidearthacht dóibh dá mba rud é nár tugadh an conradh sin i gcrích)

3

2022/C 207/05

Cás C-687/20: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 31 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile (Mainneachtain Stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Comhshaol – Treoir 2002/49/CE – Torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú – Ceirtleáin, mórbhealaí agus mór-iarnróid – Airteagal 7(2) – Léarscáileanna torainn straitéiseacha – Airteagal 8(2) – Pleananna gníomhaíochta – Airteagal 10(2) – Iarscríbhinn VI – Eolas curtha ar fáil ag léarscáileanna torainn straitéiseacha – Achoimrí ar phleananna gníomhaíochta – Teip cumarsáid a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach laistigh de na teorainneacha ama)

4

2022/C 207/06

Cás C-96/21: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 31 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Amtsgericht Bremen – Allemagne) – DM v CTS Eventim AG & Co. KGaA (Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 2011/83/AE – Ceart chun tarraingt siar maidir le cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh – Eisceachtaí ón gceart tarraingt siar – Airteagal 16 (l) – Soláthar seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí fóillíochta – Conradh lena ndéantar foráil maidir le dáta sonrach nó tréimhse feidhmíochta sonrach – Seirbhísí gníomhaire ticéid a sholáthar – Idirghabhálaí ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann eagraí gníomhaíochta fóillíochta – Riosca a bhaineann le feidhmiú an chirt chun tarraingt siar)

5

2022/C 207/07

Cás C-195/21: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 31 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rayonen sad Lukovit – an Bhulgáir) – LB v Smetna palata na Republika Bulgaria (Tarchur chun réamhrialú – Soláthar poiblí – Treoir 2014/24/AE – Infheidhmeacht do chás inmheánach amháin – Airteagal 58(1) agus (4) – Critéir roghnúcháin – Cumais theicniúla agus ghairmiúla na dtairgeoirí – Cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh – Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 – Airteagal 8(3) – Bearta rialaithe – Féidearthacht d’údaráis náisiúnta a chosnaíonn leasanna airgeadais an Aontais measúnú difriúil a dhéanamh ar nós imeachta soláthair phoiblí)

5

2022/C 207/08

Cás C-231/21: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 31 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – IA v Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl (Tarchur chun réamhrialú – Réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais – Córas Bhaile Átha Cliath – Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 – Airteagal 29(2) – An t-iarrthóir ar thearmann a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta – Teorainn ama sé mhí le hiarratasóir a aistriú – Féidearthacht síneadh suas go bliain amháin ar a mhéid a chur leis an teorainn ama sin a shíneadh i gcás príosúnachta – Coincheap na príosúnachta – An t-iarrthóir ar thearmann a chur go héigeantach in aonad síciatrach ospidéil le húdarú breitheamh)

6

2022/C 207/09

Cás C-287/20: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 10 Eanáir 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Hamburg – an Ghearmáin) – EL, CP v Ryanair DAC (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Aeriompar – Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 – Airteagal 5(3) – Rialacha coiteanna i dtéarmaí cúitimh agus cúnaimh do phaisinéirí i gcás eitilte a chur ar ceal nó i gcás moille fada ar eitilt – Díolúine ón oibleagáid slánaíochta – Coincheap toisc urghnách – Stailc foirne cábáin agus píolótaí – Imthosca inmheánacha agus seachtracha maidir le gníomhaíocht an aeriompróra atá ag feidhmiú – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 12 agus 28 – Airteagail 12 agus 28 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Éagmais cur isteach ar shaoirse tionóil agus comhlachais oibrithe agus ar cheart an aeriompróra dul i mbun caibidlíochta)

7

2022/C 207/10

Cás C-467/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 16 Nollaig 2021 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Comune di Venezia v Telecom Italia SpA, Infrastrutture Wireless Italiane SpA – Inwit SpA (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Comhfhogasú reachtaíochta – Líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí – Srianta ar chrainn cumarsáide fón póca a shuiteáil arna bhforchur ag údaráis áitiúla – Easpa mionsonraí leordhóthanacha maidir leis na cúiseanna a thugann údar maith don ghá atá le freagra a thabhairt ar an gceist dá dtagraítear chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach – Do-ghlacthacht follasach)

8

2022/C 207/11

Cás C-505/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 16 Nollaig 2021 (iarraidh ar réamhrialú ó Chúirt Oibreachais Liège – an Bheilg) – FU v Agence fédérale pour l'Accueil des demandeurs d'asile (Fedasil) (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Beartas maidir le tearmann – Critéir agus sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta – Rialachán (AE)Uimh. 604/2013 (Baile Átha Cliath III) – Airteagal 27 – Leigheasanna i gcoinne an chinnidh aistrithe – Easpa nasc idir an léirmhíniú iarrtha ar dhlí an Aontais agus fíricí nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí – Do-ghlacthacht follasach)

8

2022/C 207/12

Cás C-89/22: Ordú de chuid Uachtarán na Cúirte an 11 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Hamburg – an Ghearmáin) – Passengers friend GmbH v British Airways plc (Aeriompar – Cúiteamh d’aerphaisinéirí i gcás moilleanna fada eitiltí – Nasceitilt roinnte in dhá chuid – Moill mhór go dtí an ceann scríbe le linn an dara cuid arna hoibriú ag aerlíne neamhEorpach – Éileamh ar chúiteamh i gcoinne na haerlíne Eorpaí a d'oibrigh an chéad chuid)

9

2022/C 207/13

Cás C-305/21 P: Achomharc arna thabhairt 12 Bealtaine 2021 ag João Miguel Barata i gcoinne breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 3 Márta 2021 i gCás T-723/18, Barata v an Pharlaimint

9

2022/C 207/14

Cás C-801/21 P: Achomharc arna thabhairt an 17 Nollaig 2021 ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (Tríú Dlísheomra) a fógraíodh an 6 Deireadh Fómhair i gCás T-342/20, Indo European Foods v EUIPO

10

2022/C 207/15

Cás C-19/22 P: Achomharc arna thabhairt an 10 Eanáir 2022 ag Sanford LP i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a fógraíodh an 10 Samhain 2021 i gCás T-443/20, Sanford v EUIPO – Avery Zweckform (Lipéid)

10

2022/C 207/16

Cás C-57/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší soud České republiky (Poblacht na Seice) a taisceadh an 28 Eanáir 2022 – YQ v Ředitelství silnic a dálnic ČR

10

2022/C 207/17

Cás C-66/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) a taisceadh an 2 Feabhra 2022 – Infraestruturas de Portugal, SA, Futrifer Indústrias Ferroviárias, SA v Toscca Equipamentos de Madeira Lda.

11

2022/C 207/18

Cás C-88/22 P: Achomharc arna thabhairt an 8 Feabhra 2022 ag QB i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 8 Nollaig 2021 i gCás T-71/21, QB v an Coimisiún

12

2022/C 207/19

Cás C-101/22 P: Achomharc arna thabhairt an 10 Feabhra 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 1 Nollaig 2021 i gCás T-546/20, Sopra Steria Benelux agus Unisys Belgium v an Coimisiún

13

2022/C 207/20

Cás C-105/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 15 Feabhra 2022 – P.M. v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Warszawie

13

2022/C 207/21

Cás C-106/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 15 Feabhra 2022 – Xella Magyarország Építőanyagipari Kft. v Innovációs és Technológiai Miniszter

14

2022/C 207/22

Cás C-107/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Gerechtshof Amsterdam (an Ísiltír) arna taisceadh an 16 Feabhra 2022 – X BV, Inspecteur van de Belastingdienst/Douane

14

2022/C 207/23

Cás C-115/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Unabhängigen Schiedskommission Wien (an Ostair) arna taisceadh an 17 Feabhra 2022 – E.N.

15

2022/C 207/24

Cás C-122/22 P: Achomharc arna thabhairt an 18 Feabhra 2022 ag Dyson Ltd, Dyson Technology Ltd, Dyson Operations Pte Ltd, Dyson Manufacturing Sdn Bhd, Dyson Spain, SL, Dyson Austria GmbH, Dyson sp. z o.o., Dyson Ireland Ltd, Dyson GmbH, Dyson, Dyson Srl, Dyson Sweden AB, Dyson Denmark ApS, Dyson Finland Oy, Dyson BV i gcoinne Ordú na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a fógraíodh an 8 Nollaig 2021 i gCás T-127/19, Dyson agus páirtithe eile v an Coimisiún

16

2022/C 207/25

Cás C-132/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil), arna taisceadh an 25 Feabhra 2022 – BM, NP v Ministero dell'Istruzione, dell'Università e della Ricerca

17

2022/C 207/26

Cás C-143/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc) a taisceadh an 1 Márta 2022 – Association Avocats pour la défense des droits des étrangers (ADDE) agus páirtithe eile v Ministre de l’Intérieur

17

2022/C 207/27

Cás C-148/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal du travail de Liège (an Bheilg) an 2 Márta 2022 – OP v Commune d’Ans

18

2022/C 207/28

Cás C-201/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Korkein oikeus (an Fhionlainn) arna taisceadh an 15 Márta 2022 – Kopiosto r.y. v Telia Finland Oyj

18

2022/C 207/29

Cás C-224/22: Caingean arna tabhairt an 29 Márta 2022 – Ríocht na Spáinne v Comhairle an Aontais Eorpaigh

19

 

Chúirt Ghinearálta

2022/C 207/30

Cás T-323/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Martinair Holland v an Coimisiún

21

2022/C 207/31

Cás T-324/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – SAS Cargo Group agus Eile v An Coimisiún

21

2022/C 207/32

Cás T-325/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Koninklijke Luchtvaart Maatschappij v An Coimisiún

21

2022/C 207/33

Cás T-326/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Air Canada v An Coimisiún

21

2022/C 207/34

Cás T-334/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Cargolux Airlines v An Coimisiún

22

2022/C 207/35

Cás T-337/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Air France-KLM v An Coimisiún

22

2022/C 207/36

Cás T-338/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Air France v An Coimisiún

22

2022/C 207/37

Cás T-340/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022– Japan Airlines v An Coimisiún

22

2022/C 207/38

Cás T-341/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – British Airways v An Coimisiún

22

2022/C 207/39

Cás T-342/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Deutsche Lufthansa agus Eile v An Coimisiún

23

2022/C 207/40

Cás T-343/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022– Cathay Pacific Airways v An Coimisiún

23

2022/C 207/41

Cás T-344/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Latam Airlines Group agus Lan Cargo v An Coimisiún

23

2022/C 207/42

Cás T-350/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Singapore Airlines agus Singapore Airlines Cargo v An Coimisiún

23

2022/C 207/43

Cás T-129/19 RENV: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Márta 2022 – Necci v An Coimisiún

23

2022/C 207/44

Cás T-291/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Yanukovych v An Coimisiún

24

2022/C 207/45

Cás T-292/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Yanukovych v An Coimisiún

24

2022/C 207/46

Cás T-299/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – KF v BEI

24

2022/C 207/47

Cás T-720/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Perry Street Software v EUIPO – Toolstream (SCRUFFS)

24

2022/C 207/48

Cás T-30/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – L’Oréal v EUIPO – Debonair Trading Internacional (SO COUTURE) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarraidh ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh SO COUTURE – Focalmharc an Aontais Eorpaigh SO…? – Foras coibhneasta maidir le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (UE) 2017/1001])

25

2022/C 207/49

Cás T-35/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Allmax Nutrition (ALLNUTRITION DESIGNED FOR MOTIVATION)

25

2022/C 207/50

Cás T-36/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – PO v An Coimisiún

25

2022/C 207/51

Cás T-206/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Kalita agus Haas v EUIPO – Kitzbühel Tourismus (Léiriú dhá ainmhí)

26

2022/C 207/52

Cás T-264/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Établissement Amra v EUIPO – eXpresio (Cruth bróga reatha)

26

2022/C 207/53

Cás T-451/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Wedl & Hofmann (Testa Rossa)

26

2022/C 207/54

Cás T-17/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Márta 2022 – Miquel y Costas & Miquel v EUIPO (Pure Hemp) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Cúlghairm an chinnidh a ndearnadh achomharc ina choinne – Imtharraingt ábhar na díospóide – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

26

2022/C 207/55

Cás T-232/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 18 Márta 2022 – Saure v An Coimisiún

27

2022/C 207/56

Cás T-431/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2022 – UNIS v An Coimisiún

27

2022/C 207/57

Cás T-550/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 21 Márta 2022 – Kalypso Media Group v EUIPO (COMMANDOS) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Cúlghairm an chinnidh a ndearnadh achomharc ina choinne – Imtharraingt ábhar na díospóide – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

27

2022/C 207/58

Cás T-123/22: Caingean arna tabhairt an 7 Márta 2022 – Ecocert India v an Coimisiún

28

2022/C 207/59

Cás T-156/22: Caingean arna tabhairt an 23 Márta 2022 – Hyundai Heavy Industries Holdings v an Coimisiún

29

2022/C 207/60

Cás T-157/22: Caingean arna tabhairt an 22 Márta 2022 – Dehaen v EUIPO – National Geographic Society (NATIONAL GEOGRAPHIC)

30

2022/C 207/61

Cás T-158/22: Caingean arna tabhairt an 22 Márta 2022 – Dehaen v EUIPO – National Geographic Society (NATIONAL GEOGRAPHIC)

30

2022/C 207/62

Cás T-160/22: Caingean arna tabhairt an 25 Márta 2022 – 1906 Collins v EUIPO – Peace United (bâoli BEACH)

31

2022/C 207/63

Cás T-163/22: Caingean arna tabhairt an 28 Márta 2022 – Transformers Manufacturing Company v EUIPO – H&F (TMC TRANSFORMERS)

32

2022/C 207/64

Cás T-167/22: Caingean arna tabhairt an 28 Márta 2022 – Transformers Manufacturing Company v EUIPO – H&F (TMC TRANSFORMERS)

33

2022/C 207/65

Cás T-168/22: Caingean arna tabhairt an 30 Márta 2022 – Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi v EUIPO – Fontana Food (GRILLOUMI)

34

2022/C 207/66

Cás T-170/22: Caingean arna tabhairt an 31 Márta 2022 – Telefónica de España v an Coimisiún

34

2022/C 207/67

Cás T-171/22: Caingean arna tabhairt an 31 Márta 2022 – OR agus OS v an Coimisiún

35

2022/C 207/68

Cás T-172/22: Caingean arna tabhairt an 31 Márta 2022 – Gönenç v EUIPO – Solar (termorad ALUMINIUM PANEL RADIATOR)

36

2022/C 207/69

Cás T-174/22: Caingean arna tabhairt an 4 Aibreán 2022 – Novartis v EUIPO – AstraZeneca (BREZTREV)

37

2022/C 207/70

Cás T-175/22: Caingean arna tabhairt an 4 Aibreán 2022 – Novartis v EUIPO – AstraZeneca (BREZTRI)

37

2022/C 207/71

Cás T-178/22: Caingean arna tabhairt an 4 Aibreán 2022 – FA World Entertainment v EUIPO (FUCKING AWESOME)

38

2022/C 207/72

Cás T-179/22: Caingean arna taisceadh an 5 Aibreán 2022 – Farco-Pharma v EUIPO – Infarco (FARCO)

38

2022/C 207/73

Cás T-183/22: Caingean arna tabhairt an 11 Aibreán 2022 – Eggers & Franke v EUIPO – E. & J. Gallo Winery (EF)

39

2022/C 207/74

Cás T-184/22: Caingean arna tabhairt an 12 Aibreán 2022 – Eggers & Franke v EUIPO – E. & J. Gallo Winery (E & F)

40


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2022/C 207/01)

Foilseachán deiridh

IO C 198, 16.5.2022

Foilseacháin stairiúla

IO C 191, 10.5.2022

IO C 171, 25.4.2022

IO C 165, 19.4.2022

IO C 158, 11.4.2022

IO C 148, 4.4.2022

IO C 138, 28.3.2022

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/2


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 29 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy– an Pholainn) – BN, DM, EN v Getin Noble Bank S.A.

(Cás C-132/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Inghlacthacht - Airteagal 267 CFAE - Coincheap “cúirt nó binse” - Airteagal 19(1) CAE - Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - An smacht reachta - Cosaint dlí éifeachtach - Prionsabal neamhspleáchas na mbreithiúna - Cúirt arna bunú roimhe ré le dlí - Comhlacht breithiúnach a raibh comhalta de ceaptha mar bhreitheamh den chéad uair ag comhlacht polaitiúil de chuid an fheidhmeannais réimeas neamhdhaonlathach - Modh oibríochta de Krajowa Rada Sądownictwa (Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna, an Pholainn) - Míbhunreachtúlacht an dlí a bhfuil an Chomhairle sin comhdhéanta ar a bhonn - An fhéidearthacht an comhlacht sin a cháiliú mar chúirt nó binse neamhchlaon agus neamhspleách de réir bhrí dhlí an Aontais)

(2022/C 207/02)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Najwyższy

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: BN, DM, EN

Cosantóir: Getin Noble Bank S.A.

Idiragraí: Rzecznik Praw Obywatelskich

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13 a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn, i gcás ina bhfuil breitheamh ceaptha den chéad uair chun poist den sórt sin nó inar tháinig a cheapacháin ina dhiaidh sin chuig cúirt níos airde mar thoradh ar chinneadh arna ghlacadh ag comhlacht de réimeas neamhdhaonlathach a bhí ann sa Bhallstát sin roimh a aontachas leis an Aontas, agus lena n-áirítear cás ina raibh ceapacháin an bhreithimh sin chuig cúirteanna tar éis dheireadh an réimis sin bunaithe, go háirithe, ar an sinsearacht a fuair an breitheamh sin le linn na tréimhse a raibh an córas sin i bhfeidhm nó i gcás nár ghlac sé nó sí an mionn breithiúnach ach amháin nuair a bhí sé nó sí ceaptha ina bhreitheamh den chéad uair ag comhlacht den réimeas céanna sin, nach bhfuil an méid sin ann féin ina chúis le hamhras dlisteanach agus tromchúiseach a chruthú, in aigne na ndaoine, maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh lena mbaineann, ná, mar sin, stádas binse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí ina bhfuil an breitheamh ina shuí a thabhairt faoi cheist.

2)

Ní mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13 a léirmhíniú a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn go dtoirmeasctar aicmiú mar bhinse neamhspleách neamhchlaon, arna bhunú roimh ré le dlí, do phainéal breithiúnach atá ina chúirt nó binse de chuid Ballstáit ina bhfuil breitheamh ina shuí ar ceapadh é mar bhreitheamh den chéad uair nó ar ceapadh chuig cúirt níos airde é ina dhaidh sin tar éis dó a bheith roghnaithe mar iarrthóir do phost mar bhreitheamh ag comhlacht atá comhdhéanta ar bhonn forálacha reachtacha arna ndearbhú ina dhiaidh sin ag cúirt bhunreachtúil an Bhallstáit sin a bheith míbhunreachtúil, nó tar éis dó a bheith roghnaithe mar iarrthóir do phost mar bhreitheamh ag comhlacht atá comhdhéanta go rialta ach tar éis nós imeachta nach raibh trédhearcach, poiblí, ná faoi réir athbhreithniú breithiúnach, ar choinníoll nach bhfuil an neamhrialtacht sin de chineál ná de thromchúis lena gcruthófaí fíorbhaol léi go bhféadfadh brainsí cumhachta eile, go háirithe an feidhmeannas, lánrogha mhíchuí a fheidhmiú a chuirfeadh sláine phróiseas an cheapacháin i mbaol agus go n-ardófaí, dá bhrí sin, amhras dlisteanach agus tromchúiseach léi, in aigne na ndaoine, maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh lena mbaineann.


(1)  IO C 209 an 22.06.2020.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/3


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 31 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne

(Cás C-139/20) (1)

(Mainneachtain Stáit - Cánachas ar tháirgí fuinnimh a úsáideann gnóthaí dianfhuinnimh - Treoir 2003/96/CE - Airteagal 17(1)(b) agus (4) - Cuideachtaí atá clúdaithe ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh - Díolúine ó dhleacht mháil)

(2022/C 207/03)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: ag M. Siekierzyńska agus A. Armenia ar dtús, ansin ag A. Armenia, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire)

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear don Choimisiún na costais a íoc.


(1)  IO C 201, 15.06.2020


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/3


Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 31 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – Lombard Pénzügyi és Lízing Zrt. v PN

(Cás C-472/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 93/13/CEE - Téarmaí éagóracha - Comhaontuithe creidmheasa - Iasacht ainmnithe in airgeadra eachtrach inaisíoctha san airgeadra náisiúnta - Téarma conartha a chuireann an riosca athraithe ráta malairte ar an tomhaltóir - Éagóir téarma a bhaineann le príomhábhar an chonartha - Éifeachtaí - Neamhbhailíocht conartha - Dochar tromchúiseach don tomhaltóir - Éifeacht úsáideach Threoir 93/13 - Tuairim neamhcheangailteach den chúirt uachtarach - Féidearthacht na páirtithe a thabhairt ar ais sa staid a bheadh mar fhéidearthacht dóibh dá mba rud é nár tugadh an conradh sin i gcrích)

(2022/C 207/04)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Lombard Pénzügyi és Lízing Zrt.

Cosantóir: PN

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a léirmhíniú sa chiall nach féidir éifeacht úsáideach a fhorálacha a áirithiú, in éagmais rialach dlí náisiúnta de chineál forlíontach lena rialaítear cás den sórt sin, trí thuairim neamhcheangailteach ó chúirt uachtarach an Bhallstáit lena mbaineann, agus leis sin amháin, lena sonraítear do na cúirteanna íochtaracha cur chuige a leanfar le dearbhú go bhfuil conradh bailí nó go bhfuil éifeacht aige idir na páirtithe nuair nach féidir leis an gconradh seo a bheith ann mar gheall ar éagóir théarma a bhaineann lena phríomhchuspóir.

2)

Ní mór Treoir 93/13 a léirmhíniú sa chiall nach gcuireann sí bac ar an gcúirt náisiúnta inniúil cinneadh a dhéanamh na páirtithe i gconradh maidir le hiasacht a thabhairt ar ais sa staid ina mbeadh siad mura mbeadh an conradh sin tugtha i gcrích ar an bhforas go ndearbhaítear go bhfuil téarma den chonradh sin a bhaineann lena phríomhchuspóir éagórach faoin Treoir sin, ag aithint, má bhíonn an t-athbhunú sin dodhéanta, go bhfuil sé de dhualgas uirthi a chinntiú go mbeidh an tomhaltóir sa staid ina mbeadh sé mura mbeadh an téarma a mheastar a bheith éagórach ann riamh.


(1)  IO C 423, 07.12.2020


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/4


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 31 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile

(Cás C-687/20) (1)

(Mainneachtain Stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh - Comhshaol - Treoir 2002/49/CE - Torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú - Ceirtleáin, mórbhealaí agus mór-iarnróid - Airteagal 7(2) - Léarscáileanna torainn straitéiseacha - Airteagal 8(2) - Pleananna gníomhaíochta - Airteagal 10(2) - Iarscríbhinn VI - Eolas curtha ar fáil ag léarscáileanna torainn straitéiseacha - Achoimrí ar phleananna gníomhaíochta - Teip cumarsáid a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach laistigh de na teorainneacha ama)

(2022/C 207/05)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Noll-Ehlers agus G. Braga da Cruz, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Portaingéile (ionadaithe: M. Pimenta, P. Barros da Costa, H. Almeida, J. Reis Silva agus L. Inez Fernandes, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Mhainnigh Poblacht na Portaingéile, ar thaobh amháin, toisc nach bhfuil léarscáileanna torainn straitéiseacha bunaithe aici maidir leis na mórbhealaí PT_a_rd00410, PT_a_rd00458, PT_a_rd00460, PT_a_rd00462 agus PT_a_rd00633 nó pleananna gníomhaíochta le haghaidh ceirtleáin Amadora agus Porto agus le haghaidh na mórbhealaí agus mór-iarnróid dá dtagraítear san aguisín a ghabhann leis an mbreithiúnas seo, agus, ar an taobh eile, toisc nach ndearna sí cumarsáid leis an gCoimisiún Eorpach maidir leis an eolas curtha ar fáil ag na léarscáileanna sin ná na hachoimrí ar na pleananna gníomhaíochta, a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi faoin gcéad fhomhír d'Airteagal 7(2), Airteagal 8(2) agus Airteagal 10(2) de Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú, arna léamh i dteannta le hIarscríbhinn VI den Treoir sin.

2)

Ordaítear do Phoblacht na Portaingéile na costais a íoc.


(1)  IO C 62, 22.02.2021


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/5


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 31 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Amtsgericht Bremen – Allemagne) – DM v CTS Eventim AG & Co. KGaA

(Cás C-96/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 2011/83/AE - Ceart chun tarraingt siar maidir le cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh - Eisceachtaí ón gceart tarraingt siar - Airteagal 16 (l) - Soláthar seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí fóillíochta - Conradh lena ndéantar foráil maidir le dáta sonrach nó tréimhse feidhmíochta sonrach - Seirbhísí gníomhaire ticéid a sholáthar - Idirghabhálaí ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann eagraí gníomhaíochta fóillíochta - Riosca a bhaineann le feidhmiú an chirt chun tarraingt siar)

(2022/C 207/06)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Bremen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: DM

Cosantóir: CTS Eventim AG & Co. KGaA

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 16 (l), de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léirmhíniú sa chiall go bhfuil an eisceacht ón gceart chun tarraingt siar dá bhforáiltear san fhoráil sin inchurtha i leith tomhaltóir a thug, le hidirghabhálaí ag gníomhú ina ainm, ach thar ceann eagraí gníomhaíochta fóillíochta, cianchonradh i gcrích a bhaineann le ceart rochtana ar an ngníomhaíocht sin a fháil, a mhéid, ar thaobh amháin, go gcuirfidh, i gcomhréir le hAirteagal 12(a) den Treoir sin, go gcuirfeadh an oibleagáid an conradh sin a chomhlíonadh maidir leis an tomhaltóir an riosca a bhaineann le forchoimeád na n-acmhainneachtaí a scaoiltear ar an mbealach sin ar eagraí na gníomhaíochta lena mbaineann agus, ar an taobh eile, go bhfuil an ghníomhaíocht fóillíochta a dtugann an ceart sin rochtain uirthi sceidealta le bheith ar siúl ar dháta faoi leith nó laistigh de thréimhse shonrach.


(1)  IO C 138, 19.04.2021


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/5


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 31 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rayonen sad Lukovit – an Bhulgáir) – LB v Smetna palata na Republika Bulgaria

(Cás C-195/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Soláthar poiblí - Treoir 2014/24/AE - Infheidhmeacht do chás inmheánach amháin - Airteagal 58(1) agus (4) - Critéir roghnúcháin - Cumais theicniúla agus ghairmiúla na dtairgeoirí - Cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh - Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 - Airteagal 8(3) - Bearta rialaithe - Féidearthacht d’údaráis náisiúnta a chosnaíonn leasanna airgeadais an Aontais measúnú difriúil a dhéanamh ar nós imeachta soláthair phoiblí)

(2022/C 207/07)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Rayonen sad Lukovit

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: LB

Cosantóir: Smetna palata na Republika Bulgaria

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 58(1) agus (4) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2365 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2017 a léirmhíniú sa chiall nach gcuireann sé cosc, i gcomhthéacs nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain, ar údarás conarthach ceanglais níos déine ná na híoscheanglais a leagtar síos le rialacháin náisiúnta a fhorchur, faoi na critéir roghnúcháin a bhaineann le hacmhainneachtaí teicniúla agus gairmiúla oibreoirí eacnamaíocha, ar choinníoll go bhfuil ceanglais den sórt sin oiriúnach chun a ráthú go bhfuil na scileanna teicniúla agus gairmiúla is gá ag iarrthóir nó ag tairgeoir chun an conradh a dhámhfar a chomhlíonadh, cibé an bhfuil baint acu le hábhar an chonartha agus an bhfuil siad comhréireach leis.

2)

Ní mór Airteagal 8(3) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint, arna léamh i gcomhar le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 ina leagtar síos forálacha coitianta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir le Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir leis an gCiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle a léirmhíniú sa chiall nach gcuireann sé cosc, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ar údaráis náisiúnta a chosnaíonn leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh measúnú difriúil a dhéanamh ar na himthosca céanna i nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain.


(1)  IO C 228, 14.06.2021


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/6


Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 31 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – IA v Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl

(Cás C-231/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais - Córas Bhaile Átha Cliath - Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 - Airteagal 29(2) - An t-iarrthóir ar thearmann a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta - Teorainn ama sé mhí le hiarratasóir a aistriú - Féidearthacht síneadh suas go bliain amháin ar a mhéid a chur leis an teorainn ama sin a shíneadh i gcás príosúnachta - Coincheap na “príosúnachta” - An t-iarrthóir ar thearmann a chur go héigeantach in aonad síciatrach ospidéil le húdarú breitheamh)

(2022/C 207/08)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: IA

Cosantóir: Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl

An chuid oibríochtúil

Ní mór an dara habairt d’Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil coincheap na “príosúnachta”, dá dtagraítear san fhoráil sin, infheidhme maidir le hiarrthóir ar thearmann a chur go héigeantach in aonad síciatrach ospidéil, arna údarú le cinneadh cúirte ar na forais gur bagairt an duine sin, mar gheall ar mheabhairghalar, dó féin nó don tsochaí.


(1)  IO C 242, 21.06.2021


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/7


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 10 Eanáir 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Hamburg – an Ghearmáin) – EL, CP v Ryanair DAC

(Cás C-287/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Aeriompar - Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 - Airteagal 5(3) - Rialacha coiteanna i dtéarmaí cúitimh agus cúnaimh do phaisinéirí i gcás eitilte a chur ar ceal nó i gcás moille fada ar eitilt - Díolúine ón oibleagáid slánaíochta - Coincheap “toisc urghnách” - Stailc foirne cábáin agus píolótaí - Imthosca “inmheánacha” agus “seachtracha” maidir le gníomhaíocht an aeriompróra atá ag feidhmiú - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagail 12 agus 28 - Airteagail 12 agus 28 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Éagmais cur isteach ar shaoirse tionóil agus comhlachais oibrithe agus ar cheart an aeriompróra dul i mbun caibidlíochta)

(2022/C 207/09)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Hamburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: EL, CP

Cosantóir: Ryanair DAC

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 a léirmhíniú sa chiall nach dtagann gluaiseacht stailce arna dtionscnamh ar ghlao ceardchumann foirne cábáin agus píolótaí aeriompróra atá ag feidhmiú agus a bheartaítear chun éilimh na n-oibrithe sin a chothú faoin gcoincheap “toisc urghnách”, de réir bhrí na forála sin, agus nach bhfuil caibidlíochtaí arna ndéanamh roimhe sin le hionadaithe na n-oibrithe maidir leis sin ábharthach, más ann dóibh.


(1)  IO C 279, 24.08.2020


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/8


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 16 Nollaig 2021 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Comune di Venezia v Telecom Italia SpA, Infrastrutture Wireless Italiane SpA – Inwit SpA

(Cás C-467/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Comhfhogasú reachtaíochta - Líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí - Srianta ar chrainn cumarsáide fón póca a shuiteáil arna bhforchur ag údaráis áitiúla - Easpa mionsonraí leordhóthanacha maidir leis na cúiseanna a thugann údar maith don ghá atá le freagra a thabhairt ar an gceist dá dtagraítear chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach - Do-ghlacthacht follasach)

(2022/C 207/10)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Comune di Venezia

Cosantóirí: Telecom Italia SpA, Infrastrutture Wireless Italiane SpA – Inwit SpA

Páirtí eile: Regione Veneto

An chuid oibríochtúil

Tá an iarraidh ar réamhrialú arna thíolacadh ag an Consiglio di Stato (Comhairle Stáit na hIodáile), le cinneadh an 22 Iúil 2021 do-ghlactha go follasach.


(1)  IO C 422, 18.10.2021


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/8


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 16 Nollaig 2021 (iarraidh ar réamhrialú ó Chúirt Oibreachais Liège – an Bheilg) – FU v Agence fédérale pour l'Accueil des demandeurs d'asile (Fedasil)

(Cás C-505/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Beartas maidir le tearmann - Critéir agus sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta - Rialachán (AE)Uimh. 604/2013 (Baile Átha Cliath III) - Airteagal 27 - Leigheasanna i gcoinne an chinnidh aistrithe - Easpa nasc idir an léirmhíniú iarrtha ar dhlí an Aontais agus fíricí nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí - Do-ghlacthacht follasach)

(2022/C 207/11)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal du travail de Liège

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: FU

Cosantóir: Agence fédérale pour l'Accueil des demandeurs d'asile (Fedasil)

An chuid oibríochtúil

Tá an iarraidh ar réamhrialú arna thíolacadh ag Tribunal du travail de Liège, roinn Arlon (an Bheilg), le cinneadh an 17 Lúnasa 2021 do-ghlactha go follasach.


(1)  IO C 412, 11.10.2021


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/9


Ordú de chuid Uachtarán na Cúirte an 11 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Hamburg – an Ghearmáin) – Passengers friend GmbH v British Airways plc

(Cás C-89/22) (1)

(Aeriompar - Cúiteamh d’aerphaisinéirí i gcás moilleanna fada eitiltí - Nasceitilt roinnte in dhá chuid - Moill mhór go dtí an ceann scríbe le linn an dara cuid arna hoibriú ag aerlíne neamhEorpach - Éileamh ar chúiteamh i gcoinne na haerlíne Eorpaí a d'oibrigh an chéad chuid)

(2022/C 207/12)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Hamburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Passengers friend GmbH

Cosantóir: British Airways plc

An chuid oibríochtúil

Bainfear Cás C-89/22 de chlár na Cúirte.


(1)  Dáta an taiscthe: 10/02/2022


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/9


Achomharc arna thabhairt 12 Bealtaine 2021 ag João Miguel Barata i gcoinne breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 3 Márta 2021 i gCás T-723/18, Barata v an Pharlaimint

(Cás C-305/21 P)

(2022/C 207/13)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: João Miguel Barata (ionadaithe: G. Pandey, D. Rovetta, avocats, V. Villante, avvocato)

Páirtí eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa

Le hordú an 31 Márta 2022, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an t-achomharc a dhíbhe as a bheith do-ghlactha go follasach i bpáirt agus gan bunús go follasach i bpáirt agus gur cheart do João Miguel Barata a chostais féin a íoc.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/10


Achomharc arna thabhairt an 17 Nollaig 2021 ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (Tríú Dlísheomra) a fógraíodh an 6 Deireadh Fómhair i gCás T-342/20, Indo European Foods v EUIPO

(Cás C-801/21 P)

(2022/C 207/14)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/10


Achomharc arna thabhairt an 10 Eanáir 2022 ag Sanford LP i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a fógraíodh an 10 Samhain 2021 i gCás T-443/20, Sanford v EUIPO – Avery Zweckform (Lipéid)

(Cás C-19/22 P)

(2022/C 207/15)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sanford LP (ionadaí: J. Zecher, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Avery Zweckform GmbH

Le hordú an 6 Aibreán 2022, dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais (Dlísheomra ag cinneadh an gceadófar le hachomhairc dul ar aghaidh) nach bhféadfar dul ar aghaidh leis an achomharc agus gur cheart do Sanford LP a chostais féin a iompar.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/10


Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší soud České republiky (Poblacht na Seice) a taisceadh an 28 Eanáir 2022 – YQ v Ředitelství silnic a dálnic ČR

(Cás C-57/22)

(2022/C 207/16)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší soud České republiky

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: YQ

Cosantóir: Ředitelství silnic a dálnic ČR

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil léirmhíniú le déanamh ar Airteagal 7(1) de Threoir 2003/88/CE (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre amhail is go gcuirtear cosc ar chásdlí náisiúnta faoina bhun, i dtaca le hoibrí a dífhostaíodh go neamhdhleathach agus a tugadh post ar ais dóibh, de réir an dlí náisiúnta, i ndiaidh do chúirt an dífhostú a chur ar ceal, nach bhfuil an t-oibrí sin i dteideal saoire bhliantúil íoctha don tréimhse idir dáta an dífhostaithe agus an post a thabhairt ar ais ar an mbunús, le linn na tréimhse sin, nach ndearna an t-oibrí aon obair don fhostóir, agus gurb amhlaidh an cás, de réir an dlí náisiúnta, i gcásanna ina gcuireann an t-oibrí a dífhostaíodh go neamhdhleathach in iúl don fhostóir gan moill mhíchuí i scríbhinn go n-éilíonn an t-oibrí a bheith fostaithe, go bhfuil an t-oibrí sin i dteideal cúiteamh pá nó tuarastail de mheánmhéid an tuillimh ón dáta ónar tugadh an fógra sin don fhostóir go n-éilíonn an t-oibrí leanúint sa phost go dtí go gceadaíonn an fostóir dóibh leanúint sa phost nó go dtí go gcuirtear deireadh bailí leis an gcaidreamh fostaíochta.


(1)  IO 2003 L 299, lch. 9.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/11


Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) a taisceadh an 2 Feabhra 2022 – Infraestruturas de Portugal, SA, Futrifer Indústrias Ferroviárias, SA v Toscca Equipamentos de Madeira Lda.

(Cás C-66/22)

(2022/C 207/17)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

An Phortaingéil

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Infraestruturas de Portugal, SA, Futrifer Indústrias Ferroviárias, SA

Cosantóirí: Toscca Equipamentos de Madeira Lda.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An ionann an foras dícháilithe dá bhforáiltear in Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE (1) agus ábhar forchoimeádta do chinneadh údaráis chonarthaigh?

2.

An bhféadfaidh an reachtóir náisiúnta an cinneadh nach mór don údarás conarthach a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE a mhalartú in iomlán le cinneadh (le héifeacht chinneadh) ginearálta ón Údarás um Iomaíocht pionós breise a fhorchur, ar toirmeasc é ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair phoiblí le linn tréimhse sonraithe, arna ghlacadh i gcomhthéacs fhorchur fíneála mar gheall ar shárú ar na rialacha iomaíochta?

3.

An gcaithfear cinneadh an údaráis chonarthaigh maidir le “hiontaofacht” an eintitis eacnamaíoch i bhfianaise chomhlíonadh (nó neamhchomhlíonadh) rialacha Dhlí na hiomaíochta, lasmuigh den nós imeachta tairisceana sonraí, a thuiscint amhail go bhfuil riachtanas ann leis chun measúnú a dhéanamh bunaithe ar oiriúnacht choibhneasta an eintitis eacnamaíoch thuasluaite, arb ionann é léiriú nithiúil ar an gceart chun dea-riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha de chuid an Aontais Eorpaigh?

4.

An bhféadfar a mheas go bhfuil an cinneadh a glacadh i nDlí na Portaingéile le hairteagal 55, mír 1, litir f) de CCP (2), lena bhforáiltear go bhfuil eisiamh eintiteas eacnamaíoch ó nós imeachta soláthair de bhun sárú ar na rialacha iomaíochta, arna dhéanamh lasmuigh den nós imeachta soláthair shonraigh, faoi réir an chinnidh a ghlacann an tÚdarás Iomaíochta i gcomhthéacs cur chun feidhme phionóis bhreise ar toirmeasc ar thairiscint é, arb é an tÚdarás Iomaíochta sa chomhthéacs seo a mheasann oiriúnacht na mbeart ceartaitheach arna nglacadh, i gcomhréir le Dlí an Aontais agus go háirithe le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE?

5.

An bhfuil an cinneadh a glacadh i nDlí na Portaingéile le hairteagal 70, mír 2, litir g) de CCP, lena gcuirtear teorainn ar an bhféidearthacht soláthar a eisiamh mar gheall ar fhianaise shuntasach a bheith ann de ghníomhartha, comhaontaithe, cleachtais nó faisnéis lena bhféadfaí na rialacha iomaíochta maidir leis an nós imeachta soláthair shonraigh ina n-aithneofaí na cleachtais úd a shaobhadh, i gcomhréir le Dlí an Aontais agus go háirithe le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE freisin?


(1)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO 2014, L 94, lch. 65).

(2)  Código dos Contratos Públicos (Cód um Chonarthaí Poiblí)


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/12


Achomharc arna thabhairt an 8 Feabhra 2022 ag QB i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 8 Nollaig 2021 i gCás T-71/21, QB v an Coimisiún

(Cás C-88/22 P)

(2022/C 207/18)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: QB (ionadaí: R. Wardyn, radca prawny)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an breithiúnas faoi achomharc a chur ar ceal;

agus, mar sin,

cinntí an Choimisiúin Eorpaigh an 6 Aibreán 2020 agus an 3 Samhain 2020 a neamhniú,

nó, dá éagmais sin,

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais, agus

a ordú don Choimisiún Eorpach a chostais féin sa phróiseas agus costais an iarratasóra sa dá chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin ina líomhnaítear sárú ar Airteagal 4(1) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus áitíonn sé go ndearna an Chúirt Ghinearálta:

earráid le linn príomhghairm an iarratasóra a chinneadh toisc gur thug sí neamhaird ar an obair a rinne an t-iarratasóir do Stát na Polainne agus ar a stádas mar bhreitheamh;

earráid agus na coinníollacha faoi “obair a rinneadh do Stát eile” á shainiú aici;

neamhaird ar an obair a rinne an t-iarratasóir do Stát na Polainne agus ar a stádas mar bhreitheamh agus theip uirthi na nithe sin a chur san áireamh agus an eisceacht “obair a rinneadh do Stát eile” á scrúdú aici.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/13


Achomharc arna thabhairt an 10 Feabhra 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 1 Nollaig 2021 i gCás T-546/20, Sopra Steria Benelux agus Unisys Belgium v an Coimisiún

(Cás C-101/22 P)

(2022/C 207/19)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. André, M. Ilkova, O. Verheecke, i gcáil Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Sopra Steria Benelux, Unisys Belgium

An t-ordú atá á lorg

Míreanna 52 go 57, 60, 61, 66, 68 agus 69 den bhreithiúnais atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

An t-iarratas ar neamhniú a dhiúltú;

A ordú do Sopra Steria Benelux agus Unisys Belgium costais na n-imeachtaí seo os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc, maíonn an Coimisiún trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a cháiligh sí litir ó na hiarratasóirí ag an gcéad chéim an 10 Iúil 2020 mar “iarratas sainráite” arb é is aidhm dó na cúiseanna lenar tugadh ar an údarás conarthach gan a mheas go raibh cuma ró-íseal ar an tairiscint roghnaithe a fháil amach.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear saobhadh ar na fíorais, trí mheasúnú mícheart a dhéanamh ar a bhfuil i bhfreagra an Choimisiúin an 20 Iúil 2020.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go dtugtar neamhaird ar mhéid na hoibleagáide réasúin a shonrú atá de dhualgas ar an údarás conarthach faoi Airteagal 296 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 170(3) den Rialachán Airgeadais, nuair a mheasann an t-údarás conarthach nach bhfuil cuma thar a bheith íseal ar an tairiscint rathúil.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/13


Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 15 Feabhra 2022 – P.M. v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Warszawie

(Cás C-105/22)

(2022/C 207/20)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Naczelny Sąd Administracyjny

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: P.M.

Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Warszawie

Ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialaithe

An gcaithfear Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an prionsabal gur cheart, mar cháin ar thomhaltas iarbhír, dleachtanna máil a thobhach ag céim aonair amháin, agus prionsabal na comhréireachta, a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc leo ar chur i bhfeidhm forála náisiúnta amhail Airteagal 107(1) den Ustawa o podatku akcyzowym (Acht an 6 Nollaig 2008 maidir le dleachtanna máil) a mhéid a chuirtear cosc léi ar aisíocaíocht don duine inchánach, maidir le feithicil phríobháideach chláraithe a onnmhairiú, den dleacht mháil a ríomhadh i gcomhréir le fad úsáide na feithicle sin ar an gcríoch náisiúnta?


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/14


Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 15 Feabhra 2022 – Xella Magyarország Építőanyagipari Kft. v Innovációs és Technológiai Miniszter

(Cás C-106/22)

(2022/C 207/21)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Xella Magyarország Építőanyagipari Kft.

An t-údarás inniúil ar cuireadh an iarraidh faoina bhráid: Innovációs és Technológiai Miniszter

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

I bhfianaise aithrisí 4 agus 6 de Rialachán (AE) 2019/452, lena mbunaítear creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh, (1) agus a fhoráiltear in Airteagal 4(2) CAE, an gcaithfear Airteagal 65(1)(b) CFAE a léiriú sa tslí go gcuirtear an fhéidearthacht san áireamh leis go mbunófaí rialachán amhail Airteagal 85 den a veszélyhelyzet megszűnésével összefüggő átmeneti szabályokról és a járványügyi készültségről szóló 2020. Évi LVIII. törvény (Dlí LVIII 2020, maidir leis na rialacha idirthréimhseacha a ghabhann leis an staid éigeandála agus leis an ngéarchéim eipidéimeolaíoch), agus go háirithe amhail airteagail 276, míreanna 1 agus 2(a), agus 283(1)(b) de?

2.

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, an leor nós imeachta um rialú cumasc a bheith próiseáilte ag an gCoimisiún, a chumhachtaí a bheith feidhmithe aige agus cumascú maidir le slabhra úinéireachta de chuid infheisteora indírigh coigríche a bheith údaraithe aige, chun go gcuirfí cosc ar fheidhmiú na cumhachta cinnteoireachta i gcomhréir le Dlí an Bhallstáit lena mbaineann?


(1)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO 2019, L 791, lch. 1).


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/14


Iarraidh ar réamhrialú ó Gerechtshof Amsterdam (an Ísiltír) arna taisceadh an 16 Feabhra 2022 – X BV, Inspecteur van de Belastingdienst/Douane

(Cás C-107/22)

(2022/C 207/22)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Gerechtshof Amsterdam

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: X BV, Inspecteur van de Belastingdienst/Douane

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear riail léiriúcháin ghinearálta 2(a) (1) a léirmhíniú sa chaoi is go bhfuil feidhm aici maidir le comhpháirteanna de ghlacadóir satailíte atá beartaithe, tar éis iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta, le bheith curtha le chéile i nglacadóir satailíte iomlán, ar comhpháirteanna iad a iompraítear i gcoimeádán amháin agus a dhearbhaíonn an t-aon dearbhóir amháin, ar an lá céanna, ag an bpost custaim céanna, ina ainm féin agus ar a son féin, le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta in dá dhearbhú ar leithligh agus atá faoi úinéireacht ag dhá ghnóthas ghaolmhara tráth a chuirtear i saorchúrsaíocht iad?

2.

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1, an gcaithfear riail léiriúcháin ghinearálta 2(a) a léirmhíniú, mar sin, sa chiall is go bhfuil feidhm aici freisin maidir leis na comhpháirteanna ar leithligh de ghlacadóir satailíte a dhearbhaíonn an t-aon dearbhóir amháin le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta, ina ainm féin agus ar a son féin, ar an lá céanna agus ag an bpost custaim céanna ag a gcuireann sé na comhpháirteanna eile don ghlacadóir satailíte sin faoi nós imeachta idirthurais seachtrach an Chomhphobail, nuair is leis an dá ghnóthas ghaolmhara na comhpháirteanna tráth a dhéantar na dearbhuithe agus atá sé beartaithe go ndéanfar na comhpháirteanna go léir, tar éis iad a chur i saorchúrsaíocht, a chur le chéile i nglacadóir satailíte iomlán?


(1)  Iarscríbhinn I de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO 1987 L 256, lch. 1).


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/15


Iarraidh ar réamhrialú ó Unabhängigen Schiedskommission Wien (an Ostair) arna taisceadh an 17 Feabhra 2022 – E.N.

(Cás C-115/22)

(2022/C 207/23)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Unabhängige Schiedskommission Wien

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: E.N.

Páirtithe eile: Nationale Anti-Doping Agentur Austria GmbH (NADA), Österreichischer Leichtathletikverband (ÖLV), Word Anti-Doping Agency (WADA)

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An ionann faisnéis go bhfuil sárú dópála sonrach déanta ag duine sonrach agus, mar thoradh ar an sárú sin, go dtoirmisctear don duine sin páirt a ghlacadh i gcomórtais (náisiúnta agus idirnáisiúnta) agus sonraí “a bhaineann leis an tsláinte” de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 (1) (“An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí”)?

2.

An gcuireann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí – go háirithe i bhfianaise an dara fomhír d’Airteagal 6(3) den Rialachán sin – bac ar fhoráil náisiúnta lena bhforáiltear do nochtadh ainm daoine lena mbaineann an cinneadh de chuid an Unabhängigen Schiedskommission (An Coimisiún Neamhspleách um Eadráin, an Ostair), do thréimhse an toirmisc agus na cúiseanna ina leith, gan a bheith in ann sonraí sláinte an duine lena mbaineann a thabhairt le fios? An bhfuil sé ábhartha nach féidir gan iad a nochtadh don phobal i gcoitinne ach amháin más lúthchleasaí áineasa, mionaoiseach nó duine a chuir go mór le haithint sáruithe dópála a d’fhéadfadh a bheith ann trí fhaisnéis nó táscairí eile a chur in iúl, an duine lena mbaineann?

3.

An gceanglaítear leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí – go háirithe i bhfianaise na bprionsabal in Airteagal 5(1)(a) agus (c) – roimh an nochtadh, in aon chás, go ndéanfar leasanna an duine lena mbaineann a ndéanfaidh an nochtadh difear dó a mheas, ar thaobh amháin, agus an leas poiblí san fhaisnéis maidir leis an sárú frithdhópála a rinne an lúthchleasaí, ar an taobh eile?

4.

An ionann faisnéis go ndearna duine sonrach sárú dópála sonrach agus, mar thoradh air sin, go bhfuil toirmeasc ar an duine sin páirt a ghlacadh i gcomórtais (náisiúnta agus idirnáisiúnta) agus sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus coireanna de réir bhrí Airteagal 10 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a phróiseáil?

5.

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 4: An ionann an Unabhängigen Schiedskommission (an Coimisiún Neamhspleách um Eadráin, an Ostair) arna bhunú faoi Mhír 8 de Anti-Doping-Bundesgesetzes 2021 (Dlí cónaidhme um Fhrithdhópáil de 2021) agus údarás oifigiúil de réir bhrí Airteagal 10 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/16


Achomharc arna thabhairt an 18 Feabhra 2022 ag Dyson Ltd, Dyson Technology Ltd, Dyson Operations Pte Ltd, Dyson Manufacturing Sdn Bhd, Dyson Spain, SL, Dyson Austria GmbH, Dyson sp. z o.o., Dyson Ireland Ltd, Dyson GmbH, Dyson, Dyson Srl, Dyson Sweden AB, Dyson Denmark ApS, Dyson Finland Oy, Dyson BV i gcoinne Ordú na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a fógraíodh an 8 Nollaig 2021 i gCás T-127/19, Dyson agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-122/22 P)

(2022/C 207/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Dyson Ltd, Dyson Technology Ltd, Dyson Operations Pte Ltd, Dyson Manufacturing Sdn Bhd, Dyson Spain, SL, Dyson Austria GmbH, Dyson sp. z o.o., Dyson Ireland Ltd, Dyson GmbH, Dyson, Dyson Srl, Dyson Sweden AB, Dyson Denmark ApS, Dyson Finland Oy, Dyson BV (ionadaithe: E. Batchelor, T. Selwyn Sharpe agus M. Healy, Dlíodóirí)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann na hachomharcóirí ar an gCúirt:

An breithiúnas atá faoi chonspóid a neamhniú ina iomláine;

A rialú go ndearna an Coimisiún sárú sách tromchúiseach ar dhlí an Aontais Eorpaigh agus an t-iarratas ar dhamáistí a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta; agus

A ordú don Choimisiún a chostais féin agus costais Dyson a íoc i ndáil leis na himeachtaí seo agus leis na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta cur síos mícheart ar shaincheisteanna Dyson agus níor luaigh sí a réasúnaíocht. Díríodh saincheist Dyson ar earráid thromchúiseach agus fhollasach an Choimisiúin, agus air sin amháin i. gur roghnaigh sé an t-aon mhodh tástála ba léir a bheith lasmuigh dá rogha féin, is é sin tástáil gan deannach ar bith. Níor thug an Chúirt Ghinearálta aghaidh ar an tsaincheist sin;

Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid agus an cásdlí maidir le sárú sách tromchúiseach á chur i bhfeidhm aici, a mhéid nár thug sí tábhacht chinntitheach dá conclúid gur sháraigh an Coimisiún ceanglas neamhroghnach faoi Airteagal 10 den Mháthairthreoir;

Ar an tríú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú a bhí sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart agus rinne sí cur síos mícheart ar an bhfianaise trí theacht ar an gconclúid gur tháinig deacrachtaí léirmhínithe as an tsonraíocht “le linn úsáide” sa Mháthairthreoir;

Ar an gceathrú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart trí theacht ar an gconclúid gur tháinig castacht rialála as an tsonraíocht “le linn úsáide” sa Mháthairthreoir;

Ar an gcúigiú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart trí theacht ar an gconclúid nach raibh aon earráid thromchúiseach agus fhollasach maidir le sárú an Choimisiúin ar bhunphrionsabal na córa comhionainne;

Ar an séú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart trí theacht ar an gconclúid nach raibh aon earráid thromchúiseach agus fhollasach maidir le sárú an Choimisiúin ar bhunphrionsabail an riaracháin fhónta agus/nó gníomhú go dícheallach;

Ar an seachtú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú a bhí sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart trí theacht ar an gconclúid nach raibh aon earráid thromchúiseach agus fhollasach maidir le sárú an Choimisiúin ar bhunphrionsabal an chirt chun trádáil nó gnó a shaothrú.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/17


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil), arna taisceadh an 25 Feabhra 2022 – BM, NP v Ministero dell'Istruzione, dell'Università e della Ricerca

(Cás C-132/22)

(2022/C 207/25)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: BM, NP

Cosantóir: Ministero dell'Istruzione, dell'Università e della Ricerca

An cheist a tharchuirtear:

An gá Airteagal 45(1) agus (2) CFAE agus Airteagal 3(1)(b) de Rialachán Uimh. 492/2011 (1) a léirmhíniú mar chosc ar riail amhail an riail a leagtar síos in Airteagal 1(655), de Dhlí Uimh. 205/2017, ar dá bhun, chun páirt a ghlacadh sa nós imeachta chun áit a fháil ar na liostaí a thiomsaítear chun conarthaí buana agus sealadacha a dhámhachtain in institiúidí AFAM na hIodáile, nach gcuirtear san áireamh ach an taithí ghairmiúil arna fáil ag na hiarrthóirí sna hinstitiúidí náisiúnta amháin agus gan taithí ag institiúidí ar an leibhéal céanna i dtíortha Eorpacha eile a chur san áireamh, i bhfianaise chuspóir áirithe an nós imeachta atá i gceist chun cur i gcoinne fheiniméan na hoibre forbhásaí náisiúnta, agus, mura gcinneann an Chúirt go bhfuil reachtaíocht na hIodáile contrártha i dtéarmaí teibí don chreat rialála Eorpach, an féidir a mheas go bhfuil na bearta a bheartaítear leis an reachtaíocht sin comhréireach, i dtéarmaí nithiúla, maidir leis an gcuspóir thuasluaite a bhaineann leis an leas ginearálta.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, lch. 1).


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/17


Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc) a taisceadh an 1 Márta 2022 – Association Avocats pour la défense des droits des étrangers (ADDE) agus páirtithe eile v Ministre de l’Intérieur

(Cás C-143/22)

(2022/C 207/26)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Conseil d’État

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Association Avocats pour la défense des droits des étrangers (ADDE), Association nationale d'assistance aux frontières pour les étrangers (ANAFE), Association de recherche, de communication et d’action pour l’accès aux traitements (ARCAT), Comité inter-mouvements auprès des évacués (CIMADE), Fédération des associations de solidarité avec tou-te-s les immigré-e-s (FASTI), Groupe d'information et de soutien des immigré.e.s (GISTI), Ligue des droits de l'homme (LDH), Le paria, Syndicat des avocats de France (SAF), SOS – Hépatites Fédération

Cosantóir: Ministre de l’Intérieur

An cheist a tharchuirtear:

I gcás rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainneacha inmheánacha, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i gCaibidil II de Theideal III de Rialachán (AE) 2016/399 (1), an féidir cead isteach a dhiúltú do náisiúnach eachtrach a thagann go díreach ó chríoch Stáit is páirtí sa choinbhinsiún arna shíniú in Schengen an 19 Meitheamh 1990, agus seiceálacha ag an teorainn sin á ndéanamh, ar bhonn Airteagal 14 den Rialachán sin, gan Treoir 2008/115/CE (2) a bheith infheidhme?


(1)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO 2016, L 77, lch. 1).

(2)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, (IO 2008, L 348, lch. 98).


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/18


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal du travail de Liège (an Bheilg) an 2 Márta 2022 – OP v Commune d’Ans

(Cás C-148/22)

(2022/C 207/27)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal du travail de Liège

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: OP

Cosantóir: Commune d’Ans

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An féidir Airteagal 2(2)(a) agus (b) de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (1) a léirmhíniú sa chaoi go n-údaraítear leis do riarachán poiblí timpeallacht riaracháin atá go hiomlán neodrach a eagrú agus mar sin cosc a chur ar gach ball foirne siombailí creidimh a chaitheamh, bídís i dteagmháil dhíreach leis an bpobal nó ná bíodh?

2)

An féidir Airteagal 2(2)(a) agus (b) de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha a léirmhíniú sa chaoi is go n-údaraítear leis do riarachán poiblí timpeallacht riaracháin atá go hiomlán neodrach a eagrú agus mar sin cosc a chur ar gach ball foirne siombailí creidimh a chaitheamh, bídís i dteagmháil dhíreach leis an bpobal nó ná bíodh, fiú más cosúil go bhfuil tionchar ag an gcosc neodrach sin ar mhná den chuid is mó, agus go bhféadfadh mar sin gur idirdhealú faoi cheilt ar an bhforas inscne atá ann?


(1)  IO 2000 L 303, lch. 16.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/18


Iarraidh ar réamhrialú ó Korkein oikeus (an Fhionlainn) arna taisceadh an 15 Márta 2022 – Kopiosto r.y. v Telia Finland Oyj

(Cás C-201/22)

(2022/C 207/28)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Korkein oikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharchóir: Kopiosto r.y.

Freagróir: Telia Finland Oyj

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

Maidir le heagraíochtaí ceadúnúcháin chonarthaigh a chomhbhainistíonn cearta maoine intleachtúla, an é atá i gceist leis an seasamh dlíthiúil chun na cearta sin a chosaint, a thuigtear ón inniúlacht imeachtaí a thionscnamh bunaithe ar Airteagal 4(c) de Threoir 2004/48 (1), ná an inniúlacht ghinearálta a bheith mar pháirtí in imeachtaí dlí amháin nó an bhfuil gá le ceart sainráite sa reachtaíocht náisiúnta chun imeachtaí a thionscnamh in ainm an pháirtí féin chun na cearta sin a chosaint?

2)

Agus Airteagal 4(c) de Threoir 2004/48 á léirmhíniú, an gcaithfear an téarma “leas díreach i gcosaint chóipcheart na sealbhóirí cirt dá ndéanann sé ionadaíocht” a léirmhíniú go haonfhoirmeach i ngach Ballstát i leith an chirt atá ag eagraíochtaí comhbhainistíochta de réir bhrí Airteagal 3(a) de Threoir 2014/26AE (2) chun caingean a thionscnamh in ainm an pháirtí féin maidir le sárú ar chóipcheart i gcás:

(i)

a bhaineann le húsáid saothar a bhfuil an eagraíocht, mar eagraíocht cheadúnúcháin chonarthaigh de réir bhrí an Tekijänoikeuslaki (Dlí um Chóipcheart), i dteideal comhcheadúnais shínithe a dheonú ina leith agus lena ligtear do cheadúnaí saothair d’údair san earnáil sin a úsáid cé nár údaraíodh don eagraíocht a gcearta a bhainistiú;

(ii)

a bhaineann le húsáid saothar a bhfuil údarú tugtha ina leith ag na húdair don eagraíocht a gcearta a bhainistiú trí chonradh nó údarúchán, gan na cóipchearta a bheith sannta don eagraíocht?

3)

Má dhéantar toimhde go bhfuil ag an eagraíocht, mar eagraíocht cheadúnúcháin chonarthaigh, leas díreach agus an seasamh dlíthiúil chun imeachtaí a thionscnamh ina hainm féin: Agus an seasamh dlíthiúil chun imeachtaí a thionscnamh á mheas i bhfianaise, nuair is iomchuí, Airteagail 17 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cad is brí leis go ndéanann an eagraíocht, mar eagraíocht cheadúnúcháin chonarthaigh, ionadaíocht ar údair, ar údair iad nár thug údarú di a gcearta a bhainistiú, agus nach bhforáiltear sa dlí do cheart na heagraíochta imeachtaí a thionscnamh chun cearta údar den sórt sin a chosaint?


(1)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO 2004 L 157, lch. 45).

(2)  Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach ceart i saothair cheolmhara d’úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO 2014 L 84, lch. 72).


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/19


Caingean arna tabhairt an 29 Márta 2022 – Ríocht na Spáinne v Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-224/22)

(2022/C 207/29)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Ríocht na Spáinne (ionadaí: J. Rodriguez de le Rúa Puig, Gníomhaire)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

Na horduithe atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán (AE) 2022/110 (1) ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, lena dtagraítear do bhunú (i) uasiarracht iascaireachta colmóra Eorpaigh (Merluccius merluccius) agus lannaigh riabhaigh (Mullus barbatus) incheadaithe do thrálaeir ar Mhuir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1-2-5-6-7) arna leagan amach in Iarscríbhinn IIIc); agus (ii) uasteorainneacha gabhála an tséacla ghoirm agus dhearg (Aristeus antennatus) ar Mhuir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (i bhfolimistéir gheografacha 1-2-5-6-7) arna leagan amach in Iarscríbhinn IIIe), a chur ar neamhní.

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

Forais agus príomhargóintí

An chéad fhoras:

Maidir le socrú uasiarracht iascaireachta colmóra Eorpaigh agus lannaigh riabhaigh incheadaithe do thrálaeir sna folimistéir geografacha (“FLGanna”) 1-2-5-6-7:

1)

ní thugtar na cúiseanna is bun leis i gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Rialachán 2019/1022 (2) sa mhéid is nár socraíodh cad í an chomhairle eolaíoch ar a mbunófaí gabhálacha suntasacha de ghrúpa stoc éisc áirithe;

2)

mar mhalairt air sin: (i) tá sé i gcontrárthacht le hAirteagal 7(5) de Rialachán 2019/1022 sa mhéid is nár eascair gabhálacha suntasacha de ghrúpa stoc éisc áirithe as an gcomhairle eolaíoch arna himscrúdú ag Ríocht na Spáinne; agus (ii) tá sé díréireach, as a bheith míchuí go follasach chun cuspóir Rialacháin 2019/1022 a bhaint amach toisc nach n-urramaítear an riachtanas maidir le comhairle eolaíoch leis ná an fhorbairt chomhleanúnach de CBI ina ghné triarach comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta; agus níl gá leis de bharr bearta malartacha eile a bheith curtha i bhfeidhm chun an cuspóir sin a bhaint amach (séasúir choiscthe agus méadú ar roghnaíocht trealaimh trálaeireachta).

And dara foras:

Maidir le bunú na huasteorann gabhála sonraí don séacla gorm agus dearg in FLGanna 1-2-5-6-7:

1)

ní thugtar na cúiseanna is bun leis i gcomhréir le hAirteagal 7(3)(b) de Rialachán 2019/1022 sa mhéid is nár socraíodh cad í an chomhairle eolaíoch ar a mbunófaí an gá glacadh leis an mbeart caomhnaithe sin;

2)

mar mhalairt air sin: (i) tá sé i gcontrárthacht le hAirteagal 7(3)(b) de Rialachán 2019/1022 sa mhéid is nach raibh agairt an bhirt sin beartaithe sa Rialachán thuasluaite agus nach n-eascraíonn gá leis an mbeart caomhnaithe sin a ghlacadh as an gcomhairle eolaíoch a scrúdaigh Ríocht na Spáinne: agus (ii) tá sé díréireach, as a bheith míchuí go follasach chun cuspóir Rialacháin 2019/1022 a bhaint amach toisc nach n-urramaítear an riachtanas maidir le comhairle eolaíoch leis agus go bhforluitear bearta eile caomhnaithe leis; agus níl gá leis de bharr bearta malartacha eile a bheith curtha i bhfeidhm chun an cuspóir sin a bhaint amach (séasúir choiscthe, íosmhéideanna gabhála agus méadú ar roghnaíocht trealaimh trálaeireachta).


(1)  Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO 2022, L 21, lch. 165).

(2)  Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172 an 26.6.2019, lch. 1).


Chúirt Ghinearálta

23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/21


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Martinair Holland v an Coimisiún

(Cás T-323/17) (1)

(2022/C 207/30)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 239 24.7.2017.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/21


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – SAS Cargo Group agus Eile v An Coimisiún

(Cás T-324/17) (1)

(2022/C 207/31)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 239 24.7.2017.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/21


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Koninklijke Luchtvaart Maatschappij v An Coimisiún

(Cás T-325/17) (1)

(2022/C 207/32)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 239 24.7.2017.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/21


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Air Canada v An Coimisiún

(Cás T-326/17) (1)

(2022/C 207/33)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 239 24.7.2017.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/22


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Cargolux Airlines v An Coimisiún

(Cás T-334/17) (1)

(2022/C 207/34)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 239 24.7.2017.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/22


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Air France-KLM v An Coimisiún

(Cás T-337/17) (1)

(2022/C 207/35)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 256 7.8.2017.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/22


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Air France v An Coimisiún

(Cás T-338/17) (1)

(2022/C 207/36)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 277 21.8.2017.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/22


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022– Japan Airlines v An Coimisiún

(Cás T-340/17) (1)

(2022/C 207/37)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 239 24.7.2017.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/22


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – British Airways v An Coimisiún

(Cás T-341/17) (1)

(2022/C 207/38)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 239 24.7.2017.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/23


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Deutsche Lufthansa agus Eile v An Coimisiún

(Cás T-342/17) (1)

(2022/C 207/39)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 239 24.7.2017.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/23


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022– Cathay Pacific Airways v An Coimisiún

(Cás T-343/17) (1)

(2022/C 207/40)

Teanga an cháis: an

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 239 24.7.2017.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/23


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Latam Airlines Group agus Lan Cargo v An Coimisiún

(Cás T-344/17) (1)

(2022/C 207/41)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 239 24.7.2017.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/23


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Singapore Airlines agus Singapore Airlines Cargo v An Coimisiún

(Cás T-350/17) (1)

(2022/C 207/42)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 239 24.7.2017.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/23


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Márta 2022 – Necci v An Coimisiún

(Cás T-129/19 RENV) (1)

(2022/C 207/43)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 155, 6.5.2019.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/24


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Yanukovych v An Coimisiún

(Cás T-291/20) (1)

(2022/C 207/44)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 222 6.7.2020.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/24


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Yanukovych v An Coimisiún

(Cás T-292/20) (1)

(2022/C 207/45)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 222 6.7.2020.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/24


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – KF v BEI

(Cás T-299/20) (1)

(2022/C 207/46)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 262 10.8.2020.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/24


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Perry Street Software v EUIPO – Toolstream (SCRUFFS)

(Cás T-720/20) (1)

(2022/C 207/47)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge


(1)  IO C 44, 8.2.2021.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/25


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – L’Oréal v EUIPO – Debonair Trading Internacional (SO COUTURE)

(Cás T-30/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarraidh ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh “SO COUTURE” - Focalmharc an Aontais Eorpaigh “SO…?” - Foras coibhneasta maidir le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (UE) 2017/1001])

(2022/C 207/48)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: L’Oréal (Clichy, an Fhrainc) (ionadaithe: M. Treis agus E.-M. Strobel, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, i gcáil Gníomahire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Debonair Trading Internacional Lda (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: J. Quirin agus J.-P. Jacquey, Dlíodóirí)

Maidir le:

Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an dara Bord Achomhairc de EUIPO an 3 Samhain 2020 (Cás R 158/2016-5), maidir le himeachtaí freasúra idir Debonair Trading Internacional agus L’Oréal.

Dispositif

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do L’Oréal na costais a íoc.


(1)  IO C 128, 12.4.2021.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/25


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Allmax Nutrition (ALLNUTRITION DESIGNED FOR MOTIVATION)

(Cás T-35/21) (1)

(2022/C 207/49)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 98 22.3.2021.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/25


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – PO v An Coimisiún

(Cás T-36/21) (1)

(2022/C 207/50)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 110, 29.3.2021.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/26


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Kalita agus Haas v EUIPO – Kitzbühel Tourismus (Léiriú dhá ainmhí)

(Cás T-206/21) (1)

(2022/C 207/51)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 217, 7.6.2021.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/26


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Établissement Amra v EUIPO – eXpresio (Cruth bróga reatha)

(Cás T-264/21) (1)

(2022/C 207/52)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 263, 5.7.2021.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/26


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Wedl & Hofmann (Testa Rossa)

(Cás T-451/21) (1)

(2022/C 207/53)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 368 13.9.2021.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/26


Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Márta 2022 – Miquel y Costas & Miquel v EUIPO (Pure Hemp)

(Cás T-17/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Cúlghairm an chinnidh a ndearnadh achomharc ina choinne - Imtharraingt ábhar na díospóide - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 207/54)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Miquel y Costas & Miquel, SA (Barcelone, an Spáinn) (ionadaí: J. Mora Cortés, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhaire)

Maidir le:

Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an chéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 21 Deireadh Fómhair 2020 (Cás R 853/2020-1), maidir le hiarraidh ar chlárú an mhairc fíortha “Pure Hemp” mar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá rialú a dhéanamh ar an achomharc a thuilleadh.

2)

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc chomh maith le costais Miquel y Costas & Miquel, SA.


(1)  IO C 72, 1.3.2021.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/27


Ordú na Cúirte Ginearálta an 18 Márta 2022 – Saure v An Coimisiún

(Cás T-232/21) (1)

(2022/C 207/55)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Níl san Iris Oifigiúil seo ach na fógraí maidir le cásanna ar cuireadh clabhsúr leo roimh an 1 Eanáir 2022 agus mar sin níl leagan Gaeilge ar fáil.


(1)  IO C 242, 21.6.2021.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/27


Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2022 – UNIS v An Coimisiún

(Cás T-431/21) (1)

(2022/C 207/56)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Níl san Iris Oifigiúil seo ach na fógraí maidir le cásanna ar cuireadh clabhsúr leo roimh an 1 Eanáir 2022 agus mar sin níl leagan Gaeilge ar fáil.


(1)  IO C 422, 18.10.2021.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/27


Ordú na Cúirte Ginearálta an 21 Márta 2022 – Kalypso Media Group v EUIPO (COMMANDOS)

(Cás T-550/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Cúlghairm an chinnidh a ndearnadh achomharc ina choinne - Imtharraingt ábhar na díospóide - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 207/57)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Kalypso Media Group GmbH (Worms, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Boddien, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, i gcáil Gníomahire)

Maidir le:

Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an dara Bord Achomhairc de EUIPO an 6 Iúil 2021 (Cás R 1864/2020-2), maidir le hiarraidh ar chlárú an fhocalmhairc “COMMANDOS” mar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá rialú a dhéanamh ar an achomharc a thuilleadh.

2)

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc chomh maith le costais Kalypso Media Group GmbH.


(1)  IO C 431, 25.10.2021.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/28


Caingean arna tabhairt an 7 Márta 2022 – Ecocert India v an Coimisiún

(Cás T-123/22)

(2022/C 207/58)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Ecocert India Pte Ltd (Gurugram, India) (ionadaithe: Y. Martinet, D. Todorova agus J. Sohm, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Airteagal 1 a neamhniú i gcomhar le pointe 5 d’Iarscríbhinn I, maidir leis an India, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, liosta na dtríú tíortha agus liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas, (1) a mhéid a bhaineann an fhoráil sin Ecocert India Private Limited ón liosta comhlachtaí rialaithe aitheanta don India, atá creidiúnaithe chun rialuithe a dhéanamh agus chun deimhnithe cigireachta a eisiúint lena n-údaraítear táirgí ón India a scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas Eorpach, mar tháirgí orgánacha; agus

a ordú don Choimisiún na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, braitheann an t-iarratasóir ar cheithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena líomhnaítear neamhinniúlacht an chosantóra maidir leis an iarratasóir a dhíliostú ó liosta na gcomhlachtaí rialaithe Indiacha aitheanta.

I gcomhréir le hAirteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, (2) agus Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008, (3) tá an cosantóir inniúil chun liosta de thríú tíortha aitheanta a bhunú, atá leagtha amach in Iarscríbhinn III de Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008. Mar sin féin, ní féidir ach leis an údarás tríú tír inniúil comhlachtaí rialaithe a chreidiúnú nó a dhíliostú. Tríd an iarratasóir a bhaint de liosta na gcomhlachtaí rialaithe aitheanta, áitítear gur sháraigh an cosantóir teorainneacha a inniúlachta agus gur sháraigh sé Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, chomh maith le hAirteagal 7 de Rialachán (CE). Uimh. 1235/2008. Ina theannta sin, níor tháinig na forálacha ar a bhfuil Rialachán (AE) 2021/2325 bunaithe ag an gcosantóir, eadhon Airteagal 3(a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021, (4) i bhfeidhm go dtí an 1 Eanáir 2022.

2.

An dara saincheist dlí, lena líomhnaítear gur sháraigh an cosantóir ceanglais riachtanacha nós imeachta.

Trí chinneadh an t-iarratasóir a bhaint de liosta na gcomhlachtaí rialaithe Indiacha ar bhonn an liosta atá foilsithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún (liosta tríú tíortha aitheanta), áitíonn an t-iarratasóir gur shéan an cosantóir aon ráthaíochtaí nós imeachta air, mar faoin mbonn dlí sin, níl aon deis ann go n-éistfí comhlachtaí rialaithe aonair sula ndéanfar cinneadh diúltach thar a gceann.

3.

An tríú saincheist dlí, lena líomhnaítear earráid sa mheasúnú ar na fíorais agus fíorú na fianaise; earráid measúnaithe ag an gcosantóir maidir le Rialachán (AE) 2021/2325 a ghlacadh.

An chéad chuid den tríú saincheist: áitítear gur mhainnigh an cosantóir a chur san áireamh nach raibh an t-iarratasóir ar an eolas faoi úsáid ocsaíde eitiléine (EtO) mar thoitreán chun salmonella a chomhrac, ag an am a tharla an teagmhas.

An dara cuid den tríú saincheist: níor tháinig an cosantóir ar na conclúidí cearta ón bhfíoras gur ghlac an t-iarratasóir na bearta ceartaitheacha go léir a raibh gá leo.

An tríú cuid den tríú saincheist: mhainnigh an cosantóir, i dtuairim an iarratasóra, na smachtbhannaí a ghlac an t-údarás inniúil Indiach APEDA a chur san áireamh.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena líomhaítear sárú ar phrionsabail ghinearálta an dlí maidir le hionchais dhlisteanacha, comhréireacht agus neamh-idirdhealú.

An chéad chuid den cheathrú saincheist: sárú ar phrionsabal na comhréireachta, toisc go raibh baint an iarratasóra de liosta na gcomhlachtaí rialaithe deimhnithe díréireach i ndáil leis na neamhrialtachtaí a aimsíodh agus nár cuireadh an t-aga moille agus na bearta ceartaitheacha iomchuí san áireamh.

An dara cuid den cheathrú saincheist: sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe toisc gur chinn an cosantóir, mar a áitítear, ar bhealach idirdhealaitheach gan ach an deimhniú a bhaint ó chomhlachtaí rialaithe áirithe, cé go ndearna eintitis eile na neamhrialtachtaí céanna, rud a chruthaigh iomaíocht éagórach idir comhlachtaí rialaithe eachtracha.

An tríú cuid den cheathrú pléadáil: sárú ar phrionsabal na n-ionchas dlisteanacha, toisc gur cuireadh an t-iarratasóir ar liosta na gcomhlachtaí rialaithe roinnt uaireanta ó 2006 i leith, agus gur cruthaíodh dá bharr sin staid ar dócha a bheith ina cúis le ionchais dhlisteanacha a sháraigh an cosantóir; bhí an fhoráil dhlíthiúil doiléir agus dothuartha mar bhonn chun an t-iarratasóir a bhaint de liosta na gcomhlachtaí rialaithe Indiacha.


(1)  IO L 2021 L 465, lch. 8.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO 2007 L 189, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha ó thríú tíortha (IO L 2008 L 334, lch. 25).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha i dtaca leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag tríú tíortha agus ag údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe chun críche maoirsiú ar a n-aitheantas faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgí orgánacha allmhairithe agus na bearta atá le déanamh i bhfeidhmiú na maoirseachta sin (IO 2021 L 292, lch. 20).


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/29


Caingean arna tabhairt an 23 Márta 2022 – Hyundai Heavy Industries Holdings v an Coimisiún

(Cás T-156/22)

(2022/C 207/59)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Hyundai Heavy Industries Holdings Co. Ltd (Súl, an Chóiré Theas) (ionadaithe: S. Völcker, J. Ruiz Calzado, H. Armengod Suarez, J.-B. Douchy, Dlíodóirí, agus D. Little, Atturnae)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an 13 Eanáir 2022 ón gCoimisiún i gCás M.9343 – Hyundai Heavy Industries Holdings v Daewoo Shipbuilding & Marine Engineering (an Cinneadh) a neamhniú ina iomláine; agus

A ordú don Choimisiún a chostais féin a iompar agus costais an iarratasóra sna himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráidí dlí maidir le hiarracht an Choimisiúin chun cruthú ceannasachta a léiriú ar bhonn anailís shubstainteach atá dícheangailte ón tástáil dhlíthiúil a airbheartaítear a bheith infheidhme sa Chinneadh.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráidí dlí agus measúnaithe agus mainneachtain réasúnaíocht leordhóthanach a thabhairt maidir le conclúid an Choimisiúin go mbeadh ceannasacht cruthaithe leis an idirbheart atá faoi chonspóid as a dtiocfadh bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach mar gheall ar (a) spleáchas ar úsáid scaireanna den mhargadh mar fhianaise “prima facie” gur cruthaíodh ceannasacht in ainneoin corrlach íseal leanúnach, ró-acmhainne struchtúraí agus tairiscintí neamhrialta, (b) mainneachtain na srianta iomaíocha a chuireann iomaitheoirí i bhfeidhm a aithint agus measúnú lochtach maidir le cineál riachtanach (c) díbhe chumhacht cheannaitheora fhollasach na gcustaiméirí i margadh arb é a shaintréith ró-acmhainn agus tairiscintí neamhrialta le luach ard, (d) mainneachtain a shuíomh conas a bheadh bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach mar thoradh ar an idirbheart atá faoi chonspóid, agus (e) measúnú mícheart ar raon na dtorthaí féideartha a bheadh i réim in éagmais an idirbhirt atá faoi chonspóid.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart cosanta agus ar an gceart chun dea-riaracháin mar gheall ar mhainneachtain an Choimisiúin Ráiteas Forlíontach Agóidí a ghlacadh chun an easpa soiléireachta ar phríomhghnéithe an Ráitis Agóidí agus an spleáchas ar fhianaise nach bhfuil áirithe sa Ráiteas Agóidí a leigheas.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúraim toisc go raibh cuid mhór d’fhianaise an Ráitis Agóide as dáta faoin am a ghlac an Coimisiún a Chinneadh, agus gur theip air imscrúdú cúramach agus neamhchlaonta a dhéanamh ar na fíorais ba chriticiúla, rud lenar tugadh réamhbhreith ar thoradh an idirbhirt atá faoi chonspóid.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/30


Caingean arna tabhairt an 22 Márta 2022 – Dehaen v EUIPO – National Geographic Society (NATIONAL GEOGRAPHIC)

(Cás T-157/22)

(2022/C 207/60)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Karolien Dehaen (Schilde, an Bheilg) (ionadaithe: T. van Innis agus A. Van der Planken, dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: National Geographic Society (Washington, Ceantar Columbia, na Stáit Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha an Aontais Eorpaigh “NATIONAL GEOGRAPHIC” – trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 2 148 799

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh an Chéad Bhord Achomhairc de chuid EUIPO an 17 Nollaig 2021 i gCás R 972/2020-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/30


Caingean arna tabhairt an 22 Márta 2022 – Dehaen v EUIPO – National Geographic Society (NATIONAL GEOGRAPHIC)

(Cás T-158/22)

(2022/C 207/61)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Karolien Dehaen (Schilde, an Bheilg) (ionadaithe: T. van Innis agus A. Van der Planken, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: National Geographic Society (Washington, District of Columbia, Stáit Aontaithe Mheiriceá)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh NATIONAL GEOGRAPHIC – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 9 419 731

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 17 Nollaig 2021 i gCás R 975/2020-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/31


Caingean arna tabhairt an 25 Márta 2022 – 1906 Collins v EUIPO – Peace United (bâoli BEACH)

(Cás T-160/22)

(2022/C 207/62)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: 1906 Collins LLC (Miami, Florida, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: C. Mateu, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Peace United Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “bâoli BEACH” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 16 552 333

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Eanáir 2022 i gCás R 223/2021-2

An t-ordú atá á lorg:

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a dhearbhú go bhfuil trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “bâoli BEACH” Uimh. 16 552 333 neamhbhailí ar bhonn Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/2001;

trádmharc Uimh. 16 552 333 a chur ar neamhní ó dháta a chomhdaithe;

a ordú do Peace United na táillí agus na costais a thabhaigh 1906 COLLINS sna himeachtaí seo a aisíoc, lena n-áirítear na costais a dhámh an Rannán Cealúcháin agus Bord Achomhairc EUIPO, i gcomhréir le hAirteagail 134(1) agus 190 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 95(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/32


Caingean arna tabhairt an 28 Márta 2022 – Transformers Manufacturing Company v EUIPO – H&F (TMC TRANSFORMERS)

(Cás T-163/22)

(2022/C 207/63)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Transformers Manufacturing Company Pty Ltd (Melbourne, an Astráil) (ionadaí: F. Caricato, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: H&F Srl (Milano, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir ar an trádmharc atá faoi cheist: an t-iarratasóir sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “TMC TRANSFORMERS” – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 262 668

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 3 Feabhra 2022 i gCás R 1211/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú, i dtosach báire agus trí réamhrialú, nach bhfuil seasamh ag H&F Srl agus a dhearbhú go bhfuil na himeachtaí ar chéim I agus II os comhair EUIPO do-ghlactha;

an cinneadh atá faoi chonspóid a leasú toisc go bhfuil sé gan bhunús ó thaobh fíoras agus an dlí de agus nach bhfuil cúiseanna luaite ann;

mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais toisc go bhfuil sé gan bhunús ó thaobh fíoras agus an dlí de;

a ordú do EUIPO agus don idirghabhálaí costais na dtrí chás a íoc.

Saincheisteanna dlí

Easpa sheasamh H&F Srl maidir le cás a thabhairt, nár thug EUIPO cinneadh ná cúiseanna ina leith;

Measúnú mícheart i dtaca leis an dóchúlacht go mbeadh mearbhall ann (Airteagal 8 de Rialachán [CE] Uimh. 207/2009 ón gComhairle) ó thaobh fíoras agus an dlí de;

Easpa cúiseanna leis an gcinneadh.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/33


Caingean arna tabhairt an 28 Márta 2022 – Transformers Manufacturing Company v EUIPO – H&F (TMC TRANSFORMERS)

(Cás T-167/22)

(2022/C 207/64)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Transformers Manufacturing Company Pty Ltd (Melbourne, an Astráil) (ionadaí: F. Caricato, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: H&F Srl (Milano, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir ar an trádmharc faoi cheist: an t-iarratasóir sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “TMC TRANSFORMERS” – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 264 664

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Feabhra 2022 i gCás R 1212/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú, i dtosach báire agus trí réamhrialú, nach bhfuil seasamh ag H&F Srl agus a dhearbhú go bhfuil na himeachtaí ar chéim I agus II os comhair EUIPO do-ghlactha;

an cinneadh atá faoi chonspóid a leasú toisc go bhfuil sé gan bhunús ó thaobh fíoras agus an dlí de agus nach bhfuil cúiseanna luaite ann;

mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais toisc go bhfuil sé gan bhunús ó thaobh fíoras agus an dlí de;

a ordú do EUIPO agus don idirghabhálaí costais na dtrí chás a íoc.

Saincheisteanna dlí

Easpa sheasamh H&F Srl maidir le cás a thabhairt, nár thug EUIPO cinneadh ná cúiseanna ina leith;

Measúnú mícheart ar an dóchúlacht go mbeadh mearbhall ann (Airt. 8 de Rialachán [CE] Uimh. 207/2009 ón gComhairle) ó thaobh fíoras agus an dlí de;

Easpa cúiseanna leis an gcinneadh.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/34


Caingean arna tabhairt an 30 Márta 2022 – Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi v EUIPO – Fontana Food (GRILLOUMI)

(Cás T-168/22)

(2022/C 207/65)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi (Niocóis, an Chipir) (ionadaithe: S. Malynicz, Abhcóide, agus C. Milbradt, dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Fontana Food AB (Tyresö, an tSualainn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi chonspóid: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi chonspóid: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh GRILLOUMI – Iarratas ar chlarú Uimh. 15 963 291

Nós Imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 3 Eanáir 2022 i gCás R 1612/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

achomharc an iarratasóra a cheadú;

a ordú don chosantóir a chostais féin agus costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Bhí earráid shuntasach in anailís an Bhoird Achomhairc maidir le saintréith;

Rinne an Bord Achomhairc earráid nuair a theip air teacht ar an dóchúlacht go mbeadh mearbhall ann;

Rinne an Bord Achomhairc earráid nuair a theip air triail chóir a thabhairt don iarratasóir ar na saincheisteanna go léir.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/34


Caingean arna tabhairt an 31 Márta 2022 – Telefónica de España v an Coimisiún

(Cás T-170/22)

(2022/C 207/66)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Telefónica de España, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: F. González Díaz, Dlíodóir, P. Stuart, Abhcóide agus J. Blanco Carol, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an 21 Eanáir ón gCoimisiún Eorpach a bhaineann le Glao ar Thairiscintí DIGIT/A3/PR/2019/RP/010 – Seirbhísí Tras-Eorpacha do Theileamaitice idir Riaracháin (TESTA) a chur ar neamhní;

aon fhaoiseamh eile a mheasann an Chúirt a bheith cuí sna himthosca a dheonú;

agus, in aon chás, a ordú don Choimisiún costais dlí an iarratasóra agus táillí agus caiteachais eile arna dtabhú i ndáil leis an iarratas seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir sé saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráid dlí, agus go ndearna sé earráidí fíorais agus measúnaithe, nuair a chuir sé phionós ar an gcuibhreannas (1) as mainneachtain faisnéis a sholáthar nár iarradh riamh i sonraíochtaí na tairisceana, de shárú ar phrionsabal na trédhearcachta.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráid dlí, agus go ndearna sé earráidí fíorais agus measúnaithe, nuair a mhainnigh sé an tairiscint (2) a scóráil i gcomhréir le sonraíochtaí na tairisceana, de shárú ar phrionsabail na trédhearcachta agus na deimhneachta dlíthiúla.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráid dlí, agus go ndearna sé earráidí fíorais agus measúnaithe, nuair a mhainnigh sé critéir dhámhachtana soiléire gan athbhrí a leagan amach, agus gur theip air an fhaisnéis a sholáthar a bhí riachtanach chun scóráil na tairisceana a mheasúnú, de shárú ar phrionsabail na trédhearcachta agus na cinnteachta agus ar chearta na cosanta.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráid dlí, agus go ndearna sé earráidí fíorais agus measúnaithe, nuair a mhainnigh sé soiléirithe a lorg nuair ab fhéidir agus ab úsáideach, de shárú ar phrionsabail an dea-riaracháin agus na cothroime nós imeachta.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur an nós imeachta soláthair ó bhail mar gheall ar shraith sáruithe ar bhunphrionsabail dhlí an Aontais Eorpaigh.

6.

An séú saincheist dlí lena líomhnaítear go ndearna an cosantóir earráid dlí nuair a mhainnigh sé bearta ar bith a fhorchur chun cearta na mBallstát a chosaint faoi Airteagal 346 CFAE gan faisnéis a nochtadh atá contrártha do leasanna bunúsacha a slándála, agus gur sháraigh sé prionsabal na córa comhionainne.


(1)  Tá an “cuibhreannas”, mar atá sainmhínithe san iarratas, comhdhéanta de Telefonica de España, an t-iarratasóir, chomh maith le dhá eintiteas eile.

(2)  Is éard is brí leis “an tairiscint” ná forthairiscint an chuibhreannais.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/35


Caingean arna tabhairt an 31 Márta 2022 – OR agus OS v an Coimisiún

(Cás T-171/22)

(2022/C 207/67)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: OR agus OS (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an 12 Iúil 2021, lenar dhiúltaigh Oifig an Phámháistir (“PMO”) d’iarratas na n-iarratasóirí an 18 Márta 2021 faoi Airteagal 90(1) de na Rialacháin Foirne ar íocaíocht na gceart pinsin arna gcarnadh ag a n-athair éagtha faoi Scéim Pinsin Institiúidí an Aontais Eorpaigh (“PSEUI”) agus na gceart pinsin a fuarthas sula ndeachaigh sé isteach sa tseirbhís, a chur ar neamhní;

cinneadh an 22 Nollaig 2021, lenar dhiúltaigh an t-údarás ceapacháin gearán na n-iarratasóirí an 20 Meán Fómhair 2021, a chur ar neamhní a mhéid a mheastar go dtugtar réasúnaíocht bhreise leis;

a ordú don chosantóir méid na dteidlíochtaí a fhreagraíonn do ranníocaíochtaí an duine éagtha leis an PSEUI agus méid a cheart pinsin náisiúnta a aistríodh chuig an PSEUI a thabhairt ar ais do na hiarratasóirí;

a ordú don chosantóir an t-ús atá dlite ar na suimeanna atá le haisíoc de réir ráta úis an Bhainc Cheannais Eorpaigh móide dhá phointe ó dháta an aistrithe agus ó dháta na ranníocaíochtaí míosúla a íoc;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn na hiarratasóirí saincheist dlí amháin lena líomhnaítear saibhriú éagórach an Aontais. Áitíonn na hiarratasóirí ina leith sin go raibh an ceart faighte ag a n-athair, roimh a bhás, chun a bhlianta de sheirbhís inphinsin faoin PSEUI a aistriú chomh maith leo siúd faoina chearta pinsin náisiúnta agus cuireann siad in iúl nach bhfuil aon teorainn ama leis an gceart sin. Deir na hiarratasóirí freisin, ós rud é nár chríochnaigh a n-athair, roimh a bhás, na deich mbliana seirbhíse iarbhír lena dtugfaí teideal dó do phinsean scoir faoin RPIUE, gur saibhriú éagórach an Aontais atá i gceist leis na suimeanna a ranníocadh.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/36


Caingean arna tabhairt an 31 Márta 2022 – Gönenç v EUIPO – Solar (termorad “ALUMINIUM PANEL RADIATOR”)

(Cás T-172/22)

(2022/C 207/68)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Salim Selahaddin Gönenç (Konya, an Tuirc) (ionadaí: V. Martín Santos, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Solar A/S (Vejen, an Danmhairg)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh termorad “ALUMINIUM PANEL RADIATOR” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 027 358

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 18 Eanáir 2022 i gCás R 770/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ionas go ndeonófar trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 027 358 ina iomláine;

a ordú don idiragraí agus/nó do EUIPO na costais a thabhaigh an t-iarratasóir i ndáil leis an achomharc seo agus na costais nós imeachta go léir mar thoradh ar chinntí EUIPO a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/37


Caingean arna tabhairt an 4 Aibreán 2022 – Novartis v EUIPO – AstraZeneca (BREZTREV)

(Cás T-174/22)

(2022/C 207/69)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Novartis AG (Basel, an Eilvéis) (ionadaí: A. Nordemann-Schiffel, dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: AstraZeneca AB (Södertälje, an tSualainn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi chonspóid: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi chonspóid: Iarratatas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh BREZTREV – Iarratas ar chlarú Uimh. 18 088 373

Nós Imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Eanáir 2022 i gCás R 738/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/37


Caingean arna tabhairt an 4 Aibreán 2022 – Novartis v EUIPO – AstraZeneca (BREZTRI)

(Cás T-175/22)

(2022/C 207/70)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Novartis AG (Basel, an Eilvéis) (ionadaí: A. Nordemann-Schiffel, dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: AstraZeneca AB (Södertälje, an tSualainn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi chonspóid: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi chonspóid: Focalmharc Aontais Eorpaigh BREZTRI – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 17 816 687

Nós Imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Eanáir 2022 i gCás R 737/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Sainchesiteanna dlí

Sárú ar Airteagal 27(3)(b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1430 ón gCoimisiún.

Sárú ar Airteagal 60(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/38


Caingean arna tabhairt an 4 Aibreán 2022 – FA World Entertainment v EUIPO (FUCKING AWESOME)

(Cás T-178/22)

(2022/C 207/71)

Teanga an cháis: an Bhéarla

Páirtithe

Iarratasóir: FA World Entertainment Inc. (Los Angeles, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: M. Breuer, I. Dimitrov agus C. Tenbrock, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an bhfocalmharc “FUCKING AWESOME” – Iarratas ar chlárú Uimh. 1 564 573

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 3 Feabhra 2022 i gCás R 1131/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a dhíbh sé an chaingean os comhair an Bhoird Achomhairc, .i. a mhéid a rinne an Bord Achomhairc toimhde go ndearnadh sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

a ordú do EUIPO íoc as na costais.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar phrionsabail ghinearálta na deimhneachta dlíthiúla, na córa comhionainne agus an riaracháin fhónta.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/38


Caingean arna taisceadh an 5 Aibreán 2022 – Farco-Pharma v EUIPO – Infarco (FARCO)

(Cás T-179/22)

(2022/C 207/72)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Farco-Pharma GmbH (Köln, an Ghearmáin) (ionadaí: V. Schoene, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Infarco SA (Maidrid, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir: An t-iarratasóir

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “FARCO” agus dath dearg, bán agus dubh air – Iarratas Uimh. 17 838 178

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Eanáir 2022 i gCás R 172/2021-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid, inar dheimhnigh an Bord Achomhairc gur éirigh le cur i gcoinne B 3 054 342 in aghaidh mharc fíortha Uimh. 17 838 178, a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO i gcomhair athscrúdú.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/39


Caingean arna tabhairt an 11 Aibreán 2022 – Eggers & Franke v EUIPO – E. & J. Gallo Winery (EF)

(Cás T-183/22)

(2022/C 207/73)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Eggers & Franke Holding GmbH (Bremen, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Ebert-Weidenfeller agus H. Förster, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: E. & J. Gallo Winery (Modesto, California, na Stáit Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh “EF” – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 927 894

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 4 Feabhra 2022 i gCás R 729/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus i gcás idiragartha freisin don idiragraí na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle


23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/40


Caingean arna tabhairt an 12 Aibreán 2022 – Eggers & Franke v EUIPO – E. & J. Gallo Winery (E & F)

(Cás T-184/22)

(2022/C 207/74)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Eggers & Franke Holding GmbH (Bremen, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Ebert-Weidenfeller agus H. Förster, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: E. & J. Gallo Winery (Modesto, California, na Stáit Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh “E & F” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 037 083

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 15 Feabhra 2022 i gCás R 730/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus i gcás idiragartha freisin don idiragraí na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle