ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 203

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
20 Bealtaine 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 203/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10710 — SELFINVEST / LLG / SELECTED CAR GROUP JV) ( 1 )

1


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 203/02

Rátaí malairte an euro — 19 Bealtaine 2022

2


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Parlaimint na hEorpa

2022/C 203/03

Glao ar Thograí (Uimh. IX-2023/02) — DEONTAIS DO PHÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA

3

2022/C 203/04

Glao ar ranníocaíochtaí (Uimh. IX-2023/01) — RANNÍOCAÍOCHTAÍ LE PÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA

17

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 203/05

Foilsiú teachtaireachta formheasa i leith leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge i gcomhair ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

30

2022/C 203/06

Foilsiú an doiciméid aonair leasaithe tar éis mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

44


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

20.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 203/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10710 — SELFINVEST / LLG / SELECTED CAR GROUP JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 203/01)

An 11 Bealtaine 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10710. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

20.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 203/2


Rátaí malairte an euro (1)

19 Bealtaine 2022

(2022/C 203/02)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0525

JPY

yen na Seapáine

134,46

DKK

krone na Danmhairge

7,4423

GBP

punt steirling

0,84728

SEK

krona na Sualainne

10,5098

CHF

franc na hEilvéise

1,0265

ISK

króna na hÍoslainne

139,50

NOK

krone na hIorua

10,3102

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,700

HUF

forint na hUngáire

385,83

PLN

zloty na Polainne

4,6423

RON

leu na Rómáine

4,9474

TRY

lira na Tuirce

16,8037

AUD

dollar na hAstráile

1,5036

CAD

dollar Cheanada

1,3490

HKD

dollar Hong Cong

8,2594

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6551

SGD

dollar Shingeapór

1,4576

KRW

won na Cóiré Theas

1 343,21

ZAR

rand na hAfraice Theas

16,8315

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,1028

HRK

kuna na Cróite

7,5395

IDR

rupiah na hIndinéise

15 416,76

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6363

PHP

peso na nOileán Filipíneach

55,140

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,343

BRL

real na Brasaíle

5,2094

MXN

peso Mheicsiceo

21,0043

INR

rúipí na hIndia

81,7115


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Parlaimint na hEorpa

20.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 203/3


Glao ar Thograí (Uimh. IX-2023/02)

“DEONTAIS DO PHÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA”

(2022/C 203/03)

CLÁR

A.

Réamhrá agus creat dlíthiúil 3

B.

Cuspóir an ghlao 4

C.

Cuspóir, catagóir agus foirm an chistithe 5

D.

An buiséad atá ar fáil 5

E.

Ceanglais inghlacthachta maidir le hiarratais ar mhaoiniú 5

F.

Critéir chun iarratais ar chistiú a mheas 6

F.1

Critéir eisiaimh 6

F.2

Critéir incháilitheachta 6

F.3

Critéir roghnúcháin 6

F.4

Critéir maidir le dámhachtain agus dáileadh cistiúcháin 6

G.

Rialú comhpháirteach ag parlaimint na heorpa agus ag an údarás 7

H.

Téarmaí agus coinníollacha 7

I.

Uainiú 7

J.

Sonraí pearsanta a nochtadh agus a phróiseáil 8

K.

Faisnéis eile 8

A.   RÉAMHRÁ AGUS CREAT DLÍTHIÚIL

1.

Faoi Airteagal 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach “rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa le feasacht pholaitiúil a fhoirmiú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl”.

2.

I gcomhréir le hAirteagal 224 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, leagann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach agus go háirithe na rialacha a bhaineann lena gcistiú. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (1), mar a leasaíodh ina dhiaidh sin.

3.

De bhun Airteagal 2(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, is “eintiteas fondúireacht pholaitiúil Eorpach atá cleamhnaithe go foirmiúil le páirtí polaitiúil Eorpach, atá cláraithe leis an Údarás i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, agus a dhéanann trína gníomhaíochtaí, faoi réir bhrí na n-aidhmeanna agus na luachanna bunúsacha a shaothraíonn an tAontas Eorpach, bonn taca a thabhairt do chuspóirí an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh, agus na cuspóirí sin a chomhlánú, trí cheann amháin nó roinnt de na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích”:

4.

De bhun Airteagal 17(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, maidir le fondúireacht pholaitiúil Eorpach atá cleamhnaithe le páirtí polaitiúil Eorpach atá incháilithe le cur isteach ar chistiú faoi mhír 1, atá cláraithe i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta an leagtar síos sa rialachán agus nach bhfuil i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 136(1) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh sí cur isteach ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a fhoilseoidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa i nglao ar thograí.

5.

Dá bhrí sin, tá an glao seo ar thograí á sheoladh ag Parlaimint na hEorpa d’fhonn deontais a dhámhachtain d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (“glao”).

6.

Sainítear an creat bunúsach dlí sna gníomhartha dlíthiúla seo a leanas:

a)

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014;

b)

Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 1 Iúil 2019, lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (2) (“Cinneadh ón mBiúró an 1 Iúil 2019”);

c)

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3) (“an Rialachán Airgeadais”);

d)

Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) 2015/2401 ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2015 maidir le hinneachar agus feidhmiú Chlár na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (4);

e)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2246 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2015 maidir le forálacha mionsonraithe i ndáil leis an uimhirchóras clárúcháin is infheidhme i ndáil le clár na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus le faisnéis arna soláthar ag sleachta caighdeánacha ón gclár (5);

f)

Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa (6).

An 25 Samhain 2021, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra (7) (athmhúnlú) le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. Féadfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa na leasuithe ar an rialachán a fhormheas roimh an mbliain airgeadais 2023 nó lena linn. Le teacht i bhfeidhm an rialacháin nua roimh an mbliain 2023 nó lena linn, d’fhéadfadh sé go spreagfaí athruithe ábhartha ar chreat bunúsach dlí an chistithe don bhliain airgeadais 2023, rud a bhféadfadh gá a bheith leis ceartúchán teicniúil a dhéanamh ar an nglao sin.

B.   CUSPÓIR AN GHLAO

7.

Is é cuspóir an ghlao seo cuireadh a thabhairt d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cláraithe iarratais ar chistiú ó bhuiséad an Aontais a chur isteach (“iarratais ar mhaoiniú”).

C.   CUSPÓIR, CATAGÓIR AGUS FOIRM AN CHISTITHE

8.

Is é is cuspóir don mhaoiniú tacú le clár oibre na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha don bhliain airgeadais ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú deontais atá le tabhairt i gcrích idir an páirtí polaitiúil Eorpach is tairbhí agus Parlaimint na hEorpa.

9.

Is ionann catagóir an chistithe agus an deontas d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, de bhun Theideal XI den Rialachán Airgeadais (“deontas”). Tá an deontas i bhfoirm aisíocaíochta ar chéatadán de na costais incháilithe arna thabhú iarbhír.

10.

Ní sháróidh an t-uasmhéid a íocfaidh Parlaimint na hEorpa leis an tairbhí 95 % de na costais incháilithe arna léiriú sa bhuiséad measta ná 95 % de na costais incháilithe a tabhaíodh iarbhír.

D.   AN BUISÉAD ATÁ AR FÁIL

11.

Is ionann an cistiú atá beartaithe don bhliain airgeadais 2023 faoi Airteagal 403 de bhuiséad Pharlaimint na hEorpa “Cistiú fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha” agus EUR 23 000 000 arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa ina dréachtmheastacháin. Bunóidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí atá ar fáil agus atá le dáileadh sa bhuiséad formheasta deiridh don bhliain 2023.

E.   CEANGLAIS INGHLACTHACHTA MAIDIR LE HIARRATAIS AR MHAOINIÚ

12.

Beidh iarratais ar chistiú inghlactha más rud é

a)

go gcuirtear isteach iad i scríbhinn agus úsáid á baint as an bhfoirm iarratais atá i gceangal leis an nglao seo, lena n-áirítear na doiciméid tacaíochta go léir a éilítear ann;

b)

go bhfuil an gealltanas iontu, a chuirtear in iúl i scríbhinn tríd an bhfoirm dearbhaithe atá i gceangal leis an nglao seo a shíniú, go n-aontaíonn an t-iarratasóir leis na téarmaí agus na coinníollacha chomh maith leis na critéir eisiaimh a shonraítear in Iarscríbhinn 1b ghabhann le Cinneadh ón mBiúró an 1 Iúil 2019;

c)

go bhfuil litir iontu ó ionadaí dlíthiúil lena ndeimhnítear an t-údarú oibleagáidí dlíthiúla a ghlacadh air féin thar ceann an iarratasóra;

d)

go seoltar iad chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa faoin 30 Meán Fómhair 2022, i bhformáid pdf más féidir, mar chóip leictreonach nó mar chóip leictreonach (ina bhfuil síniú leictreonach cáilithe1), chuig an mbosca ríomhphoist feidhmiúil seo a leanas: fin.part.fond.pol@europarl.europa.eu;

Ní mór sínithe lámhscríofa nó ríomhshínithe cáilithe (QES) a bheith ar dhoiciméid na n-iarratas, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Ríomhaitheantas agus Seirbhísí Iontaobhais (eIDAS) (8).

Má dhéantar iarratais a thíolacadh go leictreonach agus má bhíonn sínithe lámhscríofa ar phíosaí áirithe doiciméadachta, coimeádfaidh an t-iarratasóir aon bhunchóip, go hiomlán nó go páirteach, arna iarraidh sin do sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa, agus cuirfidh sé na bunchóipeanna sin chuig an seoladh fisiciúil seo a leanas:

Uachtarán Pharlaimint na hEorpa

Faoi bhráid: An tUasal Didier Kléthi, Ard-Stiúrthóir Airgeadais

ADENAUER 04T003

L-2929 Lucsamburg

LUCSAMBURG

13.

Más rud é, de bhun Airteagal 4(2) den Chinneadh ón mBiúró an 1 Iúil 2019, go n-iarrfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean ar an iarratasóir bundoiciméid tacaíochta nó soiléirithe a thíolacadh i bhfoirm páipéir maidir leis an iarratas, úsáidfidh an t-iarratasóir an seoladh fisiciúil a luaitear i mír 12. Glactar freisin le ríomhdhoiciméid a shínítear leis an ríomhshíniú cáilithe agus seolfar chuig an mbosca ríomhphoist feidhmiúil iad: fin.part.fond.pol@europarl.europa.eu.

Déanfar aon chomhfhreagras eile maidir leis an iarratas trí úsáid a bhaint as an mbosca ríomhphoist feidhmiúil atá luaite thuas

14.

Féadfar diúltú d’iarratais a ndearnadh measúnú orthu mar iarratais neamhiomlána.

F.   CRITEIR CHUN IARRATAIS AR CHISTIU A MHEAS

F.1   Critéir eisiaimh

15.

Déanfar iarratasóirí a eisiamh ón nós imeachta cistiúcháin, más rud é:

a)

i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 136(1), in Airteagal 136(2) nó in Airteagal 141 den Rialachán Airgeadais;

b)

faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) agus i bpointí (v), (vi) agus (vii) d’Airteagal 27(2)(a) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

F.2   Critéir incháilitheachta

16.

Chun a bheith incháilithe do chistiú ón Aontas, ní mór d’iarratasóirí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 17 agus 18 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a chomhlíonadh, i.e. maidir leis an iarratasóir

a)

ní mór é a bheith cláraithe leis an Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (9) (“an tÚdarás”) i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014;

b)

ní mór dó a bheith cleamhnaithe le páirtí polaitiúil Eorpach a chomhlíonann na critéir go léir le haghaidh ranníocaíocht a bheith dáfa do pháirtithe polaitiúla Eorpacha (10);

c)

ní mór na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a bheith á gcomhlíonadh aige, i.e. ní mór dó na ráitis airgeadais bhliantúla (11), an tuarascáil iniúchóireachta seachtraí agus liosta na ndeontóirí agus na rannchuiditheoirí, mar atá sonraithe ann, a bheith curtha isteach aige;

F.3   Critéir roghnúcháin

17.

De bhun Airteagal 198 den Rialachán Airgeadais , ‘na foinsí cistiúcháin atá ag an iarratasóir, beidh siad cobhsaí leordhóthanach chun a ghníomhaíocht nó a gníomhaíocht a choinneáil ar siúl ar feadh na tréimhse ar lena linn a dámhadh an deontas agus chun bheith rannpháirteach ina cistiú (“cumas airgeadais”). Beidh na hinniúlachtaí gairmiúla agus na cáilíochtaí gairmiúla is gá ag an iarratasóir chun an ghníomhaíocht nó an clár oibre atá beartaithe a chur i gcrích mura bhforáiltear a mhalairt sa bhunghníomh (“acmhainn oibríochtúil”).

F.4   Critéir maidir le dámhachtain agus dáileadh cistiúcháin

18.

I gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, déanfar na leithreasaí faoi seach atá ar fáil a dháileadh go bliantúil. Dáilfear iad ar na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ar formheasadh a n-iarratais ar chistiú i bhfianaise na gcritéar incháilitheachta agus eisiaimh, ar bhonn na heochrach dáilte seo a leanas:

a)

dáilfear 10 % ina scaireanna comhionanna i measc na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha is tairbhithe;

b)

dáilfear 90 % i measc na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha is tairbhithe i gcomhréir le sciar chomhaltaí tofa Pharlaimint na hEorpa de na páirtithe polaitiúla Eorpacha is tairbhithe a bhfuil na hiarratasóirí cleamhnaithe leo.

G.   RIALÚ COMHPHÁIRTEACH AG PARLAIMINT NA HEORPA AGUS AG AN ÚDARÁS

19.

Foráiltear le hAirteagal 24(1) agus (2) (12) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 do rialú comhroinnte idir Parlaimint na hEorpa agus an tÚdarás.

20.

Más rud é, de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, go bhfuil an tÚdarás inniúil chun comhlíonadh fhorálacha an Rialacháin sin a rialú, cuirfidh Parlaimint na hEorpa na hiarratais ar chistiú ar aghaidh chuig an Údarás.

21.

Ag gach céim den nós imeachta [dámhachtain], leanfar de cheangal ar iarratasóirí faoi Airteagal 24(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 aon fhaisnéis is gá a sholáthar, arna iarraidh sin don Údarás, chun na rialuithe a bhfuil sé freagrach astu a chur i gcrích. Féadfar a bheith ar áireamh leis sin, go háirithe, doiciméid nó soiléirithe sa bhreis ar na hiarratais ar mhaoiniú, atá le cur isteach san fhormáid a shonróidh an tÚdarás.

22.

Cuirfidh an tÚdarás toradh a rialuithe agus a fhíoruithe in iúl do Pharlaimint na hEorpa.

H.   TEARMAI AGUS COINNIOLLACHA

23.

Tá sé d’oibleagáid ar iarratasóirí fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa faoi aon athruithe maidir leis na doiciméid a thíolacfar nó maidir le haon fhaisnéis dá dtagraítear san iarratas laistigh de choicís ón athrú sin. In éagmais fógra den sórt sin, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin cinneadh a dhéanamh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, d’ainneoin aon fhaisnéis a soláthraíodh ag céim níos déanaí nó a fhoilseofar trí bhealaí eile.

24.

Maidir leis an gcoinníoll go leanann an t-iarratasóir de na critéir maidir le maoiniú a chomhlíonadh, is ar an iarratasóir a bheidh an dualgas cruthúnais.

25.

Leagtar síos na téarmaí agus na coinníollacha maidir le cistiú ón Aontas atá le dámhachtain faoin nglao seo in Iarscríbhinn 1b ghabhann le Cinneadh ón mBiúró an 1 Iúil 2019.

26.

Glacfaidh gach iarratasóir leis na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i mír 25 den ghlao seo tríd an bhfoirm dhearbhúcháin atá i gceangal leis an nglao seo a shíniú. Tá na téarmaí agus coinníollacha sin ina gceangal ar an tairbhí ar bronnadh an maoiniú air agus sonraítear iad sa chomhaontú deontais.

I.   UAINIU

27.

Is é an 30 Meán Fómhair 2022 an spriocdháta chun na hiarratais ar chistiú a chur isteach.

28.

Glacfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa cinneadh laistigh de thrí mhí tar éis dhúnadh an ghlao ar thograí. Tar éis an chinnidh sin, cuirtear cinntí aonair arna síniú ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa in iúl do na hiarratasóirí.

29.

Foráiltear go bhfaighidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo an dréacht-chomhaontú deontais a bheidh le síniú acu i mí Eanáir 2023 agus go gcuirfear na hiarratasóirí a ndiúltófar dóibh ar an eolas ag an am céanna. D’fhéadfaí an comhaontú deontais a shíniú le ríomhshíniú cáilithe (RSC). Déanfar an réamh-mhaoiniú a íoc laistigh de 30 lá tar éis an comhaontú deontais a shíniú ina dhiaidh sin thar ceann Pharlaimint na hEorpa.

J.   SONRAI PEARSANTA A NOCHTADH AGUS A PHROISEAIL

30.

Foilseoidh Parlaimint na hEorpa agus an tÚdarás, lena n-áirítear ar an idirlíon, faisnéis de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

31.

Déanfar aon sonraí pearsanta a bhaileofar i gcomhthéacs an ghlao seo a phróiseáil de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (13) agus de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE. Euratom) Uimh. 1141/2014.

32.

Déanfar na sonraí sin a phróiseáil chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarratais ar chistiú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Tá an méid sin gan dochar d’aistriú féideartha na sonraí sin chuig na comhlachtaí atá freagrach as cúraimí fíorúcháin agus iniúchóireachta a chur i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais, amhail seirbhísí iniúchóireachta inmheánaí de chuid Pharlaimint na hEorpa, an Údaráis, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, nó na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF).

33.

Ar bhonn iarraidh i scríbhinn, féadfaidh aon duine nádúrtha a bhaineann leis an tairbhí rochtain a fháil ar a shonraí pearsanta nó ar a sonraí pearsanta agus aon sonraí míchruinne nó neamhiomlána a cheartú. Féadfar an iarraidh maidir le próiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a chur faoi bhráid Ard-Stiúrthóireacht Airgeadais Pharlaimint na hEorpa nó Oifigeach Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh an duine lena mbaineann, tráth ar bith, gearán a chur faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir le próiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta.

34.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa sonraí pearsanta a chlárú sa Chóras Luathbhraite agus Eisiaimh i gcás ina mbeadh an tairbhí i gceann de na cásanna a luaitear in Airteagal 136(1) agus in Airteagal 141 den Rialachán Airgeadais.

K.   FAISNÉIS EILE

35.

Ba cheart aon cheisteanna a bhaineann leis an nglao seo a sheoladh trí ríomhphost, agus tagairt an fhoilseacháin á lua, chuig an seoladh ríomhphoist feidhmiúil seo: fin.part.fond.pol@europarl.europa.eu

36.

An reachtaíocht bhunúsach a shonraítear i mír 6(b) den ghlao seo agus an fhoirm iarratais ar mhaoiniú atá i gceangal leis an nglao seo, tá siad ar fáil ar láithreán gréasáin Pharlaimint na hEorpa (http://www.europarl.europa.eu/tenders/invitations.htm)

Iarscríbhinn: An fhoirm iarratais ar chistiú, lena n-áirítear an fhoirm aitheantais airgeadais, an dearbhú maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha chomh maith leis na critéir eisiaimh, samhail an bhuiséid mheasta agus an dearbhú go gcuirtear an t-iarratas isteach tríd an bpáirtí polaitiúil Eorpach cleamhnaithe.


(1)  IO L 317, 4.11.2014, lch. 1. Foilsíodh dhá leasú in IO L 114 I, 4.5.2018, lch. 1, agus in IO L 85 I, 27.3.2019, lch. 7.

(2)  IO C 249, 25.7.2019, lch. 2.

(3)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)  IO L 333, 19.12.2015, lch. 50.

(5)  IO L 318, 4.12.2015, lch. 28.

(6)  Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa mhí Mheán Fómhair 2021.

(7)  COM(2021) 734 final, 2021/0375(COD).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE, (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(9)  arna bhunú de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014:

(10)  De bhun Theideal XI den Rialachán Airgeadais.

(11)  Mura raibh an t-iarratasóir faoi réir an rialaithe faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 (mar shampla: nuachruthaithe, etc.)

(12)  Airteagal 24(1)-(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 - Rialacha ginearálta maidir le rialú:

“1.   Déanfar rialú ar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a fheidhmiú i gcomhar leis an Údarás, le hOifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit inniúla.

2.   Déanfaidh an tÚdarás rialú ar a oibleagáidí faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, go háirithe maidir le hAirteagal 3, pointe (a), pointe (b), agus pointe (d) go pointe (f) d’Airteagal 4(1), pointe (a) go pointe (d) agus pointe (g) d’Airteagal 5(1), Airteagal 9(5) agus (6), agus Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 22.

Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa rialú ar na hoibleagáidí a bhaineann le cistiú an Aontais faoin Rialachán seo a bheith a gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Agus an rialú sin á chur i gcrích, déanfaidh Parlaimint na hEorpa na bearta is gá i réimsí chosc agus chomhrac na calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.”

(13)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.


IARSCRÍBHINN a

AN FHOIRM IARRATAIS AR CHISTIÚ

DEONTAIS (1) DO PHÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA

DON BHLIAIN AIRGEADAIS [CUIR ISTEACH]

COMHDHÉANAMH AN IARRATAIS AR CHISTIÚ

Tá an tábla seo a leanas ceaptha cabhrú leat d’iarratas ar chistiú a ullmhú. Is féidir é a úsáid mar sheicliosta lena chinntiú go bhfuil na doiciméid riachtanacha ar fad curtha isteach agat.

Uimhir an doiciméid:

Doiciméid atá le soláthar

 

 

Doiciméid nach mór a sholáthar ach nach n-áirítear sa tsamhail seo den iarratas ar chistiú

 

1.

Litir chlúdaigh ina léirítear méid na ndeontas a iarradh do bhliain airgeadais n agus í sínithe ag an ionadaí dlíthiúil

2.

Litir ó ionadaí dlíthiúil lena ndeimhnítear an t-údarú oibleagáidí dlíthiúla a ghlacadh air féin thar ceann an iarratasóra

3.

Liosta de na daoine a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnteoireachta nó rialaithe acu ar an eagraíocht is iarratasóir, amhail an tUachtarán, comhaltaí an Bhoird, an tArdrúnaí, an Cisteoir (2)

4.

Cruthúnas ar chlárú ag an Údarás ar dháta an iarratais ar chistiú (i gcás iarratasóirí nach bhfuil an cinneadh le haghaidh clárúcháin ar fáil go fóill ina leith, i.e. nár foilsíodh fós ar shuíomh gréasáin an Údaráis ná san Iris Oifigiúil), agus dóibh siúd amháin,

5.

Clár oibre

6.

I gcás iarratasóra nua nach bhféadfadh na coinníollacha a leagtar síos le hAirteagal 23(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a chomhlíonadh, agus sa chás sin amháin: na ráitis airgeadais is déanaí iniúchta a d’ullmhaigh cuntasóir gairmiúil

 

Doiciméid nach mór a sholáthar agus a áirítear sa tsamhail seo den iarratas ar chistiú

 

7.

Foirm aitheantais airgeadais (i gcás iarratasóra nua amháin, nó i gcás athruithe ar ainm, seoladh nó cuntas bainc)

8.

Dearbhú maidir le téarmaí agus coinníollacha ginearálta maille le critéir eisiaimh

9.

Buiséad measta comhardaithe

10.

Dearbhú go bhfuil an t-iarratas á thíolacadh trí pháirtí polaitiúil Eorpach cleamhnaithe

FOIRM UM SHAINAITHINT AIRGEADAIS

Image 1

DEARBHÚ MAIDIR LE TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA GINEARÁLTA MAILLE LE CRITÉIR EISIAIMH

Déanaimse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, ionadaí dlíthiúil [cuir isteach ainm an iarratasóra] a dheimhniú:

Tá na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta mar a leagtar síos sa samhail-chomhaontú deontais léite agam agus go nglacaim leo,

níl an t-iarratasóir i gceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 136(1)(*) agus 141(*) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an Rialachán Airgeadais”) (3),

níl an t-iarratasóir faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1)(*) agus i bpointí (v), (vi) agus (vii) d’Airteagal 27(2)(a)(*) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ,

go bhfuil an cumas airgeadais agus eagrúcháin ag an eagraíocht is iarratasóir an comhaontú deontais a chur chun feidhme,

go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas seo agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis cruinn agus nach ndearnadh aon fhaisnéis a choinneáil siar, go hiomlán ná go páirteach, ó Pharlaimint na hEorpa.

Síniú údaraithe

Teideal (B. Uasal, F. Uasal, an tOllamh, etc) ainm agus céadainm:

 

Feidhm san eagraíocht atá ag déanamh iarratais ar chistiú:

 

Áit/Dáta:

 

Síniú:

 

(*)

Déantar tagairt anseo thíos do na hAirteagail atá liostaithe thuas:

 

Airteagal 136(1) den Rialachán Airgeadais:

 

Eisiafaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 135(2) ó pháirt a ghlacadh i nósanna imeachta um dhámhachtain atá á rialú leis an Rialachán seo nó ó bheith roghnaithe chun cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme sa chás go bhfuil an duine nó an t-eintiteas sin i gceann amháin nó níos mó de na staideanna eisiaimh seo a leanas:

(a)

tá an duine nó an t-eintiteas ina fhéimheach, faoi réir nósanna imeachta dócmhainneachta nó imeachtaí foirceanta, tá a sócmhainní á riaradh ag leachtaitheoir nó ag cúirt, i gcomhshocraíocht le creidiúnaithe, tá a ngníomhaíochtaí gnó curtha ar fionraí, nó tá sé in aon chás analógach a eascraíonn as nós imeachta den chineál céanna dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta;

(b)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ag sárú a chuid oibleagáidí i ndáil le cánacha a íoc nó ranníocaíochtaí slándála sóisialta a dhéanamh gcomhréir leis an dlí is infheidhme;

(c)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach trí dhlíthe nó rialacháin nó caighdeáin eiticiúla infheidhme na gairme lena mbaineann an duine nó an t-eintiteas a shárú, nó go raibh sé i mbun aon iompair éagóraigh a bhfuil tionchar aige ar a inchreidteacht ghairmiúil i gcás ina léirítear leis an iompar sin intinn éagórach nó mórfhaillí, lena n-áirítear, go háirithe, aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)

thug an duine nó an t-eintiteas bréagléiriú go calaoiseach nó go faillíoch ar fhaisnéis a theastaíonn chun a fhíorú nach bhfuil foras eisiaimh ann nó chun na critéir roghnúcháin nó incháilitheachta a chomhlíonadh nó i gcomhlíonadh an ghealltanais dhlíthiúil;

(ii)

chuaigh sé i mbun comhaontú le daoine nó eintitis eile chun iomaíocht a shaobhadh;

(iii)

sháraigh sé cearta maoine intleachtúla;

(iv)

rinne sé iarracht tionchar a imirt ar phróiseas cinnteoireachta an oifigigh atá freagrach le linn an nós imeachta um dhámhachtain;

(v)

rinne sé iarracht teacht ar fhaisnéis rúnda a d’fhéadfadh buntáistí míchuí a thabhairt dó sa nós imeachta um dhámhachtain;

(d)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ciontach in aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

calaois, de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 1 den Choinbhinsiún maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach, a tarraingíodh suas le Gníomh an 26 Iúil 1995 ón gComhairle;

(ii)

éilliú, mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2017/1371 agus éilliú gníomhach de réir bhrí Airteagal 3 den Choinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh páirteach ann, a tarraingíodh suas le Gníomh an 26 Bealtaine 1997 ón gComhairle agus iompar dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle , chomh maith le héilliú mar a shainmhínítear i ndlíthe infheidhme eile é;

(iii)

iompar a bhaineann le heagraíocht choiriúil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle;

(iv)

sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, de réir bhrí Airteagal 1(3), (4) agus (5) de Threoir (AE)2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(v)

cionta sceimhlitheoireachta nó cionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1 agus Airteagal 3 de Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle, faoi seach, nó na cionta sin a spreagadh, cabhrú leo, iad a neartú nó ag féachaint leis na cionta sin a dhéanamh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4 den Chinneadh sin;

(vi)

saothar leanaí nó cionta eile a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(e)

léirigh an duine nó an t-eintiteas easnaimh shuntasacha maidir leis na príomhoibleagáidí a chomhlíonadh atá ag baint le gealltanas dlíthiúil a chomhlíonadh arna mhaoiniú ag buiséad an Aontais agus gur eascair ceann de na torthaí seo a leanas as:

(i)

d’eascair luath-fhoirceannadh gealltanais dhlíthiúil as;

(ii)

cur i bhfeidhm damáistí leachtaithe nó pionós conarthach eile; nó

(iii)

fuair oifigeach údarúcháin, OLAF nó an Chúirt Iniúchóirí na heasnaimh sin amach tar éis seiceálacha, iniúchtaí nó imscrúduithe;

(f)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go ndearna an duine nó an t-eintiteas neamhrialtacht de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle;

(g)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach gur chruthaigh an duine nó an t-eintiteas eintiteas i ndlínse eile agus é mar aidhm aige dul timpeall ar oibleagáidí fioscacha, sóisialta nó oibleagáidí dlíthiúla eile i ndlínse a oifige cláraithe, a riaracháin lárnaigh nó a lárionaid riaracháin;

(h)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach gur cruthaíodh eintiteas leis an intinn dá dtagraítear i bpointe (g).

 

Airteagal 141(1) den Rialachán Airgeadais

 

Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach rannpháirtí a dhiúltú i gcás nós imeachta um dhámhachtain más fíor i gcás an rannpháirtí sin:

(a)

go bhfuil sé i staid eisiaimh arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 136;

(b)

gur thug sé bréagléiriú ar an bhfaisnéis a éilítear mar choinníoll le páirt a ghlacadh sa nós imeachta, nó mhainnigh sé an fhaisnéis sin a sholáthar;

(c)

go raibh baint aige cheana le doiciméid a ullmhú a úsáideadh i nós imeachta um dhámhachtain agus gur sáraíodh, tríd sin, prionsabal na córa comhionainne, lena n-áirítear saobhadh iomaíochta nach féidir a leigheas ar shlí eile.

I gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, ní fhéadfaidh an t-iarratasóir a bheith faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) agus i bpointí (a)(v), (vi) agus (vii) d’Airteagal 27(2).

 

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 - Airteagal 27(1);

 

I gcomhréir le hAirteagal 16, déanfaidh an tÚdarás cinneadh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár trí bhíthin smachtbhanna in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inár cinneadh i mbreithiúnas a bhfuil fórsa res judicata aige go raibh an páirtí nó an fhondúireacht lena mbaineann páirteach i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha atá díobhálach do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 106(1) den Rialachán Airgeadais;

(b)

i gcás ina suífear, de réir na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 10(2) go (5), nach gcomhlíonann sé a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) nó (2);

(ba)

i gcás ina bhfuil cinneadh an páirtí nó an fhondúireacht lena mbaineann a chlárú bunaithe ar fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach as a bhfuil an t-iarratasóir freagrach, nó i gcás ina bhfuarthas cinneadh den sórt sin trí mheabhlach; nó

(c)

nuair a thagann iarraidh ó Bhallstát ar dhíchlárú ar bhonn mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí faoin dlí náisiúnta a chomhlíonadh agus go gcomhlíonann an iarraidh sin na ceanglais a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 16(3).

 

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 - Airteagal 27(2)(a)(v), (vi) agus (vii);

 

Forchuirfidh an tÚdarás smachtbhannaí airgeadais sna cásanna seo a leanas:

(a)

sáruithe neamh-inchainníochtaithe:

(v)

i gcás ina bhfuil páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach faoi réir breithiúnais a bhfuil fórsa res judicata aige i gcás gníomhaíochtaí neamhdhleathacha atá díobhálach do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 106(1) den Rialachán Airgeadais;

(vi)

sna cásanna ina ndearna páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, tráth ar bith agus d’aon ghnó faisnéis a fhágáil ar lár nó faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a thabhairt nó i gcás ina mbraitheann na comhlachtaí atá údaraithe leis an Rialachán seo chun tairbhithe an chistithe ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a iniúchadh nó seiceálacha a dhéanamh orthu míchruinnis sna ráitis airgeadais bhliantúla a mheastar a bheith ina n-easnaimh ábhartha nó ina míráitis d’ítimí i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 iad;

(vii)

i gcás ina suífear, i gcomhréir leis an nós imeachta fíorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 10ú, gur imir páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d’aon gnó nó gur fhéach sé nó sí le tionchar a imirt ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.


(1)  Is ionann catagóir an chistithe agus an ranníocaíocht le páirtithe polaitiúla Eorpacha, de bhun Theideal XI den Rialachán Airgeadais (IO L 193, 30.7.2018. lch. 1).

(2)  Mar shampla, maidir le forálacha ábhartha reachtanna an iarratasóra, i gcás inarb infheidhme.

(3)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)  IO L 317, 4.11.2014, lch. 1.


IARSCRÍBHINN b

BUISÉAD MEASTA

Costais

 

Ioncam

Costais incháilithe

Buiséad

Iarbhír

 

 

Buiséad

Iarbhír

A.1:

Costais phearsanra

1.

Tuarastail

2.

Ranníocaíochtaí

3.

Oiliúint ghairmiúil

4.

Speansais mhisin na foirne

5.

Costais phearsanra eile

 

 

 

D.1

Díscaoileadh i dtaca le: “Foráil chun costais incháilithe na chéad ráithe de bhliain N+1 a chlúdach”

n/b

 

D.2

Cistiú arna dhámhachtain le haghaidh bliain N ag Parlaimint na hEorpa

 

 

D.3

Ranníocaíochtaí comhaltaí

 

 

3.1

ó bhalleagraíochtaí

3.2

ó chomhaltaí aonair

 

 

A.2:

Bonneagar agus costais oibriúcháin

1.

Cíos, muirir agus costais chothabhála

2.

Costais a bhaineann le trealamh a shuiteáil, a oibriú agus a chothabháil

3.

Dímheas maoine sochorraithe agus dochorraithe

4.

Stáiseanóireacht agus soláthairtí oifige

5.

Muirir phoist agus theileachumarsáide

6.

Costais chlódóireachta, aistriúcháin agus atáirgthe

7.

Costais bhonneagair eile

 

 

D.4

Deonacháin

 

 

 

 

 

D.5

Acmhainní dílse

 

 

(le sonrú)

 

 

A.3:

Costais riaracháin

1.

Costais doiciméadachta (nuachtáin, gníomhaireachtaí preasa, bunachair sonraí)

2.

Costais ar staidéir agus taighde

3.

Costais dlí

4.

Costais chuntasaíochta agus iniúchta

5.

Costais ilghnéitheacha riaracháin

6.

Tacaíocht do thríú páirtithe

 

 

A.4:

Costais cruinnithe agus ionadaíochta

1.

Costais cruinnithe

2.

Rannpháirtíocht i seimineáir agus comhdhálacha

3.

Costais ionadaíochta

4.

Costais cuirí

5.

Aon chostais eile a bhaineann le cruinnithe

 

 

A.5:

Costais faisnéise agus foilsitheoireachta

1.

Costais na bhfoilseachán

2.

Cruthú agus oibriú suíomhanna Idirlín

3.

Costais phoiblíochta

4.

Trealamh cumarsáide (giuirléidí)

5.

Seimineáir agus taispeántais

6.

Costais eile a bhaineann le faisnéis

 

 

A.6:

Leithdháileadh chuig: “Foráil chun costais incháilithe na chéad ráithe de bhliain N+1 a chlúdach”

 

 

A.

IOMLÁN NA GCOSTAS INCHÁILITHE

 

 

Costais neamh-incháilithe

1.

Leithdháileadh chuig forálacha eile

2.

Muirir airgeadais

3.

Caillteanais mhalairte

4.

Éilimh amhrasacha ar thríú páirtithe

5.

Eile (le sonrú)

6.

Ranníocaíochtaí comhchineáil

 

 

B.

IOMLÁN NA GCOSTAS NEAMH-INCHÁILITHE

 

 

C.

IOMLÁN NA GCOSTAS

 

 

D.6.

Ús ó réamh-mhaoiniú

 

 

D.7.

Ranníocaíochtaí comhchineáil

 

 

 

D.

IOMLÁN AN IONCAIM

 

 

E.

Brabús/Caillteanas (D-C)

 

 

 

F.

Acmhainní dílse a leithdháileadh chuig an gcuntas cúlchistí

 

 

G.

Brabús/Caillteanas as a fhíorú an bhfuiltear ag comhlíonadh na rialacha gan brabús a dhéanamh (E-F)

 

 

DEARBHÚ GO BHFUIL AN T-IARRATAS Á THÍOLACADH TRÍ PHÁIRTÍ POLAITIÚIL EORPACH CLEAMHNAITHE

Déanaimse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, ionadaí dlíthiúil [cuir isteach ainm an pháirtí], a dhearbhú go ndéantar, de bhun Airteagal 18(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, an t-iarratas seo ar mhaoiniú [cuir isteach ainm an iarratasóra] don bhliain airgeadais 2022 a thíolacadh trína pháirtí polaitiúil Eorpach cleamhnaithe [cuir isteach ainm an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh chleamhnaithe].

Síniú údaraithe

Teideal (B. Uasal, F. Uasal, an tOllamh, etc) ainm agus céadainm:

 

Feidhm sa pháirtí polaitiúil Eorpach:

 

Áit/Dáta:

 

Síniú:

 


20.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 203/17


Glao ar ranníocaíochtaí (Uimh. IX-2023/01)

“RANNÍOCAÍOCHTAÍ LE PÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA”

(2022/C 203/04)

CLÁR

A.

Réamhrá agus creat dlíthiúil 18

B.

Cuspóir an phlean 19

C.

Cuspóir, catagóir agus foirm an chistithe 19

D.

an buiséad atá ar fáil 19

E.

ceanglais inghlacthachta maidir le hiarratais ar Mhaoiniú 19

F.

Critéir chun iarratais ar chistiú a mheas 20

F.1

Critéir eisiaimh 20

F.2

Critéir incháilitheachta 20

F.3

Critéir maidir le dámhachtain agus dáileadh cistiúcháin 20

G.

rialú comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an údarás 21

H.

Téarmaí agus coinníollacha 21

I.

uainiú 21

J.

Sonraí pearsanta a nochtadh agus a phróiseáil 22

K.

Faisnéis eile 22

A.   RÉAMHRÁ AGUS CREAT DLÍTHIÚIL

1.

Faoi Airteagal 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa le feasacht pholaitiúil a fhoirmiú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.

2.

I gcomhréir le hAirteagal 224 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, leagann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach agus go háirithe na rialacha a bhaineann lena gcistiú. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (1), mar a leasaíodh ina dhiaidh sin.

3.

De bhun Airteagal 17(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, maidir le páirtí polaitiúil Eorpach atá cláraithe i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, arna ionadú i bParlaimint na hEorpa ag duine amháin dá chomhaltaí ar a laghad, agus nach bhfuil i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 136(1) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh sé cur isteach ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a fhoilseoidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa i nglao ar ranníocaíochtaí.

4.

Dá bhrí sin, tá an glao seo ar ranníocaíochtaí á sheoladh ag Parlaimint na hEorpa d’fhonn ranníocaíochtaí a dhámhachtain do pháirtithe polaitiúla Eorpacha (“glao”).

5.

Sainítear an creat bunúsach dlí sna gníomhartha dlíthiúla seo a leanas:

a)

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014;

b)

Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 1 Iúil 2019, lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (2) (“Cinneadh ón mBiúró an 1 Iúil 2019”);

c)

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3) (“an Rialachán Airgeadais”);

d)

Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) 2015/2401 ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2015 maidir le hinneachar agus feidhmiú Chlár na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (4);

e)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2246 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2015 maidir le forálacha mionsonraithe i ndáil leis an uimhirchóras clárúcháin is infheidhme i ndáil le clár na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus le faisnéis arna soláthar ag sleachta caighdeánacha ón gclár (5);

f)

Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa (6).

An 25 Samhain 2021, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra (7) (athmhúnlú) le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. Féadfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa na leasuithe ar an rialachán a fhormheas roimh an mbliain airgeadais 2023 nó lena linn. Le teacht i bhfeidhm an rialacháin nua roimh an mbliain 2023 nó lena linn, d’fhéadfadh sé go spreagfaí athruithe ábhartha ar chreat bunúsach dlí an chistithe ó 2023, rud a bhféadfadh gá a bheith leis ceartúchán teicniúil a dhéanamh ar an nglao sin.

B.   CUSPÓIR AN PHLEAN

6.

Is é cuspóir an ghlao seo cuireadh a thabhairt do pháirtithe polaitiúla Eorpacha cláraithe iarratais ar chistiú ó bhuiséad an Aontais a chur isteach (“iarratais ar chistiú”).

C.   CUSPÓIR, CATAGÓIR AGUS FOIRM AN CHISTITHE

7.

Is é is cuspóir don chistiú tacú le gníomhaíochtaí agus cuspóirí reachtúla an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh don bhliain airgeadais ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú ranníocaíochta atá le tabhairt i gcrích idir an páirtí polaitiúil Eorpach is tairbhí agus Parlaimint na hEorpa.

8.

Is ionann catagóir an chistithe agus an ranníocaíocht le páirtithe polaitiúla Eorpacha, de bhun Theideal XI den Rialachán Airgeadais (“ranníocaíocht”). Tá an ranníocaíocht i bhfoirm aisíocaíochta ar chéatadán den chaiteachas inaisíoctha arna thabhú iarbhír.

9.

Ní sháróidh an t-uasmhéid a íocfaidh Parlaimint na hEorpa leis an tairbhí 90 % den chaiteachas inaisíoctha arna léiriú sa bhuiséad measta ná 90 % den chaiteachas inaisíoctha a tabhaíodh iarbhír.

D.   AN BUISÉAD ATÁ AR FÁIL

10.

Is ionann an cistiú atá beartaithe don bhliain airgeadais 2023 faoi Airteagal 402 de bhuiséad Pharlaimint na hEorpa “Cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha” agus EUR 46 000 000 arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa ina dréachtmheastacháin. Bunóidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí atá ar fáil agus atá le dáileadh sa bhuiséad formheasta deiridh don bhliain 2023.

E.   CEANGLAIS INGHLACTHACHTA MAIDIR LE HIARRATAIS AR MHAOINIÚ

11.

Beidh iarratais ar chistiú inghlactha más rud é

a)

go gcuirtear isteach iad i scríbhinn agus úsáid á baint as an bhfoirm iarratais atá i gceangal leis an nglao seo, lena n-áirítear na doiciméid tacaíochta go léir a éilítear ann;

b)

go bhfuil an gealltanas iontu, a chuirtear in iúl i scríbhinn tríd an bhfoirm dearbhaithe atá i gceangal leis an nglao seo a shíniú, go n-aontaíonn an t-iarratasóir leis na téarmaí agus na coinníollacha chomh maith leis na critéir eisiaimh a shonraítear in Iarscríbhinn 1a a ghabhann le Cinneadh ón mBiúró an 1 Iúil 2019;

c)

go bhfuil litir iontu ó ionadaí dlíthiúil lena ndeimhnítear an t-údarú oibleagáidí dlíthiúla a ghlacadh air féin thar ceann an iarratasóra;

d)

go seoltar iad chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa faoin 30 Meán Fómhair 2022, i bhformáid pdf más féidir, mar chóip leictreonach nó mar chóip leictreonach (ina bhfuil síniú leictreonach cáilithe1), chuig an mbosca ríomhphoist feidhmiúil seo a leanas: fin.part.fond.pol@europarl.europa.eu.

Ní mór sínithe lámhscríofa nó ríomhshínithe cáilithe (QES) a bheith ar dhoiciméid na n-iarratas, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Ríomhaitheantas agus Seirbhísí Iontaobhais (eIDAS) (8).

Má dhéantar iarratais a thíolacadh go leictreonach agus má bhíonn sínithe lámhscríofa ar phíosaí áirithe doiciméadachta, coimeádfaidh an t-iarratasóir aon bhunchóip, go hiomlán nó go páirteach, arna iarraidh sin do sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa, agus cuirfidh sé na bunchóipeanna sin chuig an seoladh fisiciúil seo a leanas:

Uachtarán Pharlaimint na hEorpa

Faoi bhráid: An tUasal Didier Kléthi, Ard-Stiúrthóir Airgeadais

ADENAUER 04T003

L-2929 Lucsamburg

LUCSAMBURG

12.

Más rud é, de bhun Airteagal 4(2) den Chinneadh ón mBiúró an 1 Iúil 2019, go n-iarrfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean ar an iarratasóir bundoiciméid tacaíochta nó soiléirithe a thíolacadh i bhfoirm páipéir maidir leis an iarratas, úsáidfidh an t-iarratasóir an seoladh fisiciúil a luaitear i mír 11. Glactar freisin le ríomhdhoiciméid a shínítear leis an ríomhshíniú cáilithe agus seolfar chuig an mbosca ríomhphoist feidhmiúil iad: fin.part.fond.pol@europarl.europa.eu.

Déanfar aon chomhfhreagras eile maidir leis an iarratas trí úsáid a bhaint as an mbosca ríomhphoist feidhmiúil atá luaite thuas.

13.

Féadfar diúltú d’iarratais a ndearnadh measúnú orthu mar iarratais neamhiomlána.

F.   CRITÉIR CHUN IARRATAIS AR CHISTIÚ A MHEAS

F.1   Critéir eisiaimh

14.

Déanfar iarratasóirí a eisiamh ón nós imeachta cistiúcháin, más rud é:

a)

i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 136(1), in Airteagal 136(2) nó in Airteagal 141 den Rialachán Airgeadais;

b)

faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) agus i bpointí (v), (vi) agus (vii) d’Airteagal 27(2)(a) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

F.2   Critéir incháilitheachta

15.

Chun a bheith incháilithe do chistiú ón Aontas, ní mór d’iarratasóirí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 17 agus 18 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a chomhlíonadh, i.e. maidir leis an iarratasóir;

a)

ní mór é a bheith cláraithe leis an Údarás um páirtithe polaitiúla Eorpacha agus um fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (9) (“an tÚdarás”) i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014;

b)

ní mór ionadaíocht a bheith aige ag 1 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa dá chuid ar a laghad i bParlaimint na hEorpa;

c)

ní mór na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a bheith á gcomhlíonadh aige, i.e. ní mór dó na ráitis airgeadais bhliantúla (10), an tuarascáil iniúchóireachta seachtraí agus liosta na ndeontóirí agus na rannchuiditheoirí, mar atá sonraithe ann, a bheith curtha isteach aige;

d)

ní mór dó na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagal 18(2a) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a bheith á gcomhlíonadh, i.e. ní mór dó an fhianaise a chur isteach lena léirítear go ndearna a bhallpháirtithe ón Aontas Eorpach, mar riail, clár polaitiúil agus lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin ar bhealach atá infheicthe go soiléir agus áisiúil don úsáideoir, go ceann tréimhse idir an 1 Deireadh Fómhair 2021 agus an 30 Meán Fómhair 2022.

16.

Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, is é an toradh a bheidh ar chomhaltacht d’Fheisire de Pharlaimint na hEorpa i roinnt páirtithe polaitiúla Eorpacha go measfar an Feisire lena mbaineann a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’aon pháirtí polaitiúil Eorpach amháin, arb é, i gcás inarb ábhartha, an páirtí polaitiúil náisiúnta nó réigiúnach lena bhfuil a pháirtí nó a páirtí polaitiúil náisiúnta nó réigiúnach cleamhnaithe ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais ar chistiú a chur isteach.

17.

Moltar do pháirtithe polaitiúla Eorpacha faisnéis maidir le cothromaíocht inscne a chur ar a suíomhanna gréasáin.

F.3   Critéir maidir le dámhachtain agus dáileadh cistiúcháin

18.

I gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, déanfar na leithreasaí faoi seach atá ar fáil a dháileadh go bliantúil. Dáilfear iad ar na páirtithe polaitiúla Eorpacha ar formheasadh a n-iarratais ar chistiú i bhfianaise na gcritéar incháilitheachta agus eisiaimh, ar bhonn na heochrach dáilte seo a leanas:

a)

dáilfear 10 % ina scaireanna comhionanna i measc na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha is tairbhithe,

b)

dáilfear 90 % i measc na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha is tairbhithe i gcomhréir lena sciar de chomhaltaí tofa Pharlaimint na hEorpa; de bhun17(3) de Rialachán (AE, Euratom) 1141/2014, ní dhéanfar Feisire de Pharlaimint na hEorpa a mheas ach mar chomhalta d’aon pháirtí polaitiúil Eorpach amháin, arb é, i gcás inarb ábhartha, an páirtí polaitiúil náisiúnta nó réigiúnach lena bhfuil a pháirtí nó a páirtí polaitiúil náisiúnta nó réigiúnach cleamhnaithe ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais ar chistiú a chur isteach.

G.   RIALÚ COMHPHÁIRTEACH AG PARLAIMINT NA HEORPA AGUS AG AN ÚDARÁS

19.

Foráiltear le hAirteagal 24(1) agus (2) (11) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 do rialú comhroinnte idir Parlaimint na hEorpa agus an tÚdarás.

20.

Más rud é, de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, go bhfuil an tÚdarás inniúil chun comhlíonadh fhorálacha an Rialacháin sin a rialú, cuirfidh Parlaimint na hEorpa na hiarratais ar chistiú ar aghaidh chuig an Údarás.

21.

Ag gach céim den nós imeachta [dámhachtain], leanfar de cheangal ar iarratasóirí faoi Airteagal 24(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 aon fhaisnéis is gá a sholáthar, arna iarraidh sin don Údarás, chun na rialuithe a bhfuil sé freagrach astu a chur i gcrích. Féadfar a bheith ar áireamh leis sin, go háirithe, doiciméid nó soiléirithe sa bhreis ar na hiarratais ar mhaoiniú, atá le cur isteach san fhormáid a shonróidh an tÚdarás.

22.

Cuirfidh an tÚdarás toradh a rialuithe agus a fhíoruithe in iúl do Pharlaimint na hEorpa.

H.   TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA

23.

Tá sé d’oibleagáid ar iarratasóirí fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa faoi aon athruithe maidir leis na doiciméid a thíolacfar nó maidir le haon fhaisnéis dá dtagraítear san iarratas laistigh de choicís ón athrú sin. In éagmais fógra den sórt sin, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin cinneadh a dhéanamh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, d’ainneoin aon fhaisnéis a soláthraíodh ag céim níos déanaí nó a fhoilseofar trí bhealaí eile.

24.

Maidir leis an gcoinníoll go leanann an t-iarratasóir de na critéir maidir le maoiniú a chomhlíonadh, is ar an iarratasóir a bheidh an dualgas cruthúnais.

25.

Leagtar síos na téarmaí agus na coinníollacha maidir le cistiú ón Aontas atá le dámhachtain faoin nglao seo in Iarscríbhinn 1a a ghabhann le Cinneadh ón mBiúró an 1 Iúil 2019.

26.

Glacfaidh gach iarratasóir leis na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i mír 25 den ghlao seo tríd an bhfoirm dhearbhúcháin atá i gceangal leis an nglao seo a shíniú. Tá na téarmaí agus coinníollacha sin ina gceangal ar an tairbhí ar bronnadh an maoiniú air agus sonraítear iad sa chomhaontú ranníocaíochta.

I.   UAINIÚ

27.

Is é an 30 Meán Fómhair 2022 an spriocdháta chun na hiarratais ar chistiú a chur isteach.

28.

Glacfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa cinneadh laistigh de thrí mhí tar éis dhúnadh an ghlao ar ranníocaíochtaí. Tar éis an chinnidh sin, cuirtear cinntí aonair arna síniú ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa in iúl do na hiarratasóirí.

29.

Foráiltear go bhfaighidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo an dréacht-chomhaontú ranníocaíochta a bheidh le síniú acu i mí Eanáir 2023 agus go gcuirfear na hiarratasóirí a ndiúltófar dóibh ar an eolas ag an am céanna. D’fhéadfaí an comhaontú ranníocaíochta a shíniú le síniú leictreonach cáilithe (QES). Déanfar an réamh-mhaoiniú a íoc laistigh de 30 lá tar éis an comhaontú ranníocaíochta a shíniú ina dhiaidh sin thar ceann Pharlaimint na hEorpa.

J.   SONRAÍ PEARSANTA A NOCHTADH AGUS A PHRÓISEÁIL

30.

Foilseoidh Parlaimint na hEorpa agus an tÚdarás, lena n-áirítear ar an idirlíon, faisnéis de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

31.

Déanfar aon sonraí pearsanta a bhaileofar i gcomhthéacs an ghlao seo a phróiseáil de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (12) agus de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE. Euratom) Uimh. 1141/2014.

32.

Déanfar na sonraí sin a phróiseáil chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarratais ar chistiú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Tá an méid sin gan dochar d’aistriú féideartha na sonraí sin chuig na comhlachtaí atá freagrach as cúraimí fíorúcháin agus iniúchóireachta a chur i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais, amhail seirbhísí iniúchóireachta inmheánaí de chuid Pharlaimint na hEorpa, an Údaráis, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, nó na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF).

33.

Ar bhonn iarraidh i scríbhinn, féadfaidh aon duine nádúrtha a bhaineann leis an tairbhí rochtain a fháil ar a shonraí pearsanta nó ar a sonraí pearsanta agus aon sonraí míchruinne nó neamhiomlána a cheartú. Féadfar an iarraidh maidir le próiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a chur faoi bhráid Ard-Stiúrthóireacht Airgeadais Pharlaimint na hEorpa nó Oifigeach Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh an duine lena mbaineann, tráth ar bith, gearán a chur faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir le próiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta.

34.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa sonraí pearsanta a chlárú sa Chóras Luathbhraite agus Eisiaimh i gcás ina mbeadh an tairbhí i gceann de na cásanna a luaitear in Airteagal 136(1) agus in Airteagal 141 den Rialachán Airgeadais.

K.   FAISNÉIS EILE

35.

Ba cheart aon cheisteanna a bhaineann leis an nglao seo a sheoladh trí ríomhphost, agus tagairt an fhoilseacháin á lua, chuig an seoladh ríomhphoist feidhmiúil seo: fin.part.fond.pol@europarl.europa.eu

36.

An reachtaíocht bhunúsach a shonraítear i mír 5(b) den ghlao seo agus an fhoirm iarratais ar mhaoiniú atá i gceangal leis an nglao seo, tá siad ar fáil ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa (http://www.europarl.europa.eu/tenders/invitations.htm).

Iarscríbhinn: An fhoirm iarratais ar chistiú, lena n-áirítear an fhoirm aitheantais airgeadais, an dearbhú maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha chomh maith leis na critéir eisiaimh, agus samhail an bhuiséid mheasta


(1)  IO L 317, 4.11.2014, lch. 1. Foilsíodh dhá leasú in IO L 114 I, 4.5.2018, lch. 1, agus in IO L 85 I, 27.3.2019, lch. 7.

(2)  IO C 249, 25.7.2019, lch. 2.

(3)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)  IO L 333, 19.12.2015, lch. 50.

(5)  IO L 318, 4.12.2015, lch. 28.

(6)  Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa mhí Mheán Fómhair 2021.

(7)  COM(2021) 734 final, 2021/0375(COD)

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(9)  arna bhunú de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014:

(10)  Mura raibh an t-iarratasóir faoi réir an rialaithe faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 (mar shampla: nuachruthaithe)

(11)  Airteagal 24(1)-(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 - Rialacha ginearálta maidir le rialú:

“1.

Déanfar rialú ar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a fheidhmiú i gcomhar leis an Údarás, le hOifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit inniúla.

2.

Déanfaidh an tÚdarás rialú ar a oibleagáidí faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, go háirithe maidir le hAirteagal 3, pointe (a), pointe (b), agus pointe (d) go pointe (f) d’Airteagal 4(1), pointe (a) go pointe (d) agus pointe (g) d’Airteagal 5(1), Airteagal 9(5) agus (6), agus Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 22.”

Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa rialú ar na hoibleagáidí a bhaineann le cistiú an Aontais faoin Rialachán seo a bheith a gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Agus an rialú sin á chur i gcrích, déanfaidh Parlaimint na hEorpa na bearta is gá i réimsí chosc agus chomhrac na calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

(12)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.


IARSCRÍBHINN a

AN FHOIRM IARRATAIS AR CHISTIÚ

RANNÍOCAÍOCHTAÍ (1) LE PÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA

DON BHLIAIN AIRGEADAIS [CUIR ISTEACH]

COMHDHÉANAMH AN IARRATAIS AR CHISTIÚ

Tá an tábla seo a leanas ceaptha cabhrú leat d’iarratas ar chistiú a ullmhú. Is féidir é a úsáid mar sheicliosta lena chinntiú go bhfuil na doiciméid riachtanacha ar fad curtha isteach agat.

Uimhir an doiciméid:

Doiciméid atá le soláthar

 

 

Doiciméid nach mór a sholáthar ach nach n-áirítear sa tsamhail seo den iarratas ar chistiú

 

1.

Litir chlúdaigh ina léirítear méid na ranníocaíochta a iarradh do bhliain airgeadais n agus í sínithe ag an ionadaí dlíthiúil

2.

Litir ó ionadaí dlíthiúil lena ndeimhnítear an t-údarú oibleagáidí dlíthiúla a ghlacadh air féin thar ceann an iarratasóra

3.

Liosta de na daoine a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnteoireachta nó rialaithe acu ar an eagraíocht is iarratasóir, amhail an tUachtarán, comhaltaí an Bhoird, an tArd-Rúnaí, an Cisteoir (2)

4.

Cruthúnas ar chlárú ag an Údarás ar dháta an iarratais ar chistiú (i gcás iarratasóirí nach bhfuil an cinneadh le haghaidh clárúcháin ar fáil go fóill ina leith, i.e. nár foilsíodh fós ar shuíomh gréasáin an Údaráis ná san Iris Oifigiúil), agus dóibh siúd amháin,

5.

Liosta dá Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, le cruthúnas cothrom le dáta ar bhallraíocht agus ina leagtar amach ainm, tír thionscnaimh, cleamhnacht dhíreach nó indíreach leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach (3) agus ainm an pháirtí náisiúnta nó réigiúnaigh ábhartha (más infheidhme) (4)

6.

Fianaise lena léirítear go ndearna a bhallpháirtithe ón Aontas Eorpach, mar riail, clár polaitiúil agus lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin ar bhealach atá infheicthe go soiléir agus áisiúil don úsáideoir, go ceann tréimhse idir an 1 Deireadh Fómhair 2021 agus an 30 Meán Fómhair 2022.

7.

I gcás iarratasóir nua nach bhféadfadh na coinníollacha a leagtar síos le hAirteagal 23(1) de Rialachán (AE, Euratom) 1141/2014 a chomhlíonadh, agus sa chás sin amháin: na ráitis airgeadais is déanaí iniúchta a d’ullmhaigh cuntasóir gairmiúil

 

Doiciméid nach mór a sholáthar agus a áirítear sa tsamhail seo den iarratas ar chistiú

 

8.

Foirm aitheantais airgeadais (i gcás iarratasóir nua amháin, nó i gcás athruithe ar ainm, seoladh nó cuntas bainc)

9.

Dearbhú maidir le téarmaí agus coinníollacha ginearálta maille le critéir eisiaimh

10.

Buiséad measta comhardaithe

FOIRM UM SHAINAITHINT AIRGEADAIS

Image 2

DEARBHÚ MAIDIR LE TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA GINEARÁLTA MAILLE LE CRITÉIR EISIAIMH

Déanaimse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, ionadaí dlíthiúil [cuir isteach ainm an iarratasóra] a dheimhniú:

Go bhfuil na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta mar a leagtar síos sa samhail-chomhaontú ranníocaíochta léite agam agus go nglacaim leo,

nach bhfuil an t-iarratasóir i gceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 136(1)(*) agus 141(*) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an Rialachán Airgeadais”) (5),

nach bhfuil an t-iarratasóir faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1)(*) agus i bpointí (v), (vi) agus (vii) d’Airteagal 27(2)(a)(*) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

go bhfuil fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas seo agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis cruinn agus nach ndearnadh aon fhaisnéis a choinneáil siar, go hiomlán ná go páirteach, ó Pharlaimint na hEorpa.

Síniú údaraithe

Teideal (...Uasal, an tUasal, an tOllamh, etc) ainm agus céadainm:

 

Feidhm san eagraíocht atá ag déanamh iarratais ar chistiú:

 

Áit/Dáta:

 

Síniú:

 

(*)

Déantar tagairt anseo thíos do na hAirteagail atá liostaithe thuas:

 

Airteagal 136(1) den Rialachán Airgeadais

Eisiafaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 135(2) ó pháirt a ghlacadh i nósanna imeachta um dhámhachtain atá á rialú leis an Rialachán seo nó ó bheith roghnaithe chun cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme sa chás go bhfuil an duine nó an t-eintiteas sin i gceann amháin nó níos mó de na staideanna eisiaimh seo a leanas:

(a)

tá an duine nó an t-eintiteas ina fhéimheach, faoi réir nósanna imeachta dócmhainneachta nó imeachtaí foirceanta, tá a sócmhainní á riaradh ag leachtaitheoir nó ag cúirt, i gcomhshocraíocht le creidiúnaithe, tá a ngníomhaíochtaí gnó curtha ar fionraí, nó tá sé in aon chás analógach a eascraíonn as nós imeachta den chineál céanna dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta;

(b)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ag sárú a chuid oibleagáidí i ndáil le cánacha a íoc nó ranníocaíochtaí slándála sóisialta a dhéanamh gcomhréir leis an dlí is infheidhme;

(c)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach trí dhlíthe nó rialacháin nó caighdeáin eiticiúla infheidhme na gairme lena mbaineann an duine nó an t-eintiteas a shárú, nó go raibh sé i mbun aon iompar éagórach a bhfuil tionchar aige ar a inchreidteacht ghairmiúil i gcás ina léirítear leis an iompar sin intinn éagórach nó mórfhaillí, lena n-áirítear, go háirithe, aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)

bréagléiriú a thabhairt go calaoiseach nó go faillíoch ar fhaisnéis a theastaíonn chun a fhíorú nach bhfuil forais eisiaimh ann nó chun na critéir incháilitheachta nó roghnúcháin a chomhlíonadh nó chun an gealltanas dlíthiúil a chur chun feidhme;

(ii)

chuaigh sé i mbun comhaontú le daoine nó eintitis eile chun iomaíocht a shaobhadh;

(iii)

sháraigh sé cearta maoine intleachtúla;

(iv)

rinne sé iarracht tionchar a imirt ar phróiseas cinnteoireachta an oifigigh atá freagrach le linn an nós imeachta um dhámhachtain;

(v)

rinne sé iarracht teacht ar fhaisnéis rúnda a d’fhéadfadh buntáistí míchuí a thabhairt dó sa nós imeachta um dhámhachtain;

(d)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ciontach in aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

calaois, de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 1 den Choinbhinsiún maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach, a tarraingíodh suas le Gníomh an 26 Iúil 1995 ón gComhairle;

(ii)

éilliú, mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2017/1371 agus éilliú gníomhach de réir bhrí Airteagal 3 den Choinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh páirteach ann, a tarraingíodh suas le Gníomh an 26 Bealtaine 1997 ón gComhairle agus iompar dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle , chomh maith le héilliú mar a shainmhínítear i ndlíthe infheidhme eile é;

(iii)

iompar a bhaineann le heagraíocht choiriúil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle;

(iv)

sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, de réir bhrí Airteagal 1(3), (4) agus (5) de Threoir (AE)2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(v)

cionta sceimhlitheoireachta nó cionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1 agus Airteagal 3 de Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle, faoi seach, nó na cionta sin a spreagadh, cabhrú leo, iad a neartú nó ag féachaint leis na cionta sin a dhéanamh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4 den Chinneadh sin;

(vi)

saothar leanaí nó cionta eile a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(e)

léirigh an duine nó an t-eintiteas easnaimh shuntasacha maidir leis na príomhoibleagáidí a chomhlíonadh atá ag baint le gealltanas dlíthiúil a chomhlíonadh arna mhaoiniú ag buiséad an Aontais agus gur eascair ceann de na torthaí seo a leanas as:

(i)

d’eascair luathfhoirceannadh gealltanais dhlíthiúil as;

(ii)

d’eascair cur i bhfeidhm damáistí leachtaithe nó pionós conarthach eile as; nó

(iii)

fuair oifigeach údarúcháin, OLAF nó an Chúirt Iniúchóirí na heasnaimh sin amach tar éis seiceálacha, iniúchtaí nó imscrúduithe;

(f)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go ndearna an duine nó an t-eintiteas neamhrialtacht de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle;

(g)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach gur chruthaigh an duine nó an t-eintiteas eintiteas i ndlínse eile agus é mar aidhm aige dul timpeall ar oibleagáidí fioscacha, sóisialta nó oibleagáidí dlíthiúla eile i ndlínse a oifige cláraithe, a riaracháin lárnaigh nó a lárionaid riaracháin;

(h)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach gur cruthaíodh eintiteas leis an intinn dá dtagraítear i bpointe (g).

 

Airteagal 141(1) den Rialachán Airgeadais

Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach rannpháirtí a dhiúltú i gcás nós imeachta um dhámhachtain más fíor i gcás an rannpháirtí sin:

(a)

go bhfuil sé i staid eisiaimh arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 136;

(b)

gur thug sé bréagléiriú ar an bhfaisnéis a éilítear mar choinníoll le páirt a ghlacadh sa nós imeachta, nó gur mhainnigh sé an fhaisnéis sin a sholáthar;

(c)

go raibh baint aige cheana le doiciméid a ullmhú a úsáideadh i nós imeachta um dhámhachtain agus gur sáraíodh, tríd sin, prionsabal na córa comhionainne, lena n-áirítear saobhadh iomaíochta nach féidir a leigheas ar shlí eile.

I gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, ní fhéadfaidh an t-iarratasóir a bheith faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) agus i bpointí (a)(v), (vi) agus (vii) d’Airteagal 27(2).

 

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 - Airteagal 27(1):

I gcomhréir le hAirteagal 16, déanfaidh an tÚdarás cinneadh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár trí bhíthin smachtbhanna in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inár cinneadh i mbreithiúnas a bhfuil fórsa res judicata aige go raibh an páirtí nó an fhondúireacht lena mbaineann páirteach i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha atá díobhálach do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 106(1) den Rialachán Airgeadais;

(b)

i gcás ina suífear, de réir na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 10(2) go (5), nach gcomhlíonann sé a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) nó (2);

(ba)

i gcás ina bhfuil cinneadh an páirtí nó an fhondúireacht lena mbaineann a chlárú bunaithe ar fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach as a bhfuil an t-iarratasóir freagrach, nó i gcás ina bhfuarthas cinneadh den sórt sin trí chalaois; nó

(c)

más rud é go dtagann iarraidh ó Bhallstát ar dhíchlárú ar bhonn mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí faoin dlí náisiúnta a chomhlíonadh agus go gcomhlíonann an iarraidh sin na ceanglais a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 16(3).

 

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 - Airteagal 27(2)(a)(v), (vi) agus (vii);

Forchuirfidh an tÚdarás smachtbhannaí airgeadais sna cásanna seo a leanas:

(a)

sáruithe neamh-inchainníochtaithe:

(v)

i gcás ina bhfuil páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach faoi réir breithiúnas a bhfuil fórsa res judicata aige i gcás gníomhaíochtaí neamhdhleathacha atá díobhálach do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 106(1) den Rialachán Airgeadais;

(vi)

más rud é go ndearna páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, tráth ar bith agus d’aon ghnó faisnéis a fhágáil ar lár nó faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a thabhairt nó i gcás ina mbraitheann na comhlachtaí atá údaraithe leis an Rialachán seo chun tairbhithe an chistithe ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a iniúchadh nó seiceálacha a dhéanamh orthu míchruinnis sna ráitis airgeadais bhliantúla a mheastar a bheith ina n-easnaimh ábhartha nó ina míráitis d’ítimí i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 iad;

(vii)

i gcás ina suífear, i gcomhréir leis an nós imeachta fíorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 10ú, gur imir páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d’aon gnó nó gur fhéach sé nó sí le tionchar a imirt ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.


(1)  Is ionann catagóir an chistithe agus an ranníocaíocht le páirtithe polaitiúla Eorpacha, de bhun Theideal XI den Rialachán Airgeadais (IO L 193, 30.7.2018. lch. 1).

(2)  Mar shampla, maidir le forálacha ábhartha reachtanna an iarratasóra, i gcás inarb infheidhme.

(3)  I gcás Feisirí atá cleamhnaithe le páirtí polaitiúil Eorpach go díreach ar bhonn aonair, ní mór foirm bhallraíochta ó gach Feisire de na Feisirí a éilíonn an t-iarratasóir a chur ar fáil. I gcás Feisirí atá cleamhnaithe le páirtí polaitiúil Eorpach go hindíreach trína mballpháirtí, tá na doiciméid seo a leanas riachtanach: foirm bhallraíochta do gach ballpháirtí, arna síniú ag duine atá údaraithe go dlíthiúil ionadaíocht a dhéanamh ar an mballpháirtí sin nó, mar mhalairt air sin, cruthúnas gur íocadh táille bhallraíochta 2022 i bhfoirm aistriú bainc a eascraíonn ó gach ballpháirtí nó, mar mhalairt air sin, foirm bhallraíochta ó gach ceann de na Feisirí a éilíonn an t-iarratasóir. Is féidir foirmeacha ballraíochta d’Fheisirí agus do bhallpháirtithe a iarraidh ar an Údarás.

(4)  Má chuir páirtí polaitiúil Eorpach cuid de na doiciméid atá sainaitheanta thuas ar fáil don Údarás le déanaí, ní iarrfaidh PE an doiciméadacht sin a thabhairt ar aird arís. Tá sé de dhualgas, áfach, go leagfadh gach iarratasóir amach go soiléir ina iarratas cad iad na doiciméid a sholáthair sé don Údarás agus cathain a chuir sé ar fáil iad.

(5)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(6)  IO L 317, 4.11.2014, lch. 1.


IARSCRÍBHINN b

BUISÉAD MEASTA

Caiteachas

 

Ioncam

Caiteachas inaisíoctha

Buiséad

Iarbhír

 

 

Buiséad

Iarbhír

A.1:

Costais phearsanra

1.

Tuarastail

2.

Ranníocaíochtaí

3.

Oiliúint ghairmiúil

4.

Speansais mhisin na foirne

5.

Costais eile phearsanra

 

 

 

D.1-1.

Cistiú ó Pharlaimint na hEorpa arna thabhairt ar aghaidh ó bhliain N-1

n/b

 

D.1-2.

Cistiú arna dhámhachtain le haghaidh bhliain N ag Parlaimint na hEorpa

 

 

 

 

 

D.1.

Cistiú ó Pharlaimint na hEorpa arna úsáid chun 90 % de chaiteachas inaisíoctha a chumhdach i mbliain N

 

 

D.2

Ranníocaíochtaí comhaltaí

 

 

2.1

ó bhallpháirtithe

2.2

ó chomhaltaí aonair

 

 

A.2:

Costais bhonneagair agus oibriúcháin

1.

Cíos, muirir agus costais chothabhála

2.

Costais a bhaineann le trealamh a shuiteáil, a oibriú agus a chothabháil

3.

Dímheas maoine sochorraithe agus dochorraithe

4.

Stáiseanóireacht agus soláthairtí oifige

5.

Muirir phoist agus theileachumarsáide

6.

Costais chlódóireachta, aistriúcháin agus atáirgthe

7.

Costais eile bhonneagair

 

 

D.3

Deonacháin

 

 

 

 

 

D.4

Acmhainní dílse eile

 

 

(le sonrú)

 

 

A.3:

Costais riaracháin

1.

Costais doiciméadachta (nuachtáin, gníomhaireachtaí preasa, bunachair sonraí)

2.

Costais ar staidéir agus taighde

3.

Costais dlí

4.

Costais chuntasaíochta agus iniúchta

5.

Costais ilghnéitheacha riaracháin

6.

Tacaíocht d’eintitis chomhlachaithe

 

 

 

 

 

A.4:

Costais cruinnithe agus ionadaíochta

1.

Costais cruinnithe

2.

Rannpháirtíocht i seimineáir agus comhdhálacha

3.

Costais ionadaíochta

4.

Costais cuirí

5.

Aon chostais eile a bhaineann le cruinnithe

 

 

A.5:

Costais faisnéise agus foilsitheoireachta

1.

Costais an fhoilsithe

2.

Cruthú agus oibriú suíomhanna idirlín

3.

Costais phoiblíochta

4.

Trealamh cumarsáide (giuirléidí)

5.

Seimineáir agus taispeántais

6.

Feachtais toghcháin

7.

Costais eile a bhaineann le faisnéis

 

 

A.

CAITEACHAS IOMLÁN INAISÍOCTHA

 

 

Caiteachas neamh-inaisíoctha

1.

Leithdháileadh chuig forálacha eile

2.

Muirir airgeadais

3.

Caillteanais mhalairte

4.

Éilimh amhrasacha ar thríú páirtithe

5.

Eile (le sonrú)

6.

Ranníocaíochtaí comhchineáil

 

 

B.

CAITEACHAS IOMLÁN NEAMH-INAISÍOCTHA

 

 

D.5

Ranníocaíochtaí comhchineáil

 

 

C. CAITEACHAS IOMLÁN

 

 

D:

IOMLÁN AN IONCAIM

 

 

 

 

E.

Brabús/Caillteanas (D-C)

 

 

 

 

 

 

F.

Acmhainní dílse a leithdháileadh chuig an gcuntas cúlchistí

 

 

G.

Brabús/Caillteanas as a fhíorú an bhfuiltear ag comhlíonadh na rialacha gan brabús a dhéanamh (E-F)

 

 

H.

Ús ó réamh-mhaoiniú

 

 

I.

Cistiú ó Pharlaimint na hEorpa arna thabhairt ar aghaidh chuig bliain N+1

 

 


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

20.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 203/30


Foilsiú teachtaireachta formheasa i leith leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge i gcomhair ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 203/05)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH A DHÉANANN DIFEAR DON DOICIMÉAD AONAIR

“Achterhoek – Winterswijk”

PDO-NL-02402-AM01

Dáta na cumarsáide: 22.2.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ A FHORMHEAS AGUS AR NA CÚISEANNA INA LEITH

1.   Cuireadh dhá chineál, Chardonnay (B) agus Cabaret Noir (N), leis an liosta de chineálacha

Úsáideann na táirgeoirí na cineálacha Chardonnay (B) (Vitis vinifera) agus Cabaret Noir (N) (crosphórú idir Vitis vinifera agus speicis eile de ghéineasVitis) sa táirgeadh, mar is féidir é sin a dhéanamh faoin CEM a athnuaíodh le déanaí. Cuireadh an dá chineál leis an liosta de chineálacha fíonchaoire anois.

D’fhonn an cleachtas atá ann faoi láthair a léiriú agus mar gheall go gceadaítear faoin CEM a athnuaíodh le déanaí úsáid cineálacha fíonchaoire atá mar thoradh ar Vitis vinifera a chrosphórú le speicis eile de ghéineas Vitis, cuireadh na cineálacha Chardonnay (B) agus Cabaret Noir (N) leis an liosta de chineálacha fíonchaoire.

Cuireadh na cineálacha Cabaret Noir (N) agus Chardonnay (B) leis an tuairisc freisin, faoi na catagóirí/cineálacha fíona is infheidhme:

Cuireadh an cineál Cabaret Noir (N) leis le haghaidh na bhfíonta a leanas:

 

Catagóir fíona 1: FÍON: fíon dearg, tirim, torthaíoch nó milis

 

Catagóir fíona 1: FÍON: fíon dearg, a thugtar chun cineáil i mbairillí

 

Catagóir fíona 1: FÍON: fíon rosé, an-torthaíoch

 

Catagóir fíona 3: FÍON LICÉIR, dearg

 

Catagóir fíona 9: FÍON LEATHSHÚILÍNEACH aeraithe, rosé

Cuireadh an cineál Chardonnay (B) leis le haghaidh na bhfíonta a leanas:

 

Catagóir fíona 1: FÍON: fíon geal, tirim, torthaíoch nó milis

 

Catagóir fíona 1: FÍON: fíon geal, a thugtar chun cineáil i mbairillí

 

Catagóir fíona 1: FÍON: fíon rosé, an-torthaíoch

 

Catagóir fíona 5: FÍON SÚILÍNEACH AR ARDCHAIGHDEÁN, geal

 

Catagóir fíona 9: FÍON LEATHSHÚILÍNEACH aeraithe, rosé

 

Catagóir fíona 15: FÍON ó fhíonchaora rísínithe, geal

 

Catagóir fíona 16: FÍON ó fhíonchaora ró-aibí, geal

2.   Leasú chun cleachtas reatha a léiriú

Tuairisc

Cuireadh an abairt a leanas le Catagóir fíona 5: Fíon súilíneach ar ardchaighdeán, geal, an-torthaíoch, mar mhír bhreise leis an bpróiseas fíonóireachta:

Blanc de noir a dhéanamh ó fhíonchaora dearga.

Cúis

I bhfianaise an chleachtais reatha atá ann maidir le fíon súilíneach ar ardchaighdeán, geal, an-torthaíoch a tháirgeadh, cuireadh úsáid Pinotin (N) chun blanc de noir a dhéanamh ó fhíonchaora dearga leis an bpróiseas.

Seanfhoclaíocht:

Catagóir fíona 5: Fíon súilíneach ar ardchaighdeán, geal, an-torthaíoch

Coipeadh fuar ag teocht atá faoi bhun 18 °C (eisceacht: méadaítear an teocht ag tús an choipthe le haghaidh fíonta atá deacair le coipeadh)

Dara coipeadh sa bhuidéal, ag úsáid an mhodha thraidisiúnta

Foclaíocht nua:

Catagóir fíona 5: Fíon súilíneach ar ardchaighdeán, geal, an-torthaíoch

Blanc de noir a dhéanamh ó fhíonchaora dearga.

Coipeadh fuar ag teocht atá faoi bhun 18 °C (eisceacht: méadaítear an teocht ag tús an choipthe le haghaidh fíonta atá deacair le coipeadh)

Dara coipeadh sa bhuidéal, ag úsáid an mhodha thraidisiúnta

3.   Leasú chun cleachtas reatha a léiriú

Tuairisc

Faoi Roinn 3.1, Sonraí fíoraithe, den tsonraíocht táirge, leasaíodh na sonraí fíoraithe chun iad a chur in oiriúint don chleachtas reatha.

Maidir le tástáil orgánaileipteach, rinneadh comhaontú le hOifig Fíonsaothraithe na Gearmáine ionas go ndéanfaidh siad an tástáil trí bhíthin tástála cáilíochta fíona seanbhunaithe.

Cúis

Ní mór do gach fíon ag a bhfuil STFC an toradh íosta a leagtar síos a bhaint amach ina thástáil orgánaileipteach. Cé nár ainmníodh ar dtús ach Údarás Sábháilteachta Bia agus Táirgí Tomhaltóirí de chuid na hÍsiltíre (Nederlandse Voedsel- en Warenautoriteit, NVWA) mar an t-údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar thástáil den sórt sin, rinneadh socruithe anois ionas go ndéanfaidh Oifig Fíonsaothraithe na Gearmáine, ag a bhfuil na nósanna imeachta uile le haghaidh tástáil rialaithe fíonta ar ardchaighdeán a dhéanamh, an tástáil. Fanann freagracht maoirseachta le haghaidh fíonta ag a bhfuil STFC le NVWA fós, mar a bhí an cás roimhe.

Seanfhoclaíocht:

Seiceáil amháin (cuideachta amháin) ar a íosmhéid in aghaidh na bliana le haghaidh STFC “Achterhoek – Winterswijk”, atá le meascadh a mhéid is féidir le cuairteanna cigireachta tráthrialta ar an bhfíon (nó le seiceálacha eile de chuid NVWA).

Seiceáil riaracháin ar chomhlíontacht na bhforálacha den tsonraíocht táirge (agus ceanglais dhlíthiúla eile freisin).

Tá tástáil éigeantach le haghaidh STFC “Achterhoek – Winterswijk”. Ní mór do chuideachtaí samplaí de gach fíon a thástáil i saotharlann dheimhnithe (laistigh nó lasmuigh den Ísiltír – soláthrófar liosta de líon teoranta saotharlann do NVWA, agus déanfaidh sé an liosta sin a fhormheas). Déanann NVWA faireachán ar an liosta sin (trí bhíthin seiceálacha riaracháin) agus tógann sé frithshamplaí go randamach chun anailís a dhéanamh orthu i saotharlann NVWA.

Ní mór tástáil orgánaileipteach a dhéanamh ar gach fíon SFTC. Eagraíonn na cuideachtaí atá páirteach in STFC a tháirgeadh tástáil orgánaileipteach dóibh féin ag tráthanna éagsúla a chinneann siad féin, ag úsáid liosta de dhaoine cáilithe (20-30) (atá le soláthar ag na cuideachtaí) agus na modhanna atá le formheas ag NVWA. Cuireann cuideachtaí NVWA ar an eolas faoi dhátaí na tástála orgánaileiptí. Freastalóidh NVWA ar shampla de na tástálacha agus déanfaidh siad faireachán ar a ndul chun cinn.

Foclaíocht nua:

Chun cáilíocht na bhfíonta ó limistéar tionscnaimh “Achterhoek – Winterswijk” a áirithiú, ní mór do gach fíon atá lipéadaithe mar STFC “Achterhoek – Winterswijk” an tsonraíocht táirge a chomhlíonadh agus dá bhrí sin an méid a leanas a chomhlíonadh freisin:

1.

na saintréithe anailíseacha (Roinn 2.4.2.1)

Éilítear ar gach fíonghort sampla de gach fíon a thógáil agus a shocrú chun anailís a dhéanamh air ag saotharlann atá deimhnithe ag an Aontas (san Ísiltír nó lasmuigh di);

2.

an tástáil orgánaileipteach

Ní mór tástáil orgánaileipteach a dhéanamh ar gach fíon agus ní mór dóibh na ceanglais íosta a chomhlíonadh chun a bheith lipéadaithe mar fhíon ag a bhfuil STFC.

Úsáideann úinéir an chomhaid STFC an modh is infheidhme maidir le fíonta na hÍsiltíre ag a bhfuil STFC le haghaidh tástáil orgánaileipteach (féach suíomh gréasáin Ghníomhaireacht Fiontraíochta na hÍsiltíre), cinneann sé an toradh íosta le haghaidh fíon ag a bhfuil STFC agus cuireann sé NVWA (eus@nvwa.nl) ar an eolas faoi;

3.

na coinníollacha eile sa tsonraíocht, amhail cleachtais fíoneolaíochta, uastáirgeacht, etc.

Fíorú NVWA:

D’fhonn an cháilíocht sin a áirithiú agus a fhíorú, gníomhóidh NVMA mar údarás maoirseachta. Ciallaíonn sé sin go leantar na nósanna imeachta a leanas:

1.

Coinníonn fíonghoirt ag a bhfuil STFC comhad ar bun ina bhfuil torthaí na tástála anailísí agus orgánaileiptí a rinneadh ar fhíonta ar cuireadh isteach ar STFC nó ar bronnadh STFC orthu, lena n-áirítear saintréithe na bhfíonta lena mbaineann (cineálacha fíonchaoire, fíonghort, etc.). Féadfaidh NVWA an comhad a úsáid chun na fíonta a fhíorú.

2.

Déanann NVWA na seiceálacha ar SFTC “Achterhoek – Winterswijk”. Déanfar na seiceálacha sin a mheascadh, a mhéid is féidir, le cuairteanna cigireachta tráthrialta ar an bhfíon (nó le seiceálacha eile de chuid NVWA). Le linn cuairteanna den sórt sin, déanfar seiceálacha le cinneadh a dhéanamh cibé acu a chomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, an fíon an méid a leanas:

a.

na saintréithe anailíseacha. Ní mór do luachanna anailíseacha na bhfíonta an tsonraíocht táirge a chomhlíonadh. Tógann NVWA frithshamplaí go randamach chun anailís a dhéanamh orthu i saotharlann NVWA;

b.

comhlíontacht le forálacha eile den tsonraíocht táirge, amhail na cleachtais fíoneolaíochta iomchuí (Roinn 2.4.2.2) agus coinníollacha eile;

c.

an toradh íosta a éilítear ón tástáil orgánaileipteach.

4.   Leasú chun cleachtas a léiriú

Tuairisc

Scriosadh an uastáirgeacht le haghaidh fíonchaora rísínithe Johanniter (B) (20 heictilítear in aghaidh an heicteáir) agus fíonchaora ró-aibí (40 heictilítear in aghaidh an heicteáir) ó Roinn 1.5.2 den doiciméad aonair.

Cúis

Ní úsáidtear fíonchaora de chineál Johanniter (B) le haghaidh fíon ó fhíonchaora rísínithe agus/nó fíon ó fhíonchaora ró-aibí.

Scriosadh an téacs a bhaineann le huastáirgeacht Johanniter (B) maidir le fíonchaora rísínithe agus fíonchaora ró-aibí dá bhrí sin ó Roinn 1.5.2 den doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Achterhoek – Winterswijk

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

3.

Fíon licéir

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

9.

Fíon leathshúilíneach aeraithe

15

. Fíon ó fhíonchaora rísínithe

16

. Fíon ó fhíonchaora ró-aibí

4.   Tuairisc ar an bhfíon (ar na fíonta)

1.   Catagóir fíona 1: FÍON: fíon dearg, tirim, torthaíoch nó milis

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cineálacha fíonchaoire: Regent (N), Pinotin (N), Acolon (N), Cabertin (N), Cabernet Cortis (N), Monarch (N), Cabaret Noir (N) nó cumasc díobh. Saintréithe orgánaileipteacha: Dath: dath dúdhearg, ag brath ar an meascán cineálacha. Dea-bholadh: dath dúdhearg amhail torthaí foraoise, sméara dubha agus silíní. Bíonn an dea-bholadh sonrach sin ag brath ar mheascán na gcineálacha. Blas: dea-bholaithe de thorthaí le haghaidh fíon inrochtana, tá tainniní ann. Saintréithe anailíseacha: Tá an méid siúcra san fhíon tirim, torthaíoch idir 0.5 agus 6 gram in aghaidh an lítir. Tá méid siúcra idir 15 agus 30 gram in aghaidh an lítir sna fíonta dearga. Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte)

10,5

Aigéadacht iomlán íosta

63,84 milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   Catagóir fíona 1: FÍON: fíon dearg, a thugtar chun cineáil i mbairillí

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cineálacha fíonchaoire: Regent (N), Pinotin (N), Acolon (N), Cabertin (N), Cabernet Cortis (N), Monarch (N), Cabaret Noir (N) nó cumasc díobh. Saintréithe orgánaileipteacha: Dath: dath fíor-dhearg, ag brath ar an meascán cineálacha. Dea-bholadh: dath dúdhearg amhail torthaí foraoise, sméara dubha agus silíní. Bíonn an dea-bholadh sonrach sin ag brath ar mheascán na gcineálacha. Blas: fíonta tathagacha le blasanna fanaile, bunaithe ar struchtúr de thainniní aibí. Saintréithe anailíseacha: Tá méid siúcra idir 0.5 agus 6 gram in aghaidh an lítir san fhíon. Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte)

11,5

Aigéadacht iomlán íosta

63,84 milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.   Catagóir fíona 1: FÍON: fíon geal, tirim, torthaíoch nó milis

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cineálacha fíonchaoire: Johanniter (B), Souvignier Gris (Rs), Solaris (B), Merzling (B), Chardonnay (B) nó cumasc de na cineálacha sin. Saintréithe orgánaileipteacha: Dath: idir dath buí amhail tuí agus buí órga, ag brath ar an meascán. Dea-bholadh: maidir le fíonta Solaris agus Merzling: torthaí trópaiceacha; Tá dea-bholadh de thorthaí aibí, amhail úlla buí, ag fíonta Johanniter agus Souvignier Gris, ach tá dea-bholaithe de thorthaí (mealbhacán milis, aibreog agus anann aibí) ag Chardonnay (B) chomh maith le fanaile i gcás ina dtugtar chun cineáil i mbairillí adhmaid é. Blas: torthaíoch agus úr, tá blasanna de Riesling le fáil i bhfíonta Johanniter, i bpáirt mar gheall ar a n-aigéadacht, agus tá fíonta Souvignier Gris níos tathagaí. Tá aigéadacht úr ag fíonta Solaris agus measctar milseacht le haigéadacht thorthaíoch i bhfíonta Merzling. Táirgeann Chardonnay (B) fíonta tathagacha. Saintréithe anailíseacha: an méid siúcra i bhfíon tirim: idir 1 agus 8 gram in aghaidh an lítir; an méid siúcra i bhfíon milis: idir 15 agus 30 gram in aghaidh an lítir. Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte)

10,5

Aigéadacht iomlán íosta

77,14 milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

4.   Catagóir fíona 1: FÍON: fíon geal, a thugtar chun cineáil i mbairillí

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cineálacha fíonchaoire: Solaris (B), Chardonnay (B). Saintréithe orgánaileipteacha: Dath: buí órga. Dea-bholadh: cumhracht de thorthaí dúchasacha agus torthaí trópaiceacha amhail mangó nó anann aibí. Blas: úire aigéadach. Tugann na bairillí blasanna adhmaid agus blas uachtarúil don fhíon. Saintréithe anailíseacha: Tá méid siúcra idir 15 agus 30 gram in aghaidh an lítir san fhíon. Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte)

10,5

Aigéadacht iomlán íosta

77,14 milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Catagóir fíona 1: FÍON: fíon rosé, an-torthaíoch

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cineálacha fíonchaoire: Regent (N), Pinotin (N), Acolon (N), Cabertin (N), Cabernet Cortis (N), Monarch (N), Cabaret Noir (N) nó cumasc díobh, le Solaris (B) / Johanniter (B) / Chardonnay (B) freisin b’fhéidir. Saintréithe orgánaileipteacha: Dath: dath an bhradáin. Dea-bholadh: torthaí dearga atá beagán milis. Blas: torthaíoch, blas atá beagán milis, blas lán. Saintréithe anailíseacha: Tá méid siúcra idir 3 agus 10 ngram in aghaidh an lítir san fhíon. Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte)

10

Aigéadacht iomlán íosta

63,84 milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

6.   Catagóir fíona 3: FÍON LICÉIR, dearg

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cineálacha fíonchaoire: Regent (N), Pinotin (N), Acolon (N), Cabertin (N), Cabaret Noir (N) nó cumasc díobh. Saintréithe orgánaileipteacha: Dath: dearg. Dea-bholadh: milis, cuiríní dubha, beagán spíosrach. Blas: spíosrach, agus cothromaíocht idir milseacht agus aigéadacht thorthaíoch ann. Saintréithe anailíseacha: Tá méid siúcra idir 50 agus 100 gram in aghaidh an lítir san fhíon. Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte)

18

Aigéadacht iomlán íosta

63,84 milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

7.   Catagóir fíona 5: FÍON SÚILÍNEACH AR ARDCHAIGHDEÁN, geal

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cineálacha fíonchaoire: Johanniter (B), Souvignier Gris (Rs), Solaris (B), Chardonnay (B), Pinotin (N) blanc de noircumasc de na cineálacha sin. Saintréithe orgánaileipteacha: Dath: geal. Dea-bholadh: úll, citreas. Blas: torthaíoch, úr le bolgáin an-bheag, sách tathagach. Saintréithe anailíseacha: Tá méid siúcra idir 5 agus 16 ghram in aghaidh an lítir san fhíon. Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte)

10,5

Aigéadacht iomlán íosta

79,8 milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

8.   Catagóir fíona 9: FÍON LEATHSHÚILÍNEACH aeraithe, rosé

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cineálacha fíonchaoire: Regent (N), Pinotin (N), Acolon (N), Cabertin (N), Cabernet Cortis (N), Monarch (N), Cabaret Noir (N) nó cumasc díobh, le Solaris (B) / Johanniter (B) / Chardonnay (B) freisin b’fhéidir. Saintréithe orgánaileipteacha: Dath: dath an bhradáin. Dea-bholadh: éadrom, torthaí dearga. Blas: torthaíoch, ag cruthú bhraistint de dhrithlíní. Saintréithe anailíseacha: Tá méid siúcra idir 5 agus 16 ghram in aghaidh an lítir san fhíon. Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte)

10

Aigéadacht iomlán íosta

63,84 milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

9.   Catagóir fíona 15: FÍON ó fhíonchaora rísínithe, geal

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cineálacha fíonchaoire: Solaris (B), Chardonnay (B). Saintréithe orgánaileipteacha: Dath: buí órga. Dea-bholadh: torthaí trópaiceacha aibí, mil. Blas: tathagach, uachtarúil, milis le húire tathagach. Saintréithe anailíseacha: Tá méid siúcra idir 120 agus 240 gram in aghaidh an lítir san fhíon. Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte)

9

Aigéadacht iomlán íosta

66,5 milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

10.   Catagóir fíona 16: FÍON ó fhíonchaora ró-aibí, geal

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cineálacha fíonchaoire: Solaris (B), Chardonnay (B). Saintréithe orgánaileipteacha: Dath: buí órga. Dea-bholadh: torthaí trópaiceacha aibí, mil. Blas: tathagach, uachtarúil, milis le húire tathagach. Saintréithe anailíseacha: Tá méid siúcra idir 50 agus 120 gram in aghaidh an lítir san fhíon. Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte)

12

Aigéadacht iomlán íosta

73,15 milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais maidir le fíonóireacht

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

Rialacha táirgthe fíona agus

1.

cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Tá feidhm ag na rialacha fíonóireachta a leanas maidir le gach catagóir fíona a liostaítear thíos.

Tá an saibhriú uasta faoi réir na rialacha a leagtar síos sa Rialachán AE, agus 0.5 % de shaibhriú breise féideartha ann má cheadaíonn na húdaráis náisiúnta é sin don bhliain i gceist (sa chás seo an Aireacht Talmhaíochta, Dúlra agus Cáilíochta Bia).

Tá dí-aigéadú faoi réir na teorannacha a shainítear sa Rialachán AE.

Maidir le haigéadú, ní mór formheas a fháil ó na húdaráis náisiúnta (sa chás seo an Aireacht Talmhaíochta, Dúlra agus Cáilíochta Bia) tar éis iarratas a dhéanamh don bhliain i gceist, ina dhiaidh sin beidh feidhm ag na teorannacha a leagtar amach sa Rialachán AE.

2.

Catagóir fíona 1: FÍON: fíon dearg, tirim, torthaíoch nó milis

Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Coipeadh ar chraicne go ceann 4 lá ar a laghad

3.

Catagóir fíona 1: FÍON: fíon dearg, a thugtar chun cineáil i mbairillí

Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Coipeadh ar chraicne go ceann 4 lá ar a laghad

Tabhairt chun cineáil i mbairillí adhmaid go ceann 8 mí ar a laghad;

4.

Catagóir fíona 1: FÍON: fíon geal, tirim, torthaíoch nó milis

Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Coipeadh fuar ag teocht atá faoi bhun 18 °C (eisceacht: méadaítear an teocht ag tús an choipthe le haghaidh fíonta atá deacair le coipeadh)

5.

Catagóir fíona 1: FÍON: fíon geal, a thugtar chun cineáil i mbairillí

Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Coipeadh fuar ag teocht atá faoi bhun 18 °C (eisceacht: méadaítear an teocht ag tús an choipthe le haghaidh fíonta atá deacair le coipeadh)

Tabhairt chun cineáil i mbairillí adhmaid le haghaidh 50 % ar a laghad den mhéid go ceann 3 mhí ar a íosmhéid.

6.

Catagóir fíona 1: FÍON: fíon rosé, an-torthaíoch

Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Coipeadh fuar ag teocht atá faoi bhun 18 °C (eisceacht: méadaítear an teocht ag tús an choipthe le haghaidh fíonta atá deacair le coipeadh)

7.

Catagóir fíona 3: FÍON LICÉIR, dearg

Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Coipeadh ar chraicne go ceann 4 lá ar a laghad

Tabhairt chun cineáil i mbairillí adhmaid go ceann 1 bhliana amháin ar a laghad

Alcól fíona a chur leis

8.

Catagóir fíona 5: FÍON SÚILÍNEACH AR ARDCHAIGHDEÁN, geal

Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Blanc de noir a dhéanamh ó fhíonchaora dearga.

Coipeadh fuar ag teocht atá faoi bhun 18 °C (eisceacht: méadaítear an teocht ag tús an choipthe le haghaidh fíonta atá deacair le coipeadh)

Dara coipeadh sa bhuidéal, ag úsáid an mhodha thraidisiúnta

9.

Catagóir fíona 9: FÍON LEATHSHÚILÍNEACH aeraithe, rosé

Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Coipeadh fuar ag teocht atá faoi bhun 18 °C (eisceacht: méadaítear an teocht ag tús an choipthe le haghaidh fíonta atá deacair le coipeadh)

Dé-ocsaíd charbóin a chur leis le linn an bhuidéalaithe (ag brú uasta de 2.5 bar)

10.

Catagóir fíona 15: FÍON ó fhíonchaora rísínithe, geal

Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Fómhar déanach, baintear na fíonchaora de láimh

Triomaítear na fíonchaora go nádúrtha, triomaítear ar tuí ansin iad, go ceann 2 sheachtain ar a laghad

Déantar fíon díobh ansin trí choipeadh fuar ag teocht atá faoi bhun 18 °C

11.

Catagóir fíona 16: FÍON ó fhíonchaora ró-aibí, geal

Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Fómhar déanach na bhfíonchaor ag a bhfuil méid siúcra de 120 céim Oechsle ar a laghad

Coipeadh fuar ag teocht atá faoi bhun 18 °C (eisceacht: méadaítear an teocht ag tús an choipthe le haghaidh fíonta atá deacair le coipeadh)

5.2.   Uastáirgeacht

1.

Dearg, Regent (N)

50 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

Dearg, Pinotin (N)

50 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.

Dearg, Monarch (N)

50 heictilítear in aghaidh an heicteáir

4.

Dearg, Acolon (N)

50 heictilítear in aghaidh an heicteáir

5.

Dearg, Cabertin (N)

50 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.

Dearg, Cabernet Cortis (N)

50 heictilítear in aghaidh an heicteáir

7.

Geal, Souvignier Gris (Rs)

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

8.

Geal, Souvignier Gris (Rs), fíonchaora rísínithe

20 heictilítear in aghaidh an heicteáir

9.

Geal, Souvignier Gris (Rs), fíonchaora ró-aibí

40 heictilítear in aghaidh an heicteáir

10.

Geal, Johanniter (B)

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

11.

Geal, Solaris (B)

50 heictilítear in aghaidh an heicteáir

12.

Geal, Solaris (B), fíonchaora rísínithe

20 heictilítear in aghaidh an heicteáir

13.

Geal, Solaris (B), fíonchaora ró-aibí

40 heictilítear in aghaidh an heicteáir

14.

Geal, Merzling (B)

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

15.

Dearg, Cabaret Noir (N)

50 heictilítear in aghaidh an heicteáir

16.

Geal, Chardonnay (B)

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

17.

Geal, Chardonnay (B), fíonchaora rísínithe

20 heictilítear in aghaidh an heicteáir

18.

Geal, Chardonnay (B), fíonchaora ró-aibí

40 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Tá an limistéar geografach críochaithe lonnaithe sa chuid oirthearach de réigiún Achterhoek, a shíneann chuig an teorainn leis an nGearmáin, agus teorainneacha bhardas Winterswijk timpeall air.

Laistigh de limistéar Achterhoek – Winterswijk, áirithítear na limistéir ina bhfuil ithreacha a aicmítear mar HN21, KX agus eZE23 sna fíonghoirt atá cumhdaithe faoin sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint seo. Cuimsítear ithreacha HN23, ZG23 agus ZG21 ann freisin arb ithreacha iad ina bhfuil húmas agus dúrabhán, gnéithe atá tábhachtach chun fíonchaora a shaothrú. In éineacht le chéile, is ithreacha de na cineálacha sin is mó atá sa limistéar críochaithe.

Tá líon mór limistéar imeallach, ina bhfuil 9 sráidbhaile, agus iad uile mar chuid de bhardas Winterswijk. Is iad a leanas na sráidbhailte, i dtreo deisil ar an léarscáil: Meddo (1 448 gcónaitheoir), Huppel (414 chónaitheoir), Henxel (268 gcónaitheoir), Ratum (354 chónaitheoir), Brinkheurne (272 chónaitheoir), Kotten (798 chónaitheoir), Woold (861 chónaitheoir), Miste (675 chónaitheoir) agus Corle (281 chónaitheoir). Is é Meddo an t-aon sráidbhaile a bhfuil lár sráidbhaile aige, áit a bhfuil neart áiseanna.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

 

Acolon

 

Cabaret Noir (N) (VB-91-26-4)

 

Cabernet Cortis

 

Cabertin (N) (VB-91-26-17)

 

Chardonnay (B)

 

Johanniter (B)

 

Merzling (B)

 

Monarch

 

Pinotin (N)

 

Regent (N)

 

Solaris

 

Souvignier Gris

8.   Tuairisc ar an nasc, ar na naisc

8.1.   Limistéar críochaithe

Tá an chuid is mó den limistéar críochaithe lonnaithe ar Ardchlár Oirthearach na hÍsiltíre agus tá struchtúr ithreach éagsúil (ina bhfuil dúrabhán agus aol) aige i gcomparáid le limistéir Achterhoek ar thaobh thiar Winterswijk (áit a bhfuil an ithir comhdhéanta de chré abhann agus sil-leagain ghainimh ar an dromchla).

Tá cáil ar limistéar Winterswijk mar gheall ar a thírdhreach d’fhálta sceach agus cairéal ina bhfuil iarsmaí d’iontaisí. Is féidir strataim de Lias Iúrasach a aimsiú ag dromchla roinnt leapacha srutha in Winterswijk. In 2005 d’ainmnigh Rialtas na hÍsiltíre limistéar Winterswijk mar Limistéar Náisiúnta Tírdhreacha Winterswijk, limistéar a chumhdaíonn 22 000 heicteár san iomlán.

Ithir

Tá ithir “Ardchlár Oirthearach na hÍsiltíre”, ina bhfuil dúrabhán agus aol freisin, le fáil mórthimpeall Winterswijk. Is cré abhann agus sil-leagain ghainimh ar an dromchla atá le fáil san ithir i gcodanna eile de réigiún Achterhoek.

Is iomaí cineálacha ithreach atá le fáil sa limistéar críochaithe, bíonn siad éagsúil óna chéile agus meascann siad lena chéile freisin.

Baineann na saintréithe a leanas leis na cineálacha ithreach:

Sraith mhaith de húmas.

Tá dúrabhán le fáil san ithir, rud a chuidíonn le tathag an bhlais atá ag an bhfíon agus cuireann sé cosc ar thriomú na hithreach.

Laghdóidh an tsraith dúrabháin (lutum) an ráta ag a dtriomóidh na fíniúnacha.

Áirithíonn an bharrithir ghainmheach cothromaíocht mhaith uisce.

Ionsúnn an screamhuisce na mianraí ón bhfo-ithir (amhail an t-aol atá inti), agus soláthraíonn sé sin cothú maith do na fíniúnacha freisin.

An comhshaol agus an aeráid

Níl an limistéar críochaithe rófhada ó stáisiún Institiúid Meitéareolaíochta Ríoga na hÍsiltíre ag Hupsel, áit a raibh na meáin aeráide a leanas (2010-2015) don séasúr saothraithe fíniúnacha idir Bealtaine agus Meán Fómhair:

Meánteocht: 15,58 °C

Meánteocht íosta: 9,93 °C

Meánteocht uasta: 20,83 °C

Meán-bhogthaise choibhneasta: 78,36 %

Meánfhrasaíocht: 78,54 mm in aghaidh na míosa

Meánlíon uaireanta an chloig gréine: 192,93 uair an chloig in aghaidh na míosa

Ós rud é go bhfuil na teochtaí istoíche beagán faoin meán náisiúnta cuidítear leis na fíonta a dhéanamh úr agus torthaíoch, cé go gciallaíonn na teochtaí uasta níos airde agus an líon níos mó uaireanta cloig gréine go bhfuil na fíonchaora níos aibí.

8.2.   Nasc cúisíoch

Tá an fíon ar ardchaighdeán mar thoradh ar an meascán den aeráid, ithir, agus cleachtais saothraithe agus fíonóireachta.

Áirithíonn an meascán de shraitheanna san ithir cothromaíocht mhaith uisce. Soláthraíonn an fho-ithir aol agus cothaithigh mianraí tríd an screamhuisce, agus soláthraíonn an dúrabhán agus an húmas atá sa bharrithir na coinníollacha is gá ionas go mbeidh na fíonchaora faoi bhláth.

Tá ithreacha ina bhfuil húmas agus dúrabhán oiriúnach don fhíonsaothrú. Coinníonn siad taise agus cothaithigh, rud a cheadaíonn do na dea-bholaithe forbairt ina n-iomláine sna fíonchaora agus táirgeann siad fíon tathagach, tréan, fiú amháin le linn tréimhsí atá sách tirim.

Cuidíonn an aeráid (atá níos ilchríochaí) leis an aibíocht is gá a bhaint amach, ach cruthaítear úire agus blas torthaíoch san fhíon freisin (mar thoradh ar na teochtaí istoíche atá níos ísle).

Is gné eile é an t-ionchur daonna – amhail roghnú na gcineálacha, an modh saothraithe a úsáidtear (úsáid uasta sholas na gréine, tanú na gcrobhaingí), bainistíocht fómhair (ag seiceáil na leibhéal siúcra, aigéadachta agus dea-bholaithe) agus cleachtais fíonóireachta (coipeadh fuar, tabhairt chun cineáil i mbairillí adhmaid) – a cheadaíonn táirgeadh fíonta ar ardchaighdeán, in éineacht leis an ithir agus an aeráid. Is iad fíonta atá inaitheanta mar fhíonta cineáil agus fíonta cumaisc (tathagacha agus torthaíocha), agus fíonta geala / rosé (ag a bhfuil dea-bholadh de thorthaí aibí / citris) agus fíonta dearga ag a bhfuil tainniní boga a dhéantar ansin.

Mar achoimre, áirithíonn an meascán d’aeráid (úire agus aibiú), ithir (dúrabhán/húmas agus aol le haghaidh cothromaíocht mhaith uisce agus cothaitheach), saothrú (roghnú na gcineálacha, dlús fíniúnacha, bainistíocht duilliúir, cinntí buainte) agus cleachtais fíonóireachta (amhail coipeadh fuar, tabhairt chun cineáil i mbairillí):

úire agus blas láidir agus torthaíoch na bhfíonta geala agus rosé;

tainniní boga agus blas tathagach na bhfíonta dearga.

Baineann an meascán sin leis an gcatagóir “fíon” ach le catagóirí fíona eile freisin (“fíon licéir”, “fíon súilíneach ar ardchaighdeán”, “fíon leathshúilíneach”) a dhéantar sa bhealach céanna agus ó na fíonchaora céanna leis an bhfíon ó Chatagóir 1 “Fíon” (“an fíon bunaidh”) ach ar cuireadh a saintréithe catagóire sonracha leo trí oibríochtaí breise le linn an phróisis fíonóireachta.

Maidir le “Fíon ó fhíonchaora rísínithe” agus “Fíon ó fhíonchaora ró-aibí”, tá an meascán d’aeráid, ithir, cleachtais saothraithe agus fíonóireachta tábhachtach freisin. Mar sin féin, táirgtear na fíonta milse ar ardchaighdeán sin trí aibiú níos faide (méid siúcra níos airde) / triomú na bhfíonchaor (méid siúcra níos airde / tiúchan níos airde de dhea-bholaithe).

Sonraí faoi na catagóirí fíona eile (nach “fíon” iad)

Fíon licéir

Is éard atá i bhfíon licéir “fíon bunaidh” ag a bhfuil na saintréithe orgánaileipteacha céanna (mar gheall ar an meascán d’ithir, aeráid agus gníomhaíocht dhaonna) leis an gcatagóir “fíon”, ach ag a bhfuil an méid siúcra iarmharaigh inmhianaithe d’fhíon licéir. Thairis sin, déantar fíon licéir a thabhairt chun cineáil i mbairillí le haghaidh 1 bhliana amháin ar a laghad (ag ceadú dó tainniní níos boige agus blasanna adhmadacha a fhorbairt) agus cuirtear alcól fíona leis chun licéar a dhéanamh den fhíon. Tá neart alcóil iarbhír íosta de 18 % ag fíon licéir.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

Tá na saintréithe orgánaileipteacha céanna ag an “bhfíon bunaidh” le haghaidh fíon súilíneach ar ardchaighdeán leis an gcatagóir “fíon” (tá an úire agus an blas torthaíoch céanna aige mar gheall ar an meascán den ithir, an aeráid agus gníomhaíocht dhaonna). Tá saintréithe aige freisin a thagann ó aistriú an fhíona bhunaidh chuig fíon súilíneach ag úsáid choipeadh i mbuidéal (an modh traidisiúnta), rud a thugann mús galánta don fhíon. Tá brú breise de 3,5 bar ar a laghad ag an bhfíon. Tá neart alcóil de réir toirte iomlán 10,5 % ag an gcumasc a úsáidtear le haghaidh fíon súilíneach ar ardchaighdeán.

Fíon leathshúilíneach aeraithe

Tá na saintréithe orgánaileipteacha céanna ag an “bhfíon bunaidh” a úsáidtear le haghaidh fíon leathshúilíneach ar ardchaighdeán leis an gcatagóir “fíon” (tá an úire agus an blas torthaíoch céanna aige mar gheall ar an meascán den ithir, an aeráid agus gníomhaíocht dhaonna). Tá saintréithe aige a thagann ó CO2 a chur leis chun an coirnín a fháil. Tá neart alcóil iarbhír íosta de 10 % ag fíon leath-súilíneach aeraithe chomh maith le brú breise de 2,5 bar ar a mhéad. Is fíon úr agus an-torthaíoch agus oiriúnach don samhradh atá ann.

Fíon ó fhíonchaora rísínithe (fíon milis)

Tagann an tiúchan siúcraí agus dea-bholaithe i bhfíon ó fhíonchaora rísínithe ón gcéim fhíor-riachtanach ina ndéantar na fíonchaora a aibiú go ceann tréimhse níos fada sula dtriomaítear iad go ceann 2 sheachtain ar a laghad. Táirgeann an próiseas a bhaineann le coipeadh fuar fíon ag a bhfuil ceart alcóil iarbhír íosta de 9,4 %.

Tá an tiúchan dea-bholaithe san fhíon torthaíoch sin mar gheall ar an ithir, an aeráid agus gníomhaíocht dhaonna. Is í an aire a thugann na daoine a dhéanann an fíon milis sin, go háirithe, an rud a thugann an blas tathagach dó.

Fíon ó fhíonchaora ró-aibí (fíon milis)

De thoradh na céime fíor-riachtanaí a bhaineann leis na fíonchaora a aibiú go ceann tréimhse níos faide, tá méid siúcra 110 céim Oechsle ar a laghad i bhfíon na bhfíonchaor ró-aibí. Is é atá mar thoradh ar an bpróiseas sin, lena mbaineann coipeadh fuar gan saibhriú, fíon ag a bhfuil neart alcóil iarbhír íosta de 12 % a thagann an blas torthaíoch a bhaineann leis ó mheascán den ithir, an aeráid agus gníomhaíocht dhaonna. Is í an aire a thugann na daoine a dhéanann an fíon milis sin, go háirithe, an rud a thugann an blas tathagach dó.

Mar thoradh ar an gcur chuige sin, leanann na fíonta de bhoinn a bhuachan gach bliain i roinnt comórtas a reáchtáiltear san Ísiltír agus ar an gcoigríoch (e.g. i Vín).

8.3.   Gnéithe daonna (saothrú agus fíonóireacht)

Tá an próiseas saothraithe sainiúil mar gheall ar na cleachtais a leanas, agus iad roghnaithe go sonrach chun fíon ar ardchaighdeán a tháirgeadh:

Roghnú na gcineálacha: Tá na cineálacha a roghnaíodh in ann aibiú go maith sa timpeallacht áitiúil agus na dea-bholaithe is gá a chruthú. Roghnaíodh iad mar gheall go bhfuil siad frithsheasmhach freisin, d’fhonn iarracht a dhéanamh an saothrú a dhéanamh níos inbhuanaithe.

Dlús fíniúnacha: Cuirtear na rónna idir 2,00 m agus 2,20 m óna chéile (chun áirithiú go bhfaigheann siad dóthain gréine), agus tá spásáil idir 1,00 agus 1,25 m idir na fíniúnacha. Is é 2,2 m2 an t-achar in aghaidh na fíniúna dá bhrí sin, rud a áirithíonn go bhfaigheann gach fíniúin dóthain cothaitheach (ionas go mbeidh na fíonchaora in ann aibiú agus na dea-bholaithe forbairt).

Déantar na stráicí idir na rónna a shaothrú go glan ionas go ngabhtar an teas a scaoiltear istoíche chun dlús a chur leis an aibiú. Cuidíonn sé leis an sioc istoíche a chomhrac freisin. De rogha air sin, d’fhéadfaí na stráicí a choinneáil glas, agus cumhdach d’fhásra íseal acu.

Baintear na bairr de na buinneoga fíniúna le linn na haimsire fáis chun áirithiú go n-éiríonn leis na cothaithigh dul chuig na crobhaingí.

Tá an saothrú teoranta (uastáirgeacht mar a shonraítear sa tuairisc ar na fíonta). Déantar na crobhaingí a thanú i gcás inar gá.

Treorú na bhfíniúnacha: Cinneadh modh Guyot (ina ndaingnítear na fíniúnacha leis an tsreang fheistithe gach bliain), le ceannbhrat ingearach de dhuilleoga a fhásann go hairde atá thart ar 2,20 m (chun solas gréine a ionsú le haghaidh fótaisintéise) agus crios oscailte d’fhíonchaora tráth a bhaintear na duilleoga (triomú níos tapa, solas na gréine).

Ar cheann de na cinntí is tábhachtaí sa phróiseas saothraithe tá an cinneadh maidir leis an uair a bhuantar na fíonchaora. Déantar an cinneadh sin ar bhonn faireachán an-ghéar a dhéantar ar aibiú na bhfíonchaor – a méid siúcra, aigéadachta (pH) agus na dea-bholaithe – chun fíon ar ardchaighdeán a tháirgeadh.

Bhí ról an-tábhachtach ag na próisis a leanas ar mhúnlú shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear:

Déantar na fíonta ar bhonn sonraíochtaí atá dírithe ar cháilíocht an fhómhair (an méid siúcra iarmharaigh, aigéadacht, an méid alcóil íosta, tabhairt chun cineáil i dtadhall le hadhmad). Gach bliain cinneann painéal de shainbhlastóirí comhdhéanamh beacht gach cumaisc agus cibé ar cheart, nó nár cheart, é a thabhairt chun cineáil i mbairille.

Coipeadh fuar fíonta geala agus rosé chun iad a dhéanamh úr agus torthaíoch.

Úsáid cascaí adhmaid chun fíonta dearga a thabhairt chun cineáil, chun blas tathagach ag a bhfuil tainniní boga a thabhairt dóibh, agus fíonta geala faoi réir thabhairt chun cineáil i bpáirt i dtadhall le hadhmad chun fíon níos tathagaí a dhéanamh.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.rvo.nl/sites/default/files/2017/06/Productdossier-BOB-Achterhoek-Winterswijk.pdf


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


20.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 203/44


Foilsiú an doiciméid aonair leasaithe tar éis mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

(2022/C 203/06)

Tá an mionleasú sin formheasta ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

An t-iarratas ar fhormheas an mhionleasaithe seo is féidir é a cheadú i mbunachar sonraí eAmbrosia an Choimisiúin.

DOICIMÉAD AONAIR

“Patatas de Prades” / “Patates de Prades”

Uimh. AE: PGI-ES-0232-AM01 – 11.5.2021

STFC ( )TGFC (X)

1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

“Patatas de Prades” / “Patates de Prades”

2.   Ballstát nó tríú tír

an Spáinn

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   An cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]

Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte.

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is é an táirge atá le cosaint tiúbar an speicis Solanum tuberosum L, ar de shaothróg Kennebec é, ceapadh é lena chaitheamh ag an duine, tá sé idir 40 agus 80 mm ach sroichfidh sé 100 mm i gcásanna eisceachtúla.

Tá craiceann an-mhín, crua agus daingean ag an bpráta. Bán atá bia an phráta, tá uigeacht dhaingean, phlúrach aige, blas fada agus boladh beag na gcnó capall air.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

___

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a thógáil sa limistéar geografach sainithe

Is sa limistéar geografach aitheanta a dhéantar gach céim den táirgeadh, ón saothrú (a thosaíonn le soláthar síl) go dtí an t-ullmhúchán agus an pacáistiú ar siúl.

An barr a bhunú:

cuirtear tús leis an bpróiseas le síol den chineál “Kennebec” a sholáthar. Tá táirgeacht íseal ag an gcineál ach tá sé ar ardchaighdeán.

Tosaíonn an cur i mí Aibreáin, agus dáiltear na síolta i gclaiseanna. Clúdaítear na síolta ansin trí threabhadh, agus ar an gcaoi sin cruthaítear an t-iomaire ina bhforbraíonn an planda.

An barr a bhaint:

is de láimh a dhéantar an bhuain agus ní dhéantar é go deireadh Lúnasa nó Meán Fómhair, mar gur gnách go n-éagann an planda go nádúrtha i mí Lúnasa. Déantar é leis an gcúram is mó agus tosaíonn sé dhá sheachtain tar éis bhás nádúrtha an phlanda. Leis sin ligtear don chraiceann aibiú go leordhóthanach, agus a cáilíocht á coinneáil, tugtar cosaint níos mó ar shuaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann le linn na pacála agus cuirtear feabhas ar chumas nádúrtha an táirge a choimeád go nádúrtha.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Díoltar na prátaí a chlúdaítear leis an TGFC i málaí páipéir inanálaithe a bhfuil toilleadh idir 1 agus 5 kg iontu.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Nuair a chuirtear na prátaí faoi chosaint ar an margadh, ní mór lipéad a bheith orthu agus ní mór a léiriú go soiléir agus go héigeantach ainm an PGI, lógó an PGI féin agus lógó PGI an Aontais. Maidir leis an bpacáistiú ina seoltar na prátaí a chlúdaítear le TGFC “Patatas de Prades”, ní mór uimhriú, arna fhormheas ag Bord Rialála TGFC, a bheith air freisin.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Is éard atá sa limistéar táirgthe prátaí a chumhdaítear leis an PGI “Patatas de Prades” talamh atá suite i mbardais Prades, Capafonts, La Febró agus Arbolí, ar bardais iad go léir atá i gceantar Baix Camp, Cúige Tarragona, i bPobal Féinrialaitheach na Catalóine.

Is ionann an limistéar ullmhúcháin agus an limistéar pacáistithe agus an limistéar táirgthe.

5.   Baint leis an limistéar geografach

An stair:

I dtreo dheireadh an 19ú haois, scríobh Emili Morera Llauradó faoin traidisiún fada saothraithe prátaí sa limistéar faoi chosaint, agus chuir sé caighdeán na dtiúbar síos don aeráid áitiúil agus d’airde na ngort ina bhfástar iad.

Agus José Ruy Fernández ag tagairt do Villa de Prades (1920), scríobh sé gurb iad “prátaí a bpríomhshócmhainn, is iad is fearr agus is iad is mó tóir, ní hamháin sa Chatalóin ach sa Spáinn ina hiomláine, mar gheall ar an mblas fíorálainn agus an cháilíocht phlúrach, chomh maith le feabhas an táirge mar earra bia, rud a chiallaíonn go ngnóthaíonn sé praghas níos airde ná praghas a iomaitheoirí ar gach margadh”.

An nádúr:

Tá saintréithe geografacha ar leith ag suíomh fabhrach shléibhte Prades (iad 1 000 méadar os cionn leibhéal na farraige, an-torthúil, ithreacha siliciúla gainmheacha le pH beagán aigéadach, is beag an bháisteach a bhíonn ann, bíonn an teocht íseal go leor agus bíonn gaotha tais ag séideadh ón bhfarraige isteach), agus imríonn an suíomh tionchar tairbheach ar cháilíocht na dtiúbar. Is éard is toradh ar na tosca sin go léir:

Tá timthriall níos faide ag fás ag an ngléasra. Ní cheadaítear ach aon bhuain amháin in aghaidh na bliana, rud a tháirgeann tiúbair dhaingne le céatadán níos airde ábhair thirim.

Tá craiceann ag prátaí a fhástar i limistéar Prades atá an-mhín agus atá saor ó anchuma, rud lenar féidir iad a aithint ó phrátaí den chineál céanna a fhástar i limistéir eile.

Stóráiltear na tiúbair go nádúrtha, i siopaí ceadaithe, gan úsáid a bhaint as oibreáin frithphéactha ná táirgí a mbíonn tionchar acu ar phróiseas caomhnaithe nádúrtha an phráta.

Dá réir sin, is é an tátal a bhaintear as an méid thuas go dtugann na dálaí oragrafacha (an airde, rud is sonraí ná sin), saintréithe na hithreach (toisc mhór nuair atáthar ag déileáil leis an gcineál sin bairr) agus na haeráide, mar aon le traidisiún saothraithe prátaí agus le taithí na bhfeirmeoirí lena mbaineann, tugann siad do “Patatas de Prades” tréithe is gnách a bheith ag tiúbair ardcháilíochta.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

(an dara fomhír d’Airteagal 6(1) den Rialachán seo)

Is féidir an tsonraíocht táirge nuashonraithe a fháil ag http://agricultura.gencat.cat/web/.content/al_alimentacio/al02_qualitat_alimentaria/normativa-dop-igp/plecs-tramit/pliego-condiciones-patates-de-prades-modificacion-menor-es.pdf a fhad atá an próiseas leasaithe ar bun

agus foilseofar é ar

http://agricultura.gencat.cat/ca/ambits/alimentacio/segells-qualitat-diferenciada/distintius-origen/dop-igp/normativa-dop-igp/plecs-condicions/ nuair a fhormheasfar é.


(1)  IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.