|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí |
|
|
|
RÚIN |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2022/C 44/01 |
||
|
2022/C 44/02 |
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 44/03 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10371 – SIBUR / TAIF) ( 1 ) |
|
|
2022/C 44/04 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10545 – PSA / TIL / PNIT) ( 1 ) |
|
|
2022/C 44/05 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10448 — MABANAFT / H&R / P2X) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2022/C 44/06 |
||
|
2022/C 44/07 |
||
|
|
An Chúirt Iniúchóirí |
|
|
2022/C 44/08 |
||
|
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
|
2022/C 44/09 |
Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí ( 1 ) |
|
|
2022/C 44/10 |
Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Oibleagáidí seirbhíse poiblí i leith aersheirbhísí sceidealaithe ( 1 ) |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A bhAineAnn LEIS An mbeArtAs iomAíochtA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 44/11 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10301 — CVC / ETHNIKI) ( 1 ) |
|
|
2022/C 44/12 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10592 — KKR / KÖRBER / KÖRBER SUPPLY CHAIN SOFTWARE MANAGEMENT) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 44/13 |
||
|
2022/C 44/14 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí
RÚIN
An Chomhairle
|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/1 |
RÚN ÓN GCOMHAIRLE MAIDIR LE FOSCRÍBHINN I ATHBHREITHNITHE A GHABHANN LEIS AN SAMHAIL-CHOMHAONTÚ CHUN FOIREANN CHOMHPHÁIRTEACH UM IMSCRÚDÚ A BHUNÚ (1)
(2022/C 44/01)
DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
1. |
Tá forálacha maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú in Airteagal 13 de Choinbhinsiún an 29 Bealtaine 2000 maidir le cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (2) (“an Coinbhinsiún”). |
|
2. |
An 13 Meitheamh 2002, ghlac an Chomhairle Cinneadh Réime 2002/465/CGB maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú (3) (“an Cinneadh Réime”). |
|
3. |
Gach bliain, bunaítear líon suntasach foirne comhpháirteacha um imscrúdú (JITanna) idir údaráis inniúla na mBallstát agus le húdaráis inniúla tríú tíortha, agus is minic a bhíonn gníomhaireachtaí an Aontais, Eurojust, Europol agus OLAF go háirithe, páirteach in JITanna. |
|
4. |
Úsáideann an-chuid cleachtóirí an samhail-chomhaontú chun JIT a bhunú, mar a leagtar amach i Rún 2017/C 18/01 ón gComhairle (4) agus tá ard-mheas acu air. |
|
5. |
Ag an 17ú cruinniú bliantúil a bhí ag an Líonra JITanna, a tionóladh an 13 agus an 14 Deireadh Fómhair 2021, bhain saineolaithe JIT de thátal as go mbeadh sé inmholta Foscríbhinn I a ghabhann leis an samhail-chomhaontú a mhodhnú chun athruithe sa chreat dlíthiúil lena rialaítear Eurojust, Europol agus OLAF agus an gá atá ann na coinníollacha sonracha a bhaineann lena rannpháirtíocht in JIT a léiriú, a chur san áireamh, |
AN RÚN SEO A GHLACADH, LEIS SEO:
Maidir le húdaráis inniúla na mBallstát ar mian leo foireann chomhpháirteach um imscrúdú a bhunú le húdaráis inniúla Ballstát eile, i gcomhréir le téarmaí an Chinnidh Réime agus an Choinbhinsiúin, nó le húdaráis inniúla tríú tíortha, ar bhonn na n-ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha, moltar dóibh úsáid a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as an samhail-chomhaontú a leagtar amach i Rún 2017/C 18/01 ón gComhairle chun teacht ar chomhaontú maidir leis na socruithe don fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú, agus é intuigthe gur cheart Foscríbhinn I a ghabhann leis an samhail-chomhaontú sin a léamh mar a leagtar amach í san Iarscríbhinn.
(1) Rún arna fhormheas ag an gComhairle tríd an nós imeachta i scríbhinn an 22 Nollaig 2021 (15085/21 agus CM 5966/21).
(2) IO C 197, 12.7.2000, lch. 3.
Foscríbhinn I
A GHABHANN LEIS AN SAMHAIL-CHOMHAONTÚ CHUN FOIREANN CHOMHPHÁIRTEACH UM IMSCRÚDÚ A BHUNÚ (2017/C 18/01)
Rannpháirtithe in JIT
I. Socrú le Eurojust/Europol/an Coimisiún (OLAF):
|
Rannpháirtíocht Eurojust sa JIT Beidh na daoine seo a leanas rannpháirteach sa JIT:
De réir phointe [cuir isteach an pointe ábhartha] de Chomhaontú JIT, tá [cuir isteach ainm an Bhallstáit] tar éis a chinneadh go mbeidh a Bhall Náisiúnta Eurojust (Ionadaí/Cúntóir don Bhall Náisiúnta Eurojust*) rannpháirteach san fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú. Tacóidh Eurojust le gníomhaíochtaí JIT trína shaineolas agus a shaoráidí a chur ar fáil chun na himscrúduithe agus na hionchúisimh a chomhordú i gcomhréir leis an gcreat dlí is infheidhme. Tá [Cuir isteach ainm an tríú tír] tar éis a chinneadh go mbeidh a Ionchúisitheoir Idirchaidrimh arna phostú ag Eurojust rannpháirteach san fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú mar ionadaí foirmiúil ar [cuir isteach ainm an tríú tír] i gcomhréir le comhaontú comhair arna shíniú idir Eurojust agus [cuir isteach ainm an tríú tír]. I gcás nach mbeidh aon duine de na daoine thuasluaite in ann a ndualgais a chomhlíonadh, ainmneofar duine ionaid. Cuirfear fógra i scríbhinn maidir leis an duine ionaid ar fáil do na páirtithe uile lena mbaineann, agus cuirfear i gceangal leis an gcomhaontú seo é. Dáta/síniú* (*más infheidhme) |
|
Rannpháirtíocht Europol sa JIT Páirtithe sa JIT (cóid ISO mar rogha thosaíochta): Dáta sínithe JIT ag na páirtithe: Tagairtí (roghnach): 1. Rannpháirtithe Europol sa JIT Beidh na daoine seo a leanas rannpháirteach sa JIT:
I gcás nach mbeidh aon duine de na daoine thuasluaite in ann a ndualgais a chomhlíonadh, ainmneofar duine ionaid. Cuirfear fógra i scríbhinn maidir leis an duine ionaid ar fáil do na páirtithe uile lena mbaineann, agus cuirfear i gceangal leis an gcomhaontú seo é. 2. Coinníollacha rannpháirtíochta d’fhoireann Europol
Dáta/síniú
|
|
Rannpháirtíocht OLAF sa JIT arna chomhaontú idir údaráis inniúla bhreithiúnacha [na Ballstáit] an [dáta] Is mar sholáthraí cúnaimh, saineolais agus comhordúcháin (má chomhaontaítear sin) a bheidh OLAF rannpháirteach sa JIT. Déanfar an rannpháirtíocht sin faoi na coinníollacha a leagtar síos sa socrú seo agus amhail dá bhforáiltear sna hionstraimí Aontais is infheidhme. Na rannpháirtithe Beidh na daoine seo a leanas ó OLAF rannpháirteach sa JIT:
Tabharfaidh OLAF fógra i scríbhinn do na páirtithe eile sa JIT maidir le haon duine a chuirtear leis an liosta daoine thuasluaite nó a bhaintear de. Socruithe sonracha a bhaineann le rannpháirtíocht OLAF 1. Prionsabail na rannpháirtíochta
2. An cineál cúnaimh
3. Rochtain ar chórais próiseála faisnéise OLAF
4. Costais agus trealamh
Dáta/síniú
|
II. Socrú le comhlachtaí atá inniúil de bhua forálacha arna nglacadh faoi chuimsiú na gConarthaí, agus le comhlachtaí idirnáisiúnta eile:
1. Beidh na daoine seo a leanas rannpháirteach sa JIT:
|
Ainm |
Post/Grád |
Eagraíocht |
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás nach mbeidh aon duine de na daoine thuasluaite in ann a ndualgais a chomhlíonadh, ainmneofar duine ionaid. Cuirfear fógra i scríbhinn maidir leis an duine ionaid sin ar fáil do na páirtithe uile lena mbaineann, agus cuirfear i gceangal leis an gcomhaontú seo é.
2. Socruithe sonracha:
2.1. An chéad rannpháirtí sa chomhaontú
|
2.1.1. |
Aidhm na rannpháirtíochta |
|
2.1.2. |
Cearta a tugadh (más ann dóibh) |
|
2.1.3. |
Forálacha a bhaineann le costais |
|
2.1.4. |
Aidhm agus raon feidhme na rannpháirtíochta |
|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/6 |
Téacs comhdhlúite an tsamhail-chomhaontaithe maidir le Foireann Chomhpháirteach um Imscrúdú a bhunú, tar éis fhormheas an Rúin ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Foscríbhinn I athbhreithnithe (1)
(2022/C 44/02)
SAMHAIL-CHOMHAONTÚ MAIDIR LE FOIREANN CHOMHPHÁIRTEACH UM IMSCRÚDÚ A BHUNÚ
I gcomhréir le:
[Léirigh anseo na bunúis dlí is infheidhme, a fhéadfar a thógáil as na hionstraimí a liostaítear thíos - ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin:
|
— |
Airteagal 13 de Convention on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union [Coinbhinsiún an 29 Bealtaine 2000 maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh] (2); |
|
— |
Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú (3); |
|
— |
Airteagal 1 den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua an 29 Nollaig 2003 maidir le forálacha áirithe de Choinbhinsiún an 29 Bealtaine 2000 a chur i bhfeidhm maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Prótacal 2001 a ghabhann leis (4); |
|
— |
Airteagal 5 de Agreement on Mutual Legal Assistance between the European Union and the United States of America [Comhaontú maidir le Cúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá] (5); |
|
— |
Airteagal 20 den dara prótacal breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla an 20 Aibreán 1959 (6); |
|
— |
Airteagal 9(1)(c) de United Nations Convention against Illicit Traffic in Narcotic Drugs and Psychotropic Substances [Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha] (1988) (7); |
|
— |
Airteagal 19 de United Nations Convention against Transnational Organized Crime [Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta] (2000) (8); |
|
— |
Airteagal 49 de United Nations Convention against Corruption [Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe] (2003) (9); |
|
— |
Airteagal 27 de Police Cooperation Convention for South East Europe [an Coinbhinsiún maidir le Comhar Póilíneachta in Oirdheisceart na hEorpa] (2006) (10).] |
1. Páirtithe sa Chomhaontú
Tá comhaontú tugtha i gcrích ag na páirtithe seo a leanas maidir le foireann chomhpháirteach um imscrúdú a bhunú, dá ngairfear “JIT” anseo feasta:
|
Agus
|
Féadfaidh na páirtithe sa chomhaontú seo a chinneadh, de chomhthoiliú, iarraidh ar ghníomhaireachtaí nó ar riaracháin Stáit eile a bheith ina bpáirtithe sa chomhaontú seo.
2. Cuspóir JIT
Cuimseofar sa chomhaontú seo bunú JIT chun na críche seo a leanas:
|
[Tabhair cur síos le do thoil ar chuspóir sonrach JIT. Ba cheart a áireamh sa chur síos sin imthosca na coire (na gcoireanna) atá á himscrúdú/á n-imscrúdú sna Stáit lena mbaineann (dáta, áit agus cineál) agus, i gcás inarb infheidhme, tagairt do na nósanna imeachta leanúnacha intíre. Déanfar a laghad tagairtí is féidir do shonraí pearsanta a bhaineann le cás. Ina theannta sin, ba cheart cur síos gairid a dhéanamh sa roinn seo ar chuspóirí JIT (lena n-áirítear, bailiú fianaise, gabháil chomhordaithe daoine atá faoi amhras, calcadh sócmhainní ...). Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na páirtithe machnamh a dhéanamh ar thionscnamh agus tabhairt chun críche imscrúdaithe airgeadais a áireamh mar cheann de chuspóirí JIT (11) .] |
3. An tréimhse a chumhdaítear leis an gcomhaontú seo
Aontaíonn na páirtithe go n-oibreoidh JIT ar feadh [sonraigh ré shonrach], dar tús teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe seo.
Tiocfaidh an comhaontú seo i bhfeidhm nuair a bheidh sé sínithe ag an bpáirtí deireanach i JIT. Féadfar an tréimhse sin a fhadú le comhthoil.
4. Na stáit ina mbeidh FCI i bhfeidhm
Feidhmeoidh FCI i Stáit na bpáirtithe sa chomhaontú seo.
Cuirfidh an fhoireann a cuid oibríochtaí i gcrích i gcomhréir le dlí na Stát ina bhfeidhmeoidh sí aon tráth áirithe.
5. Ceannaire/Ceannairí JIT
Beidh ceannairí na foirne ina n-ionadaithe ar na húdaráis inniúla a bheidh rannpháirteach in imscrúduithe coiriúla ó na Stáit ina bhfeidhmeoidh an fhoireann ag aon tráth ar leith, a gcuirfidh comhaltaí JIT a gcúraimí i gcrích faoina gceannaireacht.
Tá na daoine seo a leanas ainmnithe ag na páirtithe chun gníomhú mar cheannairí JIT:
|
Ainm |
Post/Grád |
Údarás/Gníomhaireacht |
An Stát |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Mura mbeidh duine den bheirt thuasluaite in ann a chuid dualgas a chomhlíonadh, ainmneofar ionadaí gan mhoill. Cuirfear fógra i scríbhinn maidir leis an ionadaí sin ar fáil do na páirtithe uile lena mbaineann agus cuirfear i gceangal leis an gcomhaontú seo é.
6. Comhaltaí JIT
I dteannta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe 5, cuirfidh na páirtithe liosta comhaltaí JIT ar fáil in iarscríbhinn ar leith a ghabhann leis an gcomhaontú seo (12).
Mura mbeidh duine de chomhaltaí JIT in ann chuid dhualgas a chomhlíonadh, ainmneofar ionadaí gan mhoill trí fhógra i scríbhinn a sheolfaidh ceannaire inniúil JIT.
7. Rannpháirtithe i JIT
Aontaíonn na Páirtithe i JIT ról a thabhairt do [Cuir isteach anseo, e.g., Eurojust, Europol, OLAF...] mar rannpháirtithe i JIT. Déileálfar le socruithe sonracha a bhaineann le rannpháirtíocht [Cuir isteach an t-ainm], san Fhoscríbhinn ábhartha a ghabhann leis an gcomhaontú seo.
8. Bailiú faisnéise agus fianaise
Féadfaidh ceannairí JIT teacht ar chomhaontú maidir le nósanna imeachta sonracha a bheidh le leanúint maidir le bailiú faisnéise agus fianaise ag JIT sna Stáit ina bhfeidhmeoidh sé.
Cuireann na páirtithe de chúram ar cheannairí JIT comhairle a thabhairt maidir le fianaise a fháil.
9. Rochtain ar fhaisnéis agus ar fhianaise
Sonróidh ceannairí JIT na próisis agus na nósanna imeachta a bheidh le leanúint maidir le faisnéis agus fianaise a chomhroinnt eatarthu a fhaightear de bhun JIT i ngach Ballstát.
[Ina theannta sin, féadfaidh na páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le clásal ina mbeidh rialacha níos sonraí maidir le rochtain, láimhseáil agus úsáid faisnéise agus fianaise. D’fhéadfadh go measfaí gurb iomchuí clásal den sórt sin go háirithe ó nach ar Choinbhinsiún an Aontais ná ar an gCinneadh Réime (ina bhfuil forálacha sonracha cheana féin i ndáil leis sin – féach Airteagal 13(10) den Choinbhinsiún) atá JIT bunaithe.]
10. Malartú faisnéise agus fianaise a fuarthas roimh JIT
Féadfar faisnéis nó fianaise atá ar fáil cheana féin tráth theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe seo, agus a bhaineann leis an imscrúdú a bhfuil cur síos air sa chomhaontú seo, a roinnt idir na páirtithe faoi chuimsiú an chomhaontaithe seo.
11. Faisnéis agus fianaise a fhaightear ó Stáit nach bhfuil rannpháirteach in i JIT
Má bhíonn gá le hiarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach a chur chuig Stát nach bhfuil rannpháirteach i JIT, déanfaidh an Stát iarrthach breithniú ar chomhaontú an Stáit iarrtha a lorg chun an fhaisnéis nó an fhianaise a fuarthas mar thoradh ar fhorghníomhú na hiarrata a roinnt le páirtí/páirtithe JIT eile.
12. Socruithe sonracha a bhaineann le comhaltaí ar iasacht
[Nuair a mheastar gurb iomchuí sin, féadfaidh páirtithe, faoin gclásal seo, teacht ar chomhaontú faoi na dálaí sonracha faoina bhféadfaidh comhaltaí a bheidh ar iasacht:
|
— |
imscrúduithe a dhéanamh – lena n-áirítear bearta comhéigneacha go háirithe – sa Stát feidhmíochta (má mheastar é a bheith iomchuí, féadfar reachtaíocht intíre a lua anseo nó, de rogha air sin, a cheangal leis an gcomhaontú seo) |
|
— |
a iarraidh go ndéanfaí bearta i Stát na hiasachta |
|
— |
faisnéis arna bailiú ag an bhfoireann a roinnt |
|
— |
airm a iompar/a úsáid] |
13. Leasuithe ar an gcomhaontú
Féadfar an comhaontú seo a leasú le comhthoil na bpáirtithe. Mura sonraítear a mhalairt sa chomhaontú seo, féadfar leasuithe a dhéanamh in aon fhoirm i scríbhinn arna comhaontú ag na páirtithe (13).
14. Comhairliúchán agus comhordú
Áiritheoidh na páirtithe go rachaidh siad i gcomhairle le chéile nuair is gá chun gníomhaíochtaí na foirne a chomhordú, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibhsan amháin:
|
— |
an t-athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta agus ar fheidhmíocht na foirne |
|
— |
uainiú agus modh idirghabhála na n-imscrúdaitheoirí |
|
— |
an bealach is fearr chun tabhairt faoi imeachtaí dlíthiúla a bheidh ann amach anseo, ionad cuí trialach a bhreithniú, agus coigistiú. |
15. Cumarsáid leis na meáin
Má bheartaítear a leithéid, comhaontóidh na páirtithe uainiú agus ábhar na cumarsáide leis na meáin agus cloífidh na rannpháirtithe leis sin.
16. Meastóireacht
Féadfaidh na páirtithe cuimhneamh ar mheastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht JIT, ar an dea-chleachtas a úsáideadh agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh. Féadfar cruinniú tiomnaithe a eagrú chun an mheastóireacht a dhéanamh.
[Sa chomhthéacs sin, féadfaidh páirtithe tagairt a dhéanamh do fhoirm mheastóireachta shonrach JIT arna forbairt ag Líonra saineolaithe JIT an Aontais. Féadfar maoiniú ón Aontas a lorg chun tacú leis an gcruinniú meastóireachta.]
17. Socruithe sonracha
[Cuir isteach, le do thoil, más infheidhme. Tá na fochaibidlí seo a leanas ceaptha chun aird a tharraingt ar réimsí a bhféadfar cur síos sonrach a dhéanamh orthu.]
|
17.1. |
Rialacha nochta |
[D’fhéadfadh gur mhian le páirtithe soiléiriú a dhéanamh anseo ar na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le cumarsáid leis an gcosaint agus/nó cóip nó achoimre díobh a chur i gceangal.]
|
17.2. |
Bainistiú sócmhainní/socruithe aisghabhála sócmhainní |
|
17.3. |
Dliteanas |
[D’fhéadfadh gur mhian le páirtithe an ghné seo a rialáil, go háirithe ó nach ar Choinbhinsiún an Aontais ná ar an gCinneadh Réime (ina bhfuil forálacha sonracha cheana féin i ndáil leis sin – féach Airteagail 15 agus 16 den Choinbhinsiún) atá JIT bunaithe.]
18. Socruithe eagraíochtúla
[Cuir isteach, le do thoil, más infheidhme. Tá na fochaibidlí seo a leanas ceaptha chun aird a tharraingt ar réimsí a bhféadfar cur síos sonrach a dhéanamh orthu.]
|
18.1. |
Saoráidí (cóiríocht oifige, feithiclí, trealamh teicniúil eile) |
|
18.2. |
Costais/caiteachais/árachas |
|
18.3. |
Tacaíocht airgeadais do JITanna |
[Faoin gclásal seo, féadfaidh Páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le socruithe sonracha a bhaineann le róil agus freagrachtaí laistigh den fhoireann i ndáil le hiarratais ar chistiú ón Aontas a chur isteach.]
|
18.4. |
Teanga na cumarsáide |
Arna dhéanamh i/sa [áit an tsínithe], [dáta]
[Sínithe na bpáirtithe uile]
Foscríbhinn I
A GHABHANN LEIS AN SAMHAIL-CHOMHAONTÚ CHUN FOIREANN CHOMHPHÁIRTEACH UM IMSCRÚDÚ A BHUNÚ
Rannpháirtithe i JIT
I. Socrú le Eurojust/Europol/an Coimisiún (OLAF):
|
Rannpháirtíocht Eurojust i JIT Beidh na daoine seo a leanas rannpháirteach i JIT:
De réir phointe [cuir isteach an pointe ábhartha] de Chomhaontú JIT, tá [cuir isteach ainm an Bhallstáit] tar éis cinneadh go mbeidh a Chomhalta Náisiúnta de Eurojust (Leas/Cúntóir do Bhall Náisiúnta Eurojust*) rannpháirteach san fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú. Tacóidh Eurojust le gníomhaíochtaí JIT trína shaineolas agus a shaoráidí a chur ar fáil chun na himscrúduithe agus na hionchúisimh a chomhordú i gcomhréir leis an gcreat dlí is infheidhme. Chinn [cuir isteach ainm an tríú tír] go mbeidh a Ionchúisitheoir Idirchaidrimh arna phostú ag Eurojust rannpháirteach san fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú mar ionadaí foirmiúil [cuir isteach ainm an tríú tír] i gcomhréir le comhaontú comhair a síníodh idir Eurojust agus [cuir isteach ainm an tríú tír]. Mura mbeidh duine den bheirt thuasluaite in ann a chuid dualgas a chomhlíonadh, ainmneofar ionadaí. Cuirfear fógra i scríbhinn maidir leis an ionadaí ar fáil do na páirtithe uile lena mbaineann, agus cuirfear i gceangal leis an gcomhaontú seo é. Dáta/síniú* (* más infheidhme) |
|
Rannpháirtíocht Europol i JIT Rannpháirtithe i JIT (moltar cóid ISO): Dáta sínithe JIT ag na páirtithe: Tagairtí (roghnach): 1. Rannpháirtithe Europol i JIT Beidh na daoine seo a leanas (a shainaithnítear le huimhir foirne ) rannpháirteach i JIT:
Mura mbeidh aon duine de na daoine thuasluaite in ann a chuid dualgas a chomhlíonadh, ainmneofar ionadaí. Cuirfear fógra i scríbhinn maidir leis an ionadaí ar fáil do na páirtithe uile lena mbaineann, agus cuirfear i gceangal leis an gcomhaontú seo é. 2. Coinníollacha rannpháirtíochta d’fhoireann Europol
Dáta/síniú
|
|
Rannpháirtíocht OLAF i JIT arna chomhaontú idir údaráis inniúla bhreithiúnacha [na Ballstáit] an [dáta] Beidh ról ag OLAF1 ó thaobh cúnaimh, saineolais agus comhordúcháin de (má chomhaontaítear sin) i JIT. Déanfar an rannpháirtíocht sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa socrú seo agus amhail dá bhforáiltear sna hionstraimí Aontais is infheidhme. Na rannpháirtithe Beidh na daoine seo a leanas ó OLAF rannpháirteach i JIT:
Tabharfaidh OLAF fógra i scríbhinn do pháirtithe eile i JIT má chuirtear aon ainm leis an liosta thuas nó má bhaintear aon ainm de. Socruithe sonracha a bhaineann le rannpháirtíocht OLAF 1. Prionsabail na rannpháirtíochta
2. Cineál an chúnaimh
3. Rochtain ar chórais phróiseála faisnéise OLAF
4. Costais agus trealamh
Dáta/síniú
|
II. Socrú le comhlachtaí atá inniúil de bhua forálacha arna nglacadh faoi chuimsiú na gConarthaí, agus le comhlachtaí idirnáisiúnta eile:
1. Beidh na daoine seo a leanas rannpháirteach i JIT:
|
Ainm |
Post/Grád |
Eagraíocht |
|
|
|
|
|
|
|
|
Mura mbeidh duine den bheirt thuasluaite in ann a chuid dualgas a chomhlíonadh, ainmneofar ionadaí. Cuirfear fógra i scríbhinn maidir leis an ionadaí sin ar fáil do na páirtithe uile lena mbaineann, agus cuirfear i gceangal leis an gcomhaontú seo é.
2. Socruithe sonracha:
2.1. An chéad rannpháirtí sa chomhaontú
|
2.1.1. |
Cuspóir na rannpháirtíochta |
|
2.1.2. |
Cearta a tugadh (más ann dóibh) |
|
2.1.3. |
Forálacha a bhaineann le costais |
|
2.1.4. |
Cuspóir agus raon feidhme na rannpháirtíochta |
Foscríbhinn II
A GHABHANN LEIS AN SAMHAIL-CHOMHAONTÚ CHUN FOIREANN CHOMHPHÁIRTEACH UM IMSCRÚDÚ A BHUNÚ
Comhaontú chun síneadh a chur le foireann chomhpháirteach um imscrúdú
Tá sé comhaontaithe ag na páirtithe síneadh a chur leis an bhfoireann chomhpháirteach um imscrúdú (dá ngairfear “JIT” anseo feasta) a bunaíodh le comhaontú an [cuir isteach dáta], arna déanamh i [cuir isteach áit an tsínithe], agus a bhfuil cóip de i gceangal leis seo.
Measann na páirtithe gur cheart síneadh a chur le JIT thar an ré dá bunaíodh é [cuir isteach an dáta ar a gcríochnaíonn an tréimhse], ós rud é nach bhfuil a chuspóir mar atá bunaithe in Airteagal [cuir isteach an t-alt faoi chuspóir JIT anseo] bainte amach go fóill.
Rinne na páirtithe uile scrúdú cúramach ar na cúinsí a éilíonn go gcuirfear síneadh le JIT. Meastar go bhfuil síneadh JIT riachtanach chun an cuspóir dár cuireadh JIT ar bun a bhaint amach.
Dá bhrí sin, fanfaidh JIT i bhfeidhm go ceann tréimhse breise [sonraigh fad sonrach] ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe seo. Féadfaidh na páirtithe síneadh breise a chur leis an tréimhse thuas de chomhthoil.
Dáta/síniú
Foscríbhinn III
A GHABHANN LEIS AN SAMHAIL-CHOMHAONTÚ CHUN FOIREANN CHOMHPHÁIRTEACH UM IMSCRÚDÚ A BHUNÚ
Tá sé comhaontaithe ag na páirtithe leasú a dhéanamh ar an gcomhaontú i scríbhinn lena mbunaítear foireann chomhpháirteach um imscrúdú (dá ngairfear “JIT” anseo feasta) an [cuir isteach an dáta], arna dhéanamh in [cuir isteach an áit], agus a bhfuil cóip de i gceangal leis seo.
Tá aontaithe ag na sínitheoirí go leasófar na hairteagail seo a leanas mar a leanas:
|
1. |
(Leasú …) |
|
2. |
(Leasú …) |
Rinne na páirtithe uile scrúdú cúramach ar na cúinsí ina bhfuil gá le leasú a dhéanamh ar chomhaontú JIT. Meastar go bhfuil an leasú/na leasuithe ar chomhaontú JIT riachtanach chun an cuspóir dár cuireadh JIT ar bun a bhaint amach.
Dáta/síniú
(1) IO C 44, 28.1.2022, lch. 1.
(2) IO C 197, 12.7.2000, lch. 3.
(3) IO L 162, 20.6.2002, lch. 1.
(4) IO L 26, 29.1.2004, lch. 3.
(5) IO L 181, 19.7.2003, lch. 34.
(6) CET Uimh. 182.
(7) United Nations, Treaty Series, vol. 1582, p. 95. [Na Náisiúin Aontaithe, Sraith na gConarthaí, imleabhar 1582, lch 95].
(8) United Nations, Treaty Series, vol. 2225, p. 209 Doc. A/RES/55/25. [Na Náisiúin Aontaithe, Sraith na gConarthaí, imleabhar 2225, lch. 209 Doic. A/RES/55/25].
(9) United Nations, Treaty Series, vol. 2349, p. 41 [Na Náisiúin Aontaithe, Sraith na gConarthaí, imleabhar 1582, lch 41]; Doic. A/58/422.
(10) Registration with the Secretariat of the United Nations: Albania, 3 June 2009, No 46240. [Clárúchán le hArdrúnaíocht na Náisiún Aontaithe: an Albáin, an 3 Meitheamh 2009, Uimh. 46240].
(11) Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na páirtithe tagairt a dhéanamh do na Conclúidí ón gComhairle agus don Phlean Gníomhaíochta maidir leis an mbealach chun cinn i dtaca le himscrúdú airgeadais (Doiciméad 10125/16 + COR1 ón gComhairle)
(12) Nuair is gá, féadfaidh saineolaithe náisiúnta aisghabhála sócmhainní a bheith ar JIT.
(13) Tá samplaí den fhoclaíocht i bhFoscríbhinní 2 agus 3.
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/17 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10371 – SIBUR / TAIF)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 44/03)
An 30 Meán Fómhair 2021, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32021M10371. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/18 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10545 – PSA / TIL / PNIT)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 44/04)
An 24 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10545. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/19 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10448 — MABANAFT / H&R / P2X)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 44/05)
An 24 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10448. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/20 |
Fógra le haghaidh aird na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/72/CBES, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/118 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 101/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/113 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
(2022/C 44/06)
Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird do na daoine a luaitear san Iarscríbhinn, a ghabhann le Cinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/118 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 101/2011 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/113 ón gComhairle (4).
Tar éis do Chomhairle an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine ainmnithe, tá cinneadh déanta aici gur cheart na daoine a ndéantar trácht orthu sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh i gcónaí ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/72/CBES ón Rialachán (AE) 101/2011.
Tugtar ar aird do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ábhartha, mar a léirítear sin sna suíomhanna gréasáin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 101/2011, d’fhonn údarú a fháil cistí calctha a úsáid chun bunriachtanais nó íocaíochtaí sonracha a chumhdach (cf. Airteagal 4 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 1 Meán Fómhair 2022, in éineacht le doiciméadacht tacaíochta, gur cheart breathnú arís ar an gcinneadh chun iad a chur ar an liosta thuasluaite, chuig an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
Ardrúnaíocht na Comhairle |
|
RELEX.1.C |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
Rphost: sanctions@consilium.europa.eu
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críche an chéad athbhreithnithe eile a dhéanfaidh an Chomhairle, de bhun Airteagal 5 de Chinneadh 2011/72/CBES agus Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) Uimh. 101/2011, ar liosta na ndaoine ainmnithe.
(1) IO L 28, 2.2.2011, lch. 62.
(2) IO L 19, 28.1.2022, lch. 67.
|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/21 |
Fógra le haghaidh aird na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis, ina dtaobh
(2022/C 44/07)
Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird do na hábhair sonraí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2011/72/CBES (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/118 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 (4), arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/113+ón gComhairle (5).
Is í Roinn RELEX.1.C san Ard-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Eachtracha, Méadú agus Cosaint Shibhialta rialaitheoir na hoibríochta próiseála sin – RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC), ar féidir dul i dteagmháil léi ag:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
Ardrúnaíocht na Comhairle |
|
RELEX.1. Gnóthaí Cothrománacha agus Domhanda |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
Rphost: sanctions@consilium.europa.eu
Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí ARC ag:
An tOifigeach Cosanta Sonraí
data.protection@consilium.europa.eu
Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2011/72/CBES, arna leasú ag Cinneadh (CBES) 2022/118, agus Rialachán (AE) Uimh. 101/2011, arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/113.
Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2011/72/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 101/2011.
Ar na sonraí pearsanta a bhailítear, áirítear pé sonraí is gá chun an té lena mbaineann a shainaithint i gceart, mar aon leis an ráiteas ar chúiseanna, agus aon sonraí eile dá mbaineann leis sin.
Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.
Gan dochar d’aon srianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail ceart rochtana, chomh maith leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin nó an ceart chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.
Déanfar sonraí pearsanta a choimeád go ceann 5 bliana ón uair a bhainfear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a rachaidh bailíocht an bhirt in éag, nó fad a mhairfidh imeachtaí cúirte i gcás inar cuireadh tús lena leithéidí.
Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(2) IO L 28, 2.2.2011, lch. 62.
(3) IO L 19, 28.1.2022, lch. 67.
An Chúirt Iniúchóirí
|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/23 |
Tuarascáil speisialta Uimh. 3/2022
Cur i bhfeidhm 5G san Aontas Eorpach: moilleanna ar chur chun feidhme líonraí le saincheisteanna slándála atá fós gan réiteach
(2022/C 44/08)
Leis an bhfógra seo, cuireann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa in iúl duit go bhfuil an tuarascáil speisialta Uimh. 3/2022 “Cur i bhfeidhm 5G san Aontas Eorpach: moilleanna ar chur chun feidhme líonraí le saincheisteanna slándála atá fós gan réiteach” díreach foilsithe againn.
Is féidir breathnú ar an tuarascáil nó í a íoslódáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: http://eca.europa.eu
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/24 |
Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal
Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 44/09)
|
Ballstát |
Éire |
||||||
|
Na haerbhealaí lena mbaineann |
Aerfort Chonamara – Árainn Aerfort Chonamara – Inis Meáin – Inis Oírr |
||||||
|
Tréimhse bhailíochta an chonartha |
7.6.2022 – 6.6.2026 |
||||||
|
An spriocdháta faoinar gá tairiscintí a chur isteach |
60 lá ó fhoilsiú an fhógra seo |
||||||
|
An seoladh ónar féidir téacs an chuiridh chun tairisceana agus aon fhaisnéis agus/nó doiciméadacht ábhartha a fháil a bhaineann leis an tairiscint phoiblí agus leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí |
(N.B. Tá gach comhfhreagras, iarraidh ar fhaisnéis, doiciméadacht agus tairiscint a bhaineann leis an gcomórtas tairisceana seo le cur faoi bhráid na Roinne tríd an suíomh gréasáin e-Tenders ag https://www.etenders.gov.ie) |
|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/25 |
Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal
Oibleagáidí seirbhíse poiblí i leith aersheirbhísí sceidealaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 44/10)
|
Ballstát |
Éire |
||||||
|
Na haerbhealaí lena mbaineann |
Aerfort Chonamara – Árainn Aerfort Chonamara – Inis Meáin – Inis Oírr |
||||||
|
Dáta theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí |
7 Meitheamh 2022 |
||||||
|
An seoladh ónar féidir an téacs agus aon fhaisnéis agus/nó doiciméadacht a fháil a bhaineann leis an oibleagáid seirbhíse poiblí |
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le: Colm Mac Donncha,
Teileafón: +353 858743881 Ríomhphost: colm.macdonncha@drcd.gov.ie |
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A bhAineAnn LEIS An mbeArtAs iomAíochtA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/26 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10301 — CVC / ETHNIKI)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 44/11)
1.
An 20 Eanáir 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
CVC Capital Partners SICAV FIS S.A. (“CVC”, Luxemburg) |
|
— |
The Ethniki Hellenic General Insurance Company S.A. (“Ethniki”, An Ghréig) |
Faigheann CVC rialú aonair ar Ethniki ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
CVC, a chuid fochuideachtaí agus a chuid cuideachtaí cleamhnaithe, is eintitis faoi úinéireacht phríobháideach iad, eintitis a n-áirítear ar a gcuid gníomhaíochtaí comhairle infheistíochta a chur ar fáil do chistí agus ardáin infheistíochta áirithe, agus/nó infheistíochtaí a bhainistiú thar ceann na gcistí agus na n-ardán sin. Ceann de chuideachtaí punainne CVC is ea Hellenic Healthcare Group (“HHG”), cuideachta atá i mbun sé ospidéal phríobháideacha sa Ghréig. |
|
— |
Is árachóir ilchodach é Ethniki atá dírithe go príomha ar an nGréig, agus atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí teoranta sa Chipir agus sa Rómáin. I measc a cuid gníomhaíochtaí tá réimse táirgí árachais saoil agus árachais neamhshaoil, dáileadh árachais agus, méid de minimis, athárachas. Tá an sprioc-chuideachta faoi úinéireacht Bhanc Náisiúnta na Gréige (NBG) faoi láthair, agus tá sí á díol de bhun phlean athstruchtúrúcháin NBG, plean a aontaíodh leis an gCoimisiún. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10301 — CVC / ETHNIKI
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta |
|
Clárlann na gCumasc |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/28 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10592 — KKR / KÖRBER / KÖRBER SUPPLY CHAIN SOFTWARE MANAGEMENT)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 44/12)
1.
An 21 Eanáir 2022 fuair an Coimisiún fógra faoi chomhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
KKR & Co Inc. (in éineacht lena chuid fochuideachtaí “KKR”, na Stáit Aontaithe), |
|
— |
Körber AG (“Körber”, an Ghearmáin), |
|
— |
Körber Supply Chain Software Management GmbH (an “Sprioc-chuideachta”, an Ghearmáin), cuideachta atá á rialú ag Körber faoi láthair |
Gheobhaidh KKR agus Körber rialú ar chuid (nó ar chodanna) den Sprioc-chuideachta de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
maidir le KKR: is gnólacht infheistíochta domhanda é a thairgeann réitigh maidir le bainistiú malartach sócmhainní, agus maidir le margaí caipitil, agus árachas. Urraíonn KKR cistí infheistíochta lena ndéantar infheistiú i gcothromas príobháideach, i gcreidmheas agus i sócmhainní réadacha, cistí a bhfuil comhpháirtithe straitéiseacha acu a bhainistíonn cistí fálaithe, |
|
— |
maidir le Körber AG: is cuideachta sealbhaíochta um bainistíocht straitéiseach atá ann, cuideachta a thairgeann iliomad cineálacha táirgí, réiteach agus seirbhísí sna cúig réimse gnó lena bpléann sí: cúrsaí digiteacha, an chógaisíocht, cúrsaí slabhra soláthair, ciarsúir, agus an tabac. Tá scaireanna Körber faoi úinéireacht iomlán Körber Stiftung, fondúireacht phríobháideach Ghearmánach, |
|
— |
maidir leis an Sprioc-chuideachta: is cuideachta í a sholáthraíonn bogearraí um fheidhmiú slabhraí soláthair, rud a dhéanann sí trína cuid réiteach cuimsitheach teicneolaíochta amhail bogearraí, agus trí theicneolaíocht chumasúcháin amhail an róbataic agus an rialú gutha. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10592 — KKR / KÖRBER / KÖRBER SUPPLY CHAIN SOFTWARE MANAGEMENT
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta |
|
Clárlann na gCumasc |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/30 |
Fógra chuig gnóthais a bhfuil sé beartaithe acu hidreafluaracarbóin i mbulc a chur ar an margadh san Aontas Eorpach in 2023
(2022/C 44/13)
1.
Dírítear an Fógra seo chuig aon ghnóthas ar mian leis dearbhú a dhéanamh chun hidreafluaracarbóin i mbulc a chur ar an margadh san Aontas in 2023, i gcomhréir le hAirteagal 16(2) agus Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe (dá ngairtear “an Rialachán” anseo feasta). San fhógra seo ní mór a thuiscint go gcuimsítear Tuaisceart Éireann leis an Aontas (2).
2.
Ciallaíonn hidreafluaracarbóin (HFCanna) na substaintí a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán, nó meascáin ina bhfuil aon cheann de na substaintí seo a leanas:|
|
HFC-23, HFC-32, HFC-41, HFC-125, HFC-134, HFC-134a, HFC-143, HFC-143a, HFC-152, HFC-152a, HFC-161, HFC-227ea, HFC-236cb, HFC-236ea, HFC-236fa, HFC-245ca, HFC-245fa, HFC-365mfc, HFC-43-10mee. |
3.
Maidir leis na substaintí sin a chur ar an margadh, cé is moite de na húsáidí a liostaítear in Airteagal 15(2) pointí (a) go (f) den Rialachán nó cainníocht bhliantúil iomlán de na substaintí sin ar lú í ná 100 tonna de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana, tá sé faoi réir teorainn chainníochtúil faoin gcóras cuótaí a leagtar síos in Airteagail 15 agus 16 mar aon le hIarscríbhinní V agus VI a ghabhann leis an Rialachán.
4.
Tráth a scaoiltear HFCanna i saorchúrsaíocht, ní mór d’allmhaireoirí clárú bailí a bheith acu mar allmhaireoirí HFCanna i mbulc ar Thairseach F-Gas agus Córas Ceadúnúcháin HFC (3) i gcomhréir le “Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 ón gCoimisiún lena n-áirithítear feidhmiú rianúil na clárlainne do chuótaí i gcomhair hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh” (4). Meastar go bhfuil clárú den sórt sin ina cheadúnas éigeantach allmhairiúcháin. Is gá ceadúnas atá cosúil leis sin chun HFCanna a onnmhairiú (5).
5.
Ón 1 Eanáir 2022 ceanglaítear le Taraif Chomhtháite an Chomhphobail Eorpaigh (TARIC) go sonródh allmhaireoirí méideanna na HFCanna i gcoibhéisí CO2 ar an Doiciméad Riaracháin Aonair (DRA) tráth a scaoiltear iad i saorchúrsaíocht; ba cheart allmhaireoirí a shonrú mar “Coinsíní” (bosca 8 de DRA).
6.
De réir Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán, déantar suim na gcuótaí arna leithdháileadh ar bhonn luachanna tagartha a dhealú ón uaschainníocht atá ar fáil le haghaidh 2023 chun an chainníocht atá le leithdháileadh ón gcúlchiste sin a chinneadh.
7.
Stóráiltear na sonraí arna gcur isteach ag gnóthais, na cuótaí agus na luachanna tagartha uile i dTairseach leictreonach F-Gas agus Córas Ceadúnúcháin HFC. Is ar bhonn rúnda a láimhseálfaidh an Coimisiún Eorpach na sonraí uile ar Thairseach F-Gas agus Córas Ceadúnúcháin HFC, lena n-áirítear cuótaí, luachanna tagartha, sonraí tráchtála agus pearsanta.
8.
Gnóthais ar mian leo cuóta a fháil ón gcúlchiste sin, is gá dóibh na nósanna imeachta a ndéantar cur síos orthu i bpointí 9 go 12 den Fhógra seo a leanúint.
9.
De réir Airteagal 16(2) agus Airteagal 17(1) den Rialachán, ní mór próifíl bhailí um chlárú a bheith ag an ngnóthas, próifíl arna formheas ag an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661, mar tháirgeoir agus/nó allmhaireoir HFCanna ar Thairseach F-Gas agus Córas Ceadúnúcháin HFC ar líne. Chun a áirithiú go láimhseálfar an t-iarratas ar chlárú go cuí, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mbeadh gá le faisnéis bhreise, ní mór iarratas den sórt sin a dhéanamh 2 sheachtain ar a dhéanaí roimh thús na tréimhse dearbhúcháin, i.e. roimh 28 Feabhra 2022. Maidir le haon iarratas a fhaightear tar éis an sprioc-ama sin, ní féidir a áirithiú go bhféadfaí cinneadh deiridh faoin iarratas ar chlárú a dhéanamh roimh dheireadh na tréimhse dearbhúcháin, Maidir le cuideachtaí nach bhfuil cláraithe go fóill, tá treoir maidir le conas clárú ar fáil ar shuíomh gréasáin AS CLIMA (6).
10.
Ní mór don ghnóthas dearbhú maidir le cainníochtaí réamh-mheasta le haghaidh 2023 a dhéanamh i dTairseach F-Gas agus Córas Ceadúnúcháin HFC sa tréimhse dearbhúcháin ón 14 Márta 2022 go dtí an 13 Aibreán 2022, 13:00u CET Tá treoir maidir le conas dearbhú cuótaí a chur isteach ar fáil ar shuíomh gréasáin AS CLIMA.
11.
Ní mheasfaidh an Coimisiún ach dearbhuithe atá comhlánaithe go cuí agus atá saor ó earráidí agus a fuarthas roimh an 13 Aibreán 2022, 13:00u CET a bheith bailí.
12.
Bunaithe ar na dearbhuithe sin, leithdháilfidh an Coimisiún cuótaí ar na gnóthais sin i gcomhréir le hAirteagal 16(2), Airteagal 16(4) agus Airteagal 16(5) mar aon le hIarscríbhinní V agus VI a ghabhann leis an Rialachán.
13.
Tugtar le fios in Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661, chun críoch leithdháileadh cuótaí chun HFCanna a chur ar an margadh de bhun Airteagal 16(5) de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014, go measfar gur aon dearbhóir amháin atá sna gnóthais uile a bhfuil an t-úinéir tairbhiúil/na húinéirí tairbhiúla céanna acu i gcomhréir le hAirteagal 16(2) agus (4) den Rialachán,
14.
Cuirfidh an Coimisiún na gnóthais ar an eolas faoin gcuóta iomlán arna leithdháileadh le haghaidh 2023 trí Thairseach F-Gas agus Córas Ceadúnúcháin HFC.
15.
Le clárú ar Thairseach F-Gas agus Córas Ceadúnúcháin HFC agus/nó dearbhú intinne maidir le HFCanna a chur ar an margadh in 2023 ina aonar, ní thugtar aon cheart HFCanna a chur ar an margadh in 2023.
(1) Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195).
(2) An Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A12020W/TXT
(3) Cuireadh an chlárlann ar bun i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 517/2014: https://webgate.ec.europa.eu/fgas/resources/domain
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2019 lena n-áirithítear feidhmiú rianúil na clárlainne leictreonaí do chuótaí chun hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh (IO L 112, 26.4.2019, lch. 11).
(5) Féach Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1375 ón gCoimisiún: (IO L 194, 26.7.2017, lch. 4).
(6) https://ec.europa.eu/clima/system/files/2021-11/policy_f-gas_guidance_document_en.pdf
|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/32 |
Foilsiú teachtaireachta formheasa i leith leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge i gcomhair ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 44/14)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
LEASÚ CAIGHDEÁNACH A DHÉANANN DIFEAR DON DOICIMÉAD AONAIR ARNA CHUR IN IÚL
“Zeeland”
PGI-NL-A0963-AM05
Dáta na teachtaireachta: 29 Deireadh Fómhair 2021
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS FÁTHANNA ATÁ LEIS
1. Athruithe ar an lipéadú
Tuairisc: Foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht ainm an chúige sa TGFC a fhorlíonadh le hainm limistéir gheografaigh níos lú. Níl aon athrú ar an limistéar táirgthe.
Fáth: Chun ceadú do thairgeoirí ainm an chúige a fhorlíonadh le hainm limistéir gheografaigh níos lú ar an lipéad agus cur leis an mbéim réigiúnach.
Baineann an leasú le pointe 9: Coinníollacha eile a ghabhann leis an doiciméad aonair agus an t-ainm a chur leis an tsonraíocht. Dá thoradh sin, rinneadh athuimhriú ar na ceannteidil sa tsonraíocht táirge.
Cuireadh an t-ainm seo a leanas san áireamh:
|
— |
Zeeuws Vlaanderen |
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Zeeland
2. Cineál an táisc gheografaigh
TGFC – tásc geografach faoi chosaint
3. Catagóirí táirge fíniúna
|
1. |
Fíon |
|
4. |
Fíon súilíneach |
|
5. |
Fíon súilíneach ar ardchaighdeán |
|
8. |
Fíon leathshúilíneach |
|
9. |
Fíon leathshúilíneach aeraithe |
4. TUAIRISC AR AN bhfíon (NA FÍONTA)
1. Fíon de chatagóir 1: fíon
TUAIRISC THÉASCÚIL ACHOMAIR
Saintréithe orgánaileipteacha:
|
|
Baineann aigéadacht úr leis na fíonta geala, tá blas láidir torthaí orthu agus tá boladh glas uathu. |
|
|
Saintréith de chuid na bhfíonta dearga is ea go bhfuil torthaí dearga iontu agus go bhfuil blas láidir torthaí orthu. |
Saintréithe anailíseacha:
Tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach sna Rialacháin ón Aontas Eorpach / sna horduithe ó aire de chuid na hÍsiltíre maidir leis na saintréithe seo a leanas:
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte) |
|
— |
Aigéadacht sho-ghalaithe uasta |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta |
|
— |
Saibhriú, dí-aigéadú agus aigéadú uasta tar éis formheasta
|
||||||||||||
2. Fíon de chatagóir 4: fíon súilíneach
TUAIRISC THÉASCÚIL ACHOMAIR
Saintréithe orgánaileipteacha:
|
|
Baineann aigéadacht úr leis na fíonta geala, tá blas láidir torthaí orthu agus tá boladh glas uathu. |
|
|
Saintréith de chuid na bhfíonta dearga is ea go bhfuil torthaí dearga iontu agus go bhfuil blas láidir torthaí orthu. |
Saintréithe anailíseacha:
Tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach sna Rialacháin ón Aontas Eorpach / sna horduithe ó aire de chuid na hÍsiltíre maidir leis na saintréithe seo a leanas:
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte) |
|
— |
Aigéadacht sho-ghalaithe uasta |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta |
|
— |
Saibhriú, dí-aigéadú agus aigéadú uasta tar éis formheasta
|
||||||||||||
3. Fíon de chatagóir 5: fíon súilíneach ar ardchaighdeán
TUAIRISC THÉASCÚIL ACHOMAIR
Saintréithe orgánaileipteacha:
|
|
Baineann aigéadacht úr leis na fíonta glasa, tá blas láidir torthaí orthu agus tá boladh glas uathu. |
|
|
Saintréith de chuid na bhfíonta dearga is ea go bhfuil torthaí dearga iontu agus go bhfuil blas láidir torthaí orthu. |
Saintréithe anailíseacha:
Tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach sna Rialacháin ón Aontas Eorpach / sna horduithe ó aire de chuid na hÍsiltíre maidir leis na saintréithe seo a leanas:
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte) |
|
— |
Aigéadacht sho-ghalaithe uasta |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta |
|
— |
Saibhriú, dí-aigéadú agus aigéadú uasta tar éis formheasta
|
||||||||||||
4. Fíon de chatagóir 8: fíon leathshúilíneach
TUAIRISC THÉASCÚIL ACHOMAIR
Saintréithe orgánaileipteacha:
|
|
Baineann aigéadacht úr leis na fíonta glasa, tá blas láidir torthaí orthu agus tá boladh glas uathu. |
|
|
Saintréith de chuid na bhfíonta dearga is ea go bhfuil torthaí dearga iontu agus go bhfuil blas láidir torthaí orthu. |
Saintréithe anailíseacha:
Tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach sna Rialacháin ón Aontas Eorpach / sna horduithe ó aire de chuid na hÍsiltíre maidir leis na saintréithe seo a leanas:
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte) |
|
— |
Aigéadacht sho-ghalaithe uasta |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta |
|
— |
Saibhriú, dí-aigéadú agus aigéadú uasta tar éis formheasta
|
||||||||||||
5. Fíon de chatagóir 9: fíon leathshúilíneach aeraithe
TUAIRISC THÉASCÚIL ACHOMAIR
Saintréithe orgánaileipteacha:
|
|
Baineann aigéadacht úr leis na fíonta geala, tá blas láidir torthaí orthu agus tá boladh glas uathu. |
|
|
Saintréith de chuid na bhfíonta dearga is ea go bhfuil torthaí dearga iontu agus go bhfuil blas láidir torthaí orthu. |
Saintréithe anailíseacha:
Tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach sna Rialacháin ón Aontas Eorpach / sna horduithe ó aire de chuid na hÍsiltíre maidir leis na saintréithe seo a leanas:
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte) |
|
— |
Aigéadacht sho-ghalaithe uasta |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta |
|
— |
Saibhriú, dí-aigéadú agus aigéadú uasta tar éis formheasta
|
||||||||||||
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais shonracha fhíoneolaíocha
Geal: buaint, sórtáil, brú, réamh-mhíniú, coipeadh, míniú/aosú, cur i mbuidéal
Dearg: buaint, sórtáil, pasáil/díghasú, príomhchoipeadh, brú, coipeadh malalachtach, míniú/aosú, cur i mbuidéal
5.2. Táirgeacht uasta
Fíonchaora geala
100 heictilítear in aghaidh an heicteáir
Fíonchaora dearga
85 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Cúige Zeeland, arna chríochú ag na teorainneacha cúige a leagtar amach i gcomhréir leis an mbunreacht
7. Príomhchineál (príomhchineálacha) fíonchaor
|
|
Acolon |
|
|
Auxerrois B |
|
|
Bacchus B |
|
|
Baco Noir |
|
|
Baron N |
|
|
Bianca B |
|
|
Birstaler Muskat |
|
|
Bronner B |
|
|
Cabaret Noir N (VB-91-26-4) |
|
|
Cabernet Blanc B (VB-91-26-1) |
|
|
Cabernet Cantor N |
|
|
Cabernet Carbon N |
|
|
Cabernet Carol N |
|
|
Cabernet Cortis |
|
|
Cabernet Cubin |
|
|
Cabernet Dorio |
|
|
Cabernet Dorsa |
|
|
Cabernet Franc N |
|
|
Cabernet Jura |
|
|
Cabernet Mitos |
|
|
Cabernet Sauvignon |
|
|
Cabertin N (VB-91-26-17) |
|
|
Calandro N |
|
|
Carmenere |
|
|
Chardonnay B |
|
|
Dakapo |
|
|
Domina N |
|
|
Dornfelder N |
|
|
Dunkelfelder N |
|
|
Excelsior |
|
|
Faber B |
|
|
Florental N |
|
|
Früburgunder N |
|
|
Gamaret N |
|
|
Gamay N |
|
|
Gewürztraminer Rs |
|
|
Golubok N |
|
|
Hegel |
|
|
Helios |
|
|
Hibernal B |
|
|
Huxelrebe B |
|
|
Hölder B |
|
|
Johanniter B |
|
|
Juwel B |
|
|
Kerner B |
|
|
Kernling B |
|
|
Landal N |
|
|
Léon Millot N |
|
|
Maréchal Foch N |
|
|
Melody |
|
|
Merlot |
|
|
Merzling B |
|
|
Meunier N |
|
|
Monarch |
|
|
Morio Muscat B |
|
|
Muscaris B |
|
|
Muscat Blanc |
|
|
Muscat Blue |
|
|
Müller Thurgau B |
|
|
Orion B |
|
|
Ortega B |
|
|
Palatina |
|
|
Phoenix B |
|
|
Pinot Gris G |
|
|
Pinot Blanc B |
|
|
Pinot Noir N |
|
|
Pinotin N |
|
|
Plantet N |
|
|
Polo Muscat B |
|
|
Portugiezer N |
|
|
Prior N |
|
|
Rayon d’Or B |
|
|
Reberger |
|
|
Regent N |
|
|
Riechensteiner B |
|
|
Riesling B |
|
|
Rondo N |
|
|
Roter Elbling Rs |
|
|
Ruländer G |
|
|
Satin Noir N (VB-91-26-29) |
|
|
Sauvignac B (Cal 6-04) |
|
|
Sauvignon Blanc B |
|
|
Sauvignon Soyhières B (VB-32-7) |
|
|
Scheurebe B |
|
|
Schönburger Rs |
|
|
Seyval B |
|
|
Siegerrebe Rs |
|
|
Silcher B |
|
|
Sirius |
|
|
Solaris |
|
|
Souvignier Gris |
|
|
St. Laurent |
|
|
Staufer |
|
|
Sylvaner B |
|
|
Syrah |
|
|
Tempranillo |
|
|
Villaris B |
|
|
Viognier B |
|
|
Würzer B |
|
|
Zweigeltrebe N |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
8.1. Limistéar geografach: tuairisc agus aeráid
Tá an ithir comhdhéanta den chuid is mó d’fhosaithe cré muirí Holaicéiní agus gainimh mhuirí Holaicéinigh, ar minic iad a bheith ar fho-ithir mhóna. Feadh an chósta, tá fosuithe (gainimh) dumhcha, ar minic stráicí gainimh mhuirí measctha le cré nó móin (“ithreacha geest”) a bheith iontu.
Is iad saintréithe na haeráide:
|
— |
meánfhliuchras 825 mm/bliain |
|
— |
1 739 n-uair an chloig gréine (Vlissingen agus Wilhelminadorp) in aghaidh na bliana |
|
— |
Meánteocht 10,6 °C sa bhliain ina hiomláine agus 17,1 °C sa samhradh |
|
— |
Difríocht 7,5 °C idir teocht an lae agus teocht na hoíche i mí Mheán Fómhair |
8.2. Nasc cúisíoch
Fágann an aeráid gur féidir an táirgeacht agus an aibíocht arna léiriú a bhaint amach, lena dtáirgtear fíon úr, lántorthaí a bhfuil blas glas air, agus blas torthaí dearga i gcás an fhíona dheirg.
9. Coinníollacha fíor-riachtanacha eile (pacáistíocht, lipéadú, ceanglais eile)
Creat dlíthiúil:
|
|
Rialacha an Aontais |
Cineál coinníll eile:
|
|
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach sainithe |
Tuairisc ar an gcoinníoll:
|
|
Limistéar atá díreach in aice leis i leith tháirgeadh an fhíona |
A mhéid a bhaineann leis an limistéar táirgthe i gcomhair fíonóireachta (déanamh fíona), sainítear go bhfuil na cúigí uile san Ísiltír díreach in aice le chéile.
Féadfaidh conraitheoir cuid de bhonnfhíon arna dhéanamh sa limistéar a chumhdaítear faoin TGFC nó i limistéar díreach in aice leis, nó an bonnfhíon sin go léir, a chur i mbuidéal mar fhíon leathshúilíneach nó mar fhíon súilíneach.
Féadfar an méid sin a dhéanamh lasmuigh den limistéar TGFC nó den limistéar atá díreach in aici leis agus an t-ainm TGFC a choinneáil. Sa chás sin, ní mór an buidéalóir a léiriú ar an lipéad freisin, agus is féidir é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as uimhir chóid (arna chur i mbuidéal ag… thar ceann…).
Creat dlíthiúil:
|
|
Rialacha an Aontais |
Cineál coinníll eile:
|
|
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú |
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfar an t-ainm seo a leanas ar limistéar níos lú laistigh den limistéar a chumhdaítear leis an TGFC “Zeeland” a úsáid in éineacht leis an ainm “Zeeland” más as an limistéar sin a thagann 85 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáidtear:
|
— |
Zeeuws-Vlaanderen |
Nasc leis an tsonraíocht táirge
https://www.rvo.nl/sites/default/files/2021/09/BGA_Zeeland_productdossier.pdf