ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 143

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
31 Márta 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 143/01

Teachtaireacht maidir le foilsiú mhéideanna an bhainne amh a tháirgtear dá dtagraítear in Airteagal 149(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

1


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2022/C 143/02

Cinneadh ón gComhairle an 29 Márta 2022 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tSeicia, don Fhrainc agus don tSualainn

3

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 143/03

Rátaí malairte an euro — 30 Márta 2022

5

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 143/04

Nuashonrú ar mhéideanna tagartha i ndáil le trasnú na dteorainneacha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

6

 

FÓGRAÍ A bhAineAnn LEIS An LimistéAr EorpAch EAcnAmAíoch

 

Údarás Faireacháin CSTE

2022/C 143/05

Luachanna tairsí dá dtagraítear i dTreoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE, 2014/25/AE agus 2009/81/CE, arna sloinneadh in airgeadraí náisiúnta Stáit CSTE

8

2022/C 143/06

Gan aon státchabhair de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE

9

2022/C 143/07

Státchabhair — Cinneadh gan aon agóid a dhéanamh

10

2022/C 143/08

Státchabhair – Cinneadh gan aon agóid a dhéanamh

11


 

V   Fógairtí

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 143/09

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

12

2022/C 143/10

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

28


GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

31.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 143/1


Teachtaireacht maidir le foilsiú mhéideanna an bhainne amh a tháirgtear dá dtagraítear in Airteagal 149(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)

(2022/C 143/01)

Sonraí bliantúla (1000 t)

Méideanna an bhainne amh a tháirgtear  (*2) dá dtagraítear in Airteagal 149(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

2020

An bhó

An chaora

An gabhar

An buabhall

BE

4 449,00

0,00

45,00

0,00

BG

881,76

76,48

31,28

15,93

CZ

3 267,73

0,04  (*3)

0,10  (*3)

0,00

DK

5 666,00

0,00

0,00

0,00

DE

33 164,91

6,70

16,28

1,00

EE

848,30

0,00

0,70

0,00

IE

8 561,47

0,00

0,00

0,00

EL

683,46

945,43

361,35

0,09

ES

7 606,07

556,25

523,90

0,00

FR

25 147,31

325,50

679,30

0,00

HR

596,00

7,00

9,00

0,00

IT

12 712,48

481,97

61,24

253,83

CY

275,16

37,90

34,34

0,00

LV

988,20

0,00

1,90

0,00

LT

1 488,00

0,00

3,67

0,00

LU

447,34

0,12

3,08

0,00

HU

2 014,33

1,61

3,06

0,00 n

MT

42,11

1,91

0,92

0,00

NL

14 522,00

0,00

407,00

3,00

AT

3 815,47

11,42

25,37

0,00

PL

14 821,82

0,54

8,51

0,00

PT

1 993,61

74,31

31,20

0,00

RO

3 679,60

426,00

240,80

16,10

SI

630,65

0,49

2,06

0,00

SK

917,69

11,39

0,46

0,00

FI

2 406,52

0,00

0,00

0,00

SE

2 772,74

0,00

0,00

0,00

AE-27

154 399,73

2 965,06

2 490,52

289,95


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(*1)  0,00: nialas nó níos lú ná 5 t

(*2)  Táirgeadh Bainne ar an bhfeirm in 2020 EUROSTAT – Táirgí NewCronos a Fuarthas

(*3)  Arna chur in iúl ag Ballstát agus/nó táirgeadh measta/ríofa


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

31.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 143/3


CINNEADH ÓN GCOMHAIRLE

an 29 Márta 2022

lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tSeicia, don Fhrainc agus don tSualainn

(2022/C 143/02)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena mbunaítear an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (1), agus go háirithe Airteagal 3 de,

Ag féachaint do liostaí na n-iarrthóirí a chuir Rialtais na mBallstát faoi bhráid na Comhairle,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Trí bhithín Chinneadh uaithi an 24 Feabhra 2022 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse ón 1 Márta 2022 go dtí an 28 Feabhra 2025.

(2)

Tá ainmniúcháin bhreise tíolactha ag rialtais na Seice, na Fraince agus na Sualainne i dtaca le roinnt post atá le líonadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceaptar, leis seo, na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse dar críoch an 28 Feabhra 2025:

I.   IONADAITHE RIALTAIS

Ballstát

Comhaltaí

Comhaltaí malartacha

An Fhrainc

Anne AUDIC

Nicolas BESSOT

Lucie MEDIAVILLA

An tSualainn

Anne-Sofie DALENG

Viktoria BERGSTRÖM

Magnus FALK

II.   IONADAITHE CEARDCHUMAINN

Ballstát

Comhaltaí

Comhaltaí malartacha

An tSeicia

Jiří VAŇÁSEK

Radka SOKOLOVÁ

An Fhrainc

Abderrafik ZAIGOUCHE

Edwina LAMOUREUX

Jean-Paul ZERBIB

An tSualainn

Cyrene WAERN

Karin FRISTEDT

Ulrika HAGSTRÖM

III.   IONADAITHE FOSTÓIRÍ

Ballstát

Comhaltaí

Comhaltaí malartacha

An tSeicia

Miroslav HORKÝ

Martin RÖHRICH

Martina KROUPOVÁ

An Fhrainc

Franck GAMBELLI

Nathalie BUET

Patrick LEVY

An tSualainn

Cecilia ANDERSSON

Malin NILSSON

Tommy LARSSON

Airteagal 2

Ceapfaidh an Chomhairle na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha nár ainmníodh fós tráth níos déanaí.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. TAQUET


(1)  IO C 218, 13.9.2003, lch. 1.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C 92, 25.2.2022, lch. 1).


An Coimisiún Eorpach

31.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 143/5


Rátaí malairte an euro (1)

30 Márta 2022

(2022/C 143/03)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,1126

JPY

yen na Seapáine

135,47

DKK

krone na Danmhairge

7,4391

GBP

punt steirling

0,84563

SEK

krona na Sualainne

10,3498

CHF

franc na hEilvéise

1,0309

ISK

króna na hÍoslainne

142,20

NOK

krone na hIorua

9,6398

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,450

HUF

forint na hUngáire

368,13

PLN

zloty na Polainne

4,6679

RON

leu na Rómáine

4,9477

TRY

lira na Tuirce

16,3296

AUD

dollar na hAstráile

1,4809

CAD

dollar Cheanada

1,3891

HKD

dollar Hong Cong

8,7081

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,5947

SGD

dollar Shingeapór

1,5064

KRW

won na Cóiré Theas

1 346,97

ZAR

rand na hAfraice Theas

16,1288

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,0666

HRK

kuna na Cróite

7,5720

IDR

rupiah na hIndinéise

15 957,24

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6779

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,906

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,144

BRL

real na Brasaíle

5,2808

MXN

peso Mheicsiceo

22,1557

INR

rúipí na hIndia

84,3800


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

31.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 143/6


Nuashonrú ar mhéideanna tagartha i ndáil le trasnú na dteorainneacha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (1)

(2022/C 143/04)

Na méideanna tagartha i ndáil le trasnú na dteorainneacha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (2), foilsítear an liosta sin ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39 de Chód Teorainneacha Schengen.

Chomh maith lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tá nuashonrú míosúil ar fáil ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile.

MÉIDEANNA TAGARTHA IS GÁ CHUN NA TEORAINNEACHA SEACHTRACHA A THRASNÚ, ARNA LEAGAN SÍOS AG NA hÚDARÁIS NÁISIÚNTA

AN SPÁINN

Le cur in ionad na faisnéise a foilsíodh in IO C 486, 3.12.2021, lch. 26.

Suitear in Airteagal 1 d’Ordú PRE/1282/2007 an 10 Bealtaine 2007 maidir leis an acmhainn airgeadais nach mór do náisiúnaigh eachtracha cruthúnas a thabhairt ina leith chun go bhféadfaidís teacht isteach sa Spáinn “nach mór don mhéid atá le cruthú a bheith cothrom le 10 % den olltuarastal íosta idirghairme in euro nó lena choibhéis dhlíthiúil in airgeadra eachtrach arna iolrú faoi líon laethanta a bheartóidh siad fanacht sa Spáinn agus faoi líon na ndaoine atá ag taisteal faoina gcúram”.

Suitear i bhForaithne Ríoga 152/2022 an 22 Feabhra 2022, ina leagtar amach an pá íosta idirghairme, a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Stáit uimhir 46 an 23 Feabhra 2022, méid an phá íosta idirghairme a bheidh i bhfeidhm ó 1 Eanáir 2022, á socrú ag 33.33 euro in aghaidh an lae nó 1 000 euro in aghaidh na míosa, ag brath ar cé acu a shocraítear an pá i laethanta nó i míonna.

De réir an nuashonraithe ar mhéid an phá íosta idirghairme arna shocrú ag FR 152/2022 an 22 Feabhra 2022, ní mór d’eachtrannaigh a bhfuil sé beartaithe acu teacht isteach ar an gcríoch náisiúnta a chruthú i gcónaí go bhfuil íosmhéid 100 euro in aghaidh an duine in aghaidh an lae acu, agus ní mór dóibh siúd a bhfuil sé i gceist acu fanacht sa Spáinn a chruthú go bhfuil íosmhéid 900 euro nó a choibhéis dlí in airgeadra eachtrach acu, ar choinníoll go n-éilíonn na hoifigigh an méid sin ar eachtrannaigh, sin iad na hoifigigh a bhfuil sé de chúram orthu teacht isteach ar chríoch na Spáinne a rialú, agus go bhfuil sé i gcomhréir le téarmaí an Ordaithe thuasluaite.

Liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo

IO C 247, 13.10.2006, lch. 19.

IO C 77, 5.4.2007, lch. 11.

IO C 153, 6.7.2007, lch. 22.

IO C 164, 18.7.2007, lch. 45.

IO C 182, 4.8.2007, lch 18.

IO C 57, 1.3.2008, lch. 38.

IO C 134, 31.5.2008, lch. 19.

IO C 331, 31.12.2008, lch. 13.

IO C 33, 10.2.2009, lch 1.

IO C 36, 13.2.2009, lch 100.

IO C 37, 14.2.2009, lch. 8.

IO C 98, 29.4.2009, lch. 11.

IO C 35, 12.2.2010, lch. 7.

IO C 304, 10.11.2010, lch. 5.

IO C 24, 26.1.2011, lch. 6.

IO C 157, 27.5.2011, lch. 8.

IO C 203, 9.7.2011, lch. 16.

IO C 11, 13.1.2012, lch. 13.

IO C 72, 10.3.2012, lch. 44.

IO C 199, 7.7.2012, lch. 8.

IO C 298, 4.10.2012, lch. 3.

IO C 56, 26.2.2013, lch. 13.

IO C 98, 5.4.2013, lch. 3.

IO C 269, 18.9.2013, lch. 2.

IO C 57, 28.2.2014, lch. 2.

IO C 152, 20.5.2014, lch. 25.

IO C 224, 15.7.2014, lch. 31.

IO C 434, 4.12.2014, lch. 3.

IO C 447, 13.12.2014, lch. 32.

IO C 38, 4.2.2015, lch. 20.

IO C 96, 11.3.2016, lch. 7.

IO C 146, 26.4.2016, lch. 12.

IO C 248, 8.7.2016, lch. 12.

IO C 111, 8.4.2017, lch. 11.

IO C 21, 20.1.2018, lch. 3.

IO C 93, 12.3.2018, lch. 4.

IO C 153, 2.5.2018, lch. 8.

IO C 186, 31.5.2018, lch. 10.

IO C 264, 26.7.2018, lch. 6.

IO C 366, 10.10.2018, lch. 12.

IO C 459, 20.12.2018, lch. 38.

IO C 140, 16.4.2019, lch 7.

IO C 178, 28.5.2020, lch 3.

IO C 102, 24.3.2021, lch 8.

IO C 486, 3.12.2021, lch 26.


(1)  Féach liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo ag deireadh an nuashonraithe seo.

(2)  IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.


FÓGRAÍ A bhAineAnn LEIS An LimistéAr EorpAch EAcnAmAíoch

Údarás Faireacháin CSTE

31.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 143/8


Luachanna tairsí dá dtagraítear i dTreoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE, 2014/25/AE agus 2009/81/CE, arna sloinneadh in airgeadraí náisiúnta Stáit CSTE

(2022/C 143/05)

Tairseacha in EUR

Tairseacha in NOK

Tairseacha in CHF

Tairseacha in ISK

80 000

835 914

86 501

12 023 995

140 000

1 462 850

151 377

21 041 991

215 000

2 246 520

232 472

32 314 487

431 000

4 503 489

466 025

64 779 274

750 000

7 836 697

810 949

112 724 954

1 000 000

10 448 930

1 081 265

150 299 939

5 382 000

56 236 143

5 819 373

808 914 275


31.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 143/9


Gan aon státchabhair de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE

(2022/C 143/06)

Measann Údarás Faireacháin CSTE nach státchabhair é an beart seo a leanas de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE:

Dáta glactha an chinnidh

An 15 Nollaig 2021

Uimhir an Cháis

87779

Uimhir an Chinnidh

288/21/COL

Stát CSTE

An Iorua

Teideal (agus/nó ainm an tairbhí)

The Ocean Space Centre

Bunús dlí

Buiséad stáit 2022 na hIorua

An cineál birt

Ad hoc

Cuspóir

Taighde, forbairt agus nuálaíocht

An cineál cabhrach

Deontas

Buiséad

Suas le NOK 8 154  mhilliún (meastachán P85)

Déine

100 %

Fad tréimhse

2022 – 2029 (meastachán)

Earnálacha eacnamaíocha

P.85.4 – Ardoideachas

M.72.1 – Taighde agus forbairt thrialach maidir leis na heolaíochtaí nádúrtha agus leis an innealtóireacht

M.72.19 – Taighde agus forbairt thrialach eile maidir leis na heolaíochtaí nádúrtha agus leis an innealtóireacht

Ainm agus seoladh an údaráis deonúcháin

The Ministry of Trade, Industry and Fisheries [An Aireacht Trádála, Tionscail agus Iascaigh]

PO Box 8090 Dep

0032 Osló, an Iorua

The Ministry of Local Government and Modernisation [An Aireacht Rialtais Áitiúil agus Nuachóirithe]

Postboks 8112 Dep

0032 Osló, an Iorua

Téacs barántúil an chinnidh, dár baineadh an fhaisnéis rúnda uile, tá sé sin ar fáil ar shuíomh gréasáin Údarás Faireacháin CSTE:

http://www.eftasurv.int/state-aid/state-aid-register/decisions/


31.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 143/10


Státchabhair — Cinneadh gan aon agóid a dhéanamh

(2022/C 143/07)

Ní dhéanann Údarás Faireacháin CSTE aon agóid i gcoinne an bhirt státchabhrach seo a leanas:

Dáta glactha an chinnidh

An 14 Nollaig 2021

Uimhir an Cháis

87845

Uimhir an Chinnidh

290/21/COL

Stát CSTE

An Iorua

Teideal (agus/nó ainm an tairbhí)

COVID-19 – Fadú agus leasuithe ar bhratscéim de chuid na hIorua le haghaidh tacaíocht leachtachta do ghnóthais i mbardais ar chuir paindéim COVID-19 isteach orthu

Bunús dlí

Togra buiséid ón Rialtas, Togra 79 S (2020 – 2021) arna fhormheas an 23 Feabhra 2021

Déantar cur síos ar théarmaí agus coinníollacha an bhirt sna litreacha sannta chuig na bardais, arna n-eisiúint ag an Aireacht Rialtais Áitiúil agus Nuachóirithe

Caibidil 6 den Rialachán maidir le bainistíocht eacnamaíoch d’údaráis náisiúnta arna gceadú ar fhoraithne Ríoga amhail ón 12 Nollaig 2003, baineann an chaibidil sin le hábhar

An cineál birt

Scéim

Cuspóir

Rochtain ar leachtacht a áirithiú do ghnóthais a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar ghanntanas/easpa thobann leachtachta mar thoradh ar thionchar phaindéim COVID-19 ar an ngeilleagar agus ar na bearta rialaithe ionfhabhtuithe áitiúla nó náisiúnta a d’eascair as sin

An cineál cabhrach

Deontais dhíreacha

Buiséad

Is é NOK 4.55 billiún an buiséad uasta measta

Déine

Leis an mbeart, cuirtear creat ar fáil do na bardais/na contaetha réigiúnacha go léir faoina bhféadfaidh siad cabhrú le gnóthais áitiúla a bhfuil costais bhreise nó caillteanais mhéadaithe orthu. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh éagsúlacht a bheith ann maidir leis an ngá le cistí éagsúla

Fad tréimhse

Go dtí an 30 Meitheamh 2022

Earnálacha eacnamaíocha

D’fhéadfadh éagsúlacht a bheith ann maidir le hearnálacha nó gnóthais faoi na scéimeanna bardasacha/contae éagsúla. Níl feidhm ag an mbeart maidir le gnóthais atá maoinithe go hiomlán ag údaráis phoiblí agus níl sé ar fáil don earnáil airgeadais, áfach

Ainm agus seoladh an údaráis deonúcháin

Is í an Aireacht Rialtais Áitiúil agus Nuachóirithe an t-údarás atá freagrach as an mbeart agus as an gcreat a shainiú faoinar féidir leis na bardais agus na contaetha réigiúnacha scéimeanna áitiúla a oiriúnú agus tosaíocht a thabhairt dóibh

Faisnéis eile

 

Téacs barántúil an chinnidh, dár baineadh an fhaisnéis rúnda uile, tá sé sin ar fáil ar shuíomh gréasáin Údarás Faireacháin CSTE: http://www.eftasurv.int/state-aid/state-aid-register/decisions/


31.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 143/11


Státchabhair – Cinneadh gan aon agóid a dhéanamh

(2022/C 143/08)

Ní dhéanann Údarás Faireacháin CSTE aon agóid i gcoinne an bhirt státchabhrach seo a leanas:

Dáta glactha an chinnidh

An 16 Nollaig 2021

Uimhir an Cháis

87895

Uimhir an Chinnidh

294/21/COL

Stát CSTE

An Iorua

Teideal (agus/nó ainm an tairbhí)

Renewal of COVID-19 Guarantee scheme [Scéim Ráthaíochta COVID-19 a athnuachan]

Bunús dlí

Forskrift om endring i forskrift 27. mars 2020 nr. 490 til lov om statlig garantiordning for lån til små og mellomstore bedrifter, FOR-2020-03-27-490

An cineál birt

Scéim

Cuspóir

Rochtain ar leachtacht a áirithiú do ghnóthais a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar ghanntanas tobann leachtachta mar gheall ar ráig COVID-19

An cineál cabhrach

Ráthaíochtaí poiblí

Buiséad

NOK 50 billiún (don scéim arna leasú)

Fad tréimhse

Go dtí an 30 Meitheamh 2022

Earnálacha eacnamaíocha

Gach earnáil

Ainm agus seoladh an údaráis deonúcháin

GIEK, The Norwegian Export Credit Guarantee Agency [Gníomhaireacht na hIorua um Ráthaíocht Creidmheasa Onnmhairiúcháin]

Pb 1763 Vika

N-0122 Osló

AN IORUA

Téacs barántúil an chinnidh, dár baineadh an fhaisnéis rúnda uile, tá sé sin ar fáil ar shuíomh gréasáin Údarás Faireacháin CSTE:

http://www.eftasurv.int/state-aid/state-aid-register/decisions/


V Fógairtí

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

31.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 143/12


Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 143/09)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AG ATHRÚ AN DOICIMÉID AONAIR

“Σαντορίνη” (Santorini)

PDO-GR-A1065-AM01

Dáta teachtaireachta: 31 Eanáir 2021

TUAIRISC AR AGUS CÚISEANNA LEIS AN LEASÚ FORMHEASTA

1.   Maidir le fíon geal tirim ag a bhfuil STFC Santorini, méadaíodh an t-íosmhéid den chineál fíonchaoire Assyrtiko ó 75 % go 85 %

Leis an gcéatadán méadaithe sin feabhsaítear an cháilíocht fíona a tháirgtear. Go sonrach, táirgeann sé fíonta geala atá an-chomhdhlúite a mbaineann saintréithe fíneálta agus mianracha leo. Déantar fíonta Vinsanto as fíonchaora rísínithe, Assyrtiko den chuid is mó, agus bíonn siad saibhir, casta agus láidir. Mar gheall ar an gcáilíocht fheabhsaithe, agus ar éilimh éagsúla an mhargaidh sa lá atá inniu ann, úsáideann saothróirí fíona Assyrtiko i gcainníochtaí níos mó ná sin fiú. I dtromlach na gcásanna, úsáideann siad níos mó ná 90 %. Thairis sin, níl ach aon chineál fíonchaoire amháin sna fíonghoirt a cuireadh le déanaí ná i bhfíonghoirt athstruchtúraithe ar Santorini, agus is é Assyrtiko atá le fáil sa chuid is mó díobh.

Leasaíodh na caibidlí maidir le “Cleachtais fíoneolaíochta” agus “Cineálacha fíonchaor atá údaraithe”.

2.   Laghdaíodh uastáirgeacht na bhfíonghort maidir le fíon ag a bhfuil STFC Santorini ó 8 000 cileagram in aghaidh an heicteáir go 6 500 cileagram in aghaidh an heicteáir

Léirítear i staidreamh táirgeachta fíonchaor le blianta beaga anuas go bhfuil an meántoradh fíonghoirt thart ar 3 000 cileagram in aghaidh an heicteáir, agus mar gheall ar chleachtais fíonsaothraithe nua-aimseartha, ní sháraíonn na huastáirgeachtaí 6 500 cileagram in aghaidh an heicteáir. Chun an táirge a chosaint agus a fheabhsú, is gá an uastáirgeacht in aghaidh an heicteáir a oiriúnú i bhfianaise na sonraí nua, agus an uastáirgeacht sin a laghdú go 6 500 cileagram in aghaidh an heicteáir.

Leasaíodh an chaibidil ar “Uastáirgeacht(aí) in aghaidh an heicteáir”.

3.   Níor cheart an méid siúcra i bhfíonta geala ag a bhfuil STFC Santorini a bheith níos airde ná 4 ghram in aghaidh an lítir, ná 9 ngram in aghaidh an lítir faoi dhálaí áirithe

Tugadh méid siúcra fíonta geala tirime ag a bhfuil STFC Santorini chun bheith comhlíontach le Cuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33. Go sonrach, ní sháraíonn sé “4 ghram in aghaidh an lítir, ná 9 ngram in aghaidh an lítir, ar choinníoll nach bhfuil an aigéadacht iomlán, arna cur in iúl mar ghram d’aigéad tartarach in aghaidh an lítir, níos mó ná 2 ghram níos lú ná an méid siúcra iarmharaigh”. An pH an-íseal a bhaineann le fíonta ag a bhfuil STFC Santorini, is minic a bhíonn fíonta atá éagothrom nuair a bhlaistear iad mar thoradh air sin. Leis an méid siúcra a bheartaítear agus an coinníoll a luaitear thuas, cruthaítear cothromaíocht mhaith siúcraí agus aigéadachta.

Leasaíodh an chaibidil maidir le “Tuairisc ar na fíonta”, go sonrach an chuid maidir le “Saintréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha an fhíona ghil thirim”.

4.   Cuireadh an téarma “Nykteri”-“NYKTERI” isteach in ionad na an téarma thraidisiúnta sa chló Laidine “Νυχτέρι”

Leagtar síos in Airteagal 13 de Chinneadh Aireachta Uimh. 235309/7.2.2002, lena bhfaomhtar téarmaí traidisiúnta le haghaidh fíonta (Iris an Rialtais, Sraith II, Uimh. 179/19.2.2002), na coinníollacha a bhaineann leis an téarma “ΝΥΧΤΕΡΙ-Nykteri” a úsáid le haghaidh fíonta geala tirime ag a bhfuil an sonrúchán “Cáilíocht Níos Fearr de Shonrúchán Tionscnaimh Santorini”. Leis an leasú sin tugadh an tsonraíocht táirge chun bheith comhlíontach leis an reachtaíocht náisiúnta.

Leasaíodh an chaibidil maidir le “Ceanglais is infheidhme”, go háirithe an roinn maidir le “Téarmaí traidisiúnta”.

5.   Focail a scriosadh ón gcaibidil maidir le cleachtais fíoneolaíochta

Sa chaibidil maidir le cleachtais fíoneolaíochta le haghaidh fíon geal tirim, baineadh an tuairisc seo a leanas ar mhodh fíonóireachta: “arna tháirgeadh trí bhíthin brúiscthe roimh an gcoipeadh, agus síothlú agus ionaclú ina dhiaidh sin le giostaí íona roghnaithe lena léirítear an tíopacht aramatach”. Baineadh an abairt sin mar ní léirítear cleachtas fíoneolaíochta áirithe léi.

Leasaíodh an chaibidil maidir le “Cleachtais fíoneolaíochta”.

6.   Comhad teicniúil STFC Santorini a nuashonrú

I gcomhthéacs na gcomhad teicniúil a nuashonrú, cuireadh na hathruithe seo a leanas i bhfeidhm ar an tsonraíocht faoin táirge:

i)

meascadh an nasc leis an limistéar geografach le haghaidh fíon licéir ó fhíonchaora rísínithe leis an nasc leis an limistéar geografach le haghaidh fíon atá milis go nádúrtha/fíon ó fhíonchaora rísínithe mar is beag an difríocht atá eatarthu;

ii)

cuireadh forálacha náisiúnta leis agus cuireadh isteach in ionad forálacha eile sna ceanglais agus sna rialuithe is infheidhme iad maidir le fíonta ag a bhfuil STFC agus TGFC;

iii)

athraíodh sonraí na n-údarás rialaithe inniúil.

Meascadh na caibidlí maidir le “Nasc leis an limistéar geografach le haghaidh fíon atá milis go nádúrtha/fíon ó fhíonchaora rísínithe” agus “Nasc leis an limistéar geografach le haghaidh fíon licéir ó fhíonchaora rísínithe”.

Leasaíodh na caibidlí maidir le “Ceanglais is infheidhme” agus “Sonraí ar údaráis agus comhlachtaí rialaithe”.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Σαντορίνη (Santorini)

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

3.

Fíon licéir

15.

Fíon ó fhíonchaora rísínithe

4.   TUAIRISC AR AN bhfíon (AR NA FÍONTA)

1.   Fíon geal tirim

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cuma: dath buí scothghlas geal.

Dea-bholadh: boladh casta le dea-bholaithe de thorthaí citris, blasanna oráiste agus craiceann líomóide agus cúlbholaithe cruach atá saintréitheach don fhíon.

Blas: blas láidir agus aigéadacht chothrom a thugann struchtúr dó, ag áirithiú go bhfuil iarbhlas úr ann.

Neart alcóil nádúrtha íosta: 12 %

Íosmhéid nirt alcóil iomlán: 12 %

Méid iomlán siúcra: Méid iomlán siúcra: 0-4 ghram in aghaidh an lítir, nó suas go 9 ngram in aghaidh an lítir ar choinníoll nach bhfuil an aigéadacht iomlán, arna chur in iúl mar ghram d’aigéad tartarach in aghaidh an lítir, níos mó ná 2 ghram níos lú ná an méid siúcra iarmharaigh.

Maidir leis an neart alcóil iomlán uasta, tá feidhm ag na luachanna dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

12

Íosmhéid aigéadachta iomláine

5,5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

200

2.   Fíon licéir ó fhíonchaora rísínithe

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cuma: idir oráiste agus buí le himireacha órga ann a athraíonn le bheith donn nuair a aosaítear an fíon. I bhfíonta a dhéantar a aosú ar fheadh tréimhsí fada, athraíonn an dath níos dorcha agus imireacha deargdhonna ann.

Dea-bholadh: dea-bholadh láidir agus casta, le bolaithe spíosraí, meala agus rísíní agus bolaithe de bhláthanna líomóide ina dhiaidh sin. Le linn an aosaithe, éiríonn na dea-bholaithe níos láidre agus níos casta.

Blas: tá an blas cothromaithe go héifeachtach le haigéadacht an chineáil fíonchaoire. Blas iomlán, mín ar an bhfíon, le blasanna de mhil agus líomóid. Tá an t-iarbhlas fada agus aramatach ach go háirithe.

Íosmhéid nirt alcóil iomlán: 21 % toirte

Neart alcóil iarbhír uasta: 22 % toirte

Is é 400 milleagram in aghaidh an lítir an t-uasmhéid dé-ocsaíde sulfair a cheadaítear i bhfíonta milse a tháirgtear ó fhíonchaora rísínithe ag a bhfuil méid siúcra iarmharaigh, arna chur in iúl mar shiúcra, atá cothrom le, nó níos mó ná 45 ghram in aghaidh an lítir (i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún).

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

15

Íosmhéid aigéadachta iomláine

5,5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

30

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

400

3.   Fíon geal atá milis go nádúrtha/fíon rísínithe

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cuma: idir oráiste agus buí le himireacha órga ann a athraíonn le bheith donn nuair a aosaítear an fíon.

Dea-bholadh: dea-bholadh láidir agus casta, le bolaithe spíosraí, meala agus rísíní agus bolaithe de bhláthanna líomóide ina dhiaidh sin.

Blas: tá an blas milis cothromaithe go héifeachtach le haigéadacht an chineáil fíonchaoire. Blas iomlán, mín ar an bhfíon, le blasanna de mhil agus líomóid. Tá an t-iarbhlas fada agus aramatach ach go háirithe.

Neart alcóil nádúrtha íosta roimh an rísíniú: 15 % toirte

Neart alcóil nádúrtha íosta i ndiaidh an rísínithe: 21 % de réir toirte.

Íosmhéid nirt alcóil iomlán: 21 % toirte

Maidir leis an neart alcóil iomlán uasta, tá feidhm ag na luachanna dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha an Aontais.

Is é 400 milleagram in aghaidh an lítir an t-uasmhéid dé-ocsaíde sulfair a cheadaítear i bhfíonta milse a tháirgtear ó fhíonchaora rísínithe ag a bhfuil méid siúcra iarmharaigh, arna chur in iúl mar shiúcra, atá cothrom le, nó níos mó ná 45 ghram in aghaidh an lítir (i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún).

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

5,5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

30

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

400

5.   Cleachtais maidir le fíonóireacht

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta áirithe

1.   Fíonta geala tirime a tháirgeadh

Srianta a bhaineann le fíonóireacht

Déantar fíon geal ag a bhfuil STFC Santorini as 85 % ar a laghad d’fhíonchaora Assyrtiko. Is iad fíonchaora Aidani agus Athiri a dhéanann an céatadán eile. Úsáidtear an modh clasaiceach fíonóireachta le haghaidh fíon geal a úsáidtear. Níor cheart an teocht le linn an choipthe alcóil a bheith níos airde ná 20 °C.

2.   Fíon licéir a tháirgeadh ó fhíonchaora rísínithe

Srianta a bhaineann le fíonóireacht

Is as fíon atá milis go nádúrtha/fíon rísínithe a dhéantar fíon licéir as fíonchaora rísínithe ag a bhfuil STFC Santorini, agus cuirtear an méid a leanas leis:

d’alcól neodrach de thionscnamh fíonmhar, lena n-áirítear alcól arna tháirgeadh ó dhriogadh fíonchaor triomaithe, ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 96 % de réir toirte;

fíon nó driogáit fíonchaor triomaithe, ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 52 % toirte agus nach mó ná 86 % toirte;

táirgí ón dá rud a luaitear thuas in éineacht le húrfhíon ó fhíonchaora rísínithe de na cineálacha céanna a úsáidtear chun fíon atá milis go nádúrtha a dhéanamh;

biotáille a dhriogtar as fíon, ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 52 % toirte agus nach mó ná 86 % toirte;

biotáille rísín ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 52 % toirte agus nach mó ná 94,5 % toirte;

Cuirtear na táirgí thuasluaite leis faoin 31 Bealtaine den bhliain a thagann díreach i ndiaidh na bliana táirgeachta.

3.   Córais treoraithe fíniúnacha

An modh saothraithe

Treoraítear na fíniúnacha ag úsáid foirmeacha traidisiúnta cuach de chuid Santorini, cuach corntha, a dtugtar cruth na corónach air, agus cuach le gais i bhfonsa agus le gais dhíreacha.

4.   Fíon atá milis go nádúrtha/fíon geal rísínithe

Srianta a bhaineann le fíonóireacht

Déantar fíon geal atá milis go nádúrtha/fíon geal as fíonchaora rísínithe ag a bhfuil STFC Santorini ó 51 % ar a laghad d’fhíonchaora den chineál Assyrtiko. Is as cineálacha fíonchaor Aidani agus Athiri agus méideanna beaga de chineálacha geala “iasachta” a fhástar go traidisiúnta ar an ngrúpa oileán Santorini agus Thirasia a dhéantar an chuid eile. Go háirithe, is iad Gaidouria, Katsano, Moschato geal, Monemvassia, Platani, Potamissi agus an cineál dearg atá mín, is é sin Roditis. Buantar na fíonchaora nuair atá siad ró-aibí agus fágtar iad amuigh faoin ngrian le triomú i bpáirt. Roimh an rísíniú, ní mór do mhéid siúcra na fíonchaoire a bheith 260 gram in aghaidh an lítir ar a laghad. I ndiaidh an rísínithe, tá an méid siúcra ag 370 gram in aghaidh an lítir. Tagann an siúcra agus an t-alcól sa táirge deiridh ó fhíonchaora a ndéantar fíon díobh, amháin. Ní cheadaítear na nithe a leanas a chur leis roimh, le linn, ná i ndiaidh an choipthe: úrfhíon fíonchaor thiubhaithe, úrfhíon fíonchaor thiubhaithe choigeartaithe, alcól agus táirgí driogtha.

5.   Cleachtais fíoneolaíochta áirithe a úsáidtear chun na fíonta a dhéanamh

Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Chun an sonrúchán “Επιλεγμένος” nó “Réserve” a úsáid le haghaidh fíonta geala tirime ag a bhfuil STFC Santorini, ní mór do na fíonta a bheith tar éis dul faoi phróiseas aibithe iomláin a mhair 1 bhliain amháin ar a laghad, inar chaith siad na 6 mhí dheireanacha ar a laghad i mbairillí darach agus 3 mhí sa bhuidéal.

Chun an sonrúchán “Ειδικά Επιλεγμένος” nó “Grande Réserve” a úsáid le haghaidh fíonta geala tirime ag a bhfuil STFC Santorini, ní mór do na fíonta a bheith tar éis dul faoi phróiseas aibithe iomláin a mhair 2 bhliain ar a laghad, inar chaith siad 12 mhí ar a laghad i mbairillí darach agus 6 mhí sa bhuidéal.

Maidir le fíonta Vinsanto, is iad sin “fíon atá milis go nádúrtha/fíon ó fhíonchaora rísínithe” nó “fíon licéir ó fhíonchaora rísínithe”, tá tréimhse íosta éigeantach ann de 24 mhí le haghaidh aosú ocsaídiúcháin, próiseas a tharlaíonn nuair atá an fíon i mbairillí darach. Is ar na hoileáin Santorini agus Thirasia amháin a tharlaíonn an tréimhse aosaithe ocsaídiúcháin iomlán, beag beann ar fhad na tréimhse sin.

Sonraítear na tásca aosaithe a bhaineann le fíonta Vinsanto:

Ciallaíonn “Bliain [bliain áirithe]” gur buanadh na fíonchaora sa bhliain a luaitear amháin, agus gur comhlíonadh an t-íoscheanglas maidir le 2 bhliain aosaithe ocsaídiúcháin.

“Aosaithe ar feadh x bliana”, ina dtagraíonn x don íoslíon blianta aosaithe ocsaídiúcháin, a suíodh ag 4, 8, 12, 16, etc., agus 4 bliana eatarthu.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

Táirgeacht uasta an táirge deiridh i heictilítir in aghaidh an heicteáir

50 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

Táirgeacht uasta na bhfíonchaor i gcileagraim in aghaidh an heicteáir

6 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Cumhdaítear na hoileáin Santorini agus Thirasia leis an limistéar táirgthe críochaithe le haghaidh fíonta STFC.

7.   Príomhchineál(acha) fíonchaor

 

Aidani Aspro B

 

Athiri Β

 

Assyrtiko B

 

Gaidouria B

 

Katsano B

 

Monemvassia B - Monovassia, Monomvassitiko

 

Moschato Aspro B

 

Platani B

 

Potamissi B

 

Roditis Rs - Alepou

8.   Tuairisc ar an nasc(na naisc)

8.1.   Cáilíocht agus nasc stairiúil, cultúrtha agus sóisialta agus comhshaol geografach an fhíona ghil

Cáilíocht

Tá na fíonghoirt in Santorini i measc na bhfíonghort is sine ar domhan, agus iad ann ón ré réamhstairiúil. Tá an traidisiún a bhaineann le fíonsaothrú ann ar feadh 3 500 bliain ar a laghad. Ciallaíonn an aeráid uathúil, in éineacht leis an gcomhdhéanamh ithreach, go mbaineann saintréithe den chéad scoth leis na cineálacha fíonchaoire a úsáidtear sa phróiseas fíonóireachta. Luaitear saintréithe orgánaileipteacha iontacha an fhíona i dtuairiscí ó thaistealaithe ón 19ú haois. Tá na saintréithe sin ann mar gheall ar an éifeacht atá ag an gcomhshaol nádúrtha ar na fíonchaora agus, dá réir sin, ar fhíonta Santorini. An tráth sin, bhí an tóir ar fhíon ó Santorini ar an gcoigcríoch. I bhfianaise an nirt alcóil ard a bhaineann leis an bhfíon, díoladh é ar feadh blianta fada chun fíonta ó limistéir eile a raibh neart íseal alcóil iontu a threisiú.

Anuas ar an tsuntasacht stairiúil a bhaineann leo, tá na fíonghoirt suntasach sa lá atá inniu ann mar gheall go dtáirgeann siad fíonta uathúla a léiríonn ithir leithleach Santorini agus talamh uathúil fhíonghoirt an oileáin de réir mar a aosaítear iad.

Sa lá atá inniu ann, baineann táirgeoirí fíona an leas is fearr as na fíonchaora, ag léiriú measa dá saintréithe orgánaileipteacha. Táirgeann siad fíonta lena mbaineann cáilíocht ard, a aithnítear i gcomórtais idirnáisiúnta, sa Ghréig agus ar an gcoigríoch.

Chun an nasc idir na fíonta ag a bhfuil STFC Santorini agus an cháilíocht a bhaineann leo a chosaint, bíonn na fíonta faoi réir scrúdú orgánaileipteach gach bliain ag coiste bunaithe. Ní féidir fíonta nach gcomhlíonann na sonraíochtaí ábhartha a chur ar fáil mar fhíonta ag a bhfuil STFC Santorini.

Léiríodh i staidéar a rinne Ollscoil Talmhaíochta na hAithne go raibh líon ard feanólach bithghníomhach go háirithe i bhfíonta Santorini, mar gheall ar an modh treoraithe uathúil faoina n-úsáidtear an cruth ciseáin traidisiúnta. Tá an modh saothraithe fíniúna saintréitheach sin in úsáid in Santorini ó na cianaoiseanna, agus tá an modh sin comhsheasmhach ina iomláine leis na gnéithe saothraithe eile, mar a leanas: I) an ithir shainiúil, atá gainmheach le meascán de shlíogart agus luaith, ar mhórán maignéisiam, cailciam agus iarainn, agus acmhainneacht shuntasach aici chun uisce a ionsú; II) aeráid na Meánmhara ina bhfeictear geimhreadh bog agus samhradh fionnuar, tráth a shéideann leoithní farraige aduaidh ag fuarú na bhfíonghort; agus III) an difríocht shuntasach sa teocht idir an lá agus an oíche, in éineacht leis an gceo farraige a thagann anuas ar na fíonghoirt, ag coimeád na bhfíonghort fionnuar agus á gcosaint ó sholas láidir na gréine, agus baineann forbairt cháilíocht na fíonchaoire as sin.

8.2.   Cáilíocht agus nasc stairiúil, cultúrtha agus sóisialta agus comhshaol geografach an fhíona ghil

Nasc stairiúil

Agus muid ar chonair an traidisiúin fíonóireachta in Santorini, ní mór dúinn dul siar chomh fada leis an tríú mílaois R.C. Sna tochailtí a rinneadh in Akrotiri, aimsíodh rudaí amhail gualach ó adhmad fíniúna agus triopaill fíonchaor mar mhóitífeanna maisiúla i bpéintéireacht vásaí ag an tráth sin, rud a léirítear go raibh fíonsaothrú ar cheann de phríomhghníomhaíochtaí an daonra. Scrios brúchtadh ollmhór an bholcáin, thart ar 1650 R.C. na fíonghoirt réamhstairiúla, agus leis sin díothaíodh gach uile rian de bheatha daoine agus plandaí ón oileán ar feadh trí chéad bliain a bheag nó a mhór.

Is dócha go raibh an fíonsaothrú agus táirgeadh fíona mar ghné ríthábhachtach de gheilleagar Akrotiri tráth a scriosta. Deimhníodh é sin le gualach ó adhmad fíniúna agus síolta fíonchaor a bheith ann go fisicúil, agus an córas speisialta atá ann chun na fíonchaora a shatailt agus an úrfhíon a bhailiú. Is trealamh fíor-riachtanach iad an t-umar satailte agus an dabhach faoi. Ba mar gheall ar an gciseán mór a bhí lán le haol, a aimsíodh san umar satailte, a smaoinigh na seandálaithe gur úsáidtí aol mar cineál scagaire chun an úrfhíon a bhaint den fhíon.

Stóráiltí an fíon in pithoi (crúscaí) móra agus shéalaítí iad le céir ansin. Go deimhin, fuarthas siombailí ar mhuineál árthaigh den sórt sin agus iad scríobtha sa chló Líneach A agus aithnítear iad mar shiombailí a thagraíonn d’fhíon. Go ginearálta, tugann iomadúlacht na n-árthaí stórála, in éineacht leis na crúscaí stíoróipe, a aimsíodh in Akrotiri nach raibh táirgeacht shuntasach fíona ann amháin ach go raibh trádáil fíona seanbhunaithe ann freisin. D’úsáidtí triopaill fíonchaor mar mhóitífeanna maisiúla i bpéintéireacht vásaí an tráth sin. Tá fianaise ar fhíonóireacht agus trádáil fíona ann i bhfoirm cineálacha áirithe árthaí ag a bhfuil goba gar dá mbonn cúng, chomh maith leis na crúscaí stíoróipe iomadúla a fuarthas ann: potaí a dearadh go príomha chun leachtanna a iompar. Ba in Santorini a fuarthas 50 % ar a laghad de na samplaí uile ar an árthach luath sin atá le fáil i réigiún iomlán Aeigéach.

De réir Heireadótais, bhí na Féinícigh ar na chéad lonnaitheoirí san áit i ndiaidh na tubaiste. Bhí ar na lonnaitheoirí sin, agus ar na daoine a tháinig ina ndiaidh, dul i ngleic le timpeallacht dheacair chun maireachtáil ann. D’fhonn freastail ar a riachtanais chothaithe, bhain siad triail as speicis éagsúla phlandaí, plandaí a thóg siad leo agus a raibh taithí acu orthu, a shaothrú. Níor éirigh ach leis an bhfíniúin amháin maireachtáil feadh na n-aoiseanna sa timpeallacht naimhdeach in Santorini. Is planda é an fhíniúin atá in ann é féin a oiriúnú go héasca agus tá sé an-fhrithsheasmhach in aghaidh tosca tirime an oileáin agus córas fréamhacha daingean agus dea-fhorbartha aige a théann isteach in ithreacha Santorini. Is é aspa an t-ainm a úsáideann daoine áitiúla le tagairt don ithir chrua agus dhlúth atá déanta de shraitheanna iomadúla d’ábhar bolcánach: luaith, laibhe, slíogart agus smionagar. Chumhdaigh an aspa sin an aolchloch agus an fho-ithir scláta tar éis roinnt brúchtaí bolcánacha a tháinig díreach i ndiaidh a chéile. Tá na haoiseanna sclábhaíochta daonna le feiceáil ar thírdhreach an oileáin agus níl aon dabht go ndearna muintir Santorini a seacht ndícheall an lámh in uachtar a fháil ar a dtalamh i gcaitheamh na mblianta.

Níl aon fhianaise dhíreach againn ar shaothrú fíniúna ón ré ársa ná ón ré chlasaiceach. Ach bheadh sé aisteach murar shaothraigh áitritheoirí Santorini fíniúnacha ar thalamh atá chomh hoiriúnach ina leith. Is deacair an rud é a shamhlú go raibh úinéirí talún saibhre ann ar Santorini mura raibh táirge a gcruthódh brabús mór dóibh á shaothrú acu. Agus, go dtí seo, níor cruthaíodh aon táirge eile a bheith chomh tairbheach sin ach an fíon.

Idir an 12ú haois agus an 17ú haois, bhí na Veinéisigh i gceannas ar Santorini. Díreach ón tús, bhí meas ag muintir na hEorpa ar fhíonta Gréagacha, ní hamháin mar gheall ar an gcáilíocht a bhaineann leo, ach mar bhí siad in ann aistir fhada ar muir a sheasamh freisin. Dá bhrí sin, thosaigh longa ón bhFrainc agus de chuid na Veinéiseach níos mó fíona fiú a iompar ó Santorini. Tháinig deireadh le ré órga fhíonta Santorini faoi smacht na Veinéiseach le concas deiridh na dTurcach. Bhí saolré iontach ag na fíonta agus pointí móra mar chuid den saolré sin, amhail an cháil mhór a bhí orthu i bPáras.

8.3.   Cáilíocht agus nasc stairiúil, cultúrtha agus sóisialta agus comhshaol geografach an fhíona ghil

Naisc chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíocha

Tá nasc dlúth idir fíniúnacha agus fíonta agus saol cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch mhuintir Santorini ón aois ársa.

Meascadh táirgiúlacht iontach le cáilíocht i gcónaí in Santorini in éineacht le meon oscailte. Faoi smacht na dTurcach, níor lonnaigh pobail Mhoslamacha ann mar gheall ar an easpa talún curaíochta fairsinge. Bhailigh muintir Santorini a bpobal féin go daonlathach agus bhain siad lán-bhuntáiste as an tsíocháin a bhí ann i réigiún na Mara Aeigéiche i ndiaidh choncas na nOtamánach, d’fhorbair siad trádáil agus loingseoireacht, amhail na tionscail a bhí acu sa ré réamhstairiúil Bhí Cathair Alastair, Taganrog agus Cathair Chonstaintín ar na lárionaid ba thábhachtaí le haghaidh onnmhairiú cainníochtaí móra fíona ó Santorini. Tuigtear gur onnmhairíodh fíon chuig an Rúis go stairiúil ón 1786 ar a laghad. Go deimhin, tháinig meath ar gheilleagar Santorini nuair a stop na honnmhairí chuig an Rúis mar gheall ar Réabhlóid Dheireadh Fómhair.

Tá fianaise ar stair ársa an oileáin caomhnaithe sa lá atá inniu ann sna láithreáin seandálaíochta in Akrotiri agus Mesa Vouno, in iarsmalanna in Santorini agus san Aithin, agus i Lárionad Cultúrtha Gyzi Megaron. Go deimhin, tá an t-oileán iomlán, lena n-áirítear a chaildéara, a charraigeacha bolcánacha, na lonnaíochtaí traidisiúnta, na túir agus na pluaiseanna, mar shéadchomhartha ar stair na ndaoine.

Sa lá atá inniu ann, bíonn trealamh ardteicneolaíochta le fáil ar fhíonghoirt agus iad lántiomanta d’fhíonta ar ardchaighdeán a tháirgeadh.

Deimhníodh an nasc cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch sin le blianta beaga anuas le sraitheanna imeachtaí ar an oileán, amhail na siompóisiamaí Ampelos (“Fíniúin”). Roghnaíodh Santorini mar an t-ionad le haghaidh na siompóisiamaí fíona idirnáisiúnta sin mar, seachas a bheith ar cheann de na háiteanna is áille agus is uathúla ar domhan, tá traidisiún 3 500 bliain ann ar an bhfíonsaothrú agus ar an bhfíon a tháirgeadh. Cothaíodh an traidisiún sin le héiceachóras uathúil an oileáin bholcánaigh Aeigéigh sin.

Ba é a bhí mar aidhm leis an gcéad shiompóisiam, “Ampelos 2003” (idir an 5 agus an 7 Meitheamh), rannchuidiú ábhartha a dhéanamh le modh ceart a bhunú le haghaidh fíonsaothraithe sa Ghréig, agus chun a oiread “uirlisí” agus is féidir a thabhairt do shaothróirí fíona le haghaidh fíonsaothrú nua-aimseartha agus éifeachtach. Thug eagarthóirí an tsiompóisiam cuireadh do shaothróirí, déantóirí, saineolaithe agus taighdeoirí fíona, chomh maith le feidhmeannaigh ghnó san earnáil chun a saineolas agus a dtuairimí ar an ábhar a roinnt. Tugadh cuireadh dóibh sult a bhaint as clár sóisialta saibhir an tsiompóisiam i dtimpeallacht fhoirfe: oileán cáiliúil Santorini!

Ba é a bhí mar aidhm leis an dara siompóisiam, “Ampelos 2006” (idir an 1 agus an 3 Meitheamh), na forbairtí eolaíochta agus teicniúla is déanaí a chur i láthair do rannpháirtithe, chomh maith leis an nuacht is déanaí ón margadh. Chruthaigh sé sin deis chun plé tairbheach a dhéanamh le saineolaithe ó fud an domhan, in éineacht le ionadaithe ó thionscal an fhíona, iriseoirí fíona agus daoine a bhfuil an-dúil acu san fhíon a d’fhreastail ar an siompóisiam. Bhí sé mar bhunchuspóir leis an siompóisiam meastóireacht a dhéanamh ar an meascán ithreach, aeráide agus chineál fíonchaoire i gcás gach fíon, agus a mheas conas is féidir an leas is fearr a bhaint as an amhábhar leis an raon iomláin de theicnící fíonóireachta. Chuirfeadh sé sin leis na dea-bholaithe sonracha, inmhianaithe, chomh maith leis an mblas, a fhorbairt le haghaidh na bhfíonta ó gach réigiún. Ar deireadh, tugadh aird ar leith do na straitéisí margaidh a d’fhéadfaí a ghlacadh.

Reáchtáladh an tríú siompóisiam idirnáisiúnta, “Ampelos 2013”, ar Santorini an 30 agus an 31 Bealtaine 2013. Ba iad a leanas na cuspóirí leis: forbairtí i bhfíonsaothrú, á n-oiriúnú i gcomhthéacs an athraithe aeráide; dul chun cinn agus nuálaíocht san fhíonóireacht; straitéisí nua chun táirgí fíona a chur chun cinn sna dálaí eacnamaíocha a raibh éifeacht acu ar leibhéal domhanda; agus treochtaí nua maidir le dea-chleachtas a chur chun feidhme san fhíonsaothrú agus san fhíonóireacht.

Ba é “Fíonghort na Meánmhara agus an t-athrú aeráide” a bhí mar théama leis an gceathrú siompóisiam de chuid “Ampelos” (idir an 12 agus an 14 Bealtaine). Deimhníodh sna láthreoireachtaí sin éifeacht shuntasach an athraithe aeráide, agus go háirithe an méadú i meánteochtaí atmaisféaracha, ar fhorbairt fheanólach, fiseolaíocht agus tréimhsí aibithe na bhfíonchaor. Tugadh faoi deara gur breathnaíodh treocht ar leith le feiceáil i bhfíonghoirt Eorpacha le 40 bliain anuas. Ag brath ar an réigiún agus ar an gcineál fíonchaoire, tá na bachlóga ag oscailt, ag bláthú agus ag aibiú idir 2 agus 3 seachtaine níos luaithe. Ag an tráth céanna, tá na fíonchaora ag aibiú go hiomlán ag teochtaí i bhfad níos airde. Is iad teocht, báisteach agus solas na gréine na príomhpharaiméadair aeráide. Tugadh le fios, beag beann ar na samhlacha tuarthacha le haghaidh na bparaiméadar sin, go dtiocfaidh athrú suntasach ar léarscáil fíniúna agus fíona na hEorpa. Déanfaidh an t-athrú sin difear do phátrún na gcineálacha fíonchaor agus do ghnéithe struchtúrtha na léarscáile. Beidh na torthaí sách diúltach le haghaidh cháilíocht na bhfíonta, go háirithe na fíonta a dhéantar as cineálacha fíonchaor geal.

8.4.   Cáilíocht agus nasc stairiúil, cultúrtha agus sóisialta agus comhshaol geografach an fhíona ghil

Comhshaol gheografach agus bunús geografach

Sa limistéar táirgthe le haghaidh fíonta ag a bhfuil STFC Santorini, cumhdaíonn na fíonghoirt thart ar 12 000stremmata. Ag tosú ag leibhéal na mara, síníonn na fíonghoirt suas chuig léibhinn atá suas le 300 méadar ar airde.

Tá aeráid atá tipiciúil do réigiún na Meánmhara ag an réigiún, lena n-áirítear go leor gréine, samhradh atá te agus tirim agus geimhreadh séimh. Is í 23 °C an uasmheánteocht bhliantúil, agus is í 14 °C an íosmheánteocht. Tá an mheánbháisteach bhliantúil iomlán idir 250 agus 370 miliméadar.

Is as fosuithe den ithir áitiúil ón tréimhse Threasach, slíogart agus laibhe atá Santorini déanta den chuid is mó. Tá an ithir in Santorini gainmheach agus níl ach méideanna an-bheag cré inti. Tá méid íseal ábhair orgánaigh inti, agus cé is moite de limistéar beag timpeall chnoc Profitis Ilias, níl aon charbónáit chailciam san ithir ach oiread. Ar na cúiseanna sin, d’ainneoin go bhfuil go leor potaisiam sa talamh, ní bhíonn plandaí in ann na cainníochtaí a theastaíonn chun aigéad tartarach neodrú go méid ábhartha a ionsú. Is mar gheall air sin a bhfuil leibhéal ard aigéadachta i bhfíonta ó Santorini. Cuireann an aeráid, agus an éagmais báistí, le hionsú íseal potaisiam, chomh maith leis an bhfíoras nach n-uiscítear na fíonghoirt.

Tá an t-oileán an-tirim ar fad. Le linn na míonna samhraidh, tráth a bhíonn na fíonchaora á n-aibiú, bíonn na teochtaí i gcaitheamh an lae an-ard. Le linn na tréimhse tirime fada sin, is é an ceo a thagann chun cinn de thoradh ar ghalú na farraige a sholáthraíonn hiodráitiú do na plandaí sin. Tagann an ceo sin aníos ón gcaildéara agus cumhdaíonn sé an t-oileán.

An tráth céanna, le linn na míonna samhraidh, batrálann gaotha aduaidh, a dtugtar “Meltemi” orthu, an t-oileán gan trócaire agus cuireann sé sin cosc ar thaise a chnuasú ar na fíonchaora i gcaitheamh an lae. Istoíche, titeann na teochtaí agus éiríonn na dálaí aimsire sách tais, ionsúnn ithreacha bolcánacha an oileáin an taise agus sa bhealach sin cothaítear na fíniúnacha.

In áiteanna ina bhfuil ardú géar sa talamh, thóg muintir Santorini na déanmhais a bhfuil an-cháil orthu, is iad sin pezoules cáiliúla (céimeanna). I bhfocail eile, rinne siad léibhinn den talamh chun saothrú a éascú agus caillteanas uisce a theorannú.

Mar thoradh ar an meascadh uathúil sin d’aeráid agus ithir, aibíonn fíonchaora Santorini go tapa agus coinníonn siad a gcuid aigéadachta.

Mar is amhlaidh le gach ní eile ar Santorini sceirdiúil, baineann cruth uathúil leis na fíniúnacha ann. Tá spásáil leathan idir na plandaí agus fásann siad íseal gar don talamh. Chun na fíonchaora a chosaint ó na gaotha gan stad a thuairteálann an t-oileán le linn an gheimhridh, tá modh ag muintir Santorini chun na fíniúnacha a phrúnáil chun cruthanna corónach a dhéanamh leo agus na fíonchaora ag fás ar an taobh istigh.

Is annamh a fhulaingíonn na fíniúnacha cruatan de thoradh feithidí agus galar. Is é an t-aon idirghabháil amháin a úsáidtear chun na plandaí a chosaint an sulfar a chuirtear orthu uair amháin ná dhá uair san earrach lena gcosaint.

Is iad na fíonghoirt in Santorini na fíonghoirt is ársa ar fud na Gréige. D’fhéadfadh roinnt fíniúnacha a bheith chomh sean le 300 bliain d’aois. Tá a bhfréamhacha féin ag na fíniúnacha. Ní dhéantar iad a bheangú ar fhréamhstoic Mheiriceánacha. Ní gá an beangú sin a dhéanamh toisc nár éirigh le phylloxera, an fheithid nimhneach sin a leanann ar aghaidh ag scriosadh fíniúnacha ar fud an domhain, an áit seo a bhaint amach. Ar an dea-uair, ní thacaíonn ithir bholcánach an oileáin, agus an easpa cré agus méid an-ard gainimh (93 %-97 %), leis an bhfeithid.

Dá dheasca sin, cruthaíonn roinnt tosca miocraeráid atá éagsúil ó gach aeráid eile ar domhan. Cuidíonn sé leis na fíonchaora a aibiú ina n-iomláine, ag tabhairt saintréithe speisialta dóibh amhail an aigéadacht ard atá úr agus an neart alcóil ard.

8.5.   Cáilíocht agus nasc stairiúil, cultúrtha agus sóisialta agus comhshaol geografach an fhíona ghil

Sonraí faoin táirge

Is túiríní radhairc cearta iad na fíonghoirt ar oileán Santorini agus Thirasia ar an Muir Aeigéach. Le linn an tsamhraidh, coisceann na gaotha aduaidh a bhfuil an-cháil orthu, Meltemi, teochtaí a bheith ard agus cruthaíonn sé sin miocraeráid ar leith. Feabhsaíonn sé sin aibiú na bhfíonchaor agus a gcomhdhéanamh le linn na céime aibithe “anailísí”, i.e. ag cur aigéadachta, datha, cumhra, siúcraí, etc. san áireamh. Bíonn fíonta lena mbaineann cáilíocht an-ard mar thoradh air sin. Déantar fíonta ag a bhfuil STFC Santorini as cineálacha fíonchaor áitiúla, is iad sin Assyrtiko, Athiri agus Aidani.

Go háirithe, déantar fíon geal ag a bhfuil STFC Santorini as 85 % ar a laghad d’fhíonchaora Assyrtiko. Is iad fíonchaora Aidani agus Athiri a dhéanann an céatadán eile.

Cuireann an meascán sin den aeráid, comhdhéanamh ithreacha an oileáin, na cineálacha fíonchaor a fhástar, an cúram a thugtar do na fíniúnacha agus na teicnící fíonóireachta a úsáidtear, le saintréithe cáilíochta fhíonta ag a bhfuil STFC Santorini. Leis an meascadh sin, táthar in ann na fíonta a aosú agus feabhsaíonn a saintréithe le himeacht ama. Tá dath órbhuí dorcha ar an bhfíon geal tirim aosaithe agus imireacha oráiste ann. Tá dea-bholaithe bláthacha, de thorthaí glasa, amhail cainche agus torthaí subhúla éagsúla leis. Tá bolaithe de chnónna, amhail almóinní agus collchnónna rósta leis freisin. Is minic a bhíonn blasanna spíosraithe amhail cuimín agus lus an choire, luibheanna aramatacha amhail geiréiniam, tím, sáiste, fíogadán agus blas deiridh d’fhige triomaithe. Bíonn na dea-bholaithe sin ann san fhíon mar bhlasanna freisin, in éineacht le mil agus torthaí triomaithe. Baineann uigeacht ime leis na fíonta aosaithe. De thoradh ar an méid thuas, tá na fíonta sin saibhir agus casta agus baineann tathag leo, agus iarbhlas níos faide fiú leo.

8.6.   Cáilíocht agus nasc stairiúil, cultúrtha agus sóisialta agus comhshaol geografach an fhíona ghil

Idirghníomhaíocht chúisíoch

Mar a shonraítear sna ranna thuas, tá uathúlacht fhíonta ag a bhfuil STFC Santorini mar gheall ar shaintréithe sonracha an oileáin agus na teicnící saothraithe sonracha a úsáidtear. Áirítear orthu sin:

1.

Treorú “Ciseáin”. Is cleachtas áitiúil a mhaireann ó na cianaoiseanna é an modh saothraithe fíniúna sainiúil a úsáidtear in Santorini sa lá atá inniu ann. Chun “ciseáin” a chruthú, casann na saothróirí fíniúna a bhfuil taithí acu na gais le chéile chun corónacha móra, amhail ciseáin nádúrtha, a chruthú agus luíonn siad ar ithir bholcánach an oileáin ansin. Aibíonn na fíonchaora taobh istigh de na ciseáin le cosaint uathu, áit nach bhfuil siad i mbaol. An tráth céanna, tá na fíniúnacha in ann ithir agus tosca aeráide deacra Santorini a sheasamh. Seo a leanas na saintréithe sin:

gaotha an-láidir, go háirithe le linn an earraigh, an séasúr ina dtagann na buinneoga nua amach;

gaineamh ón ithir bholcánach a chorraíonn go géar agus iad séidte ag an ngaoth;

scaladh gréine i gcaitheamh an tsamhraidh;

easpa uisce (seachas an ceo ón bhfarraige istoíche);

2.

An ithir shainiúil, atá gainmheach le meascán de shlíogart agus luaith, saibhir i maignéisiam, cailciam agus iarann, agus acmhainneacht shuntasach aici chun uisce a ionsú;

3.

Aeráid na Meánmhara le geimhreadh bog agus samhradh fionnuar, tráth a shéideann leoithní farraige aduaidh ag fuarú na bhfíonghort; agus

4.

An difríocht shuntasach sa teocht idir an lá agus an oíche, in éineacht leis an gceo farraige a thagann anuas ar na fíonghoirt, ag coimeád na bhfíonghort fionnuar agus á gcosaint ó sholas láidir na gréine, agus baineann forbairt cháilíocht na fíonchaoire as sin.

Idirghníomhaíonn miocraeráid shainiúil na n-oileáin sa limistéar críochaithe le rilíf na talún, agus táirgeann cineálacha fíonchaoire an limistéir fíonta a mbaineann castacht chumhra iontach leo. Is de thorthaí citris, go háirithe bláthanna citris, amhail ciotrón, líomóid, seadóg agus oráiste craorag atá an blas is mó a fhaightear ón bhfíon. Tá blasanna de neart torthaí ag a bhfuil bia bán acu ann go háirithe, chomh maith le torthaí glasa amhail piorraí agus úlla glasa. I ndiaidh na mblasanna sin, faightear blas de thorthaí cloiche amhail péitseoga bána, aibreoga agus locuatanna. Ansin, faightear blas de thorthaí trópaiceacha, cuir i gcás mangó, anann, lítsí agus mealbhacán. Agus iad sa bhéal, is é an chéad rud a thugtar faoi deara an aigéadacht láidir atá cothromaithe leis an mbraistint the agus mhilis ón leibhéal ard alcóil. Tá blasanna móra de thorthaí citris, go háirithe bláthanna, le ciotrón, líomóid, líoma, seadóg agus oráiste craorag ann, in éineacht le blasanna de thorthaí a bhfuil bia bán acu amhail piorra, rud atá ar an tsaintréith is mó ag Assyrtiko, chomh maith le húll glas agus torthaí cloiche amhail péitseog bhán, aibreog agus torthaí glasa (lítsí, locuat). Ag brath ar na cainníochtaí d’Athiri agus Aidani, is féidir blasanna de thorthaí trópaiceacha amhail mangó agus anann a aimsiú ann freisin. Saintréith eile a bhaineann le Santorini is ea an blas láidir goirt. Ní bhaineann an blas sin leis an gcineál fíonchaoire ach le cóngaracht na bhfíonghort don fharraige. Blas sainiúil eile a bhaineann leis is ea an blas de mhianraí, rud a chiallaíonn go bhfuil blas de chlocha fliucha leis.

Mar thoradh ar an méid thuas, tá fíonta ó Santorini saibhir, tá tathag acu chomh maith le hiarbhlas a mhaireann roinnt soicindí.

8.7.   Cáilíocht agus an nasc stairiúil, cultúrtha leis an gcomhshaol geografach atá ag fíon atá milis go nádúrtha/fíon ó fhíonchaora rísínithe agus fíon licéir ó fhíonchaora rísínithe

Cáilíocht

Tá na fíonghoirt in Santorini i measc na bhfíonghort is sine ar domhan, agus iad ann ón ré réamhstairiúil. Tá an traidisiún a bhaineann le fíonsaothrú ann ar feadh 3 500 bliain ar a laghad. Ciallaíonn an aeráid uathúil, in éineacht leis an gcomhdhéanamh ithreach, go mbaineann saintréithe den chéad scoth leis na cineálacha fíonchaoire a úsáidtear sa phróiseas fíonóireachta. Luaitear saintréithe orgánaileipteacha iontacha an fhíona i dtuairiscí ó thaistealaithe ón 19ú haois. Tá na saintréithe sin ann mar gheall ar an éifeacht atá ag an gcomhshaol nádúrtha ar na fíonchaora agus, dá réir sin, ar fhíonta Santorini. An tráth sin, bhí an tóir ar fhíon ó Santorini ar an gcoigcríoch. I bhfianaise an nirt alcóil aird a bhaineann leis an bhfíon, díoladh é ar feadh blianta fada chun fíonta ó limistéir eile a raibh neart íseal alcóil iontu a threisiú.

Anuas ar an tsuntasacht stairiúil a bhaineann leo, tá na fíonghoirt suntasach sa lá atá inniu ann mar gheall go dtáirgeann siad fíonta uathúla a léiríonn ithir leithleach Santorini agus talamh uathúil fhíonghoirt an oileáin de réir mar a aosaítear iad.

Sa lá atá inniu ann, baineann táirgeoirí fíona an leas is fearr as na fíonchaora, ag léiriú measa dá saintréithe orgánaileipteacha. Táirgeann siad fíonta lena mbaineann cáilíocht ard, a aithnítear i gcomórtais idirnáisiúnta, sa Ghréig agus ar an gcoigríoch.

Chun an nasc idir na fíonta ag a bhfuil STFC Santorini agus an cháilíocht a bhaineann leo a chosaint, bíonn na fíonta faoi réir scrúdú orgánaileipteach gach bliain ag coiste bunaithe. Ní féidir fíonta nach gcomhlíonann na sonraíochtaí ábhartha a chur ar fáil mar fhíonta ag a bhfuil STFC Santorini.

Léiríodh i staidéar a rinne Ollscoil Talmhaíochta na hAithne go raibh líon ard feanólach bithghníomhach go háirithe i bhfíonta Santorini, mar gheall ar an modh treoraithe uathúil faoina n-úsáidtear an cruth ciseáin traidisiúnta. Tá an modh saothraithe fíniúna sainiúil sin in úsáid in Santorini ó na cianaoiseanna, agus tá an modh sin comhsheasmhach ina iomláine leis na gnéithe saothraithe, mar a leanas:

I)

an ithir shainiúil, atá gainmheach le meascán de shlíogart agus luaith, ar mhórán maignéisiam, cailciam agus iarainn, agus acmhainneacht shuntasach aici chun uisce a ionsú;

II)

aeráid na Meánmhara ina bhfeictear geimhreadh bog agus samhradh fionnuar, tráth a shéideann leoithní farraige aduaidh ag fuarú na bhfíonghort;

III)

an difríocht shuntasach sa teocht idir an lá agus an oíche, in éineacht leis an gceo farraige a thagann anuas ar na fíonghoirt, ag coimeád na bhfíonghort fionnuar agus á gcosaint ó sholas láidir na gréine, agus baineann forbairt cháilíocht na fíonchaoire as sin.

8.8.   Cáilíocht agus an nasc stairiúil, cultúrtha leis an gcomhshaol geografach atá ag fíon atá milis go nádúrtha/fíon ó fhíonchaora rísínithe agus fíon licéir ó fhíonchaora rísínithe

Nasc stairiúil

Agus muid ar chonair an traidisiúin fíonóireachta in Santorini, ní mór dúinn dul siar chomh fada leis an tríú mílaois R.C. Sna tochailtí a rinneadh in Akrotiri, aimsíodh rudaí amhail gualach ó adhmad fíniúna agus triopaill fíonchaor mar mhóitífeanna maisiúla i bpéintéireacht vásaí ag an tráth sin, rud a léirítear go raibh fíonsaothrú ar cheann de phríomhghníomhaíochtaí an daonra. Scrios brúchtadh ollmhór an bholcáin, thart ar 1650 R.C. na fíonghoirt réamhstairiúla, agus leis sin díothaíodh gach uile rian de bheatha daoine agus plandaí ón oileán ar feadh trí chéad bliain a bheag nó a mhór.

Is dócha go raibh an fíonsaothrú agus táirgeadh fíona mar ghné ríthábhachtach de gheilleagar Akrotiri tráth a scriosta. Deimhníodh é sin le gualach ó adhmad fíniúna agus síolta fíonchaor a bheith ann go fisicúil, agus an córas speisialta atá ann chun na fíonchaora a shatailt agus an úrfhíon a bhailiú. Is iad an t-umar satailte agus an dabhach faoi an trealamh fíor-riachtanach. Ba mar gheall ar an gciseán mór a bhí lán le haol, a aimsiú san umar satailte, a smaoinigh na seandálaithe gur úsáidtí aol mar cineál scagaire chun an úrfhíon a bhaint den fhíon.

Stóráiltí an fíon in pithoi (crúscaí) móra agus shéalaítí iad le céir ansin. Go deimhin, fuarthas siombailí ar mhuineál árthaigh den sórt sin agus iad scríobtha sa chló Líneach A agus aithnítear iad mar shiombailí a thagraíonn d’fhíon. Go ginearálta, tugann iomadúlacht na n-árthaí stórála, in éineacht leis na crúscaí stíoróipe, a aimsíodh in Akrotiri nach raibh táirgeacht shuntasach fíona ann amháin ach go raibh trádáil fíona seanbhunaithe ann freisin. D’úsáidtí triopaill fíonchaor mar mhóitífeanna maisiúla i bpéintéireacht vásaí an tráth sin. Tá fianaise ar fhíonóireacht agus trádáil fíona ann i bhfoirm cineálacha áirithe árthaí ag a bhfuil goba gar dá mbonn cúng, chomh maith leis na crúscaí stíoróipe iomadúla a fuarthas ann: potaí a dearadh go príomha chun leachtanna a iompar. Ba in Santorini a fuarthas 50 % ar a laghad de na samplaí uile ar an árthach luath sin atá le fáil i réigiún iomlán Aeigéach.

De réir Heireadótais, bhí na Féinícigh ar na chéad lonnaitheoirí san áit i ndiaidh na tubaiste. Bhí ar na lonnaitheoirí sin, agus ar na daoine a tháinig ina ndiaidh, dul i ngleic le timpeallacht dheacair chun maireachtáil ann. D’fhonn freastail ar a riachtanais chothaithe, bhain siad triail as speicis éagsúla phlandaí, plandaí a thóg siad leo agus a raibh taithí acu orthu, a shaothrú. Níor éirigh ach leis an bhfíniúin amháin maireachtáil feadh na n-aoiseanna sa timpeallacht naimhdeach in Santorini. Is planda é an fhíniúin atá in ann é féin a oiriúnú go héasca agus tá sé an-fhrithsheasmhach in aghaidh tosca tirime an oileáin agus córas fréamhacha daingean agus dea-fhorbartha aige a théann isteach in ithreacha Santorini. Is é Aspa an t-ainm a úsáideann daoine áitiúla le tagairt don ithir chrua agus dhlúth atá déanta de shraitheanna iomadúla d’ábhar bolcánach: luaith, laibhe, slíogart agus smionagar. Chumhdaigh an aspa sin an aolchloch agus an fho-ithir scláta tar éis roinnt brúchtaí bolcánacha a tháinig díreach i ndiaidh a chéile. Tá na haoiseanna sclábhaíochta daonna le feiceáil ar thírdhreach an oileáin agus níl aon dabht go ndearna muintir Santorini a seacht ndícheall an lámh in uachtar a fháil ar a dtalamh i gcaitheamh na mblianta.

Níl aon fhianaise dhíreach againn ar shaothrú fíniúna ón ré ársa ná ón ré chlasaiceach. Ach bheadh sé aisteach murar shaothraigh áitritheoirí Santorini fíniúnacha ar thalamh atá chomh hoiriúnach ina leith. Is deacair an rud é a shamhlú go raibh úinéirí talún saibhre ann ar Santorini mura raibh táirge a gcruthódh brabús mór dóibh á shaothrú acu. Agus, go dtí seo, níor cruthaíodh aon táirge eile a bheith chomh tairbheach sin ach an fíon.

Idir an 12ú haois agus an 17ú haois, bhí na Veinéisigh i gceannas ar Santorini. Díreach ón tús, bhí meas ag muintir na hEorpa ar fhíonta Gréagacha, ní hamháin mar gheall ar an gcáilíocht a bhaineann leo, ach mar bhí siad in ann aistir fhada ar muir a sheasamh freisin. Dá bhrí sin, thosaigh longa ón bhFrainc agus de chuid na Veinéiseach níos mó fíona fiú a iompar ó Santorini. Tháinig deireadh le ré órga fhíonta Santorini faoi smacht na Veinéiseach le concas deiridh na dTurcach. Bhí saolré iontach ag na fíonta agus pointí móra mar chuid den saolré sin, amhail an cháil mhór a bhí orthu i bPáras.

8.9.   Cáilíocht agus an nasc stairiúil, cultúrtha leis an gcomhshaol geografach atá ag fíon atá milis go nádúrtha/fíon ó fhíonchaora rísínithe agus fíon licéir ó fhíonchaora rísínithe

Naisc chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíocha

Tá nasc dlúth idir fíniúnacha agus fíonta agus saol cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch mhuintir Santorini ón aois ársa.

Breathnaítear ar Vinsanto mar fhíon lena leantar ar aghaidh leis an traidisiún de passos, an t-ainm a cuireadh ar fhíon na gcianaoiseanna a raibh an-cháil ar na hoileáin Aeigéacha ina leith.

Tá roinnt fíonghort ann sa lá atá inniu ann a úsáideann an fhoirm agus na modhanna táirgeachta céanna mar a d’úsáidtí i ré na sean-Ghréige. Tá blas milis acu agus iad sa bhéal, scríobh Hesiod an méid seo a leanas fúthu sa 7ú haois R.C.: “Taispeáin na fíonchaora don ghrian go ceann 10 lá agus 10 n-oíche, agus fág iad faoi scáth go ceann 5 lá”. Sa bhealach sin, tugann sé oideas ársa dúinn chun fíon a dhéanamh.

Tá an blas céanna ag Vinsanta sa lá atá inniu ann a bhí leis na fíonta neamhchaolaithe a d’óltaí ag an siompóisiam le Platón agus Sócraitéas.

San 12ú haois, chuir concairí Veinéiseacha an oileáin ainm nua ar an bhfíon sin, chuiridís Vino di Santorini (fíon ó Santorini) air. Cuireadh “Vino Santo” air ina dhiaidh sin agus “Vinsanto” ansin faoi deireadh. Faoin ainm “Vinsanto” chuaigh sé chomh fada le calafoirt i gCathair Chonstaintín, sa Rúis, in Trieste, Ancóna agus sa Veinéis. Bhí an fíon milis mór le rá sin, a léiríonn uathúlacht Santorini, mar dheoch a chuaigh leis na féastaí galánta a bhí ag rialtóirí meánaoiseacha. Thar na céadta bliain, bhí sé mar an fíon Comaoineach sa chailís a bhí ag Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise.

Tagann an chéad tagairt aitheanta don ainm “Vinsanto” ón mbliain 1729. I litir chuig easpag Caitliceach an oileáin, scríobh roinnt captaen mara gur ghoid long foghlaithe dhá árthach ó Santorini agus gur thóg siad 10 mbairille fíona agus 5 bhairille Vinsanto.

Meascadh táirgiúlacht iontach le cáilíocht i gcónaí in Santorini in éineacht le meon oscailte. Bhí na honnmhairí Vinsanto ag an leibhéal ab airde le linn smacht na Veinéiseach agus na dTurcach, agus arís san 19ú haois nuair a d’onnmhairigh Santorini ní ba mhó fíonta ná an chuid eile den Ghréig ina hiomláine. Faoi smacht na dTurcach, níor lonnaigh pobail Mhoslamacha ann mar gheall ar an easpa talún curaíochta fairsinge. Bhailigh muintir Santorini a bpobal féin go daonlathach agus bhain siad lán-bhuntáiste as an tsíocháin a bhí ann i réigiún na Mara Aeigéiche i ndiaidh choncas na nOtamánach, d’fhorbair siad trádáil agus loingseoireacht, amhail na tionscail a bhí acu sa ré réamhstairiúil Bhí Cathair Alastair, Taganrog agus Cathair Chonstaintín ar na lárionaid ba thábhachtaí le haghaidh onnmhairiú cainníochtaí móra fíona ó Santorini. Tuigtear gur onnmhairíodh fíon chuig an Rúis go stairiúil ón 1786 ar a laghad. Go deimhin, tháinig meath ar gheilleagar Santorini nuair a stop na honnmhairí Vinsanto chuig an Rúis mar gheall ar Réabhlóid Dheireadh Fómhair.

Tá fianaise ar stair ársa an oileáin caomhnaithe sa lá atá inniu ann sna láithreáin seandálaíochta in Akrotiri agus Mesa Vouno, in iarsmalanna in Santorini agus san Aithin, agus i Lárionad Cultúrtha Gyzi Megaron. Go deimhin, tá an t-oileán iomlán, lena n-áirítear a chaildéara, a charraigeacha bolcánacha, na lonnaíochtaí traidisiúnta, na túir agus na pluaiseanna, mar shéadchomhartha ar stair na ndaoine.

Sa lá atá inniu ann, bíonn trealamh ardteicneolaíochta le fáil ar fhíonghoirt agus iad lántiomanta d’fhíonta ar ardchaighdeán a tháirgeadh.

Deimhníodh an nasc cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch sin le blianta beaga anuas le sraitheanna imeachtaí ar an oileán, amhail na siompóisiamaí Ampelos (“Fíniúin”). Roghnaíodh Santorini mar an t-ionad le haghaidh na siompóisiamaí fíona idirnáisiúnta sin mar, seachas a bheith ar cheann de na háiteanna is áille agus is uathúla ar domhan, tá traidisiún 3 500 bliain ann ar an bhfíonsaothrú agus ar an bhfíon a tháirgeadh. Cothaíodh an traidisiún sin le héiceachóras uathúil an oileáin bholcánaigh Aeigéigh sin.

8.10.   Cáilíocht agus an nasc stairiúil, cultúrtha leis an gcomhshaol geografach atá ag fíon atá milis go nádúrtha/fíon ó fhíonchaora rísínithe agus fíon licéir ó fhíonchaora rísínithe

Comhshaol gheografach agus bunús geografach

Sa limistéar táirgthe le haghaidh fíonta ag a bhfuil STFC Santorini, cumhdaíonn na fíonghoirt thart ar 12 000stremmata. Ag tosú ag leibhéal na mara, síníonn na fíonghoirt suas chuig léibhinn atá suas le 300 méadar ar airde.

Tá aeráid atá tipiciúil do réigiún na Meánmhara ag an réigiún, lena n-áirítear go leor gréine, samhradh atá te agus tirim agus geimhreadh séimh. Is í 23 °C an uasmheánteocht bhliantúil, agus is í 14 °C an íosmheánteocht. Tá an mheánbháisteach bhliantúil iomlán idir 250 agus 370 miliméadar.

Is as fosuithe den ithir áitiúil ón tréimhse Threasach, slíogart agus laibhe atá Santorini déanta den chuid is mó. Tá an ithir in Santorini gainmheach agus níl ach méideanna an-bheag cré inti. Tá méid íseal ábhair orgánaigh inti, agus cé is moite de limistéar beag timpeall chnoc Profitis Ilias, níl aon charbónáit chailciam san ithir ach oiread. Ar na cúiseanna sin, d’ainneoin go bhfuil go leor potaisiam sa talamh, ní bhíonn plandaí in ann na cainníochtaí a theastaíonn chun aigéad tartarach neodrú go méid ábhartha a ionsú. Is mar gheall air sin a bhfuil leibhéal ard aigéadachta i bhfíonta ó Santorini. Cuireann an aeráid, agus an éagmais báistí, le hionsú íseal potaisiam, chomh maith leis an bhfíoras nach n-uiscítear na fíonghoirt.

Tá an t-oileán an-tirim ar fad. Le linn na míonna samhraidh, tráth a bhíonn na fíonchaora á n-aibiú, bíonn na teochtaí i gcaitheamh an lae an-ard. Le linn na tréimhse tirime fada sin, is é an ceo a thagann chun cinn de thoradh ar ghalú na farraige a sholáthraíonn hiodráitiú do na plandaí sin. Tagann an ceo sin aníos ón gcaildéara agus cumhdaíonn sé an t-oileán.

An tráth céanna, le linn na míonna samhraidh, batrálann gaotha aduaidh, a dtugtar “Meltemi” orthu, an t-oileán gan trócaire agus cuireann sé sin cosc ar thaise a chnuasú ar na fíonchaora i gcaitheamh an lae. Istoíche, titeann na teochtaí agus éiríonn na dálaí aimsire sách tais, ionsúnn ithreacha bolcánacha an oileáin an taise agus sa bhealach sin cothaítear na fíniúnacha.

In áiteanna ina bhfuil ardú géar sa talamh, thóg muintir Santorini na déanmhais a bhfuil an-cháil orthu, is iad sin pezoules (céimeanna). I bhfocail eile, rinne siad léibhinn den talamh chun saothrú a éascú agus caillteanas uisce a theorannú.

Mar thoradh ar an meascadh uathúil sin d’aeráid agus ithir, aibíonn fíonchaora Santorini go tapa agus coinníonn siad a gcuid aigéadachta.

Mar is amhlaidh le gach ní eile ar Santorini sceirdiúil, baineann cruth uathúil leis na fíniúnacha ann. Tá spásáil leathan idir na plandaí agus fásann siad íseal gar don talamh. Chun na fíonchaora a chosaint ó na gaotha gan stad a thuairteálann an t-oileán le linn an gheimhridh, tá modh ag muintir Santorini chun na fíniúnacha a phrúnáil chun cruthanna corónach a dhéanamh leo agus na fíonchaora ag fás ar an taobh istigh.

Is annamh a fhulaingíonn na fíniúnacha cruatan de thoradh feithidí agus galar. Is é an t-aon idirghabháil amháin a úsáidtear chun na plandaí a chosaint an sulfar a chuirtear orthu uair amháin nó dhá uair san earrach lena gcosaint.

Is iad na fíonghoirt in Santorini na fíonghoirt is ársa ar fud na Gréige. D’fhéadfadh roinnt fíniúnacha a bheith chomh sean le 300 bliain d’aois. Tá a bhfréamhacha féin ag na fíniúnacha. Ní dhéantar iad a bheangú ar fhréamhstoic Mheiriceánacha. Ní gá an beangú sin a dhéanamh toisc nár éirigh le phylloxera, an fheithid nimhneach sin a leanann ar aghaidh ag scriosadh fíniúnacha ar fud an domhain, an áit seo a bhaint amach. Ar an dea-uair, ní thacaíonn ithir bholcánach an oileáin, agus an easpa cré agus méid an-ard gainimh (93 %-97 %), leis an bhfeithid.

Dá dheasca sin, cruthaíonn roinnt tosca miocraeráid atá éagsúil ó gach aeráid eile ar domhan, agus cuidíonn sé sin na fíonchaora a aibiú go hiomlán. In éineacht le héifeachtaí an nochta gréine agus aosaithe, táirgtear fíonta milse mar gheall ar na tosca sin agus bíonn a saintréithe tiubhaithe chun blas iontach veilbhitiúil a chruthú sa bhéal.

8.11.   Cáilíocht agus an nasc stairiúil, cultúrtha leis an gcomhshaol geografach atá ag fíon atá milis go nádúrtha/fíon ó fhíonchaora rísínithe agus fíon licéir ó fhíonchaora rísínithe

Sonraí faoin táirge

Is túiríní radhairc cearta iad na fíonghoirt ar oileán Santorini agus Thirasia ar an Muir Aeigéach. Le linn an tsamhraidh, coisceann na gaotha aduaidh a bhfuil an-cháil orthu, Meltemi, teochtaí a bheith ard agus cruthaíonn sé sin miocraeráid ar leith. Feabhsaíonn sé sin aibiú na bhfíonchaor agus a gcomhdhéanamh le linn na céime aibithe “anailísí”, i.e. ag cur aigéadachta, datha, cumhra, siúcraí, etc. san áireamh. Bíonn fíonta lena mbaineann cáilíocht an-ard mar thoradh air sin.

Thairis sin, cuireann an meascán sin den aeráid, comhdhéanamh ithreacha an oileáin, na cineálacha fíonchaoire a fhástar, an cúram a thugtar do na fíniúnacha agus na teicnící fíonóireachta a úsáidtear, le saintréithe cáilíochta fhíonta ag a bhfuil STFC Santorini.

Déantar fíon geal atá milis go nádúrtha/fíon geal as fíonchaora rísínithe agus an fíon licéir ag a bhfuil STFC Santorini as 51 % ar a laghad d’fhíonchaora den chineál Assyrtiko. Is as cineálacha fíonchaor Aidani agus Athiri agus méideanna beaga de chineálacha geala “iasachta” a fhástar sa mhodh traidisiúnta ar an ngrúpa oileán Santorini agus Thirasia a dhéantar an chuid eile de. Go háirithe, is iad Gaidouria, Katsano, Moschato geal, Monemvassia, Platani, Potamissi agus an cineál dearg atá mín, is é sin Roditis.

I ndiaidh an fhómhair, leagtar na fíonchaora atá beartaithe chun Vinsanto a tháirgeadh amach le triomú faoin ngrian the Aeigéach agus cosnaíonn gnéithe draenála na hithreach ón lobhadh iad. Cailleann na fíonchaora an chuid is mó dá dtaise i ndiaidh tréimhse idir 7 agus 12 lá agus d’éirigh a saintréithe ní ba láidre ag an am céanna. Déantar na fíonchaora a bhrúisc agus a bhrú ansin, agus tosaíonn an coipeadh mall, próiseas nach mór faireachán a dhéanamh air gach lá. I bhfianaise an mhéid ard siúcra, stopann an coipeadh roimh am. Is é fíon atá milis go nádúrtha gan alcól láidir a chur leis atá de thoradh air sin. Déantar an fíon a aibiú i mbairillí darach ansin go ceann 24-mhí ar a laghad. Déanann an t-am maitheas do Vinsanto, agus baineann luach ard leis an am sin mar thugann sé dea-bholaithe agus blas don fhíon a fhad agus a fhágtar é go ciúin i siléir dhorcha an oileáin. Éiríonn saintréithe Vinsanto níos láidre le himeacht ama, rud a thugann blas iontach veilbhitiúil dó sa bhéal, agus dá bhrí sin is cuid ríthábhachtach de tháirgeacht an fhíona é an t-aosú.

Teastaíonn thart ar 6 chileagram d’fhíonchaora chun aon lítear amháin de Vinsanto a tháirgeadh. D’fhéadfadh an méid sin a bheith chomh hard le 10 gcileagram, ag brath ar an ngalú le linn na tréimhse aosaithe fada. Dá bhrí sin, is fíon tearc é, mar is amhlaidh an cás le gach uile rud a mbaineann luach ard leis.

Cuireann na cineálacha fíonchaora áitiúla réamhluaite a úsáidtear chun Vinsanto a tháirgeadh le huaisle an fhíona ar a bhealach féin. Cuireann Assyrtiko leis an aigéadacht ghéar, an uaisleacht agus leis na blasanna de mhianraí; Cuireann Aidani lena thathag agus lena dhoimhneacht, chomh maith leis an dea-bholadh cumhra atá air; agus tagann an fhíneáltacht agus an leochaileacht charachtair ó Athiri. I dteannta a chéile, cuireann siad uile le castacht Vinsanto.

8.12.   Cáilíocht agus an nasc stairiúil, cultúrtha leis an gcomhshaol geografach atá ag fíon atá milis go nádúrtha/fíon ó fhíonchaora rísínithe agus fíon licéir ó fhíonchaora rísínithe

Idirghníomhaíocht chúisíoch

Mar a shonraítear sna ranna thuas, tá uathúlacht fhíonta ag a bhfuil STFC Santorini mar gheall ar shaintréithe sonracha na n-oileán agus na teicnící saothraithe sonracha a úsáidtear. Go sonrach:

1.

Treorú “Ciseáin”. Is cleachtas áitiúil a mhaireann ó na cianaoiseanna é an modh saothraithe fíniúna sainiúil a úsáidtear in Santorini sa lá atá inniu ann. Chun “ciseáin” a chruthú, casann na saothróirí fíniúna a bhfuil taithí acu na gais le chéile chun corónacha móra, amhail ciseáin nádúrtha, a chruthú agus luíonn siad ar ithir bholcánach an oileáin ansin. Aibíonn na fíonchaora taobh istigh de na ciseáin le cosaint uathu, áit nach bhfuil siad i mbaol. An tráth céanna, tá na fíniúnacha in ann ithir agus tosca aeráide deacra Santorini a sheasamh. Seo a leanas na saintréithe sin:

gaotha an-láidir, go háirithe le linn an earraigh, an séasúr ina dtagann na buinneoga nua amach;

gaineamh ón ithir bholcánach a chorraíonn go géar agus é séidte ag an ngaoth;

scaladh gréine i gcaitheamh an tsamhraidh;

easpa uisce (seachas an ceo ón bhfarraige istoíche);

2.

An ithir shainiúil, atá gainmheach le meascán de shlíogart agus luaith, saibhir i maignéisiam, cailciam agus iarann, agus acmhainneacht shuntasach aici chun uisce a ionsú;

3.

Aeráid na Meánmhara le geimhreadh bog agus samhradh fionnuar, tráth a shéideann leoithní farraige aduaidh ag fuarú na bhfíonghort; agus

4.

An difríocht shuntasach sa teocht idir an lá agus an oíche, in éineacht leis an gceo farraige a thagann anuas ar na fíonghoirt, coimeádann sé na fíonghoirt fionnuar agus cosnaíonn sé ó sholas láidir na gréine iad, agus baineann forbairt cháilíocht na fíonchaoire as sin.

Táirgeann idirghníomhaíocht idir na tosca uile sin, in éineacht leis an éifeacht atá ag an tréimhse ina gcaitheann na fíonchaora amach faoin ngrian, fíonta ag a bhfuil dea-bholadh láidir agus casta. Tá bolaithe de spíosraí, síoróip rísíní, seacláid, caife, tae, silíní searbha, prúnaí agus figí, silíní agus subh silíní searbha, agus cíor mheala air. Le linn an aosaithe, éiríonn na dea-bholaithe níos láidre agus níos casta. Agus é sa bhéal, tá an fíon saibhir agus tá cothromaíocht shainiúil idir an aigéadacht agus an mhilseacht. Blas iomlán, mín ar an bhfíon, le blasanna de mhil agus líomóid. Fíon ag a bhfuil dea-bholaithe agus blasanna uathúla agus casta, agus é struchtúrtha agus fada.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

 

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú fíona

 

Creat dlíthiúil:

 

Sa reachtaíocht náisiúnta

 

An cineál choinníll bhreise:

 

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

 

Tuairisc ar an gcoinníoll:

1.   Téarmaí lena dtagraítear do mhodhanna áirithe táirgthe

I gCinneadh Aireachta Uimh. 280557/9.6.2005 lena leagtar síos fad aibiúcháin agus aosúcháin na bhfíonta ag a bhfuil Cáilíocht Níos Fearr de Shonrúchán Tionscnaimh agus Fíonta Áitiúla, agus cathain a chuirtear iad ar an margadh, agus na téarmaí a úsáidtear i lipéadú fíonta den sórt sin, téarmaí a bhaineann lena modh táirgeachta nó a modhanna ullmhúcháin (Iris an Rialtais, Sraith II, Uimh. 818/15.6.2005), tagraíonn Airteagal 1 do na coinníollacha chun na léirithe a leanas a úsáid:

“ΝΕΟΣ ΟΙΝΟΣ” nó “ΝΕΑΡΟΣ ΟΙΝΟΣ” (FÍON NUA)

“ΩΡΙΜΑΝΣΗ ΣΕ ΒΑΡΕΛΙ” nó “ΩΡΙΜΑΣΕ ΣΕ ΒΑΡΕΛΙ” (ARNA THABHAIRT CHUN AIBÍOCHTA I mBAIRILLE)

“ΠΑΛΑΙΩΜΕΝΟΣ ΣΕ ΒΑΡΕΛΙ” nó “ΠΑΛΑΙΩΣΗ ΣΕ ΒΑΡΕΛΙ” (ARNA THABHAIRT CHUN AIBÍOCHTA I mBAIRILLE)

2.   An bhliain a shonrú ar an lipéad

I gcás ina n-úsáidtear na téarmaí “ΝΕΟΣ ΟΙΝΟΣ” nó “ΝΕΑΡΟΣ ΟΙΝΟΣ” (“FÍON NUA”) ar lipéadú fíonta, tá sé sainordaitheach go gcuirfí an bhliain fíona leis, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Chinneadh Aireachta Uimh. 280557/9-6-2005 lena leagtar síos fad aibiúcháin agus aosúcháin na bhfíonta ag a bhfuil Cáilíocht Níos Fearr de Shonrúchán Tionscnaimh agus Fíonta Áitiúla, agus cathain a cuireadh ar an margadh iad, chomh maith leis na téarmaí a úsáidtear i lipéadú na bhfíonta sin i dtaobh an mhodha táirgthe nó na modhanna ullmhúcháin (Iris an Rialtais, Sraith II, Uimh. 818/15.6.2005).

3.   Téarmaí traidisiúnta

Téarmaí traidisiúnta i gcomhréir le Cinneadh Aireachta Uimh. 235309/7.2.2002 maidir le faomhadh na dtéarmaí traidisiúnta a úsáidtear le haghaidh fíonta a bhaineann leis an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach (Iris an Rialtais, Sraith II, Uimh. 179/6.2005).

Faoin gCinneadh Aireachta thuasluaite, is iad a leanas na téarmaí traidisiúnta is féidir a úsáid ar lipéadú fhíonta STFC Santorini: ΛΕΥΚΟΣ ΑΠΟ ΛΕΥΚΑ ΣΤΑΦΥΛΙΑ / Blanc de blancs, ΑΠΟ ΝΗΣΙΩΤΙΚΟ(ΟΥΣ) ΑΜΠΕΛΩΝΑ(ΕΣ) / Vin de vignoble(s) insulaire(s) [Fíon ó fhíonghoirt ar oileáin], ΑΠΟ ΑΜΠΕΛΩΝΑ(ΕΣ) ΣΕ ΠΕΖΟΥΛΕΣ / Vin de vignobles en terrasses [Fíon ó fhíonghoirt sraithe], ΟΙΝΟΣ ΛΟΦΩΝ / Vin de collines [Fíon ó na fánaí], ΟΙΝΟΣ ΠΛΑΓΙΩΝ / Vin de coteaux [Fíon ó na fánaí], Λιαστός [Rísínithe], VINSANTO, ΝΥΧΤΕΡΙ/Nykteri.

Sonrú na dtéarmaí traidisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 112 de Rialachán (AE) Uimh 1308/2013, agus iad nasctha leis an sonrúchán tionscnaimh nó leis an tásc geografach seo.

I gcomhréir le hAirteagal 113 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus mar a shainmhínítear agus a thaifeadtar sa bhunachar e-Ambrosia, is féidir na téarmaí traidisiúnta a úsáid ar lipéadú fhíonta ag a bhfuil SFTC Santorini, ar choinníoll go gcomhlíontar reachtaíocht ábhartha an Aontais agus náisiúnta:

Ονομασία Προέλευσης Ανωτέρας Ποιότητας (ΟΠΑΠ) (Cáilíocht Níos Fearr den Sonrúchán Tionscnaimh (CNFST)) seachas STFC, Αγρέπαυλη (Agrepavlis), Αμπέλι (Ampeli), Αμπελώνας (ες) (Ampelonas(es)), Αρχοντικό (Archontiko), Ειδικά επιλεγμένος (Sainroghnaithe), Επιλογή nó Επιλεγμένος (Rogha nó Roghnaithe), Κάστρο (Kastro), Κτήμα (Ktima), Μετόχι (Metochi), Μοναστήρι (Monastiri), Πύργος (Pyrgos) agus Λιαστός (Rísínithe).

Ina theannta sin:

Νυχτέρι (Nykteri): ainm traidisiúnta a choinnítear le haghaidh fíonta geala tirime ag a bhfuil STFC Santorini, agus íosneart alcóil nádúrtha de 13.5 % de réir toirte acu, agus iad coipthe in umair nó i mbairillí agus ansin fágtha le haibiú i mbairillí adhmaid go ceann 3 mí ar a laghad.

Vinsanto: ainm traidisiúnta a úsáidtear le haghaidh fíonta milse ag a bhfuil STFC Santorini agus a dhéantar as fíonchaora rísínithe.

Maoluithe

Creat dlíthiúil:

I Reachtaíocht an Aontais

An cineál choinníll bhreise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/33 ón gCoimisiún

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

http://www.minagric.gr/images/stories/docs/agrotis/POP-PGE/TEXNIKOI%20FAKELOI%20OINON%20POP-PGE%20ENGLISH/PDO%2031/prodiagrafi_POPSantorini_201221.pdf


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


31.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 143/28


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 143/10)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 (1) ón gCoimisiún.

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AG LEASÚ AN DOICIMÉID AONAIR

Άγιο Όρος / Agio Oros

PGI-GR-A0873-AM01

Dáta teachtaireachta: 31.12.2021

TUAIRISC AR AGUS CÚISEANNA LEIS AN LEASÚ FORMHEASTA

1.   Foclaíocht a chur leis, lena sonraítear, i ndáil le táirgeadh fíona ó fhíonchaora rísínithe dearga agus geala, nach mór na fíonchaora a fhágáil ar feadh 10-15 lá chun triomú.

Cúis: Seo an méid ama a theastaíonn ó na fíonchaora, a bhíonn ró-aibí cheana féin faoin am a bhuantar iad (méid siúcra os cionn 270 g/l), chun an méid siúcra inmhianaithe (350-370 g/l) a shroicheadh fad is a choinnítear saintréithe eile, amhail iad bheith iomlán, sláintiúil agus súmhar, rud a fhágann go bhfuil sé éasca iad a fháisceadh agus go dtáirgtear cainníocht leordhóthanach sú fíonchaor leo.

Leasaíodh an roinn maidir le “Cleachtais fíonóireachta”.

2.   Cuireadh pointe nua in ionad phointe (b) sa roinn maidir le “Cleachtais fíonóireachta shonracha”

Cuireadh an méid a leanas in ionad phointe (b) faoi “Cleachtais fíonóireachta shonracha” sa roinn maidir le “Cleachtais fíonóireachta”:

“(b)

Treoraítear na fíniúnacha i gcruth cuach nó i dtródam aonair nó i dtródam dúbailte ag úsáid tródam buan nó gas athchuir.”

Cúis: Téann saothrú fíniúnacha i limistéar Shliabh Athos siar go dtí an 10ú haois AD, tráth a bhíodh fíonsaothraithe ag treorú fíniúnacha i gcruthanna traidisiúnta, amhail cuacha, ach i gcruthanna níos saoire freisin (lena n-áirítear treilísí lasnairde nó féithigh a d’fhástaí ar leibhéal na talún etc.). Le himeacht ama, de réir mar a d’éirigh saothrú fíniúnacha níos meicnithe, glacadh córais treoraíochta níos nua-aimseartha agus níos éifeachtúla, amhail Tródam de Royat le tródam buan in áiteanna níos tirime, neamhuiscithe nó Guyot le gas athchuir in áiteanna níos torthúla agus uiscithe. Dar ndóigh, toisc an traidisiún seanbhunaithe fíonsaothrúcháin, úsáidtear an cruth cuach (cé nach bhfuil sé chomh torthúil céanna) i roinnt áiteanna ar Shliabh Athos fós, agus toisc nach bhfuil an luach tráchtála ar an ní is tábhachtaí mar gheall ar ghairm spioradálta an limistéir.

Leasaíodh an pointe maidir le “Cleachtais fíonóireachta shonracha” sa roinn maidir le “Cleachtais fíonóireachta”.

3.   Cuireadh cineálacha nua leis an meascán cineálacha le haghaidh fíon geal agus fíon rísínithe

(a)

I gcás fíon geal (tirim, leath-thirim, milis), cuireadh na cineálacha fíonchaor geal Malagouzia agus Muscat Alexandria leis an meascán cineálacha, i ngach coibhneas.

(b)

I gcás fíon rísínithe, cuireadh na cineálacha fíonchaor geal Malagouzia agus Muscat Alexandria leis an meascán cineálacha, i ngach coibhneas.

Cúis: Tar éis 1990, tháinig Malagouzia chun cinn agus é ina chineál fíniúna diansaothraithe, agus cuireadh é ar scála mór den chéad uair sa leithinis Sithonia in aice láimhe. Ceann de na cineálacha is mó a bhfuil tóir air i bhfíonghoirt na Gréige anois is ea é agus tá sé á fhás ar Shliabh Athos le 15 bliana anuas. Is cineál láidir torthúil é. Toisc go bhfuil sé íogair don bhotraíteas agus róthaise, fástar é idir leibhéil mheánacha agus uachtaracha an fhíonghoirt, ar thalamh chlaonta de ghnáth, áit a mbíonn cúrsaí draenála níos fearr. Is saintréithe de Shliabh Athos iad na dálaí seo, áit ina saothraítear an fhíniúin go han-chúramach, a mhéid a bhaineann le leasú, uisciú agus lomadh a dhéantar le linn an tsamhraidh (baint na mbachlóg, baint na nduilleog). Úsáidtear é mar chineál as féin nó in éineacht le cineálacha eile ag a bhfuil saintréithe éagsúla (e.g. Asyrtiko) chun fíonta geala atá tirim, measartha tirim agus milis a tháirgeadh. Bíonn seirbhe mheasartha agus dea-bholaithe coitianta de líomaí agus de phéitseoga ag na fíonta má fhástar na fíniúnacha ar dháileachtaí gar don fharraige, agus bíonn blasanna basal agus luibheanna aramatacha eile ag na fíonta má tá na fíonghoirt suite ag airde níos airde.

Is dócha gur tháinig Muscat Alexandria go Sliabh Athos tar éis 1922, nuair a thug dídeanaithe an cineál seo leo, agus nuair a cuireadh é i dTuaisceart na Gréige agus ar Limnos go príomha. In 1934, scríobh an manach, Eulogios Kourilas, go raibh “Alexandrina álainn” ag Mainistir Meyístis lávras (Μονή Μεγίστης λαύρας). Fuair Mainistir Símōnos Pétras (Μονή Σίμωνος Πέτρας) fíonchaora óna cuid talún ar Limnos (sna blianta nár leor an fómhar fíonchaor ar Shliabh Athos chun riachtanais na manach a shásamh), agus bhí ábhar iomadúcháin eile acu freisin. Cláraíodh an cineál go hoifigiúil in 1960. Toisc go bhfuil sé á fhás ar leithinis Athos le 100 bliain anuas, tá sé oiriúnaithe d’aeráid shonrach an limistéir.

Fásann an cineál go maith in ithir chréúil ghainmheach Shliabh Athos, ithir a bhfuil uigeacht mheánach inti agus ag a bhfuil pH idir 6-8. Tá sé sách láidir, torthúil agus frithsheasmhach in aghaidh triomaigh agus táirgtear fíonchaora móra ar a bhfuil craiceann ghealbhuí. Tosaíonn an fómhar tráth idir deireadh mhí Lúnasa agus an 10 Meán Fómhair, ag brath ar an mbliain. Ar an meán, tagann an cineál in aibíocht níos luaithe i bhfíonghoirt Shliabh Athos i gcomparáid le háiteanna eile sa Ghréig ina bhfástar é.

Táirgeann Muscat Alexandria fíonta ar dhath gealbhuí lena mbaineann drithlí órga agus glasa, agus bíonn blas miontais ag na fíonta ag a bhfuil dea-bholadh láidir de rós, de sheasmain, de thorthaí cloiche, agus fíonchaora. Tá meántathag agus meánseirbhe ag na fíonta seo, chomh maith le hiarbhlas maith (meánach+) toisc go bhfuil poitéinseal saibhir aramatach acu. Mar gheall ar a meántoirt agus a meánseirbhe, úsáidtear na fíonta i gcumaisc le cineálacha eile, amhail Asyrtiko, atá níos seirbhe. Bíonn poitéinseal aosúcháin nach mó ná 4 bliana acu, ach amháin i roinnt bheag cásanna, agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a ól agus iad óg.

Leasaíodh na ranna maidir le “Cineálacha fíonchaor údaraithe” agus “An nasc leis an limistéar geografach” le breis faisnéise faoi “Sonraí maidir leis an limistéar geografach”, “Sonraí faoin táirge” agus “Idirghníomhaíocht chúisíoch”.

4.   Cuireadh cineálacha nua leis an meascán cineálacha le haghaidh fíon dearg, fíon rosé, fíon licéir dearg agus fíon rísínithe

(a)

I gcás fíon dearg (tirim, leath-thirim, milis), cuireadh na cineálacha fíonchaor dearg Merlot, Cabernet Franc, Agiorgitiko agus Muscat Hamburg leis an meascán cineálacha, i ngach coibhneas.

(b)

I gcás fíon rosé (tirim agus leath-thirim), cuireadh na cineálacha fíonchaor dearg Merlot, Cabernet Franc, Agiorgitiko agus Muscat Hamburg leis an meascán cineálacha, i ngach coibhneas.

(c)

I gcás fíon licéir dearg, cuireadh na cineálacha fíonchaor dearg Merlot, Cabernet Franc, Agiorgitiko agus Muscat Hamburg leis an meascán cineálacha, i ngach coibhneas.

(d)

I gcás fíon rísínithe, cuireadh na cineálacha fíonchaor dearg Merlot, Cabernet Franc, Agiorgitiko agus Muscat Hamburg leis an meascán cineálacha, i ngach coibhneas.

Cúis: Tá Merlot agus Cabernet Franc, ar cineálacha idirnáisiúnta ilfhiúsacha iad, á bhfás ar Shliabh Athos le roinnt blianta anuas agus tá siad dulta in oiriúint go fíormhaith don ithir ann agus na dálaí aeráide. Aibíonn na fíonchaora go maith; bíonn an dath céanna orthu ar fad agus forbraíonn siad méid maith siúcra. Bíonn fíonta a dhéantar le fíonchaora Merlot dearg dorcha agus tathagach agus bíonn neart alcóil ard acu, ach bíonn fíonta Cabernet Franc tainneach, bíonn méid maith alcóil ann agus oireann tréimhsí aosúcháin fada dóibh. Is cineál ilfhiúsach Gréagach é Agiorgitiko. Tosaíodh ar a shaothrú i dtuaisceart na Gréige le déanaí agus tá an chuma air go gcaomhnaíonn sé a shaintréithe in Halkidiki agus ar Shliabh Athos go háirithe. Is cineál torthúil aramatach é a tháirgeann fíonta ag a bhfuil tainniní boga, rud a shaibhríonn (in éineacht le Muscat Hamburg) an meascán cineálacha a úsáidtear chun fíonta dearga TGFC “Agio Oros” a dhéanamh, ina bhfuil cineálacha níos láidre tainní. Ar deireadh, is cineál é Muscat Hamburg a fhástar ar fud na Gréige. Ar deireadh, is cineál é Muscat Hamburg a fhástar ar fud na Gréige. Ar Shliabh Athos, úsáidtear é den chuid is mó i bhfíonta rosé tirime agus meántirime, agus i bhfíonta rísínithe dearga meántirime milse. Cuireann sé táirgeachtaí níos lú ná an gnáth-tháirgeadh sa limistéar seo, agus mar gheall air sin faightear fíonta speisialta ag a bhfuil neart ard alcóil, tainniní an-bhog agus iarbhlas deas aramatach.

Leasaíodh na ranna maidir le “Cineálacha fíonchaor údaraithe” agus “An nasc leis an limistéar geografach” le breis faisnéise faoi “Sonraí maidir leis an limistéar geografach”, “Sonraí faoin táirge” agus “Idirghníomhaíocht chúisíoch”.

5.   Réamhrá maidir leis an téarma traidisiúnta “Nama”

Cúis: “Nama” is ainm don fhíon dearg milis (fíon rísínithe nó fíon licéir) a úsáidtear go traidisiúnta i gceiliúradh an Aifrinn. Is cineál fíona é, ag a bhfuil seirbhe íseal agus méid íseal alcóil, a tháirgtear go speisialta agus atá á tháirgeadh i limistéar Shliabh Athos leis na céadta.

Leasaíodh an roinn maidir le “Téarmaí traidisiúnta”.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   AINM(NEACHA)

Άγιο Όρος / Agio Oros

2.   CINEÁL AN TÁISC GHEOGRAFAIGH:

TGFC — Tásc Geografach faoi Chosaint

3.   CATAGÓIRÍ TÁIRGÍ FÍNIÚNA

1.

Fíon

3.

Fíon licéir

15.

Fíon ó fhíonchaora rísínithe

4.   TUAIRISC AR AN bhFÍON (AR NA FÍONTA)

1.   Fíon dearg tirim

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cuma: dath dúdhearg agus drithlí ar dhath an rúibín.

Cumhracht: dea-bholadh láidir sméar agus spíosraí éagsúla, ach bíonn blasanna fanaile nó tobac ann freisin ag brath ar an tréimhse aosúcháin.

Blas: blas lán le tathag iontach, seirbhe mhaith agus tainniní boga.

Neart alcóil iomlán íosta: 11.0 % de réir toirte.

Neart alcóil nádúrtha íosta: 10.5 % de réir toirte.

Méid iomlán siúcra (g/l): uas. 9.0

Seirbhe iomlán uasta: 7.0 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Ní mór don neart alcóil uasta na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

I gcás ina mbíonn an méid siúcra níos mó ná 4 g/l, bíonn feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

20

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

150

2.   Fíon dearg meántirim

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cuma: dath dúdhearg agus drithlí ar dhath an rúibín.

Cumhracht: dea-bholadh de thorthaí dearga (silíní, silíní searbha).

Blas: blas na gcaor agus blas bog chomh maith le huigeacht mhín agus iarbhlas deas.

Neart alcóil nádúrtha íosta: 10.5 % de réir toirte.

Méid iomlán siúcra (g/l): íos. 4.5 – uas. 17.5

Seirbhe iomlán uasta: 7.0 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Ní mór don neart alcóil uasta na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

I gcás ina mbíonn an méid siúcra níos mó ná 12 g/l, bíonn feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

An t-uaschion dé-ocsaíde sulfair a cheadaítear ná 200 milleagram in aghaidh an lítir le haghaidh fíonta dearga ina bhfuil méid siúcra, a shloinntear mar iomlán an ghlúcóis agus an fhruchtóis, de 5 ghram in aghaidh an lítir ar a laghad (i gcomhréir leis an maolú a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/934 ón gCoimisiún.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

3,5  gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

20

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

200

3.   Fíon dearg milis

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cuma: dath dúdhearg le drithlí corcra, drithlí ar dhath an rúibín, drithlí corcairghorma nó scothghorma, ag éirí donnrua uaireanta de réir mar a théann sé in aois.

Cumhracht: dea-bholadh casta an-aramatach chomh maith le blasanna coitianta meala nó torthaí triomaithe.

Blas: saibhir agus milis, chomh maith le seirbhe chothrom.

Neart alcóil iomlán íosta: 15.0 % de réir toirte.

Neart alcóil nádúrtha íosta: 10.5 % de réir toirte.

Méid iomlán siúcra (g/l): íos. 45

Seirbhe iomlán uasta: 7.5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach.

Ní mór don neart alcóil uasta na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

An t-uaschion dé-ocsaíde sulfair a cheadaítear ná 300 milleagram in aghaidh an lítir le haghaidh fíonta milse, ag a bhfuil neart alcóil iomlán de réir toirte de 15 % toirte nó níos airde agus méid siúcra de 45 g/l (i gcomhréir leis an maolú a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/934 ón gCoimisiún.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

3,5  gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

20

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

300

4.   Fíon rosé tirim

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cuma: dath bándearg éadrom agus drithlí oráiste uaireanta.

Cumhracht: dea-bholadh torthaí dearga agus rósanna, chomh maith le blasanna glasa (piobair) ag brath ar an gcineál a úsáidtear.

Blas: Faightear an chumhracht sa bhlas freisin, a bhfuil iarbhlas fada na gcaor aige agus atá deas, chomh maith le seirbhe úr.

Neart alcóil iomlán íosta: 11.0 % de réir toirte.

Neart alcóil nádúrtha íosta: 10.0 % de réir toirte.

Méid iomlán siúcra (g/l): uas. 9.0

Seirbhe iomlán uasta: 7.5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach.

Ní mór don neart alcóil uasta na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

I gcás ina mbíonn an méid siúcra níos mó ná 4 g/l, bíonn feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

3,5  gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

200

5.   Fíon rosé meántirim

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cuma: dath bándearg dorcha nó flannbhuí ag brath ar mhéid an úsctha.

Cumhracht: dea-bholaithe saintréitheacha de thorthaí milse dearga (sútha talún, sútha craobh agus silín fiáin).

Blas: meántathag atá olartha agus cothrom mar gheall ar sheirbhe bhog agus milseacht.

Neart alcóil nádúrtha íosta: 10.0 % de réir toirte.

Méid iomlán siúcra (g/l): íos. 4.5 – uas. 17.5

Seirbhe iomlán uasta: 7.5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach.

Ní mór don neart alcóil uasta na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

I gcás ina mbíonn an méid siúcra níos mó ná 12 g/l, bíonn feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

An t-uaschion dé-ocsaíde sulfair a cheadaítear ná 250 milleagram in aghaidh an lítir le haghaidh fíonta rosé ina bhfuil méid siúcra, a shloinntear mar iomlán an ghlúcóis agus an fhruchtóis, de 5 ghram in aghaidh an lítir ar a laghad (i gcomhréir leis an maolú a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/934 ón gCoimisiún.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

3,5  gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

250

6.   Fíon geal tirim

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cuma: criostalta, dath gealbhuí agus drithlí glasa.

Cumhracht: bolaithe de thorthaí citris agus torthaí ag a bhfuil bia bán (péitseoga, úlla) go príomha.

Blas: úr agus cothrom, iarbhlas fada de ghnáth.

Neart alcóil iomlán íosta: 11.0 % de réir toirte.

Neart alcóil nádúrtha íosta: 10.0 % de réir toirte.

Méid iomlán siúcra (g/l): uas. 9.0

Seirbhe iomlán uasta: 7.5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach.

Ní mór don neart alcóil uasta na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

I gcás ina mbíonn an méid siúcra níos mó ná 4 g/l, bíonn feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

3,5  gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

200

7.   Fíon geal meántirim

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cuma: dath buí geal órga.

Cumhracht: spleodrach agus torthúil, agus dea-bholaithe bláthanna den chuid is mó.

Blas: maothlach, seirbhe shuntasach agus tathag maith.

Neart alcóil nádúrtha íosta: 10.0 % de réir toirte.

Méid iomlán siúcra (g/l): íos. 4.5 – uas. 17.5

Seirbhe iomlán uasta: 7.5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach.

Ní mór don neart alcóil uasta na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

I gcás ina mbíonn an méid siúcra níos mó ná 12 g/l, bíonn feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

An t-uaschion dé-ocsaíde sulfair a cheadaítear ná 250 milleagram in aghaidh an lítir le haghaidh fíonta geala ina bhfuil méid siúcra, a shloinntear mar iomlán an ghlúcóis agus an fhruchtóis, de 5 ghram in aghaidh an lítir ar a laghad (i gcomhréir leis an maolú a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/934 ón gCoimisiún.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

3,5  gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

250

8.   Fíon geal milis

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cuma: dath buí agus drithlí glasa, a d’fhéadfadh éirí níos dorcha mar a théann sé in aois.

Cumhracht: boladh casta láidir agus blasanna torthaí, bláthacha nó spíosraí milse, ag brath ar na cineálacha a úsáidtear.

Blas: blas cothrom milis agus iomlán, chomh maith le hiarbhlas fada aramatach.

Neart alcóil iomlán íosta: 15.0 % de réir toirte.

Neart alcóil nádúrtha íosta: 10.0 % de réir toirte.

Méid iomlán siúcra (g/l): íos. 45

Seirbhe iomlán uasta: 7.5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach.

Ní mór don neart alcóil uasta na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

An t-uaschion dé-ocsaíde sulfair a cheadaítear ná 300 milleagram in aghaidh an lítir, ag a bhfuil neart alcóil iomlán de réir toirte níos mó ná 15 % (i gcomhréir leis an maolú a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/934 ón gCoimisiún.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

3,5  gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

300

9.   Fíon dearg licéir

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cuma: dath corcra dorcha agus drithlí ar dhath an rúibín.

Cumhracht: boladh láidir de chnónna, torthaí dearga triomaithe, mil, céir agus seacláid dhubh.

Blas: blas spleodrach flúirseach lán, chomh maith le blas cothrom milis.

Uasmhéid nirt alcóil iarbhír: 22.0 % de réir toirte.

Neart alcóil iomlán íosta: 17.5 % de réir toirte.

Íosmhéid siúcra: íos. 221 g/l in úrfhíon

Seirbhe iomlán uasta: 7.5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach.

Ní mór don neart alcóil uasta na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

An t-uaschion dé-ocsaíde sulfair a cheadaítear ná 200 milleagram in aghaidh an lítir le haghaidh fíonta licéir, ina bhfuil méid siúcra de 5 ghram in aghaidh an lítir ar a laghad (i gcomhréir leis an maolú a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/934 ón gCoimisiún.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

15

Íosmhéid aigéadachta iomláine

3,5  gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

20

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

200

10.   Fíon geal ó fhíonchaora rísínithe

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cuma: dath buí dorcha agus frithscáileanna ar dhath an chaife, ag brath ar an tréimhse aosúcháin.

Cumhracht: boladh ilchineálach ina bhfuil spíosraí milse, amhail caineál agus rós, in éineacht le torthaí triomaithe amhail aibreoga agus rísíní.

Blas: blas bolg milis agus seirbhe ghlan agus tathag an-mhaith.

Neart alcóil nádúrtha íosta: 16.0 % de réir toirte.

Íosmhéid iomlán siúcra (g/l): 45

Seirbhe iomlán uasta: 7.5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach.

Ní mór don neart alcóil uasta na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

An t-uaschion dé-ocsaíde sulfair a cheadaítear ná 400 milleagram in aghaidh an lítir le haghaidh fíonta milse a dhéantar as fíonchaora rísínithe, agus an méid siúcra iarmharaigh, a shloinntear mar shiúcraí, a cheadaítear ná 45 g/l ar a laghad (i gcomhréir leis an maolú i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/934 ón gCoimisiún.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

3,5  gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

30

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

400

11.   Fíon dearg ó fhíonchaora rísínithe

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cuma: dath an charamail dhorcha agus drithlí buídhearga.

Cumhracht: cumhracht ilchineálach de thorthaí triomaithe - figí, aibreoga, rísíní - agus spíosraí milse.

Blas: blas ilchineálach lán, chomh maith le blas cothrom milis agus bolaithe de thorthaí triomaithe amhail aibreoga agus figí.

Neart alcóil nádúrtha íosta: 16.0 % de réir toirte.

Íosmhéid siúcra: 140 g/l

Seirbhe iomlán uasta: 7.5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach.

Ní mór don neart alcóil uasta na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

An t-uaschion dé-ocsaíde sulfair a cheadaítear ná 400 milleagram in aghaidh an lítir le haghaidh fíonta milse a dhéantar as fíonchaora rísínithe, agus an méid siúcra iarmharaigh, a shloinntear mar shiúcraí, a cheadaítear ná 45 g/l ar a laghad (i gcomhréir leis an maolú i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/934 ón gCoimisiún.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

3,5  gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

30

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

400

5.   CLEACHTAIS MAIDIR LE FÍONÓIREACHT

5.1.   Cleachtais fíonóireachta shonracha

1.   Córas treoraithe fíniúnacha

An teicníc shaothraithe

Treoraítear na fíniúnacha i gcruth cuach nó i dtródam aonair nó i dtródam dúbailte ag úsáid tródam buan nó gas athchuir

2.   Táirgeadh fíonta geala agus fíonta rísínithe geala

Srianta maidir le fíonóireacht

(a)   Fíonta geala

Táirgtear fíon geal TGFC “Agio Oros” le teicnící fíonóireachta nua-aimseartha. Ní mór nach sáródh an teocht 20 °C le linn an choipthe alcóil.

(b)   Fíonta rísínithe geala

Buantar na fíonchaora agus iad ró-aibí (méid siúcra >270 g/l) agus ansin fágtar iad le triomú sa ghrian ar feadh 10-15 lá go dtí go mbaintear an méid siúcra inmhianaithe de 350-370 g/l amach. Fáisctear na fíonchaora ansin chun an t-úrfhíon a bhailiú agus ansin déantar an coipeadh alcóil ag teochtaí rialaithe idir 16-18 °C.

3.   Táirgeadh fíonta dearga, fíonta rísínithe dearga, fíonta dearga licéir agus fíonta rosé

Srianta maidir le fíonóireacht

(a)   Fíonta dearga

Táirgtear fíon dearg TGFC “Agio Oros” le modhanna fíonóireachta traidisiúnta le haghaidh fíon dearg.

(b)   Fíonta rísínithe dearga

Buantar na fíonchaora agus iad ró-aibí (méid siúcra >270 g/l) agus ansin fágtar iad le triomú sa ghrian ar feadh 10-15 lá go dtí go mbaintear an méid siúcra inmhianaithe de 350-370 g/l amach. Fáisctear na fíonchaora ansin agus cuirtear in umar coipthe iad ina dtarlaíonn coipeadh alcóil ag teochtaí rialaithe idir 20-22 °C.

(c)   Fíonta licéir dearga

Nuair a bhíonn na gais bainte agus na fíonchaora fáiscthe de bheagán, cuirtear in umar coipthe iad ina dtosaíonn coipeadh alcóil. Tarlaíonn coipeadh alcóil ag teochtaí rialaithe idir 20-22 °C. Scartar an fíon ón marc nuair a bhíonn na saintréithe orgánaileipteacha inmhianaithe bainte amach aige. Cuirtear alcól neodrach de thionscnamh fíonmhar, ag a bhfuil neart alcóil de 96 % toirte ar a laghad, leis chun stop a chur leis an gcoipeadh alcóil, agus baintear na giostaí le scagachán.

(d)   Fíonta rosé

Táirgtear fíon rosé TGFC “Agio Oros” le teicnící fíonóireachta nua-aimseartha. Ní mór nach sáródh an teocht 20 °C le linn an choipthe alcóil.

4.   Cleachtais fíonóireachta shonracha i dtáirgeadh na bhfíonta

Cleachtais fíonóireachta shonracha

(a)

Ceadaítear milsiú i dtáirgeadh fíonta meántirime, leathmhilse agus milse, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha (Cuid D d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2019/934).

(b)

Táirgtear fíon licéir ó úrfhíon fíonchaor, a bhfuil coipeadh páirteach déanta aige, agus ag a bhfuil neart nádúrtha alcóil de réir toirte de 12 %, nó ó fhíon, nó meascán den dá rud, lena gcuirtear alcól neodrach de thionscnamh fíonmhar as féin nó mar chuid de mheascán, lena n-áirítear alcól a fhaightear ó dhriogadh fíonchaor triomaithe ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 96 %, nó fíon nó driogáit fíonchaor thriomaithe ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 52 % agus nach mó ná 86 %.

(c)

Táirgtear fíon rísínithe ó úrfhíon fíonchaor a fhágtar faoin ngrian nó faoi scáth le haghaidh díhiodráitiú páirteach ar feadh 10-15 lá. Déantar fíon den úrfhíon seo gan úrfhíon nó úrfhíon chomhdhlúite choigeartaithe nó alcól de thionscnamh talmhaíochta nó driogáit – roimh an gcoipeadh alcóil, lena linn, nó ina dhiaidh – agus gan an úrfhíon a dhlúthú ó fhíonchaora rísínithe ar bhealach ar bith. Tagann méid siúcra agus alcóil an táirge deiridh ó na fíonchaora, a ndéantar fíon díobh, amháin.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Táirgeacht(aí) uasta an táirge deiridh i heictilítir in aghaidh an heicteáir

96 hl in aghaidh an heicteáir

2.   Táirgeacht uasta na bhfíonchaor i gcileagraim in aghaidh an heicteáir

12 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.   LIMISTÉIR GHEOGRAFACHA CHRÍOCHAITHE

Cuimsítear le limistéar táirgthe críochaithe fhíonta TGFC “Agio Oros”, atá suite ag airde idir 10 agus 400 méadar, limistéar riaracháin Shliabh Athos agus Ouranoupoli, an dúiche máguaird, i gceantar bardasach Stageira-Akanthos, Maoracht Halkidiki.

7.   PRÍOMHCHINEÁL(ACHA) FÍONCHAOR

Cabernet Franc N

Cabernet-Sauvignon N

CHARDONNAY B

Grenache Rouge N

Merlot N

Sauvignon Blanc B

Syrah N

Agiorgitiko N

Athiri Β

Asyrtiko B

Limnio Ν

Malagouzia B

Muscat Alexandria B

Muscat Hamburg N

Xinomavro N – Xinogaltso, Popolka, Mavro Naoussa

Roditis Rs – Alepou

8.   TUAIRISC AR AN NASC(NA NAISC)

8.1.   An nasc staire, cultúrtha agus sóisialta

1.   An nasc staire

Bhí fíonghoirt forbartha go maith i limistéar Shliabh Athos, mar a léiríonn fianaise scríofa éagsúil ó mhanaigh. Déantar neart tagairtí do shaothrú fíniúnacha i leabhar a scríobh an manach, Eulogios Kourilas Lauriotis. Is féidir forleithne shaothrú fíniúnacha na mainistreacha ar Shliabh Athos, a bhfuil a gcuid fíonlann féin acu fós, a fheiceáil sna taifid staire. Is fiú a lua gur tháirg gach mainistir idir 80-100 tona d’fhíon gach bliain. Seachas na 20 mainistir, tá spleáchríocha ar Shliabh Athos freisin – ar a dtugtar skite naofa, nó lonnaíochtaí aiséitiúla, agus cillíní naofa – a shaothraíonn a bhfíniúnacha agus a ólann a gcuid fíona féin. Is iad Limnio, Fokianos, Mavroudi, Roditis agus Muscat Alexandria a fásadh anseo go traidisiúnta. Tá cineálacha eachtracha amhail Merlot, Cabernet Sauvignon agus Syrah á saothrú anseo ó na 1990idí i leith. Thairis sin, tá na cineálacha Malagouzia, Agiorgitiko, Muscat Hamburg agus Cabernet Franc á gcur anseo le 15 bliana anuas. Tá an chuma air go bhfuil na cineálacha seo ag dul i dtaithí ar an aeráid anseo agus tá siad anois ag táirgeadh na fíonta iontacha atá mar dhlúthchuid den limistéar seo.

Tosaíodh ar shaothrú eagraithe fíniúnacha agus táirgeadh fíona ar scála mór le bunú na mainistreacha ar Shliabh Athos. Le “tionól” trádála a thosaigh in 972 A.D. a leagadh amach na rialacha le haghaidh na trádála fíona laistigh de theorainneacha Shliabh Athos, ach go luath ina dhiaidh sin a tosaíodh ar thrádáil an fhíona lasmuigh de na teorainneacha. Le himeacht na mílaoise, bhí ról na gcoimeádaithe fíonsaothrúcháin ag mainistreacha ar fud na Gréige, agus d’oibrigh siad fíonlanna dea-bhainistithe mar chuid den ról seo.

2.   Nasc staire le haghaidh fíonta licéir agus fíonta rísínithe

Táirgeadh fíonta licéir agus fíonta rísínithe sa limistéar seo chomh fada siar le 1 000 bliain ó shin, nuair a tháirg na manaigh roinnt fíonta milse chomh maith le fíonta tirime. Fíon uathúil ab ea seo a ghabh le béilí chun ceiliúradh a dhéanamh ar mhór-ócáidí agus ar mhórfhéilte Críostaíochta.

Cuidíonn teochtaí arda agus uaireanta fada gréine sa limistéar seo le carnadh siúcraí sna fíonchaora, rud a thugann an neart alcóil iomchuí dóibh agus na comhpháirteanna aramatacha a theastaíonn chun fíonta (fíonta licéir agus fíonta rísínithe) ar ardchaighdeán a tháirgeadh.

Tháinig clú ar na fíonta seo le himeacht ama, laistigh den limistéar táirgthe fiú agus bhí cáil orthu ar fud na Gréige mar gheall ar an ardchaighdeán a ghabh leo agus na saintréithe uathúla orgánaileipteacha.

Thart ar 20 bliain ó shin, thosaigh fíonlanna áitiúla ag táirgeadh agus ag dáileadh na bhfíonta seo go córasach, ag úsáid teicnící traidisiúnta in éineacht leis an teicneolaíocht nua-aimseartha.

Lean an cháil a bhí orthu ag scaipeadh le linn na tréimhse seo agus tá a gcuid ainmneacha anois nasctha go dlúth leis an limistéar táirgthe, toisc go mbaineann a saintréithe sonracha leis na cineálacha a úsáidtear chomh maith leis na dálaí ithreach agus aeráide agus an modh táirgthe.

3.   Naisc chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíocha

Tá fíonghoirt agus fíonta bainte go dlúth le saol cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch na muintire áitiúla ón anallód. Tá an nasc seo ann fós sa lá atá inniu ann agus is léir sin mar gheall ar na himeachtaí agus comhdhálacha a eagraítear chun an fíon, chomh maith leis na traidisiúin chultúrtha áitiúla, a chur chun cinn. Tá ról lárnach uathúil ag fíonta rísínithe agus fíonta licéir ag roinnt imeachtaí sóisialta, cultúrtha agus reiligiúnacha.

8.2.   Timpeallacht gheografach

1.   Timpeallacht gheografach agus bunús geografach

Tá an limistéar fíonsaothrúcháin ina gceadaítear fíon TGFC “Agio Oros” a tháirgeadh suite laistigh de theorainneacha riaracháin leithinis Athos. Tá na fíonghoirt suite cois farraige den chuid is mó nó ar fhána suas le hairde de 400 méadar. Tá leibhéil mhaithe pH san ithir agus uigeacht mheánach inti, idir cré ghainmheach agus gaineamh créúil, agus, i roinnt áiteanna, dúrabhán gainmheach nach bhfuil róshalanda, ina bhfuil méid ard iarainn, copair agus maignéisiam agus méid leordhóthanach fosfair agus mangainéise.

Ó thaobh cúrsaí geolaíochta de, is cuid d’fhoirmíocht gheolaíochta Rhodope é leithinis Athos, atá déanta de charraigeacha criostalaithe meiteamorfacha (naghas, glaschloch, aolchloch, aolchloch chriostalaithe agus marmar) agus bruthcharraigeacha (eibhear, eibheardhióirítí agus oifilítí).

I dtéarmaí moirfeolaíochta, aithnítear é mar gheall ar na fánaí géara cois cósta, na loig chreagacha agus Sliabh Athos, atá biorach ar nós pirimide agus é 2 033 méadar in airde. Múnlaíonn an tírdhreach creagach, chomh maith leis an gcósta géar agus sruthanna na farraige i ndeisceart na leithinse aeráid leithinis Athos.

De réir sonraí meitéareolaíochta ó stáisiúin mheitéareolaíochta Arnaia, Neos Marmaras agus Stratoni, tá aeráidí éagsúla le fáil i limistéar Shliabh Athos: aeráid réigiún cósta na Meánmhara sna limistéir íochtaracha, aeráid réigiún intíre na Meánmhara sna limistéir níos uachtaraí agus aeráid thais ilchríochach sna sléibhte. Bíonn geimhrí séimhe agus samhraí fionnuara ina saintréithe d’aeráid idirchriosach na Meánmhara. Tá miocraeráid le fáil sna hísealchríocha agus sna sléibhte, rud a fhágann gurb annamh a bhíonn sioc díobhálach nó teochtaí sár-arda ann.

Is iad mí Iúil agus mí Lúnasa na míonna is teo, ina mbíonn teochtaí uasta de thart ar 31 °C ann i rith an lae. Is iad mí Eanáir agus mí Feabhra na míonna is fuaire, ina mbíonn na meánteochtaí thart ar 8 °C i rith an lae, ach ní chruthaíonn sé seo aon fhadhb toisc go mbíonn na meánteochtaí íosta os cionn 0 °C.

Tá an meánmhéid bliantúil báistí idir 470 mm (ar na mánna) agus 850 mm (sna sléibhte), agus titeann an méid is mó báistí idir mí Dheireadh Fómhair agus mí Aibreáin.

Bíonn gaoth aduaidh anoir aduaidh ann den chuid is mó, seachas le linn an tsamhraidh nuair a shéideann gaotha aneas. Gné shuntasach d’aeráid Halkidiki is ea go bhfuil sé ar na cuair isiteirmeacha chéanna le haghaidh teochtaí íosta agus uasta leis na réigiún atá níos faide ó theas, amhail Messinia, Etoloakarnania agus Attica, cé go bhfuil sé i dtuaisceart na Gréige, mar gheall ar an gcósta fada ar an Muir Aeigéach (630 ciliméadar).

2.   Timpeallacht gheografach agus bunús geografach – fíon licéir agus fíon rísínithe

Mar gheall ar na hithreacha claonta tirime gainmheacha, chomh maith le haeráid na Meánmhara ag a bhfuil geimhrí fionnuara, sruthanna fionnuara aeir agus flúirse gréine sa samhradh, bíonn na dálaí foirfe chun fíonchaora de chaighdeán níos airde a fhás, fíonchaora a aibíonn níos luaithe, ag a bhfuil méid níos airde siúcra agus ag a bhfuil dath níos fearr, chomh maith le haibiú sásúil feanólach agus méid alcóil ard, ar saintréithe fíor-riachtanacha fíoneolaíochta iad chun fíon licéir nó fíon rísínithe a dhéanamh.

Mar gheall ar na teochtaí arda ag deireadh an tsamhraidh, a chuidíonn le rísíniú na bhfíonchaor, agus flúirse na gréine, bíonn na dálaí foirfe chun fíonta rísínithe agus fíonta licéir d’ardchaighdeán agus luach ard tráchtála a tháirgeadh.

8.3.   Sonraí faoin táirge

1.   Sonraí faoin táirge

Forbraítear saintréithe ardchaighdeáin fhíonta TGFC “Agio Oros” mar gheall ar aeráid an limistéir agus na cineálacha éagsúla ithreach atá ann, chomh maith leis na cineálacha fíniúnacha a fhástar, na modhanna a úsáidtear chun aire a thabhairt do na fíniúnacha agus na teicnící fíonóireachta.

2.   Sonraí faoin táirge le haghaidh na catagóire “fíona”

Bíonn dath gealbhuí ar fhíonta geala TGFC “Agio Oros”, chomh maith le drithlí scothghlasa ann, nó dath buí órga air má thugtar chun cineáil é i mbairillí darach. Bíonn na dea-bholaithe éagsúil de réir an chineáil agus an aosúcháin, ach na saintréithe a bhíonn acu ná torthaí coimhthíocha agus torthaí samhraidh, seasmain, citris agus fanaile. Bíonn blas maothlach agus seirbhe úr ag na fíonta, chomh maith le blas ilchineálach saibhir agus iarbhlas fada ag brath ar an mbealach a dhéantar iad.

Bíonn dath an-dearg ar fhíonta dearga TGFC “Agio Oros” agus drithlí scothghorma iontu, chomh maith le dea-bholaithe de thorthaí dearga, spíosraí, torthaí triomaithe agus fanaile. Bíonn tathag struchtúrtha aige chomh maith le blas cothrom agus tainniní boga de bharr na ndálaí foirfe aeráide sa limistéar, a áirithíonn aibíocht mhaith fhíseolaíoch agus fheanólach.

Bíonn idir dath an róis nó an rúibín nó dath dearg éadrom ar fhíonta rosé TGFC “Agio Oros”, chomh maith le drithlí scothghorma nó oráiste agus dea-bholaithe de thorthaí dearga. Na saintréithe atá acu is ea úire, blas cothrom agus seirbhe chothrom.

3.   Sonraí faoin táirge le haghaidh fíonta licéir agus fíonta rísínithe

I gcás fíonta dearga agus geala rísínithe TGFC “Agio Oros”, buantar na fíonchaora ó na fíniúnacha agus iad an-aibí agus ansin fágtar faoin ngrian iad ar feadh 10-15 lá le triomú ionas go mbeidh méid níos airde siúcraí iontu. Bíonn coipeadh alcóil mall agus stopann sé as féin, rud a fhágann méid leordhóthanach siúcraí iarmharacha chun an blas saintréitheach milis a thabhairt don fhíon. Tugtar an fíon chun aibíochta i mbairillí darach ar feadh 1-2 bhliain, rud a fhágann go mbíonn blas saibhir ilchineálach agus tathag mín aige. Na príomhbholaithe a bhíonn aige ná spíosraí, torthaí triomaithe agus cnónna, figí, rísíní agus aibreoga.

Bíonn an próiseas beagán éagsúil le haghaidh fíonta licéir TGFC “Agio Oros”. Le linn na mblianta ina mbíonn an aimsir fabhrach, fágtar na fíonchaora le ró-aibiú ar an bhfíniúin chun an méid siúcra iontu a mhéadú agus cuirtear isteach ar an gcoipeadh alcóil trí bhíthin alcól a chur leis chun an neart alcóil inmhianaithe a bhaint amach. Is fíonta dearga iad seo go hiondúil ag a mbíonn neart alcóil measartha, blas domhan olartha agus dea-bholaithe saibhre de rísíní, seacláid dhubh agus torthaí triomaithe de ghnáth.

8.4.   Idirghníomhaíocht chúisíoch

1.   Idirghníomhaíocht chúisíoch

An fáth a mbíonn fíonta TGFC “Agio Oros” mar atá ná saintréithe an limistéir (an ithir, an aeráid agus éifeacht na ngaoithe le linn an tsamhraidh), chomh maith leis na cineálacha a fhástar agus na teicnící saothrúcháin a úsáidtear.

2.   Idirghníomhaíocht chúisíoch le haghaidh na catagóire “fíona”

Tá na cineálacha ar fad dulta in oiriúint anois do limistéar Shliabh Athos, agus táirgeann siad fíonta ag a bhfuil cumhracht de dhea bholaithe saibhre a ghabhann leis an limistéar agus blas lán cothrom acu chomh maith. Ligeann an aimsir the thirim sa limistéar, chomh maith leis an gcineál ithreach, do na fíonchaora dul in aibíocht idir lár mhí Lúnasa agus lár mhí Mheán Fómhair, ag brath ar an gcineál.

Seachas na cineálacha traidisiúnta fíonchaor geal a fhástar sa limistéar (Roditis, Asyrtiko, Athiri) agus na cineálacha eachtracha ar éirigh leo (Chardonnay agus Sauvignon Blanc), tá an cineál Malagouzia a tugadh isteach le déanaí dulta in oiriúint d’aeráid an limistéir freisin. Toisc go bhfuil sé íogair do róthaise, fástar é idir na leibhéil sa lár agus leibhéil uachtaracha an fhíonghoirt. Téann na fíonchaora in aibíocht ag deireadh mhí Lúnasa, rud a fhágann go bhfuil neart alcóil níos airde acu, seirbhe mhaith agus dea-bholaithe de thorthaí tropaiceacha, torthaí citris (líoma go príomha) agus basal.

Fástar na cineálacha fíonchaor dearg sna codanna is géire de na fíonghoirt chun draenáil níos fearr a fháil. Mar thoradh air sin, coinníonn na fíniúnacha níos lú uisce, rud a cheadaíonn aibiú alcólach agus feanólach níos fearr sna fíonchaora. Táirgeann fíonchaora a fhástar ar ithreacha gainmheacha fíonta ag a bhfuil dea-bholaithe éadroma, i gcomparáid le fíonchaora a fhástar ar ithreacha créúla a tháirgeann fíonta ag a bhfuil saintréith shuntasach fheanólach.

An cineál fíonchaor dearg a úsáidtear go traidisiúnta chun “Agio Oros” a tháirgeadh ná Limnio, agus meastar gurb é sin an cineál fíonchaoire is sine atá cláraithe sa Ghréig. Seachas Limnio, áfach, fástar Xinomavro, Cabernet Sauvignon, Grenache Rouge agus Syrah ar scála mór, a tháirgeann fíonta dearga tainneacha ar ardchaighdeán ag a bhfuil méid alcóil ard agus iarbhlas fada. Rinneadh tástálacha ar chineálacha eile amhail Merlot, Cabernet Franc, Agiorgitiko agus Muscat Hamburg le blianta beaga anuas freisin. Táirgeann na fíonchaora seo fíonta ag a bhfuil tathag maith agus dea-bholaithe troma cineálacha de thorthaí dearga. Tosaíonn na fíonchaora ag aibiú sa dara leath de mhí Lúnasa i gcás Merlot, Cabernet Sauvignon, Grenache Rouge agus Cabernet Franc, agus téann Syrah, Limnio, Agiorgitiko, Xinomavro agus Muscat Hamburg in aibíocht sna chéad 10 lá de mhí Mheán Fómhair.

Táirgeann Merlot fíonta ag a bhfuil neart ard alcóil agus tainniní boga agus dea-bholaithe de shilíní agus sútha craobh. Téann Cabernet Franc in aibíocht níos déanaí agus táirgeann sé fíonta ag a bhfuil tathag láidir, dath dorcha agus fíonta a oireann do thréimhsí fada aosúcháin. Táirgeann Cabernet Franc fíonta ag a bhfuil dea-bholaithe spíosracha saintréitheacha (dea-bholaithe de thorthaí beaga dearga go príomha, chomh maith le piobair), láidreacht mhaith agus méid ard antóiciainine atá suntasach.

Táirgeann Agiorgitiko fíonta ag a bhfuil neart alcóil ard agus dea-bholaithe réidhe de shilíní, seacláid agus spíosraí agus oireann sé d’aosú meántéarmach agus fadtéarmach.

Táirgeann Muscat Hamburg fíonta ag a bhfuil dea-bholaithe láidre a bhaineann go dlúth leis an gcineál, dea-bholadh a chuireann rósanna i gcuimhne duit. Saothraítear sna hithreacha doimhne is torthúla é, an áit is fearr ina bhforbraíonn na fíonchaora a gcuid saintréithe orgánaileipteacha agus an dath a bhíonn orthu, a mhéid agus an boladh atá acu.

3.   Idirghníomhaíocht chúisíoch le haghaidh fíonta licéir agus fíonta rísínithe

Tá na fíonta licéir agus na fíonta rísínithe a tháirgtear ar Shliabh Athos uathúil mar gheall ar an ithir agus aeráid an limistéir ina dtáirgtear iad go háirithe. Cruthaítear an timpeallacht is fearr nuair a chuirtear an dá ní seo le chéile. Is ionann táirgeacht na bhfíonta seo i láthair na huaire agus 10-15 % de tháirgeacht iomlán fíonta an limistéir.

D’fhéadfaí go n-úsáidfí roinnt cineálacha chun na fíonta seo a tháirgeadh, ag brath ar na saintréithe orgánaileipteacha ar mian leis na déantóirí fíona a thabhairt amach sa táirge. I measc na gcineálacha a úsáidtear is coitianta tá na cinn atá fíor-aramatach amhail Malagouzia agus Muscat Hamburg, i gcomparáid le cineálacha d’fhíonchaora dearga amhail Merlot, Limnio, Xinomavro agus Grenache Rouge a d’úsáidfí de ghnáth le haghaidh fíonta licéir nó fíonta rísínithe ar dhath dearg nó dath an charamail. Bheadh iarbhlas saibhir acu agus cumhracht ilchineálach de thorthaí triomaithe agus spíosraí milse.

Cuirtear na fíonta seo isteach ar chomórtais náisiúnta agus idirnáisiúnta le haghaidh fíonta.

9.   COINNÍOLLACHA BREISE FÍOR-RIACHTANACHA (PACÁISTIÚ, LIPÉADÚ, CEANGLAIS EILE)

Maoluithe

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál choinníll bhreise:

Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Luaitear le hAirteagal 4(c) de Chinneadh Comh-Aireachta Uimh. 392169/20.10.1999 lena leagtar síos rialacha ginearálta a bhaineann le húsáid an téarma “Fíon Áitiúil” sa tuairisc ar fhíon boird (Iris an Rialtais, Sraith II, Uimh. 1985/8.11.99) arna leasú le Cinneadh Comh-Aireachta Uimh. 321813/29.8.2007:

“Féadfar an téarma ‘Fíon Áitiúil’ a úsáid le tásc geografach lena dtagraítear do chúige, do mhaoracht nó do limistéar fíonsaothrúcháin atá níos lú ná maoracht le haghaidh fíonta boird a tháirgtear i bhfíonlanna a fheidhmíonn sa mhaoracht sin nó i maorachtaí máguaird.”

Maoluithe

Creat dlíthiúil:

I reachtaíocht an Aontais

An cineál choinníll bhreise:

Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair.

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú fíonta

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál choinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

A.   Téarmaí a bhaineann le modhanna áirithe táirgthe

Leagtar amach na forálacha i ndáil le húsáid na dtéarmaí a leanas le hAirteagail 3 agus 4 de Chinneadh Aireachta Uimh. 280557/9-6-2005 lena leagtar síos fad aibiúcháin agus aosúcháin na bhfíonta ag a bhfuil Cáilíocht Níos Fearr de Shonrúchán Tionscnaimh agus Fíonta Áitiúla, agus cathain a cuireadh ar an margadh iad, chomh maith leis na téarmaí a úsáidtear i lipéadú na bhfíonta sin i dtaobh an mhodha táirgthe nó na modhanna ullmhúcháin (Iris an Rialtais, Sraith II, Uimh. 818/15-6-2005) inar leagtar amach na coinníollacha d’úsáid na dtéarmaí seo a leanas:

“ΝΕΟΣ ΟΙΝΟΣ” / “ΝΕΑΡΟΣ ΟΙΝΟΣ” (fíon nua);

“ΩΡΙΜΑΝΣΗ ΣΕ ΒΑΡΕΛΙ” / “ΩΡΙΜΑΣΕ ΣΕ ΒΑΡΕΛΙ” (arna thabhairt chun aibíochta i mbairille);

“ΠΑΛΑΙΩΜΕΝΟΣ ΣΕ ΒΑΡΕΛΙ” nó “ΠΑΛΑΙΩΣΗ ΣΕ ΒΑΡΕΛΙ” (arna thabhairt chun cineáil i mbairille);

“ΟΙΝΟΠΟΙΗΘΗΚΕ ΚΑΙ ΩΡΙΜΑΣΕ ΣΕ ΒΑΡΕΛΙ” / “ΟΙΝΟΠΟΙΗΣΗ ΚΑΙ ΩΡΙΜΑΝΣΗ ΣΕ ΒΑΡΕΛΙ” (fíon arna dhéanamh de agus é arna thabhairt chun aibíochta i mbairille);

“ΟΙΝΟΠΟΙΗΣΗ ΣΕ ΒΑΡΕΛΙ” / “ΟΙΝΟΠΟΙΗΘΗΚΕ ΣΕ ΒΑΡΕΛΙ” (fíon arna dhéanamh de i mbairille).

B.   An bhliain fíona a shonrú ar an lipéad

I gcás ina n-úsáidtear an téarma “ΝΕΟΣ ΟΙΝΟΣ” / “ΝΕΑΡΟΣ ΟΙΝΟΣ” (“fíon nua”) ar lipéadú fíonta, tá sé sainordaitheach go gcuirfí an bhliain fíona leis, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Chinneadh Comh-Aireachta Uimh. 280557/9-6-2005 lena leagtar síos fad aibiúcháin agus aosúcháin na bhfíonta ag a bhfuil Cáilíocht Níos Fearr de Shonrúchán Tionscnaimh agus Fíonta Áitiúla, agus cathain a cuireadh ar an margadh iad, chomh maith leis na téarmaí a úsáidtear i lipéadú na bhfíonta sin i dtaobh an mhodha táirgthe nó na modhanna ullmhúcháin (Iris an Rialtais, Sraith II, Uimh. 818/15-6-2005).

C.   Téarmaí traidisiúnta

Téarmaí traidisiúnta i gcomhréir le Cinneadh Comh-Aireachta Uimh. 235309/7-2-2002 maidir le faomhadh na dtéarmaí traidisiúnta a úsáidtear le haghaidh fíonta (Iris an Rialtais, Sraith II, Uimh. 179/19-2002) a bhaineann leis an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach.

I gcomhréir leis an gCinneadh Comh-Aireachta thuas, is féidir na téarmaí traidisiúnta a leanas a úsáid ar lipéadú fhíonta PGI “Agio Oros”:

ΛΕΥΚΟΣ ΑΠΟ ΛΕΥΚΑ ΣΤΑΦΥΛΙΑ / Blanc de blancs (Fíon geal ó fhíonchaora geala), ΛΕΥΚΟΣ ΑΠΟ ΕΡΥΘΡΑ ΣΤΑΦΥΛΙΑ / Blanc de noir (Fíon geal ó fhíonchaora dearga), ΛΕΥΚΟΣ ΑΠΟ ΕΡΥΘΡΩΠΑ ΣΤΑΦΥΛΙΑ / ΛΕΥΚΟΣ ΑΠΟ ΓΚΡΙΖΑ ΣΤΑΦΥΛΙΑ / Blanc de gris (Fíon geal ó fhíonchaora rosé nó fíon geal ó fhíonchaora liatha), ΚΟΚΚΙΝΕΛΙ / kokineli (Kokineli), ΟΙΝΟΣ ΛΟΦΩΝ / Vin de collines (Fíon ó na cnocáin), ΟΙΝΟΣ ΠΛΑΓΙΩΝ / Vin de coteaux (Fíon ó na fánaí).

Téarmaí traidisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 112 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a bhaineann leis an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach.

I gcomhréir le hAirteagal 113 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus mar a shainmhínítear agus a chláraítear sa bhunachar leictreonach sonraí “e-ambrosia”, féadfar na téarmaí traidisiúnta a leanas a úsáid agus a chosaint i gcomhréir le TGFC “Agio Oros”, ar choinníoll go gcomhlíontar forálacha ábhartha reachtaíocht náisiúnta agus reachtaíocht an Aontais:

Τοπικός Οίνος (Fíon Áitiúil) in ionad TGFC

Αγρέπαυλη (Agrepavlis), Αμπέλι (Ampeli), Αμπελώνας (ες) (Ampelonas(es)), Αρχοντικό (Archontiko), Κάβα (Cava), Κάστρο (Kastro), Κτήμα (Ktima), Μετόχι (Metochi), Μοναστήρι (Monastiri), Πύργος (Pyrgos), agus Νάμα (Nama) le haghaidh fíonta milse, fíonta arna ndéanamh ó fhíonchaora rísínithe agus fíonta licéir.

NASC CHUIG AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

http://www.minagric.gr/images/stories/docs/agrotis/POP-PGE/TEXNIKOI%20FAKELOI%20OINON%20POP-PGE%20ENGLISH/PGI%202/prodiagrafi_PGEAgio_Oros_201221.pdf


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.