ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 113

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
9 Márta 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 113/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10514 – DASSAULT SYSTEMES INTERNATIONAL / SZSW / JV) ( 1 )

1


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 113/02

Rátaí malairte an euro — 8 Márta 2022

2


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS tALMHAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 113/03

Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí córas leictreoid ghraifíte áirithe de thionscnamh na hIndia

3

2022/C 113/04

Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frith-fhóirdheontais is infheidhme i dtaca le hallmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia

13

2022/C 113/05

Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

24


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

9.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10514 – DASSAULT SYSTEMES INTERNATIONAL / SZSW / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 113/01)

An 1 Márta 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10514. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

9.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/2


Rátaí malairte an euro (1)

8 Márta 2022

(2022/C 113/02)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0892

JPY

yen na Seapáine

126,03

DKK

krone na Danmhairge

7,4441

GBP

punt steirling

0,83185

SEK

krona na Sualainne

10,8803

CHF

franc na hEilvéise

1,0111

ISK

króna na hÍoslainne

145,90

NOK

krone na hIorua

9,7925

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

25,642

HUF

forint na hUngáire

388,28

PLN

zloty na Polainne

4,9103

RON

leu na Rómáine

4,9494

TRY

lira na Tuirce

15,8183

AUD

dollar na hAstráile

1,4971

CAD

dollar Cheanada

1,3978

HKD

dollar Hong Cong

8,5183

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,5958

SGD

dollar Shingeapór

1,4856

KRW

won na Cóiré Theas

1 344,71

ZAR

rand na hAfraice Theas

16,7051

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,8805

HRK

kuna na Cróite

7,5715

IDR

rupiah na hIndinéise

15 639,76

MYR

ringgit na Malaeisia

4,5556

PHP

peso na nOileán Filipíneach

56,900

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,156

BRL

real na Brasaíle

5,5346

MXN

peso Mheicsiceo

23,2866

INR

rúipí na hIndia

83,9240


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS tALMHAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

9.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/3


Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí córas leictreoid ghraifíte áirithe de thionscnamh na hIndia

(2022/C 113/03)

Nuair a foilsíodh an Fógra maidir le dul in éag a bhí ar tí tarlú (1), is é sin dul in éag na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí córas leictreoid ghraifíte áirithe de thionscnamh na hIndia, (“an tír lena mbaineann”), fuair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) iarraidh ar athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (“an bun-Rialachán”).

1.   Iarraidh ar athbhreithniú

Is iad GrafTech France S.N.C., GrafTech Ibérica S.L., Showa Denko Europe GmbH agus Tokai Erftcarbon GmbH (’na hiarratasóirí’) a chuir an iarraidh isteach an 9 Nollaig 2021 thar ceann thionscal an Aontais i leith córais leictreoid ghraifíte áirithe de bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán.

Tá leagan oscailte den iarraidh mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an iarraidh ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den Fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.

2.   An táirge faoi athbhreithniú

An táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo, is é leictreoidí graifíte de chineál a úsáidtear le haghaidh foirnéisí leictreacha ag a bhfuil dlús dealraitheach 1.65 g/cm3 nó níos mó agus friotaíocht leictreach 6,0 μ.Ω.m nó níos lú, agus siní a úsáidtear le haghaidh leictreoidí den sórt sin, bíodh siad á n-allmhairiú le chéile nó ar leithligh (“an táirge atá faoi athbhreithniú”) a thagann faoi láthair faoi chóid CN ex 8545 11 00 agus ex 8545 90 90 (cóid TARIC 8545110010 agus 8545909010). Is chun críoch faisnéise amháin a thugtar cóid AC agus TARIC.

3.   Bearta atá ann cheana

Is dleacht chinntitheach frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/422 ón gCoimisiún iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair (3).

4.   Foras an athbhreithnithe

Is ar an bhforas gur dócha go leanfaí ag dumpáil atá an iarraidh bunaithe, sin agus ar an bhforas go ndéanfaí díobháil arís do thionscal an Aontais dá rachadh na bearta in éag.

4.1.    Líomhain maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís

An líomhain gur dócha go leanfaidh an tír lena mbaineann ag dumpáil, tá an líomhain sin bunaithe ar chomparáid idir luach intíre agus praghas onnmhairiúcháin (ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha) an táirge atá faoi athbhreithniú nuair a dhíoltar é lena onnmhairiú chuig an Aontas.

Ar an mbonn sin, is suntasach na corrlaigh dumpála a ríomhtar don tír lena mbaineann.

Ar mhaithe leis an gcuimsitheacht, líomhnaíonn na hiarratasóirí freisin gur dócha go dtarlóidh dumpáil arís. Tá an líomhain bunaithe ar chomparáid idir luach intíre agus praghas onnmhairiúcháin (ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha) an táirge atá faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann nuair a dhíoltar é lena onnmhairiú chuig tríú tíortha áirithe. Léirigh sin freisin go raibh an praghas intíre níos airde ná an praghas onnmhairiúcháin agus go dtarlódh dumpáil dá bhrí sin dá ngearrfaí praghsanna onnmhairiúcháin mar sin ar dhíolacháin chuig an Aontas.

4.2.    Líomhain maidir leis an dóchúlacht go ndéanfaí díobháil arís

Is éard a líomhnaíonn na hiarratasóirí gur dócha go dtarlóidh díobháil arís ón tír lena mbaineann. I ndáil leis sin, chuir na hiarratasóirí a dhóthain fianaise ar fáil freisin gur dócha, dá ligfí do na bearta dul i éag, go dtiocfaidh méadú ar leibhéal reatha allmhairithe an táirge atá faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas de bharr gur ann d’acmhainn neamhúsáidte saoráidí monaraíochta na dtáirgeoirí sa tír lena mbaineann agus de bharr tharraingteacht mhargadh an Aontais.

Líomhnaíonn na hiarratasóirí nár tháinig tionscal an Aontais slán go hiomlán go fóill ó éifeachtaí diúltacha fadtéarmacha na n-allmhairithe dumpáilte ón tír lena mbaineann. Ina theannta sin, líomhnaíonn na hiarratasóirí go bhfuil an staid leochaileach atá ann cheana maidir le tionscal an Aontais, dulta in olcas arís de bharr allmhairithe éagóracha córas leictreoid ghraifíte ón tSín, allmhairithe a bhfuil méadú ag teacht orthu, agus a bhfuil staid dhíobhálach mar thoradh orthu.

Ar deireadh, líomhnaíonn na hiarratasóirí gur dócha go mbeadh méadú ar allmhairithe substaintiúla atá ann cheana, ag praghsanna dumpáilte ón tír lena mbaineann agus go dtarlódh díobháil do thionscal an Aontais arís de bharr allmhairithe ón India, dá mbainfí na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair.

5.   Nós imeachta

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, go bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhfuil dóchúlacht dumpála agus díobhála ann chun údar a thabhairt le hathbhreithniú éaga a thionscnamh, déanann an Coimisiún athbhreithniú a thionscnamh leis seo i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

Is éard a chinnfear leis an athbhreithniú éaga, an dócha go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís de thoradh dhul in éag na mbeart maidir leis an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é, agus an dócha go leanfar den díobháil do thionscal an Aontais nó go dtarlóidh sé arís.

Tarraingíonn an Coimisiún aird na bpáirtithe ar an bhFógra (4) arna fhoilsiú maidir le hiarmhairtí na ráige COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir leis an imeacht seo.

5.1.    Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

An t-imscrúdú chun fáil amach an leanfar den dumpáil nó an dtarlóidh sí arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin”). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go deireadh thréimhse an imscrúdaithe (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

5.2.    Barúlacha faoin iarraidh agus faoi thionscnamh an imscrúdaithe

Ní mór do na páirtithe leasmhara uile ar mian leo tuairim a thabhairt ar an iarraidh (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le díobháil agus cúisíocht a bheith ann arís) nó aon ghnéithe a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear an méid tacaíochta don iarraidh) é sin a dhéanamh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5).

Ní mór aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.3.    Nós imeachta chun a chinneadh gur dócha go leanfaidh an dumpáil nó go dtarlóidh sé arís

In imscrúdú éaga, déanann an Coimisiún scrúdú ar allmhairí a cuireadh chuig an Aontas i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus, gan beann ar allmhairiú chuig an Aontas, measann sé an rud é, de thoradh staid na gcuideachtaí a tháirgeann agus a dhíolann an táirge faoi athbhreithniú sa tír lena mbaineann, gur dócha go leanfar den allmhairiú ar phraghsanna dumpáilte nó go dtarlóidh sé arís má théann na bearta in éag.

Dá bhrí sin, iarrtar ar na táirgeoirí uile (6) an táirge atá faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear iad siúd nár chomhoibrigh sna himscrúduithe as a dtiocfaidh na bearta atá i bhfeidhm, páirt a ghlacadh in imscrúdú an Choimisiúin.

5.3.1.   Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí sa tír lena mbaineann a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

D’fhonn a chur ar chumas an Choimisiúin cinneadh a dhéanamh an gá sampláil a dhéanamh, agus más gá, sampla a roghnú, iarrtar leis seo ar na táirgeoirí go léir, nó ar na hionadaithe uile a bhí ag gníomhú thar a gceann, lena n-áirítear na táirgeoirí nó na hionadaithe nár chomhoibrigh san imscrúdú as ar tháinig na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo, faisnéis faoina gcuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis seo a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R762_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER. Is féidir teacht ar fhaisnéis faoi rochtain ar an trón i roinn 5.6 agus i roinn 5.9 thíos.

D’fhonn an fhaisnéis a fháil a mheasann sé a bheith riachtanach do roghnú shampla na dtáirgeoirí, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis na húdaráis freisin leis an tír i dtrácht agus féadfaidh sé dul i dteagmháil le haon chomhlachas táirgeoirí a bhfuiltear ar an eolas fúthu sa tír i dtrácht.

Má tá gá le sampla, roghnófar na tairgeoirí ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de tháirgeacht, díolacháin nó allmhairí ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir is eol sa tír lena mbaineann, d’údaráis na tíre lena mbaineann agus do chomhlachais táirgeoirí, trí údaráis na tíre lena mbaineann, más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnófar le bheith sa sampla.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí a roghnú, cuirfidh sé an páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Ní mór aon trácht ar roghnú an tsampla a fháil laistigh de 3 lá ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh samplach.

Tá cóip den cheistneoir do tháirgeoirí sa tír lena mbaineann ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2585.

Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, cuideachtaí a d’aontaigh go bhféadfaí iad a chur leis an sampla, cé nach roghnaítear sa sampla iad, measfar gur ag comhoibriú atá siad.

5.3.2.   Allmhaireoirí neamhghaolmhara a imscrúdú (7) (8)

Allmhaireoirí neamhghaolmhara a allmhairíonn an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhghaolmhara a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhghaolmhara a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach allmhaireoir neamhghaolmhar, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe reatha seo ba thoradh air, iad féin a chur in aithne don Choimisiún. Ní mór do na páirtithe sin é sin a dhéanamh laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo tríd an eolas a iarrtar san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo a chur ar fáil don Choimisiún.

D’fhonn faisnéis a fháil a mheasann sé a bheith riachtanach do roghnú an tsampla d’allmhaireoirí neamhghaolmhara, féadfaidh an Coimisiún dul i dteagmháil freisin le haon chomhlachas allmhaireoirí aitheanta.

Más gá sampla, féadfar na hallmhaireoirí a roghnú bunaithe ar an méid ionadaíoch is mó díolachán den táirge atá faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann san Aontas ar féidir í a imscrúdú go réasúnach laistigh den am atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach allmhaireoir neamhghaolmhar agus do gach comhlachas allmhaireoirí aithnid faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Ní mór aon trácht ar roghnú an tsampla a fháil laistigh de 3 lá ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh samplach.

Chun an fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe a fháil, cuirfidh an Coimisiún ceistneoir chuig na hallmhaireoirí sampláilte neamhghaolmhara. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir d’allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil sa chomhad le scrúdú ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2585.

5.4.    Nós imeachta um chinneadh na dóchúlachta go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís

Chun a chinneadh an dócha go leanfar den díobháil do thionscal an Aontais nó go dtarlóidh sí arís, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú san Aontas a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

5.4.1.   Táirgeoirí an Aontais a imscrúdú

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí de chuid an Aontais a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí de chuid an Aontais a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas seo freisin). Déantar an tsampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

Tá sampla de tháirgeoirí an Aontais roghnaithe go sealadach ag an gCoimisiún. Is féidir sonraí a fháil sa chomhad le iniúchadh ag na páirtithe leasmhara.

Leis seo, iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an sampla sealadach. Ina theannta sin, táirgeoirí eile de chuid an Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, lena n-airítear táirgeoirí de chuid an Aontais nár chomhoibrigh sna himscrúduithe arb iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ba thoradh orthu, ar táirgeoirí iad a mheasann go bhfuil cúiseanna ann ar cheart dóibh a bheith sa sampla, ní mór dóibh dul i dteagmháil leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ó dháta fhoilsithe an Fhógra seo. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Gach táirgeoir aitheanta san Aontas agus/nó gach comhlachas de tháirgeoirí, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Beidh ar na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2585.

5.5.    Nós imeachta chun leas an Aontais a mheasúnú

Má dheimhnítear gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais dá gcoinneofaí na bearta frith-dhumpála i bhfeidhm.

Táirgeoirí de chuid an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrfar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le leas an Aontais.

Aon fhaisnéis maidir le measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl i bhformáid shaor, sin nó trí cheistneoir a d’ullmhaigh an gCoimisiún a líonadh isteach.

Tá cóip de na ceistneoirí, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi athbhreithniú, ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2585. In aon chás, aon fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag teacht léi tráth a chuirtear isteach í, ar fianaise í a thugann bunús lena bailíocht.

5.6.    Páirtithe leasmhara

Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do pháirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

Táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i ranna 5.3.1, 5.3.2 agus 5.4.1, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Má mheastar gur páirtí leasmhar é páirtí, tá sé gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

Is ag an seoladh seo a leanas atá rochtain ar an gcomhad atá ar fáil do pháirtithe leasmhara lena iniúchadh trí Tron.tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (9).

5.7.    Aighneachtaí eile i scríbhinn

Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar, leis seo, a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.8.    An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin a iarraidh. Aon iarraidh ar éisteacht a fháil, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn, agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti chomh maith le hachoimre ar an méid is mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna a leag na páirtithe leasmhara amach i scríbhinn roimh ré.

I bprionsabal, ní bhainfear úsáid as éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil ar chomhad fós a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun seirbhísí an Choimisiúin a chumasú chun dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a sholáthar tar éis éisteachta.

5.9.    Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlíonta agus comhfhreagras a sheoladh

Faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipchirt. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta chun cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfear leo, is mar “Íogair” (10) a dhéanfar iad a lipéadú. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfí i modh rúin leo.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Íogair” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán a lipéadófar “Lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara”. Ní mór do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta. Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thaispeáint le hiarraidh gur i modh rúin a gcaithfí leo nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárúchán mar pháirtithe leasmhara, cumhachtaí aturnae scanta agus bileoga deimhniúcháin scanta. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf. Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir teileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/Brussel

AN BHEILG

TRON.tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi

Seoladh ríomhphoist dumpáil: TRADE-R762-GES-DUMPING@ec.europa.eu

Seoladh ríomhphoist díobháil: TRADE-R762-GES-INJURY@ec.europa.eu

6.   Sceideal an imscrúdaithe

De ghnáth, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí ó dháta foilsithe an Fhógra seo, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán.

7.   Faisnéis a chur isteach

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creata ama a shonraítear i roinn 5 den Fhógra seo.

D’fhonn an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na spriocdhátaí éigeantacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an spriocdháta chun barúlacha a thabhairt faoin nochtadh deiridh nó, más infheidhme, tar éis an spriocdháta chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.

8.   An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí páirtithe eile

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le faisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile isteach. Agus sin á dhéanamh acu, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara aghaidh a thabhairt ach ar na saincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí na bpáirtithe leasmhara eile agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a tharraingt anuas.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chur páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, barúlacha faoin bhfaisnéis a thug páirtithe leasmhara eile mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, is barúlacha iad ba cheart a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúil a thabhairt ar an nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt.

Tá an tráthchlár a leagtar amach gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

9.   Síneadh a chur leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo

Níor cheart aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. Ar aon chuma, beidh teorainn 3 lá de ghnáth le síneadh ar an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá. Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh aon síneadh ama thar 3 lá, mura léirítear gurb ann d’imthosca eisceachtúla.

10.   Neamh-chomhoibriú

I gcásanna ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí deimhneacha nó diúltacha a thabhairt ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

I gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus féadfar úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach céanna don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

Ní mheasfar gur neamh-chomhoibriú é mainneachtain freagra leictreonach a thabhairt, ar choinníoll go léiríonn an páirtí leasmhar go mbeadh ualach breise nó costas breise mí-réasúnach mar thoradh ar an bhfreagra a thabhairt ar an mbealach a iarradh é. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

11.   Oifigeach Éisteachta

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí tráchta a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe faoi mar a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go tapa ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do na páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirtear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú freisin ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a tarraingíodh anuas agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/.

12.   An deis athbhreithniú a iarraidh faoi Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán

Ó tharla go dtionscnaítear an t-athbhreithniú éaga seo i gcomhréir le forálacha Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ní leasófar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i ngeall ar thorthaí an athbhreithnithe, ach déanfar na bearta sin a aisghairm nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 11(6) den bhun-Rialachán.

Má mheasann aon pháirtí leasmhar go bhfuil údar le hathbhreithniú ar na bearta ar dhóigh a d’fhágfadh go bhféadfaí na bearta a leasú, féadfaidh an páirtí sin athbhreithniú a iarraidh de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán.

Aon pháirtí ar mian leis athbhreithniú den sórt sin a iarraidh, ar athbhreithniú é a dhéanfaí go neamhspleách ar an athbhreithniú a luaitear san Fhógra seo, féadfaidh sé dul i dteagmháil leis an gCoimisiún ag an seoladh a shonraítear thuas.

13.   Próiseáil sonraí pearsanta

Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chaithfear le haon sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo (11).

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine aonair ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://ec.europa.eu/trade/policy/accessing- markets/trade-defence/


(1)  IO C 226, 14.6.2021, lch. 3.

(2)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/422 ón gCoimisiún an 9 Márta 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí córas leictreoid ghraifíte áirithe de thionscnamh na hIndia tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11 (2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 64, 10.3.2017, lch. 46).

(4)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52020XC0316%2802%29

(5)  Is ionann gach tagairt d’fhoilsiú an Fhógra seo agus tagairt d’fhoilsiú an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach amháin má shonraítear a mhalairt.

(6)  Is éard is táirgeoir ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear aon cheann dá chuideachtaí gaolmhara a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin náisiúnta nó onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú.

(7)  Ní féidir ach allmhaireoirí nach bhfuil gaol acu leis na táirgeoirí sa tír lena mbaineann a shampláil. Ní mór d’allmhaireoirí a bhfuil baint acu le táirgeoirí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir do na táirgeoirí sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme, measfar beirt a bheith gaolmhar: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann ceann amháin acu an ceann eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an dá cheann faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más baill den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar daoine a bheith den teaghlach céanna ach amháin má tá siad in aon ghaol acu seo a leanas le chéile: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus leanbh, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seanathair nó seanmháthair agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neacht, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(8)  Féadfar na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil a úsáid freisin i ndáil le gnéithe den imscrúdú sin seachas an dumpáil a chinneadh.

(9)  I gcás fadhbanna teicniúla, déan teagmháil le do thoil leis an Deasc Seirbhíse Trádála trí ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán + 32 22979797.

(10)  Is doiciméad “Íogair” doiciméad a meastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le hAirteagal VI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur Chun Feidhme (an Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Leagan “Íogair”

Leagan “Le haghaidh a iniúchta ag páirtithe leasmhara”

(cuir tic sa bhosca iomchuí)

NÓS IMEACHTA FRITHDHUMPÁLA A BHAINEANN LE HALLMHAIRÍ CÓRAS ÁIRITHE LEICTREOIDÍ GRAIFÍTE DE THIONSCNAMH NA HINDIA

FAISNÉIS MAIDIR LE SAMPLA NA NALLMHAIREOIRÍ NEAMHGHAOLMHARA A ROGHNÚ

Tá an fhoirm seo ceaptha chun cabhrú le hallmhaireoirí neamhghaolmhara freagairt don iarraidh ar fhaisnéis shamplála a dhéantar i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh.

Ba cheart an leagan “Íogair” agus an leagan “Le haghaidh a iniúchta ag na páirtithe leasmhara” a chur ar ais chuig an gCoimisiún mar a leagtar amach san fhógra tionscnaimh.

1.   CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA

Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:

Ainm na cuideachta

 

Seoladh

 

Teagmhálaí

 

Seoladh ríomhphoist

 

Teileafón

 

2.   LÁIMHDEACHAS AGUS MÉID NA NDÍOLACHÁN

Léirítear láimhdeachas iomlán na cuideachta in euro (EUR), an luach in euro (EUR) agus an méid i dtonaí i gcás allmhairí agus athdhíolacháin ar mhargadh an Aontais tar éis allmhairiú ón India, le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, an táirge faoi athbhreithniú mar a shainmhínítear san fhógra tionscnaimh.

 

Tonaí

Luach ina euro (€)

Láimhdeachas iomlán do chuideachta féin ina euro (€)

 

 

Allmhairí an táirge atá faoi athbhreithniú de thionscnamh na hIndia

 

 

Allmhairí den táirge atá faoi athbhreithniú (de gach tionscnamh)

 

 

Athdhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ón India

 

 

3.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA FÉIN AGUS CUIDEACHTAÍ GAOLMHARA (1)

Tabhair sonraí faoi ghníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus na gcuideachtaí gaolmhara uile (liostaigh iad agus luaigh an caidreamh le do chuideachta, le do thoil) a bhfuil baint acu le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiú agus/nó intíre) an táirge atá faoi athbhreithniú. D’fhéadfaí a áireamh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin ceannach an táirge faoi athbhreithniú, é a chur ar fáil faoi shocruithe fochonraitheoireachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin.

Ainm na cuideachta agus suíomh na cuideachta

Gníomhaíochtaí

Gaol

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.   FAISNÉIS EILE

 

Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an sampla a roghnú.

5.   DEIMHNIÚCHÁN

Tríd an bhfaisnéis thuasluaite a chur ar fáil, comhaontaíonn an chuideachta go bhféadfaí í a chur san áireamh sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith mar chuid den sampla, is é a bheidh i gceist leis sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagra a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach n-aontaíonn sí lena cur isteach sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Tá torthaí an Choimisiúin d’allmhaireoirí neamh-chomhoibritheacha bunaithe ar na fíricí atá ar fáil agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aici.

Síniú an oifigigh údaraithe:

Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:

Dáta:


(1)  I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme, measfar beirt a bheith gaolmhar: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna gan íoc le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine amháin acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) gur baill den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar daoine a bheith den teaghlach céanna ach amháin má tá siad in aon ghaol acu seo a leanas le chéile: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus leanbh, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seanathair nó seanmháthair agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neacht, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


9.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/13


Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frith-fhóirdheontais is infheidhme i dtaca le hallmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia

(2022/C 113/04)

Tar éis fhoilsiú an Fhógra maidir le dul in éag atá le tarlú (1) i dtaca leis na bearta frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia (“an tír lena mbaineann”), fuair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (“an bun-Rialachán”).

1.   Iarraidh ar athbhreithniú

Is iad GrafTech France S.N.C., GrafTech Iberica S.L., Showa Denko Europe GmbH agus Tokai Erftcarbon GmbH (“na hiarratasóirí”) a chuir an iarraidh isteach an 9 Nollaig 2021 thar ceann thionscal an Aontais i leith córais leictreoidí graifíte áirithe de bhrí Airteagal 10(6) den bhun-Rialachán.

Tá leagan oscailte den iarraidh mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an iarraidh ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den Fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.

2.   An táirge faoi athbhreithniú

Is é atá sa táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo leictreoidí graifíte de chineál a úsáidtear le haghaidh foirnéisí leictreacha ag a bhfuil dlús dealraitheach 1,65 g/cm3 nó níos mó agus friotaíocht leictreach 6,0 μ.Ω.m nó níos lú, agus siní a úsáidtear le haghaidh leictreoidí den sórt sin, bíodh siad á n-allmhairiú le chéile nó ar leithligh (“an táirge faoi athbhreithniú”), ar táirgí iad atá faoi láthair faoi chóid AC ex 8545 11 00 agus ex 8545 90 90 (cóid TARIC 8545110010 agus 8545909010). Is chun críoch faisnéise amháin a thugtar cóid AC agus TARIC.

3.   Bearta atá ann cheana

Dleacht frithchúitimh chinntitheach arna forchur le Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2017/421 ón gCoimisiún (3) atá sna bearta atá i bhfeidhm faoi láthair.

4.   Foras an athbhreithnithe

Is ar an bhforas gur dócha go leanfaí den fhóirdheonú atá an iarraidh bunaithe, sin agus ar an bhforas go ndéanfaí díobháil arís do thionscal an Aontais dá rachadh na bearta in éag.

4.1.    Líomhain maidir leis an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú

Chuir na hiarratasóirí fianaise leordhóthanach ar fáil gur bhain táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú sa tír lena mbaineann tairbhe as roinnt fóirdheontas arna ndeonú ag Rialtas na hIndia agus ag rialtais réigiúnacha agus rialtais áitiúla sa tír sin agus gur dócha go leanfaidh siad de thairbhe a bhaint astu.

Ar na cleachtais fóirdheontas líomhnaithe tá, inter alia, (1) aistriú díreach cistí agus aistrithe ionchasacha díreacha cistí nó dliteanas, (2) ioncam rialtais a tarscaoileadh nó nár bailíodh agus (3) íocaíochtaí le sásra maoinithe nó cúram a chur ar chomhlacht príobháideach nó treoir a thabhairt dó chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a liostaítear in Airteagal 3(1)(a) den bhun-Rialachán a dhéanamh. Bhí fianaise san iarraidh maidir leis na nithe seo a leanas, mar shampla: an Scéim Aisíocaíochta Dleachta, an Scéim Earraí Caipitiúla chun Onnmhairiú a Spreagadh, an Scéim um Réamhúdarú, an Scéim um Onnmhairí Earraí ón India, Loghadh Dleachtanna agus Cánacha ar Tháirgí Onnmhairithe agus an Scéim Díolúine um Dhleacht Leictreachais (rialtas Madhya Pradesh).

Cuid de na cleachtais fóirdheontas líomhnaithe, rinneadh iad a fhrithchúiteamh cheana féin san imscrúdú bunaidh agus cuid eile acu, is fóirdheontais bhreise nó fóirdheontais nua iad nach ndearnadh scrúdú orthu san imscrúdú bunaidh.

Líomhnaíonn na hiarratasóirí gur fóirdheontais iad na bearta a dtugtar tuairisc orthu toisc go bhfuil ranníocaíocht airgeadais ó Rialtas na hIndia nó ó rialtais réigiúnacha agus rialtais áitiúla nó ó chomhlachtaí poiblí i gceist leo agus go dtéann siad chun tairbhe thairgeoirí an táirge faoi athbhreithniú. Líomhnaítear gur fóirdheontais shonracha iad na fóirdheontais toisc go bhfuil siad teoranta d’fhiontair agus/nó do réigiúin áirithe agus/nó go bhfuil siad ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, líomhnaítear go bhfuil siad in-fhrithchúitithe de réir bhrí Airteagal 4 den bhun-Rialachán.

I bhfianaise Airteagal 18(2) den bhun-Rialachán, d’ullmhaigh an Coimisiún meabhrán i ndáil le leordhóthanacht na fianaise ina bhfuil measúnú an Choimisiúin ar an bhfianaise ar fad atá ar fáil dó maidir leis an tír lena mbaineann agus ar ar a bonn a dhéanann an Coimisiún an t-imscrúdú seo a thionscnamh. Is féidir an meabhrán sin a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara.

Forchoimeádann an Coimisiún an ceart chun imscrúdú a dhéanamh ar fhóirdheontais ábhartha eile, a d’fhéadfaí a nochtadh le linn an imscrúdaithe.

4.2.    Líomhain maidir leis an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil arís

Líomhnaíonn na hiarratasóirí gur dócha go ndéanfaidh an tír lena mbaineann díobháil arís. I ndáil leis sin, chuir na hiarratasóirí fianaise leordhóthanach ar fáil, dá ligfí do na bearta dul in éag, gur dócha go dtiocfaidh méadú ar leibhéal reatha allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas de bharr gurb ann d’acmhainneacht neamhúsáidte i saoráidí monaraíochta na dtáirgeoirí sa tír lena mbaineann agus de bharr a tharraingtí atá margadh an Aontais.

Líomhnaíonn na hiarratasóirí nár tháinig tionscal an Aontais slán go hiomlán go fóill as na drochéifeachtaí fadtéarmacha i ngeall ar allmhairí ón tír lena mbaineann ar tugadh fóirdheontas ina leith. De bhreis air sin, líomhnaíonn na hiarratasóirí go bhfuil staid thionscal an Aontais, atá leochaileach cheana féin, imithe in olcas de bharr allmhairí éagóracha córas leictreoidí graifíte ón tSín ar mhéideanna atá ag méadú, agus go bhfuil staid dhíobhálach ann dá bhrí sin. Ar deireadh, líomhnaíonn na hiarratasóirí go dtiocfaí méadú ar mhéideanna na n-allmhairí ar phraghsanna fóirdheonaithe ón tír lena mbaineann, ar méideanna móra iad cheana féin, dá mbainfí na bearta is infheidhme atá ann faoi láthair, agus gur dócha go ndéanfadh allmhairí ón India díobháil do thionscal an Aontais arís.

5.   Nós imeachta

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 25(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise go bhfuil dóchúlacht fóirdheonaithe agus díobhála ann chun údar maith a thabhairt le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, tá an Coimisiún, leis seo, ag tionscnamh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

Is éard a chinnfear leis an athbhreithniú éaga an dócha go leanfar den fhóirdheonú nó go dtarlóidh sé arís de thoradh dhul in éag na mbeart maidir leis an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é, agus an dócha go leanfar den díobháil do thionscal an Aontais nó go dtarlóidh sí arís.

Tugadh cuireadh chuig comhairliúchán do Rialtas na hIndia, i gcomhréir le hAirteagal 10(7) den bhun-Rialachán.

Tarraingíonn an Coimisiún aird na bpáirtithe ar an bhFógra arna fhoilsiú (4) maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais, iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir leis an imeacht seo.

Anuas air sin, tarraingíonn an Coimisiún aird na bpáirtithe ar an imscrúdú frithdhumpála ar leithligh atá ar siúl faoi láthair lena gcumhdaítear an táirge céanna (5). Na táirgeoirí, tionscal an Aontais, agus na páirtithe leasmhara uile san imscrúdú frithdhumpála sin, iarrtar orthu clárú ar leithligh le haghaidh an imscrúdaithe seo agus an fhaisnéis ábhartha a chur isteach de réir na modhanna agus na n-amlínte a shonraítear san Fhógra seo gan beann ar an bhfaisnéis a d’fhéadfaí a bheith curtha isteach acu i gcomhthéacs an imscrúdaithe frithdhumpála. An fhaisnéis nó na barúlacha a chuirtear isteach i gcomhthéacs an imscrúdaithe frithdhumpála, ní chuirfear san áireamh iad go huathoibríoch san imscrúdú seo, agus beidh ar pháirtithe an fhaisnéis uile a bhaineann leis an imscrúdú seo a chur isteach ar leithligh, mar phrionsabal, i gcomhthéacs an nós imeachta seo.

5.1.    Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den fhóirdheonú nó an dtarlóidh sé arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin”). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go deireadh thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

5.2.    Barúlacha faoin iarraidh agus faoi thionscnamh an imscrúdaithe

Ní mór do na páirtithe leasmhara uile ar mian leo barúil a thabhairt ar an iarraidh (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le hatarlú na díobhála agus le cúisíocht) nó aon ghné a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear an méid tacaíochta atá ann don iarraidh) é sin a dhéanamh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (6).

Ní mór aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.3.    Nós imeachta um chinneadh na dóchúlachta go leanfar den fhóirdheonú nó go dtarlóidh sé arís

In imscrúdú éaga, déanann an Coimisiún scrúdú ar onnmhairí a cuireadh chuig an Aontas i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus, gan beann ar onnmhairí chuig an Aontas, measann sé an rud é, de thoradh staid na gcuideachtaí a tháirgeann agus a dhíolann an táirge faoi athbhreithniú sa tír lena mbaineann, gur dócha go leanfar den onnmhairiú chuig an Aontas ar phraghsanna fóirdheonaithe nó go dtarlóidh sé arís má théann na bearta in éag.

Dá bhrí sin, táirgeoirí uile (7) an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis na himscrúduithe arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh orthu, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

5.3.1.   Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí sa tír lena mbaineann

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí sa tír lena mbaineann a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach táirgeoir, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, faisnéis faoina chuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R763_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER Is féidir teacht ar fhaisnéis faoi rochtain ar Tron i roinn 5.6 agus i roinn 5.9 thíos.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, déanfaidh sé teagmháil le húdaráis na tíre lena mbaineann freisin agus is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí sa tír lena mbaineann.

Má tá gá le sampla, roghnófar na tairgeoirí ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de tháirgeacht, díolacháin nó onnmhairí ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Gach táirgeoir aitheanta sa tír lena mbaineann, údaráis na tíre lena mbaineann, agus comhlachais táirgeoirí, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh, trí údaráis na tíre lena mbaineann más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.

Tá cóip den cheistneoir do tháirgeoirí sa tír lena mbaineann ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála ag https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2586. Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 28 den bhun-Rialachán, cuideachtaí a d’aontaigh go bhféadfaí iad a áireamh sa sampla, cé nár roghnaíodh iad le bheith sa sampla, measfar gur cuideachtaí comhoibríocha atá iontu.

5.3.2.   Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhghaolmhara (8) (9)

Allmhaireoirí neamhghaolmhara a allmhairíonn an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhghaolmhara a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhghaolmhara a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach allmhaireoir neamhghaolmhar, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe reatha seo ba thoradh air, iad féin a chur in aithne don Choimisiún. Ní mór do na páirtithe sin déanamh amhlaidh laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, tríd an bhfaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo a thabhairt don Choimisiún.

D’fhonn faisnéis a fháil a mheasann sé a bheith riachtanach do roghnú an tsampla d’allmhaireoirí neamhghaolmhara, féadfaidh an Coimisiún dul i dteagmháil freisin le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí.

Má tá gá le sampla, féadfar na hallmhaireoirí a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann san Aontas, ar méid é ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach allmhaireoir neamhghaolmhar aitheanta agus do gach comhlachas aitheanta d’allmhaireoirí faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí chuig na hallmhaireoirí neamhghaolmhara sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála ag https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2586.

5.4.    Nós imeachta um chinneadh na dóchúlachta go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís

D’fhonn a shuí an dócha go leanfar de dhíobháil do thionscal an Aontais nó go dtarlóidh sí arís, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí Aontais an táirge faoi athbhreithniú páirt a ghlacadh san imscrúdú.

5.4.1.   Táirgeoirí de chuid an Aontais a imscrúdú

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí de chuid an Aontais a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí de chuid an Aontais a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.

Roghnaigh an Coimisiún sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara.

Leis seo, iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an sampla sealadach. Ina theannta sin, táirgeoirí eile de chuid an Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, lena n-airítear táirgeoirí de chuid an Aontais nár chomhoibrigh sna himscrúduithe arb iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ba thoradh orthu, ar táirgeoirí iad a mheasann go bhfuil cúiseanna ann ar cheart dóibh a bheith sa sampla, ní mór dóibh dul i dteagmháil leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ó dháta fhoilsithe an Fhógra seo. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir de chuid an Aontais agus/nó do gach comhlachas aitheanta de tháirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh ar deireadh le bheith sa sampla.

Beidh ar na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2586.

5.5.    Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais

Má dheimhnítear gur dócha go leanfar den fhóirdheonú agus den díobháil, cinnfidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 31 den bhun-Rialachán, cé acu an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais dá gcoinneofaí na bearta frith-fhóirdheontais i bhfeidhm nó nach mbeadh.

Táirgeoirí de chuid an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrfar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le leas an Aontais.

Aon fhaisnéis maidir le measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl i bhformáid shaor, sin nó trí cheistneoir a d’ullmhaigh an gCoimisiún a líonadh isteach.

Tá cóip den cheistneoir, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú, ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2586. In aon chás, aon fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 31 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag teacht léi tráth a chuirtear isteach í.

5.6.    Páirtithe leasmhara

Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, páirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

Táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i ranna 5.3.1, 5.3.2 agus 5.4.1, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Má mheastar gur páirtí leasmhar é páirtí, ní dochar é sin do chur i bhfeidhm Airteagal 28 den bhun-Rialachán.

Is féidir an comhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (10).

5.7.    Aighneachtaí eile i scríbhinn

Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar, leis seo, a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.8.    An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiún. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna a leagann na páirtithe leasmhara amach i scríbhinn roimh ré.

I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun go mbeidh seirbhísí an Choimisiúin in ann dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar treoir a thabhairt do pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a sholáthar tar éis na héisteachta.

5.9.    Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfear leo, is mar “Íogair” a dhéanfar iad a lipéadú (11). Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfí i modh rúin leo.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Íogair” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 29(2) den bhun-Rialachán a lipéadófar “Lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara”. Ní mór na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta. Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a gcaithfí leo nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, cumhachtaí aturnae agus bileoga deimhniúcháin scanta. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf. Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir teileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear gach lá. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 An Bhruiséil

BELGIQUE/BELGIË/AN BHEILG

TRON.tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi

Seoladh maidir le fóirdheonú: TRADE-R763-GES-SUBSIDY@ec.europa.eu

Seoladh maidir le díobháil: TRADE-R762-GES-INJURY@ec.europa.eu

6.   Sceideal an imscrúdaithe

De ghnáth, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí ó dháta foilsithe an Fhógra seo, de bhun Airteagal 22(1) den bhun-Rialachán.

7.   Faisnéis a chur isteach

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creata ama a shonraítear i roinn 5 den Fhógra seo.

D’fhonn an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na spriocdhátaí éigeantacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an spriocdháta chun tuairimí a thabhairt faoin nochtadh deiridh nó, más infheidhme, tar éis an spriocdháta chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.

8.   An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí páirtithe eile

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le faisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile isteach. Agus sin á dhéanamh acu, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara aghaidh a thabhairt ach ar na saincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí na bpáirtithe leasmhara eile agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a tharraingt anuas.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chur páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, na barúlacha a rinne páirtithe leasmhara eile mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad sin a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun tuairim a thabhairt ar an nochtadh breise sin, ach amháin má shonraítear a mhalairt.

Tá an tráthchlár a leagtar amach gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

9.   Síneadh ama leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo

Níor cheart aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. In aon chás, aon síneadh a chuirfear leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, beidh sé teoranta do 3 lá, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá. Maidir le teorainneacha ama chun faisnéis eile a shonraítear san Fhógra tionscnaimh a chur isteach, beidh teorainn 3 lá leis na síntí ama, ach amháin má léirítear gurb ann d’imthosca eisceachtúla.

10.   Neamh-chomhoibriú

I gcásanna ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí deimhneacha nó diúltacha a thabhairt ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán.

I gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus féadfar úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, más ar na fíorais atá ar fáil atá na torthaí bunaithe i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach céanna don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

Mura dtugtar freagra leictreonach, ní mheasfar gur neamh-chomhoibriú é sin, ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar go mbeadh ualach breise nó costas breise mí-réasúnach air mar thoradh ar an bhfreagra a thabhairt ar an mbealach a iarradh é. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

11.   Oifigeach Éisteachta

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí tráchta a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Is i scríbhinn ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do na páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirtear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú freisin ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a tarraingíodh anuas agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/.

12.   An deis athbhreithniú a iarraidh faoi Airteagal 19 den bhun-Rialachán

Ó tharla go dtionscnaítear an t-athbhreithniú éaga seo i gcomhréir le forálacha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, ní leasófar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i ngeall ar thorthaí an athbhreithnithe, ach déanfar na bearta sin a aisghairm nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 22(3) den bhun-Rialachán.

Má mheasann aon pháirtí leasmhar go bhfuil údar le hathbhreithniú ar na bearta ar dhóigh a d’fhágfadh go bhféadfaí na bearta a leasú, féadfaidh an páirtí sin athbhreithniú a iarraidh de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán.

Aon pháirtí ar mian leis athbhreithniú den sórt sin a iarraidh, ar athbhreithniú é a dhéanfaí go neamhspleách ar an athbhreithniú a luaitear san Fhógra seo, féadfaidh sé dul i dteagmháil leis an gCoimisiún ag an seoladh a shonraítear thuas.

13.   Sonraí pearsanta a phróiseáil

Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chaithfear le haon sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo (12).

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine aonair ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://ec.europa.eu/trade/policy/accessing-markets/trade-defence/.


(1)  IO C 222, 11.6.2021, lch. 24.

(2)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/421 ón gCoimisiún an 9 Márta 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 64, 10.3.2017, lch. 10).

(4)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52020XC0316%2802%29

(5)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia (Ar fáil ag https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2585.)

(6)  Is ionann gach tagairt d’fhoilsiú an Fhógra seo agus tagairt d’fhoilsiú an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach amháin má shonraítear a mhalairt.

(7)  Is éard is táirgeoir ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear aon cheann dá chuideachtaí gaolmhara a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin náisiúnta nó onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú.

(8)  Ní féidir ach allmhaireoirí nach bhfuil gaol acu leis na táirgeoirí sa tír lena mbaineann a shampláil. Ní mór d’allmhaireoirí atá gaolmhar le táirgeoirí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme, measfar beirt a bheith gaolmhar: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine amháin acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) gur baill den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar daoine a bheith den teaghlach céanna ach amháin má tá siad in aon ghaol acu seo a leanas le chéile: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus leanbh, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seantuismitheoir agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neacht, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(9)  Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann leis an bhfóirdheonú a chinneadh.

(10)  I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála trí ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán + 32 22979797.

(11)  Is doiciméad “Íogair” doiciméad a meastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 29 den bhun-Rialachán agus Airteagal 12 de Chomhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh. Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Leagan “Íogair”

Leagan “Le haghaidh a iniúchta ag páirtithe leasmhara”

(cuir tic sa bhosca iomchuí)

NÓS IMEACHTA FRITH-FHÓIRDHEONTAIS A BHAINEANN LE HALLMHAIRÍ CÓRAS ÁIRITHE LEICTREOIDÍ GRAIFÍTE DE THIONSCNAMH NA HINDIA

FAISNÉIS MAIDIR LE SAMPLA NA N-ALLMHAIREOIRÍ NEAMHGHAOLMHARA A ROGHNÚ

Tá an fhoirm seo ceaptha chun cabhrú le hallmhaireoirí neamhghaolmhara freagairt don iarraidh ar fhaisnéis shamplála a dhéantar i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh.

Ba cheart an leagan “Íogair” agus an leagan “Le haghaidh a iniúchta ag na páirtithe leasmhara” a chur ar ais chuig an gCoimisiún mar a leagtar amach san fhógra tionscnaimh.

1.   CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA

Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:

Ainm na cuideachta

 

Seoladh

 

Teagmhálaí

 

Seoladh ríomhphoist

 

Teileafón

 

2.   LÁIMHDEACHAS AGUS MÉID NA NDÍOLACHÁN

Léirítear láimhdeachas iomlán na cuideachta in euro (EUR), an luach in euro (EUR) agus an méid i dtonaí i gcás allmhairí agus athdhíolacháin ar mhargadh an Aontais tar éis allmhairiú ón India, le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, an táirge faoi athbhreithniú mar a shainmhínítear san fhógra tionscnaimh.

 

Tonaí

Luach ina euro (€)

Láimhdeachas iomlán do chuideachta féin ina euro (€)

 

 

Allmhairí an táirge atá faoi athbhreithniú de thionscnamh na hIndia

 

 

Allmhairí den táirge atá faoi athbhreithniú (de gach tionscnamh)

 

 

Athdhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ón India

 

 

3.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA FÉIN AGUS CUIDEACHTAÍ GAOLMHARA (1)

Tabhair sonraí faoi ghníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus na gcuideachtaí gaolmhara uile (liostaigh iad agus luaigh an caidreamh le do chuideachta, le do thoil) a bhfuil baint acu le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiú agus/nó intíre) an táirge atá faoi athbhreithniú. D’fhéadfaí a áireamh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin ceannach an táirge faoi athbhreithniú, é a chur ar fáil faoi shocruithe fochonraitheoireachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin.

Ainm na cuideachta agus suíomh na cuideachta

Gníomhaíochtaí

Gaol

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.   FAISNÉIS EILE

Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an sampla a roghnú.

5.   DEIMHNIÚCHÁN

Tríd an bhfaisnéis thuasluaite a chur ar fáil, comhaontaíonn an chuideachta go bhféadfaí í a chur san áireamh sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith mar chuid den sampla, is é a bheidh i gceist leis sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagra a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach n-aontaíonn sí lena cur isteach sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Tá torthaí an Choimisiúin d’allmhaireoirí neamh-chomhoibritheacha bunaithe ar na fíricí atá ar fáil agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aici.

Síniú an oifigigh údaraithe:

Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:

Dáta:


(1)  I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme, measfar beirt a bheith gaolmhar: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna gan íoc le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine amháin acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) gur baill den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar daoine a bheith den teaghlach céanna ach amháin má tá siad in aon ghaol acu seo a leanas le chéile: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus leanbh, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seanathair nó seanmháthair agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neacht, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


9.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/24


Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

(2022/C 113/05)

1.   Mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithdhumpála a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.

2.   Nós imeachta

Féadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú. Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go dtarlóidh siad arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d’allmhaireoirí, d’onnmhaireoirí, d’ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí de chuid an Aontais a mbarúil a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.

3.   Teorainn ama

Ar bhonn an mhéid thuas féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (Aonad G-1), CHAR 4/39, 1049, an Bhruiséil, an Bheilg (2) aon tráth tar éis fhoilsiú an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.

4.   Déantar an fógra seo a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036.

Táirge

Tír thionscnaimh nó tír is onnmhaireoir

Bearta

Tagairt

Dáta éaga (3)

Aigéad tríchlóraisicianúrach (TCCA)

Daon-Phoblacht na Síne

Dleacht frithdhumpála

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid thríchlóraisicianúraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 319, 5.12.2017, lch. 10)

6.12.2022


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu

(3)  Téann an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo.