ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 115

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
11 Márta 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 115/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10568 – IIF INTERNATIONAL HOLDING / G+E GETEC HOLDING) ( 1 )

1

2022/C 115/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10605 – MACQUARIE REAL ESTATE / CPG VAN OOSTROM BEHEER / EDGE) ( 1 )

2

2022/C 115/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10570 — ADVENT / PERMIRA / MCAFEE) ( 1 )

3

2022/C 115/04

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10609 — EURAZEO / PSPIB / FST HOTELS) ( 1 )

4


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN BANC CEANNAIS EORPACH

2022/C 115/05

Tuairim ón mBanc ceannais eorpach an 29 Nollaig 2021 maidir le togra le haghaidh rialacháin lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hintleacht shaorga (CON/2021/40)

5


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2022/C 115/06

Fógra le tabhairt ar aird ag daoine agus eintitis atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/411 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/408 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

12

2022/C 115/07

Fógra le tabhairt ar aird ag na hábhair sonraí a mbeidh feidhm ina leith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

14

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 115/08

Rátaí malairte an euro — 10 Márta 2022

15

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 115/09

Faisnéis atá le cur ar fáil de bhun Airteagal 5(2) — Bunú Grúpála Eorpaí um Chomhar Críochach (GECC) (Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 ( IO L 210, 31.7.2006, lch. 19 ))

16


 

V   Fógairtí

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 115/10

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

18


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10568 – IIF INTERNATIONAL HOLDING / G+E GETEC HOLDING)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 115/01)

An 3 Márta 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10568. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10605 – MACQUARIE REAL ESTATE / CPG VAN OOSTROM BEHEER / EDGE)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 115/02)

An 4 Márta 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10605. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/3


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10570 — ADVENT / PERMIRA / MCAFEE)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 115/03)

An 24 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10570. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/4


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10609 — EURAZEO / PSPIB / FST HOTELS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 115/04)

An 25 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10609. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN BANC CEANNAIS EORPACH

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/5


TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 29 Nollaig 2021

maidir le togra le haghaidh rialacháin lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hintleacht shaorga

(CON/2021/40)

(2022/C 115/05)

Réamhrá agus bunús dlí

An 3 Samhain 2021 fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarraidh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar thuairim maidir le togra (1) le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hintleacht shaorga (an Gníomh maidir le hIntleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha reachtacha áirithe de chuid an Aontais (dá ngairtear an “rialachán beartaithe” anseo feasta).

Is ar Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá inniúlacht BCE chun tuairim a thabhairt bunaithe, ós rud é go bhfuil forálacha sa rialachán beartaithe a thagann faoi réimsí inniúlachta BCE, go háirithe maidir le cúraimí BCE a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa de bhun Airteagal 127(6) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim sin.

1.   Barúlacha ginearálta

1.1.

Is mór ag BCE cuspóir an rialacháin bheartaithe feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos chun intleacht shaorga (artificial intelligence, AI) iontaofa a fhorbairt, a mhargú agus a úsáid i gcomhréir le luachanna an Aontais. Aithníonn BCE a thábhachtaí atá sé ceanglais chomhchuibhithe a leagan síos a bhaineann go sonrach le córais AI chun a áirithiú go ndéantar cúiseanna sáraitheacha leasa phoiblí amhail sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha a chosaint ar bhonn comhsheasmhach ardleibhéil.

1.2.

Admhaíonn BCE freisin a thábhachtaí atá nuálaíocht atá cumasaithe ag AI in earnáil na baincéireachta agus an tábhacht sin ag dul i méid. Agus an nádúr bunúsach trasteorann agus na deiseanna bunúsacha trasteorann a ghabhann le nuálaíocht AI i ngníomhaíochtaí baincéireachta á gcur san áireamh, tacaíonn BCE, mar an t-údarás maoirseachta stuamachta ar leibhéal an Aontais, go láidir leis an riachtanas cur chun feidhme comhchuibhithe an rialacháin bheartaithe ag institiúidí creidmheasa a áirithiú ó thaobh rioscaí agus ceanglais stuamachta. Ar an gcaoi chéanna, agus i bhfianaise thábhacht na hintleachta saorga agus an tábhacht sin atá ag dul i méid, iarrtar ar reachtóir an Aontais a mhachnamh a dhéanamh amach anseo ar an bhféidearthacht údarás neamhspleách AI a bhunú ar leibhéal an Aontais a bheidh freagrach as an rialachán beartaithe a chur i bhfeidhm go comhchuibhithe ar fud an mhargaidh aonair maidir le nithe a bhaineann go sonrach le sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha.

1.3.

Maidir le córais ardriosca AI arna soláthar nó arna n-úsáid ag institiúidí creidmheasa, tuigtear do BCE go ndéantar leis an rialachán beartaithe oibleagáidí áirithe a chomhtháthú leis na nósanna imeachta a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (dá ngairtear “CRD” anseo feasta). Is é is aidhm don rialachán beartaithe, go háirithe, comhsheasmhacht le CRD a fheabhsú trí chuid de bhainistiú riosca agus d’oibleagáidí rialachais na soláthraithe agus na n-úsáideoirí a chomhtháthú i gcóras rialachais inmheánaigh na n-institiúidí creidmheasa (3). Mar gheall ar úrnuacht agus coimpléascacht AI, agus ar chaighdeáin ardleibhéil an rialacháin bheartaithe, tá gá le tuilleadh treorach chun ionchais mhaoirseachta a shoiléiriú maidir leis na hoibleagáidí i ndáil le rialachas inmheánach.

1.4.

Is mór ag BCE go bhfuil ar intinn leis an rialachán beartaithe forluí leis an gcreat reachtach atá ann cheana a sheachaint trí roinnt dá fhorálacha a chuimsiú i bhforálacha ábhartha CRD (4). I ndáil leis an méid sin, is geal le BCE go measfar, maidir leis an oibleagáid atá ar sholáthraithe institiúidí creidmheasa a bhfuil córais ardriosca AI acu córas bainistithe cáilíochta a chur i bhfeidhm agus maidir leis an oibleagáid atá ar úsáideoirí institiúidí creidmheasa na gcóras ardriosca AI faireachán a dhéanamh ar oibriú an chórais, go bhfuil na hoibleagáidí sin á gcomhall trí na rialacha maidir le socruithe, próisis agus sásraí rialachais inmheánaigh a leagtar amach i bhforálacha ábhartha CRD a chomhlíonadh (5).

1.5.

Leagann BCE béim ar an bhfíoras gur cheart don rialachán beartaithe a bheith gan dochar do na hoibleagáidí stuamachta níos sonraí nó níos déine atá ar institiúidí creidmheasa agus a leagtar amach i rialáil earnála agus a fhorlíontar le treoraíocht mhaoirseachta. Mar shampla, cumhdaítear leis na hoibleagáidí rialachais inmheánaigh atá ar úsáideoirí institiúidí creidmheasa na gcóras AI faoi CRD (6) rialú éifeachtach ar shocruithe seachfhoinsithe, lena n-áirítear na rioscaí gaolmhara go léir a shainaithint, a mheasúnú agus a mhaolú, faoi threoir freisin a bhfuil sna Treoirlínte ó ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe (7). Cé go sanntar oibleagáidí difriúla do sholáthraithe agus d’úsáideoirí córais ardriosca AI leis an rialachán beartaithe, ní dhéantar idirdhealú den sórt sin sna Treoirlínte ó ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe i gcomhthéacs seachfhoinsiú a dhéantar idir soláthraithe tríú páirtí ar réitigh theicneolaíocha agus institiúidí creidmheasa. I ndáil leis sin, ní laghdaítear le seachfhoinsiú an oibleagáid atá ar na hinstitiúidí creidmheasa na ceanglais rialála a chomhlíonadh, agus tá an maoirseoir stuamachta fós inniúil ó thaobh maoirseacht a dhéanamh ar na rioscaí stuamachta a bhaineann le feidhmeanna seachfhoinsithe. I bhfianaise an mhéid sin, ba gheal le BCE tuilleadh soiléirithe a fháil maidir leis na ceanglais is infheidhme agus leis na húdaráis inniúla ó thaobh seachfhoinsiú córas ardriosca AI ag úsáideoirí institiúide creidmheasa.

1.6.

Ba cheart ról BCE faoin rialachán beartaithe a shoiléiriú, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: (1) inniúlachtaí maoirseachta stuamachta BCE i gcoitinne, agus i ndáil le faireachas margaidh agus measúnú comhréireachta; agus (2) cur i bhfeidhm an rialacháin bheartaithe maidir le comhlíonadh chúraimí BCE faoin gConradh.

1.7.

Tá BCE tiomanta i gcónaí do chur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de i dtaca le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa. Is é an ról atá aige sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa a áirithiú, agus ardchaighdeán maoirseachta stuamachta a choimeád, beag beann ar aon réiteach teicneolaíoch ar leith a chur i bhfeidhm. Tá sé mar aidhm ag BCE cothrom iomaíochta a choimeád le haghaidh maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, ag cloí leis an treoirphrionsabal “an ghníomhaíochta chéanna, na rioscaí céanna, an mhaoirseacht chéanna” (8).

2.   Ról BCE faoin rialachán beartaithe

2.1.   Soiléiriú ar inniúlachtaí maoirseachta stuamachta BCE maidir le faireachas margaidh

2.1.1.

Foráiltear leis an rialachán beartaithe go mbeidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le córais AI a chumhdaítear leis an rialachán beartaithe (10), agus go dtuigfear go n-áirítear gach córas AI a thagann faoi raon feidhme an rialacháin bheartaithe le haon tagairt do tháirge faoi Rialachán (AE) 2019/1020 (11). Maidir leis sin, tugann BCE dá aire gurb é cuspóir Rialachán (AE) 2019/2020 feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh tríd an bhfaireachas margaidh ar tháirgí atá cumhdaithe ag reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a neartú chun a áirithiú nach gcuirfear ar mhargadh an Aontais ach táirgí comhlíontacha lena gcomhalltar ceanglais lena dtugtar ardleibhéal cosanta do leasanna an phobail, amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht i gcoitinne, an tsláinte agus an tsábháilteacht san ionad oibre, cosaint tomhaltóirí, cosaint an chomhshaoil agus an tslándáil phoiblí agus aon leas poiblí eile atá cosanta ag reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú (12).

2.1.2.

Sainmhínítear sa rialachán beartaithe an t-údarás um fhaireachas margaidh a dhéanann na gníomhaíochtaí agus na bearta de bhun Rialachán (AE) 2019/1020 (13). Le Rialachán (AE) 2019/1020, sainmhínítear, dá réir sin, an t-údarás um fhaireachas margaidh mar údarás arna ainmniú ag Ballstát faoi Rialachán (AE) 2019/1020 mar údarás atá freagrach as faireachas margaidh a dhéanamh ar chríoch an Bhallstáit sin (14). Ina theannta sin, soiléirítear in aithris 9 de Rialachán (AE) 2019/1020 gur cheart gurb iad na Ballstáit a bheadh freagrach as reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a fhorfheidhmiú, agus gur cheart ceangal a chur ar a n-údaráis um fhaireachas margaidh a áirithiú go gcomhlíonfar an reachtaíocht go hiomlán (15). Ar an mbonn sin, tuigtear do BCE nach údarás um fhaireachas margaidh é BCE faoin rialachán beartaithe.

2.1.3.

Foráiltear leis an rialachán beartaithe freisin, áfach, maidir le córais AI arna gcur ar an margadh, arna gcur i seirbhís nó arna n-úsáid ag institiúidí airgeadais arna rialú le reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, gurb é an t-údarás um fhaireachas margaidh, chun críche an rialacháin bheartaithe, an t-údarás ábhartha a bheidh freagrach as mhaoirseacht airgeadais a dhéanamh ar na hinstitiúidí sin faoin reachtaíocht sin (16). Ina theannta sin, soiléirítear in aithris 80 den rialachán beartaithe go n-áirítear i reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais rialacha agus ceanglais inmheánacha rialachais agus bainistithe riosca is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais rialáilte le linn na seirbhísí sin a sholáthar, lena n-áirítear nuair a bhaineann siad úsáid as córais AI. Soiléirítear ann freisin, chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhleanúnach na n-oibleagáidí faoin rialachán beartaithe agus na rialacha agus na gceanglas ábhartha de chuid reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais a áirithiú, gur cheart na húdaráis atá freagrach as maoirseacht agus forfheidhmiú na reachtaíochta seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear BCE i gcás inarb infheidhme, a ainmniú mar údaráis inniúla chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an rialacháin bheartaithe, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh, i ndáil le córais AI arna soláthar nó arna n-úsáid ag institiúidí airgeadais atá faoi rialáil agus faoi mhaoirseacht. I ndáil leis sin, déantar tagairt freisin don ghá le tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhsheasmhacht idir an rialachán beartaithe agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa a rialáiltear faoi CRD.

2.1.4.

Faoi Airteagal 127(6) den Chonradh, féadfaidh an Chomhairle cúraimí sonracha a chur d’aon toil ar BCE maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar institiúidí airgeadais eile seachas gnóthais árachais. Ar an mbonn sin, le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (17) ón gComhairle (dá ngairtear “Rialachán SAM” anseo feasta) tugtar cúraimí sonracha do BCE i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, d’fhonn rannchuidiú le sábháilteacht agus fóntacht na n-institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais laistigh den Aontas agus de gach Ballstát, agus lánaird á tabhairt ar aontacht agus sláine an mhargaidh inmheánaigh agus dualgas cúraim á chomhlíonadh i leith an chéanna, bunaithe ar chóir chomhionann a chur ar institiúidí creidmheasa d’fhonn arbatráiste rialála a chosc (18). I ndáil leis an méid sin, is é BCE amháin atá inniúil, chun críocha maoirseachta stuamachta, chun a áirithiú go gcomhlíontar gach gníomh ábhartha de chuid an Aontais, lena bhforchuirtear ceanglais ar institiúidí creidmheasa próisis láidre bainistithe riosca agus sásraí láidre rialaithe inmheánaigh, inter alia, a bheith i bhfeidhm acu (19). Tá ról maoirseachta stuamachta BCE maidir leis sin teoranta dá áirithiú go gcuireann institiúidí creidmheasa beartais agus próisis chun feidhme chun a neamhchosaint ar riosca stuamachta a mheas agus a bhainistiú, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le gnéithe éagsúla de shamhlacha gnó, rialachas agus riosca oibríochtúil na mbanc, agus a eascraíonn as an úsáid a bhaintear as réitigh theicneolaíocha chun sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa agus cobhsaíocht an chórais airgeadais a áirithiú (20).

2.1.5.

Níl sé mar aidhm ag faireachas margaidh sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa a áirithiú, ach ina ionad sin dírítear ar leasanna daoine aonair a chosaint a bhféadfadh córais mhí-úsáideacha AI difear a dhéanamh dóibh trína áirithiú go gcomhlíonann na córais sin na ceanglais is gá chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do leasanna an phobail, amhail sláinte agus sábháilteacht daoine. Dá bhrí sin, tuigtear do BCE nach bhfuil sé i gceist ag reachtóir an Aontais go ngníomhóidh BCE mar údarás um fhaireachas margaidh i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa atá faoina mhaoirseacht faoin rialachán beartaithe. Tá an chonclúid sin i gcomhréir le haithrisí Rialachán SAM, lena soiléirítear go bhfuil na húdaráis náisiúnta inniúil chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú (21).

2.1.6.

Ar an mbonn sin, molann BCE gur cheart, chun bheith comhsheasmhach le hinniúlachtaí maoirseachta stuamachta BCE faoi Airteagal 127(6) den Chonradh agus de Rialachán SAM, a shoiléiriú gan aon débhrí i dtéacs an rialacháin bheartaithe nach bhfuil BCE á ainmniú mar údarás um fhaireachas margaidh agus nach bhfuil aon chúraimí faireachais margaidh á gcur ar a iontaoibh.

2.1.7.

Cé nach bhfuil cúraimí faireachais margaidh tugtha do BCE, b’fhéidir go ndéanfadh Ballstáit áirithe a machnamh ar údaráis inniúla náisiúnta a bhfuil baint acu le maoirseacht ar institiúidí creidmheasa a ainmniú mar údaráis atá freagrach as faireachas margaidh i gcomhthéacs an rialacháin bheartaithe, a mhéid a cheadaítear é sin lena sainordú agus ar a laghad a mhéid atá feidhm ag cúraimí faireachais margaidh maidir le cásanna ina gcuirtear córas AI i seirbhís chun a úsáide dílse. Maidir le húdaráis inniúla náisiúnta a bhfuil baint acu faoi láthair le maoirseacht ar institiúidí creidmheasa a ainmniú mar údaráis atá freagrach as faireachas margaidh den sórt sin, d’fhéadfaí a mheas go ndéanfaí comhleanúnachas agus cost-éifeachtúlacht na bhforthorthaí maoirseachta a choimirciú agus leas á bhaint fosta as an saineolas a bhaineann na húdaráis sin as a gcumhachtaí imscrúdaitheacha agus maoirseachta i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa.

2.1.8.

Ar deireadh, tugann BCE dá aire nach dtugtar aghaidh go leormhaith leis na forálacha maidir le faireachas margaidh sa rialachán beartaithe ar chásanna ina gcuirtear córas AI i seirbhís chun a úsáide dílse. Mar shampla, maidir le cumhacht na n-údarás um fhaireachas margaidh faoin rialachán beartaithe córas AI a athghairm nó a tharraingt siar, d’fhéadfadh sé nach n-éireodh leis an gcumhacht sin scor an chórais sin a thabhairt i gcrích i gcásanna úsáide dílse (22). Dá bhrí sin, iarrtar ar reachtóir an Aontais a shoiléiriú cé acu bearta sriantacha agus cumhachtaí gaolmhara de chuid na n-údarás inniúil ar cheart feidhm a bheith acu maidir le cásanna úsáide dílse.

2.2.   Soiléiriú ar inniúlachtaí maoirseachta stuamachta BCE i réimse an mheasúnaithe comhréireachta

2.2.1.

Foráiltear leis an rialachán beartaithe (23) gurb amhlaidh, maidir le córais ardriosca AI a bheartaítear a úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a shuíomh (24), agus a chuireann institiúidí creidmheasa ar an margadh nó i seirbhís, a dhéanfar measúnú comhréireachta mar chuid den phróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta (SREP) (25). Sainmhínítear sa rialachán beartaithe (26) gurb é atá sa mheasúnú comhréireachta an próiseas chun comhall na gceanglas éigeantach maidir le córais ardriosca AI a leagtar amach sa rialachán beartaithe (27) a fhíorú.

2.2.2.

Mar a tugadh faoi deara roimhe seo, thug an Chomhairle, faoi Airteagal 127(6) den Chonradh, cúraimí sonracha do BCE i ndáil le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, d’fhonn rannchuidiú, inter alia, le sábháilteacht agus fóntacht na n-institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais laistigh den Aontas agus de gach Ballstát (28). Chun nach rachaidh sé thar na cúraimí a thugtar dó leis an gConradh, cuireann BCE i bhfios go láidir go bhféadfadh sé a bheith in ann maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gceanglas ábhartha i gcomhthéacs SREP agus é ag díriú ar na rioscaí stuamachta a bhféadfadh institiúidí creidmheasa a bheith neamhchosanta orthu. I ndáil leis an méid sin, iarrtar ar reachtóir an Aontais a mheas a mhéid a d’fhéadfadh sé nach de chineál stuamachta roinnt gnéithe den mheasúnú comhréireachta a mhéid a bhaineann siad den chuid is mó le measúnú teicniúil ar chórais AI chun sláinte agus sábháilteacht daoine a choimirciú agus chun a áirithiú go n-urramaítear cearta bunúsacha tríd an riosca a bhaineann le próisis earráideacha nó chlaonta AI-chuidithe a íoslaghdú. Go háirithe, ceanglaítear le forálacha ábhartha an rialacháin bheartaithe go ndearfar nó go ndearfar agus go bhforbrófar córais ardriosca AI (1) ar bhonn tacair sonraí oiliúna, bhailíochtaithe agus thástála lena gcomhlíontar critéir cháilíochta áirithe i gcás ina mbaintear úsáid iontu as teicnící lena ngabhann oiliúint ar shamhlacha le sonraí; (2) a bhfuil cumais iontu lenar féidir teagmhais a thaifeadadh go huathoibríoch (“logaí”) chun go n-áirithítear leibhéal inrianaitheachta ar fheidhmiú an chórais ó thús deireadh a shaolré, ar leibhéal é atá oiriúnach don chríoch atá beartaithe dó; (3) ar bhealach lena n-áirithítear go ndéanfaidh daoine nádúrtha maoirseacht éifeachtach orthu, lena n-áirítear uirlisí comhéadain idir duine agus meaisín, chun na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a úsáidtear córas ardriosca AI a chosc nó a íoslaghdú; agus (4) chun leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a bhaint amach (29). Mar a soiléiríodh in aithrisí an rialacháin bheartaithe, tá gá leis na ceanglais sin maidir le cáilíocht na dtacar sonraí a úsáidtear, le doiciméadacht theicniúil agus coimeád taifead, le trédhearcacht agus soláthar faisnéise d’úsáideoirí, le maoirseacht dhaonna, agus le stóinseacht, cruinneas agus cibearshlándáil chun rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha a mhaolú go héifeachtach (30).

2.2.3.

I bhfianaise an mhéid sin, iarrtar ar reachtóir an Aontais tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an ngá le húdaráis inniúla ábhartha a ainmniú mar údaráis inniúla ábhartha atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an measúnú comhréireachta arna dhéanamh ag institiúidí creidmheasa i gcásanna ina mbíonn nithe a bhaineann go sonrach le sláinte, le sábháilteacht agus le cearta bunúsacha i gceist, agus machnamh a dhéanamh ar an ngá atá le cur i bhfeidhm comhchuibhithe an rialacháin bheartaithe a áirithiú ar fud an mhargaidh aonair trí údarás AI a bhunú amach anseo ar leibhéal an Aontais.

2.2.4.

Ina theannta sin, tá ceanglais áirithe le haghaidh córais ardriosca AI nach bhfuil soiléir go hiomlán nó sonrach go leor chun tuiscint leordhóthanach a thabhairt ionas gur féidir bonn eolais a chur faoi na hionchais mhaoirseachta. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gur gá tuilleadh soiléirithe a dhéanamh ar an gceanglas go gcaithfidh tacair sonraí oiliúna, bhailíochtaithe agus thástála a bheith ábhartha, ionadaíoch agus saor ó earráidí agus iomlán (31). I bhfianaise raon feidhme leathan an tsainordaithe a thugtar d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú (32) agus dá bhrí sin go bhféadfadh an baol a bheith ann go ndéanfaí na noirm a leagtar síos leis an rialachán beartaithe a lagú, ba cheart na ceanglais a bhaineann le córais ardriosca AI a leagtar amach sa rialachán beartaithe a bheith sách sonrach.

2.2.5.

Ar deireadh, tuigtear do BCE gur cuid de rialú inmheánach ex ante arna dhéanamh ag an institiúid creidmheasa é an measúnú comhréireachta le haghaidh córais AI arna soláthar ag institiúidí creidmheasa chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a shuíomh (33). I ndáil leis sin, ba cheart an rialachán beartaithe (34) a leasú chun cineál ex post an mheasúnaithe shonraigh a bheidh le déanamh ag an maoirseoir stuamachta mar chuid den SREP a léiriú.

2.3.   Soiléiriú ar inniúlachtaí maoirseachta stuamachta BCE, i gcoitinne

Ní fhéadfar a mheas gur údarás inniúil é BCE ach a mhéid is gá chun na cúraimí a thugtar dó faoi Rialachán SAM a chur i gcrích. Chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint i dtaobh an dtugann an rialachán beartaithe cúraimí nua do BCE, molann BCE, seachas tagairt a dhéanamh go díreach do BCE mar údarás inniúil, gur cheart tagairt a dhéanamh sa rialachán beartaithe d’údaráis inniúla mar a shainítear sna gníomhartha ábhartha de dhlí an Aontais, amhail CRD. De dhroim Rialachán SAM ansin mheasfaí gur údarás inniúil é BCE chun a chúraimí maoirseachta stuamachta a chomhlíonadh agus chuige sin amháin (35).

2.4.   Soiléiriú ar neamhspleáchas BCE i gcomhlíonadh a chúraimí faoin gConradh

Tuigtear do BCE go bhféadfadh sé féin, agus é ag gníomhú mar sholáthraí a chuireann córais AI ar an margadh nó a chuireann córais AI i seirbhís san Aontas, nó mar úsáideoir córas AI atá lonnaithe laistigh den Aontas, a bheith faoi réir an rialacháin bheartaithe (36). Is amhlaidh atá i gcás na mbanc ceannais náisiúnta (BCNanna). Foráiltear leis an rialachán beartaithe gurb amhlaidh, nuair a thagann institiúidí an Aontais faoina raon feidhme, atá an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) le gníomhú mar an t-údarás inniúil le haghaidh a maoirseachta agus mar a n-údarás um fhaireachas margaidh (37). D’fhéadfadh na BCNanna a bheith faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil náisiúnta (38). I ndáil leis sin, is den tábhacht é a chur i dtreis gur cheart do BCE agus do na BCNanna a bheith in ann na cúraimí a thugtar dóibh leis an gConradh a chur i gcrích go neamhspleách (39), mar shampla nuair a bhíonn úsáid á baint acu as aon feidhm intleachta saorga chun beartas airgeadaíochta a shainiú agus a chur chun feidhme agus chun oibriú rianúil córas íocaíochta a chur chun cinn (40). Ní mór a aithint, áfach, nach bhfágann neamhspleáchas CEBC i gcomhlíonadh a chúraimí go bhfuil sé díolmhaithe ó gach riail de dhlí an Aontais (41). Tuigtear do BCE go mbeadh aon mhaoirseacht a d’fhéadfaí a dhéanamh ar BCE ag MECS ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar na BCNanna ag na húdaráis inniúla náisiúnta teoranta do rialuithe cuí ar chóras AI do rialachas cuí an chórais sin, agus nach mbeadh sé i gceist ar bhealach ar bith cur isteach ar chumas BCE agus na BCNanna na cúraimí a thugtar dóibh leis an gConradh a chur i gcrích go neamhspleách.

3.   Aicmiú na gcóras AI

3.1.

Tá sé i gceist leis an rialachán beartaithe creat rialála comhréireach a áirithiú i ndáil lena chuspóirí trí chur chuige rioscabhunaithe a ghlacadh lena bhforchuirtear ualaí rialála ach amháin nuair is dócha go mbeidh rioscaí móra ag baint le córas AI do chearta bunúsacha agus don tsábháilteacht. Mar sin féin, leis an rialachán beartaithe, agus forbairtí amach anseo i dteicneolaíocht AI á dtuar, sainmhínítear ar bhealach leathan na bogearraí a cháilíonn mar chóras AI. Dá thoradh sin, córas AI is ea bogearraí arna bhforbairt chun aschuir amhail inneachar, tuartha, moltaí nó cinntí a ghiniúint, trí úsáid a bhaint as cineálacha cur chuige staitistiúla agus meaisínfhoghlama, chomh maith le modhanna cuardaigh agus optamaithe (42). Faoin sainmhíniú leathan sin cumhdaítear gníomhaíochtaí éagsúla arna ndéanamh ag institiúidí creidmheasa, go háirithe maidir le córais atá ceaptha chun scór creidmheasa daoine nádúrtha a shuíomh.

3.2.

Faoin rialachán beartaithe (43), bheadh formhór mór na ngníomhaíochtaí scórála creidmheasa ina mbaintear úsáid as córais AI faoi réir na n-íoscheanglas cothrománach a fhorchuirtear go huathoibríoch ar chórais ardriosca AI. Dá bhrí sin, ba ghá do roinnt gníomhaíochtaí, lena n-áirítear spriocaimsiú éadála le haghaidh margaíochta, samhaltú bailiúchán agus samhlacha scórála creidmheasa caighdeánacha (e.g. scórchárta ina mbaintear úsáid as cúlchéimniú loighisticiúil), na ceanglais chéanna a chomhlíonadh. Chun soiléireacht a fheabhsú in ionchais mhaoirseachta agus i gcomhréir le cur chuige BCE i dtaobh a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, moltar, i dtaca le córais AI a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha a mheas nó a scór creidmheasa a shuíomh agus ina ndéantar giaráil ar an úsáid neamhspleách a bhaintear as cúlchéimniú líneach nó loighisticiúil nó as crainn chinnteoireachta faoi mhaoirseacht dhaonna, nár cheart na córais aI sin a aicmiú mar chórais ardriosca AI, ar choinníoll gur miontionchar é an tionchar a bhíonn ag na cineálacha cur chuige sin ar mheasúnú ar acmhainneacht creidmheasa nó scór creidmheasa daoine nádúrtha.

3.3.

Ós rud é go ndéanann institiúidí creidmheasa gníomhaíochtaí scórála creidmheasa go rialta sa chleachtas ó lá go lá, molann BCE gur cheart moill a chur ar theacht i bhfeidhm ceanglas a bhaineann le cáiliú na gcóras AI a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha a mheas nó chun a scór creidmheasa a shuíomh mar “chórais ardriosca AI” go dtí go nglacfaidh an Coimisiún sonraíochtaí coiteanna (44) ar an ábhar. Ba cheart, go háirithe, go leagfaí amach go soiléir sna sonraíochtaí coiteanna sin na coinníollacha faoina measfar go bhfuil córais ardriosca AI sa réimse seo i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme, agus cathain ba cheart a mheas gur córais AI “arna gcur i seirbhís ag soláthraithe mionscála le haghaidh a n-úsáide féin” iad córais AI, agus iad a bheith, dá bhrí sin, faoi raon feidhme na heisceachta ón gcáiliú mar chóras ardriosca AI (45). I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart BCE a áireamh ar liosta na gcomhlachtaí a rachfar i gcomhairle leo sula nglacfar sonraíochtaí coiteanna den sórt sin, i gcás ina mbaineann siad le córais AI a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a shuíomh (46).

3.4.

Ar deireadh, is geal le BCE go bhféadfaí an liosta de chórais ardriosca AI a áirítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an rialachán beartaithe a thabhairt cothrom le dáta (47), agus tá sé réidh chun comhoibriú leis an gCoimisiún, agus dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, maidir le rioscaí breise féideartha ó chórais AI a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith ina riosca dochair don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó a d’fhéadfadh a bheith ina riosca drochthionchair ar chearta bunúsacha. Cé is moite de chórais AI a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar scór creidmheasa nó ar acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha, ní ainmnítear mar chórais ardriosca sa rialachán beartaithe córais eile a d’fhéadfadh institiúidí creidmheasa a chur i seirbhís. Mar sin féin, tá institiúidí creidmheasa ag forbairt nó ag cuimhneamh ar shamhaltú sonraí AI lena nasctar díolacháin, idirbhearta, agus sonraí feidhmíochta a fhorbairt agus a úsáid chun a áirithiú go mbeidh forléargas soiléir ann ar riosca iompair i réimse áirithe. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfaí córais AI a úsáid chun faireachán fíor-ama a dhéanamh ar íocaíochtaí, nó chun próifíliú a dhéanamh ar chliaint nó ar idirbhearta, chun críche frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta.

I gcás ina molann BCE go ndéanfaí an rialachán beartaithe a leasú, leagtar amach togra sonrach maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leithligh a mbeidh téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 29 Nollaig 2021.

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  COM(2021) 206 final.

(2)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(3)  Féach Airteagail 9(9), 18(2), 20(2) agus 29(5) den rialachán beartaithe agus Airteagal 74 de CRD.

(4)  Féach Airteagal 74 de CRD.

(5)  Féach Airteagal 17(3) agus Airteagal 29(4) den rialachán atá beartaithe.

(6)  Féach Airteagal 74 de CRD.

(7)  Féach Treoirlínte ÚBE maidir le Socruithe Forfhoinsithe (https://www.eba.europa.eu/regulation-and-policy/internal-governance/guidelines-on-outsourcing-arrangements).

(8)  Féach Andrea Enria, Cathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE, “A binary future? How digitalisation might change banking”, De Nederlandsche Bank, Amsterdam, 11 Márta 2019, le fáil ar shuíomh gréasáin BCE maidir le Maoirseacht ar Bhaincéireacht ag www.bankingsupervision.europa.eu.

(9)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus maidir le comhlíonadh ag táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42 (CE) agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(10)  Féach Airteagal 63(1) den rialachán beartaithe.

(11)  Féach Airteagal 63(1)(b) den rialachán beartaithe.

(12)  Féach Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2019/1020.

(13)  Féach Airteagal 3(26) den rialachán beartaithe.

(14)  Féach Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) 2019/1020.

(15)  Féach aithris 9 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(16)  Féach Airteagal 63(4) den rialachán beartaithe.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(18)  Féach an chéad mhír d’Airteagal 1 de Rialachán SAM.

(19)  Féach Airteagal 4(1)(e) den Rialachán SAM.

(20)  Féach aithris 30 de Rialachán SAM, chomh maith le leathanaigh 53 agus 54 de “ESCB/European banking supervision response to the European Commission’s public consultation on a new digital finance strategy for Europe/FinTech action Plan” (Lúnasa 2020), atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE um Maoirseacht ar Bhaincéireacht.

(21)  Féach aithrisí 28 agus 29 de Rialachán SAM.

(22)  Féach Airteagal 3, pointí (16) agus (17), Airteagal 65(2), an dara fomhír, agus Airteagail 65(5) agus 67(1) den rialachán beartaithe.

(23)  Féach Airteagal 19(2) agus Airteagal 43(2) den rialachán beartaithe.

(24)  Féach pointe 5(b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an rialachán atá beartaithe.

(25)  Déileáiltear le SREP in Airteagail 97 go 101 de CRD.

(26)  Féach Airteagal 3(20) den rialachán beartaithe.

(27)  Féach Airteagail 8 go 15 de Caibidil 2 de Theideal III den rialachán beartaithe.

(28)  Féach an chéad mhír d’Airteagal 1 de Rialachán SAM.

(29)  Féach Airteagail 10, 12, 14 agus 15 den rialachán beartaithe.

(30)  Féach aithris 43 den rialachán beartaithe.

(31)  Féach Airteagal 10(3) den rialachán beartaithe.

(32)  Féach Airteagal 40 agus aithris 61 den rialachán atá beartaithe.

(33)  Féach an chéad abairt d’Airteagal 43(2) agus Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an rialachán beartaithe.

(34)  Féach Airteagal 19(2) agus go háirithe an dara habairt d’Airteagal 43(2) den rialachán beartaithe.

(35)  Féach Airteagal 6 den Rialachán SAM.

(36)  Féach Airteagal 2 den rialachán beartaithe.

(37)  Féach Airteagal 59(8) agus Airteagal 63(6) den rialachán atá beartaithe.

(38)  Féach Airteagal 59(2) den rialachán beartaithe.

(39)  Féach Airteagal 130 den Chonradh.

(40)  Féach an chéad fhleasc agus an ceathrú fleasc d’Airteagal 127(2) den Chonradh.

(41)  Féach an breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Iúil 2003, C-11/00 Coimisiún na gComhphobal Eorpach v An Banc Ceannais Eorpach, ECLI:EU:C:2003:3, míreanna 130 go 135.

(42)  Féach Airteagal 3(1) agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán beartaithe.

(43)  Féach pointe 5(b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an rialachán beartaithe.

(44)  Féach Airteagal 41(1) den rialachán beartaithe.

(45)  De bhun pointe 5(b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an rialachán beartaithe.

(46)  Féach Airteagal 41(2) den rialachán beartaithe.

(47)  Féach Airteagal 7(1) den rialachán beartaithe.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/12


Fógra le tabhairt ar aird ag daoine agus eintitis atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/411 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/408 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

(2022/C 115/06)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird do na daoine agus na heintitis a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/411 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/408 ón gComhairle (4) maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

Tar éis di athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas arna n-ainmniú sna hiarscríbhinní thuasluaite, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh, gur cheart do na bearta sriantacha dá bhforáiltear i 2014/145/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir leis na daoine agus na heintitis sin.

Tugtar d’aire na ndaoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suímh ghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, d’fhonn údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine agus na heintitis lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, chuig an seoladh seo a leanas roimh an 1 Meitheamh 2022:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Tugtar d’aire na ndaoine agus na n-eintiteas lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

(2)  IO L 84, 11.3.2022, lch. 28.

(3)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.

(4)  IO L 84, 11.3.2022, lch. 2.


11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/14


Fógra le tabhairt ar aird ag na hábhair sonraí a mbeidh feidhm ina leith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

(2022/C 115/07)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird na n-ábhar sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/411 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/408 ón gComhairle (5).

Is í Roinn RELEX.1. in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh – RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2014/145/CBES, arna leasú ag Cinneadh (CBES) 2022/411, agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/408.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2014/145/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar d’aon srianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag, nó go ceann ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

(3)  IO L 84, 11.3.2022, lch. 28.

(4)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.

(5)  IO L 84, 11.3.2022, lch. 2.


An Coimisiún Eorpach

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/15


Rátaí malairte an euro (1)

10 Márta 2022

(2022/C 115/08)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,1084

JPY

yen na Seapáine

128,54

DKK

krone na Danmhairge

7,4401

GBP

punt steirling

0,84175

SEK

krona na Sualainne

10,7073

CHF

franc na hEilvéise

1,0270

ISK

króna na hÍoslainne

145,50

NOK

krone na hIorua

9,9190

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

25,316

HUF

forint na hUngáire

381,63

PLN

zloty na Polainne

4,8239

RON

leu na Rómáine

4,9491

TRY

lira na Tuirce

16,5740

AUD

dollar na hAstráile

1,5109

CAD

dollar Cheanada

1,4189

HKD

dollar Hong Cong

8,6688

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6185

SGD

dollar Shingeapór

1,5058

KRW

won na Cóiré Theas

1 360,48

ZAR

rand na hAfraice Theas

16,7264

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,0063

HRK

kuna na Cróite

7,5665

IDR

rupiah na hIndinéise

15 824,95

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6414

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,825

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,710

BRL

real na Brasaíle

5,5958

MXN

peso Mheicsiceo

23,3153

INR

rúipí na hIndia

84,6070


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/16


Faisnéis atá le cur ar fáil de bhun Airteagal 5(2)

Bunú Grúpála Eorpaí um Chomhar Críochach (GECC)

(Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19))

(2022/C 115/09)

I.1)   

Ainm, seoladh agus pointe teagmhála

Ainm oifigiúil: Parc naturel européen Plaines Scarpe-Escaut

Oifig chláraithe: Rue des Sapins 31, 7603 Bon-Secours, An Bheilg

Pointe teagmhála: Isabelle Zarlenga, Stiúrthóir

Seoladh gréasáin na grúpála: https://plaines-scarpe-escaut.eu

I.2)   

Fad na Grúpála:

Fad na Grúpála: neamhshonraithe

Dáta clárúcháin: 6 Meán Fómhair 2021

Dáta foilsithe: 28 Deireadh Fómhair 2021

II.   CUSPÓIRÍ

Is éard is cuspóir seachbhrabúsach don Ghrúpáil, sa Bheilg di agus thar lear araon, bíodh sin ar a cuntas féin nó thar ceann a comhaltaí, an comhar trasteorann idir a comhaltaí a éascú, a chur chun cinn agus a stiúradh sa chríoch a shainmhínítear in Airteagal 3 dá reacht.

Dá réir sin, cuireann an Ghrúpáil tionscadail i gcrích laistigh de raon tascanna a chomhaltaí mar atá sainithe i gCairt Pháirc Nádúrtha Réigiúnach Scarpe-Escaut, arna hathnuachan ag Foraithne Aireachta Uimh. 2010-1021 an 30 Lúnasa 2010, agus sa phlean bainistíochta do Pháirc Nádúrtha Plaines de l’Escaut a ghlac Aire Talmhaíochta, Dúlra agus Gnóthaí Tuaithe na Vallúine an 1 Aibreán 2015.

Is éard is aidhm do na tionscadail sin féiniúlacht trasteorann na críche lena mbaineann a neartú. Déanann an Ghrúpáil plean gníomhaíochta a tharraingt suas agus a chur i ngníomh.

Tá an Ghrúpáil i dteideal oibreacha a dhéanamh, nó a bheith ina forbróir ar na hoibreacha sin, ach iad a bheith riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach sa chríoch a shainítear in Airteagal 3. Féadfaidh an Ghrúpáil conarthaí nó comhaontuithe a dhéanamh. Féadfaidh an Ghrúpáil maoiniú de gach cineál – maoiniú poiblí, príobháideach agus go háirithe maoiniú Comhphobail – a lorg freisin chun cláir agus tionscadail chomhair chríochaigh a chur chun feidhme. Comhordaíonn an Ghrúpáil cur chun feidhme na dtionscadal arna gcómhaoiniú ar an gcaoi sin.

Mar riail ghinearálta, tá sé d’inniúlacht iomlán dhlíthiúil ag an nGrúpáil na gníomhartha agus na hidirbhearta uile a dhéanamh a bhaineann go díreach nó go hindíreach lena cuspóir nó a d’éascódh cur i gcrích an chuspóra sin go díreach nó go hindíreach, cibé acu ina iomláine nó go páirteach é sin.

III.   SONRAÍ BREISE MAIDIR LE hAINM NA GRÚPÁLA

Ainm as Béarla: Scarpe-Scheldt Plains European Natural Park

Ainm as Fraincis: Parc naturel européen Plaines Scarpe-Escaut

IV.   COMHALTAÍ

IV.1)

Líon iomlán na gcomhaltaí sa Ghrúpáil: 2

IV.2)

Náisiúnachtaí na gcomhaltaí sa Ghrúpáil: FR, BE

IV.3)

Faisnéis faoi na comhaltaí (1)

Ainm oifigiúil: ASBL Commission de gestion du Parc naturel des Plaines de l’Escaut

Seoladh poist: Rue des Sapins 31, 7603 Bon-Secours, An Bheilg

Seoladh gréasáin: http://plainesdelescaut.be

Cineál comhalta: Grúpáil arna bunú ag 8 n-údarás áitiúla

Ainm oifigiúil: Syndicat mixte de gestion du Parc naturel régional Scarpe-Escaut

Seoladh poist: 59731 Saint-Amand-les-Eaux, An Fhrainc

Seoladh gréasáin: http://www.pnr-scarpe-escaut.fr/

Cineál comhalta: Comhlacht arna rialú faoin dlí poiblí


(1)  Cuir isteach an fhaisnéis seo a leanas i gcás gach comhalta.


V Fógairtí

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/18


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2022/C 115/10)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“Derecske alma”

Uimh. AE: PGI-HU-02586 – 4 Meán Fómhair 2019

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm TGF

“Derecske alma”

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Ungáir

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   Cineál táirge

Aicme 1.6: Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Féadfar an tásc geografach faoi chosaint “Derecske alma” a úsáid le haghaidh úlla a íosfar agus iad úr i leith chineálacha Braeburn, Gala, Golden Delicious Reinders, Granny Smith, Jonagold, Idared, Pinova agus Topaz de chuid an speiceas Malus domestica agus gach cineál eile den toradh a fhástar sa limistéar geografach, ar cineálacha iad a bhaineann amach na saintréithe cáilíochta seo a leanas:

Cion cailciam: méid íosta. 75 mg/kg

Cion maignéisiam: méid íosta. 75 mg/kg

Teinne an bhia: 6.5–7.5 kg/cm2

Aigéadacht arna cur in iúl mar aigéad malach: 2–4.1 g/kg

Leibhéal siúcra: méid íosta 10° Brix (Gala, Golden Delicious Reinders, Jonagold, Pinova, Granny Smith, Braeburn); méid íosta 8° Brix (Idared, Topaz);

Cion siúcra/aigéid: méid íosta 28 (Gala, Golden Delicious Reinders, Jonagold, Pinova); méid uasta 24 (Braeburn, Granny Smith, Idared, Topaz).

Méid: trastomhas ó 65 go 85 mm (ag brath ar an gcineál)

Tá cion ard cailciam ag bia “Derecske alma” agus tá sé an-teann dá réir sin. Ciallaíonn sin go bhfuil na húlla an-úrbhriosc agus gur féidir iad a stóráil ar feadh tréimhsí fada.

Mar gheall ar an gcion ard siúcra agus an aigéadacht íseal atá ann, tá blas beagáinín milis ar “Derecske alma”.

Ag brath ar an gcineál áirithe, tá craiceann soiléir ar “Derecske alma” atá an-bhuí go deo (Golden Delicious Reinders, Gala, Pinova, Topaz), an-dearg go deo (Braeburn, Idared, Jonagold) nó an-ghlas go deo (Granny Smith).

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a thógáil sa limistéar geografach sainithe

Ní mór “Derecske alma” a fhás agus a bhuaint sa limistéar geografach arna sonrú i bpointe 4 agus sa limistéar sin amháin.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Fástar “Derecske alma” laistigh de theorainneacha riaracháin bhaile Derecske agus shráidbhailte Sáránd, Hajdúbagos, Konyár agus Tépe i gContae Hajdú-Bihar.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá nasc “Derecske alma” leis an limistéar geografach bunaithe ar cháilíocht.

Tagann na coinníollacha ithreach agus aeráide i réigiún Derecske agus eolas an duine le chéile chun ardchaighdeán “Derecske alma” a tháirgeadh.

Tá bia “Derecske alma”, a bhfuil cion ard cailciam (méid íosta 75 mg/kg) agus maignéisiam (min. 75 mg/kg) ann, teann (6.5–7.5 kg/cm2) agus tá blas beagáinín milis air mar gheall ar a aigéadacht íseal, arna cur in iúl mar aigéad malach (2–4.1 g/kg), agus ar a chion ard siúcra (méid íosta. 8 nó 10° Brix, ag brath ar an gcineál). Tá dath geal soiléir ar a gcraiceann freisin, dath a bhraitheann ar an gcineál. Tá na saintréithe sin iontu de bharr na bhfachtóirí nádúrtha sonracha a bhaineann leis an limistéar geografach agus na scileanna daonna.

Is machaire glárach limistéar táirgeachta “Derecske alma” atá clúdaithe le láib lóis in oirthear an Mhachaire Mhóir. Tá cineál ithreach seornaiseoim lóis ann, le ciseal carbónáite sna leibhéil is doimhne, rud a chiallaíonn go bhfuil an ithir beagán alcaileach. De bharr an chisil carbónáite sin, tá soláthar maith cailciam, maignéisiam agus fosfair ann. Bíonn rath ar fhréamhacha an chrainn torthaí san ithir lóis atá measartha méith ó thaobh an húmais de, nach bhfuil rótheann agus atá beagán gainmheach, ar ithir í a théann go furasta, a bhfuil airíonna maithe iontu maidir le bainistiú uisce agus ina bhfuil barrithir dhomhain le huigeacht ghrabhrógach. Tá soláthar ocsaigine na hithreach foirfe le haghaidh crainn úll.

Tá aeráid ilchríochach thirim le teochtaí measartha te ag an limistéar geografach iomlán. Tá líon ard uaireanta gréine go bliantúil, idir 1, 960 uair agus 2, 000 uair.

Is é 10–11 °C an mheánteocht bhliantúil. Is é 17 °C an mheánteocht sa séasúr fáis. De bharr tionchair aeráide ilchríochacha, is saintréith de chuid an limistéir táirgeachta torthaí luaineachtaí arda teochta laethúla, go háirithe le linn thréimhse an tsamhraidh. Le blianta beaga anuas, bhí luaineacht sa teocht laethúil le linn mhíonna an tsamhraidh idir 7 °C agus 17 °C.

Tá tionchar cinntitheach ag scileanna daonna ar cháilíocht na n-úll i saothrú “Derecske alma”. Leantar an chéad bhearradh le bearradh fréimhe i mí an Mhárta/ mí Aibreáin. 2 sheachtain roimh an mbuaint, déantar prúnáil ghlas ar na crainn.

Tá an córas uiscithe silte dírithe ar bhealach lena dtugtar méideanna beaga d’uisce atá beagán alcaileach le cion salainn íseal atá tuaslagtha do fhréamhacha na gcrann go rialta. Ós rud é nach bhfuil an t-uisce ach sáithithe go páirteach, tuaslagtar cion ard cailciam agus maignéisiam na hithreach níos fusa, lena gcumasaítear don chrann úll na cothaitheacha sin a shú agus a úsáid go réidh. Mar thoradh air sin, tá cion ard maignéisiam agus cailciam in “Derecske alma”.

A bhuí leis an gcion ard cailciam atá ann, tá bia teann úrbhriosc ag “Derecske alma” agus is féidir é a stóráil ar feadh tréimhsí fada dá bhrí sin gan cur isteach mórán ar a cháilíochtaí nádúrtha.

Cabhraíonn an cion ard maignéisiam san ithir le sú isteach fosfair freisin, lena dtugtar soláthar fuinnimh leordhóthanach don chrann.

Le soláthairtí maithe maignéisiam agus fosfair, tá córas fréimhe ag an gcrann atá forbartha go maith, rud a chabhraíonn le hionchorprú an chailciam sna húlla. Tá fás na gcrann i bhfad níos comhchuí de bharr an chórais fréimhe atá forbartha go maith, struchtúr na hithreach agus bearradh fréimhe. Déantar an cóimheas idir duilleoga agus torthaí a optamú le bearradh, agus cabhraítear le cothromú na táirgeachta dá bhrí sin. Cuireann na fachtóirí sin le cáilíochtaí torthaí atá níos fearr ná an meán a bhaint amach.

Leis an ithir a bhfuil cion ard maignéisiam inti, tugtar soláthar ard maignéisiam don chrann, agus, anuas ar an líon ard uaireanta gréine, rannchuidíonn sin le fótaisintéis ghníomhach. Dá bhrí sin, cuirtear táirgeacht siúcra chun cinn, rud a mhéadaíonn an cion siúcra sna húlla.

Ós rud é go dtiteann na teochtaí le linn na hoíche go mór le linn na tréimhse fáis, rannchuidíonn sin freisin leis an mblas atá beagán milis agus leis an gcion siúcra ard atá in “Derecske alma”. Sa tréimhse fáis (idir an 1 Lúnasa agus an 20 Lúnasa de ghnáth), is é 12–16°C an ghnáthdhifríocht idir teochtaí an lae agus teochtaí na hoíche. Dé réir mar a éiríonn an oíche níos fuaire, ní asamhlaíonn an crann na hionsúiteáin a tháirgtear le linn an lae, rud, ar a sheal, a chuireann forbairt na dtorthaí chun cinn. Leis an bhfuarú oíche laghdaítear téamh na hithreach agus bíonn feidhm na fréimhe cobhsaí dá bhrí sin. Le feidhm fréimhe cobhsaí tugtar soláthar cothaithigh níos fearr agus bíonn an cion cothaitheach feabhsaithe dá bhrí sin.

Sa bhreis ar an méid thuas, rannchuidíonn prúnáil ghlas roimh an mbuaint leis an mblas atá beagán milis agus le dath an-dian an chraicinn ar tréithe tipiciúla iad sa chineál atá tipiciúil den chineál “Derecske alma”. Tá sé d’aidhm aige sin gile na n-úll a mhéadú, rud óna bhfaightear an dath dian agus an cion siúcra atá níos airde. Cuirtear an dath dian atá ar chraiceann na gcineálacha éagsúla chun cinn trí eangacha frith-oigrithe a úsáid le linn an tsaothraithe, rud lena gcruthaítear miocraeráid fhabhrach dhúnta agus tá tionchar díreach aige sin ar dhathú na dtorthaí.

Tá duaiseanna mór le rá bainte ag “Derecske alma” de bharr an chultúir saothraithe atá aige (Hortico Debrecen Product Grand Prix in 2006 agus Greennovation Grand Prix in 2014) agus de bharr na cáilíochta sonraithe atá aige (“Kitüntetett Minőségi Termék” (Duais maidir le Cáilíocht an Táirge) in 2011 agus “Kiváló Magyar Élemiszer” (Bia d’Ardcháilíocht ón Ungáir) in 2011).

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://gi.kormany.hu/foldrajzi-arujelzok


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.