ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 159

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
12 Aibreán 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 159/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10603 – CARLYLE / ALTADIA) ( 1 )

1

2022/C 159/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10607 – LONE-STAR FUNDS / SPX FLOW) ( 1 )

2

2022/C 159/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10632 – WATERLAND / DUVENBECK) ( 1 )

3

2022/C 159/04

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10657 – SAMSUNG BIOLOGICS / SAMSUNG BIOEPIS) ( 1 )

4

2022/C 159/05

Imeachtaí a thionscnamh (Cás M.10325 – KRONOSPAN / PFLEIDERER POLSKA) ( 1 )

5


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2022/C 159/06

Cinneadh ón g Comhairle an 7 Aibreán 2022 lena gceaptar ionadaithe ó na Ballstáit ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia

6

2022/C 159/07

Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle – An rannpháirteachas a chothú i measc daoine óga mar ghníomhaithe ar son an athraithe chun an comhshaol a chosaint

9

2022/C 159/08

Fógra le haghaidh na ndaoine a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/596 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/592 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis, agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise a bhfuil ag tarlú san Iaráin

17

2022/C 159/09

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ag na bearta sriantacha maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise a bhfuil ag tarlú san Iaráin

18

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 159/10

Rátaí malairte an euro — 11 Aibreán 2022

19

2022/C 159/11

Fógra ón gCoimisiún maidir le rátaí úis aisghabhála státchabhrach agus rátaí tagartha/lascaine reatha is infheidhme ón 1 Bealtaine 2022 (Arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún)

20


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 159/12

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10716 – PLD / NBIM / TARGET ASSET BLEISWIJK) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

21

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 159/13

Iarratas a fhoilsiú maidir le leasú sonraíochta a fhormheas le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún

23

2022/C 159/14

Foilsiú iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú nach mion ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

44


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 159/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10603 – CARLYLE / ALTADIA)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 159/01)

An 18 Márta 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10603. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 159/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10607 – LONE-STAR FUNDS / SPX FLOW)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 159/02)

An 4 Márta 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10607. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 159/3


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10632 – WATERLAND / DUVENBECK)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 159/03)

An 25 Márta 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10632. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 159/4


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10657 – SAMSUNG BIOLOGICS / SAMSUNG BIOEPIS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 159/04)

An 4 Aibreán 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10657. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 159/5


Imeachtaí a thionscnamh

(Cás M.10325 – KRONOSPAN / PFLEIDERER POLSKA)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 159/05)

An 5 Aibreán 2022, chinn an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh sa chás thuasluaite tar éis dó cinneadh a dhéanamh go bhfuil ábhair imní thromchúiseacha ann maidir leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra faoi ó thaobh a chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach de. Le tionscnamh na n-imeachtaí cuirtear tús le himscrúdú dara céim i ndáil leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra faoi, agus déantar sin gan dochar don chinneadh críochnaitheach maidir leis an gcás. Tá an cinneadh bunaithe ar Airteagal 6(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara a mbarúlacha faoin gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Chun go gcuirfear barúlacha san áireamh go hiomlán mar chuid den nós imeachta, ba cheart na barúlacha sin a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le facs (+32 22964301), le ríomhphost chuig COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu nó tríd an bpost, agus é sin a dhéanamh faoin tagairt M.10325 – KRONOSPAN / PFLEIDERER POLSKA, chuig an seoladh seo a leanas:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 159/6


CINNEADH ÓN G COMHAIRLE

an 7 Aibreán 2022

lena gceaptar ionadaithe ó na Ballstáit ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia

(2022/C 159/06)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (1), agus go háirithe Airteagal 25(1) de,

Ag féachaint do na hainmniúcháin a chuir na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé ríthábhachtach neamhspleáchas, ardcháilíocht eolaíoch, trédhearcacht agus éifeachtúlacht an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) a áirithiú. Ina theannta sin, tá sé fíor-riachtanach comhar an Údaráis sin leis na Ballstáit a áirithiú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) modhnaíodh Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, lena n-áirítear Airteagal 25(1) de maidir le comhdhéanamh Bhord Bainistíochta EFSA.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2019/1381, rachaidh téarma oifige chomhaltaí Bhord Bainistíochta EFSA atá i seilbh oifige an 30 Meitheamh 2022, in éag an lá sin. Na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha de EFSA a bhfuil a dtéarma oifige le tosú an 1 Iúil 2022, tá siad le ceapadh i gcomhréir leis an nós imeachta nua chun comhaltaí a ainmniú agus a cheapadh a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/1381.

(4)

Ceanglaítear le hAirteagal 25(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 go n-ainmneoidh gach Ballstát comhalta agus comhalta malartach mar a ionadaithe ar Bhord Bainistíochta EFSA. Ceapann an Chomhairle na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha arna n-ainmniú mar sin ar feadh tréimhse 4 bliana, ar tréimhse í a fhéadfar a athnuachan, agus beidh ceart vótála acu.

(5)

Tá taithí agus saineolas ábhartha agus forleathan ag na hionadaithe a d’ainmnigh na Ballstáit i réimse dhlí agus bheartas an bhiashlabhra, lena n-áirítear measúnú riosca, agus i réimsí ábhar bainistíochta, riaracháin, airgeadais agus dlí chomh maith. Dá bhrí sin, lena gceapacháin, baintear amach i mBord Bainistíochta EFSA na caighdeáin is airde inniúlacht agus an raon is leithne taithí ábhartha atá ar fáil.

(6)

De bhun Airteagal 27(2) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, ní fhéadfaidh ionadaithe arna gceapadh ina gcomhaltaí de Bhord Bainistíochta EFSA faoin gCinneadh seo a bheith ina gcomhaltaí d’Fhóram Comhairleach EFSA a thuilleadh.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas mar chomhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2026:

Ballstáit

Comhaltaí

Comhaltaí Malartacha

An Bheilg

Herman DIRICKS

Carl BERTHOT 1991

An Bhulgáir

Georgi GEORGIEV

Svetlana TCHERKEZOVA

An tSeicia

Jindřich FIALKA

Jitka GÖTZOVÁ

An Danmhairg

Annelise FENGER

Henrik Dammand NIELSEN

An Ghearmáin

Marie-Luise TREBES

Dietrich RASSOW

An Eastóin

Hendrik KUUSK

Pille TAMMEMÄGI

Éire

Pamela BYRNE

Patricia REILLY

An Ghréig

Antonis ZAMPELAS

George-John NYCHAS

An Spáinn

Isabel PEÑA-REY LORENZO

Ana RODRÍGUEZ CASTAÑO

An Fhrainc

Roger GENET

Loïc EVAIN

An Chróit

Darja SOKOLIĆ

Lidija KOZAČINSKI

An Iodáil

Massimo CASCIELLO

Pierdavide LECCHINI

An Chipir

Stelios YIANNOPOULOS

Herodotos HERODOTOU

An Laitvia

Aivars BĒRZIŅŠ

Jānis RUŠKO

An Liotuáin

Mantas STAŠKEVIČIUS

Deividas KLIUČINSKAS

Lucsamburg

Patrick HAU

Marc WEYLAND

An Ungáir

Szabolcs PÁSZTOR

Beáta CZEGLÉDI

Málta

Ingrid BORG

Rudie VELLA

An Ísiltír

Ana Isabel VILORIA ALEBESQUE

Marie-Ange DELEN

An Ostair

Ulrich HERZOG

Josefine SINKOVITS

An Pholainn

Katarzyna STOŚ

Piotr JEDZINIAK

An Phortaingéil

Ana BATALHA

Susana POMBO

An Rómáin

Alexandru Nicolae BOCIU

Laszlo CSUTAK-NAGY

An tSlóivéin

Jernej DROFENIK

Ana LE MARECHAL KOLAR

An tSlóvaic

Zuzana NOUZOVSKÁ

Martin POLOVKA

An Fhionlainn

Marjatta RAHKIO

Sebastian HIELM

An tSualainn

Annica SOHLSTRÖM

Hanna DUFVA

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 7 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. DENORMANDIE


(1)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú an Aontais ar rioscaí sa bhiashlabhra lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003, Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, Rialachán (AE) 2015/2283 agus Treoir 2001/18/CE (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1).


12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 159/9


Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle – An rannpháirteachas a chothú i measc daoine óga mar ghníomhaithe ar son an athraithe chun an comhshaol a chosaint

(2022/C 159/07)

AGUS AN CHOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE,

AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á MHEABHRÚ DÓIBH:

1.

Le Sprioc Eorpach don Aos Óg Uimh. 10 dar teideal “Eoraip Ghlas Inbhuanaithe”, atá i gceangal le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, leagtar amach nach mór “Sochaí a bhaint amach ina mbeidh gach duine óg gníomhach ó thaobh an chomhshaoil de, ina mbeidh oideachas orthu agus iad in ann difear a dhéanamh ina saol laethúil”;

2.

Aithnítear i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe (1)gur “gníomhairí criticiúla don athrú” san fhorbairt inbhuanaithe iad daoine óga. Ina theannta sin, i gClár Gníomhaíochta Domhanda na Náisiún Aontaithe don Óige (2) spreagtar daoine óga a bheith gníomhach sa tsochaí;

3.

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus dá Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), chun domhan na todhchaí a thógáil ar bhealach níos glaise, níos síochánta agus níos cothroime (3);

4.

Tá an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát tiomanta go hiomlán do Chomhaontú Pháras, an comhaontú a glacadh i gComhdháil Pháras na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP21) i mí na Nollag 2015. Chun cuspóir agus spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, cuireann an tAontas Eorpach i bhfios go láidir a thábhachtaí atá gach ceann de na sé ghné den Ghníomhaíocht maidir le Cumhachtú Aeráide, aithníonn sé an ról ríthábhachtach atá ag daoine óga mar ghníomhaithe ar son an athraithe sa ghníomhaíocht ar son na haeráide, agus iarrann sé go mbeadh tuilleadh rannpháirtíochta ag daoine óga sa bheartas maidir leis an athrú aeráide, ar an leibhéal idirnáisiúnta, Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus ó thaobh leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na Gníomhaíochta maidir le Cumhachtú Aeráide;

5.

Is eochairsprioc de chuid an Aontais Eorpaigh í cosaint an chomhshaoil, lena n-áiritheofar, go háirithe, “ardleibhéal cosanta don chomhshaol” agus ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht’ (4) agus lena ndéanfar aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050; (5)

6.

Maidir le Bliain Eorpach na hÓige, 2022 (6), arb é is aidhm di dlús a chur le hiarrachtaí an Aontais Eorpaigh, na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil tacú le daoine óga agus oibriú leo agus sinn ag teacht ón bpaindéim, tá sé i gceist léi freisin na deiseanna agus na féidearthachtaí nua a ghabhann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a chur chun cinn. Ba cheart do na haistrithe sin a bheith cuimsitheach agus go dtabharfaí aird ar lánpháirtiú daoine óga ar lú na deiseanna atá acu;

7.

Is éard atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip (7) treochlár chun sochaí inbhuanaithe a chruthú san Aontas Eorpach, trína chinntiú go mbeidh aistriú cothrom cuimsitheach ann do chách. Leagtar béim ann ar a thábhachtaí atá sé díriú ar na réigiúin is forimeallaí, réigiúin atá an-leochaileach i leith an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha.

AGUS IAD FEASACH AR AN MÉID SEO A LEANAS:

8.

Tá méadú ag teacht ar an bhfeasacht agus ar an mian i measc daoine óga i ndáil le dul i ngleic le saincheisteanna na forbartha inbhuanaithe, go háirithe saincheisteanna comhshaoil agus aeráide (8). Rinneadh daoine óga a shlógadh go láidir ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta chun an fheasacht a mhéadú i dtaobh saincheisteanna comhshaoil, lena n-áirítear an t-athrú aeráide, trí abhcóideacht, trí mhórshiúlta aeráide, trí fheachtais slógtha ar líne, agus trí mhodhanna eile;

9.

Tá a lán daoine óga i bhfabhar gníomhaíocht láidir chomhshaoil agus bearta láidre a bheadh dírithe ar dhul i ngleic leis an athrú aeráide agus (9) le cailliúint na bithéagsúlachta. Tá roinnt acu ag gabháil do chleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a d’fhéadfadh fónamh mar shamhail don chuid eile den tsochaí. Chuir toscairí óga ó gach cearn den domhan, lena n-áirítear ó Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh, Forógra Youth4Climate i láthair ag COP26 i nGlaschú agus iad ag iarraidh ar cheannairí domhanda gníomhú (10);

10.

Ní hionann leibhéal an tslógtha agus an rannpháirteachais ó dhuine óg amháin go duine óg eile: is iondúil go gcomhfhreagraíonn leibhéil arda caipitil oideachais (11), chultúrtha agus shóisialta do leibhéil níos airde rannpháirteachais;

11.

Mar thoradh ar ghéarchéim dhomhanda shláinte COVID-19 agus mar thoradh ar an moilliú sealadach ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch dhomhanda, a raibh impleachtaí suntasacha eacnamaíocha agus sóisialta acu, do dhaoine óga go háirithe, tá an tionchar díreach a bhíonn ag gníomhaíochtaí áirithe daonna ar an gcomhshaol tugtha chun suntais (12). Na pacáistí agus na pleananna éagsúla spreagtha náisiúnta agus Eorpacha chun an ghéarchéim a shárú, is deiseanna iad chun aistriú inbhuanaithe glas a thiomáint chun tosaigh agus ba cheart go mbeadh deis ag gach duine óg páirt iomlán a ghlacadh iontu mar ghníomhaithe ar son an athraithe.

MEASANN SIAD:

12.

Ní foláir a áirithiú go dtuigfidh gach duine óg, beag beann ar thosca amhail inscne, míchumas, leibhéal oideachais, cúlra sóisialta agus eacnamaíoch, tír thionscnaimh nó áit chónaithe, dúshláin na forbartha inbhuanaithe agus gur feasach iad ar na himpleachtaí don chomhshaol, don bhithéagsúlacht agus don aeráid a bhíonn ag cinntí, ag gníomhaíochtaí agus ag roghanna stíle maireachtála. Ba cheart na hinniúlachtaí riachtanacha a bheith ag gach glúin, lena n-áirítear daoine óga, chun gníomhaíocht ábhartha a dhéanamh;

13.

Chun gur féidir leo a bheith lán-rannpháirteach, ba cheart faisnéis agus sonraí iontaofa fianaisebhunaithe a bheith ag daoine óga ionas gur féidir leo breithiúnais eolasacha a dhéanamh faoi dhúshláin agus réitigh i ndáil leis an gcomhshaol, leis an mbithéagsúlacht agus leis an athrú aeráide, agus ionas gur féidir leo scileanna smaointeoireachta criticiúla a fhorbairt agus a neartú. Ba cheart iarrachtaí a dhéanamh gníomhú i gcoinne na bréagaisnéise faoin gcomhshaol agus faoin athrú aeráide;

14.

Ní foláir freisin idirphlé a chur chun cinn, i measc daoine óga agus idir na glúine, maidir leis na saincheisteanna eiticiúla a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe, cosaint an chomhshaoil agus an meas ar dhaoine beo, trí spás a chur ar fáil don phlé ionas go mbeidh daoine óga agus an tsochaí i gcoitinne in ann machnamh a dhéanamh ar na luachanna agus ar na conspóidí a bhaineann leis na saincheisteanna sin;

15.

Na hiarrachtaí a dhéantar chun daoine óga a shlógadh i dtaobh saincheisteanna comhshaoil agus bearta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, truailliú agus cailliúint na bithéagsúlachta, ba cheart iad a léiriú i mbeartais áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha. Ba cheart go gcomhlíonfadh na beartais sin ionchais daoine óga a mhéid is féidir, agus anuas air sin ba cheart go dtabharfaí deis freisin do na daoine óga a bheith rannpháirteach, go gníomhach fóinteach, i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na mbeartas sin;

16.

Teastaíonn ardú feasachta agus foghlaim, bíodh sin foirmiúil, seachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil, faoi shaincheisteanna comhshaoil, ó aois an-óg chun daoine óga a chur i mbun gníomhaíocht chomhshaoil;

17.

Chun bheith lánábalta réitigh phraiticiúla a chur ar aghaidh agus a fhorbairt chun dul i ngleic le saincheisteanna comhshaoil, ba cheart tacú le daoine óga, lena n-áirítear iad siúd ar lú na deiseanna atá acu, agus a dtionscadail dheonacha nó fhiontraíocha á gcur chun feidhme acu agus ba cheart go dtairbheoidís de thacaíocht phraiticiúil agus cúnamh teicniúil, mar aon le deontais phoiblí nó infheistíocht phríobháideach.

LEAGANN SIAD BÉIM AR AN MÉID A LEANAS:

18.

Is den tábhacht é daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh i múnlú shaol a bpobal áitiúil, lena n-áirítear, nuair is féidir, institiúidí oideachais agus oiliúna, eagraíochtaí óige agus oibre óige, chomh maith le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ionas go mbeidh siad ina ngníomhaithe agus ina dtiománaithe don athrú lena gcuirfear feabhas ar chosaint an chomhshaoil agus lena gcabhrófar le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta;

19.

Tá comhoibriú idir lucht déanta cinntí, institiúidí oideachais agus oiliúna, eagraíochtaí óige agus oibre óige agus geallsealbhóirí eile i réimse an chomhshaoil ríthábhachtach chun tacú le rannpháirteachas daoine óga agus chun cur ar a gcumas gníomhú. Ba cheart muinín fhrithpháirteach agus comhoibriú i bpróisis chinnteoireachta maidir leis an gcomhshaol a spreagadh;

20.

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar dhlúthpháirtíocht agus ceartas idir na glúine i bpróisis chinnteoireachta maidir le cosaint an chomhshaoil ionas nach mbeidh na tairbhí do na glúine atá ann faoi láthair ag teacht salach ar chearta na nglún atá le teacht.

TUGANN SIAD AN MÉID SEO A LEANAS DÁ nAIRE:

21.

Na smaointe agus na tuairimí ó dhaoine óga a comhroinneadh le chéile ag Comhdháil Óige an Aontais i mí Eanáir 2022, ag tús an 9ú Timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, bhain siad leis an méid seo a leanas:

a)

Sainaithníodh cúig réimse gníomhaíochtaí. Le linn 9ú timthriall Idirphlé Óige an Aontais, beidh ar dhaoine óga agus ar chinnteoirí smaoineamh agus oibriú de réir na réimsí sonracha seo chun tograí nithiúla a bhunú.

b)

Ar an gcéad dul síos, i réimse na faisnéise agus an oideachais, ní mór na scileanna a fhaightear tríd an oideachas seachfhoirmiúil a aithint mar phróiseas iomlán foghlama. Tá sé de fhreagracht ar údaráis áitiúla agus ar eagraíochtaí óige oibriú i gcomhar le chéile chun deis a thabhairt do dhaoine óga tuilleadh a fhoghlaim faoin gcomhshaol agus teacht ar réitigh. Is é an t-oideachas an infheistíocht is luachmhaire sa daonlathas.

c)

I réimse na gníomhaíochta agus an chumhachtaithe, ní mór an deis a thabhairt do dhaoine óga ról gníomhach a imirt sna cinntí lena múnlófar a saol agus saol na nglún atá le teacht. Ní mór do dhaoine óga a bheith páirteach sa phróiseas cinnteoireachta ar gach leibhéal. Is minic a thugtar neamhaird orthu agus a bhíonn siad faoi ghannionadaíocht cé gur léirigh siad smaointe agus ábhair imní ar chóir dóibh a bheith ina n-ábhar spéise ag cinnteoirí sinsearacha.

d)

I réimse an rialachais, is lú ná 2.6 % de chomhaltaí na bparlaimintí náisiúnta iad daoine óga faoi bhun 30 bliain d’aois. Is gá a áirithiú nach n-úsáidtear láithreacht na hóige mar shásra ’óigeshnasúcháin’. Na struchtúir atá ann cheana, amhail Idirphlé Óige an Aontais agus Parlaimint Óige na hEorpa, ní mór uirlisí éifeachtacha a thabhairt dóibh le go mbeidh siad in ann gníomhú mar struchtúir chinnteoireachta. Le linn 9ú timthriall Idirphlé Óige an Aontais, caithfear oibriú ar bhealach inbhuanaithe cuimsitheach le go mbeidh daoine óga rannpháirteach sa chinnteoireacht. Is den ríthábhacht é freisin go mbeadh dóthain tacaíochta, cistiúcháin agus faisnéise ag daoine óga chun páirt a ghlacadh ar bhealach fónta. Ní mór próisis rannpháirtíochta a scrúdú ar an leibhéal náisiúnta féachaint go bhfuil siad chomh hinbhuanaithe agus chomh cuimsitheach agus is féidir.

e)

I réimse na soghluaisteachta agus na dlúthpháirtíochta, tugadh faoi deara nach bhfuil an tsoghluaisteacht chomh hinrochtana céanna ná chomh hindéanta céanna ag gach duine óg. Le taighde cuirtear ar ár gcumas na daoine óga sin nach nglacann páirt i gcláir shoghluaisteachta a shainaithint ar bhealach níos cruinne. Is gá dul i dtreo cleachtais níos córa lena gcuideofar leis an tsochaí tuiscint níos fearr a fháil ar chláir dhlúthpháirtíochta agus dul in araicis cách sa tsochaí sin.

f)

Agus ar deireadh, cé go sílfí, b’fhéidir, nach bhfuil an rochtain ar bhonneagar chomh tábhachtach sin, fós féin tá dlúthnasc idir an bonneagar agus cáilíocht saoil agus oideachas na ndaoine óga. Ag brath ar cé acu ó cheantar tuaithe nó ó cheantar uirbeach a thagann siad, bíonn tionchar ar leith ar an gcaoi a ndéanann daoine óga cinntí. I gceantair thuaithe, is fadhb mhór é an córas iompair phoiblí. D’fhéadfadh leithlisiú daoine óga a bheith mar thoradh ar fhadhbanna iompair. Má dhéantar grúpaí áirithe daoine óga a eisiamh mar sin, ní bheifear in ann sochaí chuimsitheach a thabhairt i gcrích. Ní mór a áirithiú go mbeidh roghanna inbhuanaithe inacmhainne ar fáil do chách.

IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT, I gCOMHRÉIR LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AGUS AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

22.

Tacú leis an obair óige, le heagraíochtaí óige agus comhshaoil agus le saineolaithe agus geallsealbhóirí ábhartha eile ina ról mar sholáthraithe faisnéise do dhaoine óga agus cur ar a gcumas faisnéis agus sonraí atá iontaofa, cruinn agus ar ardchaighdeán a scaipeadh maidir leis an athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta, truailliú agus saincheisteanna comhshaoil eile, faisnéis agus sonraí a bheidh bunaithe ar eolaíocht, oiriúnach do spriocphobail d’aoiseanna agus de chúlraí éagsúla, agus curtha in oiriúint do gach timpeallacht gheografach, lena n-áirítear timpeallachtaí oileánacha nó trópaiceacha;

23.

Deiseanna oiliúna agus deiseanna foghlama gairmiúla a chur ar fáil do ghníomhaithe san oideachas foirmiúil agus san oiliúint fhoirmiúil, san fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, lena n-áirítear oibrithe óige, i modhanna foghlama agus i gcuir chuige idirghníomhacha phraiticiúla atá dírithe ar réitigh, chun faisnéis, oideachas agus tacaíocht níos fearr a chur ar fáil do dhaoine óga maidir le saincheisteanna comhshaoil agus sóisialta chomh maith leis an athrú aeráide;

24.

Na hinniúlachtaí is gá chun saincheisteanna comhshaoil a thuiscint agus chun gníomhú ina leith a thabhairt do dhaoine óga, ar bhealach níos fearr, trí oideachas agus oiliúint fhoirmiúil agus trí fhoghlaim seachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil;

25.

Leanaí agus daoine óga a spreagadh le teacht i dteagmháil leis an dúlra agus é a chur ar a gcumas é sin a dhéanamh, i gcás inar gá, trí ghníomhaíochtaí sonracha agus tionscnaimh ghlasa a fhorbairt, le tacaíocht ó na geallsealbhóirí ábhartha i saincheisteanna comhshaoil. Tá teagmháil den sórt sin ríthábhachtach chun feasacht a mhúscailt faoi shaincheisteanna aeráide agus bithéagsúlachta;

26.

Forbairt comhpháirtíochtaí a spreagadh idir earnáil an oideachais, earnáil na hóige, earnáil an spóirt (13) agus earnáil an chultúir chomh maith leis na hearnálacha ábhartha go léir, chun cuir chuige leathana, chomhordaithe agus chomhlántacha a fhorbairt i leith saincheisteanna comhshaoil, chailliúint na bithéagsúlachta agus an athraithe aeráide;

27.

Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do bhunú gníomhaíochtaí piarfhoghlama atá cuimsitheach agus dírithe ar an óige agus do mhalartú dea-chleachtas maidir le saincheisteanna comhshaoil agus athraithe aeráide, amhail cláir na nAmbasadóirí Óga agus cláir mheantóireachta nó gníomhaíochtaí oiliúna agus comhair (TCA, Erasmus+) agus gníomhaíochtaí Líonraithe (NET, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach) chun feasacht a mhúscailt i measc na ndaoine óga uile, lena n-áirítear iad siúd ar lú na deiseanna atá acu, agus iad a spreagadh chun gnímh ó thaobh an comhshaol a chosaint agus dul i ngleic leis an athrú aeráide;

28.

Oideachas agus oiliúint iomchuí a chur chun cinn d’oibrithe óige chun a áirithiú gur neamhdhíobhálach don chomhshaol, inbhuanaithe a bheidh na gníomhaíochtaí óige a bhunaítear do dhaoine óga agus i gcomhar leis na daoine óga sin. Tionscnaimh iomchuí oibre óige a fhorbairt tuilleadh, lena ndírítear ar rannpháirteachas daoine óga i saincheisteanna comhshaoil, go háirithe chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le caomhnú na bithéagsúlachta;

29.

Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt d’údaráis phoiblí, don earnáil phríobháideach agus don tsochaí shibhialta ó thaobh rannpháirteachas daoine óga a aithint agus a úsáid chun an comhshaol a chosaint, agus na hinniúlachtaí idirdhisciplíneacha, scileanna sóisialta go háirithe, atá bainte amach acu dá chionn sin a aithint agus a úsáid freisin;

30.

Spásanna sibhialta inbhuanaithe (14), fadtéarmacha, slána, inrochtana agus cuimsitheacha a choimirciú agus a chruthú don chomhar le cinnteoirí polaitiúla áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta, ina gcloisfear guthanna daoine óga, beag beann ar a n-aois, a n-ábhair imní nó a moltaí le haghaidh gníomhaíochtaí chun an comhshaol a chosaint agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide ionas, ní hamháin go rachfar i gcomhairle leo ach freisin, go mbeidh siad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh i gcinntí a bhaineann leis na saincheisteanna sin;

31.

Taighdeoirí óga agus a gcuid oibre ar an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil. É sin, ar thaobh amháin, le go mbeidh siad ina n-eiseamláirí do dhaoine óga agus, ar thaobh eile, chun comhroinnt thorthaí an taighde le daoine óga a spreagadh agus a chur chun cinn ar bhealach níos dírí chun iad a chumhachtú chun gníomhú;

32.

Tacaíocht a chur ar fáil le go mbunófar ú le bunú tagairtí oiliúna le haghaidh saincheisteanna aeráide, comhshaoil agus inbhuanaitheachta, do gach aoisghrúpa agus gach leibhéal agus cineál foghlama, oideachais agus oiliúna.

IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN EORPACH, INA RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH AGUS AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, AG CLOÍ LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

33.

Riachtanais agus tuairimí sonracha na ndaoine óga uile a chur san áireamh, go háirithe iad siúd ar lú na deiseanna atá acu, i mbeartais agus i gcláir áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha maidir leis an gcomhshaol, go háirithe na beartais agus na cláir siúd lena dtéitear i ngleic leis an athrú aeráide agus caomhnú na bithéagsúlachta, trína rannpháirtíocht i bhforbairt agus cur chun feidhme na mbeartas agus na gclár sin a chur chun cinn;

34.

Tacú le tionscnaimh agus foghlaim ó thionscnaimh atá á ndéanamh ag daoine óga agus eagraíochtaí don óige chun gníomhaíochtaí agus feachtais méadaithe feasachta a bhunú agus a sheoladh, lena n-áirítear cinn dhigiteacha, maidir leis an aeráid, truailliú, an bhithéagsúlacht agus saincheisteanna eile a bhaineann leis an gcomhshaol;

35.

Gníomhaíochtaí agus cláir atá á dtionscnamh agus á stiúradh ag daoine óga i réimse an chomhshaoil a spreagadh, aitheantas a thabhairt dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht airgeadais a thabhairt dóibh, go háirithe iad siúd lena bhféachtar leis an athrú aeráide a chomhrac agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú, ionas gur féidir leo a bheith ina ngníomhairí don athrú sa tsochaí ina hiomláine, agus ina n-institiúidí oideachais agus oiliúna, ina n-institiúidí ardoideachais, ina n-eagraíochtaí óige agus oibre don óige, ina bpobail áitiúla agus i measc a bpiaraí;

36.

Gníomhaíochtaí deonacha óige a chur chun cinn lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna comhshaoil, go háirithe iad siúd lena bhféachtar le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus arb é is aidhm dóibh an bhithéagsúlacht a chaomhnú, agus rochtain ar na gníomhaíochtaí sin a éascú trína áirithiú go sonrach go bhfuil na tairiscintí sin ar fáil go forleathan agus go gcuirtear faisnéis fúthu in iúl ar thairseacha iomchuí náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, amhail Tairseach Eorpach na hÓige agus cainéil ábhartha eile. Eispéiris saorálaíochta a chur chun cinn lena nasctar saorálaíocht áitiúil nó náisiúnta le saorálaíocht thrasnáisiúnta trí shineirgí agus comhlántachtaí a spreagadh, i gcás inarb iomchuí, idir scéimeanna agus gníomhaíochtaí náisiúnta, lena n-áirítear scéimeanna agus gníomhaíochtaí náisiúnta saorálaíochta nó seirbhíse saoránachta i gcás inarb ann dóibh, agus scéimeanna saorálaíochta an Aontais, chun rannpháirteachas saorálaithe óga a dhoimhniú, a n-inniúlachtaí a fheabhsú agus a muintearas leis an Aontas Eorpach a neartú;

37.

I gcás inarb iomchuí, infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar glas agus tacú le daoine óga na hinniúlachtaí riachtanacha a shealbhú agus rochtain a éascú dóibh ar oiliúint lena n-ullmhófar iad do phoist ghlasa na todhchaí;

38.

I gcás inarb infheidhme, tacaíocht a thabhairt d’fhiontraithe óga atá ag iarraidh tionscadail a fhorbairt ina ndírítear ar réitigh phraiticiúla ar shaincheisteanna comhshaoil, chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le caomhnú na bithéagsúlachta go háirithe; aird ar leith a thabhairt ar thionscadail arna bhforbairt ag daoine óga ar lú na deiseanna atá acu agus ar mó na deacrachtaí acu ó thaobh gnólacht a thosú;

39.

I gcás inarb infheidhme, cláir mheantóireachta a fhorbairt faoi stiúir gairmithe agus fiontraithe atá rannpháirteach go gníomhach sa chuardach ar réitigh chomhshaoil, go háirithe na réitigh sin lena bhféachtar leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú agus le dul i ngleic leis an athrú aeráide, chun tacaíocht agus treoir a chur ar fáil do dhaoine óga atá ag iarraidh ról gníomhach a bheith acu san earnáil sin;

40.

Feasacht agus rannpháirtíocht na nEorpach óg a mhéadú maidir le beartais agus tionscnaimh chomhshaoil na Náisiún Aontaithe trí chomhar a neartú le comhlachtaí iomchuí na Náisiún Aontaithe amhail Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP), Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe (UNDP) agus an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD).

IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

41.

A áirithiú go mbeidh gach duine óg in ann an Comhaontú Glas don Eoraip a thuiscint agus úinéireacht a ghlacadh air, mar aon leis na tionscnaimh a thagann as (amhail Bauhaus Eorpach Nua (15)) agus na cláir chomhshaoil Eorpacha éagsúla. Gach gné den Chomhshocrú Aeráide Eorpach a chur chun cinn go gníomhach i measc na ndaoine óga go léir;

42.

A áirithiú go bhfuil rochtain ag daoine óga agus ag eagraíochtaí óige agus oibre óige ar chomhairliúcháin phoiblí maidir le beartais chomhshaoil Eorpacha agus go dtugann an Coimisiún Eorpach, trí bhíthin na gcomhairliúchán sin, deis do shaoránaigh agus do gheallsealbhóirí araon a dtuairimí a chur in iúl sula gcuirtear bailchríoch ar a chuid tograí reachtacha. Ar an gcaoi chéanna, rannpháirtíocht fhóinteach daoine óga agus eagraíochtaí óige a spreagadh i dtionscnaimh rannpháirteachais saoránach a thagann faoi mhisin an Aontais Eorpaigh (16);

43.

Deiseanna Eorpacha don tsoghluaisteacht agus do thionscnaimh a chur chun cinn agus a spreagadh in earnáil an chomhshaoil i gcomhthéacs chlár Erasmus+ agus chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, chun a áirithiú gur féidir le gach duine óg ar mian leis nó léi é páirt ghníomhach a ghlacadh i gcúrsaí comhshaoil, lena n-áirítear daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, go háirithe daoine ó na réigiúin is forimeallaí nó ó réigiúin oileánacha nó ó cheantair thuaithe agus iargúlta. A áirithiú go dtugtar tosaíocht sna tionscnaimh sin do mhodhanna iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, chun lorg carbóin na dtionscadal soghluaisteachta óige a laghdú agus a áirithiú ag an am céanna go n-oireann siad do riachtanais na réigiún is forimeallaí, a bhfuil srianta orthu mar gheall ar a n-iargúltacht;

44.

Gníomhaíochtaí piarfhoghlama a chur chun feidhme, i gcomhar le heagraíochtaí óige agus le daoine óga, maidir le rannpháirteachas na hóige i dtaobh saincheisteanna comhshaoil, i dtaobh an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus a athbhunú agus i dtaobh dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le truailliú, chun na dea-chleachtais atá ann cheana sna Ballstáit a shainaithint agus chun malartú na gcleachtas sin idir na Ballstáit a éascú.

IARRANN SIAD AR NA GEALLSEALBHÓIRÍ UILE ATÁ RANNPHÁIRTEACH I dTIONSCNAIMH UM CHOMHAR EORPACH I RÉIMSÍ NA nGNÓTHAÍ ÓIGE, AN CHOMHSHAOIL AGUS AN ATHRAITHE AERÁIDE AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

45.

Gníomhaíochtaí saorálaíochta a fhorbairt lena dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna comhshaoil do thairbhithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus do chláir náisiúnta nó idirnáisiúnta shaorálaíochta eile; feasacht a mhúscailt i measc na saorálaithe go léir, beag beann ar na réimsí a bhfuil siad páirteach iontu, i dtaobh saincheisteanna comhshaoil agus i dtaobh thionchar a misean ar an gcomhshaol ionas gur féidir leo a bheith an-airdeallach ar a lorg carbóin le linn na ngníomhaíochtaí sin;

46.

An comhar Eorpach a neartú trí uirlisí agus dea-chleachtais a chomhroinnt i réimse rannpháirteachas agus rannpháirtíocht na hóige i ngníomhaíocht chomhshaoil, go háirithe ó thaobh dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le truailliú agus ó thaobh chaomhnú na bithéagsúlachta, ar an leibhéal Eorpach, lena n-áirítear trí leas iomlán a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le Erasmus+, leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus le hionstraimí airgeadais ábhartha eile an Aontais.


(1)  Rún 70/1 arna ghlacadh ag an gComhthionól Ginearálta an 25 Meán Fómhair 2015. Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Development.

(2)  Clár Domhanda Gníomhaíochta don Óige na Náisiún Aontaithe, Meitheamh 2010: https://www.un.org/esa/socdev/unyin/documents/wpay2010.pdf

(3)  Conclúidí ón gComhairle, Eoraip inbhuanaithe a thógáil faoi 2030 (10 Nollaig 2019): https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-14835-2019-INIT/en/pdf

Conclúidí ón gComhairle, Cur chuige cuimsitheach chun dlús a chur le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe – Atógáil ar bhealach níos fearr tar éis ghéarchéim COVID-19 (22 Meitheamh 2021) https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-9850-2021-INIT/en/pdf

(4)  Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(5)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”).

(6)  Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha (2022), IO L 462, 28.12.2021, lgh. 1-9.

(7)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún, an Comhaontú Glas don Eoraip. COM/2019/640 final.

(8)  An Coimisiún Eorpach, Eorabharaiméadar Laom 478 (2019), How do we build a stronger, more united Europe? The views of young people : report [Conas a dhéanaimid Eoraip níos láidre agus níos aontaithe a thógáil? Tuairimí daoine óga : tuarascáil]

https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/99cb705b-fa13-11e9-8c1f-01aa75ed71a1/language-en

(9)  Suirbhé uile-Eorpach, Príomhthuarascáil iltíre, #ClimateOfChange, 2021: https://eeb.org/wp-content/uploads/2021/04/IPSOS-Multi-Country-Report-complete.FINAL_.pdf

(10)  Is toradh é Forógra “Youth4Climate” ar an ócáid “Youth4Climate: Driving Ambition” [An Óige ar son na hAeráide: uaillmhian as cuimse] arna tionól ag rialtas na hIodáile. Tá smaointe agus moltaí nithiúla ann maidir le cuid de na saincheisteanna is práinní ar an gclár oibre aeráide, lena n-áirítear an t-oideachas le haghaidh forbairt inbhuanaithe.

(11)  David E. Campbell, Cad é tionchar an oideachais ar rannpháirtíocht shibhialta agus shóisialta? Éifeachtaí an oideachais ar an tsláinte agus ar rannpháirtíocht shibhialta a mheas. Imeachtaí ó shiopóisiam Chóbanhávan, ECFE 2006, https://www.oecd.org/education/innovation-education/37425694.pdf

(12)  An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), Climate Change 2021: The Physical Science Basis: https://www.ipcc.ch/report/ar6/wg1/downloads/report/IPCC_AR6_WGI_SPM_final.pdf

(13)  [Conclúidí ón gComhairle maidir leis an spórt mar mhodh chun iompraíocht a chlaochlú ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe, 4 Aibreán 2022.]

(14)  Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le spásanna sibhialta a chosaint agus a chruthú do dhaoine óga lena n-éascaítear rannpháirtíocht fhóinteach na hóige, IO C 501I, 13.12.2021, lgh. 19–23.

(15)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Bauhaus Eorpach Nua, COM(2021) 573 final.

(16)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún um Misin Eorpacha, COM(2021) 609 final.


IARSCRÍBHINN

a)   TAGAIRTÍ

Agus na Conclúidí seo á nglacadh acu, tá an Chomhairle agus ionadaithe rialtais na mBallstát atá i láthair ag cruinniú na Comhairle tar éis na doiciméid seo a leanas a thabhairt dá n-aire:

Parlaimint na hEorpa, 2021 Youth Ideas Report For The Conference On The Future Of Europe [Tuarascáil Smaointe na hÓige don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa], https://european-youth-event.europarl.europa.eu/wp-content/uploads/2021/10/2021_EYE_Report-Booklet_A5_20-10-Accessible.pdf

Na Náisiúin Aontaithe, Rún 70/1, Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Development: [I mbun athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe]https://www.un.org/ga/search/view_doc.asp?symbol=A/RES/70/1&Lang=E

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, COM/2019/640 final.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, COM(2020) 380 final.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, an Comhshocrú Aeráide Eorpach, COM(2020) 788 final.

Na Náisiúin Aontaithe, 2015, Comhaontú Pháras: GLACADH CHOMHAONTÚ PHÁRAS – téacs (unfccc.int) Chomhaontú Pháras as Béarla (unfccc.int)

Conclúidí ón gComhairle, Eoraip inbhuanaithe a thógáil faoi 2030 – An dul chun cinn go dtí seo agus na chéad chéimeanna eile https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-14835-2019-INIT/ga/pdf

Conclúidí ón gComhairle, Cur chuige cuimsitheach chun dlús a chur le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe – Atógáil ar bhealach níos fearr tar éis ghéarchéim COVID-19 https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-9850-2021-INIT/ga/pdf

An Coimisiún Eorpach, Staid an Aontais, Aitheasc 2021: https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/soteu_2021_address_ga_0.pdf

Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige, Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, 2019-2027, IO C 456, 18.12.2018, lch. 1-22.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, dar teideal Achieving the European Education Area by 2025 [an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025], COM(2020) 625 final.

Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) IO C 66, 26.2. 2021.

Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le spásanna sibhialta a chosaint agus a chruthú do dhaoine óga lena n-éascaítear rannpháirtíocht fhóinteach na hóige, IO C 501 I, 13.12.2021, lgh. 19-23.

Conclúidí ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais (2019-2021), IO C 504I, 14.12.2021, lgh. 10-11.

Forógra Youth4Climate Youth4Climate Manifesto (unfccc.int), Samhain 2021.

b)   SAINMHÍNITHE CHUN CRÍCHE NA gCONCLÚIDÍ SEO

“Bithéagsúlacht”: athraitheacht i measc orgánaigh bheo ó gach foinse, lena n-áirítear éiceachórais talún agus mhuirí agus éiceachórais uisceacha eile agus na coimpléisc éiceolaíocha ar cuid díobh iad: áirítear éagsúlacht i measc speiceas, éagsúlacht idir speicis agus éagsúlacht éiceachóras leis sin.

“An t-athrú aeráide”: athruithe ar an aeráid arb í gníomhaíocht an duine, go díreach nó go hindíreach, is cúis leo agus lena n-athraítear comhdhéanamh atmaisféar an domhain agus lena méadaítear na héagsúlachtaí nádúrtha i bpatrúin aeráide arna mbreathnú in imeacht tréimhsí inchomparáide ama.

“Rannpháirteachas”: aon ghníomh ar mhaithe leis an leas coiteann a dhéantar ar bhonn deonach nó i bhfoirm misean saorálaithe. Ciallaíonn rannpháirteachas gníomhaíochtaí saoránachta deonacha agus neamhleithleacha i seirbhís daoine eile.

“An comhshaol”: an teaglaim de ghnéithe nádúrtha agus socheacnamaíocha atá mar chreat do dhálaí maireachtála duine aonair, daonra nó pobail ar scálaí éagsúla spáis. Dá bhrí sin, áirítear le cosaint an chomhshaoil bearta a dhéanamh chun tionchar diúltach ghníomhaíocht an duine ar an gcomhshaol a theorannú nó a chealú.

“Meantóireacht”: caidreamh idirphearsanta deonach sa mheántéarma agus san fhadtéarma idir duine óg agus meantóir, agus é mar chuid de struchtúr creata ghairmiúil.

“Gníomhaíochtaí piarfhoghlama”: gníomhaíochtaí lena gcuirtear ar chumas na mBallstát a bhfuil dúshláin chomhchosúla bheartais acu oibriú ar leibhéal an Aontais i gcnuasaigh, agus dea-chleachtais a chomhroinnt, díriú ar dhúshláin thírshonracha nó tacú le clár oibre náisiúnta athchóirithe ar leith le cabhair ó phiarthíortha, ó eagraíochtaí geallsealbhóirí agus ó shaineolaithe neamhspleácha, de réir mar is iomchuí (1).

“Forbairt inbhuanaithe”: freastal ar riachtanais na nglún atá ann faoi láthair ar bhealach nach ndéanann dochar do chumas na nglún atá le teacht freastal ar a riachtanais féin. Leis an bhforbairt inbhuanaithe, cuirtear chun cinn geilleagar dinimiciúil, lánfhostaíocht, ardchaighdeáin oideachais, cúram sláinte agus comhtháthú sóisialta agus réigiúnach, chomh maith le cosaint an chomhshaoil, i ndomhan slán síochánta ina n-urramaítear an éagsúlacht chultúrtha.

“Daoine óga ar lú na deiseanna atá acu”: daoine óga a mbíonn bacainní rompu a chuireann cosc orthu rochtain éifeachtach a bheith acu ar dheiseanna ar chúiseanna eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha, geografacha nó sláinte, mar gheall ar a gcúlra imirceach, nó ar chúiseanna amhail míchumas nó deacrachtaí oideachais nó ar aon chúis eile, lena n-áirítear cúis a d’fhéadfadh idirdhealú faoi Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh teacht aisti (2).


(1)  Rún ón gComhairle maidir le struchtúr rialachais an chreata straitéisigh le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (202-2030) (2021/C 497/01), mír 11.

(2)  Sainmhíniú i Rialachán (AE) 2021/888, Airt. 2 (4).


12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 159/17


Fógra le haghaidh na ndaoine a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/596 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/592 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis, agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise a bhfuil ag tarlú san Iaráin

(2022/C 159/08)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird do na daoine atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/596 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/592 ón gComhairle (4) maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis, agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise a bhfuil ag tarlú san Iaráin.

Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine a luaitear sna hiarscríbhinní thuasluaite a áireamh i gcónaí ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

Tugtar ar aird na ndaoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, ag an seoladh seo a leanas roimh an 31 Nollaig 2022:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Tugtar ar aird na ndaoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.

(2)  IO L 114, 12.4.2022, lch. 68

(3)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.

(4)  IO L 114, 12.4.2022, lch. 37


12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 159/18


Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ag na bearta sriantacha maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise a bhfuil ag tarlú san Iaráin

(2022/C 159/09)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh na n-ábhar sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/596 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/592 ón gComhairle (5).

Is í Roinn RELEX.1. in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh – RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2011/235/CBES, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/596, agus Rialachán (AE) Uimh. 359/2011, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/592.

Is iad na hábhair sonraí na daoine nádúrtha sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2011/235/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a chomhroinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar do shrianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta ar feadh 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag, nó ar feadh ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725(edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.

(3)  IO L 114, 12.4.2022, lch. 68.

(4)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.

(5)  IO L 114, 12.4.2022, lch. 37.


An Coimisiún Eorpach

12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 159/19


Rátaí malairte an euro (1)

11 Aibreán 2022

(2022/C 159/10)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0900

JPY

yen na Seapáine

137,01

DKK

krone na Danmhairge

7,4375

GBP

punt steirling

0,83693

SEK

krona na Sualainne

10,3128

CHF

franc na hEilvéise

1,0180

ISK

króna na hÍoslainne

140,00

NOK

krone na hIorua

9,5478

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,429

HUF

forint na hUngáire

378,27

PLN

zloty na Polainne

4,6456

RON

leu na Rómáine

4,9397

TRY

lira na Tuirce

16,0485

AUD

dollar na hAstráile

1,4654

CAD

dollar Cheanada

1,3738

HKD

dollar Hong Cong

8,5440

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,5938

SGD

dollar Shingeapór

1,4874

KRW

won na Cóiré Theas

1 345,23

ZAR

rand na hAfraice Theas

15,9127

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,9405

HRK

kuna na Cróite

7,5519

IDR

rupiah na hIndinéise

15 658,28

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6112

PHP

peso na nOileán Filipíneach

56,753

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,613

BRL

real na Brasaíle

5,1550

MXN

peso Mheicsiceo

21,8653

INR

rúipí na hIndia

82,7085


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 159/20


Fógra ón gCoimisiún maidir le rátaí úis aisghabhála státchabhrach agus rátaí tagartha/lascaine reatha is infheidhme ón 1 Bealtaine 2022

(Arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún (1))

(2022/C 159/11)

Bunrátaí arna ríomh i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an modh chun na rátaí tagartha agus lascaine a shocrú (IO C 14, 19.1.2008, lch. 6.). De réir úsáid an ráta tagartha, tá na corrlaigh iomchuí fós le cur isteach mar a shainítear sa teachtaireacht seo. Maidir leis an ráta lascaine ciallaíonn sé nach mór corrlach 100 bonnphointe a chur leis. Le Rialachán (CE) Uimh. 271/2008 an 30 Eanáir 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 foráiltear gurb amhlaidh, mura bhforáiltear maidir lena mhalairt i gcinneadh sonrach, a ríomhfar an ráta téarnaimh freisin trí 100 bonnphointe a chur leis an mbunráta.

Léirítear na rátaí modhnaithe i gcló trom.

Tá an tábla roimhe seo foilsithe in IO C 126, 21.3.2022, lch 9.

ó

go

AT

BE

BG

CY

CZ

DE

DK

EE

EL

ES

FI

FR

HR

HU

IE

IT

LT

LU

LV

MT

NL

PL

PT

RO

SE

SI

SK

UK

1.5.2022

-0,35

-0,35

0,00

-0,35

4,85

-0,35

0,08

-0,35

-0,35

-0,35

-0,35

-0,35

0,26

5,40

-0,35

-0,35

-0,35

-0,35

-0,35

-0,35

-0,35

4,06

-0,35

3,38

0,08

-0,35

-0,35

0,86

1.4.2022

30.4.2022

-0,49

-0,49

0,00

-0,49

4,00

-0,49

0,00

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

0,26

4,66

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

3,42

-0,49

3,38

-0,01

-0,49

-0,49

0,66

1.3.2022

31.3.2022

-0,49

-0,49

0,00

-0,49

4,00

-0,49

-0,03

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

0,26

4,02

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

2,85

-0,49

2,74

-0,04

-0,49

-0,49

0,66

1.2.2022

28.2.2022

-0,49

-0,49

0,00

-0,49

3,29

-0,49

-0,03

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

0,26

3,17

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

2,04

-0,49

2,74

-0,05

-0,49

-0,49

0,66

1.1.2022

31.1.2022

-0,49

-0,49

0,00

-0,49

2,49

-0,49

-0,01

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

0,26

2,38

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

1,21

-0,49

2,27

-0,03

-0,49

-0,49

0,51


(1)  IO L 140, 30.4.2004, lch. 1.


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 159/21


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10716 – PLD / NBIM / TARGET ASSET BLEISWIJK)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 159/12)

1.   

An 5 Aibreán 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Prologis, L.P. (“PLD”, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

Norges Bank Investment Management (“NBIM”, an Iorua),

Target Asset (an Ísiltír).

Gheobhaidh PLD agus NBIM rialú comhpháirteach ar an Spriocshócmhainn (Target Asset) ina iomláine de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá maoin eastáit réadaigh faoi úinéireacht PLD , agus déanann sé an mhaoin sin a oibriú agus a fhorbairt, chun críocha tionsclaíochta go príomha, i Meiriceá, san Eoraip agus san Áis,

Cuireann NBIM infheistíocht institiúideach ar fáil don Government Pension Fund Global thar ceann Aireacht Airgeadais na hIorua, ag díriú ar infheistíochtaí domhanda lena n-áirítear infheistíochtaí eastáit réadaigh i Meiriceá Thuaidh, san Eoraip agus sa tSeapáin,

Maoin eastáit réadaigh atá lonnaithe in Bleiswijk, an Ísiltír, a úsáidtear mar shaoráid lóistíochta í an Spriocshócmhainn.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe maidir le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10716 – PLD / NBIM / TARGET ASSET BLEISWIJK

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 159/23


Iarratas a fhoilsiú maidir le leasú sonraíochta a fhormheas le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún

(2022/C 159/13)

Leis an bhfoilsiú seo tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de dhá mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

IARRATAS AR LEASÚ AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

Vicenza

PDO-IT-A0476-AM03

Dáta cur i bhfeidhm: 13.7.2018

1.   Rialacha is infheidhme maidir leis an leasú

Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 – Modhnú nach mionathrú é

2.   Tuairisc agus cúiseanna leis an leasú

2.1.   Scriosadh an leagain Spumante (súilíneach) do na cineálacha Chardonnay, Garganega (Garganego) agus Pinot Bianco

Mar chuid d’athbhreithniú foriomlán ar na cineálacha táirgí a chumhdaítear leis an sonrúchán “Vicenza”, scriosadh fíonta súilíneacha áirithe amhail Vicenza Chardonnay Spumante, Vicenza Garganega Spumante agus Vicenza Pinot Bianco Spumante.

Eascraíonn an iarraidh seo ón tuairim nár táirgeadh aon cheann de na trí chineál seo ó bhuain 2014.

Baineann na leasuithe le hAirteagail 1, 4, 5 agus 6 den tsonraíocht táirge agus le pointe 1.4 den doiciméad aonair.

2.2.   Méadú ar tháirgeacht fíniúna in aghaidh an heicteáir

Méadaíodh an táirgeacht fíniúna (tonaí/ha) le haghaidh na gcineálacha seo a leanas: ó 14 go 15 le haghaidh Cabernet agus Cabernet Sauvignon; ó 16 go 18 le haghaidh Garganega (Garganego); ó 13 go 14 le haghaidh Manzoni Bianco; ó 14 go 16 le haghaidh Merlot; ó 14 go 15 le haghaidh Pinot Bianco; ó 13 go 15 le haghaidh Pinot Grigio; ó 13,5 go 15 le haghaidh Riesling agus Sauvignon.

Tá an méadú beag seo ar tháirgeachtaí riachtanach chun acmhainn iarbhír na bhfíonghort atá ann cheana a léiriú. Tá an méadú bunaithe ar tháirgeachtaí iarbhír sa limistéir, agus léiríodh ó thrialacha a rinneadh maidir le teicnící fáis agus dálaí aimsire athraitheacha nach bhfuil tionchar ag an athrú seo ar cháilíocht na fíniúna ná ar tháirgeacht an fhíona.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 4 den tsonraíocht táirge agus le pointe 1.5.2 den doiciméad aonair.

2.3.   Scriosadh an ceanglas nach mór táirgí a bhfuil tásc Riserva orthu a scagadh ar feadh trí mhí i mbairillí adhmaid

Scriostar an ceanglas nach mór táirgí a bhfuil tásc Riserva orthu a scagadh ar feadh trí mhí i mbairillí adhmaid, agus tá tréimhse aosaithe shainordaitheach dhá bhliain ar a laghad, dá bhforáiltear sa reachtaíocht reatha, fós i bhfeidhm mar choinníoll chun an téarma traidisiúnta seo a úsáid. Dá bhrí sin tá “aosú” curtha in ionad an téarma “scagadh”.

I bhfianaise treochtaí tomhaltais sna príomh-mhargaí do na cineálacha seo, ba cheart go bhfágfaí faoi na fíonlanna cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu coimeádáin adhmaid a úsáid agus maidir le cé chomh fada is ba cheart na fíonta a fhágáil le haosú sna coimeádáin sin, á chur san áireamh, áfach, gur dhá bhliain atá sa tréimhse aosaithe íosta fós.

Déanann an leasú seo difear d’Airteagal 5 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

2.4.   Cineálacha dearga le tásc Riserva – saintréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha a ndéantar cur síos orthu ar leithligh

Déantar tuairisc ar leithligh anois ar shaintréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha fíonta dearga a bhfuil lipéad orthu ar a bhfuil an téarma traidisiúnta Riserva (Rosso, Cabernet, Cabernet Sauvignon, Merlot, Pinot Nero agus Raboso), a ndéantaí tuairisc orthu roimhe seo sa tsonraíocht táirge mar aon leis na fíonta dearga bunúsacha.

Tá sé beartaithe leis an leasú seo an téacs a fheabhsú trína áirithiú go ndéanfar tuairisc shoiléir ar shaintréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha na gcineálacha fíona go léir dá bhforáiltear sa tsonraíocht.

Baineann an leasú le hAirteagal 6 den tsonraíocht táirge agus le pointe 1.4 den doiciméad aonair.

2.5.   Athruithe ar shaintréithe orgánaileipteacha cineálacha áirithe

Rinneadh roinnt athruithe ar shaintréithe orgánaileipteacha na gcineálacha seo a leanas: Bianco Frizzante, Bianco Spumante, Chardonnay, Garganega, Riesling, Sauvignon, Manzoni Bianco, Pinot Grigio, Moscato Spumante, Cabernet, Cabernet Riserva, Cabernet Sauvignon, Cabernet Sauvignon Riserva, Merlot, Merlot Riserva, Pinot Nero, Pinot Nero Riserva, Raboso, Raboso Riserva, Rosato, Rosato Frizzante agus Novello.

Tá an cur síos ar na fíonta á thabhairt i gcomhréir leis na téarmaí a úsáideann sainbhlastóirí in earnáil an fhíona.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 6 den tsonraíocht táirge agus le pointe 1.4 den doiciméad aonair.

2.6.   Athrú ar neart alcóil iomlán íosta de réir toirte don chineál Bianco Passito

Méadaíodh an neart alcóil iomlán íosta de réir toirte don chineál Bianco Passito ó 13 % go 16 % de réir toirte.

Ní mór an neart alcóil iomlán íosta de réir toirte a mhéadú i gcomhréir leis na modhanna sonracha táirgthe le haghaidh fíonta Passito. Ina measc seo tá na fíonchaora a thriomú, rud a fhágann go dtiocfaidh méadú ar an neart alcóil.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 6 den tsonraíocht táirge agus le pointe 1.4 den doiciméad aonair.

2.7.   Scriúchlaibíní a cheadu lena n-úsáid mar stopalláin

Ceadaítear scriúchlaibín le haghaidh fíonta sna catagóirí “fíon” agus “fíon leathshúilíneach” a chuirtear ar an margadh i mbuidéil ghloine suas le 5 lítear.

Ligeann sé seo do tháirgeoirí freagairt go pras do riachtanais na margaí idirnáisiúnta éagsúla trína gcuid fíonta a sholáthar sa phacáistiú iomchuí. Tá sé seo ábhartha go háirithe do mhargaí ina bhfuil éileamh soiléir ar fhíon i mbuidéil dhúnta ar a bhfuil scriúchlaibín.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge agus le pointe 1.9 den doiciméad aonair (Coinníollacha breise – pacáistiú).

2.8.   Coimeádáin atá déanta as ábhar nach gloine é a úsáid

Maidir le toirteanna ó 5 go 20 lítear, féadfar coimeádáin mhalartacha a úsáid atá déanta as ábhar seachas gloine, arb é atá ann craiceann fíona de phoileitiléin nó de phlaisteach ilsraitheanna poileistir atá iniata i mbosca cairtchláir nó aon ábhar docht eile.

Cúiseanna: Ceadaítear leis an leasú do tháirgeoirí freagairt go pras do riachtanais na margaí idirnáisiúnta éagsúla trína gcuid fíonta a sholáthar sa phacáistiú cuí. Mar shampla, tá margadh thuaisceart na hEorpa níos mó i bhfabhar cineálacha malartacha pacáistithe le haghaidh fíonta cáilíochta a bhfuil tásc geografach acu, amhail an “mála taobh istigh de bhosca” atá an-choitianta cheana féin i margaí áirithe amhail an Ghearmáin agus ar fud thuaisceart na hEorpa.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge agus le pointe 1.9 den doiciméad aonair (Coinníollacha breise – pacáistiú).

2.9.   Pacáistiú fíonta Riserva “Vicenza”

Leagtar amach go sonrach cé na saintréithe nach mór d’fhíonta STFC “Vicenza”, ar a bhfuil an tásc Riserva, a bheith acu nuair a chuirtear ar an margadh iad, i dtéarmaí chineál na gcoimeádán agus na stopallán is féidir a úsáid agus an t-uaslíon a cheadaítear. Go háirithe, ní mór fíonta sonrúcháin tionscnaimh “Vicenza” den chineál Riserva a chur ar an margadh i mbuidéil ghloine nach mó ná 9 lítear, dúnta le stopallán coirc. Ní cheadaítear “cisbhuidéil” ná “deimiseoin” a úsáid.

Ní mór íomhá na leaganacha Riserva, lena n-áirítear tuiscint ar cháilíocht níos fearr, a chosaint, agus tosaíonn sé seo leis na coimeádáin is féidir a úsáid le haghaidh pacáistithe.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge agus le pointe 1.9 den doiciméad aonair (Coinníollacha breise – pacáistiú).

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm an táirge

Vicenza

2.   Cineál an táisc gheografaigh

STFC - Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ardcháilíochta

6.

Fíon súilíneach aramatach ardcháilíochta

8.

Fíon leathshúilíneach

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   “Vicenza” Bianco

Dath: idir dath buí na tuí agus dath dúbhuí na tuí;

Dea-bholadh: torthaíoch, láidir, uaireanta beagán cumhráin air;

Blas: tirim, úr, comhchuí;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 10,50 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   “Vicenza” Bianco Frizzante

Dath: dath buí na tuí;

Dea-bholadh: éadrom, torthaíoch, uaireanta beagán cumhráin air le himireacha bláthacha;

Blas: idir tirim agus measartha milis, úr;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 10,50 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 14,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.   “Vicenza” Bianco Spumante

Cúr: éadrom, tathagach mín agus buanseasmhach;

Dath: imireacha éagsúla de dhath geal buí na tuí;

Dea-bholadh: éadrom, torthaíoch, uaireanta beagán cumhráin air le himireacha bláthanna;

Blas: idir tirim agus milis, torthaíoch;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

4.   “Vicenza” Bianco Passito

Dath: idir dath buí na tuí agus dath an óir;

Dea-bholadh: saintréith Passito, mín;

Blas: measartha milis nó milis, comhchuí;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 16,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 18,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   “Vicenza” Rosso

Dath: imireacha éasúla de dhath dearg an rúibín;

Dea-bholadh: láidir agus buanseasmhach le himireacha de chaora dearga;

Blas: úr, tirim, comhchuí;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 18,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

6.   “Vicenza” Rosso Novello

Dath: dath dearg an rúibín, uaireanta le himireacha de chorcairghorm;

Dea-bholadh: láidir agus spíosrach le himireacha de caora dearga;

Blas: tathagach, blasta, bog;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 18,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

7.   “Vicenza” Rosso Riserva

Dath: imireacha éasúla de dhath dearg an rúibín;

Boladh: láidir agus buanseasmhach le himireacha de chaora dearga;

Blas: tirim, comhchuí, láidir, measartha tainneach;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 12,50 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 22,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

8.   “Vicenza” Rosato

Dath: imireacha éagsúla de bhándearg;

Boladh: éadrom, bláthach;

Blas: idir tirim agus measartha milis;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 10,50 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5,0 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

9.   “Vicenza” Rosato Frizzante

Dath: imireacha éagsúla de bhándearg;

Dea-bholadh: éadrom, bláthach;

Blas: idir tirim agus measartha milis, úr, bríomhar;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 10,50 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

10.   “Vicenza” Moscato Spumante

Cúr: éadrom, tathagach mín agus buanseasmhach;

Dath: dath geal buí na tuí;

Dea-bholadh: láidir, saintréith an chineáil;

Blas: idir tirim agus milis, saintréith an chineáil;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13,0 g/l.

Táirgtear na cineálacha seo a leanas: “extra brut”, “brut”, “ríthirim”, “tirim”, “demi-sec”.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

11.   “Vicenza” Chardonnay

Dath: dath buí na tuí le himireacha scothghlais;

Dea-bholadh: mín le himireacha torthaí bána aibí;

Blas: tirim, comhchuí.

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

12.   “Vicenza” Garganega

Dath: dath buí na tuí;

Dea-bholadh: mín le himireacha bláthanna bána agus torthaí bána aibí;

Blas: tirim agus comhchuí le himir bheag shearbh;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 10,50 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 14,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

13.   “Vicenza” Riesling

Dath: dath buí na tuí le himireacha scothghlais;

Dea-bholadh: láidir le dea-bholaithe péitseog agus torthaí coimhthíocha;

Blas: tirim, torthaíoch

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

14.   “Vicenza” Sauvignon

Dath: imireacha éagsúla de dhath buí na tuí;

Dea-bholadh: láidir le dea-bholaithe péitseog agus torthaí coimhthíocha;

Blas: úr, comhchuí;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

15.   “Vicenza” Manzoni Bianco

Dath: dath éadrom na tuí le himireacha scothghlais;

Dea-bholadh: torthaíoch le himireacha bláthanna bána;

Blas: úr, comhchuí, tathagach;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

16.   “Vicenza” Pinot Bianco

Dath: dath éadrom buí na tuí;

Dea-bholadh: bláthach le himireacha de thorthaí coimhthíocha;

Blas: úr, comhchuí, torthaíoch;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

17.   “Vicenza” Pinot Grigio

Dath: idir dath buí na tuí agus dath an óir, uaireanta le himireacha de bhándearg;

Dea-bholadh: láidir, torthaíoch, uaireanta beagán cumhráin air le himireacha de bhláthanna;

Blas: tirim, úr, ar nós veilbhite;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

18.   “Vicenza” Cabernet

Dath: dath dearg an rúibín;

Dea-bholadh: dea-bholadh láidir torthaí dearga, uaireanta le himir bheag féarach;

Blas: tirim agus buanseasmhach;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 18,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

19.   “Vicenza” Cabernet Riserva

Dath: dath dearg an rúibín, uaireanta dath dearg an ghairnéid air;

Dea-bholadh: torthaíoch, uaireanta le himireacha spíosracha;

Blas: tirim le díreach an méid ceart tainnine;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 12,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 22,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

20.   “Vicenza” Cabernet Sauvignon

Dath: dath dearg an rúibín;

Dea-bholadh: láidir le himireacha de thorthaí dearga;

Blas: tirim, comhchuí;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 18,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

21.   “Vicenza” Cabernet Sauvignon Riserva

Dath: dath dearg an rúibín, uaireanta dath dearg an ghairnéid air;

Dea-bholadh: dea-bholadh casta caora dearga;

Blas: tirim, tathagach, beagáinín tainneach;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 12,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 22,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

22.   “Vicenza” Merlot

Dath: dath dearg an rúibín;

Dea-bholadh: láidir le himireacha de shilíní agus caora;

Blas: úr, bog;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 18,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

23.   “Vicenza” Merlot Riserva

Dath: dath dearg an rúibín, uaireanta dath dearg an ghairnéid air;

Dea-bholadh: casta le himireacha de silíní agus caora eile;

Blas: tathagach, bog, buanseasmhach;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 12,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 22,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

24.   “Vicenza” Pinot Nero

Dath: dath dearg an rúibín;

Dea-bholadh: éitreach, taitneamhach;

Blas: tirim, blasta;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 18,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

25.   “Vicenza” Pinot Nero Riserva

Dath: dath dearg an rúibín, uaireanta dath dearg an ghairnéid air;

Boladh: éitreach, casta;

Blas: tathagach, ar nós veilbhite, buanseasmhach;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 12,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 22,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

26.   “Vicenza” Raboso

Dath: imireacha éagsúla de dhath dearg an rúibín, uaireanta le himireacha de chorcairghorm ann;

Dea-bholadh: fíniúnach agus láidir le himireacha de shilíní maraschino;

Blas: úr, comhchuí, blasta;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 10,50 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 20,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

27.   “Vicenza” Raboso Riserva

Dath: imireacha éagsúla de dhath dearg an rúibín, uaireanta dath dearg an ghairnéid air;

Dea-bholadh: láidir agus casta le himireacha de shilíní maraschino;

Blas: úr, láidir, buanseasmhach;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,50 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 22,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadair anailíseacha nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

a.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

-

b.   Uastáirgeachtaí

1.

Garganega

18 000 kg fíniúin in aghaidh an heicteáir

2.

Manzoni Bianco

14 000 kg fíniúin in aghaidh an heicteáir

3.

Merlot, Merlot Riserva

16 000 kg fíniúin in aghaidh an heicteáir

4.

Moscato, Pinot Nero, Pinot Nero Riserva

13 000 kg fíniúin in aghaidh an heicteáir

5.

Bianco, Bianco Frizzante, Bianco Spumante

18 000 kg fíniúin in aghaidh an heicteáir

6.

Bianco Passito

14 400 kg fíniúin in aghaidh an heicteáir

7.

Rosso, Rosso Novello, Rosso Riserva, Rosato, Rosato Frizzante

16 000 kg fíniúin in aghaidh an heicteáir

8.

Moscato Spumante

13 000 kg fíniúin in aghaidh an heicteáir

9.

Cabernet, Cabernet Riserva, Cabernet Sauvignon Riserva, Chardonnay, Pinot Bianco, Pinot Grigio, Raboso, Raboso Riserva, Riesling

15 000 kg fíniúin in aghaidh an heicteáir

10.

Sauvignon, Cabernet Sauvignon

15 000 kg fíniúin in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Sainmhínítear mar a leanas an limistéar táirgthe le haghaidh fíonta sonrúcháin tionscnaimh “Vicenza” dá dtagraítear in Airteagal 1:

Cuimsítear ann críoch iomlán na mbardas seo a leanas:

Albettone, Alonte, Altavilla Vicentina, Arcugnano, Arzignano, Asigliano Veneto, Barbarano Vicentino, Breganze, Brendola, Cassola, Carrè, Cartigliano, Castegnero, Castelgomberto, Chiuppano, Creazzo, Fara Vicentina, Gambellara, Gambugliano, Grancona, Lonigo, Longare, Malo, Marano Vicentino, Marostica, Mason Vicentino, Molvena, Montebello Vicentino, Montecchio Maggiore, Montecchio Precalcino, Montegalda, Montegaldella, Monteviale, Montorso Vicentino, Mossano, Mussolente, Nanto, Nove, Orgiano, Pianezze, Rosà, Rossano Veneto, Salcedo, Sandrigo, San Germano dei Berici, San Vito di Leguzzano, Sarego, Sarcedo, Schiavon, Sossano, Sovizzo, Tezze sul Brenta, Thiene, Villaga, Zanè, Zermeghedo, Zovencedo agus Zugliano,

agus cuid de chríoch na mbardas seo a leanas:

Agugliaro, Bassano del Grappa, Brogliano, Caltrano, Calvene, Chiampo, Costabissara, Cogollo del Cengio, Campiglia dei Berici, Costabissara, Cornedo, Dueville, Grumolo delle Abbadesse, Isola Vicentina, Lugo Vicentino, Monte di Malo, Nogarole Vicentino, Piovene Rocchette, Pove del Grappa, Poiana Maggiore, Romano d’Ezzelino, Quinto Vicentino, Schio, Santorso, Torri di Quartesolo, Trissino, Vicenza agus Villaverla.

Sainmhínítear teorainn an limistéir seo mar seo a leanas:

Nuair a chríochnaíonn mórbhealach stáit 46 (del Pasubio) ag Albera i mbardas Vicenza, casann sé ar chlé isteach go Viale Diaz agus ansin leanann sé ar feadh Viale del Verme chomh fada le Via Cricoli. Uaidh sin leanann sé soir feadh Via Ragazzi del 99 chomh fada leis an acomhal le Via Quadri, ag leanúint an bhóthair sin soir ó dheas chomh fada leis an acomhal le Strada Bertesina. Leanann sé soir ansin go dtí go nascann sé le Via Quintarello, ag leanúint chomh fada leis an droichead thar mhótarbhealach Valdastico, a leanann sé go dtí go nascann sé le bóthar cúige Cà Balbi. Ansin trasnaíonn sé an droichead thar abhainn Tesina agus uaidh sin casann sé láithreach ar chlé trí Marola, ag leanúint feadh Via Stradone chomh fada leis an droichead thar abhainn Tergola, a leanann sé ó dheas chomh fada le Tribolo. Ag an droichead casann sé isteach ar bhóthar cúige Abbadesse, ag leanúint air chomh fada le Vancimuglio. Ón áit sin leanann sé ar feadh Via Longare, ag trasnú abhainn Settimo ag marcáil na teorann idir Grumolo delle Abbadesse agus Longare. Leanann sé feadh teorainn cathrach Montegalda le Grisignano di Zocco chomh fada leis an teorainn le Cúige Padua. Leanann sé teorainn an chúige chomh fada le Punta di Vò agus uaidh sin an bóthar go Agugliaro ar a dtugtar Via Punta chomh fada leis an acomhal le Via Roma, a leanann sé siar ar feadh thart ar 50 méadar sula gcasann sé ar dheis isteach go Via Mottarelle, ag leanúint ar aghaidh chomh fada leis an acomhal le Via Finale. Leanann sé Via Finale siar go dtí go nascann sé le Via Ponte Alto, áit a gcasann sé ar chlé, ag leanúint mhórbhealach stáit 247 (Riviera) ar feadh 50 méadar sula gcasann sé ar dheis agus leanann ar aghaidh ar feadh Via Giotto go dtí go dtrasnaíonn sé teorainn bhardasach Agugliaro, ag dul isteach i mbardas Campiglia dei Berici. Ag an acomhal le Via Galileo Galilei casann sé ar chlé ansin agus ritheann sé ar feadh Via Crocetta go dtí go nascann sé leis an teorainn le bardas Noventa Vicentina, a leanann sé chomh fada leis an acomhal le canáil Alonte. Leanann sé ar aghaidh ó dheas feadh chanáil Alonte, ag trasnú bóthar chúige San Feliciano ag Ponte Murello agus ansin bóthar cúige Poianese ag Ponte Cazzola, ag leanúint ar aghaidh chomh fada le canáil Roneghetto, a leanann sí soir ó dheas ar feadh thart ar 100 méadar go dtí go gcasann sé le teorainn bhardasach Poiana Maggiore agus Noventa Vicentina, a leanann sé chomh fada le canáil Ronego. Ritheann sé ansin siar ó thuaidh feadh chanáil Ronego chomh fada le teorainn bhardasach Asigliano Veneto. Uaidh sin ritheann an líne chríochaithe ar feadh teorainn chúige Vicenza thart ar shráidbhailte Spessa, Bagnolo di Lonigo agus Lobia Vicentina go dtí go gcasann sé le mórbhealach stáit 11 (Padana Superiore) ag Torri di Confine i mbardas Gambellara. Leanann sé teorainn bhardasach Gambellara feadh teorainn an chúige le Verona thar Sarmazza, ag leanúint ar aghaidh ar feadh teorainn an chúige chomh fada le Calderina (airde 45 m), Cavaggoni (348 m) agus Monte Segan (504 m). Leanann sé níos faide ar feadh teorainn an idir-chúige áitiúil, thar pointe airde de 608 m, chomh fada le Rubeldi. Uaidh sin leanann sé an bóthar go Motti chomh fada le Maglio di Chiampo, agus ó shráidbhaile Sgargeri ritheann sé feadh an bhóthair trí bhaile Nogarole. Leanann sé feadh an bhóthair seo chomh fada le Selva di Trissino agus ar bhóthar Selva di Trissino sroicheann sé Capitello díreach tar éis pointe airde 543 m, áit a gcasann sé ar chlé isteach sa chosán a théann chuig an uiscerian. Ritheann sé feadh an chosáin seo trí Pizi, ar airde 530 m, go dtí go nascann sé leis an mbóthar go Cornedo Vicentino, a leanann sé trí Pellizzari agus Duello chomh fada leis an acomhal leis an mbóthar bardasach a théann go Caliari, Stella, Savegnago agus Ambrosi, ag dul thar shráidbhaile Grigio sula nascann sé arís leis an mbóthar cúige go Cornedo. In Cornedo nascann sé le mórbhealach stáit 246, a leanann sé beagnach chomh fada le droichead Nori roimh chasadh soir ar an mbóthar bardasach a théann thar Colombara, Bastianci, Muzolon agus Milani (airde 547 m). Uaidh sin leanann sé bóthar na cairte soir ó thuaidh chomh fada le Crestani (airde 532 m). Ritheann sé ansin feadh an bhóthair bhardasaigh a théann go Mieghi, Milani (airde 626 m), Casare di Sopra, Casare di Sotto agus Godeghe chomh fada le bóthar bardasach Monte di Malo-Monte Magrè, a leanann sé chomh fada le Monte Magrè. Uaidh sin leanann sé an bóthar go Magrè suas go dtí airde 294 m, leanann sé siar ó thuaidh go hairde 218 m, ritheann sé feadh bhóthar Valfreda chomh fada le Raga (airde 414 m), agus ansin leanann sé chomh fada leis an teorainn bhardasach idir Schio agus Torrebelvicino, a leanann sé chomh fada le pointe airde 216 m. Uaidh sin leanann sé sruth Leogra chomh fada leis an droichead ar mhórbhealach stáit 46. Ritheann sé ar feadh mhórbhealach stáit 46 go dtí Poleo agus leanann sé ansin soir ó thuaidh go Folgare (airde 287 m), San Martino (273 m), Sessegolo (289 m) agus Timonchio (226 m). Ó Timonchio leanann sé an bóthar bardasach thar Murello, Grimola, Santorso (airde 292 m) agus Inderle ar an teorainn idir Santorso agus Piovene Rocchette go dtí go mbuaileann sé le sruth Astico, a leanann sé in aghaidh an tsrutha go dtí airde 150 m. Uaidh sin ritheann sé feadh an bhóthair bhardasaigh go Cogollo del Cengio trí Scalzanella, agus ó Cogollo del Cengio leanann sé an bóthar bardasach a théann go Falon agus as sin go Mosson (airde 302 m) chomh fada le lár Caltrano. Nascann sé ansin le bóthar bardasach Caltrano-Calvene, ag dul trí Camisino agus La Costa chun baile Calvene a bhaint amach, as a dtógann sé an bóthar bardasach go Mortisa, Lore agus Capitello delle Mare i mbardas Lugo Vicentino (airde 416 m). Ritheann sé ansin feadh na teorann bardasaí idir Salcedo agus Lusiana chomh fada le Ponte (airde 493 m), áit a nascann an teorainn sin le bóthar bardasach Breganze-Lusiana. Leanann sé ar aghaidh ar feadh na teorann bardasaí chomh fada le Laverda (airde 229 m, 346 m, 410 m agus 510 m), ag sroicheadh an bhóthair go Crosara a théann chomh fada leis an lár. Uaidh sin ritheann sé feadh Via Pianari chomh fada le Erta (airde 456 m) sula leanann sé soir agus anuas leis i dtreo Capo di Sopra agus Piazzette (263 m). Leanann sé ansin an bóthar bardasach ó Valle San Floriano go Valrovina agus Caluga (airde 388 m) chomh fada le baile beag Vallison (285 m), agus uaidh sin ritheann feadh shruth Vallison anuas go dtí an cumar le habhainn Brenta. Ó chumar shruth Vallison le habhainn Brenta leanann sé abhainn Brenta in aghaidh srutha chomh fada le droichead Campese. Téann sé trí shráidbhailte Albertoni, Zanchetta Pove del Grappa agus Rivagge sula leanann sé ar aghaidh i dtreo an oirthuaiscirt feadh theorainn bhardasach Pove del Grappa-Romano d’Ezzelino go Signori (airde 342 agus 250 m), ag baint amach mórbhealach stáit 141 a leanann sé chomh fada leis an teorainn bhardasach (airde 236 agus 217 m). Leanann sé an teorainn bhardasach idir Vicenza agus Treviso go dtí go nascann sé leis an teorainn bhardasach le Padua agus leanann sé siar chomh fada le habhainn Brenta. Leanann sé an abhainn chomh fada le San Michele, Scaldaferro agus Bassanese ar an teorainn bhardasach le Sandrigo agus uaidh sin ó dheas chomh fada le Salvetti, áit a nascann sé agus a leanann sé an teorainn bhardasach ó thuaidh chomh fada le Rozzola. Ritheann sé feadh an bhóthair bhardasaigh go Povolaro thar Le Buse agus lár Dueville chomh fada le Villanova, áit a nascann sé le teorainn bhardasach Dueville, á leanúint sin ó dheas go dtí go nascann sé le teorainn bhardasach Villaverla ar shruth Timonchio. Uaidh sin ritheann sé feadh theorainn bhardasach Villaverla go dtí go gcasann sé le teorainn bhardasach Isola Vicentina. Ag leanúint ar aghaidh ó dheas feadh na teorann sin nascann sé leis an mbóthar bardasach agus sroicheann sé sráidbhaile Ponte, áit a nascann sé le mórbhealach stáit 46 agus leanann sé ar aghaidh chomh fada le Vicenza.

7.   Príomhchineál(acha) fíniúnacha

Cabernet Franc N. – Cabernet

Cabernet Sauvignon N. – Cabernet

Chardonnay B.

Garganega B.

Manzoni Bianco B. – Incrocio Manzoni 6.0.13 B.

Merlot N.

Moscato Bianco B. – Moscato

Pinot Bianco B. – Pinot Blanc

Pinot Grigio

Pinot Nero N.

Raboso Piave N. – Raboso

Raboso Veronese N. – Raboso

Riesling Italico B. – Riesling

Sauvignon B.

8.   Tuairisc ar na naisc

8.1.   “Vicenza” – gach catagóir de tháirge fíniúna

Tosca nádúrtha:

Baineann oiriúnacht ar leith an limistéir le haghaidh fíonsaothrúcháin mar gheall ar a shuíomh geografach, agus an droim sléibhe ó thuaidh á chosaint ó ghaotha fuara an gheimhridh agus cnoic Berici ó dheas ag maolú na sruthanna aeir teo ó ghleann Po. Baineann Vicenza buntáiste freisin as líonra hidreagrafach an-mhaith, atá ríthábhachtach chun fíonsaothrúchán a fhorbairt chomh maith le gach gníomhaíocht feirmeoireachta eile.

A bhuíochas do nochtadh fabhrach na bhfánaí, tá aeráid shonrach ag an limistéar fíonsaothrúcháin arb iad is sainairíonna iad fuaráin éadroma, samhraí measartha teo agus fómhair éadroma. Is é 22.9 oC an mheánteocht sa samhradh agus sroichtear na teochtaí is airde i mí Iúil, agus san fhómhar bíonn éagsúlachtaí móra idir teocht an lae agus teocht na hoíche. Bíonn sé ag báisteach ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair den chuid is mó, agus déantar an bháisteach a dháileadh go measartha cothrom.

Ó thaobh na geolaíochta de, baineann cineálacha éagsúla foshraitheanna leis an limistéar táirgthe, idir basalt bolcánach go príomha sna cnoic thiar agus sa tuaisceart, agus aolchloch mhuirí dríodair go háirithe sna codanna lárnacha agus theas agus i gcnoic Berici. Cuirtear san áireamh saintréithe na talún, a bhíonn draenáilte go maith go ginearálta mar gheall ar uigeacht scaoilte na hithreach, agus na cineálacha a úsáidtear á roghnú. Ligeann sé seo do na fíniúnacha forbairt i gceart agus fás fásúil agus táirgiúil cothrom a bhaint amach, rud a áirithíonn táirgeadh cáilíochta ina dhiaidh sin.

Ag am na buainte bíonn meánchion siúcra agus aigéadacht iomlán ag na fíniúnacha a athraíonn de réir na ndálaí aimsire le linn an tséasúir bhuainte ach is leor i gcónaí fíonta an-úra a tháirgeadh.

Tosca stairiúla agus tosca a bhaineann leis an duine:

Téann sonrúchán tionscnaimh “Vicenza” siar go dtí 2000 agus cumhdaíonn sé limistéar mór a shíneann ó limistéar Berico go dtí an taobh ó dheas de chathair Vicenza go dtí na bunchnoic sa chuid thoir thuaidh de Chúige Vicenza. Tá teicnící nua-aimseartha fíonsaothrúcháin Vicenza agus an fios gnó fréamhaithe i dtraidisiún ársa fíonóireachta.

Réitigh tástálacha a rinne Ionad Turgnamhaíochta Conegliano, mar aon le gníomhaíochtaí oiliúna agus scaipeadh teicnící nua fíonsaothraithe agus fíoneolaíocha ag institiúidí Conegliano agus San Michele all’Adige, an bealach don fhíonsaothrú nua-aimseartha. Chuir saothróirí fíniúna áitiúla go mór leis sin trí phróisis agus modhanna bainistíochta fíonghort a thabhairt isteach mar aon le teicneolaíochtaí fíonóireachta nuálacha atá dírithe ar inbhuanaitheacht chomhshaoil agus eacnamaíoch a bhaint amach.

8.2.   “Vicenza” – catagóir fíona

Faisnéis ar cháilíocht/shaintréithe an fhíona atá inchurtha go bunúsach i leith na timpeallachta geografaí

Bíonn dath idir dath buí na tuí agus dath an óir ar fhíonta bána na gcineálacha éagsúla, uaireanta bíonn imireacha de bhándearg orthu mar atá i gcás Pinot Grigio.

Bíonn siad éadrom agus úr ó thaobh blais de agus bíonn próifíl cumhráin nasctha leis na cineálacha fíniúna as a ndéantar iad (Chardonnay, fine Pinot, Sauvignon agus cineálacha áitiúla ar nós Garganega den chuid is mó). Ó thaobh bolaidh de bíonn imireacha torthaíocha mar shaintréith ag na fíonta geala, uaireanta bíonn imireacha de bhláthanna bána orthu. Ó thaobh blais de, bíonn siad tirim agus comhchuí, agus uaireanta bíonn imireacha beagán aigéadach orthu.

Is iad Cabernet agus Merlot nó Raboso, cineál áitiúil, na príomhchineálacha fíniúna a úsáidtear i bhfíonta dearga “Vicenza” STFC. Bíonn imireacha éagsúla de dhath dearg an rúibín ar na fíonta, uaireanta bíonn dath dearg an ghairnéid orthu i gcás fíonta aosaithe. Ó thaobh bolaidh de, bíonn sé láidir agus imireacha de chaora dearga, nó éitreach ann i gcás fíonta Pinot Nero. Go ginearálta is gnách go mbíonn na fíonta dearga úr le haigéadacht laghdaithe ach is minic a bhíonn siad dea-struchtúrtha, a bhfuil neart alcóil measartha acu agus a bhfuil leibhéal maith ilfheanóil acu. Soláthraíonn an talamh cnocach ithreacha cailcreacha den chuid is mó, go háirithe, struchtúr, dath agus saintréithe cineálacha. Nuair a bhíonn siad aosaithe, is iondúil go bhforbraíonn fíonta dearga dea-bholaithe casta, crapthacha agus leibhéal maith tainnine.

De ghnáth déantar fíonta rosé ó chineálacha fíniuna le craiceann dorcha (Merlot go príomha) agus is sainairíonna iad dath bándearg a athraíonn ó thaobh láidreachta de maidir leis an bpróiseas fíonóireachta. Bíonn siad éadrom agus bolaithe bláthacha orthu. Bíonn an blas úr agus comhchuí, idir tirim agus measartha milis, go ginearálta le haigéadacht chothrom agus neart alcóil measartha.

Bíonn dath ar fhíonta Novello iad dearg éadrom agus dath dearg an rúibín, uaireanta le himireacha de chorcra. Ó thaobh bolaidh de, bíonn cumhrán láidir, fíonmhar orthu chomh maith le láithreacht shuntasach d’imireacha spíosracha atá tipiciúil de mhaothú carbónach. Ó thaobh blais de, is iondúil go mbíonn siad tathagach, bog agus blasta.

Bíonn an dath ar fhíonta White Passito idir dath buí na tuí agus dath an óir, ag brath ar an gcineál fíniúna agus ar an teicníc a úsáidtear. Bíonn an dea-bholadh mín agus sainiúil le himireacha d’fhíonchaora rísínithe. Bíonn an blas comhchuí agus féadfaidh sé a bheith idir measartha milis agus milis.

Idirghníomhú cúiseach idir gnéithe an limistéir gheografaigh agus an cháilíocht agus saintréithe an táirge atá inchurtha go bunúsach i leith na timpeallachta geografaí

Tá saintréithe fhíonta “Vicenza” sa chatagóir fíona mar thoradh ar dhálaí ithreach agus aeráide sa limistéar táirgthe in éineacht le tosca daonna a raibh tionchar acu, agus a bhfuil tionchar fós acu, ar acmhainn fhíoneolaíoch na fíniúna agus ar na teicneolaíochtaí fíonóireachta.

Bíonn earraigh shéimhe mar shaintréith ag timpeallacht an limistéir táirgthe, rud a chuireann ar chumas cineálacha an-luatha ar nós Chardonnay agus Pinot a phéacadh, samhraí nach mbíonn róthe, agus mar gheall orthu sin ní aibíonn na fíonchaora róluath, agus fómhair éadroma a ligeann do chineálacha déanach áirithe, amhail Garganega, Cabernet Sauvignon agus Raboso, aibiú go hiomlán.

Tá dlúthbhaint idir an t-athrú teochta idir lá agus oíche agus foirmiú comhdhúile aramatacha áirithe (teirpéin) atá tipiciúil de na cineálacha a úsáidtear agus atá ina réamhtheachtaithe aramatacha d’imireacha bláthacha na bhfíonta geala agus rosé a bhfuil clú mór orthu. Tugann sé seo chun suntais tréithe tipiciúla orgánaileipteacha agus ceimiceacha na bhfíonta, lena n-áirítear a gcumhrán láidir uaireanta, blas tirim, dea-struchtúr agus neart alcóil, agus aigéadacht mheasartha.

Fachtóir ríthábhachtach anseo is ea gairmiúlacht na saothróirí fíona maidir le barrfheabhsú a dhéanamh ar bhainistíocht fhíonghort, clúdach duille agus cosaint plandaí, ag cur san áireamh íogaireacht triopall fíniúnacha de chineálacha Pinot, i measc cinn eile.

Féadfar teicníochtaí fíonóireachta éagsúla a dhéanamh do na cineálacha éagsúla fíniúna, agus chun a n-airíonna orgánaileipteacha sonracha a bhaint amach, buaintear na fíniúna de ghnáth agus déantar fíon astu ar leithligh.

Ar deireadh, cabhraíonn na héagsúlachtaí sa teocht idir oíche agus lá agus na sruthanna aer úr is gnách don aeráid seo na fíniúnacha a chaomhnú agus iad á dtriomú i lóistí triomaithe. Dá bhrí sin bíonn tiúchan ard substaintí sna fíniúnacha triomaithe agus bíonn siad rí-oiriúnach le haghaidh fíonta Bianco Passito a dhéanamh, a mbíonn dath éagsúil orthu de réir an chineáil fíniúna agus na teicníce fíonóireachta a úsáidtear.

8.3.   Catagóirí “Vicenza”: fíon súilíneach ardcháilíochta, fíon súilíneach aramatach ardcháilíochta, fíon leathshúilíneach

Faisnéis ar cháilíocht/shaintréithe an fhíona atá inchurtha go bunúsach i leith na timpeallachta geografaí

Is iondúil go mbíonn imireacha éagsúla de dhath buí na tuí ar fhíonta “Vicenza” den cháilíocht shúilíneach , den cháilíocht shúilíneach aramatach agus cineálacha leathshúilíneacha, cé go mbíonn dath saintréitheach bándearg ar na fíonta leathshúilíneacha rosé.

Tá dlúthnasc idir cáilíocht na bhfíonta súilíneacha agus an raon srianta de chineálacha fíniúnacha ónar féidir iad a dhéanamh.

Bíonn mínchúr buanseasmhach ar na na fíonta súilíneacha.

Bíonn boladh torthaíoch ar fhíonta Bianco Spumante agus imireacha d’úll agus de phéitseog nó torthaí eile craicinn bháin; bíonn boladh éadrom orthu, agus imireacha féideartha de bhláthanna bána agus torthaí triomaithe, mar thoradh ar choipeadh umar.

Déantar fíon Moscato Spumante ó chineál fíniúna Moscato Giallo, a gcuirtear feabhas ar a gcuid imireacha aramatacha i bpróiseas réidh aosaithe le cúnamh ón aeráid fho-alpach. Mar shaintréith den chineál bíonn an boladh láidir agus imireacha de muscat air.

Déantar idirdhealú idir na fíonta leathshúilíneacha, bíodh siad geal nó rosé, le húire éadrom, atá nasctha le scaoileadh measartha dé-ocsaíd charbóin.

Bíonn blas comhchuí ar na fíonta súilíneacha agus leathshúilíneacha agus imireacha úra orthu agus aigéadacht chothrom acu. Bíonn cion siúcra “Vicenza” Bianco Spumante agus “Vicenza” Moscato Spumantidir idir tirim agus bíonn cion siúcra “Vicenza” Bianco Frizzante agus “Vicenza” Rosato Frizzante’Vicenza’ Moscato Spumante idir tirim agus measartha tirim.

Bíonn idirghníomhú cúiseach idir gnéithe an limistéir gheografaigh agus cáilíocht agus saintréithe an táirge inchurtha go bunúsach i leith na timpeallachta geografaí

Eascraíonn saintréithe sonracha na bhfíonta súilíneacha agus leathshúilíneacha cáilíochta aramatacha ar a dtugtar tuairisc orthu thuas ó chomhghníomhú dhálaí ithreach agus aeráide an limistéir táirgthe agus ó thosca daonna a raibh tionchar acu ar acmhainn fhíoneolaíoch na fíniúna agus ar na teicneolaíochtaí próiseála san am atá caite agus go dtí an lá atá inniu ann.

Tá nasc idir cáilíocht fhíonta de na cineálacha súilíneacha cáilíochta, fíonta de na cineálacha súilíneacha cáilíochta aramatacha agus fíonta de na cineálacha leathshúilíneacha cáilíochta aramatacha nasctha le hinfhaighteacht amhábhar a thagann ó limistéir ina bhfásann fíniúna a bhfuil díreacha na saintréithe cáilíochta cearta acu chun fíonta den sórt sin a tháirgeadh. Is éard atá sna tréithe cáilíochta seo, go háirithe, cumas na fíniúna cóimheas cothromaithe idir siúcra agus aigéadacht a choinneáil, a gcabhraíonn an t-athrú teochta leo idir lá agus oíche le linn a gcéimeanna deiridh aibíochta, agus is é sin a thugann na cumhráin bhreá shainiúla do na fíonta.

Baineann ríthábhacht leis an rannchuidiú a dhéanann oibreoirí maidir leis an gcaoi a mbainistíonn siad an fíonghort, idir an rogha fréamhstoic agus an modh oiliúna, agus bainistiú an duilliúir chun an soláthar uisce a rialáil. Tá na gnéithe seo go léir riachtanach chun na fíniúnacha cuí a fháil don cuvée as a ndéanfar, ag an gcéim seo a leanas, fíon súilíneach ardcháilíochta, fíon súilíneach nó fíon leathshúilíneach aramatach ardcháilíochta leis na tréithe orgánaileipteacha d’úire agus bolaithe breátha is gá.

Is iondúil go mbuaintear na fíniúnacha níos luaithe ná na cinn atá beartaithe le haghaidh táirgeadh fíonta “socra” d’fhonn an chothromaíocht cheart a áirithiú idir siúcraí agus aigéadacht a theastaíonn chun fíon súilíneach ardcháilíochta a dhéanamh. Déantar an fíon de chineál amháin de ghnáth, agus measctar aon chomhpháirteanna eile nuair a dhéantar an cuvée.

Tá fíonta súilíneacha cáilíochta, fíonta súilíneacha aramatacha cáilíochta agus fíonta leathshúilíneacha “Vicenza” mar thoradh ar nuálaíocht theicneolaíoch sna próisis um choipeadh umar, rud a chuidigh leis an bpróiseas claochlaithe giosta a dhéanamh níos éifeachtaí, rud a d’fheabhsaigh, dá bhrí sin, próifíl aramatach na bhfíonta a tháirgtear agus a dhéanann iad níos pléisiúrtha fós. Cuireann sé seo tuilleadh le huathúlacht orgánaileipteach na bhfíonta, go háirithe trí úire agus imireacha bláthacha a thabhairt amach a thagann go príomha ó na fíniúnacha, rud a léiríonn go gcuireann an limistéar áitiúil timpeallacht idéalach ar fáil chun fíonta “Vicenza” a dhéanamh. Dá bhrí sin, tá na saintréithe uathúla agus sonracha a bhaineann le fíon súilíneach, ardcháilíochta, fíon súilíneach aramatach ardcháilíochta agus fíon leathshúilíneach ó limistéar STFC “Vicenza” mar thoradh ar aigéadacht agus cothromú pH a fheabhsaíonn dea-bholaithe taitneamhacha na bhfíonta agus dá bhrí sin an ghalánta ghinearálta a bhaineann leo, arb é an toradh deiridh é ar phróisis fíonóireachta iomchuí.

9.   Dálaí breise riachtanacha

Rialacha sonracha maidir le pacáistiú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht AE

Cineál dála breise:

Rialacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar na dálaí:

Forálacha breise a bhaineann le coimeádáin:

Maidir le fíonta STFC “Vicenza” a chuirtear ar an margadh i gcoimeádáin suas le 5 lítear, ní mór buidéal gloine traidisiúnta a dhúntar le stopallán coirc nó scriúchaidhp a úsáid.

Maidir le toirteanna ó 5 go 20 lítear, féadfar coimeádáin mhalartacha a úsáid atá déanta as ábhar seachas gloine, arb é atá ann craiceann fíona de phoileitiléin nó de phlaisteach ilsraitheanna poileistir atá iniata i mbosca cairtchláir nó aon ábhar docht eile.

Ní fhéadfar na coimeádáin mhalartacha seo a úsáid le haghaidh cineálacha a bhfuil an tásc Riserva orthu.

Ní foláir nó go gcomhlíonann na stopallán a úsáidtear le haghaidh fíonta súilíneacha an reachtaíocht atá i bhfeidhm. Is féidir scriúchlaibín a úsáid le haghaidh fíonta leathshúilíneacha.

Ní mór an leagan Riserva d’fhíonta STFC “Vicenza” a chur ar an margadh i mbuidéil ghloine nach mó ná 9 lítear iad, dúnta le stopallán coirc. Dá bhrí sin, ní cheadaítear “cisbhuidéil” ná “deimiseoin” a úsáid.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/17002


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.


12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 159/44


Foilsiú iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú nach mion ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2022/C 159/14)

Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur in aghaidh chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MION MAIDIR LE SONRAÍOCHT TÁIRGE LE hAGHAIDH SONRÚCHÁN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT

Iarratas ar cheadú ar leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

“Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres”

Uimh. AE: PDO-FR-0137-AM01- 3.12.2020

STFC (X) TGFC ( )

1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

Ainm: Syndicat des Laiteries Charentes-Poitou (Cumann Uachtarlanna Charentes-Poitou)

Seoladh: 44 rue Jean Jaurès, 17700 Surgeres, France

Fón +33 546075800

Facs +33 546076055

Ríomhphost: contact@aclccp.com

Comhdhéanamh agus leas dlisteanach: is cumann trádála de tháirgeoirí bainne, bailitheoirí bainne agus próiseálaithe/táirgeoirí bainne in “Beurre Charentes-Poitou” é Cumann Uachtarlanna Charentes-Poitou. Dá bhrí sin, tá an ceart dlisteanach aige leasuithe ar an tsonraíocht a iarraidh.

2.   Ballstát nó tríú tír

An Fhrainc

3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó

Ainm an táirge

Tuairisc ar an táirge

Limistéar geografach

Cruthúnas ar thionscnamh

An modh táirgthe

Nasc

Lipéadú

Eile: nuashonrú ar shonraí teagmhála an údaráis inniúil sa Bhallstát agus ar shonraí teagmhála an ghrúpa iarratasóra, an cineáil táirge, comhaltaí iniúchta, ceanglais náisiúnta

4.   Cineál an leasú nó na leasuithe

☐ Leasuithe ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cáilithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

☒ Leasuithe ar shonraíocht STFC/TGFC cláraithe, nár foilsíodh doiciméad aonair (nó a chomhionann) ina leith, nach féidir a mheas gur mionleasú é de réir an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

5.   Leasú nó leasuithe

5.1.   Tuairisc ar an táirge

Sa tsonraíocht táirge, an abairt a leanas:

Ní mór go mbeadh blas glan agus dea-bhlas le him ag a bhfuil na sonrúchán tionscnaimh. Ní mór don bholadh a bheith fíneálta agus úr. Ní mór dath aonfhoirmeach a bheith air agus ní mór dó a bheith éasca le leathadh.

cuireadh é seo ina ionad sin:

Déantar “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” as bainne bó, tá dath aonfhoirmeach ó bhánbhuí go buí éadrom air agus boladh fíneálta lachtach agus blas deas de crème fraîche agus cnónna coill air.

Cuireadh an cineál bainne a úsáidtear (“déantar … as bainne bó”) leis.

Cuireadh leis an tuairisc ar dhath an ime (ag cur na bhfocal “ó bhánbhuí go buí éadrom”), chomh maith leis an tuairisc ar bholadh an ime (“boladh fíneáilte lachtach”) agus blas an ime (“blas de crème fraîche agus cnónna coill”).

Sa tsonraíocht táirge, an abairt a leanas:

Ní mór dath aonfhoirmeach a bheith air agus ní mór dó a bheith éasca le leathadh.

cuireadh é seo ina ionad sin:

Leánn sé sa bhéal agus tá uigeacht aige atá idir dhaingean agus somhúnlaithe, rud a dhéanann an t-im an-oiriúnach chun taos lannaithe a dhéanamh.

Leasaíodh an chuid a thagraíonn d’uigeacht an ime atá “éasca le leathadh” chun a uigeacht a shainiú ar bhealach níos soiléire.

Sa tsonraíocht táirge, cuireadh an abairt seo a leanas léi:

D’fhéadfadh an t-im a bheith saillte nó neamhshaillte.

Soiléiríodh sa roinn maidir le “Tuairisc” go bhféadfadh an t-im a bheith saillte nó neamhshaillte, á thabhairt i gcomhréir leis an roinn maidir le “An modh táirgthe”, ina bhforáiltear don fhéidearthacht a bhaineann le salann a chur leis le linn an táirgthe.

Sa tsonraíocht táirge, cuireadh an abairt seo a leanas léi:

Tá pH ag 6 nó níos lú ag an im.

Bogadh an abairt sin ón roinn maidir le “An modh táirgthe” chuig an roinn maidir le “Tuairisc” mar go gcuidíonn sé le príomh-shaintréithe an táirge a leagan amach.

Sa tsonraíocht táirge, scriosadh an abairt seo a leanas:

Comhdhéanamh le haghaidh 100 g den táirge críochnaithe: 82 % saille ar a laghad, gan níos mó ná 2 g de sholaid neamhshaille agus gan níos mó ná 16 g d’uisce, suas le huasmhéid de 2 g in aghaidh gach 100 g.

Rialaíonn dlí na gnéithe sin.

Sa tsonraíocht táirge, scriosadh an abairt seo a leanas:

Toirmisctear dathúcháin, frithocsaídeoirí nó dí-aigéadathóirí a chur leis.

Scriosadh an chuid a bhaineann leis an toirmisc ar dhathúcháin, frithocsaídeoirí nó dí-aigéadathóirí agus bogadh í chuig an roinn maidir le “An modh táirgthe”.

Sa tsonraíocht táirge, scriosadh an abairt seo a leanas:

Ní mór don bhainne agus don uachtar a úsáidtear chun an t-im faoin sonrúchán tionscnaimh a bheith paistéartha.

Scriosadh an ceanglas chun an bainne agus an t-uachtar a phaistéaradh ón tuairisc d’fhonn go bhféadfaí im amh a tháirgeadh faoi STFC. Le teacht an phaistéartha san 20ú haois, d’éirigh táirgeadh ime amh, a bhí ar an im tosaigh a táirgeadh sa réigiún, an-teoranta ach leanadh leis. Anois, ba mhian leis an ngrúpa iarratasóra a bheith in ann an táirge sin a aithint faoi STFC.

Leasaíodh an doiciméad aonair freisin.

An abairt a leanas:

Im a bhfuil dath éadrom air agus uigeacht dhaingean leis, agus é sonrach mar gheall ar an dea-bholadh atá air.

cuireadh é seo ina ionad sin:

Déantar “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” as bainne bó, tá dath aonfhoirmeach ó bhánbhuí go buí éadrom air agus boladh fíneálta lachtach agus blas deas de crème fraîche agus cnónna coill air.

Leánn sé sa bhéal agus tá uigeacht aige atá idir dhaingean agus somhúnlaithe, rud a dhéanann an t-im an-oiriúnach chun taos lannaithe a dhéanamh.

D’fhéadfadh an t-im a bheith saillte nó neamhshaillte.

Tá pH 6 nó níos lú ag an im.

5.2.   Limistéar geografach

Sa tsonraíocht táirge, níor athraíodh an limistéar geografach, ach rinneadh athbhreithniú ar an mbealach a gcuirtear é i láthair chun na ranna agus na bardais lena mbaineann a liostú. Rinneadh amhlaidh chun na treoirlínte chun doiciméid aonair a dhréachtú a chomhlíonadh agus mar gheall nach dtugtar faisnéis atá sách beacht do thomhaltóirí san fhoclaíocht “réigiúin Loire agus Poitou”. Luaitear inti anois nach mór an pacáistiú agus an reo a dhéanamh sa limistéar geografach freisin.

Maidir le pacáistiú, baineann an leasú seo le foráil atá ann cheana féin sa téacs náisiúnta ar an sonrúchán tionscnaimh a fágadh ar lár nuair a bhí an tsonraíocht le haghaidh STFC á tarraingt suas a ionchorprú sa leagan nua.

Maidir le reo, is rud nua a cuireadh léi é sin.

Ní mór an táirge a phacáistiú laistigh den limistéar geografach. Ní mór an pacáistiú a dhéanamh go gairid i ndiaidh an táirgthe. Cumasaítear leis an bpacáistíocht, go príomha, an t-im a mhúnlú san fhoirm ina ndíoltar é, ach cosnaíonn an phacáistíocht an t-im ar bhuillí freisin a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh dó agus ar bholaithe a d’fhéadfadh a shaintréithe a athrú. Fuaraítear an t-im ansin le ligean dó criostalú agus lena dhea-bholaithe agus a uigeacht a fhorbairt sula ndíoltar é.

Ní féidir ach im atá pacáistithe cheana féin agus atá beartaithe lena úsáid sa tionscal bia nó a onnmhairiú a reo. Ní mór an reo a dhéanamh laistigh de 30 lá ón táirgeadh. Reoitear an t-im i ndiaidh an chriostalaithe, dá bhrí sin ag ráthú shaintréithe orgánaileipteacha an ime reoite.

Tugadh tuairisc ar an méid sin uile i bpointe 3.5 den doiciméad aonair, agus rinneadh an limistéar geografach a shainiú a ghonta agus is féidir trí na ranna, na cantúin agus na bardais a liostú, i gcomhréir leis na treoirlínte dréachtaithe le haghaidh an doiciméid sin.

A mhéid a bhaineann le teorainneacha, níor athraíodh an limistéar geografach ina dtáirgtear an bainne ach athraíodh an bealach a gcuirtear i láthair é, agus cuireadh liosta de na ranna agus na bardais a dhéanann an limistéar geografach leis.

Ar deireadh, cuireadh an abairt seo a leanas leis an tsonraíocht táirge:

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin an Institut national de l’origine et de la qualité (an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta – INAO).

5.3.   Cruthúnas ar thionscnamh

I bhfianaise forbairtí i reachtaíocht agus rialacháin náisiúnta, cuireadh roinn dar teideal “Cruthúnas gur tionscnaíodh an táirge sa limistéar geografach” leis an tsonraíocht táirge, ag leagan amach na gceanglas dearbhaithe agus na gceanglas coimeádta taifead a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht táirge agus faireachán na ndálaí táirgthe.

Áirítear orthu sin:

Dearbhú aitheantais le haghaidh oibreoirí ar mian leo a bheith rannpháirteach i gcuid den phróiseas, nó sa phróiseas iomlán, a bhaineann leis an mbainne a tháirgeadh, a bhailiú nó a phróiseáil:

Cuireadh an mhír a leanas leis:

“4.1.   Sainaithint oibreoirí

Éilítear ar oibreoirí ar mian leo a bheith rannpháirteach i gcuid den phróiseas, nó sa phróiseas iomlán, a bhaineann leis an mbainne a tháirgeadh, a bhailiú nó a phróiseáil, dearbhú aitheantais a chomhdú. Faigheann an grúpa an dearbhú sin agus cláraíonn an grúpa é. Ní mór é sin a dhéanamh i gcomhréir leis an tsamhail atá formheasta ag Stiúrthóir na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).

Ní mór don ghrúpa liosta cothrom le dáta d’oibreoirí aitheanta a choimeád.

Ceanglais dearbhaithe éagsúla a bhaineann le scor sealadach táirgthe (“dearbhú roimh ré maidir le hintinn gan táirgeadh” agus “dearbhú roimh ré maidir le hatosú táirgthe”) agus dearbhú agus faireachán ar tháirgí atá beartaithe lena ndíol faoi STFC (faireachán a dhéanamh ar mhéideanna agus stoic):

Cuireadh an mhír a leanas leis:

“4.2.   Ceanglais maidir le dearbhú

(a)

Dearbhú intinne gan táirgeadh agus dearbhú maidir le hatosú táirgthe

I gcás inarb iomchuí, ní mór do tháirgeoirí dearbhú roimh ré maidir le hintinn gan táirgeadh faoin sonrúchán tionscnaimh, a bhféadfadh roinnt dá saoráidí táirgthe nó a saoráidí táirgthe iomlána, a chumhdach, a sheoladh chuig an ngrúpa 2 sheachtain ar a laghad sula scoirfidh siad den táirgeadh faoin sonrúchán tionscnaimh.

Ní mór don ghrúpa an comhlacht cigireachta a chur ar an eolas faoin méid sin agus an dearbhú a choimeád ar feadh 5 bliana.

Más mian leo an táirgeadh a atosú, ní mór d’oibreoirí dearbhú a sheoladh chuig an ngrúpa roimh ré maidir leis an atosú táirgthe 2 sheachtain ar a laghad sula n-atosaíonn siad an táirgeadh. Ní mór go luafaí sa dearbhú sin, go háirithe, an dáta a bhfuil sé beartaithe go n-atosófar an táirgeadh.

Ní mór don ghrúpa an comhlacht cigireachta a chur ar an eolas faoin méid sin agus an dearbhú a choimeád ar feadh 5 bliana.

(b)

Ceanglais dearbhaithe maidir le fógra a thabhairt agus faireachán a dhéanamh ar tháirgí atá beartaithe lena ndíol faoin sonrúchán tionscnaimh

Ag deireadh gach tréimhse 6 mhí, ní mór do na hoibreoirí lena mbaineann an méid iomlán ime a díola, ag léiriú an méid ime a díoladh faoin sonrúchán tionscnaimh agus na stoic atá i seilbh acu ar an lá deiridh den tréimhse 6 mhí sin atá díreach caite.

Ní mór don ghrúpa na doiciméid sin a choimeád ar feadh 5 bliana ar a laghad.

Gach bliain, ní mór don ghrúpa achoimre ar an staidreamh a bhaineann le ‘Beurre Charentes-Poitou’ a sheoladh chuig an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta.

Ceanglais maidir le taifid a choimeád, ina sonraítear d’oibreoirí clár d’ionchuir agus aschuir a choimeád d’fhonn a áirithiú gur féidir na cainníochtaí bainne agus uachtair a úsáidtear agus na cainníochtaí ime a táirgeadh, a pacáistíodh agus a reodh, a rianú:

Cuireadh an mhír a leanas leis:

“4.3.   Taifid a choimeád

Ní mór do gach oibreoir a gcláir agus aon doiciméad eile is gá chun tionscnamh, cáilíocht agus dálaí táirgthe an ime agus an bhainne a sheiceáil, a chur ar fáil do na comhlachtaí cigireachta.

(a)

Inrianaitheacht

Ní mór do gach oibreoir clár cothrom le dáta d’ionchuir agus aschuir, nó doiciméad cuntasaíochta coibhéiseacha eile, a choimeád. Ní mór don chlár sin an méid a leanas a shonrú go háirithe:

na cainníochtaí bainne a bailíodh nó a ceannaíodh ón limistéar táirgthe bainne agus atá beartaithe chun im a tháirgeadh faoin sonrúchán tionscnaimh;

na cainníochtaí uachtair a bailíodh nó a ceannaíodh ón limistéar táirgthe bainne agus atá beartaithe chun im a tháirgeadh faoin sonrúchán tionscnaimh, chomh maith le tionscnamh an bhainne a úsáideadh;

na cainníochtaí ime a tháirgeadh faoin sonrúchán tionscnaimh;

i gcás inarb iomchuí, na cainníochtaí ime a ceannaíodh faoin sonrúchán tionscnaimh, ag sonrú thionscnamh an ime sin;

na cainníochtaí ime atá á sealbhú agus le díol faoin sonrúchán tionscnaimh, ag sonrú:

na cainníochtaí ime reoite;

na cainníochtaí ime uigithe.

Ní mór do gach monarcha pacáistithe clár cothrom le dáta a choimeád ag sonrú na gcainníochtaí ime a chumhdaítear faoin sonrúchán tionscnaimh (ag teacht isteach agus ag dul amach).

Ní mór na doiciméid sin a choimeád ar feadh 2 bhliain ar a laghad tar éis bhliain na dtaifead.

Tá na bailitheoirí bainne faoi réir na n-oibleagáidí céanna a mhéid a bhaineann lena ngníomhaíochtaí.

Na doiciméid is gá chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht na ndálaí táirgthe a bhaineann le beatha (cineál, tionscnamh, cainníocht) agus bailiú an bhainne (nóta seachadta, sonrasc):

Cuireadh an mhír a leanas leis:

“(b)

Faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht na ndálaí táirgthe

Ní mór do tháirgeoirí bainne doiciméid a chur ar fáil do na comhlachtaí cigireachta a léiríonn, go háirithe, cineál, tionscnamh agus cainníocht an fhodair agus na beatha a úsáidtear chun an tréad a bheathú. Ní mór dóibh dátaí na dtréimhsí innilte a thaifeadadh freisin.

Ní mór do tháirgeoirí bainne sonraisc agus/nó nótaí seachadta a léiríonn cainníochtaí agus tionscnamh aon beatha a ceannaíodh a choimeád.

Ní mór na doiciméid sin a choimeád ar feadh 5 bliana ar a laghad.

Ní mór do na próiseálaithe na doiciméid is gá a chur ar fáil do na comhlachtaí cigireachta chun an méid a leanas a fhíorú:

an crios bailithe laistigh den limistéar táirgthe bainne,

an dáta bailithe,

comhlíontacht na bparaiméadar táirgthe,

fad na tréimhse ama idir táirgeadh agus reo.

Ní mór na doiciméid sin a choimeád ar feadh 2 bhliain.

Tá na bailitheoirí bainne faoi réir na n-oibleagáidí céanna a mhéid a bhaineann lena ngníomhaíochtaí.

Déantar foráil follasach maidir le seiceálacha ar tháirgí, a cumhdaíodh faoi théacsanna náisiúnta eile roimhe seo, sa tsonraíocht táirge anois. Tá siad bunaithe ar thástáil anailíseach agus chéadfach, a dhéantar gan réamhfhógra a thabhairt agus trí shamplaí a thógáil.

Cuireadh an mhír a leanas leis:

“4.4.   Seiceálacha ar tháirgí

Déantar tástáil anailíseach agus chéadfach gan réamhfhógra a thabhairt agus trí shamplaí den im pacáistithe a thógáil.

5.4.   An modh táirgthe

5.1.   Táirgí bainne

Cuireadh forálacha a bhaineann le táirgeadh bainne leis an tsonraíocht táirge. Neartaíonn na forálacha sin an nasc idir “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” agus a áit tionscnaimh trí na cleachtais a leanann feirmeoirí beostoc áitiúla maidir leis an tréad a bheathú go ginearálta agus go háirithe ba déiríochta, a leagan síos.

Cuireadh an mhír a leanas leis:

“(a)

Bainistíocht tréada:

Chun críocha na sonraíochta táirge seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

ciallaíonn ‘tréad’ an tréad iomlán bó déiríochta ar an bhfeirm, ina bhfuil ba atá ag lachtadh, ba tirime agus bodóga;

ciallaíonn ‘bodóga’ ainmhithe atá bainte de dhiúl ach nár bhreith lao go fóill;

ciallaíonn ‘ba déiríochta’ ba atá ag lachtadh, ba tirime agus bodóga 1 mhí amháin roimh lao a bhreith.

Ní mór do gach feirm limistéir bharr fodair a bheith aici chun beatha a sholáthar don tréad, lena n-áirítear 0.2 ha ar a laghad d’fhéar nó maislín (meascán d’fhéir agus barra próitéine) in aghaidh na bó déiríochta.

D’fhonn comhthacú leis an nasc, cuireadh caibidil maidir le tionscnamh na beatha, ag liostáil na n-amhábhar nach mór teacht ón limistéar agus ag lua nach mór do 80 % ar a laghad d’iontógáil bhunúsach an tréada teacht ón limistéar.

Cuireadh an mhír a leanas leis:

“(b)

Tionscnamh na beatha

Ní mór do na hamhábhair a leanas teacht ón limistéar táirgthe bainne:

fodar: gach foirm idir úr agus leasaithe de phlandaí gránach iomlán, féar, plandaí luibheacha agus léagúim; tuí;

plandaí croisiféaracha (cabáistí, ráib olashíl, tornapaí agus ráib tornapa), agus iad leithdháilte úr;

fréamhacha agus tiúbair;

gráin ghránaigh, lena n-áirítear grán buí agus táirgí a dhíorthaítear as;

síolta ola agus síolta léagúim.

Ní mór 80 % ar a laghad d’iontógáil bhliantúil an tréada, arna chur in iúl mar ábhar tirim, teacht ón limistéar táirgthe bainne.

Níor cheart don sciar de bheatha phróitéine bhreise ag a bhfuil méid iomlán ábhair nítriginigh de > 20 % / ábhair thirim iomláin ó lasmuigh den limistéar táirgthe a bheith níos mó ná 1 200 kg d’ábhar tirim in aghaidh na ba déiríochta in aghaidh na bliana féilire.

Féadfar táirgí a fhaightear ó na hamhábhair a liostaítear thuas ach a phróiseáltar lasmuigh den limistéar a áireamh i mbeatha an tréada agus cuirtear iad san áireamh sa chion de bheatha a tháirgtear laistigh den limistéar, faoi réir inrianaitheachta.

Cuireadh liosta de chomhábhair bheatha atá toirmiscthe leis freisin.

Cuireadh an mhír a leanas leis:

Tá siad seo a leanas toirmiscthe ó bheatha an tréada:

úiré agus a dhíorthaigh, mar a shainítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 maidir le breiseáin le húsáid i gcothú ainmhithe;

ola phailme, ola piseanna talún, ola lus na gréine, ola rois, ola olóige agus ola cnó cócó a úsáid i bhfoirm ola; ní dhéanann sé sin difear d’ola iarmharach ná d’ola a chuirtear leis le cuidiú leis an bpróiseáil nuair atá dlútháin á dtáirgeadh;

aon chóireáil cheimiceach (go háirithe sóid agus amóinia) ar an mbeatha atá beartaithe don tréad;

beatha a díorthaíodh ó tháirgí géinmhodhnaithe (OGManna).

Tugadh soiléiriú a mhéid a bhaineann leis na breiseáin a cheadaítear in bhfodar freisin.

Cuireadh an abairt seo a leanas leis:

Is iad einsímí agus ionacláin bhaictéaracha amháin na breiseáin a cheadaítear i bhfodar.

Sonraíodh an cion laethúil de ghrán buí a thugtar do na ba déiríochta freisin. Cuireann an cion gránaigh bhuí sa bheatha le saintréithe ime faoi STFC “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres”. Cuireann sé le méid saille an bhainne agus an uachtair agus le huigeacht dhaingean agus shomhúnlaithe an ime, saintréith a mbíonn an-tóir ag báicéirí agus cócairí taosráin uirthi.

Leagtar amach sna míreanna a cuireadh leis na cleachtais a leanann na táirgeoirí bainne áitiúla, ar chuir siad an chaoi a mbainistíonn siad an tréad in oiriúint ar shrianta ithreach agus aeráide an limistéir gheografaigh. Saintréith shonrach a bhaineann leis an aiste bia sa réigiún is ea go mbíonn sí rialta agus comhsheasmhach, rud a chiallaíonn gur beag an éagsúlacht a bhíonn i gcomhdhéanamh an bhainne, an uachtair agus an ime.

Cuireadh an mhír a leanas leis:

“(d)

Beatha le haghaidh ba déiríochta

Ní mór don mhéid a leanas a bheith san áireamh, ó thaobh ábhar tirim de, san iontógáil laethúil in aghaidh na bó déiríochta:

2 kg ar a laghad d’fhodar seachas grán buí foráiste,

íosmhéid de 50 % agus 7 kg ar a laghad de ghrán buí (i ngach foirm).

Féadfar an chainníocht gránaigh bhuí a laghdú le linn na tréimhse innilte, ach ní bhféadfadh sé a bheith ní ba lú ná 1,5 kg.

Má áirítear plandaí croisiféaracha úra (cabáistí, ráib olashíl, tornapaí agus ráib tornapa) san iontógáil laethúil, ní mór dóibh a bheith mar 10 % ar a mhéad den ábhar tirim.

Tá an méid den bheatha bhreise a leanas a thugtar do na hainmhithe teoranta do 1 800 kg d’ábhar tirim in aghaidh na bó déiríochta in aghaidh na bliana féilire:

gráin ghráinigh agus táirgí a dhíorthaítear uathu,

síolta ola agus síolta léagúim agus táirgí a dhíorthaítear astu,

mianraí agus táirgí a dhíorthaítear uathu,

vitimíní,

fotháirgí ó choipeadh miocrorgánach.

Ar deireadh, cuireadh na forálacha a leanas leis d’fhonn leas ainmhithe sna foirgnimh bheostoic (leaba, easair, aeráil) a áirithiú.

Cuireadh an mhír a leanas leis:

“(e)

Dálaí fearachais

Ní mór aeráil, trí aerchúrsaíocht nádúrtha, nó trí aeráil mheicniúil, a áirithiú nuair atá na hainmhithe ann.

Ní mór don leaba a bheith bog, chun an uasmhéid compoird a áirithiú do na hainmhithe.

Ní mór don tuí nó do na hábhair eile a úsáidtear mar easair a bheith ann i gcainníocht leordhóthanach agus ní mór é a athrú sách minic le háirithiú go bhfuil an easair tirim agus bog.

D’fhonn comhsheasmhach leis an tsonraíocht táirge a áirithiú, cuireadh na míreanna a leanas le pointe 3.3 den doiciméad aonair:

Ní fhéadfar beatha na mbó déiríochta a fháil go hiomlán ón limistéar geografach. Ní bhítear in ann riachtanais phróitéine na mbó a shásamh ina n-iomláine leis an talamh a shaothraítear laistigh den limistéar geografach, mar sin féin, ní mór go dtiocfadh 80 % ar a laghad d’iontógáil bhliantúil an tréada, arna chur in iúl mar ábhar tirim, ón limistéar táirgthe bainne.

Chun a áirithiú go bhfuil nasc dlúth idir an limistéar geografach agus an táirge, ní mór go dtiocfadh na hamhábhair a leanas ón limistéar táirgthe bainne:

fodar: gach foirm idir úr agus leasaithe de phlandaí gránach iomlán, féar, plandaí luibheacha agus léagúim; tuí;

plandaí croisiféaracha (cabáistí, ráib olashíl, tornapaí agus ráib tornapa), agus iad leithdháilte úr;

fréamhacha agus tiúbair;

gráin ghránaigh, lena n-áirítear grán buí agus táirgí a dhíorthaítear as;

síolta ola agus síolta léagúim.

Níor cheart don sciar de bheatha phróitéine bhreise ag a bhfuil méid iomlán ábhair nítriginigh de > 20 % / ábhair thirim iomláin ó lasmuigh den limistéar táirgthe a bheith níos mó ná 1 200 kg d’ábhar tirim in aghaidh na ba déiríochta in aghaidh na bliana féilire.

Tá siad seo a leanas toirmiscthe ó bheatha an tréada:

úiré agus a dhíorthaigh, mar a shainítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 maidir le breiseáin le húsáid i gcothú ainmhithe.

ola phailme, ola piseanna talún, ola lus na gréine, ola rois, ola olóige agus ola cnó cócó a úsáid i bhfoirm ola; ní dhéanann sé sin difear d’ola iarmharach ná d’ola a chuirtear leis le cuidiú leis an bpróiseáil nuair atá dlútháin á dtáirgeadh;

aon chóireáil cheimiceach (go háirithe sóid agus amóinia) ar an mbeatha atá beartaithe don tréad;

beatha a díorthaíodh ó tháirgí géinmhodhnaithe (OGManna).

Is iad einsímí agus ionacláin bhaictéaracha amháin na breiseáin a cheadaítear i bhfodar.

Ní mór don mhéid a leanas a bheith san áireamh, ó thaobh ábhar tirim de, san iontógáil laethúil in aghaidh na bó déiríochta:

2 kg ar a laghad d’fhodar seachas grán buí foráiste,

íosmhéid de 50 % agus 7 kg ar a laghad de ghrán buí (i ngach foirm).

Laghdaíodh an chainníocht de ghrán buí go 1,5 kg le linn na tréimhse innilte.

Má áirítear plandaí croisiféaracha úra (cabáistí, ráib olashíl, tornapaí agus ráib tornapa) san iontógáil laethúil, ní mór dóibh a bheith mar 10 % ar a mhéad den ábhar tirim.

Tá an méid den bheatha bhreise a leanas a thugtar do na hainmhithe teoranta do 1 800 kg d’ábhar tirim in aghaidh na bó déiríochta in aghaidh na bliana féilire:

gráin ghráinigh agus táirgí a dhíorthaítear uathu,

síolta ola agus síolta léagúim agus táirgí a dhíorthaítear astu,

mianraí agus táirgí a dhíorthaítear uathu,

vitimíní,

fotháirgí ó choipeadh miocrorgánach.

5.2.   Próiseáil

Sa tsonraíocht táirge, cuireadh leis an roinn maidir le próiseáil chun tuairisc níos fearr a thabhairt ar na dálaí táirgthe le haghaidh an ime chun na teicnící a úsáidtear sa limistéar táirgthe chun im a dhéanamh a leagan síos.

(a)

Bailiú bainne

Cuireadh leis an roinn maidir le bainne a bhailiú chun na cleachtais a leantar a rialú ar bhealach níos fearr.

Cuireadh an abairt seo a leanas leis:

Ní mór an bainne a bhailiú laistigh de 72 uair an chloig ón gcrú is luaithe.

Leis an teorainn ama sin, is féidir bailiú an bhainne a eagrú i limistéar atá sách mór agus bainne a bhailiú ó gach táirgeoir, gan beann ar a méid táirgthe. Socraíodh an teorainn ama sin ag 72 uair an chloig mar gheall go bhfuil na táirgeoirí bainne scartha amach óna chéile sa limistéar geografach agus níl ach líon beag díobh ann.

An abairt a leanas:

Nuair a thagann sé chuig na huachtarlanna, déantar an bainne a stóráil ag an teocht bailithe i.e. idir 4 °C agus 6 °C sa limistéar sainithe.

cuireadh é seo ina ionad sin:

Nuair a thagann sé chuig na huachtarlanna, féadfar an bainne bailithe a stóráil.

Sa chás sin, ní mór an bainne a stóráil ag teocht idir 2 °C agus 6 °C.

Scriosadh an ceanglas chun an bainne a stóráil, ach féadfar fós an bainne a stóráil ag na teochtaí sonraithe, ionas gur féidir mar sin an bainne a choimeád gan aon athrú teacht air. Leasaíodh an teocht ag a stóráiltear an bainne chun gur féidir é a stóráil ag teochtaí níos fuaire (idir 2 °C agus 6 °C seachas idir 4 °C agus 6 °C).

Cuireadh an abairt seo a leanas leis:

D’fhéadfadh an bainne a bheith paistéartha.

Scriosadh na ceanglais chun an bainne a phaistéaradh ón roinn maidir le “Tuairisc” ionas gur féidir im amh a tháirgeadh. Mar sin féin, ceadaítear paistéaradh fós.

Cuireadh an abairt seo a leanas leis:

Tá toirmeasc ar dhathúcháin nó frithocsaídeoirí a úsáid agus ar dhíaigéadóirí a úsáid chun aigéadacht an bhainne a laghdú roimh an bpaistéaradh.

Scriosadh an toirmeasc ar shubstaintí nó ábhair áirithe a úsáid ón roinn maidir le “Tuairisc” mar go mbaineann sé leis an modh táirgthe. Coinníodh é agus athluadh é ag gach céim táirgthe, lena n-áirítear i leith an bhainne.

Sa doiciméad aonair, cuireadh na míreanna a leanas le pointe 3.3:

Tagann an bainne a úsáidtear chun ‘Beurre Charentes-Poitou’ a tháirgeadh ón limistéar geografach sainithe i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(b)

Scimeáil

An abairt a leanas:

Roimh an táirgeadh, ardaítear teocht an bhainne go 40 °C lena scimeáil.

cuireadh é seo ina ionad sin:

Bíonn an teocht scimeála idir 40 °C agus 60 °C, ach amháin i gcás im amh, sa chás sin ní mór don teocht a bheith ag 40 °C nó níos lú.

Socraíodh an teocht scimeála ag 40 °C i dtosach, ach, sa chleachtas ní fhéadfadh an luach sin a bheith socraithe, dá bhrí sin tá gá le raon a shocrú. Cuirtear an teocht scimeála in iúl mar raon idir 40 °C agus 60 °C anois. Mar gheall ar an raon teochta sin, is féidir níos mó den ábhar saille a bhaint den bhainne, ag brath ar na hábhair a úsáidtear, gan aon riosca ann go n-athrófar cáilíochtaí orgánaileipteacha an táirge.

Thairis sin, cuireadh teorainn shonrach leis chun im amh a tháirgeadh.

Cuireadh an abairt seo a leanas leis:

Ní fhéadfar ach uachtar ó bhainne paistéartha a stóráil, ag teocht níos lú ná 6 °C, roimh an bpaistéaradh.

Dá bhrí sin, tá toirmeasc ar uachtar ó bhainne amh a stóráil. Is táirge leochaileach é uachtar amh nach mór a úsáid a luaithe is féidir ar mhaithe le cobhsaíocht bhaictéareolaíoch.

Cuireadh an abairt seo a leanas leis:

Ní mór méid saille an uachtair a bheith 36 g in aghaidh 100 g an táirge ar a laghad.

Agus méid saille íosta a shocrú le haghaidh an uachtair is féidir cáilíocht an uachtair a úsáidtear chun an t-am dhéanamh a ráthú.

(c)

Paistéaradh an uachtair

Sa tsonraíocht táirge, leasaíodh an chuid a bhaineann le paistéaradh an uachtair chun na cleachtais a leantar a rialú.

An abairt a leanas:

Ní mór don uachtar a fhaightear a bheith paistéartha […] chomh maith le húsáid dí-aigéadóirí, dathúcháin nó frithocsaídeoirí.

cuireadh é seo ina ionad sin:

Féadfaidh an t-uachtar a bheith paistéartha, agus sa chás sin ní mór tabhairt faoin bpaistéaradh ag teocht nach sáraíonn 96 °C agus le luach paistéartha atá níos mó ná, nó cothrom le 100 soicind.

Mar is amhlaidh an cás leis an mbainne, níl paistéaradh an uachtair éigeantach a thuilleadh ach ceadaítear é fós agus tá sé rialaithe ag an tsonraíocht táirge anois. Leis na luachanna sonraithe, ligtear do chóireáil shéimh a dhéanamh ar an uachtar, rud a chuireann cosc ar an iomarca imoibriúchán Maillard ann, óna dtiocfadh blas cócaráilte.

Téitear i ngleic le hionaclú an uachtair i mír ar leithligh.

Cuireadh na habairtí a leanas leis:

Tá toirmeasc ar dhathúcháin nó frithocsaídeoirí a úsáid agus ar dhí-aigéadóirí a úsáid chun aigéadacht an uachtair a laghdú roimh an bpaistéaradh.

Toirmisctear aon chóireáil sláintíochta seachas paistéaradh a dhéanamh ar an uachtar.

Mar a luaitear thuas, scriosadh an toirmeasc ar shubstaintí nó ábhair áirithe a úsáid ón roinn “Tuairisc ar an táirge” agus bogadh é chuig gach ceann de na céimeanna táirgthe ábhartha nach mór é a choinneáil agus a chur in iúl arís ina leith.

Cuireadh toirmeasc ar aon chóireáil sláintíochta a úsáid seachas paistéaradh an uachtair leis. Níl teicnící den sórt sin i gcomhréir le cleachtais thraidisiúnta agus is dóchúil go ndéanfaidís difear do shaintréithe an táirge.

(d)

Ionaclú an uachtair

Sa tsonraíocht táirge, an mhír a leanas:

agus fuaraítear é ansin go teocht thart ar 12 °C agus ar deireadh déantar é a ionaclú le saothráin shonracha. Tá toirmeasc ar uachtar meidhg nó uachtar reoite nó íosreoite a úsáid. […]

cuireadh é seo ina ionad sin:

Fuaraítear an t-uachtar agus déantar é a ionaclú ag teocht nach mó ná 21 °C.

Tá toirmeasc ar uachtar meidhg nó uachtar reoite nó íosreoite a úsáid.

Ní mór don tréimhse ama idir scimeáil an uachtair agus an t-ionaclú a bheith níos lú ná 48 uair an chloig.

Ní mór nach mbeadh ach tréithchineáil bhaictéaracha a chruthaíonn aigéad agus blas amháin san áireamh sna cineálacha saothrán a úsáidtear.

Cuirtear iad leis go díreach nó i bhfoirm túis ghabhála.

Ní fhéadfar aon tiúsóir ná aon bhlastán a chur leis.

Rinneadh achoimre ar an gcéim ionaclaithe i dtosach leis na focail “ionaclaithe faoi dheireadh le saothráin shonracha”, ach leagtar an méid sin amach i mír eile ar leithligh. Cuireadh leis an tuairisc ar ionaclú an uachtair chun na dálaí teochta, an t-eatramh ama, na cineálacha saothrán a cheadaítear agus cleachtais thoirmiscthe a áirithiú inti.

Fuaraítear an t-uachtar tar éis na scimeála agus/nó an phaistéartha. Sonraíodh an teocht nach mór an t-uachtar a fhuarú chuici trí uasteorainn a thabhairt (≤ 21 °C). Rinneadh amhlaidh mar gheall nach bhféadfadh an fhoclaíocht “thart ar 12 °C” a bheith mar sprioc chun críocha faireacháin, agus mar gheall go mbíonn cleachtais oibreoirí difriúil lena chéile. Rinneadh an leasú chun saineolas na bpróiseálaithe aonair ar rogha agus ar úsáid saothrán lachtach chun im a dhéanamh a chur san áireamh.

Cuireadh toirmeasc ar úsáid uachtar reoite nó íosreoite leis an toirmeasc ar uachtar meidhg a úsáid.

Ní mór don ionaclú tarlúint a luaithe is féidir tar éis na scimeála, agus laistigh de 48 uair an chloig ar a mhéad, chun cáilíocht an ime a ráthú.

(e)

Aibiú bitheolaíoch an uachtair

An abairt a leanas:

Tar éis aibithe ar feadh tréimhse íosta de 12 uair an chloig, fuaraítear an t-uachtar, maistrítear é agus déantar é a phacáistiú i bpacáistí aonair atá réidh lena ndíol.

cuireadh é seo ina ionad sin:

Tá aibiú bitheolaíoch an uachtair éigeantach. Tarlaíonn sé ar feadh tréimhse íosta de 16 uair an chloig ag teocht idir 7 °C agus 21 °C.

Coinníodh an chéim fhíor-riachtanach seo a bhaineann le him a dhéanamh agus tá sí éigeantach fós. Déanann an chéim sin idirdhealú idir “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” agus imeanna a tháirgtear go tionsclaíoch agus tá sí riachtanach le haghaidh cháilíocht an táirge.

Méadaíodh an tréimhse aibithe le haghaidh an uachtair ó 12 uair an chloig go 16 uair an chloig. Is rud dearfach é an tréimhse aibithe a mhéadú, mar gheall go gcuireann sé le forbairt na ndea-bholaithe.

Cuireann an chéim sin saineolas na n-oibritheoirí aonair chun tairbhe, agus an bhainistíocht oilte a dhéanann siad ar an gcaidreamh idir am agus teocht nasctha leis an rogha saothrán a úsáideann siad agus leis na spriocanna táirgthe. Ceadaíonn an chéim aibithe bhitheolaíoch na saothráin, agus dá bhrí sin na dea-bholaithe, a fhorbairt, ach ullmhaíonn sé na cruinníní saille don mhaistreadh agus dá bhrí sin bíonn tionchar aige ar phlaisteacht an ime. Ionas go mbeidh an chéim sin rathúil, ní mór an t-uachtar a théamh go roinnt leibhéil teochta éagsúla seachas é a choinneáil ag aon teocht amháin feadh an aibithe. Is chun na leibhéil teochta éagsúla, atá sonrach do shaineolas an déantóra ime agus don trealamh a úsáidtear, a chur san áireamh go bhfuil gá le raon teochta idir 7 °C agus 21 °C. Le bainistíocht oilte na teochta is féidir tionchar a imirt ar phlaisteacht an ime.

(f)

Maistreadh an uachtair

Cuireadh an mhír a leanas leis:

Tar éis an t-uachtar a fhuarú, déantar é a mhaistreadh i gcuinneog adhmaid, i gcuinneog chruach dosmálta nó i meaisín chun im a dhéanamh.

Má mhaistrítear an t-uachtar i gcuinneog, ní mór na gránaigh ime a ní.

Aistríonn maistreadh an t-uachtar go him, de réir mar a fhorbraítear gránaigh ime agus scarann siad ón mbláthach. Leis na nithe nua sin, sonraítear an trealamh is féidir a úsáid agus leagtar síos an cleachtas traidisiúnta a bhaineann leis na gránaigh ime a ní sa chuinneog.

(g)

Na gránaigh ime a oibriú

Cuireadh an mhír a leanas leis:

Oibrítear leis na gránaigh ime ar feadh tréimhse uasta de 60 nóiméad i gcuinneog agus tréimhse uasta de 10 nóiméad i meaisín chun im a dhéanamh.

Níor cheart an t-im a mheascadh ná a choipeadh.

Cuireadh an oibríocht nua sin leis chun an tuairisc ar an bpróiseas a bhaineann le him a dhéanamh a iomlánú.

An abairt a leanas:

Féadfar salann a chur leis an im, suas go huasmhéid de 2 %.

cuireadh é seo ina ionad sin:

Féadfar salann a chur leis an im, suas go huasmhéid de 2,5 g in aghaidh gach 100 g le haghaidh salann mín nó 3 g in aghaidh gach 100 g le haghaidh salann criostail.

Chun im saillte a tháirgeadh, cuirtear salann leis nuair atáthar ag oibriú leis na gránaigh ime. Rinneadh an abairt bhunaidh ón tsonraíocht táirge a ionchorprú sa mhír sin dá bhrí sin. Leasaíodh í chun an chainníocht salainn a chuirtear leis a shonrú, ag déanamh idirdhealú idir salann mín agus salann criostail. Méadaíodh an chainníocht salainn a chuirtear leis chun im saillte a tháirgeadh ó 2 g go 2,5 g in aghaidh gach 100 g le haghaidh salann mín agus socraíodh an chainníocht sin ag 3 g in aghaidh gach 100 g le haghaidh salann criostail. Is é is aidhm leis sin blas goirt a chur ar an im, rud a dhéanann é éagsúil ar bhealach sonrach le him neamhshaillte. Tá gá le cainníocht níos mó salann criostail chun éifeacht chomhchosúil orgánaileipteach a chruthú, mar bíonn leithdháileadh na gcriostal éagsúil san im.

An abairt a leanas:

Tá toirmeasc ar shaothráin lachtacha a chur leis an im tráth atáthar ag obair leis na gránaigh ime.

cuireadh é seo ina ionad sin:

Tá toirmeasc ar aon nós imeachta atá beartaithe chun méid na solad neamhshaille san im a mhéadú, go háirithe saothráin lachtacha a chur leis an im tráth atáthar ag obair leis na gránaigh ime.

Coinníodh agus athluadh an toirmeasc ar nósanna imeachta áirithe a úsáid.

Scriosadh an abairt seo a leanas:

Níor cheart do pH ime ag a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh a bheith níos airde ná 6 tráth an phacáistithe.

Bogadh é chuig an roinn “Tuairisc”.

Scriosadh an abairt seo a leanas:

Thairis sin, ní mór don tástáil fosfatáise a dhéantar air a bheith diúltach.

Is táscaire ar an bpaistéaradh í an fhosfatáis, agus i bhfianaise gur leathnaíodh an tsonraíocht táirge chun táirgeadh ime amh a áirithiú inti, scriosadh an ceanglas chun tástáil fosfatáise a dhéanamh.

(h)

Forálacha speisialta a bhaineann le him atá beartaithe lena úsáid sa tionscal bia.

Cuireadh an mhír a leanas leis:

Ní fhéadfar cóireáil fhisiciúil le haghaidh criostalú rialaithe a dhéanamh ach ar im atá beartaithe lena úsáid sa tionscal bia.

Is éard atá i gceist leis sin próiseáil mheicniúil agus/nó fuarú i ndiaidh a chéile a dhéanamh ar an im, go dtí go sroicheann sé teocht faoi bhun 16 °C.

Leis an leasú seo, ceadaítear cóireáil fhisiciúil a úsáid le haghaidh criostalú rialaithe ime atá beartaithe lena úsáid sa tionscal bia. Is é is aidhm leis na cleachtais a d’fhorbair na táirgeoirí ime áitiúla chun saintréithe meicniúla “Beurre Charentes-Poitou”/ “Beurre des Charentes”/ “Beurre des Deux-Sèvres” a threisiú agus oiriúnacht an ime chun taos lannaithe a dhéanamh a leagan síos. Ní athraíonn cóireáil den sórt sin blas an ime ar aon bhealach. Léirítear saintréithe STFC “Beurre Charentes-Poitou” ar bhealach éagsúil i dtáirgí báicéireachta agus taosráin.

Tá an chéim seo roghnach. Ní chuirtear gach im faoi chóireáil den sórt sin.

(i)

Pacáistiú

Cuireadh an mhír a leanas leis an tsonraíocht:

Pacáistítear an t-im in aonaid nach nó ná 25 kg.

Cumasaítear leis an bpacáistíocht, go príomha, an t-im a mhúnlú san fhoirm ina ndíoltar é, ach cosnaíonn an phacáistíocht an t-im ar bhuillí freisin a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh dó agus ar bholaithe a d’fhéadfadh a shaintréithe a athrú. Fuaraítear an t-im ansin le ligean dó criostalú agus lena dhea-bholaithe agus a uigeacht a fhorbairt.

Toirmisctear im amh a reo.

Ní féidir ach im atá pacáistithe cheana féin agus atá beartaithe lena úsáid sa tionscal bia nó a onnmhairiú a reo sa limistéar geografach.

Ní mór an reo a dhéanamh laistigh de 30 lá ón táirgeadh. Reoitear an t-im i ndiaidh an chriostalaithe, dá bhrí sin ag ráthú shaintréithe orgánaileipteacha an ime reoite.

Coinnítear an t-im reoite ag íosteocht de –18 °C ar feadh tréimhse uasta de 12 mhí.

Má reoitear im atá beartaithe lena onnmhairiú chun é a iompar, ní mór é a leá lena dhíol do thomhaltóirí.

Tá na forálacha sin beartaithe chun aon athrú ar cháilíochtaí orgánaileipteacha “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” a chosc.

Maidir le pacáistiú, baineann an leasú seo le foráil atá ann cheana féin sa téacs náisiúnta ar an sonrúchán tionscnaimh a fágadh ar lár nuair a bhí an tsonraíocht le haghaidh STFC á tarraingt suas a ionchorprú sa leagan nua.

A mhéid a bhaineann le reo, is é is aidhm leis úsáid na teicníce leasaithe sin a rialú. Ní athraíonn reo saintréithe orgánaileipteacha an ime. Go deimhin, is cleachtas coitianta é, a úsáideadh go forleathan sa tionscal déiríochta, agus cruthaíodh a thairbhe chun cáilíochtaí orgánaileipteacha an ime a chaomhnú agus a leasú. Tá an méid nua sin beartaithe, go háirithe, chun onnmhairiú domhanda a éascú, agus níl rogha malartach ar an gcleachtas sin ann nuair atáthar ag onnmhairiú go domhanda. Sa chás sin, ní reoitear an t-im ach ar mhaithe le cúiseanna lóistíochtúla amháin, agus ní thiocfaidh an tomhaltóir deiridh ar im reoite i siopaí.

Ar son na gcúiseanna céanna agus d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú, cuireadh na míreanna a leanas le pointe 3.5 den doiciméad aonair:

Pacáistítear an t-im sa limistéar geografach in aonaid nach nó ná 25 kg.

Cumasaítear leis an bpacáistíocht, go príomha, an t-im a mhúnlú san fhoirm ina ndíoltar é, ach cosnaíonn an phacáistíocht an t-im ar bhuillí freisin a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh dó agus ar bholaithe a d’fhéadfadh a shaintréithe a athrú.

Fuaraítear an t-im ansin le ligean dó criostalú agus lena dhea-bholaithe agus a uigeacht a fhorbairt.

Toirmisctear im amh a reo.

Ní féidir ach im atá pacáistithe cheana féin agus atá beartaithe lena úsáid sa tionscal bia nó a onnmhairiú a reo sa limistéar geografach.

Ní mór an reo a dhéanamh laistigh de 30 lá ón táirgeadh. Reoitear an t-im i ndiaidh an chriostalaithe, dá bhrí sin ag ráthú shaintréithe orgánaileipteacha an ime reoite. Is mar gheall ar an gcéim sin, a bhainistíonn na hoibritheoirí áitiúla go hoilte, gur féidir cáilíochtaí orgánaileipteacha an ime reoite a ráthú agus maoirseacht a dhéanamh ar na dálaí ina reoitear an t-im, ag áirithiú nach bhfuil aon bholadh eile ann mar tá an t-im an-soghabhálach i leith bolaithe.

Coinnítear an t-im reoite ag íosteocht de –18 °C ar feadh tréimhse uasta de 12 mhí.

Má reoitear im atá beartaithe lena onnmhairiú chun é a iompar, ní mór é a leá lena dhíol do thomhaltóirí.

5.5.   Nasc

Rinneadh an roinn “Nasc leis an limistéar geografach” den tsonraíocht táirge a scríobh arís ina hiomláine chun an nasc idir “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” agus an limistéar geografach a dhéanamh níos soiléire, gan inneachar an naisc féin a athrú.

Leagadh béim áirithe ar shaintréithe “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” agus an nasc atá idir na saintréithe sin agus aiste bia na mbó déiríochta, a mbíonn go leor grán buí inti. Is iad saintréithe geografacha sonracha an réigiúin a shocraíonn na cleachtais sin áit a mbíonn an aimsir te agus tirim le linn an tsamhraidh, rud a chiallaíonn go mbíonn táirgeadh déiríochta ag brath ar bharra gránaigh agus fodair a shaothrú chun an tréad a bheathú.

Athluaitear tosca nádúrtha agus daonna an limistéir gheografaigh sa phointe ar “Sainiúlacht an limistéir gheografaigh”, ag tabhairt achoimre ar ghnéithe stairiúla agus ag leagan béim ar shaineolas agus ar chleachtais shonracha.

Tá an pointe maidir le “Sainiúlacht an táirge” comhsheasmhach leis an tuairisc ar an táirge.

Ar deireadh, mínítear sa chuid “Nasc cúisíoch” na hidirghabhálacha idir na tosca nádúrtha agus daonna agus an táirge.

Tá an roinn maidir le nasc de shonraíocht táirge STFC le fáil arís ina hiomláine faoi phointe 5 den doiciméad aonair.

5.6.   Lipéadú

Sa tsonraíocht táirge, an abairt a leanas:

Ní mór go mbeadh na focail ‘Appellations d’Origine Contrôlée’ [Sonrúcháin Tionscnaimh Chláraithe] le feiceáil ar an bpacáistíocht ar ghreamán nach mór a bheith greamaithe nó atáirgthe i gcomhréir le hAirteagal 5 den Fhoraithne.

cuireadh é seo ina ionad sin:

Anuas ar an bhfaisnéis éigeantach a éilítear faoi na rialacha ar lipéadú agus cur i láthair ábhar bia, ní mór ainm cláraithe an táirge agus lógó STFC de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith le feiceáil ar an lipéadú sa réimse amhairc céanna.

Má dhíoltar an t-im faoi lipéad príobháideach, ní mór do chód nó ainm na monarchan táirgthe a bheith le feiceáil go soiléir agus go hinléite ar an bpacáistíocht.

Tugadh an roinn ar lipéadú cothrom le dáta chun forbairtí i reachtaíocht náisiúnta agus Eorpach a léiriú inti.

Cuireadh an mhír a leanas le pointe 3.6 den doiciméad aonair:

Anuas ar an bhfaisnéis éigeantach a éilítear faoi na rialacha ar lipéadú agus cur i láthair ábhar bia, ní mór ainm cláraithe an táirge agus lógó STFC de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith le feiceáil ar an lipéadú sa réimse amhairc céanna.

Má dhíoltar an t-im faoi lipéad príobháideach, ní mór do chód nó ainm na monarchan táirgthe a bheith le feiceáil go soiléir agus go hinléite ar an bpacáistíocht.

5.7.   Eile

Údarás inniúil sa Bhallstát

Tugadh sonraí teagmhála na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO), agus í ar an údarás inniúil sa Bhallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, cothrom le dáta.

Grúpa iarratasóra

Tugadh sonraí teagmhála an ghrúpa iarratasóra cothrom le dáta agus cuireadh sonraí maidir le cineál agus comhdhéanamh an ghrúpa leis.

An cineál táirge

Leasaíodh an tagairt don aicme táirge chun Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 a chomhlíonadh.

Cuireadh an leasú sin i bhfeidhm ar an doiciméad aonair freisin.

Comhlacht cigireachta

Tugadh ainm agus sonraí teagmhála na gcomhlachtaí oifigiúla cothrom le dáta. Tá sonraí teagmhála na n-údarás atá freagrach as iniúchtaí ar an leibhéal náisiúnta, i.e.: an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) agus Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, Gnóthaí Tomhaltóra agus Caolais a Chosc (DGCCRF) le fáil sa roinn seo. Cuireadh nóta leis ag lua gur féidir teacht ar ainm agus sonraí teagmhála an chomhlachta deimhnithe ar shuíomh gréasáin INAO agus ar bhunachar sonraí an Choimisiúin Eorpaigh.

Ceanglais náisiúnta

Cuireadh roinn maidir le “Ceanglais náisiúnta” leis an tsonraíocht táirge. Tá tábla le fáil inti ina leagtar amach na príomhghnéithe atá le seiceáil, a luachanna tagartha agus na modhanna meastóireachta atá le húsáid.

DOICIMÉAD AONAIR

“Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres”

Uimh. AE: PDO-FR-0137-AM01- 3.12.2020

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm nó ainmneacha [stfc nó tgfc]

“Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Fhrainc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.5. Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.)

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Déantar “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” as bainne bó, tá dath aonfhoirmeach ó bhánbhuí go buí éadrom air agus boladh fíneálta lachtach agus blas deas de crème fraîche agus cnónna coill air.

Leánn sé sa bhéal agus tá uigeacht aige atá idir dhaingean agus somhúnlaithe, rud a dhéanann an t-im an-oiriúnach chun taos lannaithe a dhéanamh.

D’fhéadfadh an t-im a bheith saillte nó neamhshaillte.

Tá pH 6 nó níos lú ag an im.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Ní fhéadfar beatha na mbó déiríochta a fháil go hiomlán ón limistéar geografach. Ní bhítear in ann riachtanais phróitéine na mbó a shásamh ina n-iomláine leis an talamh a shaothraítear laistigh den limistéar geografach, ach mar sin féin, ní mór go dtiocfadh 80 % ar a laghad d’iontógáil bhliantúil an tréada, arna chur in iúl mar ábhar tirim, ón limistéar táirgthe bainne.

Chun a áirithiú go bhfuil nasc dlúth idir an limistéar geografach agus an táirge, ní mór go dtiocfadh na hamhábhair a leanas ón limistéar táirgthe bainne:

fodar: gach foirm idir úr agus leasaithe de phlandaí gránach iomlán, féar, plandaí luibheacha agus léagúim; tuí;

plandaí croisiféaracha (cabáistí, ráib olashíl, tornapaí agus ráib tornapa), agus iad leithdháilte úr;

fréamhacha agus tiúbair;

gráin ghránaigh, lena n-áirítear grán buí agus táirgí a dhíorthaítear as;

síolta ola agus síolta léagúim.

Níor cheart don sciar de bheatha phróitéine bhreise ag a bhfuil méid iomlán ábhair nítriginigh de > 20 % / ábhair thirim iomláin ó lasmuigh den limistéar táirgthe a bheith níos mó ná 1 200 kg d’ábhar tirim in aghaidh na ba déiríochta in aghaidh na bliana féilire.

Tá siad seo a leanas toirmiscthe ó bheatha an tréada:

úiré agus a dhíorthaigh, mar a shainítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 maidir le breiseáin le húsáid i gcothú ainmhithe;

ola phailme, ola piseanna talún, ola lus na gréine, ola rois, ola olóige agus ola cnó cócó a úsáid i bhfoirm ola; ní dhéanann sé sin difear d’ola iarmharach ná d’ola a chuirtear leis le cuidiú leis an bpróiseáil nuair atá dlútháin á dtáirgeadh;

aon chóireáil cheimiceach (go háirithe sóid agus amóinia) ar an mbeatha atá beartaithe don tréad;

beatha a díorthaíodh ó tháirgí géinmhodhnaithe (OGManna).

Is iad einsímí agus ionacláin bhaictéaracha amháin na breiseáin a cheadaítear i bhfodar.

Ní mór don mhéid a leanas a bheith san áireamh, ó thaobh ábhar tirim de, san iontógáil laethúil in aghaidh na bó déiríochta:

2 kg ar a laghad d’fhodar seachas grán buí foráiste;

íosmhéid de 50 % agus 7 kg ar a laghad de ghrán buí (i ngach foirm).

Laghdaíodh an chainníocht de ghrán buí go 1,5 kg le linn na tréimhse innilte.

Má áirítear plandaí croisiféaracha úra (cabáistí, ráib olashíl, tornapaí agus ráib tornapa) san iontógáil laethúil, ní mór dóibh a bheith mar 10 % ar a mhéad den ábhar tirim.

Tá an méid den bheatha bhreise a leanas a thugtar do na hainmhithe teoranta do 1 800 kg d’ábhar tirim in aghaidh na bó déiríochta in aghaidh na bliana féilire:

gráin ghráinigh agus táirgí a dhíorthaítear uathu;

síolta ola agus síolta léagúim agus táirgí a dhíorthaítear astu;

mianraí agus táirgí a dhíorthaítear uathu;

vitimíní;

fotháirgí ó choipeadh miocrorgánach.

Tagann an bainne a úsáidtear chun “Beurre Charentes-Poitou” a dhéanamh ón limistéar geografach sainithe i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Táirgtear an bainne agus déantar an t-im laistigh den limistéar geografach a shainítear i bpointe 4.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Pacáistítear an t-im sa limistéar geografach in aonaid nach nó ná 25 kg.

Cumasaítear leis an bpacáistíocht, go príomha, an t-im a mhúnlú san fhoirm ina ndíoltar é, ach cosnaíonn an phacáistíocht an t-im ar bhuillí freisin a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh dó agus ar bholaithe a d’fhéadfadh a shaintréithe a athrú.

Fuaraítear an t-im ansin le ligean dó criostalú agus lena dhea-bholaithe agus a uigeacht a fhorbairt.

Toirmisctear im amh a reo.

Ní féidir ach im atá pacáistithe cheana féin agus atá beartaithe lena úsáid sa tionscal bia nó a onnmhairiú a reo sa limistéar geografach.

Ní mór an reo a dhéanamh laistigh de 30 lá ón táirgeadh. Reoitear an t-im i ndiaidh an chriostalaithe, dá bhrí sin ag ráthú shaintréithe orgánaileipteacha an ime reoite. Is mar gheall ar an gcéim sin, a bhainistíonn na hoibritheoirí áitiúla go hoilte, gur féidir cáilíochtaí orgánaileipteacha an ime reoite a ráthú agus maoirseacht a dhéanamh ar na dálaí ina reoitear an t-im, ag áirithiú nach bhfuil aon bholadh eile ann mar tá an t-im an-soghabhálach i leith bolaithe.

Coinnítear an t-im reoite ag íosteocht de –18 °C ar feadh tréimhse uasta de 12 mhí.

Má reoitear im atá beartaithe lena onnmhairiú chun é a iompar, ní mór é a leá lena dhíol do thomhaltóirí.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Anuas ar an bhfaisnéis éigeantach a éilítear faoi na rialacha ar lipéadú agus cur i láthair ábhar bia, ní mór ainm cláraithe an táirge agus lógó STFC de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith le feiceáil ar an lipéadú sa réimse amhairc céanna.

Má dhíoltar an t-im faoi lipéad príobháideach, ní mór do chód nó ainm na monarchan táirgthe a bheith le feiceáil go soiléir agus go hinléite ar an bpacáistíocht.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Is leis na ranna, na cantúin agus na bardais a leanas a dhéantar an limistéar geografach le haghaidh STFC “Beurre Charentes-Poitou”:

roinn Charente, ina hiomláine;

roinn Charente-Maritime, ina hiomláine;

roinn Dordogne: na bardais i gcantúin Périgord Vert Nontronnais (seachas bardais Champs-Romain, Milhac-de-Nontron, Saint-Front-la-Rivière, Saint-Pardoux-la-Rivière agus Saint-Saud-Lacoussière) agus Ribérac (seachas bardais Celles, Saint-André-de-Double agus Saint-Vincent-de-Connezac) agus bardais Brantôme en Périgord (bardas tarmligthe Saint-Crépin-de-Richemont amháin), Rudeau-Ladosse, Mareuil en Périgord, Parcoul-Chenaud, La Rochebeaucourt-et-Argentine, La Roche-Chalais, Saint Aulaye-Puymangou, Sainte-Croix-de-Mareuil, Saint-Félix-de-Bourdeilles, Saint Privat en Périgord, Saint-Vincent-Jalmoutiers agus Servanches;

roinn Gironde: na bardais i gcantún Nord-Gironde (seachas bardais Cubzac-les-Ponts, Gauriaguet, Périssac, Peujard, Saint-André-de-Cubzac, Saint-Genès-de-Fronsac, Saint-Gervais, Saint-Laurent-d’Arce, Val de Virvée agus Virsac) agus bardais Anglade, Braud-et-Saint-Louis, Les Eglisottes-et-Chalaures, Etauliers, Eyrans, Lapouyade, Pleine-Selve, Reignac, Saint-Antoine-sur-l’Isle, Saint-Aubin-de-Blaye, Val-de-Livenne, Saint-Christophe-de-Double, Saint-Ciers-d’Abzac, Saint-Ciers-sur-Gironde, Saint-Palais agus Tizac-de-Lapouyade;

roinn Indre: bardais Bélâbre, Chalais, Ciron, Concremiers, Ingrandes, Lignac, Lureuil, Mauvières, Pouligny-Saint-Pierre, Prissac, Saint-Hilaire-sur-Benaize, Tilly agus Tournon-Saint-Martin;

roinn Indre-et-Loire: na bardais i gcantúin Descartes (seachas bardais Betz-le-Château, Bossée, Bournan, La Chapelle-Blanche-Saint-Martin, Charnizay, Ciran, Cussay, Esves-le-Moutier, Ferrière-Larçon, Ligueil, Louans, Le Louroux, Manthelan, Mouzay, Saint-Flovier, Varennes agus Vou) agus Sainte-Maure-de-Touraine (seachas bardais Anché, Assay, Avon-les-Roches, Brizay, Champigny-sur-Veude, Chaveignes, Chezelles, Cravant-les-Côteaux, Crissay-sur-Manse, Crouzilles, L’Ile-Bouchard, Lémeré, Ligré, Panzoult, Parçay-sur-Vienne, Richelieu, Rilly-sur-Vienne, Sazilly, Tavant, Theneuil agus Trogues);

roinn Loire-Atlantique: bardais Boussay, Gétigné, Legé, La Planche, Remouillé, Corcoué-sur-Logne, Saint-Hilaire-de-Clisson agus Vieillevigne;

roinn Maine-et-Loire: na bardais i gcantúin Cholet, Cholet-2 (seachas bardais Cernusson, Montilliers agus Lys-Haut-Layon (bardais tharmligthe La Fosse-de-Tigné, Tancoigné, Tigné agus Trémont amháin)) agus Saint-Macaire-en-Mauges (seachas bardais May-sur-Evre agus Sèvremoine (bardais tharmligthe La Renaudière, Saint-Crespin-sur-Moine, Saint-Germain-sur-Moine, Saint-Macaire-en-Mauges agus Tillières amháin)) agus bardais Antoigné, (Le) Puy-Notre-Dame agus Saint-Macaire-du-Bois;

roinn Deux-Sèvres, ina hiomláine;

roinn Vendée, ina hiomláine;

roinn Vienne, ina hiomláine;

roinn Haute-Vienne: na bardais i gcantúin Châteauponsac (seachas bardais Balledent, Châteauponsac, Dompierre-les-Eglises, Droux, Magnac-Laval, Rancon, Saint-Amand-Magnazeix, Saint-Hilaire-la-Treille, Saint-Léger-Magnazeix, Saint-Sornin-Leulac agus Villefavard), Saint-Junien agus Val-d’Oire-et-Gartempe agus bardais La Chapelle-Montbrandeix, Chéronnac, Dournazac, Gajoubert, Maisonnais-sur-Tardoire, Marval, Val d’Issoire, Montrol-Sénard, Mortemart, Nouic, Pensol, Rochechouart, Saint-Martial-sur-Isop, Saint-Mathieu, Les Salles-Lavauguyon, Vayres agus Videix.

Coimeádtar an sonrúchán tionscnaimh “Beurre Charentes-Poitou” le haghaidh im a tháirgtear, a phacáistítear agus, i gcás inarb infheidhme, a reoitear i monarchana i ranna Charente, Charente Maritime, Deux-Sèvres, Vendée agus Vienne.

Féadfar an sonrúchán tionscnaimh sin a ionadú le “Beurre des Charentes” le haghaidh im a tháirgtear, a phacáistítear agus, i gcás inarb infheidhme, a reoitear i ranna Charente nó Charente-Maritime, nó a ionadú le “Beurre des Deux-Sèvres” le haghaidh im a tháirgtear, a phacáistítear agus, i gcás inarb infheidhme, a reoitear i roinn Deux-Sèvres.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá uigeacht ag “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” atá daingean agus somhúnlaithe ag an am céanna, déanann an tsaintréith sin an t-im éagsúil ó imeanna eile atá ar an margadh agus bhí an-mheas agus an-tóir ag báicéirí gairmiúla agus cócairí taosráin air chun taos lannaithe a dhéanamh.

Tá uigeacht dhaingean agus shomhúnlaithe an ime agus, níos sonraí, a mhéid saille, nasctha go dlúth le haiste bia na mbó déiríochta ar mór an cion gráin atá inti. Bíonn an aimsir sa limistéar te agus tirim le linn an tsamhraidh, agus bíonn táirgeadh déiríochta ag brath a bheag nó a mhór ar bharra gránaigh agus fodair a shaothrú chun an tréad a bheathú. Comhfhreagraíonn an limistéar geografach do réigiún a bhí mar réigiún iompair agus aistrithe go stairiúil, agus é lonnaithe idir imchuach Páras agus imchuach Acatáine ar thaobh amháin agus Massif Central agus Massif Armoricain ar an taobh eile. Is minic a dhéanann tíreolaithe cur síos air mar thairseach thopagrafach, gheolaíoch agus aeráide. Is beag an rilíf atá le fáil ann. Is iad machairí móra, ardchláir ísle dhroimneacha, loig agus gleannta atá leathan go ginearálta le fánaí réidhe orthu atá líonta le sil-leagan glárach, atá le fáil go príomha sa tírdhreach.

Aistríonn an aeráid aigéanach ag an gcósta go tapa chuig aeráid aigéanach leasaithe istigh faoin tír, agus bíonn baol ann go mbeidh triomach leanúnach ann i gcaitheamh na míonna samhraidh.

Sa réigiún seo, a d’iompaigh chuig feirmeoireacht meascáin barr agus beostoc nuair a scrios géarchéim Phylloxera na fíonghoirt ag deireadh an 19ú haois, tá an aeráid oiriúnach chun grán buí a fhás, barr atá ar cheann de na barra is sine sa Fhrainc. Fástar grán buí mar fhodar agus tá sé mar phríomhbhia in aiste réime na mbó anois. Sa lá atá inniu ann, amhail san am atá thart, coimeádtar na hainmhithe faoi fhaireachas an-ghar; caitheann siad an chuid is mó dá gcuid ama sa bhóitheach agus beathaítear iad ann.

Le cruthú na chéad uachtarlainne comharchumainn gar do Surgères (Charente-Maritime) in 1888 tháinig tús le speisialtóireacht an réigiúin in im a dhéanamh, ag cur luach leis an mbainne a táirgeadh sa cheantar. An tráth sin, ní dhéantaí ach im amh. Ar son cúiseanna sláinteachais, scaip cleachtais an phaistéartha go tapa ar fud an tionscail déiríochta ag tús an 20ú haois, agus d’úsáidtí é chun gach táirge a tháirgeadh, agus im go háirithe. Ag feabhsú cháilíochtaí fanta an ime, leis an bpaistéaradh bhí daoine in ann é a leithdháileadh go forleathan agus cáil a fháil lasmuigh dá áit tionscnaimh. Mar sin féin, leantar d’im amh a tháirgeadh sa lá atá inniu ann.

Inniu, díríonn scileann na ndéantóirí ime ar aibiú bitheolaíoch an uachtair. Cruthaíonn an chéim sin idirdhealú idir é agus im a tháirgtear go tionsclaíoch agus tá sé ríthábhachtach dá cháilíocht chumhra. Baineann saineolas na ndéantóirí ime go príomha le saothráin a roghnú atá an-oiriúnach do chomhdhéanamh saille an bhainne a tháirgtear go háitiúil. Le déanaí, leis an bhforbairt a bhaineann le criostalú rialaithe le haghaidh ime atá beartaithe lena úsáid chun taos a dhéanamh, go háirithe, is féidir plaisteacht nádúrtha an ime a fheabhsú.

Díoladh an t-im ar bhonn tráchtála faoin ainm “Beurre Charentes-Poitou” i dtosach, ach de réir mar a d’éirigh an earnáil níos struchtúrtha agus mar a chruthaigh na ceardchumainn grúpaí, díoladh é faoi na hainmneacha “Beurre des Charentes” agus “Beurre des Deux-Sèvres” freisin.

Is saintréith shonrach é an chomhsheasmhacht datha, uigeachta agus bolaidh a bhaineann le “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres”. Tá dath aonfhoirmeach ó bhánbhuí go buí éadrom air agus leánn sé sa bhéal. Tá a uigeacht daingean agus somhúnlaithe ag an am céanna, rud a dhéanann é difriúil le himeanna eile atá ar an margadh.

Seasann “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” amach mar gheall ar na saintréithe bolaidh a bhaineann leis freisin, go háirithe an blas de chnónna coill agus crème fraîche atá air.

Spreagann an bheatha a thugtar do na ba déiríochta táirgeadh bainne atá lán le saill agus dá bhrí sin tá sé an-oiriúnach chun im a dhéanamh de. Tá grán buí, barr atá mar chuid d’aiste bia na mbó ar feadh na bliana agus a n-itheann siad go leor de, ar cheann de na príomhrudaí a chinntíonn saintréithe an bhainne. Tá uigeacht dhaingean agus shomhúnlaithe an ime nasctha go dlúth leis an aiste bia sin. Bíonn bainne ag a bhfuil méid chomhsheasmhach saille agus leibhéil arda aigéad sailleach sáithithe go nádúrtha, rud atá go maith don intuargainteacht, mar thoradh ar an ngrán buí in aiste bia na mbó.

Thairis sin, fágann an córas ina rialaítear aiste bia na mbó go bhfuil an aiste bia sin comhsheasmhach i gcaitheamh na bliana gan beann ar an áit a bhfuil an fheirm lonnaithe laistigh den limistéar geografach. Léirítear an chobhsaíocht sin san aiste bia i gcomhsheasmhacht shaintréithe “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres”, cáilíocht a bhfuil an-mheas agus an-tóir ag úsáideoirí an táirge uirthi, go háirithe báicéirí agus cócairí taosráin. Is rogha é criostalú rialaithe le haghaidh níos mó éascaíochta nuair atá “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” á úsáid chun taos agus cístí lannaithe a dhéanamh.

Léirítear i gcomhdhéanamh an ime go bhfuil neart leachtón ann, móilíní cumhra a bhaineann le blasanna torthaíocha. Tá an saibhreas cumhra sin mar thoradh ar aibiú bitheolaíoch fada an uachtair, céim atá ríthábhachtach le haghaidh cháilíocht chumhra an ime, agus a dhéanann “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” difriúil le himeanna a tháirgtear go tionsclaíoch. Tugann an raon leathan comhdhúile a fhorbraítear le linn an aibithe cumhracht shonrach de dhea-bholaithe chomh maith le blas de chnónna coill agus crème fraîche do “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres”.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-5fce1a8c-5cdc-49ec-829a-1713050d597f


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.