|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 501I |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
64 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2021/C 501 I/01 |
||
|
2021/C 501 I/02 |
||
|
2021/C 501 I/03 |
||
|
2021/C 501 I/04 |
|
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
|
13.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 501/1 |
Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le gníomhaíocht choirp ar feadh an tsaoil
(2021/C 501 I/01)
DÉANANN AN CHOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE
AG MEABHRÚ DÓIBH AN MÉID SEO A LEANAS:
|
1. |
Sa Mholadh ón gComhairle an 26 Samhain 2013 maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte (HEPA) a chur chun cinn ar fud earnálacha, moltar, inter alia, “go n-oibreodh na Ballstáit i dtreo beartas éifeachtach HEPA trí chur chuige trasearnála a fhorbairt ina mbeadh réimsí beartais lena n-áirítear an spórt, an tsláinte, an t-oideachas, an comhshaol agus an t-iompar, chomh maith le hearnálacha ábhartha eile agus i gcomhréir le sainiúlachtaí náisiúnta”. |
|
2. |
Sna conclúidí ón gComhairle an 15 Nollaig 2015 maidir le scileanna luaile, gníomhaíochtaí coirp agus spóirt do leanaí a chur chun cinn, iarrtar ar na Ballstáit “machnamh a dhéanamh ar bheartais trasearnála a chur chun feidhme, leis na hearnálacha oideachais, óige agus sláinte i measc earnálacha eile, chun gníomhaíochtaí coirp agus scileanna luaile sa luath-óige a chur chun cinn”. |
|
3. |
Sna conclúidí ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 maidir le tionchar phaindéim COVID-19 agus téarnamh san earnáil spóirt, iarrtar ar na Ballstáit an “comhar agus comhairliúcháin trasearnála a chur chun cinn i réimsí is ábhartha don spórt ar gach leibhéal, lena n-áirítear leis an ngluaiseacht spóirt, leis an earnáil gnó a bhaineann leis an spórt agus le geallsealbhóirí ábhartha eile”. |
|
4. |
Sna Conclúidí ón gComhairle an 4 Nollaig 2020 maidir leis an gcomhar trasearnála a chur chun cinn ar mhaithe leis an spórt agus leis an ngníomhaíocht choirp sa tsochaí, cuirtear an méid a leanas chun suntais: “D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag an gcomhar trasearnála chun na dálaí do stíl mhaireachtála ghníomhach agus fholláin a chruthú nó a bharrfheabhsú”. |
|
5. |
Aithnítear i bPlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2021-2024 gur príomhábhar í an ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn sa réimse tosaíochta “Rannpháirtíocht sa spórt a chur chun cinn agus an ghníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte”. |
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á ADMHÁIL ACU:
|
6. |
Tá easpa gníomhaíochta coirp ina cúis le fadhbanna sláinte fairsinge i stíl mhaireachtála an lae inniu. Tá neamhghníomhaíocht choirp rangaithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) i measc na bpríomhthosca riosca le haghaidh mortlaíochta (1). Leag paindéim COVID-19 béim bhreise ar na rioscaí sláinte a bhaineann le neamhghníomhaíocht choirp. |
|
7. |
Tá méadú nach beag i ndán don Eoraip ar threochtaí, atá suntasach cheana féin, de neamhghníomhaíocht choirp a pobail ar fad, go háirithe i measc daoine óga. Spreagann beartais Eorpacha na Ballstáit chun gníomhaíocht choirp a chur chun cinn agus chun faireachán a dhéanamh uirthi; mar sin féin, ba cheart an cur chun feidhme a neartú a thuilleadh (2). |
|
8. |
Tá sé sainaitheanta i ndoiciméid Eorpacha agus idirnáisiúnta eile (3) a ríthábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh ar leibhéal na gníomhaíochta coirp mar chuid de chur chuige iomlánaíoch i leith HEPA. Is féidir le faireachán ar aclaíocht choirp faoi réir chomhlíonadh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) (4) toradh iontaofa fianaisebhunaithe a chur ar fáil maidir le gníomhaíocht choirp agus aird a tharraingt ar aon iompraíocht a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le rioscaí sláinte. |
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á AITHINT DI:
|
9. |
Tá an ghníomhaíocht choirp ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí agus is éifeachtaí chun sláinte choirp agus meabhairshláinte a choinneáil ar feadh an tsaoil. Bíonn tionchar dearfach aici freisin ar chosc riochtaí sláinte agus galar áirithe, amhail galar cardashoithíoch, diaibéiteas chineál 2 etc. |
|
10. |
Is féidir le córais faireacháin don aclaíocht choirp measúnú a dhéanamh ar scála na faidhbe neamhghníomhaíochta coirp agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht aon bheartais, aon phleananna gníomhaíochta nó aon tionscnaimh arna nglacadh ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. |
|
11. |
Ba cheart coincheap na gníomhaíochtacoirp ar feadh an tsaoil a bheith bunaithe ar ghníomhaíocht choirp rialta le linn shaol an duine ar féidir tacú léi trí fhaireachán fianaisebhunaithe ar feadh an tsaoil ar aclaíocht choirp chun sláinte gach duine a choimeád i gcaitheamh an tsaoil. |
AGUS BÉIM Á LEAGAN AICI AR AN MÉID A LEANAS:
|
12. |
Tá gníomhaíocht choirp rialta agus leordhóthanach (5) tábhachtach d’fhorbairt shláintiúil leanaí agus déagóirí, go fisiciúil agus maidir lena gcumas meabhrach agus sóisialta araon. |
|
13. |
Tá tábhacht ar leith le gníomhaíocht choirp rialta i gcomhthéacs stíl mhaireachtála ghníomhach agus shláintiúil daoine fásta, fiú mura dtosóidh duine ag déanamh aclaíochta go dtí gur duine fásta iad. Is gné thábhachtach í an ghníomhaíocht choirp rialta freisin chun laghdú ar leibhéil feidhmíochta ag an obair a chosc. Ós rud é go gcaitheann daoine fásta trian dá saol ag an obair, tá an timpeallacht oibre thar a bheith tábhachtach chun gníomhaíocht choirp na bhfostaithe a chur chun cinn. |
|
14. |
Is minic nach mbíonn grúpaí faoi mhíbhuntáiste (6) sna haoisghrúpaí go léir gníomhach go fisiciúil a dhóthain mar gheall ar níos lú deiseanna a bheith acu agus rochtain theoranta, rud a chuireann iad i mbaol níos mó galair áirithe a fháil. Ba cheart dúinn comhionannas deiseanna a chur ar fáil do na spriocghrúpaí sin, rud a chuirfeadh ar a gcumas páirt a ghlacadh i gcláir shaincheaptha rialta maidir leis an ngníomhaíocht choirp agus an spórt. |
|
15. |
I gcomhréir le coincheap na gníomhaíochta coirp ar feadh an tsaoil, ba cheart go n-éireodh as sin san fhadtéarma go mbeadh saoránaigh Eorpacha níos gníomhaí go fisiceach chun an tsláinte choirp agus meabhairshláinte a fheabhsú, agus go laghdófaí an brú ar ár gcórais sláinte agus ar na costais a bhaineann leis an tsláinte (7). Aon uair is féidir, ba cheart cláir oibre beartais a chomhordú agus comhar trasearnála a spreagadh chun an toradh is fearr is féidir a bhaint amach. |
AG FÉACHAINT DON MHÉID SEO A LEANAS:
|
16. |
Stíl mhaireachtála shláintiúil: in go leor tíortha, tá sé d’aidhm ag beartais sláinte phoiblí agus spóirt, ar an gcéad dul síos, a gcuid saoránach a spreagadh chun dul le stíl mhaireachtála ghníomhach agus shláintiúil ar feadh a saoil agus chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht choirp agus sa spórt (8). Tá sé d’aidhm freisin ag roinnt tionscnaimh tionscadail Eorpacha an ghníomhaíocht choirp a leabú sa churaclam cúraim sláinte chun comhairle agus tacaíocht níos fearr a chinntiú don ghníomhaíocht choirp sa suíomh cliniciúil (9). |
|
17. |
Faireachán: déanann roinnt tíortha faireachán ar na hathruithe ar aclaíocht choirp a bpobail agus féadfaidh siad aiseolas a thabhairt do gach duine ar bhonn deonach maidir le forbairt a leibhéal aclaíochta. Tá córais i bhfeidhm ag tíortha áirithe lenar féidir leo faireachán agus meastóireacht a dhéanamh go bliantúil ar fheidhmíocht fhisiceach leanaí scoile agus daoine óga (10). |
|
18. |
Comhar trasearnála: ba cheart aghaidh a thabhairt ar chur chun cinn agus ar fhaireachán na gníomhaíochta coirp ar bhealach trasearnála i gcomhréir le RGCS. Ní hamháin go mbíonn ról ag institiúidí a bhaineann leis an spórt i ngníomhaíocht choirp agus faireachán ar aclaíocht choirp a chur chun cinn, ach tá ról ag institiúidí a bhaineann leis an tsláinte phoiblí, le bonneagar, le hoideachas agus le hoiliúint, leis an timpeallacht oibre, leis an óige, etc. Ba cheart, dá bhrí sin, an rialtas ina iomláine, an tsochaí shibhialta, clubanna spóirt, pobail áitiúla, etc. a bheith rannpháirteach. |
|
19. |
Forbairt fhadtéarmach is ea athrú iompraíochta agus de réir na dtreoirlínte maidir le gníomhaíocht choirp (11), ní mór gníomhaíocht choirp leordhóthanach a chomhtháthú sa saol laethúil. Ciallaíonn sé sin gur cheart beartas a chur chun feidhme freisin ar bhealach comhtháite agus díriú ar amanna éagsúla sa lá agus ar chomhthéacsanna difriúla den saol laethúil. |
|
20. |
Na Meáin: is féidir leis na meáin ról a imirt maidir le freagracht shóisialta, gníomhaíochtaí agus feachtais spóirt a chur chun cinn darb aidhm feasacht a mhúscailt faoi bhuntáistí na gníomhaíochta coirp agus an neamhghníomhaíocht a laghdú. |
|
21. |
Tionscnaimh agus tionscadail Eorpacha: cuidíonn tionscadail agus tionscnaimh Eorpacha éagsúla le beartais a fhorbairt atá dírithe ar stíl mhaireachtála shláintiúil a chur chun cinn agus ar chórais faireacháin a fhorbairt le haghaidh aclaíocht choirp chun sonraí inchomparáide, bailí agus iontaofa a chur ar fáil ar fud na mBallstát. Is féidir leis sin cabhrú le lucht déanta beartas gníomhaíocht choirp ar feadh an tsaoil a chumasú agus tionchar níos mó a imirt ar an tsláinte. |
IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT, I gCOMHRÉIR LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA AGUS AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
22. |
Leanúint de ghníomhaíocht choirp an phobail a chur chun cinn agus a spreagadh ar feadh a saoil, lena n-áirítear grúpaí faoi mhíbhuntáiste, ag díriú ar neamhghníomhaíocht choirp a laghdú trí dhea-chleachtais a roinnt, mar úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí móibíleacha agus gan sreang, chomh maith leis na meáin agus bealaí cumarsáide eile. |
|
23. |
Tacú le tionscnaimh agus le feachtais ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus/nó áitiúil lena spreagtar gníomhaíocht choirp, córais faireacháin a fhorbairt, agus rannpháirtíocht sa spóirt do chách, amhail Seachtain Eorpach an Spóirt, HealthLifestyle4All, an Eorabharaiméadar maidir le spórt agus gníomhaíocht, an Suirbhé Eorpach um Agallaimh Shláinte – Ceistneoir Gníomhaíochta Coirp, etc. |
|
24. |
I gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le RGCS, córais faireacháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá fianaisebhunaithe maidir le haclaíocht choirp a bhunú agus a chur chun cinn, ar córais iad lena spreagfar an pobal i ngníomhaíocht choirp ar feadh an tsaoil lena ngabhfaidh tuarascálacha aiseolais aonair iomchuí agus rianú athruithe aclaíochta ar bhonn deonach, agus lena gcuirfear faisnéis luachmhar ar fáil do cheapadh beartais (12). |
|
25. |
Le cur chuige trasearnála, tacú le beartais ar gach leibhéal maidir le limistéir phoiblí inrochtana agus inbhuanaithe a chruthú ina mbeidh gach saoránach in ann a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí spóirt nó i ngníomhaíocht choirp ar feadh an tsaoil, amhail comharsanachtaí, limistéir nuathógtha, cosáin le lánaí rothair nó lánaí bogshodair, saoráidí spóirt i scoileanna agus in ollscoileanna etc, mar shampla trí Chistí an Bheartais Chomhtháthaithe. |
|
26. |
Na beartais agus na bearta sin darb aidhm daoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spóirt nó i ngníomhaíocht feadh an tsaoil a shainaithint agus a shioncrónú ar gach leibhéal, le rannpháirtíocht na n-údarás poiblí ábhartha uile agus phobal na heolaíochta, , agus cinnteoirí earnála a spreagadh chun aird níos mó a thabhairt ina mbeartais faoi seach ar na sochair is féidir a bhaint as gníomhaíocht choirp ar feadh an tsaoil agus as faireachán ar aclaíocht choirp an phobail. |
|
27. |
Dea-chleachtais a mhalartú maidir le conas daoine a spreagadh chun bogadh agus aclaíocht a dhéanamh le linn an lae agus faisnéis a mhalartú maidir le hionstraimí éifeachtacha agus tionscnaimh bheartais i dtimpeallachtaí éagsúla den saol laethúil chun gníomhaíocht choirp a spreagadh, lena n-áirítear i scoileanna agus in ionaid oibre. |
|
28. |
Comhoibriú leis an earnáil sláinte a neartú, nuair is féidir, maidir le hoideas agus comhairleoireacht aclaíochta, a chuireann gairmithe cúraim sláinte agus speisialaithe ar fáil, a sholáthar. |
IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
29. |
Féachaint an bhféadfaí tacú le córas comhchuibhithe sonraí a fhorbairt lena bhféadfar faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht choirp ar an leibhéal Eorpach chun measúnú níos cruinne a dhéanamh ar na hiarmhairtí sláinte, sóisialta agus eacnamaíocha. |
|
30. |
Eolas a chur chun cinn faoi na costais i ndáil leis na rioscaí sláinte a bhaineann le neamhghníomhaíocht choirp, go háirithe an caiteachas ar shláinte, agus fianaise maidir leis na costais sin a léiriú, chun bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht maidir leis na hinfheistíochtaí atá le déanamh ar an leibhéal Eorpach sa réimse sin. |
|
31. |
Tacú le malartú na gcleachtas is fearr de na tionscadail agus líonraí rathúla atá ann cheana maidir le gníomhaíocht ar feadh an tsaoil agus faireachán ar aclaíocht choirp a chur chun cinn, lena n-áireofar, de réir mar is iomchuí, líonra phointí fócasacha HEPA. Chun faireachán ar aclaíocht choirp a éascú ar fud na hEorpa agus chun cnámh droma le haghaidh ceapadh beartais fianaisebhunaithe gasta a chruthú, na cleachtais sin a chur chun cinn in éineacht le líonra phointí lárnacha HEPA ar ardán Eorpach iomchuí. |
|
32. |
Machnamh a dhéanamh ar chistiú ón Aontas, mar shampla tríd an gclár Erasmus+ , InvestEU, etc, lena bhféadfaí tacú le comhar Eorpach chun córais náisiúnta, réigiúnacha agus/nó áitiúla faireacháin ar aclaíocht choirp a chothú. |
|
33. |
Na Ballstáit agus an ghluaiseacht spóirt a chur ar an eolas maidir le cláir agus tionscnaimh mhaoiniúcháin ábhartha de chuid an Aontais is féidir a úsáid chun tacú le tionscadail trasearnála a bhaineann le spórt agus le gníomhaíocht choirp, agus chun stíl shláintiúil mhaireachtála a chur chun, chomh maith le córais faireacháin aclaíochta coirp náisiúnta, réigiúnacha agus/nó áitiúla a bhunú, mar shampla trí Erasmus+, clár EU4Health, Fís Eorpach, InvestEU, etc. |
IARRTAR AR AN nGLUAISEACHT SPÓIRT AGUS AR GHEALLSEALBHÓIRÍ ÁBHARTHA EILE AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:
|
34. |
Machnamh a dhéanamh ar ardáin saor in aisce atá ann cheana (13) a úsáid, i gcomhréir le RGCS, chun faireachán a dhéanamh ar aclaíocht choirp na saoránach mar uirlis dhiagnóiseach agus spreagthach do ghníomhaíocht fhisiceach ar feadh an tsaoil. |
|
35. |
Béim bhreise a chur ar dheiseanna do shaoránaigh a bheith rannpháirteach sa spórt agus sa ghníomhaíocht choirp ar feadh an tsaoil ina ngníomhaíochtaí, ina dtionscadail agus ina dtionscnaimh, lena n-áirítear i gcás spriocghrúpaí éagsúla. |
|
36. |
Comhoibriú go dlúth le geallsealbhóirí ó earnálacha eile chun dul i ngleic leis na bearnaí atá ann faoi láthair maidir le deiseanna a chur ar fáil chun páirt a ghlacadh sa spórt agus sa ghníomhaíocht choirp i gcomhthéacsanna éagsúla sa saol laethúil. |
|
37. |
Páirt ghníomhach a ghlacadh, más iomchuí, chun córas faireacháin náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil maidir le haclaíocht choirp a fhorbairt, agus straitéisí chun gníomhaíocht choirp na saoránach ar feadh an tsaoil a mhéadú. |
|
38. |
Uirlisí cumarsáide a chur in oiriúint, i gcomhréir le RGCS, do na spriocphobail, bunaithe ar ghníomhaíochtaí nithiúla. |
(1) An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (2020). WHO guidelines on physical activity and sedentary behaviour [Treoirlínte EDS maidir le gníomhaíocht choirp agus iompraíocht neamhghníomhach].
(2) Report from the Commission on the implementation of the Council Recommendation on promoting health-enhancing physical activity across sectors, [Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn ar fud earnálacha] COM/2019/565 final.
(3) Mar shampla, ‘Physical activity strategy for the WHO European Region 2016–2025 [Straitéis na gníomhaíochta coirp do réigiún Eorpach EDS 2016–2025]’ de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte, ’Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Murtall Leanaí 2014-2020’ agus ’Global Action Plan on Physical Activity 2018-2030 [Plean Gníomhaíochta Domhanda maidir le Gníomhaíocht Choirp 2018-2030]’ (an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (2018)).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(5) An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (2020): WHO guidelines on physical activity and sedentary behaviour [Treoirlínte EDS maidir le gníomhaíocht choirp agus iompraíocht neamhghníomhach].
(6) Sainmhíniú de réir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE): “Grúpaí daoine a bhfuil baol níos airde bochtaineachta, eisiaimh shóisialta, idirdhealaithe agus foréigin ag baint leo ná an pobal i gcoitinne, lena n-áirítear mionlaigh eitneacha, imircigh, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta atá scoite amach ón saol agus leanaí, ach gan a bheith teoranta dóibh sin”.
(7) Cumann Idirnáisiúnta an Spóirt agus an Chultúir (ISCA): The economic cost of physical inactivity in Europe, An ISCA / Cebr report, 2015 [An costas eacnamaíoch a bhaineann le neamhghníomhaíocht choirp san Eoraip, Tuarascáil ISCA / Cebr], Meitheamh 2015.
(8) Ar leibhéal an Aontais, mar shampla, sheol an Coimisiún Eorpach tionscnamh “HealthyLifestyle4All” mar fheachtas dhá bhliain a bhfuil sé d’aidhm aige stíleanna maireachtála gníomhacha agus spóirt a nascadh le beartais sláinte, bia agus eile. Seoladh Tartu Call for a Healthy Lifestyle [Gairm Tartu ar Stíl Maireachtála Shláintiúil] in 2017.
(9) An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (2018): Promoting physical activity in the health sector [Gníomhaíocht choirp a chur chun cinn san earnáil sláinte].
(10) Amhail an Chipir (a thiocfaidh go luath, meastar), an Fhionlainn, an Liotuáin, an Ísiltír, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an Ungáir, etc.
(11) An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (2018): Global action plan on physical activity 2018-2030: more active people for a healthier world [Plean gníomhaíochta domhanda maidir le gníomhaíocht choirp 2018–2030: daoine níos gníomhaí do dhomhan níos sláintiúla].
(12) Mar shampla, trí uirlisí faireacháin a chur ar fáil lena bhféadfar scrúdú a dhéanamh ar threochtaí sláinte an phobail, éifeachtaí na mbeartas aclaíochta náisiúnta agus idirghabhálacha maidir leis an tsláinte ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus/nó náisiúnta.
(13) Mar shampla, ardán ar líne a thacaíonn le cláir faireacháin aclaíochta coirp a bhunú lena dtugtar aiseolas maidir le torthaí sonracha aonair aclaíochta coirp.
IARSCRÍBHINN I
Sainmhínithe chun críoch na gconclúidí seo:
Déantar gníomhaíocht choirp a shainmhíniú mar “aon ghluaiseacht choirp a dhéantar le matáin chnámharlaigh dar gá caiteachas fuinnimh” (1). Tagairt atá ann do gach gluaiseacht a dhéantar, lena n-áirítear le linn am fóillíochta, iompar ó áit go háit, nó mar chuid d’obair an duine.
Is é atá i gceist le haclaíocht choirp an cumas tascanna laethúla a dhéanamh go beo bríomhar gan tuirse iomarcach agus le neart fuinnimh chun tairbhe a bhaint as am fóillíochta agus chun cásanna éigeandála gan choinne a láimhseáil.
Is é atá i gceist le gníomhaíocht choirp ar feadh an tsaoil gach gníomhaíocht choirp a dhéantar ar feadh an tsaoil, agus é d’aidhm aici sláinte a fheabhsú, galair neamhtheagmhálacha a chosc agus meáchan sláintiúil, cáilíocht saoil agus folláine a choinneáil i dtéarmaí pearsanta, sibhialta, sóisialta agus/nó fostaíochta.
(1) Bunaithe ar an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (2020): WHO guidelines on physical activity and sedentary behaviour [Treoirlínte EDS maidir le gníomhaíocht choirp agus iompraíocht neamhghníomhach].
IARSCRÍBHINN II
CÚLRA POLAITIÚIL
|
1. |
Conclúidí ón gComhairle a glacadh ar an 27 Samhain 2012 maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte (HEPA) a chur chun cinn. |
|
2. |
Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2013 maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn ar fud earnálacha. |
|
3. |
Conclúidí ón gComhairle an 15 Nollaig 2015 maidir le scileanna luaile, gníomhaíochtaí coirp agus spóirt do leanaí a chur chun cinn. |
|
4. |
Conclúidí ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 maidir le tionchar phaindéim COVID-19 agus téarnamh san earnáil spóirt. |
|
5. |
Conclúidí ón gComhairle an 4 Nollaig 2020 maidir le comhar tras-earnála a chur chun cinn ar mhaithe leis an spórt agus leis an ngníomhaíocht choirp sa tsochaí. |
|
6. |
Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt (an 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2024) 2020/C 419/01. |
|
7. |
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir leis an tionchar atá ag COVID-19 ar an óige agus ar an spórt (2020/2864(RSP)). |
|
13.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 501/7 |
Conclúidí ón gComhairle maidir le hinfhaighteacht agus iomaíochas ábhair Eorpaigh closamhairc agus meán a mhéadú
(2021/C 501 I/02)
MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
AITHNÍONN SÍ AN MÉID SEO A LEANAS:
|
1. |
Tá infhaighteacht agus inrochtaineacht éifeachtach an ábhair Eorpaigh closamhairc agus meán ag éirí níos tábhachtaí i dtaca le forbairt inbhuanaithe earnáil Eorpach na meán agus tá dlúthbhaint acu le cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha agus teanga [...] mar phríomhshócmhainn de chuid a hiomaíochais. |
|
2. |
Chun an sprioc sin a bhaint amach, ba cheart do bhearta beartais earnála agus cothrománacha a áirithiú go mbeidh tosaíocht leordhóthanach ag saothair Eorpacha closamhairc agus ag ábhar Eorpach meán agus ba cheart dóibh foinsí maoiniúcháin agus samhlacha dáileacháin nua a spreagadh i bhfianaise láithreacht mhéadaitheach na soláthraithe seirbhísí agus na n-ardán domhanda closamhairc agus meán. |
|
3. |
Is tábhachtaí fós na bearta sin mar gheall ar an tionchar mór a bhí ag paindéim COVID-19 ar leibhéal agus ar struchtúr an mhaoinithe le haghaidh ábhar Eorpach san earnáil closamhairc. Tá luas curtha aige le treochtaí margaidh maidir le méadú ar sholáthar agus éileamh ar ábhar ó sholáthraithe ar líne a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas de shaothair chineamatagrafacha agus saothair chlosamhairc eile atá ag teacht as margaí náisiúnta difriúla, leis an ngaol idir scaoileadh rathúil amharclannaíochta agus scaoileadh físeán ar éileamh (VOD) , agus le hinfheictheacht mhíchothrom na saothar sin ar fud na margaí difriúla (1). |
|
4. |
Mar gheall ar an éileamh méadaithe ar ábhar ar líne, tháinig samhlacha gnó forbartha chun cinn maidir le hinfheistíochtaí maoiniúcháin arna ndéanamh ag soláthraithe VOD agus maidir le ceadúnú, cé gur gníomhaithe traidisiúnta, amhail cuideachtaí meán poiblí agus príobháideacha agus léiritheoirí neamhspleácha a bhfuil sé d’acmhainn acu tionscadail nua agus oirfidigh nua a thabhairt chun cinn, a tháirgeann fós formhór an ábhair Eorpaigh closamhairc agus meán [...]. Cé gur tábhachtaí an maoiniú poiblí i roinnt earnálacha i gcomparáid le hearnálacha eile, tá difríochtaí fós ann idir na córais agus na cumais i dtíortha difriúla. |
|
5. |
Ina theannta sin, chuir paindéim COVID-19 leis an mbearna idir an t-ioncam ón bhfógraíocht idirlín agus an t-ioncam ón bhfógraíocht thraidisiúnta. Cé gur choinnigh an fhógraíocht teilifíse a áit iomaíochta gan mheath i gcomparáid le húsáid na fógraíochta idirlín go dtí gur thosaigh géarchéim COVID-19, tháinig méadú ar chóimheas na fógraíochta ar líne in 2021 (2). |
|
6. |
Is minice anois dáileadh ábhair closamhairc agus meán ag tarlú ar líne, go háirithe trí ardáin ar líne, agus is cuid thábhachtach de shruth ioncaim na gcuideachtaí meán. Ós rud é gur mór an acmhainneacht eacnamaíoch le haghaidh na hEorpa atá ag ábhar cruthaitheach agus cultúrtha, idir ar líne agus as líne, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom uirthi chun an díospóireacht dhaonlathach, iolrachas na meán agus an éagsúlacht chultúrtha agus teanga a choimirciú. |
|
7. |
Chun infhaighteacht agus iomaíochas ábhair Eorpaigh closamhairc agus meán a mhéadú, ba cheart tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh maidir leis na tosaíochtaí seo a leanas:
|
A. AN ÉAGSÚLACHT CHULTÚRTHA
MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
ADMHAÍONN SÍ AN MÉID A LEANAS:
|
8. |
Ós rud é go bhfuil an éagsúlacht chultúrtha agus an chruthaitheacht i gcroílár na n-earnálacha Eorpacha closamhairc agus meán, agus iad in iomaíocht le hábhar eile atá ar fáil go forleathan ar an margadh idirnáisiúnta, tá sé tábhachtach borradh a chur faoi chumais na n-earnálacha sin dul i gcion ar lucht féachana is mó, cúrsaíocht an ábhair a mhéadú, agus léirithe éagsúla, nuálaíocht agus oirfidigh an ábhair a chur chun cinn, agus ár sócmhainní cultúrtha straitéiseacha á gcaomhnú ag an am céanna. |
|
9. |
Is féidir inrochtaineacht níos mó a éascú trí réitigh dhigiteacha, agus is féidir mórthionchar a bheith ag comhléiriúcháin, tacaíocht don dáileadh trasteorann, earnáil amharclannaíochta agus dáileacháin neamhspleách bhríomhar, cur chun cinn éagsúlachta teanga agus saoirse cruthaíochta maidir le infhaighteacht mhéadaithe an ábhair agus iomaíochas feabhsaithe a bhaint amach don earnáil closamhairc. |
LEAGANN SÍ BÉIM AR AN MÉID A LEANAS:
|
10. |
Le comhléiriúcháin, chomh maith le comhoibriú idirnáisiúnta idir gairmithe ar gach leibhéal den slabhra luacha (cruthú, oiliúint, forbairt, táirgeadh, cur chun cinn, agus dáileadh), éascaítear dáileadh trasteorann saothar closamhairc, cuirtear le forbairt na hearnála i dtíortha comhpháirtíochta, agus cuidítear le feabhas a chur ar mhalartuithe cultúrtha agus eacnamaíocha. |
|
11. |
I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, bíonn comhléiriúcháin idirnáisiúnta faoi réir córais chistiúcháin agus acmhainneachtaí closamhairc éagsúla sna Ballstáit, agus bíonn cóimheasa difriúla maidir le hábhar Eorpach ilchineálach laistigh de mhargaí Eorpacha agus idirnáisiúnta. |
|
12. |
Ionas go n-éireoidh le saothair Eorpacha san earnáil closamhairc i margaí Eorpacha agus margaí idirnáisiúnta araon, tá sé ríthábhachtach go mbeidh an t-ábhar ar ardchaighdeáin i dtéarmaí ardcháilíochta agus nuálaíochta, go léireofar leis éagsúlacht chultúrtha agus théamach i sochaí na hEorpa, agus go mbeidh achomharc idirnáisiúnta ann i gcás inarb ábhartha. |
|
13. |
Is sócmhainn thábhachtach san earnáil sin, lena ngabhann luach stairiúil cultúrtha, na cartlanna closamhairc agus ní mór é a choimirciú chun scaipeadh agus athúsáid fhéideartha an ábhair a éascú ar mhaithe le leas an phobail. |
|
14. |
I dtéarmaí saoirse cruthaíochta, tá sé tábhachtach saoirse cainte, iolrachas na meán agus ilchineálacht tuairimí agus smaointe, atá ar luachanna bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a choimirciú. |
|
15. |
Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar inrochtaineacht ábhair do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine aosta. |
|
16. |
Tá ról suntasach ag meáin na seirbhíse poiblí san Eoraip maidir le leas an phobail a chosaint, éagsúlacht tuairimí a spreagadh, ábhar agus smaointe nua agus nuálacha a chruthú agus bréagaisnéis agus mífhaisnéis a chomhrac. |
|
17. |
Ar mhaithe lena saoirse cruthaíochta agus lena neamhspleáchas eacnamaíoch, agus ar mhaithe freisin le hinbhuanaitheacht, úrnuacht agus iomaíochas earnáil na meán, tá sé den bhunriachtanas luach saothair cóir a bheith á fháil ag údair, táirgeoirí agus sealbhóirí cirt eile. |
|
18. |
Cuirfear le cáilíocht ábhair Eorpaigh closamhairc agus meán agus le fairsinge na ndeiseanna a bhaineann leis sin ach rannpháirtíocht atá inscnechothrom agus cuimsitheach go sóisialta a bheith ann. |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN EORPACH LAISTIGH DÁ nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
19. |
Comhléiriúcháin a éascú, go háirithe trí shamhail Eorpach comhléiriúcháin a chur chun cinn, agus a gcúrsaíocht a chur chun cinn sna tíortha lena mbaineann agus níos faide i gcéin, agus comhthéacs athraitheach na n-infheistíochtaí arna ndéanamh ag soláthraithe VOD (3) á chur san áireamh ag an am céanna. |
|
20. |
Malartú fios gnó maidir le comhléiriúcháin a spreagadh, agus comhoibriú a chothú go luath i bhforbairt comhléiriúchán agus i measc gairmithe ar fud an tslabhra luacha iomláin. |
|
21. |
Beartais fheabhsaithe a cheapadh chun borradh a chur faoi iomaíochas na hearnála closamhairc Eorpaí trí chruthú ábhair Eorpaigh ardcháilíochta, a d’fhéadfadh a bheith tarraingteach do phobal níos leithne, a chothú, agus trí thacaíocht a thabhairt d’údair mar phríomhchruthaitheoirí ábhair agus do chomhléiriúcháin agus, chomh maith leis sin, do dháileadh ábhair úrnua. |
|
22. |
Tuilleadh infhaighteachta ar ábhar úrnua i leaganacha teanga difriúla a spreagadh agus tacú le forbairt na réiteach digiteach lena gcumasófar éagsúlacht teanga agus lena n-áiritheofar go bhféadfar breathnú ar an ábhar sa bhunteanga. |
|
23. |
Ceapadh uirlisí margaíochta éifeachtúla agus straitéisí lucht féachana scannán a chur chun cinn agus litearthacht meán agus scannán a neartú, agus anailís agus ionchais lucht féachana á meas ag an am céanna. |
|
24. |
Cothromaíocht inscne agus éagsúlacht shóisialta a chur chun cinn i gcruthú ábhair trí dhreasachtaí a thabhairt isteach chun geallsealbhóirí san earnáil closamhairc a spreagadh chun an comhionannas, an éagsúlacht agus an chuimsitheacht a shaothrú, agus an tsaoirse cruthaíochta á hurramú ag an am céanna. |
|
25. |
Iarracht a dhéanamh a áirithiú go ndéanfar ábhar na gcartlann náisiúnta agus na n-institiúidí scannán oidhreachta a choimirciú agus a chur chun cinn, agus go mbeidh sé ar fáil ar scála níos leithne, agus urraim do na cearta maoine intleachtúla lena mbaineann á háirithiú ag an am céanna. |
IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
26. |
Leanúint de bheith ag tacú le líonraí sheirbhísí VOD Eorpacha neamhspleácha den chlár Eoraip na Cruthaitheachta MEDIA ag a bhfuil cóimheas ard d’ábhar Eorpach iontu agus an t-ábhar sin a dhéanamh infheicthe trí ghníomhaíochtaí tosaíochta. |
|
27. |
An próiseas comhairliúcháin leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile a choinneáil trí Fhóram Scannán na hEorpa maidir le conas borradh a chur faoi chúrsaíocht fhadtéarmach ábhair Eorpaigh dar bun leis comhléiriúcháin agus cineálacha eile comhair trasteorann, agus, ag an am céanna, toradh an idirphlé leis an tionscal closamhairc a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta na Meán maidir le conas feabhas a chur ar rochtain trasteorann ar ábhar closamhairc agus ar infhaighteacht an ábhair sin á chur san áireamh. |
B. ÁBHAR EORPACH A CHUR CHUN CINN AGUS TOSAÍOCHT A THABHAIRT DÓ
MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
ADMHAÍONN SÍ AN MÉID A LEANAS:
|
28. |
Tá sé thar a bheith tábhachtach rochtain a bheith le fáil ar ábhar agus faisnéis éagsúil chlosamhairc i dteangacha uile an Aontais, agus ar ábhar údarásach iontaofa lena chois. |
|
29. |
Bíonn ról suntasach ag meáin na seirbhíse poiblí san Eoraip maidir le luachanna daonlathacha a choimirciú, éagsúlacht tuairimí a spreagadh agus infhaighteacht agus iomaíochas ábhair Eorpaigh a fheabhsú, go háirithe nuair a bhíonn uirlisí teicneolaíochta nuálacha á n-úsáid. |
|
30. |
Tá sé i gceist go mbeidh ról tábhachtach ag na rialacháin maidir le hábhar Eorpach a chur chun cinn agus tosaíocht a thabhairt don ábhar closamhairc agus meán sin in iolrachas sna meáin a áirithiú, éagsúlacht chultúrtha a fheabhsú, iomaíochas idirnáisiúnta a neartú agus táirgeadh neamhspleách a chur chun cinn. |
|
31. |
Is féidir leis a bheith doiligh do thomhaltóirí saothair Eorpacha a aimsiú ar ardáin VOD i gcomparáid le bealaí dáileacháin traidisiúnta. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, anailís a dhéanamh ar an margadh agus éifeachtacht na mbeart tosaíochta a mheas. |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN EORPACH LAISTIGH DÁ nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
32. |
Dlús a chur leis an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc athbhreithnithe (4) a thrasuí ós rud é go gcuirfidh cur chun feidhme éifeachtach na treorach le feabhas a chur ar rochtain ar líne ar shaothair Eorpacha. |
|
33. |
An plé ar na réitigh atá ann cheana agus atá beartaithe maidir le cur chun cinn saothar Eorpach a chothú agus malartú dea-chleachtas maidir le bearta tosaíochta na saothar Eorpach a chumasú i gcomhréir leis na samhlacha éagsúla gnó. |
|
34. |
Malartú dea-chleachtas a fhorbairt agus comhar idir rialtóirí closamhairc agus eagraíochtaí cistiúcháin scannán a fheabhsú. |
|
35. |
Infhionntacht ábhar cruthaitheach ar líne atá ar fáil go dlíthiúil i dteangacha uile an Aontais Eorpaigh a fheabhsú agus a éascú, go háirithe trí uirlisí ar líne amhail Agorateka (5), agus é mar aidhm é a shainaithint go héasca i measc raon leathan ábhair eile. |
|
36. |
Forbairt bunachar sonraí amhail Lumiere VOD (6) a spreagadh chun seiceáil a dhéanamh ar thír thionscnaimh saothar Eorpach. |
|
37. |
Tacaíocht leanúnach a chothú do dháileadh amharclannaíochta de shaothair Eorpacha, lena n-áirítear tacaíocht do dháileoirí beaga neamhspleácha chun éagsúlacht mhór de scannáin Eorpacha a chur i gcúrsaíocht, agus tacú le féilte mar asraonta éifeachtacha d’ábhar bunaidh éagsúil, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. |
|
38. |
Measúnú agus plé a dhéanamh ar staid reatha na saothar Eorpach san Aontas Eorpach, agus seasamh na ngeallsealbhóirí éagsúla agus na dtosca ábhartha eile go léir á gcur san áireamh (cothrom na Féinne, sainiúlachtaí closamhairc agus teanga i dtíortha éagsúla, an sainmhíniú atá ann faoi láthair ar shaothair Eorpacha (7), etc.), agus é mar aidhm margadh éagsúil, cothrom agus cóir a áirithiú do shaothair Eorpacha. |
|
39. |
Machnamh a dhéanamh ar cheannasacht dhigiteach theicneolaíoch na hEorpa, agus soláthraithe Eorpacha atá ann cheana á gcur san áireamh, agus anailís a dhéanamh ar an mbreisluach a bheadh ag ardán Eorpach a d’fhéadfadh a bheith ann, i gcomhar le meáin na seirbhíse poiblí, lena n-áireofaí ábhar Eorpach ó na Ballstáit a chuirfí ar fáil don oiread saoránach den Aontas agus is féidir, agus urraim á háirithiú do chearta maoine intleachtúla lena mbaineann agus do rialacháin maidir le hiomaíocht agus státchabhair atá i bhfeidhm faoi láthair. |
|
40. |
Meáin na seirbhíse poiblí a spreagadh chun deiseanna nua a chur ar fáil do tháirgeoirí neamhspleácha maidir le hábhar Eorpach a chruthú agus a chur chun cinn. |
|
41. |
Scéimeanna nua a fhorbairt agus a spreagadh chun táirgeadh agus dáileadh saothar closamhairc Eorpach, lena ndírítear ar leanaí agus ar dhaoine fásta óga, a chur chun cinn. |
IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
42. |
Leanúint de ról gníomhach a ghlacadh chun cur chun feidhme rianúil AVMSD a éascú trí fhaireachán cruinn, gníomhaíochtaí tuairiscithe agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit. |
|
43. |
Anailís a dhéanamh ar staid an mhargaidh closamhairc Eorpaigh, ag díriú ar na príomhdhúshláin agus ar na míchothromaíochtaí ó thaobh an Aontais de agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann. |
C. INBHUANAITHEACHT
MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
CUIREANN SÍ I dTREIS AN MÉID A LEANAS:
|
44. |
Chun a forbairt inbhuanaithe a bhaint amach, ní mór d’earnáil na meán tógáil ar a cuid sócmhainní (amhail cruthaitheacht agus éagsúlacht chultúrtha); an t-ábhar a chur ar fáil agus é a dhéanamh infheicthe; agus oiriúnú do na dúshláin agus do na deiseanna a eascraíonn as an gclaochlú digiteach. |
|
45. |
Tá ról tábhachtach ag ardáin agus soláthraithe ar líne, mar ghníomhaithe domhanda sa gheilleagar digiteach, maidir le hinfhaighteacht, inrochtaineacht agus dáileadh ábhair a áirithiú. An tráth céanna, tá siad ag éirí níos ábhartha don díospóireacht dhaonlathach, don éagsúlacht chultúrtha, don urraim do chearta agus luachanna bunúsacha, do mhionaoisigh a chosaint ar ábhar díobhálach, agus do chearta maoine intleachtúla a chosaint. |
|
46. |
Tá ceadúnú críochach agus eisiach fós fíor-riachtanach don tsaoirse cruthaitheachta, d’inbhuanaitheacht agus do mhaoiniú na hearnála, agus chun bunús a sholáthar d’fhorbairt samhlacha nua gnó. |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN EORPACH LAISTIGH DÁ nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
47. |
Cleachtais cheadúnúcháin a chur chun cinn lena ndírítear ar chaidreamh níos cothroime a áirithiú idir soláthraithe VOD, ardáin, táirgeoirí neamhspleácha agus sealbhóirí cirt eile ar fud an tslabhra luacha, agus forbairt beart a chothú atá deartha chun faisnéis thrédhearcach agus chuimsitheach a chumasú maidir le húsáid saothar closamhairc i seirbhísí ar líne, lena n-áirítear an fhéidearthacht rochtain a fháil ar shonraí maidir leis na hamhairc agus na críocha foriomlána. |
|
48. |
Iomaíochas na hearnála closamhairc Eorpaí a chur chun cinn, agus an ról atá ag ceadúnú críochach agus eisiach na gceart sa chóras cistiúcháin do shaothair Eorpacha á chur san áireamh. Ba cheart ceist an cheadúnúcháin a chur san áireamh freisin mar chuid den idirphlé a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta na Meán maidir le cúrsaíocht saothar closamhairc. |
|
49. |
Cineálacha cur chuige cistiúcháin a chur chun cinn agus tacú leo, ar cur chuige iad lena ndírítear ar nuálaíocht, ar fhás, ar theicneolaíochtaí agus ar struchtúr an tionscail. |
|
50. |
Na gníomhaíochtaí ábhartha faoi Phlean Gníomhaíochta na Meán a chur chun cinn a thuilleadh, lena gcothófar claochlú agus athléimneacht na gcuideachtaí neamhspleácha closamhairc agus na meán neamhspleách, go háirithe MediaInvest, atá dírithe ar bhorradh a chur faoi infheistíochtaí i dtáirgeadh agus i ndáileadh closamhairc, chomh maith leis an uirlis idirghníomhach lena dtreoraítear cuideachtaí meán trí ionstraimí éagsúla tacaíochta. |
|
51. |
Méadú ar líon na saothar closamhairc Eorpach sna catalóga ar éileamh a spreagadh ina mbeidh scannáin ar ardchaighdeán lena gcumhdófar raon leathan i dtéarmaí ábhar agus aoisghrúpaí, agus measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a bhunú chun ábhar ardcháilíochta a scaipeadh ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. |
|
52. |
Díriú ar infheistíocht a dhéanamh in athléimneacht na saoránach trí bhearta don litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin chun sealbhú eolais agus smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas na n-úsáideoirí ábhar neamhdhleathach agus bréagaisnéis a shainaithint, chomh maith le tuiscint a fháil ar fheidhmiú uirlisí molta algartam agus tairbhe a bhaint as infhionntacht an ábhair. |
|
53. |
Oiliúint ar ghairmithe agus ar chuideachtaí a fheabhsú chun cuidiú leo oiriúnú don tsamhail athraitheach cruthaíochta agus dáileacháin i gcomhthéacs córais atá á spreagadh ag an intleacht shaorga (IS), agus na próisis athscilithe agus uas-scilithe a chothú. |
|
54. |
Na féidearthachtaí nua a chuireann an geilleagar digiteach ar fáil chun ábhar a dháileadh a chur chun cinn agus tacú leo agus aird ar leith á tabhairt ar chothromaíocht chóir idir forbairt na gcóras IS agus an úsáid a bhaineann siad as an ábhar chun iomaíochas na hearnála IS agus earnáil an chlosamhairc agus earnáil na meán araon a ráthú. Sa chomhthéacs sin, cothrom na Féinne a áirithiú idir na geallsealbhóirí ábhartha, agus cabhrú le borradh a chur faoi earnáil an chlosamhairc agus earnáil na meán gan bac a chur ar dhinimic na nuálaíochta. |
|
55. |
Gach beart is gá a dhéanamh chun rochtain ar ábhar closamhairc neamhdhleathach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a chosc, agus chun forfheidhmiú éifeachtach ar líne i gcoinne sárú ar scála tráchtála a bhunú. |
|
56. |
Na bearta is gá a dhéanamh chun go mbeidh earnáil na meán in ann na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus an Dlí Aeráide Eorpach a thapú. |
|
57. |
Plé a dhéanamh ar na tionscnaimh bheartais a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann leis an gcreat don fhógraíocht ar líne chun rialacha cothroma fógraíochta a áirithiú don fhógraíocht ar líne agus don fhógraíocht thraidisiúnta i ndáil le hábhar closamhairc agus meán. |
|
58. |
Neamhspleáchas eagraíochtaí meán a choimirciú agus bearta a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, chun trédhearcacht agus iolrachas a ráthú in earnáil na meán. |
IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
59. |
An t-ualach riaracháin a bhaineann le rochtain ar chistiú d’ábhar Eorpach a éascú, agus ceanglais an Rialacháin Airgeadais á n-urramú go hiomlán ag an am céanna. |
(1) Yearbook 2020/2021 Key Trends [Bliainiris 2020/2021 Príomhthreochtaí], an Fhaireachlann Eorpach Closamhairc (Comhairle na hEorpa), Strasbourg 2021, lch. 20-21.
(2) Yearbook 2020/2021 Key Trends [Bliainiris 2020/2021 Príomhthreochtaí], an Fhaireachlann Eorpach Closamhairc (Comhairle na hEorpa), Strasbourg 2021, lch. 46.
(3) Sa chomhthéacs sin beidh tábhacht shuntasach ag an tuarascáil maidir le comhléiriúcháin ón Meitheal um Modh Oscailte Comhordúcháin.
(4) An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (féach an tagairt san Iarscríbhinn).
(5) Tairseach uile-Eorpach Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO): https://agorateka.eu/ea/About
(6) An chéad eolaire ar líne de scannáin Eorpacha atá ar fáil ar VOD, a sheol an Fhaireachlann Eorpach Closamhairc an 16 Aibreán 2019 ag Comhairle na hEorpa.
(7) Mar a fhoráiltear sa Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32010L0013&from=EN
IARSCRÍBHINN
Conclúidí ón gComhairle
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le hábhar Eorpach sa gheilleagar digiteach a neartú (IO C 457, 19.12.2018, lch. 2). |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le cúrsaíocht trasteorann saothar closamhairc Eorpach a fheabhsú, go mór mór comhléiriúcháin (IO C 192, 7.6.2019, lch. 11). |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le córas meán atá saor agus iolraíoch a chosaint (IO C 422, 7.12.2020, lch. 8). |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le litearthacht sna meáin i ndomhan atá ag síorathrú 2020/C 193/06 (IO C 193, 9.6.2020, lch. 23). |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú leis an Téarnamh agus leis an gClaochlú, 2021/C 210/01 (IO C 210, 3.6.2021, lch. 1). |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr 2019-2022 (IO C 460, 21.12.2018, lch. 12). |
Gníomhartha reachtacha
|
— |
Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, AVMSD) (L 303, 28. 11. 2018, lch. 69). |
|
— |
Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013, (IO L 189, 28.5.2021, lch. 34). |
Teachtaireachtaí agus moltaí ón gCoimisiún
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal Europe’s Media in the Digital Decade: An Action Plan to Support Recovery and Transformation [Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú leis an Téarnamh agus leis an gClaochlú], COM(2020) 784 final. |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal On the European democracy action plan [Maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach], COM(2020) 790 final. |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal Shaping Europe’s digital future [Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú], COM(2020) 67 final. |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal Making the most of the EU’s innovative potential An intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience [An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálaíochta an Aontais – Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais]. COM(2020) 760 final. |
Tionscnaimh Pharlaimint na hEorpa
|
— |
Tuarascáil maidir leis an intleacht shaorga san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc (2020/2017(INI)). |
Staidéir ón bhFaireachlann Eorpach Closamhairc
|
— |
Yearbook 2020/2021 Key Trends [Bliainiris 2020/2021 Príomhthreochtaí], an Fhaireachlann Eorpach Closamhairc (Comhairle na hEorpa), Strasbourg. |
Comhairle na hEorpa
|
— |
European Convention on Cinematographic Co-production [An Coinbhinsiún Eorpach maidir le Comhléiriúchán Cineamatagrafach], 1992. |
|
13.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 501/13 |
Conclúidí ón gComhairle maidir le cultúr, ailtireacht agus timpeallacht thógtha ardcháilíochta mar phríomhghnéithe de thionscnamh Bauhaus Nua Eorpach
(2021/C 501 I/03)
DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH MAR A LEANAS,
Ag admháil di na céimeanna atá tugtha cheana ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit chun feabhas a chur ar an ról tábhachtach atá ag an gcultúr, ag an ailtireacht agus an timpeallacht thógtha ardcháilíochta ar an gclár oibre polaitiúil agus chun oidhreacht Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018 a áirithiú, chomh maith leis an tionchar marthanach atá aici ar ár sochaithe agus ar na glúine atá le teacht,
Á mheabhrú di na príomhthagairtí polaitiúla mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis na conclúidí seo iad,
Ag tógáil ar an bPlean Oibre don Chultúr 2019-2022, go háirithe ar Thosaíocht B (“Comhtháthú agus folláine”), agus na gníomhaíochtaí ar an ábhar “ailtireacht agus timpeallacht thógtha ardcháilíochta do chách”,
IS DÍOL SÁSAIMH DI tionscnamh Bauhaus nua Eorpach (NEB), agus sa chomhthéacs sin
CUIREANN SÍ AN MÉID A LEANAS I dTREIS:
|
1. |
Is iad an ailtireacht agus an timpeallacht thógtha na cabhraíochtaí de chultúr reatha, de bhealaí maireachtála agus de luachanna an ama atá caite agus atá anois ann. Bunaíonn siad an stoc dár n-oidhreacht chultúrtha sa todhchaí agus rannchuidíonn siad lenár sochaithe agus ár bhféiniúlachtaí a mhúnlú. |
|
2. |
Is léiriú é an timpeallacht thógtha (1) ar phobal, agus tá an fhreagracht as a cáilíocht fhoriomlán faoi chúram na gcomhlachtaí earnála poiblí ábhartha agus na ngeallsealbhóirí eile, ag obair i ndlúthchomhar leis na saoránaigh uile. |
|
3. |
Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh forbairt an stoic foirgneamh atá ann cheana – trí athbhunú, athchóiriú, athúsáid oiriúnaithe agus caomhnú – agus cruthú foirgneamh agus spásanna nua ar ardcháilíocht. |
|
4. |
Tá ról lárnach ag ailtirí, inter alia, i ngach céim d’fhorbairt na hailtireachta agus na timpeallachta maireachtála ardcháilíochta agus, dá bhrí sin, is féidir leo rannchuidiú ar bhealach suntasach le leas an phobail trí éagsúlacht chríochach agus riachtanais na sochaí sibhialta a chur san áireamh. |
|
5. |
Cuireann an cultúr, an ailtireacht (2) agus an timpeallacht thógtha ardcháilíochta le spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFIanna) (3) na Náisiún Aontaithe a bhaint amach ar go leor bealaí. Is féidir leo rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (4) agus é mar aidhm aige faoi 2050 gurb í an Eoraip an chéad ilchríoch aeráidneodrach a bheidh ann. |
|
6. |
Is tionscnamh trasdisciplíneach é NEB ina gcuimsítear trí ghné idirnasctha: aeistéitic, inbhuanaitheacht agus cuimsiú. Braitheann sé ar chur chuige rannpháirtíochta agus tá sé mar aidhm aige go mbeidh gach duine ar fud an Aontais rannpháirteach, lena n-áirítear daoine ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus leis an gcuspóir atá ag an gComhaontú Glas don Eoraip gan aon duine a fhágáil ar lár. |
|
7. |
Tá tionscnamh NEB bunaithe ar Bauhaus bunaidh (5), a raibh cur chuige iomlánaíoch inbhuanaithe ardcháilíochta cuimsitheach aige i leith an dearaidh, na hailtireachta agus na healaíne. |
|
8. |
Agus oidhreacht éagsúil chultúrtha na hEorpa á hurramú, tá sé mar aidhm ag tionscnamh NEB comhthéacs cumasúcháin a chruthú chun an timpeallacht mhaireachtála a athrú ó bhonn agus ár slí mhaireachtála a dhéanamh níos áille inbhuanaithe cuimsithí, inter alia tríd an nuálaíocht agus tríd an ailtireacht ardcháilíochta (6), an dearadh, an t-uirbeachas, agus go leor réimsí ealaíne agus cruthaitheacha eile. |
|
9. |
Is tagarmharc tábhachtach í oidhreacht chultúrtha agus ailtireachta na hEorpa do chaighdeán taithíoch agus fisiciúil ár dtimpeallachta tógtha. Is sócmhainn láidir í freisin ar féidir léi comhtháthú sóisialta, nuálaíocht, claochlú agus athghiniúint a spreagadh agus a chothú. Dá bhrí sin, aithnítear le tionscnamh NEB a thábhachtaí atá ár n-oidhreacht ailtireachta agus seandálaíochta, ár dtírdhreacha agus ár n-oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe. |
|
10. |
I ngeall ar chineál ilghnéitheach na hailtireachta agus na timpeallachta tógtha ardcháilíochta, teastaíonn comhar trasearnálach, rannpháirtíocht, comhchruthú agus cineálacha cur chuige trasdisciplíneacha, go háirithe ó thaobh na hinbhuanaitheachta agus an chomhleanúnachais bheartais de. |
|
11. |
Spreag paindéim COVID-19 slógadh maoiniúcháin ar gach leibhéal rialachais, inter alia le haghaidh ailtireacht agus timpeallacht thógtha ardcháilíochta. Ba cheart na hacmhainní airgeadais sin a úsáid ar bhealach inbhuanaithe cáilíochtdírithe, i gcomhréir le prionsabail Uirlis Cháilíochta Baukultur Davos (DBQT) le moltaí ón ngrúpa saineolaithe MOC (7) agus le Prionsabail athbhreithnithe Cáilíochta ICOMOS maidir le hidirghabhálacha arna maoiniú ag an Aontas agus a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an oidhreacht chultúrtha (8). |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, LAISTIGH DÁ RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
12. |
An ról atá ag an gcultúr agus ag an oidhreacht chultúrtha mar dhlúthchuid den timpeallacht thógtha agus mhaireachtála a athdhearbhú, agus iad mar rannchuidiú tábhachtach don fhorbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear an geilleagar ciorclach, don chomhtháthú sóisialta agus críochach, don chomhshaol, do spriocanna bithéagsúlachta agus aeráide, don rathúnas agus do dhea-bhail gach duine san Eoraip. |
|
13. |
Sineirgí iomchuí a éascú idir tionscnamh NEB agus próisis eile lena dtugtar páirt do mhuintir na hEorpa, amhail an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (9), chomh maith le straitéisí agus pleananna gníomhaíochta eile lena gcuirtear cáilíocht ailtireachta agus aeistéitiúil chun cinn, amhail an tionscnamh “Rabharta Athchóiriúcháin” (10), agus inrochtaineacht, amhail an Strategy for the rights of persons with disabilities 2021-2030 [Straitéis do chearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030] (11). |
|
14. |
Rannchuidiú le tuiscint iomlánaíoch agus cultúr comhroinnte na hailtireachta ardcháilíochta a chruthú trí fheasacht a mhúscailt a thuilleadh, e.g. trí oideachas foirmiúil, neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta ó aois luath, agus trí fhaisnéis faoi thionscnamh NEB agus faoi ról an chultúir, na hailtireachta agus na timpeallachta tógtha ardcháilíochta ann a chur chun cinn agus a scaipeadh go forleathan. |
|
15. |
Oibriú i dtreo fís fhadtéarmach atá iomlánaíoch, cuimsitheach, trasdisciplíneach, faoi stiúir ardcháilíochta, fadtéarmach don ailtireacht agus don timpeallacht thógtha trí bheartais éagsúla agus saineolas éagsúil a chomhtháthú sna próisis, sna treoirlínte agus sna tionscadail chomhchruthaithe uile lena ndéantar ár dtimpeallacht mhaireachtála a mhúnlú, lena n-áirítear an tuarascáil ó ghrúpa saineolaithe MOC (12). |
|
16. |
Cur chuige atá dírithe ar ardcháilíocht a chur san áireamh lena n-áirítear na prionsabail cháilíochta arna leagan amach sa DBQT (13) mar bhonn do roghanna agus do chinntí eolasacha le linn shaolré iomlán na struchtúr tógtha, agus maidir le pleanáil agus bainistíocht tírdhreacha (ceapadh, pleananna infheistíochta, sásraí cistiúcháin, bearta tacaíochta, próisis phleanála, cothabháil, athchóiriú, caomhnú, athúsáid oiriúnaitheach, scartáil agus athchúrsáil). |
|
17. |
Fás inbhuanaithe, cáilíocht mhaireachtála agus nuálaíocht a chur faoi limistéir uirbeacha agus thuaithe na hEorpa trí chritéir iomlánaíocha, ardcháilíochta, mar aon le modhanna comhchruthaithe agus prionsabail ICOMOS a chur i bhfeidhm chun tacaíocht airgeadais ón Aontas a sholáthar do thionscadail ailtireachta agus timpeallacht thógtha i gcás inarb iomchuí. |
|
18. |
Barrfheabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh atá ag an stoc reatha foirgneamh a chur chun cinn trí chur chuige iomlánaíoch, agus critéir DBQT uile á n-urramú ag an am céanna, lena n-áirítear caomhnú na hoidhreachta tógtha. |
|
19. |
Réitigh a fhiosrú chun rochtain ar thithíocht inacmhainne chuibhiúil a chumasú, go háirithe do dhaoine óga atá ag dul isteach sa mhargadh saothair, agus do ghrúpaí sóisialta leochaileacha eile. |
|
20. |
Prionsabail an chomhchruthaithe rannpháirtíochta a áireamh trí na geallsealbhóirí ábhartha uile a bheith rannpháirteach i bpróisis amhail an chinnteoireacht, pleanáil, dearadh agus tógáil a ghabhann leis an timpeallacht thógtha, leis an timpeallacht mhaireachtála agus leis an bpleanáil spáis ar gach leibhéal rialachais ábhartha. |
|
21. |
Cur chuige a chur chun cinn lena n-urramaítear idirphlé idir an oidhreacht chultúrtha atá ann cheana, an socrú tírdhreacha agus an chruthaitheacht chomhaimseartha, lena n-áirítear trí athúsáid oiriúnaitheach i gcás inarb ábhartha. |
|
22. |
Creataí fabhracha a chruthú d’ailtireacht ardcháilíochta chun taca a chur faoi rialacha an tsoláthair phoiblí, an rialáil a shimpliú agus nósanna imeachta nuálacha lena gcothaítear cur chuige ardcháilíochta seachas cur chuige bunaithe ar chostas amháin trí na dea-chleachtais a leanúint maidir le hailtireacht phoiblí, ailtireacht tírdhreacha agus comórtais pleanála spáis a dhéanamh. |
|
23. |
Feasacht, eolas agus inniúlachtaí lucht déanta cinntí agus sainfhoirne a chur chun cinn agus a neartú a thuilleadh ar gach leibhéal rialachais ábhartha, lena n-áirítear saineolaithe teicniúla agus conraitheoirí, chun a chur ar a gcumas siúd critéir agus caighdeáin ardcháilíochta a úsáid ina gcinntí a bhaineann leis an ailtireacht agus leis an timpeallacht thógtha do chách. |
|
24. |
An úsáid is fearr dar féidir a bhaint as cláir chistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais a chur chun cinn agus as uirlisí maoiniúcháin eile atá ar fáil chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
25. |
Coinneáil leis agus leanúint leis an bpróiseas machnaimh agus malartaithe maidir le róil chultúrtha, shóisialta, eacnamaíocha agus éiceolaíocha na hailtireachta agus na timpeallachta tógtha ardcháilíochta. |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
26. |
Feabhas a chur ar an gcomhtháthú beartais ar mhaithe leis an ailtireacht agus an timpeallacht thógtha ardcháilíochta trí chomhordú iomchuí a dhéanamh idir na haireachtaí agus na leibhéil riaracháin, na gníomhaireachtaí agus na seirbhísí ábhartha ar fad chun cur chuige cáilíochtbhunaithe iomlánaíoch a leabú sna beartais agus sna gníomhaíochtaí uile a mbíonn tionchar acu ar an timpeallacht thógtha agus ar an timpeallacht mhaireachtála. |
|
27. |
Príomhshruthú NEB agus na bprionsabal agus na gcur chuige maidir leis an ngeilleagar ciorclach sna straitéisí forbartha socheacnamaíocha náisiúnta agus críochacha, lena n-áirítear dearadh agus ailtireacht inbhuanaithe, a chur chun cinn. |
|
28. |
Grúpaí comhairleacha saineolaithe d’ailtirí agus de ghairmithe ábhartha eile, amhail Foirne Ailtireachta Stáit agus Cathrach (14), a bhunú agus tacú leo, ar na leibhéil rialachais iomchuí, chomh maith le nósanna imeachta atá dírithe ar ardcháilíocht chun cuimsiú na n-inniúlachtaí gairmiúla agus na scileanna riachtanacha i bpróisis chinnteoireachta a áirithiú nó a neartú chun torthaí atá dírithe ar ardcháilíocht a bhaint amach. |
|
29. |
Eintiteas a ainmniú mar phointe teagmhála do thionscnamh NEB agus teagmháil a dhéanamh leis na pobail éagsúla ar an leibhéal áitiúil, ag leanúint cur chuige áitbhunaithe (15), chun rannpháirtíocht comhaltaí uile na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí ábhartha, de réir mar is iomchuí, a lorg. |
|
30. |
Na gníomhaithe sin a chuireann gnéithe cultúrtha agus cáilíochtúla na timpeallachta tógtha agus na timpeallachta maireachtála chun cinn do chách, ba cheart iad a chumasú agus an tacaíocht iomchuí a chur ar fáil dóibh. |
IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
31. |
Glacadh DBQT – ina bhfuil ocht gcinn de chritéir cháilíochta – a éascú in infheistíochtaí ábhartha, i gcreataí rialála agus i gcláir chistiúcháin an Aontais, agus na prionsabail cháilíochta sin a chur i bhfeidhm ina cháil mar úinéir, mar fhorbróir agus mar úsáideoir maoine. |
|
32. |
Deiseanna taighde, fothú acmhainneachta agus piarfhoghlaim a chur ar fáil i réimsí an chultúir, na hailtireachta agus na timpeallachta tógtha ardcháilíochta do chách i gcláir ábhartha uile de chuid an Aontais. |
|
33. |
Sineirgí a lorg idir rialacháin, cláir agus beartais ábhartha reatha de chuid an Aontais agus atá beartaithe d’fhonn an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a dhéanamh comhsheasmhach le prionsabail agus le cuspóirí NEB, mar aon le comhar agus cinnteoireacht thrasdisciplíneach a phríomhshruthú. |
|
34. |
Faisnéis agus rochtain ar ionstraimí airgeadais atá ar fáil a éascú chun tacú le tionscadail a bhaineann le timpeallacht mhaireachtála ar ardcháilíocht, lena n-áirítear tionscnaimh ar mionscála ar an talamh agus tionscadail in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. |
|
35. |
An chothromaíocht gheografach a chur san áireamh, mar aon le héagsúlacht gheografach, aeráide, eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha an Aontais, agus straitéisí, tionscadail agus gníomhaíochtaí NEB á ndearadh agus á gcur chun feidhme aige. |
|
36. |
Sineirgí a chur chun cinn idir an ealaín, an ailtireacht, an ailtireacht tírdhreacha agus intí, an phleanáil spáis, an dearadh agus an cheardaíocht, chomh maith le samhlacha nuálacha oiliúna d’ailtirí agus do ghairmithe gaolmhara eile, lena n-áirítear oiliúint maidir le teicneolaíocht dhigiteach cheannródaíoch. |
|
37. |
Feidhm na láithreán stairiúil a chur chun cinn i dtaobh timpeallacht fhisiciúil na bpobal áitiúil a fheabhsú, idir thimpeallacht atá ann cheana agus thimpeallacht atá ag teacht chun cinn, trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha úrscothacha chun an timpeallacht thógtha agus mhaireachtála a dhoiciméadú agus a chur i láthair. |
|
38. |
Feasacht agus comhar trasearnála a neartú trí thionscnamh NEB, Dearbhú Davos agus Prionsabail ICOMOS a chur chun cinn i measc earnálacha ábhartha beartais, go háirithe na hearnálacha sin a mbíonn lámh acu i múnlú na timpeallachta tógtha agus maireachtála. |
|
39. |
Tuairisciú go rialta don Chomhairle agus/nó dá comhlachtaí ullmhúcháin, agus do na heintitis ar cuireadh mar chúram orthu a bheith ina bpointí teagmhála do NEB, maidir leis an dul chun cinn a bheidh déanta i dtaobh tionscnamh NEB a chur chun feidhme, agus malartú dea-chleachtas a éascú i measc na mBallstát i ndáil le hobair leantach ar an tionscnamh ar an leibhéal náisiúnta. |
(1) Féach an sainmhíniú atá san Iarscríbhinn.
(2) Mar a shainítear leis na 8 gcritéar in Uirlis Cáilíochta Baukultur Davos.
(3) Mar a leagtar amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe (féach an tagairt san Iarscríbhinn).
(4) https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/european-green-deal_ga
(5) Is é Bauhaus (Weimar, Dessau agus Beirlín, 1919-1933) an Scoil Ailtireachta, Dearaidh agus Ealaíne is mó tionchar sa 20ú haois.
(6) Lena n-áirítear ailtireacht intí agus tírdhreacha agus pleanáil spáis.
(7) Meitheal um an Modh Oscailte Comhordúcháin (MOC) de shaineolaithe na mBallstát ar ailtireacht agus timpeallacht thógtha ardcháilíochta do chách.
(8) Prionsabail cháilíochta Eorpacha le haghaidh idirghabhálacha arna maoiniú ag an Aontas a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an oidhreacht chultúrtha - eagrán nuashonraithe ICOMOS: https://www.icomos.org/en/about-icomos/committees/regional-activities-europe/90984-quality-principles-new-version-available
(9) https://futureu.europa.eu/?locale=en
(10) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/IP_20_1835
(11) https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=738&langId=ga&pubId=8376&furtherPubs=yes
(12) Féach an tagairt atá san Iarscríbhinn.
(13) Rialachas, feidhmiúlacht, comhshaol, geilleagar, éagsúlacht, comhthéacs, ómós áite agus áilleacht.
(14) Féach an sainmhíniú atá san Iarscríbhinn.
(15) Féach an sainmhíniú atá san Iarscríbhinn.
IARSCRÍBHINN
A. TAGAIRTÍ
Sa chomhthéacs sin, meabhraítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh
|
1. |
Airteagal 167 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
2. |
Obair agus tuarascáil ghrúpa MOC dar teideal High-quality architecture and Built Environment for Everyone (2020-2021) [Ailtireacht agus Timpeallacht Thógtha Ardcháilíochta do Chách (2020-2021)] https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/bd7cba7e-2680-11ec-bd8e-01aa75ed71a1/language-en |
|
3. |
An Chairt Eorpach um an Oidhreacht Ailtireachta, 1975 |
|
4. |
An Coinbhinsiún maidir le hoidhreacht ailtireachta na hEorpa a chosaint - Coinbhinsiún Granada (1987) |
|
5. |
An Coinbhinsiún um Thírdhreach na hEorpa, 2000 |
|
6. |
Rún ón gComhairle an 12 Feabhra 2001 maidir le cáilíocht ailtireachta i dtimpeallachtaí uirbeacha agus tuaithe (IO C 73, 6.3.2001, lch. 6) |
|
7. |
Na conclúidí ón gComhairle an 13 Nollaig 2008 maidir le hailtireacht: rannchuidiú an chultúir leis an bhforbairt inbhuanaithe (IO C 319, 13.12.2008, lch. 13) |
|
8. |
Na conclúidí ón gComhairle maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr 2019-2022 (IO C 460, 21.12.2018, lch. 12) |
|
9. |
Na conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir le Rialachas Cultúir (IO C 393, 19.12.2012, lch. 8) |
|
10. |
An Ráiteas Comhpháirteach Heritage, Contemporary Architecture and design in Interaction[An caidreamh idir an Oidhreacht, an Ailtireacht Chomhaimseartha agus an dearadh Comhaimseartha] a glacadh ag Comhdháil Ríge an 13 Márta 2015 |
|
11. |
Rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 dar teideal Transforming our world: Agenda for Sustainable Development [I mbun athraithe: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe] (A/RES/70/01) |
|
12. |
The Urban Agenda for the EU – Pact of Amsterdam [An Clár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach – Comhaontú Amstardam] (arna sheoladh in 2016) (http://urbanagendaforthe.eu/pactofamsterdam/ ) |
|
13. |
An Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A long-term Vision for the EU’s Rural Areas - Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh - i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] - COM(2021) 345 final |
|
14. |
The Davos Declaration “Towards a European vision of high-quality Baukultur” [Dearbhú Davos - “I dtreo Baukultur ardchaighdeáin don Eoraip”], a glacadh ag Comhdháil na nAirí Cultúir (Davos, an 20-22 Eanáir 2018) (https://davosdeclaration2018.ch/media/Context-document-en.pdf ) |
|
15. |
The Davos Baukultur Quality System [Córas Cáilíochta Baukultur Davos], a foilsíodh i mí na Bealtaine 2021 (https://davosdeclaration2018.ch/quality-system/ ) |
|
16. |
The New Leipzig Charter - The transformative power of cities for the common good [Cairt Nua Leipzig - Cumhacht chlaochlaitheach na gcathracha a neartú ar mhaithe leis an leas coiteann], a glacadh ag Cruinnithe Neamhfhoirmiúla Aireachta a eagraíodh an 30 Samhain 2020 (https://ec.europa.eu/regional_policy/en/newsroom/news/2020/12/12-08-2020-new-leipzig-charter-the-transformative-power-of-cities-for-the-common-good ) |
|
17. |
European quality principles for EU-funded interventions with potential impact upon cultural heritage [Prionsabail cháilíochta Eorpacha le haghaidh idirghabhálacha atá maoinithe ag an Aontas Eorpach a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an oidhreacht chultúrtha] (leagan nua 2021) de chuid ICOMOS (an Chomhairle Idirnáisiúnta um Shéadchomharthaí agus Láithreáin) (http://openarchive.icomos.org/id/eprint/2436/ ) |
|
18. |
An Teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2021 dar teideal New European Bauhaus: Beautiful, Sustainable, Together [Bauhaus Nua Eorpach: Ealaíonta, Inbhuanaithe, Cuimsitheach] (11892/21 + ADD 1 + ADD 2 + ADD 3 – COM(2021) 573 final) |
|
19. |
The Council of Europe Convention on the Value of Cultural Heritage for Society [Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Luach na hOidhreachta Cultúrtha don tSochaí] (Coinbhinsiún Faro, 2005) (https://www.coe.int/en/web/culture-and-heritage/faro-convention) |
|
20. |
The Territorial Agenda 2030: a future for all places [An Clár Oibre Críochach 2030: Chuile áit in áit mhaith] (https://ec.europa.eu/regional_policy/en/information/publications/brochures/2021/territorial-agenda-2030-a-future-for-all-places |
B. SAINMHÍNITHE
Chun críoch na gconclúidí seo ón gComhairle, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
— |
Téarma Gearmáinise é “Baukultur” (a chiallaíonn “cultúr tógála” sa bhrí litriúil), coincheap a chiallaíonn gach gníomhaíocht dhaonna a athraíonn spásanna agus an timpeallacht mhaireachtála ar bhealach dearfach. Áirítear air sin foirgnimh atá ann cheana, lena n-áirítear séadchomharthaí agus gnéithe eile den oidhreacht thógtha, chomh maith le dearadh agus tógáil foirgneamh comhaimseartha, bonneagar, spásanna poiblí agus tírdhreacha atá leabaithe sa timpeallacht nádúrtha agus a bhaineann leis an timpeallacht sin. Tagraíonn Baukultur freisin do nósanna imeachta pleanála le haghaidh tionscadail tógála, bonneagar, cathracha, sráidbhailte agus tírdhreacha oscailte, agus le teicnící agus modhanna tógála traidisiúnta agus nuálacha. Tá tuiscint leathan intuigthe ag an tsochaí ar a bhfuil i gceist le cáilíocht agus freisin le huirlisí, nósanna imeachta agus cleachtais, agus is mar gheall air sin go baileach a úsáideadh an focal “cultúr” sa téarma. |
|
— |
Is é is “timpeallacht thógtha” ann an spás atá mórthimpeall ar dhaoine, a mbíonn lámh ghníomhach acu ina mhúnlú agus a mbíonn tionchar aige, dá réir, ar shaol agus ar iompar na ndaoine. Áirítear air an timpeallacht mhaireachtála. |
|
— |
Is éard atá i gceist le “dearadh ciorclach” táirgí agus seirbhísí a chruthú nach leanann saolré ag a bhfuil tús, lár agus deireadh a thuilleadh. Is é an cuspóir atá leis táirgí a dhearadh is féidir a úsáid, a athúsáid agus a athchúrsáil, rud a fhágann gur lú an t-ídiú acmhainní, gur lú an dramhaíl agus gur mó an breisluach a chuirtear leis an éiceachóras. Is ar tháirgí agus seirbhísí a chruthú don gheilleagar ciorclach atá an dearadh ciorclach dírithe. |
|
— |
Sraith ionstraimí é “Córas Cáilíochta Baukultur Davos” lenar féidir cáilíochtaí “Baukultur” áite a shainiú agus a mheas, mar a ndéantar luachanna sochaíocha, mothúchánacha agus cultúrtha a chur san áireamh agus a thomhas ar aon dul le gnéithe teicniúla agus feidhmiúla, le cúnamh na n-ocht gcritéar seo a leanas: rialachas, feidhmiúlacht, comhshaol, geilleagar, éagsúlacht, comhthéacs, ómós áite agus áilleacht. |
|
— |
Is éard atá sa “timpeallacht mhaireachtála” cumraíocht chothromaithe de thimpeallachtaí saorga agus nádúrtha, lena n-áirítear spásanna amuigh faoin aer agus spásanna faoi dhíon araon. Cuimsíonn pleanáil agus cruthú timpeallacht inbhuanaithe chomhtháite mhaireachtála (timpeallacht uirbeach nó, ar bhonn níos ginearálta, dearadh spáis) gníomhaíochtaí pleanála agus deartha (lena n-áirítear pleanáil spáis, ailtireacht, ailtireacht tírdhreacha), gníomhaíochtaí tógála agus comhordú spáis i gcás cinntí eile a bhaineann le cúrsaí spáis (amhail trácht agus deiseanna soghluaisteachta, seirbhísí fóntais, talmhaíocht etc.), agus é mar aidhm leis an méid sin feabhais a chur ar an timpeallacht mhaireachtála don oiread daoine agus is féidir go fadtéarmach trí bhíthin cinntí i dtaobh cúrsaí spáis. |
|
— |
Cur chuige é an “cur chuige áitbhunaithe” a dhíríonn ar imthosca sonracha áite agus a thugann ugach don phobal agus do raon leathan eagraíochtaí áitiúla ó earnálacha éagsúla a bheith gníomhach san fhorbairt agus sa chur chun feidhme. |
|
— |
Foirne ailtirí de chuid riaracháin phoiblí iad “Foirne Ailtirí Stáit agus Ailtirí Cathrach”, arb é an misean atá acu ceannaireacht a léiriú i dtaobh deartha agus comhairle straitéiseach a chur ar an rialtas, chun dearadh foirgneamh poiblí a fheabhsú, cáilíocht spáis a chur chun cinn agus cultúr áiteoireachta a chothú. |
|
13.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 501/19 |
Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le spásanna sibhialta a chosaint agus a chruthú do dhaoine óga lena n-éascaítear rannpháirtíocht fhóinteach na hóige
(2021/C 501 I/04)
MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á AITHINT ACU:
|
1. |
Chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát go “tacaíonn comhar ar leibhéal an Aontais i réimse na hóige le rannpháirtíocht shóisialta agus saoránach agus go bhfuil sé mar aidhm leis a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag gach duine óg chun páirt a ghlacadh sa tsochaí” (1). |
|
2. |
Tá daoine óga ar cheann de na láidreachtaí inár sochaí, chomh maith le bheith ina sealbhóirí ar chearta an duine aonair. Dá réir sin, tá sé de cheart acu páirt fhóinteach a ghlacadh i bhforbairt, cur chun feidhme, faireachán, meastóireacht agus obair leantach a dhéanamh ar bheartais a ndéanann difear dóibh agus don tsochaí i gcoitinne (2). |
|
3. |
“Tá daonlathas sláintiúil ag brath ar rannpháirtíocht na saoránach agus ar shochaí shibhialta ghníomhach, ní hamháin tráth an toghcháin, ach an t-am ar fad. Is iad saoránaigh óga agus eagraíochtaí atá rannpháirteach, feasach agus cumhachtaithe, agus iad ag tacú lena leasanna, an ráthaíocht is fearr maidir le hathléimneacht ár ndaonlathas” (3), agus maidir leis an leas coiteann. |
|
4. |
Fothaithe ar luachanna amhail an daonlathas, an t-iolrachas, an comhionannas agus an smacht reachta atá an tAontas Eorpach. Bunchlocha doshannta den fhís Eorpach iad meas ar chearta an duine, ar an tsaoirse, ar an neamhidirdhealú, ar an gcomhionannas inscne, ar an gcaoinfhulaingt agus ar chosaint na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad (4). |
|
5. |
“Mar thoradh ar phaindéim COVID-19 atá ann i láthair na huaire, agus ar na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bhaineann léi, tá méadú ag teacht ar an éifeacht dhiúltach atá ar chearta uile an duine, ar an daonlathas, agus ar an smacht reachta, lena n-áirítear ar an spás sibhialta” (5). |
|
6. |
De thoradh rannpháirtíocht daoine óga i bpróisis dhaonlathacha a fhorbairt a thuilleadh i gcomhréir leis an Rún ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht pholaitiúil daoine óga i saol daonlathach na hEorpa (6) a spreagadh, leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le feasacht dhaonlathach agus rannpháirtíocht dhaonlathach a chothú i measc daoine óga san Eoraip (7) agus leis na Conclúidí maidir leis an rialachas il-leibhéil a neartú agus rannpháirtíocht daoine óga sna próisis chinnteoireachta (8) á gcur chun cinn, cuideofar le spásanna sibhialta do dhaoine óga a neartú agus spreagfar daoine óga a bheith rannpháirteach iontu. |
MEASANN SIAD mar a leanas:
|
7. |
Is spásanna iad spásanna sibhialta do dhaoine óga a cheadaíonn a rannpháirtíocht fhóinteach sa tsochaí agus is cuid ríthábhachtach d’aon tsochaí dhaonlathach iad (9). Is timpeallachtaí polaitiúla, poiblí agus sóisialta (ar líne agus as líne) iad a chomhlíonann tacar coinníollacha dlíthiúla, beartais, institiúideacha agus praiticiúla lena gcuirtear ar chumas daoine óga a saoirsí sibhialta a fheidhmiú ó thaobh rochtain a fháil ar fhaisnéis, a dtuairimí a chur in iúl, agus comhlachais nó eagraíochtaí a fhoirmiú chun páirt a ghlacadh sa saol poiblí, d’fhonn tionchar a imirt ar shochaithe agus iad a mhúnlú. |
|
8. |
Ós rud é gur spásanna dinimiciúla a bhíonn ag síorathrú iad na spásanna sibhialta do dhaoine óga, tá na heagraíochtaí daonlathacha agus neamhspleácha uile atá gníomhach i réimse na hóige agus grúpaí neamhfhoirmiúla de dhaoine óga ina bpríomhghníomhaithe chun rannpháirtíocht na hóige a chur chun cinn agus ba cheart, dá bhrí sin, tacú leo agus iad a chosaint. |
|
9. |
Tá spásanna sibhialta atá saor, sábháilte, oscailte, inrochtana, cuimsitheach agus ionadaíoch de dhíth ar dhaoine óga a chuireann ar a gcumas comhlachais a bhunú, chun páirt a ghlacadh i réimsí a bhaineann lena riachtanais agus lena leasanna, gan beann ar an topaic, chun labhairt amach ar shaincheisteanna poiblí agus chun páirt a ghlacadh sa chinnteoireacht phoiblí. |
|
10. |
Le rannpháirtíocht ghníomhach grúpaí éagsúla daoine óga, lena n-áirítear daoine óga atá leochaileach nó iadsan a chloistear go hannamh amhail imircigh óga, i réimse spásanna sibhialta, cuidítear leo na hinniúlachtaí is gá le haghaidh rannpháirtíocht saoránach a fhorbairt. Ag an am céanna, cuireann sé a bhforbairt phearsanta, ghairmiúil agus shóisialta chun cinn, cuireann sé le luachanna an Aontais Eorpaigh (10), le comhtháthú sóisialta, le comhoibriú idirghlúine, agus áirithíonn sé go léiríonn an daonlathas agus an tsaoránacht éagsúlacht na bpeirspictíochtaí agus an t-iolrachas atá sa tsochaí. |
|
11. |
“Catalaíoch tábhachtach do nuálaíochtaí sóisialta éagsúla” (11) a bhí i rannpháirtíocht daoine óga i spásanna sibhialta, rud a léiríonn go gcuireann na spásanna seo le próisis chinnteoireachta atá níos daonlathaí agus níos eolasaí, rud a neartaíonn cáilíocht an daonlathais. Ar an lámh eile, tá daoine óga an-leochaileach maidir le hidirdhealú agus maidir le srian a chur ar spásanna sibhialta (12). |
|
12. |
Is feiniméin dhomhanda iad an cúngú ar an spás sibhialta do dhaoine óga agus na sáruithe ar chearta bunúsacha agus daonlathacha a tuairiscíodh a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt do dhaonlathais ar fud na hEorpa, gan beann ar fhorbairt eacnamaíoch nó ar shuíomh geografach. Léirítear i staidéir gur tuairiscíodh freisin go bhfuil na deiseanna atá ann d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun páirt a ghlacadh i bpróisis bheartais teoranta (13). |
|
13. |
Ba cheart d’eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige agus grúpaí neamhfhoirmiúla de dhaoine óga a bheith rannpháirteach i bpríomhthionscadail a fhorbairt maidir leis na hábhair uile a chumhdaítear faoin aon cheann déag de Spriocanna Eorpacha don Óige i measc nithe eile. Ina theannta sin, tá na heagraíochtaí sin ríthábhachtach chun seirbhísí agus tacaíocht a sholáthar do dhaoine óga, rud a chomhlánaíonn go minic na seirbhísí a sholáthraíonn na húdaráis phoiblí. |
|
14. |
Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tá na spásanna sibhialta do dhaoine óga ina lán tíortha ag cúngú a thuilleadh, agus is minic a úsáidtear a gcoibhéisí ar líne mar an t-aon rogha mhalartach inmharthana amháin. Tá roinnt de na ceachtanna a foghlaimíodh dearfach, mar shampla, i gcás inar thángthas ar fheidhmiúlachtaí nua i spásanna digiteacha, ach mar sin féin, nochtadh saincheisteanna a bhaineann le rochtain (bonneagar), cumas (inniúlachtaí) agus sábháilteacht daoine óga ar líne leis an imirce chuig spásanna sibhialta ar líne. |
CUIREANN SIAD I dTÁBHACHT:
|
15. |
Níl cur chuige amháin a oireann do gach cás iomchuí chun timpeallacht chumasúcháin a fhorbairt chun tacú le heagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige agus grúpaí neamhfhoirmiúla de dhaoine óga. Ní mór aird a thabhairt ar an dearadh uilíoch, ar chúlraí éagsúla cultúrtha agus geografacha, ar neamhionannais struchtúracha, ar neamh-chomhionannas inscne agus ar ghnéithe idirghabhála eile, i gcás ina gcuirtear leo siúd cosc ar dhaoine óga agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta oibriú gan bhac agus páirt a ghlacadh ar bhealach fóinteach. |
|
16. |
Má chaitear an iomarca ama ar scáileáin agus ar ghníomhaíochtaí ar líne, bíonn tionchar diúltach aige sin ar mheabhairshláinte, sláinte fhisiciúil agus shóisialta daoine óga (14). Mar sin féin, tá tearmann tábhachtach curtha ar fáil do go leor daoine óga i spásanna sibhialta ar líne, áit ar féidir leo leas a bhaint as a gcearta saoránacha, go háirithe le linn phaindéim COVID-19. Mar sin féin, cé nach mór aird a thabhairt ar chúrsaí a bhaineann leis an tsláinte, ní mór freisin aghaidh a thabhairt ar an tsábháilteacht ar líne agus ar an deighilt dhigiteach (lena n-áirítear bonneagar agus bacainní cognaíocha). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé ina thosaíocht ag na geallsealbhóirí uile an chothromaíocht cheart a aimsiú idir rannpháirtíocht ar líne agus as líne maidir le tacú le spásanna sibhialta do dhaoine óga. |
IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT, I gCOMHRÉIR LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA AGUS AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
17. |
Spásanna sibhialta a chosaint agus a leathnú do gach duine óg, go háirithe iad siúd is mó atá thíos le paindéim COVID-19 agus bearta breise a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine óga ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus a bhfuil níos lú deiseanna acu, go háirithe iad siúd ó cheantair iargúlta agus ó cheantair thuaithe agus iad siúd atá faoi mhíchumas, ar na spásanna sin agus go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh iontu. Ba cheart infheictheacht agus inrochtaineacht na spásanna sin do dhaoine óga a chothú freisin. |
|
18. |
Aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a bhaineann le próisis agus le hionstraimí arb iad is cúis le ganntanas spásanna poiblí saor in aisce agus inrochtana, nó a fhorchuireann bacainní suntasacha i leith daoine óga atá ag iarraidh rochtain a fháil ar spásanna sibhialta agus páirt a ghlacadh iontu, eadhon uirlisí tráchtála lena n-úsáidtear algartaim lena soláthraítear margaíocht phearsantaithe, uaisliú, tréigean na tuaithe agus méadú ar thráchtálú spásanna fisiciúla agus ar líne (15). |
|
19. |
Aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a bhaineann le príobháideachas daoine óga a bhfuil a gcearta agus a saoirsí saoránacha á bhfeidhmiú acu, chun a sábháilteacht phearsanta a áirithiú agus urraim do chearta an duine aonair a áirithiú, ar cheart iad a chur chun cinn i dteanga shothuigthe, agus a gcuid sonraí a rialú, thar aon ní eile, trí phróiseáil shlán agus dhleathach a dhéanamh ar na sonraí uile ar leo iad nó a bhaineann leo mar a shainítear i Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí. |
|
20. |
Na bacainní roimh rannpháirtíocht ar líne daoine óga a chur san áireamh (inter alia, rochtain ar an idirlíon, inniúlachtaí digiteacha, easpa bonneagar agus trealaimh) agus dícheall a dhéanamh sábháilteacht spásanna digiteacha sibhialta don aos óg a áirithiú tríd an athléimneacht dhigiteach a chothú go háirithe trí litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin agus feasacht daoine óga a neartú, lena n-áirítear trí bhearta sábháilteachta chun daoine óga a chosaint ar mhífhaisnéis, bréagaisnéis, bolscaireacht, polarú sochaíoch, fuathchaint agus cibearbhulaíocht, mealltóireacht ar líne, etc. |
|
21. |
Soláthraithe oideachais i ngach réimse foghlama (foirmiúil, seachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil) a aithint mar phríomhghníomhaithe chun cineálacha éagsúla oideachais saoránachta a chur chun cinn lena ndírítear ar inniúlachtaí don tsaoránacht ghníomhach is gá, rud a chuireann le sochaí níos daonlathaí. |
|
22. |
Próisis shaoránacha agus pholaitiúla agus comhar gníomhach idir eagraíochtaí don óige agus institiúidí oideachais agus oiliúna maidir le comhthionscadail a chur chun cinn, inter alia, chun feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh spásanna sibhialta atá ann cheana nó spásanna sibhialta nua a chruthú, agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú praiticiúil a dhéanamh chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Spriocanna Eorpacha na hÓige a bhaint amach. |
|
23. |
Gealltanas a thabhairt i ndáil le hidirghníomhaíochtaí nó bealaí cumarsáide atá comhdheartha agus comhbhainistithe idir údaráis phoiblí agus daoine óga trí spásanna sibhialta, agus tacú leo, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear iad siúd arna dtacú agus arna gcothabháil ag eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige agus grúpaí neamhfhoirmiúla de dhaoine óga, chun ionadaíocht fhóinteach éagsúil ar ghuthanna daoine óga a éascú agus chun tionchar nithiúil a imirt ar fhorbairt, ar chur chun feidhme agus ar obair leantach na mbeartas atá ábhartha do dhaoine óga. |
IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN EORPACH, INA RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FÉIN AGUS AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
24. |
Seacht ndícheall a dhéanamh chun spásanna sibhialta éagsúla do dhaoine óga a chosaint agus a leathnú ar gach leibhéal trí mhaoiniú struchtúrach inbhuanaithe agus, i gcás inarb iomchuí, féachaint ar mhaoiniú tionscadalbhunaithe d’eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige agus grúpaí neamhfhoirmiúla de dhaoine óga. Feasacht a mhúscailt i measc daoine óga maidir leis na saoirsí saoránacha agus polaitiúla atá acu agus maidir leis na deiseanna atá acu leas a bhaint astu trína rannpháirtíocht i spásanna sibhialta. |
|
25. |
Tacú le heagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige agus grúpaí neamhfhoirmiúla de dhaoine óga chun an fhuathchaint agus bagairtí eile ar a ngníomhaíochtaí a chomhrac, go háirithe maidir le feidhmiú a saoirse chun tuairimí a nochtadh, a saoirse comhlachais agus comhthionóil. |
|
26. |
Faireachán, measúnú agus tacaíocht leanúnach a dhéanamh ar an timpeallacht chumasúcháin le haghaidh spásanna sibhialta do dhaoine óga, agus bagairtí ar na spásanna sin a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu ag an am céanna. |
|
27. |
Rochtain éasca a chur ar fáil ar fhaisnéis i bhformáid inrochtana agus, i gcás inarb iomchuí, i dteanga atá fabhrach don óige agus i gcomhréir le “Cairt Eorpach um Fhaisnéis don Aos Óg” (16), chun trédhearcacht a chothú agus muinín daoine óga in institiúidí polaitiúla a fheabhsú agus bearta leordhóthanacha a chur i bhfeidhm ag an am céanna, go háirithe trí litearthacht sna meáin a chur chun cinn chun dul i ngleic leis an mífhaisnéis, leis an mbréagaisnéis, leis an mbolscaireacht, leis an bpolarú sochaíoch, leis an bhfuathchaint, le teoiricí comhcheilge, leis an gcibearbhulaíocht agus leis an mealltóireacht ar líne, etc. |
|
28. |
An fhor-rochtain institiúideach a mhéadú do dhaoine óga (go díreach nó trí eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige agus grúpaí neamhfhoirmiúla de dhaoine óga) trí úsáid a bhaint as uirlisí rannpháirtíochta éifeachtacha as líne agus ar líne. Ina theannta sin, leas a bhaint as sásraí atá deartha i gcomhar le daoine óga iad féin, atá aitheanta ag lucht déanta cinntí agus a fhaigheann tacaíocht ó thaighde neamhspleách chun rannpháirtíocht daoine óga i spásanna sibhialta agus sa pholaitíocht a éascú. |
|
29. |
Scrúdú a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, ar na héifeachtaí a bhíonn ag uirlisí tráchtála lena n-úsáidtear algartaim chun margaíocht phearsantaithe a sheachadadh ar spásanna sibhialta do dhaoine óga agus dul i mbun idirphlé le soláthraithe na n-uirlisí sin chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu ar spásanna sibhialta. Machnamh a dhéanamh ar bhearta riachtanacha, oiriúnacha agus comhréireacha a ghlacadh chun dul i ngleic le haon éifeachtaí diúltacha a bhaineann le huirlisí tráchtála nach féidir a mhaolú tríd an idirphlé. |
|
30. |
Tacú le taighde agus faireachán a dhéanamh ar staid na spásanna sibhialta do dhaoine óga ar fud an Aontais Eorpaigh, agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear na dúshláin agus na bagairtí nach mór dóibh aghaidh a thabhairt orthu agus meastóireacht a dhéanamh ar rannpháirtíocht daoine óga i spásanna sibhialta. |
|
31. |
Machnamh a dhéanamh ar aird ar leith a thabhairt ar spásanna sibhialta don óige agus ar shaoirsí bunúsacha daoine óga i mBliain Eorpach na hÓige 2022. |
IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
32. |
Tacú le spásanna sibhialta neamhthráchtála, oscailte, cuimsitheacha agus sábháilte do dhaoine óga, trí chláir éagsúla Eorpacha, lena n-áirítear na príomhchláir i réimse na hóige amhail Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus trasna earnálacha. |
|
33. |
Ról breise a thabhairt do dhaoine óga agus d’eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige agus grúpaí neamhfhoirmiúla de dhaoine óga i bpleanáil, i gcur chun feidhme agus i mbearta leantacha na dtionscnamh Eorpach a mbíonn tionchar acu ar a saol, amhail Bauhaus Nua Eorpach, an Comhshocrú Aeráide Eorpach agus an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, agus aird á tabhairt ar an ról atá ag na tionscnaimh sin maidir le spásanna sibhialta a chur ar fáil do dhaoine óga. |
(1) Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (IO C 456, 18.12.2018, lch. 1).
(2) Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (IO C 456, 18.12.2018, lch. 1).
(3) Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on the European Democracy Action Plan [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach], (COM (2020) 790, 3 Nollaig 2020, lch. 3).
(4) Tá an mhír seo bunaithe ar Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
(5) Conclúidí ón gComhairle maidir le téarnamh iar-COVID-19 atá bunaithe ar chearta an duine (6324/21, 22 Feabhra 2021).
(6) Council Resolution on encouraging political participation of young people in democratic life in Europe [Rún ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht pholaitiúil daoine óga i saol daonlathach na hEorpa a spreagadh] (IO C 417, an 15.12.2015, lch. 10).
(7) Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir leis an bhfeasacht dhaonlathach agus an rannpháirtíocht dhaonlathach a chothú i measc daoine óga san Eoraip (IO C 415, 1.12.2020, lch. 16).
(8) IO C 241, an 21.6.2021, lch. 3.
(9) Tá an coincheap “spásanna sibhialta do dhaoine óga” a úsáidtear sna conclúidí seo bunaithe ar shainmhíniú ECFE ar spásanna sibhialta do ghníomhaithe neamhrialtasacha.
(10) Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 1).
(11) Safeguarding Civic Space for Young People in Europe, European Youth Forum [An Spás Sibhialta do Dhaoine Óga san Eoraip a chosaint, Fóram Eorpach na hÓige] (lch. 8)
(12) Comhpháirtíocht na hóige: Youth Partnership: Tomaž Deželan and Laden Yurttagüler, Pool of European Youth Researchers, Shrinking democratic space for youth, [Comhpháirtíocht na hóige, Tomaž Deželan agus Laden Yurttagüler, Díorma na dTaighdeoirí Óige Eorpacha, Spás daonlathach don óige atá ag dul i laghad], 2021.
(13) Comhpháirtíocht na hóige: Youth Partnership: Tomaž Deželan and Laden Yurttagüler, Pool of European Youth Researchers, Shrinking democratic space for youth, [Comhpháirtíocht na hóige, Tomaž Deželan agus Laden Yurttagüler, Díorma na dTaighdeoirí Óige Eorpacha, Spás daonlathach don óige atá ag dul i laghad], 2021.
(14) UNICEF statement, Growing concern for well-being of children and young people amid soaring screen time, [Ráiteas UNICEF, Ábhar imní atá ag dul i méid maidir le dea-bhail leanaí agus daoine óga agus an t-uafás ama á chaitheamh acu ar scáileáin, an 8 Feabhra 2021].
(15) Smith, Neil (1996) The new urban frontier: Gentrification and the revanchist city [An teorainn uirbeach nua: Uaisliú agus cathair na hathbheochana]. Londain, Routledge. Day, Kristen (1999) Introducing gender to the critique of privatized public space. Journal of Urban Design, Vol.4, No. 2. [Inscne a thabhairt isteach maidir le léirmheas ar spás poiblí príobháidithe. Iris an Deartha Uirbigh, Iml.4, Uimh. 2.] Kohn, M., (2004) Brave new neighborhoods: The privatization of public space. New York, Routledge. [Comharsanachtaí cróga nua: Spás poiblí a phríobháidiú.] Nua Eabhrac, Routledge.
(16) Is tacar prionsabal gairmiúil agus treoirlínte maidir le faisnéis don óige agus obair chomhairleoireachta í an Chairt Eorpach um Fhaisnéis don Aos Óg.
IARSCRÍBHINN
Tagairtí
Agus na conclúidí seo á nglacadh acu, tugann an Chomhairle agus ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, dá n-aire na doiciméid seo a leanas:
|
— |
An tAirmheán Comhpháirteach Taighde: Scientific and Technical Reports, Measuring Civic Competence in Europe, A composite indicator based on IEA Civic Education Study 1999 for 14 years old in School, [Tuarascálacha Eolaíocha agus Teicniúla, Inniúlacht Shibhialta a Thomhas san Eoraip, Táscaire ilchodach bunaithe ar Staidéar ar Oideachas Saoránach 1999 ó IEA do ghasúir 14 bliana d’aois ar Scoil], 2008. |
|
— |
Moxon, D. and Bárta, O. (2018), Structured Dialogue Cycle VI Thematic Report: Young People and the EU, European Steering Committee of the 6th Cycle of Structured Dialogue [An Séú Timthriall Idirphlé Struchtúrtha, Tuarascáil Théamach: Daoine óga agus an tAontas, Coiste Stiúrtha Eorpach don Séú Timthriall Idirphlé Struchtúrtha], 2018. |
|
— |
An Coimisiún Eorpach: Eurobarometer, Future of Europe series, March 2021 [Eorabharaiméadar, Sraith Thodhchaí na hEorpa, Márta 2021]. |
|
— |
Parlaimint na hEorpa: Study requested by CULT Committee, Education and youth in post-COVID-19 Europe – crisis effects and policy recommendations [Staidéar a d’iarr Coiste CULT, Oideachas agus an Óige san Eoraip iar-COVID-19 – éifeachtaí géarchéime agus moltaí beartais], PE 690.872, Bealtaine 2021. |
|
— |
Comhpháirtíocht na hóige: Youth Partnership: Tomaž Deželan and Laden Yurttagüler, Pool of European Youth Researchers, Shrinking democratic space for youth, [Comhpháirtíocht na hóige, Tomaž Deželan agus Laden Yurttagüler, Díorma na dTaighdeoirí Óige Eorpacha, Spás daonlathach don óige atá ag dul i laghad], 2021. |
|
— |
Council of Europe, Parliamentary Assembly, Resolution 2096 (2016) How can inappropriate restrictions on NGO activities in Europe be prevented? [Comhairle na hEorpa, an Tionól Parlaiminteach, Rún 2096 (2016) Conas is féidir srianta míchuí ar ghníomhaíochtaí eagraíochtaí neamhrialtasacha san Eoraip a chosc?] |
|
— |
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí). |
|
— |
Comhthionól Ginearálta na Gníomhaireachta Eorpaí um Fhaisnéis agus Comhairle don Aos Óg (ERYICA), an Chairt Eorpach um Fhaisnéis don Aos Óg, arna glacadh in Cascais (an Phortaingéil) an 27 Aibreán 2018. |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún, an Comhshocrú Aeráide Eorpach, (COM(2020) 788 final). |
|
— |
An tAontas Eorpach, Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, leathanach gréasáin Conference on the Future of Europe | European Commission (europa.eu) |