ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 104

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
4 Márta 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 104/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10567 – ACE / MOSADEX / PHARMALOT COMPOUNDING) ( 1 )

1

2022/C 104/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10480 – GOLDMAN SACHS / NN INVESTMENT PARTNERS HOLDING) ( 1 )

2

2022/C 104/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10595 – CERBERUS / HBCE (FRENCH RETAIL BANKING)) ( 1 )

3

2022/C 104/04

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10592 – KKR / KÖRBER / KÖRBER SUPPLY CHAIN SOFTWARE MANAGEMENT) ( 1 )

4

2022/C 104/05

Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi Airteagal 11(5) den Chomhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó

5


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 104/06

Rátaí malairte an euro — 3 Márta 2022

9


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS tALMHAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 104/07

Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

10

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 104/08

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10597 – SMS / ALTOR FUND MANAGER / KAEFER HOLDING / KAEFER ISOLIERTECHNIK) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

11

2022/C 104/09

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10613 – PORSCHE AUSTRIA / WOLFGANG DENZEL AUTO / SAUBERMACHER DIENSTLEISTUNG / JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

13

2022/C 104/10

Teachtaireacht ón gCoimisiún arna foilsiú de bhun Airteagal 27(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle i gCás AT.40511 – Insurance Ireland: Bunachar sonraí na n-éileamh árachais agus na coinníollacha rochtana

15

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 104/11

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

20

2022/C 104/12

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

28

2022/C 104/13

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm san earnáil fíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

39

2022/C 104/14

Fógra do ghnóthais a bhfuil sé beartaithe acu substaintí rialaithe a ídíonn an ciseal ózóin a allmhairiú nó a onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach nó ón Aontas Eorpach in 2023 agus gnóthais a bhfuil sé beartaithe acu na substaintí sin a tháirgeadh nó a allmhairiú le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse in 2023

46


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10567 – ACE / MOSADEX / PHARMALOT COMPOUNDING)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 104/01)

An 16 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is in Ollainnis amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10567. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10480 – GOLDMAN SACHS / NN INVESTMENT PARTNERS HOLDING)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 104/02)

An 17 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10480. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/3


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10595 – CERBERUS / HBCE (FRENCH RETAIL BANKING))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 104/03)

An 23 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10595. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/4


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10592 – KKR / KÖRBER / KÖRBER SUPPLY CHAIN SOFTWARE MANAGEMENT)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 104/04)

An 25 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10592. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/5


Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi Airteagal 11(5) den Chomhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó

(2022/C 104/05)

Cuireadh an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht seo in ionad Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó (1), i gcomhréir le hAirteagal 11(5) den Chomhaontú sin.


(1)  IO C 23, 28.1.2012.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN B

 

Forálacha Dlí atá le cur chun feidhme

An sprioc-am don chur chun feidhme

Sciúradh airgid a chosc

1

Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006, (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1)

30 Meitheamh 2017 (2)

2

Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73)

30 Meitheamh 2017 (2)

 

Arna leasú le:

 

3

Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 43)

31 Nollaig 2020 (4)

 

Arna chomhlánú agus arna chur i bhfeidhm le:

 

4

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí thríú tíortha ardriosca ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha a shainaithint (IO L 254, 20.9.2016, lch. 1)

1 Nollaig 2017 (3)

 

Arna leasú le:

 

5

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/105 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675, maidir leis an Aetóip a chur leis an liosta de thríú tíortha ardriosca sa tábla i bpointe I den Iarscríbhinn (IO L 19, 24.1.2018, lch. 1)

31 Márta 2019 (4)

6

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/212 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le Srí Lanca, Oileán na Tríonóide agus Tobága, agus an Túinéis a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn (IO L 41, 14.2.2018, lch. 4)

31 Márta 2019 (4)

7

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1467 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2018 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir leis an bPacastáin a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn (IO L 246, 2.10.2018, lch. 1)

31 Nollaig 2019 (5)

8

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/855 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena gcomhlánaítear Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, Barbadós, an Bhotsuáin, an Chambóid, Gána, Iamáice, Oileán Mhuirís, an Mhongóil, Maenmar/Burma, Nicearagua, Panama agus an tSiombáib a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Aetóip, an Ghuáin, Daon-Phoblacht Dhaonlathach Laos, Srí Lanca agus an Túinéis a scriosadh ón tábla sin IO L 195, 19.6.2020, lch. 1)

31 Nollaig 2022 (7)

9

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/37 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i dtaca leis an Mongóil a scriosadh ón tábla i bpointe I den Iarscríbhinn (IO L 14, 18.1.2021, lch. 1)

31 Nollaig 2023 (7)

10

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/758 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na híosghníomhaíochta agus leis an gcineál beart breise nach mór d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a dhéanamh chun an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta i dtríú tíortha áirithe a mhaolú (IO L 125, 14.5.2019, lch. 4)

31 Nollaig 2020 (5)

11

Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe i dtaca le hairgead ag teacht isteach san Aontas nó ag imeacht as an Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 (IO L 284, 12.11.2018, lch. 6)

31 Nollaig 2021 (5)

12

Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac leis an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lch. 22)

31 Nollaig 2021 (5)

Calaois agus góchumadh a chosc

13

Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (IO L 181, 4.7.2001, lch. 6)

 

 

Arna leasú le:

 

14

Rialachán(CE) Uimh. 44/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (IO L 17, 22.1.2009, lch. 1)

 

15

Cinneadh 2001/887/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2001 maidir leis an euro a chosaint ar ghóchumadh (IO L 329, 14.12.2001, lch. 1)

 

16

Rialachán (CE) Uimh. 2182/2004 ón gComhairle an 6 Nollaig 2004 maidir le boinn agus comharthaí atá cosúil le boinn euro (IO L 373, 21.12.2004, lch. 1)

 

 

Arna leasú le:

 

17

Rialachán (CE) Uimh. 46/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2182/2004 maidir le boinn agus comharthaí atá cosúil le boinn euro (IO L 17, 22.1.2009, lch. 5)

 

18

Maidir leis na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 3(b) go (e) de:

Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127, 29.4.2014, lch. 39)

31 Nollaig 2022 (6)

19

Treoir 2014/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le cosaint an euro agus airgeadraí eile ar ghóchumadh leis an dlí coiriúil, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2000/383/CGB ón gComhairle(IO L 151, 21.5.2014, lch. 1)

30 Meitheamh 2016 (1)

20

Treoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle (IO L 123, 10.5.2019, lch. 18)

31 Nollaig 2021 (5)

Reachtaíocht baincéireachta agus airgeadais

21

Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí (IO L 84, 26.3.1997, lch. 22)

 


(1)  Tháinig an Comhchoiste ar chomhaontú in 2014 maidir leis an spriocdháta sin de bhun Airteagal 11(5) den Chomhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó.

(2)  Tháinig an Comhchoiste ar chomhaontú in 2015 maidir leis an spriocdháta sin de bhun Airteagal 11(5) den Chomhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó.

(3)  Tháinig an Comhchoiste ar chomhaontú in 2017 maidir leis an spriocdháta sin de bhun Airteagal 11(5) den Chomhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó.

(4)  Tháinig an Comhchoiste ar chomhaontú in 2018 maidir leis an spriocdháta sin de bhun Airteagal 11(5) den Chomhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó.

(5)  Tháinig an Comhchoiste ar chomhaontú in 2019 maidir leis an spriocdháta sin de bhun Airteagal 11(5) den Chomhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó.

(6)  Tháinig an Comhchoiste ar chomhaontú in 2020 maidir leis an spriocdháta sin de bhun Airteagal 11(5) den Chomhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó.

(7)  Tháinig an Comhchoiste ar chomhaontú in 2021 maidir leis an spriocdháta sin de bhun Airteagal 11(5) den Chomhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/9


Rátaí malairte an euro (1)

3 Márta 2022

(2022/C 104/06)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,1076

JPY

yen na Seapáine

128,18

DKK

krone na Danmhairge

7,4399

GBP

punt steirling

0,82773

SEK

krona na Sualainne

10,7688

CHF

franc na hEilvéise

1,0192

ISK

króna na hÍoslainne

143,40

NOK

krone na hIorua

9,8418

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

25,634

HUF

forint na hUngáire

378,64

PLN

zloty na Polainne

4,7691

RON

leu na Rómáine

4,9496

TRY

lira na Tuirce

15,6897

AUD

dollar na hAstráile

1,5139

CAD

dollar Cheanada

1,3992

HKD

dollar Hong Cong

8,6547

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6329

SGD

dollar Shingeapór

1,5042

KRW

won na Cóiré Theas

1 334,20

ZAR

rand na hAfraice Theas

16,8798

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,9996

HRK

kuna na Cróite

7,5700

IDR

rupiah na hIndinéise

15 934,42

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6370

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,293

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,063

BRL

real na Brasaíle

5,6041

MXN

peso Mheicsiceo

22,8945

INR

rúipí na hIndia

84,1740


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS tALMHAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/10


Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

(2022/C 104/07)

1.   Mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithdhumpála a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.

2.   Nós imeachta

Féadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go dtarlóidh siad arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d’allmhaireoirí, d’onnmhaireoirí, d’ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí de chuid an Aontais a mbarúil a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.

3.   Teorainn ama

Ar bhonn an mhéid thuas féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (Aonad G-1), CHAR 4/39, 1049 An Bhruiséil, an Bheilg (2), an Bhruiséil aon tráth tar éis fhoilsiú an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.

4.   Déantar an fógra seo a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1036.

Táirge

Tír thionscnaimh nó tír is onnmhaireoir

Bearta

Tagairt

Dáta éaga (3)

Trucailí pailléide láimhe

Daon-Phoblacht na Síne

An Téalainn

Dleacht frithdhumpála

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2206 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí trucailí pailléide láimhe agus a bpríomhpháirteanna de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 314, 30.11.2017, lch. 12)

1.12.2022


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu

(3)  Téann an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo.


NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/11


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10597 – SMS / ALTOR FUND MANAGER / KAEFER HOLDING / KAEFER ISOLIERTECHNIK)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 104/08)

1.   

An 24 Feabhra 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Altor Fund Manager AB (“Alter Fund Manager”, an tSualainn);

SMS GmbH (“SMS”, an Ghearmáin);

Kaefer Holding SE & Co. KG (“Kaefer Holding”, an Ghearmáin);

Kaefer Isoliertechnik (“Kaefer”, an Ghearmáin), atá faoi rialú aonair Kaefer Holding faoi láthair.

Gheobhaidh Altor Fund Manager, SMS agus Kaefer Holding rialú comhpháirteach ar Kaefer de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas thuasluaite:

Bainisteoir cistí ar ghrúpa cistí cothromais phríobháidigh is ea Altor Fund Manager, cistí lena n-áirítear Altor Fund V arb é sin an ciste de chuid Altor atá ag infheistiú in Kaefer;

Cuideachta faoi úinéireacht teaghlaigh is ea SMS atá gníomhach i dtógáil gléasra agus innealra don earnáil mhiotalóireachta agus don earnáil teicneolaíochta rollála;

Cuideachta faoi úinéireacht teaghlaigh is ea Kaefer Holding nach bhfuil aon leas gnó eile aige seachas Kaefer agus nach ngineann láimhdeachas taobh amuigh dá rannpháirtíocht in Kaefer;

Soláthraíonn Kaefer seirbhísí insliúcháin agus réitigh rochtana (e.g. scafalra) chomh maith le cosaint dromchla agus seirbhísí cosanta éighníomhaí ar dhóiteáin. Chomh maith leis sin soláthraíonn Kaefer seirbhísí amhail seirbhísí leictrea-meicniúla, seirbhísí bainte aispeiste agus seirbhísí frithleighis do chliaint thionsclaíocha, nó seirbhísí feistiúcháin istigh do chustaiméirí atá gníomhach san earnáil tógála agus i longthógáil.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10597 – SMS / ALTOR FUND MANAGER / KAEFER HOLDING / KAEFER ISOLIERTECHNIK

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/13


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10613 – PORSCHE AUSTRIA / WOLFGANG DENZEL AUTO / SAUBERMACHER DIENSTLEISTUNG / JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 104/09)

1.   

An 25 Feabhra 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Porsche Austria GmbH & Co OG (“Porsche Austria”, an Ostair), faoi rialú deiridh Volkswagen AG, máthairchuideachta deiridh an ghrúpa Volkswagen,

Wolfgang Denzel Auto AG (“Denzel”, an Ostair), faoi rialú ag “Familienstiftung W. Denzel” agus baill aonair de theaghlach Denzel,

Saubermacher Dienstleistungs AG (“Saubermacher”, an Ostair), faoi rialú Roth Privatstiftung amháin.

Baineann an fógra seo le rialú comhpháirteach a fháil ag Porsche Austria, Denzel agus Saubermacher i gcomhfhiontar lánfheidhme nuabhunaithe de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Porsche Austria: allmhairiú agus mórdhíol mótarfheithiclí (lena n-áirítear páirteanna breise agus ilghabhálais) de na brandaí Volkswagen Passenger Cars, Volkswagen Commercial Vehicles, Porsche, Audi, Škoda, SEAT agus CUPRA san Ostair,

Denzel: allmhairiú agus mórdhíol mótarfheithiclí de na brandaí Mitsubishi, Hyundai, MG agus Maxus san Ostair,

Saubermacher: lóistíocht dramhaíola, próiseáil dramhaíola, cóireáil dramhaíola, agus diúscairt dramhaíola,

an JV: seirbhísí comhairliúcháin maidir le láimhseáil agus maidir le diúscairt/cóireáil ceallraí litiam, coimeádáin speisialta a sholáthar agus conraitheoirí a choimisiúnú.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe maidir le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10613 – PORSCHE AUSTRIA / WOLFGANG DENZEL AUTO / SAUBERMACHER DIENSTLEISTUNG / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

an Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/15


Teachtaireacht ón gCoimisiún arna foilsiú de bhun Airteagal 27(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle i gCás AT.40511 – Insurance Ireland: Bunachar sonraí na n-éileamh árachais agus na coinníollacha rochtana

(2022/C 104/10)

1.   Réamhrá

(1)

De réir Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (1), féadfaidh an Coimisiún a chinneadh – i gcásanna ina bhfuil sé beartaithe aige cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar deireadh a chur le sárú agus ina dtairgeann na páirtithe lena mbaineann gealltanais chun na hábhair imní a chuir an Coimisiún in iúl ina réamh-mheasúnú a chomhlíonadh – na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach ar na gnóthais. Féadfar cinneadh den sórt sin a ghlacadh ar feadh tréimhse shonrach ama agus tiocfar ar an gconclúid ann nach bhfuil aon fhorais ann a thuilleadh le gníomhaíocht ag an gCoimisiún. De réir Airteagal 27(4) den Rialachán céanna, foilseoidh an Coimisiún achoimre bheacht ar an gcás agus ar phríomhábhar na ngealltanas. Féadfaidh páirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach laistigh den teorainn ama a shocróidh an Coimisiún.

2.   Achoimre ar an gcás

(2)

An 14 Bealtaine 2019, d’oscail an Coimisiún imscrúdú foirmiúil ar Insurance Ireland (Member Association) Company Limited by Guarantee (“Insurance Ireland”), comhlachas gnóthas a riarann an córas malartaithe faisnéise Insurance Link. Osclaíodh an t-imscrúdú chun a mheas an bhféadfadh na coinníollacha rochtana ar an gcóras malartaithe faisnéise Insurance Link srian a chur leis an iomaíocht. An 18 Meitheamh 2021, ghlac an Coimisiún Ráiteas Agóidí maidir le sáruithe amhrasta a rinne Insurance Ireland ar mhargadh árachais mótarfheithicle na hÉireann. Is éard atá i gceist leis an Ráiteas Agóidí réamh-mheasúnú de réir bhrí Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.

(3)

Sa réamh-mheasúnú, cuirtear in iúl gur sháraigh Insurance Ireland Airteagal 101(1) CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE trí rochtain ar an gcóras malartaithe faisnéise Insurance Link a shrianadh, rud a chuireann srian leis an iomaíocht i margadh árachais mótarfheithicle na hÉireann. Is éard atá i gceist leis an gcóras malartaithe faisnéise Insurance Link comhthiomsú sonraí faoi éilimh árachais neamhshaoil agus áis chun tuilleadh faisnéise a iarraidh maidir leis na héilimh sin. Tá faisnéis sa chóras malartaithe faisnéise atá úsáideach chun calaois i dtionscal an mhótarárachais a bhrath agus a chomhrac.

(4)

Mheas an Coimisiún roimh ré gur chuir Insurance Ireland moill treallach ar rochtain a thabhairt ar an gcóras malartaithe faisnéise do chuideachtaí a raibh leas dlisteanach acu é a úsáid nó gur dhiúltaigh sé de facto rochtain a thabhairt dóibh agus go bhfuil constaicí fós i bhfeidhm, ar constaicí iad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chuideachtaí atá ag iarraidh dul isteach i margadh mótarárachais na hÉireann. De réir an réamh-mheasúnaithe, baineadh é sin amach trí roinnt cinntí idirnasctha a cuireadh i bhfeidhm le leibhéil éagsúla déine thar thréimhsí éagsúla ama. Ó bhí 2009 ann ar a laghad, tá nasc idir rochtain a fháil ar Insurance Link agus ballraíocht a ghlacadh in Insurance Ireland agus/nó tá an rochtain sin ag brath ar an mballraíocht sin. Thairis sin, mheas an Coimisiún roimh ré nach raibh dearadh agus cur i bhfeidhm na gcritéar chun ballraíocht a ghlacadh in Insurance Ireland soiléir, trédhearcach, oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach ná ar fáil go héasca. Sa réamh-mheasúnú, cuirtear in iúl gur láimhseáil Insurance Ireland an próiseas iarratais chun ballraíocht a ghlacadh in Insurance Ireland ar bhealach treallach agus idirdhealaitheach agus gur chuir sé moill ar an bpróiseas iarratais i gcás roinnt iarratasóirí ar feadh tréimhsí fada ama. Eisiadh catagóirí áirithe rannpháirtithe sa mhargadh ó bhallraíocht a ghlacadh ar feadh tréimhsí áirithe ama (e.g. árachóirí atá bunaithe i mBallstáit eile agus a sholáthraíonn seirbhísí in Éirinn ar bhonn na rialacha a bhaineann le saorsholáthar seirbhísí idir na Ballstáit (dá ngairtear “bonn saoirse seirbhísí” anseo feasta), nó gníomhairí bainistíochta ginearálta). Fiú nuair a tugadh rochtain ar an gcomhthiomsú sonraí d’iarratasóirí áirithe, diúltaíodh de facto dá rochtain ar an áis Insurance Link chun tuilleadh faisnéise a iarraidh agus/nó cuireadh moill ar an rochtain sin.

(5)

Mheas an Coimisiún roimh ré go raibh sé d’éifeacht ag easpa rochtana nó moill ar rochtain ar Insurance Link cuideachtaí a chur faoi mhíbhuntáiste iomaíoch ar mhargadh árachais mótarfheithicle na hÉireann i gcomparáid le cuideachtaí a raibh rochtain acu ar an gcóras malartaithe faisnéise. Rinne sé sin difear diúltach dá gcostais, dá gcaighdeán seirbhíse agus dá bpraghsáil. D’fheidhmigh sé freisin mar bhacainn ar iontráil agus, ar an gcaoi sin, laghdaigh sé an fhéidearthacht praghsanna níos iomaíche agus rogha soláthróirí a bheith ann. An easpa rochtana ar na sonraí ábhartha in Insurance Link, bhí tionchar aici sin freisin ar thrádáil trasteorann idir na Ballstáit, rud a d’fhéadfadh an margadh inmheánach a dheighilt.

3.   Príomhábhar na ngealltanas a tairgeadh

(6)

Ní aontaíonn Insurance Ireland le réamh-mheasúnú an Choimisiúin. Mar sin féin, tá gealltanais tairgthe ag Insurance Ireland de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, chun ábhair imní an Choimisiúin maidir leis an iomaíocht a chomhlíonadh (“na gealltanais a tairgeadh”).

(7)

Tá achoimre ghairid thíos ar théacs na ngealltanas a tairgeadh agus foilsítear é ina iomláine i mBéarla ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta:

 

https://ec.europa.eu/competition-policy/index_en

A)   Gealltanais maidir le rochtain ar Insurance Link

(8)

Laistigh de 20 lá gnó tar éis an dáta a gheobhaidh Insurance Ireland fógra foirmiúil faoi chinneadh an Choimisiúin de réir Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, geallfaidh Insurance Ireland an méid seo a leanas:

(a)

rochtain ar Insurance Link a dhícheangal ó bhallraíocht in Insurance Ireland, ionas nach mbeidh aon ghá le húsáideoir Insurance Link a bheith ina bhall de Insurance Ireland chun rochtain a bheith aige ar Insurance Link nó chun aon cheann dá fheidhmeanna a úsáid;

(b)

critéir maidir le rochtain ar Insurance Link a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí, ar critéir iad a bheidh cothrom, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus a chuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach i gcás gach iarratasóra (lena n-áirítear iarratasóirí ó Bhallstáit eile) (2). Tabharfar rochtain ar Insurance Link dóibh seo a leanas: (i) aon árachóir a dhéanann gnó árachais in Éirinn, nó a léiríonn rún gnó árachais a dhéanamh in Éirinn ar bhonn saoirse seirbhísí nó ar bhonn rialacha maidir le saoirse bunaíochta; agus (ii) aon eintiteas arna cheapadh ag árachóir chun feidhmeanna frithgheallta agus/nó feidhmeanna bainistíochta éileamh a dhéanamh in Éirinn, faoi údarás tarmligthe, thar ceann an árachóra. I gcás na n-eintiteas a fheidhmíonn trí bhíthin údarás tarmligthe, níl aon cheanglas ar an árachóir a bhfuil siad ag gníomhú dó a bheith ina bhall de Insurance Ireland ionas go bhféadfaidh an t-eintiteas rochtain a fháil ar Insurance Link. Beidh ar iarratasóirí foirm iarratais a chur isteach, comhaontóidh siad éilimh sonraí a chur in Insurance Link, déanfaidh siad téarmaí an chomhaontaithe rochtana a iontráil agus a chomhlíonadh (3) agus cloífidh siad le Cód Cleachtais 2013 maidir le Cosaint Sonraí le haghaidh an Earnáil Árachais;

(c)

nós imeachta iarratais nua ar Insurance Link a bhunú mar aon le clár ama sainithe chun rochtain ar Insurance Link a dheonú nó a dhiúltú, agus an ceart chun achomharc a dhéanamh (4). Ón uair a chuirfear an t-iarratas isteach agus go dtí go ndéanfar cinneadh, ba cheart go mairfeadh an próiseas 20 lá gnó. Déantar foráil maidir le 10 lá breise chun athbhreithniú a dhéanamh ar an nós imeachta agus ar a thoradh, más rud é go ndiúltaítear rochtain ag an gcéad chéim nó nach ndéantar aon chinneadh le linn an 20 lá sin.

(9)

Laistigh de 10 lá gnó tar éis an dáta a gheobhaidh Insurance Ireland fógra foirmiúil faoi chinneadh an Choimisiúin de réir Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, geallfaidh Insurance Ireland an méid seo a leanas:

(a)

ainmneoidh siad Oifigeach Iarratais Insurance Link a mbeidh sé de fhreagracht air athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh agus cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratais ar rochtain ar Insurance Link i gcomhréir le nós imeachta iarratais Insurance Link. Tuairisceoidh an tOifigeach Iarratais do Insurance Ireland maidir le toradh an phróisis, ach ní cheadófar do Insurance Ireland ná d’aon pháirtí seachtrach tionchar a imirt ar an bpróiseas seo. Ní bheidh ar Bhord Insurance Ireland cinneadh an Oifigigh Iarratais a bhailíochtú nó diúltú glacadh lena chinneadh ach amháin i gcás ina gcinneann an tOifigeach Iarratais nach gcomhlíonann an t-iarratasóir na critéir chun rochtain a fháil (5);

(b)

táillí athbhreithnithe a thabhairt isteach maidir le húsáid Insurance Link, táillí a shocrófar i gcomhréir le prionsabail struchtúir na dtáillí athbhreithnithe nach mór a bheith cothrom, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach le haghaidh gach úsáideora Insurance Link (6). Léireoidh na táillí comhiomlána a ghearrtar ar úsáideoirí Insurance Link na costais iarbhír a bhaineann le hoibriú Insurance Link. Cinnfear na táillí a ghearrfar ar úsáideoirí Insurance Link ar bhonn úsáid iarbhír an chórais le linn tréimhse thagartha áirithe. Gearrfar táille ionduchtaithe aonuaire ar úsáideoirí nua uile Insurance Link chun na costais a bhaineann lena mbunú a chumhdach.

(10)

Laistigh de 30 lá gnó tar éis an dáta a gheobhaidh Insurance Ireland fógra foirmiúil faoi chinneadh an Choimisiúin de réir Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, geallfaidh Insurance Ireland Coiste Formhaoirseachta a bhunú, (7) arb é a bheidh i gceist leis comhlacht achomhairc ar a mbeidh na hionadaithe seo a leanas: (i) duine a bheidh molta ag an Roinn Airgeadais; (ii) dlíodóir cáilithe a bhfuil saineolas aige maidir le réiteach díospóidí agus a bheidh molta ag Cathaoirleach Institiúid Chairte na nIniúchóirí (brainse na hÉireann); (iii) duine a dhéanann ionadaíocht ar leasanna custaiméirí gnó agus a bheidh molta ag ISME, Cumann FBM na hÉireann; (iv) duine a bheidh molta ag Biúró na hÉireann um Árachas Gluaisteán; agus (v) duine a bheidh molta ag an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta. Féadfaidh iarratasóir achomharc a dhéanamh chuig an gCoiste Formhaoirseachta tar éis do Insurance Ireland diúltú dá iarratas nó sa chás nár ghníomhaigh sé laistigh den tréimhse ama atá beartaithe (8). Déanfaidh an Coiste Formhaoirseachta athbhreithniú agus tuairisciú ar oibríochtaí Insurance Ireland. Cuirfidh sé comhairle ar fáil freisin maidir le haon athrú ar oibríochtaí agus ar phróisis Insurance Link agus cuirfidh sé comhairle ar fáil maidir le struchtúr na dtáillí chun rochtain a fháil ar Insurance Link.

B)   Gealltanais maidir le ballraíocht a ghlacadh in Insurance Ireland

(11)

Laistigh de 20 lá gnó tar éis an dáta a gheobhaidh Insurance Ireland fógra foirmiúil faoi chinneadh an Choimisiúin de réir Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, geallfaidh Insurance Ireland an méid seo a leanas:

(a)

critéir a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí maidir le comhaltaí iomlána agus comhlacha a ghlacadh mar chomhaltaí de chuid Insurance Ireland, critéir a bheidh cothrom, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Beidh árachóirí a dhéanann a gcuid gnó in Éirinn, nó a bhfuil sé ar intinn acu a gcuid gnó a dhéanamh in Éirinn in ann lánbhallraíocht a ghlacadh in Insurance Ireland. Eintiteas eile a thairgeann seirbhísí in earnáil an árachais in Éirinn nó a bhfuil sé i gceist acu é sin a dhéanamh, beidh siad incháilithe chun ballraíocht chomhlach a ghlacadh in Insurance Ireland (9). Cuirfidh Insurance Ireland deireadh leis na critéir atá i bhfeidhm faoi láthair, ar dá mbun: (i) ní mór d’iarratasóir ar bhallraíocht a bheith i ngníomh ar feadh bliain amháin ar a laghad; agus (ii) ní mór d’iarratasóir a bheith urraithe ag ball iomlán de Insurance Ireland chun go ligfí dó a bheith ina bhall comhlach; (10)

(b)

nós imeachta nua maidir le hiarratas ar bhallraíocht a bhunú le clár ama sainithe agus an ceart ag iarratasóirí ar bhallraíocht achomharc a dhéanamh. Is ionann fad an phróisis iarratais chun ballraíocht a ghlacadh agus fad an phróisis iarratais chun rochtain a fháil ar Insurance Link; (11)

(c)

ainmneoidh sé Oifigeach Iarratais Ballraíochta a mbeidh sé de fhreagracht air na hiarratais chun ballraíocht a ghlacadh in Insurance Ireland a phróiseáil i gcomhréir leis an nós imeachta iarratais ar bhallraíocht, agus beidh neamhspleáchas oibríochtúil aige chun é sin a dhéanamh. I gcás ina gcinneann an tOifigeach Iarratais Ballraíochta nach gcomhlíonann iarratasóir na critéir bhallraíochta, beidh ar Bhord Insurance Ireland cinneadh an Oifigigh Iarratais Ballraíochta a bhailíochtú nó diúltú dá chinneadh agus glacadh leis an iarratas ar bhallraíocht (12).

(12)

Laistigh de 30 lá gnó tar éis an dáta a gheobhaidh Insurance Ireland fógra foirmiúil faoi chinneadh an Choimisiúin de réir Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, geallfaidh Insurance Ireland Bord Achomhairc Ballraíochta a ainmniú, Bord a bheidh comhdhéanta de bhreithneoirí neamhspleácha a mbeidh eolas agus saineolas acu ar an earnáil árachais agus/nó ar réiteach díospóidí (13). Déanfaidh an Bord Achomhairc Ballraíochta athbhreithniú ar achomhairc i leith cinneadh a rinne an tOifigeach Iarratais Ballraíochta agus/nó Bord Insurance Ireland nach gcomhlíonann iarratasóir na critéir bhallraíochta (14).

(13)

Na gealltanais uile a tairgeadh, mairfidh siad 10 mbliana ón dáta a gheobhaidh Insurance Ireland fógra foirmiúil faoi chinneadh an Choimisiúin de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.

(14)

Geallann Insurance Ireland Iontaobhaí Faireacháin a cheapadh a dhéanfaidh faireachán agus tuairisciú don Choimisiún ar chur chun feidhme na ngealltanas a tairgeadh. Le linn an chéad dá bhliain, cuirfidh an tIontaobhaí Faireacháin a thuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach sé mhí agus, ar feadh a mbeidh fágtha de thréimhse na ngealltanas a tairgeadh, ar bhonn bliantúil.

(15)

Tá Insurance Ireland tiomanta gan dul timpeall ar na gealltanais a tairgeadh trí ghníomh nó neamhghníomh ná iarracht a dhéanamh dul timpeall ar na gealltanais sin.

4.   Cuireadh chun tuairimí a thabhairt

(16)

Faoi réir tástála margaidh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 lena ndearbhaítear go bhfuil na gealltanais a bhfuil achoimre orthu thuas ceangailteach. Foilseofar an cinneadh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 27(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara a mbarúlacha a thíolacadh maidir leis na gealltanais a tairgeadh. Ní mór na barúlacha sin a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Iarrtar ar thríú páirtithe leasmhara leagan neamhrúnda dá gcuid barúlacha a thíolacadh freisin, leagan inar cheart aon fhaisnéis a mhaíonn siad gur rúin ghnó í agus faisnéis rúnda eile a scriosadh agus a ionadú, de réir mar is gá, le hachoimre neamhrúnda nó leis na focail “rúin ghnó” nó “rúnda”.

(18)

Más féidir, ba cheart freagraí agus barúlacha a bheith réasúnaithe agus ba cheart na fíorais ábhartha a leagan amach iontu. Má mheasann tú nach rachaidh aon chuid de na gealltanais a tairgeadh i ngleic go héifeachtach leis na hábhair imní a cuireadh in iúl sa réamh-mheasúnú a rinne an Coimisiún, d’iarrfadh an Coimisiún ort réiteach féideartha a mholadh freisin.

(19)

Is féidir tuairimí a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin uimhir thagartha AT.40511 – Insurance Ireland: Bunachar sonraí na n-éileamh árachais agus na coinníollacha rochtana trí ríomhphost (COMP-GREFFE-ANTITRUST@ec.europa.eu), trí fhacs +32 22950128 nó tríd an bpost, chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisiún Eorpach/European Commission

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta/Directorate-General for Competition

Clárlann Fhrith-thrustaí/Antitrust Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 1, 4.1.2003, lch. 1. Le héifeacht ón 1 Nollaig 2009, rinneadh Airteagail 101 agus 102 CFAE d’Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE, faoi seach. Tá an dá shraith forálacha comhionann le chéile, go bunúsach. Chun críocha an fhógra seo, ba cheart tagairtí d’Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE a thuiscint mar thagairtí d’Airteagail 101 agus 102 CFAE, nuair is infheidhme.

(2)  Féach na gealltanais a tairgeadh agus Iarscríbhinn 1 a ghabhann leo.

(3)  Féach Iarscríbhinn 3 de na gealltanais a tairgeadh.

(4)  Féach na gealltanais a tairgeadh agus Iarscríbhinní 4 agus 5 a ghabhann leo. Maidir leis an gceart chun achomhairc, féach freisin mír 10 den Teachtaireacht seo.

(5)  Féach na gealltanais a tairgeadh agus Iarscríbhinn 4 a ghabhann leo. Ina theannta sin, déanfaidh an Bord athbhreithniú (i) ar aon chinneadh chun cearta rochtana úsáideoirí Insurance Ireland a tharraingt siar nó srian a chur orthu nó diúltú de facto do na cearta rochtana sin (a luaithe a dheonófar iad) ar Insurance Link nó ar aon cheann dá áiseanna; (ii) ar mhainneachtain aon ghné de nós imeachta iarratais Insurance Link a chomhlíonadh, rud a raibh moill ar phróiseáil na n-iarratas mar thoradh air; nó (iii) ar mhainneachtain na táillí a ghearrtar ar úsáideoir Insurance Link as rochtain a fháil ar Insurance Link a ríomh i gcomhréir le struchtúr na dtáillí atá i bhfeidhm le haghaidh Insurance Link.

(6)  Féach na gealltanais a tairgeadh agus Iarscríbhinn 7 a ghabhann leo.

(7)  Féach na gealltanais a tairgeadh agus Iarscríbhinní 5 agus 6 a ghabhann leo.

(8)  Ina theannta sin, déanfaidh an Coiste Fomhaoirseachta athbhreithniú ar achomhairc a bhaineann le cinneadh nó gníomh arna ndéanamh ag an Oifigeach Iarratais nó ag an mBord maidir le: (i) cinneadh gan rochtain a thabhairt ar Insurance Link (ii) cearta rochtana úsáideoirí Insurance Link ar Insurance Link nó ar aon cheann dá shaoráidí a tharraingt siar nó diúltú de facto dóibh (a luaithe a dheonófar iad); (iii) gné ar bith de nós imeachta iarratais Insurance Link a chomhlíonadh, rud a raibh moill ar phróiseáil iarratais an iarratasóra ar Insurance Link mar thoradh air; agus/nó (iv) mainneachtain na táillí a ghearrtar ar úsáideoir Insurance Link as rochtain a fháil ar Insurance Link a ríomh i gcomhréir le struchtúr na dtáillí atá i bhfeidhm le haghaidh Insurance Link.

(9)  Mar shampla, coigeartóirí caillteanais, idirghabhálaithe a ghníomhaíonn mar ghníomhairí frithgheallta, eintitis a bhfuil gnóthas árachais acu mar iompróir, agus eile.

(10)  Féach na gealltanais a tairgeadh agus Iarscríbhinní 9 agus 10 a ghabhann leo.

(11)  Féach na gealltanais a tairgeadh agus Iarscríbhinní 12, 13 agus 14 a ghabhann leo.

(12)  Féach na gealltanais a tairgeadh agus Iarscríbhinn 13 a ghabhann leo.

(13)  Féach na gealltanais a tairgeadh agus Iarscríbhinní 13 agus 14 a ghabhann leo.

(14)  Féach na gealltanais a tairgeadh agus Iarscríbhinn 14 a ghabhann leo. Déanfaidh an Bord Achomhairc Ballraíochta athbhreithniú freisin ar achomhairc arna dtaisceadh ag comhalta ar diúltaíodh dó, gan údar réasúnach, rochtain a fháil go hiomlán nó go páirteach ar áiseanna nó ar sheirbhísí Insurance Ireland, ar áiseanna agus seirbhísí iad a bhfuil sé i dteideal laistigh dá aicme ballraíochta.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/20


Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 104/11)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH LENA LEASAÍTEAR AN DOICIMÉAD AONAIR

“Côtes de Thau”

PGI-FR-A1229-AM01

Dáta na teachtaireachta: 6 Nollaig 2021

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA ATÁ LEIS

1.   Tuairisc orgánaileipteach ar na fíonta

Cuireadh le pointe 3.3 “Tuairisc orgánaileipteach ar na táirgí” de Chaibidil I den tsonraíocht chun dath agus saintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta a shoiléiriú.

Rinneadh na leasuithe sin freisin ar an bpointe dar teideal “Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta” den doiciméad aonair anseo.

2.   Limistéar geografach

I gCaibidil I, pointe 4 den tsonraíocht, leathnaíodh an limistéar geografach chun naoi mbardas in aice láimhe atá laistigh de roinn Hérault á áireamh ann. Áirítear sé bhardas de chuid roinn Hérault sa limistéar geografach reatha: Agde, Castelnau de Guers, Florensac, Marseillan, Pinet agus Pomerols. Leathnaíodh é chun naoi mbardas a áireamh ann, ar bardais iad atá suite in oirthuaisceart na roinne agus atá taobh leis an limistéar reatha. Bhí na bardais sin áirithe sa limistéar i ndlúthghaireacht: Balaruc les Bains, Balaruc le Vieux, Bouzigues, Frontignan, Loupian, Mèze, Poussan, Sète agus Villeveyrac.

Ba é ba chuspóir don leasú limistéar an TGFC thart timpeall Mhurlach Thau a thabhairt i gcomhréir le leagan amach geografach na Scéime maidir le Forbairt agus Bainistíocht Uiscí Abhantrach Thau (SAGE). Is dobharcheantar é a bhfuil aeráid mheasartha na Meánmhara i réim ann. Le leathnú TGFC “Côtes de Thau”, neartaíodh an nasc leis an limistéar geografach. Neartaíodh freisin féiniúlacht gheografach an TGFC. Is aonad geografach é atá níos ciallmhaire agus níos aontaithe ó thaobh na haeráide de (aeráid mheasartha na Meánmhara), ó thaobh shaintréithe na fo-ithreach de, agus ó thaobh an phobail de.

Rinneadh an leasú sin sa doiciméad aonair freisin, ar an bpointe dar teideal “Limistéar geografach críochaithe”.

3.   Limistéar i ndlúthghaireacht

I gCaibidil I, pointe 4 den tsonraíocht, cuireadh feabhas ar shainmhíniú an limistéir i ndlúthghaireacht agus rinneadh é a athdhíriú ar na bardais atá taobh leis an limistéar geografach, bardais ina ndéantar na cleachtais iarbhír.

Rinneadh an leasú sin sa doiciméad aonair freisin, ar an bpointe dar teideal “Coinníollacha eile - Maolú maidir leis an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe”.

4.   Cineálacha fíniúna

I gCaibidil I, pointe 5 den tsonraíocht, tugadh liosta na gcineálacha fíniúna a úsáidtear chun TGFC “Côtes de Thau” a tháirgeadh cothrom le dáta. Is mian leis an gcomhlacht um chaomhnú agus um bainistiú 15 chineál fíniúna a bhaint den tsonraíocht, ar cineálacha iad nach n-úsáidtear chun na fíonta a tháirgeadh ná nach saothraítear laistigh den limistéar geografach. Baineadh na cineálacha fíniúna seo a leanas: Chasselas B, Chasselas Rose Rs, Chambourcin N, Couderc Noir N, Danlas B, Jurançon Blanc B, Landal N, Lival N, Maréchal Foch N, Mondeuse N, Müller-Thurgau B, Ravat Blanc b, Rayon d’Or B, Rubilande Rs, Valérien B.

Rinneadh an leasú sin sa doiciméad aonair freisin, ar an bpointe dar teideal “Príomhchineálacha fíonchaor”.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, pointe 7 den tsonraíocht, cuireadh tuilleadh sonraí leis an gcuid “7.1 - Saintréithe an limistéir gheografaigh” chun a mhíniú go n-áirítear 15 bhardas de chuid roinn Hérault i limistéar geografach an TGFC, ar bardais iad atá suite ar an taobh thoir thuaidh agus atá leagtha amach i leathchiorcal thart timpeall Mhurlach Thau.

Cuireadh leis an bpointe dar teideal “7.3 - Nasc cúisíoch” freisin chun léiriú an naisc chúisíoch a neartú, ar nasc é atá bunaithe ar an gcaidreamh idir saintréithe an limistéir gheografaigh agus saintréithe an táirge. Is tír thraidisiúnta ársa í Côtes de Thau agus le fada an lá, tá sé ar cheann de shaintréithe fhíonghoirt na háite go bhfuil siad dírithe ar fhíonta geala a tháirgeadh. Agus iad suite thart timpeall Mhurlach Thau, baineann siad leas as suíomh agus as aeráid na Meánmhara atá iontach buntáisteach chun fíniúnacha a shaothrú. Is meascán de ghaineamh, dúrabhán, cré agus aolchloch iad na hithreacha, agus is minic a bhíonn siad tréscaoilteach. Leis sin, is féidir leis na fíniúnacha fréamhacha doimhne a chur síos agus an tráth céanna dea-bholadh torthaí agus úire a thabhairt do na fíonta.

Rinneadh na leasuithe sin sa doiciméad aonair freisin, ar an bpointe dar teideal “Nasc leis an limistéar geografach”.

6.   Coinníollacha maidir le cur i láthair agus lipéadú

Ag pointe 8 den tsonraíocht, dar teideal “8 - Coinníollacha maidir le cur i láthair agus lipéadú”, cuireadh riail lipéadaithe isteach i gcomhréir le rialacha na hEorpa chun teorannacha a chur le húsáid téarmaí áirithe i ndáil le úsáid shonrúchán “Côtes de Thau”. Is iad na téarmaí sin an cineál fíniúna agus an sonrúchán geografach breise “Cap d’Agle”, a ndéantar foráil maidir leis sa tsonraíocht. Leis an gcoinníoll lipéadaithe sin, is féidir féiniúlacht ainm an TGFC a neartú agus a chaomhnú.

7.   An túdarás cigireachta

Cuireadh sonraí teagmhála na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO), mar atá an t-údarás atá freagrach as an gcigireacht, le Caibidil III de shonraíocht thásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau”. Is é an comhlacht cigireachta CERTIPAQ a dhéanann an chigireacht thar cheann INAO.

Cuireadh an fhaisnéis sin leis an doiciméad aonair freisin, is é sin leis an bpointe dar teideal “Faisnéis mhionsonraithe faoin údarás cigireachta”.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm nó ainmneacha

Côtes de Thau

2.   Cineál an táisc gheografaigh

TGFC - Tásc geografach faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   Tuairisc anailíseach

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Ní féidir an tásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau” a úsáid ach amháin i gcás fíonta socra agus i gcás fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán, iad dearg, rosé nó geal.

I gcás na bhfíonta socra, is i reachtaíocht an Aontais a leagtar síos na leibhéil íosta agus uasta maidir le neart alcóil iomlán de réir toirte, aigéadacht iomlán, aigéadacht luaineach agus iomlán dé-ocsaíde sulfair.

I gcás na bhfíonta súilíneacha ar ardchaighdeán, is i reachtaíocht an Aontais a leagtar síos na leibhéil íosta agus uasta maidir le neart alcóil iarbhír de réir toirte, neart alcóil iomlán de réir toirte, aigéadacht iomlán, aigéadacht luaineach, iomlán dé-ocsaíde sulfair agus dé-ocsaíd charbóin.

De mhaolú air sin, na fíonta a bhfuil cion siúcraí coiptheacha (fruchtós agus glúcós) iontu arb ionann é agus 45 ghram in aghaidh an lítir nó ar mó é ná sin, is in ordú comhpháirteach ón Aire Gnóthaí Tomhaltóirí agus ón Aire Talmhaíochta a leagtar síos a gcion aigéadachta luainí.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

9

Aigéadacht iomlán íosta

 

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   Tuairisc orgánaileipteach

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Thar aon ní eile, is iad saintréithe na bhfíonta dea-bholadh láidir agus cothromaíocht blasanna a bhfuil an úire ina bonn taca léi.

Bíonn snua gealbhuí gléineach mar atá dath geal-órga ar na fíonta geala de ghnáth. Dea-bholadh citris is mó a fhaightear ag an gcéadbhlas, mar aon le húire nach beag. An t-iarbhlas a thagann chun cinn, bíonn dea-bholadh líomóide agus/nó andúchasach nó aimileach air. Iarbhlas fada is ea é a mbíonn imir mianraí ann uaireanta.

Bíonn cuma ghléghlan ar na fíonta rosé agus bíonn siad idir dath éadrom na péitseoige agus dath le himir chorcairghorm ann. Bíonn dea-bholadh fíneálta mín torthaí dearga orthu. Sa bhéal, bíonn céadbhlas láidir spleodrach orthu a mbaineann dea-bholadh caora dearga leis, ach bíonn iarbhlas milseán bruite orthu uaireanta. Is iondúil go maireann siad i bhfad sa bhéal, agus is taitneamhach an úire iontu.

Bíonn dath dorcha ar na fíonta dearga agus imireacha láidre ar fáil iontu. Bíonn dea-bholadh láidir orthu a mheabhraíonn torthaí dearga agus scrobarnaigh na háite. Leis an gcéadbhlas, léirítear gur fíon bog úr é go príomha atá bunaithe ar thorthaí aibí.

Sna fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán, faightear bolgáin mhíne ghalánta, úire thaitneamhach agus dea-bholadh a mheabhraíonn bláthanna nó torthaí, ag brath ar na cineálacha fíniúna atá sa mheascán.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

 

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Ní mór do na cleachtais fíonóireachta cloí le hoibleagáidí an Aontais agus leis na hoibleagáidí sa Chód um Ghnóthaí Tuaithe agus um an Iascaireacht Mhuirí.

5.2.   Táirgeacht uasta

1.   Fíonta rosé agus geala

120 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Fíonta dearga

110 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Maidir leis na fíonta a bhaineann leas as an tásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau”, is ar chríoch na mbardas seo a leanas de chuid roinn Hérault a dhéantar na fíonchaora a bhuain, an fhíonóireacht agus táirgeadh na bhfíonta:

Agde, Balaruc-les-Bains, Balaruc-le-Vieux, Bouzigues, Castelnau-de-Guers, Florensac, Frontignan, Loupian, Marseillan, Mèze, Pinet, Pomerols, Poussan, Sète, Villeveyrac.

7.   Príomhchineál nó príomhchineálacha fíonchaor

 

Alicante Henri Bouschet N

 

Alphonse Lavallée N

 

Altesse B

 

Aramon N

 

Aramon Blanc B

 

Aramon Gris G

 

Aranel B

 

Arinarnoa N

 

Auxerrois B

 

Baco Blanc B

 

Cabernet Franc N

 

Cabernet Sauvignon N

 

Caladoc N

 

Cardinal Rg

 

Carignan N

 

Carignan Blanc B

 

Carmenère N

 

Chardonnay B

 

Chasan B

 

Chenanson N

 

Chenin B

 

Clairette B

 

Clairette Rose Rs

 

Clarin B

 

Colombard B

 

Counoise N

 

Egiodola N

 

Gamay N

 

Gamay de Chaudenay N

 

Gewurztraminer Rs

 

Grenache N

 

Grenache Blanc B

 

Grenache Gris G

 

Gros Manseng B

 

Lledoner Pelut N

 

Marsanne B

 

Marselan N

 

Mauzac B

 

Merlot N

 

Meunier N

 

Muscadelle B

 

Muscardin N

 

Négrette N

 

Parrellada B

 

Petit Manseng B

 

Petit Verdot N

 

Pinot Gris G

 

Pinot Noir N

 

Piquepoul Blanc B

 

Piquepoul Gris G

 

Piquepoul Noir N

 

Portan N

 

Riesling B

 

Roussanne B

 

Savagnin Rose Rs

 

Sciaccarello N

 

Semillon B

 

Servant B

 

Seyval B

 

Sylvaner B

 

Tannat N

 

Tempranillo N

 

Terret Blanc B

 

Terret Gris G

 

Terret Noir N

 

Ugni Blanc B

 

Verdelho B

 

Villard Blanc B

 

Villard Noir N

 

Viognier B

8.   Tuairisc ar an nasc nó ar na naisc

Áirítear 15 bhardas de chuid roinn Hérault i limistéar geografach thásc gheografach faoi chosaint “Côtes de Thau”, ar bardais iad atá leagtha amach i leathchiorcal thart timpeall Mhurlach Thau.

Mar gheall ar an Meánmhuir, na murlaigh, na tránna agus an scrobarnach, tá timpeallacht nádúrtha faoi leith anseo atá ina mbunús le geilleagar agus le modh maireachtála. Imríonn an Murlach Thau tionchar rialaithe ar an tírdhreach agus ar an aeráid. Caomhnaítear ón Meánmhuir é le barra ar a dtugtar lido agus ar a saothraítear fíniúnacha. Is ar raon idir dúrabhán gainmheach agus cré ghainmheach atá na hithreacha. Bíonn siad measartha domhain, mín go hiondúil, gan mórán cloch iontu agus is idir dearg agus béas an dath a bhíonn orthu. Sainghné na haeráide is ea an bháisteach measartha trom san fhómhar agus sa gheimhreadh. Ansin, ní bhíonn mórán báistí i rith an tsamhraidh, ach bíonn stoirmeacha ann anois is arís. Cuireann an ghaoth ón bhfarraige cúiteamh ar fáil, áfach, tríd an ngalú a laghdú agus trí theorainn a chur leis an strus maidir le huisce. Titeann thart faoi 600 mm de bháisteach in aghaidh na bliana. Is ríthábhachtach an tionchar a bhíonn ag Murlach Thau, ar muir intíre í go bunúsach, atá 20 ciliméadar ar fad.

Leis an timpeallacht uisceach sin, maolaítear aeráid dhian na Meánmhara. Fágtar teocht séimh atá iontach oiriúnach chun cineálacha fíniúna geala a aosú.

Tá dlúthbhaint ag an oidhreacht nádúrtha sin le cúrsaí eacnamaíocha na háite, leis an turasóireacht go háirithe (atá dírithe, mar shampla, ar an snámh san fharraige, ar áiseanna spá nó ar an dúlra) leis an bhfíonsaothrú, leis an bhfeirmeoireacht sliogéisc nó leis an iascaireacht.

Tá spéis an tomhaltóra ag forbairt i dtreo fíonta geala úra a bhfuil dea-bholadh torthaí orthu, agus is amhlaidh go bhfuil terroir fhíonta “Côtes de Thau” iontach oiriúnach chun an cineál fíona sin a tháirgeadh. Tá dálaí aeráide agus ithreach ar fáil sa limistéar geografach sin lenar féidir cineálacha fíniúna geala a aosú go mall.

Tá na fíonta socra a tháirgtear ar chríoch an táisc gheografaigh faoi chosaint “Côtes de Thau” ar fáil i dtrí dhath: geal, rosé agus dearg. Tá traidisiún déanta fíonta geala tirime ar fáil go tréan sa réigiún sin, agus tá tásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau” ar an mbeagán a tháirgeann níos mó fíonta geala ná dearga.

Fiú más é Terret B an cineál fíniúna is mó ó thús ama, faightear cineálacha fíniúna ó réigiúin éagsúla na Fraince freisin, lenar féidir feabhas mór a chur ar dhea-bholadh agus ar cháilíocht na bhfíonta.

Is tír thraidisiúnta ársa í Côtes de Thau agus le fada an lá, tá sé ar cheann de shaintréithe fhíonghoirt na háite go bhfuil siad dírithe ar fhíonta geala a tháirgeadh. Agus iad suite thart timpeall Mhurlach Thau, baineann siad leas as suíomh agus as aeráid na Meánmhara atá iontach buntáisteach chun fíniúnacha a shaothrú. Is meascán de ghaineamh, dúrabhán, cré agus aolchloch iad na hithreacha, agus is minic a bhíonn siad tréscaoilteach. Leis sin, is féidir leis na fíniúnacha fréamhacha doimhne a chur síos agus an tráth céanna dea-bholadh torthaí agus úire a thabhairt do na fíonta.

Stiúir na fíonsaothraithe an táirgeadh sin i dtreo fíonta úra cumhra, agus leas á bhaint as an teicneolaíocht nua-aimseartha go léir i réimsí na bainte boige agus an rialaithe teochta.

Is léiriú í an úire ar leith a bhaineann le fíonta TGFC “Côtes de Thau” ar an aeráid faoi leith a fhaightear thart timpeall Mhurlach Thau. Téann siad go hiontach maith, dá bhrí sin, le bia mara na háite.

Ina dhiaidh sin, d’éirigh leis na fíonsaothraithe iad féin a chur in oiriúint don éileamh ó lasmuigh d’abhantrach Thau, trí cuid mhaith fíonta dearga agus rosé a tháirgeadh freisin.

Tá siad tiomanta freisin do bhithéagsúlacht an-ard a réigiúin a chaomhnú trí theicnící iomchuí a chleachtadh. Glacann siad páirt i Scéim Abhantrach Thau a bhunaigh na húdaráis náisiúnta agus áitiúla le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach.

Is timpeallacht chasta agus tharraingteach í Murlach Thau. Mar sin, is bunús den scoth é chun oideachas ceart a fháil i gcúrsaí comhshaoil. Cuireann na fíonsaothraithe iad féin in oiriúint do na ceisteanna sin trí chleachtais a fhorbairt lena léirítear meas ar an mbithéagsúlacht thart timpeall orthu.

Meallann an murlach a lán turasóirí. I measc na gcúiseanna leis sin agus le cáil fhíonta “Côtes de Thau” tá: an snámh, spóirt uisce, an iascaireacht, siúlóidí téamacha, cuairteanna ar fheirmeacha sliogéisc agus Cap d’Agde, ceantar a mheallann na céadta míle turasóirí gach bliain.

Tá dlúthbhaint ag na ceisteanna sin le todhchaí an fhíonsaothraithe. Is ann do na fíonsaothraithe mar gheall ar an nasc fíorláidir atá acu le habhantrach Thau agus is bonn taca í cosaint na timpeallachta nádúrtha sin lenar féidir an tásc geografach faoi chosaint a fhorbairt agus a cháil a bhunú sa timpeallacht shaibhir chasta sin.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha eile (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll eile:

Maolú maidir leis an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

An limistéar i ndlúthghaireacht, ina bhféadfar, de mhaolú, an fhíonóireacht agus na fíonta a tháirgeadh, ar fíonta iad a bhaineann leas as an tásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau”, áirítear ann na bardais seo a leanas atá taobh leis an limistéar geografach: Montagnac, Saint Pons de Mauchiens, Saint Pargoire, Plaissan, Cournonterral, Montbazin, Gigean, Vic la Gardiole, Saint Thibery, Pézenas, Nézignan l’Evèque, Bessan, Vias, Aumes, Cazouls d’Hérault.

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll eile:

Forálacha breise a bhaineann leis an lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Féadfar na téarmaí primeur [luath] nó nouveau [nua] a chur leis an tásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau”.

Nuair a chuirtear an téarma traidisiúnta Vin de pays in ionad an téarma indication géographique protégée [tásc geografach faoi chosaint], ní mór lógó TGFC an Aontais Eorpaigh a bheith ar an lipéad.

Féadfar ainm cineáil fíniúna amháin nó níos mó a chur leis an tásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau”.

Ní fhéadfar an t-ainm cineáil fíniúna amháin nó níos mó a chur ach amháin go díreach faoi bhun ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint “Côtes de Thau” agus ní bheidh toisí litreacha an ainm sin nó na n-ainmneacha sin níos mó ná leath de mhéid na litreacha ainm an TGFC, ó thaobh airde ná leithid de.

Féadfar aonad geografach níos lú mar atá “Cap d’Agde” a chur leis an tásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau”.

Ní bheidh toisí litreacha ainm an aonaid gheografaigh níos lú mar atá “Cap d’Agde” níos mó ná méid na litreacha ina scríobhtar ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint “Côtes de Thau”, ó thaobh airde ná leithid de.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-2cf1f3e1-6ab1-45ea-9fbb-0371f556cb1f


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/28


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 104/12)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AR AN DOICIMÉAD AONAIR

“Var”

PGI-FR-A1145-AM02

Dáta na teachtaireachta: 6 Nollaig 2021

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA ATÁ LEIS

Ainm geografach breise a chur isteach

Tá ainm geografach nua sa bhreis (“Correns”) coimeádta d’fhíonta bána “Var” TGFC curtha san áireamh i gCaibidil I den tsonraíocht don “Var” TGFC, faoi phointe 2 “Téarmaí breise”.

Áiríodh an leasú seo sa doiciméad aonair faoin teideal i dtaca le coinníollacha breise.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainmneacha

VaR

2.   Cineál an táisc gheografaigh

TGFC — Tásc Geografach faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí finiúna

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

4.   Tuairisc ar na fíonta

1.   Fíonta socra atá dearg, rosé agus bán

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Beidh feidhm ag an tásc geografach faoi chosaint “Var” maidir le fíonta socra agus fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán atá dearg, rosé agus bán.

De mhaolú, tá an cion aigéadachta luainí d’fhíonta le cion siúcra coiptheach (glúcós agus fruchtós) 45 gram ar a laghad in aghaidh an lítir faoi mar a bhunaítear le comhordú ón Aire Gnóthaí Tomhaltóirí agus Aire Talmhaíochta.

I gcás fíonta socra, beidh na luachanna tairsí nó teorainnluacha maidir le neart alcóil iarbhír (fíonta súilíneacha amháin), neart alcóil foriomlán, aigéadacht fhoriomlán, aigéadacht luaineach, dé-ocsaíd sulfair fhoriomlán agus dé-ocsaíd charbóin (fíonta súilíneacha amháin) faoi mar a bhunaítear i reachtaíocht AE.

Bíonn dath éadrom ar na fíonta rosé (70 % den aschur) go ginearálta. Bíonn siad spleodrach go hiondúil le boladh torthaíoch, agus braitheann na héagsúlachtaí ar na cineálacha fíniúna, agus na teicnící déanta fíona a úsáidtear.

Bíonn na fíonta dearga tathagach go ginearálta le struchtúr maith, agus bíonn claonadh acu a bheith láidir i gcás na bhfíonta is comhdhlúite. Bíonn réimse dathanna acu ó dhath an rúibín go dath an ghairnéid le himireacha corcra.

Bíonn na fíonta bána fíneálta, torthaíoch, spleodrach. Bíonn siad lonrach gléigeal, le dath éadrom buí a mbíonn iarracht de ghlas nó ór aige.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte)

9

Aigéadacht iomlán íosta

 

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir)

 

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   Fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán (dearg, rosé agus bán)

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Tá na dathanna agus na saintréithe orgánaileipteacha céanna ag na fíonta súilíneacha agus atá ag a leithéidí atá socair, ach maireann na bolaithe, atá níos fíneálta agus níos úire, níos faide agus feabhsaíonn na bolgáin ghalánta fhíneálta iad.

I gcás fíonta socra ar ardchaighdeán, beidh na luachanna tairsí nó teorainnluacha maidir le neart alcóil iarbhír, neart alcóil foriomlán, aigéadacht fhoriomlán, aigéadacht luaineach, dé-ocsaíd sulfair fhoriomlán agus dé-ocsaíd charbóin (fíonta súilíneacha amháin) faoi mar a bhunaítear i reachtaíocht AE.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

 

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir)

 

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

Ní mór do na cleachtais déanta fíona uile na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí a chomhlíonadh.

5.2.   Na táirgeachtaí uasta

1.   120 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Ní mór baint na bhfíonchaora agus fíonóireacht agus próiseáil fíonta “Var” TGFC a dhéanamh laistigh de na bardais a áirítear i roinn Var.

7.   Príomhchineálacha na bhfíonta geala

 

Alicante Henri Bouschet N

 

Aligoté B

 

Alphonse Lavallée N

 

Altesse B

 

Aramon N

 

Aramon blanc B

 

Aramon gris G

 

Aranel B

 

Arbane B

 

Arinarnoa N

 

Arriloba B

 

Arrouya N

 

Artaban N

 

Aubin B

 

Aubin vert B

 

Aubun N – Murescola

 

Auxerrois B

 

Bachet N

 

Barbaroux Rs

 

Baroque B

 

Biancu Gentile B

 

Blanc Dame B

 

Bouchalès N

 

Bouillet N

 

Bouquettraube B

 

Bourboulenc B – Doucillon blanc

 

Brachet N – Braquet

 

Brun Fourca N

 

Brun argenté N – Vaccarèse

 

Béclan N – Petit Béclan

 

Béquignol N

 

Cabernet Franc N

 

Cabernet-Sauvignon N

 

Caladoc N

 

Calitor N

 

Camaralet B

 

Carcajolo N

 

Carcajolo blanc B

 

Carignan N

 

Carignan blanc B

 

Carmenère N

 

Castets N

 

CHARDONNAY B

 

Chasan B

 

Chatus N

 

Chenanson N

 

Chenin B

 

Cinsaut N – Cinsault

 

Clairette B

 

Clairette rose Rs

 

Clarin B

 

Claverie B

 

Codivarta B

 

Colombard B

 

Corbeau N – Douce noire

 

Cot N – Malbec

 

Couderc noir N

 

Counoise N

 

Courbu B – Gros Courbu

 

Courbu noir N

 

Couston N

 

Crouchen B – Cruchen

 

César N

 

Duras N

 

Durif N

 

Egiodola N

 

Ekigaïna N

 

Elbling B

 

Etraire de la Dui N

 

Fer N – Fer Servadou, Braucol, Mansois, Pinenc

 

Feunate N

 

Floreal B

 

Folignan B

 

Folle blanche B

 

Fuella nera N

 

Furmint B

 

Gamaret

 

Gamay N

 

Gamay de Bouze N

 

Gascon N

 

Genovèse B

 

Gewurztraminer Rs

 

Goldriesling B

 

Gouget N

 

Graisse B

 

Gramon N

 

Grassen N – Grassenc

 

Grenache N

 

Grenache blanc B

 

Grenache gris G

 

Gringet B

 

Grolleau N

 

Grolleau gris G

 

Gros Manseng B

 

Gros vert B

 

Joubertin

 

Jurançon blanc B

 

Jurançon noir N – Dame noire

 

Knipperlé B

 

Lauzet B

 

Liliorila B

 

Listan B – Palomino

 

Lledoner pelut N

 

Macabeu B – Macabeo

 

Mancin N

 

Manseng noir N

 

Marsanne B

 

Marselan N

 

Maréchal Foch N

 

Mauzac B

 

Mauzac rose Rs

 

Mayorquin B

 

Melon B

 

Merlot N

 

Merlot blanc B

 

Meslier Saint-François B – Gros Meslier

 

Meunier N

 

Milgranet N

 

Molette B

 

Mollard N

 

Monarch N

 

Mondeuse N

 

Mondeuse blanche B

 

Monerac N

 

Montils B

 

Morrastel N – Minustellu, Graciano

 

Mourvaison N

 

Mourvèdre N – Monastrell

 

Mouyssaguès

 

Muresconu N – Morescono

 

Muscadelle B

 

Muscardin N

 

Muscaris B

 

Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato

 

Muscat cendré B – Muscat, Moscato

 

Muscat d’Alexandrie B – Muscat, Moscato

 

Muscat de Hambourg N – Muscat, Moscato

 

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

 

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

 

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

 

Mérille N

 

Müller-Thurgau B

 

Nielluccio N – Nielluciu

 

Noir Fleurien N

 

Négret de Banhars N

 

Négrette N

 

Oberlin noir N

 

Ondenc B

 

Orbois B

 

Pagadebiti B

 

Pascal B

 

Perdea B

 

Persan N

 

Petit Courbu B

 

Petit Manseng B

 

Petit Meslier B

 

Petit Verdot N

 

Picardan B – Araignan

 

Pineau d’Aunis N

 

Pinot blanc B

 

Pinot gris G

 

Piquepoul blanc B

 

Piquepoul gris G

 

Piquepoul noir N

 

Plant de Brunel N

 

Plant droit N – Espanenc

 

Portan N

 

Portugais bleu N

 

Prior N

 

Prunelard N

 

Précoce Bousquet B

 

Précoce de Malingre B

 

Raffiat de Moncade B

 

Riesling B

 

Riminèse B

 

Rivairenc N – Aspiran noir

 

Rivairenc blanc B – Aspiran blanc

 

Rivairenc gris G – Aspiran gris

 

Rosé du Var Rs

 

Roublot B

 

Roussanne B

 

Roussette d’Ayze B

 

Sacy B

 

Saint Côme B

 

Saint-Macaire N

 

Saint-Pierre doré B

 

Sauvignon B – Sauvignon Blanc

 

Sauvignon Gris G – Fié Gris

 

Sciaccarello N

 

Segalin N

 

Seinoir N

 

Select B

 

Semebat N

 

Semillon B

 

Servanin N

 

Solaris B

 

Soreli B

 

Souvignier gris Rs

 

Sylvaner B

 

Syrah N – Shiraz

 

Tannat N

 

Tempranillo N

 

Terret blanc B

 

Terret gris G

 

Terret noir N

 

Tibouren N

 

Tourbat B

 

Tressot N

 

Téoulier N

 

Ugni blanc B

 

Valdiguié N

 

Varousset N

 

Velteliner rouge précoce Rs

 

Verdesse B

 

Vermentino B – Rolle

 

Vidoc N

 

Villard blanc B

 

Villard noir N

 

Viognier B

 

Voltis B

8.   Tuairisc ar na naisc

8.1.   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Tá Var ar cheann de na ranna atá suite i réigiún Provence-Alpes-Côte d’Azur in oirdheisceart na Fraince. Faigheann sé a ainm ón abhainn chósta VAR, a dhéanadh teorann an oirthir a mharcáil. Tá teorann aige san iarthar le roinn Bouches-du-Rhône, sa tuaisceart le roinn Alpes de Haute-Provence, san oirthear le roinn Alpes-Maritimes agus sa deisceart leis an Meánmhuir.

Tá éagsúlacht sa rilíf sa limistéar geografach, le dhá chuid atá difriúil ó thaobh na geolaíochta de: tá cuid chailcreach siar ó ais Toulon–Draguignan agus cuid chriostalta soir uaithi.

Tá baint ag an dá fhoirmíocht gheografacha dhifriúla sin le dhá chineál fásra atá tipiciúil i réigiún na Meánmhara, i.e.: “garrigue” (caschoill) ar na hithreacha aolchloiche agus “maquis” agus foraois (péine agus dair thoilm) ar na hithreacha níos criostalta. Ní chuireann ceachtar de na cineálacha fásra sin níos mó ná píosa beag húmais ar fáil. Go ginearálta is drochithreacha atá in Var, iad draenáilte go maith ach tá siad i mbaol a gcreimthe. Féadfaidh rath a bheith ar fhíniúnacha sa chineál tír-raoin seo. Ní raibh dul amú ar na Rómhánaigh nuair a thug siad fíniúnacha isteach 2 600 bliain ó shin agus an Cúige Rómhánach (nó “Provence”) á fhorbairt acu.

Tá an aimsir ghrianmhar ar cheann de na tréithe is mó a bhaineann leis an aeráid in Var. Baineann roinn Var tairbhe as aeráid Mheánmhara le samhraí teo tirime agus geimhrí cineálta le dhá shéasúr na báistí san fhómhar agus san earrach. Bíonn an aimsir sin foirfe chun fíniúnacha a fhás, agus, mar thoradh ar na héagsúlachtaí sa teocht, go minic bíonn roinnt dáileachtaí tiomanta d’fhíonchaora a úsáidtear chun fíonta dearga agus rosé a dhéanamh.

Is é an Mistral (gaoth aduaidh) an phríomhghaoth sa réigiún. Bíonn sé oighreach um gheimhreadh tar éis dó dul thar na hAlpa faoi bhrat sneachta ach cinntíonn sé úire um shamhradh. Is féidir leis a bheith crua uaireanta ach díríonn na fíonsaothraithe ar cháilíocht fhíor-riachtanach amháin den chuid is mó: déanann sé na fíniúnacha a chaomhnú ó thimpeallacht róthais agus ó chrioptagam amhail an coincleach chlúmhach.

8.2.   Sainiúlacht an táirge

Tá fás leanúnach tar éis teacht ar na leibhéil táirgeachta ó cruthaíodh an tásc geografach faoi chosaint “Var” (Vin de Pays du Var), arna socrú ag thart ar 250 000 heictilítear ag tús an 21ú haois.

Bíonn an príomhfhócas ar fhíonta róse (70 % ar an meán), cineálacha cumaiscthe den chuid is mó.

D’ainneoin an tábhacht seasmhach a bhaineann le cineálacha áitiúla amhail Grenache N, Cinsault N, Carignan N, Syrah N agus Mourvèdre N i gcás fíonta a bhfuil dath orthu agus Vermentino B agus Ugni Blanc B maidir leis na cinn bhána, ní mór a lua gur chuidigh cistí an Aontais le cineálacha a bhfuil saintréithe ag baint leo ó fhíonghoirt Fhrancacha eile a bhunú, amhail Cabernet-Sauvignon N, Merlot N, Chardonnay B agus, a bheagán, amhail Viognier B. Mar thoradh ar an réimse cineálacha féadadh léiriú na bhfíonta a a éagsúlú, agus, go háirithe, féadadh táirgeacht fíonta rosé ar ardchaighdeán a chothú agus a fhorbairt.

Baintear amach ceann de na saintréithe a bhaineann le formhór na bhfíonta rosé, i.e. an dath bándearg fíor-éadrom a bhuíochas leis an saineolas atá acu maidir le fáscadh na dtriopall (foriomlán nó gan ghas), go minic le cuidiú ó fháisceán neomatach, sa tslí is go dtosaíonn an sú geal ag coipeadh láithreach ag teocht íseal. Bíonn dath bándearg éadrom ar na fíonta spleodracha torthaíocha a fhaightear ar an mbealach sin.

Baintear leas as teicnící eile freisin, amhail “saignée” (cuid den sú a ligean amach), maothú na gcraicne nó roimh choipeadh (nuair a choimeádtar úrfhíonta ag teocht íseal idir 8 agus 24 uair an chloig roimh fháscadh), d’fhonn fíonta rosé a dhéanamh atá níos láidre ó thaobh datha de agus a bhfuil struchtúr níos comhsheasmhaí acu.

Is minic a bhíonn na fíonta dearga (arb é atá iontu 20 % den mhéid incháilithe ) láidir feolmhar agus struchtúr maith tainnine orthu. Déantar iad den chuid is mó as na trí fhíniún Grenache N, Syrah N agus Cabernet-Sauvignon N, cé go gcuirtear Merlot N agus Cinsault N go minic leo freisin.

Maidir leis na fíonta bána, atá ina gcuid réasúnta beag de chomhréir na táirgeachta (10 % den mhéid incháilithe), meallann siad díograiseoirí na bhfíonta cineáil (Rolle B nó Vermentino B, Viognier B nó Chardonnay B) agus daoine eile araon, le fíonta cumaiscthe a thugann fíneáltacht agus beocht le chéile.

Déantar fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán sa limistéar táirgthe i gceist freisin. Ní forbairt nua in Provence í déantús an fhíona shúilínigh. Is próiseas traidisiúnta é a mbíonn tuairim agus milliúin buidéal in aghaidh na bliana de thoradh air, agus déanann thart ar chaoga oibreoir (táirgeoirí, próiseálaithe agus trádálaithe) é a chinntiú anseo. I dtús an 20ú haois, bhí roinnt fíonlann nó déantóirí fíona comharghluaiseachta amhail “La Tête Noire” ag iarraidh cheana féin na fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a tháirgtí in Provence a chur chun cinn.

Ar cheann de na saintréithe a bhaineann leis na fíonta súilíneacha a chumhdaítear sa tásc geografach faoi chosaint “Var”, tá an chaoi a ndéantar as cineálacha fíniúnacha áitiúla iad, toisc gur fíonta rosé iad den chuid is mó, arb ionann iad agus an chuid is mó de na fíonta socra a tháirgtear sa réigiún.

Dá réir sin dhéanfadh an tásc geografach faoi chosaint “Var” fíonta socra bainteach le fíonta súilíneacha le próifílí orgánaileipteacha atá mórán ar aon dul le chéile a shainaithint. Go deimhin, i dtéarmaí blais bíonn na fíonta súilíneacha rosé torthaíoch agus bláthach agus bíonn an maothlachas céanna acu agus a bhíonn ag na fíonta socra rosé.

Is iad na saintréithe orgánaileipteacha sin go beacht (bláthach agus torthaíoch ó thaobh blais de i dteannta maothlachas deas) a dhealaíonn na fíonta súilíneacha a dhéantar i réigiún Var ó na cinn a dhéantar i gceantair eile sa Fhrainc.

8.3.   Nasc cúisíoch idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge

I bhfianaise a aeráide fabhraí, a thírdhreacha ilchineálacha agus a shuíomh cois trá, chomh maith lena oidhreacht chultúrtha agus a stair shaibhir, a cheardaíocht agus a thraidisiúin, tá acmhainneacht dhoshéanta ag réigiún Var ó thaobh na turasóireachta de. Le cuidiú na láidreachtaí sin go léir, tá an roinn tar éis gníomhaíocht eacnamaíoch láidir atá dírithe ar an turasóireacht a mhéadú.

Éiríonn leis an réigiún fíor-tharraingteach seo níos mó ná 14 mhilliún turasóir a mhealladh in aghaidh na bliana. Gan amhras, déanfaidh na turasóirí sin, go leor díobh a thiocfaidh ar ais arís agus arís eile, sult a bhaint as cócaireacht agus táirgí Provence, lena n-áirítear na fíonta Var a chumhdaítear le hainmniúchán tionscnaimh cláraithe nó tásc geografach faoi chosaint.

Ós rud é gur cruthaíodh an tásc geografach faoi chosaint “Var” faoi rialacha a bhíodh i bhfeidhm maidir le “Vin de Pays”, tá a cháil tar éis fás go mór a bhuíochas leis an ngníomhaíocht turasóireachta sa réigiún, mar is léir ón éileamh láidir áitiúil ar na fíonta rosé. Bíonn meas agus tuiscint ag turasóirí ar chaighdeán na bhfíonta atá á dtairiscint.

Tá sé suntasach go bhfuil táirgeoirí i gcónaí ar an airdeall maidir lena ndul chun cinn agus “Vins de Pays” á ndéanamh acu ionas go mbíonn siad ailínithe an t-am ar fad le mianta tomhaltóirí (mar shampla, maidir le dath na bhfíonta rosé).

Ba shoiléir an feachtas sin go luath sna 2000idí nuair a ghlac déantóirí fíonta proifisiúnta as Var páirt i lárionad náisiúnta um thaighde agus tástáil dírithe ar fhíon rosé a chruthú (in Vidauban – Var). Foilsíodh cúpla tionscadal ó shin (mar shampla, ceann amháin ar na miondifríochtaí a bhaineann le fíonta rosé) agus cabhraíonn sé sin i dtéarmaí oibríochta i leith tuilleadh feabhais a chur ar leibhéal cáilíochta na bhfíonta rosé. Tá an earnáil tar éis mór-infheistíochtaí a dhéanamh freisin chun a áirithiú go bhfuil sé feistithe leis na huirlisí iomchuí d’fhonn máistreacht fhoirfe ar fhíonóireacht rosé a áirithiú. Is cinnte go bhfuil an teicneolaíocht úrscothach seo le haghaidh fíonta rosé agus saineolas na dtáirgeoirí tairbhiúil do tháirgeadh fíonta atá cumhdaithe ag an sonrúchán tionscnaimh cláraithe ach bíonn tionchar acu freisin ar an bpróiseas déanta fíona i dtaca le fíonta cumhdaithe ag na tásca geografacha faoi chosaint.

Ba cheart tagairt a dhéanamh freisin do chóngaracht fhíonghoirt Var do mhórionaid réigiúnacha uirbeacha agus ionaid saoire cois trá, rud atá ar leas táirgeoirí, ar féidir leo luach a dtairisceana a mhéadú agus mar sin bíonn an rogha acu buidéalú a dhéanamh a dhéanamh ar an láthair. Is díolacháin dhíreacha (fíon buidéalaithe nó mála i mbosca) atá i dtuairim agus 50 % den mhéid, agus meastar go ndéantar 30 % de na díolacháin dhíreacha ag na siléir féin.

Tá Var suite in Provence, réigiún a bhfuil meas aitheanta air. Tá íomhá seanbhunaithe ag Provence mar réigiún ina dtáirgtear fíon ina bhfuil fócas láidir ar fhíonta rosé ar ardchaighdeán – agus é ar thús cadhnaíochta maidir le táirgeadh rosé – agus tá sé seo deimhnithe ag go leor suirbhéanna feasachta gan choinne (foinse: cabinet Wine Intelligence Vinitrac – mí na Samhna 2009).

Tá an meas agus an saineolas le fócas láidir ar fhíonta rosé fíor freisin i dtaobh na bhfíonta dearga, bána agus súilíneacha a dhéanann na táirgeoirí céanna ó fhíonghoirt Var atá suite sa timpeallacht gheografach chéanna.

Ar an mbealach seo, níl dabht ar bith ach go mbíonn tionchar ag rath an bhfíonta rosé ar cháilíocht agus cáil na bhfíonta eile a tháirgtear sa roinn.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha eile (pacáistíocht, lipéadú, ceanglais eile)

Lipéadú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise maidir le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Is féidir na nithe seo a leanas a chur leis an tásc geografach faoi chosaint “Var”:

ainm(neacha) de cheann amháin nó níos mó cineálacha fíniúna,

na téarmaí “primeur” (luath) nó “nouveau” (nua). Forchoimeádtar na téarmaí “primeur” (luath) agus “nouveau” (nua) d’fhíonta socra amháin.

Is féidir na hainmneacha seo a leanas d’aonaid gheografacha níos lú a chur leis na fíonta dearga, rosé agus bána ar a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint “Var” orthu: “Argens”, “Coteaux du Verdon”, “Sainte Baume”.

Is féidir ainm an aonaid gheografaigh níos lú “Correns” a chur leis na fíonta bána ar a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint “Var” orthu.

Caithfidh lógó TGFC an Aontais Eorpaigh a bheith ar an lipéad má chuirtear an téarma traidisiúnta “Vin de Pays” in ionad “Indication géographique protégée” (“Tásc Geografach faoi Chosaint”).

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Maolú a bhaineann le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Is éard atá sa limistéar atá an-chóngarach, a shainítear sa mhaolú a bhaineann le déantús agus forbairt fíonta incháilithe don tásc geografach faoi chosaint “Var”, a bhféadfadh sé go mbeadh nó nach mbeadh ainm aonaid gheografaigh níos lú ina dhiaidh, ná na ceantair atá ar theorainn an limistéir gheografaigh mar a leanas:

san oirthear, ar theorainn roinn Alpes-Maritimes: ceantar Grasse;

san iarthar, ar theorainn roinn Bouches-du-Rhône: ceantair Aix-en-Provence agus Marseille;

san iarthar/iarthuaisceart, ar theorainn roinn Vaucluse: ceantar Apt;

sa tuaisceart, ar theorainn roinn Alpes de Haute-Provence: ceantair Forcalquier, Digne agus Castellane.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

http://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-60d6245a-2c59-4f6c-9415-f07a40aa849e


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/39


Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm san earnáil fíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 104/13)

Tá an teachtaireacht seo foilsithe i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH LENA LEASAÍTEAR AN DOICIMÉAD AONAIR

“Languedoc / Coteaux du Languedoc”

PDO-FR-A0922-AM07

Dáta cumarsáide: 6 Nollaig 2021

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA ATÁ LEIS

1.   Cineálacha fíniúna

I gCaibidil I, Roinn V den tsonraíocht, tá cineálacha nua fíniúna tánaisteacha curtha leis le haghaidh táirgeadh fíonta atá cumhdaithe ag an ainmniú.

Na cineálacha nua fíniúna tánaisteacha a tugadh isteach, tá siad i gcomhréir le próifíl na bhfíonta agus fágann siad gur féidir iad a chur in oiriúint do thriomach agus do ghalair fhungacha. Fágann siad sin gur féidir úsáid táirgí cosanta plandaí a laghdú.

chun fíonta dearga a tháirgeadh: œillade N agus montepulciano N

chun fíonta rosé a tháirgeadh: œillade N

Sa doiciméad aonair, leasaíodh an pointe maidir le “cineálacha fíniúna tánaisteacha” dá réir.

2.   Faoin ainm geografach forlíontach “Saint-Saturnin”, tá fíonta rosé san áireamh.

Maidir le Caibidil I den tsonraíocht “Languedoc”, cuireadh forlíonadh leis chun fíonta rosé a chur isteach faoin Ainm Geografach Forlíontach (DGC) “Saint-Saturnin”, a tháirgeann fíonta dearga. Cuireadh coinníollacha sonracha táirgthe leis an tsonraíocht chun táirgeadh na bhfíonta rosé sin a rialáil, ar fíonta iad a bhfuil a gcritéir níos srianta ná critéir a bhaineann leo sin a tháirgtear faoi ainmniú Languedoc. Rinneadh foráil roimhe seo maidir leis na critéir táirgthe sin faoi chuimsiú beart idirthréimhseach. Baineann siad le cineálacha fíniúna, na rialacha a rialaíonn chumasc na gcineálacha fíniúna, an dáta iontrála i dtáirgeadh na bhfíniúnacha óga agus an táirgeacht chomh maith leis an toirmeasc ar fhioghual fíoneolaíochta. Rinneadh an nasc leis an limistéar tionscnaimh a chomhlánú freisin chun táirgeadh fíonta rosé faoin ainm geografach “Saint-Saturnin” a shonrú.

Leasaíodh an tsonraíocht maidir leis na pointí seo a leanas de Chaibidil I:

Roinn V - Cineálacha fíniúna

Roinn VIII - Táirgeacht - An chéad táirgeadh

Roinn IX - Próiseáil, fíonóireacht, aibiú, pacaistiú, stóráil

Roinn X - Nasc leis an limistéar geografach

Ní dhéanann na leasuithe sin ar an tsonraíocht difear don doiciméad aonair.

3.   Bearta idirthréimhseacha

Caibidil I, Roinn XI “Bearta idirthréimhseacha” maidir leis an tsonraíocht, na bearta atá imithe i léig chomh maith leis na bearta maidir le fíonta rósé a thagann faoin ainm “Saint-Saturnin”, tá siad imithe in éag agus, dá bhrí sin, scriostar iad. Baineann na bearta sin leis na critéir a bhaineann le táirgeacht, leis na rialacha maidir le cineálacha fíniúna a chumasc, leis an dáta deiridh le haghaidh an aibithe agus lena gcur ar an margadh chomh maith lena lipéadú.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm/ainmneacha

Languedoc

Coteaux du Languedoc

2.   Cineál an táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí finiúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   Saintréithe anailíseacha

TUAIRISC GHEARR I SCRÍBHINN

Na fíonta a bhfuil an t-ainm “Languedoc” orthu, is fíonta tirim gan súilíní iad agus iad ina bhfíonta dearga, rosé agus bána.

Is é 11,5 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte atá sna fíonta.

cé is moite d’fhíonta atá incháilithe don téarma “primeur” (luath) nó “nouveau” (nua), atá réidh le cur ar an margadh ar an mórchóir nó iad pacáistithe, níl a gcion aigéid mhailísigh níos mó ná 0,4 gram in aghaidh an lítir sna fíonta dearga.

Maidir leis na fíonta atá réidh le cur ar an margadh ar an mórchóir nó iad pacáistithe, seo a leanas an cion siúcra inchoipithe iontu (glúcós agus fruchtós):

Uaschion siúcra inchoipthe:

Fíonta bána, fíonta rosé, fíonta dearga a bhfuil neart alcóil nádúrtha de réir toirte acu is mó ná 14 %: 4 g/l

Fíonta dearga a bhfuil neart alcóil nádúrtha de réir toirte acu nach mó ná 14 %: 3 g/l

Fíonta ar a dtugtar “primeur” nó “nouveau”: 2 g/l

Fíonta neamhphacáistithe ar a dtugtar “primeur” (luath) » nó “nouveau” (nua), tá cion aigéid sho-ghalaithe acu nach mó ná 10,2 meq/lítear nó cion atá cothrom leis.

An aigéadacht iomlán agus aigéadacht luaineach na bhfíonta nach dtugtar fíonta luatha orthu agus an cion iomlán dé-ocsaíde sulfair atá iontu, leagtar síos iad i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart uasta alcóil iomlán (% de réir toirte)

13

Íosneart alcóil iarbhír (% de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

 

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (i milleachchoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uaschion iomlán dé-ocsaíde sulfair (i milleagram in aghaidh an lítir)

 

2.   Saintréithe orgánaileipteacha

TUAIRISC GHEARR I SCRÍBHINN

Na fíonta dearga, fíonta a fhaightear i gcónaí ó chumasc de chineálacha éagsúla, tá doimhneas datha orthu a théann ó mheasartha go dúdhomhain, chomh maith le raon cumhrachtaí a théann ó thorthaí dearga agus dubha go nótaí spíosracha rósta a bhfuil bunstruchtúr tainnine aibí fúthu. Is féidir iad a choinneáil idir 2 bhliain agus 5 bliana ar an meán, cé is moite d’fhíonta “primeur” nó “nouveau”, nach mór a ól sna míonna tar éis a dtáirgthe.

Na fíonta rosé, déantar iad as cumasc de dhá cineál fíniúna ar a laghad, is iad sin an syrah N, Cinsaut N agus grenache N. Déantar an fíon trí fháscadh díreach, trí mhaothú gearr nó tríd an modh saignée, rud a thugann snua nádúrtha geal. Tá cumhrachtaí casta orthu agus blas úr cruinn sa bhéal.

Fíonta tirime atá sna fíonta bána freisin. Is trí chumasc a dhéantar iad. Snua tláith a bhíonn orthu de ghnáth chomh maith le cruinneas tipiciúil as Languedoc agus cumhrachtaí orthu lena gcuirtear torthaí coimhthíocha, citris, bláthanna bána nó torthaí triomaithe in iúl.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart uasta alcóil iomlán (% de réir toirte)

 

Íosneart alcóil iarbhír (% de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

 

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta i milleachchoibhéisí in aghaidh an lítir

 

Uaschion iomlán dé-ocsaíde sulfair (i milleagram in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Chun fíonta rosé a tháirgeadh, údarófar fioghual a úsáid le haghaidh fíoneolaíochta, leis féin nó i meascáin in ullmhóidí, go heisiach d’fhíonóirí le haghaidh úrfhíona a fáisctear i gcantaoir fíona agus le haghaidh fíonta atá fós ag coipeadh, agus sin ar cion nach mbeidh os cionn 20 % de thoirt na bhfíonta rosé arna dtáirgeadh ag an bhfíonóir lena mbaineann, i dtaca leis an bhfómhair i gceist, agus ag dáileog faoi bhun 30 g/hl i ndáil leis an toirt a chóireálfar.

Le cois na forála thuas, ní mór d’fhíonta na hoibleagáidí atá leagtha síos ar leibhéal an Chomhphobail agus sa Chód um Ghnóthaí Tuaithe maidir le cleachtais fhíoneolaíocha a chomhlíonadh.

2.   Cleachtadh saothraithe

4 000 planda fíniúna in aghaidh an heicteáir is ea an dlús plandúcháin íosta. Ní bheidh spásáil os cionn 2,50 méadar idir na sraitheanna.

Ní mór achar uasta 2,50 méadar cearnach a bheith ag gach planda fíniúna. Déantar an t-achar sin a ríomh trí na faid idir sraitheanna a iolrú faoin spás idir plandaí sa tsraith chéanna.

Déantar an bearradh roimh chéim E, trí thrí dhuilleog spréite amach thar an chéad dá bhachlóg a chuntas. Déantar na fíniúnacha a bhearradh ina spoir, gan níos mó ná 12 bhachlóg in aghaidh an phlanda fíniúna; agus gan ach dhá bhachlóg in aghaidh an spoir;

is féidir bearradh aonair Guyot a dhéanamh ar an gcineál fíniúna Syrah N, gan níos mó ná deich mbachlóg a fhágáil ar an bplanda, agus uasmhéid sé bhachlóg ar an slat, agus ceann amháin nó dhá cheann de spoir ionaid gan orthu ach bachlóg amháin nó dhó;

Maidir leis an gcineál fíniúna Grenache N, is féidir na plandaí atá buailte ag an smiotaíl a bhearradh go slat amháin, gan níos mó ná cúig bhachlóg a fhágáil air.

Féadfar uisciú a údarú i gcomhréir le hAirteagal D. 645-5 den Chód um Ghnóthaí Tuaithe agus um an Iascaireacht Mhuirí.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

Táirgeacht na bhfíonta dearga agus rosé

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

Táirgeacht na bhfíonta bána

70 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

a)

Maidir le fíonta dearga agus rosé, baintear na fíonchaora, déantar na fíonta agus forbraítear iad sna bardais seo a leanas:

An Roinn L’Aude: Aigues-Vives, Ajac, Albas, Alet-les-Bains, Alzonne, Antugnac, Aragon, Argeliers, Argens-Minervois, Armissan, Arquettes-en-Val, Azille, Badens, Bages, Bagnoles, Barbaira, Bizanet, Bize-Minervois, Blomac, Bouilhonnac, Bouriège, Boutenac, Cabrespine, Campagne-sur-Aude, Camplong-d’Aude, Canet, Capendu, Cascastel-des-Corbières, Cassaignes, Castelnau-d’Aude, Castelreng, Caunes-Minervois, Caunettes-en-Val, Caves, Cépie, Comigne, Conilhac-Corbières, Conilhac-de-la-Montagne, Conques-sur-Orbiel, Couiza, Cournanel, Coustaussa, Coustouge, Cruscades, Cucugnan, Davejean, Dernacueillette, La Digne-d’Amont, La Digne-d’Aval, Douzens, Duilhac-sous-Pyerepertuse, Durban-Corbières, Embres-et-Castelmaure, Escales, Espéraza, Fa, Fabrezan, Felines-Termenès, Ferrals-les-Corbières, Festes-et-Saint-André, Feuilla, Fitou, Fleury-d’Aude, Floure, Fontcouverte, Fontiès-d’Aude, Fontjoncouse, Fournes-Cabardès, Fraisse-Cabardès, Fraissé-des-Corbières, Gaja-et-Villedieu, Gardie, Ginestas, Gruissan, Homps, Les Ilhes, Jonquières, Labastide-en-Val, Ladern-sur-Lauquet, Lagrasse, Laroque-de-Fa, Lastours, Laure-Minervois, Leucate, Lézignan-Corbières, Limoux, Limousis, Loupia, Luc-sur-Aude, Luc-sur-Orbieu, Mailhac, Mayronnes, Maisons, Magrie, Malras, Malves-en-Minervois, Marseillette, Mirepeisset, Montazels, Montbrun-des-Corbières, Montgaillard, Montirat, Montlaur, Montolieu, Montredon-des-Corbières, Montséret, Monze, Moussoulens, Moux, Narbonne, Névian, Ornaisons, Padern, Palairac, La Palme, Paraza, Pauligne, Paziols, Pépieux, Peyriac-de-Mer, Peyriac-Minervois, Peyrolles, Pezens, Pennautier, Pieusse, Pomas, Port-la-Nouvelle, Portel-des-Corbières, Pouzols-Minervois, Pradelles-en-Val, Puichéric, Quintillan, La Redorte, Ribaute, Rieux-en-Val, Rieux-Minervois, Roquecourbe-Minervois, Roquefort-des-Corbières, Roquetaillade, Rouffiac-d’Aude, Roubia, Rouffiac-des-Corbières, Rustiques, Saint-André-de-Roquelongue, Saint-Couat-d’Aude, Saint-Couat-du-Razès, Sainte-Eulalie, Saint-Frichoux, Saint-Hilaire, Saint-Jean-de-Barrou, Saint-Laurent-de-la-Cabrerisse, Saint-Nazaire-d’Aude, Saint-Pierre-des-Champs, Saint-Polycarpe, Sainte-Valière, Salles-d’Aude, Sallèles-Cabardès, Salsigne, La Serpent, Serres, Serviès-en-Val, Sigean, Talairan, Taurize, Termes, Thézan-des-Corbières, Tournissan, Tourouzelle, Tourreilles, Trassanel, Trausse-Minervois, Trèbes, Treilles, Tuchan, Ventenac-Cabardès, Ventenac-Minervois, Vignevieille, Villanière, Villalier, Villar-en-Val, Villar-Saint-Anselme, Villardonnel, Villarzel-Cabardès, Villebazy, Villedubert, Villegailhenc, Villegly, Villelongue-d’Aude, Villemoustaussou, Villeneuve-des-Corbières, Villeneuve-Minervois, Villerouge-Termenès, Villesèque-des-Corbières, Villetritouls, Vinassan ;

An Roinn Le Gard: Aspères, Aujargues, Brouzet-lès-Quissac, La Cadière-et-Cambo, Calvisson, Cannes-et-Clairan, Carnas, Combas, Conqueyrac, Corconne, Crespian, Fontanès, Gailhan, Junas, Langlade, Lecques, Liouc, Montmirat, Montpezat, Moulézan, Nages-et-Solorgues, Nîmes, Orthoux-Sérignac-Quilhan, Saint-Clément, Saint-Hippolyte-du-Fort, Saint-Mamert-du-Gard, Salinelles, Sardan, Sommières, Souvignargues, Vic-le-Fesq, Villevieille ;

An Roinn L’Hérault: Adissan, Agel, Aigne, Aigues-Vives, Alignan-duVent, Aniane, Arboras, Argelliers, Aspiran, Assas, Assignan, Aumelas, Autignac, Azillanet, Babeau-Bouldoux, Bassan, Beaufort, Beaulieu, Berlou, Béziers, Boisseron, Le Bosc , Boujan-sur-Libron, Brignac, Brissac, Cabrerolles, Cabrières, Campagne, Canet, Cassagnoles, Castelnau-le-Lez, Castries, La Caunette, Causse-de-la-Selle, Causses-et-Veyran, Caussiniojouls, Caux, Cazedarnes, Cazevieille, Cazouls-lès-Béziers, Cébazan, Cessenon-sur-Orb, Cesseras, Ceyras, Claret, Clermont-l’Hérault, Combaillaux, Corneilhan, Cournonsec, Cournonterral, Creissan, Cruzy, Faugères, Félines-Minervois, Ferrières-Poussarou, Fontanès, Fontès, Fos, Fouzilhon, Fozières, Gabian, Garrigues, Gignac, Guzargues, Jonquières, Juvignac, Lacoste, Lagamas, Laurens, Lauret, Lauroux, Lavalette, Lavérune, Liausson, Lieuran-Cabrières, La Livinière, Lodève, Lunel, Lunel-Viel, Magalas, Margon, Les Matelles, Mauguio, Mérifons, Minerve, Montagnac, Montarnaud, Montesquieu, Montbazin, Montblanc, Montouliers, Montoulieu, Montpellier, Montpeyroux, Moulès-et-Baucels, Mourèze, Murles, Murviel-lès-Béziers, Murviel-lès-Montpellier, Nébian, Neffiès, Nézignan-l’Evêque, Nissan-lez-Enserune, Nizas, Octon, Olmet-et-Villecun, Olonzac, Oupia, Paulhan, Pégairolles-de-Buèges, Pégairolles-de-l’Escalette, Péret, Pézenas, Pierrerue, Pignan, Plaissan, Poujols, Poussan, Pouzolles, Prades-le-Lez, Prades-sur-Vernazobre, Le Puech, Puéchabon, Puisserguier, Quarante, Restinclières, Roquebrun, Roquessels, Roujan, Saint-André-de-Buèges, Saint-André-de-Sangonis, Saint-Aunès, Saint-Bauzille-de-la-Sylve, Saint-Bauzille-de-Montmel, Saint-Clément-de-Rivière, Saint-Chinian, Saint-Christol, Saint-Drézéry, Saint-Félix-de-Lodez, Saint-Gély-du-Fesc, Saint-Geniès-des-Mourgues, Saint-Georges-d’Orques, Saint-Guiraud, Saint-Jean-de-Cuculles, Saint-Jean-de-la-Blaquière, Saint-Jean-de-Buèges, Saint-Jean-de-Fos, Saint-Jean-de-Minervois, Saint-Mathieu-de-Tréviers, Saint-Nazaire-de-Ladarez, Saint-Pargoire, Saint-Pons-de-Mauchiens, Saint-Privat, Saint-Saturnin, Saint-Sériès, Saint-Thibéry, Saint-Vincent-de-Barbeyrargues, Sainte-Croix-de-Quintillargues, Saturargues, Sauteyrargues, Sauvian, Sérignan, Servian, Siran, Soubès, Soumont, Sussargues, Le Triadou, Usclas-du-Bosc, Vacquières, Vailhan, Vailhauquès, Valflaunès, Valmascle, Vendémian, Vendres, Vérargues, Vieussan, Villeneuve-lès-Maguelonne, Villeneuvette, Villeveyrac, Villespassans ;

An Roinn Les Pyrénées-Orientales Amélie-les-Bains-Palalda, Ansignan, Arboussols, Argelès-sur-Mer, Bages, Baho, Baixas, Banyuls-sur-Mer, Banyuls-dels-Aspres, Bélesta, Bouleternère, Le Boulou, Brouilla, Cabestany, Caixas, Calce, Camélas, Canet-en-Roussillon, Canohès, Caramany, Cases-de-Pene, Cassagnes, Castelnou, Caudiès-de-Fenouillèdes, Cerbère, Céret, Claira, Les Cluses, Collioure, Corbère, Corbère-les-Cabanes, Corneilla-del-Vercol, Corneilla-la-Rivière, Elne, Espira-de-Conflent, Espira-de-l’Agly, Estagel, Estoher, Felluns, Finestret, Fosse, Fourques, Ille-sur-Têt, Joch, Lansac, Laroque-des-Albères, Latour-Bas-Elne, Latour-de-France, Lesquerde, Llauro, Llupia, Marquixanes, Maureillas-las-Illas, Maury, Millas, Montalba-le-Château, Montauriol, Montescot, Montesquieu-des-Albères, Montner, Néfiach, Oms, Opoul-Périllos, Ortaffa, Palau-del-Vidre, Passa, Perpignan, Peyrestortes, Pézilla-de-Conflent, Pézilla-la-Rivière, Pia, Planèzes, Pollestres, Ponteilla, Port-Vendres, Prats-de-Sournia, Prugnanes, Rasiguères, Reynès, Rigarda, Riunoguès, Rivesaltes, Rodès, Saint-André, Saint-Arnac, Saint-Cyprien, Saint-Estève, Saint-Féliu-d’Amont, Saint-Féliu-d’Avall, Saint-Génis-des-Fontaines, Saint-Hippolyte, Saint-Jean-Lasseille, Saint-Jean-Pla-de-Corts, Saint-Martin, Saint-Michel-de-Llotes, Saint-Nazaire, Saint-Paul-de-Fenouillet, Sainte-Colombe-de-la-Commanderie, Saleilles, Salses-le-Château, Le Soler, Sorède, Sournia, Taillet, Tarerach, Tautavel, Terrats, Thuir, Tordères, Toulouges, Tresserre, Trévillach, Trilla, Trouillas, Villelongue-dels-Monts, Villemolaque, Villeneuve-de-la-Raho, Villeneuve-la-Rivière, Vinça, Vingrau, Vivès, Le Vivier.

(b)

Maidir le fíonta bána, baintear na fíonchaora déantar na fíonta agus forbraítear iad sna bardais seo a leanas a liostaítear faoi fhíonta dearga agus fíonta rosé, agus sna bardais seo a leanas de chuid na roinne Le Hérault: Castelnau-de-Guers, Florensac, Mèze, Pinet, Pomerols.

7.   Príomhchineál fíonchoire (nó fíonchaor)

Bourboulenc B - Doucillon blanc

Clairette B

Grenache N

Grenache blanc B

Lledoner pelut N

Marsanne B

Mourvèdre N - Monastrell

Piquepoul blanc B

Roussanne B

Syrah N - Shiraz

Tourbat B

Vermentino B - Rolle

8.   Tuairisc ar an nasc (nó na naisc)

Riamh anall ó thús stair an fhíonsaothraithe sa Languedoc, saothraíodh na fíniúnacha ar shleasa na gcnoc tirim clochach.

Is cuma cén fíbín a bhain d’imeachtaí na staire ó aimsir na Rómhánach i leith, an tionchar a d’imir na mainistreacha agus na hoird chrábhaidh, na srianta eacnamaíocha a bhaineann le fíonghoirt a shaothrú ar shleasa na gcnoc agus na hathruithe a tháinig ar phobail éagsúla, chuir siad sin uile go léir leis an éagsúlacht agus le forbairt na dtáirgí, le himeacht ama, mar atá fíonta milse, fíonta treisithe, fíonta tirime dearga agus bána agus fíonchaora boird, táirgí nach féidir a dhéanamh ach na fíonchaora a bheith tagtha in aibíocht ar fad.

Ar an mbonn sin, thar na glúine, sainaithníodh réimse leathan láithreán a bhfuil clú orthu as cáilíocht agus as úrnuacht a dtáirgtheachta ar na fánaí sin.

Ar na fánaí grianmhara sin, idir Collioure suas go dtí geataí Nîmes, tá fíniúnacha le breis agus 2 000 bliain anuas, agus is iomaí dea-theist ar cháilíocht agus ar chlú na bhfíonta sin.

As measc na bhfíonta a thagann ó na fánaí sin, is minic a baineadh a gclú agus a gcáil amach trí shaothar na mainistreacha ó thús a staire (Caunes-Minervois, Valmagne, Lagrasse, Fontfroide, etc). Dá bhrí sin, is a bhuí le compánach de chuid San Beinidict as Aniane a bunaíodh Saint-Saturnin agus Cabrières. Ón ochtú haois déag i leith, sealúchas agus áit chónaithe de chuid Easpaig Montpellier a bhí i Montpeyroux, áit óna bhfuair siad fíonta a raibh ardchlú orthu. Is amhlaidh atá i gcás Saint-Aignan (Saint-Chinian) faoi mar a scríobh Jean Clavel ina leabhar uaidh “Histoire et Avenir des vins en Languedoc” [Stair agus Todhchaí Fíonta Languedoc](Edition Privat -1985).

I dtuarascáil chuig an Rí i 1788, seo a leanas mar a scríobh an tArd-Riarthóir, Baron de Ballainvilliers: “Is fíonta iad sin go léir a bhfuil ainmniú orthu, agus is faoi ainm cineálach na bhfíonta as Narbonne a bhain siad a gclú amach lasmuigh den chúige agus lasmuigh den ríocht féin (an Fhrainc), agus cúis mhaith leis sin. Ar na fíonta sin bhí, go háirithe, Lapalme, Leucate, Fitou...”.

In 1816, sa leabhar “Topographie de tous les vignobles connus” [Topagrafaíoch na bhfíonghort aitheanta], leag André Jullien béim ar an gcáilíocht ar leith a bhí ag na fíonta mar gheall ar an dúiche ina ndéantar iad agus luadh ann na fíonghoirt a bhí suite ar an taobh ó thuaidh den abhainn Têt, chomh fada le Espira-de-l’Agly agus Rivesaltes, agus na fíonta de chuid “Saint-Christol”, “Saint-Georges d’Orques” agus “Saint-Drézéry”: “Tá blas taitneamhach glan ar na fíonta, tá siad tathagach láidir agus má choinnítear iad ar feadh cúig nó sé bliana, déanann siad fíonta suaitheanta...”.

Is féidir an cháilíocht sin a bhaint amach, cáilíocht a chuirtear i leith na dúiche ina ndéantar iad, mar nach gcuireann ithreacha na ndáileachtaí sin srian le fás na bhfréamhacha, agus is ithreacha iad atá in ann soláthar uisce atá rialta agus measartha a thabhairt i limistéar na ndáileachtaí críochaithe ionas gur féidir leo an samhradh te tirim a sheasamh. Dáileachtaí a bhfuil nochtadh fabhrach acu atá sa limistéar agus iad ag síneadh amach ón bhfarraige go dtí airde 400 m.

Tá formhór na ndáileachtaí suite ar shleasa na gcnoc gar don fharraige nó ar fhánaí géara an limistéir faoi shliabh, agus iad á leagan amach i léibhinn ar uairibh.

Sa limistéir sin atá críochaithe go beacht, tá níos lú ná an tríú cuid d’achar iomlán fhíonghoirt an réigiúin agus maidir leis an bhfíon a dhéantar ann, tá méid is lú ná 15 % de tháirgeacht iomlán an réigiúin á dhéanamh ann.

Is iad an aeráid agus an cineál ithreach sa limistéar is údar don chinneadh maidir le rogha na gcineálacha fíniúna agus maidir leis na suíomhanna ina gcuirtear iad. Timthriall fáis sách fada atá ag na cineálacha fíniúna sin chomh maith le hathléimneacht leordhóthanach in aghaidh triomaigh agus teasa, rud a fhágann go rathaíonn siad i dteochtaí arda carnacha. Trí bhainistiú na táirgeachta, rud a thugann táirgeacht mheasartha, déanann sé deimhin de go mbíonn an barr go hiomlán aibí sula dtagann báisteach an fhómhair, agus cuidíonn an ghaoth leis na fíonchaora a choinneáil i mbarr a sláinte.

Ó tharla aeráid shonrach na Meánmhara a bheith te tirim, téann sé chun sochair d’fhorbairt tainnine aibí sna fíonta dearga agus is í an aeráid cheanna a thugann cruinneas sainiúil na bhfíonta rosé agus na bhfíonta bána chomh maith.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, b’éigean cuid mhór de na fíonghoirt ar shleasa na gcnoc a athphlandú, rud a neartaigh an greim a bhí ag na cineálacha traidisiúnta fíniúna ar an réigiún. Is le hathphlandú na bhfíonghort a cuireadh tús le gluaiseacht chomhchoiteann chun fíonsaothrú stairiúil a athbhunú sa réigiún, gluaiseacht a thug le chéile na comharchumainn fíona agus comhlachais na n-eastát neamhspleách.

Ó cuireadh tús le hinnealra talmhaíochta a mheicniú chomh maith le saothrú leitheadach na gcineálacha fíniúna a bhfuil craobhacha fada orthu, mar atá Syrah N, cineál nach mór a chrannaíl, tháinig athrú ar mhodhanna an tsaothraithe. Sna dáileachtaí fíniúna ina mbíodh na plandaí leagtha amach i cearnóga agus gan iad crannaílte, tá sraitheanna de phandaí fíniúna anois ann, den chuid is mó, gan iad ós cionn 2.50 m ó chéile agus is é 4 000 planda fíniúna in aghaidh an heicteáir an dlús plandúcháin íosta. Mar sin féin, d’fhan modh bearrtha na bhfínúnacha mar a bhí riamh: é gearr go príomha, gan ach líon teoranta bachlóg le cuntas in aghaidh na fíniúna.

9.   Tuilleadh coinníollacha riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Lipéadú

Cúlra Dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise i ndáil le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

An sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Languedoc”, is féidir é a fhorlíonadh trí na téarmaí “primeur” nó “nouveau” a úsáid, ach ní mór bliain an fhómhair a lua in éineacht leo.

Na fíonta a chumhdaítear faoin sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Languedoc” agus a chuirtear i láthair faoin ainm sin, bíodh na hainmneacha geografacha breise ag gabháil leo nó ná bíodh, is e sin “Cabrières”, “Grés de Montpellier”, “La Méjanelle”, “Montpeyroux”, “Pézenas”, “Quatourze”, “Saint-Christol”, “Saint-Drézéry”, “Saint-Georges-d’Orques”, “Saint-Saturnin”, “Sommières”, ní féidir iad a fhógairt tar éis an fhómhair, ná ní féidir iad a chur ar fáil don phobal, a sheoladh chun a seachadta, a chur ar an margadh nó a dhíol ach amháin má tá an sonrúchán tionscnaimh cláraithe le feiceáil sna doiciméid a ghabhann leo, sa dearbhú stoc, sna fógraí, i gcatalóga agus ar aon lipéad, sonrasc nó coimeádán, chomh maith le haon ainm geografach comhlántach i gcás inar gá sin.

Limistéar i ndlúthghaireacht

Cúlra Dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál coinníll bhreise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

An limistéar i ndlúthghaireacht, arna shainiú ag maolú, ina bhféadfar fíonta a tháirgeadh agus fíonóireacht a dhéanamh orthu, is ann atá críoch na mbardas seo a leanas:

An Roinn L’Aude: Alaigne, Arques, Arzens, Auriac, Belcastel-et-Buc, Berriac, La Bezole, Bourigeole, Bram, Brenac, Brousses-et-Villaret, Brugairolles, Bugarach, Camps-sur-l’Agly, Carcassonne, Castans, Caudebronde, Caunette-sur-Lauquet, Caux-et-Sauzens, Citou, Clermont-sur-Lauquet, Couffoulens, Coursan, Courtauly, Cubières-sur-Cinoble, Cuxac-Cabardès, Cuxac-d’Aude, Donazac, Fajac-en-Val, Fontiers-Cabardès, Granes, Greffeil, Labastide-Esparbairenque, Lairière, Lauraguel, Lespinassière, Leuc, Malves-en-Minervois, Marcorignan, Mas-Cabardès, Mas-des-Cours, Massac, Miraval-Cabardès, Missègre, Montclar, Monthaut, Montjardin, Montjoi, Montréal, Moussan, Mouthoumet, Ouveillan, Palaja, Pomy, Pradelles-Cabardès, Preixan, Puilaurens, Puivert, Quillan, Raissac-d’Aude, Raissac-sur-Lampy, La Redorte, Rennes-le-Château, Rennes-les-Bains, Ribaute, Rieux-en-Val, Rieux-Minervois, Roquecourbe-Minervois, Roquefère, Roquefort-des-Corbières, Routier, Rouvenac, Saint-Benoît, Saint-Denis, Saint-Ferriol, Saint-Jean-de-Paracol, Saint-Louis-et-Parahou, Saint-Marcel-sur-Aude, Saint-Martin-des-Puits, Saint-Martin-de-Villereglan, Saint-Martin-le-Vieil, Saissac, Sallèles-d’Aude, Salza, Soulatge, Terroles, Valmigère, Véraza, Verzeille, Villarzel-Cabardès-du-Razès, Villedaigne, Villefloure, Villefort, Villesèquelande.

An Roinn Le Gard: Aigremont, Aigues-Mortes, Aigues-Vives, Aimargues, Aubais, Bernis, Boissières, Bouillargues, Bragassargues, Caissargues, La Calmette, Caveirac, Clarensac, Congénies, Cros, Dions, Domessargues, Durfort-et-Saint-Martin-de-Sossenac, Fons, Gajan, Gallargues-le-Montueux, Générac, Marguerittes, Milhaud, Monoblet, Montagnac, Mus, Parignargues, Pompignan, Poulx, Puechredon, Quissac, Rodilhan, Rogues, La Rouvière, Sainte-Anastasie, Saint-Come-et-Maruéjols, Saint-Dionizy, Saint-Gilles, Saint-Roman-de-Codières, Saint-Théodorit, Sauve, Sumène, Uchaud, Vergèze.

An Roinn L’Hérault: Abeilhan, Agde, Agonès, Les Aires, Aumes, Baillargues, Balaruc-le-Vieux, Bédarieux, Bélarga, Bessan, Boisset, La Boissière, Bouzigues, Brenas, Buzignargues, Campagnan, Candillargues, Capestang, Cazilhac, Cazouls-d’Hérault, Celles, Cers, Clapiers, Colombiers, Coulobres, Le Crès, Le Cros, Dio-et-Valquières, Espondeilhan, Fabrègues, Ferrals-les-Montagnes, Ferrières-les-Verreries, Frontignan, Galargues, Ganges, Gigean, Gorniès, Grabels, La Grande-Motte, Hérépian, Jacou, Lansargues, Laroque, Lattes, Lespignan, Lézignan-la-Cèbe, Lieuran-lès-Béziers, Lignan-sur-Orb, Loupian, Lunas, Maraussan, Marseillan, Marsillargues, Mas-de-Londres, Maureilhan, Mireval, Mons, Montady, Montaud, Montels, Montferrier-sur-Lez, Mudaison, Notre-Dame-de-Londres, Olargues, Pailhès, Palavas-les-Flots, Pardailhan, Pérols, Pézènes-les-Mines, Les Plans, Poilhes, Popian, Portiragnes, Le Pouget, Pouzols, Puilacher, Puimisson, Puissalicon, Rieussec, Riols, Les Rives, Romiguières, Roqueredonde, Rouet, Saint-Bauzille-de-Putois, Saint-Brès, Saint-Etienne-d’Albagnan, Saint-Etienne-de-Gourgas, Saint-Félix-de-l’Héras, Saint-Geniès-de-Fontedit, Saint-Guilhem-le-Désert, Saint-Hilaire-de-Beauvoir, Saint-Jean-de-Cornies, Saint-Jean-de-Védas, Saint-Just, Saint-Martin-de-Londres, Saint-Maurice-Navacelles, Saint-Michel, Saint-Nazaire-de-Pézan, Saint-Paul-et-Valmalle, Saint-Pierre-de-la-Fage, Saint-Pons-de-Thomières, Salasc, Saussan, Saussines, Sète, Teyran, Thézan-lès-Béziers, Tourbes, Tressan, Usclas-d’Hérault, La Vacquerie-et-Saint-Martin-de-Castries, Valergues, Valras-Plage, Valros, Vélieux, Vendargues, Vias, Vic-la-Gardiole, Villeneuve-lès-Béziers, Villetelle, Viols-en-Laval, Viols-le-Fort.

An Roinn Les Pyrénées-Orientales L’Albère, Alenya, Arles-sur-Tech, Baillestavy, Le Barcarès, Bompas, Boule-d’Amont, Calmeilles, Campoussy, Casefabre, Clara, Eus, Fenouillet, Glorianes, Los Masos, Molitg-les-Bains, Montbolo, Mosset, Le Perthus, Prunet-et-Belpuig, Rabouillet, Saint-Laurent-de-Cerdans, Saint-Laurent-de-la-Salanque, Sainte-Marie, Saint-Marsal, Taurinya, Théza, Torreilles, Valmanya, Villelongue-de-la-Salanque, Vira.

Nasc le sonraíocht an táirge

http://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-7e46f9d3-55a7-4fed-a312-52a267e4f576


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/46


Fógra do ghnóthais a bhfuil sé beartaithe acu substaintí rialaithe a ídíonn an ciseal ózóin a allmhairiú nó a onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach nó ón Aontas Eorpach in 2023 agus gnóthais a bhfuil sé beartaithe acu na substaintí sin a tháirgeadh nó a allmhairiú le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse in 2023

(2022/C 104/14)

1.   

Dírítear an fógra seo chuig gnóthais lena mbaineann Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (1) (an Rialachán) agus a bhfuil sé beartaithe acu an méid seo a leanas a dhéanamh in 2023:

a)

substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán a allmhairiú nó a onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach nó ón Aontas Eorpach, nó

b)

na substaintí sin a tháirgeadh nó a allmhairiú le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse san Aontas Eorpach.

Foráiltear leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (2) go bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann. Ciallaíonn sé sin nach mór a thuiscint le tagairtí don Aontas san fhógra seo go gcuimsítear Tuaisceart Éireann.

2.   

Baineann an méid sin leis na substaintí seo a leanas:

Grúpa I

:

CFC 11, 12, 113, 114 nó 115

Grúpa II

:

CFCanna lán-hailiginithe eile

Grúpa III

:

halón 1211, 1301 nó 2402

Grúpa IV

:

teitreaclóiríd charbóin

Grúpa V

:

1,1,1-tríchlóireatán

Grúpa VI

:

bróimíd mheitile

Grúpa VII

:

hidreabrómafluaracarbóin

Grúpa VIII

:

hidreaclórafluaracarbóin

Grúpa IX

:

brómaclóraimeatán

3.   

Tá gá le ceadúnas ón gCoimisiún maidir le substaintí rialaithe a allmhairiú nó a onnmhairiú (3), ach amháin i gcásanna nós imeachta idirthurais, nós imeachta stórála sealadaí, nós imeachta stórasaithe custaim nó nós imeachta saorchreasa dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (4), nach maireann níos faide ná 45 lá. Tá gá le réamhúdarú maidir le substaintí rialaithe a tháirgeadh le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse.

4.   

Thairis sin, tá na gníomhaíochtaí seo a leanas faoi réir teorainneacha cainníochtúla:

a)

Táirgeadh agus allmhairiú le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse,

b)

Allmhairiú le haghaidh saorchúrsaíocht san Aontas i ndáil le húsáidí criticiúla (halóin),

c)

Allmhairiú le haghaidh saorchúrsaíocht san Aontas i ndáil le húsáidí bunábhair,

d)

Allmhairiú le haghaidh saorchúrsaíocht san Aontas i ndáil le húsáidí oibreán próisis.

Leithdháileann an Coimisiún cuótaí le haghaidh a), b), c) agus d). Cinntear na cuótaí ar bhonn na n-iarratas ar chuótaí agus:

i gcomhréir le hAirteagal 10(6) den Rialachán agus le Rialachán (AE) Uimh. 537/2011 ón gCoimisiún (5) i gcás a) thuas

i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán i gcásanna b), c) agus d) thuas.

Maidir le gníomhaíochtaí a liostaítear i mír 4

5.

Aon ghnóthas ar mian leis in 2023 substaintí rialaithe a allmhairiú nó a tháirgeadh le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse, nó substaintí rialaithe a allmhairiú le haghaidh úsáidí criticiúla (halóin), le haghaidh úsáidí bunábhair, nó le haghaidh úsáidí oibreán próisis, ní mór dó an nós imeachta a dtugtar tuairisc air i míreanna 6 go 9 a leanúint.

6.

Aon ghnóthas nach bhfuil cláraithe go fóill i gCóras Ceadúnúcháin substaintí ídithe ózóin (ODS) (https://webgate.ec.europa.eu/ods2) ní mór dó an méid sin a dhéanamh faoin 23 Bealtaine 2022.

7.

Ní mór don ghnóthas an fhoirm iarratais ar chuótaí atá le fáil ar líne i gCóras Ceadúnúcháin ODS a líonadh isteach agus a chur isteach.

Beidh an fhoirm iarratais ar chuótaí le fáil ar líne ón 23 Bealtaine 2022 ar aghaidh i gCóras Ceadúnaithe ODS.

8.

Ní mheasfaidh an Coimisiún ach foirmeacha iarratais ar chuótaí atá líonta isteach go cuí agus saor ó earráidí agus a fhaightear faoin 23 Meitheamh 2022 a bheith bailí.

Moltar do ghnóthais a bhfoirmeacha iarratais ar chuótaí a chur isteach a luaithe agus is féidir agus roimh an sprioc-am chun gur féidir ceartúcháin féideartha a dhéanamh agus an t-iarratas a chur isteach arís faoin sprioc-am.

9.

Ní thugtar leis an bhfoirm iarratas ar chuótaí a chur isteach aon cheart chun substaintí rialaithe a allmhairiú ná a tháirgeadh le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse, ná substaintí rialaithe a allmhairiú le haghaidh úsáidí criticiúla (halóin), úsáidí bunábhair, ná le haghaidh úsáidí oibreán próisis. Sula ndéanfar allmhairiú nó táirgeadh den sórt sin in 2023, ní mór do ghnóthais iarratas a dhéanamh ar cheadúnas trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais ar cheadúnas atá le fáil ar líne i gCóras Ceadúnúcháin ODS.

Maidir le hallmhairiú le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí sin a liostaítear i mír 4 agus maidir le honnmhairiú

10.

Aon ghnóthas ar mian leis in 2023 substaintí rialaithe a onnmhairiú nó substaintí rialaithe a allmhairiú le haghaidh úsáidí eile seachas na cinn sin a liostaítear i mír 4, ní mór dó an nós imeachta a dtugtar tuairisc air i míreanna 11 agus 12 a leanúint.

11.

Aon ghnóthas nach bhfuil cláraithe go fóill i gCóras Ceadúnúcháin ODS, ní mór dó an méid sin a dhéanamh a luaithe agus is féidir.

12.

Sula ndéanfar allmhairiú le haghaidh úsáidí seachas na cinn sin a liostaítear i mír 4 nó sula ndéanfar onnmhairiú in 2023, ní mór do ghnóthais iarratas a dhéanamh ar cheadúnas trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais ar cheadúnas atá le fáil ar líne i gCóras Ceadúnúcháin ODS.

(1)  IO L 286, 31.10.2009, lch. 1.

(2)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A12020W/TXT#d1e32-102-1

(3)  Tabhair do d’aire nach gceadaítear ach allmhairiú nó onnmhairiú atá díolmhaithe ón toirmeasc ginearálta allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin de bhun Airteagail 15 agus 17.

(4)  IO L 145, 4.6.2008, lch. 1.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 537/2011 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2011 maidir leis an sásra le haghaidh leithdháileadh na gcainníochtaí substaintí rialaithe a cheadaítear le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse san Aontas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 147, 2.6.2011, lgh. 4).