ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 9 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
Clár |
Leathanach |
|
|
II Faisnéis |
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 9/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10527 – INSIGHT / VECTOR CAPITAL / IRIS HOLDINGS JV) ( 1 ) |
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
2022/C 9/02 |
Faisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit maidir le hiamh iascaigh |
|
2022/C 9/03 |
Faisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit maidir le hiamh iascaigh |
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A bhAineAnn LEIS An mbeArtAs iomAíochtA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 9/04 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10472 — Deutsche Post DHL Group/JF Hillebrand Group) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
2022/C 9/05 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10548 – TELEKOM DEUTSCHLAND / IFM INVESTORS / JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
10.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 9/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10527 – INSIGHT / VECTOR CAPITAL / IRIS HOLDINGS JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 9/01)
An 9 Nollaig 2021, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32021M10527. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
10.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 9/2 |
Faisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit maidir le hiamh iascaigh
(2022/C 9/02)
I gcomhréir le hAirteagal 35(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), rinneadh cinneadh an t-iascach a iamh mar a leagtar síos sa tábla seo a leanas:
Dáta agus am an iaimh |
8.12.2021 |
Fad tréimhse |
8.12.2021 – 31.12.2021 |
Ballstát |
An Fhrainc |
Stoc nó Grúpa stoc |
ALB/AN05N |
Speiceas |
Tuinnín colgach an Tuaiscirt (Thunnus alalunga) |
Limistéar |
An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T |
Cineálacha soithí iascaireachta |
— |
Uimhir thagartha |
21/TQ92 |
10.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 9/3 |
Faisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit maidir le hiamh iascaigh
(2022/C 9/03)
I gcomhréir le hAirteagal 35(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), rinneadh cinneadh an t-iascach a iamh mar a leagtar síos sa tábla seo a leanas:
Dáta agus am an iaimh |
8.12.2021 |
Fad tréimhse |
8.12.2021 – 31.12.2021 |
Ballstát |
An Fhrainc |
Stoc nó Grúpa stoc |
HER/4AB. (lena n-áirítear HER/*4N-S62) |
Speiceas |
Scadán (Clupea harengus) |
Limistéar |
Uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua in 4 lastuaidh de 53°30’ T |
Cineálacha soithí iascaireachta |
— |
Uimhir thagartha |
22/TQ92 |
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A bhAineAnn LEIS An mbeArtAs iomAíochtA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
10.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 9/4 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10472 — Deutsche Post DHL Group/JF Hillebrand Group)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 9/04)
1.
An 22 Nollaig 2021 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Deutsche Post AG, a thrádálann mar Deutsche Post DHL Group (“DPDHL”, an Ghearmáin), |
— |
JF Hillebrand Group AG agus a fhochuideachtaí díreacha agus indíreacha (“Hillebrand”, an Ghearmáin). |
Faigheann Deutsche Post AG rialú aonair ar Hillebrand ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
do Deutsche Post AG: Is é Deutsche Post AG máthairghnóthas Gearmánach DPDHL. Bíonn Deutsche Post AG gníomhach i mbun lóistíochta, lena n-áirítear beartseachadadh náisiúnta agus idirnáisiúnta, mearsheachadadh idirnáisiúnta, an seoladh lasta agus an t-iompar lasta, ríomhthráchtáil agus seirbhísí bainistithe slabhra soláthair. Bíonn sé gníomhach i mbun seirbhísí poist sa Ghearmáin freisin. Liostaítear Deutsche Post AG ar Stocmhalartán Frankfurt (an Ghearmáin). |
— |
do Hillebrand: Bíonn Hillebrand gníomhach i mbun an tseolta lasta, lena n-áirítear seirbhísí seolta lasta san aer, san aigéan agus ar thalamh, lena n-áirítear seirbhísí coimhdeacha agus seirbhísí lóistíochta ar conradh le haghaidh leachtanna neamhghuaiseacha. Chomh maith leis sin táirgeann Hillebrand fleiscdhabhcha a úsáidtear chun bulcleachtanna a iompar i gcoimeádáin. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2) ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10472 — Deutsche Post DHL Group/JF Hillebrand Group
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
An Coimisiún Eorpach |
Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta |
Clárlann na gCumasc |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
10.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 9/6 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10548 – TELEKOM DEUTSCHLAND / IFM INVESTORS / JV)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 9/05)
1.
An 22 Nollaig 2021 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Telekom Deutschland GmbH (“TDG”, an Ghearmáin), faoi rialú Deutsche Telekom AG (“DT”, an Ghearmáin) |
— |
IFM Investors Pty Ltd. (“IFM”, an Astráil) |
— |
GlasfaserPlus GmbH (“JV”, an Ghearmáin). |
Faigheann TDG agus IFM rialú comhpháirteach ar JV de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna ar comhfhiontar é sin.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
do TDG: líonra leathanbhanda, teileachumarsáid mhóibíleach, agus seirbhísí teileachumarsáide eile a thairgeadh do chustaiméirí cónaithe agus tráchtála, |
— |
do IFM: bainisteoir domhanda infheistíochta faoi úinéireacht infheisteoirí agus sócmhainní faoi bhainistíocht thar bhonneagar, cothromais liostaithe, caipiteal príobháideach agus infheistíochtaí fiachais, |
— |
do JV: líonra teileachumarsáide snáthoptaice a phleanáil, a thógáil agus a fheidhmiú ina dhiaidh sin i gceantair áirithe sa Ghearmáin atá faoin tuath agus nach bhfuil an daonra chomh dlúth sin iontu. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2) ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10548 – TELEKOM DEUTSCHLAND / IFM INVESTORS / JV