|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 151I |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 151 I/01 |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
6.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 151/1 |
TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN
Treoir do na Ballstáit a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach choigríche ón Rúis agus ón mBealarúis i bhfianaise an ionsaithe i gcoinne na hÚcráine agus na bearta sriantacha arna leagadh síos sna Rialacháin ón gComhairle le déanaí maidir le smachtbhannaí (1)
(2022/C 151 I/01)
Tá an tAontas Eorpach oscailte d’infheistíocht choigríche, rud atá ríthábhachtach dár bhfás eacnamaíoch, don iomaíochas, don fhostaíocht agus don nuálaíocht. Tá go leor cuideachtaí Eorpacha ann atá comhtháite go maith i slabhraí soláthair domhanda agus is gá iad a choinneáil ag feidhmiú. Leanfaidh an tAontas Eorpach ar aghaidh de bheith ina cheann scríbe tarraingteach don infheistíocht dhíreach choigríche (IDC). Ach níl ár n-oscailteacht gan choinníoll agus ní mór é a chothromú le huirlisí iomchuí chun ár slándáil agus an t-ord poiblí a chosaint.
Mar fhreagairt ar ionsaí míleata gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, le tacaíocht ghníomhach ón mBealarúis, ghlac an tAontas Eorpach pacáiste mór láidir de bhearta sriantacha (“smachtbhannaí”) i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise araon. Dearadh na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise chun an bonn a bhaint de chumas na Creimile an cogadh a mhaoiniú, costais shoiléire eacnamaíocha agus pholaitiúla a fhorchur ar scothaicme pholaitiúil na Rúise atá freagrach as an ionradh agus chun bonn eacnamaíoch na tíre a laghdú. I bhfianaise na tacaíochta ábhartha ón mBealarúis d’ionradh na Rúise, ghlac an tAontas smachbhannaí breise i gcoinne na Bealarúise. Dearadh na smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise chun go mbeidh an tionchar céanna acu.
Le Rialachán (AE) 2019/452 (2) (“an Rialachán um Scagadh IDC”), soláthraítear creat riachtanach uile-Aontais faoinar féidir leis an gCoimisiún Eorpach agus na Ballstáit a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú maidir le hinfheistíochtaí coigríche chun cosaint na slándála agus an oird phoiblí a áirithiú má tá na cuspóirí sin i mbaol ó infheistíochtaí díreacha coigríche. Féadfaidh na Ballstáit scagadh a dhéanamh freisin ar infheistíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme chur chun feidhme an Rialacháin um Scagadh IDC ar choinníoll go ndéantar an rialú sin i gcomhréir le forálacha an Chonartha maidir le saorghluaiseacht chaipitil agus bunú.
Cé gur ionstraimí dlí ar leith iad scagadh agus smachtbhannaí IDC, agus cuspóir éagsúil ag gach ceann acu mar aon le bealach éagsúil oibriúcháin, i ngeall ar ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine tá gá le níos mó airde ar infheistíochtaí díreacha na Rúise agus na Bealarúise laistigh den Mhargadh Aonair. Tá níos mó i gceist leis sin ná hinfheistíochtaí a dhéanann daoine nó eintitis atá faoi réir smachtbhannaí. Sna cúinsí atá ann faoi láthair, tá baol méadaithe ann go bhféadfadh aon infheistíocht i sócmhainní criticiúla san Aontas Eorpach a bhaineann go díreach nó go hindíreach le duine nó le heintiteas atá bainteach le rialtas na Rúise nó na Bealarúise, atá faoina rialú nó atá faoi réir a dtionchair, forais réasúnacha a thabhairt lena chinneadh go bhféadfadh an infheistíocht a bheith ina bagairt don tslándáil nó don ord poiblí sna Ballstáit.
Thairis sin, tá feidhm ag smachtbhannaí an Aontais maidir le haon duine laistigh de chríoch an Aontais, le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh de, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit, agus le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i ndáil le haon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, féadfaidh bearta sriantacha an Aontais difear a dhéanamh d’infheistíochtaí díreacha ón Rúis agus ón mBealarúis ar roinnt bealaí. Mar shampla, idirbhearta gnó le daoine ainmnithe agus le heintitis ainmnithe, ní féidir iad a chur i gcrích go dlíthiúil mura gceadaítear iad leis an reachtaíocht ar bhonn eisceachtúil, agus déanfaidh bainc an Aontais reo ar íocaíochtaí a fuarthas ó aon bhanc Rúiseach ainmnithe faoi réir reo sócmhainní. Tugtar míniú níos mionsonraithe ar na rialacha sin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht seo.
Sna Teachtaireachtaí a bhí ann roimhe, an Teachtaireacht maidir leis an Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála - Beartas Trádála Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach (3) ina measc, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit uile sásraí um scagadh IDC a chur ar bun agus a fhorfheidhmiú chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina mbeadh baol ann don tslándáil nó don ord poiblí san Aontas dá ndéanfaí gnó, bonneagar nó teicneolaíocht ar leith a shealbhú nó a rialú. Tá sé níos práinní fós é sin a dhéanamh sa chomhthéacs atá inniu ann.
Laistigh den leagan amach institiúideach atá ann faoi láthair, luíonn an fhreagracht maidir le scagadh IDC leis na Ballstáit. Tá sásraí náisiúnta um scagadh i bhfeidhm cheana in 18 mBallstát (4). Ba cheart an tionchar ar shlándáil agus ar ord poiblí an Aontais ina iomláine a chur san áireamh i scagadh IDC. Agus cinneadh á dhéanamh an dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear don tslándáil nó don ord poiblí, féadfaidh na Ballstáit a chur san áireamh freisin go háirithe an bhfuil an t-infheisteoir coigríche faoi rialú go díreach nó go hindíreach ag an rialtas, comhlachtaí stáit nó fórsaí armtha tríú tír ina measc, trí struchtúr úinéireachta nó trí mhaoiniú suntasach; an raibh an t-infheisteoir coigríche rannpháirteach cheana i ngníomhaíochtaí lena ndearnadh difear don tslándáil nó don ord poiblí i mBallstát; nó an bhfuil riosca tromchúiseach ann go ngabhann an t-infheisteoir coigríche do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó coiriúla (5).
Tá raon feidhme an Rialacháin um Scagadh IDC teoranta do chásanna ina bhfuil baint ag infheistíocht dhíreach ó eintiteas amháin nó níos mó atá bunaithe lasmuigh den Aontas i gceist le heintiteas de chuid an Aontais a fháil. Os a choinne sin, cásanna nach mbaineann ach le hinfheistíochtaí ó eintiteas amháin nó níos mó atá bunaithe san Aontas i mBallstát eile, ní thagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin, ach amháin i gcás idirbhearta ar cuid de scéim imchéimnithe iad a cuireadh ar bun agus a bhfuil an toradh oibiachtúil uirthi cur i bhfeidhm an Rialacháin a sheachaint. Mar sin féin, féadfaidh infheistíochtaí den sórt sin a bheith faoi réir rialuithe náisiúnta nó sásraí um scagadh agus féadfar beart a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le forálacha an Chonartha maidir le saorghluaiseacht chaipitil agus saoirse bhunaíochta go háirithe.
Faoi láthair, tá baol méadaithe ann go bhféadfadh IDC ó infheisteoirí de chuid na Rúise agus na Bealarúise a bheith ina bhagairt don tslándáil agus don ord poiblí. Dá bhrí sin, laistigh de na rialacha is infheidhme, ba cheart IDC sin a sheiceáil go córasach agus grinnscrúdú an-ghéar a dhéanamh air. I ngeall ar líon na n-infheistíochtaí Rúiseacha san Aontas agus déine an chaidrimh ghnó a bhí ann roimhe sin idir cuideachtaí de chuid an Aontais agus cuideachtaí de chuid na Rúise, féadfaidh na rioscaí sin a bheith níos measa. Thairis sin, ní mór aird ar leith a thabhairt ar na bagairtí a bhaineann le hinfheistíochtaí a dhéanann daoine nó eintitis a bhfuil baint acu leis an dá rialtas, atá faoina rialú nó atá faoi réir a dtionchair, i ngeall go bhfuil dreasacht láidir ag na rialtais sin cur isteach ar ghníomhaíochtaí criticiúla san Aontas agus leas a bhaint as a gcumas infheisteoirí de chuid na Rúise nó de chuid na Bealarúise san Aontas a rialú nó a stiúradh chun na críche sin.
Chuige sin, iarrann an Coimisiún Eorpach ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
— |
úsáid chórasach a bhaint as sásraí um scagadh chun na bagairtí a bhaineann le hinfheistíochtaí na Rúise agus na Bealarúise a mheas agus a chosc ar fhorais na slándála agus an oird phoiblí; |
|
— |
dlúthchomhar a áirithiú idir na húdaráis náisiúnta atá inniúil ar smachtbhannaí (6) (“NCAnna”) agus na cinn atá inniúil ar infheistíochtaí a scagadh i gcomhthéacs smachtbhannaí an Aontais a chur i bhfeidhm, sin agus sáruithe a shainaithint agus pionóis a fhorchur; |
|
— |
an Rialachán um Scagadh IDC a chur chun feidhme go hiomlán, trí rannpháirtíocht ghníomhach sa sásra comhair idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann leis an tslándáil nó leis an ord poiblí a bhaineann le IDC ón Rúis agus ón mBealarúis; |
|
— |
comhlíonadh iomlán a áirithiú le ceanglais na Treorach maidir leis an Sciúradh Airgid (7) chun mí-úsáid chóras airgeadais an Aontais a chosc; agus |
|
— |
dlúthchomhar a áirithiú idir údaráis scagtha na mBallstát, NCAnna agus bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagtha, mar aon le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais ar scairshealbhóirí iontu na Ballstáit chun infheistíochtaí a shainaithint, go háirithe infheistíochtaí ón Rúis agus ón mBealarúis, ar infheistíochtaí iad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don tslándáil nó don ord poiblí san Aontas agus comhlíonadh iomlán na smachtbhannaí i ngníomhaíochtaí lena dtacaíonn na heintitis infheistíochta poiblí réamhluaite a éascú. |
I gcás na mBallstát sin nach bhfuil sásra um scagadh acu go fóill, nó dóibh siúd nach gcumhdaítear gach idirbheart IDC ábhartha lena sásraí scagtha nó nach féidir scagadh a dhéanamh orthu sula ndéantar infheistíochtaí, iarrann an Coimisiún orthu sásra cuimsitheach um scagadh IDC a chur ar bun agus idir an dá linn, úsáid a bhaint as ionstraimí oiriúnacha dlí eile chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina mbeadh baol ann don tslándáil nó don ord poiblí san Aontas dá ndéanfaí gnó, bonneagar nó teicneolaíocht ar leith a shealbhú nó a rialú.
I gcás na mBallstát sin atá i mbun sásra um scagadh a chur ar bun, iarrann an Coimisiún orthu dlús a chur lena ghlacadh agus a chur chun feidhme a ullmhú, lena n-áirítear tacú leis leis na hacmhainní iomchuí.
Ar deireadh, tugtar cur síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht seo na dálaí faoinar féidir cead a thabhairt do na Ballstáit srianta a fhorchur ar shaorghluaiseacht chaipitil agus ar shaoirse bhunaíochta. Lasmuigh de chreat an Aontais maidir le IDC a scagadh, na Ballstáit sin a chuir bearta i bhfeidhm faoina bhféadfaidh siad scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí laistigh den Aontas chun cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí a leanúint ar bhealach comhréireach, moltar go mór dóibh na sásraí sin a úsáid a mhéid agus is féidir i ndáil le hinfheistíochtaí atá á rialú ag daoine nó eintitis ón Rúis nó ón mBealarúis faoi dheoidh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a léirítear sa Teachtaireacht seo.
(1) Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1) agus a leasuithe agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1) agus a leasuithe
(2) Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha eachtracha isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I , 21.3.2019, lch. 1).
(3) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach, COM/2021/66/final
(4) Chun liosta iomlán a fháil de shásraí náisiúnta um scagadh agus naisc chuig reachtaíocht náisiúnta, féach http://trade.ec.europa.eu/doclib/html/157946.htm
(5) Airteagal 4 den Rialachán um Scagadh IDC
(6) Tá liosta na n-údarás náisiúnta inniúil le haghaidh smachtbhannaí ar fáil faoi https://www.sanctionsmap.eu/#/main/authorities
(7) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún ( IO L 141, 5.6.2015, lch. 73)
IARSCRÍBHINN
1. Forléargas ar shócmhainní Rúiseacha agus Bealarúiseacha san Aontas Eorpach (1)
1.1. Infheistíochtaí Rúiseacha san Aontas Eorpach
I bhfianaise líon na n-idirbheart a cuireadh i gcrích idir 2015 agus 2021, ba í an Rúis an 11ú hinfheisteoir coigríche is mó san Aontas. Ba as an Rúis a tháinig 0,9 % de líon na n-infheistíochtaí, méid arb ionann é agus 0,7 % de luach na n-infheistíochtaí ó gach dlínse lasmuigh den Aontas. Is ionann sin agus 643 mhargadh lena mbaineann luach iomlán EUR 15 bhilliún (tá an luach ar iarraidh i gcás 34 % de na margaí), lena n-áirítear cumaisc agus éadálacha, infheistíochtaí mionlaigh, punainne agus úrnua. Cé go ndealraíonn sé go raibh insreabhadh na n-infheistíochtaí ón Rúis teoranta go leor le blianta beaga anuas, bunaithe ar shonraí 2020, tá thart ar 17 000 cuideachta AE atá faoi urlámhas daoine aonair nó eintiteas Rúiseach (2), agus d’fhéadfadh sé go mbeadh an bun urlámhais acu (3) i 7 000 cuideachta eile, mar aon leis an mbun mionlaigh i 4 000 cuideachta eile (4). Is minic a bhíonn scairshealbhóirí Rúiseacha iomadúla ag cuideachtaí, agus bun céatadáin níos lú ná 50 % ag gach ceann acu, ach nuair a chuirtear le chéile iad bíonn níos mó ná 50 % de chaipiteal na gnólachta AE sin acu. I gcás 57,7 % de chuideachtaí AE atá faoi urlámhas nó faoi thionchar Rúiseach, is ag duine nádúrtha atá na sócmhainní, is ag cuideachta atá siad i gcás 9,7 % acu agus ag údarás poiblí/stát atá siad i gcás 1,1 % acu.
Tábla 1.
Líon na gcuideachtaí AE27 atá faoi thionchar nó urlámhas Rúiseach, sonraithe de réir an chineáil eintitis urlámhais
|
Cineál an eintitis urlámhais (Global Ultimate Owner) |
Líon na gcuideachtaí |
Scair |
|
Duine nó teaghlach aitheanta amháin nó níos mó |
17 510 |
57,7 % |
|
Níl sé ar fáil |
9 204 |
30,4 % |
|
Cuideachtaí corparáideacha |
2 931 |
9,7 % |
|
Údaráis phoiblí, Stáit, Rialtais |
343 |
1,1 % |
|
Cuideachta airgeadais |
149 |
0,5 % |
|
Ciste Frithpháirteach & Pinsin/Ainmní/Iontaobhas/Iontaobhaí |
83 |
0,3 % |
|
Banc |
81 |
0,3 % |
|
Fondúireacht/Institiúid Taighde |
18 |
0,1 % |
|
Cuideachta Árachais |
1 |
0,0 % |
|
Gnólachtaí cothromais phríobháidigh |
1 |
0,0 % |
|
Foinse: Anailís JRC, bunaithe ar shonraí ó Bhiúró van Dijk. Figiúirí bunaithe ar shonraí chláir chomhardaithe 2020. Sonraí a asbhaineadh i mí an Mhárta 2022. I gcás tionchar Rúiseach (ní urlámhas), is féidir an chuideachta AE sin a bheith faoi urlámhas ag eintiteas ó aon tír eile. Tagraíonn na cásanna atá ar iarraidh (“níl sé ar fáil”) do chuideachtaí AE atá faoi thionchar Rúiseach ach nach dtuairiscíonn aon scairshealbhóir is mó. |
||
I “gcuideachtaí corparáideacha” (5) atá na sócmhainní atá i seilbh rialtas na Rúise i 79.9 % de na cásanna, agus is i mbainc nó in institiúidí airgeadais eile atá siad i gcás na coda eile (Tábla 2).
Tábla 2.
Líon na gcuideachtaí AE27 atá faoi thionchar nó urlámhas ag rialtas na Rúise, sonraithe de réir an chineáil cuideachta AE atá faoi urlámhas
|
Cineál eintitis na cuideachta AE |
Líon na gcuideachtaí |
Scair den iomlán (%) |
|
Cuideachtaí corparáideacha |
262 |
79,9 |
|
Cuideachta airgeadais |
37 |
11,3 |
|
Banc |
17 |
5,2 |
|
Ciste Frithpháirteach & Pinsin |
11 |
3,4 |
|
Gnólachtaí cothromais phríobháidigh |
1 |
0,3 |
|
Foinse: Anailís JRC, bunaithe ar shonraí ó Bhiúró van Dijk. Figiúirí bunaithe ar shonraí chláir chomhardaithe 2020. Sonraí a asbhaineadh i mí an Mhárta 2022. |
||
Seo a leanas na hearnálacha is mó a bhfuil urlámhas Rúiseach iontu: Mórdhíol, Réadmhaoin, Gníomhaíochtaí Gairmiúla Eolaíocha agus Teicniúla, agus Airgeadas agus Árachas. Na hearnálacha is mó a bhfuil tionchar Rúiseach iontu, tá siad beagnach mar an gcéanna: Mórdhíol, Réadmhaoin, Gníomhaíochtaí Gairmiúla Eolaíocha agus Teicniúla, agus Monaraíocht (Tábla 3).
Tábla 3.
Líon na gcuideachtaí AE27 atá faoi thionchar nó urlámhas Rúiseach. Sonraithe de réir spriocearnála, 2020.
|
AE27 |
||||
|
|
Urlámhas |
Tionchar |
Iomlán |
|
|
Earnáil |
Líon na gcuideachtaí |
Líon na gcuideachtaí |
Bun (*1) % |
Líon na gcuideachtaí |
|
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht |
137 |
137 |
62 |
274 |
|
Mianadóireacht agus cairéalacht |
19 |
15 |
28 |
34 |
|
Monaraíocht |
904 |
883 |
56 |
1 787 |
|
Soláthar leictreachais, gáis, gaile agus aerchóirithe |
61 |
45 |
40 |
106 |
|
Soláthar uisce; séarachas, bainistíocht dramhaíola |
32 |
24 |
56 |
56 |
|
Tógáil |
744 |
621 |
50 |
1 365 |
|
Trádáil mhórdhíola agus trádáil mhiondíola; |
4 530 |
3 607 |
63 |
8 137 |
|
Iompar agus stóráil |
666 |
417 |
51 |
1 083 |
|
Seirbhísí cóiríochta agus bia |
612 |
675 |
52 |
1 287 |
|
Faisnéis agus cumarsáid |
763 |
668 |
55 |
1 431 |
|
Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais |
1 199 |
625 |
46 |
1 824 |
|
Gníomhaíochtaí réadmhaoine |
2 714 |
2 470 |
70 |
5 184 |
|
Gairmiúil, eolaíoch agus teicniúil |
1 721 |
1 272 |
60 |
2 993 |
|
Seirbhísí riaracháin agus tacaíochta |
886 |
746 |
55 |
1 632 |
|
Riarachán poiblí agus cosaint |
1 |
6 |
35 |
7 |
|
Oideachas |
103 |
76 |
56 |
179 |
|
Gníomhaíochtaí i dtaca le sláinte an duine agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta |
70 |
56 |
46 |
126 |
|
Na healaíona, siamsaíocht agus áineas |
160 |
170 |
50 |
330 |
|
Gníomhaíochtaí eile seirbhíse |
254 |
245 |
52 |
499 |
|
Foinse: Anailís JRC, bunaithe ar shonraí ó Bhiúró van Dijk. Figiúirí bunaithe ar shonraí chláir chomhardaithe 2020. Sonraí a asbhaineadh i mí an Mhárta 2022. I gcás ina bhfuil roinnt scairshealbhóirí Rúiseacha ag cuideachta, ar scairshealbhóirí iad a bhfuil bunanna mionlaigh acu, déantar suim bhunanna na scairshealbhóirí Rúiseacha uile a ríomh don chuideachta sin. |
||||
1.2. Infheistíochtaí Bealarúiseacha san Aontas Eorpach
Bunaithe ar shonraí 2020, tá thart ar 1 550 cuideachta AE ann atá faoi urlámhas daoine aonair nó eintiteas Bealarúiseach, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh an bun urlámhais (6) acu i 600 cuideachta eile, mar aon leis an mbun mionlaigh i 400 cuideachta (7). Ar nós na n-infheistíochtaí Rúiseacha, tá scairshealbhóirí mionlaigh iomadúla ón mBealarúis ag roinnt cuideachtaí, scairshealbhóirí a bhfuil níos mó ná 50 % de chaipiteal na gnólachta AE sin acu le chéile. I gcás 63.2 % de chuideachtaí AE atá faoi urlámhas nó faoi thionchar Bealarúiseach, is ag duine nádúrtha atá na sócmhainní, is ag cuideachta atá siad i gcás 5.1 % acu agus ag údarás poiblí/stát atá siad i gcás 0.4 % acu. (Tábla 4).
Tábla 4.
Líon na gcuideachtaí AE27 atá faoi thionchar nó urlámhas Bealarúiseach, sonraithe de réir an chineáil eintitis urlámhais
|
Cineál an eintitis urlámhais (GUO) |
Líon na gcuideachtaí |
Scair |
|
Duine nó teaghlach aitheanta amháin nó níos mó |
1 687 |
63,18 % |
|
Cuideachtaí corparáideacha |
135 |
5,06 % |
|
Údaráis phoiblí, Stáit, Rialtais |
11 |
0,41 % |
|
Banc |
1 |
0,04 % |
|
Ciste Frithpháirteach & Pinsin/Ainmní/Iontaobhas/Iontaobhaí |
1 |
0,04 % |
|
Cuideachta airgeadais |
1 |
0,04 % |
|
Fondúireacht/Institiúid Taighde |
1 |
0,04 % |
|
Níl sé ar fáil |
833 |
31,20 % |
|
Foinse: Anailís JRC, bunaithe ar shonraí ó Bhiúró van Dijk. Figiúirí bunaithe ar shonraí chláir chomhardaithe 2020. Sonraí a asbhaineadh i mí an Mhárta 2022. I gcás tionchar Bealarúiseach (ní urlámhas), is féidir an chuideachta AE sin a bheith faoi urlámhas ag eintiteas ó aon tír eile. Tagraíonn na cásanna atá ar iarraidh (“níl sé ar fáil”) do chuideachtaí AE atá faoi thionchar Bealarúiseach ach nach dtuairiscíonn aon scairshealbhóir is mó. |
||
Is san earnáil Mhórdhíola atá na sócmhainní atá á sealbhú ag rialtas na Bealarúise den chuid is mó, mar a shonraítear thíos i dTábla 5.
Tábla 5.
Líon na gcuideachtaí AE27 atá faoi urlámhas ag údarás stáit nó údarás poiblí ón mBealarúis, sonraithe de réir earnáil na cuideachta faoi urlámhas
|
Earnáil ghníomhaíochta na cuideachta AE |
Líon na gcuideachtaí |
Sócmhainní iomlána (milliúin euro) |
|
Trádáil mhórdhíola páirteanna agus gabhálas mótarfheithiclí |
1 |
1,49 |
|
Mórdhíol ar bhonn táille nó conartha |
1 |
Ní bhaineann le hábhar. |
|
Gníomhairí atá bainteach le díol breoslaí, mianta, miotal agus ceimiceán tionsclaíoch |
1 |
2,80 |
|
Mórdhíol innealra, trealaimh agus soláthairtí talmhaíochta |
2 |
38,98 |
|
Mórdhíol breoslaí soladacha, leachtacha agus gásacha agus táirgí gaolmhara |
2 |
26,14 |
|
Mórdhíol táirgí ceimiceacha |
1 |
4,23 |
|
Aeriompar |
1 |
Ní bhaineann le hábhar. |
|
Aeriompar paisinéirí |
1 |
0,22 |
|
Foinse: Anailís JRC, bunaithe ar shonraí ó Bhiúró van Dijk. Figiúirí bunaithe ar shonraí chláir chomhardaithe 2020. Sonraí a asbhaineadh i mí an Mhárta 2022. |
||
Seo a leanas na hearnálacha is mó a bhfuil urlámhas Bealarúiseach iontu: Mórdhíol, Gníomhaíochtaí Gairmiúla Eolaíocha agus Teicniúla, Iompar agus Stóráil, agus Réadmhaoin. Na hearnálacha is mó a bhfuil tionchar Bealarúiseach iontu, tá siad beagnach mar an gcéanna: Mórdhíol, Réadmhaoin, Gníomhaíochtaí Gairmiúla Eolaíocha agus Teicniúla, agus Monaraíocht (Tábla 6).
Tábla 6.
Líon na gcuideachtaí AE27 atá faoi thionchar nó urlámhas Bealarúiseach. Sonraithe de réir spriocearnála, 2020.
|
|
Urlámhas |
Tionchar |
Iomlán |
|
|
Earnáil |
Líon na gcuideachtaí |
Líon na gcuideachtaí |
Bun (*2) % |
Líon na gcuideachtaí |
|
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht |
7 |
10 |
48 |
17 |
|
Mianadóireacht agus cairéalacht |
1 |
0 |
Ní bhaineann le hábhar. |
1 |
|
Monaraíocht |
73 |
100 |
51 |
173 |
|
Soláthar leictreachais, gáis, gaile agus aerchóirithe |
1 |
3 |
53 |
4 |
|
Soláthar uisce; séarachas, bainistíocht dramhaíola |
4 |
4 |
32 |
8 |
|
Tógáil |
107 |
76 |
54 |
183 |
|
Trádáil mhórdhíola agus mhiondíola |
568 |
377 |
60 |
945 |
|
Iompar agus stóráil |
122 |
91 |
61 |
213 |
|
Seirbhísí cóiríochta agus bia |
45 |
32 |
46 |
77 |
|
Faisnéis agus cumarsáid |
97 |
74 |
55 |
171 |
|
Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais |
48 |
26 |
51 |
74 |
|
Gníomhaíochtaí réadmhaoine |
109 |
108 |
53 |
217 |
|
Gairmiúil, eolaíoch agus teicniúil |
141 |
116 |
47 |
257 |
|
Seirbhísí riaracháin agus tacaíochta |
73 |
41 |
55 |
114 |
|
Oideachas |
7 |
4 |
75 |
11 |
|
Gníomhaíochtaí i dtaca le sláinte an duine agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta |
5 |
7 |
32 |
12 |
|
Na healaíona, siamsaíocht agus áineas |
17 |
5 |
69 |
22 |
|
Gníomhaíochtaí eile seirbhíse |
22 |
22 |
54 |
44 |
|
Foinse: Anailís JRC, bunaithe ar shonraí ó Bhiúró van Dijk. Figiúirí bunaithe ar shonraí chláir chomhardaithe 2020. Sonraí a asbhaineadh i mí an Mhárta 2022. I gcás ina bhfuil roinnt scairshealbhóirí Bealarúiseacha ag cuideachta, ar scairshealbhóirí iad a bhfuil bunanna mionlaigh acu, déantar suim bhunanna na scairshealbhóirí Bealarúiseacha uile a ríomh don chuideachta sin. |
||||
2. Éifeacht beart sriantach (smachtbhannaí) ar infheistíochtaí díreacha coigríche ón Rúis agus ón mBealarúis agus dícheall cuí na gcuideachtaí AE
Tá feidhm ag bearta sriantacha an Aontais, inter alia, maidir le haon duine laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais ar náisiúnach de Bhallstát é, maidir le haon duine, eintiteas nó comhlacht dlítheanach, laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais, atá corpraithe nó bunaithe faoi dhlí Ballstáit, agus maidir le haon duine, eintiteas nó comhlacht dlítheanach i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.
Is féidir le bearta sriantacha an Aontais difear a dhéanamh d’infheistíochtaí díreacha coigríche ón Rúis agus ón mBealarúis ar roinnt bealaí. D’fhéadfadh liostaí aonair, nó bearta earnála a bheith i gceist leo.
Tá srianta airgeadais aonair dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe ón Rúis agus ón mBealarúis, lena n-áirítear reo sócmhainní agus toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do na daoine agus na heintitis sin atá liostaithe.
Ní féidir le daoine ainmnithe nó eintitis ainmnithe úsáid a bhaint as a gcistí (i.e. sócmhainní airgeadais agus sochair de gach cineál) agus acmhainní eacnamaíocha (sócmhainní de gach cineál) atá reoite agus ní chuirfear aon chistí ná acmhainní eacnamaíocha ar fáil dóibh. Ciallaíonn sé sin nach ceadmhach do shaoránaigh agus do chuideachtaí an Aontais íocaíochtaí a dhéanamh leo ná earraí ná sócmhainní eile a sholáthar dóibh. I ndáiríre, ní féidir idirbhearta gnó le daoine ainmnithe nó le heintitis ainmnithe a chur i gcrích go dlíthiúil mura gceadaítear iad go heisiach leis an reachtaíocht.
Tá an Coimisiún den tuairim go mbaineann an reo sócmhainní le sócmhainní aon eintitis neamhainmnithe, atá faoi úinéireacht nó faoi urlámhas duine nó eintitis ainmnithe, ach amháin más féidir a chruthú nach bhfuil na sócmhainní lena mbaineann faoi úinéireacht ná faoi urlámhas an duine nó an eintitis ainmnithe i ndáiríre. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil d’eintiteas neamhainmnithe atá faoi úinéireacht nó faoi urlámhas duine ainmnithe nó eintitis ainmnithe, ach amháin más féidir a chruthú nach sroichfidh na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha an duine ainmnithe (8). Meastar gur “cistí” atá le reo iad ús agus díbhinní.
Ina theannta sin, bainc atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nó a dhéanann gnó san Aontas, reofaidh siad íocaíochtaí ó aon duine nó eintiteas ainmnithe (faoi réir reo sócmhainní) a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle. Ciallaíonn sé sin nach ndiúltaítear d’aistrithe de thionscnamh duine ainmnithe, nó aistrithe de thionscnamh duine neamhainmnithe ach a dhéantar trí bhanc ainmnithe (9), agus nach gcuirtear na cistí ar ais chuig an seoltóir; ina ionad sin, bíonn na cistí sin fós reoite sa bhanc de chuid an Aontais. Is féidir a iarraidh ar an údarás inniúil náisiúnta i ndáil le smachtbhannaí na cistí sin a scaoileadh, mar shampla faoin maolú dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle (10) maidir leis an íocaíocht a dhéanann duine nó eintitis ainmnithe as conradh a tugadh i gcrích roimh dháta an ainmnithe.
Tá bearta sriantacha earnálacha glactha ag an Aontas freisin. Mar shampla, tá bainc áirithe de chuid na Rúise agus na Bealarúise díchúpláilte ó sheirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais, go háirithe SWIFT, rud a chuireann bac mór orthu dul i mbun íocaíochtaí idirnáisiúnta. Le bearta sriantacha, cuireadh srian freisin ar insreabhadh airgeadais ón Rúis agus ón mBealarúis go dtí an Aontas Eorpach, trí thoirmeasc a chur ar Thaisclanna Lárnacha Urrús an Aontais glacadh le taiscí nua ar mó iad ná luachanna áirithe ó náisiúnaigh nó cónaitheoirí na Rúise agus na Bealarúise agus ó dhaoine, eintitis nó comhlachtaí dlítheanacha atá bunaithe sa Rúis nó sa Bhealarúis, sin agus cuntais chliaint de chuid na Rúise agus na Bealarúise a choinneáil agus urrúis arna n-ainmniú in euro a dhíol le cliaint de chuid na Rúise nó na Bealarúise. Ina theannta sin, tá cosc ar oibreoirí an Aontais maoiniú a chur ar fáil, lena n-áirítear caipiteal cothromais, d’oibreoirí neamh-AE atá gníomhach in earnáil an fhuinnimh sa Rúis. D’fhéadfadh sé sin difear a dhéanamh go hindíreach d’infheistíocht dhíreach choigríche san Aontas, ag brath ar an socrú sonrach maoiniúcháin atá beartaithe.
Thairis sin, cineál d’Aistriú Teicneolaíochta Doláimhsithe ar a dtugtar “onnmhairiú measta” is ea scaoileadh na teicneolaíochta atá faoi urlámhas (lena n-áirítear eolas nó ítimí doláimhsithe) go daoine eachtrannacha. Le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle agus le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle agus leis na leasuithe a rinneadh orthu ina dhiaidh sin, toirmisctear earraí agus teicneolaíocht áirithe a dhíol, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis agus sa Bhealarúis, nó lena n-úsáid sa Rúis agus sa Bhealarúis faoi seach. Leis na ceanglais maidir le hurlámhas ar chúnamh teicniúil, leathnaítear an t-urlámhas go náisiúnaigh eachtracha san Aontas freisin. Dá bhrí sin, ba cheart do chuideachtaí srian a chur ar rochtain baill foirne de chuid na Rúise agus na Bealarúise ar an eolas nó ar an teicneolaíocht sin dá n-úsáidfí an t-eolas agus an teicneolaíocht sin sa Rúis nó sa Bhealarúis.
Tá toirmeasc ar chuideachtaí AE páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí a bhfuil sé mar chuspóir nó mar éifeacht leo na srianta a imchéimniú. I ngach cás, ba cheart do chuideachtaí AE, agus go háirithe dóibh siúd a bhfuil geallsealbhóirí de náisiúntacht na Rúise nó na Bealarúise acu, dícheall cuí leordhóthanach a dhéanamh maidir lena gcomhpháirtithe gnó agus maidir le ceann scríbe deiridh na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha. D’fhéadfadh scagadh, measúnú riosca, dícheall cuí il-leibhéil agus faireachán leanúnach a bheith san áireamh sna nósanna imeachta sin.
3. Infheistíochtaí díreacha coigríche ón Rúis agus ón mBealarúis a scagadh ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí faoin gcreat a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/452
Le Rialachán (AE) 2019/452 (11) (an “Rialachán um Scagadh IDC”) clúdaítear infheistíochtaí díreacha coigríche ó thríú tíortha, i.e. infheistíochtaí “lena mbunaítear nó lena gcoinnítear ar bun naisc fhadtéarmacha dhíreacha idir infheisteoirí ó thríú tíortha, lena n-áirítear eintitis Stáit, agus gnóthais a mbíonn gníomhaíocht eacnamaíoch ar siúl acu sa Bhallstát” (12).
Cásanna nach mbaineann ach le hinfheistíochtaí ó eintiteas amháin nó níos mó atá bunaithe san Aontas, ní thagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin. D’fhéadfadh idirbhearta den sórt sin teacht faoi raon feidhme dhlíthe náisiúnta na mBallstát maidir le scagadh, laistigh de theorainneacha fhorálacha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an gceart bunaíochta agus gluaiseachtaí caipitil. Go háirithe, leis an gConradh ceadaítear do na Ballstáit na bearta is gá a choimeád ar bhonn an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí nó bearta bunaithe ar chúiseanna sáraitheacha ar mhaithe leis an leas poiblí a aithnítear i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Sa chéad roinn eile mínítear a thuilleadh an ceart atá ag na Ballstáit bearta den sórt sin a ghlacadh lena gcuirtear srian le saorghluaiseacht chaipitil. Faoi Airteagal 54 CFAE, tá an stádas maidir le bheith bunaithe san Aontas Eorpach, i.e. cuideachta de chuid an Aontais Eorpaigh chun críocha CFAE, bunaithe ar shuíomh na hoifige cláraithe, an riaracháin lárnaigh nó na príomháite gnó agus, chomh maith leis sin, ar an dlíchóras faoinar bunaíodh an chuideachta, ní ar náisiúntacht a scairshealbhóirí. Ní thagann infheistíochtaí ó chuideachtaí den sórt sin faoi raon feidhme an Rialacháin um Scagadh IDC. Tá eisceacht amháin ón riail sin sa Rialachán um Scagadh IDC: D’fhéadfadh infheistíochtaí ó eintitis an Aontais teacht faoin raon feidhme nuair a thagann siad faoin gclásal frith-imchéimniúcháin. Ní shainmhínítear imchéimniú leis an Rialachán; mar sin féin, sonraítear in Aithris (10) gur cheart a chumhdach le bearta frith-imchéimniúcháin “infheistíochtaí ar as críoch an Aontais a thagann siad agus a dhéantar trí bhíthin socruithe saorga nach léiriú ar an bhfíorchás eacnamaíoch iad agus a théann timpeall ar na sásraí um scagadh agus na cinntí maidir le scagadh, i gcás ina bhfuil an t-infheisteoir, ar deireadh, faoi úinéireacht nó faoi rialú duine nádúrtha nó gnóthas ó thríú tír”. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a fháil amach an bhfuil an t-infheisteoir ina chuid de scéim imchéimniúcháin a cuireadh ar bun agus é mar thoradh air sin cur i bhfeidhm an Rialacháin a sheachaint. Luann roinnt infheisteoirí coigríche go sonrach, mar shampla, gur cuideachta shealbhaíochta Eorpach é an t-infheisteoir díreach a bhunaigh siad chun críche an idirbhirt atá beartaithe. D’fhéadfadh sé go gcruthófaí socrú den sórt sin ar chúiseanna dlisteanacha gnó. Mar sin féin, fiú mura bhfuil fianaise ar fáil go bhfuil rún suibiachtúil ann an Rialachán a imchéimniú, is leor easpa gníomhaíochta eacnamaíche na cuideachta infheistiúcháin agus acmhainn oibiachtúil na socruithe chun na rialacha a leagtar síos sa Rialachán a sheachaint chun an toimhde a chruthú gur socrú saorga atá ann. Is é an sampla is coitianta d’imchéimniú de réir bhrí Aithris (10) an cás ina ndéantar infheistíocht choigríche isteach san Aontas a threorú trí chuideachta chaoch atá bunaithe san Aontas, nach fíorghníomhaíocht eacnamaíoch í go díreach ná go hindíreach ach arb é an t-aon chuspóir atá léi a bheith mar mhodh dlíthiúil (13) don infheistíocht. Ní mór aon imchéimniú a shuíomh ar bhonn cás ar cás, agus aire á tabhairt ar na féachaint dálaí sonracha a bhaineann le gach cás ar leith agus ar bhonn na fianaise ábhartha.
Tá feidhm ag an Rialachán um Scagadh IDC maidir le gach earnáil den gheilleagar agus níl sé faoi réir aon tairseach. An gá le hidirbheart a scagadh, is minic a bhíonn sé sin neamhspleách ar luach an idirbhirt féin. Leis an Rialachán, tugtar de chumhacht do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar infheistíochtaí laistigh dá raon feidhme ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí, agus bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha.
Ní shainmhínítear na téarmaí “slándáil” ná “ord poiblí” sa Rialachán. Sonraítear in Airteagal 4 den Rialachán, áfach, na tosca atá le breithniú agus cinneadh á dhéanamh an dócha go ndéanfaidh IDC difear don tslándáil agus don ord poiblí. Áirítear ar na tosca sin na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag IDC ar bhonneagar criticiúil, teicneolaíochtaí criticiúla, an soláthar maidir le hionchuir chriticiúla, rochtain ar fhaisnéis íogair agus saoirse agus iolrachas na meán. Tá gnéithe a bhaineann leis an infheisteoir ábhartha freisin don mheasúnú seo, cuir i gcás an bhfuil an t-infheisteoir coigríche faoi urlámhas rialtais. Mar shampla, agus cinneadh á dhéanamh an dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear don tslándáil nó don ord poiblí, féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún a chur san áireamh an bhfuil an t-infheisteoir coigríche faoi urlámhas go díreach nó go hindíreach ag an rialtas, comhlachtaí stáit nó fórsaí armtha tríú tír ina measc, trí struchtúr úinéireachta nó trí mhaoiniú suntasach; an raibh an t-infheisteoir coigríche rannpháirteach cheana i ngníomhaíochtaí lena ndearnadh difear don tslándáil nó don ord poiblí i mBallstát; nó an bhfuil riosca tromchúiseach ann go ngabhann an t-infheisteoir coigríche do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó coiriúla.
Is ar na Ballstáit sa deireadh a bheidh an fhreagracht maidir le hathbhreithniú na mbeart lena dtoirmeasctar infheistíocht nó lena gcuirtear infheistíocht faoi choinníoll laistigh de raon feidhme an Rialacháin, ar mhaithe le slándáil an oird phoiblí, agus i gcás inar gá, an fhreagracht maidir le glacadh na mbeart sin. Féadfaidh an Coimisiún tuairimí ina moltar gníomhaíochtaí sonracha a dhíriú ar an mBallstát ina ndéantar an infheistíocht, go háirithe nuair atá baol ann go ndéanfaidh an infheistíocht difear don tslándáil nó don ord poiblí i níos mó ná Ballstát amháin, nó go ndéanfaidh an infheistíocht difear do thionscadail agus cláir atá chun leasa an Aontais.
Sna cúinsí reatha, tá baol méadaithe ann go bhféadfadh IDC ón Rúis agus ón mBealarúis, go háirithe ó eintitis faoi urlámhas rialtais, a bheith ina bhagairt don tslándáil agus don ord poiblí toisc go bhféadfadh sé go mbeadh dreasacht níos láidre ag rialtas na Rúise agus na Bealarúise cur isteach ar ghníomhaíochtaí criticiúla san Aontas agus leas a bhaint as a gcumas infheisteoirí Rúiseacha agus Bealarúiseacha san Aontas Eorpach a rialú nó a stiúradh chun na críche sin. Dá bhrí sin, ba cheart seiceáil agus grinnscrúdú a dhéanamh go córasach ar IDC chun aon bhagairt a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.
Cé gurb iondúil go ndéanann na Ballstáit scagadh sula gcuirtear an t-idirbheart IDC i gcrích, leis an Rialachán um Scagadh IDC, ceadaítear do na Ballstáit sásraí a choinneáil ar bun ar sásraí iad lena ndéantar foráil maidir le hidirbheart IDC a scagadh tar éis é a chur i gcrích. Má chuireann Ballstát tús le scagadh foirmiúil ar IDC, beidh sé faoi réir an tsásra comhair, gan beann ar an stádas atá aige bíodh sé pleanáilte nó críochnaithe. Thairis sin, féadfar an sásra comhair a thionscnamh laistigh de 15 mhí tar éis an infheistíocht a bheith curtha i gcrích i gcás nach bhfuil infheistíocht faoi réir scagadh ar an leibhéal náisiúnta (14). D’fhéadfadh sé sin tarlú nuair nach bhfuil sásra um scagadh ag an mBallstát nó nuair a choinníonn an Ballstát sásra um scagadh ar bun ach nár chuir na páirtithe an t-idirbheart sonrach IDC isteach le haghaidh scagadh ex-ante. D’fhéadfadh sé gurbh é ba thoradh air sin go nglacfadh an Ballstát ina ndearnadh an infheistíocht bearta mar thoradh air sin, lena n-áirítear na bearta maolaitheacha is gá.
4. Gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh chun srian a chur le hinfheistíochtaí laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear sna rialacha maidir le saorghluaiseacht chaipitil agus maidir le bunaíocht
In Airteagal 63 CFAE, déantar foráil maidir le saorghluaiseacht caipitil ní hamháin laistigh den Aontas ach idir na Ballstáit agus tríú tíortha freisin. Ar an gcuma chéanna, in Airteagal 49 CFAE, déantar saoirse bhunaíochta náisiúnaigh de chuid Ballstáit i gcríoch Bhallstáit eile a chosaint. Cuireann an dá fhoráil toirmeasc ar gach srian ar ghluaiseacht chaipitil mura saothraíonn an srian sin cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí. Sainítear na cuspóirí sin sa Chonradh nó i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar chúiseanna sáraitheacha ar mhaithe le leas an phobail. Níor cheart gur cuspóirí eacnamaíocha amháin a bheadh sna cuspóirí sin (15)..
Féadfaidh na Ballstáit scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2019/452, i.e. infheistíochtaí punainne nó infheistíochtaí díreacha laistigh den Aontas amhail infheistíochtaí atá faoi urlámhas deiridh eintiteas Rúiseach nó Bealarúiseach, ar choinníoll go ndéantar an scagadh sin i gcomhréir le dlí an Aontais agus go háirithe le forálacha an Chonartha a bhaineann le saorghluaiseacht caipitil agus saorghluaiseacht bunaíochta. Infheistíochtaí punainne, nach mbronnann tionchar éifeachtach ar an infheisteoir maidir le bainistiú agus urlámhas cuideachta, d’fhéadfadh siad a bheith ábhartha freisin i dtéarmaí beartais phoiblí nó slándála phoiblí, de réir an imthosca.
Ní féidir leis na Ballstáit brath ar fhoras beartais poiblí agus slándála poiblí (mar a leagtar amach in Airteagal 65(1)(b) CFAE) chun infheistíochtaí a srianadh ach amháin i gcás ina bhfuil bagairt dháiríre atá tromchúiseach a dhóthain ar cheann de leasanna bunúsacha na sochaí (16) agus mura bhfuil bearta nach bhfuil chomh sriantach céanna leordhóthanach chun deileáil leis an mbagairt sin.
Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais go gcumhdaíonn coincheap na slándála poiblí faoi Airteagal 65(1)(b) CFAE slándáil inmheánach agus slándáil sheachtrach an Stáit araon (17). Féadfar sriantacha a chur ar ghluaiseachtaí caipitil freisin chun déileáil le bagairtí ar chobhsaíocht airgeadais (18).
San anailís ar an mbonn cirt agus ar an gcomhréireacht, féadfar srianta ar ghluaiseachtaí caipitil chuig tríú tíortha agus as tríú tíortha a bhunú ar bhreithnithe éagsúla i gcomparáid le srianta ar ghluaiseachtaí caipitil laistigh den Aontas (19). Dá réir sin, faoin gConradh, cúiseanna breise a dtugann údar le srian, d’fhéadfadh siad a bheith inghlactha i gcás srianta ar idirbheart a bhaineann le tríú tír.
5. Comhlíontacht leis na rialacha maidir le frithsciúradh airgid
Iarrtar ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar ina n-iomláine ceanglais Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Frithsciúradh Airgid (AMLD) (20) chun mí-úsáid chóras airgeadais an Aontais a chosc, lena n-áirítear maidir le dícheall cuí custaiméara agus comhar idirnáisiúnta. Thairis sin, is gá trédhearcacht éifeachtach úinéirí tairbhiúla daoine dlítheanacha agus socruithe dlíthiúla, mar a fhoráiltear leis an Treoir maidir le Sciúradh Airgid, chun cur i bhfeidhm éifeachtach smachtbhannaí a áirithiú.
Sa chomhthéacs sin, bíonn sé sin níos tábhachtaí fós chun feabhas a chur ar bhrath idirbheart agus gníomhaíochtaí amhrasacha, agus chun lúba ar lár a dhúnadh a mbaineann coirpigh úsáid astu chun fáltais aindleathacha a sciúradh tríd an gcóras airgeadais. Tá an méid sin i gcomhréir leis an bpacáiste maidir leis an gComhrac i gCoinne Sciúradh Airgid (AML) a ghlac an Coimisiún i mí Iúil 2021.
6. Comhar idir údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát i ndáil le smachtbhannaí, a gcuid údarás scagtha agus a mbanc agus a n-institiúidí le haghaidh spreagadh, mar aon leis na hinstitiúidí idirnáisiúnta ábhartha airgeadais
Údaráis scagtha na Ballstát agus a gcuid banc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh (NPBInna), mar aon le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta (IFIanna) ar scairshealbhóirí iontu na Ballstáit, ba cheart dóibh faisnéis a mhalartú agus dlúthchomhar a choimeád (trí na haireachtaí nó na comhlachtaí a mbíonn na hinstitiúidí sin ag brath orthu agus/nó a gcomhlachtaí rialachais) chun IDC a shainaithint, go háirithe infheistíocht dhíreach choigríche ón Rúis agus ón mBealarúis, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don tslándáil nó don ord poiblí sa Bhallstát sin. Iarrtar ar na húdaráis scagtha na mBallstát feasacht a mhúscailt maidir leis na tosca is féidir a chur san áireamh chun a chinneadh an dócha go ndéanfaidh IDC difear don tslándáil nó don ord poiblí.
Trí dhlúthchomhar a áirithiú idir údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát i ndáil le smachtbhannaí, a gcuid údarás scagtha, a gcuid banc agus institiúidí le haghaidh spreagadh agus na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais ar scairshealbhóirí iontu na Ballstáit, lena n-áirítear an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, cuideofar chun slándáil agus ord poiblí an Aontais a chosaint, agus éascófar comhlíontacht iomlán leis na smachtbhannaí i ngníomhaíochtaí lena dtacaíonn na heintitis infheistíochta poiblí thuasluaite.
(1) Chun críche na hanailíse seo, tagraíonn an téarma “sócmhainní” do chuideachta ar bith atá cláraithe san Aontas atá faoi urlámhas/tionchar ag infheisteoir Rúiseach nó Bealarúiseach.
(2) Tá thart ar 23 mhilliún cuideachtaí san Aontas Eorpach (is í 2018 an bhliain is déanaí atá ar fáil, Déimeagrafaíocht Ghnó Eurostat)
(3) Is amhlaidh atá i gcás scairshealbhóirí Rúiseacha iomadúla a bhfuil bun comhiomlánaithe níos airde ná 50 % acu, ach nach bhfuil bun os cionn 50 % ag aon duine aonair.
(4) Tugaimid faoi deara go bhfuil 2 000 cuideachtaí breise ann a bhfuil scairshealbhóirí Rúiseacha neamh-urlámhais tuairiscithe acu, ar scairshealbhóirí iad nár tuairiscíodh méid a mbunanna.
(5) Áirítear sa chatagóir sin gach cuideachta nach bainc ná cuideachtaí airgeadais ná cuideachtaí árachais iad.
(*1) Is iad na figiúirí sa tábla an meánlíon bunanna i measc cuideachtaí i ngach earnáil. Mar chuid de chur chuige coimeádach, ní chuirimid san áireamh ach bunanna ag an gcéad leibhéal úinéireachta (bunanna díreacha), gan aird a thabhairt ar bhunanna ardleibhéil, i.e. scairshealbhóirí na scairshealbhóirí.
(6) Is amhlaidh atá i gcás scairshealbhóirí Bealarúiseacha iomadúla a bhfuil bun comhiomlánaithe níos airde ná 50 %, acu, ach nach bhfuil bun os cionn 50 % ag aon duine aonair.
(7) Tugaimid faoi deara go bhfuil 100 cuideachtaí breise ann a bhfuil scairshealbhóirí Bealarúiseacha neamh-urlámhais tuairiscithe acu, ar scairshealbhóirí iad nár tuairiscíodh méid a mbunanna.
(*2) Is iad na figiúirí sa tábla an meánlíon bunanna i measc cuideachtaí i ngach earnáil. Mar chuid de chur chuige coimeádach, ní chuirimid san áireamh ach bunanna ag an gcéad leibhéal úinéireachta (bunanna díreacha), gan aird a thabhairt ar bhunanna ardleibhéil, i.e. scairshealbhóirí na scairshealbhóirí.
(8) https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/200619-opinion-financial-sanctions_en.pdf
(9) https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/business_economy_euro/banking_and_finance/documents/190704-opinion-freeze-of-funds_en.pdf
(10) Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lgh. 6).
(11) Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I , 21.3.2019, lch. 1).
(12) Féach Aithris 9 den Rialachán um Scagadh IDC.
(13) Chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na gcuideachtaí caocha san Aontas, chuir an Coimisiún togra ar aghaidh an 22 Nollaig 2021 le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun cosc a chur ar mhí-úsáid eintiteas caoch chun críocha cánach agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE, COM(2021) 565 final. Féadfaidh na Ballstáit spreagadh a fháil ó na caighdeáin trédhearcachta a bhunaítear leis an togra maidir le húsáid eintiteas caoch, amhail ioncam, baill foirne agus áitreabh.
(14) Sa chleachtas, d’fhéadfadh infheistíocht choigríche a cuireadh i gcrích anois (mí an Mhárta 2022) a bheith faoi réir barúlacha ex post ó na Ballstáit nó tuairimí ón gCoimisiún go dtí mí an Mheithimh 2023 (15 mhí tar éis an infheistíocht a bheith curtha i gcrích).
(15) Cás C-463/00, An Coimisiún v an Spáinn, ECLI:EU:C:2003:272, mír 35
(16) Féach Cásanna C-54/99, Église de Scientologie, ECLI:EU:C:2000:124, mír 17 agus C-503/99, An Coimisiún v an Bheilg, ECLI:EU:C:2002:328, mír 47, C-463/00, An Coimisiún v an Spáinn, ECLI:EU:C:2003:272, mír 72.
(17) Cás T-315/01, Kadi v an Chomhairle agus an Coimisiún, ECLI:EU:T:2005:332, mír 110.
(18) Féach an ráiteas ón gCoimisiún maidir le sriantacha caipitil arna bhforchur ag údaráis na Gréige an 29 Meitheamh 2015, doiciméad atá ar fáil ag: https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/STATEMENT_15_5271.
(19) Cás C-446/04, Éilitheoirí samplacha i nDlíthíocht Ghrúpa FII, ECLI:EU:C:2006:774, mír 171.
(20) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73)