ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 154 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
Clár |
Leathanach |
|
|
II Faisnéis |
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 154/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10602 – SWISS LIFE INTERNATIONAL HOLDING / ELIPS LIFE) ( 1 ) |
|
2022/C 154/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10582 – GAMALIFE / GOING CONCERN OF ZURICH INVESTMENTS LIFE SPA) ( 1 ) |
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 154/03 |
||
2022/C 154/04 |
Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh |
|
|
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí |
|
2022/C 154/05 |
||
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
2022/C 154/06 |
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 154/07 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10691 — CDP GROUP / FOMAS GROUP / PUNCH GROUP / JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 154/08 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
8.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 154/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10602 – SWISS LIFE INTERNATIONAL HOLDING / ELIPS LIFE)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 154/01)
An 1 Aibreán 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10602. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
8.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 154/2 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10582 – GAMALIFE / GOING CONCERN OF ZURICH INVESTMENTS LIFE SPA)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 154/02)
An 24 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10582. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
8.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 154/3 |
Rátaí malairte an euro (1)
7 Aibreán 2022
(2022/C 154/03)
1 euro =
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0916 |
JPY |
yen na Seapáine |
135,32 |
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4378 |
GBP |
punt steirling |
0,83450 |
SEK |
krona na Sualainne |
10,3130 |
CHF |
franc na hEilvéise |
1,0185 |
ISK |
króna na hÍoslainne |
141,00 |
NOK |
krone na hIorua |
9,5595 |
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,512 |
HUF |
forint na hUngáire |
379,26 |
PLN |
zloty na Polainne |
4,6370 |
RON |
leu na Rómáine |
4,9419 |
TRY |
lira na Tuirce |
16,0929 |
AUD |
dollar na hAstráile |
1,4578 |
CAD |
dollar Cheanada |
1,3704 |
HKD |
dollar Hong Cong |
8,5554 |
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,5816 |
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4848 |
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 330,92 |
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
16,0520 |
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
6,9448 |
HRK |
kuna na Cróite |
7,5562 |
IDR |
rupiah na hIndinéise |
15 692,35 |
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,6046 |
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
56,114 |
RUB |
rúbal na Rúise |
|
THB |
baht na Téalainne |
36,541 |
BRL |
real na Brasaíle |
5,1460 |
MXN |
peso Mheicsiceo |
21,9806 |
INR |
rúipí na hIndia |
82,9510 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
8.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 154/4 |
Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh
(2022/C 154/04)
De bhun Airteagal 9(1), pointe (a), de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), leasaítear leis seo na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:
Ar leathanach 402:
Cuirtear an téacs seo a leanas isteach sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 9403 i ndiaidh an fhrása “Ní áirítear faoin gceannteideal seo ‘taispeáintí faisnéise’ amhail ‘cláir fógraíochta sráide’ agus ‘meirgí inchorntha’.”:
“Deartar taispeáintí faisnéise ar dhóigh a fhágann go bhfuil sé éasca iad a chur ina seasamh, a bhaint anuas (a fhilleadh suas/a chornadh suas) agus a iompar/aistriú go dtí an áit a mbíonn siad ag teastáil. Deartar iad le haghaidh a n-úsáidte faoi dhíon nó faoin aer nó sa dá áit. Is é is cuspóir dóibh faisnéis a sholáthar agus/nó fógraíocht a dhéanamh.
Dá thoradh sin, níl saintréithe an troscáin acu de réir an NMCC a ghabhann le Caibidil 94, Ginearálta, an dara fomhír, (A), a dhéanfadh oiriúnach iad le haghaidh feistiú tithe cónaithe, óstán, amharclann, oifigí, scoileanna, ... nó long, leantóirí carbháin etc..”
Ar leathanach 404:
Scriostar an tábla sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 9403 atá i ndiaidh an fhrása “Samplaí de ‘thaispeáintí faisnéise’ atá le haicmiú de réir a gcomhábhair, faoi cheannteideal lena gcumhdaítear earraí éagsúla den ábhar sin” agus cuirtear an tábla seo a leanas ina ionad:
“
|
|
Bonn déanta de phlaisteach crua, barr déanta de fhráma alúmanaim a bhfuil leathán plaisteach ina lár atá clúdaithe le duillinní trédhearcacha PVC ar an dá thaobh. |
Bonn agus fráma déanta d’alúmanam ar a bhfuil feisteáin rubair agus duillinní PVC atá ag clúdach leathanach páipéir. |
Ceannteideal 7616 (is é an fráma alúmanaim is saintréith don earra). |
Ceannteideal 7616 (is é an fráma alúmanaim is saintréith don earra). |
|
|
Pláta plaisteach lárnach atá ceangailte de chúig shlat (barraí) phlaisteacha atá beagnach ar comhfhad, ar féidir gach ceann acu a chlaonadh i dtreonna éagsúla. Tá crúca plaisteach ar cheann na slaite ar cheithre cinn de na slata agus caipín plaisteach feistithe ar an gcúigiú slat. |
Fráma ar chruth scéithe cuaire cuasaí atá déanta d’fheadáin alúmanaim agus de chosa cruach a shuitear ar an talamh (faoi thuairim 2 m ar airde agus 2 m ar fad). Tá an fráma deartha ar dhóigh gur féidir fabraic theicstíle a cheangal de. Ní bhíonn an fhabraic theicstíle ina chuid de tráth an allmhairithe. Tá an táirge deartha ar dhóigh gur féidir é a dhíchóimeáil agus a iompar i mála. |
Ceannteideal 3926 (is de phlaisteach, agus de sin amháin, atá an t-earra déanta) |
Ceannteideal 7616 (is é an fráma alúmanaim is saintréith don earra). |
|
|
Fráma cairdíneach inleacaithe déanta de tháirmhiotal (alúmanam ar a bhfuil feistis phlaisteacha) a shuitear ar an talamh (faoi thuairim 2 m ar airde). É deartha chun fabraic chlóite (nach mbíonn ina cuid den earra tráth an allmhairithe) a choinneáil trí bhíthin maighnéad. Tá an táirge deartha ar dhóigh gur féidir é a dhíchóimeáil agus a iompar i gcás taistil ar rothaí. |
Fráma déanta d’alúmanam a shuitear ar an talamh (faoi thuairim 2 m ar airde). Tá an fráma deartha ar dhóigh gur féidir fabraic theicstíle a cheangal de le maighnéid. An fhabraic theicstíle atá le feiceáil san íomhá den táirge chóimeáilte, ní bhíonn sí ina cuid den earra tráth an allmhairithe. Tá an táirge deartha ar dhóigh gur féidir é a dhíchóimeáil agus a iompar i mála. |
Ceannteideal 7616 (is é an fráma alúmanaim is saintréith don earra). |
Ceannteideal 7616 (is é an fráma alúmanaim is saintréith don earra). |
”
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
8.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 154/7 |
Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an Togra le haghaidh Treoir maidir le malartú faisnéise idir údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát
(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin an MECS www.edps.europa.eu)
(2022/C 154/05)
An 8 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát. Tá an Togra mar chuid de phacáiste reachtach níos mó, dá ngairtear “Cód an Aontais Eorpaigh um Chomhar Póilíneachta”, ina gcuimsítear freisin Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhair phóilíneachta (“Prüm II”), lena leasaítear Chinneadh 2008/615/JHA agus 2008/616/JHA (na “Cinntí Prüm”) agus Rialacháin (AE) 2018/1726, 2019/817 agus 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (faoi réir tuairime ar leithligh ón MECS), agus Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta.
Tá sé mar aidhm ag an Togra rochtain chomhionann a éascú d’údaráis forfheidhmithe dlí ar fhaisnéis atá i seilbh i mBallstát eile, agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais maidir le cosaint sonraí; chomh maith lena chinntiú go mbeidh Pointe Teagmhála Aonair a fheidhmíonn go héifeachtach ag na Ballstáit uile agus go leigheasfar an t-iomadú bealaí cumarsáide a úsáidtear chun faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit maidir le forfheidhmiú an dlí, agus ról Europol mar mhol faisnéise coiriúla an Aontais Eorpaigh á neartú ag an am céanna.
Cé go dtuigeann an MECS an gá atá leis na húdaráis forfheidhmithe dlí leas a bhaint as na huirlisí dlíthiúla agus teicniúla is fearr is féidir chun faisnéis a mhalartú chun críocha cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, measann sé gur gá gnéithe áirithe den Togra a leasú d’fhonn comhlíonadh na gceanglas um chosaint sonraí a áirithiú.
Ar an gcéad dul síos, ba cheart go saineofaí go soiléir sa Togra raon feidhme pearsanta an mhalartaithe faisnéise, agus in aon chás, teorainn a chur leis na catagóirí sonraí pearsanta a fhéadfar a mhalartú faoi fhinnéithe agus faoi íospartaigh, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí 680/2016 agus ar an gcaoi chéanna leis an gcur chuige a ghlactar le hIarscríbhinn II de Rialachán Europol.
Measann an MECS freisin, i gcomhréir leis an bprionsabal um theorannú stórála, gur cheart a leagan síos go sainráite sa Treoir amach anseo nár cheart na sonraí pearsanta i gcórais chásbhainistíochta na bPointí Aonair Teagmhála a stóráil ach ar feadh tréimhsí an-ghearra ar cheart dóibh a chomhfhreagairt go ginearálta do na teorainneacha ama maidir le faisnéis a sholáthar a shonraítear in Airteagal 5 den Togra.
Ar deireadh, tá an MECS den tuairim gur cheart go gceanglófaí ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás cibé ar cheart nó nár cheart do Europol cóip den fhaisnéis arna malartú a fháil, agus cén cuspóir atá léi. Ba cheart go gceanglófaí go sainráite leis an Togra freisin go gcuirfí an chríoch seo, mar aon le haon srian de bhun Airteagal 19 de Rialachán Europol, in iúl do Europol.
Sa Tuairim, déantar anailís freisin agus cuirtear moltaí ar fáil maidir le roinnt saincheisteanna sonracha eile, amhail an gaol atá ag an Treoir Bheartaithe leis an gcreat dlíthiúil um chosaint sonraí atá ann cheana agus úsáid SIENA mar an príomhbhealach cumarsáide idir na Ballstáit.
1. RÉAMHRÁ AGUS CÚLRA
1. |
An 8 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí sna Ballstáit, lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle (an “Togra”) (1). |
2. |
Tá an Togra mar chuid de phacáiste reachtach níos mó, dá ngairtear “Cód an Aontais Eorpaigh um Chomhar Póilíneachta”, ina gcuimsítear freisin:
|
3. |
Is é cuspóir Chód an Aontais Eorpaigh um Chomhar Póilíneachta comhar um fhorfheidhmiú dlí idir gníomhaireachtaí náisiúnta ábhartha a chuíchóiriú, a fheabhsú, a fhorbairt, a nuachóiriú agus a éascú (4). I dtaca leis sin, tá sé d’aidhm ag an Togra le haghaidh Treoir rochtain chomhionann a áirithiú d’údaráis forfheidhmithe dlí d’aon Bhallstát ar fhaisnéis atá ar fáil i mBallstáit eile chun cionta coiriúla a chosc agus a bhrath, imscrúduithe coiriúla nó oibríochtaí coiriúla a sheoladh, agus ar an mbealach sin rialacha ar an leibhéal náisiúnta a shárú, ar rialacha iad a chuireann bac ar shreabhadh éifeachtach agus éifeachtúil faisnéise (5). Féachtar leis an Togra, dá bhrí sin, le creat dlíthiúil a bhunú lena n-áiritheofar cóineasú cleachtais náisiúnta agus lena gceadaítear faireachán agus forfheidhmiú níos fearr ar rialacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, féachann an Togra le neaschaighdeáin a áirithiú lena n-áiritheofar feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil na bPointí Aonair Teagmhála (“SPOCanna”). Cumhdaítear leis na híoscheanglais choiteanna sin comhdhéanamh, struchtúir, freagrachtaí, foireann agus cumais theicniúla. |
4. |
Tá an Togra, agus go ginearálta Cód an Aontais Eorpaigh um Chomhar Póilíneachta, nasctha le spriocanna beartais roinnt doiciméad straitéiseach AE i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile, go háirithe Straitéis Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh (6), Straitéis an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic le Coireacht Eagraithe 2021-2025 (7) agus Straitéis 2021 i dtreo limistéir Schengen atá lánfheidhmiúil agus athléimneach (8). Thairis sin, ba cheart na Tograí lena mbunaítear an Cód um Chomhar Póilíneachta a mheas i bhfianaise an athchóirithe ar Europol atá ar siúl agus ról méadaitheach na Gníomhaireachta mar chroílár faisnéise coiriúla de chuid an Aontais, atá ag bailiú agus ag próiseáil méideanna sonraí atá ag síormhéadú (9). |
5. |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an MECS faoin Togra le haghaidh Treoir maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí an 7 Eanáir 2022, de bhun Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725. Tá na tuairimí agus na moltaí sa Tuairim seo teoranta do na forálacha sa Togra is ábhartha ó thaobh chosaint sonraí de. |
4. CONCLÚIDÍ
33. |
I bhfianaise na méide thuasluaite, déanann an MECS na príomh-mholtaí seo a leanas:
|
An Bhruiséil, 7 Márta 2022
Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI
(1) COM(2021) 782 final.
(2) COM(2021) 784 final.
(3) COM(2021) 780 final.
(4) Meabhrán míniúcháin, lch. 2.
(5) Meabhrán míniúcháin, lch. 3.
(6) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh, COM/2020/605 final.
(7) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic le Coireacht Eagraithe 2021-2025, COM/2021/170 final
(8) Teachtaireacht ón gCoimisiún “Straitéis i dtreo limistéir Schengen atá lánfheidhmiúil agus athléimneach”, COM/2021/277 final.
(9) Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach Tuairim an MECS 4/2021, https://edps.europa.eu/system/files/2021-03/21-03-08_opinion_europol_reform_en.pdf
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
8.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 154/10 |
Liosta na mBallstát agus a n-údarás inniúil maidir le hAirteagal 15(2), Airteagal 17(8) agus Airteagal 21(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle; Liosta na n-údarás inniúil i dTuaisceart Éireann maidir le hAirteagal 17(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.
(2022/C 154/06)
Tá foilsiú an liosta seo i gcomhréir le hAirteagal 22(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 (1). Tugadh fógra do na húdaráis inniúla i gcomhréir leis na hairteagail seo a leanas den Rialachán sin:
a) |
Airteagal 15(1): Beidh onnmhairiú gabhálacha ó shoithí iascaigh a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu faoi réir bailíochtú deimhnithe gabhála ag údaráis inniúla an Bhallstáit brataí, mar a bhunaítear in Airteagal 12(4), más gá sin faoi chuimsiú an chomhair a leagtar síos in Airteagal 20(4). Airteagal 15(2): Tabharfaidh na Ballstáit bhrataí fógra don Choimisiún maidir lena n-údaráis inniúla chun na deimhnithe gabhála dá dtagraítear i mír 1 a bhailíochtú. |
b) |
Airteagal 17(8): Na húdaráis inniúla de chuid na mBallstát a dhéanfaidh na deimhnithe gabhála a sheiceáil agus a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le míreanna (1) go (6) den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún iad. |
c) |
Airteagal 21(3): Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla dá gcuid a dhéanfaidh bailíochtú agus deimhniú ar an mír “ath-onnmhairiú” na ndeimhnithe gabhála i gcomhréir leis an nós imeachta a shainítear in Airteagal 15.
|
Liosta na n-údarás inniúil i dTuaisceart Éireann maidir le hAirteagal 17(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach |
Na húdaráis inniúla le haghaidh na seiceálacha agus na fíoruithe a dhéanfar ar na deimhnithe gabhála i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le míreanna (1) go (6) d’Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle |
Tuaisceart Éireann |
An Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe Údaráis na Ríochta Aontaithe um Shláinte na gCalafort: Béal Feirste, an Pointe, Latharna agus Faill |
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
8.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 154/17 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10691 — CDP GROUP / FOMAS GROUP / PUNCH GROUP / JV)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 154/07)
1.
An 4 Aibreán 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
CDP Venture Capital SGR S.p.A. (“CDP VC”, an Iodáil), atá faoi rialú deiridh Cassa Depositi e Prestiti S.p.A. (an Iodáil), |
— |
MIMETE S.r.l. (“MIMETE”, an Iodáil), atá faoi rialú deiridh FOMAS HOP S.p.A. (an Iodáil), |
— |
PUNCH Torino S.p.A. (“PUNCH”, an Iodáil), ar cuid de PUNCH Group é, atá faoi rialú deiridh beirt daoine nádúrtha, |
— |
Cuideachta nuachruthaithe (“NewCo”, an Iodáil) |
Gheobhaidh CDP VC, MIMETE agus PUNCH comhrialú ar NewCo de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann agus an chomhfhiontair nuabhunaithe:
— |
Déanann CDP VC cistí infheistíochta a chur chun cinn agus a bhainistiú chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta, |
— |
Is soláthróir púdar miotail le haghaidh monarú suimitheach é MIMETE, |
— |
Soláthraíonn PUNCH seirbhísí comhairleoireachta innealtóireachta maidir le teicneolaíochtaí, córais agus próisis a fhorbairt, a mhonarú agus a chomhtháthú chun réitigh lándéanta a chur i gcrích, |
— |
Oibreoidh NewCo in earnáil an mhonaraithe shuimithigh/in earnáil phriontáil 3D. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10691– CDP GROUP / FOMAS GROUP / PUNCH GROUP / JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
8.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 154/19 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair
(2022/C 154/08)
Bronnann an foilseachán seo an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
“Hrušovský lepník”
AE Uimh.: PGI-SK-02474 – 8.6.2018
STFC ( ) TGFC (x)
1. Ainm(neacha) [STFC nó TGFC]
“Hrušovský lepník”
2. Ballstát nó Tríú Tír
An tSlóvaic
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia
3.1. Cineál táirge
Aicme 2.3. Arán, císte milis, cácaí, milseoga, brioscaí agus earraí eile báicéireachta
3.2. Tuairisc ar an táirge a bhfuil an t-ainm in (1) ag tagairt dó
Is pióg í Hrušovský lepník atá cruinn nó fillte ina dhá leath, 25-35 cm ar trastomhas. Tá sí déanta as taos géar aráin agus prátaí agus líonadh inti nó barrán uirthi, í bácáilte in oigheann cloiche.
Cineálacha Hrušovský lepník:
Hrušovský lepník saillte smeartha le him leáite, ola phlandúil nó saill ainmhíoch ina bhfuil líonadh gairleoige.
Hrušovský lepník milis smeartha le him leáite, ola phlandúil nó saill ainmhíoch ina bhfuil líonadh suibhe (plumaí nó silíní).
Hrušovský lepník ina bhfuil líonadh sauerkraut agus im leáite, ola phlandúil nó saill ainmhíoch smeartha ar a bharr.
Hrušovský lepník ar a bhfuil barrán, agus im leáite, ola plandúil nó saill ainmhíoch smeartha ar a bharr agus barrán grutha agus prátaí breac le cainéal meilte agus siúcra, siúcra fanaile, siúcra fanailine nó siúcra cainéil air.
Saintréithe:
Dealramh: Pióg chruinn 25-35 cm ar trastomhas, nó fillte ina dhá leath
Dath: |
bácáilte go hórga |
Dea-bholadh: |
dea-bholadh éadrom taois ghéir, adhmaid agus luatha, é blúire beag toiteach |
Blas: |
meascán tréan ach éadrom san am céanna de na comhábhair aonair, toisc iad a bheith bácáilte san oigheann, agus blas saintréitheach an líonta nó an bharráin |
Raimhre: |
taos dlúth bog mín atá ann, agus uigeacht fhíneálta ann, é tais, gan a bheith tur |
Meáchan an taois neamhchócaráilte: 350 – 450 g
Tiús an taois tar éis bácála: 0,5 cm ar a laghad
Úsáidtear na comhábhair seo a leanas chun an taos géar aráin agus prátaí a dhéanamh:
Plúr cruithneachta, seagail nó speilte, prátaí bruite, salann, oibreán ardaithe. Úsáidtear tuairim is 100 g prátaí bruite brúite in aghaidh 1 kg plúr.
Oibreán ardaithe: giosta aráin, uisce patuar, bainne, siúcra gránaithe.
Úsáidtear na comhábhair seo a leanas chun an líonadh agus an barrán a dhéanamh:
im, ola phlandúil nó saill ainmhíoch (muiceola, lachan, gé), gairleog, subh (plumaí, silíní), sauerkraut, oinniún, piobar dubh meilte, salann, geirdheascadh muiceola nó saill droma mhuiceola rósta dheataithe, prátaí bruite brúite, gruth, uibheacha, cainéal meilte, siúcra gránaithe, siúcra fanaile nó siúcra fanailine nó siúcra cainéil.
Cineálacha líonta agus barráin:
Líonadh/an barrán gairleoige: gairleog brúite, salann, uisce
Líonadh/an barrán suibhe: subh (plumaí, silíní)
Líonadh/an barrán grutha agus prátaí: gruth, prátaí bruite brúite, uibheacha, siúcra gránaithe, agus cainéal meilte le siúcra gránaithe, siúcra cainéil, siúcra fanaile nó siúcra fanailine, le croitheadh air. Is é an cóimheas idir gruth agus prátaí 1:2. Is é meáchan amh an líonta/an bharráin 30 %-45 % de mheáchan an taois, rud a fhágann go gcuireann meáchan an líonta/an bharráin le meáchan an táirge.
Barrán/líonadh cabáiste: ola phlandúil nó saill ainmhíoch, oinniún, siúcra gránaithe, sauerkraut, salann, piobar dubh meilte, geirdheascadh muiceola nó saill droma muiceola, í deataithe rósta. Is é meáchan amh an líonta/bharráin 15 %-25 % de mheáchan an taois, rud a fhágann go gcuireann meáchan an líonta/bharráin le meáchan an táirge.
Úsáidtear an méid seo a leanas chun gach lepník a smearadh díreach tar éisbácála: im leáite nó ola phlandúil, nó saill ainmhíoch.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
Níl aon srianta ar bhunús na n-amhábhar.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainaitheanta
Tarlaíonn an próiseas táirgthe sna céimeanna seo a leanas:
— |
ullmhú an taois de láimh, |
— |
ullmhú an líonta/an bharráin de láimh, |
— |
bácáil in oigheann cloiche déanta as cloch chairéalaithe, |
— |
smearadh le him leáite nó le hola phlandúil, nó le saill ainmhíoch, |
— |
smearadh an bharráin ar bharr na pióige ina dhiaidh sin. |
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
–
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
–
4. Sainmhíniú gonta ar an limistéar geografach
Is é an limistéar geografach Bardasacht Hrušov. Tá sráidbhaile Hrušov i réigiún Banská Bystrica ar imeall ard theas ardchlár Krupinská Planina in aice leis na bailte Veľký Krtíš, Krupina agus Šahy, áit a dtugtaí Contae Hont uirthi tráth dá raibh.
5. Baint leis an limistéar geografach
Tá an nasc cúisíoch bunaithe ar shaineolas na dtáirgeoirí ón gceantar geografach, agus ar cháil agus ar thraidisiúin an Hrušovský lepník.
Is iad na lonnaíochtaí feirme atá scaipthe go tearc saintréithe an limistéir gheografaigh shainithe. Chuir nádúr scoite an cheantair agus iargúltacht na sráidbhailte agus na bhfeirmeacha iallach ar mhuintir na háite a bheith neamhthuilleamaíoch. Rinne daoine iad féin gach rud a theastaigh uathu as ábhair nádúrtha. Thóg siad oighinn chloiche ón gcloch chairéalaithe, ina ndóidís adhmad a d’aimsídís ina dtimpeallacht (crann lócaiste, feá, dair, crann sleamhain). Rinne siad uirlisí le haghaidh a gcuid riachtanas bunúsach as na hábhair a bhí ar fáil, spadail adhmaid mar shampla chun an taos a chur san oigheann, sciatháin gé nó lachan chun an luaithreach a scuabadh, uirlis ar a dtugtar “ohrablo” (an t-ainm traidisiúnta ar chineál sluaiste a úsáidtear chun smóil a bhogadh thart san oigheann) chun teocht an oighinn a sheiceáil (nuair a chaitheann an ohrablo drithlí, tá an t-oigheann ar an teocht cheart) agus chun na haibhleoga a bhogadh i leataobh, agus scuab (crotal arbhair agus é ceangailte le sreang as maide níos faide) chun an oigheann a ghlanadh.
Is de láimh amháin a ullmhaítear an taos agus an líonadh/an barrán chun Hrušovský lepník a dhéanamh. Rolltar an taos amach i gcruth cruinn chun go mbeidh sé dlúth tanaí mín tar éis bácála, agus struchtúr fíneálta ann. Braitheann méid na pióige ar mhéid an spadail, a n-úsáidtear iomlán a dhromchla.
Fuarthas na hamhábhair chun lepník a dhéanamh go háitiúil ar dtús, mar thoradh ar iargúltacht na sráidbhailte agus na n-áitreabh feirme. Ar na saolta seo tá an-bhéim ar an taos agus an líonadh/an barrán a bheith déanta de láimh agus ar an táirge a bheith bácáilte in oigheann cloiche.
Bácáiltear Hrušovský lepník in oigheann cloiche ag teocht os cionn 300°C. Téitear an t-oigheann le crua-adhmad (crann lócaiste, feá, dair, crann sleamhain). Tá an teocht cheart sroichte san oigheann má ghineann an chloch spréacha nuair a rácáiltear í. Nuair atá an t-adhmad dóite, coiglítear na sméaróidí go cúl an oighinn agus glantar an luaithreach sa chuid eile den oigheann le scuab fhliuch. Bácáiltear pióga aonair Hrušovský lepník taobh le taobh agus bogtar thart le ráca iad ionas go gcócarálann siad mar is ceart ar gach taobh. Bácáiltear Hrušovský lepník gan barrán gan líonadh san oigheann ar feadh tuairim is 5 nóiméad, agus ar feadh tuairim is 7-10 nóiméad má tá barrán air nó líonadh ann.
Ós rud é go ndéantar an taos agus an líonadh/an barrán de láimh agus go mbácáiltear in oigheann cloiche ag teocht ard iad, ní thriomaíonn an taos amach – fanann sé bog mín tais, agus dea-bholadh éadrom taois ghéir, adhmaid agus luatha as, a chumascann le chéile le linn bácála. Comhlánaítear blas sainiúil an táirge leis an líonadh/mbarrán, atá milis nó saillte.
Forbraíodh scileanna na ndaoine ón limistéar geografach sainithe a tháirgeann “Hrušovský lepník” ar bhonn an eolais agus na taithí a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin, rud a léirítear i gcáilíocht an táirge deiridh. Ullmhú an oibreáin ardaithe, an taois, an líonta agus an bharráin agus an t-am a thógann sé an t-oigheann cloiche a théamh go dtí an teocht cheart, chomh maith le húsáid uirlisí traidisiúnta mar sciatháin gé nó lachan, ráca agus scuab, cuireann siad sin go léir leis an dea-bholadh agus leis an mblas is dual do Hrušovský lepník.
Tá an-tóir agus an-lorg ar an táirge i ngeall ar a chuid cáilíochtaí eisceachtúla de bharr a bheith ullmhaithe de láimh agus an bealach a mbácáiltear é. Tugann eagraithe imeachtaí agus taispeántais bia cuireadh do na táirgeoirí chun ullmhúchán barántúil thaos, líonadh agus bharrán an táirge agus an caoi ina bhácáiltear é a léiriúle linn a gcuid imeachtaí. Déantar Hrušovský lepník a ullmhú agus a tháirgeadh sa limistéar geografach sainithe ina bhfuil a chuid fréamhacha.
Léiriú ar cháil agus ar thraidisiún 300 bliain Hrušovský lepník is ea an deimhniú a bronnadh air in 2014 chun an lipéad “táirge réigiúnach HONT” a úsáid, mar tháirge réigiúnach uathúil a dhéantar le modhanna traidisiúnta, a lán díobh de láimh.
Bíonn Hrušov ina óstach tráthrialta don fhéile tíre “Hontianska paráda” ón bhliain 1996. Is ceiliúradh í an fhéile ar mhodhanna feirmeoireachta atá dearmadta le fada, ar bhácáil aráin agus ar Hrušovský lepník https://sk.m.wikipedia.org/wiki/Hontianska_par %C3% A1da.
Tá tagairtí do cháil an táirge le fáil ar chláir theilifíse freisin, mar shampla “Nebíčko v papuľke” (Neamh i do bhéal) agus “Slovensko v obrazoch” (Pictiúirí den tSlóvaic).
Luadh ceardaíocht thraidisiúnta Shlóvacach in eagrán den nuachtán Živnostenské noviny ón mbliain 2015. Dúradh go bhféadfadh cuairteoirí Hrušovský lepník a bhlaiseadh le linn léiriúcháin ar na ceirdeanna sin, mar shampla ag an imeacht “Dni majstrov ÚĽUV 2015” (Laethanta na gCeardaithe ÚĽUV [Lárionad Táirgthe Ealaín na nDaoine] 2015).
Ullmhaítear Hrušovský lepník de réir oidis stairiúla ón limistéar geografach sainithe. Bhí daoine in ann a slí beatha faoi leith a chaomhnú trí cur fúthú sna ceantair iargúlta seo. Deir an tOllamh J. Botík an méid seo a leanas san fhoilseachán HONT Tradície ľudovej kultúry [Traidisiúin chultúr na ndaoine in HONT]: “An chéad lá riamh d’fhuintí an taos gan coipeadh agus bhácáiltí in oigheann ag teocht íseal é don bhéile Oíche Nollag.” Bhíodh cur amach ar an gcineál sin aráin agus bhácáiltí go rialta é ar fud réigiún Hont go luath san fhichiú haois, go háirithe sula raibh bácáil aráin ann go forleathan.
Tagann an t-ainm “Hrušovský lepník” ó ainm an tsráidbhaile Hrušov, a bhfuil baint stairiúil aige le bácáil pióg lepník. Is é an dara cuid den ainm, “lepník” (nó “ľepňik” roimh chaighdeánú na Slóvaicise scríofa) an téarma a úsáidtear sa chanúint áitiúil ar chineál pióige cruinne a bhácáiltear in oigheann cloiche. Tá an t-ainm seo in úsáid go leanúnach sa cheantar ón gcéad leath den ochtú haois déag. I bhfocail an Ollaimh J. Botík: “Is minic a smearadh mná tí ó theaghlaigh cheardaíochta sa sráidbhaile prátaí bruite, subh, gruth nó cáis bryndza ar phióga lepník a d’fhuintí as taos aráin. Lean siad leo ag tabhairt ‘ľepňik’ ar an gcineál sin pióige. Thug na coilínigh Shlóvacacha a d’athlonnaigh go dtí an Machaire Mór an t-arán sean-aimseartha seo leo [... ]”.
Ba bhia searmanais é Hrušovský lepník sna chéad scór bliain den fhichiú haois. Ba é an císte ba mhó dá n-ití. Bhácáiltí in oigheann cloiche don bhéile ar Oíche Nollag é agus d’itheadh gach ball den teaghlach, chomh maith le peataí uile an teaghlaigh, píosa de. Chuirtí ar an mbord é freisin le linn an Charghais, le linn gníomhaíochtaí traidisiúnta amhail “páračky” (cleití gé a phróiseáil) agus “priadky” (snáth a shníomh), agus um Cháisc. Níos déanaí, bhácáiltí uair sa tseachtain é sula mbácáiltí an t-arán. Bhácáiltí arán i gcónaí ar an Satharn, ionas go mbeadh sé úr don Domhnach, agus choinnítí soláthar seachtaine de. Bhácáiltí gach teaghlach idir a ceithre agus a sé de bhollóig ag brath ar mhéid an teaghlaigh. Bhácáiltí Hrušovský lepník i lonnaíochtaí iargúlta feirme Hrušov, áit a ndéantar iad fós inniu.
Is minic a chaomhnaítear traidisiúin i gceantair iargúlta nó in áitribh feirme. Ba shólaiste é Hrušovský lepník na blianta fada ó shin agus is sólaiste i gcónaí é.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
https://www.indprop.gov.sk/swift_data/source/pdf/specifikacie_op_oz/Hrusovsky%20lepnik.pdf