|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 120 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 120/01 |
||
|
2022/C 120/02 |
||
|
2022/C 120/03 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10625 – CARLYLE GROUP / MACQUARIE GROUP / HYCC) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2022/C 120/04 |
||
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 120/05 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 120/06 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10644 — TOWERBROOK CAPITAL PARTNERS / NEW MOUNTAIN CAPITAL / CLOUDMED SOLUTIONS / R1 RCM) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
2022/C 120/07 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10586 — MGL / MSP / O’CONNOR / MCLAREN RACING) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
15.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 120/1 |
TEACHTAIREACHT ÓN G COIMISIÚN
Ábhar dréachta le haghaidh Rialacháin ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a fhormheas maidir le catagóirí áirithe de chomhaontuithe speisialtóireachta
(2022/C 120/01)
D’fhormheas an Coimisiún ábhar dréachta le haghaidh Rialacháin ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe de chomhaontuithe speisialtóireachta an 1 Márta 2022.
Tá an dréacht le haghaidh Rialacháin ón gCoimisiún i gceangal leis an Teachtaireacht seo mar Iarscríbhinn.
Tá an dréacht le haghaidh Rialacháin ón gCoimisiún oscailte le haghaidh comhairliúchán phoiblí ag:
http://ec.europa.eu/competition/consultations/open.html.
IARSCRÍBHINN
Dréacht Rialachán (AE).../... Ón Gcoimisiún
an XXX
maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe de chomhaontuithe speisialtóireachta
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71 ón gComhairle an 20 Nollaig 1971 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 85(3) den Chonradh maidir le catagóirí de chomhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe (1),
Tar éis dó dréacht den Rialachán seo a fhoilsiú,
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71, tugtar cumhacht don Choimisiún Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (*1) a chur i bhfeidhm trí rialachán maidir le catagóirí áirithe de chomhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh a bhfuil sé an speisialtóireacht de chuspóir acu, lena n-áirítear na comhaontuithe is gá chun an speisialtóireacht sin a bhaint amach. |
|
(2) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1218/2010 ón gCoimisiún (2) sainmhínítear catagóirí de chomhaontuithe speisialtóireachta ar mheas an Coimisiún go gcomhlíontar leo go hiondúil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 101(3) den Chonradh. I bhfianaise na taithí dearfaí ar an iomlán maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a rachaidh in éag an 31 Nollaig 2022, agus ag cur san áireamh torthaí an nós imeachta athbhreithnithe, is iomchuí rialachán blocdhíolúine nua a ghlacadh. |
|
(3) |
Ba cheart go gcomhlíonfaí leis an Rialachán seo an dá cheanglas maidir le (i) cosaint éifeachtach na hiomaíochta a áirithiú agus (ii) deimhneacht dhlíthiúil leordhóthanach do ghnóthais a áirithiú. Ba cheart go gcuirfear san áireamh le saothrú na gcuspóirí sin an gá atá leis an maoirseacht riaracháin agus an creat reachtach a shimpliú a mhéid is féidir. |
|
(4) |
Faoi leibhéal áirithe cumhachta margaidh is féidir a thoimhdiú go ginearálta, chun Airteagal 101(3) den Chonradh a chur i bhfeidhm, go sáróidh éifeachtaí dearfacha na gcomhaontuithe speisialtóireachta aon éifeachtaí diúltacha ar an iomaíocht. |
|
(5) |
Maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh trí bhíthin rialacháin, ní gá na comhaontuithe sin a fhéadann teacht faoi Airteagal 101(1) den Chonradh a shainmhíniú. Sa mheasúnú aonair ar na comhaontuithe faoi Airteagal 101(1) den Chonradh, ní mór roinnt tosca a chur san áireamh, agus go háirithe struchtúr an mhargaidh ar an margadh ábhartha. |
|
(6) |
Ba cheart tairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo a bheith teoranta do na comhaontuithe sin ar féidir talamh slán a dhéanamh de le deimhneacht leordhóthanach go gcomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh. |
|
(7) |
An cás inar dóichí do chomhaontuithe speisialtóireachta cabhrú le feabhas a chur ar mhonarú earraí nó ar ullmhú seirbhísí nó ar a ndáileachán is ea an cás go mbeadh scileanna, sócmhainní nó gníomhaíochtaí comhlántacha ag na páirtithe, toisc gur féidir leo díriú ar na hearraí sin a mhonarú nó ar ullmhú na seirbhísí sin agus oibriú ar bhealach níos éifeachtaí agus na táirgí a sholáthar ar bhealach níos saoire. I bhfianaise na hiomaíochta éifeachtaí, is dócha go bhfaighidh tomhaltóirí cion cothrom de na tairbhí a bheidh mar thoradh air. |
|
(8) |
Féadfaidh buntáistí den sórt sin teacht as: (a) comhaontuithe ina n-éireoidh páirtí nó páirtithe go hiomlán nó go páirteach as monarú earraí áirithe nó as ullmhú seirbhísí áirithe i bhfabhar páirtí nó páirtithe eile (“speisialtóireacht aontaobhach”); (b) comhaontuithe ina n-éireoidh gach páirtí go hiomlán nó go páirteach as monarú earraí áirithe ach éagsúla nó as ullmhú seirbhísí áirithe i bhfabhar páirtí nó páirtithe eile (“speisialtóireacht chómhalartach”) agus (c) comhaontuithe ina ngeallann dhá pháirtí nó níos mó earraí áirithe a mhonarú i gcomhpháirt nó seirbhísí áirithe a ullmhú (“comhtháirgeadh”). |
|
(9) |
Baineann cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le seirbhísí le hullmhú seirbhísí (seachas seirbhísí a sholáthar). Tagraíonn ullmhú seirbhísí do ghníomhaíochtaí réamhtheachtacha maidir le soláthar seirbhísí do chustaiméirí (mar shampla, comhar i gcruthú ardáin trína soláthrófar seirbhís). Tagann soláthar seirbhísí lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ach amháin i gcomhthéacs dáileacháin ina soláthraíonn na páirtithe na seirbhísí arna n-ullmhú agus na táirgí arna monarú faoin gcomhaontú speisialtóireachta. |
|
(10) |
Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le comhaontuithe speisialtóireachta aontaobhacha agus cómhalartacha a theorannú do chásanna ina bhfuil na páirtithe gníomhach ar an margadh táirgí céanna. Mar sin féin, ní gá go mbeadh na páirtithe gníomhach ar an margadh geografach céanna. Ina theannta sin, ní cheanglaíonn coincheapa na speisialtóireachta aontaobhaí agus cómhalartaí ar pháirtí acmhainneacht a laghdú, toisc gur leor é má laghdaíonn siad a líon táirgeachta. |
|
(11) |
Chun a áirithiú go dtiocfaidh tairbhí na speisialtóireachta i gcrích gan páirtí amháin an margadh a fhágáil iartheachtach ón táirgeadh go hiomlán, níor cheart comhaontuithe speisialtóireachta aontaobhacha agus cómhalartacha a chumhdach leis an Rialachán seo ach amháin i gcás ina bhforálann siad d’oibleagáidí soláthair agus ceannaigh. Féadfaidh oibleagáidí soláthair agus ceannaigh a bheith de chineál eisiach, ach ní gá gurab amhlaidh atá. |
|
(12) |
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le comhaontuithe comhtháirgthe arna ndéanamh ag páirtithe atá gníomhach cheana féin ar an margadh táirgí céanna ach freisin ag páirtithe ar mian leo dul isteach i margadh táirgí trí bhíthin an chomhaontaithe chomhtháirgthe. Ina theannta sin, ní cheanglaíonn coincheap an chomhaontaithe chomhtháirgthe ar na páirtithe a ngníomhaíochtaí aonair maidir le monarú earraí nó ullmhú seirbhísí a laghdú lasmuigh de raon feidhme an tsocraithe chomhpháirtigh atá beartaithe dóibh. |
|
(13) |
Is féidir a thoimhdiú, i gcás nach sáraíonn sciar den mhargadh ábhartha na bpáirtithe maidir leis na táirgí is ábhar do chomhaontú speisialtóireachta leibhéal áirithe, go n-eascróidh sochair eacnamaíocha as na comhaontuithe, mar riail ghinearálta, i bhfoirm barainneachtaí scála nó raon feidhme nó teicneolaíochtaí táirgthe níos fearr, agus cion cothrom de na tairbhí a bheidh mar thoradh air do thomhaltóirí. |
|
(14) |
I gcás inar táirgí idirmheánacha iad na táirgí speisialtóireachta a úsáideann ceann amháin nó níos mó de na páirtithe go hiomlán nó go páirteach mar ionchur do tháirgí iartheachtacha, a dhíolann siad ar an margadh ina dhiaidh sin, ba cheart an díolúine a bhronntar leis an Rialachán seo bheith coinníollach freisin ar sciar den mhargadh ábhartha na bpáirtithe maidir leis na táirgí iartheachtacha sin nach sáraíonn leibhéal áirithe. I gcás den sórt sin, mura ndéanfaí ach breathnú ar sciar den mhargadh na bpáirtithe ar leibhéal an táirge idirmheánaigh, dhéanfaí neamhaird den riosca ionchasach go ndéanfaí praghas na n-ionchur maidir le hiomaitheoirí ar leibhéal na dtáirgí iartheachtacha a fhoriamh nó a mhéadú. |
|
(15) |
Níl aon toimhde ann go dtagann na comhaontuithe speisialtóireachta faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh nó nach gcomhlíontar leo coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh a luaithe a sháraítear an tairseach maidir le sciar den mhargadh a leagtar amach sa Rialachán seo nó mura gcomhlíontar coinníollacha eile an Rialacháin seo. I gcásanna den sórt sin, is gá measúnú aonair a dhéanamh ar an gcomhaontú speisialtóireachta faoi Airteagal 101 den Chonradh. |
|
(16) |
Níor cheart a dhíolmhú leis an Rialachán seo comhaontuithe ina bhfuil srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na héifeachtaí dearfacha a thagann mar thoradh ar chomhaontú speisialtóireachta a bhaint amach. I bprionsabal, ba cheart comhaontuithe ina bhfuil cineálacha ar leith srianta dochta iomaíocha maidir le praghsanna a mhuirearaítear ar thríú páirtithe a shocrú, teorannú ar aschur nó díolacháin, agus leithdháileadh margaí nó custaiméirí a eisiamh ó thairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo gan beann ar sciartha den mhargadh na bpáirtithe. |
|
(17) |
De ghnáth, áirithítear leis an srian ar an sciar den mhargadh, neamhdhíolúine comhaontuithe áirithe agus na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo nach gcuirtear leis na comhaontuithe a bhfuil feidhm ag an mblocdhíolúine maidir leo ar a gcumas do na páirtithe iomaíocht a dhíchur maidir le cuid mhór de na táirgí nó na seirbhísí i gceist. |
|
(18) |
Féadtar tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar, de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (3). |
|
(19) |
D’fhonn tabhairt i gcrích comhaontuithe speisialtóireachta a éascú, ar féidir leo tionchar a bheith acu ar struchtúr na bpáirtithe, ba cheart tréimhse bailíochta an Rialacháin seo a shocrú ag 12 bhliain. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn “comhaontú speisialtóireachta” comhaontú speisialtóireachta aontaobhach, comhaontú speisialtóireachta cómhalartach nó comhaontú comhtháirgthe;
|
|
(b) |
ciallaíonn “comhaontú” comhaontú, cinneadh ó chomhlachas gnóthas nó cleachtas comhbheartaithe; |
|
(c) |
ciallaíonn “táirge” earra nó seirbhís, lena n-áirítear idir earraí agus seirbhísí idirmheánacha agus earraí agus seirbhísí deiridh, cé is moite de sheirbhísí dáileacháin agus cíosa; |
|
(d) |
ciallaíonn “táirgeadh” monarú earraí nó ullmhú seirbhísí, lena n-áirítear trí bhíthin fochonraitheoireachta; |
|
(e) |
ciallaíonn “ullmhú seirbhísí” gníomhaíochtaí réamhtheachtacha maidir le soláthar seirbhísí do chustaiméirí; |
|
(f) |
ciallaíonn “táirge speisialtóireachta” táirge a tháirgtear faoi chomhaontú speisialtóireachta; |
|
(g) |
ciallaíonn “táirge iartheachtach” táirge a n-úsáideann ceann amháin nó níos mó de na páirtithe táirge speisialtóireachta mar ionchur agus a dhíolann na páirtithe sin ar an margadh; |
|
(h) |
ciallaíonn “margadh ábhartha” an táirge ábhartha agus an margadh geografach lena mbaineann na táirgí speisialtóireachta, agus, ina theannta sin, i gcás inar táirgí idirmheánacha iad na táirgí speisialtóireachta a úsáideann ceann amháin nó níos mó de na páirtithe go hiomlán nó go páirteach faoi chuing mar ionchur do tháirgí iartheachtacha, an margadh táirgí agus geografach ábhartha lena mbaineann na táirgí iartheachtacha; |
|
(i) |
ciallaíonn “gnóthas iomaíoch” iomaitheoir iarbhír nó ionchasach:
|
|
(j) |
ciallaíonn “oibleagáid soláthair eisiatach” oibleagáid gan na táirgí speisialtóireachta a sholáthar do ghnóthas iomaíoch seachas páirtí nó páirtithe sa chomhaontú; |
|
(k) |
ciallaíonn “oibleagáid ceannaigh eisiach” oibleagáid na táirgí speisialtóireachta a cheannach ó pháirtí nó ó pháirtithe sa chomhaontú agus uathu sin amháin; |
|
(l) |
ciallaíonn “comhpháirteach”, i gcomhthéacs an dáileacháin, gníomhaíochtaí ina bhfuil an obair atá i gceist:
|
|
(m) |
ciallaíonn “dáileachán” soláthar na dtáirgí speisialtóireachta. |
2. Chun críocha an Rialacháin seo, áireofar leis na téarmaí “gnóthas” agus “páirtí” a ngnóthais ghaolmhara faoi seach.
Ciallaíonn “gnóthais ghaolmhara” an méid seo a leanas:
|
(a) |
gnóthais ina bhfuil ag páirtí sa chomhaontú speisialtóireachta, go díreach nó go hindíreach:
|
|
(b) |
gnóthais a bhfuil na cearta agus na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a) acu go díreach nó go hindíreach, ar pháirtí sa chomhaontú speisialtóireachta; |
|
(c) |
gnóthais ina sealbhaíonn gnóthas dá dtagraítear i bpointe (b), go díreach nó go hindíreach, na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a); |
|
(d) |
gnóthais ina bhfuil ag páirtí sa chomhaontú speisialtóireachta mar aon le ceann amháin, nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointí (a) (b) agus (c), nó gnóthais ina bhfuil ag dhá cheann nó níos mó de na gnóthais dheiridh sin, i gcomhpháirt, na cearta agus na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (a); |
|
(e) |
gnóthais ina bhfuil na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a) i gcomhpháirt ag:
|
TEIDEAL II
DÍOLÚINE
Airteagal 2
Díolúine
1. De bhun Airteagal 101(3) den Chonradh, agus faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, dearbhaítear leis seo nach mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) maidir le comhaontuithe speisialtóireachta.
2. Beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 sa mhéid go bhfuil srianta iomaíochta i gceist le comhaontuithe den chineál sin faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh.
3. Beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 freisin maidir le comhaontuithe speisialtóireachta lena n-áirítear forálacha maidir le cearta maoine intleachtúla a shannadh nó a cheadúnú do cheann amháin nó níos mó de na páirtithe, ar choinníoll:
|
(a) |
nach ionann iad agus príomhchuspóir comhaontuithe den sórt sin, agus |
|
(b) |
baineann siad go díreach le cur chun feidhme na gcomhaontuithe sin agus is gá iad chun iad a chur chun feidhme. |
4. Beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 freisin maidir le comhaontuithe speisialtóireachta trína ndéantar an méid seo a leanas:
|
(a) |
glacann na páirtithe le ceannach eisiach nó le hoibleagáid soláthair eisiach, nó |
|
(b) |
dáileann na páirtithe na táirgí speisialtóireachta i gcomhpháirt agus ní dhíolann siad iad go neamhspleách. |
TEIDEAL III
TAIRSEACHA
Airteagal 3
Tairseacha sciar den mhargadh
1. Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 mura dtéann an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe thar 20 % ar na margaí ábhartha lena mbaineann na táirgí speisialtóireachta.
2. I gcás inar táirgí idirmheánacha iad na táirgí speisialtóireachta a úsáideann ceann amháin nó níos mó de na páirtithe go hiomlán nó go páirteach faoi chuing mar ionchur do tháirgí iartheachtacha, a dhíolann siad freisin, tá an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 ar choinníoll:
|
(a) |
sciar comhcheangailte den mhargadh nach mó ná 20 % ar an margadh ábhartha nó ar na margaí ábhartha lena mbaineann na táirgí speisialtóireachta, agus |
|
(b) |
sciar comhcheangailte den mhargadh nach mó ná 20 % ar an margadh ábhartha nó ar na margaí ábhartha lena mbaineann na táirgí iartheachtacha. |
Airteagal 4
Cur i bhfeidhm na dtairseach maidir le sciar den mhargadh
Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas chun na tairseacha maidir le sciar den mhargadh dá bhforáiltear in Airteagal 3, a chur i bhfeidhm:
|
1. |
ríomhfar an sciar den mhargadh ar bhonn luach na ndíolachán ar an margadh; mura bhfuil sonraí luach na ndíolachán ar an margadh ar fáil, féadfar meastacháin a úsáid atá bunaithe ar fhaisnéis margaidh iontaofa eile, lena n-áirítear méideanna díolachán ar an margadh, chun sciar den mhargadh na bpáirtithe a shuí; |
|
2. |
déanfar an sciar den mhargadh a ríomh ar bhonn na sonraí a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin; nó, mar mhalairt air sin, nuair nach bhfuil an bhliain féilire roimhe sin ionadaíoch do sheasamh na bpáirtithe sa mhargadh ábhartha nó sna margaí ábhartha; déanfar an sciar den mhargadh a ríomh mar mheán sciartha den mhargadh na bpáirtithe le linn na dtrí bliana féilire roimhe sin; |
|
3. |
déanfar an sciar den mhargadh atá i seilbh na ngnóthas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), an dara fomhír, pointe (e) a chionroinnt go cothrom ar na gnóthais uile a bhfuil na cearta nó na cumhachtaí acu a liostaítear in Airteagal 1(2), an dara fomhír, pointe (a); |
|
4. |
más rud é nach mó ná 20 % na sciartha den mhargadh dá dtagraítear in Airteagal 3 an chéaduair, ach má thagann ardú orthu os cionn an leibhéil sin i gceann amháin ar a laghad de na margaí lena mbaineann an comhaontú speisialtóireachta, beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 fós go ceann tréimhse dhá bhliain féilire as a chéile tar éis na bliana inar sáraíodh an tairseach 20 % den chéaduair. |
TEIDEAL IV
SRIANTA DOCHTA
Airteagal 5
Srianta dochta
Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir le comhaontuithe speisialtóireachta a bhfuil sé de chuspóir acu, go díreach nó go hindíreach, astu féin nó in éineacht le tosca eile faoi rialú na bpáirtithe aon cheann díobh seo a leanas:
|
1. |
praghsanna a shocrú agus na táirgí speisialtóireachta á ndíol le tríú páirtithe, cé is moite de na praghsanna a ghearrtar ar chustaiméirí láithreacha a shocrú i gcomhthéacs comhdháileacháin; |
|
2. |
teorannú ar aschur nó díolacháin, cé is moite den mhéid seo a leanas:
|
|
3. |
leithdháileadh margaí nó custaiméirí. |
TEIDEAL V
NÓS IMEACHTA UM THARRAINGT SIAR
Airteagal 6
Tarraingt siar i gcásanna aonair ag an gCoimisiún Eorpach
1. Féadfaidh an Coimisiún tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar, de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, i gcás ina gcinnfidh sé maidir le haon chás ar leith go bhfuil tionchair, atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh, ag comhaontú speisialtóireachta a bhfuil feidhm leis, mar sin féin, maidir leis ag an díolúine dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
2. D’fhéadfaí tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 go háirithe sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
tá an margadh ábhartha an-chomhchruinnithe, agus |
|
(b) |
tá an iomaíocht lag cheana féin, go háirithe mar gheall ar an méid a leanas:
|
Airteagal 7
Tarraingt siar i gcásanna aonair ag údarás iomaíochta Ballstáit
1. Féadfaidh údarás iomaíochta Ballstáit tairbhe an Rialacháin seo de bhun Airteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh.1/2003 a tharraingt siar maidir le críoch an Bhallstáit sin, nó cuid de, i gcás ina gcinnfidh sé maidir le haon chás ar leith go bhfuil feidhm ag comhaontú speisialtóireachta dá bhforáiltear an díolúine sa Rialachán seo, in ainneoin na dtionchar atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh maidir le críoch an Bhallstáit sin, nó i gcuid de, i gcás ina bhfuil na tréithe uile a bhaineann le margadh geografach éagsúil ag an gcríoch sin.
2. Féadfaidh údarás iomaíochta Ballstáit tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar de bhun Airteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, go háirithe i gcás ina bhfuil feidhm ag na himthosca mar a leagtar amach in Airteagal 6(2)(a) agus (b) den Rialachán seo.
TEIDEAL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 8
Idirthréimhse
Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 101(1) den Chonradh le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2024 maidir le comhaontuithe atá i bhfeidhm cheana féin an 31 Nollaig 2022 nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh díolúine dá bhforáiltear sa Rialachán seo ach a chomhlíonann coinníollacha na díolúine dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1218/2010.
Airteagal 9
Tréimhse bailíochta
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.
2. Rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2034.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 285, 29.12.1971, lch. 46.
(*1) Le héifeacht ón 1 Nollaig 2009, déantar Airteagal 101 den Chonradh d’Airteagal 81 de Chonradh CE (Airteagal 85 de Chonradh CEE roimhe seo). Is ionann na forálacha sin go bunúsach. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart tagairtí d’Airteagal 85 de Chonradh CEE nó tagairtí d’Airteagal 81 de Chonradh CE a thuiscint mar thagairtí d’Airteagal 101 den Chonradh i gcás inarb iomchuí.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1218/2010 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh maidir le catagóirí de chomhaontuithe speisialtóireachta (IO L 335, 18.12.2010, lch. 43).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagal 81 agus in Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).
|
15.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 120/9 |
TEACHTAIREACHT ÓN G COIMISIÚN
Ábhar dréachta le haghaidh Rialacháin ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a fhormheas maidir le catagóirí áirithe de chomhaontuithe taighde agus forbartha
(2022/C 120/02)
D’fhormheas an Coimisiún ábhar dréachta le haghaidh Rialacháin ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe de chomhaontuithe taighde agus forbartha an 1 Márta 2022.
Tá an dréacht le haghaidh Rialacháin ón gCoimisiún i gceangal leis an Teachtaireacht seo mar Iarscríbhinn.
Tá an dréacht le haghaidh Rialacháin ón gCoimisiún oscailte le haghaidh comhairliúchán phoiblí ag:
http://ec.europa.eu/competition/consultations/open.html
IARSCRÍBHINN
DRÉACHT RIALACHÁN (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN
an …
maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar chatagóirí áirithe de chomhaontuithe taighde agus forbartha
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“an Conradh”),
Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71 ón gComhairle an 20 Nollaig 1971 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 85(3) den Chonradh ar chatagóirí de chomhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe (1),
Tar éis dó dréacht den Rialachán seo a fhoilsiú,
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71, tugtar cumhacht don Choimisiún Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (*) trí rialachán maidir le catagóirí áirithe de chomhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh a bhfuil sé de chuspóir acu (i) taighde agus forbairt táirgí, teicneolaíochtaí nó próiseas a fhad le céim an chur i bhfeidhm thionsclaíoch, agus (ii) saothrú na dtorthaí, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta maoine intleachtúla. |
|
(2) |
In Airteagal 179(2) den Chonradh iarrtar ar an Aontas gnóthais, lena n-áirítear gnóthais bheaga agus mheánmhéide, a spreagadh ina ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha teicneolaíche ardchaighdeáin, agus tacú lena n-iarrachtaí comhoibriú le chéile. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010 ón gCoimisiún (2) sainmhínítear catagóirí de chomhaontuithe taighde agus forbartha ar mheas an Coimisiún go gcomhlíontar leo na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 101(3) den Chonradh. I bhfianaise na taithí dearfaí ar an iomlán maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a rachaidh in éag an 31 Nollaig 2022, agus ag cur san áireamh torthaí ón nós imeachta athbhreithnithe, is iomchuí rialachán blocdhíolúine nua a ghlacadh. |
|
(4) |
Tá sé beartaithe leis an Rialachán seo taighde agus forbairt a éascú agus an iomaíocht a chosaint go héifeachtach ag an am céanna. Ina theannta sin, ba cheart don Rialachán seo an ceanglas a chomhlíonadh maidir le hurrús dlíthiúil leordhóthanach a sholáthar do ghnóthais. Ba cheart go gcuirfear san áireamh le saothrú na gcuspóirí sin an gá atá leis an maoirseacht riaracháin agus an creat reachtach a shimpliú a mhéid is féidir. |
|
(5) |
Faoi bhun leibhéal áirithe cumhachta margaidh, is féidir a thoimhdiú go ginearálta, chun críche Airteagal 101(3) den Chonradh a chur i bhfeidhm, go sáróidh éifeachtaí dearfacha na gcomhaontuithe taighde agus forbartha aon éifeacht diúltacha ar an iomaíocht. |
|
(6) |
Maidir le cur chun feidhme Airteagal 101(3) den Chonradh trí bhíthin rialacháin, ní gá na comhaontuithe sin a fhéadann teacht faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh a shainmhíniú. Sa mheasúnú aonair ar na comhaontuithe faoi Airteagal 101(1) den Chonradh, ní mór roinnt tosca a chur san áireamh, go háirithe struchtúr an mhargaidh ar an margadh ábhartha. |
|
(7) |
De ghnáth ní thagann comhaontuithe maidir le comhghníomhú na hoibre taighde nó maidir le forbairt chomhpháirteach thorthaí an taighde, a fhad le céim an chur i bhfeidhm thionsclaíoch ach gan an cur i bhfeidhm tionsclaíoch a bheith san áireamh, faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh. I gcúinsí áirithe, áfach, amhail i gcás ina gcomhaontóidh na páirtithe gan aon taighde ná forbairt eile a dhéanamh sa réimse céanna, agus ar an gcaoi sin ag tarscaoileadh na deise buntáistí iomaíochta a bhaint amach ar na páirtithe eile, féadfaidh comhaontuithe den sórt sin teacht faoi Airteagal 101(1) den Rialachán. Conradh agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo. |
|
(8) |
Ba cheart tairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo a bheith teoranta do na comhaontuithe sin ar féidir talamh slán a dhéanamh de le deimhneacht leordhóthanach go gcomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh. |
|
(9) |
Is féidir a bheith ag súil go ginearálta go mbainfidh tomhaltóirí leas as méid agus éifeachtacht mhéadaithe an taighde agus na forbartha trí (i) thabhairt isteach táirgí, teicneolaíochtaí nó próiseas nua, nó (ii) na táirgí, na teicneolaíochtaí nó na próisis sin a sheoladh níos tapa, nó (iii) laghdú ar phraghsanna de bharr teicneolaíochtaí nó próiseas nua nó feabhsaithe. |
|
(10) |
Is é is dóichí go gcuirfeadh comhar i dtaighde agus i bhforbairt chomhpháirteach nó íoctha agus i saothrú na dtorthaí an dul chun cinn teicniúil agus eacnamaíoch chun cinn má chuireann na páirtithe scileanna, sócmhainní nó gníomhaíochtaí comhlántacha leis an gcomhar. |
|
(11) |
Féadfaidh foirmeacha éagsúla a bheith ag comhshaothrú na dtorthaí amhail táirgeadh, dáileadh táirgí nó cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí, sannadh nó ceadúnú cearta maoine intleachtúla nó fios gnó a chur in iúl theastaíonn le haghaidh táirgeadh nó feidhmiú den sórt sin a rannchuidíonn go suntasach le dul chun cinn teicniúil nó eacnamaíoch. |
|
(12) |
Chun údar maith a thabhairt don díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart go mbainfeadh an comhshaothrú le táirgí, teicneolaíochtaí nó próisis a bhfuil úsáid thorthaí an taighde agus na forbartha fíor-riachtanach ina leith. |
|
(13) |
Thairis sin, ba cheart go n-aontódh na páirtithe go léir sa chomhaontú taighde agus forbartha go mbeidh rochtain iomlán acu go léir ar thorthaí deiridh an taighde agus na forbartha comhpháirtí, lena n-áirítear aon chearta maoine intleachtúla agus fios gnó a eascraíonn astu, chun críocha (i) tuilleadh taighde agus forbartha agus (ii) saothraithe, a luaithe a bheidh na torthaí deiridh ar fáil. Níor cheart go ginearálta rochtain ar na torthaí a theorannú maidir le húsáid na dtorthaí chun críocha tuilleadh taighde agus forbartha. Mar sin féin, i gcás ina gcuireann na páirtithe, i gcomhréir leis an Rialachán seo, teorainn lena gcearta saothraithe, go háirithe i gcás ina ndéanann siad speisialtóireacht i gcomhthéacs an tsaothraithe, féadfar rochtain ar na torthaí chun críocha an tsaothraithe a theorannú dá réir sin. Ina theannta sin, i gcás (i) chomhlachtaí acadúla, institiúidí taighde nó (ii) gnóthais a sholáthraíonn taighde agus forbairt mar sheirbhís tráchtála gan a bheith gníomhach de ghnáth i saothrú na dtorthaí a bheith rannpháirteach i dtaighde agus i bhforbairt, féadfaidh siad comhaontú úsáid a bhaint as torthaí an taighde agus na forbartha chun críche tuilleadh taighde amháin. |
|
(14) |
Ag brath ar a gcumas agus a riachtanais tráchtála, féadfaidh na páirtithe rannchuidiú míchothrom a dhéanamh lena gcomhar taighde agus forbartha. Dá bhrí sin, chun na difríochtaí i luach nó i gcineál ranníocaíochtaí na bpáirtithe a léiriú, agus chun cúiteamh a dhéanamh ina leith, féadfar a fhoráil le comhaontú taighde agus forbartha a bhaineann leas as an Rialachán seo go dtabharfaidh páirtí amháin cúiteamh do pháirtí eile as rochtain a fháil ar na torthaí chun críocha tuilleadh taighde nó saothraithe. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh an cúiteamh chomh hard sin go gcuirfí bac éifeachtach ar rochtain den sórt sin. |
|
(15) |
I gcás nach ndéantar foráil sa chomhaontú taighde agus forbartha maidir le haon saothrú comhpháirteach ar na torthaí, ba cheart go gcomhaontódh na páirtithe sa chomhaontú taighde agus forbartha rochtain a thabhairt dá chéile ar a bhfios gnó atá ann cheana faoi seach, fad a bheidh an fios gnó sin fíor-riachtanach chun críocha shaothrú na dtorthaí ag na páirtithe eile. Níor cheart go mbeadh an cúiteamh (e.g. rátaí aon táille ceadúnais) a ghearrtar chomh hard sin go gcuirfí bac éifeachtach ar rochtain na bpáirtithe eile ar an bhfios gnó. |
|
(16) |
Ba cheart an díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo a theorannú do chomhaontuithe taighde agus forbartha nach dtugann an deis do ghnóthais deireadh a chur leis an iomaíocht i leith cuid mhór de na táirgí nó de na teicneolaíochtaí atá i gceist. Is gá a eisiamh ó na comhaontuithe blocdhíolúine idir iomaitheoirí a sáraíonn a sciar comhcheangailte den mhargadh le haghaidh táirgí nó teicneolaíochtaí is féidir a fheabhsú, a ionadú nó a athsholáthar le torthaí an taighde agus na forbartha, a sáraíonn a sciar comhcheangailte den mhargadh sin leibhéal áirithe an tráth a dhéantar an comhaontú. |
|
(17) |
Ba cheart an díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo a theorannú freisin do chomhaontuithe taighde agus forbartha nach dtugann an deis do ghnóthais deireadh a chur le hiomaíocht sa nuálaíocht, lena n-áirítear táirgí nó teicneolaíochtaí nua a fhorbairt. Is gá comhaontuithe taighde agus forbartha a eisiamh ón mblocdhíolúine i gcás ina mbeadh níos lú ná trí iarracht iomaíocha T&F sa bhreis ar agus inchomparáide le hiarrachtaí na bpáirtithe sa chomhaontú T&F. |
|
(18) |
Níl aon toimhde ann, áfach, go dtagann na comhaontuithe taighde agus forbartha faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh nó nach gcomhlíontar leo coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh a luaithe nach gcomhlíontar na tairseacha nó coinníollacha eile a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcásanna den sórt sin, is gá measúnú aonair a dhéanamh ar an gcomhaontú taighde agus forbartha faoi Airteagal 101 den Chonradh. |
|
(19) |
Chun a áirithiú go gcoimeádfar iomaíocht éifeachtach le linn chomhshaothrú na dtorthaí, ba cheart foráil a dhéanamh go scoirfidh an blocdhíolúine d’fheidhm a bheith aici má tá sciar comhcheangailte na bpáirtithe den mhargadh le haghaidh na dtáirgí nó na dteicneolaíochtaí a eascraíonn as an taighde agus forbartha os cionn leibhéal áirithe. Ba cheart go leanfadh an díolúine d’fheidhm a bheith aici beag beann ar sciartha na bpáirtithe den mhargadh ar feadh tréimhse áirithe tar éis tús a chur le comhshaothrú, chun fanacht le cobhsú a sciartha den mhargadh, go háirithe tar éis táirge iomlán nua a thabhairt isteach, agus chun íostréimhse a ráthú maidir leis an toradh ar na hinfheistíochtaí atá i gceist. |
|
(20) |
Níor cheart a dhíolmhú leis an Rialachán seo comhaontuithe ina bhfuil srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na héifeachtaí dearfacha a thagann mar thoradh ar chomhaontú taighde agus forbartha a bhaint amach. I bprionsabal, ba cheart comhaontuithe ina bhfuil cineálacha ar leith srianta dochta iomaíochta maidir le saoirse páirtithe chun taighde agus forbairt a dhéanamh i réimse nach bhfuil nasctha leis an gcomhaontú seo, praghsanna a mhuirearaítear ar thríú páirtithe a shocrú, teorannú ar aschur nó díolacháin, agus teorannú maidir le díolacháin éighníomhacha a chur i bhfeidhm le haghaidh táirgí conartha nó teicneolaíochtaí conartha i gcríocha nó i leith custaiméirí a choimeádtar do pháirtithe eile, a eisiamh ó thairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo gan beann ar sciartha den mhargadh na bpáirtithe. Sa chomhthéacs seo, ní srianta ar aschur nó ar dhíolacháin iad srianta ar an réimse úsáide, agus ní srianta críochacha ná srianta custaiméara iad ach oiread. |
|
(21) |
De ghnáth, áirithítear leis an srian ar an sciar den mhargadh, neamhdhíolúine comhaontuithe áirithe agus na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo nach gcuirtear leis na comhaontuithe a bhfuil feidhm ag an mblocdhíolúine maidir leo ar chumas na bpáirtithe iomaíocht a dhíchur maidir le cuid mhór de na hearraí nó na teicneolaíochtaí i gceist. |
|
(22) |
Ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh éifeachtaí frithiomaíocha foriaimh teacht chun cinn i gcás ina ndéanann páirtí amháin maoiniú ar roinnt tionscadal taighde agus forbartha a dhéanann iomaitheoirí maidir leis na táirgí conartha nó na teicneolaíochtaí conartha céanna, go háirithe i gcás ina bhfaigheann sé an ceart eisiach chun na torthaí a shaothrú i leith tríú páirtithe. Dá bhrí sin, níor cheart tairbhe an Rialacháin seo a thabhairt do chomhaontuithe taighde agus forbartha íoctha den sórt sin ach amháin mura mó ná 25 % an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe go léir a bhfuil baint acu leis na comhaontuithe bainteacha, is é sin le rá, an páirtí maoinithe agus na páirtithe uile a dhéanann an taighde agus forbairt. |
|
(23) |
Féadtar tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar, de bhun Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (3). |
|
(24) |
Toisc gur comhaontuithe de chineál fadtéarmach iad comhaontuithe taighde agus forbartha go minic, go háirithe i gcás ina leathnaítear an comhar chun na torthaí a shaothrú, ba cheart tréimhse bailíochta an Rialacháin seo a shocrú ag 12 bhliain. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Sainmhínithe
1. Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “comhaontú T&F” comhaontú arna dhéanamh idir dhá pháirtí nó níos mó a bhaineann leis na coinníollacha faoina ndéanfaidh na páirtithe sin an méid a leanas a shaothrú:
|
|
(2) |
ciallaíonn “comhaontú” comhaontú, cinneadh ó chomhlachas gnóthas nó cleachtas comhbheartaithe; |
|
(3) |
ciallaíonn “taighde agus forbairt” (“T&F”) gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu fios gnó a fháil maidir le táirgí, teicneolaíochtaí nó próisis atá ann cheana nó atá nua, anailís theoiriciúil, staidéar córasach nó turgnamhaíocht a dhéanamh, lena n-áirítear táirgeadh turgnamhach, tástáil theicniúil ar tháirgí nó próisis, bunú na n-áiseanna riachtanacha agus cearta maoine intleachtúla a fháil le haghaidh na dtorthaí; |
|
(4) |
ciallaíonn “táirge” earra nó seirbhís, lena n-áirítear idir earraí nó seirbhísí idirmheánacha agus earraí agus seirbhísí deiridh; |
|
(5) |
ciallaíonn “teicneolaíocht chonartha” teicneolaíocht nó próiseas a eascraíonn as an taighde nó as an bhforbairt i gcomhar nó íoctha. Áirítear leis seo teicneolaíochtaí nó próisis a fhaightear trí chuaille T&F chomh maith le teicneolaíochtaí nó próisis nua; |
|
(6) |
ciallaíonn “táirge conartha” táirge a eascraíonn as an taighde agus as an bhforbairt i gcomhar nó íoctha a tháirgtear nó a sholáthraítear agus na teicneolaíochtaí conartha á gcur i bhfeidhm; Áirítear leis seo táirgí a fhaightear trí chuaille T&F chomh maith le táirgí nua; |
|
(7) |
ciallaíonn “táirge nó teicneolaíocht nua” táirge, teicneolaíocht nó próiseas nach bhfuil ann fós an tráth a dhéanfar an comhaontú T&F a thagann faoi mhír 1(a) nó (b) agus lena gcruthófar, má thagann sé chun cinn, a mhargadh nua féin agus nach ndéanfaidh táirge, teicneolaíocht nó próiseas atá ann cheana a fheabhsú, a ionadú nó a athsholáthar; |
|
(8) |
Ciallaíonn “cuaille T&F” iarrachtaí T&F atá dírithe go príomha ar aidhm nó ar chuspóir sonrach. Ní féidir sainaidhm nó cuspóir sonrach chuaille T&F a shainiú fós mar tháirge nó mar theicneolaíocht nó tá sprioc i bhfad níos leithne ná táirgí nó teicneolaíochtaí ar mhargadh sonrach i gceist; |
|
(9) |
ciallaíonn “saothrú na dtorthaí” táirgeadh nó dáileadh na dtáirgí conartha nó cur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí conartha nó sannadh nó ceadúnú cearta maoine intleachtúla nó fios gnó a chur in iúl a theastaíonn le haghaidh táirgeadh nó cur i bhfeidhm den sórt sin; |
|
(10) |
ciallaíonn “cearta maoine intleachtúla” cearta maoine tionsclaíochta, go háirithe paitinní áirithe agus trádmharcanna; chomh maith le cóipcheart agus cearta gaolmhara; |
|
(11) |
ciallaíonn “saineolas” pacáiste d’eolas praiticiúil, mar thoradh ar thaithí agus tástáil, atá:
|
|
(12) |
ciallaíonn “i gcomhar”, i gcomhthéacs gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chomhaontú T&F, gníomhaíochtaí ina bhfuil an obair atá i gceist:
|
|
(13) |
ciallaíonn “speisialtóireacht i gcomhthéacs taighde agus forbartha” go bhfuil gach ceann de na páirtithe rannpháirteach sna gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a chumhdaítear leis an gcomhaontú T&F agus roinneann siad an obair thaighde agus forbartha eatarthu ar aon bhealach is iomchuí dar leo; ní áirítear leis seo taighde agus forbairt íoctha; |
|
(14) |
ciallaíonn “speisialtóireacht i gcomhthéacs an tsaothraithe” go leithroinneann na páirtithe cúraimí aonair amhail táirgeadh nó dáileadh eatarthu, nó go bhforchuirean siad srianta ar a chéile maidir le saothrú na dtorthaí amhail srianta i ndáil le críocha, custaiméirí nó réimsí úsáide áirithe; áirítear leis seo cás nach ndéanann ach páirtí amháin na táirgí conartha a tháirgeadh agus a dháileadh ar bhonn ceadúnais eisiach arna dheonú ag na páirtithe eile; |
|
(15) |
ciallaíonn “taighde agus forbairt íoctha” taighde agus forbairt a dhéanann páirtí amháin agus a mhaoiníonn páirtí maoinithe; |
|
(16) |
ciallaíonn “páirtí maoinithe” páirtí a mhaoiníonn taighde agus forbairt íoctha fad is nach bhfuil aon cheann de na gníomhaíochtaí taighde agus forbartha á ndéanamh aige féin; |
|
(17) |
ciallaíonn “gnóthas atá san iomaíocht le haghaidh táirge agus/nó teicneolaíocht atá ann cheana” iomaitheoir iarbhír nó ionchasach;
|
|
(18) |
ciallaíonn “gnóthas atá in iomaíocht sa nuálaíocht” gnóthas nach bhfuil in iomaíocht le haghaidh táirge agus/nó teicneolaíochta atá ann cheana agus atá ag gabháil go neamhspleách do chomhaontú T&F nó, in éagmais an chomhaontaithe T&F, a bheadh in ann agus ar dóigh dó gabháil go neamhspleách d’iarrachtaí T&F a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
|
|
(19) |
ciallaíonn “iarracht iomaíoch T&F” iarracht T&F a bhfuil tríú páirtí ag gabháil di, ina aonar nó i gcomhar le tríú páirtithe eile, nó a bhfuil tríú páirtí in ann agus ar dóigh dó gabháil di go neamhspleách, agus a bhaineann leis an méid a leanas:
Ní foláir nó go bhfuil na tríú páirtithe seo neamhspleách ó na páirtithe sa chomhaontú T&F. |
|
(20) |
ciallaíonn “gnóthas neamhiomaíoch” gnóthas nach bhfuil in iomaíocht le haghaidh táirge agus/nó teicneolaíochta atá ann cheana ná nach gnóthas é atá in iomaíocht sa nuálaíocht; |
|
(21) |
ciallaíonn “margadh táirgí ábhartha” an margadh ábhartha do na táirgí is féidir a fheabhsú, a chur ina n-ionad nó a athsholáthar leis na táirgí conartha; |
|
(22) |
ciallaíonn “margadh teicneolaíochta iomchuí” an margadh ábhartha do na teicneolaíochtaí nó do na próisis is féidir a fheabhsú, a chur ina n-ionad nó a athsholáthar leis na teicneolaíochtaí conartha; |
|
(23) |
ciallaíonn “díolacháin ghníomhacha” gach cineál díola seachas díolacháin éighníomhacha; |
|
(24) |
ciallaíonn díolacháin “éighníomhacha” díolacháin mar fhreagra ar iarrataí gan iarraidh ó chustaiméirí aonair, lena n-áirítear seachadadh táirgí chuig an gcustaiméir nó chuig na custaiméirí sin, gan an díolachán a thionscnamh trí dhíriú go gníomhach ar an gcustaiméir, ar an ngrúpa custaiméirí ar leith nó ar an gcríoch shonrach; folaítear i ndíolacháin éighníomhacha díolacháin a eascraíonn as páirt a ghlacadh i dtairiscintí soláthair príobháideacha nó poiblí. |
2. Chun críocha an Rialacháin seo, áireofar leis na téarmaí “gnóthas” agus “páirtí” a ngnóthais ghaolmhara faoi seach.
Ciallaíonn “gnóthais ghaolmhara” an méid seo a leanas:
|
(a) |
gnóthais ina bhfuil an méid a leanas ag páirtí sa chomhaontú T&F, go díreach nó go hindíreach:
|
|
(b) |
gnóthais a bhfuil na cearta agus na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a) acu go díreach nó go hindíreach, ar pháirtí sa chomhaontú T&F; |
|
(c) |
gnóthais ina sealbhaíonn gnóthas dá dtagraítear i bpointe (b), go díreach nó go hindíreach, na cearta nó na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (a); |
|
(d) |
gnóthais ina bhfuil ag páirtí sa chomhaontú taighde agus forbartha mar aon le ceann amháin, nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointí (a) (b) nó (c), nó gnóthais ina bhfuil ag dhá cheann nó níos mó de na gnóthais, i gcomhpháirt, na cearta agus na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (a); |
|
(e) |
gnóthais ina bhfuil na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a) i gcomhpháirt ag:
|
TEIDEAL II
DÍOLÚINE
Airteagal 2
Díolúine
1. De bhun Airteagal 101(3) den Chonradh agus faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, dearbhaítear leis seo nach mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh maidir le comhaontuithe T&F.
2. Beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 sa mhéid go bhfuil srianta iomaíochta i gceist le comhaontuithe T&F faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh.
3. Beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 freisin maidir le comhaontuithe T&F lena n-áirítear forálacha maidir le cearta maoine intleachtúla a shannadh nó a cheadúnú do cheann amháin nó níos mó de na páirtithe nó d’eintiteas a bhunaíonn na páirtithe chun an taighde agus an fhorbairt i gcomhar nó íoctha nó an comhshaothrú a dhéanamh, ar choinníoll go mbaineann an méid a leanas leis na forálacha sin:
|
(a) |
nach ionann iad agus príomhchuspóir comhaontuithe den sórt sin; agus |
|
(b) |
baineann siad go díreach le cur chun feidhme na gcomhaontuithe sin agus is gá iad chun iad a chur chun feidhme. |
TEIDEAL III
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE DÍOLÚINE
Airteagal 3
Rochtain ar na torthaí deiridh
1. Ní mór a ordú sa chomhaontú T&F go mbeidh rochtain iomlán ag na páirtithe go léir ar thorthaí deiridh an taighde agus na forbartha a dhéantar i gcomhar nó a n-íoctar aisti chun críche taighde agus forbartha breise agus chun críche saothraithe.
|
(a) |
Áireofar sa rochtain dá bhforáiltear i mír 1 aon cheart maoine intleachtúla agus fios gnó a bheidh mar thoradh air sin. |
|
(b) |
Déanfar an rochtain dá bhforáiltear i mír 1 a dheonú a luaithe a bheidh torthaí an taighde agus na forbartha ar fáil. |
2. Féadfar a lua sa chomhaontú T&F go dtugann na páirtithe cúiteamh dá chéile as rochtain a thabhairt ar na torthaí chun críoch tuilleadh taighde agus forbartha nó chun críche tuilleadh saothraithe, ach ní fhéadfaidh an cúiteamh a bheith chomh hard sin gurb amhlaidh a chuirfí bac ar an rochtain sin.
3. Féadfaidh institiúidí taighde, comhlachtaí acadúla agus gnóthais a sholáthraíonn taighde agus forbairt mar sheirbhís tráchtála gan a bheith gníomhach de ghnáth i saothrú na dtorthaí, a chomhaontú srian a chur lena n-úsáid as na torthaí chun críocha tuilleadh taighde.
4. I gcás ina gcuireann na páirtithe teorainn lena gcearta saothraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe i gcás ina ndéanann siad speisialtóireacht i gcomhthéacs an tsaothraithe, féadfar rochtain ar na torthaí chun críocha an tsaothraithe a theorannú dá réir sin.
Airteagal 4
Rochtain ar fhios gnó a bhí ann cheana
1. I gcomhaontuithe T&F lena n-eisiatar comhshaothrú thorthaí taighde agus forbartha i gcomhar nó íoctha, ní mór a ordú go gcaithfear rochtain a thabhairt do gach páirtí ar aon fhios gnó atá ag na páirtithe eile cheana má tá an fios gnó sin fíor-riachtanach chun críocha a shaothraithe ar na torthaí.
2. Féadfar a lua i gcomhaontuithe T&F lena n-eisiatar comhshaothrú ar thorthaí taighde agus forbartha comhpháirtí nó íoctha go dtugann na páirtithe cúiteamh dá chéile as rochtain a thabhairt ar a bhfios gnó atá ann cheana. Ní fhéadfaidh an cúiteamh a bheith chomh hard sin go gcuirfí bac éifeachtach ar rochtain den sórt sin.
Airteagal 5
Comhshaothrú
1. Ní fhéadfaidh baint a bheith ag aon chomhshaothrú ach amháin le torthaí atá:
|
(a) |
fíor-riachtanach chun na táirgí conartha a tháirgeadh nó chun na teicneolaíochtaí conartha a chur i bhfeidhm; agus |
|
(b) |
faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla nó arb ionann iad agus fios gnó. |
2. Ní mór ceangal a chur ar pháirtithe a bhfuil sé de chúram orthu na táirgí conartha a tháirgeadh trí speisialtóireacht i gcomhthéacs an tsaothraithe orduithe a chomhlíonadh ó na páirtithe eile maidir le soláthairtí táirgí conartha, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
déantar foráil sa chomhaontú T&F freisin do chomhdháileadh i gcomhar le foireann, eagraíocht nó gnóthas nó ag tríú páirtí a bhfuil na páirtithe ar iontaoibh chomhpháirteach acu; nó |
|
(b) |
chomhaontaigh na páirtithe nach bhféadfaidh ach an páirtí a tháirgeann na táirgí conartha iad a dháileadh. |
Airteagal 6
Tairseacha, sciartha den mhargadh agus fad na díolúine
1. I gcás nach gnóthais iomaíocha iad na gnóthais sa chomhaontú T&F, beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 gan beann ar na sciartha den mhargadh ar feadh thréimhse an taighde agus na forbartha.
2. I gcás ina mbeidh dhá pháirtí nó níos mó de na páirtithe sa chomhaontú T&F san iomaíocht le haghaidh táirge agus/nó teicneolaíocht atá ann cheana, beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 ar feadh thréimhse an taighde agus na forbartha más amhlaidh na nithe seo a leanas an tráth a dhéantar an comhaontú T&F:
|
(a) |
an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe i gcomhaontú T&F a bhaineann le comhthaighde agus forbairt, mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 mír 1(1)(a) nó (1)(c), ní sháraíonn sé 25 % ar na margaí táirgí agus teicneolaíochta ábhartha; nó |
|
(b) |
i gcás comhaontú T&F a bhaineann le taighde agus forbairt íoctha, mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 mír 1 (1)(b) nó (1)(d), ní mó ná 25 % an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag an páirtí maoinithe agus na páirtithe uile a bhfuil comhaontuithe T&F déanta ag an bpáirtí maoinithe leo maidir leis na táirgí nó na teicneolaíochtaí conartha céanna, ar na margaí táirgí agus teicneolaíochta ábhartha. |
3. I gcás gur gnóthais iomaíocha iad dhá pháirtí nó níos mó de na páirtithe sa chomhaontú T&F le haghaidh nuálaíochta, beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 ar feadh thréimhse an taighde agus na forbartha más rud é, an tráth a dhéanfar an comhaontú T&F, go bhfuil trí nó níos mó iarrachtaí T&F iomaíocha sa bhreis ar iarrachtaí na bpáirtithe sa chomhaontú T&F agus inchomparáide leo.
4. I gcás comhaontuithe T&F ina mbaintear leas as na torthaí i gcomhar, leanfaidh an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 d’fheidhm a bheith aici go ceann seacht mbliana ón uair a chuirtear na táirgí conartha nó na teicneolaíochtaí conartha ar an margadh den chéad uair laistigh den mhargadh inmheánach, má chomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear i míreanna 1, 2 nó 3 an tráth a dhéanfar an comhaontú a thagann faoi Airteagal 1 mír 1 (1)(a) nó (b). Chun go dtairbheoidh comhaontú a thagann faoi Airteagal 1 mír 1 (1)(c) nó (d) de dhíolúine leantach den sórt sin, ní mór na coinníollacha dá bhforáiltear i míreanna 1, 2 nó 3 a chomhlíonadh tráth a ndearnadh an comhaontú roimh ré de bhun Airteagal 1 mír 1 (1)(a) nó (b).
5. Tar éis dheireadh na tréimhse seacht mbliana dá dtagraítear i mír 4, beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 chomh fada agus nach sáróidh an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe sa chomhaontú T&F 25 % ar na margaí lena mbaineann na táirgí conartha nó na teicneolaíochtaí conartha. Más rud é, tar éis dheireadh na tréimhse seacht mbliana, go n-ardóidh an sciar den mhargadh os cionn 25 % ar cheann de na margaí seo, déanfar an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige ar feadh tréimhse dhá bhliain féilire as a chéile tar éis na bliana inar sáraíodh an tairseach 25 % den chéad uair.
Airteagal 7
Cur i bhfeidhm na dtairseach
1. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas chun na tairseacha maidir le sciar den mhargadh dá bhforáiltear in Airteagal 6 mír 2 agus mír 5 a chur i bhfeidhm:
|
(a) |
Déanfar an sciar den mhargadh a ríomh ar bhonn luach na ndíolachán ar an margadh; mura bhfuil luach na ndíolachán ar an margadh ar fáil, féadfar meastacháin a úsáid atá bunaithe ar fhaisnéis margaidh iontaofa, lena n-airítear méideanna díolachán ar an margadh, caiteachas ar thaighde agus forbairt nó inniúlachtaí taighde agus forbartha, a úsáid chun sciar den mhargadh na bpáirtithe a shuí; |
|
(b) |
Déanfar an sciar den mhargadh a ríomh ar bhonn na sonraí a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin; nó, mar mhalairt air sin, nuair nach bhfuil an bhliain féilire roimhe sin ionadaíoch do sheasamh na bpáirtithe sa mhargadh ábhartha nó sna margaí ábhartha; déanfar an sciar den mhargadh a ríomh mar mheán sciartha den mhargadh na bpáirtithe le linn na dtrí bliana féilire roimhe sin; |
|
(c) |
Déanfar an sciar den mhargadh atá i seilbh na ngnóthas dá dtagraítear in Airteagal 1 mír 2 (e) a chionroinnt go cothrom ar na gnóthais uile a bhfuil na cearta nó na cumhachtaí acu a liostaítear in Airteagal 1 mír 2 (a). |
2. Chun críocha an tairseach dá bhforáiltear in Airteagal 6 mír 3 a chur i bhfeidhm, déanfar an measúnú ar inchomparáideacht iarrachtaí iomaíocha T&F ar bhonn faisnéise iontaofa maidir le gnéithe amhail (i) méid, céim agus uainiú na n-iarrachtaí T&F, (ii) (rochtain ar) acmhainní airgeadais agus daonna tríú páirtithe, a maoin intleachtúil, a bhfios gnó nó sócmhainní speisialaithe eile, a n-iarrachtaí T&F roimhe seo agus (iii) cumas agus dóchúlacht na dtríú páirtithe leas a bhaint, go díreach nó go hindíreach, as torthaí féideartha ar a n-iarrachtaí T&F ar an margadh inmheánach.
TEIDEAL IV
SRIANTA DOCHTA AGUS EISIATA
Airteagal 8
Srianta dochta
Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir le comhaontuithe T&F a bhfuil sé de chuspóir acu, go díreach nó go hindíreach, ina n-aonar nó i gcomhar le tosca eile faoi rialú na bpáirtithe, aon cheann de na srianta seo a leanas:
|
1. |
Srian na saoirse atá ag na páirtithe taighde agus forbairt a dhéanamh go neamhspleách nó i gcomhar le tríú páirtithe:
|
|
2. |
Teorainn le haschur nó díolacháin, cé is moite de:
|
|
3. |
Praghsanna a shocrú le linn an táirge chonartha a dhíol nó le linn theicneolaíochtaí an chonartha a cheadúnú le tríú páirtithe, cé is moite de socrú praghsanna a ghearrtar ar neaschustaiméirí nó táillí ceadúnais a shocrú a ghearrfar ar cheadúnaithe láithreacha i gcás inarb iad an méid a leanas an tsaothraithe i gcomhar:
|
|
4. |
Srian maidir leis an gcríoch ina bhféadfaidh na páirtithe, nó ina bhféadfaidh custaiméirí na bpáirtithe, na táirgí conartha a dhíol go héighníomhach leo nó na teicneolaíochtaí conartha a cheadúnú, cé is moite den cheanglas chun na torthaí a cheadúnú go heisiach do pháirtí eile. |
|
5. |
An ceanglas gan aon díolachán gníomhach a dhéanamh ar na táirgí conartha nó ar na teicneolaíochtaí conartha, nó chun iad a theorannú, i gcríocha nó le custaiméirí nach bhfuil leithdháilte go heisiach ar cheann de na páirtithe mar speisialtóireacht i gcomhthéacs an tsaothraithe. |
|
6. |
An ceanglas chun diúltú freastal ar éileamh ó chustaiméirí i gcríocha na bpáirtithe faoi seach, nó ó chustaiméirí a leithdháiltear ar shlí eile idir na páirtithe trí bhíthin speisialtóireachta i gcomhthéacs an tsaothraithe, a dhéanfadh margaíocht ar na táirgí conartha i gcríocha eile laistigh den mhargadh inmheánach. |
|
7. |
An ceanglas go mbeidh sé deacair d’úsáideoirí nó d’athdhíoltóirí na táirgí conartha a fháil ó athdhíoltóirí eile laistigh den mhargadh inmheánach. |
Airteagal 9
Srianta eisiata
1. Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir leis na hoibleagáidí seo a leanas i gcomhaontuithe taighde agus forbartha:
|
(a) |
An oibleagáid gan dúshlán a thabhairt maidir leis an méid a leanas:
Ní dhéanfar aon difear don fhéidearthacht foráil a dhéanamh maidir le foirceannadh an chomhaontaithe T&F i gcás ina ndéanfaidh ceann de na páirtithe agóid i gcoinne bhailíocht na gceart maoine intleachtúla dá dtagraítear in (i) agus (ii); |
|
(b) |
An oibleagáid gan ceadúnais a dheonú do thríú páirtithe chun na táirgí conartha a tháirgeadh nó chun na teicneolaíochtaí conartha a chur i bhfeidhm mura bhforáiltear sa chomhaontú do shaothrú thorthaí an taighde agus na forbartha i gcomhar nó íoctha ag ceann amháin de na páirtithe ar a laghad agus go dtarlaíonn saothrú den sórt sin sa mhargadh inmheánach i leith tríú páirtithe. |
2. Má áirítear sa chomhaontú T&F aon cheann de na srianta eisiata a liostaítear san Airteagal seo, tá feidhm fós ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 má tá na srianta eisiata inscartha ón gcuid eile den chomhaontú T&F agus ar choinníoll go gcomhlíontar an chuid eile de choinníollacha an Rialacháin seo.
TEIDEAL V
NÓS IMEACHTA UM THARRAINGT SIAR
Airteagal 10
Tarraingt siar i gcásanna aonair ag an gCoimisiún Eorpach
1. Féadfaidh an Coimisiún tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar, de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle, i gcás ina gcinnfidh sé in aon chás ar leith go bhfuil éifeachtaí, atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh, ag comhaontú T&F a bhfuil, mar sin féin, feidhm maidir leis ag an díolúine dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
2. Féadfaidh tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 go háirithe sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
cuireann comhaontú T&F srian suntasach ar an raon feidhme do tríú páirtithe maidir le taighde agus forbairt a dhéanamh sa réimse/sna réimsí a bhaineann leis na táirgí conartha nó leis na teicneolaíochtaí conartha; |
|
(b) |
cuireann an comhaontú T&F srian suntasach ar rochtain tríú páirtithe ar an margadh do tháirgí conartha nó do theicneolaíochtaí conartha; |
|
(c) |
ní shaothraíonn na páirtithe torthaí an taighde agus na forbartha i gcomhar nó íoctha vis-à-vis tríú páirtithe gan aon chúis atá bailí ar bhonn oibiachtúil; |
|
(d) |
níl na táirgí conartha nó na teicneolaíochtaí conartha faoi réir go hiomlán nó i gcuid mhór den mhargadh inmheánach d’iomaíocht éifeachtach ó tháirgí, ó theicneolaíochtaí nó ó phróisis a mheasann úsáideoirí a bheith coibhéiseach i bhfianaise a dtréithe, a bpraghsanna agus na húsáide atá beartaithe. |
Airteagal 11
Tarraingt siar i gcásanna aonair ag údarás iomaíochta Ballstáit
1. Féadfaidh údarás iomaíochta Ballstáit tairbhe an Rialacháin seo de bhun Airteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh.1/2003 a tharraingt siar maidir le críoch an Bhallstáit sin, nó cuid de, i gcás ina gcinnfidh sé maidir le haon chás ar leith go bhfuil feidhm ag comhaontú T&F dá bhforáiltear an díolúine sa Rialachán seo, in ainneoin na dtionchar atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh maidir le críoch an Bhallstáit sin, nó i gcuid de, i gcás ina bhfuil na tréithe uile a bhaineann le margadh geografach éagsúil ag an gcríoch sin.
2. Féadfaidh údarás iomaíochta Ballstáit tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar de bhun Airteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, go háirithe i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na himthosca a leagtar amach in Airteagal 10 mír 2(a) go 2(d) den Rialachán seo.
TEIDEAL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 12
Idirthréimhse
1. Gan dochar don fhoráil shonrach idirthréimhseach maidir le comhaontuithe T&F idir gnóthais atá san iomaíocht sa nuálaíocht a leagtar amach i mír 2, ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 101(1) den Chonradh ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2024 maidir le comhaontuithe atá i bhfeidhm cheana an 31 Nollaig 2022 nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le díolúine dá bhforáiltear sa Rialachán seo ach a chomhlíonann coinníollacha na díolúine dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1217/2010.
2. Le haghaidh comhaontuithe T&F idir gnóthais atá san iomaíocht sa nuálaíocht, ní bheidh feidhm ag Airteagal 1 mír 1(18) agus ag Airteagal 6 mír 3 ach amháin maidir le comhaontuithe a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis an 31 Nollaig 2022.
Airteagal 13
Tréimhse bailíochta
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.
2. Rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2034.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 285, 29.12.1971, lch. 46.
(*) Le héifeacht ón 1 Nollaig 2009, déantar Airteagal 101 den Chonradh d’Airteagal 81 de Chonradh CE (Airteagal 85 de Chonradh CEE roimhe seo). Is ionann na forálacha sin go bunúsach. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart tagairtí d’Airteagal 85 de Chonradh CEE nó tagairtí d’Airteagal 81 de Chonradh CE a thuiscint mar thagairtí d’Airteagal 101 den Chonradh i gcás inarb iomchuí.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe de chomhaontuithe taighde agus forbartha (IO L 335, 18.12.2010, lgh. 36).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagal 81 agus in Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).
|
15.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 120/22 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10625 – CARLYLE GROUP / MACQUARIE GROUP / HYCC)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 120/03)
An 9 Márta 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10625. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
|
15.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 120/23 |
Fógra arna dhíriú chuig an eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/932/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/420 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/419 ón gComhairle, maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide in Éimin
(2022/C 120/04)
Cuirtear an fhaisnéis seo a leanas ar aird an eintitis a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2014/932/CBES ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/420 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/419 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide in Éimin.
An 28 Feabhra 2022, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 2140 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe triúr le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.
Féadfaidh an t-eintiteas lena mbaineann, aon tráth, iarraidh ar athbhreithniú ar an gcinneadh é a áireamh ar liosta na Náisiún Aontaithe, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid Choiste na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 2140 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Ba cheart an iarraidh sin a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:
|
Focal Point for De-listing |
|
Security Council Subsidiary Organs Branch |
|
Room DC2 2034 |
|
Na Náisiúin Aontaithe |
|
New York, N.Y. 10017 |
|
United States of America |
Teil +1 917 367 9448
Facs +1 917 367 0460
Ríomhphost: delisting@un.org
Gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise anseo: https://www.un.org/securitycouncil/ga/sanctions/2140/materials/procedures-for-delisting
Ag eascairt as cinneadh na Náisiún Aontaithe, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart an t-eintiteas ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe a chur ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/932/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/420, agus i Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/419. Na forais faoinar liostaíodh an t-eintiteas lena mbaineann, leagtar amach iad san iontráil ábhartha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán.
Cuirtear ar aird an eintitis lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).
Féadfaidh an t-eintiteas lena mbaineann iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle, in éineacht le doiciméadacht tacaíochta, gur cheart breathnú arís ar an gcinneadh é a chur ar an liosta thuasluaite, chuig an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
Ardrúnaíocht |
|
DG RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
Ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu
Cuirtear ar aird an eintitis lena mbaineann freisin gur féidir cur i gcoinne an Chinnidh ón gComhairle os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, an ceathrú agus an séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 365, 19.12.2014, lch. 147.
(2) IO L 86, 14.3.2022, lch. 4.
An Coimisiún Eorpach
|
15.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 120/25 |
Rátaí malairte an euro (1)
14 Márta 2022
(2022/C 120/05)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0960 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
129,30 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4405 |
|
GBP |
punt steirling |
0,83915 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
10,5368 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
1,0249 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
145,10 |
|
NOK |
krone na hIorua |
9,8588 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,890 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
373,88 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,7218 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9490 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
16,2000 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,5137 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,3978 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,5815 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6130 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4947 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 357,77 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
16,5029 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
6,9738 |
|
HRK |
kuna na Cróite |
7,5745 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
15 678,53 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,6087 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
57,398 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
36,590 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,5286 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
22,8311 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
83,9310 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
15.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 120/26 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10644 — TOWERBROOK CAPITAL PARTNERS / NEW MOUNTAIN CAPITAL / CLOUDMED SOLUTIONS / R1 RCM)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 120/06)
1.
An 4 Márta 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
TowerBrook Capital Partners L.P. (“TCP”, na Stáit Aontaithe), |
|
— |
New Mountain Capital, LLC (“NMC”, na Stáit Aontaithe), |
|
— |
R1 RCM, Inc. (“R1”, na Stáit Aontaithe), faoi rialú deiridh TCP faoi láthair, |
|
— |
Cloudmed Solutions LLC (“Cloudmed”, na Stáit Aontaithe), faoi rialú NMC faoi láthair. |
Gheobhaidh TCP agus NMC rialú comhpháirteach ar R1 agus Cloudmed de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
i gcás TCP: deiseanna infheistíochta a chur ar fáil do chliaint i gcuideachtaí móra agus meánmhargaidh Eorpacha agus Mheiriceá Thuaidh i réimsí éagsúla, lena n-áirítear táirgí agus seirbhísí cúraim sláinte, miondíol, só, seirbhísí airgeadais, earraí tomhaltais, teileachumarsáid, na meáin, ceimiceáin, seirbhísí eolais agus codanna roghnaithe tionsclaíocha, |
|
— |
i gcás NMC: caipiteal cothromais phríobháidigh, caipiteal creidmheasa agus glanchaipiteal léasa a bhainistiú ar fud an domhain ar fud cineálacha éagsúla tionscal lena n-áirítear cúram sláinte, bogearraí, seirbhísí gnó, faisnéis agus sonraí, lóistíocht, seirbhísí airgeadais agus seirbhísí comhshaoil, |
|
— |
i gcás R1: réitigh atá dírithe ar theicneolaíocht a chur ar fáil chun feabhas a chur ar eispéireas othar agus ar fheidhmíocht airgeadais ospidéal, córas sláinte agus grúpaí leighis i Meiriceá Thuaidh, |
|
— |
i gcás Cloudmed: réitigh faisnéise ioncaim a chur ar fáil do sholáthraithe cúraim sláinte i Meiriceá Thuaidh. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
Cás M.10644 — TOWERBROOK CAPITAL PARTNERS / NEW MOUNTAIN CAPITAL / CLOUDMED SOLUTIONS / R1 RCM
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála thíos:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta |
|
Clárlann na gCumasc |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
15.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 120/28 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10586 — MGL / MSP / O’CONNOR / MCLAREN RACING)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 120/07)
1.
An 7 Márta 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
UBS O’Connor LLC (“O‘Connor”, Stáit Aontaithe Mheiriceá), atá á rialú ag UBS AG (“UBS”, an Eilvéis); |
|
— |
MSP Racing Holdings, L.P. (“MSP”, Stáit Aontaithe Mheiriceá); |
|
— |
McLaren Group Limited (“MGL”, an Ríocht Aontaithe), atá á rialú ag Bahrain Mumtalakat Holding Company B.S.C.(c) (‘Mumtalakat, Bairéin); |
|
— |
McLaren Racing Limited (an “JV”, an Ríocht Aontaithe). |
Faigheann O’Connor, MSP agus MGL (le chéile, na “Páirtithe a thug fógra”) rialú comhpháirteach ar an JV (an “tIdirbheart”) de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin conartha nó aon mhodh eile.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
i gcás O’Connor: comhairleoir infheistíochta atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe a chuireann seirbhísí comhairleacha infheistíochta ar fáil dá chliaint, lena n-áirítear cistí infheistíochta agus infheisteoirí sofaisticiúla, |
|
— |
i gcás MSP: gnólacht comhairleach infheistíochta atá lonnaithe go príobháideach sna Stáit Aontaithe agus a bhainistíonn infheistíochtaí i bhfoirne spóirt gairmiúla, i sraitheanna gairmiúla, agus i ngnólachtaí in éiceachóras an spóirt, |
|
— |
i gcás MGL: cuideachta sealbhaíochta do ghníomhaíochtaí gnó ghrúpa McLaren. Tá dhá roinn thábhachtacha i ngnó ghrúpa McLaren, i.e. (i) McLaren Automotive Limited, soláthraí carranna ardfheidhmíochta sóchais; agus (ii) an JV, |
|
— |
i gcás an JV: forbairt, táirgeadh, rásaíocht agus margaíocht i ndáil lena rannpháirtíocht i mótarspórt Foirmle 1. Anuas ar a ghnó Foirmle 1, tá McLaren Racing gníomhach freisin i sraitheanna eile mótarspórt amhail IndyCar Series atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, áit ina gcomhoibríonn McLaren Racing, agus tugann sé tacaíocht theicniúil faoi láthair don fhoireann rásaíochta de chuid na Stát Aontaithe Arrow McLaren SP. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10586 — MGL / MSP / O’CONNOR / MCLAREN RACING
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).