ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 85

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
22 Feabhra 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 85/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10604 – OXFORD PROPERTIES / PINEBRIDGE BENSON ELLIOT / SIGMA) ( 1 )

1

2022/C 85/02

Fógra maidir le comhchruinniú a tharraingt siar (Cás M.9987– NVIDIA / ARM) ( 1 )

2

2022/C 85/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10555 – ADIA / TRANSURBAN / AUSTRALIANSUPER / CPP INVESTMENTS / WCX) ( 1 )

3


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 85/04

Ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin: — 0,00 % an 1 Feabhra 2022 — Rátaí malairte an euro

4

 

An Chúirt Iniúchóirí

2022/C 85/05

Tuarascáil speisialta Uimh. 4/2022 — Cistí infheistíochta: Níl fíormhargadh aonair cruthaithe ag gníomhaíochtaí an Aontais fós a théann chun tairbhe d’infheisteoirí

5


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 85/06

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10625 - CARLYLE GROUP / MACQUARIE GROUP / HYCC) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

6


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

22.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 85/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10604 – OXFORD PROPERTIES / PINEBRIDGE BENSON ELLIOT / SIGMA)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 85/01)

An 15 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10604. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


22.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 85/2


Fógra maidir le comhchruinniú a tharraingt siar

(Cás M.9987– NVIDIA / ARM)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 85/02)

An 8 Meán Fómhair 2021, fuair an Coimisiún fógra (1) maidir le comhchruinniú a bhí beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2) (an “Rialachán um Chumaisc”) agus tar éis tarchur de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán sin.

An 27 Deireadh Fómhair 2021, chinn an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh (3) faoi Airteagal 6(1)(c) den Rialachán um Chumaisc. An 8 Feabhra 2022, chuir an páirtí a thug fógra an Coimisiún ar an eolas gur tharraing sé a fhógra siar agus léirigh sé gur éirigh sé as an gcomhchruinniú.


(1)  IO C 370, 15 Meán Fómhair 2021, lch. 10.

(2)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.

(3)  IO C 447, 4 Samhain 2021, lch. 2.


22.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 85/3


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10555 – ADIA / TRANSURBAN / AUSTRALIANSUPER / CPP INVESTMENTS / WCX)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 85/03)

An 8 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10555. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

22.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 85/4


Ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (1):

0,00 % an 1 Feabhra 2022

Rátaí malairte an euro (2)

21 Feabhra 2022

(2022/C 85/04)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,1338

JPY

yen na Seapáine

130,20

DKK

krone na Danmhairge

7,4397

GBP

punt steirling

0,83298

SEK

krona na Sualainne

10,6535

CHF

franc na hEilvéise

1,0387

ISK

króna na hÍoslainne

141,40

NOK

krone na hIorua

10,1738

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,345

HUF

forint na hUngáire

357,54

PLN

zloty na Polainne

4,5351

RON

leu na Rómáine

4,9448

TRY

lira na Tuirce

15,4689

AUD

dollar na hAstráile

1,5751

CAD

dollar Cheanada

1,4454

HKD

dollar Hong Cong

8,8443

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6870

SGD

dollar Shingeapór

1,5265

KRW

won na Cóiré Theas

1 353,02

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,1895

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,1831

HRK

kuna na Cróite

7,5360

IDR

rupiah na hIndinéise

16 276,34

MYR

ringgit na Malaeisia

4,7387

PHP

peso na nOileán Filipíneach

58,300

RUB

rúbal na Rúise

89,0866

THB

baht na Téalainne

36,588

BRL

real na Brasaíle

5,8045

MXN

peso Mheicsiceo

22,9951

INR

rúipí na hIndia

84,6770


(1)  Ráta arna chur i bhfeidhm ar an oibríocht is déanaí a rinneadh roimh an lá léirithe. I gcás tairiscint a mbaineann ráta athraitheach léi, is ionann an ráta úis agus an ráta imeallach.

(2)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


An Chúirt Iniúchóirí

22.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 85/5


Tuarascáil speisialta Uimh. 4/2022

Cistí infheistíochta: Níl fíormhargadh aonair cruthaithe ag gníomhaíochtaí an Aontais fós a théann chun tairbhe d’infheisteoirí

(2022/C 85/05)

Leis seo, tugann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le fios go bhfuil tuarascáil speisialta Uimh. 4/2022 “Cistí infheistíochta: Níl fíormhargadh aonair cruthaithe ag gníomhaíochtaí an Aontais fós a théann chun tairbhe d’infheisteoirí” foilsithe anois.

Is féidir breathnú ar an tuarascáil nó í a íoslódáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: http://eca.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

22.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 85/6


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10625 - CARLYLE GROUP / MACQUARIE GROUP / HYCC)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 85/06)

1.   

An 15 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Nobian Industrial Chemicals B.V. (“Nobian”, an Ísiltír), faoi rialú Carlyle Group (“Carlyle”, SAM);

Norgh Holding Company Limited (“Norgh”, RA), atá faoi rialú ag Green Investment Group Limited (“GIG”, RA), atá faoi rialú ag Macquarie Group Limited (“Macquarie”, an Astráil);

HyCC Holding B.V. (“JV”, an Ísiltír).

Gheobhaidh Nobian agus Norgh rialú comhpháirteach ar JV de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Táirgeann Nobian buncheimiceáin fhíor-riachtanacha le haghaidh tionscail éagsúla idir an earnáil tógála agus an tionscal glantóireachta agus an tionscal cógaisíochta agus an tionscal cóireála uisce. Is corparáid Mheiriceánach ilnáisiúnta cothromais phríobháidigh, bainistithe mhalartaigh sócmhainní agus seirbhísí airgeadais é a mháthaireintiteas Carlyle;

Is forbróir, urraitheoir agus infheisteoir speisialaithe é GIG, máthaireintiteas Norgh, a bhfuil sé de mhisean aige dlús a chur leis an aistriú glas, agus is i nDún Éideann na hAlban atá a cheanncheathrú. Tá GIG faoi rialú Macquarie, banc infheistíochta agus cuideachta seirbhísí airgeadais neamhspleách ilnáisiúnta, agus is san Astráil atá a cheanncheathrú agus is sa tír sin atá sé liostaithe.

Beidh JV gníomhach i dtáirgeadh hidrigine glaine.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10625 - CARLYLE GROUP / MACQUARIE GROUP / HYCC

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs 32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.