ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 151

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
6 Aibreán 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 151/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10654 — KKR / ACCELL GROUP) ( 1 )

1

2022/C 151/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10639 – MAX MARA / MITSUI / MCJ) ( 1 )

2


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 151/03

Rátaí malairte an euro — 5 Aibreán 2022

3

2022/C 151/04

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006)  ( 1 )

4

2022/C 151/05

Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

5

2022/C 151/06

Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

6

2022/C 151/07

Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

7

2022/C 151/08

Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

8

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 151/09

Faisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit maidir le hiamh iascaigh

9

2022/C 151/10

Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí ( 1 )

10


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 151/11

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10676 - NEXT / WP / PINK) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

11


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 151/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10654 — KKR / ACCELL GROUP)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 151/01)

An 23 Márta 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10654. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 151/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10639 – MAX MARA / MITSUI / MCJ)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 151/02)

An 18 Márta 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10639. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 151/3


Rátaí malairte an euro (1)

5 Aibreán 2022

(2022/C 151/03)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0969

JPY

yen na Seapáine

134,76

DKK

krone na Danmhairge

7,4378

GBP

punt steirling

0,83490

SEK

krona na Sualainne

10,2593

CHF

franc na hEilvéise

1,0141

ISK

króna na hÍoslainne

141,60

NOK

krone na hIorua

9,5398

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,338

HUF

forint na hUngáire

370,93

PLN

zloty na Polainne

4,6265

RON

leu na Rómáine

4,9438

TRY

lira na Tuirce

16,1500

AUD

dollar na hAstráile

1,4374

CAD

dollar Cheanada

1,3647

HKD

dollar Hong Cong

8,5917

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,5657

SGD

dollar Shingeapór

1,4867

KRW

won na Cóiré Theas

1 330,81

ZAR

rand na hAfraice Theas

15,9529

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,9783

HRK

kuna na Cróite

7,5399

IDR

rupiah na hIndinéise

15 732,77

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6185

PHP

peso na nOileán Filipíneach

56,194

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,697

BRL

real na Brasaíle

5,0384

MXN

peso Mheicsiceo

21,7474

INR

rúipí na hIndia

82,6350


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 151/4


Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 151/04)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

Tagairt an chinnidh (2)

Dáta an Chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir an údaraithe

Uimhir údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2022) 1518

17 Márta 2022

4-(1,1,3,3-Tetra meitiolbúitil)feanól, eatocsailithe

(4-tert-OPnEO)

Uimh. CE: -,Uimh. CAS:-

Diagnostica Stago, 3 allée Thérésa, CS 10009, 92665, Asnières sur Seine, An Fhrainc

REACH/22/4/0

Úsáid thionsclaíoch le haghaidh a airíonna glantacha sa phróiseas lísithe ceall maidir le himoibreáin dhiagnóiseacha in vitro a tháirgeadh (tástálacha Asserachrom® HPIA, Asserachrom®® HPIA-IgG agus Asserachrom® PF4 agus STA®-Néoplastine® R15)

4 Eanáir 2028

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáidí na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach.

REACH/22/4/1

Úsáid thionsclaíoch chun méid na n-imoibrithe neamhshonracha i dtáirgeadh imoibrithe diagnóiseacha in vitro a rialú (tástálacha STA® – Liatest® D-Di)

4 Eanáir 2033


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Authorisation (europa.eu).


6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 151/5


Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

(2022/C 151/05)

De bhun Airteagal 9(1), pointe (a), de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), leasaítear leis seo na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:

Ar leathanach 374,

cuirtear an téacs seo a leanas in ionad an Nóta Míniúcháin a ghabhann leis na fo-cheannteidil AC “8701 91 10 go 8701 95 90 Eile, agus cumhacht a n-innill”:

“Áirítear leis na fo-cheannteidil sin feithiclí il-tír-raoin, mar a thugtar orthu, a dearadh lena n-úsáid mar tharracóirí. Bíonn feistithe, sna feithiclí ceithre roth sin, córas stiúrtha den chineál a bhíonn i ngluaisteáin (bunaithe ar phrionsabal Ackerman) agus a rialaítear le hanla, bíonn gaireas cúplála de chineál éigin orthu, nascaire tarraingthe, mar shampla, agus bíonn de shaintréithe teicniúla iontu gur féidir lód a tharraingt nó a bhrú leo, nó leantóir neamhchoscánaithe a tharraingt ar meáchan dó dhá oiread a meáchain thirim féin (is é sin meáchan na feithicle agus í gan leacht, gan phaisinéir agus gan lasta), nó níos mó ná sin.

Tugann na gnéithe seo a leanas tásc ar na saintréithe teicniúla a bhaineann go ginearálta leis na feithiclí atá faoi na fo-cheannteidil sin:

coscán ar gach roth;

crág uathoibríoch agus giar cúlaithe;

inneall arna shaindearadh le haghaidh úsáid na feithicle ar thír-raon achrannach agus é inniúil ar chumhacht leordhóthanach a chur ar fáil i ngiar cóimheasa ísil;

tarchuirtear an chumhacht go dtí na rothaí le fearsaidí tiomána;

trácht domhain ar na boinn, de réir dearadh a dhéanann oiriúnach iad le haghaidh tír-raon garbh.

Is féidir cruthúnas a chur ar fáil maidir leis an acmhainneacht tarraingthe, trí bhíthin doiciméadacht theicniúil, lámhleabhar úsáideora nó deimhniú ón monaróir nó ó údarás náisiúnta, ina sonraítear go beacht i gcileagraim an acmhainneacht tarraingthe atá san fheithicil il-tír-raoin, maille lena meáchan tirim.

I gcás ina bhfuil na feithiclí sin, de bhreis air sin, i gcomhréir leis an Nóta Míniúcháin a ghabhann le fo-cheannteideal 8701 91 10, is de réir chumhacht a n-innill atá siad le haicmiú, faoi fho-cheannteidil 8701 91 10, 8701 92 10, 8701 93 10, 8701 94 10 nó 8701 95 10, mar tharracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta. In aon chás eile, is faoi fho-cheannteidil 8701 91 90, 8701 92 90, 8701 93 90, 8701 94 90 nó 8701 95 90 a bheidh siad.”


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(2)  IO C 119, 29.3.2019, lch. 1.


6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 151/6


Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

(2022/C 151/06)

De bhun Airteagal 9(1)(a) de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1)(1), leasaítear leis seo na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:

Ar leathanach 51, sa Nóta Míniúcháin a ghabhann leis an gceannteideal AC “ 0712 Glasraí triomaithe, iad iomlán, gearrtha, slisnithe, briste nó i bpúdar, ach gan ullmhú thairis sin orthu ”, cuirtear isteach an mhír dheireanach nua seo a leanas:

0712

“Cóireáil teasa a dhéanamh chun an méid miocrorgánach a laghdú (e.g. le gal te) ar dhromchla an táirge, ceadaítear an chóireáil sin faoin gceannteideal seo, ar choinníoll go gcoinneoidh na táirgí saintréith na nglasraí triomaithe, nach ndearnadh tuilleadh ullmhúcháin orthu.”

Ar leathanach 52, sa Nóta Míniúcháin a ghabhann leis an gceannteideal AC “ 0714 Casabhach, ararút, salep, bliosáin ghréine, prátaí milse agus fréamhacha agus tiúbair chomhchosúla ina bhfuil cion mór stáirse nó ionúiline, iad úr, fuaraithe, reoite nó triomaithe, bídís slisnithe nó i bhfoirm millíní nó ná bídís; laíon sáig ”, cuirtear isteach an mhír dheireanach nua seo a leanas:

0714

“Cóireáil teasa a dhéanamh chun an méid miocrorgánach a laghdú (e.g. le gal te) ar dhromchla an táirge, ceadaítear an chóireáil sin i gcás na dtáirgí triomaithe atá faoin gceannteideal seo, ar choinníoll go gcoinneoidh na táirgí saintréith na bhfréamhacha agus na dtiúbar triomaithe, nach ndearnadh tuilleadh ullmhúcháin orthu thar an ullmhú leis na modhanna a cheadaítear faoin gceannteideal seo.”


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(2)  IO C 119, 29.3.2019, lch. 1.


6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 151/7


Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

(2022/C 151/07)

De bhun Airteagal 9(1)(a) de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), leasaítear leis seo na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:

Ar leathanach 31, sa Nóta Míniúcháin a ghabhann leis na fo-cheannteidil “ 0302 33 10 agus 0302 33 90 Boiníotó aigéanach ” cuirtear an téacs seo a leanas in ionad na míre deireanaí:

0302 33 10 agus 0302 33 90

“Ní chumhdaíonn na fo-cheannteidil seo an boiníotó Atlantach (Sarda sarda), boiníotó a bhfuil bandaí fiara ar a dhroim. Is faoi fho-cheannteideal 0302 49 90 a aicmítear an t-iasc sin, bíodh sé úr nó fuaraithe.”

Ar leathanach 32, i ndiaidh an Nóta Míniúcháin a ghabhann leis an bhfo-cheannteideal AC “ 0302 43 90 Saláin (Sprattus Sprattus) ” cuirtear isteach an téacs seo a leanas:

0302 49 90

Eile

Cuimsítear freisin iad seo a leanas faoin bhfo-cheannteideal seo:

1.

an boiníotó Atlantach (Sarda sarda), boiníotó a bhfuil bandaí fiara ar a dhroim, chomh maith le gach spéiceas eile Sarda;

2.

an caibeallán (Mallotus villosus).”

Ar leathanach 33, sa Nóta Míniúcháin a ghabhann leis an bhfo-cheannteideal “0302 89 90 Eile” cuirtear an téacs seo a leanas in ionad an téacs atá ann:

0302 89 90

Eile

Ar na héisc sáile a chuimsítear faoin bhfo-cheannteideal seo, tá siad seo a leanas:

1.

an troscán stopóige (Trisopterus luscus agus Trisopterus esmarki);

2.

an ciaradóir (Serranus spp.) agus an garúpach (Epinephelus spp.);

3.

an lannach riabhach (Mullus barbatus) agus an milléad dearg (Mullus surmuletus);

4.

an cnúdán (Trigla, Eutrigla, Aspitrigla, Lepidotrigla agus Trigloporus spp.);

5.

an scairpiasc (Scorpaena spp.);

6.

an loimpre mhara (Petromyzon marinus);

7.

an chorr uaine (Belone belone) agus an goineadóir (Trachinus spp.);

8.

an smealt (Osmerus spp.);

9.

éisc den spéiceas Kathetostoma giganteum.”

Ar leathanach 34, sa Nóta Míniúcháin a ghabhann leis an bhfo-cheannteideal “ 0305 63 00 Ainseabhaithe (Engraulis spp.) ” cuirtear an téacs seo a leanas in ionad an téacs atá ann:

0305 63 00

Ainseabhaithe (Engraulis spp.)

Is ainseabhaithe nach ndearnadh aon ullmhú breise orthu na hainseabhaithe faoi sháile atá faoin bhfo-cheannteideal seo. Cuirtear ar an margadh iad i mbairillí beaga nó, go minic, i gcrúscaí beaga nó i gcannaí a shéalaítear go heirméiteach agus nach ndéantar aon teaschóireáil orthu tar éis a ndúnta.”


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(2)  IO C 119, 29.3.2019, lch. 1.


6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 151/8


Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

(2022/C 151/08)

De bhun Airteagal 9(1)(a) de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1)(1), leasaítear leis seo na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:

Ar leathanach 111, sa Nóta Míniúcháin a ghabhann leis an bhfo-cheannteideal2403 99 10 Tobac coganta agus snaoiscuirtear an téacs seo a leanas in ionad an téacs atá ann:

2403 99 10

Tobac coganta agus snaois (tobac sróine)

Is éard atá i dtobac coganta tobac i bhfoirm rollaí, maidí, stiallacha, ciúbanna agus blocanna, atá ullmhaithe go speisialta le cogaint, ní a chaitheamh, agus a chuirtear ar fáil lena mhiondíol. Ní bhíonn an tobac meilte de ghnáth.

Is éard atá i snaois (tobac sróine) tobac i bhfoirm púdair thirim nó gránach, a ndearnadh cóireáil speisialta air ionas gur féidir é a ghlacadh mar shnaois (tobac sróine) ach nach ndéantar é a chaitheamh ná a thógáil de bhéal.

Ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha thuas, déantar táirgí ar cuid den ábhar atá iontu ábhar nach tobac atá ann a aicmiú faoin bhfo-cheannteideal seo.”


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(2)  IO C 119, 29.3.2019, lch. 1.


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 151/9


Faisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit maidir le hiamh iascaigh

(2022/C 151/09)

I gcomhréir le hAirteagal 35(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), rinneadh cinneadh an t-iascach a iamh mar a leagtar síos sa tábla seo a leanas:

Dáta agus am an iaimh

25.3.2022 ar 24:00 AUL

Fad tréimhse

25.3.2022 ar 24:00 AUL go dtí 30.6.2022

Ballstát

An tAontas Eorpach (Na Ballstáit uile)

Stoc nó Grúpa stoc

RED/N3M.

Speiceas

An phéirse mhara (Sebastes spp.)

Limistéar

NAFO 3M

Cineálacha soithí iascaireachta

Uimhir thagartha

01/TQ109


(1)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.


6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 151/10


Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 151/10)

Ballstát

An Spáinn

An t-aerbhealach lena mbaineann

Badajoz-Maidrid

Badajoz-Barcelona

Tréimhse bhailíochta an chonartha

2 bhliain tar éis thús na n-oibríochtaí, móide dhá bhliain bhreise (2) más gá.

An spriocdháta faoinar gá tairiscintí a chur isteach

Tráth nach luaithe ná 2 mhí tar éis dháta foilsithe an fhógra seo

An seoladh ónar féidir téacs an chuiridh chun tairisceana agus aon fhaisnéis agus/nó doiciméadacht ábhartha a fháil maidir leis an tairiscint phoiblí agus leis an oibleagáid seirbhíse poiblí

Ministerio de Transportes, Movilidad y Agenda Urbana

Dirección General de Aviación Civil

Subdirección General de Transporte Aéreo

Paseo de la Castellana 67

28071 Maidrid

ESPAÑA

Fón +34 915977505

Facs +34 915978643

Ríomhphost: osp.dgac@mitma.es


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 151/11


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10676 - NEXT / WP / PINK)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 151/11)

1.   

An 25 Márta 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Next Holdings Limited, fochuideachta ar lánúinéireacht de chuid Next plc (“Next”, an Ríocht Aontaithe),

Warburg Pincus LLC (“WP”, na Stáit Aontaithe),

Pink Topco Limited (“Pink”, Geirsí), faoi rialú WP.

Gheobhaidh Next agus WP rialú comhpháirteach ar Pink, atá faoi rialú aonair WP faoi láthair, de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is miondíoltóir bunaithe sa Ríocht Aontaithe é Next a dhíolann earraí brandáilte Next lena n-áirítear na hearraí seo a leanas: éadaí fear, éadaí ban, éadaí leanaí, fo-éadaí, coisbheart, earraí tí agus troscán, bronntanais agus bláthanna, i siopaí agus ar líne, lena n-áirítear in LEE,

Is gnólacht domhanda cothromais phríobháidigh é WP atá bunaithe sna Stáit Aontaithe agus ar lena chomhaltaí é, ar gnólacht é a bhfuil a chuid infheistíochtaí dírithe ar réimse earnálacha i Meiriceá Thuaidh, san Eoraip agus san Áise, lena n-áirítear na hearnálacha seo a leanas: tionsclaíoch, fuinneamh, seirbhísí airgeadais, cúram sláinte agus teicneolaíocht, na meáin agus teileachumarsáid, agus earraí tomhaltais, lena n-áirítear miondíol éadaí agus coisbheart,

Is é Pink úinéir an bhranda Reiss, atá gníomhach i ndíol earraí brandáilte Reiss lena n-áirítear na hearraí seo a leanas: éadaí fear, éadaí ban, coisbheart agus gabhálais, i siopaí agus ar líne, lena n-áirítear in LEE.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe maidir le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10676 – NEXT / WP / PINK

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.