ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 74

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
15 Feabhra 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 74/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10596 – OTPP / KKR / GREENCOLLAR) ( 1 )

1

2022/C 74/02

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Sonraí a nuashonrú a úsáidtear chun íocaíochtaí cnapshuimeanna agus íocaíochtaí pionósacha a ríomh atá le moladh ag an gCoimisiún do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in imeachtaí maidir le sárú

2


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 74/03

Rátaí malairte an euro — 14 Feabhra 2022

5

2022/C 74/04

Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 maidir le treoir a thabhairt do Riarthóir Lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh chun táblaí náisiúnta leithdháilte eitlíochta na Beilge, na Bulgáire, na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hEastóine, na hÉireann, na Gréige, na Spáinne, na Fraince, na Cróite, na hIodáile, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, Lucsamburg, na hUngáire, Mhálta, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh

6


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 74/05

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10620 — GIP / SSE / OTPP / SCOTIA GAS NETWORKS) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

33

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 74/06

Foilsiú na sonraíochta táirge leasaithe tar éis formheas mionleasaithe de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

35

2022/C 74/07

Foilsiú iarratais ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge maidir le hainm in earnáil an fhíona de bhun Airteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

40


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

15.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 74/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10596 – OTPP / KKR / GREENCOLLAR)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 74/01)

An 7 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10596. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


15.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 74/2


TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

Sonraí a nuashonrú a úsáidtear chun íocaíochtaí cnapshuimeanna agus íocaíochtaí pionósacha a ríomh atá le moladh ag an gCoimisiún do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in imeachtaí maidir le sárú

(2022/C 74/02)

I.   Réamhrá

Faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i gcás ina gcuireann an Coimisiún cás Ballstáit faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar nár chomhlíon sé oibleagáid faoi na Conarthaí, féadfaidh an Chúirt smachtbhannaí airgeadais a fhorchur in dhá chás:

(a)

i gcás nach ndearna an Ballstát na bearta is gá chun go gcomhlíonfaí breithiúnas a rinne an Chúirt roimhe sin inar thángthas ar an gconclúid go ndearna sé sárú ar dhlí an Aontais (Airteagal 260(2) CFAE);

(b)

i gcás nár chomhlíon an Ballstát a oibleagáid bearta a chur in iúl lenar trasuíodh treoir arna glacadh faoi nós imeachta reachtach (Airteagal 260(3) CFAE) (1).

Sa dá chás sin, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais smachtbhanna a fhorchur atá comhdhéanta d’íocaíocht chnapshuime, chun pionós a ghearradh ar leanúint den sárú (2), agus d’íocaíocht phionósach laethúil, chun an Ballstát lena mbaineann a spreagadh le deireadh a chur leis an sárú a luaithe is féidir (3). Molann an Coimisiún méideanna le haghaidh na smachtbhannaí airgeadais don Chúirt agus déanann an Chúirt an cinneadh deiridh.

An cur chuige ginearálta a bhíonn ag an gCoimisiún agus é ag ríomh na smachtbhannaí atá beartaithe, tá sé seanbhunaithe. Ó bhí 1997 (4) ann, agus de réir mar atá leagtha amach i dTeachtaireachtaí a eisíodh tar éis a chéile (5), chuir an Coimisiún cur chuige i bhfeidhm a léiríonn an acmhainn íocaíochta atá ag an mBallstát agus a mheáchan institiúideach araon. Cuirtear sin i bhfeidhm leis an rud a dtugtar an fachtóir “n” (6) air. Cuirtear an fachtóir “n” le fachtóirí eile – tromchúis an tsáraithe agus an fad a mhaireann sé – sa ríomh a dhéanann an Coimisiún ar na smachtbhannaí atá beartaithe.

Tá ríomh an fhachtóra “n” bunaithe ar Olltáirgeacht Intíre (OTI) na mBallstát, agus ar an líon suíochán le haghaidh ionadaithe i bParlaimint na hEorpa atá leithdháilte ar gach Ballstát. Rinneadh modh ríofa an fhachtóra “n” a nuashonrú roinnt uaireanta (7) agus rinneadh an nuashonrú is déanaí an 13 Aibreán 2021 (8), nuair a choigeartaigh an Coimisiún an modh tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach.

I dteachtaireacht 2010 uaidh (9) maidir le sonraí a nuashonrú a úsáidtear chun an ríomh sin a dhéanamh, leag an Coimisiún síos gur cheart an fachtóir “n” chomh maith le sonraí maicreacnamaíocha eile a choigeartú gach bliain (10), chun boilsciú agus athruithe ar OTI a chur san áireamh.

Tá nuashonrú na bliana seo (11) bunaithe ar fhorbairtí maidir le boilsciú agus OTI gach Ballstáit. Maidir leis na staitisticí atá le húsáid i ndáil leis an ráta boilscithe agus OTI, is iad na staitisticí iad a rinneadh amach dhá bhliain roimh an nuashonrú (“an riail t-2”), i.e. 2020, mar gurb é dhá bhliain an tréimhse íosta ama is gá chun sonraí maicreacnamaíocha atá réasúnta cobhsaí a bhailiú. Tá ráta boilscithe na bliana tagartha socraithe ag 1.6 %.

Bhí paindéim COVID-19 ar na tosca tábhachtacha a rinne difear do nuashonrú na bliana seo. Go deimhin, is mór an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar OTI na mBallstát in 2020: tháinig laghdú 4.4 % ar leibhéal AE-27 agus imríodh tionchair éagsúla ar an leibhéal náisiúnta, dhá rud a dhéanann difear do na fachtóirí “n” chomh maith.

II.   Comhpháirteanna an nuashonraithe

Seo a leanas an liosta de na critéir atá le nuashonrú:

méid caighdeánach ar ráta comhréidh le haghaidh na híocaíochta pionósaí (12), atá socraithe faoi láthair ag EUR 2 683 (13), le hathrú i gcomhréir leis an mboilsciú,

méid caighdeánach ar ráta comhréidh le haghaidh na híocaíochta cnapshuime (14), atá socraithe faoi láthair ag EUR 895 (15), le hathrú i gcomhréir leis an mboilsciú,

na 27 bhfachtóir “n” le hathrú i gcomhréir le OTI an Bhallstáit lena mbaineann, agus an líon suíochán atá aige i bParlaimint na hEorpa á chur san áireamh; tá na fachtóirí “n” le haghaidh ríomh na cnapshuime agus ríomh na n-íocaíochtaí pionósacha laethúla cothrom le chéile,

íocaíochtaí cnapshuime íosta (16) le hathrú i gcomhréir leis an mboilsciú.

III.   Nuashonruithe

Cuirfidh an Coimisiún na figiúirí nuashonraithe seo a leanas i bhfeidhm chun méid na smachtbhannaí airgeadais (cnapshuim nó íocaíochtaí pionósacha) a ríomh nuair a thugann sé cás os comhair na Cúirte Breithiúnais faoi Airteagal 260(2) agus (3) CFAE:

1)

is é EUR 2 726 an ráta comhréidh caighdeánach chun an íocaíocht phionósach a ríomh;

2)

is é EUR 909 an ráta comhréidh caighdeánach chun an tsuim laethúil a ríomh d’fhonn an chnapshuim a chinneadh;

3)

is iad seo a leanas na fachtóirí “n” agus na cnapshuimeanna íosta le haghaidh na 27 mBallstát:

Ballstát

Fachtóir speisialta “n”

Cnapshuim íosta

(EUR 1 000 )

An Bheilg

0,860

1 940

An Bhulgáir

0,280

632

An tSeicia

0,590

1 331

An Danmhairg

0,580

1 308

An Ghearmáin

5,000

11 277

An Eastóin

0,120

271

Éire

0,610

1 376

An Ghréig

0,520

1 173

An Spáinn

2,260

5 097

An Fhrainc

3,750

8 458

An Chróit

0,220

496

An Iodáil

3,110

7 014

An Chipir

0,100

226

An Laitvia

0,140

316

An Liotuáin

0,210

474

Lucsamburg

0,170

383

An Ungáir

0,470

1 060

Málta

0,080

180

An Ísiltír

1,340

3 022

An Ostair

0,750

1 692

An Pholainn

1,450

3 270

An Phortaingéil

0,570

1 286

An Rómáin

0,750

1 692

An tSlóivéin

0,170

383

An tSlóvaic

0,320

722

An Fhionlainn

0,510

1 150

An tSualainn

0,880

1 985

Cuirfidh an Coimisiún na figiúirí nuashonraithe i bhfeidhm maidir leis na cinntí a ghlacfaidh sé chun cás a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais faoi Airteagal 260 CFAE ón tráth a ghlacfar an Teachtaireacht seo ar aghaidh.


(1)  I dTeachtaireacht 2011 ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Airteagal 260(3) CFAE (IO C 12, 15.1.2011, lch. 1) agus i dTeachtaireacht 2017 ón gCoimisiún EU law: Better Results through Better Application [Dlí an Aontais: Torthaí níos fearr a bhuí le cur chun feidhme níos fearr] (IO C 18, 19.1.2017, lch. 10.) áitítear go gcuireann an Coimisiún an modh céanna i bhfeidhm a leagadh síos le Teachtaireacht 2005 (Communication on the application of Article 228 of the EC Treaty [Teachtaireacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 228 de Chonradh CE] (SEC(2005) 1658)) chun na smachtbhannaí airgeadais faoi Airteagal 260(3) CFAE a ríomh.

(2)  Communication from the President: Re-cast Communication on the application of Article 228 of the EC Treaty [Teachaireacht ón Uachtarán: Teachtaireacht Athmhúnlaithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 228 de Chonradh CE] (SEC(2005) 1658), pointe 10.3

(3)  SEC(2005) 1658, pointe 14.

(4)  Modh ríofa na n-íocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear de bhun Airteagal 171 de Chonradh CE (IO C 63, 28.2.1997, lch. 2).

(5)  Féach go háiritheCommunication from the Commission - Implementation of Article 260(3) of the Treaty [Teachtaireacht ón gCoimisiún - Airteagal 260(3) den Chonradh a chur chun feidhme] (IO C 12, 15.1.2011, lch. 1) agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal EU Law: Better Results through Better Application [Dlí an Aontais: Torthaí níos fearr a bhuí le cur chun feidhme níos fearr] (IO C 18, 19.1.2017, lch. 10.).

(6)  SEC(2005) 1658, pointe 14. Ríomhtar an fachtóir “n” mar a leanas

Image 1
I gcás: OTI n = OTI n = OTI an Bhallstáit lena mbaineann, i milliúin euro; Meán-OTI = meán-OTI na mBallstát uile; Líon suíochán = an líon suíochán atá ag an mBallstát lena mbaineann i bParlaimint na hEorpa; Meán suíochán = an meánlíon suíochán atá ag gach Ballstát i bParlaimint na hEorpa sna Ballstáit.

(7)  Communication from the Commission — Modification of the calculation method for lump sum payments and daily penalty payments proposed by the Commission in infringements proceedings before the Court of Justice of the European Union [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Modhnú ar mhodh ríofa íocaíochtaí cnapshuime agus íocaíochtaí pionósacha laethúla atá beartaithe ag an gCoimisiún in imeachtaí maidir le sáruithe os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais] C(2019) 1396 final (IO C 70, 25.2.2019, lch. 1).

(8)  Communication from the Commission — Adjustment of the calculation for lump sum and penalty payments proposed by the Commission in infringement proceedings before the Court of Justice of the European Union, following the withdrawal of the United Kingdom [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Coigeartú ar ríomh na n-íocaíochtaí cnapshuime agus na n-íocaíochtaí pionósacha atá beartaithe ag an gCoimisiún in imeachtaí maidir le sáruithe os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach] C(2021) 2283 final, (IO C 129, 13.4.2021, lch. 1).

(9)  SEC(2010) 923/3.

(10)  Féach na nuashonruithe in 2011 [SEC(2011) 1024 final], in 2012 [C(2012) 6106 final], in 2013 [C(2013) 8101 final], in 2014 [C(2014) 6767 final], in 2015 [C(2015) 5511 final], in 2016 [C(2016) 5091 final], in 2017 [C(2017) 8720 final], in 2018 [C(2018) 5851 final], in 2019 [C(2019) 6434 final], agus in 2020 [C(2020) 6043 final] chun teacht ar an gcoigeartú bliantúil ar shonraí eacnamaíocha.

(11)  Asbaineadh na sonraí OTI le haghaidh nuashonrú na bliana seo an 10 Eanáir 2022. Tomhaistear an boilsciú trí úsáid a bhaint as díbhoilsceoir an OTI intuigthe.

(12)  Ríomhtar méid na híocaíochta pionósaí laethúla tríd an méid caighdeánach ar ráta comhréidh a iolrú ar dtús faoi fhachtóirí tromchúise agus faid ama, agus ansin faoin bhfachtóir “n”.

(13)  C(2021) 2283 final

(14)  Ríomhtar méid na cnapshuime tríd an méid caighdeánach ar ráta comhréidh (nach ionann é agus an méid le haghaidh íocaíochtaí pionósacha laethúla) faoi fhachtóir tromchúise agus faoin bhfachtóir “n”. Ríomhtar an chnapshuim ansin ar bhonn an lín laethanta a leantar den sárú (bíodh sin ón gcéad rialú ón gCúirt go dtí go mbeidh comhlíonadh déanta nó go dtí an breithiúnas i gcás cásanna faoi Airteagal 260(2) CFAE, nó ó dháta thrasuí na Treorach go dtí go ndéanfar comhlíonadh nó go dtí an breithiúnas i gcás cásanna faoi Airteagal 260(3) CFAE. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcnapshuim a ríomhadh ar an mbonn sin nuair is mó an ríomh thuasluaite ná an chnapshuim íosta.

(15)  C(2021) 2283 final

(16)  Déantar amach an chnapshuim íosta shocraithe i gcás gach Ballstáit de réir an fhachtóra “n” speisialta. Cuirfear an chnapshuim íosta shocraithe faoi bhráid na Cúirte nuair nach mó na híocaíochtaí cnapshuime laethúla foriomlána ná an chnapshuim íosta shocraithe.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

15.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 74/5


Rátaí malairte an euro (1)

14 Feabhra 2022

(2022/C 74/03)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,1316

JPY

yen na Seapáine

130,60

DKK

krone na Danmhairge

7,4411

GBP

punt steirling

0,83720

SEK

krona na Sualainne

10,6158

CHF

franc na hEilvéise

1,0472

ISK

króna na hÍoslainne

142,60

NOK

krone na hIorua

10,0693

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,527

HUF

forint na hUngáire

357,06

PLN

zloty na Polainne

4,5400

RON

leu na Rómáine

4,9457

TRY

lira na Tuirce

15,3510

AUD

dollar na hAstráile

1,5902

CAD

dollar Cheanada

1,4431

HKD

dollar Hong Cong

8,8283

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7112

SGD

dollar Shingeapór

1,5247

KRW

won na Cóiré Theas

1 354,50

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,1310

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,1937

HRK

kuna na Cróite

7,5293

IDR

rupiah na hIndinéise

16 190,53

MYR

ringgit na Malaeisia

4,7420

PHP

peso na nOileán Filipíneach

58,114

RUB

rúbal na Rúise

86,3480

THB

baht na Téalainne

36,800

BRL

real na Brasaíle

5,8965

MXN

peso Mheicsiceo

23,1331

INR

rúipí na hIndia

85,4715


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


15.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 74/6


CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

maidir le treoir a thabhairt do Riarthóir Lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh chun táblaí náisiúnta leithdháilte eitlíochta na Beilge, na Bulgáire, na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hEastóine, na hÉireann, na Gréige, na Spáinne, na Fraince, na Cróite, na hIodáile, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, Lucsamburg, na hUngáire, Mhálta, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh

(2022/C 74/04)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1),

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (2), agus go háirithe Airteagal 49 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh C(2020) 9188 (3) uaidh, thug an Coimisiún treoir do riarthóir lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh chun táblaí náisiúnta leithdháilte eitlíochta na Beilge, na Bulgáire, na Cipire, na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hEastóine, na hÉireann, na Gréige, na Spáinne, na Fraince, na Cróite, na hÍoslainne, na hIodáile, na Laitvia, na Liotuáine, Lucsamburg, na hUngáire, Mhálta, na hÍsiltíre, na hIorua, na hOstaire, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne, le haghaidh na mblianta 2021 go 2023, a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(2)

Sa Chinneadh sin, mheas an Coimisiún, tar éis dhul in éag na hidirthréimhse a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (4), maidir le heitiltí idir aeradróim atá suite i gcríoch an Aontais agus aeradróim atá sa Ríocht Aontaithe agus eitiltí idir aeradróim atá sa Ríocht Aontaithe, ní raibh siad faoi réir oibleagáidí tuairiscithe agus comhlíonta faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS), i gcomhréir leis an maolú sealadach, a shocraítear in Airteagal 28a(1) de Threoir 2003/87/CE, ar dá bhun sin ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh cé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh ceanglais na Treorach sin maidir le hastaíochtaí ó eitiltí áirithe chuig aeradróim agus ó aeradróim atá i dtíortha lasmuigh de chríoch an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE).

(3)

Tháinig an tAontas agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ar chomhaontú i mí na Nollaig 2020 (5). Maidir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú”), shínigh an tAontas é ar bhonn Chinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle (6) agus rinne an tAontas é a fhormheas ar bhonn Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle (7). Cuireadh an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach go dtí gur tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021 (8). Foráiltear sa Chomhaontú go mbeidh córas éifeachtach praghsála carbóin i bhfeidhm ag gach páirtí lena gcumhdaítear an eitlíocht agus go ndéanfar eitiltí ó aeradróim atá i gcríoch LEE chuig aeradróim atá sa Ríocht Aontaithe a rialáil faoi EU ETS.

(4)

De bhun Airteagal 28a(7) de Threoir 2003/87/CE, ní bheidh feidhm ag an maolú in Airteagal 28a(1) de Threoir 2003/87/CE ach i gcomhréir le téarmaí an Chomhaontaithe.

(5)

An 17 Meitheamh 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1416 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le heitiltí isteach ón Ríocht Aontaithe a eisiamh ó EU ETS (9).

(6)

Is gá, dá bhrí sin, líon na lamháltas eitlíochta a leithdháiltear ar gach oibreoir aerárthaigh le haghaidh na mblianta 2021 go 2023 a athbhreithniú agus na táblaí náisiúnta leithdháilte eitlíochta comhfhreagracha a uaslódáil ar Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh chun cuimsiú i raon feidhme EU ETS eitiltí a fhágann aeradróm atá i gcríoch LEE agus a thuirlingíonn in aeradróm sa Ríocht Aontaithe a chur san áireamh.

(7)

Thug an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn agus an tSualainn fógra don Choimisiún faoi na táblaí náisiúnta leithdháilte eitlíochta.

(8)

Measann an Coimisiún, maidir leis na táblaí náisiúnta leithdháilte eitlíochta arna bhfógairt ag an mBeilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn agus an tSualainn, go bhfuil siad i gcomhréir le hAirteagal 28a de Threoir 2003/87/CE.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, treoir a thabhairt don riarthóir lárnach chun na táblaí náisiúnta leithdháilte eitlíochta athbhreithnithe a uaslódáil ar Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal Aonair

I ndáil le táblaí náisiúnta leithdháilte eitlíochta na Beilge, na Bulgáire, na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hEastóine, na hÉireann, na Gréige, na Spáinne, na Fraince, na Cróite, na hIodáile, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, Lucsamburg, na hUngáire, Mhálta, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne, déanfaidh an riarthóir lárnach na táblaí sin a chur isteach in éineacht leis na méideanna deiridh bliantúla i dtaca le leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce eitlíochta don tréimhse ó 2021 go 2023 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn, i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Frans TIMMERMANS

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)  IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(2)  IO L 177, 2.7.2019, lch. 3.

(3)  Cinneadh C(2020) 9188 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach chun táblaí náisiúnta leithdháilte eitlíochta na Beilge, na Bulgáire, na Cipire, na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hEastóine, na hÉireann, na Gréige, na Spáinne, na Fraince, na Cróite, na hÍoslainne, na hIodáile, na Laitvia, na Liotuáine, Lucsamburg, na hUngáire, Mhálta, na hÍsiltíre, na hIorua, na hOstaire, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(4)  IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 1.

(5)  An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 444, 31.12.2020, lch. 14).

(6)  Cinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle an 29 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 444, 31.12.2020, lch. 2).

(7)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2).

(8)  Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2560).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1416 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le heitiltí isteach ón Ríocht Aontaithe a eisiamh ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais (IO L 305, 31.8.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Athruithe ar tháblaí náisiúnta leithdháilte le haghaidh na mblianta 2021 go 2023

Tugtar faoi deara: Na luachanna idir 2021 agus 2023, is luachanna iomlána iad a eascraíonn as cur i bhfeidhm an fhachtóra laghdaithe línigh bhliantúil 2,2 %.

 

 

Ballstát:

An Bheilg

 

 


ETSID

Ainm an oibreora

2021

2022

2023

1905

3M COMPANY

14

14

14

00123

ABELAG AVIATION

293

287

280

7649

ABX Air Inc

9 507

9 294

9 080

33612

Allied Air Ltd

54

53

52

1084

Belgian Air Force

154

151

147

908

Brussels Airlines N.V. / S.A.

271 849

265 734

259 619

4369

CAL CARGO AIRLINES

1 079

1 054

1 030

f11336

Corporate Wings LLC

1

1

1

f11102

FedEx Express Corporate Aviation

4

3

3

13457

Flying Partners CVBA

77

75

73

29427

Flying Service

247

242

236

24578

G.A.F.I. Ltd

3

3

3

29980

Hainan Airlines

37

36

35

24997

JET AIRWAYS (INDIA) LTD

33

32

32

28582

Jet Aviation Business Jets AG for INTER-WETAIL AG

14

13

13

27709

Kalitta Air LLC

1 560

1 525

1 490

31207

N604FJ LLC

3

2

2

2344

SAUDI ARABIAN AIRLINES

2 962

2 895

2 828

27769

SEA AIR

21

20

20

26784

Southern Air Inc

50

49

48

27011

TNT Airways S.A.

101 181

98 905

96 629

30011

TUI Airlines Belgium

95 794

93 639

91 484

36269

VF International SAGL

19

19

18

 

IOMLÁN

484 956

474 046

463 137


 

 

Ballstát:

An Bhulgáir

 

 


11775

AIR VIA Ltd.

48 273

47 187

46 101

28445

BH Air Ltd

27 434

26 817

26 200

29056

BULGARIAN AIR

73 968

72 304

70 640

27538

BULGARIAN AIR CHRTR.

26 925

26 319

25 713

 

IOMLÁN

176 600

172 627

168 654


 

 

Ballstát:

An tSeicia

 

 


34430

CAIMITO ENTERPRISES LIMITED

13

13

13

859

Ceské aerolinie a.s.

245 321

239 802

234 284

24903

Travel Service a.s.

115 423

112 826

110 230

 

IOMLÁN

360 757

352 641

344 527


 

 

Ballstát:

An Danmhairg

 

 


3456

Air Alsie A/S

380

372

363

22466

Air Greenland AS

155

151

148

366

Danish Air Transport A/S

5 556

5 431

5 306

26272

Execujet Europe A/S

35

34

33

32158

Jet Time A/S

41 154

40 228

39 302

12230

Nordic Aviation Capital A/S

9

8

8

142

P/F Atlantic Airways

605

591

578

9918

Star Air A/S

86 243

84 303

82 363

4357

SUN-AIR of Scandinavia

5 783

5 653

5 523

46967

Sunclass Airlines ApS

172 640

168 756

164 873

31527

SYMPHONY MILLENNIUM LTD.

1

1

1

 

IOMLÁN

312 561

305 528

298 498


 

 

Ballstát:

An Ghearmáin

 

 


3647

Adolf Würth GmbH & Co. KG

152

148

145

6802

Aero Personal s.a. de c.v.

9

9

8

156

Aeroflot - Russian Airlines

273

267

261

35126

Aerologic GmbH

8 091

7 909

7 727

201

AIR CANADA

123

120

118

33133

Air China Cargo Co. Ltd

8 537

8 345

8 153

786

Air China Limited

31

31

30

237

Air India Ltd.

45

44

43

32419

AirBridgeCargo Airlines LLC

2 119

2 072

2 024

22317

Air-Service GmbH

19

18

18

21756

Airtrans Flugzeugvermietungs GmbH

32

32

31

33706

Arcas Aviation GmbH & Co. KG

8

8

7

19480

Asiana Airline

6 569

6 421

6 274

14559

ASW Air-Service Werkflugdienst GmbH & Co.KGFlughafen Geb. 34722335 Hamburg

12

11

11

20979

Atlas Air Inc.

837

818

800

27868

Atlasjet Airlines

164

161

157

516

Bahag Baus Handelsgesellschaft AG Zug/Schweiz Zweigniederlassung Mannheim

8

8

7

30586

BALL CORP

1

1

1

509

BASF SE

38

37

36

25978

Bauhaus Gesellschaft für Bau- und Hausbedarf mbH & Co.vertreten durch die Bauhaus Gesellschaft für Bau- und Hausbedarf mbH

9

9

8

32764

BHARAT FORGE

3

3

3

3166

BLACK & DECKER

2

2

2

23956

Blue Sky Airservice GmbH

4

4

4

14658

BMW AGBMW Flight ServiceLieferanten Nr 915508-10G.A.T P.O. BOX85356 München-Flughafen

61

59

58

6667

BOMBARDIER AEROSPACE

10

10

9

31614

Bombardier Transportation GmbH -3

10

10

9

1778

Bundesamt für Infrastruktur, Umweltschutz und Dienstleistungen der Bundeswehr

415

405

396

15176

Bundespolizei-Fliegergruppe

31

31

30

19823

CA "Air Moldova" IS

1 013

990

968

5800

CATHAY PACIFIC

6 960

6 804

6 647

35418

Challenge Aero AG

2

2

2

824

Condor Flugdienst GmbH

201 127

196 602

192 078

26466

DC Aviation GmbH

421

411

402

30996

Deere & Company

3

3

3

4484

Delta Air Lines Inc.

609

596

582

8980

Delta Technical Services Ltd

8

8

7

1776

Deutsche Lufthansa AG

2 000 943

1 955 932

1 910 921

35715

DHL Air Limited

2 049

2 003

1 957

967

Direct Air Service GmbH & Co. KG

14

13

13

2044

Dr. August Oetker KG

21

20

20

28795

DULCO Handel GmbH & Co. KG

17

16

16

8082

E.I. du Pont de Nemours and Company

3

3

3

24568

ebm-papst Mulfingen GmbH & Co. KG

25

25

24

996

EGYPTAIR

246

241

235

9807

EMIRATES

13 712

13 403

13 095

29929

ETIHAD AIRWAYS

200

196

191

36121

European Air Transport Leipzig GmbH

301 879

295 089

288 298

8272

Farnair Switzerland AG

7 271

7 108

6 944

14557

Firma Steiner FilmInhaber Herr Siegfried Steiner

16

15

15

32678

Fresena Flug Gmbh & CO KG

12

11

11

28944

Germanwings GmbH

362 409

354 256

346 104

26105

Hansgrohe AG

21

20

20

32953

HeidelbergCement AG

14

13

13

33269

Herrenknecht Aviation GmbH

15

14

14

27680

HURKUS HAVAYOLU TASIMACILIK VE TICARET A.S. (d.b.a. FREEBIRD AIRLINES)

575

562

549

35785

ifm traviation gmbh

34

33

33

1528

Iran Air

2 397

2 343

2 289

1562

Jat Airways

413

403

394

28589

Jet Aviation Business Jets AG for FANCOURT FLUGCHARTER GmbH & CO KG

2

2

2

21462

Johnson Controls Inc

77

76

74

21723

Joint Stock Company Ural airlines

25

25

24

f10653

Kimberly-Clark Corporation

3

3

3

1652

KOREAN AIR LINES CO. LTD.

21 107

20 632

20 158

1673

KUWAIT AIRWAYS

6 155

6 016

5 878

6383

Lechair GmbH

3

3

3

42192

Liebherr Geschäftsreiseflugzeug GbR

27

27

26

15456

Luftfahrt-BundesamtHermann-Blenk-Straße 2638108 Braunschweig

11

11

10

3857

Lufthansa Cargo AG

8 067

7 885

7 704

25067

MNG Havayollari ve Tasimacilik A.S. (MNG Airlines)

1 909

1 866

1 823

24270

Montenegro Airlines

55

0

0

12218

Nike Inc

9

9

8

567

OBO JET-Charter GmbH

23

23

22

22820

Oman Air

82

80

78

25059

Omni Air International

11 276

11 023

10 769

17692

ONUR AIR TASIMACILIK A.S.

2 383

2 330

2 276

23244

Open Joint Stock Company "Rossiya Airlines" JSC "Rossiya Airlines"

58

56

55

8236

Owens Corning

2

2

2

12648

Pacelli-Beteiligungs GmbH & Co. KG

4

4

4

10690

PEGASUS HAVA TASIMACILIGI A.S.

1 288

1 259

1 230

22294

PENSKE JET INC

1

1

1

775

Pentastar Aviation LLC

6

6

6

3751

PROCTER & GAMBLE

5

5

5

2196

QANTAS AIRWAYS

69

68

66

21912

QATAR AIRWAYS

334

327

319

606

Robert Bosch GmbH

74

73

71

24784

Samsung Techwin

1

1

1

18991

SAP AG

27

27

26

38681

Silk Way West Airlines

530

518

506

2463

SINGAPORE AIRLINES

14 547

14 220

13 892

31870

Sm Aviation Service GmbH

5

5

5

29841

Spirit of Spices GmbH

3

3

3

5216

SRILANKAN AIRLINES LIMITED

2 193

2 143

2 094

29368

Star Aviation Ltd

5

5

5

15526

STATE ENTERPRISE ANTONOV DESIGN BUREAU

2 846

2 782

2 718

10201

SunExpress

1 543

1 509

1 474

2681

Thai Airways International Public Company Limited

165

162

158

31353

Tidnish Holdings Limited

1

1

1

37070

Trevo Aviation Limited

23

23

22

1389

TUIfly GmbH

211 900

207 134

202 367

32741

Ulla Popken GmbH

15

14

14

2782

UNITED AIRLINES

740

724

707

8960

United Parcel Service Co.

116 462

113 842

111 223

18224

UZBEKISTAN AIRWAYS

103

100

98

31669

Vacuna Jets Limited

9

9

8

2833

Viessmann Werke GmbH & Co.KG

81

79

78

18671

Volga-Dnepr Airlines LLC

9 111

8 906

8 701

2840

VOLKSWAGEN AG VOLKSWAGEN AirService

481

470

460

1323

WEKA Flugdienst GmbH

13

12

12

30605

Wheels Aviation Ltd.Montreal Avenue D-41577836 Rheinmünster

10

10

9

27514

Wirtgen Beteiligungsgesellschaft mbH

10

10

9

5960

Zeman FTL

35

34

34

 

IOMLÁN

3 343 956

3 268 683

3 193 460


 

 

Ballstát:

An Eastóin

 

 


38604

SmartLynx Airlines Estonia

9 716

9 498

9 279

30036

ULS AIRLINES CARGO (formerly known as KUZU AIRLINES CARGO)

395

386

377

 

IOMLÁN

10 111

9 884

9 656


 

 

Ballstát:

Éire

 

 


132

AER LINGUS

478 073

467 319

456 564

29670

AERO WAYS

5

5

5

298

AIR CONTRACTORS

12 201

11 926

11 652

31782

AMERIPRISE FINANCIAL

1

1

1

35166

AT&T INC

1

1

1

27087

AVIONETA LLC

3

3

3

1537

BAXTER HEALTH CARE

2

2

2

6890

BECTON DICKINSON

2

2

2

33247

BLUE CITY HOLDINGS LLC

2

2

2

29250

CENTURION AVTN SRVCS

7

7

6

21455

CITYJET LIMITED

54 321

53 099

51 877

36082

CMC GROUP INC

3

3

3

131

Comhfhorbairt Gaillimh (trading as Aer Arann)

13 383

0

0

32509

COOK AIRCRAFT LEASING

3

3

3

28444

CROSS AVIATION LTD

36

35

34

6064

DUBAI AIR WING

42

42

41

1009

Eli Lilly and Company

2

2

2

23828

EMC Corporation

90

88

86

29521

FAIRMONT AVIATION SE

3

3

3

21578

FEDERAL-MOGUL

2

2

2

18781

FJ900 Inc.

5

5

5

9532

FL AVIATION CORPORATION

7

7

6

f10208

FLIGHTSTAR CORPORATION

3

3

3

22958

GROUP HOLDINGS Inc

3

3

3

28219

Harley-Davidson Motor Company Group LLC.

2

2

2

29387

HARBERT FUND ADVISORS INC.

1

1

1

21857

HARSCO Corporation

4

4

4

21409

IRVING AIR SERVICE INC

2

2

2

f10275

JELD-WEN Inc.

1

1

1

1584

JOHNSON & JOHNSON

2

1

1

f10286

KANSAS CITY LIFE INSURANCE COMPANY

2

2

2

20894

KOHLER CO

3

3

3

1823

LOCKHEED MARTIN CORPORATION

1

1

1

27893

MERCK & CO

2

2

2

2079

OWENS-ILLINOIS GENERALINC.

6

6

6

F10361

PNC FINANCIAL SERVICES GROUP

1

1

1

32096

PRIME AVIATION JSC

8

8

8

8651

RYANAIR LIMITED

3 557 748

3 477 717

3 397 686

3696

TEXAS INSTRUMENTS INC

2

2

2

25363

THE BOEING COMPANY

3

2

2

26380

THE HERTZ CORPORATION

6

6

6

2797

UNITED STATES STEEL

12

12

12

29120

VEN AIR

9

9

9

8142

VIRGIN ATLANTIC AIRWAYS LTD

173

169

165

36499

WARNER CHILCOTT

1

1

1

f10815

Washington Penn Plastic Company

6

6

6

f10485

XEROX CORPORATION

2

2

2

 

IOMLÁN

4 116 197

4 010 523

3 918 231


 

 

Ballstát:

An Ghréig

 

 


20514

AEGEAN AIRLINES SA

369 755

361 437

353 120

39537

AIR CANADA ROUGE LP

44

43

42

40100

ELLINAIR S.A.

1 591

1 556

1 520

31722

GAINJET S.A.

225

220

215

34624

OLYMPIC AIR

184 160

180 017

175 874

9012

S & K (BERMUDA)

41

40

39

31109

SKY EXPRESS S.A.

2 936

2 870

2 804

 

IOMLÁN

558 752

546 183

533 614


 

 

Ballstát:

An Spáinn

 

 


26560

245 Pilot Services

1

1

1

8740

ABBOTT LABORATORIES

5

5

5

160

Aerolíneas Argentinas

25

24

23

2880

Aerovías de Mexico S.A de C.V

33

32

32

9345

AIR EUROPA LINEAS AEREAS S.A.U

239 195

233 814

228 434

22380

AIR NOSTRUM

169 923

166 101

162 278

f10006

Air Products & Chemicals Inc

1

1

1

36793

AIRLEASE CORPORATION

1

1

1

29159

AIRMAX LLC

1

1

1

36637

Alba Star, S.A.

12 627

12 343

12 059

21575

ARABASCO

6

6

6

12669

BA CITYFLYER LTD

9 534

9 319

9 105

2621

Binter Canarias, S.A.

2

2

1

24180

CORPORACION YGNUS AIR S.A.

8 684

8 489

8 293

35909

COVINGTON AVIATION

1

1

1

8808

Eastman Kodak Company

2

2

2

30842

EJS AVIATION SERVICES LTD

1

1

1

4025

EMBRAER

3

3

3

31186

ENGUIA GEN CE LTDA

1

1

1

40052

Evelop Airlines, S.L.

11 949

11 680

11 411

27226

Executive Airlines S.L.

306

299

292

26852

Executive Skyfleet Inc

5

5

5

5453

FLYBE limited

50 188

49 059

47 930

10992

FLYING LION Ltd

3

3

3

4402

GESTAIR S.A.

225

220

215

25841

GF AIR

4

3

3

38329

IBERIA EXPRESS

21 971

21 476

20 982

1475

IBERIA Líneas Aéreas de España S.A. Operadora

744 366

727 622

710 877

28586

Jet Aviation Business Jets AG (JBJA) for GO AHEAD INTERNATIONAL LTD.

18

17

17

7532

JET2.COM LIMITED

142 061

138 865

135 669

6281

JOHNSON SC AND SON

1

1

1

30440

Lark Aviation

1

1

1

1689

Latam Airlines Group, S.A.

20 850

20 381

19 912

15453

OJSC «TRANSAERO Airlines»

7

7

7

35266

PCS Aviation Services LLC

1

1

1

32000

PRIVILEGE STYLE S.A.

12 570

12 287

12 005

32852

Priyan Foundation

6

6

6

29804

PUNTO FA S.L.

18

17

17

f11770

REAL WORLD TOURS INC

1

1

1

29825

SAS Institute Inc.

7

7

7

30794

SLEEPWELL AVIATION LTD

4

4

4

31936

SQUADRON AVIATION SERVICES LIMITED

3

3

3

11309

SWIFTAIR S.A.

15 862

15 505

15 149

34933

TAILWIND HAVA YOLLARI A.S.

106

104

102

30131

TUI Airways Limited

366 484

358 240

349 996

24765

UNICASA IND DE MOVEIS SA

1

1

1

29086

Vim Airlines

7

7

7

38266

VOLOTEA, S.A.

97 868

95 666

93 465

30190

VUELING AIRLINES S.A.

679 072

663 797

648 521

29378

WAMOS AIR S.A.

16 262

15 896

15 530

 

IOMLÁN

2 620 273

2 561 328

2 502 388


 

 

Ballstát:

An Fhrainc

 

 


4306

ACCOR SA

14

14

14

28604

AFRIQIYAH AIRWAYS

60

58

57

186

AIR ALGERIE

27

27

26

35192

Air Arabia Maroc

25

24

24

29420

AIR AUSTRAL

2 157

2 109

2 060

30304

AIR CARAIBES

47

46

45

227

Air France

1 488 354

1 454 873

1 421 393

252

AIR MADAGASCAR

557

544

532

261

Air Mauritius Ltd

739

723

706

5636

AIR SEYCHELLES

1 554

1 519

1 484

5633

AIR TRANSAT

2 722

2 661

2 599

29815

Aircairo

966

944

922

24094

Airbus Transport International

26 163

25 575

24 986

369

AMERICAN AIRLINES

613

599

585

35644

AMY'S KITCHEN INC.

5

5

4

35895

ANDROMEDA LTD

1

1

1

6188

Apex Oil Company Inc.

4

4

4

406

ARKIA ISRAELI AIRLINES LTD ("Arkia")

37

36

35

27518

ASL AIRLINES FRANCE SA

56 895

55 615

54 335

436

AURIGNY AIR SERVICES LIMITED

8

8

8

29467

AVIALAIR

12

11

11

6323

BANLINE AVIATION

18

18

17

9170

BEL AIR LIMITED

7

7

7

30067

BONGRAIN BENELUX S.A.

22

22

21

4790

BOUYGUES

23

23

22

32578

CALVIN KLEIN STUDIO LLC

1

1

1

10054

CCM Airlines

63 991

62 551

61 112

31445

Celestial Airways

1

1

1

f10770

Charles Schwab

2

2

2

29834

China Cargo Airlines Co.Ltd.

8 522

8 330

8 138

12141

China Eastern Airlines Co.Ltd.

11

11

11

31057

CLOUD AIR SERVICES LTD

3

3

3

9049

COLLEEN CORP

2

2

1

6369

Corsair

5 254

5 135

5 017

30051

COSTA AZZOURA LTD.

2

2

2

12219

Cox Enterprises Inc

1

1

1

35062

CPI Aviation LLC

8

8

8

F10210

CROWN CORK & SEAL

3

3

3

33204

CTC AVIATION JET SERVICES LTD

19

19

18

18972

DASSAULT AVIATION

20

20

19

1139

Dassault Falcon Jet

3

3

3

9703

Disney Aviation Group

1

1

1

944

DONINGTON AVIATION

14

13

13

7028

Dow Chemical Company The

5

5

5

24571

DSWA LLC

1

1

1

32311

Elysair-OpenSkies

121

118

115

23881

EXECUTIVE JET MANAGEMENT

52

51

50

1147

Federal Express Corporation d/b/a FedEx Express

72 383

70 755

69 127

7521

FORMULA ONE MNGMT

68

67

65

35426

FTC Consulting AG

1

1

1

32164

FUTURA TRAVELS

2

2

2

7618

GAMA AVIATION LTD

284

277

271

9002

GIE ATR

8

8

8

1365

GULF AIR

47

46

45

5362

Halliburton Energy Services

6

6

6

32412

Hamilton Aviation Inc

1

1

1

21879

ISRAIR Airlines and Tourism LTD

24

23

23

1559

JAPAN AIRLINES INTERNATIONAL Co. Ltd

2 277

2 225

2 174

28006

JAPAT AG

14

14

13

32707

Jet Aviation Business Jets AG for MASC AIR LIMITED

1

1

1

31488

Jet Aviation Business Jets AG for YYA AVIATION LTD.

4

4

4

24536

JPMORGAN CHASE BANK National Association

1

1

1

31595

JSC Premier Avia

5

5

5

6510

KALAIR LTD

3

3

3

4489

Limited Service Corporation

25

25

24

7764

LVMH SERVICES

27

26

26

19696

LYRECO

31

30

29

34154

MARCO POLO AVIATION LTD

1

1

1

1976

Maritime Investment & Shipping Co Ltd

12

12

12

1855

Middle East Airlines - Airliban s.a.l.

40

39

38

1098

MIL FRANCE

336

328

321

35455

Mont Blanc Aviation Ltd.

3

3

3

31095

NETJETS INTERNATIONAL

32

31

31

35373

Next Generation Ventures

1

1

1

31199

Nissan Corporate Aviation

2

2

2

32959

NOFA

1

1

1

10326

NOUVELAIR TUNISIE

3 093

3 024

2 954

2088

PAKISTAN INTERNATIONAL AIRLINES CORP.

3 229

3 156

3 084

17921

PLANE SAILING LTD

7

7

7

31920

PRESTBURY TWO LLP

2

2

2

28189

ProAir-Charter-Transport GmbH

4

4

4

22432

QATAR AMIRI FLIGHT

224

219

214

31585

QUALCOMM Incorporated

2

2

2

35828

Related Companies

2

2

2

258

Royal Air Maroc

1 301

1 271

1 242

25946

Salem Aviation

4

4

4

5432

SAUDI OGER

31

30

30

32411

Scotts Miracle-Gro

5

5

5

1249

SELIA

47

46

44

2752

Société Tunisienne de l'Air "TUNISAIR"

1 093

1 068

1 043

2642

SYRIAN ARAB AIRLINES

892

872

852

159

TAG AVIATION S.A.

119

117

114

26684

TAG AVIATION UK LTD

338

330

322

4386

TAM Linhas Aéreas S.A.

103

101

99

799

The Coca-Cola Company

3

2

2

4744

TITAN AIRWAYS

2 164

2 115

2 067

32673

Transavia France

57 154

55 868

54 582

28237

TWIN JET

1 975

1 930

1 886

19445

Vietnam Airlines

5

5

5

33703

Viking Aviation Ltd

1

1

1

23592

Vulcan Inc.

3

3

3

32120

WILDERNESS POINT ASSOC

1

1

1

 

IOMLÁN

1 806 509

1 765 870

1 725 233


 

 

Ballstát:

An Chróit

 

 


12495

Croatia Airlines hrvatska zrakoplovna tvrtka d.d.

71 755

70 140

68 526

 

IOMLÁN

71 755

70 140

68 526


 

 

Ballstát:

An Iodáil

 

 


11479

Air Dolomiti S.p.A. LARE

3 232

3 159

3 087

11698

AIR ITALY S.P.A.

228 648

223 504

218 361

23132

Albanian Airlines

4

4

3

28123

AMRASH

3

3

3

36153

BAYHAM LIMITED

8

8

8

20198

Belavia - Belarusian Airlines

29

29

28

8974

BERWIND CORPORATION

3

3

3

590

BRITISH AIRWAYS PLC

542 984

530 769

518 555

35318

CARGOLUX ITALIA

7 824

7 648

7 472

26954

Carnival Corporation

2

2

2

36770

CHEMIPLASTICA AVIATION LTD

2

2

2

f10307

Colony Advisors, LLC

5

5

5

32850

Consolidated Press Holdings Limited

5

4

4

31211

CSC TRANSPORTATION INC

1

1

1

33586

E+A Aviation Ltd.

4

3

3

1039

Ethiopian Airlines Enterprise

10 851

10 607

10 363

35213

GEDEAM TOURISM S.A.

22

21

21

23240

GTC Management Services

2

2

2

493

J C BAMFORD EXCAVATORS LIMITED

35

34

33

f10781

LUCKY FIVES LLC

4

4

3

32051

MERIDIAN AIR COMPANY LTD.

309

302

295

28484

Neos

16 061

15 700

15 338

31232

Petroff Air Ltd

12

12

11

8487

Poste Air Cargo S.R.L.

14 741

14 409

14 078

f10400

SERVICIOS AEREOS SUDAMERICANOS S.A.

3

3

3

8484

SIRIO S.p.A.

310

303

296

34831

Società Aerea Italiana S.p.A.

966 446

944 706

922 966

22663

TAVISTOCK

4

4

4

f11186

Trinity Broadcasting of FL. Inc.

1

1

1

26545

WIDEWORLD SERVICES LTD.

6

6

5

29423

Wind Jet S.p.a.

137 603

134 507

131 412

 

IOMLÁN

1 929 164

1 885 765

1 842 368


 

 

Ballstát:

An Chipir

 

 


10639

AIRSTAR CORPORATION

3

3

3

7132

Joannou & Paraskevaides (Aviation) Limited

16

16

15

 

IOMLÁN

19

19

18


 

 

Ballstát:

An Laitvia

 

 


23085

"AirBaltic Corporation" A/S

181 349

177 270

173 190

21470

SmartLynx Airlines Limited

9 005

8 803

8 600

 

IOMLÁN

190 354

186 073

181 790


 

 

Ballstát:

Lucsamburg

 

 


724

Cargolux Airlines Interantional SA

20 344

19 887

19 429

f11328

eBay Inc.

1

1

1

26052

Global Jet Luxembourg

257

251

246

1781

LUXAIR Société de Navigation Aérienne S.A.

51 827

50 661

49 495

29957

West Air Luxembourg SA

5 350

5 229

5 109

32947

YANGTZE RIVER EXPRESS AIRLINES Company Limited

3 324

3 249

3 174

 

IOMLÁN

81 103

79 278

77 454


 

 

Ballstát:

An Ungáir

 

 


29227

CityLine Hungary Kft

3 189

3 118

3 046

27768

Smartwings Hungary Kft.

5 577

5 451

5 326

30078

WIZZ AIR HUNGARY LTD

604 841

591 235

577 629

 

IOMLÁN

613 607

599 804

586 001


 

 

Ballstát:

Málta

 

 


256

AIR MALTA PLC

141 734

138 546

135 358

34461

Comlux Malta Ltd.

58

56

55

38482

Vista Jet Ltd

87

85

83

 

IOMLÁN

141 879

138 687

135 496


 

 

Ballstát:

An Ísiltír

 

 


2297

ALIA ROYAL JORDANIAN

518

506

495

29157

BROKERAGE & MANAGMT

4

4

4

6984

China Airlines

5 538

5 414

5 289

24134

CHINA SOUTHERN

3 177

3 106

3 035

30777

Corendon Airlines

645

631

616

37301

Corendon Dutch Airlines B.V.

36 571

35 749

34 926

22713

Eastman Chemical Company

2

2

2

29824

EIE EAGLE INC ESTABLISHMENT

2

2

2

1005

ELAL israeli airlines

1 245

1 217

1 189

14846

EVA AIR

5 039

4 925

4 812

3735

KENYA AIRWAYS

45

44

43

12405

KOM Activity I B.V.

10

10

9

1640

Koninklijke Luchtvaart maatschappij NV

701 677

685 893

670 109

29439

Liberty Global Europe BV

22

21

21

f11885

Liberty Global Inc.

2

2

2

1801

MALAYSIA AIRLINES

1 075

1 050

1 026

1833

Martinair Holland N.V.

1 686

1 648

1 611

278

Nippon Cargo Airlines

6 378

6 234

6 091

2440

Shell Aircraft International

18

17

17

2723

Transavia Airlines CV

399 711

390 719

381 728

30852

TUI Airlines Nederland BV

35 028

34 240

33 452

 

IOMLÁN

1 198 393

1 171 434

1 144 479


 

 

Ballstát:

An Ostair

 

 


31943

AMGEN

4

4

4

27885

Austin Jet Holding GmbH

14

13

13

440

Austrian Airlines AG

400 165

391 164

382 162

33061

Avcon Jet Aktiengesellschaft

77

75

74

45083

easyJet Europe Airline GmbH

1 793 005

1 752 672

1 712 338

30323

International Jet Management GmbH

135

131

128

9965

Magna International Inc.

2

2

2

35956

Pegasus Jet Ltd.

5

5

5

45298

Sparfell GmbH

175

171

167

25989

The Flying Bulls GmbH

14

14

13

19210

Ukraine International Airlines

3 216

3 144

3 071

 

IOMLÁN

2 196 812

2 147 395

2 097 977


 

 

Ballstát:

An Pholainn

 

 


36143

Enter Air Sp. Z o.o.

67 529

66 010

64 491

30797

Magellan Pro-Service Sp. z o.o.

11

11

11

1763

POLSKIE LINIE LOTNICZE LOT S.A.

211 759

206 995

202 232

38446

Smartwings Poland Sp. z o.o.

53

52

51

 

IOMLÁN

279 352

273 068

266 785


 

 

Ballstát:

An Phortaingéil

 

 


9568

Air Bear

4

4

4

10014

ANADARKO PETROLEUM CORPORATION

1

1

1

24973

Flight Management Corporation

2

1

1

32417

IBIS PARTICIPACOES E SERVICOS LTDA

3

3

3

23781

Netjets Transportes Aereos SA

3 146

3 075

3 005

25573

SATA INTERNACIONAL S.A.

469

459

448

5683

SWAGELOK

2

2

2

388

TAAG - Linhas Aéreas de Angola - Angola Airlines

2

2

2

2649

TRANSPORTES AEREOS DECABO VERDE-SA

15

15

14

2656

Transportes Aéreos Portugueses S.A.

484 086

473 197

462 307

27218

White Airways S.A.

1 970

1 926

1 882

 

IOMLÁN

489 700

478 685

467 669


 

 

Ballstát:

An Rómáin

 

 


30600

BLUE AIR AVIATION S.A.

143 492

140 264

137 036

26254

CARPATAIR S.A.

24 076

23 535

22 993

2658

S.C. TAROM S.A.

128 848

125 950

123 051

 

IOMLÁN

296 416

289 749

283 080


 

 

Ballstát:

An tSlóvaic

 

 


36243

Travel Service a.s. organizacná zložka Slovensko

11 786

11 521

11 256

 

IOMLÁN

11 786

11 521

11 256


 

 

Ballstát:

An Fhionlainn

 

 


380

Alticor Inc.

3

3

3

372

AMERICAN EXPRESS

1

1

1

8930

METROPOLITAN LIFE

5

5

5

1167

Finnair Oyj

467 129

456 621

446 113

22109

FRANKLIN TEMPLETON TRAVEL INC.

7

7

7

8849

HONEYWELL INTERNATIONAL Inc

12

12

12

32127

River Aviation Oy

35

34

33

37304

Verizon Corporate Services Group Inc.

3

3

3

 

IOMLÁN

467 195

456 686

446 177


 

 

Ballstát:

An tSualainn

 

 


30326

Amapola Flyg AB

5 510

5 386

5 262

31345

ATLANTIC AIRLINES UK

1 799

1 758

1 718

21131

ATRAN

2 338

2 285

2 233

22830

Braathens Regional Airways AB

75 880

74 173

72 466

1116

MIL SWEDEN

90

88

86

24970

Nova Airlines AB

56 716

55 440

54 164

2351

Scandinavian Airlines System SAS

1 198 730

1 171 765

1 144 800

23235

TUIfly Nordic AB

91 821

89 755

87 690

20170

West Air Sweden AB

13 197

12 900

12 604

 

IOMLÁN

1 446 081

1 413 550

1 381 023

Oibreoirí atá á riar ag an Eilvéis faoi láthair

33938

AMAC AEROSPACE

4

4

4

2850

easyJet Switzerland SA

152 013

148 594

145 174

6101

Edelweiss Air AG

15 466

15 118

14 770

29471

Jet Aviation Zurich-Airport AG

99

97

94

31311

MSC Aviation S.A.

23

22

22

28494

Swiss International Air Lines Ltd.

229 766

224 597

219 429

 

IOMLÁN

397 371

388 432

379 493


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

15.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 74/33


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10620 — GIP / SSE / OTPP / SCOTIA GAS NETWORKS)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 74/05)

1.   

An 7 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Comhpháirtithe um Bonneagar Domhanda (“GIP”) (SAM),

Ontario Teachers’ Pension Plan Board (“OTPP”, Ceanada);

SSE plc (“SE”) (An Ríocht Aontaithe),

Scotia Gas Networks Ltd (“SGN”) (An Ríocht Aontaithe).

Gheobhaidh GIP, OTPP agus SSE rialú comhpháirteach ar SGN de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

GIP: bainisteoir ciste bonneagar ceannródaíoch dírithe ar na hearnálacha iompair, fuinnimh, dramhaíola agus eile,

OTPP: riarachán sochar pinsin agus infheistíocht sócmhainní an phlean pinsin,

SSE: cuideachta fuinnimh ilnáisiúnta. Tá trí dheighleog i bpríomhghnónna SSE: i) Tarchur SSEN, ar leis an líonra tarchurtha leictreachais i dtuaisceart na hAlban, a oibríonn agus a chothaíonn é; ii) Dáileachán SSEN, ar leis an líonra tarchurtha leictreachais i dtuaisceart na hAlban agus i lár dheisceart Shasana, a oibríonn agus a chothaíonn é; agus iii) Fuinneamh In-Athnuaite SSE, a dhéanann forbairt, tógáil, oibriú agus úinéireacht sócmhainní a ghineann leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite,

SGN: an dara líonra dáileacháin gáis is mó sa Ríocht Aontaithe. Is le SGN Scotland Gas Networks plc agus Southern Gas Networks plc. Clúdaíonn an dá líonra sin iomlán na hAlban agus oirdheisceart Shasana.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

(Cás M.10620 — GIP / SSE / OTPP / SCOTIA GAS NETWORKS)

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

15.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 74/35


Foilsiú na sonraíochta táirge leasaithe tar éis formheas mionleasaithe de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

(2022/C 74/06)

Rinne an Coimisiún Eorpach an mionleasú sin a fhormheas i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiúin (1).

Is féidir féachaint ar an iarratas ar fhormheas an mhionleasaithe sin i mBunachar sonraí eAmbrosia de chuid an Choimisiúin

SONRAÍOCHT TÁIRGE MAR SHAINEARRA TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT

“SALINĀTĀ RUDZU RUPJMAIZE”

Uimh. AE: TSG-LV-1043-AM01 – 30 Nollaig 2020

Ballstát nó tríú tír “An Laitvia”

1.   Ainm nó ainmneacha atá le clárú:

“Salinātā rudzu rupjmaize”

2.   Cineál táirge [mar atá in Iarscríbhinn XI]

Aicme 2.24. arán, pastaetha, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara

3.   Na forais le clárú a dhéanamh

3.1.   Maidir leis an táirge, cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann an méid a leanas leis:

eascraíonn sé as modh táirgthe, as modh próiseála nó as modh comhdhéanaimh a fhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin nó leis an mbia-ábhar sin;

táirgtear é ó amhábhair nó ó chomhábhair arb iad a úsáidtear go traidisiúnta.

Maidir le “salinātā rudzu rupjmaize” baineann an carachtar sonrach leis an oideas agus leis an teicníc a úsáidtear lena tháirgeadh.

I gcodarsnacht le cineálacha eile aráin seagail, san oideas le haghaidh “salinātā rudzu rupjmaize” ní úsáidtear giosta aráin, ach áirítear ann plúr garbh seagail, tuairim is 0,8 % de shíolta cearbhais, 8-16 % siúcra, agus suas le 3 % de bhraich sheagail neamhchoipthe.

Tá an teicníc táirgthe sonrach sa mhéid is roimh an taos a ullmhú, go ndéantar 30 % den phlúr seagail a “mhilsiú”, i.e. a scalladh, agus ansin cuirtear an plúr scallta i leataobh agus déantar é a choipeadh ar feadh 12 uair an chloig ar a laghad. Thairis sin, ullmhaítear an plúr scallta i dtobáin atá déanta as adhmad duillsilteach, agus tar éis a scallta fuaraíonn an plúr níos moille sna tobáin sin ná mar a dhéanfadh sé i mbabhlaí atá déanta as miotal nó as ábhair eile. Nuair a bhíonn an plúr scallta le huisce te (85-95 °C), coimeádtar é ag 63-65 °C ar feadh 2-4 uair an chloig eile ionas gur féidir an stáirse a bhriseadh síos i siúcraí, ag tabhairt blas milis don táirge. Ina theannta sin, caomhnaítear micreaflóra ina bhfuil baictéir aigéid lachtaigh ar thaobhanna an tobáin ón bplúr scallta a coipeadh roimhe sin, agus de réir a chéile cruthaítear coipeadh aigéid lachtaigh agus méadaíonn aigéadacht an phlúir scallta de réir mar a fhuaraíonn sé. Cuireann coipeadh aigéid lachtaigh bac ar fhorbairt miocrorgánach neamh-inmhianaithe. Ligeann fad an phróisis d’ullmhúchán an phlúir scallta agus leis an gcoipeadh ligtear do mhiocrorgánaigh iolrú i gcainníochtaí leordhóthanacha chun an ghéire, an dea-bholadh agus an phóiriúlacht a theastaíonn a thabhairt don arán, agus dá bhrí sin ní chuirtear giosta aráin leis.

Ceann eile de shaintréithe sonracha a bhaineann le “salinātā rudzu rupjmaize” na Laitvia is ea go gcuirtear leis síolta cearbhais le linn ullmhúchán an phlúir scallta agus an taois, rud a thugann dea-bholadh speisialta an tsíl cearbhais don arán.

Sainaithnítear “salinātā rudzu rupjmaize” na Laitvia freisin ón bhfoirm fhadaithe atá ar an mbuilín, atá dhá uair ar a laghad ar fad agus atá sé ar leithead, an dá cheann air cuartha de láimh, a chrústa dúdhonn mín snasta, brataithe le taos stáirse agus lena ghrabhróg aramatach. Bácáiltear “salinātā rudzu rupjmaize” ar theallach te, ní ar thráidirí bácála ná i múnlaí. Áirithítear leis sin tarchur dian teasa, lena gcaomhnaítear cruth lámhchruthach an aráin agus lena gcruthaítear builín níos mó le crústa níos láidre.

3.2.   Ainm:

úsáideadh é go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge sonrach;

sainaithnítear leis carachtar traidisiúnta nó sonrach an táirge.

Ciallaíonn an focal “salināt” rud a dhéanamh milis, rud a mhilsiú, e.g. trí uisce te a dhoirteadh ar phlúr (K. Karulis, Latviešu etimoloģijas vārdnīca [Foclóir sanasaíoch na Laitvise], Iml. II, 1992). Is focal ársa é sin, a bhí in úsáid go coitianta cheana in iarthar na Laitvia san 18ú haois.

Tagraíonn an téarma “salinātā rudzu rupjmaize” d’arán a bhácáiltear ó phlúr garbh seagail, agus úsáidtear plúr scallta sa phróiseas táirgthe, rud a chiallaíonn go ndéantar uisce te a dhoirteadh ar chuid den phlúr d’fhonn milseacht a thabhairt don arán.

Ina cuid taighde Mūsu maize. Our Daily Bread (2004), míníonn an t-eitneagrafaí Indra Čekstere go dtugtar grán buí “salinātā” ar “arán seagail (rupjmaize) in Kurzeme nuair a dhéantar cuid den phlúr a scalladh le huisce te”.

4.   Tuairisc

4.1.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm faoi phointe 1, lena n-áirítear a phríomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha, agus lena dtabharfar carachtar sonrach an táirge le fios (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)

Is é is “salinātā rudzu rupjmaize” arán a laibhíníodh go nádúrtha, a bhácáiltear sa Laitvia ó phlúr garbh seagail, agus úsáidtear plúr scallta agus coipeadh sa phróiseas táirgthe. Bácáiltear an cineál sin aráin in oigheann teallaigh agus múnlaítear é ina bhuilín fada de mheáchan cileagraim amháin nó níos mó, agus crústa mín snasta air, ar a gcuirtear taos stáirse nó uisce tar éis bácála.

Cuma agus cruth sheachtrach: builín fada agus an dá cheann air cuartha de láimh, atá dhá uair ar a laghad ar fad agus atá sé ar leithead; féadfar marc a dhéanamh ar bharr an chrústa, agus féadfar inphriontaí a dhéanamh ar na taobhanna.

Crústa: dorcha, mín agus snasta; féadfar síolta cearbhais a bheith croite anuas air; féadfar bran, plúr nó duilleoga mailpe a bheith ar thaobh íochtair an chrústa.

Grabhróg: dorcha, le póireanna níos mó nó níos lú; leaistic; féadfar an ghrabhróg a bheith beagán tais.

Blas agus dea-bholadh: dea-bholadh an aráin bhácáilte agus síolta cearbhais, le blas aráin seagail milis searbh.

4.2.   Tá feidhm ag an tuairisc ar mhodh táirgthe an táirge lena mbaineann an t-ainm faoi phointe 1 nach mór do na táirgeoirí cineál agus saintréithe na n-amhábhar nó na gcomhábhar a úsáidtear a leanúint, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, an modh trína n-ullmhaítear an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)

Cuimsítear roinnt céimeanna sa teicníc chun “salinātā rudzu rupjmaize” a dhéanamh: plúr scallta a ullmhú, a fhuarú agus a choipeadh, taos a fhuineadh agus a choipeadh, a roinnt, a mhúnlú ina bhuilíní, a bhácáil.

Oideas le haghaidh “salinātā rudzu rupjmaize” (le haghaidh 10 kg de phlúr)(*)

Plúr scallta

Plúr garbh seagail 3 kg

Síolta cearbhais 0,08–0,1 kg

Uisce te 6-8 lítear

Braich neamhchoipthe 0,05-0,3 kg

Teocht an uisce: 85-95 °C

Teocht an phlúir scallta

Tosaigh: 63-68 °C

Deiridh: 35-28 °C

Am ullmhúcháin: 12-24 uair an chloig

Coipeadh plúir scallta

Plúr scallta fuaraithe 7-10 kg

Coipeadh 0,4-1,6 kg

Fad an choipthe: 3–6 uair an chloig

Teocht choipthe: 35–36 °C

Taos

Plúr scallta coipthe 7-12 kg

Plúr seagail 7-10 kg

Siúcra 0,8-1,6 kg

Salann 0,15-0,2 kg

Fad an choipthe: 2-3 uair an chloig

Teocht choipthe: 30-34 °C

*

Tabharfaidh an t-oideas seo tuairim is 15-20 kg de thaos, as ar féidir 13 go 18 builín de mheáchan 1 kg an ceann a bhácáil, ag cuimhneamh go gcailltear 10 % den mheáchan le linn bácála. Tar éis bácála, déantar na builíní a bhratú le taos stáirse a ullmhaítear trí phlúr prátaí agus uisce a fhiuchadh le chéile.

Is plúr garbh seagail é an plúr a scalltar chun “salinātā rudzu rupjmaize” a dhéanamh. Go traidisiúnta, ullmhaítear an plúr scallta i dtobáin atá déanta as plainc d’adhmad duillsilteach ó chrainn chreathacha nó ó chrainn líoma, le toirt de thuairim is 30 l, agus measctar é le spadal adhmaid. Spreagann micreaflóra a chaomhnaítear ar thaobhanna an tobáin ó thaos a coipeadh roimhe sin coipeadh aigéid lachtaigh, mar sin de ní nitear an tobán ach déantar é a scríobadh go cúramach agus a choinneáil in áit thirim. Úsáidtear timpeall is 30 % (3 kg) den mhéid iomlán plúir a úsáidtear chun an t-arán (10 kg) a tháirgeadh chun an plúr scallta a dhéanamh. Déantar an plúr a chuirtear i leataobh le haghaidh scallta agus na síolta cearbhais a “mhilsiú” i.e. scalltar iad le huisce ag teocht timpeall is 95 °C. Tar éis an phróisis sin, ba cheart go mbeadh teocht an phlúir scallta timpeall is 63-68 °C.

De ghnáth teastaíonn 2-2,5 uair níos mó uisce ná plúr. Cuirtear uisce leis de réir a chéile ionas gur féidir an plúr agus an t-uisce a mheascadh níos éasca ina mhais aonchineálach le raimhre atá cosúil le huachtar ramhar. Nuair a bhíonn an plúr scallta ag teocht timpeall is 63-65 °C, cuirtear tuairim is 50-300 g de bhraich seagail neamhchoipthe leis agus déantar sin a mheascadh isteach go maith. Tugann na síolta cearbhais agus an bhraich dea-boladh na síolta cearbhais agus an blas ar leith milis searbh don táirge. Cruthaítear an blas milis ón mbraich ag dianscaoileadh an stáirse ina shiúcraí, agus tugann an t-aigéad lachtach agus an t-aigéad aicéiteach an blas searbh mar thoradh ar choipeadh aigéid lachtaigh.

Má ullmhaítear mais an phlúir scallta i gceart ba chóir go mbeadh uigeacht aonchineálach aige atá cosúil le huachtar tiubh, agus dath cineál liathdhonn a bheith air. Nuair a bheidh sé ullmhaithe, ba chóir an plúr scallta a fhágáil ar feadh 2-4 uair sa tobán ina ndearnadh é, ag áirithiú go gcoinnítear teocht optamach (63-65 °C) ionas gur féidir an stáirse a thiontú ina shiúcra. Ansin ba chóir an plúr scallta a mheascadh ionas go bhfuaraíonn sé. Tarlaíonn fuarú agus coipeadh an phlúir scallta sa tobán céanna ar feadh tréimhse timpeall 12-24 uair an chloig. Nuair a bhíonn an teocht timpeall 36 °C, cuirtear thart ar 0,4-1,6 kg de choipeadh ón mbaisc aráin roimhe sin leis an bplúr scallta chun coipeadh aigéid lachtaigh a spreagadh. Ba cheart an coipeadh a chur ar dtús leis an gcuid uachtarach den tobán, agus leis sin amháin, agus ansin cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin ba cheart é a scaipeadh níos doimhne, leath bealaigh síos tríd an bplúr scallte, agus ar deireadh an bealach ar fad go dtí an bun. Le linn coipthe, éiríonn an plúr scallta beagán searbh, agus cruthaítear blas deas milis searbh.

Nuair a bhíonn an plúr scallta coipthe, déantar an taos a fhuineadh i dtobán adhmaid fuinte nó i mbabhla fuinte. Cuirtear plúr seagail, siúcra agus salann le taos an phlúir scallta tar éis dó coipeadh; féadfar suas le 10 % de phlúr cruithneachta a chur leis. Déantar an taos a fhuineadh go dtí nach ngreamaíonn sé leis na lámha a thuilleadh agus go ndéantar na comhábhair go léir a mheascadh go cothrom le chéile. Déantar dromchla uachtarach an taois a chothromú le lámha fliucha, clúdaítear é agus cuirtear é in áit the chun leanúint ar aghaidh ag coipeadh. Taispeántar le scoilteadh ar dhromchla uachtarach an taois agus dúbailt i méid go bhfuil an taos coipthe. Is féidir é a roinnt agus a bhácáil ina dhiaidh sin.

Roinntear an taos coipthe ina phíosaí tar éis na lámha a fhliuchadh le huisce. Cruthaítear “salinātā rudzu rupjmaize” ina bhuilíní fada a ndéantar iad a shlíocadh ansin le lámh fhliuch; déantar taobhanna builíní móra a scríobadh chun iad a chosc ó scoilteadh, agus féadfar cros, scoilteanna nó siombail a ghearradh isteach i ndromchla an bhuilín. Is féidir builíní taois a chur ar dhromchlaí atá clúdaithe le héadach, cláir nó scamhacháin ar a mbíonn bran croite anuas nó a bhíonn clúdaithe i nduilleoga maiple, agus cuirtear isteach san oigheann ansin iad. Bácáiltear na builíní ar an teallach te, ní ar thráidirí bácála ná i múnlaí. Téitear an oigheann go teocht níos airde (280-350 °C) ag tús na bácála, ionas go gcruthófar crústa níos láidre nach scoiltfidh. Ina dhiaidh sin leanann an bhácáil ag teocht níos ísle (200-250 °C). Tarlaíonn bácáil ar feadh idir tuairim is uair an chloig agus dhá uair an chloig, ag brath ar mhéid an bhuilín. Nuair a bhaintear é amach as an oigheann, cuirtear taos stáirse nó uisce ar na builíní teo, rud a thugann crústa níos boige agus níos snasta.

Táscairí orgánaileipteacha agus fisiciceimiceacha ar cháilíocht aráin

Cruth, cuma sheachtrach

Builín fada, atá dhá uair ar a laghad ar fad agus atá sé ar leithead; crústa tiubh, dorcha, snasta; féadtar síolta cearbhais a chroitheadh anuas air

Póiriúlacht grabhróg

Póiriúil ar bhonn cothrom; is féidir le póireanna a bheith níos mó nó níos lú

Leaisteachas grabhróg

Dorcha, leaisteach agus beagán tais

Blas agus dea-bholadh

dea-bholadh an aráin bhácáilte agus síolta cearbhais, le blas aráin seagail milis searbh

Aigéadacht aráin, pH

5 -10

Cion taise an aráin, %

38 -45

Tar éis é a bheith bácáilte, fágtar an t-arán te le fuarú agus ansin cuirtear é i seomra fionnuar, atá dea-aeráilte nó clúdaítear é le línéadach. Tar éis dó fuarú, is féidir an t-arán a dhíol mar bhuilín neamhghearrtha, nó is féidir é a ghearradh i bpíosaí nó i slisní níos lú. Is féidir an t-arán a phacáil freisin in éadach, i bpáipéar nó i mála plaisteach. Is féidir é a choinneáil ag teocht an tseomra (15-25 °C) nó reoite (–18 °C). Fanann “salinātā rudzu rupjmaize” úr ar feadh i bhfad, agus is féidir é a choinneáil ar feadh 5-10 lá ar a laghad.

4.3.   Tuairisc ar na príomheilimintí lena mbunaítear carachtar traidisiúnta an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)

Bhí arán seagail i gcónaí ar cheann de na príomhbhianna i dtithe na Laitvia, agus is é sin an fáth a bhfuil sé ina chomhpháirt shiombalach fiú d’fhéiniúlacht náisiúnta na Laitvia sa lá atá inniu ann. Áirítear arán seagail i gCanón Cultúrtha na Laitvia sa rannóg “Traidisiúin Tíre”. Cosúil lena choibhéisí i dtíortha Eorpacha eile, tiomsaítear Canónach Cultúrtha na Laitvia mar chnuasach de na saothair ealaíne agus seoda cultúrtha is fearr agus is suntasaí a léiríonn na héachtaí cultúrtha is tábhachtaí i stair an náisiúin.

Ina cuid taighde Mūsu maize. Our daily bread (2004), scríobhann an t-eitneagrafaí Indra Čekstere gurb é “salinātā rudzu rupjmaize” is minice a bhácáiltear i dteaghlaigh na Laitvia, tar éis uisce te a dhoirteadh anuas ar an bplúr i dtobán’. Déantar cnapáin taois ó bhaisc aráin roimhe sin a thuaslagadh in uisce te agus a chur leis mar choipeadh. Déantar an taos leachtach a mheascadh sa tobán agus fágtar é thar oíche chun coipthe. Buailtear é le spadal fada adhmaid. Ar maidin, tosaíonn an fuineadh. Tógann an fuineadh tamall an-fhada, agus cuirtear síolta cearbhais agus níos mó plúir leis. Nuair nach gcloíonn an taos leis na lámha a thuilleadh, stoptar den fhuineadh. Cuirtear an tobán leis an taos atá ag coipeadh in aice leis an oigheann agus múnlaítear builíní beaga fada ar an scamh, atá clúdaithe le deannach plúir nó duilleoga maiple agus a chuirtear isteach san oigheann go tapa.’

San fhoilseachán Latviešu tradicionālie ēdieni[miasa traidisiúnta na Laitvia] (arna dtiomsú ag I. Heinola agus S. Stinkule, arna fhoilsiú in 2006 le tacaíocht ó Fhondúireacht Caipitil Chultúrtha an Stáit) tugtar faoi deara gurb iad an fheirmeoireacht agus an iascaireacht na príomhghníomhaíochtaí i measc mhuintir na Laitvia agus na Liovóine go dtí tús an 20ú haois, agus mar sin gurbh é arán seagail baile agus miasa bruite éagsúla a bhí mar phríomhbhianna ina réim bhia. San fhoilseachán tugtar cur síos ar “salinātā rudzu rupjmaize”, ag tabhairt dá aire gur úsáideadh plúr seagail i dtáirgeadh an aráin agus gur scalladh cuid den phlúr sin. Ullmhaíodh an taos i dtobán adhmaid agus cinntíodh a choipeadh trí choipeadh a fágadh ón mbaisc aráin roimhe sin agus ó mhiocrorgánaigh a caomhnaíodh ar thaobhanna an tobáin. Cruthaíodh builíní fada ón taos, agus bácáladh iad sin in oigheann adhmadbhreoslaithe.

Ina leabhar Daudzveidīgā maizīte [An iliomad cineálacha aráin] (1993), tugann an saineolaí déanta aráin Zigrīda Liepiņa cur síos freisin ar tháirgeadh “salinātā rudzu rupjmaize” traidisiúnta mar a rinneadh fós é ag tús an 20ú haois. Sa tuairisc leagtar béim ar shainiúlacht scallta an phlúir agus fad a choipthe i dtobáin adhmaid, rud a chruthaíonn dea-bholadh sainiúil taitneamhach an aráin agus a ghrabhróg phóiriúil agus leaisteach.

Rinne an múinteoir bainistí agus lámhcheardaíochta M. Leiše cur síos ar ullmhúchán agus oideas do “salinātā rudzu rupjmaize”. Thug sí faoi deara gurbh fhearr soitheach a rinneadh as adhmad duillsilteach a úsáid chun an t-arán a ullmhú, agus gur chóir méid áirithe uisce te a dhoirteadh anuas ar chuid den phlúr agus gur chóir é sin a mheascadh le spadal adhmaid go dtí go mbíonn raimhre aonchineálach ag an taos. Timpeall 12 uair an chloig ina dhiaidh sin, nuair a fhuaraíonn an plúr scallta, cuirtear coipeadh leis agus ligtear don mheascán coipeadh, agus ansin amháin a dhéantar an taos a fhuineadh. Roinntear an taos coipthe ina phíosaí ansin agus bácáiltear é in oigheann te ar an teallach. (Praktiskā mājturība [Bainistí phraiticiúil], arna fhoilsiú ag A. Gulbis, Riga, 1931).

Rinne L. Dumpe cur síos ar an mbealach a bácáladh “salinātā rudzu rupjmaize” timpeall 1915 ina foilseachán Latviešu tautas ēdieni [Miasa náisiúnta na Laitvia] (2006), bunaithe ar ábhar a bailíodh le linn turais eitneagrafacha. Tugann sí dá haire go ndearnadh “gnátharán a choipeadh ag úsáid uisce te ag 45-65 °C, agus coipeadh arán ‘salinātā’ ag úsáid uisce te ag 95 °C. Meascadh é go dtí nach raibh an taos ag greamú de na lámha a thuilleadh agus bhí stiall bhán ann fós nuair a tarraingíodh anuas é le méar. Clúdaíodh an taos fuinte agus rinneadh é a choipeadh arís in áit the. Roinneadh an taos coipthe ina phíosaí, cruthaíodh é ina bhuilíní fada agus rinneadh é a bhácáil ar theallach. Ansin cuireadh taos uisce nó stáirse ar na builíní teo. Leis sin rinneadh an crústa bog agus snasta”.


(1)  IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.


15.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 74/40


Foilsiú iarratais ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge maidir le hainm in earnáil an fhíona de bhun Airteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2022/C 74/07)

Leis an bhfoilsiú seo tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

IARRATAS AR LEASÚ AONTAIS AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

“ Jumilla”

PDO-ES-A0109-AM05

Dáta an iarratais: 10 Feabhra 2021

1.   Iarratasóir agus leas dlisteanach

Consejo Regulador D.O. “Jumilla” (an Bord Rialála um an Sonrúchán Tionscnaimh “Jumilla”)

An comhlachas arb é atá ann gach fíonsaothraí agus fíonlann a fhásann fíonchaora agus a dhéanann fíon atá beartaithe le haghaidh an tsonrúcháin tionscnamh faoi chosaint (STFC) “Jumilla” nó atá ina theideal a tháirgeadh, a stóráil nó a bhuidéalú.

2.   Teideal sa tsonraíocht táirge a ndéanfaidh na leasuithe difear dó

Ainm an táirge

Catagóir an táirge fíniúna

Nasc

Srianta margaíochta

3.   Tuairisc agus cúiseanna leis an leasú

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe agus an rogha a bhaint an fíon atá faoi chosaint a aistriú i mbulc-choinsíneachtaí chuig fíonlanna nach gcumhdaítear le STFC.

a)

Teideal na sonraíochta táirge a ndéantar difear dó: 8. Ceanglais is infheidhme

b)

Ranna doiciméid aonair a ndéantar difear dóibh: 9. Coinníollacha breise

Cúiseanna:

Is leasú Aontais é a thagann faoi cheann amháin de na catagóirí dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2019/33, an ceann seo a leanas go sonrach: srianta breise i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar an táirge.

De bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/33, tugtar réasúnú mar a leanas maidir leis an leasú:

Cúiseanna a bhaineann le cáilíocht

Ní thagann deireadh le táirgeadh fíonta “Jumilla” (STFC) leis an bpróiseas faoina n-athraítear úrfhíon fíonchaor go fíon trí choipeadh alcólach agus trí phróisis fhorlíontacha eile, ach cuirtear deireadh leis leis an bpacáistiú. Ní mór an chéim sin a mheas mar an chéim deiridh i dtáirgeadh na bhfíonta sin, ós rud é go mbaineann cleachtais fhíoneolaíocha eile leis a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na saintréithe speisialta, eadhon scagachán, cobhsú agus cineálacha éagsúla beart ceartaitheach. Thairis sin, in go leor cásanna, bíonn gá le tréimhse aosaithe i mbuidéil, a dhéantar ar racaí buidéal na bhfíonlann deimhnithe, chun barr feabhais a chur ar an bhfíon críochnaithe.

Go deimhin, leis na ceachtanna ar fad a foghlaimíodh ón gcead a tugadh an fíon a thógáil ón limistéar críochaithe i mbulc-choinsíneachtaí, léiríodh tábhacht na céime deiridh sin i dtáirgeadh an fhíona do tháirgeoirí.

Tugadh aitheantas don ainmniúchán tionscnaimh sin sa Spáinn in 1966. Mar aon leis an gcuid eile den earnáil, le linn a staire fada rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le ceanglais cháilíochta a mhéid sin gur réamhchoinníoll cáilíochta atá san fhaireachán cúramach a dhéantar ar bhuidéalú sa lá atá inniu ann. Chuige sin, is mian leis an earnáil í féin a áirithiú go ndéanfaí faireachán den sórt sin ar aon fhíon atá i dteideal an t-ainm “Jumilla” a bheith air. Is leor a léiriú gur onnmhairíodh 86 % d’fhíon an STFC sin i mbulc-choinsíneachtaí 20 bliain ó shin le linn shéasúr 2000-2001, ach sa lá atá inniu ann nach n-onnmhairítear ach tuairim agus 4 % de.

Thairis sin, tá sé soiléir go méadaítear ar an mbaol go ndéanfar athruithe ar an táirge le linn a iompair thar achair fhada nó ar feadh tréimhsí fada, athruithe amhail ocsaídiú nó athruithe teochta, rudaí a dhéanann dochar don cháilíocht. Déantar dochar don cháilíocht nuair a cheadaítear coinsíneachtaí den sórt sin.

Go deimhin, tá na táirgeoirí ar an eolas faoi sin a mhéid sin nach bhfuil an méid a chuirtear ar an margadh i mbulc-choinsíneachtaí anois ach ina chodán beag den líon iomlán a dhíolann STFC.

Chun cáilíocht táirgí a choimirciú go hiomlán, ba cheart do na táirgeoirí deimhnithe ar le STFC iad an buidéalú a dhéanamh, is é sin le rá é a dhéanamh laistigh den limistéar críochaithe. Tá na táirgeoirí sin freagrach go díreach as gradam an táirge agus is iad tairbhithe ghradam an táirge, gradam a d’fhéadfaí a chur i mbaol murach sin.

Ráthaíocht tionscnaimh

Maidir leis an gcomhlacht rialúcháin, arna cheapadh ag an údarás inniúil Spáinneach agus arna chreidiúnú ag an gComhlacht Náisiúnta Creidiúnaithe faoi ISO 17065 maidir le teastasú táirge, tá sé gníomhach laistigh den limistéar críochaithe. Tá gá le hinrianaitheacht fhoriomlán chun fíorthionscnamh an amhábhair agus an táirgthe a ráthú. Ní fhéadfaidh ach an comhlacht rialúcháin na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, agus, ar chúiseanna lóistíochta agus airgeadais, ní féidir leis dul chuig fíonlanna sna Ballstáit eile nó i dtríú tíortha chun tionscnamh an fhíona a bhuidéalaítear iontu a ráthú.

Nuair a sheoltar fíon ar an mórchóir chuig oibreoirí lasmuigh dá raon feidhme, soláthraíonn an comhlacht rialúcháin ráthaíocht i bhfoirm nóta coinsíneachta lena ndeimhnítear tionscnamh an táirge agus go gcomhlíonann sé na sonraíochtaí le haghaidh “Jumilla” go dtí uair a sheolta. É sin ráite, i gcás nach bhfuil aon rialú ina dhiaidh sin, tá an ráthaíocht tionscnaimh sin gan tairbhe chun críocha STFC agus cailleann sí a bailíocht.

Is fíor go ndéantar foráil le rialacha an Aontais maidir le comhar leis na comhlachtaí rialúcháin sna tíortha cinn scríbe. Mar sin féin, léirítear le taithí go bhfuil sé sin teoranta do na gnáthrialuithe a dhéanann táirgeoirí. Ní dhéantar seiceáil chuí ar na ceanglais le haghaidh chéim an bhuidéalaithe de réir na sonraíochta iomchuí.

Go sonrach, ní mór do gach buidéal ráthaíocht tionscnaimh a thaispeáint i bhfoirm lipéad tánaisteach nó séala uimhrithe. Mar sin féin, ní iarrann oibríochtaí buidéalaithe lasmuigh den limistéar críochaithe na hítimí sin ar an gcomhlacht rialúcháin. Ciallaíonn sé sin nach n-úsáidtear lipéid thánaisteacha ná séalaí uimhrithe d’ainneoin go gceanglaítear leis an tsonraíocht déanamh amhlaidh.

Tá an scéala níos measa arís i gcás go ndéantar an buidéalú i dtríú tír, agus seoltar tuairim agus 75 % de “Jumilla” a dhíoltar i mbulc-choinsíneachtaí chuig tíortha lasmuigh den Aontas. I gcásanna den sórt sin, níl sásra i bhfeidhm chun rialuithe a dhéanamh ar na fíonta sin fiú.

Thairis sin, ní féidir leis an gcomhlacht rialaithe fios a bheith aige conas a rachaidh táirgí den sórt sin ar an margadh: faoi ainm STFC, faoi ainm eile nó cumaiscthe le fíonta eile.

Rialú a ráthú

Roimh an iarratas seo ar leasú, bhí deimhniú tionscnaimh ag gabháil le bulc-choinsíneachtaí d’fhíon cosanta arna iarraidh sin ag an oibreoir cláraithe.

Bunaithe ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, agus ar thaithí, agus an easpa dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe i mbulc-choinsíneachtaí á cur san áireamh, dealraíonn sé go bhfuil sé míchuí leanúint de dheimhnithe a eisiúint i gcomhair fíonta a scoireann de bheith faoi réir aon rialaithe sula gcuirtear ar an margadh iad.

Tá méideanna na mbulc-choinsíneachtaí tar éis a bheith ag laghdú de réir a chéile in imeacht ama, mar a léirítear go soiléir sna figiúirí atá ann faoi láthair. Mar shampla, le linn shéasúr 2010-2011, rinneadh 20 704 heictilítear a onnmhairiú, is é sin tuairim agus 25 % den táirgeadh. I séasúr 2019-2020, onnmhairíodh 8 939 heictilítear, tuairim agus 4 % den táirgeadh. Ní raibh aon bhulc-choinsíneachtaí fíona go dtí seo i séasúr 2021. Leis sin, laghdaítear an réasúnú a thuilleadh maidir le hiarrachtaí ar bith ag an gcomhlacht deimhnithe rialuithe a dhéanamh ós rud é go bhfuil na méideanna an-íseal agus scaipthe go fairsing ar fud cinn scríbe éagsúla.

Ina theannta sin, creideann an comhlacht rialúcháin é féin agus a údarás inniúil gurb é a tharlaíonn i ndáiríre go gcuirtear na fíonta sin ar an margadh ar deireadh gan STFC “Jumilla”. Ní gá d’aon cheann de na táirgeoirí a bhuidéalaíonn fíon STFC “Jumilla” a gcuid cleachtas a athrú dá bhrí sin ná ní dhéanfar difear dá gcuid leasanna.

Ní easaontaíonn táirgeoir ar bith atá ag onnmhairiú ar an mórchóir leis an mbeart seo, beart a fhormheas gach fíonlann agus fíonsaothraí ar leis an Ainmniúchán Tionscnaimh iad. Ní raibh idirghabhálacha ar bith ann le linn an nóis imeachta freasúra náisiúnta chun an leasú seo ar an tsonraíocht a fhormheas.

Maidir leis an gComhlacht Náisiúnta Creidiúnaithe, a dhéanann iniúchadh bliantúil ar obair an chomhlachta rialúcháin, rinne sé trácht ar an gcaillteanas i rialú ar na méideanna a onnmhairítear le ráthaíocht an chomhlachta rialúcháin. Leis an leasú seo réiteofar na fadhbanna sin freisin, fadhbanna a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de stádas an chomhlachta rialúcháin mar chomhlacht creidiúnaithe le haghaidh fíona.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm an táirge

Jumilla

2.   Cineál an táisc gheografaigh

STFC — Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

3.

Fíon licéir

4.   Tuairisc ar na fíonta

1.   Fíonta geala (“Jumilla” agus “Jumilla Dulce”)

Cuma: ó dhath na cruaiche go dath an tópáis. Glé agus geal.

Boladh: torthaí úra. D’fhéadfadh sé go mbeadh boladh torthaí triomaithe ó na fíonta milse.

Blas: cothromaíocht idir aigéadacht agus milseacht. Sna fíonta milse, tá an lámh in uachtar ag an milseacht ar an aigéadacht.

Tá na ceanglais anailíseacha nach gcuimsítear sa tábla i gcomhréir le reachtaíocht fíona an Aontais atá i bhfeidhm.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte)

11

Aigéadacht iomlán íosta

Ceithre ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (milleachoibhéis de réir an lítir)

13,3

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleachoibhéis de réir an lítir)

 

2.   Fíonta rosé (“Jumilla” agus “Jumilla Dulce”)

CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA

Cuma: ó dhath bándearg na sú craobh go dath éadrom bradáin. Glé agus geal.

Boladh: torthaí úra. Torthaí dearga. D’fhéadfadh sé go mbeadh boladh torthaí triomaithe ó na fíonta milse.

Blas: aigéadacht chothromaithe. Sna fíonta milse, tá an lámh in uachtar ag an milseacht ar an aigéadacht.

Tá na ceanglais anailíseacha nach gcuimsítear sa tábla i gcomhréir le reachtaíocht fíona an Aontais atá i bhfeidhm.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte)

11,5

Aigéadacht iomlán íosta

Ceithre ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (milleachoibhéis de réir an lítir)

13,3

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleachoibhéis de réir an lítir)

 

3.   Fíonta rosé (Jumilla Monastrell)

CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA

Cuma: ó dhath bándearg na sú craobh go dath éadrom bradáin. Glé agus geal.

Boladh: torthaí úra. Torthaí dearga. D’fhéadfadh sé go mbeadh boladh torthaí triomaithe ó na fíonta milse.

Blas: aigéadacht chothromaithe. Sna fíonta milse, tá an lámh in uachtar ag an milseacht ar an aigéadacht.

Tá na ceanglais anailíseacha nach gcuimsítear sa tábla i gcomhréir le reachtaíocht fíona an Aontais atá i bhfeidhm.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte)

12

Aigéadacht iomlán íosta

Ceithre ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (milleachoibhéis de réir an lítir)

13,3

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleachoibhéis de réir an lítir)

 

4.   Fíonta dearga (Jumilla Monastrell)

CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA

Cuma: ó dhath corcairghorm go dath donnrua, féadfaidh fíonta milse dath an ócair a fhorbairt. Glé agus geal.

Boladh: torthaí dearga. Torthaí dubha. Tá boladh torthaí triomaithe ó na fíonta milse.

Blas: aigéadacht chothromaithe. Tainneach. Sna fíonta milse, tá an lámh in uachtar ag an milseacht ar an aigéadacht.

Tá na ceanglais anailíseacha nach gcuimsítear sa tábla i gcomhréir le reachtaíocht fíona an Aontais atá i bhfeidhm.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte)

12,5

Aigéadacht iomlán íosta

Ceithre ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (milleachoibhéis de réir an lítir)

13,3

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleachoibhéis de réir an lítir)

 

5.   Fíonta dearga (“Jumilla” agus “Jumilla Dulce”)

CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA

Cuma: ó dhath corcairghorm go dath donnrua, féadfaidh fíonta milse dath an ócair a fhorbairt. Glé agus geal.

Boladh: torthaí dearga. Torthaí dubha. Tá boladh torthaí triomaithe ó na fíonta milse.

Blas: aigéadacht chothromaithe. Tainneach. Sna fíonta milse, tá an lámh in uachtar ag an milseacht ar an aigéadacht.

Tá na ceanglais anailíseacha nach gcuimsítear sa tábla i gcomhréir le reachtaíocht fíona an Aontais atá i bhfeidhm.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte)

12

Aigéadacht iomlán íosta

Ceithre ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (milleachoibhéis de réir an lítir)

13,3

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleachoibhéis de réir an lítir)

 

6.   Fíonta licéir (Tinto Monastrell)

CUR SÍOS TÉACSÚIL GONTA

Cuma: ó chaordhearg go hócar. Glé agus geal.

Boladh: torthaí dubha. Torthaí triomaithe.

Blas: tá an lámh in uachtar ag an milseacht ar an aigéadacht. Tainneach.

Tá na ceanglais anailíseacha nach gcuimsítear sa tábla i gcomhréir le reachtaíocht fíona an Aontais atá i bhfeidhm.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte)

15

Aigéadacht iomlán íosta

 

Aigéadacht luaineach uasta (milleachoibhéis in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleachoibhéis in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

a.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

An modh saothraithe

D’fhéadfadh sé go mbeadh fíonghoirt a chumhdaítear faoin sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Jumilla” faoi réir modhanna saothraithe fairsinge nó modhanna diansaothraithe.

Saothrú fairsing: le haghaidh na bhfíonghort ina gcomhlíonann an dlús plandaithe na paraiméadair thalmhaíochta seo a leanas, ar chúiseanna tír-raoin, airde agus báistí agus de bharr fachtóirí comhshaoil eile: uasmhéid 1 900 planda in aghaidh an heicteáir agus íosmhéid 1 100 planda in aghaidh an heicteáir.

Diansaothrú: le haghaidh na bhfíonghort a chomhlíonann na paraiméadair thalmhaíochta seo a leanas, i gcomhréir, arís eile, le dálaí comhshaoil: dlús plandaithe idir 3 350 agus 1 500 planda in aghaidh an heicteáir.

Buantar fíonchaora ar bhealach nach ndéanann dochar dá gcáilíocht. Le haghaidh fíonta a chumhdaítear le STFC, ní úsáidtear ach fíonchaora sláintiúla atá aibí a ndóthain agus atá ag íosmhéid 10.70o Baumé le haghaidh fíonchaora geala agus 11o Baumé le haghaidh fíonchaora dearga.

Ní mór d’fhíonchaora Monastrell a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh fíona licéir a bheith ag íosmhéid de 13o Baumé nuair a bhuantar iad.

Le linn a bhfáiscthe, bíonn an t-úrfhíon fíonchaor agus an fíon faoi réir brúnna lena dtugtar uastáirgeacht, i ndiaidh claochlaithe, nach féidir dul thar 74 lítear d’fhíon críochnaithe in aghaidh 100 cileagram fíonchaor.

Chun na próisis aosaithe a ríomh, glactar leis an 1ú lá de mhí Dheireadh Fómhair gach bliain mar an tús.

b.   Uastáirgeacht

1.

Cineálacha dearga a shaothraítear go fairsing

5 000 cileagram fíonchaora in aghaidh an heicteáir

37 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

Cineálacha geala a shaothraítear go fairsing

5 625 chileagram fíonchaora in aghaidh an heicteáir

41,62 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.

Diansaothrú

8 750 cileagram fíonchaora in aghaidh an heicteáir

64,75 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Áirítear sa limistéar táirgeachta le haghaidh fíonta a chumhdaítear leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Jumilla” talamh atá suite laistigh de bhardais Jumilla, i gcúige Murcia, agus Fuentealamo, Albatana, Ontur, Hellín, Tobarra agus Montealegre del Castillo i gcúige Albacete.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

AIRÉN

CABERNET SAUVIGNON

CHARDONNAY

GARNACHA TINTA

GARNACHA TINTORERA

MACABEO - VIURA

MALVASIA AROMATICA - MALVASIA DE SITGES

MERLOT

MONASTRELL

MOSCATEL DE GRANO MENUDO

PEDRO XIMENEZ

PETIT VERDOT

SAUVIGNON BLANC

SYRAH

TEMPRANILLO - CENCIBEL

VERDEJO

8.   Cur síos ar an nasc/na naisc

8.1.   Fíon

Is é an fhíonchaor Monastrell an fhíonchaor is tábhachtaí, cineál atá an-fhrithsheasmhach agus atá in oiriúint go hiomlán do choinníollacha crua an limistéir, limistéar ina mbíonn triomach, samhraí an-teo agus tréimhsí seaca san Earrach. Táirgeann sé fíonta tathagacha, boga atá saibhir ó thaobh an alcóil agus na haigéadachta de le dea-bholaithe saintréitheacha de thorthaí aibí atá an-soiléir agus le seirbhe atá comhtháite go maith.

Téann na cineálacha údaraithe eile go hiontach le Monastrell, ag cobhsú an datha agus ag cur aigéadacht agus acmhainneacht aosaithe leo, chomh maith leis na dea-bholaithe a chomhchuibhiú go hiomlán.

8.2.   Fíonta licéir

Cruthaítear na fíonta seo ó Monastrell, cineál a thugann déine datha dóibh ó mheándéine go déine an-ard, a d’fhéadfadh a bheith beagnach teimhneach, mar thoradh ar na teochtaí arda ar saintréith iad de chuid an limistéir.

9.   Ceanglais shonracha bhreise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Lipéadú

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór d’ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a bheith le feiceáil go soiléir ar na lipéid, i gclófhoireann nach lú ná 3 mhilliméadar agus nach mó ná 10 milliméadar ar airde.

Ní mór don ainm a bheith le feiceáil in aice na bhfocal “Denominación de Origen Protegida” nó “Denominación de Origen”, focail nach mór a bheith i gclófhoireann nach lú ná 2 mhilimhéadar ar airde, ach nach mór a bheith níos lú i gcónaí ná ainm STFC a ghabhann leis.

Is iad na tagairtí eile na tagairtí a leagtar síos sa reachtaíocht ghinearálta maidir le lipéadú fíona, agus sna rialacha agus rialacháin shonracha maidir le lipéadú arna bhunú ag an mBord Rialála agus atá i bhfeidhm faoi láthair.

Ní mór séalaí d’ardchaighdeán, lipéid thánaisteacha nó lipéid uimhrithe arna n-eisiúint ag an mBord Rialála a áireamh ar an bpacáistíocht. Ní mór don fhíonlann iad a ghreamú agus ní mór iad a bheith le feiceáil go soiléir ar an bpacáistíocht ar bhealach lena gcuirtear cosc ar iad a athúsáid.

Na fíonta a iompar

Creat dlíthiúil

D’eagraíocht a dhéanann STFCanna/tásca geografacha faoi chosaint (TGFCanna) a bhainistiú, nuair a fhoráiltear amhlaidh ag na Ballstáit.

Cineál an choinníll bhreise

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór an fíon faoi chosaint a phacáistiú go heisiach i saoráidí atá suite laistigh de limistéar táirgeachta STFC “Jumilla”.

Chun úsáid chuí STFC a áirithiú, ní mór gach fíon faoi chosaint a sheoladh sa phacáistíocht.

Ní thagann deireadh le táirgeadh fíonta leis an ainmniúchán tionscnaimh leis an bpróiseas faoina n-athraítear úrfhíon fíonchaor go fíon trí choipeadh alcólach agus trí phróisis fhorlíontacha eile, ach cuirtear deireadh leis leis an bpacáistiú. Ní mór an chéim seo a mheas mar an chéim deiridh i dtáirgeadh na bhfíonta sin, ós rud é go mbaineann sé le cleachtais fhíoneolaíocha eile agus féadfaidh na cleachtais sin difear a dhéanamh do na saintréithe speisialta, eadhon: scagachán, cobhsú agus cineálacha éagsúla beart ceartaitheach. Thairis sin, in go leor cásanna, bíonn tréimhse aosaithe i mbuidéil riachtanach chun an fhíon chríochnaithe a thabhairt i gcrích. Thairis sin, tá sé soiléir go méadaítear ar an mbaol go ndéanfar athruithe ar an táirge le linn a iompair thar achair fhada nó ar feadh tréimhsí fada, athruithe amhail ocsaídiú nó athruithe teochta, rudaí a dhéanann dochar don cháilíocht. Chun cáilíocht na fíona a chaomhnú, dá bhrí sin, ní mór é a bhuidéalú laistigh de limistéar críochaithe STFC.

Déanann an t-údarás Spáinneach inniúil an comhlacht rialúcháin a cheapadh agus déanann an Comhlacht Náisiúnta Creidiúnaithe é a chreidiúnú faoi ISO 17065 maidir le teastasú táirge. I gcás méideanna builc a sheoltar chuig oibreoirí lasmuigh den limistéar críochaithe, ní féidir leis an gcomhlacht rialúcháin an tionscnamh agus an chomhlíontacht le STFC “Jumilla” a ráthú ach go dtí an pointe seolta. Mar sin féin, ar chúiseanna lóistíochta agus costais, ní féidir leis an gcomhlacht rialúcháin feidhmiú sna tíortha cinn scríbe, áit nach ndéanann na húdaráis inniúla náisiúnta rialuithe ach an oiread. Téann thart ar 75 % de na bulc-choinsíneachtaí go tríú tíortha. Dá bhrí sin, ní fios don chomhlacht rialúcháin conas a chuirtear na fíonta sin ar an margadh. Is eol dó nach léiríonn na buidéil an lipéad tánaisteach ná an séala uimhrithe mar a cheanglaítear ós rud é nach mbíonn iarratas ar bith ar na lipéid sin ó na hoibríochtaí buidéalaithe. Ciallaíonn sé sin nár cheart go mbeadh oibríocht bhuidéalaithe ar bith a bhaineann le “Jumilla” (STFC) lasmuigh den limistéar críochaithe. Chun an tionscnamh a ráthú agus an rialú a choimirciú, dá bhrí sin, is gá an fíon ar fad a bhuidéalú laistigh den limistéar críochaithe.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.mapa.gob.es/es/alimentacion/temas/calidad-diferenciada/pcdopjumillamodificacionmayoram05limpio_tcm30-556674.pdf


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.