ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 126

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
21 Márta 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 126/01

Fógra ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le tréimhsí aistarraingthe maidir le cóireálacha tréidliachta a chur ar bheostoc talún orgánach le táirgí íocshláinte tréidliachta — NótaRIPAC Uimh. 2022-XX

1

2022/C 126/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10614 — PAI PARTNERS / UVESCO) ( 1 )

5

2022/C 126/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10456 – SKY / VIACOMCBS / JV) ( 1 )

6

2022/C 126/04

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10153 – ORANGE / TELEKOM ROMANIA COMMUNICATIONS) ( 1 )

7


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 126/05

Rátaí malairte an euro — 18 Márta 2022

8

2022/C 126/06

Fógra ón gCoimisiún maidir le rátaí úis aisghabhála státchabhrach agus rátaí tagartha/lascaine reatha is infheidhme ón 1 Aibreán 2022 (Arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 794 /2004 ón gCoimisiún )

9


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

21.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 126/1


Fógra ón gCoimisiún

a mhéid a bhaineann le tréimhsí aistarraingthe maidir le cóireálacha tréidliachta a chur ar bheostoc talún orgánach le táirgí íocshláinte tréidliachta

(2022/C 126/01)

Nóta (1)RIPAC Uimh. 2022-XX

Soláthraítear an doiciméad seo ar mhaithe le faisnéis amháin agus níl sé beartaithe go mbainfear úsáid as ábhair an doiciméid in ionad comhairliúchán ar aon fhoinse dlí infheidhme nó in ionad na comhairle riachtanaí ó shaineolaí dlí, i gcás inarb iomchuí.

Ní bheidh an Coimisiún ná aon duine atá ag gníomhú thar a cheann freagrach as an úsáid a bhainfear as na nótaí seo agus ní féidir iad a mheas mar léirmhíniú ceangailteach ar an reachtaíocht.

Tá an doiciméad seo beartaithe chun cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí agus údaráis náisiúnta an reachtaíocht Eorpach a chur i bhfeidhm. Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus í sin amháin, atá inniúil ar dhlí an Aontais a léirmhíniú.

EARNÁIL:

FEIRMEOIREACHT ORGÁNACH

 

 

BEART:

CÓIREÁLACHA TRÉIDLIACHTA le haghaidh BEOSTOIC

 

 

ÁBHAR:

TRÉIMHSE AISTARRAINGTHE - TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA

 

 

NA FORÁLACHA LENA mBAINEANN:

Rialachán (AE) 2018/848 (2) - Iarscríbhinn II Cuid II pointí 1.5.1.2, 1.5.1.3, 1.5.2.5 agus Rialachán (AE) 2019/6 (3) – Airteagal 4, pointe (34), agus Airteagail 106, 113, agus 115

Ceist 1: Ar cheart a mheas gur “táirgí íocshláinte tréidliachta atá sintéisithe go ceimiceach” iad “vacsaíní” dá dtagraítear i bpointe 1.5.2.5 de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848?

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/848 ón 1 Eanáir 2022, de réir mar a bhunaítear é in Airteagal 61 de.

Leagtar síos i gCuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 na rialacha maidir le táirgeadh beostoic.

Sonraítear i bPointe 1.5.2.5 de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 go “[m]beidh an tréimhse aistarraingthe idir táirge míochaine tréidliachta allapatach a sintéisíodh go ceimiceach, lena n-áirítear antaibheathach, a úsáid den uair dheiridh ar ainmhí faoi ghnáthchionníollacha úsáide, agus bia-earraí a tháirgeadh ó ainmhí den chineál sin, dhá oiread chomh fada leis an tréimhse aistarraingthe dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2001/82/CE (4), agus 48 n-uaire an chloig ar a laghad.”

Sonraítear i bPointe 1.5.1.2 agus i bPointe 1.5.1.3 de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 an méid a leanas i dtaca le Galair a chosc le haghaidh beostoic: “féadfar táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha a úsáid” agus “ní úsáidfear táirgí míochaine tréidliachta allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach lena n-áirítear antaibheathaigh agus bólais de mhóilíní ceimiceán allapatacha sintéisithe, nó antaibheathaigh le haghaidh cóireála coiscthí”. Bunófar, leis sin, idirdhealú intuigthe idir táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha agus táirgí íocshláinte tréidliachta allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach.

Is táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha iad vacsaíní agus níl pointe 1.5.2.5 de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 ábhartha maidir lena n-úsáid.

Ceist 2: Nuair a dhéantar speiceas ar bia-ainmhí talún orgánach é a chóireáil le táirge íocshláinte tréidliachta i gcomhréir le téarmaí an údaraithe margaíochta le haghaidh an speicis sin, cén tréimhse aistarraingthe ba cheart a chur i bhfeidhm idir táirge íocshláinte tréidliachta allapatach a sintéisíodh go ceimiceach, lena n-áirítear antaibheathach, a úsáid den uair dheiridh faoi ghnáthchionníollacha úsáide, agus bia-earraí a tháirgeadh ón ainmhí sin?

Freagra:

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/848 ón 1 Eanáir 2022, de réir mar a bhunaítear é in Airteagal 61 de. Le hAithris (43) de Rialachán (AE) 2018/848 tugtar tuairisc ar rún an reachtóra maidir leis an tréimhse aistarraingthe le haghaidh ainmhithe agus sonraítear gur “cheart bainistiú sláinte ainmhithe a bhunú go príomha ar ghalair a chosc. [...] Níor cheart úsáid choisctheach táirgí íocshláinte allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach, lena n-áirítear antaibheathaigh, a cheadú i dtáirgeadh orgánach. I gcás breoiteachta nó díobhála ainmhí dá mbeadh cóireáil láithreach ag teastáil, ba cheart úsáid na dtáirgí sin a theorannú don úsáid íosta is gá chun sláinte an ainmhí a athbhunú. I gcásanna den sórt sin, chun sláine an táirgthe orgánaigh a ráthú do na tomhaltóirí, ba cheart gur dhá uair níos faide ná an ghnáth-thréimhse a bheadh an tréimhse oifigiúil aistarraingthe tar éis úsáid na dtáirgí míochaine sin a shonraítear i reachtaíocht ábhartha an Aontais, agus go mairfeadh sí 48 uair an chloig ar a laghad.”

Le Cuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos na rialacha maidir le táirgeadh beostoic; sainmhínítear táirgeadh beostoic in Airteagal 3, pointe (27), mar tháirgeadh ainmhithe talún clóis nó ceansaithe, lena n-áirítear feithidí.

Tá feidhm ag Pointe 1.5.2.5 de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. Sonraítear leis an bhforáil go “[m]beidh an tréimhse aistarraingthe idir táirge míochaine tréidliachta allapatach a sintéisíodh go ceimiceach, lena n-áirítear antaibheathach, a úsáid den uair dheiridh ar ainmhí faoi ghnáthchionníollacha úsáide, agus bia-earraí a tháirgeadh ó ainmhí den chineál sin, dhá oiread chomh fada leis an tréimhse aistarraingthe dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2001/82/CE (5), agus 48 n-uaire an chloig ar a laghad.”

An chrostagairt d’Airteagal 11 de Threoir 2001/82/CE i Rialachán (AE) 2018/848 tagraíonn sí go háirithe don dara fleasc de mhír 2 den airteagal sin ina sonraítear “[...]mura sonrófar tréimhse aistarraingthe le haghaidh an speicis lena mbaineann ar an táirge íocshláinte a úsáidtear, ní bheidh an tréimhse aistarraingthe a shonraítear níos lú ná: — 7 lá i gcás uibheacha, — 7 lá i gcás bainne, — 28 lá i gcás feoil ó éanlaith agus ó mhamaigh lena n-áirítear saill agus scairteach” agus gur cheart í a léirmhíniú mar thagairt do thréimhsí aistarraingthe i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta laistigh nó lasmuigh de théarmaí an údaraithe margaíochta.

Dá bhrí sin, nuair a dhéantar speiceas ar bia-ainmhí talún orgánach é a chóireáil le táirge íocshláinte tréidliachta i gcomhréir le téarmaí an údaraithe margaíochta le haghaidh an speicis sin, an tréimhse aistarraingthe a bheidh i bhfeidhm maidir le táirgeadh bia-earraí orgánacha ón ainmhí sin, beidh sí dhá oiread chomh fada leis an tréimhse aistarraingthe a leagtar síos le haghaidh an speicis talún sin ar bia-ainmhí é san achoimre ar shaintréithe an údaraithe margaíochta le haghaidh táirge íocshláinte tréidliachta den sórt sin agus beidh sí 48 n-uair an chloig ar a laghad.

Sa chás áirithe inar nialas lá é an tréimhse aistarraingthe le haghaidh speiceas de bhia-ainmhithe talún a leagtar síos san achoimre ar shaintréithe an údaraithe margaíochta i leith táirge íocshláinte tréidliachta, ba cheart 48 n-uair an chloig a bheith sa tréimhse aistarraingthe le haghaidh táirgeadh orgánach.

Ón 28 Eanáir 2022, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/6 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE, beidh feidhm aige i gcomhar le forálacha sonracha maidir le táirgeadh orgánach de Rialachán (AE) 2018/848 agus ní thiocfaidh aon athrú ar an staid mar a thuairiscítear thuas í.

Ceist 3: Nuair a dhéantar speiceas ar bia-ainmhí talún orgánach é, agus ar de speiceas ar leith é, a chóireáil le táirge íocshláinte tréidliachta lasmuigh de théarmaí an údaraithe margaíochta i leith an speicis sin, cén tréimhse aistarraingthe ba cheart a chur i bhfeidhm idir an uair dheiridh a úsáideadh táirge íocshláinte tréidliachta allapatach a sintéisíodh go ceimiceach, lena n-áirítear antaibheathach, faoi ghnáthchionníollacha úsáide, agus táirgeadh orgánach bia-earraí ón ainmhí sin?

Sa chás ina ndéantar speiceas ar bia-ainmhí talún orgánach é, agus ar de speiceas áirithe é, a chóireáil le táirge íocshláinte tréidliachta lasmuigh de théarmaí an údaraithe margaíochta le haghaidh an speicis sin, idir an 1 Eanáir 2022 agus an 27 Eanáir 2022, ní lú ná an tréimhse seo a leanas a bheidh an tréimhse aistarraingthe a shonraítear: — 14 lá i gcás uibheacha, — 14 lá i gcás bainne, — 56 lá i gcás feoil ó éanlaith agus ó mhamaigh lena n-áirítear saill agus scairteach, a chomhfhreagraíonn do thréimhse nach lú ná dhá oiread na dtréimhsí aistarraingthe a leagtar amach maidir le gnáthspeiceas ar bia-ainmhithe iad in Airteagal 11 de Threoir 2001/82/CE.

Ón 28 Eanáir 2022, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/6 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE, beidh feidhm aige i gcomhar le forálacha sonracha maidir le táirgeadh orgánach de Rialachán (AE) 2018/848 agus ní thiocfaidh aon athrú ar an staid mar a thuairiscítear thuas í.

Le hAirteagail 113 agus 115 de Rialachán (AE) 2019/6 leagtar amach faoi seach na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí íocshláinte a úsáid lasmuigh de théarmaí an údaraithe margaíochta le haghaidh speicis ar bia-ainmhithe talún iad, agus le aghaidh na tréimhse aistarraingthe i gcás táirgí íocshláinte a úsáidtear lasmuigh de théarmaí an údaraithe margaíochta le haghaidh speicis ar bia-ainmhithe iad.

Go háirithe leagtar amach an méid seo a leanas le hAirteagal 115:

ach amháin má luaitear tréimhse tarraingthe siar an táirge íocshláinte a úsáidtear san achoimre ar shaintréithe an táirge don speiceas ainmhí i dtrácht, leagfaidh an tréidlia síos tréimhse tarraingthe siar i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)

i gcás feoil agus scairteach ó bhia-mhamaigh agus éanlaith chlóis agus géim saothraithe, ní bheidh an tréimhse tarraingthe siar níos lú ná:

(i)

an tréimhse tarraingthe siar is faide a luaitear san achoimre ar shaintréithe an táirge i gcás feola agus scairtí, méadaithe faoi fhachtóir 1.5;

(ii)

28 lá i gcás nach bhfuil an táirge íocshláinte údaraithe do bhia-ainmhithe;

(iii)

lá amháin, má tá tréimhse tarraingthe siar arb ionann líon a laethanta agus náid ag an táirge íocshláinte agus má úsáidtear é i bhfine thacsanomaíocht atá difriúil leis an spriocspeiceas atá údaraithe;

(b)

i gcás bainne ó ainmhithe a tháirgeann bainne lena chaitheamh ag an duine, ní bheidh an tréimhse tarraingthe siar níos lú ná:

(i)

an tréimhse tarraingthe siar is faide do bhainne a luaitear san achoimre ar shaintréithe an táirge i gcás aon speiceas ainmhí, méadaithe faoi fhachtóir 1,5;

(ii)

seacht lá, i gcás nach bhfuil an táirge íocshláinte údaraithe d’ainmhithe a tháirgeann bainne lena chaitheamh ag an duine;

(iii)

lá amháin, má tá tréimhse tarraingthe siar arb ionann líon a laethanta agus náid ag an táirge íocshláinte;

(c)

i gcás uibheacha ó ainmhithe a tháirgeann uibheacha lena gcaitheamh ag an duine, ní bheidh an tréimhse tarraingthe siar níos lú ná:

(i)

an tréimhse tarraingthe siar is faide d’uibheacha a luaitear san achoimre ar shaintréithe an táirge i gcás aon speiceas ainmhí, méadaithe faoi fhachtóir 1,5;

(ii)

10 lá, i gcás nach bhfuil an táirge údaraithe d’ainmhithe a tháirgeann uibheacha lena gcaitheamh ag an duine;

2.

Más rud é go bhfuil an toradh ar ríomh na tréimhse tarraingthe siar de réir phointí (a)(i), (b)(i), (c)(i), (d)(i) agus (ii) de mhír 1 sloinnte mar chodán de laethanta, déanfar an tréimhse tarraingthe siar a shlánú suas go dtí an líon laethanta is gaire.

4.

I gcás beach, cinnfidh an tréidlia fad iomchuí na tréimhse tarraingthe siar trí staid gach coirceoige beach ar leith a mheas ar bhonn cás ar chás agus go háirithe an riosca maidir le hiarmhar i mil nó in aon earraí bia eile a bhaintear ó choirceoga beach lena gcaitheamh ag an duine.

5.

De mhaolú ar Airteagal 113(1) agus (4), déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta substaintí a bhunú atá riachtanach le cóireáil a chur ar speicis eachaí, nó a bhfuil breisluach cliniciúil ag baint leo i gcomparáid le cineálacha eile cóireála atá ar fáil do speicis eachaí agus a mbeidh a dtréimhse tarraingthe siar do speicis eachaí sé mhí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).”

Dá bhrí sin, ón 28 Eanáir 2022, má dhéantar speiceas ar bia-ainmhí talún orgánach é a chóireáil le táirge íocshláinte tréidliachta lasmuigh de théarmaí an údaruithe margaíochta le haghaidh an speicis sin, an tréimhse aistarraingthe ba cheart a chur i bhfeidhm idir táirge íocshláinte tréidliachta allapatach a sintéisíodh go ceimiceach, lena n-áirítear antaibheathach, a úsáid den uair dheiridh faoi ghnáthchionníollacha úsáide, agus bia-earraí a tháirgeadh ó ainmhí den chineál sin, ba cheart í a bheith a dhá oiread chomh fada leis an tréimhse aistarraingthe a leagtar amach in Airteagal 115(1) de Rialachán (AE) 2019/6 agus ba cheart í a bheith 48 n-uair an chloig ar a laghad.


(1)  Is clár agus bunachar sonraí de nótaí léirithe maidir le dlí na talmhaíochta é RIPAC (is as an acrainm Fraincise “Registre d” Interprétation de la Politique Agricole Commune’ a ainmníodh é).

(2)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lgh. 43).

(4)  Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lch. 1 a aisghairfear le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 4).

(5)  Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lch. 1 a aisghairfear le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 4).


21.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 126/5


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10614 — PAI PARTNERS / UVESCO)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 126/02)

An 14 Márta 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10614. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


21.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 126/6


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10456 – SKY / VIACOMCBS / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 126/03)

An 1 Nollaig 2021, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32021M10456. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


21.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 126/7


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10153 – ORANGE / TELEKOM ROMANIA COMMUNICATIONS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 126/04)

An 28 Iúil 2021, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b), i gcomhar le hAirteagal 6(2), de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32021M10153. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

21.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 126/8


Rátaí malairte an euro (1)

18 Márta 2022

(2022/C 126/05)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,1008

JPY

yen na Seapáine

131,40

DKK

krone na Danmhairge

7,4423

GBP

punt steirling

0,83925

SEK

krona na Sualainne

10,4303

CHF

franc na hEilvéise

1,0314

ISK

króna na hÍoslainne

142,90

NOK

krone na hIorua

9,6940

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,837

HUF

forint na hUngáire

375,33

PLN

zloty na Polainne

4,7135

RON

leu na Rómáine

4,9483

TRY

lira na Tuirce

16,3054

AUD

dollar na hAstráile

1,4945

CAD

dollar Cheanada

1,3911

HKD

dollar Hong Cong

8,6101

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6026

SGD

dollar Shingeapór

1,4952

KRW

won na Cóiré Theas

1 337,31

ZAR

rand na hAfraice Theas

16,5347

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,0031

HRK

kuna na Cróite

7,5685

IDR

rupiah na hIndinéise

15 782,11

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6157

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,622

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,745

BRL

real na Brasaíle

5,5784

MXN

peso Mheicsiceo

22,5905

INR

rúipí na hIndia

83,7825


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


21.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 126/9


Fógra ón gCoimisiún maidir le rátaí úis aisghabhála státchabhrach agus rátaí tagartha/lascaine reatha is infheidhme ón 1 Aibreán 2022

(Arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 794 /2004 ón gCoimisiún (1) )

(2022/C 126/06)

Bunrátaí arna ríomh i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an modh chun na rátaí tagartha agus lascaine a shocrú (IO C 14, 19.1.2008, lch. 6.). De réir úsáid an ráta tagartha, tá na corrlaigh iomchuí fós le cur isteach mar a shainítear sa teachtaireacht seo. Maidir leis an ráta lascaine ciallaíonn sé nach mór corrlach 100 bonnphointe a chur leis. Le Rialachán (CE) Uimh. 271/2008 an 30 Eanáir 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 foráiltear gurb amhlaidh, mura bhforáiltear maidir lena mhalairt i gcinneadh sonrach, a ríomhfar an ráta téarnaimh freisin trí 100 bonnphointe a chur leis an mbunráta.

Léirítear na rátaí modhnaithe i gcló trom.

Tá an tábla roimhe seo foilsithe in IO C 76, 17.2.2022, lch 4.

ó

go

AT

BE

BG

CY

CZ

DE

DK

EE

EL

ES

FI

FR

HR

HU

IE

IT

LT

LU

LV

MT

NL

PL

PT

RO

SE

SI

SK

UK

1.4.2022

-0,49

-0,49

0,00

-0,49

4,00

-0,49

0,00

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

0,26

4,66

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

3,42

-0,49

3,38

-0,01

-0,49

-0,49

0,66

1.3.2022

31.3.2022

-0,49

-0,49

0,00

-0,49

4,00

-0,49

-0,03

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

0,26

4,02

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

2,85

-0,49

2,74

-0,04

-0,49

-0,49

0,66

1.2.2022

28.2.2022

-0,49

-0,49

0,00

-0,49

3,29

-0,49

-0,03

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

0,26

3,17

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

2,04

-0,49

2,74

-0,05

-0,49

-0,49

0,66

1.1.2022

31.1.2022

-0,49

-0,49

0,00

-0,49

2,49

-0,49

-0,01

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

0,26

2,38

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

-0,49

1,21

-0,49

2,27

-0,03

-0,49

-0,49

0,51


(1)  IO L 140, 30.4.2004, lch.1.