ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 63

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
7 Feabhra 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 63/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10509 – MIRA / OTPP / PGGM / BCI / OMERS / AIMCO / PUGET) ( 1 )

1

2022/C 63/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10563 – ENGIE SPAIN / PREDICA / EOLIA) ( 1 )

2

2022/C 63/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10539 – SOUTH32 / KGHM / SIERRA GORDA) ( 1 )

3


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2022/C 63/04

Fógra le tabhairt ar aird ag daoine áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

4

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 63/05

Rátaí malairte an euro — 4 Feabhra 2022

5

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 63/06

Nuashonrú ar an liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

6


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS tALMHAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 63/07

Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

11

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 63/08

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10622 – Genstar Capital / MDP / Lightspeed) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

13

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 63/09

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

15


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

7.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10509 – MIRA / OTPP / PGGM / BCI / OMERS / AIMCO / PUGET)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 63/01)

An 31 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10509. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


7.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10563 – ENGIE SPAIN / PREDICA / EOLIA)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 63/02)

An 25 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10563. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


7.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/3


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10539 – SOUTH32 / KGHM / SIERRA GORDA)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 63/03)

An 31 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10539. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

7.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/4


Fógra le tabhairt ar aird ag daoine áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

(2022/C 63/04)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird na ndaoine seo thíos: AHMADI-MOQADDAM Esmail (uimh. 1), MOGHISSEH Mohammad (dá ngairtear freisin NASSERIAN) (uimh. 20) MOHSENI-EJEI Gholam-Hossein (uimh. 21), MORTAZAVI Said (uimh. 22), SALAVATI Abdolghassem (uimh. 25), YASAGHI Ali-Akbar (uimh. 28), ESMAILI Gholam-Hossein (uimh. 30), ABBASZADEH-MESHKINI Mahmoud (uimh. 33), AKHARIAN Hassan (uimh. 35), AVAEE Seyyed Ali-Reza (uimh. 36), KAMALIAN Behrouz (uimh. 46), KHALILOLLAHI Moussa (uimh. 47), TALA Hossein (uimh. 53), ZEBHI Hossein (uimh. 55), BAHRAMI Mohammad-Kazem (uimh. 56), HOSSEINI Dr Mohammad (uimh. 60), KAZEMI Toraj (uimh. 64), LARIJANI Sadeq (uimh. 65), MORTAZAVI Seyyed Solat (uimh. 69), RASHIDI AGHDAM Ali Ashraf (uimh. 79), KIASATI Morteza (uimh. 80), JAFARI Asadollah (uimh. 83), VASEGHI Leyla (dá ngairtear freisin VASEQI Layla, agus VASEGHI Leila, VASEGHI Layla) (uimh. 95) daoine a liostaítear san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle (2) maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin.

Tá sé ar intinn ag an gComhairle na bearta sriantacha i gcoinne na ndaoine thuasluaite a choinneáil bunaithe ar ráitis nua ar chúiseanna. Cuirtear in iúl do na daoine sin, leis seo, go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun na ráitis ar chúiseanna lena n-ainmniú atá beartaithe a fháil, roimh an 15 Feabhra 2022, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Ardrúnaíocht

RELEX.1 Global and Horizontal Affairs

Rue de la Loi 175

1048 Bruxelles

BELGIQUE

Ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu.

Maidir le barúlacha a gheofar roimh an 26 Feabhra 2022, cuirfear san áireamh iad chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/235/CBES agus le hAirteagal 12(4) de Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.


(1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.

(2)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.


An Coimisiún Eorpach

7.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/5


Rátaí malairte an euro (1)

4 Feabhra 2022

(2022/C 63/05)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,1464

JPY

yen na Seapáine

131,72

DKK

krone na Danmhairge

7,4432

GBP

punt steirling

0,84593

SEK

krona na Sualainne

10,4465

CHF

franc na hEilvéise

1,0567

ISK

króna na hÍoslainne

142,80

NOK

krone na hIorua

10,0483

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,360

HUF

forint na hUngáire

352,92

PLN

zloty na Polainne

4,5474

RON

leu na Rómáine

4,9466

TRY

lira na Tuirce

15,5072

AUD

dollar na hAstráile

1,6165

CAD

dollar Cheanada

1,4583

HKD

dollar Hong Cong

8,9286

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7287

SGD

dollar Shingeapór

1,5419

KRW

won na Cóiré Theas

1 374,04

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,5875

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,2923

HRK

kuna na Cróite

7,5275

IDR

rupiah na hIndinéise

16 493,16

MYR

ringgit na Malaeisia

4,7914

PHP

peso na nOileán Filipíneach

58,754

RUB

rúbal na Rúise

87,3095

THB

baht na Téalainne

37,797

BRL

real na Brasaíle

6,0830

MXN

peso Mheicsiceo

23,5856

INR

rúipí na hIndia

85,6445


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

7.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/6


Nuashonrú ar an liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (1)

(2022/C 63/06)

An liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (2), foilsítear an liosta sin ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39 de Chód Teorainneacha Schengen.

Chomh maith lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tá nuashonrú rialta ar fáil ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile.

LIOSTA DE CHEADANNA CÓNAITHE ARNA N-EISIÚINT AG NA BALLSTÁIT

AN LIOTUÁIN

Le cur in ionad an liosta a foilsíodh in IO C 126, 12.4.2021, lch. 1.

1.   Ceadanna cónaithe a eisítear de réir na formáide aonfhoirmí:

Leidimas laikinai gyventi Lietuvos Respublikoje

(Cead cónaithe sealadach i bPoblacht na Liotuáine):

Dokumento pavadinimas “LEIDIMAS GYVENTI”

Kortelėje po užrašu “LEIDIMO RŪŠIS” išgraviruojamas įrašas “LEIDIMAS LAIKINAI GYVENTI”

(Iontráil sa chárta faoi “CINEÁL CEADA”: Cead cónaithe sealadach)

Įrašas “LEIDIMAS LAIKINAI GYVENTI” išgraviruojamas lietuvių kalba.

(Tá an iontráil “Cead cónaithe sealadach” greanta sa Liotuáinis)

Dokumento išdavimo laikotarpis: nuo 2020-09-17

(Fad eisiúna an doiciméid: ón 17 Meán Fómhair 2020)

Lietuvos Respublikos ilgalaikio gyventojo leidimas gyventi Europos Sąjungoje

(Cead lena gceadaítear do chónaitheoir fadtéarmach i bPoblacht na Liotuáine a bheith ina chónaí san Aontas Eorpach):

Dokumento pavadinimas “LEIDIMAS GYVENTI”

Kortelėje po užrašu “LEIDIMO RŪŠIS” išgraviruojamas įrašas

“LEIDIMAS NUOLAT GYVENTI”

(Iontráil sa chárta faoi “CINEÁL CEADA”: Cead buanchónaithe)

Įrašas “LEIDIMAS NUOLAT GYVENTI” išgraviruojamas lietuvių kalba.

(Tá an iontráil “Cead buanchónaithe” greanta sa Liotuáinis.)

Dokumento išdavimo laikotarpis: nuo 2020-09-17

(Fad eisiúna an doiciméid: ón 17 Meán Fómhair 2020)

Sąjungos piliečio šeimos nario leidimo gyventi šalyje kortelė , išduodama nuo 2020-09-17.

(Cárta cónaithe baill teaghlaigh le saoránach den Aontas, eisithe ón 17 Meán Fómhair 2020).

Kortelėje po užrašu “PASTABOS” išgraviruojamas įrašas

“TEISĖ GYVENTI LAIKINAI” arba “TEISĖ GYVENTI NUOLAT”.

(Iontráil sa chárta faoi “NÓTAÍ”: “Ceart cónaithe sealadach” nó “Ceart buanchónaithe”)

Įrašai “Teisė gyventi laikinai” ir “Teisė gyventi nuolat” išgraviruojami lietuvių kalba.

(Tá na hiontrálacha“ TEISĖ GYVENTI LAIKINAI ” agus “TEISĖ GYVENTI NUOLAT ” greanta sa Liotuáinis.)

Leidimas laikinai gyventi Lietuvos Respublikoje

Leidimo tipas “LEIDIMAS GYVENTI”

(Cead cónaithe sealadach i bPoblacht na Liotuáine):

Kortelėje po užrašu “Leidimo rūšis” išgraviruojamas įrašas

“ LEIDIMAS LAIKINAI GYVENTI ”

(Iontráil sa chárta faoi “Cineál ceada”: Cead cónaithe sealadach)

Įrašas “LEIDIMAS LAIKINAI GYVENTI ” išgraviruojamas lietuvių kalba.

(Tá an iontráil “Cead cónaithe sealadach” greanta sa Liotuáinis)

Lietuvos Respublikos ilgalaikio gyventojo leidimas gyventi Europos Bendrijoje

(Cead lena gceadaítear do chónaitheoir fadtéarmach i bPoblacht na Liotuáine a bheith ina chónaí sa Chomhphobal Eorpach):

Kortelėje po užrašu “Leidimo rūšis” išgraviruojamas įrašas

“ LEIDIMAS NUOLAT GYVENTI ”

(Iontráil sa chárta faoi “Cineál ceada”: Cead buanchónaithe)

Įrašas “LEIDIMAS NUOLAT GYVENTI” išgraviruojamas lietuvių kalba.

(Tá an iontráil “Cead buanchónaithe” greanta sa Liotuáinis.)

Dokumento išdavimo laikotarpis: 2006-12-16–2012-05-19.

(Fad eisiúna an doiciméid: 16 Nollaig 2006 – 19 Bealtaine 2012)

Lietuvos Respublikos ilgalaikio gyventojo leidimas gyventi Europos Sąjungoje (išduodamas nuo 2012-05-20)

(Cead lena gceadaítear do chónaitheoir fadtéarmach i bPoblacht na Liotuáine a bheith ina chónaí san Aontas Eorpach, eisithe ón 20 Bealtaine 2012)

Kortelėje po užrašu “Leidimo rūšis” išgraviruojamas įrašas

“LEIDIMAS NUOLAT GYVENTI”

(Iontráil sa chárta faoi “Cineál ceada”: Cárta buanchónaithe)

Įrašas “LEIDIMAS NUOLAT GYVENTI” išgraviruojamas lietuvių kalba.

(Tá an iontráil “Cead buanchónaithe” greanta sa Liotuáinis.)

Sąjungos piliečio šeimos nario leidimo gyventi šalyje kortelė , išduodama nuo 2012-01-05.

(Cárta cónaithe baill teaghlaigh le saoránach den Aontas, eisithe ón 5 Eanáir 2012).

Kortelėje po užrašu “Pastabos” išgraviruojamas įrašas

TEISĖ GYVENTI LAIKINAI” arba “TEISĖ GYVENTI NUOLAT ”.

(Iontráil sa chárta faoi “NÓTAÍ”: “Ceart cónaithe sealadach” nó “Ceart buanchónaithe”)

Įrašai “TEISĖ GYVENTI LAIKINAI” ir “TEISĖ GYVENTI NUOLAT ” išgraviruojami lietuvių kalba.

(Tá na hiontrálachaCeart cónaí go sealadach” agus “Ceart cónaí go buan” greanta sa Liotuáinis.)

Europos Sąjungos valstybės narės piliečio šeimos nario leidimas gyventi Lietuvos Respublikoje , buvo išduodamas iki 2012-01-04.

(Cead cónaithe i bPoblacht na Liotuáine atá ag ball teaghlaigh le saoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach, eisithe go dtí 4 Eanáir 2012):

Kortelėje prie užrašo “Leidimo rūšis” įrašoma

(Iontráil sa chárta faoi “Cineál ceada”):

“Leidimas gyventi” (galioja 5 m.) arba

(Cead cónaithe, bailí go ceann 5 bliana, nó)

“Leidimas gyventi nuolat” (galioja 10 m.)

(Cead buanchónaithe, bailí go ceann 10 mbliana).

Įrašai “Leidimas gyventi” ir “Leidimas gyventi nuolat” išgraviruojami lietuvių kalba.

(Tá na hiontrálachaCead cónaithe” agus “Cead buanchónaithe” greanta sa Liotuáinis.)

Europos Bendrijų valstybės narės piliečio leidimas gyventi

(Ceadanna cónaithe eisithe do náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh le saoránach den Aontas Eorpach iad):

Buvo išduodamas nuo 2004-11-15 iki 2007-10-31 (su įrašu “Leidimas gyventi nuolat” ) .

(Eisíodh é ón 15 Samhain 2004 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2007).

Buvo išduodamas nuo 2004-11-15 iki 2006-12-16 (su įrašu “Leidimas gyventi” ) .

(Eisíodh é ón 15 Samhain 2004 go dtí an 16 Nollaig 2006).

Kortelėje prie užrašo “leidimo rūšis” įrašoma

(Iontráil sa chárta faoi “Cineál ceada”):

“Leidimas gyventi” (galioja 5 m.) arba

(Cead cónaithe, bailí go ceann 5 bliana, nó)

“Leidimas gyventi nuolat” (galioja 10 m.)

(Cead buanchónaithe, bailí go ceann 10 mbliana).

Įrašai “Leidimas gyventi” ir “Leidimas gyventi nuolat” išgraviruojami lietuvių kalba.

(Tá na hiontrálachaCead cónaithe” agus “Cead buanchónaithe” greanta sa Liotuáinis.)

2.    Gach doiciméad eile a eisítear do náisiúnaigh tríú tír atá comhionann le cead cónaithe

Asmens grįžimo pažymėjimas: asmenims be pilietybės, turintiems leidimą gyventi Lietuvos Respublikoje, ar trečiųjų šalių piliečiams, jeigu tai numatyta pagal Lietuvos Respublikos tarptautines sutartis ar Europos Sąjungos teisės aktus, išduodamas dokumentas, leidžiantis sugrįžti į Lietuvos Respubliką.

(Deimhniú aisdúichithe: doiciméad a eisítear do dhaoine gan stát, ar daoine iad a bhfuil cead cónaithe acu i bPoblacht na Liotuáine, nó do náisiúnaigh tríú tír, i gcás ina dtugtar é faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta Phoblacht na Liotuáine nó faoi ghníomhartha dlí de chuid an Aontais Eorpaigh, doiciméad lena gceadaítear dóibh filleadh ar Phoblacht na Liotuáine).

“A” kategorijos akreditacijos pažymėjimas

(Deimhniú creidiúnaithe, catagóir “A”):

Išduodamas diplomatiniams agentams, konsuliniams pareigūnams ir tarptautinių organizacijų atstovybių nariams, kurie pagal tarptautinę teisę naudojasi diplomatinėmis privilegijomis ir imunitetais

(Eisithe do ghníomhairí taidhleoireachta, d’oifigigh chonsalacha agus do chomhaltaí oifigí ionadaíocha de chuid eagraíochtaí idirnáisiúnta, a bhfuil díolúintí agus pribhléidí taidhleoireachta acu faoin dlí idirnáisiúnta)

“B” kategorijos akreditacijos pažymėjimas

(Deimhniú creidiúnaithe, catagóir “B”):

Išduodamas administracinio techninio personalo nariams ir konsuliniams darbuotojams.

(Eisithe do bhaill foirne riaracháin agus teicniúla agus d’fhostaithe consalacha)

Tokios pačios formos kaip “A” kategorijos pažymėjimas, tik šoninė juosta yra ne raudonos, o žalios spalvos

(Tá an fhormáid chéanna aige le deimhniú chatagóir “A”, ach amháin gur dath glas atá ar an taobhstiall seachas dath dearg);

“C” kategorijos akreditacijos pažymėjimas

(Deimhniú creidiúnaithe, catagóir “C”):

Išduodamas diplomatinių atstovybių aptarnaujančiojo personalo nariams ir privatiems diplomatų namų darbininkams.

(Eisithe do phearsanra seirbhísithe de chuid misean taidhleoireachta agus do sheirbhísigh phríobháideacha i dteaghlaigh thaidhleoireachta)

Tokios pačios formos kaip “A” kategorijos pažymėjimas, tik šoninė juosta yra ne raudonos, o geltonos spalvos.

(Tá an fhormáid chéanna aige le deimhniú chatagóir “A”, ach amháin gur dath buí atá ar an taobhstiall seachas dath dearg);

“D” kategorijos akreditacijos pažymėjimas

(Deimhniú creidiúnaithe, catagóir “D”):

Išduodamas užsienio valstybių garbės konsulams.

(Eisithe do na consail oinigh eachtracha)

“E” kategorijos akreditacijos pažymėjimas

(Deimhniú creidiúnaithe, catagóir “E”):

Išduodamas tarptautinių organizacijų atstovybių nariams, kurie pagal tarptautinę teisę naudojasi ribotais imunitetais ir privilegijomis.

(Eisithe do chomhaltaí oifigí ionadaíocha de chuid eagraíochtaí idirnáisiúnta, a bhfuil díolúintí agus pribhléidí teoranta acu faoin dlí idirnáisiúnta).

Tokios pačios formos kaip “A” kategorijos pažymėjimas, tik šoninė juosta yra ne raudonos, o pilkos spalvos.

(Tá an fhormáid chéanna aige le deimhniú chatagóir “A”, ach amháin gur dath liath atá ar an taobhstiall seachas dath dearg).

“Statuso pažymėjimas”, išduodamas nuo 2022-01-01

(“Deimhniú stádais” eisithe ón 2022-01-01)

Išduodamas ginkluotųjų pajėgų kariniam personalui, ginkluotose pajėgose dirbantiems civiliams darbuotojams, rangovams (fiziniams asmenims) ir karinio personalo, ginkluotose pajėgose dirbančių civilių darbuotojų, rangovų išlaikytiniams (šeimos nariams).

(Eisithe don phearsanra míleata sna fórsaí armtha, don phearsanra sibhialta fostaithe sna fórsaí armtha, do chonraitheoirí (daoine nádúrtha) agus do chleithiúnaithe (baill teaghlaigh) de chuid ball den phearsanra míleata, de chuid an phearsanra shibhialta fostaithe sna fórsaí armtha, agus de chuid conraitheoirí.)

Liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo

IO C 247, 13.10.2006, lch. 1.

IO C 77, 5.4.2007, lch. 11.

IO C 153, 6.7.2007, lch. 1.

IO C 164, 18.7.2007, lch. 45

IO C 192, 18.8.2007, lch. 11.

IO C 271, 14.11.2007, lch. 14.

IO C 57, 1.3.2008, lch. 31.

IO C 134, 31.5.2008, lch. 14.

IO C 207, 14.8.2008, lch. 12.

IO C 331, 31.12.2008, lch. 13.

IO C 3, 8.1.2009, lch. 5.

IO C 64, 19.3.2009, lch. 15.

IO C 198, 22.8.2009, lch. 9.

IO C 239, 6.10.2009, lch. 2.

IO C 298, 8.12.2009, lch. 15.

IO C 308, 18.12.2009, lch. 20.

IO C 35, 12.2.2010, lch. 5.

IO C 82, 30.3.2010, lch. 26.

IO C 103, 22.4.2010, lch. 8.

IO C 108, 7.4.2011, lch. 7.

IO C 157, 27.5.2011, lch. 5.

IO C 201, 8.7.2011, lch. 1.

IO C 216, 22.7.2011, lch. 26.

IO C 283, 27.9.2011, lch. 7.

IO C 199, 7.7.2012, lch. 5.

IO C 214, 20.7.2012, lch. 7.

IO C 298, 4.10.2012, lch. 4.

IO C 51, 22.2.2013, lch. 6.

IO C 75, 14.3.2013, lch. 8.

IO C 77, 15.3.2014, lch. 4.

IO C 118, 17.4.2014, lch. 9.

IO C 200, 28.6.2014, lch. 59.

IO C 304, 9.9.2014, lch. 3.

IO C 390, 5.11.2014, lch. 12.

IO C 210, 26.6.2015, lch. 5.

IO C 286, 29.8.2015, lch. 3.

IO C 151, 28.4.2016, lch. 4.

IO C 16, 18.1.2017, lch. 5.

IO C 69, 4.3.2017, lch. 6.

IO C 94, 25.3.2017, lch. 3.

IO C 297, 8.9.2017, lch. 3.

IO C 343, 13.10.2017, lch. 12.

IO C 100, 16.3.2018, lch. 25.

IO C 144, 25.4.2018, lch. 8.

IO C 173, 22.5.2018, lch. 6.

IO C 222, 26.6.2018, lch. 12.

IO C 248, 16.7.2018, lch. 4.

IO C 269, 31.7.2018, lch. 27.

IO C 345, 27.9.2018, lch. 5.

IO C 27, 22.1.2019, lch. 8.

IO C 31, 25.1. 2019, lch. 5

IO C 34, 28.1.2019, lch. 4.

IO C 46, 5.2.2019, lch. 5.

IO C 330, 6.10.2020, lch. 5.

IO C 126, 12.4.2021, lch. 1.

IO C 140, 21.4.2021, lch. 2.

IO C 150, 28.4.2021, lch. 5.

IO C 365, 10.9.2021, lch. 3.

IO C 491, 7.12.2021, lch. 5.

IO C 509, 17.12.2021, lch. 10.


(1)  Féach liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo ag deireadh an nuashonraithe seo.

(2)  IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS tALMHAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

7.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/11


Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

(2022/C 63/07)

1.   Mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún Eorpach ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithdhumpála a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.

2.   Nós imeachta

Féadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú. Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha go leanfaí den dumpáil agus den díobháil nó go dtarlóidís arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d’allmhaireoirí, d’onnmhaireoirí, d’ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí de chuid an Aontais a mbarúil a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.

3.   Teorainn ama

Féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú ar bhonn an mhéid thuas, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (Aonad G-1), CHAR 4/39, 1049 an Bhruiséil, an Bheilg (2)aon tráth tar éis dháta foilsithe an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.

4.   Déantar an fógra seo a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1036.

Táirge

Tír thionscnaimh nó tír is onnmhaireoir

Bearta

Tagairt

Dáta éaga (3)

Fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine

Daon-Phoblacht na Síne

An India

An Indinéis

An Mhalaeisia

An Téaváin

An Téalainn

Dleacht frithdhumpála

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1993 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine arna gcur chun bealaigh ón India, ón Indinéis, ón Malaeisia, ón Téaváin agus ón Téalainn a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 288, 7.11.2017, lch. 4)

8.11.2022


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu

(3)  Téann an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo


NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

7.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/13


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10622 – Genstar Capital / MDP / Lightspeed)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 63/08)

1.   

An 28 Eanáir 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Genstar Capital Partners LLC (“Genstar Capital”, na Stáit Aontaithe),

Madison Dearborn Partners, LLC (“MDP”, na Stáit Aontaithe),

LS Topco Holdings, LLC (“Lightspeed”, na Stáit Aontaithe), cuideachta atá á rialú ag MDP.

Gheobhaidh Genstar Capital agus MDP rialú comhpháirteach ar Lightspeed de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc. Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Genstar Capital: gnólacht cothromais phríobháidigh atá speisialaithe i gcuideachtaí meánmhargaidh i seirbhísí airgeadais, cúram sláinte, teicneolaíocht thionsclaíoch agus bogearraí.

MDP: gnólacht cothromais phríobháidigh atá speisialaithe in infheistíochtaí i gcuideachtaí meánmhargaidh agus ardmhargaidh atá gníomhach i réimse leathan tionscal.

Lightspeed: cuideachta bogearraí atá i mbun bogearraí a sholáthair mar sheirbhís don bhainistiú seomraí ranga, don bhainistiú gléasanna móibíleacha, don anailísíocht agus d’fholáirimh folláine atá in úsáid ag soláthraithe oideachais.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach. De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10622 – Genstar Capital / MDP / Lightspeed

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

7.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/15


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2022/C 63/09)

Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart freasúra a thaisceadh de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an iarratais seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“Maranho da Sertã”

Uimh. AE: PGI-PT-02606 – 11 Bealtaine 2020

STFC () TGFC (X)

1.   Ainm(neacha)

“Maranho da Sertã”

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Phortaingéil

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   Cineál táirge

Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is ispín é “Maranho da Sertã” a dhéantar le goile gabhair nó caorach (ar a dtugtar bandouga) le haghaidh an chraicinn, a líontar le meascán comhábhar a tháirgtear, a ullmhaítear agus a líontar i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge.

Ní mór “Maranho da Sertã” na teorainneacha seo a leanas maidir le comhábhair a chomhlíonadh (% de réir meáchain):

Feoil gabhair agus/nó caoireoil: an príomh-chomhábhar, 30 go 40 %, na céatadáin sin san áireamh;

Rís Carolino: 15 go 25 %, na céatadáin sin san áireamh;

Miontas: 2 go 6 %, na céatadáin sin san áireamh;

Saill stríocach mhuiceola: 7 go 25 %, na céatadáin sin san áireamh;

Liamhás: 2 go 12 %, na céatadáin sin san áireamh;

Is comhábhair shainordaitheacha iad seo a leanas freisin: ola olóige (íon nó úríon), fíon geal, uisce agus salann. Mar sin féin, ní mór feoil gabhair/caoireoil a bheith i gcónaí ar an gcomhábhar a mbaineann an céatadán is airde leis.

Féadfar na comhábhair seo a leanas a chur isteach freisin ar bhonn roghnach: ispín chouriço, sú líomóide, piobar nó blastanas piripiri agus gairleog.

Bíonn cruth goile ar “Maranho da Sertã” (ar nós mála cuartha nó le cruth “C” air). Bíonn cuma gharbh ar an taobh lasmuigh de agus uigeacht chriathraithe an ghoile le feiceáil. Coimeádann an craiceann a bhfuil ann le chéile gan greamú go hiomlán de. Bíonn an t-ispín gan bhriseadh agus an lámhfhuáil le feiceáil ag an tsúil. Maidir leis an taobh istigh, bíonn cuma neamhrialta air nuair a shlistear é, agus dathanna na feola agus an mhiontais le feiceáil idir na meallta ríse.

Bíonn blas feola gabhair agus/nó caoireola a bhfuil miontas inti ar “Maranho da Sertã”, mar aon le blas liamháis agus ispín chouriço, ach ní a oiread céanna. Bíonn boladh an mhiontais agus boladh na feola gabhair/caoireola níos láidre ná na cinn eile.

Agus é cócaráilte, féadfaidh meáchan ispín iomlán “Maranho da Sertã” a bheith idir 200 g agus 1 200 g, na meáchain sin san áireamh. Féadfar é a chur ar an margadh ina iomláine (agus é amh, cócaráilte nó réamhchócaráilte) nó ina shlisíní (cócaráilte nó réamhchócaráilte).

Féadfaidh an cion sóidiam (g/100 g) a bheith idir 0.7 agus 2.9. Féadfaidh an luach fuinnimh (kcal/kJ) in aghaidh 100 g a bheith idir 145/607 agus 255/1 068.

Tá “Maranho da Sertã” éagsúil le maranhos eile ós rud é nach comhábhar ann tím chreige (Thymus serpyllum), nach mbaintear úsáid as craiceann sintéiseach agus go bhfuaitear de láimh é le snáthaid agus le snáithe.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Is iad seo a leanas na comhábhair shainordaitheacha chun “Maranho da Sertã” a dhéanamh: Goile gabhair nó caorach (bandouga), feoil gabhair agus/nó caoireoil, miontas, rís Carolino, liamhás, saill stríocach mhuiceola, ola olóige (íon nó úríon), fíon geal, salann agus uisce. Féadfar na comhábhair seo a leanas a áireamh ar bhonn roghnach: ispín chouriço, sú líomóide, piobar nó piripiri agus gairleog.

3.4.   Codanna sonracha den táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Na gníomhaíochtaí a bhaineann le “Maranho da Sertã” a tháirgeadh agus a ullmhú, ní mór iad a dhéanamh laistigh den limistéar geografach.

3.5.   Sainrialacha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

I gcás nach mbeartaítear an tomhaltas díreach san áit táirgthe, ní mór “Maranho da Sertã” a phacáistiú ina iomláine (agus é amh, cócaráilte nó réamhchócaráilte) nó ina shlisíní (cócaráilte nó réamhchócaráilte) agus é a choimeád sa chuisneoir go dtí go gcuirtear ar an margadh é.

I gcás ina bhfuil an táirge ina shlisíní, ní mór é sin a dhéanamh ar bhealach lena ráthaítear nach dtitfidh na slisní as a chéile tar éis iad a phacáistiú. Ní fhéadfar an táirge a athphacáistiú.

Mar gheall ar a chomhcháilíocht shobhriste, cineál sceiteach a líonta agus a shomheatacht, is éasca dochar a dhéanamh do “Maranho da Sertã” mura láimhseáiltear i gceart é. D’fhonn a ráthú go gcaomhnófar saintréithe an táirge chríochnaithigh agus d’fhonn éilliú miocróbach a sheachaint, ní mór “Maranho da Sertã” a phacáistiú láithreach ag na saoráidí táirgthe.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an lipéad ar “Maranho da Sertã” na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

a)

beidh ceann de na leaganacha seo a leanas foclaíochta le feiceáil air: “Maranho da Sertã – Indicação Geográfica Protegida” nó “Maranho da Sertã – IGP”;

b)

sainaithneofar an comhlacht rialúcháin leis.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Is i mbardas Sertã amháin a tháirgtear “Maranho da Sertã”.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Is ón gcáil atá ar “Maranho da Sertã” a thagann an nasc idir é agus an limistéar geografach.

Tá ardcháil ar “Maranho da Sertã” mar cheann de na táirgí is mó atá le moladh i gastranómachas an réigiúin. Tá an ardcháil sin, a bhfuil méadú tagtha uirthi i gcaitheamh na mblianta, bunaithe ar shaineolas atá ar fáil go háitiúil chun an leas is fearr a bhaint as sain-chomhábhair an réigiúin chun táirge sainiúil a chruthú a bhfuil cion mór air.

Is iad seo a leanas na saintréithe a fhágann gur táirge ar leith é “Maranho da Sertã”:

ní bhaintear úsáid as craiceann sintéiseach;

is de láimh a fhuaitear an craiceann, rud a chuidíonn le cruth críochnaitheach an táirge a shainiú (cruth goile atá air) agus a chuireann cosc ar phléascadh an táirge nuair a dhéantar é a chócaráil;

miontas seachas tím chreige atá i measc na gcomhábhar.

Baineann tábhacht nach beag leis an táirge sin sa gheilleagar áitiúil. In 2014 bhí “maranho á tháirgeadh ag 17 ngnólacht sa bhardas” ar a laghad, bliain ina díoladh “níos mó ná 57 000 kg de maranho” (O MIRANTE, “Scoth Sertã á chur i láthair ag Féile Maranho”, 14 Iúil 2016). De réir na foinse sin, “soláthraíonn na gnólachtaí sin níos mó ná 100 post”, ar rud iontach mór é i mbardas a bhfuil níos lú ná 15 000 duine ina gcónaí ann (figiúirí ó Institiúid Náisiúnta Staitisticí na Portaingéile, 2017). Rinne an nuachtán PÚBLICO trácht ar an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann le táirgeadh “MARANHO DA SERTÔ nuair a rinne sé an pointe in 2008 gur “féidir brabús a dhéanamh ar thraidisiúin agus ar cháilíocht a chaomhnú”, mar a léirigh “pearsa ghnó de bhunadh Sertã ag a bhfuil dhá óstán, [a] dhíol 4 thona de maranhos idir mí Eanáir agus mí Iúil” (Roinn cócaireachta: “Deich mias thraidisiúnta atá i mbaol dul in éag ‘á gcaomhnú’ ag cumann”, 22 Nollaig 2008).

Luaitear agus moltar “Maranho da Sertã” i nuachtáin, leabhair agus foilseacháin eile gan áireamh, ina gcuirtear i dtábhacht go bhfuil sé ar cheann de phríomh-shainchomharthaí ghastranómachas an réigiúin mar aon le bheith ina chúis cuairt a thabhairt ar an réigiún. Sna foinsí sin, mínítear go bhfuil “Maranho da Sertã”, mar atá “púitse beag líonta le huaineoil nó feoil gabhair, rís, liamhás, ispín chouriço, piobar agus fíon bán agus a bhlaistítear le han-chuid miontais”, “ar cheann de na miasa is fearr aithne de chuid Sertã” (Rota da Estrada Nacional 2, DESCLA, 2017). Tá stádas “bunchloch de chuid chócaireacht Sertã” bainte amach aige fiú (MEDIOTEJO.NET, “Saibhreas gastranómach bhardas Sertã”, 13 Iúil 2018). Fágann sé sin “nach féidir cuairt a thabhairt [ar Sertã] gan bucho (goile líonta le feoil agus rís) agus maranhos – de réir na n-oideas traidisiúnta – a bhlaiseadh” (CARAS, “Sertã: siosta agus foraois”, 8 Bealtaine 2016) agus go ngríosófaí cuairteoirí chun “maranhos, mar atá craiceann goile gabhair nó meannáin líonta le feolta éagsúla, rís agus luibheanna.” (DESTAK, “Spaisteoireacht ar chonairí sléibhe Sertã”, 7 Lúnasa 2013). Ina leabhar a foilsíodh sa Bhrasaíl, (Como fazer turismo de qualidade a baixo custo - Portugal (Turasóireacht d’ardchaighdeán ar phinginí - an Phortaingéil); Trampolim; Brasília, an dara heagrán, 2017), maíonn Stelson S. Ponce de Azevedo an méid seo: “i mo thuairim féin, is iad fíonta agus gastranómachas Sertã is mó a mheallann daoine ann: goilí líonta muice agus maranhos”.

Mar aon le bheith ar fáil go forleathan i mbialanna an réigiúin (féach PÚBLICO, “Maranho agus goile líonta ar fáil in Sertã i mí Feabhra”, 26 Eanáir 2017, mar shampla), tá “Maranho da Sertã” le feiceáil freisin ar bhiachláir i mbialanna ar fud na Portaingéile, go háirithe i Liospóin agus in Porto, áit a dtaitníonn sé le muintir na háite agus le turasóirí araon (féach VISÃO, “Tá daoine i bhfad agus i ngearr ag rá gur áit fhaiseanta í an Phortaingéil... agus is deimhniú air sin iad na turasóirí a thagann chugainn”, 29 Bealtaine 2014; EXPRESSO, “Dul amach ag ithe le José Quitério”, an 10 Feabhra 2011; mar aon le foilseacháin eile). Díoltar “Maranho da Sertã” freisin in ollmhargaí éagsúla agus i sainsiopaí, áit a ndíoltar go minic é mar tháirge beadaí (féach http://www.apetece.elcorteingles.pt/o-mais-fresco/orgulho-da-beira/, arna rochtain an 12 Nollaig 2018; mar aon le háiteanna eile).

Tháinig “Maranho da Sertã” chun cinn ina shaintáirge a bhfuil a shaintréithe féin aige, atá éagsúil leis an gcuid is mó d’ispíní agus de tháirgí feola líonta traidisiúnta na Portaingéile. Níl aon amhras ach go mbaineann sin leis an bhfeirmeoireacht caorach agus gabhar atá tipiciúil sa réigiún ina bhfuil bardas Sertã lonnaithe, áit ar taifeadadh gur mó ná 100 000 an líon gabhar agus caorach (Salavessa, João; “Déanamh traidisiúnta ispíní i gceantar Pinhal - Gnéithe den teicneolaíocht a úsáidtear chun maranhos a dhéanamh agus feabhsuithe uirthi”; Ollscoil Theicniúil Liospóin; Liospóin; 2009).

De bharr cháil “Maranho da Sertã”, seoladh “Féile Ghastranómach Maranho”, imeacht a reáchtáladh i mbardas Sertã gach bliain ó 2011 ar aghaidh, inar féidir leis na mílte cuairteoirí agus daoine atá an-tógtha leis an táirge sin páirt a ghlacadh in ócáidí blaiste maranho agus féachaint ar thaispeántais chócaireachta le cócairí Portaingéalacha mór le rá ar nós Filipa Gomes nó Justa Nobre (féach EXPRESSO, “Féile ghastranómach: maranho ar an mbiachlár in Sertã”, 8 Iúil 2014; PORT.COM, “Féile ghastranómach maranho in Sertã”, 14 Iúil 2017; RECONQUISTA, “Sertã: féile Maranho le dul ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh”, 12 Iúil 2018; mar aon le foilseacháin eile).

San 20ú haois, bhain “Maranho da Sertã” cáil amach mar tháirge a itear go príomha ag ócáidí ceiliúrtha. Léiriú amháin ar thábhacht an táirge sin i dtaca leis an réigiún is ea an lón iomráiteach a tugadh do Afonso Costa (aire agus príomh-aire i gCéad Phoblacht na Portaingéile), an 13 Aibreán 1913 in Cernache do Bonjardim (áit i mbardas Sertã), inarbh é maranho traidisiúnta príomhchúrsa an bhéile.

Luann Jaime Lopes Dias “Maranho da Sertã” roinnt uaireanta ina shaothar Etnografiada Beira (Eitneagrafaíocht Réigiún Beira), bailiúchán a bhfuil 11 imleabhar ann a foilsíodh idir 1926 agus 1971 ina dtugtar tuairisc ar réigiún Beira Baixa agus ar a chuid nósanna). Seo roinnt samplaí:

In imleabhar VI, a foilsíodh in 1942, luann an t-údar gur “laethanta ceiliúrtha le haghaidh na dteaghlach i mbardas Sertã iad na laethanta (...) a shiostalaítear an líon. [Itear] dinnéar mór feola agus ní bhíonn aon amhras ach go mbeidh maranhos ina gcuid de”;

In imleabhar VII, a foilsíodh in 1948, scríobhann an t-údar gur “cuid lárnach iad maranhos de bhia gach féasta bainise in Arnoia, Castelo [Sertã] (...) (eagaoisí gabhair nó meannáin, liamhás, ispíní paio, piobar, miontas, etc. a shactar isteach i bpúitsí beaga a dhéantar as inní gabhair nó meannáin)”;

In imleabhar X, a foilsíodh in 1970, luann an t-údar gur “chinnte go n-ullmhófaí béile mór ar laethanta féile nó laethanta móra oibre (...), béile ina mbeadh feoil agus sainbhia ar nós maranhos, atá an-oiriúnach chun béilí nó sneaiceanna laethúla a ullmhú dóibh siúd a bhíonn ag obair lasmuigh den bhaile”. San imleabhar céanna, is é seo a leanas an tuairisc a thugann an t-údar ar maranhos: “sneaic a dhéantar as rís, saill mhuiceola, liamhás, luan bog muiceola, ispín chouriço, feoil meannáin, miontas, salann, piobar, gairleog (...)”.

Is léir gur beag atá idir comhdhéanamh “Maranho da Sertã” mar a chuireann an t-údar sin i láthair é agus a n-úsáideann táirgeoirí faoi láthair;

Is iomaí tagairt atá ann lena gcruthaítear go bhfuil “Maranho da Sertã” á dhéanamh agus á ithe agus go bhfuil ardcháil air ar bhonn leanúnach ó thús an 20ú haois go dtí an lá atá inniu ann. Seo roinnt samplaí:

Sa chomórtas “Cócaireacht agus Milseoga na Portaingéile” a d’eagraigh an craoltóir náisiúnta, RTP, agus an Rúnaíocht Stáit um Fhaisnéis agus um Thurasóireacht in 1962, bhuaigh Noémia Neves an dara duais de bharr oideas a bhí bunaithe ar an táirge traidisiúnta sin. Foilsíodh an t-oideas i leabhar a eisíodh tar éis an chomórtais;

Mhol Maria Odette Cortes Valente agus Maria de Lourdes Modesto an táirge go hard in Cozinha Regional Portuguesa (Cócaireacht Réigiúnach na Portaingéile) (1973) agus in Cozinha Traditional Portuguesa (Cócaireacht Thraidisiúnta na Portaingéile) (1982) faoi seach;

In 1984, ghlac bardas Sertã páirt i “bhFéile Náisiúnta Gastranómachais Santarém” den chéad uair. Ba chuid lárnach den bhiachlár a cuireadh isteach é “Maranho da Sertã” (féach A COMARCA DA SERTÃ, an Ceathrú Féile Náisiúnta Gastranómachais Santarém’, 21 Meán Fómhair 1984). Ina theannta sin, ag Feira das Regiões (Aonach na Réigiún) in 1985, chuir Sertã “Maranho da Sertã” ar an mbiachlár (féach A COMARCA DA SERTÓAonach na Réigiún, ag Aonach Idirnáisiúnta Liospóin (FIL)”. 31 Bealtaine 1985). Agus ina dhiaidh sin, bhí an táirge ina chuid den iliomad féilte agus imeachtaí eile;

In alt a foilsíodh in 1986, d’aithin an nuachtán A COMARCA DA SERTÃ go raibh an maranho ar cheann d’éachtaí gastranómacha an bhardais (“Táirgí ‘Made in Sertã’”, 11 Aibreán 1986);

Luadh “Maranho da Sertã” i bhfoilseacháin éagsúla taistil a foilsíodh sna 1980í, mar shampla Roteiro Gastronómico da Região dos Templários (Turas Gastranómachais trí Réigiún na dTeamplóirí) (1987) agus “Beira Baixa - Encontro por mundos julgados perdidos” (Beira Baixa - Réimsí caillte a fhionnadh) (1988);

Sna 1990í, luadh “Maranho da Sertã” in dhá eagrán den iris TELECULINÁRIA (eagráin 883 agus 884 ó mhí Eanáir 1996) agus san fhoilseachán taistil Aromas e sabores de tradição da região dos Templários (Bolaithe agus blasanna traidisiúnta ó Réigiún na dTeamplóirí) (1999), ina bhfuil tuairisc ar mhodh a dhéanta;

Sa 21ú haois, luaitear “Maranho da Sertã” i bhfoilseacháin ar nós Produtos Tradicionais Portugueses (Táirgí Traidisiúnta na Portaingéile) (DGDR, 2001), Guia de Compras - Produtos Tradicionais (Treoirleabhar Siopadóireachta - Táirgí Traidisiúnta) (2011) agus Guia dos Bons Produtos Tradicionais’ (Treoirleabhar maidir le Táirgí Maithe Traidisiúnta) (2014 agus 2015), ina gcuirtear síos air mar shaintáirge traidisiúnta i réigiúin Beira.

In 2013, léiríodh “Maranho da Sertã” sa bhailiúchán speisialta stampaí “Blaiseadh Aeir agus Tine” a d’eisigh seirbhís poist na Portaingéile, CTT, mar chomhartha ómóis do thraidisiúin gastranómachais na réigiún seo: Alentejo, Algarve, réigiúin Beira agus na hAsóir. Áiríodh stampa lena ndéantar comóradh ar “MARANHO DA SERTÔ i mbailiúchán eile a eisíodh in 2014.

San úrscéal Amor e Guerra: de Coimbra a Nambuangongo (Grá agus Cogadh: ó Coimbra go Nambuangongo) (Chiado Editora, 2017) le José Ferreira Abrantes, atá suite sna 1960í agus na 1970í, is mar seo a leanas a dhéantar cur síos ar chuairt a thugann an phríomhlánúin ar Sertã: ‘nocht na chéad thithe de chuid Sertã. (...) Bhí comhartha ann le haghaidh bialainne níos faide anonn síos an abhainn. (...) Thug freastalaí an biachlár chugainn (...), agus mhínigh sí, (...) “Is iad bucho agus maranho miasa traidisiúnta na háite, agus is féidir iad a ordú le haghaidh an chéad chúrsa”. Is léiriú soiléir é sin ar an tábhacht a bhaineann le maranhos i gcócaireacht Sertã ar feadh roinnt deacáidí.

I sliocht ón úrscéal “Cadáveres às Costas” (Na corpáin a iompar) (D. Quixote, 2018) le Miguel Real, gríosaítear carachtar baineann le “(...) dul amach, gan fanacht sa bhaile, (...) dul ar turas, stad ag bialann taobh an bhóthair má thagann tuirse ort, triail a bhaint as açorda (anraith aráin) ó réigiún Alentejo, leitão (banbh balláin rósta) ó Bairrada, cataplana (stobhach bia mara) ó Coimbra, maranhos da Sertã, barrigas de freiras (milseog a dhéantar as almóinní, uibheacha, uisce agus siúcra) ó Vila do Conde, palha de Abrantes (snáitheanna milse buíocán uibhe), pão-de-ló (císte spúinse) ó Ovar (...)”. Léirítear leis sin gur áiríodh “Maranho da Sertã” ar liosta sócamas traidisiúnta iomráiteach a mbeadh an léitheoir eolach orthu láithreach.

Tagairt foilseacháin na sonraíochta

https://tradicional.dgadr.gov.pt/images/prod_imagens/salsicharia/docs/CE_Maranho_Serta.pdf


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.