ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 8

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
7 Eanáir 2022

Clár

Leathanach

IV   Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

2022/C 8/01

Ceapachán Bhuanchathaoirleach neamhspleách ardleibhéil agus Leas-Chathaoirleach an Phainéil dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

1

V   Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A bhAineAnn LEIS An mbeArtAs iomAíochtA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

2022/C 8/02

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10448 – MABANAFT / H&R / P2X) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

2

2022/C 8/03

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10581 – SPIE / STRUKTON SERVICES) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

4

2022/C 8/04

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10491 — Allianz/Intelsat) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

5

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

7.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 8/1

Ceapachán Bhuanchathaoirleach neamhspleách ardleibhéil agus Leas-Chathaoirleach an Phainéil dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2022/C 8/01)

Tá María Isabel ROFES i PUJOL agus Igors LUDBORŽS ceaptha ag an gCoimisiún mar Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Phainéil dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) ar shainordú neamh-inathnuaite cúig bliana, tar éis glao ar léirithe spéise. Tá María Isabel ROFES i PUJOL agus Igors LUDBORŽS ainmnithe mar chomhairleoirí speisialta don Choimisinéir HAHN. Cuirfear tús lena dtéarma oifige an 17 Samhain 2021 (PV(2021) 2397 final).

(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 21).

V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A bhAineAnn LEIS An mbeArtAs iomAíochtA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

7.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 8/2

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10448 – MABANAFT / H&R / P2X)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 8/02)

1.   

An 22 Nollaig 2021 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1) agus tar éis tarchur de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán sin.

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Mabanaft GmbH & Co. KG (“Mabanaft”, an Ghearmáin), de chuid an Ghrúpa Marquard & Bahls, arb é Marquard & Bahls AG (an Ghearmáin) an mháthairchuideachta dheiridh,

H&R GmbH & Co. KGaA (“H&R”, an Ghearmáin), mar mháthairchuideachta dheiridh an Ghrúpa H&R,

P2X-Europe GmbH & Co. KG (“P2X”, an Ghearmáin).

Faigheann Mabanaft agus H&R rialú comhpháirteach ar P2X de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin conartha nó aon mhodh eile.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

i gcás Mabanaft: tá Mabanaft ina chuid den Ghrúpa Marquard & Bahls atá gníomhach i soláthar, trádáil agus lóistíocht mar a bhaineann leis an bhfuinnimh, le táirgí peitriliam agus le ceimiceáin,

i gcás H&R: tá H&R ina chuid den Ghrúpa H&R. Forbairt, táirgeadh, líonadh agus margú táirgí ceimiceacha cógaisíochta speisialtachta atá bunaithe ar amhola amhail olaí próisis, plaisteacháin, olaí bána, bonn-olaí agus pairifíní, sin iad príomhghníomhaíochtaí an Ghrúpa H&R,

i gcás P2X: baineann gníomhaíochtaí P2X le teicneolaíocht agus gnó PtX. Seasann PtX do phróisis tiontaithe fuinnimh a úsáidtear chun foinsí in-athnuaite cumhachta, más féidir, a thiontú go táirgí deiridh sintéiseacha amhail gáis, leachtanna, táirgí ceimiceacha nó teas. Is féidir le monarchana PtX hidreacarbóin shintéiseacha a tháirgeadh ó uisce agus ó dhé-ocsaíd charbóin trí úsáid a bhaint as fuinneamh leictreach. Áirítear ar na táirgí PtX a d’fhéadfadh a bheith ann ríomhbhreoslaí sintéiseacha aeráidneodracha, amhail peitreal, díosal, scairdbhreoslaí nó céaracha, i measc táirgí eile.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10448 – MABANAFT / H&R / P2X

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

an Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 An Bhruiséil

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.

7.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 8/4

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10581 – SPIE / STRUKTON SERVICES)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 8/03)

1.   

An 22 Nollaig 2021 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

SPIE Nederland B.V. (“SPIE”, an Ísiltír),

Strukton Services B.V. (“Strukton Services”, an Ísiltír), cuid de Strukton Groep N.V.

Faigheann SPIE rialú ar Struktion Services ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

i gcás SPIE: soláthar seirbhísí ilteicniúla i réimsí an fhuinnimh agus na cumarsáide,

i gcás Strukton Services: bainistíocht agus cothabháil foirgneamh san Ísiltír.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10581 – SPIE / STRUKTON SERVICES

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.

7.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 8/5

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10491 — Allianz/Intelsat)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 8/04)

1.   

An 21 Nollaig 2021 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (1) ón gComhairle agus tar éis tarchur de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán sin.

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Allianz SE (“Allianz”, AN GHEARMÁIN),

Intelsat Holdings S.A. (“Intelsat”, SAM)

Faigheann Allianz rialú aonair ar Intelsat ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

i gcás Allianz: is é Allianz máthairchuideachta dheiridh an ghrúpa Allianz, cuideachta seirbhísí airgeadais dhomhanda atá gníomhach den chuid is mó i réimse an árachais saoil agus an árachais neamhshaoil agus i mbainistíocht sócmhainní,

i gcás Intelsat: líonraí satailítí, líonraí talún agus bonneagar nascachta a oibriú agus seirbhísí cumarsáide éagsúlaithe a sholáthar do chustaiméirí ar nós oibreoirí teileachumarsáide, cuideachtaí meán agus soláthraithe seirbhísí idirlín. Úsáideann Intelsat a chuid satailítí mar stáisiúin leaschraolta sa spás chun cumarsáid ghutha, físe agus sonraí a tharchur.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10491 — Allianz/Intelsat

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs: +32 22964301