ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 100 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
Clár |
Leathanach |
|
|
II Faisnéis |
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 100/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10320 – APERAM / ELG HANIEL) ( 1 ) |
|
2022/C 100/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10601 — WARBURG PINCUS / OXFORD PROPERTIES / HALE) — 2022/C .../... ( 1 ) |
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Chomhairle |
|
2022/C 100/03 |
||
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 100/04 |
Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht |
|
2022/C 100/05 |
||
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
2022/C 100/06 |
Faisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit maidir le hiamh iascaigh |
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 100/07 |
||
2022/C 100/08 |
||
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 100/09 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10559 — A P MOELLER-MAERSK / SENATOR INTERNATIONAL) ( 1 ) |
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 100/10 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
1.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 100/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10320 – APERAM / ELG HANIEL)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 100/01)
An 25 Samhain 2021, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32021M10320. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
1.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 100/2 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10601 — WARBURG PINCUS / OXFORD PROPERTIES / HALE)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 100/02)
An 21 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10601. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
1.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 100/3 |
LIOSTA COMHCHOITEANN MÍLEATA AN AONTAIS EORPAIGH
arna ghlacadh ag an gComhairle an 21 Feabhra 2022
(trealamh a chumhdaítear le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle, lena sainítear comhrialacha faoina rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata)
(a dhéanfaidh Liosta Comhchoiteann Míleata nuashonraithe an Aontais Eorpaigh a nuashonrú agus a thiocfaidh ina ionad, arna ghlacadh ag an gComhairle an 17 Feabhra 2020 (1))
An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES)
(2022/C 100/03)
Nóta 1 |
Is téarmaí sainmhínithe iad na téarmaí faoi “chomharthaí athfhriotail”. Déantar tagairt do “Sainmhínithe ar na Téarmaí a úsáidtear sa Liosta seo” a ghabhann leis an Liosta seo. |
Nóta 2 |
I gcásanna áirithe, is de réir ainm agus uimhir CAS a liostaítear ceimiceáin. Tá feidhm ag an liosta maidir le ceimiceáin arb ionann foirmle struchtúrach dóibh (lena n-áirítear hiodráití) is cuma cén t-ainm atá orthu nó cén uimhir CAS atá acu. Tugtar na huimhreacha CAS ionas go bhféadfar ceimiceán áirithe nó meascán áirithe a shainaithint, gan spleáchas ar ainmníocht. Ní féidir uimhreacha CAS a úsáid mar aitheantóirí uathúla toisc go bhfuil uimhreacha difriúla CAS ag foirmeacha áirithe de na ceimiceáin a liostaítear, agus toisc go bhféadfadh uimhreacha difriúla CAS a bheith ag meascáin ina bhfuil ceimiceán de na ceimiceáin a liostaítear. |
ML1
Armáin mhínchró ag a bhfuil cailibre is lú ná 20 mm, armáin agus armáin uathoibríocha eile ag a bhfuil cailibre 12.7 mm (cailibre 0.50 orlach) nó níos lú agus gabhálais, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh:
Nóta |
Níl feidhm ag ML1. maidir leo seo a leanas:
|
Nóta Teicniúil
Is éard atá in “arm tine díghníomhachtaithe” arm tine a cuireadh sa riocht nach féidir aon diúracán a scaoileadh leis trí phróisis arna sainiú ag údarás náisiúnta Stáit atá rannpháirteach i gComhshocraíocht Wassenaar. Leis na próisis sin, déantar modhnú do-aisiompaithe ar eilimintí riachtanacha an airm tine. De réir dlíthe agus rialacháin náisiúnta, féadfar díghníomhachtú an airm tine a fhianú le deimhniú a eiseoidh údarás inniúil agus féadfar é a mharcáil ar an arm tine le stampa ar pháirt riachtanach éigin de.
a. |
Raidhfilí agus gunnaí cumaisc, gunnaí láimhe, meaisínghunnaí, fo-mheaisínghunnaí agus gunnaí comhlámhaigh;
|
b. |
Armáin mhínchró mar a leanas:
|
c. |
Armáin ina n-úsáidtear armlón gan chásáil; |
d. |
Gabhálais a saindearadh le haghaidh airm a shonraítear in ML1.a., in ML1.b. nó in ML1.c., mar a leanas:
|
ML2
Armáin mhínchró ag a bhfuil cailibre 20 mm nó níos mó, armáin nó armáil eile ag a bhfuil cailibre is mó ná 12,7 mm (cailibre 0,50 orlach), teilgeoirí a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh le haghaidh úsáid mhíleata agus gabhálais, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh:
a. |
Gunnaí, habhatsair, canóin, moirtéir, armáin fhritancacha, lainseálaithe diúracán, taibhle lasrach míleata, raidhfilí, raidhfilí neamh-athchasta agus armáin mhínchró;
|
b. |
Teilgeoirí, a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh le haghaidh úsáid mhíleata, mar a leanas:
|
c. |
Gabhálais a saindearadh le haghaidh na n-armán a shonraítear in ML2.a, mar a leanas:
|
d. |
Níor úsáideadh ó 2019 i leith. |
ML3
Armlón agus gairis socraithe aidhnín, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh:
a. |
Armlón le haghaidh armáin a shonraítear in ML1, in ML2 nó in ML12; |
b. |
Gairis socraithe aidhnín a saindearadh le haghaidh armlón a shonraítear in ML3.a. |
Nóta 1 |
Ar na comhpháirteanna saindeartha a shonraítear in ML3, áirítear iad seo a leanas:
|
Nóta 2 |
Níl feidhm ag ML3.a. maidir le haon cheann díobh seo a leanas:
|
Nóta 3 |
Níl feidhm ag ML3.a maidir le cartúis a saindearadh chun aon cheann de na críocha seo a leanas:
|
ML4
Buamaí, toirpéid, roicéid, diúracáin, gairis agus lánáin phléascacha eile agus trealamh gaolmhar agus gabhálais ghaolmhara, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh:
N.B.1: |
Maidir le trealamh treorach agus loingseoireachta, féachtar ML11. |
N.B.2: |
Maidir le Córais um Chosaint Aerárthaí ar Dhiúracáin (AMPS), féachtar ML4.c. |
a. |
Buamaí, toirpéid, gránáidí, ceanastair deataigh, roicéid, mianaigh, diúracáin, lánáin doimhneachta, lánáin scartála, gairis scartála, miontrealamh scartála, gairis “ábhair phiriteicniúil”, cartúis agus ionsamhlóirí (i.e. trealamh lena ndéantar tréithe aon cheann de na hítimí sin a ionsamhlú), a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata;
|
b. |
Trealamh ag a bhfuil na tréithe uile seo a leanas:
|
c. |
Córais um Chosaint Aerárthaí ar Dhiúracáin (AMPS).
|
ML5
Trealamh rialaithe lámhaigh, trealamh faireachais agus trealamh rabhaidh, agus córais ghaolmhara, trealamh tástála agus ailíniúcháin agus frithbheartach, mar a leanas, a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata, agus comhpháirteanna agus gabhálais a saindearadh lena n-aghaidh:
a. |
Treorálaithe armáin, ríomhairí buamála, trealamh gunna-threorála agus córais rialaithe armán; |
b. |
Trealamh eile rialaithe lámhaigh, trealamh eile faireachais agus rabhaidh, agus córais ghaolmhara, mar a leanas:
|
c. |
Trealamh frithbheartach le haghaidh ítimí a shonraítear in ML5.a. nó in ML5.b.;
|
d. |
Trealamh um thástáil allamuigh nó trealamh ailíniúcháin, a saindearadh le haghaidh na n-ítimí a sonraítear in ML5.a., ML5.b. nó ML5.c. |
ML6
Feithiclí talún agus comhpháirteanna lena n-aghaidh, mar a leanas:
N.B. |
Maidir le trealamh treorach agus loingseoireachta, féach ML11. |
a. |
Feithiclí talún agus comhpháirteanna lena n-aghaidh, a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh le haghaidh úsáid mhíleata;
|
b. |
Feithiclí talún eile agus comhpháirteanna lena n-aghaidh, mar a leanas:
|
N.B. |
Féachtar freisin ML13.a. |
Nóta 1 |
Níl feidhm ag ML6 maidir le feithiclí sibhialta a dearadh nó a modhnaíodh chun airgead nó nithe luachmhara a iompar. |
Nóta 2 |
Níl feidhm ag ML6. maidir le feithiclí ag a bhfuil na tréithe seo uile a leanas;
|
ML7
Oibreáin cheimiceacha, “oibreáin bhitheolaíocha”, “oibreáin smachtaithe círéibe”, ábhair radaighníomhacha, trealamh gaolmhar, comhpháirteanna gaolmhara agus ábhair ghaolmhara, mar a leanas:
a. |
“Oibreáin bhitheolaíocha” nó ábhair radaighníomhacha a roghnaíodh nó a modhnaíodh chun cur lena n-éifeachtacht maidir le taismigh a dhéanamh de dhaoine nó d’ainmhithe, trealamh a dhíghrádú nó damáiste a dhéanamh do bharra nó don chomhshaol; |
b. |
Oibreáin cogaíochta ceimicí (CC), lena n-áirítear:
|
c. |
Réamhtheachtaithe dénartha CC agus eochair-réamhtheachtaithe CC, mar a leanas:
|
d. |
“Oibreáin smachtaithe círéibe”, comhcheimiceáin ghníomhacha agus cumaisc díobh sin, ar a n-áirítear:
|
e. |
Trealamh a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh le haghaidh úsáid mhíleata, a dearadh nó a modhnaíodh chun aon cheann díobh seo a leanas a scaipeadh, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh sin:
|
f. |
Trealamh cosanta agus dí-éilliúcháin, a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh le haghaidh úsáid mhíleata, comhpháirteanna agus meascáin cheimiceacha, mar a leanas:
|
g. |
Trealamh a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh le haghaidh úsáid mhíleata, a dearadh nó a modhnaíodh chun aon cheann díobh seo a leanas a bhrath nó a shainaithint, agus comhpháirteanna a saindearadh le haghaidh an trealaimh sin;
|
h. |
“Bithpholaiméirí” a saindearadh nó a sainphróiseáladh chun oibreáin CC a shonraítear in ML7.b. a bhrath nó a shainaithint, agus na saothráin de chealla sonracha a úsáidtear chun iad a tháirgeadh; |
i. |
“Bithchatalaígh” chun oibreáin CC a dhí-éilliú nó a dhíghrádú, agus córais bhitheolaíocha lena n-aghaidh, mar a leanas:
|
ML8
“Ábhair fuinneamhachais”, agus substaintí gaolmhara, mar a leanas:
N.B.1. |
Féachtar freisin iontráil 1C011 i Liosta Ítimí Dé-Úsáide an Aontais Eorpaigh. |
N.B.2. |
Maidir le lánáin agus gairis, féachtar ML4 agus iontráil 1A008 i Liosta Ítimí Dé-Úsáide an Aontais Eorpaigh. |
Nótaí Teicniúla
1. |
Chun críocha ML8., cé is moite de ML8.c.11. nó ML8.c.12., tagraíonn “meascán” do chomhdhéanamh dhá shubstaint nó níos mó a ndéantar ar a laghad substaint amháin acu a liostú i bhfo-ítimí ML8. |
2. |
Aon substaint a liostaítear i bhfo-ítimí ML8, tá sí faoi réir an liosta seo, fiú nuair a úsáidtear í i bhfeidhmchlár seachas an feidhmchlár a luaitear. (e.g. is mar phléascán a úsáidtear TAGN, den chuid is mó, ach is féidir é a úsáid freisin mar bhreosla nó mar ocsaídeoir.) |
3. |
Chun críocha ML8., is éard is méid na gcáithníní ann meántrastomhas na gcáithníní ar bhonn meáchain nó toirte. Úsáidfear caighdeáin idirnáisiúnta nó a gcoibhéis de chaighdeáin náisiúnta chun an tsampláil a dhéanamh agus méid na gcáithníní a chinneadh. |
a. |
“Pléascáin” mar a leanas, agus “meascáin” díobh:
Nóta Teicniúil Is éard is “comhchriostal pléascach” ann ábhar soladach arb é atá ann eagrú tríthoiseach ordúil de dhá mhóilín phléascacha nó níos mó, agus ar ceann a shonraítear in ML8.a. ceann amháin ar a laghad díobh sin. |
b. |
“Tiomántáin”, mar a leanas:
|
c. |
“Ábhair phiriteicniúla”, breoslaí agus substaintí gaolmhara, mar a leanas, agus “meascáin” díobh sin:
|
d. |
Ocsaídeoirí, mar a leanas, agus “meascáin” díobh:
|
e. |
Ceanglóirí, plaisteacháin, monaiméirí agus polaiméirí, mar a leanas:
|
f. |
“Breiseáin” mar a leanas:
|
g. |
“Réamhtheachtaithe” mar a leanas:
|
h. |
h. Púdair agus deilbheanna “ábhair fhrithghníomhaigh”, mar a leanas:
|
ML9
Soithí cogaidh (soithí barr uisce nó soithí faoi uisce), trealamh speisialta cabhlaigh, gabhálais, comhpháirteanna agus soithí eile barr uisce, mar a leanas:
N.B. |
Maidir le trealamh treoraíochta agus loingseoireachta, féach ML11. |
a. |
a. Soithí agus comhpháirteanna, mar a leanas:
|
b. |
Innill agus córais tiomána, mar a leanas, a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata agus comhpháirteanna lena n-aghaidh a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata:
|
c. |
Gairis bhraite faoi uisce, a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata, rialtáin lena n-aghaidh agus comhpháirteanna lena n-aghaidh a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata; |
d. |
Eangacha frith-fhomhuireáin agus eangacha fritoirpéid a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata; |
e. |
Níor úsáideadh ó 2003 i leith; |
f. |
Treáiteoirí cabhlach agus nascóirí cabhlach, a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata, a fhágann gur féidir idirghníomhaíocht a dhéanamh idir an soitheach agus trealamh lasmuigh den soitheach, agus comhpháirteanna lena n-aghaidh a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata;
|
g. |
Imthacaí ciúine ag a bhfuil aon cheann de na tréithe seo a leanas, comhpháirteanna lena n-aghaidh agus trealamh ina bhfuil na himthacaí sin, a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata:
|
h. |
Trealamh núicléach chun cumhacht a ghiniúint nó chun tiomána, a saindearadh le haghaidh soithí a shonraítear in ML9.a. agus comhpháirteanna le haghaidh an trealaimh sin a saindearadh nó a “modhnaíodh” go speisialta le haghaidh úsáid mhíleata. Nóta Teicniúil Chun críoch ML9.h., ciallaíonn “modhnú” aon athrú struchtúrach, leictreach, meicniúil nó eile a thugann cumais mhíleata d’ítim neamh-mhíleata, ar cumais iad atá coibhéiseach leis na cumais mhíleata chéanna atá ag ítim a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata.
|
ML10
“Aerárthaí”, “feithiclí atá níos éadroime ná an t-aer”, “Aerfheithiclí gan Fhoireann” (“UAVanna”), innill aerfheithicle agus trealamh “aerárthaí”, trealamh gaolmhar, agus comhpháirteanna, mar a leanas, a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh le haghaidh úsáid mhíleata:
N.B. |
Maidir le trealamh treoraíochta agus loingseoireachta, féach ML11. |
a. |
“Aerárthaí” agus “feithiclí atá níos éadroime ná an t-aer” faoi fhoireann, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh; |
b. |
Níor úsáideadh ó 2011 i leith; |
c. |
“Aerárthaí” agus “feithiclí atá níos éadroime ná an t-aer” gan fhoireann, agus trealamh gaolmhar, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh:
|
d. |
Innill aerfheithicle ina bhfuil tiomáint agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh; |
e. |
Trealamh aerbheirthe athbhreoslúcháin, a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh le haghaidh aon cheann díobh seo a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh le haghaidh an trealaimh sin:
|
f. |
Trealamh talún a saindearadh le haghaidh “aerárthaí” a shonraítear in ML10.a. nó le haghaidh innill aerfheithicle a shonraítear in ML10.d.;
|
g. |
Trealamh tacaíochta beatha aerchriú, trealamh sábháilteachta aerchriú agus gairis eile le haghaidh éalú éigeandála, nach sonraítear in ML10.a., a dearadh le haghaidh “aerárthaí” a shonraítear in ML10.a.;
|
h. |
Paraisiúit, parafhaoileoirí agus trealamh gaolmhar, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh:
|
i. |
Trealamh oscailte rialaithe nó córais uathphíolótaithe, a dearadh le haghaidh lóid pharaisiútáilte.
|
ML11
Trealamh leictreonach, “spásárthaí” agus comhpháirteanna, nach sonraítear in aon áit eile ar Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais, mar a leanas:
a. |
Trealamh leictreonach a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata agus comhpháirteanna a saindearadh le haghaidh an trealaimh sin;
|
b. |
Trealamh trasnaíochta “córas loingseoireachta satailíte” agus comhpháirteanna a saindearadh le haghaidh an trealaimh sin; |
c. |
“Spásárthaí” a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh le haghaidh úsáid mhíleata, agus comhpháirteanna “spásárthaí” a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata. |
ML12
Córais armán fuinnimh chinéitigh ardluais, agus trealamh gaolmhar, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh:
a. |
Córais armán fuinnimh chinéitigh a saindearadh chun targaidí a scriosadh nó chun tobscor misin a thabhairt i crích; |
b. |
Saoráidí tástála agus meastóireachta agus samhlacha tástála a saindearadh, lena n-áirítear ionstraimíocht dhiagnóiseach agus na targaidí diagnóiseacha, chun tástáil dhinimiciúil a dhéanamh ar dhiúracáin fuinnimh chinéitigh agus ar chórais fuinnimh chinéitigh.
|
ML13
Trealamh, foirgneáin agus comhpháirteanna armúrtha nó cosanta, agus GABHÁLAIS mar a leanas:
a. |
Plátáil armúrtha, bíodh sí miotalach nó neamh-mhiotalach, ag a bhfuil aon cheann de na tréithe seo a leanas:
|
b. |
Foirgneáin d’ábhair mhiotalacha nó neamh-mhiotalacha, nó cumaisc díobh, a saindearadh chun cosaint bhalaistíoch a thabhairt do chórais mhíleata, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh; |
c. |
Clogaid agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:
|
d. |
Armúr coirp nó baill éadaigh cosanta, agus comhpháirteanna lena n-aghaidh, mar a leanas:
|
ML14
“Trealamh speisialaithe le haghaidh oiliúint mhíleata” nó trealamh speisialaithe chun cásanna míleata a ionsamhlú, ionsamhlóirí a saindearadh le haghaidh oiliúint in úsáid aon airm tine nó aon armáin a shonraítear in ML1 nó ML2, agus comhpháirteanna agus gabhálais a saindearadh lena n-aghaidh.Nóta Teicniúil
Áirítear leis an téarma “trealamh speisialaithe le haghaidh oiliúint mhíleata” cineálacha míleata oiliúnóirí ionsaithe, oiliúnóirí eitiltí oibríochtúla, oiliúnóirí targaide radair, gineadóirí targaide radair, gairis oiliúna gunnadóireachta, oiliúnóirí cogaíochta frith-fhomhuireáin, ionsamhlóirí eitilte (lena n-áirítear lártheifneoirí daonrátáilte le haghaidh oiliúint píolótaí/spásairí), oiliúnóirí radair, oiliúnóirí ionstraimíochta eitilte, oiliúnóirí loingseoireachta, oiliúnóirí lainseála diúracán, trealamh targaide, “aerárthaí” ladrainn, oiliúnóirí armála, oiliúnóirí “aerárthaí” gan phíolóta, aonaid oiliúna shoghluaiste agus trealamh oiliúna le haghaidh oibríochtaí míleata ar talamh.
Nóta 1 |
Áirítear le ML14 córais ginte íomhánna agus córais timpeallachta idirghníomhaí le haghaidh ionsamhlóirí, i gcás inar le haghaidh úsáid mhíleata a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh iad. |
Nóta 2 |
Níl feidhm ag ML14 maidir le trealamh a saindearadh le haghaidh oiliúint in úsáid armán sealgaireachta nó spóirt. |
ML15
Trealamh íomháithe nó trealamh frithbheartach, mar a leanas, a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata, agus comhpháirteanna agus gabhálais a saindearadh le haghaidh an trealaimh sin:
a. |
Taifeadáin agus trealamh próiseála íomhánna; |
b. |
Ceamaraí, trealamh grianghrafadóireachta agus trealamh próiseála scannán; |
c. |
Trealamh dianaithe íomhánna; |
d. |
Trealamh íomháithe infridheirg nó trealamh íomháithe theirmigh; |
e. |
Trealamh braite le haghaidh radar íomháithe; |
f. |
Trealamh frithbheartach nó frith-fhrithbheartach, le haghaidh an trealaimh a shonraítear in ML15.a. go ML15.e.
|
ML16
Déantáin ghaibhnithe, déantáin mhúnlaithe agus táirgí neamhchríochnaithe eile, a saindearadh le haghaidh ítimí a shonraítear in ML1 go ML4, ML6, ML9, ML10, ML12 nó ML19.
Nóta |
Tá feidhm ag ML16. maidir le táirgí neamhchríochnaithe i gcás inar féidir iad a shainaithint ar chomhdhéanamh an ábhair atá iontu, ar a ngeoiméadracht nó ar a bhfeidhm. |
ML17
Trealamh, ábhair agus “leabharlanna” ilchineáil, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh:
a. |
Gairis tumadóireachta agus dúshnámha, a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh le haghaidh úsáid mhíleata, mar a leanas:
|
b. |
Trealamh foirgníochta, a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata; |
c. |
Feistis, bratuithe agus cóireálacha, le haghaidh sochtadh an tsínithe, a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata; |
d. |
Trealamh innealtóra machaire, a saindearadh lena úsáid i limistéar comhraic; |
e. |
“Róbait”, rialtáin “róbait” agus “éifeachtóirí deiridh”“róbait”, ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:
|
f. |
“Leabharlanna” a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh le haghaidh úsáid mhíleata maille le córais, trealamh nó comhpháirteanna, a shonraítear i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais; |
g. |
Trealamh núicléach chun cumhacht a ghiniúint nó chun tiomána, nach sonraítear in aon áit eile, a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata agus comhpháirteanna le haghaidh an trealaimh sin a saindearadh nó a “modhnaíodh” go speisialta le haghaidh úsáid mhíleata;
|
h. |
Trealamh agus ábhar, brataithe nó cóireáilte le haghaidh sochtadh an tsínithe, a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata, nach sonraítear in aon áit eile i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais; |
i. |
Ionsamhlóirí a saindearadh le haghaidh “imoibreoirí núicléacha” míleata; |
j. |
Ceardlanna deisiúcháin soghluaiste a saindearadh nó a “modhnaíodh” go speisialta chun trealamh míleata a sheirbhísiú; |
k. |
Gineadóirí machaire, a saindearadh nó a “modhnaíodh” go speisialta le haghaidh úsáid mhíleata; |
l. |
Coimeádáin idirmhódúla atá de réir caighdeáin ISO nó cabhlacha soghluaiste le haghaidh feithiclí, a saindearadh nó a “modhnaíodh” go speisialta le haghaidh úsáid mhíleata; |
m. |
Báid farantóireachta, nach sonraítear in aon áit eile i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh, droichid agus pontúin, a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata; |
n. |
Samhlacha tástála a saindearadh chun trealamh a shonraítear in ML4, ML6, ML9 nó in ML10 “a fhorbairt”; |
o. |
Trealamh a thugann cosaint ar “léasair” (e.g. cosaint súl nó cosaint bhraiteora) a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata; |
p. |
“Cealla Breosla”, nach sonraítear in aon áit eile i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh, a saindearadh nó a “modhnaíodh” le haghaidh úsáid mhíleata. |
Nótaí Teicniúla
1. |
Níor úsáideadh ó 2014 i leith. |
2. |
Chun críoch ML17, ciallaíonn “modhnú” aon athrú struchtúrach, leictreach, meicniúil nó eile a thugann cumais mhíleata d’ítim neamh-mhíleata, ar cumais iad atá coibhéiseach leis na cumais mhíleata chéanna atá ag ítim a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata. |
ML18
Trealamh “táirgthe”, saoráidí agus comhpháirteanna tástála comhshaoil, mar a leanas:
a. |
Trealamh “táirgthe” a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh chun táirgí a shonraítear i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais a “tháirgeadh”, agus comhpháirteanna a saindearadh le haghaidh an trealaimh sin; |
b. |
Saoráidí tástála comhshaoil a saindearadh chun táirgí a shonraítear i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais a dheimhniú, a cháiliú nó a thástáil, maille le trealamh a saindearadh le haghaidh na saoráidí sin, nach sonraítear in aon áit eile. Nóta Teicniúil Chun críocha ML18, áirítear leis an téarma “táirgeadh” dearadh, scrúdú, monarú, tástáil agus seiceáil. |
Nóta |
Áirítear le ML18.a. agus ML18.b. an trealamh seo a leanas:
|
ML19
Córais armán fuinnimh dhírithe (DEW), trealamh gaolmhar nó trealamh frithbheartach agus samhlacha tástála, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh sin:
a. |
Córais “léasair” a saindearadh chun targaidí a scriosadh nó chun tobscor misin a thabhairt i crích; |
b. |
Córais léis cáithníní atá in ann targaid a scriosadh nó tobscor misin a thabhairt i crích; |
c. |
Córais Minicíochta Raidió Ardchumhachta atá in ann targaid a scriosadh nó tobscor misin a thabhairt i crích; |
d. |
Trealamh a saindearadh chun córais a shonraítear in ML19.a. go ML19.c. a bhrath nó a shainaithint nó chun cosaint a thabhairt ar na córais sin; |
e. |
Samhlacha tástála fisiciúla le haghaidh na gcóras, an trealaimh agus na gcomhpháirteanna a shonraítear in ML19; |
f. |
Córais léasair a saindearadh chun daille bhuan a chur ar an radharc neamhfheabhsaithe i.e. ar an tsúil fhornocht nó ar an tsúil faoi fheiste ceartaithe radhairc.
|
ML20
Trealamh crióigineach agus “forsheoltach”, mar a leanas, agus comhpháirteanna agus gabhálais a saindearadh le haghaidh an trealaimh sin:
a. |
Trealamh a saindearadh nó a sainchumraíodh chun é a shuiteáil i bhfeithicil le haghaidh feidhmeanna míleata talún, muirí, aerbheirthe nó spáis, atá in ann oibriú agus é ag gluaiseacht agus atá in ann teochtaí faoi bhun 103 K (- 170 °C) á tháirgeadh nó a choinneáil;
|
b. |
Trealamh leictreach “forsheoltach” (innealra nó claochladáin rothlacha) a saindearadh nó a sainchumraíodh chun é a shuiteáil i bhfeithicil le haghaidh feidhmeanna míleata talún, muirí, aerbheirthe nó spáis, agus atá in ann oibriú agus é ag gluaiseacht.
|
ML21
“Bogearraí” mar a leanas:
a. |
“Bogearraí” a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh le haghaidh aon cheann díobh seo a leanas:
|
b. |
“Bogearraí” sonracha, cé is moite díobh sin a shonraítear in ML21.a, mar a leanas:
|
c. |
“Bogearraí”, nach sonraítear in ML21.a. ná ML21.b., a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh chun go mbeadh trealamh nach sonraítear i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais in ann feidhmeanna míleata an trealaimh a shonraítear i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais a dhéanamh.
|
ML22
“Teicneolaíocht” mar a leanas:
a. |
“Teicneolaíocht”, cé is moite den mhéid a shonraítear in ML22.b., atá “riachtanach” chun na hítimí a shonraítear i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais “a fhorbairt”, “a tháirgeadh”, a oibriú, a shuiteáil, a chothabháil (seiceáil), a dheisiú, a athchóiriú, nó a athfheistiú; |
b. |
“Teicneolaíocht” mar a leanas:
|
SAINMHÍNIÚ AR NA TÉARMAÍ A ÚSÁIDTEAR SA LIOSTA SEO
Seo a leanas sainmhínithe ar na téarmaí a úsáidtear sa Liosta seo, in ord aibítre.
Nóta 1 |
Tá feidhm ag na sainmhínithe ó thús go deireadh an Liosta. Is tagairtí comhairleacha amháin iad na tagairtí agus níl aon éifeacht acu ar chur i bhfeidhm uilíoch na dtéarmaí sainithe ó thús go deireadh an Liosta. |
Nóta 2 |
Focail agus téarmaí atá sa Liosta Sainmhínithe seo, ní bhíonn an bhrí shainmhínithe leo ach amháin i gcás ina léirítear é sin trí iad a chur idir “comharthaí dúbailte athfhriotail”. Tugtar sainmhínithe ar théarmaí idir “comharthaí singile athfhriotail” i Nóta Teicniúil a bhaineann leis an ítim ábhartha. Cé is moite de na háiteanna sin, is í brí (an fhoclóra) a nglactar go coitianta léi atá le focail agus téarmaí. |
ML8 |
“Breiseáin” |
Substaintí a úsáidtear i bhfoirmlithe pléascacha chun a n-airíonna a fheabhsú. |
||||||||||||||||||||||||
ML8, 10, 14 |
“Aerárthach” |
Feithicil aerbheirthe ar a bhfuil sciathán dobhogtha, sciathán sclóine, sciathán rothlach (héileacaptar), rótar claonta nó sciathán claonta. |
||||||||||||||||||||||||
ML11 |
“Córais Uathoibrithe Cheannasaíochta agus Rialaithe” |
Córais leictreonacha, trína ndéantar faisnéis, atá riachtanach d’oibriú éifeachtach na grúpála, na mórfhoirmíochta, na foirmíochta oirbheartaíochta, an aonaid, na loinge, an fho-aonaid nó na n-arm atá faoi cheannasaíocht, a iontráil, a phróiseáil agus a tharchur. Déantar é sin trí úsáid a bhaint as ríomhairí agus crua-earra speisialaithe eile a dearadh chun tacú leis na feidhmeanna a bhíonn ag eagraíocht cheannasaíochta agus rialaithe mhíleata. Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna córais uathoibrithe ceannasaíochta agus rialaithe: faisnéis a bhailiú, a charnadh, a stóráil agus a phróiseáil ar mhodh uathoibrithe éifeachtúil; an cás agus na himthosca a dhéanann difear d’ullmhú agus d’fhearadh oibríochtaí comhraic a thaispeáint; ríomh oibríochtúil agus oirbheartaíochta a dhéanamh i dtaca le hacmhainní a leithdháileadh ar ghrúpálacha fórsa nó ar eilimintí den ord catha oibríochtúil nó den imscaradh chun catha, de réir an mhisin nó de réir chéim na hoibríochta; sonraí a ullmhú i ndáil le staid a mheas agus cinnteoireacht a dhéanamh ag aon phointe le linn oibríochta nó catha; ionsamhlú ar ríomhaire ar oibríochtaí. |
||||||||||||||||||||||||
ML22 |
“Taighde bunúsach eolaíoch” |
Obair thurgnamhach nó obair theoiriciúil arb é is cuspóir di thar aon rud eile teacht ar eolas nua maidir leis na bunphrionsabail a bhaineann le feiniméin nó fíorais inbhraite, seachas obair atá dírithe go príomhúil ar aidhm nó ar chuspóir sonrach praiticiúil. |
||||||||||||||||||||||||
ML7, 22 |
“Bithchatalaígh” |
“Einsímí” i gcomhair imoibrithe sonracha ceimiceacha nó bithcheimiceacha nó comhdhúile bitheolaíocha eile a cheanglaíonn d’oibreáin cogaíochta ceimicí agus a luathaíonn díghrádú na n-oibreán sin. Nóta Teicniúil Ciallaíonn “einsím픓bithchatalaígh” i gcomhair imoibrithe sonracha ceimiceacha nó bithcheimiceacha. |
||||||||||||||||||||||||
ML7 |
“Oibreáin bhitheolaíocha” |
Pataiginí nó tocsaíní, a toghadh nó a modhnaíodh (trí aon cheann de na nithe seo a leanas a athrú: íonacht, seilfré, nimhneacht, tréithe a scaipthe, nó friotaíocht in aghaidh na radaíochta UV) chun taismigh a dhéanamh de dhaoine nó d’ainmhithe, nó chun trealamh a dhíghrádú nó damáiste a dhéanamh do bharra nó don chomhshaol. |
||||||||||||||||||||||||
ML7 |
“Bithpholaiméirí” |
Macramóilíní bitheolaíocha mar iad seo a leanas:
Nótaí Teicniúla
|
||||||||||||||||||||||||
ML4, 10 |
“Aerárthaí sibhialta” |
Na “haerárthaí” sin a liostaíonn údaráis um eitlíocht shibhialta i gceann nó níos mó de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó de Stáit atá rannpháirteach i gComhshocraíocht Wassenaar, trí na haerárthaí a ainmniú ar liostaí deimhnithe aeracmhainneachta, mar árthaí le haghaidh taisteal ar bhealaí tráchtála sibhialta inmheánacha agus seachtracha nó le haghaidh úsáidí dlisteanacha sibhialta, príobháideacha nó gnó. |
||||||||||||||||||||||||
ML21 |
“Freagairt ar theagmhais chibearshlándála” |
An próiseas lena ndéantar an fhaisnéis riachtanach maidir le teagmhas cibearshlándála a mhalartú leis na daoine aonair nó leis na heagraíochtaí atá freagrach as déanamh nó as comhordú an fheabhsúcháin chun aghaidh a thabhairt ar an teagmhas cibearshlándála. |
||||||||||||||||||||||||
ML17 21, 22 |
“Forbairt” |
Bainteach le gach céim a thagann roimh an táirgeacht shrathach, mar shampla: dearadh, taighde ar dhearadh, anailísí ar dhearadh, coincheapa maidir le dearadh, fréamhshamhlacha a chóimeáil agus a thástáil, scéimeanna maidir le táirgeacht phíolótach, sonraí maidir le dearadh, an próiseas ina ndéantar táirge de na sonraí maidir le dearadh, dearadh na cumraíochta, dearadh an chomhtháthaithe, agus an leagan amach. |
||||||||||||||||||||||||
ML21 |
“Ríomhaire digiteach” |
Trealamh a bhfuil ar a chumas an méid seo uile a leanas a dhéanamh, i bhfoirm athróige scoite amháin nó níos mó:
Nóta Teicniúil Maidir le seicheamh treoracha atá stóráilte a mhodhnú, áirítear leis an modhnú sin feistí eile stórála atá fosaithe a chur in ionad na bhfeistí atá ann cheana, ach ní áirítear leis aon athrú fisiceach ar shreangú ná ar idirnaisc. |
||||||||||||||||||||||||
ML17 |
“Éifeachtóirí deiridh” |
Greamáin, “aonaid uirlisithe ghníomhacha” agus aon uirlisiú eile a cheanglaítear den bhonnphláta ar cheann géige láimhsitheora “róbait”. Nóta Teicniúil Is éard atá in “aonaid uirlisithe ghníomhacha” gairis lena dtugtar cumhacht tiomána, fuinneamh próiseála nó braiteacht do shaotharphíosa. |
||||||||||||||||||||||||
ML8 |
“Ábhair fuinneamhachais” |
Substaintí nó meascáin a imoibríonn go ceimiceach chun fuinneamh a scaoileadh, fuinneamh atá riachtanach don fheidhm atá beartaithe dóibh. Is fo-aicmí d’ábhair fuinneamhachais iad “pléascáin”, “piriteicnicí” agus “tiomántáin”. |
||||||||||||||||||||||||
ML6, 13 |
“Caighdeáin choibhéiseacha” |
Caighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta inchomparáide atá aitheanta ag ceann amháin nó níos mó de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó de Stáit atá rannpháirteach i gComhshocraíocht Wassenaar agus is infheidhme maidir leis an iontráil ábhartha. |
||||||||||||||||||||||||
ML8, 18 |
“Pléascáin” |
Substaintí nó meascáin, bíodh siad soladach, leachtach nó gásach, nach mór dóibh madhmadh nuair atá feidhm á baint astu mar lánáin phríomhúla, mar lánáin treisithe nó mar phríomhlánáin i bpléasc-chinn, i scartáil agus i bhfeidhmeanna eile. |
||||||||||||||||||||||||
ML7 |
“Veicteoirí léiriúcháin” |
Iompróirí (e.g. plasmaid nó víreas) a úsáidtear chun ábhar géiniteach a chur isteach i gcealla óstacha. |
||||||||||||||||||||||||
ML13 |
“Ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha” |
Áirítear orthu iad seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||
ML15 |
“Feadáin dianaithe íomhánna den chéad ghlúin” |
Feadáin ag a bhfuil fócasú leictreastatach, ina n-úsáidtear aghaidhphlátaí aschuir agus ionchuir de ghloine nó de shnáithín optach, fótacatóidí il-alcaile (S-20 nó S-25), ach nach n-úsáidtear aon aimplitheoirí pláta micreachainéal. |
||||||||||||||||||||||||
ML17 |
“Ceall Breosla” |
Feiste leictriceimiceach a thiontaíonn fuinneamh ceimiceach ina leictreachas Srutha Dhírigh (DC) trí bhreosla a ídiú a thagann ó fhoinse sheachtrach. |
||||||||||||||||||||||||
ML22 |
“San fhearann poiblí” |
Ciallaíonn sé sin “teicneolaíocht” nó “bogearraí” a cuireadh ar fáil gan aon srian maidir lena scaipeadh a thuilleadh.
|
||||||||||||||||||||||||
ML9, 19 |
“Léasar” |
Ítim a tháirgeann solas atá comhleanúnach ó thaobh spáis agus ama de trí bhíthin aimpliú le hastú spreagtha radaíochta. |
||||||||||||||||||||||||
ML17 |
“Leabharlann” (bunachar sonraí teicniúil paraiméadrach) |
Bailiúchán d’fhaisnéis theicniúil a bhféadfaí leas a bhaint as, trí thagairt dó, chun feabhas a chur ar fheidhmíocht na gcóras, an trealaimh nó na gcomhpháirteanna cuí. |
||||||||||||||||||||||||
ML10 |
“Feithiclí atá níos éadroime ná an t-aer” |
Balúin agus “aerlonga” a bhraitheann ar aer te nó ar gháis eile is éadroime ná an t-aer, ar héiliam nó hidrigin, cuir i gcás, chun go bhféadfaidh siad dul in airde. Nóta Teicniúil “Aerlong” Feithicil aerbheirthe chumhacht-tiomáinte a choinnítear ar foluain trí bhíthin meall gáis is éadroime ná an t-aer (héiliam de ghnáth, hidrigin roimhe seo). |
||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||
ML17 |
“Imoibreoir núicléach” |
Áirítear leis na hítimí go léir atá istigh i soitheach an imoibreora nó atá ceangailte go díreach de, an trealamh lena rialaítear leibhéal na cumhachta i gcroí an imoibreora, agus na comhpháirteanna sin ar gnách gurb iontu a bhíonn príomhfhuarthán chroí an imoibreora, nó go mbíonn siad i dtadhall díreach leis an bhfuarthán sin, nó gur leo a dhéantar é a rialú. |
||||||||||||||||||||||||
ML8 |
“Réamhtheachtaithe” |
Ceimiceáin speisialtachta a úsáidtear i monarú pléascán. |
||||||||||||||||||||||||
ML 21, 22 |
“Táirgeadh” |
Ciallaíonn sé gach céim den táirgeadh, lena n-áirítear na céimeanna seo a leanas: innealtóireacht táirgí, monarú, comhtháthú, cóimeáil (gléasadh), cigireacht, tástáil, dearbhú cáilíochta. |
||||||||||||||||||||||||
ML8 |
“Tiomántáin” |
Substaintí nó meascáin a imoibríonn go ceimiceach chun toirteanna móra de gháis theo a tháirgeadh, ag rátaí rialaithe, chun obair mheicniúil a dhéanamh. |
||||||||||||||||||||||||
ML4, 8 |
“Ábhair phiriteicniúla” |
Meascáin de bhreoslaí soladacha nó leachtacha agus d’ocsaídeoirí a mbaineann dóibh, nuair a adhntar iad, imoibriú ceimiceach fuinneamhachais ag ráta rialaithe lena mbeartaítear moilleanna ama ar leith a chur i bhfeidhm, nó cainníochtaí teasa, torainn, deataigh, solais infheicthe nó radaíochta infridheirge. Fo-aicme d’ábhair phiriteicniúla is ea pireafóraigh, nach bhfuil aon ocsaídeoirí iontu ach a adhnann go spontáineach ar theagmháil dóibh le haer. |
||||||||||||||||||||||||
ML22 |
“Atá riachtanach” |
De réir mar a chuirtear i bhfeidhm i leith na “teicneolaíochta” é, ní bhaineann sé ach leis an gcuid sin den “teicneolaíocht” a fhágann gur féidir na leibhéil feidhmíochta, na tréithe nó na feidhmeanna atá á rialú, a bhaint amach nó dul os a gcionn. An “teicneolaíocht” sin atá “riachtanach”, féadfaidh sí a bheith ina teicneolaíocht choiteann ag táirgí éagsúla. |
||||||||||||||||||||||||
ML7 |
“Oibreáin smachtaithe círéibe” |
Substaintí a chuireann greannú céadfach ar dhaoine go gasta nó a chuireann bac fisiciúil orthu go gasta, greannú nó bac nach maireann ach go ceann seal gairid tar éis an duine teacht faoi thadhall na substainte, nuair a úsáidtear na substaintí sin sna cúinsí dár ceapadh iad chun lucht círéibe a smachtú. (Fo-thacar de “oibreáin smachtaithe círéibe” is ea deorgháis.) |
||||||||||||||||||||||||
ML17 |
“Róbat” |
Meicníocht ionramhála, bíodh sí de chineál na conaire leanúnaí nó den chineál pointe go pointe, a fhéadfaidh leas a bhaint as braiteoirí, agus ag a bhfuil na hairíonna uile seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||
ML11 |
“Córas loingseoireachta satailíte” |
Córas arb é atá ann stáisiúin talún, buíon satailítí, agus glacadóirí, a fhágann gur féidir suíomh glacadóirí a ríomh ar bhonn comharthaí ó na satailítí. Áirítear ann Córais Dhomhanda Loingseoireachta Satailíte agus Córais Réigiúnacha Loingseoireachta Satailíte. |
||||||||||||||||||||||||
ML4, 11, 21 |
“Bogearraí” |
Cnuasach a bhfuil ceann amháin nó níos mó de “chláir” nó de “mhicreachláir” ann agus é nó iad fosaithe in aon mheán inláimhsithe sloinnte. Nóta Teicniúil 1 “Clár” Seicheamh de threoracha chun próiseas a chur i gcrích i bhfoirm a bheadh inrite ag ríomhaire leictreonach, nó seicheamh den sórt sin ar féidir é a thiontú chun na foirme sin. Nóta Teicniúil 2 “Micreachlár” Seicheamh de bhuntreoracha, a choimeádtar i gcuimhne speisialta, agus a chuirtear i bhfeidhm nuair a chuirtear an treoir thagartha isteach i dtabhall treorach. |
||||||||||||||||||||||||
ML11 |
“Spásárthaí” |
Satailítí agus taiscéalaithe spáis, bídís gníomhach nó éighníomhach. |
||||||||||||||||||||||||
ML19 |
“Spáscháilithe” |
A dearadh, a monaraíodh nó a cáilíodh trí thástáil rathúil, lena hoibriú ag airde is mó ná 100 km os cionn dhromchla an Domhain.
|
||||||||||||||||||||||||
ML20 |
“Forsheoltach” |
Tagraíonn d’ábhair (i.e. miotail, cóimhiotail nó comhdhúile) ar féidir leo an fhriotaíocht leictreach ar fad a chailleadh (i.e. ar féidir leo seoltacht leictreach gan teorainn a shroicheadh agus ar féidir leo sruthanna leictreachais an-mhór a iompar gan téamh Joule). Is é teocht atá sa “teocht chriticiúil” (dá dtagraítear uaireanta mar an teocht thrasdultach) ábhair shonraigh “fhorsheoltaigh” an teocht sin ag a gcailleann an t-ábhar iomlán a fhriotaíocht in aghaidh sreabhadh srutha leictrigh dhírigh. Nóta Teicniúil I gcás aon ábhar ar leithligh, is é is saintréithe dá staid “Fhorsheoltach” ná “teocht chriticiúil”, réimse maighnéadach criticiúil, ar feidhm é den teocht, agus dlús srutha criticiúil ar feidhm é den réimse maighnéadach agus den teocht araon. |
||||||||||||||||||||||||
ML22 |
“Teicneolaíocht” |
Faisnéis shonrach is gá chun táirge a “fhorbairt”, a “tháirgeadh” nó a “úsáid”. Is i bhfoirm “sonraí teicniúla” nó i bhfoirm “cúnaimh theicniúil” a bhíonn an fhaisnéis sin. Sainítear in ML22 an “teicneolaíocht” shonraithe le haghaidh Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh. Nótaí Teicniúla
|
||||||||||||||||||||||||
ML10 |
“Aerfheithicil gan fhoireann” (“UAV”) |
Aon “aerárthach” atá in ann tús a chur le heitilt agus eitilt rialaithe agus loingseoireacht a choinneáil ar siúl gan aon fhoireann inti. |
||||||||||||||||||||||||
ML21 |
“Nochtadh leochaileachta” |
An próiseas sin arb é atá ann leochaileacht a shainaithint, a thuairisciú nó a chur in iúl do dhaoine aonair nó d’eagraíochtaí atá freagrach as feabhsúchán a dhéanamh nó a chomhordú chun an leochaileacht a réiteach, nó an próiseas sin arb é atá ann leochaileacht a anailísiú i dteannta na ndaoine aonair nó na n-eagraíochtaí sin. |
An Coimisiún Eorpach
1.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 100/36 |
Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(2022/C 100/04)
Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an bhFrainc
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéir euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn chomórtha euro a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2-euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2-euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin agus na hEorpa de.
Tír is eisitheoir: an Fhrainc
Ábhar an chomórtha: Rugadh an tUachtarán Jacques Chirac 90 bliain ó shin
Tuairisc ar an dearadh: Bhí Jacques Chirac ina Uachtarán ar Phoblacht na Fraince ar feadh dhá théarma agus bhí baint mhór aige le tógáil an Aontais. Bhí sé ina Uachtarán nuair a tugadh an Euro isteach in 2002, ócáid a ndearnadh comóradh 20 bliain uirthi ag tús na bliana seo.
Sa dearadh, léirítear próifíl shollúnta an Uachtaráin Jacques Chirac agus é ag féachaint chun cinn. Tá siombailí timpeall air lena léirítear a ghníomhaíochtaí: siombail euro, mar léiriú ar an mbaint a bhí aige leis an Euro a thabhairt isteach agus a mheon Eorpach, agus bratach na Fraince a léirítear ina dathanna araltais, bratach atá maisithe le RF mar thagairt dá uachtaránacht. Tá bliain a bhreithe agus a bháis ar lógó an Euro. Is cuid den dearadh iad na marcanna mionta mar aon leis an mbliain.
Taispeántar 12 réalta bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.
Líon measta na mbonn atá le heisiúint: 9 000 000
Dáta eisiúna: Eanáir 2022
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 le haghaidh aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach na conclúidí ón gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca leis an aghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).
1.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 100/37 |
Rátaí malairte an euro (1)
28 Feabhra 2022
(2022/C 100/05)
1 euro =
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,1199 |
JPY |
yen na Seapáine |
129,31 |
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4404 |
GBP |
punt steirling |
0,83550 |
SEK |
krona na Sualainne |
10,6055 |
CHF |
franc na hEilvéise |
1,0336 |
ISK |
króna na hÍoslainne |
141,80 |
NOK |
krone na hIorua |
9,9465 |
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,997 |
HUF |
forint na hUngáire |
369,72 |
PLN |
zloty na Polainne |
4,6835 |
RON |
leu na Rómáine |
4,9484 |
TRY |
lira na Tuirce |
15,4532 |
AUD |
dollar na hAstráile |
1,5508 |
CAD |
dollar Cheanada |
1,4264 |
HKD |
dollar Hong Cong |
8,7514 |
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6628 |
SGD |
dollar Shingeapór |
1,5201 |
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 347,62 |
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
17,2863 |
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,0670 |
HRK |
kuna na Cróite |
7,5655 |
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 100,72 |
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,7019 |
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
57,432 |
RUB |
rúbal na Rúise |
115,4842 |
THB |
baht na Téalainne |
36,593 |
BRL |
real na Brasaíle |
5,7828 |
MXN |
peso Mheicsiceo |
22,9011 |
INR |
rúipí na hIndia |
84,5540 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
1.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 100/38 |
Faisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit maidir le hiamh iascaigh
(2022/C 100/06)
I gcomhréir le hAirteagal 35(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), rinneadh cinneadh an t-iascach a iamh mar a leagtar síos sa tábla seo a leanas:
Dáta agus am an iaimh |
17.12.2021 |
Fad tréimhse |
17.12.2021 – 31.12.2021 |
Ballstát |
An Fhrainc |
Stoc nó Grúpa stoc |
SOL/7HJK |
Speiceas |
An sól coiteann (Solea solea) |
Limistéar |
7h, 7j agus 7k |
Cineálacha soithí iascaireachta |
— |
Uimhir thagartha |
26/TQ92 |
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
An Coimisiún Eorpach
1.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 100/39 |
Glao ar thograí agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara faoi phlean oibre 2022 an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan
(2022/C 100/07)
Tugtar fógra leis seo gur seoladh an glao ar thograí ar agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara faoi phlean oibre 2022 an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (Comhghnóthas CleanH2).
Is féidir teacht ar an bplean sin, sprioc-amanna agus buiséid do na gníomhaíochtaí san áireamh, ar shuíomh gréasáin na Tairsí Rannpháirtithe (https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/home) mar aon le faisnéis faoi mhódúlachtaí an ghlao agus na ngníomhaíochtaí gaolmhara, agus treoir d’iarratasóirí maidir le tograí a chur isteach. Déanfar an fhaisnéis sin ar fad a nuashonrú de réir mar is gá ar an Tairseach Rannpháirtithe céanna.
1.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 100/40 |
Glaonna Tiomnaithe ar thograí in 2022 faoi Chlár Oibre 2021-2022 Chlár an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach (2021-2027)
(2022/C 100/08)
Tugtar fógra leis seo gur seoladh dhá ghlao thiomnaithe ar thograí (i.e. glao Mórthicéid amháin i ngual agus glao Mórthicéid amháin i gcruach) agus gníomhaíochtaí gaolmhara in 2022 faoi Chlár Oibre 2021-2022 chlár an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach (2021-2027).
Ghlac an Coimisiún Clár Oibre 2021-2022 an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach le Cinneadh C(2022)905 an 18 Feabhra 2022.
Iarrtar tograí le haghaidh na nglaonna sin. Tá Clár Oibre 2021-2022 an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach, lena n-áirítear cuspóirí, sprioc-amanna agus buiséid, le fáil ar shuíomh gréasáin na ndeiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana mar aon le faisnéis maidir le módúlachtaí na nglaonna agus na ngníomhaíochtaí gaolmhara agus faisnéis le haghaidh iarratasóirí maidir le conas tograí a chur isteach:
|
https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/home . |
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
1.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 100/41 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10559 — A P MOELLER-MAERSK / SENATOR INTERNATIONAL)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 100/09)
1.
An 22 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
A.P. Møller-Mærsk A/S Group (“APMM”, an Danmhairg), |
— |
Senator International group (“Senator International”, an Ghearmáin). |
Gheobhaidh APMM rialú aonair ar Senator International ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna agus sócmhainní.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
APMM: cuideachta iompair agus lóistíochta comhtháite atá gníomhach ar fud an domhain. Is é atá i bpríomhghníomhaíochtaí APMM loingseoireacht línéir coimeádán trína fhochuideachtaí Maersk A/S, SeaLand agus Hamburg Süd, seirbhísí críochfoirt coimeádán, iompar intíre, seirbhísí intíre, seirbhísí bainistíochta slabhra soláthair, tuáil cuain agus monarú coimeádán cuisniúcháin, |
— |
Senator International: cuideachta faoi úinéireacht teaghlaigh arb í a phríomhspeisialtóireacht iompar lasta, loingseoireacht agus lóistíocht idirnáisiúnta, agus arb é a phríomhfhócas seoladh aerlasta agus muirlasta, chomh maith le seirbhísí lóistíochta, pacáistithe agus custaim. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
Cás M.10559 — A P MOELLER-MAERSK / SENATOR INTERNATIONAL
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
1.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 100/43 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2022/C 100/10)
Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart freasúra a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an iarratais seo.
DOICIMÉAD AONAIR
“ Cidre du Perche / Perche ”
Uimh. AE: PDO-FR-2648 – 1 Nollaig 2020
STFC (X) TGFC ( )
1. Ainm/ainmneacha
“ Cidre du Perche / Perche ”
2. Ballstát nó tríú tír
an Fhrainc
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. Cineál táirge
Aicme 1.8 – Táirgí eile ó Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí, etc.).
3.2. Tuairisc ar an táirge a bhfuil an t-ainm dá dtagraítear i bpointe 1 air
Ceirtlis shúilíneach leath-thirim nó amh is ea í “Cidre du Perche / Perche”, a fhaigheann a cuid cúir tríd an dara coipeadh nádúrtha sa bhuidéal, gan aon ghásúchán agus gan í a bheith paistéartha. Is as fíorshú úll de chineálacha sonracha úll ceirtlise atá sí déanta.
An cheirtlis “Cidre du Perche/Perche”, sainaithnítear í ar an dath atá uirthi agus é idir órbhuí agus flannbhuí, a cruinne, a cothromaíocht ó thaobh blasanna siúcra, géire agus seirbhe de, na nótaí torthaíocha agus géire éadrom i lár an bhéil chomh maith le nóta úire ag an deireadh ar fad.
Ar na saintréithe anailíseacha atá ag “Cidre du Perche/Perche”, tá an méid seo a leanas:
— |
neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 3,5 % toirte ; |
— |
neart alcóil iomlán de réir toirte nach lú ná 6 % toirte ; |
— |
cion siúcra ar mhéid is mó ná 18 g/líotar nó cothrom leis; |
— |
Brú íosta de 1,5 bar ag 20 °C. |
Na húlla ceirtlise a úsáidtear chun “Cidre du Perche / Perche” a tháirgeadh, is ó na húlloird atá suite sa cheantar geografach a thagann siad.
Tá féar faoi bhun na gcrann sna húlloird sin, cé is moite den talamh ag bun na gcrann (ar gha 0,30 m nó ar stiall de mhéadar amháin faoi bhun na sraithe), agus is féidir a féar sin a ghlanadh amach go hiomlán.
Crainn de ghais arda atá i 30 % ar a laghad d’achar dromchla iomlán an úlloird.
Sna húlloird, tá na cineálacha úll ceirtlise seo a leanas:
Príomhchinealacha:
Cineálacha géara: Ameret nó Améret blanc Fréquin blanc Fréquin long |
Fréquin rouge Gringoire Médaille d’or |
Tardive de la Sarthe |
Cineálacha géar-mhilse: Argile grise Argile rouge Bedan ou Calotte Binet rouge Bois droit ou Drébois |
Cartigny Damelot Moulin à vent nó Moulin à vent de l’Eure nó Moulin à vent petit de l’Eure |
Noël des Champs (Petit) Jaunet pointu Saint-Hilaire |
Cineálacha milse: Atroche nó Troche Bérat blanc Coquerelle Doux Normandie nó Normandie Fréquin Lacaille |
Grise de l’Eure Muscadet petit de l’Orne nó Muscadet doré Petite sorte Pilée Roger Guyot |
Rouge Duret Doux Normand Doux Véret de Carrouges Rousse de l’Orne nó Rousse de la Sarthe |
Cineálacha searbha: Groseille Locard blanc Locard vert |
Pomme de Boué nó Pomme de Bouet nó Boué de Bonnétable Pomme de fer |
Queue torse Marnière |
Cineálacha tánaisteacha:
Cineálacha géara: Kermerrien |
Peau de chien |
|
Cineálacha géar-mhilse: Bisquet |
Clos Renaux |
Douce Moën |
Cineálacha milse: Douce Coët Ligné |
|
|
Cineálacha searbha: Avrolles |
Petit jaune |
|
Chun éagsúlacht cineálacha a chaomhnú, údaraítear cineálacha úll ceirtlise a fhástar ar chrainn a bhfuil gas ard acu agus nach bhfuil liostaithe thuas, ach sin teoranta d’uasmhéid 20 % de dhromchla an úlloird. Meastar gur cineálacha tánaisteacha iad na cineálacha sin.
Ar na ceirtlisí i ngach umar, tá:
— |
ceirtlisí atá déanta as úlla a baineadh i rith fhómhar na bliana céanna, |
— |
ar lú ná 20 % den umar an cion a fhaightear ó chineálacha searbha, nó cothrom leis, agus |
— |
ceirtlisí ina bhfuil an cion a fhaightear ó phríomhchineálacha úll níos mó ná 50 % den umar, nó cothrom leis. |
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
–
3.4. Céimeanna sonracha den táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Ní mór na húlla a thairgeadh agus an cheirtlis a dhéanamh sa limistéar geografach.
3.5. Sainrialacha is infheidhme maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú, etc., an táirge dá dtagraíonn an t-ainm
Ceirtlis shúilíneach is ea í “Cidre du Perche/Perche” a fhaigheann a cuid cúir tríd an dara coipeadh nádúrtha sa bhuidéal. Ní féidir í a dhíol ach san fhoirm pacáistithe amháin chun a bhrú a choinneáil, agus mar sin ní mór pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach.
3.6. Sainrialacha is infheidhme maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm
I dteannta na sonraí sainordaitheacha dá bhforáiltear sa reachtaíocht maidir le lipéadú agus cur i láthair earraí bia, beidh ainm an ainmnithe agus na focail “AOP” [PDO] nó “Appellation d’Origine Protégée” [sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint] ar an lipéadú i gcarachtair dhoscriosta atá soiléir, inléite, chun idirdhealú soiléir a dhéanamh idir iad agus na sonraí scríofa nó líníochta eile go léir.
I gcur i láthair an lipéid, cuirtear na focail “Appellation d’Origine Protégée” díreach faoi ainm an ainmnithe gan aon fhaisnéis bhreise.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
An limistéar geografach, cumhdaíonn sé críoch na mbardas seo a leanas agus sin bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2019:
An Roinn Eure-et-Loir (28)
Na bardais ina n-iomláine: Arcisses, Argenvilliers, Authon-du-Perche, Beaumont-les-Autels, Belhomert-Guéhouville, Béthonvilliers, Champrond-en-Perchet, Charbonnières, Coudray-au-Perche, Les Etilleux, La Gaudaine, La Loupe, Marolles-les-Buis, Meaucé, Miermaigne, Montireau, Montlandon, Nogent-le-Rotrou, Saint-Bomer, Saintigny, Saint-Jean-Pierre-Fixte, Saint-Victor-de-Buthon, Souancé-au-Perche, Trizay-Coutretot-Saint-Serge, Vaupillon, Vichères.
An Roinn Orne (61)
Na bardais ina n-iomláine: Appenai-sous-Bellême, Bazoches-sur-Hoëne, Belforêt-en-Perche, Bellavilliers, Bellême, Bellou-le-Trichard, Berd’huis, Bizou, Bretoncelles, Ceton, Champeaux-sur-Sarthe, La Chapelle-Montligeon, La Chapelle-Souëf, Comblot, Corbon, Coulimer, Courgeon, Courgeoût, Cour-Maugis sur Huisne, Dame-Marie, Fay, Feings, Ferrières-la-Verrerie, Igé, Loisail, La Madeleine-Bouvet, Le Mage, Mahéru, Mauves-sur-Huisne, Les Menus, Montgaudry, Mortagne-au-Perche, Moulins-la-Marche, Moutiers-au-Perche, Parfondeval, Le Pas-Saint-l’Homer, Perche en Nocé, Pervenchères, Le Pin-la-Garenne, Pouvrai, Rémalard en Perche, Réveillon, Sablons sur Huisne, Saint-Agnan-sur-Sarthe, Saint-Aquilin-de-Corbion, Saint-Aubin-de-Courteraie, Saint-Cyr-la-Rosière, Saint-Denis-sur-Huisne, Saint-Germain-de-la-Coudre, Saint-Germain-de-Martigny, Saint-Germain-des-Grois, Saint-Hilaire-le-Châtel, Saint-Hilaire-sur-Erre, Saint-Jouin-de-Blavou, Saint-Langis-lès-Mortagne, Saint-Mard-de-Réno, Saint-Martin-des-Pézerits, Saint-Martin-du-Vieux-Bellême, Saint-Ouen-de-Sécherouvre, Saint-Pierre-la-Bruyère, Soligny-la-Trappe, Val-au-Perche, Vaunoise, Verrières, Villiers-sous-Mortagne.
Cuid de na bardais, mar a leanas: Tourouvre au Perche (críoch na mbardas tarmligthe, agus iad amháin, is iad sin Autheuil, Bivilliers, Bubertré, Tourouvre), Longny les Villages (críoch na mbardas tarmligthe, agus iad amháin, is iad sin Longny-au-Perche, Maletable, Monceaux-au-Perche, Moulicent, Saint-Victor-de-Réno).
An Roinn Sarthe (72)
Na bardais ina n-iomláine: Avezé, La Chapelle-du-Bois, Cormes, Courgenard, Gréez-sur-Roc, Nogent-le-Bernard, Préval, Saint-Ulphace, Souvigné-sur-Même, Théligny.
Cuid de na bardais: Cherré-au (críoch an bhardais tharmligthe, Cherreau, agus é amháin).
5. Nasc leis an limistéar geografach
An “Cidre du Perche/Perche”, is ó dhálaí ithreach agus aeráide an cheantair a fhaigheann sé a saintréithe sonracha, go háirithe an aeráid dhéanach, a thug ar tháirgeoirí a gcleachtais a oiriúnú i dtéarmaí cineálacha úll a shaothraítear agus modhanna táirgthe araon.
Dá bhrí sin, na cineálacha úll a úsáidtear, is iad na cineálacha a roghnaítear go háitiúil nó cineálacha a cuireadh in oiriúint d’aeráid dhéanach logánta an limistéir. Déantar an fómhar a bhaint agus na torthaí a phróiseáil tráth theacht an fhuachta, rud a chuidíonn leis an gcoipeadh a mhoilliú síos agus, dá bhrí sin, spreagann sé forbairt na gcumhrachtaí.
Sainiúlacht an limistéir gheografaigh
Tá limistéar geografach an tsonrúcháin tionscnaimh “Cidre du Perche / Perche” suite i limistéar idirchriosach idir an mhais Armarcach san iarthar agus imchuach Pháras san oirthear. Aonán amháin is ea é arb é is príomhthréith dó tírdhreacha droimneacha ina bhfuil idir chnoic ghlasa agus foraoisí fairsinge agus iad ag síneadh amach thar na ranna Eure-et-Loir, Orne agus Sarthe.
Baineann formhór na bhfo-ithreacha le foirmíochtaí a rinneadh sa tréimhse Iúrasach agus sa tréimhse Chailceach Ceineamánach. Ithreacha cré aolchloiche nó ithreacha gainmheacha is coitianta atá sa limistéar : Cailc Rouen, créanna glasa, gaineamh den Perche. Tá cré breochloiche le sonrú ann freisin, a táirgeadh nuair a rinneadh an brat cailce a dhíchailcú, rud a chumhdaítear le sioltchré ina n-ardchláracha tiubha, a bheag nó a mhór. Tá doimhneacht mhaith ithreach inúsáidte agus draenáil mhaith sna foshraitheanna seo go léir.
Ó thaobh aeráide de, tá an Perche suite ag an bpointe teagmhála idir tionchar na farraige móire san iarthar agus an tionchar ilchríochach ar an taobh thoir. Is é an toradh atá air sin aeráid dhíghrádaithe aigéanach arb é is príomhthréith di raonta teochta bliantúla suntasacha idir an geimhreadh a bhíonn fuar (is annamh go dtiteann sneachta ach is féidir suas le 60 lá seaca a bheith ann in aghaidh na bliana) agus an samhradh a bhíonn te.
Léiriú ar an tionchar ilchríochach is ea a mhinice a bhíonn sioc déanach ann, mar is minic a bhíonn sé ag cur seaca i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh.
Más ársa traidisiún na gcrann úll sa Normainn, níor cuireadh tús le forbairt na n-úllord go dtí an 16ú haois, agus sin ar eastáit na n-ord crábhaidh nó na n-uasal. Faoin 17ú agus an 18ú haois chlúdaigh siad sciar mór de thuatha an Perche. Úlla ceirtlise den chuid is mó a fásadh, rud a d’éirigh ina deoch choitianta a tháirgeadh i mbeagnach gach ceann de na feirmeacha sa Perche.
Sa 19ú haois, is i dtreo thógáil tréada bó agus capall a d’imigh an talmhaíocht de réir a chéile sa Perche, ach choinníodh le táirgeadh na ceirtlise san am céanna. Mar thoradh air sin, tháinig Perche chun bheith ina limistéar ilsaothraithe measctha, rud is cúis le saintréith an limistéir, is é sin páirceanna curaíochta a bhfuil crainn úll curtha iontu chomh maith.
Sa chéad leath den 20ú haois, táirgeadh “Cidre du Perche / Perche” i ngach feirm agus i ngléasraí speisialaithe ceirtlise a bunaíodh ar fud an chúige. Is minic a d’fhág táirgeadh na n-úll go raibh fheirmeoirí in ann a n-ioncam a dhúbailt sna blianta idir 1930 agus 1950.
Mar sin féin, ó 1950 amach, ó tharla gur dúnadh gléasraí tionsclaíocha ceirtlise, go ndearnadh an t-innealra talmhaíochta a mheicniú agus gur cuireadh le diansaothrú na talmhaíochta, fágadh gur bheag nár imigh na crainn úll ar fad ón talamh féaraigh agus ón talamh treafa sa Perche.
B’éigean fanacht go dtí deireadh na 1980í, tráth a thosaigh roinnt táirgeoirí feirme ag déanamh speisialtóireachta de tháirgeacht ceirtlise, rud a d’fhág go raibh siad in ann an earnáil cheirtlise a athbheochan sa Perche. Is trí fhios gnó traidisiúnta a úsáid a dhéanann na táirgeoirí sin Cidricoles du Perche, mar shampla cineálacha déanacha úll a úsáid, torthaí a bhaint agus iad aibí nó tríd an dara coipeadh spontáineach mall agus an cúr a dhéanamh go nádúrtha.
An fheirmeoireacht bheostoic mheasctha, córas traidisiúnta feirmeoireachta sa Perche, d’fhág sé go raibh ualach mór oibre le déanamh i mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair. Ar an mbonn sin, is é an gá leis an obair thalmhaíochta a spréadh amach agus a oiriúnú d’aeráid an Perche a rinne treoir don rogha cineálacha úll. Tugadh tús áite do chineálacha crann úll a thagann faoi bhláth go déanach mar gur lú an tionchar a bhíonn ag sioc earraigh orthu agus go dtéann na torthaí in aibíocht níos déanaí. Cé is moite de na cineálacha a roghnaíodh go háitiúil, tugadh isteach cineálacha eile sa Perche agus chuaigh siad in oiriúint go maith. Is féidir difríochtaí idir ceantair a thabhairt faoi deara i dtaca leis na dátaí aibíochta ó thaobh an chineáil chéanna crainn úill, agus is é an Perche an ceantar is déanaí. Ar na cineálacha is coitianta, tá Bedan, Doux Normandie, Tardive de la Sarthe, Saint-Hilaire, Fréquin Rouge agus Binet Rouge.
Baintear na húlla nuair a thagann siad chun aibíochta, de ghnáth cuirtear tús le baint an fhómhair ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair agus leanann sé ar aghaidh go dtí mí na Nollag le haghaidh na gcineálacha is déanaí. Déantar grúdaireacht den chuid is mó ó lár mhí na Samhna ar aghaidh. An teocht íseal sa tráth sin bliana, cuireann sé teorainn le forbairtí miocróbacha a d’fhéadfadh cáilíocht an táirge a athrú rud a fhágann gur féidir tús mall a chur leis an gcoipeadh. An coipeadh in umar, gan giostaí a chur leis, maireann sé ar feadh 8 seachtaine ar a laghad i gcomparáid le 6 seachtaine sna i gceantair eile na Normainne.
Sainiúlacht an táirge
Ceirtlis is ea í “Cidre du Perche / Perche” a fhaigheann a cuid cúir tríd an dara coipeadh nádúrtha sa bhuidéal. Tá aici:
— |
dath idir órbhuí agus flannbhuí; |
— |
blasanna atá cothromaithe idir géire, milse agus seirbhe; |
— |
géire bheag i lár an bhéil agus nóta úire ag an deireadh ar fad; |
— |
agus tréith shúilíneach bheoga gan a bheith rófhlúirseach. |
Nasc cúisíoch
Is iad saintréithe topagrafacha, aeráide agus geolaíocha an limistéir gheografaigh is cúis le mórláithreacht na gcrann úll. I gceantar an Perche, tá dálaí fabhracha a théann chun sochair don bharr talmhaíochta seo, is é sin a thír-raon droimneach agus a chuid ithreacha gairbhe, ina bhfuil draenáil mhaith, rud a ligeann don uisce sileadh agus scaipeadh go réidh agus na mianraí is gá sholáthar san am céanna.
Is é cleachtas traidisiúnta an ilsaothraithe mheasctha chomh maith le tréith dhéanach na haeráide sa Perche a rinne treoir do na feirmeoirí ó thaobh roghanna na gcineálacha crann úll. Is in úlloird an Perche atá daichead cineál crann úll as measc na 200 cineál crann úll ceirtlise atá le fáil sa Normainn.
Sna cumaisc a chleachtar, déanann siad saintréithe gach ceann de na catagóirí de chineálacha úll a chur le chéile chun ceirtlis a dhéanamh ina bhfuil blasanna atá cothromaithe idir géire, siúcra agus seirbhe: Na cineálacha géara agus géar-mhilse úll, atá saibhir i gcomhdhúile feinólacha, is iadsan a dhéanann an dath idir órbhuí agus flannbhuí agus a thugann an blas éadroim géire i lár an bhéil, agus na cineálacha milse agus géar-mhilse agus na cineálacha searbha, tugann siad an nóta beag úire dó, ach sin ar cion teoranta.
Is é aibiú déanach na dtorthaí a fhágann nach mór an grúdaireacht a dhéanamh ó mhí na Samhna amach den chuid is mó. Ó tharla na teochtaí a bheith níos ísle sa tréimhse seo ná mar a bhíonn siad i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair, is go mall réidh a dhéantar an coipeadh, rud a fhágann gur féidir na cumhrachtaí a fhorbairt, cumhrachtaí ar saintréithe sonracha na ceirtlise “Cidre du Perche/Perche” iad.
Is é an dara coipeadh nádúrtha sa bhuidéal a thugann a tréith shúilíneach di, tréith atá beoga gan a bheith rófhlúirseach.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-964fa31f-76f5-4816-ad72-ff8e3bcb255a