ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 139

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
29 Márta 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 139/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10593 — DUSSUR / SeAH / JV) ( 1 )

1


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 139/02

Rátaí malairte an euro — 28 Márta 2022

2

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 139/03

Nuashonrú ar mhéideanna tagartha i ndáil le trasnú na dteorainneacha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

3

2022/C 139/04

Imeachtaí foirceanta — Cinneadh imeachtaí féimheachta a thionscnamh i gcomhair Societatea de Asigurare-Reasigurare City Insurance SA (Foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2001/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnóthais árachais a atheagrú agus a fhoirceannadh (Airteagal 280 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú))

5


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 139/05

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10636 — COVÉA / PARTNERRE) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

6

2022/C 139/06

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10642 — CENTRAL / SIGNA / SELFRIDGES) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

8

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 139/07

Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia

10


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

29.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 139/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10593 — DUSSUR / SeAH / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 139/01)

An 16 Márta 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10593. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

29.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 139/2


Rátaí malairte an euro (1)

28 Márta 2022

(2022/C 139/02)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0966

JPY

yen na Seapáine

135,93

DKK

krone na Danmhairge

7,4393

GBP

punt steirling

0,83643

SEK

krona na Sualainne

10,4225

CHF

franc na hEilvéise

1,0257

ISK

króna na hÍoslainne

142,80

NOK

krone na hIorua

9,5123

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,650

HUF

forint na hUngáire

374,13

PLN

zloty na Polainne

4,7180

RON

leu na Rómáine

4,9483

TRY

lira na Tuirce

16,2750

AUD

dollar na hAstráile

1,4590

CAD

dollar Cheanada

1,3702

HKD

dollar Hong Cong

8,5861

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,5838

SGD

dollar Shingeapór

1,4921

KRW

won na Cóiré Theas

1 342,49

ZAR

rand na hAfraice Theas

15,9925

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,9862

HRK

kuna na Cróite

7,5735

IDR

rupiah na hIndinéise

15 737,77

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6238

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,080

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,027

BRL

real na Brasaíle

5,2133

MXN

peso Mheicsiceo

21,9841

INR

rúipí na hIndia

83,4825


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

29.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 139/3


Nuashonrú ar mhéideanna tagartha i ndáil le trasnú na dteorainneacha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

(2022/C 139/03)

Na méideanna tagartha i ndáil le trasnú na dteorainneacha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), foilsítear an liosta sin ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39 de Chód Teorainneacha Schengen.

Chomh maith lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tá nuashonrú míosúil ar fáil ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile.

MÉIDEANNA TAGARTHA IS GÁ CHUN NA TEORAINNEACHA SEACHTRACHA A THRASNÚ, ARNA LEAGAN SÍOS AG NA HÚDARÁIS NÁISIÚNTA

AN EASTÓIN

Le cur in ionad na faisnéise a foilsíodh in IO C 178, 28.5.2020, lch. 3.

Faoi dhlí na hEastóine, eachtrannaigh a thagann isteach san Eastóin gan litir chuiridh, cuirfidh siad fianaise ar fáil i dtaca le cóir leordhóthanach airgeadúil chun costais a dtréimhse fanachta san Eastóin a chumhdach, mar aon leis na costais a bhaineann le himeacht uaithi, arna iarraidh sin d’oifigeach garda teorann ar theacht isteach sa tír dóibh. Meastar gurb ionann cóir leordhóthanach airgeadúil le haghaidh gach lá ceadaithe agus 0,2 oiread an bhuntuarastail mhíosúil arna chur chun feidhme ag Rialtas na Poblachta, i.e. 130.80 EUR.

Murach sin, an té a thug an cuireadh, gabhfaidh sé freagracht air féin costais tréimhse fanachta an eachtrannaigh san Eastóin a chumhdach, mar aon leis na costais a bhaineann le himeacht uaithi.

Liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo

IO C 247, 13.10.2006, lch. 19.

IO C 77, 5.4.2007, lch. 11.

IO C 153, 6.7.2007, lch. 22.

IO C 164, 18.7.2007, lch. 45.

IO C 182, 4.8. 2007, lch. 18.

IO C 57, 1.3.2008, lch. 38.

IO C 134, 31.5.2008, lch. 19.

IO C 331, 31.12.2008, lch. 13.

IO C 33, 10.2. 2009, lch 1.

IO C 36, 13.2. 2009, lch. 100.

IO C 37, 14.2.2009, lch. 8.

IO C 98, 29.4.2009, lch. 11.

IO C 35, 12.2.2010, lch. 7.

IO C 304, 10.11.2010, lch. 5.

IO C 24, 26.1.2011, lch. 6.

IO C 157, 27.5.2011, lch. 8.

IO C 203, 9.7.2011, lch. 16.

IO C 11, 13.1.2012, lch. 13.

IO C 72, 10.3.2012, lch. 44.

IO C 199, 7.7.2012, lch. 8.

IO C 298, 04.10.2012, lch. 3.

IO C 56, 26.2.2013, lch. 13.

IO C 98, 05.04.2013, lch. 3.

IO C 269, 18.09.2013, lch. 2.

IO C 57, 28.2.2014, lch. 2.

IO C 152, 20.5.2014, lch. 25.

IO C 224, 15.7.2014, lch. 31.

IO C 434, 4.12.2014, lch. 3.

IO C 447, 13.12.2014, lch. 32.

IO C 38, 4.2.2015, lch. 20.

IO C 96, 11.3.2016, lch. 7.

IO C 146, 26.4.2016, lch. 12.

IO C 248, 8.7.2016, lch. 12.

IO C 111, 8.4.2017, lch. 11.

IO C 21, 20.1.2018, lch. 3.

IO C 93, 12.3.2018, lch. 4.

IO C 153, 2.5.2018, lch. 8.

IO C 186, 31.5.2018, lch. 10.

IO C 264, 26.07.2018, lch. 6.

IO C 366, 10.10.2018, lch. 12.

IO C 459, 20.12.2018, lch. 38.

IO C 140, 16.4. 2019, lch.7.

IO C 178, 28.5. 2020, lch 3.

IO C 102, 24.3. 2021, lch. 8.

IO C 486, 3.12. 2021, lch 26.


29.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 139/5


Imeachtaí foirceanta

Cinneadh imeachtaí féimheachta a thionscnamh i gcomhair “Societatea de Asigurare-Reasigurare City Insurance SA”

(Foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2001/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnóthais árachais a atheagrú agus a fhoirceannadh (Airteagal 280 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú))

(2022/C 139/04)

Gnóthas árachais

“Societatea de Asigurare-Reasigurare City Insurance S.A” lena oifig chláraithe i mBúcairist, rannóg 1, str. Emanoil Porumbaru, uimh. 93-95, CP 011424, cláraithe ag Oifig na gClár Trádála faoi Uimh. J40/3150/1998, cód clárúcháin aonair 10392742, cláraithe i gCláraitheoir an Árachais faoi Uimh. RA-008 an 10 Aibreán 2003.

Dáta, teacht i bhfeidhm agus cineál an chinnidh

Cinneadh Uimh. 1148/17.9.2021 maidir le ceadúnas oibríochta “City Insurance S.A”, dearbhú a dhócmhainneachta agus tíolacadh iarratais maidir le himeachtaí féimheachta a thionscnamh ina choinne a tharraingt siar;

Rialú Eatramhach Uimh. 507 ó Chúirt Bhúcairist an 9 Feabhra 2022 maidir le himeachtaí féimheachta a thionscnamh i gcoinne na cuideachta “City Insurance S.A.”

Údaráis inniúla

“Autoritatea de Supraveghere Financiară” (ASF) [an tÚdarás um Maoirseacht Airgeadais], a bhfuil a cheannoifig ag Splaiul Independenței Uimh. 15, Rannóg 5, Búcairist, an Rómáin

An t-údarás maoirseachta

“Autoritatea de Supraveghere Financiară” (ASF) [an tÚdarás um Maoirseacht Airgeadais], a bhfuil a cheannoifig ag Splaiul Independenței Uimh. 15, Rannóg 5, Búcairist, an Rómáin

An leachtaitheoir a ceapadh

Leachtaitheoir arna cheapadh ag an gCúirt – CITR Filiala Cluj

Sonraí teagmhála an leachtaitheora arna cheapadh ag an gcúirt: Búcairist, Strada Gara Herăstrău, uimh. 4, Green Court, etaj 3, rannóg 2

An dlí is infheidhme

An Rómáin

Ordú Éigeandála Rialtais Uimh. 93/2012 maidir le bunú, eagrú agus feidhmiú an Údaráis um Maoirseacht Airgeadais, arna fhormheas le leasuithe Dlí Uimh. 113/2013, arna leasú;

Dlí Uimh. 503/2004 maidir le téarnamh airgeadais, féimheacht, agus díscaoileadh deonach agus foirceannadh deonach sa ghnó árachais, arna athfhoilsiú;

Dlí Uimh. 237/2015 maidir le gníomhaíochtaí árachais a údarú agus a mhaoirsiú, arna leasú;

Dlí Uimh. 85/2014 maidir le cosc ar dhócmhainneacht agus imeachtaí dócmhainneachta, arna leasú.


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

29.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 139/6


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10636 — COVÉA / PARTNERRE)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 139/05)

1.   

An 21 Márta 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Covéa Coopérations (“Covéa”, An Fhrainc) faoi rialú Covéa SGAM (An Fhrainc),

PartnerRe Ltd (“PartnerRe”, Beirmiúda) faoi rialú Exor N.V (an Ísiltír).

Gheobhaidh Covéa urlámhas aonair ar PartnerRe ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is grúpa frithpháirteach é Covéa a bhfuil ceanncheathrú aige sa Fhrainc. Tá sé gníomhach san árachas saoil agus san árachas neamhshaoil agus, go pointe níos lú, san athárachas, i ndáileadh árachais agus i mbainistíocht sócmhainní,

Is cuideachta dhomhanda athárachais é PartnerRe, agus is i mBeirmiúda atá a cheanncheathrú.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10636 — COVÉA / PARTNERRE

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


29.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 139/8


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10642 — CENTRAL / SIGNA / SELFRIDGES)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 139/06)

1.   

An 21 Márta 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Harng Central Department Store Limited (“Central”, an Téalainn),

SIGNA Holding GmbH (“SIGNA”, an Ostair),

SFP Holdings Limited, Selfridges Manchester Limited agus SHEL Holdings Europe Limited (le chéile “Selfridges”, an Ríocht Aontaithe), faoi rialú Selfridges Group Limited (Ceanada).

Gheobhaidh Central agus SIGNA rialú comhpháirteach ar Selfridges de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Central: Tá Central gníomhach ar fud an domhain in eastát réadach, i ngníomhaíochtaí miondíola, san fháilteachas agus i mbialanna, san Áise Thoir Theas go príomha. San Aontas Eorpach, tá Central gníomhach san earnáil miondíola san Iodáil faoin meirg “la Rinascente”, sa Ghearmáin faoin meirg “The KaDeWe Group” agus sa Danmhairg faoin meirg “Illum”. Déanann sé gníomhaíochtaí forbartha maoine sa Ghearmáin, sa Danmhairg agus san Iodáil freisin,

SIGNA: Tá SIGNA gníomhach go príomha in dhá réimse gnó: trádáil mhiondíola agus eastát réadach. Sa trádáil mhiondíola, oibríonn sé slabhra siopaí táirgí neamhbhia sa Ghearmáin (“GALERIA”) agus sa Bheilg (“INNO”). Tá siopaí speisialta brící agus moirtéil earraí spóirt aici chomh maith, chomh maith le roinnt siopaí ar líne faoi na meirgí “SportScheck” agus “SIGNA Sports United Group”. Thairis sin, tá siopaí troscáin san Ostair, chomh maith le dhá shiopa troscáin ar líne (“kika” agus “Leiner”). San eastát réadach, díríonn SIGNA ar cheannach, cíos, léasú agus bainistiú talún agus foirgneamh chomh maith le forbairt tionscadail. Tá maoin eastáit réadaigh faoi úinéireacht aici go príomha san Ostair, sa Ghearmáin, i dTuaisceart na hIodáile agus san Eilvéis. Tá só-óstáin i bhfeidhm san Ostair agus san Iodáil freisin,

Selfridges: Tá Selfridges gníomhach go príomha i miondíol táirgí neamhbhia a lena n-áirítear táirgí áilleachta, éadaí ban, éadaí fear, éadaí leanaí, coisbheart, gabhálais agus earraí tí. Tá trí mheirg oibriúcháin ar leithligh i ngnó miondíola Selfridges: “Selfridges”, “De Bijenkorf” agus “Brown Thomas agus Arnotts” le siopaí atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn agus san Ísiltír, ardáin dhigiteacha ghaolmhara, agus úinéireacht ar shealúchais eastáit réadaigh sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10642 CENTRAL / SIGNA / SELFRIDGES

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

29.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 139/10


Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia

(2022/C 139/07)

Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

IARRATAS AR CHEADÚ LEASAITHE AR LEASÚ AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE AINMNIÚCHÁN TIONSCNAIMH/TÁSCA GEOGRAFACHA FAOI CHOSAINT NACH MIONLEASÚ É

Iarratas ar cheadú ar leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

“Prosciutto di San Daniele”

Uimh. AE: PDO-IT-0065-AM01 – 24.4.2020

STFC (X) TGFC ( )

1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

Consorzio del Prosciutto di San Daniele

Via Ippolito Nievo, 19

33038 San Daniele del Friuli (UD)

AN IODÁIL

Teil. +39 0432957515

Ríomhphost: info@prosciuttosandaniele.it

Consorzio del Prosciutto di San Daniele [Cumann Cosanta “Prosciutto di San Daniele”] i dteideal iarratas ar leasú a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) d’Fhoraithne Foraoiseachta Uimh. 12511 ón Aireacht um Beartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta an 14 Deireadh Fómhair 2013.

2.   Ballstát nó tríú tír

An Iodáil

3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó

Ainm an táirge

Tuairisc ar an táirge

Limistéar geografach

Cruthúnas ar thionscnamh

An modh táirgthe

Nasc

Lipéadú

Eile: rialú

4.   Cineál an leasú nó na leasuithe

Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cáilithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC nár foilsíodh Doiciméad Aonair (nó a chomhionann) ina leith nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

5.   Leasú nó leasuithe

5.1.   Athrú eagarthóireachta

Athraíodh teideal an tsonrúcháin táirge (“Prosciutto di San Daniele (Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint): Sonraíocht Ghinearálta) go Sonraíocht Táirge le haghaidh Shonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint ‘Prosciutto di San Daniele’. Scriosadh an clár ábhar, na hiarscríbhinní a ghabhann leis an sonrúchán táirge agus an réamhrá, dar teideal Réamhrá agus modheolaíocht.

5.2.   Leasú ar ghné chriticiúil: Ainm an táirge

Rinneadh Ranna A agus B den tsonraíocht táirge (dar teideal Ainm an táirge a chumhdaítear faoin sonrúchán tionscnaimh agus Tuairisc ar an táirge, ina luaitear na hamhábhair agus na príomhshaintréithe orgánaileipteacha, ceimiceacha agus fisiciúla faoi seach – a ghiorraítear anseo feasta go Tuairisc ar an táirge), ina shainítear an táirge dá dtagraítear leis an ainm faoi chosaint, a athstruchtúrú chun Airteagal 1 (Ainm) agus Airteagal 5.4 (Céimeanna próiseála ‘Prosciutto di San Daniele’) a dhéanamh.

Baineadh tagairtí don ainm ‘Prosciutto di San Daniele del Friuli’ toisc nach raibh an t-ainm sin san áireamh san iarratas a rinne an Iodáil faoi Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/1992 ón gComhairle ná sa chlárú a lean é trí Rialachán (CE) Uimh. 1107/1996 ón gCoimisiún agus tríd an gceartúchán a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 4 Márta 2015. Thairis sin, baineadh gach tagairt do reachtaíocht náisiúnta agus reachtaíocht an Aontais toisc go bhfuil siad imithe i léig agus nach bhfuil gá leo.

5.3.   Athrú eagarthóireachta

Scriosadh an liosta de dhoiciméid tagartha a bhaineann le Roinn A den tsonraíocht táirge.

5.4.   Athrú eagarthóireachta: Limistéar geografach, An modh táirgthe, Tuairisc ar an táirge

Rinneadh an tuairisc ar an limistéar geografach nach mór bainbh a bhreith ann do na muca a úsáidtear chun ‘Prosciutto di San Daniele’ a dhéanamh agus nach mór na muca sin a thógáil agus a mharú ann, a sholáthraíodh i Roinn B den tsonraíocht táirge roimhe seo (Tuairisc ar an táirge), agus pointe 4 den doiciméad aonair a leasú chun a shonrú nach mór na conablaigh a ghearradh sa limistéar sin freisin, ós é sin atá sa chleachtas cheana. Tá an fhaisnéis uile sin mar chuid d’Airteagal 3 (Limistéar táirgthe). Níl éifeacht aige sin ar phointe 3.4 den doiciméad aonair toisc go dtagraíonn sin do chéimeanna phróiseas táirgthe ‘Prosciutto di San Daniele’ a thosaíonn le bearradh na gcos úr muiceola a gearradh cheana.

Rinneadh an fhaisnéis maidir leis an toirmeasc ar úsáid collach agus cránacha a soláthraíodh i Roinn B den leagan den tsonraíocht roimhe seo (Tuairisc ar an táirge) a leasú tríd an gceanglas nach mór do na muca a bheith ‘i mbarr a sláinte nuair a mharaítear iad agus a gcuid fola uile ligthe amach astu’ a bhaint, óir is sainordaitheach sin ar chúiseanna sláinte agus sláinteachais cheana, agus trí mhodh nua ríomha a thabhairt isteach chun é a dhéanamh níos éasca aois muice a dhéanamh amach. Is féidir an fhaisnéis sin a fháil anois in Airteagail 5.1 (Saintréithe géiniteacha) agus 5.3 (Marú agus gearradh). Ní dhearnadh ach Pointe 3.3 den doiciméad aonair a athstruchtúrú gan an t-ábhar a athrú.

Cuireadh foclaíocht úr ar an gceanglas nach mór an chuid aimhneasach den chos (crúibín) a fhágáil ar ‘Prosciutto di San Daniele’ go dtí go mbrandáiltear an liamhás leis an lógó, a bhí san áireamh go dtí seo i Roinn B den tsonraíocht táirge (Tuairisc ar an táirge), agus tá an fhoclaíocht úr sin le fáil faoi Airteagal 2 (Tuairisc ar an táirge) anois. Tá an téacs níos soiléire anois maidir leis an méid ama nach mór an crúibín a fhágáil ar an liamhás le linn próiseála.

5.5.   Leasú ar ghné neamhchriticiúil: An modh táirgthe

Leasaíodh an fhaisnéis faoin amhábhar – i.e. cosa deiridh muc – agus an tuairisc ar an gcéim den phróiseas ullmhúcháin ina ngearrtar an conablach, atá le fáil i Roinn B den tsonraíocht táirge roimhe seo (Tuairisc ar an táirge) agus pointe 3.3 den doiciméad aonair, agus tá siad le fáil anois in Airteagal 5.1 (Saintréithe géiniteacha) agus 5.3 (Marú agus gearradh). Cuireadh riail nua leis freisin, ag cur teorainn ag 8 gceintiméadar leis an méid matáin a nochtar ó bharr chnámh na leise.

Is táscaire cáilíochta é an méid matáin nochta sin ó bharr chnámh na leise chun a mheas go cruinn ar gearradh cos muiceola i gceart. Níl aon athrú ar an táirge deiridh i gceist leis an teorainn nua sin.

Cuireadh achoimre ar na rialacha maidir le gearradh cos muiceola le pointe 3.3 den doiciméad aonair.

5.6.   Leasú ar ghné neamhchriticiúil: An modh táirgthe

Cuireadh an méid seo a leanas le hAirteagal 5.3 (Marú agus gearradh) agus le pointe 3.3 den doiciméad aonair: ‘Ní fhéadfar cosa muiceola gan crúibíní a bhfuil meáchan idir 12 kg agus 17 kg iontu a phróiseáil chun liamhása a dhéanamh ach amháin nuair atá siad beartaithe le haghaidh tíortha áirithe nach Ballstáit den Aontas iad agus nach gceadaíonn go mbeadh an crúibín fágtha ar an gcos.’

Ceadaítear leis an leasú sin cosa muiceola gan crúibíní a phróiseáil chun ‘Prosciutto di San Daniele’ a dhéanamh i gcás ina bhfuil an liamhás le honnmhairiú go tíortha nach Ballstáit den Aontas iad – amhail Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Astráil – a bhfuil reachtaíocht sláinte agus sláinteachais iontu lena n-éilítear go mbaintear an crúibín. Tá na ceanglais meáchain le haghaidh cosa gan crúibíní mar an gceanna leo siúd a shuitear sa tsonraíocht táirge, ach iad leasaithe chun baint an chrúibín a chur san áireamh, agus an crúibín thart ar 500 g ar meáchan, i.e. laghdaíodh ar an meáchan íosta ó 12.5 kg go 12 kg agus laghdaíodh ar an meáchan uasta ó 17.5 kg go 17 kg.

5.7.   Leasú ar ghné chriticiúil: An modh táirgthe

An tuairisc ar pharaiméadair na gcos úr muiceola a úsáidtear chun ‘Prosciutto di San Daniele’ a dhéanamh a soláthraíodh i Roinn B den tsonraíocht táirge roimhe seo (Tuairisc ar an táirge) agus i pointe 3.3 den doiciméad aonair, is féidir í a fháil anois in Airteagal 5.3 (Marú agus gearradh) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thíos thíos, ag cur ceanglas nua leis maidir le meáchan uasta.

Athraíodh meáchan íosta na gcos úr muiceola ó 11 kg go 12.5 kg toisc go mbíonn na muca atá á dtógáil, ar fud na hEorpa agus san Iodáil go háirithe, ag éirí níos troime mar aon lena gconablaigh. Is é is cúis leis sin feabhsuithe géiniteacha i bpórtha agus cleachtais feirmeoireachta níos fearr (sláinteachas agus sláintíocht, leas agus cothú ainmhithe). Ní úsáidtear cosa muiceola atá idir 11 kg agus 12.5 kg a thuilleadh chun ‘Prosciutto di San Daniele’ a dhéanamh toisc go bhfuil i bhfad níos lú díobh ar fáil ar an margadh.

Leasaíodh an meáchan uasta a cheadaítear le haghaidh cosa úra muiceola a úsáidtear chun ‘Prosciutto di San Daniele’ a dhéanamh go 17.5 kg. Áirithítear fós gnáthfhás, forbairt cheart agus dea-cháilíocht an chonablaighchonablaigh muiceola suas go dtí an meáchan uasta nua sin.

Athraíodh an tiús saille a fhaightear timpeall na ciumhaise seachtraí de chos úr muiceola, í arna tomhas go ceartingearach ó bharr chnámh na leise agus an craiceann á chur san áireamh, ó 15 mm go 17 mm. Is léiriú ar cháilíocht na coise úire muiceola é tiús na saille ar an dromchla mar is féidir liamhása a leasú ar feadh tréimhse fada dá bharr. Ós rud é gur cosa muiceola is troime a úsáidtear anois, ba ghá an paraiméadar sin a leasú chun a áirithiú go bhfuil tiús oiriúnach i mbrat saille na liamhás a dhéantar as agus go bhfuil siadé i gcomhréir mhaith leis an bhfeoil thrua.

Rinneadh na hathruithe céanna ar phointe 3.3 den doiciméad aonair.

5.8.   Leasú ar ghné neamhchriticiúil: An modh táirgthe

Leasaíodh na rialacha maidir le cosa úra muiceola a stóráil i ndiaidh a ngearrtha, a soláthraíodh i Roinn B den tsonraíocht táirge roimhe seo (Tuairisc ar an táirge) agus i bpointe 3.3 den doiciméad aonair, agus is féidir iad a fháil anois in Airteagal 5.3 (Marú agus gearradh). Níl ach athscríobh déanta ar na ceanglais chun cosa úra muiceola a stóráil agus níor athraíodh an t-ábhar iarbhír iontu cé is moite den tréimhse idir marú agus próiseáil: seachas ‘ní fhéadfar an táirge a dhéanamh de chosa úra muiceola a fhaightear ó mhuca a maraíodh laistigh de na 24 uair an chloig roimhe sin nó níos mó ná 120 uair an chloig ó shin’, is é atá sa riail anois ‘nach mó ná 5 (cúig) lá ó dháta an mharaithe’.

Leis an leasú sin, baintear an srian a bhí ar phróiseáil cos úr muiceola sna 24 uair an chloig tar éis maraithe, toisc nach riachtanas teicniúil iarbhír é ar mhaithe le táirgeadh ná sláinte agus sláinteachas. Níor léiríodh leis an riail sin ach an fíoras nach raibh saoráidí cuisniúcháin seamlais chomh héifeachtúil sin in 1993, nuair a tarraingíodh an tsonraíocht táirge suas, i gcomparáid leis na saoráidí cuisniúcháin atá ann sa lá inniu.

5.9.   Athrú eagarthóireachta: Tuairisc ar an táirge

Bogadh an tuairisc ar na saintréithe fisiciúla agus orgánaileipteacha a bhaineann le ‘Prosciutto di San Daniele’ tráth a thugtar an próiseas leasaithe i gcrích, a soláthraíodh i Roinn B den tsonraíocht táirge roimhe seo (Tuairisc ar an táirge) agus pointe 3.2 den doiciméad aonair, go hAirteagal 2 (Tuairisc ar an táirge) agus cuireadh foclaíocht úr go páirteach air freisin chun sonraí níos mionsonraithe agus níos beachta a sholáthar ar shaintréithe ‘Prosciutto di San Daniele’, ach coinníodh an tuairisc ar an táirge agus sonraí ar an nasc leis an gcomhshaol ina n-iomláine. Cuireadh athruithe comhchosúla i bhfeidhm ar phointe 3.2 den doiciméad aonair. Níl iontu sin ach leasuithe eagarthóireachta agus níl aon tionchar acu ar an ábhar.

5.10.   Leasú ar ghnéithe criticiúla: Tuairisc ar an táirge

Na saintréithe ceimiceacha a bhaineann le ‘Prosciutto di San Daniele’ atá go hiomlán leasaithe ar a dtugtar tuairisc i Roinn B den tsonraíocht táirge roimhe seo (Tuairisc ar an táirge) agus i bpointe 3.2 den doiciméad aonair, is féidir iad a fháil anois in Airteagal 2 (Tuairisc ar an táirge) agus leasú déanta orthu mar a thuairiscítear thíos thíos.

Luadh sa téacs roimhe seo ‘nach mór don chóimheas idir an céatadán de chion clóiríde sóidiam agus an céatadán den chion taise (arna sloinneadh ina n-uimhreacha agus arna n-iolrú faoi 100) a bheith níos lú ná 7.8 ná níos mó ná 11.2’, ach is é atá anois ann: ‘Níor cheart don chion salainn (clóiríd sóidiam) a bheith níos lú ná 4.3 % ná níos mó ná 6.0 %’. Leis an leasú sin, is féidir measúnú a dhéanamh ar bhonn neamhspleách ar chlóiríd sóidiam le teorainneacha íosta agus uasta, mar is amhlaidh an cás cheana i gcás taise. Leis na teorainneacha a suíodh, tugtar caoi don déanamh liamhás ar bheagán salainn, i gcomhréir le moltaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Ní athraíonn na luachanna sainithe an táirge deiridh ná saintréithe orgánaileipteacha an liamháis; ina ionad sin, is féidir aon bharraíocht nó easnamh sa chion salainn a shainaithint go beacht dá mbarr.

Scriosadh an riail ‘nach mór don chóimheas idir an céatadán den chion taise agus an céatadán den chion próitéin iomlán a bheith idir 1.9 agus 2.5’. Cruthaíodh nach bhfuil an paraiméadar sin éifeachtach chun cáilíocht liamháis a sheiceáil toisc nach bhfuil mórán tábhacht eolaíoch le cion próitéine arna mheasúnú i meatán gan aon saill ar a dhromchla.

Scriosadh an sainmhíniú ar an innéacs próitéilísis (‘nítrigin intuaslagtha in aigéad tríchlóraicéiteach (TCA) mar chéatadán den nítrigin iomlán’) mar is eolas coiteann é sin. Dá bhrí sin, tugadh an téacs seo i gcomhréir leis an bhformáid a úsáidtear le haghaidh na bparaiméadar fisiceach agus ceimiceach eile.

Tugadh teorainn nua isteach: ‘Níor cheart gníomhaíocht uisce (aw) a bheith níos mó ná 0.930’. Is paraiméadar anailíse é gníomhaíocht uisce atá úsáideach chun cobhsaíocht mhicribhitheolaíoch ‘Prosciutto di San Daniele’ a mheas. Is beart sláinte agus sláinteachais é seiceáil a dhéanamh ar ghníomhaíocht uisce, beart a úsáidtear go hidirnáisiúnta agus lena mbaineann an teorainn chéanna 0.930, agus is bealach bailí é freisin chun a dheimhniú go bhfuil an liamhás oiriúnach lena onnmhairiú chuig tíortha áirithe nach Ballstáit den Aontas iad. Ní athraíonn an leasú sin saintréithe an liamháis ar aon bhealach.

Leis na leasuithe sin uile, is féidir a sheiceáil ar bhealach níos mionsonraithe go bhfuil na saintréithe ceimiceacha is gá ag ‘Prosciutto di San Daniele’ nuair a bhrandáiltear an liamhás leis an lógó agus/nó le haon mhodh eile aitheantais a ghreamaítear air. Rinneadh na hathruithe céanna ar phointe 3.2 den doiciméad aonair.

5.11.   Leasú ar ghnéithe criticiúla: Tuairisc ar an táirge

Cuireadh na saintréithe atá infheidhme maidir le táirgí a bheartaítear a chur i láthair mar shlisní réamhphacáistithe le hAirteagal 2 den tsonraíocht táirge (Tuairisc ar an táirge) agus le pointe 3.2 den doiciméad aonair.

Tá na sonraíochtaí le haghaidh liamhás slisnithe níos sriantaí ná na sonraíochtaí le haghaidh liamhás iomlán toisc go bhféadfadh meathlú teacht níos éasca ar cháilíocht ‘Prosciutto di San Daniele’ réamhphacáistithe slisnithe ag an gcéim mhargaíochta.

Cuireadh na ceanglais nua seo a leanas leis le haghaidh ‘Prosciutto di San Daniele’ atá beartaithe lena shliseadh: ní mór dó a bheith leasaithe ar feadh ‘430 lá ar a laghad’; ní mór nach mbeadh ‘aon smál donn ná pas buí logánta ann agus é gearrtha’ (leis an bparaiméadar físiúil sin is féidir locht sa chuma ar an liamhás slisnithe a dhíoltar i bpacáistiú a bhfuil tráidire plaisteach ann a aithint go cruinn); ní mór anois ‘nach lú ná 62 %’ an cion taise; agus cuireadh paraiméadar nua leis maidir le ‘gníomhaíocht uisce (aw) nach mó ná 0.920’. Tá gá leis na leasuithe sin chun saintréithe orgánaileipteacha, cáilíocht agus cobhsaíocht mhicribhitheolaíoch ‘Prosciutto di San Daniele’ slisnithe réamhphacáistithe a ráthú toisc nach mór dó a bheith ‘bog’ ach tirim go leordhóthanach freisin.

5.12.   Leasú ar ghnéithe criticiúla: Tuairisc ar an táirge

Na rialacha maidir le meáchan ‘Prosciutto di San Daniele’ a soláthraíodh i Roinn B den tsonraíocht táirge roimhe seo (Tuairisc ar an táirge) agus i bpointe 3.2 den doiciméad aonair, iad a fháil anois in Airteagal 2 (Tuairisc ar an táirge) agus leasú déanta orthu mar a thuairiscítear thíos thíos.

Athraíodh an meáchan íosta is féidir a bheith in ‘Prosciutto di San Daniele’ agus an phróiseáil críochnaithe ó mheáchan ‘nach lú riamh ná 7.5 kg’ go ‘meáchan nach lú ná 8.3 kg’. Tá an meáchan íosta sin nasctha le meáchan íosta na gcos úr muiceola ag tús na próiseála, agus cailleann siad thart ar 30 % dá meáchan tosaigh trí dhíhiodráitiú le linn an phróisis chun liamhás a dhéanamh.

Tugadh meáchan uasta isteach freisin – ‘nach mó ná 12.8 kg’ – le haghaidh ‘Prosciutto di San Daniele’ agus an phróiseáil críochnaithe. Tá an meáchan uasta sin nasctha le meáchan íosta na gcos úr muiceola ag tús na próiseála, agus cailleann siad thart ar 30 % dá meáchan trí dhíhiodráitiú le linn an phróisis chun liamhás a dhéanamh.

Sonraítear sa téacs anois go meáitear an liamhás nuair atá sé á bhrandáil leis an lógó agus/nó nuair a ghreamaítear modh eile aitheantais air. Leis na leasuithe sin, is féidir liamhása nár triomaíodh go leordhóthanach faoin tráth a chríochnaítear an phróiseáil a chur as an áireamh.

5.13.   Athrú eagarthóireachta: Lipéadú

Leasaíodh an tuairisc ar na bealaí inar féidir ‘Prosciutto di San Daniele’ a chur i láthair a soláthraíodh i Roinn B den tsonraíocht táirge roimhe seo (Tuairisc ar an táirge) agus tá sí le fáil anois in Airteagail 8.1 (Cur i láthair agus díol) agus 8.2 (An lógó a atáirgeadh agus an sonrúchán a úsáid). Is féidir an fhaisnéis sin a fháil freisin i bpointe 3.6 den doiciméad aonair. Athscríobhadh an téacs gan an t-ábhar a athrú, ag soiléiriú na bealaí inar féidir ‘Prosciutto di San Daniele’ a chur i láthair agus ag baint mionsonraí neamhábhartha.

5.14.   Athrú eagarthóireachta: Limistéar geografach

Rinneadh athruithe ar an tuairisc ar an limistéar inar féidir an táirge slisnithe a phacáistiú de réir Roinn B den tsonraíocht táirge roimhe seo (Tuairisc ar an táirge) agus ar an bhfaisnéis faoin limistéar táirgthe agus ar an tuairisc ar na teicnící tógála muc nach mór a chleachtadh chun cáilíochtaí traidisiúnta ‘Prosciutto di San Daniele’ a ráthú a bhí le fáil roimhe seo i Roinn C (Sainmhíniú ar an limistéar geografach agus comhlíontacht na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 2(4) – a ghiorraítear go Limistéar geografach) anseo feasta. Is féidir an fhaisnéis sin, a fháil anois in Airteagail 3 (Limistéar táirgthe) agus 5.2 (Muca a thógáil) agus leasú déanta uirthi chun í a dhéanamh níos soiléire gan an t-ábhar féin a athrú. Rinneadh na hathruithe céanna ar phointí 3.4, 3.5 agus 4 den doiciméad aonair, as a dtagann na cúiseanna le maidir le srianadh shliseadh an liamháis agus phacáistiú an liamháis shlisnithe don limistéar geografach. Níor athraíodh an riail faoin áit nach mór do na saoráidí a bheith lonnaithe ach cuirtear i dtábhacht nach mór na céimeanna éagsúla de tháirgeadh ‘Prosciutto di San Daniele’ a dhéanamh sa limistéar geografach. Níor athraíodh an riail faoin áit nach mór feirmeacha agus seamlais a bheith lonnaithe: ní mór do na muca bainbh a bhreith, agus na muca sin a thógáil agus a mharú agus a gconablaigh a ghearradh sa limistéar geografach.

5.15.   Leasú ar ghnéithe criticiúla: An modh táirgthe

An fhaisnéis maidir le pórtha muc a soláthraíodh i Roinn C den tsonraíocht táirge roimhe seo (Limistéar geografach) agus i bpointe 3.3 den doiciméad aonair, is féidir í a fháil anois in Airteagal 5.1 (Saintréithe géiniteacha) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thíos thíos.

Rinneadh an fhaisnéis maidir le tionscnamh na n-amhábhar a bhaineann le cineálacha géiniteacha póraitheoirí – idir mháithreacha agus aithreacha – níos soiléire fiú. Soláthraítear leis an téacs anois sonraí mionsonraithe maidir le gach meascán crosphóraithe féideartha agus tá sé níos sriantaí ná an leagan roimhe seo den tsonraíocht táirge, inar luadh go ‘nglactar le pórtha, pórtha measctha agus pórtha hibrideacha eile ar choinníoll go bhfuil siad mar thoradh ar rogha nó ar chlár crosphóraithe a chomhlíonann na ceanglais i Leabhar Tréada na hIodáile le haghaidh muc trom’.

Tá cineálacha géiniteacha muc ónar féidir ‘Prosciutto di San Daniele’ a dhéanamh soiléir anois, agus sonraítear sa téacs – agus áirítear leis tábla a léiríonn – na meascáin chrosphóraithe féideartha a cheadaítear agus iad sin amháin. Chun an méid is mó soiléireachta agus trédhearcachta agus is féidir a áirithiú, leasaíodh pointe 3.3 den doiciméad aonair freisin chun liosta iomlán na saintréithe géiniteacha a éilítear maidir leis na muca a sholáthar.

Foráiltear leis an téacs leasaithe go bhfuil gá le measúnú ar phór agus ar chineál géiniteach na máthar agus an athar chun a sheiceáil go bhfuil siad comhoiriúnach leis an rogha de na trí phór tagartha i Leabhar Tréada na hIodáile. Ós tábhachtach ionchur géiniteach na máithreacha, ní mór an chráin a mheas anois freisin chun a áirithiú go gcoimeádtar na saintréithe traidisiúnta.

Déantar tagairt anois don liosta cineálacha géiniteacha formheasta chun feabhas a chur ar rialú ar an slabhra táirgeachta. Foilseofar an liosta sin agus coinneoidh an Aireacht um Beartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta é cothrom le dáta.

Maidir leis na pórtha ar ar tugadh ‘Mórmhuc Bhán’, ‘Muc Lanrásach arna feabhsú ag Leabhar Tréada na hIodáile’ agus ‘Muc Duroc arna feabhsú ag Leabhar Tréada na hIodáile’ roimhe seo, tagraítear dóibh anois mar ‘Mórmhuc Bhán Iodálach’, ‘Muc Lanrásach Iodálach’ agus ‘Muc Duroc Iodálach’ sa leagan nua den tsonraíocht táirge. Fanann an chiall mar an gcéanna.

5.16.   Athrú eagarthóireachta: An modh táirgthe

An fhaisnéis maidir le cineálacha áirithe muice nach féidir a úsáid a soláthraíodh i Roinn C den tsonraíocht táirge roimhe seo (Limistéar geografach) agus i bpointe 3.3 den doiciméad aonair, is féidir í a fháil anois in Airteagal 5.1 (Saintréithe géiniteacha). Leasaíodh an fhaisnéis sin chun tagairtí cineálacha do shaintréithe géiniteacha toirmiscthe na muc a bhaint, i bhfianaise go bhfuil liosta de na cineálacha géiniteacha formheasta agus meascáin cúplála a cheadaítear le fáil sa téacs anois. Níl san athrú sin ach athrú struchtúrach – fanann na rialacha maidir leis na nithe nach gceadaítear mar atá.

5.17.   Athrú criticiúil: An modh táirgthe

Is féidir na rialacha lena n-eisiatar muca ar meáchain áirithe a soláthraíodh i Roinn C den den tsonraíocht táirge roimhe seo (Limistéar geografach) agus i bpointe 3.3 den doiciméad aonair, iad a fháil anois in Airteagal 5.3 (Marú agus gearradh) agus leasú déanta orthu mar a thuairiscítear thíos thíos.

Soiléiríonn an leasú sin na coincheapa cineálacha de ‘meáchain airde’ agus ‘muca troma’ a úsáideadh sa leagan roimhe seo, ina shuitear raon meáchain (in kg) le haghaidh conablaigh. Ní thagraíonn an téacs a thuilleadh do ‘mheánmheáchan baisce (meáchan beo) 160 kg (móide nó lúide 10 %)’ ach do ‘mheáchan conablaigh idir meáchan íosta 110.1 kg agus meáchan uasta 168 kg’ ina ionad.

Sa leasú sin, baineadh an tagairt don mheánmheáchan beo maidir le baisc muc agus cuireadh paraiméadar meáchain an chonablaigh aonair ina hionad, meáchan a sheiceáiltear go hoibiachtúil agus go beacht i gcás gach muice tráth a maraithe. Leis an athrú sin, is féidir a sheiceáil ar bhealach níos beaichte go gcomhlíonann gach muc na ceanglais incháilitheachta; ní dhearnadh aon athrú ar na saintréithe is gá a bheith ag na muca chun iad a úsáid mar amhábhar. Is é is aidhm don leasú sin cáilíocht an amhábhair a dhéanamh níos aonfhoirmí, agus an méid éagsúlachta i meáchan na muc, agus i meáchan na gconablach agus na gcos muiceola a dtagann astu, a shrianadh.

Ní éilítear le pointe 3.3 den doiciméad aonair a thuilleadh ‘meánmheáchan in aghaidh baisce (meáchan beo) 160 kg móide nó lúide 10 %’; cuireadh ceanglas meáchain sonrach ina ionad sin atá infheidhme maidir le gach conablach muice.

5.18.   Athrú criticiúil: An modh táirgthe

An fhaisnéis maidir le réim bia na muc a soláthraíodh i Roinn C den leagan roimhe seo den tsonraíocht táirge (Limistéar geografach) agus i bpointe 3.3 den doiciméad aonair, is féidir ía fháil anois in Airteagal 5.2 (Muca a thógáil) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thíos thíos.

Ní mór 50 % ar a laghad d’iontógáil ábhair thirim bhliantúil na muc a tháirgeadh sa limistéar geografach. I gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún, tagann na hamhábhair bheatha ón limistéar geografach ina dtógtar na muca a úsáidtear chun ‘Prosciutto di San Daniele’ a dhéanamh. Is idéalach saintréithe cáilíochta na n-amhábhar sin chun a áirithiú go bhfuil aiste bia maith sláintiúil ag na muca.

Ráthaítear cáilíochtaí ‘Prosciutto di San Daniele’ agus a nasc leis an limistéar sainithe, in aon chás, leis an íosteorainn 50 % a bheith i bhfeidhm ar bhonn bliantúil maidir le hábhar tirim na ciondála beatha, agus í déanta, i gcionta éagsúla, de ghránaigh amhail grán buí, min ghráin bhuí, agus/nó min déise arbhair, sorgam, eorna, cruithneacht agus triteacál, ach mionghránaigh eile freisin, pónairí agus fotháirgí eile ó phróiseáil cruithneachta.

Tar éis an leasaithe, tá na rialacha beatha struchtúracha in ord croineolaíoch anois de réir na gcéimeanna tógála éagsúla, agus léirítear na hamhábhair a cheadaítear i dtábla aonair.

Leasaíodh Pointe 3.3 den doiciméad aonair freisin chun tuairisc mhionsonraithe ar na hamhábhair a cheadaítear a chur san áireamh, chomh maith lena shonrú, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 664/2014, nach mór 50 % ar a laghad d’iontógáil ábhair thirim na n-ainmhithe teacht ón limistéar geografach ina dtógtar iad, toisc nach mbíonn sé indéanta go teicniúil i gcónaí na hamhábhair a fháil go háitiúil ar chúiseanna aeráide agus tráchtála. Mar sin féin, ráthaítear an cháilíocht agus an nasc leis an limistéar áitiúil.

Ní imríonn na céimeanna tógála tosaigh, suas le meáchan beo 40 kg, tionchar ar shaintréithe deiridh ‘Prosciutto di San Daniele’. Le linn na gcéimeanna sin, ní mór na muca a chothú leis na hamhábhair uile a cheadaítear sa reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair chun a áirithiú go gcomhlíontar a riachtanais chothaitheacha, leasa ainmhithe agus sláinte.

Léirítear sa tábla beatha na hamhábhair a cheadaítear ag na céimeanna ina dhiaidh – fás agus críochnú – a leasaíodh mar a leanas:

Tugadh an téarmaíocht a úsáidtear le haghaidh ábhar beatha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún maidir le Catalóg na n-ábhar beatha, arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1017 ón gCoimisiún. Bhí gá leis an athbhreithniú ar an téarmaíocht sin chun léiriú níos soiléire a thabhairt ar an gcineál amhábhair dá dtagraítear inti.

Rinneadh athbhreithniú mar a leanas ar an liosta amhábhar a cheadaítear le haghaidh beatha muc agus ar na ceanglais a bhaineann leo.

Tá faighneoga carúib gan síolta, min feola, lasáit próitéine, coirce, práta triomaithe, casabhach, laíon biatais brúite a ndearnadh sadhlas de, min ola seasamain, min copra agus fotáirgí driogtha in éineacht le meadhg nó bláthach bainte anois toisc gur ar éigean a fhástar iad sa limistéar ina dtógtar na muca, nó nach bhfástar iad ann in aon chor a thuilleadh, toisc gur cuireadh toirmeasc orthu le reachtaíocht nua (min feola), toisc go bhfuil siad deacair a fháil, toisc nach mbaineann ach cáilíocht chothaitheach íseal leo, nó toisc go seachnaítear a n-úsáid ar chúiseanna teicniúla nó cáilíochta. Leis an leasú sin, baintear an fhéidearthacht a bhí ann go n-úsáidfí amhábhair ó lasmuigh den limistéar tógála nach n-úsáidtear a thuilleadh nó nach n-úsáidtear ach méideanna suaracha díobh, agus cuirtear amhábhair eile ón limistéar áitiúil ina n-ionad. Neartaítear an nasc leis an limistéar geografach mar thoradh air sin, agus níl aon tionchar aige ar cháilíocht an liamháis chríochnaithe.

Cuireadh na hamhábhar seo a leanas leis: sadhlas arbhair Indiaigh (arna chur le haiste bia críochnaitheoirí anois freisin), min glútain arbhair Indiaigh agus/nó beathú glútain arbhair (arna cur le haiste bia críochnaitheoirí anois freisin), min arbhair Indiaigh na déise iomláine, triosc tirim driogaireachta agus ábhair intuaslagtha (arna gcur le haiste bia críochnaitheoirí anois freisin), min ráibe, lipidí ag a bhfuil leáphointe os cionn 36 °C (arna gcur le haiste bia críochnaitheoirí anois freisin) agus pónairí soighe iomlána rósta agus/nó asbhrúchán soighe (arna gcur le haiste bia muc fáis amháin).

Bhí gá leis an leasú sin toisc go bhfástar na hamhábhair sin sa limistéar ina dtógtar na muca – is minic a shaothraíonn na feirmeoirí féin na hamhábhair sin – agus toisc go bhfuil feabhas tagtha ar a luachanna cothaitheacha a bhuí le taighde agus feabhsuithe géiniteacha. Neartaítear leo freisin an nasc idir ‘Prosciutto di San Daniele’ agus an limistéar geografach.

Rinneadh athruithe ar chainníochtaí ceadaithe na n-amhábhar seo a leanas: bláthach (muca fáis amháin), min glútain arbhair Indiaigh agus/nó beathú glútain arbhair, arbhar Indiach, sorgam, eorna, cruithneacht, triteacál, laíon biatais díhiodráitithe, meidic na mbó (triomaithe ag teocht ard), táirgí a fhaightear le linn síolta lus na gréine, pónairí agus síolta léagúim eile a úscadh.

Breithníodh infhaighteacht na n-amhábhar sin sa limistéar táirgthe agus torthaí eolaíocha a fuair tionscal an bheatha le deich mbliana anuas agus an leasú sin á dhéanamh. Méadaíodh ar na méideanna toisc go bhfuil siad ina gcomhábhair beatha ba bhunchloch i gcónaí ag aistí bia traidisiúnta na muc agus toisc go bhfástar go ginearálta iad – is minic a fhásann na feirmeoirí muc iad ionas go mbeidh siad féin in ann iad a úsáid – sa limistéar geografach. Cuirtear feabhas ar iontógáil snáithín chothaithigh agus feidhmeanna beo na muc dá mbarr chomh mhaith. Ní athraítear saintréithe an táirge STFC má úsáidtear na hábhair sin i gcainníochtaí níos mó ná sin ach neartaítear an nasc leis an limistéar trína n-úsáid.

Rinneadh an lamháltas 10 % atá infheidhme maidir le cainníochtaí na n-amhábhar éagsúil sa bheatha a leasú maidir le hAirteagal 17(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2009, ag tabhairt an téacs i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le beostoc a chothú.

Tugadh isteach na teorainneacha nua seo a leanas leis an leasú sin: ní fhéadfaidh an méid saille gairbhe ó tháirgí a fhaightear le linn pónairí soighe, síolta lus na gréine agus ráib a úscadh a bheith níos airde ná 2.5 % d’iontógáil ábhair thirim laethúil, agus tá uasteorainn cion saille 5 % ann anois maidir le hiontógáil ábhair thirim laethúil. De bharr na dteorainneacha sin, bíonn cumhdach maith saille ardchaighdeáin ar na cosa muiceola.

5.19.   Athrú neamhchriticiúil: An modh táirgthe

An sainmhíniú ar chéimeanna tógála muc a bhunaítear i Roinn C den tsonraíocht táirge roimhe seo (Limistéar geografach), is féidir é a fháil anois in Airteagal 5.2 (Muca a thógáil) agus leasú déanta air mar a thuairiscítear thíos.

Athraíodh fad uasta chéim na mbanbh diúil ó 30 lá go 28 lá, mar a leagtar síos i dTreoir 2008/120/CE ón gComhairle, Iarscríbhinn I, Caibidil II, pointe C.

Méadaíodh fad na céime scoite den diúl ó 80 lá go 3 mhí agus sonraítear meáchan uasta – 40 kg – le haghaidh bainbh scoite anois. Leis an dá pharaiméadar sin, ar paraiméadar iad nach mór a chomhlíonadh go comhuaineach, áirithítear go bhfásfaidh na muca de réir a chéile ar bhealach cothromaithe ag an gcéim sin, rud atá ar cheann de na príomh-shaintréithe a bhaineann le tógáil muc ‘trom’ sa limistéar táirgthe.

Críochnaíonn an chéim fáis anois tar éis 5 mhí ar a dhéanaí chun fás cothromaithe a áirithiú roimh an gcéim críochnaitheora. Méadaíodh ar mheáchan uasta muc ag deireadh na tréimhse fáis ó 80 kg go 85 kg, bunaithe ar fhorbairtí géineolaíochta agus cothaithe agus ar chur i bhfeidhm caighdeáin leasa ainmhithe, a bhfuil feabhas ginearálta tagtha dá mbarr ar acmhainneacht na muc le haghaidh fáis.

Ní luaitear sa téacs a thuilleadh raon meáchan le haghaidh na céime críochnaitheora, ach sonraítear ina ionad sin meáchan beacht na gconablach muiceola le haghaidh na chéad chéime eile den phróiseas – marú.

5.20.   Athrú eagarthóireachta: An modh táirgthe

An fhaisnéis maidir le haicmiú conablaigh agus leas ainmhithe a soláthraíodh i Roinn C den tsonraíocht táirge roimhe seo (Limistéar geografach), is féidir í a fháil anois in Airteagail 5.2 (Muca a thógáil) agus 5.3 (Marú agus gearradh) agus leasú déanta uirthi trí na forálacha ginearálta maidir le leas ainmhithe agus bonneagar feirme a scriosadh toisc gur féidir iad a fháil cheana i reachtaíocht an Aontais (Treoir 2008/120/CE ón gComhairle).

5.21.   Athrú eagarthóireachta: Cruthúnas ar thionscnamh

Athraíodh an fhaisnéis maidir le rialú feirmeacha a soláthraíodh i Roinn C den tsonraíocht táirge roimhe seo (Limistéar geografach). Is féidir an fhaisnéis sin a fháil anois in Airteagal 4 (Cruthúnas ar thionscnamh) agus rinneadh athbhreithniú ar an téacs gan an t-ábhar a athrú. Sainítear ann anois na catagóirí oibreoirí uile feadh an tslabhra chun rianú agus inrianaitheacht ‘Prosciutto di San Daniele’ a áirithiú.

5.22.   Athrú neamhchriticiúil: Lipéadú

An fhaisnéis maidir le marcáil na muc a soláthraíodh i Roinn C den tsonraíocht táirge roimhe seo (Limistéar geografach) agus i bpointe 3.6 den doiciméad aonair, is féidir í a fháil anois in Airteagal 5.2 (Muca a thógáil) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thíos thíos.

Athraíodh an sprioc-am le haghaidh muc a chneasmharcáil ó ‘30 lá’ go ‘faoi cheann na tréimhse scoite’ chun a áirithiú gur féidir an t-amhábhar a rianú siar chuig an tréad inar rugadh an mhuc.

Chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú na sonraíochta táirge, cuireadh tuairisc leis ar an bhfaisnéis nach mór a bheith i gcneasmharc an tréada tionscnaimh. Comhlíonann na huirlisí atá á n-úsáid faoi láthair na sonraíochtaí nua sin cheana.

Cuireadh tábla tagartha leis ina dtugtar an litir ba cheart a úsáid chun an mhí breithe banbh a chur in iúl – faisnéis nach mór a chur san áireamh sa chneasmharc – chun an méid is mó soiléireachta agus trédhearcachta agus is féidir a áirithiú i rianú agus inrianaitheacht ‘Prosciutto di San Daniele’.

Cuireadh an fhéidearthacht go n-úsáidfí modh eile aitheantais i dteannta nó in áit na cneasmharcála leis chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh.

Soiléiríodh an riail maidir le haois muice i míonna a dhéanamh amach, ag áirithiú gur féidir a sheiceáil go n-urramaítear na teorainneacha a bhaineann leis na céimeanna éagsúla tógála gan aon dabht a bheith ann.

Baineadh an tagairt do mharcálacha an fheirmeora ó phointe 3.6 den doiciméad aonair toisc go mbaineann sé sin le rialuithe agus leis an gcóras inrianaitheachta agus ní le lipéadú an táirge.

5.23.   Athrú eagarthóireachta: Rialú

Athraíodh an fhaisnéis maidir leis an gcóras rialaithe atá i bhfeidhm le haghaidh aistrithe muc, marcálacha agus deimhnithe a soláthraíodh i Roinn C den tsonraíocht táirge roimhe seo (Limistéar geografach). Is féidir an fhaisnéis sin a fháil anois in Airteagal 4 (Cruthúnas ar thionscnamh). Sainítear sa téacs nua anois na catagóirí oibreoirí uile ar an slabhra chun rianú agus inrianaitheacht a áirithiú le haghaidh ‘Prosciutto di San Daniele’.

5.24.   Athrú neamhchriticiúil: Lipéadú

An fhaisnéis maidir le stampáil cos muiceola ag an seamlas a soláthraíodh i Roinn C den tsonraíocht táirge roimhe seo (Limistéar geografach) agus i bpointe 3.6 den doiciméad aonair, is féidir í a fháil anois in Airteagal 5.3 (Marú agus gearradh) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thíos thíos.

Is soiléire anois é de bharr an leasaithe óir cuirtear ‘cneasmharc tionscnaimh’ in ionad ‘marcáil an fheirmeora’ agus ‘stampa aitheantais an tseamlais’ in ionad ‘stampa doscriosta an tseamlais’.

Chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú na sonraíochta táirge, tugtar tuairisc níos soiléire anois ar na ceanglais maidir le stampa aitheantas an tseamlais. Comhlíonann na stampaí atá in úsáid faoi láthair i seamlais na ceanglais sin cheana. Cuireadh an fhéidearthacht go n-úsáidfí modh eile aitheantais i dteannta nó in áit stampa aitheantais an tseamlais leis chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh.

Baineadh an tagairt do stampa an tseamlais ó phointe 3.6 den doiciméad aonair toisc go mbaineann sé sin le seiceálacha agus leis an gcóras inrianaitheachta agus ní le lipéadú an táirge.

5.25.   Athrú eagarthóireachta: An modh táirgthe

An fhaisnéis maidir le hionaid spólta a soláthraíodh i Roinn C den tsonraíocht táirge roimhe seo (Limistéar geografach), is féidir í a fháil anois in Airteagal 5.3 (Marú agus gearradh) agus leasú déanta uirthi chun a shoiléiriú go bhféadfar conablaigh a ghearradh ag ionaid spólta feola atá cláraithe leis an gcóras rialaithe freisin, mar ab amhlaidh an cás faoin leagan roimhe seo cheana.

5.26.   Athrú eagarthóireachta: Limistéar geografach

Scriosadh na léarscáileanna den limistéar geografach a soláthraíodh i Roinn C (Limistéar geografach) den tsonraíocht táirge roimhe seo agus an liosta de dhoiciméid thagartha a bhaineann leis an roinn sin.

5.27.   Athrú eagarthóireachta: Nasc

Rinneadh athruithe ar Roinn D den tsonraíocht táirge roimhe seo (Tionscnamh an táirge i ndáil leis an limistéar geografach), agus ábhar na roinne sin á choimriú gan na mionsonraí stairiúla fíor-riachtanacha a bhaint. Is féidir an fhaisnéis sin a fháil anois in Airteagal 6 (Nasc leis an gcomhshaol).

5.28.   Athrú eagarthóireachta: An modh táirgthe

An fhaisnéis maidir le céimeanna éagsúla an phróisis táirgthe a bhí i roinn E den tsonraíocht táirge roimhe seo (An modh táirgthe), is féidir í a fháil anois in Airteagal 5.4 (Céimeanna próiseála ‘Prosciutto di San Daniele’) agus leasú déanta uirthi chun liosta céimeanna éagsúla an phróisis chun ‘Prosciutto di San Daniele’ a dhéanamh a chur san áireamh, lena n-áirítear anois an próiseas ‘stampála le dáta tosaithe an leasaithe’ agus an próiseas ‘brandála leis an lógó’ freisin, a ndearnadh foráil maidir leo cheana sa leagan roimhe seo. Athraíodh an téarma Iodáilise a úsáidtear chun tagairt a dhéanamh don chéim ina gcrochtar na liamhása lena dtriomú ó stagionatura [‘aosú’ nó ‘aibiú’] go affinamento [‘beachtú’] chun an chéim bheacht próiseála sin a shainaithint gan aon débhríocht.

5.29.   Athrú neamhchriticiúil: An modh táirgthe

An fhaisnéis maidir leis na céimeanna den phróiseas táirgthe a bhaineann lena chur i leataobh, a fhuarú agus a bhearradh, a bhí i roinn E den tsonraíocht táirge roimhe seo (An modh táirgthe), is féidir í a fháil anois in Airteagal 5.4 (Céimeanna próiseála ‘Prosciutto di San Daniele’ – Cur i leataobh, fuarú agus bearradh) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thíos thíos.

Rinneadh an uasteorainn ama chun cosa muiceola a sheachadadh ón seamlas chuig an tsaoráid leasaithe a athrú ó ‘120 uair an chloig’ go dtí an tréimhse chomhionann ‘5 lá’.

Is roghnach anois é na cosa muiceola a chur i bhfuarstóras sula leasaítear iad. Cuirtear feabhsuithe ar fheidhmíocht an trealaimh fhuaraithe ag seamlais agus ar bord feithiclí san áireamh sa leasú seo.

Is sainráite anois an fhéidearthacht go ndéanfaí athbhearradh ar liamhás a bearradh cheana. Ní dhéanann an próiseas sin difear do shaintréithe an táirge chríochnaithe.

Tugadh isteach riail faoina gcuirtear toirmeasc ar shaoráidí leasaithe atá cláraithe leis an gcóras rialaithe bheith ag oibriú le cosa muiceola a bhfuil a gcrúibín fós orthu agus nár formheasadh le haghaidh an phróisis ina ndéantar liamhás STFC. Tá gá leis an mbeart sin chun deighilt shoiléir idir ‘Prosciutto di San Daniele’ agus táirgí comhchosúla eile ag na saoráidí táirgthe a áirithiú chun éascaíocht a dhéanamh do rianú a dhíríonn ar úsáid chalaoiseach STFC a chosc.

5.30.   Athrú neamhchriticiúil: An modh táirgthe

An fhaisnéis maidir le céimeanna saillte agus preasála an phróisis táirgthe a bhí i roinn E den tsonraíocht táirge roimhe seo (An modh táirgthe), is féidir í a fháil anois in Airteagal 5.4 (Céimeanna próiseála ‘Prosciutto di San Daniele’ – Sailleadh agus preasáil) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thíos thíos. Ní dhéanann aon cheann de na hathruithe sin difear do cháilíochtaí an táirge chríochnaithe.

Leis an leasú sin, tugtar isteach an fhéidearthacht go mbeidh tréimhse saillte níos giorra ann ná ‘lá amháin in aghaidh gach cileagraim meáchain’ nuair a mheasann an ‘mórleasaitheoir’, bunaithe ar thaithí ar thréimhsí iarbhír saillte/díshaillte nó ar chion taise nó meáchan na gcos muiceola, gur mhair an chéim saillte fada go leor chun go mbeadh saintréithe tipiciúla ‘Prosciutto di San Daniele’ ag an liamhás.

Cuireadh isteach an tsonraíocht nach mór don tais a bheith ‘65 % ar a laghad’ in ionad na tagartha ginearálta don ‘tais ard’.

Méadaíodh ar an raon teochta ó ‘0-3 °C’ go ‘0-5 °C’ toisc go raibh na luachanna roimhe seo an-sriantach agus go bhféadfaí iad a shárú le linn rochtana ar an bhfuarstóras. Ní dhéanann sé sin difear do theocht iarbhír na gcos muiceola.

Ní gá a thuilleadh suathaireacht agus preasáil na feola a dhéanamh arís ‘leath bealaigh tríd an tréimhse saillte réamhbhunaithe’, toisc gur deacair an ceanglas sin a chomhlíonadh maidir le suathaireacht a dhéanamh go díreach leath bealaigh tríd an tréimhse saillte agus toisc nach bhfuil údar teicniúil leis. Is féidir an phreasáil a dhéanamh anois trí shuathaireacht a dhéanamh ar na cosa muiceola roinnt uaireanta agus/nó trí bhrú leanúnach a chur orthu; is de rogha an ‘mhórleasaitheora’ é sin atá in ann cinneadh a dhéanamh, de thairbhe taithí, faoin modh is fearr a úsáid bunaithe ar shaintréithe an táirge.

Ar mhaithe le soiléireacht, sonraíodh na coinníollacha taise agus teochta le haghaidh na bhfuarstóras ina ndéantar an phreasáil.

5.31.   Athrú neamhchriticiúil: An modh táirgthe

An fhaisnéis maidir leis an gcéim scíthe den phróiseas táirgthe a bhí i roinn E den tsonraíocht táirge roimhe seo (An modh táirgthe), is féidir í a fháil anois in Airteagal 5.4 (Céimeanna próiseála ‘Prosciutto di San Daniele’ – Scíth, slacht a chur ar an liamhás agus teocht a ardú) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thíos thíos.

Méadaíodh an tréimhse scíthe ó 60 lá go 75 lá. Tá gá leis an leasú sin toisc go mbíonn cosa úra muiceola níos troime á n-úsáid.

Níl uasteorainn 90 lá leis an tréimhse scíthe a thuilleadh. Tá gá leis an leasú sin chun ligean don ‘mhórleasaitheoir’ cinneadh a dhéanamh, de thairbhe taithí, faoi cathain a chríochnófar an tréimhse scíthe agus saintréithe sonracha na gcos muiceola á gcur san áireamh.

Athraíodh na teorainneacha taise íosta agus uasta is infheidhme maidir leis an seomra ina dtugtar scíth don fheoil ó 70 % go 45 % agus ó 80 % go 90 % faoi seach, agus athraíodh an teocht íosta sa seomra sin ó 4 °C go 1 °C. Ní dhéanann an t-athrú sin difear do shaintréithe an táirge chríochnaithe; tá sé d’aidhm ag an leasú sin an próiseas triomaithe a bharrfheabhsú agus fabhtanna a bheith ag teacht ar an liamhás a chosc.

5.32.   Athrú neamhchriticiúil: An modh táirgthe

An fhaisnéis maidir le céimeanna níocháin an phróisis táirgthe a bhí i roinn E den tsonraíocht táirge roimhe seo (An modh táirgthe), is féidir í a fháil anois in Airteagal 5.4 (Céimeanna próiseála ‘Prosciutto di San Daniele’ – Níochán) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thios.

Leis an leasú sin, tugtar sainmhíniú beacht ar an gcéim ina ‘n-ardaítear an teocht’ a tharlaíonn roimh an níochán, mar tá sé an-tábhachtach gur de réir a chéile a ardaítear teocht an táirge sula nitear é.

Baineadh an fhéidearthacht maidir le scuaba a úsáid lena ní toisc nach féidir iad a úsáid a thuilleadh ar chúiseanna sláinteachais. Is ar an gcúis chéanna nach bhfuil sé sainordaitheach a thuilleadh é a ní.

5.33.   Athrú neamhchriticiúil: An modh táirgthe

An fhaisnéis maidir le céim triomaithe na liamhás a bhí i roinn E den tsonraíocht táirge roimhe seo (An modh táirgthe), is féidir ía fháil anois in Airteagal 5.4 (Céimeanna próiseála ‘Prosciutto di San Daniele’ – Triomú agus ullmhúchán lena chrochadh chun triomaithe) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thíos thíos.

Leis an téacs, ní shocraítear teorainneacha a thuilleadh maidir le céatadán taise, teocht nó fad na céime triomaithe ach, ina ionad sin, fágtar faoin ‘mórleasaitheoir’ na cinntí sin a dhéanamh go cúramach. Tá an ghné thraidisiúnta sin a bhaineann leis an duine ríthábhachtach do phróiseáil thipiciúil ‘Prosciutto di San Daniele’.

Athraíodh an téarma Iodáilise a úsáidtear le haghaidh na céime ina n-ullmhaítear na liamhása lena gcrochadh chun triomaithe ó ‘prestagionatura’ go ‘pre-affinamento’ toisc go bhféadfadh ‘stagionatura’ – agus ‘prestagionatura’ dá bhrí sin freisin – a bheith ina gcúis mearbhaill agus míthuisceana.

Leathnaíodh an raon teochta ina n-ullmhaítear an liamhás lena chrochadh chun triomaithe (an chéim pre-affinamento) ó ‘12 °C-14 °C i dtosach agus 14 °C-19 °C ag an deireadh’ go ‘11 °C-20 °C’. Leis an leasú sin, déantar simpliú ar ghné theicniúil gan aon tionchar a imirt ar shaintréithe an táirge chríochnaithe.

5.34.   Athrú neamhchriticiúil: An modh táirgthe

An fhaisnéis maidir leis an gcéim den phróiseas táirgthe a bhaineann le crochadh na liamhás lena dtriomú, a bhí i roinn E den tsonraíocht táirge roimhe seo (An modh táirgthe) agus i bpointe 5.3 den doiciméad aonair, is féidir í a fháil anois in Airteagal 5.4 (Céimeanna próiseála ‘Prosciutto di San Daniele’ – Crochadh lena thriomú agus blonag a chur ar an liamhás) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thíos thíos.

Athraíodh an téarma Iodáilise a úsáidtear chun tagairt a dhéanamh don chéim ina gcrochtar liamhása lena dtriomú ó stagionatura go affinamento toisc go bhféadfadh an téarma a bhíodh in úsáid roimhe seo a bheith ina chúis mearbhaill agus míthuisceana.

Scriosadh an riail lena sonraítear an chaoi a bhfuil na liamhása le crochadh i ndáil leis na fuinneoga, toisc go n-áirithíonn an chúrsaíocht aeir sna seomraí leasaithe go dtriomaítear na liamhása de réir a chéile agus go mbíonn an toradh céanna ann dá bharr. Rinneadh an leasú sin freisin ar phointe 5.3 den doiciméad aonair. Athraíodh an tagairt don chineál córas aerchóirithe a gceadaítear a n-úsáid i saoráidí táirgeachta chun sainmhíniú níos oiriúnaí a thabhairt.

Ní luaitear sa téacs a thuilleadh go dtógann an chéim sin ‘8 mí de ghnáth’ ós ráiteas cineálach é sin. Is é 400 lá an tréimhse próiseála íosta nua, agus é cothrom le 13 mhí agus 4 lá, lena n-áirítear an chéim a luadh roimhe seo ina gcrochtar na liamhása lena dtriomú, atá fós thart ar 8 mí.

Féadfar anois blonag a chur ar na liamhása níos mó ná dhá uair: nuair a chuirtear blonag ar na liamhása cuirtear le forbairt agus cothabháil na saintréithe cáilíochta atá tipiciúil do ‘Prosciutto di San Daniele’, á choimeád bog ionas nach dtiocfaidh crústa ar an dromchla.

Ar mhaithe le sláinte agus sláinteachas, sonraítear sa téacs anois nach féidir an níochán a dhéanamh ach amháin sula mbaintear na cnámha de.

Baineadh an ráiteas go raibh cosc ar ‘gach próiseas triomaithe saorga’ ós ráiteas cineálach doiléir a bhí ann.

5.35.   Athrú criticiúil: An modh táirgthe

An fhaisnéis maidir le fad na bpróiseas táirgthe a bhí i roinn E den tsonraíocht táirge roimhe seo (An modh táirgthe) agus i bpointe 3.2 den doiciméad aonair, is féidir í a fháil anois in Airteagail 2 (Tuairisc ar an táirge) agus 5.4 (Céimeanna próiseála ‘Prosciutto di San Daniele’ – Brandáil leis an lógó) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thíos thíos.

Leis an leasú sin, méadaítear ar an tréimhse próiseála íosta ó 12 mhí go tréimhse ‘nach lú ná 400 lá’. Bhí gá leis an athrú sin toisc go dteastaíonn tréimhse íosta leasaithe níos faide nuair a úsáidtear cosa úra muiceola níos troime chun a áirithiú go dtriomaíonn siad i gceart. Thairis sin, cuireann tréimhsí leasaithe níos faide tuilleadh feabhais ar shaintréithe orgánaileipteacha ‘Prosciutto di San Daniele’.

Is ar na cúiseanna sin a baineadh an fhéidearthacht go ngiorrófaí tréimhse íosta próiseála na gcos atá beagán níos troime ná an meáchan íosta a cheadaítear.

Sonraítear anois freisin an tréimhse leasaithe íosta mar shaintréith táirge faoi phointe 3.2 den doiciméad aonair.

5.36.   Athrú neamhchriticiúil: An modh táirgthe

An fhaisnéis maidir le próiseas brandála na liamhás leis an lógó a bhí i roinn E den tsonraíocht táirge roimhe seo (An modh táirgthe) agus i bpointí 3.2 agus 3.6 den doiciméad aonair, is féidir í a fháil anois in Airteagail 5.4 (Céimeanna próiseála ‘Prosciutto di San Daniele’ – Brandáil leis an lógó) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thíos thíos.

Tugtar tuairisc sa téacs anois ar na roghanna brandála, ag lua gur féidir an liamhás a bhrandáil níos mó ná uair amháin, agus ag tabhairt sonraíochtaí le haghaidh an lógó. Leis an leasú sin, cuireadh feabhas ar an tuairisc ar lógó ‘Prosciutto di San Daniele’, rud nach mór a bheith brandáilte ar gach uile sciar i gcás liamhás atá sciartha.

Chun críoch rianú agus inrianaitheacht ‘Prosciutto di San Daniele’, tá an tagairt don chód aitheantais ar an lógó níos soiléire anois: ní mór an táirgeoir a chríochnaigh an próiseas táirgthe a shainaithint ann.

Féadfar marcanna aitheantais beaga breise a bheith san áireamh sa lógó a bhrandáiltear ar liamhása anois nach n-athraíonn comhdhéanamh foriomlán an lógó don tsúil ach a shainaithníonn é mar mharcáil bhunaidh ar úsáideadh iarann brandála deimhnithe chun í a dhéanamh agus ní mar chóip chalaoiseach.

Mar ab amhlaidh cheana faoin leagan roimhe seo den tsonraíocht táirge, ceadaíonn an Comhlachas, mar úinéir na n-iarann brandála, d’aon táirgeoir atá cláraithe leis an gcóras rialaithe STFC a chomhlíonann ceanglais shonraíocht táirge ‘Prosciutto di San Daniele’ – gan beann ar cibé atá nó nach bhfuil an táirgeoir sin sa chomhlachas féin – na hiarainn sin a úsáid chun an táirge STFC a dheimhniú.

Cuireadh an fhéidearthacht go n-úsáidfí modh eile aitheantais i dteannta nó in áit brandála leis chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh. Cuireadh an fhoráil sin le pointí 3.2 agus 3.6 den doiciméad aonair freisin.

5.37.   Athrú eagarthóireachta: Rialú

Baineadh na tagairtí do rialú saoráidí leasaithe a bhí i Roinn E den tsonraíocht táirge roimhe seo (An modh táirgthe).

5.38.   Athrú neamhchriticiúil: Rialú

An fhaisnéis maidir le haistriú liamhás le linn an phróisis leasaithe a soláthraíodh i roinn E den tsonraíocht táirge roimhe seo (An modh táirgthe), is féidir í a fháil anois in Airteagal 5.5 (Na liamhása a aistriú le linn leasaithe) agus leasú déanta uirthi tríd an gcuid a bhaineann le haistriú liamhás roimh 180 lá a athdhréachtú. Is soiléire anois é de bharr an athraithe sin ach ní athraítear an chiall.

5.39.   Athrú neamhchriticiúil: Lipéadú

Na mionsonraí maidir leis an gcaoi a ráthaítear inrianaitheacht ó thús an phróisis leasaithe a bhí i roinn E den tsonraíocht táirge roimhe seo (An modh táirgthe) agus i bpointe 3.6 den doiciméad aonair, is féidir iad a fháil anois in Airteagal 5.4 (Céimeanna próiseála ‘Prosciutto di San Daniele’– Stampáil le dáta tosaithe an leasaithe) agus leasú déanta orthu chun tuairisc níos fearr a thabhairt ar na ceanglais maidir le stampa dháta tosaithe an leasaithe.

Ní éilítear a thuilleadh nach mór an t-acrainm ‘D.O.T.’ a bheith i stampaí a úsáidtear chun liamhása a mharcáil, óir sheas an t-acrainm sin do théarma atá imithe i léig Denominazione di Origine Tutelata [‘Ainmniúchán Tionscnaimh Cosanta’]. In ionad sin, ní mór an t-acrainm ‘P.S.D.’ – ‘Prosciutto di San Daniele’ – a úsáid toisc go dtagraíonn sé don sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint atá cláraithe. Chun feabhas a chur ar rianú agus inrianaitheacht ‘Prosciutto di San Daniele’, ní mór an uimhir baisce a lua ar stampa dháta tosaigh an leasaithe.

Cuireadh an fhéidearthacht leis go n-úsáidfí modh eile aitheantais i dteannta stampa dháta tosaithe an leasaithe nó ina áit chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh.

Baineadh an tagairt do stampáil cos úr muiceola ó phointe 3.6 den doiciméad aonair toisc go mbaineann sé sin le seiceálacha agus leis an gcóras inrianaitheachta agus ní le lipéadú.

5.40.   Athrú eagarthóireachta: Cruthúnas ar thionscnamh

An fhaisnéis faoi nósanna imeachta rialaithe a bhaineann le stampaí dháta tosaithe an leasaithe agus faoi na lógónna a bhrandáiltear ar na liamhása a bhí i roinn E den tsonraíocht táirge roimhe seo (An modh táirgthe), is féidir í a fháil anois in Airteagal 4 (Cruthúnas ar thionscnamh).

Scriosadh an liosta de dhoiciméid tagartha a bhaineann le Roinn E den tsonraíocht táirge.

5.41.   Athrú eagarthóireachta: Nasc

Athraíodh an fhaisnéis ó roinn F den tsonraíocht táirge roimhe seo (Nasc leis an gcomhshaol geografach) agus ó phointe 5 den doiciméad aonair. Is féidir leagan leasaithe den fhaisnéis sin a fháil anois, leagan ina gcoinnítear an t-ábhar a thaispeánann an nasc leis an gcríoch agus an t-ábhar sin amháin, in Airteagal 6 (Nasc leis an gcomhshaol). Sa leagan comhdhlúite sin, ní dhearnadh aon athrú ar na príomhghnéithe lena dtaispeántar an nasc idir ‘Prosciutto di San Daniele’ agus an limistéar geografach. Ar an dul céanna, rinneadh pointe 5 den doiciméad aonair a athscríobh chun an phríomhfhaisnéis a leagan amach ar bhealach níos gonta agus chun tagairt a chur isteach do na gnéithe traidisiúnta a fhágann gur sainiúil iad na muca agus na teicnící a úsáidtear chun an liamhás a dhéanamh.

5.42.   Athrú eagarthóireachta: Rialú

Rinneadh athruithe ar Roinn G den tsonraíocht táirge roimhe seo (Struchtúr iniúchta faoi Airteagal 10 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle). Is féidir an fhaisnéis sin a fháil anois in Airteagail 4 (Cruthúnas ar thionscnamh) agus 7 (Rialú). Tugadh an fhaisnéis faoin gcomhlacht rialaithe cothrom le dáta.

5.43.   Athrú eagarthóireachta: Lipéadú

An fhaisnéis maidir le hord na siombailí lena n-aithnítear na hamhabháir agus an táirge críochnaithe le linn na próiseála a bhí i roinn H den tsonraíocht táirge roimhe seo (Faisnéis shonrach maidir le lipéadú atá nasctha leis an téarma ‘STFC’ agus téarmaí náisiúnta comhionanna – a ghiorraítear anseo feasta do Lipéadú) agus i bpointe 3.6 den doiciméad aonair, is féidir í a fháil anois in Airteagail 5 (Modh táirgthe ‘Prosciutto di San Daniele’) agus 8 (Cur i láthair, margaíocht agus lipéadú). Leasaíodh an t-ábhar sin chun tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar na siombailí agus na marcanna a úsáidtear chun ‘Prosciutto di San Daniele’ a shainaithint, de réir ord croineolaíoch na próiseála. Baineadh an fhaisnéis sin de phointe 3.6 den doiciméad aonair toisc go mbaineann sí le seiceálacha agus le hinrianaitheacht seachas le lipéadú. Tá sé d’aidhm ag na leasuithe sin feabhas a chur ar chóras rianaithe agus inrianaitheachta ‘Prosciutto di San Daniele’.

5.44.   Athrú neamhchriticiúil: Lipéadú

An fhaisnéis maidir le láithreacht an lógó ar gach ceann de na formáidí éagsúla chun an liamhás a chur i láthair a bhí i roinn H den tsonraíocht táirge roimhe seo (Lipéadú) agus i bpointí 3.2 agus 3.6 den doiciméad aonair , is féidir í a fháil anois in Airteagal 8 (Cur i láthair, margaíocht agus lipéadú) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thíos thíos.

Sonraítear go mionsonraithe sa téacs anois conas atá formáidí éagsúla ‘Prosciutto di San Daniele’ le cur in iúl agus le margú. Tugtar mionsonraí ann freisin anois faoin gcaoi a bhfuil ainm an táirge agus íomhá an lógó le taispeáint, agus sonraítear ann faisnéis maidir le lipéadú éigeantach le haghaidh na bhformáidí éagsúla ina gcuirtear an liamhás i láthair.

Sonraítear sa téacs anois na gnéithe sainaitheantais nach mór a choimeád i gcónaí in ‘Prosciutto di San Daniele’, bíodh an chnámh ann nó as, ar mhaithe le rianú agus inrianaitheacht agus chun baint na ngnéithe sin ag an gcéim mhargaíochta a chosc.

Tugtar tuairisc shoiléir sa téacs anois ar conas fad na tréimhse leasaithe (i míonna) a ríomh le haghaidh liamhás a bhfuil an chnámh ann agus liamhás gan chnámh. Tá gá leis an leasú seo chun a áirithiú go ríomhann aon oibreoir nó údarás maoirseachta an tréimhse leasaithe i gceart agus go cinnte.

Sonraíodh ann nach mór ‘Prosciutto di San Daniele’ a dhíchnámhú sa limistéar geografach sainithe i gcás ina bhfuil sé le díol mar shlisní réamhphacáistithe. Is é an t-aon aidhm amháin atá leis an gceanglas sin cáilíocht an táirge réamhphacáistithe shlisnithe a chaomhnú agus calaois a chosc. Bhí sé sin le tuiscint go hindíreach cheana ó Roinn C den tsonraíocht táirge roimhe seo, inar luadh nach mór do na saoráidí sliste a bheith lonnaithe sa limistéar táirgthe agus nach mór na hoibríochtaí uile atá le déanamh ag saoráidí den sórt sin a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.

Sonraítear anois gur féidir liamhás gan chnámh a fhuarú go teocht faoi 0 °C sula slistear é toisc go gcuidíonn sin le saintréithe tipiciúla ‘Prosciutto di San Daniele’ a chaomhnú agus go gcoisceann sé ar fhorbairt fabhtanna le linn an tsliste agus an phacáistithe.

Tugtar tuairisc bheacht anois ar shonraíochtaí an lógó agus léirítear iad le híomhá den lógó féin. Is soiléire an fhaisnéis sin de bharr an leasaithe, a bhfuil gá leis chun na híomhánna a léiriú i gceart. Rinneadh athbhreithniú ar phointe 3.6 den doiciméad aonair freisin chun íomhá den lógó a chur san áireamh ann.

Sonraítear anois nach mór ainm ‘Prosciutto di San Daniele’ a fhágáil san Iodáilis chun a áirithiú go bhfuil an táirge inaitheanta gan aon amhras áit ar bith ar domhan.

5.45.   Athrú eagarthóireachta: Rialú

An fhaisnéis faoi na rialuithe atá i bhfeidhm maidir le hiarainn brandála, faoin tábhacht a bhaineann le lógónna le haghaidh an táirge chríochnaithe agus faoi sháruithe ar na rialacha a bhí i roinn H den tsonraíocht táirge roimhe seo (Lipéadú) , is féidir í a fháil anois in Airteagail 5.4 (Céimeanna próiseála ‘Prosciutto di San Daniele’ – brandáil leis an lógó) agus 8.2 (An lógó a atáirgeadh agus an sonrúchán a úsáid). Fágadh an fhaisnéis sin mar a bhí nó leasaíodh í chun mionsonraí nach raibh ábhartha don tsonraíocht táirge a bhaint.

5.46.   Athrú eagarthóireachta: Lipéadú

An fhaisnéis maidir leis na siombail inrianaitheachta a stampáiltear ar an bhfeoil ag an seamlas agus ag an tsaoráid leasaithe a bhí i roinn H den tsonraíocht táirge roimhe seo (Lipéadú) , is féidir í a fháil anois in Airteagail 5.3 (Marú agus gearradh) agus 5.4 (Céimeanna próiseála ‘Prosciutto di San Daniele’) agus rinneadh í a athstruchtúrú de réir ord na gcéimeanna éagsúla próiseála gan an t-ábhar a athrú.

5.47.   Athrú neamhchriticiúil: Lipéadú

An fhaisnéis maidir le lipéadú ‘Prosciutto di San Daniele’ slisnithe, bíodh sé réamhphacáistithe nó leis an gcnámh ann nó as, a bhí i roinn H den tsonraíocht táirge roimhe seo (Lipéadú) agus i bpointe 3.6 den doiciméad aonair , is féidir í a fháil anois in Airteagal 8.3 (Lipéadú) agus leasú déanta uirthi mar a thuairiscítear thíos thíos.

Maidir le gach ceann de na formáidí a úsáidtear chun ‘Prosciutto di San Daniele’ a dhíol, rinneadh athbhreithniú ar an bhfaisnéis lipéadaithe chun a chur i láthair ar an margadh a chaighdeánú agus chun cuidiú leis an táirge a dhéanamh níos inaitheanta.

Leasaíodh pointe 3.6 den doiciméad aonair agus tá achoimre anois ann ar na príomhcheanglais maidir le lipéadú.

5.48.   Athrú eagarthóireachta: Lipéadú

Na mionsonraí faisnéise maidir le lipéadú breise a bhí i roinn H den tsonraíocht táirge roimhe seo (Lipéadú), is féidir iad a fháíl anois in Airteagal 8.3 (Lipéadú) agus leasú déanta orthu, agus na coincheapa a leagtar amach sa tsonraíocht táirge roimhe seo á gcoinneáil ach idirdhealú níos soiléire á dhéanamh idir na téarmaí is féidir agus nach féidir a úsáid agus agus inneachar neamhábhartha á bhaint.

5.49.   Athrú eagarthóireachta

Scriosadh Roinn I den tsonraíocht táirge roimhe seo (Coinníollacha faoin reachtaíocht náisiúnta nach mór a chomhlíonadh).

5.50.   Athrú eagarthóireachta

Scriosadh na hiarscríbhinní a ghabhann leis an tsonraíocht táirge (‘Treoir 14/1992’, ‘DAR 03/04 an 9 Samhain 2004’ agus Táillí ballraíochta, gnáth-tháillí agus gnáthfheabhsú”) .

DOICIMÉAD AONAIR

“Prosciutto di San Daniele”

Uimh. AE: PDO-IT-0065-AM01 – 24.4.2020

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm

“Prosciutto di San Daniele”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Iodáil

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   An cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]

Aicme 1.2: Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

3.2.   Tuairisc ar an táirge

Is liamhás prosciutto crudo é “Prosciutto di San Daniele” a sailleadh agus tirimleasaíodh ar feadh 400 lá ar a laghad ó dháta tosaithe an leasaithe. Is saintréith de “Prosciutto di San Daniele” é go bhfuil cruth giotáir air agus go bhfuil an chuid aimhneasach den chos (crúibín) ann. Níor cheart meáchan níos lú ná 8.3 kg ná níos mó ná 12.8 kg a bheith in “Prosciutto di San Daniele” iomlán a bhfuil an cnámh ann. Tá an fheoil bog agus an tsaill bán agus í i gcoibhneas ceart leis an gcuid thrua den fheoil, atá dearg agus bándearg agus í marmaraithe le roinnt saille. Tá blas fíneálta air, atá láidir ach gan a bheith róláidir, ach le hiarbhlas a éiríonn níos suntasaí. Tá dea-bholadh cumhra de liamhás leasaithe uaidh mar thoradh ar an tréimhse leasaithe fhada.

Is iad seo a leanas saintréithe fisiciúla agus ceimiceacha “Prosciutto di San Daniele”, mar a thástáiltear ar an mbícéips fhéimearach iad sula mbrandáiltear an liamhás leis an lógó:

cion taise nach lú ná 57.0 % ná nach mó ná 63.0 % é;

cion salainn (clóiríd sóidiam) nach lú ná 4.3 % ná nach mó ná 6.0 %;

innéacs próitéilísis nach mó ná 31 %;

gníomhaíocht uisce (aw) nach mó ná 0.930.

Is féidir “Prosciutto di San Daniele” a dhíol ina iomláine agus an chnámh ann nó as, agus is féidir freisin é a ghearradh ina sciartha de chruthanna agus de mheáchain éagsúla. Gan beann ar an bhformáid, ní mór an lógó a bheith brandáilte ar an gcraiceann agus/nó modh eile aitheantais a bheith ag an liamhás lena n-áirithítear nó lena ráthaítear go bhfuil an t-amhábhar agus na liamhása inrianaithe.

Díoltar “Prosciutto di San Daniele” mar liamhás slisnithe réamhphacáistithe freisin. Maidir le liamhás atá le gearradh ina shlisní agus le pacáistiú, is é 430 lá an tréimhse íosta leasaithe, cuirtear teorainn 62.0 % lena mhéid taise agus ní féidir an ghníomhaíocht uisce (aw) a bheith níos mó ná 0.920.

3.3.   Beatha agus amhábhair

Ainmhithe beo

Ní mór do na cosa úra muiceola a úsáidtear chun “Prosciutto di San Daniele” a dhéanamh a bheith de thionscnamh an limistéir tógála muc a shainítear i bpointe 4 agus ní mór dóibh a bheith ó shliocht an mhéid seo a leanas:

a)

collaigh de na pórtha traidisiúnta, is iad sin Mórmhuc Bhán Iodálach, Muc Lanrásach Iodálach agus Muc Duroc Iodálach, arna bhfeabhsú ag Leabhar Tréada na hIodáile, bídís ina muca folaíochta nó crosphóraithe idir na pórtha sin, agus cránacha de na pórtha traidisiúnta Mórmhuc Bhán Iodálach agus Muc Lanrásach Iodálach, bídís ina muca folaíochta nó crosphóraithe idir na pórtha sin;

b)

collaigh de na pórtha traidisiúnta a luaitear in a) agus cránacha crosphóraithe nó cránacha de chineálacha géiniteacha eile ar choinníoll go bpórtar iad faoi scéimeanna roghnaithe agus/nó crosphóraithe ina bhfuil na pórtha Mórmhuc Bhán, Muc Lanrásach nó Muc Duroc chun muca troma a tháirgeadh, agus aidhmeanna na scéimeanna sin comhoiriúnach le haidhmeanna Leabhar Tréada na hIodáile;

c)

collaigh agus cránacha de chineálacha géiniteacha eile ar choinníoll go bpórtar iad faoi scéimeanna roghnaithe agus/nó crosphóraithe ina bhfuil na pórtha Mórmhuc Bhán, Muc Lanrásach nó Muc Duroc chun muca troma a tháirgeadh, a bhfuil aidhmeanna na scéimeanna sin comhoiriúnach le haidhmeanna Leabhar Tréada na hIodáile;

d)

collaigh de na cineálacha géiniteacha eile a luaitear in c), agus cránacha de na pórtha traidisiúnta dá dtagraítear in a).

Ní fhéadfaidh cosa úra muiceola a úsáidtear chun an táirge a dhéanamh teacht ón méid seo a leanas:

muca a bhfuil saintréithe neamhfhabhracha acu, go háirithe soghabháltacht i leith struis (PSS);

collaigh nó cránacha.

Beatha

Ní mór do bheatha na muc a bheith de thionscnamh an limistéir gheografaigh ina dtógtar iad. Mar sin féin, i mblianta áirithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta go teicniúil 100 % de na hábhair bheatha a fháil go háitiúil ar chúiseanna aeráide nó tráchtála, agus sa chás sin ní mór an nasc leis an limistéar áitiúil a ráthú, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 664/2014, trína áirithiú go dtagann 50 % ar a laghad d’iontógáil ábhair thirim na muc as an limistéar geografach ina dtógtar iad. Is féidir an bheatha a thabhairt i bhfoirm leachta agus thirim araon.

Ní mór na hamhábhair a cheadaítear faoin reachtaíocht Aontais atá ann faoi láthair maidir le beostoc a bheathú a bheith san aiste bia a thugtar do bhainbh diúil. Féadfar aiste bia na muc a fhorlíonadh le vitimíní, mianraí agus aimínaigéid agus is féidir breiseáin a úsáid i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair.

Ceadaítear na hamhábhair seo a leanas ag an gcéim fáis: arbhar Indiach (suas le 65 % d’iontógáil ábhair thirim); sorgam, eorna, cruithneacht, triteacál, min ábhair Indiaigh agus/nó min déise arbhair (suas le 55 % d’iontógáil ábhair thirim); mionghránaigh, piseanna (suas le 25 % d’iontógáil ábhair thirim); min arbhair Indiaighlándéise, bran cruithneachta agus fotháirgí eile ó phróiseáil cruithneachta, táirgí a fhaightear le linn pónairí soighe a úscadh (suas le 20 % d’iontógáil ábhair thirim); sadhlas arbhair Indiaigh, minmin ghlútain arbhair Indiaigh nó beathú glútain arbhair, laíon biatais dhíhiodráitithe, táirgí a fhaightear le linn síolta lus na gréine, min ráibe agus síolta léagúim eile a úscadh, pónairí soighe iomlána rósta agus/nó asbhrúchán soighe (suas le 10 % d’iontógáil ábhair thirim); min ghinidín arbhair Indiaigh, molás (suas le 5 % d’iontógáil ábhair thirim); meidic na mbó (í triomaithe ag teocht ard) (suas le 4 % d’iontógáil ábhair thirim); triosc tirim driogaireachta agus ábhair intuaslagtha (suas le 3 % d’iontógáil ábhair thirim); laíon torthaí nó laíon tráta (tráta meilte) mar iompróirí réamh-mheasctha, asbhrúchán rois, beatha asbhrúcháin rois, min rois, beatha mine rois, lipidí ag a bhfuil leáphointe os cionn 36 °C, giosta (suas le 2 % d’iontógáil ábhair thirim); min éisc (suas le 1 % d’iontógáil ábhair thirim); meadhg (suas le 15 l in aghaidh na muice in aghaidh an lae); agus bláthach (suas le 250 g d’iontógáil ábhair thirim in aghaidh na muice in aghaidh an lae).

Ní mór na critéir seo a leanas a chur san áireamh ag an gcéim fáis freisin: féadfar an aiste bia a fhorlíonadh le vitimíní, mianraí agus aimínaigéid agus is féidir breiseáin a úsáid i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair; chun cumhdach saille ardchaighdeáin a áirithiú, tá an cion aigéid líonoiléach teoranta ag 2 % d’iontógáil ábhair thirim agus tá saill teoranta ag 5 % d’iontógáil ábhair thirim; agus ní mór 45 % ar a laghad d’iontógáil fhoriomlán ábhair thirim a bheith ina ghránach.

Na rialacha céanna atá i bhfeidhm maidir leis an gcéim fáis, tá siad i bhfeidhm freisin maidir leis an gcéim críochnaitheora, cé is moite de na heisceachtaí seo a leanas: ní mór 55 % ar a laghad d’iontógáil fhoriomlán ábhair thirim a bheith ina ghránach agus ní féidir críochnaitheoirí a bheathú le min éisc ná le pónairí soighe iomlána rósta agus/nó le hasbhrúchán soighe.

Cosa úra

Na cosa muiceola a úsáidtear chun “Prosciutto di San Daniele” a tháirgeadh, ní mór dóibh teacht ó chonablaigh a aicmítear faoin gcatagóir “H” (trom) agus meáchan íosta 110.1 kg agus meáchan uasta 168 kg iontu, agus ní mór dóibh teacht faoi réim aicmithe “U”, “R”, nó “O” ar scála an Aontais Eorpaigh maidir le haicmiú conablach muc. Ní mór nach lú na cosa ná 12.5 kg meáchain ná nach mó iad ná 17.5 kg meáchain, agus ní fhéadfaidh meáchain na coise a bheith níos lú ná 12 kg ná níos mó ná 17 kg i gcás ina bhfuil sí beartaithe le haghaidh tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus nach gceadaíonn go bhfágfaí an crúibín ar an gcos liamháis.

Ní mór na cosa muiceola a ghearradh i gcomhréir leis an gcaighdeán bunaithe atá in úsáid agus sraith saille sheachtrach a bheith orthu atá 17 mm ar a laghad ar tiús, lena n-áirítear an craiceann. Ní mór an tsaill sin a bheith teann go leordhóthanach, i.e. luach iaidín a bheith aici nach mó ná 70 agus nó cion aigéid líonoiléach a bheith inti nach mó ná 15 %.

Ní fhéadfar cosa a úsáid as muca a bhfuil miópaite PSE nó DFD follasach orthu nó a bhfuil iarmhairtí follasacha orthu de ghalair athlastacha agus trámacha.

Ní féidir cosa ó mhuca a maraíodh níos mó ná 5 lá roimhe sin a phróiseáil chun liamhás a dhéanamh.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Ní mór na céimeanna uile a bhaineann le déanamh “Prosciutto di San Daniele”, idir bearradh na gcos úr muiceola agus críochnú an phróisis triomaithe, a dhéanamh laistigh den limistéar táirgthe aitheanta, arb í an chríoch laistigh de theorainneacha riaracháin bhardas San Daniele del Friuli i gcúige Udine i Réigiún Féinrialaitheach Friuli-Venezia Giulia í.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh agus pacáistiú

Chun barántúlacht “Prosciutto di San Daniele” a dhíoltar ina shlisní réamhphacáistithe a ráthú agus tomhaltóirí a chosaint dá réir, ní mór sliseadh agus pacáistiú an liamháis a dhéanamh laistigh den limistéar geografach táirgthe. Tá gá leis sin chun tionscnamh an táirge shlisnithe réamhphacáistithe a ráthú toisc nach bhfuil na marcanna aitheantais a thaispeántar ar chraiceann “Prosciutto di San Daniele” le feiceáil a thuilleadh ar liamhás slisnithe. Eascraíonn sé freisin as an ngá lena áirithiú go ndéantar an sliseadh agus an pacáistiú ar bhealach a sheachnaíonn an díhiodráitiú, an t-ocsaídiú nó aon lagú ar shaintréithe orgánaileipteacha bunaidh “Prosciutto di San Daniele”. Baintear den liamhás an chosaint nádúrtha a thugann an craiceann dó nuair a ghearrtar ina shlisní é agus fágtar an táirge neamhchosanta ar an gcomhshaol.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú:

Ní mór “Prosciutto di San Daniele” a bheith brandáilte le lógó ar an gcraiceann agus/nó modh eile aitheantais a bheith aige lena n-áirithítear nó lena ráthaítear go bhfuil an t-amhábhar agus na liamhása inrianaithe.

Is mar a leanas an lógó a bhrandáiltear ar na liamhása:

Image 1

Ní mór na mionsonraí seo a leanas a bheith san áireamh i lipéadú “Prosciutto di San Daniele” a bhfuil an chnámh ann nó as, bíodh sé á dhíol ina iomláine nó arna ghearradh i sciartha:

“Prosciutto di San Daniele” (san Iodáilis), agus na focail Denominazione di Origine Protetta (sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint) nó DOP (STFC) ina dhiaidh;

ainm nó trádmharc na cuideachta agus seoladh an thairgeora liamhás atá cláraithe sa chóras faireacháin lena dtugtar an próiseas táirgthe i gcríoch nó lena ndéantar an liamhás a mhargú.

Ní mór “Prosciutto di San Daniele” (san Iodáilis) agus na focail Denominazione di Origine ProtettaDOP ina dhiaidh, an lógó a thaispeántar thuas, uimhir aitheantais an phacálaí agus cód aitheantais, rialaithe agus deimhnithe gach pacáiste aonair a bheith ar phacáistiú “Prosciutto di San Daniele” slisnithe.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Ní mór “Prosciutto di San Daniele” a tháirgeadh laistigh de theorainneacha riaracháin bhardas San Daniele del Friuli i gcúige Udine i Réigiún Féinrialaitheach Friuli-Venezia Giulia.

Ní mór go dtagann an mhuiceoil a úsáidtear chun “Prosciutto di San Daniele” a dhéanamh ó mhuca ar rugadh banbh dóibh, a tógadh, a maraíodh agus ar gearradh a gconablaigh sa limistéar geografach a chuimsíonn críoch na réigiún seo a leanas: Friuli-Venezia Giulia, Veneto, an Lombaird, Píodmant, Emilia-Romagna, Umbria, an Tuscáin, Marche, Abruzzo agus Lazio.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

5.1.   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Is é ata i limistéar táirgthe “Prosciutto di San Daniele” bardas San Daniele del Friuli i lár Friuli, taobh leis an abhainn Tagliamento, mar a dtosaíonn bunchnoic ag ardú i dtreo na Réamh-Alp Carnach.

Idirghníomhaíonn an luí sainiúil talún sa limistéar le pátrún gaoithe ina n-ardaíonn gaotha teo aníos ón Muir Aidriad isteach feadh chúrsa Abhainn Tagliamento agus a thagann i dteagmháil le gaotha níos fuaire ag teacht anuas ó na hAlpa, agus iad ag sreabhadh go díreach trí Canale del Ferro del Tarvisano. Cruthaíonn sin miocraeráid shonrach lena n-áirithítear aerchúrsaíocht shéimh agus comhshaol le tais íseal atá an-oiriúnach do thirimleasú faidréiseach liamháis.

5.2.   Sainiúlacht an táirge

Is saintréith de “Prosciutto di San Daniele” í go bhfágtar an crúibín ar an liamhás, mar is amhlaidh an cás leis an lógó a bhrandáiltear ar an gcraiceann agus/nó le modh malartach aitheantais a úsáidtear. Nuair a fhágtar an crúibín ar an liamhán, cuidíonn sin lena chaomhnú le linn próiseála agus aithníonn tomhaltóirí láithreach dá bharr gur “Prosciutto di San Daniele” iomlán atá ann. Ina theannta sin, is gnéithe sainiúla de “Prosciutto di San Daniele” iad an cruth giotáir atá air, an blas séimh atá air atá láidir ach gan a bheith róláidir, agus an dea-bholadh cumhra atá uaidh a eascraíonn as bearradh agus preasáil na gcos, gan aon chomhábhar eile seachas salann sáile a chur leis ag tús an phróisis táirgthe agus an tréimhse fhada ina gcrochtar an fheoil lena triomú.

De bharr chumhdach feola agus shaintréithe blais na gcos muiceola ón limistéar sainithe tógála muc, a fhaightear ó na pórtha a shonraítear i bpointe 3 agus a thógtar mar a shonraítear sa phointe céanna sin, tá siad oiriúnach go nádúrtha chun liamhása fadleasaithe a dhéanamh astu.

5.3.   Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht nó saintréithe an táirge

Is as limistéar geografach a tháirgthe agus as saintréithe an chomhshaoil agus an duine ann a fhaigheann “Prosciutto di San Daniele” a cháilíocht. Is de thairbhe na saille ardchaighdeáin atá air, a bhfaightear an cion díreach ceart di sna “muca troma” atá tipiciúil do Ghleann na Pó, atá saintréithe ar leith “Prosciutto di San Daniele”. Is é a ráthaítear an cumhdach saille sin roghnú póir géinitigh agus aeráid an limistéir gheografaigh ina dtógtar na muca agus óna bhfaightear na hamhábhair a úsáidtear chun na muca sin a bheathú.

Tá tionchar ag miocraeráid shonrach an limistéir gheografaigh táirgthe ar an tréimhse leasaithe fhada agus cuidíonn sí le blas agus dea-bholadh “Prosciutto di San Daniele” a fhorbairt. Mar gheall ar dhálaí ithreach agus aeráide áitiúla, lonnaítear an táirgeadh go heisiach i gcónaí sa bhardas óna dtagann ainm an liamháis, agus is lucht saothair ardoilte speisialaithe a phróiseálann na cosa muiceola – a fhaightear go traidisiúnta ón limistéar ar a dtugtar tuairisc i bpointe 4.

Is ríthábhachtach taithí na “mórleasaitheoirí” a úsáideann teicnící sonracha a tháinig aníos ó ghlúin go glúin chucu chun an liamhás a dhéanamh. Rialaíonn siad na paraiméadair éagsúla a bhaineann leis na céimeanna chun liamhás a dhéanamh ag brath ar dhálaí aeráide agus ar shaintréithe na gcos muiceola, ag úsáid seomraí triomaithe ina bhfuil neart fuinneog a nochtann na liamhása do shiorraí nádúrtha gaoithe a chuidíonn le tirimleasú “Prosciutto di San Daniele” de réir a chéile ar feadh tréimhse fada agus a chuireann le forbairt an dea-bholaidh shainiúil uaidh.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

(an dara fomhír d’Airteagal 6(1) den Rialachán seo)

Sheol an Aireacht an nós imeachta agóide náisiúnta nuair a foilsíodh an leasú beartaithe maidir le SFTC “Prosciutto di San Daniele” in Iris Oifigiúil Phoblacht na hIodáile Uimh. 299 an 21 Nollaig 2019. Tá téacs iomlán na sonraíochta táirge le fáil ar an suíomh gréasáin seo a leanas:

http://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/3335

nó mar rogha ar an méid sin:

trí dhul go díreach chuig leathanach baile na hAireachta um Beartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta (http://www.politicheagricole.it) agus cliceáil ar “Qualità” (ag barr an scáileáin sa bharra cothrománach), agus ar deireadh ar “Disciplinari di Produzione all’esame dell’UE”.


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.