|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 167 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 167/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10678 – AIP / MACQUARIE / ABERDEEN / ONIVIA) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2022/C 167/02 |
||
|
2022/C 167/03 |
||
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 167/04 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
|
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne |
|
|
2022/C 167/05 |
||
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 167/06 |
||
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 167/07 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10634 – CVC / GAMING1) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
2022/C 167/08 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10571 – HSBC SINGAPORE / TEMASEK / JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
2022/C 167/09 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10645 – ETEX / XI (INSMAT) HOLDINGS) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 167/10 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
21.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 167/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10678 – AIP / MACQUARIE / ABERDEEN / ONIVIA)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 167/01)
An 7 Aibreán 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10678. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
|
21.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 167/2 |
Conclúidí ón gComhairle maidir le soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí a fheabhsú, go háirithe soghluaisteacht Eorpach, le linn a n-oideachais agus a n-oiliúna tosaigh agus inseirbhíse
(2022/C 167/02)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
I gCOMHTHÉACS AN MHÉID SEO A LEANAS:
1.
Na Conclúidí ón gComhairle maidir le múinteoirí agus oiliúnóirí Eorpacha (1) don todhchaí, ina n-iarrtar ar na Ballstáit institiúidí oideachais agus oiliúna a spreagadh chun soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí a leabú (2) ina gcuid straitéisí foghlama, forbartha agus idirnáisiúnúcháin.
2.
An Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030), lena mbunaítear mar an dara tosaíocht straitéiseach aige “foghlaim ar feadh an tsaoil agus an tsoghluaisteacht a chur i gcrích do chách”, lena n-áirítear do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí múinteoirí agus mar an tríú tosaíocht straitéiseach aige “inniúlachtaí agus inspreagadh a fheabhsú i ngairm an oideachais”.
3.
Gealltanas Sóisialta Porto an 7 Bealtaine 2021, atá bunaithe ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a fógraíodh ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Göteborg 2017 agus lena n-iarrtar infheistíocht a dhéanamh i scileanna, i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus in oiliúint a fhreagraíonn ar riachtanais an gheilleagair agus na sochaí, chun an sprioc 60 % ar a laghad d’Eorpaigh a bheith ag dul faoi oiliúint gach bliain a bhaint amach, faoi 2030.
4.
Na Conclúidí ón gComhairle maidir le cothromas agus cuimsiú san oideachas agus san oiliúint chun rath san oideachas a chur chun cinn do chách, ina n-iarrtar ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghanntanais múinteoirí go háirithe san oideachas riachtanas speisialta agus i dtimpeallachtaí ilchultúrtha agus ilteangacha. Is féidir leis an tsoghluaisteacht tionchar dearfach bheith aici ar ghanntanais múinteoirí tríd an ngairm a dhéanamh níos tarraingtí.
An cúlra polaitiúil Á MHEABHRÚ DI, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn é,
I bhFIANAISE AN MHÉID SEO A LEANAS:
5.
Tuarascáil Eurydice 2021: “Teachers in Europe: Careers, Development and Well-being” [Múinteoirí san Eoraip: Gairmeacha, Forbairt agus Dea-bhail], na príomhthorthaí seo a leanas go háirithe:|
a) |
Cuireann an tsoghluaisteacht thrasnáisiúnta le forbairt raon leathan inniúlachtaí i measc múinteoirí. However, only a minority of teachers in Europe have been abroad for professional purposes. In 2018, 40.9 % of teachers in the EU had been mobile at least once as a student, as a teacher, or both [Mar sin féin, ní raibh ach mionlach de mhúinteoirí san Eoraip thar lear ar chúiseanna gairmiúla. In 2018, bhí 40.9 % de mhúinteoirí san Aontas ag taisteal uair amháin ar a laghad mar mhac léinn, mar mhúinteoir, nó sa dá cháil sin araon] (3). Tá difríochtaí suntasacha sa ráta rannpháirtíochta idir tíortha Eorpacha, agus idir na hábhair a mhúintear freisin, toisc gur rómhinic fós an tsoghluaisteacht a bheith ina saincheart ag múinteoirí teanga. Léiríonn treochtaí sa tsoghluaisteacht múinteoirí laistigh den chlár Erasmus+ freisin go nglacann formhór na múinteoirí páirt i gcúrsaí thar lear, agus nach minic a bhaintear leas as postscáthú i scoileanna ná poist mhúinteoireachta in ainneoin an tionchair níos láidre a bhíonn acu (4). |
|
b) |
Tá sé tábhachtach go mbeadh an tsoghluaisteacht thrasnáisiúnta mar chuid d’oideachas tosaigh múinteoirí. Chomh maith leis an tairbhe a bhaineann léi don mhúinteoir ionchasach, mar gheall ar an tsoghluaisteacht sin, méadaítear rannpháirtíocht sa tsoghluaisteacht ag amanna eile le linn a ghairme. Mar sin féin, níl soghluaisteacht múinteoirí ionchasacha le linn a gcuid staidéir coitianta. In 2018, níor thuairiscigh ach thart ar an gcúigiú cuid de mhúinteoirí meánscoile sóisearaí (20.9 %) san Aontas go ndeachaigh siad thar lear le linn a gcuid staidéar. Cuirtear soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí chun cinn agus tugtar urraíocht di ar leibhéal an Aontais agus féadfaidh sí tacaíocht a fháil ó scéimeanna cistiúcháin ar an leibhéal náisiúnta freisin. |
6.
Na príomhbhaic ar shoghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí, lena n-áirítear saincheisteanna airgeadais agus aitheantais.|
a) |
Maidir le múinteoirí ionchasacha agus oiliúnóirí, is fiú a thabhairt ar aire go laghdaítear luach na scéimeanna soghluaisteachta uaireanta de bharr deacrachtaí lena n-aithint go hacadúil. Ní féidir i gcónaí, i ngeall ar chláir oideachais na múinteoirí, tréimhsí soghluaisteachta a chaitheamh thar lear. Ina theannta sin, ní bhíonn oiliúnóirí i gcónaí páirteach i dtréimhsí soghluaisteachta [...] ar feadh gach leibhéal dá gcuid oideachais. D’fhéadfaí nach n-aithneofaí na cúntóireachtaí múinteoireachta agus oiliúna is féidir a dhéanamh i dtíortha Eorpacha eile mar dhlúthchuid d’oideachas tosaigh múinteoirí agus oiliúnóirí, go háirithe mar thaithí atá comhionann le hoiliúint ionscoile in institiúid náisiúnta oideachais agus oiliúna. |
|
b) |
I gcás múinteoirí agus oiliúnóirí atá i mbun a ngairme, áirítear ar na baic freagrachtaí teaghlaigh agus deacrachtaí maidir le múinteoirí agus oiliúnóirí ionaid a shocrú. |
|
c) |
Thairis sin, is saincheist trasghearrtha í an easpa inniúlachtaí teanga. |
|
d) |
Ina theannta sin, tá leibhéal suntasach rialála ar an leibhéal náisiúnta i ngairm na múinteoireachta agus tá difríochtaí i struchtúrú na mblianta scoile idir na Ballstáit. Cé gur comhartha é sin ar éagsúlacht agus ar shaibhreas na gcóras náisiúnta oideachais agus oiliúna san Aontas, d’fhéadfadh sin bac a chur ar oiliúint ionscoile a eagrú, mar shampla, postscáthú, cúntóireacht nó post múinteoireachta. |
7.
Na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, lenar léiríodh gur gá sealbhú agus úsáid scileanna agus inniúlachtaí digiteacha sa mhúinteoireacht agus san fhoghlaim a chur san áireamh in oideachas agus oiliúint tosaigh agus inseirbhíse múinteoirí agus oiliúnóirí. Maidir le cineálacha cumaiscthe gníomhaíochta lena gcomhcheanglaítear soghluaisteacht fhisiciúil le foghlaim fhíorúil nó le malartú ar líne, cuirtear na dálaí a ghabhann le forbairt den sórt sin chun cinn agus is féidir dea-chleachtais a mhalartú.
AITHNÍONN SÍ AN MÉID SEO A LEANAS:
8.
Is iad na múinteoirí agus na hoiliúnóirí bunchloch an Limistéir Eorpaigh Oideachais (LEO) agus tá ról ríthábhachtach acu inár sochaí. Is barrrshamhail iad múinteoirí agus oiliúnóirí d’éascaíocht sealbhaithe eolais agus luachanna agus de chur chun cinn na saoránachta gníomhaí do gach foghlaimeoir. Ionas go gcothófar cuimsiú, cothromas, oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán, nuálaíocht oideolaíoch agus torthaí foghlaimeoirí níos fearr, ní mór do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí a bheith ina ngairmithe ardcháilithe agus ardspreagtha agus ní mór [...] do lucht bainistíochta na scoile tacú leo.
9.
Rannchuidíonn malartuithe tuairimí agus taithí i measc piaraí agus dlúthchomhar idir múinteoirí agus oiliúnóirí, chomh maith le staidéar agus/nó taithí oibre thar lear, go mór le forbairt ghairmiúil múinteoirí agus oiliúnóirí ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna.
10.
Tá an tsoghluaisteacht ar cheann de na príomheilimintí le aghaidh múinteoirí agus oiliúnóirí atá i mbun a ngairme agus múinteoirí agus oiliúnóirí ionchasacha. Is cabhair í chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin choiteanna atá os comhair na mBallstát maidir le gairm na múinteoireachta. Go háirithe, le soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí atá i mbun a ngairme agus múinteoirí agus oiliúnóirí ionchasacha táthar ag súil go ndéanfar an méid seo a leanas:|
a) |
cur le forbairt phearsanta agus acadúil múinteoirí agus oiliúnóirí, agus a bhféinmhuinín a chothú ag an am céanna; |
|
b) |
feabhas a chur ar chleachtas gairmiúil múinteoirí agus oiliúnóirí agus ar a n-eolas, scileanna agus inniúlachtaí oideolaíocha, agus ar a n-inoiriúnaitheacht, infhostaitheacht agus forbairt gairme; |
|
c) |
cabhrú le múinteoirí agus le hoiliúnóirí acmhainneacht a fhorbairt chun tionchar a imirt ar na cleachtais ina n-institiúidí oideachais agus oiliúna féin, agus sa chóras oideachais agus oiliúna i gcoitinne, agus na cleachtais sin a fheabhsú; |
|
d) |
cur le mealltacht ghairm na múinteoireachta. |
11.
Anuas ar na héifeachtaí dearfacha a bhíonn ag an tsoghluaisteacht ar spreagadh, eolas, scileanna agus inniúlachtaí agus ar chonairí gairmiúla múinteoirí agus oiliúnóirí, téann an tsoghluaisteacht Eorpach go háirithe chun tairbhe freisin do chórais náisiúnta oideachais agus oiliúna agus d’fhéadfadh sí iad a fheabhsú ós rud go ndéanann sí an méid seo a leanas:|
a) |
treisíonn sí acmhainneacht múinteoirí agus oiliúnóirí a bheith nuálach agus a marana dhéanamh ar chleachtais d’fhonn freastal níos fearr ar riachtanais foghlaimeoirí; |
|
b) |
cabhraíonn sí le braistint na múinteoirí agus na n-oiliúnóirí go mbaineann siad le pobal múinteoireachta agus foghlama Eorpach trí na naisc a chruthaítear le linn agus i ndiaidh eispéiris soghluaisteachta, spreagann sí soghluaisteacht foghlaimeoirí, agus, ar bhonn níos ginearálta, is cabhair í chun gné Eorpach a fhorbairt i ngníomhaíochtaí agus i dtionscadail a n-institiúidí oideachais agus oiliúna, agus i straitéisí idirnáisiúnta, tá, dá bhrí sin, tionchar aici ar an gcóras oideachais agus oiliúna ina iomláine. |
|
c) |
eispéireas foghlama cumhachtach is ea an tsoghluaisteacht, a d’fhéadfadh tionchar mór a imirt ar mhúinteoirí agus oiliúnóirí atá i mbun a ngairme agus ar mhúinteoirí agus oiliúnóirí ionchasacha chomh maith. Ba cheart dóibh a bheith ar an eolas faoi na deiseanna soghluaisteachta atá ar fáil agus ba cheart iad a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa tsoghluaisteacht le linn a n-oideachais agus a n-oiliúna tosaigh agus inseirbhíse. |
|
d) |
tacaíonn sí le forbairt líonraí múinteoirí agus oiliúnóirí ar fud na hEorpa. |
12.
Is príomheilimint í soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí san Eoraip chun muinín a chothú, an comhar a fheabhsú agus chun an chomhthuiscint a chur chun cinn i measc na mBallstát i dtaca lena gcórais oideachais agus oiliúna. Tá sí ríthábhachtach freisin luachanna coiteanna Eorpacha a chothú, chomh maith leis an ilteangachas agus an t-ilchultúrachas a chur chun cinn.
AONTAÍONN SÍ LEIS AN MÉID SEO A LEANAS:
13.
Ba cheart Limistéar Eorpach Oideachais (LEO) uaillmhianach a bheith bunaithe ar mhúinteoirí agus oiliúnóirí ardinniúla díograiseacha. Ba cheart féachaint ar an tsoghluaisteacht Eorpach mar thairbhe d’oideachas agus d’oiliúint múinteoirí agus oiliúnóirí ionas go ndéantar an rochtain ar na cineálacha éagsúla cur chuige i leith na múinteoireachta ardcháilíochta a leathnú agus chun freastal ar riachtanais foghlaimeoirí. Leis an ngné Eorpach d’fhéadfaí breisluach a thabhairt don oiliúint ghairmiúil agus/nó do chleachtas na múinteoirí nó na n-oiliúnóirí faoi seach faoi chuimsiú na gcóras náisiúnta oideachais.
14.
Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhúinteoirí agus ar oiliúnóirí ionchasacha agus ar an rochtain atá acu ar an tsoghluaisteacht, go háirithe ar an tsoghluaisteacht Eorpach, mar chuid dá n-oideachas agus dá n-oiliúint tosaigh i gcomhréir leis na córais náisiúnta oideachais agus oiliúna. Réitíonn sé sin an bealach le haghaidh na soghluaisteachta ag céimeanna níos faide anonn ina ngairm.
15.
Chun go mbeidh LEO ann faoi 2025 agus chun deiseanna soghluaisteachta a chur ar fáil do gach múinteoir agus oiliúnóir, ní mór na bacainní atá ann cheana a bhaint, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis na córais agus na beartais náisiúnta oideachais.
16.
Beidh an méid seo a leanas go háirithe chun tairbhe do shoghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí:|
a) |
cláir chistiúcháin amhail Erasmus+; |
|
b) |
an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile a bheidh ann amach anseo, ina n-áireofar r-Nascadh agus an Tairseach Oideachais Scoile, EPALE, chomh maith le haon tionscnaimh lena gcuirtear comhpháirtíochtaí idir institiúidí oideachais agus oiliúna chun cinn san Aontas; |
|
c) |
Acadaimh Múinteoirí Erasmus+, a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu i bhfianaise tuilleadh forbairtí tar éis 2025; |
|
d) |
tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, i gcás inarb ábhartha. |
17.
Ba cheart leanúint den tsoghluaisteacht do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí a chur chun cinn agus a leathnú chun cleachtas coiteann a dhéanamh díobh. D’fhéadfaí faireachán a dhéanamh ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais ar mhéid soghluaisteachta múinteoirí agus oiliúnóirí san oideachas agus san oiliúint tosaigh agus inseirbhíse. Ba cheart sainordú a thabhairt don Bhuanghrúpa um Tháscairí agus Tagarmharcanna scrúdú a dhéanamh ar fhoirmeacha iomchuí bailithe sonraí chun soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí a thomhas. Ba cheart torthaí na scrúduithe sin a chur san áireamh maidir leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an gcreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (5).
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH I gCOMHRÉIR LEIS NA hIMTHOSCA NÁISIÚNTA AGUS LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA:
|
18. |
Deiseanna a chothú le haghaidh soghluaisteacht Eorpach múinteoirí agus oiliúnóirí, trí, mar shampla, deireadh a chur leis na baic atá ann cheana i gcás inarb iomchuí, tacaíocht eagraíochtúil agus airgeadais a chur ar fáil nuair is féidir, réitigh a chomhroinnt maidir le múinteoirí agus oiliúnóirí ionaid a eagrú, agus cláir shoghluaisteachta a chur chun cinn. |
|
19. |
Deiseanna a chothú le haghaidh soghluaisteacht ceannairí scoile agus an tsoghluaisteacht sin a spreagadh ina measc, ar mhaithe leis na tairbhí dá ngairm féin agus dá n-institiúidí oideachais agus oiliúna, ach mar mhodh freisin chun tacú le soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí agus í a chur chun cinn. |
|
20. |
An tsoghluaisteacht a chomhtháthú i gcórais oideachais agus oiliúna do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh oideachas agus oiliúint tosaigh agus inseirbhíse araon. Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí Erasmus+ a chur chun cinn, e.g. Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ agus Ollscoileanna Eorpacha. D’fhéadfadh an taithí dhéthaobhach ar an gcomhar a bheith mar thúsphointe agus mar spreagadh chun tuilleadh forbartha a dhéanamh. |
|
21. |
Aitheantas foirmiúil a éascú, i gcás inarb iomchuí, do thorthaí tréimhsí soghluaisteachta, go háirithe do thréimhsí múinteoireachta agus oiliúna thar lear, in oideachas tosaigh múinteoirí agus oiliúnóirí, le haghaidh forbairt ghairmiúil nó dul chun cinn gairme. |
|
22. |
Féachaint ar bhealaí chun foghlaim teangacha iasachta ar ardchaighdeán a chothú i gcórais oideachais agus oiliúna tosaigh agus inseirbhíse do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí, i gcás inarb iomchuí, chun a rannpháirtíocht i gcláir shoghluaisteachta a mhéadú, chun na hinniúlachtaí a theastaíonn chun obair a dhéanamh le hacmhainní eachtracha agus le hábhair eachtracha a fhorbairt. |
|
23. |
Chun ligean do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí ar mian leo a bheith soghluaiste, idirthréimhsí soghluaisteachta a shainaithint agus a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí agus aird chuí á tabhairt ar neamhspleáchas na n-institiúidí, le haghaidh múinteoirí agus oiliúnóirí atá i mbun a ngairme agus múinteoirí agus oiliúnóirí ionchasacha araon, is é sin, tréimhsí den scoilbhliain agus/nó de curaclaim oideachais tosaigh múinteoirí agus oiliúnóirí a mholtar a ceapadh chun rannpháirtíocht sa tsoghluaisteacht a chumasú. D’fhéadfaí a áireamh leis sin tréimhsí a shainaithint a bheadh oiriúnach d’institiúidí oideachais agus oiliúna chun gníomhaíochtaí oiliúna ionscoile a óstáil le haghaidh múinteoirí atá i mbun a ngairme agus múinteoirí ionchasacha araon chomh maith le gníomhaíochtaí conaire oideachais d’oiliúnóirí. |
|
24. |
Úsáid modúl oiliúna is ábhartha agus atá dírithe ar an Eoraip a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí, san oideachas agus san oiliúint tosaigh agus inseirbhíse do mhúinteoirí agus oiliúnóirí, lena bhféadfaí cláir amhail gníomhaíochtaí Jean Monnet a áireamh freisin maidir le bunoideachas agus oideachas meánscoile. |
|
25. |
Fothú acmhainneachta a chothú, i gcás inarb iomchuí, trí chomhar áitiúil agus réigiúnach de chineálacha éagsúla a chur chun cinn, amhail cuibhreannais Erasmus+, faoi stiúir údaráis scoile/institiúidí réigiúnacha a áirithíonn go mbeidh tionchar níos leithne ag tionscadail soghluaisteachta agus go dtacóidh siad le rannpháirtíocht fhisiciúil nó ar líne múinteoirí agus oiliúnóirí ó institiúidí oideachais agus oiliúna níos lú nó níos iargúlta i ndáil le deiseanna forbartha gairmiúla thar lear. |
|
26. |
Tacaíocht a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, d’institiúidí oideachais agus oiliúna agus feabhas á chur ar a n-acmhainneacht a bheith ina n-óstach ar agus tairbhe a bhaint as gníomhaíochtaí soghluaisteachta na múinteoirí agus na n-oiliúnóirí atá i mbun a ngairme agus na múinteoirí agus na n-oiliúnóirí ionchasacha araon. |
|
27. |
Úsáid uirlisí agus ardáin dhigiteacha a chur chun cinn, lena n-áirítear r-Nascadh agus EPALE, chun an tsoghluaisteacht fhisiciúil a chomhlánú agus a ullmhú, chun scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a fheabhsú agus chun tuilleadh comhar trasnáisiúnta a chur chun cinn. |
|
28. |
Deiseanna do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí a spreagadh i ndáil le forbairt ghairmiúil fhianaisebhunaithe inseirbhíse, a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as gníomhaíochtaí soghluaisteachta, agus a d’fhéadfadh staidéir a chur chun cinn a bhaineann le hiarrachtaí Bhallstáit an Aontais maidir le soghluaisteacht múinteoirí, agus gnéithe eile sineirge a lorg le taighde. |
IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN, I gCOMHRÉIR LEIS NA CONARTHAÍ AGUS LE LÁN-URRAIM Á TABHAIRT AR AN gCOIMHDEACHT, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
29. |
Deiseanna a chur chun cinn maidir le soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí tríd an gclár Erasmus+, lena n-áirítear tríd an tacaíocht is gá a chur ar fáil do ghníomhaíocht Acadaimh Múinteoirí Erasmus+, a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu i bhfianaise tuilleadh forbairtí tar éis 2025. |
|
30. |
Na huirlisí atá ann cheana chun soghluaisteacht do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí a spreagadh a mhapáil, agus na huirlisí sin a chur chun cinn trí úsáid a bhaint, mar shampla, as ardáin amhail an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile a bheidh ann amach anseo, (lena n-áireofar r-Nascadh agus an Tairseach Oideachais Scoile atá ann faoi láthair), agus EPALE. |
|
31. |
Féachaint an bhféadfaí creat beartais a fhorbairt ar an leibhéal Eorpach, i gcomhar leis na Ballstáit, chun líon agus cáilíocht na ndeiseanna soghluaisteachta foghlama a mhéadú do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí ionchasacha agus iad siúd atá i mbun a ngairme san Eoraip araon, bunaithe ar a bhfíor-riachtanas soghluaisteachta. D’fhéadfadh creat den chineál sin, mar shampla, tacú le haghaidh a thabhairt ar na baic ar an tsoghluaisteacht, tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun an tsoghluaisteacht agus gné Eorpach den mhúinteoireacht a chur chun cinn san oideachas agus san oiliúint tosaigh múinteoirí inseirbhíse, deiseanna soghluaisteachta foghlama a fhorbairt a thuilleadh, agus faisnéis a chur ar fáil maidir le cistiú agus deiseanna soghluaisteachta. |
|
32. |
Aghaidh a thabhairt ar shoghluaisteacht san obair lena bhfiosrófar an fhorbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh, ar bhonn deonach, ar threoir Eorpach chun creataí náisiúnta gairme agus treoir ar feadh an tsaoil a fhorbairt, agus ar an gcaoi sin, tacú le dul chun cinn gairme múinteoirí agus oiliúnóirí. |
|
33. |
Leanúint d’aitheantas frithpháirteach uathoibríoch do cháilíochtaí a chur chun cinn, agus go háirithe do thréimhsí soghluaisteachta thar lear agus oideachas agus oiliúint á gcur ar mhúinteoirí agus oiliúnóirí (6). |
|
34. |
A bheith ag comhoibriú leis na Ballstáit maidir le hanailís a dhéanamh ar indéantacht agus breisluach na n-idirthréimhsí soghluaisteachta i gcláir staidéir do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí ionchasacha. |
|
35. |
Dul ar ais chuig an gCoiste Oideachais le haghaidh cinntí breise i dtaca le torthaí obair an Bhuanghrúpa maidir le Táscairí agus Tagarmharcanna maidir le faireachán a dhéanamh ar shoghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí, d’fhonn an poitéinseal le haghaidh na soghluaisteachta a chur chun cinn agus a leathnú. |
(1) I gcomhréir leis an sainmhíniú a leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle maidir le múinteoirí agus oiliúnóirí Eorpacha don todhchaí (IO C 193, 9.6.2020, lch. 11), chun críocha na gconclúidí seo, is ionann múinteoir agus duine a aithnítear stádas múinteora (nó a chomhionann) a bheith aige nó aici de réir na reachtaíochta agus an chleachtais náisiúnta, agus is éard is oiliúnóir ann aon duine a chomhlíonann gníomhaíocht amháin nó níos mó atá nasctha leis an bhfeidhm oiliúna (teoiriciúil nó praiticiúil), in institiúid oideachais nó oiliúna nó san ionad oibre. Cuimsíonn sé sin múinteoirí san oideachas ginearálta agus san ardoideachas, múinteoirí agus oiliúnóirí sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint, idir thosaigh agus leanúnach, mar aon le gairmithe oideachais agus cúraim luath-óige agus oideachasóirí aosach.
Tá éagsúlacht mhór idir cúlra oideachais agus struchtúir ghairme na múinteoirí agus na n-oiliúnóirí ó thaobh réimsí éagsúla oideachais agus oiliúna de. Dá réir sin, tá ábharthacht roinnt gnéithe de na conclúidí seo ag brath ar struchtúr na gcóras náisiúnta agus na n-earnálacha aonair oideachais agus oiliúna.
(2) Chun críocha na gconclúidí seo, comhfhreagraíonn “soghluaisteacht” do choincheap na “soghluaisteacht foghlama” mar a shainmhínítear í i Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, eadhon bogadh go fisiciúil go tír nach í an tír chónaithe í, chun staidéar, oiliúint nó foghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil a dhéanamh. Féadfar í a chomhcheangal le “foghlaim fhíorúil”, rud a chiallaíonn eolas, scileanna agus inniúlachtaí a shealbhú trí úsáid a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a ligeann do rannpháirtithe taithí foghlama fóinteach trasnáisiúnta nó idirnáisiúnta a bheith acu.
(3) Eurydice, “Múinteoirí san Eoraip: Gairmeacha, Forbairt agus Dea-bhail”, 2021, lch. 21.
(4) Léiríonn an iarscríbhinn staidrimh a ghabhann le tuarascáil bhliantúil Erasmus+ 2019 gur réamh-mheasadh go mbeadh thart ar 40 600 duine páirteach i dtionscadail KA 101 (soghluaisteacht foirne in oideachas scoile) a ndearnadh conradh ina leith in 2019, i gcúrsaí agus in imeachtaí oiliúna (isteach agus amach ar 75 % de na gníomhaíochtaí soghluaisteachta), go mbeadh 13 209 rannpháirtí i bpostscáthú (thart ar 24 % de na gníomhaíochtaí soghluaisteachta) agus go mbeadh 389 rannpháirtí i bpoist mhúinteoireachta (níos lú ná 1 % de na gníomhaíochtaí soghluaisteachta).
(5) Mar a cuireadh i dtreis sa Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030), foilseoidh an Coimisiún tuarascáil iomlán maidir le LEE in 2025. “Ar bhonn na meastóireachta sin, déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an gcreat straitéiseach – lena n-áirítear spriocanna ar leibhéal an Aontais, struchtúr rialachais agus modhanna oibre” (aistriúchán neamhoifigiúil) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 10).
(6) I gcomhréir le Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear (IO C 444, 10.12.2018, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Cúlra polaitiúil
An Chomhairle Eorpach
|
— |
Conclúidí ón Uachtaránacht – Liospóin, an 23 agus an 24 Márta 2000 |
Comhairle an Aontais Eorpaigh
|
— |
Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir le forbairt ghairmiúil múinteoirí agus ceannairí scoile (IO C 302, 12.12.2009, lch. 6) |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: ag soláthar an túis is fearr don saol atá rompu dár leanaí uile (IO C 175, 15.6.2011, lch. 8) |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle an 20 Bealtaine 2014 maidir le hoideachas éifeachtach do mhúinteoirí (IO C 183, 14.6.2014, lch. 22) |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le forbairt scoile agus teagasc den scoth (IO C 421, 8.12.2017, lch. 2) |
|
— |
Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le comhluachanna, oideachas cuimsitheach agus gné Eorpach an teagaisc a chur chun cinn (IO C 195, 7.6.2018, lch. 1) |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le dul chun cinn i dtreo fís de Limistéar Eorpach Oideachais (IO C 195, 7.6.2018, lch. 7) |
|
— |
Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear (IO C 444, 10.12.2018, lch. 1) |
|
— |
Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le Córais Oideachais agus Cúraim Luath-Óige ar Ardcháilíocht (IO C 189, 5.6.2019, lch. 4) |
|
— |
Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le cur chuige cuimsitheach i leith múineadh agus foghlaim teangacha (IO C 189, 5.6.2019, lch. 15) |
|
— |
Rún ón gComhairle maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a fhorbairt a thuilleadh chun tacú le córais oideachais agus oiliúna atá dírithe ar an todhchaí (IO C 389, 18.11.2019, lch. 1) |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le múinteoirí agus oiliúnóirí Eorpacha don todhchaí (IO C 193, 9.6.2020, lch. 11) |
|
— |
Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint (VET) e haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta (IO C 417, 2.12.2020, lch. 1) |
|
— |
Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1) |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le cothromas agus cuimsiú san oideachas agus san oiliúint chun rath san oideachas a chur chun cinn do chách (IO C 221, 10.6.2021, lch. 3) |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha – an t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: An bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach (IO C 221, 10.6.2021, lch. 14) |
|
— |
Rún ón gComhairle maidir le clár oibre Eorpach nua le haghaidh na foghlama aosaigh 2021-2030 (IO C 504, 14.12.2021, lch. 9) |
An Coimisiún Eorpach
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal Achieving the European Education Area by 2025 [an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025] (COM(2020) 625 final) |
|
— |
Education and training monitor 2021: education and well-being [An Tuarascáil Faireachán ar Oideachas agus Oiliúint 2021: oideachas agus dea-bhail], Oifig na bhFoilseachán, 2021. |
|
21.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 167/9 |
Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis Eorpach lena gcumhachtaítear institiúidí ardoideachais ar mhaithe le todhchaí na hEorpa
(2022/C 167/03)
DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS,
Agus an cúlra polaitiúil a bhaineann leis an tsaincheist seo, mar a leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis na conclúidí seo, á mheabhrú di,
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á MHEABHRÚ DI:
1.
Glacann institiúidí ardoideachais (1) san Eoraip páirt, a bheag nó a mhór, i gcruthú, i ndáileadh agus i ndeimhniú eolais. Níl a gcomhshamhail le fáil maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais agus an Limistéar Eorpach Taighde nua a bhaint amach, ar bhonn sineirge le Limistéar Eorpach an Ardoideachais. Tá tábhacht nach beag le hinstitiúidí ardoideachais maidir leis an sprioc a leagtar amach sa Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus thairis sin (2021-2030) a bhaint amach – eadhon gur cheart cáilíochtaí oideachais threasaigh a bheith bainte amach, faoin mbliain 2030, ag 45 % ar a laghad de na daoine atá idir 25 agus 34 bliana d’aois.
2.
Sna blianta atá le teacht, tiocfaidh méadú níos géire fós ar an bhfás a tháinig ar chláruithe ardoideachais – buntreocht a chonacthas fud fad an domhain leis na deicheanna de bhlianta anuas. Meastar, faoi 2030, go mbeidh 300 milliún duine idir 25 agus 34 bliana d’aois i dtíortha ECFE agus G20 a mbeidh cáilíocht threasach acu (2).
3.
Rachaidh an iliomad deiseanna agus dúshlán i bhfeidhm ar fhorbairt institiúidí ardoideachais san Eoraip amach anseo. Tabharfaidh treochtaí déimeagrafacha domhanda agus an domhandú dúshlán na hEorpa maidir leis an seasamh atá aici mar mhol iomráiteach cruthaithe eolais. Tá tionchar cheana féin ag an téamh domhanda agus ag díghrádú an chomhshaoil, ag an luathú ar an athrú teicneolaíoch agus ag an méadú ar an iomaíocht maidir le teicneolaíochtaí digiteacha ar straitéisí agus ar shuí institiúidí ardoideachais san Eoraip féin agus mórthimpeall na cruinne. Beidh sé fíorthábhachtach don Eoraip amach anseo go mbeidh fáil ar líon mór daoine cumasacha a mbeidh oideachas agus oiliúint den scoth orthu má tá uaithi a seasamh mar cheann feadhna a choinneáil agus a dheimhniú in éadan iomaíocht mhéadaithe dhomhanda.
4.
Idir an dá linn, leis méadú atá ag teacht, i dtíortha atá i mbéal a dtionsclaithe, ar an éileamh ar oideachas cuimsitheach ardcháilíochta agus ar thaighde agus nuálaíocht den scoth, táthar ag cur leis an líonrú domhanda, ach tá bagairtí nua ag teacht chun cinn, ag an am céanna, a chuirfidh na bunluachanna agus na bunphrionsabail lena seasann daonlathais na hEorpa, i mbaol. Tiocfaidh athrú ó bhonn ar mhargadh an tsaothair, san Eoraip agus ó cheann ceann an domhain, de dheasca an neamhionannais, atá ag dul i méid, agus de dheasca na ndúshlán a bhaineann le sochaithe a bheith ag dul in aois, agus is mó fós an gá a bheidh leis an gcuimsiú agus le gnóthachtáil an ardoideachais, rud a fhágfaidh go mbeidh súil le níos mó ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil.
5.
Leis an téarnamh eacnamaíoch tar éis na paindéime agus leis an bhforbairt ghasta ar eolas, ar scileanna agus ar inniúlachtaí a bhaineann leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas, beidh sé riachtanach d’institiúidí ardoideachais féachaint lena mbonneagar a fhorbairt a thuilleadh, uirlisí nua oideolaíochta a ghlacadh, gearreispéiris foghlama sholúbtha a chur ar fáil, foghlaimeoirí a ullmhú do thimpeallacht na sochaí agus do thimpeallacht mhargadh an tsaothair, ar timpeallachtaí iad atá ag síorathrú, agus taighdeoirí a chumasú lena bheith ag obair i gcomhar chun teacht ar réitigh nuálacha maidir leis na dúshláin dhomhanda reatha.
6.
Ní mór infheistíocht shuntasach a dhéanamh i gcoitinne in earnáil ardoideachais an Aontais má táthar leis an gcuimsiú agus le leibhéal barr feabhais a bhaint amach, agus an meánchaiteachas ar an oideachas treasach san Aontas faoi láthair á chur san áireamh, agus i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar líon na mac léinn agus na bhfoghlaimeoirí, agus i bhfianaise na ndúshlán atá roimh institiúidí ardoideachais.
7.
Tá deis ann, le suí uathúil an ardoideachais, freastal ar mhisin thrasnaíocha an oideachais, an taighde, na nuálaíochta agus na seirbhíse don tsochaí, deis nach mór a thapú chun leas a bhaint as na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir na ceithre mhisean sin.
8.
Tá sé ríthábhachtach leas a bhaint as na sineirgí sin chun aghaidh a thabhairt ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Ní mór comhpháirtíochtaí il-gheallsealbhóirí a chothú mar aon le comhar idir institiúidí ardoideachais agus leis na hinstitiúidí sin.
9.
Sa chomhthéacs sin, iarradh sa Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus thairis sin (2021-2030) clár a bhunú lena n-athrófar an t-ardoideachas ó bhonn, lena ndíreofar ar an gcuimsiú, ar an nuálaíocht, ar an nascacht, ar an ullmhacht dhigiteach agus ghlas agus ar iomaíochas idirnáisiúnta, agus freisin ar bhunluachanna acadúla agus ar ardphrionsabail eiticiúla, agus ar an bhfostaíocht agus ar an infhostaitheacht.
10.
Sa chomhthéacs céanna sin, sainaithníodh sna conclúidí ón gComhairle maidir leis an Limistéar Eorpach Taighde Nua “claochluithe institiúideacha, gairmeacha sa taighde, oideachas eolaíochta, oiliúint, comhar idirnáisiúnta agus cúrsaíocht eolais mar réimsí a d’fhéadfadh a bheith ina gcuid de chomhar níos daingne” idir an Limistéar Eorpach Taighde, Limistéar Eorpach an Ardoideachais agus gné an ardoideachais den Limistéar Eorpach Oideachais. Thug an Chomhairle dá haire freisin “an togra ón gCoimisiún le haghaidh treochlár gníomhaíochtaí a fhorbairt chun sineirgí a chruthú idir an t-ardoideachas agus an taighde” agus thacaigh sí le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar “‘Chomhghuaillíochtaí Ollscoileanna na hEorpa’ mar eiseamláir shuaitheanta d’institiúidí ardoideachais nua-aimseartha agus cuimsitheacha amach anseo san Eoraip”. I gclár oibre beartais LET don tréimhse 2022-2024, atá i gceangal leis na conclúidí ón gComhairle maidir le rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) amach anseo, sainaithníodh gníomhaíochtaí atá dírithe ar institiúidí ardoideachais.
11.
Sna Conclúidí uaithi maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha – An t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: An bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach, d’aithin an Chomhairle gur cheart treoir a thabhairt do “na hOllscoileanna Eorpacha”“cuidiú le gnéithe taighde agus nuálaíochta institiúidí ardoideachais san Eoraip a neartú trí chlár oibre coiteann, bonneagair chomhroinnte agus acmhainní comhroinnte a fhorbairt” agus “comhghuaillíochtaí níos láidre fós a bhunú trí fhéachaint an bhféadfaí mic agus iníonacha léinn a chlárú go comhpháirteach agus lucht léinn agus taighdeoirí a earcú go comhpháirteach, laistigh de na córais náisiúnta éagsúla, chun a ngairmeacha oideachais agus taighde a dhéanamh níos tarraingtí, níos inbhuanaithe agus níos solúbtha laistigh de na comhghuaillíochtaí”. D’iarr sí freisin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit “machnamh a dhéanamh ar ionstraimí cistiúcháin níos inbhuanaithe do na ‘Ollscoileanna Eorpacha’, lena n-áirítear trí leas a bhaint as sineirgí idir scéimeanna réigiúnacha agus náisiúnta agus scéimeanna Eorpacha, ionas go mbeidh siad in ann a straitéis uaillmhianach a bhaint amach”, agus tograí soiléire a fhorbairt, ag tosú ó 2022, chun “cuidiú le deireadh a chur, nuair is gá, leis na constaicí ar chomhar ar an leibhéal Eorpach, trí fhéachaint, mar shampla, ar an ngá atá le céimeanna Eorpacha comhpháirteacha laistigh de na comhghuaillíochtaí ‘Ollscoileanna Eorpacha’”.
12.
Sna conclúidí uaithi maidir leis “an Limistéar Eorpach Taighde a Dhoimhniú: gairmeacha agus dálaí oibre tarraingteacha inbhuanaithe a chur ar fáil do thaighdeoirí agus cúrsaíocht daoine oilte a fhíorú”, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún “tacú leis na Ballstáit agus bearta beartais á gceapadh acu le haghaidh comhar trasnáisiúnta saoráideach agus uaillmhianach idir institiúidí ardoideachais san Eoraip, go háirithe i réimse na ngairmeacha acadúla agus taighde a bhíonn fite ina chéile go minic, cuimsitheacht a chur chun cinn, barr feabhais a ghiaráil agus iomaíochas idirnáisiúnta earnáil ardoideachais na hEorpa a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, tarraingteacht na hearnála a mhéadú do dhaoine tallannacha laistigh den Eoraip agus lasmuigh di”. Chomhaontaigh sí chomh maith “gur ardáin oiriúnacha iad comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha agus a gcomhpháirtíochtaí leis na héiceachórais áitiúla chun samhlacha féideartha a thástáil lena gcothófar idir-inoibritheacht gairmeacha taighde, agus chun deiseanna a iniúchadh do scéimeanna comhpháirteacha earcaíochta, d’oiliúint agus do chórais forbartha gairme a fhreastalóidh ar ghnéithe taighde agus teagaisc araon, chomh maith le córais nua luaíochta agus mheasúnaithe a thástáil, lena n-áirítear don teagasc taighdebhunaithe”.
MEASANN SÍ AN MÉID A LEANAS:
13.
Déanfar an comhar trasnáisiúnta idir institiúidí ardoideachais ó cheann ceann na hEorpa a neartú, a dhoimhniú agus a shimpliú a thuilleadh ach aghaidh a tabhairt ar an leibhéal Eorpach, ar bhealach éifeachtach, ar na dúshláin thuasluaite. I ndáil leis an méid sin, tá straitéis Eorpach uaillmhianach curtha i láthair ag an gCoimisiún do na hollscoileanna, a bhfuil sé mar aidhm léi cumhacht agus tacaíocht a thabhairt do na hinstitiúidí sin ina misean uile chun feabhas a chur ar an gcomhar eatarthu agus chun a gcuid láidreachtaí a chur chun tairbhe, i bhfianaise a mhéid a chuidíonn siad leis an Eoraip dul i ngleic leis na dúshláin atá roimpi amach. Ba cheart cur leis na cineálacha éagsúla comhair leanúnaigh, agus ba cheart na torthaí agus na dea-chleachtais lena mbaineann a chomhroinnt chun ugach a thabhairt d’earnáil iomlán an ardoideachais san Eoraip, agus inniúlachtaí, saoirse acadúil agus neamhspleáchas institiúideach na mBallstát á n-urramú ag an am céanna.
14.
Chun é sin a bhaint amach, ní mór ceithre phríomhchuspóir, atá ar comhchéim lena chéile, a shaothrú mar chuid d’iarracht chomhpháirteach ar an leibhéal institiúideach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach:|
— |
an ghné Eorpach a neartú san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht agus na sineirgí eatarthu a neartú freisin; |
|
— |
ról agus ceannaireacht an Aontais ar an leibhéal domhanda a chur chun cinn; |
|
— |
téarnamh na hEorpa agus freagairt na hEorpa ar an aistriú digiteach agus ar an aistriú glas a neartú; |
|
— |
an muintearas san Eoraip a dhoimhniú ar bhonn luachanna coiteanna. |
IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN AGUS AR NA BALLSTÁIT, I gCOMHRÉIR LENA nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, DUL I dTEAGMHÁIL LE hINSTITIÚIDÍ ARDOIDEACHAIS AGUS LE GEALLSEALBHÓIRÍ D’FHONN NA PRÍOMHCHUSPÓIRÍ SEO A LEANAS A BHAINT AMACH:
An ghné Eorpach a neartú san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht agus na sineirgí eatarthu a neartú freisin
|
15. |
Cuidíonn comhar trasnáisiúnta níos doimhne leis an Limistéar Eorpach Oideachais agus an Limistéar Eorpach Taighde nua a bhaint amach ar bhonn sineirge iomlán, trí institiúidí ardoideachais a neartú agus trí cháilíocht an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta san Eoraip a ardú ina hiomláine. Trí bhíthin gnéithe, formáidí agus deiseanna nua don tsoghluaisteacht idir disciplíní agus earnálacha agus thar theorainneacha, trí bhíthin gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe acadúla agus taighde agus trí bhíthin oideachas oscailte agus eolaíocht oscailte, is fearr a fhéadfar dul i ngleic le dúshláin shochaíocha agus an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí cearta a thabhairt do mhic léinn, do lucht foghlama ar feadh an tsaoil agus do thaighdeoirí, ar mhaithe lena bhforbairt ghairmiúil agus phearsanta amach anseo. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhic léinn agus ar thaighdeoirí óga a bhfuil tionchar mór á imirt ag an bpaindéim ar a gcuid staidéir agus ar a ngairmeacha, agus orthu siúd ó cheantair thuaithe agus iargúlta, amhail na réigiúin is forimeallaí. |
|
16. |
Léiríonn comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais, amhail “Ollscoileanna Eorpacha”, na buntáistí a leanfadh comhar fairsing fadtéarmach i measc institiúidí ardoideachais. Tá sé d’acmhainn ag na comhghuaillíochtaí sin fíor-bhreisluach Eorpach a chruthú trí mhais chriticiúil a bhaint amach ar scála Eorpach a bhuí le tiomantas fadtéarmach na bpáirtithe uile lena mbaineann. Éascaíonn siad saorghluaiseacht fud fad na hEorpa chun críocha staidéir, oibre agus taighde bunaithe ar leasanna coiteanna. Trí leibhéal láidir lánpháirtíochta, trédhearcachta agus oscailteachta, bíonn tionchar claochlaitheach acu laistigh den Eoraip agus ar mhaithe leis an Eoraip. Trí chomhordú agus trí chomhlántacht le tionscnaimh agus líonraí Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha, áitiúla agus, i gcás inarb ábhartha, le tionscnaimh agus líonraí idirnáisiúnta, feabhsófar a dtionchar claochlaitheachta. |
|
17. |
Má táthar le lántairbhe a bhaint as breisluach comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais amhail “Ollscoileanna Eorpacha”, beidh tuilleadh tacaíochta de dhíth ar an leibhéal Eorpach agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal náisiúnta trí bhíthin cur chuige céim ar chéim. Mar chatalaígh don chlaochlú institiúideach, ba cheart tacú leis na comhghuaillíochtaí sin, i gcás inarb iomchuí, chun gné láidir taighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus chun cláir chomhpháirteacha oideachasúla nuálacha a chur chun feidhme ar gach leibhéal, faoi chuimsiú chur chuige atá dírithe ar mhic léinn, ar an taighde agus ar an nuálaíocht, lena bhféadfaí céimeanna comhpháirteacha a bhronnadh bunaithe ar chritéir Eorpacha a chruthófaí i gcomhar leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí ábhartha, i gcomhréir le hionstraimí Phróiseas Bologna. Ba cheart tacú leis na comhghuaillíochtaí sin, i gcás inarb iomchuí, chun bainistiú acmhainní daonna a fheabhsú, i dtaobh lucht léinn agus taighdeoirí a earcú i gcomhpháirt, dá mb’fhéidir é; chun forbairt gairmeacha tarraingteacha agus inbhuanaithe a chur chun cinn; agus chun acmhainní agus struchtúir, amhail saotharlanna agus ardáin mar shampla, a fhrithpháirtiú. |
|
18. |
Cé go n-aithnítear go hiomlán an luach a bhaineann le foghlaim aghaidh ar aghaidh agus le soghluaisteacht fhisiciúil, mar aon leis an ngá atá le cúrsaíocht chothrom daoine oilte, ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh le tuilleadh tacaíochta a thabhairt do gach cineál soghluaisteachta i gcás na mac léinn, ball foirne agus taighdeoirí, rud a chuireann leis an rath acadúil agus le gnóthachtáil phearsanta, trína chur ar chumas na mac léinn uile, na mball foirne uile agus na dtaighdeoirí uile inniúlachtaí idirnáisiúnta agus idirchultúrtha a ghnóthachtáil trí bhíthin idirnáisiúnú na gcuraclam nó trí bheith rannpháirteach i dtimpeallachtaí nuálacha idirnáisiúnta in institiúidí ina dtír dúchais. |
|
19. |
Tá ról cumasúcháin ag Bliain Eorpach na hÓige ina leith sin. Is fiú an méid seo a leanas a mheabhrú: an sprioc maidir le gur cheart tréimhse staidéir nó tréimhse oiliúna thar lear a bheith déanta ag 20 % ar a laghad de na céimithe i Limistéar Eorpach an Ardoideachais, mar a athdhearbhaíodh i Communiqué Aireachta na Róimhe an 19 Samhain 2020, agus an tacaíocht atá le tabhairt do thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha chun an sprioc uaillmhianach go mbeadh 50 % de na mic léinn soghluaiste a bhaint amach, mar a leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha – An t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: An bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach. |
|
20. |
Chun na spriocanna sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, i gcomhar le hinstitiúidí ardoideachais, a ndícheall a dhéanamh nósanna imeachta riaracháin a shimpliú d’institiúidí, lena n-áirítear trí chur chun feidhme thionscnamh an Chárta Eorpaigh Mic Léinn a leathnú a thuilleadh agus trí aitheantas frithpháirteach uathoibríoch cáilíochtaí acadúla agus tréimhsí staidéir thar lear a chur chun feidhme a thuilleadh, i gcomhar leis na Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil (NARIC). Ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh le leas iomlán a bhaint as uirlisí digiteacha le haghaidh soghluaisteachta agus aitheantais, leis an ilteangachas, leis an idirchultúrthacht agus leis an gcuimsiú a chur chun cinn i measc na mac léinn sin ar a gcampais ar lú na deiseanna atá acu, agus leis an tsoghluaisteacht a leabú ina gcuraclam. |
Ról agus ceannaireacht an Aontais ar an leibhéal domhanda a chur chun cinn
|
21. |
Tá tábhacht straitéiseach gheopholaitiúil ag roinnt le hidirnáisiúnú an ardoideachais agus an taighde i gcás na hEorpa, mar a leagtar amach sa teachtaireacht chomhpháirteach maidir le The Global Gateway [An Tairseach Dhomhanda]. Ní mór bunluachanna agus bunphrionsabail a bheith mar bhunús leis an gcomhoibriú domhanda san ardoideachas, agus ní mór an tsaoirse acadúil, an neamhspleáchas institiúideach, an t-oideachas oscailte agus an eolaíocht oscailte a bheith lárnach iontu. Ba cheart prionsabail na cómhalartachta agus na cothroime iomaíochta a bheith ina réamhriachtanas don chomhar idirnáisiúnta. Ba cheart cloí leis an treoirphrionsabal “a oscailte is féidir, a iata is gá” i gcaidrimh taighde agus nuálaíochta agus sa chaibidlíocht le comhpháirtithe domhanda. Ba cheart tacú le hinstitiúidí ardoideachais trí bhíthin cur chuige Eorpach comhordaithe chun na luachanna agus na prionsabail Eorpacha sin a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda d’fhonn comhar cothrom, a rachaidh chun tairbhe dóibh uile, a bhaint amach, ar cuid de chumhacht bhog agus d’acmhainneacht na hEorpa é ina cáil mar bhunaitheoir caighdeán domhanda. Ní mór don chomhar le tríú tíortha i réimse an ardoideachais agus an taighde a bheith fothaithe ar chomhthuiscint agus ar chomhroinnt na luachanna agus na bprionsabal sin a chuirtear chun cinn ar an leibhéal Eorpach i gcomhréir le leasanna straitéiseacha eile an Aontais i gcomhréir le Comhdháil Marseille maidir leis an gCur Chuige Domhanda. |
|
22. |
Is féidir leis an gcomhar Eorpach níos doimhne a bheith tairbheach chun tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus chun na huirlisí is gá a thabhairt do thaighdeoirí, d’oiliúnóirí, do mhic léinn agus do bhaill foirne chun déileáil leis na dúshláin a bhaineann le comhoibriú cothrom domhanda, amhail éagothromas, cur isteach eachtrach, agus bacainní ar an eolaíocht oscailte. Tá sé de dhíth freisin chun tuiscint fheasach neamhspleách ar chontrapháirtithe tríú tíortha a chur chun cinn. Chun go mbeidh an tAontas Eorpach ina thearmann sábháilte do shaoirse an taighde eolaíoch agus na luachanna daonlathacha, ba cheart tacú le hinstitiúidí ardoideachais trí scéimeanna Eorpacha agus náisiúnta, agus prionsabal an bharr feabhais á urramú go hiomlán, chun fáilte a chur roimh mhic léinn, taighdeoirí agus acadóirí a bhfuil a saoirse faoi bhagairt. |
|
23. |
Chun feabhas a chur ar a n-iomaíochas ar an leibhéal domhanda, ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh chun éiceachórais áitiúla nó réigiúnacha a shlógadh, agus comhtháthú críochach á chothú ar an gcaoi sin, trí chomhpháirtíochtaí láidre le heagraíochtaí taighde, gníomhaithe nuálaíochta, lucht cistiúcháin agus comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, agus dlúth-idirghníomhaíochtaí le húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta á bhfeabhsú ag an am céanna. Chun éagsúlacht agus barr feabhais na n-institiúidí ardoideachais Eorpacha a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda, ba cheart tuilleadh oibre a dhéanamh agus tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil ar an leibhéal Eorpach do na Ballstáit chun beartais náisiúnta a chur chun cinn, mar shampla trí thionscnaimh barr feabhais agus trí mhoil réigiúnacha agus áitiúla. |
|
24. |
Leis an gcomhar trasnáisiúnta idir institiúidí ardoideachais Eorpacha, cuirtear lena mhealltaí atá na hinstitiúidí sin do mhic léinn idirnáisiúnta, do thaighdeoirí agus do chomhpháirtithe domhanda, agus méadaítear an cháilíocht tairiscintí oideachais agus an acmhainneacht taighde agus nuálaíochta. Ba cheart cláir Eorpacha atá ann cheana, amhail Erasmus+, ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais agus Fís Eorpach, a úsáid faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí a áirítear ina mbunúis dlí agus ba cheart meastóireacht a dhéanamh orthu de réir a gcritéar meastóireachta faoi seach chun tacú le comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais amhail na “Ollscoileanna Eorpacha” agus na Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) chun gníomhaíochtaí agus straitéisí comhpháirteacha idirnáisiúnúcháin a fhorbairt ar fud an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta. Chuideodh sé sin leo iad féin a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, líonraí a thógáil le comhpháirtithe tábhachtacha ar fud an domhain, inniúlachtaí comhpháirtithe i dtríú tíortha a neartú agus soghluaisteacht idirnáisiúnta (isteach agus amach) mac léinn, taighdeoirí, acadóirí agus foirne a threisiú. Ba cheart lántairbhe a bhaint as Coinbhinsiún Domhanda UNESCO 2019 maidir le hAitheantas do Cháilíochtaí a bhaineann leis an Ardoideachas toisc go n-éascaíonn sé soghluaisteacht idirnáisiúnta mac léinn agus ar an gcaoi sin réitíonn sé an chonair chun go bhféadfaí an t-ardoideachas Eorpach a idirnáisiúnú. Le hiarrachtaí coiteanna Eorpacha ionsar thríú tíortha, d’fhéadfaí freisin, trí chur chuige “Foireann na hEorpa”, tairiscint ardoideachais na hEorpa a chur chun cinn a thuilleadh agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a bheadh chun tairbhe an dá thaobh. |
Téarnamh na hEorpa agus freagairt na hEorpa ar an aistriú digiteach agus ar an aistriú glas a neartú
|
25. |
Ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh a thuilleadh chun scileanna, inniúlachtaí agus nuálaíocht a dhéanamh d’eolas. Is féidir é sin a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt don tsaoirse acadúil trí dhlúthchomhar a fhorbairt le comhpháirtithe eacnamaíocha, sóisialta agus tionsclaíocha laistigh d’éiceachórais thaighde agus nuálaíochta áitiúla agus réigiúnacha, agus trí shoghluaisteacht idirearnálach idir institiúidí ardoideachais agus comhpháirtithe eile a éascú, ag tógáil go háirithe ar straitéisí um speisialtóireacht chliste agus ar an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) agus ar na PENanna. D’fhéadfadh an comhar sin a bheith an-tairbheach freisin do ghnólachtaí áitiúla agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus deis a thabhairt do mhic léinn, do thaighdeoirí, d’acadóirí, d’oiliúnóirí agus don fhoireann oiliúint a fháil, e.g. i mbainistíocht maoine intleachtúla, in aistriú eolais agus i bhfiontraíocht, lena n-áirítear rochtain ar mhaoiniú, ag céim ar bith dá ngairmréim. Ní mór éagsúlacht iomlán na ngníomhaíochtaí acadúla laistigh den saol acadúil agus lasmuigh de, maidir le gach gné de mhisin na n-institiúidí ardoideachais, a chur san áireamh ina measúnuithe gairme. Ba cheart d’institiúidí ardoideachais freisin feabhas a chur ar a gcumas teagmháil a dhéanamh lena n-éiceachórais tríd an eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a chothú, go háirithe le haghaidh earnálacha straitéiseacha tionsclaíocha agus trí aistrithe eolais agus teicneolaíochta agus cruthú seach-chuideachtaí a chothú. |
|
26. |
D’fhéadfaí tacú le hinstitiúidí ardoideachais chun go bhfeabhsófaí an fhoghlaim atá dírithe ar mhic léinn agus an fhoghlaim atá bunaithe ar thaighde, lena bhfuil sé d’aidhm inniúlachtaí, scileanna agus eolas atá cothrom le dáta a thabhairt do mhic léinn chomh maith lena gcuid scileanna taighde agus taithí a fhorbairt. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do mhic léinn freisin agus iad ag obair i ndisciplíní éagsúla i gcuir chuige atá bunaithe ar dhúshláin. |
|
27. |
Is féidir le hinstitiúidí ardoideachais ról lárnach a bheith acu san fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus maidir le freagairt ar chlaochlú mhargadh an tsaothair trí oscailt suas do gach cineál foghlaimeoirí agus trína n-infhostaitheacht a chothú, lena n-áirítear trí athsciliú agus uas-sciliú. Chuige sin, ba cheart tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus an digiteáil á húsáid acu chun modhanna nuálacha foghlama agus teagaisc a chothú, agus conairí foghlama solúbtha agus saincheaptha á ndearadh agus á gcur chun feidhme acu, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cúrsaí níos giorra nó eispéiris foghlama a bhféadfadh micridhintiúir a bheith mar thoradh orthu agus, ag an am céanna, gan imeacht ó chroíphrionsabal na gclár céime iomláine. D’fhonn scileanna, inniúlachtaí, dearcthaí agus meon fiontraíochta ábhartha foghlaimeoirí a fhorbairt, ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh le comhoibriú lena n-éiceachórais, chun eispéiris obairbhunaithe amhail intéirneachtaí, printíseachtaí agus deiseanna saorálaíochta a chur chun cinn agus, i gcás inarb iomchuí, raonta fiontraíochta a fhorbairt a thuilleadh lena gcuirfear ar chumas mac léinn tionscadail fiontraíochta a dhéanamh le linn a gcuid staidéir. |
|
28. |
Tá ról lárnach ag institiúidí ardoideachais maidir le tacú leis an aistriú glas agus i leith aghaidh a thabhairt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe mar ghné cháilíochta ar leith ar an leibhéal domhanda. I ndáil leis sin, ba cheart tacú le hinstitiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa cuir chuige inbhuanaitheachta agus ghlasa a thabhairt isteach agus leas á bhaint as cur chuige institiúide iomláine mar chuid dá misin, dá mbonneagair agus dá n-oibríochtaí, i gcás inarb ábhartha. |
|
29. |
Chun aghaidh a thabhairt ar an aistriú glas, ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh eolas, scileanna agus inniúlachtaí idirdhisciplíneacha a fhorbairt, tacú le heolas faoi inbhuanaitheacht a fháil agus a úsáid i measc na bhfoghlaimeoirí agus na bpobal uile, agus oideachas inbhuanaitheachta a leabú mar chuid de churaclaim sna hearnálacha ábhartha go léir. Ba cheart iad a spreagadh chun taighde a choimisiúnú agus a dhéanamh lena gcuirfí leis an mbonn eolais maidir le hinbhuanaitheacht. |
|
30. |
Mar a léirítear le linn phaindéim COVID-19, is uirlis chumhachtach claochlaithe iad na teicneolaíochtaí digiteacha do chórais ardoideachais san Eoraip, agus tá na hinstitiúidí ardoideachais lárnach maidir le dlús a chur leis an aistriú digiteach san Eoraip. |
|
31. |
Is gá seirbhísí digiteacha agus bonneagair dhigiteacha ardfheidhmíochta le nascacht láidir a sholáthar d’institiúidí ardoideachais, ar bonneagair agus seirbhísí iad ar cheart dóibh a bheith, a mhéid is féidir, idir-inoibritheach agus comhroinnte ar fud na hEorpa, a bheith ag brath ar chaighdeáin Eorpacha (3), agus ar cheart dóibh teicneolaíochtaí iontaofa a úsáid, i gcomhréir le riachtanais shonracha institiúidí ardoideachais, amhail sonraí slán. |
|
32. |
Chun dlús a chur le haistriú digiteach na hEorpa, is gá litearthacht dhigiteach agus litearthacht sonraí a chur ar fáil do gach mac léinn, oiliúnóir, foireann, acadóirí agus taighdeoir agus, i gcás inarb ábhartha, don phobal i gcoitinne. Tá ról lárnach ag institiúidí ardoideachais chuige sin i ndáil le hinniúlachtaí digiteacha atá ag teacht chun cinn agus i ndáil leis an ngné eiticiúil a bhaineann leis na hinniúlachtaí sin – amhail maoirseacht sonraí, intleacht shaorga, ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus cibearshlándáil – a thabhairt d’fhoghlaimeoirí agus ó thaobh taighde agus nuálaíocht a dhéanamh. |
|
33. |
Agus an luach a ghabhann leis an bhfoghlaim aghaidh ar aghaidh á aithint acu, ba cheart d’institiúidí ardoideachais leas iomlán a bhaint as modhanna digiteacha chun cáilíocht an eispéiris foghlama a fheabhsú do mhic léinn, don fhoireann, d’acadóirí agus do thaighdeoirí agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais shóisialta. Chun an bhearna dhigiteach a dhúnadh, ba cheart tacú le tionscnaimh lena dtugtar rochtain chomhionann ar dheiseanna foghlama indibhidiúlaithe do chách, agus úsáid á baint, mar shampla, as teagasc fíorúil nó hibrideach in áiteanna cianfhoghlama. Ba cheart tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus iarrachtaí á ndéanamh acu ardáin agus uirlisí idir-inoibritheacha a chomhroinnt lenar féidir sonraí a mhalartú agus, ag an am céanna, acmhainní oideachais ardcháilíochta atá furasta le húsáid, amhail cúrsaí ar líne, a chur ar fáil. |
An muintearas Eorpach a dhoimhniú ar bhonn luachanna coiteanna
|
34. |
Chun an muintearas Eorpach a dhoimhniú agus chun ár slí mhaireachtála Eorpach a chur chun cinn, tá sé ríthábhachtach luachanna daonlathacha na hEorpa a chaomhnú agus a chosaint, éagsúlacht, cuimsitheacht agus comhionannas inscne a chothú agus cáilíocht agus ábharthacht an ardoideachais a neartú do scileanna a sheasfaidh an aimsir. Tá institiúidí ardoideachais uathrialaitheach agus is croíphrionsabal dá misean agus dá ngníomhaíochtaí í an tsaoirse acadúil agus eolaíoch. |
|
35. |
Ba cheart tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus iad i mbun iarrachta an t-oideachas agus an eolaíocht a chosaint i gcoinne na bréagaisnéise, tacú leis an eolaíocht oscailte agus luachanna daonlathacha a chosaint. Chuige sin, is coimirce don daonlathas agus príomhfhóram don eolaíocht saoránach iad na hinstitiúidí ardoideachais, agus mic léinn a ullmhú le haghaidh na saoránachta gníomhaí agus na rannpháirtíochta poiblí. |
|
36. |
Is féidir le hinstitiúidí ardoideachais dlús a chur le díospóireacht phoiblí le heolas praiticiúil léirsteanach, trí rochtain níos leithne ar fhoilseacháin agus ar shonraí taighde agus trí imeachtaí poiblí a eagrú chun torthaí taighde a scaipeadh agus a phlé. Is féidir le hinstitiúidí ardoideachais a bheith ina bpríomhghníomhaithe maidir le dul i ngleic le leas saofa a bhaint as taighde, agus is féidir leo a bheith ina gcomhéadan idir oideachas, taighde, nuálaíocht, údaráis phoiblí agus an tsochaí shibhialta. D’fhéadfadh institiúidí ardoideachais an ról sin a neartú agus a úsáid a thuilleadh chun dul i dteagmháil ar bhealach níos córasaí leis na gníomhaithe sochaíocha uile, lena n-áirítear nuálaithe poiblí agus príobháideacha, údaráis phoiblí réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirítear scoileanna, na meáin, eagraíochtaí cur chun cinn na heolaíochta i measc an phobail, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta amhail comhlachais tomhaltóirí agus úsáideoirí nó cumainn othar. |
|
37. |
Ba cheart d’institiúidí ardoideachais a áirithiú go mbíonn mic léinn, acadóirí, taighdeoirí agus an fhoireann rannpháirteach sa rialachas orthu, mar chomhaltaí iomlána agus mar chomhpháirtithe cuiditheacha den phobal ardoideachais. Chuige sin, d’fhéadfadh mic léinn a bheith páirteach i sásraí cinnteoireachta, lena n-áirítear maidir le curaclaim, mar ghné de bhunluachanna acadúla, mar chomhartha daonlathais agus mar chultúr idirphlé in institiúidí ardoideachais. |
|
38. |
Ba cheart tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus iad a spreagadh ina gcuid iarrachtaí cuimsiú agus rath a gcuid mac léinn, acadóirí, taighdeoirí agus foirne a áirithiú, agus comhdheiseanna a chur chun cinn, gan beann ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó creideamh, cúlra sóisialta agus eacnamaíoch, sláinte, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, cúlra imirceach agus ar shuíomh geografach. Chuige sin, ba cheart tacaíocht a thabhairt d’institiúidí ardoideachais chun dea-bhail gach duine a áirithiú i gcomhréir le héagsúlacht shóisialta níos mó. I ndáil leis sin, ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh chun dul i dteagmháil le grúpaí atá faoi ghannionadaíocht chun feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar an ardoideachas agus chun cabhrú leo a gcuid staidéir a chur i gcrích, agus aird chuí á tabhairt ar mhic léinn agus ar thaighdeoirí óga a raibh tionchar mór ag an bpaindéim ar a gcuid staidéir agus ar a ngairmeacha, agus orthu siúd ó cheantair thuaithe agus ó cheantair iargúlta, amhail na réigiúin is forimeallaí. |
|
39. |
Ba cheart tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’institiúidí ardoideachais bearta ábhartha a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a fheabhsú ina gcuid comhlachtaí mac léinn agus foirne, lena n-áirítear i gcomhthéacs dul chun cinn sa ghairm acadúil. |
|
40. |
Féadfaidh institiúidí ardoideachais úsáid a bhaint as uirlisí teagaisc agus oideolaíochtaí nuálacha, lena n-áirítear uirlisí digiteacha, chun cur chuige foghlama atá dírithe ar mhic léinn a chur ar fáil gan beann ar an gcúlra socheacnamaíoch nó foghlama. Chun an neamhionannas a laghdú agus an ghnóthachtáil phearsanta a chur chun cinn, ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh chun seirbhísí saincheaptha treorach agus tacaíochta a sholáthar, go háirithe do dhaoine nuathagtha, agus stíl agus conair foghlama á gcur san áireamh chomh maith le cúlra socheacnamaíoch gach foghlaimeora. |
NÍOS SONRAÍ FÓS, IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, I gCOMHRÉIR LENA nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, TACAÍOCHT A THABHAIRT DO CHOMHGHUAILLÍOCHTAÍ INSTITIÚIDÍ ARDOIDEACHAIS AMHAIL NA “hOLLSCOILEANNA EORPACHA”:
|
41. |
Ba cheart tuilleadh tacaíochta a thabhairt do gach cineál comhghuaillíochta d’institiúidí ardoideachais trí na modhanna iomchuí ábhartha uile chun gníomhaíochtaí comhair a éascú bunaithe ar ardchaighdeán, barr feabhais, tionchar, cuimsitheacht agus cothromaíocht gheografach, agus chun constaicí agus réitigh a d’fhéadfadh a bheith i gcoiteann ag gach comhghuaillíocht a shainaithint. Go sonrach, ar bhonn an athbhreithnithe mheántéarma ar na chéad chomhghuaillíochtaí píolótacha, ba cheart tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha a chur i bhfeidhm a thuilleadh. Leis sin d’fhéadfaí gníomhaíochtaí a bhraisliú chun dea-chleachtais maidir le hardoideachas, taighde agus nuálaíocht agus seirbhís don tsochaí a chomhroinnt. |
|
42. |
Ar an gcéad dul síos, ba cheart comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais a spreagadh chun leas iomlán a bhaint as na cláir chistiúcháin atá ann cheana agus as uirlisí cumasúcháin ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach d’fhonn an comhar eatarthu a mhéadú agus a dhoimhniú. |
|
43. |
I gcás inarb ábhartha agus i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta, na comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais agus na geallsealbhóirí, ba cheart bearta a dhéanamh chun na bacainní ar chomhar trasnáisiúnta níos doimhne, fadtéarmach agus solúbtha a shárú agus chun ionstraimí comhair institiúidithe a dhearadh, bunaithe ar réamh-mheasúnú cuimsitheach ar an ngá atá leo, ar a dtairbhí agus ar a n-indéantacht. Is é an aidhm spás a thabhairt do chomhghuaillíochtaí, ar bhonn deonach, chun gníomhú le chéile, comhchinntí straitéiseacha a dhéanamh, earcaíocht chomhpháirteach a dhéanamh, curaclaim chomhpháirteach a dhearadh nó acmhainní agus inniúlachtaí daonna, teicniúla, sonraí, oideachais, taighde agus nuálaíochta a chomhthiomsú. |
|
44. |
Agus béim á leagan ar chur chun feidhme an Chur Chuige Eorpaigh um Dhearbhú Cáilíochta Clár Comhpháirteach, ba cheart céimeanna breise a ghlacadh chun an luach a bhaineann le heispéiris foghlama trasnáisiúnta nuálacha a aithint agus chun infheictheacht, tarraingteacht agus clú na gclár comhpháirteach sin arna soláthar ag comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais a mhéadú san Eoraip agus níos faide i gcéin. Ba cheart critéir chomhchoiteanna a fhiosrú a d’fhéadfadh lipéad Eorpach a chruthú le haghaidh cláir chomhpháirteacha. Ina dhiaidh sin, d’fhéadfaí féachaint le céimeanna comhpháirteacha ar gach leibhéal a cheapadh agus a sheachadadh, ar bhonn deonach, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó institiúideach, bunaithe ar na critéir Eorpacha chomhchruthaithe sin, i gcomhréir le hionstraimí Phróiseas Bologna atá ann cheana. Ba cheart an próiseas sin a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta, na comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais agus leis na geallsealbhóirí. |
|
45. |
Ag gach céim, chuirfí torthaí na bpróiseas fiosrúcháin a luaitear i míreanna 43 agus 44 faoi bhráid na Comhairle le go ndéanfaí cinneadh eile ina leith. |
|
46. |
Ba cheart próisis dearbhaithe cáilíochta atá éifeachtúil agus éifeachtach a chumasú ar an leibhéal náisiúnta chun cur chuige Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta a éascú do chláir chomhpháirteacha, de réir na gCaighdeán agus na dTreoirlínte maidir le Dearbhú Cáilíochta sa Limistéar Eorpach Ardoideachais (LEO), agus tábhacht na cáilíochta, an taighde agus na hinfhostaitheachta á gcur san áireamh. |
|
47. |
Chun go mbeidh comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais in ann a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach trí aghaidh a thabhairt ar na costais airgeadais a bhaineann le comhar trasnáisiúnta chun a misin uile a chlúdach san fhadtéarma, ba cheart bearta a dhéanamh chun dul i dtreo peirspictíocht chistiúcháin Aontais a bheidh níos inbhuanaithe, níos iomlánaíche agus níos comhtháite. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún tástáil a dhéanamh ar bhealaí cuir chuige píolótacha i ndáil le réitigh fhéideartha i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha faoi 2024, agus ba cheart beart tuairiscithe chuig an gComhairle a dhéanamh ina dhiaidh sin chun go ndéanfar cinneadh breise ina leith. |
TRÍ BHÍTHIN NA gCÉAD CHÉIMEANNA EILE, AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT DO PHRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS DO PHRIONSABAL AN NEAMHSPLEÁCHAIS INSTITIÚIDIGH, AGUS I gCOMHRÉIR LEIS NA hIMTHOSCA NÁISIÚNTA:
|
48. |
IARRANN SÍ ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit luachanna bunúsacha acadúla a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear an tsaoirse agus an tsláine acadúil i gcomhréir le Communiqué Aireachta na Róimhe 2020 agus le dearbhú Bonn maidir le saoirse an taighde eolaíoch. |
|
49. |
IARRANN SÍ ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, gníomhaíochtaí a thabhairt ar aghaidh go comhpháirteach chun sineirgí a chruthú idir an t-ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht laistigh den chreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint agus struchtúir rialachais an Limistéir Eorpaigh Taighde. Ba cheart fíor-bhreisluach a léiriú leis na gníomhaíochtaí sin ar an leibhéal Eorpach agus obair a dhéanamh i dtreo na bpríomhchuspóirí thuasluaite, agus ba cheart don Choimisiún, agus do na Ballstáit, ar bhonn deonach, iad a chur i gcrích trí aon mhodh iomchuí i gcomhréir leis na comhthéacsanna náisiúnta. |
|
50. |
IARRANN SÍ ar an gCoimisiún treochlár a chur faoi bhráid na Comhairle faoi lár 2022 chun na hionstraimí nua a chomhdhearadh, chun faisnéis a fháil agus chun cinneadh breise a dhéanamh. Léireodh an treochlár na príomh-gharspriocanna agus na grúpaí saineolaithe lena mbaineann. Agus na príomhchuspóirí á gcur chun feidhme, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh: gníomhaíochtaí arna sainaithint sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le straitéis Eorpach d’ollscoileanna; an rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus thairis sin (2021-2030); agus na gníomhaíochtaí ábhartha a sainaithníodh i gclár oibre beartais an Limistéir Eorpaigh Taighde 2022-2024 atá i gceangal leis na conclúidí ón gComhairle maidir le rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) amach anseo chomh maith leis na luachanna agus na prionsabail a leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú um Thaighde agus Nuálaíocht san Eoraip. |
|
51. |
IARRANN SÍ ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na geallsealbhóirí páirt a ghlacadh i gcomhar feabhsaithe chun na sineirgí sin a chur chun feidhme, ag tógáil ar na struchtúir rialachais atá sa chreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint agus sa Limistéar Eorpach Taighde cheana, i ndlúthshineirgíocht leis an Limistéar Eorpach Ardoideachais, agus trí leas a bhaint as dea-chleachtais na n-institiúidí ardoideachais. I ndáil leis sin, d’fhéadfaí cruinnithe comhpháirteacha na nArd-Stiúrthóirí ardoideachais agus an Coiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus um Nuálaíocht a mheas i gcás inarb ábhartha agus ina mbeadh topaicí comhleasa agus cuspóir coiteann sainithe go soiléir. |
|
52. |
IARRANN SÍ ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit obair a dhéanamh chun na príomhchuspóirí sin a bhaint amach trí dhlúthchomhar le brateagraíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, nó le heagraíochtaí iomchuí eile atá ábhartha ar leibhéal an Aontais, agus le hionadaí na ngeallsealbhóirí, amhail: Institiúidí ardoideachais, lena n-áirítear comhghuaillíochtaí Institiúidí Ardoideachais na hEorpa, cumainn mac léinn, gníomhaireachtaí dearbhaithe cáilíochta, eagraíochtaí a dhéanann taighde agus teicneolaíocht, gnólachtaí dian-T&N, lena n-áirítear FBManna, taighdeoirí agus nuálaithe aonair, bonneagair thaighde, eagraíochtaí cistiúcháin T&I agus acadaimh eolaíochtaí. D’fhéadfaí cruinnithe rialta amhail Fóram na nOllscoileanna do thodhchaí na hEorpa a mheas chun plé a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise agus chun comhroinnt dea-chleachtas a chothú. Ba cheart do thorthaí an Fhóraim sin tuilleadh forbairtí agus tuilleadh oibre a spreagadh ó na grúpaí ábhartha den chreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint agus leis an Limistéar Eorpach Taighde, i sineirgíocht leis an Limistéar Eorpach Ardoideachais. |
|
53. |
IARRANN SÍ ar na Ballstáit leas a bhaint as malartuithe iltaobhacha le tacaíocht ón gCoimisiún chun comhroinnt dea-chleachtas agus foghlama piaraí ó Bhallstáit eile a chothú. |
|
54. |
TUGANN SÍ DÁ hAIRE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún na huirlisí faireacháin ardoideachais a chuíchóiriú. D’fhéadfadh sé sin feabhas a chur ar a n-acmhainneacht agus ar a n-ábharthacht do lucht déanta beartas, d’institiúidí ardoideachais, do mhic léinn agus do thaighdeoirí, gan an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit ná ar na hinstitiúidí ardoideachais a mhéadú, chun faisnéis a chur ar fáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na straitéise Eorpaí lena dtugtar cumhacht d’institiúidí ardoideachais agus chun cuidiú leis na Ballstáit ar mian leo na gníomhaíochtaí a cheapadh a bhfuil sé beartaithe acu rannchuidiú leo bunaithe ar fhianaise agus sonraí daingne. Is ar bhonn deonach a ghlacfaidh na Ballstáit páirt sa phróiseas sin. MOLANN SÍ go mbunófaí tuilleadh plé ar staidéar mapála i ndáil le creat féideartha dlíthiúil na n-uirlisí ábhartha faireacháin. CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR gur cheart an cúram sin a fhorbairt i sineirgíocht le próiseas comhordaithe beartais agus faireacháin LET, lena n-áirítear deais LET. |
|
55. |
IARRANN SÍ ar an gCoimisiún nuashonrú rialta a chur faoi bhráid na mBallstát maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí thuasluaite, agus forléargas cuimsitheach a thíolacadh sa tuarascáil iomlán ón gCoimisiún maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais in 2025, agus aird á tabhairt freisin ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an Limistéar Eorpach Taighde a chur chun feidhme. |
(1) Chun críocha na gconclúidí seo, is chun tagairt don earnáil iomlán a úsáidtear an téarma “institiúidí ardoideachais”, agus cuimsítear leis réimse iomlán an oideachais threasaigh agus, dá bhrí sin, gach cineál institiúide ardoideachais, lena n-áirítear, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, ollscoileanna taighde, coláistí ollscoile, ollscoileanna eolaíochtaí feidhmeacha, institiúidí ardoideachais gairmoideachais agus gairmoiliúna, agus institiúidí ardoideachais ealaíon.
(2) ECFE (2020), Resourcing Higher Education: Challenges, Choices and Consequences, [Acmhainní a chur ar fáil don Ardoideachas: Dúshláin, Roghanna agus Iarmhairtí] an tArdoideachas, Foilsitheoireacht ECFE, Páras.
(3) Carretero Gomez, S., Vuorikari, R. agus Punie, Y., DigComp 2.1: The Digital Competence Framework for Citizens with eight proficiency levels and examples of use [Creat na hInniúlachta Digití do Shaoránaigh le hocht leibhéal inniúlachta agus samplaí úsáide], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2017.
IARSCRÍBHINN
Cúlra polaitiúil
An Chomhairle Eorpach
|
— |
Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 14 Nollaig 2017 (EUCO 19 Eanáir 2017 REV 1) |
Comhairle an Aontais Eorpaigh
|
— |
Moladh (AE) 2021/2122 ón gComhairle an 26 Samhain 2021 maidir leis an gComhaontú um Thaighde agus Nuálaíocht san Eoraip (IO L 431, 2.12.2021, lch. 1) |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) amach anseo (14308/21, an 26 Samhain 2021) |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith taighde agus nuálaíochta – Straitéis na hEorpa don chomhar idirnáisiúnta i saol athraitheach (12301/21, an 28 Meán Fómhair 2021) |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha – An t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: An bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach (IO C 221, 10.6.2021, lch. 14) |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir leis “an Limistéar Eorpach Taighde a Dhoimhniú: Gairmeacha agus dálaí oibre tarraingteacha inbhuanaithe a chur ar fáil do thaighdeoirí agus cúrsaíocht daoine oilte a fhíorú” (9138/21, an 28 Bealtaine 2021) |
|
— |
Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus thairis sin (2021-2030) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1) |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Limistéir Eorpach Taighde Nua (13567/20, an 1 Nollaig 2020) |
|
— |
Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 chun aitheantas uathoibríoch frithpháirteach a chur chun cinn do cháilíochtaí oideachais agus oiliúna ar leibhéil an ardoideachais agus an mheánoideachais shinsearaigh, agus do thorthaí tréimhsí foghlama ar an gcoigríoch’ (IO C 444, 10.12.2018, lch. 1) |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le dul chun cinn i dtreo fís de Limistéar Eorpach Oideachais (IO C 195, 7.6.2018, lch. 7) |
|
— |
Council Recommendation of 22 May 2018 on promoting common values, inclusive education, and the European dimension of teaching [Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le luachanna coiteanna, an t-oideachas cuimsitheach agus gné Eorpach an teagaisc a chur chun cinn] (IO C 195, 7.6.2018, lch. 1) |
An Coimisiún Eorpach
|
— |
Ag Dul i nGleic le Trasnaíocht Eachtrach in T&N (SWD(2022) 12 final) |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Eorpach d’Ollscoileanna (COM(2022) 16 final) |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta dar teideal Europe’s strategy for international cooperation in a changing world [Straitéis na hEorpa don chomhar idirnáisiúnta i saol athraitheach] (COM)(2021) 252 final/2) |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal A new ERA for Research and Innovation [Limistéar Eorpach Taighde Nua don Taighde agus don Nuálaíocht] (COM(2020) 628 final) |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal Achieving the European Education Area by 2025 [An Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025] (COM(2020) 625 final) |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience [Clár Oibre Eorpach do Scileanna i gcomhair iomaíochas inbhuanaithe, cothroime shóisialta agus athléimneacht] (COM(2020) 274 final) |
An Coimisiún Eorpach agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
|
— |
Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta dar teideal The Global Gateway [An Tairseach Dhomhanda] (JOIN (2021) 30 final) |
Dearbhuithe
|
— |
Communiqué Aireachta na Róimhe (an 19 Samhain 2020) |
|
— |
Dearbhú Bonn maidir le saoirse an taighde eolaíoch (an 20 Deireadh Fómhair 2020) |
An Coimisiún Eorpach
|
21.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 167/18 |
Rátaí malairte an euro (1)
20 Aibreán 2022
(2022/C 167/04)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0830 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
138,53 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4405 |
|
GBP |
punt steirling |
0,82965 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
10,2300 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
1,0254 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
139,20 |
|
NOK |
krone na hIorua |
9,5443 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,409 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
371,36 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,6338 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9436 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
15,8892 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,4581 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,3579 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,4940 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,5950 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4779 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 337,89 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
16,3019 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
6,9448 |
|
HRK |
kuna na Cróite |
7,5610 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
15 537,05 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,6415 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
56,747 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
36,567 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,0481 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
21,6392 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
82,6348 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne
|
21.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 167/19 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
(2022/C 167/05)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú an chomórtais oscailte seo a leanas:
EPSO/AST/152/22 - Cúntóirí teanga (AST 1) le haghaidh na dteangacha seo a leanas:
Eastóinis (ET), Cróitis (HR), Iodáilis (IT), Ollainnis (NL), Polainnis (PL), Portaingéilis (PT)
Tá an fógra comórtais seo foilsithe i 24 theanga in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 167 A an 21 Aibreán 2022.
Tá tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin EPSO: https://epso.europa.eu/
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
21.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 167/20 |
Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
(2022/C 167/06)
Tar éis fhoilsiú an Fhógra maidir le dul in éag (1) atá le tarlú i dtaca leis na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tír lena mbaineann” nó “an tSín”), fuair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (“an bun-Rialachán”).
1. Iarraidh ar athbhreithniú
Is é Cumann Táirgeoirí Snáithín Gloine na hEorpa (“an t-iarratasóir”) a chuir an iarraidh isteach an 19 Eanáir 2022 thar ceann thionscal an Aontais i leith allmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán.
Tá leagan oscailte den iarraidh mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an iarraidh ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den Fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.
2. An táirge faoi athbhreithniú
Is é an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo snáitheanna snáithín gloine mionghearrtha, nach bhfuil níos faide ná 50 mm; caisirníní snáithín gloine, seachas caisirníní snáithín gloine atá tuilte agus brataithe agus ar mó ná 3 % a gcaillteanas ar a n-adhaint (arna chinneadh le Caighdeán ISO 1887); agus mataí atá déanta as filiméid snáithín gloine seachas mataí olla gloine (“an táirge faoi athbhreithniú” nó “GFR”) a thagann faoi láthair faoi chóid AC 7019 11 00, ex 7019 12 00 (cóid TARIC 7019120022, 7019120025, 7019120026, 7019120039) agus 7019 14 00 agus 7019 15 00 (3). Is chun críoch faisnéise amháin a thugtar cóid AC agus TARIC.
3. Bearta atá ann cheana
Is dleacht chinntitheach frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/724 ón gCoimisiún iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair (4).
4. Foras an athbhreithnithe
Tá an iarraidh bunaithe ar na forais gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil do thionscal an Aontais de thoradh dhul in éag na mbeart.
4.1. An líomhain gur dócha go leanfar den dumpáil
4.1.1. An líomhain gur dócha go leanfar den dumpáil ó Dhaon-Phoblacht na Síne
Mhaígh an t-iarratasóir nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i ngeall gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.
Chun bunús a thabhairt leis na líomhaintí maidir le saobhadh suntasach, bhí an t-iarratasóir ag brath ar an bhfaisnéis atá sa tuarascáil tíre a chuir seirbhísí an Choimisiúin ar fáil an 20 Nollaig 2017 ina ndearnadh cur síos ar imthosca sonracha an mhargaidh i nDaon-Phoblacht na Síne (5). Go háirithe, thagair an t-iarratasóir do shaobhadh amhail idirghabháil ón stát sa gheilleagar go ginearálta, agus in earnáil an táirge atá faoi athbhreithniú go sonrach, sin agus do shaobhadh a bhaineann le talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhair agus saothar.
Ina theannta sin, bhí an t-iarratasóir ag brath ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí, go háirithe ar an 13ú Plean Forbartha 5 Bliana maidir le Tionscal na nÁbhar Tógála, ar an bPlean Forbartha um Monaraíocht Chliste, ar an 13ú Plean 5 Bliana um Fhorbairt Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta Dhaon-Phoblacht na Síne, ar an 14ú Plean 5 Bliana agus ar an tionscnamh Made in China 2025. Dar leis an iarratasóir, is pleananna iad sin a spreagann údaráis de chuid an rialtais ar gach leibhéal agus institiúidí airgeadais atá faoi úinéireacht an stáit cur chun cinn thionscal na bhfiliméad snáithín gloine a chothú i nDaon-Phoblacht na Síne. Rinne an t-iarratasóir tagairt freisin do na torthaí ar ar tháinig an Coimisiúin san imscrúdú frith-fhóirdheontais a rinneadh roimhe seo maidir le filiméid snáithín gloine ó Dhaon-Phoblacht na Síne (6), agus sna himscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais maidir le fabraicí de shnáithín gloine ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Éigipt (7), a mhéid a bhaineann le saobhadh sonrach in earnáil na bhfiliméad snáithín gloine.
I bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, measann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann de bhun Airteagal 5(9) den bhun-Rialachán a léiríonn de ghnáth, i ngeall ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais, go bhfuil úsáid na bpraghsanna agus na gcostas náisiúnta sa tír lena mbaineann míchuí, rud a fhágann gur gá imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.
Tá an tuarascáil tíre ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (8).
Dá bhrí sin, i bhfianaise Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, an líomhain go bhfuiltear ag leanúint den dumpáil ó Dhaon-Phoblacht na Síne, tá sí bunaithe ar chomparáid idir gnáthluach ríofa ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmhairc neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí, agus praghas onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú (ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha) ón tír lena mbaineann nuair a dhíoltar an táirge lena onnmhairiú chuig an Aontas.
Na corrlaigh dhumpála a ríomhtar ar mbonn sin, is corrlaigh mhóra iad, rud a léiríonn go bhfuiltear ag leanúint den dumpáil.
4.2. An líomhain gur dócha go leanfar den díobháil
Líomhnaíonn an t-iarratasóir gur dócha go bhfuiltear ag leanúint den díobháil. I ndáil leis sin, chuir an t-iarratasóir fianaise leordhóthanach ar fáil go bhfuil allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas fós suntasach i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí sciar den mhargadh.
I measc iarmhairtí eile, is éard a léiríonn an fhianaise a chuir an t-iarratasóir ar fáil go raibh tionchar diúltach ar leibhéal na bpraghsanna a bhí á ngearradh ag tionscal an Aontais agus ar na cainníochtaí a dhíol tionscal an Aontais de dheasca an mhéid den táirge faoi athbhreithniú a allmhairíodh, rud a d’fhág go raibh tionchar substaintiúil diúltach ar fheidhmíocht fhoriomlán agus ar staid airgeadais tionscal an Aontais, sin agus ar an gcás atá ann sa tionscal sin ó thaobh na fostaíochta de.
Líomhnaíonn an t-iarratasóir freisin gur dócha go leanfar den díobháil amach anseo. I ndáil leis sin, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil freisin gur dócha, dá ligfí do na bearta dul i éag, go dtiocfaidh méadú ar leibhéal reatha allmhairithe an táirge atá faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas de bharr gur ann d’acmhainn neamhúsáidte i nDaon-Phoblacht na Síne.
Ina theannta sin, líomhnaíonn an t-iarratasóir gur dócha go ndéanfadh aon mhéadú suntasach eile ar allmhairí ar phraghsanna dumpáilte ón tír lena mbaineann tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais, agus ba cheart go gceadófaí na bearta a ligean i léig.
5. Nós imeachta
Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise atá ann gur dócha go bhfuil dumpáil agus díobháil ann chun údar maith a thabhairt le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, tá an Coimisiún, leis seo, ag tionscnamh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán.
Is éard a chinnfear leis an athbhreithniú éaga an amhlaidh gur dócha go leanfar leis an táirge atá faoi athbhreithniú agus go leanfadh díobháil do thionscal an Aontais nó go leanfadh an díobháil sin arís nó go leanfadh an díobháil a dhéantar don tionscal de chuid an Aontais mar thoradh ar dhul in éag na mbeart.
Tarraingíonn an Coimisiún aird na bpáirtithe ar an bhFógra (9) arna fhoilsiú maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais, iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir leis an imeacht seo.
5.1. Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an dtarlóidh sí arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin”). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go deireadh thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”).
5.2. Barúlacha faoin iarraidh agus faoi thionscnamh an imscrúdaithe
Ní mór do na páirtithe leasmhara uile ar mian leo barúil a thabhairt ar an iarraidh (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le leanúint den díobháil agus le cúisíocht) nó aon ghné a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear an méid tacaíochta atá ann don iarraidh) é sin a dhéanamh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (10).
Ní mór aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
5.3. Nós imeachta um chinneadh na dóchúlachta go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís
In imscrúdú éaga, déanann an Coimisiún scrúdú ar onnmhairí a cuireadh chuig an Aontas i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus, gan beann ar onnmhairí chuig an Aontas, measann sé an rud é, de thoradh staid na gcuideachtaí a tháirgeann agus a dhíolann an táirge faoi athbhreithniú sa tír lena mbaineann, gur dócha go leanfar den onnmhairiú chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte nó go dtarlóidh sé arís má théann na bearta in éag.
Dá bhrí sin, iarrtar ar na táirgeoirí uile (11) an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear iad siúd nár chomhoibrigh san imscrúdú/sna himscrúduithe as a dtiocfaidh na bearta atá i bhfeidhm, páirt a ghlacadh in imscrúdú an Choimisiúin.
5.3.1. Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí sa tír lena mbaineann
I bhfianaise an líon mór táirgeoirí a d’fhéadfadh a bheith i nDaon-Phoblacht na Síne atá páirteach san athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún na táirgeoirí a bhfuil imscrúdú le déanamh orthu a theorannú do líon réasúnta trí shampla a roghnú (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas sin freisin). Déanfar an tsampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach táirgeoir, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, faisnéis faoina chuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R767_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER
I roinn 5.6 agus roinn 5.9 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, déanfaidh sé teagmháil le húdaráis na tíre lena mbaineann freisin agus is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí de chuid na tíre lena mbaineann.
Má tá gá le sampla, roghnófar na tairgeoirí ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de tháirgeacht, díolacháin nó onnmhairí ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Gach táirgeoir aitheanta de chuid na tíre lena mbaineann, údaráis na tíre lena mbaineann, agus comhlachais táirgeoirí, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh, trí údaráis na tíre lena mbaineann más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.
Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.
Tá an ceistneoir do tháirgeoirí sa tír lena mbaineann ar fáil sa chomhad atá le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2595
Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, na cuideachtaí a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur cuideachtaí comhoibríocha atá iontu.
5.3.2. Nós imeachta breise maidir le Daon-Phoblacht na Síne a bhfuil saobhadh suntasach inti
Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, leis seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
Go háirithe, iarrann an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairim a chur in iúl maidir leis na hionchuir agus maidir le cóid an Chórais Chomhchuibhithe (HS) a sholáthraítear san iarraidh, tír ionadaíoch nó tíortha ionadaíocha iomchuí a mholadh agus céannacht táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú sna tíortha sin a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
De bhun Airteagal 2(6a), pointe (e), den bhun-Rialachán, go luath tar éis dó an t-imscrúdú a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún na páirtithe san imscrúdú ar an eolas faoi na foinsí ábhartha a bhfuil sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach sa tSín a chinneadh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus déanfaidh sé amhlaidh trí bhíthin nóta a ghabhann leis an gcomhad iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Cuimseoidh sé sin na foinsí uile, lena n-airítear, i gcás inarb iomchuí, tír iomchuí a roghnú. Nuair a chuirfear an nóta leis an gcomhad sin, beidh 10 lá ag na páirtithe san imscrúdú ón dáta sin chun a gcuid barúlacha a chur isteach.
De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, d’fhéadfadh an Bhrasaíl agus an Tuirc a bheith ina dtír ionadaíoch don tSín sa chás seo. D’fhonn an tír ionadaíoch iomchuí a roghnú ar deireadh, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil tíortha ann a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche acu atá cosúil le leibhéal na Síne, ina bhfuil táirgeadh agus díolacháin an táirge faoi athbhreithniú agus ina bhfuil sonraí ábhartha ar fáil go héasca. I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha amháin ann i ndáil le tír ionadaíoch, tabharfar tús áite, i gcás inarb iomchuí, do thíortha inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá iontu.
Maidir leis na foinsí ábhartha, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí uile na Síne faisnéis a chur ar fáil maidir leis na hábhair (amh agus próiseáilte) agus an fuinneamh a úsáidtear chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R767_INFO_ON_INPUTS_FOR_EXPORTING_PRODUCER_FORM
Is féidir teacht ar fhaisnéis faoi rochtain ar Tron i roinn 5.6 agus i roinn 5.9 thíos.
Thairis sin, ní mór aon fhaisnéis fhíorasach a chuirtear isteach chun luach a chur ar chostais agus ar phraghsanna de bhun phointe (a) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chomhdú laistigh de 65 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Níor cheart faisnéis fhíorasach den sórt sin a thógáil ach amháin ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe i ndáil le saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh an Coimisiún ceistneoir ar fáil do Rialtas na Síne freisin.
5.3.3. Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhghaolmhara (12) (13)
Allmhaireoirí neamhghaolmhara a allmhairíonn an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas ón tSín, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.
Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhghaolmhara a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhghaolmhara a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach allmhaireoir neamhghaolmhar, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe reatha seo ba thoradh air, iad féin a chur in aithne don Choimisiún. Ní mór do na páirtithe sin déanamh amhlaidh laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, tríd an bhfaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo a thabhairt don Choimisiún.
Chun faisnéis a fháil a mheasann sé a bheith riachtanach do roghnú an tsampla d’allmhaireoirí neamhghaolmhara, féadfaidh an Coimisiún dul i dteagmháil freisin le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí.
Má tá gá le sampla, féadfar na hallmhaireoirí a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann san Aontas, ar méid é ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach allmhaireoir neamhghaolmhar aitheanta agus do gach comhlachas aitheanta d’allmhaireoirí faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.
Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí chuig na hallmhaireoirí neamhghaolmhara sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt.
Tá an ceistneoir le haghaidh allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála ag https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2595
5.4. Nós imeachta um chinneadh na dóchúlachta go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís
Chun a chinneadh an dócha go leanfar den díobháil do thionscal an Aontais nó go dtarlóidh sí arís, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú san Aontas a bheith rannpháirteach san imscrúdú.
5.4.1. Táirgeoirí de chuid an Aontais a imscrúdú
Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí de chuid an Aontais a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí de chuid an Aontais a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.
Roghnaigh an Coimisiún sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara.
Leis seo, iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an sampla sealadach. Ina theannta sin, táirgeoirí eile de chuid an Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, lena n-airítear táirgeoirí de chuid an Aontais nár chomhoibrigh san imscrúdú/sna himscrúduithe arb iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ba thoradh air/orthu, ar táirgeoirí iad a mheasann go bhfuil cúiseanna ann ar cheart dóibh a bheith sa sampla, ní mór dóibh dul i dteagmháil leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ó dháta fhoilsithe an Fhógra seo. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.
Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir de chuid an Aontais agus/nó do gach comhlachas aitheanta de tháirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh ar deireadh le bheith sa sampla.
Beidh ar na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Tá an ceistneoir le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála: https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2595
5.5. Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais
Má dheimhnítear gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais dá gcoinneofaí na bearta frith-dhumpála i bhfeidhm.
Táirgeoirí de chuid an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrfar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le leas an Aontais.
Aon fhaisnéis maidir le measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl i bhformáid shaor, sin nó trí cheistneoir a d’ullmhaigh an gCoimisiún a líonadh isteach.
Tá na ceistneoirí, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú, ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2595.
In aon chás, aon fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag teacht léi tráth a chuirtear isteach í, ar fianaise í a thugann bunús lena bailíocht.
5.6. Páirtithe leasmhara
Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do pháirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.
Táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i ranna 5.3.1, 5.3.3 agus 5.4.1, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.
Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Má mheastar gur páirtí leasmhar é páirtí, ní dochar é sin do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán.
Is féidir an comhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (14).
5.7. Aighneachtaí eile i scríbhinn
Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar, leis seo, a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
5.8. An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin
Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiún. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna a leagann na páirtithe leasmhara amach i scríbhinn roimh ré.
I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun go mbeidh seirbhísí an Choimisiúin in ann dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar treoir a thabhairt do pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a sholáthar tar éis na héisteachta.
5.9. Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh
Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.
Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfear leo, is mar “Íogair” a dhéanfar iad a lipéadú (15). Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfí i modh rúin leo.
Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Íogair” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán ar a gcuirfear an lipéad “Le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara”. Ní mór do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta. Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a gcaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara agus cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de bhileoga deimhniúcháin. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf . Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir teileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear gach lá. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide , nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.
|
Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais: |
|
an Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na Trádála |
|
Stiúrthóireacht G |
|
Oifig: CHAR 04/039 |
|
1049 An Bhruiséil |
|
BELGIQUE/BELGIË/AN BHEILG |
TRON.tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi
Ríomhphost le haghaidh saincheisteanna dumpála:
TRADE-R767-GFR-DUMPING@ec.europa.eu
Ríomhphost le haghaidh saincheisteanna faoin díobháil agus faoi leas an Aontais:
TRADE-R767-GFR-INJURY@ec.europa.eu
6. Sceideal an imscrúdaithe
De ghnáth, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí ó dháta foilsithe an Fhógra seo, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán.
7. Faisnéis a chur isteach
Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creata ama a shonraítear i roinn 5 den Fhógra seo.
D’fhonn an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna éigeantacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-am chun barúlacha a thabhairt faoin nochtadh deiridh nó, más infheidhme, tar éis an spriocdháta chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.
8. An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí páirtithe eile
Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le faisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile isteach. Agus sin á dhéanamh acu, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara aghaidh a thabhairt ach ar na saincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí na bpáirtithe leasmhara eile agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a tharraingt anuas.
Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chur páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, na barúlacha a rinne páirtithe leasmhara eile mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad sin a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun tuairim a thabhairt ar an nochtadh breise sin, ach amháin má shonraítear a mhalairt.
Tá an tráthchlár a leagtar amach gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
9. Síneadh ama leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo
Féadfar síntí ar theorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a dheonú arna iarraidh sin do pháirtithe leasmhara a léiríonn cúis chuí.
Níor cheart aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. In aon chás, aon síneadh a chuirfear leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, beidh sé teoranta do 3 lá, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá. Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh aon síneadh ama thar 3 lá, mura léirítear gurb ann d’imthosca eisceachtúla.
10. Neamh-chomhoibriú
I gcásanna ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí deimhneacha nó diúltacha a thabhairt ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.
I gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus féadfar úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.
Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, más ar na fíorais atá ar fáil atá na torthaí bunaithe i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach céanna don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.
Mura dtugtar freagra leictreonach, ní mheasfar gur neamh-chomhoibriú é sin, ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar go mbeadh ualach breise nó costas breise mí-réasúnach air mar thoradh ar an bhfreagra a thabhairt ar an mbealach a iarradh é. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.
11. Oifigeach Éisteachta
Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí tráchta a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.
Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Is i scríbhinn ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.
Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do na páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirtear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú freisin ar na cúiseanna leis na hiarrataí déanacha sin, ar chineál na saincheisteanna a tarraingíodh anuas agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.
Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/.
12. An deis athbhreithniú a iarraidh faoi Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán
Ó tharla go dtionscnaítear an t-athbhreithniú éaga seo i gcomhréir le forálacha Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ní leasófar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i ngeall ar thorthaí an athbhreithnithe, ach déanfar na bearta sin a aisghairm nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 11(6) den bhun-Rialachán.
Má mheasann aon pháirtí leasmhar go bhfuil údar le hathbhreithniú ar na bearta ar dhóigh a d’fhágfadh go bhféadfaí na bearta a leasú, féadfaidh an páirtí sin athbhreithniú a iarraidh de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán.
Aon pháirtí ar mian leis athbhreithniú den sórt sin a iarraidh, ar athbhreithniú é a dhéanfaí go neamhspleách ar an athbhreithniú a luaitear san Fhógra seo, féadfaidh sé dul i dteagmháil leis an gCoimisiún ag an seoladh a shonraítear thuas.
13. Sonraí pearsanta a phróiseáil
Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chaithfear le haon sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo (16).
Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine aonair ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://ec.europa.eu/trade/policy/accessing- markets/trade-defence/
(1) IO C 311, 3.8.2021, lch. 5.
(2) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(3) Ón 1 Eanáir 2022, tá aicmiú mataí athraithe ó chód AC 7019 31 00 go cóid AC 7019 14 00 agus 7019 15 00. Go dtí an 31 Nollaig 2021, ba iad na cóid TARIC ab infheidhme 7019310010 agus 7019310090. Ón 1 Eanáir 2022, tá cóid TARIC 7019140010, 7019140090, 7019150010 agus 7019150090 ina n-ionad.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/724 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de tháirgí áirithe de shnáithín gloine filiméadach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 107, 25.4.2017, lch. 4).
(5) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2, ar fáil faoi: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/328 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 65, 25.2.2021, lch. 1)
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna cinntitheacha frithdhumpála ar allmhairí d’fhabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 108, 6.4.2020, lch. 1)
(8) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2, ar fáil faoi: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf.
(9) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52020XC0316%2802%29
(10) Is ionann gach tagairt d’fhoilsiú an Fhógra seo agus tagairt d’fhoilsiú an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach amháin má shonraítear a mhalairt.
(11) Is éard is táirgeoir ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear aon cheann dá chuideachtaí gaolmhara a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin náisiúnta nó onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú.
(12) Ní féidir ach allmhaireoirí nach bhfuil gaol acu leis na táirgeoirí sa tír lena mbaineann a shampláil. Ní mór d’allmhaireoirí atá gaolmhar le táirgeoirí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme, measfar beirt a bheith gaolmhar: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann ceann amháin acu an ceann eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an dá cheann acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) gur baill den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar daoine a bheith den teaghlach céanna ach amháin má tá siad in aon ghaol acu seo a leanas le chéile: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus leanbh, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seantuismitheoir agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neacht, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(13) Féadfar na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil a úsáid freisin i ndáil le gnéithe den imscrúdú sin seachas an dumpáil a chinneadh.
(14) I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála trí ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán + 32 22979797.
(15) Is éard is doiciméad “Íogair” ann doiciméad a meastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(16) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
IARSCRÍBHINN
|
☐ |
Leagan “íogair ” |
|
☐ |
Leagan “Le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara” |
|
(cuir tic sa bhosca cuí) |
|
NÓS IMEACHTA FRITHDHUMPÁLA MAIDIR LE HALLMHAIRÍ DE THÁIRGÍ SNÁITHÍNÍ GLOINE FILIMÉAD LEANÚNACH DE THIONSCNAMH DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE
FAISNÉIS MAIDIR LE ROGHNÚ SHAMPLA NA N-ALLMHAIREOIRÍ NEAMHGHAOLMHARA
Is é atá an fhoirm seo in ainm a dhéanamh cabhrú le hallmhaireoirí neamhghaolmhara freagairt don iarraidh ar fhaisnéis shamplála a dhéantar i bpointe 5.3.3 den fhógra tionscnaimh.
Ba cheart an leagan “Íogair” agus an leagan “Le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara ” a chur ar ais chuig an gCoimisiún de réir mar a leagtar amach san fhógra tionscnaimh.
1. CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA
Tabhair na sonraí seo a leanas mar gheall ar do chuideachta:
|
Ainm na cuideachta |
|
|
Seoladh |
|
|
Teagmhálaí |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
Teileafón |
|
2. LÁIMHDEACHAS AGUS MÉID NA NDÍOLACHÁN
Léirítear láimhdeachas iomlán na cuideachta ina euro (EUR), an luach ina euro (EUR) agus an méid ina thonaí i gcás allmhairí agus athdhíolacháin ar mhargadh an Aontais tar éis an táirge faoi athbhreithniú a allmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne, le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, de réir mar a shainmhínítear san fhógra tionscnaimh.
|
|
Tonaí |
Luach ina euro (EUR) |
|
Láimhdeachas iomlán do chuideachta féin ina euro (EUR) |
|
|
|
Allmhairí an táirge atá faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne |
|
|
|
Allmhairí den táirge atá faoi athbhreithniú (de gach tionscnamh) |
|
|
|
Athdhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne |
|
|
3. GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA FÉIN AGUS CUIDEACHTAÍ GAOLMHARA (1)
Tabhair sonraí faoi ghníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus na gcuideachtaí gaolmhara uile (liostaigh iad agus luaigh an caidreamh le do chuideachta, le do thoil) a bhfuil baint acu le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiú agus/nó intíre) an táirge atá faoi athbhreithniú. D’fhéadfaí a áireamh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin ceannach an táirge faoi athbhreithniú, é a chur ar fáil faoi shocruithe fochonraitheoireachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin.
|
Ainm na cuideachta agus suíomh na cuideachta |
Gníomhaíochtaí |
Gaol |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
4. FAISNÉIS EILE
Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún i roghnú an tsampla.
5. DEIMHNIÚ
Tríd an bhfaisnéis thuasluaite a chur ar fáil, comhaontaíonn an chuideachta go bhféadfaí í a chur san áireamh sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith mar chuid den sampla, is é a bheidh i gceist leis sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagra a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach n-aontaíonn sí lena cur isteach sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Tá torthaí an Choimisiúin d’allmhaireoirí neamh-chomhoibritheacha bunaithe ar na fíricí atá ar fáil agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aici.
Síniú an oifigigh údaraithe:
Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:
Dáta:
(1) I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme, measfar beirt a bheith gaolmhar: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má tá duine díobh ag stiúradh a chéile go díreach nó go neamhdhíreach; (f) má tá an bheirt faoi stiúir an tríú páirtí go díreach nó go neamhdhíreach; (g) má tá an tríú duine á stiúradh acu le chéile go díreach nó go hindíreach; nó (h) más baill d’aon teaghlach amháin iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar daoine a bheith d’aon teaghlach amháin ach amháin má tá siad in aon ghaol acu seo a leanas le chéile: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus leanbh, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seantuismitheoir agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neacht, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
21.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 167/32 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10634 – CVC / GAMING1)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 167/07)
1.
An 11 Aibreán 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra seo:
|
— |
CVC Capital Partners SICAV-FIS S.A (“CVC”, Lucsamburg), |
|
— |
Eintitis áirithe de chuid ghrúpa Gaming1 (an “Sprioc-chuideachta”, an Bheilg). |
Gheobhaidh CVC rialú ar an Sprioc-chuideachta ina hiomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Is trí cheannach scaireanna a dhéantar an comhchruinniú.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
CVC: Ciste cothromais phríobháidigh a sholáthraíonn comhairle infheistíochta do chistí infheistíochta, agus a bhainistíonn infheistíochtaí thar ceann cistí infheistíochta. Tá leasanna ag CVC i gcuideachtaí i dtionscail éagsúla, tionscal na gceimiceán, tionscal na bhfóntas, tionscal na déantúsaíochta, tionscal an mhiondíola agus tionscal an dáileacháin san áireamh. |
|
— |
An Sprioc-chuideachta: Tá casaíní, hallaí cearrbhachais agus gníomhaireachtaí gealltóireachta aici sa Bheilg, sa Fhrainc agus san Eilvéis, agus tá sí gníomhach maidir feidhmiú suíomhanna gréasáin cearrbhachais ar líne (casaíní agus gealltóireacht spóirt) agus feidhmchlár soghluaiste cearrbhachais ar líne sa Bheilg, i Málta, sa Phortaingéil, sa Fhrainc, san Eilvéis, sa Spáinn, sa tSeirbia, sa Cholóim agus sna Stáit Aontaithe. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
Cás M.10634 – CVC / GAMING1
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
21.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 167/34 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10571 – HSBC SINGAPORE / TEMASEK / JV)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 167/08)
1.
An 11 Aibreán 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
HSBC Bank (Singeapór) Limited (“HSBC Singapore”, Singeapór), faoi lánúinéireacht HSBC Holdings plc (“HSBC”, an Ríocht Aontaithe), |
|
— |
Kovan Investments Pte. Ltd. (“Kovan”, Singeapór), faoi lánúinéireacht Temasek Holdings (Private) Limited (“Temasek”, Singeapór), |
|
— |
Sustainable Infrastructure Capital PTE. LTD (“Comhfhiontar”, Singeapór). |
Gheobhaidh HSBC agus Kovan rialú comhpháirteach ar an gComhfhiontar lánfheidhme de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is cuideachta baincéireachta agus seirbhísí airgeadais í HSBC, a bhfuil a ceanncheathrú i Londain na Ríochta Aontaithe. Roinntear HSBC ina 3 línte príomhúla gnó: Rachmas agus Baincéireacht Phearsanta; Baincéireacht Tráchtála agus Baincéireacht Dhomhanda agus Margaí. Cuireann Baincéireacht Tráchtála agus Baincéireacht Dhomhanda agus Margaí seirbhísí baincéireachta corparáideacha ar fáil do chliaint chorparáideacha agus institiúideacha de mhéideanna éagsúla. |
|
— |
Is cuideachta infheistíochta í Temasek a bhfuil a ceanncheathrú i Singeapór, atá gníomhach den chuid is mó i Singeapór agus sa chuid eile den Áise. Cumhdaíonn punann dhomhanda Temasek raon leathan tionscal: seirbhísí airgeadais; teileachumarsáid, na meáin agus teicneolaíocht; iompar agus tionsclaíocht; tomhaltas agus maoin réadach; chomh maith le heolaíochtaí beatha agus agraibhia. |
|
— |
Is comhfhiontar lánfheidhme úrnua é an Comhfhiontar atá le bunú i Singeapór, comhfhiontar lena gcuirfear maoiniú fiachais ar fáil do thionscadail maidir le bonneagar inbhuanaithe in earnálacha amhail fuinneamh in-athnuaite, stóráil fuinnimh, uisce agus dramhaíl (bainistiú fuíolluisce agus dramhaíola soladaí) agus iompar inbhuanaithe san Áise, ag díriú ar Oirdheisceart na hÁise ar dtús. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10571 – HSBC SINGAPORE / TEMASEK / JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
21.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 167/36 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10645 – ETEX / XI (INSMAT) HOLDINGS)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 167/09)
1.
An 11 Aibreán 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Etex NV (“Etex”, an Bheilg), |
|
— |
URSA Deutschland GmbH agus URSA Insulation, S.A. (“Ursa”, an Spáinn), atá faoi rialú Lone Star Fund X (U.S.) L.P. agus Lone Star Fund X (Bermuda) L.P. |
Gheobhaidh Etex rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Ursa ina iomláine.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is cuideachta ábhar tógála idirnáisiúnta é Etex a bhfuil éagsúlacht sa phunann táirgí atá aige, |
|
— |
Is soláthraí ábhar insliúcháin é Ursa a n-áirítear ar a phríomhtháirgí olann ghloine agus polaistiréin easbhrúite a úsáidtear chun foirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe a insliú. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10645 – ETEX / XI (INSMAT) HOLDINGS
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta |
|
Clárlann na gCumasc |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
21.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 167/37 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh le sonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 167/10)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AG ATHRÚ AN DOICIMÉID AONAIR
“Vallegarcía”
PDO-ES-02085-AM01
Dáta na cumarsáide: 25.1.2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS AR NA CÚISEANNA INA LEITH
1. Ailíniú na téarmaíochta a úsáidtear le haghaidh an pharaiméadair anailísigh le haghaidh “siúcra iarmharach” leis an reachtaíocht i bhfeidhm.
TUAIRISC:
Athainmníodh an paraiméadar anailíseach le haghaidh “siúcra iarmharach” go “siúcra iomlán arna shloinneadh mar ghlúcós agus fruchtós”.
Baineann an leasú seo le pointe 2.1.1 den tsonraíocht táirge agus ní leis an doiciméad aonair.
Oiriúnaítear leis an leasú an téarmaíocht a úsáidtear le haghaidh na saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha. Ní dhéanann sé aon athrú ar an táirge deiridh, a choimeádann na saintréithe agus an phróifíl arb iad is toradh leis an idirghníomhaíocht idir tosca nádúrtha agus daonna, mar a thugtar tuairisc air sa nasc. Measaimid dá bhrí sin gur leasú caighdeánach é, ós rud é nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cineálacha a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33.
CÚISEANNA:
Rinneamar an leasú seo chun Airteagal 20 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhar 2018, ina sonraítear nach mór na siúcraí iomlána arna shloinneadh i dtéarmaí fruchtóis agus glúcóis a thomhas.
2. Athbhreithniú ar na paraiméadair anailíseacha
TUAIRISC:
An íosteorainn datha le haghaidh fíonta dearga a laghdaítear ó 12 go 10 AU.
Leasaíodh pointí 2 agus 7 den tsonraíocht táirge agus pointe 8 den doiciméad aonair dá réir.
Ní dhéanann an leasú seo aon athrú ar an táirge deiridh, a choimeádann na saintréithe agus an phróifíl mar thoradh an idirghníomhaíocht idir tosca nádúrtha agus daonna, mar a thugtar tuairisc air sa nasc. Measaimid dá bhrí sin gur leasú caighdeánach é, ós rud é nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cineálacha a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33.
CÚISEANNA:
Fásann cineálacha difriúla fíonchaor le chéile sa limistéar táirgthe le haghaidh “Vallegarcía” DO. Ar thaobh amháin, tá Cabernet Sauvignon ann, a dhéanann fíonta go nádúrtha ag a mbíonn poitéinseal datha an-ard, ach, ar thaobh eile, tá Monastrell agus Garnacha Tinta ann, a dhéanann fíonta níos boige ar a mbíonn déine datha mheánach.
Go ginearálta, le deich mbliana anuas, tá na margaí ag éileamh fíonta níos torthaíche, a mheallann glúine nua de thomhaltóirí atá ag dul i dtaithí ar fhíon.
Ní mór go mbeadh na huirlisí riachtanacha ag fíoneolaithe chun fíonta a tháirgeadh atá mealltach do mhargaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, ach ag an am céanna ag coinneáil na saintréithe atá iontu de bharr an limistéir táirgthe agus na gcineálacha.
Laghdú ar theorainn na déine íosta datha le haghaidh fíonta dearga, ní chuireann sé isteach ar an gcáilíocht; go contrártha, leathnaíonn sé an raon roghanna a sholáthraíonn na cineálacha difriúla fíonchaor sa limistéar, agus mar sin is féidir fíonta níos fíneálta, casta agus mealltaí a tháirgeadh.
Toisc go luaitear an déine datha agus teorainn na déine datha sa roinn ar an nasc, b’éigean an fhoclaíocht sin a leasú freisin de thoradh an athraithe ar an teorainn.
3. Cineálacha a chur leis
TUAIRISC:
Cuireadh na cineálacha fíonchaor a leanas a úsáidtear chun na fíonta a dhéanamh leis an tsonraíocht táirge. Garnacha Tinta, Mazuela nó Cariñena agus Monastrell.
Leasaíodh pointe 6 den tsonraíocht táirge agus pointe 7 den doiciméad aonair dá réir.
Ní dhéanann an leasú seo aon athrú ar an táirge deiridh, a choimeádann na saintréithe agus an phróifíl mar thoradh an idirghníomhaíocht idir tosca nádúrtha agus daonna, mar a thugtar tuairisc air sa nasc. Measaimid dá bhrí sin gur leasú caighdeánach é, ós rud é nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cineálacha a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33.
CÚISEANNA:
Fástar na cineálacha thuasluaite in Vallegarcía le roinnt blianta anuas, agus tá sé léirithe go ndéanann na cineálacha sin fíonta ar ardchaighdeán. Tá an coiste blaiste le haghaidh “Vallegarcía” DO i mbun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus cáilíocht na bhfíonta sin ar feadh na mblianta. Tá sé léirithe go ndéanann na cineálacha fíonchaora fíonta a choimeádann an cháilíocht a éilíonn ár sonraíocht, a chiallaíonn gur féidir iad a áireamh i measc na gcineálacha a cheadaítear le haghaidh “Vallegarcía” DO.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm an táirge
Vallegarcía
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint
3. Catagóirí táirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1. Fíon bán
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Fíon bán le dath dian buí agus torthaí cloiche, torthaí trópaiceacha agus dea-bholaithe de bhláth bán ar dhéine mheán-ard. Dea-bholaithe de luibheanna – labhandar, marós – sa chúlra, agus críoch thóstáilte. Ionsaí bog, ungthach, gan aon imill, úr agus corr. Aoibhiúil ar an meán-charball le dea-bholaithe de thorthaí cloiche agus críoch thóstáilte agus leath-shearbh.
|
* |
Ní mór an neart alcóil iomlán uasta de réir toirte a bheith laistigh de na teorainneacha dlíthiúla a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais. |
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte) |
|
|
Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte) |
12,5 |
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,1 gram in aghaidh an lítir, arna shloinneadh mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
12,5 |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir) |
160 |
2. Fíon dearg
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Fíon dearg ar a bhfuil dath tréan dearg, le himeall gairnéad nó rúibín-gairnéad agus róba maith. Déine mheán-ard, torthaí dearga agus scrobarnach Mheánmhara agus dea-bholaithe mianraí nó tadhall balsamach labhandair nó dea-bholaithe d’adhmad tóstáilte. Corr, le hionsaí éasca, cothrom, cuíosach tainneach.
|
* |
Ní mór an neart alcóil iomlán uasta de réir toirte a bheith laistigh de na teorainneacha dlíthiúla a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais. |
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte) |
|
|
Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte) |
12 |
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,2 gram in aghaidh an lítir, arna shloinneadh mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
20 |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir) |
150 |
5. Cleachtais maidir le fíonóireacht
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1.
Buaintear na fíonchaora go hiomlán de lámh agus cuirtear i gciseanna iad. Sórtáiltear ar dtús iad san fhíonghort nuair a ghearrtar na táthanna agus den dara huair ar an mbord sórtáilte sa bhá faighte fíonchaor san fhíonlann.
2.
Faightear na fíonchaora ag leibhéal os cionn ionraon uachtarach an umair, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon bhrú sa phíobú agus tá na fíonchaora faoi réir cóireáil nach bhfuil chomh crua sin.
Le linn tancála, téann an laíon trí mhalartóir teasa, agus íslítear an teocht. Fágann sé sin an t-umar fuar ar feadh tréimhse ama a d’fhéadfadh athrú de réir dhiscréid na foirne fíoneolaithe, más gá. Mar gheall ar an tanú réamhchoipthe sin is féidir na dea-bholaithe go léir atá sna fíonchaora a bhaint agus tuaslagán uiscí a dhéanamh díobh, rud a dhéanann an dath níos forasta.
Tar éis próiseas an tanaithe fhuair, brúitear na fíonchaora bána agus neadaítear an úrfhíon a fhaightear as go bhfaightear moirtiúlacht iomchuí de 400-800 NTU. Nuair a thosaíonn an coipeadh, aistrítear cion athraitheach den úrfhíon chuig dair-bhairillí Francacha neamhúsáidte, áit a gcoipeann sé agus a dtugtar chun cineáil é ar an moirt ar feadh 4-6 mhí. Úsáidtear giosta nádúrtha agus giosta roghnaithe i gcoipeadh alcólach na bhfíonta bána agus dearga. Coipeann na fíonta bána ag teochtaí ísle: 15 oC ar a laghad, 26 oC ar a mhéad. Caithfear cion na húrfhíona atá ag coipeadh sna bairillí a chur san áireamh freisin. Coiptear na fíonta dearga ag teocht 15 oC ar a laghad agus ag teocht 30 oC ar a mhéad. Bíonn na hamanna tancála agus tanaithe difriúil de réir mheasúnaithe teicniúla na foirne fíoneolaithe ach idir 7 agus 28 lá a bhíonn i gceist.
3.
Scoitear na fíonta dearga de lámh. Téann an marc isteach i bpreas neomatach trí dhomhantarraingt, gan caidéil a úsáid, agus aistrítear é go bairillí úsáidte go dtí an blaiseadh. Nuair a fhaightear gach cineál fíona, idir shaor-rith agus bhrúite, agus tá coipeadh malalachtach réidh, blaiseann an coiste fíoneolaithe de na fíonta go léir agus ullmhaítear na cumaisc dhifriúla. Tugtar chun cineáil iad ansin i ndair-bhairillí Francacha.
Tugtar na fíonta chun cineáil sa bhuidéal ar feadh tréimhsí ama éagsúla sula gcuirtear ar an margadh iad.
5.2. Uastáirgeacht
|
1. |
Viognier, Cabernet Franc, Garnacha Tinta, Mazuela nó Cariñena agus cineálacha Monastrell 11 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
|
2. |
75 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
3. |
Cineál Syrah 9 250 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
|
4. |
60 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
5. |
Cineálacha Merlot agus Cabernet Sauvignon 8 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
|
6. |
55 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
7. |
Cineál Petit Verdot 14 600 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
|
8. |
95 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Tá an limistéar geografach ionann le beart cadastrach 448 i zón 9 de bhardas Retuerta del Bullaque, atá lonnaithe i gcúige Ciudad Real. Cumhdaítear1 521 heicteár.
7. Príomhchineál(acha) fíonchaor
|
|
CABERNET FRANC |
|
|
CABERNET SAUVIGNON |
|
|
GARNACHA TINTA |
|
|
MAZUELA – CARIÑENA |
|
|
MERLOT |
|
|
MONASTRELL |
|
|
PETIT VERDOT |
|
|
SYRAH |
|
|
VIOGNIER |
8. Tuairisc ar an nasc, ar na naisc
8.1. Timpeallacht (tosca nádúrtha agus daonna)
Tá tréithe an limistéir gheografaigh ag a mbíonn tionchar tábhachtach ar cháilíocht na bhfíonta mar a leanas:
|
a) |
An tsubstráit gheografach ar a bhfuil an fíonghort curtha, ar a dtugtar Raña del Fresno, is foirmíocht í atá uathúil sa domhan agus nach bhfaightear ach sa limistéar seo. Mar thoradh air sin, na fíonchaora a fhástar sa limistéar, bíonn roinnt saintréithe uathúla acu (déine mhór, cáilíocht dea-bholaidh agus fada ar an gcarball). Thairis sin, tá ard-aigéadacht agus pH íseal ithreacha Vallegarcía neamhghnách i gcomparáid le limistéir aeráide chomhchosúla. Is fíonghort é Vallegarcía atá curtha in ithreacha a bhfuil aicmiú eidifeolaíochta uathúil acu i gcomparáid le fíonghoirt eile Castile-La Mancha. I dtionscadal taighde a rinne Ollscoil Castile-La Mancha (UCLM) dar teideal “ Winegrowing soils in Castile-La Mancha: influence on the composition of the grape”, aicmíodh na próifílí ar a ndearnadh staidéar in Vallegarcía mar Typic Palexerult de réir na Tacsanomaíochta Ithreach (Foireann Suirbhé Ithreach, 2006) agus aimsíodh go raibh an t-ordú Ultasail tipiciúil d’ithreacha raña (Vidal et al., 2004). As na hithreacha ina bhfástar fíon ar a ndearnadh staidéar sa tionscadal taighde, níor bhain ach na trí phróifíl Vallegarcía leis an ordú seo. Faoi chóras aicmithe FAO (2007), aicmíodh P1, P2 agus P3 – na trí phróifíl a anailísíodh i dtuarascáil UCLM – mar Alisol Cúitine (Feireach, Crómach), Alisol Cúitine (Feireach, Cnámharlaigh) agus Alisol Cúitine (Feireach, Cnámharlaigh) faoi seach. Thairis sin, déanann an éagsúlacht leathan i pH na n-ithreacha uathúil iad. Ag féachaint ar pH gach próifíle, is é an chéad rud a sheasann amach ná an éagsúlacht shuntasach idir luachanna pH. Léirítear é sin i leibhéil pH na bhfíonta agus a gcothromaíocht ar an gcarball. Ní thagann an cion íseal cailciam agus an cion ard silice, iarainn agus alúmanaim ar chor ar bith le saintréithe na n-ithreacha ina bhfástar fíon in Castile-La Mancha. Tá sé suimiúil na leibhéil sin a chur i gcomparáid le leibhéil ithreacha aolchloiche an limistéir, a úsáidtear de ghnáth chun fíniúnacha a fhás. De réir sonraí ó Amorós et al. (2012b), tá cion cailciam ithreacha Vallegarcía an-difriúil leis na leibhéil a aimsítear i sraitheanna barrithreach d’ithreacha aolchloiche (10,4 g•kg-1 in aghaidh 230 g•kg-1). Os a choinne sin, tá na leibhéil sileacain (345,9 g•kg-1) agus iarainn (26,5 g•kg-1) i bhfad níos airde in ithreacha an limistéir chríochaithe i gcomparáid le hithreacha aolchloiche Castile-La Mancha ina bhfástar fíon (127.5 agus 16,65 g•kg-1 faoi seach). Tá an leibhéal alúmanaim atá i láthair i sraith barrithreach na hithreach aolchloiche ag thart 33,4 g•kg-1, agus tá an leibhéal in ithir Vallegarcía ag 57,8 g•kg-1. Saintréith d’fhíonta Vallegarcía is ea cion cailciam íseal na hithreach agus tugann sé saintréith dhifriúil le fíonta eile Castile-La Mancha dóibh. Is fiú trácht ar an mheán-chainníocht ard dúl a aicmítear mar dhúile tearcithreach (ceiriam, lantanam agus neoidimiam) in ithir Vallegarcía (83,5, 44,5 agus 36,5 mg•kg-1 faoi seach) i gcomparáid leis na meán-leibhéil go réigiúnach (57,7, 23,5 agus 21,6 mg•kg-1 faoi seach) agus go domhanda (55, 35,5 agus 30,5 mg•kg-1 faoi seach). Go ginearálta, bíonn leibhéil na ndúl sin níos airde in ithreacha aigéadacha ná in ithreacha aolchloiche (Amorós et al., 2012a). |
|
b) |
Tionchar abhainn Bullaque agus na sruthanna a théann isteach ann, a théann timpeall ar an limistéar críochaithe, úire na ngleannta agus an chosaint ar na gaoithe aduaidh a thugann na sléibhte – cruthaíonn siad sin miocraeráid don fhíonghort a mhaolaíonn an adhaimsir sa gheimhreadh agus sa samhradh araon. Téann sé sin chun leasa d’aibíocht cheart agus iomlán na bhfíonchaor. |
|
c) |
An raon leathan teochta atá ann idir lá agus oíche, de bharr airde Vallegarcía os cionn leibhéal na farraige, i gcomhar leis an líon ard báistí sa limistéar i gcomparáid le háiteanna eile sa réigiún, cuidíonn siad le struchtúr tainneach iontach a thabhairt do na fíonchaora a mhéadaíonn oiriúnacht na bhfíonta lena dtabhairt chun cineáil sa bhairille agus sa bhuidéal. |
8.2. Tuairisc ar an bhfíon
Saintréith d’fhíonta Vallegarcía is ea a gcruinne agus a n-easpa imeall. Tá struchtúr tainneach iontach acu freisin a thugann inniúlacht eisceachtúil dóibh chun athrú agus fanacht úr le himeacht ama. Féadann siad luachanna polaifeanóil níos nó ná 50 meq/l agus déine datha níos mó ná 10 AU a fháil.
Sainítear déine agus cáilíocht dea-bholaidh na bhfíonta atá ag scrobarnach dhian Mheánmhara (rós carraige, fraoch) agus dea-bholaithe balsamacha (tím, marós, labhandar), chomh maith le hardleibhéal mianraí (scláta dubh, grianchloichít). Fágann siad athbhlas searbh ar chúl na scornaí a fhadaíonn blas an fhíona.
8.3. Nasc
A) An tsubstráit gheografach ar a bhfuil an fíonghort curtha, ar a dtugtar raña, is foirmíocht í atá uathúil sa domhan. Tá aigéadacht ard agus pH íseal ithreacha an limistéir chríochaithe neamhghnách freisin. Fágann an meascán sin athbhlas searbh ar chúl na scornaí a fhadaíonn blas an fhíona.
Úire na ngleannta agus an chosaint ar na gaoithe aduaidh a thugann na sléibhte, bíonn tionchar maolaithe acu agus cuidíonn siad le cruinne agus easpa imeall a thabhairt do na fíonta. An raon leathan teochta atá ann idir lá agus oíche, de bharr airde an limistéir chríochaithe os cionn leibhéal na farraige, i gcomhar leis an líon ard báistí, cuidíonn siad le struchtúr tainneach iontach a thabhairt do na fíonchaora trína féidir leis na fíonta luachanna polaifeanóil a fháil atá níos mó ná 50 meq/l agus déine datha atá níos mó ná 10 AU.
Cé go bhfuil limistéar “Castilla” PGI timpeall ar an limistéar críochaithe, tá a shaintréithe an-difriúil leis an limistéar críochaithe in aice láimhe dá mbarr seo a leanas:
TOSCA NÁDÚRTHA:
An tsubstráit gheografach ar a dtugtar raña, atá uathúil sa domhan agus a bhfuil a haigéadacht ard agus pH íseal mar shaintréith di, chomh maith le húire na ngleannta, an líon ard báistí agus an chosaint a thugann na sléibhte ar na gaoithe aduaidh – cruthaíonn siad miocraeráid atá an-difriúil leis an limistéar in aice láimhe.
An éagsúlacht leathan in pH na sraitheanna barrithreach agus fo-ithreach, le héagsúlacht uasta de 4,1 pointe i bpróifíl 2 (pH = 8,9 in Ap agus pH = 4,8 in Btg1), chomh maith leis an gcion cailciam íseal, an cion ard silice, iarainn agus alúmanaim, agus láithreacht cainníochta móra de dhúile tearcithreach, sin a dhéanann Vallegarcía difriúil leis an gcuid eile de Castile-La Mancha.
TOSCA DAONNA:
Is iad seo a leanas na difríochtaí is soiléire idir an modh táirgthe d’fhíonta “Vallegarcía” agus iad siúd a úsáidtear sna limistéir in aice láimhe, atá cumhdaithe ag TGFC “Castilla”:
|
“CASTILLA” PGI |
VALLEGARCÍA |
DÍFRÍOCHTAÍ |
|
Fíonta bána: ≥ 9 % toirte |
≥ 12 % toirte |
Ábhar alcóil níos airde |
|
Fíonta dearga: ≥ 10 % toirte |
≥ 12 % toirte |
Ábhar alcóil níos airde |
|
Fíonta dearga: ≤ 18 meq/l |
≤ 20 meq/l |
Aigéadacht luaineach níos airde |
|
Fíonta bána: ≤ 16 000 kg/ha |
≤ 11 500 kg/ha |
Táirgeadh níos lú in aghaidh an heicteáir |
|
Fíonta dearga: ≤ 16 000 kg/ha |
≤ 14 600 kg/ha |
Táirgeadh níos lú in aghaidh an heicteáir |
|
--- |
> 50 meq/l |
Níos mó polaifeanól |
|
--- |
> 10 AU |
Níos mó datha |
Rinneadh an limistéar a chríochú ar bhonn a thimpeallachta (an tsubstráit gheografach ar a dtugtar raña, lena haigéadacht ard agus pH íseal, chomh maith leis an gcosaint a fhaightear ó na sléibhte). Tá fíonlann amháin ag táirgeadh fíona sa limistéar, atá faoi úinéireacht an iarratasóra.
Ba cheart a thabhairt san áireamh go gcumhdaíonn an limistéar críochaithe 1 521 heicteár agus gur leis an t-iarratasóir na fíniúnacha agus na fíonlanna ar fad atá ann.
Thairis sin, féadfaidh táirgeoirí eile an t-ainm cláraithe a úsáid má bhunaíonn siad iad féin sa i limistéar críochaithe geografach amach anseo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach sa tsonraíocht. Tá an cás sin go hiomlán féideartha mar go gcumhdaíonn an limistéar críochaithe 1 521 heicteár agus mar sin de, tá spás ann le haghaidh níos mó fíonlann.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Creat dlíthiúil:
Sa reachtaíocht náisiúnta
Cineál dála breise:
Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar na dálaí:
Caithfear na fíonta a bhuidéalú sa limistéar táirgthe mar i ngach cás tugtar an próiseas i gcrích leis an dara céim den fhíon a thabhairt chun cineáil i mbuidéil. Tarlaíonn próiseas laghdaithe sa tréimhse seo, rud a fheabhsaíonn cáilíocht na bhfíonta agus a chuireann corr ar a mblas. Tá siad réidh le hól nuair atá na saintréithe orgánaileipteacha acu a leagtar amach sna sonraíochtaí le haghaidh gach cineáil fíona.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
http://pagina.jccm.es/agricul/paginas/comercial-industrial/consejos_new/pliegos/AM_01_PC_Vallegarcia_20210820.pdf