ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 102

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
2 Márta 2022

Clár

Leathanach

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

MOLTAÍ

An Banc Ceannais Eorpach

2022/C 102/01

Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Feabhra 2022 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maider le hiniúchóirí seachtracha Bhanc na Gréige (ECB/2022/3)

1

II   Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

2022/C 102/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10608 – CMA CGM / CLS BUSINESS) ( 1 )

2

IV   Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

2022/C 102/03

Cinneadh ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022

3

An Coimisiún Eorpach

2022/C 102/04

Ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin: — 0,00 % an 1 Márta 2022 — Rátaí malairte an euro

5

V   Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

2022/C 102/05

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10524 – MERCEDES-BENZ / TOTALENERGIES / STELLANTIS / ACC) ( 1 )

6

2022/C 102/06

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10506 - PARKER / MEGGITT) ( 1 )

8

2022/C 102/07

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10639– MAX MARA / MITSUI / MCJ) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

10

2022/C 102/08

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10654 — KKR / ACCELL GROUP) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

12

2022/C 102/09

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10593 — DUSSUR / SeAH / JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

13

2022/C 102/10

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10610 — ARCHER DANIELS MIDLAND SINGAPORE / CLYDE INVESTMENTS) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

15

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

I Rúin, moltaí agus tuairimí

MOLTAÍ

An Banc Ceannais Eorpach

2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 102/1

MOLADH ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 17 Feabhra 2022

do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maider le hiniúchóirí seachtracha Bhanc na Gréige

(ECB/2022/3)

(2022/C 102/01)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 27.1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an BCE agus ar chuntais bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tiocfaidh deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha Bhanc na Gréige, Deloitte Certified Public Accountants S.A., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2021. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh do na blianta airgeadais 2022.

(3)

Tá Ernst & Young (Hellas) Certified Auditors Accountants S.A. roghnaithe ag Banc na Gréige mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2022 agus 2026, leis an rogha an sainordú a shíneadh go dtí na blianta airgeadais 2027 agus 2028,

TAR ÉIS AN MHOLTA SEO A GHLACADH:

Moltar go gceapfaí Ernst & Young (Hellas) Certified Auditors Accountants S.A. mar iniúchóirí seachtracha ar Bhanc na Gréige do na blianta airgeadais 2022 agus 2026, leis an rogha an sainordú a shíneadh go dtí na blianta airgeadais 2027 agus 2028.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 17 Feabhra 2022.

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE

II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 102/2

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10608 – CMA CGM / CLS BUSINESS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 102/02)

An 25 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10608. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.

IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 102/3

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Feabhra 2022

lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022

(2022/C 102/03)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106A de,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 44 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

glacadh buiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2022 go cinntitheach an 24 Samhain 2021 (2);

thíolaic an Coimisiún togra, an 28 Eanáir 2022, ina raibh dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1 a ghabhann leis an mbuiséad ginearálta don bhliain airgeadais 2022;

tá glacadh na Teachtaireachta maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil a oiriúnú agus an buiséad leasaitheach Uimh. 1 ina choinníoll riachtanach chun na cláir go léir nár glacadh in 2021 a chur chun feidhme in 2022, tríd an gcéad tráthchuid de ghealltanais bhuiséadacha agus trí réamh-mhaoiniú a íoc faoi na cláir sin. Tá gach ceann de na 27 mBallstát páirteach sa chleachtadh athchlárúcháin seo. Ní mór don Chomhairle leanúint gan mhoill dá seasamh a ghlacadh maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1 a ghabhann leis an mbuiséad ginearálta do 2022, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí tuilleadh moilleanna i gcur chun feidhme na gclár a sheachaint. Dá bhrí sin, tá bonn cirt le foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal Aonair

Rinneadh an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 a ghlacadh an 24 Feabhra 2022.

Is féidir breathnú ar an téacs iomlán nó é a íoslódáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle: http://www.consilium.europa.eu/.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. PANNIER-RUNACHER

(1)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(2)  IO L 45, 24.2.2022, lch. 1.

An Coimisiún Eorpach

2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 102/5

Ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (1):

0,00 % an 1 Márta 2022

Rátaí malairte an euro (2)

1 Márta 2022

(2022/C 102/04)

1 euro =

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,1162

JPY

yen na Seapáine

128,15

DKK

krone na Danmhairge

7,4377

GBP

punt steirling

0,83290

SEK

krona na Sualainne

10,6893

CHF

franc na hEilvéise

1,0247

ISK

króna na hÍoslainne

142,00

NOK

krone na hIorua

9,8598

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

25,465

HUF

forint na hUngáire

379,60

PLN

zloty na Polainne

4,7947

RON

leu na Rómáine

4,9490

TRY

lira na Tuirce

15,5509

AUD

dollar na hAstráile

1,5365

CAD

dollar Cheanada

1,4158

HKD

dollar Hong Cong

8,7234

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6484

SGD

dollar Shingeapór

1,5150

KRW

won na Cóiré Theas

1 342,60

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,2145

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,0462

HRK

kuna na Cróite

7,5670

IDR

rupiah na hIndinéise

16 033,36

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6802

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,295

RUB

rúbal na Rúise

117,2010

THB

baht na Téalainne

36,505

BRL

real na Brasaíle

5,7598

MXN

peso Mheicsiceo

22,8558

INR

rúipí na hIndia

84,5015

(1)  Ráta arna chur i bhfeidhm ar an oibríocht is déanaí a rinneadh roimh an lá léirithe. I gcás tairiscint a mbaineann ráta athraitheach léi, is ionann an ráta úis agus an ráta imeallach.

(2)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).

V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 102/6

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10524 – MERCEDES-BENZ / TOTALENERGIES / STELLANTIS / ACC)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 102/05)

1.   

An 23 Feabhra 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Mercedes-Benz AG (“MBAG”, an Ghearmáin), de chuid Ghrúpa Daimler (An Ghearmáin),

Stellantis N.V. (“Stellantis”, an Ísiltír), de chuid Ghrúpa Stellantis (An Ísiltír),

Saft EV SAS (“Saft”, an Fhrainc), fochuideachta de chuid TotalEnergies SE (“TotalEnergies”, an Fhrainc),

Automotive Cells Company SE (“ACC”, An Fhrainc).

Gheobhaidh MBAG, Stellantis agus TotalEnergies rialú comhpháirteach ar an ACC ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is monaróir trealaimh bhunaidh do mhótarfheithiclí (“OEM”) é MBAG agus is déileálaí mmótarfheithiclí, gluaisteán paisinéirí (“PCanna”) chomh maith le feithiclí tráchtála éadroma (“LCVanna”) agus feithiclí tromshaothair é, faoi na brandaí BharatBenz, Freightliner, FUSO, Mercedes-Benz, Setra, Thomas Built Buses agus Western Star,

Is OEM mótarfheithiclí agus déileálaí mótarfheithiclí, PCanna agus LCVanna é Stellantis, faoi na brandaí Abarth, Alfa Romeo, Chrysler, Citroën, Dodge, DS, Fiat, Fiat Professional, Jeep, Lancia, Opel, Peugeot, Ram agus Vauxhall,

Dearann, forbraíonn agus monaraíonn Saft ceallraí tionsclaíocha ardleibhéil do raon leathan feidhmeanna sibhialta agus míleata,

Déanann ACC cealla agus modúil ian litiam a fhorbairt, a mhonarú agus a sholáthar don tionscal mótarfheithiclí go príomha.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10524 – MERCEDES-BENZ / TOTALENERGIES / STELLANTIS / ACC

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 102/8

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10506 - PARKER / MEGGITT)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 102/06)

1.   

An 21 Feabhra 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Parker-Hannifin Corporation (“Parker”, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

Meggitt PLC (“Meggitt”, An Ríocht Aontaithe).

Gheobhaidh Parker rialú aonair ar Meggitt ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Dearann, monaraíonn agus soláthraíonn Parker teicneolaíochtaí agus córais le haghaidh gluaisne agus rialúcháin, agus soláthraíonn sé réitigh beacht-innealtóireachta do chineálacha éagsúla margaí trealaimh mhóibíleach, margaí tionsclaíocha agus margaí aeraspáis,

Dearann, monaraíonn agus soláthraíonn Meggitt comhpháirteanna agus fochórais le haghaidh margaí aeraspáis agus cosanta, agus feidhmeanna fuinnimh ar leith, ar leibhéal domhanda.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10506 – PARKER / MEGGITT

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

AN BHEILG

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 102/10

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10639– MAX MARA / MITSUI / MCJ)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 102/07)

1.   

An 22 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Mitsui & Co. Ltd. (“Mitsui”, an tSeapáin),

Max Mara Fashion Group (“MMFG”, an Iodáil), faoi úinéireacht an Max Mara Group,

International Fashion Trading S.a.r.l. (“IFT”, Lucsamburg), faoi úinéireacht an Max Mara Group,

Max & Co. Japan Co. Ltd. (“MCJ”, an tSeapáin), faoi rialú an Max Mara Group.

Gheobhaidh Mitsui rialú comhpháirteach ar MGJ ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta trádála, bainistíochta gnó agus forbartha tionscadail é Mitsui, agus is i dTóiceo na Seapáine atá a cheanncheathrú. Oibríonn Mitsui ar fud an domhain agus tá sé gníomhach in earnálacha éagsúla, lena n-áirítear i dtáirgeadh, dáileadh agus gníomhaíochtaí miondíola éadaigh,

Is grúpa Iodálach cuideachtaí é MMFG, grúpa a mhonaraíonn agus a dhíolann éadach prét-a-porter agus oiriúintí ar an leibhéal domhanda. Is leis an ngrúpa roinnt brandaí lena n-áirítear Max Mara, Max & Co., Sportmax, Weekend Max Mara, Pennyblack, Marina Rinaldi, Persona, Marella, Emme Marella, iBlues agus Intrend,

Is cuideachta atá lonnaithe i Lucsamburg é IFT agus is cuid den Max Mara Group é ar deireadh. Gníomhaíonn an chuideachta mar thrádála ar éadach Max Mara Fashion Group ar mhargadh na Seapáine, i measc margaí eile,

Is fochuideachta Sheapánach de chuid MMFG é Max & Co. Japan (MCJ), fochuideachta atá gníomhach i miondíol tháirgí brandáilte Max & Co agus Marina Rinaldi sa tSeapáin. Max Mara Japan, ar cuideachta chomhfhiontair é idir Mitsui, IFT agus MMFG agus atá gníomhach i miondíol tháirgí brandáilte Max Mara agus Weekend Max Mara sa tSeapáin, slógfaidh sé MCJ.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10639 – MAX MARA / MITSUI / MCJ

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.

2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 102/12

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10654 — KKR / ACCELL GROUP)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 102/08)

1.   

An 22 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

KKR & Co. Inc. (na Stáit Aontaithe) (“KKR”);

Accell Group N.V. (an Ísiltír) (“Accell Group”).

Gheobhaidh KKR rialú aonair ar Accell Group ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin tairiscint phoiblí a fógraíodh an 24 Eanáir 2022.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is gnólacht infheistíochta domhanda é KKR a thairgeann bainistíocht mhalartach sócmhainní agus réitigh margaí caipitil agus árachas,

Is monaróir agus díoltóir rothar (lena n-áirítear rothair leictreacha), comhpháirteanna rothar agus oiriúintí é Accell Group.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10654 KKR / ACCELL GROUP

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.

2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 102/13

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10593 — DUSSUR / SeAH / JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 102/09)

1.   

An 22 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1) agus tar éis tarchur de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán sin.

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Saudi Arabian Industrial Investments Company (“Dussur”, an Araib Shádach), faoi rialú comhpháirteach an Public Investment Fund (“PIF”, an Araib Shádach) agus Saudi Arabian Oil Company (“Saudi Aramco”, an Araib Shádach),

SeAH Changwon Integrated Special Steel Corp. (“SeAH”, an Chóiré Theas), faoi rialú deiridh SeAH Holdings Corporation (an Chóiré Theas),

Cuideachta nuachruthaithe (“Sprioc-JV”, an Araib Shádach).

Gheobhaidh Dussur agus SeAH rialú comhpháirteach ar an Sprioc-JV de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is gnólacht infheistíochta tionsclaíche straitéisí é Dussur,

Is monaróir táirgí cruach speisialta le haghaidh feidhmeanna éagsúla, lena n-áirítear mótarfheithiclí, innealra, eitlíocht, fuinneamh, longthógáil agus leictreonaic, é SeAH,

Is comhfhiontar láithreán úrnua é an Sprioc-JV, comhfhiontar a chuirtear ar bun chun píopaí agus feadáin dhosmálta gan uaim a mhonarú agus a dhíol sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10593 — DUSSUR / SeAH / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.

2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 102/15

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10610 — ARCHER DANIELS MIDLAND SINGAPORE / CLYDE INVESTMENTS)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 102/10)

1.   

An 21 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Archer Daniels Midland Singapore Pte. Ltd. (“ADM Singapore”, Singeapór), faoi rialú Archer Daniels Midland Company (“ADM Group”, SAM),

Clyde Investments (“Clyde Investments”, Singeapór) faoi rialú Temasek Holdings (Private) Limited (“Temasek”, Singeapór),

JV (Singeapór).

Gheobhaidh ADM Singapore agus Clyde Investments rialú comhpháirteach ar an JV de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin suibscríobh le haghaidh scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá ADM Singapore gníomhach in earnálacha an bhia agus an chothúcháin san Áise. Is cuid de ADM Group é ADM Singapore, grúpa atá gníomhach i réimse leathan gníomhaíochtaí, lena n-áirítear in olashíolta, arbhar, siúcra, cruithneacht agus tráchtearraí talmhaíochta eile a phróiseáil agus in olaí plandúla agus comhábhair agus breiseáin bhia agus bheathaithe bhreisluacha eile a mhonarú ar an leibhéal domhanda;

Tá Clyde Investments gníomhach i monaraíocht chonartha táirgí próitéine atá bunaithe ar phlandaí san Áise. Is fochuideachta de chuid Temasek é, ar chuideachta infheistíochta é atá gníomhach i réimse leathan tionscail ar an leibhéal domhanda, lena n-áirítear na heolaíochtaí beatha agus agraibhia;

An JV, a dtiocfaidh ADM Singapore agus Clyde Investments ar chomhaontú maidir lena ainm, is comhfhiontar lánfheidhme láithreán úrnua é atá le bunú i Singeapór chun seirbhísí forbartha conarthaí agus eagrúcháin monaraíochta a sholáthar i Singeapór maidir le réitigh coipthe mhiocróbaigh agus comhábhair mhiocróbacha le haghaidh feidhmeanna bia, mar aon le seirbhísí sainchomhairleoireachta gaolmhara.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10610 ARCHER DANIELS MIDLAND SINGAPORE / CLYDE INVESTMENTS