|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
|
|
2022/C 191/01 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE |
|
|
|
Cúirt Bhreithiúnais |
|
|
2022/C 191/02 |
||
|
2022/C 191/03 |
||
|
2022/C 191/04 |
||
|
2022/C 191/05 |
||
|
2022/C 191/06 |
||
|
2022/C 191/07 |
||
|
2022/C 191/08 |
||
|
2022/C 191/09 |
||
|
2022/C 191/10 |
||
|
2022/C 191/11 |
||
|
2022/C 191/12 |
||
|
2022/C 191/13 |
||
|
2022/C 191/14 |
||
|
2022/C 191/15 |
||
|
2022/C 191/16 |
||
|
2022/C 191/17 |
||
|
2022/C 191/18 |
||
|
2022/C 191/19 |
||
|
2022/C 191/20 |
||
|
2022/C 191/21 |
||
|
2022/C 191/22 |
||
|
2022/C 191/23 |
||
|
2022/C 191/24 |
||
|
2022/C 191/25 |
||
|
2022/C 191/26 |
||
|
2022/C 191/27 |
||
|
2022/C 191/28 |
||
|
2022/C 191/29 |
Cás C-167/22: Caingean arna tabhairt an 4 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Danmhairge |
|
|
2022/C 191/30 |
||
|
2022/C 191/31 |
||
|
2022/C 191/32 |
||
|
2022/C 191/33 |
||
|
|
Chúirt Ghinearálta |
|
|
2022/C 191/34 |
Cás T-688/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 2 Márta 2022 – VeriGraft v Eismea |
|
|
2022/C 191/35 |
||
|
2022/C 191/36 |
||
|
2022/C 191/37 |
Cás T-99/22: Caingean arna tabhairt an 18 Feabhra 2022 – Sberbank Europe v BCE |
|
|
2022/C 191/38 |
Cás T-103/22: Caingean arna tabhairt an 22 Feabhra 2022 – ON v an Coimisiún |
|
|
2022/C 191/39 |
||
|
2022/C 191/40 |
||
|
2022/C 191/41 |
Cás T-118/22: Caingean arna tabhairt an 7 Márta 2022 – OM v An Coimisiún |
|
|
2022/C 191/42 |
||
|
2022/C 191/43 |
||
|
2022/C 191/44 |
Cás T-134/22: Caingean arna tabhairt an 9 Márta 2022 – OO v BEI |
|
|
2022/C 191/45 |
Cás T-141/22: Caingean arna tabhairt an 10 Márta 2022 – Sport1 v EUIPO – SFR (SFR SPORT1) |
|
|
2022/C 191/46 |
Cás T-143/22: Caingean arna tabhairt an 11 Márta 2022 – OP v an Pharlaimint |
|
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/1 |
Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
(2022/C 191/01)
Foilseachán deiridh
Foilseacháin stairiúla
Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:
EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE
Cúirt Bhreithiúnais
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/2 |
Breithiúnas na Cúirte (an dara Dlísheomra) an 17 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD – an Phortaingéil) – AllianzGI-Fonds AEVN v Autoridade Tributária e Aduaneira
(Cás C-545/19) (1)
(Iarraidh ar réamhrialú - Airteagal 63 CFAE - Saorghluaiseacht caipitil - Cánachas ar dhíbhinní a íocadh do ghnóthais chomhinfheistíochta (GC) - GC cónaitheacha agus neamhchónaitheacha - Difríocht sa chóir - Cáin iarchoimeádta i leith na ndíbhinní a íocadh go GC neamhchónaitheacha amháin - Inchomparáideacht na gcúinsí - Measúnú - Cáinchóras na sealbhóirí aonad i GC agus an fíoras go bhfuil gnóthais cónaitheacha faoi réir cánacha eile a chur san áireamh - Easnamh)
(2022/C 191/02)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir(í): AllianzGI-Fonds AEVN
Cosantóir(í): Autoridade Tributária e Aduaneira
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 63 CFAE a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha de Bhallstáit faoina bhfuil díbhinní arna dáileadh ag cuideachtaí cónaitheacha do ghnóthas comhinfheistíochta (GC) neamhchónaitheach faoi réir cánach iarchoimeádta, fad is a bhfuil díbhinní arna dáileadh do GC cónaitheach díolmhaithe ó cháin iarchoimeádta den sórt sin.
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/2 |
Breithiúnas na Cúirte (an dara Dlísheomra) an 17 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landesarbeitsgericht Berlin-Brandenburg – an Ghearmáin) – NP v Daimler AG, Mercedes-Benz Werk Berlin
(Cás C-232/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Treoir 2008/104/CE - Obair ghníomhaireachta shealadach - Airteagal 1(1) - Cur ar fáil “go sealadach” - Coincheap - Glacadh poist mharthanaigh - Airteagal 5(5) - Misin leantacha - Airteagal 10 - Pionóis - Airteagal 11 - Maolú ag na comhpháirtithe sóisialta ar an tréimhse uasta atá leagtha síos ag an reachtóir náisiúnta)
(2022/C 191/03)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landesarbeitsgericht Berlin-Brandenburg (Beirlín, an Ghearmáin)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: NP
Cosantóirí: Daimler AG, Mercedes-Benz Werk Berlin
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Ní mór Airteagal 1(1) de Threoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis na téarmaí, “go sealadach”, a luaitear san fhoráil sin, ar chur ar fáil oibrí le conradh oibre nó caidreamh oibre le gníomhaireacht um obair shealadach do ghnóthas úsáideora d’fhonn folúntas a líonadh le haghaidh poist mharthanaigh nach nglactar mar ionadaí. |
|
2) |
Ní mór Airteagal 1(1) agus Airteagal 5(5) de Threoir 2008/104 a léirmhíniú sa chaoi gur mí-úsáid sannadh na misean leantach ar oibrí sealadach é athnuachan misean den sórt sin ar an bpost céanna i ngnóthas úsáideora le haghaidh tréimhse 55 mhí, i gcás go bhfuil tréimhse gníomhaíochta na misean leantach den oibrí gníomhaireachta sealadach sa ghnóthas úsáideora chéanna níos faide ná tréimhse go bhféadfaí a cháiliú go réasúnta mar “shealadach”, i bhfianaise na n-imthosca ábhartha go léir, lena n-áirítear inter alia sonraíochtaí na hearnála, agus i gcomhthéacs an chreata rialála náisiúnta, gan aon mhíniúcháin a bheith tugtha maidir leis an bhfíoras go bhfuil an gnóthas úsáideora ag dul i muinín sraith conarthaí leantacha d’obair ghníomhaireachta shealadach, agus tá sé faoin gcúirt a rinne an tarchur an méid sin a chinneadh. |
|
3) |
Ní mór Treoir 2008/104 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha náisiúnta lena leagtar síos tréimhse uasta inar féidir an oibrí gníomhaireachta sealadach céanna a chur ar fáil don ghnóthas úsáideora chéanna, i gcás nach gceadófaí leis na rialacha sin, le foráil idirthréimhseach, d’fhonn fad na tréimhse sin a ríomhadh, na tréimhsí roimh theacht i bhfeidhm rialacha den sórt sin a chur san áireamh, ag ceilt ar an gcúirt náisiúnta an deis chun an fhíorthréimhse a cuireadh oibrí gníomhaireachta sealadach ar fáil d’fhonn a chinneadh an raibh cineál “sealadach” ag an gcur ar fáil sin, de réir bhrí na Treorach sin, a bhfuil sé faoin gcúirt sin a chinneadh. Níl iallach ar chúirt náisiúnta, a bhfuil díospóid os a comhair idir daoine príobháideacha amháin, ar bhonn dlí an Aontais amháin, foráil idirthréimhseach den sórt sin atá ar neamhréir le dlí an Aontais a fhágáil gan feidhm. |
|
4) |
Ní mór Airteagal 10(1) de Threoir 2008/104 a léirmhíniú sa chaoi, in éagmais forála dlí náisiúnta lena bhforchuirtear pionóis i gcás go sáraíonn gníomhaireachtaí um obair shealadach nó gnóthais úsáideoirí an Treoir seo, nach féidir leis an oibrí gníomhaireachta sealadach ceart subiachtúil a fháil ó dhlí an Aontais nuair a bhunaítear caidreamh oibre leis an ngnóthas úsáideora. |
|
5) |
Ní mór Treoir 2008/104 a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear cosc léi ar rialacha náisiúnta lena n-údaraítear do chomhpháirtithe sóisialta maolú a dhéanamh, ag leibhéal bhrainse na ngnóthas úsáideoirí, ar an tréimse uasta do chur ar fáil oibrí gníomhaireachta sealadach a leagadh síos le rialacha den sórt sin. |
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/3 |
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 15 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour d’appel de Paris) – A v Autorité des marchés financiers (AMF)
(Cás C-302/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Margadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais - Drochúsáid mhargaidh - Treoracha 2003/6/CE agus 2003/124/CE - “Faisnéis ón taobh istigh” - Coincheap - Faisnéis “de chineál beacht” - Faisnéis maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh maidir le heisitheoir ionstraimí airgeadais - Nádúr neamhdhleathach de nochtadh faisnéise ón taobh istigh - Eisceachtaí - Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 - Airteagal 10 - Nochtadh faisnéise ón taobh istigh i gcomhthéacs gnáthfheidhmiú gairme - Airteagal 21 - Nochtadh faisnéise ón taobh istigh chun críoch iriseoireachta - Saoirse an phreasa agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh - Faisnéis maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe á nochtadh ag iriseoir do ghnáthfhoinse)
(2022/C 191/04)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour d’appel de Paris (an Chúirt Achomhairc, Páras, an Fhrainc)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir(í): A
Cosantóir(í): Autorité des marchés financiers (an tÚdarás um Margaí Airgeadais, an Fhrainc; “AMF”)
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Ní mór Airteagal 1(1) de Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) a léirmhíniú sa chaoi, d’fhonn faisnéis ón taobh istigh a cháiliú, go bhféadfadh a bheith mar fhaisnéis de “chineál beacht”, de réir bhrí na forála sin agus Airteagal 1(1) de Threoir 2003/124/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2003 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6 maidir le faisnéis ón taobh istigh a shainmhíniú agus a nochtadh go poiblí agus le cúbláil mhargaidh a shainmhíniú, faisnéis a bhaineann le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh maidir le heisitheoir ionstraimí airgeadais agus tá sé ábhartha, chun an beachtas sin a mheas, a mhéid a chuirtear in iúl iad roimh an bhfoilsiú sin, go luafar san alt preasa sin an praghas ar a gceannófaí urrúis an eisitheora sin i gcomhthéacs tairiscint táthcheangail a d’fhéadfadh a bheith ann chomh maith le céannacht an iriseora a scríobh an t-alt sin agus céannacht na heagraíochta preasa a d’áirithigh a fhoilsiú. Maidir le tionchar iarbhír an fhoilsithe sin ar phraghsanna na n-urrús lena mbaineann sé, cé go bhféadfadh sé a bheith ina fhianaise ex post ar bheachtas na faisnéise sin, ní leor ann féin é, in éagmais scrúdú a dhéanamh ar fhachtóirí eile ab eol nó a nochtadh roimh an bhfoilsiú sin, chun beachtas mar sin a chruthú. |
|
2. |
Ní mór Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6 agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún a léirmhíniú sa chaoi gur “chun [críoch] iriseoireachta”, de réir bhrí an Airteagail sin, é nochtadh ag iriseoir, do cheann dá ghnáthfhoinsí faisnéise, d’fhaisnéis a bhaineann le halt preasa i mbéal a fhoilsithe a scríobh sé lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh, i gcás ina raibh an nochtadh sin riachtanach chun gníomhaíocht iriseoireachta a chleachtadh go héifeachtach, lena n-áirítear réamhobair fiosrúcháin d’fhoilseacháin. |
|
3. |
Ní mór Airteagail 10 agus 21 de Rialachán Uimh. 596/2014 a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil nochtadh faisnéise ón taobh istigh ag iriseoir dleathach i gcás nach mór a mheas go bhfuil sé riachtanach chun a ghairm a chleachtadh agus go gcomhlíonann sé prionsabal na comhréireachta. |
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/4 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel București (an Rómáin) a taisceadh an 28 Meitheamh 2021 – Bursa Română de Mărfuri SA v Autoritatea națională de reglementare în domeniul energiei (ANRE)
(Cás C-394/21)
(2022/C 191/05)
Teanga an cháis: an Rómáinis
Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/4 |
Achomharc arna thabhairt an 20 Meán Fómhair 2021 ag Svenska Metallkompaniet AB i gcoinne Ordú na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a fógraíodh an 5 Iúil 2021 i gCás T-191/21, Svenska Metallkompaniet v EUIPO – Otlav (Window fittings)
(Cás C-610/21 P)
(2022/C 191/06)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Svenska Metallkompaniet AB
Páirtí eile sna himeachtaí: European Union Intellectual Property Office (EUIPO)
Le hordú an 11 Feabhra 2022, dhearbhaigh Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais gur diúltaíodh don achomharc mar achomharc neamh-inghlactha agus gur cheart don Uasal Lajos Bese a chostais féin a iompar.
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/5 |
Achomharc arna thabhairt an 20 Meán Fómhair 2021 ag Lajos Bese i gcoinne Ordú na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a fógraíodh an 5 Iúil 2021 i gCás T-128/21, Bese v EUIPO – Mixtec (rubyred CRANBERRY)
(Cás C-611/21 P)
(2022/C 191/07)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Lajos Bese
Páirtí eile sna himeachtaí: European Union Intellectual Property Office (EUIPO)
Le hordú an 11 Feabhra 2022, dhearbhaigh Leas-Uachtarán na Cúirte Bhreithiúnais gur diúltaíodh don achomharc mar achomharc neamh-inghlactha agus gur cheart don Uasal Lajos Bese a chostais féin a iompar.
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/5 |
Iarraidh ar réamhrialú ón: Curtea de Apel Alba Iulia (An Rómáin) a taisceadh an 11 Deireadh Fómhair 2021 – S.H. v Administrația Județeană a Finanțelor Publice Sibiu, Direcția Generală Regională a Finanțelor Publice Brașov
(Cás C-627/21)
(2022/C 191/08)
Teanga an cháis: an Rómáinis
Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/5 |
Iarraidh ar réamhrialú ónCurtea de Apel București (an Rómáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2021 – Blue Air Aviation SA v UCMR – ADA Asociația pentru Drepturi de Autor a Compozitorilor
(Cás C-775/21)
(2022/C 191/09)
Teanga an cháis: an Rómáinis
Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/5 |
Achomharc arna thabhairt 22 Nollaig 2021 ag YG i gcoinne an bhreithiúnais a fógraíodh an 20 Deireadh Fómhair 2021 i gCás T-599/20, YG v European Commission
(Cás C-818/21 P)
(2022/C 191/10)
Teanga an cháis: an Béarla
Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/6 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel București (An Rómáin) a taisceadh an 22 Nollaig 2021 – Uniunea Producătorilor de Fonograme din România (UPFR) v Societatea Națională de Transport Feroviar de Călători (SNTFC) “CFR Călători” SA
(Cás C-826/21)
(2022/C 191/11)
Teanga an cháis: an Rómáinis
Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/6 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Pitești (an Rómáin) an 5 Eanáir 2022 – EF, GH, IJ v KL
(Cás C-13/22)
(2022/C 191/12)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel Pitești
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: EF, GH, IJ
Cosantóir: KL
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1) |
An gcuirtear bac le prionsabal neamhspleáchas na mbreithiúna, atá cumhdaithe sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 2 CAE agus Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar fhoráil náisiúnta, amhail Airteagal 148(2) de Bhunreacht na Rómáine, arna léiriú ag an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil, an Rómáin) ina breithiúnas Uimh. 390/2021, ar foráil í nach bhfuil dlínse ag cúirteanna náisiúnta a thuilleadh scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht forála náisiúnta le dlí an Aontais, ar foráil í a fuarthas a bheith comhsheasmhach leis an mBunreacht le breithiúnas ón gCúirt Bhunreachtúil? |
|
2) |
An gcuirtear bac le prionsabal neamhspleáchas na mbreithiúna, atá cumhdaithe sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 2 CAE agus Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar fhoráil náisiúnta, amhail Airteagal 99(ș), Legea nr. 303/2004 privind statutul judecătorilor și procurorilor (Gníomh Uimh. 303/2004 maidir le rialacha lena rialaítear breithiúna agus ionchúisitheoirí), lena gceadaítear imeachtaí araíonachta a thionscnamh agus pionós araíonachta a fhorchur ar bhreitheamh as mainneachtain bhreithiúnas na Cúirte Bunreachtúla a chomhlíonadh, i gcás ina n-iarrtar ar an mbreitheamh sin tosaíocht a thabhairt do dhlí an Aontais ar fhorais bhreithiúnas de chuid na Cúirte Bunreachtúla, cé go bhfágfaí an fhoráil sin den dlí náisiúnta lena mbaineann an breitheamh gan an fhéidearthacht breithiúnas de chuid na Cúirte Breithiúnais a chur i bhfeidhm a mheasann an breitheamh go bhfuil tosaíocht aige? |
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/6 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal du travail francophone de Bruxelles (an Bheilg) a taisceadh an 20 Eanáir 2022– HK v Service fédéral des Pensions (SFP)
(Cás C-45/22)
(2022/C 191/13)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal du travail francophone de Bruxelles
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: HK
Cosantóir: Service fédéral des Pensions (SFP)
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An gcaithfear an riail dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Rialachán Uimh. 883/2004 (1), faoina ndéanann na hinstitiúidí inniúla suimeanna an sochair nó na sochar nó an ioncaim eile mar a cuireadh san áireamh iad a roinnt ar líon na sochar atá faoi réir na rialacha sin, a léirmhíniú amhail go gceanglaítear léi an t-ioncam féin mar a cuireadh san áireamh é ar mhaithe le cur i bhfeidhm na rialach lena gcuirtear cosc ar fhorluí a roinnt ag brath ar líon na bpinsean marthanóra a bhfuil tionchar ag na rialacha lena gcuirtear cosc ar fhorluí orthu? |
|
2. |
A mhalairt ar fad, an gcaithfear an riail dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Rialachán Uimh. 883/2004, faoina ndéanann na hinstitiúidí inniúla suim an sochair nó na sochar nó an ioncaim eile mar a cuireadh san áireamh iad a roinnt ag brath ar líon na sochar atá faoi réir na rialacha sin, a léirmhíniú amhail go gceanglaítear léi, in ionad roinnt an ioncaim féin mar a cuireadh san áireamh é ar mhaithe le cur i bhfeidhm na rialach lena gcuirtear cosc ar fhorluí, cuid den ioncam atá thar uasteorainn an fhorluí, mar a fhoráiltear di leis an riail náisiúnta lena mbaineann mar shampla, a roinnt ar líon na bpinsean marthanóra a bhfuil tionchar ag na rialacha lena gcuirtear cosc ar fhorluí orthu? |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004, L 166, lch. 1).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/7 |
Achomharc arna thabhairt an 20 Eanáir 2022 ag Google LLC agus Alphabet, Inc. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra, Foirmíocht mhéadaithe) arna thabhairt an 10 Samhain 2021 i gCás T-612/17, Google agus Alphabet v an Coimisiún
(Cás C-48/22 P)
(2022/C 191/14)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóirí: Google LLC, Alphabet, Inc. (ionadaí: T. Graf, Rechtsanwalt, R. Snelders, advocaat, C. Thomas, avocat, A. Bray, avocate, M. Pickford QC, agus D. Gregory agus H. Mostyn, Barristers)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Computer & Communications Industry Association, an Coimisiún Eorpach, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Údarás Faireacháin CSTE, Bureau européen des unions de consommateurs (BEUC), Infederation Ltd, Kelkoo, Verband Deutscher Zeitschriftenverleger eV, Visual Meta GmbH, BDZV – Bundesverband Digitalpublisher und Zeitungsverleger eV, arbh é Bundesverband Deutscher Zeitungsverleger eV roimhe sin, Twenga
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
— |
an breithiúnas faoi achomharc a chur ar neamhní; |
|
— |
an Cinneadh (1) a chur ar neamhní nó, mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta; |
|
— |
a ordú don Choimisiún costais agus speansais na n-achomharcóirí i dtaca leis na himeachtaí seo agus leis na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an achomharc, ardaíonn na hachomharcóirí ceithre shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trí sheasamh leis an gCinneadh in ainneoin nár comhlíonadh an caighdeán dlí maidir le dualgas chun rochtain ar sheirbhísí siopadóireachta comparáideacha a sholáthar.
|
— |
D’imigh an Chúirt Ghinearálta, ar bhealach neamhcheadaithe, ón gCinneadh trína chinneadh gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le dualgas soláthair. |
|
— |
Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trína chinneadh nach raibh na coinníollacha maidir le dualgas soláthair infheidhme. |
An dara saincheist dlí: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trí sheasamh leis an gCinneadh in ainneoin gur mhainnigh an Cinneadh iompar nach raibh ag luí leis an iomaíocht de bhua tuillteanais a aithint.
|
— |
Chinn an Chúirt Ghinearálta, go hearráideach, gurbh fhéidir a chinneadh ar bhonn imthosca a bhaineann le héifeachtaí dóchúla iompar Google an raibh Google i mbun iomaíocht de bhua tuillteanais. |
|
— |
Rinne an Chúirt Ghinearálta athscríobh ar an gCinneadh, ar bhealach neamhcheadaithe, trí chúiseanna breise a thabhairt gur ceapadh nach raibh iompar Google de réir na hiomaíochta de bhua tuillteanais. |
|
— |
Tá na cúiseanna a thug an Chúirt Ghinearálta nach raibh Google i mbun iomaíocht de bhua tuillteanais neamhbhailí ó thaobh dlí de. |
An tríú saincheist dlí: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid ina hathbhreithniú ar an nasc cúisíoch idir an mí-úsáid líomhainte agus na héifeachtaí dóchúla.
|
— |
Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trína chinneadh gur faoi Google a bhí sé anailís fhrithfhíorasach a dhéanamh, seachas faoin gCoimisiún. |
|
— |
Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trína chinneadh go n-éilítear le frithfhíoras le haghaidh mí-úsáid arb ionann í agus comhcheangal de dhá chleachtas dleathacha an dá chleachtas sin a bhaint. |
|
— |
Tá measúnú na Cúirte Ginearálta ar na héifeachtaí agus an bonn cirt oibiachtúil lochtach de bharr a cur chuige. |
An ceathrú saincheist dlí: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trína chinneadh nach raibh ar an gCoimisiún a scrúdú cé acu arbh fhéidir leis an iompar iomaitheoirí chomhéifeachtúla a eisiamh.
(1) Cinneadh ón gCoimisiún C(2017) 4444 final an 27 Meitheamh 2017 maidir le himeachtaí faoi Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39740 – Google Search (Shopping)).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/8 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Landesgerichts Korneuburg (an Ostair) arna taisceadh an 24 Eanáir 2022 – Austrian Airlines AG v TW
(Cás C-49/22)
(2022/C 191/15)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landesgericht Korneuburg
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir: Austrian Airlines AG
Freagróir: TW
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An gcaithfear Airteagail 5(1)(a) agus 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 295/91 (an Rialachán maidir le cearta aerphaisinéirí) (1) a léirmhíniú sa chiall go bhfuil eitilt aisdúichithe arna hoibriú i bhfeidhmiú ghníomhaíocht cheannasach an Stáit le meas mar athródú freisin, faoi choinníollacha iompair comhchosúla, chuig an gceann scríbe deiridh – mar is gá a bheith á thairiscint ag an aeriompróir oibriúcháin i gcás cealú – sa chás nach féidir leis an aeriompróir oibriúcháin a shuíomh go bhfuil sé i dteideal de réir dlí an paisinéir a iompar ach gurbh fhéidir leis an paisinéir a chlárú chuige sin agus íoc as na costais agus, de bhun socrú conarthach leis an Stát, déanann sé an eitilt a oibriú faoi dheireadh leis an aerárthach céanna agus ag na huaireanta eitilte céanna agus atá sceidealaithe don eitilt a cuireadh ar ceal ar dtús? |
|
2. |
An gcaithfear Airteagal 8(1) den Rialachán maidir le cearta aerphaisinéirí a léirmhíniú sa chaoi gur féidir le paisinéir a chláraíonn é féin d’eitilt aisdúichithe mar a thuairiscítear i gCeist 1 agus a dhéanann ranníocaíocht leis na costais ar an Stát as an eitilt sin aisíocaíocht na gcostas sin a éileamh ón aeriompróir, a eascraíonn go díreach ón Rialachán maidir le cearta paisinéirí, fiú murar costais a bhaineann leis an eitilt amháin atá iontu? |
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/9 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Cour d'appel de Paris (an Fhrainc) a taisceadh an 25 Eanáir 2022 – SOGEFINANCEMENT v RW agus UV
(Cás C-50/22)
(2022/C 191/16)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour d'appel de Paris
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: SOGEFINANCEMENT
Cosantóirí: RW agus UV
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An gcuireann prionsabal an phionóis éifeachtaigh a eascraíonn ó Airteagal 23 de Threoir 2008/48/CE (1), i bhfianaise phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta na mBallstát de, cosc ar tharlú ina mbeadh cosc ar chúirt foráil den dlí náisiúnta a thairiscint as a stuaim féin, a thig ó Airteagal 14 den treoir sin agus lena ngearrtar pionós tríd an comhaontú a chur ar neamhní, ní ba dhéanaí ná an tréimhse theorann cúig bliana atá ar fáil don tomhaltóir chun an comhaontú creidmheasa a chur ar neamhní trí imeachtaí dlí a thionscnamh nó trí agóid a dhéanamh? |
|
2. |
An gcuireann prionsabal an phionóis éifeachtaigh a eascraíonn ó Airteagal 23 de Threoir 2008/48/CE i bhfianaise phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta na mBallstát de agus an prionsabal gurb iad na páirtithe a shocraíonn ábhar an cháis, cosc ar tharlú ina mbeadh cosc ar chúirt neamhniú an chomhaontaithe creidmheasa a fhógairt, tar éis di foráil den dlí náisiúnta a thig ó Airteagal 14 den treoir thuasluaite a thairiscint, gan í tar éis a bheith éilithe ag an tomhaltóir ná gan toiliú an tomhaltóra don chealú sin a bheith faighte ar a laghad? |
(1) Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO 2008 L 133, lch. 66).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/9 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 8 Feabhra 2022 –Right To Know CLG v An Taoiseach
(Cás C-84/22)
(2022/C 191/17)
Teanga an cháis: an Béarla
An chúirt a rinne an tarchur
An Ard-Chúirt (Éire)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Right to Know CLG
Cosantóir: An Taoiseach
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An gá go sainaithneofaí taifeadtaí de chruinnithe foirmiúla bhrainse feidhmiúcháin de rialtas Ballstáit, inar gá do chomhaltaí an rialtais teacht le chéile agus gníomhú i gcomhúdarás, chun críche iarratais ar rochtain ar fhaisnéis comhshaoil atá le fáil iontu, mar “chumarsáidí inmheánacha” nó “imeachtaí” údaráis phoiblí de bhrí na dtéarmaí sin mar a leagtar amach iad in Airteagal 4(1)(e) agus Airteagal 4(2), an chéad mhír, fleasc (a), faoi seach, de Threoir 2003/4/CE (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle? |
|
2. |
An leathnaítear raon feidhme an phrionsabail res judicata (mar a pléadh in Köbler, Cás C-224/01 (2), agus sa chásdlí dá éis) go cuid oibríochtúil nó diúscartha an bhreithiúnais a tugadh roimhe sin, agus anuas ar sin, an gcuirtear cinntí fíorais agus dlí a fuarthas sa bhreithiúnas a tugadh roimhe sin san áireamh? I bhfocail eile, an mbaineann prionsabal res judicata le hurbhac ar chúis chaingne amháin, nó an leathnaítear a raon feidhme go hurbhac ar shaincheist? |
|
3. |
In imeachtaí reatha idir páirtithe maidir le neamhchomhlíonadh atá líomhnaithe ar Threoir 2003/4/CE maidir le hiarratas ar leith ar fhaisnéis comhshaoil, ina bhfuil iarratasóir tar éis éirí leis cinneadh a chur ar neamhní le forais áirithe agóide bunaithe ar dhlí AE ar seasadh leo agus ar diúltaíodh do chuid eile acu, an gcuirtear le dlí AE, agus prionsabal na héifeachtachta go háirithe, cosc ar riail náisiúnta res judicata bunaithe ar urbhac ar shaincheist lena n-éilítear ar chúirt náisiúnta, in imeachtaí úra maidir le cinneadh breise ar an iarratas céanna, iarratasóir dá leithéid a eisiamh ó agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh bhreise thuasluaite le forais bunaithe ar dhlí AE ar diúltaíodh dóibh roimhe sin ach mar a sheasann cúrsaí, nár cuireadh achomharc isteach maidir leo? |
|
4. |
An ndéantar difear do fhreagra Cheist (3) thuas mar gheall (i) nach ndearnadh tarchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais; agus (ii) nár dhírigh ceachtar de na páirtithe aird na cúirte náisiúnta ar chásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais? |
(1) IO L 41, 14.2.2003, lch. 26
(2) Breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2003 (EU:C:2003:513)
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/10 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil), arna taisceadh an 9 Feabhra 2022 – Fenice – Qualità per l’ambiente SpA v Ministero della Transizione Ecologica agus páirtithe eile
(Cás C-91/22)
(2022/C 191/18)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Fenice – Qualità per l’ambiente SpA
Cosantóirí: Ministero della Transizione Ecologica, Ministero dello Sviluppo Economico, Comitato nazionale per la gestione della Direttiva 2003/87/CE e per il supporto nella gestione delle attività di progetto del protocollo di Kyoto
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An féidir an cinneadh a ghlac an Coiste Náisiúnta chun Treoir 2003/87/CE (1) a bhainistiú agus chun tacú le gníomhaíochtaí tionscadail Phrótacal Kyoto a bhainistiú, agus an nós imeachta um ghlacadh á bhreithniú agus, go háirithe, an sásra plé leis an gCoimisiún Eorpach atá beartaithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 (2) maidir le gléasraí a áireamh ar an liosta chun lamháltais CO2 a shannadh a bheith faoi réir caingean ar leith a thabhairt os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 263(4) CFAE i gcás ina mbíonn éifeachtaí ceangailteacha dlíthiúla ag an ngníomh atá faoi chonspóid agus go mbaineann sé go díreach leis an oibreoir eacnamaíoch is iarratasóir? |
|
2) |
Murach sin, an féidir le hoibreoir eacnamaíoch príobháideach ar a bhfuil tionchar díreach de bharr eisiamh ó leithdháileadh lamháltais CO2 ar bhonn an imscrúdaithe a rinne an Coimisiún Eorpach agus an Coiste Náisiúnta um Bainistíocht Threoir 2003/87/CE i gcomhpháirt agus chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí tionscadail Phrótacal Kyoto a bhainistiú agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh a ghlac an Coimisiún Eorpach chun diúltú don ghléasra a áireamh ar an liosta de bhun Airteagal 14(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 263(4) CFAE? |
|
3) |
An gcumhdaítear leis an gcoincheap “gineadóir leictreachais” de réir bhrí Airteagal 3(u) de Threoir 2003/87/CE, mar thoradh ar bhreithiúnas na Cúirte (Cúigiú Dlísheomra) an 20 Meitheamh 2019, i gCás C-682/17, ExxonMobil Production Deutschland GmbH v Bundesrepublik Deutschland, maidir leis an iarraidh ar réamhrialú arna cur faoi bhráid na Cúirte, de bhun Airteagal 267 CFAE, ag Verwaltungsgericht Berlin (Cúirt Riaracháin Bheirlín, an Ghearmáin), le cinneadh an 28 Samhain 2017, freisin cásanna ina dtáirgeann an gléasra cuid bheag de leictreachas ó chomhghiniúint neamh-ardéifeachtúlachta, arb é is saintréith di foinsí iolracha fuinnimh theirmigh seachas leictreachas atá cáilithe chun lamháltais astaíochtaí saor in aisce a dheonú? |
|
4) |
An bhfuil léirmhíniú den sórt sin ar an sainmhíniú ar “gineadóir leictreachais” ag luí le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais maidir le hurramú na gcoinníollacha iomaíochta idir oibreoirí i gcás ina ndeonaítear dreasachtaí, agus leis an bprionsabal maidir le comhréireacht an bhirt, i gcás ina n-eisiann sé go hiomlán gléasra arb é is saintréith de foinsí iolracha fuinnimh a úsáid gan na luachanna astaíochtaí a scaradh óna chéile lena dtagraítear d’fhoinsí teasa seachas comhghiniúint, atá i lánteideal na sochair ionchasacha a fháil? |
(1) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, lch. 32).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, lch. 8).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/11 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil), arna taisceadh an 9 Feabhra 2022 –Fenice – Qualità per l’ambiente SpA v Ministero della Transizione Ecologica agus páirtithe eile
(Cás C-92/22)
(2022/C 191/19)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Fenice – Qualità per l’ambiente SpA
Cosantóirí: Ministero della Transizione Ecologica, Ministero dello Sviluppo Economico, Comitato nazionale per la gestione della Direttiva 2003/87/CE e per il supporto nella gestione delle attività di progetto del protocollo di Kyoto
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An féidir an cinneadh a ghlac an Coiste Náisiúnta chun Treoir 2003/87/CE (1) a bhainistiú agus chun tacú le gníomhaíochtaí tionscadail Phrótacal Kyoto a bhainistiú, agus an nós imeachta um ghlacadh á bhreithniú agus, go háirithe, an sásra plé leis an gCoimisiún Eorpach atá beartaithe le Rialachán tarmligthe (AE) 2019/331 (2) maidir le gléasraí a áireamh ar an liosta chun lámhaltais CO2 a shannadh a bheith faoi réir caingean ar leith a thabhairt os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 263(4) CFAE i gcás ina mbíonn éifeachtaí ceangailteacha dlíthiúla ag an ngníomh atá faoi chonspóid agus go mbaineann sé go díreach leis an oibreoir eacnamaíoch is iarratasóir? |
|
2) |
Murach sin, an féidir le hoibreoir eacnamaíoch príobháideach ar a bhfuil tionchar díreach aige de bharr eisiamh ó leithdháileadh lamháltais CO2 ar bhonn an imscrúdaithe a rinne an Coimisiún Eorpach agus an Coiste Náisiúnta um Bainistíocht Threoir 2003/87/CE i gcomhpháirt agus chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí tionscadail Phrótacal Kyoto a bhainistiú agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh a ghlac an Coimisiún Eorpach chun diúltú don ghléasra a áireamh ar an liosta de bhun Airteagal 14(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 263(4) CFAE? |
|
3) |
An gcumhdaítear leis an gcoincheap “gineadóir leictreachais” de réir bhrí Airteagal 3(u) de Threoir 2003/87/CE, mar thoradh ar bhreithiúnas na Cúirte (Cúigiú Dlísheomra) an 20 Meitheamh 2019, i gCás C-682/17, ExxonMobil Production Deutschland GmbH v Bundesrepublik Deutschland, maidir leis an iarraidh ar réamhrialú arna cur faoi bhráid na Cúirte, de bhun Airteagal 267 CFAE, ag Verwaltungsgericht Berlin (Cúirt Riaracháin Bheirlín, an Ghearmáin), le cinneadh an 28 Samhain 2017, freisin cásanna ina dtáirgeann an gléasra cuid bheag de leictreachas ó chomhghiniúint neamh-ardéifeachtúlachta, arb é is saintréith di foinsí iolracha fuinnimh theirmigh seachas leictreachas atá cáilithe chun cuótaí saor-astaíochtaí a dheonú? |
|
4) |
An bhfuil léirmhíniú den sórt sin ar an sainmhíniú ar “gineadóir leictreachais” ag luí le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais maidir le hurramú na gcoinníollacha iomaíochta idir oibreoirí i gcás ina ndeonaítear dreasachtaí, agus leis an bprionsabal maidir le comhréireacht an bhirt, i gcás ina n-eisiann sé go hiomlán gléasra arb é is saintréith de foinsí iolracha fuinnimh a úsáid gan na luachanna astaíochtaí a scaradh óna chéile lena dtagraítear d’fhoinsí teasa seachas comhghiniúint, atá i lánteideal na sochair ionchasacha a fháil? |
(1) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, lch. 32).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, lch. 8).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/12 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil), arna taisceadh an 9 Feabhra 2022 – Fenice – Qualità per l’ambiente SpA v Ministero della Transizione Ecologica agus páirtithe eile
(Cás C-93/22)
(2022/C 191/20)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Fenice – Qualità per l’ambiente SpA
Cosantóirí: Ministero della Transizione Ecologica, Ministero dello Sviluppo Economico, Comitato nazionale per la gestione della Direttiva 2003/87/CE e per il supporto nella gestione delle attività di progetto del protocollo di Kyoto
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An féidir an cinneadh a ghlac an Coiste Náisiúnta chun Treoir 2003/87/CE (1) a bhainistiú agus chun tacú le gníomhaíochtaí tionscadail Phrótacal Kyoto a bhainistiú, agus an nós imeachta um ghlacadh á bhreithniú agus, go háirithe, an sásra plé leis an gCoimisiún Eorpach atá beartaithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 (2) maidir le gléasraí a áireamh ar an liosta chun lamháltais CO2 a shannadh a bheith faoi réir caingean ar leith a thabhairt os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 263(4) CFAE i gcás ina mbíonn éifeachtaí ceangailteacha dlíthiúla ag an ngníomh atá faoi chonspóid agus go mbaineann sé go díreach leis an oibreoir eacnamaíoch is iarratasóir? |
|
2) |
Murach sin, an féidir le hoibreoir eacnamaíoch príobháideach ar a bhfuil tionchar díreach de bharr eisiamh ó leithdháileadh lamháltais CO2 ar bhonn an imscrúdaithe a rinne an Coimisiún Eorpach agus an Coiste Náisiúnta um Bainistíocht Threoir 2003/87/CE i gcomhpháirt agus chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí tionscadail Phrótacal Kyoto a bhainistiú agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh a ghlac an Coimisiún Eorpach chun diúltú don ghléasra a áireamh ar an liosta de bhun Airteagal 14(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 263(4) CFAE? |
|
3) |
An gcumhdaítear leis an gcoincheap “gineadóir leictreachais” de réir bhrí Airteagal 3(u) de Threoir 2003/87/CE, mar thoradh ar bhreithiúnas na Cúirte (Cúigiú Dlísheomra) an 20 Meitheamh 2019, i gCás C-682/17, ExxonMobil Production Deutschland GmbH v Bundesrepublik Deutschland, maidir leis an iarraidh ar réamhrialú arna cur faoi bhráid na Cúirte, de bhun Airteagal 267 CFAE, ag Verwaltungsgericht Berlin (Cúirt Riaracháin Bheirlín, an Ghearmáin), le cinneadh an 28 Samhain 2017, freisin cásanna ina dtáirgeann an gléasra cuid bheag de leictreachas ó chomhghiniúint neamh-ardéifeachtúlachta, arb é is saintréith di foinsí iolracha fuinnimh theirmigh seachas leictreachas atá cáilithe chun lamháltais astaíochtaí saor in aisce a dheonú? |
|
4) |
An bhfuil léirmhíniú den sórt sin ar an sainmhíniú ar “gineadóir leictreachais” ag luí le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais maidir le hurramú na gcoinníollacha iomaíochta idir oibreoirí i gcás ina ndeonaítear dreasachtaí, agus leis an bprionsabal maidir le comhréireacht an bhirt, i gcás ina n-eisiann sé go hiomlán gléasra arb é is saintréith de foinsí iolracha fuinnimh a úsáid gan na luachanna astaíochtaí a scaradh óna chéile lena dtagraítear d’fhoinsí teasa seachas comhghiniúint teasa agus cumhachta atá i lánteideal na sochair ionchasacha a fháil? |
(1) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, lch. 32).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, lch. 8).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/13 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil), an 9 Feabhra 2022 – Gruppo Mauro Saviola Srl v Ministero della Transizione Ecologica Comitato nazionale per la gestione della Direttiva 2003/87/CE e per il supporto nella gestione delle attività di progetto del protocollo di Kyoto
(Cás C-94/22)
(2022/C 191/21)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Gruppo Mauro Saviola Srl
Cosantóirí: Ministero della Transizione Ecologica, Comitato nazionale per la gestione della Direttiva 2003/87/CE e per il supporto nella gestione delle attività di progetto del protocollo di Kyoto
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1) |
An féidir an cinneadh a ghlac an Coiste Náisiúnta chun Treoir 2003/87/CE (1) a bhainistiú agus chun tacú le gníomhaíochtaí tionscadail Phrótacal Kyoto a bhainistiú, agus an nós imeachta um ghlacadh á bhreithniú agus, go háirithe, an sásra plé leis an gCoimisiún Eorpach atá beartaithe le Rialachán tarmligthe (AE) 2019/331 (2) maidir le gléasraí a áireamh ar an liosta chun lamháltais CO2 a shannadh a bheith faoi réir caingean ar leith a thabhairt os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 263(4) CFAE i gcás ina mbíonn éifeachtaí ceangailteacha dlíthiúla ag an ngníomh atá faoi chonspóid agus go mbaineann sé go díreach leis an oibreoir eacnamaíoch is iarratasóir? |
|
2) |
Murach sin, an féidir oibreoir eacnamaíoch príobháideach ar a bhfuil tionchar díreach de bharr eisiamh ó leithdháileadh lamháltais CO2 ar bhonn an imscrúdaithe a rinne an Coimisiún Eorpach agus an Coiste Náisiúnta um Bainistíocht Threoir 2003/87/CE i gcomhpháirt agus chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí tionscadail Phrótacal Kyoto a bhainistiú agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh a ghlac an Coimisiún Eorpach chun diúltú don ghléasra a áireamh ar an liosta de bhun Airteagal 14(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 263(4) CFAE? |
|
3) |
An gcumhdaítear leis an gcoincheap “gineadóir leictreachais” de réir bhrí Airteagal 3(u) de Threoir 2003/87/CE, mar thoradh ar bhreithiúnas na Cúirte (Cúigiú Dlísheomra) an 20 Meitheamh 2019, i gcás C-682/17, ExxonMobil Production Deutschland GmbH v Bundesrepublik Deutschland, maidir leis an iarraidh ar réamhrialú arna cur faoi bhráid na Cúirte, de bhun Airteagal 267 CFAE, ag Verwaltungsgericht Berlin (Cúirt Riaracháin Bheirlín, an Ghearmáin), le cinneadh an 28 Samhain 2017, freisin cásanna ina dtáirgeann an gléasra leictreachas atá ceaptha go hiomlán le haghaidh féintomhaltais, i gcás ina scaoiltear isteach sa ghréasán poiblí go treallach é nuair a mhúchtar na gléasraí atá beartaithe le fuinneamh a fháil chun oibriú an ghléasra a ráthú, agus sa chás sin amháin? |
|
4) |
An bhfuil léirmhíniú den sórt sin ar an sainmhíniú ar “gineadóir leictreachais” ag luí le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha iomaíochta idir oibreoirí i gcás dreasachtaí a dheonú agus le comhréireacht an bhirt i gcás nach dtugtar dreasacht don fhéintomhaltas leictreachais trí lamháltais astaíochtaí CO2 saor in aisce a shannadh do na gléasraí sin a úsáideann é? |
(1) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, lch. 32).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, lch. 8).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/14 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Symvoulio tis Epikrateias (an Ghréig) a taisceadh an 14 Feabhra 2022 – Kapniki A. Michailides SA v Organismos Pliromon kai Elegchou Koinotikon Enischyseon Prosanatolismou kai Eggyiseon (OPEKEPE) (Gníomhaireacht Íocaíochta agus Rialaithe na Gréige um Threoir agus Ráthaíocht chúnamh an Chomhphobail), Ypourgos Agrotikis Anaptyxis kai Trofimon (Aire Forbartha Tuaithe agus Bia)
(Cás C-99/22)
(2022/C 191/22)
Teanga an cháis: an Ghréigis
An chúirt a rinneadh an tarchur:
Symvoulio tis Epikrateias
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir: Kapniki A. Michailides SA
Freagróirí: Organismos Pliromon kai Elegchou Koinotikon Enischyseon Prosanatolismou kai Eggyiseon (OPEKEPE) (Gníomhaireacht Íocaíochta agus Rialaithe na Gréige um Threoir agus Ráthaíocht chúnamh an Chomhphobail), Ypourgos Agrotikis Anaptyxis kai Trofimon (Aire Forbartha Tuaithe agus Bia)
An cheist a tharchuirtear:
Le hAirteagal 3(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 2062/92 ón gComhairle an 30 Meitheamh 1992, (1) ina sonraítear i gcás ina sáraíonn an chainníocht tobac d’aicme íseal a cheannaíonn próiseálaí, i gcoibhneas leis an méid iomlán a cheannaigh sé den chineál atá i gceist, an céatadán a shonraítear in Iarscríbhinn IV, go ndéanfar an phréimh a laghdú 30 % i leith na cainníochta de bhreis ar an gcéatadán atá i gceist, an sáraítear prionsabal neamh-aisghníomhaíochta na rialacha dlíthiúla agus an prionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint?
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2062/92 ón gComhairle an 30 Meitheamh 1992 lena socraítear, maidir le buaint 1992, na praghsanna caighdeánacha agus na praghsanna idirghabhála agus na préimheanna a dheonaítear do cheannaitheoirí tobac duilleog, na praghsanna idirghabhála díorthaithe ar thobac burláilte, na cáilíochtaí tagartha, agus na limistéir táirgthe (IO 1992 L 215, lch. 22).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/14 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir), arna taisceadh an 17 Feabhra 2022 – NG v Direktor na Glavna direktsia “Natsionalna politsia” pri MVR – Sóifia
(Cás C-118/22)
(2022/C 191/23)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Varhoven administrativen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: NG
Freagróir ar phointe dlí: Direktor na Glavna direktsia “Natsionalna politsia” pri MVR – Sóifia
An cheist a tharchuirtear
An gceadaítear leis an léirmhíniú ar Airteagal 5 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(2)(b) agus (3) de Threoir (AE) 2016/680 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, bearta náisiúnta reachtacha a bhfuil mar thoradh orthu go bhfuil ceart nach mór gan srian ag na húdaráis inniúla chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a chur i bhfeidhm, agus/nó chun ceart an ábhair sonraí chun próiseáil a shonraí a shrianadh nó chun iad a léirscriosadh nó a dhíothú?
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) arna taisceadh an 22 Feabhra 2022 – Balgarska telekomunikatsionna kompania EAD v Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” Sóifia
(Cás C-127/22)
(2022/C 191/24)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Varhoven administrativen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir: Balgarska telekomunikatsionna kompania EAD
Freagróir: Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” Sóifia
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An bhfuil Airteagal 185(1) de Threoir 2006/112/CE (1) le léirmhíniú sa chaoi, sa chás go ndéantar earraí a dhíscríobh, sa chiall go ndéantar sócmhainní nó fardail a dhí-aithint ar ráiteas staide airgeadais an duine inchánaigh toisc nach rabhthas ag súil leis go mbeadh aon tairbhe eacnamaíoch ag baint leo a thuilleadh, mar shampla toisc go bhfuil siad caite, lochtach nó mí-oiriúnach nó nach féidir iad a úsáid chun na críche dá bhfuil siad beartaithe, gur athrú é sin sna fachtóirí a úsáidtear chun an méid atá le hasbhaint i dtaca le CBL a íocadh cheana tráth a ceannaíodh na hearraí, a thala nuair a rinneadh an tuairisceán CBL i gcomhréir leis an Zakon za danak varhu dobavenata stoinost (Dlí ar cháin bhreisluacha, “ZDDS”) agus óna n-eascraíonn oibleagáid chun an asbhaint a choigeartú más rud é go ndearnadh na hearraí a díscríobhadh a dhíol ina dhiaidh sin mar earraí a liostaítear in Iarscríbhinn 2, ar soláthar inchánach é? |
|
2. |
An bhfuil Airteagal 185(1) de Threoir 2006/112/CE le léirimhíniú sa chaoi, sa chás go ndéantar earraí a dhíscríobh, sa chiall go ndéantar sócmhainní nó fardail a dhí-aithint ar ráiteas staide airgeadais an duine inchánaigh toisc nach rabhthas ag súil leis go mbeadh aon tairbhe eacnamaíoch ag baint leo a thuilleadh, mar shampla toisc go bhfuil siad caite, lochtach nó mí-oiriúnach nó nach féidir iad a úsáid chun na críche dá bhfuil siad beartaithe, gur athrú é sin sna fachtóirí a úsáidtear chun an méid atá le hasbhaint i dtaca le CBL a íocadh cheana nuair a ceannaíodh na hearraí, a tharla nuair a rinneadh an tuairisceán CBL i gcomhréir leis an Zakon za danak varhu dobavenata stoinost (Dlí ar cháin bhreisluacha, “ZDDS”) agus óna n-eascraíonn oibleagáid chun an asbhaint a choigeartú más rud é go ndearnadh na hearraí a díscríobhadh a scriosadh nó a dhiúscairt agus gur féidir an fíoras sin a chruthú nó a dheimhniú go cuí? |
|
3. |
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1 nó Ceist 2 nó má thugtar freagra dearfach ar an dá cheist, an bhfuil Airteagal 185(2) de Threoir 2006/112/CE le léirimhíniú sa chaoi, sa chás go ndéantar earraí a dhíscríobh faoi na cúinsí thuasluaite, gur cás cruthaithe nó deimhnithe de scriosadh earraí nó de chaillteanas earraí, lena mbaineann oibleagáid chun an asbhaint a choigeartú don CBL a íocadh nuair a fuarthas na hearraí? |
|
4. |
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1 nó Ceist 2 nó má thugtar freagra dearfach ar an dá cheist, an bhfuil Airteagal 185(2) de Threoir 2006/112/CE le léirmhíniú sa chaoi, sa chás go ndéantar na hearraí a dhíscríobh sna cúinsí thuasluaite, gur cás cruthaithe nó deimhnithe de scriosadh earraí nó de chaillteanas earraí, óna n-eascraíonn an oibleagáid chun an asbhaint a choigeartú i dtaca leis an CBL a íocadh nuair a fuarthas na hearraí? |
|
5. |
Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 1 nó Ceist 2, an gcuirtear cosc le hAirteagal 185(1) de Threoir 2006/112/CE ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Airteagal 79(3) de ZDDS sa leagan a bhí infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2016, nó Airteagal 79(1) de ZDDS sa leagan a bhí infheidhme go dtí an 1 Eanáir 2017, lena gceanglaítear an asbhaint a choigeartú sa chás go ndéantar earraí a dhíscríobh, fiú má dhíoltar na hearraí ina dhiaidh sin mar sholáthar inchánach earraí de réir bhrí Iarscríbhinn 2 nó má dhéantar iad a scriosadh nó a dhiúscairt agus go bhfuil an fíoras sin cruthaithe nó deimhnithe mar is cuí? |
(1) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/16 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Amtsgerichts Frankfurt am Main (an Ghearmáin) arna taisceadh an 25 Feabhra 2022 – flightright GmbH v Swiss International Air Lines AG
(Cás C-131/22)
(2022/C 191/25)
Teanga an cháis: An Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Amtsgericht Frankfurt am Main
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: flightright GmbH
Cosantóir: Swiss International Air Lines AG
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An imthosca urghnácha, de réir bhrí Airteagal 5(3) de Rialachán Uimh. 261/2004 (1), iad dálaí aimsire atá neamh-chomhoiriúnach le heitilt a oibriú, beag beann ar a gcineál sonrach? |
|
2. |
Má thugtar freagra diúltach ar Cheist 1, an féidir cineál eisceachtúil na ndálaí aimsire a chinneadh de réir a minicíochta réigiúnaí agus séasúraí san áit agus ag an tráth a thagann siad chun cinn? |
|
3. |
An imthosca urghnácha iad de réir bhrí Airteagal 5(3) de Rialachán Uimh. 261/2004 go bhfuil cinneadh maidir le bainistíocht aerthráchta maidir le heitilt shonrach i gcomhair lá sonrach ina chúis le moill fhada, moill thar oíche, nó cealú eitilte amháin nó níos mó ar an eitleán sin, beag beann ar an bhforas leis an gcinneadh sin? |
|
4. |
Má thugtar freagra diúltach ar Cheist 3, an gcaithfidh an foras leis an gcinneadh féin a bheith urghnách, sa chaoi nach mbeifí ag súil leis? |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/16 |
Iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach (Éire) a taisceadh an 2 Márta 2022 – Imeachtaí Coiriúla i gcoinne OM
(Cás C-142/22)
(2022/C 191/26)
Teanga an cháis: an Béarla
An chúirt a rinne an tarchur
Cúirt Uachtarach
Imeachtaí Coiriúla i gcoinne
OM
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
Ar chóir go léireofaí Airteagal 27 den Chinneadh Réime (1) sa tslí go gciallaíonn sé go gcruthaítear caidreamh dlíthiúil le cinneadh duine a thabhairt suas idir é, an Stát forghníomhaitheach agus an Stát iarrthach agus gur gá go dtuigfí aon saincheist a dtuigtear gur cinneadh í go críochnaitheach sa Chinneadh sin a bheith cinnte chomh maith chun críoch an nós imeachta chun comhthoiliú a fháil chun tuilleadh ionchúisithe nó pionóis maidir le cionta eile? |
|
2. |
Más é freagra cheist 1 nach n-éilítear an léiriú sin le hAirteagal 27, an sáraítear prionsabal na héifeachtachta le riail nós imeachta náisiúnta má fheidhmíonn sí le cosc a chur ar an duine lena mbaineann, i gcomhthéacs iarratais ar chomhthoil, brath ar bhreithiúnas ábhartha de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh arna thabhairt sa tréimhse ama i ndiaidh an ordaithe chun tabhartha suas? |
(1) 2002/584/JHA: Cinneadh Réime an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit – Ráitis arna dtabhairt ag Ballstáit áirithe ar ghlacadh an Chinnidh Réime (IO 2002, L 190, lch. 1).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/17 |
Iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach (Éire) a taisceadh an 2 Márta 2022 – Merck Sharp & Dohme Corp v Clonmel Healthcare Limited
(Cás C-149/22)
(2022/C 191/27)
Teanga an cháis: an Béarla
An chúirt a rinne an tarchur
Cúirt Uachtarach
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Merck Sharp & Dohme Corp
Cosantóir: Clonmel Healthcare Limited
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
|
|
2. |
I gcás, amhail an cás idir lámha, gur do dhruga faoi leith, ezetimibe, an phaitinn, agus go bhféadfadh na héilimh i dteagasc na paitinne maidir lena chur i bhfeidhm in íocshláinte dhaonna, a bheith d’úsáid an druga sin ina aonar nó i gcuingir le druga eile, sa chás seo, simvastatin, druga san fhearann poiblí, an bhféadtar DFC a dheonú faoi Airteagal 3(a) den Rialachán do tháirge a chuimsíonn ezetimibe, monateiripe, amháin, nó an bhféadtar DFC a dheonú d’aon nó do gach táirge cuingir arna aithint in éilimh na paitinne? |
|
3. |
I gcás go ndeonaítear DFC do mhonateiripe, druga A, sa chás seo ezetimibe, nó go ndeonaítear DFC ar dtús d’aon teiripe chuingir do dhrugaí A agus B mar theiripe chuingir, ar chuid d’éilimh na paitinne iad, cé gur druga A amháin a bhfuil úrnuacht ag baint leis agus atá faoi phaitinn dá réir, agus drugaí eile arna n-aithint cheana féin nó san fhearann poiblí; an bhfuil deonú DFC teoranta go céad mhargaíocht na monateiripe druga A nó céad mhargaíocht na teiripe chuingir dár deonaíodh DFC, A+B, ionas gurb amhlaidh, i ndiaidh an chéad deonaithe, nach bhféadfadh dara nó tríú deonú DFC don mhonateiripe nó d’aon teiripe chuingir seachas an chéad chuingir dár deonaíodh DFC? |
|
4. |
Má chumhdaítear le héilimh na paitinne móilín aonair úrnua agus cuingir den mhóilín sin le druga aitheanta atá ar fáil, san fhearann poiblí, seans, nó iliomad éilimh dá leithéid do chuingir, an gcuirtear teorainn ar dheonú DFC le hAirteagal 3(c) den Rialachán do na cásanna seo a leanas;
Más amhlaidh i gcás ar bith acu sin thuas, iarrtar cén fáth atá leis? |
(1) Regulation (CE) Uimh. 469/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte (IO 2009, L 152, lch. 1).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/18 |
Achomharc arna thabhairt an 3 Márta 2022 ag Gminę Miasto Gdynia agus Port Lotniczy Gdynia-Kosakowo sp. z o.o. i gcoinne an bhreithiúnais a fógraíodh an 21 Nollaig 2021 i gCás T-263/15 RENV, Gmina Miasto Gdynia agus Port Lotniczy Gdynia-Kosakowo v an Coimisiún
(Cás C-163/22 P)
(2022/C 191/28)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Gmina Miasto Gdynia agus Port Lotniczy Gdynia-Kosakowo sp. z o.o. (ionadaithe: K. Gruszecka-Spychała, P. K. Rosiak, radcy prawni)
Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach, Poblacht na Polainne
An t-ordú atá á lorg
|
— |
breithiúnas na Cúirte Ginearálta a fógraíodh an 21 Nollaig 2021 i gCás T 263/15 RENV, Gmina Miasto Gdynia agus Port Lotniczy Gdynia-Kosakowo v an Coimisiún a chur ar neamhní; |
|
— |
breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sa chás, lena ndearbhaítear go bhfuil bunús maith leis an gcéad, an ceathrú agus an séú saincheist dlí den bhunchaingean, a mhéid a bhaineann leis an achomharc seo, agus ag neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid i gcomhréir leis an bhfoirm ordaithe bunaidh a bhí á lorg; |
|
— |
rialú a thabhairt sa bhreithiúnas dá dtagraítear sa dara fleasc thuas maidir le costais na n-imeachtaí ag an gcéad chéim agus na n-imeachtaí achomhairc. |
Foras leis an achomharc agus príomhargóintí
An chéad fhoras achomhairc, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí maidir le léiriú Airteagal 107(1) i gcomhthéacs na hanailíse ar an gcéad chuid den chéad saincheist dlí den bhunchaingean maidir leis an mbuntáiste a shainaithint go mícheart agus an méid cúnaimh atá le haisghabháil a shocrú go mícheart, arna ardú i gcomhthéacs an cheathrú saincheist dlí den bhunchaingean.
An dara foras achomhairc, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí sa mhéid nár chur an Chúirt san áireamh, agus an dara foras den séú saincheist dlí maidir le neamhdhleathacht Chinneadh 2014/883/AE (1) a tharraingt siar agus a ionadú ag an gcinneadh atá faoi chonspóid á scrúdú aici, prionsabal an ionchais dhlisteanaigh, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, agus prionsabal na cosanta dlí éifeachtaí, trí léiriú neamhdhleathach a ghlacadh a chuireann ar chumas an Choimisiúin a bheart dlí féin a chonspóideadh cheana féin os comhair na Cúirte Ginearálta a tharraingt siar agus a leasú faoi shaoirse, gan leasanna agus ionchais an pháirtí a chonspóid an beart sin a chur san áireamh.
An tríú foras achomhairc, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus an tríú foras den séú saincheist dlí den bhunchaingean maidir le sárú ar chearta nós imeachta na n-iarratasóirí á meas aici, chomh maith le prionsabal an dea-riaracháin, prionsabal an chomhair dhílis agus prionsabal an ionchais dhlisteanaigh, sa mhéid nár thug sí aitheantas don oibleagáid atá ar an gCoimisiún an cinneadh chun an nós imeachta a thionscnamh a leasú nó oibleagáid an Choimisiúin cinneadh nua a ghlacadh chuige sin, i gcás ina bhfuil na coinníollacha a shonraítear sa bhreithiúnas faoi achomharc gur gá leo chun an cinneadh chun an nós imeachta a thionscnamh a cheartú nó a fhadú comhlíonta.
(1) Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2014 maidir le beart SA.35388 (13/C) (ex 13/NN agus ex 12/N) – an Pholainn – Aerfort Gdynia-Kosakowo a chruthú (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2014) 759); IO 2014 L 357, lch. 51.
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/19 |
Caingean arna tabhairt an 4 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Danmhairge
(Cás C-167/22)
(2022/C 191/29)
Teanga an cháis: an Danmhairgis
Páirtithe
Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Grønfeldt agus P. Messina, i gcáil Gníomhairí)
Cosantóir: Ríocht na Danmhairge
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
— |
a dhearbhú gur mhainnigh Ríocht na Danmhairge a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi fhorálacha maidir leis an tsaoirse seirbhísí iompair a chur ar fáil, mar a leagtar síos in Airteagail 1, 8 agus 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasteorainn 25 uair a shocrú le páirceáil ag limistéir scíthe faoi úinéireacht Stáit feadh an líonra mótarbhealaigh sa Danmhairg; (1) |
|
— |
a ordú do Ríocht na Danmhairge na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Aighníonn an Coimisiún in ainneoin nach ionann é agus idirdhealú díreach, gur constaic é riail an 25 uair ar an tsaoirse seirbhísí a chur ar fáil, ós rud é nach dtéann sé i bhfeidhm ar tharlóirí Danmhargacha sa tslí chéanna le tarlóirí neamh-Dhanmhargacha. Is deacra a bheidh sé ar thiománaithe a oibríonn do tharlóirí neamh-Dhanmhargacha cloí lena ndualgais tiomána agus ama scíthe arna n-eascairt ó dhlí an Aontais, go háirithe ó Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, (2) ná ar thiománaithe a oibríonn do tharlóirí Danmhargacha, a bhfuil lárionaid oibriúcháin acu sa Danmhairg ar féidir leis na tiománaithe filleadh orthu agus páirceáil iontu le linn a gcuid amanna scíthe.
Dar leis an gCoimisiún, ní féidir bonn cirt a chur leis an riail leis na cuspóirí arna maíomh ag an Danmhairg, (i) níos mó áite a chur ar fáil do thiománaithe a gcuid sosanna agus tréimhsí gearra scíthe a ghlacadh, (ii) deireadh a chur le páirceáil mhídhleathach agus dhainséarach ar leataobhanna mótarbhealaigh, (iii) deimhin a dhéanamh de go mbeidh coinníollacha ag limistéir scíthe in ord trí ghníomhú i gcoinne drochéifeachtaí ar thoradh iad ar pháirceáil fhadtréimhseach, agus (iv) coinníollacha timpeallachta agus oibre na dtiománaithe a fheabhsú, os rud é nach bhfuil an riail sin in oiriúint do na cuspóirí sin, agus, thairis sin, téann sé thar fóir ar an méid is gá chun iad a bhaint amach.
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar, (IO 2009 L 300, lch. 72).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/20 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven kasatsionen sad (an Bhulgáir), arna taisceadh an 8 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne EV
(Cás C-174/22)
(2022/C 191/30)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Varhoven kasatsionen sad
Páirtí sna príomhimeachtaí
EV
An cheist a tharchuirtear
An gceadaítear le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena bhforlíontar an fhoráil ghinearálta faoi Airteagal 354a den Nakazatelen kodeks (Cód Coiriúil na Bulgáire), i gcomhar le hAirteagal 3(4) den Zakon za kontrol varhu narkotichnite veshtestva i prekursorite (Dlí na Bulgáire maidir le substaintí támhshuanacha agus réamhtheachtaithe a rialú), gur féidir duine a chiontú as substaint faoi Chatagóir 3 d’Iarscríbhinn 1, eadhon, tolúéin i gcainníocht 2 lítear?
(1) Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhaire an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO 2004 L 47, lch. 1).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/20 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad (an Bhulgáir) arna taisceadh an 8 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne BK
(Cás C-175/22)
(2022/C 191/31)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Spetsializiran nakazatelen sad
Páirtí sna príomhimeachtaí
BK
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(3) agus (4) de Threoir 2012/13/AE (1) ar léirmhíniú ar fhorálacha dlí náisiúnta – Airteagal 301(1)(2), i gcomhar le hAirteagal 287(1) den Nakazatelno protsesualen kodeks (Cód um Nós Imeachta Coiriúil, an Bhulgáir, “NPK”) – sa chásdlí ar dá réir a fhéadfaidh an chúirt, ina breithiúnas, aicmiú dlíthiúil a thabhairt ar an gcion atá difriúil uaidh siúd atá leagtha amach sa bhille díotála, ar choinníoll nach bhfuil sé aicmithe mar chion lena mbaineann pionós níos déine, ar an bhforas nár cuireadh an cúisí ar an eolas go cuí faoin aicmiú dlíthiúil nua sular tugadh an breithiúnas agus nárbh fhéidir leis é féin a chosaint ina aghaidh?
Más rud é go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 1: An gcuirtear cosc leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt ar an gcúirt an duine cúisithe a chur ar an eolas go bhféadfadh sí a chinneadh ar na tuillteanais a bhunú ar aicmiú dlíthiúil difriúil ar an gcion, agus freisin ó dheis a thabhairt dó a chosaint i gcoinne an aicmithe a ullmhú, toisc nárbh í oifig an ionchúisitheora phoiblí a thionscain an t-aicmiú dlíthiúil difriúil?
(1) Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/21 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad (an Bhulgáir), arna taisceadh an 8 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne BK agus ZhP
(Cás C-176/22)
(2022/C 191/32)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Spetsializiran nakazatelen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
BZ agus ZhP
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear d’oibleagáid leis ar chúirt náisiúnta, a thaisc iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE bac a chur ar na príomhimeachtaí ina n-iomláine, nó an leor bac a chur ar an gcuid de na príomhimeachtaí atá ábhartha maidir leis an gceist a tharchuirtear?
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/21 |
Caingean arna tabhairt an 22 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Ard-Diúcacht Lucsamburg
(Cás C-214/22)
(2022/C 191/33)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: E. Manhaeve, A. Azéma, I. Zaloguin, Gníomhairí)
Cosantóir: Ard-Diúcacht Lucsamburg
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
— |
A rialú gur mhainnigh Lucsamburg a oibleagáidí faoi Airteagal 12 de Threoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach (1) a chomhlíonadh de bharr nár glacadh, faoin 4 Deireadh Fómhair 2016 ar a dhéanaí, na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 8(7) agus (9) agus Airteagal 10(2) den Treoir sin a chomhlíonadh nó, in aon chás, de bharr nár cuireadh bearta den sort sin in iúl don Choimisiún; |
|
— |
I gcomhréir le forálacha Airteagal 260(3) CFAE, lena bhforchuirtear ar Lucsamburg íocaíocht phionósach 7 096,50 euro in aghaidh an lae in aghaidh gach lae moille ó dháta fógartha an bhreithiúnais sna himeachtaí reatha as mainneachtain na beart lena dtrasuítear Airteagal 8(7) agus (9) agus Airteagal 10(2) de Threoir 2014/42 a chur in iúl; |
|
— |
A ordú do Lucsamburg na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Déanann Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach é níos éasca do Bhallstáit na gnóthachain arna ndéanamh ag coirpigh de bharr na coireachta eagraithe tromchúisí a aisghabháil. Bhí ar na Ballstáit an Treoir a thrasuí faoin 4 Deireadh Fómhair 2016. Thionscain an Coimisiún imeachtaí um shárú i gcoinne Lucsamburg i mí na Samhna 2016 agus d’eisigh an Coimisiún tuairim réasúnaithe chucu i mí an Mhárta 2019. Mar sin féin, go dtí seo, níl Lucsamburg tar éis thrasuí na Treorach ina dlí náisiúnta a chur in iúl don Choimisiún.
Chúirt Ghinearálta
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/22 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 2 Márta 2022 – VeriGraft v Eismea
(Cás T-688/19) (1)
(2022/C 191/34)
Teanga an cháis: an Béarla
Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/22 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 2 Márta 2022 – Mood Media Netherlands v EUIPO – Tailoradio (MOOD MEDIA)
(Cás T-615/20) (1)
(2022/C 191/35)
Teanga an cháis: an Béarla
Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/22 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 2 Márta 2022 – Apologistics v EUIPO – Kerckhoff (apo-discounter.de)
(Cás T-140/21) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí maidir le cúlghairm - Trádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh apo-discounter.de - Dearbhú páirteach cúlghairme - Fíorúsáid an trádmhairc - Airteagal 58,(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Fianaise d’fhíorúsáid)
(2022/C 191/36)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir(í): Apologistics GmbH (Markkleeberg, an Ghearmáin) (ionadaí: H. Hug, Dlíodóir)
Cosantóir(í): Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: A. Folliard-Monguiral, Gníomhaire)
Páirtí eile sa nós imeachta os comhair Bord Achomhairc EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Markus Kerckhoff (Bergisch Gladbach, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Douglas, Dlíodóir)
Ábhar
Caingean arna tionscnamh i gcoinne cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc d’EUIPO an 8 Nollaig 2020 (cás R 1439/2019-5), maidir le himeachtaí maidir le cúlghairm idir Kerckhoff agus Apologistics.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Apologistics GmbH na costais a íoc. |
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/23 |
Caingean arna tabhairt an 18 Feabhra 2022 – Sberbank Europe v BCE
(Cás T-99/22)
(2022/C 191/37)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sberbank Europe AG (Vín, an Ostair) (ionadaí: M. Fellner, Dlíodóir)
Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinneadh BCE dár dáta an 21 Nollaig 2021 arna thabhairt i gcoinne Sberbank (Uimh. ECB-SSM-2021-ATSBE-12, ESA-2020-00000051) a chur ar neamhní gan aon ní a chur ina ionad de bhua Airteagail 263 agus 264 CFAE; agus, |
|
— |
a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí neamhnithe a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist déag dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur píonósú faoi dhó do-ghlactha é forchur ús ionsúite BCE de bhua Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha (“CCB”) an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 4 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (“ECHR”). |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear le Cinneadh BCE dár dáta an 21 Nollaig 2021 Airteagal 49 CCB agus Airteagal 7 ECHR trí fhorchur pionóis lena sáraítear teorainneacha na méideanna a shocraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh 1024/2013 (1). |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear Airteagal 17 de CCB agus Airteagal 1 den Chéad phrótacal breise a ghabhann le ECHR le Cinneadh BCE lena bhforchuirtear ús ionsúite ar Sberbank. |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha de bhua Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Cuirtear toirmeasc le prionsabal res iudicata ar BCE ús ionsúite a fhorchur ar Sberbank mar gheall ar a shárú ar na teorainneacha leathana neamhchosanta de bhua Airteagal 395 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 (2). |
|
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear prionsabal an mheoin mhacánta, ós rud é gur sháraigh BCE an Treoir maidir le modh chun pionóis riaracháin airgid a shocrú de bhua Airteagal 18(1) agus (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. |
|
6. |
An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir Airteagal 6 ECHR. |
|
7. |
An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir líon na dteorainneacha ar smachtbhannaí de bhua Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. |
|
8. |
An t-ochtú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta de bhua Alt 99(e) den Bundesgesetz über das Bankwesen (Bankwesengesetz) (gníomh feidearálach na hOstaire a baineann le hearnáil na baincéireachta) (“BWG”). |
|
9. |
An naoú saincheist dlí lena n-éilítear nach bhfuil feidhm ag Airteagal 97 de BWG mura soláthraítear aon bhuntáiste nó mura seachnaítear caillteanas. |
|
10. |
An deichiú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil inniúlacht BCE chun ús ionsúite a fhorchur faoi urchosc ama de bhua Airteagal 130 de Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 (3) agus Alt 22 den Finanzmarktaufsichtsbehördengesetz (gníomh um údaráis mhaoirseachta mhargadh airgeadais na hOstaire (“UMMA”). |
|
11. |
An t-aonú saincheist dlí dhéag lena n-éilítear nach ndéantar mar choinníoll le hAirteagal 395(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ach teorainn leathan neamhchosanta amháin, rud is cúis leis nach gceadaítear dul thar an teorainn ama le hAlt 97(1) Uimh. 2 BWG ach aon uair amháin. |
|
12. |
An dara saincheist dlí dhéag lena n-éilítear nár sháraigh Sberbank an teorainn leathan neamhchosanta d’aon ghnó. |
|
13. |
An tríú saincheist dlí dhéag lena n-éilítear nár sholáthraigh Sberbank aon bhuntáiste ná nár sheachain sé aon chaillteanas a bhí le hiompar aige. |
|
14. |
An ceathrú saincheist dlí dhéag lena n-éilítear go ndearna BCE mí-úsáid ar a lánrogha gan an díolúine faoi 396(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 a dheonú. |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 ina dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (IO 2013 L 287, lch. 63).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an creat um chomhar laistigh den Sásra Maoirseachta Aonair idir an Banc Ceannais Eorpach agus na húdaráis inniúla náisiúnta agus le húdaráis ainmnithe náisiúnta (Creat-Rialachán an tSásra Maoirseachta Aonair) (BCE/2014/17) (IO L 141, 14.5.2014, lch. 1).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/24 |
Caingean arna tabhairt an 22 Feabhra 2022 – ON v an Coimisiún
(Cás T-103/22)
(2022/C 191/38)
Teanga an cháis: an tSeicis
Páirtithe
Iarratasóir: ON (ionadaí: D. Mimrová, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tréimhse inghlacthachta na ndeimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint i bhformáid Dheimhniú Digiteach COVID AE lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil (1) a chur ar neamhní ar na forais go sáraítear leis prionsabal na córa comhionainne, prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus prionsabal na comhréireachta; |
|
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 a chur ar neamhní ó tharla go bhfuil sé gan bunús dlí de réir Airteagal 168 CFAE i ndail leis an tsláinte phoiblí a chosaint agus le freagairt an Aontais ar an mbagairt trasteorann atá á déanamh le paindéim COVID-19 ar an tsláinte araon; |
|
— |
a ordú don chosantóir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún na prionsabail ghinearálta seo a leanas de chuid dhlí an Chomhphobail trí Rialachán 2021/2288 a ghlacadh:
|
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún, trí Rialachán 2021/2288 a ghlacadh, na cumhachtaí a thugtar dó le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/953 (2) trí bhailíocht an deimhnithe dhigitigh a theorannú in ionad an réimse sonraí a athrú “go statach” mar fhreagra ar éabhlóid víreas SARS-CoV- 2 agus an staid eipidéimeolaíochta reatha agus, chuige sin i gcomhthéacs, trí theorainneacha a leagan síos de facto ar fhreagairt an Aontais ar phaindéim COVID- 19 mar bhagairt sláinte trasteorann, gan an gníomh atá á chonspóid a bhunú ar bhonn dlíthiúil leordhóthanach faoi Airteagal 168 CFAE chun an tsláinte phoiblí a chosaint. |
(2) Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (IO 2021 L 211, lch. 1).
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/25 |
Caingean arna tabhairt an 1 Márta 2022 – Sopra Steria Benelux agus Unisys Belgium v An Coimisiún
(Cás T-108/22)
(2022/C 191/39)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: Sopra Steria Benelux (Ixelles, an Bheilg), Unisys Belgium (Machelen, an Bheilg) (ionadaithe: L. Masson agus G. Tilman, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach a chur ar neamhní, i gcomhthéacs conartha phoiblí a foilsíodh faoin tagairt TAXUD/2019/OP/0006 agus dar teideal “CCN-Evolution: Specification, development, maintenance and 3rd level support of TAXUD IT platforms – Lot A: Evolution services for the CCN/CSI Platform” agus a cuireadh in iúl an 20 Nollaig 2021, trína ndeimhníonn an Coimisiún go ndiúltaíonn sé do thairiscint an chuibhreannais atá comhdhéanta ag na hiarratasóirí agus go ndámhfaidh sé an conradh do chuibhreannas iomaíoch; |
|
— |
ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí go léir a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí dhá shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-iarrtar neamhniú chinneadh an 20 Nollaig 2021. Áitíonn na hiarratasóirí, i ndáil leis sin, nach mór an cinneadh a chonspóidtear a mheas mar chinneadh deimhnitheach amháin ar chinneadh roimhe seo a chuir an Chúirt Ghinearálta ar neamhní. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe, sárú ar na sonraíochtaí, sárú ar phrionsabail an dea-riaracháin, agus go háirithe ar an bprionsabal patere legem quam ipse fecisti, agus ar an dualgas cruinnis. Dar leis na hiarratasóirí, sháraigh an Coimisiún a shonraíochtaí féin trí bhonn cirt a thabhairt do ghnáthphraghsanna an tairgeora toisc gur lig sé60 % de na seirbhísí a rinneadh sa Rómáin agus sa Ghréig ar fochonradh. Ina theannta sin, maíonn siad nár chuir an Coimisiún san áireamh tús fheidhmíocht an chonartha ag an tairgeoir, rud a bheadh ar neamhréir leis an réasúnaíocht a glacadh sa chinneadh deimhnitheach. |
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/26 |
Caingean arna tabhairt an 2 Márta 2022 – Svenska Bankföreningen agus Länsförsäkringar Bank v an Coimisiún
(Cás T-112/22)
(2022/C 191/40)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Ideella föreningen Svenska Bankföreningen med firma Svenska Bankföreningen, Näringsverksamhet (Stócólm, an tSualainn), Länsförsäkringar Bank AB (Stócólm) (ionadaithe: P. Hansson, M. Eriksson agus M. Persson, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinneadh an Choimisiúin an 24 Samhain 2021 i gCás SA.56348(2021/N) – An tSualainn: Cáin Shualannach ar institiúidí creidmheasa a chur ar neamhní; (1) |
|
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí saincheist dlí amháin lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Eorpach cearta nós imeachta na n-iarratasóirí, sa mhéid gur theip air nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh.
Áitítear go raibh deacrachtaí suntasacha roimh an Coimisiún go hoibiachtúil le linn réamhscrúdú an bheartais faoinar tugadh fógra agus go raibh ceart dó nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh. Mar shampla:
|
— |
Líomhnaíonn na hiarratasóirí gur mhainnigh an Coimisiún a thabhairt faoi deara gur shoiléir nach raibh teorainneacha an chórais thagartha arna n-aithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le cuspóir na cánach priacail. |
|
— |
Ina theannta sin, áitíonn na hiarratasóirí gur mhainnigh an Coimisiún a thabhairt faoi deara go bhfuil na hinstitiúidí creidmheasa atá laistigh agus lasmuigh de raon feidhme na cánach priacail faoi chúinsí dlí agus fíorasacha comhchosúla, i bhfianaise chuspóir an chórais cánach. |
|
— |
Mar aon leis sin, áitítear gur chuir an Coimisiún cásdlí na Cúirte Breithiúnais i bhfeidhm go mícheart agus é ag déanamh measúnú ar an tairseach chun cánachais. |
|
— |
Áitíonn na hiarratasóirí chomh maith gur mhainnigh an Coimisiún a thabhairt faoi deara nach raibh bonn cirt leis an difear i leith na hionramhála agus nach raibh sé i gcomhréir i gcás ar bith. |
|
— |
Ar deireadh, áitíonn na hiarratasóirí nárbh leor an scrúdú arna dhéanamh ag an gCoimisiún le linn an nós imeachta réamhscrúdaithe agus go raibh sé uireasach. |
(1) COM(2021) 8637 final agus féach a fhoilsiú in IO 2021 C 511, lch. 2.
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/27 |
Caingean arna tabhairt an 7 Márta 2022 – OM v An Coimisiún
(Cás T-118/22)
(2022/C 191/41)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: OM (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
cinneadh an 29 Aibreán 2021 gan an t-iarratasóir a roghnú faoi nós imeachta roghnúcháin COM/2020/10396 agus lenar cuireadh ceapadh iarrthóra eile in iúl a chur ar neamhní: |
|
— |
a mhéid is gá, cinneadh an 25 Samhain 2021 lena ndiúltaítear dá ghearán, a cláraíodh an 26 Samhain 2021 faoin uimhir Ares(2021)7297231, a chur ar neamhní; |
|
— |
ordú don chosantóir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena maítear sárú ar an bhfógra folúntais COM/2020/10396 a mhéid nár measadh a inniúlacht agus a chumais i ndáil leis an ngreille dá bhforáiltear ann. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena maítear sárú ar an gclár oibre a fógraíodh do na hiarrthóirí maidir leis an ábhar ar a gcuirfí ceist orthu le linn an agallaimh roghnúcháin, sa mhéid nár cuireadh aon cheist ar an iarratasóir ar an bpríomhanailís a iarradh air nó uirthi a ullmhú, rud ar eascair sárú ar a ionchais dhlisteanacha as chomh maith. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena maítear cóir éagórach sa mhéid nár cuireadh air nó uirthi na ceisteanna a bhí beartaithe ag an gcoiste roghnúcháin a chur ar na hiarrthóirí agus nach raibh na ceisteanna eile a cuireadh air nó uirthi i gcomhréir leis an liosta réamhshainithe seo. Áitíonn an t-iarratasóir, i ndáil leis sin, nach leor é seo chun a áirithiú cé acu ar cuireadh nó nár cuireadh iad ar na hiarrthóirí eile. Áitíonn an t-iarratasóir, thairis sin, gur mhair a agallamh níos lú ná mar a bhí sé nó sí ag súil leis, rud a d’fhéadfadh é a chur faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le hiarrthóirí eile, agus nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh sé nó sí toradh níos fearr a bhaint amach dá éistfí leis ar gach gné den scrúdú béil. |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena maítear cineál earráideach agus neamhleor ábhar na ngreille meastóireachta i ndáil leis na freagraí a thug an t-iarratasóir le linn an agallaimh. |
|
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena maítear easpa comhoibrithe an Choimisiúin agus sárú ar dhualgas an dea-riaracháin. |
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/28 |
Caingean arna tabhairt an 10 Márta 2022 – Société des produits Nestlé v EUIPO – Impossible Foods (IMPOSSIBLE BURGER)
(Cás T-131/22)
(2022/C 191/42)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Société des produits Nestlé SA (Vevey, an Eilvéis) (ionadaithe: A. Jaeger-Lenz, M. Goldmann agus C. Elkemann, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Impossible Foods Inc. (Redwood City, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh IMPOSSIBLE BURGER – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 17 968 798
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cúlghairm
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 22 Nollaig 2021 i gCás R 973/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc agus a ordú don idiragraí costais na n-imeachtaí os comhair EUIPO a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar an dara habairt d’Airteagal 94(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 70(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar an gcéad abairt d’Airteagal 95(1), arna léamh i gcomhar leis an tríú habairt de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/28 |
Caingean arna tabhairt an 10 Márta 2022 – Société des produits Nestlé v EUIPO – Impossible Foods (IMPOSSIBLE SAUSAGE)
(Cás T-132/22)
(2022/C 191/43)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Société des produits Nestlé SA (Vevey, an Eilvéis) (ionadaithe: A. Jaeger-Lenz, M. Goldmann agus C. Elkemann, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Impossible Foods Inc. (Redwood City, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh IMPOSSIBLE SAUSAGE – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 061 982
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cúlghairm
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 22 Nollaig 2021 i gCás R 972/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc agus a ordú don idiragraí costais na n-imeachtaí os comhair EUIPO a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar an dara habairt d’Airteagal 94(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 70(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar an gcéad abairt d’Airteagal 95(1), arna léamh i gcomhar leis an tríú habairt de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/29 |
Caingean arna tabhairt an 9 Márta 2022 – OO v BEI
(Cás T-134/22)
(2022/C 191/44)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: OO (ionadaí: M. Velardo, Dlíodóir)
Cosantóir: An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an Cinneadh lenar diúltaíodh don ghearán an 6 Nollaig 2021, arna chur in iúl don iarratasóir an dáta céanna (ARES CS-PERS/S&G/ER1 W2021-00710/CO/ps), a chur ar neamhní; |
|
— |
Cinneadh an 27 Feabhra 2012 (tag: RH/OPR/2012-0251), nár cuireadh in iúl riamh don iarratasóir, a chur ar neamhní; |
|
— |
Cinneadh an 20 Bealtaine 2021 (CS-PERS/HROPS/BAP/2021-0360) arna chur in iúl do chomhairleoir an iarratasóra an 8 Meitheamh 2021 in éineacht le nóta an 27 Feabhra 2012 a chur ar neamhní; |
|
— |
Ordú don Bhanc Eorpach Infheistíochta na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nár luadh cúiseanna leis na cinntí atá faoi chonspóid, sárú ar Airteagal 31 de Rialacha Nós Imeachta BEI, sárú ar Airteagail 6 agus 11 de Phrótacal Uimh. 5 maidir le Reacht BEI, agus easpa bunús dlí agus pléadáil neamhdhleathachta faoi Airteagal 277 CFAE, de bhua phointe 2.1.1 de na forálacha riaracháin. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar na forálacha lena rialaítear iasachtaíocht fhoireann BEI ratione temporis, leasú aontaobhach ar an gconradh i gcontrárthacht leis na rialacha ginearálta ar chomhionannas na bpáirtithe sa chaidreamh conarthach agus sárú ar an dualgas cúraim. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh. |
|
4. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú bunaithe ar mhí-úsáid cumhachtaí. |
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/30 |
Caingean arna tabhairt an 10 Márta 2022 – Sport1 v EUIPO – SFR (SFR SPORT1)
(Cás T-141/22)
(2022/C 191/45)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sport1 GmbH (Ismaning, an Ghearmáin) (ionadaithe: J. Krekel agus C. Otto, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Société française du radiotelephone – SFR (Páras, an Fhrainc)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ina bhfuil an ghné focail SFR SPORT1 de na dathanna dearg, bán agus dubh – Iarratas ar chlárú Uimh. 16 161 317
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 10 Nollaig 2021 i gCás R 2329/2020-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/31 |
Caingean arna tabhairt an 11 Márta 2022 – OP v an Pharlaimint
(Cás T-143/22)
(2022/C 191/46)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: OP (ionadaí: F. Moyse, Dlíodóir)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
cinntí an 7 Meitheamh 2021 agus an 10 Eanáir 2022 a chur ar neamhní, nó a dhearbhú go bhfuil siad gan bhunús go hiomlán; |
|
— |
ceart an iarratasóra a aithint, dá bhrí sin, chun pinsean marthanóra a fháil mar a shainmhínítear in Airteagal 79(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh; |
|
— |
ceart [rúnda] (1) a aithint, dá bhrí sin, chun pinsean dílleachta a fháil mar a shainmhínítear in Airteagal 2 d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Seachas sin, a mhéid is gá, an pinsean dílleachta dá bhforáiltear in Airteagal 80(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh a dheonú ar [rúnda]; |
|
— |
in aon chás, a ordú don Pharlaimint costais agus caiteachais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear pléadáil neamhdhleathachta i leith Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) a eascraíonn as sárú ar phrionsabal na córa comhionainne agus as idirdhealú bunaithe ar aois. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí i gcur i bhfeidhm Airteagail 18 agus Airteagal 20 d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe de bharr nár cuireadh cás áirithe an iarratasóra san áireamh. |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear pléadáil neamhdhleathachta i leith Airteagal 2 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne de bharr idirdhealú ar bhonn míchumais. |
|
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí i gcur i bhfeidhm Airteagal 2 d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. |
|
6. |
An séú saincheist dlí, a ardaítear mar rogha mhalartach, lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúraim atá ar an riaracháin. |
(1) Coinníodh siar sonraí rúnda.