ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 68

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
9 Feabhra 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 68/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10576 — BAIN CAPITAL / HELLMAN & FRIEDMAN / ATHENAHEALTH GROUP) ( 1 )

1


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN BANC CEANNAIS EORPACH

2022/C 68/02

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 30 Samhain 2021 ar thogra le haghaidh rialachán chun ceanglais inrianaitheachta a leathnú chuig aistrithe criptea-shócmhainní (CON/2021/37)

2


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 68/03

Rátaí malairte an euro — 8 Feabhra 2022

5


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 68/04

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10608 – CMA CGM / CLS BUSINESS) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

6

2022/C 68/05

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10582 - GAMALIFE / GOING CONCERN OF ZURICH INVESTMENTS LIFE) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

8

2022/C 68/06

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10595 – CERBERUS / HBCE (FRENCH RETAIL BANKING)) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

10

2022/C 68/07

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10589 – ADT / FORD NEXT / SNTNL) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

12


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

9.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 68/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10576 — BAIN CAPITAL / HELLMAN & FRIEDMAN / ATHENAHEALTH GROUP)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 68/01)

An 1 Feabhra 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10576. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN BANC CEANNAIS EORPACH

9.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 68/2


TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 30 Samhain 2021

ar thogra le haghaidh rialachán chun ceanglais inrianaitheachta a leathnú chuig aistrithe criptea-shócmhainní

(CON/2021/37)

(2022/C 68/02)

Réamhrá agus bunús dlí

An 14 agus an 20 Deireadh Fómhair 2021 fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Aontais Eorpaigh, faoi seach, ar thuairim a fháil ar thogra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus criptea-shócmhainní áirithe (athmhúnlú) (1) (dá ngairtear an “rialachán beartaithe” anseo feasta).

Is ar ar Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá inniúlacht BCE chun tuairim a thabhairt bunaithe, ós rud é go bhfuil ar áireamh sa rialachán beartaithe forálacha lena ndéantar difear do bhunchúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) maidir le beartas airgeadaíochta an Aontais a chur chun feidhme agus oibriú rianúil córas íocaíochta a chur chun cinn de bhun na chéad fhleisce agus an cheathrú fleasc d’Airteagal 127(2) den Chonradh; an rannchuidiú a dhéanann CEBC le cobhsaíocht an chórais airgeadais de bhun Airteagal 127(5) den Chonradh, agus an stádas dlíthairisceana atá ag nótaí bainc euro de bhun Airteagal 128(1) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim sin.

Barúlacha ginearálta

Is díol sásaimh do BCE an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach ceanglais inrianaitheachta a leathnú chuig criptea-shócmhainní trí bhíthin an rialacháin bheartaithe, ar cuid é den phacáiste maidir le Frithsciúradh Airgid/Comhrac in aghaidh Maoiniú Sceimhlitheoireachta (AML/CFT) (2) a ghlac an Coimisiún an 20 Iúil 2020.

Ós rud é go bhfuil aistrithe criptea-shócmhainní faoi réir rioscaí comhchosúla sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus atá ag baint le haistrithe cistí sreinge, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bheith faoi réir an leibhéil chéanna de cheanglais AML/CFT agus atá eintitis eile faoi oibleagáid. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do BCE an rialachán beartaithe mar bhealach chun cothroime iomaíochta a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní.

Is díol sásaimh do BCE ailíniú beartaithe chreat dlíthiúil an Aontais leis na Moltaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (Financial Action Task Force, FATF), go háirithe Moladh 16 (3), toisc go maolaítear leis rioscaí AML/CFT a bhaineann le haistrithe criptea-shócmhainní, agus ar an gcaoi sin go mbunófar cothroime iomaíochta idir aistrithe airgeadraí oifigiúla agus aistrithe criptea-shócmhainní chun mí-úsáid criptea-shócmhainní chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc. Cé gur cheart cothroime iomaíochta a bhaint amach maidir le déine na gceanglas AML/CFT is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní, ba cheart go ngabhfadh na ceanglais shonracha na rioscaí a bhaineann le gnéithe teicneolaíocha de chriptea-shócmhainní agus d’aistrithe criptea-shócmhainní. Mar shampla, sna ceanglais maidir le hinrianaitheacht aistrithe criptea-shócmhainní, ba cheart na gnéithe sonracha de na teicneolaíochtaí is bunús leis na haistrithe sin a chur san áireamh.

Chun rioscaí AML/CFT a mhaolú go héifeachtach, ba cheart an rialachán beartaithe a shoiléiriú chun aon amhras a sheachaint go gcumhdófaí idirbhearta idir tiachóga óstáilte agus tiachóga neamhóstáilte, agus gurb é an éifeacht atá leis sin go gcaithfear an fhaisnéis cheannann chéanna a bhaineann le haistrithe criptea-shócmhainní eile a bhailiú agus a stóráil. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta ábhartha dlúthfhaireachán a dhéanamh freisin ar fhorbairtí margaidh agus ar ghníomhaíochtaí sciúrtha airgid a bhaineann le criptea-shócmhainní gan úsáid a bhaint as soláthraithe seirbhísí nó i malartuithe díláraithe idir piaraí agus ba cheart bearta reachtacha breise a mholadh, i gcás inarb iomchuí, má fheictear ardú suntasach ar mhéideanna na n-idirbheart agus méadú ar úsáid na sócmhainní sin i gcás gníomhaíochtaí aindleathacha sa deighleog sin.

Ar deireadh, i bhfianaise luas tapa na bhforbairtí teicneolaíocha i réimse na gcriptea-shócmhainní, is den tábhacht é dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chreata i gcomhar leis na húdaráis ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, leis an earnáil phríobháideach.

1.   Sainmhíniú ar chriptea-shócmhainní agus raon feidhme an rialacháin bheartaithe

1.1

Bainfear úsáid sa rialachán beartaithe as an sainmhíniú ar “criptea-shócmhainní” a leagtar síos sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí Criptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (4) (an “rialachán beartaithe Markets in Crypto-assets (MiCA)” anseo feasta). Mar a thug BCE dá aire cheana féin (5), tá sainmhíniú leathan ar chriptea-shócmhainní sa rialachán beartaithe MiCA. Tuigeann BCE go bhfuil sé beartaithe a bheith ina shainmhíniú leathan uileghabhálach, agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé i gceist leis an rialachán beartaithe ceanglais inrianaitheachta a leathnú chuig gach criptea-shócmhainn, beag beann ar an mbunteicneolaíocht (teicneolaíocht mórleabhar dáilte nó eile) a úsáidtear chun iad a eisiúint.

1.2

Maidir le raon feidhme an rialacháin bheartaithe, tuigeann BCE gurb amhlaidh, mar atá sa rialachán beartaithe MiCA, nach bhfuil sé i gceist go gcumhdófaí leis criptea-shócmhainní arna n-eisiúint ag bainc cheannais ag gníomhú dóibh ina gcáil mar údarás airgeadaíochta. Mar sin féin, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun raon feidhme an rialacháin bheartaithe a ailíniú go hiomlán le raon feidhme an rialacháin bheartaithe MiCA, molann BCE é sin a léiriú go sainráite in aithrisí agus i bhforálacha an rialacháin bheartaithe.

2.   Tagairt d’airgeadraí oifigiúla

Tá tagairtí sa rialachán beartaithe don téarma “airgeadraí fiat” (6). I gcomhréir leis na Conarthaí agus le dlí airgeadaíochta an Aontais, is é an euro airgeadra aonair an limistéir euro, i.e. na Ballstáit sin a bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra. A mhéid a bhaineann leis na Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra, tagraítear sna Conarthaí go rialta d’airgeadraí na mBallstát sin. Ní thagraítear in aon áit sna Conarthaí don euro nó d’airgeadraí na mBallstát mar airgeadraí “fiat”. Sa chomhthéacs sin, ní iomchuí tagairt a dhéanamh i dtéacs dlíthiúil de chuid an Aontais do “airgeadraí fiat”. Ina ionad sin, ba cheart tagairt a dhéanamh sa rialachán atá beartaithe do “airgeadraí oifigiúla” (7).

3.   Dáta chur i bhfeidhm an rialacháin bheartaithe

Dá ndéanfaí dáta chur i bhfeidhm an rialacháin bheartaithe a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm an rialacháin bheartaithe MiCA, bheadh sé ina chuidiú ó thaobh na cobhsaíochta sistéamaí agus na cobhsaíochta airgeadais de, chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag an rialachán beartaithe maidir le haistrithe criptea-shócmhainní gan mhoill, seachas fanacht go dtiocfaidh an chuid eile den phacáiste AML i bhfeidhm. Mar a thug an Coimisiún dá aire, go dtí seo, d’fhan aistrithe sócmhainní fíorúla lasmuigh de raon feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, agus rioscaí ó thaobh sciúradh airgid agus maoiniú rioscaí sceimhlitheoireachta ann dá bharr sin do shealbhóirí criptea-shócmhainní, ós rud é gur féidir sreafaí airgid aindleathaigh a dhéanamh trí chriptea-shócmhainní a aistriú agus dochar á dhéanamh dá dheasca sin do shláine, do chobhsaíocht agus do chlú na hearnála airgeadais (8). Tá roinnt Ballstát tar éis reachtaíocht a rith maidir leis an bpointe sin cheana féin (9).

I gcás ina molann BCE go ndéanfaí an rialachán beartaithe a leasú, leagtar amach tograí sonracha maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leithligh a mbeidh téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 30 Samhain 2021.

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  COM(2021) 422 final.

(2)  Áirítear ar an bpacáiste freisin: (a) togra le haghaidh rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid (ML) nó maoiniú sceimhlitheoireachta (TF) (C(2021) 420 final); (b) togra le haghaidh treoir maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (C(2021) 423 final); agus (c) togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac in aghaidh Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) 1094/2010, (AE) 1095/2010 (C(2021) 421 final).

(3)  Féach na Moltaí ó FATF. Le fáil ar shuíomh gréasáin FATF ag https://www.fatf-gafi.org

(4)  COM(2020) 593 final.

(5)  Féach fonóta 12 a ghabhann le Tuairim CON/2021/4 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Feabhra 2021 maidir le togra le haghaidh rialachán maidir le Margaí Criptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (IO C 152, 29.4.2021, lch. 1.). Tá gach tuairim ó BCE le fáil ar EUR-Lex.

(6)  Féach aithrisí 8 agus 27 den rialachán beartaithe.

(7)  Féach mír 2.1.5 de Thuairim CON/2021/4 agus mír 1.1.3 de Thuairim CON/2016/49 ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 Deireadh Fómhair 2016 maidir le togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí agus lena leasaítear Treoir 2009/101/CE (IO C 459, 9.12.2016, lch. 3).

(8)  Féach an t-ochtú mír den chéad phointe de Roinn 1 den mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an rialachán beartaithe.

(9)  Mar shampla, an 1 Deireadh Fómhair 2021 tháinig reacht ó Aireacht Airgeadais na Gearmáine maidir le ceanglais fheabhsaithe díchill chuí le haghaidh aistriú criptea-shócmhainní (Verordnung über verstärkte Sorgfaltspflichten bei dem Transfer von Kryptowerten vom 24. September 2021 (BGBl. I S. 4465)) i bhfeidhm. Faoin Reacht, soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bhfuil criptea-shócmhainní á n-aistriú acu thar ceann glacadóir orduithe, ní mór dóibh ainm, seoladh agus uimhir chuntais (e.g. eochair phoiblí) an tabharthóra orduithe (e.g. an eochair phoiblí) a tharchur go comhuaineach agus go daingean chuig an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní atá ag gníomhú thar ceann an tairbhí. Ní mór don soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní atá ag gníomhú thar ceann an tairbhí a áirithiú go bhfaigheann sé agus go stórálann sé faisnéis tionscnóra agus faisnéis tairbhí. Tá inrianaitheacht iomlán na bpáirtithe a bhfuil baint acu le haistriú criptea-shócmhainní ceaptha a bheith ina huirlis chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus chun faireachán a dhéanamh ar imghabháil smachtbhannaí. Ceanglaítear leis an Reacht freisin ar eintitis faoi oibleagáid a áirithiú go mbailítear faisnéis faoi thairbhí nó faoi thionscnóir aistrithe i gcás ina ndéantar an t-aistriú ó thiachóg leictreonach nó chuig thiachóg leictreonach nach bhfuil á bhainistiú ag soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní, fiú mura bhfuil riosca ann go n-aistreofar sonraí.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

9.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 68/5


Rátaí malairte an euro (1)

8 Feabhra 2022

(2022/C 68/03)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,1408

JPY

yen na Seapáine

131,68

DKK

krone na Danmhairge

7,4437

GBP

punt steirling

0,84363

SEK

krona na Sualainne

10,4433

CHF

franc na hEilvéise

1,0545

ISK

króna na hÍoslainne

142,40

NOK

krone na hIorua

10,0758

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,259

HUF

forint na hUngáire

353,09

PLN

zloty na Polainne

4,5312

RON

leu na Rómáine

4,9450

TRY

lira na Tuirce

15,5558

AUD

dollar na hAstráile

1,6025

CAD

dollar Cheanada

1,4505

HKD

dollar Hong Cong

8,8923

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7196

SGD

dollar Shingeapór

1,5349

KRW

won na Cóiré Theas

1 367,88

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,6380

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,2636

HRK

kuna na Cróite

7,5215

IDR

rupiah na hIndinéise

16 418,40

MYR

ringgit na Malaeisia

4,7740

PHP

peso na nOileán Filipíneach

58,715

RUB

rúbal na Rúise

85,7797

THB

baht na Téalainne

37,606

BRL

real na Brasaíle

6,0209

MXN

peso Mheicsiceo

23,5601

INR

rúipí na hIndia

85,2545


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

9.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 68/6


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10608 – CMA CGM / CLS BUSINESS)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 68/04)

1.   

An 1 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

CMA CGM S.A. (“CMA CGM”, An Fhrainc),

CLS Business, atá á rialú ag Ingram Micro Inc. (“Ingram”, na Stáit Aontaithe).

Gheobhaidh CMA.CGM.SA, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, rialú CLS Business ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna agus sócmhainní.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Cuireann CMA CGM réimse seirbhísí a bhaineann le hiompar ar muir ar fáil, lena n-áirítear seirbhísí loingseoireachta línéar coimeádáin agus seirbhísí críochfoirt calafoirt. Tá CMA CGM gníomhach freisin laistigh de sheirbhísí seolta lasta agus seirbhísí lóistíochta conartha trína fhochuideachta CEVA Logistics,

Is éard atá i CLS Business gnó lóistíochta conartha Ingram, atá á oibriú faoi láthair ag Rannóg Seirbhísí Tráchtála & Saolré Ingram. Cuireann CLS Business réimse seirbhísí ar fáil laistigh de lóistíocht conartha go príomha i Meiriceá Thuaidh agus san Eoraip, go háirithe réamhlóistíocht agus lóistíocht droim ar ais.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

Cás M.10608 – CMA CGM / CLS BUSINESS)

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


9.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 68/8


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10582 - GAMALIFE / GOING CONCERN OF ZURICH INVESTMENTS LIFE)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 68/05)

1.   

An 1 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

GamaLife – Companhia de Seguros de Vida, S.A. (“GamaLife”, an Phortaingéil),

Aonad gnó de chuid Zurich Investments Life S.p.A. (an “Sprioc-chuideachta”, an Iodáil).

Gheobhaidh Gamalife rialú ar an Sprioc-chuideachta ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach sócmhainní.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Gnóthas árachais saoil is ea Gamalife atá gníomhach go príomha sa Phortaingéil agus atá faoi lánúinreacht ag cistí infheistíochta arna moladh ag Apax Partners LLP (“AP”, an Ríocht Aontaithe).

Punann dhúnta de chonarthaí árachais saoil is mó atá sa Sprioc-cuideachta in éineacht leis na sócmhainní, oibríochtaí, conarthaí, fostaithe, cearta, dliteanais agus oibleagáidí ábhartha.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10582 - GAMALIFE / GOING CONCERN OF ZURICH INVESTMENTS LIFE

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


9.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 68/10


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10595 – CERBERUS / HBCE (FRENCH RETAIL BANKING))

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 68/06)

1.   

An 31 Eanáir 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Cerberus Capital Management L.P. (“Cerberus”, na Stáit Aontaithe), agus

Gnólacht baincéireachta miondíola HSBC Continental Europe sa Fhrainc (“HBCE’S French Retail Banking Business”, an Fhrainc), gnólacht ar cuid de Ghrúpa HSBC í atá á rialú ag HSBC Holdings plc.

Gheobhaidh Cerberus rialú aonair ar HBCE’S French Retail Banking Business sa Fhrainc ina hiomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach sócmhainní.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta infheistíochta fadtéarmaí é Cerberus i ngach cineál urrús agus sócmhainní, lena n-áirítear creidmheas comhlántach, cothromas príobháideach, ardáin réadmhaoine agus iasacht mheánmhargaidh, ach gan a bheith teoranta dóibh.

Cuireann HBCE’S French Retail Banking Business an méid seo a leanas ar fáil dá cuid custaiméirí miondíola: seirbhísí baincéireachta agus airgeadais laethúla; réitigh dá riachtanais mhaoinithe ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha; réitigh árachais agus comhairle airgeadais, árachais agus infheistíochta agus seirbhísí bainistíochta sócmhainní.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10595 – CERBERUS / HBCE (FRENCH RETAIL BANKING)

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


9.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 68/12


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10589 – ADT / FORD NEXT / SNTNL)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 68/07)

1.   

An 2 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

ADT LLC (“ADT”, na Stáit Aontaithe), faoi rialú deiridh an Apollo Group (na Stáit Aontaithe),

Ford Next LLC (“Ford Next”, na Stáit Aontaithe), ar leis an Ford Group (na Stáit Aontaithe) é,

SNTNL LLC (“SNTNL”, na Stáit Aontaithe), faoi rialú Ford Next.

Gheobhaidh ADT agus Ford Next rialú comhpháirteach ar SNTNL de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach urrús i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Soláthraíonn ADT réitigh um shlándáil, um uathoibriú agus um baile cliste, agus cuireann sé seirbhísí gairmiúla faireacháin 24/7 ar fáil.

Is é Ford Next a bhíonn an plé le hoibríochtaí gnó Ford Group um fheithiclí uathrialaitheacha, lena n-áirítear a chomhtháthú córas feithiclí uathrialaitheacha, taighde agus ardinnealtóireacht i dtaca le feithiclí uathrialaitheacha, forbairt gréasáin iompair d’fheithicil uathrialaitheach ar éileamh, eispéireas úsáideoirí, straitéis ghnó agus foirne forbartha gnó.

Tá sé ar intinn ag SNTNL córais slándála nasctha chliste feithicle agus seirbhísí gaolmhara amhail faireachán tríú páirtí a fhorbairt, a mhonarú agus a dhíol.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10589 – ADT / FORD NEXT / SNTNL

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.