ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 103

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
3 Márta 2022

Clár

Leathanach

IV   Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

2022/C 103/01

Conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach

1

An Coimisiún Eorpach

2022/C 103/02

Rátaí malairte an euro — 2 Márta 2022

5

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 103/03

Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí ( 1 )

6

2022/C 103/04

7

2022/C 103/05

8

2022/C 103/06

9

2022/C 103/07

10

2022/C 103/08

11

FÓGRAÍ A bhAineAnn LEIS An LimistéAr EorpAch EAcnAmAíoch

Údarás Faireacháin CSTE

2022/C 103/09

Fógra ó Údarás Faireachais CSTE maidir le rátaí úis aisghabhála státchabhrach agus rátaí tagartha/lascaine le haghaidh Stáit CSTE is infheidhme ón 1 Nollaig 2021 (Arna fhoilsiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le rátaí tagartha agus lascaine a leagtar amach i gCuid VII de Threoirlínte Údarás Faireacháin CSTE maidir le Státchabhair agus Airteagal 10 de Chinneadh CSTE Uimh.195/04/COL an 14 Iúil 2004)

12

2022/C 103/10

Gan státchabhair de réir bhrí Airteagal 61(1) den Chomhaontú LEE

13

V   Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt an EFTA

2022/C 103/11

Caingean a thug G. Modiano Limited agus Standard Wool (UK) Limited in aghaidh Údarás Faireacháin CSTE an 10 Eanáir 2022 (Caingean E-1/22)

14

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

3.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 103/1

Conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach

(2022/C 103/01)

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

1.   

CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá sé sásraí dea-rialachais cánach, cánachas cothrom, trédhearcacht chánach dhomhanda agus comhrac na calaoise cánach, na n-imghabhála cánach agus na seachanta cánach a chur chun cinn agus a neartú, ar leibhéal an Aontais agus ar fud an domhain araon;

2.   

IS MÓR AICI an comhar táirgthe leanúnach i ndáil le cúrsaí cánach idir Meitheal an Aontais um an gCód Iompair maidir le Cánachas Gnó (“an Mheitheal um an gCód Iompair”) agus formhór na ndlínsí ar fud an domhain;

3.   

IS DÍOL SÁSAIMH DI an dul chun cinn atá déanta sna dlínsí ábhartha trí bhíthin na gcéimeanna gníomhacha a tugadh faoi na spriocdhátaí a comhaontaíodh agus na gealltanais nua a tugadh le go réiteofar na heasnaimh a shainaithin an Mheitheal um an gCód Iompair;

4.   

TUGANN SÍ DÁ hAIRE gníomhachtú éifeachtach na gcaidreamh uathoibríoch maidir le malartú faisnéise idir an Tuirc agus na Ballstáit uile seachas ceann amháin; MEASANN SÍ nach bhfuil an dul chun cinn atá déanta ag an Tuirc i gcomhréir go hiomlán fós leis na gealltanais a cheanglaítear faoi chonclúidí Chomhairle Ecofin an 22 Feabhra 2021 agus an 5 Deireadh Fómhair 2021; IARRANN SÍ ar an Tuirc tús a chur leis an obair theicniúil ar mhalartú éifeachtach sonraí ón Tuirc leis na Ballstáit uile, nó leanúint leis an obair sin, chun na caighdeáin idirnáisiúnta uile a comhaontaíodh a shásamh agus na ceanglais a leagtar amach sna conclúidí thuasluaite ó Chomhairle Ecofin a chomhlíonadh ina n-iomláine; ATHDHEARBHAÍONN SÍ gur coinníoll é an malartú éifeachtach uathoibríoch faisnéise leis na Ballstáit uile i gcomhréir le féilire agus caighdeáin ECFE chun go gcomhlíonfaidh an Tuirc critéar 1.1 de liosta an Aontais agus chun go gcomhlíonfaidh sí go hiomlán na ceanglais a leagtar amach sna conclúidí thuasluaite ón gComhairle; IARRANN SÍ ar an Meitheal an Chomhairle a chur ar an eolas maidir lena bhfuil ag titim amach i ndáil leis sin agus leanúint den idirphlé ar chur chun feidhme malartú éifeachtach sonraí idir an Tuirc agus gach Ballstát, agus treisiú leis an idirphlé sin, agus aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach i gcás nach ndearnadh aon dul chun cinn ina leith;

5.   

IS OTH LÉI go bhfuil roinnt dlínsí fós neamh-chomhoibríoch chun críocha cánach agus IARRANN SÍ ar na dlínsí sin oibriú leis an Meitheal um an gCód Iompair chun na saincheisteanna atá fós ann a réiteach;

6.   

FORMHEASANN SÍ an Tuarascáil ón Meitheal um an gCód Iompair a leagtar amach in 5723/22;

7.   

FORMHEASANN SÍ dá réir sin liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach (“liosta an Aontais”) a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

8.   

FORMHUINÍONN SÍ staid na himeartha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II í i ndáil le gealltanais a thug dlínsí comhoibríocha chun prionsabail an dea-rialachais cánach a chur chun feidhme.

IARSCRÍBHINN I

Liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach

1.

Samó Mheiriceá

Ní chuireann Samó Mheiriceá aon mhalartú uathoibríoch faisnéise airgeadais i bhfeidhm, níor shínigh sé ná níor dhaingnigh sé, lena n-áirítear tríd an dlínse a bhfuil siad ag brath uirthi, an Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, níor gheall sé íoschaighdeáin BEPS a chur i bhfeidhm ná níor gheall sé go dtabharfaí aghaidh ar na saincheisteanna sin.

2.   Fidsí

Ní comhalta í Fidsí den Fhóram Domhanda maidir le Trédhearcacht agus Malartú Faisnéise chun críoch Cánach (“an Fóram Domhanda”), níor shínigh sí ná níor dhaingnigh sí an Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, tá córais chánach fhabhracha dhíobhálacha aici (cuideachtaí onnmhairiúcháin, dreasacht na teicneolaíochta cumarsáide ioncaim, ráta lamháltais cánach do cheanncheathrú réigiúnach nó domhanda), níl sí ina comhalta den Chreat Cuimsitheach um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis ná níor chuir sí íoschaighdeáin ECFE frith-BEPS i bhfeidhm agus níl na saincheisteanna sin réitithe go fóill aici.

3.   Guam

Ní chuireann Guam aon mhalartú uathoibríoch faisnéise airgeadais i bhfeidhm, níor shínigh sé ná níor dhaingnigh sé, lena n-áirítear tríd an dlínse a bhfuil sé ag brath uirthi, an Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, níor gheall sé íoschaighdeáin BEPS a chur i bhfeidhm ná níor gheall sé go dtabharfaí aghaidh ar na saincheisteanna sin.

4.   Oileáin Palau

Ní chuireann Oileáin Palau aon mhalartú uathoibríoch faisnéise airgeadais i bhfeidhm, níor shínigh siad ná níor dhaingnigh siad an Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, agus níl na saincheisteanna sin réitithe go fóill acu.

5.   Panama

Níl rátáil “mórchomhlíontach” ar a laghad ag Panama ón bhFóram Domhanda maidir le Trédhearcacht agus Malartú Faisnéise chun críoch Cánach chun Faisnéis a Mhalartú arna Iarraidh sin agus níl an tsaincheist sin réitithe go fóill aige. Tá córas díolúine maidir le hioncaim ó fhoinsí eachtracha díobhálach ag Panama agus níl an tsaincheist sin réitithe go fóill aige.

Gheall Panama aghaidh a thabhairt ar mholtaí Chreat Cuimsitheach um BEPS i ndáil le cur chun feidhme chritéar 3.2 maidir le tuairisciú de réir tíre (CbCR), in am trátha, ionas go léireofar é sin i dTuarascáil Athbhreithnithe Piaraí ar Ghníomh 13 Chreat Cuimsitheach um BEPS i bhfómhar na bliana 2023.

6.   Samó

Tá córas cánach fabhrach díobhálach ag Samó (gnó eischósta) agus níl an tsaincheist sin réitithe go fóill aige.

7.   Oileán na Tríonóide agus Tobága

Ní chuireann Oileán na Tríonóide agus Tobága aon mhalartú uathoibríoch faisnéise airgeadais i bhfeidhm, níl rátáil “mórchomhlíontach” ar a laghad acu ón bhFóram Domhanda maidir le Trédhearcacht agus Malartú Faisnéise chun críoch Cánach chun Faisnéis a Mhalartú arna Iarraidh sin, níor shínigh siad ná níor dhaingnigh siad an Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, tá córais chánach fhabhracha dhíobhálacha acu (criosanna saorthrádála), agus níl na saincheisteanna sin réitithe go fóill acu.

Gheall Oileán na Tríonóide agus Tobága aghaidh a thabhairt ar mholtaí Chreat Cuimsitheach um BEPS i ndáil le cur chun feidhme chritéar 3.2 maidir le tuairisciú de réir tíre (CbCR), in am trátha, ionas go léireofar é sin i dTuarascáil Athbhreithnithe Piaraí ar Ghníomh 13 Chreat Cuimsitheach um BEPS i bhfómhar na bliana 2023.

8.   Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe

Ní chuireann Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe aon mhalartú uathoibríoch faisnéise airgeadais i bhfeidhm, níor shínigh siad ná níor dhaingnigh siad, lena n-áirítear tríd an dlínse a bhfuil siad ag brath uirthi, an Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, tá córais chánach fhabhracha dhíobhálacha acu (clár forbartha eacnamaíche, cuideachtaí díolmhaithe, gníomh rialála ionaid baincéireachta idirnáisiúnta), níor gheall siad íoschaighdeáin BEPS a chur i bhfeidhm ná níor gheall siad go dtabharfaí aghaidh ar na saincheisteanna sin.

9.   Vanuatú

Éascaíonn Vanuatú struchtúir agus socruithe amach ón gcósta arb é is aidhm dóibh brabúis nach bhfuil aon fhíorshubstaint eacnamaíoch ag baint leo a mhealladh, agus níl an tsaincheist sin réitithe go fóill aige.

Tá Vanuatú ag fanacht le hathbhreithniú forlíontach ag an bhFóram Domhanda maidir le Malartú Faisnéise arna Iarraidh sin.

IARSCRÍBHINN II

Staid na himeartha maidir leis an gcomhar leis an Aontas i ndáil le gealltanais a thug dlínsí comhoibríocha chun prionsabail an dea-rialachais cánach a chur chun feidhme

1.   Trédhearcacht

1.1.   Gealltanas an malartú uathoibríoch faisnéise a chur chun feidhme, trí Chomhaontú Iltaobhach na nÚdarás Inniúil a shíniú nó trí chomhaontuithe déthaobhacha

Meastar go ndéanfaidh an dlínse seo a leanas faisnéis a mhalartú go huathoibríoch leis na 27 mBallstát uile de réir na hamlíne dá dtagraítear i mír 6 de Chonclúidí ón gComhairle an 22 Feabhra 2021, mír 4 de Chonclúidí ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 agus mír 4 de Chonclúidí ón gComhairle an 24 Feabhra 2022.

An Tuirc

1.2.   Comhaltas san Fhóram Domhanda maidir le Trédhearcacht agus Malartú Faisnéise chun críoch Cánach (“an Fóram Domhanda”) agus rátáil shásúil i ndáil le malartú faisnéise arna iarraidh sin

Tá na dlínsí seo a leanas ag fanacht ar athbhreithniú forlíontach ón bhFóram Domhanda:

Anguilla, Barbadós, an Bhotsuáin, Doiminice, na Séiséil, an Tuirc

2.   Cánachas Cothrom

2.1.   Córais chánach dhíobhálacha atá ann

Thug na dlínsí seo a leanas gealltanas a gcórais díolúine ioncaim foinse eachtraí dhíobhálacha a leasú nó a dhíothú faoin 31 Nollaig 2022:

Cósta Ríce, Hong Cong, an Mhalaeisia, Catar, Uragua

Thug na dlínsí seo a leanas gealltanas a gcórais chánach fhabhracha dhíobhálacha a leasú nó a dhíothú faoi raon feidhme an Fhóraim maidir le Cleachtais Chánach Dhíobhálacha faoin 31 Nollaig 2022:

Cósta Ríce (crios saorthrádála, córas díolúine maidir le hioncam ó fhoinsí eachtrach), Iamáice (criosanna speisialta eacnamaíocha), an Iordáin (crios eacnamaíoch speisialta Aqaba), an Mhacadóin Thuaidh (crios forbartha tionsclaíche teicneolaíche)

Gheall an dlínse seo a leanas córas fabhrach cánach a leasú faoin 31 Nollaig 2022:

Cónaidhm na Rúise (cuideachtaí sealbhaíochta idirnáisiúnta)

2.2.   Córais chánach a bheith ann lena n-éascaítear struchtúir eischósta a mheallann brabúis gan fíorghníomhaíocht eacnamaíoch

Gheall na dlínsí seo a leanas aghaidh a thabhairt ar na moltaí ón bhFóram maidir le Cleachtais Chánach Dhíobhálacha i ndáil le cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas ó thaobh substainte de faoi chritéar 2.2 in am trátha ionas go mbeidh an fóram in ann a chinneadh ag an chéad chruinniú eile a bheidh aige in 2022 gur tugadh aghaidh ar an moladh/ar na moltaí:

Anguilla, na Bahámaí, Barbadós, Beirmiúda, Oileáin na dTurcach agus Caicos

3.   Creimeadh an bhoinn chánach agus aistriú brabúis a chosc

3.2.   Cur chur chun feidhme íoschaighdeán an Tuairiscithe de réir Tíre (CbCR) (Gníomhaíocht BEPS 13)

Gheall na dlínsí seo a leanas íoschaighdeán CbCR a chur chun feidhme trí aghaidh a thabhairt ar mholtaí Chreat Cuimsitheach um BEPS in am trátha, ionas go léireofar é sin i dTuarascáil Athbhreithnithe Piaraí ar Ghníomh 13 an Chreata Chuimsithigh i bhfómhar na bliana 2023 agus/nó caidreamh malartaithe maidir le CbCR le Ballstáit uile an Aontais a ghníomhachtú de réir an spriocdháta a comhaontaíodh:

Na Bahámaí, Barbadós, an Bheilís, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean, Iosrael, Monserrat, An Téalainn, An Túinéis, Vítneam

An Coimisiún Eorpach

3.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 103/5

Rátaí malairte an euro (1)

2 Márta 2022

(2022/C 103/02)

1 euro =

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,1106

JPY

yen na Seapáine

128,08

DKK

krone na Danmhairge

7,4387

GBP

punt steirling

0,83316

SEK

krona na Sualainne

10,7880

CHF

franc na hEilvéise

1,0216

ISK

króna na hÍoslainne

143,00

NOK

krone na hIorua

9,8826

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

25,866

HUF

forint na hUngáire

382,31

PLN

zloty na Polainne

4,8021

RON

leu na Rómáine

4,9493

TRY

lira na Tuirce

15,6280

AUD

dollar na hAstráile

1,5272

CAD

dollar Cheanada

1,4088

HKD

dollar Hong Cong

8,6785

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6404

SGD

dollar Shingeapór

1,5059

KRW

won na Cóiré Theas

1 338,99

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,1904

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,0153

HRK

kuna na Cróite

7,5740

IDR

rupiah na hIndinéise

15 980,03

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6595

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,206

RUB

rúbal na Rúise

THB

baht na Téalainne

36,339

BRL

real na Brasaíle

5,7313

MXN

peso Mheicsiceo

22,9990

INR

rúipí na hIndia

84,1765

(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

3.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 103/6

Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 103/03)

An Ballstát

An Iodáil

An t-aerbhealach lena mbaineann

Alghero-Roma Fiumicino agus vice versa

Tréimhse bhailíochta an chonartha

Ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go ceann tréimhse dhá bhliain

An spriocdháta faoinar gá tairiscintí a chur isteach

62 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo

An seoladh ónar féidir téacs an chuiridh chun tairisceana agus aon fhaisnéis agus/nó doiciméadacht ábhartha a fháil a bhaineann leis an tairiscint phoiblí agus leis an oibleagáid seirbhíse poiblí

Tuilleadh eolais:

Regione Autonoma della Sardegna

Assessorato dei trasporti

Direzione Generale dei Trasporti

Servizio per il trasporto marittimo e aereo e continuità territoriale

Via XXIX Novembre 1847, n.41

09123 Cagliari

AN IODÁIL

Teil. +39 0706067331

Facs +39 0706067309

Seoladh idirlín: http://www.regione.sardegna.it

Ríomhphost: trasporti@pec.regione.sardegna.it

trasp.osp@regione.sardegna.it.

3.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 103/7

Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 103/04)

An Ballstát

An Iodáil

An t-aerbhealach lena mbaineann

Alghero-Milano Linate agus vice versa

C 103/8

Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 103/05)

An Ballstát

An Iodáil

An t-aerbhealach lena mbaineann

Cagliari-Roma Fiumicino agus vice versa

C 103/9

Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 103/06)

An Ballstát

An Iodáil

An t-aerbhealach lena mbaineann

Cagliari-Milano Linate agus vice versa

C 103/10

Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 103/07)

An Ballstát

An Iodáil

An t-aerbhealach lena mbaineann

Olbia-Roma Fiumicino agus vice versa

C 103/11

Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 103/08)

An Ballstát

An Iodáil

An t-aerbhealach lena mbaineann

Olbia-Milano Linate agus vice versa

Tréimhse bhailíochta an chonartha

Ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go ceann tréimhse dhá bhliain

An spriocdháta faoinar gá tairiscintí a chur isteach

62 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo

An seoladh ónar féidir téacs an chuiridh chun tairisceana agus aon fhaisnéis agus/nó doiciméadacht ábhartha a fháil a bhaineann leis an tairiscint phoiblí agus leis an oibleagáid seirbhíse poiblí

Tuilleadh eolais:

Regione Autonoma della Sardegna

Assessorato dei trasporti

Direzione Generale dei Trasporti

Servizio per il trasporto marittimo e aereo e continuità territoriale

Via XXIX Novembre 1847, n.41

09123 Cagliari

AN IODÁIL

Teil. +39 0706067331

Facs +39 0706067309

Seoladh idirlín: http://www.regione.sardegna.it

Ríomhphost: trasporti@pec.regione.sardegna.it

trasp.osp@regione.sardegna.it.

FÓGRAÍ A bhAineAnn LEIS An LimistéAr EorpAch EAcnAmAíoch

Údarás Faireacháin CSTE

3.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 103/12

Fógra ó Údarás Faireachais CSTE maidir le rátaí úis aisghabhála státchabhrach agus rátaí tagartha/lascaine le haghaidh Stáit CSTE is infheidhme ón 1 Nollaig 2021

(Arna fhoilsiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le rátaí tagartha agus lascaine a leagtar amach i gCuid VII de Threoirlínte Údarás Faireacháin CSTE maidir le Státchabhair agus Airteagal 10 de Chinneadh CSTE Uimh.195/04/COL an 14 Iúil 2004 (1))

(2022/C 103/09)

Ríomhtar bunrátaí i gcomhréir leis an gCaibidil i leith an mhodha chun rátaí tagartha agus lascaine Threoirlínte CSTE maidir le Státchabhair a shocrú arna leasú le Cinneadh CSTE Uimh.788/08/COL an 17 Nollaig 2008. Chun na rátaí tagartha is infheidhme a fháil, cuirfear corrlaigh iomchuí leis an mbunráta de réir na dTreoirlínte maidir le Státchabhair.

Socraíodh bunrátaí mar seo a leanas:

an Íoslainn

Lichtinstéin

an Iorua

1.12.2021 –

1,88

-0,61

0,52

(1)  IO L 139, 25.5.2006, lch. 37 agus Forlíonadh LEE don IO Uimh. 26/2006, 25 Bealtaine 2006, lch. 1.

3.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 103/13

Gan státchabhair de réir bhrí Airteagal 61(1) den Chomhaontú LEE

(2022/C 103/10)

Measann Údarás Faireacháin CSTE nach státchabhair an beart seo a leanas de réir bhrí Airteagal 61(1) den Chomhaontú LEE:

An dáta a glacadh an cinneadh

an 17 Samhain 2021

Uimhir Cháis

83768

Cinneadh Uimh.

257/21/COL

Stát CSTE

an Íoslainn

Teideal (agus/nó ainm an tairbhí)

Cabhair líomhnaithe do Landsbankinn agus Íslandsbanki

Bunús dlí

Airteagal 61(1) den Chomhaontú LEE

An cineál birt

Gan chabhair

Earnáil eacnamaíoch

Seirbhísí airgeadais

Ainm agus seoladh an údaráis deonaithe

Infheistíochtaí Airgeadais Stáit na hÍoslainne (ISFI)

Is féidir téacs barántúil an chinnidh, as ar baineadh an fhaisnéis rúnda go léir, a fháil ar shuíomh gréasáin Údarás Faireacháin CSTE: http://www.eftasurv.int/state-aid/state-aid-register/decisions/

V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt an EFTA

3.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 103/14

Caingean a thug G. Modiano Limited agus Standard Wool (UK) Limited in aghaidh Údarás Faireacháin CSTE an 10 Eanáir 2022

(Caingean E-1/22)

(2022/C 103/11)

An 10 Eanáir 2022, thug G. Modiano Limited agus Standard Wool (UK) Limited caingean in aghaidh Údarás Faireacháin CSTE os comhair Chúirt CSTE, agus is iad Karl O. Wallevik, Aturnae, Advokatfirmaet Wallevik, Klostergaten 36, 5005 Bergen, an Iorua, agus Charles Whiddington agus Zanda Romata, Solicitors, Steptoe & Johnson L.L.P., 489 Avenue Louise, 1050 an Bhruiséil, an Bheilg, a bhí ag ionadaíocht dóibh.

Tá G. Modiano Limited agus Standard Wool (UK) Limited ag iarraidh ar Chúirt CSTE an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.

A dhearbhú gur achomharc inghlactha é an t-achomharc seo agus go bhfuil bunús maith leis.

2.

A dhearbhú go bhfuil an cinneadh ó Údarás Faireacháin CSTE an 9 Samhain 2021 i gcaingean uimhir 84045 ar neamhní.

3.

A dhearbhú gur cabhair nua í an Scéim Fóirdheontais agus go bhfuil na Stáisiúin Bhailithe ag fáil cabhair neamhdhleathach ó 2002 ar a laghad, agus a iarraidh ar Údarás Faireacháin CSTE méid na cabhrach neamhdhleathaí a chainníochtú.

4.

Ordú d’Údarás Faireacháin CSTE costais G. Modiano Limited agus Standard Wool (UK) Limited a chumhdach.

5.

Bearta eile den chineál sin a dhéanamh, maille le bearta breise, faoi mar is gá de réir an cheartais.

An cúlra dlíthiúil agus an cúlra fíorasach, mar aon le pléadálacha faoin dlí a tugadh ar aird chun tacú leis an méid sin:

Is cuideachta phríobháideach theoranta í G. Modiano Limited atá corpraithe i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Is é is príomhghníomhaíocht di díol agus ceannach olann chaorach, a hallmhairiú, a honnmhairiú, agus a próiseáil.

Is cuideachta phríobháideach theoranta í Standard Wool (UK) Limited atá corpraithe i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Is próiseálaí agus trádálaí idirnáisiúnta olla í a leagann béim ar leith ar phróiseáil agus ar thrádáil na holla atá i dtús a próiseála.

Chuir G. Modiano Limited agus Standard Wool (UK) Limited (“na hiarratasóirí”) gearán faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE an 6 Meán Fómhair 2019 maidir le Scéim Fóirdheontais Olla na hIorua (“an Scéim Fóirdheontais”).

Is éard atá san iarratas seo caingean chun an cinneadh ó Údarás Faireacháin CSTE a neamhniú, cinneadh a glacadh an 9 Samhain 2021, lenar dúnadh an gearán (“an cinneadh atá á chonspóid”).

Tá na hiarratasóirí ag féachaint leis an gcinneadh atá á chonspóid a neamhniú bunaithe ar na forais seo a leanas:

Rinne Údarás Faireacháin CSTE earráid dlí agus rinne sé earráid nuair a bhí measúnú á dhéanamh aige nuair a tháinig sé ar an gconclúid gur chabhair a bhí ann cheana a bhí sa Scéim fóirdheontais seachas cabhair nua;

Níor chuir Údarás Faireachán CSTE an fhaisnéis ábhartha uile san áireamh, faisnéis a chuir na hiarratasóirí isteach ina gcomhfhreagras leis an Údarás, agus sháraigh sé an dualgas a bhí air na cúiseanna a lua de bhun Airteagal 16 den Chomhaontú idir na Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú;

Ní dhearna Údarás Faireacháin CSTE imscrúdú agus measúnú ar an méid cabhrach neamhdhleathaí a fuair na Stáisiúin Bhailithe;

Ní dhearna Údarás Faireacháin CSTE imscrúdú agus measúnú ar éifeachtaí díobhálacha na Scéime Fóirdheontais ar chúrsaí iomaíochta.