|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 72 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 72/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10546 – ICG / CEIT) ( 1 ) |
|
|
2022/C 72/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10540 – ECDC / HPIL / JV) ( 1 ) |
|
|
2022/C 72/03 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10599 – CLEARLAKE CAPITAL GROUP / STG PARTNERS / DODGE CONSTRUCTION NETWORK) ( 1 ) |
|
|
2022/C 72/04 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10542 – MITSUBISHI / CHUBU ELECTRIC POWER MIRAIZ / MCRE) ( 1 ) |
|
|
2022/C 72/05 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10538 – VINCI / LINEAS / LUSOPONTE) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 72/06 |
||
|
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
|
2022/C 72/07 |
Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Bunú oibleagáidí seirbhíse poiblí i ndáil le haersheirbhísí sceidealta ( 1 ) |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 72/08 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10621 – Welput/PSPIB/Alecta/ 105 VStreet JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
2022/C 72/09 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10514 – DASSAULT SYSTEMES INTERNATIONAL / SZSW / JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 72/10 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
14.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 72/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10546 – ICG / CEIT)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 72/01)
An 25 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10546. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
14.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 72/2 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10540 – ECDC / HPIL / JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 72/02)
An 4 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10540. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
14.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 72/3 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10599 – CLEARLAKE CAPITAL GROUP / STG PARTNERS / DODGE CONSTRUCTION NETWORK)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 72/03)
An 7 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10599. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
14.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 72/4 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10542 – MITSUBISHI / CHUBU ELECTRIC POWER MIRAIZ / MCRE)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 72/04)
An 14 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10542. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
14.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 72/5 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10538 – VINCI / LINEAS / LUSOPONTE)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 72/05)
An 12 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10538. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
14.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 72/6 |
Rátaí malairte an euro (1)
11 Feabhra 2022
(2022/C 72/06)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,1417 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
132,24 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4400 |
|
GBP |
punt steirling |
0,83958 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
10,5530 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
1,0557 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
141,80 |
|
NOK |
krone na hIorua |
10,0732 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,405 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
353,38 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,5204 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9458 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
15,4066 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,5927 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4498 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,9054 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7085 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,5339 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 363,68 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
17,2736 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,2564 |
|
HRK |
kuna na Cróite |
7,5312 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 339,46 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,7832 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
58,482 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
85,8550 |
|
THB |
baht na Téalainne |
37,282 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,9263 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
23,3183 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
85,8535 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
|
14.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 72/7 |
Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal
Bunú oibleagáidí seirbhíse poiblí i ndáil le haersheirbhísí sceidealta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 72/07)
|
Ballstát |
An Spáinn |
||||||||||
|
Na haerbhealaí lena mbaineann |
Badajoz – Maidrid Badajoz - Barcelona |
||||||||||
|
Dáta athoscailte na mbealaí OSP d’aeriompróirí Comhphobail |
28 Deireadh Fómhair 2022 |
||||||||||
|
An seoladh ónar féidir an téacs agus aon fhaisnéis nó doiciméadacht eile a fháil a bhaineann leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí. |
|
Féadfar na bealaí atá faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí a oibriú ar bhonn rochtain trí shaoriomaíocht ón 28 Deireadh Fómhair 2022. I gcás nach gcuireann aon aeriompróir clár seirbhísí isteach atá i gcomhréir leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a forchuireadh, déanfar an rochtain a theorannú chuig aon aeriompróir amháin tríd an nós imeachta comhfhreagrach um thairiscint phoiblí, i gcomhréir le hAirteagal 16 (9) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
14.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 72/8 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10621 – Welput/PSPIB/Alecta/ 105 VStreet JV)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 72/08)
1.
An 3 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
West End of London Property Unit Trust (“Welput”, Geirsí); |
|
— |
the Public Sector Pension Investment Board (“PSPIB”, Ceanada); |
|
— |
Alecta Tjänstepension Ömsesidigt (“Alecta”, An tSualainn); agus, |
|
— |
105VS Holdings Unit Trust (“105 VStreet”, Geirsí). |
Gheobhaidh Welput, PSPIB agus Alecta rialú comhpháirteach ar 105 Vstreet de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
i gcás Welput: iontaobhas aonad maoine. Is gnóthas comhinfheistíochta é chun críocha an Achta um Sheirbhísí Airgeadais agus Margaí den Ríocht Aontaithe, 2000. Tá Welput gníomhach go heisiach i lár Londan sa Ríocht Aontaithe; |
|
— |
i gcás PSPIB: bainisteoir infheistíochta pinsin ar phleananna pinsin Sheirbhís Phoiblí Fheidearálach Cheanada, Arm Cheanada, Phóilíní Capall Ríoga Cheanada agus an Fhórsa Cúltaca. Bainistíonn sé punann domhanda éagsúlaithe lena n-áirítear stoic, bannaí agus urrúis ioncaim sheasta eile, mar aon le hinfheistíochta i gcothromas príobháideach, réadmhaoin, bonneagar, acmhainní nádúrtha agus infheistíochtaí creidmheasa. |
|
— |
i gcás Alecta: Ciste pinsean lena mbainistítear pinsin ghairme daoine príobháideacha agus cuideachtaí sa tSualainn. I bpunann infheistíochtaí Alecta áirítear infheistíochtaí in ioncam seasta, i gcothromas agus i réadmhaoin; agus, |
|
— |
i gcás 105 VStreet: áitreabh réadmhaoine lonnaithe ag 105 Victoria Street, Londain. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (2) ón gComhairle, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10621 – Welput/PSPIB/Alecta/ 105 VStreet JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
14.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 72/10 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10514 – DASSAULT SYSTEMES INTERNATIONAL / SZSW / JV)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 72/09)
1.
An 3 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Dassault Systemes International SAS (“DSI”, An Fhrainc), fochuideachta faoi lánúinéireacht ag Dassault Systèmes SE (an Fhrainc), atá faoi rialú ag Groupe Industriel Marcel Dassault (an Fhrainc). |
|
— |
Beijing Shenzhou Aerospace Software Technology Co, Ltd (“SZSW”, an tSín), faoi rialú na Síne Aerospace Science and Technology Corporation (An tSín), atá faoi rialú ag an gCoimisiún um Maoirsiú agus Riar Sócmhainní na Comhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Síne. |
|
— |
an Comhfhiontar (“JV”, an tSín). |
Gheobhaidh DSI agus SZSW rialú comhpháirteach ar an JV nuachruthaithe ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc. Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe arb í an comhfhiontar í.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
i gcás DSI: bogearraí bainistíochta saolré táirgí (“PLM”) a fhorbairt agus a mhargú, lena gcumasaítear dearadh 3D, innealtóireacht, samhaltú, ionsamhlú, bainistiú sonraí agus bainistiú próisis. |
|
— |
i gcás SZSW: bogearraí a fhorbairt agus a mhargú le haghaidh feidhmeanna éagsúla, lena n-áirítear earnáil an aeir agus an spáis, sa tSín amháin. |
|
— |
i gcás an JV: soláthar táirgí agus réitigh bhogearraí PLM sa tSín, lena n-áirítear feidhmchláir shonracha a fhorbairt agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar sa réimse sibhialta. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10514 – DASSAULT SYSTEMES INTERNATIONAL / SZSW / JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
14.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 72/12 |
Foilsiú iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú nach mion ar shonraíocht táirge, de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2022/C 72/10)
Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart freasúra a thaisceadh maidir leis an iarratas ar leasú de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an iarratais seo.
IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MION AR SHONRAÍOCHT SONRÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁISC GHEOGRAFAIGH FAOI CHOSAINT
Iarratas ar leasú a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 53(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
“Taleggio”
Uimh. AE: PDO-IT-0025-AM01 – 3 Lúnasa 2020
STFC (X) TGFC ( )
1. Grúpa iarrthach agus leas dlisteanach
|
Consorzio Tutela Taleggio [Comharchumann cosanta cháis “Taleggio”] |
|
Via Roggia Vignola 9 |
|
22047 Treviglio (BG) |
|
ITALIA |
Ríomhphost: info@taleggio.it; Ríomhphost cláraithe: consorziotutelataleggio@legalmail.it.
Táirgeoirí cháis “Taleggio” atá in Consorzio Tutela Taleggio agus tá sé údaraithe iarratas ar leasú a chur isteach faoi Airteagal 13(1) d’Fhoraithne Uimh. 12511 ón Aireacht Beartais Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta an 14 Deireadh Fómhair 2013.
2. Ballstát nó tríú tír
An Iodáil
3. Roinn den tsonraíocht táirge a leasaítear
|
☐ |
Ainm an táirge |
|
☒ |
Tuairisc ar an táirge |
|
☒ |
Limistéar geografach |
|
☒ |
Cruthúnas tionscnaimh |
|
☒ |
Modh táirgthe |
|
☒ |
Nasc |
|
☒ |
Lipéadú agus pacáistiú |
|
☒ |
Eile: Tagairtí do reachtaíocht a bhaineann le clárú; tagairtí don chomhlacht cigireachta a chuirtear leis an tsonraíocht. |
4. Cineál an leasaithe nóna leasuithe
|
☐ |
Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe nach féidir a mheas gur mionleasú é i gcomhréir le hAirteagal 53(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
|
☒ |
Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe, nár foilsíodh Doiciméad Aonair (nó a chomhionann) ina leith, nach féidir a mheas gur mionleasú é i gcomhréir le hAirteagal 53(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
5. Leasú nó leasuithe
Ba cheart a thabhairt faoi deara go leasaítear sonraíocht táirge “Taleggio” (STFC) go príomha chun an tsonraíocht a atheagrú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus chun í a chomhdhlúthú in aon doiciméad amháin.
Cláraíodh “Taleggio” mar STFC i Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 an 12 Meitheamh 1996, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92. Cláraíodh an táirge ar bhonn na ndoiciméad seo a leanas: foraithne ón Uachtarán an 15 Meán Fómhair 1988 lena n-aithnítear an sonrúchán tionscnaimh san Iodáil; doiciméad 12 leathanach ina bhfuil eilimintí na sonraíochta a leagtar síos in Airteagal 4(2)(a) go (i), de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92; agus an bhileog achomair.
Saintréithe an táirge
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2)(b), den tsonraíocht atá i bhfeidhm agus le pointe 3.2 den doiciméad aonair. Atheagrú foirmiúil atá sa leasú. Leagadh síos lamháltais maidir le meáchan na cáise agus airde na sáile. Cuireadh abairt isteach lena sonraítear conas a dhéantar an craiceann a chóireáil. Cuireadh isteach toirmeasc ar dhíol an táirge reoite.
An téacs mar atá:
“Is é seo a leanas an tuairisc ar an mbia-earra:
Cáis bhog bhoird de chineál taois amh a dhéantar go heisiach as bainne iomlán bó.
Is iad seo a leanas saintréithe fisiceacha cháis ‘Taleggio’:
|
(1) |
Cruth: bloc dronuilleogach a bhfuil taobhanna ó 18 go 20 cm air. |
|
(2) |
Sáil: díreach, ó 4 go 7 cm ar airde le héadain chothroma agus taobhanna ó 18 go 20 cm ar fad. |
|
(3) |
Meánmheáchan: 1.7 go 2.2 kg in aghaidh na cáise, a fhéadfaidh a bheith níos airde nó níos ísle i gcás an dá shaintréith, ag brath ar na coinníollacha teicniúla le linn na próiseála; ní sháróidh an éagsúlacht 10 % i gcás ar bith. |
|
(4) |
Craiceann: tanaí, uigeacht bhog, dath nádúrtha bándearg (L ≤ 77 a/b ≥ 0.2 ar dhathmhéadar tríspreagthach), le sain-mhicreaflóra uirthi. Ní cheadaítear an craiceann a chóireáil. |
|
(5) |
Taos: uigeacht mhín le cúpla súil bheag bhídeach a bhíonn scaipthe go neamhrialta. Bíonn an cháis teann go hiondúil ach níos boige sa chuid díreach faoi bhun an chraicinn. |
|
(6) |
Dath an taois: bán go gealbhuí. |
|
(7) |
Blas: suntasach, beagáinín cumhra. |
|
(8) |
Saintréithe ceimiceacha: íoschion saille 48 % san ábhar tirim; íosmhéid ábhair thirim 46 %; uaschion taise 54 %; 14 mg fúraisín ar a mhéad in aghaidh 100 g próitéine.” |
Cuireadh an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Airteagal 2 - Saintréithe an táirge
Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith ag cáis a bhaineann leas as STFC ‘Taleggio’:
|
(1) |
Cruth: bloc dronuilleogach a bhfuil éadain chothroma agus sáil dhíreach air. |
|
(2) |
Méid: leithead na ndromchlaí cothroma ó 18 go 22 cm, airde na sáile ó 4 go 7 cm, le cuid bheag éagsúlachta ag brath ar na coinníollacha teicniúla táirgthe. Meáchan: sa raon idir 1,5 kg agus 2,5 kg, a thomhaistear ag deireadh na híostréimhse aibithe mar atá 35 lá. |
|
(3) |
Ceadaítear lamháltas ± 10 % maidir le huasluachanna agus le híosluachanna airde na sáile. |
|
(4) |
Craiceann: tanaí, uigeacht bhog, dath nádúrtha bándearg (L ≤ 77 a/b ≥ 0.2 ar dhathmhéadar tríspreagthach), le sain-mhicreaflóra uirthi. Ní cheadaítear an craiceann a chóireáil ach amháin le huisce agus le salann. |
|
(5) |
Taos: uigeacht mhín le cúpla súil bheag bhídeach a bhíonn scaipthe go neamhrialta. Bíonn an cháis teann go hiondúil ach níos boige sa chuid díreach faoi bhun an chraicinn. |
|
(6) |
Dath an taois: bán go gealbhuí. |
|
(7) |
Blas: suntasach, milis, cumhra agus cothrom; meabhraítear bainne agus fágtar iarbhlas strufail sa bhéal. |
|
(8) |
Saintréithe ceimiceacha: íoschion saille 48 % den ábhar tirim; íosmhéid ábhair thirim 46 %; uaschion taise 54 %; 14 mg fúraisín ar a mhéad in aghaidh 100 g próitéine. |
Ní fhéadfar an táirge a scaoileadh lena thomhailt má tá sé reoite nó má bhí sé reoite roimhe sin.”
Áirítear an fhaisnéis chéanna sa tuairisc ach cuireadh atheagar uirthi ionas go mbeidh sí níos soléite.
Ina theannta sin, leagtar síos leis an tsonraíocht reatha lamháltas ± 10 % a mhéid a bhaineann le meáchain íosta agus uasta na cáise. Ionchorpraíodh é sin go díreach sa raon meáchain trí na híosluachanna agus na huasluachanna a choigeartú dá réir.
Luaitear sa leagan reatha go bhféadfaidh na luachanna “a bheith níos airde nó níos ísle (i gcás an mheáchain agus na sáile araon) i gcás an dá shaintréith” gan na saintréithe sin a shonrú, rud a fhágann an baol go bhféadfaí cialla éagsúla a bhaint as. Dá bhrí sin, is éard a bheartaítear leis an leagan nua a shoiléiriú gurb iad airde na sáile agus an meáchan na saintréithe dá dtagraítear.
Sonraíodh nach bhféadfar an craiceann a chóireáil ach le huisce agus le salann.
Tugadh sonraí isteach chun sainmhíniú níos fearr a dhéanamh ar an mblas.
Cuireadh treoir shonrach isteach chun toirmeasc a chur ar dhíol an táirge agus é reoite.
Limistéar geografach
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2)(c) den tsonraíocht agus le pointe 4 den doiciméad aonair. Is éard atá ann an limistéar geografach a choigeartú chun athruithe riaracháin a chur san áireamh
An téacs mar atá:
“Maidir leis an sainmhíniú ar an limistéar geografach, tugtar faoi deara gurb iad na críocha seo a leanas atá sa limistéar ina dtáirgtear cáis ‘Taleggio’:
Críoch iomlán chúigí Bergamo, Brescia, Como, Cremona, Milano, Pavia, Novara agus Treviso.”
Cuireadh an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Airteagal 3 - Limistéar táirgthe
‘Is é críoch iomlán riaracháin chúigí Bergamo, Brescia, Como, Lecco, Cremona, Milano, Lodi, Monza Brianza, Pavia, Novara, Verbano-Cusio-Ossola agus Treviso an limistéar ina dtáirgtear, ina n-aibítear agus ina roinntear cáis a bhaineann leas as STFC ‘Taleggio’.”
Ní dhearnadh aon athrú ar theorainneacha an limistéir gheografaigh. Sainíodh an limistéar táirgthe agus na hathruithe riaracháin a tharla á gcur san áireamh. Cuireadh cúigí riaracháin Lecco, Lodi, Monza Brianza agus Verbano-Cusio-Ossola isteach. Bunaíodh iad sin tar éis sonrúchán tionscnaimh “Taleggio” a aithint. Áirítear i gcúige Lecco bardais a bhí ina gcodanna de chúigí Bergamo agus Como roimhe seo. Áirítear i gcúige Lodi bardais a bhí ina gcodanna de chúige Milano roimhe seo. Áirítear i gcúige Monza Brianza bardais a bhí ina gcodanna de chúige Milano roimhe seo agus, ar deireadh, bhí cúige Verbano-Cusio-Ossola ina chuid de chúige Novara roimhe seo.
Ina theannta sin, luadh go soiléir na hoibríochtaí uile nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.
Cruthúnas tionscnaimh
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2)(c), den tsonraíocht atá i bhfeidhm.
An téacs mar atá:
“Na míreanna seo a leanas den tsonraíocht reatha a bhaineann le rialuithe:
|
— |
Chun tuilleadh faisnéise a sholáthar, is mian linn aird a dhíriú ar na heilimintí sin de phointe (c) seo a léiríonn gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 2(4) de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92. |
|
— |
Tugtar faoi deara, go háirithe, gur sainíodh limistéar maidir le táirgeadh bainne. Níl ach beostoc ar fheirmeacha atá suite sa limistéar sainithe sin i dteideal bainne a sholáthar lena phróiseáil in ‘Taleggio’. |
|
— |
Bailítear, go háirithe, na sonraí ábhartha uile i leith na dtáirgeoirí bainne. Aithnítear na táirgeoirí sin i liostaí a dhréachtaítear ar bhonn míosúil, liostaí a ndéantar a chomhdú agus a stampáil go hoifigiúil. |
|
— |
Leis sin, tá sé éasca an bainne a rianú siar go dtí an tréad a tháirg é agus go dtí an fheirm ar a bhfuil an tréad suite. Déantar an t-amhábhar a sheiceáil go rialta chun a áirithiú go bhfuil sé oiriúnach ó thaobh na sláinte agus an tsláinteachais de agus go bhfuil na saintréithe is gá aige lena phróiseáil i gcáis.” |
Cuireadh an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Airteagal 4 - Cruthúnas tionscnaimh
Liostaítear táirgeoirí i gcláir arna mbainistiú ag an gcomhlacht cigireachta agus is iad atá freagrach as a áirithiú, leis na taifid a choimeádann siad, ar taifid iad a bhféadfaidh an comhlacht cigireachta iad a sheiceáil, gur féidir leo tionscnamh na beatha, na n-amhábhar agus na dtáirgí a thagann ón limistéar tionscnaimh a chruthú agus ní mór dóibh cuntais a choimeád ar na baisceanna a thagann isteach agus a théann amach agus ar an gcomhghaol eatarthu.”
Scriosadh tagairtí reachtacha atá as dáta sa leagan atá beartaithe agus cuireadh í i gcomhréir le foclaíocht chaighdeánach na sonraíochtaí uile.
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2)(h) den tsonraíocht atá i bhfeidhm.
An téacs mar atá:
“Is éard atá i mbranda cháis ‘Taleggio’ ceithre chiorcal atá leagtha amach i gcearnóg, i gcomhréir le hAirteagal 5 d’Fhoraithne ón Uachtarán Uimh. 667 an 5 Lúnasa 1955. Bíonn na litreacha agus na huimhreacha seo a leanas laistigh de na ciorcail:
|
|
an litir T sa chéad chiorcal (barr ar chlé); |
|
|
an litir T sa dara ciorcal (barr ar dheis); |
|
|
an litir T sa tríú ciorcal (bun ar dheis); |
|
|
uimhir an táirgeora ‘Taleggio’ sa cheathrú ciorcal (bun ar chlé). |
Is as plaisteach gráid bia a dhéantar an branda agus déantar é a mhúnlú ar éadan cothrom den cháis tar éis í a iompú den dara huair agus sula ndéantar í a shailleadh ionas go mbíonn an comhartha le feiceáil go soiléir fiú nuair a bhíonn an cháis aibí.”
Cuireadh an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Déantar lógó STFC ‘Taleggio’ a stampáil ar éadan cothrom den cháis tar éis í a iompú den dara huair agus sula ndéantar í a shailleadh ionas go mbíonn an comhartha le feiceáil go soiléir fiú nuair a bhíonn an cháis aibí agus mar sin nuair a scaoiltear í lena tomhailt.
Is as plaisteach gráid bia a dhéantar an stampa, arb éard atá ann ceithre chiorcal: iad leagtha amach i gcearnóg. Bíonn na litreacha agus na huimhreacha seo a leanas laistigh de na ciorcail (Fíor 1):
|
|
an litir T sa chéad chiorcal (barr ar chlé); |
|
|
an litir T sa dara ciorcal (barr ar dheis); |
|
|
an litir T sa tríú ciorcal (bun ar dheis); |
|
|
uimhir aitheantais dhéirí táirgthe an ‘Taleggio’ sa cheathrú ciorcal (bun ar chlé). |
Fíor 1”
Scriosadh tagairtí reachtacha atá as dáta.
Cuireadh an focal “lógó” in ionad an téarma “branda” chun an tsiombail a stampáiltear ar an gcáis a chur in iúl, agus cuireadh an focal “stampa” ina ionad agus tagairt á déanamh don uirlis phlaisteach lena ndéantar macasamhail den lógó atá ag éirí aníos.
Cuirtear an stampa ar dhromchla na cáise nuair a chuirtear sa mhúnla í, chun go stampálfar an lógó ar éadan cothrom den cháis agus í á próiseáil.
Modh táirgthe
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2)(e) den tsonraíocht atá i bhfeidhm. Ina theannta sin, cuireadh cuid d’Airteagal 6 den tsonraíocht leis an airteagal seo, áit a bhfuil sí níos oiriúnaí, agus leagtar amach i bpointe 3.3 den doiciméad aonair í.
Rinneadh ord na gcéimeanna próiseála a athscríobh agus cuireadh roinnt sonraí isteach.
An téacs mar atá:
“A mhéid a bhaineann leis an tuairisc ar an modh trína bhfaightear cáis ‘Taleggio’, is féidir linn a rá gur sraith céimeanna atá i gceist leis na modhanna táirgthe agus próiseála, ar féidir achoimre a dhéanamh orthu mar seo a leanas:
|
|
An saothrán tús gabhála a ullmhú |
|
|
Téachtadh an bhainne |
|
|
Briseadh suas an ghrutha |
|
|
Cur sna múnlaí |
|
|
An chóireáil teasa |
|
|
Iompú sna múnlaí |
|
|
An sailleadh |
|
|
An t-iompú |
|
|
An t-aibiú” |
Cuireadh an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Airteagal 5 - Modh táirgthe
‘Déantar cáis “Taleggio” (STFC) as bainne bó, ar bainne de chuid bó a thógtar sa limistéar tionscnaimh é.
Ar bhonn bliantúil, ní mór 50 % ar a laghad den ábhar tirim i mbeatha na mbó a theacht ón limistéar tionscnaimh.
Is éard atá sa bheatha eallaigh gránaigh, farae tirim, farae glas agus sadhlas.
Féadfar é sin a fhorlíonadh le dlúthbhia agus/nó le ciondáil phróitéine le haghaidh eallaigh. Údaraítear úsáid a bhaint as forlíontaí mianraí agus vitimíní.’
Chun a áirithiú go bhfeidhmíonn siad go heacnamúil, tá sé ríthábhachtach go mbíonn gabháltais in ann a oiread beatha agus is féidir a fháil ó laistigh den ghabháltas, i gcás inar féidir; mar sin féin, de dheasca na haeráide atá ag éirí níos deacra a thuar (tréimhsí a mbíonn báisteach throm iontu a chuireann moill ar chur síolta nó cosc leis agus tréimhsí triomaigh thromchúisigh a laghdaíonn an méid is féidir a shábháil), tá an leibhéal táirgthe suas agus síos le blianta beaga anuas agus is minic a bhí sé níos ísle ná mar a bhí coinne leis, i bhfianaise ardcháilíocht ghéiniteach agus éilimh measartha ard an bheostoic. Is fearr, dá bhrí sin, a ráthú go dtagann 50 % ar a laghad den ábhar tirim sa bheatha eallaigh ón limistéar tionscnaimh; is beart réamhchúraim amháin é sin atá i gcomhréir leis na rialacháin. Leis an gcéatadán sin, ráthaítear ar aon chuma go gcaomhnaítear an nasc idir aiste bia an eallaigh agus saintréithe an bhainne, atá ina mbunús lena oiriúnacht chun ‘Taleggio’ a dhéanamh. Ina theannta sin, leis an gcéatadán sin, is féidir micreaflóra athchogantach an bheostoic – a mbaineann ard-saintréithe géiniteacha leis – a chaomhnú, agus tionchar a imirt mar sin ar cháilíocht an amhábhair. Ní mór cáis ‘Taleggio’ a tháirgeadh agus a aibiú sa limistéar táirgthe i gcomhréir leis na cleachtais seo a leanas:
|
|
An saothrán tús gabhála nó an giosta arna roghnú a ullmhú |
|
|
Téachtadh an bhainne |
|
|
Gearradh an ghrutha |
|
|
Cur sna múnlaí |
|
|
An stampáil |
|
|
An chóireáil teasa |
|
|
Iompú sna múnlaí |
|
|
An sailleadh |
|
|
An t-iompú |
|
|
An t-aibiú” |
Cuireadh abairt réamhráiteach isteach lena sainítear ar bhealach níos soiléire úsáid na beatha, mar a léirítear le Rialachán (AE) Uimh. 664/2014; leagtar an abairt sin amach i bpointe 3.3 den doiciméad aonair.
Leis an gceanglas nach mór 50 % ar a laghad den bheatha a theacht ón limistéar tionscnaimh, ráthaítear ar aon chuma go gcaomhnaítear an nasc idir aiste bia an eallaigh agus saintréithe an bhainne. Ní dhéanann sé difear, mar shampla, don chion saille agus próitéine a fhágann go bhfuil an bainne oiriúnach lena phróiseáil in “Taleggio”.
Cuireadh an fhoclaíocht “an giosta arna roghnú” agus an chéim “stampála” leis an achoimre ar an bpróiseas. Áirítear iad sa tuairisc cheana, ach ní dhéantar tagairt shonrach dóibh sa tsreabhchairt ar an bpróiseas. Cuireadh “Gearradh an ghrutha” in ionad “Briseadh suas an ghrutha” (is comhchiallaigh iad).
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2)(e), den tsonraíocht atá i bhfeidhm agus le pointe 3.3 den doiciméad aonair.
Cuireadh atheagar ar an tuairisc ar an amhábhar.
An téacs mar atá:
“Féadfar bainne paistéartha a úsáid. An bhinid a úsáidtear, ní mór gur binid leachtach ainmhithe a fhaightear ó laofheoil nó ó mhairteoil óg amháin í, agus ní gá go mbeadh cion comhionann i gceist leis sin. Ní fhéadfar binid a fhaightear ó mhiocrorgánaigh ghéinmhodhnaithe a úsáid. Is iad Lactobacillus bulgaricus agus Streptococcus thermophilus araon ba cheart a bheith sa saothrán tús gabhála. Féadfar saothrán tús gabhála nádúrtha a úsáid, a bhféadfar é a fháil ar an ngabháltas nó ó shaothráin arna roghnú.”
Cuireadh an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Féadfar bainne amh nó paistéartha a úsáid.
Is iad Lactobacillus delbrueckii bulgaricus agus Streptococcus thermophilus araon ba cheart a bheith sa saothrán tús gabhála. Féadfar saothrán tús gabhála nádúrtha a úsáid, a bhféadfar é a fháil ar an ngabháltas nó ó shaothráin arna roghnú.
Ní mór an téachtadh a dhéanamh le binid leachtach ainmhithe a fhaightear ó laofheoil nó ó mhairteoil óg amháin, agus ní gá go mbeadh cion comhionann i gceist leis sin.
Ní fhéadfar binid a fhaightear ó mhiocrorgánaigh ghéinmhodhnaithe a úsáid.”
Cuireadh atheagar ar an tuairisc ar an amhábhar. Sa leagan reatha den tsonraíocht, tugtar an rogha bainne a phaistéaradh. Tá sé intuigthe go bhféadfar an bainne a úsáid mar atá, mura ndéantar é a phaistéaradh. Sa leagan leasaithe, léirítear gur fearr an dara rogha, i.e. bainne amh a úsáid, rud a bhí ceadaithe cheana.
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2)(e) den tsonraíocht atá i bhfeidhm. Déantar tuairisc ar gach céim agus baineadh an méid ama a fhágtar an gruth. Moltar go gcumascfar na céimeanna múnlaithe agus stampála.
An téacs mar atá:
“Bristear an gruth suas faoi dhó. Ar dtús, bristear suas go garbh é agus fágtar é ar feadh 10-15 nóiméad ionas go n-éireoidh sé níos tibhe ag an bpointe sin agus tús á chur leis an síothlú. Ansin, bristear suas den dara huair é chun mealla cáise a fháil atá chomh mór le gallchnónna.
Ar chúiseanna teicniúla amháin, stampáiltear an comhartha tionscnaimh ar éadan cothrom le linn na cóireála teasa, ag an gcéim iompaithe tar éis an gruth a mhúnlú.”
Cuireadh an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Gearrtar an gruth roinnt uaireanta. Ar dtús, gearrtar go garbh é agus fágtar é ionas go n-éireoidh sé níos tibhe ag an bpointe sin agus tús á chur leis an síothlú. Gearrtar é tar éis sin chun mealla cáise a fháil atá chomh mór le gallchnónna. Cuirtear an gruth sna múnlaí agus stampáiltear an comhartha tionscnaimh ar éadan cothrom le linn na céime múnlaithe sin.”
Sainíodh na céimeanna próiseála ar bhealach níos fearr agus moltar go scriosfar an lua maidir leis an méid ama a fhágtar an gruth agus an lua maidir leis an líon uaireanta a bhristear suas é, mar d’fhéadfadh éagsúlacht a bheith ag baint leo ag brath ar na coinníollacha próiseála. Mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíocha agus ar an bhfeabhas atá tagtha ar na saothráin tús gabhála a úsáidtear go háirithe, is iad na déantóirí cáise a chinneann an méid ama is fearr an gruth a fhágáil chun dea-thoradh a bhaint amach, bunaithe ar an taithí atá acu.
Leis an leasú a iarrtar, déantar an múnlú agus an stampáil an tráth céanna: cuirtear an gruth i múnlaí agus stampáiltear an comhartha tionscnaimh ar éadan cothrom le linn na céime múnlaithe sin, chun gur soiléire a bheidh an comhartha ar an gcáis as sin amach. Fuarthas amach le linn na próiseála go mbíonn an comhartha níos stuama agus níos sofheicthe ag an gcéim rialaithe má stampáiltear é le linn an mhúnlaithe.
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2), pointe (e), den tsonraíocht atá i bhfeidhm. Baineann an leasú leis an gcéim cóireála teasa.
An téacs mar atá:
“Féadfaidh sé go mairfidh an chóireáil teasa tréimhse ama idir 8 n-uair an chloig ar a laghad agus 16 uair an chloig ar a mhéad. Coimeádtar an teocht idir thart ar 22 °C agus 25 °C agus bíonn an bhogthaise thart ar 90 %.”
Cuireadh an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Féadfaidh sé go mairfidh an chóireáil teasa tréimhse ama idir 8 n-uair an chloig ar a laghad agus 16 uair an chloig ar a mhéad. Coimeádtar an teocht idir thart ar 20 °C agus 28 °C agus bíonn an bhogthaise os cionn 80 %.”
Méadaíodh an raon teochta ag ar féidir an chóireáil teasa a dhéanamh agus íslíodh an céatadán íosta le haghaidh bhogthaise an tseomra stórais.
Déantar an chóireáil teasa uaireanta i seomraí stórais measartha mór a osclaítear agus a dhúntar go minic. Is deacair, dá bhrí sin, cloí le leibhéil sheasta teochta agus bogthaise mar is minic a bhíonn tionchar orthu ag dálaí seachtracha aeráide agus ag an taise i míreanna a thagann isteach sa seomra.
Tabhair faoi deara nach ndéanann an t-athrú sin difear do shaintréithe an táirge chríochnaithigh.
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2), pointe (e), den tsonraíocht atá i bhfeidhm. Baineann an leasú leis an gcéim shaillte.
An téacs mar atá:
“Déantar an sailleadh le salann tirim. Údaraítear an sailleadh faoi sháile freisin ós rud é go bhfuil forbairt tagtha ar na dálaí teicneolaíochta.”
Cuireadh an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Féadfar an sailleadh a dhéanamh le salann tirim agus/nó faoi sháile.”
Rinneadh foclaíocht na habairte maidir leis an sailleadh a shimpliú.
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2), pointe (e), den tsonraíocht atá i bhfeidhm. Baineann an leasú leis an gcéim aibithe.
An téacs mar atá:
“Timpeallachtaí ina ndéantar an cháis a aibiú, ní mór leibhéal bogthaise (nádúrtha nó rialaithe) 85-90 % agus leibhéal teochta idir 2 °C agus 6 °C a bheith iontu.”
Cuireadh an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Timpeallachtaí ina ndéantar an cháis a aibiú, ní mór leibhéal bogthaise (nádúrtha nó rialaithe) os cionn 80 % agus leibhéal teochta idir 1 °C agus 6 °C a bheith iontu.”
Moltar go n-ísleofar an teocht íosta le haghaidh aibiú na cáise agus go socrófar ar bhealach níos cruinne céatadán íosta na bogthaise.
Ós rud é go ndéantar an t-aibiú i dtimpeallachtaí nádúrtha (uaimheanna traidisiúnta) agus chomh maith leis sin i seomraí stórais a osclaítear agus a dhúntar go minic, is deacair cloí le leibhéil sheasta teochta agus bogthaise mar is minic a bhíonn tionchar ag dálaí seachtracha aeráide orthu sin, go háirithe le linn na dtréimhsí is teo den bhliain.
Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé gur gá teocht an tseomra stórais a ísliú céim amháin chun na coinníollacha aibithe a choimeád oiriúnach; tá nasc chomh maith idir cion taise iarbhír an táirge agus athruithe séasúracha. Bíonn tionchar freisin ag coinníollacha seachtracha aeráide ar an aibiú in uaimheanna nádúrtha nó i seomraí stórais faoi thalamh lena mbaintear úsáid as athshruthú aeir sléibhe.
Mar sin, is mionathruithe riachtanacha iad sin nach ndéanann difear do shaintréithe an táirge chríochnaithigh.
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2), pointe (e), den tsonraíocht atá i bhfeidhm. Baineadh an ceanglas maidir le héadach a úsáid le linn an aibithe.
An téacs mar atá:
“Le linn na tréimhse aibithe, a mhaireann 35 lá ar a laghad, ní mór an cháis a iompú go minic agus í a chóireáil le héadach arna fhliuchadh le sáile chun an craiceann a choimeád tais bog agus chun na hífí a bhaint, rud a fhágann an tráth céanna an dath ar leith sin ar cháis ‘Taleggio’ agus a dhéanann cáis faoi leith di.”
Cuireadh an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Le linn na tréimhse aibithe, a mhaireann 35 lá ar a laghad, ní mór an cháis a iompú go minic agus an craiceann a chóireáil le tuaslagán uisce agus salainn chun í a choimeád tais bog agus chun na hífí a bhaint, rud a fhágann an dath ar leith sin ar cháis ‘Taleggio’ agus a dhéanann cáis faoi leith di.”
Baineadh an ceanglas maidir le héadach a úsáid ós rud é gur fhág athruithe teicneolaíocha i gcaitheamh na mblianta gur féidir úsáid a bhaint as ábhair éagsúla atá níos éasca a bhainistiú ó thaobh an tsláinteachais de, rud a fhágann go bhfuil táirgeoirí i bhfabhar scuaba a úsáid in ionad éadaí, toisc go bhfuil siad níos éifeachtaí maidir leis an gcraiceann a ghlanadh le huisce agus le salann le linn an phróisis aibithe. Is foireann shaineolach a dhéanann an tasc i gcónaí, i gcomhréir leis an bpróiseas traidisiúnta táirgthe.
Nasc
Baineann an leasú le pointe 5 den doiciméad aonair agus le hAirteagal 4(2)(d) agus (f), den tsonraíocht atá i bhfeidhm.
Na míreanna a bhí faoi Airteagal 4(2)(d) agus (f), den tsonraíocht atá i bhfeidhm faoi láthair roimhe seo, rinneadh iad a athbhreithniú, a aistriú nó a scriosadh chun an t-airteagal nua a fhoirmliú.
Rinneadh an mhír maidir leis an nasc a athshaothrú agus a cheartú, agus leagtar amach anseo thíos í.
“Airteagal 6 - Nasc leis an limistéar geografach
Go bunúsach, is í timpeallacht gheografach ‘Taleggio’ is cúis leis na tréithe atá aige, toisc gur mar gheall ar shaintosca daonna agus nádúrtha an limistéir ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear agus ina n-aibítear an cháis a tréithe ar leith nach féidir aithris a dhéanamh orthu aici.
Tagraíonn an t-ainm ‘Taleggio’ do limistéar geografach ar leith sa Lombaird lena gcumhdaítear gleannta Valsassina agus Val Taleggio, mar aon leis an sráidbhaile a bhfuil an t-ainm céanna air.
Scaipeadh táirgeadh na cáise ar fud an limistéir a shainmhínítear i bpointe 4 mar gheall ar an mbuailteachas, is é sin go dtagadh ainmhithe agus bergamini (aoirí áitiúla) anuas ó na sléibhte chun an mhachaire le haghaidh an gheimhridh.
Na tosca a léiríonn an nasc idir cáilíocht an táirge agus an limistéar geografach tionscnaimh, tá baint nach beag acu le saineolas agus traidisiún déanta cáise na dtáirgeoirí, leis na coinníollacha áirithe saillte ar glacadh leo agus leis an teicníc aibithe; tá tábhacht freisin le dálaí geografacha an limistéir, i.e. an aeráid, na barra foráiste agus an córas uiscithe atá i dtreis.
Bíonn tionchar ag tosca aeráide agus agra-zóiteicniúla ar an mbainne a tháirgtear, bainne atá oiriúnach don chineál sonrach déanta agus aibithe cáise, agus ar bhunús agus ar fhorbairt mhicreaflóra an bhainne.
Tá dlúthbhaint ag cáilíocht an bhainne a bheartaítear lena phróiseáil le limistéar tionscnaimh an táirge STFC, áit a bhfásann farae (féar, gránaigh, barra próitéine/ola, etc.) go flúirseach mar gheall ar an gcóras cuimsitheach uiscithe.
Sa lá atá inniu ann, fós ní úsáidtear ach bainne, binid agus salann chun an cháis a tháirgeadh, agus ní cheadaítear an craiceann a chóireáil ar bhealach ar bith ná breiseáin ná aidiúvaigh de chineál ar bith a chur isteach, i gcomhréir le teicnící traidisiúnta próiseála. Ina theannta sin, úsáidtear adhmad go forleathan fós chun cáis ‘Taleggio’ a iompar (cliathbhoscaí) agus chun í a aibiú (cláir adhmaid). Leis an ábhar sin, ligtear aer isteach sa cháis agus scaoiltear an meadhg breise, lenar féidir léi teacht in aibíocht ar an ngnáthbhealach, arb ionann é agus an chaoi a ndéantaí é níos mó ná míle bliain ó shin.
Tá eolas traidisiúnta lucht déanta na cáise á thabhairt ar aghaidh leis na céadta blianta agus níl a shárú ann: tá an saineolas sin ríthábhachtach, ní hamháin ag céim próiseáilte an bhainne, ach ag na céimeanna níos faide ar aghaidh freisin.
Déantar an sailleadh le salann tirim agus/nó faoi sháile; is oibríocht í a mbraitheann rath ‘Taleggio’ go mór uirthi, ar cáis í a aibítear de ghnáth go láraimsitheach.
Cónaíonn micreaflóra nádúrtha measctha ar dhromchla cháiseanna ‘Taleggio’ a mbíonn Scitsimícéití, a bhaineann le fine Micrococcaceae, agus Eoimícéití i gcónaí i dteannta a chéile ann, lena n-áirítear Geotrichum candidum, Mucor racemosus, Penicillium frequentans agus giostaí faoi na géinis Torulaspora agus Saccharomyces.
Dá bhrí sin, tagann an cháis in aibíocht mar gheall ar ghníomhaíocht an mhicreaflóra seo a thagann ón timpeallacht ag céim an táirgthe (déirí cáise) agus ag céim an aibithe (uaimh nó seomra stórais) araon, agus is leis sin a thugtar do ‘Taleggio’ a shaintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha, go háirithe dath bándearg an chraicinn; an uigeacht, a bhíonn teann go hiondúil ach níos boige sa chuid díreach faoi bhun an chraicinn; agus an blas, a bhíonn suntasach, milis, cumhra agus cothrom, a mheabhraíonn bainne agus a fhágann iarbhlas strufail sa bhéal. Roghnaítear speicis mhiocróbacha dhúchasacha sa timpeallacht aibithe mar gheall ar an teocht, ar an mbogthaise agus ar láithreacht an táirge féin. Tagann an cháis in aibíocht go timthriallach agus tagann micreaflóra chun cinn ar a dromchla, micreaflóra a bhfuil na feidhmeanna tábhachtacha seo a leanas leis:
|
(a) |
uigeacht a fhorbairt sa chraiceann, rud a chruthaítear sa chéad áit de thoradh ar chruachan nádúrtha na cáise nuair a thagann sí i dteagmháil leis an aer, ‘feilt’ atá ceangailte leis an taos á cruthú dá barr (Geotrichum agus giostaí); |
|
(b) |
an dath faoi leith rosé a tháirgeadh mar gheall ar na micreachocais; |
|
(c) |
an próitéilíseas a spreagadh, arb iad na géinis Penicillium agus Mucor atá freagrach as go príomha, mar aon le giostaí agus Micrococcaceae, ar bhonn níos lú; |
|
(d) |
an lipealú a spreagadh, mar gheall ar ghníomhaíocht ghéineas Geotrichum agus giostaí go príomha, mar aon le Penicillium agus Mucor. |
An ghníomhaíocht chasta einsímeach sin i micreaflóra an chraicinn, tarlaíonn sí mar gheall ar phatrún láraimsitheach an aibithe, i.e. ón taobh amuigh isteach.
Na céimeanna táirgthe eile, ó roghnú na gcomhábhar a úsáidtear (bainne, binid agus saothráin), go dtí an teocht agus an bhogthaise, agus ar deireadh, an sailleadh agus an salinatura (an cháis a ní le huisce agus le salann), rannchuidíonn siad freisin le saintréithiú cháis ‘Taleggio”.
Lipéadú
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2)(h) agus le pointe 3.6 den doiciméad aonair.
An téacs mar atá:
“Ós rud é go ndíoltar ‘Taleggio’ freisin le pacáistíocht air, agus dá bhrí sin go mbíonn sé clúdaithe, cuirtear comhartha ar an bhforphacáistíocht freisin.
Maidir leis an gcomhartha sin (féach an íomhá i gceangal), bíonn teorainn dhearg ar an taobh istigh de, teorainn ghlas ar an taobh amuigh de agus teorainn bhán eatarthu.
Sa lár bíonn lógó cháis ‘Taleggio’, a bhféadfar uimhir an chuideachta pacáistithe a chur faoina bhun. Ní mór an pacáistiú a dhéanamh sa limistéar tionscnaimh amháin, ionas gur féidir an limistéar a shainaithint le linn na céime margaíochta. Ina theannta sin, cláraíodh an comhartha thuasluaite i gcomhréir leis an dlí.”
Cuireadh an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Airteagal 8 - Pacáistiú agus lipéadú
Nuair a scaoiltear aon cháis ‘Taleggio’ (STFC) lena tomhailt, bíodh sí ina hiomláine agus/nó i gcodanna, ní mór ainm ‘Taleggio’ a léiriú ar a pacáistiú.
Ní mór an lógó a thaispeántar thíos i bhFíor 2 a léiriú air freisin, lógó a mbíonn teorainn dhearg istigh, teorainn ghlas lasmuigh agus teorainn bhán eatarthu. Bíonn dath dubh ar an acrainm CTT sa lár agus féadfar a chur faoina bhun sin an uimhir arna sannadh ag an gcomhlachas cosanta don chuideachta a bhfuil an trádmharc ina seilbh aici. Féadfar an lógó a phriontáil in aon dath amháin freisin.
Fíor 2
Ní mór tagairt don rialachán a bhaineann le clárú ‘Taleggio’ (STFC), mar atá ‘Rialachán (CE) Uimh. 1107/96’, a bheith tar éis an lógó sin. Cláraíodh an lógó thuas i gcomhréir leis an dlí.
Ar mhaithe le cosaint an tomhaltóra, d’fhonn barántúlacht cháis ‘Taleggio’ (STFC) réamhphacáistithe agus roinnte a ráthú nuair a chuirtear ar an margadh í, ní mór í a roinnt agus a phacáistiú ina dhiaidh sin sa limistéar geografach sainithe dá dtagraítear in Airteagal 3.
Ba cheart a thabhairt faoi deara go ndéanann an comhlachas cosanta comhaltaí ar táirgeoirí iad a shainaithint le huimhreacha ó 1 go 299, agus comhaltaí ar aibitheoirí iad le huimhreacha ó 301 go 499.”
Pacáistiú
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2)(h) den tsonraíocht agus le pointe 3.5 den doiciméad aonair.
An téacs mar atá:
“ [...] uimhir an chuideachta pacáistithe [...]. Ní mór an pacáistiú a dhéanamh sa limistéar tionscnaimh amháin, ionas gur féidir an limistéar a shainaithint le linn na céime margaíochta.”
Cuireadh an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Airteagal 8 - Pacáistiú agus lipéadú
Nuair a scaoiltear aon cháis ‘Taleggio’ (STFC) lena tomhailt, bíodh sí ina hiomláine agus/nó i gcodanna, ní mór ainm ‘Taleggio’ a léiriú ar a pacáistiú. Ní mór an lógó a thaispeántar thíos i bhFíor 2 a léiriú air freisin, ina a mbíonn teorainn dhearg istigh, teorainn ghlas lasmuigh agus teorainn bhán eatarthu. Bíonn dath dubh ar an acrainm CTT sa lár agus féadfar a chur faoina bhun sin an uimhir arna sannadh ag an gcomhlachas cosanta don chuideachta a bhfuil an trádmharc ina seilbh aici. Féadfar an lógó a phriontáil in aon dath amháin freisin.
Fíor 2
Ní mór tagairt don rialachán a bhaineann le clárú ‘Taleggio’ (STFC), mar atá ‘Rialachán (CE) Uimh. 1107/96’, a bheith tar éis an lógó sin. Cláraíodh an lógó thuas i gcomhréir leis an dlí.
Ar mhaithe le cosaint an tomhaltóra, d’fhonn barántúlacht cháis ‘Taleggio’ (STFC) réamhphacáistithe agus roinnte a ráthú nuair a chuirtear ar an margadh í, ní mór í a roinnt agus a phacáistiú ina dhiaidh sin sa limistéar geografach sainithe dá dtagraítear in Airteagal 3.
Ba cheart a thabhairt faoi deara go ndéanann an comhlachas cosanta comhaltaí ar táirgeoirí iad a shainaithint le huimhreacha ó 1 go 299, agus comhaltaí ar aibitheoirí iad le huimhreacha ó 301 go 499.”
Rinneadh an chéad chuid, a bhaineann leis an gcomhartha, a athdhréachtú chun tuilleadh soiléireachta a áirithiú.
A mhéid a bhaineann le roinnt an táirge, na rialacha sa tsonraíocht reatha a údaraíodh nuair a cláraíodh an STFC, tá siad le fágáil gan athrú.
Ar mhaithe le cosaint an tomhaltóra, d’fhonn barántúlacht cháis “Taleggio” (STFC) réamhphacáistithe agus roinnte a ráthú nuair a chuirtear ar an margadh í, ní mór í a roinnt agus a phacáistiú ina dhiaidh sin sa limistéar geografach sainithe. Déantar é sin chun barántúlacht STFC “Taleggio” a ráthú, mar le roinnt agus pacáistiú ina dhiaidh sin, d’fhágfaí nach mbeadh na comharthaí a stampáiltear ar cháis iomlán, lena n-aithnítear gur “Taleggio” (STFC) í, le feiceáil a thuilleadh.
Cinneadh an chuid a bhaineann le pacáistiú cáiseanna iomlána agus an tagairt don mhiondíol (le tabhairt leat) a scriosadh, ós rud é go rialaítear iad cheana le rialacha sainordaitheacha agus gur gníomhaíochtaí iad atá faoi réir maoirseachta ag an gcomhlachas cosanta nach gcumhdaítear leis an tsonraíocht táirge.
Scriosadh an abairt seo a leanas: “Sa bhreis ar chomhaltaí an chomhlachais chosanta, féadfar pacáisteoirí údaraithe atá cláraithe leis cáis ‘Taleggio’ (STFC) a phacáistiú freisin. Mar sin féin, má tá siad suite lasmuigh den limistéar tionscnaimh, ní fhéadfaidh siad ach cáiseanna iomlána ‘Taleggio’ a phacáistiú.”
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2)(a), den tsonraíocht, a ndéantar Airteagal 1 de sa tsonraíocht nua, agus cuirtear isteach faoi phointe 3.2 den doiciméad aonair é.
An téacs mar atá:
“Is é ‘Taleggio’ ainm an bhia-earra a chumhdaítear leis an sonrúchán tionscnaimh. Aithníodh é le Foraithne ón Uachtarán an 15 Meán Fómhair 1988.”
Cuireadh an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Airteagal 1 - Ainm
‘Sanntar an sonrúchán ‘Taleggio’ (STFC) go heisiach ar cháis bhog bhoird de chineál taois amh a dhéantar go heisiach as bainne (amh nó paistéartha) iomlán bó, ar cáis í a chomhlíonann na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos sa tsonraíocht táirge seo.”
Leis an bhfoclaíocht nua, féadfar tagairtí reachtacha atá as dáta a bhaint. Thairis sin, cuireadh an tuairisc táirge ar “Taleggio” atá in Airteagal 4(2)(b) faoi láthair isteach agus léiríodh go follasach go bhféadfar bainne amh nó paistéartha a úsáid, mar a luaitear cheana in Airteagal 4(2)(e), den tsonraíocht reatha.
Baineann an leasú le hAirteagal 4(2)(i), den tsonraíocht atá i bhfeidhm
Rinneadh an t-airteagal maidir le rialuithe a athscríobh agus a athfhoirmliú i gcomhréir le forálacha Airteagail 36 agus 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.
Leagtar amach an t-airteagal maidir le rialuithe thíos:
“Airteagal 7 - Rialuithe
I gcomhréir le forálacha Airteagail 36 agus 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, is é an comhlacht cigireachta údaraithe a dhéanfaidh fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge sula gcuirtear an táirge ar an margadh.
Is é Certiprodop S.r.l. a dhéanann seiceálacha ar chomhlíonadh shonraíocht táirge ‘Taleggio’ (STFC) - Oifig chláraithe: Via del Macello 26, Crema - Oifigí Riaracháin: Via del commercio 29, 26013 Crema (CR) - Teileafón: 0373/259662 - Facs: 0373/253530 - Ríomhphost: info@certiprodop.it”.
DOICIMÉAD AONAIR
“Taleggio”
Uimh. AE: PDO-IT-0025-AM01 – 3 Lúnasa 2020
STFC (X) TGFC ( )
1. Ainm(neacha) an [STFC nó TGFC]
“Taleggio”
2. Ballstát nó tríú tír
An Iodáil
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. Cineál táirge [mar atá in Iarscríbhinn XI]
Aicme 1.3. Cáiseanna
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Sanntar an sonrúchán “Taleggio” (STFC) go heisiach ar cháis bhog bhoird de chineál taois amh a dhéantar go heisiach as bainne (amh nó paistéartha) iomlán bó, ar bainne de chuid bó a thógtar sa limistéar geografach tionscnaimh é, binid, salann agus saothráin tús gabhála lachtacha, ar cáis í a chomhlíonann na coinníollacha agus na ceanglais a liostaítear thíos.
Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith ag cáis a bhaineann leas as STFC “Taleggio”:
Cruth: bloc dronuilleogach a bhfuil éadain chothroma agus sáil dhíreach air.
Méid: leithead na n-éadan cothrom ó 18 go 22 cm, airde na sáile ó 4 go 7 cm, le cuid bheag éagsúlachta ag brath ar na coinníollacha teicniúla táirgthe.
Meáchan: sa raon idir 1.5 kg agus 2.5 kg, a thomhaistear ag deireadh na híostréimhse aibithe mar atá 35 lá.
Ceadaítear lamháltas ± 10 % maidir le huasluachanna agus le híosluachanna airde na sáile.
Craiceann: tanaí, uigeacht bhog, dath nádúrtha bándearg (L ≤ 77 a/b ≥ 0,2 ar dhathmhéadar tríspreagthach), le sain-mhicreaflóra uirthi. Ní cheadaítear an craiceann a chóireáil ach amháin le huisce agus le salann.
Taos: uigeacht mhín le cúpla súil bheag bhídeach a bhíonn scaipthe go neamhrialta. Bíonn an cháis teann go hiondúil ach níos boige sa chuid díreach faoi bhun an chraicinn.
Dath an taois: bán go gealbhuí.
Blas: suntasach, milis, cumhra agus cothrom; meabhraítear bainne agus fágtar iarbhlas strufail sa bhéal.
Saintréithe ceimiceacha: íoschion saille 48 % den ábhar tirim; íosmhéid ábhair thirim 46 %; uaschion taise 54 %; 14 mg fúraisín ar a mhéad in aghaidh 100 g próitéine.
Ní fhéadfar an táirge a scaoileadh lena thomhailt má tá sé reoite nó má bhí sé reoite roimhe sin.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
Ar bhonn bliantúil, ní mór 50 % ar a laghad den ábhar tirim i mbeatha na mbó a theacht ón limistéar tionscnaimh. Is éard atá sa bheatha eallaigh gránaigh, farae tirim, farae glas agus sadhlas. Féadfar é sin a fhorlíonadh le dlúthbhia agus/nó le ciondáil phróitéine le haghaidh eallaigh. Údaraítear úsáid a bhaint as forlíontaí mianraí agus vitimíní.
Chun a áirithiú go bhfeidhmíonn siad go heacnamúil, tá sé ríthábhachtach go mbíonn gabháltais in ann a oiread beatha agus is féidir a fháil ó laistigh den ghabháltas, i gcás inar féidir; mar sin féin, le blianta beaga anuas, de dheasca na haeráide atá ag éirí níos deacra a thuar (tréimhsí a mbíonn báisteach throm iontu a chuireann moill ar chur síolta nó cosc leis ag sealaíocht le tréimhsí triomaigh thromchúisigh a laghdaíonn an méid is féidir a shábháil), is mór atá idir an leibhéal táirgthe agus is minic a bhí sé níos ísle ná mar a bhí coinne leis, i bhfianaise ardcháilíocht ghéiniteach agus éilimh measartha ard an bheostoic. Is fearr, dá bhrí sin, a ráthú go dtagann 50 % ar a laghad den ábhar tirim sa bheatha eallaigh ón limistéar tionscnaimh; is beart réamhchúraim amháin é sin atá i gcomhréir leis na rialacháin.
Leis an céatadán sin, ráthaítear ar aon chuma go gcaomhnaítear an nasc idir aiste bia an eallaigh agus saintréithe an bhainne, atá ina mbunús lena oiriúnacht chun “Taleggio” a dhéanamh. Ina theannta sin, is féidir leis an gcion sin micreaflóra athchogantach an bheostoic – a mbaineann ard-saintréithe géiniteacha leis – a chaomhnú, agus tionchar a imirt mar sin ar cháilíocht an amhábhair.
Déantar cáis “Taleggio” (STFC) as bainne amh nó paistéartha bó, binid, salann agus saothráin tús gabhála lachtacha.
3.4. Céimeanna sonracha den táirgeadh nach mór a thabhairt sa limistéar geografach sainithe
Gach céim den phróiseas táirgthe, ó thógáil go bleán an eallaigh, ó dhéanamh go haibiú na cáise, ní mór iad a thabhairt laistigh den limistéar geografach a shainítear i bpointe 4.
3.5. Sainrialacha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ar mhaithe le cosaint an tomhaltóra, d’fhonn barántúlacht cháis “Taleggio” (STFC) réamhphacáistithe agus roinnte a ráthú nuair a chuirtear ar an margadh í, ní mór í a roinnt agus a phacáistiú ina dhiaidh sin sa limistéar geografach a shainítear i bpointe 4.
Ba cheart a thabhairt faoi deara go ndéanann an comhlachas cosanta comhaltaí ar táirgeoirí iad a shainaithint le huimhreacha ó 1 go 299, agus comhaltaí ar aibitheoirí iad le huimhreacha ó 301 go 499.
Is gá é sin a dhéanamh mar cailltear na comharthaí lena sainaithnítear cáis iomlán mar “Taleggio” (STFC) nuair a roinntear í, nó ní féidir iad a fheiceáil ar an gcáis roinnte, mar sin ní mór tionscnamh an táirge réamhphacáistithe a ráthú.
Ní fhéadfar codanna cáise a bhaineann leas as STFC “Taleggio” a phacáistiú lasmuigh den limistéar tionscnaimh ach amháin san áit mhiondíola agus arna iarraidh sin ag an tomhaltóir (de réir na coda), nó féadfar codanna cáise a phacáistiú san áit mhiondíola freisin chun iad a dhíol go díreach (le tabhairt leat).
‘Ar mhaithe le cosaint an tomhaltóra, d’fhonn barántúlacht cháis “Taleggio” (STFC) réamhphacáistithe agus roinnte a ráthú nuair a chuirtear ar an margadh í, ní mór í a roinnt agus a phacáistiú ina dhiaidh sin sa limistéar geografach.
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Nuair a chuirtear ar an margadh iad, ní mór comhartha tionscnaimh a léiriú ar cháiseanna iomlána “Taleggio” (STFC).
Déantar lógó STFC “Taleggio” a stampáil ar éadan cothrom den cháis tar éis í a iompú den dara huair agus sula ndéantar í a shailleadh ionas go mbíonn an comhartha le feiceáil go soiléir fiú nuair a bhíonn an cháis aibí agus mar sin nuair a scaoiltear í lena tomhailt.
Is as plaisteach gráid bia a dhéantar an stampa, arb éard atá ann ceithre chiorcal: iad leagtha amach i gcearnóg. Bíonn na litreacha agus na huimhreacha seo a leanas laistigh de na ciorcail (Fíor 1):
|
|
an litir T sa chéad chiorcal (barr ar chlé); |
|
|
an litir T sa dara ciorcal (barr ar dheis); |
|
|
an litir T sa tríú ciorcal (bun ar dheis); |
|
|
uimhir aitheantais dhéirí táirgthe an “Taleggio” sa cheathrú ciorcal (bun ar chlé). |
Fíor 1
Nuair a scaoiltear aon cháis “Taleggio” (STFC) lena tomhailt, bíodh sí ina hiomláine agus/nó i gcodanna, ní mór ainm “Taleggio” a léiriú ar a pacáistiú.
Ní mór an lógó a thaispeántar thíos i bhFíor 2 a léiriú air freisin, ina a mbíonn teorainn dhearg istigh, teorainn ghlas lasmuigh agus teorainn bhán eatarthu. Bíonn dath dubh ar an acrainm CTT sa lár agus féadfar a chur faoina bhun sin an uimhir arna sannadh ag an gcomhlachas cosanta don chuideachta a bhfuil an trádmharc ina seilbh aici. Féadfar an lógó a phriontáil in aon dath amháin freisin.
Fíor 2
Ní mór tagairt don rialachán a bhaineann le clárú “Taleggio” (STFC), mar atá “Rialachán (CE) Uimh. 1107/96”, a bheith tar éis an lógó sin. Cláraíodh an lógó thuas i gcomhréir leis an dlí.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Is é críoch iomlán riaracháin chúigí Bergamo, Brescia, Como, Lecco, Cremona, Milano, Lodi, Monza Brianza, Pavia, Novara, Verbano-Cusio-Ossola agus Treviso an limistéar ina dtáirgtear, ina n-aibítear agus ina roinntear cáis a bhaineann leas as STFC “Taleggio”.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Go bunúsach, is í timpeallacht gheografach “Taleggio” is cúis leis na tréithe atá aige, mar is a bhuí le saintosca daonna agus nádúrtha an limistéir ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear agus ina n-aibítear an cháis atá a tréithe ar leith nach féidir aithris a dhéanamh orthu aici.
Tagraíonn an t-ainm “Taleggio” do limistéar geografach ar leith sa Lombaird lena gcumhdaítear gleannta Valsassina agus Val Taleggio, mar aon leis an sráidbhaile a bhfuil an t-ainm céanna air.
Scaipeadh táirgeadh na cáise ar fud an limistéir a shainmhínítear i bpointe 4 mar gheall ar an mbuailteachas, is é sin go dtagadh ainmhithe agus bergamini (aoirí áitiúla) anuas ó na sléibhte chun an mhachaire le haghaidh an gheimhridh.
Na tosca a léiríonn an nasc idir cáilíocht an táirge agus an limistéar geografach tionscnaimh, tá baint nach beag acu le saineolas agus traidisiún déanta cáise na dtáirgeoirí, leis na coinníollacha áirithe saillte ar glacadh leo agus leis an teicníc aibithe; tá tábhacht freisin le dálaí geografacha an limistéir, i.e. an aeráid, na barra foráiste agus an córas uiscithe atá i dtreis.
Bíonn tionchar ag tosca aeráide agus agra-zóiteicniúla ar an mbainne a tháirgtear, atá oiriúnach don chineál sonrach déanta agus aibithe cáise, agus ar bhunús agus ar fhorbairt mhicreaflóra an bhainne.
Tá dlúthbhaint ag cáilíocht an bhainne a bheartaítear lena phróiseáil le limistéar tionscnaimh an táirge STFC, áit a bhfásann farae (féar, gránaigh, barra próitéine/ola, etc.) go flúirseach mar gheall ar an gcóras cuimsitheach uiscithe.
Sa lá atá inniu ann, fós ní úsáidtear ach bainne, binid agus salann chun an cháis a tháirgeadh, agus ní cheadaítear an craiceann a chóireáil ar bhealach ar bith ná breiseáin ná aidiúvaigh de chineál ar bith a chur isteach, i gcomhréir le teicnící traidisiúnta próiseála. Ina theannta sin, úsáidtear adhmad go forleathan fós chun cáis “Taleggio” a iompar (cliathbhoscaí) agus chun í a aibiú (cláir adhmaid). Leis an ábhar sin, ligtear aer isteach sa cháis agus scaoiltear an meadhg breise, lenar féidir léi teacht in aibíocht ar an ngnáthbhealach, arb ionann é agus an chaoi a ndéantaí é níos mó ná míle bliain ó shin.
Tá eolas traidisiúnta lucht déanta na cáise á thabhairt ar aghaidh leis na céadta blianta agus níl a shárú ann: tá an saineolas sin ríthábhachtach, ní hamháin ag céim próiseáilte an bhainne, ach ag na céimeanna níos faide ar aghaidh freisin.
Déantar an sailleadh le salann tirim agus/nó faoi sháile; is oibríocht í a mbraitheann rath “Taleggio” go mór uirthi, ar cáis í a aibítear de ghnáth go láraimsitheach.
Cónaíonn micreaflóra nádúrtha measctha ar dhromchla cháiseanna “Taleggio” a mbíonn Scitsimícéití, a bhaineann le fine Micrococcaceae, agus Eoimícéití i gcónaí i dteannta a chéile ann, lena n-áirítear Geotrichum candidum, Mucor racemosus, Penicillium frequentans agus giostaí faoi na géinis Torulaspora agus Saccharomyces.
Dá bhrí sin, tagann an cháis in aibíocht mar gheall ar ghníomhaíocht an mhicreaflóra seo a thagann ón timpeallacht ag céim an táirgthe (déirí cáise) agus ag céim an aibithe (uaimh nó seomra stórais) araon, agus is leis sin a thugtar do “Taleggio” a shaintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha, go háirithe dath bándearg an chraicinn; an uigeacht, a bhíonn teann go hiondúil ach níos boige sa chuid díreach faoi bhun an chraicinn; agus an blas, a bhíonn suntasach, milis, cumhra agus cothrom, a mheabhraíonn bainne agus a fhágann iarbhlas strufail sa bhéal. Roghnaítear speicis mhiocróbacha dhúchasacha sa timpeallacht aibithe mar gheall ar an teocht, ar an mbogthaise agus ar láithreacht an táirge féin. Tagann an cháis in aibíocht go timthriallach agus tagann micreaflóra chun cinn ar a dromchla, micreaflóra a bhfuil na feidhmeanna tábhachtacha seo a leanas leis:
|
(a) |
uigeacht a fhorbairt sa chraiceann, rud a chruthaítear sa chéad áit de thoradh ar chruachan nádúrtha na cáise nuair a thagann sí i dteagmháil leis an aer, “feilt” atá ceangailte leis an taos á cruthú dá barr (Geotrichum agus giostaí); |
|
(b) |
an dath faoi leith rosé a tháirgeadh mar gheall ar na micreachocais; |
|
(c) |
an próitéilíseas a spreagadh, arb iad na géinis Penicillium agus Mucor atá freagrach as go príomha, mar aon le giostaí agus Micrococcaceae, ar bhonn níos lú; |
|
(d) |
an lipealú a spreagadh, mar gheall ar ghníomhaíocht ghéineas Geotrichum agus giostaí go príomha, mar aon le Penicillium agus Mucor. |
An ghníomhaíocht chasta einsímeach sin i micreaflóra an chraicinn, tarlaíonn sí mar gheall ar phatrún láraimsitheach an aibithe, i.e. ón taobh amuigh isteach.
Na céimeanna táirgthe eile, ó roghnú na gcomhábhar a úsáidtear (bainne, binid agus saothráin), go dtí an teocht agus an bhogthaise, agus ar deireadh, an sailleadh agus an salinatura (an cháis a ní le huisce agus le salann), rannchuidíonn siad freisin le saintréithiú cháis “Taleggio”.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
(Airteagal 6(1), an dara fomhír, den Rialachán seo)
Tá fáil ar théacs comhdhlúite na sonraíochta táirge ar an suíomh gréasáin seo a leanas: http://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/3335
Nó, tá fáil air freisin, de rogha air sin:
trí dhul chuig leathanach baile na hAireachta Beartais Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta (www.politicheagricole.it) agus cliceáil ar “Qualità” (ag barr an scáileáin ar dheis), agus ansin ar “Prodotti DOP IGP STG” (ar an taobh clé den scáileán) agus ar deireadh, ar “Disciplinari di Produzione all’esame dell’UE”.