|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 179/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10689 – OCP GROUP / KOCH INDUSTRIES / JORF FERTILIZER COMPANY) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 179/02 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 179/03 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10643 – ORACLE / CERNER) ( 1 ) |
|
|
2022/C 179/04 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10695 – APOLLO MANAGEMENT / BANK AND ACQUIRERS INTERNATIONAL HOLDING) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 179/05 |
||
|
2022/C 179/06 |
||
|
2022/C 179/07 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
2.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10689 – OCP GROUP / KOCH INDUSTRIES / JORF FERTILIZER COMPANY)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 179/01)
An 25 Aibreán 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10689. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
2.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/2 |
Rátaí malairte an euro (1)
29 Aibreán 2022
(2022/C 179/02)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0540 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
137,01 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4415 |
|
GBP |
punt steirling |
0,83908 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
10,2958 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
1,0229 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
137,80 |
|
NOK |
krone na hIorua |
9,7525 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,605 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
378,71 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,6780 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9479 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
15,6385 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,4699 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,3426 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,2703 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6119 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4545 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 326,71 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
16,6473 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
6,9441 |
|
HRK |
kuna na Cróite |
7,5667 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
15 301,52 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,5886 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
55,200 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
36,026 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,1608 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
21,4181 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
80,6380 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
2.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/3 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10643 – ORACLE / CERNER)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 179/03)
1.
An 22 Aibreán 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
Oracle Corporation (“Oracle”, SAM); |
|
— |
Cerner Corporation (“Cerner”, SAM). |
Gheobhaidh Oracle urlámhas aonair ar Cerner ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin tairiscint phoiblí, trí fhorthairiscint chun scaireanna eisithe agus neamhíoctha uile Cerner a cheannach.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Tá Oracle gníomhach ar fud an domhain i réitigh TF a fhorbairt, a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a dháileadh, lena n-áirítear feidhmchláir fiontair agus bogearraí agus seirbhísí bonneagair. |
|
— |
Is soláthróir domhanda bogearraí agus seirbhísí cúraim sláinte é Cerner, bogearraí agus seirbhísí a thacaíonn le riachtanais chliniciúla, airgeadais agus oibríochtúla eagraíochtaí soláthróra cúraim sláinte de gach méid, lena n-áirítear bogearraí agus seirbhísí a sholáthar le haghaidh ríomhthaifid sláinte. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10643 – ORACLE / CERNER
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs: +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
2.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/5 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10695 – APOLLO MANAGEMENT / BANK AND ACQUIRERS INTERNATIONAL HOLDING)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 179/04)
1.
An 25 Aibreán 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
Apollo Management, L.P. (“Apollo”, SAM), |
|
— |
Bank and Acquirers International Holding S.A.S. (“BAI”, an Fhrainc), faoi rialú Worldline SA (“Worldline”, an Fhrainc). |
Gheobhaidh Apollo urlámhas aonair ar BAI ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is bainisteoir malartach sócmhainní domhanda é Apollo agus is i gCathair Nua-Eabhrac a bhfuil a cheanncheathrú, |
|
— |
Is cuid de Worldline é BAI agus is é cuideachta fhoshealbhaíochta grúpa cuideachtaí atá gníomhach i dteirminéil íocaíochta agus seirbhísí bogearraí gaolmhara a mhonarú agus a sholáthar, go príomha do bhainc fála (bainc agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta), faighteoirí agus dáileoirí. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10695 – APOLLO MANAGEMENT / BANK AND ACQUIRERS INTERNATIONAL HOLDING
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
2.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/6 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 179/05)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AG ATHRÚ AN DOICIMÉID AONAIR
“Calatayud”
PDO-ES-A0247-AM02
Dáta teachtaireachta: 4 Feabhra 2022
TUAIRISC AR AGUS CÚISEANNA LEIS AN LEASÚ FORMHEASTA
1. Foclaíocht nua sa tuairisc ar na fíonta a chumhdaítear le STFC
TUAIRISC
An fhoclaíocht atá i roinn 2 den tsonraíocht faoi láthair, liostaíonn sé na fíonta a chumhdaítear leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint de réir na gcatagóirí táirgí fíniúna seo a leanas: fíonta geala, fíonta rosé, fíonta dearga, fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán, fíonta licéir agus fíonta leathshúilíneacha. Aimsíodh earráid san fhoclaíocht, áfach, mar tá fíonta san áireamh ann a shainítear leis na téarmaí “Milis go nádúrtha” agus “Buainte go déanach” i gcatagóir 1: “Fíon”. Tá na téarmaí sin le sonrú i reachtaíocht na Spáinne mar thásca roghnacha. Tá an dá cheann infheidhme maidir le fíonta ó fhíonchaora ró-aibí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach acu.
Ina theannta sin, sa mhír ina dtugtar tuairisc ar an uasmhéid siúcra, cuireadh an téarma “siúcraí iarmharacha” in ionad an téarma “siúcraí dí-ocsaídithe”. Athraíodh an fhoclaíocht freisin sa chaoi is nach bhfuil sa tsonraíocht ach faisnéis a bhaineann go sonrach le STFC “Calatayud”.
Baineann an leasú seo le roinn 2 den tsonraíocht, “Tuairisc ar an bhfíon/na fíonta”, agus le ranna 3 agus 4 den doiciméad aonair.
Meastar gur leasú caighdeánach é ós rud é, faoi Airteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, nach n-áirítear leis aon chatagóir táirgí fíniúna a athraíodh, a scriosadh ná a cuireadh leis. Ina ionad sin, is ceartúchán é ar earráid i bhfoclaíocht na ranna réamhluaite. Thairis sin, ní chomhfhreagraíonn an leasú seo d’aon cheann de na coinníollacha eile dá dtagraítear in Airteagal 14.
CÚISEANNA
Is gá an méid a fágadh ar lár sa tsonraíocht agus i ndoiciméad aonair chatagóir 16, “Fíon ó fhíonchaora ró-aibí”, a cheartú. Ba cheart an tuairisc ar shaintréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha fíonta atá “Milis go nádúrtha” agus fhíonta “Buainte go déanach” a bheith san áireamh i gcatagóir 16.
2. Méadú an limistéir gheografaigh
TUAIRISC
Cuimsíodh cúig bhardas i limistéar geografach críochaithe STFC “Calatayud”: Daroca, Machones, Murero, Orcajo agus Villafeliche. Ina theannta sin, cuireadh leis an bhfaisnéis sa roinn sin chun tagairt a dhéanamh don chúige agus don Chomhphobal Féinrialaithe ina bhfuil an limistéar geografach.
Baineann an leasú seo le roinn 4 den tsonraíocht, “Críochú an limistéir gheografaigh”, agus le roinn 6 den doiciméad aonair, “Limistéar geografach críochaithe”.
Meastar gur leasú caighdeánach é an leasú seo, ós rud é, faoi Airteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, nach gcealaíonn sé an nasc. Thairis sin, ní chomhfhreagraíonn an leasú seo d’aon cheann de na coinníollacha eile dá dtagraítear in Airteagal 14.
CÚISEANNA
Is éard a thugann údar leis an leasú seo na tuarascálacha a d’eisigh Ollscoil Zaragoza (mí Feabhra 2019) agus aonaid theicniúla Rialtas Áitiúil na hAragóine (mí na Samhna 2019 agus mí an Mheithimh 2021), maidir le síneadh a chur le teorainneacha críche STFC “Calatayud” agus leis na saincheisteanna ábhartha a bhaineann le fíon. Ciallaíonn síneadh a chur le teorainneacha an limistéir STFC bardais Daroca, Manchones, Murero, Orcajo agus Villafeliche a chuimsiú ann. Thángthas ar an gconclúid sna staidéir agus sna tástálacha a rinneadh nach n-athraíonn sin an nasc leis an limistéar geografach ná saintréithe na bhfíonta a bhfuil STFC “Calatayud” acu.
Na staidéir a rinneadh sna bardais atá le cur san áireamh in STFC, cumhdaíodh leo dálaí éagsúla amhail cineálacha ithreach, an aeráid (méideanna frasaíochta agus teochtaí) agus an airde ag a gcuirtear na cineálacha éagsúla fíniúna. Léirítear leis na staidéir go bhfuil na dálaí sin comhchosúil leis na cinn atá ann faoi láthair in “Calatayud”. Tá leanúnachas nádúrtha soiléir ann leis an limistéar.
Ó thaobh fíona de, cumhdaíodh leis na staidéir ceithre cinn de na paraiméadair a shainíonn fíonta STFC: céatadáin de chineálacha fíonchaora agus táirgeacht fíonghoirt; bunanailís; anailís chéadfach agus athshondas maighnéadach núicléach (AMN prótón). I gcás gach ceann de na paraiméadair sin, taispeánadh go bhfuil fíonta as na bardais nua inchomparáide leis na fíonta a bhfuil STFC “Calatayud” acu. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an méarlorg AMN prótón a léiríonn go bhfuil fíonta na mbardas atá le cur san áireamh comhsheasmhach leis an tsamhail STFC. Léiríonn sin ar a sheal nach bhfuil aon éifeacht ar an nasc ná ar shaintréithe na bhfíonta a dtugtar tuairisc orthu i sonraíocht STFC “Calatayud”.
3. Feabhas ar fhoclaíocht an naisc
TUAIRISC
Cuireadh feabhas ar an nasc leis an limistéar geografach agus méadaíodh ar an bhfaisnéis ann. Ar dhóigh níos sonraí, cuireadh tuairisc ar an nasc cúisíoch leis an limistéar geografach le gach ceann de na catagóirí táirge fíniúna a liostaítear i roinn 2 den tsonraíocht, chun a shonrú cé na saintréithe ar leith i ngeall ar an limistéar atá ag gach ceann de na cineálacha fíona a bhfuil STFC “Calatayud” acu.
Baineann an leasú seo le roinn 7 den tsonraíocht, “Nasc”, agus le roinn 8 den doiciméad aonair, “Tuairisc ar an nasc/na naisc”.
Meastar gur leasú caighdeánach é an leasú seo, ós rud é, faoi Airteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, nach gcealaíonn sé an nasc agus nach ndéanann sé ach feabhas a chur ar an bhfoclaíocht. Ina theannta sin, ní chomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na coinníollacha eile dá dtagraítear in Airteagal 14 a luadh cheana.
CÚISEANNA
Is deis é an leasú ar an tsonraíocht chun feabhas a chur ar an nasc agus, go háirithe, an reachtaíocht lena gceanglaítear cruthúnas faoin nasc le haghaidh gach ceann de na catagóirí a chumhdaítear le STFC a chomhlíonadh.
4. Leasú ar na ceanglais is infheidhme maidir le STFC
TUAIRISC
Scriosadh an tagairt don Bhord Rialála a bheith ag tarraingt suas rialacha maidir leis an mbuaint, ag cinneadh cén tráth a thosaíonn an bhuaint agus ag sórtáil agus ag iompar na fíonchaora arna mbuaint.
Baineann an leasú seo le roinn 8.b.i) den tsonraíocht: “Ceanglais is infheidhme. Ceanglais fhorlíontacha. Cleachtais saothraithe”. Ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.
Meastar gur leasú caighdeánach é an leasú seo, ós rud é, faoi Airteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na coinníollacha san airteagal.
CÚISEANNA
I bhfianaise na gcleachtas fáis atá ann faoi láthair, na hoiliúna leanúnaí atá ann d’fhoireann ar an talamh agus d’fhíoneolaithe, agus na n-athruithe aeráide ó bhliain go bliain, ní mheastar gur gá dáta tosaigh na buainte a shocrú ná ceanglais shonracha a eisiúint maidir le hiompar fíonchaor. Bunaithe ar na critéir theicniúla agus fhíoneolaíocha atá acu chun na fíonta éagsúla a dhéanamh, déanann gach ceann de na fíonlanna atá cláraithe le STFC an bhuaint a sceidealú ag eatraimh agaithe bunaithe ar aibíocht na bhfíonchaor. Iompraítear na fíonchaora ar bhealach nach mbeidh cáilíocht na dtorthaí thíos leis.
5. Ceanglais shonracha maidir le saoráidí aibithe agus aosaithe a scriosadh
TUAIRISC
Scriosadh na ceanglais atá sa tsonraíocht faoi láthair a thagraíonn do na saoráidí a úsáidtear chun fíonta a chumhdaítear le STFC a thabhairt chun cineáil. Ar an dul céanna, baineadh na tréimhsí socra lenar bunaíodh saolré na mbairillí.
Baineann an leasú seo le roinn 8.b.ii) den tsonraíocht: “Ceanglais is infheidhme. Ceanglais fhorlíontacha. Saoráidí aibithe agus aosaithe”. Ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.
Meastar gur leasú caighdeánach é an leasú seo, ós rud é, faoi Airteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na coinníollacha san airteagal.
CÚISEANNA
Tá údar le baint na gceanglas a bhaineann le saoráidí aosaithe toisc gur dálaí ginearálta teochta, taise agus aerála iad sin gan aon luach sonrach.
A mhéid a bhaineann leis na bairillí, tá éileamh ón margadh faoi láthair ar fhíonta an-torthaíocha ach a dtugann adhmad na mbairillí nótaí áirithe blaiste dóibh. Ar an gcúis sin, is iondúil go ndéanann oibreoirí fíonlainne fíonta a chaith tamall i mbairillí nua a chumasc le fíonta as bairillí a úsáideadh cheana. Meastar dá bhrí sin nach gá uastréimhse úsáide a leagan síos le haghaidh na mbairillí.
6. Leasú foirmiúil ar an téarma “oiriúnach”
TUAIRISC
Cuireadh “fíonta atá incháilithe do STFC” in ionad na habairte “fíonta a aicmítear a bheith oiriúnach” sa roinn maidir le ceanglais bhreise buidéalaithe.
Baineann an leasú seo le roinn 8.b.iii) (arb í foroinn ii anois í) den tsonraíocht: “Ceanglais is infheidhme. Ceanglais fhorlíontacha. Pacáistiú”. Ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.
Meastar gur leasú caighdeánach é an leasú seo, ós rud é, faoi Airteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na coinníollacha san airteagal.
CÚISEANNA
Leasú téarmaíochta atá sa leasú seo chun críche ailínithe le UNE-EN ISO/IEC 17065:2012: “Measúnú comhréireachta. Ceanglais maidir le comhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí”.
7. Leasú ar cheanglais lipéadaithe
TUAIRISC
Is é an t-aon cheanglas breise atá ann maidir le fíonlanna atá cláraithe leis an sonrúchán nach mór dóibh na lipéid tráchtála lena sainaithnítear na fíonta a chuireann siad ar an margadh a chur isteach chun go gcuirfidh an Bord Rialála leis an gClár Lipéad iad. Scriosadh an tagairt don Bhord Rialála a bheith ag formheas na lipéad.
Cuireadh feabhas ar an bhfoclaíocht lena leagtar amach na tásca roghnacha is féidir a úsáid le haghaidh fhíonta STFC “Calatayud”. Tá sé sin i gcomhréir leis na sainmhínithe sa reachtaíocht náisiúnta, atá infheidhme de réir an mhodha táirgthe, agus leis na tásca sonracha a bhunaítear le haghaidh an tsonrúcháin tionscnaimh seo faoi chosaint.
Ina theannta sin, tugadh na tagairtí don reachtaíocht Eorpach sa roinn seo cothrom le dáta.
Baineann an leasú seo le roinn 8.b.iv) (arb í foroinn iii anois í) den tsonraíocht: “Ceanglais is infheidhme. Ceanglais fhorlíontacha. Pacáistiú”. Ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.
Meastar gur leasú caighdeánach é an leasú seo, ós rud é, faoi Airteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na coinníollacha san airteagal.
CÚISEANNA
Scriosadh an tagairt d’fhormheas lipéad, i gcomhréir leis an reachtaíocht agus le cásdlí maidir le maoin intleachtúil agus trádmharcanna, agus na prionsabail maidir le haontacht an mhargaidh á gcur san áireamh.
8. Leasuithe eile
TUAIRISC
Scriosadh uimhir facs an Bhoird Rialála le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Calatayud”. Tugadh an tagairt do UNE-EN ISO/IEC 17065:2012 cothrom le dáta.
Baineann an leasú seo le roinn 9 den tsonraíocht: “Fíorú ar chomhlíontacht leis an tsonraíocht. Comhlacht rialaithe”. Ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.
Meastar gur leasú caighdeánach é an leasú seo, ós rud é, faoi Airteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na coinníollacha san airteagal.
CÚISEANNA
Foclaíocht na sonraíochta sa roinn seo a thabhairt cothrom le dáta.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm an táirge
Calatayud
2. Cineál an táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
3. Catagóirí táirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
|
3. |
Fíon licéir |
|
5. |
Fíon súilíneach ar ardchaighdeán |
|
8. |
Fíon leathshúilíneach |
|
16. |
Fíon ó fhíonchaora ró-aibí |
4. Tuairisc ar an bhfíon (ar na fíonta)
1. Fíon geal
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Cuma: dath bánbhuí/tuíbhuí, geal, gléineach, d’fhéadfadh imireacha glasa a bheith ann. Dea-bholadh: dea-bholaithe príomha glana úra, agus dea-bholaithe torthaí uaidh idir measartha agus láidir. Blas: úr, blasta agus aramatach, beagán aigéadach agus go breá cothrom.
|
(*) |
Dé-ocsaíd sulfair uasta: 180 milleagram in aghaidh an lítir i gcás inar lú an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir agus 240 milleagram in aghaidh an lítir i gcás inar mó an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir nó cothrom leis sin. |
|
(**) |
Comhlíonfaidh na paraiméadair anailíseacha nach leagtar síos sa doiciméad seo na rialacha atá i bhfeidhm. |
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
10,5 |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,33 |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Fíon rosé
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Cuma: dath bándearg súnna talún/craobh, geal agus bríomhar agus imireacha lonracha corcairghorma ann. Dea-bholadh: dea-bholaithe tréana, an-bhláthach agus torthaíoch, a chuirfeadh sú talún, sú craobh, torthaí dearga, peitil róis i gcuimhne duit. Blas: úr, torthaíoch agus beagán aigéadach, blasta, cumhachtach.
|
(*) |
Dé-ocsaíd sulfair uasta: 180 milleagram in aghaidh an lítir i gcás inar lú an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir agus 240 milleagram in aghaidh an lítir i gcás inar mó an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir nó cothrom leis sin. |
|
(**) |
Comhlíonfaidh na paraiméadair anailíseacha nach leagtar síos sa doiciméad seo na rialacha atá i bhfeidhm. |
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
11 |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,33 |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
3. Fíon dearg
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Cuma: dath an tsilín dheirg, an ghairnéid dhorcha nó an tsilín dhuibh, geal agus tréine mheasartha datha ann, rian den chorcairghorm ar na himill, comhartha óige. Dea-bholadh: dea-bholaithe glana, dea-bholadh láidir torthaí is dual don chineál, agus gnéithe bláthacha ann. Blas: blasta, méith, cothromaíocht bhreá idir aigéadacht agus alcól. Tainnin mhín agus iarbhlas fada air.
|
(*) |
Dé-ocsaíd sulfair uasta: 150 milleagram in aghaidh an lítir i gcás inar lú an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir agus 180 milleagram in aghaidh an lítir i gcás inar mó an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir nó cothrom leis sin. |
|
(**) |
Comhlíonfaidh na paraiméadair anailíseacha nach leagtar síos sa doiciméad seo na rialacha atá i bhfeidhm. |
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
12,5 |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,33 |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
4. Fíon dearg “Calatayud den scoth”
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Cuma: dathanna dearga ó dhath an tsilín dhuibh go dath rúibíní, dath tréan, cuma gheal ghléineach. Dea-bholadh: dea-bholadh méith, gnéithe torthaíocha agus balsamacha ann, mianraí, tósta agus spíosraí. Blas: casta, torthaíoch agus rian balsamach ann agus iarbhlas fada air.
|
(*) |
Dé-ocsaíd sulfair uasta: 150 milleagram in aghaidh an lítir i gcás inar lú an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir agus 180 milleagram in aghaidh an lítir i gcás inar mó an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir nó cothrom leis sin. |
|
(**) |
Comhlíonfaidh na paraiméadair anailíseacha nach leagtar síos sa doiciméad seo na rialacha atá i bhfeidhm. |
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
14 |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,33 |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Fíon leathshúilíneach
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Cuma (fíonta geala, rosé agus dearga): dathanna buí agus pas bándearg, agus lorg fann glas agus corcairghorm ann. Dea-bholadh: dea-bholaithe glana gan smál, torthaíoch agus bláthach. Blas: úr agus éadrom, furasta le hól agus giosáil éadrom ann.
|
(*) |
Dé-ocsaíd sulfair uasta: 180 milleagram in aghaidh an lítir i gcás fíonta geala agus rosé, agus 150 milleagram in aghaidh an lítir i gcás fíonta dearga inar lú an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir; agus 240 milleagram in aghaidh an lítir i gcás fíonta geala agus rosé, agus 180 milleagram in aghaidh an lítir i gcás fíonta dearga inar mó an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir nó cothrom leis sin. |
|
(**) |
Comhlíonfaidh na paraiméadair anailíseacha nach leagtar síos sa doiciméad seo na rialacha atá i bhfeidhm. |
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
7 |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,33 |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
6. Fíon súilíneach ar ardchaighdeán
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Cuma: fíonta geala agus rosé a bhfuil imireacha bána geala orthu. Súilíní beaga a mhaireann. Dea-bholadh: dea-bholaithe tréana glana agus gnéithe díobh atá mín séimh ón aosú sa bhuidéal. Blas: úr agus breá cothrom, beagán aigéadach, taitneamhach sa bhéal. Mothú glan i gcúl na sróine.
|
(*) |
Comhlíonfaidh na paraiméadair anailíseacha nach leagtar síos sa doiciméad seo na rialacha atá i bhfeidhm. |
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
10,5 |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
10,83 |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
160 |
7. Fíonta licéir
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Cuma (fíonta geala agus dearga): Dath geal buí agus dathanna dearga a bhfuil imireacha corcairghorma orthu. Dea-bholadh: dea-bholaithe glana tréana gan smál a bhfuil gnéithe bláthacha agus gnéithe den mhil acu, torthaí i licéar. Blas: blasta, torthaíoch agus milseacht áirithe leis, cumhachtach sa bhéal agus dea-aigéadacht aige.
|
(*) |
Dé-ocsaíd sulfair uasta: 150 milleagram in aghaidh an lítir más lú an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir agus 200 milleagram in aghaidh an lítir i gcás inar mó an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir nó cothrom leis sin. |
|
(**) |
Comhlíonfaidh na paraiméadair anailíseacha nach leagtar síos sa doiciméad seo na rialacha atá i bhfeidhm. |
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
15 |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
15 |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
8. Fíon ó fhíonchaora ró-aibí
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Fíon “milis go nádúrtha”:
Cuma (fíonta geala, rosé agus dearga): dathanna tréana buí agus dearga agus lorg fann órbhuí nó corcairghorma orthu. Dea-bholadh: torthaí aibí, tréan, torthaí criostalaithe. Blas: blasta, méith, mín, slaodach, milis.
Fíonta “buainte go déanach”:
Cuma (fíonta geala, rosé agus dearga): raon dathanna idir órbhuí agus fhlannbhuí-dhearg go dathanna corcra dorcha a bhfuil imireacha de dhath dearg rúibíní orthu. Dea-bholadh: tréan, bláthach, úr, meascán de mhilseacht na dtorthaí agus de na dea-bholaithe ón adhmad darach a úsáidtear le haghaidh na bhfíonta a thugtar chun cineáil i mbairillí. Blas: fial sa bhéal, mín, olartha, blasta, an-fhada.
|
(*) |
Dé-ocsaíd sulfair uasta: Fíonta geala agus rosé: 240 milleagram in aghaidh an lítir d’fhíonta dearga: 180 milleagram in aghaidh an lítir |
|
(**) |
Comhlíonfaidh na paraiméadair anailíseacha nach leagtar síos sa doiciméad seo na rialacha atá i bhfeidhm. |
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
13 |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
15 |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais maidir le fíonóireacht
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta áirithe
1.
Ní mór an dlús plandaithe a bheith idir 1 300 planda in aghaidh an heicteáir ar a laghad agus 4 500 planda in aghaidh an heicteáir ar a mhéad, arna ndáileadh go cothrom ar fud an fhíonghoirt ina iomláine.
2.
Le linn na buainte, chun fíonta a dhéanamh a chumhdaítear le STFC, ní úsáidtear ach baisceanna fíonchaor sláintiúla a bhfuil céim oiriúnach aibíochta bainte amach acu agus a bhfuil méid siúcra iontu nach lú ná 170 gram in aghaidh an lítir úrfhíona. Ní mór aon fhíonchaor nach bhfuil riocht foirfe air a chur i leataobh.
Is gá brú leordhóthanach a chur ar na fíonchaora chun an úrfhíon nó an fíon a eastóscadh astu agus sin a dhealú ón marc, ionas nach mó an táirgeacht ná 70 lítear fíona in aghaidh gach 100 cileagram fíonchaor.
3.
Ní cheadaítear teicnící a úsáid a bhaineann le téamh na bhfíonchaor roimh ré ná le téamh na n-úrfhíonta nó na bhfíonta i láthair an mhairc chun eastóscadh datha a fhórsáil.
5.2. Uastáirgeacht
|
1. |
Cineálacha fíonta dearga 7 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
|
2. |
Cineálacha fíonta dearga 49 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
3. |
Cineálacha fíonta geala 8 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
|
4. |
Cineálacha fíonta geala 56 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Is iad na bardais seo a leanas atá lonnaithe i gcúige Zaragoza, i gComhphobal Féinrialaithe na hAragóine, a chuimsíonn limistéar geografach STFC “Calatayud”: Abanto, Acered, Alarba, Alhama de Aragón, Aniñón, Ariza, Atea, Ateca, Belmonte de Gracián, Bubierca, Calatayud, Carenas, Castejón de las Armas, Castejón de Alarba, Cervera de la Cañada, Cetina, Clarés de Ribota, Codos, Daroca, El Frasno, Fuentes de Jiloca, Godojos, Ibdes, Jaraba, La Vilueña, Maluenda, Manchones, Mara, Miedes, Monterde, Montón, Morata de Jiloca, Moros, Munébrega, Murero, Nuévalos, Olvés, Orcajo, Orera, Paracuellos de Jiloca, Ruesca, Sediles, Terrer, Torralba de Ribota, Torrijo de la Cañada, Valtorres, Velilla de Jiloca, Villafeliche, Villalba del Perejil, Villalengua agus Villarroya de la Sierra.
7. Cineál/cineálacha fíniúna
CHARDONNAY
GARNACHA BLANCA
GARNACHA TINTA
MACABEO – VIURA
SYRAH
TEMPRANILLO
8. Tuairisc ar an nasc(na naisc)
FÍON
Tá nasc idir na fíonta sin agus a limistéar geografach leis an dara céad RCR anuas. Tá trácht leis na céadta ar fheabhas a gcáilíochta.
Ó tharla go bhfuil aeráid na háite thar a bheith ilchríochach, bíonn an geimhreadh fada fuar agus an samhradh te gan ach fíorbheagán báistí. Is iad na dálaí sin, i dteannta saintréithe ithreach sa limistéar geografach, a thugann gnéithe áirithe sainaitheantais do na fíonta, ina bhfuil doimhneacht mhór aramatach agus rian den mhianracht orthu.
Cuirtear na fíonghoirt ar airde mhór. Dá bhrí sin, féadann siad an teas mór i rith an lae sa samhradh a sheasamh agus a gcuid spreactha a fháil ar ais istoíche. Cuireann sé sin ar a gcumas dóibh siúcraí a shintéisiú ina nduilleoga an mhaidin dár gcionn. An toradh atá air sin go mbíonn na fíonta níos casta agus níos láidre ó thaobh alcóil de toisc nach múchann na crainn fíniúna a meitibileacht.
Is iad na difríochtaí suntasacha teochta sin idir lá agus oíche le linn an tséasúir aibithe a chruthaíonn na réamhtheachtaithe dea-bholaidh sna fíonchaora. Déanann an t-aibiú mall sin difear gníomhach d’fhorbairt na gcomhdhúl feanólach, rud a chuireann dath ar na fíonta agus a thugann struchtúr dóibh agus a fhágann gur féidir iad a choinneáil ar feadh tréimhse fada.
Tá na dálaí sin uile fabhrach do bheith ag táirgeadh fíonta dearga casta, galánta, dea-struchtúrtha.
FÍON LICÉIR
Tá saintréithe ithreach agus aeráide an limistéir gheografaigh idéalach chun na cineálacha fíona a bhaineann leis an limistéar go traidisiúnta a tháirgeadh. Is féidir fíonchaora a tháirgeadh a bhfuil méid ard siúcra iontu agus fíonta a dhéanamh astu a bhfuil dea-bholaithe tréana uathu lena ngabhann gnéithe bláthacha agus gnéithe den mhil. Tá na cáilíochtaí sin uile mar thoradh ar fhíonchaora an-aibí as fíonghoirt atá lonnaithe ar thalamh ard gan ach táirgeacht íseal le gach planda.
FÍON SÚILÍNEACH AR ARDCHAIGHDEÁN
Bíonn táirgeachtaí níos mó i gceist le fíonghoirt a bhfuil a n-aghaidh ó thuaidh, arna gcur in ithreacha torthúla aolchloiche agus cré. Dá dhroim sin, bíonn na fíonchaora sin níos laige ó thaobh alcóil de. Buaintear níos luaithe iad freisin agus bíonn méid níos lú siúcra iontu dá bharr. De thairbhe na dtosca sin in éineacht, is féidir fíon súilíneach ar ardchaighdeán a tháirgeadh, a dhéantar sa mhodh traidisiúnta agus a bhfuil dea-bholaithe tréana uaidh agus blasanna úra cothroma aige.
FÍON LEATHSHÚILÍNEACH
Fágann dálaí aeráide an limistéir go mbíonn teochtaí cineálta ann tráth buainte. Dá bharr sin, agus a bhuí le fíonghoirt an limistéir gheografaigh a bheith suite ar airde mhór, is féidir fíonchaora úra a tháirgeadh a bhfuil méid níos lú siúcra iontu agus dea-aigéadacht acu. Tá fíonta óga ann dá thoradh sin atá úr éadrom agus furasta le hól agus a bhfuil giosáil éadrom iontu.
FÍON Ó FHÍONCHAORA RÓ-AIBÍ
Chun an cineál sin fíona a tháirgeadh is gá moill a chur ar an mbuaint, rud a nochtann na fíonchaora do sholas na gréine ar feadh tréimhse níos faide agus a chuireann síneadh lena n-aibiú, ag fágáil méid níos mó siúcra iontu. Thairis sin, de bharr go bhfástar na crainn fíniúna in ithreacha cré atá lonnaithe sa limistéar is ísle a chumhdaítear le STFC “Calatayud”, is féidir fíonta a tháirgeadh a bhfuil lorg fann torthaí aibí orthu, iad mín méith olartha agus an dea-cháilíocht le mothú iontu.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Creat dlíthiúil
Sa reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll bhreise
Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór an pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach críochaithe a luaitear sa tsonraíocht táirge. Bhíodh an riail ann i gcónaí nach mór na fíonta a bhuidéalú sna fíonlanna laistigh den limistéar táirgthe, mar atá léirithe ag orduithe leanúnacha a foilsíodh.
An phríomhchúis atá leis sin ná cáilíocht agus cineál uathúil an fhíona a choinneáil ar bun, agus cosc a chur ar imoibrithe ocsaídiúcháin agus dí-ocsaídiúcháin le linn iompair.
Creat dlíthiúil
Sa reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll bhreise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór an fhoclaíocht seo a leanas a bheith ar lipéid: Sonrúchán Tionscnaimh “Calatayud”.
Ní mór marcanna ráthaíochta a bheith ar tháirgí atá ceaptha chun tomhaltais, arna n-uimhriú agus arna n-eisiúint ag an mBord Rialála, a chuirfear i gceangal leis na táirgí sin san fhíonlann chláraithe, rud a áiritheoidh nach féidir iad a athúsáid.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://www.aragon.es/documents/20127/88928293/Pliego_Condiciones_DOP_Calatayud.pdf/b90b59a9-c693-33f3-92a0-80452ff0d291?t=1643717605363
|
2.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/16 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2022/C 179/06)
Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart freasúra a thaisceadh de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an iarratais seo.
DOICIMÉAD AONAIR
“Nagykörűi ropogós cseresznye”
Uimh. AE: PGI-HU-02415 – 12 Aibreán 2018
STFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]
“Nagykörűi ropogós cseresznye”
2. Ballstát nó Tríú Tír
an Ungáir
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. Cineál táirge
Aicme 1.6: Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Féadtar an tásc geografach faoi chosaint (TGFC) “Nagykörai ropogós cseresznye” a úsáid le haghaidh an chineáil “Petrovay ropogós” agus na gcineálacha silíní seo a leanas atá aitheanta ag an Stát agus atá cláraithe i liosta náisiúnta na gcineálacha: “Badacsonyi óriás”, “Bigarreau Burlat”, “Carmen”, “Jaboulay”, “Hedelfingeni óriás”, “Germersdorfi” agus a n-athraithigh chláraithe atá beartaithe lena gcaitheamh agus iad úr agus/nó lena bpróiseáil.
Tá na saintréithe cáilíochta seo a leanas ag “Nagykörai ropogós cseresznye”:
|
— |
méid: mór nó an-mhór , a bhfuil trastomhas ó 26 go 38 mm orthu agus meáchan 10-13 g, ag brath ar fhás an bhia. |
|
— |
cruth: croíchruth rialta air, gas meánfhada nó fada air ar furasta é a scaradh ón toradh. |
|
— |
dath an chraicinn: ó ghlédhearg go beagnach dubh, ag brath ar an leibhéal aibíochta, |
|
— |
an bia: é teann úrbhriosc, uigeacht dhlúth. Tá an toradh in ann an t-iompar agus an stóras a sheasamh go maith. |
|
— |
blas: taitneamhach searbh agus milis |
Tá na saintréithe ceimiceacha seo a leanas ag “Nagykörai ropogós cseresznye”:
Cion siúcra: 14–18 ° Brix
Aigéadacht: 0,6–0,8 g/100 g
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
—
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a thógáil sa limistéar geografach sainithe
Is sa limistéar geografach a shainítear i bpointe 4 a dhéantar “Nagykörűi ropogós cseresznye” a tháirgeadh agus a bhuaint.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Tá limistéar táirgthe “Nagykörűi ropogós cseresznye” suite laistigh de theorainn riaracháin shráidbhaile Nagykörű.
5. Nasc leis an limistéar geografach
An nasc atá ag “Nagykörűi ropogós cseresznye” leis an limistéar geografach, is ar an gcáilíocht atá sé bunaithe.
Is mó ná an meán torthaí “Nagykörűi ropogós cseresznye”. Tá blas taitneamhach milis is searbh ar “Nagykörűi ropogós cseresznye” a bhuí le cion ard siúcra agus aigéadacht chothrom. A úrbhrisce atá sé, mar gheall ar uigeacht theann an bhia, is é sin an difríocht idir é agus silíní a tháirgtear i limistéir gheografacha eile. Is féidir “Nagykörai ropogós cseresznye” a choinneáil úr sa chuisneoir ar feadh coicíse. A bhuí leis an mbia teann tá sé so-iompartha. Cuidíonn na hairíonna sin lena seilfré mhaith.
Tá Nagykörű suite i lár Chontae Jász-Nagykun-Szolnok ar an Machaire Mór, díreach ar an Abhainn Tisza. Is ó lár an ochtú haois déag atá torthaí agus fíonchaora á dtáirgeadh in úlloird agus fíonghoirt imfhálaithe. Go gairid ina dhiaidh sin cuireadh dlús le táirgeadh an tsilín a bhfuil clú agus cáil anois air ar fud an domhain agus is dá bharr sin a forbraíodh an silínghort is mó san Ungáir, arb é 200 heicteár a achar. Tá an silín le feiceáil ar armas an bhardais rud atá ina theist nach beag a thábhacht i ngeilleagar an bhardais. I lúba Abhann Tisza atá an limistéar geografach seo suite agus tá micrea-aeráid ar leith aige.
Is iad seo a leanas saintréithe geolaíocha, hidreagrafacha agus aeráide Abhantraí Nagykörű:
Ón uair nárbh ann don Mhuir Phanónach a thuilleadh, líonadh an limistéar le sil-leagan aibhneacha is foinse dóibh Sléibhte Mátra, limistéar a bhí á bhá níos tapa ná mar a bhí an timpeallacht thart air. Is é atá sa dromchla, go dtí na déaga de mhéadair, gaineamh, siolta agus cré tuilemhá Holaicéineaí de mhéideanna cáithníní éagsúla. Chomh maith leis sin, de bharr gurbh an do thuilemhá cheana, clúdaíodh na bruacha arda le lós insilte arna leagan síos ina dhiaidh sin le hithir ghlárach. An tuilemhá arb ann dí dá bharr sin, níl gréasán uisce dhromchla inti, agus meastar gurb idir 2 agus 4 m ar airde atá an clár screamhuisce i limistéir nach mbíonn tuilte iontu.
Ar phríomhthréithe staitistiúla na haeráide tá airmheán teochta bliantúil 10 °C; meánfhrasaíocht bhliantúil idir 300 mm agus 700 mm; 2 100 uair an chloig gréine agus meántaise choibhneasta bhliantúil 82 %.
Leis an ithir ghlárach ardchaighdeáin agus struchtúir éadroim a dtugtar tuairisc uirthi thuas féadann fréamhacha crainn toraidh a bheith ar aon mhéid leis an gcoróin agus féadann an crann uisce a thógáil ó na sraitheanna ithreach is doimhne. De bhrí go bhfuil an limistéar táirgthe suite gar d’Abhainn Tisza agus mar gheall ar an ithir ghlárach, tá buansoláthar uisce aige. Ciallaíonn sin gur mó ná an meán méid torthaí “Nagykörűi ropogós cseresznye” (26–38 mm ar trastomhas). Le líon ard na n-uaireanta gréine (2 100 in aghaidh na bliana) agus an ithir ghainmheach, a fhrithchaitheann teas na gréine, méadaítear cion siúcra an toraidh (14–18 ° Brix). Tá aigéadacht an toraidh cothromaithe (0,6–0,8 g/100 g) a bhuí leis an ithir sa limistéar a líonadh le sil-leagan aibhneacha a bhfuil a bhfoinse i Sléibhte Mátra. Is é a thagann as gnáthluachanna siúcra agus aigéadachta‘Nagykörűi ropogós cseresznye’blas taitneamhach milis agus aigéadach.
Tá soláthar maith fosfair in ithir na tuilemhá mar a bhí. Tá éifeacht dheimhneach aige sin ar theinne agus ar ré stórais an bhia. Dá bharr sin, tá “Nagykörűi ropogós cseresznye” teann so-iompartha sostóráilte.
A bhuí leis an micrea-aeráid agus saintréithe na hithreach, is nuair a chuirtear “Petrovay ropogós” chomh maith le cineálacha eile a liostaítear i bpointe 3.2 agus athraithigh díobh sa limistéar geografach seo, agus sa limistéar seo amháin, a tháirgtear an toradh mór úrbhriosc glédhathach croíchruthach atá 26–38 mm ar trastomhas, ag teacht le saintréithe an chineáil agus a bhfuil blas taitneamhach milis is searbh air.
Anuas ar na dálaí nádúrtha áitiúla, is mór í tábhacht na tosca daonna; saineolas agus taithí na dtáirgeoirí áitiúla, go háirithe, arna gcur ar aghaidh ó ghlúin go glúin ar feadh 150 bliain, a bhaineann le bearradh, cosaint plandaí, ullmhú ithreach, soláthairtí cothaitheach, agus thar aon ní eile, an t-eolas atá acu ar an mbuaint agus ar shaintréithe sonracha na gcineálacha silín. Is de láimh a dhéantar an bhuaint. Is gá saineolas agus taithí mhór chun an toradh a bhrath agus na silíní atá sách teann aibí a roghnú. Ar na cúraimí atá ar Nagykörűi Virágzástól Befőzésig – Helyi Termék Klub és Turisztikai Egyesület [Ó Phlúr go Próca – Cumann Táirge Áitiúil agus Comhlachas Turasóireachta] áirítear an cineál áitiúil “Petrovay ropogós” a shaothrú, an phlandlann a rith agus ábhar atáirgthe a tháirgeadh. Feidhmíonn Nagykörűi Virágzástól Befőzésig – Helyi Termék Klub és Turisztikai Egyesület mar bhunachar eolais freisin agus cuirtear faisnéis ar fáil d’fheirmeoirí faoi chosaint plandaí agus faoina saothrú.
Tá an Fhéile Silíní (Cseresznyefesztivál) á reáchtáil i sráidbhaile Nagyköra i mí an Mheithimh gach bliain ó 1996 i leith agus ceiliúrtar ann teacht chun aibíochta na silíní. Tháinig forbairt uirthi le himeacht ama agus is imeacht traidisiúnta mórscála anois í a mbíonn sluaite móra daoine ag freastal uirthi (idir ceithre mhíle agus cúig mhíle duine).
“Silínghort na hUngáire” a tugadh ar Nagykörű i roinnt alt sna nuachtáin agus ar chláir raidió (Magyar Nemzet, 2003; Szabad Föld, 2007; Népszabadság, 2013; Kossuth Rádió, Hajnal-táj [Adhmhaidin tuaithe], an 12 Deireadh Fómhair 2018; Duna Tv Ízőrzők [Coimirceoirí na mblasanna], clár cultúrtha cócaireachta, an 5 Nollaig 2019). Chomh maith leis sin tá “Nagykörűi ropogós cseresznye” curtha i láthair ag cláir theilifíse ar na bealaí phoiblí agus na táirgí a dhéantar as an toradh, lena n-áirítear silíní triomaithe, subh, síoróip, tae gas silín, adhairt cloiche silín, pálinka silín [branda], cáiseanna silín thriomaithe, iógart gabhair agus silíní ann agus gallúnach ceardaíochta silíní. Ina theannta sin reáchtálann an bardas fóraim ghairmiúla do shaothróirí silíní.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
https://gi.kormany.hu/foldrajzi-arujelzok
|
2.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/19 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2022/C 179/07)
Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
“Finocchio di Isola Capo Rizzuto”
Uimh. AE: PGI-IT-02650 – 14.12.2020
STFC ( ) TGFC (X)
1. Ainmneacha [STFC nó TGFC]
“Finocchio di Isola Capo Rizzuto”
2. Ballstát nó Tríú Tír
an Iodáil
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. Cineál táirge
Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Leis an ainm “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” tagraítear do hibridí/cineálacha nua den speiceas Foeniculum vulgare Mill., den fhospeiceas capillaceum, var. dulce nó azoricum, a fhástar sa limistéar críochaithe dá dtagraítear i bpointe 4 thíos.
Bunaithe ar an tréimhse fáis, aicmítear an TGFC “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” mar chineál luath nó déanach, agus na tréithe seo a leanas aige:
|
1. |
“Finocchio di Isola Capo Rizzuto TGFC” - cineál luath:
|
|
2. |
“Finocchio di Isola Capo Rizzuto TGFC” - ceann déanach:
|
Tá na saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha seo a leanas ag “Finocchio di Isola Capo Rizzuto”, bunaithe ar thorthaí na dtástálacha painéil a rinneadh:
Saintréithe cheimi-fhisiceacha:
|
— |
Luaith (ábhar tirim): ≤ 1,2 % |
|
— |
Rátáil athraonmhéadrach: ≥ 6,0° Brix |
|
— |
Siúcraí iomlána ≥ 3 % |
Féadfar an táirge a mhargú faoi fhormáid “mozzarella” i.e. an chuid bhleibíneach gan na gais air, agus an chuid sin amháin.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
–
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a thabhairt sa limistéar geografach sainithe
Ní mór gach ceann de na céimeanna táirgthe (fás, sórtáil agus pacáistiú tosaigh) a dhéanamh sa limistéar dá dtagraítear i bpointe 4 thíos.
3.5. Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
–
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Chomh maith le lógó TGFC an Aontais agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm, ní mór na focail “IGP Finocchio di Isola Capo Rizzuto” agus an lógó le haghaidh an ainmniúcháin a bheith le feiceáil ar an bpacáistíocht freisin. Féach Fíor 1 thíos le haghaidh an leagain dhaite, an leagain dhuibh agus bháin (deimhneach) agus an leagain dhuibh agus bháin (diúltach).
Ní mór a bheith ar an bpacáistíocht freisin an fhaisnéis uile is gá lena sainaithnítear ainm agus seoladh nó ainm cuideachta agus oifig chláraithe an táirgeora aonair nó an chomhlachais táirgeoirí agus an phacálaí.
Lógó
Is é seo lógó TGFC:
|
An leagan daite |
An leagan deimhneach dubh agus bán |
An leagan diúltach dubh agus bán |
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Áirítear i limistéar táirgthe an TGFC “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” críoch riaracháin iomlán na mbardas Botricello agus Belcastro i gcúige Catanzaro agus bardais Mesoraca, Cutro, Isola di Capo Rizzuto, Crotone, Rocca di Neto agus Strongoli i gcúige Crotone.
5. Nasc leis an limistéar geografach
An t-iarratas ar fhormheas “Finocchio di Isola Capo Rizzuto”, tá sé bunaithe ar an nasc idir cáilíocht an táirge mar gheall ar an limistéar geografach agus an clú atá air.
An clú atá ar “Finocchio di Isola Capo Rizzuto”, tá sé bunaithe ar an meascán de dhálaí agranamaíocha agus aeráide atá sa limistéar táirgthe, rud a fhágann gur maith a oireann sé do tháirgeadh an ghlasra seo.
Go sonrach, dálaí aeráide an-bhog a bhíonn ann sa gheimhreadh agus san earrach; a bhuí leis an ithir dhúrabháin ghainmheach ag a bhfuil maoschlár atá an-ghar don dromchla, is féidir na plandaí a chur faoi strus uisce rialaithe, rud a chuireann beagán leis an tearcfhás agus leis an ábhar tirim íseal a dhéanann an finéal níos brisce agus súmhaire.
Ina theannta sin, níl aon fhriotaíocht san ithir scaoilte i gcoinne na mbleibeanna agus iad ag fás, rud a fhágann gur foirfe an foirmiú a thagann ar an táirge gan aon mhíchuma a theacht ar na cineálacha difriúla.
Fágann saintréithe na hithreach nach dtagann “muineál fada” ach ar chéatadán beag de na bleibeanna finéil. Is éard atá i gceist leis an teicníc saothraithe, trasphlandú a dhéanamh ag doimhneacht ónar gnách a chuirtear táirge atá iomlán bán á tháirgeadh. Cuidíonn éadroime na hithreach leis an dara saintréith sin freisin.
Mar fhianaise ar an dlúthnasc idir oiriúnacht an limistéir agus an sonrúchán “Finocchio di Isola Capo Rizzuto”, is díol spéise é an nós forleathan atá ann ceapacha agus gabháltais a ainmniú as logainmneacha clúiteacha sa limistéar. D’úsáidtí na hainmneacha sin beagnach i gcónaí chun aicmiú a dhéanamh ar na táirgí a fásadh sna limistéir sin agus bhí siad bunaithe freisin ar cé chomh rathúil a bhí táirge ar leith ar an margadh ag an am. Sin an fáth a dtugtaí “terreni per finocchi di Isola” (talamh fhinéal Isola) ar limistéir chósta Iónach ar an taobh ó dheas de Capo Rizzuto, agus sin ag síneadh, trí Capo Colonna (Crotone), chomh fada le cósta Strongoli Marina sa tuaisceart.
Cé go bhfuil fianaise ann go bhfuil “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” á chur ar an margadh ó bhí tús an fichiú haois ann, is sa dara leath den chéad seo caite a chuaigh sé i dtábhacht ar mhargaí torthaí agus glasraí na hIodáile, go háirithe sa tréimhse idir mí na Samhna agus mí na Bealtaine.
A fhianaise agus a dheimhniú sin na himeachtaí reiligiúnacha agus na himeachtaí fíona agus bia, agus na féilte áitiúla atá ar siúl ar feadh roinnt blianta anois in Piazza del Popolo, áit atá i gcroílár bhaile Isola di Capo Rizzuto.
Ba cheart tagairt a dhéanamh freisin d’fhéilte “Ortomercato” an 1 Bealtaine a reáchtáladh in 1991 agus in 1992 chun táirgí áitiúla a chur chun cinn, lena n-áirítear “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” a fhástar sa bhardas, agus do na féilte a bhí dírithe go hiomlán ar “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” a reáchtáladh an 27 Márta 1983 agus an 1 Aibreán 1984.
I gcomhthráth leis an gceiliúradh in onóir “Madonna Greca”, naomhphátrún Isola Capo Rizzuto, tá “Festa degli Agricoltori” [Féile na bhFeirmeoirí] á reáchtáil ó bhí deireadh na 1990idí ann. Tugann sin chun suntais a thábhachtaí atá an táirge sa chríoch a mheastar a bheith an-oiriúnach chun “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” a tháirgeadh.
Imeacht bliantúil rialta anois idir deireadh mhí Aibreáin agus tús mhí na Bealtaine is ea an t-imeacht athsheolta “Sagra del Finocchio di Isola Capo Rizzuto” (féile “Finocchio di Isola Capo Rizzuto”), arb imeacht é ar chuir roinnt mórmheán de chuid na hIodáile spéis ann go fiú. Mar shampla, bhí féile an 28 Aibreán 2018 sa chraoladh teilifíse “Ricette all’italiana” (oidis Iodálacha) ar chainéal Rete 4) agus i bhféile an 11 Bealtaine 2019, is d’aon ghnó a úsáideadh an téarma “Finocchio d’ORO”, arb é a thuigtear leis “il tesoro di Isola di Capo Rizzuto” (seoid Isola di Capo Rizzuto) (11 Bealtaine 2019, Palazzo Vescovile, Isola di Capo Rizzuto)’.
Deimhniú eile a chuireann le cáil “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” thar thréimhse is faide ná 30 bliain is ea gur roghnaigh an tionscnamh “Fresco di Legalità” (Úr agus Dlíthiúil), tionscnamh a eagraíodh in 2009, gur roghnaigh sé an táirge céanna mar shiombail dár fásadh agus dár saothraíodh ar thalamh a athshlánaíodh ó ’Ndrangheta i mbardas Isola Capo Rizzuto. Is é Associazione Libera Terra [An Comhlachas um an Talamh a Aisghabháil] a d’eagraigh an tionscnamh, is é Don Ciotti i gcomhar le Maoracht Crotone agus Deoise Crotone - Santa Severina a chuir ar bun é, arna thacú ag Confederazione Italiana Agricoltori [Cónaidhm Fheirmeoirí na hIodáile], COPAGRI [Cónaidhm na dTáirgeoirí Talmhaíochta], ACLI Terra [Comhlachas Oibrithe Críostaí na hIodáile - Talamh], CONFAGRICOLTURA [Cónaidhm Ghinearálta um Thalmhaíocht na hIodáile] agus COLDIRETTI [Cónaidhm Náisiúnta na Saothróirí Díreacha].
Léiriú eile ar an aitheantas atá bainte amach ag an táirge is ea gurb airde na praghsanna a ghearrtar ar “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” ná mar a ghearrtar ar fhinéal cineálach, go fiú sa mhargadh mórdhíola:
Deimhnítear an cháil atá ar “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” freisin leis an mblas atá air agus leis na saintréithe orgánaileipteacha atá aige. Rinne an tsaotharlann “pH S.R.L” in Tavernelle (cúige Fhlórans) tástálacha céadfacha an 8 Bealtaine 2017 agus an 11 Meitheamh 2020 chun comhpháirteanna orgánaileipteacha/céadfacha “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” a chinneadh. Is é an tuairisc a thug an painéal saineolaithe ar an bhfinéal go bhfuil “dea-bholadh príomhúil sainiúil agus láidir air gan aon bhlaiseadh eachtrannach...ar gnách blas an-séimh a bheith air, an-úr sa bhéal agus briosc nuair a chognaítear é”.
Luaitear na saintréithe orgánaileipteacha sin freisin san iris dhésheachtainiúil “Il Crotonese” an 6 Márta 2020, ina raibh alt le Franco Laratta á lua go bhfuil “Finocchi di Isola Capo Rizzuto colpiscono per l’aroma persistente e per quel sapore indimenticabile” (“go bhfuil ar Finocchio di Isola Capo Rizzuto dea-bholadh marthanach agus blas nach ndéanfar dearmad go deo air”) agus an boladh atá ar ‘Finocchio di Isola Capo Rizzuto go dtugann sin na saintréithe don tírdhreach ar bhealach uathúil suaithní.
Lean “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” dá sciar den mhargadh a choinneáil ar bun, rud lenar threisigh an dea-cháil atá ar a ainm agus ar a stair. Comhábhar lárnach in oidis thraidisiúnta go leor sa limistéar is ea “Finocchio di Isola Capo Rizzuto”, a bhfuil clú air i measc cócairí agus saineolaithe gastranamaíochta mar gheall ar a bhlas sainiúil agus ar a mhéad feidhmeanna cócaireachta atá aige (é úr nó bácáilte, i milseogra nó i dtorthaí leasaithe, etc.)
Ar na blaganna cócaireachta is mó a bhfuil tóir orthu ar an idirlíon tá oidis le fáil ina luaitear go sainráite “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” a bheith i measc a gcomhábhar. Na blaganna sin atá dírithe ar oidis chócaireachta, leagtar amach iontu na céimeanna atá le glacadh chun miasa a ullmhú agus is é “Finocchio di Isola Capo Rizzuto ar nós veilbhite” an tagairt shonrach a dhéantar don fhinéal sin. In “A casa tua in tour” le Anna Aloi in 2017 (arb é an cainéal YouTube “IGB A CASA TUA” anois é), tagraítear do “Zuppa speziata di cannellini e finocchi di Isola Capo Rizzuto” mar anraith spíosrach atá déanta le pónairí canailíní agus “Finocchio di Isola Capo Rizzuto”. Tá oidis le fáil freisin ar chuntais meán sóisialta ag cócairí a bhfuil réaltaí Michelin bainte acu (Giuseppe Romano, Antonio Biafora, Antonio Abbruzzino), ar cócairí iad a shocraigh “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” a úsáid mar amhábhar le haghaidh roinnt dá n-ullmhóidí, amhail na hoidis “Rognone, finocchio di Isola Capo Rizzuto e anice stellato” [duán, Finocchio di Isola Capo Rizzuto agus réalt-ainís] agus “Animella, acciughe e Finocchio di Isola Capo Rizzuto” [dúlia, ainseabhaithe agus Finocchio di Isola Capo Rizzuto].
Tá an iliomad tagairtí in irisí agus/nó i bhfoilseacháin freisin (sliocht as Treoir Bia agus Fíona na hirise “Touring Club Italiano” an 28 Samhain 2006, “A tavola tra Storia e Leggenda” [Timpeall an tábla le scéalta agus finscéalta] ó Bhord Turasóireachta Réigiún Calabria, chomh maith le cláir teilifíse aitheanta ar nós “L’ingrediente perfetto” [An Comhábhar Foirfe] ar an gcainéal La7 a craoladh an 19 Eanáir 2020.
Léirítear clú an ainm “Finocchio di Isola Capo Rizzuto” a bhuí leis an mbreis agus 2 000 toradh a ghineann na hinnill chuardaigh is coitianta a úsáidtear ar an idirlíon.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
http://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/3335