ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 121

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
16 Márta 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 121/01

Ráiteas ón gCoimisiún um Threoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair — Plean gníomhaíochta agus tograí reachtacha

1

2022/C 121/02

Ráiteas ón gCoimisiún um Threoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair. — Táirgí íocshláinte guaiseacha

2


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 121/03

Rátaí malairte an euro — 15 Márta 2022

3


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 121/04

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10529 – HEIDELBERGCEMENT / THOMA BRAVO / COMMAND ALKON) ( 1 )

4

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 121/05

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

6


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

16.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 121/1


Ráiteas ón gCoimisiún um Threoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (1)

Plean gníomhaíochta agus tograí reachtacha

(2022/C 121/01)

Na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an gCoimisiún in Airteagal 18a, an tríú mír, maidir le plean gníomhaíochta a thíolacadh agus togra reachtach a thíolacadh, ní féidir leo dul i gcoinne shainchumais institiúideacha an Choimisiúin ná i gcoinne a chirt tionscnaimh, rud a thagann go díreach ó na conarthaí.

In Airteagal 18a, an tríú mír, déantar tagairt d’Airteagal 16 de Threoir 2004/37/CE ina leagtar síos oibleagáid teorainnluachanna a leagan síos ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, i ndáil leis na substaintí uile sin a bhfuil an méid sin indéanta ina leith. Agus an fhoráil seo á cur chun feidhme aige, iarrtar ar an gCoimisiún freisin an plean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 18a, an tríú mír, a thíolacadh. Ar chúiseanna trédhearcachta, is éard a bheidh sa phlean gníomhaíochta sin liosta de na chéad 25 shubstaint nua nó leasaithe eile a mbeidh meastóireacht eolaíoch déanta orthu. Beidh na meastóireachtaí ar na substaintí a liostaítear ina gcuid den nós imeachta bunaithe lena n-áirítear comhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta, tuairim an Choiste Chomhairligh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, agus measúnú tionchair lena n-ullmhaítear aon togra reachtach is gá in am trátha.


(1)  IO L 88, 16.3.2022, lch. 1.


16.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 121/2


Ráiteas ón gCoimisiún um Threoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (1).

Táirgí íocshláinte guaiseacha

(2022/C 121/02)

Cuireann an Coimisiún i dtábhacht a thábhachtaí atá sé oibrithe a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte is féidir a bheith ag nochtadh do tháirgí íocshláinte guaiseacha áirithe ag an obair.

I ndáil leis sin, aithnítear go dtagann táirgí íocshláinte guaiseacha áirithe faoi raon feidhme Threoir 2004/37/CE, is é sin, táirgí íocshláinte guaiseacha áirithe ina bhfuil substaint amháin nó roinnt substaintí a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá carcanaigineach (catagóirí 1A nó 1B), só-ghineach (catagóirí 1A nó 1B) nó tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóirí 1A nó 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.


(1)  IO L 88, 16.3.2022, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

16.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 121/3


Rátaí malairte an euro (1)

15 Márta 2022

(2022/C 121/03)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0991

JPY

yen na Seapáine

129,67

DKK

krone na Danmhairge

7,4410

GBP

punt steirling

0,84053

SEK

krona na Sualainne

10,5260

CHF

franc na hEilvéise

1,0322

ISK

króna na hÍoslainne

144,90

NOK

krone na hIorua

9,8490

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,867

HUF

forint na hUngáire

371,41

PLN

zloty na Polainne

4,7355

RON

leu na Rómáine

4,9482

TRY

lira na Tuirce

16,0968

AUD

dollar na hAstráile

1,5234

CAD

dollar Cheanada

1,4099

HKD

dollar Hong Cong

8,6026

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6216

SGD

dollar Shingeapór

1,4993

KRW

won na Cóiré Theas

1 366,05

ZAR

rand na hAfraice Theas

16,6249

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,0117

HRK

kuna na Cróite

7,5750

IDR

rupiah na hIndinéise

15 710,44

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6239

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,536

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,842

BRL

real na Brasaíle

5,6385

MXN

peso Mheicsiceo

22,9352

INR

rúipí na hIndia

83,9555


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

16.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 121/4


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10529 – HEIDELBERGCEMENT / THOMA BRAVO / COMMAND ALKON)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 121/04)

1.   

An 7 Márta 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

HeidelbergCement AG (“HeidelbergCement”, an Ghearmáin);

Thoma Bravo, LLC (“Thoma Bravo”, na Stáit Aontaithe);

Command Alkon, Inc. (“Command Alkon”, na Stáit Aontaithe).

Gheobhaidh HeidelbergCement rialú comhpháirteach ar Command Alkon de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is monaróir ábhar tógála é HeidelbergCement a thairgeann suimint, clincear agus breiseáin suiminte eile, comhiomlán, coincréit réamh-mheasctha agus táirgí coincréite eile, scríd agus asfalt,

Is gnólacht cothromais phríobháidigh é Thomas Bravo a dhíríonn go háirithe ar iarratais agus ar bhogearra bonneagair agus ar sheirbhísí a cumasaíodh leis an teicneolaíocht,

Soláthraíonn Command Alkon réitigh bhogearraí uathoibriúcháin sna Stáit Aontaithe agus san Aontas, réitigh a mbaintear úsáid astu i dtionscal na n-ábhar tógála troime chun críocha éagsúla (praghsáil agus lua, glacadh le horduithe, sceidealú agus seachadadh, seoladh, baisceáil, ticéadú, rianú trucaile agus bainistiú trucaile, rialú cáilíochta, oidis agus táirgeadh).

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10529 – HEIDELBERGCEMENT / THOMA BRAVO / COMMAND ALKON

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

16.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 121/6


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 121/05)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AR AN DOICIMÉAD AONAIR

“Côtes de Provence”

PDO-FR-A0392-AM04

Dáta teachtaireachta: 7 Eanáir 2022

TUAIRISC AR AGUS CÚISEANNA LEIS AN LEASÚ FORMHEASTA

1.   Limistéar dáileachta críochaithe an tsonrúcháin gheografaigh fhorlíontaigh Sainte-Victoire

Sa tsonraíocht, i gcaibidil I, roinn IV, pointe 2 — Limistéar dáileachta críochaithe, sonraíodh an dáta ar ar fhormheas an t-údarás inniúil limistéar dáileachta críochaithe an tsonrúcháin gheografaigh fhorlíontaigh Sainte-Victoire.

Déantar na fíonta as fíonchaora a fhástar ar dháileachtaí atá suite sa limistéar táirgthe mar a d’fhormheas National Institute of Origin and Quality [An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta](INAO) ag a chruinniú an 3 Meitheamh 2021.

Ní dhéanann an ghné bhreise sin difear don doiciméad aonair.

2.   Cineálacha fíniúna

Sa tsonraíocht, i gcaibidil I, roinn V, pointe 1 - Cineálacha fíniúna, leathnaíodh an liosta de chineálacha tánaisteacha.

Maidir leis na fíonta dearga agus fíonta rosé:

cuireadh na cineálacha Rousseli Rs agus Caladoc N leis, ag léiriú 10 % d’fhíniúnacha;

tá na cineálacha Agiorgitiko N, Calabrese N, Moschofilero Rs, Verdejo B agus Xinomavro N teoranta do 5 % d’fhíniúnacha agus 10 % i gcumaisc. D’fhéadfadh sé nach mbeadh ainmneacha na gcineálacha sin ar lipéadú fíonta ar a bhfuil an sonrúchán.

Maidir leis na fíonta geala: Cuireadh Verdejo B leis. Tá sé teoranta do 5 % d’fhíniúnacha agus 10 % i gcumaisc. D’fhéadfadh sé nach mbeadh ainm an chineáil sin le feiceáil ar lipéadú fíonta ar a bhfuil an sonrúchán.

Cuirtear na cineálacha seo ar áireamh mar cheann de na réitigh arna nglacadh maidir leis an sonrúchán mar fhreagairt ar an athrú aeráide agus ar úsáid laghdaithe táirgí sláinte plandaí. Tá na cineálacha nua tánaisteacha comhsheasmhach le próifíl fhíonta an tsonrúcháin, agus bítear in ann leo sin oiriúnú do thriomach agus do ghalair fungasacha. Bítear in ann laghdú a dhéanamh leo freisin ar an úsáid a bhaintear as táirgí sláinte plandaí.

Sa doiciméad aonair, rinneadh leasú dá réir sin ar an bpointe maidir le “Cineálacha tánaisteacha fíniúna”.

I roinn V, pointe 2 - Rialacha maidir leis na codanna arna saothrú, sonraíodh codanna de na cineálacha fíniúna a leanas: Agiorgitiko N, Calabrese N, Moschofilero Rs, Verdejo B agus Xinomavro N. Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

I roinn V, pointe 1 - Cumaisc, sonraíodh codanna de na cineálacha fíniúna a leanas: Agiorgitiko N, Calabrese N, Moschofilero Rs, Verdejo B agus Xinomavro N. Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

3.   Bainistíocht fíonghort

Sa tsonraíocht, i gcaibidil I, roinn VI - treorú fíniúna, ag pointe 2 - Cleachtais eile fáis, cuireadh dhá fhoráil agrai-éiceolaíocha leis. Dá thoradh sin, cumhdaítear an cheist maidir le rialú ceimiceach fiailí mar a leanas:

Toirmisctear rialú ceimiceach fiailí ar chinnfhearainn.

Toirmisctear rialú iomlán ceimiceach fiailí ar dháileachtaí.

Áiríodh na leasuithe seo freisin sa doiciméad aonair, faoi “Cleachtais fíonóireachta”.

4.   Toilleadh foriomlán an tseomra choipthe

Sa tsonraíocht, i gcaibidil I, roinn IX - Rinneadh próiseáil, táirgeadh, aibiú, pacáistiú, stóráil, pointe (f), maidir le toilleadh foriomlán an tseomra choipthe a ríomh, a leasú. Ní mór do gach oibreoir saoráidí coipthe a bheith acu ag a bhfuil toilleadh foriomlán atá cothrom le táirge na huastáirgeachta d’achar dromchla an fhíonghoirt atá beartaithe le haghaidh táirgeadh fíona, nó níos mó ná an táirge sin, mar atá leagtha síos i roinn VIII, pointe 2 den tsonraíocht.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

5.   Úsáid ainmneacha cineálacha fíniúna ar lipéadú

Sa tsonraíocht, i gcaibidil I, roinn XII - Rialacha maidir le cur i láthair agus lipéadú, leathnaíodh iad le soiléiriú a dhéanamh nach féidir na cineálacha tánaisteacha seo a leanas a lua ar lipéadú fíonta ar a bhfuil an sonrúchán: Agiorgitiko N, Calabrese N, Moschofilero Rs, Verdejo B agus Xinomavro N.

6.   Na príomhphointí i gcomhair seiceála agus modhanna meastóireachta

Sa tsonraíocht, i gcaibidil III, roinn I, tugadh na príomhphointí den tsonraíocht maidir le seiceáil agus a gcuid modhanna meastóireachta chun bheith comhlíontach leis an bplean faireacháin maidir leis an sonrúchán.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Côtes de Provence

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon (ar na fíonta)

1.   Fíonta rosé neamhcharbónáitithe

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Is neart alcóil nádúrtha íosta de 11 % de réir toirte atá ag na fíonta.

Tar éis an choipthe a choipeadh, tá an cion siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) san fhíon nach mó ná 4 ghram in aghaidh an lítir.

Tá na critéir anailíseacha eile i gcomhréir le rialacha an Aontais.

Bíonn dath bándearg éadrom ar na fíonta. Ag brath ar a dtionscnamh, bíonn raon dea-bholaithe ag na fíonta seo atá thar a bheith díscaoilte nó oscailte, idir bholadh torthaí, lena gcumhdaítear torthaí geala, citris, coimhthíocha agus torthaí dearga, nó bláthúil, cumaiscthe le blas mianraí nó blas bácáilte. Tá na dea-bholaithe curtha leo ar bhealach a bhaineann cothromaíocht amach idir maothlachas agus gléineacht.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   Fíonta dearga socra

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Is neart alcóil nádúrtha íosta 11 % de réir toirte atá ag na fíonta.

Tráth an phacáistithe, is é 0.4 gram in aghaidh an lítir a gcion uasta d’aigéad malach.

Tar éis an choipthe, is é an cion siúcra choipthigh atá san fhíon dearg cion nach mó ná:

Fíonta dearga ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha de réir toirte nach mó ná 14 %: 3 ghram in aghaidh an lítir;

Fíonta dearga ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha de réir toirte is mó ná 14 %: 4 ghram in aghaidh an lítir.

Tá na critéir anailíseacha eile i gcomhréir le rialacha an Aontais.

Tá dath dorcha ar na fíonta dearga agus áirítear dhá chineál díobh:

fíonta dearga ag a bhfuil boladh torthaí, arna dtáirgeadh trína gcur i ndabhach ar feadh achar gearr, le hól laistigh de thréimhse ghairid;

fíonta dearga atá beartaithe lena gcoinneáil, le dea-bholaithe casta de thorthaí dubha, cócó, fiafheoil agus spíosraí, ag a bhfuil tainniní cumhachtacha, síodúla de bharr iad a chur i ndabhach ar feadh tréimhse fhada.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.   Fíonta geala neamhcharbónáitithe

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Is neart alcóil nádúrtha íosta de 11 % de réir toirte atá ag na fíonta.

Tá na critéir anailíseacha eile i gcomhréir le rialacha an Aontais.

sadfasdfaslkjdfasdflkajsdfal;skdfjasl;dkfjasl;dkfasdTar éis an choipthe a choipeadh, tá an cion siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) san fhíon nach mó ná 4 ghram in aghaidh an lítir.

Tá fíonta geala tirim, tá dath buí orthu le himireacha glasa, iad geal agus trédhearcach. Tá dea-bholaithe citris, bláthacha (bláthanna geala), balsamacha nó meala uathu.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais maidir le fíonóireacht

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta áirithe

1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Agus fíonta rosé á dtáirgeadh, ceadaítear úsáid a bhaint as gualach fíoneolaíochta le haghaidh úrfhíonta agus fíonta óga atá fós faoi choipeadh tar éis iad a fháisceadh. Tá sé sin teoranta do 20 % de thoirt na bhfíonta rosé arna dtáirgeadh ag an déantóir fíona aonair le haghaidh gach buainte. Toirmisctear aon chóireáil teasa ar bhuain na bhfíonchaor i gcás ina n-ardaíonn an teocht os cionn 40 °C.

2.   Spásáil idir línte

An modh saothraithe

Níor cheart don limistéar atá ar fáil le haghaidh gach planda a bheith níos mó ná 2.5 mhéadar cearnach. Faightear an t-achar dromchla sin tríd an spásáil idir na línte a iolrú faoin spásáil idir na plandaí. Níor cheart don achar idir na línte a bheith níos mó ná 2.5 méadar, agus ba cheart don achar idir plandaí sa líne chéanna a bheith 0.80 méadar ar a laghad.

3.   Prúnáil

An modh saothraithe

Ní mór an phrúnáil a dhéanamh roimh chéim fheineolaíoch E ar a dhéanaí, i.e. sula mbeidh trí dhuilleog neamhfhillte ar na chéad dhá bhachlóg.

Prúnáil mheasctha (feanphrúnáil nó prúnáil Royat) le huasmhéid sé spor in aghaidh an phlanda agus dhá bhachlóg in aghaidh an spoir.

Maidir le fíniúnacha os cionn 25 bliana d’aois (an 26ú duilliú), d’fhéadfadh líon uasta cúig bhachlóg a bheith i spor aonair, le huasmhéid 12 bhachlóg in aghaidh an phlanda.

Is féidir prúnáil mheasctha a dhéanamh ar na cineálacha fíniúna Cabernet-Sauvignon N agus Syrah N ag úsáid an mhodha shimplí Guyot, le huaslíon ocht mbachlóg in aghaidh an phlanda agus uaslíon nach mó ná sé cinn ar an ngas. Níl feidhm ag an bhforáil sin maidir le fíniúnacha lena mbeartaítear fíonta a tháirgeadh a mbeidh na sonrúcháin gheografacha seo a leanas acu: “Sainte-Victoire”, “Fréjus”, “La Londe” agus “Pierrefeu”.

4.   Uisciú

An modh saothraithe

Ceadaítear uisciú.

5.   Rialú fiailí - Forálacha agrai-éiceolaíocha

An modh saothraithe

Toirmisctear rialú ceimiceach fiailí ar chinnfhearainn.

Toirmisctear rialú iomlán ceimiceach fiailí ar dháileachtaí.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

66 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéir gheografacha chríochaithe

Cumhdaíonn an limistéar geografach 84 bhardas. Astu sin, tá 68 gcinn i roinn Var; tá 15 cinn i roinn Bouches-du-Rhône; agus ceann amháin i roinn Alpes-Maritimes.

I roinn Alpes-Maritimes: Villars-sur-Var;

I roinn Bouches-du-Rhône: Allauch, Bouc-Bel-Air, Ceyreste, Châteauneuf-le-Rouge, La Ciotat, Cuges-les-Pins, Meyreuil, Mimet, Peynier, Puyloubier, Roquefort-la-Bédoule, Rousset, Simiane-Collongue, Le Tholonet, Trets;

I roinn Var: Les Arcs, Bagnols-en-Forêt, Le Beausset, Bess-sur-Issole, Bormes-les-Mimosas, Cabasse, La Cadière-d’Azur, Callas, Le Cannet-des-Maures, Carcès, Carnoules, Carqueiranne, Le Castellet, Cavalaire-sur-Mer, Cogolin, Collobrières, Correns, Cotignac, La Crau, La Croix-Valmer, Cuers, Draguignan, Entrecasteaux, Evenos, La Farlède, Figanières, Flassans-sur-Issole, Flayosc, Fréjus, La Garde, La Garde-Freinet, Gassin, Gonfaron, Grimaud, Hyères, La Londe-les-Maures, Lorgues, Le Luc, Les Mayons, Montfort-sur-Argens, La Môle, La Motte, Le Muy, Pierrefeu-du-Var, Pignans, Plan-de-la-Tour, Pourcieux, Pourrières, Le Pradet, Puget-sur-Argens, Puget-Ville, Ramatuelle, Roquebrune-sur-Argens, Saint-Antonin-du-Var, Saint-Cyr-sur-Mer, Sainte-Maxime, Saint-Paul-en-Forêt, Saint-Raphaël, Saint-Tropez, Sanary-sur-Mer, Seillans, Six-Fours-les-Plages, Solliès-Pont, Taradeau, Le Thoronet, Trans-en-Provence, La Valette-du-Var, Vidauban.

7.   Príomh-chineál(acha) fíonchaor

Carignan N

Cinsaut N - Cinsault

Clairette B

Grenache N

Mourvèdre N - Monastrell

Semillon B

Syrah N - Shiraz

Tibouren N

Ugni Blanc B

Vermentino B - Rolle

8.   Tuairisc ar an nasc / na naisc

Tá limistéar geografach an tSonrúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint “Côtes de Provence” suite idir limistéar aolchloiche Provence íochtarach ar an taobh thiar agus thuaidh, agus i limistéar criostalta Provence íochtarach ar an taobh theas agus thoir (Maures agus Esterel). Síneann sé thar thránna na Meánmhara, lúbann sé trí ghleannta, leathann sé thar charraigeacha griandóite go dtí línte na ngarrán giúise, thar roinnt bardas i ranna Var, Bouches-du-Rhône agus Alpes-Maritimes.

Is é an buntáiste is mó atá ag fíonghoirt “Côtes de Provence” éagsúlacht a gcuid geolaíochta agus ithreacha, chomh maith le héagsúlacht a méisea-aeráidí. D’fhág an éagsúlacht sin gurbh éigean do tháirgeoirí áitiúla uirlisí a úsáid chun a chur ar a gcumas dóibh an úrmhaireacht ba mhó a bhaint amach. Rinne siad é sin trí na cineálacha a roghnú, na himreoirí ar an gclár táiplise nádúrtha sin, agus trí mhodhanna oibre a oiriúnú amhail curaíocht, dlús agus prúnáil ionas go mbeadh na fíniúnacha táirgiúil agus iad á gcosaint ag an am céanna ó thriomach an tsamhraidh. Chuir na táirgeoirí a ndálaí táirgthe in oiriúint freisin sa chéad seo caite agus rinneadh infheistíochtaí suntasacha in ábhar agus i gcúrsaí teicniúla.

Is cinnte nuair a fhéachann tú ar na fíonta a tháirgtear ó na cineálacha éagsúla sin, agus ó shuíomhanna atá chomh héagsúil céanna, go bhfuil a leaganacha speisialta féin acu. Mar sin féin, léirítear a sainiúlacht agus a n-úrmhaireacht i gcleachtais chomhroinnte agus i bhfios gnó na dtáirgeoirí áitiúla, go háirithe maidir le táirgeadh fíonta rosé.

Tírdhreach ina ngluaiseann daoine, tírdhreach é an limistéar geografach anois ina bhfuil meascán de chineálacha fíniúna a rinneadh a oiriúnú síos tríd na glúnta, ag tabhairt cáilíochta agus sainiúlachta do na fíonta. Mar shampla, tugann na cineálacha Grenache N agus Tibouren N saibhreas alcóil agus maothlachais. Tá iarbhlas agus maorgacht ag baint le Cinsaut N, dea-bholaithe torthaí in Syrah N, agus fágann Mourvèdre N go bhfuil na fíonta níos oiriúnaí d’aosú.

Fágann na dálaí maithe i gcomhair aibiúcháin, atá ceangailte le scaipeadh na báistí agus teochtaí, agus éifeachtaí threo na bpríomhghaoth ar chomhchruinniú agus ar fholláine an amhábhair, cuidíonn siad freisin le cáilíocht agus le húrmhaireacht na bhfíonta a tháirgtear. Tá cothromaíocht idir aigéadacht agus maothlachas, idir cobhsaíocht dathanna agus sloinneadh aramatach galánta na bhfíonta agus tá sé sin amhlaidh mar gheall ar na fíonchaora a fhástar agus a bhuaintear le neart siúcra agus polaifeanól.

I gcomhréir leis an nós atá ann, tá na dáileachtaí, atá críochaithe go soiléir do bhuaint na bhfíonchaor, bunaithe ar ithreacha tanaí ina bhfuil uisciú agus draenáil mhaith.

Tá traidisiún fíonóireachta 2 600 bliain sa réigiún, agus ó 1980 tá fíor-athbheochan déanta ar réigiún “Côtes de Provence”, go háirithe le táirgeadh fíonta rosé sa réigiún.

San am atá caite, thaitin fíonta Provence go mór le “Dea-Rí René”, nó René ó Anjou, Cunta Provence. Rinne sé limistéar saorthrádála de Marseille,táirgeadh agus trádáil an fhíona á spreagadh sa tslí sin. Thug sé isteach freisin an cur chuige maidir le “vin clairet” (fíon bán) agus fíon rosé a dhéanamh. De thoradh arrachtaí an ambasadóra ardchéimiúil Eleanor ó Provence, arbh í Banríon Shasana ina dhiaidh sin, bhí tábhacht leis na fíonta i gcúirt Londan, fiú. San 17ú agus san 18ú haois, bhí an-tóir orthu i gcúirt na Fraince, áit ar bhain siad tuilleadh clú amach de bharr scríbhneoireachta Madame de Sévigné, Cuntaois Grignan.

Bhí an cháil sin fós orthu faoin mbliain 2010. Leanann na saothróirí fíniúna, na comharchumainn agus na trádálaithe lena gcuid iarrachtaí na rialacha comhchoiteanna a fheabhsú chun an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Côtes de Provence” agus a n-oidhreacht chomhroinnte a chur chun cinn, agus iad ag obair chun go mbeidh meas ar an ainm agus ar an gcarachtar.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál choinníll bhreise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Cuimsítear sa limistéar díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag an maolú maidir le táirgeadh fíonta, críoch na 10 mbardas a leanas i roinn Bouches-du-Rhône agus 41 bhardas i roinn Var.

I roinn Bouches-du-Rhône: Aubagne, Auriol, La Bouilladisse, Cassis, La Destrousse, Fuveau, Gardanne, Gémenos, Peypin, Roquevaire.

I roinn Var: Bandol, Barjols, Belgentier, Bras, Brignoles, Brue-Auriac, Camps-la-Source, La Celle, Châteauvert, Fayence, Forcalqueiret, Garéoult, Le Lavandou, Mazaugues, Méounes-lès-Montrieux, Nans-les-Pins, Néoules, Ollières, Ollioules, Plan-d’Aups-Sainte-Baume, Pontevès, Rayol-Canadel-sur-Mer, Le Revest-les-Eaux, Riboux, Rocbaron, La Roquebrussanne, Rougiers, Saint-Mandrier-sur-Mer, Saint-Maximim-la-Sainte-Baume, Saint-Zacharie, Sainte-Anastasie-sur-Issole, Sillans-la-Cascade, Seillons-Source-d’Argens, La Seyne-sur-Mer, Signes, Solliès-Ville, Toulon, Tourves, Le Val, Villecroze, Vins-sur-Caramy.

Lipéadú: Sonrúcháin gheografacha fhorlíontacha

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál choinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Is féidir an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Côtes de Provence” a fhorlíonadh leis na sonrúcháin gheografacha fhorlíontacha “Fréjus”, “Sainte-Victoire”, “Pierrefeu” agus “Notre-Dame des Anges” li gcás fíonta dearga agus fíonta rosé.

Is féidir an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Côtes de Provence” a fhorlíonadh leis an sonrúchán geografach forlíontach “La Londe” i gcás fíonta dearga, fíonta rosé agus fíonta geala.

Ní mór do na fíonta na coinníollacha a leagtar síos sa tsonraíocht maidir leo seo a leanas a chomhlíonadh: limistéar geografach tionscnaimh na bhfíonchaor; fíonóireacht agus, aosú ar bhonn ócáideach; cineálacha fíniúnacha; táirgeachtaí; an cion siúcra choipthigh; agus modhanna táirgthe.

Lipéadú: Aonad geografach níos leithne

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál choinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Maidir le fíonta atá incháilithe don sonrúchán tionscnaimh cláraithe, gan beann ar cibé atá nó nach bhfuil siad á bhforlíonadh le sonrúchán geografach, féadfar an t-aonad geografach níos leithne “Vin de Provence” a lua ar a lipéadú. Níor cheart do mhéid na litreacha a úsáidtear don aonad geografach níos leithne sin a bheith níos mó, in airde ná ar leithead, ná méid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe, gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil siad á bhforlíonadh le sonrúchán geografach. Ní mór don aonad geografach níos leithne “Vin de Provence” a bheith le feiceáil sa réimse radhairc céanna le hainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe agus an tsonrúcháin gheografaigh.

Lipéadú: Ainmneacha na gcineálacha

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál choinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní fhéadfar na cineálacha tánaisteacha seo a leanas a lua ar lipéadú fíonta ar a bhfuil an sonrúchán: Agiorgitiko N, Calabrese N, Moschofilero Rs, Verdejo B, Xinomavro N.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

http://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-04ce000c-981e-4fb0-8009-c0266d331c79


(1)  IO L 9, 11.2.2019, lch. 2.