|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 49 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 49/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10491 – ALLIANZ / INTELSAT) ( 1 ) |
|
|
2022/C 49/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10585 – APMH INVEST / UNILABS) ( 1 ) |
|
|
2022/C 49/03 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10108 – S&P GLOBAL / IHS MARKIT) ( 1 ) |
|
|
2022/C 49/04 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10581 – SPIE / STRUKTON SERVICES) ( 1 ) |
|
|
2022/C 49/05 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10548 – TELEKOM DEUTSCHLAND / IFM INVESTORS / JV) ( 1 ) |
|
|
2022/C 49/06 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10503 — SK CAPITAL PARTNERS / SEQENS) ( 1 ) |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 49/07 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
31.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 49/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10491 – ALLIANZ / INTELSAT)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 49/01)
An 21 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10491. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
31.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 49/2 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10585 – APMH INVEST / UNILABS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 49/02)
An 20 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10585. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
31.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 49/3 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10108 – S&P GLOBAL / IHS MARKIT)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 49/03)
An 22 Deireadh Fómhair 2021, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b), i gcomhar le hAirteagal 6(2), de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32021M10108. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
31.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 49/4 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10581 – SPIE / STRUKTON SERVICES)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 49/04)
An 24 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10581. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
31.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 49/5 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10548 – TELEKOM DEUTSCHLAND / IFM INVESTORS / JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 49/05)
An 25 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10548. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
31.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 49/6 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10503 — SK CAPITAL PARTNERS / SEQENS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 49/06)
An 9 Nollaig 2021, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32021M10503. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
V Fógairtí
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
31.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 49/7 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2022/C 49/07)
Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart freasúra a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an iarratais seo.
DOICIMÉAD AONAIR
“Cancoillotte”
Uimh. AE: PGI-FR-02765 – 19 Márta 2021
STFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm/ainmneacha
“Cancoillotte”
2. Ballstát nó tríú tír
An Fhrainc
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. Cineál táirge
Aicme 1.4: Táirgí eile de thionscnamh ainmhíoch (uibheacha, mil, táirgí déiríochta seachas im, etc.).
3.2. Tuairisc ar an táirge a bhfuil an t-ainm dá dtagraítear i bpointe 1 air
Is sainearra cáise leáite é “Cancoillotte” a dhéantar trí cháis atá bunaithe ar bhainne bearrtha bó (ar a dtugtar metton) a leá agus im agus uisce a chur léi.
Ó thaobh uigeachta de, bíonn an táirge críochnaitheach idir leath-leachtach agus uisciúil, agus píosa beag greamaitheach.
Ó thaobh bolaidh agus blais de, meabhraítear bainne agus im, mar aon le beagáinín beag giosta.
Nuair is “gnáth-Cancoillotte” atá i gceist, is é sin le rá nuair nach mbíonn aon chomhábhar blaistithe ann, is táirge é “Cancoillotte” a mbíonn dath aonghnéitheach air atá idir bánbhuí agus buí éadrom.
Bíonn eastóscán tirim 20 % nó níos mó ann agus cion saille sa táirge críochnaitheach atá níos lú ná 15 % den mheáchan iomlán.
Ní cheadaítear ach substaintí blaistithe nádúrtha agus ullmhóidí blaistithe, de réir an tsainmhínithe i Rialachán (AE) Uimh. 1334/2008.
Tá teorainn le breiseáin aramatacha a chur leis an táirge, le haghaidh iomlán na bhforlíonta sin, suas le 20 % de mheáchan iomlán an táirge chríochnaithigh, agus le haghaidh gach catagóire:
|
— |
spíosraí, blastanais, tarsainn: suas le huasmhéid 5 % sa táirge críochnaitheach; |
|
— |
beacáin, plandaí aramatacha, gallchnónna: suas le huasmhéid 10 % sa táirge críochnaitheach ; |
|
— |
fíon geal a rinneadh as na cineálacha fíniúna Chardonnay, Savagnin agus Aligoté, leis féin nó ina chuid de mheascán; fíon a aithnítear faoi STFC “Arbois”, “Côtes du Jura”, “Château-Chalon” nó “L’Etoile” atá incháilithe chun an tásc traidisiúnta “Vin Jaune” a úsáid; fíon licéir; apsaint; kirsch: suas le huasmhéid 20 % sa táirge críochnaitheach. |
I gcás ina n-úsáidtear breiseáin de roinnt catagóirí, ní fhéadfar na céatadáin thuasluaite a charnadh.
Féadfar salann (NaCl) a chur leis freisin.
Ceadaítear metton aibí a dheatú.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
Táirgtear an bainne ar ghabháltas a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
|
— |
táirgtear ar a laghad 70 % (in ábhar tirim) de chiondáil bhunúsach na mbó déiríochta ar an ngabháltas; |
|
— |
tá an príomhlimistéar foráiste 70 ár nó níos mó in aghaidh na bó déiríochta. |
Ar áitreabh an phróiseálaí, tagann an bainne a bhailítear chun metton bán a dhéanamh ó thréad foriomlán ar ba déiríochta den phór Montbéliarde agus/nó Simmental na Fraince agus/nó Vosgienne iad dhá thrian de ar a laghad.
Le húsáid a bhaint as acmhainneacht féir ar an leibhéal áitiúil agus pórtha eallaigh áitiúla, is féidir bainne a tháirgeadh a bhfuil éileamh áitiúil air agus a bpróiseáiltear a shaill go háitiúil. Leis an gcion ard próitéine sa bhainne bearrtha atá ar fáil in éineacht le teicneolaíocht áitiúil shonrach, is féidir cáilíocht an táirge idirmheánaigh (metton) a áirithiú chomh maith le cáilíocht “Cancoillotte” féin.
3.4. Céimeanna sonracha den táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Ní mór an bainne a tháirgeadh, an metton bán a tháirgeadh, an metton a thabhairt chun aibíochta agus an leá a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.
3.5. Sainrialacha is infheidhme maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú, etc., an táirge dá dtagraíonn an t-ainm
Déantar an pacáistiú sa limistéar geografach, mar gheall ar an ngá leis an táirge a phacáistiú agus é fós te, díreach tar éis an leáite.
3.6. Sainrialacha is infheidhme maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm
Anuas ar an bhfaisnéis éigeantach dá bhforáiltear sa reachtaíocht maidir le bia-earraí a lipéadú agus a chur i láthair, bíonn na nithe seo a leanas ar an lipéadú sa réimse céanna radhairc:
|
— |
ainm cláraithe an táirge: “Cancoillotte” (beag beann ar an gcoimeádán), i gclómhéid arb ionann é agus dhá thrian ar a laghad de mhéid na gcarachtar is mó ar an lipéad; |
|
— |
an tásc “Tásc geografach faoi chosaint” nó an t-acrainm “TGFC”; |
|
— |
siombail “TGFC” an Aontais Eorpaigh. |
Áireofar ar lipéadú an táirge freisin:
|
— |
an blastán i gcás inarb iomchuí; |
|
— |
An tásc Fabriqué à partir de lait écrémé (déanta as bainne bearrtha). |
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Cumhdaítear sa limistéar geografach:
|
|
Sna ranna Doubs, Jura, Haute-Saône agus Territoire de Belfort : iomlán na mbardas. |
|
|
I roinn Ain, na bardais seo a leanas: Attignat, Beaupont, Bény, Béréziat, Bourg-en-Bresse, Ceyzériat, Coligny, Cormoz, Courmangoux, Courtes, Bresse Vallons, Curciat-Dongalon, Curtafond, Domsure, Drom, Foissiat, Jasseron, Jayat, Journans, Lescheroux, Malafretaz, Mantenay-Montlin, Marboz, Marsonnas, Meillonnas, Montagnat, Montrevel-en-Bresse, Pirajoux, Polliat, Ramasse, Revonnas, Saint-Denis-lès-Bourg, Saint-Didier-d’Aussiat, Saint-Etienne-du-Bois, Saint-Jean-sur-Reyssouze, Saint-Julien-sur-Reyssouze, Saint-Just, Saint-Martin-le-Châtel, Saint-Nizier-le-Bouchoux, Saint-Sulpice, Saint-Trivier-de-Courtes, Salavre, Servignat, Tossiat, Val Revermont, Verjon, Vernoux, Villemotier, Viriat. |
|
|
I roinn Côte d’Or, na bardais seo a leanas: Athée, Auxonne, Beaumont-sur-Vingeanne, Bèze, Bézouotte, Billey, Blagny-sur-Vingeanne, Bourberain, Champagne-sur-Vingeanne, Champdôtre, Charmes, Chaume-et-Courchamp, Chazeuil, Cheuge, Cléry, Cuiserey, Dampierre-et-Flée, Drambon, Etevaux, Flagey-lès-Auxonne, Flammerans, Fontaine-Française, Fontenelle, Heuilley-sur-Saône, Jancigny, Labergement-lès-Auxonne, Lamarche-sur-Saône, Licey-sur-Vingeanne, Lux, Magny-Montarlot, Marandeuil, Maxilly-sur-Saône, Mirebeau-sur-Bèze, Montigny-Mornay-Villeneuve-sur-Vingeanne, Montmançon, Noiron-sur-Bèze, Oisilly, Orain, Perrigny-sur-l’Ognon, Pluvet, Poncey-lès-Athée, Pont, Pontailler-sur-Saône, Pouilly-sur-Vingeanne, Renève, Sacquenay, Saint-Léger-Triey, Saint-Maurice-sur-Vingeanne, Saint-Sauveur, Saint-Seine-en-Bâche, Saint-Seine-sur-Vingeanne, Soirans, Soissons-sur-Nacey, Talmay, Tanay, Til-Châtel, Tillenay, Tréclun, Trochères, Véronnes, Vielverge, Villers-les-Pots, Villers-Rotin, Vonges. |
|
|
I roinn Haute-Marne, na bardais seo a leanas: Belmont, Chassigny, Coublanc, Cusey, Enfonvelle, Farincourt, Fresnes-sur-Apance, Genevrières, Gilley, Grenant, Maâtz, Melay, Neuvelle-lès-Voisey, Pressigny, Saulles, Savigny, Tornay, Valleroy, Voisey, Voncourt. |
|
|
I roinn Saône-et-Loire, na bardais seo a leanas: Allerey-sur-Saône, Authumes, Bantanges, Baudrières, Beaurepaire-en-Bresse, Beauvernois, Bellevesvre, Les Bordes, Bosjean, Bouhans, Bragny-sur-Saône, Branges, Brienne, Bruailles, Champagnat, La Chapelle-Naude, La Chapelle-Saint-Sauveur, La Chapelle-Thècle, Charette-Varennes, Charnay-lès-Chalon, La Chaux, Ciel, Condal, Cuiseaux, Dampierre-en-Bresse, Devrouze, Diconne, Dommartin-lès-Cuiseaux, Le Fay, Flacey-en-Bresse, Frangy-en-Bresse, La Frette, Fretterans, Frontenard, Frontenaud, La Genête, Huilly-sur-Seille, Joudes, Jouvençon, Juif, Lays-sur-le-Doubs, Lessard-en-Bresse, Loisy, Longepierre, Louhans, Ménetreuil, Mervans, Le Miroir, Montagny-près-Louhans, Montcony, Montjay, Montpont-en-Bresse, Montret, Mouthier-en-Bresse, Navilly, Pierre-de-Bresse, Le Planois, Pontoux, La Racineuse, Rancy, Ratte, Romenay, Sagy, Saillenard, Saint-André-en-Bresse, Saint-Bonnet-en-Bresse, Sainte-Croix, Saint-Didier-en-Bresse, Saint-Etienne-en-Bresse, Saint-Germain-du-Bois, Saint-Gervais-en-Vallière, Saint-Martin-du-Mont, Saint-Martin-en-Gâtinois, Saint-Usuge, Saint-Vincent-en-Bresse, Saunières, Savigny-en-Revermont, Savigny-sur-Seille, Sens-sur-Seille, Serley, Sermesse, Serrigny-en-Bresse, Simandre, Simard, Sornay, Le Tartre, Thurey, Torpes, Toutenant, Tronchy, Varennes-Saint-Sauveur, Verdun-sur-le-Doubs, Vérissey, Villegaudin, Vincelles. |
|
|
I roinn Vosges, na bardais seo a leanas: Ameuvelle, Châtillon-sur-Saône, Grignoncourt, Lironcourt, Martinvelle, Regnévelle. |
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an nasc le limistéar geografach “Cancoillotte” bunaithe ar a cháil agus na saintréithe sonracha a bhaineann leis.
Is de thionscnamh réigiún Franche-Comté é “Cancoillotte”, rud a bhaineann leis an gcáil atá air. Go deimhin, ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta araon, tá cáil ar an táirge mar shainearra réigiúnach de chuid réigiún Franche-Comté.
Ina theannta sin, tá na saintréithe sonracha a bhaineann leis bunaithe tríd is tríd ar shaineolas na dtáirgeoirí, na n-aibitheoirí agus na leáthóirí, a fuarthas i gcaitheamh na gcéadta blianta.
Is é atá i limistéar geografach “Cancoillotte” an t-iar-réigiún riaracháin Franche-Comté, agus bardais a bhfuil teorainn acu leis i ranna Ain, Côte d’Or, Haute-Marne, Saône-et-Loire agus Vosges. Is mór an earnáil eallaigh déiríochta sa réigiún thoir sin i lár na Fraince. Tá aeráid an réigiúin fabhrach d’fhás féir a bhuí le raon mór teochta agus ráta seasta báistí ó cheann ceann na bliana ach atá flúirseach san earrach. Baintear leas as an acmhainneacht féir sin le táirgeadh bainne atá dírithe ar neamhspleáchas foráiste na ngabháltas talmhaíochta agus le tréada bó a bhunú ar phórtha eallaigh de bhunadh na háite. Tá saintréithe ag baint le bainne an réigiúin atá fabhrach do tháirgeadh uachtair agus ime, agus do tháirgeadh bainne bhearrtha ar féidir cás a dhéanamh as.
Áirithítear úsáid na hacmhainneachta áitiúla féir le ciondáil bhunúsach na mbó déiríochta, arb é an chuid is mó de beatha a tháirgtear ar an ngabháltas. Is iad pórtha eallaigh áitiúla, mar atá Montbéliarde, Simmental na Fraince agus Vosgienne, atá i níos mó ná dhá thrian den tréad déiríochta.
Le fada an lá, tá “Cancoillotte” in úsáid le cur síos a dhéanamh ar thailte ísle (machairí agus gleannta) an limistéir idir Ain agus iar-réigiún Lorraine suas go dtí bunchnoic mhasaífí na nAlp agus Vosges. Go deimhin, ó thús ama, is gníomhaíocht thábhachtach í an phróiseáil bainne (uachtar – im – cáis) a dhéantar ar fheirmeacha a bhfuil dhá chuspóir acu: an teaghlach a chothú agus earraí a dhíol. Choinnítí an chuid den bhainne ba ghá chun críoch maireachtála, agus dhéantaí an chuid eile de a phróiseáil i ndéirí an teaghlaigh.
Is minic a choinnítí an t-uachtar le haghaidh ime, ach d’úsáidtí an bainne bearrtha chun cáis a dhéanamh (ar a dtugtar metton) nárbh fhéidir a ithe mar a bhí, ach ar ghá é a thabhairt chun aibíochta agus a leá ansin chun é a ithe i bhfoirm “Cancoillotte”.
Ós rud é nárbh ann do chomhdhéirithe, ba é “Cancoillotte” an “cháis” teaghlaigh par excellence. Dhíoltaí mettons freisin ag margaí an réigiúin.
Tá an traidisiún fós sna déirithe áitiúla uachtar agus im a tháirgeadh agus dá bhrí sin bíonn bainne bearrtha ar fáil dóibh, arb é ceann de na bealaí é a úsáid metton a dhéanamh.
Is iad seo a leanas príomhthréithe “Cancoillotte”:
|
— |
cion saille iarmharach an-íseal nach mór a bheith níos lú ná 15 % sa táirge críochnaitheach; |
|
— |
uigeacht idir leath-leachtach agus uisciúil, agus píosa beag greamaitheach; |
|
— |
boladh agus blas a mheabhraíonn bainne agus im, mar aon le beagáinín beag giosta. |
Is ón teicneolaíocht shonrach a thagann saintréithe sonracha an táirge (bainne bearrtha a úsáid, gruth a thabhairt chun aibíochta, uisce agus méid teoranta ime leáite a chur leis).
Le húsáid a bhaint as acmhainneacht féir ar an leibhéal áitiúil agus pórtha eallaigh áitiúla, is féidir bainne a tháirgeadh a bhfuil cion saille an-ard ann agus a bhfuil an-éileamh air. Ionas nach ndéanfaí an tsaill sin a dhínádúrú de dheasca lipealaithe, dhéantaí bainne a tháirgeadh go traidisiúnta gar do dhéirithe i limistéar sainithe. Mar gheall ar cháilíocht na saille sin a bhaintear amach chun uachtar agus im a tháirgeadh, tháinig teicneolaíocht shonrach chun cinn chun táirge ar leith a dhéanamh de bhainne bearrtha: “Cancoillotte”.
Go deimhin, a bhuí le húsáid a bhaint as acmhainneacht féir ar an leibhéal áitiúil agus pórtha eallaigh áitiúla, is féidir bainne a tháirgeadh a bhfuil cion próitéine ann atá níos airde ná meánchion na Fraince freisin. An cion ard próitéine sa bhainne a úsáidtear chun metton, is léiriú é ar rath an phróisis déanta cáise sin. A bhuí le cáilíocht an táirge idirmheánaigh (metton) is féidir táirge críochnaitheach a fháil, mar atá an “Cancoillotte”, atá ar ardchaighdeán i dtéarmaí orgánaileipteacha.
Baintear úsáid as saineolas táirgthe agus leáite chun tabhairt chun aibíocht tapa an ghrutha a rialú, a bhuí leis an bhfaireachán a dhéanann an t-aibitheoir ar chuma, ar bhlas agus ar bholadh an metton. Tar éis an cháis bhainne bhearrtha (metton) a thabhairt i gcrích, ní mór a saintréithe féin a bheith aici cheana féin, a bheidh ina mbunús le blas críochnaitheach an “Cancoillotte”: boladh agus blas a mheabhraíonn bainne agus im, mar aon le beagáinín beag giosta.
Ní mór méid ime a chur leis an gcáis sin a fhaightear ó bhainne bearrtha, ar méid é lenar féidir cion íseal saille a bhaint amach sa táirge críochnaitheach. Bíonn cuid mhór máistreachta ag teastáil chun cáiseanna a leá, agus bíonn a “sheifteanna” féin ag gach leáthóir a chuirtear ar aghaidh laistigh de gach déirí cáise, lenar féidir uigeacht shonrach “Cancoillotte” a bhaint amach.
Ós rud é gur féidir le haibíocht an metton blas láidir giosta a fhágáil, bhí sé de nós ag muintir Franche-Comté cancoillotte a bhlaistiú trí chomhábhair a bhí ar fáil sa bhaile a chur leis sa sáspan tráth leáite an metton: gairleog, seallóidí, fíon, gallchnónna, síobhas, beacáin, go háirithe. Is cuid den traidisiún é freisin fíon a chur leis, rud a dhéantaí san am atá thart chun an táirge a thanú.
Baineann sainiúlacht “Cancoillotte” thar aon ní eile leis an gcáil atá air, ó thús ama agus sa lá atá inniu ann, atá bainteach le dúchas an táirge.
Léiríonn Atlas Linguistique et Ethnographique de La Franche-Comté le Colette Dondaine (1978) go bhfuil an focal in úsáid go rialta agus le fada an lá (an naoú haois déag ar a laghad).
Scaipeadh “Cancoillotte” go dtí teorainneacha iar-réigiún Franche-Comté, agus lasmuigh de fiú.
Cuireadh tús le táirgeadh tionsclaíoch “Cancoillotte” tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda, ach tháinig forbairt air go háirithe i lár an fichiú haois.
Ar feadh an chogaidh ó 1939 go 1945, bhí cárta ciondála ar leith ag muintir na háite le haghaidh “Cancoillotte”.
Luaitear “Cancoillotte” i gcónaí i saothair a phléann le táirgí traidisiúnta mar atá sa saothar Franche-Comté : produits du terroir et recettes traditionnelles – 1993 – Inventaire du patrimoine culinaire de la France – Eagrán Albin Michel/CNAC. Is minic a scríobhtar ailt faoi in irisí (mar shampla L’Est Républicain –24 Samhain 2015 – Bientôt au tour de la “ Cancoillotte ” ?) nó a thugtar tuairisc air sa phreas náisiúnta, mar shampla ar an nuacht ar an gcainéal teilifíse is mó sa Fhrainc (https://www.facebook.com/watch/?v=855699664847425). Tá neart oideas a bhaineann úsáid as “Cancoillotte” ar fáil ar shuímh gréasáin cócaireachta atá dírithe ar an bpobal: is féidir teacht ar 58 oideas atá bunaithe ar “Cancoillotte” ar www.marmiton.org/ agus 43 acu ar www.cuisineaz.com/. Eagraítear comórtais áitiúla nó fiú náisiúnta atá bunaithe ar “Cancoillotte”, mar shampla an comórtas ginearálta talmhaíochta ina bhfuil boinn le buachan in dhá chatagóir: “gnáth-Cancoillotte” agus “Cancoillotte” blaistithe (https://palmares.concours-general-agricole.fr/produits).
A bhuí le gné shuáilceach an táirge, an tóir air mar aon le ceolmhaireacht an fhocail, tá roinnt filí agus amhránaithe áitiúla tite faoi gheasa aige. Tá fiú amhrán dar teideal “La Cancoillotte” a chanann ceoltóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, H. F. Thieffaine (féach an chuid seo a leanas de cheolchoirm in 2015 https://www.youtube.com/watch?v=M1_uhIhhAMw).
Is minic a itear sainearraí réigiúnacha eile amhail “Saucisse de Morteau” nó “Saucisse de Montbéliard” i dteannta “Cancoillotte”, earra a bhain go bunúsach le réigiún thoir ó thuaidh agus le réigiún thoir láir na Fraince go traidisiúnta, ó Lorraine go Bresse.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
(Airteagal 6(1), an dara fomhír, den Rialachán seo)
https://extranet.inao.gouv.fr/fichier/CDC-Cancoillotte-211006.pdf